Stair an Bhíobla IV

B.Á.C.: Oifig an tSoláthair (1726)

Uáitéar Ua Ceallaigh; eag. Máire Ní Mhuirgheasa




(STAIR AN BHÍOBLA)



(AN TIOMNA NUA)



TRÁCHTA ATHGHEARR AR AN GCEATHRAR
SOIBHISGÉL ANNSO



AGUS I TTÚS AR MHATHA



Tháinicc Matha le gairm an tSlánaightheóra ó
bheith 'na phuiblicánach chum a bheith 'na apsdal.
Céd-duine fós é do thogh Dia chum soisgéil agus stair
fhírinnigh bheatha an tSlánaightheóra Íosa Críosd
do sgríobhadh do réir mur do eachtaigh agus mur do
ordaigh an Spiorad Naomh dhó; óir ní raibh acht
láimh-chléireach, orgán, nó instrumeint ann, lér
sgríobhadh go cinnte do réir mur fuair ón Spiorad
Naomh focal ar fhocal agus siolla ar shiolla; agus do
chuir gach rúndiamhair agus gach focal dá bhfuair
mur sin i bhfoirm agus i bhfoirchiodal mhilis-cheart,
mur is follus dá gach aon lér féidir a léughadh go
dúthrachtach maille le tuigse agus le deagh-intinn.
Óir ní fhoillsighionn Dia rúndiamhra a Sgriptúra
acht don dream a léighios nó éisdios le crábhadh
agus le caoin-dúthracht é.


L. 2


Is í cédfaidh is coitchinne gur i n-Abhruis, nó i
gCaldaic, dá ngoirthear ar uairibh an teangaidh
Shíriácach, do sgríobh sé, agus deir Eusébius ann a
stair, agus mórán eile dona haithreacha naomhtha,
gur i n-Abhruis ro sgríobh; agus mur chruthughadh
air sin deir S. Ieróm go ndeachaidh Panténus a'
teagusg an tsoisgéil go hIndia, agus go bhfuair soisgéil
Mhatha i nEabhruis ann, agus tug leis an leabhar
cédna go hAlexandria, áit a raibh iar sin cian
d'aimsir dá chumhdach; agus deir an t-athair
naomhtha cédna so go raibh lena linn féin i gcisde
leabhar chathrach na Césaréé, acht do cailleadh
an leabhar cédna dá éis sin, agus níl 'na ionad acht
mac-leabhar Grégis nach feas dúinn cá hughdar
dó, acht go n-abair cuid dona haithreacha
naomhtha gurbh é Eóin suibhisgél, nó an t-apsdal
Sém, ro sgríobh é.



Ba hí mian Mhatha geinealach ríoghdha an
tSlánaightheóra do thaisbénadh dhúinn, agus faisnéis
fhírinneach a bheatha daonna do chraobhsgaoileadh
dhúinn, do réir mur d'iomchuir é féin
an feadh do mhair imeasg na ndaoine ar an
tsaoghal so. Dá bhrígh sin níor thóig sé a stíl
comh árd le hEóin, D'éirigh i mbuaic na Tríonnóide
a' tabhairt teasduis ar dhiadhacht an tSlánaightheóra.
Measdar ar an adhbhar sin gurab é an
soisgél so Mhatha is tairbhígh don phobal
coitchionn, mur is é is fearr thig le lagar na


L. 3


tuigse daonna, mur cheapas go simplídhe teaguisg
agus gníomhartha an tSlánaightheóra le lag-thuirse
na ndaoine.



Níl amhrus ná go raibh ádhbhair mhaithe ag
Íosa Críosd léna shoisgél do chur dhá sgríobhadh
leis an gceathrar soibhisgél, tar cheann gurbh í a
mhian phrionnsapálta a reachtaibh agus a dhlighthibh
do sgríobhadh i gcroidhthibh na gcreidmheach,
ionnus nach beith ann a ngníomharthaibh foirmiollacha
acht íomháigh fhírinnioch a gcathrannacht
agus a ngrásaibh inmheadhóncha - óir is mó bá
mian leis ar stiúradh le somplaighibh so-bhésa ná
le litir mhairbh nó le focail sgríobhtha a dhlighe,
agus teasdas a fhírinne agus a bheatha shubháilceach do
bheith ó láimh go láimh agus ó bhél go bél dá bhfriotal
agus dá bhfíor-ghnáthughadh le saoghal na saoghal,
óir ní leór do chách fios an dlighe do bheith acu,
acht is riachtanus dáibh a choimhlíonadh go hiomlán.



Níl fios cinnte aguinn créd an bhliadhain a
sgríobh Matha a shoisgél, acht go n-abair na
húghdair go coitchionn gurab isan mbliadhain
d'aois an Tiagharna Íosa Críosd 39.



AN SOIBHISGÉL MARCUS ANNSO.



Tar cheann go measann S. Ieróm gurb é an
Marcus ar a ttráchtar go minic i nGníomhartha
na nApsdal do sgríobh an soisgél tá arna


L. 4


ainmniughadh as, gidh eadh is í cédfaidh choitchionn
na n-úghdar agus na n-aithreach naomhtha
eile nach é, acht Marcus eile dá ngoirionn Peadar
“mac” i ndeireadh a chéd-épistile. Is é an Marcus
cédna so do chéd-chumhdaigh an dara príomh-eagluis
dobhí isan domhan anallód, .i. Alexandria
isan Égipt. Adeir fós na húghdair is barántamhla
re seanchus eaguilse gur ar ghuidhe na
gcreidmheach agus na bhfírén Rómhánach ro sgríobh
an soisgél so, agus imeasg cháich adeir Euséibius, ar
mbeith do Pheadar apsdal le buaidh mhóir ag
teagusg an tsoisgéil isan Róimh, go ttug cách
dhíobh an uiriod gnaoidhe agus gráidh dona neithe
adeireadh riú, go ndubhradar d'athiosg aoin-fhir
nár leór leó a gclos acht gur mhian leó a mbeith
sgríobhthaigh acu, agus is uime sin do ghuidhiodar
Marcus, .i. diosciobal Pheadair um an tsoisgéil
sin do sgríobhadh dháibh, ionus go mbeith 'na
bhuan-leachta acu féin agus agá sliocht 'na ndiaidh
leis an teagusg cédna do chongbháil ann a
gcuimhne go bráth. Do dheónaigh Marcus an ní
sin mur is follus anois.



Cuiridh S. Ieróm céisd créd fár mhian le Críosd
a fhulang do neoch ar bith a shoisgél do sgríobhadh
acht dona hapsdail. Freagraidh féin ag rádh nach
ag iarraidh glóire ná moladh daonna dobhí an
dream ró-naomhtha sin, agus uime sin nach dearnadar


L. 5


ní ar bith acht mur do ghluaisiodh an Spiorad
Naomh iad chum tairbhe na hEaguilse. Adeir
S. Ieróm, S. Augustín, agus an chuid is mó dona
haithreacha naomhtha eile, gur i nGréigis do
sgríobh Marcus mur do-rinne Lúcás agus Eóin. Is é
lorg Mhatha is mó do lean Marcus, óir i n-áitibh
bíd siolla ar shiolla d'aon-fhocal, agus dar leat, i
n-áitibh oile nach bhfuil acht cuimre do shoisgél
Mhatha ann; acht i n-áitibh eile do-ní craobhsgaoileadh
ar mhórán do neithibh níos forleithiodaigh
ná mur do-ní Matha. Sgríobhaidh Marcus
do réir mur do-chualaidh ag Peadar, mur do
sgríobh Lúcás do réir mur do-chualaidh ag Pól,
dofuair teagusg isna flaithis. Óir is follus dá
mhéd dochair dár ghlac Críosd ann a bheatha ar
an tsaoghal so ag teagusg a apsdal, agus tar cheann
gurbh fhiadhnuis iad ar a ghníomhartha agus ar
gach teaguisg puiblidh agus príobháideach dá ndearnaidh,
ní thugadar teasdus ar aen-chuid díobh nó
gur thuirling an Spiorad Naomh orra agus go
ndearnadh daoine diadha dhíobh, agus 'na lucht
ionaid, mur deir S. Criosostom, ag Críosd ar an
talamh, ní fhoillsighios dúinn nach cóir aon-ní do
rádh ná do sgríobhadh ar Chríosd acht mur do-níd
an dream bhíos arna líonadh leis an Spiorad Naomh.



Do sgríobh Marcus a shoisgél isan treas bliadhain


L. 6


do fhlaithios an Impir Claudius, agus isan 43 bliadhain
d'aois an Tiagharna Íosa Críosd.



AN SOIBHIOSGÉL LÚCÁS ANNSO



Do sgríobh Lúcás a shoisgél cúig bhliadhna
fithchiod roimh a bhás, agus isan mbliadhain 46 d'aois
an Tiaghearna. Do bá Síriánach as Antiochia,
.i. ceann-chathair na Síria, é. Ní do réir mur
do-chonnairc ro sgríobh acht do réir mur chualaidh,
mur deir féin i ttús a shoisgéil, do bhrígh nach
apsdal don dá apsdal dhécc é acht aon eile mur
Mharcus. Agus is uime d'órdaigh Dia dháibh so
a shoisgél do sgríobhadh seach dias apsdal, ionnus
go ttuigfeadh cách go coitchionn nach do réir
theasduis nó amhuirc súl is cóir airtiogail an
chreidigh do ghlacadh, acht do réir mur cluintear
(fides ex auditu) le teisd fhírinnigh na n-apsdal agus
na hEaguilse, le nach féidir a dhul ar seachrán,
agus má creidtear go coitcheann na starthacha daonna
geibhthear ar lorg seanchuis agus suadh barántamhla,
is mó ná sin go mór is córa na neithe (sin do)
(chreideadh) dothug an Spiorad Naomh focal
ar fhocal agus siolla ar shiolla síos dona sgríobhneóirigh
naomhtha ro sgríobh an Scriptúir.



Adeir S. Pól go raibh Lúcás 'na liaigh. Mur
bhí Marcus 'na dhiosciobal ag Peadar dobhí Lúcás


L. 7


ag Pól. Is uime sin deir Tertulian go ngoirthear
soisgél Phóil dá shoisgél go minicc, agus do-bheir
S. Pól teisd ro-oirdheirc ar Lúcás, ag rádh go
bhfuil a shoisgél so-mholta isan Eagluis. “Aire
sin,” adeir S. Ambrós, “créd nach molfad an tí
ar a ttugann doctúir mur Phól teasdus mur so?”



Innsidh Lúcás féin i ttús a shoisgéil an t-ádhbhar
fár sgríobh sé féin, áit a n-abair gur ghlac mórán
do shaobh-sgríbhneóiribh orra féin an stair
dhiadha so do sgríobhadh go haimhghlic, agus ar an
adhbhar sin gur riachtanus dó féin, do bhrígh go
bhfuair faisnéis chinnte ar an bhfírinne, an soisgél
do sgríobhadh dá réir, ionnus nach bhfuigheadh
sgélta fábhaill, ná coimiosg ar bith brég, áit i
soisgél na fírinne.



Adeir S. Ieróm gur gloine agus gur milse an stíl
ann ar sgríobh Lúcás an soisgél iná Eóin agus ná
Marcus, do bhrígh go raibh acfuing agus líonmhuiracht
na Gréigis aige (do réir mur deir S. Ieróm) níos
fearr ná bhí acu sin, agus is dá réir sin do stiúr Dia
a phionn, dá chur a gcéill gur taithneamhach leis
an dream do dhénamh díthchill leis an bhfoghluim
do bheith acu.



Bíodh 'fhios agad, a léughthóir, go n-abair cuid
mhór dona húghdair gur isan mbliadhain 56 d'aois
an Tiaghearna, .i. 25 tar éis deasghabhála, ro
sgríobh Lúcás a shoisgél.



Níl dearbha ag na hughdair gur fhuilaing Lúcás


L. 8


mairtíracht, acht is dearbhtha gur mhian leis a
fulang, agus fós nach raibh ann a bheatha ón am ar
ghlac chreideadh Chríosd acht mairtíracht ghnáthach,
óir dob í an chroich a ualach is gach am.



Is é ro sgríobh an stair ro-naomhtha dá ngoirthear
Gníomhartha na nApstal.



DON APSTAL AGUS DON TSOIBHISGÉL EÓIN ANNSO



Ba Iudaigheach Eóin, agus is i mbaile Bhethsaida
dorugadh agus do hoileadh é, agus dobhí sé óg agus 'na
óigh an tan do ghoir an Slánaightheóir chum na
hapsdalacht air, agus an feadh do mhair do chongbhaidh
a óghacht nó a mhaighdionus, agus is uime
sin, do réir mur deir S. Ieróm, dobhí grádh
ro-mhór ag Íosa air, agus is air ucht an Tiaghearna
do leag sé a cheann ag an tsuipér ndéighionach,
agus isan uair a raibh Críosd i gcrann na Páise do-rinne
sé én-mhuintir mur dhearbhráthair aen-bhruinne
dhe, ag cur cúraim a mháthar air agus ag cur a
chúraim-sion ar a mháthair: Mater, ecce filius
tuus. Is uime sin deir an t-athair naomhtha
cédna: Virgo virgini virginem commendavit.



Tar éis an Spioraid Naoimh do thuirling ar na
hapsdail do-chuaidh sé don Asia, áit ar chomhdaigh
mórán eaguilsibh, agus dobhí 'na easbocc i gcathair
na hEphéise. Do chuir an tíaránach, .i. Domitianus
an t-impear, d'fhiachaibh isan Róimh a theilgion


L. 9


i gcoire ola bhí ar fiuchadh, agus an tan tháinicc gan
díth gan díghbháil as sin, mur deir Tertúlian,
níos iomláine ná mur bhí roimhe, do cuireadh ar
díbirt go hoiléan Pathmos é, áit ar sgríobh
Leabhar an tTaisbéntaigh dá ngoirthear “Apocalips.”



Tar éis báis Domithiáin do-chuaidh sé ar a ais
go hEphes, áit ann ar sgríobh a shoisgél timchioll
na bliadhna 96 d'aois an Tiaghearna, tuairim agus 65
bhliadhain tar éis báis an tSlánaightheóra. Cuiridh
S. Ieróm síos an t-ádhbhar mór do ghluais chum
an tsoisgéil do sgríobhadh é: .i. ar mbeith do
Cherintus agus do Ébion ag síoladh a n-eiritigeacht, ag
séunadh diadhacht an tSlánaightheóra Íosa Críosd,
agus ag rádh nach raibh acht duine ann agus nach raibh
ar aen-chor ann roimh Mhuire, d'iarr urmhór
easbocc na hÁsia, mar aon le mórán do theachtuirigh
ó eaguilsibh eile, air labhairt go hárd agus go
caithréimeach ar dhiadhacht an tSlánaightheóra.
Do fhreagair-san iad ag rádh gurbha deóin leis
féin sin, dá madh toil leó-san Dia do ghuidhe go
dúthrachtach um a eagna do dhórtadh air lena
stiúradh leis an ní sin do thabhairt chum críche.
Agus iar ndénamh tréighionus, trosgadh agus
urnaighthe go puiblídh do lucht na críche sin, do
chruthaigh sé diadhacht mhic Dé leis an gcéd-fhocal
dá shoisgél.



Adeir S. Augustín gurab é Eóin do thogh Dia
go prionnsapálta chum diadhacht Íosa Críosd do


L. 10


chruthaghadh, óir nach dearna an triúr eile acht
trácht ar dhaonnacht na beatha so-mharbhtha
mur do thaisbéin é féin ar an talamh: gidh eadh,
ní mur sin do-rinne Eóin, acht d'éirigh mur iolair
ós cionn néull an lagair dhaonna, gur thaisbéin
an Mac do theacht ó ucht an Athar Shíorruidhe,
gur chuartaigh aigén gan fhorus na diadhacht, gur
thaisbéin ionannacht nó aondacht na nádúire
diadha, comhchumhacht, comhghlóir agus comhshíorraighacht
na ttrí bpearsann atá isan Trínóid.



Is é is mó agus is forleithiodaigh thráchtas dona
suibhisgéil ar na teaguisg dothug Críosd uaidhe,
go speisialta ar na neithe árda ro-spioradálta
chuirios an bheatha shíorruidhe i gcéill agus i gcuimhne
dhúinn. Do chomhnuidh na suibhisgéil eile ar
theagasg agus ar bheatha Chríosd, an mhéid gur
riachtanus dúinn ar mbeatha ar an tsaoghal so
do stiúradh dá réir, agus tar cheann gur éirigh Eóin
níos uirde ná sin níl aon acu is mó chuirios grádh
na comharsann i gcéill ná é, ag taisbénadh
úmhlacht agus uirísleacht an tSlánaightheóra dhúinn
ag nighe cos a dhiosciobal. Agus cuiridh sin i
gcéill dúinn nach bhfuil dá mhéd bhés neoch ós
cionn cáich eile i n-eagna, i bhfios, ná i bhfoghluim,
nach móide is cóir dá umhlacht agus dá uirísleacht
Chríosdeamhuil fás: Quanto doctior, tanto te geras submissius.


L. 11


FAISNÉIS ATHGHEARR AR GHEINEAMHUIN
AIMSIORDHA, AR CHOIMPREADH AGUS
AR GHNÍOMHARTHA AN TSLÁNAIGHTHEÓRA ÍOSA CRÍOSD
DO RÉIR MUR CHUIRIOS AN CEATHRAR SÁR-NAOMHTHA
SUIBHISGÉL SÍOS.



AR TTÚS TEISD LÚCÁIS ISAN CCÉD-CHAIBIDIL DÁ SHOISGÉL



TEACHTAIREACHT AN AINGIL



Ar mbeith do gach tarrngoire agus do gach fáisdine
dár chuir Dia ann gach aimsir i mbél na bhfádh
arna gcoimhlíonadh, agus ar mbeith do láthair an
aimsir ann ar cheap sé ó thús a ghrásaibh do
dhórtadh agus do roinn go fairsing ar an gcineadh
daonna leis an Slánaightheóir do chur dá bhfuasgladh
ó dhaoirse agus ó ghér-sglábhaighacht an
aidhbhirseóra, iar mbeith dháibh isan daoirse sin
ar feadh cheithre mhíle bliadhain do réir an
áirimh choitchinn, is annsin do chuir Dia an
t-aingeal Gabriel i tteachtairacht d'ionnsaighe
Shachariais isan am a raibh, do réir a sheala, ag
losgadh túise agus ag dénamh iodhbartha do láthair
altóra an Tiagharna isan teampoll, dá innsin dó
go mbéuradh Elizabeth mac dhó, ar a mbeith Eóin


L. 12


mur ainm, do chuirfeadh gáirdiochus agus lúthgháire
adhbhal-mhór ar Israél go hiomlán.



