Stair an Bhíobla I

B.Á.C.: Oifig an tSoláthair (1726lsc 18T)

Uáitéar Ua Ceallaigh; eag. Máire Ní Mhuirgheasa




STAIR AN BHÍOBLA.
An Díonbhrollach.



Is iad so na mairtírigh do shéideadh agus do
shinneadh ar bhuabhall nó ar stoc an tsoisgéil an
tan dobhíodh ag seanmóir agus ag proceapt ar feadh
an domhain, do bhriseadh a gcrúiscínigh criadh,
eadhón a gcuirp, dá n-iodhbairt mur ofráil do
Chríosd ag fulang mairtíreacht ar son an chreidigh,
agus 'na dhiaidh sin dobhíodh a lóchruinn re lasadh
go lonnrach ag tabhairt soluis do chách ar an
gcreideadh leis na míorbhuilibh móra do-níodh siad
tar éis a mbásaighthe; agus is leis sin do chuireadhdís
an námhuid chum teite, óir, ar bhfaicsin na
míorbhuilibh iar n-ég do-nídís, do thréigeadhdís a
n-arráid le solus na fírinne, do chreideadh síad
gach fírinne dár shénadar roimhe.



Iephte fós, iar tteitheadh dhó as amharc a
dhearbhráithreach go tír eile, dofuair ceannus
an phobuil: is mur sin do Chríosd, iar ttréigion na
Iudaigheach, dofuair coróin agus ceannus ar na


L. 2


cineadhachaibh eile, dothug a fheóil féin, mur
thug Iephte a inghean, mur iodhbairt ar son a
phobuil, .i. ar son an chine dhaonna.



Fighir eile do Chríost Sampson; óir do réimhinnis
aingeal tuismeadh agus geineamhuin gach aoin
díobh; do mharbh Sampson leóghan, agus i gceann
aimsire bige dá éis dofuair cíor mheala ann a bhél,
mur fuair Críosd iar mbás mil na heiséirghe óna
bhás féin; agus mur do mharbh Sampson nísa mhó
lena bhás ná ar feadh a bheatha, mur sin is mó
thréig págántacht agus do chreid do Chríosd iar mbás
ná roimhe sin.



Is iomdha fighair eile ar Chríosd isan leabhar
chédna; óir créd tuigthear leis an mbás d'imir an
bhean Zahel ar Shisara lér thárthaigh an pobal
Israel acht an bás d'fhuiling Críost ar son an chine
dhaonna? An lomra fós dobhí fliuch agus 'na dhiaidh
sin tirim, ciallaigh an pobal Israel do chaill drúcht
na ngrás agus do chríon iar mbás an tSlánaightheóra
(Augustinus, lib.12, Con.ffaust.,cap.32).



Isan áit chédna deir S. Augustinus go gciallaighionn
an tsagartacht do bheith arna tógbháil as
lámha Heli agus a chloinne agus a beith arna thabhairt do
Shámuel - an ríghe fós do thógbháil as lámha Shauil
agus a tabhairt do Dháibhí an mhalairt ríoghacht
agus sagartacht do-rinne Críosd leis an reacht
nuadh do chur i n-ionad an tsean-rachta. Ciallaigh
an áirc arna gabháil leis na Philistínigh Tiomna


L. 3


Dé 'bheith arna aistriughadh óna Iudaighaibh
gusna cineadhachaibh, dá ngoirthí an uair sin
Geintíligh. Agus iar gclos don árdshagart Heli
a beith arna gabháil, do thuit as a chathaoir gor
mharbh ar an láthair é, dá chur i gcéill le himtheacht
do Thiomna an Tiaghearna gusna cineadhacha
go ttuitfeadh sagartacht na Iudaigheach
fó lár agus go mbeith a gcathaoireachaibh folamh ó
sin amach go bráth.



Do chumhdaigh Salomon teampall gan buille
uird, fharcha, nó thuaidhe, do bhualadh isan
ionad ann ar cuireadh suas é. Mur sin do chumhdaigh
nó do chuir Críosd suas teach oirdheirc
d'Eaglais na mbuadh i bhflaithios, óir dothug a
clocha agus a crainn snoidhtigh líomhtha leis as
broid agus as buaidhreadh an tsaoghail, gur chuir i
n-eagair a chéile gan torann gan trom-plésg iad
i láthair na Trínóide. Ní raibh fós i n-eagna ná
i gcríonnacht Shalamoin acht sgáile bheag i
bhfochair eagna agus chríonnacht dochuimsigh an
tSlánaightheóra Íosa Críosd atá anois dá friotal
agus dá foirchiodal leis an dream atá arna líonadh
don Spiorad Naomh dhi, ó thuargabháil gréine
go fuine. Ciallaigh fós sgaradh na ndeich ttreabha
le teampall Sholaimh d'éis a bháis, agus an dá threibh
do ghreamaigh dhe, urmhór na Iúdaigheach do
sgaradh re Críosd, agus gan acht iarmhar beag do
thogh sé le hiomad grás d'anmhuin 'na fhochair.


L. 4


Fighair mhórchosmhulacht do Chríosd Elias,
óir d'fhuilingiodar ar aon inghreim nó persecution
óna Iudaighibh. Do thréig Elias a thír dhúthchais;
do thréig Críosd an Synagóg. Do bheathaidh
fiach dubh Elias ar an bhfásach; do
bheathaigh creideadh na nGeintíleach Críosd ar
an bhfásach. Dobhí Elias a' dénamh urnaighthe
ar Shliabh Carméil; do-rinne Críosd urnaighthe
ar Shliabh Oilbhéite, ag iarraidh na ngrás do
dhórtadh i gcroidhthibh na ndaoine, mur fuair
Elias feathroinn lena ghuidhe féin. Do bheathaidh
an bhaintreabhach Shareptánach Elias i
n-aimsir gorta; do bheathaidh Muire agus Marta
Críosd. d'fhuiling sé fós dá ndearbhbhráthair
Lazarus bás d'fhagháil, agus d'athbheódhaigh é,
mur do-rinne Elias le mac na Saraptánaigh. Do
throisg Elias 40 lá; do-rinne Críosd an ní cédna.
Do tógbhadh Elias i gcarpad teinntidh gusna
flaithis; do tógbhadh Críosd idir ainglibh go
flaitheas nimhe; agus mur tá Elias le teacht arís
chum troda i n-aghaidh an Antichríosd, tiucfaidh
Íosa a thabhairt breitheamhnuis ar bheóaibh agus ar
mharbhaibh. Ar n-imtheacht d'Elias d'fhág sé
'fhalluing 'na dhiaidh; ar n-imtheacht do Chríosd
d'fhág sé a chorp aguinn i Sacrameint na hAltóra.
Dobhádar araon 'na maighdionaibh agus 'na bhfáidhibh
móra imeasg phobuil chruaidh-mhuinélaigh
dhosmachtaigh. Dobhídar araon líontaigh


L. 5


do chaoin-dúthracht ghrádha Dé. d'fhág gach aon
acu diosciobail 'na ndiaidh, Elias na hóg-fháidhibh,
Críosd ar Slánaighthóir na heasbail agus na disciobail
eile.



Eliseus fighair eile. Óir is mur do-rinne na gárlaigh
fonómhad faoi ag gairm maoilín de, descende,
calue, agus mur d'ith faolchona iad i ndíoghail
na hathise sin, is mur sin do threasguir na
deamhain an dream dobhí ag fonómhad ar
Críosd i gCnoc Chalvaria. Ciallaigh fós iarann
na tuaidhe ag snámh ar dhuibheagán srotha
Órthannáin anam Chríosd do cheangal arís rena
chorp tar éis dul go hifrionn iar mbás dó.



Ciallaigh fós 70 bliadhain broide na Babilóine,
agus a tteacht ar a n-ais do réir Leabhair Esdras,
imtheacht na ndaoine apsdalta le solus an tsoisgéil
go críochaibh cogríocha an domhuin, agus a tteacht
ar a n-ais go Ierusalem síorruidhe i n-Íosa Críosd.



Agus is é sin a tuigthear leis na briathra so,
revertere, revertere, Sulamithis, .i. an Eagluis ag
gairm go díthchiollach ar a n-ais ar na heretigidh
do thréig í.


L. 6


Isan seachtmhadh caib. tá Críosd ag adhmholadh
gach baill fó leith dá chéile gráidh.
Molaidh a siubhal, mur shiubhlas go luath ag
freasdal na gcríoch le beatha dhiadha an tsoisgéil.
Molaidh comhcheangal a halt; óir is é an Spiorad
Naomh do cheangail baill na hEaguilse dá chéile
le hailt aondacht, gráidh, agus carthannuis;
agus is É féin an ceard glic ar a ttráchtann ag rádh,
fabricata manu artificis.



Adeir léidh arís gur cosmhuil a hiomliocán le
capán cruinn ar nach beith easbhaidh dighe.
Adeir Rabi Salomon gurab í an Sinagóg tuigthear
leis so. Gidh eadh is mó chreidim-se Genebrard
adeir gurab iad comhuirleacha generáilte Eaguilse
Críosd tuigthear leis, bhíos i lár na talmhan ag
dáil chuirime an teaguisg Chríosdaidhe don domhan
i n-aghaidh anchumhacht na n-eiriticceach.



Adeir arís gur cosmhuil a bolg le cárn cruithneachta.
Ciallaigh sin mur fhásas iomadamhlacht
na gCríosdaighthibh Caitliocach ó Shacrameint
bheannaighthe an phósda.



Labhraidh ar a dhá cích, lé ttuigthear an Tiomna
Nuadh agus an Sean-tiomna. Agus mur sin mholus
gach ball eile ó sin amach.



Agus 'na dhiaidh sin tráchtaidh an bhainchéile,
.i. an Eagluis, ar imtheacht leis an tsoisgél, ag rádh,
veni, dilecte mi, egrediamur in agrum, .i. tarraidh
go críochaibh eile; commoremur in villis, .i. cuirimíd


L. 7


cathrachaibh agus críochaibh imchiana fó chuing an
tsoisgéil. Deir sí leis annsin go ttiubhraidh sí a
cíochaibh dhó, .i. doctúirigh agus lucht teaguisg:
dabo tibi ubera mea. Deir sí arís go ttiubhraidh
na mandrácaibh boladh maith atha, .i. lucht
na gcríoch mbarbardha iar sin chum creidigh agus
crábhaigh a' tabhairt lóire agus molaidh do
Chríosd agus a' tabhairt deagh-shiompla don domhan.



Tráchtaigh an t-ochtmhadh caibidil ar staid
ndéighionaigh na hEaguilse. An uair thiocfus
na Iudaighaibh chum an chreidigh Chaitlioca
goirfidhior deirbhshiúr bheag na hEaguilse don
tSinagóig. Dá bhrígh sin guidhidh an Eagluis
a céile, .i. Críosd, lena dearbhbhráthair beag do-chuaidh
i seachrán, .i. an cine Iudaigheach do
thréig Chríosd, d'fhagháil amach dhí: quis det te
mihi fratrem meum; agus cuiridh an díoghrais
ghráidh lé n-iarrann sin i gcéill docamhal shaothair
na hEaguilse i ndeireadh an tsaoghail ag
tarruing na nIudaigheach fó chuing an chreidigh
Chríosdeamhuil: apprehendam te (fratrem), et
ducam in domum matris meae, .i. do-bhérad isteach
isan tSinagóig is máthair don Eagluis tú ar ttús;
agus do-bhérad do dhaoithin dhighe duit, .i. teagusg
na bhfádh agus an tseandlighe chuirfios meadhair
ort, .i. bhérus eólus duit áirdeóchus do mhian
agus do mhisneach le Críosd d'iarraidh agus do leanmhuin,
ibi me docebis et dabo tibi poculum, etc.


L. 8


Geallaidh an Eaglais dí féin go mbéidh Críosd
'na fochair annsin dá neartughadh agus dá caomhnadh:
leva ejus sub capite meo, et dextra illius
amplexabitur me, etc.



Tráchtaigh sí iar sin ar an gcabhair bhérus
Críosd dí an uair bhés sí dá díbirt agus dá céusadh
le persecution an Anticríosd i ndiamhraibh agus
i bhfásaighibh, ag rádh: “cia hí siúd atá arna
céusadh isan bhfásach,” quae est ista quae ascendit
de deserto? Nach tú do cheannaigh mé le luach
mo chuid fola? Nach tú do tharruingius as bonn
crainn na páise? - sub arbore malo suscitavi te.
“Cuir mise mur shéla ar do chroidhe,” .i. bíodh do
bhuan-ghrádh dham: pone me ut signaculum
super cor tuum. Bhéuraidh mé buaidh agus neart
duit ar do námhuid, óir cuirfiod neart iod
ruighibh: signaculum super brachium tuum.



Is annsin mhaoidhios an Eagluis ar Chríosd ag
iarraidh air truaighe do dhénamh don tSinagóig,
.i. dona nuadh-chreidmheacha Iudaigheach, dho
bhrígh nach raibh acht anaosach isan gcreideamh;
agus cuiridh i gcéill dó nach raibh an tSinagóg Chríosdamhuil
sin acht lag i n-eólus agus i n-eagna dhiadha:
soror nostra parva est, et ubera non habet. Do-bheir
an deirbhshiúr óg freagra lán do dhóchus
agus do mhisnigh ag rádh go raibh sí féin cródha
neartmhar i n-aghaidh námhad Críosd agus go seasfadh
go buan 'na fhochair: ego murus et ubera
mea sicut turris, etc.


L. 9


Iar sin tráchtaidh an Eagluis i bpearsainn na
bainchéile mar aon lena compánaigh, .i. na
haingil, ar gháirdín Sholaimh agus ar an toradh do
tháinicc air, lé ttuigthear iomad na n-anamann
dofuair an Eaglais do Sholamh an reachta nuaidh,
.i. do Chríosd.



Fá dheóidh, tar éis duaighe agus mór-shaothair
na hEaguilse isan ngardha fáth-chiallach sin,
do-bheir a céile gráidh forfhógra dhí le teacht
chum an Bhreitheamhnuis ndéighionaigh, ag
rádh: qui habitas in hortis, amici auscultant te;
fac me audire vocem tuam.



Annsin freagraidh an Eagluis go lúthgháireach
agus iarraidh ar a céile deithnios do dhénamh agus a
tréorughadh go luath don ríghacht shíorruidhe,
“gluais, a ghrádh,” fuge dilecte mi, “go prap
mur eilid conna cloinn,” assimilare capreae
hinnuloque cervorum, “agus fuadaigh meise do dhiaidh
ut tecum in saecula saeculorum requiescam. Amen.”



LIBER SAPIENTIAE DÁ NGOIRTHEAR
LEABHAR NA HEAGNA.



Goirthear Leabhar na hEagna gan annlann
focail ar bith dhe do bhrígh nach é 'mháin go
múinionn an eagna eólach, acht go múinionn fós
an eagna ghníomhach.



Créd é ughdar an leabhair so?


L. 10


Adeirid aroile ughdair gur rabíneach éigín, nó
máighistir éigín foghlama, i n-aimsir Ptolemeuis
Philadelph, .i. rígh Égipte (agá raibh mórán dona
Iudaighibh i mbroid agus i ndaoirse), ro sgríobh é
le sólás do thabhairt dona braighdibh bochta sin,
agus le heagna do mhúnadh don rígh sin lena ríghacht
do stiúradh go ceart, agus le saoirse do thabhairt
dona Iudaighibh dobhí i ndaoirse an tan sin aige;
agus do-bheir an díoghaltus do-rinne Dia ar Pharao
mur shiompla dhó air sin, ionnus nach saoithreóchadh
an díoghaltas cédna do theacht air
féin. Ní inchreidthe an ní deir cuid eile dona
húghdair, .i. gurab é Philo an Iudaigheach, nár
chreid iriamh i gCríosd, agus do lean earráid fhallsamhnacht
na bpágánach, do sgríobh an leabhar
naomhtha so. Ní gan adhbhar a goirthear leabhar
Sholaimh dhe so agus do leabhar Ecclesiasticus, do
bhrígh munab é féin do sgríobh iad go bhfuilid
líontaigh dá fhuighlibh agus dá ráitibh, agus fós go
ttairringthear ann a phearsainn é ag labhairt
ionnta, agus fós go ngoirthear leabhraibh Solaimh
leis na Grégaigh dhíobh.



Roinntear an leabhar so i ttrí codchaibh. Ann
a thús, ar feadh shé gcaibidileacha tá ag trácht ar
an eagna, agus é dhá moladh go mór, tosaigh sé
ag iarraidh ar na breitheamhuin thalmhuidhe an
eagna nó an ceart do ghrádhughadh, agus aire mhaith
do bheith ar Dhia acu, agus a iarraidh le hinntinn
uirísil: diligite justitiam, qui judicátis terram.


L. 11


Sentite de Domino in bonitate, et in simplicitate
quaerite illum.



Isan dara cuid tráchtaigh ar thús geineamhna
na heagna, nó ar a síorruidhacht, agus iarraidh air
chách impidh do chur ar Dhia lena fagháil dóibh,
agus sin ar feadh dhá chaibidil, agus innsidh go bhfuar
sé féin, tar cheann nach raibh acht duine mur
chách eile ann, eagna ó Dhia.



Isan treas cuid taisbénaidh sé toradh agus tairbhe
na heagna le siomplaidhibh Ádhaimh, Noe, Abrahaim,
Loit, Iacoib, Ioseph, Mhaoise, agus Maoise
go speisialta, dofuair toradh agus tiodhlaicibh
móra ar a eagna dhiadha; agus sin go deireadh an
leabhair.



Tráchtaigh an leabhar so go follasach ar Críosd
ag réimhfhriotal na mbriathar mailíseacha
adubhairt a naimhde an tan ba mian leó a bhásughadh,
.i. “gabhmíd timchioll ar an duine
cheart óir atá contrárdha dhár ngníomharthaibh,
tá sé mí-tharbhach dúinn, geallaidh sé eagna
Dé do bheith aige, agus goiridh Mac Dé dhe féin, agus
do-bheir sé droch-theisd ar ar smaoinidhibh”:
circumveniamus, ergo justum, quoniam inutilis est
nobis, et contrarius est operibus nostris ... promittit
se scientiam Dei habere, et filium Dei se
nominat; factus est nobis in traductionem cogitationum
nostrarum.


L. 12


LIBER ECCLESIASTICI NO LEABHAR
AN TSEANMÓNTAIGH.



Goirthear Leabhar Seanmóra dhe so do bhrígh
go bfhuil líonta do theaguisg ro-thairbheacha do
gach gné dhaonna. Tá trí chuid ann. Ón gcéd-chaibidil
gusan .43. caibidil cuiridh il-iomad do
riaghlachaibh agus d'aithiontaibh mórálta tairbheacha
le gach gné dhaonna do theagasg, maille le coimeasg
adhmholta anois agus irís ar an Eagna.



Isan dara cuid molaidh daoine ainmneamhla
dobhí roimh an dlighe sgríobhtha ann, .i. Enoch,
Noe, Abraham; agus an dream do ghlac an dlighe
sgríobhtha, .i. Moise, Araon, Phinees; i n-aimsir
na mBreitheamhan, isan gcaibidil 45, tráchtaigh
ar Iosue, Caleb, Samuel, vi.cap.46; i n-aimsir
na Ríogh, Nathan, Dáibhídh, Iosias cap.47,
48, 49; i ndiaidh na Ríogh, ar Ierobabel, agus ar
Shimón mac Oniais an t-árdshagart, qui in vita
sua suffulsit domum, et in diebus suis corroboravit
populum.



Isan treas cuid, cap. 51, críochnaigh a leabhar,
a' tabhairt buidheachuis do Dhia; agus cuiridh i
gcéill gur chuir lucht mísgéil agus iomthnúith corthacha
troma éigin do láthair rígh na hÉgipte air,
ionnus go raibh i gconntabhairt báis nó pionúis


L. 13


mhóir: confitebor tibi, Domine Rex, et collaudabo
te Deum Salvatorem meum, etc., et liberasti corpus
meum a perditione, a laqueo linguae iniquae, et
a labiis operantium mendatium. Iarraidh ar
gach aon iar sin úsáid mhaith do dhénamh don
eagna i n-am, sul do caithfídh an aimsir, agus go
bhfuigheadh tuarusdal: operamini opus vestrum
ante tempus, et dabit vobis mercedem in tempore
suo.



Labhraidh an leabhar so ar Chríosd, an mhéid
gur Dia agus gur duine é. Ar a gheineamhain shíorruidh
labhraidh mur so, óir is de ghoirios An
Eagna Shíorruidhe: Ego ex ore altissimi prodivi
primogenita ante creaturam ... Qui edunt me
(féch Sacrameint na hAltóra) adhuc esurient, et
qui bibunt adhuc sitient, etc., qui elucidant me
vitam aeternam habebunt.



DE LIBRIS PROPHETALIBUS .I. DONA
LEABHRAIBH FÁISDINE.



Créd íad na leabhraibh fáisdine?



Leabhar na psalm, ceithre leabhair na bpríomhfháidhibh
nó na bhfáidhibh móra, agus dhá leabhar
dhécc na bhfádh mbeag.



Créd is úghdar dona psalmaibh?



Deir S. August., lib.17, De Civit.Dei, cap.14,
gurab é Dáibhídh Rígh is ughdar don chéd go


L. 14


leith psailm. Gidh eadh deir S. Hieron. in Prologo
super Psalmos, neoch dobhí 'na sgrúdaightheóir
mhór ar an Scriptúir, go raibh deichneabhar
d'ughdaraibh ag na psalmaibh, .i. Dáibhí, Maoise,
Trí mic Choré, Asaph, Ethan, Heman agus Idithum;
acht adeirid aroile nach raibh do chuid ag cloinn
Choré, ná ag aon oile dhíobh, acht a gcur i n-eagair
cheóil agus chantairacht.



Créd ar a ttráchtaid na psalma sin?



Atáid a' tabhairt altaigh buidheachuis do Dhia
ar son gach ní ar a ttráchtann an Scriptúir. Atá
i ttaisge ionnta fós urmhór na rúnndiamhur
ndiadha do chraobhsgaoil Dia dona daoine, agus
go spesialta na neithe bheanus le Críosd agus lena
Eagluis.



Is uime goirthear psalma don chuid so don
Scriptúir do bhrígh gurab duana milse iad tharruingios
cách chum Dé do mholadh go binn
ceólmhur. Ní hurusa roinn ar bith do dhénamh
orra acht uimhir trí gcaogad do bheith ann díobh;
óir, más uimhir nó aen-duine ba húghdar dháibh,
ní faghthar comhartha ar bith eidirdhealbhach
ionnta.



Níl aon dona psalmaibh nach ttráchtann go
follusach nó go fáthach ar Chríosd; agus tar cheann
go measfadh neoch do léighfeadh dianbhrollach
mhóráin díobh gurab ar neithe eile thráchtaid,
níl ní ar bith ionnta nach féidir do tharruing


L. 15


chum Críosd ann a phearsainn féin, nó chum a
Eagluise is corp fáthrúnda dhó, nó chum na
Sacrameintibh, nó chum a ghníomharthaibh, nó
chum a bháis, nó chum gníomhartha agus staide na
hEaguilse mur fhighair, mur íomháigh, nó mur
chosmhalacht éigin. Mur sin is É is cosbóir
prionnsapálta dháibh; agus is ann Eaglais a
cantar iad; agus is chum na Iudaighaibh do
mhúnadh i ndóchus agus i gcreideadh Críosd do
chum agus do cheap Dáibhídh iad, agus fós ionnus go
ngrádheódís é do bhíthin an bháis agus na páise do
bhí le fulang aige ar a son. Do réimhinnis an
Spiorad Naomh dhó fós go mbeithdís i n-Eagluis
Chríosd dá ccantain go deireadh an domhuin.
Uime sin ní fuláir don dream dár dual bheith dá
síorchantain, blas Críosd d'fhagháil orra, dul
asteach ionnta fós tar chairt na bhfocal agus an
mhil atá ionta istigh do dhiúl.



Créd mur labhrus an chéd-pshailm curthar síos
i psaltair na hEaguilse ar Críosd?



Beatus vir qui non abiit in consilio impiorum,
.i. “is beannaigh an fear nach siubhlann i slighe
nó i gcomhuirle na neimh-dhiadhach.” Is é an
fear so Críosd ar Slánaightheóir; agus ciallaigh
cathedra pestilentiae, .i. “cathaoir na pláighe,”
foirchiodal nó teagusg earráideach na n-eiriticceach
ndeamhnuidhe.



Ciallaigh ordughadh na bhfocal so síos an ní


L. 16


cédna: abiit, .i. d'imghidh an duine agus do thréig
sé Dia; stetit, .i. dofuair sólás isan bpeacadh;
sedit, .i. do chomhnuidh agus do chalcaidh isan
uabhar, agus i n-anmhian na bpeacadh, agus isan
earráid eiriticceach, ar mhodh nach áil leis teacht
ar a ais as, mur ttarraingthear é leis an té nár
imghidh, qui non abiit, nár sheas, qui non stetit,
agus nár shuidh, qui non sedit, i gcathaoir na pláighe.
Fructum dabit in tempore, .i. do-bhéraidh an
ghlóir dona fíréin go síorruidhe iar n-eiséirghe do
chách go hiomlán.



Isan gceathramhadh psailm aithnídh sé ar an
uile dhuine, díomhaoinios díthchéillidh na mbrégdhia,
nó na n-íodhal, do thréigion: filii hominum
... ut quid diligitis vanitatem, et quaeritis mendacium;
óir atá neoch iongantach ag teacht ó
Dhia chugaibh, ní ar shlighe geineamhna shíol
Ádhaimh, acht ó mhaighdin ar mhodh iongantach:
scitote quoniam mirificavit Dominus Sanctum
suum .i. Críosd ar Slánaightheóir dhobhí iongantach
ann a gheineamhuin, iongantach ann a
choimpreadh, iongantach ann a theaguisg, iongantach
ann a eiséirghe, etc. Annsin iarraidh ar an
dream chédna dobhí ag imtheacht le díomhaoinus,
le brégaibh, agus le saobh-chreideadh diabhluidhe
na n-íodhal, aithrighe do dhénamh:
quae dicítis in cordibus vestris et in cubilibus
vestris compungimini. Agus iar ttréigion na


L. 17


n-íodhal, agus iar ndénamh aithrighe ar son a n-íodhaladhradh,
adeir riú iodhbairt ghlan cheart do
dhénamh don fhír-Dhia, .i. corp agus fuil an tSlánaightheóra
ar an altóir i n-Eagluis Chríosd i ngnéithibh
aráin agus fíona: sacrificate sacraficium Iustitiae ...
A fructu frumenti, vini, et olei sui multiplicati
sunt. Agus críochnaigh - iarna rádh go raibh a
ndaoithin díobh sin le fagháil (multiplicati sunt) -
“dénfad feasda codladh agus comhnuidhe go síthchánta,”
.i. “gan imnidh”: in pace in idipsum
dormiam et requiescam.



Isan seiseadh psailm atá an nádúir dhaonna ag
caoineadh agus as casaoid a gér-bhroide agus a hainneise
i staid pheacaidh Ádháimh, agus í ag guidhe Dé um
thrócaire do dhénamh uirre agus a tógbháil as an
staid ghráineamhuil ann a raibh sí, síthcháin do
dhénamh léithe agus gan a beith ní sia míthaithneamhach
ann a láthair, ag rádh Domine, ne in
furore tuo arguas me, neque in ira tua corripias
me, “a Thiaghearna, ná himdhearg ann do chuthach
mé, agus ná smachtaigh ann t'fheirg mé; agus tar
cheann, a Thiaghearna, gur thuill mé d'fhearg
agus do mhí-ghnaoi, iompoigh, a Thiaghearna, agus
tárthaigh m'anam, do bhrígh nach bhfuil tairbhe
ná glóir dhuit mise an truaghán bocht do dhamnúghadh.”
Iar sin gabhaidh dóchus rena hais agus
goiridh ar gach aon chum aithrighe do dhénamh
ar son a ttréturacht, agus náire mhór do bheith go


L. 18


tapaidh fóna bpeacaidh orra: erubescant, et
conturbentur omnes inimici mei; conturbentur et
erubescant valde velociter.



Caointear aindeisi agus anrógh na nádúire daonna
fó bhruid pheacaigh na sinnsear isan tsailm 50,
agus iarraidh an Slánaightheóir do theacht do réir
gheallamhna Dé i mbél na bhfádhaibh ó thús an
domhuin: ut justificéris in sermonibus tuis, et
vincas cum iudicaris.



Psalmo 91, moltar Dia tréna thrócaire agus tréna
mhíorbhuilibh ionganthacha i n-ioncholnadh a
mhic: quia delectasti me, Domine, in factura tua;
et in operibus manuum tuarum exultabo, .i. i n-obair
shlánaighthe an domhuin.



Isan tsailm 'na dhiaidh sin bheir solus dúinn
le spiorad fáistine ar staid na hEaguilse tar éis
theaguisg Chríosd agus na n-apstal, mur do úmhlaigh
peacachuibh móra agus lucht íodhail-adhartha don
tsoisgél agus mur do-chuadar fó chuing an tSlánaightheóra
tharruingios an fháidh chuige isna briathra
so: Dominus regnavit, decorem indutus est;
indutus est Dominus fortitudinem, “atá an Tiaghearna
arna ríghadh; tá sé arna eudughadh re
mórdhacht agus re neart,” dá chur i gcéill go rug sé
buaidh ar neart ifrinn.



Isan tsailm 100 tráchtaidh an rígh-fháidh go
mór ar thrócaire agus ar cheart Dé, mur do chuir sé


L. 19


lena thrócuire a Mhac a' fulang báis agus páise le
sásadh do thabhairt do cheart Dé do maslaigheadh
leis an bpeacadh: misericordiam et iuditium
cantabo tibi, Domine. Adeir sé i bpearsainn
Chríosd isan tsailm chédna: “siubhalaim i neamhchionta
mo chroidhe i lár mo theaghlaigh,”
perambulabam in innocentia cordis mei, in medio
domus meae, .i. is naomhtha glan an teagusg agus
an siompla dothug mé don Eagluis is teaghlach
dhamh; agus adeir fós go ndiúltaighionn do lucht
uabhair agus aindlighe, agus nach áil leis a chorp do
thabhairt dáibh i Sacrameint na hAltóra: superbo
oculo et insatiabili corde, cum hoc non edebam.
Adeir iar sin go scriosfa sé go moch, .i. go luath,
uile chiontachuibh na talmhan, agus go ngearrfadh
amach ó chathraigh an Tiaghearna an uile aindlightheach:
in matutinis interficiebam omnes peccatores terrae, ut disperderem
de civitate Domini omnes operantes iniquitatem. Ag sin an
breitheamhnus déighionach.



Tráchtaidh an tsailm 118 i mórán d'áitibh ar
Chríosd, óir adeir go bhfuil an talamh líonta dá
thrócaire; tuigthear ioncholnadh an mhic leis
sin: misericordia Domini plena est terra. Iarraidh
annsin, ó tháinicc i gcoluinn daonna, a reacht
do mhúnadh dhó: justificationes tuas doce me.
Agus is uime iarrus sin, ionnus go ttuigfeadh méd
an tsóláis dobhí le fagháil ag an domhan an uair


L. 20


dothiucfadh an tairngiortach: ut consoletur
(me) secundum verbum tuum. Féch Defecit in
salutare tuum (anima mea) et in verbum tuum
supersperavi, .i. “do mheirtnigh mh'anum chum
do shlánaighthe Íosa Críosd, agus dobhí mho
lán-ndóchus ann do bhréithir lér gheall tú
dhúinn é.”



Tá Críosd fós ag labhairt air féin leis an Athair
Síorruidhe go follusach isan tsailm 118, ag rádh,
Domine, probasti me, et cognovisti me, .i. “a
Thiaghearna, fuair tú eólus taithneamhach
orum”; tu cognovisti sessionem meam et resurrectionem
meam, .i. “mo chomhnuidhe isan uaigh
agus m'eiséirghe, agus ón tsíorruighacht is feas duit mo
smuainibh.” Non est sermo in lingua mea, etc.,
.i. “níl focal ann mo shoisgél nach feas duit a
bheith taithneamhach.” Tu formasti me, et
posuisti super me manum tuam .i. “do chum tú
i mbroinn na hÓighe mé, agus do-rinne tú mo athchuma
glórmhur iar n-eiséirghe damh as broinn
na huaighe.” “Ní féidir leam teasdus iomlán do
thabhairt ar h'eólus iongantach orum,” mirabilis
facta est scientia tua ex me; confortata est, et non
potero ad eam. Agus ní hiongnadh sin, óir níor
sgar tú lém anm ná le mo chorp, i bhflaithios,
ar an talamh, is an uaigh, ná lem anm i
n-ifrionn - Quod semel assumpsit verbum divinum


L. 21


nunquam amisit - Confitebor tibi, quia terribiliter
magnificatus es in me, .i. “molfaidh mé thú do
bhrígh go ndearnadh go hiongantach mé isan
ioncholnadh, agus isan éirghídh glórmhur.” Agus
iar maoidheadh na mór-thiodhlaicibh sin ann
a phearsainn féin, labhraidh sé ar bhaill laga
ineirteach a chuirp mhistiocdha, .i. a Eaguilse,
ag iarraidh cabhartha ar an Athair Síorruidhe,
ag rádh, Dies formabuntur et nemo in eis, .i.
“Sgriosfuidhear an saoghal so, tiucfaidh an
eiséirghe, agus níl duine nach ttiucfaidh ann.” Ó
créd an gáirdeachus bhés ar na fíréin dobhíodh
dod shíor-mholadh ar an tsaoghal so an lá ód,
an uair bhéid arna nglórughadh! Agus is mór
an uibhir bhias ann díobh, óir “béid comh
líonmhur le gaineamh na trágha.” Agus “is
mór an onóir liom-sa sin,” mihi autem nimis
honorificáti sunt amici tui, Deus. “Béd-sa féin
'na bhfochair ann do sheilbh-se,” Exurrexi, et
adhuc sum tecum. Gidh eadh, a Dhia mhóir, ó
chinn tú ar na peacachaibh do dhíansgrios an
lá ód, fuaigeórad-sa uaim féin iad, “a dhream
fhuilteach imghidh uaim,” viri sanguinum,
declinate a me, “imghidh a dhream ro-mhallaighthe
a' fulang pian síorruidhe go hifrionn.”
Siúd an dream, a Thiaghearna, dobhíodh ag
tarcuisniughadh na bhfírén, do-níodh iolach
magaidh agus fonómhaid dona diosciobal agus dona
fíréin do ghrádhaigh thú, do mheas le heasbhaidh


L. 22


creidigh agus dóchuis gur leamh dháibh sealbh do
chathrach-sa iar n-eiséirghe na gcorp d'iarraidh:
quia dicítis in cogitatione: accipient in vanitate
civitates tuas. “Máseadh féch féin, a Thiaghearna,
mur d'fhuathaigh meise féin iad so.” Proba
me, Deus, et scito cor meum. “Féch fós nár lean
mé slighe chiontach ar bith; dá bhrígh sin treóruigh
don bheatha shuthain mé,” deduc me in
via aeterna.



Measaigh dream eile gurab ar bhreathnughadh
na ndaoine gcráibhtheach ar an mbreitheamhnus
ndéighionach thráchtus an tsailm so; agus níl
sin ag cur toirmisg ar a tuigsin mur so; óir is
iomdha ciall do cheap Dia do bhriathraibh an
Scriptúir nach bíonn contrárdha.



Tá an rígh-fháidh isan tsailm ndéighionach don
tSailtuir ag iarruidh ar gach uile dhuine Críosd
do mholadh ar gach uile mhodh: laudate
Dominum in sanctis eius, secundum multitudinem
magnitudinis eius in sono tubae, in psalterio et
cithera, etc.



AN CÚIGEADH ALT
ANN A TTRÁCHTAR GO HATHCHUMAIR AR NA
FÁIDHIBH MÓRA AGUS BEAGA.



Is uime goirthear fáidhibh móra don cheathrar
tosanach dona fáidhibh, .i. Isaiah, Ieremias cona


L. 23


chléireach Barúch, Ezechiel, agus Daniel, do bhrígh
gurab iad is forleithiodaigh do sgríobh, agus gur
dáibh is mó do dháil an Spiorad Naomh d'fhoircheadlaibh
agus do theagaisg dhiadha. Agus is
uime goirthear fáidhibh beaga don dá fhear dhécc
eile, do bhrígh nach ttug an Spiorad Naomh an
líonmhuireacht chédna bhriathar agus teaguisg
dháibh; óir do sgríobhadar go coimsigh athghearr
na fuighle do dháil an Spiorad Naomh dháibh.



Tráchtaigh na fáidhibh go prionnsapálta ar
cheithre neithe, mur is lér do gach aon léighfios
an chéd-chaibidil don fháidh Isaias. Maoidhidh
ar tús mór-thiodhlaicibh Dé don phobal, mur
deir Isaias: filios enutrivi, “do oil mé agus dothug
mé suas clann.” Isan dara háit do-bheir iomardadh
agus imdheargadh fóna ndobhuidheachas agus fóna
ndroch-choinghioll dáibh, agus is uime sin adeir:
ipsi autem spreverunt me, “agus do tharcuisnighdar
mé.” Isan treas áit réimhinnsidh uilc mhóra
dhíoghaltacha do bheith le teacht orra: vae
genti peccatríci, populo gravi iniquitate, “mairg
don chineadh pheacach, don phobal throm le
héigceart.” Isan gceathramhadh áit do-bheir
sólás agus misneach don phobal, ag geallamhuin
maithios iar ndénamh aithrighe dháibh, agus go
háirighthe ag geallamhuin an tSlánaightheóra
Íosa Críosd dáibh. Agus is é sin is críoch agus is
cosbóir dá ráitibh go hiomlán; ag sin réim na


L. 24


bhfádh do bhrígh gurab ar mhódh seanmóra do
labhradar agus do sgríobhadar a saothair go hiomlán.



Labhraidh na fáidhibh go minicc ar chineadhacha
eachtrannacha dá ngoirthigh na Geintíligh,
do bhrígh nár thréig Dia iad go hiomlán gan cáil
éigin chúraim do bheith aige ionnta. Agus fós,
an uair do réimhinnseadh na fáidhibh neithe
orra dobhíodh 'na dhiaidh sin arna gcoimhlíonadh
go luath, do chreideadh gach aon an uile ní uatha,
dá madh grod nó cian an coimhlíonadh; agus tar
cheann go mbíodh meas mór ag cách orra, ní
rabhadar ariamh gan náimhdibh díoghaltacha do
mhaslaigheadh agus do bhásaigheadh go mí-thrócaireach
iad, do bhrígh go mbídís do ghnáth ag
imdheargadh na bpeacach.



Ar dhá mhodh do-níodh na fáidhibh a bhfáistinibh,
.i. lena mbriathraibh agus lena ngníomhaibh,
lé gcuireadhdís i gcéill do chách, i bhfighir agus i
gcosmhalacht, gach maith nó gach mór-olc dá
mbíodh a' teacht orra; mur do shiubhladh
Ieremias tré shráidibh Ierusalem agus ualach
mór do shlabhridhibh iarnuidhe air, ag réimhinnsin
go ttiuccfadh neart na Caldea ar na
Iudaighibh agus go ttiubhradh leó i mbroid agus i ngéibhinn
go Babilón íad. Dothug Dia fós ordúghadh
don fháidh Oseas méirdreach choitcheann do
phósadh, agus clann do bhuain eisde, dá chur i
gcéill go raibh an Sinagóg lér ghlac Dia mur
chéile ag imtheacht le méirdreachus nó le adhaltrannus


L. 25


íodhal-adhartha agus go bhfaicfídh diaidh
i ndiaidh i ttrí staidibh í, .i. ó aimsir Iehu go
haimsir Zachariais, an treas glún uaidhe síos, ann
ar thraothaigh ríghacht Israel. Goirthear Iesrael
don chéd-staid di, curthar i gcéill leis an ainm
d'ordaigh Dia a thabhairt ar céd-ghein na fáidhe
Oseas leis an stríopaigh, .i. Iesrael. Leis an ní
so do thuigsin, bíodh 'fhios agad go rug an
stríopach dias mhac agus inghean don fháidh. d'órdaigh
Dia dhó Iesrael do ghairm don chéd-mhac,
dá chur i gcéill go sgriosfaidh sé teaghlach agus sliocht
Iehu ar mhachaire Iesrael. Iar sin dorug sí
inghean dár ordaigh Loruhama do ghairm uirre
mur ainm. Ciallaidh sin, nach dénfaidhe ón am
sin amach truaighe ná trócuire do Israel, óir go
mbeith a bhflaithios ríoghdha arna chríochnughadh.
Iar sin dorug an mhéirdreach mac
eile dár gairmeadh Loámi, .i. “ní sibh mo phobal
agus ní mise bhur nDia.” Ciallaidh sin an staid a
rabhdar an uair do sgrios agus do dhíbir an-neart na
nGeintíleach íodhal-adharthach iad, agus uaidhe sin
amach do dhiúlt Dia dháibh.



DON FHÁIDH ISAIAS.



Tráchtaigh Isaias ar Chríosd ar feadh 66
caib., níos forleithiodaigh ar Chríosd ná aon-fháidh
eile dona fáidhibh, agus goirthear fáidh


L. 26


shoibhisgélta dhe, Propheta Evangelicús, do bhrígh
go ttráchtann comh follasach sin ar Chríosd, ar
a apsduil, agus ar dhálaibh na hEaguilse is gach am,
gur mó is iontsamhalta le soibhisgél do-bheuradh
teisd agus faisnéis ar neithe do-chonnairc é, ná le
fáidh do gheallfadh na neithe bhí re teacht. Do
chuir sé fós a shaothar i bhfoirm agus i n-eagar
fhoghlamtha fhíor-mhilis, agus is uime sin do ordaigh
Críosd a leabhar lena bheith dá leughadh i ttús
na bhfáidhibh ann a Eagluis féin. Agus ní raibh
aon-leabhar do leabhraibh na bhfádh is tairbhigh
ná é agus is mó do tharruing dona Geintíligh chum
an chreidigh Chríosdeamhuil iná é; bíodh 'fhiadhnuise
sin ar thaoisioch banríoghna na hEtiopia
dá ngoirthear eunuch nó cailltéanach i nGníomharthaibh
na nApsdal, cap. 8.



Do réimhinnis sé fós mórán ar na ríghthibh do
bhí i gcomhaimsir ris: Ozia, Ioathan, Achas agus
Ezechias. Do réimhinnis fós mórán dona huilc
dotháinicc ar chrích na Iudea, ar chathraigh
Ierusalem, agus ar na críochaibh fa coimhneasa
dhóibh, ní do mhédaigh go mór a mheas imeasg
a choimhthíorthachaibh.



Isan dara caibidil do gheall gurab as cathraigh
Ierusalem dorachadh an soisgél ar ttús imeasg
na nGeintíleachuibh, agus réimhinnsidh díthchioll agus
dúthracht na nGeintíleachaibh féin ag tarruing


L. 27


a chéile dá éis sin chum an chreidigh fhírinnigh:
et ibunt populi multi, et dicent: venite, ascendamus
ad montem Domini, etc.



Isan .7. caibidil réimhinnsidh coimpreadh
Chríosd ó mhaighdin, agus innsidh isan áit chédna
gur mhian le Achaz mallaighthe sin do thoirmeasg
d'eagla mí-mheasa do thabhairt dá íodhail
nó dá dhéaibh bréige. Ag so mur deir: propter
hoc dabit Dominus ipse vobis signum: ecce virgo
concipiet, et pariet filium, et vocabitur nomen ejus
Emanuel, .i. “béidh maighdion arna torrcheadh agus
béraidh mac dá ngoirfidhar Emanuel, .i. “Dia
'nar measg,” mur ainm, etc”.



