Stair an Bhíobla II

B.Á.C.: Oifig an tSoláthair (1726)

Uáitéar Ua Ceallaigh; eag. Máire Ní Mhuirgheasa




STAIR AN BHÍOBLA.



Gidh gur doiligh le hintleacht dhaonna a thuigsin,
máseadh, is fíor gan amhrus go raibh Dia ann ón
tsíorruidhacht agus roimh an aimsir. Óir taisbéunaidh
résún nádúrtha féin dúinn, gan congnamh an
chreididh dhiadha, go raibh agus go bhfuil ádhbhar nó
oibrightheóir uile-chumhachtach éigin ann do
chruthaidh agus do-rinne an domhan, do chuir an
suidheachan ro-áluinn ro-iongantach so do-chímíd
air féin agus ar gach cuid de fó seach, mur atá ordughadh
ionganntach ionmholta na ceathar-dhúile, .i.
an talamh i lár, an t-aidhér 'na thimchioll, flaithis
na bplánéd ós a gcionn sin, agus an chuid eile dhíobh
uatha sin suas ós cionn a chéile go flaithios na
raellann riaghalta, dá ngoirthear stellae fixae, agus an
flaithios do-ghluaiste, .i. coelum impirium, nó an
t-árus ann a ttaisbénann Dia é féin ann a ghlóir
dá ainglibh agus dona naoimh.



Agus do bhrígh nach féidir le intleacht dhaonna
a thuigsin go m'fhéidir obair comh iongantach agus
comh áluinn so do bheith arna dénamh acht le
hoibrigh uile-chumhachtach éigin, agus ó nach bhfuil
mur sin acht Dia amháin, leanaidh as go dearbhtha
agus go soiléir follusach, gan congnamh an chreidigh


L. 2


dhiadha, go bhfuil d'fhiachuibh ar gach aon agá
bhfuil a chiall ar a chumus a thuigsin go cinnte go
bhfuil Dia ann ris an tsíorruidhacht, roimh an
domhan do chruthughadh.



Gidh eadh, do bhrígh go bhfuil cleachta aguinn
ar an tsaoghal so gach ní ar bith d'fhaicsin go
foirmiollach acht lér súilibh corpardha, agus sin féin
i n-áit éigin, do mhúsgail an léighionn cinnte so
docamhal mór i n-inntleacht cháich, .i. cionnus
thuigfeadhdís cá háit nó cá hionad a raibh Dia
ré gcruthughadh na n-áitibh agus na nionaduibh dhó,
.i. an flaithios, an talamh, maille le hionaid na
n-uisgeadhaibh. Agus is uime sin chuirios agus
fhreagrus Boetius an cheisd so:



Dic mihi ubi esset, cum praeter eum nihil esset.



Freagraidh féin an cheisd mur so:



Tunc ubi nunc in se, quoniam sibi sufficit ipse;



.i. mur deir Gaoidheal áirighthe:




Aithris damh cá raibh an Rígh,
tan nach raibh acht é is neimh-ní;
dobhí an tan sin mur tá sonn,
ann féin gan díth gan doghruing.




Is feasach foghlamtha an freagra sin dothug
Boetius ar an gceist so, do mheas mórán a bheith
ro-chruaidh, óir is é Dia féin an fhairsinge gan
chumhgach; ann féin atá an domhan go hiomlán;


L. 3


é féin líonus an domhan: non longe abest ab
unoquoque nostrum; in ipso enim vivimus, movemur
et sumus; agus fós ní féidir leis an domhan, ná leis
na mílte domhan, eision do líonadh ná do choimsiughadh:
quem coeli coelorum capere non potuerant.



Mur sin, ní easbhaidh áite, ní easbhaidh glóire
ná mórdhacht, tug ar an Dia uile-chumhachtach
an domhan so do chruthughadh, acht gur thaisbéin
leis an obair ro-iongantaigh ro-ordheirc so na
cáilidheachta cathréimeacha ceart-mholta bheanus
lena nádúir dhiadha dhochuimsighthe féin, .i. a
uile-thrócuire, a uile-chumhacht agus a cheart gan
chrích, gan foirchionn. Óir do thaisbéin a uile-chumhachta
go follusach le méud agus le haidhbhle na
hoibre; agus a cheart trésna piantuibh síorruidhe
do ullmhaigh do Lucifer agus don mhéid d'ainglibh
easumhla eile do lean a lorg i bpeacaidhibh díomuis
agus easumhlacht; a thrócuire trésan tártháil thug
don duine do thuit i bpeacaidhibh uabhair agus
easumhlacht, mur do thuit na haingil réimhráite
nach bhfuair agus nach bhfuighe tártháil ná cabhair
an feadh bhés féin i nglóir shíorruidhe.



Ní ghabhuim rem ais fios do bheith agum ar na
hádhbhair eile fár chuir Dia a thoil i ngníomh re
na hoibreacha ro-iongantacha ro-adhbhla so do
chríochnaigh sé. Acht maille lena mhór-ghrása
féin is mian leam tráchta cuimir nó athghearr do
dhénamh ar chuid dá mhór-oibreacha agus dá
mhíorbhuilibh do réir mur chuirios an Scriptúir


L. 4


naomhtha síos iad, agus faisnéis fós do thabhairt (an
méid is féidir liom) ar dhálaibh agus análaibh na
hEaguilse, agus sin - d'aimhdheóin an mhí-ghléis atá
orum - do leanmhuin an feadh is toil le mo
Chruthaightheóir agus le mo Shlánaightheóir aimsir
do thabhairt damh.



CRUTHUGHADH AN DOMHAIN, IMTHEACHTA
AGUS EACHTRA AN PHOBUIL
EABHRAIGHEACH GO TEACHT AN
MHESIAIS .I. AN TSLÁNAIGHTHEÓRA ÍOSA
CRÍOSD.



An Chéd-Chaibidil.



In principio creavit Deus coelum et terram, .i.
“ar ttús do chruthaigh Dia neamh (.i. na flaithis) agus
an talamh,” nó ar ttús do chruthaigh an flaithios
timchillios an talamh.



Agus ní folamh dobhí ar an láthair óir do
chruthaigh áitigheóirigh don fhlaithios chédna, .i.
na hainglibh (do réir Chomhuirle Generálta Latran),
agus do chruthaigh maille le mórán do thiodhlaicibh
nádúrtha agus do ghrásaibh spioradálta nó diadha
iad. Is dearbhtha fós gur mór an uibhir do
chruthaigh dhíobh. Gidh eadh, ní bhfuaradar
amharc na glóire i n-am a gcruthaighthe; acht
ba toil le Dia a beith mur chomhaigh nó mur


L. 5


thuarusdal ag an dream do-dhénamh a sheirbhís
agus do bheith buan-sheasmhach i staid na humhlacht,
agus ifrionn do bheith go síorruidhe ag an
dream do thuitfeadh i bpeacadh, mur do thárla do
Lucifer tuitim i bpeacadh uabhair agus easumhlacht,
óir ní luaithe do-rinne peacadh ná do teilgadh i
bpríosún iffrinn é mar aon lena lucht leanamhna.



Óir do pheacaidh uimhir mhór dona haingil i
n-aoinfheacht, acht nach feas dúinn an uimhir go
cinnte. Adeirid aroile dona hughdair gur thuit
an treas cuid díobh mar aon le Lucifer. Acht an
chuid díobh do sheas isan staid ghrásamhail neamhchiontaigh
ann ar cruthaigheadh iad fuaradar an
ghlóir mur thuarusdal, agus fós a mbeith ceangailte
léidh ar mhodh nach féidir re saoghal na saoghal
a sgaradh riú.



Do chruthaigh Dia an domhan, agus do-rinne é mur
do-chímíd anois i n-aimsir shé lá.



An céd-lá do chruthaigh sé neamh agus talamh.
Adeir Maoise, 1 Gen., go raibh an talamh 'na
meall fholamh gan cumadh, gan fhoirm. Gidh
eadh, ní abair an ní cédna ris an bhflaithios, do
bhrígh (mur dubhrus cheana, agus fós mur is
inchreidthe) go raibh na haingil arna gcruthughadh
mar aon ris.



Acht atá ní ar a ttráchtann Maoise i n-obair an
chéd-lae so, .i. go ndearnadh an solus, agus go ndearnadh
idirdhealbhadh eidir é agus an dorchadus.


L. 6


Cuiridh na diadhairigh ceisd créd é an solus
sin, óir ní thráchtann ar chruthughadh na
gréine go ttáinicc an ceathramhadh lá. Freagraid
aroile dhíobh ag rádh gurab iad na
haingil ciallaighthear le solus an chéd-lae, .i. na
haingil fhírénta an solus, agus na haingil easumhla
dhamanta ciallaighthear leis an dorchadas, agus gur
dá chur sin i gcéill adeirthear i ttús na céd-chaibidle
do Leabhar na nGeinealach, divisit Deus lucem a
tenebris, .i. “do sgar nó do dhealaigh Dia an solus
ón dorchadus.”



Gidh eadh, measuim-se do réir mhóráin do lucht
mhínighthe an Scriptúra gur don tsolus neamhfhoirbhthe
so an chéd-lae do-rinne sé an ghrian
ar an gceathramhadh lá, mur do-rinne an talamh,
mur chímíd anois é, don mheall mhí-chóirighthe
úd ar a ttráchtann Maoise i n-obair an chéd-laé.



Acht atá ní cheana: i n-aimsir chúig lá do
chruthaigh Dia neamh, .i. an t-aidhér, na flaithis,
an talamh, agus gach crétúir ana ngné féin dá
bhfuil eatorra sin agus ionnta, mur atá aenlaith an
aidheóir, éisg na fairge agus na n-uisgeadha eile, agus
beathaidhigh an talimh, le foghnamh don duine.
Is annsin do thionnsgain an duine do dhénamh,
agus dar leat ba mian leis a chur i gcéill gur ní móréuchtach
cathréimeach dob áil leis a dhéanamh, óir
goiridh isan uibhir ilair ar an Trínóid dochum na
hoibre so do chríochnughadh, ag rádh, faciamus


L. 7


hominem ad imaginem et similitudinem nostram, .i.
“dénmíd an duine ar ar n-íomháigh agus ar ar
gcosmhulacht féin.” Agus leis an mbréithir uilechumhachtaigh
sin lér cruthaigheadh an domhan
do-rinneadh Ádhamh don talamh, agus do shéid Dia
anam ann: verbo Domini coeli formati sunt; agus
dothug dhó iar sin an uile chrétúir a bheith fóna
smacht le foghnamh agus le seirbhís do dhéanamh dhó,
mur deir an rígh-fháidh, omnia subiecisti sub
pedibus ejus, etc. Agus mur bharr ceangail ar an
tobhartus sin, agus ionnus go sealbheóchadh dhó féin
go deireadh an domhuin é, dothug Dia na crétúirigh
cédna, nó go háirighthe cuid da gach gné nó do
gach cinél díobh, do láthair Ádhaimh (óir ba hé
sin ainm tug ar an gcéd-duine), ionnus go ttiubhradh
anmanna dháibh. Agus tug sin dáibh do
réir gach cinéil dhíobh.



Tug Dia fós do Ádhamh tiodhlaice móra le linn
a chruthaighthe, eadhón, grása móra i staid neimhchiontaigh
lérbh fhéidir leis féin agus lena mhnaoi (do-rinne
dá easna) buan-sheasamh do dhénamh isan
staid ghrásamhail do-mharbhtha ann ar chruthaigh
iad, dá ngoirionn S. Augustinus aulixium quo,
maile le iomad do thiodhlaicibh nádúrtha, .i.
foghluim agus feallsamhnacht ro-ghrinn do sháraigh
gach aon dá ttáinicc fós agus dá ttáinicc agus dá ttiocfaidh
'na dhiaidh.



Acht monuar! dob olc an buidheachas thug an
lánamhuin so dá gCruthaigheóir, mur is follus as


L. 8


an treas caibidil do Leabhar na nGeinealach.
Óir, iar gcruthughadh áite aoibhne .i. gardha
Pharrthuis, do Dhia agus iarna gcur isteach ann áit i
raibh a mbeatha agus aoibhnis gan easbhaidh maille
le do-mharbhthacht le fagháil acu gan saothar,
gan trioblóid, ní cian bhádar ann an tan bhrisiodar
aithne an Tiaghearna go huaibhreach ainmhianach;
óir, ar ttabhairt toraidh an ghárdha go hiomlán
dóibh lena n-úsáid féin do dhénamh dhe, do aithin
Dia dháibh agus do thoirmisg orra buain le toradh an
chrainn mheadhónaigh. Is annsin tháinicc an
diabhal i gcruth aithir nimhe, gur chuir do
chathughadh ar Éubha, .i. ar mhnaoi Ádhaimh, an
t-ubhall toirmeasgach do ghlacadh ann a láimh,
cuid de d'ithe, agus léna comhuirle gur ith Ádhamh
féin an chuid eile dhe.



Is mór an t-olc táinicc as an ngníomh chrosda
so; óir i ndíoghail an pheacaigh chraois, easumhlachta,
agus uabhair so, do díbreadh as an ngairdín
sólásach sin iad, agus i n-ionad go ttiubhradh an
talamh a thoradh gan duaigh gan tsaothar dháibh
agus dá sliocht go bráth, nach bhfuigheadh féin ná
aon dá sliocht bás go bráth acht dul go flaithios
Dé gan duaigh, gan tinnios, gan galar, gan bás,
i n-aois fhoirfeacht Chríosd, in plenitudine aetatis
Christi, do dhruid agus do dhúin a n-éiric an mheirliochais
mhallaighthe sin doirsibh a fhlaithis féin,
ar mhodh nach deachaidh féin ná aon-neoch don
chine dhaonna go flaithios nimhe go deasghabháil


L. 9


an tSlánaightheóra Íosa Críosd, Dia agus Duine, lér
fuasgladh as cuibhreachaibh an diabhail i gcionn
mhóráin do mhíltibh bliadhain dá éis sin iad, iar
bhfulang pháise agus báis chroiche ar ar son dó.



Do chuir Dia fós do phionús ar an bpeacadh
cédna nach ttiubhradh an talamh a thoradh acht
le duaigh agus le saothar mór, agus nach ttiubhradh bean
a gein chloinne chum an tsaoghail acht le pianta
agus le conntabhairt báis.



Iar mbeith dháibh arna ndíbirt mur sin as
Párrthus táinicc sliocht orra, .i. Cain agus Abél. Agus
do thionsgainsiod a mbeatha do shaothrughadh,
gach aon mur do mheas cách dhíobh a bheith
oireamhnach, agus sin go heidirdhealbhach, óir do
ghabh Cain rén' ais a bheith 'na threabhthach,
agus Abél a bheith 'na aodhaire.



Agus do bhrígh go raibh mar aon re dlighe na
nádúire béloidios Dé dá tteagusg, do thionnsgain
gach aon acu fó leith iodhbairt do dhénamh do
réir mur do chuir Dia toradh agus rath orra. Agus
chuige sin tug Cain an chuid ba táire agus ba
tarcuisnigh dá raibh do thoradh a shaothair féin
ann a sheilbh. Acht ní mur sin do-rinne Abél, óir
dothug togha agus rogha d'fheabhus gach cineóil
dona trédaibh bhí aige.



An tan chonnairc Dia díoghrais, dúthracht, agus
deagh-aigne Abéil, tug taithneamh dhó féin agus dá
iodhbairt, gur dhoirt teinidh mur chomhartha ar


L. 10


a ghnaoi dhó le huile-losgadh na hiodhbhartha do-rinne
sé. Gidh eadh do dhiúlt agus do ghránaidh don
iodhbairt agus don ofráil tharcuisnigh mhí-dhúthrachtaigh
do-rinne Cain, agus mur chomhartha ar a
mhi-ghnaoidh dhó, níor chuir an teinidh mhíorbhuileach
dá losgadh mur do-rinne le hiodhbairt
thaithneamhaigh Abéil. Is leis sin do ghluais
miosgios, mí-rún agus iomthnúth Chain cholaigh a
n-aghaidh Abéil gur ghoir leis é aon do laithibh
ar an machaire i n-uaignios, gur mharbh é. Agus
ba hé sin an céd-fhéillghníomh do-rinneadh san
domhan ariamh.



A haithle sin dubhairt Dia re Cain go raibh fuil
a dhearbhbhráthar Abéil do dhoirt-sion go hégceart
aindlightheach ag sgreadaigh ón talamh fár
doirteadh í ag iarraidh díoghaltuis, agus ar an ádhbhar
sin go ndénfadh díbearthach de, agus do easgaoin an
talamh, go nach ttiubhradh toradh a shaothair dhó
go bráth. Adubhairt Cain leis go hédóchusach
gur mhó a choir ná mur dob fhéidir dhó maitheamhnus
d'fhagháil, “Agus,” ar sé, “ós toil leat
mo dhíbirt as do láthair agus do chúram fein,
marbhthaigh an céd-duine theageóbhus damh gan
déisdion mé.”



“Ní hamhlaidh sin bhias,” ar an Tiaghearna,
“óir gibé mharbhthas Cain pianfaighior fó sheacht
é.”


L. 11


Cuiridh na briathra so do labhair Dia re Cain
duaigh agus doghraing mhór ar lucht mhínighthe an
Scriptúir, óir measaid go coitchionn gurab é Cain
do marbhadh le Lamech, .i. an seiseadh nó an
seachtmhadh glún tháinicc uaidhe féin, gidh nach
léighthear gur pianadh fó sheacht é.



Agus chum go ttuigfeadh an léughthóir an ní so
bíodh 'fhios ag gach aon gurbh é an Lamech so
céd-duine do thionnsgain nó do thosaigh le dias
ban do thabhairt nó do phósadh a n-aoinfheacht.
Agus measaid na húghdair fhoghlamtha gur thréig
Cain agus a shliocht a bheith a' treabhaireacht nó a'
saothrughadh na talmhan do bhrígh, ón am ar
easgaoin Dia é, nach ttugadh a thoradh dháibh.
Ar an adhbhar sin do ghlacadar ceardaibh eile
rena n-ais, mur atá, saorsacht crainn, gaibhneacht,
agus seilg, agus meastar gur leis so go prionsapálta do
bheathaigheadh Lamech é féin agus a dhias ban
gona mhuintir go hiomlán.



Feacht n-aon ar mbeith don Lamech seanda
cian-aosta gan radharc tug giolla leis dá
threórughadh, agus ar tteacht dóibh i ngar do thom
coille adubhairt an giolla ris go raibh beathadhach
ann agus a gha do dhíriughadh ar amus an bheathadhaigh
chédna. Agus do-rinne an sean-laoch mur
d'iarr air, agus do mharbh duine don urchar sin, agus
measaid cách gurab é Cain do marbhadh. Agus an
tan fuair dearbha gur duine do marbhadh leis, do


L. 12


ghabh fearg ádhbhal-mhór é, gur bhuail an giolla
comh mí-thrócuireach agus sin gur éug ar an láthair
do ghoimh an bhuailte sin. Agus adeirid aroile
ughdair gurab é a mhac féin Tubalcain, .i. “an
ceard iaruinn” nó “an gabha,” ba giolla dhó an tan
sin, agus gurab é ro mharbh ann a fheirg. Adeirid
aroile go m'fhéidir nár mharbh sé aon-nduine acht
gur a' tabhairt freagra ar a mhnáibh féin, .i. ar
Áda agus Sella, do labhair sé, óir ar mbeith dháibh ag
tabhairt achmhusáin dó agus imdheargtha fó mur do
thionsgain sé bheith a' dénamh airm chum daoine
do mharbhadh, go ndubhairt-sion dá marbhadh
féin sean- nó óg-fhear nach arm budh cúis dó, óir
gur mharbh Cain duine gan arm ar bith.



Gidh eadh ní thig so leis an téx, acht measuim do
réir Líránuis gurab iad a mhnáibh dobhí a'
tabhairt imdheargtha dhó fó Chain do mharbhadh,
óir go ndígheólfadh Dia ar a gcloinn féin an gníomh
gráineamhuil do-rinne. Agus adubhairt-sion riú
nachar bhfíor sin, óir gion gur chiontach Cain i
ndúnmharbhadh a dhearbhbhráthar féin nach
dearnadh díoghaltas air go ttáinicc an seachtmhadh
glún, agus ós i n-aimhriocht do-rinne féin an marbhadh
sin go raibh neamh-chiontach ar fheillghníomh, agus
dá bhrígh sin nach dénfaidh díoghaltas ar an
seachtmhoghad seachtmhadh glún 'na dhiaidh; agus
fós nár mhian leis an giolla do mharbhadh acht
bualadh smachtamhail do dhénamh air fá gan


L. 13


coimhéd do dhénamh, nó féchuin go grinn, le fios
do thabhairt dó an duine nó beathadhach dobhí
roimhe. Adeirid aroile gur le hédóchus d'innis sé
gur mharbh sé dias agus más é Cain do mharbh créd
an t-adhbhar nár pianadh fó sheacht é do réir mur
do gheall Dia dhó, agus fós créd mur is iontuigthe
briathra Dé ag rádh nequaquam, .i. “ní marbhthaighear
thú”, óir ní féidir briathra Dé do
bhrégnughadh.



Measuim gur féidir a rádh gurbh fhíor an ní
adubhairt Dia isan gcéill ar labhair sé, óir ní i
ndíoghail an fheilghníomha do marbhadh é acht
i n-aimhriocht, agus dá bhrígh sin ní léighthear
ar dhíoghaltus ar bith do dhénamh ar Lamech
trésan marbhadh sin, óir dá bhfaiceadh é féin,
nó an comhartha chuir Dia air, ní bheanfeadh ris.



Ní fhaghmíd ar shliocht seanchuis go raibh
sliocht ar Abél an tan do marbhadh é. Is ar
shliocht Chain táinicc an dream so síos gona
gcloinn, agus ní tháinicc aon díobh beó ón dílinn.
Ag so a n-anmanna: Cain athair Enoch, athair
Iareid, athair Mauiael, athair Matusael, athair
Lamech, agus bhí mórán cloinne aige so leis an dias
bhan dobhí aige, .i. Iabel, Tubal (Iabel do
thosaigh le botha do dhénamh ar ttús; Túbal
do thosaigh le ceól), Tubalcain dorug Sella (do
thosaigh le gaibhneacht iaruinn agus práis), agus a
dheirbhshiúr so Noema.


L. 14


Do bháith an díle iad so mur dubhrus cheana, agus
dá bhrígh sin is oirchios dúinn do réir an Scriptúra
tráchta athghearr do dhénamh ar an dream
d'fhág síol agus sliocht tar éis dílionna, .i. sliocht
Seit mhic Ádhaimh. Ag so a n-amanna, a
n-aois an tan do gheiniodar, a n-aois iar
ngeineamhuin, agus aimsir a mbáis go dílinn: ...


L. 15


An chéd-bhliadhain d'aois Ádhaimh dorug
Éua, a bhean, Cain agus Calmana; i gcionn .xxx.
bliadhan dá éis rugadh Abél agus a dheirbhshiúr
Delbora. I gcean 99 mbliadhain dá éis sin
do mharbh Cain go fealltach é.



Do fuadaigheadh Enoch go Parthus seacht lá
roimh an dílinn.



Ar mbeith do Lamech 182 do geineadh Noe
dhó, agus an tan do-chonnairc é, iar tteacht chum
an tsaoghail do mhac-leanbh, thug taithneamh
mór dhó, ag rádh, “Bhéuraidh an mac so fos agus
socamhal dúinn ó shaothar ar lámh ar an talamgh
so do mhallaigh an Tiaghearna.”



Tuigthear as so gur le saothar a lámh agus a gcos
do oibrighdís cách an talamh go teacht Noe i
n-aois fheardha lér tionsgnadh agus lér tosaigheadh
ar ttús an treabha le congnamh capall, ní nár
fríth amach roimhe sin imeasg na ndaoine. Agus
is mur sin tug socamhal do chách ón obair ro-shaothrach
dobhí orra go n-uige sin.



Ar mbeith do Noe i n-aois chúig céd bliadhain
do ghein Sem, Cham, agus Iafeth, ór síoladh an
mhéid tháinicc don chine dhaonna ó sin a leith
agus an mhéid thiucfus fós go deireadh an domhuin;
óir ní tháinicc gan bháthadh ón dílinn don chine
dhaonna acht Noe, a thriúr mac agus a mnáibh.



Óir an tan dotháinicc sliocht Ádhaimh i
líonmhuiracht, ar mhodh gur líonadar urmhór na
talamhan le háitigheóirigh, tug clann Dé, .i.


L. 16


sliocht Seith, aire nó grádh aindlightheach do
chlainn na ndaoine, mur deir an Scriptúir le
sliocht Cain cholaigh; óir ar mbeith dona hinghinaibh
sin áluinn deagh-chrothach do thairrngiodar
sliocht an fhíréin orra, agus a n-aghaidh aithne Dé
do choimisgsiod riú. Agus táinicc eatorra
sin daoine uaibhreacha ainbhfiosacha drochiomchair,
agá raibh pearsanna mór-ádhbhla
mí-chumtha, dá ngoirionn an Scriptúir “athaigh,”
gigantes.



An tan do-chonnairc Dia uabhar, aindlighe,
easumhalacht, agus mí-bhésaibh na druinge deamhnaighe
sin agus na ndaoine eile go hiomlán: omnis
enim caro corruperat viam suam, etc., óir dobhídar
daoine na talmhan uile comh lochtach comh
mí-bhésach agus sin nach bhfuair Dia aon-neach
ceart nó fírénta ar an talamh acht Noe amháin,
agus is uime sin adubhairt Dia go feargach go
sgriosfadh na daoine agus gach ainbhidh dá raibh
beó ar talamh, i n-uisge, nó i n-aidheóir, acht
amháin Noe agus a chlann. Agus dá bhrígh sin
tug fuagra dhó, céd bliadhain roimh an dílinn do
theacht, áirc nó long mhór do dhénamh, áit a
rachadh féin, a thriúr mac, cona mnáibh, maille
le háraiseacha nó seómraighth iomdha
eidirdhealbhacha do dhénamh innte le hiad
féin agus síol gach beathadhaigh ghlain agus neamhghlain
do chaomhna ar an díle, .i. cúpla do gach
cinél díobh dochum síl, agus seacht gcúpla do


L. 17


gach cinél beathadhaigh ghlain. Do-rinne Noe
amhlaidh sin.



Dar leat, ba maith an rogha nó an furfhógra
do gach aon dá raibh beó an uair sin an áirc
nó an long so do bheith dá dénamh ar feadh
chéd bliadhain, agus i n-eirr na haimsire sin lónta
'bheith dá gcur isteach innte. Gidh eadh níor
mhúsgail an méid sin as suan salach a bpeacaidhibh
iad. I gcionn an chéd bhliadhain sin tug
Dia fógra do Noe agus dá mhuinntir dul isan áirc,
a lónta, maille ris na bethadhaigh égcéillidh, do
chur isteach innte; agus arna choimhlíonadh sin dó
ní cian gur thosaigh an díle do thuitim comh
dásachtach sin gur hosgladh ós uchtaibh néull
doirse uisgeadha an aidhéir go raibh ar an láthair
gach mion-linn 'na muir, ionnus (i gcionn .xxxx.
lá do mhair dórtadh na dílionn) go raibh na cnuic
ba háirde isan domhan cúig cúbaitt déug fó
uisge (Gen.7, v.20).



Do chomhnuidh an t-uisge ar an talamh iar
sin, agus níor thosaigh le traothughadh go ceann
150 lá, agus dobhí iar sin ag traothughadh go ttáinicc
an céd-lá don deachmhadh mí, agus annsin go bhfríth
amharc beacc ar fhíor-mhullaighe na n-árdchnoc.
I gceann ceithre mí iar ttuitim don
díle d'fhosgail Noe fuinneóg dobhí ar an áirc, agus
do chuir fiadhach dubh amach d'fhios an
bhfuigheadh áit chomhnuidhe ar chrann, ar
charraig, nó ar chnoc; agus is í so “teachtaireacht an


L. 18


fhéidh ón áirc”, óir ní tháinicc ar a ais ó sin amach.
Do léig colum amach 'na dhiaidh sin, agus ó nach
bhfuair sin áit chomhnuidhe do thuill ar a ais agus
do ghlac Noe isan airc é. I gceann sheacht lá
dá éis sin do léig arís an colum amach, agus táinicc
um thráthnóna ar a ais agus craobh ghlas ann a
bhél. 'Na dhiaidh sin ar an .xxi. lá don dara
mí dobhí an talamh tirim ion-áitighthe.



Is annsin adubhairt Dia riú dul amach as an
áirc, iad féin agus gach ainmhidhe dá raibh innte
mar aon riú. Agus do bheannaigh iad iar sin
ag rádh, “Bídhidh torthach, iomadaigh, agus líonaidh
an talamh,” crescite et multiplicamini, etc. Ar
tteacht amach dhóibh do iodhbair Noe iodhbairt
bheathadhach nglan ar altóir do-rinne féin don
Tiaghearna. Dobhí Noe sé chéd bliadhain
d'aois an tan sin. Do thaithnigh an iodhbairt
go maith re Dia, agus uime sin adubhairt re Noe
iarna bheannughadh gur fhág beathadhaigh,
éisg, agus énlaith an domhuin fóna smacht le foghnamh
dhó féin agus dá shliocht go bráth. Adubhairt fós
nach sgriosfadh an domhan go bráth irís re díle
agus do thoirmhisg orra fuil na mbeathadhach
d'ól ná d'ithe, acht tug cead dáibh a bhfeóil d'ithe,
agus adubhairt riú fós gibé do dhóirtfeadh fuil
dhaonna go ndóirtfidh a fhuil féin, do bhrígh,
ar sé, gurab ar íomháigh Dé do-rinneadh é (Gen. 9).



A haithle sin do thosaigh Noe agus a thriúr cloinne
(ó ttáinicc an cine daonna ó sin a leith) ar an


L. 19


talamh do shaothrughadh. Do chuiriodar
fíneamhuin, agus iar n-aipachiudh do na caora fíona
dá ngoirthear grápaigh, d'ól Naoi féin cuid don
fhíon gur chuir misge air, agus do chodail ar mhodh
mhí-ordaighthe éigin ann a scálán, go ttáinicc a
mhac Cam, ór chiniodar na Canaanaigh, agus ar
bhfaicsin baill náirigh a athar dhó ghabh ag
fonómhad agus ag fochmhuide fair, agus do-chuaidh
d'ionnsaighe a dhearbhbhráithreach, agus d'iarr
orra dul leis chum go ttaisbénadh adhbhar an
fhonómhaid sin dáibh agus go ndénfadhdís fonómhod
leis.



Gidh eadh ní mur sin do-rinneadar acht an tan
tángadar a n-amharc a n-athar do chuiriodar a
mbruit ar a súilibh, agus ar tteacht ós a chionn
dáibh do theilgiodar ar a uachtar iad gur
fholaighsiod a náire.



An tan do mhúsgail Noe as a shuan misgeamhuil
ann a raibh, do-chualaidh beartaibh a mhic
Cam agus do mhallaigh é, ag rádh, maledictus Cam:
servus servorum erit fratribus, .i. go raibh mur
thora mallacht air é féin agus a shliocht a bheith
i moghsaineacht agus i sclábhaighacht dá dhearbhráithribh
agus dá searbhfoghantaibh sin go bráth.



Do mhair Naoi iar ndílinn trí chéd agus caogad
bliadhain go bhfuair bás i n-aois 950 bliadhan,
Gen. 9.



Táinicc clanna agus sleachta líonmhura ar an


L. 20


triúr mac sin Naoi. Ó Jafeth thánicc Gomer,
Magog, Medai, Ianan, Túbal, Masoc agus Tiaras.



Do chuiriodar sin tíortha móra agus tuatha fóna
smacht féin.



Clann Chaim, .i. Cus, Mesram, Phut, Canaan.
Táinicc Nimrod ar an sliocht so, .i. fear mór
ró-láidir dobhí díomusach droch-mhianach, agus
do chomhnuidh sé isan mBabilóin, (d'aimhdhéoin
shleachta Sheim dofuair an Asia mur chuid ronna,
amhuil agus mur fuair sliocht Chaim an Aifric, gidh
gur líonadar le foirneart mórán do chríochaibh
eile), agus do shealbhaighdar an Bhabilón mur gach
áit 228 bliadhain agus dá mhí ar feadh réime seacht
rígh dá shliocht.



Clann Shem, .i. athair na n-Eabhraigheach,
Elom, Asur, Araphaxat, Lúd, Aran, Hus, Hul,
Geter agus Mes. Araphaxat athair Shálé athair
Heber, ar a ttáinicc sleachta móra do áitigh
idir Messa agus sliabh Sephar.



An tan do thionnsgain cách dona sleachtaibh
sin gluasacht ón áird thoir le fairsinge talmhan
do ghlacadh, adubhairt Nimrod agus mórán eile
dhíobh nárbh fhoirchios dáibh sgaradh re chéile
nó go ndénadís tor comh árd leis an bhflaithios,
agus dobhí dar leó dá ádhbhar acu leis an tur sin
do dhénamh, .i. chum leachta a n-uabhair agus a
neirt d'fhagbháil 'na ndeóigh, celebremus nomen
nostrum antequam dividamur, Gen. II. An dara


L. 21


hádhbhar chum dá ttigeadh an díle irís go
mbeithdís ar a ndaingion gan contabhairt báis.
Ó stultitia ineffabilis!



Do loisgiodar brícidh, agus dobhí láib mur mhuirtél
acu, óir ní raibh coiléir chloch isan tír sin, .i. ar
mhachaire Senaair dá ngoirthear Caldea anois do
chuiriodar rompa an obair iongantach sin do
chríochnughadh.



Níor chuir Dia toirmeasg orra gur chuiriodar
duaigh agus saothair mhóra orra féin. Is annsin do
chuir sé aimhréiteach agus confúsion eatorra, gur
chuir bérla eidirdhealbhach i mbél gach duine
dhíobh, ar mhodh nár thuig cách a chéile dhíobh.
Agus mur deir Seaán Ó Conuill, “an té d'iarradh
cloch beirthí ael dó,” agus dob éigion dáibh sgur
gan mhaill don obair dhíomhaoin sin, agus is uaidhe
sin goirthear Tur Babel don tur sin, .i. turris
confusionis. Is annsin do sgaoil agus do scap
Dia na dronga sin ar feadh chríocha cianta coigcríocha
na cruinne.



Acht atá ní cheana, dobhí prionnsa ordhraic
ionmholta an tan sin isan Scitia 'na rígh darbh
ainm Féinius Farsaigh do shliocht Iapheit, .i.
mac Baath mhic Magoig mhic Iapheit, agus ar
bhfaicsin dó gurab ó iomadamhlacht na mbérladha
nó na tteangthacha, agus óna gcoimisg, dotháinicc
do lucht oibre an tuir Neamhruaidh sgor, óir
ní raibh ar úsáid isan domhan roimhe sin acht
aon-bhérla dá ngoirid lucht seanchuis Goirtiaghearn


L. 22


nó Eabhruis, do chuir 72 (do réir uimhre na
mbérladha dobhí ag an tur) ar feadh na gcríoch
ann ar chomhnuidh gach aon fó leith do lucht
na mbérladha sin rena bhfoghluim; agus ar tteacht
ar a n-ais dáibh sin iar bhfoghluim na mbérladhaibh
go hiomlán d'fhág Féinius ceannus a thíre, .i. na
Scitia, agá mhac Neniúl, agus tug leis a mhac eile
Niúl go Magh Senaar dá ngoirthear Babilón,
áit ar chomhnuidh .xx. bliadhain i n-ard-cheannus
sgoile ann a raibh na teangthaibh sin uile dá
tteagasg; agus do thogh dias eile do dhaoine foghlomtha
le congnamh do thabhairt dó, mur bhí,
Gaoidheal mac Eathóir do shliocht Ghómeir ón
nGréig, agus Caidh Caoinbhreathach ón Iucea,
mur deir an sean-rann so tá ar sliocht seanchuis:




Féinius an saoi sreathach,
Gaoidheal, is Caoi Caoin-bhreathach,
triúr do threabh scríbhinn na sgol
do lean d'fhíor-eing na n-úghdar.




Adeirthear gurab iad an triúr so do sgríobh
aibghitre na ttrí bpríomh-bhérla, mur atá,
Eabhrais, Grégis, agus Laidin. I gceann dá ched
dá fhithchid agus dá bhliadhain d'éis dílionn do
thosaigh an sgoil so.



Iar mbeith do Fhéinnius .xx. bliadhuin, mur
dubhrus cheana, i gceannus na sgoile sin, do-chuaidh


L. 23


ar ais go Sgitia, agus ar ndénamh a thiomna
dhó d'fhág a ríghacht mur oighreacht agá mhac
Neniúl, agus sochar a fhoghloma agá mhac Niúl
do-chuaidh ar chuire Rígh na hÉgipte a' cumhdach
sgoile go hÉgipt, áit a bhfuair inghean an rígh
sin le pósadh, dárbh ainm Scotia, ó ttáinic Gaoidhil
Éirionn agus Alban. Agus gibé lér mhian fios
imtheachta, eachtra agus dála shleachtaibh na
lánamhna so nó go ttángadar go hÉirin, agus ó
sin a leith, léughadh sean-leabhra gabháltais
na hÉirionn, mur atá, Leabhar Bhaile an Mhúta,
Leabhar Leacáin, Séthrún Kéting, agus mórán do
shean-leabhraibh eile. Óir, do bhrígh gurab í
stair an Bhíobla is mian damh-sa leanmhuin ann
so, ní hoirchios dam stair shaoghalta do choimeasg
tríthe.



Do imtheachta agus do iomthúsaibh Ábraim
dár goireadh Ábraham annso síos.



An Dara Caib.



Tar éis coimisg na mbérladha nó na tteangtha
ag tur Babel dotháinicc sliocht mór líonmhur
ar Shem, agus is dá shliocht leanfam go sunnradhach
do bhrígh gurab uaidhe dotháinicc na Príomhaithreacha
nó na Patriarcaibh do lean creideamh
agus dlighe Dé, .i. Ábraham, Isaac, Iacób, agus Críosd
fós ar Slánaightheóir do réir a nádúire daonna.


L. 24


Óir ba hé Sem athair Araphaxaid, athair Shále,
athair Hebeir (ó n-ainmnighthear an teangaidh
Abhruis), athair Phálec, athair Reu, athair
Sharuic, athair Nachoir, athair Tháre, athair
Ábraim, Náchoir agus Araim. Agus bá hé
an tÁram so athair Loith agus Shárai, bean
phósda Ábraim, dobhí seal fada aimrit nó
neamh-thorthach.



Tug Thare a chlann agus a mhuintir go hiomlán
as Úr, .i. as teinidh na Caldea chiallaighios íodhaladhradh,
go Háran leis, agus do chomhnuidh ann.



Is annsin do labhair an Tiaghearna re Ábram,
agus adubhairt ris:



“Tréig do thír, h'athardhacht, do ghaolta agus
do dhúthchus, agus gluais chum an talaimh thaisbénus
mise dhuit, agus imghidh,” ar sé, “as comharsannacht
na Caldea ar fad, agus bhéurad-sa ceannus ar mhórán
do chineadhachaibh dhuit; médeóchaidh mé
h'ainm agus do chliú; beanneóchaidh mé fós don
dream bheanneóchus, agus beidh mo mhallacht ag
gach dream mhalleóchus duit.”



Do ghluais Ábram gona mhnaoi iar sin mar
aon re Lot lena mhnaoi agus rena chlainn sin, agus
thugadar uile gach maoin agus gach édáil dá raibh
acu leó as Áran go rángattar go tír na Canaam agus
tríd an tír sin go rángadar go Sichem. Agus ar
tteacht annsin dóibh do labhair an Tiaghearna
irís le hÁbram, agus adubhairt ris go ttiubhradh


L. 25


an tír sin dá shliocht go bráth. Do-rinne Ábram
iodhbairt annsin don Tiaghearna agus do-rinne
puibleacha, .i. botháin nó scáláin, dó féin agus dá
mhuintir, ar an gcnoc atá don taobh thoir do
Bhéteil agus ar an taobh shiar do Hai. Agus ar
n-aistriughadh dhó as sin gusan áird thoir don
chrích sin, tánicc gorta mhór isan tír chédna
sin, gurbh éigion dó gluasacht eisde don Égipt
ag iarraidh beatha.



Agus ar ndul isteach isan gcrích sin do
Ábram adubhairt sé re Sárai,



“Guidhim thú,” ar sé, “abair re lucht na críche
so gur tú mo dheirbhshiúr, óir an tan chífios
cách annso méd do scéimhe agus h'áille muirfid
mise tríod; gidh eadh, má deir tú gur deirbhshiúr
dhamh tú béid go maith dhamh ar do shon-sa.”



Agus dob fhíor sin, óir ní luaithe do-chonnairc
uaisle agus árd-fhlaithibh na hÉgipte scéimh agus áille
Shárai ná do líonadar le grádh agus le mór-thaithneamh
dhí. D'innsiodar fós don rígh Pharao go raibh
a samhail do mhnaoi isan áit, agus do mholadar
dhó a pósadh. Arna chlos sin don rígh do chuir
fios agus teachta 'na cuinne, gur tugadh chum a
pháláis í. Agus tugadh fíor-chaoin fáilte agus
rogha áite comhnuidhe do Ábram, dá eallach agus
dá mhuintir.



Acht do chuir Dia sciúrsa díoghaltach ar Pharao
tré mhnaoi Ábraim do chongbháil. Do chuir


L. 26


Pharao iar sin teachta i gcuinne Ábraim, agus ar
tteacht dá láthair dhó dothug sé imdheargadh
agus iomarda gér dhó tré gan innsin dó ar ttús gurbh
í Sárai a bhean phósda, agus adubhairt ris a bhean
do bhreith chuige féin agus gan comhnuidhe do
dhénamh isan tír, óir gurbh fheas dó féin go raibh
muintir na críche sin an-toileamhuil do mhnáibh
áille, agus go m'fhéidir do neoch eigín díobh a buain
ré héigion de, agus fós é féin do mharbhadh dá
ttairgeadh a congbháil ó mhasla.



Ní chuirionn an Scriptúir síos créd iad na
píonúis do chuir Dia ar Pharao acht is dearbhtha
gur chuir eagla agus uathbhás mór air.



Iomthúsa Ábraim, do ghluais lena mhnaoi,
lena mhaoin, agus lena mhuintir, mar aon le Lot agus
lena mhuintir ar-cheana, go ndeachadar go hairm
a rabhdar ar ttús, agus gur chomhnuidhsiod uile
idir Bhéteil agus Hai, agus do-rinne iodhbairt ar an
altóir do chóiridh sé ar an áit sin roimhe. Ní
cian dá éis sin gur mhéudaigh a ttréda agus gach
gné dá gceathra ar gach leith, ar mhodh go mbíodh
imreasan, easaonta, agus conbhliochta gnáthacha idir
aodhairaigh Ábraim agus Loit, go ndubhairt Ábram
re Lot:



“Dearbhbhráthreacha sinn,” ar sé: “ná bíodh
imreasain ná easaonta ní sia idir ar lucht
feadhma nó ar n-aodhairigh; acht druid uaim;


L. 27


tabhair fairsinge dhuit féin; glac do roghain
dona hárdaibh 'nár ttimchioll, agus glacad-sa an
taobh eile.”



Dobhí foirionn do Chanaamachaibh agus do
Fheiriséibh 'na gcomhnuidhe isan tír an tan sin.



d'fhéch Lot 'na thimchioll agus do-chonnairc
talamh áluinn mur Phárthus sínte re sruth
Órthannáin, agus gé gurbh olc na comharsanna do
fuair ann, do ghlac mur roghuin comhnuidhe
innte, agus do thogh cathair na Sodaime mur áit
chomhnuidhe dhó féin agus dá mhuinntir.



Iar sgaradh re chéile mur sin dáibh do labhair
Dia ré Ábram, agus do gheall dó go ttiubhradh an
mhéid talmhan dobhí ar gach taobh ann a amharc
dó féin agus dá shliocht go bráth, agus do gheall dó
fós go mbeith a shliocht comh líonmhur agus comh
do-áirmhe le gaineamh trágha agus le raellanna na
bhflaithios, agus adubhairt leis an dúthaigh sin do
shiubhal agus do bhreathnughadh ar a fad agus ar a
tarsna, óir do ttiubhradh dhó agus dá shíol í.



Iar sin d'athraigh Ábram a phubaill, agus do
chomhnuidh i nGleann Mambre i Hébron, agus do-rinne
iodhbairt ann.



An Treas Caib.



Tarla 'mun am sin cogadh agus coinbhliocht mór
idir naonmhur ríghthe: ceathrar dhíobh i


L. 28


n-aentaobh, .i. Amraphel rígh Sennar, Arioch
rígh Ponti, Chodarlahomer rígh na hElemítibh,
agus Thadul rígh na gcineadhach; na ceithre ríghthe
sin i n-aghaidh Bara rígh na Sodoime, Bersa
rígh Gomer, Sennaab rígh Adame, Semeber rígh
Seboim, agus rígh Bále dá ngoirthear Ségor. Táinicc
na cúig rígh sin cona sluaghaibh, agus chuiriodar a
gcampa i nGleann Choilteach áit a bhfuil an Mhuir
Shaluinn anois.



Is é adhbhar is prionnsapálta fár thosaigh an
cogadh so áird-chíos dobhí ag Chodorlahomer
ar na cúig ríghthe réimhráite ar feadh .xii.
bhliadhan, agus an treas bliadhain décc do-chuadar
i n-easumhlacht. Agus is uime sin tháinicc
Chodarlahomer cona cháirde go ttug maidhm
chatha agus chosgair na gcúig rígh sin réimhráite,
agus ar ttabhairt maidhme agus áir orra do thuitiodar
ríghthe na Sodoime agus na Gormortha i bpoll moirtéil
nó láibe dobhí i nGleann Choilteach, agus do theith
an méid tháinicc ón ár fó shléibhtibh, gur chreach
agus gur airgsiod na ceithre ríghthe cosgracha sin
an ríghacht go hiomlán, go ttug a mbraighde, a
maoine agus a lónta leó go hiomlán, agus imeasg cháich
tugadar Lot cona mhuintir agus gona mhaoin leó.



Arna chlos sin d'Ábram do chuir gairm agus
cruinniughadh ar thrí chéd agus ocht bhfeara décc
dá lucht feadhma agus seirbhíse féin, agus do ghluais
leó i ttóruighacht Loit go rug orra ag Dan. Do


L. 29


roinn Ábram a mhuintir annsin, agus táinicc go
tobann annsin an oidhche chédna ar an namhaid,
go ndearnaidh treasguirt agus dícheannadh mór
orra, go raibh dá ttóruighacht agus a' dénamh áir
orra ó Dhan go Hóba ar an láimh chlé do
Dhamascus, gur bhean na braighde, na creacha,
Lot maille lena mhaoin agus lena mhuintir, agus gach
uile ní eile dá ttugadar go haimhdheónach as
tír na Sodoime agus Gomorra leó, dhíobh.



Do thuill Lot ó Dhia an túinisg so d'fhulang,
do bhrígh gur sgar go ró-thobann leis an té ba
naomhtha bhí ar an talamh, go ttug do roghuin
comhnuidh imeasg na ndaoine ba mallaighthe,
ba mí-bhésaigh, agus ba mí-cheannsaigh dhá raibh
ar an talamh an tan sin.



Ar bhfilleadh d'Ábram le buaidh chosgair ón
ármhach sin, táinicc rígh na gCanaamach 'na
chuinne, agus d'fháiltigh le lúthgháire mhóir roimhe.
Agus adubhairt leis gach maoin, gan spré, agus
gach édáil dár bhean don namhuid do chongbháil
ann a sheilbh féin, acht amháin na braighde do
thabhairt ar a n-ais. Do fhreagair Ábram ag
rádh nach glacadh féin agus nach sealbheóchadh
uiriod éille bróige dá raibh do mhaoin ná d'édáil
ann, acht go ttiubhradh a chuid do gach duine
dár creachadh acht amháin beatha agus tuarusdal
a mhuintire an feadh bhádar dá saothrughadh ag
imtheacht agus ag teacht tar a n-ais. Agus adubhairt
fós nach beith le rádh ag aon-nduine choidhche


L. 30


go rachadh féin i ttoice ná i saidhbhrios le maoin
cháich eile, do bhrígh gur gheall Dia a leórdhaoithin
dó féin.



Is follus as so gur le deagh-mhéin agus le deagh-inntinn
do-chuaidh Ábram i ttóruighacht na
gcreach agus na mbraighde réimhráite, agus nach le
saint ná glóir dhíomhaoin, acht do bhíthin a
ghráidh agus a charrthannais do mhac a dhearbhbhráthar,
.i. Lot. Is uime sin dofuair mur
chomhartha ar bhuidheachas Dé do bheith air
fón ngníomh sin ar an láthair go rug buaidh, le
lán glaice do bhuidhin bhicc neamh-sheólta i
ngníomha cogaidh, ar ceathrar ríghthe gona
sluaghaibh seólta dobhí lán d'áthus agus do mheanma
fó na buadhaibh móra dofuaradar ar naimhde do
mheasadh a bheith ró-thrén roimhe sin.



Iar sin táinicc Melchisedech rígh Sálem agus sagart
an áird-Dhia uile-chumhachtaigh i gcoinne Ábraim
agus do-rinne iodhbairt aráin agus fhíona do Dhia ar
an láthair sin; agus iarna dhénamh sin dó do bheannaigh
sé Ábram, agus tug Ábram deachmhaidh dhó
as an iomlán dá raibh aige annsin.



Adeir S. Ambrós gur mó an ghlóir do thuill
Ábram fó gan aon-chuid don chreich sin do
chongbháil aige féin ná fón mbuaidh dorug ar
an námhaid.


L. 31


AN CEATHRAMHADH CAIBIDIL.



Iar tteacht ar a ais d'Ábram ón ár agus ón treasguirt
do-rinne sé ar na ceithre ríghthe réimhráite
cona sluaghaibh, agus iar gcur Loit ann a sheilbh
féin mur bhí roimhe, dobhí sé go síthchánta
socair, i sógh agus i saidhbhrios, gan easbhaidh ar
bith acht amháin gan clann nó mac oighreacht
féin do bheith aige, ná dóchus go mbeith sin go
bráth aige do bhrígh go raibh a bhean aimrit
neamh-thorthach. Gidh eadh, ní cian dá éis sin
gur tholaidh Día sásadh sochrach a umhlacht agus
a fhoighde 'thabhairt dó, óir contrárdha da
gach dóigh agus do gach cosmhulacht do gheall dó
go mbéradh Sárai (dobhí an tan sin aosta aimrit)
mac maith dhó ar a ttiucfadh sliocht comh
líonmhur re réllanna an fhlaithis nó ré gaineamh
na ttrágh. Agus gídh gurbh égcosmhuil an ní
sin, ní bhfuair Ábram docamhal ann a chreideamhuin,
do bhrígh gurab í an phríomh-fhírinne uile-chumhachtach,
.i. Dia, adubhairt ris é: credidit
Abraham contra spem.



Acht i n-aimsir éigin 'na dhiaidh sin do ghlac
Sárai doilghios agus mí-fhonn mór tré gan clann do
bheith ag Ábram, agus adubhairt sí leis a hinnilt
féin, .i. Ágar, do ghlacadh mur mhnaoi agus clann
do dhénamh léidh. Arna chlos sin d'Ábram do
mheas gur ó Dhia tháinicc an t-ordughadh sin i


L. 32


gcroidhe a mhná, agus do-rinne a comhuirle gan
fhuireach. Gidh eadh, ní cian go bhfuair Sárai
le daor-eolus nach adhbhar sóláis dí féin d'iarr
sí an tan sin, acht adhbhar mór dóláis agus
buadheartha; óir an uair dofuair Ágar d'onóir
luighe rena maighistir féin, agus go bhfacaidh
comhartha sleachta uirre féin, thug tár agus tarcuisne
do Shárai fá bheith aimrit neamh-thorthach dhí,
ar mhodh go ndeachaidh i n-easumhlacht 'na
haghaidh agus gur dhiúlt a bheith ní ba sia fóna
smacht, agus gacha mhionca do labhradh Sárai
léidh is freagra easaontach earráideach do-gheibhadh
uaithe.



Do chasaoid Sárai sin go gearánach le Ábram;
agus chum go ttuigfeadh sí agus go gcreidfeadh
go fírinneach nach eision tug aontadh ná uchtach
do mhí-bhésaibh agus do easumhlacht Ágair dhí, do
thréig sé í agus adubhairt ré Sárai gach ní bá toil
rena hinntinn féin do dhénamh rena smachtughadh.
Agus do-rinne Sárai sin ar mhodh gur mheas
Ágar nárbh fhéidir dhí féin méud a cruadh-dhála
d'iomchar, agus dá bhrígh sin do thionnsgain
imtheacht agus éuleó as amharc Shárai.



Agus ar mbeith ag imtheacht dí mur sin tárla
i ndiamhair fhásaigh i bhfad ó árus agus ó chabhair
bídh nó dighe í, agus ar mbeith go himnígheach
annsin dí, lán d'eagla go bhfuigheadh bás le
gorta ann, tháinicc aingeal Dé chuigthe, agus d'fhiafraidh


L. 33


dhi cá háit as a ttáinicc, nó cá háit a raibh
a triall.



Do fhreagair sise go fírinneach, agus d'innis dó
gur teitheadh do-rinne óna maighistreás.



“Máseadh, ná dén-sa sin,” ar sé, “acht fill
tar h'ais, agus umhlaidh thú féin dá láthair; admhaidh
do chortha; tabhair úmhla agus onóir feasda dhí, do
réir mur atá d'ualach ort.”



Féch agus tabhair dod h'aire mur ordaighios Dia
a gceart féin do gach aon, agus nach bhfuil dá mhéd
tiodhlaice dá ttugann do neoch nach mó sa chách
iarrus orra beith umhal uirísiol, agus diúltadh go
hiomlán don díomus.



