Stair an Bhíobla III

B.Á.C.: Oifig an tSoláthair (1726)

Uáitéar Ua Ceallaigh; eag. Máire Ní Mhuirgheasa




STAIR AN BHÍOBLA



CAIB. XXXXXVI



DO THEAMPALL MHÓR SHOLAIMH



A.M. 3000



Dobhí Solamh agus a ríghacht go hiomlán ar
feadh a aimsire sítheach saidhbhir sádhail, gach
duine dhíobh i seilbh shíthchánta a shinnsireacht
féin, agus an t-ór comh fairsing agus sin 'na measg nach
raibh meas acu air agus iad taircuisneach ar airgiod
mur na clocha, ionnus nach raibh isan méid
ríghthibh dobhí roimhe acht daoine bochta 'na fharraidh.



Ag so an biadh laetheamhuil do chaitheadh ann
a pháláis: .i. tríochad miosúr plúir, trí fithchid
miosúr do mhin choitchionn, .i. tuairim dá
bhairille agus fithche Saxanach, deich ndaimh biata agus
fithche damh eile don n-inbhear, céd molt farré
iol-iomad do charrfhiadhaibh agus do phocaibh fionna
agus d'fhiadhaibh ruadha agus d'éunlaithibh biata agus
fiadháin. Dobhí dhá fhithchiod míle each mainnséir
dá charbadaibh aige, agus dá mhíle dhécc each
comhlionga, agus iad do ghnáth arna mbeathughadh


L. 2


agus arna bhfreasdal maille le cúram agus le dúthracht mhór.



Agus mur bhí síthcháin do ghnáth re linn
Sholaimh goirthí “an ríghh síthchánta son” dhe;
agus is re linn na síthchána sin do-rinne an teampall
mór do thionsgain Dábhídh do dhénamh i gcathair
Ierusalem. (Mur dobhí a lámha fuilteach agus i
gcogadh do ghnáth níor fhéd nó níor fhuiling Dia
dhó a dhénamh, nó go dtáinic a mhac go síthchánta
agus go ndearnaidh é.) Dothug an rígh óg so a
aire agus a dhúthracht go hiomlán leis an obair
chathréimigh so 'chríochnughadh. Do chuir sé
trí mhíle agus sé chéd mhaor le faire agus freasdal ar an
lucht oibre, ceithre fithchid míle snoighdóir cloch
dobhí ag obair ar na sléibhtibh aige, seachtmhoghad
míle fear le hualaighibh d'íomchar ar a
nguallaibh; agus do chuir teachtuireacht go Hiram
rígh Tior le cead coille cédair d'fhagháil uadhe
ar shliabh Liobáin; agus do chuir teampall suas, lé
n-abraid aroile gur mhian le Dia féin a fhaicsin
le cumus na ndaoine do thaisbénadh don domhan
(óir más cumusach an crétúir ar mór-ghníomha
ró-iongantacha ró-oirdheirc do dhénamh, créd
dhénfas an Cruthaightheóir?).



Do thosaigh Solamh ar an teampall so an
ceathramhadh bliadhain dá fhlaithios, agus dobhí
críochnaigh aige isan mbliadhain 3000 d'aois an
domhain, 480 bliadhain ó fhágbháil na hÉgipte


L. 3


dháibh. Agus tar cheann nach raibh Solamh acht
timchiolll fithche bliadhain d'aois an tan do
thosaigh ris an mór-obair so, gidh eadh i mbeagán
do bhliadhnuibh dobhí d'onóir aige an cédtheampall
do dhénamh don Dia fíre forórdha
riamh, agus an obair ba caithréimigh dá ndearnadh
san domhan ariamh roimhe.



Dob aoibhinn dó, deir S. Ambrós, ar ndénamh
an teampuill so dhó, dá ndénamh an díthchioll
cédna le é féin d'uirísliúghadh i láthair an Tiaghearna;
óir, gídh go ndearnaidh an obair ró-mhór
so i n-aimsir a óige do chlochaibh agus do chrannaibh
maille le miotlaibh mór-luaighe eile, dobhí do
mhí-rath air teampall daor-luaigh a chuirp do
thruailliughadh lé teacht a aoise: mur sin nach
cóir do chách a muinghin do chur i ttabhartuis
dá mhéd, acht muna n-ullmhaighid iad féin le
tiodhlaice Dé do ghlacadh do réir mur is mian
leis a ttabhairt do gach aon le linn na ndeaghghníomhartha.



Gé gur ní ro-ionghantach re haithris méid agus
áille an teampuill so ann féin, ní bheith sé fós
ionmholta muna mbeith gur chuir an prionnsa
mór, .i. Solamh (ba fighair dhílis ann a phearsainn
do Chríosd ar Slánaightheóir), gach ní i n-ordughadh
dá raibh oireamhnach chum iodhbartha do
dhénamh don fhíor-Dhia fhorórdha ann. Agus
ameasg gach ní daor-luaigh dá raibh istigh déntaidh
d'ór, d'airgead, agus do phráis, dobhí ní ro-mhór


L. 4


ró-iongantach ann ar a ttráchtann an Scriptúir
féin go ro-pharticulárdha, .i. soitheach ro-mhór
práis dá ngoirionn mare aeneum dobhí arna
dhénamh do phrás leaghta ann a raibh cúig
cúbaitt ar uirde, deich ccúbaitt ar leithiod ón
mbruach go a chéile, agus tríochad cúbatt 'na thimchioll,
do chuinneóchadh tuairim thrí ccéd bairille uisge,
agus dobhí 'na suidhe ar dhá dhamh dhécc brais,
a trí dhíobh ag féchuin budh thuaidh, a trí ag
féchin siar, a trí ag fechuin budh dheas, agus a trí
ag fechuin soir; dobhí sí fós lán d'obair ghrábhálta,
.i. cnapáin agus trasnáin thornáilte maille le
cherubínigh, daimh, leóghuin, agus iol-iomad bheathadhach
eile arna ngrábháil inte; agus do ordaigh
Sola an fharge sin do bheith isan teampall do
ghnáth, ionnus go mbeith ag na sagairt le hiad
féin do nighe inte ar mbeith ag dul a dénamh
iodhbhartha, agus d'ordaigh Dia féin do Mhaoise
báisín mór práis do bheith idir an tabernacle agus
an altóir re cosa a lámha sa sagart do nighe ré
ndul chum iodhbartha dháibh. Agus tuigidh
mórán as so gur cos-lom dobhíodh na sagairt
ag ofráil na tuise, agus gur ordaigh Dia fó phéin bháis
dáibh a gcosa do nighe ré losgadh na túise dóibh
agus an reacht sin do chongbháil go síorruidhe.



Tuig as so, a shagairt Chríosdamhuil, má budh
riachtanach na cosa, lé gcurtar i gcéill claontaibh


L. 5


an chroidhe, agus na lámha, lé gciallaighthear ar
ngníomhartha, do ghlanadh ó gach gné shalachair an
uair sin, nach raibh acht fioghracha le hiodhbairt,
créd an cúram is cóir dhuit-se do ghlacadh le Dia
agus duine, .i. an fhírinne do chiallaigh fioghracha
an tsean-racht, d'iodhbairt ar altóir an reachta nuaidh.



CAIB. LVII



OFRÁIL AN TEAMPUILL DO DHÍA AGUS AN IODHBAIRT
DO-RINNE SOLAMH AR FEADH CHEITHRE LÁ DHÉCC ANN



An uair do chríochnaigh Solamh an teampall agus
gach ní eile dár bhain le seirbhís an Tiagharna,
do thionsgain sé an áirc do chur ann agus an áit
d'ainmniughadh don Tiaghearna. Do ghluais
féin agus na sagairt chum na háite ar fhág Dábhídh
í, .i. i mbaile Shión. Ag so síos gach áit ann a
raibh an áirc ón am ar chuir Maoise le hordughadh
Dé dhá dénamh ar an bhfásach í:



Ar mbeith don phobal i síthcháin tar éis buaidhe
d'fhagháil ar a namhaid do chuir Iosue 'na
comhnuidhe i Silo í: seacht mbliadhna sin tar éis
theacht go Talamh na Geallamhna dháibh. (Baile
sin do threibh Ephraim, agus measaid cách gur don
áit chédna goirthí Sálem, áit i raibh Melchisedech,
agus gur i bhfogus don áit chédna dobhí Eóin ag


L. 6


baisdeadh cháich.) Dobhí an áirc annsin ar
feadh 328 bliadhan nó gur ghabh na Philistínigh
i gcampa an phobuil Israéil í. Do chuiriodar
sin i gceann sheacht mí ar a hais í, agus cuireadh
iar sin i tteach Abinadab i gCariatiarim í, agus do
bhí annsin 'na comhnuidhe seacht mbliadhna,
agus as sin dotugadh go teach Obededom í, agus ní
raibh annsin acht trí mhí, agus as sin tug Dábhídh
go nuadh-bhaile Sión í, áit a raibh dhá fhithchid
bliadhain roimhe sin, go ttug Solamh leis í ar
ghuaillibh sagart, gur chuir isteach isan teampall
í mar leis an altóir phráis ar a ndéntaoi an
iodhhbairt uile-loisgeach; agus dobhí isan áit sin ar
feadh 424 bliadhna, nó go bhfuair an fháidh
Ieremias rogha ó Dhia isan am a ttáinicc Nabuchadonosar
a' losgadh agus ag creachadh an teampuill
agus a' gabháil cathrach Ierusalem; agus arna ttógbháil
leis as an teampall don fháidh aimsir ghearr
roimh an ruathar sin do réir mur d'ordaigh Dia
dhó, do fholaigh iad i bhforghas nó i n-uaimh
shléibhe Phasga (áit as ar thaisbéin Dia Talamh
na Geallamhna do Mhaoise), agus do-rinne an fháidh
chédna fáisdine ar an aít sin, .i. nach bhfuigheadh
neoch ar bith eólus ar an áit sin nó go mbeith
Dia síthchánta ris an bpobal Iudaigheach, agus go
ttugadh ar a n-ais as broid na Babilóine iad, agus
annsin go ttaisbénfadh an áit sin ann ar folaigheadh
í. Agus as so is iontuighthe gur cuireadh an


L. 7


áirc agus an altóir sin isan dara teampall do tosaigheadh
le Cyrus agus do críochnaigheadh le Darius.
Imeasg gach imirce dá bhfuair an áirc iriamh ní
haithristior ar aon acu ba samhail le méd
sollamhain na himirce so ar a ttráchtar annso.



Óir, iar gcruinniughadh lucht na críche do
Sholamh do-chuaidh féin roimpe amach agus í dá
hiomchar ar guaillibh sagart, agus do-rinne iodhbartha
il-iomdha ar an tslgihe, agus ar tteacht dochum an
teampuill dóibh do chuiriodar 'na suidhe isan
áit ba foide isteach isan sanctuarium í. Agus ar
ndul as sin amach dhóibh táinicc néull isan
teampall do líon go hiomlán é ar mhodh nárbh
fhéidir leó seasamh ann, agus fós nárbh fhéidir leis
na sagairt féin a ndualgus do dhénamh. Do
ghlac gairdiochus mór an rígh fó an ní sin, do
bhrígh gur chomhartha é go raibh taithneamh
mór ag Dia ar na neithibh sin agus ar an suidheachan
do chuiridar air isan teampoll.



Is annsin do thóg Solamh a dhá láimh suas
agus do ghuidh Dia go díochra dúthrachtach agus é ar
a ghlúinibh i bhfiadhnise na haltóra, ag rádh:



“A Thiaghearna,” ar sé, “an dearbhtha gur
toil leat comhnuidhe do dhénamh i n-árus talmhaidhe,
agus nach bhfuil na flaithis féin diongbhála
le do chongbháil ar mhéd do chumhachta, do
ghlóire agus do mhórdhacht? Acht más toil le do
mhórdhacht an t-árus so 'ghlacadh uainn agus
comhnuidh ann, beannuidh dhuit féin é, agus dóirt


L. 8


do ghrása agus do bheannachtaibh ar an bpobal
so fós, agus éisd le hurnaighthe gacha buidhne
thiocfas dod ghuidhe agus ag iarraidh trócaire isan
ionad so ort, agus maitheamhnus do gach aon thiucfios
le húmhlacht agus le haithrighe ag admháil a gcortha
dod láthair annso.”



Do ghuidh fós go dúthrachtach é, ag iarraidh
air a lámh chabhrach do chur i ttimchioll a phobuil
gacha mhionca do bheithdís tréna bpeacaidhe i
n-éigion námhad nó gorta, nó an tan do dhruidfeadh
nó do iadhfadh na flaithis i gcruas práis le
tiormacht, gan drúcht ná feathrainn do theacht
anuas asda, agus do bheith an talamh cruaidh mur
iarann, as a ttiocfadh écc ceathra agus gorta ar
dhaoine, dá ttigeadh an pobal i n-am na n-éiccion
sin go haithríghach don teampall sin dá ghuidhe,
éisdiocht riú go trócuirach agus tártháil thobann do
thabhairt dáibh. Agus iar mbeith cúicc lá dhécc
ag dénamh iodhbhartha dháibh, .i. ocht lá do
bhádar le sollomhain ofrála an teampuill, agus seacht
lá eile i n-onóir shollamhuin fhéusda na ttaburnacil
dotháinicc isan am chédna sin don bhlaidhain,
do cheileabhradar gach dream don phobal re
'roile ag dul gach aon acu dá áit agus dá árus féin,
iar n-iodhbairt dhá mhíle agus fithche damh maille
le sé fithchid míle molt dáibh.



Deir na haithriocha naomhtha linn gur nár
dona Críosdaighibh aniu laghad na humhlachta agus


L. 9


na honóra do thaisbénaidh dona teampuill ro-naomhtha
ana n-iodhbarthar an fhírinne, dar
sgáile amháin na hiodhbartha do-níodh pobal Dé an uair sin.



CAIB. LVIII



BANRÍGHAIN NA SÁBA



A.M.3002



Iar ndénamh an teampuill do Sholamh do
thosaigh le palás do dhénamh; agus ba hé sin an
t-árus ba hiongantaigh, ba háille, agus ba daorluaighe
dá ndearnaidh aen-rígh iriamh roimhe,
óir ba sgáth siabhartha re súil amharc thaobha,
churra, agus cholamhna órdha mar aon le oibreacha
grábhálta an dúin nó an pháláis sin. Agus is
uime sin dothigheadh cách 'na ndrongaibh agus 'na
mbuidhnibh móra as gach crích don domhan ag
amharc ar iongantais na hoibre sin; agus fós níos
fonnmhuire ná sin dothigeadh ríghthe agus banríoghna
an domhuin ag éisdeacht re heagna agus re hárdeólus
an rígh féin, óir do-chuaidh cliú a eagna ar
feadh an domhuin. Agus do ghluais sin mian agus
cúirialtacht bhanríoghna na Sába as an gcuid
ba sia soir don domhan le teacht ag amharc ar


L. 10


fhearus tighe Sholaimh agus ag éisteacht lena eagna,
agus fós dochum dearbha d'fhagháil a thuarusgbháil
a bheith do réir fírinne; agus ar tteacht i gcórughadh
agus i n-innioll ró-shaidhbhir ro-chosdusach dí thug
sí sé fithchid tallann óir do thabhartus dó, .i.
timchioll nó níos treise iná leath-mhilliúin do
phúntaighibh Saxanta, maille le mórán do
phérlaighibh agus do spíosaraighe daor-luaighe oile.
Agus ar bhfaicsin ordughadh árd-mhaisioch an
teaghlaigh ríoghdha sin dí, mar aon re glanordughadh
lucht freasdail an rígh, agus ar mbreathnughadh
a ghrinn-eagna féin dí, adubhairt gur
sháraigh go mór gach ní dhá bhfacaidh an tuarusgbháil
ro-adhbhal do-chualaidh orra.



“Agus anois chreidim,” ar sí, “gach cáil
iongantach dá gcualas ar mhéd do thuigse agus do
chríonnacht eagnaidhe féin, agus is ag fromhadh na
fírinne sin thángus isan turus so, agus anois adeirim
gurab aoibhinn dod lucht freasdail bhíos do ghnáth
ag éisdeacht réd heagna.”



Agus iar sin do cheileabhair Sába re Solamh
lán do gháirdeachas agus do lúthgháire um gach ní
dá gcualaidh agus dá bhfacaidh, agus tug Solamh tiodhluice
dhí ba mó agus ba daor-luaighe iná mur thug sí dhó.



Dob aoibhinn dona Críosdaighibh, do réir na
n-aithrioch naomhtha, dá ndénamh úsáid mhaith do
Dhia is maighistir dháibh (agus) do Chríosd is riaghail
eóluis agus eagna dháibh, agus an ghlóir shíorruidhe


L. 11


mur thuarusdal le fagháil acu; gidh eadh, is truagh
an sgél agus is dólásach mur ghlacaid na daoine do
roghain tar Dhía, críonnacht shaoghalta tar eagna
an tSlánaightheóra, agus an saoghal tar an nglóir
shíorruidhe, agus dá bhrígh sin ní go sólásach lúthgháireach
bhérus banríghainn na Sába, .i. an Eagluis
naomhtha, breitheamhnus orra acht go dubhach dólásach.



Dobhí Solamh mur sin go sona sólásach i ttús
a fhlaithis, taithneamhach fós i láthair Dé do
bhrígh go raibh ag leanmhuin luirg a athar
Dhábhídh i slighthibh saor-ghlana na subháilceadh.
Ní cian dá éis go ttug le tuigsin don domhan
nach cóir d'aon-neach a mhuinghin do chur i
ttiodhlaicibh saoghalta ar bith, tar cheann gur ó
Dhía féin do-ghébhadh íad; óir nach bhfuil dá
mhéd cathréim dá bhfaghann neoch ar an tsaoghal
so nach mó ná sin an t-adhbhar uathbháis dó
tuitim le neart na n-ainmhian agus an uabhair fós
ghreamaighios do ghnáth do chathréim agus dona
cumhachta saoghalta. Mur sin, ar mbeith
do Sholamh lán do shéun, do shonus, agus i gceannus
ro-mhór, lán do shógh agus do shaidhbhris, cách ag
adhradh na heagna agus na críonnacht dobhí aige,
do thruaillaigh agus do shalaigh na mná a chroidhe,
bhí 'na theampall agus 'na ionad comhnuidhe ag
Dia, le hanmhian drúise do tharruing chum adhaladhartha
é. Óir, dobhádar seacht ccéd bean
dá ngoirthí banríghain do gach aon díobh, mar


L. 12


aon le trí chéd eile banchéile nó méirdreacha ba
táire ná sin, dobhíodh 'na leannáin leaptha aige
a n-aghaidh dlighe Dé (óir tar cheann gur fhuiling
Dia dháibh an uair sin iomad ban do phósadh a
n-aoinfheacht, más eadh do thoirmisg sé orra
uimhir an-mhór do bheith ag aon díobh, agus go
háirighthe gan mná eachtair-chineólta do bheith
acu, óir níor mhaith leis coimeasg Geintíleach
do bheith ann a phobal féin). Acht tá ní cheana,
is é olc tháinicc as sin tar éis teampuill do chur
suas do Sholamh don Dia fíre gur tharruing mailís
agus meabhail na mban nGeintíliocha dobhí aige é
dochum teampal, do dhénamh dá n-íodhal agus dá
ndéaibh mbréige sin dothugadar leó as an Égipt,
as an Sidónia, as tíortha na n-Amonítibh (agus) na
Moabítibh. Do tharruing na peacaidhe gráineamhla
sin fraoch, fearg, agus mí-ghnaoi Dé ar
Sholamh, gur tréigeadh le Dia é agus nár labhair
leis ó sin amach, acht mur chomhartha chinnte
ar a fheirg do-rinne fáisdine dhó go ngearrfadh a
ríghacht agus go ttiubhradh ceannus dheich ttreabha
dhi do shearbhfoghanta Sholaimh féin.



“Gidh eadh, ar ghrádh h'athar,” ar sé, “ní
roinnfidhar an ríghacht as do lámha féin re do
linn, agus tar éis do bháis beidh aen treabh amháin
ag do mhac.”



Do thuig Solamh gurbh do Ieroboam, neoch
dobhí 'na fhochair ón am a raibh 'na leanbh,


L. 13


dobhí í ndán teacht 'na dhiaidh i n-oighriocht
na ríghachta, agus dá bhrígh sin do thionsgain a
bhásughadh, agus an uair do thuig Ieroboam sin do
theith go crích na hÉgipte. Is uime do thig
Solamh gurbh é Ieroboam dobhí le teacht ann a
ionad féin, do bhrígh go gcualaidh go ttáinicc an
fháidh Ahias aimsir roimhe sin, agus iar tteacht i
mbealach Ierobaim dhó do ghearr sé a bhrat i
ndá chuid décc agus tug deich mír nó deich gcuid
de do Ieroboam.



Dobhí Solamh go síthchánta i seilbh na
ríghacht ar feadh dhá fhithchiod bliadhain, go
bhfuair bás i ttuairim thrí fithchid bliadhain
d'aois; agus do hadhlacadh i bhfochair a athar
Dábhídh é i gcathair Dhábhídh, .i. i Ierusalem.



Is iongantach le haithris méd na ttiodhlaiceibh
dofuair Solamh ó Dhia agus anois gan fios a staide
ag aon-neach! Óir dobhí a pheacaidhibh follasach
mur bhí peacaidhe a athar, acht mo thruaighe
nach bhfuil a aithrighe comh fhollasach le aithrighe
a athar, tar cheann go n-abraid aroile gur ann
aithrighe ro sgríobh Leabhar Ecclesiast. Dob
fearr dhó a bheith ar chárn aoilígh Ióib ná ann
a chathaoir ríoghdha ar feadh a shaoghail, óir is
ann súd chím coróin na naomh, .i. an umhlacht
ag breith buaidhe: annso do-chím péisd shalach
an uabhair ag breith buaidhe ar an eagna dhaonna
agus dá treasguirt go hIfrionn.


L. 14


CAIB. LIX



COMHAIRLEACHA ROBOAIM MHIC SHOLAIMH



Tar éis báis Sholaimh agus an choróin ríoghdha
do chur ar a mhac Roboam, táinicc lucht na
ríghacht, agus Ieroboam 'na cheann feadhna leó, ag
iarraidh athchuinge ar an rígh sin, .i. na cíosa,
na cána, agus na dualguis dobhí agá athair Solamh
orra do laghdughadh, agus gan a chuig do léigion
comh trom orra agus dobhí le linn a athar. d'iarrsan
cáirde thrí lá orra le freagra d'fhagháil uaidhe,
agus thugadar sin dó. Iar sin do-rinne sé comhairle
le dream do dhaoinibh uaisle ársaigh eagnaighthe
dobhí 'na gcomhairleacha agá athair roimhe,
agus d'iarradar sin ir freagra aobhdha grádhach
ceannsaigh do thabhairt dáibh agus gan gruaim ná
mí-fhonn do chur orra, agus gur mur sin dob indénta
dhó lena ngrádh do tharruing air. Gidh
eadh, nior thaithnigh an chomhuirle sin le
Roboam, agus dá bhrígh sin do thréig teagusg na
ndaoine ársaigh glioca sin; do-chuaidh d'ionnsaigh
a lucht comhaoise féin agus druinge do bhaothánacha
óga gan eagna, gan fhoirfeacht, gan eólus, agus is í
comhairle thugadar sin dó freagra garbh gáibhtheach


L. 15


bograch do thabhairt don phobal, agus a
rádh riú go mbeith féin ní ba troime go mór orra
ná mur bhí a athair, agus i n-ionad an tsóláis shocamhuil
dob áill leó gur dólás agus docamhal do
chuirfeadh orra.



Deir an Scriptúir gurbhá toil le Dia an
dall-chiach so do theacht ar inntleacht Robaim
mur gur shaothraigh a athair fáisdine na fáidhe
Ahias do chomhlíonadh, agus is é an freagra sin tug
adhbhar an tan sin dá coimhlíonadh; óir, ní
luaithe do-chualaidh an pobal an borb-fhreagra
sin ná do chinneadar ar dhul i ttrétúiracht, agus
tugadar comhghealladh agus mionna dá chéile nach
ttiubhradís urraim ná géilleadh do Robaam ó
sin amach. Arna chlos sin do Roboam do
chuir a phríomh-thaoiseach, .i. Aduram, dá n-ionnsaighe
ag iarraidh síthchána do dhénamh riú. Ar
tteacht dá láthair dhó, do dhiúbhraiccsiod uile
le clochaibh é gur fhágsad leacht díobh ós a chionn,
agus is lé luas a chos dothug an rígh féin a anam
leis. Agus annsin do thogh deich ttreabha
Israél Ieroboam mur rígh orra féin iar ttréigion Robaaim.



Is annsin do thionnsgain Roboam cogadh do
chur ora; agus iar gcruinniughadh céd agus ceithre
fithchid míle do threibh Iudáis amháin, ba toil le
Dia anmhuin 'na fhochair agus a bheith urramach i
n-éirc dheagh-ghníomh a shean-athar dhó, dobhí


L. 16


féin ag gluasacht leó le cath do thabhairt do
Ieroboam agus dona deich ttreabha eile. Táinicc an
fháidh Semeia rompa, agus adubhairt gur le teachtuireacht
ó Dhia dotháinicc, ag cur toirmisg orra
um chatha do thabhairt do Ieroboam, óir gurbh
é Dia féin thug an ceannus dobhí aige dhó do
réir na fáisdine do-rinne an fháidh Ahias roimhe
sin i n-aimsir Sholaimh.



Ag so mur thosaigh an pobal Israél le dhá rígh
do bheith acu, .i. rígh na Iudaightheach agus rígh
Israél, rígh dhíobh i Ierusalem agus rígh eile isan
Samaria, agus sin do theacht ó dhíth foruis agus céille
aen-phrionnsa amháin!



An uair dofuair Ieroboam é féin i gceannus na
hIsraél (óir is mur sin ainmnighthear an chuid
don chrích agus na deich ttreabha do ghabh leis)
go trén neartmhur, gan uamhan, gan eagla, chinn
(mur is gnáthach leis na droch-chreidmheacha) an
creideamh dofuair ó Dhia tré lámha Mhaoise do
thréigion agus déaibh bréige nó íodhail do chur suas
dá n-adhradh - óir dobhí eagla air dá mbeith a
mhuintir a' dul go Ierusalem le adhradh agus iodhbharthacha
do dhénamh i tteampall mhór Sholaimh,
mur fa dual, go ttiucfadh as sin fá dheóidh go
ttréigfadís é féin. Dá bhrígh sin, do chuir sé dhá
laogh d'ór leaghta dhá ndénamh, agus do chuir aon
acu suas i mBethel, agus an laogh eile i gcathair
Dan, agus d'fhuagair dona críocha go hiomlán teacht
dá n-adhradh, óir gurbh iad sin na déa dothug


L. 17


as broid na hÉgipte iad. Agus do chóirigh altóracha
dháibh le hiomad cúraim, agus do chuir mórán do
sheóidibh daor-luaighe 'na ttimchioll, agus do-rinne
díthchioll le iodhbarthacha agus adhradh do dhénamh
dáibh, mur do-nídís don fhíor-Dhia uile-chumhachtach
i Ierusalem. Acht ar mbeith do Iereboam
féin i láthair altórach dhíobh sin i mBetel do
chuir Dia fáidh chuige, agus do-rinne fáisdine 'na
fhiadhnuise go ttiucfadh mac do shliocht Dhábhídh
dá ngoirfidh Iosias, do ghearrfadh scórnacha na
sagart íodhal-adharthacha sin ar na haltóracha
sin, agus mur chomhartha ar fhírinne na fáistine sin
do scoilt an altóir tréna lár go talamh. Agus do
coimhlíonadh an fháistine sin i gceann chéd go
leith bliadhain dá éis sin.



Níor fhéd Ieroboam an dánacht naomhtha lér
labhair an fháidh d'fhulang, agus fós ar bhfaicsin na
haltóra do-rinne sé féin scoiltigh dhó do shín a
lámh ag iarraidh ar na hoiffigídh dobhí 'na
fhochair a ghabháil, acht ní luaithe do-rinne sin
ná do thiormaidh an lámh go nárbh fhéidir leis
a tabhairt ar a hais. An uair do-chonnairc
Ieroboam an díghaltus tobann sin arna theacht
air, d'umhlaigh don fháidh agus d'iarr leighios a
láimhe air, agus tug aisiog a láimhe dhó. Iar sin
d'iarr ar an bhfáidh biadh do chaitheamh 'na
fhochair; do dhiúlt an fháidh sin, agus d'innis dó
gur chuir Dia d'aithne air gan biadh ná deoch
do ghlacadh san áit sin.


L. 18


Agus ar mbeith ag imtheacht dó, do lean saobhfháidh
dobhí 'na chomhnuidhe san mbaile chéadna
é, agus dobhí dá thóruigheacht 'na bhuinnighibh
reatha go ttáinicc chuige agus é 'na shuidhe a léigion a
sgíthe fó bhun crainn; agus ar tteacht a láthair
d'iarr air teacht tar ais agus proinn do chaitheamh
ann 'fhochair féin. Do dhiúlt an fháidh sin do
dhénamh, óir gur chuir Dia toirmeasg air. Do
fhreagair an saobh-fháidh, agus adubhairt:



“Fáidh mise mur thú féin,” ar sé, “agus is é aingiol
Dé do chuir san teachtaireacht so mé, agus
dubhairt liom rith 'do dhiaigh agus iarriadh ort
proinn do chaitheamh am fhochair féin aniugh.”



Agus do chuir do chluain air mur sin go
ndeachaidh leis; agus ar mbeith dóibh ar aon ag
caitheamh na proinne sin do labhair Dia i mbél na
saobh-fháidhe, agus adubhairt leis an bhfáidh fhíre:



“Do chuirios cluain ort, agus do chuirios d'fhiacha
ort tré cheilg aithne Dé do bhrisadh leis an mbia
so do chatih tú tar an aithne do chuir ort; dá
bhrígh sinn tiucfaidh do dhíoghaltus nach i bhfochair
do shinnsir cuirfidhior iar mbás thú.”



Agus ba fíor sin; óir ar mbeith dhó an lá
cédna ar muin asail ag dul ar ais, táinicc leómhan
dá ionnsaighe do stróic a chorp ó chéile, agus iarna
fhágbháil marbh d'imghidh gan dochar do dhénamh don asal.



Measaidh S. Greghóir nach dearna an fháidh
so a theachtaireacht go hiomlán do réir mur


L. 19


d'órdaigh Dia dhó, agus gur uime sin d'fhuiling sé
don tsaobh-fháidh a mhealladh, as a ttáinicc an
díoghaltas úd ar a chorp léna anam do shábháil.



CAIB. LX



SAMBRI ARNA LOSGADH



Tar éis a ndearnaidh Ierobaam d'olc agus d'aindlighe
i n-aghaidh Dé, iar mbeith 'na rígh dá bhliadhain
agus fithche dhó dofuair bás. Dobhí cogadh
gnáthach idir é agus Roboam ó thús a ríghe go críoch
a shaoghail. Do ghlac a mhac Nadab an ríghe
dhá éis, agus níor mhair innte acht dá bhliadhain, óir,
ar gcur campa dó le cathair Gibeton, a n-aghaidh
agus i ttír na bhPhilistíneacha, do mharab Baasa do
threibh Isachair é, agus do ghabh féin an ríghe ann a ionad.



Is é an Baasa so do chothaigh cogadh gnáthach
a n-aghaidh Asa, rígh ró-fhírenta na Iuidaigheach,
mac d'Abias mhallaighthe mhac Roboaim. Is é
an tÁsa beannaighthe so do sgrios íodhail agus íodhaladhradh
as a ríghacht, agus mur thuarusdal dá
dheagh-ghníomhartha dothug Dia buaidh ar a
namhaid, .i. ar Bhaaso, go minic dhó. Óir dobhí
sé so chomh mallaighthe le Ieroboam agus lena mhac
sin Nadab, agus dá bhrígh sin táinicc an fháidh Iehu


L. 20


i tteachtuiracht ón Tiaghearna chuige, agus d'innis
dó gach olc agus gach díth dhá raibh le teacht air
féin agus ar a shliocht 'na dhiaidh.



Ní cían 'na dhiaidh sin go bhfuair Baasa bás,
agus gur fhág an ríghacht agá mhac Éla; agus is é
céd-éucht do-rinne sin iar nglacadh na ríghe dhó
feall do dhénamh ar an bhfáidh Iehu i ndíoghail
na droch-fháistine do-rinne dhó féin agus do shliocht
a athar, .i. Baas. Acht níor mhair a fhlaithios
ná é féin acht dá bhliadhain; óir, ar ndul do
Zambri, bhí 'na ghenearál ar leath a shlóigh, i
ttrétúracht 'na aghaidh, tháinicc i n-aimsir pruinne
dá ionnsaighe, agus do mharbh go fealltach ar an
gclár é, agus do ghabh féin an ríghe. Agus ní cian
do mhair dhó, óir ar gclos an fheill-ghníomha
sin dá arm do thoghadar an genearál eile dobhí
ag Éla 'na rígh. Ní luaithe do-rinneadar sin ná
do ghluaisiodar i ttóruighacht Shambri go ttánagattar
go cathair Thersa, áit i ndeachaidh ar a
dhaingion, mur do shíl. An uair do-chonnairc an
trétúrach nach raibh dul as aige, do-chuaidh
isteach isan bpálás ríoghdha, agus do chuir
teine ann a cheithre corra gur loisg é féin ann.



Iar ndénadh móráin uilc agus trétúracht mur so,
is gnáthach le Dia díoghaltas do dhénamh ar na
tíaránaigh, óir an uair is sásda bhíd agus an (uair),
dar leó, is lugha a gonntabhairt, is annsin féin


L. 21


leagas Dia a lámh dhíoghaltach orra, agus threasgras
go fíor-iachtar ifrinn iad.



Ar mbeith do Amri 'na rígh gan freasabhra ar
feadh dá bhliadhain décc, dofuair bás agus d'fhág
an ríghe agá mhac Achab, neoch thug barr uilc
agus aindlighe ar a ttáinicc do ríghthibh roimhe isan
Israél; agus do dhíoghail Dia a pheacaidhe le tiormach
do chur ar an gcrích go hiomlán go nár thuit
braon feathranna ná drúcht innte ar feadh thrí
mbliadhan (do réir mur d'ordaigh an Tiaghearna
don fháidh Elias a réimhinnsin d'Achab féin), go
ttáinicc gorta an-mhór isan gcrích.



Is annsin do thaisbéin Dia go míorbhuileach a
ghrádh agus a ghnaoi d'Elias, mur do bheathaigh go
míorbhuileach i n-aimsir na gorta sin é; óir,
adubhairt leis comhnuidhe do dhénamh ar bhruach
abhanna Charith ar aghaidh Iordáine, agus ar mbeith
annsin dó dothigeadh fiach dubh gach maidin
agus gach tráthnóna le arán agus feóil chuige; agus mur
thug méid agus buaine an tiormaigh ar an tsruth
sin dul i níosg, dubhairt leis an bhfáidh dul go
cathair Sarepta i gcrích na Sidonia, agus gur aithin
féin do bhantreabhaigh dobhí ann a fhreasdal
agus a chongbháil suas. Agus ar tteacht go dorus
na cathrach dhó tarla bean dó ag cruinniughadh
cipínigh beaga chum teineadh do dhénamh, agus ar
tteacht d'Elias dá láthair d'iarr uirre deoch uisge
do thabhairt chuige. Ar mbeith dise ag dul a
gcuinne an uisge mur d'iarr uirre, do ghuidh


L. 22


sé í um ghreim aráin do thabhairt mar aon ris
an uisge dhó. Do fhreagair sise agus do thóig sí
Dia mur fhiadhnuise nach raibh do bheatha ar
bith aice acht glac bheg mhine agus beagán beag
ola, agus gur uime tháinicc a' cruinniughadh na
gcipín mbeag sin le cáca beag a dhénamh dhí
féin agus dá mac, agus iarna ithe sin dáibh nach raibh
acu acht bás d'fhagháil. Do chuir an duine
naomhtha so i gcéill gur mó thig teachtuirigh
dísle Dé go háit ar bith le maith do dhénamh
do chách ann ná le sólás d'fhagháil dáibh féin, agus
adubhairt ria dul ibhaile agus cáca beag do dhénamh
dhó féin don bheagán mine sin, agus nach laghdeóchadh
an mhin ná an ola bhí aice nó go
ndóirtfeadh Dia feathrainn ar an talamh.



Dothug an mhíorbhuile sin sólás mór don
bhaintreabhaidh Gheintíligh sin lér mhian tártháil
do thabhairt don fháidh, ní do dhiúlt do mhuintir
a thíre féin. Do thaisbéin so roimh an am do
chách an ghairm dofuair na Geintíligh ó Chríosd
an tan do dhiúlt na Iudaighibh dhó.



Ní cian dá éis sin go bhfuair én-mhac na
bantreabhaigh sin bás, ní do ionntaigh a sólás i
ndólás agus i ndobrón. Do ghlac truaighe mhór
Elias ag faicsin déra agus égcaoine na mná, agus do
chuir an leanbh faoi ar an urlár, agus do shín féin
ar 'uachtar agus dobhí ag guidhe Dé nó gur athbheódhaigh
an leanbh. Mur sin do-rinne Críosd ar
Slánaightheóir ag athbheódhadh na ndaoine; is


L. 23


amhlaigh budh chóir do phastúirigh na hEaguilse,
.i. a tteagasg do thoirbhirt do réir acfuinne an
phobail shimplídhe.



CAIB. LXI



IODHHBAIRT ELIAIS



A.M. 3096, Ante Christum 908



An feadh bhí Elias ar dhaingion i bhfochair na
bantreabhaigh Sareptánach dobhí dronga agus
buidhe ó Achab agus ó Iesabel ag cuartughadh na
críche dhá iarraidh chum báis do thabhairt dó;
agus ó nach bhfuaradar é do dhíoghailsiott a bhfearg
ar shagairt an Tiaghearna. I gcionn na ttrí
mbliadhan, an uair dob áil le Dia tártháil do
thabhairt don tír agus feathrainn do chur chucu,
adubhairt le hElias é féin do thaisbénadh d'Achab.
Táinicc Elias mur a raibh Abdiah, .i. duine
cráibhtheach ar a raibh eagla Dé, agus adubhairt
leis innsin don rígh Achab go ttaisbénfadh é féin
dó an lá sin. Adubhairt Abdiah gur chum a
bháis dothiucfadh an teachtuiracht sin.