Isan .8. caibidil iarraidh sé airtiogal creidigh
eiséirghe Chríosd ó bhás do sgríobhadh i rolla
mhór, do bhrígh gur bha rúndiamhair mhór sin.
Ag so mur deir: sume tibi librum magnum seu
grandem, scribe in eo stylo hominis: velociter
spolia detrahe; cito praedare, .i. “glac cugad
rolla mór, agus sgríobh ann le peann daonna:
deifrigh, tóig chugad an édáil; brosduigh le
creich,” ag cur i gcéill mur do shlad Críosd ifrionn
lena eiséirghe.



Isan .9. caibidil labhraidh mórán ar Chríosd,
go háirighthe mur do shaor lena theagusg agus lena
mhíorbhúilibh mórán dona puibleachaibh ó chuing
agus ó sclábhaíghacht an diabhuil: alleviata est


L. 28


terra Zabulon, etc. - Féch Matha isan .4. caib.
v.15,16,17. - Agus adeir, aggravata est via maris
trans Iordanem Galilaeae gentium, “tá slighe na
fairge an taobh thall do Iordain i nGaililea na
gcineadhach arna ghortughadh, lér réimhinnis
an fáidh an t-imdheargadh dothug Críosd 'na
dhiaidh sin do Chorrozain agus do Bhethzaida ag
rádh: vae tibi Corrozain, vae tibi Bethzaida, etc.



Isan .10. caib., maoidhidh sé go lúthgháireach
méd na glóire agus na hónóra dofuair Críosd as
crann na páise: factus est principatus super
humerum ejus, etc. Innsidh le teacht an Tiaghearna
Íosa go mbeith Israel arna scrios: verbum
misit Dominus in Iacob, et cecidit in Israel, .i.
cloch leónta na Iudaigheach ainchreidmheach.



Isan .11. caib. do-bheir faisnéis ar choimpreadh,
ar naomhthacht agus ar mhórdhacht Chríosd: egredietur
virga de radice Iessae, etc., “tiucfaidh slat
amach as fréimh Iesse,” .i. tiocfaidh planda ar
shliocht Dháibhídh Rígh; et requiescet super eum
spiritus Domini, etc., “agus coimhneóchaidh spiorad
an Tiagharna air,” .i. an diadhacht. Ipsum deprecabuntur
gentes, “tiocfaidh na cineadhachaibh dá
ghuidhe”; et erit sepulchrum ejus gloriosum,
“beidh a thomba glórmhur,” .i. an domhan ag
teacht dá onórughadh.



Adeir isan .12. caib. le gach aon buidheachas


L. 29


do thabhairt do Dhia ar son ioncholnuighthe a
Mheic. Et dicés in illa die: confitebor tibi, Domine,
quia iratus es mihi, .i. “adeuraidh tú an lá sin,
molaim thú, a Thiaghearna, tar cheann go raibh
tú feargach liom”; do bhrígh gur chuir tú Slánaightheóir
chugam agus go ttug tú deoch ícshláinte
as seacht srotháin na Sacrameintibh dhamh:
haurietis aquas in gaudio de fontibus salvatoris.



Isan .19. caib. réimhinnsidh mur bheith an
Creideamh Críosdeamhuil arna ghlacadh le lucht
na hÉgipte: in die illa erit altare Domini in
medio terrae Egypti, .i. “isna laithibh sin béidh
altóir an Tiagharna i lár na hÉgipte”.



Isan gcaib. 26 innsidh an gáirdeachas agus an
lúthgháire bhés ar na fíréin iar ndul go flaithius
dóibh, áit i mbéidh ag síormholadh Dé re saoghal
na saoghal. In illa die cantabitur canticum istud
in terra Iuda: urbs fortitudinis nostrae, etc.
Tuigid aroile gurab í so gáir bhuidheachuis na
ndrong dothig isteach isan Eagluis tré dhorus an
bháisdeadha. Dá bhrígh sin is féidir an Eagluis
mhíleata, na coimhghlice, ar an talamh, nó
Eagluis na mbuadh i bhflaithios do thuigsin
as.



Isan gcaib. 35 do-bheir sólás dona Iudaighibh
ag réimhinnsin dáibh go mbeith trí hadhbhair
mhóra gairdiochais agus lúthghára le linn Chríosd
ag gach aon: 1 iomadamhlacht na gcineadhachaibh


L. 30


bheith ag tréigion a ndéaibh bréige agus a'
teacht isteach fó chuing chrábhaigh agus creidigh:
laetabitur deserta; 2 neart agus cródhacht na gcreidmheach:
confortate manus dissolutas, etc.;
3 scrios agus díláithriughadh na ndeamhan: in
cubilibus in quibus dracones habitabunt, .i. “i
n-ionadaibh comhnuidhe na ndragún,” .i. na
n-íodhal ndiabluidhe. Béidh Eagluis Chríosd
mur fheur, mur luachair ghlais, nó mur ghiolcaigh
i n-umhlacht ag fás. Béidh slighe mhór
annsin: et erit ibi semita, .i. slighe do lucht coimhlíonta
na gcoimhairleacha soisgélda, agus slighe do
lucht coimhlíonta na n-aithionta: viam mandatorum
tuorum cucurri, etc.



Isan .40. caib. réimhinnsidh teaguisg agus progceaptaibh
Eóin Baisde ar an bhfásach: vox
clamantis in deserto, “guth an nuall-ghubhaigh ar
an bhfásach.” “Agus tusa, a Shióin, do-bheir
sgéla maithe leat, éirigh suas ar an tsliabh árd,”
.i. tusa, a Eóin, dic civitatibus Iuda, “abair le
cathrachaibh Iuda”: ecce Deus vester venit,
“féchaidh ar tTiagharna arna theacht, agus a luaidheacht
maille ris”: ecce merces ejus cum eo, .i. an
diadhacht is tuarusdal dona fíréin.



Isan .42. caib. molaidh Críosd i bpearsainn an
Athar Shíorruidhe ag rádh: ecce servus meus,
suscipiam eum, “féch mo shearbhfoghantaigh,
gabhaim leis”; electus meus, complacuit sibi in
illo anima mea, “mo rogha a bhfuil dúil nó grádh


L. 31


m'anama; “do chuir mé mo spiorad air,” dedi
spiritum meum super eum.



Isan gcaib. 45 tig ón nfighir gusan fhírinne
fó phearsuinn Chyruis d'fhuasguil an pobal
Iudaigheach agus tug saoirse as broid na Babilóine
dháibh. Iarraidh an fháidh Mac Dé do theacht
as na flaithis, agus colann thalmhuidhe do ghlacadh
i mbroinn na fíor-Óighe agus teacht go luath le cabhair
chum an chinidh daonna. Rorate, coeli, desuper, et
nubes pluant Iustum; aperiatur terra, et germinet
Salvatorem, .i. “feraidh-se ón aird thuas, a neamha,
agus doirteadhdís na neóill anuas an fírén, fosgladh
an talamh agus fásadh an Slánaightheóir amach
as.”



Is san gcaib. 49 do-ní Críosd casaoid ar an
bpobal Iudaigheach do chuir suas dó agus nár chreid
dó, tar éis a shaothair agus a shaoghail do chaitheamh
leó. Ag so mur deir: in vacuum laboravi, sine
causa et vané fortitudinem meam consumpsi, .i.
“is folamh mo shaothar, is gan adhbhar, agus is
díomhaoin do chaith mé mo neart.” Freagraidh an
t-Athair Síorruidhe agus do-bheir sólás dó, ag rádh
nár leór leis mur shéirbhís dó a bheith ag tógbháil
threabha Iacóib nó bheith ag aisiog dhrídair
nó dhiasacha fiadha Israel, acht go gcuirfeadh
cineadhachaibh an domhuin ó thuargabháil gréine
go fuineadh fó smacht agus fó umhlacht dó: parum
est ut sis mihi (servus) ad suscitandas tribus Iacob,


L. 32


et faeces Israel convertendas; ecce dedi te in lucem
gentium, ut sis salus mea usque ad extremum terrae.
Agus adeir 'na dhiaidh sin, “is ar an deagh-uair
do-chualaidh mé thú agus i ló an tslánaighthe do
chobhraigh mé thú,” in tempore beneplacíto
exaudivi te, et in die salutis auxiliatus sum tui.
“Ionnus go n-aibeóra leis an druing cheangailtidh,
“imghidh,” agus leis an druing atá i ndorchaidis,
“taisbénaidh sibh féin,” ut diceres his qui vincti
sunt: exite; et his qui in taenebris: revelamini.



Atá an chuid eile don leabhar a' labhairt mur
an gcédna, féch cap. 53, an caib. 63 agus an caib. 66,
agus annsin chríochnaighios ag réimhinnsin
go ttiucfaidh an domhan uile do láthair Chríosd
chum an bhreitheamhnuis ndéighionaigh.



AN .6. HALT
DON FHÁIDH IEREMIAS.



Do sgríobh Ieremias 52 chaibidil ann a ttráchtann
ar na neithibh is gnáthach leis na fáidhibh
go coitcheann. Labhraidh ar mhórán maille le
heagar agus le comhcheangal; agus arís do réir mur
ghluaisios an Spiorad Naomh é, labhraidh ar
mhórán do neithibh go coimiosgach, agus níor dhearmuid


L. 33


sé labhairt ar Chríosd, óir isan ochtmhadh
caib. adeir: vere mendacium operatus est styllus
mendax scribarum, .i. “is brég dháríribh do chuir
peann brégach na scríbaibh síos. Confusi sunt
sapientes, perterriti, et capti sunt, verbum enim
Domini projecerunt, et sapientia nulla est in eis,
“tá náire ar na daoine críonna, atáid ar líothadh
agus arna ngabháil, óir do dhiúltadar do bhréithir an
Tiaghearna,” .i. do thréigiodar Mac Dé dá ngoirthear
an Bhriathar Shíorruidhe; agus adeir nach
bhfuil gliocas nó críonnacht ar bith ionnta óir
gur thruaillidhsiod an Scriptúir diadha féin.



Labhraidh mórán eile air, i n-ionadaibh eile,
léigh an .23. caib. agus go speisialta Leabhar na
hEólchuire dá ngoirthear go coitcheann Threni
nó Lamentationes Ieremiae; agus mur labhras
ann do-ní sé go healadhanta glic trí shórt eólchuire
nó dóláis isan leabhar so.



Isan gcéd-chaibidil caoinidh sé staid dhólásaigh
na nádúire daonna iarna truailliughadh le peaca
na sinnsior.



Isan treas caibidil caoinidh sé pianta agus dóláis
an tSlánaightheóra Íosa Críosd ag fulang báis agus
páise ar son an chinidh dhaonna.



Isan gcúigeadh caib. caoinidh sé staid na
ndaoine tar éis pháise an tSlánaightheóra. Óir
tar cheann go ttug tuille mór agus lán-luach ar son
an chine daonna, do chaoin go mór dúire agus drochchreideamh
mhóráin nár ghéill dó, agus do chomhnuidh


L. 34


fó chuing sclábhuidheachta an diabhail
mur is follus do chách anois féin.



Tosaígh sé gach rann don leabhar so le leitir
don aibghitir Abhruis ba eochracha ciúil dáibh,
agus sin i n-ordúghadh do réir mur tháid 'na suidhe
isan Aibghitir chédna mur tá: Aleph, Beth,
Gimel, Daleth, etc. Quomodo sedet sola civitas
plena populo! .i. “cionnus shuighios an chathair
go huaigneach dobhí lán do dhaoinibh.” Is feas
damh-sa go gcaoinionn Ieremias an lérscrios do
bhí le teacht ar chathraigh Ierusalem tré iomadamhlacht
na bpeacadh do-rinne sí, agus go
háirighthe trésa ndearnaigh i n-aghaidh Chríosd,
acht ar ttús, tráchtaigh ar an scrios do-rinneadh
uirre, an uair do fhuadaigh slóigh na hAsiria a
háitigheóraigh go broid na Babilóine. Agus
caoinidh sé trí huilc tháinicc go prionnsapálta
uirre, agus adeir Cardinal Aureolus gur chaoin sé
én-olc décc dotháinicc uirre: ar ttús caoinidh
sé easbhaidh an iomaid cumhacht dobhí i n-aimsir
Dháibhídh agus Sholaimh aice, an tan dobhí 'na
ríoghain ar na cineadhachaibh eachtar-chineólta
mar aon le Talamh na Geallamhna go hiomlán;
2 caoinidh sollamhain a saoire agus a féstaighibh
bheith ar n-imtheacht; 3 a haoibhnis agus an
socamhal dobhí aice an tan sin; 4 a buadhaibh
ar a námhuid; 5 neart a taoiseach agus a tréncheannaibh
feadhna; 6 méd a saidhbhris; 7 an


L. 35


cliú oirdheirc dobhí uirre; 8 a cathréim agus a
háille ós cathrachaibh an domhuin; 9 caoinidh
a hiodhbarthaibh ro-bheannaighthe; 10 easbaidh
a haoibhnis agus fairsinge na beatha dobhí
anallód aice. Agus iar n-áireamh na n-olc sin
labhraidh i bpearsuinn na cathrach ainndeise sin
ag rádh: O vos omnes qui transitis per viam,
attendite, et videte si est dolor sicut dolor meus!
.i. “Ó sibhse uile ghabhus an tslighe rém ais,
dearcaigh go grinn agus feuchaidh an bhfuil dólás
nó dobrón mur do dhólás-sa nó mur mo dhobrón.
Caoinidh 'na dhiaidh sin gach díoghaltus dá
ndearnaidh Dia ar an ccathraigh chéadna, .i. gur
bhrúigh í mur brúightear i n-omar brúite na
caora fíona: quia vindemiavit me; agus fós gur
arguin le tinidh agus le cloidhmhe í. Caoinidh fós,
go raibh Dia ro-bhuansheasmhach ann a fheirg
'na haghaidh, óir tar éis a bheith a bhfad ag caoi
dér dhí, le haimsir imchéin nach ttáinicc dá cóir
le cabhair do thabhairt dí: idcircó ego plorans,
et oculus meus deducens aquas, quia longé factus
est a me consolator, convertens animam meam.



Dob fhéidir fós, staid bhocht mhí-rathmhuir
na nadúire daonna, iar ttuitim as an staid neamhchiontaigh
ann ar chruthaigh Dia í go staid
chiontaigh an pheacaidh, do thuigsin go maith le
triabhuin nó le heólchuire Ieremiais, go háirighthe
an dara caibidil, agus do bhrígh gurab ó Chríosd


L. 36


amháin dobhí cabhair le fagháil ag an gcathraigh
mhóir sin, .i. an nádúir dhaonna dofuair máighistreacht
iarna cruthughadh ar chrétúirigh an
domhuin, agus do chaill an t-ughdarrás mór sin leis
an bpeacadh, ionnus go mbhféidir a fhiafraidh
quomodo sedet sola civitas plena populo.



Dá bhrígh sin labhraidh Ieremias isan treas caib.
i bpearsainn an tSlánaightheóra ag caoineadh
an bháis agus na bpian do fhuiling sé le sásadh do
thabhairt isan masla do-chríochnaighthe dofuair
an diadhacht leis an bpeacadh do-rinne Ádhamh,
lér thruailligh a shliocht 'na dhiaidh.



Ar ttús caoinidh a bhochtaineacht: ego vir
videns paupertatem meam in virga indignationis
ejus, .i. “is meise an duine do-chí mo aindeise nó
mo bhochtaineacht a shlait díoghaltaigh a
fheirge. Dá éis sin, caoinidh sé a ghabháil agus a
chuibhriughadh: me minavit; et adduxit in
taenebris et non in lucem. 'Na dhiaidh sin maoidhigh
sé mur do fhulaing Dia a mhaslughadh
ar feadh na hoidhche i ttighibh Anna agus Chaiphais,
tantum in me vertit et convertit manum suam ...
circumaedificávit adversum me, ut non egrediar,
agus dar leat gur dhiúlt Dia féin freagra do
thabhairt ar a urnaighthe isan ngáirdín agus
isan gcroich: et cum clamavero, et rogavero,
excludet orationem meam. Caoinidh arís gach


L. 37


bualadh dá ndearnadh air ag rádh go ndearnadh
crústa nó comhartha do shaighidibh dhe: posuit
me quasi signum ad sagittam. Tráchtaigh arís ar
an digh dotugadh dhó: replevit me amaritudinibus,
.i. “le domblas,” inebriavit me absyntho,
“do cuireadh ar misge le murmonta mé; ann
sin, iar gcuimhniudhadh ar pheacaidhibh na
ndaoine dhó, gur leagh a mhisneach: memoria
memor ero, et tabescit in me anima mea; iar sin
a ghul agus a dheóra i gcrann na páise: divisiones
aquarum deduxit oculus meus .i. “sílidh mo shúil
síos le srothaibh uisge”; iar sin mur do cuireadh
i ttomba é: lapsa est in lacum vita mea, posuerunt
lapidem super me, etc. Dá éis sin caoinidh
bás an tSlánaightheóra agus an díoghaltas dothiocfadh
ar na Iudaighibh tréna bhásughadh: persequeris
eos in furore tuo, etc. Dá éis sin caoinidh sé
do bhrígh gurab iad ciontaibh na nádúire daonna
ba damhna báis do Chríosd: Spiritus oris nostri,
Christus Dominus, captus est in peccatis nostris.
Gidh eadh, do-bheir sólás do chách 'na dhiaidh
sin ag rádh gur faoina sgáile do mhairfheadh
Eagluis na gcineadhach: in umbra illius vivemus
inter gentes.



Cuimhnigh anois, a mhic Ádhaimh; féch suas
ar an tSlánaightheóir arna thógbháil suas ar son
do chiontaibh i gcrann na páise; lean suas é;
ceanguil thú féin le cuibhriochaibh dóchuis agus


L. 38


gráidh; ná bíodh iod bhél ná iod chroidhe acht
adhmholadh a anma diadha; ná bíodh d'anáil
ó do chroidhe chum do bhéil ná uaidhe sin amach
acht an t-ainm sin, dá bhfeacann gach glún ar
neamh agus ar thalamh: Spiritus oris nostri Jesus
Christus cui omne genu flectatur, caelestium terrestrium
et infernorum.



Tráchtaigh óráid na fáidhe so ar staid dhólásaigh
ghráineamhuil na bpeacach ndobhuidheach
dhiúlt do shochair pháise an tSlánaightheóra, agus
ar na díoghaltais do-áirmhithe dotháinicc agus
thiocfas go deireadh an tsaoghail orra. Labhraidh
sí go casaoideach an a bpearsainn féin,
agus innsidh mur do chailliodar an oighreacht agus na
sochair eile go hiomlán do shaothraigh an Slánaightheóir
dháibh; agus dar leat gurab iad na hÉirionnaigh
go prionnsapálta labhrus briathra dólásacha
na hóráide so, ag caoineadh gach leathtruim agus
gach díoghailtais dár tharruing a bpeacaidhibh
gráineamhla orra. Agus dá bhrígh sin atáim ag
iarradh mur athchuinghe orra a ngotha do thógbháil
os áird mur aon leis an bhfáidh agus congnamh
caointe agus eólchuire do thabhairt dó ar son ar
bpeacaidhibh, ionnus go n-éisdeadh an Slánaightheóir
go trócuireach lér ngul agus lér nguidhe chum
maitheamhnuis ar bpeacadh féin, agus gach toradh
mallacht dár thuill na sinnsir do theacht oruinn


L. 39


féin agus ar a ttír do thógbháil dínn, agus aisiog do thabhairt
dúinn ar ar n-oighreacht do chailliomar
lér gciontaibh. Tuigthear fós leis an óráid so,
staid na n-anamann fhágbhus an saoghal so i
ndroch-staid an pheacaidh; an tan bhíos dá
bhfuadach go hifrion agus go bhfaicid gur chailliodar
a gceart ar fhlaithios nimhe, adeirid go tobann
le huathbhás mór: recordare, Domine, quid
acciderit nobis, “cuimhnuigh a Thiaghearna créd
tháinicc oruinn”; meas féin, agus féch ar masla.
Gidh eadh, is díomhaoin a nguidhe an tráth sin,
óir atá ro-mhall, agus is uime sin adeir: plorans
ploravit in nocte.



Féch, adeir arís haereditas nostra versa est ad
alienos, “do hiompoigheadh ar n-oighreacht chum
na goimhigheach, agus ar ttighthibh chum eachtrannaigh,”
.i. do chailliomur ar gceart ar fhlaitheamhnus,
nó tuigthear go maith as so na Turcaigh,
ná págánaigh, agus na heiritigidh do dhiúlt
do Chríosd, do thréig a gcreideamh, do cheangail
iad féin fó sclábhaigheacht na h-Égipteach agus na
n-Asiriánach, .i. fó chuing an diabhail le saint ag
iarraidh aráin, .i. saidhbhris agus garma ar an tsaoghal
so: Egypto dedimus manum et Assyriis ut saturaremur
pane. Tabhair dod aire mur thig so le
staid dhólásaigh na dreime adeir go laetheamhuil
nach ttiubhradh uatha agus nach gcaillfidís acra
talmhan le creideamh na n-apsdal do chongbháil.


L. 40


Patres nostri peccaverunt, et non sunt, et nos
iniquitates eorum portavimus, “do pheacaighdar
ar n-aithre, agus ní mhairid, agus d'iomchramair-ne a
n-éigceart.” Ag so an dream bhocht thig ó shinnsir
eiriticceach agus leanus a lorg. Is uime sin adeir:
servi dominati sunt nostri, .i. atá sclábhaighthe
'na maighistrigh oruinn, .i. an diabhal agus a mhuintir,
et non fuit qui redimeret de manu eorum,
“agus níl fear tárthála aguinn,” do bhrígh go ttug
daille anmhian, sainnte, agus uabhair oruinn, ag
iarraidh saidhbhris, garma agus onóra díomhaoine
saoghalta, nárbh áil linn éisdeacht ná aire do
thabhairt le teaguisg ná le seanmóir na bpastúirigh
cearta cráibhtheacha foghlamtha do chuir Críosd
féin dár tteagasg; agus i n-ionad bheith glan
ionnraic dhúinn (mur tá d'fhiachaibh oruinn neamhchionta
ar mbaisdeadh do chaomhnadh agus do
chongbháil do ghnáth), dothugamar ar mian agus
ar ttoil do gach gné pheacaigh ghráineamhuil is
gach am, mur atá, adhaltrannus, stríopachus,
etc.: mulieres in Syon humiliaverunt, et virgines
in civitatibus Iuda. Níl aire ag óg ná ag sean ar
throsgadh, ar urnaighthe, ná ar ghníomh subháilceach
ar bith; d'imigh an crábhadh as croidheachaibh
cháich go hiomlán; defécit gaudium cordis
nostri.



Adeir arís gur thuit an choróin dár gcinn, agus
gur truagh sin, do bhrígh gur pheacuighmar:
cecidit corona capitis nostri; vae nobis quia


L. 41


peccavimus! Créd an choróin sin acht pearsannaibh
Eaguilse nach n-iomchrann iad féin mur
bu dual agus bu dleacht do naomh-shagairt an
Tiaghearna, agus i n-ionad cháich do threórughadh
ar shlighe a slánaighthe, lena ndroch-bhésaibh
agus lena ndroch-shiomplaidhibh go ruaigid go
hifrionn iad?



Uime sin adeir an fáidh go bhfuil a chroidhe
lán do bhuaidhreadh agus do dhólás do bhrígh go
ndearnaidh na peacaidhe sin foraois uaigneach
faolchon don chathair áluinn dhaoineach, .i. don
Eagluis: propterea moestum factum est in dolore
cor nostrum ... propter Syon montem quia disperiit,
vulpes ambulaverunt in eo. Mo thruaighe-si
mur thig an fháistine so isteach anois, agus go bhfuil
dá coimhlíonadh go laetheamhail, monuar! Is
dólásach fhéchus an Eagluis aniugh ar a clainn
do-chí sí easumhal, égcráibtheach. A Thiaghearna,
más eadh, tabhair féin le do thrócaire ghnáthach
cabhair agus sólás dí. Tá 'fhios agum nach féidir
dhúinn, dá mhéd ar n-olc agus ar n-aindhlighe,
dochar do dhénamh dhuit-se, óir is leat a bheith
go síorruidhe i nglóir agus i n-aoibhnios: Tu autem,
Domine, in aeternum permanebis, solium tuum in
generationem, et generationem. Dhúinn féin do-nímíd
an dochar; dhúinn féin nímíd uilc agus díghbháil
agus ní dhuit-se: non accedet ad te malum, et
flagellum non appropinquabit tabernaculo tuo,


L. 42


Psal. 90. Dá bhrígh sin féch go trócuireach
oruinn a Thiaghearna, ná dearmuid go síorruidhe
sinn: ne in perpetuum oblivisceris nostri; converte
nos, Domine, et convertemur. Ó ná habair linn
a Thiaghearna mur dubhrais leis na Iudaighibh
sed projiciens repulisti nos, iratus es contra nos
vehementer! .i. ná teilg uait sinn tríd amach, agus
ná bí ní sia ro-fheargach linn, Amen.



AN SEACHTMHADH ALT
THRÁCHTUS AR AN BHFÁIDH EZECHIEL, AR AN
BHFÁIDH DANIEL, AGUS AR AN DÁ FHÁIGH DHÉCC
EILE.



Isan mbliadhain don domhan 3405 do réir
an áirimh choitchinn, agus isan mbliadhain 639
roimh Críosd, dothug Nabuchadonozar, iar
mbriseadh agus iar milleadh theampaill agus bhallaighibh
Ierusalem, agus iarna n-arguin ar aon, dothug sé
an rígh Iechonias i mbroid na Babilóine, agus mar aon
le gach dream dá rug leis dotugadh Ezechiel
isan mbroid chédna; agus isan gcúigeadh bliadhain
dá bhroid, ar mbeith aon do laithibh dhó ar
bhruach aibhne Chobar ba hascall d'abhainn
mhóir na hEuphráite, dotháinicc spiorad fáistine
an Tiaghearna air, agus do thosaigh leis an amharc
oirdheirc iongantach dofuair ar mhórdhacht


L. 43


Dé agus ar a chumhacht, É 'na shuidhe i gcarbad
lonnrach cheithre rotha agus ceithre beathadhaigh
iongantacha dhá iomcar. Is mur sin ba gnáthach
le gach aon dona fáidhibh a ttarrngoireacht
do thosughadh, le hamharc ar mhodh éigin
d'fhagháil ar Dhia, mur is follus i mórán d'áitibh
don Scriptúir.



Labhraidh an fháidh so go dána neartmhar a
n-aghaidh aindlighe, anuabhair, agus uilc na n-Israelibh;
agus réimhinnsidh dháibh le hughdarrás mór
na díoghaltais dhiana ghér-neimhneacha dobhí
le teacht orra; agus níorbh fhéidir dháibh gan díoghaltais
Dé do theacht ar gach taobh orra, do bhrígh
i n-aimsir an rígh Sedechia gur thuitiodar uile le
fánaidh na n-uile olc, ionnus nach raibh gné
pheacaidh dá ghráineamhla nach raibh ar úsáid
go coitcheann acu, mur is follus isan gcaibidil
ndéighionaigh don dara leabhar do Pharalepomenon.
Agus do bhrígh gurbh fheas don fháidh
gur fonómhad agus sgige bá gnáth leó a bheith ar
gach teachtuire dár chuir Dia roimhe le rogha
chugthu, do mheas gur chóir dhó féin labhairt
go trén díbhfeirgach lena músgladh as suan
millteach a mí-bhés, agus imdheargadh do thabhairt
dáibh ann a ndroch-ghníomharthaibh, agus díoghailtais
díbhfeirgeacha Dé do bhogar orra.



Is féidir an leabhar so do roinn i ttrí ranna go
prionnsapálta: -



Isan gcéd-chuid de cuiridh Dia cúram


L. 44


fáidhedeóracht ar Ezechiel, agus iarraidh air a bheith
ag teagasg an phobuil mur dubhras cheana.
Is air sin thráchtas na trí chéd-chaibidil don
leabhar. Agus ar ttús taisbénaidh Dia É féin
dó mur dubhras cheana; agus ciallaigh na ceithre
beathadhaigh agus na ceithre rotha uathbhásacha
dobhí fón gcarbad, ceithre hárd-fhlaithis an
domhain, .i. impireacht na hAsiria, na Médaibh,
na Persia, agus na nGrégach, dobhí go huile agus go
hiomlán dá stiúradh agus dá ngluasacht do réir a
thola féin. Cap. 2 et 3: cuiridh sé Ezechiel i
tteachtairacht leis an teagusg sin do dhénamh,
mur dubhras thuas, agus do-bheir neart agus dánacht
naomhtha dhó rena dhénamh. Agus dobhí ag
coimhlíonadh an chúraim sin, nó gur mharbh
prionnsa Israelíteach é, neoch dá ttug imdheargadh
mhór ar son peacaidh dia-athaise, do réir
mur deir Isodorus Hispalensis ann a bheatha.



Isan dara cuid tráchtaigh an fháidh fó chuim
thrópaibh, agus fhigúirigh, agus chosmhalachtaibh,
ar chiontaibh agus ar mhí-bhésaibh na n-Israelítibh,
agus fós ar na píonúis, agus ar na díoghailtais dotháinicc,
agus dobhí le teacht orra. Tráchtaigh fós ar lochtaibh
na gcineadhachaibh eachtar-chineólta, agus
innsidh go ttiucfadh díoghaltus Dé orra, agus sin
ón treas caibidil gusan 35. Do-ní sé fós fáidhedeóiracht
ghníomhach, óir adeirthear leis isan
gceathramhadh caibidil scláta do ghlacadh chuige
agus cathair Ierusalem do tharruing ann, agus campa


L. 45


do chur i bhfoslongphort ós a comhair, arán
eórna agus aoileach, nó otrach, bó d'ithe, dá chur i
gcéill go raibh neart námhad agus gorta le teacht
uirre. 'Na dhiaidh sin, do ghearr a fholt agus a
ulcha, dá chur i gcéill gur mur sin do ghearrfadh
faobhair chloidhmheadh námhad áitigheóraigh
Ierusalem. 'Na dhiaidh sin, do-bheir iomardaigh
agus imdheargadh dona sagairt, don phopal, dona
pastúirigh, agus dona prionnsaighibh gan choigill
d'aon díobh.



Isan treas cuid, do-bheir sóláis dáibh, agus geallaidh
go bhfuighid suaimhnios agus sóláis i ndiaidh na
n-olc réimhráite d'fhulang dáibh, .i. saoirse ón
mbroid agus ón daoirse ann a rabhdar an tan sin,
aisiog ar a ttír, ar a tteampall, agus ar a gcathraigh.
Agus ón gcaibidil 37 gusan gcaibidil 48 tráchtaigh
ar aisiog na neithe móra do chailliodar, óir
an áit a ttráchtann ar an machaire dobhí líonta
do chnámha tiorma críona na ndaoine dofuair
bás cian d'aimsir roimhe sin, do-rinne athbheódhadh
iar ndul do gach alt ann a áit féin agus iar gcur
chroicinn, fheóla, fhétheacha, agus chuislionna orra,
cuireadh i gcéill an t-athbheódhadh do-rinneadh
ar na Iudaighibh iar n-imtheacht dá spioraid
beatha agus iar gcríonadh i ndaoirse agus i sclábhuighacht
dóibh. Is féidir fós an eiséirghe choitcheann do
thuigsin as.



Is dearbhtha go bhfuil mórán don leabhar so
ann a bhfuil ciall spioradálta agus ciall aimsiordha


L. 46


go coimeasgach, ní do-ní diamhair, dorcha, do-thuigse
é, go háirighthe ann a thús agus ann a dheireadh.
Agus is uime sin nach bhfuilingeadh na
Iudaighibh d'aon-neach tús ná deireadh an leabhair
so, tús Leabhair na nGeinealach, ná tús Chainticc
na gCaintigibh do leughadh acht muna mbeith
i n-aois shagairt, .i. tríochad bliadhain. Dá
bhrígh sin ná tugadh cruas an leabhair so ort,
a leughthóir, atuirse do bheith ort, acht, an
áit is riachtanus duit, sín an chiall spioradálta
agus an chiall aimsiordha re 'roile. Adeir S. Ierom
féin, iar gcur gluaise air, nárbh fheas dó an go
ceart do-rinne nó an éigceart, do bhrígh nach
bhfuair gluais ar bith roimhe air do-bhéradh
congnamh solais dó ar na neithibh diamhra
dobhí ann.



DÁNIEL ANNSO.



Iar mbás Ieremíais agus Ezechiel, i n-aimsir broide
na Babilóine, ba toil leis an áirdrígh Daniel do
chaomhna beó 'na ndiaidh le teagaisg agus le sólás
do thabhairt don chine Eabhraightheach ann
a mbroid, le teacht an tSlánaightheóra do chongbháil
ann a meabhair do ghnáth.



Tar cheann go measfadh neoch gur leabhar
starthamhail an leabhar so Dhaniel, is dearbhtha
gidh eadh, go bhfuil sé líonta do theaguisg ro-thairbheacha


L. 47


agus do tharrngoiridh ar Chríosd agus
ar a Eagluis.



Ar feadh shé gcaibidileacha ann a thosach,
mínígh agus craobhsgaoilidh sé taisbéntaibh dofuair
daoine neamh-fhírénta, agus isan seachtmhadh
caibidil tosaigh sé ar fhaisnéis do thabhairt
uaidhe, ar na taisbéntaibh dofuair féin ó Dhia
ar réim ríoghruidhe mhóráin do ríghthibh agus
d'impirigh págánacha dobhí le teacht diaidh i
ndiaidh go teacht an tSlánaightheóra, ar theacht
Chríosd féin, agus ar gach inghreim nó persecútion
dá raibh le teacht ar Eagluis Chríosd go deireadh
na n-aimsior.



Isan ochtmhadh caibidil tráchtaigh go réimhfhaisnéiseach
ar chlaochló agus ar chríochaibh impireachtaibh
na Persia agus na Media, agus ar thús
impireacht na nGrégachaibh le cródhacht Alexandair
Mhóir.



Isan .9. caibidil tráchtaigh arís ar theacht an
tSlánaightheóra, agus do réimhinnis go cinnte an
aimsir a ttiucfadh, .i. i gceann sheachtmhoghad
seachtmhuin.



Isan gcaibidil 10, agus isan .12. caibidil, sgríobhaidh
bladh do stair na gcineadhach.



Isan .12. caibidil, tráchtaigh ar rúndiamhraibh
an teaguisg Chríosdaighe, .i. ar an mbreitheamhnus
ndéighionach agus ar an eiséirghe.



Isan gcuid eile, .i. isan gcaibidil 13 agus isan
gcaibidil 14, tráchtaigh ar stair fhírinnigh Shusanna,


L. 48


agus ar íodhal Béil mar aon leis an dragún,
mheasas an Eagluis Chaitlioca a n-aghaidh
ainbhfis na Iudaigheach agus na n-eiriticceach bheith
canónta.



Créd chiallaighios 70 seachtmhuin Dhániel?



An uair do chaill treibh Iuda an ríghe i mbroid
na Babilóine dob iongantach leó nach ttáinicc an
tairngeartach do gheall Iacob, ag rádh: non
auferetur sceptrum de Iuda, etc. Do chuir sin gruaim
ar Dhániel, agus ar mbeith ag guidhe dhó, dotháinicc
an t-aingiol Gabriel chuige agus d'innis an aimsir
chinnte dhó, agus is í an aimsir sin tuigthear leis
an seachtmhoghad seachtmhuin, 70 hebdomades,
agus ní seachtmhuinaigh do laethaibh tuigthear
asda sin acht seachtmhuinigh do bhliadhanuibh
choimhlíonus 490 bliadhuin.



Ríomhthar an aimsir sin ón seachtmhadh
bliadhain do fhlaithios Artexerxes, dothug cead
do Esdras agus do gach aon dona Iudaighibh dul
ar a n-ais go Ierusalem le cathair agus ballaighibh
nuadha do dhénamh agus a cur i n-ordughadh mur
bhí roimhe, agus ón am sin go baisdeadh Eóin ar
Íosa, áit ann ar fhuagair an t-Athair Síorruidhe
a cheannus ós an domhan ag rádh “ag so mo
Mhac dil,” hic est filius meus dilectus, etc., 483,
ionnus gur i lár na seachtmhuine déighionaigh
don uimhir aimsire sin do céusadh Críosd ar
Slánaightheóir.


L. 49


DON DÁ FHÁIDH DHÉCC DÁ NGOIRTHEAR NA
FÁIDHIBH BEAGA NÓ IS LUGHA.



Mur thráchtas an chuid dona fáidhibh ar ar
labhramur cheana ar chorthaibh agus ar chiontaibh
na n-Eabhraigheach a n-aighidh Dé, mur sin
labhrus na fáidhibh dá ngoirthear na fáidhibh
beaga (agus is uime goirthear beaga no minóres,
.i. fáidhibh nísa lugha, dhíobh do bhrígh nár
sgríobhadar comh forleitheadach leis na fáidhibh
móra ar ar thráchtamur. Creidim gur labhradar
nísa mhó go mór ná gheibhmíd sgríobhtha ar a
sliocht), agus ar chosbóir phrionnsapálta na bhfádh
go hiomlán, .i. ar Críosd agus ar a Eagluis.



Créd ar a ttráchtann Oseas, an céd-duine dona
fáidhibh beaga?



Réimhinnsidh an fháidh so mórán dona Iudaighibh
a bheith le teacht fó chuing chrábhaidh agus
chreidigh Chríosd. Et erit in loco ubi dicetur eis
“non populus meus vos,” dicétur eis “filii Dei
viventis”. Et congregabuntur filii Iuda et filii
Israel pariter; et ponent sibimet caput unum
(Christum), et ascendent de terra, .i. “tiucfaidh
chum críche isan áit a ndubhradh riú “ní sibh-se
mo phobal-sa,” annsin adértar riú “is sibh-se
mic an Dé bhí” v.9 huius cap. Annsin cruinneóchthar
clann Iuda agus clann Israél a n-aoinfheacht


L. 50


agus glacfuid aon-cheann dóibh féin, agus tiucfaidh
suas as an talamh an t-aon-cheann Críosd”;
agus leis an éirghidh suas don talamh ciallaidh
midheamhnacha na bhfírén lé ttóigthear go
neamh iad, mur deir Pól, ad Philip 3, conversatio
nostra in caelis est.



Isan dara caibidil geallaidh go ttiubhraidh
Críosd bainne cíoch a theaguisg fó imlibh Israél
lena ttabhairt ar a n-ais chum an chreidigh,
ecce ego lactabo eam; agus deir go ttiubhraidh ar an
bhfásach Israél leis, .i. go ttiubhraidh ar fhásach
uaigneach na haithrighe í, agus go laibheóraidh go
muintiordha milis-bhriathrach ria: loquar ad
cor eius. Geallaidh sé dhi fós i bpearsainn Chríosd
go bpósaidh sé í a n-ionnracus, i mbreitheamhnus,
i ttrócuire, agus i ngrásaibh: et sponsabo te mihi in
iustitia et iudicio, et in misericordia et miserationibus.



Isan treas caibidil réimhinnsidh go bhfillfidh
clann Israél ar Dhia re teacht an bhreitheamhnuis
ndéighionaigh: post haec, revertentur filii Israel
et quaerent Dominum Deum suum, etc. Adeir
fós isan áit chédna go mbéidh eagla an Tiaghearna,
agus mían a mhaithios ndéigionach orra; as a ttuigthear
go nglacfuid corp an Tiaghearna isan tSacremeint
le hurraim agus le huathbhás.



Isan .6. caib. réimhinnsidh eiséirghe an
tSlánaightheóra ar an treas lá: vivificabit nos


L. 51


post dies duos, in die tertia suscitabit nos et vivemus
in conspectu eius, etc.



Isan .11. caib. adeir go ttiocfadh Críosd ar a
ais as an Égipt: Quia puer Israel, et dilexi eum,
ex Egypto vocavi filium meum. Bheir Matha, an
soibhisgél, so mur fhiadhnuise leis, Math., cap.
2.



Isan .13. caib. geallaidh go mbéradh Críosd
buaidh ar an mbás agus ar ifrionn: de manu mortis
liberabo eos, de morte redimam eos. Ero mors tua,
o mors, morsus tuus, o inferne!



Créd mur labhrus IOEL ar Chríosd?



Isan dara caibidil geallaidh sé Críosd bheith
'na dhoctúir, agus dá bhrígh sin iarraidh ar mhic
Sióin, .i. ar chlainn Israél a bheith meanmnach
lúthgháireach: et filii Syon, exultate, et laetamini
in Domino Deo vestro, quia dedit vobis (id est
pater aeternus) Doctorem Iustitiae.



Isan treas caib. geallaidh Críosd do theacht 'na
bhreitheamh go gleann Iosaphat: consurgant,
et ascendant gentes in vallem Iosaphat; quia ibi
sedebo ut iudicem omnes gentes in circuitu. Mittite
falcem, quia maturavit messis, .i. “músgladh na
cineadhachaibh agus tigidís aníos go gleann Iosaphait,
óir is annsin shuidhfios mise le breitheamhnus
do tabhairt ar na cineadhachaibh uile timchioll
fágcuairt.” Agus adeir leis na haingil iar sin an
saoghal do scrios agus do chríochnúghadh. Mittite
falcem quoniam maturavit messis, “cuiridh ann


L. 52


an speal (nó an corrán) óir do aipchidh an fóghmhur.”



Créd adeir AN FHÁIDH AMÓS ar Chríosd?



'Na aodhaire bhó dobhí sé so ar ttús. Isan
.9. caib. réimhinnsidh iodhbairt fhuilteach an
tSlánaightheóra i gcrann na Páise, agus do-bheir
imdheargadh dona Iudaighibh do bhrígh gur
saint dothug orra a bhásughadh, agus innsidh dháibh
isan áit chédna go scriosfhaidh iad. Vidi Dominum
stantem super altare, .i. “do-chonnairc mé
an Tiagharna 'na sheasamh ar an altóir.” Ann
sin adeir go mbrisfidh an teampall Iudaigheach:
et dixit: percúte cardinem, et commoveantur
liminaria ejus. Is air so thráchtus Matha ag
rádh: velum templi scissum est. 'Na dhiaidh
sin adeir an fháidh: avaritia enim in capite
omnium; et novissimum eorum in gladio interficiam.
Is maith do coimhlíonadh an chuid so
don fháistine i n-aimsir Vespasian agus Thítuis agus
'na ndiaidh.



Réimhinnsidh dá éis sin go ttiucfadh na cineadhachaibh
Geintíleacha isteach fó chuing chrábhaidh
agus chreididh Chríosd, agus go mbeithdís fó
chúram agus fó mhuirn mhóir i n-ionad na Sinagóige
aige. Ag so mur deir: in die illa suscitabo tabernaculum
David, quod cecidit, et aedificabo aperturas
murorum ejus, et ea quae corruerant ínstaurabo,
et reaedificabo eum sicut in dibus antiquis,


L. 53


ut possideant reliquias Idumeae et omnes
nationes, eo quod invocatum sit nomen meum
super eos, dícit Dominus faciens haec, .i. “isan ló
sin tóigfidh mé suas tabernacul Dháibhídh do
thuit, agus druidfidh mé suas a bhearnadha, agus cóireóchaidh
mé ar thuit de, agus cuirfidh mé suas é
mur bhí anollód, ionnus go sealbheóchadh iarsma
Édom agus na cineadhachaibh uile goirthar am
ainm-se, adeir an Tiaghearna do-ní so.” Do
coimhlíonadh so uile i n-aimsir Chríosd óir i
n-ionad Dháibhídh agus ríghthibh eile Iudaigheach
dotháinicc Críosd féin, .i. rígh na ríghthibh, agus
i n-ionad na bprionnsaidhe na hapsdail: constitues
eos principes super omnem terram. Do
bhí naomhthacht fós agus creideamh níos fearr agus
níos foirfe le linn an Rígh Íosa ná dobhí re linn
Dháibídh féin. Neartaigh briathra Lucáis an
ní so, cap. 1, dabit illi Dominus sedem David
patris ejus.



Créd adeir ABDIAS ar Chríosd?