Do-rinne Ágar comhuirle an aingil, agus ní cian
dá éis sin go rug sí mac maith d'Ábram darbh
ainm Ismael, ó bhfuilid na hIsmaelítigh agus na
Sarasínigh, darab ainm ceart Ágarisínigh, tar
cheann gur ainmnighsiod iad féin ón mnaoi
shaoir sho-mholta, .i. ó Shára.



AN .5. CAIB.



Anno Mundi 2107.



I gcionn thrí mbliadhan dá éis sin do thaisbéin
Dia é féin d'Ábram, agus thug dearbhadh deimhneach
ar gach ní dár gheall roimhe sin dó, agus do cheangail


L. 34


connradh nuadh leis, agus adubhairt ris nach
Ábram do bheith mur ainm ó sin amach air,
acht Ábraham darab ciall athair mhóráin cineadhach,
agus nach Sárai goirfidh feasda dá mhnaoi
acht Sára, .i. bean phrionnsa, agus adubhairt
leis fós go mbéuradh Sára mac dhó.



Arna chlos sin d'Ábraham dothug moladh agus
buidheachus mór do Dhia, agus do-rinne umhlacht
agus adhradh dhó, agus ag bualadh a aghaidh re lár
do-rinne gean beag gáire, ag rádh ann a inntinn,
“An féidir do neoch mur tá mise, i n-aois mo
chéd bliadhan, mac do bheith le teacht chugam
as bruinn Shára atá anois ceithre fithchid bliadhuin
d'aois?” Agus dothug an Tiaghearna dearbhadh
dhó ar an ní cédna.



Ní cian d'aimsir 'na dhiaidh sin, ar mbeith
d'Ábraham i tteas an lae 'na shuidhe i ndorus a
thabernaiceil, nó a scáláin, go bhfacaidh triúr
d'óg-fhearaibh áille dá ionnsiaghe. Agus ba
triúr aingeal iad sin. Agus do dhruid Ábraham
'na gcuinne, agus tug fíor-chaoin fáilte dháibh,
óir dobhí sé comh fhial sin agus nach bhfuilingeadh
do neoch dul thairis gan aoidheacht bídh, dighe,
agus gach comhghair eile dá bhfédadh, a thabhairt
dáibh. Agus mur sin do labhair ris na hógánaigh
sin, agus adubhairt leó comhnuidhe do dhénamh
ann' fhochair féin agus uisge do chur ar a gcosaibh,
óir do shíl sé gur dhaoine saoghalta iad. d'iarr
fós d'athchuinghe orra bia agus deoch do chaitheamh,


L. 35


agus do aontaídar sin do dhénamh. Is annsin
adubhairt Ábraham re Sára trí haráin do bhruith
fón ngríosaigh; agus do-chuaidh féin amach agus tug
laogh ramhur biata leis; agus iarna ullmhughadh
dhó do chaithiodar proinn.



Iar sin d'fhiafraighdar d'Ábraham, dobhí 'na
shuidhe 'na bhfochair ar scáth an chroinn fór
chaithiodar bia, cáit a raibh Sára. Adubhairt-sion
go raibh sí istigh isan scálán. Do fhreagradar
na hógánaigh annsin, ag rádh:



“Fón am a ttillfiom-ne ar ar n-ais,” ar siad,
“geinfidhar mac fóna bruinn.”



Arna chlos sin do Shára do-rinne gáire. d'fhiafraidh
na haingil d'Ábraham créd fá ndearnaidh
sí an gáire, nó ann é gur mheas sí go raibh ní
ar bith do-dhénta ag Dia uile-chumhachtach.
Do ghlac sise uathbhás mór fón imdheargadh
sin agus do shén an gáire, óir ní le fonómhad do-rinneadh
é.



Is mór mholaid na haithreacha naomhtha
Ábraham annso fón bhféile dobhí ann. Molaid
fós méud umhlachta Shára, óir ní dá taisbénadh
féin ná ag iarraidh buidheachuis na ndeóraibh
do-chuaidh sí, acht fuireach istigh agá bhfreasdal.


L. 36


An .6. CAIB.



DO SCRIOS NA SODOIME AGUS NA GOMORTHA



Anno Mundi 2107.



A haithle na geallamhna sin do thabhairt
d'Ábraham agus do Shára dona haingil, .i. go ttiucfadh
mac maith eatorra, agus ar mbeith dháibh ag
ceileabhra re hÁbraham, adubhradar ris go
scriosfadhdís cathair na Sodoime, “Óir atá a
bpeacaidhibh líonmhura comh gráineamhuil sin,”
ar aon díobh, ag labhairt i bpearsain Dé, “ag
screadaigh orum ag iarraidh díoghaltais.”



D'iarr Ábraham mur athchuinge air annsin
gan na fíréin dobhí innte do sgrios, acht a
gcaomhna. Agus iar mbeith seal dá ghér-ghuidhe
mur sin do fhaomh, ar athchuinge Ábrahaim,
an chathair do chaomhna ar an lérscrios dobhí
re dénamh uirre má bhí deichneabhar fírén innte.
Agus ní fríth an uimhir sin d'fhíorénaibh imeasg
na druinge coirpe crosda coinnioll-bháite dobhí
ag áitiughadh na cathrach sin.



Acht go dlúth dá éis sin táinicc dias aingeal i
gcruth deise ógánach go cathair na Sodoime, agus
tárla Lot dáibh um thráthnóna (mur fa gnáth
leis) 'na shuidhe i ndorus na cathrach, agus d'iarr
orra dul leis maille le dúthracht agus le díthchioll
mór dá thig, agus comhnuidh an oidhche sin aige.


L. 37


Agus do-chuadar leis dochum comhnuidhe
'na thigh an oidhche sin, gídh go ndearnadar
docamhal ar ttús um dhul leis. Óir mur bhí
oidios phátarrúin na féile, .i. Ábrahaim, ag Lot,
do chuir éigion orra le dul leis, agus do ghlac go
lúthgháireach ann a thigh iad, go ndearnaidh
sollamhain agus fleadh mhór dháibh. Agus iar
gcaitheamh proinne dhóibh, an tan bhádar dá
n-ullmhughadh féin le dul chum suain, tháinicc
drong do lucht mallaighthe millteacha na cathrach
i ttimchioll thighe Loit, agus d'fhiafraidh cá raibh
an dias ógánach tháinicc dá thigh an tráthnóna
roimhe, agus d'iarr ar an láthair a gcur chucu amach
lena mbrúideamhlacht Shodomtha do shásúghadh.



Do ghlac buaidhreadh agus dólás mór-adhbhal
Lot ar glos na n-aithiosg ngráineamhuil sin dó,
agus do-chuaidh amach dá n-ionnsaighe agus dá nguidhe,
ag iarraidh orra gan masla do thabhairt dá aoidhibh.
Gidh eadh, níorbh fheirde dhó, óir is iomdha
trillán agus urchar maslaightheach do chuiriodar
ann; agus adubhradar go feargach leis nach raibh
acht deóraigh ann, dár chóir a bheith sásda do
bhrígh gur fhuilingiodar dhó beith síthchánta
go n-uige sin 'na measg agus gan glacadh rén' ais go
príbhiléideach a bheith a' tabhairt comhuirle a
n-aghaidh a gclaonta dáibh; agus annsin dob áill
leó a mharbhadh nó gur tharraing na haingil
chucu é. Agus an tan dob áill leó teacht chum


L. 38


an doruis agus a bhriseadh níor léur dáibh é, óir do
dhall Dia a súilibh ar an láthair. Gidh eadh,
níor mhúch sin a n-ainmhianaibh brúideamhla,
óir dobhídar ag smérthacht lena ndernannaibh
ag iarraidh an doruis.



Is mur so bhíos na peacachaibh do-cheannsaigh
do ghnáth; óir ní ghlacuid rogha le pionúis do
chur orra: bíodh 'fhiadhnuise sin ar Pharao agus
ar mhórán eile. Ba cosmhuil iad so fós, iarna
ndalladh, le lucht an iomthnúith chuirios rompa
mí-chliú agus mí-ghnaoi do chur ar na fíréin; gidh
eadh, ní fhaghaid rompa acht ballaighe dúnta
gan dorus, tré nach féidir leó dul isteach, .i.
deagh-chliú a neagh-oibreacha.



Iar saoradh Loit dona haingil mur sin ó dhíoghaltus
agus ó ainmhian lucht cathrach na Sodoime,
adubhradar ris, má bhí cliabhuin nó fear inghine
isan mbaile aige, rogha a thabhairt dáibh le
teitheadh gan mhaill, agus é féin mar aon riú, óir
gurbha hé Dia do chuir iad i tteachtaireacht le
dianscrios do chur ar an gcathair mhallaighthe
sin agus ar a háitigheóiribh go hiomlán, óir go raibh a
gcortha agus a bpeacaidhibh do-áirmhithe gráineamhla
ag screadaigh do ghnáth ag iarraidh
díoghaltais do dhénamh orra.



Tug Lot an rogha sin gan fhuireach do dhís
áirighthe dár chinn sé a dhias inghean do thabhairt
le pósadh, arna mheas dó go rabhdar ní ba


L. 39


subháilcigh agus ní ba so-cheannsaigh ná an chuid
eile d'áitigheóiribh na Sodoime. Gidh eadh, is
ar modh magaidh nó fonómhaid do ghlacadar a
rogha, óir níor chreidiodar aen-ní dá ndubhairt
riú. A moch na maidne arna mhárach adubhairt
na haingil re Lot é féin agus a mhuintir do bhreith
amach as an gcathraigh gan mhoill; agus ar
bhfaicsin dóibh gur ghlac spadántacht agus leisge
íad tugadar féin ar láimh leó as an mbaile amach
iad, agus adubhairt riú annsin a ndíchioll do dhénamh
le hiad féin do shaoradh ar a losgadh, le
teitheadh prap do dhénamh; agus adubhradar
riú fós, i bpéin díoghailtais, gan aon acu
d'fhéchuin 'na ndiaidh nó go mbeithdís as
conntabhairt.



d'iarr Lot orra annsin cead do thabhairt
dóibh comhnuidhe do dhénamh i mbaile bheag
dobhí i ngar dhóibh dárbh ainm Segor, agus iar
ttabhairt na hathchuinge sin dóibh d'iarr na
haingil orra deifir do dhénamh, óir nárbh fhéidir
leó féin an díghbháil mhór do dhénamh nó go
mbeithdís-sean ar a ndaingean. Agus leis sin
do sgaradar re 'roile.



Ní cian iar sin, ar gclos toruinn mhóir agus troim-pléusga
na lasrach agus, dar ndóigh, éimhghe agus
screadaigh na druinge dobhí dá losgadh agus dá
gcoscairt do mhnaoi Loit, d'fhéch 'na diaidh tar
aithne na n-aingeal nó lé dearmad; acht gibé
mur thárla sin, ní luaithe thug an t-amharc 'na


L. 40


diaidh ná do-rinneadh pilér nó colamhuin shaluinn
di a ndíoghaltus a heasumhlacht.



Adeir an Scriptúir a' tabhairt tuarusgbhála ar
an diansgrios sin gur dhóirt Dia anuas as na
flaithis ceatha teineadh agus sulfuir ar an gcathair
sin agus ar na cathracha bá coimhneasa dhí, gur loisg
go luaithreadh iad uile eidir bhallaighibh, fhear,
mhnaoi, agus leanbh.



Iar ndul go Ségor do Lot agus dá dhias inghean,
do ghlac uamhan agus úathbhás mór iad ar bhfaicsin
cheithre gcaithreacha arna scrios agus arna losgadh
le tinidh agus le sulfur 'na ttimchioll. Do mheasadar
go ttiucfadh an díoghaltus cédna ar Shégor, agus
uime sin do theithiodar chum sléibhe. Agus
iar mbeith annsin dáibh leó féin 'na n-aonar, do
shíliodar nach raibh aen-duine don chine dhaonna
beó acht iad féin amháin. Is ar an ádhbhar sin
do chinn ingheana Loit ar chomhuirle eatorra
féin, .i. gan an cine daonna do léigion i mbáthadh
síl, agus do chogradar a n-athair do chur ar meisge
le fíon, agus luighe fó leith leis chum go ndénfadh
coimhriachtain agus clann riú. Agus iar sin do luigh
an inghean fa sine ris, an chéd-oidche. Agus
níor mhothaidh Lot ag luidhe ná ag éirghidh í,
acht do geineadh mac eatorra an oidhche sin
dár ghoir Lot Moab, ó ttáinicc na Moabítigh.
Agus an dara hoidhche do luigh an dara hinghean
gur toirrcheadh í leis an bhfeis cholamhail chédna


L. 41


sin, go rug mac darbh ainm Amon, ó ttáinicc na
hAmonítigh.



AN .7. CAIB.



DON PHIONÚS DO CHUIR DIA AR ABIMELECH
RÍGH CRÍCHE GERÁR.



Anno M. 2107.



Go grod i ndiaidh an díoghailtais sin do theacht
ar na cathracha crosda réimhráite, táinicc gorta
i ttír Chanaam, gurbh éigion d'Ábraham agus dá
mhuintir gluasacht go Gerar. Agus ar tteacht don
tír sin dáibh adubhairt Ábraham le Sára a rádh
gurbha deirbhshiúr dhó í (agus bá fíor sin, óir ba
inghean dearbhbhráthar dhó í dar ghnáthach
deirbhshiúr do ghairm an tan sin).



An uair do-chualaidh Abimelech rígh Gerar go
ttáinicc an bhean áluinn sin dá thír, do chuir
teachta 'na cuinne, agus tugadh Sára chuige. Acht
do labhair Dia an oidhche chédna le Abimelech
ag rádh ris, muna gcuireadh a bhean phósta gan
truailliughadh ar a hais go hÁbram, go mbáiseóchadh
é féin agus a mhuintir. Do ghlac uamhan agus
uathbhás mór Abimelech ar gclos na mbriathar


L. 42


mbograch sin, go ndubhairt le Dia go ndénfadh
gach ní do réir a thola, agus dá mbeith 'fhios aige
gurab í bean Ábrahaim dobhí ann nach n-iarrfadh
air í. Do ghlac Dia sin uaidhe, agus adubhairt ris
gurab uime sin nár fhuiling dhó an peacadh do
dhénamh.



Do chuir Abimelech an oidhche chédna teachta
i gcuinne Ábrahaim, ag rádh ris a bhean do
bhreith leis chuige féin, agus tug tabhartuis adhbhalmhóra
dhó. Do ghuidh Ábraham Dia ar a shon,
agus fuair maitheamhnus dó, maille le sliocht mór
do theacht air.



Is follus as so méd an fhuatha agus na grána bhíos
ag Dia ar pheaca gráineamhail an adhaltrannuis.



AN .8. CAIB.



ISMAEL ARNA DHÍBIRT.



2108 A.M.



Ar tteacht d'aimsir coimhlíonta na geallamhna
thug Dia do Shára rug sí mac i n-aois a ceithre
fithchid bliadhain, agus tug Ábraham Ísaác d'ainm
air. I gcionn ocht lá do-rinneadh timchioll-ghearradh
air, do réir mur d'aithin Dia d'Ábraham
roimhe sin. Agus gídh go raibh Sára 'na bainphrionnsa
mhóir, is í féin do-rinne a mac
d'oileamhuin agus d'altrum (Dar leat, budh maith


L. 43


an siompla sin do mháithreacha uaibhreacha
anmhianacha na haimsire so thug barr mí-nádúire
ar na beathadhaigh égcéillidh); agus an uair do
coisgeadh do dhiúl cíoch é do-rinne Ábraham
fleadh agus sollamhuin mhór lúthgháireach, mur
do-ní an pastúir maith ar a mbíonn lúthgháire
mhór, an tan do-chí a chlann spioradálta ag
borradh agus ag fás i slighthibh inbhir na subháilceadh.



Acht gidh eadh, mur nach buan an sólás saoghalta
agus gur gnáthach dólás a theacht rena shálaibh,
extrema gaudii luctus occupat, ní cían do mhair
an sólás mór sin ag Sára go ttáinicc damhna
dóláis chuigthi; óir ar nglacadh iomthnúith
mhóir d'Ismael mac Ágair, tré mur do mheas
gan amhrus gurab é Ísaác mac Shára do-gheúbhadh
oighreacht, maoine, agus saidhbhris Ábrahaim
go hiomlán, do thionnsgain mí-mhodh agus
easeamhlacht do thabhairt do Shára, ionnus gur
sháraigh a mháthair féin, .i. Ágar, i ndrochmhúnadh
agus i mí-bhésaibh, agus dothug sé fós re
tuigsin do gach aon lena dhroch-iomchar agus le
gach beart mailísioch dá n-imreadh ar an leanbh
Ísaác go raibh fuath agus miosgus aige dhó.



Arna thabhairt sin fó deara do Shára d'iarr
sí mur athchuinge ar Ábraham é féin agus a
mháthair Ágar d'ionarbadh, óir ba heagail léidh
go mbáiseóchaddís go fealltach a haen-mhac


L. 44


dil féin. Do ghuill sin ar an duine naomhtha,
acht go ttug Dia an fógra cédna dhó le toil Shára
do choimhlíonadh do réir mur d'iarr sí air. Annsin
do ghlac Ábraham cáca aráin agus leastair uisge,
agus arna ttabhairt mur lón do Ágar agus dá mac adubhairt
riú imtheacht ar deóraighacht uaidhe.



Ar mbeith arna n-ionarbadh mur sin dáibh
dobhídar ag imtheacht go ttárla go fásach
Bhersabe iad. Is annsin d'imghidh as a gcuid
lóin uisge, go rabhdar i gcruth báis lé tart. Do-chuaidh
Ágar as amharc a mic, agus do shuidh sí
fó bhun crainn ar leith chum nach bhfaiceadh é
a' fagháil bháis. Ní cian dobhi sí annsin go
ttáinicc aingeal cuigthe ag rádh léithe cúram agus
coimhéd maith do bheith aice ar a mac, óir go
ngeinfidh mórán do chinedhachaibh uaidhe.
Agus do thaisbéin tobar fíor-uisge dhí dobhí i
ngar don áit chédna sin.



Ag so, do réir mur deir Pól apsdal, fighair
Eaguilse Chríosd agus na Synagóige; óir gibé bhés
'na Ísaác, .i. 'na fhírén, is éigion dó iomthnúth
cháich eile d'fhulang agus truaighe do bheith aige
d'Ismael, .i. dona Iudaighibh, dona heretigidh, agus
dona págánaigh fós, tá arna ndíbirt tréna gcortha
féin ón oighreacht shíorruidhe.


L. 45


AN .9. CAIB.



DON IODHBAIRT DO-RINNE ÁBRAHAM.



Anno Mundi 2133, roimh Chríosd 1871.



Iar ndíbirt Ismael d'Ábraham dobhí Ísaác
mur oighre dílis go sáimh síthchánta i tteaghlach
a athar. Agus ar mbeith i n-aois 39 bliadhain,
do réir buan-choimhéid shean-chuimhne sinnsir
na Iudaigheach, ba toil le Dia coinghioll Ábrahaim
do fhromhadh nó 'chur i gcéill, agus a chaoin-dúthracht
dó féin do chur i gcéill agus do chruthughadh mur
so:



Ar mbeith d'Ábraham i n-uaignios do labhair
Dia ris, ag rádh:



“Imghidh: beir leat do mhac dil féin, .i. Ísaác,
agus iodhbair é ar bhinn an chnuic thaisbénus misi
dhuit.”



Agus gé gur dhoiligh le hÁbraham an dáil sin,
gidh eadh, do bhrígh go raibh 'fhios aige gur ó
mhíorbhuile Dé féin dofuair a mhac, agus gidh gur
smuain go minic, ar feadh an dá lá dobhí do
chairde aige (dar leis) ar a mhac, ar na geallamhnaibh
móra thug Dia roimhe sin dó ar shliocht
ro-líonmhur do-áirmhe do theacht air an mac
cédna, ní dhearna stuidér ná moill acht cunna


L. 46


do ghearradh chum na hiodhbartha uile-loisgighe
sin do dhénamh, agus gluasacht mar aon re dias
dá ghiollaighibh, gan sgél ná faisnéis do thabhairt
d'aon-neoch ar a thoisg, go ráinicc an treas lá
go bun an tsléibhe ar ar orduigh Dia an iodbhairt
thaithneamhach sin do dhénamh. Is annsin
do chuir an chual chunnaidh ar ghualainn a
mhic. Dothug féin cloidheamh cosgarthach agus
teinidh leis, iarna rádh dhó leis an dias searbhfoghantaigh
dobhí 'na fhochair gan an áit sin
d'fhágbháil nó go ttigeadh féin ar ais. Do ghluais
féin agus a mhac go mullach an chnuic. Annsin
d'fhiafraidh Ísaác dá athair cáit a raibh adhbhar
na hiodhbartha uile-loisgach sin dob áill leis a
dhénamh. Adubhairt Ábraham ris go raibh sin
ar láimh Dé agus go ttiubhradh dháibh í: Deus
providebit, fili mi.



Is dílis an fhighair Ísaác annso do Chríosd
ar Slánaightheóir ag iomchar a chroiche ar ar
hiodhbradh ar son an chine daonna é.



Ar tteacht chum na háite dhóibh do chóirigh
Ábraham altóir; do chuir an chual chunnaigh
uirre; do cheangail a mhac iar sin; agus do shín
ar uachtar an chunnaigh ar an altóir é, agus arna
dhénamh sin do thóig suas an cloidheamh ann a
láimh lena threasgairt.



An tan d'amhairc Dia ar dhíoghruis umhlachta
Ábrahaim d'órduigh ar an láthair d'aon dá


L. 47


ainglibh an buille do thoirmeasg. Annsin
d'fhéch Ábraham ar thaobh dhe agus do-chonnairc
reithe i n-achrann a adharc imeasg dreisioch nó
droighneáin. Dorug Ábraham air agus do iodhbair
ar son a mhic ar an altóir é, agus do-chuaidh iar
sin go lúthgháireach ar ais go hairm ar fhág a
ghiollaidhibh.



Is ró-mhaith an léighionn so d'fhág Ábraham agus
a mhac ag aithreacha agus ag cloinn an domhuin,
óir dobhí do theasgráidh agus do mhéd umhlachta
Ábrahaim do Dhia go raibh ullmhaigh gan mhaill
lena aen-mhac dílis do threasgairt agus d'iodhbairt
an tan d'iarr air a dhénamh. Acht monuar,
anois ní do Dhia iodhbras cách go coitcheann a
gclann acht don diabhal! Dobhí fós úmhlacht
an mhic sin comh mór agus comh foirfe sin do Dhia
agus dá athair gur fhuiling dó a cheangal gion do
raibh sé i neart agus i n-aois fheardha an tan sin,
.i. i n-aois 39 mbliadhain.



Iar ndul ar a ais d'Ísaác dobhí sé a' tabhairt
sóláis mhóir dá mháthair dobhí ársaigh cianaosta,
go bhfuair bás go grod dá éis sin. Do
chaoi Ábraham déra dólásacha ós a cionn. Agus
an uair do chinn ar a hadhlacadh, do ghlac mian
mór é le háit adhlacadh d'fhagháil i gcathair
Geth, agus do-chuaidh d'agallmhadh mhuintire na
cathrach sin ag iarraidh áite adhlaice orra le
ceannach. Do fhreagradar sin go humhal macánta
ceannsaigh é ag gairm prionnsa dhe, ag rádh go


L. 48


ttiubhradís a rogha áite isan bhaile dhó. Do
thug-san buidheachus mór dháibh, agus adubhairt
riú go ttiubhradh féin ceannach óir nó airgid
ar an áit, agus do ghuidh iad um mhachaire Ephróin
d'fhagháil agus impidh do chur ar Ephrón an machaire
do dhíol leis, óir dobhí uaimh dhúbalta ann;
agus do thairg Ephrón a bhronnadh dhó. Gidh eadh,
níor ghlac Ábraham sin uaidhe, acht d'iarr fios
a luacha. Agus d'innis dó gurbh fhiú trí chéd
secel airgid í. Do-rinne Ábraham i bhfiadhnuise
cháich uile connradh ris, agus iar ndíol an airgid
dó dofuair sealbh an mhachaire dhó féin agus dá
shliocht go síorruidhe, agus do adhlaic Sára ann.



Féch an duine naomhtha so dár gheall Dia
go minic sealbh na críche sin go hiomlán, nár
iarr ariamh innte acht áit adhlaice, agus sin féin a
cheannach, do bhrígh nach ar oighreacht talmhuidhe
dobhí a aire, acht ar an mbás agus ar an
tsíorruidheacht.



AN .X. CAIB.



PÓSADH ÍSAÁIC.



A.M. 2148.



Ar mbeith d'Ábraham 'na sheanóir chian-aosta
do mheas gur chóir bean do thabhairt do Ísaác
sul bhfuigheadh féin bás. Agus d'ordaigh dá


L. 49


phríomh-fhear feadhma féin, .i. do Elieser, dul go
Mesopotamia, .i. go tír a athardha, agus bean
d'fhagháil dá mhac innte, óir níorbh áil leis cleamhnus
do dhénamh le muinntir na Canaame.



Do ghluais Elieser, agus ní haithristear a eachtra go
ráinicc i bhfogus do chathair Nachoir. Is ann
sin do ghuidh Dia go dúthrachtach lena stiúradh
ar an eólus cheart agus le sgéla d'fhagháil créd í
an bhean ba mian agus ba toil leis a thabhairt d'Ísaác.
Agus dofuair toradh a urnaighthe ar an láthair;
óir dothug Dia mur chomhartha dhó gibé haon
d'ingheanacha an bhaile sin, ar mbeith ag tarruing
uisge dháibh, agus ar a n-iarrfadh-san deoch don
uisge, adéuradh ris nach é amháin dó féin acht
go ttiubhradh fós uisge dá chámhuill, gurab í
sin an bhean do thogh Dia d'Ísaác.



Agus níor chian dó iar sin go ttáinic Rebeca,
inghean áluinn Bhátuel, ba mac do Mhelcha,
bean Nachoir, dearbhbhráthair Ábrahaim, amach
as an mbaile a' tarruing uisge; agus ar bhfilleadh
dhí táinicc Elieser roimpe ar an tslighe, agus d'iarr
deoch uirre. Adubhairt sise go fonnmhar go
ttiubhradh sin dó agus dá chámhuill fós. Do aithin
an feadhmannach dílis dúthrachtach sin gurab
í an mhaighdion áluinn sin do thogh Dia dá óig-thiaghearna
féin, agus tug tabhartuis ar an láthair
dí, .i. pérlaidhe cluas agus bráisléid, agus d'fhiafraidh
dhi an bhfuigheadh féin aoidhacht na hoidhche


L. 50


sin óna hathair. Adubhairt sise go bhfuigheadh
agus fáilte mhór; agus do-rinne sí féin athghoirid na
conaire dochum an bhaile le sgéla do thabhairt
dá muinntir, gur innis dáibh gach ní dá ttárla
eatorra, agus do thaisbéin na seóide sin dá dearbhráthair,
.i. do Lában.



Annsin tháinicc Lában 'na chuinne, go ttug
chum an tighe é. Agus iar gcomhnuidhe istigh
d'Elíeser, an tan ba mian le cách proinn do
chaitheamh, adubhairt sé riú nach gcaithfeadh
féin bia ná deoch nó go bhfaghadh freagra ar a
theachtaireacht. Agus d'innis dáibh gurbhá
feadhmannach é féin dá ttug Dia mur thríath
duine naomhtha ro-shaidhbhir, .i. Ábraham, do
chuir ag iarraidh mná dá oighre agus dá aon-mhac
é, .i. do Ísaác, agus go bhfuair dearbhadh le comharthaigh
ó Dhia gurab í Rebeca do thogh an
Cruthaightheóir dhó.



An tan do-chualaidh Batuel agus Lában na briathra
sin do chreidiodar gur le hordughadh Dé do
tháinicc sé, agus dá bhrígh sin d'aontaighdar dhó
go fonnmhur lúthgháireach, agus tug Eliesar
annsin bronntanuis mhóra do shoithighibh óir
agus airgid dá hathair agus dá máthair. Agus ar mbeith
dhó arna mhárach ag tionnsgnadh a bheith ag
gluasacht ar ais d'fhiafraidh do Rebeca an rachadh
sí leis. Adubhairt sise go rachadh, agus dá réir sin
do ghluais sí leis; agus ar tteacht i bhfogus do


L. 51


theagh Ábrahaim do-chonncadar Ísaác uatha ar
mhachaire ós a gcomhair. Agus an tan d'innis
Elieser dhí gurab é dobhí ann, do chuir sí brat
fóna ceann, agus táinicc sé chugthu. d'innis Elieser
gurbh í sin an bhean do thogh Dia dhó. I n-ionad
an dóláis dobhí ar Ísaác roimhe sin tré bhás a
mháthar do ghlac lúthgháire mhór é fón mnaoi
áluinn subháilcidh sin d'fhagháil le pósadh.



Agus iar mbeith pósda don lánamhuin sin ré
chéile do mhair Ábraham aimsir imchian, agus fá
dheóidh do ghoir Dia air dochum a thuarusdail
do thabhairt dó.



Ba hé sin an searbhfhoghantach dílis don
fhíor-Dhia forórdha; óir i gcruas ná i mbuige, i
sógh ná i n-anshógh, níor sgar ris an gcreideamh
ná ris an ndóchus ndiadha, ná fós gan bheith
líonta do ghrádh Dé ós cionn gach uile ní agus do
ghrádh na comharsann mur fá dual; agus dobhí
sé buan-sheasmhach isan staid naomhtha sin ar
feadh a bheatha, agus dá bhrígh sin dofuair mur
luach saothair ó Dhia a bheith 'na athair ar an
tsaoghal ag creidmheacha fírénta an domhuin, agus
isan mbeatha shíorruidhe a bheith 'na abhacóid
agus 'na phátarrún acu. Dobhí sé fós cródha calma
le ceart do sheasamh agus le troid ar son a ghaolta
agus a aos gráidh: bíodh 'fhiadhnuise sin ar Lot
dothug as broid a namhad. Dobhi sé fós foighdeach
ann gach eígion agus ann gach cruaidh-dháil


L. 52


dá ttarla dhó; óir ba mór, dar leis féin, an sólás
dobhí aige ann a bheith, do réir mur dubhairt
Dia leis, 'na dheóraigh aimsir imchian i bhfad
óna ghaolta agus óna cháirde, i ttíortha coimhigheacha
coigcríche, ón am ar aithnigh Dia dhó a
ttréigion gur chríochnaigh a shaoghal i n-aois
165 bhliadhna, aois an domhuin an tan (sin)
2188 mbliadhna, seacht ccéd ochtmhoghad agus
21 bhliadhain roimh Chríosd do theacht ar an
tsaoghal.



Do chuir Dia íar mbás Ábrahaim sén agus rath
mór ar Ísaác, ionnus nár theasdaigh do shógh
saoghalta uaidhe acht gan clann do bheith aige;
óir dobhí sé pósdaigh le Rebeca le ré fhithchid
bliadhain gan clann do theacht eatorra, agus dobhí
Ísaác mun am sin .lx. bliadhain d'aois, agus uime sin
do ghuidh Dia go dúrachtach um chloinn do
thabhairt dó. Agus dothug mur thoradh ar a ghuidhe
gur toirrcheadh Rebeca agus gur geineadh
dias mac i n-aoinfheacht ann a broinn, dobhí
(dar léith) ag comhrac ré 'roile ann a broinn go
haimsir a ttuismighthe; agus ag teacht ar an tsaoghal
dáibh dobhí grim ag an tsóisior ar sháil coise
an tsinnsir. Agus sul thángadar chum an tsaoghail
fuair a máthair le neart a crábhaidh agus a
hurnaighthe fios ó Dhia go raibh dias ann a
broinn do bheith leis an aimsir 'na n-aithreacha agus
'na n-árd-cheinn ar mhórán, nó ar chineadhachaibh


L. 53


il-iomdha, agus go mbeith an sinnsear, nó go
háirighthe a shliocht, i moghsaineacht don tsóisior
nó dhá shliocht. Dobhí an chéd-ghin gruagach
fionnfadhach ag teacht as broinn dó, agus is ruadhfholtach
dobhí sé, agus Esau tugadh mur ainm
air; agus Iacób tugadh d'ainm ar an ngein táinicc
'na dhiaidh, agá raibh grim sáile coise na céd-gheine
aige.



Iar tteacht i n-aois agus i bhfás don dias mhac
sin tarla don tsóisior, .i. do Iacób, gur ullmhaigh
brochán nó anbhruith dhó féin, agus ar tteacht do
Esau ó sheilg, lér ghnáthach leis urmhór a aimsire
do chaitheamh, agus ar mbeith tuirseach ocrach
dhó, d'iarr ar Iacób agus do ghuidh go díoghraisioch
é um chuid don bhrochán sin a thabhairt dó.
Do fhreagair Iacób é agus adubhairt leis nach
ttiubhradh sin dó muna ttugadh-san a cheart
príomh-gheine ar a shon dó, ius primogeniturae.
Agus do dheónaigh Esau ar an láthair sin do
thabhairt dó ar an scála praisge sin.



Adeir na haithreacha naomhtha go bhfoillsighionn
an dias dearbhbhráthair so dá phobal
nó dhá dhream daoine, .i. na fíreín agus lucht an
aindlighe: Esau an sinnsior, athair na n-aindlightheach
dar chóir a bheith, agus bhés do ghnáth, i seirbhís
agus i moghsaineacht an tsóisir, .i. an fhíréin, lena
mailís agus lena mí-bhésa; óir glantar agus umhlaighthear
go minicc na fíréin leó mur is follus do chách.


L. 54


Agus cuiridh díol na príomh-gheineamhna i
gcéill dúinn an rogha do-bheir cách an tan
shanntaighid an saoghal agus thréigid an tsíorruidhacht
ar shásadh nó ar shólás bréige neambuan
saoghalta: momentaneum est quod delectat;
aeternum vero quod cruciat.



CAIBIDIL XI.



DON BHEANNACHT TUG ÍSAÁC DO IACÓB.



Anno Mundi 2245, Ante Christum 1754.



Iar ndíol a cheirt sinnsireacht mur sin do
Esau do chruthaidh a mháthair, .i. Rebeca, i
gceann móráin do bhliadhnaibh gur mhór an
tairbhe a ttáinicc an dáil sin chum Iacóib, agus sin
do theacht le gliocas naomhtha dobhí lán do
rúndiamhraibh diadha. Óir ar mbeith d'Ísaác .i.
i gcionn 137 mbliadhna d'aois, thug sé dhá aire
go raibh an bás cinnte agus an uair go grod dá ionnsaighe.
Uime sin do smuain gur chóir dhó a
bheannacht d'fhágbháil go dúthrachtach agá
chloinn, agus do ghoir amach Esau, ar a raibh díoghrais
a ghráidh, chuige, agus adubhairt ris:



“A mhic ionmhuin,” ar sé, “dén seilg agus tabhair
chugam-sa feóil do thoradh na seilge sin, ionnus,
iar gcaitheamh proinne dhi, go ttiubhrainn mo
bheannacht ré mbás go dúthrachach dhuit.”



Iar gclos na n-aithiosg sin do Rebeca d'innis


L. 55


do Iacób iad, agus adubhairt ris dul gan mhaill
imeasg an tréda agus dá mhionnán do thabhairt
chuighthe do thogha na seilbhe, agus arna dhénamh
sin dó do ullmhaigh sí proinn do réir a mhiana
féin d'Ísaác mur ba feas dí. Iar sin do chuir
an t-édach dob fhearr bhí ag Esau ar Iacób, agus
do thimchill a lámha agus a mhuinél le croicne na
mionnán, ionnus dá ttigeadh go n-aithneóchadh
Ísaác glór Iacóib go measfadh tar a chionn sin
gurab é Esau do bheith ann an tan do mhotheóchadh
an fionntha ar a chroicionn. Agus is mur
sin tárla; óir an tan thug Ísaác dá aire, ar mbeith
dall dhó, nach é guth Esau do-chualaidh isan
bhfreagra dothug Iacób i riocht Esau air, adubhairt
leis teacht ni ba goire dhó, agus ar nglacadh
a lámh ann a láimh dofuair fionnfadhach iad:



“Guth Iácóib a chluinim, agus lámha Esau
mhothaighim,” ar sé; acht an uair do mhothaigh
boladh éudaigh Esau dobhí uime, agus ar mbeith
dhó súgach tar éis a phroinne, dothug a bheannacht
do Iacób, ag rádh “drúcht na bhflaithios agus lántoradh
na talmhan” do bheith aige do ghrés:
“Sirim fós ar Dhia,” ar sé, “do bheith i gceannus
ós do dhearbhbhráithribh go bráth, agus gibé
bheanneóchus duit go raibh sé beannaighthe, agus
gíbé mhalleóchus duit go raibh sé mallaighthe.”



Níor chian dáibh 'na dhiaidh sin go ttáinicc
Esau le cuid d'fheóil a sheilge go h'Ísaác, agus d'iarr


L. 56


a bheannacht. Arna chlos sin d'Ísaác do ghlac
iongantus mór é. Gidh eadh, arna mheas dó go
raibh lámh agus ordúgh Dé ris an ní do-rinne sé,
a bhfad ó ghairm ar ais do dhénamh ar na beanachtaigh
dothug roimhe sin do Iacób, do neartaigh
arís iad. Arna chlos sin do Esau do scread le
caoineadh agus le heólchuire mhóir go raibh déra
'na ttuile ag tuitim óna shúilibh. Dobhí fós
ag casaoid go cruaidh ar égcneastacht a dhearbhbhráthar,
agus d'fhiafraidh dhá athair an raibh
beannacht ar bith ar a chumus acht an mhéid
thug uaidhe. Do ghlac truaighe mhór Ísaác, agus
tug beannacht dó; acht adubhairt leis isan am
cédna go mbeith neart, cumhacht, agus ceannus a
dhearbhráthar go bráth ós a chionn. Is uime
sin dothug Esau fuath agus gráin dá dhearbhrátháir
Iacób, gur chinn ar a mharbhadh, agus ní raibh ní
ar a aire ní ba mó ná sin do thabhairt chum críche.



Bheir an stair rúndiamhrach so réimh-thaisbénadh
dhúinn ar Chríosd fó bhrat agus fó
lúirigh an pheacaidh, mur bhí Iacób i gcroicne
na mionnán; agus cuiridh fós i gcéill an diúltadh
dothug Dia dona Iudaibh, agus mur do scrios as a
ríghacht féin iad, do bhrígh nár shanntaigh síad
acht an phraiseach thalmhuidh so. Óir gibé
dhíolus a cheart ar an ríghacht ghlórmhuir ar
luach truaillighthe talmhuidh, ní fhaghann gairm
ar ais uirre go minicc le deóra féin: 'fhiadhnuise
sin ar Iudás, ar Antiochus, agus ar mhórán eile.


L. 57


AN XII.



AN TEITHEADH DO-RINNE IACÓB ÓNA DHEARBHBHRÁTHAIR
ESAU ANNSO.



An uair dothug Rebeca dhá haire méd an
fhuatha agus an mhiosgais dobhí ag Esau do Iacób,
dobhí eagla mhór uirre go ndénfadh bás fealltach
d'imirt air. Is uime sin do smuain gurbh oirchios
dí a chur as a amharc go tír imchéin; agus ar ndénadh
chomhuirle le hÍsaác dí, is é ní ar ar chinniodar
ar ttús comhairle do thabhairt dó gan bean do
phósadh do shliocht coirpe crosda na gCanaámach
(mur do-rinne a dhearbhbhráthair Esau do phós
dias díobh tar chrois agus tar thoirmeasg a athar agus
a mháthar), acht dul go Mesopotamia mur a
raibh Batuel, .i. dearbhráthair Rebeca, agus bean do
phósadh ann. Do ghlac Iacób an chomhuirle
sin go fonnmhar; agus iar nglacadh na mbeannacht
óna athair an dara feacht dhó, do ghluais ar an
eachtra sin. Agus ní le poimp mhóir, mur neoch
shaidhbhir dorachadh ag iarraidh mná le cóir
gháibhthigh agus le marc-shluagh mór, do ghluais
Iacób ar an turus sin, acht mur dheóraigh
ionnarbtha a' teitheadh ó mhailís feirge Esau.



Iar gceileabhradh mur sin dá athair agus dá mháthair
dhó dobhí ag imtheacht isan gconair ndírigh go


L. 58


tráthnóna an chéd-lae dá eachtra, agus do chuir
roimhe comhnuidhe amuich ar mhachaire an
oidhche sin. Do chuir cloch fóna cheann ann agus
do choduil.



Do-chonnairc ann a shuan taisbénadh nó
aisling le a bhfuair dearbha cinnte solásach go
raibh cúram agus coimhéd díoghraiseach Dé air,
mur bhíos do ghnáth aige i ttimchioll gach duine
fhuilingios díbeirt nó inghreim ar son an cheirt:
beati qui persecutionem patiuntur propter justitiam.



Óir do-chonnairc dréimire, ceann de ar an
talamh agus a bhárr uachtarach a' dul suas go soiche
an flaithios, agus é líonta d'ainglibh a' gluasacht
anuas agus suas tar a chéile air óna bhun go a bharr
agus ó a bharr go a bhun, agus ós a gcionn sin do-chonairc
neoch glórmhur do labhair ris:



“Mise Dia Ábrahaim agus Ísaáic do-bheir dhuit-se,
a Iacóib, an talamh ar a bhfuile, agus biaidh do
shliocht comh líonmhur re luaithreadh an talmhuin.
Tiucfaidh fós ar do shliocht aon-duine lé mbeanneóchar
cineadhacha na talmhan uile.” Agus tug
geallamh dhó go mbeith féin 'na fhochair is gach
áit ar feadh aimsire a dheóruighachta, agus go
ttiubhradh slán ar a ais dochum na tíre cédna
sin é, áit i gcoimhleónadh gach geallamh dá ttug
go n-uige sin dó.



Ar músgladh do Iacób as an suan ann a raibh,
do ghlac uathbhás mór é, agus adubhairt gurbhá


L. 59


hionad ró-naomhtha ró-bheannaighthe an áit sin,
do bhrígh go raibh an Tiaghearna ann:



“Óir is é so,” ar sé, “árus Dé bhí agus dorus
flaitheamhnuis.”



Mo thruaighe nach bíonn an t-uathbhás so ar
chách anois, agus nach ttugann an onóir agus an reverens
budh dual a thabhairt do thigh Dé agus don áit
a ndéntar an Slánaightheóir d'iodhbairt ar ar
son, agus ann a mbíonn a ainglibh 'na thimchioll a'
tabhairt adhartha agus onóra dhó.



AN XIII CAIB.



RACHEL AGUS LIA.



A.M. 2245.



An uair fuair Iacób dearbhadh go raibh cúram
Dé agus na n-aingiol 'na thimchioll do ghluais roimhe
san gconair ndírigh go ndeacaidh go Háram, áit
a ttárla aodhairigh dhó; agus d'fhiafhraigh an raibh
eólus acu ar Lában mac mic Náchoir. Leis sin
do thaisbénadar Rachel inghean Lábain dó agus
í ag tiomáin tréda a hathar dochum tiobraide
bige uisge ba gnáth a bheith dúnta le liaig chloiche
acht an feadh dobhíodh an cheathra ag ól an uisge.



Arna fhaicsin do Iacób do-chuaidh go hairm a
raibh an inghean, agus do chuir i gcéill dí gurab é


L. 60


féin dobhí ann. Agus iarna innsin disi dhá
hathair go bhfacaidh sí mac Ísaáic agus a dhearbhsheathar
Rebeca, tháinicc sé go lúthgháireach 'na
chuinne, d'fháisg rena chroidhe é, agus d'fhear fíorchaoin
fáilte roimhe, agus tug leis dá thigh é. d'innis
Iacób dhó annsin an t-adhbhar fár ghluais as
tigh a athar, .i. ag teitheadh ó fheirg mhiosgusaigh
mhí-rúnaigh a dhearbhráthar Esau, agus ar eagla
go ndénfadh feall fair. Adubhairt Lában go
raibh fáilte aige re comhnuidh an feadh budh
toil leis ann a theaghlach féin. Dothug Iacób
buidheachus dó, agus adubhairt leis go ndénfadh
seirbhís ionnraic seacht mbliadhan dó ar choinghioll
go ttiubhradh a inghean tánaisde, .i. Rachel, le
pósadh dhó.



Do aontaigh Lában an connradh sin do dhénamh
ris; agus dobhí Iacób fá dhuaigh oibre agus cruaidhfheidhme
ar feadh na seacht mbliadhan a' saoghrughadh
an tuarusdail ba dílse agus bá daor-luaighe
leis isan domhan an tan sin.



Acht gidh eadh, iar gcaitheamh na seacht
mbliadhan sin dó do mealladh go mór é, óir do
bhrígh nár mhian le Lában a inghean tánaisde
do phósadh roimh an inghean ba sine, do chuir
Lia chum leaptha Iacóib i riocht Rachel, agus chuir
air mur mhnaoi mur sin í. Do chasaoid Iacób
go gearánach arna mhárach an éugcóir do-rinne
Lában air. Agus tug Lában mur shásadh an
inghean do shanntaigh sé dhó féin ar ttús, ar


L. 61


choinghioll seacht mbliadhna eile seirbhíse do
dhénamh dhó ar a son, agus adubhairt ris seacht lá
do chaitheamh le sollaimhain an chéd-phósda
agus i gceann na seacht lá sin go ttiubhradh Rachel
dó.



Do ghlac Iacób an connradh sin go lúthgháireach.
Agus iar nglacadh Rachel dó, bhí sí aimsir imchian
aimrit; agus ar feadh na seacht mbliadhan dobhí
Iacób dá saothrughadh dorug Lia móirsheisior
mac dhó. Isan am cédhna dobhí dólás mór
ar Rachel fó gan clann do bheith aice féin; agus
do-rinne gearán dólásach re Iacób fón ní sin.
Agus dobhídar ar aon ag guidhe Dé, go bhfuaradar
mur thoradh ar a nguidhe mac maith do
gheineamhuin eatorra ar a ttugadar Ióseph mur
ainm.



Iar sin do labhair Iácób re Lában, agus adubhairt
ris gur mhian agus gur mhithid leis triall ar a ais
dá thír féin:



“Óir do chríochnaigh mé,” ar sé, “ceithre
bliadhna décc ann do sheirbhís, agus do choimhlín
mé an aimsir sin go dílis dúthrachtach dhuit, agus is oireamhnach
dhamh anois cóir bheatha do chur ar
mo mhór-mhuintir féin agus mo shaothar a dhul i
ttairbhe dúinn féin feasda.”



“Ná dén sin, athchuingim ort, a mhic,” ar
Lában; “acht lean don tseirbhís ann a rabhais
gus anois agus bhérad-sa tuarusdal duit.”


L. 62


Agus do-rinne sé comhnuidhe shé mbliadhan
oile 'na fhochair.



Dén iongnadh mór annso, a Chríosdaigh bhoicht
mhí-fhoighdigh, fón bpatriarc cathréimeach so
d'fhuiling Dia 'bheith i moghsainacht .xx. bliadhain
tar éis ríghacht na Canaam do ghealleamhuin
dó agus dá shliocht. Féchadh pastúirigh na hEaguilse
air so agus dénadh dúthracht mur rinne Iacób,
óir ní mór codladh ná comhnuidhe do-níodh sé,
mur dheir féin re Lában, agus níor chaill uiriod an
uain dá thréd.



An tan do-chonnairc Lában an rath agus an
toradh mór do chuir Dia ar Iacób agus ar gach ní
dár shealbhaidh sé, níorbh fhéidir leis scáth nó
folach do chur ar mhéd an iomthnúith agus an
ainmhiain d'fhás ann. Arna thabhairt sin dá
aire do Iacób do ghoir chuige ar Lia agus ar Rachel
ar fhód fó leith, go ndubhairt riú:



“Mothaighim fuar-chúis agus mí-ghnaoi ar
n-athar Lában linn, agus dá bhrígh sin measuim
tar éis .xx. bliadhan do mhoghsainacht agus do
sheirbhís do dhénamh re dúthracht agus re hionnracus
dó gur mithid dúinn imtheacht agus comhnuidhe
feasda i ttír mo dhúthchais agus mo gheineamhna
féin.”



Agus gídh gur smuain ar an triall so do dhénamh
aimsir fhada roimhe sin, ní bhfuair do mhisnigh
aige féin a chur i ngníomh nó go bhfuair rogha
ó Dhia, agus go ndubhairt leis triall ar ais go crích


L. 63


na Canáam. Agus iar gcinneadh ar an gcomhairle
sin dó féin agus dá mhnáibh do ghluaisiodar maille
le a gcloinn agus rena maoin, .i. re trédaibh móra
do gach cinél eallaigh, gan fhios do Lában, óir
do ghlacadar an uain ar imtheacht an tan do
bhí sé ag bearradh tréda caorach dobhí ar chuid
dá dhúthaigh i bhfad ó a bhaile féin.



An tan do-chualaidh Lában imtheacht na
buidhne sin, do ghoir chuige sluagh mór dá
ghaolta agus dá aos gráidh féin, agus tug tóruighacht
mhí-rúnach dháibh, óir do mhédaigh a fhíoch agus
a fhearg go ro-mhór 'na n-aghaidh an tan hinnseadh
dhó gur ghoidiodar a íodhail agus a arrachta leó.
Acht ní rug orra go ttáinicc an seachtmhadh
lá, agus is annsin dofuair amharc orra ag Sliabh
Galaaid.



Agus ar mbeith dhó ag teacht i ngar dhóibh
dofuair rogha bhograch ó Dhía gan dochar ná
díghbháil do dhénamh do Iacób ná d'aon-ní
dár bhean leis, ná fós aon-fhocal aithisioch do
rádh ris. Agus tug sin ar Lában (a n-aghaidh a
dhroch-chlaonta) teacht go fáiligh ceannsaigh i
láthair a chloinne, acht go ttug iomardagh agus
achmhusán do Iacób tré gan innsin dó gur chinn
ar imtheacht uaidhe an tráth sin, óir go ttiucfadh
féin agus cuideachta mhór dá choimhdeacht, agus gurab
olc do-rinne sé a chlann mur bhraighde corthacha
do ghoid leis agus gan anmhuin leis féin ná lena
chairde le honóir do thabhairt dáibh agus ceileabhra


L. 64


go síthchánta carthannach riú, agus go rachadh
buidhin mhór dá ttír agus dá ngaolta féin leó, agus ag
sgaradh riú go ttiubhradh féin a bheannacht
le dúthracht dáibh. Agus adubhairt go brégach
nach raibh diomdha ná droch-aigne aige féin
dháibh tré dhul dá ttír féin agus d'ionnsaighe a ndéa
dúthchuis, gidh eadh gur ghoill go mór air mur
do ghoidiodar a dhéaibh nó a íodhail féin
uaidhe.



Do fhreagair Iacób é, agus d'innis ós aird fátha
agus adhbhair a imtheachta, agus dubhairt ris nár
ghoidiodar féin íodhal ná arracht (óir níorbh
fheas dó an tan sin gurbha hí Rachel do ghoid
iad), agus adubhairt leis cuartughadh do dhénamh,
agus gibé neoch agá bhfuigheadh iad do bhásughadh
ar an láthair sin. Acht gidh eadh, ní labheóradh
comh dána sin dá mbeith 'fhios aige gurab ag
Rachel dobhádar.



Annsin do-rinne Lában cuartughadh caolradharcach
ar gach aon fó leith agus ar gach ionad
'na ttimchioll. Acht an tan ráinicc dhó theacht
chum scáláin Rachel dofuair sé 'na suidhe í ar
phillínigh srathracha na gcámhall agus í ag égcaoine
i ngalar míosa na mban, mur do chuir i gcéill le
gliocus dá hathair, agus dá bhrígh sin nár fhéd sí
éirghe 'na seasamh le fáilte umhlachta agus onóra
do dhénamh roimhe. An tan do-chualaidh
Lában sin do mheas gur dhíomhaoin dó a cuartughadh.


L. 65


Annsin do-rinne Iacób casaoid ghér ar gach
cruaidh-dháil dár fhuiling féin ar feadh na haimsire
dobhí i seirbhís Lábain. Acht fá dheóidh do-rinneadar
síthcháin shíorruidhe re 'roile, agus do
mhionnaighdar cádhus agus caradus go síorruidhe
eatorra, agus do thógadar leacht cloch i bhfiadhnuise
an chádhuis agus an chairdis sin do cheangladar
eatorra an tráth sin.



Tabhair dod aire annso mur árdaighios Dia
gach aon is mian leis d'aimhdheóin mailíse na
ndaoine; óir tar cheann nó d'aimhdheóin gur
athraigh Lában tuarusdal Iacóib fó dheich,
níor thoirmisg sin gan mórán maoine agus saidhbhris
do bheith aige ar ngluasacht dó, agus sin go
hiomlán le saothar agus le sochar a shláinte féin.



CAIBIDIL XIV.



SÍTHCHÁIN ESAU LE IACÓB.



Iar tteacht do Iacób go saor-bhuadhach as
lámha Lábain ní raibh imnidh air acht cionnus
do dhénfadh mur an gcédna síthcháin lena
dhearbhbhráthair féin, .i. Esau; agus chum go
ttiubhradh sin chum críche, do chuir teachta
roimhe go hEsau, dá innsin dó go raibh féin ar
tteacht ar a ais ón Mesopótámia, agus gur iarr mur
athchuinge air a bheith forbhfáilteach roimhe,
agus grádh bráthardha do bheith eatorra do shíor.


L. 66


Agus iar ndul ar a n-ais dona teachtaibh sin
d'innsiodar do Iacób go raibh Esau ag teacht
'na chuinne agus céd fear aramtha 'na fhochair.