“Óir má innsim sin don rígh,” ar sé, “tiucfaidh
dod ionnsaighe agus tiucfaidh spiorad Dé dod fhuadach-sa
leis, agus ní bhfuighe an rígh amharc ort,


L. 24


agus annsin marbhthaigh sé meisi, ag rádh gur ag
fonómhad faoi robhádhus.”



Agus mur bhí fios ag Elias gurbh duine ceart
Abdiah, agus mur chruthughadh air sin gur chaomhain
agus gur bheathaigh sé i n-uamhaibh talamhan cuid
dona fáidhibh dá gcaomhain ar Iesabel, do dhearbh
sé dhó go bhfanfadh nó go bhfaicfadh agus nó go
labhradh an rígh ris.



Leis sin do-chuaidh Abdia ag innsin don rígh
go ttáinicc Elias dá agmhalladh; leis sin tháinicc
Achab mur a raibh Elias, agus do labhair go fraochdha
feargach leis, agus d'fhiafraidh dhe:



“An tusa,” ar sé, “an té atá ag buaidhreadh Israél?”



Do fhreagair Elias é maille le teas agus le dánacht
naomhtha, ag rádh:



“Ní mise do bhuairigh Israél, acht tusa féin
do lean peacaidh h'athar agus do mhuintire féin, do
thréig Dia ag iodhbairt agus ag adhradh do Bhaal;
gidh eadh, tabhair ar aon-áit an pobal Israél agus
sagairt an bhréig-dhia sin.”



Agus do-rinne an rígh mur d'iarr air. Is ann
sin do labhair Elias riú, ag rádh:



“Créd an claonadh bacach so chím ar gach taobh
agaibh? Más é mo Dhia-sa an fíor-dhia leanaigh
dé, nó más é Baal an fír-dhia leanaigh é; agus
cruthaighmíd agus féchmaoid anois cia hacu an fíor-dhia,
agus chum go ndénfadhmís sin ar an láthair


L. 25


so tógaidís sagairt Bhaail bulóg, gearradís i mionchodchaibh
í, agus cuireadhdís ar cunnadh í gan
teine ar bith fúithe, agus dénfad-sa an ní cédna le
bulóig eile; goireadh an ceithre chéd sagart
bheanas re Baal ar a ndéé le teine uile-loisgach
do chur ara mbulóig féin, agus goirfiod-sa um aonar
ar mo Dhia, agus gíbé fhreagóras díobh re teine
bíodh 'na Dhia aguinn uile.”



Do mhol an pobal go hiomlán an connradh
sin, agus do-rinneadh mur dubhairt. Agus do
thosaigh sagairt Bhaal; agus ar gcur a mbulóige
'na mion-spóllaighe ar an altóir dhóibh, dobhí na
gártha guidhe agus garma acu ar Baal ó mhoch na
maidne go meadhón laoi gan freagra ar bith
d'fhagháil. Is annsin do-rinne an fháidh fhíre
fonámhad agus naomh-mhagadh fútha, ag rádh riú
labhairt go hárd, “Óir dob fhéidir,” ar sé, “gur 'na
chodladh tá bhur nDia nó gur a' caitheamh proinne
ar chlár atá sé.” Annsin do sgreadadar go hárd
agus do ghearradar a gcroicne féin agus a gcuid feóla,
agus ba dímhaoin dóibh, do chuir treinnse dá
ghearradh ar gach taobh don altóir, agus d'fhadoigh
an cunnadh, agus do chuir an bhulóg 'na codchaibh
ós a cionn, agus iar ngairm an phobuil adubhairt
riú ceithre soithidh móra líonta le huisge do
thabhairt chuige, agus adubhairt riú a ndórtadh ar


L. 26


an bhfeóil agus ar an gcunnadh; agus do-rinneadh sin
fó thrí nó gur líonadh an treinnse ar gach taobh
don altóir leis an uisge do shil don altóir. Is
annsin do ghuidh Elias an Dia fíre, agus ní luaithe
do-rinne sin ná tháinicc an teine as an bhflaithios
do loisg agus do-rinne luathreadh don fheóil, don
chunnadh, dona clochaibh agus don uisge féin. Leis
sin do bhuail an pobal go hiomlán a n-aighthibh
ré lár, agus do admhaidhsiod do ghuth aein-fhir
gurbh é sinn ar Dia fíre.



Arna fhaicsin sin d'Elias adubhairt riú na
saobh-shagairt sin Bhaal agus na fáidhe fallsa do
bhí ann do bhreith amach as lár an phobuil agus a
marbhadh go hiomlán, agus gan aon acu do léigion
beó as an áit. Iar sin do gheall Elias feathrainn
d'Achab, agus do thuit sí nísa luaithe ná d'éirigh
ris dul dá thigh.



Cuirigh an siompla so i gcéill dúinn nach beag
neart na fírinne le lucht a chothaighthe do neartughadh
agus do threisiughadh a n-aghaidh naimhde
dhá thréine iad.



Arna chlos don bhanríghain mhailligh, .i. do
Iesabel, gur chuir Elias d'fhiachaibh na sagairt
agus na fáidhibh fallsa do chur chum báis, chuir sí
teachtuire chuige go tiubhradh féin d'fhiachaibh
air-sion an bás cédna fón am sin arna mhárach d'fhulang.



Arna chlos sin d'Elias do ghlac eagla agus uathbhás
mór é, gur theith gan mhaill as an áit. Cuiridh


L. 27


so i gcéill dúinn, mur deir S. Grighóir, neamhbuaine
an duine ar aén-staid, óir féch a luaithe
do ghlac crith-eagla áit na cródhacht ann Elias.
Do ghluais roimhe go ndeachaidh ar an bhfásach;
agus ar mbeith lán do mhí-fhonn agus do thuirse dhó
d'iarr ar Dhia bás do thabhairt dó. Do léig é
féin síos annsin, agus dotháinicc codladh air. Tháinicc
aingiol chuige, agus dubhairt leis, “Éirghidh,” ar
sé, “agus caith biadh.” Agus dofuair arán agus uisge
'na fhochair, agus an uair d'ith cuid don arán do
thuit a chodhladh an dara feacht air. Táinicc
an t-aingiol arís, agus dubhairt leis an t-arán d'ithe
agus an t-uisge d'ol, óir go raibh bealach fada roimhe;
agus mur do-rinne sin do ghluais sé agus dobhí ceathrachadh
lá agus ceathrachad oidhche ar siubhal go
ráinicc go sliabh Óreb.



Is annsin do thaisbéin Dia é féin dó, agus dubhairt
ris dul go Damascus agus Hasaeel d'ungadh mur
rígh ar an Syria, agus fós Iehu d'ongadh mur rígh
Israél. Leis sin do ghluais Elias don tsliabh le
hordúghadh an Tiaghearna. Agus tárla Eliseus
ann a bhealach dhó agus é ag treabha, agus dhá chonglán
décc damh roimhe agus cuingir díobh aige féin dá
ttiomáin; agus ar mbeith ag imtheacht rena ais dó
do chuir a chlóca air, agus ní luaithe do-rinne sin ná
mhothaigh Eliseus mian gluasachta ann féin, agus do
theilg an obair as a láimh, agus do rith sé i ttóruighacht
Eliais, agus níor iarr d'athchuinge air acht cead do
thabhairt dó le beannacht a athar agus a mháthar


L. 28


d'fhagháil agus ceileabhra dhóibh. Agus tug an
cead sin dó, agus iar n-iodhbairt na ndamh dobhí
ag obair aige dhó do chuir fios ar a chomharsannaibh,
agus iar ttabhairt fésda dháibh do lean sé
Elias, agus do chinn ar a bheith 'na fhochair do shíor.



Is maith an roghain dorug an tan do thréig
a athair talmhuidhe agus do lean athair diadha
spioradálta do líon le tiodhlaicibh é an feadh
bhí ná fhochair, agus ar mbeith ag sgaradh ris
dorinne oighre ar a mhíorbhúilibh agus ar a mhórghníomha
dhe mur chífiom dá éis so. Tabhair
dod aire fós gurab í an umhlacht hárdaighthear do ghrés.



CAIB. LXII



NAOMHTHACHT IOSAPHAIT



A.M. 3105



Isan am a raibh Achab rígh Israél agus a bhean
Iesabel ar aon-fhocal agus ar aon aigne le gach olc,
le gach tiarántacht agus le gach uile ghné drochghníomh
do dhénamh, dobhí Asa 'na rígh ar
Ierusalem do-rinne mórán deagh-ghníomh ar feadh
a bheatha, tar ceann gurbh í holc an chríoch do


L. 29


chuir uirre. Óir do-rinne sé síth agus cáirdios le
rígh na Siria dochum a threisiughadh a n-aghaidh
rígh Israél. Do chuir Dia fáidh le himdheargadh
chuige, agus ní go maith do ghlac sin acht do ghlac
fearg mhór é, agus do chuir d'fhiachaibh ar a mhuintir
an fháidh do chur i bpríosún dhiabhair dhorcha,
agus 'na dhiaidh sin thug aghaidh ar thiarántacht
d'imirt ar a mhuintir gur chuir mórán dá n-uaislibh
dochum báis. Bheir an Scriptúir milleán air fós
do bhrígh ann a thinnios gur mhó an mhuinghin
dobhí aige as na leagha ná dobhi as Dia féin
aige. Acht, tar éis cuid mhór dá bheatha bheith
so-mholta, do chríochnaigh sé í le mórán do dhrochghníomhartha
dobhí aindlightheach graíneamhuil
do láthair Dé agus daoine.



Tar éis a bháis do ghlac Iosaphat an ríghe, agus
ba hé sin mac Asa, agus ba prionnsa ionmholta é do
tharruing grádh Dé agus na ndaoine air, óir do lean
sé lorg Dábhídh, dobhí do réir tola Dé féin, agus
dobhí do bhuidheachus ag Dia air féin agus ar a
shluaghaibh go bhfuair buaidh do ghnáth a
n-aghaidh rígh Israél, agus d'árdaigh a mhisneach agus
a chródhacht ós cionn na ríghthe dotháinicc
roimhe. Óir níor leór leis altóracha na n-íodhal
do rébadh agus do mhion-bhriseadh, acht do ghearr
agus do loisg na garraín dobhíodh mur sgáth ar
shodomacht agus ar pheacaidhibh graosda gráineamhla
i bhfogus don haltórachaibh sin acu;
do chuir fós sagairt a' dénamh seanmóra agus


L. 30


proceapta ar feadh na ríghachta a n-aghaidh
íodhal-adhartha agus gach gné pheacaidh agus mhí-bhésa
eile dá raibh i ngnás eatorra 'mun am sin. Acht
dobhí do mhéid a chrábhaidh agus a chaoin-dúthracht
do Dhía nach raibh ní ar bith ar 'aire acht glóir
agus ainm ann Dé fhíre d'onórughadh agus do mholadh,
agus dá bhrígh sin dofuair ón Dia cédna sin mur
thuarusdal go raibh criothnadh, uamhan, agus uathbhás
ag rígh agus deich ttreabha Israél do ghnáth
roimhe féin agus an dá threibh amháin dobhí umhal
dó. Agus is mur sin neartaighios Dia a bheagmhuintir
a n-aghaidh mór-shluaigh a námhad:
Deposuit potentes de sede et exaltavit humiles.



CAIB. LXIII



BÁS ACHAIB



A.M.3017



Do mhéudaigh uimhir pheacaidhibh Achaib agus a
mhná Iesabel go nárbh éidir a n-áireamh, agus is
annsin do leag Dia i lár an uabhair iad. Óir,
iar mbásughadh Naboth, agus iar mbuain a fhíneamhna
dhe d'fhág a shinnsir aige (agus mur nárbh áil leis
a tabhairt d'Achab ná dhá mhnaoi Iesabel do
chuiriodar chum báis é, mur is follus 3 Reg. cap. 21),


L. 31


iar sin do-chuaidh Achab ag amharc ar an
bhfíneamhuin, áit a ttárla an fháidh Elias dó
agus do labhair leis mur so: “Do mharbhais Nabot,”
ar sé, “dochum a fhíneamhna d'fhagháil duit
féin; ar an ádhbhar sin lighfidh na madraigh do
chuid fola isan ionad cédna ann ar lígheadar
fuil Naboith, agus íosfaidh fós feóil Iesabel.” Agus
ní cian dá éis sin go ttáinicc fírinne na fáisdine
isteach mur so:



Do chuir Áchab cogadh ar rígh na Siria, agus d'iarr
air Iosaphat rígh na Iudaigheach teacht dá
threisiughadh, agus do fhaomh Iosaphat sin. Agus
ar bith dháibh i gceann a slóigh ag triall a
n-aghaidh a námhad do shuidh an dá rígh sin
i ndorus na cathrach sin Samaria i dhá gcathaoir
órdha, agus táinicc ceithre chéd saobh-fháidh do
mhuintir Achaib le fáisdine do dhénamh dháibh,
do réir mur d'iarr féin orra; agus tugadar sin deaghmhisneach
dháibh. Is annsin d'fhaifraidh
Iosaphat ann raibh fáidh ar bith do mhuintir an
fhír-Dhia le fagháil. Adubhairt Achab go raibh
agus nár mhian leis féin a chlos ná a fhaicsin, óir
nach dearnaidh deagh-fháistine ariamh dhó. Acht
do bhrígh go raibh mian mór ar Iosaphat a fhaicsin
do-chuaidh teachta 'na chuinne, agus is é fáidh do
bhí ann, .i. Micheas; agus ar tteacht do láthair dhó
d'innis go dána d'Achab go muirfidh san
gath gan amhrus é. Arna chlos sin d'Achab


L. 32


d'ordaigh a chur i bpríosún agus go gcuirfeadh chum
báis é an tan dothiocfadh ar ais ón gcogadh.
Ba toil le Micheas sin óir dobhí 'fhios aige nach
ttiucfadh ar ais go bráth i mbeatha.



Agus as sin do ghluaisiodar, agus ní haithristear a
n-eachtra go rángattar ionad an chatha; agus ar
mbeith ag dul san chatha do rígh na Syria tug
fógra dá oifigidhibh gan comhnuidhe do dhénamh
nó go marbhadhdís an rígh Achab. Agus dob
ádhbhar an t-ordúghadh sin le Iosaphat do bheith
i gcontabhairt mhóir, óir ar mbeith dhó-san
amháin i gcruth agus i gcórughadh ríoghdha agus Achab
i gcruth anaithnigh táinicc neart slóigh na Syria
'na thimchioll, agus muna mbeith a luaithe do chuir
é féin i gcéill dáibh do stróicfidís a bhallaibh ó a
chéile agus do chuirfídh i gcéill dó nár chóir do
rígh fhírénta ceangal ná cáirdios do dhénamh le
tiaránach aindlightheach mur Achab.



Acht ní cian gur caitheadh urchur do shleigh,
agus do buaileadh go teagmhuiseach ar Achab ann a
charbad í, go bhfuair bás an lá cédna; agus ar mbeith
don charbatt lán dá fhuil thug an cóisteóir leis
go lochán Shamaria é, agus do nigh annsin é, agus tháinicc
madraighe a' lighe na fola do thuit as ar an
talamh. Agus is mur sin tháinicc cruthughadh
ar fírinne na fáisdine do chuir an fíor-Dhia i mbél
na fáidhe Micheas.



Tar éis báis Achaib do ghabh a mhac Ochosias
an ríghe, agus do lean sé lorg a athar ann gach olc,


L. 33


ann gach aindlighe, agus ann gach mí-bhésa darbh
fhéidir leis feadh na haimsire bige do mhair i
bhflaithios na hÍsraél. Agus níor chian sin, óir
ar mbeith dhá bhliadhain 'na rígh dhó do thuit
sé d'fhuinneóig fó thalamh (as a ttáinicc a bhás),
agus an uair do aithin an chonntabhairt ann a raibh
do chuir teachta ag iarraidh teaguisg agus feasa ar
Bhelsebub, .i. íodhal nó dia bréige Accaron. Do
chuir sin fearg ar an Dia fíre, mur nárbh oirchios
do rígh Israél fios d'iarraidh ar dheamhan nó ar
dhia bréige, agus dá bhrígh sin adubhairt ris an
bhfáidh Elias dul isan gconair i ndáil na tteachtaibh
sin, agus a rádh riú a dhul ar a n-ais agus fiafraidh don
rígh an raibh Dia i nÍsraél le fios do thabhairt dó
ar a chinneamhain, agus gan dul d'ionnsaighe Bhelsebub,
agus innsin dó fós nach n-éireóchadh as an
leabaidh ann a raibh go bhfaghadh bás.



An uair do-chualaidh Ochosias na briathra sin,
d'fhiafraigh dona teachtaibh:



“Créd samhail an tí do labhair libh?” ar sé.
Do innsiodar sin dó, agus d'aithin gurbh é Elias
tarla dóibh. Leis sin do ghoir chuige caiptín dá
mhuintir, agus dubhairt leis caogad fear armtha do
ghairm chuige, agus dul i ttóruighacht Eliais, agus a
thabhairt gabhthaigh chuige.



Do ghluais an caiptín gona chaogad laoch, agus ar
tteacht dáibh go bun an chnuic ar a raibh Elias
'na sheasamh d'iarradar air teacht anuas chucu.
Leis sin d'iarr Elias teine do theacht as na flaithis


L. 34


orra, agus dofuair sin ó Dhia ar an láthair, go
ndearnadh luaith agus gual gan fhuireach dhíobh.
An uair do-chualaidh Ochosias sin do chuir caiptín
eile cona chuideachta isan turus cédna; agus do
loisg Elias iad gan aon acu do choigill mur do-rinne
ris an gcéd-droing.



Is annsin do ghlac eagla mhór agus uathbhás an
treas caiptín, gur labhair go tais fáiligh le hElias,
gur umhlaigh a dhul do láthair an rígh, agus gur
innis dó go raibh bás do láthair aige; agus dofuair
an bás mur adubhairt gan mhaill. Is í so an
mhíorbhuile dhéighionach do-rinne Dia ar impidh
Eliais nó gur fhuadaigh ón talamh chuige féin é.



Dofuair Eliseus fios an lae ar mhian le Dia
Elias do thógbháil leis, agus tar cheann gur mhian
le Elias féin faill d'fhagháil, agus gur iarr fó thrí air
fulang dó dhul i tteachtuiracht 'na aonar, níorbh
áil leis ar én-chor sgaradh ris go bhfaicfeadh ag
imtheacht é. Acht fá dheóidh, an uair do-chonnairc
a dhísleacht, adubhairt ris go ttiubhradh
dhó gibé ar bith athchuinge d'iarrfadh air. Agus
annsinn d'iarr Eliseus air a spiorad dúbalta
d'fhágbháil aige; gidh gur dhoiligh le hElias an
ní d'iarr do thabhairt dó 'thabhairt dhó, dubhairt
leis go bhfuigheadh sin uaidhe dá bhfaiceadh ag
imtheacht é.



Agus tángadar ar bhruach aibhne Iordáine, agus
ar mbeith don abhainn líonta agus í ro-dhomhain
do sgar Elias a fhalluing uirre, agus do-chuadar ar


L. 35


aon gan fhliuchadh tairsi; agus ar mbeith don taobh
araill dáibh dotháinicc carbatt tinntidh do
láthair, agus leis sin táinicc soighnén i ttimchioll
Eliais do fhuadaigh suas isan gcarbatt é; agus ar
mbeith ag imtheacht dó suas isna flaithis do
sgread Eliseus ag rádh: “Ó a athar, Ó 'athair,
carbatt Israél agus a eire.” Agus leis sin do thuit
falluing Eliais ar an talamh, agus do thóig Eliseus í.
Agus ar mbeith ag dul ar ais dó, do bhuail an
brat cédna ar uisge Orthannáin, agus do-rinne bealach
tirim dhó. Arna fhaicsin sin do chloinn na bhfádh
dobhí i Ierico adubharadar gur fhág Eliais a
spiorad dúbalta mur oighreacht ag Eliseus, agus fós
an fhalluing dobhí 'na lúirigh throda a n-aghaidh
an diabhail air go meinic gur fhág ag Eliseus í
leis an úsáid chédna do dhénamh dhi.



Agus cuiridh tarcuisne agus beag-luach na faillinge
bige sin i gcéill dúinn nach bhfuil lúireach ná arm
cosanta fós is bríomhurie a n-aghaidh chathaighthe
an diabhail ná an umhlacht, an uirísleacht, agus an
bhochtaineacht thoileamhail inmheadhónach.


L. 36


CAIB.LXIV



ANNA TTRÁCHTAR AR CHUID DO GHNÍOMHARTHAIBH ELISEUIS



A.M. 3108



An uair do-chonnairc Eliseus nár umhlaigh an
t-uisge dhó leis an gcéd-bhuille don fhalluing do
bhuail orra, d'fhiafraigh go dóthchusach cáit a
raibh spiorad Eliais; agus leis sin, ar mbualadh an
dara buille dhó, do roinn na huisgeadha iad féin
ar gach taobh agus do-rinneadar bealach tirim dhó;
agus ar ndul don taobh araill dó do-chuaidh go
Iericho. Táinicc lucht na cathrach sin cuige, agus
dubhradar go casaoideach gearánach leis, tar cheann
go raibh an chathair sin áluinn do réir a hinnill,
a dénamh, agus a hionad suidhe, go raibh a huisgeadha
searbh mí-fholláin agus go raibh an talamh dá bhíthin
sin mí-thorthach. Ó do-chualaidh Eliseus a
gcasaoid, d'iarr orra crúiscín nuadh do thabhairt
chuige agus a líonadh le salann, agus ar ndul go hionad
ngeineamhna na n-uisgeadha dhó do theilg an
crúiscín agus an salann ann, agus adubhairt: “Is mur
so do leighis an Tiaghearna goimh na n-uisgeadh
so.” Agus do dhearbh dáibh go mbeith an talamh
torthach uaidhe sin amach. Agus dobhí mur


L. 37


Samhaltar an cúiscín cria so le Críosd ar
Slánaightheóir do dhóirt é féin agus a shalann, .i. a
apsdail, ní i n-én-chathair amháin, acht ar feadh
an domhuin, d'athraigh nádúir na n-uisgeadha,
.i. na n-ainmhian, gur ling tuile uisgeadha millse
na haithrighe ann a n-ionad, gur líon do thoradh
na subháilceadh cách go coitchionn.



Go grod dá éis sin do-rinne Eliseus míorbhuile
mhór eile lér chruthaigh go raibh líontaigh do
spiorad Eliais; óir, ar mbeith dhó ag dul go
cathair Bethel, do thárla drong do leanbha an
bhaile dhó, agus ar bhfaicsin na fáidhe dóibh do-rinneadar
magadh agus fonómhad fair, ag rádh ris,
“Tar anuas, a mhaoilín (nó a chinn mhaoil),
tarr anuas.” An tan do-chualaidh Eliseus sin
do mhallaigh iad, agus ní luaithe do-rinne sin ná
tháinicc dhá mhathghamhain amach as an gcoill
do chosgair agus do chréucht-mharbh dias agus dá
fhithchiod leanbh ar an láthair.



Deir S. Aug. go gcuirionn so go fáidh-chiallach
i gcéill dúinn an pionús atá i gcuinne cloinne na
hEaguilse bheir masladh agus imdheargadh don
tSlánaightheóir Íosa Críosd, cuid de briathra, agus
cuid lena ndroch-ghníomhartha agus lena mí-bhéusaibh
scannalacha; agus dob fhearr dháibh
nach beith do phionús 'na gcionn sacht mathghamhna
dhá ttreasguirt ar an láthair, do bhrígh
gur piantaibh síorruidhe tá i ndán dóibh.


L. 38


Tar éis báis Achaib agus a chéd-mhic Ochosias,
mur dubhras cheana, do hoirneadh Ioram, an
dara mac, 'na rígh. Agus ní mór nach raibh sin
comh olc agus comh mí-bhésach le Achab féin agus lena
mháthair mhallaighthe, .i. Iesabel, acht amháin
nach dearnaidh uiriod droch-gníomh leó. Dobhí
Iosaphat i gcomhaimsir leis 'na rígh ar na
Iudaighibh, agus dobhí cairdios mór agus comhcheangal
eidir an dá rígh sin.



I ttús fhlaithis Ioram do dhiúlt na Moabítibh
umhlcht do thabhairt dó, ná fós an cíos do
bheireadhdís gach bliadhuin dá athair do dhíol;
agus ar na hadhbhraibh sin d'fhuagair cogadh orra;
agus táinicc Iosaphat i bpearsainn mar aon re sluagh
líonmhur dá threisiughadh. Agus ar mbeith a'
gluasacht d'ionnsaighe a namhad dáibh, do thárla
dháibh a bheith ar feadh sheacht laithe a' siubhal
tré fhásaighibh uaigneacha tiorma gan uisge ná
drúcht do theagbháil dhóibh, agus ar mbeith ag
seargadh le tart dona sluaghaibh d'fhaifraidh
Iosaphat do chách dhíobh an raibh aon-neoch
d'fháidhibh an Tiaghearna le fagháil 'na measg
do-bhéuradh sgél ón Tiaghearna dháibh. Leis
sin do cuireadh teachta i gcuinne Eliseus, agus ar
tteacht do láthair dhó adubhairt nach ar ghrádh
Ioram do fhreagóradh acht ar ghrádh Iosaphait
amháin; agus do gheall dáibh go ttiubhradh Dia
uisge go leór dáibh agus buaidh a n-aghaidh a námhad.


L. 39


Agus go moch arna mhárach do-chonncadar na
srothaibh uisge a' teacht ar gach taobh dhíobh,
lér líonadh na luig agus tug a lór-dhaoithin dighe
dhá ndaoine agus dá gceathra. Agus mur dothug
an t-uisge sin sláinte agus sólás don tsluagh Eabhraigheach,
ba damhna báis agus beag-shaoghail dona
Moabítibh é; óir, ar bhfaicsin na n-uisgeadha
dáibh le héirghidh na gréine ar maidin, do shíliodar
gur fuil dobhí ann, agus dá bhrígh sin do chreidiodar
gur cath dothug an namhuid a n-aghaidh a
chéile agus gur thuitiodar bonn ar bhonn ré-roile,
agus mur chreidiodar go tobann an tsaobh-bharamhail
sin do lingiodar go dásachtach a n-aghaidh
an dá rígh sin gona sluaghaibh dobhí i n-innioll
catha ullmhaigh rompa; agus ar tteacht do láthair
dáibh do bhuailiodar go dásachtach agá ttreasguirt,
agá ttuargain, agas agá ttrén-ghearradh, nó
gurbh éigion dáibh a gcúl do thabhairt dháibh agus
léigion le luas a gcos.



Is annsin tug an sluagh Eabhraighach trénthóruigheacht
dáibh, agus iad ar feadh an bhealaigh
dá gcúl-ghearradh go ndeachaidh an mhéid do
mhair isteacht isan gcinn-chathair dobhí acú i
gcrích Moab. Agus iar ndul innte is é céd-ní
do-rinne rígh na Moabíteach a phríomh-ghein
mic le hédóchus d'iodhbairt agus do threasguirt
ar bhalla na cathrach. Do ghlac na Iudaighibh
an uiriod sin grána agus uathbháis um an


L. 40


gníomh ngráineamhuil sin gur thuilliodar ar a n-ais.



Go grod dá éis sin táinicc bantreabhach bhocht
ag guidhe Eliseus ag iarraidh furtachta fair, agus
d'innis dó iar mbáis a fir go ttáinic fear fiacha
chuigthe, agus ó nach bhfuair geall ná díoluighacht
uaithe, agus go bhfacaidh nach raibh ceachtar díobh
ar a cumus, gur thóigh a días mac uaithe lena
ndíol i sclábhaighacht. Do ghlac truaighe Eliseus,
agus d'fhiafraidh dhí créd dobhí ann a hárus aice.
Adubhairt sise nach raibh do mhaoin ná do
bheatha aice acht fíor-bheagán mine agus beagán
beag ola. Adubhairt Eliseus ria an mhéid soithidh
folamha dob fhéidir dhí d'fhagháil ó na comharsannaibh
ar iasacht a ttabhairt léidh dá tigh, agus
iar sin í féin do iadhadh istigh agus a bheith ag
dórtadh an bheagáin ola sin isna soithidhibh sin
dí nó go líonadh go hiomlán iad. Agus ar ndénadh
gach ní dhíobh sin dí níor choisg an beagán ola
sin ó dhortadh as an mbeag-shoitheach 'na raibh
nó gur líon an méid soithigh dobhí aice, ionnus
go raibh aice le díol uiriod agus do shaor a clann agus í
féin ó fhiachaibh, agus a lór-dhaoithin féin dá éis sin.



Adeir S. Grighóir go gciallaighionn an ola so
líonmhuiracht ghrása an Spioraid Naomh isan
Eagluis, agus adeir S. Bernard gur chóir dhúinn an
ola mhíorbhuileach so d'iarraidh agus ar gcroidhtheacha
do bheith ó dhubháilcibh folamh do


L. 41


ghnáth 'na cuinne, óir ní féidir leis an diabhal, leis
an saoghal, agus le hanmhianaibh na colla bheith mar
aon leis an Spiorad Naomh i n-aon-tsoitheach.



CAIB. LXV



CUID EILE DO MHÍORBHUILIBH ELISEI



Dobhí mian mór ag Eliseus comaoin maithiosa
do chur ar mhnaoi dobhí cúrumach ar feadh
aimsire uime-sion; agus mur dobhí sí aimrit nó
neamh-thorthach, do ghuidh sé Dia go dúthrachtach
um ghein chloinne do thabhairt dí. Agus
dofuair an athchuinge sin ó Dhia; gidh eadh,
ní cian do mhair, óir dofuair sé bás ann a aois
leanmhbaidh.



Leis sin táinicc an mháthair go dérach dólásach
le sgéla báis an leinbh go hairm i raibh Eliseus;
agus dobhí truaighe aige dhí, agus dubhairt sé lena
óglách, .i. Giesi, a lorga féin nó a bhata do bhreith
leis agus a leagan ar an leanbh lena athbheódhadh.
Gidh eadh, ba díomhaoin dó nó go ttáinicc féin;
agus iar tteacht dó do luidh anuas ar an leanbh bél
ar bhél, srón ar shróin, agus iar ndénamh urnaighthe
dhó mur sin, d'éirigh an leanbh 'na bheatha arís.
Agus tug dá mháthair é, gur móradh agus gur moladh
ainm Dé dhe sin.


L. 42


Feacht eile, dobhí gorta i ttír Israél. Dobhí
Eliseus agus dream do chlannaibh na bhfádh i
bhfochair a chéile. d'ordaigh sé praiseach do
dhénamh dáibh, agus pota mór do chur síos; agus do-chuaidh
cuid díobh a' cnuasach luibhionn, agus tárla
go ttugadar luibhionnaigh urchóideacha searbha
leó, agus gur cuireadh san bpota iad; agus ar mbeith
ag caitheamh na praisge dhóibh dofuaradar go
raibh searbh droch-bhlasda, agus do sgread cách
dhíobh ag rádh go raibh an bás isan bpota, .i. go
raibh ní marbhthach éigin ann. An uair do-chualaidh
Eliseus sin d'iarr glac bheag mhine do
thabhairt cuige; agus arna crotha isan bpota do bhain
an ghoimh asan bpraisigh, agus dothug deagh-bhlas uirre.



Gidh eadh, feart dona feartaibh is mó do-rinne
Eliseus, óir tráchtaigh Críosd féin isan tsoisgél
uirre, .i. Naaman an Siriánach, ard-mharascál
sluaigh rígh na Siria, do leighios ó lubhra:



Tárla 'mun am sin go ttárla do dhream éigion
do mhuintir na Siria, dobhí ag dénamh ruathar
as an tír amuich, go ttarla cailín Iudaigheach
leó. Dothugadar leó i mbraighdionus dá ttír
féin í; do cheannaigh bean Naamain í go raibh
'na hinnilt aice. Feacht dá bhfacaidh an inilt a
maighistreás go raibh fáidh i gcrích na hIsraél do
leighiosadh é. Arna chlos sin don mhnaoi d'innis


L. 43


dá fear é, agus d'innis sin don rígh an ní céadna.



“Maith ámh,” ar an rígh, “sgríobhad-sa leat
go rígh Israél le leighios do dhénamh dhuit.”



Agus do sgríobh rígh na Síria chum Ioram, agus
do chuir tabhartuis mhóra cuige ag iarraidh air
Naaman do leighios. Iar léughadh na litreach
sin do Ioram do ghlac fraoch agus fearg dhásachtch
é, agus d'fhiafraigh ar mheas rígh na Siria gur dhia
é féin, agus do shíl gur le magadh do sgríobh an ní
sin chuige.



Is annsin do chuir Eliseus teachtaire chum an
rígh Ioram ag iarraidh Naaman do chur chuige
féin, agus go gcrutheóchadh go raibh fáidh i nIsraél.
Agus táinicc Naaman go dorus an áruis i raibh
Eliseus; agus níor labhair Eliseus leis, agus gé gur
líonmhur a lucht freasdail ní dheachaidh dhá
láthair, acht sgéla do chur le giolla chuige, gur
iarr air é féin d'innladh i sruth Orthannáin fó
sheacht, agus go mbeith slim slán-chraicneach dá bhíthin.



Do ghlac fearg mhór Naaman, óir do shíl gur
do tharcuisne air nár labhair leis; agus dothug
aghaidh ar a dhul tar ais dá thír féin; agus ar mbeith
ag imtheacht dó do labhair a mhuintir ris ag rádh:



“A athair,” ar siad, “dén-sa comhairle an
fháidh, óir dá n-iarradh neithe móra do dhénamh
do dhénfá, agus ó nár iarr ort acht ní so-dhénta féch
cionnus rachus duit.”


L. 44


Agus leis sin do-chuaidh chum srothra Orthannáin,
agus do thom sé é féin seacht n-uaire ann, agus ar
tteacht aníos dó dofuair é féin slán ón lubhra,
agus a fheóil comh glan agus comh áluinn le feóil leinbh
big. Is annsin do-chuaidh ar 'ais a' tabhairt
buidheachuis do Eliseus, agus do thairg tiodhlaicibh
ro-mhóra dhó, agus níor ghlac-san aen-ní uaidhe.



Arna fhaicsin do ghiolla Eliseuis, .i. do Ghiesi,
dobhí sanntacht go nádúrtha, do rith i ndiaidh
Naámain, agus d'iarr as ucht a mhaighistir dhá
thalluinn airgid agus dá chulaidh éudaigh air, agus tug
Naaman go fonnmhur sin dó. Dofuair Eliseus
faisnéis na sainnte sin Ghiesi ó Spiorad Dé, agus do
ghoill go mór air; agus ar tteacht dá láthair don
ghiolla adubhairt leis, i ndíoghaltas a shainte agus na
mbrécc do-rinne, go ttiucfadh lubhra Naamain
ar an láthair air, agus nach sgarfadh ris nó rena
shliocht go bráth; agus leis sin táinicc an lubhra air.



Mur do leighis uisge Orthannáin Naaman ón
lubhra chorpordha, is mur sin ghlanas an baisdeadh
cách ó lubhra ró-ghráineamhuil an pheacaidh.


L. 45


CAIB. LXVI



SAMARIA ARNA TIMCHILLADH LE CAMPA BINADAB RÍGH NA SIRIA.



A.M. 3116



Isan am so d'fhuagair Benadab rígh na Siria
cogadh ar Ioram rígh Israél; agus iar gcur sluaigh
amach go minicc dhó le breith go cealgach air
níor fhéd a mhian d'fhagháil air, óir do-bheireadh
Eliseus rogha dhó. An tan do-chonnairc an rígh
Siriánach gur dhímhaoin a thoisg gacha mhionca
do thionnsgain luidheacháin do chur roimh Ioram,
do ghlac fearg mhór é, agus ar ngairm a chomhuirleacha
chuige adubhairt riú nárbh fhéidir gan
neoch éigin do bheith 'na measg dobhí 'na bhrathadóir
ag rígh Israél.



“Ní mur sin atá, a rígh,” ar aon díobh, “acht
an fháidh Eliseus do-bheir rogha dhó, óir do-bheir
a Dhia sgéla dhó ar gach secréid dá mbíonn ar
measg-inne.”



“Más mur sin atá,” ar an rígh, “déntar brath
dhamh-sa ar a ionad comhnuidhe.”



“Is feas damh-sa,” ar aon díobh, “gur i gcathair
Dhotain atá a chomhnuidhe.”



Leis sin do chuir sluagh mór, marc-shluagh
troitheach, agus iomad charbad mar aon riú, agus do-chuadar
go Dotain.


L. 46


D'éirigh searbhfoghantaigh na fáidhe amach
as an gcathraigh go moch, agus do-chonnairc na
mór-shluaightibh sin ag ionnsaighe na cathrach;
agus ar nglacadh uathbháis tháinicc le sgéla, agus do
mheas nach raibh dul as agá mhaighistir ná
aige féin. Bhí an fháidh a' tabhairt misnigh dhó,
agus ó nár ghlac sin uaidhe d'iarr ar Dhia a shúile
d'fhosgladh, agus leis sin d'fhéch uaidhe. Do-chonnairc
uimhir ba mó ná sin go mór d'ainglibh
i ttimchioll Eliseuis lena chosaint ar a námhuid.



Agus isan am cédna do ghuidh Dia an sluagh
Siriánach do dhalladh. Agus leis sin do-chuaidh
féin rompa isan mbealach, agus adubhairt riú gur
dá ttreórúghadh dotháinicc, do bhrígh go
bhfacaidh ar seachrán iad; agus níor chomhnuidh
leó, agus iad dá leanmhuin, go ttug isteach go
lár chathrach na Samaria iad. Agus annsin do
ghuidh sé Dia um amharc do thabhairt dáibh,
ionnus go bhfaicfidhdís féin méd na conntabhairte
ann a rabhdar. Adubhart an rígh Ioram ann
sin gur chóir a ttreasgairt agus a marbhadh go
hiomlán; agus adubhairt an fháidh leis gan sin do
dhénamh, acht bia agus deoch do thabhairt dáibh agus
a gcur uaidhe go síthchánta.



Gidh eadh, níor choisg sin fraoch ná fearg
Binadab a n-aghaidh na fáidhe agus an rígh Ioram.
Acht do chruinnigh armáil ro-líonmhur agus do-chuaidh
féin mar aon riú, gur chuir campa ró-láidir
le Samaria; agus níor fhág an áit sin nó gur


L. 47


chéus an chathair sin le gorta, ar modh go reachtaidh
ceann asail ar fhithchid scillinn Shaxanach,
agus sproguille choilim ar chúig séceil.



Is annsinn tarla don rígh Ioram a bheith ag
siubhal ar ballaighe na cathrach, go ttárla bean
dó do sgread go cráitigh ag iarraidh cabhrach air.