Tar éis a réimhfhaisnéise ar mhórán do chogaidhibh
agus do choinbhliochta adeir sé go mbéidh
tártháil agus naomhthacht mhór ar Shliabh Sióin
ag Críosd: in monte Syon erit salvatio, et erit
sanctus. Ní hiongnadh sin óir is ann do thionnsgain
Críosd iodhbairt agus Sacrameint na haltóra, is
ann táinicc an Spiorad Naomh agus do thuirling ar


L. 54


na hapsdail. Do-rinneadh fós teampall do Chríosd
isan ionad chédna.



Ní le briathra acht le gníomha do-ní IONAS a
tharrngoireadh ar Chríosd.



Óir curthar síos isan gcéd-chaibidil, an tan ba
mian le Dia lucht cathrach na Ninue, ba ceannchathair
don Asíria, do chaomhna agus do tharruing
as an droch-staid ann a raibh, adubhairt le Ionas
dul innte: vade in Ninivem. Is mur sin, an uair
ba mian leis an cine daonna do thártháil, agus a
ttarraing as an droch-staid ann a rabhadar, do
chuir sé a aon-Mhac ar an tsaoghal le teagasg agus
tártháil chum an chine daonna.



Mur do theith Ionas do láthair an Tiaghearna,
mur sin do thurling an Mac ar an talamh anuas
as neamh. Do-chuaidh Ionas go Iopen darab
ciall “áluinn”: do-chuaidh Mac Dé i mbroinn
áluinn na hóighe a' glacadh colann daonna.
Ar n-imtheacht do Ionas as Iopen fuair long a'
dul go Tharsis, agus iar ttabhairt a luach iomchair
uaidhe do-chuaidh innte; “smuaineadh na sólás”
ba hainm don luing sin: ar ndul do Chríosd as
broinn na hóighe do-chuaidh i loing na Sinagóige
dárbhú cóir a bhéith ag síor-smuaineadh ar na
sóláis shíorruidhe ba cóir a bheith 'na crích aice;
dothug a luach iomchair uaidhe, .i. an ofráil do
tugadh isan teampall ar a shon. An uair do-chuaidh
Ionas isan luing, d'éirigh stoirm agus anfa


L. 55


mhór uirre: le linn Chríosd do thóig Iruaidh agus
na ríghthe mallaighthe eile stoirm mhór ar an
tSinagóig do mhill agus do bhuaidhridh í. Do-chuaidh
Ionas ar urlár iachtarach na luinge agus
do choduil ann: do-chuaidh Críosd i ndiamhraibh
agus a bhfásaighibh ó chaidreamh na ndaoine
ag dénamh troisge agus urnaighe, agus ar mbeith dhó
i suan naomhtha na midheamhan ndiadha do
mhúsgail an Spiorad Naomh é le congnamh do
thabhairt don luing; annsin d'éirigh go prap a'
dénamh seanmóra agus proceapta; do ghoir chuige
na disciobail; do-rinne il-iomad fearta agus míorbhuile
le tártháil do thabhairt don tSinagóig; gidh
eadh, tar cheann a ndearnaidh, d'árdaigh na
gaotha, .i. tóruigheachta na n-einghreim, nó
persecution, a n-aghaidh na bhfírén agus Chríosd
féin. Do-chuaidh prionnsaighe na sagart i gcomhuirle,
agus do thuit an crannchor báis ar Críosd mur
dubhairt Caiphas, expedit ut unus moriatur pro
populo. D'fhiafraigh na luingseóirigh do Ionas,
“cia thú?” óir dobhí eagla orra a theilgion isan
bhfairge: d'fhiafraigh mórán do Chríosd cia hé,
agus dobhí eagla orra a chur chum báis nó dochar
do dhénamh dhó. Do ofráil Iónas é féin dona
loingseóiraigh lena theilgion isan bhfairge; d'fhoráil
Críosd É féin dona Iudaighibh i nGárgha
Getsemani, Ioan. 18, Ego sum: si me quaeritis
sinite hos abire. Do teilgeadh Ionas síos isan


L. 56


aigén anfach: do teilgeadh Críosd i n-aigén
anfach pían agus páise mur do réimhinnis an rígh-fháidh,
veni in altitudinem maris, et tempestas
demersit me. Do shluig iasg mór (dá ngoirthear
go coitchionn “míol mór”) an fháidh Ionas do
réir ordaighthe Dé, áit i raibh trí lá agus trí hoidhche
nó gur sgeith uaidhe an tráth sin ar thalamh
thirim é, d'ordaigh Día fós corp Chríosd iar
mbás do bheith i ttomba agus a anam bheith i Liombó
ar feadh thrí lá; agus mur chuir an t-iasg Ionas beó
as a bholg, mur sin d'éirigh Críosd ar an treas
lá beó as bruinn na talmhan, mur do réimhinnis
an rígh-fháidh chédna, Psal. 15, non derelinques
in inferno animam meam nec dabis sanctum tuum
videre corruptionem. Do-chuaidh Ionas go cathair
na Niniue agus dothug an rígh Sardanapalus agus a
mhuintir chum aithrighe do dhénamh: dothug
Críosd le teaguisg, le deagh-shiomplaibh, agus leis
na míorbhuilibh móra do-rinne Sé féin agus a apsdail,
ríghthe, prionnsaidhe, agus urmhór na cruinne do
chum aithrighe agus chum crábhaidh.



Créd mur labhrus MICHEAS ar Chríosd?



Isan dara caibidil réimhinnsidh go n-iompóchaidh
an domhan uile ar chreidiomh Chríosd:
congregatione congregabo Jacob totum, etc., .i.
“cruinneóchaidh mé go deimhin Iacob uile,”
.i. an domhan uile. Ascendit enim pandens iter
ante eos, .i. do thuirling sé a' briseadh an bhealaigh


L. 57


rómpa (a' dul i gcrann na páise a' dénamh bealaigh
dháibh). Is uime sin adeir, divident et transibunt
per portam, .i. brisfid-sean an bealach agus
rachfuid 'na dhiaidh isteach ar an dorus cédna.



Adeir isan .4.caib. “acht isna laethaibh
déighionach (is laethaibh goirthear don aimsir
ó theacht Chríosd go deireadh an domhuin)
tiucfaidh chum críche go mbéidh sliabh thighe
Dé arna chórúghadh i mullach na sliabh (ní a
bhfolach ná i n-áit dho-fhaicse mur deir iomad
do shaobh-chreidmhioch na haimsire so bhés an
Eagluis), agus tiucfaidh mórán cineadhach ag
rádh: tigidh, dénam deithnios suas go sliabh
an Tiaghearna agus go tigh Iacob (.i. isteach isan
Eagluis), agus múinfidh sé a shlighthibh dhúinn,
agus ní fhoghlumfaid cogadh feasda” et erit in
novissimo dierum (.i. diem legis gratiae) mons
Domini (.i. Ecclesia) praeparatus in vertice
montium (erit enim omnibus visibilis) ... Et
properabunt gentes multae, et dicent: venite, ascendamus
ad montem Domini et ad domum Dei Iacob;
et docebit nos de viis suis, etc. ... non discent
ultra belligerare, etc.



Isan .5. caib. cuiridh síos geineamhuin shíorruidhe
agus coimpreadh aimsiordha Chríosd ag
ainmniughadh na háite, .i. Bethleem Euphráit,
ag rádh: et tu, Bethleem Ephrata, parvulus es
in millibus Iuda; ex te mihi egredietur qui sit


L. 58


dominator in Israel, et egressio ejus ab initio
saeculorum.



Isan .7. caib. cuiridh i gcéill méud miana na
bhfírén le Críosd agus lena oibreacha trócuireacha
d'fhaicsin. Dominum Deum nostrum desiderabunt
et timebunt te. Quis, Deus, similis tui, qui aufers
iniquitatem, etc. ... deponet iniquitates nostras,
projiciet in profundum maris omnia peccata
nostra, etc.



Créd adeir NAHUM ar Chríosd?



Innsidh mur tháinicc síthcháin go talamh na
Iudaigheach tar éis báis Shennacherib mhallaighthe,
mur sin, iar gclaoidh an diabhuil do
Chríosd, gur fhuagair na hapsdail síthcháin Dé
le teagusg an tSoisgéil is gach áit don domhan:
ecce super montes pedes evangelizantis, et annunciantis
pacem.



Créd adeir HABACUC le Críosd?



Isan dara caib. réimhinnsidh teacht an
Mheisiah ag rádh, “seasfaidh mé ar mo choimhéd,
agus seasfaidh mé ar an ttor, agus aireócha mé d'fhéchuin
créd dérus sé liom agus créd fhreagórus mé ...
Agus adubhairt an Tiaghearna, “Sgríobh an
fhís agus déna soléir í ar chláraibh, ionnus go ritheadh
an té léighios í. Atá fós an fhís cian uainn, acht
fá dheóigh tiocfaidh sí isteach agus ní dhenfaidh sí
brécc; acht má tá gur mall, fan léidh, tiucfaidh
sí go deimhin, ní anfa sí.” Ag so mur deir an


L. 59


téx Laidne: super custodiam meam stabo, et
figam gradum super munitionem, et contemplabor
ut videam quid dicatur mihi ... Et respondit
mihi Dominus et dixit: scribe visum et explana
eum super tabulas, ut percurrat qui legerit eum.
Quia adhuc visus procul est, et apparebit in finem,
et non mentietur; si moram fecerit, expecta illum,
quia veniens veniet, et non tardabit. Ecce qui
incredulus est, non erit recta anima ejus in semetipso;
justus autem in fide sua vivet. Agus tar cheann
go raibh 617 mbliadhna idir fhriotal na fáisdine
so agus aimsir a coimhlíonta, níor mheas an fháidh
ar a raibh aire ar na bliadhantaibh síorruidhe
gurbha haimsir fhada sin: quia annos aeternos
in mente habuit; agus uime sin bheir le tuigse gibé
haon nach gcreidfeadh an Mesias a bheith ag
teacht nach beith grádh ag Dia air.



Isan treas caib. labhraidh go fáthchiallach
mórán do neithe cathréimeach ar Críosd, agus goirthear
Óráid nó Caintic Habacuc don chaibidil se.
Molaidh trócaire an tSlánaightheóra, mur
dotháinicc le tártháil chum an chine daonna an tan
dobhádar uile arna ttruailliughadh le gach gné
pheacaidh. Adeir sí fós gur chuir sin eagla agus
uathbhás mór air: Domine, audivi autitionem
tuam, et timui. Domine, opus tuum in medio
annorum vivificá illud; in medio annorum notum
facies; cum iratus fueris, misericordiae recordaberis.


L. 60


Tráchtaigh iar sin go háthasach ar an
mbuaidh iomláin do-bhéradh sé ar an diabhal:
ante pedes ejus ibit mors, egredietur diabolus ante
pedes ejus. Agus tar éis móráin eile molta do
thabhairt dó, adeir go molfadh féin do shíor é,
do bhrígh gurab é féin an neartmhur lér brisadh
agus lér blodhadh cuibhreachaibh na bpeacach i
ttús na hEaguilse, agus dá éis sin dothug áilghios
agus mian do chách le siubhal go lúthgháireach i
slíghe na n-aitheanta; gurab é fós bhérus an
ghlóir shíorruidhe mur thuarusdal da gach fíréin,
agus gur mur sin do-ní le gach aon dá ttarraingionn
ó dhroch-staid na bpeacaidhe go staid na ngrás:
ego autem in Domino gaudebo; et exultabo in
Domino Jesu meo. Deus Dominus fortitudo mea
(et) ponet pedes meos quasi cervorum; et super
excelsa mea deducet me victor in psalmis canentem.



Créd atá ag SOPHONIAS ar Chríosd?



Réimhinnsigh eiséirighe Chríosd ó bhás agus an
staid i mbiaidh an domhan do-chreidmheach dá
éis sin. Óir adeir, “bíodh foighid aguibh (i bpearsainn
Chríosd labhrus) nó go ttí lá m'eiséirghe,
óir is mian damh na cineadhachaibh agus na críochaibh
do chruinniughadh, go ndóirtidh mé mo
dhíbhfeirg orra agus mo bhorb-fhearg uile, óir loisgfidhar
an uile thalamh le tinidh m'euda”: expecta
me, dicit Dominus, in die resurrectionis meae ...
quia iudicium meum ut congregem gentes et colligam


L. 61


regna, et effundam super eos indignationem meam,
omnem iram furoris mei; in igne enim zeli mei
devorabitur omnis terra.



Do-bheir résún dá éis uaidhe, mur nárbh fhiú
iad trócuire do dhénamh orra, tar éis gur chuir
teangthacha glana dá tteagasg chum go mbeithidís
uile ar aen-toil agus ar aen-aigne créidigh
nárbh áil leó éisdeacht riú ná géilleadh dháibh:
quia tunc reddam populis labium electum, ut
invocent nomen Domini, et serviant humero uno.
Má chuirmíd cuing Chríosd ar ar ngualainn dá
hiomchar, cuirfidh seision a ghuala féin a' congnamh
linn; má chuirmíd ar nguala fóna chroich,
cuirfidh seision a ghuala ar an taobh eile dhi dá
hiomchar linn, agus ní léigfidh leath-trom oruinn.



Adeir fós, i bpearsainn an tslánaightheóra go
mbeidh lucht adhartha agus umhlachta do dhénamh
dhó, go mbeith fós daoine bochta uireasbhacha
ann a lár do chuirfeadh a ndóchas ann, agus sin ar
an taobh thall agus a bhos do shrothaibh na hEtiopia,
tar éis an phobail Iudaigheach do dhiúltadh dhó:
ultra flumina Aethiopiae, inde supplices mihi. ...
Et derelinquam in medio tui populum pauperem et
egenum; et sperabunt in nomine Domini. Dob
fhéidir naoimh agus díthreabhaigh na bhfásaighibh
do thuigsin leis na daoine bochta díghbhálacha so,


L. 62


mur bhí S. Antonius agus a chomhluadar naomtha
i bhfásach na Thebaide.



Créd adeir AGGEUS le Críosd?



Adeir sé i bpearsainn Dé isan dara caib. “tamall
beag fós (.i. i gceann 471 bliadhain, dá ngoirionn
tamall beag do bhrígh gur lugha míle bliadhain i
radharc Dé ná ó 'né go 'niugh imeasg na ndaoine:
quoniam mille anni ante oculos tuos tanquam dies
hesterna quae praeteriit, Psalmo 89,v.4, “óir míle
bliadhain tar éis dul thort táid id láthair mur
an lá 'né”) agus cuirfidh (mé) neamh agus talamh ar
gluasacht, an mhuir agus an tirim-thalamh; cuirfidh
mé na cineadhachaibh uile ar gluasacht, agus
tiucfaidh mian na gcineadhachaibh, agus líonfaidh
mé an teagh sin le glóir, agus budh mó glóir an tighe
dhéighionaigh sin ná an chéid-tighe” (.i. búdh
mó glóir Eaguilse Críosd ná na Sinagóige). Ag
so mur deir an téx Laidne: adhuc unum modicum
est, et Ego commovebo coelum et terram et mare et
aridam. Et commovebo omnes gentes, et veniet
desideratus cunctis gentibus, et implebo domum
istam gloria ... Magna erit gloria domus istius
novissimae quam primae.



Ciallaighthear le mian na gcineadhach, .i.
desideratus gentibus, Críosd ar Slánaightheóir
chuirfios an domhan ar gluasacht ag tabhairt
malairt reachta agus dlighe dháibh; agus béidh glóir
mhór isan Eagluis, .i. corp agus fuil an tSlánaightheóra
is beatha dhí; agus goirthear an teach


L. 63


déighionach dhi, do bhrígh nach ttiucfaidh
aen-eagluis eile 'na diaidh ar an tsaoghal so go
bráth, óir ní léigfidh féin a claoidh ná a truailliughadh
go bruinne an bhrátha: portae inferi
non praevalebunt adversus eam .... Ero vobiscum
usque ad consumationem saeculi, etc.



Créd adeir an fháidh SACHARIAS air Chríosd?



Atá an fháidh so fós lán do rúndiamhraibh ar
Chríosd. Isan .2. caib. labhraidh go soléir ar
Shacrameint Chuirp an Tiaghearna, mar árdaighios
meadhair agus lúthgháire na muintire chaithios
go glan é. Ag so mur adeir, “can agus gáirdigh,
a inghean Shióin, óir féch, tháinicc mise agus coimhneócha
mé ann do lár, adeir an Tiaghearna (.i. Íosa),
agus ceangeólaidh mórán cineadhacha leis an Tiaghearna
an lá sin, agus beidh 'na bpobal agum-sa, agus
áitreócha mise ann do lár-sa, agus aithneócha tú
gurb é Tiaghearna na slógh do chuir chugad mé:
lauda et laetare, filia Syon, quia ecce ego venio, et
habitabo in medio tui, ait Dominus. Et applicabuntur
gentes multae ad Dominum in die illa,
et erunt mihi in populum, et habitabo in medio
tui; et scies quia Dominus exercituum misit me
ad te, dícit Dominus.



Isan .9. caib. réimhinnsidh dul Chríosd go
cathair Ierusalem, agus mur do fhuasgail na haithreacha
naomhtha as Liombo nó as ifrionn na
n-aithreach naomh, a dhála fós agus a ghníomhartha


L. 64


ó Dhomhnach na Pailme go lá a dheasghabhála.
Exulta satis, filia Syon, iubila, filia Ierusalem:
ecce rex tuus veniet tibi justus et salvator; ipse
pauper, et ascendens super asinam, et super pullum
suum filium ejus. Et disperdam quadrigam ex
Ephraim, at equum de Ierusalem; et dissipabitur
arcús belli, et loquetur pacem gentibus, et potestas
ejus a mari usque ad mare .... Tu quoque in
sanguine testamenti tui emisisti vinctos (tuos) de
lacú in quo non est aqua. Convertimini ad munitionem
(ad coelum), vincti spei; hodie annuncians
quoque duplicia reddam tibi: “urgháirdigh do
dhaoithin, a inghean Shióin; dén lúthgháire, a
inghean Ierusalem: féch tá do rígh ag teacht
chugad, atá sé ceart agus slánughadh aige, go huirísiol
ag marcaighacht ar asal agus ar bhromach, searrach
asail. Agus gearrfaidh mé an carbad ó Ephraim,
agus an t-each ó Ierusalem, agus gearrfuidhear amach
bogha an chatha, agus laibheóraidh sé síthcháin ris
na cineadhachuibh, agus biaidh a ríghacht ó mhuir
go muir. Ar do shon-sa fós le fuil do thiomna,
nó do chunnartha, do chuir mé amach do phríosúnaigh
as an locc ann nach bhfuil uisge. Fillidh-se
chum an chaisleáin láidir, sibh-se tá ceangailtigh
le dóchus; aniugh fhoillseóchus mé go ndíolfaidh
dúbalta.



Réimhinnsidh fós buaidh na n-apsdal ar neart
an domhuin dhíchreidigh: Dominus exercituum


L. 65


proteget eos; et devorabunt, et subjicient lapidibus
fundae; inebriabuntur quasi a vino, etc. Quid
enim bonum ejus est, et quid pulchrum nisi ejus
frumentum (.i. Eucharistia) electorum et vinum
germinans virgines? Etc.



Má léighionn tú fós an .11. caib. gheubhair
teasdus ar aodhairacht ionnraic Chríosd, agus ar
aodhaireacht éigceart amadánaigh an Antichríosd
ann.



Isan .13. caib. tráchtaigh ar shochair pháise
an tSlánaightheora: in illa die erit fons patens
domui David, .i. tobar na ngrás d'fhosguil an
Slánaightheóir. Réimhinnsidh fós, mur do thréig
na hapsdail ar Slánaightheóir an tan do gabhadh
é: percute pastorem, et dispergentur oves.



Tráchtaigh fós isan .12. caib. ar phianta agus
ar dhóláis an tSlánaightheóra, agus mórán ag dénamh
truaighe dhó. Et plangent eum planctu quasi
super unigenitum, et dolebunt super eum ut doleri
solet in morte primogeniti. Ag so mur deir, vers.10,
“Agus dóirtfidh ar thigh Dháibhí agus ar a lucht
áitrighthe spiorad na ngrás agus na heidirghuidhe,
agus féchfuidh oram-sa, an té do chésadar, agus caoifidh
ar a shon, mur chaoidhios duine ar son aein-mhic,
agus beidh siad i ndoilghios ar a shon amhuil mur
bhíos duine i ndoilghios ar son a chéd-gheine.”



Créd adeir an fháidh MALACHIAS ar Chríosd?
Óir is mór imdheargas sé peacaidhibh na sagart.


L. 66


Isan gcéd-chaibidil réimhinnsidh iodhbhairt an
Aifrionn do bheith ro-thaithneamhach ag Dia,
óir tar éis imdheargtha do thabhairt do shagairt
a aimsire féin dhó, tré na hiodhbartaibh
mí-dhlistionacha mí-dhúthrachtacha do-níodh siad,
adeir riú go n-abair Tiaghearna na Slógh leó,
“ní bhfuil taithneamh ar bith agum ionnaibh,
ní mó ghlacfus mé ofráil as bhur lámha”: non
est mihi voluntas in vobis, .... et munera non
suscipiam de manu vestra.



Annsin adeir go ndénfaidh malairt sagartacht
agus iodhbartha ag rádh, “ó éirghe gréine go fuineadh,
beidh m'ainm mór imeasg na gcineadhhach;
dhénfar iodhbairt agus ofráil ghlan ann gach áit
dom ainm”: ab ortu solis usque ad occasum,
magnum est nomen meum in gentibus; et in omni
loco sacrificatur, et offertur nomini meo oblatio
munda.



Réimhinnsidh isan treas caib. go ttiucfadh
Eóin Baisde 'na réimh-theachtaire roimh Íosa,
agus go mbeith an Slánaightheóir arna thabhairt
isan teampaill lá coisriogtha Mhuire do réir
dhlighe an tsean-rachta. Goiridh “aingiol” do
Eóin, óir is ionann “aingeal” agus “teachtaire.”
“Féch, cuirfidh mé m'aingeal, ag ullmhughadh
na slighe romham, agus tiucfaidh an Tiagharna neoch
iarthaoi go hobann dá theampall; féch tiucfa


L. 67


sé,” ar Tiaghearna na Slógh; “acht cia fhédas
lá a theachta do smaoineadh”?” ecce ego mitto
angelum, et praeparabit viam ante faciem meam,
et statim veniet ad templum sanctum suum Dominator
quem vos quaeritis et angelus testamenti,
chiallaighios, teachtaire an Tiomna Nuaidh tá
sibh 'iarraidh: quem vos vultis: ecce venit, dicit
Dominus exercituum: et quis poterit cogitare
diem adventus ejus, .i. cia lér féidir méd an
chrábhaidh agus an chaoin-dúthracht, créd an
urnaighthe agus an úmhlacht, lér ofráil é féin isan
teampall naomhtha don Athair Síorruidhe d'fhaisnéis?
Cia fós lér féidir méd an taithneamha do
bhí ag an Athair Síorruidhe isan ofráil fhíorghlain
sin d'fhaisnéis agá fhreagra do réir mur
ba mian leis: quis stabit ad videndum eum?



Isan .4. caib. do-bheir teisd ar lá an bhreitheamhnuis
ndéighionaigh lé gcuirionn i gcéill an
t-eidirdhealbhadh atá idir a bheith aindlightheach
nó fírénta, etc. Ag so mur adeir: “Féch,
tiucfaidh an lá loisgfios mur theinidh, agus beidh
lucht dénta na hurchóide uile 'na gconnlach, agus
loisgfidh an lá thiucfas iad,” deir Tiaghearna na
Slógh, “gan frémh ná síol d'fhágbháil díobh.
Acht díbh-se ar a bhfuil eagla m'anama-sa, éireóchaidh
grian an cheirt, nó an ionnracuis, agus


L. 68


beidh leighios ann a sgiathánaibh.” Ecce enim
dies venit succensa quasi ignis; et erunt ....
omnes facientes impietatem stipula; et inflammabit
eos dies veniens, dicit Dominus exercituum,
quae non derelinquet eis radicem et germen. Et
orietur vobis timentibus nomen meum sol justitiae,
et sanitas in pennis ejus.



Cuiridh síos 'na dhiaidh sin dúinn méd an
gháirdiochais bhias ar an dream bheannaighthe
so ar n-éirghe do ghrian an cheirt, ag rádh:
“dénaidh léimnigh mur laogh bíata; sailteóraigh
sibh ar na ciontachaibh mur luaithreadh fór
gcosa: egrediemini, et salietis sicut vitulus de
armento; calcabitis impios, cum fuerint cinis
sub planta pedum vestrorum, in die qua ego facio,
dicit Dominus exercituum. Óir cuirfidh ceart-dhíoghaltus
Dé an uair sin lúthgháire ar na fíréin
mur deir an rígh-fháidh, Psal. 57: laetabitur
justus cum viderit vindictam.



Tabhair dod aire, a léughthóir, go labhrann
na fáidhibh isan aimsir a láthair dá chur i gcéill
go mbíodh na neithe do ghealladís le teacht comh
dearbhtha agus mur bheith do láthair.



Do-chídh tú, a léighthóir, as na bladha beaga
so don tSean-tiomna do chraobhsgaoilios duit
nach raibh d'fheidhm ná d'obair leis na Príomhaithriochaibh
dá ngoirthear na Patriarcaibh, ná


L. 69


leis na fáidhibh do labhair isan tean-reacht,
acht chum anma na Bréithre Ioncholnaidhe, .i.
Mhic Dé, d'onórughadh agus d'ard-fhriotal don
domhan. Ní raibh, adeirim, feidhm ná obair ag
Dia le tabhairt dáibh bá taithneamhaigh leis
ná a aon-Mhac d'adhradh agus d'árdmholadh ar
feadh na n-aimsior. Do-chí tú fós, créd an díoghruis
agus an teinidh ghráidh dobhíodh arna hadhnadh
ionnta an tan do lábhradís air; óir dobhídar
ag leagha le tnúth agus le mían a fhaicsin lena súile
corpordha, mur do-chonncadar go spioradálta é;
agus níorbh iongnadh sin, do bhrígh go bhfacadar go
soléir nach raibh slánaightheóir ar bith eile le
fagháil acht é amháin: emitte nobis Dominum
Salvatorem terrae.



Ní mur sin, monuar, atá mórán anois! Ní
híad amháin lucht ainbhfis, acht daoine lithiordha
léighios Scriptúir an tSean-tiomna le cúirialtacht
gan spiorad crábhaidh ná umhlacht, bhíos arna
ndalladh comh mór sin le huabhar agus le hainmhiana
nach bhfaghann blas ná boladh an tSlánaightheóra
tá fó chairt gach aen-leitre dhe ann, acht
le béil bhaotha bharbardha agus le aithiosgaibh
dia-aithisiocha thigid uadha. So an dream imdheargus
Pól, ad Rom 1: sine affectione, etc. ....
Dicentes enim esse sapientes, stulti facti sunt.
Óir créd fá léighfeadh aon-neach an Sean-tiomna
acht le Críosd d'iarradh agus d'fhagháil, óir is é is
cosbóir phrionsapálta dhó?


L. 70


Gidh eadh, a Thiaghearna do gheall na cineadhachaibh
mur oighreacht dod Mhac grádhach,
tabhair dhúinn a iarraidh agus a fhagháil annsa
léughtheóracht naomhtha so, do bhrí gurab é is
ábhacóid agus is eadarghuitheach eidrainn agus tú;
osgail ar súile; líon dá ghrádh sinn; tabhair
dhúinn sinn féin agus ar saothair go hiomlán d'fhoráil
dó, agus eision dár nglacadh mur iodhbhairt
thaithneamhaigh 'na fhiadhnuis. Glacadh, a
Thiaghearna, ar ccroidhtheachaibh, ar mbriathra
agus ar ngníomhartha; tugadh dhúinn fós gach
uile dhuaigh, gach uile dhólás, gach uile phian,
agus gach uile leathtrom d'fhulang go fonnmhur
ar an tsaoghal so chum go bhfaiceadhmís ann a
ghlóir id láthair-se é, go mbeithmís dár n-adhradh
agus dár n-adhmholadh le saoghal na saoghal. Amén.



AN .8. ALT
THRÁCHTAS GO HATHGHEARR AR LEABHRAIBH AN
TIOMNA NUAIDH.



Is é ní dá ngoirthear an Tiomna Nuadh na
leabhra dothug an Spiorad Naomh síos tar éis
an Slánaightheóir do theacht ar an tsaoghal, agus
do sgríobhadh dochum an chreidigh Chríosdeamhuil
d'fhoillsiughadh agus do theagasg don


L. 71


chine daonna, lena súile d'fhosgladh chum aithrigh
do dhénamh ar son na bpeacaidhe dhár dhóirtiodar
iad féin go n-uige sin, agus le fuar-leitir fholamh-dhlighe
an tsean-reachta do thréigion, agus dlighe
na ngrás do ghlacadh, mur fhógras Críosd féin
dáibh, Marci 1: penitemini, .i. tréigidh an
sean-dlighe; credite Evangelio, .i. dom dhlighe-se
chuirios leitir an tsean-rachta ar gcúl.



Is uime goirthear Tiomna Nuadh dhe, mur nach
ionann é agus an Sean-tiomna, nó do bhrígh go
músglann spiorad an dlighe Chríosdeamhuil lasair
agus caoin-dúthracht ghráidh isan dream thuigios
go maith é. Biaidh 'fhiadhnuis sin ar Phól apsdal
ad Rom.,8,v.35, adeir: quis ergo nos separabit
a caritate Christi? tribulatio? an angustia? an
fames? an nuditas? an periculum? an persecutio?
an gladius?



An Soisgél arna sgríobhadh leis an gceathrar
soibhisgél obair is oirdheirce don Tiomna Nuadh,
agus fós do sháraigh an mhéid do sgríobhadh riamh
i gcathréim agus i ttairbhe, óir is iad na ceithre
leabhair sin is carbad iomchair do Chríosd imeasg
chineadhacha agus chríochaibh an domhuin, mur
deir S. Augustinus, lib.1, De Consensu Evangelistarum,
cap.7.



Tar cheann go gcuirid an ceathrar soibhisgél
gníomhartha agus euchtaibh an tSlánaightheóra síos
go heidirdhealbhthach do réir ordaigh agus aimsire,


L. 72


tig siad re chéile is gach aen-phonc ar mhodh nach
bhfuilid i n-aen-fhocal amháin conntrárdha dhá
chéile mur deir S. Aug. De Consens. Evangelistarum.
Níl amhrus ná go bhfuil neithe arna
gcur síos ag aon díobh nach gcurthar síos le haon
eile, agus má chuirionn aon eile dhíobh ní síos go hathchumair,
cuiridh aon eile dhíobh níos iomláine
ná sin síos é, do réir mur do threóraigheadh an
Spiorad Naomh iad fó seach.



Fiafraighid aroile créd an riachtanus dobhí
le ceathrar do sgríobhadh an tsoisgéil fó leith,
óir do bhrígh nach bhfuil ann acht aon-tsoisgél
amháin, gur leór a bheith arna sgríobhadh dhó
le haon-duine amháin acu. Freagraim-se gurab
uime do ordaigh Dia don cheathrar a sgríobhadh
fó leith mur bharr cruthaighthe ar fhírinne an
tsoisgéil, óir do bhrígh nach a bhfochair a chéile
ná ó a chéile do sgríobhadar é, níorbh fhéidir
dhóibh a bheith ar aon-sgél agus ar aon-fhocal go
hiomlán muna mbeith gurab aen-ughdar amháin
prionnsapálta, .i. an Spiorad Naomh, thug síos
dáibh é; agus atá tairbhe mhór ann, óir an ní bhíos
dorcha do-thuigse ag aon díobh, bí soiléir so-thuigse
ag aon eile dhíobh. Ní raibh fós aon díobh
fó leith nach raibh mian agus inntinn áirighthe aige le
neithe áirighthe do chraobhsgaoiladh go follasach,
óir ba hí intinn phrionsapálta Mhatha, do sgríobh
ar ttús, agus i n-Abhruis, a chruthughadh gurbh é


L. 73


Críosd an Mesias nó an tairngearthach dobhí dá
ghealleamhuin i mbél na bhfádh ó thús na n-aimsior
agus ba coisbóir phrionnsapálta don tSean-tiomna;
agus dá bhrígh sin is é is mionca chuirios
i gcéill, ag trácht ar ghníomharthaibh Chríosd,
gurab uime thárla sin, dochum ráidhtibh na
bhfádh do choimhlíonadh: ut adimpleretur quod
dictum est, etc. Is uime sin a curthar síos i bhfighair
dhuine é.



Marcus, do sgríobh níos athchuimre ná Matha,
tráchtaigh sin ar chumhachta agus ar mhíorbhuile
Chríosd go sunnradhach, agus is uime sin curthar
síos dúinn i bhfighair leóghuin é.



Labhraidh Lúcás níosa mhó ná aon eile dhíobh
ar cheannsaighacht agus ar thrócuire Chríosd ag
leighios galar, othar, agus easláintibh, is gach ionad,
agus uime sin curthar síos dúinn i bhfighair nó i
gcosmhuilacht laoigh cheannsaigh é.



Cruthaigh Eóin diadhacht an tSlánaightheóra agus
a aondacht leis an Athair Síorruidhe i n-aghaidh
na n-eiritigeach do shén a dhiadhacht, agus is uime
sin curthar síos dúinn i bhfighair ilair é, óir, mur
is neamhghnáthach leis an ilair tuirling ar an
talamh, is mur sin d'éirigh Eóin do dhruim talamhan
agus do-chuaidh suas ar fad i mbuaic na bhflaithios
ag tabhairt teasduis ar an Trínóid.



Adeirid aroile gurab uime curthar Matha ar
ttús i bhfighair dhuine do bhrígh go ttráchtann
ar Chríosd do réir a nádúire agus a gheinealach


L. 74


dhaonna. Curthar Marcus i bhfighair leóghan
do bhrígh go ttosaighionn a shoisgél le seanmóir
Eóin Baiste ar an bhfásach ag cur uathbháis
mur ghuth leóghuin chíocraigh ar na peacachaibh.
Tosaigh Lúcás le hiodhbairt an tsagairt Zacharias,
agus is uime sin curthur síos i bhfighair mairt nó
bó é, .i. beathadhach dobhíodh dá hiodhbhairt
go gnáthach ag na Iudaighibh. Agus do bhrígh
gur éirigh Eóin suas go hárd, mur dubhrus cheana,
ag trácht ar dhiadhacht an tSlánaightheóra i
ttús a shoisgéil, ag rádh in principio erat
Verbum, curthar síos i bhfighair ilair é.



Ní leór do neoch ar bith lér mian an soisgél
do leughadh an chiall litiordha do thuigsin, acht
is riachtanus dó na rúndiamhra móra tá fó
chairt na bhfocal ann do spíonadh agus do thuigsin,
agus is mur sin atá gach cuid eile don
Scriptúir.



Má ghlacann tú an soisgél do réir mur tá arna
sgríobhadh le gach aon dona soibhisgéil fó seach,
nó má ghlacann tú é ann féin go hiomlán, ní
bhfuighe tú do choisbóir iomlán aige acht: 1
geineamhuin an tSlánaightheóra do réir a dhiadhacht
agus a ioncholnadh míorbhuileach mar aon rena
choimpreadh (Ag sin a chéd-theacht); 2 a
dhála agus a ghníomhartha cona theagaisg iongantacha
i n-aois leanabaidhe, i n-aois ógáin, agus i
n-aois fhearrdha imeasg na ndaoine; 3 a bhás,


L. 75


a pháis, agus a imtheacht as an tsaoghal; 4 a theacht
ar ais go glórmhur leis an eiséirghe.



Ní mheasaim gur riachtanus damh na neithe
so do chraobhsgaoile níos forleithiodaighe annso,
do bhrígh go bhfuighe an léightheóir i stair an
Tiomna Nuaidh is rún damh a sgríobhadh iad.



Do sgríobh an soibhisgél Lúcás leabhar curthar
síos isan Tiomna Nuadh, dá ngoirthear Gníomhartha
na n-Apstal, .i. gníomhartha dála agus iomthúsa
na n-apsdal agus na ndeisgiobal i ndiaidh pháise agus
dheisgabhála an tSlánaightheóra, ar nach ttráchtad
nísa mhó annso, do bhrígh, mur is leabhar starthamhail
é, go bhfuighir i Stair an Tiomna Nuaigh
é. Acht do bhrígh nach beanann eipistilibh
Phóil apsdail, ná na heipistlibh canónta do sgríobh
cuid eile dona hapstlaibh, leis an stair, is mian
liom tráchta athchumair do dhénamh annso
orra.



AN .9. ALT
AR EIPISTILIBH PHÓIL, ETC.



Do sgríobh Pól xiiii eipistil: aon acu chum na
Romhánchaibh; a dó chum na gCoirintíneach;
aon chum na nGalatach; aon chum na nEphesíneacha;
chum na Philipíneacha aon; chum
na gColosíneacha aon; chum na Thessalonenses


L. 76


a dó; dochum Thimot dá eipistil; chum Títuis
aon; chum Phileméin aon; agus aon chum na
nEabhraighach.



Do-bheir Peadar apsdal teisd orra so isan
treas caib. don dara heipist. do sgríobh sé, ag
rádh go raibh mórán do neithe do-thuigse ionnta
do mhillfeadh daoine neamh-fhoghlamtha neamh-fhoirfe
ann a gcreideamh: quaedam sunt difficilia
intellectu, quae indocti et instabiles depravant.
Agus deir sé gur mur sin do-ní an chuid eile don
Scriptúir leó: sicut et caeteras Scripturas ad suam
ipsorum perditionem.



Trí hádhbhair phrionnsapálta dobhí ag Pól
leis an obair so 'chríochnughadh: an céd-adhbhar,
chum na ndaoine do mhúsgladh leis an
gcreideadh cheart darab anam an charthannacht
dhiadha do ghlacadh; an dara hádhbhar, chum
cáich do tharraing óna ndroch-bhésaibh, agus na
deagh-bhésaibh do leanmhuin; an treas ádhbhar,
chum móráin do cheasdaibh cruaidhe d'fhuasgladh,
do chuir buaidhreadh mór ar a lán an
tráth sin.



Créd ar a ttráchtann ann a ÉIPISTIL CHUM NA
RÓMHÁNACH?



I ttús na heipistile so ar feadh aen-chaibidil
décc, tar cheann nach dénann comhcheangal
eatorra, cruthaigh sé le résúnaibh láidire méd an
riachtanuis atá ag gach aon-duine don domhan le


L. 77


creidiomh i gCríosd, agus isan gcuid eile dhi tá ag
teagusg deagh-bhés dáibh.



Isan gcéd-chaibidil tar éis beannughadh
dháibh agus iar gur i gcéill méd na miana dobhí
aige leis an soisgél do theagasg dáibh, innsidh go
frithir agus go fírinneach dháibh go raibh na cineadhachaibh
dá ngoirthear na Geintíligh ag imtheacht
le harráid, le seachrán, le gach gné uilc agus urchóide
ó gach mí-bhés go a chéile, d'easbaidh an chréidigh
bheódha budh chóir dháibh 'bheith isan Slánaightheóir
acú. Agus iar sin turlingidh sé ar aindlighe
na Rómhánach dá ttug Dia ceannus ar urmhór an
domhan, agus an tan dobhídís ag tabhairt
bhreitheamhnuis ar an gcuid eile don domhan go
rabhdar féin lán d'aindlighe agus do mhí-bhésa, agus
nach raibh dream eile ba mó cionta ná íad féin.
Agus tóigidh a gconsiais féin mur fhiadhnuise 'na
n-aghaidh, mur mhínighios dáibh isan dara caibidil,
áit i ttosaighann ar pheacaidhibh na Iudaigheach
d'imdheargadh. Agus leanaidh dhe sin gusan
treas caibidil, áit i n-innsionn dáibh tar cheann
go ttug Dia mur chathréim dháibh cumhdach a
leabhar ndiadha do bheith acu, go rabhdar ann
gach gné pheacaidh comh ciontach leis na cineadhachaibh
eile agus go rabhdar comh líonta le corthachaibh
agus le mailís leó, agus gur theasdaigh grása agus
trócuire Chríosd uatha mur do theasdaigh ó na
cineadhachaibh eile. Ag so mur deir: non enim


L. 78


est distinctio; omnes enim peccaverunt, et egent
gloria Dei, justificati gratis per gratiam ipsius,
per redemptionem quae est in Christo Iesu. Agus
dá bhrígh sin iarraidh orra an uaill do thréigion
lér mheasadar iad féin do árdughadh i gcathréim
ós cionn na gcineadhach eile, do bhrígh gurab ag
Críosd amháin dobhí slánughadh gach duine idir
Iudeach agus Ghrégach, lé ttuigthear na
cineadhachuibh uile, do bhrígh go raibh siad
uile lán do pheacaidhibh.



Cruthaigh an t-apsdal gur riachtanus do
gach aon creideadh i gCríosd agus a ghrádh iomlán
do thabhairt dó. Agus is chum sin do chur i gcéill
adeir gurab é an creideadh beódha líonta do
ghrádh Chríosd do shlánuigh agus do naomhaigh
Ábraham. Ag so mur adeir: non ex operibus,
“ní le hoibreacha” (an dlighe, .i. an tsean-rachta)
acht leis an gcreideadh lér chreid an Slánaightheóir
do bheith re teacht: quid enim dicit Scriptura?
Credidit Abraham Deo et justificatus est;
agus is ar an ní sin thráchtus isan gceathrughadh caib.
go hiomlán.



Cruthaigh an ní cédna do bhrígh gur mór
an grádh dobhí ag Críosd oruinn, óir gur leasaigh
agus gur leighis na loit agus an choir dhamanta do
tharruing peacadh Ádhaimh ar an gineadh
dhaonna, óir mur dotháinicc mórán peacach as
easumhlacht aon duine amháin, dotháinicc
mórán fírén as umhlacht an aon-duine, .i. Críosd:


L. 79


sicut (enim) per inóbedientiam unius hominis
peccatores constituti sunt multi, ita (et) per unius
obedientiam justi constituuntur multi. Ag sin
mur labhrus isan gcúigeadh caib. ad Rom.



Adeir isan seiseadh caib. mur nach baoghal
do Chríosd iarna eiséirghe go glórmhur an dara
bás d'fhulang arís go bráth, nach cóir do Chríosdaigh
bhés arna athbhreith le huisge agus le grásaibh
an bhaisdeadha tuitim arís i mbás coire na seanpheacadh.
Agus tuig gur lugha ná sin budh
chóir don dream bhíos arna n-athbheódhadh le
huisge agus le Sacrameint na haithrighe. Ag so mur
adeir: consepulti enim sumus cum illo (cum
Christo), .i. “do comh-adhlacadh sinn re Críosd,
per baptismum in mortem, .i. “leis an mbaisdeadh
chum báis,” .i. chum báis na bpeacadh, ut quomodo
Christus surrexit a mortuis per gloriam Patris, ita
et nos in novitate vitae ambulemus.



Isan seachtmhadh caib. cruthaigh sé dlighe
Mhaoise bheith arna ghairm ar ais agus cách do
bheith saor uaidhe le dlighe Chríosd do theacht
ann a ionad, lér sgriosadh fós reacht na n-ainmhian
gcorpardha, do bhrígh go ttug Críosd
neart na ngrás lena gclaoidh, agus le cur 'na n-aghaidh
do ghnáth, agus gur sgaoil ó chuing an dlighe sinn
do réir mur sgaoiltear bean ó chuing a pósda le
bás a fir. Ag so mur adeir: Infaelix ego homo.
Quis liberabit me a corpore mortis huius? Gratia
Dei, per Iesum Christum Dominum nostrum.