Do ghlac eagla agus uathbhás mór Iacób an tan
do-chualaidh na sgéla sin, agus do ghuidh Dia go
díochra dúthrachtach lena thabhairt slán as
lámha Esau. Agus iar gcur a dhóchuis i nDia
go hiomlán dó, do smuain ar phunc gliocuis do
dhénamh le gnaoi agus le grádh Esau do tharruing
air; agus do mheas nach raibh slighe dob fhearr
chuige sin ná tobhartais mhaithe agus bronntanuis
do thabhairt dhó ar ttús.



Agus an oidhche roimh Esau do theacht dá
shoighe do roinn Iacób a thréda, a bhuar, agus a
bhó-tháinte; agus do-rinne trí sealbha idirdhealbhacha
dhíobh; agus do ordaigh do lucht tiomána na ttrí
sealbha tosanaigh, an tan thiucfadh Esau chucu,
a rádh ris gurbha tobhartais na trí sealbha sin
do chuir a ttriath féin, .i. Iacób, chuige; agus do
mheas as an umhlacht sin agus as méd na ttobhartuis
go mbeith a dhearbhráthair Esau síthach carrthannach
leis, nó go háirighthe go ttiucfadh
chum ceannsaighacht leis.



Agus do-rinne amhlaidh sin, acht dofuair
Iacób i ndeireadh na hoidhche roimhe sin,
taisbénadh ar neoch fheardha do-rinne coruighacht
agus coimhghleic go héirghidh don lá leis, agus annsin
dothug cruaidh-ghreim agus cruaidh-fhásgadh ar


L. 67


fhéith láirge Iacóib gur bhean urmhór a lúith agus
a neirt eisde, gur bhreó agus gur bhacaigh ar an
láthair é, agus leis sin tug aonta ar imtheacht
uaidhe. Arna thabhairt sin fó deara do Iacób
dorug grim cruaidh air (óir do thuig gurab aingeal
dobhí ann), agus adubhairt leis nach leigfeadh as a
lámha é nó go ttugadh beannacht iarna lot dó.
Thug an t-aingeal sin dó, agus adubhairt leis gur
Israél do goirfidh uaidhe sin amach dhe, agus adubhairt
leis irís: “Ó thárla comh cródha sin thú le
coruighacht agus coimhghlic do dhénamh re Dia,
créd é an duine lér féidir buaidh do bhreith
ort? Agus dá bhrígh sin ná bíodh eagla ná
úathbhás ort, óir ní féidir le do dhearbhráthair
Esau dochar ná díghbháil do dhénamh dhuit.”



A haithle sin do-chonnairc Iacób Esau ag
teacht dá ionnsaighe agus ceithre chéad fhear armtha
'na fhochair; agus iar ttabhairt comhuirle do Iacób
dá mhnáibh iad féin agus a gclann d'fhuireach ar
dheireadh na gceathra agus na gcaoraighachta, do
ghluais féin i gcuinne agus i gcomhdháil Esau, agus do
léig é féin síos ar lár, go ndearnaidh umhlacht
fó sheacht dó. An tan chonnairc Esau sin do
mhaoth agus do tháil a chroidhe air, go ttáinicc
go luath dá thógbháil, gur fháisg rena chroidhe
é, agus gur fhear fáilte ro-lúthgháireach roimhe, agus
gur nocht fíor-dhíoghrais gráidh dhó. Agus ar
bhfaicsin na mban agus na cloinne móire maithe
tug Dia do Iacób dobhí lúthgháire mhór air,


L. 68


agus is re héigion do chur air do ghlac sé tiodhlaice
ná tobhartais uaidhe. Acht adubhairt go ndénfadh
féin agus a bhuidhin a gcoimhdeacht go rochtain
tighe a athar dhó. Dothug Iacób buidheachus
mór dhó, agus adubhairt ris nach raibh sin indénta,
do bhrígh gurbh éigion dó féin siubhal go mall
socair agus fuireach le mallghluasacht na mban, na
leanbh, agus na gcaoraighachta; agus d'iarr air dul
roimhe go Seir agus go leanfadh sé é.



Agus is mur sin le humhlacht, le subháilce, agus
le misnigh mhaith, do chlaochlaidh Iacób fraoch
agus fearg a dhearbhbhráthar dobhí ar tí díthe agus
díghbhála do dhénamh dhó, óir dobhí ceannsaighacht
agus cródhacht Iacóib do-chlaoite.



CAIBIDIL XV.



DÍNA ARNA MILLEADH.



A.M. 2278.



Iar tteacht do Iacób as an Mesopotámia, mur
dubhramur, agus iar mbeith 'na chomhnuidhe go
socair suaimhneach síthchánta imeasg na
Sicimítibh i mbaile darb ainm Salem, áit ann ar
cheannaigh talamh dó féin, tarla ní teagmhaisioch
dhó do chuir do-mhian agus dólás mór air. Óir
aon do láithibh do-chuaidh a inghean Dína ag
amharc ar mhnáibh na tíre sin, do dhearc Sichem,


L. 69


.i. prionnsa na críche sin, uirre, agus thug sé a
héigion, agus do líon sé fós dá grádh comh mór agus sin
go ndubhairt rena athair, darbh ainm Hémor,
gur mhian leis an inghean áluinn sin do phósadh.



Do chuir an gníomh gráineamhuil sin dólás
mór ar Iacób; gidh eadh, do chuir dearbhráithreacha
Dhína folach ar a bhfeirg féin ar an láthair
sin, do bhrígh go raibh rún acu díghbháil agus
díoghaltus mór do dhénamh ar na Sichimítibh
fón ngníomh mbarbardha sin.



Tháinicc iar sin Hémor agus Sichem d'iarraidh
Dhína mur mhnaoi phósda do Shichem, agus ag
iarraidh mur athchuinge ar Iacób, agus ar a chloinn
comhchleamhnuis do dhénamh riú, .i. a mic agus
a n-iníonchaibh do phósadh re 'roile. Do fhreagair
clann Iacóib, agus adubhradar nárbh fhéidir sin a
dhénamh muna mbeithdís d'aon-chreidiomh
amháin ar gach taobh:



“Acht más áill libh-se,” ar siad, “na cleamhnuis
a dhénamh, cáirdios agus caradradh do bheith go
síorruidhe eadrainn, dénaidh timchioll-ghearradh
oraibh féin agus ar gach gein fheardha, óg agus sean,
dá bhfuil ann bhur ttír, agus 'na dhiaidh sin is féidir
an cáirdios agus na cleamhnuis do chomhcheangal.”



Thug na Sichimítigh a n-aontadh agus a ttoil ré
sin do dhénamh, agus ar an treas lá an tan dobhí
nimh agus pudhair a gcneadh go neartmhur dá
gcrádh táinicc Ruben agus Léui, clann Iacóib le


L. 70


Lia, .i. dearbhráithreacha aon-bhruinne Dhína, agus
níor fhágadar duine gan treasgairt gan dícheannadh
dona Sichimítigh, idir rígh, phrionnsa, agus óglách
dhíobh. Agus iar ndénamh an áir agus an fheillghníomha
sin dáibh táinicc an chuid eile dhá
ndearbhráithreacha, thug foghadh agus argain na
háite, agus do thógbhadar leó gach maoin agus gach
édáil dá bhfuaradar innte.



An tan do-chualaidh Iacób na gníomha feallteacha
gráineamhla naomh-aithisiocha sin do
ghlac gráin agus fearg mhór é; thug sé iomardaigh
géra agus imdheargadh mór dá chlainn trésan masla
sin do thabhairt do shacrameint ro-naomhtha
an timchill-gheartha, agus tré mur do pheacaighdar
comh mór sin i n-aghaidh Dé, agus tré mur do
thairngiodar fuath, mioscus, agus mí-rún mhuintire
na tíre sin go hiomlán orra, agus adubhairt riú
gur bhaoghal dáibh go ndénfadís lucht na críche
a shamhuil sin d'fheill orra féin.



Agus níor chomhnuidh Iacób annsin, nó go
ttug a mhuinntir agus a mhaoine uile leis as an tír
sin le hordughadh Dé, agus go ndeachaidh go Beteil
an áit a bhfuair an taisbénadh roimhe sin ar
ndul go Mesopótamia dhó.



Agus is fón am sin fuair Rachel bás le tinnios
tuismighthe a mic Beniamen; agus dofuair Ísaác
bás go grod dá éis sin, agus do sgar Esau agus Iacób
re 'roile, óir níor fhuiling méd a gceathra, a maoine,


L. 71


agus a saidhbhris ar gach taobh dáibh a bheith i
bhfochair a chéile.



Tugadh na maighdiona Críosdamhla dhá n-aire
'olcus do-chuaidh a cúirialtacht mhí-ordaighthe
do Dhína, nach raibh acht sé bliadhna décc
d'aois an tan do chaill a maighdionus; agus go raibh
sin 'na adhbhar agá dearbhbhráthraibh lena
ngríosadh chum feillghníomha do dhénamh lér
mharbhadar lucht cathrach go hiomlán.



CAIB. XVI.



IÓSEPH ARNA DHÍOL.



A.M. 2276, Roimh Chríosd 1728.



Tar éis gur chaomhain agus gur chosain Dia lena
chúram speisialta agus lena láimh uile-chumhachtaigh
féin Iacób ar chogadh na n-eachtrannach, do
fromhadh agus do féchadh go cruaidh é le cogadh
doghruinneach a theallaigh féin do músgladh
le mí-rún agus le mailís a chloinne. Óir, ar ndul
do chloinn Iacóib go Sichem, níor fhuirigh ann a
fhochair féin díobh acht Ióseph dorug Rachel
isan Mesopotamia agus Beniamen dorug sí san
mBeteil. Agus i n-aimsir bhig roimhe sin do
aithris Ióseph ann a láthair féin dá athair go


L. 72


ndearnaidh a dhearbhbhráithreacha coir ghráineamhuil
éigin nach n-ainmnighthear isan Scriptúir.
Dobhí adhbhar eile do mhédaigh a n-iomthnúth,
a miosgus, agus a mí-mhéin a n-aghaidh Ióseph, .i.
farré gur mheasadar go raibh grádh leathchumach
agá n-athair dhó.



d'aithris i bhfiadhnuise a athair aisling dóibh
do-chonnairc sé, .i. dar leis féin gur cheangail sé
dornán arbha ar an machaire agus go ndearnaidh a
dhearbhráithreacha an ní cédna, agus an tan do
chuiriodar a ndornáin uile i bhfochair a chéile
go ndearnaidh gach dornán díobh adhradh agus
onóir dá dhornán nó dhá dhiosgán féin.



Arna chlos sin dáibh do ghlac fraoch agus fearg
mhór iad ag rádh ris, “An measann tú go mbéidh
tú 'do rígh ós ar gcionn?”



“Máseadh,” ar sé, “do-chonnairc mé aisling
eile, .i. ar mbeith um chodladh dhamh, dar liom
go bhfacaidh mé an ghrian, an ghealach, agus aen rélta
dhécc dom adhradh féin.”



Arna chlos sin dá athair thug imdheargadh
mór dhó agus d'fhiafraidh ar mheas sé go mbeith
féin, a mháthair, agus a dhearbhbhráithreacha uile
dhá adhradh. Gidh eadh, do thuig Iacób isan
am cédna ina inntinn féin go raibh rúndiamhair
éigin isna haislingibh sin.



Acht cidh thrácht, dobhí miosgus mór agus mí-rún
agá dhearbhráithreacha dhó do ghnáth 'na dhiaidh


L. 73


sin, nó go bhfuaradar uain le díoghaltas do
dhénamh air. Óir ar mbeith i Sichem dháibh,
áit i raibh tréda agus ceathra il-iomdha acu, d'iarr
Iacób ar Ióseph dul go hairm a rabhdar le sgéla
d'fhagháil uatha; agus ar mbeith dhó seal imchian ag
cuartughadh na bhfásaighibh dá n-iarraidh, fuair fá
dheóidh faisnéis na háite a rabhdar; agus arna fhaicsin
dóibh adubhairt cách dhíobh re aroile go raibh
an t-aislingtheach ag teacht, somniator venit;
agus do chogradar eatorra féin a bhásughadh.



“Ná déntar sin,” ar Rúben, “acht cuirmíd
i bpoll nó i n-uaimh thirim dhomhain é,” ar sé;
“óir ní cóir dhúinn a fhuil do dhórtadh.”



Agus is uime dothug Rúben an chomhuirle
sin dáibh, chum go bhfuigheadh féin 'na dhiaidh
sin faill ar a tharraing as.



Acht ní cian dobhí sé isan bpoll sin an uair
thárla ceannaighthibh Ismaelíteacha dháibh, a'
dul don Égipt, lér dhíoladar Ióseph. Agus iar
mbuain a éudaigh dhe do smearadar le fuil
mhionnáin é, agus do chuiriodar chum a n-athar é
d'fhios an n-aithneóchadh éudach a leinbh;
agus arna aithne dhó do sgread go hárd; do-rinne
caoi agus eólchuire adhbhal-mhór, ag rádh gur
droch-bheathadhach éigin do mharbh a mhac.



Múinidh an ní so dhúinn dá mbeith leathghrádh
ag athair idir chlainn nár chóir a chur i gcéill
dáibh.


L. 74


Dála Ióseibh, ar mbeith díoltaigh dhó, thugadar
na ceannaighthe leó don Égipt é, agus do dhíoladar
le Putiphar é, .i. le eunuch, marascál tighe agus
sluaigh an rígh Pharao, .i. rígh na hÉgipte. Ar
mbreathnughadh Ióseph do Phutiphar thug dá
aire nach raibh ní ar bith le faicsin ann a ghnúis
acht neamh-chionta agus mórdhacht maille le hiomchar
ionmholta, agus dá bhrígh sin do-rinne sé príomhfheadhmannach
nó árd-thaoisioch ós cionn a
thighe agus a shaidhbhris go hiomlán de.



Gidh eadh, ní fada fuair sólás na honóra sin an
tan cuireadh buaidhreadh ro-mhór le grádh
gráineamhuil mí-gheanmnaigh mná Phutiphair air,
óir do shanntaigh sí go ro-mhór cionta coirpe
collaigh, tar cheann a fir phósda féin, do dhénamh
ris. Acht mur bhí-san ceart subháilceach
geanmnaigh, agus lámh chúramach chaomhantach
Dé 'na thimchioll do ghnáth, do dhiúlt sé umhlughadh
dá hantoil, óir ar mbeith dhí do ghnáth ag
cur a suirghe i gcéill lena súile, lena briathra
bladracha, agus fá dheóigh le díthchioll a lámh dhó,
ní thug uidhe ná aire dá hantoil. Acht ar mbeith
dhó aon do laithibh 'na aonar istigh tháinicc sí
chuige, agus adubhairt go mí-náireach, agus do dhearbh
sí le mionna, nach sgarfadh as a lámha nó go
ndénadh léidh an gníomh coirpe gráineamhuil
dár dhiúlt sé go minicc roimhe sin. Agus iar
ttabhairt diúltadh diongmhálta ar an láthair sin dí
do sginn sé as a lámha, agus ar n-imtheacht dó do


L. 75


ghoir sise na gártha fuachuis, agus do chuinnigh a
bhrat nó a ionar idir a lámha, agus do thaisbéin do
chách é, agus adubhairt ós áird gurab é a héigion
dob áill leis a thabhairt. Do chreid Putiphar
an ní sin, agus do chuir dá bhrígh sin i bpríosún
dhiamhair dhorcha é.



Agus ní cian dobhí ann gur cuireadh dias
feadhmannach do mhuintir an rígh isan bpríosún
chédna sin, fear freasdail coirn fear dhíobh, agus
fear freasdail aráin an rígh an fear eile dhíobh.
Agus iar mbeith seal aimsire fó chúram agus fó
chumhdach Ióseph dáibh sin (óir do thaobhaigh
an séiléir cúram na bpríosúnach eile le Ióseph)
do-chonnairc gach aon díobh fó leith aisling:
dar leis an gcornadóir go bhfacaidh féin fíneamhuin
ar a ttáinicc bláth áluinn, agus as an mbláth sin
gur fhás caora fíona, gur fháisg féin i gcorn an
rígh iad, agus go ttug len' ól dó é; do taidhbhseadh
don taoisioch aráin go raibh trí ciseána plúir ar
a cheann féin, agus isan gciseán uachtarach go raibh
gach cinél bidh dá ndéntar i bhfoirnéis (dá
ngoirthear bia bácáiltigh agus pastéaibh), go ttáinicc
eóin an aidheóir agus gur ithiodar é.



Ba fighair dhílis d'Íosa Críosd i gcrann na
páise a' tabhairt bhreitheamhnuis ar an dias
bitheamhnach, Ióseph ag tabhairt a bhreitheamhnuis
ar an dá aisling sin. Agus adubhairt
leis an taoiseach coirn, i gcionn thrí lá go


L. 76


gcuimhneóchadh Pharao ar gach feidhm mhaith
dá ndearnaidh dhó roimhe sin, go ttiubhradh
aisiocc ar a oiffige agus ar a áit féin arís dó, agus go
mbeith i gcion aige mur dobhí roimhe; agus d'iarr
air, an uair do-ghéubhadh an chaithréim sin,
cuimhniughadh air féin agus a chás do chur i gcéill
don rígh. Agus adubhairt leis an taoisioch eile,
i gcionn thrí lá go gcrochfaidh é.



Iar tteacht isteach d'fhírinne na n-aithiosg sin,
do réir fháistine Ióseph, agus ar mbeith don taoisioch
coirn i bhfochair an rígh i gcion agus i n-onóir mhóir,
níor chuimhnigh ar an gcúram do chuir Ióseph
air nó go ttárla don rígh féin i gceann dá bhliadhan
dá éis sin aisling d'fhaicsin. Agus ar ttús do-chonnairc
seacht mba áille ramhra sésúracha a'
teacht iníos as abhuinn Níl, agus ar mbeith dháibh
ag inghilt agus ag ithe glais-fhéir ar an tráigh le
bruach na habhann táinicc seacht mba gránna
contruagha aníos as an abhuinn chédna, do
chosgair, do mharbh, agus d'ith na ba réimhráite.
Agus ar ttuitim dá shuan an dara feacht air
do-chonnairc seacht ndiasa lána líontaigh d'arbhar
ró-mhaith ag fás as aen-bhun, agus fa háluinn iad re
faicsin; agus iar sin do-chonnairc seacht ndiasa
searga caocha gortacha, agus do threasguir siad na
seacht ndiasa torthacha sin do-chonnairc ar ttús.
Agus iar n-innsin a aislinge don rígh ní bhfuair
aon-neoch ann a ríghacht lérbh fhéidir fios a
gcéille do thabhairt dó.


L. 77


Is annsin adubhairt an taoisioch coirn leis,
dá gcuireadh teachta i gcuinne Ióseph neoch
dobhí isan bpríosún ann a raibh féin, go ttiubhradh
ciall na n-aisliong sin dó, agus mur chruthughadh
air a ndubhairt d'innis dó mur dothug ciall a
aislinge dhó féin agus don taoisioch eile isan bpríosún,
agus mur dubhairt tarla do gach aon fó leith dhíobh.



Arna chlos sin don rígh do chuir teachta ar an
láthair i gcuinne Ióseiph, agus ní luaithe d'innis a
aislinge dhó ná dubhairt Ióseibh:



“Beir buaidh, a rígh,” ar sé; “óir tiucfaidh
seacht mbliadhna torthacha tairbheacha le fairsinge
agus le líonmhuireacht adhbhal-mhór beatha, agus
'na ndiaidh sin tiucfaidh seacht mbliadhna gortacha
gann-torthacha.”



Agus tug comhairle don rígh mórán do thighthibh
do líonadh le stóir agus le lónta a gcuinne na gorta
dobhí le teacht ar na tíortha go coitchionn.
Arna chlos sin don rígh dob iongnadh leis méd
críonnacht agus eagna an ógáin naomhtha sin, agus do
thuig ann a inntinn nach raibh aon-neach ann a
ríghacht budh diongbhála agus budh tábhachtaigh
chum na comhuirle sin do choimhlíonadh ná an
té thug uaidhe í. Agus ar an láthair d'ordaigh
Ióseph do chur suas ann a charbatt féin, a iomchar
tré chathrachaibh na críche, stoic nó buabhaill
do shéideadh roimhe is gach conair, agus a fhuagradh


L. 78


do chách is gach áit don ríghacht adhradh, onóir,
agus umhlacht do thabhairt dó do bhrígh gurbh é
slánaightheóir na ríghacht agus a fhear ionaid féin
dobhí ann, agus gurbh é ard-mhaor agus árd-thaoisioch
na ríghacht go hiomlán é.



Féch mur árdaighios Dia lucht na humhlacht:
hi sunt quos aliquando habuimus in derisum ...;
ecce quomodo conputati sunt inter filios Dei, etca.



CAIB. XVII.



DO DHEARBHRÁITHREACHA IÓSEIPH.



A.M. ( ...)



Ar mbeith do Ióseph 'na árd-mhaor nó 'na
árd-phrionnsa ar an Égipt - óir ní raibh fón rígh
féin an tan sin duine ann ba mó ná é ná comh
mór i gcumhachta ná i n-úghdarrás - do chuir i
gcéill, le coimhlíonadh an chúraim do ghlac sé
air, gurab aoibhinn don rígh agus don ríghacht ann
a mbíonn príomh-chomhairleach agus ministéir státa
maith subháilceach acu. Óir, iar gcruinniughadh
moráin lónta agus arbha i n-aimsir na fairsinge dhó
gan mhothughadh do chách, iar tteacht don
ghorta dobhí muintir na ríghachta as gach áird
ag teacht ag agmhalladh rígh Pharao agus dá ghuidhe,
ag iarraidh tárthála air. Do-chuireadh an rígh


L. 79


gach aon acu d'ionnsaighe Ióseph, agus an tan
thigeadhdís dá láthair, bheireadh sé éisdeacht
thromdha fhoighideach dhóibh, agus do riaradh gach
aon fó leith dhíobh.



Acht atá ní cheana. Do ráinicc an ghorta
sin tír na Canaam, agus ar gclos do Iacób go raibh
arbhar le díol isan Égipt adubhairt rena chloinn
dhul dá cheannach. Agus ar tteacht i láthair
Ióseph dháibh do aithin sé iad; gidh eadh, níor
chuir sé é féin i gcéill dáibh. Acht chum go
bhfuigheadh faisnéis ar gach ní ba mian leis, agus go
háirighthe fios ar mhair a athair agus a dhearbhbhráthair
aen-bhruinne féin, .i. Beniamen, do chuir i
ngéibhionn iad i riocht bhrathadóirigh na tíre.
Agus ar mbeith ar a gcondus dáibh adubhradar
le Ióseph nach ar thoisg don tsamhail sin thángattar,
acht gurbha clann aen-athar amháin iad,
agus go raibh dearbhbhráthair óg eile d'fhágadar i
bhfochair a n-athar acu, agus gur theasdaigh lón
beatha uatha, agus dá bhrígh sin gur ag iarraidh
arbha le ceannach tángadar ar an turus sin.



Do fhreagair Ióseph ag rádh nár mhór leis
dearbha d'fhagháil ar fhírinne gach ní dhá
ndubhradar ris, agus dá bhrígh sin go gcuinneóchadh
aon díobh i ngeall ris an mac óg sin do thaisbénadh
dhó. Ar mbeith isan gcruaidh-dháil
sin dáibh, do chasaoid cách dhíobh re chéile ann
a tteangaidh féin, ag rádh gur thuilliodar ó Dhía


L. 80


an cruaidh-bhreitheamhnus sin do bhreith orra
trésan droch-iocht do imirsiod féin ar a ndearbhbhráthair
Ióseph: merito haec patimur, etc.



Tan do-chualaidh Ióseph na haithiosga sin
eatorra do ghlac truaighe agus dólás mór é, agus iar
gcasadh a ghnúise uatha do chaoi sé agus do shil
deóra óna rosga; agus ar ttiormughadh a ghruaidhe
adubhairt riú imtheacht ris an arbhar acht amháin
an bhráighdhe chomhuill; agus do aontaighdar
Simeoin d'fhágbháil mur bhráighe. Do líonadh
a saic dháibh annsin, agus do cuireadh luach an
arbha gan fhios do gach aon díobh i mbél na sac
cédna. Agus ar tteacht do láthair a n-athar
dháibh d'innsiodar dó an conghioll cruaidh do
bhí orra um Bheniamen do thabhairt go láthair
árd-thaoisigh na hÉgipte, agus mur d'fhágadar Simeon
i ngeall leis sin do choimhlíonadh.



Arna chlos sin do Iacób, do ghlac dólás mór é,
óir dobhí eagla air go gcaillfeadh Beniamen mur
do chaill sé Ióseph roimhe, agus adubhairt go
diongmhálta daingean nach léigfeadh féin an
t-óg-mhac anaosach sin ba hannsa leis dá chloinn
as a amharc féin.



Deir na haithreacha naomhtha annso gur
maith do chruthaidh gach leagadh agus gach tógbháil
dá bhfuair Ióseph nach bhfuil i gcumhachta an
domhuin go hiomlán toirmeasg do chur ar thoil
Dé do choimhlíonadh: Voluntati enim ejus quis


L. 81


potest resistere? etc. Óir an tan do shíl a dhearbhbhráithreacha
féin sclábháigh do dhénamh dhe,
ba hí toil Dé úsáid do dhénamh dhe sin féin lena
ardughadh i gcaithréim mhóir agus a chur i gcéill
leis sin nach féidir ní ar bith a dhénamh acht
do réir a thola.



Dála Iacóib, an tan do-chonnairc gur mhédaigh
an ghorta ann a thír, agus go raibh a lón arna chaitheamh,
tug a aontadh fá dheóigh Beniamen do
léigion uaidhe don Égipt d'eagla go bhfuigheadh
bás le gorta. Agus is mór do chuidigh Iudás lena
thoil d'fhagháil chuige sin, óir dothug a ghealladh
agus a choingheall dó le Beniamen do thabhairt
slán ar a ais chuige.



Annsin do ghluaisiodar maille le tabhartuis
mhaithe d'ionnsaighe Ióseiph, agus an uair do-chonnairc
sé cuige iad agus Beniamen 'na bhfochair,
d'iarr a ttabhairt isteach dá láthair, agus do chuir
fleadh mór dá ullmhughadh, agus do ordaigh togha
gacha bídh agus gacha díghe do thabhairt dáibh.



Agus níorbh fheas dáibh-sion créd fá ndearnaidh
sé an onóir sin dáibh, acht an tan do-chonncadar
iad féin arna ttabhairt isteach do ghlac eagla
mhór iad gur i láimh do cuireadh iad trésan
airgiod do cuireadh i mbél a sac. Agus d'eagla
go gcuirfídh i bpríosún iad d'innsiodar d'fheidhmannach
Ióseiph go ttugadar an t-airgead cédna
chuige. Adubhairt an feidhmannach leó gan
eagla bheith orra, agus nár bhaoghal dáibh aen-ní.


L. 82


Agus iar ttaisbénadh a ndearbhráthar Simeoin
dáibh, táinicc Ióseph isteach, agus do shuidh sé chum
proinne do ghlacadh; agus do-rinneadar a dhearbhráithre
adhradh agus onóir dhó; dothugadar
tiodhlaice agus tobhartuis dó. Do ghlac seision go
suilbhir subháilceach iad; do-rinne sé caoineas
comhráidh riú, agus d'fhiafraidh sgéla a n-athar
dhíobh. Gidh eadh, an uair do dhearc ar a
dhearbhráthair aen-bhronna féin táinicc sprocht
dóláis air, gurbh éigion dó dul ar uaignios le deóra
gola do léigion anuas.



Iar sin do shuidh chum bídh do chaitheamh, agus
adubhairt rena dhearbhráithre suidhe mur an
gcédna. Do chaithiodar an lá sin go súgach
lúthgháireach, agus an tan ba mian leó dul ar a n-ais
d'ordaigh Ióseph a saic do líonadh agus an t-airgead
thugadar leó do chur i mbél na sac cédna mur
do-rinne cheana, agus d'ordaigh a chorn féin do chur
i mbél saic Bheniamein.



Agus ní luaithe ghluaisiodar chum bealaigh ná
chuir Ióseph a stíobhard 'na ttóruighacht. Agus
ar tteacht dá láthair dhó sin, adubhairt riú gur
tár tarcuisneach mí-fhiughantach an gníomh
do-rónsad.



“Óir do ghoid neoch éigin díbh corn mo
thiaghearna,” ar sé, “agus is nár dhaoibh olc
gráineamhuil do dhénamh a n-éiric gach
maith agus gach so-ghníomh dá ndearnaidh sé
dhaoibh.”


L. 83


Dobhí gach aon acu annsin dá shaoradh féin
ar an ngadaighacht sin, agus adubhradar do ghuth
aen-fhir gur thoil leó príosúnach síorruidhe do
dhénamh don tí agá bhfuighthí é. Acht do
cuartaigheadh iad, agus dofríth an corn i sac
Bheniamein.



Arna fhaicsin sin dona dearbhráithre oile do
ghlac criothnadh agus uamhan mór iad, agus d'iarr
gach duine dhíobh fó leith é féin do chur i bpríosún
agus Beniamen do léigion d'ionnsaighe a n-athar.
Dobhí Iudás dá iarraidh sin ní ba díthchiollaigh
go mór ná bhí cách eile, agus d'innis do Ióseph
an geallamh thug dá athair, .i. nach rachadh
féin tar ais gan Beniamen do thabhairt slán
chuige, agus adubhairt go bhfuigheadh bás ar an
láthair dá gcluineadh an mac beag sin ba hannsa
leis dá chloinn a bheith i ngéibhionn, gan áireamh
a bheith mur sin dó le coir ghráineamhuil bháis.



Arna chlos sin do Ióseph níor fhéd ní ba sia
congbháil ris féin, acht iar n-ordugh dhá mhuintir
féin imtheacht as an láthair, agus ar mbeith dhó
féin agus dá dhearbhbhráithre i bhfochair a chéile
i n-uaignios, do-rinne sé éimhghe agus osna árd,
agus leis sin adubhairt riú:



“Mise Ióseiph bhur ndearbhráthair,” ar sé.



Arna chlos sin dáibh-sion do ghlac uathbhás,
uamhan, agus iongantas mór iad; agus chum misnigh
agus sóláis do thabhairt dáibh iar sin, dubhairt
Ióseph riú gur le toil agus le hordughadh Dé do-rinniodar


L. 84


gach éccoir dár fhuiling sé uatha, agus
gur chum a ttártháil uile ó ghorta do sheól Dia
chum na críche sin é.



“Agus ná dénaidh-se maill nó go ttugaidh
sibh na sgéla so dom athair,” ar sé; agus adubhairt
leó a innsin dó gur iarr mur athchuinge air é
féin agus a mhuintir do thabhairt go crích na hÉgipte
gan mhaill. Agus dofuair sé carbaitt agus cartacha
rígh na hÉgipte lena n-iomchar chuige.



Adeirid na haithreacha naomhtha annso gur
cóir dona Críosdaighibh siompla an phatriarch
naomhtha so do leanmhuin, ag dearmad an uilc
do-rinneadh air agus a' dénamh maithiosa 'na aghaidh.
Fighir dhílis fós don tSlánaightheóir é, dothug
a fhuil le dórtadh agus a fheóil le strócadh ar son
na ndearbhráithreach do dhíol agus do chuir chum
báis é.



Ar tteacht na sgél sin go Iacób do thuit i n-anmhuine
le lúthgháire; agus an tan tháinicc a chaint
chuige, agus fuair fios ar iomthúsaibh agus ar dhálaibh
a mhic adubhairt nach dénfadh féin comhnuidhe
nó go bhfaghadh amharc air, do bhrígh nach
raibh isan domhan aen-duine dob fhearr leis
'fhaicsin ná é.



Gidh eadh, níor dheóin ar an láthair sin a
mhuintir do bhreith leis don Égipt, d'eagla iar
mblas millseacht chríche na nÉifideach dháibh,
.i. dá chloinn agus dá shliocht, go léigfeaddís i ndearmad


L. 85


na geallamhna tug Dia dháibh le sealbh shíorruidhe
chríche na Canaam do thabhairt dáibh. Acht
ní fada bhí an imnigh sin air an tan do thaisbéin
Dia é féin i n-aisling dhó, agus adubhairt ris gan
imnigh ná faitchios do bheith air fón ní sin.
Agus leis sin do ghluais gan fhuireach go ndeachaidh
go hÉgipt.



An uair do-chualaidh Ióseph go raibh a athair
ag teacht do-chuaidh 'na chuinne go tír Gesin; agus
ar bhfaicsin charbaitt Iacóib dhó do thuirling
ar talamh, agus do-rinne umhlacht dá athair, agus ro
fháisg cách dhíobh a chéile re a gcroidhthibh, agus do
bhádar seal fada ag comh-chaoi i n-ucht a chéile
gan aen-fhocal do labhairt. Agus iar gcur a
lúthgháire i gcéill dá-roile dhóibh, do-thug Ióseph
a athair leis go láthair an rígh Pharao, agus do-rinne
Iacób umhlacht agus onóir dhó.



Agus do bhrígh gurbha mian le Ióseph dúthaigh
ar leith d'fhagháil dá athair agus dá mhuintir, amach
as comharsannacht luchta na críche sin, d'iarr
ar Iacób a innsin don rígh gur le haodhaireacht
áirnéise do chaith féin agus a chlann a mbeatha go
n-uige sin. Agus níor chuir uabhar ná sotal ar
Ióseph gan sin d'innsin ós áird, gidh gur tharcuisneach
le lucht na hÉgipte aodhairigh nó lucht
cumhdach ceathra; agus is uime sin tug Pharao
tír na Gessen le haitriughadh comhnuidheach
dhóibh.



Agus is mur sin do thárthaigh Ióseiph a athair


L. 86


mar aon le lxxx anam eile dobhí 'na fhochair
ar an ngorta dhíghbhálaigh sin.



Is as an gcéd-leabhar don Scriptúir, dá ngoirthear
Genesis nó Leabhar na nGeinealach, do tairngeadh
an méid so ar ar thráchtus go n-uige so, agus thig
sé gusan mbliadhain d'aois an domhuin 2317, agus
gusan mbliadhain roimh Chríosd 1689. (Acht
deir ughdair ársaigh fhoghlomtha eile go ttig
réim an leabhair so gusan mbliadhain d'aois an
domhuin 3443.)



CAIB. XVIII.



ANN A TTRÁCHTAR AR MNÁIBH CUIDIGHTHE
COIMPEIRTHE NA HÉGIPTE.



(Leabhar Exoid).



Ar mbeith do Iacób seacht mbliadhna 'na
chomhnuidhe go síthchánta isan Égipt thug dá
aire an bás do bheith i ngar dhó. Do ghoir chuige
a mhac Ióseiph, agus chuir do chúram air gan faillígh
'dhénamh re na chorp iar mbás do thabhairt go
crích na Canaam agus a chur i bhfeart a shinnsir, .i.
a athar agus a shean-athar. Thug a bheannacht


L. 87


dá chloinn féin, agus iar sin do Ephraim agus do Mhanassé,
.i. do chloinn Ióseiph, agus fuair bás iar sin i n-aois
c. agus .xl. bliaidhain.



Adeir an Scriptúir, ar bhfagháil bháis dó gur
bhuail Ióseiph a aghaidh féin re lár agus gur chaoi
go dermháir, agus gur chuir bauim agus spíosarraidh
deagh-bholaidh i ttimchioll a chuirp; do-rinne
fós dólás agus tórradh ar feadh móráin do laithibh.
Iar sin gluaisidh féin maille le príomh-uaisle na
hÉgipte, gur adhnuicsiod i ttomba a shinnsir
isan gCanaam é.



Iar sin táinicc Ióseiph ar a ais don Égipt, áit
air mhair isan gcumhacht chédna an feadh do
mhair; óir níor mheas an rígh aen-duine eile
isan ríghacht diongbhála lena chúram d'iomchar
an feadh do mhair sé féin.



Acht i n-aimsir imchian dá éis sin ar ttabhairt
dá aire do Ióseiph go raibh an bás i ngar dhó,
ghoir a dhearbhbhráithre cuige, agus d'iarr orra
a chnámha do bhreith go tír na Canaam leó agus a
chur i bhfochair a shinnsir; agus tugadar gealladh
dhó go gcoimhleónadís an aithne sin. Agus ní
cian iar sin go bhfuair bás i n-aois céd agus deich
mbliadhna, iar mbeith 'na árd-phrionnsa agus 'na
árd-thaoisioch ar Égipt .xl. bliadhain dó. Annsin
iar gcur bauma agus olaighe deagh-bholaidh ar a
chorp, do chuiriodar i ttomba isan Égipt é.



Acht tá ní cheana. I gcionn treimse fhada do
bhliadhnaibh d'éis báis Ióseiph tháinicc athrughadh


L. 88


mór ar chloinn Israél isan Égipt, óir tháinicc rígh
eile orra darbh ainm fós Pharao (óir is fada lean
an t-ainm sin do ríghthibh na hÉgipte), agus a bhfad
ó bheith carthannach nó muinntiordha leó, do
bhí lán d'fhuath, do mhiosgus agus do mhí-rún dáibh,
agus as sin táinicc gur thionnsgain a scrios agus a
ndíthughadh gan fhios dáibh; agus chum a ainmhiain
mhallaighthe mhí-thrócairigh do thabhairt chum
críche do thosaigh le sclábhaighacht agus le mór-oibreacha
daora do-dhénta talmhan agus brícigh
do chur orra, óir do mheas le méd na daoirse
agus na daoir-oibre sin go gcuirfeadh toirmiosg
orra clann do gheineamhuin. Gidh eadh, is
líonmhuire go mór do gheineadh cách dhíobh
re linn na daor-sclábhaighachta sin ná
roimpe. (Fighir mhaith don Eaglais, mur
deir na haithreacha naomhtha: sanguis martyrum
est semen fidei, .i. “síol an chreidigh fuil na
mairtíreacha.”)



Thug sin fó deara don rígh tiaránta sin slighe
eile d'fhéchuin lena milleadh agus lena ttraothughadh
go tobann, óir do thionnsgain gach gein fheardha
dá mbérthaidh acu do bhásughadh ar an láthair
i ttiucfadh chum an tsaoighil. Agus chum go
ndénfadh sin go caoidheamhail folaightheach do
ghoir chuige mná stuama nó mná cuidighthe
coimpeirte na hÉgipte, dá ngoirthear i Laidin
obstetrices, agus midwives i mBérla Shaxanta; agus tug
ordughadh dháibh gach gein fherrdha dona


L. 89


hIsraélibh do mhúchadh gan mhaill ar tteacht as
broinn a máthar dháibh.



Gidh eadh, dothug eagla Dé agus uathbhás ar na
mná réimhráite gan na feillghníomha gráineamhla
sin do dhénamh ar an druing do chuireadh iad
féin ar a gcomairce, agus gur dhiúltadar dénamh
mur do iarr an rígh orra.



Do ghlac fearg adhbhal-mhór an rígh leis na
mnáibh sin fó gan a aithne do choimhlíonadh,
agus iar ttabhairt aithise agus imdheargtha dháibh
d'órdaigh dá mhuintir na leinbh réimhráite do
theilgion gan mhaill iarna mbreith le sruth aibhne
Níluis.



Do mhol Dia coinghioll agus deagh-iomchar na mban
stuama sin, óir dobhídar trócuireach deagh-chroidheach.
Agus tug mur thuarusdal dáibh go
ttáinicc sleachta líonmhura orra.



CAIB. XIX.



MAOISE ARNA THÁRTHÁIL Ó BHÁTHADH.



A.M. 2433, roimh Chríosd 1751,
iar mbás Leui .xl. bliadhain.



Ar mbeith do chloinn Israél mur sin fó dhaorbhruid
ag rígh tiaránta do-bhuidheach na hÉgipte,
ar ndénamh dearmaid agus dimbrígh do gach maith


L. 90


dá ndearnaidh Ióseph don ríghacht sin, - ag rígh
mallaighthe, adeirim, lér mhian i n-alt aon-uaire
a scrios go hiomlán - dobhí cuid acu nach dénadh
coimhlighe nó lánamhnacht re 'roile, lérbh fhearr
gan clann ar bith do gheineamhuin ná a bhfaicsin
dá mbásughadh go héigiontach ós a gcomhair.



Acht isan am cédna dobhí aon díobh do
shliocht Léui darbh ainm Amram mac Cahaith
mhic Leui, agus rug a bhean (dobhí don treibh
chédna darbh ainm Iocabel) mac áluinn deaghchrothach
dhó. Dobhí sí dá altrum, dá oileamhuin
agus dá chaomhna ar feadh thrí mí gan fhios dona
césdúnaigh Égipteacha; agus annsin do-chonnairc
sí nach raibh ar a cumus a chaomhna ní ba sia
ná sin, óir dob fheas dí go ttiucfadh an cuartughadh
an tráth sin, agus dá bhfághdís an leanbh aice go
gcuirfidh chum báis ar aon iad. Agus uime sin
do-conncus dí ciseán dlúth do shlataibh boicimin
a dhénamh, agus iarna dhlúthughadh go díonmhur le
pic do chuir éudaighibh nó bréide i ttimchioll an
leinbh istigh isan chiseán, agus d'fhág ar bruach
srotha Níl mur sin é. Agus dobhí a dheirbhshiúr
ann' amharc ag faire créd an chríoch dothiocfadh
air.



Acht ní cian dobhí mur sin go ttáinicc inghean
an rígh Pharao cona banntracht dá nighe féin
chum na habhann, agus ar bhfaicsin an chiseáin
do ghlac mian í le féchuin créd dobhí ann, agus
do chuir sí aon dá hinniltibh 'na chuinne, agus arna


L. 91


fhosgladh dháibh fuaradar an mac-leanbh áluinn
deagh-chrothach ann. An tan do bhreathnaigh
an bhain-phrionnsa scéimh agus áille an leinbh do
ghlac truaighe dhó, gur chinn ar a chaomhna agus
ar a oileamhuin.



Annsin táinicc a dheirbhshiúr i láthair, agus
adubhairt, dá madh mian leis an mbainphrionnsa é,
go ttiubhradh féin bean Eabhraigheach
chuigthe agá raibh bainne cíoch ró-mhaith,
do dhénfadh an leanbh d'oileamhuin agus d'altrum
dhí. Dubhairt inghean Pharao gur mhaith léidh
sin.



Ní luaithe do-chualaidh deirbhshiúr an leinbh,
darbh ainm Maria, na briathra sin ná d'imghidh
sí go tapaidh, go ttug a máthair féin agus máthair
an leinbh go láthair na bain-phrionnsa, gur ghlac
oileamhuin an leinbh uirre féin, agus do gheall inghean
Pharao tuarusdal maith dhí. Ar tteacht i méid
don leanbh tug sí chum inghine Pharao é, agus do
ghlac sí leis mur mhac toghtha dhí féin, agus tug
Maoise mur ainm air, do bhrígh gurab í féin do
thárthaigh ar bháthadh é, óir is ionann Maoise agus
“uisge.”



Ag so fighair an chaomhanta do-rinne an
t-Athair Síorruidhe ar an leanbh Íosa, an tan do
cuireadh le hordughadh an rígh Iruaidh na leinbh
i mBéitil agus 'na timchioll chum báis. Féch fós
mur do bháith Maoise clann agus sliocht Pharao i
n-aimsir eile dá éis sin.


L. 92


Iomthúsa Mhaoise, iarna chaomhna mur sin
go míorbhuileach, ar mbeith i n-aois fheardha agus
iar bhfagháil foghloma, oidis, agus árd-mhúnadh
chúirte an rígh dhó (óir dobhí onóir agus urraim
phrionnsa isan gcúirt sin aige an feadh do chomhnuidh
innte), dob urusa a thuigsin as a dheigh-iomchar
agus as a dheigh-ghníomhartha gur thogh
Dia é le héuchta ro-mhóra do choimhlíonadh.
Óir an tan do bhreathnaigh an bhroid agus an daoirse
ann a raibh a dhearbhbhráithreacha agus a ghaolta
ní bhfuair blas ná sásadh ar shógh ná ar aoibhnios
dá raibh i gcúirt an rígh le fagháil aige, agus mur
deir Naomh Pól, dob fhearr leis a bheith i ndaorbhroid
i bhfochair phobuil Dé ná bheith i sógh
agus i n-aoibhnios i bhfochair a namhad; agus is
uime sin do chinn ar an gcúirt ríoghdha sin do
thréigion le dul imeasg a dhearbhbhráithreacha agus
a mhuintire féin.



Aon do láithe ar bhfaicsin Égiptigh ag maslughadh
aoin dona hEabhrighthibh dhó do ghlac sé
dásacht agus díbhfeirg; do spreag an Spiorad Naomh
go hinmheadhónach é, gur mharbh sé an tÉfidach
agus gur fholaigh a chorp iar sin i ngaineamh na
trágha. Agus gidh gur mhaith an comhartha so
don phobal Eabhraigheach gur dó bhí i ndán a
saoradh, ní thugadar dá n-aire é; óir arna
mhárach do-chonnairc días Eabhraigheach ag
troid re 'roile, agus ar tteacht dá láthair dhó adubhairt
riú gur mhór an náire do dhearbhráithreacha i


L. 93


ttír choimhigh a bheith trodánach easaonta re
'chéile. Leis sin d'fhiafraigh aon acu sin de ar
mhian leis é féin do mharbhadh mur an Éfideach
do mharbh sé an lá roimhe sin. Ar gclos na
n-aithiosg sin do Mhoise, do ghlac eagla adhbhalmhór
é, gur theith as an tír, agus go ndeachaidh
go talamh na Madian.



Agus ar tteacht don tír sin dó, tarla go bruach
tiobraide é, agus ní cian dobhí ann go bhfacaidh
mór-sheisior ingheana ba clann do Raguel nó
Ietro a' teacht do láthair chum dighe do thabhairt
dá ttrédaibh. Gidh eadh, dotháinicc aodhairigh
eile do láthair lérbh áill a ruagadh ón tiobraid
nó gur chosain Moyse iad. Ar gclos an sgéil sin
dá n-athair do chuir teachta 'na chuinne, agus
adubhairt gur mhian leis an t-Égiptach sin do-rinne
ceart dá chloinn d'fhaicsin.



An tan do-chonnairc Moyse subháilce agus caoinios
Ietro do shanntaigh sé comhnuidhe 'na fhochair.
Dothug grádh fós do sgéimh a inghine Zephora,
agus ghlac mar mhnaoi phósda léidh; agus do chomhnuidh
.xx. bliadhain a' comhdach tréda caorach do Iethro.
Agus aon do laithibh ar mbeith ag tiomáin a
chaorach i ngleann uaigneach ag bun shléibhe
Horeb dhó, thug Dia taisbénadh air féin dó, óir
do-chonnairc sceathach 'na caoir lasarach agus gan
í dhá dógh, agus ar tteacht i bhfogus dí dhó do-chualaidh
guth a' teacht as an gcrann chédna ag


L. 94


fuagradh dhó gan teacht ní ba foigse nó go
mbeanadh a bhróga dhe, óir go raibh an áit sin
beannaighthe. Agus iar mbuain a bhróg dhe, do-chualaidh
an guth irís ag rádh:



“Mise Dia Ábrahaim, Ísaáic agus Iacóib; chluinim
guth gearánach casaoideach na nEabhraigheach,
agus is mian liom a n-éisdeacht agus a ttabhairt as an
mbroid ann a bhfuilid isan Égipt. Is tusa do
thogh mé,” ar sé, “chum na hoibre móire sin do
thabhairt chum cinn.”



Do fhreagair Moyse é, agus adubhairt nach
raibh sé féin oireamhnach le cúram comh mór sin
do fhreasdal ná do choimhlíonadh, agus dobhí ag
iarraidh a leith-sgéil féin do ghlacadh. Gidh
eadh níor ghlac Dia uaidhe gan imtheacht, óir do
chuir aithne an dara feacht air le himtheacht.
Agus chum go ttiubhradh misneach dhó do chuir
sé d'fhiachaibh air dhá mhíorbhuile do dhénamh
ar an láthair sin. Óir do-rinne athar nimhe do
lorga nó don tslait dobhí ann a láimh, agus an dara
feacht do-rinne slat di mur bhí roimhe. Arís do
chuir a lámh ann a bhrollach nó ann a fhochrus
féin, agus dothug amach as sin lán do lubhra í,
agus do leighis féin ar an láthair í.



Gidh eadh, dobhí sé ag cur a n-aghaigh na
haithne, nó gur thaisbéin Dia a fhearg dhó, agus ann
sin do umhlaigh sé. Agus iar gceileabhra dhó le
Iethro do ghluais don Égipt, áit a ttug sólás mór
dá mhuintir féin, .i. don phobal Eabhraigheach.


L. 95


Fighir na sceithigh dobhí re lasadh, agus nár
loisgeadh leis sin, na fíréin dá gcéusadh ar an
tsaoghal so.



Dobhí Maoise an tan chonnairc an taisbénadh
úd .lxxx. bliadhain d'aois, Anno Mundi 2537, roimh
Chríost 1491.



CAIB. XX.



AGALLMHADH MHAOISE LE PHARAO.



Dála Mhaoise, ar tteacht don Égipt dó do
labhair le Pharao ag iarraidh agus ag athchuinge
air an pobal Eabhraigheach do léigion uaidhe
chum iodhbairt do dhénamh don Dia fhíre ar an
bhfásach; agus níor éisd Pharao go foighdeach ris
féin ná re a dhearbhráthair Araon (dobhíodh
do shíor i bhfochair Mhaoise), acht do-rinnidh
magadh agus fonómhad fó na haithiosga sin, agus
adubhairt go dána dásachtach nárbh fheas dó
féin cia hé an Dia sin, agus nach léigfeadh an pobal
uaidhe. Agus do mheas sé fós ana inntinn féin
gur meirliochas agus easumhlacht do ghluais a mian
chum imtheacht óna smacht as an ríghacht;
agus ar an ádhbhar sin do órdaigh gach daoirse
agus gach sclábhaighacht dá raibh roimhe sin orra
do dhúblughadh, agus an uimhir chédna bhrícigh do


L. 96


dhénamh gan congnamh tuidhe mur do-gheibhdís
roimhe sin.



Is annsin tháinicc an pobal Israél, agus do-rinneadar
casaoid achmhusánach imdheargthach le Moyse agus
le hAraon ag rádh riú gur chiontach iad leis an
gcomaoin daoirse agus chruaidh-dhála do cuireadh
orra go déighionach.



So fighair dhílis ar gach murmur agus ar gach
mí-sgél dá guirionn lucht uilc agus mailíse do thaobh
a gcúil agus a n-aighidh ar phastúirigh fírénta na
hEaguilse.



Acht do bhrígh go raibh an bhroid thiaránta
mhí-thrócaireach dobhí ar a phobal mí-thaithneamhnach
ag Dia, níorbh áil leis a fhulang ní
ba sia orra (óir is peacadh an tiarántacht mhí-thrócuireach
bhíos ag screadaigh do shíor ag
iarraidh díoghailtais ar an áird-rígh). Adubhairt
re Moyse a innsin don rígh Pharao gurab é féin
d'iarr air cead imtheachta do thabhairt dá phobal,
agus chum go gcrutheóchadh i láthair an rígh gurbh
é féin do chuir isan teachtuireacht sin é, adubhairt
ris an lorga nó an tslat aisdir dobhí ann a láimh
do léigion ar lár i bhfiadhnuise an rígh. Agus
ar ndénamh a theachtuireacht mur sin dó, agus ar
léigion na slaite ar lár mur dubhairt Dia ris, do-rinneadh
athar nimhe dhi; agus gidh go raibh
lucht piseóg agus asarlaighacht ar an láthair do-rinne
an ní cédna, agus do shíl leis sin go m'fhéidir leó


L. 97


míorbhuile fhírinneach an fhír-Dhia do chur i
ndimbrígh, níor éirghidh leó, óir do threasguir agus
do shluig athar nimhe Mhaoise athracha nimhe na
n-asarlaighibh go hiomlán.



Acht ar mbeith don rígh Pharao seasmhach
ann a easumhlacht do Dhia agus ann a ainmhian
féin, agus ar mbeith dhó 'na dhiaidh sin ar bhruach
shrotha Níl, tháinicc Moyse agus Araon chuige
ann. Do labhradar go fáilghidh milis-bhriathrach
leis, agus le naomh-dhánacht dhiadha d'iarradar air
an pobal do léigion uaidhe go síthchánta le
hiodhbairt do dhénamh don fhír-Dhia ar an
bhfásach.



Agus an tan fuair diúltadh adubhairt Moyse
re hAraon an lorg do chur síos isan abhainn, agus ní
luaithe do-rinne sin ná do-rinneadh fuil don uisge
sin agus d'uisgeadhaibh eile na hÉgipte go hiomlán,
agus do bhásaigh sin na héisg uile.



Ag so adhbhar uathbháis mhóir do gach creidmheach
nach glacann glan-uisge na fírinne diadha.



Agus gídh go ndearnaidh na heasarlaighibh
aithris ar Mhoyse isan ní so níorbh fheidir leó na
huilc agus na dochair do-nídís féin a leasughadh
mur do-níodh Moyse.