I gcionn shé mí dá éis sin do chuir Dia an
t-aingeal cédna le teachtaireacht dochum na
hóighe Muire go cathair Nasareth, áit a raibh a
gnáth-chomhnuidhe; agus dobhí sí an tan sin pósda
ag óigh naomhtha fós dárbh ainm Ióseph. Agus
is uime ba toil le Dia an dá naomh-óigh sin do
phósadh ré-roile, ionnus ar ttús go mbeith Ióseph
'na fhear faire le feasdal, le fritheóladh agus le sólás
do thabhairt i ttír agus i gcoigcrích, i gcomhnuidhe agus
i ndeóradhacht do Mhuire, an óigh fhíor-ghlan.
Adeir S. Augustín gur cheangail an lánamhain
naomhtha sin connradh agus coinghioll eatorra féin
gan a n-óghacht do thruailliughadh, agus tar cheann
nach raibh siompla rompa air sin, do choimhlíonadar
an connradh sin do ghnáth. Gidh eadh,
do chuir Dia rath ar an bpósadh cédna sin leis an
ngein ba naomhtha darbh fhéidir a theacht ar an
talamh, agus is uime sin dotháinicc an t-aingeal
d'ionnsaighe Mhuire ar mbeith 'na haonar dhí, agus
do bheannaigh sé dhí ag rádh:



“Dia do bheatha, a Mhuire, tá lán dona grásaibh.”



Agus gé gurbh fhíor aithiosg an aingil, do bhrígh
go raibh Muire ó aimsir a geineamhna lán dona
grásaibh agus go raibh siad fós ag fás rena haois, do
chuir adhmholadh an aingil buaidhreadh ar an


L. 13


láthair uirre, d'eagla gurbh é aingiol an dorchadais
do bheith i riocht aingil na soillse do labhair.
Agus leis sin d'éisd sí ar feadh sealaid gan freagra
do thabhairt uaithe, dá chur i gcéill nach cóir
dona fíréin a bheith tobann, acht gach ní do
dhénamh le stuidér agus le breatheamhnus. Annsin
dothug an t-aingeal sólás dí ag rádh:



“Ná bíodh buaidhreadh ort, a Mhuire,” ar sé,
“óir dothug Dia taithneamh dhuit.”



Agus annsin d'innis a theachtaireacht dí.



D'éisd sise go suaimhneach ris, agus ar gclos dí go
mbeith mac aice dá ngoirfídh Íosa, do bheith 'na
dhuine oirdheirc, do shuidhfeadh i gcathaoir
ríoghdha Dhábhídh, agus nach beith críoch ar a
fhlaithios, d'fhiafraidh sí don aingiol créd an modh
arbh fhéidir sin do choimhlíonadh do bhrígh nachar
choimisg sí re fear ariamh.



Adubhairt an t-aingiol nach le congnamh ná le
comhoibriughadh fir ar bith do geinfídh an mac
ro-oirdheirc do gheall dí, acht le hoibriughadh an
Spioraid Naoimh, gan caill a hóghachta roimhe ná
'na dhiaidh. Agus d'innis an t-aingiol cédna dhí,
le hoibriughadh uile-chumhachtach Dé, go raibh a
siúr Elizabeth, dobhí aosda an tan sin agus fós do
bhí aimrit, le sé mhí roimhe sin torrach ar ghein
amhra dá ngoirfidh Eóin, do bheith 'na ádhbhar
lúthghára ag Israél.



An uair do-chualaidh Muire na briathra sin agus
fuair dearbhadh ar na mór-thiodhlaice dothug


L. 14


Dia go míorbhuileach dhí, do thaisbéin a húmhlacht
ar an láthair, ag rádh: Ecce ancilla Domini, fiat
voluntas tua, “mise h'innilt féin, a Thiaghearna,
déntar do thoil.”



Leis sin do-chuaidh an t-aingeal ar a ais, agus
d'fhág Muire lán do gach subháilce, agus dobhí a
humhlacht comh foirfe agus sin nár árdaigh méd na
ttiodhlaice sin uaill ná árd-aigne innte, agus gidh gur
geineadh i n-alt na huaire sin mac Dé ann a broinn,
níor iarr agus ní bhfuair barr saidhbhris shaoghalta
lena linn.



Ní hiongnadh meabhair na haimsire so ann a
ttáinicc an Slánaightheóir a' fuasgladh an chinne
daonna bheith dhá ónóradh i n-Eaglais Chríosd go bráth.



Arna thuigsin don Mhaighdin ghlóirmhuir nach
bhfuil dream dár córa a bheith uirísiol umhal do
láthair Dé agus daoine ná don druing is mó agus is
líonmhuire ar a ndóirtionn Dia a thiodhlaice móra
agus a ghrásaibh, ní luaithe do geineadh a mac
glórmhur le hoibriughadh an Spioraid Naoimh ann
a broinn ná do chinn ar ghníomh uirísiol umhal
do dhénamh. Óir tar ceann go bhfuair mur onóir
agus mur chathréim ós mnáibh an domhuin a bheith
'na máthair ag aen-mhac Dé, níor chomhnuidh sí
go ndeachaidh ar eachtra dhoiligh dhoghraingidh
tré mhullaighibh na n-árd-shliabh dobhí ann a
bealach, nó go ndeachaidh ar cuairt chum a seathra
gaoil .i. Elizabeth, bean phósda Sachariais, le


L. 15


comhgháirdiochas agus comhlúthgháire do dhénamh
ria um an toirrchis mhíorbhúiligh dobhí aice iar
mbeith aimrit críon-aosda dhí, ní chuirios i gcéill
dúinn gurab í an umhlacht, ag coimhlíonadh na
bhfáistineadh do thrácht air féin ó thús na
n-aimsior, céd-léighionn do theaguisg tug Críosd
dá mháthair.



Agus an tan nár fhuiling a humhlacht agus a
huirísliocht dí an onóir mhór dofuair sí féin ó
Dhia do chur i gcéill, agus an tan nach raibh ar a
haire acht í féin d'umhlughadh agus d'urísliughadh,
d'oibrigh Íosa Críosd dobhí ann a broinn comh
neartmhur agus sin ar tteacht do láthair Elizabeth
dí, gur chuir Eóin Baiste dobhí ann a broinn i
gcéill gur chóir onóir agus adhradh do thabhairt dó,
óir ar tteacht i láthair don mhaighdin dothug
léim lúthghára agus tug comhartha umhlachta i
mbroinn a mháthar dó, lér thuig sí go raibh an
tairngeartach do láthair aice, agus leis sin do hoirneadh
'na réimh-theachtuire é.



Is annsin do thionnsgain Elizabeth méd na
ttiodhlaice dofuair sí féin ó Dhia do mhaoidheadh
agus do mhór-altughadh, .i. máthair an tSlánaightheóra
do thabhairt a mic ann a broinn ar cuairt
chuigthe. Níor mhúsgail an méid sin uaill ar
bith isin maighdin, óir do thuig nach uaithe féin
dotháinicc na tiodhlaicibh móra dofuair, acht ó
Dhia, agus gur tré shruth na húmhlachta dotháinicc


L. 16


chuigthe. Níorbh áil léidh sgaradh risan tsubháilce
dhaor-luaidh sin, acht a beith ag fás do shíor
innte, agus do chan ar an láthair sin an chaintic is
ádhbhar sóláis do gach umhal agus is adhbhar
uathbháis do gach uaibhreach: Magnificát, etc.



Iar mbeith don Mhaighdin mur sin 'na máthair
ag Eóin Baiste, dar leat, nísa mhó ná mur do
bhí sí 'na dhiaidh sin ag Eóin suibhisgél (óir do
bheannaigh a mac agus í féin i mbroinn a mháthar é,
agus do geineadh leó go spioradálta ann é), do
chomhnuidh sí trí mhí ann a fhochair i gcaidreadh
Elizabeth, ionnus go mbeith Íosa ag síor-dhórtadh
a ghrás ar an mac sin, ní do thaisbéin naomhthacht
a bheatha 'na dhiaidh sin ar an bhfásach, áit ann
a ttug adhradh agus onóir go puiblidhe d' Íosa Críost,
ní lér thosaigh go príbháideach i mbroinn a mháthar.



Tar éis na ttrí mí sin do chaitheamh, agus ar mbeith
d'aimsir coimpeirte a mic ag Elizabeth do láthair,
do cheileabhair Muire dhí, agus do bhrígh nár fhan leis
an sólás mór dobhí ag triall do láthair, cuiridh i
gcéill nach dearnaidh sí ní ar bith ann a beatha
acht do réir mur ghluaiseadh an Spiorad Naomh
í, agus cuiridh fós i gcéill dúinne nach cóir dhúinn
moladh saoghalta d'iarraidh ná glóir dhíomhaoin
do dhénamh dár ngníomhartha carthannacha, dá
mhéd subháilce dá mbeith ionnta, acht teitheadh
roimh mholadh díomhaoin an tsaoghail.


L. 17


AN SLÁNAIGHTHEOIR ÍOSA CRÍOSD ARNA CHOIMPREADH



Iar tteacht ar a hais don Mhaighdin Muire as
tigh a seathra Elizabéth chum a tighe fein, ní
fada bhí socair an uair dofuair dearbhadh nách
gnáthach aoibhnios gan anshógh, ná sólás gan
dólás do theacht go grod 'na ndiaidh; óir ar
mbeith dhá toirrcheas ag árdughadh, tar cheann
go raibh meas mór ag Ióseph ar a cneasdacht agus ar
a hionnracus, do chinn ar a dhul a n-amhrus nach
go cneasda dofuair sí an toirrchios sin dofuair sí
ón Spiorad Naomh. Gidh eadh, níor chuir sin ar
an Maighdin gan rún do chongbháil ar gach rúndiamhair
dár nocht an t-aingeal dí, óir do thuig
gur thaithneamhach le Dia an rún sin do chongbháil
dí, agus dá bhrígh sin dob fhearr léidh meas
adhaltrannais do bheith agá fear uirre ná gan
toil Dé do choimhlíonadh.



Gidh eadh, mur dobhí Ióseph 'na dhuine cheart
fhírénta, níorbh áil leis an choir sin do chur ós
áird uirre, siompla maith chuirios i gcéill nach
coír dhúinn lochtaigh na druinge ar ar cóir dhúinn
meas agus grádh do bheith aguinn do chraobhsgaoileadh.
Do thionsgain imtheacht go folaightheach


L. 18


uaithe ionnus go gcuirfeadh i gcéill go
háirighthe go raibh fuath ar an gcoir aige, agus gur
mór do ghoill air neoch ar a raibh a ghrádh go
hiomlán a bheith corthach i bpeacadh ghráineamhuil,
mur do shíl. Acht ar mbeith ullmhaigh chum
imtheachta dhó, do choisg Dia é, agus do chuir aingiol
isan oidhche chédna chuige do nocht secréid an
toirchis dhiadha sin dó, agus dubhairt leis bheith
cúramach ann a mhnaoi agus anmhain 'na fochair,
agus an uair dothiucfadh an mac diadha dobhí ann
a broinn gheanmnaigh ar an tsaoghal Íosa do
thabhairt mur ainm air.



Dothug na briathra sin misneach mhór do
Ióseph, agus do chuiriodar fós i gcéill dó nach cóir
choidhche breitheamhnus tobann mí-fhábhrach do
thabhairt ar phearsainn chráibhthigh iriosioch 'na
dhiaidh go bráth. Agus do bhrígh gur chreid
Ióseph go luath gach a ndubhairt an t-aingeal
leis, do thuill athair Íosa do ghairm dhe, mur do
thuill Muire lena mór-chreidiomh bheith 'na
máthair aige.



Ar mbeith i láthair d'aimsir coimpeartha na
Maighdiona, ionnus go rachadh óna háit féin, .i. ó
Nazareth, gusan áit ar tharrngoir na fáidhibh Íosa
do bhreith, .i. Bethleim Iúdais, d'fhulaing Dia
forfhógra do theacht ón impear César (dothigeadh
gacha bliadhain an uair sin) le cinn gacha
muintire d'áiriomh is gach ceann-chathair dá


L. 19


raibh isna críochaibh dobhí fóna smacht, agus chum
cíosa do dhíol leis do réir acfuinge gach aoin acu
(lé sásaigheadh a uabhar agus a shaint i n-aoinfheacht,
agus lé gcuireadh an domhan, dar leat, ar gluasacht
i n-aoinfheacht, ag tuar do réir thola Dé an ghein
mhór bhí le teacht), lér gluaiseadh Ióseph agus Muire
chum dul go hIerusalem ba ceann-bhaile dúchuis dáibh.



Agus gidh go raibh Muire i ndeireadh a haimsire,
go raibh an aimsir cruaidh, agus an bealach fada,
níor ghabh leisge í gan forfhógra an impir thalmhuidhe
do fhreagra, do bhrígh gurbh fheas dí gur
thoil le Dia umhlacht do thaisbénadh do gach
uachtarán, acht do ghluais sí mar aon le Ióseph;
agus ar tteacht go cathair Bhethleim dáibh, agus iad
gan amhrus tuirseach, ní bhfuaradar aoidhacht
ná lóisdín i n-aon-teach aoidhe ann le méd na
trom-dháimhe dobhí rompa is gach teach, gurbh
éigion dháibh comhnuidhe na hoidhche sin do
dhénamh i stábla. Mur búdh mian le Críosd
siompla úmhlacht agus uirísleacht do thaisbénadh
leis an gcéd-amharc dothug sé do chách ar an
tsaoghal air féin, agus mur do tharcuisnigh sé sógh agus
an mhórdháil shaoghalta, do thogh an áit tharcuisneach
sin lena choimpreadh.



Do thuig Muire ann a hinntinn gurab uime
d'fhuiling Dia dhí gach diúltadh agus gach tarcuisne dá
bhfuair sí i mBeithleim, agus a mac do thabhairt


L. 20


chum an tsaoghail isan stábla, chum go gceilfeadh
ar dhaoine agus ar dheamhain coimpreadh na geine
diadha sin.



Adeir na haithreacha naomhtha gur mó do
thuill mac Dé grádh, úmhlacht agus adhradh uainn
trésan tarcuisne d'fhulaing annso ar ar son ná
tré chruthughadh iongantach an domhuin.



Ar mbeith don domhan arna bheannughadh le
teacht an tSlánaightheóra ann, do chuir i gcéill
leis andream dá ttug an céd-thaisbénadh air féin
gur mhian leis an rúndiamhair mhór so d'fholach
ar lucht caithréime, ceannuis, cumhachta, agus aos
foghlamtha na haimsire sin. Óir isan oidhche
chédna dobhí aodhairaigh a' cumhdach a ttréuda
ar na cnuic i bhfogus don áit (amhuil mur deir
S. Grighóir búdh cóir do phastúirigh na n-anmann
bheith a' faire d'oidhche agus do ló), agus táinicc aingeal
Dé maille le soillse mhór go tobann 'na thimchioll,
do chuir an solus mór dotháinicc ar an tsaoghal
an tan sin i gcéill. d'innis dáibh go ttáinicc re
sgéla chugthu do chuirfeadh lúthgháire ar an
domhan, .i. an tairngeartach, mac Dhé, dhobhí dá
ghealladh leis na fáidhibh ó thús na n-aimsior, do
bheith an uair sin arna thuismeadh; agus mur
dhearbhadh air sin adubhairt riú dul gan mhaill
go Bethelem isan áit ar gheall Dia i mbél na
bhfádh a choimpreadh, agus go bhfaiceadhdís naoighean
ceangailtigh i mbréidibh beaga ann, agus gurbh
é an Meisias lé raibh súil agus dóchus Israél go


L. 21


huilidh é. Leis sin do-chuaidh aingiol na teachtuiracht
imeasg shluaigh mhóir d'ainglibh eile, agus
do chanadar caintain mholta agus lúthghára, ag rádh:
Gloria in excelsis Deo, etc.



An uair do chuir na haodhairigh a n-uathbhás
díobh (óir do ghlacadar uathbhás ar ttús le glór
an aingil), do ghluaisiodar go Bethléim chum na
n-iongantuis sin d'fhaicsin, agus do-rinneadar deithnios,
dá chur i gcéill nach go spadánta budh chóir
do chách Críosd d'iarraidh. Dofuaradar Muire agus
Ióseph ann, agus an leanbh, do réir mur dubhairt an
t-aingeal riú, isan mainnsér, agus ní thug an glés
uirísiol sin orra gan iongantus mór do ghlacadh,
agus do líonadar fós le hiongantus an mhéid dár
innsiodar é. d'éisd an Mhaighdion ghlórmhur leis
na haodhairigh go fonnmhur, agus tar cheann nach
raibh ionnta acht daoine simplidhe neamhfhoghlamtha,
ní thug uaill uirre gan gach ní dhá
ndubhradar do thaisge ann a hinntinn.



Ní mur sin do dhaoine uaibhreach an-bharúmhlach
na haimsire so, lé nach áill teagusg
do ghlacadh ó aodhairigh foghlamtha a n-anmann;
agus do budh chóir do mhaighdiona an domhain
aithris do dhénamh ar Mhuire, mur do tharcuisnigh
sí an saoghal agus a phoimp, agus mur do-rinne áirc
thaisge dhá croidhe agus dá hinntinn le ionnmhus
mór do bhriathraibh do chumhdach do ghnáth ionnta.


L. 22


TIOMCHIOLL-GHEARRADH AN TSLÁNAIGHTHEÓRA
mur tá ag Lúcás isan dara caibidil.



I gceann ocht lá iar gcoimpreadh Íosa do chinn
Ióseph agus Muire timchioll-ghearradh do réir an
dlighe do dhénamh air, ní chuirios an tsimplídhacht
naomhtha Chríosdeamhuil i gcuimhne dhúinn,
bhrosdaighios na fíréin chum dlighe Dé do
choimhlíonadh gan dócamhal ar bith; óir tar
cheann go raibh sár-fhios acu nach raibh coir ar
bith shinnsir ar an leanbh so dar leighios an
timchioll-ghearradh, níor fhuirigh siad le aithne
nua d'fhaghail ó Dhia, acht d'umhlaighdar don
dlighe dothug Dia dona Iudaighibh go coitcheann,
agus dobhí ar úsáid mur sin acú: ní chuirios i gcéill
dúinne nach cóir dhúinn a bheith ag iarraidh
leithsgéil, acht an dlighe do choimhlíonadh do réir
mur gheibhmíd romhainn. Agus gé go raibh an
timchioll-ghearradh neimhneach goimheamhuil agus
go bhfaghadh cuid dona leinbh bás dá ghoimh, ba
thoil le Críosd a fhulang, ionnus, iar ngabháil colann
daonna dhó, go nglacadh fós comhartha an
pheacaidh darbha leighios é, óir ba toil leis an
neamh-chiontach é féin mur chiontach do thaisbénadh,
do bhrígh gur ghlac peacaidhe an domhuin
air féin, agus fós ionnus go ttiobhra siompla dona
fírén gan a bheith ag iarraidh a bhfíréntacht do
thaisbénadh acht a folach; go háirighthe ní cóir
do pheacach a bheith a' cur a neamh-chionta i


L. 23


gcéill. Acht ní raibh Críosd ar feadh a bheatha ar
an tsaoghal so acht ag iarraidh slighthe le é féin
d'uirísliughadh do láthair Dé agus daoine, ag fulang
masla agus mí-mhodh go lúthgháireach.