L. 80


Adeir gibé haon agá mbeith an spiorad
gráidh agus caoin-dúthracht do-bheir Íosa
do Dhia nach beith easbhaidh ar bith air, agus nach
ttiubhradh eagla phianta ná báis air go bráth
gan dlighe agus reachtaibh Dé do choimhlíonadh
go fonnmhur. Is ar an spiorad cédna so labhrus
Eóin, cap. 7: quem accepturi sunt credentes. Ag
so fós an teisd do-bheir Pól annso air, cap. 8:
Nihil ergo (nunc) damnationis est iis qui sunt in
Christo Iesu, qui non secundum carnem ambulant
.... Quicunque enim Spiritu Dei aguntur ii sunt
filii Dei, etc. Similiter (autem) et Spiritus adjuvat
infirmitatem nostram; nam quid oremus, sicut
oportet, nescimus; sed (ipse) Spiritus postulat
pro nobis gemitibus inenarrabilibus, etc. ... Nam
quos praescivit, et praedestinavit, etc.; agus 'na
dhiaidh sin adeir le hiomad díoghruis gráidh:
Quis ergo nos separabit a caritate Christi? etc.



Innsidh an t-apsdal mur do thréig Dia
na Iudaighibh agus mur do dhiúlt sé dháibh do
bhrígh nár chreidiodar i gCríosd, tar cheann gur
ghoir Dia orra; agus iar labhairt mhóráin ar cheart
agus ar chumhachtaibh Dé dhó, agus fós ar a thrócuire,
mur dothug gairm agus grásaibh móra ionganthacha
dona cineadhachaibh Geintíleacha uile mur nár
shíl na Iudaighibh, adeir sé go hiongantach:
Quid ergo dicemus? Quod gentes quae non sectantur


L. 81


justitiam apprehenderunt justitiam .... Israel
vero sectando legem justitiae non pervenit. Quare?
Quia non ex fide sed quasi ex operibus; offenderunt
enim in lapidem offensionis, sicut scriptum
est: Ecce pono in Sion lapidem offensionis et
petram scandali; et omnis qui credit in eum non
confundetur. Amhuil agus mur deuradh, is uime do
dhiúlt Dia dhíbh agus do thréig sé sibh do bhrígh
nár dheóin sibh Críosd ná a dhlighe do ghlacadh
i n-ionad a bheith ag greamughadh do dhlighe
Mhaoise tar éis a bheith arna ghairm ar ais agus
coimhlíonta le teacht Críosd dhó; agus is uime sin
adeir an t-apsdal cédna, Actor.cap.13, Quoniam
indignos vos judicatis aeternae vitae ecce convertimur
ad gentes; et Apocalip. 3, Tene quod habes
ne alius accipiat coronam tuam.



Résún eile do-bheir dhúinn le grádh díoghruisach
do thabhairt do Chríosd do bhrígh go
ttug cuire agus gairm don domhan uile go coitcheann
gan leathchuma do dhénamh ar aon seach a
chéile: non est distinctio, Iudaei et Graeci, nam
idem Dominus omnium, dives in omnes qui invocant
illum, etc., agus dá bhrígh sin nach raibh leithsgél
ag aon-neoch acu le gan teacht dá ionnsaighe.



Adeir sé gurab uime fuair na cineadhachaibh
oighreacht an Athar Shíorruidhe do
bhrígh gur dhiúlt a chlann dhílis dhlistionach,
.i. na Iudaighibh, dhí, agus uime sin adeir riú a congbháil


L. 82


go daingion ó fuaradar í, óir nárbh usa le
Dia na geuga nádúrtha do ghearradh do chrann
na hola ná na géuga coimhigheacha dobhí arna
gceangal ann a n-áit. Ag so mur adeir: Tu
autem fide stas; noli altum sapere, sed time. Si
enim Deus naturalibus ramis non pepercit, ne
forte nec tibi parcat. Acht fá dheóigh do-bheir
mur shólás dona Iudaighibh go ngeallann dáibh
go ttiucfaid re linn chríche an tsaoghail dochum
an chreidigh Chríosdamhuil agus adeir go mbéidh
sin níos so-dhénta ná na cineadhachaibh do
thabhairt isteach isan Eaglais ar ttús, do bhrígh
gur geuga nádúrtha don chrann réimhráite, .i.
don Eagluis, iad. Ag so mur adeir: nam etsi tu
(Gentilis ex Gentili patre oriundus) ex naturáli
excisus oleastro (.i. do chrann ola fidháin na
Gintílacht) et contra naturam insertus es in bonam
olivam (.i. isan Eagluis Chríosdamhuil), quanto
magis ii qui secundum naturam inserentur suae
olivae! Agus dá bhrígh sin adeir riú gan a
bheith uaibhreach acht a bheith crith-eaglach do
ghnáth.



Agus leis sin críochnaigh sé an t-aonmhadh
caib. décc ag rádh go hiongantach go bhfuil
rúndiamhraibh Dé dorcha dosgrúdaigh: O altitudo
divitiarum, etc. Isan gcuid eile don éipistil atá
sé ag teagusg na gcreidmheach dá chur i gcéill
dáibh gur cóir do gach aon acu a bheith umhal
ceannsaigh gan breitheamhnus tobann do thabhairt,


L. 83


gan scannail fós nó droch-shiompla do
thabhairt d'aos anbhfann an chreidigh.



AN CHÉD-EIPISTIL CHUM NA GCOIRINTÍNEACHA.



Is uime do sgríobh Pól an éipistil so dochum
na dreime dona Coirintíneacha, d'umhlaigh le
teagasg an tsoisgéil don chreidiomh Chríosdeamhuil
do ghlacadh, do smachtughadh agus do theagasg
a n-aghaidh mhóráin d'ainbhfios agus d'árráid ann
ar thuitiodar a n-aghaidh an chreidhidh fhírinnigh,
agus fós chum na neithe do bhean ris an gcreidiomh
dobhí i n-ainbhfios orra do mhúnadh dháibh.



An chéd árráid, lér mheasadar go cinnte nach
raibh an baisde acht do réir fheabhuis nó uilc an
té do-níodh a mhinistrálacht. Agus dá bhíthin
sin d'éirigh easaonta agus iomarbháidh eatorra, .i.
cuid díobh ag rádh go m'fhearr baisde Pheadair
ná baisde Phóil, agus go mb'fhearr baisde Phóil ná
baisde Apollo, etetera: Ego sum Pauli, ego vero
sum Cephae, ego autem Apollo, etc. Do smachtaigh
Pól an arráid sin ar feadh cheithre gcaibidle i ttús
na hépistle so, le teagasg agus le forchiodal na humhlacht
lér chuir i gcéill dáibh gur le humhlacht, le
huiríslacht agus le bás tarcuisneach croiche do shaothraigh
Críosd gach grása agus gach subháilce dhiadha
dhá raibh re fagháil ag an gcineadh dhaonna, agus gurb
é amháin do-bheir brígh do gach Sacrameint, agus


L. 84


nach raibh ar chumus aoin eile an bhrígh sin do
thabhairt dáibh, agus uime sin gurbh ionann an
baisde gibé neoch do-dhénfadh a mhinistrálacht,
do bhrígh gurab é Críosd féin an Sagart prionnsapálta
do-níodh é, agus nach raibh fuinneméd eile
an acht É le brígh do thabhairt dó: fundamentum
enim aliud nemo potest ponere, praeter id
quod positum est, Iesus Christus: “agus ar an ádhbhar
sin is dó amháin a dlighthear bhur mbuidheachus,”
ar sé.



An dara hárráid mur do fhuilingiodar don
adhaltrannach cholamhuil dobhí arna mhallughadh
agus arna ghearradh asan Eagluis a bheith
'na measg. Is air sin thráchtus isan cúigeadh
caib.; agus isan seiseadh caibidil imdheargaidh
iad tré mur dobhíodh imreasain eatorra féin
do-bheireadhdís do láthair na mbreitheamhan
bpágánach, agus isan gcaib. chédna imdheargaidh
an arráid lér mheasadar nach raibh coir i gcéiliochas
nó i gcoimhriachtain na ndaoine sgaoilte
óir nárbh adhaltrannus é: nolite errare; neque
fornicari, etc.; agus isan seachtmhadh caib. cinnigh
ar a tteagasg a n-aghaidh na n-arráideacha sin.



Isan ochtmhadh caib. do-bheir imdheargadh
dháibh go n-ithídís gan déisdion agus le coinsias
ciontach feóil do-níthí d'íobairt dona híodhail,
ní bhí ró-scannalach do láthair aos égcruaidh an
chreidigh, óir tar cheann nach raibh tábhacht
isan ngníomh sin ann féin go raibh gráineamhuil


L. 85


do láthair na druinge do mheas gur le honóir
dona híodhail do-nídís é. Isan .9. caib. innsidh
dháibh, tar cheann go raibh ceart aige féin, nach
glacfadh bia ar bith do-bhéuradh scannail nó
adhbhar peacaidh dona dearbhbhráthraibh. Leanaidh
isan deachmhadh caibidil don argúint chédna,
ag rádh nár chóir dháibh tnúth do bheith acu
leis an íodhal-bhia sin do bhrígh go raibh bia ba
fearr ná é acu féin, .i. Corp agus Fuil an tSlánaightheóra
i Sacrameint na hAltóra.



Isan n-aonmhadh caibidil décc ceartaigh bésa
na mban agá mbíodh a gcinn nochtaigh agus a
ngruaga nó a gciabha scaoiltigh leó do réir an
nóis phágánta dobhí acu i n-onóir na bandéa
bréige, .i. Venus, agus adeir riú nach cóir agus nach
comhartha cneasdacht do mhnaoi a ceann do
nochtadh, agus go speisialta i n-aimsir urnaighthe
puiblidhe nó iodhbartha; óir, tar cheann go
raibh sé ionmholta ag na fir i n-am urnaighthe agus
iodhbartha a gcinn do nochtadh, do bhrígh go
ttaisbénaid leis sin glóir agus onóir Dé darab íomháidh
iad, nach mur sin dona mnáibh nach ttaisbénaid
acht ní nár chóir dháibh a mhaoidheadh do
láthair Dé ná a aingiol, .i. glóir an fhir dárab
íomháigh iad.



'Na dhiaidh sin do-bheir imdheargadh mór
dáibh tré gach masla dhá ttugadar do Shacrameint
Chuirp an Tiaghearna le caitheamh proinne bídh
agus dighe roimhe, an tan budh cóir dháibh a ghlacadh


L. 86


ar cédlonga. Do-bheir fós imdheargadh dháibh
tré mur dobhíodh na saidhbhir ag caitheamh
na bhfleadh sin isan Eagluis, gan ruinn do thabhairt
dona boicht, agus 'na dhiaidh sin geallaidh
dháibh go múinfeadh féin dáibh mur búdh cóir
dháibh a ghlacadh go tairbheach.



Innsidh dháibh fós isan .12. caib. gur le
harráid agus le hainbhfios do mheasadar gur do réir
naomhthacht agus fhíréntacht cháich do-bheireadh
Dia tiodhlaice tarrngoireacht agus acfuing labhartha
na tteangtha, óir nach mur sin dobhí, acht do
chum go mbeith gach ball don Eagluis ag congnamh
re a chéile dothug Dia do réir a thola agus a
mhiana féin na tiodhlaicibh sin go heidirdhealbhach
uaidhe. Agus mur mheasadar arís go
harráideach nach raibh imeasg na ttiodhlaicibh
saora sin aon ba hoirdheirce ná acfuing labhartha
na tteangtha, adeir an t-apsdal riú gurab oirdheirce
go mór spiorad na fáistine do-bheir Dia
do dhreim áirighthe dochum a rúin agus diamharúin
an Scriptúir dhiadha d'fhoillsiughadh do gach aon
lér mhian a bhfios d'fhagháil. Agus fós adeir
nach bhfuil tiodhlaic ar bith is mó ná an charthannacht.



Agus do bhrígh go raibh cuid dona Coirintíneacha
nár chreid an eiséirghe, cruthaigh sé le
briathra follasacha isan gcúigeadh caib. décc í.



Isan .16. caib. múinidh dháibh an mhodh


L. 87


lér chóir dháibh a ndéirce do chruinniughadh agus
do chur i gceann a chéile le tártháil beatha do
thabhairt dona bochtaibh fírénta dobhí i gcathair
Ierusalem do dhóirt a maoin féin i bhfiadhnuise
na n-apsdal.



Créd ar a ttráchtann Pól apsdal isan DARA
HEIPISDIL CHUM NA GCOIRINTÍNEACH?



Cuiridh daoine i n-iongnadh méd na n-adhmholta
do-bheir an t-apsdal Pól dó féin isan eipistil
so. Gidh eadh, bíodh 'fhios acu gur féidir do
dhaoine naomhtha gan uaill ná cionta ar bith
iad féin ar ádhbhraibh áirithe do mholadh: 1
chum a gcliú cneasda féin do chosnamh agus do
chaomhnadh do réir Eccli. 41, Curam habe de
bono nomine; 2 chum gur móide dogheubhdís
toradh a nguidhe nó a n-athchuinghe ó Dhia
mur do-rinne Ezechias: Isaiae 38, Obsecro,
Domine, memento, quaeso, quomodo ambulauerim
coram te in veritate et in corde perfecto, agus leis an
urnaighthe so, lér mhaoidh a dheagh-iomchar agus
a dheagh-bhésa, dofuair aisiog ó Dhia ar a shláinte.
Molaidh Dáibhídh Rígh é féin i mórán d'áitibh,
mur atá: Psal.25, Iudica me, Domine, quoniam
in innocentia mea ingressus sum, etc.; 3 chum
tairbhe cháich eile agus chum teagaisg fholláin do
thabhairt dáibh: is uime sin mhaoidhis Pól go
minic an ghairm dofuair féin ó Dhia, méd na
nduagh agus na ndochar dofuair sé ag teagasg an


L. 88


tsoisgéil, na míorbhúilibh do-rinne sé, gach caidreamh
muinteardha agus gach béloidios dá bhfuair
ó Dhia; agus annso féin labhraidh go dána ar na
subháilcidh dofuair ó Dhia .i. ar gach béloidios,
ar an bhfoighid, ar an n-ionracus, ar an dúthracht,
ar a thruaighe agus ar a thrócaire do chach eile, agus go
háirighthe ar na boicht, ar an deagh-inntinn do
bhí aige, ar an mbuaidh dofuair i n-aghaidh na
gcathaighibh deamhnaighe, ar an bhfuadach do-rinneadh
gusan treas flaithios air, áit ann a
gcualaidh ó Dhia agus ann a bhfacaidh mórán do
rúndiamhraibh diadha nárbh áil leis d'aithris.
Agus gidh gur labhair saobh-apsdail agus droch-dhaoine
go mí-charrthannach air trésan moladh
mór sin air féin, is uime do-rinne é ionnus go
seasadh a dheigh-chliú ameasg na nuadh-chreidmheach
ar eagla go ttiubhradís tarcuisne air
féin ná ar na neithe naomhtha do theaguisg
dhóibh. Agus iar gcríochnughadh na mór-mholta
sin air féin isan .12. caib. gabhaidh a leithsgél
féin, ag rádh go ttugadar adhbhair dhó lena
ainbhfios do nochtadh dháibh, óir nach dó féin
búdh chóir a mholadh acht dáibh-sion, do bhrígh
nár mhó aon apsdal eile ná é, tar cheann nach
raibh acht neimhní ann: factus sum insipiens,
vos me coegistis. Ego enim a vobis debui commendari,
nihil emim sum minus ab iis qui sunt
supra modum apostoli, tametsi nihil sum.


L. 89


Créd tuigthear leis AN EIPISTIL CHUM NA NGALATAIBH?



Do sgríobh Pól apsdal an eipistil so dochum
nua-chreidmheacha na Galatia isan Asia, lena
ttabhairt ar a n-ais as an earráid ann a rabhadar
le brécc-theagaisg mheabhlach saobh-apsdal agus
eiritioccacha na háite sin, do chuir i gcéill dáibh
nach dearnaidh an soisgél gairm ar ais ar dhlighe
Maoise agus gur chóir a choimhliónadh mar aon le
dlighe an nuadh-reachta. Agus as sin táinicc go
ndénadís úsáid don timchioll-ghearradh agus do
mhórán eile don dlighe sin do choimhlíonadh, do
bhrígh gur chreidiodar nárbh fhéidir a slánughadh
acht leis an dá dhlighe do shíneadh re chéile.
Cruthaigh an t-apsdal sin do bheith brégach
earráidach, óir nach raibh i bpéin ndamanta le
coimhlíonadh acht dlighe Chríosd amháin; agus an
céd-résún do-bheir leis sin: do bhrígh nach ó
dhuine sho-mheallta sho-thruaillighe dofuair
féin an soisgél do theagaisg dháibh acht ó Chríosd,
agus uime sin nárbh fhéidir a athrughadh ná comaoin
eile do chur air go bráth.



An dara résún: gur ghlac agus gur mholadar na
hapsdail eile go hiomlán an soisgél cédna, agus gurab
uime sin dothug féin imdheargadh do Pheadar
an tan do-chonnairc é ag fulang coda do dhlighe
Mhaoise a bheith dhá choimhlíonadh, agus nárbh
fhéidir duine ar bith do shlánughadh acht le
dlighe Chríosd amháin gan coimeasg ar bith do
dhlighe Mhaoise.


L. 90


An treas résún: nach le coimhlíonadh nó le
hoibreacha dlighe Mhaoise do thuirlingadh
an Spiorad Naomh go follusach ar chách (óir is
mur sin le comharthaigh foirmeallacha do
thigeadh ar chách i ttús na hEaguilse), acht le
creideadh i gCríosd, agus nach raibh aon-duine lérbh
fhéidir míorbhuile do dhénamh acht an té do
chreideadh i gCríosd; uime sin gur chóir a chreideadh
amháin do chongbháil, agus muna mbeith go
raibh sin fírinneach gur leamh díomhaoin dáibh
an méid d'fhuilingadar ar a shon go soiche sin.



Agus mur shiompla air sin adeir nach le hoibreacha
an dlighe sin Mhaoise, nach raibh rena
linn ann, do slánaigheadh Abraham acht lena
chreideadh i gCríosd. Adeir fós nach raibh isan
Sinagóg acht mion-sgoil nó mion-oidios dobhí
ag ullmhughadh cháich chum creidigh Chríosd do
ghlacadh, agus ó fríth sin nár chóir filladh ar an
mion-oidios cédna irís.



Cruthaigh sin le dhá shiompla mur so: an tan
bhíos leanbh óg bídh fó stiúradh agus fó chúram a
oide nó go ttig i n-aois oighreachta, agus annsin
tréigidh sé an t-oide agus ní théid ar a ais chuige,
mur sin dúinne, ar sé, ó fuaramar an oighreacht
dobhímar a shaothrughadh fó dhaoirse an dlighe
ní thréigfiom í ag filleadh ar an daoirse chédna;
an dara siompla clann mhac Abrahaim, .i. Isaac
agus Ismael, aon acu, .i. Ismael dobhí le hinnilt


L. 91


seirbhíse agus Isaac lena mhnaoi phósda dobhí saor:
do hionnarbadh an innilt dhaor gcona mac Ismael,
agus do congbhadh Sara shaor cona mac: Agar agus
a mac, ar sé, an Sean-tiomna, nó an sean-dlighe,
do díbreadh: Sara agus a mac an Tiomna Nuadh,
nó an reacht nuadh, atá arna chongbháil leis an
oighreacht do shealbhughadh go síorruidhe.



ameasg na résún eile do-bheir dháibh adeir
gibé timchill-ghearrthear dá dheóin féin go
gcuirann é féin fó chuing agus fó dhaoirse an dlighe
sin Mhaoise go hiomlán, dobhí do-choimhlíonta
do ghnáth.



'Na dhiaidh sin maslaigh sé na saobh-apsdail
agus adeir go m'fhearr leis go mbeithdís gearrthaigh
amach asan Eagluis, utinam abscindantur qui vos
perturbant.



Iar sin iarraidh orra an charthannacht do
ghrádhughadh, oibreacha spioradálta do dhénamh,
na hainmhiana agus na peacaidhe do chlaoidh le
hoibreacha contrárdha dháibh; agus leanaidh go
fada don teagasg sin agus 'na dhiaidh sin cuiridh
méd a ghráidh do Chríosd agus dá chroich i gcéill
dáibh agus iarraidh orra gan dlighe ar bith eile
do ghlacadh acht sin: quicunque hanc regulam
sequuti fuerint, pax super illos.



EPISTIL PHÓIL CHUM NA N-EPHESÍNACHAIBH.



Dob í Ephes ceann-chathair na hAsia Bige.
Do sgríobh Pól apsdal an epistil so chum nuadh-chreidmheach


L. 92


na cathrach sin, ar ttús ag comhgháirdiochus
riú tré mur do réimhthogh Día iad
agus gur ghoir orra. 'Na dhiaidh sin, isan treas
caibidil, guidhidh Críosd go dúthrachtach le
buan-sheasamh do thabhairt i staid na ngrás
dáibh, agus sin ag feacadh a ghlún re lár, do bhrígh
go raibh cathaighthe móra na námhad agus na
n-eiriticceacha ag teacht orra, agus imeasg na coda
eile dhíobh ba baoghlach Simon an t-Asarlaigh
dá ngoirthí Simon Mágus. Isna trí caibdileacha
eile tá ag tabhairt teagaisg deagh-ghníomh agus
deagh-bhés dóibh, mur is follus do gach aon
léighfios iad.



EIPISTIL PHÓIL CHUM NA PHILIPÍNEACHAIBH.



Dathos do goirthí ar ttús don chathair so, agus
'na dhiaidh sin do goireadh Philipis di, ó Philip,
athair Alexandair, do-rinne cathair dhaingion di.
Is é Pól do theagaisg an soisgél innte ar ttús,
agus d'fhuiling mórán masla innte iar ndénamh
míorbhuile agus mór-euchta ann a measg dhó. Do
bhí grádh mór acu air, agus dá bhrígh sin an uair do
chualadar a bheith i ngéibhionn isan Róimh dhó
do chuiriodar a n-easpocc, .i. Epaphroditus, le
tobhartuis chuige agus le sólás do thabhairt dó;
agus ní cían dobhí (mur deir Baronius, ad ann. 50)
ann an uair dotháinicc tinnios trom do mheas
cách a bheith marbhthach air, acht an uair do
fuair biseach maith uaidhe sin do chuir Pól ar a


L. 93


ais é, agus an eipistil so leis, ag iarraidh ar na Philipíneachaibh
bheith foighideach mur dobhí sé
féin, bheith subháilceach do ghnáth, agus atá ag
teagusg deagh-bhés agus deagh-ghníomh dáibh.



Is cosmhuil léithe so AN ÉIPISTIL RO SGRÍOBH
CHUM NA GCOLOSÍNEACHAIBH, óir iar gcur díoghrais
a ghráidh i gcéill dáibh ar ttús mur do-rinne isan
eipistil so, agus iar mbeith seal mór ag moladh na
gcáilidheachta gcaithréimeach dobhí agus tá i
gCríosd dhó, do-bheir teagaisg mhórálta mhaithghníomhacha
dhóibh.



Is é an teagasg cédna do-bheir uaidhe ar feadh
chúig gcaibidleacha don CHÉD-ÉIPISTIL DO SGRÍOBH
CHUM NA TTHESALÓINEACHAIBH, agus isan dá chaib.
ndéighionaigh labhraidh go sunnradhach ar an
eiséirghe, agus mur rachus cách i gcuinne Chríosd
i meadhón an aidheóir, agus adeir go ttiucfaidh sé
go folaightheach amhuil bhitheamhnach.



Isan DARA HÉIPISTIL DO SGRÍOBH CHUM NA CATHRACH
CÉDNA SIN ba ceann-chathair don Mhacédónia,
foillsigh a lúthgháire mhór dháibh tré mur do
fhuilingiodar go lúthgháireach ar son Chríosd gach
inghreim nó persecution dá ttáinicc ó náimhdibh an
chreidigh orra; agus geallaigh lasair theineadh
shíorruidhe do theacht mur dhíoghaltas ar na
náimhdibh réimhráite. Isan dara caib. do-bheir
sólás dáibh i n-aghaidh uamhain an bhreitheamhnuis
dobhí, dar leó, le teacht go grod, óir innsidh


L. 94


dháibh nach ttiucfaidh sé nó go ttaisbénfadh an
príomhpheacach, .i. an t-Anticríosd, é féin ar ttús:
nisi venerit discessio primum, et revelatus fuerit homo
peccati, filius perditionis. Iar sin isan treas caib.
do-ní, mur is gnáth leis, teagasg mórálta dháibh.



Créd ar a ttrácht isan DÁ EIPISTIL CHUM
TIMOTEUS?



Mur do oirn Pól Timoteus 'na easpocc i gcathraigh
Epheis isan Ásia, do-bheir teagasg isan
eipistil so dhó lena chuing do chongbháil, agus leis
an ualach mór dobhí air d'iomchur mur budh
cubhaidh d'easbacc agus do shagart mhaith.



Ar tús adeir leis toirmeasg do chur ar oidios
na ndaoine abarthach iomad-labharthacha thráchtus
go gnáthach ar neithe díomhaoineacha, óir
adeir nach bhfuil tairbhe ionnta. Isan gcéd-chaibidil
adeir nach bhfuil comhrádh ar bith is
tairbhigh agus is toghtha ná tráchta gnáthach ar
thrócuire an tSlánaightheóra dotháinicc a'
fuasgladh na bpeacach: fidelis sermo et omni
acceptione dignus; quod Christus venit in hunc
mundum peccatores salvos facere.



Iarraidh air a bheith ag guidhe go dúthrachtach
le fraoch agus le feirg Dé d'iompógh don phobal,
óir isan dara caib. adeir: obsecro igitur primum
fieri obsecrationes, orationes, postulationes, gratiarum
actiones pro omnibus hominibus, etc.



Adeir leis a bheith ro-choimhédach le gan
duine ar bith do thogha ná do oirneadh le bheith


L. 95


ag ministrálacht na sacrameintibh acht daoine
deagh-iomchair, foirfe i n-eagna agus i naomhthacht.
Qui domui suae praeesse nescit quomodo Ecclesiae
Dei diligentiam habebit? Ar na sagairt agus ar na
deaccánaigh a thráchtus sé annso.



Innsidh dhó gur dá dhualgus a bheith 'na
shiompla agus 'na scáthán naomhthacht agus fíréntacht
lena bhriathra, lena ghníomhartha, le carthannacht,
le geanmnaighacht, agus re creideamh dóchusach
ag an bpobal do ghnáth: exemplo esto fidelium in
verbo, in conversatione, in caritate, in fide, in
castitate, etc.



Adeir ris a bheith 'na athair chúramach ar a
mhuintir agus a thiodhlaice do roinn orra do réir
luaidheacht gach aoin díobh, óir adeir, cap. 5, a
bheith go maith leis na bantreabhachaibh fírénta
agus onóir do thabhairt dáibh: viduas honora quae
veré viduae sunt. Adeir leis fós onóir dhúbalta do
thabhairt dona deagh-shagairt, agus go speisialta do
lucht an teagaisg dhiadha do dhénamh: presbyteri
qui bene praesunt duplici honore digni habeantur,
maxime qui laborant in verbo et doctrina, etc. Adeir
fós leis gan coir do ghlacadh i n-aghaidh sagairt
acht muna mbeith arna dearbhadh le dias nó
triúr fiadhnuisibh dearbhtha: accusationem noli
accipere nisi sub duobus aut tribus testibus, etc.



Isan .6. caib. iarraidh air síthcháin agus grádh
carthannach do theagasg go síorruidhe. Mur do


L. 96


bhí Pól an tan so i ngéibhionn ag an Impear
Nero (lér cuireadh chum báis é,), agus go raibh fios
aige go raibh aimsir a mhairtíreacht i ngar dhó,
iarraidh ar Thimoteus isan dara héipistil ro
sgríobh chuige a ionad féin do sheasamh, agus gan
náire do bheith air um an tsoisgél do theagasg go
dána díthchiollach neartmhur, agus go raibh an
ghlóir shíorruidhe tré eiséirghe an tSlánaightheóra
mur thuarusdal le fagháil aige. “Dén saothar,”
ar sé, “amhuil mhílídh chródha do mhuintir
Chríosd,” labora sicut bonus miles Christi Jesu.



Cuiridh iar sin i gcosmhulacht le treabhthach é,
do bhrígh gur chóir do tseanmóntaigh, le hiarann
treabhtha an tsoisgéil, croidhtheacha cháich do
scoilteadh, agus a míniughadh le práca na haithrighe:
Osee, 10, arabit Judas, et confringet sibi sulcos;
2 is cóir dhó na subháilcibh do shíolchur ionta:
exiit qui seminat, seminare semen suum, Luc. 8;
3 is cóir dhó an síol d'fholach, .i. gan glóir ná
moladh díomhaoin daonna d'iarraidh ná do
ghlacadh: nec quaerentes gloriam ab hominibus,
ad Thess. 2; 4 bheith foighideach nó go bhfaghaidh
toradh a shaothair: ecce agricola patienter
expectat, Jacob., ult.



Fá dheóidh, iar n-innsin dó go n-éireóchadh
lucht saobh-theaguisg agus eiritigidh i n-aghaidh an
tsoisgéil do mhillfeadh mórán ar an láthair agus nísa
mhó ná sin i ndeireadh na n-aimsior, iarraidh air
a bheith gan sgís gan athtuirse ag teagasg an


L. 97


tsoisgéil: praedíca verbum: insta opportuné,
etc.



Do sgríobh Pól EIPISTIL GO TITUS, árd-easbocc
Chréta, lé n-iarrann air ar ttús é féin d'iomchar
imeasg gach dreime lena cheart féin do
thabhairt do gach aon. 'Na dhiaidh iarraidh air
easbaicc agus sagairt do thogha agus do oirneadh i
mbailte agus i gcathrachaibh na críche sin, do réir
mur do ordaigh féin dó roimhe sin. Iarraidh air
fós a theagasg gnáthach do chur i n-oireamhuin
d'acfuing thuigse gach aoin dá n-éisdeadh ris.



Adeir leis fós a chur i gcéill go bhfuil d'fhiachaibh
ar gach aon urraim, umhlacht, agus onóir do thabhairt
do gach uachtarán cille agus tuaithe. Agus fá
dheóidh adeir leis teagasg agus rogha do thabhairt
dona heriticcigh, ar ttús go discréidioch uair nó
dhó, agus muna nglacaid sin uaidhe a ndíbirt agus a
ngearradh amach as an Eagluis, gan caidreamh
ná comhrádh d'fhulang leó: haereticum hominem,
post unam aut alteram correptionem, devita, etc.



Créd an chúis fár sgríobh Pól a LEITIR CHUM
PHILOMÉN?



Duine uasal Críosdamhuil fírénta do chathair
na Colosia dárbh ainm Philémon dobhí 'na
charaid mhór ag Pól, agus tarla dhó shin gur éulaigh
searbhfoghantaigh leis uaidhe, agus (do réir mur deir
úghdair bhárántamhuil) do ghoid cuid dá mhaoin


L. 98


uaidhe. Tarla dhó dhul don Róimh fón n-am a
raibh Pól i ngéibhionn. Do-chuaidh Onesmus,
.i. an searbhfoghantaigh cédna, dá ionnsaighe do
chum an phríosúin. Do ghlac Pól go carthannach
é, agus iar mbeith dhó seal dá fhreasdal agus ag teachtaireacht
don apsdal do ghlac creideamh agus baisde
uaidhe. Iar sin do chuir d'fhiachuibh air dul ar
ais d'ionnsaighe a mhaighistir arís, agus ar eagla go
ndénfadh an maighistir, .i. Philémon, díoghaltas
air do sgríobh Pól litir leis ag iarraidh maitheamhnuis
dó; agus do-bheir a fhocal le sásadh do
thabhairt ar son gibé díghbháil do-rinne sé go
n-uige sin: obsecro pro filio meo, quem genui in
vinculis, Onesmo.



AR ÉIPISTIL PHÓIL CHUM NA N-EABHRAIGHEACH.



Níor chuir Pól a ainm ar an eipistil so do bhrígh
go raibh fuathmhur ag na Iudaighibh; agus is uime
dothug deireadh dhí, do bhrígh nach raibh siad
le teacht chum creidigh Chríosd do ghlacadh go
deireadh na n-aimsior, mur deir an t-apsdal cédna
ann a eipistil chum na Rómhánach. Is uime tá
an éipistil so nísa líomhtha agus nísa ealadhanta ná
na hépistilibh eile ró sgríobh roimhe sin, do bhrígh
gur chumusaigh Pól a labhairt agus i láimh isan
teangaidh Eabhrais ná i n-aon-teangaidh eile, óir
is i n-Eabhrais do sgríobh sé an éipistil so.



I ttús na heipistle ar feadh dheich gcaibidileacha


L. 99


foillsigh an tApsdal mórdhacht agus cathréim an
tSlánaightheóra Íosa Críosd, dá chur i gcathréim
ós cionn na n-aingeal féin dá raibh géilleadh
mór ag na Iúdaighibh do ghnáth; agus ar na
hádhbhraibh sin gur dó amháin búdh cóir géilleadh,
agus nach do dhlighe Mhaoise dobhí arna
ruagadh le teacht dhlighe an nuadh-reachta; agus
gibé haon do ghlacfadh baisde Chríosd nár chóir
dhó amharc ar ais leis an dlighe seanda sin do
ghlacadh ná do choimhlíonadh.



Isan gcéd-chaib. iar gcruthughadh mhórdhacht agus
chathréime Chríosd ós na hainglibh dhó, agus sin le
résúnaibh láidire, mur atá: go raibh sé 'na shuidhe
ar dheis an Athar Shíorruidhe agus na haingil ag
seirbhís agus ag mionastrálacht dó, tar éis go rabhdar
dá adhradh iar tteacht as bruinn na hóighe dhó
nó iarna choimpreadh, go bhfuil fós an domhan
uile fóna smacht agus fó úmhlacht dó - Agus adeir
nach ádhbhar táir ná tarcuisne dhó mur do
fhuiling bás ar feadh thrí lá, óir gur dá dheóin
féin do céusadh É chum cumhacht an diabhuil do
chlaoi, agus chum tártháil do thabhairt don chine
dhaonna bhí fó sclábhaighacht aige, agus fós, chum
go mbeith ullmhaigh le cabhair gach tan do
thabhairt dáibh. Agus isan dara caibidil cuirigh
na briathra so síos mur chlúdadh ar na résúin
sin: Si enim qui per angelos dictus est sermo,
factus est firmus, et omnis praevaricatio et inobedienta
accepit justam mercedis retributionem; quomodo


L. 100


nos effugiemus si tantam neglexerimus salutem,
.i. má rinneadh díoghaltuis ar an dream nár ghéill
do dhlighe an tsean-rachta dobhí arna thoirbhirt
leis na haingil amháin, créd an díoghaltus dleaghthar
dhúinne má sháraoidhmid dlighe Críosd is mó
go mór ná na haingil?



Do bhrígh go raibh 'fhios aige nach raibh crétúir
acht na haingil amháin is mó ar a raibh meas agus
onóir na Iudaigheach ná Maoise, cruthaigh Pól
nach raibh ann acht seirbhíseach do Chríosd is mac
dílis do Dhía, agus uime sin adeir sé má rinneadh
díoghaltas báis ar an dream dobhí easumhal do
Mhaoise ar an bhfásach, créd an díoghaltus is
cóir a thabhairt don dream do sháraigh dlighe
Críosd?



Isan .4. caib. cruthaigh mórdhacht agus cathréim
Chríosd ós cionn árd-shagairt shleachta Aaróin ar
a raibh meas mór ag na Iudaighibh, ag rádh
nachar lamhadar sagairt nó árd-shagairt an tsean-rachta
dul isteach i n-áit ro-naomhtha an teampaill
acht aon-uair amháin isan mbliadhain; nach
mur sin do Chríosd, d'fhosgail agus do-chuaidh isteach
go flaithios Dé, agus go bhfuil do shíor annsin ag
guidhe ar ar son, agus dá bhrígh sin gur dó amháin is
cóir géilleadh: habentes ergo pontificem magnum,
qui penetravit coelos, Iesum filium Dei, teneamus
confessionem.



Isan .5. caib. cruthaigh mórdhacht agus ardcheannus
Chríosd ós cionn shliocht Aaróin do


L. 101


bhrígh gur sagart síorruidhe é do réir uird
Mhelchisedech. Tar éis a bheith dhá n-ullmhughadh
isan .6. caib. chum na neithe móra sin do
thuigsin, leanaidh isan seachtmhadh caib. don
argúint chédna, agus do-bheir teasdus ar Melchisedech
dháibh, ag rádh gurbhá rígh oirdheirc onórach
síthchánta é ba mó go mór ná Áhbraham. Agus
cruthaigh sin do bhrígh go ttug Ábraham deachmhaidh
dhó, mur sin gur bhudh é ba huirde sagartacht.
Do bheannaigh fós Melchisedech Ábraham, mur
sin dobhí 'na uachtarán aige; agus mur do adbhaigh
Ábraham a uachtaránacht an uair sin, leanaidh as
gurbha mó é ná Aarón agus a shliocht, dobhí an tan
sin le teacht ar a shliocht (agus fóna chuim an uair
sin). Cruthaidh fós as síorruidheacht shagartacht
Chríosd tar shagartacht Aaróin agus a shleachta, óir
go mairfeadh iodhbart agus altóir Chríosd go bruinne
an bhrátha.



Cruthaigh an ní cédna isan .8. caib., mur
adeir go bhfuil Críosd ar dheis a Athar ar neamh,
go bhfuil a' cur a árd-shagartacht i ngíomh
ann, ag guidhe ar ar son, ag ofráil na nádúire do
céusadh ar ar son, nó agá ofráil féin tré lámha na
sagart ar an talamh, óir is É féin an príomhshagart
ag dénamh na hiodhbartha, agus nach raibh
sagartacht Aaróin ariamh acht ar an talamh
amháin. Adeir fós isan chaib. chédna gur fearr
an tiomna dár shagart Críosd ná an sean-tiomna


L. 102


dár shagart Aarón, do bhrígh gurab é is fearr
geallamhna, .i. ríghacht nimhe: (Christus) melioris
testamenti mediator est quod in melioribus repromissionibus
sancitum est.



Isan .9. caib., iar ttabhairt teasduis ar shagairt
agus ar iodhbarthaibh an tsean-rachta, ag rádh, tar
éis na mbeitheadhach do mharbhadh dona sagairt
agus a bhfuil do chrothadh mur fá gnáth riú, nach
ttéudh an t-árd-shagart trésan tabernacel isteach
isan ionad ro-naomhtha acht aon-uair amháin isan
mbliadhain, agus go mbíodh an t-ionad sin dúnta arís
go ceann bliadhna, ní 'chuireadh i gcéill nár
fosgladh doirse nimhe an tráth sin, agus nach raibh
brígh isna hiodhbharthaibh sin dobhíodh dhá
ndénamh go nua gacha bliadhain chum neamh
d'fhosgladh ná cách do ghlanadh óna bpeacaidh -
gidh eadh, nach mur sin do Chríosd, óir le haen-iodhbairt
a pháise gur fhosgail doirse nimhe agus gur
naomhaidh na fíréin go síorruidhe, agus nach
riachtanus an pháis chédna d'athnuadhadh arís go
bráth, óir ní riachtanus do Chríosd bás eile
d'fhulang leis an gcine daonna do shlánughadh.



Isan .10. caib. leanaidh don ní chédna, agus i
ndeireadh na caibidile cédna bograigh pianta
síorruidhe na teineadh ifrionda ar an dream dho-chreidmheach
nach gabhann re Críosd, nó thréigios
É iar gclos na fírinne do nocht dáibh.



Isna trí caib. eile do-ní teagasg mórálta dháibh


L. 103


ag iarraidh orra na subháilcibh do ghrádhughadh,
na dubháilcibh d'fhuathúghadh, agus teagaisg mheallta
agus oidis mhí-fholláin na saomh-apsdal agus na
n-eiriticceach do sheachnadh.



DONA HÉIPISTILIBH CAITLÍOCA ANNSO SÍOS.



Goirthear “Eipistlibh Caitlioca” dhíobh, do
bhrígh gur teagaisg ghenarálta nó coitchionna tá
tairbheach ag gach uile Chríosdaighe atá ionnta,
agus goirthear “eipistle chanónta” le chuid eile
dhíobh, do bhrígh gur samhuil do chanóin nó do
riaghail stiúrtha na beatha Chríosdamhuil na
fuighle nó na léighinn atá ionnta. Agus a seacht
a líon, .i. eipistil Shém ba hóige, easbocc Ierusalem;
dhá eipistil Pheattair; trí heipistle Eóin apsdail;
agus aon eipistil Iudáis, an apsdail fhírénta.



Curthar EIPistil SHÉMUIS i ttosach do bhrígh
gurab é ba luaithe do sgríobh. Óir ar tteacht
inghreime nó phersecution mhóir ar an Eagluis
tar éis bháis Stepháin, dob éigion d'urmhór na
gCríosdaighibh teitheadh go himlibh na gcríoch
n-eachtrann fá coimhneasa dhóibh, agus ar eagla go
ttiubhradh uathbhás nó uamhan, nó méd an
amhgair nó an anfhorlainn dobhídar d'fhulang,
orra creideadh Chríosd do thréigion, do sgríobh
Sémus an éipistil so chugthu le sólás do thabhairt


L. 104


dáibh agus lena neartughadh i n-aghaidh na gcathaighthe
sin.



Do-bheir fós comharleacha ro-thairbheacha
dháibh, .i. dimbrígh do dhénamh dona neithe
saoghalta, bheith foighideach isna foiréigin, na
neithe díadha do ghrádhughadh, agus mórán
d'aithiontaibh tairbheacha eile: Omne gaudium
existimate, fratres, cum in tentationes varias
incideritis, etc.



CÉD-EIPISTIL PHEADAR ABSDAIL.



Is í an chúis chédna fár sgríobh Sém do ghluais
Peadar chum na heipistle so do sgríobhadh, .i.
ag tabhairt sóláis agus comhairleacha tairbheacha
dona Críosdaighibh dobhí ar teitheadh ó inghreim
na bprionnsaidhibh págaánta ar feadh chríochaibh agus
chathrachaibh na hAsia Bige; agus ag iarraidh orra
bheith misneamhuil cródha i n-aghaidh na gcathaighibh,
agus gan umhlughadh dháibh: gach pian agus
gach duaigh d'fhulang go lúthgháireach ar son
Críosd.



Tá léighinn na héipistle so tairbheach ag gach
aon idir shean agus óg; agus fós do-bheir léighionn ro-fholláin
do phastúirigh na hEaguilse innte, óir
isan .5. caib. greamaigh dhíobh a ttrédaibh do
bheathughadh go spioradálta, ní go foiréigneach,
ar sé, acht go fonnmhur, ní ar ghrádh tairbhe


L. 105


truaillighthe acht go prap, ní ar ghrádh bheith
ag maighistreacht nó ag murrachas ar an gcléir
acht le deagh-shiompla do thabhairt don tréd:
pascite qui in vobis est gregem Christi (.i. tréd
Chríosd tá ann bhur gcúram), providentes non coacte
sed spontaneé ... neque turpis lucri gratia sed
promté, neque ut dominantes in cleris, sed forma
facti gregis ex animo.



Tá ní ro-chruaidh isan treas caib. don eipistil
so, áit a n-abair Peadar: qui in carcere erant iis
spiritibus veniens praedicavit; acht is é ní
tuigthear le mórán as na briathra so, go raibh
dream fhírénta ann isan aimsir a raibh Noe ag
dénamh na háirce nár chreid, tré mhéd a ndóchais
i ttrócuire Dé, go ttiucfadh an díle mur dotháinicc,
agus ar son a ndóchuis mhaith gur thárthaigh Dia ar
ifrinn na bpian iad agus go ndeachadar go Limbo na
n-aithreach naomh, áit ar labhair anm Chríosd
riú iar ndul dá anam ann an tan d'fhulaing bás
isan gcroich, agus gur ofráil don Athair Síorruidhe iad.



Isan DARA HEIPistil músglaidh chum creidigh
agus deagh-oibreacha iad, agus do-bheir teisd ar an
taisbénadh glórmhur dothug Críosd air féin
i Sliabh Thábor. Isan .2. caib. imdheargaidh
go mór na saobh-fháidhibh agus na heiriticcigh. Isan
treas caib. labhraidh ar uathbháis an bhreitheamhnuis
ndéighionaigh, agus adeir go ttiucfaidh mur


L. 106


bhitheamhnach: adveniet autem dies Domini ut
fur, etc.