Ag so síos deich bplágha na hÉigipte roimh an
bpobal Israél do thriall amach eiste: an chéd-phláigh
dhíoghaltach fuil do dhénamh don uisge:
an dara pláigh sgaoi do fhrogaibh do líon an
ríghacht go hiomlán; an treas pláigh míola, ba


L. 98


fighir dhílis dona heriticcigh bhíos ag síor-ghearradh
agus ag síor-chnaoi na hEaguilse naomhtha
ré mailís agus le mion-résúin fábhuill, do-bheir mí-shuaimhnios
mór dona fíréin is baill di; an
ceathramhadh pláigh sgaoi mhór do mhíoltógaidh
nó do fhoichibh neimhneacha do líon an ríghacht,
chiallaighios imneadh agus buaidhreadh saoghalta
chuirios aire cháich do shlighe na fírinne, ar mhodh
nach bhfaghaid uain ar mhillsiocht na subháilceadh
do bhlas; an cúigeadh pláigh conach tháinicc ar
an airnéis bhrúideamhuil go coitcheann, ní chuirios
i gcéill dúinn go bhfuighe an dream dhaonna
chaithios a saoghal go brúideamhail bás mur na
beathadhaigh bhrúideamhla; an seiseadh pláigh
bolgach mheallach nó othair neimhneacha tháinicc
ar na daoine go coitchionn: is iad so an dream
thréigios Dia ag leanmhuin uaille agus uabhair an
tsaoghail; an seachtmhadh pláigh cloch-shneachta
do bhrúigh, do bhris, do mhill, agus do threasgair
gach ní so-mhillte dá ttárla ann a shlighe; an
t-ochtmhadh pláigh priompiolláin do ghearr agus do
chnaoi gach fás agus gach glasradh dá raibh isan
tír: is iad so lucht an ithiomráidh bhíos ag
milleadh agus ag crinn cháich eile lena mbéil
urchóideacha; an naomhadh pláigh dorchadais
dobhí comh ramhar agus comh tiugh sin nacharbh
fhéidir leis na hÉifidigh a chéile d'fhaicsin: so
iad na peacaigh bhíos dall an tan bhíos na
hIsraélibh, .i. na fíréin, grinn gér-radharcach.


L. 99


CAIB. XXI.



DON UAN CÁSGA.



Tar éis na .ix. bplágha sin d'fhulang dona
hÉgiptibh agus dá rígh sin, níor músgladh leó iad
chum aithrighe ná umhlachta. Is annsin thug
Dia ordugh don phobal Israél, .i. an deachmhadh
lá don mhí chédna, dá ngoireadhdís Nísan, uan
do thabhairt isteach an gach teach dá raibh acu
lena iodhbairt an ceathramha lá décc, agus d'innis
dáibh an modh a ndénfaidhís an iodhbairt sin,
.i. an tan bheithdís dá ithe a bheith 'na seasamh
dháibh, crios do bheith fáisgidh i ttimchioll chuirp
gach aoin acu, maide bheith ann a láimh, a mbróga
do bheith orra, agus a bheith ullmhaigh ar an láthair
chum gluasacht ar eachtra gan fuighioll ar bith
don uan d'fhágbháil gan ithe, agus muna mbeith líon
lérbh fhéidir a ithe go hiomlán isan teaghlach
fios do chur ar an gcomharsainn, agus d'ordaigh
go speisialta dháibh fuil an uain do chrothadh ar
ursannaibh a ndoirse, ionnus ar bhfaicsin na fola
sin don aingeal dobhí 'teacht chum díghbhála
do dhénamh don tír nach dénfadh dochar ná
díth do mhuintir na ttighthe ar a bhfaicfeadh an
fhuil.


L. 100


Do-rinnidh clan Israél gach ní do réir an
ordaighthe sin; agus ar mbeith dháibh go hiomlán
ag iodhbairt an uain Chásga, thánicc i meadhón
na hoidhche cédna an t-aingeal, agus do mharbh
príomh-ghein gach aoin do mhuintir na hÉgipte,
ó phríomh-ghein an rígh féin, dobhí an tan sin
ag stiúradh agus i gceannus na ríghacht, go príomh-ghein
an daoir nó an sclábhaigh ba táire isan
gcrích; agus do mharbh fós céd-ghein na
mbeatheadhdhach mbrúideamhuil mar aon riú.
Agus ní dhearnadh díth ná díghbháil dona
hIsraélibh.



d'éirigh Pharao as a leabaidh i meadhón na
hoidhche sin. Iar gclos bháis thobainn a mhic
oighreachta, agus iar bhfaicsin fós gach céd-ghein
eile ann a ríghacht arna mbásúghadh, do ghlac
uamhan agus uathbhás mór é féin agus a mhuintir
uile; agus is annsin dothug sé dá aire gurbha
díomhaoin conntabhairteach d'aon-neoch dá
thréine toirmiosg do chur ar thoil Dé do choimhlíonadh.
Agus gídh go raibh sé go n-uige sin
do-smachtaigh do-cheannsaigh dotháinicc sé ar
a chosaibh féin go humhal ceannsaigh ag iarraidh
ar an bpobal Israél gluasacht as an ríghacht, agus
tug gan connradh gan coinghioll ar bith do chur
orra cead dáibh a mnáibh, a gclann, a muinntir,
agus a maoin uile do bhreith leó gan mhaill ar bith.
Dotháinicc fós muinntir an rígh ag iarraidh mur


L. 101


aithchuinge orra imtheacht agus gan maill ar bith
do dhénamh.



Do ghluaisiodar arna mhárach, agus ba hé sin an
lá go cinnte lér chríochnaigh an aimsir dobhí i
ndán nó i ttarrngoire don phobal Israél a bheith
ar deóraighacht agus i ndaoirse, .i. ccccxxx bliadhan
do réir mur réimhinnis Dia dá n-athair Ábraham,
agus ba hí aois an domhuin an tan sin 2519, agus roimh
Chríost do theacht i gcolainn 1491. Agus ba hí
a n-uimhir ag gluasacht as an Égipt an tráth sin
dáibh sé chéd míle fear ionairm foirfe, gan
áireamh ban ná leanbh.



Acht, ré ngluasacht dáibh, do ghlacadar (mur
d'órdaigh Dia dháibh) ar iasacht soithigh óir agus
airgid na hÉgipte, agus fuaradar gan docamhal ar
bith ó na hÉifidigh na soithighibh sin, do bhrígh
gur oibrigh Dia claonadh secréideach éigin ionnta
lena uile-chumhachta féin nár fhuiling dáibh
diúltadh do thabhairt dona hIsraélibh.



Agus is mur sin do shaor Dia an pobal Israél
as anbhroid na hÉgipte, áit a rabhadar 215
bhliadhna i ndaoirse agus i ndaor-obair. Agus
tugadar na soithigh daor-luaighe sin leó
mur luach saothair ar son gach oibre cruadhálaigh
dár cuireadh ar feadh na haimsire sin
orra le tiarántacht agus le mí-thrócuire na nÉifideach.



Agus is fighir so ar an bhfuasgladh tug Críosd
ar Slánaightheóir dhúinne, iar mbeith barr ós


L. 102


cionn cheithre míle bliadhain i ndaor-sclábhaighacht
fó chuing thiaránta an diabhail.



Iomthúsa Pharao, ar bhfaicsin dó gur imghidh
an pobal Israél, agus go raibh na trí lá d'iarradar
chum iodhbartha do dhénamh arna gcríochnughadh,
agus nach bhfacaidh ag teacht ar a n-ais
iad, do ghlac fearg ádhbhal-mhór é, agus iar ndearmad
gach pláighe agus gach pionúis dár chuir Dia tréna
easumhlacht roimhe sin air do chruinnigh a
shlóigh armtha as gach aird chuige, agus thug
tóruighacht do phobal Dé le hiad féin agus na
soithigh thugadar leó do thabhairt ar a n-ais.



Agus ar ndul i n-amharc a chéile dháibh do
ghlac uamhan agus imeagla ádhbhal-mhór an pobal
Israél, óir dobhídar an tan sin ar fhásach fhairsing,
áit nach raibh tearmonn ná ionad teithidh acu,
óir dobhí slóigh an rígh ar thaobh dhíobh agus an
Mhuir Ruadh ar an taobh eile dhíobh; agus arna
mheas dáibh nach raibh, dár leó féin, tártháil
ar bith le fagháil acu, do léigiodar i ndearmad
gach míorbhuile mhór dá ndearnaidh Dia orra
go n-uige sin, agus an cúram dobhí aige lena
ttreórughadh tríd an bhfásach ndiamhair ndo-eoluis
lér chuir colamhain do néull mhór rompa
gach ló agus colamhuin lonnrach lasamhail teineadh
gach oidhche lena gcaomhna ar seachrán, agus do
léigiodar iad féin amach ar ithiomrádh agus ar mhurmur
i n-aighidh Mhoyse agus Araoin, agus d'fhiafraighdar


L. 103


go feargach aitiosach imdheargthach an
raibh áit adhlaice go leór acu isan Égipt agus gan
a ttabhairt dá mbásúghadh ar an bhfásach sin.
Dobhí Maoise ag tabhairt misnígh agus sóláis dáibh
agus a' gealladh go ttiucfadh cabhair ó Dhia
chucu.



Agus ar tteacht iar sin do Pharao cona shlóigh
i bhfogus dáibh, do shín Maoise a lámh ós an
Muir Ruaidh dobhí rompa, agus do scoilt an t-uisge
go míorbuileach, agus do sheas amhuil bhallaighibh
daingne ar gach taobh dhíobh, gur fhág slighe tré
ndeachadar le cosa tiorma tríd. Do shíl rígh agus
slóigh na hÉgipte go harráideach go raibh an
bealach sin comh saor acu féin agus dobhí ag an
bpobal Eabhraigheach, agus dá bhrígh sin do
bhrúchtadar i mbuinnighibh reatha 'na ndiaigh.
Acht ní cian go bhfuaradar iad féin mealltaigh,
agus gur taisbénadh go follusach don domhan dhaonna
an t-eidirdhealbhadh do-rinne Dia idir a phobal
féin agus an sluagh aindlightheach ainmhianach sin
dobhí go díoghaltach dá ttóruighacht, óir ar
mbeith isan chonair chédna dháibh do dhóirt
toirneach agus teinteacha as na flaithis ar na hÉifidigh,
ionnus an tan ba mian leó (ar bhfaicsin láimhe
díoghaltaigh Dé 'na n-aghaidh) filleadh ar a n-ais
adubhairt Dia re Moyse a lámh do thógbháil ós
cionn na fairge, agus ní luaithe do-rinne sin ná do
bhrúcht ar gach taobh orra, ar mhodh gur beanadh
a gcosa ar ttús agus nach ttérnó aon gan bhádhadh


L. 104


dhíobh. Agus ba hé sin an .xxxi. lá don chéd
mhí, .i. lá ochtáibhe iodhbartha an uain Chásga.



Is mur so bheir Dia le trócuire mhóir, agus le
míorbhuile, anam an pheacaigh bhoicht saor go
minicc as aigén na n-ainmhian agus as crúbaibh
cruaidhálach' an diabhail.



CAIB. XXII.



DON MHANNA .I. AN PLÚR NEAMHDHA.



A.M. 1513.



An uair thug an pobal Eabhraigheach méd na
míorbhuile sin dá n-aire níor fhéd an dream ba
do-smachtaigh dhíobh gan creideadh do Dhia,
onóir agus adhmholadh do thabhairt dó; agus is
uime sin do chanadar mar aon re Moyse cainticc
adhmolta dhó. Do ghoir fós Maria, deirbhshiúr
Mhaoise, na mnáibh chuighthe, gur chanadar
maille le cláirsiocha agus le buabhaill caintige il-gháirdiosa
agus adhmolta do Dhia uile-chumhachtach
mur an gcédna.



Gidh eadh, ní cían dobhádar iar sin go ttáinicc
ocrus agus easbhaidh bídh orra, agus ní luaithe do ghuin
an ghorta sin iad ná do léigiodar iad féin amach
ar mhurmur agus ar ithiomrádh a n-aghaidh Mhaoise


L. 105


agus Araaoin, óir is orra do-bheirdís milleán fó gach
cruaidh-dháil dá mbeanadh dháibh, gidh gurab é
Dia do-nídís d'imdheargadh isan am cédna.
Adubhairt Moyse riú, gion gur thuilliodar leis
an murmur gnáthach sin fearg agus díoghaltas Dé,
gidh eadh go raibh sé trócuireach agus a fhoighid
comh mór agus sin go ttiubhradh cabhair dháibh,
mur do-rinne gan mhaill. Óir, um thráth nóna
na hodhche sin do thuit anuas 'na measg
chugthu as na flaithis ceatha plúir dá ngoirthear
isan Scriptúir manna. Agus dobhí díol gacha
trátha don phlúr chédna sin dá dhórtadh chugthu
go míorbhuileach ón am sin go ceann .xxxx.
bliadhain dobhídar ar an bhfásach.



Arna fhaicsin dháibh ar tús dob iongantach
leó é, tar cheann go bhfuaradar ádhbhar iongantuis
mhóir an tan do dhóirt Dia sgaoi mhór don
énlaith dá ngoirthear gearra goirt an oidhche
roimhe sin ar lár fútha, acht gur innis Maoise
dháibh nach raibh ann acht cuid eile do
mhíorbhuile Dé le beatha do thabhairt dáibh,
gídh gurbha holc do thuilliodar uaidhe gach
maith míorbhúileach dá raibh sé a dhénamh orra
is gach am ón uair dothug as broid na hÉgipte
iad.



Agus annsin adubhairt re gach aon acu dul
amach gach maidin re héirghidh na gréine agus
lón gach laoi do chruinniughadh dhe. Agus ba
hoireamhnach an t-am sin le moladh agus le


L. 106


buidheachus do thabhairt do Dhia, mur deir an
rígh-fháidh: In matutinis meditabor in te; do
bhi fós résún eile leis, óir do leaghadh an manna
leis an ngréin.



Adubhairt fós Maoise riú gan aen-ghrim do
chur i ttaisge dhe, ionnus go ttuigfeadh an pobal
cruaidh-mhuinélach sin méd an chúraim dobhí
ag Dia ionnta, agus le cosg fós do chur ar an tsaint
dá rabhdar ró-chlaon go nádúrtha, mur tá na
Iudaighibh gus anois.



Agus gidh gur mhíorbhuileach an bheatha so do
bhí ag an bpobal Eabhraigheach, is míorbhúiligh
go mór agus is cathréimigh an bheatha thug Críosd
ar Slánaightheóir dhúinne anois, .i. a Chorp agus a
Fhuil féin. Dá bhrígh sin ná bíodh tuirse aguinn
leis mur bhí acu so leis an manna; óir an uair
do chleachtadar agus fuaradar a ndaoithin de,
dubhradar go m'fhearr leó praiseach nó potáiste
na hÉgipte iná é. A shamhuil so do mhasla bheir
na peacaigh mhí-cheannsaigh mhí-ghrásamhuil do
Chorp an Tiaghearna i Sacrameint na hAltóra.



Dar leat, níorbh fhéidir don phobal Eabhraighach
a chur i gconntabhairt, tar éis gach míorbhuile
dá ndearnaidh dháibh go n-uige sin, agus go speisialta
tar éis na míorbhuile déighionaigh sin, go raibh
lámh ro-chúramach Dé 'na ttimchioll dá bhfreasdal
do shíor. Gidh eadh, ní fada go ndeachadar i
n-édóchus ar Dhia agus i murmur i n-aghaidh Mhoyse,
gidh gur dhoiligh dháibh é tar éis na n-il-iomad


L. 107


gcomharthaigh ró-iongantacha dofuaradar ar a
naomhthacht agus ar a ghlan-ndúthracht dóibh.
Acht d'aimhdheóin gach résúin díobh sin, ar
tteacht dáibh i n-áit ar an bhfásach dá ngoirthí
Raphadim ní bhfuaradar aen-deór uisge ann, gidh
go raibh tart dá gcéusadh, go ndeachadar le feirg
mhóir agus le droch-aigne go hairm a raibh Moyse,
agus go ndubhradar go doirbh droch-ráidhteach ris:



“Créd fá ttugais as an Égipt sinn?”



An tan do-chualaidh an ceann feadhna milis-mhianach
an t-aithiosg droch-mhúintigh do-bhuidheach
sin ón bpobal do-cheannsaigh droch-mhianach
sin lér mhian a chlochadh chum bais,
do ghuidh Dia go dúthrachtach ag iarraidh
tárthála dháibh. Do fhreagair Dia é, agus adubhairt
leis an dream ba haosta agus ba críonna don phobal
do ghairm chuige, an lorga nó an tslat bhuadhach
lér bhuail sé abhainn Níl agus an Mhuir Ruadh
do bhreith ann a láimh leis agus dul go carraig
Hóreib, buille don tslait a bhualadh uirre, agus go
ttiucfadh lór-dhaoithin an phobuil d'uisge amach
as taobh na carrige sin.



Ciallaigh so tuile ghrása an tSlánaightheóra a'
teacht chugainn ó chrann na páise, choisgios tart
cháich ar fhásach an tsaoghail so, mhaothus agus
eaclaighios gach croidhe dá chruaidhe: Petra
enim erat Christus.



As sin do ghluaisiodar go Cadés, áit a bhfuair
Maria deirbhshiúr Mhoyse bás, agus do hadhlacadh


L. 108


ann í. Tárla easbhaidh uisge arís dáibh, agus ar
ndearmad a n-urrama agus a n-umhlacht do Mhaoise,
dár leat ba mian leó é féin agus Aaron do mharbhadh,
acht gur imghidar ar aon uatha as an láthair go
ndeachadar gusan tabearnacel, agus gur bhuailiodar
annsin a n-aighthe re lár i bhfiadhnuis' an
Tiaghearna, ag iarraidh chabhra agus tárthála don
phobal dhúr-chroidheach dho-bhuidheach sin. Do
fhreagair Dia iad agus adubhairt re Moyse an charraig
dobhí annsin a bhualadh, mur do-rinne roimhe
le carrig Horeib. Acht gidh eadh, amhuil agus mur
do ghlacfadh puinn beag édóchuis Moyse, do
bhuail an charraig fá dhó. Agus do eagair Dia
sin fair, óir mur phionús ar an ngníomh sin
adubhairt leis nach léigfadh féin dó dul go bráth
isteach go Talamh na Geallamhna, acht amháin
go bhfaicfeadh uaidhe ann amharc é.



Is mór an t-ádhbhar uathbháis an ceart-bhreitheamhnus
so dothug Dia ar an bhfíréin so,
dofuair síthcháin uaidhe féin go minicc don
phobal dhroch-iomchair úd.



CAIB. XXIII.



AN T-ÁR DO-RINNEADH AR NA HAMELECÍTIGH.



=Eod. Anno=.



Tar éis gach misnigh agus gach tárthála dá bhfuair
an pobal Eabhraighach ó Dhia le heidirghuidhe


L. 109


Mhoyse agus Aaroin, ní cian go ttárla i n-éigion ro-mhór
iad. Óir, do-choncadar námhaid ro-neartmhur
a' teacht 'na n-aghaidh, .i. Amalech,
agus ba hé sin cona shluagh armtha céd-dhrong do
thionnsgain le cogadh toirmiosg do chur ar phobal
Dé. Agus ba mhóide a ndánacht agus a misnioch
le sin do dhénamh mur mheasadar gurbha ní
so-dhénta an pobal bocht sin do chlaoidh agus a
maidhm do thabhairt, do bhrígh (mur shíladar)
go raibh gach uile easbhaidh bídh, dighe, agus airm
orra; agus mur dobhídar féin mí-thrócuireach go
nádúrtha do thionnsgain síad an pobal bocht
deireóil sin do threasguirt i n-aoin-fheacht. Agus
chum sin do thabhairt chum críche, chuiriodair
iad agus a gcarbuitt cogaidh i n-innioll catha lena
n-ionnsuighe, agus le brúchtadh go tobann orra.



Gidh eadh, mur bhí dóchus Mhoyse i nDia do
ghnáth, níor chuir uimhir airm ná deagh-ghlés
catha na nAmelecítibh ba namhuid dó eagla ná
uathbhás air. Acht adubhairt le Iosue an dream
ba cródha agus ba misneamhla dobhí isan bpobal
do thogha amach agus dul leó a n-aghaidh Amaleich,
agus go rachadh féin mar aon le hAaron agus le Hurr
go mullach an mhór-chnuic dobhí ós a ccionn,
agus go gcoimhleónadh le cumhachta Dé an chuid
eile.



Agus ar mbeith do Iosue ag troid go forránta
a n-aghaidh na namhad, do chuir Moyse ar an
gcnoc árd é féin i n-innioll urnaighthe le Dia


L. 110


do ghuidhe go dúthrachtach le go ttiubhradh
buaidh an chatha dá phobal féin; agus do-rinne
fighair croise nó an chrainn chésda dhe féin,
óir do shín agus do sgar a dhá láimh óna ucht amach
agus é ag dearcadh ar fhlaithios nimhe, agus an tan
do thuiteadh a lámha síos le tuirse do chlaonadh
an bhuaidh do thaobh na námhad, agus an tan do
thóigeadh arís suas iad dobhíodh an bhuaidh
ag pobal Dé. An tan dothug Aaron agus Hurr
sin dá n-aire do chuiriodar Maoise 'na shuidhe
ar cloich mhóir, agus do chuiriodar iad féin fóna
lámha da gcongbháil suas nó go bhfuair Iosue
agus a mhuintir buaidh iomlán ar an námhaid, agus
go ndearnadh ár ró-mhór orra.



Cuiridh so i gcéill dúinn gur ó Dhia amháin
geibhthear gach buaidh. Ag so fós fighair
Chríosd i gcrann na páise a' breith buaidhe ar
Lucifer agus ar dhubh-shluagh ifrinn go hiomlán.
Siompla maith fós é do phastúirigh na hEaguilse
le bheith ag guidhe Dé do ghnáth ar son na
bpobal.



Go grod dá éis sin, agus i gcionn thrí mí tar éis
an Égipt d'fhágbháil don phobal Israél, do ghoir
Dia Maoise chuige agus adubhairt ris:



“Labhair ris an bpobal,” ar sé; “cuir i gcéill
agus i gcuimhne dháibh gur le míorbhuile móra do
tharrauing mé as anbhroid na hÉgipte iad, agus ó
shoin a leith go raibh mo lámh chaomhantach
chabhrach 'na ttimchioll ann gach éigion ann a


L. 111


rabhdar; agus innis dáibh anois má choimhlíonann
siad mo dhlighe agus a bheith dílis damh go
sealbheóchaidh mé mur oighreacht shíorruidhe
damh féin iad.”



Do-rinne Moyse mur dubhairt Dia ris, agus do
ghealladar d'aithiosg aoin-fhir dhó nach dénfadís
go bráth aon-ní acht do réir thola Dé. Agus ar
ttabhairt na teachtuireacht sin ar a hais do
Mhaoise, dubhairt Dia ris a fhógra don phobal
a bheith ullmhaigh agus go laibheóradh féin do
mhullach an tsléibhe ar an treas lá 'na dhiaidh
sin riú; acht adubhairt ris tóruinn do tharraing
le bun an chnuic agus gan aen-nduine dhíobh i bpéin
a bháis do dhul isteach tar an líne nó tar an
tóruinn sin.



Agus ar an treas lá a moch na maidne do-chualadar
ó gach taobh don mhór-chnoc sin
toruinn, tromplésga, toirneacha, agus teinteacha
do lonnraidh lena lasair an áit a rabhdar féin.
Dobhí fós néull tiugh dorcha ag folach an tsléibhe,
agus do-chualaidh go soléir guth buabhall i gcoimiosg
leis na toruinn uathbhásacha sin. Dobhí a
gcluasa agus a súile comh líontaigh sin leis na
huathbháis ionganthacha sin gur le héigion mór
thug Maoise amach as a scáláin iad lena dhlighthibh
féin agus lena reachtaibh d'éisdeacht ó Dhia. Agus
ar bhfaicsin an tsléibhe 'na chaoir lasrach dháibh
do-chualadar guth Dé do mhullach an chnuic ag


L. 112


gairm go hard ar Mhaoise; agus iar sin, ar mbeith
dháibh ag amharc suas ar an gcnoc nó ar an
árd-shliabh sin, agus lasracha ag éirghidh suas lena
thaobha agus dá mhullach mur bheith foirnéis
theinntidhe ann, do-chualadar go soléir na deich
n-aithionta dá bhfriotal as bél Dé dháibh. Acht
gidh eadh, do ghlac an uiriod sin uamhain, imeagla,
agus uathbháis iad, gur ghuidhiodar Maoise ag
iarraidh air gan iad féin do thabhairt i láthair
Dé acht é féin 'na aonar do labhairt ris gach
mhionca budh toil leis agus gan a gcur isan gconntabhairt
mhóir sin feasda, agus go ndénfadís gan
fhailligh gach ní da n-oirdeóchadh dhóibh.



Is mur sin do thoirbhir Dia na deich n-aithionta
ar ttús; agus deir aithreacha naomhtha go mbeith
an t-uathbhás cédna úd tairbheach anois ag an
dream mhallaighthe bhíos gan déisdion ag briseadh
na n-aitheanta cédhna.



CAIB. XXIV.



DON LAOGH ÓRDHA.



Eod. Anno.



An uair ba mian leis an bpobal Israél Maoise
do bheith 'na theachtaire idir Dia agus iad féin, agus
nacharbh áil leó dul isan gconntabhairt chédna


L. 113


ann ar shíliodar a bheith an tan do labhair Dia
riú, do ghoir Dia ar Moyse go mullach an tsléibhe
áit ann a raibh ar feadh ceathrachad lá 'na
fhochair agus 40 oidhche fós. Agus do thriall sé
don tsliabh anuas iar sin agus na deich n-aithionta
sgríobhtha le láimh Dé féin i ndá chlár cloiche
leis. Agus ar mbeith ag teacht d'ionnsaighe
an phobuil dó ní i gceann sóláis do tharla é. Óir,
an tan do-chonnairc an pobal tobann meardha
mí-cheannsaigh sin fad na haimsire dobhí Moyse
uatha ar an tsliabh do shíliodar gur thréig sé iad,
agus dá bhrígh sin do thionnsgainsiod dia bréige i
bhfoirm an laoigh órdha bhí 'na íodhal isan Égipt
do dhénamh dhóibh féin; agus chum go ttiubhradís
sin chum cinn do labhradar go borb bograch
le hAraon ag rádh ris dia do dhénamh dháibh; agus
ar gcur uathbháis dóibh leis na briathra sin ar
Araon adubhart leó fáinnigh óir agus slabhraidhe
cluas a mban do chruinniughadh chuige; agus ar na
gcur i tteinidh do-rinneadh laogh órdha dhíobh,
agus dobhí an pobal le meadhair, le sollamhain mhóir,
agus le iomad ulgháirdis dá adhradh.



Ar ttuirling don tsliabh do Mhaoise do-chualaidh
sé gáir ulgháirdis an phobail ag adhradh an
íodhail sin, iad fós ag léimnigh agus ag damhsa 'na
thimchioll agus ceólta il-iomdha acu. An tan do-chonnairc
Maoise sin do ghlac dásacht agus díbhfeirg
dhíoghaltach é gur bhuail fó a chéile an dá chlár
cloiche ar ar sgríobh Dia na haithionta dhóibh,


L. 114


gur bhlodhaigh agus gur mhionbhris iad. Agus is
uime do-rinne sin do bhrígh gur mheas sé nach
raibh tairbhe ann dlighe Dé do bheith sgríobhtha
i gcláir cloiche ag an dream mhallaighthe sin, an
uair do sgriosadar as a gcroidhthibh é mar aon
re dlighe na nádúire féin.



Is annsin dorug Moyse ar an laogh órdha go
ndearnaidh luaithreadh nó púdar dhe, agus iarna
chrothadh ar uisge dho tug lén' ól dáibh uile é, agus
tug achmhusán mór do Araon tré mur d'fhuiling
dáibh an peacadh gráineamhuil sin do dhénamh.



Annsin do labhair go hárd agus d'fhuagair do gach
aon lér mhian an fíor-Dhia do leanmhuin teacht
gan mhaill dá ionnsaighe féin. Agus leis sin
táinicc treibh Leui chuige, agus ar tteacht dá láthair
dháibh tug ordughadh dháibh a n-airm do
ghlacadh 'na láimh, agus lingeadh tríd an gcoimhthioneól
gcrosda sin, agus gan féchuin do ghaol,
do charaid ná do chompánach acht a ttreasguirt
ar gach taobh gan choigill do neoch. Do-rinneadar
mur d'iarr orra, agus níor chomhnuidhsiod nó gur
mharbhadar 23,000 duine.



Tugadh aithreacha agus máithreacha an domhuin
dá n-aire méd an phionúis so thug Moyse dá
chloinn i n-éiric an pheaca sin.


L. 115


CAIB. XXV.



DÁ CHLÁR NA N-AITHEANTA ARNA N-ATHNUADHA.



A.M. 2513.



Ar mbeith do Mhoyse lán do bhuaidhreadh agus
do dhólás trésan bpeaca gráineamhuil íodhalartha
sin do-rinne an pobal dúr-chroidheach
do-bhuidheach, mur dubhramur cheana, tug
fuagradh arna mhárach do gach aon díobh teacht
dá láthair. Agus iar ttabhairt imdheargtha agus
iomardaigh iomdha dháibh, adubhairt riú (gidh
gur dhoiligh dhó é) dá ndéndís aithrighe go
rachadh féin do láthair an Tiaghearna ag iarraidh
maitheamhnuis dáibh. Agus arna umhlúghadh
féin i láthair an Tiaghearna dó, amhuil agus mur
bheith i gcomhchionta re cách eile, do-chonncus
dó iarraidh ar Dia maitheamhnus do thabhairt
don phobal bhocht nó a ainm féin do sgrios amach
as leabhar na beatha. Dar leat gur chuir sé
éiccion ar Dhia leis an athchuinge sin le maitheamhnuis
do thabhairt don mhór-uimhir chiontach
sin nísa luaithe ná do bháiseóchadh aen neamhchiontach
amháin mar aon riú.


L. 116


Is annsin adubhairt Dia re Moyse dul ar a
ais chum an phobail agus a innsin dáibh go ttiubhradh
dháibh, ar ghrádh na n-aithreach táinicc rompa,
an talamh do gheall mur oighriocht dáibh féin agus
dá sliocht. “Gidh eadh, ní bhéd féin 'na bhfochair
comh dlúth agus ba gnáth liom go n-uige so,” ar sé,
“óir is eagail liom go ttiubhraidh a ndo-bhuidheachus
agus a mí-choinghioll orum lomadh agus
lérscrios do dhénamh orra fá dheóidh.” Agus iar
gcur saic-éudaigh mur chomhartha aithrighe, agus
luaithreadh, orra féin dáibh, adubhairt re Maoise
dá chlár eile cloch do chur dá snoighe, budh
samhuil i bhfoirm dona cláir do bhris sé, agus a
ttabhairt chuige.



Arna dhénamh mur sin do Mhaoise do ghluais
'na aonar go moch arna mhárach, agus do-chuaidh
suas go mullach Shléibhe Sinai, áit a raibh a
aghaidh re lár ag guidhe Dé ar feadh .xxxx. lá agus
.xxxx. oidhche, ag iarraidh maitheamhuis don
phobal. Agus dobhí Dia i néull thiugh ós cionn
an tsléibhe ar an bhfad sin; agus i gcionn na haimsire
sin do éisd Dia rena ghuidhe, agus mar aon re
dlighthibh iomdha eile dothug na haithiontaigh
cédhna dobhí isan dá chlár réimhráite an dara
feacht dó.



Agus ar tteacht anuas don tsliabh do Mhoyse
imeasg an phobail, dob iongnadh leó na gaetha
lonnracha mur an ngréin dobhí re lasadh ana


L. 117


aighe gan fhios dó féin. Agus an tan thug sé
dá aire nár lamhadar teacht i ngar dhó, do ghoir
chuige iad, agus iar gcur folaigh ar a aghaidh do
labhair riú do réir mur d'órdaigh an Tiaghearna
dhó. Agus ón am so a raibh an caidreamh
gnáthach sin ag Moyse re Dia do mhair an
lonnradh cédna i n-aighe an fhir ro-bheannaidh
sin, agus dobhíodh folach aige go gnáthach ar a
ghnúis acht an uair do théudh isteach isan
tabearnaceil.



Cuiridh an folach so i gcéill gur cóir do lucht
teaguisg an tsoisgéil labhairt do réir acfuinge an
phobail choitchinn, agus gan neithe árda do-thuigse
do thoirbhirt as cathaoir na fírinne agus na
huirísleacht naomhtha. Cuiridh an dá chlár úd
dob éigin do Mhoise féin a chur dá snoighe (ní
nach dearna ris an dá chéd-chlár) i ngéill dúinn
an tan chaillmíd go leamh díthchéilligh na céd-ghrása
do-bheir Dia dhúinn gan duaigh gan
saothar, nach bhfaghthar aisiocc orra acht le
duaigh, le doilghios, agus le saothar mór ag comhoibriughadh
le Dia, agus sin do bhrígh gur cóir na
céd-thiodhlaice do choimhéd go ro-chúramach:
Qui stat caveat né cadat.



An tan do chraobhsgaoil Moyse don phobal
go hiomlán na neithe dobhí sgríobhtha isan dá
chlár le láimh Dé féin, thugadar uile d'aithiosg
aoin-fhir gealladh speisialta go ngéillfidís gach
aon acu do Dhia go síorruidhe agus go gcoimhleónadh


L. 118


a dhlighe gan doghruing go bráth. Agus ar
ttabhairt buidheachuis dó do ghlacadar a dhlighe
go luthgáireach.



Annsin ní raibh do stuidér ar aire Mhoyse
acht cionnus do choimhleónadh gach ní dar
órdaigh Dia dhó. Agus chum go ttiubhradh
sin chum críche do chuir gairm ar an bpobal
agus adubhairt leó gurbha toil le Dia iad do
dhénamh oibre ann a onóir féin, agus chum sin do
dhénamh gur choir agus cur cheart do gach aon do
réir a acfuinge dhíobh comaoin óir, airgid, éudaigh,
agus ádhmuid do thabhairt uaidhe leis an obair sin
do chríochnughadh. Agus ní luaithe dobhí na
briathra sin as a bhél ná thángadar 'na ndronga
agus 'na mbuidhne le hiomad seód, le slabhraighe
cluas, le fáinnighe, agus le soithigh óir agus airgid maille
le héudaighibh dathannacha daor-luaighe lín,
síoda, sróill agus olla. Agus thángattar chuige
comh tiugh agus comh dian go bhfuair uatha
gan mhaill nísa mhó ná mur ba riachtanus dó,
gurbh éigion dó bollsaire do chur ar fud an champa
dá fhógra dháibh gan nísa mhó do thabhairt
chuige, óir nár theasdaigh uaidhe acht clocha
buadha do chuirfadh i n-éudaigh an árd-shagairt;
agus thugadar chuige cloch onix agus clocha eile le
cur isan ucht-phláta, etcetera. Iar sin d'ainmnigh
sé daoine glioca gér-inntleachtacha le hordúgh
do chur ar an obair sin.



Is é an taburnacel céd-obair do órdaigh Dia


L. 119


do Mhaoise a dhénamh: tríochad cúbad ar uirde
ann, deich gcúbaid ar leithead; dobhí sé dénta
do chrann sétim arna fholach an taobh astigh
do chúirtínigh daora dathannacha dénta do
dhealbh-obair shnáthide maille le hór agus le hairgead
'bheith comhfhightidh ionnta, agus an taobh amuich
folaighthe le croicne ildhathacha boc agus broc lena
chaomhain ar fhearthain agus ar ghaoith; dobhí
cerubíní tarringthe taobh astigh ar na cuirtínigh, agus
na croicne ceangailte dhá chéile le lúbacha agus le claspaigh
bhí arna ndénamh le hobair ro-chumusaigh;
do cuiradh fáinnigh óir i gcearnaibh an taburnacail,
agus do chuireadhdís spéicidh maide dobhí arna
bhfolach le hór tríd na fáinnigh sin len' iomchar an
tan dobhíodh an pobal ar gluasacht ón áit go a
chéile; do chuiriodar bonn airgid fón taburnacuil
dochum go mbeith 'na shuidhe go socair air.



Ciallaigh an teampall so-ghluaiste so-iomchair
so Eagluis Chríost ar an talamh, bhés dá bocadh
agus ar gluasacht gan buan-chomhnuidhe ná socamhal
gnáthach ar an saoghal so, amhuil agus mur chuireadh
a gcéill suaimhnios agus comhnuidh shíorruidhe
Eaguilse na mbuadh i bhflaitheamhnus leis an
teampall do-ghluaiste do-rinne Solamh mac Dáibhídh
an rígh. Ciallaigh fós, il-dhatha agus il-chrotha
agus il-dhealbha daora deagh-dhénta na gcuirtínigh
gach gné il-iomdha shubháilceadh na bhfírén.
Ciallaigh bonn airgid an tabernacle dísleacht na


L. 120


fírinne ar a seasann an Eagluis. Agus, mur bheir
na haithreacha naomhtha dhá n-aire, gion go
raibh gach ball don taburnacel daor-luaigh arna
ndénamh d'ór, d'airgiod, do bhrás, agus d'éudaighibh
daora deagh-dhathannacha, níor thogh Dia aonbhall
fó leith dhe mur áit chomhnuidh dhó féin
acht isin iomlán arna ccomhcheangal. Is mur
sin dona fíréin fó leith, dá mhéd a súbháilce agus dá
mhéd lonnradh gach aoin acu fó leith, ní fiú ní
ar bith sin, acht mura raibh mur na baill chédna
le córdaigh carthannacht arna gcruaidh-cheangal
dá chéile mur bhaill aen-chuirp darab ceann
Críost ar Slánaightheóir.



CAIB. XXVI.



ÁIRC AN CHONARTHA NÓ NA FIADHNUISE ARNA DÉNAMH.



A.M. 2514.



Ar mbeith críochnaigh don taburnacle do
thionsgain Maoise an áirc do dhénamh, agus do
bhrígh nach raibh ag an bpobal Israél ní ar bith
do bhean rena ccreidiomh nó rena n-iodhbarthacha
ba hordheirce iná an áirc so, is chum áite onóraigh
do dhénamh dhí do-rinneadh an taburnacel, óir


L. 121


do mheas na Iudaighibh nach raibh ní acu ba
daor-luaighe iná í. Goiridh an Scriptúir féin glóir
Israél agus neart na nIudaighibh dhí.



Dobhí dhá chúbatt go leith ar fad inte, aon-chúbatt
go leith ar uirde, agus aon-chúbatt go leith
ar leithead; dobhí sí arna dénamh d'ádhmad
dho-thruaillighthe, agus í arna folach ar gach taobh,
amuich agus astigh, do phlátaighibh glan-óir, agus clár
mór óir a gomhfhad agus i gcomhleithead leis an
áirc féin mur fholach ós a cionn, dá ngoirthí an
clár trócuire nó an trócuireach, do bhrígh gurb
as sin do-bheireadh Dia freagra dá mhuintir an
tan dobhíodh gnaoi aige orra agus do éisdeadh lena
n-urnaighthe le maitheamhnus do thabhairt dáibh;
dobhí dá cherubín ar an gclár trócuire so, agus iad
ar aghaidh a chéile agus a sgítheáin sgartha ar fad
na háirce chum go mbeithdís 'na gcathaoir
ríoghdha ag Dia (agus is é so ní ó ttáinicc na briathra
so tá a n-iomad d'áitibh isin Scriptúir, .i. Dia
'na shuidhe ar na cherubíní); do cuiradh ceithre
fáinnidh óir ann a cheithre cearnaibh, agus maidígh
arna bhfolach le hór trésna fáinnidh sin
lena hiomchar an tan bheith an campa ar
gluasacht.



D'órdaigh Dia an áirc so do dhénamh agus gan
én-ní 'chur isteach innte acht cláir an dlighe (ó
ngoirthí áirc na fiadhnuise nó áirc an chonnartha
dhi ón dlighe do bheith innte), agus soitheach beag


L. 122


don mhanna, agus an tslat stiúrtha dobhí ag Aaron
lena hais.



Is iomdha slighe d'fhéchadh Dia lena ndualgus
do chur i gcuimhne don druing gharbh-intleachtach
so; acht anois is é croidhe an fhíréin is áirc
iomchuir agus comhnuidh don Tiaghearna an tan
chongbhas dlighe Dé sgríobhtha do ghnáth i
mbeó-chlár a anma: deliciae meae esse cum filiis
hominum. Is iad so na cherubíní fós ó iomad a
gcathrannuis agus a ngráidh do Dhia agus dá
gcomharsainn.



Iar gcríochnughadh na háirce mur dubhramur
d'ordaigh Dia do Mhaoise clár do chur dá dhénamh
do mhaide dho-thruaillighthe, dá chúbatt ar fad
ann, cúbatt ar leithead agus cúbatt go leith ar uirde.
folach timchill do phlátaighibh glan-óir a chur
air, coróin óir a chur ar 'imioll fágcuairt, ceithre
fháinne óir do chur ann a cheithre coirnéla, maidígh
órailte do chur tríothfa léna iomchar mur an
gcédna, agus na haráin taisbénta do chur air, miasa,
liacha agus capáin óir do dhénamh dochum an aráin
sin d'iomchar agus d'fholach; agus an uair dobhíodhdís
na haráin sin stálaigh do thóigeadh na sagairt
iad, agus dobhí d'fhiachaibh orra a n-ithe istigh isin
áit bheannaighthe, agus ní raibh dlistionach ag aen-nduine
eile a n-ithe acht ag na sagairt amháin,
agus do chuiridís aráin nuadha 'na n-áit gan fhuireach;
óir ní sgaradh an clár sin gan aráin do bheith


L. 123


air, óir ba hiodhbairt ghnáthach é, mur is iodhbairt
ghnáthach dúinne Críost ar Slánaightheóir do-bheir
é féin don altóir le caitheamh, ní amháin
dona sagairt acht don uile cheart-chreidmheach:



Sumunt boni, sumunt mali,
sorte tamen inaequali
vitae vel interitus.



Gé gur saidhbhir daor-luaigh áluinn gach ní
dá raibh isin taburnacel agus isin áirc, gidh eadh, ní
raibh aen-ní amháin ar bith ionnta ba hordheirce
agus ba háille ná na coinnleóiridh d'ordaigh Dia
féin a dhénamh mur so: .i. sé miongláin óir ag
éirghidh i n-urdughadh as aen-bhun amháin, maille
cnaip óir a bheith faoi gach beangán díobh,
bullaidhe, blátha agus lampaidh óir ann a mullach
le solas do thabhairt uatha do ghnáth; agus is don
árd-shagart féin amháin ba cóir a lasadh - Íosa
Críosd lasas lochruinn na ngrás i gcroidhthibh
cháich. Féch Apocalips. 1.



D'órdaigh Dia fós do Mhaoise altóir túise do
dhénamh isin taburnacle ar chumadh agus ar dhénamh
cláir altóra aráin na taisbénta, acht nach raibh
acht cúbatt ar fad agus cúbatt ar leithiod agus dá
chúbatt ar uirde sin altóir so. Tug Dia féin
ordúgh dóibh leis an túis do dhénamh. Istigh
isan tabernacel dobhí an altóir so eidir chlár an
aráin thaisbénta agus na coinnleóire óir. Do
chuiriodar (don taobh amuich) altóir eile práis, nó


L. 124


do mhaide setim arna fholach le plátaigh ramhra
práis. Dobhí sé dénta go ceathair-bheannach,
agus glés iomchair uirre mur gach altóir eile; chúig
ar fad, agus cúig cúbaitt ar leithead innte, agus trí
cúbaitt ar uirde. Altóir na huile-loisge do goirthí
dhi. Dobhí grátaigh agus soichidh brais le
freasdal dí.



Cuiridh an dá altóir so i gcéill dúinn, .i. altóir
an pharfúim an taobh istigh don taburnacel agus
altóir an uile-loisge an taobh amuich, staitt na
n-aithrighiocha nach bíonn ullmhaigh le dul
asteach i secréid Dé, bhíos dá losgadh go hinmheadhónach
le gráin ar na droch-ghníomhartha agus na
droch-mhiana ann a rabhdar ciontach roimhe sin,
agus staid na neamh-chiontach chuirios deathaíghe
deagh-bhalaidh a subháilceadh agus a ndeagh-ghníomhartha
do láthair na Trínóide.



CULAIDH NA SAGART AGUS AN ARDSHAGAIRT ANN
SO SÍOS.



Ag so síos na héudaighibh dobhí do réir
ordaighthe i gcoitchionn eidir na sagairt agus an
t-ardshagart. Ar ttús dobhí róba lín-édaigh i
gcosmhulacht, acht a bheag, do léinidh aifrinn; do
chuirdís crios il-dhathacha ar an róba, agus ar tteacht
don chrios sin fá dhó a ttimchioll a gcuirp do
bhíodh a dhá cheann dá éis sin ag bualadh na


L. 125


talamhan, agus an tan dobhíodh síad gnoitheach
do theilgdís i ttimcioll a ngualann é: dobhíodh
barréid ar a gcinn do lín-édach fhínéalta agá
mbíodh filleadha agus athfhilleadha iomdha ionnta.
Acht ar an árdshagart dobhíodh ós cionn an
róba rémhráite sin róba eile ro-fharsing ar dhath
hiacinthe do théudh go troitheacha dhó, agus an
chiubhais iachtarach dhe ceangailtidh le cloigínigh
beaga, agus dobhíodh lxxii díobh ann. Ós a chionn
sin an t-ephod, d'éudach shaidhbhir, go n-ór
agus go n-airgiod shnátha ar na gcomhoibriugh ann;
ní thigeadh sin acht go leath a gcuirp dhóibh,
acht a bheag ar dhénamh “dalmatic;” do
cheangladís sin le dá chlaspa ann a mbíodh
dhá chloich bhuadha ar a mbíodh dá ainm dhécc
threabha Israél; ann 'ucht so do chuireadhdís an
t-ucht-phláta, nó an t-ucht-édach, ar a mbíodh
dá chloich dhécc bhuadhach do réir uimhre dhá
threibh dhécc cloinne Israél, agus dobhíodh an dá
fhocal so sgríobhtha ann: doctrina et veritas, .i.
foghlaim agus fírinne; agus gidh go mbíodh an t-ephod
so cumhang do chuirdís crios ró-lonnrach an taobh
amuich dhe. Dobhíodh fós birrín nó miter air
ar a mbíodh na focail so sgríobhtha: sanctitas
est Domino.



Cuiridh lonnradh agus áille na n-éudaighe so i
gcéill gloine agus lonnradh shubháilce agus dheagh-iomchar
na ndaoine eaguilse. Cuiridh na cloigínidh
i gcéill guth gnáthach an tsagairt ag teagusg


L. 126


cháich, óir an tan nach bíodh ag gluasacht ní
bhaineadh na cluig; mur sin don tsagart: mur
siubhla sé i slighe na subháilceadh, ní dhénann
sochar ná tairbhe don Críosdaighibh.



(Go suige so do Leabhraibh Gen. agus Exod.
Leuiticus anois.)



CAIB. XXVII.



DO CHLOINN ARAOIN, NADAB AGUS ABIU.



EODEM ANNO.



I ttús an dara bliadhain tar éis an phobail
Eabhraigheach do theacht as broid na hÉgipte
do chríochnaigh Maoise an taburnacel, an áirc, agus
gach ní dár bhean riú, agus do bheannaigh agus do
fhuráil do Dhia iad maille le iomad iodhbartha do
dhénamh dhó. Agus mur chomhartha go raibh
sin taithneamhach ag Dia, táinicc néll do chomhnaidh
ós cionn an taburnacel, nach sgaradh ris
an feadh dobhíodh 'na gcomhnuidhe a n-aon-áit.
Acht an tan ba mian re Dia gluasacht dáibh, do
éirgheadh an néll sin, agus do ghluaiseadh rompa.



Is mur sin do thosaigh cách iodhbarthacha
d'fhuráil go riaghalta do réir ordaighthe Dé féin
ar an talamh. Agus dobhí Aaron cona chloinn
arna ngairm le Dia féin chum go mbeithdís 'na
sagartaibh ag miniostrálacht do ghnáth a láthair
Dé isin tabernacel. Acht ní cían gur chuir an


L. 127


Tiaghearna i gcéill do chách go coitchionn gur
mhian leis an tseirbhís sin a bheith arna dénamh
go dúthrachtach, agus nach beith aen-phonc dár
ordaigh féin dáibh ar dearmad acu i n-aimsir
dhénta na n-iodhbarthacha mbeannaighthe sin.



Óir, dobhí d'ualach orra an teinidh bheannaighthe
do chongbháil beó do shíor ar an altóir, agus
d'fhiachuibh ar na sagairt conna do chur dá
cothughadh gach maidin agus gach tráthnóna gan
fhaillidh, agus ní raibh cead teinidh ar bith eile do
chur isna sionnsaibh nó isna turriblibh le túis
do losgadh do láthair an Tiaghearna acht dí so
amháin, óir dobhí sí beannaighthe.



Acht tárla do shinnsiribh cloinne Aaroin, .i.
do Nadab agus d'Abiu, gur léigiodar le faillidh an
teinidh bheannaighthe dul a mbáthadh nó as,
ionus gurbh éigion dóibh teinidh choitchionn
choimhightheach do chur ann a sionnsaibh a
losgadh na túise don Tiaghearna, go ttáinicc do
dhíoghaltus orra go bhfuaradar bás ar an láthair
istigh isan taburnacel isan áit ro-naomhtha, óir
dotháinicc caor theintidh ó Dhia orra neoch do
bhrúidh agus do mharbh iad gan a n-édach do losgadh
ná a gcroicinn do bhreóghadh. Agus mur shompla
thairbheach dona sagairt eile do órdaigh Maoise
an dá chorp sin maille lena n-édaighibh sagairt
d'fhágbháil orra a chur amach as an gcampa.
Adubhairt fós le hÁaron agus lena chloinn eile gan


L. 128


chomhartha doilghís do dhénamh, .i. gan a ngruag
do ghearradh ná a n-édach do strócadh mur fa
ghnáth do lucht doilghis agus eólchuire do dhénamh
'mun am sin, agus adubhairt riú gan an nós sin do
leanmhuin acht a fhágbháil ag na tuataighibh,
óir gur cuiradh ola beannaighthe na sagartacht
orra.



Do chuir Dia i gcéill leis an siompla so nach
bíonn ofráil dá onóraigh nó dá dhaor-luaighe
taithneamhach aige má níthear go faillígheach
nó go heasbhadhach í, óir níor taithneamhach
leis an túis féin ó nách raibh sí arna losgadh leis
an teinidh chóir do hordaigheadh dhí.



Anois féin ní taithneamhach leis teinidh ar bith
choimhigheach do losgadh 'na láthair acht an
teinidh úd do fhadoigh an Spiorad Naomh i
gcroidheacha na bhfírén, .i. teinidh ghráidh Dé
agus na comharsann nach bhfuilingann teinidh
choimhigheach ghráidh na neithe saoghalta bheith
ag comhlosgadh 'na fochair, agus is gnáthach leis
díoghaltus a dhénamh ar gach aon do-bheir an
teinidh choimhightheach so leis do láthair iodhbartha
ná urnaighthe chuige, mur do-rinne ar
Nadab agus ar Abiu.



(Thig Leabhar na Nuimhreach asteach anos.)


L. 129


CAIB. XXVIII



LUCHT DIA-ATHISE ARNA GCLOCHADH CHUM BÁIS.



Eodem Anno.



Ar ttabhairt an cheirt-bhreitheamhnuis chruaidh
chinte sin do Dhia ar na sagairt sin dobhí ag
miniostrálacht i ttimchioll a altóra féin, ní cían
go ttug a shamhail do shompla don phobal
choitchionn.



Óir tárla imreasan idir dhias Eabhraigheach,
agus ar mbeith lán do fhraoch agus do dhásacht feirge
d'aon acu tug oil agus aithis d'ainm Dé uile-chumhachtaigh.
Ar gclos na dia-athise sin do dhruing
áirighe don phobal, do ghlac gráin agus uathbhás iad
go ttugadar an fear sin leó do láthair Mhaoise,
agus tug Maoise ordúgh a chur i bpríosún go ndénamh
féin comhairle re Dia le fios créd an pionús
bu cóir d'imirt air. Agus adubhairt Dia ris a
thabhairt amach as an gcampa gan fhuireach,
gach duine dhá gcualaidh an dia-athis sin uaidhe
theacht chuige agus lámh do chur ar a cheann, agus a
haithle sin gach aon don phobal a theacht le
cloich agus a bualadh air go gcuireadh chum báis
é. Agus do-rinneadh sin ar an láthair.



Féchadh agus tuigadh dream mhallaighthe na
mionn mór agus na dia-athise atá anos ann ar


L. 130


measg gurab é an Dia díoghaltach atá aguinn,
bhérus i n-ionad a gclochadh le clocha na talmhan
bás agus pianta síorruidhe dháibh.



Agus tug Dia mur dhlighe dháibh an bás
cédna do thabhairt do gach aon dá mbeith
ciontach isan gcoir chédna.



Go grod dá éis sin tárla siompla eile ar chruaidh- agus
ar ceart-bhreitheamhnus fíor-chinntidh Dé.
Óir ar mbeith don phobal ro-chúramach um na
Sabaóide do choimhéd do réir na haithne do
chuir Dia go dlúth roimhe sin orra, tárla do
dhream acu óglaoch dobhí 'cruiniughadh cipínigh
nó maidigh isin tSabaóid. Tugadar do láthair
Mhaoise é, agus ar ndénadh a chomhuirle do Mhaoise
ré Dia, fuai rdúgh a thabhairt amach as an
gcampa agus a rádh ris an bpobal mur an an gcédna
a bhásúgh re clocha.



Do bheith cách anois ní bu coimhédaigh go
mór ar dhlighe Dé do choimhlíonadh dá bhfaiceadh
cách díobh na píonúis agus na díoghaltais a' teacht
mur so go tobann. Gidh eadh, tiucfaidh gan
amhrus díoghaltus i n-am nach béidh cabhair
ná tártháil re fagháil.


L. 131


CAIB. XXIX



DON DÁ BHRATHADÓIR DHÉCC.



Eodem Anno M. 2514.