Agus is annso do thosaigh Dia leis an ní do
ghnáthaigh Críosd ar feadh a bheatha a thabhairt
i ttír, .i. coimeasg pian agus sóláis, coimeasg sóláis agus
dóláis, agus tar éis é féin d'uirísliughadh agus péine an
timchill-ghearradh d'fhulang dothug an t-Athair
Síorruidhe mur shólás dó Íosa do thabhairt mur
ainm dhó - ainm adhrus agus dá bhfeacann áitigheóraigh
nimhe, na talmhan, agus ifrinn féin, a nglúine,
agus gach teangaidh ionnta agus eatorra sin ag adbháil
gurab é Íosa an Tiaghearna. Tá an t-ainm so dhá
adhradh agus dá adhmholadh isan Eaglais ón am ar
thosaigh sí, agus na haithre ón nglún go a chéile a'
múnadh dhá gcloinn a ndóchus do chur ann, agus ag
innsin dáibh gibé ghuidhfios é le creideamh láidir,
le dóchus, agus le grádh, go sláineóchar é; agus is móide
is córaide dhúinn an t-ainm diadha so d'ónórughadh,
do bhrígh nach le foiréigion d'iarr ná fuair
sé dhó féin é - non rapinam arbitratus est, etc. -
acht gurab ainm agus onóir dothug a Athair go
fonnmhur dhó. Uime sin adhramaoid é agus taisbénamaoid
ar gcneadha dhó, do bhrígh gur slánaightheóir
é, agus gur shaothraigh sé go cruaidh lena
bheatha agus lena bhás a bheith mur sin.


L. 24


NA RÍGHTHE ÓN ÁIRD THOIR AR TTEACHT AG
ADHRADH CHRÍOSD AGUS LE TOBHARTUIS CHUIGE.



Iar mbeith do Chríosd arna thuismeadh i gcrích
na Iudaigheach do chuir i gcéill go grod nach do
mhuintir na tíre sin amháin dorugadh é acht, do
réir mur gheall na fáidhibh, gur dhóirt a ghrása
go fairsing ar na Geintíligh féin, dobhí go n-uige
sin ag adhradh íodhal, deamhan, agus déa bréige;
óir ar tteacht ar an tsaoghal dó do chuir sé raelta
lonnrach le teachtaireacht chum trí ríghthe don
áird thoir, dothug taisbénadh dháibh, leis an
lonnradh dobhí go foirimiollach ann, ar na
grásaibh dobhí go hinmheadhónach le fághail acu
le teacht an tairngeartaigh.



An uair chonnairc na ríghthe an raelta sin isan
áird thoir don domhan d'aithnighdar gurab é rígh
na Iudaigheach dobhí arna choimpreadh. Do
ghluaiseadar maille le tabhartais go crích na Iudea
dochum adhradh agus onóra do thabhairt dó.



Arna chlos sin d'Íruaidh, dofuair ríghe agus ceannus
na críche sin go héigiontach égcneasda égórach
roimhe sin, dobhí imnídh agus buaidhreadh mór air;
agus gídh go mbíodh na Iudaighibh do ghnáth roimhe
sin ag síor-iarraidh an Mheisias, adeir an téx gur
chuir an sgél sin buaidhreadh ar mhuintir


L. 25


Ierusalem féin. Do chuir Iruaidh iar sin cruinniughadh
ar shagairt agus ar sheanóirigh críonna
cian-fhoghlamtha na cathrach sin Ierusalem, agus
d'fhiafraigh dhíobh créd an áit ar chóir do Íosa,
do réir na bhfádh, a thuismeadh; agus gidh gurab
olc an úasáid do-rinneadar don eólus dobhí acu,
d'innsiodar dhó gur i mBeithléim dobérthaidh
chum an tsaoghil é (et tu, Bethleem, terra Iuda, etc.),
agus do cheiliodair air isan am cédna an t-ádhbhar
fá ttiucfadh. (Agus dá n-innseadhdís sin do
thuicfeadh Iruaidh, do réir an uile chosmhalacht,
gurbha Dia é, agus is cosmhuil go gcuirfeadh sin
toirmeasg air an tóraighacht dhíoghaltach do
chuir air 'na dhiaidh sin lena bhásughadh.)



An uair do-chualaidh Íruaidh sin, do-chuaidh
d'ionnsaighe na ríghthe oirthearach, agus d'fhiafraigh
faisnéis an raelta dhíobh; agus mur nárbh fheas
dáibh-sion go raibh conntabhairt báis orra féin
imeasg na ndaoine mailísioch sin lér mhian an
Slánaightheóir do reic le Íruaidh, agus fós go raibh
Dia, do ghluais óna ttír féin iad, dá gcaomhna,
d'innsiodar an fhírinne go hiomlán dó. Annsin,
ar gcur folaigh ar an inntinn mhailísigh dobhí
aige lena marbhadh, d'iarr sé orra go saobh-chráibhtheach
imtheacht ar a lorg nó go bhfaghdís
amach é, agus annsin teacht le sgéla chuige féin,
agus go rachadh le hadhradh agus le honóir dá láthair.



Do ghluaisiodar iar sin, agus ar bhfágbháil na
cathrach dháibh dotháinicc an raelta cédna


L. 26


rompa, agus do threóraigh iad, go ttug chum an
lóisdín bhoicht i raibh Íosa iad; agus gídh gur bhocht
tarcuisneach an chóir dobhí air ann, ní luaithe
do-chonncadar é ná do léigiodar iad féin síos le
lár agus d'adhradar mur Dhia é, agus tugadar tobhartuis
agus seóide rúndiamhracha dhó, .i. ór, mirrhe, agus túis.



Iar sin dofuaradar rogha i n-aisliong ó Dhia
bealach eile do ghlacadh le dul dá ttír féin agus gan
dul ar a n-ais go Ierusalem, óir nach raibh fios
mailíse Íruaidhe acu an uair do ghealladar dhó
go rachadh ar a n-ais le sgéla cinnte chuige. Agus,
ar nglacadh bealaigh eile dháibh do réir na
haithne sin, do mhealladar an tiaránach brégach
mailíseach agus an millteóir meabhlach Iruaidh.



Adeir S. Aug. go gcuirionn an sólás grásamhuil
so fuair na Geintíligh i gcéill an dorchadus damanta
ann a raibh na Iudaighibh, óir go ttáinicc na
ríghthe Geintíleacha sin as críochaibh imchíana ag
adhradh Chríosd an tráth dobhí na Iudaighibh, a
mhuintir féin, ar a lorg léna bhásughadh, ionnus
gurbh éigion dó é féin d'fholach orra; agus is eagail
liom anois go bhfuil sé dá fholach féin orruinne agus é
dhá thaisbénadh féin do lucht críoch imchian eile.



Adeir an t-athair naomhtha céadna gur imghidh
an raelta úd iar ttaisbénadh an tSlánaightheóra,
agus go ttáinicc solus an tsoigéil ann a ionad, agus
gibé leanus é go dúthrachtach deagh-iriseach go
ttiubhradh do láthair an tSlánaightheóra é isna


L. 27


tíortha nach aithnighann é, agus iarna adhradh
do-ghéubhaidh na grása, mur fuair na ríghthe
réimhráite, bhérus sólás agus chaoimheónus ar namhuid
é nó go ttéidh saor slán dá thír féin, .i. go neamh.



GLANADH NÓ ANNAICTHE MHUIRE IAR CCOIMPREADH A MIC



Do réir Lúcáis isan gcaib. chédna.



I gceann cheathrachad lá tar éis coimpreadh a
mic do Mhuire, tar ceann nach raibh riachtanus
glanta uirre ar mbreith fhear glanta an domhuin
dí, do chinn sí ar an dlighe do choimhlíonadh do
réir mur atá Levit. cap. 12., óir níor iarr sí
phriuiléid tar mhnáibh eile na críche, óir ba hé a
mian do ghnáth í féin d'uirísliughadh. Agus do
ghluais mar aon lena mac chum an teampaill, óir
ba dlighe imeasg na Iudaigheach an chéd-ghein
d'ofráil do Dhia agus a fhuasgladh iar sin le
beathaidhigh éigin ghlana d'fhoráil ar a shon.
Agus an feadh dobhí Muire ag ofráil a mic do
bhí seision dá ofráil féin dá Athair, agus níor dheónaigh
Dia an ofráil dhaor-luaidh sin do bheith arna
dénamh go folaightheach, agus gan craobhsgaoile do
dhénamh uirre ar an modh so síos:



Dobhí an tan sin seanóir naomhtha i Ierusalem


L. 28


darbh ainm Simeon dobhí 'na dhuine naomhtha, agus é,
mur deir an soisgél, líonta don Spiorad Naomh, do
bhíodh do ghnáth ag síor-ghuidhe Dé le gan an
saoghal d'fhágbháil nó go bhfaiceadh le aon-amharc
amháin sólásach Israél, .i. Íosa Chríosd; agus ar
mbeith dhó arna ghluasacht le hoibriughadh an
Spioraid Naoimh dotháinicc isan am cédna sin
isteach isan teampall, agus ní luaithe do-chonnairc an
leanbh Íosa ná d'aithin gurab é an Slánaightheóir
dobhí ann, do réir mur do chuir an Spiorad
Naomh i gcéill dó; agus an uair do chreid gurab é an
Dia mór dobhí i bhfolach fó bhréidibh beaga
naoigheine, do ling sé chuige, agus iarna thógbháil
suas idir a lámhaibh do-rinne gairdeachus mór agus
lúthgháire uime, agus do chan cainticc oirdheirc ag
tabhairt buídheachuis do Dhia go bhfuair féin
toradh a ghnáth-ghuidhe, do réir mur gheall Dia
dhó, agus dubhairt go mbeith a bhás síthchánta ó
fuair aon-amharc amháin ar Slánaightheóir an domhuin.



Agus ar mbeith do Mhuire agus do Ióseph ag
dénamh iongantuis mhóir do bhriathra an tseanóir
naomhtha sin, agus é ag réimhinnsin dáibh gach
ní dá ttiucfadh leis an aimsir ar mhac Dé, agus an
dólás do bheith ar a mháthair, táinicc baintreabhach
naomhtha ar an láthair chugtha do chuir
chomaoin molta mar aon le Simeon ar an
tSlánaightheóir. Agus tug fíréntacht a beatha sin
ughdarrás dá briathraibh, óir iar mbeith seacht


L. 29


mbliadhna pósdaigh dhí, do chaith sí an chuid eile,
go ráinig 84 bhliadhain, dá saoghal le trosgadh agus
le hurnaighthe, gan dul amach as an teampall ar
feadh na haimsire sin dí. Agus muna mbeith sí
ro-naomhtha, ba doiligh dhí, imeasg daoine comh
mallaighthe agus comh mí-bhésach leis na Iudaighibh
an tan sin, í féin d'iomchar i staid naomhtha.



Cuiridh an ofráil so do-rinne Muire i gcéill gur
cóir do gach athair agus do gach máthair a gclann
d'ofráil go ro-mhinicc, agus go speisialta an chuid
díobh is mó ar a mbíonn a ngrádh, óir níl grádh
ceart ann acht so amháin.



TEITHEADH CHRÍOSD GO HÉGIPT



An uair do-chonnairc Irruaidh nach ttáinicc na
ríghthe oirthearach do réir a ngeallamhna ar a
n-ais le sgéla chuige, do mheas gur le tarcuisne
air féin do-rinneadar an ní sin d'ordaigh Dia
dháibh. Do ghlac fearg adhbhal-mhór é, agus an
uair do-chualaidh míorbhuile an leinbh Íosa agus na
neithe iongantach do thárla isan teampall ar mbeith
arna ofráil dhó, do nocht sé go follusach gur
mhian leis a bhásughadh, óir d'fholaigh sé a
dhroch-inntinn go n-uige sin.


L. 30


Is annsin do thionnsgain an rígh Iruaidh Íosa
do bhásughadh, agus mur dob fhearr le Dia a thoisg
tar éis a dhíthchill do dhénamh a beith díomhaoin,
níor chuir toirmeasg ar an láthair air acht dothug
fógra ann aisling do Ióseph an leanbh agus a mháthair
do bhreith leis gan mhaill ar teitheadh don Égipt,
óir go raibh Iruaidh ar tí a mharbhtha. Ní
luaithe dofuair Ióseph an rogha sin ná d'éirigh i
lár na hoidhche agus do thóig an leanbh, agus tar cheann
go raibh an t-am sin antráthach, an tslighe fada
cadránta agus go tír coimhigh, níor ghlac an
Mhaighdion leisge acht do ghluais leis go fonnmhar,
óir ní raibh ní ar bith ar a n-aire acht an leanbh
do chaomhna ar an gconntabhairt mhóir ann a
raibh, agus do chinn sí ar ghluasacht sul dotháinicc
an t-aingeal risan teachtuireacht chédna cuighthe.



d'fhuiling Dia dháibh imtheacht 'na ndíbhearthacha
ar an eachtra anróiteach sin go tír coimhigh
ionus go mbeith 'na léighionn ag fíréin an
domhuin gach inghreim agus doghruing dá ttiocfadh
orra d'fhulang go foighideach lúthgháireach ar son
an tSlánaightheóra. Cuiridh i gcéill fós gur féidir
dona fíréin iad féin do chaomhna agus d'fholach i ttír
imchéin ar fhraoch agus ar dhíbhfeirg na ttiaránach
ainchreidmheach.



Ar mbeith do Chríosd ar a dhaingean isan
Égipt mar aon le Muire agus le Ióseph, níor
thoirmiosg Dia Iruaidh, acht d'fhuiling dhó a


L. 31


mhailís ghráineamhuil agus a thiarántacht do chur i
ngníomh, go ndearnaidh sé an gníomh is fuathmhuire
agus is tiaránta dá ndearnaigh duine ar bith
iriamh. Óir níor fhág leanabh fearrdha gan
mharbhadh, ó aois a dhá mbliadhan síos go haois
aen-lae amháin, dár fríth i mBeithleim, ná i
n-aon-áit 'na ghar ar gach taobh don chathair sin,
ionnus go marbhthadh sé an leanbh ar nach raibh
aithne ná eólus aige.



Sin mur do-chuaidh críonnacht agus gliocas díthchéillidh
Íruaidh, do measadh ann a aimsir do
bheith ar na prionnsaidhe ba críonna agus ba glioca dhá
raibh ar dhruim thalmhan. Féch an eagla agus an
t-uathbhás do chuir aen-leanabán bocht amháin
air, gur chuir a neart agus a chumhachta uile i
ngníomh lena chur do dhruim na slighe, gidh nár
éirigh leis, ar eagla go mbainfeadh dhe an ríghacht
dobhí go hégceart aige. Féch mur dhallus an
saoghal daoine glioca críonna féin. Óir cá raibh
díth chéille ba mó do chrétúir ná 'mheas go
mb'éidir leis buaidh do bhreith ar a chruthaightheóir,
agus go measfadh fós gur ag iarraidh ríghacht
talmhuidhe do bhuain amach re héigion dó féin
dothiucfadh Áird-rígh an domhan do-bheir
ríghacht fhlaithis Dé do chách eile? Non eripuit
mortalia qui regna dat coelestia.



Is cosmhuil an dia-mharbhthach so leis an dream
a scriosas Íosa Críosd agus a chreideamh as a


L. 32


gcroidhthibh dochum measa agus onóra saoghalta do
chongbháil dáibh féin imeasg na ndaoine. Gidh
eadh, tugadís dá n-aire go ttiocfaidh díoghaltus
go grod orra, agus go scriosfaidh Dia gan chogill iad,
agus go mbéidh san am cédna ag fonómhad orra:
Ego ridebo eos in interitu eorum.



Cuiridh so fós i gcéill dúinn nach féidir le
anchumhacht ná le mailís an domhuin, ná ifrinn
féin, dochar do dhénamh i n-aghaidh tola Dé, agus
go gcaomheónaigh gach aon is mian leis 'na
aghaidh uile, agus gibé haon agá mbeith fios tola Dé
aige dob fhéidir dhó a leanmhuin, agus dá ndénamh
an namhuid urchóid dó is ar maith dorachadh
dhó, mur do-chuaidh dona leinbh neamh-chiontach
do mharbh Iruaidh, dofuair a nglórughadh go
síorruidhe i bhflaitheamhnus.



ÍOSA IMEASG NA NDOCTÚIRIGH



Ní hiomlán dobhí Íosa bliadhain isan Égipt an
uair do chuir Dia aingiol d'ionnsaighe Ióseph go
hÉgipt ar iarraidh air teacht ar ais go crích na
Iudea, agus go bhfuair Íruaidh bás. Do fhreagair
Ióseph an teachtuireacht sin comh fonnmhur agus do
choimhlíon an chéd-aithne lé ndeachaidh don


L. 33


Égipt, agus thug sé Muire agus a mac leis go Nazareth,
óir dothug eagla anmhiain Archelauis mhic
Iruaidh air gan dul go Iudea. Agus do coimhlíonadh
leis sin briathra na fáidhe do réimhinnis
go ngoirfidh Nazarénach dhe. Ní thráchtann an
soisgéul ar dhála ná ar ghníomhartha Chríosd ón
am sin gusan aimsir ar bhaisd Eóin é, acht ar
aen-ní amháin do-rinne sé i n-aois a dhá bhliadhan
décc curthar síos annso.



Mur do choimhlíonadh Muire go cinnte gach
ponc don dlighe agus don chrábhadh dobhí i n-úsáid
go coitcheann ann a haimsir, bá gnás dí uair san
mbliadhain, mar aon le hÍosa agus le Ióseph, dul a'
dénamh na Cásga Iudaigheach go Ierusalem, do
réir mur do órdaigh dlighe Mhaoise. Ar mbeith
d'Íosa i n-aois dhá bhliadhan décc, iar gcríochnughadh
ocht lá na sollamhan, do ghluais Ióseph
agus Muire ar a n-ais go Nazareth, agus d'fhan Íosa gan
fhios dáibh 'na ndiaidh i Ierusalem; agus iar
n-imtheacht ar feadh lae dháibh ní bhfuaradar
Íosa 'na bhfochair. Do chuartaighdar gach áit
'na ttimchioll; d'fhiafraighdar dá gcáirde, dá
ngaolta agus dá lucht aen-bhealaigh an bhfacadar
é; agus ní bhfuaradar aon-fhocal dá fhaisnéis; agus ar
mbeith i ndólás mhór dháibh do thuilliodar ar a
n-ais go hIerusalem dá iarraidh ann. Agus ar
ndul isan teampall dáibh fuaradar Íosa 'na shuidhe
i lár idir dhoctúiribh an dlighe ag cur agus ag
fuasgladh cruaidh-cheast agus dá míniughadh níos


L. 34


foghlomtha ná aon-neach dhíobh, ionnus go raibh
iongnadh mór acu ann. Dobhí iongnadh mór ag
Muire ann a fhaicsin mur sin, agus dobhí lúthgháire
mhór uirre mur thárla dhí é; agus an uair dobhídar
dá éis sin i bhfochair a chéile do-rinne sí casaoid
shéimhigh ar an imnígh agus ar an mbuaireadh do
chuir a anmhain 'na ndiaidh uirre féin agus ar Ióseph,
agus go rabhdar go dólásach dá iarraidh i mórán
d'áitibh ar an tslighe. Do fhreagair Íosa agus
adubhairt:



“Créd fá raibh sibh dom iarraidh-se,” ar sé,
“nach bhfuil 'fhios agaibh gurab éigion damh
seirbhís m'Athar do fhreasdal is gach ionad ann
a ngoirfidh orum?”



Is maith chuirios an léighionn so i gcéill nár
chóir don aos óg an creideadh ceart, ná slighe na
subháilceadh, do thréigion ar chomhuirle athar,
máthar, ná ar an domhan go hiomlán.