“Créd is féidir dhamh-sa “dhénamh dhuit?” ar sé.



“Ceart a dhénamh dhamh,” ar sí. “Óir do-rinne
mé agus bean oile connradh,” ar sí, “le leanbh
dobhí agum-sa agus le leanbh eile dobhí aice-se
d'ithe. Do mharbh mise mo leanbh féin ar ttús
agus d'ithiomar é, agus anois an tan budh cóir dhisi a
leanbh féin do mharbhadh agus a thabhairt lena ithe
dhúinn, do réir mmur gheall sí, ní mur sin do-rinne
acht do chuir sí i bhfolach é.”



An uair do-chualaidh an rígh an sgél iongantach
gráineamhuil mí-nádúrtha sin do ghlac gráin agus
dásacht dhíbhfeirgeach é, gur stróic a éudach
(agus leis sin do-chonnairc an pobal sac-éudach taobh
istigh ar a chorp), agus tug mionna móra nach
dénfadh comhnuidhe nó go gcuiradh a cheann dá
bhuain d'Eliseus mhacc Saphait, do bhrígh go
raibh ar a chumus tártháil do thabhairt don
chathraigh, agus nár dheón sin a dhénamh. Agus
ar an láthair do chuir duine dá mharbhadh.



Tug spiorad Dé rogha don fháidh; agus an uair
do-chonnairc an t-óglaoch ag ionnsuighe an tighe


L. 48


ann a raibh, do dhruid agus do dhaingnidh an dorus
'na aghaidh, óir dobhí 'fhios aige go nglacfadh
aithmhéla an rígh, agus go gcuirfadh gairm ar ais ar
an ordughadh dothug uaidhe. Agus cuiridh so i
gcéill gur mairg don té ní do-ghníomh go tobann
an tan ghríosas fearg é.



Tabhair dod aire nach raibh tairbhe ar bith
isan tsac-éudach úd dobhí ar an rígh. Óir ní
raibh umhlacht ná aithrigh cheart 'na aice aige
acht uabhar mór agus édóchus maille le mí-fhoighid;
agus is uime sin do thionnsgaion naomh-fháidh an
fhír-Dhia do bhásughadh.



Isan am a raibh teachtaire an rígh a' teacht
chum Eliseus do mharbhadh, dobhí sé 'na shuidhe
i ndorus a thighe féin ag innsin dáibh go raibh
cabhair ó Dhia a' teacht do láthair chugthu; óir
go reacfaoi fón am sin arna mhárach ag dorus
cathrach Shamaria miosúr plúir fhíneálta ar phíosa
beag airgid, .i. secel nó statera (mur scillinn
Shaxanaigh), agus dá mhiosúr eórna ar na fiacha
cédna. Gidh eadh, níor chreid cuid acu
sin, agus go háirighthe, do-rinne tiaghearna do
mhuintir ochta an rígh édearbh ar an láthair
air, agus adubhairt dá bhfoisgeóladh Dia doirse na
bhflaithios nárbh fhéidir sin do bheith mur dubhairt.



Do fhreagair Eliseus, agus dubhairt leis: “chífirse
le do shúilibh é,” ar sé, “acht ní íosa tú én-ní dhe.”



Agus ba fíor gach focal don fháistine sin. Óir,


L. 49


thárla an oidhche chédna go raibh ceathrar lobhar,
dobhí 'na gcomhnuidhe ag dorus na cathrach,
ag ceileabhar ré-roile agus ag casaoid a n-anacair
agus a n-easbhadha eatorra féin, gur chinneadar,
ó nach raibh cabhair acu le fagháil isan gcathraigh,
a dhul d'ionnsaighe na námhad.



Agus iar nglacadh mhisnighe dháibh do-chuadar
go campa na námhad. Agus ar ndul isteach i
bpáilliún annsin dóibh ní bhfuaradar aon-neoch
ann, acht dofuaradar a ndaoithin bídh agus dighe;
agus iar gcaitheamh an bhíodh go cíocrach dáibh
d'fhéchadar ar gach taobh an campa, agus ní
bhfuaradar aen-nduine ann.



Óir do chuir Dia an oidhche chédhna sin eagla
agus uathbhás comh mór agus sin orra (óir, dar leó, go
gcualadar torann agus tuaim armála, trom-pléusg
arma agus eachradh dá n-ionnsaighe) gur shíladar gur
sluaghaibh táinicc a' congnamh as tíortha eile
go hIsraél dotháinicc dá ttreasguirt féin. Leis
an uathbhás sin do ghluaisiodar le luas a gcos, agus
níor fhanadar le ní ar bith do bhreith leó; agus iar
bhfágbháil gach éudáil óir, airgid, agus éudaighe,
maille le gach lón eile dá raibh acu, isan gcampa, do
theithiodar gan féchuin 'na dhiaidh go ndeachadar
tar abhainn Orthannáin, óir dofuair an marc-shluagh
do chuir Ioram d'fhios an imtheacht dáríribh
do-rinneadar morán earruidh agus éudaighthe do theilgiodar
uatha le neart uathbháis isna bealaighibh.


L. 50


Leis sin do bhrúcht lucht na cathrach amach,
agus iar n-argain an champa dhóibh dobhí an miosúr
plúir agus an dá mhiosúr eórna dá ndíol i ndorus na
cathrach mur dubhairt an fháidh Eliseus an lá
roimhe. Agus táinicc an chuid eile dhá réimhrádh
isteach: óir, ar mbeith do shluagh na cathrach
ag rith amach agus isteach 'na ndrongaibh agus 'na
mbuidhne, gan ordugh, gan riaghail, do chuir
an rígh cúram an gheata ar an tiaghearna ro
éilidh fírinne na fáisdine do-rinne Eliseus an lá
roimhe ar an gcabhair dobhí le teacht go Samaria,
agus ar mbeith ag cur smachta ar chách annsin dó,
do bhrúchtadar ann a mhullach, gur shaltradar agus
gur bhrúidheadar chum báis é, conár ith aenghrim
don fhurtacht beatha tháinicc ar chách eile.



Is mór na míorbbhuile iad so: .i. gach ní dár
réimhinnis an fháidh bheith arna gcoimhlíonadh
gan fhuireach; Dia fós do throid ar son na
Samaria agus a saoradh ó ghorta agus ó anbhruid gan
fhios dí féin; agus tar cheann gur leighis an fháidh
le cumhachta Dé an lobhar Siriánach, gur fhuiling
ceathrar lobhar a bheith gan leighios i ndorus
cathrach na Samaria le deagh-sgél a saortha do
thabhairt gan bhaill do lucht na cathrach; agus
i meadhón a meadhrach agus a lúthgháire gur
marbhadh agus nachar cailleadh acht an t-aonduine
dothug tarcuisne agus tár ar réimhrádh


L. 51


diadha na fáidhe ro-naomhtha: nolite confidere
in princípibus in quibus non est salus.



CAIB. LXVII



SLIOCHT ACHAB ARNA SGRIOS GO HIOMLÁN AGUS IESABEL ARNA
HITHE LE MADRAIGH.



A.M. 1020



Ar ndul iar sin d'Eliseus go Damascus, tárla
do Bhinadab rígh na Siria bheith i ngalar chonntabhairteach;
agus ar gclos dó go raibh Eliseus i
gcathair Dhamasc, do chuir caiptín dá mhuintir,
darbh ainm Hasael, le tiodhlaice móra chuige agus
ag fiafraidh dhe an ttiocfadh féin slán ón ngalar
sin. Agus ar gcur na ceasda sin do Hasael do
fhreagair an fháidh, agus adubhairt go mb'fhéidir
dhó teacht, acht, tar a cheann sin, go bhfuigheadh
bás gan amhrus; agus iar rádh na mbriathar sin
dó do chriothnaigh sé, agus do thuit srotha dér óna
rosgaibh. d'fhiafraidh Hasael de créd adhbhar a ghuil.



“Tá,” ar Eliseus, “go bhfaicim le réimhamharc,
mar thaisbénus Dia dhamh, na huilc agus
na háir do dhénfus tusa ar Israél an uair bhés tú
'do rígh ar an Siria.”


L. 52


Iar sin do-chuaidh Hasael ar a ais mur a raibh
a rígh; agus d'innis dó go mbeith slán ón ngalar sin.
Gidh eadh, arna mhárach do mharbh sé féin é,
agus dobhí 'na rígh 'na ionad. Is le linn Ioram,
dara mac Achab, bheith 'na rígh ar Israél agus Iosaphat
bheith 'na rígh ar Iuda do thárla an ní so.



Agus ar mbeith 'mun am sin do Iosaphat ársaigh
cian-iasta tug an ríghe dá mhac Ioram, ionnus
go raibh rígh Iuda agus rígh Israél d'én-ainm an tráth
sin. Agus gidh gur ghlac Ioram oighriocht a
athar ar an ríghe, níor ghlac puinn ar oighreacht
a shubháilceadh ná dhá fhíréntacht. Óir ba duine
écceart aindlightheach é i gcosmhulacht ríghthe
na hIsraél, agus do phós sé inghean Achaib.



Acht ní cian do mhair, agus go ttáinicc a mhac
Ochosias i seilbh na ríghe ann a ionad. Agus
do-chuaidh a' congnamh le Ioram rígh Israél a
n-aghaidh Hasael rígh na Siria do chuir cogadh
fón am sin air. Agus ar ttabhairt catha dá chéile
ag Rámat Galad dáibh do loiteadh Ioram, agus do
ordaigh dá mhuintir a iomchar go Iesrael, áit i
ndeachaidh Ochosias ar chuairt chuige. Gidh
eadh, tar ceann go raibh i ccontabhairt báis,
níor fhan Iehu leis sin gan an ríghacht do ghabháil
dó féin.



Óir isan am cédna dotháinicc, le hordughadh
Dé agus Eliseuis, óg-fháidh dá ionnsaighe; agus arna
ghairm cuige i n-áit uaignigh dhó, thug boxa
ola amach agus do ung 'na rígh é; agus adubhairt leis


L. 53


gurbh í toil an Tiaghearna agus gurbh í a aithne fair
gan aon, go suiche an té ba táire, dá ttáinicc ar
shliocht Achaib d'fhágbháol beó gan mharbhadh.



Agus leis sin do ghluais maille le buidhin mhór
oiffigach agus aos armtha; agus do ghluais go Iesrael,
áit a raibh Ioram 'na luighe le hothar a chneadh.
Agus ar mbeith i n-amharc an bhaile dháibh
táinicc fear faire mur i raibh an rígh Ioram, agus
d'innis dó go raibh buidhin mhór armtha ag
ionnsaighe an bhaile. Do chuir Ioram teachta
d'fhios créd iad; agus mur thigeadh gach aon fó leith
díobh do láthair Iehu do chuiradh d'ualach orra
anmhuin 'na fharraidh féin, agus ní leigeadh d'aon
acu dul ar ais le sgéla.



An tan do-chonnairc Ioram sin, tar cheann go
raibh tinn meirbh, dobhí ann a charbatt, agus
Ochósias ann a charbatt féin, agus do-chuadar rompa
go ttarla dhá chéile ag magh nó ag fearann Naboit
iad. Annsin d'fhiafraidh Ioram do Iehu an go
síthchánta tháinicc, agus leis sin tug Iehu urchar
do shleigh d'ionnsaighe Ioraim gur chuir tréna
chroidhe í, gur mharbh ar an láthair é. Agus
tug ordúgh dá mhuintir a chorp do theilgion chum
na madraighe ar an magh cédna, ionnus gur
coimhlíonadh fáistine Eliais neoch do-rinne do
shliocht Achaib. Leis sin do theith Ochosias;
gidh eadh ba díomhaoin dó, óir do lean Iehu é,
agus do mharbh é mur an gcédna; agus tugadh a chorp


L. 54


go hIerusalem gur hadhnacadh i bhfochair a shinnsir é.



Iar sin táinicc Iehu co cathair Iesrael isteach.
Agus an uair do-chualaidh an mhéirdreach mhalaigh
sin, .i. Iesabel, do bhealbh sí a haghaidh,
do chóirigh agus do dheagh-mhaisigh a ceann, agus
d'fhéch sí amach i bhfuinneóig le hí féin do thaisbénadh,
óir do shíl go ttiubhradh Iehu grádh dhí.



Gidh eadh, ní mur sin tárla, acht an uair do-chonnairc
Iehu í d'fhiafraidh go hárd cia bhí ann
sin dá taobh féin. Leis sin do thaisbéin días nó
triúr don lucht suirghe dobhí 'na fochair a gcinn
ar an bhfuinneóig; agus ní luaithe do-chonnairc iad
ná dubhairt a teilgion chuige amach ar an
bhfuinneóig; agus do-rinneadar sin ar an láthair.
Agus ar tteacht chum talmhan dí do shiubhail na
heich agus na carbaitt ar a conablaigh.



Agus go grod dá éis sin do smuain Iehu go raibh
sí 'na banríghain agus 'na hinghin ag rígh, agus dá bhrígh
sin nárbh fhoirchios a fágbháil ar an tsráid marbh.
An uair do chuir daoine amach lena hadhlacadh
ní bhfuaradar ar a háit acht barradh a lámh agus
troithacha a cos gan ithe ag na madraighibh,
acht amháin go raibh a cloigionn lom ann, do
réir fháistine Eliseus.



Ag so mur tháinicc díoghaltas Dé ar an mnaoi
mallaighthe so; óir mur thug uabhar, saint agus
glóir dhíomhaoin an tsaoghail uirre beith 'na


L. 55


námhaid bhunaidh do shíor ag an bhfíreinne agus
Dia na fírinne, ag an gcreideamh, agus ag na fáidhibh
fíre dobhí dá shíoladh, gonár fhág dá deóin lorg
creididh isan ríghacht: mur sin do dheónaidh ise
agus a lorg do sgrios do dhruim na talmhan go hiomlán.



An tan do thuig Iehu gur mhian le Dia sliocht
Achaib agus Iesabel do sgrios, agus go bhfuair
furfhógra gan fear múin le balla d'fhágbháil beó
dhíobh, do chuir sgéla go Samaria ag iarraidh i
bpéin bháis orra an méid do shliocht Achaib do
bhí eatorra do mharbhadh gan mhaill, agus níor
lamh lucht na cathrach sin gan sin do dhénamh
ar a chomhairle, d'eagla a naimhdionuis do tharruing
orra. Agus do marbhadh deichneabhar agus
trí fithchid ann díobh.



Agus dochum go bhfédfadh sagairt Bhaal do
threasgairt ar aon-láthair, do chuir forfhógra ar
feadh na ríghachta i tteacht chuige chum iodhbarrtha
do dhénamh ar aon-láthair, agus gan duine
dhíobh do bheith dá n-easbhaidh. Agus ar
mbeith dáibh uile isan teampall do chuir sé dá
marbhadh go hiomlán ar an láthair sin iad;
agus do-rinne mion-bhlodha beaga don íodhal féin;
agus do bhrisiodar an teampall, agus do-rinne
camra ar an áit a raibh. Agas do mhol Dia caoindúthracht
Iehu um an ngníomh sin.



Gidh eadh, ní cian do mhair an caoin-dúthracht
do Iehu. Óir, do-rinne aithris ann a mí-ghníomha


L. 56


agus ann a mí-bhéusa ar na ríghthe dotháinicc
roimhe, gur tharraing fearg agus díoghaltas Dé
air féin agus air Israél go hiomlán, go bhfuair bás
iar bhfágbháil na ríghachta agá mhac Ioachas.



Dála chríche Iudah: iar marbhadh Ochosias rígh
Iudah do Iehu, mur dubhrus cheana, do ghlac a
mháthair, .i. Athalia inghena Achaib, áilghios agus
anmhian le hí féin 'na haonar do bheith ag stiúradh
ríghachta Iudah. Dá bhrígh sin do bhásaigh clann
an rígh go hiomlán, acht aon leanbh amháin díobh
do chaomhain agus d'fholaigh deirbhshiúr an rígh
Ochosias, agus do chuir dá oileamhuin i n-áit uaignigh
é. Ar mbeith d'Athila seacht mbliadhna mur
sin i gceannus críche Iudah, do mheas an t-árdshagart
Ioaida gur mhithidh dhó 'fhuagra don
ríoghacht go raibh rígh dlistionach beó acu, .i. Ioas
mac Ochosias, do chaomhain deirbhshiúr a athar
an uair do bhásaigh Athalia an chuid eile do
chloinn a athar. Agus leis sin dothug an leanbh
isteach isan teampall, áit ar admhaigh gurbh é
an prionnsa dlisdionach é; agus do-rinneadar ulgháirdios
mór 'na thimchioll.



An uair do-chualaidh Athalia an gháir agus an
lúthgháire mhór sin do-chuaidh 'na buinnidhe ratha
chum an teampall. Agus ar bhfaiscin na coróna
ar cheann Ioais dí do chinn ar dhíoghaltas do
dhénamh; acht ní luaithe tháinic ar an láthair
ná do mharbh gárdaighe an óig-rígh í. Agus do


L. 57


bhí Ioas 'na rígh uaidhe sin amach gan imreasan,
gan fhreasabhra, tar cheann nach raibh acht i n-aois
a sheacht mbliadhan an uair do cuireadh an
choróin ríoghdha air.



San aimsir chédna sin dofuair Eliseus bás.
Agus ar mbeith i ngalar a éuga dhó táinic rígh
Israél darbh ainm fós Ioas chuige, agus ba mac do
Ioachas mac Iehu é; agus ar gcur a dhóláis fó thinnios
Eliseuis i gcéill dhó, do chúitigh an fháidh a dheighnádúir
go maith: óir do gheall dó iar gcaitheadh
a shaighid fó thrí tré fhuinneóig na háirde soir,
do réir mur d'iarr air, go mbeith buaidh fó thrí
ar na Siriánachaibh (dobhí ro-thrén an uair sin
air) aige; gidh eadh dob olc leis mur choisg sé
comh luath sin ó chaitheamh na saighiod, óir
dá gcaitheadh fó shé nó fó sheacht iad adubhairt
go scriosfadh go lár iad. Agus leis sin dofuair
an fháidh mhíorbhuileach mhór-éuchtach sin bás.



Agus tárla tar éis a adhnacadh, ar mbeith do
dhreim éigin bheith ag adhlacan mairbh, ar tteacht
dáibh isan ionad i raibh tómba Eliseuis go bhfacadar
buidhin don hAmínítibh dobhí ag argain
na háite sin; agus arna bhfaicsin do lucht iomchair
an mharbháin do theilgiodar an corp ar thomba
Eliseuis; agus ní luaithe do bhean sé le cnámha an
naoimh ná d'éiridh suas 'na sheasamh iarna athbheódhadh.



Is maith an cruthughadh so go mbíonn brígh
mhór i ttaise na naomh.


L. 58


CAIB. LXVIII



SACHARIAS ARNA CHLOCHADH



A.M. 3126 secundum Vulgatum



Ar mbeith do Ioas 'na rígh ar an Iudah dobhí
buidheachas agus uirruim aige don árd-shagart Ioaidas
do chuir coróin air. Agus tug sin air féin a bheith
subháilceach so-ghníomhach an feadh do mhair
an chara mhaith agus an deagh-chomhairleach sin
aige; agus do ghoill go mór air an masla dothug
an mhéirdreach mhallaighthe dhúnmharbhthach
ar an teampall, óir do aisdrigh sí na seóide agus na
soithigh daor-luaighe dobhí ann, agus do oirn sí teampall
an íodhail Báal riú.



Agus do thionnsgain-san a leasughadh. Gidh
eadh, mur do thuig go raibh sin ro-chosdusach
aige, do labhair leis an bpobal, agus d'iarr ar gach
aon acu a chomaoin do réir a chumhacht do chur
ar an obair bheannaighthe sin. Agus mur
nach ttugadh na sagairt conndus cinnte san airgiod
do ghlacadhdís don teampall dó, do chuir Ioaidas
cófra dá dhénamh agus poll ann a chlár bhéil le hofráil
gach aoin do ghlacadh, agus do chuir 'na shuidhe i
bhfogus don altóir é; agus do-gheibhdís airgid gach
lá ann le díoluighacht do thabhairt dona saoir agus
don lucht oibre. Agus leasaigheadh an teampall mur sin.


L. 59


Go grod dá éis sin, mur dhamhna mí-ratha don
rígh, fuair Ioaidas bás a n-aois céd agus tríochad
bliadhain. Dobhí do mhéid an ghráidh agus na
honóra dobhí ag an rígh tar éis a bháis dó gur
mhian leis a adhlacadhh i bhfochair na ríghthe i Ierusalem.



Gidh eadh, ní cian do mhair a dheagh-iomchar
ná a fhíréntacht tar éis báis an chomhairligh
naomhtha sin, do chosnadh do ghnáth ar lucht
brég agus blaidir é, go ttángadar sin dá adhradh agus
dá adhmholadh, agus gur tharraingiodar a mhian agus
a annsacht orra; agus fá dheóidh gur thréig sé Dia
agus go raibh ag adhradh íodhal; agus do-rinne uilc
agus mórán do pheacaidh gráineamhla do
tharraing fearg agus díoghaltas Dé air féin agus ar a ríghacht.



Arna fhaicsin sin don árd-shagart Sacharias,
.i. mac Ioaidais, dotháinicc do dánacht agus le misnigh
do láthair an rígh, agus tug iomardadh agus imdheargadh
dhó féin agus dá choimhairleachaibh tré mur dobhí
ag adhradh na n-íodhal agus na mbrécc-dhia sin. Ní
go maith do ghalc Ioas an teagusg sin acht do
ghlac fearg adhbhal-mhór, ionnus iar ndearmad
na gcomaoineacha móra do chuir an t-athair air
gur chuir sé an mac, .i. Zacharias, dá chlochadh,
nó dá mharbhadh le clocha, i bpórsa an teampuill.
Agus ní dhubhairt an duine naomtha so, ar mbeith
dá mharbhadh mar sin dona céusdúnaigh, acht
na briathra so:


L. 60


“A Dhia, féch na neithe fhuilingim agus dén ceart damh.”



Agus dofuair sin, óir is mí-rathmhur do chríochnuigh
an rígh so a bheatha. Óir do mhúsgail
Dia na Siriánaigh 'na aghaidh, go rug buaidh le
beagán buidhne air féin agus ar a shluaghaibh; agus do-rinneadar
neithe gráineamhla ann a phearsainn air,
ionnus iar n-imtheacht lán do ghalair agus d'easláinte
as a lámhaibh ní bás suaimhneach dofuair
acht do mharbh a shearbhfoghantaighibh féin
é ann a leabaidh; agus iar mbás ní bhfuair
d'ónóir a chur i ttomba ríghthibh Iudah ba
sinnsir dhó.



Cuiradh so na huachtaráin ar a gcoimhéd gan
anáil ghoimheamhail urchóidigh luchta an bhladair
do léigin dá ngar.



Do ghabh Amasias mac Ioais ríghe Iudah a
n-ionad a athar. Agus dobhí cogadh aige a
n-aghaidh Ioais rígh Israél; acht fá dheóidh
do-rinneadh príosúnach dhe. Agus táinicc Ioas
iar sin go Ierusalem, agus iar mbriseadh a ballaigh
le lár dhó dothug argain an bhaile agus an teampaill;
agus dothug an méid óir agus airgid agus gach édáil dá
bhfuair innte go Samaria leis. Agus 'na dhiaidh
sin dobhí Amasias síthchánta go leór ann a
fhlaithios, nó gur chogair a mhuintir eatorra féin
a mharbhadh. An uair do mhothaidh-san an
fheall a bheith dá hullmhughadh dhó do theith
sé go Lachis, áit ar marbhadh é.


L. 61


A.M. 3167



Do ghlac a mhac Ozias (dá ngoirthear i n-áitibh
don Scriptúir Azarias) an ríghe i n-ionad a athar.
Dobhí sé fírénta, agus do-níodh comhairle ris na
fáidhibh do ghnáth le fios tola Dé d'fhagháil uatha.
Dobhíodh buaidh i gcathaibh do shíor aige, agus do
leasaigh sé gach bris agus gach easbhaidh dhá raibh
ar an teampall.



Gidh eadh, mur nach bíonn an duine buansheasmach,
an uair do bhreathnaigh é féin a bheith
buadhach cathréimeach do líon a chroidhe d'uaill
agus d'uabhar, gur léig failligh i seirbhís Dé; agus ar
mbeith cian-aosta dhó tug uabhair ar a dhul don
teampall agus iodhbairt do dhénamh lena lámhaibh féin.



Do chuir sin uathbhás ar an árd-shagart Azarias.
Agus dotháinicc féin mar aon leis na sagairt dá
thoirmeasg agus dá innsin dó nach raibh dlistionach
aige ughdarrás sagairt do ghlacadh air féin, acht
a chúram mór féin do fhreasdal. Agus an uair dob
áil leó an sionnsa dobhí 'na láimh, le túis do
losgadh, do bhuain de, do bhogair go mbáiseóchadh
iad; agus ar an láthair do bhuail Dia lubhra air do
ghreamaidh dhe go bhfuair bás. Do dhíbir na
sagairt amach as an teampall annsin é. Agus ar
bhfaicsin an ghalair ghráineamhail dó féin do
chuir Dia mur phionús air, dobhí deifir mhór air
féin ag imtheacht.


L. 62


Agus, mur nár fhéud uaidhe sin amach é féin
do thaisbénadh don phobal, ba héigion dó an
ríghacht do thabhairt dá mhac Ioathan, neoch
do-rinne aithris iomlán ar fhíréntacht a athar i
ttús a fhlaithis.



Iar mbeith don phrionnsa fhírénta so 'na rígh
sé bliadhna décc d'fhág an ríghe ag mac mallaighthe
dobhí aige darbh ainm Achas, do athnuadhaigh
gach gráineamhlacht agus gach adhaladhradh
dhá raibh roimhe sin iriamh i gcrích
Iudah. Do dhíoghail Dia sin air, óir do chuir
sé fó smacht agus fó neart rígh na Síria é, agus 'na
dhiaidh sin fó smacht rígh Israél.



Óir d'éis báis Ioais rígh Israél, do ghabh a mhac
Sacharias an ríghe. Dotháinicc sí 'na dhiaidh sin
chum Sellum; 'na dhiaidh sin dochum Manahe,
d'fhág agá mhac Phaceias í. D'éiridh Phacee mhac
Romeli 'na aghaidh sin, agus do bhain an ríghe dhe.



Is é an Phacee so do chuir cogadh dásachtach
díbhfeirgeach ar Achas mallaighthe .i. righ Iudah
réimhráite; agus do mharbh i n-aon-lá sé fithchid
míle fear dá mhuintir, do bhrígh (mur deir an
Scriptúir) gur thréigiodar Dia. Agus iar ndénadh
ruathair agus argan na críche, agus iar marbhadh
móráin eile dhó, do-chuaidh ar a ais go hulgháirdeach
lúthgháireach go Samaria, áit a ttarla
an fháidh Ozee dhó dothug imdheargadh dhó


L. 63


fó mhéd an uilc do-rinne ar Iudah, agus d'iarr air
an céd míle bráighe dothug as do chur ar a n-ais.
Agus do-rinne Phacee sin, agus do chuir cóir iomchair
ar an dream dobhí tuirsioch lag nó étreórach díobh.



Gidh eadh, níor chuir aen-ní de sin smacht ar
Achas, acht do chalcaigh ann a pheacaidh a
n-aghaidh Dé; agus do chinn ar chabhair d'iarraidh
ar Theghlat-Phalasar rígh na hAsiria agus a ríghacht
do chur fó árd-chíos dó. Acht ar tteacht don
rígh sin dothug leis i mbroid nó i mbraighdionus
an méid do chlainn Israél dobhí ar an taobh thall
d'abhainn Orthannáin; agus ní tháinicc ar a n-ais
ó shoin, ná fós an chuid eile dhíobh, ón aimsir a
ttug a mhac, .i. Salmanasar, 'na dhiaidh sin i
mbroid go hAsiria leis iad. Acht, ní a ttairbhe
do-chuaidh a chairdios le rígh na hAsiria do Achas.



Gidh eadh, ní raibh dhá mhéd agus dá mhionaca
do chuireadh Dia pionús ar Achas nach mó sa
chách dobhí a pheacaidh gráineamhla ag fás,
gur dhúin fá dheóidh doirse teampuill an Dé
fhíre, agus gur chuir altóracha íodhal is gach coirnél
do shráidibh Ierusalem, nó gur chríochnaigh a
aindlighe, a olc, agus a íodhal-adhradh rena bheatha;
óir, gé gur mhór é dár leis féin ar an saoghal so,
is gearr dobhí Dia dá leagadh. Uch, ba truagh a
thurus ar an tsaoghal! Deposuit potentes de
sede, etc.


L. 64


CAIB. LXIX



EZECHIAS 'NA RÍGH



A.M. 3265



Mur dofuair Phacee ríghacht Israél le trétúracht,
do chaill mur an gcédna í; óir d'éiridh aon dá
mhuintir, darbh ainm Ozee, 'na aghaidh, do
mharbh é, agus do ghabh an ríghe dá éis.



'Na dhiaidh sin go grod táinicc Salmanasar rígh
na hAsiria, agus do chuir ríghacht Israél fó ard-chíos
dó féin agus dá shliocht. Acht ar ndul ar ais dó
dob áil le Ozee an chuing sin do chrothadh dhe,
agus chuige sin do dhénamh dofuair congnamh ó rígh
na hÉgipte. Arna chlos sin do Shalmanasar
tháinicc ar 'ais go harmáil mhór 'na fhochair,
gur chuir campa le Samaria. Agus dobhí trí
bliadhna ós a comhair; agus fá dheóidh gur ghabh
an chathair; agus 'na dhiaidh sin go ttug deich
ttreabha Israél i mbroid leis dá thír féin go hiomlán;
agus ar ndul ar 'ais dhó sgar sé ó' chéile
idir an Media agus Asiria íad. Agus ní thángadar
ar a n-ais ó shoin. Agus is mur sin, tar éis a raibh
do ríghthibh mallaighthe mí-bhésacha ar lorg a
chéile inte ó aimsir Sholaimh gusan uair sin, do
tháinicc lén-sgrios fá dheóidh ar ríghacht Israél
.i. dá chéd agus caogad bliadhain do sheas sí.


L. 65


Isan am cédna sin dofuair ríghacht Iuda
suaimhnios i ndiaidh gach uilc dár fhuiling le
linn Achais. Óir dotháinicc a mhac maith, .i.
Ezechias, ann a ionad, do tharruing an ríghacht
chum subháilceadh, so-ghníomh, so-bhéus, agus fíréntacht
go hiomlán i n-ionad na ndroch-bhés agus na
ndroch-ghníomh dobhí ar gnáthughadh innte le
cian d'aimsir roimhe sin.



Do cheangail sé é féin do ghnáth le coimhlíonadh
dhlighe Dé. Do bhris sé na híodhail; do shocraidh
na háitibh arda; agus do ghearr sé garráin na n-íodhal;
d'fhosgail sé fós an teampall do iaidh a athair;
agus do chuir d'fhiachaibh ar na sagairt a bheannughadh
do bhrígh gur truailligheadh le linn a
athar é; do-rinne fós mion-chodchaibh don
nathar nimhe phráis do-rinne Maoise ar an
bhfásach, do bhrígh go raibh 'na dhia bréige ag
cuid don phobal agus go loisgeadhdís túis dá láthair.
Dobhí sé fós ro-dhúthrachtach agus ro-choimhédach
fós leis an deachmhaigh, agus leis na príomh-thortha
do thabhairt go cinnte dona sagairt, ceart fós
agus onóir do thabhairt dáibh.



Agus do chúitigh Dia na deagh-ghníomhartha
sin leis; óir do mheasfadh neoch gurbhá taithneamhach
leis rath do chur ar gach ní do ghlacadh
rén' ais. Do chroith sé a cheann as cuing agus as
árd-chíos rígh na hAsiria; do chuir sé cogadh
cruaidh ar na Philistínigh, agus dobhí dhá ttreasguirt,


L. 66


go chuir isteach go Gaza iad, agus do ghabh mórán
dá mbailte neirt.



Is le linn an rígh fhírénta so do mhair an fháidh
don fhuil ríoghdha .i. Isaias, agus dob aoibhinn dó
an naomh-fháidh sin do bheith 'na fhochair, óir
do-bheiradh comhairleacha folláine tairbheacha
gach aimsir dhó, agus do-bheireadh meisneach i
n-aimsir gach éigin dó.



Fón am sin, ar tteacht do Shenachereb maille
harmáil mhóir a n-aghaidh an rígh Ezechias, do
thuit i ngalar bháis; agus ar gcur teachta i gcuinne
Isaiah, d'innis dó go ndubhairt an Tiaghearna go
bhfuigheadh bás. Do ghlac dólás mór Esechias
de, agus do ghuil go gér ar an Tiaghearna, agus dofuair
éisdeacht. Óir ar mbeith don fháidh ag imtheacht
do labhair an Tiaghearna leis, agus adubhairt:



“Éirghidh ar h'áis,” ar sé, “agus innis don rígh gur
éisd mé a urnaighthe agus go bhfuighe saoghal chúicc
mbliadhan décc go fóill, agus i gcionn trí lá go
rachaidh ag iodhbairt don teampall,” agus fós go
mbéuradh buaidh ar Shenecereb rígh na hAsiria,
agus mur chomhartha air sin go rachadh a scáile deich
gcéim ar ais isan stoighre dá ngoirionn S. Ieróm
“dial Ezechiais”.



Ní cian dá éis go ndearna ní nach raibh
indénta aige .i. iar tteacht ón ngalar báis sin dó
tháinicc teachtairigh le leitreacha comhgháirdiochais
fó aisiog a shláinte agus bronntanuis mhóra


L. 67


chuige ó Bhéredach Baladain mac Bhaladain, rígh
na Babilóine. Do ghlac Ezechias go honórach iad
agus thug taisbénadh a thighe ionnmhuis agus taisgeadha
dhóibh, .i. an mhéid óir, airgid, na soithidh
óir agus airgid, na seóide, na spíosarraidh, agus an
méid airm dobhí i ttaisge aige dháibh, agus dob
iongantach leó méd na saidhbhrios agus na seóda
daor-luaighe do-chonncadar aige.



Agus iar n-imtheacht dáibh do chuir Dia Isaias
an fháidh d'ionnsaighe an rígh, agus d'fhiafraigh dhe
créd iad na daoine sin dotháinicc ar cuairt chuige
nó créd adubhairt riú. Adubhairt an rígh gur
teachtuirigh ó rí na Babilóine tháinicc ann, agus
gur thaisbéin féin an t-ionnmhus dáibh go hiomlán,
agus nar cheil aen-ní dhe orra.



Adubhairt Isaias leis annsin:



“Ag so mur deir an Tiaghearna leat-sa, tiocfaidh
an lá ann a ttiubhraidh rígh na Babilóine an méid
ionnmhuis sin do thaisbéin tusa dóibh dhá chrích
féin leis, agus go mbiaidh do shliocht-sa 'na gcaillteánacha
a seirbhís i bpálás an rígh sin.



Agus do coimhlíonadh gach ní dhe sin le linn
Nabuchadonosair: dotugadh a mhac féin, .i.
Manasses, nach raibh acht i n-aois dhá bhliadhan
décc an tan do thosaigh a fhlaithios, i mbroid go
Babilón. Agus mur sin do thuill ó Dhia, óir ní
raibh aon-rígh roimhe riamh ba measa ná é, óir
ba duine mallaighthe mí-chráibhtheach é do chuir


L. 68


suas arís go nua an méid teampall íodhal, gach
árd-ionad, gach altóir, gach garrán íodhaladharthach
dár scrios agus dár bhris nó dár loisg a
athair; níor ghéill fós do naomhthacht, d'aois
mhóir, ná d'uaisle fola na fáidhe Isaias gan a
chur chum báis; acht, cidh thrá acht, do-rinne sé
nísa mhó uilc ná do-rinne aen-rígh barbardha dá
ttáinicc ariamh. Dá bhrígh sin, do mhúsgail Dia
rígh na hAsiria 'na aghaidh, go ttáinicc maille le
mór-shluaigh anoir, gur ghabh Manasses, agus to ttug
leis ceangailte i n-iarann go Babilón é.



Agus ba maith dhó sin, óir an tan tug dhá aire
gurbh é díoghaltas Dé tháinicc air do smuain air
féin agus do sgread ar Dhia go dúthrachtach; agus do
bhí ag dénamh aithrigh agus ag síor-ghuidhe Dé
go dérach aithmhélach nó go bhfuair éisdeacht;
agus do léigeadh ar 'ais i gceannus a ríghacht arís é.
Agus iar tteacht go Ierusalem dhó ní raibh ar 'aire
uaidhe sin amach ar feadh a bheatha acht seirbhís
Dé agus ag tabhairt buidheachuis dó um an trócaire
do-rinnidh air.



Do chuir Dia i gcéill trí neithe móra go follusach
anso, .i. a uile-chumhacht ar ttús, 'na dhiaidh
sin a cheart, a thrócuire fá dheóidh.


L. 69


CAIB. LXX



FÍRÉNTACHT AGUS FLAITHIOS AN RÍGH IOSIAS



A.M. 3361, ante Christum 643



Iar mbás do Mhanasses do ghabh a mhac mí-ámhar, .i.
Amnon, an ríghe, neoch do lean lorg
a athar isna dubháilcibh agus isna droch-ghníomhartha,
gidh eadh nach dearnaidh aithris air isan
aithrighe. Acht ní cian do mhair sé; óir do chum
a shearbhfoghantaigh féin, .i. Amon, feall dó, go
ndeachaidh mar aon le cuideachta eile dá thigh,
agus gur mharbhdar ann é.



Iar gcur na ndúnmharbhthacha sin chum báis
d'uaislibh na críche do chuiriodar an choróin
ríoghdha ar mac an rígh Amnoin, .i. ar Iosias, do
bhí an uair sin i n-aois a ocht mbliadhan. Agus
ba prionnsa cráibhtheach oirdheirc ionmholta é,
agus ba treise go mór lena dheagh-cháilidheachta ná
lena aois. Do sgrios agus do raeb sé na híodhail sin
Bháal; do-rinne pughdar dona híomháighibh agus do
chosmhalachtaibh na mbrég-dhia dobhíodh dá
n-adhradh acu; do loisg sé cnámha na saobhfhádh
agus na saobh-shagart íodhal-adharthacha ar
altóiribh na n-íodhal, do réir na fáistine do-rinneadh
i n-aimsir Ierobaim trí chéd agus caogad


L. 70


bliadhuin roimhe sin. Mur sin do ghlan Ierusalem
agus an Iuda go hiomlán ó thruailliughadh an íodhaladhartha;
agus ní hiad sin amháin, acht do bhris,
do sgrios, agus do loisg sé na híodhail, na haltóracha,
agus na garráin choirbthe dobhí i ríghacht na hIsraél,
go háirighthe an mhéid dofuair isna príomhchaithreacha
dhíobh, .i. i mbailte Mhanasse,
Efraim, Shimeóin, agus Nephtali.