Níor choisg gach siompla cruaidh-bhreitheamhnuis
dá ttug Dia don phobal chruaidh-mhuinélach
dho-smachtaigh so iad ar mhurmur a n-aghaidh
Mhaoise agus Aaroin; óir ar mbeith édmhar iomthnúthach
dháibh fá úghdarrás agus fá mhór-chumhachta
Mhaoise ós a gcionn, adubhradar nár chóra
dhó labhairt re Dia ná dháibh féin, agus ionnus go
gcuirfeadhdís dath ar an ithiomrádh sin dubhradar
nár chneasda dhó bean Etiopach a bheith aige.
Agus dobhí Aaron féin agus a dheirbhshiur Maria
comh ciontach ré cách isan murmur sin.



Do ghlac Maoise go foighideach an ní sin, mur
fa gnáth leis. Gidh eadh do-rinne Dia díoghaltas
ar a shon; acht gur fhéch sé do ghairm Aaroin,
do bhuail sé le lubhra Maria ó bhonn go bathais
ar an láthair, dobhí ag crinn a cuirp go hiomlán.



Is annsin do ghuidh Moyse Dia le aisiog sláinte
do thabhairt dá dheirbhshiair. Agus ní bhfuair
an athchuinge sin ar an láthair nó gurbh éigion
dí dul amach as an gcampa ar feadh sheacht lá,
agus i gcionn na haimsire sin do glanadh ón lubhra í.


L. 132


Acht ní luaithe do choisg an murmur so ná
d'éirigh murmur coitchionn imeasg an phobuil
go hiomlán. Óir, iar bhfagháil ordaigh ó Dhía
do Mhaoise duine do gach treibh do dhá threibh
dhécc Israél do chur a' brath agus a' breathnughadh
thíre na Canaám, agus le cuid do shiompla thortha
na tíre do thabhairt leó lena ttaisbénadh don
phobal, ar tteacht ar a n-ais dáibh tugattar leó
aen-bheangán amháin ar a raibh mogull do chaora
fíneamhna bhí 'na ualach deise ar chuaille eatorra.
Agus gidh gur raibh adhbhar sóláis mhóir acu
fó an talamh sin do gealladh dháibh a bheith
comh torthach agus sin, do chuir na teachtairigh
thug leó é an uiriod sin do dhroch-mhisnigh orra,
óir ní raibh aon don dá fhear dhécc acht Caleb agus
Iosue nach dubhairt go raibh áitígheórigh na tíre
comh neartmhur agus comh láidir sin nacharbh
fhéidir buaidh do bhreith orra, agus adubhradar fós
go raibh athaigh ann agá raibh pearsanna mór-adhbhla
acu.



Arna chlos sin don phobal do sgreadadar ós
áird, agus adubhradar d'aithiosg aon-fhir go
mbfhearr leó bás d'fhagháil ar an bhfásach ná
dhul i gconntabhart comhraic le daoine comh
neartmhar sin. Agus leis sin do thionsgain siad
cinn feadhna do thogha dáibhlena ttreórughadh
ar a n-ais don Égipt. Agus ar mbeith do Mhaoise
agus d'Aaron ag sgreadaigh ar Dhia agus dá ghuidhe go
dúthrachtach, dobhí Caleib agus Iosue ag tabhairt


L. 133


misnigh don phobal agus ag rádh riú dá mbeith
Dia fabhrach go gclaoidhfadhdís lucht tíre na
Canaam gan duaigh ná dochar, agus gur bhá tír í do
bhí líonta do mhil agus do bhainne.



Acht i n-ionad meisnígh do ghlacadh leis na
haithiosgaibh sin, do thionnsgain síad Caleb agus Iosue
do mharbhadh le clocha, acht gur thárthaigh
Dia iad, arna thaisbénadh féin dóibh ós cionn an
tabernaceil, a' tabhairt ordaigh do Mhaoise a
rádh riú go gcualaidh féin a murmur agus go
ttiubhradh féin a rogha dháibh, oír nach rachadh
aon díobh ó aois a fhithchid bliadhain amach
beó go Talamh na Geallamhna, acht go bhfuigheadh
uile bas ar an bhfásach ar mbeith dá fhithchid
bliadhain dáibh ar seachrán feadh an fhásaigh
chédna, acht amháin Iosue agus Cáleb do sheas
amach a n-aghaidh an mhurmuir sin. Agus tug
bás ar an láthair don deichneamhar eile brathadóirigh
do mhúsgail an murmur cédna sin.



Mur so diúltar an oighriocht shíorruidhe ar an
dream ar a ttugann édóchus, leisge, agus droch-mheisneach
gan duaigh do ghlacadh lena saothrughadh.



Ní luaithe do coisgadh an murmur so do
mhúsgail na brathadóirigh ná do lean murmur
eile is mó do mhúsgail fearg Dé ná an chéd-mhurmur
sin ar an thráchtamur anois. Óir
d'éirigh Coré, Dathan, agus Abíron maille le dhá
chéd go leith dona daoine bá prionsapálta ameasg


L. 134


an phobuil Israél a n-aghaidh Mhaoise agus Araaoin,
óir do ghlac iomthnúth mór iad fó ard-cheannus
an phobuil do bheith acu, agus adubhradar gur leór
'fhad dobhí pobal Dé fá mhursantacht acu agus gur
mhithid cosg do chur ar a ttiarántacht. Agus ar
nguidhe Dé do Mhaoise go dúthrachtach adubhairt
leis an dream mhallaighthe sin gur leór dháibh
beith a n-ord Lebhítigh agus gan tnúth do bheith
acu leis an ard-shagartacht. “Agus dá bhrígh
sin,” ar sé, “dothug sibh masla do Dhia féin
le bhur n-uabhar agus le bhur ndíthchéill féin, agus
más maith libh cruthúgh d'fhagháil air sin
tugaidh libh gach aon agaibh a shionnsa ann a
láimh amárach, agus dénadh Aaron an ní cédna,”
ar sé.



Agus ar tteacht dóibh mur sin do sheas Aaron
a ttaobh agus iad-san ar an ttaobh eile. Is annsin
do thaisbéin Dia é féin go sollamanta maille le
mórdhacht dho-innste, agus adubhairt re gach aon
oile lucht ar mhurmuir do sheachna agus a bhfágbháil
'na n-aonar; agus ar mbeith dháibh mar aon rena
mnáibh agus rena gcloinn 'na seasadh a n-doruis a
bpáilliúin, do labhair Maoise do ghuth árd ris an
bpobal agus dubhairt:



“Bíodh 'fhiadhnuis' agaibh,” ar sé, “go bhfaicfidh
dá chruthugh go follusach anois nach darnu-sa
ní ar bith ann ar measg acht le hordúgh Dé féin.”



Agus ní luaithe do léig an focal déighionach
dona briathra sin amach as a bhél ná do fhosgail


L. 135


an talamh fá chosaibh Core, Dhathan agus Abíron,
gur shluig iad cona muintir agus gona maoin, gan
faill focail do bheith acu nó gur sluigeadh go
hifrionn iad.



Arna fhaicsin sin don phobal do theithiodar ar
gach taobh as an láthair d'eagla go sluigfidh iad
féin mar aon riú, agus ar an láthair do theilg Dia
teinidh ar an .ccl. eile do loisg agus do chosgair
iad. Do chuir Maoise d'fhiachaibh na sionnsaibh
dobhí acu do thabhairt amach as an lasair, agus
plátaigh do dhénamh dhíobh do bheith ag folach
na haltóra agus bheith 'na gcuimhne go bráth ar na
héuchtaibh míorbhuileach' do-rinne Dia isan lá
sin ar na trétúirigh mallaighthe sin.



Is annsin a d'éirigh an pobal a meirrliochas agus i
ttrétúracht a n-aghaidh Mhaoise, agus tugattar
imdheargadh dhó, ag rádh gurbh é budh ciontach
leis an droch-bhás tiaránta tobann mí-thrócaireach
sin do himreadh ar a ndearbhráithreacha. Agus
arna chlos sin do Mhaoise agus d'Aaron do-chuadar
asteach isin tabernacel, agus ar tteacht don phobal
do láthair adubhairt Dia riú:



“Dealaigh sibh féin as an bpobal mí-ghrásamhuil
so nó go mbásaigh mé iad.”



Agus leis sin do thuit cách dhíobh for an
talamh, óir do dhoirt Dia pláigh 'na measg ar an
láthair do-rinne ár mór 'na measg. Is annsin
adubhairt Dia re hAaron cuid do theinidh bheannaighthe
na haltóra do chur ann a shionnsa agus túis


L. 136


do losgadh don Tiaghearna lena fheirg do chlaochlódh.
Agus arna dhénamh sin do Aaran do
sheas agus a shionnsa 'na láimh idir an dream bheó
agus an dream dobhí marbh, gur choisg mur sin
fearg dhíoghaltach an Tiaghearna, agus gur stad an
phláigh theinntidh sin gan nísa mhó árbhaigh do
dhénamh, tar éis cheithre míle dhécc agus seacht
ccéd do mharbhadh dhí ar an láthair sin.



Agus iar sin, ionnus go bhfácfadh Dia an
tsagartacht ag treibh Leui go síorruidhe mur
oighreacht ó sin amach, agus ag sliocht Aaroin do
bhí don treibh chédna, adubhairt re Maoise a
fhógra do cheann feadhna gacha treibhe slat
gach aon acu do chur ann a n-ainm féin agus a n-ainm
a ttreibhe, agus a n-ainm do sgríobhadh uirre, agus a
gur iar sin isan tabarnacel, agus gíbe slat acu, .i.
don dá shlait dhécc, ar a bhfásfadh duille agus bláth
an treibh sin bheith 'na sagairt agus 'na lucht
freasdail ag an tabarnacel gan éiliugh 'na n-aghaidh
go bráth. Agus arna dhénamh sin dáibh dofríth
arna mhárach duille óg agus bláth ar shlait Aaroin,
agus mur chuimhne ar na míorbhuile sin tug órdugh
dháibh an tslat sin do chumhdach isin tabernacel
do shíor.



Tar éis gach siompla dhíobh so, ní fear creididh
ná céille acht dosaire gan chreideamh gan chéill do
ghlacfadh ughdarrás ar bith re a ais isin Eaglais
mur mbeith arna thogha mur Aaron.


L. 137


Da éis sin isin mbliadhain d'aois an domhain
1452 ar gcur na míorbhuileadh sin i ndearmad
don phobal chrosta chédna so, ar mbeith dáibh
mórán do bhliadhnaibh, do réir mur do ordaigheadh
Dia dháibh, ag aistriugh ó áit go háit ar feadh
an fhásaigh, do-chuadar uile i murmur agus i
n-ithiomrádh a n-aghaidh Mhaoise, agus do chasaoid
siad go coitcheann, agus do labhradar go hasaonta
ris ag rádh, “Créd fá ttugais as an Égipt sinn le
bás to thabhairt dúinn féin agus dár gceathra ar an
bhfásach, óir níl arán aguinn le hithe, bídh
uireasbhaidh uisge féin oruinn, agus is fada tá ar
ngráin agus ar bhfuath ar an mbia neamh-mbríghmhur
neamh-thábhachtach atá aguinn.”



Do ghlac fearg agus fráoch mór Dia fón mhí-shástacht
sin an phobuil, agus mur dhíoghaltus do chuir
athracha nimhe tinntidh 'na measg do-rinne ár
mór orra. An tan do-chonncadar an díoghaltus
tobann sin a theacht do ghlac uamhan agus uathbhás
mór iad, ar mhodh nach raibhe dhá dhoirbhe nó
dhá dho-riartha acu nachar umhlaigh é féin, agus
nach deachaidh lena ghuidhe agus lén' urnaighthe do
láthair an Tiaghearna ag iarraidh cabhra agus
tárthála air; agus ar ttús thángattar do láthair
Mhaoise ag admháil na n-égcóracha do-rinneadar
lena murmur agus lena n-ithiomrádh air, agus d'iarradar
go truaghbhélach air Dia do ghuidhe ar a son le
maitheamhnus d'fháil agus leis an bpláigh dhíoghaltaigh
sin do thógbháil.


L. 138


Do-chuaidh Maoise leis an teachtuireacht sin
le humhlacht mhóir do láthair an Tiaghearna, agus
d'éisd Dia le guidhe an duine naomhtha, agus dubhairt
ris nathar nimhe práis do chrochadh i gcrann
árd a n-amharc an phobuil, agus gibé neoch díobh
do bheith arna lot nó arna ghuin leis na hathracha
tinntidhe sin an tan d'fhéchadh ar an nathar
nimhe phráis go mbeith slán i gcédóir. Agus is
mur sin do choisg pláigh na nathrach nimhe.



Ciallaidh an murmur úd an t-édóchus agus an
droch-mheisnach ghlacus mórán fá bhuan-sheasamh
do dhénamh ag dul dáibh go Talamh
na Geallamhna, .i. go flaithios Dé, tré shlighe dhoghraingigh
an tsaoghail, agus bheir fuath don mhanna,
.i. dona subháilcibh, agus an tan umhlaighid dona
caithidhibh sin loitidh an sean-athar nimhe, .i.
an diabhal, iad, agus annsin ní bhíonn tártháil acu
acht féchuin ar chosmhulacht an athar úd, .i. ar
Críosd ar Slánaightheóir i gcrann na páise, do-tháinicc
i gcruth nathar nimhe - gidh nach
dearnaidh an peacadh, dotháinicc i gcruth agus i
gcosmhalacht peacaigh - dotháinicc gan nimh i
gcosmhalacht agus a gcruth nathrach nimhe.


L. 139


CAIB XXX



TRÁCHT AR BÁLAAM.



A.M. 2553.



Tar éis gach duaighe, gach trioblóide agus gach
doghruing dhólásach dár fhuiling Maoise an
feadh dobhí i gceannus an phobuil Israél, dob
éigion dó, aimsir bheag ré mbás, comhghleic
chruaidh do dhénamh ris an saobh-fháidh Balaam.
Óir ar mbeith don phobal Israél i gcampa a
bhfogus dona Moabítigh do ghlac eagla agus uathbhás
rígh na tíre sin, .i. Balach, rompa, agus do bhrígh
gurab é a naomhthacht is mó chuir eagla air do
mheas nach raibh slíghe lena gclaoidh dob fhearr
ná teachta do chur ar chionn Bhalaam, .i. fáidh
dobhí i ttír na Madianítibh, agus tuarusdal do
thabhairt dó ar chionn a mallughadh.



Agus ar gcur na teachta 'na chuinne dhó do
thoirmisg Dia air a dhul dá ionnsaigh, agus thug sin
air gan gluasacht as an tír. Gidh eadh, níor
thoirmisg an diúltadh sin Balaac gan teachtuireacht
eile maille le tobhartuis mhóra do chur
chuige. An tan chonnairc an saobh-fháidh
santach sin iomad na ttiodhlaicibh óir agus édála
oile ní bhfuair aige féin diúltadh do thabhairt


L. 140


dona teachta sin mur do-rinne roimhe, acht do-chuaidh
go díthchéilligh a' dénamh comhuirle le
Dia. Óir, dár leat, do mheas go bhfédfadh na
tiodhlaice fuair féin Dia d'ionntogh. Agus ní
mur sin dobhí, acht do thréig Dia eision agus
adubhairt ris imtheacht. Agus iar ngluasacht dó
tháinicc roimhe aingiol Dé ar chaol-bhealach, agus
ní fhacaidh é gur stad an t-asal dobhí faoi, agus an
tan dob áill leis a cur ar a haghaidh do thuit sí
faoi, agus annsin do bhuail sé go mór í. Agus ní
luaithe do-rinne ná d'fhosgail Dia bél an asail, go
ndubhairt, “Créd fá bhfuil tú dom bhualadh?”
ar sí. Agus leis sin do-chonnairc Balaam féin
an t-aingiol agus cloidheamh nochtaigh ann a láimh
ag cur toirmisg air ann a thurus agas ag bogar
báis air. Annsin do umhlaigh Baláam dhó, agus
dubhairt ris go ttillfeadh ar ais más é búdh mian
leis; acht tug cead dó dul ar aghaidh ar conghíoll
nach ndénfadh agus nach n-aibeóradh aen-ní acht do
réir mur do-chluinfeadh ó Dhia.



Agus is mur sin tárla dhó; óir dá mhéd
díthchioll dá ndearnaidh féin agus Bálac níor fhéd
mallacht ar bith do thabhairt don phobal, acht
a n-ionad mallachta dobhí ag tabhairt beannachtaigh
dhóibh, óir do chuireadh Dia na focail ann
a bhél mur do-rinne roimhe ris an asal.



Gidh eadh, d'eagla go gcaillfeadh an tuarusdal
mór do gealladh dhó, tug comhairle mhailíseach do
Bhálac do mhill gach ní maith dá ndubhairt


L. 141


roimhe. Agus is í comhairle tug dhó mná
Maidianíteacha do chur d'ionsaighe na Iudaightheacha
do ghluaisfeadh dochum peacaidh iad le
hadhaltrannus agus le híodhal-adhradh, agus leis sin
go ttréigfadh a nDia iad agus uaidhe sin amach go
mbéradh buaidh gan docamhal orra. Agus
táinicc toradh na comhuirle sin asteach do réir a
mhiana, óir do thruailligh na mná sin anma agus
cuirp na ndaoine ndíchéilligh sin. Agus is mur
sin dob óbair don fháidh fhallsa shanntach sin,
do chuir é féin i gcosmhulacht fáidhe fírinnigh,
lena chomhuirle mhioscusaigh mhailísigh an
pobal Israél do mhilleadh go bráth, muna mbeith
go ttáinicc sagart dílis do mhuintir an Dé fhíre
dhá thoirmiosg, .i. Phinée, do-chonnairc Iudaigheach
a ngníomh pheacaidh nó ag ciontugh go
collaighthe re mnaoi Mhadianíteach, agus ar mbeith
dó-san líonta le teas gráidh Dé do ghlac dásacht
agus díbhfeirg naomhtha é, go ttáinicc ós a gcionn
agus gur sháith a chloidhmhe go talamh tréna
gcuirp araon, gur fhág 'na gcorpáin mharbha ar
an áit iad, gur chlaochlaídh fearg Dé leis an
iodhbairt sin, agus leis sin do-rinne an pobal aithrighe.



Adeir S. Ambrós gor mó an mhíorbhuile go
mór lér tharthaigh an sagart beannaighthe so an
pobal ná mur dob fhéidir le mailís na saobhfháidhe
sin dochar do dhénamh, agus gurab aoibhinn
don phobal agá mbíonn Phinee acu le seasamh


L. 142


go dána a n-aghaidh urchóide na n-aindlightheacha
ndiablaidhe thig le bladar agus lena ndroch-shomplaidh
a' cur chaithidhe orra; agus do bhrígh nach
raibh agus nach béidh an Eagluis coidhche gan
a samhail so do bheith dá buaidhreadh gach
tráth, guidhmíd Dia go dúthrachtach le Phinesaibh
go leór do chur chugainn le seasamh 'na n-aghaidh.



CAIB. XXXI



DO BHÁS MAOISE.



A.M. 2553.



An tan do thuig Maoise go raibh críoch a
shaoghail a ngar dhó, do mheas sé gur cheart dó
ré mbás díoghaltus do dhénamh ar an saobhfháidh
Balaam agus ar a thír go hiomlán, fá mur
do tharraing sé an pobal Israél chum peacaidhe
do dhénamh a n-aghaidh Dé, mur dubhramur
thuas. Agus chum an díoghaltuis sin do dhénamh
do thogh sé dhá mhíle dhécc fear don dream ba
calma agus ba misneamhla dá bhfuair san gcampa
Eabhraightheach, agus chuir Phinee mur cheann
feadhna leó, óir do mheas go ttiubhradh a
naomhthacht agus an chaoin-dúthracht dobhí ann
le dlighe Dé do choimhlíonadh, mur do thaisbéin
go dlúth roimhe sin le comhartha follusach, rath


L. 143


agus buaidh dá shluagh a n-aghaidh na naimhde
sin, dá neartmhuire iad. Agus ní raibh mealltaigh
ann a bharamhuil, óir iar ttreasgradh agus iar
ndícheannadh shluaightibh agus phrionnsa na
Madianítibh agus Balaaim do mharbhadh don dá
mhíle dhécc Iudaigheach sin, do loisgiodar a
mbailtibh agus a gcathracha, agus thugattar a mnáibh
uile a mbraighdionus leó maille lena n-óg-chlainn
agus le creacha na tíre go hiomlán. Agus ar tteacht
a ngar dá gcampa féin ar a n-ais dháibh do-chuaidh
Maoise 'na gcuinne, agus ar bhfaicsin na
mban dó do ghlac fearg adhbhal-mhór é, go ttug
imdheargadh mór dona cinn fheadhna dobhí ar
an tsluagh fá gan na mná sin, dá ndearnaigh
Balaam instrumentigh lena ttarruing chum
peacaidh, a chur chum báis mar aon ris na fir.
Agus tug ordúgh ar an láthair dóibh gach firionnach
dá ttugadar leó a chur chum báis agus 'na dhiaidh
sin an méid ban dobhí ann a bhásughadh, acht
amháin na maighdiona do chaomhna; agus ba hí a
n-uimhir sin dhá mhíle agus fithche maighdion.



Is annsin tug Maoise an talamh bhí don taobh
thall don abhainn Órthannáin nó Iordáin mur
chuid ronna do threabha Ruben agus Ghaid agus leathtreibh
Mhanasses. Agus do bhrígh nach raibh i
gcinneadh dhó féin dul tar an abhainn sin, adubhairt
Dia leis Iosue do thabhairt do láthair an chomhchruinnighthe
go hiomlán, cúra agus ceannus an


L. 144


phobail do chur air. Agus adubhairt Maoise ris
a bheith cródha meisneamhuil, agus an pobal do
threórughadh dochum na tíre sin do gheall Dia
go minic dháibh.



Agus annsin tug aghaidh ar an bpobal, agus do-rinne
athfhriotal go hathchumair dá láthair ar
gach dlighe agus ar gach aithne dár ghreamaigh Dia
díobh ón aimsir fár fhágadar an Égipt gusan
lá sin, agus do sgríobh sé a leabhar iad dobhí 'na
dhiaidh sin arna chumhdach go cúramach mar
aon re cláir na n-aithneadh i n-áirc an Tiaghearna
do ghnáth. Iar sin do-chuaidh Maoise suas a
mullach sléibhe nó cnuic Abarim, agus do bheannaigh
fó leith gach treibh do dhá threibh dhécc Israél;
iar sin do thaisbéin Dia talamh na Chanaam dó,
agus dubhairt leis nach bhfuigheadh acht amharc
air, agus nach rachadh asteach ann go bráth.



Iar sin dofuair an duine ro-naomhtha so a
n-aois a shé fithchid bliadhan bás ar an gnoc
cédna, áit ar adhlaic na haingil é gan fhios an
ionaid, ar nach beith eolus ag aon neoch daonna
dár mhair ó sin a leith.



Agus is mur sin do chríochnaigh an fáidh agus an
ceann feadhna ba mó agus bá deagh-bhéusaigh dá
ttáinicc ariamh a shaoghal. Do chaoin an pobal
é ar feadh thríochad lá.



Iar sin thugattar umhlacht agus urraim do Iosue
dobhí arna líonadh le spiorad agus re gliocus diadha,


L. 145


mur do thaisbéin Dia dhóibh leis an míorbhuile
do-rinne orra ar ndul dáibh le cosa tiorma tré
lár abhanna Orthanáin mur so:



(Iosue 3).



Iar mbás Mhaoise, mur do-chualais cheana,
táinicc an pobal uile do láthair Iosue, agus iar
ttabhairt a ngeallamhna le bheith umhal dó do
shíor adubhairt riú iad féin d'ollmhughadh agus
lónta thrí lá do bhreith leó agus gluasacht d'ionnsaighe
abhanna Orthannáin. Agus ar an treas
lá do labhair Iosue do ghuth árd ris an bpobal
uile, ag rádh riú coimhéd maith do bheith acu ar
an áirc an tan do bheith isan abhainn - agus d'eagla
nach gcluinfídís go hiomlán é do chuir bollsaire
dá fhógra dháibh -, acht adubhairt riú a léigion
rompa agus gan teacht ní ba goire ná dhá mhíle
chúbad dí. Agus annsin tug ordugh dona sagairt
an áirc d'iomchar ar a nguallaibh. Agus ar ndul
asteach isan abhainn do sheasadar, agus an tan do
bhí an áirc ós an uisge do umhlaigh dhí, óir an
chuid don uisge dobhí fútha do theith, gur dhoirt
é féin gan fhuireach isan Mhuir Mhairbh, áit a
raibh a thriall, acht an chuid díobh bhí 'teacht
ós a gcionn do ritheadar ar a n-ais chum na háite
ó ttangattar, gur chruinnigh a gcosmhalacht cnuic
mhóir an taobh sin, agus gur sheas mur sin nó go
ndeachaidh an pobal le cosa tiorma tarsna fríthe,
agus annsin do lean an áirc iad.


L. 146


Do chuimhnuigh Iosue annsin ar an oidios dofuair
ó Mhaoise, lér ghnáthach tiodhlaice agus míorbhúilibh
Dé d'altugh ar an láthair; agus adubhairt
ris an bpobal nárbh oirchios míorbhuile comh mór
sin do léigion a ndearmad, acht comhartha
síorruidhe d'fhagháil lena cur i gcuimhne dháibh
agus dá sliocht go bráth. Agus leis sin tug ordughadh
do dhuine as gach treibh don dá threibh dhécc
cloch do thógbháil as an áit a raibh na sagairt
dobhí ag congbháil na háirce 'na seasamh isin
abhainn, a ttabhairt leó ar thalamh thirim ós
comhair na háite cédna, agus cárn do dhénamh dhíobh
ar chumadh altóra, ionnus go mbeith go síorruidhe
'na leachta cuimhnuighthe ar an éucht míorbhuileach
sin. Do ordaigh fós don mhuintir chédna
dá chloich dhécc do thabhairt ó bhruach na
habhann agus a gur ar chumadh altóra isan áit
don abhainn ann ar sheas na sagairt leis an áirc
tá le faicsin aniugh. Ar gcríochnúgh na neithe
sin dáibh adubhairt Iosue ris na sagairt dobhí
ag iomchar na háirce agus dobhí 'na seasamh go
soiche sin isan áit chéadna don abhainn gluasacht.
Agus ní luaithe thángattar ar talamh thirim
ná do bhrúcht na huisgeadha ana n-áit féin
irís.



Is mur sin do chuir Dia i gcéill don
phobal gur chóir dháibh umhlacht, onóir, agus
urraim do thabhairt dá gceann feadhna, .i. do
Iosue.


L. 147


Fighir dhílis don bhaisdeadh an ní so, óir mur
do stad uisge an tsrotha so, is mur sin chuirios
an baisdeadh cúrsa na n-ainmhian 'na gcomhnuidhe.



CAIB. XXXII



CATHAIR IERICHO ARNA GABHÁIL.



A.M. 2553, ante Christum 1451.



Tar éis dul tar abhainn Órthannáin don phobal
Eabhraigheach as í cathair Iericho do thionnsgnnadar
ar ttús do bhuain amach, agus do chuiriodar a
gcampa timchioll uirre, agus do chuiriodar lucht
bratha dá faisnéis roimhe sin. Agus ar bhfagháil
faisnéisi do mhuintir an bhaile go ttáinicc a
samhuil a' brath na cathrach, d'innsiodar don
rígh é. Agus dobhídar ann a gcontabhairt mhóir,
acht gur fholaigh méirdreach dobhí san mbaile
iad dárbh ainm Rahab, agus gur chuir tré fhuinneóig
tar bhallaighe an bhaile amach iad. Agus ar
ndul ar a n-ais go Iosue dháibh, ní mur na
brathadóirigh do chuiriodar a' faisnéis na tíre
sin dhá fhithchid bliadhain roimhe sin do-rinneadar,
acht tugadar an uile mheisnioch uatha, agus dubhradar
go ttug an Tiaghearna cheana an tír ana láimh,
óir go raibh a háitigheóirigh dúthchais ag dul i
n-anbhfainne le heagla rompa.


L. 148


Acht tá ní cheana: arna chlos do mhuintir
Iericho go raibh Iosue cona mhuintir ag teacht a
bhfogas dáibh do dhaingnídar ballaigh agus rampéir
na cathrach, i gcruth gur mheasadar féin nárbh
fhéidir a sárúghadh. Gidh eadh, ba dímhaoin
dáibh cur a n-aghaidh Dé, óir thug gealladh do
Iosue go ttiubhradh an chathair sin dó gan bhuille
gan urchar. Agus adubhairt a chur d'fhiacha
ar a mhuintir ballaigh na cathrach do thimchilleadh
uair gach lá ar feadh shé lá, agus ar an seachtmhadh
lá mórsheisior dona sagairt do ghlacadh stuic nó
buabhuill dénta d'adhairc ghabhair gach aon acu,
agus gluasacht amach roimh an áirc agus an chathair
do thimchilliugh seacht n-uaire ar an n-órdugh
sin, gan chaint ná torann do dhénamh, agus ar an
seachtmhadh uair ar séideadh na stoc dona sagairt
an pobal uile do léigion na ngártha, agus leis sin go
ttuitfadh na ballaigh fó thalamh gan cloch
d'anmhuin ar a n-áit. Agus do chuir aithne
ghér air gan ní ar bith dá raibh istigh isan mbaile
do thógbháil ná do shealbhughadh do neoch ar
bith don phobal, óir gur mhallaigh féin an chathair
agus gach ní dhá raibh inte. Agus iar mbriseadh
na mballaigh mur sin do chuir Iosue an aithne
chédna go cúramach ar an bpobal.



Dobhí ballaigh Iericho neartmhur láidir nó gur
shéid na sagairt a stuic, agus gur fhreagair an pobal
iad: mur sin bhíos ballaigh ifrinn ann a neart
nó go labhrann na sagairt i gcathaoir Chríosd ag


L. 149


teagasg an tsoisgéil, agus an tan fhreagras an pobal
le humhlacht bristear agus raebtar ballaigh, agus
raebthar neart iffrinn go talamh.



Tar éis gur bhrisadh agus gur loisgadh cathair
Iericho, agus nar fágbhadh beag ná mór, óg ná sean
dona háitigheóirigh bhí innte gan bhásughadh,
acht amháin an mhéirdreach Rahab, cona muintir
agus gona maoin, do caomhnadh ó gach dolaigh do
réir geallamhna na mbrathadóiridh do chaomhain
sí roimhe sin, do chinn Iosue ar chathair bhig
Hai do sgrios agus do dhíthughadh mur an gcédna.
Agus do chuir trí mhíle fear armtha dá treasguirt,
agus do mheas gur leór sin do bhrígh nach raibh
ann acht cathair bheag. Gidh eadh, an tan do
shíl a bheith a' teacht ar a n-ais dáibh le buaidh
chosgair dochonnairc iad ag teacht agus maidhm
orra tar éis gur brisadh orra. Arna fhaicsin sin
do Iosue do ghlac dólás mór é fán scannail sin
dofuair Israél agus ar mbualadh a aighe ré lár do
láthair an Tiaghearna dhó do-rinne gearán agus
casaoid chruaidh leis ar an n-olc neamh-ghnáthach
tháinicc ar an bpobal.



Do fhreagair Dia é, agus adubhairt gurbh iad
peacaidhe Israél ba ciontach, agus gurab í an
mhallacht dobhí 'na measg dothug air féin a
chongnadh do tharruing uatha agus do chuir air
gurbh éigion dó a ttabhairt suas ar lámha a
namhad; acht gidh eadh, adubhairt leis dá
ndénamh díthchioll leis an bpobal do bheannughadh


L. 150


agus do ghlana nach ttréigfeadh féin iad agus go mbeith
dhá gcaomhnadh.



Is annsin do chuir Iosue gairm ar an bpobal
ar aon-láthair, agus do dhearbh dháibh gibé haon
do-ghéubhadh ciontach san ghníomh ghráineamhuil
do tharruing fearg agus díoghaltas Dé orra go
gcuirfadh dá losgadh é. Agus do chaith lotaigh
ar na treabha, agus do thuit ar treibh Iud; agus ann
sin do caitheadh lotaidh ar thighthibh nó ar
theallaigh na treibhe sin, agus do thuit ar theallach
Zaré, agus as sin go hAchan.



Is annsin adubhairt Iosue: “Admhaidh do
choir,” ar sé, “agus tabhair glóir do Dhia Israél.”



An tan do-chonnairc Achan gur fhoillsigh Dia
féin a choir do mheas nach raibh tairbhe dhó
ann a ceilt, agus do admhaidh ós áird a n-am chathrach
Iericho do bheith dhá losgadh agus dá hargain go
bhfacaidh clóca scarlaóide, dá chéd secel airgid, agus
barra óir, gur ghlac saint é leis na seóda sin do
shealbhughadh, agus go ttug leis iad, agus gur chuir a
ttalamh ann a lóistín iad. Do chuir Iosue teachta
a gcuinne na seód sin dobhí móidighthe ón
Tiaghearna, agus tugadh dá láthair iad a bhfiadhnuise
an phobail; agus arna bhfaicsin dó thug ordúgh ar
an láthair Achan do láimhsiugh, é féin, a bhean,
a chlann, agus a mhaoin do bhreith leó go Gleann
Achor áit ar clochadh é féin, a bhean, agus a chlann,
agus ar loisgeadh a mhaoin go hiomlán; agus ar mbeith


L. 151


d'fheirg Dé arna claochládh do bhíthin an phionúis
sin, adubhairt re Iosue gan eagla bheith air, agus go
ttug cathair Hai dhó le díoghailt do dhénamh
uirre. Agus dubhairt le Iosue luidheachán do
chur isan ngleann dobhí i bhfogus don chathair,
agus é féin mar aon le cuid eile dá lucht cogaidh dul
a n-amharc an bhaile, agus an tan dochífeadhdís
lucht an bhaile iad go ttiucfadh amach le comhrac
do thabhairt dóibh. “Leis sin tugaidh taisbénadh
oraibh féin a bheith ag teitheamh nó go
nd-éirigh an dream bhías a luidheachán eidir iad
agus an baile, agus annsin go gcoisgeóraidh sibh iad
go hiomlán.”



Agus do-rinneadar mur do ordaigh Dia; agus an
uair do lean lucht na cathrach an dream sin do
shíliodar a bheith a' teitheamh rompa nó gur
chuir an dream dobhí a luidheachán an baile tré
theinidh, annsin do thilliodair orra, agus níor fhágadar
aon gan mharbhadh díobh. Agus mur sin dothugattar
a gcliú ar ais leis an bpionús tugadar
d'Áchan.



Is mór an t-adhbhar uathbháis mur do aithfir
Dia peaca aen-nduine amháin ar an bpobal
líonmhuir sin go hiomlán.


L. 152


CAIB. XXXIII



AN GHRIAN 'NA COMHNUIDH LE GUIDHE IOSUE.



An tan do-chualaidh na ríghthe eile dobhí i
ttír na gCanáamach an t-ár agus an treasguirt
do-rinne na hIsraélítibh ar cathracha Iericho agus Hai,
do-chuadar i gceann a chéile, agus do-rinneadar
comhuirle eatorra féin lena neart do chur a gceann
a chéile agus comhrac do thabhairt dáibh. Acht
ar mbeith dona Gabaonítibh ní ba críonna ná an
chuid eile, do thuigiodar gur dhímhaoin dáibh cur
a n-aghaidh phobuil Dé agus nárbh fhéidir do
neart ar bith a gclaoidh, agus ar an adhbhar sin do
chuir rompa síthcháin d'fhagháil re gliocus uatha.
Agus do chuiriodar sean-édach iompa agus seanbhróga
athchóirighthe ar a gcosaibh, agus do
chuiriodar i gcéill ar gclos áird-chliú na Iudaigheach
go ttángattar as tír imchiain ag iarraidh cairdiosa
agus síthchána orra. Do thuig Iosue a gcédóir gur
le calaois dotháinicc siad isan turus sin, acht ar
bhfaicsin an aráin dothug leó mur lón bheith
comh seanda agus sin go raibh ag tuitim 'na phúghdar
as a chéile, do chreid sé iad; agus mur chruthúghadh
air sin dobhí na soithigh thugadar leó bristigh
breótigh. Tug na comharthaigh sin ar Iosue
síthcháin do dhénamh go tobann riú, gan comhairle
do dhénamh re Dia, agus móide do thabhairt dáibh
nach dénfadh sgrios ná díbirt orra.


L. 153


A gceann thrí lá na 'dhiaidh sin dofuair Iosue
an chalaois sin amach, agus do-rinne cuid don phobal
munbhar fá shíthcháin do dhénamh ris na Gabaonítibh,
agus dob áill leó a marbhadh, acht go ndubhairt
Iosue riú nár chóir na móide thugattar uatha do
bhrisadh. Acht thug do bhreitheamhnus orra
beith fó dhaoirse shíorruidhe ag tarruing uisge
agus ag gearradh cunnaigh don phobal go hiomlán.



An tan do-chualaidh a gcomharsanna agus a
gcomhthíorthacha go ndearnaidh na Gabaonítibh
cáirdios agus síthcháin ris na hIsraélítibh, do thionnsgnadar
díghaltus do dhénamh orra; agus do
chruinnigh Adonibisech, rígh Ierusalem, agus ceithre
ríghthe eile dá chomharsanna, agus do chinniodar
dian-sgrios agus díbirt do chur ar na Gabaonítibh.
Agus ar tteacht dona ríghthibh sin coná sluaghaibh
don Ghabao do ghuidhiodar Iosue um chabhra do
thabhairt dáibh, agus ní luaithe fuair Iosue na sgéla
sin ná ghluais cona shluaghaibh le cabhair do
thabhairt dáibh, gur chuir maidhm agus briseadh
ar na cúig ríghthe sin. Agus ar mbeith a'
leanmhuin na námhad dó thug dhá aire go
ndeachaidh an lá tar druim, agus nach mairfeadh
solus dó le ár agus le treasgairt iomlán do dhénamh
orra; agus d'iarr ar an ngréin seasamh. Agus do
sheas an ghrian, agus do chomhnuidh isan ionad
chédna don Zodiac ann a bfhacaidh an uair sin í,
nó go ndearnaidh díoghaltus agus treasguirt do réir
a mhiana féin ar an namhaid.


L. 154


Deir an Scriptúr naomhtha féin nach bfhacus
ariamh lá comh fada ris an lá sin, óir ba thoil
re Dia guth an fhíréin do fhreagra. Féch, mur
deir na haithreacha naomhtha, mur do smachtaigh
Iosue an ghrian ann a sphéir nó ann a flaithios
féin, agus nár fhéd saint anmhianach Achain do
chosg ar an talamh.



Iar ttreasguirt shluaightibh na gcúicc rígh
réimhráite do Iosue ní mór go bhfuair 'na dhiaigh
sin namhaid ar bith do-ghéubhadh meisneach
ionta féin cur 'na aghaidh; agus dobhí gach lá ag
fás i ccumhacht agus i ttreise ag claoidh a namhad,
agus iad a' teitheadh roimhe is gach aon áit dá
gcluinidís a thriall. Agus fá dheóidh do thuigiodar
agus do chreidiodar go ttug Dia ceart oighriochta ar
na críochaibh sin dona Iudaighibh, agus dá bhrígh
sin nach raibh acht dímhaoinus dáibh féin cur 'na
n-aghaidh. Agus mur sin i gceann shé mbliadhan
ní mór do mhair isna críochaibh sin dona
hanchreidmheacha íodhal-adharacha gan treasgairt
gan díthughadh le cródhacht agus le gaisge an chinn
fheadhna ró-ghlic ro-naomhtha sin. Óir níor
thoil le Dia nísa mhó d'fhágbháil beó ná mur
budh riachtanus dochum a phobail féin do
chongbháil i n-anáil agus a n-úsáid cogaidh, agus fós le
díoghaltus do dhénamh do réir ordaighthe Dé
féin gacha mhinioca dorachadís a n-easumhlacht,
i ttrétúracht, nó i meirliochas, ann 'aghaidh
féin.


L. 155


Ar mbeith don ghabháltus arna dhénamh, agus ar
mbeith dona críochaibh sin uile fó neart, fó
smacht, agus fó chumus Iosue, do roinn sé iad go
ceart comhthrom eidir na treabha sin Israél maille
le ceart agus le críonnacht, ionnus (gé gur dhoiligh é)
gur shásaidh gach dream fó leith dhíobh. Agus
ar gcríochnughadh na ngníomhartha nglórmhara
mór-éuchtacha so, do réir mur do órdaigh Día
dhó, agus ar mbeith a ngar do chrích a shaoghail
dhó, do chuir cruinniughadh ar an bpobal
Eabhraighach uile dá láthair. Agus ar gcur gach
maith, gach míorbhuile agus tiodhlaice dá ttug Día
dháibh go soiche sin a gcuimhne dháibh, do chuir
mur chonghioll cruaidh orra gan géilladh do dhia
ar bith eile acht dhó féin, óir gurbh é féin an Dia
fíre forórdha, agus tugadar uile d'aithiosg aon-fhir
geallamh agus mionna le gach ní dhá ndubhairt riú
do choimhlíonadh. Iar sin a n-aois a chéd agus deich
mbliadhan dofuair bás; agus do-rinne an pobal
caoi agus eólchaire 'na dhiadh.



Bá duine ro-naomhtha, ro-chródha, ro-cheart
an Iosue so, agus do-bheir cách ann a bheatha ní
ro-iongantach dá n-aire, .i. le linn a bheith a
gceannus an phobail do-smachtaigh dho-riartha
úd dó nach dearnadar munbhar ná ithiomrádh ar
Dhia ná air féin. Leis na cathaibh agus na comhraic
dothug sé a n-aghaidh naimhde Dé agus a phobail,
lér chlaoi agus lér threasgair sé (do réir mur áirmhios
an Scriptúir naomhtha) .xxxi. rígh, cuiridh i gcéill


L. 156


dúinn nach féidir Talamh Síorruidhe na Geallamhna
do shealbhughadh acht le buaidh do bhreith ar
ttús ar na naimhde bhíos ionainn féin istigh, do
bhrígh go mberthar gach aon aguinn fá chuing
sclábhaighachta an diabhail.



d'éis báis Iosue isan mbliadhain d'aois an
domhain 2570, agus roimh Chríosd do theacht 1434,
do chuir treibh Iuda a gcródhacht a gcéill ar
mbeith do Chaleb 'na cheann feadhna a n-ionad
Iosue. Óir, ar tteacht do Adonibisech 'na aghaidh,
dothug treibh Iuda cath dhó, agus iar gcur madhma,
agus ar ndénamh áir mhóir ar a shluagh, dothugattar
tóruighacht dó féin agus é ag teitheadh; agus an
tan rugattar air do ghearradar barra na gcos agus na
lámh dhe. Agus leis sin do admhuidh ceartbhreitheamhnus
Dé, óir is mur sin do-rinne Adonibisech
féin ar .xxxxxxx. rígh ar a rug buaidh feadh
a bheatha roimhe sin. A haithle sin tugadh go
Ierusalem é, áit a bhfuair bás, tar éis na briathra
so an tSláinaightheóra do chruthughadh: Eadem
mensura qua mensi fueritis remetietur vobis,
Marci 4.


L. 157


CAIB. XXXIV



DO BHÁS SISARA.



A.M. 2719



Tar éis báis Iosue, Chaleb, agus na ndaoine
ársaigh críonna cráibhtheacha dobhí rena linn,
do dhearmaid pobal Israél gach sochar dá
bhfuaradar féin agus a sinnsir ó Dhia agus gach
comaoin dár chuir orra, gur léigiodar a sriain re
a gcluasaibh ag imtheacht ón bpeaca go 'chéile,
óir ní raibh fear ceannuis ná smachta orra, acht
gach aon acu ag riar agus ag leanmhuin a anmhiana
féin. (Agus cuiridh sin a gcéill gur ó uachtarán
nó ón cceann feadhna maith dothig leas na
ndaoine do ghnáth, agus a n-aimhleas óna
chontrárdhacht sin.) Agus mur nach raibh
riaghail ná rath orra do thuitiodar i moghsaineacht
agus a sclábhaighacht d'achtrannchaibh; agus annsin
gur thuigiodar a n-arráid féin, agus gur chuiriodar
iad ar inioll urnaighthe agus aithrighe, agus gur ghuidhiodar
Dia go dúthrachtach um thrócaire do
dhénamh orra agus um thárthála do thabhairt dáibh;
agus fá dheóidh gur éisd a nguidhe, gur gheall dáibh
go gcuirfadh chugtha lucht a stiúrtha a n-ionad
a chéile le tártháil do thabhairt dáibh, .i. breitheamhuin
(óir is é sin ainm do goirthí díobh).


L. 158


Agus tar éis báis Otoniel bráthair Chaleb táinic
Aod, 'na dhiaidh sin Samgar, agus iar sin do thuit
ceannus an phobail Eabhraigheach dochum mná
darbh ainim Debora, dá chur i gcéill nach bhfuil
instrumeint dá tháire nach dénann Dia oireamhnach
an tan is mian leis.



A n-aimsir na mná so bheith i gceannus do
chuir Iabin rígh na gCanaamach cogadh ar na
Iudaigheacha, agus do chuir sluagh mór armtha 'na
n-aghaidh, agus Sisara 'na thaoiseach nó 'na ghenerál
orra. Agus ar mbeith do Dhebora líonta do
spiorad Dé do thaisbéin cródhacht agus críonnacht i
gcogadh agus i síth. Do chuir teachta dh'ionnsaigh
Bhárac dá rádh ris gur thogh sí mur ghenearál
nó mur thaoiseach slóigh a n-aghaidh Shisara é;
acht adubhairt Barac nach rachadh féin dochum
an chogaidh sin acht le í féin do dhul ann. Agus
iar gceapadh lae an chomhraic eatorra adubhairt
Debora le Barac deich míle fear cogaidh do
thabhairt leis a n-aghaidh na gCanaamacha sin.
Agus dobhí dóchus mór ag Sisara annsan
uimhir adhbhal-mhór daoine agus ann a il-iomad
carbatt cogaidh dobhí armtha le spealta gér-fhaobhracha;
agus ar tteacht do láthair an
chatha dóibh, do dhoirt Dia úamhan agus imeagla
i gcroidhthibh a shluaigh, gur ghlacadar briseadh
gan mhaill. Annsin do ling Barac cona
mhuintir 'na measg, agus dobhí dhá ttreasguirt
agus dá ttrén-ghearradh.


L. 159


Tan chonnairc Sisara, dobhí lán d'uathbhás
mur an gcéadna, a mhuintir do bheith arna
ttreasguirt mur sin, do mheas teitheadh le luas a
chos, agus arna fhaicsin mur sin do mhnaoi cháirdeamhail
do Iabin, bean Haber (do-rinne cáirdios,
mur dubhras, le Iabin), do dhruid roimhe agus d'iarr
air teacht asteach dá páilliún féin; agus mur bhí
seision lán dá anáil agus a bhrígh arna claoi leis an
teitheadh tobann sin, do-chuaidh asteach mur
d'iarr air agus d'iarr deoch uisge uirre. Agus tug
sise bainne dhó i n-ionad an uisge, agus iarna eól
dó do shín ar an talamh, agus iar gcur éudaighe
dhise ós a chionn do thuit codladh air. Agus
mur bhí grádh gnáthach ag Iael ar pobal Dé, ní
luaithe do-chonnairc ann a shuan é ná thug
táirne mór iaruin léidh, agus gur thiomáin le farcha
tré chúl a chinn é, gur ghreamaigh don talamh é.
Agus ar mbeith do Bharac dá thóruighacht thárla
Iael dó, agus d'iarr air dul asteach, agus do thaisbéin
Sisara 'na chorp marbh dhó.



Is annsin do chan Debora caintic molta do
Dhía, agus do-bheir moladh isin gcainticc chédna do
mheisnigh agus do chríonnacht Iael.



Mur sin do thosaigh bean leis an gcogadh sin agus
do chríochnaigh bean eile é. Féch ar neart
míorbhúilibh Dé annso, óir tug sé do neart agus do
mheisnigh don dias ban sin neithe do choimhlíonadh
nach dénfadh ar uairibh sluagh fear:
Infirma mundi elegit ut confundat fortia.


L. 160


CAIB. XXXV



IODHBHAIRT GHEDEON.



A.M. 2759.



d'éis báis Debóra dobhí an cine Iudaightheach
gan ceannus ná uachtaránacht ar bith do bheith
ós a gcionn; agus mur fa gnáth leó an uair do
bhíodh ar a gcomhuirle féin a bheith dána dalba
do-smachtaigh, do-rinneadar mórán uilc agus aindlighe
a láthair an Tiaghearna, ionnus go ndearna mur
dhíoghaltus orra a ttabhairt a lámha na Madianítibh,
go rabhdar i ndaoirse acu ar feadh sheacht
mbliadhan; agus i gceann na haimsire sin do
sgreadadar ar Dhia agus do ghuidheadar go dúthrachtach
é le cabhair agus tártháil do thabhairt dáibh ón
duaigh agus ón daoirse ann a rabhdar. d'éisd Dia
riú agus do chinn ar fhóirithin do thabhairt dóibh, agus
leis sin do chuir aingeal a tteachtairacht dochum
Gedeon dá rádh ris gur thogh Dia é le tártháil agus
fóirithin do thabhairt don phobal agus lena saoradh
as lámha na Madianítibh. Dobhí iongnadh
mór ag Gedeon isna hathiosgaibh sin an aingil, agus
adubhairt ris: “Créd fá gcuirfeadh an Tiaghearna
ualach orum ós cionn mo neirt, óir níl acht
duine bocht uirísiol annam, agus is mé is táire dom
mhuintir féin.”


L. 161


Acht adubhairt Dia ris go mbeith féin 'na
fhochair is gach éigion, agus gé gur mhór agus gur
líonmhur sluaighte na Madianíteach go tteithfidís
roimhe amhuil agus nach beith acht neart aen-duine
ionta. Do ghuidh Gedeon an t-aingeal le
comhartha éigin do thabhairt dó ar fhírinne na
neithe sin adubhairt ris, agus d'iarr d'athchuinge air
maill bheag do dhénamh nó go ttugadh féin bia
chuige le caitheamh; agus do-chuaidh asteach agus
mionnán bruitigh leis ar méis, arán gan loibhín agus
anbhruith na feóla sin a soitheach, agus do chuir i
bhfiadhnuis' an aigil iad. Adubhairt an t-aingiol
leis an fheóil do chur ar charraig dobhí san áit
a rabhdar, agus an t-anbhruith do dhórtadh uirre;
agus arna dhénadh sin dó do bhuail an t-aingeal
an tslat dobhí ann a láimh ar an gcarraig, agus leis
sin táinicc teinidh eisde do loisg gan fhuireach
an fheóil agus an t-arán. Agus leis sin do scinn
an t-aingiol as amharc.



An uair d'aithin Gedeon gur le haingiol dobhí
sé ag comhrádh do ghlac uathbhás mór é agus do
bhí eagla a bháis air, acht go ttug Dia meisneach
dhó agus dearbha ar gach ní dá ndubhairt an t-aingiol
leis; agus do chéd-neithe adubhairt ris: altóir
Bhaail do bhriseadh agus do bhualadh le lár agus na
crainn dobhí na timchioll do ghearradh, agus altóir
don Dia fíre do chur suas san áit chédna agus
iodhbairt do dhénamh uirre. Acht níor lamh
Gedeon sin do dhénamh le solus lae, acht isan


L. 162


oidhche do choimhlín gach ní dhá ndubhairt ris,
óir dobhí eagla mhuintire na háite air.



Agus ar gclos dáibh arna mhárach gurbh é
Gedeon dothug an tarcuisne sin dá ndia féin agus
dá altóir, thugattar tóruighacht dó go tigh 'athar
agus d'iarradar go dásachtach air a mhac do sheachada
dháibh lena bhásughadh; acht dubhairt an
t-athair leó nach dénfadh féin sin dáibh, agus adubhairt
riú fós nach dáibh-sion budh cóir díoghaltus (do)
dhénamh a masla Bhaal, “Óir más dia é,” ar
sé, “atá ar a chumus féin díoghaltus do dhénamh
ann a mhasla.”



Agus is mur sin táinicc Gedeon saor óna
ndíogaltus, agus do goireadh Ierobaal 'na dhiaidh
sin de.



Cuiridh an gníomh so Ghedeon i gcéill gur cóir
da gach duine ghlacas cúram anmann bheith
ullmhaigh le dul i gcontabhairt báis ar a son.



An uair dofuair Gedeon cruthughadh leis an
teinidh tháinicc as an gcarraig gur thogh Dia é
féin leis an bpobal do shaoradh, ní raibhe uaidhe
sin amach do stuidér ar 'aire acht a' féchain créd
an tslighe ar a ndénfadh é. Agus ar gclos dó go
ttáinicc na Madianítibh, na hAmalecítigh agus gach
dream eile dár ghabh leó, agus go rabhdar cruinn i
gcampa a n-aghaidh na Iudaigheach, do ghlac
dásacht é, agus ar mbeith líonta do spiorad Dé dó
do shéid stoc agus tug fógra do chách uile a leanmhain,


L. 163


agus do chuir teachta chum na ttreabha go hiomlán
teacht chuige gan mhoill.



Agus d'umhlaighdar sin a dhénamh gan
docamhal ar bith, a gcruth go raibh an té sin
nach raibh acht uiríosal roimhe sin anois a gceann
armála móire arna admháil le cách 'na phrionnsa agus
'na cheann feadhna orra. Gidh eadh, níor
thóig uaill ná uabhar ar bith ann; dobhí amhrus
mór aige air féin nó go bhfuair cruthaighthe eile
ar an ngairm dofuair ó Dhia, agus ar an adhbhar
sin do ghuidh Dia go dúthrachtach um chomhartha
eile do thabhairt dó, .i. lomra olla do chur ar
machaire, agus dá mbeith fliuch ar maidin agus an
talamh 'na thimchioll a bheith tirim go mbeith 'na
chomhartha maith aige.