Deir an soisgél go ndeachaidh sé leó gan mhaill
go Nazareth, agus go raibh sé umhal is gach am
dháibh. Is maith an siompla so do gach clann le
bheith umhal dá n-aithreacha agus dá máithreacha,
óir féch Críosd, dár umhlaigh na haingil agus an
domhun go hiomlán, go raibh féin umhal dá athair
agus dá mháthair. Múinigh dhúinn fós gíbé ar a
mbeith do mhí-rath Críosd do chailleamhain, nó é
do dhul ar seachrán uaidhe ar an tsaoghal so, nár
chóir dhó comhnuidhe do dhénamh ná dul chum


L. 35


suain ná socraidhacht, acht a bheith le duaigh agus
le déra aithrighe dá iarraidh nó go bhfághadh
aisiog air.



CRÍOSD ARNA BHAISDEADH



MATH. 3



Anno Christi 30



Ar mbeith do Chríosd tríochad bliadhain d'aois,
nó do réir dhruinge eile tríochad agus dá bhliadhain,
ba toil le Dia a thógbháil as an staid fholaightheach
ann a raibh go n-uige sin, agus Eóin Baisde do
tharruing as an bhfásach le teisd phuiblidh do
thabhairt air, do bhrígh gurab é do thogh Dia
chum bheith 'na réimh-theachtuire ag Íosa, gur
ling go tobann as an bhfásach, áit i raibh comh
naomhtha re haingiol, óir bá samhuil i naomhthacht,
i neamh-chionta agus i ngloine re haingiol é.



Dotháinicc go bruach srotha Órthannáin. Agus
ar mbeith dhó ag teagasg aithrighe agus ag baisdeadh
cháich ann do-chuaidh a cháil gan fhuireach ar
feadh na críche go hiomlán; agus dobhí an uiriod
sin do mheas ag cách ar naomhthacht a bheatha
nár riachtanus dó míorbhuile do dhénamh chum
go gcreidfidh é; agus do mheas cách go coitcheann
gur ní éigin ba mó go mór ná duine dobhí ann,


L. 36


agus cuid acu dhá rádh gurab é an Mesias dobhí ann;
agus dá bhrígh sin do mheasadar gur mhó go mór é
ná aon-fháidh dhá ttáinicc roimhe riamh; agus ar
an ádhbhar sin dothigeadh lucht na críche go
huile as gach áird 'na ndronga agus na mbuidhne
gach am chuige; agus dobhíodh-san gan sgíth dá
mbaisdeadh le huisge agus dá tteagasg, ag iarraidh
orra slighe an tSlánaightheóra do réiteach, óir go
raibh sé do láthair.



Agus do-chuaidh Íosa i n-aoinfheacht le druing
mhóir as Ierusalem dá ionnsaighe; agus is ádhbhar
náire dhúinne méd na humhlacht do thaisbéin
ann, óir a n-ionad é féin do thaisbénadh le
húghdarrás agus go sollamanta, mur dob fhéidir dhó,
do láthair a shearbhfoghantaigh féin agus a chrétúirigh
eile dobhí i láthair, ní dhearnaigh sin, acht
d'fholaigh é féin imeasg an choimhthionóil mhóir
dobhí ann: níor chosmhuil linne, na bochtáin laga,
é, bhíos ag iarraidh meadhónacha glioca le sinn
féin do chur i gcéill agus d'ardúghadh ós cionn cháich
eile; gidh eadh, ní mur sin do-rinne Críosd acht
é féin d'ísliughadh. Acht d'árdaigh Dia é ar mhodh
go ttug onóir dhó do láthair an chomhthionóil
líonmhuir sin; óir an uair do-chonnairc Eóin é
d'umhlaigh sé, agus an tan d'iarr sé air a bhaisdeadh
adubhairt Eóin nárbh fhiú é féin sin do dhénamh.



“Óir is duit-se,” ar sé, “budh cóir mise do bhaisdeadh.”



Agus gídh gur chuir úathbhás ar gach aon dá


L. 37


ttigidh chuige, agus do dhiúltadh doctúirigh oirdheirc'
an dlighe do bhaisdeagh, d'umhlaigh sé ann a
láthair do Chríosd, agus do admhaidh sé a chumhacht
ós a chionn, ag rádh nárbh fhiú é féin an baisdeadh
d'iarr air a dhénamh. Acht adubhairt Críosd leis
gur riachtanus dó é féin d'umhlughadh agus an dlighe
agus gach nós ceart do choimhlíonadh. Agus ní
luaithe do baisdeadh é ná d'fhosgail na flaithis, agus
leis sin do thurling an Spiorad Naomh i bhfighair
choluim ar a cheann, agus cualus guth as neamh ag
rádh: “Ag so mo mhac ro-ghrádhach ann a
bhfuil mo shólás.”



Iar sin d'imghidh Críosd as an láthair agus
d'fholaigh é féin. Gidh eadh, níor sguir Eóin gan
a bheith a' trácht air i n-éisdeacht na sluagh do
bhí i láthair. Óir ní raibh ní ar bith ar a aire
ba mó agus ba fonnmhuire do-níodh ná a bheith ag
síor-chur i gcéill gurab é Íosa an Mesias, nó an
tairngeartach, dobhí na fáidhibh a ghealladh ó
thús, agus nach raibh ann féin acht neimh-ní dár
chóir a dhul ar gcúl an tan do bheith buaidh agus
biseach a' teacht gach am ar Íosa Críosd.



Féch mur nach raibh aon iriamh, agus nach béidh,
comh mór ná comh cumhachtach le Íosa Críosd,
nach ttáinicc duine riamh is mó d'umhlaigh agus
d'uirísligh é féin ná é. Do ghlac sé baisdeadh ba
comhartha peacaidh, dá chur i gcéill nachar cóir
dhúinne (tá dháríribh mur sin) bheith a' cur ar


L. 38


neamhchionta agus ar bhfíréntacht i gcéill do chách
eile, acht ar gcneadha do thaisbénadh dochum
leighis d'fhagháil.



ÍOSA AR AN BHFÁSACH



Múinigh Críosd ar Slánaightheóir dúinn annso
cionnus budh cóir do Chríosdaighe iarna bhaisdeadh
é féin d'iomchar, agus é féin do chur i n-innioll
cogaidh i n-aghaidh na gathaighe. Óir, go grod
i ndiaidh Críosd do bheith arna bhaisdeadh, do
ghlac airm iomchosanta a n-aghaidh chathaighe
an diabhail, .i. trosgadh agus urnaighthe, óir do-chuaidh
ar an bhfásach i n-uaignios, agus do throisg
dá fhithchiod lá ann. Agus dotháinicc an
t-aidhbhirseóir annsin ag cur caithighe air, do
bhrígh gur shíl an spiorad uaibhreach sin nach
deónfadh Dia bheith i bhfolach fó lúirigh peacaidh;
agus iar ndénamh a dhíthchill le cathaighe folaigheacha
go díomhaoin 'na aghaidh, do chinn sé fá dheóidh
theacht go so-fhaicsiona chum an chomhluinn, agus
tug ionnsaighe le gliocus mór, dar leis, ar an
Slánaightheóir, amhuil mur dhénfadh duine simplídhe,
ag rádh:


L. 39


“Más tú mac Dé, abair leis na clocha sin a
bheith 'na n-arán.”



Dob áill le Críosd, ar gclos na mbriathar sin, a
dhiadhacht d'fholach, mur dobhí an diabhal dá
fholach féin. Ní thug imdheargadh dhó, acht ní
do thabhairt as an Scriptúir 'na aghaidh, .i. nach
é an t-arán amháin bheathaighios an duine acht
gach focal dá ttig as bél Dé. Agus dothug léighionn
leis so dona Críosdaighibh nach cóir dháibh eagla
tarta ná ocruis do bheith orra an feadh bhéid dá
mbeathughadh le briathra Dé, agus muna mbeathaighid
iad féin leó sin go bhfuilid i gconntabhairt bháis.



Níor choisg an t-áidhbhirseóir leis sin; agus mur
do-chonnairc nach i n-uaignios an fhásaigh do
bhí buaidh le fagháil aige, do-rinne ní bheith
do-chreidthe muna mbeith gurab é an Scriptúir
chuirios síos é, .i. a thabhairt suas ar mhullach
an teampuill, agus adubhairt leis:



“Más tú mac Dé, teilg thú féin síos le fána,
óir,” ar sé (a' dénamh droch-úsáide do bhriathraibh
an Scriptúir mur is gnáthach leis na heiritigidh
'dhénamh), “d'órdaigh Dia dhá ainglibh cúram
do bheith acu ionnad agus do ghabháil ann a
lámhaibh, ionnus nach goirteóchaidh do chos a
n-aghaidh cloiche.”



Do chosain an Slánaightheóir é féin ar an dara
saighiod sin le áit don Scriptúir: non tentabis


L. 40


Dominum Deum teum, .i. “ná teastaigh do Thiaghearna Dia.”



Do ghread an freagra eagnaighthe so uabhar
an anspiorad, agus do ghríosaidh sé fós a fhearg, agus
d'fhéch sé slighe eile leis an treas saighiod do
chaitheamh leis, óir ar ttréigion a bheith go
hurrumach leis mur bhí roimhe, ag gairm mic Dé
dhe, dob áil leis adhradh d'fhagháil uaidhe mur
bhéuradh do Dhia, agus do thairg ríghachta an
domhuin dó mur chomhaidh, iar ttaisbénadh a
bpoimp agus a nglóir dhó.



Níor thaisbéin an diabhal ariamh ón am ar
pheacaidh Lucífer a dhánacht ná a dhalabacht
mur do-rinne sé annso a n-aghaidh mhic Dé, óir
tar cheann go ndearnaidh sé urchóid agus olc do
mhórán dona naoimh mur do-rinne do Iób, ní
fhaicmíd go bhfuair do dhánacht ann féin iarraidh
ar aen-nduine acu riamh adhradh diadha do
thabhairt dó. Acht dothug an Slánaightheóir
freagra dána calma air, agus adubhairt ris:



“Imghidh, a aidhbhirseóir, óir atá sé sgríobhtha
gur don Dia fhíre is cóir seirbhís agus adhradh do
dhénamh.”



Leis an bhfreagra sin do theith an diabhal, agus
táinicc aingil nimhe ag tabhairt sóláis d'Íosa.



Dob ádhbhar mór sóláis dona naoimh anallód


L. 41


an cathughadh so d'fhuiling an Slánaightheóir, óir
adeiridís gur chóir an trosgadh agus an t-uaignios do
ghrádhughadh ar aithris an tSlánaightheóra.



PÓSADH NA CÁNA



Iar mbreith buaidhe don tSlánaightheóir a
n-aghaidh an aidhbhirseóra, do ghluais sé as an
bhfásach, do bhrígh go ttáinicc an t-am le é féin
d'fhoillsiughadh imeasg na ndaoine. Do-chuaidh
sé gan mhaill go bruach srotha Órthannáin, isan
áit i raibh Eóin Baiste. Arna fhaicsin d'Eóin,
d'fhuagair do hárd dá dhiosciobail gurbh é sin
uan Dé do thóig peacaidhe an domhuin. Dobhí
dias do dhiosciobail Eóin, iar gclos na teisde
dothug Eóin ar Íosa, Andrias duine dhíobh, do-chuadar
d'ionnsaighe Íosa, agus d'fhiafraighdar dhe
cá háit a raibh a chomhnuidhe. d'iarr seision
orra teacht isteach isan árus a raibh. Agus ar
ndul amach as sin d'Andrias do thárla a dhearbhbhráthair
Símón dó, agus d'innis go lúthgháireach
dhó go ttárla an Meisias leis, agus dothug go láthair
Íosa é. Agus arna fhaicsin don tSlánaightheóir
do réimhinnis dó go ngoirfidh Peadar dhe.



Uaidhe sin amach dobhí uimhir na druinge


L. 42


dothigeadh ag éisdeacht leis an tSlánaightheóir
gach lá a' méudughadh, agus tar cheann nach
dearnaidh míorbhuile follusacha ar bith isan am
sin, do-chuaidh a chlú go fada agus go gearr. Acht
ní cian go bhfuair sé uain le míorbhuile do
dhénamh, mur so:



Dobhí pósadh le dénamh ag Cána na Gaililea,
áit i raibh Muire, agus dofuair Críosd cona dhisciobail
cuire chum na bainnse. Agus ar mbeith seal ann
sin dáibh do theasda fíon uatha. Do ghlac
truaighe Muire do mhuintir an tighe, agus mur bhí
fios cumhacht an tSlánaightheóra aice, do mheas
sí gur leór dhí a innsin go raibh an easbhaidh ann
agus go ttiubhradh cabhair uaidhe, do bhrígh go raibh
sé lán do charthannus. Agus níor mealladh an
dóchus dobhí aice, óir gidh go ttug Críosd, dar
leat, freagra cruaidh dhí, do-rinne sé an ní d'iarr
sí air.



d'iarr sé soichidh móra dobhí ann do líonadh
le huisge, agus iar ndénamh fíona don uisge go
míorbhuileach dhí, d'iarr a tharruing agus a thabhairt
don fhear feadhma le blas. An uair dofuair sé
sin an fíon míorbhuileach a bheith go ro-mhaith
agus níosa fearr go mór ná an fíon dobhí ó thús acu,
do ghoir chuige an céile nua-phósda, agus adubhairt
leis go ndearnaidh sé ní contrárdha don ghnás
coitcheann, .i. an fíon ba measa agus ba táire do
thabhairt uaidhe ar ttús, agus an fíon ba daor-luaidhe
agus dob fhearr a thabhairt fá dheireadh uaidhe. Is


L. 43


mur sin do thaisbéin Críosd a ghlóir agus a uile-chumhacht
ar ttús, agus is ann do thionnsgain
creideamh láidir na ndisciobal i nÍosa Críosd.



Do ba mian le Críosd lena chéd-mhíorbhuile agus
i ttús a theaguisg phuiblidhe a chur i gcéill gur
le himpidh Mhuire do-bhéuradh na grása, ciallaighthear
leis an bhfíon réimhráite, ar feadh réime
na hEaguilse. Is mur sin, ré mbás i gcrann na
croiche, dothug Eóin an t-apsdal dí, ní chuirios i
gcéill dúinn gurab í máthair na gcreidmheach go
hiomlán í.



Ciallaigh an dá ghné fíona úd fíon an tsaoghail
do-bheir an diabhal uaidhe, ar a bhfaghann na
peacachuibh blas milis ar ttús, chuirios ar dhíth
chéille le meisge iad, agus chuirios orra 'na dhiaidh
sin codladh i suan mhillteach na bpeacadh, agus ní
fhaghaid fios a sheirbhe ná a dhroch-bhlais acht an
chuid díobh gheibh go trócuireach blas an dara
fíona, lé ttuigthear grása an tSlánaightheóra, agus is
annsin le spiorad na haithrighe theilgid amach
deasga an droch-fhíona, .i. na dubháilcidh, agus fós
éirghid as an suan marbhthach ann a rabhdar
chum beatha na ngrás.



COMHRÁDH NICODÉMUIS LE CRÍOSD



Dobhí an chéd-mhíorbhuile sin do-rinne Críosd
i gCána arna leanmhuin le mórán eile dá samhuil;


L. 44


agus dá bhrígh sin do-chuaidh a chlú go fada; agus,
imeasg cháich, do-chualaidh aon don dream ba
hoirdheirce imeasg na Iudaighibh sin. Nicodémus
ba hainm dhó. Ar mbeith dhó lán d'iongantus
um gach ní dá gcualaidh ar Chríosd, do chinn ar
a dhul i bpearsainn ag iarraidh dearbha ar na
neithe do-chualaidh, óir níor leór leis a chlos ó
chách eile, acht ba mian leis dul dá ionnsaighe
féin agus labhairt. Acht do thuig ann a mheanmuin
go raibh mórán náimhde aige, mur ba gnáth leis
na fáidhibh naimhde díoghaltacha do bheith acu,
agus uime sin do mheas gur le huaignios na hoidhche
búdh cóir dhó dhul dá ionnsaighe.



Agus ar ndul dá láthair dhó, adubhairt leis gur
chreid sé go cinnte gurbha maighistir mór é do
chuir Dia i tteachtuireacht uaidhe, agus nach raibh
conntabhairt ar bith aige ar an bhfírinne sin tar
éis a ndearnaidh sé do mhíorbhuilibh. Níor
athraigh na hadhmholta sin an Slánaightheóir, agus
tar cheann gurbha doctúir mór dlighe Nicodémus,
níor ardaigh Críosd a stíl labhartha leis, acht tug
freagra saor simplidhe ar gach ceisd dár chuir air.



Agus imeasg gach ní dhá ndubhairt leis, d'innis
sé go dearbhtha dhó gibé haon nach dénfaídh
'athbhreith nach beith cuid dá ríghacht aige.
Níorbh fhéidir leis an bprionnsa Iudaigheach an
ní sin do thuigsin, agus uime sin d'fhiafraigh sé do
Chríosd cionnus dob fhéidir dho neoch dul i
mbroinn a mháthar an dara feacht. Adubhairt


L. 45


Críosd gurbh iongantach eision dobhí 'na dhoctúir
mhór i nIsraél a bheith i n-ainbhfios na neithe sin.



Agus do chuir an t-ainbhfios sin i gcéill do
chách nach raibh eóluis aige, mur deir S. Aug.,
acht ar leitir mhairbh an dlighe. Acht do labhair
Críosd leis ar éifeachta iongantacha an Spioraid
Naoimh, óir tar cheann nach feas don neach cia
as a ttig nó cá ttéid, go séidionn sé a ghrása is
gach ionad.



Do labhair sé mórán do neithe diamhra dá
samhuil sin leis do chuir i gcéill don phrionnsa
sin, leis an docamhal dobhí aige ann a thuigsin
agus an chreideamhuin, gur riachtanus do gach
aon lér mian a bheith 'na dhisciobal ag Críosd
go scriosfadh Dia ainbhfios agus díchéill an résúin
daonna uaidhe, óir níl acht ainbhfios ann má
síntar leis an gcreidiomh é.



'Na dhiaidh sin do chuir i gcéill dó méd an
ghráidh dobhí ag Dia dona daoine, mur chuir a
aen-Mhac dá bhfuasgladh, agus d'innis dó fós nach
raibh ádhbhar mí-ratha ag na daoine ba mó ná
mur dobhídar ag diúltadh don fhírinne, do bhrígh
go raibh sí contrárdha dhá ndroch-chlaonta agus dá
ndroch-bhésa, agus gur chosmhuil dáibh a bheith i
ngrádh lena n-ainbhfios agus lena n-ainmhiana féin
nó go ttugaidh Dia súile nuadh dáibh lena
ndorchadus agus lena n-ainmhian gráineamhuil
d'fhaicsin le fuath agus gráin do bheith orra.


L. 46


Iar sin do cheileabhair Nicodémus d'Íosa, agus gidh
go raibh sé crith-eaglach ar ttús agus nár mhaith leis
go bhfaicídh i bhfochair Chríosd é, dofuair sé
do thairbhe an turuis sin gur ghlac dánacht
naomhtha 'na dhiaidh, lé raibh sé ag cosaint
Chríosd i láthair na comhuirle. d'admhuidh fós
go puiblidhe gur aindlightheach égceart an
breitheamhnus báis dotugadh ar dhuine comh
ceart leis, agus adubhairt nach raibh agus nach beith
lámh ar bith aige féin ann. Do cheannaigh sé
fós olaidhe deagh-bholaidh le corp Críosd d'ongadh
iar mbás.