Tá Eóin leis isna heipistilibh ro sgríobh ag
teagasg an chreidigh, an dóchuis, agus an ghráidh
dhiadha ba théx gnáthach dhó. Sgríobhaidh sé
an dara heipistil chum mná Babilóineach dárbh
ainm Electa dá gríosughadh chum Dé do ghrádhughadh.
Agus níl inte acht aen-chaibidil amháin.



An treas eipistil chum duine uasail dárbh ainm
Caius dá ghríosughadh go mór chum gráidh na
comharsann, agus bheir buidheachus dó tré bheith go
maith le deóraighibh.



Créd ar a ttráchtann ÉIPistil IUDÁIS?



An tan do-chonnairc an t-apsdal fírénta, .i.
Iudás, dá ngoirthí Thadeus, nach luaithe dobhí
an soisgél arna shíolchur leis na hapsdail ná do
bhí cogal earráide agus ainbhfis na saobh-apsdal nó
na n-eiriticceach ag fás tríd (óir níor sgar Eagluis
Chríosd ariamh gan a bheith dá buaidhreadh lena
samhuil so), do sgríobh Iudás an eipistil so do
chum na nua-chreidmheach Iudaigheach ag
iarraidh orra a bheith go buan-sheasmhach isan
gcreideamh do ghlacadar, spáirn agus coimhghlic
ghnáthach do dhénamh a n-aghaidh lucht
síolchuir na mbrécc n-arráideach agus na heiriticcacht,
ar a ttugann teasdus go fírinneach annso.



Fiafraighid dream créd mur is féidir don eipistil
so a bheith canónta nó 'na scriptúir fhírinneach,


L. 107


do bhrígh go labhrann sí ar leabhar neamh-chanónta
ag tabhairt ughdarráis scriptúir dhó,
.i. ar Leabhar Enoch, nach n-áirmhidhthear imeasg
leabhra an Scriptúir ar aen-chor. Mo fhreagra:
go bhfuil ceithre gnéithe leabhar ann lé n-abarthar
Apochriphigh, nó neamh-chanónta: cuid díobh
ar a bhfuil conntabhairt ag cách ar a bhfírinne agus
ar a n-ughdair, mur atá Leabhar Irise Leanbaidhacht
an tSlánaightheóra, óir ní feas dúinn an
bhfuil an leabhar sin fírinneach ná fós créd is
úghdar dhó; cuid eile agár feas a n-ughdair, agus
nach feas a bhfírinne, mur atá Leabhar Eachtra
Clémeint, Itinerarium Clementis; an treas gné
dhíobh leabhra ar feas dúinn a n-ughdar agus a
bhfírinne, mur tá Leabhar Enoch, dob fhéidir do
mhac a mhic, .i. do Noe, a chaomhna ón dílinn ann
a áirc ná a athsgríobha i ndiaidh na dílionn; gné
eile dhíobh is feas dúinn a bheith fírinneach, tar
ceann nach feas dúinn na húghdair, mur atá
Leabhair Hestair agus na hEagna. Is féidir an ghné
dhéighionach so a bheith barántamhuil mur
fhiadhnuise, agus ní glacar an dá chéd-ghné mur sin.



Dob fhéidir gurab iad na Iudaighibh do scrios
Leabhar Enoch as an gcanóin do bhrígh go bhfuil
trácht follasach ar Críosd ann, mur deir Tertul.,
Liber De Habitu Muliebri, cap.3: Si scripturas
aliquot non receperunt de eo loquutas, quem et
ipsum coram loquentem non essent recepturi.


L. 108


Adeir sé ccur scrios Críosd an dara huair an
dream nár chreid ann: quoniam Iesus secundo
perdidit eos qui non crediderunt. Tugthear so ar
Chríosd an mhéid gur Dia É, .i. mur do scrios agus
mur do bhásaigh lucht an mhurmuir agus an droch-chreidigh
ar an bhfásach iarna saoradh as bruid na
hÉgipte dhó, agus mur threasgeórus fós na trétúirigh
thréigfios an creideadh ceart do ghlacadar ann a
mbaisdeadh.



Adeirid aroile gur cosmhuil le sgél fábhuill mur
deir go raibh comhrac idir Mhicheál Airchaingeal
agus an diabhal fó chorp Mhaoise, óir ní faghthar
isan Scriptúir é. Gidh eadh, is dearbhtha gur i
leabhair éigin dobhí imeasg na Iudaighibh an uair
sin dofuair an t-apsdal é, mur bhí mórán eile do
leabhraibh acu an tan sin do cailleadh ó shoin,
agus ní lughaide is cóir a mheas a bheith fírinneach
gan a bheith isan Scriptúir i n-áit eile dhó, óir ní
Scriptúir a chruthaighios Scriptúir acht an Eaglais.
Labhraidh Eóin Suibhisgél ar lochán mhíorbhuileach
ann a leighiosadh aingeal le corrughadh an
uisge bhí ann gibé céd-fhear galair do casfaidh
ann uair áirighthe gacha bliadhain. Piscina
Probatica ghoirios de, agus gé gurab iongnadh scríbhneórigh
Scriptúra an tsean-reachta ní comh mór
agus comh míorbhuileach so do dhearmad, ní labhraid
aon-fhocal air. Ní labharthar i n-aon-áit eile don
Scriptúir ar an dá easarlaigh ar a ttráchtann Pól,


L. 109


ad Thimot.3, v.8, do chuir i n-aghaidh Mhaoise.
Ní faghthar fós isan soisgél na briathra so do
labhair Críosd do réir mur curthar síos iad, Act.
20, agus dá bhrígh sin an cóir a rádh nach Scriptúir
fírinnioch iad?



Dobhí an choimhghlic idir Micheál agus an diabhal
tré chorp Mhaoise ar an adhbhar so síos.



An uair ba toil le Dia Maoise d'fhagháil bháis
tug leis i n-áit uaignidh é, agus an uair do sgar a
anam naomhtha rena cholainn do chuir Dia
d'ualach ar na haingil a chorp d'adhlacan i n-áit
nach bhfuigheadh aon-neach eólas air go bruinne
an bhrátha; agus is uime do-rinne sin do bhrígh go
raibh 'fhios aige dá mbeith sé re fagháil ag na
Iudaighibh dobhí claon chum adhal-adhartha,
go mbeith sé 'na íodhal nó 'na dhia bréige acu.
Agus is uime sin ba mian leis an diabhal a thaisbénadh
dháibh, nó gur chuir an t-archaingeal
Micheál toirmeasg air le briathra fóirfe fíor-éifeachtacha
le rug buaidh ar bhorb-bhriathra an
aidhbhirseóra, mur bheir an Eagluis naomhtha do
ghrés buaidh a n-aghaidh bhorb-briathra dhia-aithisiocha
na n-eiriticceach.



Agus do-bheir sé teasduis uathbhásacha ar na
heretigidh cédna annso, ag rádh gur i slighe
Chain a ghluaisid, óir mur bhí Cain lán d'iomthnúth
is mur sin bhíos na hereticcidh 'á ghlacadh


L. 110


orra féin (go hégceart) a bheith 'na ndoctúirigh
móra; mur do ofráil Chain an chuid ba measa
do thoradh a shaoithir do Dhia, mur sin dáibh-sion
leis an adhradh éigceart; mur bhí Cain
tiaránta dúnmharbhthach, mur sin dáibh-sion ag
dénamh díoghailtuis gan ádhbhar ar na fíréin:
marbhaid a n-anama agus ar uairibh a ccuirp. Adeir
Caldaeus an Paraphrast gurab é Cain céd-eiriticceach
dobhí ann ariamh. Do shén cuid
d'airtiogail an chreidigh a n-aghaidh Ábeil, óir do
shén nach raibh breitheamh ar bith ann, nach
raibh luaidheacht ag na deagh-ghníomhartha ná
pionúis ar dhroch-ghníomharthaibh, agus ar mbeith
d'Ábeil ag labhairt 'na aghaidh gur mharbh é.
Vae illis, quia in viam Cain abierunt!



Is iomdha droch-ní eile adeir riú mur atá:
In errore Balaam mercede effusi sunt, in contradictione
Core perierunt! Hi sunt in epulis suis
maculae, conviuantes sine timore, semetipsos
pascentes, nubes sine aqua ... arbores autumnales,
infructuosae, bis mortuae, eradicatae, fluctus feri
maris despumantes suas confusiones, sydera errantia,
quibus procella tenebrarum servata est in aeternum,
etc.



Do bhrígh gur mian leam labhairt ar Leabhar na
tTaisbéntaibh dá ngoirthear go coitchionn
APOCALIPS i Stair an Bhíobla, ní thráchtad air
isan dianbhrollach so.


L. 111


AN 10 ALT
ANN A TTRÁCHTAR GO HATHGHEARR AR NA
HUGHDAIR LÉR SGRÍOBHADH LEABHAIR
CHANÓNTA AN SCRIPTÚIR AR TTÚS.



Is dearbhtha gurab é Maoise do sgríobh na
cúig leabhair atá i ttús an Bhíobla nó an Scriptúra,
.i. Leabhar na nGeinealach, Genesis; Leabhar na
Gluasacht, Exodi; Leabhar na Leuiticcibh, Leviticus;
Leabhar na nUibhreach, Numerorum, agus
Leabhar an Athfhriotail, Deuteronomi, gusan áit
ann a dheireadh i ttráchtar ar bhás Mhaoise do
sgríobh Iosue nó úghdar éigin eile.



Is dearbhtha fós gurab é Dáibhídh an Rígh
ro sgríobh an psailtear, .i. Leabhar na psalm, acht
atá amhrus ag cuid dona hughdair nach é do
sgríobh na psalma go hiomlán, óir adeirid gurab
iad an dream ainmnighthear i ttús coda dhíobh ba
hughdair don mhéid sin díobh, .i. Maoise, Solamh,
Asaph, Chore, Idithum. Is í so cédfaidh an
Naoimh Ieróm agus Hilariuis; gidh eadh, is í
baramhail Chrisostoim, Chassioduruis, Euthimiuis
agus Auistín naomhtha gurab é Dáibhídh ro sgríobh
go hiomlán iad. Tig Belarmin agus Alphonsus
Salmeron leis an gcédfaidh so.



Is dearbhtha gurab é Solamh mac Dáibhídh
Rígh do sgríobh Leabhar na Seanfhocal, Liber


L. 112


Proverbiorum, Leabhar Ecclesiastes, agus Leabhar
Chainticc na gCainticce. Acht atáid na hughdair
neamhchinte i n-ughdar Leabhair na hEagna,
Liber Sapientiae. Adeir cuid acu gurab é Philo an
Iudaigheach ro sgríobh é. Adeirid aroile níos
inchreidmhe nach é acht Solamh, agus is maith an
suidhiughadh air sin an ní deir an t-ughdar,
cap. 9, isan leabhar chédna: tu me elegisti regem,
etc., .i. “do thogh tú mise mur rígh; agus
adubhairt tú liom teampall do chumhdach, nó do
chur suas ar do chnoc naomhtha féin,” ní nárbh
fhéidir do Philo a rádh ris féin. Acht gibé do
sgríobh an leabhar is iad fuighle agus briathra Sholaimh
atá ann go hiomlán.



Is dearbhtha gurab iad na hughdair ó
n-aimnighthear leabhraibh na bhfádh ro sgríobh
iad, .i. Leabhar Isaiais le hIsaias; Leabhar
Ieremiais le Ieremias; Leabhar Ezechiel le
hEsechiel; agus mur sin don chuid eile dhíobh.



Is dearbhtha gurab é Esdras do sgríobh an
céd-leabhar a hainmnighthear as. Adeirid Isodorus
agus Origines gurab é do sgríobh an dara leabhar;
gidh eadh, adeirid Belarmin agus Salmeron gurab é
Nehemias do sgríobh an dara leabhar dhíobh.



Is dearbhtha gurab é Íosa nó Iesus mhac
Siriaich do sgríobh an leabhar seanmóra dá
ngoirthear Ecclesiasticus, mur dhearbhus féin i
ndianbhrollach an leabhair chédna ag rádh


L. 113


doctrinam sapientiae et disciplinae scripsit in codice
isto Jesus, filius Syrach, Hierosolimita.



Níl cinnteacht ar bith aguinn ar úghdair na
leabhar eile, acht go n-abair ughdair mhaithe go
mb'fhéidir a thuigsin as an gcaibidil ndéighionaigh,
v.26, gurab é Iosue féin is ughdar do Leabhair
Iosue. Tig Augustinus agus Torniellius leis so.
Adeirid fós ughdair fhoghlamtha gurab é Samuel
do sgríobh Leabhar na mBreitheamhean, Leabhar
Ruth, an céd-leabhar agus an dara Leabhar do
Leabhraibh na Ríogh. Measaid mórán nach féidir
linne 'bhrégniughadh gurab é Esdras do sgríobh
an dara leabhar déighionach do Leabhraibh na
Ríogh agus dhá leabhar Pharalipomenon. Gidh eadh,
níl cinntacht ná dearbha air sin. Adeirid úghdair
gurab é Iób féin nó Maoise, dobhí níba déighionaigh
ná é ann, do sgríobh Leabhar Ióib; gurab ceachtar
fós don dá Thobias, .i. an t-athair nó an mac, do
sgríobh Leabhar Thóbiais. Eliachim, an t-árd-shagart
do sgríobh, mur derthar, Leabhar
Iudith. Mardocheus meastar bheith 'na úghdar ag
Leabhar Estheir, dobhí 'na fhiadhnuis ar gach
ní dhá ttráchtar ann. Hircánus an t-árd-shagart
do sgríobh an chéd-leabhar do Leabhraibh na
Macabéibh, agus ní feas créd é ughdar an dara leabhair,
acht, gibé hé, go n-abair gurab as Leabhar Iasoin
Cyrénach do tharruing é.


L. 114


Tá a ughdar féin re cois gach leabhair do leabhraibh
an Tiomna Nuaidh; dá bhrígh sin, ní
laibheórad annso orra.



AN 11 ALT
ANN A TTRÁCHTAR AR AN TSEAN-CHUIMHNE SHINNSIR
DÁ NGOIRTHEAR GO COITCHEANN “TRADITION”
- tradition.



Iar bhfágbháil seacha gach gné eile don tseanchuimhne
shinnsir, is ar an ngné dhi bheanus le
créidiomh agus le bésaibh spioradálta thráchtfad ann
so. Ag so mur craobhsgaoiltear a nádúir sin, .i.
foghluim nó teagasg gan sgríobha, bheanus le
creideamh nó le béusaibh, arna thoirbhirt agus arna
sheachadadh le béloideas ó láimh go láimh agus ó
chluais go cluais, mur atá gach sean-chuimhne
shinnsir dá bhfuil ar buan-choimhéd aguinn le
gcreidimid mórán d'airtioglaibh creidigh nach
bhfaghthar sgríobhtha isan Scriptúir, mur atá:
Muire bheith 'na maighdin iar ttuismeadh a Mic;
baisdeadh naoighean agus baisdeadh na n-eiriticcach
do bheith seasmhach. Adeir S. Chriosostom,
Hom.4, in Epis. ad Thessal., traditio est, nihil
quaeras amplius, .i. “sean-chuimhne shinnsir atá
ann agus ní beag sin.” Is coimhédach atá Pól ar an


L. 115


tsean-chuimne shinnsir so ann a eipistil, ad Thessal.
cap.2, v.14: tenete traditiones quas didicistis,
sive per sermonem sive per epistolam nostram.



Is iomdha gné don bhuan-chuimhne so bheanus
le creideamh agus le bésaibh ann, mur atá arna
roinn ar ttús mur so: .i. sean-chuimhne shinnsir
dhiadha apstalda agus eagailseach; 2 sean-chuimhne
shinnsir bheanas re creideamh, agus aroile bheanas
re bésaibh; 3 sean-chuimhne shinnsir chaitlioca
nó choitcheann, agus aroile shunnradhach nó pharticalárdha;
4 sean-chuimhne shinnsir shíorruídhe agus
aroile aimsiordha; 5 éigiontach agus aroile saor nó
neamh-éigiontach.



Suidhighthear leis na résúin so síos go bhfuil
gach ruinn díobh so ceart, gan iomarcaigh gan
easbaidh; óir má measdar an tsean-chuimhne
shinnsir do réir an ughdair sheachadus ar tús í,
nó do réir an ní ar a ttráchtann, nó do réir na
bpearsann a ghlacus nó dhá ndáiltear í, nó fá
dheóidh do réir an mhodha ar a ndáiltear í: má
measdar do réir na n-ughdar í, béidh sí 'na buan-chuimhne
shinnsir, dhíadha, apsdalda nó eaguilseach;
má meastar do réir na neithe ar a ttráchtann,
béidh sí ar chreideamh nó ar bhésaibh; má
meastar mur geibhtear í le pearsannaibh nó
áitibh, beidh sí caitlioca coitcheann, nó speisialta
particalárdha; má measdar do réir buanadhuis í,
béidh síorruidhe nó aimsiordha; agus fá dheóidh


L. 116


má measdar do réir an mhodha ar a ndáiltear í,
béidh 'na haithne nó 'na comhuirle: más ar
mhodh aithne, béidh éigiontach, más ar mhodh
comhuirle, béidh neamh-éigiontach nó saor; ergo,
etc.



Is é ní tugthear leis an mbuan-chuimhne
shinnsir dhiadha, focal Dé nó léighionn diadha
nach bhfuil sgríobhtha isan Scriptúir atá arna
dháil dona sinnsir le Dia féin, agus arna dháil leó sin
don dream tháinicc 'na ndiaidh féin, agus atá mur
sin arna sheachadadh ó chluais go cluais, agus tá
ar buan-choimhéd imeasg na gcreidmheach do
shíor.



Mur sin dobhí na hairtiogail so síos ar buan-choimhéd
imeasg na gcreidmheach i n-aimsir
dhlighe na nádúire roimh an dlighe sgríobhtha dá
ngoirthear dlighe Mhaoise, .i.: ar tús an domhan
do bheith arna chruthughadh le Dia; 2 an
bheatha shíorruidhe thall tar éis báis; 3 leighios
peacaidh an tsinnsir; 4 na neithe dobhíodh do
réir aithne Dé ar úsáid le hadhradh agus le honóir
dhlistionach do thabhairt don fhír-Dhia.



A n-aimsir dhlighe Mhaoise féin, roimh dhlighe
Chríosd do theacht, dobhíodh mórán d'airtioglaibh
creidigh ar buan-choimhéd ag na Iudaighibh nach
raibh sgríobhthaigh acht dobhí dá ccomhdach le
béloidios. Ag so cuid díobh: 1 leabhra canónta
an Scriptúir a bheith diadha; 2 leighios peacaidh
na sinnsior do bheith le fagháil dona mnáibh;


L. 117


3 gurbha fighair do bhás croiche an tSlánaightheóra
gach iodhbhairt fhuilteach dá ndénadís.



Tá anois féin mórán d'airtiogalaibh ar buan-choimhéd
ag an Eagluis Chríosdeamhuil nach
bhfuil sgríobhtha i Scriptúir an nuadh-reachta. Ag
so síos cuid díobh: 1 óghacht shíorruidhe Mhuire;
2 baisdeadh na naoighean roimh ciall do theacht
dóibh; 3 gan athbhaisdeadh do dhénamh ar an
druing do bhaisdfeadh le eiriticcibh; 4 guidhe
chumh na naomh; 5 onóir do thabhairt d'íomháighibh
agus do thaise na naomh; 6 uimhir na seacht
Sacrameinte; 7 ughdarrás diadha do bheith ag
leabhraibh an Scriptúra, agus mórán eile bheanus leis
na Sacrameintibh, mur atá ádhbhair agus foirm
choda díobh.



Tá dhá ghné sean-chuimhne shinnsir apsdalta
ann: an chéd-ghné, na hoidis gan sgríobha
d'fhágadar na hapsdail 'na ndiaidh tháinicc uatha
féin mur árd-phastúirigh na hEaguilse; an dara
gné, na béloidis gan sgríobha dothugadar uatha
do réir mur ghlacadar ó Chríosd iad, agus is sean-chuimhne
shinnsir dhiadha iad sin, mur atá
óghacht shíorruidhe Mhuire, baisdeadh na
naoighean, ughdarrás diadha an Scriptúra, uimhir
na seacht Sacrameinte, agus mórán eile dona hoidis
tug dhóibh roimh bás d'fhulang, agus an méid
dothug dháibh ar feadh .40. lá iar n-eiséirghe,
Acto.1, v.3.


L. 118


Do-ní Pól, 1 ad Corint.II,v.23, eidir-dhealbhadh
an dá shean-chuimhne apstalda so: ego
accepi a Domino quod tradidi vobis, agus isan .7.caib.
v.10: praecipio non ego, sed Dominus, agus isan .7.
caib., ad Corint.1: ego dico, non Dominus.



Tuigthear leis an mbuan-choimhéd sinnsir
eaguilseach na dlighthe béloidisacha do-rinne
préláidibh na hEaguilse agus na gnáis ionmholta do
chonbhaidh na poibleachaibh dofríth 'bheith
tairbheach ag an Eagluis tar éis deasgabhála
Chríosd agus bháis na n-apsdal. Ag so cuid díobh,
.i. trosgadh do chur ar laethaibh áirighthe don
bhliadhain; 2 sollamhain agus saoire do chur ar
laethibh eile dhi; 3 beannughadh agus crotha an
uisge; 4 fighair na croiche do ghearradh ar na
hédain; 5 gan obair chorpardha do dhénamh
Dia Domhnaigh ná i laethaibh saoire; 6 aighe
cháich do bheith soir i n-am urnaighthe.



Is é ní tuigthear le sean-chuimhne shinnsir
shíorruidhe, béloidios nach féidir 'athrughadh ná a
mhalairt go bráth, mur atá béloidis bheanus le
nádúir na Sacrameintibh, mur tá: aithne shean-chuimhne
shinnsior oruinn braon uisge do choimiosg
i bhfíon na cailíse: vide Cypr. lib.2, epis.3, admonitos
autem nos scias ut in calice Domini offerendo
dominica traditio seruetur ut calix qui in commemoratione
ejus offertur mixto vino (aqua) offeratur.


L. 119


Tuigthear le sean-chuimhne shinnsir aimsiordha,
béloidios nó dlighe gan sgríobha dáiltear lena
bheith arna choimhlíonadh ar feadh sealaid, agus is
dá nádúir sin gur féidir a mhalairt gion go mbeith
apstalda féin, mur dobhí: 1 trí tomthaibh isan
mbaisdeadh; 2 mur ghlacadh gach creidmhioch
corp an Tiaghearna anallód gach aon lá dá
n-éisdeaddís aifrionn; 3 an gnás dobhí acu le
fleadh do bheith dá chaitheamh isan Eagluis nó i
láthair na haltóra dá ngoirthí “Agape”; 4 na póga
síthchána dá ngoirthí póga naomhtha do-bheireadh
cách dhá chéile dhíobh iar ndénamh a n-urnaighthe
dháibh. Agus ní hiongnadh na gnáis neamh-sgríobhtha
do dhul i mbáthadh an tan do-chuaidh
cuid dona dlighthibh aimsiordha do sgríobh na
heasbail féin ar gcúl, mur atá an toirmeasg do
chuiriodar ar na Críosdaighibh gan fuil ná feóil
mhúchda d'ighthe, ní nach ccoimhlíontar i n-áit
ar bith anois: Act.15, v.28, visum est, etc.



Bhí d'ualach ar gach uile dhuine is gach uile áit
isan Eagluis na buan-chuimhnighibh sinnsir
coitchionna apsdalda agus eaguilseach, do choimhlíonadh,
mur atá: - 1 sollamhain bhliadhantamhuil
na Cásga; trosga bliadhantamhuil an Chorghuis
agus na ceithre Cátaoire Timpir; beannchadh an
uisge coisriogthar, agus mórán dá samhail sin.



Dá n-abradh neach gurab aithne dhiadha
trosgadh an Chorghuis, adeirim-se nach eadh, do


L. 120


bhrígh nár chuir Críosd aithne ar chách lena
chongbháil, acht go n-abair cuid do na haithreacha
naomhtha gurab ar aithris Chríosd, do throisg dá
fhithchiod lá, d'ordaigh an Eagluis trosgadh an
Chorghuis.



Ní bhíonn an tsean-chuimhne shinsir phartícalárdha
'na dlighe dhiadha acht apstalda amháin
nó eaguilseach. Is ar an ní cédna so labhrus
Ambrós naomhtha, Epist.118, ag rádh: Cum
Romam venio jejuno Sabbatum; cum Mediolani
non, .i. “an uair thigim don Róimh troisgim an
Satharn, acht an uair bhím isan Mioláin ní
throisgim é.”



An tsean-chuimhne shinnsir éigiontach, nó sean-bhéloidios
do réir aithne, ceanglaidh sin gach aon
don Eagluis lena choimhlíonadh, mur tá: sollamhain
na Cásga a bheith ar an gcéd Domhnach thig
i ndiaidh an cheathramhadh lá décc d'éusga an
Mhárta gacha bliadhuin, vid. Concilium Nicen.
contra Assiaticos.



Ar mhodh comhuirle berthar an béloidios dá
ngoirthear sean-chuimhne shinnsir shaor nó neamh-éigionta,
traditio libera, más ó na heasbuil nó ón
Eagluis thig; mur atá: crothadh an uisge
choisrioghtha; fighair na croiche do dhénamh i
n-édan cháich; aghaidh do thabhairt ar an aird
thoir ag dénamh urnaighthe.


L. 121


Más mian leat, a leughthóir, aithne do bheith
agad ar gach gné sean-chuimhne sinsir fó seach,
tabhair dot aire ar tús más sean-chuimhne shinnsir
í bhés ar buan-choimhéd do ghnáth agus nach féidir
a tús ná a tionsgnadh d'fhaisnéis, gurab buan-choimhéd
apsdalda nó diadha bhés ann, .i. pure
apostolica vel divina apostolica, mur atá, trosgadh
an Chorghuis agus na gCátaoir Thimpir; vide S.Aug.
lib.1, contra Donatist.



2 regula: más aithne fhógras an tsean-chuimhne
sin dhuit nach féidir leis an Eagluis do
mhalairt nó dispensáid do dhénamh innte, tuig gur
sean-chuimhne shinnsir apstalda dhiadha bhés ann.



3 regula: más ní bhés ar buan-choimhéd é ó
aimsir na n-apsdal, agus go ttuigfídhar as gur tar éis
na deasghabhála do thosaigh, tuig gur sean-chuimhne
shinsir agus béloidios apstalta bhias ann
mur atá: uisge do chur isan gcailís, vide Cyp.
loco citato supra; an nós dobhí ag cách leis an
bpóig shíthchána; uigil nó faire i n-onóir na
mairtíreach; an tAgapes; gan fuil do chaitheamh,
ná feóil thachtaigh d'ithe.



4 regula: más i ndiaidh na deasgabhála agus
báis na n-apsdal do thionsgain, tuig gur sean-chuimhne
shinnsir eaguilseach amháin bhés ann,
mur atá: trosgadh ó fheóil, ó uidhe, agus ó bhán-bhia,
i laithaibh áirighthe don bhliadhuin.



5 regula: féch fós cédfaidh na hEaguilse agus na
n-aithreach naomh ar na neithe cédna má gheibh


L. 122


tú docamhuil ann aen-ní acu; agus tuig do ghnáth
gur maith an comhartha ar dhlighe nó ar ghnás
dhiadha muna raibh i gcumhachta na hEaguilse a
gcur ar gcúl le hádhbhar ar bith nó diospensáid
do thabhairt ionnta: his praemissis.



AN 12 ALT
ANN A SUIDHIGHTHEAR GO BHFUIL SEAN-CHUIMHNE
SHINNSIR DHIADHA NÓ BRIATHRA DÉ NÁR
SGRÍOBHADH ISAN SCRITTÚIR AR BUAN-CHOIMHÉD
DO GHNÁTH I N-EAGLUIS CHRÍOSD.



Is cóir dhúinn gach ní dhá gcuirionn an
Scriptúir síos dúinn a ghlacadh mur riaghuil
creideidh (ní nach féidir leis an druing is naimhde
don tsean-chuimhne shinnsir a shénadh). Acht
iarraidh an Scriptúir oruinn i mórán d'áitibh dhe
an tsean-chuimhne shinnsir do bheith ar buan-choimhéd
do ghrés aguinn; mur sin, is riachtnus
dúinn a congbháil i bpéin dhamanta.



Atá an chéd-chuid don argúint so deimhnioch.
Suidhighthior an dara cuid asan Scriptúir féin:



Deuter. cap. 32, v. 7, mur a n-abair: interroga
patrem tuum, et anunciabit tibi, majores (tuos), et
dicent tibi, “fiafraigh dot athair is aithreósaidh
dhuit, dod shinnsiraibh is inneósaidh dhuit.”



Psal.43, v.1, Deus, auribus nostris audivimus,
patres nostri anunciaverunt nobis opus quod


L. 123


operatus es in diebus eorum, “a Dhé, do-chualamur
lér gcluasaibh, agus d'fhoillsíghdar ar n-aithre dhúinn
an obair d'oibrigh tú ionna n-aimsir, etc.”



Isaiae,38, v.19, pater filiis notam faciet
veritatem suam, .i. “foillseóchaidh an t-athair
fírinne dá chloinn.”



Jerem,6, v.16, state super viam, et interrogate
de semitis antiquis quae sit via bona, et ambulate
in ea; et invenietis refrigerium animabus vestris,
“seasuidh isna slighthibh agus fiafraigh lorg na sean-chosán,
c'áit a bhfuil an tslighe mhaith, agus siubhlaigh
innte, agus do-ghébhthaoi suaimhnios dá bhur
n-anmaibh.



Ecclesias.8, v.11, non te praetereat narratio
seniorum, ipsi enim didicerunt a patribus suis;
quoniam ab ipsis disces intellectum, et in tempore
necessitatis dabis responsum, .i. “ná himgheadh
sgél na sinnsior thort, óir is óna n-aithribh do
fhoghluimsiod iad, óir má fhoghlamann tú ciall
uatha, do-bhéuraidh tú freagra i n-aimsir an
riachtanuis uait.”



Níl ní is follusaigh arna shuidhiughadh isan
Tiomna Nuadh ag S. Pól ná an fhírinne chédna so:



Ag so mur deir, ad Thess.2, cap.2, v.14, itaque,
fratres, state, et tenete traditiones quas didicistis,
sive per sermonem, sive per epistolam nostram, .i.
“a bhráithriocha, dénaidh seasamh, agus connmhuidh
an tsean-chuimhne shinnsir dofuair sibh le mo


L. 124


bhéloidios agus le mo sgríbhinn.” Féch go ttuigthear
as so nach mó an meas dobhí ag Pól ar an Scriptúir
sgríobhtha ná air an mbéloidios gan sgríobhadh.



Adeir an t-apsdal cédna isan treas caib. don
dára heipistil do sgríobh chum na gCoirintínioch
gurab iad na pobuil fá héipistil do Chríosd agus nach
le dubh do sgríobadh í, acht le spiorad an Dé bheó,
agus nach i leacaibh cloch do sgríobhadh í acht i
gcláraibh colnuidhe an chroidhe.



Adeir sé arís isan .8. caib. chum na nEabhraighioch,
“Do-bhér mo dhlighe féin ana n-intinnibh, agus
sgríbheóad ann a gcroidhthibh é,” dá chur i gcéill
nach eadh amháin gur dheónaigh Dia a reacht
féin do thabhairt dona cineadhachaibh acht gur
thoil leis maille ré comhrádh beóil a shíolchur ann
a gcroidhtheachuibh.



Tig leis so an ní adeir fós isan ccéd-chaib. don
dara heipistil do sgríobh chum Timot: “Na
neithe,” ar sé, “do-chualaidh tú uaim-se maille ré
hiomad bhfiadhan aithin do dhaoinibh dísle iad
bhias ineamhuil dochum a tteagaisg do chách.”



Do-bheir Pól isan chéd-eipistil do sgríobh chum
na gCoirintínioch buidheachas dóibh tré mur do
choimhédadar na haithionta thug sé dhóibh. Gidh
eadh ní léighthear gur sgríobh sé aen-fhocal cucu
ariamh roimh an eipistil sin, ná fós gur fhágaidh
sé aen-fhocal sgríobhtha aca, agus dá réir sin go
ttugadís na hapstail fógartha agus aithionta re a


L. 125


gcoimhéd dona Críosdaighibh do chomhrádh beóil.
Adeir Críosd isin .16. caib. ag Eóin go raibh mórán
aige féin re rádh nach bhfédfadhdís na hapsdail a
bhreith leó don chur sin; dá chur i gcéill go
seólfadh an Spiorad Naomh dhóibh-sion, agus don
Eagluis 'na ndiaidh, gach ní éigiontach do bheanfadh
re creidiomh na gCríosduighibh. Agus is
uime sin adeir isan .13. caib. ag Marcus, ag gealladh
na neithe gcédna, an uair dobérthaoi na Críosduighibh
dochum ceasda tréna gcreidiomh nach iad
féin do laibheóradh ionnta acht an Spiorad Naomh.



Ní bhfuil fós aon-áit isan Scriptúir adeir linn go
follus gurab én-phearsa amháin atá ag Críosd inna
bhfuil dá nádúir, mur atá nádúir dhiadha agus nádúir
dhaonna; agus ina bhfuil dá thoil, .i. toil dhiadha agus
toil dhaonna. Níl fós isan Scriptúir aon-áit adeir
gur cóir na naoigheanaibh gan chéill do bhaisdeadh.
Creidid naimhde na sean-chuimhne sinsir iad so.
Creidid fós (tar cheann nach bhfuil aon-ní follusach
isan Scriptúir dá gcur i gcéill) go bhfuilid trí
pearsanna isan Trionóid agus nach bhfuil acht aon-nádúir
amháin inte. Dá bhrígh sin creidid dá
n-aimhdheóin mórán do neithibh bheanas go
héigiontach risan gcreidiomh nach bhfághaid isan
Scriptúir.



An uair do-rinne an rígh-fháidh isan .18. psailm
tarrngoire go síolróchaidh an creidiomh ris na
hapsdail agus leis an Eagluis 'na ndiaidh, ní dhubhairt


L. 126


go gcluinfídh a sgríbhneóiracht acht go gcluinfidh
a nguth agus a mbriathra: in omnem terram exivit
sonus eorum, et in fines orbis terrae verba eorum.



Tá na comhuirleacha geinearálta go hiomlán ag
cruthughadh na fírinne so. Féch an Choimhuirle
Thrionda, Decreto de Canonicis Script., Sess. 4.
Féch fós gur le sean-chuimhne shinnsir do
damnaigheadh an mhéid eiriticcioch d'éirigh i
n-aghaidh na hEaguilse iriamh. Is mur sin do
damnaigheadh eiritigacht na Nouatianach i gComhuirle
Romhánach, anno Christi 255, sub Cornel.
Papa; eiritigacht Phóil Shamosatéin i gComhuirle
Antioch, anno 266, sub Dion. Papa; eiritigacht
Ariuis i gComhuirle Nicea, sub Papa Sylvestro,
anno 325.



I gComhuirle Constantinople do damnaigheadh
eiritigacht Mhacedoniuis, anno 387, sub Damaso
P. Concil. Milevit. 2, Innoc. 1 Papa, an. 416,
do damnaigheadh eiriticcacht Phelagiuis agus
Chelestiuis. I gCéd-chomhuirle Epheis, anno 431,
do damnaigheadh Nestorius, Caelestino 1 Papa.
I gComhuirle Chalcedóin, Leone 1 P., anno 451,
damnaigheadh Eutiches. Anno 563, sub Joane 1,
in Concil. Bracharens. damnaigheadh eirticcacht na
bPrissilianach. Anno 787, isan dara comhuirle i
Nicea, Adriano 1 P., do damnaigheadh le scrúdagh
sean-chuimhne sinnsir, eiriticcacht na nIconomachaibh,
.i. lucht brisde na n-iomháigheach, agus gach
eiritigacht eile ó sin a leith.


L. 127


Dá gcuirinn síos ughdarráis na n-aithreach
naomhtha ag suidhiughadh na fírinne so ní
chríochneóchainn go bráth, óir atáid ann gach
saoghal dá chruthughadh ó thosaigh an Eagluis
gus anos. Gibé lér mian leanmhuin de, do-ghébhaidh
briathra na n-aithreach réimhráite ag
mórán d'ughdaraibh tá coitchionn imeasg cháich.
Dá bhrígh sin ní laibheórad orra annso agus críochnóchad
iar gcur aon-argúinte amháin annso: .i.
tuig ar ttús gur le cédfaidh an éisdeacht geibhtear
airtiogail an chreidigh: fides ex auditu.



Ag so an argúint: má tá airtiogail chreidigh
ann atá d'fhiachuibh i bpéin dhamanta ar gach
Críosdaighe a chreideamhuin nach bhfaghthar go
follasach isan Scriptúir, atá riachtanus éigiontach
le sean-chuimhne sinnsir le creidiomh na
n-airtiogal sin do chongbháil ar buan-chuimhne
isan Eagluis; acht atá mórán airtiogal dá shamhuil
sin ann. Leanaidh go héigiontach dá bhrígh sin,
go bhfuil sean-chuimhne shinnsir riachtanusach
éigiontach isan Eagluis. Cruthaighthear an dara
cuid le hainmniughadh na n-airtiogal so síos: 1 go
bhfuil Muire, Máthair Chríosd, 'na maighdin do
ghnáth; 2 gur cóir na leinbh go dlúth iarna
mbreith do bhaisdeadh; 3 nach cóir athbhaisdeadh
do dhénamh ar an druing a bhaisdios na
heiritigidh; 4 gurab í so an fhoirm lér cóir baisde
do dhénamh i bpéin gan brígh bheith ann, .i.
ego te baptizo in nomine Patris et Filii et Spiritus


L. 128


sancti, nó le briathra ionanna dháibh sin mur atá i
nGaedhlig, “baisdim tú i n-ainm an Athar agus an
Mhic, etc”; 5 gur chóir sollamhain na Cásga
do bheith ar an Domhanach i ndiaigh an .14. lá do
éusga an Mhárta gacha bliadhain; 6 go bhfuil
Scriptúir diadha aguinn, agus gurab é Briathar Dé
féin é; 7 go bhfuil an Scriptúir cédna gan
truailliughadh againn, go háirighthe go bhfuil saor
ó gach locht isna hairtiogail bheanus leis an
gcreideamh nó lé bésaibh; 8 go bhfuil ciall
cheart an Scriptúra chédna ag an Eagluis; 9 gur
Scriptúir ceart ceithre leabhra an tsoisgéil, do réir
Mhatha, Mharcuis, Lucáis agus Eóin, agus gidh go
bhfuilid so diadha canónta nach bhfuil leabhair
shoisgéil Andriais, Pharthaláin, Thomáis, ná
Pheadair, diadha ná canónta; 10 nach bhfuil
diadha canónta do na ceithre leabhair hainmnighthear
as Esdras acht dá leabhar; 11 nach
bhfuil 'na Scriptúir dhiadha chanónta do cheithre
leabhair na Macabéibh acht dá leabhar; 12 go
bhfuil eipistil Phóil chum Tiomoteuis, chum Títuis,
chum Philemóin, etc., diadha canónta, agus nach
bhfuil a eipistil chum Seneca mur sin; 13 go
bhfuil eipistil Phóil chum na Rómhánach diadha
canónta, agus nach mur sin dá eipistil chum muintire
na Láodicea, tar cheann gur a n-ainm Phóil atá
sí, agus fós go ttráchtann uirre isan gcaibidil


L. 129


ndéighionaigh dhá eipistil chum na gColosínigh,
ní nach dénann leis an eipistil chum na Rómhánach.



Anois bheirim slán aon-duine iad so d'fhagháil
go follusach isan Scriptúir. Mur sin is éigion sean-chuimhne
shinnsir do bheith isan Eagluis lena
mbeith ar buan-choimhéd innte, do bhrígh gur
riaghuil chreidigh í mur an Scriptúir féin.



Is urusa gach ní dár féidir a rádh i n-aghaidh
an léighinn fhírinnigh so d'fhuasgladh.



Adeirid naimhde an léighinn so gur féidir an
dá airtiogal so d'fhagháil isan Scriptúir, .i. baisde
na ngarlach gan chéill, agus foirm an bhaisdigh, óir
adeir isan .3. caib. ag Eóin: nisi quis renatus
fuerit, etc., agus isan .28. caib. ag Matha; euntes
docete omnes gentes baptisantes eos in nomine Patris
et Filii et Spiritus Sancti, etc.



Adeirim-se muna mbeith an tsean-chuimhne
shinnsir atá aguinn ar mhíniughadh na hEagluise
ar an dá áit sin nárbh fhéidir baisde na naoighean
ná foirm an bhaisdidh do thuigsin asda, óir adeir
isan dara háit Críosd leis na hapsdail cách do
theagasg roimh an mbaisdeadh, agus mur nach bhfuil
na leinbh i n-inibh teagaisg do ghlacadh ní féidir
a mheas gur thrácht sé orra go follasach. Níl an
fhoirm fós go follusach isna briathra so: baptisantes
eos in nomine Patris, etc., óir an áit a n-abair
sé isan .14. caib. ag Eóin, v.14: si quid petieritis
Patrem in nomine meo, ní chuirionn aithne orra


L. 130


gacha mhionca d'iarrfadhdís aén-ní gur chóir
dháibh, “iarruim so i n-ainm Críosd” a rádh. Mur
sin dob fhéidir a rádh leis an áit eile.



Is gach ionad a n-abarthar isan Scríptúir gan
aen-fhocal do chur do chomaoin air, tuigthear as
gan aen-ní contrárdha dhó do chur leis, ná aen-ní
dá bhfuil ann do bhuain as. Agus muna mbeith
sin fírinneach níor chóir aen-fhocal don chuid eile
don Scriptúir féin a sgríobhadh i ndiaidh na
haithne atá isan .4. caib. do Leabhar Deuteron.,
áit a n-abair: non addetis ad verbum, quod vobis
loquor, neque auferetis ex eo.



Do bhrígh go bhfuil beagán d'fhoclaibh fiata tá
neamh-ghnáthach bheanus le sean-chuimhne
shinnsir dá ngoirthear “tradition,” is mian liom,
ionnus go n-aithneóchadh cách as a n-anmanna
iad agus nach glacfaidhe an t-égceart ar son an cheirt,
solus do thabhairt orra annso, ionus nach tteithfeadh
cách leis an bhfuaim uathbhásaigh atá acu.
Ní linne bheanaid, acht leis na Iudaighibh leanus
go harráideach iad iar ndiúltadh do Chríosd agus dá
dhlíghe. Ag so na hanmanna fiatamhla sin
bheirid dá sean-chuimhne shinsir féin, .i. Mischna,
Gemara, Talmúde, Massora, agus Kabala.



Adeir fuighioll áir nó iarsma na Iudaigheach
anois féin go ttug Dia dhá ghné dlighe do Mhaoise
ar an tsliabh, .i. dlighe sgríobhtha agus béloidios dá
ngoirid lex auralis nó dlighe cluaise, agus go ttug
Maoise an dá dhlighe so don phobal, agus go raibh


L. 131


an dlighe cluaise so dá chongbháil agus dá choimhlíonadh
diaidh i ndiaidh ag na Iudaighibh do
bhrígh go raibh arna sheachadadh ó láimh go
laimh, agus ó chluais go cluais, ó aimsir Mhaoise do
thoirbhir do Iosue é, agus é sin do na seanóirigh, agus
uatha sin ó ghlún go glún go hEsdras, agus uaidhe sin
ó chluais go cluais agus ó ghlún go glún gusan lá
aniugh. Atáid dá mhaoidheadh mur do bheith
'na ionnmhus daor-luaidh acu, agus anois le
haimsir roinnid i ndá chuid é.