Agus arna dhénamh sin dó fuair an lomra
fliuch, ar mhodh gur fháisg uisge as, agus an talamh
'na thimchioll tirim; agus iar sin do ghuidh Dia umá
thoil do thabhairt, 's gan fearg do bheith air
lén' fhéchuin arís ar an tslighe chontrárdha, agus do
fuair ar maidin an lomra tirim agus an talamh 'na
thimchioll fliuch.



Cuiridh so i gcéill dúinn gan cúraim mhóra do
ghlacadh go tobann - agus na míorbhuilibh sin fós na
grása dobhí ag an bpobal Iudaigheach (go hénracánach
ar ttús) agus mur do thóig Dia uatha 'na
dhiaidh sin iad agus tug d'Eagluis Chríosd iad.



Iar bhfaicsin na gcomharthaigh míorbhuileacha
sin do Ghédeon do ghlac meisneach, agus do


L. 164


chuir teachta uaidhe ann gach áird a' cruinniughadh
sluaigh; agus táinicc sin sluaighte líonmhura as gach
taobh don tír, agus do chuir campa mór 'na shuidhe
ar aghaidh na Madianítibh.



Ar bhfaicsin an tsluaigh ró-líonmhar sin do Dhia
do réimhthuig dá ttéughdís uile i láthar catha,
dá mbeith buaidh acu, gur ar a neart agus ar a
n-uimhir mhóir féin do bheith a bhuidheachus
acu, óir dobhí fios aige go rabhdar dobhuidheach
do ghnáth. Agus dá bhrígh sin adubhairt re
Gedeon dá ttugadh an uimhir mhór daoine sin
leis síos isan gcath nach beith buaidh aige.



Leis sin do chuir Gedeon bullsaire ar feadh an
champa as' tabhairt fógartha do gach aon ar a
raibh droch-mheisneach, eagla nó meatacht an
campa do thréigion agus imtheacht dá ttighthibh
féin. Arna chlos sin do dhá mhíle agus fithche fear
dhíobh d'éirghídar go lúthgháireach, agus d'imghidar
as an gcampa dá ttighthibh féin. Acht 'na
dhiaidh sin féin ba mór le Dia an uimhir d'fhan
díobh, óir ba mian leis míorbhuile do thaisbénadh
dhóibh, agus adubhairt arís le Gedeon:



“Tabhair an sluagh leat uile,” ar sé, “dochum
srotha Orthannáin, agus taisbénad-sa dhuit annsin
an dram bhés iontoghtha dhíobh.”



Agus ar ndul annsin dóibh adubhairt Dia re
Gédeon:



“Tabhair aire,” ar sé, “don dream thóigfios
an t-uisge ar a mbasa lén' eól ar a gcoiscéim, agus is


L. 165


iad sin amháin bhérus tú leat; acht an
dream chromfus ar a nglúinibh agus chuirfios a
mbéil ar an uisge dhá eól mur sin cuir uait iad.”



Agus ní fríth don chéd-dream sin acht trí chéd
fear amháin, agus do gheall Dia buaidh dhó féin agus
don trí chéd sin. Arna chlos sin dho Ghedeon
níor chuinnigh aige féin dona deich míle do-chuaidh
chum an tsrotha acht na trí chéd sin, ar
ndealúgh cháich eile uaidhe. Tug leis an beagán
bhuidhne sin le dánacht chródha agus le meisnigh a
n-aghaidh a námhad dobhí ro-líonmhar ann a
gcampa.



Ciallaidh an dream úd do chrom ar an uisge an
mhuintir shléuchtas dona neithe talmhuidhe agus do-ní
dia do shógh an tsaoghail; an dream do thóig
ar a mbasaibh é, sin iad na fíréin nach gcromann
ar neithe talmhuidhe agus nach sléuchtann do shógh
ná do shásadh saoghalta, acht do-ní úsáid amháin
don mhéd is riachtanusach dháibh le dul ar a
n-aghaidh a n-aghaidh a námhad.



Gé gur leór do Ghedeon na comharthaigh thug
Dia dhó roimhe sin le buaidh a námhad do bheith
aige, gidh eadh adubhairt leis go gcluinfadh an
comhartha déighionach as bél a námhad, agus leis sin
adubhairt leis dul an oidhche chédna 'na aonar,
nó má bhí eagla air imtheacht mur sin a mhac
do bhreith leis dochum campa a námhad, éisdeacht
agus aire mhaith do thabhairt don ní chluinfadh ann.


L. 166


Agus ar ndul ann do-chualaigh fear don tsluagh
namhad ag aithris aislinge do-chonnairc sé dá
chompánach:



“Mur do-chonncus damh um shuan,” ar sé,
“go bhfacaidh mé bairín aráin dobhí arna bruith
fón ngríosaigh ag imtheacht ar feadh an champa
so, go ttáinicc asteach i bpailliún áirighthe, agus gur
bhris agus gur theilg bun ós cionn é. Do fhreagair
an compánach é agus adubhairt: “Ní ní ar bith
eile an aisling sin acht cloidheamh Ghedeon, duine
Eabhraigheach dá ttug Dia Madian agus an campa
so uile ann a láimh.”



Arna chlos sin do Ghédeon do-chuaidh ar a ais
mur a raibh a mhuintir féin, agus do ghlac lúthgháire
iad an tan chualadar an ní sin, agus ar nglacadh
meisnigh agus cródhacht re a n-ais dáibh do roinn
Gedeon i ttrí chuideachta iad, agus do chuir i n-arm
neamh-ghnáthach rún-diamhrach iad, óir adubhairt
re gach aon acu stoc do ghlacadh a láimh leis agus
soitheach folamh agus tóirse le lasadh 'chur isan
láimh eile; agus ar ngluasacht dháibh mur sin
adubhairt an tan do-chluinfadís é féin a' séideadh
a stuic nó a bhuabhuill iad féin do dhénamh an
ní chédna. “Agus leis sin cuiridh gáir mhóir asaibh
agus gabhaidh timchioll campa na namhad mur sin,
agus iar sin brisígh na soithidh a n-aghaidh a chéile,
agus annsin goiridh ós aird air chloideamh an Tiaghearna
agus Ghedeon.” Leis sin do ghlac uamhan


L. 167


an-mhór agus uathbhás an mhéid dobhí a gcampa
na Madianítibh, agus ar nglacadh a gcloimhthe do
bhídar ag marbhadh a chéile mur bheith dhá
namhuid ann.



Mur sin do chlaoidh Dia uile-chumhachtach
maille le lán glaice do dhaoine gan arm an campa
neartmhar ro-dhaoineach sin: mur so do-bheiradh
na mairtírigh buaidh ar a naimhde, .i. le brisadh
na soitheach gcriadh bhí 'na ttimchioll. Sanguis
martyrum semen fidei.



CAIB. XXXVI



BÁS ABIMELECH.



A.M. 2768



An feadh mhair Gedeon i gceannus dobhí
an pobal go rathmhur séunmhar agus buadhach
ann gach tan a n-aghaidh a namhad, óir do
chongbhaidh iad fá chuing agus fá dhlíghe Dé gan
dearmad. Acht an tan ba toil re Día a thógbháil
don tsaoghal do thuilliodar ar an sceathraigh
chédna, óir dothugadar iad féin ar stríopachus,
ar íodhal-adhradh, agus ar gach gné oile pheacaidh
dá ttigeadh 'na mbealach, iar ndearmad gach
míorbhuile agus gach maith dhá ndearnaidh Dia orra.


L. 168


d'fhag Gedeon iar mbás deichneabhar agus trí
fithchid do chlainn mhac dorugadh dhá chorp
féin 'na dhiaidh, óir dobhádar iomad ban aige
ann 'aimsir. Agus ameasg cháich dobhí mac
díobh sin aige le mnaoi Shichimítigh darbh ainm
Abimelech, agus do-chuaidh sin ar bháidh a mháthar
go Sichem, agus do labhair re dearbhbhráithreacha a
mháthar agus rena ngaolta agus adubhairt riú: “Is
fearr dhaoibh-se, do bhrígh gur dár bhfuil agus dár
bhfeóil féin mé,” ar sé, “misi bheith um rígh
oraibh go hénracánach ná an deichneabhar agus trí
fithchid mac atá a ndiaidh Ghedeon.” Agus do
chreidiodar é, agus ar nglacadh leis mur sin thugattar
suim mhór airgid dó; agus arna glacadh sin dó do
chruinnigh sé sluagh do ruifínigh agus do dhaoine
édroma gan chreideadh gan chrábhadh gan
chonsias; agus arna gcruinniughadh dhó do-chuaidh
go hárus Ghedeon, agus do mharbh sé clann 'athar
féin go hiomlán acht amháin an mac ba hóige
dhíobh darbh ainm Ioathan, do chaomhain é féin
go rathamhuil ón dícheannadh sin do-rinne
Abímelech.



Agus an tan do-chualaidh an t-ógán so
go raibh na Sichemítigh ar thulaigh ag dénamh
gairdiochais fá mur do thoghadar Abimelech mur
rígh, tháinicc go tobann ar chnoc mhór ós a
gcionn, agus do labhair go hárd ag cur a ndobhuidheachuis
go hiomardach imdheargthach i gcéill
dáibh; agus do labhair leó go fáth-chiallach ar chrannaibh


L. 169


coille dobhí ag toghadh rígh dháibh féin,
agus do labhair siad a gcédóir ris an gcrann óla, agus
'na dhiaigh sin ris an gcrann fíge, 'na dhiaigh sin
ris an gcrann fíneamhna; agus ar bhfagháil diúltaigh
maille le hádhbhair nó le résúin mhaithe ó na
crainn onóracha sin, do labhradar fá dheóigh
leis an droighnán, tug gealladh dána dhóibh go
ndénfadh a gcaomhna uile fo scáth a ghéuga agus ar
a scáth féin. Agus iar sin do ghuidh Dia, má
bhí an togha rígh so do-rinne na Sichemítibh mí-thainneamhach
aige, teinidh do theacht as an
dreis nó as an droighneán sin do loisgfeadh agus do
dhóighfadh iad.



Agus d'éisd Día a ghuidhe. Óir i gceann trí
mbliadhan iar sin ar mbeith dona Sichemítibh
tuirsach do thiarántacht an mheirligh sin, do
thionsgnadar a chur dhá chois nó iad féin do
shaoradh óna mhursantacht le congnadh prionnsa
eile darbh ainm Gaal. Acht dobhí Abimelech
ro-thrén acu, óir do bhris agus do raeb sé a gcathair
go talamh, agus do threasgair iad féin le faobhar an
chloidhmhe; agus tar éis gur dhíoghail Dia a bhfeillghníomh
ar lucht cathrach Sichem (agus sin tré
lámha an té do thoghadar go neamh-dhlistionach),
dotháinic díoghaltus ar an trétúrach cédna.
Óir ar mbeith lán do dhásacht dó iar mbreith
buaidhe ar na Sichimítibh do mheas go mb'éidir
leis gabháltais do dhénamh; agus ar gcur a champa


L. 170


dhó le cathair Thebés, áit a raibh tor daingion
i ndeachaidh lucht an bhaile dá gcaomhna féin ar
fhoirneart a shluaigh, arna fhaicsin sin do
Abimelech do-chuaidh féin go bun an toir chum
teineadh do chur ann, agus arna fhaicsin d'aon dona
mnáibh dobhí istigh do bhuail bladh do bhrágh
mhuilinn air síos, gur bhris a cheann; agus ar
mbeith leath-mharbh dhó do ghoir ar a ghiolla agus
d'iarr air a mharbha go hiomlán ionnus nach
beith le rádh gur bean do mharbh é.



Agus is mur sin táinicc díoghaltus Dé ar
Abimelech fón bhfeill-ghníomh do-rinne ar chloinn
a athar féin. Do shíl an meirlioch sa gur dhearmaid
Dia na corthacha móra do-rinne sé do bhrígh gur
éisd leis ar feadh aimsire fhada; gidh eadh, is
gnáthach le Dia éisdiocht le corthacha na n-andlightheacha
chum maith do tharring asda.



CAIB. XXXVII



AN IODHBAIRT DO-RINNEADH AR INGHIN IEPHTE.



A.M. 2817



Tar éis báis an mheirligh Abimelech do ghabh
Tola mhac Puah mhic Dodo do threibh Isachair
ceannus na Iudaightheach trí bliadhna fithchead;


L. 171


agus 'na dhiaidh sin Iair ar feadh dhá bhliadhain agus
fithche; 'na dhiaidh sin táinicc Iephte, mac do
rugadh do Ghalaad a athair le méirdrigh, agus dá
bhrígh sin do dhiúlt a dhearbhbhráithreacha eile
dhó, óir do mheasadar nárbh fhiú dháibh mac a
mháthar do bheith 'na dhearbhbhráthair acu, agus do
dhíbriodar go tír na Tób é. Agus, mur bhí seision
cródha ceannusach, do dhearc buidhin do dhaoine
mí-bhésacha, dothigeadh suas ar shracaireacht, air,
agus do-rinneadar cenn feadhna orra féin de.



Agus tárla 'mun am sin gur chuir na hAmonítibh
cogadh ar na Iudaighibh, agus ar mbeith a gcruaidh-dháil
mur sin dáibh do mheasadar nach raibh
tártháil 'na ngar acht cródhacht Iepthe, agus dá
bhrígh sin do chuiriodar teachta 'na chuinne.
Agus do gheall dóibh go ttiucfadh dá bhfóirithin,
acht go ttug iomardadh cruaidh dháibh fán
droch-chonghioll agus fán droch-nádúir do thaisbéin
siad dó roimhe sin; agus ar bhfagháil geallamhna
uatha go hiomlán go ngéillfeadhdís dó mur
uachtarán agus mur phrionnsa dotháinicc chugtha.



Agus annsin do-rinne díthchioll re cosg do
chur ar rígh na Madianítibh agus na nAmonítibh.
Gidh eadh, níor ghlac rígh na nAmonítibh résún
ar bith uaidhe acht cogadh, óir ní raibh dúil acu
síthcháin do dhénamh leis na Iudaighibh. Iar
sin d'éirigh spiorad Dé ann Iephte gur ghoir ar
shluaightibh as gach áird, agus íar gcruinniughadh


L. 172


dháibh do ghluais leó a n-aghaidh na nAmonítibh,
agus tug móid do Dhia dá ttugadh buaidh ar a
namhaid dó go ndénfadh an chéd-duine do
thiucfadh roimhe dhá theaghlach féin d'iodhbairt
iar bhfilleadh ar ais dó.



Ar ndul a n-aghaidh na námhad dofuair buaidh
orra, agus ar bhfilleadh dhó maille le lúthgháire ní
cian go raibh 'na dhólás air; óir ar tteacht a
n-amharc a thighe féin do-chualaidh a inghion
guth na stoc agus na mbuabhall, agus mur nach raibh
'fhios aice go ndearnaidh a hathair an mhóid sin
do Dhía, do-chuaidh amach maille le a banntracht
a' dénamh lúthgháire roimhe. Arna fhaicsin do
Iephte do ghlac dólás mór é fán móid dothug
do Dhía; acht an tan do-chualaidh sise go
ndearnaidh a hathair an mhóid sin do Dhia,
adubhairt ris gur mhian léithe féin a coimlíonadh,
acht d'iarr cead ar a hathair dul ar an tsliabh
ba coimhneasa dhóibh mar aon lena bantracht
chum go gcaoineadh siad a hóghacht ré mbás.
Agus iar sin dotháinicc ar a hais, agus do-rinnigh
a hathair a hiodhbairt agus a huile-losgadh do réir
mur gheall do Dhia.



Tar cheann nach léighthear isan Scriptúir gur
agair Dia an iodhbuirt ghráineamhuil díthchéilligh
so ar Iephte, is dearbhtha nach raibh a
samhuil taithneamhach ag Dia; agus dá bhrígh sin
is earráideach adeir Menochius nach dearnaidh
Iephte peaca dhá dénamh. Agus anois ná an


L. 173


uair sin ní cóir do neoch móid thobann díthchéilligh
do dhénamh; acht mur bhí móide an
athar aimhghlic díthchéilligh, dobhí umhlacht
na hinghine iongantach ionmholta.



Tar éis Iephte ní thráchtann an Scriptúir ar
mhór-éuchtaibh ar bith ameasg na Iúdaigheach
go teacht Shamsoin, ar a ttráchtann go specialta.
Óir adeir gur ar threibh Dhan dobhí sé, agus ar
mbeith dá mháthair a bhfad gan chloinn agus í
aimrit, go ttáinicc aingeal Dé dhá innsin dí go
mbéuradh sí mac. Agus adubhairt ria, mur
thosach ar an mbeatha riaghalta budh chóir a
leanmhuin, gan fhíon ná biotáille mheisgamhuil
ar bith do chaitheamh dhó. Agus arna chlos
sin d'innis dá fear, darbh ainm Manue, gach ní
dhá ndubhairt an t-aingeal, agus dubhairt seision
gur mhian leis féin an t-aingeal d'fhaicsin.
Agus an dara feacht tháinic an t-aingeal a
labhairt ris an mnaoi, agus arna fhaicsin dí
do ghoir ar a fear, agus arna fhaicsin dó-san
adubhairt go ndénfadh iodhbairt. Adubhairt
an t-aingeal nach dó féin budh chóir iodhbairt
a dhénamh acht gur do Dhia budh chóir dhó
a dénamh.



Leis sin tug Manue mionnán leis, agus do chuir ar
charraig é, agus do-rinne iodhbairt uile-loisgidh.
Agus ar mbeith don lasair agus don deataigh ag
éirghidh suas chum an fhlaithis do éirghidh an


L. 174


t-aingiol, agus do chuir é féin ann lár na lasrach sin
go ndeachaidh as a radharc mur sin, agus i n-éinfheacht
le hiodhbairt na bhfírén do-chuaidh féin do láthair
an Tiaghearna. Agus dar leat fós ba mian leis é
féin do bheith arna iodhbairt i n-éinfheacht léithe
- Féch isin .5. cab. Apocal., mur bheir na naoimh
i soithidh óir urnaighthe na bhfírén do láthair an
Tiaghearna.



Do réir na geallamhna táinicc an leanbh iar sin
dochum an tsaoghail, agus tugadh Sampson mur
ainm air, agus do-rinneadar mur do ordaigh an
t-aingiol dáibh, óir níor cuiradh sgian bhearrtha
ar a cheann agus níor ibh fíon ná biotáille láidir ar
feadh a bheatha. Acht gidh eadh, an tan tháinicc
go haois fhearrdha ní raibh imeasg na ndaoine
fear comh láidir ná comh neartmhar ris. Agus
ar ndul dó aimsir dá éis sin go baile do bhailtibh
na bhPhilistíneacha darbh ainm Timnat, do dhearc
ar inghín Philistínigh ann; agus ar tteacht tar ais
dó d'iarr ar a athair agus ar a mháthair an inghean
d'fhagháil mur mhnaoi dhó, agus do bhrígh nach
raibh fhios acu-san gurbhá toil le Dia an ní sin,
agus fós go raibh fuath agus gráin acu ar na Philistínigh
dob áill leó toirmeasg do chur air. Acht níor
ghlac sin uatha acht adubhairt riú arís a fagháil
dó (agus ní gan adhbhar, óir ba hí so fighir Chríost
a' pósadh na hEaguilse gintíleach iar ttréigion na
Iudaigheacha).


L. 175


Dothug an cleamhnus sin uain do Shampson
le díoghaltus do dhénamh ar na Philistínigh fá
gach olc agus gach ainmhian dár imir siad ar feadh
mhóráin do bhliadhanuibh ar an bpobal Eabhraighach.
Agus ar mbeith dó aon do laithibh
'dul d'fhéchuin a mhná tárla leómhan óg cíocrach
dhó agus cubhar rena bhél le dásacht chum creiche,
agus tug ionnsaighe dhíbhfeirgach air, agus ar mbeith
do Shampson gan uiriod maide d'arm cosanta
aige dorug ar an leómhan idir a dhá láimh agus do
stróic a bhallaibh ó chéile, mur dhénfadh le mionnán.
A n-aimsir bhig dá éis sin ar mbeith dhó ag dul
san mbealach chédna do-chuaidh ag amharc ar
an leómhan marbh, agus ar bhfaicsin chonoblaigh
an leómhain do-chonnairc sgaoi bheach ag éirghidh
as a bhrághaid, agus fuair mil ann; agus do-rinne sé
cruaidh-cheisd de sin, agus d'iarr a fuasgladh ar
thríochad óig-fhear do-chuaidh chum an phósda
sin. Ag so an cheisd: “táinicc bia as an ní do
shluigadh, nó as an tslugaire, agus millseacht as an
neartmhar.” Agus ar gcur na ceasda sin dó
adubhairt, “Má fhuasglann sibh an cheisd so,” ar
sé, “agus a tomhus do thabhairt damh i gceann
sheacht lá, do-bhérad-sa tríochad léine agus tríochad
cóta dhíbh, gidh eadh mur bhfuasglaidh sibh í
bíodh oraibh an uiriod cédna thabhairt damhsa.”



Acht níorbh fhéidir leó an cheisd d'fhuasgladh.
Annsin do labhradar le mnaoi Shampsoin, agus do
ghuidh sise eision fá fhuasgladh agus fá chéill na


L. 176


ceasda d'innsin dí; agus fá dheóigh iar gcur rúin
uirre d'innis ciall na ceasda dhí, agus d'innis sise
dháibh-sion an ní cédna. Agus sul do-chuaidh
grian faoi an seachtmhadh lá d'fhuasgail siad an
cheisd ag rádh: “Créd is millse ná mil agus créd is
neartmhuire na leóghan?”



Arna chlos sin do Shampson do adhnaidh a
fhearg go mór fá mhí-chonghioll a mhná féin, agus
d'imghidh 'na ruaig dhásachtaigh go hAscolon
gur mharbh tríochad Philistíneach ann, go ttug
a n-édaigh dháibh sin mur do gheall, agus do ghluais
iar sin go tigh a athar. Cuiridh an ní so i gcéill
an t-athrughadh do-rinne Críost ar na híodhalarthacha
págánta dobhí mar leómhuin ocracha
ag treasguirt na gCríostaighthibh gur chlaoi
Críost gan arm ar bith iad, go ndearnaidh uain
cheannsaighthe díobh maille le mil do bheith ar
a mbriathraibh ag moladh Dé.



Iar n-imtheacht do Shampson leis an bhfeirg
mhóir sin go tigh a athar, do mheas athair agus
máthair a mhná nach ttiucfadh feasda choidhche
a ngar na mná agus gur thréig sé í, agus dá bhrígh sin
thugattar le pósadh d'fhear eile í. Gidh eadh,
i gceann aimsire dá éis sin do chinn Sampson
dul ar cuairt dochum a mhná. Agus arna fhaicsin
dá hathair agus dá máthair do ghlac eagla mhór iad,
agus adubhradar arna mheas dáibh gur thréig a
n-inghean go síorruidhe go ttugattar fear eile dhí,


L. 177


acht go raibh inghean eile acu bá hóige na í agus go
ttiubhradh dhó í. Acht níor shásaidh sin Sampson,
agus tug a bhriathar go ndénfadh a mhasla do
dhíoghailt ar na Philistínigh.



Agus leis sin do choimhlíonadh le slighe ro-iongantaigh,
do ghabh sé trí chéd sionnach agus
do cheangail iarboill gach aon chúpla díobh dá
chéile, agus do chuir aithinne tré lasadh isna ceangail
sin agus do sgaoil amach iad tré ghortaibh arbha agus
tré fhíneamhna na bhPhilistíneach, gur loisg agus go
ndearnaidh luaithreadh dá gcuid arbha agus dá
bhfíneamhna go hiomlán. Do ghoill an ní sin go
mór arna Philistínigh agus an tan fuaradar
dearbha gurbh é Sampson do-rinne an díghbháil
sin dóibh, a n-ionad díoghaltuis do dhénamh air
féin thugattar a n-aghaidh ar an mnaoi sin do
pósadh leis agus ar a muinntir go hiomlán, gur
loisgiodar iad ó dhuine liath go leanamh. Níor
mheas Samson gur leór dhó féin an méid díoghaltuis
do-rinne ar na Philistínigh go soiche sin,
acht do-rinne ár mór orra. Arna fhaicsin sin
do phrionnsaigh na bhPhilistíneach do chinneadar
comhairle ar Shampson do bhásughadh, agus chuiriodar
trí mhíle fear 'na thóruighacht. Ar bhfaicsin
na ndaoine armtha sin dona Iudaighibh do ghlac
uathbhás mór iad, agus adubhairt riú gan díghbháil
a dhénamh dháibh féin, agus go ttiubhradh Samson
ceangailte chugthu. Agus ar ndénamh dóibh


L. 178


mur ghealladar, an tan chonnairc na Philistínígh
Samson a' teacht ceangailtigh le dhá chórda
chruaidhe dhá láthair do mheasadar go raibh
s óna ttoil féin acu, agus dá bhrígh sin do
chuiriodar gáir lúthgháire asda. Gidh eadh, ar
tteacht do láthair dhó-san do chroith é féin, agus
do-rinne mion-oirneacha dona córdaighibh sin
amhuil agus nach beith ionnta acht aon-shnáithe
amháin.



Agus arna dhénamh sin dó fuair cnáimh géill
asail faoi ar an talamh; do thóig ann a láimh é,
agus leis sin tug ruathar ar a bhfud gur mharbh
míle Philistíneach leis an gcnáimh sin. Agus
leis an iombualadh sin, táinicc teas mór agus tart
air, agus do ghuidh Dia go dúthrachtach um thártháil
do thabhairt dó; agus leis sin d'fhosgail fiacail dá
raibh i ndéd an chnámha géill asail, lér mharbh
a námhuid, agus do ling sruth adhbhal-mhór uisge
amach esde lér ól a dhaoithin, agus leis sin táinicc
chum a neirt arís. Tug Sampson moladh agus
buidheachas mór do Dhia, agus tug ainm ar an áit
a ndearnaidh na míorbhuilibh sin.



CAIB. XXXVIII



GEATA CHATHRACH GHASA ARNA IOMCHAR LE SAMPSON.



Tar cheann gur choisg Samson, leis an ármhach
do-rinne orra leis an gcnáimh géill asail, díoghaltas


L. 179


agus dásacht na bhPhilistíneach ar feadh aimsire, gidh
eadh ní raibh ní ar bith ar a n-aire budh mó ná
bheith d'oidhche agus do ló a' cuartughadh a n-inntleachta
le slighe éigin d'fhagháil amach le
Sampson do dhíthiughadh agus do chur dhá chois.
Agus ar mbeith dháibh ag faire air agus lucht bratha
'na dhiaidh acu, fuaradar sgéla go ndeachaidh sé
asteach go cathair Gáza, agus mur bhí a bhfuath dá
mbrosdógh do chruinnighdar gan mhaill i gceann
a chéile agus do thimchilliodar an baile ionnus nach
beith ar a chumus imtheacht uatha. Agus ar
gcur choda dhá muintir ar an ngeata do
chomhnuidh an chuid eile go folaighthe i luidheachán
i ttimchioll an bhaile, agus mur sin do shíliodar
a mharbhadh gan duaigh ar bith ar maidin ar
tteacht as an mbaile amach dhó.



Ar mbeith don tsluagh mhór sin ar an suidheachan
sin dobhí Sampson go suaimhneach 'na
chodladh gan imnígh ar bith; acht ar bhfagháil
faisnéise na neithe sin dó d'éirigh i meadhón na
hoidhche, agus do-chuaidh gan eagla gan uamhan
chum an gheata, agus chuir a lámha i ttimchioll
dhoruis an gheata, agus do thóig idir dhoras, phostaigh,
bharraigh, agus ghlais, ar a ghualainn é. Agus ar
ndul tré lár an luidheacháin dó d'iomchair an
t-ualach sin go mullach sléibhe bhí ar aghaidh an
bhaile ós cionn an luidheacháin bhí roimhe.
Agus arna fhaicsin dóibh do ghlac uathbhás mór


L. 180


iad, agus do mheasadar nach raibh ar a gcumus
díoghaltus ar bith do dhénamh air.



Mur so d'éirigh Críost ar Slánaightheóir as an
tomba d'aimhdheóin na faire do chuir a namhuid
air, iar mbriseadh doirse agus barraighe an bháis agus ar
mbreith buaidhe air. Monuar, nach raibh Sampson
comh cródha le seasamh a n-aghaidh bhladair
agus bhréuga mná agus dobhí le sluaighte do
threasgradh 'na aonar, le leómhuin do strócadh,
agus le geataigh cathrach do tharruing le
foirneart.



Agus dá mbeith mur sin níorbh fhéidir buaidh
do bhreith air, óir tar éis gach gníomh éuchtach
iongantach dá ndearnaidh a n-aghaidh na
bhPhilistíneach níorbh fhéidir leó díoghaltus ar bith
do dhénamh air, acht le mailís méirdrigh mallaighthe
mí-chonghiollaidh, .i. Dalilla. Óir ar
mbeith dhó, go bhfios dona Philistínigh, ag
tathaigh ar an mhéirdrigh sin agus ag ciontughadh
ria gach am, do labhradar ria agus do ghealladar
comhaigh mhór dhí dá bhfaghadh sgéla cinnte cá
hionad a raibh a neart, nó créd an modh ar a
gclaoidhfidh é. Agus an tan do labhair sise re
Sampson ar an ní sin ar ttús tug freagra fonómhadach
neamh-chinnte dhí, ag rádh:



“Má ceangaltar mé,” ar sé, “le córdaigh
nuadha béud mur neoch eile, nó má ceangaltar
le seacht ngaid úra nár tiormuigheadh riamh mé,


L. 181


nó fós lem fholt do cheangal do gharmuin, béd
gan neart acht mur dhuine eile.”



Agus d'fhéch sise gan fhailligh na trí mhodh
sin, agus dofuair í féin mealltaigh gach uair acu.
Acht fá dheóidh lena guidhe ghnáthach agus lena
deóra, agus fós le bheith ag síor-mhaoidheamh a
gráidh mhiosgusaigh mhailísigh air, d'innis an
fhírinne dhí ar mbeith tursioch sáraighthe dhó.
Agus adubhairt ria:



“Bíodh 'fhios agad,” ar sé, “nach deachaidh
sgian beárrtha ar mo chionn-sa ariamh, óir is
nasarítheach do Dhia ó bhroinn mo mháthar mé,
agus dá bhrígh sin má bearrthar mé imeóchaidh mo
neart leis an ngruaig.”



Ní luaithe fuair sise an fios ná chuir sgéla do
chum na bhPhilistíneacha; agus ar mbeith dhó, mur
fa minicc leis, 'na chodladh ann a hucht do ghoir
chuigthe óglach do ghearr na seacht nduail do
bhí ar a cheann; agus ar tteacht don Philistínigh
ar an láthair do mheas mur fa gnáthach leis a
ttreasgairt, óir ní raibh 'fhios aige an tan sin gur
thréig an Tiaghearna é mur do-rinne. Is annsin
do ghabhdar na Philistínigh é, agus iarna cheangal
dáibh do bheanadar a shúile as, agus do chuireadar
a' meilt a ttigh an phríosúin é.



Dála Shampsoin, ar mbeith dhó isan gcruaidh-dhaoirse
sclábhthaighthe sin dobhí a ghruag arís
ag fás. Agus ar mbeith dona Philistínigh cona


L. 182


bprionnsaighibh ar aon láthair ag dénamh iodhbartha
dhá ndia Dágon, agus ar mbeith annsin go
lúthgháireach meadhrach dháibh do chuiriodar
teachta a gcuinne Shamsoin go ndénadh súgradh
agus caitheamh aimsire dhóibh isan halla mór ann a
rabhdar cruinn. Do ghlac Samson fearg agus
dásacht fán mhasla sin, agus d'iarr a thabhairt eidir
dhá philér nó cholamhna ar a raibh trom an
tighe agus dobhí dá chongbháil suas; agus ar mbeith
annsin dó do ghuidh Dia go dúthrachtach le
aisiocc a neirt d'fhagháil, agus leis sin dorug ar
cholamhain ann gach láimh leis agus tug tarruing
orra. Leis sin do thuit an teach air féin agus ar na
Philistínigh gur marbhadh trí mhíle díobh mar
aon ris, agus mur sin is mó do mharbh sé dona
Philistínigh lena bhás ná do mharbh ar feadh a
bheatha dhíobh.



Is mur so lena bhás deóntach féin do chlaoi
Críost ar Slánaightheóir neart na ndeamhan, do
bhris fós agus do bhuail fó thalamh a n-áruis agus a
n-ionadaibh comhnuidhe, .i. teampuill na n-íodhal.



CAIB. XXXIX



MASLA AGUS BÁS MHNÁ AN LEBHÍTIGH.



A.M. 2585.



Dobhí leuíteach 'na chomhnuidh ar shliabh
Ephraim do phós bean i mBethleem, agus ar tteacht


L. 183


imreasain eatorra do-chuaidh an bhean ar a hais
go tigh a hathar i mBethleem. Agus tar éis
cheithre mí do ghlac cumhaidh agus dólás an lebhíteach,
go ndeachaidh a' tóruighacht a mhná go Bethleem.
Do ghlac a hathair go lúthgháireach é, agus fós do
bhí a bhean féin lúthgháireach roimhe, óir do
chuir sí ar dearmad roimhe sin gach aimhréiteach
dá ttárla eatorra. Iar sin d'fhan a bhfochair a
chleamhna trí lá agus trí hoidhche, agus annsin an tan
dob áill leis imtheacht do ghuidhiodar é um
fhuireach.



Acht cidh thrácht, do chongbhadar ó lá go lá
é go ttáinicc an seiseadh lá, agus annsin féin do
chuiriodar maill air go raibh an lá ag dul tar
druim, agus tar chomhairle cháich do ghluais, é
féin agus a bhean agus a ghiolla, óir dob fhada leis gan
dul ar ais. Agus táinicc an oidhche orra ag
ionnsaighe baile Gabaa dhóibh i ttír treibhe
Beniamen, agus dob éigion dóibh comhnuidh ann.
Agus dobhídar aimsir fhada ar shráid an bhaile
'na suidhe sul fuaradar aen-nduine do-bhéradh dá
thigh iad. Acht fá dheóidh táinicc seanóir cóir
ba comhthíorthach don leuíteach chugthu, agus tug
dá thigh iad, áit a raibh aoidheacht shaor shubháilceach
le fagháil acu. Agus iar gcaitheamh
bídh dháibh, an tan bá mian leó dul chum suain
táinicc lucht mallaighthe do mhuintir an bhaile;
agus an tan tángattar ar gach taobh i ttimchioll an


L. 184


tighe, d'iarradar bean an deóraigh do chur amach
chucu lena n-anmhian brúideamhuil do shásugh.
Do ghlac gráin agus uathbhás mór an seanóir maith
sin ar gclos na n-aithiosg sin dó, gidh eadh níorbh
fhéidir leis a ttoirmeasg go ttugadar an bhean leó.



Agus dobhídar lena mbrúideamhlacht ar feadh
na hoidhche dá maslúghadh, gur le héigion mór
dob fhéidir léithe teacht ar siubhal uatha go
dorus an tighe a raibh a fear pósda, agus ar tteacht
chum an doruis dí dofuair bás ar an láthair.
Agus fríth mur sin í, agus a dhá láimh sgarthaidh i
ttimchioll an doruis mur bheith ag iarraidh
díoghaltais ar a fear a n-aghaidh na ngníomh
ngráineamhuil sin.



An tan do-chonnairc a fear mur sin síntígh í
le héirghidh lae agus a lámha sgarthaidh ós cionn
na tarsaigh do shíl gur 'na codla bhí sí; acht an
uair do-chonnairc gur marbh dobhi sí do thóg
sé suas ar a asal í, agus iarna tabhairt dochum
a thighe féin do ghabh sgian 'na láimh, agus do
roinn, eidir fheóil agus chnáimh, a ndá chuid décc í,
gur chuir mír dhí dochum gach treibhe do dhá
threibh dhécc Israél ag iarraidh orra díoghaltus
do dhénamh ar an ngníomh ngráineamhuil sin.
Agus ní luaithe do-chualaidh na treabha sin ná
do chinniodar ar dhíoghaltas do dhénamh, agus
adubhradar go coitchionn nach dearnadh gníomh
comh gráineamhuil leis sin 'na measg ó d'fhágadar
broid na hÉgipte.


L. 185


Is mór mholus na haithreacha naomhtha an
díoghalta so ar ar chinn treabha Israél, agus is
mór an peaca do chinn fheadhna agus d'uachtaránuibh
cille agus tuaithe gan pionús agus smacht do chur ar
lucht aindlighe agus mí-bhés.



Iar gcruinniughadh dona treabha a Maspha,
áit a ttáinicc an leuíteach chugthu dá ngríosadh
dochum an díoghaltuis sin do dhénamh, do
ghluaisiodar a n-aghaidh na gciontach nó na
muintire do-rinne an gníomh gráineamhuil úd; agus
do chuir teachta uatha dochum na mBeniamítibh
le hiomardadh do thabhairt dáibh, agus ag iarraidh
orra na ciontaigh do chur chucu le bás do thabhairt
dáibh. Agus ní thug na Beniamítibh éisdeacht
dona teachtaibh, agus a n-ionad na merlioch sin do
sheachada dháibh do-chuadar sé mhíle fhithchiod
fear armtha dhíobh amach chum catha do
thabhairt dá ndearbhbhráithribh.



Agus sul do-chuaidh na hÍsraélítibh dochum
na troda do ghuidhiodar Dia agus do-rinneadar a
gcomhuirle ris, agus do thuigiodar uaidhe gur
thaithneamhach leis an cath do thabhairt. Gidh
eadh, an tan do shíliodar buaidh an chatha
d'fhagháil gan móráin duaighe, is é ní tarla dháibh
gur threasguir agus gur mharbh na Beniamítibh dhá
mhíle agus fithche míle fear dhíobh an lá sin. Do
ghlac uathbhás agus iongantus mór iad fán ár sin
do-rinneadh orra, acht gidh eadh níor chailliodar


L. 186


a misneach, óir do chinniodar ar chath eile do
thabhairt dóibh. Agus iar nguidhe Dé dháibh,
agus iar bhfagháil misnígh uaidhe tugattar an dara
cath, agus do mharbh na Beniamítibh díobh an lá
sin ocht míle dhécc fear.



Is annsin do ghlac uathbhás dáríribh iad, agus
dubhrattar eatorra féin gurbh iongantach, agus an
t-adhbhar ceart dobhí acu, cúig mhíle fithchiod
amháin do mharbhadh an uiriod sin dá muintir
as ceithre fithchid míle fear dobhádar ann ar
ttús; agus iar ndénamh troisge agus urnaighthe
dháibh do-rinneadar a gcomhuirle an treas feacht
le Dia, adubhairt leó an cath sin do chur ar na
Beniamítibh agus go mbeith buaidh gan amhrus acu.



An tan fuaradar an dearbha sin ar bhuaidh do
bheith acu do-chuadar a n-aghaidh cathrach
Ghabaa, agus do chuiriodar luidheacháin a bhfogus
don bhaile. An tan chonnairc na Beniamítibh
iad ag teacht na n-aghaidh, d'éirghidar 'na gcuinne
as an mbaile amach, óir bhídar lán do mhisnigh
ón mbuaidh dofuaradar an dá lá roimhe, agus do
mhédaigh a misneach go mór an tan chonncadar
an mhéid dobhí ann a n-amharc dá námhuid
ag teitheadh. (Óir is mur sin do chomhairlighdar
a dhénamh dochum iad-san do tharruing asteach
i lár na luidheachán.) Agus is mur sin tárla
dháibh, agus ar tteacht dáibh imeasg na luidheachán
níor fágadh duine don chúig mhíle .xx. Beniamíteach


L. 187


sin gan mharbhadh. Agus iar ndénadh
guail agus luaithridh don chathair chrosda sin Ghabaa,
níor imghidh beó dona Beniamítibh as an ár
acht sé chéd fear do-chuaidh ar an bhfásach dá
gcaomhain féin, agus is uatha sin táinicc ar mhair
don treibh chédna 'na dhiaidh sin.



Tar éis an ármhaigh do dhénadh dona hIsraélítibh
dobhí dólás mór orra fá threibh don dá
threibh dhécc do bheith arna dian-sgrios mur
sin, agus mur thugadar mionna nach ttiubhradís a
n-ingheana féin le pósadh don treibh sin; acht iar
marbhadh gach fir dá bhfuaradar i Iabes Ghalaad
fá gan dul leó chum an chogaidh chédna so, do
chaomhain siad sé chéd maighdion dofuaradar
ann thugadar mur mhnáibh dona sé chéd
Beniamíteach do-chuaidh beó as an ár, le sliocht
do theacht orra.



Ba naomhtha beannaighthe an cogadh é so;
gidh eadh, do buaileadh fá dhó na hIsraélítibh,
dá chur i gcéill, mur deir na haithreacha naomhtha,
gur cóir don dream ar a mbíonn smacht cháich
eile bheith ró-ghlan, ró-naomhtha ionnta féin.



(Críoch annso ar Leabhar na mBreitheamhan.
Fithche bliadhain do mhair Sampson.)


L. 188


(Do Leabhar Rúth: an 2 caib.)



CAIB. XXXX



RÚTH AG LEANMHUIN NOEMI.



Anno M. 2708.



Do bá toil le Dia an stair so Rúth do chur
isteach ameasg na startha oile isan Scriptúir
naomhtha agus a cur i leabhar ar leith.



Ar tteacht do ghorta mhóir isan tír sin na
Iudaightheach do-chuaidh óglach as Bethléem
darbh ainm Elimelech, mar aon lena mhnaoi agus
lena dhias mac, go tír Mhoab ag iarraidh beatha;
agus dofuair an fear bás ann. Do chomhnuidh
Noemi agus a días mac isan tír nó gur phós sí iad
le dias do mhnáibh Moabíteach, agus Rúth ba hainm
don mhnaoi bhí pósda ag an mac ba hóige dhíobh.
Agus i gceann deich mbliadhan dá éis sin dofuair
an dias mac sin Noemi bás, agus ar mbeith dhí
gan fear gan mac i gcoigcrích adubhairt leis an
dias ban sin dobhí agá cloinn gur fhéch Dia go
trócaireach ar thír na Iudaightheach le fairsinge
beatha do thabhairt innte, agus dá bhrígh sin go
rachadh féin ar a hais dá tír dhúthchais. Agus
d'iarr ar a ban-chleamhna dhul d'ionnsaighe a


L. 189


muintire féin, comhnuidh do dhénamh ann a ttír
dhúthchais féin agus fir do phósadh innte. Acht
níorbh áill leis na ban-chleamhna sin do dhénamh,
agus do dhearbhadar dí nach sgarfadhdís go bráth
ria.



Do fhreagair Noemi iad nach raibh clann mhac
aice féin le pósadh riú, agus dá mbeithdís ann a
cuideachta gor mó do ghoillfeadh a nduaidh nó
a ndólás uirre ná a duaigh agus a dólás féin. Leis
sin do chuir Orpha, bean an mhic ba sine, beannacht
léithe agus do-chuaidh ar a hais. Agus tug an
sgaradh sin taisbénadh mhór ar dhísleacht agus ar
dheagh-nádúir Rúth, óir níor aontaidh ar aenchor
dealúghadh le Noemi, agus an tan d'iarr máthair
a fir uirre arís dul ar a hais adubhairt sí nach
sgarfadh sí rena comhluadar go bráth, “Agus gíbé
háit a mbeidh tú,” ar sí, “biad-sa ann, óir is iad
do mhuintir mo mhuintir-se, agus is é do Dhia mo
Dhia go síorruidhe, agus gíbé tír ann a bhfuighe tú
bás is ann ghébhad-sa bás, agus ní sgarfaidh aen-ní
ré chéile sinn acht an bás amháin.”



An tan chualaidh Noemi na briathra sin níor
chuir toirmiosg uirre ó sin amach, go ttángattar
a n-aimsir an fhóghmhair chum a baile dúthchais,
.i. go Bethléem. Agus do bhrígh go raibh easbaidh
bídh orra d'iarr Rúth ar Noemi cead do thabhairt
dí féin le dul a' díoghluim ar ghort éigin dá raibh
i bhfogus dáibh. Agus tárla go teagmhaisioch
gur go gort Bhóois do-chuaidh sí, neoch ba


L. 190


bráthair gaoil do Elimelech, .i. fear Noemi. An
tan do hinnseadh do Bhoos cia hí, agus iar gclos
méd a dísleacht agus a deagh-rúin do Noemi, do-rinne
cinél uirre, agus tug bia dhí a bhfochair na n-ingheana
dobhí 'na fhochair féin ar an machaire, agus
d'iarr ar na buanaighe dornáin d'fhágbháil 'na
ndiaidh aice le tógbháil, agus gan athais do thabhairt
dí.



Mur so d'fhéch Críosd ar an Eagluis, óir ní
thug taircuisne ar a bochtacht acht d'fhéch ar a
subháilceadh, agus fá dheóidh gur ghlac mur mhnaoi
phósda í, mur do-rinne Boos le Rúth.



An tan do-chualaidh Noemi gach muintiorus agus
gach carthannus dá ndearnaidh Boos ar Rút
adubhairt ria misneach do ghlacadh, agus go ttiubhradh
Dia socamhal dian dí an feadh do mhairfeadh
sí, agus d'innis dí gur bhráthair gaoil dí Boos, “Agus
ar an ádhbhar sin,” ar sí, “iar ndul chum suain
dó anocht ar an machaire chédna sin an fhoghmhuir,
eirghi-se mur a mbéidh an uair nach béidh
aen-nduine 'na fhochair, agus seas ag cosaibh a
leaptha,” agus go n-inneósadh dhí gan amhrus gach
ní budh chóir dhí a dhénamh.



Do-rinne Rúth gach ní dhár iarr Noemi uirre
gé gur dheacair léithe, agus an tan do mhothaidh Boos
í d'fhiafraigh cia bhí ann, agus do fhreagair agus adubhairt
ris gurb í féin tháinicc ag éiliugh a gaoil, “Óir
do réir an dlighe is ceart duit mo ghlacadh mur
mhnaoi phósda.”


L. 191


Arna chlos sin do Bhoos, dobhí an tráth sin
céd bliadhain d'aois, dobhí meas maith aige
uirre, do bhrígh go bhfacaidh nach óige ná
scafántacht bhréige do thogh sí dhí féin (mur nach
dénfadh mná óga eile a comhaimsire), acht críonnacht
agus sobháilceadha. Gidh eadh adubhairt ria
nach bhfédfadh a pósadh go dlistionach nó go
gcuirfadh fear gaoil eile ba foixe dí ná é féin
suas di.



Arna mhárach do shuidh Boos imeasg na
mbreitheamhan i ngeata na cathrach, óir is ann
sin do-nídís breitheamhnuis an tan sin. Agus ar
bhfaicsin an bhráthar gaoil sin dó ag gabháil
rena n-ais ar an ngeata, adubhairt leis a láthair
uaisle agus árd-cheann an bhaile go raibh Noemi
ag díol talmhan dobhí aice, agus má ba toil leision
a cheannach gurbh fhéidir leis a ghlacadh, agus mur
ndénadh sin, go gceanneóchadh féin, óir gurab
aige dobhí ceart air 'na dhiaidh, do bhrígh a ghaoil
leis an mnaoi. Acht adubhairt an fear gaoil
sin go gceanneóchadh féin an dúthaigh.



“Má ní tú sin,” ar Boos, “is cóir dhuit Rúth
do phósadh.”



Dob iongnadh leis an mbráthair gaoil an pósadh
sin do luadh leis, agus adubhairt go ttiubhradh-san
a cheart féin ar an iomlán dhó-san.



Do thóig Boos sinnsiribh an bhaile agus an
mhéid eile dobhí a láthair mur fhiadhnuise ar


L. 192


an gconnradh sin agus ar an gceart dofuair ar Rúth
do phósadh. Dubhradar uile gurbha fiadhnuise iad,
agus tugattar uile na gártha beannacht dó, agus do
ghuidhiodar Dia um rath do theacht ar an mnaoi
óig sin mur tháinicc ar Rachel agus ar Lia, agus a hainm
a bheith dá luadh maille le honóir a rulla an
tseanchuis go bráth.



Do bheannaigh Dia féin dá éis sin í, óir do
rug Rúth mac do Bhoos darbh ainm Obed, athair
Isai agus sean-athair Dáibhídh an rígh. Agus do-rinne
na comharsanna uile comhgháirdiochus agus
comhlúthgháire le Noemi, agus adubhradar go
mb'fhearr dhí a ban-chliamhuin aice ná mórán
cloinne. Agus dobhí sí mur mháthair agus mur
bhuime ag an leanbh Óbed nó gur hoileadh go
cúramach é.



Cuiridh eachtra Rúth i gcéill dúinn nach uaisle
athardha ná fós subháilcidh sinnsir thoghas Dia
do ghnáth dochum cathréime, acht subháilce agus
so-bhésa na bpearsann féin. Óir féch mur do
árdaigh sé Rúth i gcathréim mhóir: gidh gur do
shliocht eachtrannach íodhal-adharthacha í, fuair
d'onóir ó Dhia a beith arna hainmniughadh
aniu a ngeinealach an tSlánaightheóra Íosa
Críosd.


L. 193


(Faisnéis as Leabhra na Ríogh síosana:
Samuel).



CAIB. XXXXI



SAMUEL ARNA THABHAIRT DO HELI.



A.M. 2849



Do bhrígh go raibh i ndán do Shamuel a bheith
'na dhuine ro-naomhtha ro-oirdheirc ar an
tsaoghal, do ullmhaigh Dia chuige sin é ó bhroinn
a mháthar Anna, darbhá haoibhinne bheith 'na
máthair aige (mur deir S. Chrisostom) ná
beith mur sin ag an bprionnsa is mó isan domhan.
Ar mbeith dhí aimritt seal fada dhá saoghal, do
bhí ag síor-ghuidhe Dé go dúthrachtach go bhfuair
uaidhe (fá) dheóidh an ghein bheannaighthe so
Samuel, tháinicc mur thoradh ar a hionnracus agus
ar a naomhthacht. Do bhrígh go raibh 'fhios
ag an mnaoi naomhtha so gur ó Dhia go míorbhuileach
dofuair sí an mac so, do mheas ar an
láthair gur dó féin budh chóir a thabhairt, óir
níor leór léithe airgiod d'fhoráil ar a shon, nó é
féin ar feadh aimsire áirighthe, acht do iodhbair
go síorruidhe i n-éinfheacht do Dhia é; óir ní
luaithe do choisg dona cíche an leanbh so dá
ttug a grádh agus a hannsacht go hiomlán, ná do


L. 194


bhrosdaigh an buidheachas dobhí aice ar Dhia,
fá na grása do-rinne uirre, lena iodhbairt do Dhía.



Siompla do-bheir adhbhar mór-uathbháis do
mhná leamha an domhuin do thréigfeadh Día
féin ar ghrádh a gcloinne, an tan budh chóir
dháibh a thuigsin, mur thig an chlann ó Dhía,
gur dó fhéin budh chóir a ttabhairt. Is mur
so do-rinne Anna, óir timchioll aoise a thrí
mbliadhan tug sí ar urláimh an árd-shagairt Héli
a leanbh, amhuil agus nach beith cuid ar bith aice
féin de, ar mhodh go ttig a hiodhbairt a
gosmhalacht le hiodhbairt Ábrahaim; óir do
mheas nár chóir dhí go dlistionach gan an
t-iasacht dothug Dia dhí a thabhairt ar ais dó
féin ar eagla nach beith arís ar a cumus.



Acht tug mur luach saothair agus mur thuarusdal
ar son a crábhaidh agus a caoin-dúthracht dí gur
dhóirt a ghrása go líonmhur ar a mac; agus ar
mbeith dhó a n-aois a dhá bhliadhan décc do
bhí sé (do réir mur d'órdaigh Heli an t-árd-shagart
dó) ag seirbhís agus ag ministrálacht i ttimchioll
altóra an Tiaghearna isan teampall, áit a
gcodhladh sé a bhfogus don áirc. Agus ar mbeith
dhó oidhche áirighthe 'na luidh annsin do labhair
an Tiagherna ris, óir do ghoir trí huaire air; agus
do-chuaidh seision gach uair acu sin mur a raibh
Héli, óir do shíl gurbh é dobhí ag gairm air. Acht
ar an gceathramhadh feacht do labhair an


L. 195


Tiaghearna leis, agus do réimhinnis dó gach olc,
gach díoghaltas, agus gach dían-sgrios dá raibh le
teacht ar an árd-shagart Helí agus ar a chloinn:



“Óir ní éisdfidh mé ní sia,” ar sé, “leis an
athair spadánta mí-dhúthrachtach úd nár chuir
smacht ar a chloinn mhallaighthe bhíos do shíor
ag tabhairt athise agus masla do naomhthacht mo
theampuill agus m'altóra, óir níor bheag leis iomardadh
beag éattrom do thabhairt dáibh i n-ionad na
bpionúis mhóra do thuilliodar”; agus adubhairt fós
go raibh Heli agus a chlann comh corthach agus comh
ciontach sin dá láthair nach dénfadh iodhbharthacha
dá mhéd a nglanadh go bráth.



d'fhiafraigh Heli arna mhárach do Shámuel
créd adubhairt an Tiaghearna leis, agus gé gur
dhoiligh le Samuel sin d'innsin, dob éigion dó na
neithe budh mian leis a cheilt do chraobhsgaoileadh
dhó. Annsin do chreid Héli go raibh ceart-bhreitheamhnus
Dé a' teacht do láthair le
díoghaltus do dhénamh air, agus adubhairt go mbeith
sásda le gach pionús dá gcuirfeadh Dia air
d'fhulang. Agus do thuig a n-antráth nach leór
d'athair cloinne a bheith maith ann féin, acht
gur riachtanus dó a chlann do dhénamh go maith.



Tugadh aithreacha na haimsire so an ní cédna
so dá n-aire, agus go speisialta na haithreacha spioradálta,
óir is baoghlach dháibh go n-athfeóraidh
Dia peacaigh na bpuibleach orra mur ndénaid a
smachtughadh a n-am.