Cuiridh so i gcéill dúinn nach cóir droch-mheas
do shíor a bheith ar dhaoine crith-eaglacha, óir
iar mbeith dháibh arna tteagusg go ttigid chum
misnigh agus cródhacht naomhtha go minic.



AR AN MNAOI SHAMARITÁNAIGH



Do tharruing na míorbhuile minioca do-níodh
Críosd, agus an teisd oirdheirc dothug Eóin Baisde
dhó, nísa mhó diosciobal air ná bhí ag Eóin féin.


L. 47


Iar sin do chuir príosúntacht thobann Eóin
d'fhiachaibh imtheacht ar Críosd i gcéin. Thárla
príosúntacht Eóin mur so:



Mur nach raibh seirbhís le dénamh ar an
tsaoghal aige go prionnsapálta acht Críosd do
thaisbénadh agus teisd do thabhairt air, iarna dhénamh
sin dó ní cian gur ghoir an t-Athair Síorruidhe ón
bhfásach air, agus gur órdaigh dhó dul go cúirt an
rígh Iruaidh. Agus ar tteacht annsin dó dobhí
lúthgháire ag an rígh uime, óir dobhí meas mór
aige air, do bhrígh go gcualaidh cáil mhór ar a
naomhthacht. Do chreid gur fáidh mhór dobhí
ann, agus ar mbeith seal isan gcúirt dó níor
laghduigh a ghrádh air trésan dánacht naomhtha
lé ttug imdheargtha go minic dhó tréna adhaltrannus
colamhail le mnaoi a dhearbhbhráthar
Philip, dobhí beó an tráth sin.



Gidh eadh, níor fhéd an t-aidhbhirseóir na
subháilcidh agus na deagh-bhésa dob fhéidir don
réimh-theachtuire so an tSlánaightheóra d'oibriughadh
isan gcúirt mhallaighthe so (d'fhulang). Do
mhúsgail mailís na méirdrígh mallaighthe, .i. Herodiades,
an bhean chrosda dobhí ag Íruaidh, mur
dubhrus cheana, 'na aghaidh, do chuir gan mhoill
i bpríosún é, áit i raibh dá ullmhughadh chum
mairtíracht ghlórmhuir d'fhulang.



Do chinn Críosd isan am cédna teitheadh roimh
na Pharisíneacha, dothug comhairle do Iruaidh


L. 48


Eóin do chur i bpríosún; agus do ghluais as an
Iudea; agus ar mbeith ag dul go Samaria dhó tárla
bean Shamaritánach dhó, dothug sé chum
creidigh, ní chuirios i gcéill gur minicc do-níthar
seirbhís leis an dream bhíos ag teitheadh ó mhailís
na ndaoine, agus gur le inghreim agus le persecution
fhásas an Eagluis.



Ar mbeith don mhnaoi Shamaritánaigh so, mur
ba gnáth léidh, ag tarruing uisge dochum tobair,
agus ar tteacht do láthair dhí, dofuair sí Críosd 'na
shuidhe ag bruach an tobair; agus ar ttarruing
an uisge dhí, d'iarr sé deoch uirre leis an tart do
bhí air ó mhéd a thuirse. (Adeir cuid dona
haithreacha gur mó bhí an tart so fáth-chiallach
ná nádúrtha.) Do fhreagair an bhean é ag rádh
gurbh iongnadh léidh Iudaigheach bheith ag
iarraidh dighe ar mhnaoi as Samaria, do bhrígh
go raibh an tír sin agus a daoine go hiomlán
fuathmhur acu. Do fhreagair Críosd:



“Dá mbeith fios thiodhlaice Dé agad, agus fios
créd é atá ag iarraidh dighe ort,” ar sé, “d'iarrthá-sa
deoch air agus do-bheireadh deoch dhuit d'uisge
bheó nár shamhuil d'uisge na talmhan, nach
ttoirmiosgann gan tart a bheith arís ar an dream
eólus é; acht an t-uisge bheirim-se uaim,” ar sé,
“bí 'na thobar uisge beó, bheir an té ghlacus é
don bheatha shíorruidhe.”



Dobhí an bhean ag tabhairt na mbriathar sin


L. 49


dá haire, agus an uair d'innis sé dhí na neithe thárla
dhí ann a beatha, do chreid sí gur fáidh dobhí
ann, agus do chomhnuidh sí i gcomhrádh ris, agus do
nocht sé secréid an nuadh-reachta go hiomlán, agus
gur ó chroidhe, ó inntin, agus go fírinneach do bheith
Dia dá adhradh ann gach áit. Arna chlos sin don
mhnaoi adubhairt sí go ttiucfadh an Mesias. Do
fhreagair Críosd agus adubhairt:



“Mise féin atá ann,” ar sé.



Iar sin do-chuaidh an bhean isteach isan
gcathraigh, agus d'innis sí gach ní dhá gcualaidh.
Leis sin do ghlac mian mór lucht na cathrach
Críosd d'fhaicsin, agus tángadar 'na chuinne; agus do-chuaidh
leó don bhaile, agus do chomhnuidh ar feadh
dhá lá ann.



Is iongantach leis na haithreacha naomhtha a
luaithe do nocht Críosd secréid agus fáth-rúin an
dlighe nuaidh don mhnaoi sin. Adubhairt nárbh
é teampall Ierusalem ná sliabh Garisim, dá
ngoireadh na Samaritánaigh an Sliabh Naomhtha,
áitibh an chrábhaigh fhírinnigh, óir do chuir i
gcéill dí nach i tteampall dénta do chlocha ná do
chrainn dobheith árus nó áit chomhnuidhe phrinnsapálta
Dé ann a Eagluis dhílis féin, acht gur i
gcroidhthibh na bhfírén dobheith a phálás
ríoghdha do ghnáth. As sin is iontuigthe nach
leór dhúinn adhradh foirmiollach do thabhairt do
Dhia isna teampaill chorpordha, ná fós an corp
naomhtha do ghlacadh ionnta, acht gur riachtanus


L. 50


dúinn a ghrása d'fhágháil le hadhradh fírinneach
fíor-dhúthrachtach do thabhairt ann ar gcroidhthibh dhó.



CLAOCHLÓDH NA STOIRME



Math. 8



Anno Christi 30



Iar ngluasacht as Iudea do Chríosd, do bhrígh
gur cuireadh Eóin Baisde i ngéibhionn innte,
do-chuaidh sé go Galilea. Is annsin do thosaigh
sé a bheith ag teagusg agus ag foillsiughadh an
tsoisgéil go puiblidhe, agus a bheith ag iarraidh
ar chách aithríghe do dhénamh do bhrígh go
raibh ríghacht Dé i láthair acu. Do-chuaidh sé
go Capharnaum a' tabhairt soillse do lucht an
bhaile sin, dobhí báitigh i ndoirche ainbhfis; acht
dobhí do mhéud a ngráidh ar na do-bhésaibh agus
ar an do-cheannsacht nach sochar do-rinne
dháibh acht gur mheasa iad 'na dhiaigh sin ná
roimhe, tar cheann nárbh fhéidir leó gan tabhairt
fó deara go raibh tromdhacht agus ughdarrás agá
bhriathraibh nach bhfacadar ag aen-dhoctúir eile
don dlighe iriamh roimhe.


L. 51


Dobhíodh fós na míorbhúilibh do-níodh go
laetheamhuil ag cruthughadh fírinne a sheanmóra
agus a theaguisg. Óir do leighis sé le bréithir ar an
láthair mac prionnsa i gCána dobhí a' fagháil
bháis an uair sin; i gCapharnaum féin do dhíbir
sé deamhan as óglaoch dobhí arna shealbughadh
aige; agus iar ndénamh na míorbhuile sin isan
tSinagóig dhó, do-chuaidh sé go tigh Pheadair
naomhtha, dá ngoirthígh Símón, agus do leighis sé
ar an láthair máthair mhná Pheadair ó fhiabhrus
ro-mhór ann a raibh. Do bhrosdaigh an mhíorbhuile so,
agus an ghairm dofuair ón iasgairacht,
an prionnsa so na n-apsdal le Críosd do leanmhuin;
agus dotháinicc as a umhlacht gur ghlac eagla agus
uathbhás comh mór agus sin é, gur iarr air Íosa
imtheacht uaidhe, iarna léigin féin síos ar a
ghlúinibh dá láthair.



Dob ádhbhar na míorbhúilibh sin le haos
égcruaidh agus galair do theacht 'na ndrongaibh agus
'na mbuidhnibh as gach áird dá ionnsaighe go
laethamhuil; agus dothigeadh fós do gach dream
sochuidhe ro-líonmhur go fonnmhur ag éisdeacht
lena theagusg, agus ag amharc go lúthgháireach ar
na míorbhuile móra do-níodh 'na láthair. Agus
chum go gcuirfeadh i gcéill i ndiaidh a chéile dá
dhisciobail, nach bhfuair acht aoibhnios 'na
fhochair go n-uige sin, nach sólás síorruidhe
saoghalta dobhí sé 'shaothrúghadh dháibh, mur


L. 52


is mian leis na daoine talmhuidhe saoghalta, uime
sin do thosaigh sé annsin fighair bheag nó scáile
na gcruas agus na n-éigion dobhí le fulang 'na
dhiaidh sin acu do thaisbénadh dháibh mur so:



Adubhairt leó dul i mbárc bheag ar chaolfhairge,
agus ar mbeith annsin dáibh agus ar mbeith i
suan dó-san, d'fhulaing sé stoirm mhór do theacht
orra, agus an uair d'árdaigh an ghaoith agus dobhí na
tonnaibh a' teacht go huathbhásach orra do
éimhghiodar go hárd, agus arna bhfaicsin féin i
gconntabhairt a mbáitigh do mhúsgladar an
Slánaightheóir ag iarraidh tárthála air. Dothug-san
imdheargadh dháibh tréna n-édochas, agus
adubhairt riú nár chóir dháibh eagla do bheith
orra an feadh do bheith féin 'na bhfochair, agus leis
sin d'éiridh 'na sheasamh, agus do chuir smacht ar
na gaotha agus ar na tonna, agus do shocraidh an fhairge
gan mhaill, agus i n-ionad an uathbháis mhóir do
bhí ar na hapsdail do líon iongantus mór íad ar
bhfaicsin na ndúile neamh-mothaigheacha ag
umlúghadh do bhréithir an tSlánaightheóra.



Ciallaighidh an bárc so an Eagluis, mur deir
S. Augustinus, bhíos dá bocadh ó thuinn go tuinn
ar an tsaoghal so, áit a bhfuil Críosd féin do
ghnáth dá stiúradh agus dá tabhairt chum cuain,
d'aimhdheóin gach anfaidh agus gach stoirme dár
thóig agus dá ttóigfídh mailís agus mí-rún págánach agus
eiritigach le cumhachtaibh ifrinn 'na haghaidh.
Agus is uime fhuilingios sé dháibh a bheith ag


L. 53


imirt anchumhacht agus anfhorluinn uirre, ionnus nach
ttiubhradh iomad sóigh ar na fírén é féin do
léigion i ndearmad, le gan cuimhne ghnáthach do
bheith acu gurab aige féin atá an tártháil le
tabhairt ann gach éigion dáibh, agus sin le silleadh
na súl, an uair is mó an t-éigion, an uair chuirid
a ndóchus go hiomlán ann.



Ní cian tar éis na gcumhacht dobhí ag Críosd
ós na dúilibh do chur i gcéill dona hapsdail, gur
chuir sé i gcéill dáibh fós (Math.9) na cumhachtaibh
dobhí aige ós na deamhuin lena ndíbirt as a seilbh.



Don mhéid deamhan do dhíbir Críosd as
corpaibh daonna níl díobh sgél is forléithiodaigh
chuirios an soisgél síos ná an mhíorbhuile do-rinne
sé annso, lena chur i gcéill nach leór leis an
diabhal an té ar a bhfaghann sealbh do chéusadh
lena thiarántacht go hinmheadhónach, acht go
stróicionn an corp féin go foirmiollach, agus fós le
méd na huimhre deamhun bhíos i gcorp aen-pheacaidh
amháin do thaisbhénadh.



Dobhí duine an uair sin arna shealbhúghadh
le deamhuin nár chomhnuidh le haimsir imchéin
fó dhíon tighe ar bith, acht i ttombaidh nó i
n-uamhaibh talmhan, agus é nocht, óir ní fhuilingeadh
éudach ar bith air, agus dobhí i mire mhóir, agus é
láidir, óir ní luaithe dobhíodh arna cheangal ná
bhriseadh gach cuibhreach dá mbíodh air. Acht
níorbh fhéidir a cheannsughadh, agus dobhíodh ag
síor-screadaigh go huathbhásach as na huamhaibh


L. 54


agus as na diamhraibh i mbíodh, i sléibhte agus i bhfásaighibh;
dobhí a chorp gearrthaigh brúitigh ó
chlochaibh agus ó chairrgiocha fó mbíodh dá shíorbhualadh
féin. Acht, ní lamhadh fá dheóidh neach
ar bith a dhul i ngar na háite do thaithigheadh sé.
Gidh eadh, ar mbeith do Chríosd ag teacht
d'ionnsaighe na háite sin, arna fhaicsin don
deamhnaigheach do rith chuige, agus ar ndearmad a
chuthaidh bhrúideamhuil dó, do shléucht sé ann a
fhiadhnuis agus adubhairt do ghuth árd leis: “A
Íosa, a Mhic an Dé ró-áird, créd fá ttáinicc tú
dom chéusadh roimh an am cheart? Cuirim do
gheasaibh ort gan buaidhreadh a chur orum.”



D'iafraidh Críosd ann san de créd an t-ainm
dobhí air, ní do bhrígh go raibh i n-ainbhfios air
sin, mur deir na haithreacha naomhtha, acht le
huathbhás do chur ar gach aon do-chluinfeadh
nó do-chífeadh méd na huimhre deamhan dobhí
i gcorp aon-duine amháin; óir, do fhreagair an
deamhan é gur Légiún ba hainm dhó, dá chur i
gcéill go raibh uimhir ro-mhór dhíobh ann, agus d'iarr
air dá ndíbreadh sé as sin iad cead a thabhairt
dáibh dul i ttréd mór muc dobhí ar an machaire
ós a gcomhair; agus dothug an cead sin dáibh. Agus
ní luaithe do-chuadar isna muca ná do ghluaisiodar
iad mur bhí na diabhail dá ttiomáin, gur theilgiodar
iad féin síos le haill mhara isan bhfairge, agus leis sin
do slánaigheadh an duine. Agus tar cheann nach
labhrann an dias soibhisgél, .i. Marcus agus Lucás,


L. 55


acht ar an aon-duine so do bhrígh gur bhá duine
ainmneamhuil é, dobhí dias ann díobh.



Annsin dotháinicc lucht an bhaile fa coimhneasa
dháibh ag amharc ar an míorbhuile mhóir sin, agus
d'iarradar ar Íosa an tír sin d'fhágbháil, do bhrígh
nár mheasadar gurbh fhiú iad féin a shamhuil do
chomhnuidh 'na measg. d'iarr an té do saoradh
ó na deamhain iar sin air cead do thabhairt dó féin
a leanmhuin; agus níor dheónaigh Críosd sin, acht
adubhairt leis dul dá thigh féin, ionnus go
n-inneósadh ós áird na grása do-rinneadh air.



Adeir na haithreacha naomhtha go gcuirionn an
duine deamhnaigh so staid an chine dhaonna
roimh an Slánaightheóir do theacht i gcéill dúinn.
Óir dobhí siad ag éimhghe agus ag uaillfeartaigh fó
chuing thiaránta na ndeamhan; dobhídar nocht
gan éudach, mur do chailliodar brat na ngrás agus
na neamhchionta; ní choimhníghdís i ttighthibh,
mur nach smuaindís ar an droch-staid ann a
rabhdar, agus fós nach raibh suaimhnios inntinne acu,
do bhrígh go rabhdar dóirtigh do gach ghné pheacaigh;
do chomhnaighdís i ttombaighibh, .i. isna
hoibreacha marbha; do bhriseadhdís a ngéibhinn agus
a gcuibhreach, .i. an dlighe agus na haithionta, óir níor
choimhlíonadar dlighe Dé ná na nádúire. Ciallaigh
na muca ann a ndeachaidh na diabhail na daoine
bhíos dá n-onfairt i láib shalaigh na bpeacadh agus
na n-ainmhian saoghalta, ruaigios na diabhail le
haill ifrinn, agus is ionnta fós théid a' glacadh


L. 56


árais, do bhrígh nach bhfaghaidh comhnuidhe ag
na fíréin anois, tar éis gur ruaig Críosd as a
ríghacht féin iad.



MATHA ARNA GHAIRM CHUM APSDALDACHT AGUS
PALRAISACH ARNA LEIGHIOS



Math.9



Ar mbeith do Chríosd lena theagasg agus lena
mhíorbhuile ag tarruing apsdal agus gach dream
dhaonna eile 'na dhiaigh, do ling Matha ó bheith
'na phuiblicánach chum apsdaldacht, agus do lean
sé Íosa Críosd an uair do-chonnairc; agus don
uimhir daoine dobhí i gCapharnaum níor thogh
sé chum na hapsdaldacht acht Matha amháin, iar
bhfágbhail na coda eile dhíobh i ndorchadus agus i
ndíchreideamh agus níos measa, mur adeir féin, ná
lucht na Sodoime agus na Gomortha; agus do mhúch sé
isan disciobal naomhtha so an t-saint shaoghalta,
ní nach gnáthach a dhénamh gan míorbhuile isan
dream bhíos ag láimhsiughadh an chíosa phuiblidhe,
mur bhí Matha go n-uige sin; agus dothug mur
thiodhlaice ar an láthair dhó gur lean sé go lúthgháireach
duine bocht dobhí arna dhíbirt agus arna
tharcuisniughadh ag na prionnsaidhe saoghalta.



Ní raibh aon dona hapsdail is mó thaisbéin
lúthgháire tréna ghairm ná é, le fleadh mór do-rinne


L. 57


sé don tSlánaightheóir, chuirios i gcéill nach
bhfuil adhbhar lúthgháire ar bith is mó ná teacht
ó dhroch-staid le haithrigh cheart go staid na
ngrás. Dothug sé mórán puiblicánach eile chum
an fhéusda sin, amhuil agus budh (áil) leis an grása
dofuair sé féin do roinn leis na compánaigh do
bhí i ndroch-stait aige. Adubhairt na Phairisínigh
bél-chráibhtheach eatorra féin gurbhá scannalach
an ní do Íosa bheith ag ithe bídh i bhfochair na
bpeacach dobhí fuathmhur gráineamhuil ag na
Iudaighibh. Gidh eadh, do thacht Críosd sin a
mbrághaid, ag rádh gurbhá liaigh é féin dotháinicc
chum lucht galair, .i. an dream do admhaigh a
ngalair, do leighios, agus nach chum na dreime do
chuireadh i gcéill go rabhdar féin saor ó ghalair
dotháinicc.