Isan chéd-chuid anois atá míniughadh nó
gluais do chuir cuid dá n-aos eagna ar an dlighe
cluas coitchionn réimh-ráite, do réir na n-aimsior
ó shaoghal go saoghal gus anois, agus dá bhrígh
sin is iomdha basdall mhór do-níd anois
asda.



Is é ní thuigid as an dara cuid míniughadh nó
gluais fháthchialla bheanus leis an ríghacht
shíorruidhe do chuir a n-aos eagna dá ngoirid
Rabínigh ar an ghluais-dhlighe cédna.



Tá an chéd-chuid sin dá fhriotal nó arna chur
síos isan Talmud, agus is iad sin na codcha is
iomláine dá ngoirthear Mischna agus Gemara, agus is
leó sin bheanus Massora, do bhrígh nach bhfuil
acht ciall ghraiméir na ndlighthe réimh-ráite ann,
mar aon le puinc, le guthaighe, le soin, le
siollaidhe, agus le mion-neithibh eile dá samhuil sin.


L. 132


An dara cuid don dlighe cluas geibhtear ann
Kabala dár ciall i Laidin receptio, nó “glacadh”
i nGaedheilg, mur chiallaighios an focal Eabhruis
Massora, nó mur deirid aroile Masora, traditio, nó
“sean-chuimhne shinnsir” i nGaedheilg.



Tuigthear le Kabala sórt nó cinél diadhacht
chuirios go fordorcha le leitreacha agus le focail
neithe i gcéill, agus fós chuirios neithe eile i gcéill leis
na neithibh féin ar a ttráchtann. Adeirid aroile
nach bhfuil ann acht béloidios ar chiallaibh
diamhra do-thuigse an Scriptúra arna sheachadadh
ón duine eagnaighthe amháin go a chéile. Atá trí
ghné Cabala ann: an chéd-ghné tá ion-mholta do
réir an teasduis dhéighionaigh; an dara gné nach
bhfuil lochtach tráchtus ar litreacha, ar phoinc, ar
shiollaidhe, agus ar shónaibh na teanga Eabhruise;
an treas gné tá lochtach diabhluidhe dhe, ionann
agus easarlaighacht é, lé nglacaid cuid dona Iudaighibh
orra féin gach gné ghalair do leighios, deamhuin
do dhíbirt nó do ruagadh, agus a samhail sin do
mhíorbhuilibh a dhénamh le litreacha agus le focail
an Scriptúra dá suathadh bun ós cionn tríd a
chéile.



Tá an dara gné don Kabala thráchtas ar
litreacha, ar fhocalaibh, ar chanamhuin agus ar
shónaibh nó ar fhogharaibh an Scriptúra, tairbheach
ar uairibh. Adeirthear gur Iudaibh agus


L. 133


Babilóineachaibh dobhí i bhfochair a chéile i
gcathair na Teberiade isan mbliadhan 476 d'aois
an Tiaghearna dofuair na poinc chuirios guthaidhe
na hEabhruise i gcéill, óir ní cosmhail gur fríth
eólus orra i n-aimsir Origines ná Ieróim fós, etc.
Roinntear i ttrí chuid nó i ttrí ghné an Kabala so,
dá ngoirthear Gametria, Notarica, agus Themuria.
Le Gametria curthar ní i gcéill le malairt áite na
litreacha i bhfocal, mur atá Melach, .i. Michael;
Notarica an uair chiallaighios gach litir d'fhocal
ní eile, mur atá multi le ttuigthear arna chur i
n-Abhrais, na Romhánaigh, na Babilóinaigh, na
hIoinibh, agus na Médaigh, do bhrígh go bhfuil R, B,
I, M isan bhfocal Abhruis multi, agus is mur sin
mhínighid multi insurrexerunt in me; Themora,
sin glacadh litreach ar son a chéile, mur atá “a”
ar son “b”, “d” ar son “c”, mur so d b c d, .i.
“cade.” Dobhí guthaighe ag an teangaidh Eabhruis
roimh na poinc (.i.: aleph, “a”; he, “e”; iod,
“i”; uau, “u”) ar son gur 'na gconsaine glacar
anois iad. Is uime do chuir mé síos iad so go
hathghearr ionnus nach beith uathbhás ar an léughthóir
le clos fuaime na bhfocal gcoimhíghach.



Do bhrígh go bhfuil mórán do ráitibh an Scriptúir
do mheasfadh lucht glas-fhoghlama a bheith
contrárdha dhá chéile is mian leam cuid acu do
chur síos annso, agus réitioch do dhénamh eatorra.


L. 134


AN 13 CAIB.
ANA TTRÁCHTAR AR CHUID DO RÁITIBH AN SCRIPTÚIR
DO MHEASFADH NEOCH A BHEITH CONTRÁRDHA.
A MÍNIUGHADH SIN.



AS LEABHAR NA NGEINEALACH.



Atá síos isan gcéd-chaib. do Leabhar na
nGeinealach dá ngoirthear Genesis gur i ndiaidh
a chéile ar feadh shé lá do chruthaigh Dia an
domhan; agus adeir an Scriptúir cédna a chontrárdhacht
sin, Eccli. 1, v. 1, óir adeir gur
chruthaidh Dia an t-iomlán i n-éinfheacht nó i
n-alt aon-uaire: qui vivit in aeternum creavit
omnia simul. Féch go bhfuil, dar leat, an dá áit
sin contrárdha.



Freagra: níl contrárdhacht ar bith annso, do
réir mur deir S. Tomas 1 p., q. 74, ar. 2, ad. 2,
áit i n-abair: Deus creavit omnia simul quantum
ad eorum substantiam quodam modo informem, sed
quantum ad formationem, quae facta est per distincionem
et ornatum, non simul, .i. do chruthaidh
Dia substaint nó an meall míchóirighthe dá
ngoirthear “chaos,” dá ndearnaidh gach ní foirmeamhuil
deagh-ordaigh deagh-chumtha dár chum
agus dár cheartaigh isan ordughadh deagh-álainn do-chímíd


L. 135


anois ar feadh na sé lá ar a ttráchtann an
chéd-chaib. do Leabhar na nGeinealach; óir ba
hé an meall nó an chaaós sin do chruthaidh sé i
n-éinfheacht ba céd-adhbhar do gach crétúir dár
chruthaidh sé ann a ndeilbh agus ann a bhfoirm
eidirdhealbhach ar feadh na sé lá réimh-ráite.
chruthaidh sé ann a ndeilbh agus ann a bhfoirm
eidirdhealbhach ar feadh na sé lá réimh-ráite.



Deirthear isan gcaib. chédna do Gen.:
Faciamus hominem ad imaginem, etc., .i. “dénamíd
an duine ar ar n-iomháigh agus ar ar gcosmhulacht
féin”; agus adeir Críosd féin, Joan.8. le daoine:
vos ex patre diabolo estis, .i. “is do chloinn an
diabhail sibh.” Agus mur nach féidir íomháigh nó
cosmhulacht Dé theacht ón diabhal, ná an ghein
dothiucfadh ón diabhal a bheith i gcosmhulacht
Dé, dar leat tá an dá áit so contrárdha.



Fr.: nílid contrárdha, óir is féidir d'íomháigh
agus do chosmhulacht Dé do réir shubstainte agus
nadúire a bheith 'na ghein chloinne do réir a
dhroch-bheatha mhórálta agus mhí-bhésa ag an
diabhal.



Tráchtar isan gcaib. chédna i n-obair an
chéd-lae ar chruthughadh an tsoluis, agus adeirthear,
ver. 16, nár chruthaigheadh an solus mór, .i. an
ghrian do-ní eidirdhealbhadh oidhche agus lae, nó
go ttáinicc an ceathramhadh lá, agus más ón ngréin
amháin thig an solus ní cosmhuil go mb'éidir a
chruthughadh roimpe.


L. 136


Nílid so contrárdha, óir adeir S. Tomás isan áit
chédna, art. 1, ad 4, gur chruthaigheadh an
ghrían agus gach solus eile do réir a substainte nó a
gcéd-adhbhair mur gach crétúir eile an céd-lá, agus
ar an gceathramhadh lá gur chuir Dia isan bhfoirm
agus isan n-innioll áluinn a bhfaicthear anois iad, mur
deir Dionisius, cap. 4: lumen solis, quod primo die
erat informe, quarto die formatum est.



Adeirthear, Gen.2, v.2, gur chríochnuigh Dia a
obair an seachtmhadh lá go hiomlán agus gur chomhnuidh
an seachtmhadh lá ón uile obair; agus adeirthear
ag Eóin, cap.5, ní contrárdha dhó sin, óir adeir
nár sguir Dia ó obair go fóill: usque modo Pater
meus operatur et ego operor.



Freagra: nílid so contrárdha, óir tráchtar isan
gcéd-áit ar obair an chruthaighthe, isan dara háit
ar obair chaomhanta agus chúraim Dé i ttimchioll na
ndaoine, mur tá dá stiúradh agus dá gongbháil i
n-ordughadh mar aon le gach crétúir eile do
ghnáth.



Isan leabhar cédna, Gen.4, v.26, deirthear
ar Enós gurab é do thosaigh le ainm Dé d'adhradh:
Enos iste coepit invocare nomen Domini. Atá ní
conntrárdha dhó so isan gceathramhadh rann don
chaib. chédna, .i. go ndearnaidh Ábeil ainm Dé
d'adhradh roimhe sin: Abel quoque obtulit de
primogenitis gregis sui, etc.


L. 137


Fr.: nílid so contrárdha, óir an tan deirthear
gurab é Énos do thosaigh le Dia d'adhradh tuigthear
as sin gurab é céd-duine do thosaigh leis na
creidmheacha do chruinniughadh i bhfochair a
chéile le hadhradh agus le hiodhbartha sollamanta
do dhénamh i bpuiblidhacht é, agus ní séntar iodhbairt
phríbháideach Ábeil leis sin.



Isan leabhar chédna, cap. 6, adeir an
Tiaghearna: “ní mhairfidh mo spiorad féin isan
duine go síorruidhe, ní bheidh do laethaibh aige
acht céd agus fithche bliadhain”; agus dár leat tá sin
contrárdha, óir i ndiaidh Noe féin dobhí daoine
níba fadshaoghlaigh go mór iná sin, óir do mhair
Sem mac Noe 600 bliadhain, Araphaxad 438
mbliadna, Sale 433, Heber 464 mbliadhna, etc.



Freagra: nílid so contrárdha, óir ní ag ceapadh
saoghail áirighthe do gach aon-nduine fó leith tá
briathra an Tiaghearna, acht a' tabhairt rogha do
gach aon don chine dhaonna do mhair an uair sin
muna ndénadís aithrighe go mbáithfeadh an díle
uile i gceann sé fithchid bliadhain iad. Adeirid
fós aroile ughdair gur bliadhnaibh móra
Maoisiochdha dá ngoirthear anni jubilaei, nó
“bliadhna loghaidh,” tuigthear leis an áireamh,
agus bhí leith-chéd is gach bliadhain díobh sin, do-ní
sé mhíle bliadhain, agus nach bhfuil d'aimsir ag an
saoghal le marthain acht sin. Gidh eadh, níl an
chédfaidh so inchreidthe.


L. 138


Adeirthear isan gcaib. chédna go raibh
aithriochas nó aithmhéla ar Dhia tré chruthughadh
an duine: Poenituit eum quod fecisset hominem;
agus adeirthear, 1 Regum, cap. 15, nach iontsamhuil
Dia don duine do bhrígh nach féidir leis aithriochas
nó aithmhéla do bheith air.



Freagra: nílid so contrárdha, óir an uair adeir
an Scriptúir fearg nó athmhéla nó a samhuil sin
d'aicídeacha laga nó daonna do bheith ar Dhía ní
go litiordha acht go fáthchiallach is cóir a ttuigsin,
do bhrígh go labhrann Dia ar mhodh daonna, dá
chur i gcéill go ttiugfadh a dhíoghaltus mur do
thiucfadh ó dhuine ar a gcuirfidh fearg, nó
sgriosfadh do dhruim talmhan an ní nach ttaithneóchadh
leis mur sin, mur deir S. Augustinus,
lib.15, De Civit., cap.7: ní do réir aigne nó
inntine bhíos aen-aicíd acu sin ar Dhia, acht do
réir éifeachta, non quoad affectum, sed quoad
effectum.



Adeirthear, Gen.5, gur mhair Mathusala 969
mbliadhna, agus más fíor sin do mhair go deireadh na
dílionn, agus mur sin dobhí sé i n-áirc Noe. Gidh
eadh is contrárdha so, do bhrígh go n-abarthar
isan seiseadh caib. nach raibh acht ochtar i n-áirc
Noe, .i. é féin agus a bhean, a thriúr mac, agus a
mnáibh sin, .i. Sem, Cam, agus Iaphet.



Freagra: nílid so conntrárdha, óir ní abrann
an téx gur mhair Mathussala an bhliadhain


L. 139


déighionach don áireamh sin go hiomlán, óir ní
mó ná ann a tosach dobhí an uair dofuair bás
(mur deir úghdair Iudaigheach) seacht lá roimh
an díle do dhórtádh, agus dá bhrígh sin is lochtach do
cuireadh isan téx Ghrégach an tSeachtmoghaid
gur mhair sé ceithre bliadhna déug i ndiaidh na
dílionn, mur deir S. Augustinus, Belarmin agus mórán
eile.



Adeirthear, Gen. cap.11, v.26, go raibh
Thare seachtmhoghad bliadhain d'aois an uair
dorugadh a mhac Ábram dó, agus go bhfuair sé bás
isan mbliadhain 75 d'aois Ábrahaim. Óir an
bhliadhain chédna d'fhág Ábram Haram d'éug sé;
agus ba hí sin an .75. bliadhain d'aois Ábraim, mur is
follus as an .12.cap. Gen., v.4: septuaginta
quinque annorum erat Abraham cum egrederetur de
Haram. Mur sin níor mhair Thare acht 145
bhliadhna. Gidh eadh, léighthear isan rann
déighionach don chaib. chédna gur mhair sé dhá
chéd agus cúig bhliadhna; et facti sunt dies Thare
ducentorum et quinque annorum et mortuus est in
Haram.



Freagra: tar cheann gur mheas S. Ieróm go
raibh an snaidhm so do-sgaoilte, gídh eadh má
fhéchunn tú ar an téx Samarítánach ní bhfuighir
isan rann déighionach don chaibidil thuas, a
n-ionad an dá chéd agus cúig bhliadhna, acht céd


L. 140


ceathrachad agus chúig bhliadhna, thig go díreach
leis an gcéd-áiriomh, agus uime sin is lochtach an
t-áiriomh atá isan téx Laidne, do thárla dhó le
neamh-choiméd na gcléireach do sgríobh ar ttús
as an bpríomh-théx é.



Deirthear isan leabhar cédna, cap.46, v.26,
gur 66 dhuine do-chuaidh go hÉgipt a n-aimsir
Ióseph bheith 'na árd-thaoiseach ann; agus isan v.27,
'na dhiaidh sin, adeirthear go ndeachaidh 70 ann:
cunctae animae quae ingressae sunt in Eygptum
sexaginta sex fuerunt; et v. 21: omnes animae
domus Iacob quae ingressae sunt in Egyptum fuere
septuaginta. Adeirthar fós isan .7. caib. do
Ghníomhartha na n-Apstal, isan v.14, go ndeachaidh
75 ann: mittens autem Ioseph accersivit
Iacob patrem suum, et omnem cognationem in
animabus septuaginta quinque.



Freagra: nílid so conntrárdha, óir isan v.26 ní
háirmhighthear Iacób féin ná Ióseph ná fós días
chloinne Ióseiph, agus má curthear an ceathrar sin
le 66 do-dhénfaid 70 suas, dothig le áireamh an 27
rainn; agus má curthear leó sin arís an cúigear do
chloinn chloinne bhí ag Ióseph do-dhénfaid suas
an uimhir áirmhithear i leabhar Ghníomhartha na
n-Apsdal, cap.7, v.14.


L. 141


AS LEABHAR EXODI, NÓ NA GLUASACHT.



Adeirthear, Exodi, cap.14, v.20, go raibh
néull dorcha a' dénamh soluis don phobal Israél
isan oidhche: erat nubes tenebrosa illuminans
noctem.



Freagra: níl conntrárdhacht ar bith annso, óir
dobhí an ceann deirigh (dob fhoigse do shluagh
na hÉgipte) don néull sin dorcha, agus an ceann
tosaigh (dob fhoigse don phobal Israél) de soillseach;
óir an uair dobhí Pharao gcona sluagh a'
tóruighacht an phobail Israél dobhí an néull idir
an dá shluagh a' treórughadh na n-Eabhraigheach
isan oidhche leis an solus dobhí ann a thosach, agus
a' dorchughadh na slighe ar na hÉifidigh leis an
dorchacht dobhí isan gceann deirigh dhe.



Isan leabhar cédna, cap.20, v.5: “Mise
do Thiaghearna Dia édmhar láidir, digheólaigh mé
peacaidh na n-aithreach ar an glainn gusan
ceathramhadh glún,” Ego sum Dominus Deus tuus,
zelotes, fortis, visitans iniquitatem patrum in filios
in tertiam et quartam generationem; gidh eadh,
adeirthear ag Ezechiel, cap.18, v.20, a chonntrárdhacht
sin: filius non portabit iniquitatem
patris, .i. “ní imcheóraidh an mac égceart a athar.”



Freagra: nílid so conntrárdha, óir labhraidh
an Scriptúir isan gcéd-áit ar phianta nó ar phionúis
shaoghalta aimsiordha; labhraidh isan dara háit
ar phionúis spioradálta, mur atá, easbhaidh grás


L. 142


nó pianta síorruidhe; nó is féidir a rádh gurab ar
an gclainn do-ní aithris égceirt agus aindlighe ar a
ndroch-aithreacha thrácht an chéd-áit, agus ar an
gclainn fhuathaighios éigceart agus aindlighe na
n-aithreacha n-égcneasda ó ttángadar labhrus an
dara háit.



Adeirthear isan leabhar chédna, cap.31,
v.18, go ttug an Tiaghearna do Mhaoise dhá chlár
chloiche na fiadhnuise, sgríobhtha le méur Dé:
dedit Dominus Moysi ... duas tabulas testamenti
lapideas scriptas digito Dei; agus adeirthear isan
.34. caib. 'na dhiaidh sin, gurab é Maoise féin do
sgríobh iad: fuit ergo cum Domino quadraginta
dies et quadraginta noctes; panem non comedit, et
aquam non bibit; et scripsit in tabulis verba federis,
.i. “dobhí Maoise dhá fhithchid lá agus dá
fhithchid oidhche i bhfochair an Tiaghearna, gan
bhia ná deoch do chaitheamh, agus do sgríobh sé i
gcláir deich bhfocail an chonnartha,” .i. na deich
n-aitheantaibh.



Freagra: nílid so contrárdha. Má bheir tú
dod t'aire an uair dobhí Maoise ar tturling don
tsliabh agus an dá chlár do sgríobh Dia ann a lámha
aige, ar bhfaicsin an phobuil ag adhradh an laoigh
órrdha, agus gur ghlac fearg ádhbhal-mhór é, agus gur
bhris sé an dá chlár fóna chéile, 'na dhiaidh sin,
an uair dofuair síthcháin ó Dhia don phobal,
adubhairt sé ris dá chlár eile do shamhuil na gcéd-chlár
do shnaoighe, agus go sgríobhfadh na focuil


L. 143


chédna ionta: praecide tibi duas tabulas lapideas
instar priarum, et scribam super eas verba quae
habuerunt tabulae quas fregisti, .i. “do-bhéuraidh
síos duit féin le sgríobha na briathra, etc.” Mur
sin do sgríobh Dia ar an dá chlár ar ttús agus Maoise
an dá chlár dhéighionach; gidh eadh is mó is
inchreidthe gurab é Dia féin do sgríobh ar aon iad,
óir adeir sé leis na cláir d'ullmhaigh Maoise féin:
scribam, .i. “sgíobhfad,” agus an áit thuas a n-abair
an téx, et scripsit, is é Dia is cóir do thuigsin as,
mur deir Cornelius A Lapide, etc. Féch Deuter.,
cap.10, ver. 1. 2. 3. et 4, áit a bhfuil an stair so
go hiomlán, agus an áit a n-abair Dia le Maoise,
Exod.34, v.27, scribe tibi verba haec, .i. “sgríobh na
focail dhuit féin.” Ní air na deich n-aitheanta do
hiohair sé acht ar dhlighibh eile do bhean leis na
labdhbharthaibh agus leis na modhaibh adhartha do
mhúin dó.



AS LEABHAR NA LEUITICE.



Adeirthear isan dara caib. do Leabhar na
Leuitice gibé aon dhénfus ofráil don Tiaghearna
gur cóir dhó a dhéanamh do phlúr, agus ola do dhórtadh
ann, agus fós túis do chur air sin; agus deirthear isan
.5. caib. don leabhar chédna, v. 11, “ofrálthear ar
son pheacaidh an deachmhadh cuid do epha plúir
agus ná curthar ola ann ná túis ar son peacaidh.” Ag
so mur tá isan .2. caib.: anima cum obtulerit


L. 144


oblationem sacrificii Domino simila erit ejus oblatio,
fundetque super eam oleum, et ponet thus; agus isan
.5. caib.: offeret pro peccato suo similae partem
ephi decimam; non mittet in eam oleum, nec thuris
aliquid imponet, quia pro peccato est.



Nílid na háite so contrárdha, óir ní ar aen-ghné
amháin iodhbarta labhartar isan dá áit sin. Óir
isan gcéd-áit tráchtar ar iodhbuirt bhuidheachuis
agus eadhmholta, isan dara háit tráchtar ar iodhbairt
ar son na bpeacaidhe dobhí re glanadh leis an
iodhbairt.



Isan gcaib.18, v.16, cuirthear toirmeasg ar
gach aon gan buain re mnaoi a dhearbhráthar:
turpitudinem uxoris fratris tui non revelabis. Agus
isan .25. - Deutr. - caib. tá aithne chontrárdha
dhó so, áit a n-abarthar leis an dearbhbhráthair
bean nó baintreabhach an dearbhbhráthar
d'éugfadh do phósadh le sliocht do thógbháil don
mharbh. Ag so mur deir: fratris defuncti
uxorem accipiet frater ejus et suscitabit semen
fratris sui.



Freagra: níl contrárdhacht annso, óir isan
gcéd-áit labharthar ar mhnaoi an dearbhbhráthair
beó, isan dara háit ar mnaoi an dearbhbhráthair
mhairbh nach bhfágfadh sliocht 'na dhiaidh.


L. 145


AS LEABHAR NA N-UIMHREACH.



Adeirthear isan leabhar sin, cap. 14, v. 30,
nach rachfadh aon-nduine ó aois a fhithchid
bliadhuin suas go Talamh na Geallamhna acht
amháin Iosue agus Caleb; gidh eadh adeirthear,
Iosue 14, v. 1, go ndeachaidh Eleasar ann, gidh
gur sháraidh go mór 20 bliadhain an tan sin, agus is é
ba árd-shagart ar ndul ann dáibh. Ag so mur
deir: hoc est quod possiderunt filii Israel in terra
Chanaam quam dederunt eis Eleazar sacerdos et
Iosue filius Nun.



Freagra: Níl contrárdhacht ar bith annso, óir
tráchtaidh an chéd-áit ar an dream do-chuaidh a'
brath Talaimh na Geallamhna agus thug droch-theisd
uirre, mar aon leis an dream do chreid iad,
agus dá bhrígh sin do-chuaidh chum murmuir agus i
n-éudóchus ag rádh gurbh fhearr dháibh dul ar a
n-ais don Égipt: nonne melius est reverti in
Egyptum? Gidh eadh, do bhrígh nach raibh
Eleazar, ná mórán eile dona Leuitigidh, corthach
mur sin ní raibh toirmeasg orra gan dul go Talamh
na Gealleamhna.



AS LEABHAR DEUTERONOIM.



Adeirthear, Deuter., cap.17, v.6: fenerabis
gentibus multus, .i. “do-bhéraidh tú airleagadh
úsáireacht do mhórán cineadhach, agus isan gaib.


L. 146


23, v.19: “ní thiubhraidh tú áirleagadh úisáireacht
dod dhearbhbhráthair, acht do choimhightheach”;
non feneraberis fratri tuo ... sed alieno. Gidh
eadh adeirthear, Psalmo.14, v.5: “cia choimhneóchus
ann do thabernacel, a Thiagharna?”
“An té nach ttiubhraidh a airgiod ar úsmhairacht;”
agus Luc.6, v.36: “tabhair áirleagadh uait, agus
ná bíodh mian agad aen-ní d'fhagháil as,” mutuum
date, nihil inde sperantes.



Freagaim nach ttugann an dá áit thuas cead
ná misneach d'aon-neach úsmhaireacht atá a
n-aghaidh dlighe Dé, na nádúire, agus na hEaguilse,
do dhénamh, acht cuiridh i gcéill go mbeith do
mhéd an bhisigh agus an ratha dothiucfadh ar na
Iudaighibh an feadh do choimhleónadís dlighe
Dé, go mbfhéidir leó áirleagadh do thabhairt do
lucht na gcríoch ccoimhigheach, agus nach beith
easbheidh áirleagaidh orra-san; et ipse a nullo
acceptaois mutuum. Adeirid aroile go ttug Dia
cead, nó go háirighthe nár thoirmisg sé ar
na Iudaighibh, úsuiracht do dhénamh ar na
Geintíligh, do bhrígh go rabhdar cruaidh-mhuinélach
do-cheannsaigh agus ro-shanntach, agus muna
bhfaghdís cead sin do dhénamh go ndénfadís
neithe ba measa, agus is uime sin nár cuireadh
toirmiosg orra bille sgartha do thabhairt ar
adhbhraibh áirighthe dá mnáibh. Adeir S.
Ambrós gurb uime fuaradar cead úsairacht ar na


L. 147


Geintíligh 'na ttimchioll do bhrígh gurbha náimhde
dháibh iad agus go ttug Dia ceart dáibh ar a mbás, ar
a mbeatha, agus ar a maoin, mur dothug ceart dáibh
air shoithígh agus ar shéuda daor-luaighe na hÉgipt.



AS LEABHAR JOSUE.



Adeirthear i Leabhar Josúe (cap.10,) v.13
et 14, gur sheas an ghrian i lár an fhlaithis ar feadh
lae agus nach ttáinicc 'na dhiaidh ná roimhe lá comh
fada leis: quod stetit sol in medio coeli ... non
fuit antea et postea tam longa dies; agus Eccli., cap.46,
v.5: “ba comhfhad re dhá lá é.” Gidh eadh,
Paralip., ca.4, v.22, tráchtar ar dhuine do choisg
gluasacht na gréine mur sin; agus Isaiae, cap.38,
v.8, adeirthear go ndeachaidh an ghrian deich
líne ar a hais ionnus go measdar go raibh 32 huaire
ar fad isan lá sin, agus uime sin dotháinicc lá dob
fhoide ná an lá sin Josúe.



Freagra: Adeir Líranus nach bhfuil brécc ná
contrárdhacht annso, do bhrígh gur i solstís an
tsamhraigh do choisg Josúe tuargabháil na gréine
agus i n-aimsir Ezechias i lár an tsolstís gheimhreata
do-rinne lá Iosue ní ba faide go mór. Tuigid aroile
nach bhfacus isan bPaleistín iriamh lá ba faide ná
é, óir bí leith-bhliadhuin do lá i ttírthaibh eile.


L. 148


AS CÉD-LEABHAR NA RÍOGH.



Adeirthear isan .13.cap. agus isan .13.v. don
chéd-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, ar mbeith
do Shamuel ag tabhairt imdheargtha don rígh
Saul go ndubhairt leis: “is leamh do-rinne tú sin,
óir dá ccoimhleóntá aithionta Dé do dhaingneóchadh
Dia do ríghdhacht ós cionn Israél go
síorruidhe”; stulte egisti, nec custodisti mandata
Domini Dei tui ... quod si non fecisses iam nunc
preparasset regnum tuum super Israel in sempiternum.
Agus cionnus dob fhéidir leis so? gan a
bheith contrárdha don ghealleamhuin dothug Dia
i mbél Iacóib, Gen.49, v.10, ag rádh: “ní sgarfaidh
an stiúir ríoghdha ná ceann feadhna ó shliocht
Iudáis nó go ttigidh an tairngeartach.”



Freagra: nílid so contrárdha, óir níor gealladh
do Shaul agus dá shliocht an ríghe acht le coinghioll
nár choimhlín sé do réir mur chonnairc Dia ó thús,
agus do gealladh do threibh Iudáis gan coinghioll ar
bith í: non auferetur sceptrum de Iuda, nec dux
de femore ejus, donec veniat qui mittendus est.



AS AN DARA LEABHAR RÍOGHDHA.



Adeirthear, lib. 2, Regum, cap. 8, v. ultimo,
go raibh clann Dháibhídh an rígh 'na sagairt tar
cheann nach do threibh Leui dhó: filii autem
David sacerdotes erant; agus adeir Pól, ad Hebr.,


L. 149


cap.7, v.14, nach raibh cuid ag treibh Iudáis dona
sagairt: in qua tribu nihil de sacerdotibus Moyses
locutus est.



Freagra: nílid so contrárdha, óir tar cheann
gur sagart go fírinneach tuigthear leis an bhfocal
cohen i n-Abhruis, cuirthear síos ar son prionnsa
ar uairibh é nó ar son rígh-thaoisigh nó chinn
fheadhna shluaigh, agus mur dobhíodhdís comh
gnoitheach i ttimchioll an rígh agus bhíos na sagairt
ag Dia, uime sin deirthear le cosmhulacht sagairt
leó, mur deirthear le clainn Dhábhídh annso.



AS AN TREAS LEABHAR RÍOGHDHA.



Adeirthear, lib.3, cap.6, v.38, nach raibh
an teampall Iudaigheach do chuir Solamh suas
acht seacht mbliadhna ón am ar tosaigheadh leis,
.i. isan gceathramhadh bliadhain do fhlaithios
Sholaimh, gusan .11. bliadhain dobhí arna chríochnughadh:
anno quarto fundata est domus Domini
... et in anno undecimo ... perfecta est in opere
suo. Gidh eadh adeirthear, Ioan.2, vers.20,
leis na Iudaighibh go raibh sé .40. bliadhain dá
chur suas: dixerunt ergo Iudaei: quadraginta et
sex annis aedificatum est templum hoc, et tu in tribus
diebus excitabis illud.



Freagra: níl contrárdhacht ar bith annso, óir
ní air an teampall do chuir Solamh suas thráchtas
na Iudaighibh ag Eóin, acht ar an ath-dhénamh


L. 150


do-rinne Iruaidh air an teampall cédna; agus ba hé
sin an treas uair do comhdaigheadh é, agus dobhí sé
46 bliadhain an uair sin dá dhénamh.



Adeirthear isan leabhar chédna, cap.15,
v.14, nár athraigh nó nár scrios Asa an rígh na
háitibh árda: excelsa autem non abstulit. Gidh
eadh adeirthear, 2 Paralip., cap.14, v.2, go
ndearnaidh Asa gach ní maith agus dobhí taithneamhach
ag an Tiaghearna, agus gur athraigh sé na
háitibh árda: fecit autem Asa quod bonum et
placitum erat in conspectu Domini Dei sui, et
subvertit altaria peregrini cultus et excelsa; agus isan
v.5 adeir gur sgrios sé ar feadh bhailte na Iudaigheach
na híodhail, na híomháighe agus na háitibh árda.



Freagra: nílid so conntrárdha óir dobhí dhá
ghné d'áitibh árda ag na Iudaighibh, .i. áitibh
árda i mbíodh altóracha agus teampuill dona híodhail
acu: do scrios Asa iad sin; acht dobhíodh áite
eile árda acu ann a mbídís ag adhradh an Dé
fhíre agus níor scrios Asa iad sin mur deirthear,
3 Reg.



AS AN GCEATHRAMHADH LEABHAR RÍOGHDHA.



Adeirthear, lib.4 Reg., cap.8, v.26, go
raibh Ochosias .22. bliadhain dá aois an uair do
ghlac ceannus na ríghacht: viginti duorum
annorum erat Ochosias cum regnare coepisset; agus 2


L. 151


Paralip., cap.22, v.2, go raibh sé dhá bhliadhain agus
dá fhithchid bliadhain dá aois an tráth sin: quadraginta
duorum annorum erat Ochosias cum regnare coepisset.



Freagra: níl contrárdhacht annso isan Scriptúir,
óir is 22 bliadhain léighthear is gach áit díobh so
isan téx Shiriácach agus Aráibiocach, agus do ling an
locht isan mBíobla Laidne le neamh-choimhéd na
gcléirce, óir dá mbeith Ochosias isan .42. bliadhain
dá aois an uair sin, do bheith sé dhá bhliadhain
níba sine ná a athair Ioras dofuair bás i n-aois dá
fhithchid bliadhain.



AS CÉD-LEABHAR PHARALIPOMENOIN.



Adeirthear, Paralip.1, cap.11, v.15,
gurbh é Dáibhídh an seachtmhadh agus an mac
déighionach dobhí ag Isai an tan táinicc Samuel
dá ongadh mur rígh, septimus et ultimus filius Isai.
Gidh eadh adeirthear, 1 Reg., cap.16, v.11, gur
thaisbéin Isai móir-sheisior dhá chloinn mhac do
Shamuel sul tháinicc Dáibhidh dhá láthair:
numquid iam repleti sunt filii? Qui respondit:
adhuc reliquus est parvulus et pascit oves (id est
David).



Freagra: nílid so contrárdha, óir ba mac beag
don treas mac dobhí ag Dáibhídh, darbh ainm


L. 152


Ionathan mac Samaa, an seachtmhadh duine do
thaisbéin Isai roimh Dháibhídh do theacht i
láthair.



AS AN DARA LEABHAR DO PHARALIPOMENON.



Adeirthear isan dara leabhar Paralip.,
cap.24, v.21, gur i bpórsa theampuill an Tiaghearna
do marbhadh Zacharias an fháidh: interfectus
in atrio domus Domini. Gidh eadh, Math.,
cap.23, v.36, adeirthear gurab idir an teampall
agus an altóir do marbhadh é.



Freagra: níl contrárdhacht annso, óir is idir
an altóir uile-loisge, dobhí 'an taobh amuich do
bhalla an teampaill, agus an teampall do marbhadh é,
agus ní ag an altóir don taobh istigh.



AS LEABHAR IÓIB.



Lib.Job, cap.(7), v.20, adeir Iób: “do
pheacaigh mé, ó a chaomhantóir na ndaoine, créd
dhénfus mé?” peccavi, quid faciam ó custos
hominum? Agus isan gcaib.27, v.6, adeir sé
(dar leat) contrárdha dona briathra sin, .i. nárbh
fheas dá chonsias coir ar bith do bheith air nó
cionta ar bith do dhénamh ar feadh a bheatha:
neque enim reprehendit me cor meum in omni vita
mea. Acht níl contrárdhacht ar bith annso, óir


L. 153


is air na peacaighibh móra gráineamhla folaightheacha
dobhí a cháirde ag cur 'na leith (do bhrígh
gur mheasadar go harráidioch ainbhfiosach nárbh
fhéidir le ceart Dé leath na bpianta d'fhuiling sé
a chur air muna mbeith ciontach i bpeacaighibh
gráineamhla éigin) do labhair sé annso isan dara
háit, agus ar mion-pheacaighibh so-loghaidh do
labhair isan gcéd-áit.



Adeirthear isan .40. caib. don leabhar
chédna, v.14, gurab é an t-elephant céd-chrétúir
Dé: ipse (elephas seu behemoth) est principium
viarum Dei; agus tá so, dar leat, contrárdha don
chéd-chaib. do Leabhar na nGeinealach mur i
n-áirmhíthear mórán do chrétúiridh eile arna
gcruthughadh roimh an elephant.



Freagra: níl contrárdhacht ar bith ann, óir ní
ar an gcéd-chrétúir do chruthaigh Dia atá trácht
annso acht ar an mbeatheadhach is oirdheirce
imeasg na n-ainmhintibh n-égcéillidh do réir méide,
neirt, agus so-theagaisg, agus is é sin an t-elephant, óir
is iomdha ní iongantach is iontsamhuil do résún
daonna do-ní sé.



AS LEABHAR NA PSHALM.



Adeirthear, Psal.31, v.3, “an tan dobhí mé
um thocht do ársaigh mo chnámha, an feadh do
bhí mé ag búirfeadha ar feadh an laoi,” quoniam


L. 154


tacui inveteraverunt ossa mea, dum clamarem tota
die. Dar leat tá sin contrárdha, óir má bhí sé
'na thocht, créd mur dobhí ag búirfeadha?



Freagra: níl contrárdhacht annso, óir ní ar
aon ní amháin thráchtas an rígh-fháidh annso.
Óir adeir sé go ttáinicc díoghaltas Dé ar a chnámha
tré mur do cheil sé gan aithrighe do dhénamh isna
peacaighibh dúnmharbhtha do-rinne sé ar Úirias,
agus an t-adhaltrannus do-rinne lena mhnaoi ar feadh
naoi mí, nó gur fhoillsigh an fháidh Nathan le
hordughadh Dé iad. Isan dara háit labhraidh ar
piantaibh na ngalar neimhneach do chuir Dia i
ndíoghail na bpeacadh sin air.



Adeir an rígh-fháidh chédna, Psal.70, v.15,
“do bhrígh nach bhfuil foghluim agam aigeóraidh
mé do chumhacht,” quoniam non cognovi litteraturam
introibo in potentias Domini. Agus adeir
sé isan tsailm 118, ver.99, ní, dar leat, atá conntrárdha
dhó sin, .i. go rug sé barr tuigse ar lucht
a oidis go hiomlán: super omnes docentes me
intellexi.



Freagra: níl contrárdhacht annso, óir isan gcéd-áit
tráchtaigh sé ar foghluim shaoghalta dhaonna agus
dob fhíor dhó sin, óir is le haodhaireacht do chaith
sé a aois leanbaidh go haois a fheardhacht.
Isan dara háit labhraidh sé ar an bhfoghluim
bheanus le hadhradh agus le moladh Dé, agus is annsin
dorug sé buaidh ar a aos comhaimsire go hiomlán,


L. 155


mur is follus do gach aon dá meabhraighionn a
shalma millse ró-dhiadha, óir an tan adeir sé
introibo in potentias Domini, cuiridh i gcéill go
ndénfaidh sé meabhrughadh agus midheamhuin ar
mhíorbhuilibh agus ar mhór-ghníomha uile-chumachtacha
Dé.



Adeir an rígh-fháidh cédna, Psal.115, v.2,
“is brégach gach duine,” omnis homo mendax, agus
más fíor sin ba brégach eision, agus cia chreidfeadh
é?



Freagra: má bheir tú dod aire na briathra
théid rompa sin mur dothug Iulianus easbocc
Tholédo, ní bhfuighe tú brég ná mí-eagar isna
briathra adeir an fháidh annso, óir adeir sé gurab
i ndeithnios nó ann a árd-aigne adubhairt sé,
omnis homo mendax, .i. is brégach gach duine.



AS LEABHAR NA SEAN-RÁITE.



Adeirthear, Proverb.,cap.26, v.4, “ná
freagair amadán do réir a amadánacht d'eagla go
mbeitheá féin cosmhuil ris,” ne respondeas stulto
iuxta stultitiam suam, ne efficiaris ei similis; agus
go dlúth 'na dhiaidh sin, ver. 5, adeir, “freagair
amadán do réir a amadánacht, d'eagla go mbeith
sé críonna ann a bharamhuil féin.” Agus, dar
leat, is contrárdha na ráitibh sin dá chéile.


L. 156


Freagra: nílid so contrárdha. Óir isan gcéd-áit
adeir an t-úghdar diadha leat má labhrann amadán
nó duine díthchéilligh briathra salacha gráineamhla
leat gan freagra do thabhairt isna briathra cédna
air, óir dob ionann sin agus aithris do dhénamh air.
Agus adeir sé isan dara háit gur cóir freagra do
thabhairt ar amadán, ní le aithris nó le athfhriotal
do dhénamh ar a bhriathra, acht an uair
adeir sé nó do-ní sé neithe aindlightheacha
maslamhla i n-aghaidh Dé, gur cóir agus gur ceart a
smachtughadh le bhuillighibh féin ar uairibh
d'eagla calcughadh ann a mhí-bhésaibh díthchéilligh,
agus sin do dhénamh, ní as spiorad díoghaltais,
acht as caoin-dúthracht ghráidh Dé.



Adeir Solamh is úghdar don leabhar chédna,
cap.30, v.2: “is ainbhfiosaigh mé ná duine ar
bith agus ní bhfuil tuigse dhuine agam, níor fhoghluim
mé eagna, agus níl eólus an reachta stiúrthaigheach
agam”; agus adeir an t-ughdar cédna i Leabhar
Ecclesiastes, cap.1, v.16, “féch go bhfuilim mór
agus barr eagna agum ar an méid dotháinicc romham
i Ierusalem.” Ag so mur deir isan gcéd-áit:
Stultissimus sum virorum et sapientia hominum
non est mecum, non dicíci sapientiam et non novi
disciplinam; isan dara háit: ecce magnus effectus
sum et praecessi omnes sapientia qui fuerant ante
me in Ierusalem.



Freagra: nílid so contrárdha óir tar cheann gur
dearbhtha gurbh é Solamh ba húghdar do Leabhair


L. 157


na Seanráite, na gCainticibh, agus do leabhar Ecclesiastes,
níl dearbha aguinn gurab é ba húghdar don
dá chaibidil ndéighionaigh do Leabhar na Sean-ráite,
agus ní chuirinn sin orra gan a bheith canónta,
agus is maith an t-adhbhar conntabhairte nó amhruis
atá aguinn do bhrígh go léighthear na focail so
isan .30. caibidil do Leabhar na Sean-ráite; verba
congregantis, filii Vomentis, .i. “briathra mhic
Vomentis ag cruinniughadh.” Agus i ttús na caibidile
ndéighionaigh, verba Lamuelis regis, agus ní thig sin
re Solamh.



AS LEABHAR ECCLESIASTES.



Deirthear i Leabhar Ecclesiastes, cap.3,
v.19, gurab ionann críoch dona beatheadhaibh
bhrúideamhla agus don duine, óir mur gheibhid sin
bás go bhfaghann an duine bhás, agus go bhfuil
anáil is gach cuid díobh, nach bhfuil ní ar bith
isan duine nach bhfuil ionnta; agus 'na dhiaidh sin
adeir “cia agá bhfuil 'fhios gur suas théid anam an
duine agus gur síos théid anam an bheatheadhaigh?” -
unus interitus est hominis et jumentorum et aequa
utriusque conditio. Sicut moritur homo, et illa
moriuntur. Similiter spirant omnia, et nihil habet
homo jumento amplius ... Quis novit si spiritus
filiorum Adam ascendat sursum et spiritus jumentorum


L. 158


descendat deorsum? Agus isan .12. caib.,
v.7, don leabhar chédna, adeir sé: “filleadh an
luaithreadh ar a thalamh féin ó ttáinicc, agus filleadh
an spiorad ar Dhia ó ttáinicc”; revertatur pulvis in
terram suam unde erat, et spiritus redeat ad Deum
qui dedit illum.



Níl contrárdhacht annso, óir isan gcéd-áit
labhraidh an t-ughdar i bpearsuinn na ndaoine
talmhuidhe do-bheir iad féin go hiomlán do
dhroch-mhianaibh, agus léigios a n-aradha lena n-antoil,
lér mhian gan pionús do bheith le fagháil ar son na
ndroch-ghníomh ná tuarusdal maith síorruidhe do
bheith le fagháil ar son na ndeagh-ghníomh.
Agus isan dara háit labhraidh i bpearsainn na
gcreidmheach bhfírénta.



AS LEABHAR ECCLESIASTICUS.