Is ag dénamh na n-argan n-uasal so agas cartadh
bréntuis an íodhalartha as teampall Dé, iar
mbeith arna thruailliughadh dhó le holc agus le
diablaigheacht a sheanathar Mhanasses, dobhí
Iosias an uair dofríth leabhar an dlighe go
míorbhuileach ann .i. leabhar na Deutronomi
ró sgríobh Maoise. Agus dothug na sagairt
an leabhar do láthair an rígh, agus an uair
do-chualaidh briathra bogracha an leabhair
do stróic sé a éudach féin; agus mur dothug
dhá aire na díoghaltais do shaothraigh na
haithreacha tháinicc roimhe 'theacht ar an gcrích
go hiomlán, le hiomad a n-uilc agus a bpeacaidhibh,
do chuir sé dream dona sagairt ag fiafraighe do
bhan-fháidh darbh ainm Olda créd thiocfadh as
na huilc sin do-rinne na ríghthibh tháinicc roimhe
ag tréigion aithneadh agus dlighe Dé, nó an raibh an
cháin gan díol go soiche sin.



Do dhearbh an bhan-fháidh go ttiucfadh gach
díoghaltas dár gheall Dia isan leabhar sin ar an


L. 71


ríghacht, acht do bhrígh go raibh-sion fírénta
go mbeith a fhlaithios féin uirre síthchánta, óir
gur éisd Dia lena ghuidhe agus lena dhéra ar son
chortha cháich.



An tan fuair Iosias an freagra sin do chuir gairm
chruinnighthe ar phuibleacha na Iudah go hiomlán.
Agus ar tteacht go Ierusalem dáibh, do-chuaidh
sé mar aon leis na sagairt agus leis na fáidhibh
isteach don teampall. Do léig féinn go hárd i
n-éisteacht gach aoin díobh an leabhar sin; agus
iar ttabhairt a gheallamhna go sollamanta dhó
go gcoimhleónadh féin gach ní dá raibh ann, do
ghramaigh-sion an ní cédna don ríghacht go
hiomlán. Agus thug a dheagh-shompla féin agus an
cúram dobhí aige ann gur choimhlín féin agus cách
oile an dlighe ró-naomhtha sin an feadh do mhair
sé, agus gur marbhadh é, nó go bhfuair bás, do dhruim
loit do tharla dhó i gcath i n-aghaidh Nechao
rígh Égipt.



Dar liom, is maith an léighionn so lena chur i
gcéill do ríghthibh, do phrionnsaighibh agus d'uachtaránaibh
eile na talmhan so gur ar choimlíonadh
dlighe Dé budh cóir dháibh a n-aire bheith do
shíor: quaerite primum regnum Dei ... et haec
omnia adjicientur vobis.


L. 72


CAIB. LXXI



CAMPA NABUCHADONOSAR LE IERUSALEM



A.M. 3416, roimh Chríosd 588



Iar mbreith i ndólás mhór do ríghacht Iudah
fó bhás an rígh Iosias, do thogh an ríghacht an
mac ba hóige dobhí aige, .i. Sellum dá ngoirthí
Ioachas, 'na rígh. Gidh eadh, ar tteacht ar a ais
do Nechao rígh na hÉgipte ón gcogadh ann a
raibh a n-aghaidh rígh na hAsiria, dotháinicc
isteach go hIerusalem, agus iar mbuain na ríghe do
Ioachas dothug ceangailte i gcuibhreach iarnuidhe
don Égipt é, agus do oirn a dhearbhbhráthair, darbh
ainm Ioakim, 'na rígh 'na ionad - Eliakim dob
ainm dhó ar tús - agus do chuir an ríghacht fó árdchíos
dó féin.



Dobhí an rígh so i bhflaithios na críche dá
bhliadhain décc, agus gidh go raibh uimhir dona
fáidhaibh isan ríghacht rena linn níorbh fheirde
dhá iomchar, óir ba droch-dhuine mí-bhéusach
mallaighthe é. An uair do taibénadh leabhar
fáisdime Ieremiais dó do ghearr le sgín phinn é agus
do loisg ar an tteine é, agus do ordaigh iar sin an
leabhar cédna do athsgríobhadh agus mórán eile do chur ann.


L. 73


Isan gceathramhadh bliadhain do fhlaithios an
rígh so tháinicc Nabuchadonosar go Ierusalem,
gur ghabh an rígh mí-rathmhur cédna, agus go ttug
leis i gcuibhreach iaruinn i mbroid go Babilón é
(isan mbliadhain d'aois an domhain do réir an
áirimh choitchinn 3398, agus roimh Chríosd 606
bliadhna, agus is annso is gnáthach an 70 bliain
broide na Babilóine do thosughadh). Acht do
léig ar a ais é 'na dhiaidh sin iar gcur cánach agus
aird-chíosa mhóir air.



I gcionn thrí mbliadhan dá éis do-chuaidh i
n-easumhlacht ar Nabuchadonosar; agus dotháinicc
sluaightibh móra as an gCaldea; do-rinne díoghailtais
mhóra; do mharbh é; gus ní bhfuair adhlacan,
acht a fhágbháil 'na bhia bádhbh agus braineón.



Do ghabh Ioachim a mhac, dá ngoirthí Iechonias,
an ríghe dhá bhliadhain. Agus ar mbeith dhó
sin ar aithris a athar go holc aindlightheach,
tháinicc Nabuchadonosar arís agus tug leis i mbroid
go Babilón é, mar aon lena mháthair, lena mhnaoi,
agus lena chloinn, mar aon fós re huaisle agus le hard-chinn
na críche; thug deich míle bráighe as Ierusalem
leis. Is annsin dothug argain an teampaill, óir dothug
leis an méid airgid, óir, agus an méid soithigh
airgid agus óir do chuir Solamh ann, go Babilón. Agus
i n-ionad Ioachim do-rinne rígh fó árd-chíos do
dhearbhbhráthair a athar .i. do Shedecias.



Agus ba measa sin ná cách, óir ar ttabhairt
tarcuisne do chomhairle Ieremias agus dá phearsainn,


L. 74


mar aon re gach fáidh oile dá raibh san gcrích, do
bhíodh ag fonómhad agus a' magadh ar bhriathraibh
an Scriptúra féin, ionnus nach raibh íodhaladhradh
ná olc dá mhéd a n-aghaidh an Tiaghearna
nach dearna féin agus nach ttug a dhroch-shiompla
d'fhiachaibh ar chách eile do dhénamh; ionnus
iar n-adhnadh feirge an Tiaghearna 'na aghaidh
isan naoieadh bliadhain dá fhlaithios, A.M. 3416,
do ghríosaidh Dia Nabuchadonosar, dá ndearnaidh
instrumeint lena fheirg do dhíoghailt ar rígh agus
ríghacht Iuda, gur chuir campa re Ierusalem do
chuir gorta mhór orra.



Agus ar mbeith dhá bhliadhain ós a comhair
gan cead ag aon dul amach ná ag aon-neach a dhul
asteach inte ar feadh na haimsire sin, do lingiodar
fá dheóidh go curata dásachtach ar an gcathraigh,
agus gur bhrisiodar a balla, go ndearnadar bealach
fairsing isteach air.



Is annsin do ghlac uathbhás ádhbhal-mhór lucht
na cathrach gur élaidh gach aon acu agá raibh
neart nó misneach ann le dorchadus na hoidhche,
agus do theith an rígh féin. Gidh eadh, do chuir
Nabucadonosar tóruigheacht 'na dhiaidh dorug
air i bhfogus do Iericho, agus ar tteacht dhá láthair
do chuir sé a dhias cloinne dá marbhadh ós a
chomhair, agus 'na dhiaidh sin do bhain sé an dá
shúil as a cheann amach. Chuir slabhraidheadh
iaruinn dá gcur air, agus tug leis i mbroid go Babilón é.


L. 75


Iar sin do chuir Nabuchadonosar caiptín dá
ghárdaighibh darbh ainm Nabusardan maille le
sluagh mór 'na fhochair dochum ballaidhe na
cathrach sin Ierusalem do leagadh le lár, agus chum
na ttighthe móra agus na bpálás dobhí inte do losga
mar aon re pálás an rígh agus an teampall. Agus
iar mbreith gach ní dá bhfuaradar daor-luaigh
leó, mur bhí, an prás dobhi i bpiléir an teampaill
agus an fhairge phráis do-rinne Solamh, do loisgiodar
an teampall agus na páláis, do bhrisiodar ballaighe
na cathrach timchioll, agus thugadar an méid
Iudaigheach dofuaradar i mbroid leó, acht beagán
d'fhágadar leis an talamh do leasughadh agus
leis na fíoneamhnacha do chongbháil i n-ordughadh.
Agus chuadar ar a n-ais leó go Babilón.



Agus sin mur dhíoghail Dia a bpeacaidhibh ar
ríghthibhh agus ar phobal na Iudaigheach, gur chuir
i mbroid agus i sclábhaighacht an mhéid nár marbhadh
le cloidhmhe a namhad díobh, agus is é so do chaoin
Ieremias i Leabhar na hEólchuire isan gcéill litiordha.



Ar mbeith san mBabilóin agus isan gCaldea mur
sin dona Iudaighibh dobhídar i mbroid ar feadh
dheich mbliadhan agus trí fithchid, do réir mur
tharrnguir na fáidhe cian roimhe sin. Óir, mur
is mó chlaonus Dia chum trócuire ná chum a
cheirt do chur i ngníomh, is fada dobhí ag éisdeacht
riú chum go leaseóchadhdís iad féin, acht fá


L. 76


dheóidh, ó nach dearnadar sin, tháinicc an díoghaltas orra.



Agus gé gur shearbh le hárd-chinn na
Iudaigheach na bogair dhíoghaltacha do-níodh
Ieremias, níor choisg sin é gan a bheith do shíor
ag teagusg an phobail, agus ag tabhairt teagaisg don
dream dobhí i mbroid dhíobhh gan an Dia fíre
do thréigion ná an creidiomh d'fhág a n-aithreacha
acu, gan mí-bhéusa fós na nGeintíleacha do
leanmhuin, agus go ttiubhradh Dia saoirse agus
tártháil dóibh mur do gheall. Agus dothug an
t-ard-taoiseach sluaigh sin Nabuchadonosoir, .i.
Nabusardan, gean agus gnaoi comh mór sin do Ieremias
go ttug ordúghadh speisialta dá mhuintir gan
dochar do dhénamh dhó, agus dothug a roghain
dhó a dhul leis féin go Babilón agus a bheith ar a
bhreith féin ann nó anmhuin isan Iudea. Agus
thug-san do roghuin comhnuidhe isan tír le sólás
do thabhairt don bhuidhin bheag Iudaigheach do
fágadh innte.



Dothug sé comhuirleacha maithe do Ghodolias,
neoch d'fhág nabuchadonosar i gceannus na críche
sin; acht mur nár chuir Godolias suim annsin,
agus fós nár chreid an trétúrach Masphat do bheith
ar tí feille do dhénamh air, dothug díol ann, óir
do-rinnidh Masphat, agus dream do ghabh leis, an
fheall, mur dubhradh le Godolias go minicc.



Do ghlac eagla agus uathbhás mór an chuid eile
dona Iudaighibh fón ngníomh ngráineamhuil sin,


L. 77


óir do mheasadar go ttiocfadh rígh na Babilóine
a' dénamh díoghaltais fó bhás Ghodolias agus go
sgriosfadh do dhruim talmhan iad, agus dá
bhrígh sin do-chinniodar ar theitheadh don Égipt.
D'iarr Ieremias orra gan sin do dhénamh acht
anmhuin ann a ttír agus nach raibh baoghal orra,
agus dá ttéighdís don Égipt go gcaillfidh uile iad.
Acht, cidh thrácht, níor chreidiodar é. An uair
do-chonnairc féin agus a dhisciobal Baruch nárbh
fhéidir a ttoirmeasg do chinniodar féin ar a dhul
leó; agus ar ndul don tír sin dáibh do-rinneadar
fáistine fhírinneach, .i. go sgriosfadh rígh na
Babilóine an Égipt mur do-rinne le ríghacht Iuda.



Is mur sin dobhí an pobal sin, dobhí roimhe sin
dílis toghthaigh ag Dia, ag fulang cruadh-dhála
ann gach ríghacht do thrí ríghachtaibh i n-éinfheacht;
acht fón am cédna dofuaradar, tar
cheann gan súil do bheith acu leis, sólás beag i
gceart-mheadhóin a ndóláis, óir dofuair an
sgiúrsa do-rinne Dia le díoghaltas do dhénamh ar
chách oile bás isan mbliadhain (secundum Vulgatum)
d'aois an domhuin 3442, agus roimh Chríosd 562.



Agus do ghabh a mhac, .i. Euil-Merodach, an
ríghe. Agus ní luaithe do fuagradh 'na rígh é ná
tharruing Ioachim rígh na Iudaigheach as an
bpríosún, ann a chuir Nabuchadonosar é roimh
an rígh déighionach, .i. Sedecias, as ar bhean na
súile 'á thabhairt i ngéibhionn leis. Agus mur


L. 78


sin tar éis tríochad bliadhain do phríosúntacht
dofuair fuasgladh agus onóir ón rígh gceannsaigh
deagh-inntineach so, .i. Euil-Merodach, go ndearnaidh
cuibhrionnach agus comhluadar ar a bhórd féin
de ó sin amach. Mur sin ar lár a dhóláis agus a
dhereóile dofuair sólás agus onóir, lerbh fhéidir dhó
cumhachta agus ceart-bhreitheamhnus Dé do thuigsin:
deposuit potentes de sede et exaltavit humiles;
esurientes implevit bonis, etc.



(Ag sin mur chríochnaighios leabhra staire
Ríghthe na Iudaigheach; agus lenaidh Leabhar Esdras.)



CAIB. LXXII



ANN A TTRÁCHTAR AR AN RÍGH CYRUS AGUS AR ESDRAS



A.M. 3468



Má leíghionn tú, a léughthóir, an choimre ro
sgríobhas ar stair na gcúig bhflaithios do thosaigh
i ndiaidh Nimroid, .i. flaithios na hAsiria, na Media,
na Persia, na Gréige, agus fá dheóidh na Rómha, do-ghébhhair
faisnéis ar an modh i ttáinicc Cyrus i
bhflaithios na Baibilóine.



Tar éis gach díoghaltais dá ndearnaidh Dia ar
na Iudaighibh ann gach ní dhár fhuilingiodar i


L. 79


mbroid na Babilóine ar feadh lxx bliadhain do
bá toil leis iar sin fuasgladh dhóibh, agus chum sin
do dhénamh dothug ard-cheannus an domhuin
do Cyrus an Médach. Agus ní luaithe dofuair
sé an ceannus sin isan áird thoir, agus ar na críochaibh
oirthearach' eile dobhí fó smacht Nabuchadonosar,
ná dothug cead agus misnioch dona Iudaighibh uile
dofuair roimhe i mbroid na Babilóine dul ar a
n-ais dochum teampuill Dé do chur suas irís i
gcathair Ierusalem. Agus dothug na soithidh
óir agus airgid dothug Nabuchadonosar as an teampall
sin go Babilón leis as an óir-chisde nó as teagh
taisge ríghthe na Babílóine amach, agus thug
dona Iudaighibh lena gcur isan teampall nuadh
iarna chríochnughadh.



Agus annsin do ghluais dá mhíle agus dá fhithchiod
dona Iudaighibh mar aon lena mnáibh, lena gcloinn,
agus lena searbhfhoghantibh sin go huimhir sheacht
míle fó cheannus agus fó stiúradh Shorobabel; agus ar
an seachtmhadh mí iar ngluasacht for séd dáibh
do chruinnighdar ar aen-láthair i Ierusalem.
Agus annsin do-rinneadar iodhbarthacha uile-loisgeacha
agus gach iodhbairt eile dárbh fhéidir leó
ar altóracha do-rinneadar don fhír-Dhia fhorórdha.
Agus an bhliadhain dá éis sin do chuiriodar bonnchlocha
an teampuill suas, agus iarna fhaicsin sin
don phobal do leigiodar gáir adhbhal-mhór 'na
thimchioll asda, cuid acu le lúthgháire agus cuid eile


L. 80


le dólás ag smuaineadh ar an teampall ro-ordheirc
dobhí roimhe ann.



Dob fherr le muintir na Samaria a mbás ná
an damhna lúthghára sin do bheith ag na
Iudaighibh; agus dá bhrígh sin do agradar na
críochaibh fa coimhneasa dhóibh um chongnamh
do thabhairt dáibh le toirmeasg do chur ar an
obair sin; agus do chuiriodar an toirmeasg sin orra
go teacht don dara bliadhain décc do fhlaithios
Dháriuis Histaspes.



Is annsin d'iarr Aggeus agus Zacharias, .i. dá
fháidh an Tiagharna, orra an obiar do thionnsgnadh
arís; agus iar nglacadh meisnigh dháibh do-rinneadar
na Iudaighibh gan uamhan gan imeagla
mur d'iarr na fáidhibh orra. d'iarr fós Darius
orra an teampall do chur suas; agus dothug féin
gach costus agus gach ní bá riachtanasach dochum
na hoibre sin do chríochnughadh, ionnus go raibh
arna chríochnúghadh i gceann cheithre mbliadhan
dá éis sin.



Agus gídh go raibh an rígh Darius 'na íodhaladharthach
do chuir sé Esdras go hIerusalem do
chum dlighe an Dé fhíre do mhúnadh dona
Iudaighibh. Agus iar tteacht don tír dhó do
ghlac dólás mór é mur do-chonnairc go ndearnaidh
urmhór na dreime fuair roimhe isan tír cleamhnuis
agus coimiosg le mnáibh íodhal-adharthacha; agus do
chuir i gcéill dáibh gur dona neithibh do thoirmisg


L. 81


Dia go minic ar an bpobal na cleamhnuis sin;
agus do labhair ar an ní sin le héifeacht comh mór
sin gur chinneadar ar an méid dona mnáibh sin
dobhí acu do chur ar a n-ais uatha, agus gan nísa
mhó coimisg ná caidrimh do dhénamh leis na
híodhaladharthachaibh.



Deir so linne na Críosdaighaibh gach caidreamh
agus gach cleamhnus coileamhail leis an diabhal, leis
an saoghal agus an golainn, agus fós claonta colacha
agus anmhiana do thréigion, agus greamughadh do Dhia
agus don chleamhnus sholamanta do-rinneamar le
Críost ar Slánaightheóir ann ar mbaisdeadh.



CAIB. LXXIII



CATHAIR IERUSALEM ARNA HATHDHÉNAMH



Iar gcríochnughadh an teampuill do Zerobabel
agus do Esdras doi thionsgnadar an chathair agus a
ballaighe do chur i bhfoirm lena ndénamh suas, agus
iar ndiúltadh dona cleamhnuis cholamhuil, mur
dubhras cheana, dona Iudaighibh dobhí Dia agus
daoine cráibhtheacha iriseacha ag congnamh leó.



Dobhí fón n-am sin duine oirdheirc dona
Iudaighibh i gcion agus i meas mhóir i gcúirt Artaxerxes
(dobhí an uair sin 'na rígh i n-ionad Dhariuis)


L. 82


(Histaspis) darbh ainm Nehemias. Agus mur bhí
imnígh mór ar an duine chráibhtheach so um
staid a thíre féin, do ghlac dólás mór é an uair
do-chualaidh gach olc agus gan ainmhian dá raibh
lucht na Samaria 'dhénamh agus na toirmisg do
chuiriodar ar theampoll agus ar chathraigh Ierusalem
do chur suas, ionnus nárbh fhéidir dhó méud a
bhróin d'fholach gan a bheith arna thaisbénadh
ann a ghnúis. Agus ar mbeith aon do laithibh ag
freasdal dighe ar an rígh dhó (óir is 'na fhear freasdal
cuirn ag an rígh dobhí sé) d'fhiafraidh an rígh
damhna a dhóláis de; agus d'innis Nehemias dó go
fírinneach, agus do ghuidh go dúthrachtach é um
chead do thabhairt dó aen-chuairt amháin do
thabhairt ar a athardhacht agus ar ionad adhlacain
a shinnsir, agus cead do thabhairt dó le ballaighe
chathrach a shinnsior do thógbháil.



Dothug an rígh an athchuinge sin dó, agus iar
gcur coinghill air um dhul ar ais i n-aimsir áirighthe
dothug ordughadh ríoghdha uaidhe ballaighe na
cathracha, a tighthe agus a tuir neirt do thógbháil.
(Agus ba hí sin an bhliadhain 20 dá fhlaithios,
A.M. 3550, roimh Chríosd fós ceitrhe chéd caogad
agus ceithre bliadhna, agus is annso go gnáthach
tosaighthear leis an 70 hebdomades nó seachtmhain
do tharrnguir na fáidhibh do theacht Chríosd a ccoluinn.)



Iar tteacht do Nehemias go Ierusalem níor innis
a thoisg do neoch nó go ndeachaidh féin maille le


L. 83


beagán buidhne ag breathnughadh bhaillighe na
cathrach isan oidhche, gan fhios do chách eile.
Agus arna mhárach, iar gcruinniughadh i n-aon-áit
d'uaislibh agus do áird-chinn na cathrach, d'innis
dáibh gach ní ba mian leis a dhénamh, agus do thaisbéin
dóibh fós ordughadh an rígh le gach ní dá
ndubhairt a dhénamh. Is annsin do thosaighdar
leis an obair do chur suas gan mhaill agus gan fháilligh.



An uair do-chualaidh a naimhdhe sin, agus go
háirighthe Sanabalat, do thóg na Samaritánaigh
agus an mhéid eile do ghabh leis chum toirmisg
nó cosg do chur ar an obair. Agus gé gur chrádh
croidhe le Nehemias sin níor chaill sé a mhisneach,
acht do sheas go cródha 'na aghaidh ag cosaint
na hoibre - Is í so céd-uair do-connacus an lighán
a láimh an tsaoir ag cur na hoibre suas, agus cloidhmhe
isan láimh eile dhá chosuint ar an námhaid lérbh áil
a leagadh. Acht fá dheóidh, do chríochnaigheadh
an obair, agus do tógbhadh suas go hárrachtach
ballaigh na cathrach.



Mur sin budh chóir dona Críosdaighibh seirbhís
Dé do dhénamh; mur so dobhí S. Pól an tan
adeir féin go raibh naimhde an chreidigh ag troid
an taobh amuich don eagluis 'na aghaidh agus na
saobh-fháidhibh an taobh istigh: militia est vita
hominis super terram.



(Do Leabhar Thobiais)


L. 84


CAIBD. LXXIV



TOBIAS ARNA DHALLADH



A.M. 3286



Dobhí Israelíteach naomhtha do threibh Nephtali
darbh ainm Tobias do choimhlíon dlígh Dé
ó aois a leanbuidheacht go haimsir a bháis; óir
ann a aois leanbuidhe féin dobhí sé foirfe i gcéill
agus i gcreidiomh, agus i n-aimsir ar bith dhá shaoghal
níor fhill a ghlún agus níor ghéill do dhia bréige ná
do íodhal ariamh, acht ba gnáthach leis dul go
hIerusalem le hadhradh agus le hiodhbairt do dhénamh
don Dia fhíre. Agus an uair dothug Dia mac
dhó tug suas go cúramach i ngrádh agus i n-eagla
Dé é, agus ba hé sin a stuidér prionnsapálta. Gidh
eadh, níor thoirmisg méud a shubháilceadh a
thabhairt i mbroid le Salmanasar rígh na hAsiria
go Ninue, mar aon rena mhnaoi agus rena mhac beag
óg, darbh ainm fós Tobias.



Gidh eadh, ní thug broid ná éigion dá mhéd air
gan dlíghe Dé do choimhlíonadh mur fa gnáth
leis, óir ba hí a obair ghnáthach a bheith ag
freasdal, ag fóirithin agus ag tabhairt sóláis dona


L. 85


comhbhraighdibh dotháinicc as aen-tír leis. Óir,
do réir thola Dé, dothug Salmanasar gnaoi agus
gean dó tar chách eile, ar mhodh go ttug cead
dó dhul is gach ionad ar feadh a ríghacht bá toil
leis; agus is chum sóláis do thabhairt dá choimhthíorthachaibh
d'iarr sé an cead sin ar an rígh.
Agus ar mbeith dhó ag imtheacht ón aít go a
chéile ar cuairt chum na mbraighdibh mbochta
sin, do-chuaidh go Ragé, áit a ttárla duine dá
threibh féin leis darbh ainm Gabelus, agus é ró-bhocht.
Arna fhaicsin dó isan gcruth sin dothug
deich ttallanna airgid dofuair sé féin ón rígh
Salmanasar ar áirleagadh dhó.



Go grod dá éis sin dofuair Salmanasar bás,
agus dobhí na Iudaighibh fuathmhur ag an rígh
tháinicc ann a ionad .i. Sennacherib. Agus do
mhéudaigh sin cúram carthannach Thobiais le a
bheith ag tabhairt sóláis dá chomhthíorthachaibh,
dobhí dhá gcéusadh le linn an rígh sin nísa mhó
ná riamh roimhe; agus ní sgaradh an duine beannaighthe
leis an dream dobhíodh dá gcéusadh
le linn a mbeó, ná le linn a mbáis, nó go n-adhnacadh
iad, ní do adhnaidh fearg an rígh go ró-mhór 'na
aghaidh agus dothug fó déara air droing do chur
a' marbadh Thobias agus a mhaoin do thógbháil suas
don righ (dá ngoirthear anois confiscation). Acht
do sheachuin Tobias an cháin, óir do fholaigh é
féin - ní dob urusa dhó, óir ba líonmhur a cháirde - ;
agus dofuair fuasgladh iomlán gan adhbhar uamhain


L. 86


ar bith go grod dá éis sin, óir dofuair Sennacherib
bás i gceann shé seachtmhuine dá éis sin.



Dá éis sin tháinicc aimsir sholamanta ann a
ndearnaidh Tobias féusda nó fleadh measardha,
agus do chuir cuireadh ar dhream dob aithne dhó
bheith grádhach air Dhia agus eaglach roimhe. Isan
am cédna do hinnseadh do Thobias go raibh
Iudaigheach arna mharbhadh ar an tsráid. Leis
sin d'éirigh Tobias ón gclár, agus do chuir an corp
marbh i bhfolach, nó gur adhnaic san oidhche é.
Dobhí a chairde dá imdheargadh uime sin, ag
rádh ris nach luaithe d'fhág sé conntabhairt ná
dob áil leis tuitim isan gcédna. Gidh eadh,
mur bhí eagla Dé ar Thobias nísa mhó ná eagla
an rígh, ní fhaghadh marbh dona Iúdaighibh nach
n-adhnacadh, nó go ttárla dhó aon do laithibh
a bheith tuirsioch ón obair sin gur shín ar leabaidh
i n-aice balla, agus iar ttuitim 'na chodla dhó thárla
gur thuit cuid d'aoileach eóin as nead bruachalláin
ann a rosgaibh, gur chaill amharc a dhá shúl ar
an láthair sin.



Agus tar cheann gach iomardaigh agus gach
iomdheargaidh dhá bhfuair óna cháirdibh, óna
ghaolta, agus óna mhnaoi féin, níor thréig grádh ná
eagla Dé i sógh ná i n-anshógh, i sláinte, i
n-easláinte, i saidhbhrios ná i naidhbhrios dár
thoil le Dia a chur air ariamh. Óir ní cian 'na
dhiaidh sin gur mhothaigh meannán do bheith


L. 87


istigh dofuair a bhean ar a luach ceirde (óir ba
bain-fhigheach í). Adubhairt re a mhuintir a
thabhairt dá n-aire nach le gadaighacht dofríth é.
Do ghlac a bhean fearg mhór dhe sin, go ndubhairt
leis gur bheag an tairbhe dobhí ann a leamhnaomhthacht
ná annsa méid oibreacha trócuireacha
do-rinne, agus gur bheag an cúram dobhí ag Dia ann.
Níor athraigh sin aigne an duine naomhtha so,
acht dothug buidheachas do Dhia; agus ann gach
ní dár fhulaing ar son Dé do thaisbéin é féin a
bheith 'na phátarrún fírénta foighde amhuil
naomh-Iób.



CAIB. LXXV



AN T-AINNGIOL AG COIMHDEACHT THOBIAIS ÓIG



A.M.3320



Mur sin do chruthaidh Dia buan-sheasamh
Thóbiais isna subháilcibh, i ngrádh fós, agus i n-eagla
Dé, óir, ar mbeith dall dó, ní níodh comhnuidhe
acht ag moladh agus ag tabhairt buidheachuis do
Dhia fóna cheart do chur i ngníomh ann a
phearsainn féin. Agus mur thug dá aire nach
raibh isan tsaoghal acht buaidhreadh agus dólás, do
ba mian leis, do réir thola Dé, imirce do dhénamh
as. Agus an uair do shíl an bás do bheith i ngar


L. 88


dhó, do ghoir a mhac chuige, dobhí 'mun am sin
tuairim ar fhithchid bliadhain d'aois, agus iar ttabhairt
comhairleacha naomhtha folláine dhó (.i. onóir
agus uirrim do thabhairt dá mháthair do ghnáth, tar
cheann go raibh sí bocht; grádh agus eagla Dé bheith
ann a chroidhe do ghrés; bheith trócuireach
déirceach do réir a acmhuinge le bochtaibh Dé;
gan peacadh do dhénamh go bráth; gan uabhar
do dhenamh ná anmheas do bheith aige air féin;
duine foirfe ársaigh éigin do bheith 'na chomhuirleach
aige, agus gan aen-ní do dhénamh tar a
chomhuirle, go háirighthe más duine bhias lánfhoirfe
i gcrábhadh, i n-eagna, agus i n-eólus é; agus
fós, gan faillidhe do dhénamh don urnaighthe go
bráth), d'innis dó iar sin go raibh fiacha dheich
ttalluinn airgid aige ar Ghabelus, dothug air
áirleagadh dhó cian d'aimsir roimhe sin.



Agus tar cheann go raibh an duine naomhtha
so ró-bhocht, níor iarr a fhiacha go foiréigneach,
agus fós nior innis dá mhac é nó gur mheas go cinnte
go raibh an bás 'na ghar, agus gur thuig nár chóir
dhó an méid sin dá oighreacht do cheilt air. Gidh
eadh, do-bheir na haithreacha naomhtha dhá
n-aire nach ndubhairt leis gaimbín d'iarraidh ar
son úsáid fhada an airgid sin, gídh gur mhór an
tsuim airgid dobhí ann.



d'éisd Tobias óg go dúthrachtach le briathra a
athar naomhtha (nach raibh dall acht go corpardha,
óir dobhí sé grinn-radharcach ann a anam,)


L. 89


agus gidh nach raibh 'fhios aige cia hé Gabelus
ná cá raibh fós Ragé, .i. a ionad comhnuidhe, do
chinn ar thriall dá lorgaireacht. d'iarr 'athair
air treóruighe éigin d'fhagháil le heólus na slighe
do thabhairt dó; agus ní luaithe do-chuaidh amach
agus do chinn ar ghluasacht ná thárla ógán óg áluinn
dó agus innioll le dul ar eachtra air. Agus mur nach
raibh 'fhios ag Tobias óg gurab aingiol do chuir
Dia dá threórughadh dobhí ann, d'fhiafraigh dhe
créd é, nó cá háit a raibh a thriall. Agus an uair
d'innis dó go raibh a thriall go Ragé agus go raibh
eólus ar Ghabélus aige, dothug Tobias óg d'ionnsaighe
a athar é; agus do gheall sin luach saothair
maith dhó ar son a mhic do thréorughadh. Óir
ní riabh 'fhios ag ceachtar dhíobh gurbh é an
t-aingiol Raphael dobhí ann, arna chur ar an toisg
sin le Dia.



Leis sin do ghluais Tobias agus an t-aingeal mar aon
ris; agus dobhí dhá threórúghadh go ro-chúramach,
mur bhíos aingeal coimhdeacht gach aoin aguinn
dár ttreórughadh go do-fhaicsiona nó fíor-phástúirigh
na hEaguilse ag treórughadh anmanna
cháich go so-fhaicsiona do ghnáth. Agus ar an
dara lá dá n-eachtra do-chuaidh Tobias dá nighe
féin go bruach shrotha na Tígris; agus ní cían do
bhí ann an uair do-chonnairc iasg mór dá ionnsaighe
agus a chraos fosgailte lena shlugadh ann a
bhrághaid. Do sgread Tobias go hard annsin,
agus dubhairt an t-aingeal leis breith ar gheólmhac


L. 90


air agus a thabhairt iníos ar an tráigh, áit ar éug
sé gan mhaill. Adubhairt an t-aingiol leis iar sin
a chroidhe do bhuain as, agus fós na héidhe agus a dhomblas
do chur ar leith, agus an t-iasg féin do bhearbhadh,
agus go mbeith 'na lón feadh an bhealaigh acu.



I gcionn aimsire dá éis sin iar tteacht i n-amharc
Ragé (.i. cathair don Mhéud) dáibh, adubhairt an
t-aingiol le Tobias a lóisdín do ghlacadh i ttigh a
bhráthar gaoil, darbh ainm Raguel, agus go raibh
aoin-inghean aige budh chóir dhó a phósadh. An
uair do-chualaidh Tobias sin do ghlac uathbhás
mór é, óir dobhí fios aige gur pósadh mórsheisior
fear roimhe sin i ndiaidh a chéile leis an óigmhnaoi
sin, agus gur mharbh deamhan gach aon acu
fó leith oidhche chédna a bpósda, agus do smuain,
mur ba hé féion aon-mhac aon-gheine a athar, dá
n-éirgheadh an ní cédna dhó féin go bhfuigheadh
a athair bás re dólás. Dubhairt an t-aingiol leis
gan eagla bheith air agus nachar bhaoghal dó an
deamhan, óir gur uime fuair sé cumhachta ar
na fir sin do bhrígh gur le hintinn agus le húsáid
bhrúideamhuil do dhénamh don phósadh do
thángadar. “Gidh eadh, ná dén-sa sin,” ar sé,
“agus níl contabhairt ar bith i ndán duit.” Agus tug
comhairle dhó úsáid naomhtha do dhénamh don
phósadh, agus tug comhairleacha beannaighthe dhó
do búdh chóir do gach aon lér mian pósadh do leanmhuin.


L. 91


Iar sin tángadar ar aon go tigh Raguel, agus do
ghlac sin go lúthgháireach iad. Gidh eadh, ní
raibh aithne aige orra; acht an uair do hinnseadh
dhó gurbh é mac Thobias dobhí ann do ghuil sé
do láthair an mhic ag cuimhniughadh ar an
athair, agus do chuir fleadh agus fésda mór dá ullmhughadh
dhóibh. Agus ar mbeith dháibh ag dul chum
bídh dothug Tobias móid nach íosfadh féin grim
nó go bhfaghadh Sara inghean Raguel le pósadh.
Agus gé gur mhian le Raguel sin, gidh eadh do
ghlac uathbhás mór é arna chlos, d'eagla go raibh
cinneamhuin na bhfear eile do pósadh léidh i
ndán do mhac Thobiais. Annsin do dhearbh
an t-aingiol dó gur do Thobias do chinn Dia í, agus
gurab uime do mharbh an deamhan na fir eile
do bhrígh nacharbh fhiú aon-neoch dhíobh a
fagháil mur mhnaoi phósta.



Annsin tugadh Sara do láthair, dobhí le cian
roimhe sin ag síor-ghuidhe Dé i n-uaignios lena
deagh-chlú d'aisiog, óir ní raibh do bhíodán buird
ná do chosbóir ithiomráidh ag an tír, ná fós agá
searbhfhoghantaighibh féin, an tan sin acht í amháin.



Acht, cidh thrá acht, do pósadh ar an láthair sin
iad; agus iar gcaitheamh an fhéusda dháibh da-chuaidh
an lánamhain óg dá seomra, agus is annsin
do loisg Tobias éidhe an éisg, lér dhíbir an deamhan
mur dubhairt an t-aingeal leis; agus 'na dhiaidh


L. 92


sin dobhí féin agus a bhean Sara ag guidhe Dé go
maidin, agus mur sin dáibh gan luighe i leabaidh a
bpósda ar feadh thrí n-oidhche ag síor-ghuidhe Dé.
Ba lúthgháireach Raguel ar maidin an uair do
fuair dearbha go raibh an lánamhain beó slán; agus
mur ba cinnte aige go mbeith Tobias marbh ar
maidin do chuir uaimh dá tochailt dó, agus an uair
do-chonnairc slán é do dhruid sé í.



Gidh gur mhór áinios agus aoibhnios Thobias isan
árus sin, dobhí sé go himnighach fó aithne a athar
do choimhlíonadh. Dá bhrígh sin d'fhág an
t-aingiol i bhfochair a mhná é, agus do-chuaidh féin
go hairm i raibh Gabélus, agus tug na deich ttallainn
airgid chum Tobias sul do críochnaigheadh sollamhain
bhainnse an phósda sin. Dobhí Tobias iar
sin feadh aimsire ag guidhe Raguel um chead do
thabhairt dóibh dul ar a n-ais mur a raibh a athair.
Fá dheóidh dothug a chead dáibh, agus tug dáibh fós
leath gach maoine, gach édála agus gach saidhbhris dá
raibh aige. Agus ar mbeith ag ceileabhra dháibh
do chuir Raguel mur aithne speisialta ar a inghin
urraim agus onóir mhór do thabhairt d'athair agus do
mháthair a fir do ghnáth, grádh gnáthach dá fear
phósta, í féin d'iomchar mur budh cubhaidh do
shearbhfoghaintaigh, beith dílis ionraic do Dhia,
agus a muintir do thabhairt suas i ngrádh agus i n-eagla Dé.



Dála mháthar Thobiais, dobhí sí lán d'imnígh


L. 93


agus do bhuaidhreadh lén' fhad dobhí a mac uaithe,
agus dobhíodh gach lá ag féchuin uaithe ar na
bealaighe do shúil go bhfaiceadh ag teacht é.
Feacht n-aon dár fhéch sí uaithe mur sin do-chonnairc
sí ag teacht ann a hamharc é, agus do-chuaidh
isteach le deifir mhóir dá innsin do
Thobias. An uair dotháinicc Tobias óg isteach do
thug glóir agus moladh mór do Dhia, do réir mur
dubhairt an t-aingeal leis; agus do-chuaidh annsin
mur a raibh a athair, agus iar mbeannughadh dhó do
chumail sé domblas an éisg dá shúilibh, agus dofuair
aisiog a radhairc ar an láthair; agus annsin d'innis
dó a dhála ó thús go' dheireadh. Iar sin do
chinneadar comhairle ar thuarusdal do thabhairt
don treóraigh ro-dhúthrachtach sin, agus as sin do
chinniodar ar leath gach maoine dá ttug ó Raguel
do thabhairt dó.