Is i gCapharnaum fós do-rinne sé an leighios
ainmneamhuil so: .i. ar mbeith don lóisdín ann a
raibh sé comh líonta sin le daoine nárbh fhéidir
d'aon-neach dá raibh amuich teacht isteach
tríthfa, is uime sin do-chuaidh dream d'iomchair
palraiseach, tháinicc ag iarraidh leighis ar an
Slánaightheóir, ar mhullach an tighe, agus, iar nochtadh
dháibh ós a chionn, léigidar an palraiseach síos ar
an urlár ann a fhiadhnuis. Do thaithnigh a
gcreidiomh go mór le hÍosa, agus adubhairt leis an
othar dóchus maith do bheith aige agus go bhfuair
sé maitheamhnus a pheacadh. Arna chlos sin


L. 58


dona Scríobaigh agus dona Phairisínigh, do mheasadar
gurbha dia-aithis do-rinne sé, ag rádh ann a
n-inntinn nach raibh ann acht an t-aon-Dia amháin
lérbh fhéidir peacaidh do mhaitheamh. Gidh eadh,
do chruthaigh Íosa fírinne an leighis innmheadhónaigh
sin na bpeacaidhibh, agus fós gurbhá Dia é,
leis an leighios foirmiollach corpardha do-rinne
ann a láthair ar an bpalraiseach.



Dobhí iongnadh mhór ag cách isan dá éifeacht
mhóra sin dotháinicc ó chumhacht an tSlánaightheóra,
agus tugadar buidheachus do Dhia tré mur
dothug na cumhachta móra sin dona daoine.



Ní mó, dar liom, an t-ádhbhar buidheachuis do
bhí acu sin ná tá anois ag na Críosdaighibh go
coitcheann, má dhearcann siad go grinn ar na
cumhachtaibh lé sgaoileann an Eagluis cuibhreachaibh
na bpeacadh; óir, mur fuair Críosd
cumhacht ón Athair Síorruidhe a bheith 'na
bhreitheamh ar an domhan, is mur sin dothug
seision an cumhacht cédna do dhaoine do thogh
sé le bheith 'na mbreitheamhain le sgaoile agus le
ceangal ar an talamh, dá ttug cathaoir bhreitheamhnuis
i bhflaithios isan am cédna a mbíd ar
an talamh ag mionastrálacht na gcumhacht nach
ttug sé iriamh dona haingil féin. Óir, mur tá
Críosd 'na liaigh ar na hanamaibh daonna agus 'na
bhreitheamh, is mur sin atá na sagairt ar an
talamh; agus dá bhrígh sin, mur deir na haithreacha


L. 59


naomhtha, is cóir dháibh úsáid do dhénamh dona
cumhachtaibh móra sin do réir mur ordaighios
Críosd ar Slánaightheóir dháibh, ós uaidhe fuaradar
iad: sicut misit me Pater et ego mitto vos; uime
sin, mur do leighis Críosd go fírinneach an
palraiseach so, is cóir don athair faoisidin an
t-aithrigheach do leighios go fírinneach, óir ní ag
folach na gcneadh is cóir dhó bheith, acht dá
nglanadh; agus an uair chífios fosgailtigh iad agus arna
nighe le uisge na haithrigh, is annsin is cóir dhó
an leighios do dhénamh agus an tsíthcháin d'fhógradh
don othar spioradálta. Adeir S. Cyprian gibé
haon dona sagairt fhuagras síthcháin fhallsa, ag
tabhairt absolóide don pheacach gan an t-ullmhughadh
ceart do bheith (déanta aige), go ttugann
dánacht an-ndóchusach mhillteach do-ní dochar
mór don té bheir uaidhe í, nó go háirighthe gur
síthcháin bhréige bhíos contabhairteach don té
sin í, agus mí-tharbhach ag an té gheibh í.



SEANMÓIR ÍOSA AR AN TSLIABH



Anno Christi 31



Ni bheith uimhir na ndisciobal do lean Críosd
comh líonmhur agus dobhí, muna mbeith an cúram
mór dobhí aige isan Eagluis dobhí re teacht, lér
thogh sé dhá fhear dhécc as an uimhir do lean


L. 60


an uair sin é, dá ndearnaidh fuindeméid agus
colamhain iomchair don eagluis. Agus uime sin
tug mur onóir tar chách eile dháibh gur ghoir
apsdail díobh, do bhrígh gur thionnsgain sé a gcur
i tteachtaireacht ar feadh an domhuin a' teagasg
an toisgéil. Agus iarna ttogha dhó ar ttús as an
bpobal choitcheann do thogh sé an dara feacht
iad as na disciobal eile, dá chur i gcéill do réir
an dá thogha sin do-rinne orra gur chóir mír
dhúbálta shubháilceadh do bheith ós cionn cháich
eile acu, do bhrígh go rabhdar i gcathréim ós na
disciobail dobhí ós cionn an phobuil choitchinn
Iudeaigheach. Dobhí fós do thairbhe acu tar
na disciobail eile go rabhdar 'na muintir thighe
ag an tSlánaightheóir agus gur 'na fhochair dobhídís
do ghnáth, mur is follus i sollamhain na Cásga
gurab iad amháin dobhí 'na muintir 'na fhochair
ag ithe an uain Chásga; agus ní headh amháin go
mbídís 'na fhochair ag éisdeacht lena theaguisg agus
lena sheanmórachaibh puiblidhe agus ag amharc ar a
ghníomhartha agus ar a mhíorbhuilibh imeasg cháich
eile, acht dobhídís fós 'na bhfiadhnuis ar a
theaguisg agus ar a ghníomhartha secréideacha gach
tan, óir an uair do-níodh teaguisg do chách le
briathra fáth-sgélacha fáth-rúnda, do mhínigheadh
na neithe cédna dona hapsdail i n-uaignios.



Sul do-rinne Críosd an togha so ar an dá apsdal
décc, do-rinne sé a chomhuirle ris an Athair
Síorruidhe le mórán urnaighthe, ann a gcomhnuidheadh


L. 61


sé ar feadh móráin d'oidhchibh. Agus
chum go gcuirfeadh i gcéill do phréláidibh na
hEaguilse créd an t-ullmhughadh bu chóir a
dhénamh go deireadh an domhuin ar an dream
do bheith arna ttogha nó arna n-oirneadh chum
na sacrameintibh do mhinistrálacht isan Eagluis,
dothug gan mhaill ar an tsliabh iad, áit ar lean
sochuidhe mhóra eile é, agus do-rinne annsin an
tseanmóir chliúteach dá ngoirthear seanmóir Íosa
ar an tsliabh, ann a bhfuil suim an tsoisgéil agus
riaghlacha diadha na beatha Chríosdamhuil idir
Eagluis agus thuaith.



Iar ttarcuisniughadh an résúin nádúrtha dhaonna
dhó, lé measann cách an drong bhíos mí-rathmhur
a bheith rathmhur, do chuir sé i gcéill dáibh
laghad na tábhacht dobhí i gcoimhlíonadh an
dlighe Iudaigheach i bhfarradh na neithe móra do
bhí le coimhlíonadh ag an druing do leanfadh é
féin, ag rádh go follusach gur riachtanus dáibh
a bheith nísa naomhtha agus nísa shubháilcidh go
mór ná na Scríobaigh agus na Pharisínigh, agus
adubhairt, muna mbeith amhlaidh sin, nach
rachadís choidhche go ríghacht nimhe.



Cuiridh sin i gcéill dúinn nach leór do
Chríosdaigh dath na subháilceadh do bheith go
foirmeallach ar a ghníomhartha le cáil naomhthacht
imeasg na ndaoine do shaothrughadh mur na
Phairisínigh, acht gur riachtanus a tteacht ó


L. 62


dheigh-inntinn agus ó chaoin-dúthracht dhiadha, dá
ngoirthear an charthanacht, óir go raibh na
gníomhartha úd eile lochtach i láthair Dé.



Uime sin, i ndeireadh na seanmóra, iarraidh
oruinn ar n-ionnmhuis do chruinniughadh romhuin
ar neamh, ionnus go mbeith ar gcroidhthibh
'na bhfochair ann. Iarraidh oruinn fós súile ar
n-inntinne, .i. ar gconsiais, do bheith glan simplidh,
.i. go neamh-chealgach, ionnus go mbeith ar
ngníomhartha mur sin naomhtha. Adeir linn gan
dá mhaighistir do bheith aguinn. .i. gan roinn ar
bith dár n-urraim ná dhár n-umhlacht do thabhairt
don tsaoghal mhealltach so.



Is iontuigthe as so gur cóir don inntinn agus dona
gníomhartha teacht lé chéile i seirbhís an tSlánaightheóra.



GAN A BHEITH LUATHBHREATHACH



Iar ttabhairt na riaghlacha ngeinearálta sin
uaidhe do Chríosd, do thurling sé ar riaghlachaibh
na mbés particulárdha. Agus adeir lena dhisciobail,
chum an bharr fíréntacht d'iarr orra a bheith
ós ciónn na Scríobaibh agus na Phairisíneacha acu,


L. 63


nár leór dháibh na deich n-aithionta do choimhlíonadh,
chuirios toirmeasg ar na trom-pheacaidh
móra, acht gur riachtanus dáibh céd-fhrémh gach
peacaidh do scrios; agus cuiridh i gcéill gur ar
lochtaibh na hinntinne is mó bhí aire aige, ionnus
go mbeith an peacadh inntinne nó innmheadhónach
is lugha comh fuathmhur leis na mór-pheacaidh aguinne féin.



Uime sin, tar éis toirmisg do chur ar mhion-ghluasacht
na feirge bhíos isan chroidhe dhó,
toirmisgidh ar gach aon gan focal aithiosach dá
laghad a rádh le haon-neoch, do bhrígh nach
bhfuil ní ar bith is mó chuirios an fhíréntacht
Chríosdamhuil i gcéill ná ceannsaighacht mhilis
an chroidhe agus coimhéd gnáthach na teangadh.
Ní bhíodh ar aire na Iudaigheach acht a bheith
taithneamhach do láthair na ndaoine; gidh eadh,
ní foláir do Chríosdaighe bheith taithneamhach do
láthair Dé do réir a ngníomhartha inmheadhónacha.
Dá bhrígh sin is dona haithionta dá ngoirthear
an Decalóg ghoirios Críosd annso na deich
n-aithionta beaga, agus aithionta móra do cheannsaigheacht
mhilis an chroidhe agus do choimhéd
chinnte na teanga, óir is iad a mhúchus céd-ghluasacht
inntinne na feirge choisgios gach glór
athisioch, agus cuiridh Críosd leis an toirmiosg do


L. 64


chuir ar an dá mhion-ní so mórdhacht an tsoisgéil
go hiomlán i gcéill dúinn.



Dar leat nach gcuirionn sé suim mhór i
gcoimhlíonadh na haithne so, .i. na dén marbhadh,
do bhrígh gur féidir do dhuine neamh-shubháilceach
féin a coimhlíonadh, óir go bhfuil an nádúir féin,
gan congnamh na subháilceadh ndiadha, dá
toirmeasg; acht is é ní is mó i gcuirionn suim
gan monúr croidhe nó inntinne do dhénamh a
n-aghaidh na comharsann nó do dhearbhbhráthar,
do bhrígh nach gcoimhlíontar an aithne so gan
subháilce mhór; agus leanaidh as sin (mur is as na
fréumha beaga so fhasás na peacaidhibh móra),
gibé ar a mbeith eagla fó aithis bhig do thabhairt
le bréithir uaidhe, ní féidir leis tuitim i bpeacadh
mhór an dúnmharbhtha. Uime sin aithnidh do
chách grádh do bheith ar a namhaid acu, agus leis sin
go madh cosmhuil leis an Athair Síorruidhe iad,
chuirios ar a ghréin éirghidh go lonnrach ar an
maith agus ar an olc, agus do-bheir tiodhlaice móra do
lucht an dobhuidheachuis féin.



Acht níl aithne is mó ar a ttráchtann, agus is mó
ghreamaighios sé do chách, isan tseanmóir ro-iongantaidh
so, iná gan luath-bhreath do thabhairt
ar an gcomharsainn, mur do-chonnairc go bhfuil
an nádúir dhaonna claon chum an luath-bhreitheamhnuis
mhí-charthannaigh; agus cuiridh
lucht a dénta i gcosmhulacht le neoch agá mbeith


L. 65


sail mhór ar a shúil lér mhian cáinthín do-chífeadh
i súil dhuine eile do tharruing eisde. Adeir go
bhfuil an domhan lán don pheacadh so.



Adeirid na haithreacha naomhtha nach bhfuil
leighios ar bith is fearr ar an bpeacadh so ná an
umhlacht, óir is í chuirios toirmiosg ar tharcuisne
cháich ar a chéile; agus mur gcoisgidh an charthanacht
nó an umhlacht an peacadh so, coisgeadh
eagla agus uathbháis an bhreitheamhnuis ndéighionaigh
é, an uair bhés lochtaígh ar ngníomhartha dá
spíonadh agus dá nochtadh do láthair an domhuin,
agus gibé smuainfios ar an mbreitheamhnus so ní air
ghníomhartha cháich eile bhés a aire acht air féin.
Cuiridh an charthanacht d'fhiachaibh ar neoch
gach uile ní do ghlacadh isan gcéill is fearr: mur
deir easbacc naomhtha, dá mbeith céd aighe ar
aen-ghníomh amháin, nár chóir féchuin choidhche
acht ar an édan dob áille dhíobh.



LOBHAR AGUS ÓGLAOCH AN TAOISIGH CHÉD ARNA
LEIGHIOS AGUS MAC BANTREABHAIGH NAIM
ARNA ATHBHEÓDHADH.



Iar ndénamh na seanmóra ar an tsliabh o
Chríosd, lér thoirbhir riaghlacha béus na beatha


L. 66


Críosdamhla dhúinn, do thuirling sé anuas de, agus
do-rinne sé dhá mhíorbhuile mhóra chuirios an
soisgél síos mur so:



Ar ttús tárla lobhar dó, do-bheir solas maith
dhúinn ar an modh ar ar cóir dhúinn an urnaighthe
do dhénamh; óir ní luaithe do-chonnairc sé Íosa
ná do admhuidh gurbh é a Thiaghearna agus a
Shlánaightheóir é, agus adubhairt leis, dá léigion féin
síos re lár, ag taisbénadh an chreidigh fhoirfe, an
dóchuis láidir agus na humhlacht inmheadónaigh do
bhí aige: “A Thiaghearna, is féidir, más toil leat,
mo shlánughadh ón lubhra so.”



d'fhéch Críosd go trócaireach gan mhaill air,
agus do shín a lámh chuige ag rádh: “Is toil liom
do leighios: bí slán.”



Tuigthear as so gurab í toil an Tiaghearna, .i.
an tobair ionnmhuis gan fhorus as a ttig gach
tiodhlaice chugainn, creideadh, umhlacht, dóchus
agus grádh cháich do fhromhadh; agus taisbénaidh méd
a thrócuire, lé ndóirteann na tiodhlaice sin go
fairsing, ní air na fíréin amháin, acht ar an dream
bhíos lán do lubhra ghráineamhuil na bpeacaidhe.



Iar ndénamh an leighis sin dó adubhairt ris an
lobhar gan 'innsin d'aon-duine, dá chur i gcéill
nach cóir moladh daonna d'iarraidh ar son na
ttiodhlaice do-bheir Dia uaidhe.



Ar ndul iar sin go Capharnaum dó, táinicc
taoisioch céd, dá ngoirthear i Laidin centurio, dá
láthair ar a raibh broid mhór intinne agus dólás tréna


L. 67


shearbhfoghantaidh dobhí an tan sin a' dul d'ég.
Adeir soibhisgél eile gur le cuid dona Iudaighibh
do labhair sé, ag iarraidh orra impídh do chur ar
an Tiaghearna lena óglaoch do leighios. Agus is
fírinneach gur mur sin tárla, óir do mholadar an
taoisioch agus d'innsiodar don Tiaghearna gur chuir
sé sinagóg suas dáibh. Do dheónaigh Críosd sin;
agus ar mbeith ag ionnsaighe an tighe dhó dotháinicc
an taoiseach féin roimhe le humhlacht mhóir agus le
creideamh ba láidire ná creideamh na Iudaigheacha
féin, agus adubhairt leis: “A Tiaghearna, ní fiú
mise thú dhul isteach ann mo thigh, acht abair
an bhriathar agus béidh mo bhuachuill slán.”



Do-rinne Críosd iongnadh mór do chreideamh
láidir an taoisigh sin. Tá na briathra cédna i
n-onóir agus i n-úsáid ag pastúirigh agus ag naomhchlann
na hEagluise bhíos d'an-athfhriotal gach
uair dá mbíd ag glacadh an Tiaghearna chédna i
Sacrameint naomhtha na haltóra.



Búdh chóir dhúinne, ar aithris an taoisigh úd,
teacht le croidhe umhal uirísiol do láthair an
Tiaghearna, agus a mheas nach fiú sinn athchuinge
ar bith d'fhágháil, agus dá bhrígh sin Muire an
Mhaighdion, na haingil, naoimh nimhe agus talmhan
do ghuidhe chum go ndénfadís a ghuidhe ar ar
son, mur do chuir an taoiseach céd a cháirde
Iudaigheach dhá ghuidhe, do bhrígh gur mheas
sé go rabhdar ní ba taithneamhaigh aige ná é féin.


L. 68


Is cóir dhúinn fós mur deir na haithreacha
naomhtha a fhios do bheith aguinn gur féidir le
Críosd uiriod tiodhlaice do thabhairt lena bhréithir
dhúinn agus do-bheir lena chorp naomhtha, mur do
leighis sé buachuill an taoisigh, tar cheann nach
deachaidh isteach mur a raibh sé, óir gidh nach
deachaidh sé go corpardha isteach, do-chuaidh sé
go spioradálta, do réir ghrásaibh d'oibrigh na
héifeachta cédna ann. Adeirid na haithreacha
naomhtha fós gur cóir do gach aon a bheith
ro-chúramach le gan easbhaidh do léigion, go
háirighthe i n-aimsir a ttinnis, ar na searbhfoghantaigh
bhíos ag seirbhís dáibh, óir gur cóir
dháibh a thuigsin nach bhfuil leath-ghrádh ag Dia
ar an tsaidhbhir tar an mbocht, ná don uasal tar
an ísiol, agus gibé lér mian trócaire d'fhagháil bíodh
féin trócuireach.



Go grod i ndiaidh na ngalair mbáis sin do
leighios go míorbhuileach dhó, do-rinne neithe ba
hiongantaidh ná sin, .i. mairbh d'athbheódhadh.
Inghean do phrionnsa na Synagóige, darbh ainm
Iairus, dofuair bás i n-aois a dá bliadhan décc,
d'athbheóaidh. Ní tráchtar mórán ar an míorbhuile
so, óir ní raibh creideamh an phrionnsa so
comh láidir le creideamh an taoisigh céd, óir
d'iarr sé Críosd do theacht dá thigh. Ní léighthear
fós aén-ní ag moladh creideamh na hinghine, ná
ar an dream dobhí i láthair; acht i n-ionad Dé


L. 69


do mholadh agus d'onórúghadh trésan míorbhuile
mhóir sin dobhídar ag fonómhad faoi, ag rádh
nach bhfuair sí bás, do bhrígh go ndubhairt Críosd
gur 'na codladh dobhí sí.