L. 196


CAIB. XXXXII



DO BHÁS HELI AGUS A CHLOINNE.



A.M.2888, Ante Christum 1116.



An uair ba toil le Día a dhíoghaltus do chur a
ngníomh a n-aghaidh Heli agus a chloinne, do réir
mur d'innis do Shamuel roimhe sin, do mhúsgail
sé na Philistínigh, ba namhuid bhunaidh do
phobal Dé, re cogadh do chur orra, agus do thréig
féin fóna bpeacaidhe san am cédna iad, agus
d'fhulaing sé dona Philistínigh buaidh do bhreith
orra. Dob iongnadh leis na Iudaighibh an
bhuaidh sin dofríth orra, agus do shíliodar, dar
leó, éigion do chur ar Dhia le congnamh do
thabhairt dáibh. Uime sin do chinniodar ar an
ní ba naomhtha agus ba beannaighthe dhá raibh acu
do thabhairt leó chum an chogaidh, .i. áirc an
chonnartha. Gidh eadh, níor dhóigh dháibh
beart ar bith d'imirt ar Dhía, óir an tan adhnus
a fhearg tréigidh na neithe is beanaighthe san
domhan; agus mur sin d'fhulaing dá namhuid an
áirc do bhreith leó. Acht an tan táinicc an áirc
chum campa na Iudaigheach do chuiriodar gáir
lúthghára ós áird asda, amhail agus do bheith buaidh
acu ar an láthair. Agus dob é sin an gáire tré


L. 197


adhbhar an ghola, óir do tharraing Ophni agus
Phinees, clann Helí, dobhí agá coimhdeacht nísa
mhó d'uilc agus d'urchóid orra tré fheirg Dé do bheith
leó ná mur dob fhéidir leis an áirc a thártháil.



Dobhí uathbhás mór ar ttús ar na Philistínigh
an tan chualadar áirc an Tiaghearna do theacht
go campa na Iudaigheach, acht 'na dhiaidh sin
iar nglacadh misnigh dáibh, do bhrúchtadar le
neart mór agus le dásacht ameasg an tsluaigh Iudaightheach,
gur bheanadar an áirc amach ar éigin,
gur mharbhadar dias mac Heli, agus gur threasgradar
deich míle fithchiod Iudaigheach ar an
láthair sin, agus do theith an chuid eile dhíobh.



Dobhí Heli go himshníomhach fán áirc, fóna
chlainn, agus um fhios críche an chath d'fhagháil.
Acht fá dheóidh, dotháinicc duine chuige do
theith ón ár, agus d'fhiafraidh sgél de. d'innis an
t-óglaoch dhó gur briseadh ar an gcampa Iudaigheach,
gur marbhadh a chlann, Ophni agus Phinees,
agus fós gur gabhadh an áirc. Agus ar n-innsin dó
mur sin gur gabhadh an áirc do thuit an t-ard-shagart,
dobhí an uair sin 'na sheanóir chian-iasta
i gceann a chéd bliadhain, as a chathaoir fó
thalamh, gur brisadh a cheann agus go bhfuair bás
ar an láthair.



Ar gclos na n-olc sin do mhnaoi Phinees, do
bhí trom-thorrach an tan sin, dorug sí mac gan
mhaill, agus fuair féin bás ar an láthair.


L. 198


Féch anois an bhfuil peacaidhe ar bith as géire
tharraingios díoghaltus Dé orra féin agus ar an bpobal
ná peacaidh na sagart.



Iar bhfagháil buaidhe mur sin dona Philistínigh
ar na Iudaighibh tugadar áirc chonnartha an
Tiaghearna leó go hAzot, agus chuiriodar isan teampall
í a bhfochair an íodhail Dagon.



Mur so maslaighthear go laetheamhuil an Tiaghearna
leis an dream thairgios bheith i seirbhís
Dé agus an diabhuil a n-éinfheacht. Gidh eadh,
crutheóchaidh an Dia fíre é féin go díoghaltach,
mur do-rinne re Dágon, óir mur nárbh fhéidir
leis seasamh a láthair an Dé uile-chumhachtaigh
dofríth síntigh ar an urlár ar maidin é.



Dobhí uathbhás mór agus náire ar mhuintir Azot
fán masla sin dofuair a ndia féin, .i. Dágon.
Do thógadar é agus chuiriodar suas ann' áit féin arís
é, óir níor fhéd sé féin éirgidh; agus an lá arna
mhárach dofuaradar ar lár arís é, a cheann agus
a lámha arna mbuain de. Agus ar ndénamh an
díoghaltuis do Dhia ar an íodhal do-rinne díoghaltas
ar lucht a adhartha, óir do bhuail pláigh shalach
ar mhuintir Asot ar a mballaibh príuáideacha nach
léigiodh dháibh suidhe ná seasamh leis an nimh
dobhí innte. Do chuir sin eagla agus uathbhás
mór orra, agus do thuigiodar gurab í áirc an Tiaghearna
do-rinne an díghbháil sin dáibh; agus dá bhrígh sin
níor fhuilingdar a beith 'na measg ní ba sia, agus
chuiriodar uatha chum baile í agus as sin go baile


L. 199


eile. Acht níl áit dá mbíodh nach dénamh an
urchóid chédna.



Acht fá dheóigh, do ghlac eagla mhór na
Philistínigh go ttiubhradh goimh na pláighe agus
iomadamhlacht na luch dobhí ag milleadh na
tíre bás dáibh uile. Do chinniodar comhairle ar
an áirc do chur ar a hais, agus do chuiriodar fios agus
cruinniughadh ar a ndraoithe agus ar a sagairt le
fios d'fhagháil créd an modh ar ndénadís sin.
Adubhradar sin leó gan a léigion uatha folamh,
“Acht cúig lucha óir agus cúig íomháighe eile óir ar
chumadh na mball bpríbháidach atá arna bpianadh
leis an bpláigh agaibh, agus cuiridh ar siubhal mur
sin í.”



Féch mur thaisbéin Dia a ghlóir agus a uile-chumhachta
féin annsa ní so, óir gan congnamh
daonna ar bith do chuir d'fhualach ar a namhaid
an áirc do chur ar a hais tar éis a beith seacht mí
acu a ngéibhionn dí. Mur so is baoghlach don
dream do-ní droch-úsáid dona neithe naomhtha, óir
tar cheann nach bhfaicid an díoghaltus do láthair,
do bhrígh go bhfuil ar an taobh thíos díobh, mur
bhí pláigh na bhPhilistíneach, tiucfaidh orra go
luath nó go mall.



Do chuiriodar na Philistínigh an áirc ar a hais
do réir mur do órdaigh a lucht feasa agus a ndraoithe
dhóibh, .i. a cur ar chairt nuaidh-dhénta, agus dá
loiligh ar nár cuireadh cuing ariamh do chur dá


L. 200


hiomchar, agus a laoidh do chongbháil uatha, “Agus
má imghid na loiligh ar a n-aghaidh san gconair
ndírigh go Bethsames,” ar siad, “is comhartha
maith é gurab í do chuir gach pláigh dá
ttáinicc.”



Agus ar ndénamh mur sin dáibh do ghluais na
ba ag géimnidh ar feadh na slighe, agus d'imghiodar
go díreach gan claonadh ar dheis ná chlí, gan
comhnuidh do dhénamh nó gur sheasadar i
mBethsames. Agus táinicc uaisle agus áird-chinn na
bhPhilistínach a' dénamh iongantuis mhóir don
imtheacht míorbhuileach sin na háirce as a ttír
nó go ttángadar a n-amharc Bethsames, an bhaile
dob fhoicse do thír na Iudaigheach.



Ar bhfaicsin na háirce do lucht chathrach
Bhethsames do ghlac lúthgháire mhór iad. Gidh
eadh, ní fada go raibh an sólás sin 'na dhólás
mhór orra ar bhfaicsin dóibh go ndearnaidh an
tseóid naomhtha sin uiriod díoghaltais agus díghbhála
'na measg féin agus do-rinne i ttír na bhPhilistíneach;
óir, ar mbeith dá gcúirialtacht nísa mhó ná dhá
gcrábhadh, dobhídar ag amharc isteach innte
gur mharbh an Tiagharna ar an láthair deich
míle agus dá fhithchid míle pearsa dhíobh. Tug
criothna eagla agus uathbháis orra annsin go
ndubhradar an dream do mhair dhíobh agus ar a
raibh eagla mhór a mbáis, “Créd é naomhthacht
an Tiaghearna, agus cia lér féidir seasamh 'na
láthair?”


L. 201


Agus annsin do chuiriodar teachta go cathair
Carathiarim dá iarraidh orra mur athchuinge
an áirc dotháinicc ar a hais ó na Philistínigh, a
theacht agus a thabhairt leó cucu féin dá gcathair.



Arna chlos sin do lucht cathrach Charathiarim
tángattar gan fhuireach, agus thugadar an áirc leó
go Gabao go tigh Abinadab, áit do thogh an
Tiaghearna féin dí ar chnoc bheag a bhfogus
don bhaile sin Charathiarim; agus a n-ionad na
bplágha agus na bpíonús do chuir Dia ar na háitibh
a raibh roimhe sin do líon an áit so do shonus agus
do shén.



Is mur sin do-bheir Dia a ghrása go fairsing
don dream nach gcuirionn lena gcortha féin
toirmeasg orra. Lúthgháire uaibhreach dobhí
ar mhuintir cathrach Bhethsamés, óir ba mór
an onóir leó an áirc naomhtha a bheith 'na measg,
agus gan duaigh ar bith do chur orra féin le dlighe
Dé do choimhlíonadh: mur sin éirghios don druing
ghlacus corp an Tiaghearna go neamh-ghlan.



CAIB. XXXXIII.



MAIDHM AGUS TREASGAIRT AR NA PhilistÍNIGH.



An uair is mian le Dia féchuin go trócaireach
ar thír nó ar áit ar bith, le sén nó sonus do chur
ar na daoine, nó le sólás do thabhairt dáibh,


L. 202


is gnáthach leis a gcédóir cinn feadhna nó
uachtaráin mhaithe do chur dá stiúradh. Agus
is mur sin do-rinne leis na Iudaighibh an tan
tug an duine ró-naomhtha .i. Samuel, mar ard-bhreitheamh
agus mur uachtarán dáibh.



Agus ar mbeith don fháidh naomhtha so lán
do spiorad Dé thug cuairt thimchill ar feadh
chríche na Iudaigheach ag dénamh teaguisg agus
seanmóra dháibh, agus ag cur gráineamhlacht a
bpeacaidhe i gcéill dáibh, agus isan am cédna ag
dearbha dháibh dá ttréigidís na déaibh bréige agus a
sgrios as an tír go ndénfadh Dia trócuire orra agus
go ttiubhradh fóirithin dáibh, agus fós go ttiubhradh
saoirse ó dhaoirse na bhPhilistíneach dáibh.



Agus do ghlacadar uile a chomhairle, óir do
bhrisiodar na déa bréige, d'umhlaighdar iad féin
a láthair an Tiaghearna, agus do-rinneadar aithrighe.
Iar sin do chuir Samuel cruinniughadh orra go
Maspha; agus ar mbeith dháibh annsin ag dénamh
aithrighe, agus ag guidhe Dé, agus Samuel ag iodhbairt
ar a son, ní cian dobhídar mur sin an tan chualadar
na Philistínigh do bheith ag teacht dá n-ionnsaighe
go harmtha agus go n-innioll cogaidh orra. Óir ar
gclos dáibh go raibh na Iudaighibh cruinn a
bhfochair a chéile, ar mbeith lán do mhisnigh agus
do dhásacht fá gach buaidh dá bhfuair orra
roimhe sin, thángadar uile le catha do thabhairt
dáibh chum go bhfédfadh a marbadh a n-aoinfheacht.


L. 203


Óir ni raibh 'fhios acu go ttug Dia na
mbuadh agus na slógh maithemhnus dá phobal le
guidhe Shámuel, do tharruing gnaoi agus taithneamh
Dé comh maith sin ar an bpobal gur bhuail
toirneach agus tinnteacha ar na Philistínigh ar
tteacht a láthair dhóibh, do chuir an uiriod san
uathbháis agus imeagla orra gur iompaighdar a gcúl
agus gur chuiriodar rompa teitheadh re luas a gcos.
Agus do-rinne na Iudaighibh ár mór orra, agus
thugadar tóruigheacht dáibh dá marbhadh ar
feadh na mbealaighe gur chuiriodar as an tír iad.



is mur sin dofuair Samuel ó Dhia saoirse agus
síthcháin do thabhairt don phobal Israél, tar éis
a bheith a ndaoirse ag na Philistínigh ar feadh
mhóráin do bhliadhnaibh. Agus dobhí dhá stiúradh
'na dhiaidh sin le cúram agus le grádh athardha, nó
go ndeachaidh a n-aois agus gur ghlac dólás agus dobrón
mór é fá mhí-bhésa agus fá mhí-riaghaltacht a chloinne
dobhí ag leamhuin slighe chloinne Héli do
bhí neamh-chráibhtheach claon-bhreathach.



Arna fhaicsin sin don phobal Iudaigheach
adubhradar le Samuel rígh do thabhairt dáibh,
mur bhí ag gach tír eile don domhan. Do ghoill
na hathiosga sin go mór ar Shamuel, agus ar ndénadh
a chasaoide re Dia dhó, adubhairt ris:



“Ná cuir toirmiosg orra,” ar sé, “óir is damh-sa
féin dothugattar tarcuisne.”



Agus adubhairt leis rígh do thabhairt dáibh
mur d'iarradar, acht adubhairt leis ar ttús a chur


L. 204


i gcéill dáibh gach ní dhá n-iarrfadh an rígh
nuadh sin orra. Acht níor chuir sin uathbhás ar
bith orra, óir dobhídar ro-shanntach agus ro-mhianghusach
chum iad féin do bheith arna
stiúradh mur thír eile don domhan.



Mórán a chuirios a n-iongnadh an roghain so
dorug na Iudaigheacha, .i. duine i n-ionad Dé
d'iarra chum iad do riaghladh agus do stiúradh;
gidh eadh ní thugaid dá n-aire go mb'éidir gur
don dream iad féin thréigios Dia lena bpeacaidhe
agus théid a leith an aidhbhirseóra. Óir is é urlabhra
na dreime so an ní cédna adubhairt na Iudaighthe
le Críost, “Ní háill linn é so bheith ós ar ccionn:”
nolumus hunc regnare super nos.



CAIB. XXXXIV



OLA RÍOGHDHA ARNA CUR AR SHAUL.



A.M. 2909.



An uair ba toil le Dia an rígh d'iarr na Iudaighibh
do thabhairt dáibh do thogh sé Saul mur so:



Tárla go ndeachaidh asail Chis, .i. athar Shauil
ar seachrán, agus ar ndul do Shaul dá lorg ní bhfuair
iad; agus ar mbeith dhó ag cinneadh ar fhilleadh
tar a ais adubhairt a ghiolla leis go raibh Samuel,


L. 205


fear fírénta le Dia, isan gcathair bá coimhneasa
dhóibh, do-bheiradh fuasgladh gach cruaidh-cheisde
do chách, agus go mb'éidir dó faisnéis do
thabhairt dáibh-sion ar na hasail.



“Téidhmíd dá agallmhadh,” ar Saul. Agus
ar tteacht do láthair Samuel dáibh adubhairt
Dia ris gurbh é an t-óigfhear cédna sin do thogh
sé chum bheith 'na rígh ar Israél lena saoradh
ar fhoiréigion na bhPhilistíneach. Do ghlac Samuel
go honórach é agus tug leis dá thigh é, gur chomhnuidh
an oidhche sin ann, agus tug sgéla na n-asal dó.
Agus ar mbeith ag triall dó ar maidin do-chuaidh
Samuel dá choimhdeacht amach as an mbaile.



Is annsin adubhairt Samuel re Saul, “Abair
le do ghiolla imtheacht romhuinn agus fan féin um
fhochair-se.” Agus leis sin do tharruing soitheach
ola amach, agus do dhóirt ar cheann Shauil í. Do
bheannuigh é mur rígh agus tug póg dhó, agus mur
chomhartha dhó gur do réir ordaigh Dé do ung
mur rígh é adubhairt leis go gcasfaidh dias fear
leis a mbealach áirighthe do-bhéradh sgéla na
n-asal dó, agus nach raibh d'imnigh ar a athair an
tráth sin acht eision amháin, agus 'na dhiaigh sin go
dlúth go tteageómhadh uimhir mhór dona
fáidhibh leis agus go rachadh-san 'na measg mur
dhuine dhíobh a' fáighedeóracht.



Mur sin dofuair Saul ríoghacht an uair nár
iarr acht asail. Acht ar ndul go tigh a athar dhó


L. 206


níor innis dáibh gur ung Samuel é, nó gur thaisbéin
Dia go follasach ós comhair an phobail é. Fón
am sin do chuir Samuel cruinniughadh ar dhá
threibh dhécc Israél go Maspha; agus ar mbeith
dháibh ag síor-iarraidh rígh, d'iarr orra loit nó
crainn do chaitheamh eatorra le fios d'fhagháil
ó Dhia cia dhíobh do thogh Dia mur rígh; agus iar
gcuartúgadh na ttreabha fá dheóidh gur thuit
ar Shaul mhac Cis, agus níor fríth isan gcomhthionól
é. Chuiriodar tóruighacht 'na dhiaidh; agus ar
ttreacht a láthair dhó do thaisbéin Samuel don
phobal é, agus is é fear dob árrachta dhá raibh ann
é, óir dobhí óna ghuaille suas ní ba hairde ná
an chuid eile don chomhchruinniughadh. Do
bhí sé an tráth sin umhal uiríosal subháilceach,
acht 'na dhiaidh sin do chruthaidh sé lena uaill agus
lena dhroch-iomchar, agus go speisialta leis an
iodhbairt neamh-dhlistionach do-rinne sé, nach
buan an umhlacht a n-aice caithréime móire.
Léighionn maith don dream a toghthar ann uachtaránacht
na hEaguilse, óir má sgarann an úmhlacht
riú tréigfidh Dia ar an láthair iad.



Ar mbeith do Shaul 'na rígh mur sin, d'éirigh
na Philistínigh i gcogadh a n-aghaidh na Iudaightheach
níos dásachtaigh ná mur do-rinneadar
i n-aimsir fhada roimhe sin, agus do chruinnigh
Saul a shluaighte féin 'na n-aghaidh.



Agus ar mbeith don dá champa a bhfogus dá


L. 207


chéile do chinn Ionatas mac Sauil (mur bhí
dóchus mór i nDia aige) gníomh ro-chródha do
dhénamh: óir ar ngairm chuige ar a ghiolla nó
a fhear iomchair a airm, agus ar ndul dáibh ar
dreapuiracht a n-aghaidh carraige áirde dobhí
idir iad agus a námhaid, do mharbhadar an mhéid
tárla leó an taobh amuich do champa na bhPhilistíneacha;
agus leis sin tháinicc crithnamh agus crith-eagla
ar na Philistíneacha, agus do chuiriodar gáir uathbháis
asda; agus leis sin do bhuailiodar a bheith a'
marbhadh 'chéile mur bheith dhá námhuid ann.
Do-cualus fuaim agus torann na coimhglice sin i
gcampa na n-Israélítach, agus do thuig Saul gurab é
Ionatas do chuir an mí-ordugh sin ar na Philistínigh,
óir ní bhfuaradar ameasg an tsluaigh é;
agus ar bhfaicsin na námhad a' glacadh briste do
lean féin agus a shluagh iad le críoch do chur ar an
mbuaidh do thosaigh a mhac. Agus dobhí a
dhíbhfeirg chum dían-scrios agus díghbhála do
dhénamh dá namhaid comh mór sin gur mhallaigh
sé an té do bhlaisiodh biadh go hoidhche an lae
sin. Agus ar mbeith dháibh a' dul tré áit a raibh
mórán meala do chuir Ionatas barr na slaite do
bhí 'na láimh i gcriathar meala, go ttug beagán
don mhil chuige agus gur chuir ann a bhél í (óir ní
raibh fios na mionn ná na mallacht tug a athair
aigé an tan sin), agus arna blas dhó do shoillsiodar
a shúile. Agus iar gcomhnuidhe dháibh um


L. 208


thráth nóna le sgíth do dhénamh ann a ttuirse ar
feadh seal mbig do-rinne Saul comhairle re Dia
d'fhios an rachadh arís a ttóruidhacht na námhad,
agus ní bhfuair freagra ar bith.



Is annsin do thuig go raibh duine éigin ameasg
an tsluaigh do chuir fearg ar Dhia, agus tug mionna
dá madh é Ionatan féin do-ghéubhadh corthach
go gcuirfeadh féin chum báis é. Agus an tan
fuair gurab é bhí ciontach d'fhiafraigh Saul de
créd do-rinne sé. Adubhairt seision nach dearnaidh
acht beagán meala do thógbháil do bhárr slaite
ann a láimh agus a hithe. Adubhairt Saul go
mbáiseóchadh é. An tan do-chonnairc an pobal
a gcolamhain chródha chatha dá cur chum báis
adubhradar nach bhfuileóingidís é, agus leis sin do
bheanadar ar éigin asa lámha na gcésdúnach é.



Cuiridh so i gcéill dúinn gan millseacht bhréige
an tsaoghail so do bhlas acht go ró-aireach.



CAIB. XXXXV



AGAG ARNA SHAORADH Ó BHÁS.



A.M. 2911.



Ar mbeith dona hAmelecítibh líonta do gach
gné pheacaidh adubhairt Dia ré Samuel a rádh
re Saul a shluagh do thabhairt 'na n-aghaidh agus


L. 209


léirsgrios do dhénamh orra, agus gan duine óg ná
sean d'fhágbháil gan marbhadh, an ní cédna fós
do dhénamh lena gceathra, agus gan ní ar bith dhá
maoin do choigill.



Do-rinne Saul mur dubhradh ris, agus tug dá chéd
míle fear armtha leis a n-aghaidh na n-íodhaladharthach
sin. Gidh eadh, níor choimhlíon sé aithne
Dé mur do hiarradh air, agus do mhínigh féin an aithne
do réir a mhiana féin, óir do choigill sé togha a
ttréda agus a gceathra ar shealbhachus iodhbartha
do dhénamh dhíobh, agus fós do shaor sé a rígh Agag
ar bhás.



Do chuir sin fearg ar Dhia, ní nárbh iongnadh,
mur dofuair do dhánacht ann féin gan a aithne
do choimhlíonadh do réir mur fuair ordugh uaidhe;
agus adubhairt re Samuel:



“Imghidh go Saul,” ar sé, “agus innis dó go
bhfuil athmhéla oram fá rígh do dhénamh
dhe.”



Agus ar tteacht do láthair do Shamuel do-chonnairc
go ndearnaidh Saul áirc bhuaidhe dhó
féin mur chomhartha onóra fón mbuaidh do mhill
sé féin; agus arna fhaicsin do Shaul do dhruid
roimhe dá ghlacadh go honórach, agus adubhairt ris
le háthus mhór:



“Do choimhlín mise aithne an Tiaghearna,” ar
sé, “do réir mur d'iarr orum.”



“Má rinne tú sin,” ar Samuel, “créd an
mhéidhleach chaorach so chluinim?”


L. 210


Adubhairt Saul gur choigil an pobal iad do
chum iodhbartha do dhénamh dhíobh. Gidh
eadh, ar mbeith don fháidh oirdheirc sin líonta
do ghrádh agus do chaoin-dúthracht do Dhia, do
ghoill go mór air an tarcuisne tug Saul dó ag
briseadh a aithne, agus tug imdheargadh gér dhó fá
dhul i n-easumhlacht ar an Dia uile-chumhachtach
d'árdaigh as staid tharcuisnigh uirísiol é nó gur
chuir coróin ríoghdha ar a cheann agus slat stiúrtha
an phobail ann a láimh, “Agus tar éis gach
tiodhlaice dá ttug dhuit agus gach comaoin dár chuir
ort,” ar sé, “do thréig tú é, agus tug tú neithe beaga
truaillighe do roghain tairis, agus dá bhrígh sin tá
fuath agus gráin aige, ní hé amháin ort féin acht
ar na hiodhbarthaibh do-ní tú dhó, óir níl iodhbairt
ar bith comh taithneamhach leis an umhlacht
aige, agus níl brígh a n-iodhbairt ar bith gan í,” agus
gurbh ionann an easumhlacht dá láthair agus íodhaladhradh,
óir, gíbé le nach mian umhlacht do
thabhairt uaidhe dá uachtarán, do-ní sé dia bréige
dhe féin agus do-bheir breitheamhnus gur dó féin
dlighthear umhlacht do thabhairt; agus fá dheóidh,
adubhairt go fraochdha feargach leis gur thréig
Dia é, agus gur sgar an ríghdhacht leis féin agus lena
shliocht go bráth.



Arna chlos sin do Shaul do ghlac uathbhás
mór agus aithmhéla é, go ndubhairt, pecavi, .i.


L. 211


“do pheacaidh mé.” Gidh eadh dob í sin an
aithrígh bhréige, agus dá bhrígh sin níor éisd uile-cheart
Dé leis, óir dobhí do mhéid a uabhair
agus a ainmhian chum onóra agus úmhlacht d'fhagháil
dó féin gur mhian leis an fháidh do thabhairt
umhlachta agus onóra ós comhair cháich dhó. Agus
mur sin do chuir i gcéill nach í fearg Dé ná a
aimhriar do ghoill air acht an pionús dotháinicc
air féin.



Is annsin adubhairt Samuel Agag do thabhairt
dá láthair; agus do chuir d'fhiachaibh a threasguirt
agus a ghearradh 'na mhion-ghreamanna ar an
láthair.



Adeir S. Ambrós le pastúraigh na hEaguilse
gan truaighe nó trócuire thiaránta ar aithris Saul
do dhénamh dona peacaigh chruaidh-mhuinélach,
acht ar aithris Shamuel a ttreasguirt gan choigcill
le gér-fhaobhair chloidhimh na haithrighe.



CAIB. XXXXVI



DÁIBHÍDH ARNA THOGHADH 'NA RÍGH.



A.M. 2934, Ante Christum 1070.



Ar mbeith do Shamuel a n-aois 85 mbliadhan
adubhairt Dia ris: “Do thréig mé Saul,” ar
sé, “agus do thogh mé mac Isai ann a ionad, agus dá
bhrígh sin ná dén-sa comhnuidhe acht ung é.”


L. 212


Agus mur mheas Samuel go raibh sin contabhairtach
aige féin dá bhfaghadh Saul sgéla air do
ghlac meadhón lena dhénamh go secréideach,
óir adubhairt le gach aon dá bhfacaidh go raibh
féin a' dul go Bethleim chum iodhbartha do
dhénamh ann. Agus ar ndénamh na hiodhbartha
dhó, d'iarr ar Isai agus ar a chloinn teacht chuige agus
bia do chaitheamh 'na fhochair; agus iar gcaitheamh
pruinne dháibh do dhearc go grinn ar gach aon
fó leith don chloinn, agus mur dobhí an mac fa sine
dhíobh 'na fhear áluinn árrachtach dheaghchrothach,
ní raibh amhrus aige nach é do thogh
Dia.



Gidh eadh, do chuir Dia i gcéill dó nach ionann
an breitheamhnus diadha agus daonna, óir ní do réir
cháilidheachta foirmeallacha amháin dhearcus Dia,
acht sgrúdaigh na croidhtheacha go hinmheadhónach.
Óir, iar mbreathnughadh an mhórsheisear
mac dotháinicc dhá láthair do chloinn Isai dhó,
níor thaisbéin Dia dhó go raibh an tí thoghtha
'na measg. Arna fhaicsin do Shamuel d'fhiafraigh
do Isai an raibh aen-mhac eile aige. Agus
adubhairt Isai go raibh mac beag eile aige i
ttimchioll aoise cúig mbliadhan décc dobhí
amuich ag cumhdach na gcaorach. d'iarr Samuel
a thabhairt dá láthair, agus ar tteacht dó adubhairt
Dia re Samuel a ungadh mur rígh; agus ní luaithe
do-rinne Samuel sin ná do líonadh le spiorad Dé
an t-og-mhacámh sin, agus do thréig an spiorad


L. 213


cédna Saul, agus tháinicc droch-spiorad 'na ionad do
bhíodh dá shíor-bhuaidhreadh go ttigeadh cuthach
agus báinigh dheamhnaigh air.



Agus ba tús deagh-ratha do Dháibhídh an
cathughadh sin dotháinicc ar an tréigtheach sin
Saul. Óir ar mbeith dhó dhá shíor-chésadh ag
an ndroch-spiorad ndeamhnaigh, d'iarr a chomhairleacha
air fear seanma saor-bhinn clársighe do
thabhairt chuige do-bhéradh sólás i n-aimsir na
gcathaighe dhó; agus iar gcuartughadh na críche ní
fríth aon innte comh foghlomtha le Dáibhídh isan
ealadhain sin. Agus ar tteacht dó dothug Saul
searc agus síor-ghrádh dhó, óir farré binne a sheanma
dobhí sé ró-áluinn ann a chruth agus ann a dhénamh,
agus do-rinne an rígh príomh-thaoiseach a each dhe,
agus dobhíodh 'na fhochair féin aige do ghnáth. Agus
an uair dobheireadh an droch-spiorad ruathar
air agus dobhíodh dhá chéusadh do ruaigeadh
Dáibhídh ar an láthair é le guth an cheóil ró-bhinn
do shinneadh ar a chláirsigh.



Deir na haithreacha naomhtha gur samhuil
do bhinn-chruit Dháibhídh guth agus glór saor-bhinn
deagh-phastúirigh na hEaguilse a' tabhairt
síthe agus sóláis dona hanamannaibh bhíos dá
mbuaidhreadh agus dá gcésadh le hanmhianaibh
na colla agus le cathighibh an aidhbhirseóra. Adeir
Greghóir naomhtha go raibh feidhm mhór ag
Dáibhídh féin le binn-ghuth a phastúir an uair
thug Nathan an t-imdheargadh dhó fó an adhaltrannus.


L. 214


Is ceól sáimh sólásach psalma an rígh
cédna so, óir is bhríghmhur iad le gach cathugh
agus le gach ghné pheacaidh do dhíbirt ó chách.



Dá éis sin, isan mbliadhain d'aois an domhain
2942, tárla cogadh eidir Shaul agus na Philistínigh.
Agus ar tteacht don dá armáil a n-amharc a chéile
d'éirigh atheach an-uaibhreach amach as campa
na bhPhilistíneacha darbh ainm Goliath; agus iar
mallughadh dona Iudaighibh dhó d'iarr comhlann
aoin-fhir orra, agus dobhí mur sin dá n-imdheargadh
ar feadh .xxxx. lá; agus mur nach bhfacaidh aon-neach
acu a' teacht ar feadh na haimsire sin dá
ionnsaighe tug tár agus tarcuisne le briathra borba orra,
gur mhúsgail a bhfraoch agus a bhfearg go hádhbhalmhór.
Gidh eadh, mur bhí an t-aitheach an-mhór
uathbhásach, arm fós agus éideadh ro-iongantach
air, do ghlac eagla agus uathbhás iad ar mhodh nár
lamh aon-neach acu comhlann do thabhairt dó.



Isan am cédna do chuir Isai a mhac óg, .i.
Dáibhídh, le biadh agus le lón dochum triair eile
dá chloinn dobhí an tan sin i gcampa Shauil;
agus ar tteacht do láthair do-chonnairc an t-aitheach
gráineamhail sin ag imdheargadh Israél, agus ar
mbeith dhó-san lán do spiorad Dé d'fhiafraigh
créd é an t-anchreidmheach maillaighthe sin
dobhí a' tabhairt táir agus tarcuisne do phobal an
Dé bhí, nó créd an luach saothair do-ghébhadh
an tí do threasgóradh nó do dhícheannfadh é.


L. 215


Iar gclos na mbriathar sin dá dhearbhbhráithre
do labhradar go tarcuisneach, ag rádh ris imtheacht
ar a ais agus aire 'thabhairt dá thréd, agus gur sotal
agus uaill dothug air teacht chum catha d'fhaicsin.
Gidh eadh, do bhrígh nach uaill dhaonna ná
díomhaoinas do ghluais Dáibhídh acht caoin-dúthracht
le teas-ghrádh Dhé, adubhairt do ghuth
árd ameasg an tslóigh go rachadh féin i gcomhlann
ris an aitheach mallaighthe agus go mbeanfadh a
cheann de, agus nach raibh eagla ar bith air roimhe.



An tan do-chonnairc cách seasmhach ar an
ní sin é thugadar leó a láthair an rí é, agus dubhairt
annsin an ní cédna. Gidh eadh, an uair do
bhreathnaigh an rí óige, anbhfainne, agus an laghad,
dar leis, dobhi isan ógán sin, níorbh áil leis a
léigion síos isan gcomhlann, nó go ndearnaidh sé
foiréigion fair ag innsin dó gur ghnáthach leis
buaidh do bhreith ar leóghuin agus ar mhathghamhna,
óir iar mbriseadh a bhfiacal agus a gcnámh
go mbaineadh a bhfuadáin díobh. Leis sin tug
Saul a thoil dó, agus tug a lúireach féin agus a chloidhmhe
gaisge dhó; agus an uair dob áil le Dáibhídh gluasacht
isan innioll sin, ní bhfuair é féin lúthmhar mur
ba gnáth leis, agus dá bhrígh sin do theilg dhe an
chulaidh ghaisge agus do ghlac a chulaidh ghnáthach,
.i. a chrúca agus a bhonnsach.



Arna fhaicsin do Ghóliath do chuir gáir mhagaidh
agus fonómhaid as ag rádh, “An measann tú gur
madadh mé mur thig tú dom ionnsaighe le bata?”


L. 216


Agus adubhairt go ndénfadh bia badhbh agus bran-én
dá chorp ar an láthair. Agus leis sin tug sáthadh
dhá lainn dá ionnsaighe. Do dhruid Dáibhídh
'na chuinne, agus arna amus re cloich as a bhonnsaigh
do bhuail i gclár a édain í, agus do chuir go hinchinn
í, gur thuit an toirt an-mhór sin marbh, go nach
rug anam go talamh ris. Do ling Dáibhídh ann
a mhullach, agus do scaith lena chloidheamh féin a
cheann d'aon-bhéim dá mhéidhe.



Arna fhaicsin sin dona Philistínigh do ghlac
uathbhás, uamhan agus imeagla iad, mur do ghlac
an pobal Israél lúthgháire agus misneach, gur
threasguirsiod na Philistínigh go hiomlán.



Fighir an bhuaidh so Dháibhídh ar an mbuaidh
dorug Críosd ar aingiol uaibhreach an dorchaduis.
Ciallaigh fós Goliath an t-uadhbhar, do-bheir
buaidh go meinic ar an dream lé stróicior na
leómhain agus na mathghamhna, .i. na peacaigh
ro-mhóra, agus nach glaoidhtear acht le bata, .i.
le crann na páise.



An uair do-chonnairc Saul an gníomh mór-éuchtach
sin do-rinne Dáibhídh do chuir ceisd
ar aos eoluis fón' athardhacht; agus ní tár an teisd
dothug Ionathas mac Shauil air, acht do chuir a
chulaidh airm agus éudaigh féin fair, agus do-rinne
cáirdios agus comhpháirt ris.



Ar mbeith do Shaul agus dá shluaghaibh ag dul
tar a n-ais do dhruid mnáibh na críche 'na


L. 217


gcuinne ag dénamh lúthghara agus iolgháirdios rompa,
ag cantain agus ag seinm ar théudaibh meann-chrot:
“Do mharbh Saul míle agus do mharbh Dábhídh
deich míle.” Arno chlos do Shaul gur mhó an
t-éucht do mhaoidh cách ar Dháibhídh ná air
féin, do ghlac éd agus imthnúth adhbhal-mhór é
go raibh lán d'fhuath agus do mhiosgas ar Dháibhídh
ó sin amach, agus dobhíodh ag casaoid ós áird
gur mhó an meas dobhí agá mhuintir ar Dháibhídh
ná air.



Tugadh cách dá n-aire annso nach bhfuil
peacadh is gráineamhla ná an t-iomthnúth, óir
is iad na deagh-ghníomhartha is damhna fuatha
agus miosgais dó do ghnáth.



CAIB. XXXXVII.



ANMHIAN SHAUL CHUM DÁIBHÍDH DO MHARBHADH.



Dobhí mailís agus anmhian Shauil go laetheamhuil
ag fás a n-aghaidh Dháibhí, go nach raibh ar 'aire
acht a' stuidér ar shlighe d'fhagháil lena
mharbadh; agus aon do ló ar tteacht don droch-spiorad
dá bhuaidhreadh, mar fa gnáth leis, do
ghlac Dáibhídh an chlárseach, agus ar mbeith ag
seinm dhó tug Saul urchar do gha chuige, agus ar
gclaonadh a chinn do-chuaidh an t-urchar seacha,


L. 218


agus do ghlac teitheadh. An uair do mheath sin
ar Shaul do ghlac slighe eile lena mhilleadh, óir
mur do dhearmaid trésan mailís dobhí aige dhó
an gealladh dothug ar a inghin do thabhairt le
pósadh dhó tar éis buaidhe do bhreith ar Gholiath,
dothug sé an inghean ba sine, darbh ainm Merob,
do dhuine eile. Agus ní dhubhairt aen-ní 'na
aghaidh, do bhrígh ar ttuigsin a uirísle féin gur
mheas nárbh fhiú é cleamhnus an rígh d'fhagháil,
acht gidh eadh, mur do mhothaidh Saul go raibh
grádh mór agá inghin thánuisde ar Dháibhídh,
do thrácht sé ar phósadh bheith eatorra, agus
d'umhlaigh a pósadh leis ar chondar céd Philistíneach
do mharbhadh agus comharthaigh cruthaighe
an mharbhtha sin do thabhairt chuige. Agus
tar cheann gur le mailís do chuir an cruaidh-chonnradh
sin air, .i. dochum go muirfídh é, do
tháinicc Dáibhídh slán ar ais iar marbhadh dhá
chéd, .i. dá uiriod agus d'iarr air, agus do pósadh Michol
leis.



An uair do-chonnairc Saul gur mheath éifeacht
a mháilíse an' aghaidh, do líon dásacht agus díbhfeirg
ann, go ttug urchar do shaghad nó do shleigh
an dara feacht dá ionnsaighe, ar mbeith mur bhí
cheana ag seinm na cláirsighe dhó, agus iarna chosain
féin do Dháibhídh, mur do-rinne cheana, do theith
sé as a amharc.



Mur dobhí grádh ro-mhór ag Ionathas do
Dháibhídh, do chaith a dhúthracht ag iarraidh


L. 219


grádh a athair do tharruing ar Dháibhídh. Gidh
eadh, ba díomhaoin a thoisg, óir do chinn Saul i
gcóir nó i n-éuccóir a bhásughadh; agus ionnus go
ttiubhradh sin go luath chum críche do chuir a
theach isan oidhche dá thimchilleadh le lucht
faire dobhí armtha. Do mhothaidh Michol iad agus
adubhairt re Dábhídh a bheith ar a choimhéd,
óir go raibh lucht a mhillte agus a mharbhtha ag
foraire a ttimchioll an tighe fair; agus do chuir sí
amach tré fhuinneóig é, agus do chuir sí íomháigh
ann a ionad ann a leabaidh agus piliúr d'fhionnadh
gabhar agus folach éudaigh fána cheann; agus
an uair dotháinicc teachta Shauil a' gabháil
Dháibhídh, adubhairt Michol riú go raibh sé
'na chodladh, ionnus go ttugadh uain imtheachta
dhó.



An uair do-chualaidh Saul gur mheall a inghean
féin mur sin é do chuir tóruighacht ar Dháibhídh
go tigh Shámuel, áit a ndeachaidh sé ar caomhain.
Agus ar n-imtheacht don teachta do líon spiorad
Dé iad, go nár chuimhnighsiod ar a tteachtuireacht
do choimhlíonadh. An uair do-chonnairc Saul
sin do chinn ar a dhul 'na thóruighacht i bpearsainn;
gidh eadh, tar éis gach díthchill dá
ndearnaidh ní raibh baoghal ar Dháibhídh an
feadh ba toil le Dia a chaomhain.



Mur sin do threóin an domhuin go huilidhe: ní
féidir leó ní ar bith, olc ná maith, do dhénamh


L. 220


acht an uair thogras Dia a dhénamh, más deagh-ní,
nó a fhulang, más droch-ní.



Ba mór dólás Ionathais fá mhéd dásacht agus
díbhfeirge a athar a n-aghaidh a chompánaigh
ghrádhaigh, .i. Dáibhídh; gidh eadh, d'iarr sé
air gan imtheacht a bhfad go bhfághadh féin fios
intinne a athar. Ní cian dá éis go ttáinicc lá
solamhna ann ar mheas Saul gur cheart do
Dháibhídh theacht chum cláir, agus an uair do-chonnairc
nach ttáinicc d'fhás fíoch agus fearg
mhór air. Tan do-chonnairc Ionathas sin do
thuig gan amhrus gurbhá mian leis Dábhídh
do mharbhadh; agus leis sin do-chuaidh amach i
bhfogus don ionad a raibh Dáibhídh leis an
gcomhartha dobhí eatorra do thabhairt dó, óir
dobhí i bhfogus don áit i bhfolach le fios na
sgél d'fhagháil. Annsin do chaith Ionathas
saghad, agus ar gcur a theachtaire i ttóruighacht an
tsaighid dó adubhairt leis go hard go raibh a
bhfad uaidhe, agus ba hé sin an comhartha dobhí
ag Dáibhídh le teitheadh do ghlacadh. Leis
sin do chuir Ionathas a ghiolla uaidhe, go bhfuair
uain ar a dhul mur a raibh Dábhídh, agus gur innis
dó nacharbh fhoirchios dó anmhuin a bhfochair
a athar; agus iar gceangal cháirdis shíorruidhe do
cheileabhradar go dubhach deórach dobrónach.



Do ghluais Dáibhídh annsin go ndeacaidh go
tigh an árd-shagairt Achimelech; agus ar mbeith


L. 221


dhó féin agus dá bheagán buidhne gan bhia gan
lón acu dobhí ocrus orra, agus iar n-innsin d'Achimelech
dó gur i tteachtuiracht phríbháideach do
tháinicc ón rígh d'fhiafraigh don árd-shagart an
raibh bia aige le thabhairt dóibh, agus mur nach
raibh aige acht an t-arán coisriogtha nó an t-arán
do hiodhbradh ar an altóir, dá ngoirthí an t-arán
taisbénta, dothug sé cúig aráin díobh sin dó
agus gach congnamh eile dhár fhéd mar aon le
cloidheamh Gholiath. Acht dobhí oiffigeach
Idumeach le Saul istigh an tan sin, darbh ainm
Doeg, d'innis gach ní dhe sin don rígh. Agus
arna chlos sin dó, do chuir fios ar Achimelech,
agus do bhásaigh é gion go raibh gan chionta, gníomh
naomh-athiseach do chuir fó chionta agus fó mhí-chliú
go bruinne an bhrátha é; agus dobhí an gníomh
cédna sin comh fuathmhar agus comh gráineamhail
sin do láthair mhuintire Shaul nach bhfuair aen-nduine
'na measg dhénfadh an gníomh tiaránta
so acht Doeg féin, nach raibh sásda leis an ard-shagart
amháin do mharbhadh acht do mharbh
85 dona sagairt eile ann a n-éudaighibh sagartacht.



An uair do-chualaidh Dábhídh an sgél sin do
chuir dólás mór air, mur dobhí féin 'na adhbhar
bháis acu; agus leis sin do-chuaidh d'ionnsaighe
Achis, .i. rígh Philistíneach. An uair do-chonnairc
Achis gurbh é an gaisgidheach cliúteach Dábhídh


L. 222


dotháinicc chuige do chinn ar a mharbhadh,
muna mbeith gur ghlac ren' ais a bheith tré mhire
chuthaigh nó 'na amadán: fighir na hamadáncht
foirmiolleach do mheas andream shaoghalta
do bheith a n-Íosa Críosd, .i. an Chríonnacht
féin, feadh dobhí ar an tsaoghal so, agus fós an
tsimplidhacht ro-naomhtha dobhí isna naoimh
agus na martírigh; nonne hi sunt quos habuimus
aliquando in derisum? Ecce quomodo computati
sunt inter filios Dei, et inter sanctos sors illorum
est, etc.



CAIB. XXXXVIII



IMTHEACHTA AGUS EACHTRA DÁBHÍDH TAR ÉIS A
DHÍBEARTHA.



Ba dólásach dobrónach docamhlach an bheatha
dobhí ag Dábhídh ón am ar theith ó dhíbhfeirg
Shaul, óir ní raibh acht mur bheith ruagaire
reatha ag imtheacht ó shliabh go sliabh, ó choill
go coill, agus ó ghleann go gleann, agus go mbíodh a
lucht bretha ann gach ionad dá ngabhadh. Agus ba
hí sin toil Dé, ionnus go múinfeadh gach duaigh
dá bhfuair agus gach cruas dár fhulaing umhlacht dó
an tan dobheith 'na rígh (ní nach raibh ag Saul,
óir is tréna easumhlacht do thréig Dia é agus tug a
ríghacht do dhuine eile). Acht ní thárla dhó ar


L. 223


feadh na haimsire ní is mó do chuir buaidhreadh
agus imnígh air ná an chruaidh-dháil a raibh a
mhuintir, .i. timcheall cheithre ccéd fear do
ghreamaigh dhe ar feadh a thrioblóide; óir iar
tteitheadh dháibh as fásach uaigneach Siph, áit
arbh óbar do lucht a háitighthe a ttréigion agus a
ttabhairt suas ar lámha a namhad, dobhí gorta
orra, óir ní raibh bia le fagháil acu agus iad tar
éis siubhail fhada do dhénamh. Is annsin do
chuireadar deichneamhar dá muinntir ag iarraidh
bídh agus dighe ar Nabal, .i. duine ró-shaidhbhir do
bhí truailligh brúideamhuil droch-bhésach, agus ar
tteacht chuige dhóibh adubhradar gurbh é a
maighistir, .i. Dábhídh do chuir isan teachtuireacht
sin iad, agus gur mhóide búdh córa dhó tártháil
do thabhairt dó agus dá mhuintir mur nach dearna
díghbháil ar bith ariamh dhó féin ná dá mhaoin,
acht gur chosain iad go minic an feadh dobhí
ann a chomharsannacht.



Do fhreagair Nabal go dordha droch-labharthach
é, agus adubhairt nach ttiubhradh féin ní ar bith
dháibh, óir nach raibh 'fhios aige féin cia hé
Dábhídh agus go raibh go leór do shearbhfoghantaibh
ar feadh an domhain do theith óna maighistrighibh
dísle féin.



Ar gclos na bhfuighle sin do Dhábhídh do ghlac
fearg adhbhal-mhór é, agus do éirigh go prap le
díoghaltas do dhénamh air, agus dubhairt go gcuirfeadh
lén-sgrios air féin agus ar a mhuintir go hiomlán.


L. 224


Agus ar mbeith ag ionnsaighe na háite dhó, tárla
Abigail dó, .i. bean Nabail dobhí críonna múintigh
deagh-bhésach, agus í ag dul rompa le bia agus le
digh. Agus do labhair sí le Dábhídh le hiomad
umhlacht agus tábhacht, ar mhodh gur chlaoi sí
fearg Dhábhídh ar an láthair, agus tug dhá aire
méd na coire dobhí sé ar tí 'dhénamh, .i. bean
comh maith re Abigail do threasgairt. Ar tteacht
ar a hais dí dofuair sí Nabal, .i. a fear, ar meisge,
agus dá bhrígh sin níor innis sí aen-fhocal dó an
oidhche sin. Acht arna mhárach iar gcur na
meisge dhe, d'innis sí dhó an chonntabhairt ann
a raibh trésan diúltadh agus an droch-aighnios do
thug sé do mhuintir Dháibhídh. Arna chlos sin
do Nabal dobhí do mhéid an uathbháis do ghlac
sé go bhfuair bás i gceann deich lá dá éis; agus ba
hí sin cóir Dhia. Agus do phós Dábhídh Abigail,
agus is mur sin d'árdaigh a humhlacht agus a carthannacht
í go ndearnadh banríghain di.



Dobhí Saul comh díbhfeirgeach sin chum báis
Dhábhídh gur chruinnigh sluaightibh na críche
le tóruighacht do thabhairt dó ó áit go háit, agus é
féin 'na bhfochair, gur thimchill fá dheóidh é i
bhfásach diamhair Ziph - aois an domhain an
tan sin 2947 - óir do chinn gan comhnuidhe do
dhénamh nó go gcuireadh chum báis é. Agus ar
mbeith dhó ann a champa an oidhche chédna do
tháinicc ann, mur bhí i ndiaidh duaighe agus siubhail,
do thuit codladh trom air féin agus ar a shluagh.


L. 225


d'éirigh Dábhídh i lár na hoidhche, agus gan 'na
fhochair acht Abisai. Do ghluais go misneamhuil agus
níor chomhnuidh go ndeachuidh isteach isan
bpailliún i raibh Saul 'na chodladh, agus ní hé amháin
go raibh Saul 'na chodladh acht dobhí caiptín a
ghárda, .i. Abner, agus na hoiffigidh uile 'na gcodladh
(agus dob urusa dháibh codladh gan eagla, óir ní
raibh do námhaid acu acht aen-ndíbeartach
amháin). An uair do-chonnairc Abisai an t-innioll
dobhí orra adubhairt re Dábhídh gur thoirbhir
Dia a namhuid ann a lámha, agus do mheas gur
cheart dó Saul do mharbhadh gan mhoill.



Do fhreagair Dábhídh é, agus adubhairt, gion
gur námhuid bunaidh dhó é, nach beith lámh ann
a fhuil aige do bhrígh gur ung an Tiaghearna é,
agus níor fhulaing d'Abisai féin díghbháil do dhénamh
dhó; agus ní dhearna do dhochar dhó acht a shleagh
agus a chorn do bhreith uaidhe; agus d'imghidar gan
mhothúgh isan gconair chédna tar a n-ais.



Agus ar mbeith dháibh ar árd an taobh amuich
don champa, do ghlaoidh Dábhídh go hárd air
Abner, agus thug imdheargadh dhó fó gan coimhéd
ná comhfhaire cheart do dhénamh ar a phrionnsa,
agus leis sin d'fhiafraigh dhe cáit a raibh sleagh agus
corn an rígh. Leis sin do mhúsgail Saul, agus ar
n-aithne ghotha Dhábhídh dhó do thaisbéin
comhartha foirmiollach gráidh dhó, agus do ghoir
“mac” go maoth-ghlórach dhe. d'fhiafraigh


L. 226


Dáibhídh dhe annsin créd fá raibh dhá thóruighacht
féin comh díbhfeirgeach sin, nó créd fár
mhian leis díghbháil do dhénamh dhá shearbhóntaidh
dhílis féin.



“Madagh marbh atá tú 'shíor-leanmhuin,” ar sé,
“agus más ó Dhia a atá tú dod bhrosdogh um aghaidh
go ttugaidh luach mo neamh-chionta dhamh-sa,
agus más le comharleacha daoine atá tú dom dhíbirt
as m'athardhacht, níor chóir dhuit a gcomhairle
do dhénamh, óir is dream mhallaighthe iad.”



Níor fhéd Saul aen-fhocal do rádh 'na aghaidh,
acht a chontrárdhacht: d'admhaidh gur pheacaidh
sé; agus iar ndénamh síthchána re Dábhídh do-chuaidh
ar a ais, agus do chuir Dábhídh a gha agus a
chorn chuige. Agus do mhaoidh air an cúram
dobhí aige ann 'anam, óir nárbh áill leis dochar
do dhénamh dhó, tar cheann go raibh ar a chumus
fá dhó a mharbhadh, .i. an uair do ghearr an
sciorta dhá chóta gan fhios dó i n-uaimh fhásaigh
Engadi, agus isan áit sin a raibh an oidhche chédna
fós an uair dothug a gha agus a chorn uaidhe.



Is uathbhásach iongantach an fhoighid agus an
cheannsaighacht lé ndearnaidh Dábhídh an dá
ghníomh so. Mór an t-adhbhar náire dona
Críosdaighthibh, tar éis an tsiompla dothug Críosd
dáibh, gan an fhoighid so ná a samhail do bheith
'na measg.


L. 227


Tar cheann go ndeachaidh Saul ar ais ó thóruighacht
Dábhídh ar an láthair sin, ní raibh muinghin
ag Dábhídh as, agus ar eagla go bhfuigheadh uain
uair éigin air do chinn ar an tír do thréigion go
hiomlán, agus níor chomhnuidh go ndeachaidh ar
chomairce Achis, .i. rígh Gát. Agus tug Achis
fáilte agus onóir dhó agus do bhronn dó fós baile Siceleicc
mur ionad comhnuidh dhó féin, dá mhnáibh, agus dá
mhuintir. Agus dob óbair don bhronntanus sin
a bheith 'na damhna dóláis ag Dábhídh, óir ar
mbeith d'Achis an tan sin ag cruinniughadh
sluagh le cogadh do chur ar Israél, adubhairt le
Dábhídh dul leis agus a chongnamh do thabhairt
dó a n-aghaidh a mhuintire féin. Gídh gur leasg
le Dábhídh sin, níor fhéd diúltadh do thabhairt
don rígh; gidh eadh, mur bhí eagla mhór ar an
tsluagh Philistíneach go ttréigfeadh Dábhídh iad,
nó go n-imeóradh a láthair na namhad trétúracht
orra, thugadar comhairle d'Achis a chur a ais.
Dobhí lúthgháire mhór ar Dhábhídh fán ní sin.
Gidh eadh, ní cian go bhfuair sgél dólásach, óir
ar tteacht go Sicileig dhó dofuair sé an baile
loisgidh roimhe. Óir ar mbeith i gcampa Achis
dó dotháinig na hAmalecítigh ann, do loisg an
baile, agus d'fhuadaigh mnáibh agus maoin Dháibhídh
agus a mhuintire léo. Agus gé gur mhór an dólás
do chuir sin ar Dábhídh, is mó ná sin dobhí air
an tan do-chonnairc go raibh a mhuintir féin ar
tí a ndíthe agus a ndóláis do dhíghailt air féin, óir


L. 228


dobhídar ar tí gabháil do chlochaibh air; gidh
eadh, níor chaill Dábhídh a ghnáth-mhisnioch
leis na huilc sin acht do-rinne comhairle re Dia
(mur fá ghnáth leis) fó thóruighacht do thabhairt
don ladrann namhad sin do-rinne a chreach, agus
dubhairt Dia leis dul.