Is annsin d'fhoillsigh an t-aingeal dáibh gurab é
féin Raphael dobhídh i bhfiadhnuise Dé do
ghnáth; agus ar mbeith leis sin lán d'uathbhás
dáibh, do sginn as a radharc. Agus dobhídar
annsin ar feadh thrí n-uair ag guidhe Dé. Agus
do-rinne Tobias cantic iongantach buidheachuis
do Dhia agus fáistine ar na neithe móra dobhí le
coimhlíonadh san Eagluis.



(Deo gratias. Finit Tobias)


L. 94


(Leabhar Iudith)



CAIB. LXXVI
STAIR IUDITH AGUS HOLOFERNÉS



A.M. 3348



Dobhí rígh ar an Asyria darbh ainm Nabuchadonosar
(agus níorbh é sin an Nabuchadonosar mór
úd do ghabh agus d'argain Ierusalem acht fear eile
don ainm chédna) do chinn ar an domhan do chur
fóna smacht féin. Do-rinne sé árd-thaoisioch, nó
árd-ghenearál, ar a shluaghaibh uile do Holofernes,
duine lán d'uabhar agus d'aindlighe agá raibh an
uiriod sin dóchuis as cumhachtaibh a rígh aige
gur mheas nach raibh ní ar bith docamhlach ná
do-dhénta aige, agus do mheas fós gur cheart do
gach druing dhaonna teacht as gach crích do
chríochaibh an domhuin ag iarraidh síthe agus cumairce
sul bhfromhadís a neart agus cumhachta a
shlóigh. Agus thug sé ruaig mur shoighnén
tinntighe trésna críocha fa coimhneasa dhó ar
ttús, a' dénamh áir, argain agus ruathair ionnta, agus go
bhfolaigheadh an talamh tré líonmhuiracht a
shlóigh ann gach tír ann a ttigeadh; agus gíbé tír nó
áit nach n-umhlaigheadh ar an láthair dhó do
threasgreadh agus do chiorrbhadh go mí-thrócaireach


L. 95


na hóig agus na seana innte, ionnus go raibh gach
críoch agus rígh lán dá uamhan agus dá uathbhás. Agus
dá bhrígh sin dobhíodh teachta as gach tír go
laethamhuil ag iarraidh cádhais agus síthchána fair,
agus ba ro-bhuidheah cách an tan do ghealladh
dháibh nach marbhthadh iad. Agus ní dá mhéd
umhlacht ná onóir do thaisbénadh cách dó, nach
mó sa chách do mhédaigheadh a dhordhacht, a
dhroch-mhéin agus a ainmhian anuaibhreach aindíoghaltach.



An uair do-chualaidh na Iudaighibh cáil an
fhir andiúid sin, agus cáil na mór-shluagh dobhí 'na
fhochair, do ghlac eagla agus uathbhás adhbhal-mhór
iad, óir níor mheasadar go raibh slighe chosanta
acu le dénamh a n-aghaidh neirt comh mór sin
acht a n-aghaidh do thabhairt ar urnaighthe
dhúthrachtach do dhénamh chum an Choimhdhe
le fóirithin orra.



An uair do-chualaidh Holofernes nacharbh áil leis
na Iudaighibh umhlacht ná áird-chíos do thabhairt
dó, do líon dásacht agus díbhfeirge é; agus ro fhiafraigh
le guth tircuisneach créd iad na Iudaighibh, nó
créd fá bhfuaradar do mhisnigh ionta féin cur 'na
aghaidh le hiad féin a chosnamh. Do fhreagair
Achior (árd-thaoiseach slóigh na nAmonítibh
tháinicc an tráth sin le humhlacht chuige), agus
adubhairt go raibh Dia ro-thrén ro-chumhachtach
ag na Iudaighibh, agus an feadh do bheithdís taithneamhach
dá láthair nárbh fhéidir buaidh do


L. 96


bhreith orra, agus d'innis sé dhó mórán dona míorbhuilibh
iongantacha do-rinne an Dia sin ann
gach aimsir ó thús na saoghal ag cosaint agus ag
treisiughadh an phobail Iudaigheach. Do mheas
Holofernes gur mór an aithis agus an masladh dothug
Achior dhó féin, do bhrígh go bhfuair do
dhánacht ann féin dia ná duine do chur i gcomórtus
neirt le Nabuchadonosar, agus dá bhrígh sin do
chuir i gcuibhreach ceannguilte isteach go cathair
na Betulia é, ionnus tar éis na cathrach sin do
ghabháil go ttiubhradh aen-phionús amháin dó
féin agus dona Iudaighibh, as a raibh an dóchus mór
sin aige (agus a nDia do árdaigh ós cionn déaibh
na hAsíria).



Ar tteacht d'Achior go cathraigh na Betulia,
adubhairt riú misnioch do ghlacadh, agus go raibh
dóchus aige féin ann a nDia go treasgóradh Holofernés
agus a shluagh. Ní raibh leath uathbháis ar
lucht cathrach na Betulia fá gach ní uathbhásach
dár innis Achior dáibh nó go bhfacadar féin Holofernes
a' teacht dá n-ionnsaighe, agus sé fithchid míle
coisighe maille le dhá mhíle agus fithche marcach 'na
fhochair. Do bhuailiodar iad féin annsin re
lár, óir do thuigiodar nach raibh tárthúil acu acht
muna ttigeadh ó Dhia chucu.



Ar tteacht do láthair na cathrach do Holofernes
do bhreathnuigh ar gach taobh dona ballaighe
ar an taobh amuigh, agus do-chonnairc nach raibh
braon uisge le fagháil ag an gcathraigh acht an


L. 97


méid dobhí 'teacht chucu tré aen-chuisle amháin,
dá ngoirthear aqueduc; agus do chuir sin dá ghearradh,
agus níor léig braon uisge isteach don chathraigh.
An uair do-chonnairc lucht na cathrach iad
féin ar easbaidh uisge agus iad ag fagháil báis le tart,
do chinniodar a bpian do chróchnughadh le
hiad féin agus a gcathair do thabhairt suas do Holofernes.



Arna chlos sin do Iudith, .i. bantreabhach ro-bheannaighthe
ro-naomhtha dobhí san mbaile,
dotháinicc sí chucu, agus dothug misnioch dháibh.
Óir, ar mbeith dhí le haimsir imchian ann a teaghlach
féin ag dénamh tréighionuis le trosgadh agus le
hurnaighthe i n-uaignios, do chuir Dia ann a
hinntinn smuaineadh as a ttáinicc dhí lucht na
cathrach agus lucht na críche go hiomlán do shaoradh
ar anchumhachta Holofernes. Agus do ghoir sí
chuice na sagairt, agus tug sí imdheargadh dháibh
um laghad a ndóchuis; agus iar sin d'innis dáibh
go bhfacus dí féin slighe tárthála acht nach
n-inneósadh ar an láthair aen-ní, acht gur iarr
orra guidhe dhúthrachtgach do dhénamh chum
Dé léna deagh-inntin do chur i ngníomh mar ba
mian léidh. Agus iar n-imtheacht uaithe dona
sagairt, do-chuaidh sí dá hionad urnaighthe, agus
do-rinne urnaighthe dhúthrachtach chum an
Choimhdhe; agus iarna críochnughadh dhí d'éirigh
sí suas, agus do chuir sí uirre na héudaighe dob fhearr
agus do ba daor-luaighe dobhí aice, agus do chuidigh sin


L. 98


go mór le lonnradh na scéimhe nádúrtha dobhí
innte do thaisbénadh go foirmiollach, agus do
chuidigh Dia féin ris sin do réir na deagh-intinne
dobhí aice.



Agus do ghluais isan innioll sin a n-amharc
cháich as an mbaile amach; agus níor lamh aonduine
ceisd do chur uirre. Agus ar mbeith don
taobh amuigh do bhallaighe an bhaile dhí, d'fhéuch
cuid do mhílidhibh Holofernes, agus an uair do-chonncadar
comh-áluinn sin do mhnaoi thugadar
go hairm a raibh Holofernes í. An uair do dhearc
sé uirre dob iongantach leis méd na sgéimhe do-chonnairc
innte. Agus isan am a raibh dhá
líonadh dá grádh do mheall sí le gliocas a briathar
é, óir adubhairt sí gur theith sí as an mbaile do
bhrígh go raibh fios aice féin gur thréig Dia a
phobal tréna bpeacaidhibh, agus go ttiubhradh ar
láimh a namhad iad. Ar mbeith do Holofernes
líonta dhá grádh do chreid gach aen-fhocal dá
ndubhairt ris, agus tug ordughadh dá lucht freasdail
úsáid mhaith do thabhairt dí, rogha bídh agus dighe do
thabhairt dí; gidh eadh, dubhairt sise (mur nach
blasfadh don bhiadh toirmeasgach dobhí ar an
gcampa) go ttug sí féin lón léithe as an mbaile.
Agus mur sin do chuinnigh a trosga agus do choimhlín
dlighe Dé imeasg na págánacha agus na n-íodhaladharthacha
mallaighthe sin.


L. 99


CAIB. LXXVII



CRÓDHACHT IUDITH AGUS BÁS HOLOFERNES



Eodem Anno



Ar mbeith don ghrádh dothug Holofernes do
Iudith ag fás go laethamhuil, do chinn fá dheóidh
san gceathramhadh oidhche a mhian d'fhagháil
uirre; agus iar mmbeith ag caitheamh fleadha ann a
phailliún i bhfochair a oifigiocha agus a aos gráidh
dhó, do ordaigh Iudith do thabhairt um thráthnóna
chuige, agus adubhairt le gach aon dá raibh 'na
fhochair iar gcaitheamh proinne dháibh imtheacht
gach aon acu dá n-áruis féin, ionnus go mbeith
uaignios aige ar Iudith. An uair dotháinicc na
teachtuirigh a gcuinne Iudith, mur bhí dóchus
mór aice as trócuire agus as uile-chumhachta Dé, do
tháinicc sí go humhal dá láthair. Agus dobhí i
bhfochair cháich, gan bia ná deoch do chaitheamh
riú, acht ag síor-ghuidhe Dé ann a hinntinn, nó gur
mhór an onóir dhise é dhá dhénamh sin 'na fiadhnuise.
Agus iar sin do fágadh 'na n-aonar iad.



Is annsin do chinn Iudith ar an ní umá ttáinicc
do thabhairt chum críche. Agus ar mbeith 'na
seasamh ag guidhe Dé dhí do shín Holofernes ar


L. 100


a leabaidh; agus ní luaidhthe do-rinne ná tháinicc
trom-chodladh air. An uair do-chonnairc an
bhean naomhtha sin do thóig a súile suas ar an
bhflaithios ag rádh:



“A Dhé uile-chumhachtaigh dothug deaghinntinn
damh le do phobal do shaoradh ó an-chumhachta
agus ó thiarántacht na n-íodhal-adharthacha
mallaighthe so, cuir féin misnioch ann mo
chroidhe agus neart ann mo lámha leis an ngníomh
mór-éuchtach so do dhénamh anos.”



Agus leis sin dorug sí ar chloidheamh Holofeirn
féin dobhí ós cionn na leaptha; agus iarna
tharraing as a scabard dí do chuir lámh ann a
fholt, agus ar nochtadh a mhuinéil dí do bhuail
buille don chloidheamh ann, agus leis an dara béim
do scaith an ceann do choluinn; agus do tharruing
brat dobhí ós cionn a leaptha chuigthe, dobhí
buailtigh le clocha daor-luaighe diamóin, agus do
chuir an ceann isteach ann, agus tug dá hinnilt dobhí
ag faire i ndorus an phailliúin é.



Agus do ghluaisiodar iar sin gan toirmeasg trésna
gárdaighe go rángattar go dorus na cathrach.
Do ghoiriodar annsin ar an lucht faire, do léig
isteach iad. Annsin dotugadh lóchruinn agus
soillse 'na cuinne. Agus ar tteacht do lucht na
cathrach go hiomlán 'na timchioll, d'fhuagair sí
tocht orra, agus annsin adubhairt riú buidheachus do
thabhairt do Dhia, agus leis sin do thaisbéin an ceann


L. 101


dáibh. Agus ar an gcéd-amharc dothugadar air
do ghlac iongnadh agus criothnadh iad, agus leis sin
chuiriodar gáir lúthghára os áird asda, agus dothugadar
glóir agus moladh don Tiaghearna fón mbuaidh
agus fón tártháil thapaidh dothug dháibh, agus do
mholadar an bhean naomhtha do chuir í féin i
gconntabhairt ro-mhóir le tártháil do thabhairt dóibh.



Annsin d'iarr Iudith Achior do thabhairt
chuice. Agus iar bhfaicsin an chinn dobhí ar
an tí do thionnsgain é féin do mhilleadh dhó,
do thuit ar lár i n-anmhuine; acht an uair
dotháinicc ar a ais do bhuail a aghaidh re lár i
bhfiadhnuise Iudith, agus do admhaigh agus do adhair
an Dia fíre dar ghéill sí, agus do ghlac leis an timchiollghearradh
agus le creideadh na Iudaigheach ó sin amach.



Ar n-éirghaidh don lá arna mhárach, an uair do
fuair na hAsiriánacha colann a ngeineráil gan
cheann, agus ar bhfaicsin a chinn crochtaigh ar bhalla
na cathrach dháibh, do ghlac uamhan agus anuathbhás
mór íad go ttugadar aghaidh ar theitheadh.
Leis sin do ling lucht na cathrach amach, agus iar
ttabhairt tóruighacht ghéir dhásachtaigh dháibh
do-rinneadar ár mór orra; agus do roinniodar a
maoine agus a n-édála, agus tugadar leó isan gcathraigh
a bhfuaradar isan gcampa; agus rinneadar sollamhuin
iolgháirdis an feadh thrí mí. Tháinicc lucht
cathrach Ierusalem a' tabhairt molta agus buidheachuis


L. 102


do Iudith, agus dobhí sí ó sin amach i n-onóir
mhóir i Israél. Gidh eadh, iar ndénadh iodhbartha
buidheachuis do Dhia dhíse, do-chuaidh sí
dhá hárus féin, agus dobhí ag guidhe Dé i n-uaignios
uaidhe sin amach, agus ní thaisbénadh í féin acht i
n-aimsir iodhbartha sollamanta uaidhe sin amach.



Féch ar an stair so, agus tuig mur nach ttréigionn
Dia go bráth an té chuirios a dhóchus an; dén
fós an umhlacht d'fhoghluim ó Iudith, do-rinne
dimbrígh do gach onóir shaoghalta dá raibh le
fagháil aice agus do ghlac mur roghain a bheith a
moladh Dé i n-uaignios ar feadh a beatha tar
phoimp agus tar onóir dhímhaoin neamhmbuan an tsaoghail.



CAIB. LXXVIII



ANN A TTRÁCHTAR AR ESTAR



A.M. 3495



Dothug Assuerus rígh na Persia grádh agus taithneamh
d'aon dá mhuintir féin, dárbh ainm Amon,
ar mhodh nár leór leis an Phersia agus na ríghachtaibh
eile dobhí fóna smacht féin do thabhairt
umhlacht dó ós cionn gach duine faoi féin, acht
do chuir forfhógra ar (feadh) na gcríoch sin go


L. 103


hiomlán sléuchta agus adhradh do dhénamh dhó,
ionnus nach lamhadh aen-duine trén ná tár dona
críochaibh sin teagbháil dó gan adhradh agus sléuchtain dó.



Dobhí i gcúirt an rígh fón am sin aon don lucht
dothug Nabuchadonosar tuairim nóchaid bliadhain
roimhe sin i mbroid go Babilón as críoch na
Iudaigheach leis, darbh ainm Mardocheus. Agus
níor mheas sin gur chóir na comharthaigh cinnte
adhartha agus umhlachta, ar nach raibh ceart ag aonneoch
acht ag Dia amháin, do thabhairt do
dhuine ar bith, agus dá bhrígh sin níorbh áil leis
sléuchtadh ná adhra do dhénamh do Amon. Agus
gídh nach le huabhar acht le dúthracht agus le crábhadh
a dheagh-chreidigh do dhiúlt Mardocheus don
ní sin, dob ádhbhar é le hinghreim agus le hanfhorlann
do theacht ar na Iudaighibh go hiomlán, agus
go speisialta air féin, óir níor leór le hAmon
díoghaltas do dhénamh air ann a phearsainn féin
acht a choimhthíothachaibh go hiomlán do chéusadh;
agus dochum a dhroch-intinne do chur i
ngníomh do chuir sé i gcéill don rígh nach beith
síthcháin, suaimhnios, ná fós dísleacht ná deaghiocht
dó féin ann a ríghacht an feadh do mhairfeadh na
Iudaighibh, óir nach raibh acht drong
mhiosgusach mhailísioch mhí-rúnach ionnta, agus go
raibh creideamh ar leith acu lérbh fhéidir iad féin
agus cách eile do tharruing chum trétúracht a n-aghaidh


L. 104


an ughdarráis ríoghdha ró-cheart bhí ós
a ccionn.



Do chreid an rígh gach ní dhé sin; agus dá bhrígh
sin do-thug ordughadh do Amon fógra do chur ar
feadh na gcríochaibh go hiomlán gan óg ná ársaigh,
bean ná leanbh dona Iudaighibh d'fhágbháil beó,
acht a gcosgairt gan choigill ann gach áit dá rabhdar.



Do thárla fón am sin, do réir tola Dé, go
raibh inghean dearbhbhráthar do Mhardocheus
'na banríghain pósdaigh ag an rígh Assuerus, i
n-ionad Vasthi do dhíbir sé óna leabaidh roimhe
sin. Agus ar gclos an fhurfhógra sin dí do ghlac
buaidhreadh agus dólás mór í, agus ní ar a son féin (óir
ní raibh baoghal uirre) acht ar son a coimhthíorthacha
go hiomlán. Agus dob usaide dhí labhairt
ar a son do bhrígh nár fhulaing Mardocheus dí a
adbháil gurbha Iudaigheach í go n-uige sin. Ar
mbeith do Mhardocheus ann a intinn féin lán
d'imnígh agus do bhuaidhreadh ag smuaineadh créd
an modh ar a bhfédfadh tártháil do thabhairt
dona Iudaighibh bochta ón mbás do cinneadh
dháibh, do-chuaidh d'agallmhadh na banríoghan
Hestar; agus adubhairt léidh dul d'ionnsaighe an
rígh, agus a chur a gcéill dó méd égceirt agus égcóra an
fhurfhógra sin do chuir fóna ríghachtaibh leis na
Iudaighibh do bhásughadh.



“Cionnus is féidir damh-sa sin do dhénamh?”
ar Esthar, “óir is coir bháis do neoch ar bith dul
do láthair an rígh acht lena réimh-chead féin.”


L. 105


Adubhairt Mardocheus go raibh an t-adhbhar agus
an t-éigion comh mór sin nár chóir dhí gan dul
i gconntabhairt ar a son féin agus ar son muintire a
tíre go hiomlán.



“Óir má marbhthar na Iudaighibh go hiomlán,”
ar sé, “ní cosmhuil duit-se féin atá i gcúirt an
rígh teacht saor, agus mur ndéna tú so dob fhéidir go
ndénfadh Dia slighe eile le tártháil do thabhairt dá
mhuintir, iar mbeith dhuit-se agus do theaghlach
h'athar ar fágbháil agus ar dearmad, agus níl fios agad,”
ar sé, “nach uime bá toil le Dia coróin ríghdha do
chur ort dochum slighe agus ughdarráis do thabhairt
duit lena phobal do shaoradh ón gcontabhairt
bháis ana bhfuilid.”



Iar bhfagháil na comhairle sin dona mhnaoi
naomhtha do chinn ar a leanmhuin, agus le deóra,
le trosgadh, agus le hurnaighthe do ullmhaigh í féin.
Iar sin do chuir i n-innioll áluinn dheagh-mhaisioch
í féin, agus do-chuaidh isteach go seomra an
rígh. Agus ar an gcéd-amharc do-chonnairc an
rígh ann a chathaoir ríoghdha; agus ar bhfaicsin
mórdhacht an innill ann a bhfacaidh é, an tsoillse
dobhí i ttimchioll an rígh-shuidhe, lonnradh na
mbuadh-chloch ndaor-luaidh dobhí ann a bhrat -
agus níis mó ná sin do chuir uathbhás uirre, dar
léidh gur fhéuch an rígh go huathbhásach uirre - ,
do thuit sí i mbáthadh.



Leis sin do mhaoth an Tiaghearna a chroidhe ar
an láthair, go ndeachaidh féin dá tógbháil. Agus


L. 106


ar ttabhairt misnígh agus dearbha dhí nár bhaoghal dí,
adubhairt sí ris an rígh gur shíl sí gurbh aingiol é
an uair d'amhairc sí air, “Agus do ghlac eagla
agus uathbhás mé, agus leis sin do thuit mé,” ar sí.
Agus ní luaithe dubhairt sin ná thuit sí arís mur
bheith marbh. Do chuir sin buaidhreadh agus dólás
mór ar an rígh, agus an uair táinicc a caint d'fhiafraigh
dhi créd dob áil léidh iarraidh air, agus dubhairt
gibé athhchuinge dob áil léidh, dá madh leat a
ríghacht d'iarrfadh, go bhfuigheadh gan fhuireach.
“Máseadh” ar an ríghain, “'sí aisge iarruim ort
teacht amárach chugam a' caitheamh proinne, agus
Amon do thabhairt leat.” Do gheall an rígh sin dí.



Tárla an oidhche dá éis sin nár fhéd an rígh
codladh do dhénamh ar tteacht neamh-chodhlaidh
air, agus do iarr leabhar análacha na ríghacht do
thabhairt cuige. Agus tar éis gur léughadh dhó
ann ar fheill dobhí días dá mhuintir féin a n-aimsir
imchéin roimhe dá cumadh dhó - agus do
fuair ann fós agus do chuir i gcuimhne dhó gurab é
Mardocheus do chraobhsgaoil an plot sin dó agus do
thárthaigh ar an bhfeall-bhás sin é - d'fhiafraigh
an rígh annsin don léughthóir créd an tuarusdal
dofuair Mardocheus ar son na deagh-sheirbhíse
sin. Adubhairt an léughthóir nach bhfuair
aen-ní. Agus d'fhiafraigh an rígh leis sin an
raibh aen-duine isan tseomra dobhí an taobh
amuich dhe. Do hinnseadh dhó go raibh Amon


L. 107


ann. Agus leis sin tháinicc Amon féin isteach
do láthair an rígh, agus d'iarr cead do thabhairt dó
Mardocheus do chrochadh as croich do-rinne dhó
ann a raibh cúig cúbaitt décc ar uirde. d'fhiafraigh
an rígh annsin d'Amon créd an onóir ba
cóir a thabhairt don tí budh mian leis an rígh
d'onórughadh. Do fhreagair Amon (óir do shíl
gurab dó féin dobhí an onóir sin dá hullmhughadh),
agus adubhairt gur chóir a chur a' marcaigheach
ar eacht ar each an rígh féin, éudach purpuir do chur
uime, an choróin ríghdha do chur ar a cheann,
uaisle, oifigidh agus árd-thaoisigh an rígh do ghabháil
'na thimchioll, aradha a shriain do ghlacadh ann
a lámha, agus siubhal leis mur sin tré shráidibh agus
tré ionaid oireachtais na rígh-chathrach, agus a
fhuagradh is gach ionad díobh sin gur mur sin
bheir an rígh onóir don tí is mian leis d'onorúghadh.
Do fhreagair an rígh agus adubhairt le Amon,
“Déna-sa le Mardocheus gach ní dá ndubhrais,”
agus gan ponc dá laghad do dhearmad don mhéid adubhairt.



Mur sin le halt na haen-uaire d'árdaigh Dia an
umhlacht i gcathréim agus do leag an t-uabhar le
lár i gcathair Susa; mur dob égin do Amon
umhughadh agus fuagairt fós don ríghacht úmhlacht
agus onóir do thabhairt don té is mó ar a raibh a
ghráin agus is mo ar a raibh tarcuisne aige d'fhearaibh
an domhuin.


L. 108


Do-chuaidh Amon iar sin dá thigh féin, do shín
ar leabaidh, agus dobhí ag casaoid rena cháirdibh
agus ag dénamh dóláis fón masla dofuair agus mur do
bhí mur bharr mí-shéin air gur do Iudaigheach
dob éigion dó an umhlacht sin do dhénamh; agus
do thuig i n-antráth gur thús donuis agus mí-shéin dó
é; agus gach olc dár thuar dó féin do láthair a mhná agus a
chairde dotháinicc chuige, mur bhus follas dá éis so.



CAIB. LXXIX



BÁS AMOIN ANNSO



Eodem ut supra anno



Ar ndul don rígh Assuerus ag caitheamh an
fhéusda d'ullmhaigh Estar ann a hárus féin dó, agus
Amon 'na fhochiar, do ghuidh Estar um innsin dó
créd an aisge ba mian léithe d'iarraidh.



Do fhreagair sise le guth dérach dólásach ag
rádh: “A rígh ro-chumhachtaigh,” ar sí, “nílim
ag iarraidh ar do mhaith agus ar do mhórdhacht, acht
mé féin agus muintir mo thíre do shaoradh ar bhás.”
Agus annsin do chuir sí i gcéill dó méd mailíse
Amoin, agus mur do mhaslaigh sé a ainm agus a úghdarrás
ríoghdha, mur do iompoigh lena mhioscus
agus lena bhréga croidhe an rígh ba trócuirigh, ba


L. 109


deagh-inntinnigh agus ba deagh-mhéineamhla do
ríghthibh an domhuin chum éigceirt, chum
tiarántacht, agus chum dúnmharbhtha agus dícheannadh
do dhénamh ar dhruing fhírénta neamh-chiontach,
.i. na Iudaighibh.



An uair do-chualaidh an rígh na hathiosga sin,
agus thug dá aire méd na sóghantacht thug air féin
comhairle comh mí-thrócuireach sin do ghlacadh
ó Amon, d'fhás fearg mhór air, agus níor fhéd comhnuidhe
do dhénamh istigh nó go ndeachaidh imach
agus gur shuidh 'na aonar i ngarrán coille dobhí
i bhfogus don árus ann a raibh Estar.



An uair do-chonnairc Amon méd na conntabhairte
ann a raibh do ghuidh go dérach an bhanríghain
um chongnamh tárthála do thabhairt dó;
agus ar mbeith dá guidhe mur sin do shín sé é féin
ar leabaidh na banríghan. Tháinicc an rígh
isteach, agus ar bhfaicsin Amoin ar an leabaidh do
ghlac fraoch agus fearg mhór-adhbhal é, mur do
bheith ar tí a leaptha do thruailliughadh, agus dubhairt
lena lucht freasdail a bhásughadh gan mhaill.



Leis sin dubhairt aon dona hoiffigidh leis go
raibh croich do chuir Amon féin dá cur 'na seasamh
le Mardocheus do chrochadh, agus go raibh cúig
cúbaitt décc ar uirde innte, i bhfogus dáibh.



“Máseadh,” ar an rígh, “crochtar é féin gan
mhaill innte.”


L. 110


Agus dorinneadar gan mhaill do réir tola
an rígh; agus mur sin dothug luach a dhrochchomhuirle
do Amon, agus do-rinne gairm ar ais ar
an fhurfhógra barbardha tiaránta do-rinne sé
ar chomhuirle an mheirligh mhioscusaigh mhailísigh sin.



Monuar nach bíonn Estar i bhfochair gach
prionnsa chum gach droch-comhuirle dá bhfuighdís
do spíonadh ann a láthair.



(Mur so finit Estar)



CAIB. LXXX



ANN A TTRÁCHTAR AR SCÁTHÁN NA FOIGHDE .I. IÓB



Dhá ní bhíos do-chumhdaigh a bhfochair a
chéile dobhí i seilbh an naoimh Iób ar feadh a
bheatha .i. subháilceadha móra agus saidhbhrios.
Adeir an Scriptúir go raibh sé 'na dhuine cheart
lán do naomh-shimplíghacht agus d'eagla Dé do
ghnáth. Níor leór leis é féin do chongbháil ó olc agus
ó mhí-bhésa, acht mur ba hathair maith cloinne é
do mhúin an ní cédna dá chloinn, agus dobhí dá
ttabhairt suas do ghnáth i ngrádh agus i n-eagla Dé, agus
do-níodh iodhbharthacha go laetheamhuil ar a
son, d'eagla pheacaidh bhig ná mhóir do dhénamh dháibh.


L. 111


Níorbh fhéidir leis an diabhal, gan iomthnúth
mór, a shamhuil do dhuine shubháilceach d'fhulang,
agus dá bhrígh sin do chuir cogadh air; agus dobhí do
dhánacht ann gurbh áil leis corthacha do chur i
láthair an Tiaghearna air; agus ó nach bhfuair
droch-ní ann a bheatha nó ann a ghníomharthaigh
le cur 'na leith dobhí dá choiriughadh do thaobh
a inntinne, agus adubhairt le Dia gur do ghrádh ar
na sochair shaoghalta dobhí le fagháil aige do
chaomhain sé é féin ar uilc agus ar aindlighe go
n-uige sin.



Ionnus go bhfoillseóchadh Dia mailís, iomthnúth,
agus bréga an droch-spioraid go follasach,
adubhairt ris gan a mhaoin do choigill. Do
rinne an droch-spiorad úsáid iomlán don chumhachta
dofuair ar mhaoin agus ar shaidhbhris Iób.
Agus chum a argain i n-éinfheacht dotháinicc
ladrainn dorug an mhéid molt dobhí aige i
n-aoinfheacht riú, agus isan am céadna tháinicc
caora teineadh as na flaithis do mharbh a thrédaibhh
go hiomlán, tháinicc an námhuid d'fhuadaigh
a chámhuill agus an chuid éile dá cheathra leó, agus ar
mbeith dá chloinn uile i n-aon-tigh ag caitheamh
fleidhe i bhfochair a chéile go súgach meanmnach,
do thuit an teagh orra gónár fágadh aon gan mharbhadh
dhíobh.



Dotháinicc na droch-sgélta sin uile chum Iób i
n-alt aon-uaire, agus gidh gur dhólásach iad níor chaill


L. 112


seision puinn dá fhoighid, dá chreidiomh, ná dhá
dhóchus díadha, acht gur neartaidhsiod a shubháilceadh
ann. Do bheannaigh ainm Dé, agus tug
buidheachas dó, agus adubhairt: “Mur thug Dia
dhúinn, do thóig uainn, do réir a thola:” Deus dedit;
Deus abstulit; sit nomen Domini benedictum.



An uair do-chonnarc an droch-spiorad buansheasamh
Ióib isna subháilceadh, tar éis gach
fromhadh díghbhálach dá ndearnaidh air, do
ghlac bárr dásachta agus díbhfeirge é; agus mur nárbh
fhéidir leis dochar ar bith do dhénamh dhó a
n-aghaidh tola Dé, do labhair re Dia irís agus adubhairt,
dá ttugadh cead dó galar gráineamhail do
bhualadh ar a fheóil, go rachadh i n-édóchus.
Dothug Dia an cead sin dó, agus ní ar mhaith dhó
acht chum tuille gránach dhó, óir dobhí fios
deagh-choinghill Ióib aige.



Agus leis sin tháinicc an deamhan agus do líon sé
Iób le créchta, le cneadhacha, agus le gearba ó bhonn
go bathais, ionnus gurbh éigion dó suidhe ar
cárn aoiligh agus brághaid crúiscín bhriste bheith
ann a láimh a' scríobadh na ngearb dobhíodh 'na
sesamh ar a chroicionn agus ag cartadh an tseilidh
agus na bpiasd dobhíodh ag snighe as na meill aincisioch
dobhí air.



Annsin ní raibh aige don mhéid dobhí ann a
sheilbh ariamh acht a bhean, agus ní dochum sóláis
do thabhairt dó fágadh í sin féin acht dochum


L. 113


barr cathaighe agus mí-fhoighidne do mhúsgladh
ann. Óir, ar bhfaicsin dí méd na n-olc d'fhuiling
sé, do mheas nach raibh ann 'fhíréntacht acht
dímhaoinus (agus) dobhíodh ag cur caithighe air le
dia-athais do dhénamh: benedic Deo et morere .i.
“mallaigh Dia agus fagh bás.” Ní thug Iób do fhreagra
uirre acht a rádh gurbh cosmhuil re mnaoi gan
chéill í, óir gibé fuair mórán tiodhlaice ó Dhia
créd nach dénfadh fulang anshóigh an tan budh
toil leis?



Adeir S. Augustinus nár ghéill Iób dá mhnaoi le
peacadh do dhénamh mur do ghéill Ádhamh dá
mhnaoi, agus ar an adbhar sin gurbha haoibhinne
do Iób ar a chárn aoiligh ná do Ádhamh i bPárthus.



Ar mbeith do Iób mur sin i gceart-mheadhón a
dhóláis (óir, mur mbeith d'ádhbhar dóláis aige
acht na pianta d'fhuiling a chorp, ba leór é le
duine neamh-fhoirfe do chur i n-édóchus), is ann
sin táinicc triúr dá cháirdibh, dá ngoirionn an
Scriptúir “ríghthe,” ar cuairt chuige; agus i n-ionad
sóláis do thabhairt dó, dob éigion dó é féin do chur
i n-inioll cosanta a n-aghaidh na saobh-résún
ainbhfiosach agus na gcédfadh éigceart do thaisbénadar
dhó. Acht ní raibh do shólás ag an duine
naomhtha so 'na measg acht a neamh-chiontacht
ann a aimsir agus fíréntacht a bheatha ar feadh na
haimsire do chaith ar an tsaoghal, ní nár chreid


L. 114


na daoine ainbhfiosacha sin; óir do mheasadar
nacharbh fhéidir an méid pionúis sin do theacht
air acht le peacaidh móra folaightheacha eigín do
dhénamh ann a bheatha, agus an méid do labhradís go
tábhachtach is chum a n-ithiomráidh do neartúghadh
do labhradís é. Agus do chuir sin nísa mhó
dóláis ar an duine naomhtha so ná an méid piantaibh
eile d'fhuiling sé. Agus do chuiriodar i gcéill
do gach aon gur conntabhairteach an ní do
neoch droch-bharamhail do thabhairt dona fíréin,
óir, mur chreidiodar so do réir na cédfadha ainbhfiosach
dobhí acu nárbh fhéidir le Dia pionús do
thabhairt do neoch gan coir, do shíladar go raibh
cionta Ióib mór do réir na bpionúis do cuireadh air.



Gidh eadh, do shaor Dia fá dheóidh a shearbhfoghantaigh
dílis ón mí-chliú sin, agus do ghlac fearg
mhór é leis na saobh-cháirde éigcearta sin Iób, agus
dubhairt nach raibh acht amadánacht ann a
résúin agus nach ttiubhradh maitheamhnus dáibh
acht le hurnaighthe Ióib do mheasadar a bheith
corthach. Agus thug Dia go follasach luach a
fhíréntacht agus a fhoighde do Iób, óir dothug nísa
mhó saidhbhris dó ná dothug an diabhal uaidhe, agus
fós sliocht agus clann go léor i n-ionad na cloinne do
chaill sé.



(Tráchtam feasda ar na fáidhibh. Finit Iób
anno Domini 1726.)


L. 115


CAIB. LXXXI



TRÁCHT ATHGHEARR AR AN FHÁIDH ISAIAS ANNSO SÍOS



Agus ar ttús laibheórainn go hathchumair ar
an bprionnsa do réir fhola agus dúthchais, do réir
áille, acfuinge, agus líonmhuiracht labhartha, agus do
réir fós méd agus iomadamhlacht na ndiamhair-rúin
ndiadha do chraobhsgaoil sé. Óir is mó is
iontsamhail do fhíor-startheór na haimsire agus na
bpearsann do-chuaidh roimhe ná le fáidh nó le
fear réimhfhheasa nó reímhfhaisnéisi na neithibh
dobhí gach teacht ann a aimsir é; óir is samhuil do
shoibhiosgél é ag faisnéis ioncholnadh Mhic Dé, .i. a
gheineamhain, a thuismeadh, a dhála agus a mhórghníomhartha
imeasg na ndaoine, a pháis, a
bhás agus a eiséirghe, agus sin tuairim ar naoi gcéd
bliadhain an chuid fa lugha dhe ré tteacht an
Tairngeartaigh chéna sin. Dothug faisnéis
shoiléir fós ar Eaglais Chríosd ón am ar thosaigh sí
i bpearsainn Chríost (is ceann agus is chéile dhí) agus i
bpearsannaibh na nApsdal, gach éucht oirdheirc
dá ndearnaidh, gach inghreim nó persecution
dár fhuiling gus aniugh, agus fós ní dhá bhfuil re
dénamh agus re fulang aice go deireadh an domhuin.


L. 116


CAIB. LXXXI



AN A TTRÁCHTAR AR CHUID DO NA TAISBÉNTAIBH
DOFUAIR ISAIAS



A.M. 3219, Ante Christum 789 do réir áirimh choitchinn.



Imeasg gach taibénadh dá bhfuair Isaias, do-chonnairc
Dia ann a ghlóir agus ann a mhórdhacht i
gcathaoir nó i n-ionad suidhe ríghdha, agus é arna
thimchilleadh le sluagh mór dona haingil, dá
ngoirthear na Cherubínigh, ag rádh na cantice
molta ós aird chanas an Eaglais i n-iodhbairt ro-bheannaighthe
an aifrinn, ag rádh Sanctus, Sanctus,
et cetera, .i. “is beannaighthe, beanaighthe,
beanaighthe rígh na slógh; tá an talamh uile
líonta dhá ghlóir.”



An uair do-chonnairc Isaias an t-amharc diadha
sin do ghlac uathbhás mór é, agus adubhairt: “Mairg
damh-sa,” ar sé, “óir is bél neamh-ghlan atá
agam.” Agus ar mbeith mur sin ag casaoid air
féin dó, do eitil aon dona Cherubínigh dobhí
ag adhmholadh Dé i bhfiadhnuise a shuidhiugh
ríoghdha, do ghlac an iolgaibh ann a láimh, agus
do thóig sméuróid nó athinne don teinidh do
bhí ar an altóir, agus do chuir ar phuisínibh na fáidhe
é, agus adubhairt leis gur ghlan ó gach aindlíghe é.
An uair dofuair Isaias an dearbhadh sin ar é féin


L. 117


do bheith glan-bhélach d'fhuráil é féin go héusgaidh
le dul a' teagasg an phobail do réir gach ordaigh
dhá ttiubhradh an Rígh dhó.