Gidh eadh, tráchtaidh an soisgél ar an dara
marbh d'athbheóaidh sé níos forleithiodaigh ná
sin. Ag so mur deir:



Ar mbeith do Chríosd gona dhisciobail, maille
le buidhne móra eile, ag dul go cathair Naim,
tárla ag dorus an bhaile sochraide dháibh dobhí
ag iomchar mic bantreabhaidh chum cille; agus
do-chonnairc Íosa an bheantreabhach i n-eirr na
sochraide agus í dólásach ag caoi; agus do ghlac Críosd
truaighe mhór dhí; agus gídh nár chuir sí impidh
ar bith air, bá leór na deóra dóláis dobhí go
tiugh ag tuitim uaithe óna rosgaibh go talamh
lena thrócuire do ghluasacht, agus do dhruid léith
agus adubhairt léidh cosg dá gul. Agus leis sin
dubhairt le lucht iomchair an chuirp seasadh; agus
do chuir lámh ar an gcróchar ann a raibh an
marbhán, agus do ghuth uile-chumhachtach adubhairt
leis: “Cuirim d'aithne ort, a mhairbh, éirghe,”
ar sé. Agus d'éirghidh an t-ógánach bhí marbh
gan mhaill; agus do sheachaid dá mháthair é.



Adeir na haithreacha naomhtha linn annso
nach ttuitionn ní ar bith amach ar an tsaoghal
so go teagmhaiseach gan críoch éigin do bheith
ag Dia ann; óir, gidh go measfadh neoch gur go
teagmhuisioch do thárla do Chríosd teagbháil don


L. 70


adhlacan so, ní mur sin dobhí, óir is dochum
an mhairbh d'athbheóadh dotháinicc sé an uair sin.



Do-chímíd annso méud an ghráidh atá ag an
Eagluis ar a clainn: óir atá sí comh cúramach
ann gach aon fó leith dhíobha agus do bheith máthair
chinéalta ann a haen-mhac; níl sólás ar an
tsaoghal so aice ó d'imghidh a Céile go deis a
Athar acht a ghrádh féin, agus grádh a chloinne,
bheir sí go laetheamhuil lena deora agus lena
hurnaighthe dhó. Ciallaidh fós an lucht iomchair
úd na diabhail bhíos ag fuadach anma an pheacaigh
go hifrionn is tomba déighionach dhó: óir is
samhuil do chorp mharbh anam an pheacaigh
bhíos ar easbhaidh na ngrás is bheatha don anam;
agus an uair bhíos anam ar urláimh na ndeamhan
le hiomad na bpeacadh ní féidir a thabhairt go
beatha na ngrás leis an aithrighe, nó go gceanglann
Críosd na deamhain bhíos dá iomchar, mur do
choisg sé lucht iomchair an chuirp ar a ttráchtar annso.



An uair d'athbheódhaidh Críosd mac na
bantreabhaidh do sheachaid sé dá mháthair é, do
bhrígh gurab í dorug é agus gur lena deóra do
athbheóaidh é, mur do-ní le hanam an pheacaigh
iarna athbheóadh ó bhás na coire: do-bheir sé dá
mháthair, .i. don Eagluis, é, ar mbeith i ndólás
dí ar a shon. Agus is uime sin is cóir don
pheacach bheith i gculaidh dhóláis, mar aon leis


L. 71


an máthair dhílis, ag iarraidh ar ar n-Athair, .i. ar
Chéile gráidh na hEagluise is máthair dúinn, na
hanma bochta atá marbh isan mbruid chédna
ag na deamhain d'athbheóadh, agus aisiog d'fhágháil
orra, óir is iad ar ndearbhráithribh do fuadaigheadh
uainn iad.



TEACHTUIREACHT GO CRÍOSD Ó EÓIN BAISDE AGUS
TEACHT MHAGDALÉIN CHUM AITHRIGHE



An uair do-chuaidh cáil na míorbhuilibh móra
do-rinne Críosd ar feadh na gcríoch, dobhí san
am sin Eóin Baisde i bpríosún, agus é ag dénamh a
dhíthchill annsin féin ag iarraidh a chur a gcéill
do gach aon gurbh é Críosd an Mesias. Agus do
bhrígh go bhfacaidh sé nár chreid a dhisciobail
féin dobhí isan bpríosún ag freasdal, ag
fritheóladh agus ag tabhairt sóláis an tan sin dó
gurbh é Íosa an tairngeartach, do chuir sé días
díobh d'ionnsaighe Íosa, ionnus go ttiubhradh féin
dearbha dháibh le hadbháil a bhéil féin; agus adubhairt


L. 72


riú 'fhiafraigh ann é an Meisias é dobhí dá ghealladh
ó thús an domhuin i mbél na bhfádh, nó an raibh
sé le teacht go fóill.



Mur bhí fios ag Íosa Críosd go rabhdar sin
éudmhar nó iomthúthach an tan sin leis, níorbh
áil leis é féin do mholadh 'na láthair, acht do-rinne
sé mórán do mhíorbhúilibh ann a láthair, agus
adubhairt riú gach ní dá bhfacadar d'innis d'Eóin.
Agus iar n-imtheacht dáibh dobhí Críosd ag
moladh Eóin go mór, ag rádh nár chosmhail le
giolcóig é ag claonadh ar gach taobh do réir na
gaoithe, gurbha mó é fós go mór ná fáidh; agus do
bhrígh gur ag dénamh aithríghe do chaith an
duine naomhtha sin a bheatha, do labhair Críosd
ar an riachtanus dobhí ag gach aon lena dénamh,
óir nach raibh slánúghadh le fagháil gan í; agus
adubhairt fós dá neartughadh sin go bhfuilingionn
ríghacht nimhe foiréigion, agus gurab iad an dream
do dhénfadh an foiréigion naomhtha sin do-ghéubhadh
í. Agus iarna rádha sin dó, do
mhallaigh sé bailte áirighthe ann a ndearnaidh
sé mórán míorbhuile agus teaguisg, d'éisdiodar agus
do-choncadar go lúthgháireach, nach dearnaidh gidh
eadh aithrighe, agus adubhairt go bpianfaidh lucht
na gcathrach sin nísa mhó ná muintir na Sodoime
agus na Gomortha.



Ar bhfaicsin do Chríosd go raibh na daoine
dalaba dúr-chroidheach, agus nár leór briathra lena
ttarruing chum aithrighe, do thionnsgain a


L. 73


ttarruing leis an siompla ro-chliúteach so Mhuire Magdaléna.



Óir, ar mbeith don pheacach naomhtha so arna
spreagadh go hinmheadhónach le grása an Spioraid
Naoimh, lér thuig gurab é Críosd amháin do
leigheósadh cneadha marbhthacha a coinnsiais, do
bhí dá chrinn an tan do-chualaidh sí é, uime sin
ar gclos dí go ndeachaidh Críosd a' caitheamh
proinne go tigh Shimeóin Phairisíneach, do ling sí
le mí-náire naomhtha, gan cuireadh, gan iarraidh,
'na dhiaidh, acht an cuireadh mór dobhí ón
Athair Shíorruidhe aice do ghluais go díthchiollach
dúthrachtach í: nemo venit ad me nisi Pater meus
traxerit eum. Agus gídh go raibh mórán daoine
do láthair níor ghlac sgáth ná náire, acht ar tteacht
isteach dhí do theilg í féin fó chosaibh an
tSlánaightheóra, agus dobhí dhá bpógadh, dá
n-ionnladh lena deóra, agus dá ttiormughadh lena
folt fíor-áluinn, agus do chomail sí olaidhe deagh-bholaidh
dhíobh.



An uair do-chonnairc Símón an Phairisíneach
gur fhuiling Críosd an bhean mhí-bhésach mhí-chneasda
sin 'na fhochair, agus go raibh an baile
líonta lena droch-cháil, dobhí sé ann a mheanmuin
féin ag dénamh amhruis nacharbh fháidh é; óir
do mheas sé, dá mbeith 'fhios aige créd í, go
ndíbeóradh uaidhe ar an láthair í. Gidh eadh, ní
fada bhí Críosd a' treasguirt na harráide sin, ag
rádh gur sháraigh carthannus agus grádh diadha na


L. 74


mná sin fuar-chrábhadh na dreime nach dearnaidh
leath-uiriod peacuidhe mur do-rinne sí. “Agus
dá bhrígh sin,” ar sé, “dofuair sí maitheamhnus
i mórán peacaidh do réir an ghráidh mhóir atá
aice.” Agus do chuir uaidhe annsin i síthcháin í.



Do thaisbéin an peacach beannaighthe so
íomháigh fhírinneach na haithrighe leath amuich
do bhriathra, nach bhfuil acht 'na gcomhartha
mar dhuille an chrainn; óir níl ní ar bith dhá
raibh dá gríosadh chum an pheacaidh nachar
iodhbair sí do Dhia leis an aithrighe.



Cuiridh so i gcéill nach cóir édóchus do dhénamh
ar thrócuire Dé, do bhrígh nach bhfuil coir dá
mhéd nach glanann an aithrighe, agus fós nach cóir
d'aon neoch uabhar ná an-ndóchus do dhénamh
as a shubháilcidh féin, do bhrígh gur ó Dhia
geibhthear iad. Quid habes quod non accepisti;
et si accepisti quid gloriaris?



SGÉL FÁTHACH AN TSÍOLADÓIR



Matha 13



A.C. 31



Aon do laithibh dobhí Críosd arna thimchilleadh
le comhthinól ro-mhór daoine; agus do-chuaidh i
mbárc beag dobhí i bhfogus dó; agus iarna


L. 75


sheóladh amach ón mbruach do shuidh ann, agus do
bhí ag teagasg na druinge dobhí ar bruach, ag rádh:



“Do-chuaidh síoladóir ag síoladh arbha,” ar sé,
“agus do thuit cuid de ar an mbóthar, agus do brúidheadh
fó chosaibh cháich é, agus d'ith an énlaith aidhérdha cuid de.”



Agus an uair d'fhiafraigh na hapstail i n-uaignios
de créd dob iontuigthe as sin, adubhairt go gciallaighionn
an bealach mór sin dream dothig ag
éisdeacht le briathra Dé, agus go ttig an diabhal dá
fhuadach uatha, ar eagla go bhfásadh ann a
gcroidhthibh le tairbhe do bhuain as lena ttarruing
chum slighe a slánaighthe. Óir ní luaithe chuirios
Críosd síol maith an tsoisgéil i gcroidhthibh na
ndaoine ná thairgios an diabhal a chogal do
dhórtadh thríd, nó an síol maith d'fhuadach nó
'mhúchadh, lena mhailís féin, nó le mailís na
ndaoine mallaighthe bhíos 'na gcaraid aige, ar
eagla go ttiucfadh chum fáis nó bisigh.



An dara cuid don tsíol, do thuit ar charruig, agus
mur nach bhfuair folach do chré 'na thimchioll do
chríon sé le teas na gréine. “Is iad sin,” ar Íosa,
“an dream éisdios go fonnmhar lúthgháireach le
briathra Dé, agus mur nach gcuirionn a bhfrémha
fútha ann, ní luaithe thig buaidhreadh, cathughadh
nó inghreim ar bith orra ná umhlaidh siad dáibh.”
Is dearbhtha go mbíonn mórán do dhaoine mur
sin, ghlacus teagusg ar an láthair go fonnmhar


L. 76


lúthgháireach, agus léigios i ndearmhad agus i neimhchion
ar an láthair arís é, do bhrígh go mbíd
dúr-chroidheach mur an gcarraig, agus uime sin go
madh riachtanus a gcroidhthibh do mhaothughadh
agus do bhogadh le deagh-oibrecha buan-sheasmhacha
agus le haithrigh.



An treas cuid don tsíol, do thuit imeasg na
ndosán, d'fhás ós a chionn agus do mhúch é. “Ag sin
an dream,” ar an Slánaightheóir, “ghlacus briathra
Dé agus nach luaithe ghlacaid iad ná mhúcas imnidh,
buaidhreadh, trioblóid agus iomad na ngnothidhibh
saoghalta iad, mar aon leis an tsaint, le háilghios
agus le hainmhian saidhbhris do chruinniughadh.”



Is mór an t-adhbhar uathbháis mur mhúcus
iomarcaigh na n-imnigh agus na ngnothígh saoghalta
an síol diadha do-gheibhmíd as briathra Dé isan
Scriptúir agus ó lucht an teaguisg dhiadha, agus sin go
minic tar éis a bheith ag fás dó. Is truagh nach
ttuigid cách méd na díghbhála thig as sin! Óir
ní féidir le pláigh, le gorta, ná le ruathar teine agus
cloidheamh, bheith 'na n-adhbhar dóláis agus deór
comh mór le heasbhaidh an tsíl dhiadha réimhráite.



An ceathramhadh cuid don tsíol, do thuit i
ttalamh mhaith, d'fhás ann nó go ttáinicc chum
toraidh mhaith, gidh nach ionann dotháinicc
toradh ar gach cuid de, óir dotháinicc céd do
bhisioch ar chuid de, seachtmhoghad ar chuid, agus
tríochad ar cuide eile dhe. Is iad san an dream


L. 77


agá mbíonn a gcroidhthibh ró-cheart; agus bíd sin
féin i gconntabhairt mhóir do ghnáth: óir bídh
cuid acu nach ttig chum móráin toraidh go minicc,
agus cuid eile athraighios ó mhaith go holc; agus
dá bhrígh sin is riachtanus dáibh a bheith dhá
leasúghadh féin do ghnáth, a' cur na subháilceadh
ar na subháilceadha agus na carthanacht ar an
gcathrannacht le deaghghníomhartha, nó go ttig
fá dheóidh lán-toradh ar an tsíol ndiadha sin, agus
choidhche, choidhche gan sgaradh risan bhfoighid
is frémh iomchair do gach subháilce dhiadha.



DÍTHCHEANNADH EÓIN BAISDE



Marc. 6



A.C. 31



Tar éis go ndeachaidh cliú agus cáil na mór-ghníomh
míorbhuileacha do-rinne Críosd ar feadh na gcríoch
ar gach taobh, ní raibh áit ba do-chreidmhigh agus
ba chruaidh-mhuinélaigh isin gcrích Iudaigheach
ná Nazareth, an áit chédna ann ar hoileadh agus ann
ar chomhnuidh sé go haois 30 bhliadhain. Óir
níor chreidiodar go m'fhéidir do neoch dotháinicc
ó lánamhuin, dar leó-san, dobhí comh tarcuisneach
agus do mheasadar Ióseph agus Muire do bheith, an
uiriod sin míorbhuile agus mór-ghníomh ionganthacha


L. 78


do dhénamh; agus i n-ionad géilleadh dhó dobhídar
uile lán d'éd agus d'iomthnúth leis trésan meas mór
dobhí ag cách eile go coitcheann air, agus uime
sin dob áill leó a theilgion le fána an árd-chnuic
ar a raibh an baile 'na shuidhe, agus a chnámha uile
do raebadh. Gidh eadh, mur nach ttáinicc an
uair an tan sin, níorbh fhéidir leó sin do dhénamh,
óir do ghluais tríd an gcoimhthineól mhallaighthe
dobhí ar tí an uilc sin do dhénamh gan aon-neach
dhíobh dá fhaicsin.



Agus mur do bhreathnaigh sé go raibh fuath
mór mur sin acu air, do chinn sé a ttréigion le
gan nísa mhó teaguisg do dhénamh an uair sin
eatorra, acht a dhul go Capharnaum agus go háitibh
eile. Agus is le húmhlacht do-rinne sé sin, agus fós
ionnus, ar mbeith ag dénamh míorbhuile agus mór-ghníomh
seal i n-áitibh eile as a n-amharc dhó, gur
móide do chreidfeadhdís irís dó mur chách eile, agus
fós go ttiubhradís ar aithris cháich eile onóir isan
aimsir dobhí le teacht dó i n-ionad gach athaise
agus gach tarcuisne dhá ttugadar roimhe sin dó.
Gidh eadh, mur do-chonnairc nárbh fhéidir a
ndíchreideamh ná a ndalbacht mallaighthe do
leighios, ba leór leis beagán do mhíorbhuilibh do
dhénamh 'na measg le cur i gcéill dáibh nach
ttiubhradh malairt tarcuisne dháibh, agus fós chum
go ttiubhradh ádhbhar nísa mhó peacaidh dháibh.


L. 79


Iar bhfágbháil Nasereth dó mur sin, dofuair sé
sgéla báis Eóin Baisde, do thárla mur so:



Tar éis gur chuir an diabhal d'fhiacha ar Iruaidh
Eóin Baisde do chur i bpríosún, do bhrígh go ttug
imdheargadh dhó tréna choimiosg colamhuil le
Heródias, bean a dhearbhbhráthar Philip dobhí
beó an tan; agus do bhrígh gur feas don aidhbhirseóir
gach uile shlighe lér féidir fírén do chosg ó
thoirmiosg do chur ar a mháilís féin, níor leór leis
príosúntacht Eóin, acht dob áill leis a bhásughadh,
ní d'éirigh leis a thabhairt cum críche mur so:



Tháinicc cothrom lae thuismithe Iaruaidh, agus
do-rinne sé féusda agus fleadh mór d'ard-thriathaibh
agus d'uaisle a chúirte agus a chríche féin; agus ar mbeith
i meadhair agus i mór-shubhchas i bhfochair a chéile
dháibh, tháinicc inghean na mná crosda coiripe
colamhla, Heródias, agus do-rinne sí dánnsa 'na
láthair do shásaigh an rígh comh mór sin gur iarr
uirre athchuinge d'iarraidh ar an láthair, agus go
ttiubhradh dhí gibé ní ann a chumhacht ba mian
léidh, más leath a ríghacht é.



Do-chuaidh an inghean a' dénamh comhuirle
lena máthair créd an ní d'iarrfadh ar an rígh.
Adubhairt an mháthair léidh gan ní ar bith
d'iarraidh ná do ghlacadh acht ceann Eóin
Baisde d'fhagháil ar méis.



Dobhí athmhéla agus buaidhreadh ar an rígh um
an aisge sin, óir dobhí meas mór agus urraim aige
d'Eóin. Gidh eadh, ní fada bhí an diabhal ag


L. 80


múchadh an aigne sin ann, óir dobhí an uiriod
sin do ghrádh agus d'urraim aige don mhéirdrigh
mhallaigh, .i. do Heródias, agus dá hinghin, nárbh
áill leis a ndiúltadh; agus fós níor chumus leis an
diabhal a chur i gcéill dhó go raibh sé náireach
scannalach aige gan an geallamh dothug go
sollamanta i láthair uaisle a ríghacht a choimhlíonadh.
Acht cidh thrácht, do chuir céstúnaigh
ag buain a chinn d'Eóin isan bpríosún, agus tugadar
ar méis don mhéirdrigh óig é, agus thug sí sin dá
máthair é.



Ag sin mur do básaigheadh an t-aen-nduine ba
mó dá ttáinicc do chloinn na mban. Agus féch
mur chríochnaighios an cumann daonna: óir tar
éis Iruaidh a bheith dá adhradh agus dá ónórughadh
gurab é bhí 'na phríomh-chéstúnach dá dhúnmharbhadh!



Adeir S. Grighóir gurab iongnadh fhuilingios
Dia do lucht an éigceirt a n-ainmhian d'imirt ar
na fíréin, acht amháin an luach saothair nó an
tuarusdal bhíos le fagháil acu so gan mhaill.