Annsin do ghluais féin agus líon a mhuintire, .i.
na sé chéd dobhí 'na fhochair, acht dobhí dhá
chéd díobh nach bhfuair do neart ná do mhisnigh
ionta féin siubhal do thabhairt dó. Agus ar
n-imtheacht dó leis na ceithre chéud do-chuaidh
leis, tarla leis ar an mbealach óglaoch don námhaid
nach ttug siubhal dóibh, agus do-rinne treóraigh agus
brathadóir dhe, agus do ghluais isan gconair ndírigh
i ndiaigh na ladrann sin. Agus ar mbeith dháibh
'na gcomhnuidh ag ithe, ag ól, agus ag dénamh
ulgháirdis fá mhéd na bhfuadán agus na gcreach do
bhí leó, níor mhothaighdar go ttáinicc Dábhídh
cona mhuintir orra, gur lingsiod go dian dásachtach
orra, go raibh ar feadh laoi dhá ttuargain agus dá
ttrén-bhualadh, go nach deachaidh duine dhíobh
beó as an ár acht buidhean bheag dothug luas
cos camhall le cuim na hoidhche as. Dofuaradar
annsin gan díghbháil na braighde agus na maoine agus
mórán d'fhuadánaibh daor-luaidhe eile mar aon riú.



Iar tteacht ar a n-ais dáibh adubhairt na ceithre
chéd do-chuaidh re Dábhídh nach ttiubhradís
roinn ar bith don dá chéd nár fhéd dul leó, acht


L. 229


gur leór dháibh an mhéd dotugadh uatha
d'fhagháil ar ais, go ttárla imreasan eatorra agus gur
thoghadar Dábhídh mur bhreitheamh. Agus do
bhreathaidh Dábhídh roinn cheart do thabhairt
don dá chéd sin do réir mur bhí ag an ccuid eile,
agus dobhí an breitheamhnus sin 'na dhlighe ag
Israél ó sin amach: mur so bheir Dia nísa mhó
do ghrásaibh dona daoine ná mur thuillid uaidhe.



CAIB. XXXXIX



BÁS SHAUIL.



A.M. 2949
(dhá bhliadhain i ndiaidh bháis Shamuel).



Do ba mór an tuar ratha do Dhábhídh mur
do dhiúlt na Philistínigh a léigion leó chum an
chatha, óir mur do marbhadh Saul agus Ionathas ann
adéradh gach aon do mhuintir a thíre féin gur
chiontach Dábhídh ris an olc sin do thuitim amach,
agus fós leis an ármhach do-rinneadh ar chlainn
Israél.



An uair dobhí Saul ag triall chum catha do
thabhairt dona Philistínigh, do-rinne comhairle
re Dia; agus ba díomhaoin dó, óir do thréig spiorad
Dé roimhe sin é, agus dá bhrígh sin ní bhfuair freagra
ar bith uaidhe. Annsin do ghlac mire agus édóchus


L. 230


é, agus tar chionn gur dhíbir agus gur ionnarb an lucht
easarlaighacht dobhí san ríghacht roimhe sin,
do chinn annso ar chomhairle do dhénamh le
mnaoi mhallaighthe don dream chédna. Agus
ar gclos dó go raibh a samhail i n-áit áirighthe,
do chuir é féin i n-éudach agus i gcórughadh an-aithnighthe,
agus do-chuaidh dá hionnsaighe, agus
adubhairt léidhe an fháidh Samuel do mhúsgladh
chuige. Do ghlac eagla mhór an bhean gharma
sin, óir dofuair fios gurab é an rígh féin do labhair
léidh, agus is mó ná sin an t-uathbhás dobhí ar
Shaul an tan tháinicc Samuel. Do labhair do
ghuth theann agus do-rinne fáisdine dhó go rachadh
buaidh an chatha sin 'na aghaidh, agus d'fhiafraigh
go feargach créd fár chuir buaidhreadh air ná
créd far mhúsgail as a shuan é, agus adubhairt leis
gur thréig Dia é agus go ttug sé a lámha na bhPhilistíneach
é, agus a ríghacht ag an té dhár órdaigh Dia
í, “Óir múirfighfir thú féin agus do chlann isan chath
so,” ar sé.



Agus ar gcríochnughadh na mbriathar sin do
Shamuel do ling sé as a radharc, agus do thuit Saul
a mbáthadh, agus an uair d'éirigh as níorbh áill bia
ná deoch do chaitheamh tar cheann go raibh
sé ro-lag, óir do chaill sé a bhrígh agus a mhisneach
an uair dofuair sgéla ar an droch-chinneamhuin
dobhí i ndán dó féin agus dá chloinn. Agus mur
bhí lán do dhroch-mhisnigh ar ndul isan gath


L. 231


dhó, ní fada bhídar isan iorghail an uair do
treasgradh é féin, a mhac Ionathas agus a shluagh,
go ndearnadh dearg-ár orra. An uair do-chonnairc
Saul é féin tréigthi agus nach raibh tártháil i
ndán dó d'iarr ar a ghiolla féin a mharbhadh,
agus an uair do dhiúlt an giolla sin do theilg sé é
féin ar rinn a chloidhmhe go ndeachaidh tríd ón
taobh go aroile, agus d'fhág sin mur shiompla agá
ghiolla leis an mbás cédna d'imirt air féin.



Sin mur chríochnaigh Saul a bheatha dobhí
ón am a ndearnadh rígh dhe lán do dhroch-ghníomhartha,
óir do mharbh na sagairt féin; agus
i n-ionad na húmhlacht dobhí ann isan am ar
thogh Dia 'na rígh é do líon a lán easumhlacht
ann, ionnus gurbh fhéidir Iudás an tSean-tiomna
do ghairm dhe, óir ar mbeith dháibh ar aon arna
ttogha le Dia féin do thuit duine díobh as a
neamh-chionta le huabhar agus duine eile le saint.



Tháinicc do mhéd lúthgháire na bhPhilistíneach
fá bhás Shauil gur bheanadar a cheann de lena
thaisbénadh ann gach baile ann a ttír, agus 'na
dhiaidh sin d'fhoráilsiod é féin agus 'arm i tteampall
a n-íodhal.



Ní mur sin dobhí Dábhídh, óir dobhí dólás
mór-adhbhal air; óir gion go raibh an ríghacht
aige agus gur chríochnaigh an bás sin mórán dá
bhuaidhreadh, dá thrioblóid, agus gach contabhairt
báis ann a raibh le miosgios agus le mailís Shauil,
do chaoidh sé deóra fíor-dhóláis fóna bhás, agus


L. 232


do-rinne sé mairbhne nó cantic chumhaigh ann
'onóir, agus do mhallaigh sé sléibhtibh Gelboe, áit
ar thuit Saul, Ionathas, agus aos gaisge Israél; agus
do thaisbéin 'na dhiaidh sin comharthaigh móra
buidheachuis do lucht Iabes Galaad fó mur do
adhlaicsiod go honórach Saul agus a chlann, agus mur
do-chualaidh go ndearnsad dólás mór 'na ndiaidh.
Do thaisbéin sé ar mhodh eile an urraim dobhí
aige do Shaul tar éis a bháis, óir dotháinicc
Amalacíteach dá ionnsaighe go Sicileicc dá lá
tar éis na creiche do bhuain do mhuintir na tíre
sin, agus iar bhfiafraigh sgéil de d'innis dó gur
marbhadh Saul; agus mur chruthughadh air sin
do innis dó go ttarla dhó féin beith ag
siubhal tré shliabh Ghelboe, agus go bhfacaidh
Saul uaidhe agus a chloidheamh tarsna tréna lár
agus na Philistínigh ag teacht dá ionnsaighe, agus
gur iarr air féin a mharbhadh go hiomlán
gan mhoill, “Agus do-rinne mise a chomhairle,”
ar sé, “agus thugus a fháinne ríoghdha
chugad-sa.”



Arna chlos sin do Dhábhídh ní lúthgháire do-rinne
acht dólás mór, agus ar mbeith ag stróca a
édaigh féin dó le dólás d'fhiafraigh don Amalecíteach
créd fár lamh fuil ungthaigh an Tiaghearna
do dhórtadh, agus leis sin do chuir d'fhiachaibh ar
aon dá mhuintir a mharbhadh ar an láthair.
Agus tug siompla leis an ngníomh sin do gach


L. 233


duine le gan lúthgháire do dhénamh fó bhás
aon-nduine dá madh namhuid féin do bheith ann.



Iar sin do-rinne Dábhídh comhairle re Dia, agus as
sin táinicc go ndeachaidh don Iudea agus gur
ung treibh Iudáis 'na rígh orra féin é, agus dobhí
an tan sin tríochad bliadhain d'aois. Acht do
thug Abner, .i. taoiseach slóigh Shauil, Iosboseth
mac Sauil leis, agus do ghlac na deich ttreabha eile
mur rígh leis. Gidh eadh, tháinicc dias meirlioch
dá mhuintir féin i gceann chúig mbliadhan dá
éis sin chuige agus é 'na chodhladh i lár an lae ar a
leabaidh, agus iar mbuain a chinn go fealltach dhe
thugadar chum Dábhídh é. Gidh eadh, ní
buidheachus dothug Dábhídh dhóibh, acht
d'ordaigh a mbásughadh ar an láthair fón bhfeill
ghráineamhuil sin do dhénamh ar a ttiaghearna.



CAIB. XXXXX



DÁBHÍDH ARNA GHLACADH 'NA RÍGH AR CLANNA
ISRAÉL GO HIOMLÁN.



A.M. 2949.



(Reg.2).



Tar éis báis Isboseth táinicc treabha Israél go
hiomlán ag umhlúghadh do Dhábhídh. Is ann
sin tug Dábhídh dhá aire gur thoirbhir Dia ann a
láimh an ríghacht do gheall dó le linn Shauil


L. 234


féin a bheith beó; agus ar mbeith dhó 'na ard-rígh
mur sin ar an gcrích go hiomlán do thionsgain
cogadh fraochdha fuilteach do chur ar a naimhde
'na thimchioll. Agus do thosaigh le campa do
chur le cathair Ierusalem, dobhí an tan sin i
seilbh na Iebuséinachaibh; agus d'aimhdheóin a neirt
sin agus an chédfaidh dobhí acu ar a beith dochlaoite,
.i. nárbh fhéidir, dar leó féin, le neart dá thréine
buaidh do bhreith orra, agus dá bhrígh sin gur
mheasadar gur leór a ndaill agus a mbacaigh do chur
ar bhallaighe agus ar gheataighe an bhaile lena
chosnamh a n-aghaidh shlóightibh ró-líonmhura
Dábhídh, gidh eadh ní fada gur thuigiodar
féin ar cosdus a bhfola nach raibh acht baos agus
díth céille ann a ndóchus as a neart féin, óir do
bhean Dáibhídh an chathair dhíobh agus do chuir
sé dian-scrios orra féin.



Agus ar mbeith dhó go socair ann a sheilbh do
thionsgain a chaoin-ndúracht do Dhia a thaisbénadh
mur nach dearnaidh Saul ariamh, óir do
thug áirc an Tighearna as tigh Aminadab, áit i
raibh sí ón aimsir a ttáinicc sí ar a hais ó na
Philistínigh, .i. ar feadh deich agus trí fithchid
bliadhain, nó gur aistrigh Dábhídh le sollamhain
mhóir an uair sin í. Óir do chruinnigh sé deich
míle fhithchiod dá mhuintir leis an áirc do choimhdeacht,
agus le neart crábhaigh dobhí an rígh féin
ag seinm ar a chláirsigh agus mórán eile do lucht


L. 235


ciúil ag seinm 'na fhochair roimh áirc an Tiaghearna
amach. Agus ar mbeith dháibh agus dona sluaigh uile
ag gluasacht go soirbh sólásach mur sin tarla ní
teagmhuiseach dháibh lér hionntaigheadh a sólás
agus a suaimhneas i ndólás agus i mbuaidhreadh. Óir,
ar mbeith do Oza mac Abinadab ag tiomáin na
ndamh dobhí ag iomchar na háirce, tug dá aire
le preib dá ttug damh acu go raibh an áirc i
gcontabhairt tuitim agus do chuir a lámh dá congbháil,
acht i n-ionad na tárthála do shíl sé a tabhairt
don áirc do thuit sé 'na chorp mharbh ar an láthair
fá mur do chuir a lámh ar áirc an Tiaghearna.
Do ghlac eagla mhór agus uathbhás an méid dobhí
a láthair na míorbhuile díoghaltaigh sin, agus cuiridh
i gcéill dúinn aniúgh gur baoghlach lámh eachtrannach
neamh-ghlan do léigion asteach chum
mionastrálacht do dhénamh a n-áirc ró-naomhtha
Eaguilse Chríosd.



Dotháinicc as méid an eagla agus an uathbháis
do chuir bás tobann Oza ar Dhábhídh agus ar an
tsluagh mhór dobhí 'na fhochair nár lamhsiod ar
feadh thrí mí an áirc do chorrughadh; agus i gceann
na haimsire sin, iar nglacadh misnigh arís do
Dhábhídh, do smuain nach beith aistriugh na
háirce mí-thaithneamhach ag Dia, agus gur mhór
an rath táinicc ar theaghlach Obededom, áit a
raibh an áirc ar feadh .xxxxxxx. bliadhan, agus go
ttiubhradh féin go Ierusalem í, áit i ndearnaidh


L. 236


páilliún daor-luaidh dhí. Do thuig fós gurbh é
adhbhar báis dobhí ag Oza do bhrígh nach sagairt
nó Leuitiocha dobhí ag freasdal agus ag iomchar
na háirce, agus dá bhrígh sin do chuir cruinniughadh
ar uimhir mhór do shagairt agus do
leuítigh, agus do chuir d'fhiachuibh orra an áirc
d'iomchar ar a nguaillibh. Ba mór an ghlóir agus
an t-árdughadh meanman éisdeacht le gach gné
cheóil dobhí ag an rígh agus ag an lucht ceóil
eile dobhí 'na fhochair, agus le gach sé choiscéim
dá ndénadhdís do iodhbradís damh agus reithe. Do
bhí ephod lín ar Dhábhídh agus é ag damhsa roimh
an áirc. Agus is mur sin dothug go sollamanta
isteach go cathair Ierusalem í, agus tugadh trésan
oireachtas isteach í isan ionad do ullmhaigh
Dábhídh dhí.



Isan am cédna dobhí Michol ag amharc orra
tré fhuinneóig an pháláis, agus ar bhfaicsin Dhábhídh
isan innioll sin dí do tharcuisnigh sí ann a hinntinn
é, agus an uair dotháinicc chum dorais a thighe
mur a raibh sise 'na seasamh thug sí imdheargadh
mór dhó fá mur do uirísligh é féin mur sin ós
comhair a mhuintire. Gidh eadh, ní leithsgél
thug Dábhídh dhí, acht adubhairt gurbh oirchios
dó umhlacht agus onóir do thaisbénadh a láthair
an Tiaghearna do thogh agus do thóig as uirísliocht
agus as modhsainacht é, go ndearnaidh áird-rígh
ro-chumhachtach dhe. Agus dothug sé siompla


L. 237


dona prionnsaighe Críosdeamhla, dá mhéud a
gcathréim do láthair na ndaoine, a bheith ullmhaigh
do ghnáth le hiad féin d'ísliughadh do láthair Dé,
ionnus go nglacadh na hiachtaráin siompla
umhlachta agus crábhaidh uatha. Adeir S. Ambrós
gur chuir Dia do dhíoghaltus ar an imdheargadh
éigceart so dothug Michol do Dháibhídh gan
sliocht do theacht uirre, agus ní gnáthach sliocht ar
lucht uabhair.



CAIB. XXXXXI



DAMHNA COGAIDH DHÁBHÍDH RIS NA HAMONÍTIBH.



A.M. 2967.



Ar mbeith do Dháibhídh go socair suaimhneach
ann a ríghacht, gan imreasan gan fhreasabhra, do-chualaidh
go bhfuair Naas rígh na hAmoníte bás,
agus do bhrígh gurbha caraid ghrádhach do Dhábhídh
é do chuir teachta chum a mhic Hanon, do ghlac
an ríghe ann a ionad, re comhdhólás do dhénamh
ris fó bhás a athar agus le dearbha do thabhairt go
mbeith a chairdios féin as ucht a athar aige do
shíor. Iar n-éisteacht na tteachta sin do Hánon,
an tan dob áil leis buidheachus do thabhairt do
Dháibhídh agus bronntanuis do chur chuige, dubhairt
a chomhairleacha, dobhí aimhleasacha díthchéillidh,
leis gur le mailís agus le ceilg do chuir
Dáibhídh na teachta sin chuige agus nach le grádh


L. 238


ar 'athair ná air féin, acht chum na ríghachta
do bhreathnughadh lena buain amach dó féin.
Do chreid Hanon gach ní dá ndubhradar leis, agus
dothug aithis agus úsáid mhaslaigheach dona
teachta sin, óir do chuir a bhfuilt agus a n-olchaibh
nó a bhféusóga dhá mbearradh agus sciortaidhe cúil
a róbaidh dhá ngearradh, agus do chuir uaidhe ar a
n-ais mur sin iad.



Dofuair Dáibhídh sgéla na hathise sin sul
ráinicc leis na teachtaibh féin a theacht chuige,
óir dobhí do mhéud a náire nár mhian leó iad
féin a thaisbénadh nó go bhfásadh a bhfuilt agus a
n-olcha arís. Arna chlos sin do Dháibhídh do chuir
teachta rompa re sólás do thabhairt dáibh agus ag
iarraidh orra foighid agus misneach do ghlacadh agus
anmhuin i gcathair Iericho nó go bhfásadh a
bhféusógaidh. Agus ar an láthair do thionsgain
díoghaltus do dhénamh ar Hanon agus ar ríghacht
na hAmoníte, gur chuir ard-thaoiseach a shluaigh
.i. Ioab, maille le sluaghaibh líonmhura 'na fhochair,
go críoch na hAmoníte.



Is annsin do chruinnigh Hanon aos cogaidh a
chríche féin maille le mórán do lucht conganta
dotháinicc chuige as an Syria agus as na críochaibh
eile fa coimhneasa dhó. Dotháinicc chum troda,
agus iar mbeith ag tuargain agus ag trom-threasguirt a
chéile dháibh do bhris Ioab orra, agus lena chródhacht
féin agus le calmacht a shluaigh do-rinne ár éuchtach
adhbhal-mhór orra.


L. 239


An bhliadhain dá éis sin do chruinnigh Hanon
sluaightibh líonmhura oile le díoghaltus do
dhénamh. Do-chuaidh Dáibhídh féin i bpearsainn
'na n-aghaidh, gur mharbh dá fhithchiod míle
coisigh dhíobh mar aon re líon sheacht ccéd
carbad cogaidh dhíobh. Do chuir an t-ármhach
mór sin uathbhás ar na prionnsaighibh agus ar na
críochaibh ba coimhneasa dona Hánonaigh, agus
do chuir i gcéill fós dó féin go hantráthach gur
tuar tubaiste agus mí-ratha do rígh comhairle dhaoine
aimhghlice do ghlacadh go tobann, óir gurb as
deagh-chomhairle nó droch-chomhairle an rígh
thig leas nó aimhleas na críche; mur deir an
file:




Is do réir an neith do-ní
(móide is inteagaisg airdrí)
tig leas nó aimhleas an fhuinn
(beas ní hainbhfios a n-abruim).




Ar mbeith go grod dá éis sin do Dhábhídh go
socair suaimhneach ann a ríghacht do-chualaidh
gur chuir na hAmonítibh iad féin arís i n-innioll
cogaidh le díoghaltas do dhénamh air; agus mur
nárbh fhiú leis féin dul an dara feacht 'na n-aghaidh
do chuir Ioab agus sluagh mór 'na fhochair dá
glaoidh. Agus ar mbeith dhó féin go neamh-imnigheach


L. 240


ann a chathair, feacht n-aon dá
ndeachaidh amach do-chonnairc bean áluinn
dheagh-chrothach dá fothragadh féin, agus ar mbeith
dhó seal ag amharc ó thaobh a pháláis uirre tug
grádh dhí; agus ar bhfiafraigh dhó créd í, do hinnseadh
dhó gurbh í Bethsabee bean Úriais dobhí ann.
Is annsin do chuir teachtuire 'na cuinne, agus iar
tteacht dí dá shoighe do-rinne sé adhaltrannus
léidh. Ní cian dá éis sin go ttug sí dhá haire go
raibh sí torrach, agus mur nach raibh a fear 'na
fochair le cian roimhe sin, ar mbeith isan gcampa
dhó, dotháinicc sí mur a raibh an rígh agus d'innis
dó an cruth ann a raibh agus go n-imeóradh a fear
dlighe báis uirre fó adhaltrannus do dhénamh, óir
ba hé sin dlighe na críche cédna an tan sin.



Arna chlos sin do Dháibhídh do chuir teachta
go Ioab ag rádh ris Uirias do chur chuige gan
mhaill le sgéla an chogaidh do chur chuige. Agus
iar tteacht a láthair dhó d'fhiafraigh Dábhídh
sgéla dhe, agus iar gcaitheamh bídh agus dighe dhá
láthair féin dó dubhairt leis dul dá thig féin,
sgíth agus comhnuidhe do dhénamh a bhfochair a
mhná. Adubhairt Urias nach rachadh féin ann
sin agus nach glacfadh codladh ná suaimhneas ann
a thigh féin an feadh bheith a thiaghearna Ioab,
áirc an Tiaghearna, agus uaisle na ríghachta i gcampa
gan díon ná fasgadh acht scáláin nó pailliúin.



An uair do-chonnairc Dábhídh nach raibh a
mhian le fagháil aige ó Uirias agus nachar fhéd sgáth


L. 241


ná folach do chur ar adhaltrannus Bethsabee, do
ghlac droch-shlighe eile le folach do chur air;
óir do chuir ordugh chum Ioaib Uirias do chur i
mbearna baoghail i mbél na námhad agus gan cabhair
ná tártháil do léigion chuige nó go muirfidh
é. Agus do-rinne Ioab sin gan fhaillidh. An tan
do-chualaidh Bethsábée gur marbhadh a fear, .i.
Uirias, do chuir sí culaidh chumhaidh uirre, agus iar
mbeith dhí seal gearr ag dénamh dóláis dothug
Dábhídh isteach ann a theaghlach féin mur mhnaoi
phósta í, agus dorug sí mac dhó.



Cuiridh an peacadh dúbalta so Dhábhídh i
gcéill dúinn go follasach nach bhfuil aon, dá
naomhthacht, nach bíonn an lagar daonna agus cuid
do nádúir na láibe dhá ndearnadh é greamaigh
dhe; agus má bhíonn sé do mhí-rath ar aon-nduine
aithris do dhénamh ar an bpeacadh sin Dháibhídh,
dénadh gan mhaill aithris air ann a aithrígh.



CAIB. XXXXXII



AITHRIGHE DHÁBHÍDH.



A.M. 2970.



Mur is do nádúir an pheacaidh go ndallann
gach duine dhá naomhthacht dá ttuitionn ann, do
bhí Dábhídh bliadhain iomlán i ndorchadus na
bpeacadh do-rinne sé gan comhartha athrighe do


L. 242


thabhairt uaidhe, nó gurbha toil le Dia truaighe
do dhénamh dhó lena thabhairt isteach chum
athrighe do dhénamh, gur chuir an fáidh Nathan
chuige lena shúile d'fhosgladh le hamharc do
thabhairt dó féin ar an gcneidh mharbhthaigh do
bhí air a anam. Agus ar tteacht do láthair dhó
do-rinne casaoid ris an rígh ar dhuine agá raibh
tréd mór caorach ann a sheilbh féin, agus tar a
cheann sin an uair ba riachtanach dhó caora do
mharbhadh nach í a sheilbh féin d'ionnsaigh acht
aen-chaora amháin dobhí ag duine bocht, agus gan
ar a sheilbh acht í amháin agus go raibh do mhéud
a ghráidh uirre gur aen-bhiadh agus aen-leabaidh
leis féin do-bheireadh dhí. Arna chlos sin don
rígh do ghlac fearg mhór é, agus adubhairt gíbe
duine do-rinne sin gur chóir bás d'imirt air agus fós
gur cheart dó ceithre caoire do thabhairt ar son
na caorach sin.



Do fhreagair an fháidh annsin agus adubhairt:



“Is tú féin, a rígh, an duine, agus is ort féin dothug
tú an breitheamhnus sin, óir tar éis gach
tiodhlaice dá ttug Dia dhuit, .i. ríghacht, saidhbhris,
agus cumhachta ro-mhór, dothug dhuit fós
togha agus rogha bhan na ríghacht le glacadh go
dlisdionach. Níor shásaidh sin thú,” ar sé, “gan
aon-bhean amháin Uirias do bhuain de, agus é féin
fós do bhásughadh.”



Ní luaithe do-chualaidh Dábhídh na briathra
sin ná do sgread ar Dhía ag admháil a pheacaidh


L. 243


agus ag iarraidh maitheamhnuis; agus dobhí d'fheabhus
na haithrighe do-rinne gur mhaith Dia an choir
ar an láthair sin dó, tar cheann gur chuir pionús
aimsiordha air, .i. go ttug Dia bás don ghein mhic
do tuismeadh san adhaltrannus sin dó. Níor
shamhail don aithrigh so an aithrigh bhréige do-rinnidh
Antiochus agus Iudás.



Ní fada 'na dhiaidh sin go bhfuair Dábhídh
damhna mór dóláis, óir dobhí mac aige darbh
ainm Amnon tug grádh éugmaise mí-gheanmnaidhe
dá dheirbhshiair féin, .i. do Thámar, gur
léig galar báis air féin; agus chum uaignis d'fhagháil
uirre d'íarr mur athchuinge a léigion chuige chum
bídh d'ollmhughadh dhó, agus ar tteacht chuige dhí,
dothug sé a héiccion, agus go ndearnaidh peacadh
mí-nádúrtha léidh. Arna chlos sin d'Absolón, .i.
dá dearbhbhráthair féin do thaobh athar agus máthar,
do ghlac fearg mhór agus rún nó mian mór díoghaltais
é. Gidh eadh, do mheas nárbh fhéidir leis ar an
láthair díoghaltas do dhénamh do réir a mhiana
air, agus ar an adhbhar sin níor labhair leis ar an
gcúis sin go ceann dá bhliadhan dá éis sin, .i.
isan mbliadhain d'aois an domhuin 2974.



Do-rinne Absolón féusda mór i n-aimsir
bhearrtha a chaorach, agus tug cuire dá dhearbhráithreacha
go hiomlán, agus go háirighthe
d'Amnon. Agus ar mbeith dhóibh go meadhrach
meanmnach i ndiaidh bídh agus dighe do chaitheamh


L. 244


tug Absolón ordúghadh dá mhuintir féin Amnon
do mharbhadh, agus do-rinniodar sin ar an láthair.



Iar ndénamh an fheill-ghníomha sin d'Absolón
do ghlac sé teitheadh. Óir, níor léig eagla a athar
dhó teacht ann amharc an pháláis ríghdha go
ceann thrí mbliadhan dá éis sin, nó gur fríth le
iomad athchuingeadh agus le gliocus pardún ón
rígh, agus as sin go bhfríth cead dó le teacht ar a
ais chum cúirte an rígh agus ann a fhiadhnuis.



Ar mbeith annsin dó seal aimsire gan eagla
gan imnígh, do chinn sé ar an ríghacht do
thabhairt ar a láimh féin; agus is é gliocus gnáthach
do-rinne leis sin do thabhairt chum críche: do
chuireadh é féin i slighe gach nduine dá ttigeadh
le casaoid, le gearán, nó le gnothigh ar bith oile
d'ionnsaighe an rígh, agus do labhradh go cáirdeamhail
so-ghrádhach riú, ag rádh gur mhór a thruaighe
féin dóibh do bhrígh nach raibh fear casaoide
d'éisdeacht acu le ceart dho dhénamh dhóibh,
óir go raibh an rígh ro-aosda, agus dá bhrígh sin
nach raibh diongmhála le ceart do dhénamh do
chách go coitcheann (mur do dhénfadh féin dá
mbeith ann a ionad); agus leis na briathra bláithmhillse
sin do tharruing sé grádh agus mian móráin
air féin. Agus dobhí mur sin feadh cheithre
mbliadhan, nó gur mheas é féin do bheith daoineach
cáirdeamhuil; agus annsin d'iarr cead ar an rígh
dul go Hebron le turus nó le oilireacht do chomhlíondh


L. 245


ann, mur do gheall an uair dobhí ar a
chaomhaint (do réir mur d'innis don rígh); agus iar
bhfagháil tola an rígh dhó do ghluais sé, agus ní
luaithe dotháinicc go Hébron ná do chuir bollsaire
dá fhógra do chách annsin gurbh é féin an rígh.



Arna chlos sin do Dhábhídh do ghlac uathbhás
mór é, agus gé go raibh an tan sin barr ar thrí fithchid
bliadhain d'aois dob éigion dó imtheacht amach
as Ierusalem agus, gan acht a ghárda gnáthach 'na
fhochair, dul dá chois tar abhainn Cedron, agus dul
go dérach dobrónach tar shliabh Oilíbhe, mórán
tarcuisne agus masla d'fhulang isna bealaighe sin,
ní do fhuiling le foighid ro-iongantaigh, óir do
chreid sé gur ó cheart-bhreitheamhnus Dé tháinig
gach cruaidh-dháil díobh sin air; agus is annsa
turus sin do mhallaigh Semei dhó agus do dhiúbhraic
le cré agus le mion-chlochaibh é, agus dubhairt Dábhídh
gurab é Dia d'órdaigh dhó an masla sin do
thabhairt dó, agus do chuir toirmiosg ar dhíoghaltas
do dhénamh air.



Isan an am cédna táinicc Absolón le poimp agus le
sollamhain mhóir go Ierusalem, agus iar ngabháil
seilbhe na cathrach agus an pháláis dó, do chiontaigh
agus do mhaslaigh go colamhail crosda brúideamhail
(ar chomhuirle Achitofeil) mnáibh pósta a athar,
do réir fháistine Nátain. Do chuimhnígh Dábhídh
annsin ar a mhór-pheacaighibh féin, agus dubhairt:
Merito haec patimur; agus do thuig, an tan éirghios


L. 246


an duine bocht i ttrétúracht agus i meirliochas a
n-aghaidh Dé, gur chóir do gach crétúir dár
chruthaidh cogadh do chur air agus díoghaltas do
dhénamh ar an masla beirthear don Chruthaightheóir.
Mur sin do thuig Dábhídh gur do bhíthin
a chortha féin táinicc dá mhac féin, .i. Amnon,
a inghean Tamar do thruailliughadh, agus a mhac
eile Absolón do marbhadh an mhic sin, Absolón
fós dá dhíbirt féin, agus masla Shemei air, agus a
mhuintir, dar leis, dobhí dílis aige dá thréigion,
ar mhodh nach raibh tártháil le fagháil aige acht
an Dia cédna ar ar chuir fearg do ghuidhe.



Cuiridh so i gcéill do lucht dhénta na bpeacadh
nach cóir dháibh iongnadh do bheith acu ann gach
pionús dá mhéd dá gcuirionn Dia orra, acht lúthgháire
do bheith orra an tan chuirios Dia sgiúrsa
ar an tsaoghal so orra, óir is dearbhtha nach ttéid
gan pionús síorruidhe nó aimsiordha. Agus dá
bhrígh sin iarraim ort-sa, a Aird-rígh uile-chumhachtaigh
tá fós uile-cheart, ar bpionúis féin
do bheith aimsiordha. Amen.



CAIB. XXXXXIII



BÁS ABSALÓIN.



A.M. 2981, roimh Chríosd 1023.



Ar gcur chathrach Ierusalem fóna smacht féin
d'Absolón, agus iar ttruailliughadh na mban bpósda


L. 247


agus na leannán d'fhág Dábhídh 'na dhiaidh dhó, do
ghoir chuige a chomhairleacha, agus d'fhiafraigh
dhíobh créd dob oirchios a dhénamh um
thóruighacht dhlúth do thabhairt do Dhábhídh,
agus gan cead comhairle ná comhnuidh do
léigion dó, acht lingeadh go tobann air feadh
dobhí féin agus a mhuintear scapach mí-ordaighthe
lán d'uamhan agus d'uathbhás; agus ba hí sin comhairle
Achitofeil dó. Gidh eadh, mur bhí lámh-chúram
Dé i ttimchioll Dhábhídh do ghrés, do labhair
Chusai, dobhí 'na charaid go folaightheach ag
Dábhídh, agus adubhairt nár chóir sin do dhénamh.



“Óir is conntabhairteach an ní,” ar sé, “ionnsaighe
thobann do thabhairt ar dhruing mhóir
d'uaislibh agus do dhaoine ro-chródha dobhí i tteas a
bhfeirge agus a ndásacht ar imirt a n-anmaibh dochum
díoghaltais do dhénamh ar gach masla dá bhfuaradar.”
Agus adubhairt re hAbsolón nach raibh
a mhuintir daingion diongmhálta le buansheasamh
do dhénamh leis an ní do chuir roimhe
do thabhairt chum críche tré chruas agus tré bhuige,
do bhrígh nach raibh acht aimsir ghearr acu le
cinneadh ar an gcrích ró-éifeachtaigh dobhí
rompa; “agus ar an adhbhar sin,” ar sé, “má marbhthar
ar an gcéd-theacht síos acht beagán amháin
díobh, glacfaidh uamhan, uathbhás, agus drochmhisneach
an chuid eile dhíobh, chuirfios orra
teitheadh ó namhuid nó úmhlughadh dóibh.”


L. 248


Agus gé gurbh í an chomhairle sin dothug
uain do Dhábhídh lena lucht cogaidh do
chruinniughadh agus le hinnioll troda do chur orra,
is uirre do chinn Absolón. An uair do-chonnairc
Achitofeil (sin), .i. an trétúrach do tharruing chum
mí-ghníomh agus meirliochais é, do ghlac édóchas é,
go ndeachaidh dhá thigh agus do chroch é féin.



Iar sin do chuir Cusai teachta ós ísiol chum
Dábhídh ag rádh ris dul gan fhuireach tar shruth
Orrthánnáin, óir go raibh Absolón ar gluasacht
dá thóruighacht; agus ar ndul do Dhábhídh don
taobh araill don abhainn do chuir innioll catha
ar a mhuintir, agus gé gur mhian leis féin dhul i
geann na sluagh isan gcath níor fhuiling cách
sin dó, agus ar mbeith ag imtheacht as an gampa
dhó dothug ordughadh speisialta do Ioab agus dona
hoifigidh eile go hiomlán, i bhfiadhnuise na harmála
agus i n-éisteacht gach aon díobh, gan Absolón do
mharbhadh acht a thabhairt beó chuige.



Ní cian dá éis sin go ttáinicc an dá armáil ar
aon láthair, agus ar mbeith aimsir imchian ag treasgradh
agus ag trén-bhualadh a céile, fá dheóidh do
chlaon an bhuaidh a n-aghaidh Absolóin do thaobh
Ioaib; gion gur líonmhuire go mór an sluagh do
bhí ag Absolón, do marbhadh fithche míle dhíobh
ar láthair an chatha, agus do chinn an chuid eile
dhíobh imtheacht le luas a gcos. Ar mbeith
d'Absolón ag teitheadh, fear mur chách, tárla crann
ramhar ro-ghéugach fuinsionn ann a bhealach, agus


L. 249


ar mbeith ag dul tar an gcrann sin dó thárla an
folt ro-mhór ro-áluinn dobhí fair i n-achrann i
ngéugaibh an chrainn, gur ling an miúl dobhí
faoi tréna chosaibh, gur fhág crochtaigh mur sin
as an gcrann é, agus gan cumus aige ar imtheacht ná
a fholt do tharruing as géugaibh an chrainn sin.



Ní cian dobhí mur sin go bhfacaidh aon do
shluagh Dhábhídh é, agus go ndeachaidh le sgéla go
Ioab, agus d'fhiafraigh Ioab go feargach dhe: “Créd
nár mharbhuis é?” ar sé. Adubhairt an t-óglaoch
leis nár lamh féin aithne an rígh do bhriseadh
d'iarr gan a mharbhadh. An uair do-chonnairc
Ioab nárbh áil leis féin ná le haon eile don tsluagh
Absalón do mharbhadh do-chuaidh féin dá ionnsaighe,
agus do dhiúbhraicc trí saighid tréna chroidhe
gur mharbh é. Agus ní luaithe do-rinne sin ná
do chuir na stoic agus na buabhaill dá séideadh ós
áird le cosg do chur ar an ármhach.



An uair do-chualaidh Dábhidh sgéla na buaidhe
sin dobhí lúthgháire mhór air nó go gcualaidh
bás a mhic Absolóin; agus arna chlos sin dó, do
líon dólás a chroidhe agus do chuir sé é féin i gculaidh
chumhaidh agus dhóláis. An uair do-chonnairc Ioab
sin do ghlac fearg mhór é, agus tug imdheargadh le
coimeasg feirge agus bogair dhó, agus adubhairt go dána
go ttréigfeadh é, óir gur thaisbéin sé lena iomchar
fuath dá aos gráidh agus a ghrádh dá aos fuatha,
agus gu raibh d'fhiachaibh air é féin do thaisbénadh
go subháilceach dá mhuintir agus a dhólás d'fholach.


L. 250


Cuiridh an siompla so i gcéill dúinn méd an
ghráidh is cóir dona haithreacha agus dona máithreacha
spioradálta agus corpordha do bheith acu ar
a gcloinn, agus go háithrighthe méd an dóláis is cóir
dháibh a bheith (orra) fó bhás síorruidhe na
n-anmann.



Ní cian tar éis báis Absolóin go ttáinicc gach
trén agus gach tár dár cheangail le hApsolón (an
mhéid do mhair díobh) ag iarraidh comairce ar
an rígh Dábhídh, agus gach dream dhíobh do réir
na coire do-rinne ag tabhairt umhlachta dhó agus ag
iarraidh a bpardúin. ameasg cháich táinicc Semei
do mhallaigh dhó agus do dhiúbhraicc le cré agus le
mion-chlochaibh é ar mbeith ag teitheadh ó
Absolón dhó; agus arna fhaicsin don dream dobhí i
bhfochair an rígh an lá sin, d'iarradar air gan
trócaire ná truaighe do dhénamh dhó acht cead
a mharbhtha do thabhairt dáibh. Adubhairt an
rígh nach ttiubhradh an cead sin dáibh agus nach
ttruailleóchadh a lámha re feill-ghníomh tarcuisneach
mur sin tar éis na buaidhe dothug Dia ar
a námhuid dó.



Tháinicc Miphiboset i gcruth dhólásach mur an
gcéadna, .i. mac Ionothais mhic Sháuil, i bhfiadhnuise
an rígh, agus do-rinne casaoid ghearánach ar
a fheadhmannach féin, .i. ar Shéba.



“Óir ar mbeith dhuit-se, a rígh,” ar sé, “ag
teitheadh ó Absolón dotháinicc an fear fallsa


L. 251


ro-bhrégach úd dod ionnsaighe, agus d'innis go
calaoisioch dhuit, agus iar ttairgsin ualaighe each
dom mhaoin-se le blas do chur ar a sgél ró-bhrégach
dod láthair, go ndeachaidh mise i ttrétúracht
iod h'aghaidh ag congnadh le hAbsolón, agus
gur fhuadaigh féin ar an ádhbhar sin an mhéid
d'fhéd sé dom mhaoin lena tabhairt chugad-sa, agus
adubhairt leat fós gur dochum na ríghe do bhuain
amach damh féin do thréig mé thusa, agus do bhrígh
gur chreid tusa go ro-thobann é do bhronn tú mo
mhaoin-se dhó.”



Arna chlos sin do Dháibhídh is é breitheamhnus do-rinne
leath a mhaoine do thabhairt do Mhisboseth,
agus d'fhág an leath eile ag Shéba (gé gur chruaidh
an breitheamhnus dorug má chreid sé Misboseth).



Ar mbeith do Dháibhídh iar sin go síthchánta
i gceannus na ríghachta ní cian gur éirigh Séba
i ttrétúiracht, agus iar gceangal cáirdis le deich
ttreabha do chlainn Israél do chuir stuic agus buabhaill
dá séideadh ós áird ar feadh na críche agus bollsairigh
ag fógradh do chách go coitchionn nach ttiubhradh
féin umhla ná urraim do Dháibhídh mhac Isai.
Arna chlos sin don rígh do ghlac uathbhás mór é,
agus is í comhairle ar ar chinn tóruighacht dhlúth
do thabhairt don trétúrach, agus gan uain do thabhairt
dó le harmáil mhór do chruinniughadh; agus do lean
Ioab é gan mhaill go ndeachaidh go cathair


L. 252


Abela, áit ar shíl sé a bheith ar a dhaingion.
Gidh eadh, ní mur sin tarla dhó; óir ar tteacht
annsin do Ioab do chuir campa leis an gcathair,
agus ar mbeith ar innioll chum na cathra do
ghabháil agus a háitigheóirigh do threasguirt, d'éiridh
bean ar bhalla na cathrach agus d'fhiafraidh do Ioab
créd an t'ádhbhar fár chuir sé campa ris an mbaile,
nó créd an choir do-rinneadar 'na aghaidh. Do
fhreagair Ioab ag rádh gurbh é an trétúrach Séba
dobhí sé a thóruighacht. Arna chlos sin don
mhnaoi do chuir sí tionól ar uaisle agus ar árd-chinn
an bhaile go ndeachadar a gcomhairle, agus as sin
táinic gur theilgiodar ceann Shéba amach tar an
mballa chuige. Agus le bás Shéba amháin do
thárrthaighdar an chathair go hiomlán.



Is iomdha éucht mór agus seirbhís mhaith do-rinne
Ioab do Dháibhídh; gidh eadh, do thaisbéin a
ghníomhartha go minic gur ag iarraidh onóra agus
tairbhe dhó féin is mó dobhí. Óir ba duine
mí-choinghiollach mí-thrócuireach é, óir ar ttús
do mharbh sé go fealltach Abner, prionnsa d'fhuil
ríoghdha Shauil; do mharbh mur an gcéadna Amasa;
agus fós tar aithne an rígh do mharbh sé Absolón.
Gidh eadh, mur bhí an rígh naomhtha so ag
dénamh aithrighe agus gur thuig sé gur thuill sé féin
ó Dhia pionúis do theacht air, d'fhuiling leis ar
feadh a bheatha.


L. 253


CAIB. XXXXXIIII



ANN A TTRÁCHTAR AR AN BPLÁIGH THÁINICC I
NDÍOGHAIL PHEACAIDH DHÁIBHÍDH.



A.M. 2988, roimh Chríosd 1016.



Ní mór go bhfuair Dáibhídh scíth chomhnuidh
ó gach cogadh agus gach conbhliocht dá raibh air ná do
chuir a dhuinedhacht i gcéill; óir dá mhéd aithrigh
agus naomhthacht dár fhoillsigh ann a dheagh-iomchar
gnáthach do thuit sé arís i bpeacadh
uabhair, óir dothug anmhian uaibhreach air lucht
a ríghacht uile d'áiriomh a n-aghaidh aithne a
aos comhuirle, dubhairt leis gur chóra dhó buidheachas
do thabhairt do Dhia agus iarraidh air biseach
do chur ar lucht a ríghachta ná fios a n-uimhre
d'iarraidh. Gidh eadh, níor éisd-sion riú acht do
chuir lucht ríomhtha amach ar feadh a ríghacht;
agus ar mbeith deich mí dháibh ag áireamh cháich
go hiomlán, dofuaradar go raibh ocht gcéd míle
fear ionarmtha fóna smacht i n-Ísraél agus cúig céd
míle fear armtha i ttreibh Iuda amháin.



Annso níor riachtanas do Dháibhídh fáidh do
thabhairt rogha dhó, mur tháinicc chuige fón
adhaltrannus agus fón bhfeill do-rinne roimhe, óir
do thuig sé féin an mhór-choir do-rinne, gur
bhuail é féin fó lár agus gur sgread ar Dhia ag iarraidh


L. 254


trócaire. Agus ar mbeith isan innioll umhlacht agus
uirísliocht sin i láthair an Tiaghearna dhó, chuir
Dia an fháidh Gád dá innsaighe, ní le maitheamhnus
iomlán acht le roghuin do thabhairt dó ar thrí ghné
pionúis, .i. gorta sheacht mbliadhan do theacht
ar a thír, cogadh thrí mí, nó pláigh thrí lá. Ar
mbeith dhó go dólásach fó na huilc sin do tharruing
ar a ríghacht dothug pláigh na ttrí lá do roghuin;
agus dofuair .xxxxxxx. míle duine bás leis an
bpláigh sin.



Ag so sompla maith don dream bhíos i gcumhacht
ós cionn cháich méd an chúraim budh cóir dáibh
a ghlacadh le gan olc do tharraing ar na hanmanna
bhíos fóna gcúram, agus go speisialta do phastúirigh
na hEaguilse le guidhe chruaidh do dhénamh ar
son a ttréda, mur do-rinne Dáibhídh, lér thóig
faobhar feirge Dé le caoin-dúthracht na guidhe
do-rinne sé.



CAIB. XXXXXV



SOLAMH 'NA RÍGH



A.M. 2989.



(Regum 3).



Ar mbeith do Dhábhídh lag meirbh crannda
cian-aosda, a neart fós agus a ughdarrás arna gclaoi
le mór-aois, d'fhás iomthnúth agus anmhian a chloinne


L. 255


chum na ríghe do ghabháil roimh a bhás, óir
níorbh fheas dáibh créd díobh ba mian leis a
bheith 'na rígh ann a ionad féin. Is uime sin
do chuir an mac fa sine dobhí aige i ndiaidh
Absolóin, .i. Adonias, cuire agus comhchruinniughadh
ar an méid dona huaislibh agus dona háird-chinn
dobhí cáirdeach aige, mar aon leis an árd-shagart
Abíatar. Agus ar mbeith ag caitheamh fleadha
agus fésda 'na fhochair dháibh d'éirigh bollsairaigh agus
lucht buabhall 'na seasamh ar mbeith i meadhón
a meadhra agus a mór-mheanma dháibh, agus iar
bhfagháil tola agus aontadh an chomhluadair go
hiomlán dáibh do shéidiodar a stuic agus a mbuabhuill
ag fuagradh ós áird gurbh é Adonias an rígh dár
chóir don ríghacht géilleadh i n-ionad a athar.



Arna chlos sin don fháidh Nátan do-chuaidh
d'ionnsaighe Bhethsabe, mur dob fheasach é
gurab é Solamh do thogh Dia chum na ríghe do
ghabháil, agus d'íarr uirre labhairt ris an rígh agus ceisd
do chur air fón ngealleamhuin dothug dhí leis
an ríghe do thabhairt do Sholamh. Agus ar
gcur na ceasda dhí táinicc Nátan dá láthair, agus
d'fhiafraigh dhe ann do réir a thola do fuagradh
an lá sin Adonias 'na rígh. Ar gclos na n-aithiosg
sin do Dhábhídh do chuir Solamh dhá ungadh
ar an láthair, agus tug sealbh na cathaoire ríoghdha
dhó. Ar gclos na sgél sin d'Adonias agus don dream
dobhí 'na fhochair, do ghlac eagla agus uathbhás


L. 256


comh mór sin iad nár lamh aen dias díobh comhnuidhe
i bhfochair a chéile, agus dobhí eagla a anma
ar Adonias féin comh mór agus nár mheas go raibh
tearmann ná tártháil ar fagháil aige acht a lámha
do sgaradh ar chuirr na haltóra. Gidh eadh, do
thug Solamh geallamh dhó nach dénfadh féin
dochar dhó ar choinghioll go mbeith suaimhneach
síthchánta gan fhaladh gan iomthnúth. Agus
iar ttabhairt gach teaguisg agus gach aithne dhár
mheas Dábhídh bheith riachtanusach do Sholamh,
dofuair bás go grod dá éis sin.



Ní cian iar sin go ttáinicc Adonias ag iarraidh
Abisag mur mhnaoi dhó féin, .i. maighdion
shubháilceach ro-áluinn dofríth le freasdal agus le
fritheólamh do dhénamh i n-eirr a aoise do
Dháibhidh, agus dobhí fós pósdaigh aige gion gur
fhág 'na maighdin í. Agus arna thuigsin do
Sholamh gur chealgach an aisge sin do chuir
chum báis é, agus fós do réir aithne a athar do chuir
sé Ioab fós chum báis. Do labhair fós re Semei,
neoch do mhallaigh do Dhábhídh agus tug imdheargadh
dhó an tan dobhí ag teitheadh ó Absolón, agus
adubhairt comhnuidhe do dhénamh i gcathair
Ierusalem agus gan dul tar na ballaighe amach,
“Óir má théid tú i n-éin-tslighe tar geata amach,”
ar sé, “is dearbhtha dhuit bás d'fhulang.” Tug
Semei buidheachas dó; gidh eadh, i gcionn
aimsire dhá éis sin do-chuaidh Semei i ttóruighacht


L. 257


deise dá sclábhaighthibh d'éulaidh uaidhe as an
gcathair amach, agus ní luaithe tháinicc ar ais ná tug
Solamh ordugh lena chur chum báis.



Ar mbeith iar sin do Sholamh gan imnigh gan
fhreasabhra ann a ríghacht do phós sé inghean
rígh na hÉgipte chum síthe agus cáirdis do bheith
idir an dá ríghacht sin. Ní cian dá éis sin gur
thaisbéin Dia é féin i n-aisling dhó, agus go ndubhairt
ris gur ghrádhaigh é ar son a athar Dábhídh,
“Agus dá bhrígh sin,” ar sé, “iarr agus ghéubhair
ní ar bith is mian leat.”



Do fhreagair Solamh agus adubhairt: “Dothugais
damh ríghacht ro-dhaoineach,” ar sé, “agus dá
bhrígh sin is í athchuinge iarruim ort tuigse
ghrinn agus eagna do thabhairt damh le stiúradh
ceart do dhénamh feadh m'aimsire uirre.” Ba
buidheach Dia dhe fón athchuinge sin, agus do
gheall nach é amháin sin d'fhagháil, .i. nach é
amháin go mbeith ní ba heagnaighthe agus ní ba
críonna ná én-rígh dá ttáinicc roimhe, acht ní ba
cumhachtaigh agus ní ba saidhbhre ná aon-neoch acu.
Búdh chóir dona ríghthe Críosdamhla ar aithris
an óig-rígh so a ndíthchioll do dhénamh ar iad
féin do chur ar íomháigh agus cosmhalacht Dé i
ttuigse, i subháilce, agus i gcríonnacht, do bhrígh
gurab iad sgatháin na bpuibleach iad: regis ad
exemplum totus componitur orbis.


L. 258


Tárla cúis isan mbliadhain chédna lér chruthaigh
Solamh agus lér chuir i gcéill do chách go coitchionn
méd na críonnacht agus na heagna dofúair ó Dhia.
Óir ar mbeith do dhias ban mí-chneasda 'na
gcomhnuidhe i bhfocair a chéile 'na n-aonar i
n-aon-teach, tárla do mhnaoi acu go rug mac,
agus i gcionn thrí n-oidhche dá éis sin go rug an bhean
eile mac, agus an oidhche chédna ar mbeith 'na
codladh dhí gur mhúch sí é, agus an uair do mhothaigh
sí marbh é d'éiridh sí go mín agus d'fhág ag an
mnaoi eile é, agus do ghoid sí an leanbh beó uaithe.
Ar tteacht do sholas an lae, tan dob áil leis an
mnaoi sin ór gadadh an leanbh cíoch do thabhairt
dó, dofuair marbh é, agus an uair do bhreathnaigh
go maith é d'aithin nach é a leanbh féin dobhí
an acht gurab é dobhí ag an mhnaoi eile; agus
adubhairt an bhradóg nárbh fhíor dhí.



Cidh thrácht, chuadar ar aon, agus tugadar an
leanbh leó do láthair an rígh chum go ndénadh
breitheamhnus eatorra créd dob indénta san gcás
sin, agus gan fiadhuin ná cruthughadh ag ceachtar
dhíobh. Féch, d'orduigh an rígh dá chuid do dhénamh
don leanbh agus leath dhe do thabhairt do gach
aon dhíobh. An tan dobhí an bhrég-mháthair
mhí-dhlistionach ag moladh an bhreitheamhnuis
sin do sgread máthair dhlistineach dhílis an
leinbh ós áird, agus d'iarr go dérach dúthrachtach


L. 259


gan a leanbh do mharbhadh acht a fhágbháil go
hiomlán ag an mnaoi eile; agus leis sin do aithin
máthair dhílis an leinbh.



Mur so bhíos na droch-phastúirigh ag cur cortha
ar phastúirigh cearta Críosd darab éigion ar
uairibh éisdeacht d'eagla droch-shiompla do
thabhairt dona hanmannaibh fírénta bhíos ar a
gcúram: féch gach coir dár chuir na saobh-easbuicc
eiritioccach i leith Atanais, etcetera.



(Críoch don chéad chuid do stair an
tSean-tiomna.)