Múinigh an fháidh ro-naomhtha so dhúinn gur
chóir do lucht teagaisg an tsoisgéil Dia do ghuidhe
go dúthrachtach lena mbéil agus lena gcroidhtheacha
do ghlanadh ar ttús le caortha móra do theinidh
na carthannacht; agus is í an chomhairle chédna do-bheir
an t-easbal Pól do gach aon díobh, 1 ad Cor.
9, v.27: Castigo corpus meum et in servitutem
redigo, ne forte, cum aliis praedicaverim, ipse reporbus
efficiar.



Do réir buan-choimhéid agus béiloidis d'fhulaing an
fháidh ro-naomhtha so bás ag cosaint na fírinne
do chuir Dia ann a bhél, óir do órdaigh an rígh
mallaighthe Manasses a ghearradh agus a theasgadh
le sáa maide, le bárr pionúis do thabhairt dó.
Tráchtaigh an t-apsdal Pól ar an mbás so, dobhí
daor-luaigh do láthair Dé, ann a eipisdil dochum
na nEabhraighach, cap.11, v.37: Lapidati sunt,
secti sunt, tentati sunt, in occisione gladii mortui
sunt, etc., .i. do clochadh, do gearradh, agus do marbhadh
le faobhar cloidhimh iad, etcetera. Moltar
go mór an fháidh so fós le hughdar Leabhair
Ecclesiast. roimh Phól Apsdal; agus níorbh iongnadh
sin, óir is iomdha míorbhuile móra do-rinne sé
ann 'aimsir, mur is follus do gach aon léighfios an
ceathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh.


L. 118


CAIB. LXXXII



TRÁCHTA ATHGHEARR AR AN FHÁIDH IEREMIAS ANNSO



A.M. 3375, Ante Christum 629, agus 40 bliadhain
dobhí ag fáistine.



Ba duine ro-naomhtha an fháidh Ieremias, óir
do naomhadh é ar tteacht as bruinn a mháthar
dhó. Do thoisaigh ar a bheith a' teagasg i n-aois
a chúig mbliadhan décc. Dothug Dia réimhfhios
iomlán dó ar na huilc dobhí re teacht ar na
Iudaighibh; agus ní raibh aon dona fáidhibh is
follusaigh agus is neartmhuira d'innis agus do theagaisg
do chách ná é, do réir mur is follus as an Leabhar
Eólchuire ro sgríobh sé.



Óir, mur bhí féin lán do mhaoith chroidhe agus do
dhólás fón lén-sgrios dobhí re teacht ar a thír
dhúthchais, bá gnáthach leis trácht ar chorthaibh
agus pheacaidhibh cháich, agus go speisialta ar
pheacaighibh na n-uasal agus na n-árd-cheann, dob
ádhbhar dona huilc dobhí ag teacht orra; agus do
bhíodh do ghnáth dhá dteagasg le briathra borba
bogracha do tharraing fuath, falltanus, agus mí-ghnaoi
na méirleach mí-bhésacha sin air; agus do
bhí a miosgas agus a mí-mhéin comh mór sin nach


L. 119


léigidís sgís ná comhnuidhe dhó gan einghreim nó
persecution do bheith air. Gidh eadh, dobhí-san
comh cródha agus sin ag seirbhís don fhír-Dhia
nacharbh fhéidir le hanneart a mailíse cosg ná
toirmeasg do chur air gan a bheith do shíor agá
n-imdheargadh tréna bpeacaidhibh a n-aghaidh an
Tiagharna, ionnus gur fhuiling é féin a bheith dhá
chéusadh agus dá phianadh ar son an Tiaghearna dar
shearbhfhoghantaigh dílis é; agus ní raibh uair ba
tréine do labhradh 'na n-aghaidh ná an uair is mó
do mhothaidheadh iad ar tí uilc agus urchóide do
dhénamh dhó.



Fá dheóidh do chogair na prionnsaighe agus árduaisle
an phobuil Iudaigheach eatorra féin a
dhíthughadh; agus do-chuadar mur a raibh an rígh
Sédecias, agus d'iarradar cead air Ieremias do theilgion
i bpoll dhomhuin lábáin gan uisge; agus níor
lamh an rígh beag-bhríghach sin a ndiúltadh; agus
do thelgiodar isan bpoll sin é, áit ann a bhfuigheadh
bás go luath muna mbeith go ttáinicc oifigeach do
láthair an rígh, agus go ttug iomardagh imdheargthach
dhó um an fheall ghráineamhuil sin do
dhénamh ar naomh-fháidh an Tiaghearna. Agus
arna chlos don rígh adubhairt leis a tharraing as
an bpoll; agus tug caomhna 'na fhochair féin
dó ó sin amach d'aimhdheóin a lucht aimhleasa.



Adeir S. Ieróm gurab iongnadh an chródhacht agus
an naomh-dhánacht lér sheas Ieremias a n-aghaidh
mhailíse agus anchumhachta áird-chinn na


L. 120


críche go hiomlán 'na uatha agus 'na aonar; gidh
eadh, adeir arís nach neart daonna do threisigh é,
acht neart agus uile-chumhacht Dé do ghabh
cúram ann, do gheall dó (mur léighthear i ttús a
leabhair) go mbeith 'na cholamhuin iarnaidhe agus 'na
bhall práis dá chaomhnadh do ghrés. Agus
adeir S. Cyprian, gidh gur féidir an tí agá mbí
grádh agus eagla Dé go mharbhadh, nach féidir,
gidh eadh, a chlaoi go bráth.



CAIB. LXXXIII



AN FHÁIDH BARUCH



Gé gur mhór oirdheirc an tí Baruch do réir
gheineamhna, ba mó go mór agus ba hoirdheirce do
réir na subháilceadh é. Óir, iar ttréigin poimpe
agus mórdhacht dímhaoin an tsaoghail dó, níor iarr
do chathréim acht a bheith 'na dhiosciobal ag
Ieremias an fháidh, óir is é dobhí 'na sgríbhneóir
agus 'na fhear secréide aige; agus an uair dobhí a
mhaighistir Ieremias i bpríosún, dobhíodh do
ghnáth ag athfhriotal a bhriathra bogracha i
láthair phrionnsaidhe agus ard-uaisle na Iudaightheach
maille le naomh-dhánacht, gan uamhan gan
imeagla, mur do dhénfadh Ieremias féin. Níl


L. 121


sochair ná seirbhís dár fhéd nach dearnaidh dhó
is gach am, agus go háirighthe an tan dobhíodh dá
fholach féin agus dá chaomhna ar einghrim agus ar
mhailís a námhad, dobhí ro-líonmhur. Ar mbeith
dhó seal fada mur sin fó bhuaidhreadh agus fó
dhólás, dobhí dhá shárughadh, ionnus gurbh óbair
dó tuitim i n-édóchus, go ndubhairt:



“Mairg dhamh;” ar sé,” créd, a Dhé, fá gcuirir
buaidhreadh ar buaidhreadh agus dólás ar dólás
gan sgís orum?”



Gidh eadh, ní cían go ttug Dia le teagasg Ieremias
sólás agus mísneach dhó, ag rádh ris nár cheart
dó sólás d'iarraidh dhó féin an tan dobhí a
choimhthíorthachaibh uile i mbuaidhreadh agus i
ndólás, lán d'aindeise agus d'ainaoibhnios. “Agus
nach measann tú,” ar sé, “gur mór an sólás duit
Dia bheith id fhochair is gach aon-ionad i mbír
do ghnáth?”



Iar sin níor sgar le Ieremias an feadh mhair;
agus tar eis a bháis fós dobhíodh do ghnáth ag teagasg
an phobail agus ag tabhairt misnigh dáibh i n-aghaidh
na gcathaighibh dobhí orra, agus le humhlacht
mhóir ag guidhe Dé ar a son, nó gur chríochnaigh
fá dheóidh a bheatha. Dobhí ó thús go
deireadh buadha buan-sheasmhach isna subháilceadha
go bhfuil anois a' fagháil a thuarusdail
i bhflaithios.


L. 122


CAIB. LXXXIV



DON FHÁIDH EZECHIEL



Dobhí an fháidh Ezechiel dá bhliadhain
agus dá fhithchiod ag dénamh fáistine nó ag fáidhedóracht,
agus dobhí sé aen-bhliadhain décc dhíobh
sin i gcomhaimsir le Ieremias dobhí don tsliocht
chédna. Dotugadh Ezechiel mar aon ris an rígh
Iechonias i mbroid go Babilón (agus ba hé sin cédbhroid
Babilónda na Iudaigheach); agus dobhíodh
ag teagasg na Iudaigheach do ghnáth isan tír
eachtair-chineólta sin.



Dofuair sé o Dhia mórán do thaisbéntaigh
diamhair-rúnda dobhíodh dorcha dothuigse.
ionnus go raibh toirmeasg ar gach aon dona
Iudaighibh anallód gan tús ná deireadh leabhair
Exechiel do léugadh nó go sáraigheadh tríochadh
bliadhain d'aois. Deir na haithreacha naomhtha
gur uime d'ordaigh Dia cruas agus fordhorchacht na
bhfáisdine so Ezechiel do bhrígh gur i mbroid agus
i measg pagánacha dobhí isan am ar sgríobh iad,
agus nár thoil le Dia go ttuigfeadhdís na neithe
diamhra do thaisbéin féin fá fháidh 'na measg,
ionnus go ttuigfeadhdís gur riachtanach grása
speisialta chum a ttuigsin.


L. 123


Tá an céd-thaisbénadh dofuair an fháidh so
líonta do rúnndiamhraibh, mur bheir Grighóir
naomhtha dhá aire; agus dá bhrígh sin ní laibheórad ann
so acht ar aen-ní amháin a tuigthear aiste, .i. go
gciallaigheann iomadamhlacht na mbeitheadhach
agus na gcoimeasg cosmhulachta do-chonnairc baill
il-iomdha na hEagailse nach dénann acht aon-chorp
amháin, agus a n-aondacht na slabhraidhibh creidigh
agus carthannuis idir na baill il-iomdha égcosmhula
sin, cuid acu do réir eagna agus tuigse ós cionn na
coda eile mur tá an duine ós cionn na mbeathadhach,
cuid eile cródha calma neartmhar mur
leóghan le fulang ar son Chríost, cuid eile dhíobh
do-ní le trosga, le tréighionus agus lé hurnaighthe
iodhbairt díobh féinn dá n-ofráil do Dhia (agus is í
an ofráil sin ciallaighthear leis an ndamh dobhí
imeasg na mbeathadhach réimhráite), cuid eile
dhíobh dothéid ar eitiol ós áird mur an iolair le
mídhemhnacha agus stuidér grinn-eólach na
ndiamhair-rún neamhdha, cuid chreidios agus
oibrighios i n-umhlacht agus i simplighacht naomhtha
chiallaighios an rotha nó an roithleán dobhíodh
ag casadh ann a chéile, do éirghiodh suas agus do
thigeadh anuas do réir thola na bpástúirigh do
chuir Dia ós a gcionn.


L. 124


CAIB. lXXXV



AN DARA TAISBÉNADH FUAIR EZECHIEL



A.M. 3420



“Dothug an Tiaghearna mé,” ar Ezechiel (isan
ccaib.37), “ar mhachaire mhór dobhí lom-lán do
chnámhaibh do thiormaigh nó dobhí ag críonadh
ar an machaire chédna sin, agus adubhairt liom dul
fágcuairt i ttimchioll an mhachaire sin (agus do-rinnios
mur dubhairt leam), iar sin a rádh ris na cnámhaibh
sin dul i gceann a chéile, .i. gach cnáimh ann a
ionad dílis féin. Agus ní luaithe adubhairt mé
sin as ucht Dé ná do-rinneadh amhlaidh, óir i
n-alt na huaire sin, ar ndénamh torainn nó
trom-phlésg mór ann a ngluasacht dáibh, do-chuaidh
gach cnáimh dhíobh ann a ionad dílis féin, agus do
cheangladar le féitheacha, le cuisleana agus le scannáin
dá chéile, gach cnáimh dhíobh ann a alt féin, agus
iar sin táinicc feóil agus croicinn orra, ionnus go
ndearnadh cuirp iomlána dhíobh gan ní ar bith
d'easbhaidh orra acht spioraid bheatha.” Iar sin
le hordúghadh nuadh ó Dhia do-rinne an fháidh
toghairm ar ghaothaibh na gceithre n-árd, agus leis
sin dotháinicc an spiorad do bheóaidh an céd-duine


L. 125


isna cuirp mharbha sin, agus d'éirghidar beó
uile ar a gcosaibh.



Agus sin solas nó réimh-thaisbénadh dothug Dia
don fháidh so ar eiséirghe an lae bhrátha. Agus
an ní so do-chonnairc an fhaídh go rúndiamhrach,
chífidh gach aon dá ttáinic beó ar an tsaoghal dá
choimhlíonadh go foirmiollach follasach i lá an
bhreitheamhnuis ndéighionaigh é, óir níl truaill
cholna dár chuir Dia spiorad bheatha daonna
ann nach éireóchaidh ar aon-láthair an lá úd.
Cuiridh fós an aisling so i gcéill dúinn nach bhfuil
peacach ar an tsaoghal-sa, dá fhad nó dhá mhéd
dá seargann nó dhá gcríonann i mbás na coire,
nach féidir le Dia an uair is mian leis
d'athbheódhadh go beatha na ngrás agus a tharraing
as neimhní na bpeacadh.



CAIB. LXXXVI



TRÁCHTA ATHGHEARR AR AN FHÁIDH DANIEL



A.M. 3398, ante Christum 606



Dobhí an fháidh Daniel ro-uasal, ní headh
amháin do réir na ngníomh mór agus na míorbhuilibh
do-rinne sé, acht dobhí amhlaidh do réir


L. 126


geineamhna, óir is do shliocht na bprionnsaidhibh
Iudaigheach dobhí sé. Agus tug Nabuchadonosar
go hóg i mbroid na Babilóine leis é, an chéd-uair
tháinicc sé go Ierusalem, .i. isan gceathramhadh
bliadhain dá fhlaithios, an uair thug an rígh
Ioachim i mbroid leis, agus is ón am sin háirmhithear
an 70 bliadhain dobhí na Iudaighibh i mbroid na
Babilóine, mur do réimhinnis Daniel dóibh.



Dobhí Daniel ar feadh aimsire a bhroide ag
congbháil dlighe Dé go caoin-dúthrachtach, agus tar
cheann nach raibh acht óg ar ndul don Bhabilóin
ar ttús dó, níorbh áil leis ní ar bith do dhénamh
acht do reír an dhlighe dhiadha, óir níor aontaigh
blas don bhiadh thoirmiosgaigh do ordaigheadh an
rígh do thabhairt dó gach tráth óna bhórd. Agus
dobhí triúr eile don uasal-chloinn Iudaigheach i
bhfochair Dhániel, .i. Sidrach, Misach agus
Abdenago, darbho hanmanna ar ttús Ananias,
Misael agus Asarias. Agus dobhí maor freasdail
ós a gcionn sin ag Nabachodonosor darbh ainm
Malazar, agus d'iarr Daniel air sin an bia ríoghdha
do chongbháil dó féin, agus biadh troisge, .i. glasracha
gáirdín agus a samhail sin, do thabhairt dáibh féin.



“Dá ndénainn-si sin,” ar Malasar, “dob eagail
damh bás d'imirt orum dá bhfaiceadh an rígh
sibh-se i n-anchruth le heasbaidh na hoileamhna
agus na beatha maithe ordaighios féin óna bhórd gach
tráth dhíbh.”


L. 127


“Máseadh,” ar Daniel, “iarruim d'athchuinge
ort, fromhaigh agus dearbh do sheirbhísiochaibh.”



Agus iarna dhénamh sin ar feadh dheich
laithibh dhó do-chonnairc go raibh a n-aighthe agus
gnúis gach aoin acu níos áille, níos bláithe agus níosa
bhreághdha ná mur bhí ag dream eile dobhíodh
do ghnáth gan déisdion ag ithe do bhia an rígh féin.



Leis sin do chuir Dia i gcéill mur thaithnighas
an tréighionas ris, agus nach é an bia amháin a
bhheathaidhios cách acht an rath agus an bheannacht
chuirios Dia air.



Is grod dá éis sin gur thionnsgain Dia cliú
oirdheirc na fáidhe so do chur ós aird, mur do-rinne
roimhe sin aimsir imchian le Ióseph isan
Égipt .i. le míniughadh aislinge an rígh; agus do-rinne
Daniel annso ní ba mó go mór ná do-rinne
Ióseph, óir ní headh amháin gur fhoillsigh ciall na
haislinge, acht d'innis an aisling féin do rígh agus dá
theaghlach. Ag so mur do-rinne:



Do chuir Nabuchadonosar cruinniughadh, gidh
gur dhíomhaoin dó, ar dhraoithe, ar lucht feasa, ar
nélladóiraigh nó ar astralógaidh agus ar aos eagna a
ríghachta go hiomlán, le fios aisling do chuir
imnígh agus buaidhreadh mór air d'fhagháil uatha,
agus níor leór leis ciall na haislinge d'fhagháil acht
muna n-innseadh dhó créd an aisling do-chonnairc.
Agus is é freagra d'aithiosg aein-fhir thugadar dhó


L. 128


nárbh fhéidir d'aon-neoch fán domhan an fios
sin d'fhagháil. Is annsin dothug an rígh
breitheamhnas báis orra uile.



An uair do-chualaidh Daniel an breitheamhnus
tiaránta sin tugadh ar an aos eagna, agus go raibh
a cháirdibh agus a aos gráidh arna n-áireamh ar an
dream sin, d'iarr cáirde gan a chur a ngníomh nó
go nguidheadh féin, agus na hóg-fhir eile Eabhraigheach
d'ainmnighios cheana, an Dia fíre forórdha;
agus iar nguidhe Dé go dúthrachtach ar feadh aimsire
áirighthe dháibh, tháinicc Dániel i láthair an rígh
ag innsin a aislinge agus a céille dhó, agus adubhairt leis:



“Do-chonnairc tú, a rígh,” ar sé, “íomháigh
adhbhal-mhór go gceann óir uirre, a hucht agus a
lámha d'airgiod, a bruinne agus a leasracha do phrás,
a cosa d'iarann, a troighthe cuid d'iarann agus cuid
do chriaidh; agus féch, do teilgeadh cloch, gan
lámha duine dhá diúbhraic, do bhinn sléibhe, do
buaileadh ar chosaibh na híomháighe, do bhris agus
do-rinne luaithreadh dhi.”



Agus adubhairt ris iar sin gur chiallaigh an
ceann óir dobhí uirre a fhlaithios-san féin, agus go
ttiucfadh flaithios budh táire ná sin 'na dhiaidh do
chiallaigh an t-airgiod, agus go ttiucfadh flaithios
eile an treas feacht 'na dhiaidh budh táire ná sin
fós arna chur i gcéill ris an bprás, agus 'na dhiaidh
sin go ttiucfadh flaithios, ciallighthear leis an


L. 129


iarann agus leis an gcriaidh, do bhrisfadh gach ní
roimhe agus dobhéradh buaidh ar an domhan.



An uair do-chualaidh Nabuchadonosar na fuighle
sin do ghlac iongantus mór, agus dob áill leis adhradh
agus túis do losgadh do Dhainiel agus fós iodhbarthacha
do dhénamh dhó. Gidh eadh, do dhiúlt
Dániel sin do ghlacadh, ag rádh nach aige féin
dobhí ceart air sin acht ag an áird-Dhia fíre do
thug an fios dó. Agus leis sin do admhaidh
Nabuchadonosor gurbh é Dia Dhániel an t-árd-Dhia
ós an uile dhéaibh. Annsin tug eireamhnacht
agus árd-cheannus faoi féin ar an mBabilóin
do Dhaniel, agus tug maighistreacht ós cionn aos
eagna na ccríoch go hiomlán dó. Dothug Daniel
buidheachus dó, agus d'iarr cead do thabhairt dó
bheith 'na fhochair féin; agus dofuair mur athchuinge
uaidhe fós maith agus onóir do thabhairt d'Ananias,
d'Azarias agus do Mhíseail do chuidigh an Dia fíre
do ghuidhe leis an bhfios sin d'fhagháil lér
tárthaigheadh iad féin agus aos eagna na críche go
hiomlán ar bhás.



Dá éis sin (A.M. 3117), do chuir Nabuchadonosar
íomháigh adhbhal-mhór óir dá dénamh dhó féin,
trí fithchid cúbatt ar uirde agus sé cúbaitt ar leithead
innte; agus tug ordughadh do chách uile, agus fós do
gach aon i bpéin bháis, a hadhradh mur Dhia.
Iar sin táinicc lucht mailíse agus aos aimhlis ag innsin
don rígh gur tharcuisnigh na hóig-fhir Eabhraigheach,


L. 130


dá ttug féin ceannus agus urraim ós cionn lucht
na Babilóine, a aithne, agus gur dhiúltsiod foghnamh
dá dhéeibh, agus nár dheónaighsiod an íomháigh
órdha do chuir sé suad d'adhradh. Do chuir sin
fearg mhór ar an rígh. Gidh eadh, níor chuir sin
uathbhás ar bith ar na hóig-fhir naomhtha sin, do
thaínicc go humhal dá láthair; agus adubhradar do
ghuth stuidéreach cheannsaigh leis gurbh fhéidir leis
an Dia fíre dá ngéilleadhdís agus dá ttugadís onóir agus
adhradh a ttártháil agus a saoradh ar gach pionús agus
air gach díoghaltas dár mhian leision d'imirt orra,
dá madh toil leis: “Agus má ní sin, nó mur toil
leis, ní thiubhram adhradh ná onóir don íomháigh
úd ná dona déaibh eile adhrus sibh-se.”



Arna chlos sin don rígh d'fhás fraoch agus cuthach
feirge air, gur athraigh a ghnúis agus a dhath; agus tug
ordúghadh ar an láthair a tteilgion ceanguiltigh
i bhfoirnéis lasardha loisgneacha dobhí dá hadhnadh
le fada roimhe sin, agus dobhí comh loisgnioch agus sin
gur loisg na caortha teineadh d'éirigh aisde an
dream do theilg na hóig-fhir naomhtha inte, gur
mharbh ar an láthair iad.



Is annsin do fíoradh an ní deir an rígh-fháidh,
ag rádh go mbíonn Dia do shíor i bhfochair na
druinge fhuilingios ar a shon; óir do thaisbéin
aingiol do nimh go foirmiollach é féin dá ttártháil
ar theas ró-loisgneach na teineadh, gonár fhuiling
dí a sliocht ná a lorg do chur ná d'fhágbháil ar


L. 131


a n-éudach féin, agus nár loisg ní ar bith dhíobh acht
na cuibhrigh do cuireadh orra, óir isan am cédna
do mhothaighiodar drúcht sáimh-mhilis na ngrás
i bhfochair lasrach theineadh ghráidh Dé do
bhí arna hadhnadh ann a gcroidhibh, agus do ghoiriodar
ar gach crétúir ag iarraidh orra ainm Dé
do naomhadh agus d'onórughadh mar aon riú,
ag rádh na caintice ro-bheannaighthe .i. Benedicite
omnia opera Domini Dominum, etc.



Ar bhfaicsin na míorbhuile móire sin don rígh
do ghlac uathbhás é agus dob iongantach leis an ní
do-chonnairc. Do ghoir orra chuige; agus tángattar
aníos as an bhfoirnéis gan comhartha teineadh
orra féin ná ar a n-éudach; agus leis sin do chuir
forfhógra ar feadh na ríghacht agus bollsaire ag fógradh
do gach aon innte adhradh agus onóir do thabhairt
do Dhia na n-óg-fhear n-uasal naomhtha sin, óir
gurbh é sin an t-árd-Dhia ós na déaibh do-rinne míorbhuilibh
móra ann a ríghacht, agus dá bhrígh sin gur
mhian leis a n-aithris ós áird, óir go rabhadar
éuchtach ro-iongantach, agus go rabhdar fós follasach
fírinneach.



“Dá réir sin,” ar sé, “is inchreidthe do gach aon
go bhfuil an Dia ód uile-chumhachtach, agus go
bhfuil a ríghacht nó a fhlaithios gan chrích gan
fhoirchionn.”



Is mur so nach déntar dochar dona mairtírigh
fhuilingios ar son Chríost, acht go loisgear agus go
ttreasgartar na ceangail, .i. gach lagar nó
ainmhian, dá mbíodh greamaidh dhíobh.


L. 132


CAIB. LXXXVII



NABUCHADONOSAR 'NA BHEATHADHACH BHRÚIDEAMHUIL



A.M. 3434



Ar mbeith do Nabuchadonosor ann a shógh agus
i gcathréim mhóir tar éis buaidh do bhreith ar
an Éigipt agus ar mhórán do chríochaibh eachtarchineólta
eile dhó, ní buidheachas dothug don
Dia fíre dothug na cumhachtaibh sin dó acht
do líon a lán d'uabhair agus d'égcrábhadh ann, lér
tharruing fearg na bhflaithios air féin, agus go ndearnaidh
Dia díoghaltas air do budh leór mur shompla
do gach rígh agus do gach ard-phrionnsa 'na dhiaigh
go bráth. Do thaisbéin Dia i n-aisling dhó na
pionúis do thionnsgain dó; agus iar n-innsin na
haislinge sin do Dhaniel dó, fuair a craobhsgaoileadh
uaidhe mur so:



“Do-chonnairc tú, a rígh,” ar sé, “crann do
bhí, dar leat, comh árd agus go raibh a bhárr ag
bualadh an fhlaithis, agus gur sgar a ghéga go foircheann
na talmhan, ionnus go raibh fasgadh ag
beathadhaigh an mhachaire faoi agus gur áitrighsiod
eóin an aidheóir ann a mhór-ghéugaibh dobhí ag
umhlúghadh agus ag claonadh chum talmhan le
truime agus le hiomadamhlacht na ttortha agus na


L. 133


nduille n-áluinn d'fhás orra. Tusa féin an crann,”
ar Dániel, “agus ciallaigh uirde agus leithiod an chrainn
chédna fad agus leithiod na gcumhacht dofuarais
ós críochaibh na talmhan. An spiorad faire agus
coimhéda do-chonnairc tú ag turling as an
bhflaithios adubhairt: “gearthar an crann,
acht fágthar a fhrémh slán, agus cengailtgar le hiarann
í nó go bhfliuchtar le drúcht nimhe í, agus bíodh
arna beathughadh mar aon re beathadhaigh an
mhachaire, agus bíodh mur sin ar feadh seacht
mbliadhan,” ag sin an breitheamhnus tug an
t-áird-Rígh ar mo rígh,” ar sé, “agus is mur so chuirfios
i ngníomh é: díbeóraigh Dia thusa as comhluadar
na ndaoine, agus béidh tú seacht n-aimsiora, .i.
seach mbliadhna, i bhfochair na mbeathadhach
mbrúideamhuil amhuil damh ag ithe féir, agus
beidh tú ar do fhliuchadh le drúcht nimhe, nó go
ttuigidh tú gurab é Rígh nimhe stiúras agus riaghlus
ríghthe agus críocha na talmhan, agus gurab aige atá árdughadh
nó ísliughadh gach aoin do réir a thola féin.”



I gcionn bliadhna dá éis sin dobhí Nabuchadonosor
an rígh ag breathnughadh cinn-chathair
na gcríoch dobhí an uair sin fóna smacht, .i.
Babílon; dobhí ag dénamh iongantais agus uabhair
ann a inntinn le méd a saidhbhris (agus) a háille, le
gach cóir neirt agus comaoin dár chuir féin uirre;
dobhí fós ag áireamh agus ag comhmhaoidheamh
a mhór-éucht féin: leis sin i n-alt na huaire do


L. 134


tháinicc lámh dhíoghaltach Dé go trom air, lér
coimhlíonadh gach ní dár réimhinnis Dániel do
réir na haislinge réimhráite; agus dobhí i bhfochair
na mbeatheadhach mbrúideamhuil ag ithe féir, nó
gur fhás a ghruag agus a fholt amhuil cheilteach iolair
agus a ingne mur chrobhuibh na n-éun gcosgrach
gcíocrach .i. mur chrúbaibh seabhaic nó iolair
nó a samhuil sin.



Is annsin do thuig Nabuchadonosar a lagar
féin agus uile-chumhachta Dé. Iar gcaitheamh
sheacht mbliadhna isan gcruaidh-dháil sin, do
umhlaigh é féin i láthair Dé, agus iarna ghuidhe go
dúthrachtach dhó dofuair aisiog ar a chruth
daonna agus fós ar a ríghacht.



Is féidir gach ní dhe so a chur i gcosmhulacht
leis an bpeacach thréigios cruth álainn na ngrás
agus curthar i gcruth na ndeamhan, agus 'na dhiaigh
sin lér féidir teacht le haithríghe dochum a
chrotha féin arís.



CAIB. LXXXVIII



DANIEL ARNA THEILGION I N-UAIMH LEÓGHAN



A.M.3466



Tar éis báis Nabuchadonosar do ghabh a mhac
Euil-Meredach an ríghe, agus mur nach ttráchtar
ar a dhálaibh sin laibheóraim beagán ar a mhac


L. 135


Baltasar, mur dotháinicc críoch a bheatha agus a
ríghacht i n-éinfheacht.



Feacht n-aon, ar mbeith don rígh so lán d'uabhar
agus d'anchumhachta, do-rinne sé fleadh nó féusda
mór; agus do chuir toghairm agus tineól ar uaislibh
agus ar árd-fhaithibh a ríghacht dochum na fleidhe
sin; agus ar mbeith ann a meadhair dháibh níor
leór le Baltasar gan naomh-aithis do dhénamh,
óir do chuir d'ualach ar a mhuintir na soithidh
beannaighthe dothug Nabacadonosar as Ierusalem
leis do thabhairt chuige le cuirm agus fíon d'ól asda;
agus dobhídar mur sin dá líonadh agus ag ól ón láimh
go a chéile as na soithidh beannaighthe nó go raibh
cách dhíobh ar meisge eidir fhear agus mhnaoi.



Do chuir an masla agus an mí-mhodh sin do
thugadar don fhír-Dhia fearg air, gur chinn ar
dhíoghaltus do dhénamh ar an láthair sin orra;
agus ní cian go bhfacadar lámh ag sgríobhadh na
ttrí bhfocal so ar an mballa ós a gcomhair, .i.
Mane, Thecel, Phares; agus níor fhéidir leó uile
ná le haon-neach fó leith don choimhthinól mhór
sin na focail sin do léughadh ná do thuigsin,
nó fós le haon do lucht feasa ná eagna na ríghachta
a gciall do thuiccsin.



Is annsin do chuimhnigh an bhanríghain ar
ann fháidh, agus d'innis sí don rígh gach fios iongantach
dá ttug uaidhe roimhe sin; agus do chuir an rígh
teachta gan mhoill chuige; agus táinicc chugthu


L. 136


gan fhuireach. Do dhiúlt an fháidh naomhtha
so agus do tharcuisnigh sé na tuarusdail mhóra
do thairg an rígh dhó ar son diamhair-chiall na
bhfocal sin do chraobhsgaoile dhó, agus dubhairt
ris, maille re dánacht naomhtha:



“A rígh,” ar sé, “ó nár ghlac tusa ceannsughadh
ná múnadh as an tsompla do-chonnairc tú leis
an díoghaltas do chuir Dia ar anuabhar do sheanathar
Nabuchadonosar, tá do bhreitheamhnus
féin arna thabhairt leis an áird-Rígh iod h'aghaidh
isna trí focail úd, óir ciallaigh an céd-fhocal, .i.
Mane, gur áirimh Dia laethaibh do fhlaithis agus
go ttáinicc a gcríoch anois; Thecel, do toimhseadh
thú is an meidh agus dofríth easbhadhach
thú; Phares, do roinneadh do rígheacht agus tugadh
dona Mediánchaibh agus dona Persiánchaibh í.”



Gidh gurbha holc an fháisdine sin, d'fhuagair
an rígh onóir mhór do thabhairt do Dhániel, gus
ar gcur róba purpair air agus slabhra óir umá
bhrághaid d'iarr ar bhollsaire a fhógra ós áird
gurbh é Daniel an treas duine ba mó uachtaránacht
isan ríghacht.



Gidh eadh, ní cian gur coimhlíonadh ciall na
mbriathar réimhráite do réir mur do reímhinnis
Dániel. Óir, ar tteacht do Cyrus gona shluagh
Mediánach ar aghaidh na Babilóine, dobhí
misneach mhór ag lucht na cathrach as neart na
mballaighe gonach rabhdar coimhédach mar budh
cóir, nó go ttáinicc Cyrus agus dias dá chaiptínigh


L. 137


'na fhochair go ndeachadar gan fhios don lucht
faire trésan gcathraigh, nó go ndeachadar isteach
go pálás an rígh agus gur dhícheannadar é an oidhche
chédna do réimhinnis Daniel dó.



Ag sin sompla do chách go coitchionn le rabha
do thabhairt dáibh gan masla do thabhairt dona
neithe naomhtha bheanas re Dia.



Do ghabh Darius, .i. dearbhbhráthair athar do
Chyrus, ríghe na Babilóine iar sin. Agus dothug
onóir mhór don fháidh Daniel, óir dob fheas dó
gach fáisdine dá ndearnaidh do Nabuchadonosar
agus do Bhaltazar, agus do bhrígh gur mheas sé go raibh
Dániel líonta do spiorad Dé do chinn sé ar árd-cheannus
a ríghacht faoi féin do thabhairt dó.



Do tharraing sin mioscus, mí-rún agus iomthnúth
na n-árd-phrionnsaighe eile dobhí i bhfochair an
rígh air, agus mur nárbh fhéidir leó coir ar bith
do chur air do bhrígh gurbhá ro-naomhtha a
bheatha, d'iarradar ar an rígh furfhógra do chur
ar feadh a ríghacht ar gach aon-neoch dá ríghacht,
i bpéin bháis ar an láthair, gan dia ar bith do
ghuidhe ar feadh thríochad lá acht é féin amháin.
Do dheónaigh an rígh sin, gidh gur mhallaighthe
an dlighe le denamh ná le coimhlíonadh é. Agus
ní raibh d'ádhbhar acu lena iarraidh acht le
hádhbhar báis d'ullmhughadh do Dhániel, óir do
bhí fhios acu nach ttréigfadh an fíor-Dhia le é
féin do shaoradh ar bhás corpardha. Agus ní
raibh aon don ríghacht nár ghéill don dlighe


L. 138


aindlightheach acht é amháin; agus dobhídar
a naimhde ag furfhaire fair, nó go bhfacadar go
bhfosgladh fó thrí go laetheamhuil an fhuinneóg
dobhí ar a sheomra ar an taobh sin agus go ttugadh
aghaidh ar Ierusalem ag adhradh an fhír-Dhia.



Leis sin tángadar d'ionnsaighe an rígh, agus
d'innsiodar go casaoideach dhó nárbh áil le Daniel
géilleadh dhá dhlighe, agus dá bhrígh sin gur trétúrach
é. An uair do-chualaidh an rígh sin dobhí
fearg mhór air ris féin, agus mur dobhí grádh agus
meas mór aige ar Dhaniel dobhí ag dénamh
díthchill ag iarraidh a shaoradh. Gídh eadh,
níorbh áil lena naimhde sin acht a theilgion,
do réir chánach an dlighe, i n-uaimh na leóghan.



Mur ba treise le laige agus le neamh-fhoirfeacht
an rígh sin ná leis an mian dobhí aige le Daniel
do shaoradh ar bhás, do dheónaigh fá dheóidh
an naomh-fháidh do theilgion i n-uaimh na leóghan.
Acht ní luaithe do teilgeadh síos é ná do chuir
sé féin séla ar an gcloich dhúnta dobhí ar an uaimh,
d'eagla go ttiucfadh do mhailís a naimhde go
muirfidís é dá mbeith gan treasguirt ó na leóghain.
Agus ní luaithe d'éirigh an lá arna mhárach ná
do-chuaidh ar bhruach na huamha, agus dofuair
Daniel beó gan díth, gan díghbháil.



Do ghalc an uiriod iongantais um na míorbhuile
sin é, iar ttabhairt Dhaniel iníos dó, gur aithnidh
a naimhde nó an lucht aimhlis dobhí ar a thí


L. 139


do theilgion isan uaimh chédna; agus níorbh ionann
dáil dáibh agus do Dhaniel, óir nísa luaithe ná
rángadar dul go talamh níor fhág na leóghain
ball dá mballaibh re chéile gan bhlodhadh gan
mhion-ghearradh. Annsin dothug Daniel glóir
agus moladh do Dhia mur do dhruid craois na leóghann
agus nár léig dhóibh díghbháil do dhénamh dhó.



CAIB. LXXXIX



AISLING DHÁNIEL



A.M. 3449, ante Christum 555



Dothug Daniel reímhfhios uaidhe ar rúndiamhraibh
an chreididh leis na neithe móra do
bhí re teacht do shíneadh agus do cheapadh comh
cinnte sin ris an aimsir a rabhdar le teacht, agus
do chuir gach fíreinne dhíobh comh soléir agus sin
i gcéill, gur mó is iontsamhla re startheóir ar
dhálaibh na haimsire do-chuaidh roimhe ná re fáidh é.



Ar mbeith don fháidh so ar a leabaidh do-chonnairc
ceithre beathadhaigh a' teacht aníos
as an aigén dobhí arna bhuaidhreadh agus arna
choimeasg ris na ceithre gaothaibh, agus ba héagsamhail
dá chéile na ceithre beathadhaigh sin.


L. 140


Óir bá samhuil do leóghan an céd-bheathadhach
dhíobh, agus sgíatháin iolair air; ba samhuil do
bheithir an dara beithadhach, agus trí dhéd fiacal
ann a chraos; an treas beathadhach ar chumadh
liopaird, ceithre cinn agus ceithre sgiatháin eóin air.
Dob uathbhásaigh an ceathramhadh beathadhach
ná iad sin uile, óir dobhí sé ro-neartmhur; do
bhí fiacla móra iarnaidhe aige; do threasgair sé
lena chosaibh, agus do bhris i mblodhaibh beaga, agus
do shluig an chuid eile; agus dobhádar deich
n-adharca air, agus tháinicc adharc amach as a lár
sin agá raibh súile daonna agus bél do labhair mórán
do neithe móra.