Deirthear i Leabhar Eccli., cap.40, v.29:
“ar feadh do shaoghail, a mhic, ná bíodh easbhaidh
ort, óir dob fhearr dhuit bás d'fhagháil ná bheith
in-easbhaidh, fili, in tempore vitae tuae ne indigeas,
melius est enim mori quam indigere. Dar leat, tá
so contrárdha do bhriathraibh Críosd ag Matha,
cap.19, v.21, áit a n-abair: “Más mian leat a
bheith iomlán, imghidh agus díol an méid atá agad,
agus tabhair dona boicht é.”


L. 159


Freagra: níl contrárdhacht anso, óir
labhraidh an Scriptúir naomhtha isan gcéd-áit
ar an dream leisgeamhuil mhainneachtnaigh an
tsaoghail nach saothraighionn a mbeatha go ceart
cneasda. Isan dara háit labhraidh Críosd ar
bhochtaibh ionnraice deóntacha an tsoisgéil lér
mhian a bheith foirfe fíor-neartmhur isna subháilcibh
Críosdamhla.



AS LEABHAR ISAIAIS, AN FHÁIDH.



Adeirthear i Leabhar Isaiais, cap.58, ver.1:
“scread go hárd, ná coisg,” clama, ne cesses; agus
adeir Pól, ad Ephes.,cap.4, v.31: “ná bíodh
searbhus, fearg, miosgas, callóid ná dia-aithis ann
ar measg.”



Freagra: níl contrárdhacht annso, óir ní
hionann a bheith ag sgreadaigh ar Dhia ag iarraidh
maitheamhnuis agus a bheith ag callóid le himreasan
agus le círéib.



AS LEABHAR IEREMIAIS.



Adeirthear i Leabhar Ieremiais,cap.36, v.30,
ag labhairt a n-aghaidh an rígh Ioachim, nach
beith aon dá shliocht i gcathaoir ríghdha Dháibhídh
go bráth: non erit ex eo qui sedeat super solium
David. Agus adeirthear, Lib.4 Regum, cap.24,
v.5, gur hadhlacadh Ioachim i bhfochair a shinnsior
agus gur ghabh a mhac Ioachim an ríghe ann a ionad.


L. 160


Níl contrárdhacht annso, óir tar cheann gur
ghabh Ioachim ceart a athar ar an ríghe ní meastar
go bhfuair sé í, do bhrígh nach raibh sé trí mhí
féin go síthchánta ann a sheilbh an uair dotugadh
i mbroid go Babilón é, mar aon lena mhuintir go
hiomlán. Agus ní raibh na hoighrighibh do
tháinicc 'na dhiaidh 'na ríghthe, acht amháin go
raibh cuid acu 'na n-árd-thaoisigh agus fó chíos cána
ag ríghthibh na Persia.



AS LEABHAR EZECHIEL.



Adeirthear, cap.1, v.12, do Leabhar
Ezechiel, ag trácht ar na ceithre beathadhaigh
rún-ndiamhracha: “do-chuadar gach aon acu ar
a n-aghaigh ar mbeith ag gluasacht, agus níor fhilliodar,”
illuc gradiebantur, nec revertebantur cum ambularent.
Agus isan .14. ver. don chaib. chédna adeir gur
fhilliodar ar a n-ais go luath mur lasair thinntighe:
et revertebantur in similitudinem fulguris corruscantis.



Freagra: níl contrárdhacht ar bith annso, óir
is é ní ba mian leis an bhfáidh a chur i gcéill go
raibh na beathadhaigh so comh umhal sin do Dhia
nach bhféchadís 'na ndiaidh acht imtheacht go
díthchiollach dúthrachtach ar a n-aghaidh do réir
thola Dé, nó go ccoimhlíonadh gach ní ba mian


L. 161


leis a dhénamh dháibh, agus iar sin an uair ba mian
a ngairm ar a n-ais go ttigidís go humhal leis
an dúthracht agus leis an díthchioll cédna.



AS LEABHAR DHÁNIEL.



Deirthear ag Daniel, cap. 1, v. 21, gur
mhair Daniel gusan gcéd-bhliadhain do fhlaithios
ríghdha Chyruis: fuit autem Daniel usque ad
annum primum Cyri regis; agus adeir irís, cap. 6,
vers. 28, gur mhair sé go haimsir Dháriuis agus
Chyruis an Persianach. Gidh eadh adeir, cap. 10,
vers. (1), gur isan treas bliadhain do fhlaithios
Chyruis do fhoillsigh Dia a bhréithir dhó.



Freagra: nílid so contrárdha, óir ní chiallaighionn
an chéd-áit go bhfuair Daniel bás isan gcéd-bhliadhuin
do fhlaithios Chiruis acht go raibh i
nglóir, i gceannus agus i n-onóir mhóir isan gcúirt
ríghdha go n-uige sin, .i. ar feadh aimsire broide agus
gér-dhaoirse na Iudaigheach isan mBabilóin, agus
ní shuidhighionn sin go cinnte nárbh fhéidir dhó,
iar bhfágbháil na cúirte ríghdha, a bheith beó go
pribháideach dhá bhliadhain imeasg a mhuintire i
Ierusalem, .i. gusan treas bliadhain do fhlaithios
Chyruis.



Deirthear, Dan. cap.9, v.1, gurbha mac
do Asuerus Darius: anno 1 Darii filii Assueri;


L. 162


agus deirthear contrárdha dhó sin, Lib. Esdrae
cap.4, v.6, agus Lib.Estherae cap.1, v.1,
gur fada i ndiaidh Dariuis dobhí Assuerus ann.



Níl contrárdhacht annso óir an uair goirthear
mac Asueruis de is ionann sin agus a rádh gurbha
mac do phrionnsa mhór é, óir níorbha hainm dílis
pearsanta Asuerus acht ainm coitchionn do goirthí
dona ríghthibh Médach mur goirthí Artaxerxes,
.i. “buadhach,” do ríghthibh na Persia.



AS LEABHAR SOISGÉIL MHATHA.



Adeir Matha an soibhisgél, cap.3, v.4, ag
trácht ar Eóin Baisde, gur lócusdigh agus mil fhidháin
ba beatha ghnáthach dhó: esca autem ejus erat
locustae et mel sylvestre. Adeir 'na dhiaidh sin,
cap.11, v.18, nach gcaitheadh bia ná deoch.



Níl contrárdhacht annso, óir dobhí an bia agus
an deoch do chaitheadh sé comh neamh-shubhstainteach
agus sin nach mór nárbh ion-áirmhithe 'na mbia íad.



Adeir Críosd isan gcaibidil chédna so,
vers. 5, lena apsdail gan dul i slighthibh na gcineadhachaibh
ná isteach i gcathrachaibh na Samaritánach:
in viam gentium ne abieritis et in civitates
Samaritanorum ne intraveritis. Gidh eadh, adeir
sé 'na dhiaidh sin, cap.28, v.19, leó imtheacht agus
an soisgél do theagusg dona cineadhachaibh uile:
euntes docete omnes gentes.


L. 163


Níl conntrárdhacht annso, óir ní i n-aon-aimsir
amháin do chuir Críosd an dá aithne so.
Óir isan gcéd-áit labhraidh leó an uair dobhídar go
nuadh arna ttogha agus iad lag neamh-fhoirfe isna
grásaibh, agus dá bhrígh sin ba riachtanus dáibh
gan dul a bhfad uaidhe ná cúram cruaidh do chur
orra, agus uime sin do chuir d'ualach orra tús a
tteagaisg do dhénamh imeasg a muintire féin.
Isan dara háit, iar n-eiséirghe Chríosd agus iar mbeith
dona hapsdail líonta do ghrásaibh an Spioraid
Naoimh, dothug dánacht dhiadha agus neart
spioradálta dháibh, do chuir aithne orra an soisgél
do theagasg dona cineadhachaibh uile: euntes
docete omnes gentes.



Do chuir Críosd toirmeasg ar na hapsdail
fó lorga aisdir nó slat mhaide d'iomchar ann a
lámha: nolite possidere aurum ... neque virgam.
Gidh eadh isan .6. caib. ag Marcus iarraidh orra
gan aen-ní do thógbháil acht slat mhaide amháin.



Níl contrárdhacht annso, óir tuigthear as an
gcéd-áit le slatóig nár mhian leis ní ar bith dá
laghad do chongnamh beatha corpardha do
thabhairt leó dháibh, do bhrígh go raibh ceart
acu ar a mbeatha d'fhagháil ón dream dá rabhdar
ag teagusg an tsoisgéil: dignus est enim operarius
mercede sua; agus isan áit i n-abair isan .6. caib.
ag Marcus sed virgam tantum tuigthear le virga,
nó le slait, na cumhachta dothug dáibh leis an


L. 164


soisgél do theagasg agus le cách do stiúradh: reges
eos in virga ferrea.



Adeir Críosd ag Matha, cap.26, v.29: “ní
ibhthe mé don fhíon so feasda nó go n-ibhe mé go
nuadh é i ríghacht m'athar.” Gidh eadh, Actorum
cap.10, v.41, dearbhaidh an príomh-apsdal
Peadar go raibh sé ag ithe agus ag ól 'na fhochair féin
tar éis na heiséirghe: manducavimus et bibimus
cum illo postquam resurrexit a mortuis.



Níl contrárdhacht annso, óir tar cheann gur
ibh Críosd fíon tar éis na heiséirghe, ní le riachtanus
chum na nádúire do chothughadh ná dochum
tarta do chosgadh do ibh é, mur do-rinne roimh
bhás d'fhulang, acht mur chruthughadh cinnte ar
fhírinne a eiséirghe.



AS SOISGÉL LÚCÁIS.



Adeir Críosd, Lucae, cap.2, v.24, go ttáinicc
féin le mórán do mhilleadh agus le mórán d'athbheódhadh.
Gidh eadh adeir sé irís, cap.9, ver.56,
nach ttáinicc chum anmaibh do mhilleadh acht dá
slánughadh: Filius Hominis non venit animas
perdere, sed salvare.



Níl contrárdhacht annso, óir an uair adeir sé
isan gcéd-áit ecce positus est hic in ruinam et in
resurrectionem multorum, ní mian leis a chur i


L. 165


gcéill go raibh sé féin 'na adhbhar millte ag aon-nduine,
acht go ttáinicc as mailís na muintire nár
chreid é go raibh go teagmhaisioch 'na ocáid millte
acu.



Dar leat atá Matha agus Lúcás contrárdha dhá
chéile i bhfaisnéis chraobha geinealaigh an tSlánaightheóra,
óir adeir Matha, cap.1, ver.16, gurbha
mac do Iacób Ióseph: Iacob autem genuit Ioseph
virum Mariae de qua natus est Iesus; agus adeir
Lúcás gurbha mac do Heli nó do Ioachim é.



Freagra: níl contrárdhacht ar bith annso, óir
do réir mur deirid na haithreacha naomhtha
gurbha mac nádúrtha do Iacób é agus mac Heli do
réir an dlighe dobhí an uair sin ann, filius legalis.
Óir dobhí dlighe an tan sin ag na Iudaighibh, an
uair do-ghéubhadh dearbhbhráthair bás gan oighre
an dearbhráthair eile do phósadh a mhná léna
shliocht do mhúsgladh, agus do-bheirdís oighriocht agus
sloinne an dearbhbhráthar mhairbh ar an mac do
gheineadh an dearbhbhráthair beó as an bpósadh
sin, agus uime sin ghoirios Lúcás “mac Heli” do
Ióseph, óir dofuair Heli bás gan sliocht iar mbeith
pósdaigh dhó, agus do phós Iacób ba dearbhbhráthair
uchta nó bruinne dhó (frater uterinus) a bhantreabhach,
ór geineadh Ióseph. Agus measuim
nach bhfuil freagra is fearr ná is fírinnigh ná so
le tabhairt ar an áit so.


L. 166


AS SOISGÉL EÓIN.



Adeir Críosd ag Eóin, cap.5, v.31: “má
bheirim féin teisd orum níl mo theisd fírinneach;
si ego testimonium perhibeo de meipso testimonium
meum non est verum. Gidh eadh adeir sé irís isan
.8. caibidil: “má bheirim teisd orum féin tá mo
theisd fírinneach.”



Níl contrárdhacht annso, óir ní i n-aon-chéill
amháin labhrus Críosd isan dá áit so, óir isan gcéd-áit
labhraidh ar a theisd féin go haonaránach air
féin; agus isan dara háit labhraidh ar a theisd
féin agus ar a fhírinne do bheith cruthaighthe le teisd
an Athar Síorruidhe, amhuil agus mur déuradh, “tigim
libh nach inchreidthe teisd aonaránach aon-nduine
air féin, gidh eadh tá mo theisd-se fírinneach oram
féin, do bhrígh nach teisd aonaránach í acht mo
theisd féin mar aon le teisd m'Athar.”



Adeir Críosd, cap.11, v.4, nár ghalar báis
dobhí ar Lazarus: infirmitas haec non est ad
mortem; gidh eadh adeir sé féin isan gcaibidil
chédna, vers.14, go bhfuar Lazarus bás: Lazarus
mortuus est.



Níl contrárdhacht annso, óir isan gcéd-áit
tuigthear an bás coitcheann ann a gcomhnuigheann
cách go lá an bhreitheamhnuis mhóir, mur deir
S. Aug., de Consens. Evangelistarum, cap.79, agus
níorbh ionann sin agus bás Lazaruis, óir ba iontsamhuil


L. 167


do shuan fhada a bhás óir do músgladh
dochum uile-chumhachta Mhic Dé d'fhoillsiughadh
é, mur deir féin isan áit chédna, ver.11: Lazarus
amicus noster dormit, sed vado ut a somno excitem
eum.



Adeir Críosd, ibidem, cap.15, ver.15:
“d'innis mé díbh gach uile ní dá gcualaidh mé óm
Athair, omnia quae audivi a patre meo nota feci
vobis; gidh eadh adeir sé leó, cap.16: “atá mórán
agum re rádh ribh nach féidir libh 'iomchar anois”:
adhuc multa habeo vobis dicere, quae non potestis
portare modó.



Níl contrárdhacht annso, óir mur deir S.
Chrisostom, labhraidh Críosd isan gcéd-áit ar gach
ní dár bhean ris na hapsdail agus rena gcúram anna
bpearsannaibh féin. Isan dara háit labhraidh
ar neithibh do bhean re staid agus re stiúradh na
hEaguilse go deireadh an tsaoghail, agus is uime sin
adeir, ag trácht ar an Spiorad Naomh, cap.14, v.
26: Ille vos docebit omnia.



Adeirthear, cap.9, v.29: “ní feas dúinn
cia hé so ná cia ó ttáinicc,” nescimus hunc unde
sit; agus cap.7, v.27, adeirthear: hunc scimus
unde sit.



Níl contrárdhacht annso óir labhraidh an chéd-áit
ar theachtaireacht Chríosd agus ar an ughdarrás
lé ttáinicc, agus labhraidh an dara háit ar thír agus ar
athardhacht an tSlánaightheóra.


L. 168


AS LEABHAR GHNÍOMHARTHA NA NAPSDAL.



Adeir Lúcás, Actor.cap.1, v.(1): “do
labhair mé, ó a Theophile, ar gach ní dá ndearnaidh
agus dár theaguis Íosa ó thús go lá a dheasgabhála,”
sermonem feci de omnibus, ó Theopile, quae coepit
Iesus facere et docere usque in diem quo ...
assumptus est a nobis; gidh eadh adeir Eóin isan
gcaibidil ndéighionaigh dá shoisgél go ndearnaidh
Críosd mórán eile, agus dá mbeithdís sgríobhtha go
mbeith nísa mhó leabhar orra ná dob fhéidir leis
an domhan a chongbháil: sunt et alia multa, quae
fecit Iesus, quae si scriberentur per singula, nec
ipsum arbitror mundum capere posse eos, qui
scribendi sunt, libros.



Níl contrárdhacht ar bith annso, óir ní abair
Lúcás gur sgríobh sé féin an t-iomlán do ghníomhartha
agus do theagaisg Chríosd, acht na neithe is
prionsapálta do-rinne agus do theagaisg sé, agus labhraidh
Eóin ar an iomlán.



Isan .15.caib.v.19, adeir na hapsdail iar
gcruinniughadh dáibh i bhfochair a chéile: “do-chítear
don Spiorad Naomh agus dúinne,” ar siad, “furfhógradh
do thabhairt daoibh nó toirmeasg do
chur oraibh, um fheóil iodhbhartha dona híodhail
do bhlas”; gidh eadh adeir Pól 1 ad Thimot.
4 cap.,ver.1 sq., go ttiucfadh i ndeireadh na
n-aimsir daoine do thréigfeadh an creideadh, do-bhéuradh


L. 169


a n-aire ar spioradaibh earráide agus
d'fhoghluim dheamhnaidh, ag aithris bhrécc le
saobh-chrábhadh, agá mbiaidh consiais scrupalta,
a' toirmiosg pósa agus ar bhiaibh do chruthaigh Dia:
in novissimis temporibus discedent quidam a fide,
attendentes spiritibus erroris, et doctrinis daemoniorum,
in hypocrisi loquentium mendacium, et
cauteriatam habentium suam conscientiam, prohibentium
nubere, abstinere a cibis quos Deus
creavit.



Nílid so contrárdha dhá chéile, óir ní abair an
t-apsdal go coitcheann gur léighionn deamhnaidh
gan bia áirighthe gach am do chaitheamh, acht
gan a gcaitheamh le saobh-chrábhadh, ag meas go
mbeith neamh-ghlan ó nádúir nó go mbeith arna
cruthughadh .i. ó dhroch-dhia nó ón diabhal, mur
do theaguisg lucht leanamhna Shímóin Mágus, na
Saturníni, na Haebioníti, na Marcionití, agus na
Manichéibh. Gidh eadh ní léighionn diablaidh,
acht naomhtha, trosgadh do dhénamh ar biaibh
áirighthe le spiorad umhlacht agus aithrighe, ar
aithris Eóin Baisde.



AS ÉIPISTILIBH PHÓIL AGUS NA NAPSDAL EILE.



Adeir Pól 1 ad Corinth. cap.1, vers.17:
“Ní chum baisde cháich do cuireadh misi ó Chríosd
acht chum an tsoisgéil do theagasg; gidh eadh


L. 170


adeir Críosd ag Matha, cap. ultimo: “imghidh a'
teagasg an tsoisgéil dona cineadhachaibh uile”:
euntes docete omnes gentes, babtisantes, etc.



Níl contrárdhacht annso, óir an uair adeir
Pól: non misit me Christus baptisare sed evangelisare,
tuigthear nach chum baisde do dhénamh
do chuir Críosd go prionsapálta é, acht chum teagaisg.
Agus is uime sin adeir an Chomhuirle
Thrionda leis na heasbuicc go bhfuil d'fhiachaibh
orra a bheith ag seanmóir dona Críosdaighibh.



Adeir Pól gurab éigion dúinne uile dul do
láthair an Tiaghearna le condus do thabhairt ann
ar ngníomhartha olca agus maithe. Ag so mur deir,
2 ad Corinth. cap.5, v.10: omnes nos manifestari
oportet ante tribunal Christi, ut referat unusquisque
propria corporis prout gessit, sive bonum, sive
malum. Gidh eadh adeir Dáibhídh Rígh, Psal.1,
v.5, nach n-éireóchaidh na ciontaigh chum
breitheamhnuis, ná na peacaigh i gcomhuirle na
bhfírén: non resurgent impii in iudicio neque
peccatores in concilio iustorum.



Níl contrárdhacht annso, óir is é ní is mian leis
an rígh-fháidh a chur i gcéill go rachaidh an breitheamhnus
i n-aghaidh na n-andlightheach sin, id
est, causa cadent, agus fós nach imeasg na bhfírén
bhias a n-áit an lá sin.



Adeir Pól,.i.ad Tim. cap.2, v.11-12 leis


L. 171


na mnáibh bheith 'na ttocht ag foghluim, agus nár
fhuiling dháibh a bheith ag teagusg: Mulier in
silentio discat. ... Docere autem mulieri non
permitto; gidh eadh adeir an t-apsdal cédna, ag
sgríobhadh chum Tituis, cap.2, v.3, le sean-mhnáibh
teagusg a dhénamh go maith: Anus
similiter ... bene docentes.



Níl contrárdhacht annso, óir an uair chuirios
an t-apsdal toirmeasg ar na mnáibh a bheith ag
teagasg, ar theagasg puiblidhe labhrus, óir isan
dara háit iarraidh orra neithe maithe tairbheacha
le briathra agus le siomplaidhe do mhúnadh dá
muintir aen-tighe.



Adeir Pól go dána seasmhach, 2. Timoth.,
cap.4, v.8, go bhfuil coróin do réir cheirt i ttaisge
'na chuinne, bhérus an Tiaghearna tá 'na bhreitheamh
cheart an lá ód dó. Gidh eadh, dar leat,
tá sin contrárdha do Ecclesiastes, cap.9, v.1,
áit i n-abair nach feas don duine an díol fuaith é
nó gráidh: nescit homo utrum amore vel odio
dignus est.



Níl contrárdhacht annso, óir is fíor nach feas
dúinn go nádúrtha an díol fuaith nó gráidh sinn i
láthair an Tiaghearna, ní nach gcuirionn toirmeasg
ar neoch fios d'fhagháil go haonaránach le
foillsiughadh dhiadha, mur fuair Pól an uair


L. 172


adubhairt: reposita est mihi corona iustitiae, quam
reddet mihi Dominus in illa die iustus iudex.



Adeir Pól, 2 ad Timoth.,cap.4, v.2:
“iomaird, guidh agus imdhearg lochtaighibh cháich le
foighid ró-mhóir,” argue, obsecra, increpa in omni
patientia. Gidh eadh, adeir le Títus, cap.2, v.15,
a n-imdheargadh le lán-chumhacht: argue cum
omni imperio.



Níl contrárdhacht annso, óir mur bhí Timotheus
níba teasaigh go nádúrtha iná Titus, dobhí
ro-shuaimhneach, dob áil leis teas aoin acu do
chlaochló agus miotal an fhir ro-shocair do mhúsgladh,
óir bí beagán tineadh go minic riachtanach ag
an teagasg soisgélta.



Adeir Pól,ad Rom., cap.7, v.8, nach féidir
leis na neithe is mian leis a dhénamh: velle
adiacet mihi, perficere autem non invenio; gidh
eadh, adeir an t-apsdal cédna, ad Philip. 4,
v.13, gur féidir leis gach aon-ní a dhénamh le
cumhachta an té neartaighios é.



Níl contrárdhacht annso, óir is an gcéd-áit
labhraidh air féin gan congnamh diadha na ngrás
do bheith aige, isan dara háit labhraidh air féin
an tan dobhí arna neartughadh leis na grásaibh.



Adeir Pól, ad Hebr.cap.9, v.4, go raibh
soitheach beag óir ann a raibh manna agus lorga nó


L. 173


maide Araóin mar aon re dhá chlár an tiomanta i
n-Áirc an Chonnartha; gidh eadh léighthear, Lib.3
Reg.,cap.8, v.9, nach raibh isan áirc acht an dá
chlár chloiche do chuir Maoise i nÓreib innte.



Níl contrárdhacht annso, óir ní tuigthear as
briathra Phóil, labhrus do réir chanamhna na
n-Eabhraighach, go raibh an soitheach nó an lorga
sin istigh isan Áirc acht go rabhdar sínte ar an
taobh amuich léithe: hebraismus enim est quo saepe
“in” ponitur pro “cum” vel pro “iuxta.”



Adeir Sém., cap.1, v.13, nach gcuirionn
Dia cathughadh ar aon-nduine: Deus neminem
tentat; gidh eadh adeirthear, Gen., cap.22, v.1:
tentavit Deus Abraham.



Níl contrárdhacht annso, óir is ar chathughadh
mhealltach labhrus an t-apsdal, agus ar fhromhadh
nó ar cruthadh dheagh-mhiotail Ábrahaim labhrus
an dara háit so.



AS LEABHAR APOCALIPS.



An tan áirmhithear an dream do gach
treibh dobhí arna ttogha agus ar a raibh comharthaigh
i leabhar na tTaisbéntaibh, cap.7, v.4, ní háirmhithear
aon-nduine do threibh Dain ná do threibh


L. 174


Ephraim: audivi numerum signatorum, centum
quadraginta quattuor millia signati ex omni tribu
filiorum Israel.



Níl contrárdhacht annso, óir is uime nach
ttráchtar ar threibh Dan (do réir mur deir na
naoimh-aithriocha Ireneus, Ambro., Augus.,) do
bhrígh go leanfaidh a n-urmhór an t-Antichríosd
thiocfus ar an treibh chédna sin. Ní háirmhíthear
treibh Ephraim óir is ionann í agus treibh Ióseiph ba
athair dhó.



Adeir Dia isan leabhar chédna, cap.22,
v.11: “gibé tá le holc bíodh mur sin go fóill, agus
gibé atá i salchar salaigheadh sé go fóill;” gidh
eadh adeirthear, Ecclesias., cap.15, v.21: “níor
chuir Dia aithne ar aon-nduine olc do dhénamh agus ní
thug fós uain chum peacaidh d'aon-nduine”:
nemini mandavit Deus impie agere, et nemine dedit
spatium peccandi.



Níl contrárdhacht annso, óir an uair adeir isan
gcéd-áit: qui nocet noceat adhuc, et qui in sordibus
est sordescat adhuc, cuiridh i gcéill gur fhág sé toil
shaor ag gach aon-duine, olc agus maith, nó go ttigidh
féin le tuarusdal chum gach aoin do réir mur
shaothreóchus uaidhe, do réir mur gheallus féin,
Apocalip, cap.22, v.11: ecce ego venio, merces mea
mecum est, reddere unicuique secundum opera sua.


L. 175


TRÁCHTA ATHGHEARR AR GACH AISDRIUGHADH
AGUS AR GACH IOMPÓDH
DÁ NDEARNADH AR AN SCRIPTÚIR
AS NA PRÍOMH-THEANGTHAIBH ANN
AR SGRÍOBHADH AR TTÚS LEIS NA
PRÍOMH-ÚGHDAIR É.



AN CÉD-ALT.



Tar éis tráchtadh go hathghearr nó go cuimeartha
ar úghdair, ar ughdarrás, ar uimhir, agus ar chosbóir
chinnte gach leabhair don Scriptúir fó leith, is
oirchios dúinn faisnéis athchumair mur an gcédna
do thabhairt ar gach iompódh agus ar gach aisdriughadh
dá ndearnadh air as na teangtha ann ar thoil
leis an Spiorad Naomh a thabhairt síos dona
príomh-scríobaibh naomhtha lér sgríobhadh ar
ttús gach leabhar dhe, mur atá an Eabhrais, an
Chaldaiic agus an Ghrégis, ann ar sgríobhadh ar ttús
é, agus adeirid fós úghdair bharantámhla gur isan
Laidin ro sgríobh Pól a éipistil chum na
Romhánach.



Gidh eadh, is don téx Laidne go sunnradhach
goirthear anois an Vulgát nó an téx coitcheann,
atá toghtha ionghlaca ag cách go coitcheann, do
bhrígh gurab é is fearr do ceartaigheadh, agus gurab


L. 176


ann is mó dobhí cúram na hEagailse le barr mór
ar mhíle bliadhain anois.



Tá dhá cheisd le chur annso do thaobh an text
Eabhraighach: an chéd-cheisd fhiafraighios ann é
an text cédna do sgríobh Maoise agus na fáidhibh atá
arna sheachadadh ó láimh go láimh ó a n-aimsiribh
sin gus anois; an dara ceisd fhiafraighios an
bhfuil an text cédna arna thruailliughadh comh
mór agus comh gráineamhail agus sin nach fiú é chreideamhain
ná ughdarrás ar bith d'fhagháil isan
Eaglais anois.



Deirid aroile dona húghdair gurbha hí cédfaidh
Bhasil naomhtha ann a eipistil dochum
Chilo gur cailleadh an Scriptúir go hiomlán,
nó gur loisgeadh é, mar aon le teampall
mór Ierusalem, an tan do scriosadh agus do hairgeadh
an chathair sin agus tugadh a háitigheóirigh i mbroid
go Babilóne. Ag so mur deir Basil: hic campus
in quo, secessu facto, Esdras omnes divinos libros
ex mandato Dei eructavit, .i. “ar bhfagháil uaine
uaignis dó, ag so an machaire ann ar bhrúcht
Esdras le hordugh Dé as a mheabhair féin leabhra
an Scriptúir go hiomlán”; agus tar cheann go n-abraid
aroile gurbha hí sin cédfaidh Thertulian
Ireneuis agus Chlemens ó Alexandria, níl cruthughadh
follusach ar bith acu lena dheimhniughadh, agus
dá bhrígh sin measaid na hughdair is barántamhla
nach ttig an chédfaidh so le fírinne.


L. 177


Agus is móide is inchreidthe sin do bhrígh nach
bhfuil d'úghdarrás dá suidhiughadh acht leabhar
folaightheach nó Apocripheach, .i. an ceathramhadh
leabhar dona Macabéibh ag nach bhfuil ughdarrás
ar bith i n-Eaglais Dé, ar mbeith líonta dhó do
mhion-sgélta fábhuill Iudaigheach amhuil agus mur an
Thalmud ag trácht ar an Cabala. Ní geibhthear
fós i n-aon-áit isan Scriptúir ndiadha focal ar
bith leis an gcédfaidh so do neartughadh; acht dá
n-abradh neoch go bhfuil ughdarrás leis an gcédfaidh
so isan gcaibidil 8 do Leabhar Esdras,
adeirim-se nach bhfuil annsin acht ní is mó is
inmheasda a bheith contrárdha dhí. Ag so na
briathra: dixerunt Esdrae scribae ut adferret librum
legis Moysi; attulit ergo Esdras .i. “adubhairt a
scríobaibh le Esdras leabhar dhlighe Mhaoise do
thabhairt chugthu, agus dothug sé chugthu é.”



Tabhair dod aire nachar iarradar air dlighe
Mhaoise do dhénamh dháibh, acht an leabhar
dlighe sin do thabhairt chugthu. Agus tar cheann
go m'fhéidir don leabhar muirneach dobhí dá
chumhdach isan teampall go cúramach do bheith
arna losgadh i n-aoinfheacht leis an teampall féin,
ní hinchreidthe nach raibh i gcumhdach ná i
gcoimhéd imeasg na Iudaighibh uile acht an t-aon-leabhar
sin; óir ní hinmheasda nach raibh a
chóip nó a mhic-leabhair sin ag na fáidhibh, ag na
sagairt, agus ag daoinibh eile dobhí fírénta foghlamtha
'na measg, mur bhí Esdras féin.


L. 178


Acht atá cédfaidhe is mó is inchreidte ná an
chédfaidh réimhráite adeir gurbha hé Esdras tug
aisiog ar leabhra an Scriptúir, ní lena n-athdhénamh
acht lena gcruinniughadh as mórán d'áitibh
diamhra do-eólais go haon-ionadh, go ndearnaidh
aon-chorp nó aon-leabhar iomlán de. Agus is
inchreidthe gur cheartaigh na loicht dob fhéidir,
le hainbhfios nó le faillígh na scríobaibh lér
sgríobhadh é, do shnámh isteach isna leabhair
naomhtha sin le linn broide na Iudaigheach isan
mBabilóin, an tan nach raibh teampall ná tabernaceil
léna gcumhdach. Agus ba hí so cédfaidh
Chrisostoim, In Epist. ad Haebr., cap. 8; Hilariuis,
Praef. in Psalmos; agus adeir Theodoret, Praef. in
Psalm., gur truaillaigheadh an sean-scriptúir i
n-aimsir broide na Baibilóine acht gur leasaigheadh
agus gur ceartaigheadh 'na dhiaidh sin le hEsdras é
mur dobhí roimhe; agus measdar gur dá réir so
labhrus Ireneus, lib. 3, cap. 25; Tertulian,
lib. De Habitu Mulierum; Clemens, lib.
1, Stromat.; óir ní abraid i n-aon-áit
gurab as a mheabhair féin dothug síos
iad.



Adeir S. Ieróm in Prolog. Galeato agus isan .9.
caibidil ar Ezechiel gur thionnsgain agus gur chum
Esdras aibghitir nuadh Eabhraigheach, agus gur fhág
an sean-aibghitir dá ngoirthear go coitcheann
alphabet ag na Samáritánaigh; agus dá shuidhiughadh


L. 179


sin, adeir sé, gurbha cosmhuil le ... nó le crois, an
leitir dhéighionach don tsean-aibghitir, ní nach
bhfuil ann anois le faicsin, agus dá bhrígh sin adeir sé
gurab é nuadh-aibghitir Esdrais atá ar úsáid ag na
Iudaighibh anois.



Fá dheóidh, is dearbhtha gurab isan teangaidh
is ársaigh imeasg na tteangtha ro sgríobhadh an
Scriptúir ar ttús, do réir mur deir Ambrosius in
cap. 3 ad Philippen., S. Ieróm, in Epis. ad
Damas., agus Eusebius, lib. 10, Praepar. Evangel.
Agus gídh go n-abair Augustinus, lib. 16, De
Civit. Dei, cap. ult., gur i ndiaidh aimsire Noe do
cumadh an teangaidh Eabhraigheach, is é ní ba
mian leis a chur i gcéill gur fón n-am sin do goireadh
Eabhrais mur ainm dhi, óir ní raibh ainm áirighthe
uirre roimh choimeasg na tteangthaibh ag tur
Bábel agus 'na dhiaidh sin nó gur thogh Heber dó féin
agus dá mhuintir í aimsir fhada i ndiaidh na dílionn.
Agus fós, an mhéid go bhfuil leabhra Esdrais féin
lán d'fhoclaibh Caldaiceacha, ní nach bhfaghthar i
leabhraibh na bhfádh nó Mhaoise, is dearbhtha
nach é Esdras do athnuadhaigh go hiomlán
iad, acht is féidir a rádh go fírinneach gur
leasaigh agus gur ghlan sé ó mhórán do lochtaibh
iad do scinn isteach nó do shleamhnaigh le
neamh-chúram nó le hainbhfios na scríob
ionnta.


L. 180


AN DARA HALT.



Fiafraighthear an bhfuil an Scriptúir Eabhraigheach
uile arna mhilleadh agus arna thruailliughadh le
máilís ghnáthach na Iudaigheach i n-aghaidh na
gCríosdaighaibh.



Adeirid urmhór eiritigeach na n-aimsior
ndéighionach, dochum ughdarráis an text
choitchinn Laidne dá ngoirthear an Vulgát do
laghdughadh imeasg na gcreidmheach, nach bhfuil
text ar bith comh saor ó lochtaibh ná comh glan
leis an text Eabhraigheach, óir adeir Kemnitius agus
Georgius Maior, Praefat. in Psalmos, gur riachtanach
an uile thext do cheapadh agus do cheartughadh
do réir an text Eabhraigheach. Agus tar cheann
go mbrégnaighionn Cailuín a chédfaidh féin (thig
leó sin i n-áit eile) ag rádh, Instit., cap. 6. 11,
agus In Psal. 21, i n-ionad foderunt manus meas,
“do thochladar mo lámha,” gur contrárdha dhó sin
le harráid a labhrus an text Eabhraigheach, .i.
non foderunt manus meas, .i. “níor thochladar mo
lámha,” adeir sé fós nach bhfuil na focuil so ar
aen-chor isan dara caibidil do Leabhar Exóid:
alium quoque genuit et vocabit nomen ejus Eliazar
dicens: Deus patris mei auxiliatus est mihi, et
liberavit me de manu Pharaonis, .i. “do ghein mac
eile dár ghoir Eleasar mur ainm, ag rádh: “do


L. 181


neartaigh Dia m'athar liom, agus do shaor as lámha
Pharao mé;” agus Psal. 18: in omnem terram
exivit sonus eorum, deir an téx Eabhraighach i
n-ionad sonus eorum, linea seu perpendiculum.



Adeirid drong eile le hiomarcaigh dúthruicht gur
thruailligh na Iudaighibh le mailís mórán d'áitibh
an Scriptúir Eabhraigheach, mur atá Iacobus,
Easbocc Christopolitanuis, Praefat. in Psal., agus
Cánus, lib.2, cap.(13). Do-bheir Origines résúin
ro-mhaithe a n-aghaidh na cédfaidh so, lib. 8
in Isaiam, do réir mur deir Ieróm, in cap. 6
Isaiae. Ag so mur labhraid ar aon: má thruailligh
nó má mhill na Iudaighibh an Scriptúir, is roimh
ioncholnadh Chríosd nó 'na dhiaidh sin do-rinneadar
é; más roimhe, créd an fáth nach ttug Críosd ná
a apsdail iomardadh nó imdheargadh dáibh trésan
gcoir mhóir naomh-aithise sin, an tan ba gnáthach
leó a maslúghadh agus a n-imdheargadh tré chortha
ba neamh-thábhachtaigh go mór ná sin? Agus
créd fá n-iarrfadh Críosd ar chách go coitchionn,
Ioan.5, Scriptúir lochtach do sgrúdagh le tairbhe
spioradálta do bhuain as, ag rádh, scrutamini
scripturas? Nó créd fá n-aibeóradh le cách go
coitchionn creideadh agus géilleadh do gach ní dá
n-aibeóradh lucht teagaisg as cathaoir Mhoyse?
(Math.23: super cathedram Moysis sederunt
Scribae et Pharisei; quaecunque ergo dixerint vobis
servate et facite). Créd fós an modh annarbh
fhéidir do gach áit don Scriptúir dár athfhriotail


L. 182


Críosd agus a apsdail a theacht ciall ar chéill agus focal ar
fhocal leis an Scriptúir Eabhraigheach do réir mur
tá sé le faicsin anois? Nó an uime do-thugadar
anuas mur úghdarráis i modh chonntrárdha mur
sin na háitibh cédna sin, do bhrígh go bhfacadar
le spiorad fáisdine gur amhlaidh sin do-ghéubhthaigh
iad sgríobhtha isan Scriptúir tar éis a bheith
arna thruailliughadh agus arna mhilleadh dhó?



Do-bheir S. Augustín résún maith eile uaidhe,
lib.15, De Civit. Dei, cap.13, ag rádh nach inchreidthe
go millfeadh na Iudaighibh úghdarrás agus
árd-mheas a Scriptúir féin ar ghrádh nó ar mhian
ughdarráis an Bhíobla Chríosdamhuil do mhilleadh
nó do laghadughadh. Ag so a bhriathra isan áit
chédna: si quaeram quid sit credibilius, Iudeorum
gentem uno consilio conspirare potuisse, et dum aliis
invideant authoritatem sibi abstulisse veritatem, etc.



Acht dá n-abradh neoch gur ó aimsir Augustín agus
Ieróim do truailligheadh agus do milleadh an text
Eabhraigheach, agus dá bhrígh sin nach beanann a
n-ughdarráis sin leis an ádhbhar so, adeirim-se
ann a aghaidh sin go bhfuil résúin S. Augustín
láidir go leór a n-aghaidh gach aimsire.



Dá bhrígh sin measaid na hughdair is
barántamhla nachar mhill agus nachar thruailligh na
Iudaighibh an text Eabhraigheach ar aen-chor;
acht gidh eadh, go n-admhaoid nach bhfuil sé
saor ó mhion-lochtaibh (nach dénann dochar don


L. 183


chreideadh ná do bhésaibh mórálta) do shleamhnughadh
isteach ann le neamh-chúram nó le
hainbhfios na scríbhneóraigh do tharruing é.



Adeirthear 'na aghaidh sin go raibh amhrus mór
ag Iustinus, in Dialogo contra Triphonem, ag
Euseb. lib. 4 Histor., cap. 18, ag Origines, Homil.
12 in Hierem., ag Chrisost., Homil. 5 in Math., ag
Hieron., in Epist. 89 ad August., in cap. 5 Michiae
agus in cap. 3 ad Galat., gur chuir na Iudaighibh
mórán don Scriptúr amach le fuath ar na Críosdaighibh.



Freagraim nach n-abair Iustinus ná Euséib i
n-aon-áit dá saothair gur truailligheadh an text
Eabhraigheach, acht is ar an text Ghrégach, an
Septuagent, labhraid. Ag so briathra Iustín, in
dicto Dialogo: “Is mian liom a fhios do bheith
agaibh,” ar sé, “gur ghearr na Iudaighibh mórán
d'áitibh nó d'aithiosgaibh iomlána as an iompódh
Grégach do-rinne an 70 seanóir dobhí i bhfochair
Ptholomeuis ar an Scriptúir Eabhraighthach le
suidhighthear go follusach daonnacht (agus) bás croiche
Chríosd, agus le réimhinnistear a bhás; ac, inquit,
quod illi multos et integros locos illarum ex translatione
eorum qui cum Ptolomaeo fuere seniorum
sustulerint, in quibus claré hunc ipsum crucifixum
Deum et hominem esse eumque in cruce pendere et
mori praenuntiatum esse ostenditur, scíre vos volo.
Agus an áit a n-abair Eusebius le Triphon gur
ghearr a shinnsir (do réir mur chruthaigh Iustín


L. 184


air roimhe sin) mórán d'áitibh nó d'aithiosgaibh iomlána
as an Scriptúir, is é an text Grégach réimhráite
tuigthear leis.



An ní cédna deir Origines, óir adeir gur beanadh
an focal Iudas as an text Septuagentach, Hierem.
17, agus gur cuireadh eorum ann a áit. Ag so mur
deir: deinde sequitur alia prophetia (quam, nescio
quare, apud 70 non invenientes, in caeteris editionibus,
quae cum Hebraeo sermone consentiunt, reperimus)
... Iudei qui examplaria nonulla falsarunt,
etiam in hoc loco pro “peccato Iuda,” “peccata
eorum” posuerunt.



Ar mhínightheóraidh Iudaighach an Scriptúir,
.i. ar Aquila, ar Shimachus, agus ar Theodotion,
labhrus Chrisostomus, do chuir iomad brég isan
aistriugh do-rinniodar ar an Scriptúir a n-aghaidh
na gCríosdaighibh agus a n-aghaidh an 70, agus is orra
sin thráchtas Hierom., Epist. 11. inter Augustinianas,
áit a n-abair go raibh mian mór aige na leabhra
diadha d'iompódh as an Abhruis chum gach ní
dár fhág na Iudaighibh amuich (isan nGréigis) do
thabhairt ar a n-ais; agus ana phréfáid ar Leabhar
Isaiais do sgríobh sé 'na dhiaidh sin, do-ní fonómhad
follusach ar an dream adubhairt gur truailligheadh
an Scriptúir Eabhraighach.



Adeirid aroile go n-admhaighionn na Iudaighibh
gur athraigh aos foghlamtha na Iudaigheach mórán
don Scriptúir, agus gur Tikun Sophrim ghoirid don
cheartughadh sin. Gidh eadh, níl do bháránta


L. 185


ná d'úghdarrás leis acht an brég-leabhar fábhuill
dá ngoirthear an Thalmud; óir ní thráchtann
Epiphanius ná Ieróm, ba hársaigh ná an Thalmud,
ar an gceartughadh sin, acht amháin murab air an
gceartughadh do-rinne Esdras agus a shinagóg mhór a
thráchtaid, dá ngoirthear an Sanhedrin. Adeirthear
'na aghaidh sin go bhfuil mórán d'fhoclaibh an
text Eabhraighach contrárdha i soin agus i gcéill don
text Laidne atá ar úsáid go coitchionn, mur atá:
Gen. 18, Abraham stabat adhuc coram Domino, .i.
“do sheas Ábraham go fóill i láthair an Tiaghearna,”
agus adeir an text Eabhraighach gur sheas an
Tiaghearna go fóill i láthair Ábrahaim; Numer.11,
adeirthear gur malum tuum, .i. “h'olc-sa”, i
n-ionad malum meum, .i. “m'olc-sa,” dobhí ar ttús
isan Eabhruis (et non videam malum tuum), agus gur
cheartaigh na scríobaibh é.