Iar bhfaicsin na haislinge sin do fháidh do
ghlac uamhan mór agus uathbhás é. Acht féch,
ní cian dá éis sin go bhfacaidh Dia ann a ghlóir
go n-uimhir dhó-áirmhidh do spioradaibh naomhtha
'na fhochair, agus d'fhiafraigh d'aon díobh créd
do chiallaigh na beathadhaigh sin. Agus do
fhreagair an spiorad é, agus adubhairt gurbh iad sin
na ceithre flaithis thalmhuidhe. Agus d'fhiafraidh
dhe arís go speisialta créd do chiallaigh an ceathramhadh
beathadhach, do bhrígh go raibh ní ba
huathbhásaigh go mór ná an chuid eile. Do
fhreagair an spiorad arís, agus adubhairt:



“Sin an ceathramhadh flaithios,” ar sé, “bhias
níos chumhachtaibh ná aen-fhlaithios dá ttáinicc
roimhe iriamh, bhéuraidh buaidh ar ríghachtaibh
na talmhan uile, trasgóraidh agus brisfidh fóna


L. 141


chosaibh uile iad. Tiucfaidh rígh eile 'na dhiaidh
sin bhés níos cumhachtaigh agus níos treise ná sin,
laibheórus mórán do bhriathraibh borba a
n-aghaidh an tí is ro-áirde; treasgóraiodh fíréin an
Tiagharna fóna chosaibh; measfaidh sé an dlighe
diadha d'athrughadh go hiomlán; béidh buaidh
agus neart aige ar na fíréin aimsir, aimsioraibh, agus
leath aimsire, .i. ar feadh trí mbliadhan go leith.
(Tá na briathra cédna so ag Eóin suibhisgél i
Leabhar na tTaisbéntaibh.)



CAIB. XC



GEANMNAIGHACHT SHUSANNA



Adeir Seuerus Sulpitius agus Ignatius nach raibh
Daniel acht i n-aois a dhá bhliadhan décc an uair
do shaor Susana ar bhás aindlightheach, mur
aithristear annso. Dá bhrígh sin ba luaithe leis
an stair so ná leis an gcuid eile d'fheartaibh
Dhániel ar ar thráchtamar roimhe so.



Ba hinghean do Elcias Susanna, agus dobhí sí
pósda ag Ioachim. Dofuair sí as a hóige múnadh
maith agus deagh-bhésadh do theagasg dí, agus do
shealbhaigh go foirfe iad. Ar mbeith dhí do
bhithin a geanmnaigheachta fó chion agus fó chlú
mhór, dobhí dias seanóirigh dar chóir a cosaint


L. 142


ag brat ar a truailliughadh. Dothigeadh an
dias sin dá breathnughadh go minicc dochum a
tighe; agus fá dheóidh do lasadar go hinmheadhónach
le grís ghráidh mhí-gheanmnaigh don óg-mhnaoi
shubháilcigh sin, acht dothug náire orra an grádh
nó an mianghus brúideamhuil sin do cheilt ar
feadh aimsire éigin, agus dobhí ar ttús sgáth orra um
a rúin d'aithris dá chéile; acht fá dheóidh, do
nochtadar a rún agus a mí-rún dá chéile, agus do chomhairlighdar
le chéile a héigniughadh isan am a mbeith
sí dá fothragadh agus dá nighe féin ann a gáirdín.



Agus ar mbeith dhóibh i bhfolach isan ghárdha
thaínicc Susanna gona hinniltaibh gusan tiobraid
dobhí ann. Agus ar gcur na n-innilt uaithe i
tteachtuireacht dí, do mheas na seanóirigh
maillighthe sin nárbh fhéidir dhóibh choidhche
uain dob fhearr ná sin d'fhagháil uirre, agus rithiodar
dá hionnsaighe mur bheith an diabhal dá ttiomáin;
agus do labhradar léidh, agus do nochtadar a n-anmhian
salach dhí, agus dubhradar go bograch borb-bhriathrach
léidh acht muna n-umhlaigheadh sí dá
n-ainmhian do chur i ngníomh go ttiubhradís
a mionna go puiblídhe go bhfuaradar ag dénamh
adhaltrannais re hóig-fhear annsan ait sin í.



Acht, mur bhí Dia i gcroidhe Shúsanna, adubhairt
riú go dólásach dérach nach dénfadh gníomh
comh graíneamhuil sin, agus go madh fearr léidh go
mór bás corpardha d'fhulang i mí-chliú shaoghalta


L. 143


ná a hanam do thruailliughadh agus fearg do chur
ar Dhia.



Leis sin d'fhosgail na seanóirigh dorus an
gháirdín, agus d'fhuagradar os áird do gach aon go
rugadar ar Shusanna ag dénamh adhaltrannais le
hóig-fhear, agus iarna ghabháil dáibh gur scinn go
foiréigneach as a lámhaibh, do bhrígh gur luaithe
agus gur láidire é iná iad féin, agus d'iarradar Susanna do
thabhairt arna mhárach dá láthair féin go ndénamh
breitheamhnus uirre.



Dobhí gáir ghola agus chaointe i tteaghlach
Shusanna arna chlos ann go raibh sí dhá ciontughadh
i gcoir comh gráineamhuil sin. Do
tugadh an neamh-chiontach naomhtha dochum
breitheamhnuis i láthair na seanór gcéadna; agus ar
tteacht do láthair dí d'iarradar uirre an bréid
dobhí ag folach a héudain do thógbháil suas,
ionnus go sáiseódís a súilibh mailísiocha le hamharc
a sgéimhe. Is annsin do thóig Susanna suas a
súile chum na bhflaithios ag iarraidh cabhrach ar
Dhia, agus d'iarr go hárd air a neamh-chionta d'fhoillsiughadh
agus mailís a lucht aimhleasa do chraobhsgaoileadh,
agus adubhairt go bhfoileónadh bás nísa
luaithe ná dodhénfadh an choir ghráineamhuil
dobhí dhá cur 'na leith. Acht tar a cheann sin
níor stad na seanóirigh salacha sin go ttugadar
breith báis uirre.



Agus ar mbeith ag dul go hionad a céusda re


L. 144


clocha dhí, do labhair Dia i mbél Dhaniel nach
raibh an uair sin acht a n-aois dhá bhliadhan
décc, agus do sgread go hárd i lár an chruinnighthe
mhóir dobhí a láthair, ag rádh:



“Is ionnraic mé ar an fhuil neamh-chiontaigh
atá sibh ar tí dhórtadh go haindlightheach.”



Agus gé go raibh 'na aonar imeasg an chomhthinóil
mhór sin dobhí uile arna ttarruing le
húghdarrás na seanór mailíseach mí-rúnach sin,
níor ghlac sgáth ná eagla é umá gcoir do chraobhsgaoileadh,
óir dob fhearr leis, mur deir S. Bernard,
meas díchéille agus mí-thábhacht do bheith ag na
daoinibh air ná fearg do chur ar Dhia le ceilt
na fírinne. Agus mur thug Dia an dánacht
naomhtha sin dó, dothug buaidh mur an gcéadna
a n-aghaidh na n-andlightheacha sin dó; óir do
labhair comh eagnaithe, comh dána agus comh
dásachtach agus sin gur thuilliodar ar a n-ais, gus gur
chuiriodar fó athbhreatheamhnus an cime nó an
bhráighe arís, agus dofríth ise neamh-chiontach, agus do
crutghaigheadh go follasach mailís, miosgas agus
brúideamhlcht dhrúisi na mbreatheamhan gor
tugadh an breitheamhnus cédna 'na n-aghaidh,
.i. a gclochadh chum báis mur thionsgainsiod
féin do Shusanna.



Annsin tug Susanna buidheachus agus altughadh
do Dhia, ní fána saoradh ó bhás, mur deir S.
Ieróm, acht ar son an neirt dofuair le seasadh a


L. 145


n-aghaidh a gcathaighthe, agus mur do-rinne an
mhíorbhuile mhór sin ag conamh a fíréntacht agus
a neamh-chionta. Scáthán subháilce don chinél
bhanda an bhean so, agus adhbhar náire agus cumasg
meanman don chinel fearrdha na fir so. Tugadh
an dream bhíos i n-uachtaránacht le ceart do
mhionastrálacht do chách oile dá n-aire mur ní
Dia a n-égceart agus a n-aindlighe do dhíoghail orra,
agus mur ndénaidh é ar an tsaoghal so go ndénfaidh
le pionúis shíorruidhe isan tsaoghal eile é.



CAIB. XCI



DÁLA DHANIEL LE HÍODHAL BÉIL AGUS LEIS AN DRAGÚN



Dofríth an stair síos i mír ar leith imeasg
sgríbhneóiracht Dhániel, agus ní hé Cyrus an rígh
ar a ttráchtar innte, óir níor adhair dragún agus
ní raibh comh leamh ná comh díthchéilligh ris an
rígh so, .i. Euil-Merodach dobhí ann A.M. 3442,
agus dobhí Daniel timchioll 56 bhliadhain d'aois.



Dob é Belus bhí 'na íodhal-dhia ag na
Babilóinigh, agus dobhí teampall aige ann. Do-nídís
ofrálacha móra go laoitheamhuil dó, .i.
móráin plúir, dhá fhithchiod molt ramhar agus


L. 146


mórán fíona. Dothigeadh sagairt an íodhail
gach oidhche tré dhoras téltaigh dobhí faoi
thalamh acu, agus iar ngoid an bhídh dháibh do
chuireadhdís i gcéill do chách gurbh é an dia
Bél ro itheadh é. Tug díth céille ar chách go
coitchionn gur chreidiodar an bhrécc sin gidh
gurbh égcosmhuil re fírinne í, agus fear mur chách
do chreid an rígh féin í.



Isan am cédna d'iarr an rígh ar Daniel foghnamh
agus adhradh do dhénamh do Bhél. Adubhairt
Daniel nach dénfadh féin sin acht don Dia bheó.
Dob iongnadh mór leis an rígh nár chreid Daniel
go raibh Bélus beó, óir go n-itheadh il-iomad bídh
agus go n-ibheadh mórán fíona gach aon-lá. Annsin
do chinn Dániel ar an bhfírinne do nochtadh, agus
dubhairt:



“Dén-sa mo chomhuirle a rígh,” ar sé, “agus
rachad-sa leat um thráthnóna isan teampall isan
am a bhfágfaid cách an bia.”



Agus ar ndul annsin dóibh do chroith Daniel
luaithreadh nó gaineamh mín ar an urlár i bhfiadhnuisi
an rígh, agus do chuiriodar glas agus séla ar an
ndorus. Agus iar tteacht dáibh arna mhárach
ní bhfuaradar an bia ar an altóir. Annsin
adubhairt an rígh go dásachtach re Dániel:



“Féch gur dia beó Bél,” ar sé, “óir gur ith
an bia agus gur ibh an fíon.”



“Foighid, a rígh,” ar Daniel, “agus féch ar an urlár.”


L. 147


Agus do thaisbéin lorg na bhfear, na mban agus
na ngárlach do ghoid an bia dhó, agus do threóraigh
na luirg sin iad gusan dorus tré ngoididís na
sagairt agus muintir an bia leó. An uair do-chonnairc
an rígh mailís na saobh-shagart sin
do chuir dá marbhadh uile iad, do bhlodhaidh
fós an t-íodhal, agus do bhris a theampall.



A haithle sin do tharla do dhragún mhór a
bheith ag tathaigh i ttimchiol na cathrach cédna
sin; agus do ghlacadar 'na dhía leis; agus dob áil leis
an rígh go nglacfadh Daniel amhuil cháich eile
leis do bhrígh go raibh sé beó. Adubhairt Daniel
dá ttugadh a thoil dó go ttiubhradh féin bás don
bhrég-dhia sin. Ro aontaigh an rígh dhó. Ann
sin do-rinne Daniel meall taois; do choimisg
gréis agus gruag nó fionna ann; agus tug don dragún
rena ithe é. Agus ní luaithe do shluig ná do thuit
marbh ar an láthair.



Do tharraing sin fuath agus miosgas cháich go
hiomlán air, go ttáinicc lucht na cathrach do
láthair an rígh ag casaoid agus ag cur chortha air,
ag rádh gurbh námhaid bhunaidh dhá ndéaibh
é; agus am uair do thuigiodar nár mhian ris an rígh
Daniel do bhásughadh do-rinneadar bogar borb
air, agus dubhradar gurbha Iudaigheach é féin, agus
muna mbeith amhlaidh nach beith báidh comh
mór sin aige re námhaid a ndéaibh féin. Leis
sin, iar nglacadh meatacht don mhaoth-rígh sin,


L. 148


do aontaigh dháibh Daniel do theilgion i n-uaimh
na leóghan. Agus iarna dhénamh sin dáibh do
thoirmisgiodar bia ar bith do thabhart dona
leóghain ar feadh sheacht lá ionnus go ttiubhradh
gorta orra a chosgairt gan amhrus.



Gidh eadh, níor thréig Dia eision; óir do chuir
aingiol do nimh dá thártháil ar chraos na leómhan
gcíocrach sin. Níor leór leis an Dia ttrócuireach
sin, acht do chuir bia chuige. Dobhí san am sin
duine naomhtha san Iudea dobhí 'na fháidh
ag an Tiaghearna; agus ar mbeith dhó sin ag dul
re bía dochum meithle dobhí ag gearradh guirt
aige, adubhairt Dia leis an bia sin do thabhairt
go Babilón d'ionnsaighe Dhaniel dobhí i n-uaimh
na leóghan ann. Do fhreagair Abacuc agus adubhairt
nach raibh eólus aige go Babilón agus nach raibh
fios aige cáit a raibh sí. Annsin dorug aingiol
grim ar fholt air, agus d'fhuadaigh i n-aon-mhómeint
leis é go bruach na huamha leóghanda i raibh
Daniel. Agus tug an bía do Dhániel. Tug Daniel
buidheachais mór do Dhia um an míorbhuile sin.



I gceann na seacht lá dotháinicc an rígh a'
dénamh dólás fó Dhániel go bruach na huamha;
agus an uair do shíl go raibh le fada roimhe sin arna
chosgairt ag na leóghain dofuair slán beódha
é; agus do ghlac lúthghaíre mór uime sin é; agus
iarna tharruing aníos dó, do ordaigh an lucht
aimhlis bá ciontach lena chur innte do theilgion


L. 149


ann a ionad. Agus ba luaithe leis na leóghain
dá strócadh 'na mblodhaibh as a chéile ná leósan
ag dul chum talmhan.



Adeir na haithreacha naomhtha dá ttugthaigh
an breitheamhnus céadna so ar lucht na mbrécc
agus an aimhlis go mbeith an domhan glan uatha.



CAIB. XCII



DONA FÁIDHIBH BEAGA GO HATHGHEARR ANNSO SÍOS



Mar aon leis na ceithre fáidhibh mór ar ar
labhramur thuas (agus le Baruch tá arna ghreamughadh
do Ieremías), tug Dia dá Eagluis dhá
fháidh dhécc eile dá ngoirthear na fáidhibh
beaga; agus is uime goirthear fáidhibh beaga dhíobh,
do bhrígh gur lugha geibhthear do sgríbhneóireacht
ar a sliocht ná ar shliocht an cheathrair eile,
.i. Isaias, Ieremias, Ezechiel, Daniel. Ceithre
chéd bliadhain dobhádar ann, agus dobhíodh cuid
díobh ar feadh aimsire faide, .i. ar feadh saoghail,
ag teagasg cháich gan sgís. Agus so a n-anmanna,
ní do réir uird na haimsire nó do réir a n-aoise
acht do réir mur curthear síos isin mBíobla iad:



Dobhí Ozeas ag déanamh fáisdine i n-aimsir an
dara Ieroboam rígh Israél. Ní mór nach raibh
ag teagasg ar feadh chéd bliadhain, ar ttosughadh
dhó 825 bhliadhain roimh Chríosd.


L. 150


Ní curthar síos aimsir Ioel acht is inmheasda
gurbh fhear comhaimsir d'Ozée, .i. timchioll 800
bliadhan roimh Chríosd.



Dobhí Amos ag fáidhedeóiracht i n-aimsir
Iosia rí Iuda, timchioll 780 mbliadhna roimh Chríosd.



Measaid lucht an naomhsheanchuis gur go
dlúth a ndiaidh an trír réimhráite, .i. timchioll
780 bliadhain roimh Chríosd, dobhí Abdias ag
teagusg agus ag tarrnguiracht.



Do thosaigh Iónas go ro-óg le teagasg agus le
tarrnguiracht an tan dobhí Israél dá céusadh
go mór le hanneart na Síriánacha i n-aimsir an
rígh Ioas, agus do tharrnguir an uair sin go saorfadh
mac Ioais, .i. an dar Ieroboam, ón daoirse sin
iad, .i. timchioll 825 bliadhain roimh Chríosd,
acht dobhí a theachtairacht go cathair Ninue
ní ba déighionaigh ná sin, mur bhus follus ar
ndiaidh, i n-aimsir Ioathan timchioll 788 bliadhain
roimh Chríosd. Agus ní raibh dona fáidhibh aon is
glaine agus is follusaigh do tharrngir teacht an
tSlánaightheóra ná é.



I n-aimsir Ieremias agus Dhániel dobhí Habacuc
ann, .i. timchioll 600 bliadhain roimh Chríosd.



Aggias 520 bliadhain roimh Chríosd. Is é go
sunnradhach thug misneach leis an teampall do
athchumhdach i Ierusalem. Agus is annsan am
cédna dobhí an fháidh Zacharias ann do tharrngair


L. 151


go follusach teacht an tSlánaightheóra Íosa
Críost. Malachias an fháidh dhéidhionach dhíobh,
do tharrngair fós go follasach teacht an tSlánaightheóra,
agus ní léighmíd ar aon-fháidh 'na dhiaidh nó
go ttáinicc Eóin Baiste.



Cuiridh na saothair d'fhág na naoimh sin uile
aguinn i gcéill dúinn gurbh é an spiorad cédna do
ghluais iad, óir dobhídar ar aon-fhocal agus ar aon-inntinn
ag cur toirmisg ar na peacaidhibh agus ag
fáisdine gheineamhna agus chompeirthe an tSlánaightheóra
Iosa Críost, ní chruthaighios a dhiadhacht,
óir dotháinicc sé do réir mur do chuir sí i mbél
na bhfáidhibh lena fhoillsiughadh, do bhrígh gur
do réir a thola féin dotháinicc chugainn, agus níl ní
ar bith is fearr lé gruthaighthear an diadhacht
ná le réimhinnsin na neithe saora neamh-éigiontach
bhíos re teacht. Mur adubhairt aon dona
fáidhibh ag tabhairt aithise do íodhal:



“Tabhair fios dúinn ar na neithibh atá re
teacht, agus géillfiom dhuit.”



CAIB. XCIII



IÓNUS ARNA SHLUGADH RE MÍOL MÓR



An tan do-chonnairc Dia go raibh lucht cathrach
Ninue líonta do mhí-bhésaibh agus do pheacaidhibh
gráineamhla, do chuir aithne ar an fháidh Iónas dul


L. 152


dá n-ionnsaighe agus a innsin go sgriosfadh féin an
chathair sin cona háitigheóiraigh gan mhaill; agus i
n-ionad sin do dhénamh don fháidh do-chuaidh i
loing le teitheadh go Tharse. Gidh eadh, do chuir
Dia i gcéill dó nach raibh tearmann ag aon re
teitheadh óna amharc ná óna chumhacht féin. Do
thóig sé stoirm ar an bhfairge, lérbh éigion dona
mairnélaigh na hearraidhibh dobhí san luing do
theilgion amach isan bhfairge. Is annsin d'aithin
Iónas a choir féin, agus do-chuaidh síos go hiachtar
na luinge, áit ar thuit 'na dhodladh; agus is dólás
dob ádhbhar don chodladh sin i lár na contabhairte
ann a raibh. Íar sin do mhúsgail lucht na luinge
é; agus do chuiriodar crannchuir ar an bhfoirinn go
hiomlán, óir do mheasadar go raibh neoch coirpe
eigín isan luing do tharraing fear na bhflaithios
orra; agus do thuit an crannchur ar Iónas.



Annsin adubhairt Iónas gurab air féin dotháinicc
an díoghaltas, agus gurab é do thuill ó Dhia
an t-olc sin do theacht orra, agus dá bhrígh sin d'iarr
orra é féin do theilgion go luath gan déisdion isan
bhfairge, mur bhí an chonntabhairt comh mór sin
agus gur iarr féin orra gan eagla bheith orra fóna
theilgion amach. Do-rinneadar mur d'iarr; agus leis
sin do choisg an stoirm; do shocraidh fós agus do
shuaimhnigh an fhairge.



Iar sin do chuir Dia míoll mór roimh Iónas, do
shluig síos ann a chorp é; agus annsin do chan Iónas


L. 153


cainticc mholta agus bhuidheachuis do Dhia mur do
thárthaigh é. Agus dobhí trí hoidhche agus trí lá i
gcorp an mhíl mhóir; agus iar sin do aisig as a chraos
ar talamh thirim é. Agus ba fighair fhírinneach
sin ar eiséirghe an tSlánaightheóra ar an treas lá
as broinn na talmhan i gceann ocht gcéd bliadhain
dá éis sin.



Iar sin do chuir Dia aithne an dara feacht ar
Iónas dul go Ninue leis an teachtuireacht chéadna;
agus mur do bhlais díoghaltas Dé fóna easumhlacht
roimhe, níor lamh gan imtheacht go humhal agus ní
do dhénamh nachar ghnáthach leis na fáidhibh
eile, .i. teagasg do dhénamh dona Geintíligh.
Dobhí cathair Ninue comh mór agus sin an tan do-chuaidh
Iónas innte gur mhaith an teasg thrí lá
a siubhal. Agus ar mbeith don Iónas ann a lár, do
éimh go hard agus d'fhuagair dáibh i ndíoghail a
bpeacaidhibh go sgriosfadh Dia i gceann ceathreachad
lá í. Agus so réimh-fhighair eile go ndénfadh
Críosd an soisgél do theagasg dona Geintíligh.



Arna chlos sin do lucht na cathrach chreidiodar
(mur nach dénann lucht an égcrábhaiodh aniu) do
bhriathraibh na fáidhe, agus gur ó Dhia dotháinicc
leis an rogha sin chucu, agus d'umhlaigh an rígh féin
dó. Agus do fógradh ar feadh na cathrach do
gach óg agus da gach sean dá raibh innte aithríghe
do dhénamh le trosgadh, le tréighionas, le saicédaigh
agus le luaithreadh do chur orra, iad féin do


L. 154


bhualadh re lár ar luathreadh, agus gan
bia ná deoch do thabhairt do dhuine ná do
bheithadhach, agus a bheith mur sin gach sgís gan
chomhnuidhe ag guidhe Dé nó go ndénadh trócuire
orra. Agus ní dheachaidh sin i n-asgaidh, óir ar
bhfaicsin luicht na cathrach móire sin do Dhia ag
dénamh aithrighe comh díoghruisioch 'na fhiadhnuise,
do-rinne trócuire orra, agus do shaor ó dhíoghaltas
an uair sin iad.



Mo thruaighe-sa na Críosdaidhthe nach glacann
rogha mur so le hiad féin do shaoradh ar na
piantaibh síorruidhe!



An uair do thuig Iónas go ndearnaidh Dia gairm
ar ais ar an mbreitheamhnus díbhfeirgach do
thionnsgain dona Ninuítibh, do ghlac uathbhás
mór é d'eagla go measfadh lucht na críche sin
gurbhá saobh-fháidh é féin, agus d'imghidh sé as an
gcathraigh amach; agus do-rinne both bheag dó féin
ar an taobh shoir don chathraigh, ionnus go
bhfaicfeadh créd an chríoch dothiucfadh ar an
gcathraigh. Agus do ghléus Dia pailm scáth nó
crann eidhinn d'fhás isan oidhche sin, agus dobhí 'na
fholach nó 'na scáth ar a cheann, agus dobhí luthgháire
ar Iónas mur do chuir Dia an sgáth sin air.



Gidh eadh, ní fada mhair dhó, óir iar n-éirghe
gréine arna mhárach do chrinn peisd a fhrémh,
gur thuit 'na chipín chríon ar lár, gur fhág Iónas
fó theas na gréine mur bhí ó thús. Agus do chuir


L. 155


sin dólás mór air, gur iarr Dhia bás do thabhairt
dó. Annsin dothug Dia sólás dó, ag rádh ris gur
mhór an t-adhbhar bróin an chathair mhór sin do
sgrios, óir gur mhór an t-éigion lé sgriosfadh í, agus
go madh mór an díth a samhuil.



“Is mór an dólás atá ort-sa fá mur do chríon an
chraobh sgáith d'fhás gan congnamh ná saothar ar
bith uait féin, agus mur d'fhás a n-aon-lá do chríon
mur an gcédna. Agus créd nach goillfeadh cathair
Ninue orum-sa, áit i bhfuil sé fithchid míle pearsa
nach ttaínicc go fóill i n-aois le heidirdhealbhadh
idir mhaith agus olc do dhénamh?”
(Críoch ar na Fáidhibh annso)
(Leanaidh na Macabéibh)



CAIB. XCIV



DÁLA NA MACABÉIBH NÓ NA N-ASAMÓINIGH



A.M. 3828



Do-ghébhaidh gach duine lér mian an chuimre
ro sgríobhas ar fhlaithiosaibh na hAsia do léughadh
faisnéis athchumair ar gach rígh dár ghabh ceannus
innte ó aimsir Nimroid go haimsir Alexandair
mhóir mhic Philip an Grégach ón Macedóin, do
rug buaidh go hiomlán uirre. Agus tar éis a bháis
sin, do thárla tuairim 324 bliadhna roimh Chríosd,


L. 156


do roinn na hárd-thaoisigh dobhí faoi sin an
flaithios mór-ádhbhal sin do ghabh sé eatorra, gur
thuit an Asia chum Seleucus; agus lena linn agus re linn
a shleachta go haimsir Sheleucus Philopater, an
ceathramhadh rígh don ainm sin, dobhí críoch
na Iudaighibh go socair suaimhneach. Ba mac
d'Antiochus mhór an Seleuchus so ar a ttráchtann
an Scriptúir.



Gidh gurbh íodhal-adharthach an rígh sin, do
bhí meas mór aige ar Onias an t-árd-shagart, agus ba
gnáth leis airgiod do thabhairt dó dochum na
hiodhbartha laethamhla do dhénamh isan teampall
i Ierusalem. Dobhí san am sin neoch
mailísach ameasg an ministéirigh dobhíodh ag
freasdal isan teampall sin dárbh ainm Símón, do
thionnsgain agus do tharruing congnamh mhóráin
eile air le ní aindlightheach eigín do dhénamh; agus
do bhrígh gur thoirmisg Onias an droch-rún do
chur i gcrích ní dhearnaidh sé comhnuidhe nó go
ndeachuidh d'ionnsuighe Apolonius, .i. taoiseach
sluaigh do mhuintir Sheleucuis, agus gur innis dó
go raibh an teampall líonta d'ionnmhuis agus do
shaidhbhris, gan trácht ar ionnmhus an teampuill
féin, agus gurbh fhéidir don rígh gan duaigh ar bith
a shealbhughadh.



An uair do-chualaidh Seleucus sin do chuir
Heliodorus go Ierusalem agus adubhairt ris na
hionnmhuis sin do thabhairt chuige gan mhaill.


L. 157


Agus iar tteacht isan gcathraigh dhó, do innis a
theachtaireacht don árd-shagart. Do ghlac
uamhan agus uathbhás mór Onias iarna chlos dó, agus
adubhairt nach aige féin dobhí ceart air na neithe
beag-luaigh sin do bhrí nach raibh acht 'na fhear
comhdaigh dona boicht, dona dílleachtaigh, dona
bantreabhaigh agus do gach lucht leatroim ó sin
amach, agus gurab acu sin dobhí ceart ar bheag-ionnmhus
an teampaill. Adubhairt Heliódorus
nárbh fhéidir gan toil an rígh do dhénamh. Arna
chlos sin do árd-shagart agus do lucht na cathrach
go hiomlán, do ghlac criothnadh agus uathbhás mór
iad, agus do ghuidheadar Dia go dúthrachtach dérach
aithrighioch, agus do mhuidhiodar go gér air gach cách
do léigion a mhealladh do shíl gur thearmann
dáibh féin agus dá maoin a theampall ro-bheannaighthe féin.



Agus dofuaradar éisdeacht. Óir, ar ndul isan
teampall do Heliodór agus dá mhuintir le hordughadh
an rígh do chur i ngníomh, dotháinicc le míorbhuile
Dé eagla agus uathbhás air féin, ar a mhílidhibh agus ar
gach aon dá mhuintir go hiomlán, gonár fhan
misnioch ná neart ionnta. Agus leis sin do-chonnairc
Heliodór marcach álainn cródha ar a
each isan teampall do threasgair fó chosaibh a
eich é, agus ar an láthair dotháinicc dias óig-fhear
álainn 'na thimchioll dobhí dhá shraighleadh agus
dá theasgadh le sgiúrsaidhibh cruaidhe géra ó


L. 158


bhonn go bathais nó gur fhágadar i gcruth mhairbh
é, agus gur teilgeadh é féin agus a mhuintir amach as
an teampall.



Is annsin do ghuidhiodar cách an t-árd-shagart
naomhtha Onias um urnaighthe do dhénamh
chum Dé ar son Heliodóir, agus mur dobhí eagla ar
Onias go gcreidfeadh an rígh gur ó thrétúracht na
Iudaigheach dothiucfadh bás Heliodóir, agus go
ndénfadh díoghaltas orra, do ghuidh sé Dia go
dúthrachtach agus go bhfuair uaidhe Heliodór do
thabhairt as an gconntabhairt bháis ann a raibh.
Agus do thaisbéin an dias ógán sin iad féin do
Heliodór, agus adubhradar leis buidheachus do
thabhairt d'Onias do shaor lena urnaighthe ar bhás
é, agus innisin fós ós áird don domhan méud cumhachta
an Dé fhíre.



An uair do-chuaidh Heliodór ar ais d'ionnsaighe
an rígh níor cheil sé aon-fhocal amháin don sgél
so air. Gidh eadh, dobhí saint agus áilghios chomh
mór sin air an rígh leis an ionnmhus d'fhagháil
gur chinn ar theachtuire eile do chur 'na choinne.
Adubhairt Heliodór leis má bhí námhuid ar bith
aige, nó neoch budh mian leis a bhásughadh, a
chur isan teachtuireacht sin agus gur chinnte dhó
gan teacht ar a ais go bráth, óir go ndénfadh Dia
uile-chumhachtach an teampaill sin díoghaltas air.



Mur nach saorann a naomhthacht ná a
bhfíréntacht cách gan naimhde do bheith ar an


L. 159


tsaoghal so acu dobhí mórán do dhroch-naimhde
ann a thír féin agus an árd-shagart naomhtha Onias;
agus 'na measg sin uile níor fríth drong ba mailísigh
dhíobh ná a dhearbhbhráthribh féin, do chuir
sgéla chum an rígh gur chiontach Onias le gach
droch-dhíol dár tugadh ar Heliodór, agus nach raibh
acht millteóir mailíseach ann dobhí ag sgrios agus ag
milleadh na críche. An uair do-chualaidh Onias
sin do-chuaidh féin d'ionnsaighe an rígh chum
go saorfadh é féin dá láthair air gach mí-sgél
mailísioch dár hinnseadh air.



Acht ní cian go bhfuair Seleucus bás, agus gur
fhág an ríghe ag Antiochus Epiphanes, .i. duine
cliúteach le holc, agus ba námhuid bhunaidh é sin
dona Iudaighibh agus dá gcreideadh. Adeir cuid
dona seanchaidhibh gurbha dearbhbhráthair do
Sheleucus an t-Antiochus so, agus cuid eile adeir
gurbha mac dhó é. Acht gibionnus, is dona cédneithibh
do-rinne i ttús a fhlaithis an ard-shagartacht
do bhuain d'Onias agus a tabhairt dá
dherbhbhráthair Iason, do cheannaigh ar thrí
chéd talluinn airgid uaidhe í, nó mur deirthear go
fírinneach, gur gheall tuairim mhilliúin óir do
thabhairt dó. 'Na dhiaidh sin fuair dearbhbhráthair
eile do Iason í iair ngealladh nísa mhó
ná sin d'airgiod d'Antiochus. 'Na dhiaidh sin do
cuireadh Menelaus (óir ba hé sin ainm an
dearbhráthar so) amach, agus tugadh an árd-shagartacht
do dhearbhráthair eile dháibh


L. 160


darbh ainm Lisiamacus. Gidh eadh, ní fada do
bhí mur sin an uair do chuir Menelaus le neart
airgid amach é, agus gur ghabh féin a ionad.



Ní cian dá éis sin gur argain sé an teampall agus go
ttug cuid dona soithigh beannaighthe leis, gur
dhíol cuid díobh agus go ttug cuid eile dhíobh do
Andronicus, .i. fear secréide do mhuintir an rígh;
agus an uair do-chualaidh gur ghoill sin ar Onias, do
bhí isan am sin dá chaomhain isan Antioch, d'iarr
ar Andronicus a mharbhadh; agus do-rinne sé an
feill-ghníomh mur do hiarradh air. Dobhí cliú
agus tásg naomhthacht Onias go forleithiodach ar
feadh na gcríoch go coitchionn, ar mhodh go raibh
onóir agus urraim mhór 'na chuinne is gach áit agus gur
ghoill a bhás, ní headh amháin ar Iudaighibh, acht
ar gach aon dá gcualaidh tásg nó cáil a naomhthacht;
agus dothug sin ar an rígh féin gur chuir
Andronicus dá mharbhadh is an ionad chédna
ann ar dhóirt se fuil an árd-shagairt sin go fealltach.



Dobhí Ierusalem isan am sin líonta do lucht
uabhair agus ainbhés lér mhian gach aon acu fó
leith a bheith i n-árd-cheannus agus an árd-shagartacht
do bhuain amach dó féin, agus do adhnaidh sin
teinidh dhíoghaltach 'na measg nár múchadh nó
go ttáinicc lén-sgrios ar an gcathair agus ar an tír
go hiomlán. Agus ba toil le Dia réimh-chomharthaidh
na n-olc sin do thaisbénadh dhóibh.
Óir do-chonncadar na Iudaighibh uimhir mhór


L. 161


do mharc-shluaghaibh armtha go gcloidhmhthibh
lonnordha, go lúiriocha n-órdha - torann a n-airm
agus a n-eachraibh - ag ionnsaighe, ag leadradh agus
ag diúbhraic a chéile go dásachtach isan aidheóir
ar feadh cheathrachad lá. Mur sin dobhí na
dúile balbha ag dénamh fáisdine don druing
chruaidh-mhuinélach sin, nach gcreideadh briathra
Dé as bél na bhfádh mbeó do chuireadh Dia re
teachtuireacht chugthu. Do chuir na taisbéntaibh
sin a lán uathbháis orra, agus dobhí
drong dhíobh ag síor-ghuidhe Dé ag iarraidh
na huilc sin do dhíbirt uatha.



Gidh eadh, níor choisg sin Iason, óir do chinn
ar an gcathraigh do chur fóna smacht féin, agus
níorbh fhéidir do námhuid ar bith nó sa mhó
díoghaltais ná díbhfheirge do dhénamh ná do-rinne
sé ar lucht a thíre agus a chathrach féin, gidh eadh,
ní raibh acht tús na n-olc ann. Óir, ar mbeith
d'Antiochus an uair sin tar éis na hÉigipte
d'arguin agus a cur fóna smacht, do hinnseadh dhó
iar bhfaghail sgéla brégach a bháis do Iason go
ndeachaidh go hIerusalem, agus iar mmbuain na hardshagartacht
amach dhó gur threasgair agus gur
dhícheann sé lucht na cathrach. Arna chlos sin
d'Antiochus ní dhearnaidh stad ná comhnuidhe
go ttáinicc ar aghaidh Ierusalem, agus ní fada bhí
annsin an uair dothug drong do mhuintir an
bhaile isteach isan gcathraigh é. Annsin níor
fhéch do ní ar bith acht do-rinne ár mór inte,


L. 162


agus ar mbeith dá hargain dó níor ghéill dona
neithibh ba naomhtha dobhí isan teampall, acht
dobhí dá nglacadh ann a lámha éilnighthe nó
salacha, agus mur bhí sé lán d'uabhar le gach buaidh
chosgair dár éirghidh leis, dobhí ag imdheargadh
agus ag iomcháineadh an Dé fhíre fhorórdha.



Gidh eadh, mur dothug peacaidhe agus aindlighe
an phobail mhí-ghrásamhuil ar Dhia cúl do
thabhairt dáibh, do thréig sé an chathair, a
theampall féin agus a dhaoine, ionnus gur chuir i
gcéill nach áit bheannaighthe shaorus na daoine
acht na daoine beannaighthe shaorus iad féin agus
an áit ar díoghaltas Dé.



CAIB. XCV



BÁS ELEAZAIR



A.M.3837, ante Christum 167



Ar gcur Ierusalem fóna smacht mur sin
d'Antiochus níl tiarántacht ná gráineamhlacht dár
smaoin ann a chroidhe nach dearnaidh innte; agus
níor leór leis gach olc agus gach aindlighe dá ndearnaidh
ar chách do thaobh a gcuirp agus a maoine,
acht dob áil leis a n-anmaibh agus a gconsiais
do mhilleadh le héigion do chur ar na Iudaighibh


L. 163


uile an Dia fíre 'thréigion, mar aon leis na dlighibh
dothug dhóibh, agus déaibh bréige d'adhradh; agus
dobhí sé ag cur an reachta sin i ngníomh le
dúthracht, le dásacht agus le díbhfeirg comh mór
sin gur órdaigh na leinbh do cheangal ar dhruim
deise do mháithreacha fírénta do chuir na leinbh
sin dá ttimchioll-ghearradh, do theilgion le fánach
na háite ba huirde balla na cathrach, gur briseadh
agus blodhadh a gcnámha ag na máithreach' agus ag na
leinbh i n-éinfheacht. Dobhí an teampall féin
líonta do gach gné uilc agus adhal-adhartha, agus an
altóir mhór féin arna truailliughadh mur gach
áit eile. Ní lamhadh fós aon a admháil gurbhá
Iudaigheach é le méad an uathbháis dobhí orra.



Gidh eadh, i lár na n-uathbhás sin dothug
Dia i bpearsainn Eleazair, .i. seanóir ro-uasal
ro-naomhtha do mhuintir Ierusalem, siompla
cródhacht ro-naomhtha agus buan-sheasamh i gcreideadh
Dé. Do hiarradh air an tseanóir iriseach so
muic-fheóil d'ithe a n-aghaidh aithne Dé. Do
thug-san do roghhain bás glórmhar d'fhulang thar
bheatha scannalaigh iar mbriseadh aithne Dé.
Do-chuaidh dá dheóin féin go hionad an chéusda
dobhí dá ullmhughadh dhó. Do ghlac truaighe
cuid don dream dobhí i láthair, mur dobhí
grádh nádúrtha acu air; agus dubhradar leis go
ttiubhradís feóil neamh-thoirmisgidh chuige agus go


L. 164


gcuirfeadhdís i gcéill gur muic-fheóil do bheith
aige, agus go saorfadh ar bhás mur sin é. Do fhreagair
Eleazar go naomh-chalma iad, agus adubhairt:



“Ní dhénfad-sa an chalaois sin,” ar sé, “óir
ní cubhaidh d'fhear m'aoise claonadh scannalach
do dhénamh nó bheith 'na dhroch-shompla ag
cách eile, agus go speisialta ag an aos óg. Níl an
cúram mór sin agum isan mbeagán do laethibh
atá ar an tsaoghal so agum go ttiubhrainn easonóir
mhí-chliúteach dom sheanórdhacht lé go sílfeadh
duine ar bith go n-umhaleóinn chum gníomh
págánta do dhénamh, agus dá saorainn mé féin
leis an ngníomh scannalach ar dhíbhfeirg na
ndaoine ní sheachónainn fearg agus díoghaltas Dé.”



An uair do-chualaidh na céstúnaigh gur tharcuisnigh
Eleazar a gcomhuirle, do shíliodar a
bheith trócuireach tairbheach aige, do ghlac
dáscht agus díbhfeirg iad, gur chlochadar chum
báis gan fhuireach é.



Is maith do lean na mairtírigh siompla an
tseanóra naomhtha so. Dob fhear liom fós go
mbeith aithreacha agus máithreacha an domhain
comh coimhédach leis fó gan droch-shiompla
mór-mhionn ná mí-bhés eile do thabhairt dá gcloinn.


L. 165


CAIB. XCVI.



MAIRTÍREACHT NA MACABÉIBH



Ní cian tar éis Eleazair gur lean drong bheannaighthe
don aos óg a lorg le seasamh go bás ar
son creidigh agus dlighe an Choimhdhe, agus is iad sin
an móirsheisior dearbhráthar dílios dá ngoirthear
go coitcheann na Macabéibh d'fhuiling go mór
nísa mhó pionúis ré mbás ná Eleazar.



Óir, ar mbeith lán d'fheirg d'Antiochus fó mur
do-chonnairc aos óg comh buan-sheasmhach ann
a gcreidiomh, do mheas go ttiucfadís ar a n-ais
le hiomad na bpianta agus na bpeannad do ordaigh
dháibh, óir dobhí gach aonn acu fó leith dá chéusadh
agus dá phianadh i bhfiadhnuise a máthar. Do
gearradh a tteangthaibh ar tús; 'na dhiaidh sin do
gearradh barraibh na gcrobh dhíobh; dá éis sin
barraibh na gcos; 'na dhiaidh sin do feannadh
na croicinn dá gceannaibh; agus da éis sin, iar mbeith
ar an gcumadh sin dáibh gan mórán do chosmhulacht
daonna ó gach droch-chórughadh dá ttug na
césdúnaigh le hórdughadh an rígh ró-mhallaighthe
sin orra, do róstadh i gcoire dá éis sin
iad, áit ar chríochnaighsiod an mhéid do mhair
don bheatha ionta. Do labhradar go dána ris an
rígh, ag rádh ris go ttiucfadh an uair ann a


L. 166


ndénfadh Dia díoghaltas ann a mhí-thrócuire agus
ann a thíarántacht air. Agus an uair do sháraigh
ar an rígh a ttabhairt ar a n-ais leis na pianta,
dobhí le fáilígheacht dá mbrégadh; agus an uair
nach dearna sin tairbhe dhó dothug dá máthair
iad, ionnus go ttiubhradh sí comhairle dhóibh
géilleadh don rígh. Gidh eadh, is comhairle
chonntrárdha dothug an mháthair bheannaighthe
sin dóibh, óir adubhairt leó fulang fhoighidneach
do dhénamh ar son a gcreidigh, agus nach raibh acht
díomhaoinius i ndálaibh an tsaoghail, agus go raibh
tuarusdal síorruidhe le fagháil acu. An uair
do-chonnairc an rígh nárbh áil leó umhlughadh
dá dhéaibh, tug órdugh na buillidhe déighionacha
báis do bhualadh orra. Agus iarna dhénamh sin
dona césdúnaigh do mharbhdar an mháthair dá
éis sin, go bhfuilid go glórmhur aniu i láthair an
Rígh dár gheílliodar.



Ar mbeith do bhailtibh na Iudea agus na gcríoch
fá coimhneasa dáibh ar maoth le fuil na bhfírén
do dhóirt Antiochus go haindlightheach, do
theith Matathias, duine naomhtha do threibh na
sagart, gona mhuintir go cathair Mhodin, agus do
bhí annsin ag dénamh dóláis mhóir. Ar bhfaicsin
na n-olc dotháinicc ar a thír (.i. cathair Ierusalem
agus a teampall beannaighthe dobhí arna n-argain
le sluaghaibh namhad; soithidh, seóda, agus ionnmhuis
an teampaill agus na cathrach i lámhaibh na n-íodhaladharthacha
dá ttabhairt leó dá ttír féin), do chuir


L. 167


an duine naomhtha so i n-innioll urnaighthe agus
aithrighe é féin agus a mhuintir, agus ar gcur saic-édaigh
agus luaithrigh orra, do ghuidhiodar le deóra díochra agus
le hurnaighthe gan sgís an Tiaghearna um thártháil
do thabhairt dáibh.



Agus ní cían dobhádar annsin an uair do chuir
Antiochus oifigeach dá mhuintir go Módin dá
fhógra dháibh i bpéin bháis na híodhail d'adhradh
ar fhurfhógra an rígh, agus a nDia athardha do
thréigion. Is annsin do léig Matathias aradha
shaor lena dhóláis. Do stróic sé a éudach, do
chuir luaithreadh agus sac-édach air, agus do-chuaidh
chum aithrighe, agus dobhí deóra ag snighe ré a
ghruaidhe mur an dílinn, agus adubhairt ós áird gur
roghain leis bás d'fhulang nísa luaithe ná do
thréigfeadh an Dia fíre agus ná do bhriseadh fós
aon-aithne dá dhlighe. Agus gé go raibh gan
sgís ag forcheadal an teagaisg chédna do chách
eile, níor thoirmisg sin gan mórán díobh do theacht
le úmhlacht do dhénamh don rígh i láthair an
oifigidh réimhráite.



Annsin d'iarr na hoifigidh ríoghdha ar
Mhatathias umhlughadh don rígh mur do-rinne
mórán eile ar an láthair sin, agus do ghealladar
tabhartais agus tiodhlaicthibh móra dhó dá chionn
sin. Adubhairt Mathathias riú maille re dánacht
ro-naomhtha nach ttréigfeadh féin ná aon-nduine
dá chloinn an Dia fíre ar fhlaithios ná ar
ionnmhais an domhuin go hiomlán, agus dá ndénadh


L. 168


an domhan é nach dénfadh féin ná a chlann
gníomh comh mallaighthe sin. Agus ag rádh
na mbriathar sin dó, do-chonnairc Iudaightheach
ós a gcomhair a' dul a' dénamh iodhbartha
dona déaibh bréige. Arna fhaicsin don fhírén do
ghlac dásacht agus dólás i n-éinfheacht é, gur éirigh
go hédrom athlamh, gur mharbh ar an láthair
é, agus do mharbh mur an gcéadna oifigeach an rígh
dobhí ag dénamh éigin orra um an adhal-adhhradh
do dhénamh. Agus leis sin do ling amach as
an mbaile, agus d'iarr go hárd-ghothach ar gach
aon dá raibh fírénta nó bhí caoin-dúthrachtach le
dlighe an áird-Rígh do choimhlíonadh nó do
chosaint dul leis féin ar an bhfásach.



Agus iar sin do-chuaidh féin agus chúigear mac,
.i. Ioannes, Símón, Iudás, Eleazar agus Ionathas,
agus do lean uimhir mhór d'aos gráidh Dé iad, go
ndearnadar corp armála suas do threasguir agus do
dhíbir na hadhal-adharthach. Do bhrisiodar
agus do bhlodhadar altóracha na n-íodhal; do thimchill-ghearradar
a t-aos óg. Agus do chuir Dia
rath ar a ttionnsgnadh agus neart ann a láimh,
ionnus go mbíodh buaidh leó as gach ionad.



Ní cian da éis sin go ttáinicc galar a bháis ar
Matathias; agus an uair do aithin sé go raibh an
bás i ngar dhó do ghoir a chlann chuig, agus
adubhairt riú:



“Ag so aimsir fhlaithis luchta an uabhair,”


L. 169


ar sé, “agus an aimsir fheirge an Tiagharna do
dhíoghail ar a phobal féin. Dá bhrígh sin, a
chlann ionnmhuin,” ar sé, “gabhaidh misnioch agus
mór-mheanma lér n-ais, armaigh sibh féin, seasaigh
agus troidaigh go cródha calma ar son ar gcreidigh,
agus ná tréigidh dlighe an Choimhdhe go bás; cuimhnighidh
árd-éuchta agus mór-ghníomhartha na n-aithrioch
ó ttángamar, agus béidh ar gclú dá cheileabhradh
imeasg na bhfírén go deireadh an domhuin;
féchaidh mur do fromhadh dísle agu deagh-rún
Ábrahaim do Dhia; féchaidh, dáimhdheóin
miosgais agus mí-rúin a dhearbhráthar, mur do-rinneadh
árd-mhaighistir ar an Égipt do Ióseph;
féchaidh mur do saoradh Dáibhídh ó inghreim agus ó
mhailís Shauil, mur do saoradh Ananias, Asarias
agus Mísael ó ghoimh agus ó dhochar na foirnéise tinntighe,
agus Daniel fós ó dhásacht na leómhan gcíocrach,
agus dá bhrígh sin bíodh a fhios agaibh nár
thréig Dia iriamh agus nach ttréigf go bráth
aon-nduine dá gcuirfidh a dhóchus ann; uime sin
ná tugadh eagla ná uamhan na ndaoine n-aindlightheach
oraibh gan a bheith buan-sheasmhach i
seirbhís an Dé fhíre nach ttréigfidh i n-éigion
ná i n-anforlann sibh.” Iar bhfriotal na
mbriathar sin, maille re mórán eile dá samhuil
do theagasg ro-naomhtha, dofuair an fírén so
bás, ar bhfágbháil a chloinne 'na n-oighríghibh dílse
ar a shubháilcibh agus ar a chaoin-dúthracht do Dhia.


L. 170


CAIB. XCVII



IUDAS MACHABEUS



A.M.3838



Tar éis báis Mhatathiais do ghabh a mhac
Iudás ceannas an bheag-shlóigh sin do réir mur
do ordaigh a athair; agus níorbh fhaillighach an
genearál, óir ba samhail do leóghan chíocrach i
ndiaidh fuadáin é ag tuargain agus ag treasguirt
naimhde Dé agus a thíre ann gach ionad i tteagmhadh
dhó. Do ghoir sé chuige an méid do lucht
inghreime agus leatroim lérbh fhéidir teacht chuige,
ionnus go raibh sé mhíle fear cródha calma i
n-arm aige; agus iarna gcruinniughadh ar aon-áit dó
do-rinne teagasg agus forchiodal dáibh ag iarraidh
orra bheith misneamhuil calma agus a ndóchus do
chur i ttrrócuire agus i n-uile-chumhachta Dé, óir
gurab aige féin dobhí rath do chur ar an ttionnsgnamh
ro-naomhtha ar ar chinniodar, óir gurab é
féin Dia na slógh, agus dá ndénadh sin nach beith
baoghal orra dá líonmhuire naimhde 'na n-aghaidh,
agus go raibh ádhbhar maith misnígh acu do bhrígh
go raibh fachuin cheart chogaidh acu i n-aghaidh
naimhde ann Dé fhíre dár ghéilliodar féin. Iar
sin adubhairt ós áird le gach aon acu ar a raibh
meatacht nó eagla báis air, nó lér mhian bean


L. 171


do phósadh, nó lér mhian cur nó treabhairacht
do leanmhuin, imtheacht ar a n-ais, ionnus nár
fhan aige acht daoine toghtha lán do mhisnigh
agus do chalmacht dofuair fonnmhur chum troda
gach am a n-aighe a namhad.



An uair dofuair Iudás é féin agus a shluagh ullmhaigh
chum troda, do ghluais a n-aghaidh Apolonius,
agus tug cath curata cruaidh-neimhneach dhó, go
ndearnaidh ár a mhuintire agus gur dhícheann sé
Apolonius lena lámha féin. 'Na dhiaidh sin
táinicc Seron, generál slóigh na Siria 'na aghaidh,
agus dobhí clú cródhacht agus gaisge an gheneráil sin
ar feadh na cruinne an tan sin. Gidh eadh, níor
mhachtnaigh meanma Iudáis acht d'ionnsaigh
go dásachtach é, go ttug ár agus ruathar a mhórshluaigh,
agus go bhfuair buaidh gan díghbháil mhóir orra.



An uair do ráinicc sgéla na mbuadh sin go
hAntiochus do ghlac fearg mhór-adhbhal é, gur
chinn a ionnmhus agus a óir-chisde do sgaoileadh,
urmhór aos cogaidh a chríche go hiomlán do
chruinniughadh, agus sluaightibh líonmhura do-chlaoitigh
do chur a n-aghaidh na Macabéibh do
chum a ttreasgradh i n-aoinfheacht i n-alt aon-uaire
gan choiglll. Agus iar gcur na mór-shluagh
sin i n-innioll cogaidh do Lisias agus do Philip do
réir mur do órdaigh Antiochus dáibh, do chuiriodar
na generáil ba toghtha agus ba tásgamhla isan ríghacht


L. 172


leó go tír na Iudea, .i. Ptolemeus, Nicanor agus
Gorgías. Do chuir amharc na mór-shluagh sin
uathbhás mór ar an mbeag-shluagh dobhí i
bhfochair Iudáis, nár sháraigh trí mhíle fear, agus
dobhí dá fhithchiod míle coisigh agus seacht míle
marcach ag an námhaid; agus dobhí do líonmhuiracht
na sluagh sin nach raibh amhrus ag aon-neoch
dá bhfacaidh iad an bhuaidh do bheith gan
imreasan acu; agus dotháinicc daoine as gach áit
ag ceannach na Iudaigheach do shíliodar a bheith
gan moill i mbroid sclábhaighachta.



Is annsin do chuir Iudás agus a mhuintir saic-édach
agus luaith orra féin ag dénamh tréighionais agus urnaighthe.
Iar sin adubhairt Iudás riú misnioch agus
calmacht do ghlacadh. “Óir dobheith glórmhur
againn,” ar sé, “bás d'fhulang nísa luaithe ná do
chífeadhmís ar tteampall, ar gcathair agus ar ttír
dá n-argain le sluagh íodhal-adharthach do
chuirfeadh sinn féin agus ar gclann i mbroid agus a
sclábhaighacht.”



Leis sin do dhruid an dá namhaid ré-roile; agus
iar séideadh na stoc do thosaigh an cath; agus ar
mbeith seal dáibh ag tuargainn agus ag trén-bhuilliughadh
a chéile, do bhris na Iudaighibh ar a
namhuid; agus iar ndénamh áir mhóir orra, do
fuaradar buaidh an chatha. Annsin dothugadar
buidheachus do Dhia, ag rádh cantice molta dhó.


L. 173


An uair do-chualaidh Lisias gur briseadh an
sluagh do chuir go tír Iudea do chinn féin an
bhliadhain dá éis a dhul i bpearsainn le díoghaltas
do dhénamh. Agus an feadh dobhí dá
ullmhughadh féin chum gluasacht, dofuair
Iudás uain ar cathraigh Ierusalem agus ar an teampall
do leasughadh, altóir agus soithidh na n-íodhal do
bhriseadh, clár nuadh, coinnleoirigh agus soithidh
nuadha do chur ann le foghnamh don Tiagharna,
agus do-rinne ofráil orra dhó le sollamhuin mhór,
agus do thogh sagairt fhírénta chráibhtheacha le
seirbhís ghnáthach do dhénamh ann. Iarna
dhénah sin, do ghluais i gcoinne na námhad;
dothug catha mionca dhóibh, gur threasgair agus
gur dhíthláirigh fá dheóidh iad, óir dobhí Dia is
gach ionad ag congnamh ris. Ann aroile dona
cathaibh sin do-conncas cúigear marcach míleata
mear-chalma go ngnúisibh uathbhásacha acu, a
dó dhíobh ag cumhdach agus ag cosnamh Iudáis
agus an triúr eile ag torcharadh agus ag treasgairt na
namhad, agá ndalladh agus agá gcriothnughadh le
huathbhás: Quis potestati Dei potest resistere?



Iar bhfagháil na mbuadh sin do Iudás diaidh
i ndiaidh ar cheithre genearáil Antiochuis, do
bhí sé féin isan bPersia; agus ar mbeith dhó arna
bhualadh ar aghaidh chathrach Elimáis, do
ráinicc na sgéla sin i gceann na ndólás eile chuige.
Annsin do ghlac cuthach feirge agus dásacht díbhfeirge
é, go ttug móide dá dhéaibh agus gur mhionnaigh


L. 174


nach dénfadh coimhnuidhe nó go ndénfadh
carn cloch guaill agus uaimh adhlaice dona Iudaighibh
uile do chathair Ierusalem; agus ar mbeith ag
imtheacht ar an turus sin go deithniosach dásachtach
anna charbad dó, fuair leagadh uathbhásach
lér brúidheadh agus lér breóadh a chnámha go hiomlán.



Féch an rígh ro-uaibhreach so, do mheas, mar
aon le críochaibh na talmhan, go raibh na tonna
mara féin fóna smacht, nach luaithe do shíl a
a cheann do bheith ós na flaithis ná do bualadh
fó thalamh é agus gur chuireadh i gcéill dó nach
raibh acht díomhaoinius isan méid glóire saoghalta
dobhí aige riamh. Dobhí a fheóil 'na blodhaibh
bréna ag tuitim as a chéile, iol-iomad piast ag
snámh tréna chorp, boladh ag éirghidh as do
bhí ag múchadh a mhuintire go hiomlán agus a
shluaigh le bréntas. An uair do mhothaigh féin
na pianta iomdha, na piasta dhá chrinn agus an
bréntas dobhí ann, do thuig gurbh é sin ceartbhreitheamhnus
Dé dotháinicc air i n-ionad na
n-il-phianta do ordaigh féin an uair dobhí ag
marbhadh agus ag martradh na nIúdaigheach
go mí-thrócuireach, tréna gcreideadh agus tréna
ngrádh don fhír-Dhia agus dá naomh-dhlighthibh.
Dobhí annsin agá umhlughadh féin do Dhia,
agus ag dénamh aithriochas um gach égcóir dá
ndearnaidh ar an fíréin do bhásaigh sé i gcrích


L. 175


na Iudaigheach; dobhí ag geallamhuin do Dhia
dá ttugadh aisiog a shláinte dhó go gcuirfeadh
teampall agus cathair Ierusalem suas, agus go ttiubhradh
airgiod le hiodhbartacha do dhénamh don
fhír-Dhia dá ngéilleadh na Iudaighibh, agus do
gcoimhleónadh a ndlighe go hiomlán ó sin
amach; agus do sgríobh sé leiter dochum na Iudaighibh
ag iarraidh cádhais orra.



Ní mheasaid na haithreacha naomhtha gur
aithrighe cheart do-rinne Antiochus annso agus
gur uime sin nach bhfuair éisdeacht ná toradh
na haithrighe cédna ó Dhia nó go bhfuair bás
do réir a bheatha. Óir ní hí an aithrighe mhall
is fearr.



CAIB. XCVIII



CRÓDHACHT ELEAZAIR



Níor críochnaigheadh uilc ná anfhorlann na
Iudaigheach le bás Antiochus Epiphanés, óir
dobhí a mhac agus a oighre sin, .i. Antiochus Euphator,
níor fuathmhuire ná bhí a athair orra: agus
ní luaithe do ghabh ríghe na hAsia ná do chuir
cogadh orra, óir níor thoirmeisg an bás gráineamhuil


L. 176


dofuair a athair é, iná na briathra do
labhair i n-aimsir a bháis. Ag so adhbhar nó
an damhna cogaidh dobhí aige:



Dobhí aroile Iudaigheach lán do mhiosgas, do
mhí-rún agus d'iomthnúth a n-aghaidh Iudáis
Machabeus fó mur do sháraigh é féin agus cách eile
i gceannus, i gcrábhadh agus i gcródhacht. Do-chuaidh
an duine mí-rúnach so go Babilón, airm
nó áit a raibh an rígh nuadh, .i. Antiochus Eupater,
agus do chasaoid ris go gearánach go raibh Iudás
ag milleadh agus ag sgrios na tíre, gur threasgair agus
gur dhíbir an ghárda do chuir Antiochus Epiphanes
a' cumhdach agus a' cosaint Ierúsalem, agus go raibh
iar sin ag neartughadh agus ag daingniughadh na
cathrach sin ar mhodh muna gcoisgfidh gan
mhaill é nárbh fhéidir a chlaoi an feadh mhairfeadh,
agus do dhearbh sé fós go raibh muintir na críche
uile ag iarraidh a ttártháil ón sclábhaighacht agus
ón modhsainacht ann a rabhdar aige.



An uair do-chualaidh an rígh an chasaoid sin
d'éirigh fearg agus dásacht mhór air, gur chuir
cruinniughadh ar a shluaghibh, agus ghluais
féin leó a n-aghaidh Iudáis, maille le céd míle
troightheach nó coisígh agus fíthche míle marcach
'na fhochair, farré dhá elephant ar thríochad
go gcarbait chogaidh ar a muin, ar dhénamh
tuir láidir ann a raibh tríochad fear armtha
istigh ann gach aon díobh, agus gan aon dona


L. 177


helephantaibh nó dona beathadhaigh uathbhásacha
sin nach raibh tur don tsamhuil
sin ar a mhuin, agus iad seólta go maith i gceird chogaidh.



Gidh gurbh uathbhásach an armáil agus an
t-innioll gluasachta dobhí orra níor chuir
eagla ná uathbhás ar Iudás, acht do-chuaidh
mur leóghan chonfadhach dá n-ionnsaighe, agus
do threasgair mórán díobh ar an láthair. Agus
ar mbeith don dhá shluagh ag tuargain agus ag
trombualadh a chéile isan gcath sin, do-chonnairc
dearbhbhráthair Iudáis, .i. Eleazar, elephant ar
a raibh comharthaidh ríoghdha i ttimchioll an
charbaitt dobhí ar a mhuin, agus do mheas go raibh
an rígh ann. Leis sin do ling sé imeasg a namhad
dobhí agá leadradh agus agá lán-chosgairt ar gach
taobh dhe, gur ghlan a bhealach tré léigiún díobh,
go ráinicc an t-ionad ann a raibh an beathadhach
mór sin; agus ó nár fhéd an carbatt do threasgradh
do ling eidir chosaibh an elephaint, agus do sháith
a chloidheamh suas tréna bholg, gur thuit marbh
ann a mhullach-san, gur bhrúidh agus gur bhlodhaidh
a chnámha, gur fríth marbh fón ualach sin é.



Ag so fighair pháise an tSlánaightheóra do
thoirbhir é féin dá dheóin chum báis chum go
saorfadh an cine daonna.


L. 178


CAIB. XCIX



BÁS IUDÁIS MACHABEI



Bíodh 'fhios agad, a léughthóir, i n-aimsir
Antiochuis dá ngoirthí Magnus nó mór, .i. athair
Sheleucuis, athair Antiochuis Epiphanes, athair
Antiochuis Eupatóir, go ttárla go raibh cogadh
eidir é agus na Rómháinaigh go bhfuaradar buaidh
chatha 'na aghaidh, gurbh éigion dó a mhac óg,
.i. Antiochus, do thoirbhirt mur bhráighe chomhaill
dona Rómhánaigh; agus mur ba gnáthach na
báighibh comhaill sin do mhalairt i gcionn
gach treas bliadhain, an uair do chríochnaigh
Antiochus a thrí bliadhna do cuireadh Demétrius,
dá ngorithí 'na dhiaidh sin Soter, .i. mac Sheleucus,
ann a ionad, agus do-chuaidh Antiochus dá thír féin.
Agus ar tteacht dó fúair a dhearbhráthair Seleucus
marbh le nimh dothug Heliodórus dó, agus do ghabh
féin an ríghe do bhrígh nach raibh Demetrius,
mac a dhearbhráthar, isan tír.



An uair do-chualaidh Demetrius sin, agus go
bhfacaidh nár cuireadh aen-nduine ann a ionad
don Róimh, dofuair féin uain imtheachta, agus níor
chomhnuidh go ttáinicc go himlibh na Tripoli, agus
go ndearnaidh armáil dó féin; agus do ghabh sé
Antioch, áit ann ar mharbh sé a bhráthair


L. 179


Eupater agus Lisias, dobhí an tan sin arna tteacht
don chathraigh sin iar ndénamh síthchána leis
na Iudaighibh.



An uair do-chualaidh naimhde agus lucht aimhlis
Iudáis go bhfuair Demétrius an ríghe, do-chuadar
dá láthair a' cur aimhlis air. Agus do chuir an
rígh Baccides agus Alcimus, agus sluagh armtha leó, i
n-aghaidh Iudáis; agus ar tteacht go Iudea dháibh,
dorug Iudás lena ghliocas agus lena chródhacht
buaidh orra.



An uair do-chualaidh Demetrius gur buaileadh
an dá thaoiseach sin, do chuir Nicanor ann a
n-ionadh. Do thosaigh sin le gliocus agus le ceilg
agus le briathra bladraha, chum go meallfadh
Iudás lena mhilleadh agus lena mharbhadh gan
díghbháil dó féin; agus an uair do-chonnairc nár
éirghidh sin leis do nocht sé ós áird an fuath
folaightheach dobhí aige dhó. Agus ar ndul go
Ierusalem dhó, áit i raibh na sagairt ag dénamh
umhlacht agus onóra dhó, dothug taircuisne agus mí-mheas
ar na hiodhbarthacha do-nídís go laetheamhuil
le sláinte Dhemétrius, agus do luidh fóna
dhéibh muna ttoirbhreadhdís Iudás ann a lámha
dhó go ndénfadh sgrios agus argain a gcathrach agus a
tteampaill. Do ghluais iar sin gona shluagh
a n-aghaidh Iudáis.



Annsin do-chonnairc Iudás aisling dothug
misneach mhór dhó, .i. do-chonnairc an sagart


L. 180


beannaighthe Onias, do thaisbéin an fháidh
Ieremias dó ag dénamh iodhbartha agus urnaighthe
chum Dé do shíor ar son na cathrach naomhtha
agus a muintire. Leis sin d'ionnsaigh a námhuid
go cródha calma; agus ar mbeith ag tuargain a
chéile dóibh, do thárla do Nicanor gurbh é céd-duine
don tsluagh do marbadh é. Leis sin do
ghabh a shluagh maidhm agus briseadh, agus do-rinneadh
ár mór orra. Dorug na Iudaighibh iar sin corp
Nicanoir leó, agus do theasgadar a lámh dheas de
do thóig go haindlightheach a n-aghaidh teampuill
an Tiaghearna, agus do chrochadar ar an mballadh
í, agus rinneadar bia bádhbh agus brainén dá chorp.



Acht gé gur onóraigh na Iudaighibh an bhuaidh
mhór-éuchtach sin go sollamanta, ba hí buidh
dhéighionach Iudáis ar an tsaoghal so í. An
uair do-chualaidh Demetrius bás Nicánoir dobhí
fearg mhór air; agus an bhliadhain dá éis sin do
choir Baccides agus Alcimus go sluaghaibh ro-líonmhura
leó le díoghaltas do dhénamh. Ar
tteacht dáibh sin go Iudea, do ghlac uamhan agus
uathbhás mór an bheag-bhuidhin dobhí i bhfochair
Iudáis, agus d'iarr an chuid ba tromdha dhíobh air
gan dul i gconntabhairt troda lena bheag-bhuidhin
i n-aghaidh na sluagh ro-líonmhur sin
acht imtheacht ar a n-ais.



“I bhfad uainn an mheatacht sin,” ar Iudás,
“agus nár léigidh Dia go tteithfeadhmís ré ar namhuid,


L. 181


acht, má tháinic an uair, fághmaoid bás cliúteach
glórmhar ag cosnamh ar gcreidigh agus ar gcríche.”



A haithle sin d'ionnsaighdar agus do sheasadar (agus
gan acu acht ocht gcéd a n-aghaidh na sluagh
ro-líonmhar dobhí 'na n-aghaidh dá gcosgairt,
dá leadradh agus dá lán-bhualadh) ó mhaidin go
nóin, gan sgís, gan fhosadh. Agus fá dheóidh,
iar mbriseadh dháibh trésan taobh chlí do chath
na námhad, agus ar mbeith do Iudás dá ruagadh
roimhe go dásachtach, do thimchill a namhuid
é, agus do marbhadh ansin é, agus ba mór an t-éucht
sin. Agus ní dhearnaidh an bás sin acht críoch
do chur ar a bhuaidhreadh.



CAIB. C



IONATHAS 'NA ÁRD-SHAGART



A.M.3843



Tar éis báis Iúdáis do thogh na Iudaighibh,
go háirighthe cáirde Iudáis, Ionathas ann a
ionad, agus tar cheann gurbh é Símón dearbhbhráthair
fa sine, dothug a cheart féin go fonnmhar do
Ionathas. An uair do-chualaidh Baccides gur
hoirneadh Ionathas do chinn a dhíthchioll do
dhénamh le faill d'fhagháil air lena mharbhadh.


L. 182


Do-chuaidh Ionathas go diamhair fhásaigh. An
uair do mheas Baccides gur ar dhaingion do-chuaidh
sé do lean sé gona shluaghaibh i gcionn
dá bhliadhain é. Dotháinicc Ionathas roimhe,
agus do bhris ar a mhuintir, agus is dearbhtha go
ndearnaigh ár mór orra. An uair do-chonnairc
Baccides sin do fhoráil síth dhó, óir do mheas go
raibh Ionathas comh glic agus comh cródha le Iudás.



Agus iar ndénamh síthchána dhóibh, dobhí
naimhde brollaigh ag Ionathas ba baoghlaighe
dhó go mór ná an namhaid, .i. cuid do mhuintir
a thíre dobhíodh ag iarraidh faille do ghnáth
chum díghbhála do dhénamh dhó. Gidh eadh, níor
chian gur chuir sé é féin ar innioll cosanta a
n-aghaidh lucht an iomthnúith sin, agus fós a n-aghaidh
gach naimhde dá raibh 'na aghaidh, ionnus
go gcualuis go luath tásg a mhór-ghníomh agus a
chródhacht isna críochaibh fa ciana agus fa coimhneasa
dhó, ionnus go raibh na ríghthe fa comhneasa
dhó ag iarraidh a chonganta agus a cháirdis, agus go
háirighthe Alexander Balas agus Demétrius Soter
dobhí i gcogadh ré-roile. Agus dobhí gach
aon fó leith acu ag iarraidh cáirdis Ionathais do
bhrígh gur mheasadar gor mhaith a chongnamh
gibé taobh ré nglacadh sé. Dothug Ionathas
deagh-bhriathra do gach aon díobh; agus gídh gur
gheall Demetrius a bhreith féin dó, ní raibh
muinghín mhaith aige as, acht ba mó go mór a


L. 183


ghnaoi ar Alexander. Agus dobhí-san isan
gcomaoin chédna dhí, agus dothug a thoil le bheith
'na ard-shagart dó.



Agus iar bhfagháil buaidhe móire ar Dhemétrius
dó i gcath, ann ar mharbh é, ba mian leis Ionathas
d'fhaicsin, agus d'iarr mur athchuinge air teacht
chuige go Ptolomaid, áit a ttáinicc sé chum
Cleopátra inghean rígh na hÉgipte do phósadh.
Do-chuaidh Ionathas dá ionnsaighe, áit ar chuir
a mhórdhacht féile agus onóra i gcéill don dá rígh
sin, óir dothug tiodhlaice agus bronntanais dáibh.
Do ghrádhaigh Alexander a ghnúis go mór, agus
níor dhéoin leis aen-ní d'éisdeacht 'na aghaidh.
Do-rinne fós onóir mhór dhó, agus do chuir éudach
purpair air mur chomhartha cinnte ar mhéd an
mheasa mhóir dobhí aige air, agus níor lamh aon
dá lucht iomthnúith focal do rádh 'na aghaidh.



Tar éis Ionathas do theacht ar a ais dá thír
féin, do ghlac fearg mhór Demetrius, .i. mac
oighracht Demetrius Soter do marbhadh isan
gcath i n-aghaidh Alexandair, tré mur do thréig
Ionathas a cháirdios féin ar bháidh Alexandair.
Do chuir sluagh mór le Apolonius chum díoghaltais
do dhénamh air. An uair do-chonnairc Ionathas
an sluagh mór sin ag teacht dá ionnsaighe do-chuaidh
rompa go dána díbhfeirgach, agus dothug
cath go cródha calma dháibh, go ttug ruathar
tríotha, agus gur bhris orra agus gur mharbh iol-iomad
díobh. Agus dobhíodh buaidh ar a naimhde


L. 184


leis ar feadh móráin do bhliadhnaibh, óir do
bhíodh Dia dá threisiughadh do ghnáth. Ba
maith fós an congnamh do-bheireadh a dhearbhbhráthair
Símón dó. Acht fá dheóidh, an
bhuaidh nár fríth a gcath air dofuair trétúracht
í mur so:



Dobhí taoisioch slóigh ag Alexander, darbh
ainm Triphon, do thionnsgain an ríghe do bhuain
amach dó féin do mhac Alexandair, leanbh beag
dárbh ainm Antiochus, agus do thuig an trétúrach
so, darbh ainm an uair sin Diodotus, nach raibh
aon-nduine amháin dob fhearr dhó bheith do
dhruim a shighe i n-am a thrétúracht do chur
i ngniomh ná Ionathas. Dá bhrígh sin do
thionnsgain feall do dhénamh air; agus chum go
ttugadh sin chum críche do chuir teachta agus
leitreacha bréccacha bladracha milis bhriathracha
chuige, ag iarraidh air teach chuige go Ptolomáid;
agus ar tteagbháil dá chéile annsin dáibh, d'iarr ar
Ionathas a mhuintir do chur uaidhe; agus ar ndul
don chathraigh dhóibh, do iaidh Diodotus ann
sin doirse na cathrach, do chuibhrigh é féin, agus
do mharbh an méid dá aos gráidh bhí 'na fhochair.


L. 185


CAIB.CI.



SÍMÓN 'NA ARD-SHAGART



Ar mbeith do Shímón annsin 'na aonar tar
éis a cheathrar dearbhbhráthar, do mheas ó nach
raibh aon-nduine eile oireamhnach leis an tír agus
le dlighe Dé do chosnamh acht é amháin gurbh
fhoirchios dó misneach do ghlacadh agus cródhacht
do dhénamh; agus iar gcruinniughadh an phobail ar
aon-láthair dhó, adubhairt riú nach ttiubhradh
caill a dhearbhbhráthar ná neart namhad air
féin gan dul rompa ann gach treas agus ann gach
troid dá ttiucfadh ar a thír, “Óir mur do thuit
mo dhearbhbhráithreacha uile ag cosnamh a
gcríche agus a gcreidigh is amhlaidh is mian liom-sa
féin tuitim, agus nár léigidh Dia go ttiubhradh grádh
fad-shaoghail oram gan seasamh go cródha ar
son dlighe Dé agus ar son mo thíre ar feadh mhairfiod,
óir ní fearr mise ná mo dhearbhráithreacha do
thuit fón ádhbhar cédna.” Do mhol cách na
haithisg sin.



Do chéd-neithe, do thinnsgain sé a dhearbhbhráthair
Ionathas d'fhuasgladh as lámha
Thriphóin; agus gion go raibh fios aige nach le
cneasdacht ná le fírinne d'iarr an trétúrach éiric
fhuasgailte do chur chuige, agus dias mac Ionathais,


L. 186


agus go léigfeadh Ionathas féin saor uaidhe, óir do
bhí 'fhios aige nach léigfeadh aon díobh beó ar
a n-ais agus go gcuinneóchadh fós an céd talland,
gidh eadh, do chuir chuige, d'eagla go measfadh
aon-nduine nach dénfadh a uile-dhíthchioll rena
dhearbhráthair d'fhuasgladh as an ngéibhionn
ann a raibh. Agus ba maith an aithne dobhí
ag Símón, óir ní luaithe do ghlac Triphon an
t-airgiod agus dotugadh días cloinne Ionathais dá
láthair ná do chur dhá marbhadh iad mar
aon rena n-athair.



An uair nár fhéd Símón a bhfagháil beó d'iarr
a gcur chuige marbh. Agus do chruinnigh cnámha
na ndearbhráthar eile mar aon re Ionathas, agus
do chuir i ttomba ro-oirdheirc iad do chuir féin
dá dhénamh. Agus ní huaill dothug air sin do
dhénamh, acht do bhrígh lena mbeó gur thuilliodar
óna gcoimhthíorthacha onóir adhlaice do thabhairt dáibh.



Tar éis tús a shaoghail do chaithiomh i nduaigh
agus i ndochar, agus deireadh a shaoghail do chaitheamh
ar feadh sealaid go síthchánta don ard-shagart
beannaighthe, do mharbh fear a inghine féin
go fealltach é, dochum go bhfuigheadh féin an
árd-shagartacht agus ceannus an phobail ar-cheana.
Do cuireadh isan tomba do chuir féin suas é.



Do ghabh a mhac Ioannes, dá ngoirthí Hircanus
ón mbuaidh dofuair an mhuintir sin, an árd-shagartacht
agus ceannus na críche; agus do mhair a


L. 187


shliocht beó go haimsir nó go deireadh saoghail
Mhariamne, dobhí pósdaigh ag Herod an rígh, agus
Aristobuluis do báitheadh le hordughadh an
Iruaidh chédna sin, i ndóigh nach sgarfadh an
ríghe ris féin ná rena chloinn.



Is mur sin chríochnuighios Stair na Macabéibh
nó na n-Asamóinigh.



Finit Stair an tSean-tiomna an 17 lá Decem.
MDCCXXVI. Guidh, a léughtheóir, le
grásaibh d'fhagháil do Uáitéar (Ua) Cheallaigh.