Gidh edh, is mó chruthaighios so, agus mórán
eile do shamhuil na n-áitibh so, nachar mhian leis
na Iudaighibh an Scriptúir do mhilleadh ná do
thruailliughadh, óir is do réir mur cheartaighdar
an áit so (mar aon le mórán eile d'áitibh) ghlacus an
Eaglais, agus léighthear anois isan text choitchionn
iad: mur bhí Abacuc 1, non morieris, “ní bhfuighe
tú bás,” do leasaigh na scríb sin agus do chuiriodar
non moriemini isteach, agus is mur sin atá anois isan
Vulgat. Mur sin ní barr úghdarráis ar bith don


L. 186


text Vulgátach nó coitchionn an text Eabhraigheach
do bheith lochtach.



Adeirid aroile go bhfuil an text Eabhraighach
easbhadhach do bhrígh nach bhfaghthar ann
Psalmo 13 na hocht bhféarsadha atá diaidh i
ndiadh arna n-athfhriotal le S. Pól as an tsailm
sin, ad Rom. 3: sepulchrum patens est guttur
eorum, etc. Ní chruthaighionn so an text
Eabhraigheach a bheith easbhadhach, óir is
dearbhtha nach don treas psailm décc na hocht
rainn sin acht gurab as áitibh eile don Scriptúir
tarraingeadh iad leis an apsdal Pól, agus do cuireadh
'na dhiaidh le druing éigin isteach isan tsailm
réimhráite iad; óir geibhtear an céd-rann agus an
dara rann isan gcúigeadh psailm, an treas rann,
Psal. 139, an ceathramhadh rann Psal. 9, an
cúigeadh rann, an seiseadh, agus an seachtmhadh, ag
Isaias, cap. 19, agus an rann déighionach Psalmo 35,
agus mur sin ní rabhdar isan tsailm 13 don téx
Eabhraighach ná ag an Septuagent Grégach go
gcead don Chodex Anglicánach. Gidh eadh, ní
hiongnadh a mbeith anois isan Scriptúir Laidne
do bhrígh gur scriptúir fírinneach gach rann díobh
mur dubhrus cheana.



Adeirid arís gurab é ní léighthear, Genes., isan
text Eabhraigheach: corvus egrediebatur, et revertebatur,
.i. “do-chuaidh an fiach dubh amach agus
táinicc ar a ais,” agus go bhfuil sin contrárdha don
ní léighthear isan text choitchionn adeir et non


L. 187


revertebatur. Gidh eadh, níl contrárdhacht ar bith
annso idir an dá thext, óir tar cheann go táinicc
an fiach ar a ais go bórdaibh na háirce, ní tháinicc
sé isteach innte ón uair do léigeadh amach é.



Uime sin má geibhtear mion-loicht gan tábhacht
isan text Eabhraigheach, ní le mailís ná chum
dochair do dhénamh do cuireadh isteach iad, acht
gur sleamhnaighsiod le neamh-choimhéd nó le
hainbhfios na scríob ro sgríobh é, nó le easbaidh
eóluis na bponc atá i n-ionad guthaidhe ag an
Eabhrais.



AN TREAS ALT



DON IOMPÓDH CALDAICACH.



Is i gCaldaic ro sgríobhadh ar ttús Leabhar
Iudith, Leabhar Thobiais, cuid do Leabhar Esdrais
agus Dhainiel. Do-rinneadh fós as an Eabhruis
iompódh samhuil-fhuighleach nó shamhuil-bhriathrach
nó pharaphrásach ar an Scriptúir uile
i gCaldaic, agus goirthear Targum don Pharaphrás
sin. Adeirid aroile gurab é Aquila, dá ngoirthear
Rabi Aquila, do iompóidh cúig leabhair Mhaoise
dá ngoirthear Onkelus i gCaldaic, agus gurbh é
Rabi Ionathan mac Úsiel do iompoidh Leabhra
Iosue, na mBreitheamhan, na Ríogh, Isaiais,
Ieremiais, agus na bhfádh oile, agus gur le Rabí


L. 188


Ióseph Caicus, nó Caoch, do hiompaidheadh
Leabhar na Psalm, Iób, Ruth, Estar agus leabhair
Sholaimh go hiomlán.



Is mór an meas tá ag na Iudaighibh ar an
bParaphrás so, agus níl sé mí-tharbhach ag na Críosdaighibh
féin, do bhrígh go bhfoghnann sé i n-aghaidh
na Iudaighibh féin, tar cheann (do réir mur deir
Cairdinal Ximenius) nach bhfuil ughdarrás an
leabhair sin barántamhail le ní éifeachtach do
chruthugh leis, acht amháin a n-aghaidh na
Iudaigheacha féin. Óir is beag áit ann nach
bhfuil líonta le sgélta brégacha fábhaill, acht
amháin go bhfuil cúig leabhair Mhaoise níos saoire
orra sin ná an chuid eile, gidh nach bhfuilid
sin saor go hiomlán orra.



Óir, Genes., cap.4, v.23, adeir an Paraphrás, i
n-ionad quoniam occidi virum, .i. “do mharbh mé
fear” atá ag an téx Eabhraigheach, Grégach, agus
Laidne, non occidi virum, .i. “níor mharbh mé
fear.” Agus isan gcaibidil .22., agus mur tá ag Pól
ad Galat. 3, i n-ionad in semine tuo benedicentur
omnes gentes, cuiridh an Paraphrás propter filios
tuos isan uimhir ilair. Exod. cap.12, thig an téx
Eabhraigheach, Grégach, agus Laidne, lé chéile ag
rádh omnis filius alienigena non commedet ex eo,
.i. “ní íosfaidh gein eachtair-chineólta ní dhe”:
adeir an Paraphrás, “ní íosfaidh gein scriostaidh
(lé ttuigid na Iudaighibh nuadh-Chríosdaigh) ní


L. 189


dhe.” Levit., cap.10, adeir an text Eabhraigheach,
Grégach, agus Laidne, “ní bhearrfaidh agus ní nochtfaidh
sibh bhur gcinn,” non radetis seu nudabitis capita
vestra: adeir an Paraphrás contrárdha dhó sin,
“ní léigfidh sibh dar gciabh fás, “non multiplicábitis
comam. Numer. cap.11, n.19, tá sgél fada
fábhaill ag an bParaphrás ar thiobraid fhíor-uisge
a' dul le fán ó shruth, agus ag dul a n-aghaidh cnoc
suas agus le fán na ngleannta, do réir mur do ghluaiseadh
an pobal Eabhraighach ar an bhfásach.
Adeir an text Eabhraigheach, Grégach, agus Laidne,
Numer. cap.23, populus solus habitabit, .i. “coimhneóchaidh
an pobal go haonaránach”: adeir an
Paraphrás, ecce populus solus possidebit saeculum,
ag iarraidh a chur i gcéill go mbeith críochaibh an
domhuin fó neart agus fó chumhachta na Iudaighibh.
Deuter., cap.4, geibhtear fáisdine ag réimhinnsin
do réir an text Eabhraighach, Laidne, agus Gréigis,
go mbeith na Iudaighibh ag adhradh déaibh
bréige: iompaidh an Paraphrás sin ar na Geintíligh
isan gcaib. chédna, n.18, agus isan gcaib.18, n.64,
ag rádh servietis populis servientibus idolis, “biaidh
sibh i ndaoirse ag pobuil bhias ag adhradh íodhal.”



AN .4. ALT
DON IOMPÓDH SÍRIACACH.



Níl isan teangaidh Shiriacach acht gein do
tháinicc ó choimeasg na hEabhruise agus na


L. 190


Caldaice, acht go bhfuilid idirdhealbhach i bpoinc (lé
ttuigthear na guthaidhe), i gcoimhcheangail, i
gcanmhuin, agus i mórán d'fhoclaibh. Níor sgríobhadh
ó thús aon-leabhar don Scriptúir isan teangaidh
so acht an céd-leabhar dona Macabéibh agus Leabhar
Ecclesiasticús, nach bhfuil ar fagháil anois; acht
adeir S. Ieróm in Prolog. Galeato go bhfacaidh sé
an céd-leabhar, agus arís adeir in Prolog. Proverb. go
bhfacaidh sé an dara leabhar.



Gidh eadh, is inchreidte do réir chédfaidh úghdar
mbarántamhuil gur isan teangaidh Shíriacach do
sgríobh Matha a shoisgél, agus Pól a Éipistil chum na
n-Eabhraigheach. Tig Albertus Westmidstadius
(Sanseiléir an rígh Ferdinand agus an céd-duine do
chuir an teangaidh Shiriácach i gcló isan Euróip)
leis so agus fós Guido Fabricius, agus ní thig Ireneus,
Origines, Euséib, Atanasius, Epiphanius ná S.
Ieróm 'na n-aghaidh isan gcédfaidh so. Agus is
maith an comhartha ar fhírinne na cédfadha so
gur Siriac na focail atá arna ccongbháil againn
don teangaidh ann ar sgríobhadh soisgél Mhatha
ar ttús, mur atá Golgatha - Féch S. Ieróm, De
Nominibus Haebraicis.



Acht is as an nGrégis do hiompaidheadh an chuid
eile don Tiomna Nuadh isan teangaidh Shíriacach,
do réir mur admhaighios na Sírianaigh féin, ag
rádh gurb é an soibhisgél Marc do iompaidh é.
Gidh eadh, atá cúis amhruis aguinn air sin, do


L. 191


bhrígh nach labhrann Clemens Alexandrínus,
Origines, Euséib, Athanas, Theophilacht, Epiphanius,
Ieróm, Cirill, Theodoretus ná Ioannes
Damascénus ar Mharcus do bheith 'na ughdar ag
an iompádh Siriacach sin an Tiomna Nuaidh, agus
nach raibh aon dár áirmhios nach raibh 'na
easbacc nó 'na shagart isan Siria nó isan Égipt.



Acht gibé haon is ughdar dhó, is dearbhtha gur
saothar ro-ársaigh é, agus is ro-mhaith an t-ughdarrás
a n-aghaidh na nuadh-eiricceach é, óir is mór a
mholus sé, i n-iomad d'áitibh dhe, na neithibh ar
a bhfuil fuath agus gráin ag clann Lútéir agus
Cailuín, .i. crosa, íomháighibh, urnaighthe agus
iodhbartha ar son na marbh, uigliocha, guidhe
chum na naomh, trosgadh tréighionais, agus mórán
eile ara bhfuil fuath agus gráin na ndream réimhráidhte
adeir nach bhfuil ionnta uile acht
comadóracht agus gliocus calaoiseach na bpápairigh.



AN .5. ALT
AR AN SCRIPTÚIR DO RÉIR GACH IOMPÓDH DÁ
NDEARNADH ISAN NGRÉIGIS AIR.



Gan trácht ar an tsean-text Grégis ar a
ttráchtann Clemens Alexandrinus, lib. 1 Stromat.,
do cuireadh amach roimh impireacht Alasdrainn
le hughdar anaithnigh éigin, do-rinneadh naoi


L. 192


n-ionntódh asan Eabhruis i nGréigis ar an Sean-tiomna.
Is é an sean-text cédna so do-chonnairc
Pláto agus an chuid eile dona fallsamhain phágánta
do tharraing cuid dá ráidhtibh as. Acht ón uair
dofríth taisbénadh ar ttús ar shaothar agus ar théx
an tseachtmhoghaid do léigeadh i ndimbrígh agus i
ndearmad an sean-téx Grégach sin.



Is le himpidh, le hordughadh, agus le costus
Ptolemeuis Philadeilph, rígh Égipte, do iompaidh
an seachtmhoghad seanóir - ar a ttráchtad 'na
dhiaidh so - an Sean-tiomna as Eabhruis go
Grégis, do réir mur deir Eusebíus, lib. 6 Histor.,
Athanas., in Synopsi, agus Epiphanius, Lib. de
Mensur. et Ponder.



Aquila an dara hughdar i ndiaidh an tseachtmhoghaid seanóir
do iompaidh an téx Eabhraighach cédna go Grégis. Ba do chrích
Phontic don Aquila so, agus is isan .12. bliadhain décc
do fhlaithios Adriain do-rinne sé an saothar so.
Ba Geintílach ar ttús é. 'Na dhiaidh sin do ghlac
sé le bheith 'na Chríosdaighe, agus ar mbeith dhó 'na
astralógach bhreitheamhnach phiseógach isan staid
sin, do dhiúlt na Críosdaighibh dó, agus do ghabh sé
le Iudaighacht. Agus do bhrígh gurab air an staid
ndéighionaigh so dobhí sé an tan do fhoillsigh sé
a théx Grégach níl meas fírinne ná cneasdacht ar
a shaothar, óir ní raibh acht ruagaire reatha ann.



An treas úghdar Theodotion, i bhflaithios an
impir Chomóduis, agus tar cheann go raibh an fear so


L. 193


ar ttús 'na eiriticcach Mharciónach agus 'na dhiaidh
sin gur ghabh le Iudaigheacht, ní faghthar aon-nduine
dá shamhail is fearr agus is ceirte do lean
fírinne an téix iná é; agus mur chruthughadh air sin
is dá réir léighthear leabhar na fáidhe Daniel isan
Eaglais gus anois - Féch S. Ieróm, Praef. in
Daniel.



Symachus, le linn Sheueruis 'bheith 'na impear,
an ceathramha úghdar ro iompoidh text an tSean-tiomna
as Eabhrais go Grégis. Is iongnadh leam,
tar éis go n-admhaighid Athanasius agus Eusebius
gur i n-aimsir Chomoduis do sgríobh Theodosion,
agus Symachus i n-aimsir Sheueruis, go gcuirid
Symachus i n-arrsaighacht roimh Theodosion; agus
do bhrígh gurbha follus don domhan agus dáibh féin
gur roimh Sheuerus dobhí Comodus 'na impeir is
dearbhtha go rabhdar annso dearmadach. Ba
eiriticceach Ebioníteach Simachus do réir mur deir
Euséib, acht do réir mur deir Atanas ba Samaritánach
é ar ttús. Agus do bhrígh nach bhfuair sé
gairm nó meas ann a thír féin do réir mhiana do
ghabh sé le Iudaighacht, agus do-rinneadh a thimchioll-ghearradh
an dara feacht annsin air. Agus dá
gcuireadh neoch i n-iongnadh créd an modh lérbh
fhéidir neoch do ghearradh mur sin fá dhó,
adeirim-se do réir mur is iontuigthe as briathra
Phóil, 1 ad Corint.,cap.(7), go raibh ealadha nó
leighios éigin acu le bhfaghdís aisiocc ar chroicionn


L. 194


an ghearrtha sin: qui circumcisus vocatus est non
adducat praeputium.



Dofríth dhá théx Grégach 'na dhiaigh i
soithighibh nó i leasdra cumhdaigh: aon acu i
gcathair Hieirico i n-aimsir impireacht Characaill,
agus aroile i gcathair Nicepolis i bhflaithios Alexandair
mhic Mhainne.



Is do na textaibh sin uile, do réir mur deir
Epiphanius agus Eusebius, do-rinne Origenes an
leabhar iomlán dá ngoirthear Hexapla, Tetrapla
agus Octapla. Óir do roinn Origines leathanacha an
leabhair sin ar ttús i sé colamhnaibh: isan gcéd-cholamhuin
do chuir sé an téx Eabhraighach i
leitreachaibh Eabhraighach; isan dara colamhain
do chuir sé an téx cédna i leitreachuibh Grégis; isan
treas colamhain do chuir sé an téx Grégach do réir
mhíniughadh Aquila - isan gceathramhadh
colamhuin do réir Shimachuis; isan gcúigeadh
colamhuin text an tseachtmhoghaid seanóir dá
ngoirthear an Septuagent go coitchionn; isan
seiseadh colamhuin téx nó míniughadh Theodosion.
Goirthear Tetrapla don leabhar so ar son na
gceithre gcolamhan ttosanaigh agus Hexapla ar son na
sé gcolamhan. Isan seachtmhadh colamhain do
chuir sé text an Septuagent maille re comaoineacha
don text Theodosianach, agus réltadha ruithneacha dá
ngoirthear asterisci agus beara treaghdacha dá
ngoirthear obeli mur chomharthaidh air, amhuil


L. 195


mur do bheith 'na mhíniughadh nuadh-dhénta.
Is de so ghoirios S. Ieróm ... .i. “coitcheann,”
lib.6, In Isaiam. Isan ochtmhadh colamhuin do
chuir sé míniughadh an tsagairt naomhtha agus an
mhairtírigh Lucain, do cheartaigh na téxaibh
réimh-ráite tar éis a mbeith arna milleadh i
n-aimsir éigin i ndiaidh Origines.



Dofríth an saothar mór-mhaith so Liucain i
ndiaidh a bháis sgríobhtha lena láimh féin i
gcathair Nicomedia i n-aimsir Chonstantín Mhóir,
agus dobhí ann i ttaisge ón am ar fhuiling an sagart
naomhtha mairtíracht re lin Dhioclesiain agus
Mhaximinuis, vide Eseb. lib. 9 Histor., cap.
6.



Do-rinne Hesichius text Grégach eile, agus is é sin
an naoidheadh iompódh Grégach, lér leasaigh agus
lér cheartaigh na loicht do shleamhnaigh isan téx
Septuagentach. Ag so mur deir S. Ieróm: “molaidh
Égipt ann a Septuagent an t-ughdar Hesichius;
moltar text Lucianuis ó Chonstantinople go
hAntiochia; agus eatorra sin molaidh an tír Phalestínach
leabhra Origen do thoirbhir Eusebius agus
Pampílius dáibh,” Egyptus in septuaginta suis
laudat Hescichium authorem; Constantinopolis usque
Antiochiam Luciani martyris exemplaria probat;
mediae inter has provinciae Palestinis codices legunt
quos ab Origine elaboratos Eusebius et Pamphilius
vulgaverunt.


L. 196


AN .6. ALT
ANN A BHFUASGALTAR CÚIG CEASDA DO THAOBH
TÉX AN SEPTUAGENT.



An chéd-cheisd do thaobh na haimsire i
ndearnadh é; an dara ceisd créd iad na leabhra
do hiompaidheadh leis an seachtmhoghad seanóir
naomhtha sin; 3 créd an modh a ndearnsad an
obair bheannaighthe so; 4 créd an t-úghdarrás
atá ag an téx sin; 5 fiafraighthear an bhfuil an
téx cédhna sin le fagháil anois aguinn.



Le freagra na céd-cheasda tabhair dod aire go
n-abair Iereneus, lib.3, cap.25, Clemens Alexandr.,
lib. 1. Stromat., gur i n-aimsir Ptolemuis mhic
Laguis do-rinneadh an t-iompódh sin ar an tSean-tiomna.
Gidh eadh, adeir an chuid eile dona
húghdair is barántamhla sgríobhas ar an ní cédna
so (mur atá Aristeus dobhí i láthair an uair sin;
Ióseiph, lib. 12 Antiquitatum, cap. 2; Philo,
lib. 2, De Vita Moysis; Tertul., De Apologet.
cap. 18; Athanas. in Synopsi; Epiphan., De
Mensur. et Ponder.) gur i n-aimsir nó i bhflaithios
Ptolemi Philadeilph do-rinneadh é. Gidh eadh, is
urusa cédfaidh na n-úghdar mór sin ar gach leith
do shíneadh ré-roile gan conntrárdhacht ar bith
do bheith eatorra, óir do bhrígh go gcuirionn
Epiphan an bhliadhain chinnte do fhlaithios
Philadeilph síos ann a ndearnadh é, .i. an seachtadh


L. 197


bliadhain décc, measaid cách go raibh Lágus beó
an tan sin, do bhrígh go n-abraid ughdair bharántamhla
go raibh do mhéid mian agus áilghis Ptolomeuis
mhic Láguis a mhac féin, .i. Ptolomeus Philadeilph,
d'fhaicsin 'na rígh ana aimsir féin go ttug a ríghacht
féin dó mórán do bhliadhnaibh roimh a bhás, agus
gur ghlac féin re bheith 'na chaiptín gárda aige,
agus mur sin is inchreidte go rabhdar ar aon beó an
uair sin, agus mur sin is féidir réiteach do dhénamh
idir na hughdair réimhráidhte. Agus is 291
bliadhain roimh Chríosd do-rinneadh an téx
Grégach, agus ní gan adhbhar, óir dá madh i ndiaidh
teacht Chríosd do bheith sé arna dhénadh is
inchreidthe go bhfoileóchadh na Iudaighibh é, nó
go háirighthe go millfeadhdís lé iomthnúth é.



Ní thig na hughdair re chéile ar an dara ceisd,
óir adeir mórán úghdar go n-abair S. Ieróm, in
Quest. Hebraicis agus In Cap. 2 Micheae, nachar
mhínigheadh ann acht an Pentateuch, .i. cúig
leabhair Mhaose, agus go bhfuil an ní cédna aige,
In Cap. 5 Ezechiel., agus go gcruthaighionn an ní
cédna as briathra Aristeuis, Lib. de 70 Interpret.;
as Ióseiph, lib.12 Antiq., cap.2; as Phílo, lib.2
de Vita Moysis; óir ní thráchtaid sin uile acht ar
leabhra an dlighe. Gidh eadh, adeirid na hughdair
mhóra bharántamhla so síos, .i. Iustinus, Dialog.
cum Triphone; Ireneus, lib.3, cap.25; Clemens
Alexandr., lib. 1. Stromat.; Epiphanius, De Mensur.
et Ponder.; Euseb., lib.8, cap.1 Praepar. Evangel.,


L. 198


níis mó is inchreidte iná sin, óir adeirid gur
mhínigh an 72 seanóir sin, dobhí lán-fhoirfe i
n-eagna, i bhfios, i bhfoghlaim, agus i naomhthacht
an mhéid do leabhraibh an tSean-tiomna dobhí
sgríobhtha an uair sin. Agus is móide is inchreidte
rádh na n-úghdar ndéighionach so, do bhrígh nach
inmheasda go raibh nísa lugha do mheas nó do
chion ag Ptolomeuus ar leabhraibh na bhfádh oile
ná ar leabhraibh Mhaoise. I n-aimsir fós na
n-apsdal ní raibh téx Grégach ar bith ar an Scriptúir
re fagháil acht téx an Septuagent, agus is dearbhtha
go ttugadar anuas go minicc cuid dá gcruthaighibh
as gach leabhar don tSean-tiomna Ghrégach.
Agus fós, créd an t-ádhbhar iongantais na cúig
leabhair sin d'ionntógh i nGrégis le buidhin comh
mór i n-aimsir 72 lá? Ní abair fós Ieróm go
deimhnightheach, acht ar mhodh amhruis amháin,
nár mhínighdar i nGréigis acht na cúig leabhair sin
Mhaoise. Ní hiad fós na cúig leabhair sin amháin
ba mian le hAristeus a chur i gcéill an tan labhrus
ar leabhra an dlighe, acht Scriptúir an tSean-tiomna
go hiomlán. Agus is dá réir labhrus Eóin
soibhisgél, Ioan.10 et 15, in lege Iudeorum scriptum
est, “tá sé sgríobhtha i ndlighe na Iudaighibh,” agus,
is ar neithe dobhí sgríobhtha isna psalmaibh do
labhair annsin, agus Pól,1 ad Corint.14, ag rádh
in lege scriptum est lé ní léighthear ag an bhfáidh
Isaias.


L. 199


Ar an treas ceisd níl amhrus ná gur chríochnaigh
an 72 seanóir naomhtha ód an saothar daorluaigh
so ar a ttráchtamíd i n-aimsir 72 lá, agus gur
toghadh chuige so as dá threibh dhécc Israel iad.
Adeir Epiphanius, Lib. de Mensur. et Ponder.,
gur 'na ndias agus 'na ndiasaibh, i mboithibh fó leith,
dobhádar ag dénamh an tsaothair sin. Adeir
Iustinus go raibh boith fó leith ag gach aon díobh,
agus go bhfacaidh féin lorg na mboth sin i gcathair
Alexandria. Measaid mórán gurbha hí so cédfaidh
Ireneus, lib. 3, cap. 25, Chirilluis, Cathcesi 4,
Chlemeins Alexan., lib.3 Strom., Auguistín, lib.18
De Civit. Dei. cap.42; acht níor lamh Augustín a
rádh go deimhneach anna leabhar .2. De Doct.
Christiana, cap.15. Agus gidh go n-abair nuadh-úghdair
gurbha hí sin cédfaidh Philo, lib. 2
De Vita Moysis, Thertúiliain, in Apologet. 19, agus
Chrisostoim, Homil.5 in Math., gidh eadh ní
labhrann aon-neoch dhíobh sin ar na botha.
Do-ní S. Ieróm, Praefat. in Pentateuch., magadh
agus fonómhad ar lucht na cédfadha so, ag rádh nach
feas cia do chuir lena bhrégaibh na botha so suas
ar ttús: nescio quis primus author 70 celulas
Alexandriae mendacio suo extruxit; agus adeir sé gur
i n-aon-árus amháin dobhídís i bhfochair agus ag
comhtheagusg a chéile gach lá go huair an naoi, agus
mur sin dáibh nó gur chríochnaidhsiod go
míorbhuileach i 72 lá. An ní céadna deir Aristeus


L. 200


ba súil-fhiadhnais ann. Agus dá madh ar leith,
'na nduine agus 'na nduine go haonaránach, do
laibheóradh Ióseiph, lib.12, Antiq., cap.2, air;
do laibheóradh fós Euseb., lib.8 Praepar. Evangel.,
air, an tan thráchtas ar an sdair chédna so. Agus
gan trácht air so is mór na míorbhuile ré ttáinicc
an uimhir mhór sin ré chéile ar aon-fhocal mur
aithiosg aoinfhir. Dob fhéidir do Iustinus a bheith
arna mhealladh le sgél fábhuill Iudaigh éigin do
thaisbéin loirg cábán eigín eile dhó i gcathair
Alexandria, agus má deir Iustinus go bhfacaidh an
ní cédna i leabhar Aristeus is dearbhtha nach
bhfacaidh na hughdair eile ann é, agus má bhí sé aige
iriamh nach bhfuil anois. Dá bhrígh sin measuim
gur sgél éigin gan baránta do chreid sé; agus is móide
chreidim sin do bhrígh nach labhrann sé acht ar
30 boith i n-ionad 72, agus mur sin is inchreidthe nár
léigh sé féin Aristeus acht a ghlacadh ar focal
dhuine bhrégaigh éigin d'aithris é.



Ar an gceathramhadh ceisd adeirim gur mór
ughdarrás an téx Sheptuagentach; óir, adeirid na
húghdair agus na haithreacha naomhtha réimhráite gur
córa fáidhibh ná mínightheóiraigh amháin do
ghairm don tseachtmhoghad seanóir naomhtha do-rinne
an obair dhaor-luaidh so le míorbhuile mhór,
mur dubhrus cheana. Agus dothig S. Ieróm féin
leis so, agus ní abair aon-ní i n-aghaidh an tsaothair
bheannaighthe sin, acht go n-abair le neamh-chúram


L. 201


nó le hainbhfios scríob gur shleamhnaigh
corr-lochtaibh leis an aimsir isteach isan téx
naomhtha sin.



Ar an gcúigeadh ceisd: ar son go n-abair mórán
gur cailleadh go hiomlán an téx Septuagentach
measuim, tar cheann nár cailleadh go hiomlán é,
gidh eadh gur milleadh go mór agus gur truailligheadh
an mhéid tá ar fagháil de. Óir, gídh go
n-abair Philo agus mórán eile gur iompaidh an dias ar
seachtmhoghad an Scriptúir go ceart cinnte, ní thig
sé anois i mórán d'áitaibh leis an téx Eabhraighach
ná Laidne. Féch an téx Eabhraighach agus Laidne,
Genes. 26, áit a n-abair: invenimus aquam .i. “do
fuaramar uisge,” deir an Septuagent: non invenimus
aquam .i. “ní bhfuaramar uisge.” Ionae
3, adeir an téx Eabhraighach agus Laidne: adhuc
40 dies; adeir an Septuagent: adhuc tres dies.
Adeir S. Ieróm ag sgríobhadh chum S. Augustín,
Epis.11 inter Augustinianas, go bhfuil mórán don
mhíniughadh Theodosianach arna choimeasg leis
an Septuagent agus asteriscus nó rélta ruithneach mur
chomhartha ar an Theodosianach, agus ó d'imghidh
an comhartha sin anois ní féidir le haon-neach
idirdhealbhadh do dhénamh eatorra.



Acht aon-fhocal amháin ar an treas ceisd annso,
ag cruthughadh nach ttig le résún gach aon don
tseachtmhoghad seanóir do bheith i mboith ar
leith ag dénamh an tsaoithair so: óir mur sin do


L. 202


bhudh riachtanach do gach aon díobh fó leith an
téx Eabhraighach do bheith aige go hiomlán agus
mac-leabhar Grégise do sgríobhadh as; agus do bhrígh
nach inchreidthe go ttugadar an líon leabhar sin
leó go hÉgipt, ná fós gur sgríobhadar an uimhir
mac-leabhar sin i nGrégis, óir ní sgríobhthar gur
fhágadar 'na ndiaidh i gcisde leabhar Rígh na
hÉgipte acht aon-leabhar amháin, ná fós go
ttugadar aon-leabhar dá saothar féin leó, mur sin
ní i mboith ar leith go haonaránach dobhádar.



AN .7. ALT
ANN A BHFUASGALTAR DÁ CHEISD DO THAOBH
THÉX GHRÉGACH AN TIOMNA NUAIDH.



An chéd-cheisd: Créd iad na hughdair do chuir
an Tiomna Nuadh ar ttús i nGréigis?



Freagraim gurab iad na hapsdail as a n-ainmnighthear
gach leabhar dhe do chuir i nGrégis ar
ttús iad. Adeirid na hughdair go coitcheann gur
i n-Eabhrais do sgríobh Matha a shoisgél, agus gur i
Laidin do sgríobh Marcus, agus gur chuiriodar féin i
nGrégis irís iad, agus go háirighthe Marcus do chuir a
shoisgél féin i nGrégis i gcathair Aquileia. Do
chuir S. Pól i nGréigis an eipistil Eabhruis do
sgríobh sé chum na nEabhraighibh, agus a eipistil
Laidne do sgríobh sé chum na Rómhánchaibh,
nó neoch apsdalta éigin eile lena ordughadh féin.


L. 203


Ar an dara ceisd: is dearbhtha dá mbeith sé re
fagháil anois mur do sgríobhadh ar ttús é nárbh
fhéidir d'aon-neoch, gan dia-aithis, a ughdarrás
diadha a chur i gcontabhairt; gidh eadh, do
milleadh agus do truailligheadh an téx naomhtha sin
ó aimsir na n-apstal comh gráineamhail agus sin nach
n-áirmhithear a bheith 'na thobar fhíor-ghlan dó,
lérbh fhéidir a bheith 'na riaghail cheartaighthe ag
gach text eile dá bhfuil againn. Ní hinchreidthe
Cailuín, Ioannes Maior, ná aon-neoch eile do na
ladrainn eiriticceamhuil sin, ag labhairt go
mailíseach brégach i n-aghaidh na fírinne so; óir
cruthaigh Tertulian a n-aghaidh Mharsion gur
mhill agus gur thruailligh na heiriticcigh Arianacha agus
Marthianach' mórán mór do théx Gréigise an
Tiomna Nuaidh. Taisbénaidh fós Epiphanius,
Haeres.42, na háitibh dhe do mhilliodar lena
mailís, lena n-ainbhfios, agus lena mbrécca, vide
Bellar. lib. 2 De Verbo Dei, cap.7.



AN .8. ALT
ANN A BHFUASGALTAR TRÍ CEASDAIBH DO THAOBH
NA TTÉX LAIDNE.



An chéd-cheisd: cá mhéd nó créd an uimhir
dhíobh dobhí anallód ann? An dara ceisd: créd is
ughdair don téx coitcheann dá ngoirthear an


L. 204


Vulgát anois? An treas ceisd: créd an t-ughdarrás
atá ag an téx Vulgátach anois?



Ar an gcéd-cheisd adeirim roimh aimsir Ieróim
go raibh uimhir dho-áirmhe do théxaibh Laidne
arna ttarraing as téx Grégis' an Septuageint agus as il-iomad
do théxaibh Gréigise an Tiomna Nuaidh,
do réir mur deir S. Aug., lib. 2 Doct. Christ.,
cap.11. Ag so mur deir: qui ex Hebraea lingua
Scripturas in Graecam verterunt linguam numerari
possunt; Latini autem nullo modo; ut enim cuique,
primis fidei temporibus, in manus venit codex
Graecus, et aliquantulum facultatis sibimet utriusque
linguae habere videbatur, ausus est interpretari.
Adeir S. Ieróm an ní cédna, Praefat. in Iosue. Ag
so mur deir: apud Latinos tot sunt exemplaria quot
codices, ut unusquisque pro arbitrio suo vel addiderit
vel subtraxerit quod ei visum est. As briathra an
naoimh so is iontuigthe gurab é ní dob adbhar don
uimhir sin na ttéx Laidne, agus mórán díobh 'bheith
lochtach, nach raibh aon-nduine i ttús na hEaguilse
Críosdamhla agá raibh acfuing dá laghad isan dá
theangaigh, .i. isan nGréigis agus isan Laidin, lé ttárla
leabhar ar bith don téx Ghrégach ann a láimh nár
iompoidh i Laidin do réir a thola nó a mhiana
féin é.



Gidh eadh, 'na measg sin uile dobhí aen-leabhar
amháin ar úsáid go coitchionn dá ngoirthí Vulgát
nó téx coitcheann (mur deir S. Grighóir in Libris
Moral., agus S. Ieróm i n-iomad d'áitibh, agus go


L. 205


háirighthe In Cap. 14 et 49 Isai.), agus measaid na
hughdair is barántamhla gurbh é sin an téx
Idáilleach nó an míniughadh Idáilleach, Itala interpretatio,
ar a ttráchtann S. Aug. lib. 2 De Doct.
Christ., agus mholus sé tar gach téx Laidne eile dhá
raibh ann a aimsir ag rádh: in ipsis interpretationibus
Itala caeteris praefertur, nam est verborum
tenacior cum perspicacitate sententiae.



Do iompaidh S. Ieróm an Tiomna Nuadh fá
dhó i Laidin, .i. téx díobh as an Eabhrais agus téx
eile as an Septuagent Grégach (mur deir féin,
lib. 2 Contra Ruffinum, Epistol. 10 ad Augus. et 11,
agus lib. De Viris Illustribus, in fine); acht adeir
sé nach iompódh do-rinne sé as an téx Grégach,
acht gur leasaigh agus gur cheartaigh é, mur is follus
as an bhfreagra dothug sé ar S. Augustinus dothug
buidheachus dó isan .10. eipistil do chuir chuige ar
an ní so. Ag so mur deir Ieróm: si me in Novi
Testamenti emendatione suscipis, etc.



Ní cian dá éis gur ghlac an Eagluis agus gur léigheadh
innte go coitcheann gnáthach an téx Laidne sin do
iompaidh S. Ieróm as an Eabhruis, gidh nach raibh
tarcuisne ná mí-mheas isan am cédna ag cách ar
an sean-téx Laidne Idáilleach, gidh nach cian
dá éis sin go ndeachaidh ar dearmad agus i ndimbrígh,
agus nach raibh ar úsáid isan Eaglais acht an téx dá
ngoirthear an Vulgát anois, ar a ttráchtad 'na
dhiaidh so: vide Greg. Lib. Moral. cap.5.



Do-chímíd go ttáinicc an galar tochais cédna do


L. 206


bhí ar chách i ttús na hEaguilse le bheith ag
iompódh an Scriptúra ar eiriticcigh na haimsire so,
óir ní féidir áiriomh do chur ar gach aistriughadh
agus ar gach ionntódh dá ttugadar ar an mBíobla, do
réir mhiana gach ladrainn díobh.



AN .9. ALT
CRÉD IS UGHDAR DON TÉX VULGÁTACH LAIDNE?



Adeir cuid dona húghdair, mur tá Sanctes
Pagninus, Praefat. Interpr. Bibliorum ad Clem.7
Pontificem Maximum, agus Paulus, Foro Sempronii
Easbocc, lib. 2, cap. 1, De Die Passionis Domini,
nach é S. Ieróm is úghdar don téx Vulgátach tá
ar úsáid isan Eagluis le barr ar mhíle bliadhain.
Tig 'na n-aghaidh so, i ndiaidh S. Augustinus,
Eugubinus agus Ioannes Picus Mirandulanus, ag rádh
gurab é S. Ieróm is ughdar dhó. Deirid aroile, mur
tá Ionnes Driedo, lib. 2, cap. 1, De Ecclesiast.
Dogmat. et Scriptur., agus Sixtus Sinensis, lib.8
Bibliothecae Sanctae, go bhfuil sé arna choimeasg
leis an sean-téx Itálach agus le saothar Ieróim.



Acht ar ttús adeirim-se le Bellarmen gur leasaigh
agus gur cheartaigh S. Ieróm sean-téx an Tiomna
Nuaidh atá aguinn anois. Ag so síos cuid dona
háitibh do cheartaigh sé. Óir adeir sé ar ttús in
Coment. Math. cap.2, gur Bethelem Iudeae bhí
isan tsean-téx agus nach raibh sin ceart, acht gur
Bethlehem Iudae budh chóir a bheith ann. Lib. 1


L. 207


In Iovinum, cheartaigh sé ag Pól, 1 ad Corinth. 7,
an sean-téx agá raibh divisa est mulier et virgo:
cuiridh seision an' ionad sin: mulier inupta et
virgo; agus ad Rom.,12, i n-ionad tempori servientes,
cuiridh Domino servientes; agus, 1 ad Timot.,
humanus sermo, léighidh Ieróm fidelis sermo; agus
ad Galat., cap.2, adeir an sean-téx, quibus ad horam
cessimus: adeir Ieróm quibus neque ad horam
cessimus; agus i n-ionad persuasio vestra ex Deo est,
cuiridh non est ex eo qui vocat vos, ibid., cap.5;
agus, cap.1 ad Ephes., i n-ionad in redemptionem
adoptionis dobhí isan sean-téx, cuiridh Ieróm in
redemptionem acquisitionis. Is mur so do réir mur
cheartaigh S. Ieróm léighthear isan Eagluis iad
so, agus mórán eile dá samhuil nach riachtanach
a gcur síos annso. Is dearbhtha fós gur ar aithne
an Phápa Damasus do cheartaigh Ieróm sean-téx
an Tiomna Nuaidh, agus gur glacadh go maith isan
uair sin a shaothar, agus dá bhrígh sin nachar sgar an
Eaglais chédna ó shoin ris.



Ní hí an tpsaltair do iompoidh S. Ieróm asan
Eabhrais, ná an tpsaltair do iompoidh sé asan 70,
atá aguinn isan Vulgát anois, acht an tpsaltair do
cheartaigh sé as sean-téx an mhairtírigh naomhtha
Lucianus, agus ná habradh aon-neach fós gurab í do
iontaidh sé i Laidin as Hexapla nó Leabhar Shé
gColamhan Origein, óir ní thigid an dá théx sin
go háirighthe i bhfoclaibh ré chéile, mur is follus
do gach aon léighfios ar aon iad.


L. 208


Ní faghthar amach gur iompaidh Ieróm
ariamh na leabhra so síos, .i. Leabhar na hEagna
(Liber Sapientiae), Leabhar Ecclesiasticus ná
Leabhra na Macabéibh, agus nach feas cia an t-ughdar
ro-ársaigh do iompaidh i Laidin iad. Agus is
uime do léig sé faillídh ionnta do bhrígh gur mheas
sé nár Scriptúir dhiadha iad, Hieron. in Prolog.
Galeato et in Praefat. Proverb.



Is é S. Ieróm do iompaidh as an Eabhras
go cinnte ceart an mhéid eile atá isan téx Vulgátach
do leabhraibh aguinn isan Eaglais ar úsáid anois.
Agus mur shuidhiughadh ar an bhfírinne so, níl
téxt ar bith againn thig leis an téx Eabhraighach
acht é amháin, óir gach text dár tarraingeadh as
an nGréigis táid seachránach i n-áiriomh na
n-aimsiorr agus lochtach i mórán d'áitibh. Fágaid
amuich fós, imeasg gach dearmaid eile, 800 rann
nó féarsa do Leabhar Iób atá againne ar lorg
Ieróim do tharraing asan Eabhrais iad.



Gibé lér mian na neithe so do léughadh go
forleithiodach léughadh Bellarm. lib.2 De Verbo
Dei cap.19.



AN .10. ALT
ANN A TTRÁCHTAR GO HATHGHEARR AR UGHDARRÁS
AN TÉX VULGÁTACH.



Adeir na Lútéránaigh nach cóir Scriptúir ar bith
do ghlacadh mur théx cheart, acht an leabhar do-rinne


L. 209


Lúitér. Deir na Cailuíneachaibh nach fíor
sin, do bhrígh nach cóir an Eagluis, do cheangal le
Scriptúir áirighthe ar bith. Acht dá mhéd a
gcuinntinn agus a gcíréib ghnáthach eatorra féin thig
siad ré chéile i n-aghaidh an téx choitchinn Laidne,
atá gan toirmiosg, gan dímheas, le hurraim mhóir,
arna ghlacadh isan Eaglais mur riaghail dho-mhealta
bés agus creidigh ó thús, go háirighthe ó
aimsir Grighóra Mhóir gus anois. Agus dá bhrígh
sin thig dronga agus buidhne móra do dhaoine foirfe
i n-eagna, i bhfoghluim, agus i bhfíréndacht, a
n-aghaidh na ndream ndroch-creidmheach ndí-chéilligh
sin lér mhian labhairt 'na aghaidh, nó gur
cheap agus gur eachtaigh an Chomhuirle naomhtha
dho-mhealta Thrionda, ar lorg na gcomhairleacha
genearálta, na n-aithreacha, agus na bpápaidhe
naomhtha táinicc roimpe, an téx cédna agus an líon
cédna leabhar dobhí arna nglacadh do ghnáth
isan Eaglais mur riaghail dho-mhealta creidigh
agus bés do chongbháil, agus gan leabhar ná téx eile do
ghlacadh mur Scriptúir dhiadha acht an téx
Vulgátach agus na leabhair dhiadha dá ndéntar go
hiomlán é, agus isan Laidin mur bhídar do ghnáth.



Níl slighe ar bith a nglacar an téx so nach
bhfuil níis ionmholta ná aen-téx dá bhfuil ar
fagháil, óir más é an sean-téx Itálach é is mór do
mhol na haithreacha naomhtha é; más é téx
Ieróim é is mó ná sin is ionmholta é, óir is mór
mholus S. Aug., lib. 18 De Civit. Dei, cap. 43,


L. 210


Grighóir, lib. 20 Moral., cap. 24, Isidorus, lib. 6
Etymol., cap. 5, Rabanus, lib. 2 De Instit. Clericorum,
cap. 54, agus 'na ndiaidh sin S. Anselmus,
S. Bernard, Rupertus, Haymo, Hugo, Richardus.
Molaid an téx so agus measaid gurab é an téx d'fhág
S. Ieróm aguinn é.



Níor chóra fós dona hEabhraighibh Scriptúir
ceart do bheith acu ná d'Eagluis Chríosd; níor
chóra fós dona Grégaigh an Scriptúir ceart do
bheith i nGréigis acu ná dhúinne, atá greamaigh
do chathaoir Pheadair, an Scriptúir ceart do bheith
i Laidin aguinn. Óir ní hiomdha duine ann ar
measg thuigios an teangaidh Abhruis, agus is dearbhtha
nach líonmhur isan Eóraip do lucht tuigsiona na
Gréigise comh nádúrtha agus do thuigfeadhdís an
Laidin. Ón aimsir fós ar dhiúlt na heritigidh don
téx Laidne, do-rinneadar féin le cumadóracht
dhíchéilligh mórán do Bhíoblaighibh lochtacha, gan
cheart, gan fhírinne, nach gcreidid féin ná cách
eile - Féch Lúitér ann a leabhar a n-aghaidh
Zwingel, De Veritate Corporis Christi. Ag so
mur deir: si diutius steterit mundus, iterum erit
necessarium ut, propter diversas scripturae interpretationes
quae nunc sunt, ad conservandam fidei
veritatem, conciliorum decreta recipiamus atque ad
ea confugiamus. Ná raibh fáilte romhad!



Finis.