ROINN AN ARÁIN AGUS PEADAR AG SIUBHAL AR AN UISGE



Math. 14



A.C. 32



Ar clos báis Eóin d'Íosa do-chuaidh gan mhaill
ar an bhfásach, agus dothug sé a dhisciobail leis


L. 81


ann, ionnus go gcuirfeadh i gcéill dá Eagluis gur
i n-uaignios búdh chóir Dia do ghuidhe i n-aimsir
an éigín, agus fós gur tairbheach ar uairibh céd-stoirm
an phersecúsin do sheachnadh an uair bhíos olc
agus mailís na ttíaránach ar fiuchadh chum fola agus
feill-ghníomha, muna mbeith d'ádbhar leis acht
iad sin féin, do bhrígh gurab iad ar ndearbhbhráithreach'
iad, do thoirmeasg ar pheacaidh do
dhénamh nach beith, go háirighthe ar an tsaoghal
so, ann a gcumus a leasúghadh.



Is móide bá riachtanus do Chríosd an turus sin
do dhénamh ar an bhfásach an tan sin, do bhrígh
go ndeachaidh tásg a mhór-ghníomh agus a mhíorbhuile
ar feadh na críche go hiomlán agus go raibh
trácht mór i gcúirt an rígh orra, agus fós go raibh
Íruaidh féin, .i. an rígh, ag fiafraidh do gach aon
créd é, agus go n-abradh ar uairibh gurbhá fáidh
mhór é, nó gurbh é Eóin Baisde (do chuir féin
chum báis), dobhí arna eiséirghe, do-rinne na
mór-ghníomha agus na míorbhuile dobhí dá n-aithris air.



An feadh dobhí an rígh leamh sin ag dénamh
an iongantuis mhóir sin do mhéud cumhacht
ghníomh agus bhriathar an tSlánaightheóra, do-chuaidh
sé féin ar an bhfásach mar aon lena
dhisciobal, mur dubhrus cheana. Agus gidh
gurbh áit uaigneach an áit sin níorbh fhéidir leis


L. 82


toirmeasg do chur ar uimhir mór do dhaoine gan
a leanmhuin, óir do lean cúig mhíle pearsa é do
bhí go fíor-dhúthrachtach gach lá agus gach oidhche
ag éisdeacht leis agus ag amharc ar a mhíorbhuilibh;
agus dobhí a n-aire comh mór sin air gur dhearmadsiod
a mbeatha nádúrtha ar mhodh nár
mhothaidhsiod tart nó ocrus ar feadh thrí lá agus
thrí n-oidhche.



Agus iar mbeith ar feadh na haimsire gan bhia
gan digh 'na fhochair dháibh, do ghlac sé truaighe
dháibh, agus d'fhiafraigh dá dhisciobail créd an modh
ar a bhfédfadh cóir bhídh do chur orra (agus ní do
bhrígh nach raibh 'fhios aige féin, acht chum go
mbeith an mhíorbhuile dob áil leis a dhénamh
follusach). Do fhreagair na disciobail é, ag rádh
go raibh an t-ionad ann a rabhdar i bhfad ó
chomhghar baile ar bith, agus nach raibh do lón acu
féin acht cúig aráin eórna agus mion-iasga gan tábhacht.



Annsin adubhairt Íosa riú na sochuidhe do
chur i ndronga órdaighthe 'na suidhe. Iar sin
ar ttógbháil a shúil suas chum nimhe dhó, do
bheannaigh na cúig aráin agus na héisg bheaga sin,
agus tug dá dhisciobail le roinn iad; agus arna nglacadh
dháibh do bhisighsiod ann a lámhaibh, ar modh
gur shásaighsiod, maille le fuighioll mór, na cúig
mhíle pearsa réimhráite.



Annsin adubhairt Íosa lena dhisciobail an
fuigheall bídh bhristigh dobhí acu a chruinniughadh


L. 83


go cúramach; agus dobhí dá phanna dhécc
d'fhuighioll 'na ndiaidh.



Adeir na haithreacha naomhtha gurab ion-tsamhuil
don chúig mhíle pearsa so do lean Críosd
an dream leanus Críosd go háirighthe ann a
gcroidhe, thréigis an saoghal, agus théid ar fhásach
na haithrighe, bhíos d'aen-aigne, d'aen-mhian agus
d'aon-fhocal, gan imnidh ar bith do thaobh a
gcuirp ná 'maoine, acht a bheith i ngnáth-sheirbhís
Dé, i ttrosgadh, i ttréighionus agus i
n-urnaighthe, fó chuing riaghalta.



Tar éis na míorbhuile sin do dhénamh do Chríosd
dob áil leis an bpobal rígh do dhénamh dhe.
Gidh eadh, níor aontaigh Críosd an ghairm
shaoghalta sin do ghlacadh uatha, dá chur i gcéill
dá dhisciobail gan gairm do ghlacadh ó na daoine
acht an uair dothig ó Dhia; agus do theith sé uatha.



Agus iar tteacht na hoidhche do thárla a
dhisciobail dó isan ionad cédna ann a ndearnaidh
míorbhúile an aráin. Agus d'eagla go mbeith na
hapsdail i n-uaill meanman fón míorbhuile sin
do-chonncadar, d'iarr sé orra dul i mbárc bheag
tar ascuill fhairge dobhí i bhfogus dáibh, ionnus
go gcuirfead i gcéill dáibh gan dóchus ar bith do
bheith acu as a gcumhachtaibh féin, acht a ndóchus
do chur go hiomlán i nÍosa Críosd, agus go mbeith
fios a lagair nádúrtha féin acu, do bhrígh gurab í


L. 84


an tsubháilce so na humhlacht d'árdaigh iad le
bheith 'na gcolamhuin iomchair agus 'na bhfúinneméid
faoi Chríosd ag an Eagluis.



d'fhág sé dá bhrígh sin iad dá mbocadh ar
feadh aimsire le hanfadh i llár na ttonn; agus iar
mbeith dháibh gan cabhair d'fhagháil uaidhe ó
thús go deireadh na hoidhche, agus le héirghe an
lae do-chuaidh sé ar bharr na ttonn dá n-ionnsaighe;
agus arna fhaicsin dáibh ag siubhal mur sin
ar dhruim na fairge mur do bheith ar thalamh
thirim, do shíliodar gur taidhbhse bhí ann, agus do
ghlacadar eagla comh mór sin gur éimhghiodar go
hárd. Annsin do labhair Íosa a' tabhairt misnigh
dháibh, ag rádh: “Ná bíodh eagla oraibh, óir is
mise atá ann.”



Mur do mhothaigh Peadar ar ttús éifeacht na
bréithre cumhachtaigh sin, agus ar mbeith lán do
dhóchus dó go ttáinicc an tártháil do chuirfeadh
as conntabhairt iad, adubhairt sé: “Más tú tá
ann, a Thiaghearna, abair liom-sa siubhal chugad
ar an uisge.” Adubhairt Críosd leis teacht.



Annsin do theilg Peadar é féin amach ar an
uisge, agus dobhí ag siubhal le dóchus fíor-iongantach
ar an bhfairge, nó gur éirghidh anfa agus gaoith mhór
do chuir eagla air lér chlaochlaidh a chreideamh,
agus annsin dobhí ag dul i n-iachtar. Leis sin do
ghuidh sé an Slánaightheóir, ag rádh: “A
Thiaghearna, tárthaigh mé.” Leis sin do shín Íosa
a lámh chuige, agus iarna thógbháil dó, tug


L. 85


imdheargadh dhó tré laghad a chreididh. Agus
ar ndul isan luing dháibh do choisg an ghaoith
gan mhaill, agus dofuaradar iad féin i gcuan.



Fiafraidhid na haithreacha naomhtha créd fár
fhuiling Críosd conntabhairt báitigh do theacht ar
Pheadar tar éis go ndubhairt féin leis teacht ar
an uisge dá ionnsaighe, agus adeirid gur uime d'fhuiling
sin ionnus go mbeith fios cinnte ag an apsdal
naomhtha so gurab ag Íosa amháin, agus nach ag
cumhachta nádúrtha ar bith, tá cabhair do
thabhairt is gach éigion.



Is tairbhioch an ní eagla mheasardha do bheith
ar gach aon dá mbíonn i seirbhís Dé, do bhrígh
go gcuirionn an lagar nádúrtha i gcéill agus i gcuimhne
dhó. Smuain, a léightheóir ionmhuin, nach bhfuil
creidmheach i nEaglais Dé nár thárthaigh Críosd
i gconntabhairt is mó ná so, agus nach bhfuil aon
againn nár tharruing as aigén is duibhegánaigh
ná an t-aigén úd ann a raibh Peadar dá shlugadh,
do bhrígh gur tharruing as uaimh ifrinn sinn.



TRÁCHT AR SHACRAMEINT NA HALTÓRA AGUS 'NA
DHIAIDH SIN AR CHREIDEAMH NA MNÁ CÁNÁNAIGH



Math. 15



A.C. 32



Ar ndul ar a ais d'Íosa isan áit ar bhiathaidh
sé go míorbhuileach na cúig mhíle pearsa, dobhí


L. 86


imnidh mhór ar na dronga cédna arna mhárach
tré gan fhios do bheith acu cá conair i ndeachaidh
an Slánaightheóir. Óir do-chonncadar nach raibh
acht aen-bhárc beag amháin ar an gcuan, ann a
ndeachaidh na disciobail, agus nach ndeachaidh-san
innte leó; agus iar gcuartughadh an chuain dáibh
gan eision d'fhagháil i n-aon-áit ann, do-chuadar
tar an uisge go Capharnaum.



Agus an uair thárla dhóibh annsin é d'fhiafraighdior
dhe créd an modh ar a ttáinicc ann.
Níor fhreagair-san an cheisd chúirialta sin, agus do
cheil orra mur do shiubhail sé go míorbhuileach
ar uachtar na ttonn, acht ba leór leis innsin dáibh
gur le mian chum tairbhe d'fhagháil dóibh féin do
bhídar comh fonnmhur sin ar a lorg, .i. do bhrígh
gur ithiodar a ndaoithin don arán mhíorbhuileach
dothug ar an bhfásach dháibh.



Agus dothug sin slighe dhó lena iarraidh orra
gné eile aráin d'iarraidh; agus as sin do thrácht sé
go hárd-chéimeach ionganthach ar Sacrameint na
hAltóra, ní as ar ghlac mórán díobh, mar aon le
cuid dá dhisciobail, scannail mhór, an tan do-chualadar
é ag rádh go ttiubhradh a chorp féin
lena ithe do chách (mur adubhairt go soléir isan
seiseadh caibidil ag Eóin); agus do bhrígh gur
shíliodar-san gurab é a chorp do roinnfeadh 'na
mhion-spóllaidhe dearga eatorra, d'imghiodar
uaidhe an tan sin.


L. 87


Is annsin d'fhiafraigh sé dá apsdail ar mhian
leó-san imtheacht uaidhe mur an gcédna. Do
fhreagair Peadar lena dhísleacht ghnáthach ag
rádh: “A Thiaghearna, cá rabhamís uait? Óir
is agad féin atá briathar na beatha síorruidhe.”
Agus d'oillsigh Íosa dháibh nárbh iongnadh
cuid dona disciobail d'imtheacht, óir go raibh duine
don dá apsdal dhécc féin 'na dhiabhal.



Annsin do ghluais sé as an Iudea amach a'
teitheadh ó mhailís a námhad, dobhí an tráth sin
ag éirghidh go follusach 'na aghaidh; agus do-chuaidh
sé ar chiumhsaibh na Tyre agus na Sidóine, áit i
ndearnaidh nísa mhó ná do-rinne isan Iudea.
Óir dotháinicc bean Chananéach amach as na
háitibh sin d'ionnsaighe Chríosd (do bhrígh nárbh
áill leis féin dul isteach innte d'eagla scannail nó
adhbhar murmuir do thabhairt dona Iudaighibh),
do chorraigh an Spiorad Naomh; agus ar tteacht dá
láthair dí, do scread sí go cruaidh air, agus do ghuidh
sí go dérach é, ag iarraidh air tártháil do thabhairt
go trócuireach dá hinghin, dobhí dhá buaidhreadh
agus dá píanadh ag deamhan. Agus gidh go raibh
Críosd claon go gnáthach chum trócuire do
dhénamh ar lucht an leathtruim, gidh eadh, ionnus
go gcuirfeadh brígh agus éifeacht na hurnaighthe i
bpearsainn na mná so i gcéill don domhan, ní thug
do thoradh ar a céd-ghuidhe acht imdheargadh
do thabhairt dí.



An uair do-chonnairc an bhean umhal sin


L. 88


nacharbh áil le Críosd éisdeacht do thabhairt dí,
do labhair sí ris na hapsdail ag iarraidh orra
impidh do chur air. Do fhreagair seision na
hapsdail, ag rádh gur chum tárthála do thabhairt
do chaoire seachráin threabha Israél dotháinicc
sé féin, agus nach chum na nGeintílioch. Agus ar
mbeith dháibh (mur bhí an bhean mhaith dá
síor-ghuidhe) ag greamughadh dhe, dob áil leis
a creideadh do fhromhadh go maith.



Dotháinicc sí féin, agus do theilg sí í féin ar lár
ann a fhiadhnuis, agus iarna adhradh dhí, adubhairt
sí: “A Thiaghearna, tabhair cabhair dhamh.”
Dothug diúltadh dhí annsin, agus tug imdheargadh
agus tarcuisne dhí, agá samhlughadh le madadh, ag
rádh nár cheart arán na leanbh do thabhairt do
mhadraigh.



Dothug an freagra sin, do chuirfeadh fearg ar
spiorad uaibhreach, barr dóchuis dise, óir do
admhaidh gurbha mhadagh í, agus adubhairt sí go
bhfaghann na madraigh beaga féin an sprughal
thuitios do bhórd a maighistir, agus nach raibh sí
féin ag iarraidh nísa mhó.



Féch mur chuir sí í féin i n-én-bhanda leis na
madraigh, do bhrígh gur thuig sí nach raibh
comórtas aice leis na Iudaighibh, dá ngoirthí clann Dé.



Is annsin do labhair Íosa do ghuth iongantais,
ag rádh: “Ó, a bhean is mór do chreideamh.”


L. 89


Agus i n-ionad na n-imdheargeadha dothug roimhe
sin dí, dobhí ag dénamh iongantuis don bhuan-sheasamh
creidigh agus dóchuis lér ghuidh sí é, agus
tug ar an láthair a hathchuinge dhí.



Cuiridh creideamh na mná págánta so uathbhás
ar na haithreacha naomhtha; agus adeir S. Grighóir
Mór, mur bhí creideamh mór na mná págánta so
'na ádhbhar náire ag na Iudaighibh, go bhfaicior
i nEagluis Críosd féin go minicc daoine saoghalta
do-bheir barr creidigh agus fíréntacht ar mhórán don
dream théid fó chuing riaghalta, dar chóir diúltadh
don tsaoghal, an uair nach ttig a mbésa ná a
mbeatha suas do réir na ngrás agus na staide
caithréimigh ann a mbíd.



ATHDHEALBHADH AN TSLÁNAIGHTHEÓRA



Math.(16-)17



Eodem Anno



Ar mbeith do Chríosd gan buidhin ar bith eile
'na fhochair acht a dhisciobail ag siubhal tré
bhailtibh na Cesarea, d'fhiafraigh sé dá apsdail
créd an bharamhail do-bheireadh na daoine dhó.
Adubhradar-san dá fhreagradh gur chreid cuid
acu gurbh é Eóin Baisde é, cuid eile gurbh é


L. 90


Ieremias nó neoch eigín dona sean-fháidhibh é.



“Créd adeir sibh-se féin liom?” ar Íosa.



Do fhreagair Peadair gan mhaill é, ag rádh:



“Is tú Íosa Críosd mac an Dé bheó.”



Adubhairt Íosa annsin:



“Is aoibhinn duit-se, a Shímóin mhic Eóin,
óir is é an t-Athair Síorruidhe d'innis sin duit-se,
agus dearbhaim-se dhuit,” ar sé, “gur tú an charraig
ar a gcuirfiod-sa m'Eagluis, agus nach mbéuraidh
geataidh (.i. cumhacht) ifrinn buaidh uirre go bráth.”



Is mór an ghlóir dofuair Peadar annso, mur
do gheall Críosd dó go mbeith sé 'na cheann agus 'na
uachtarán ar an Eagluis, 'na shuidhe i gceannchathair
na cruinne domhanda, agus an gheallamhuin
sin do bheith arna coimhlíonadh agus gan gairm
ar ais do dhénamh uirre tréna shénadh fó thrí.
Gidh eadh, níor chuir sin toirmeasg ar Íosa gan
imdheargadh do thabhairt ar uairibh 'na dhiaidh
sin dó, lena umhlughadh, óir do ghoir sé aidhbhirseóir
dhe an uair dobhí sé ag cur toirmisg
air gan bás d'fhulang.



Ní gnáthach le Críosd cathréim spioradálta ná
aimsiordha do thabhairt dá naoimh gan a
n-uirísliugh go dlúth 'na dhiaidh sin, ionnus nach
ttiubhradh uaill orra iad féin d'árdughadh ar
mhodh go mbeith a leagadh marbhthach.


L. 91


I gceann ocht lá dá éis sin dothug Íosa triúr
dona hapsdail, dár ghnáth leis a ghnaoi do
thaisbénadh tar an gcuid eile, .i. Peadar, Sém agus
Eóin, leis ar mhullach sléibhe móir i n-uaignios.
Agus ar mbeith dhó ag urnaighthe annsin, do
hathdhealbhadh go tobann é, ionnus go raibh a
ghnúis comh lonnrach leis an ngréin agus a éudach
geal mur an tsneachta. Tháinicc Maoise agus Elias
chuige, agus dobhídar ag trácht leis ar gach ní dá
raibh le dénamh agus le fulang i Ierusalem aige.



Do mhúsgail an triúr disciobal, dobhí 'na
gcodladh an tráth sin, agus dobhí iongnadh mhór
acu isan nglóir agus isan gcomhluadar do-chonncadar
i ttimchioll Chríosd. Agus ar mbeith do Pheadar
líonta le meadhair lúthghára adubhairt sé go tobann:



“A Thiaghearna, is maith an áit chomhnuidhe
so; dénam trí scáláin ann, aon duit-se, aon do
Mhaoise, agus aon d'Elias.”



Agus ar rádh na mbriathar sin dhó, dotháinicc
néull lonnrach d'fholaigh iad, agus táinicc guth as
amach ag rádh: “Ag so mo Mhac dil, nó grádhach:
éisdigh é,” .i. creidígh dhó.



Leis sin do thuit na hapsdail ar lár le huathbhás.
Dotháinicc Íosa cughthu, agus do thóig ar a gcosaibh
iad; agus ar n-éirghidh dháibh ní fhacadar acht Íosa
amháin. Do chuir rún orra ar ndul síos don
tsliabh dháibh gan labhairt le haon-neach ar an
amharc dofuaradar.


L. 92


Dothug Críosd an t-amharc sin dóibh ionnus
go nearteóchadh ann a gcreidiomh iad, agus go
mbeith fios deimhneach acu gurb é mac Dé do
bhí 'na measg. Dothug sé fós amharc beag ar
an nglóir dobhí, mur thuarusdal i ndiaidh a
saoithair ar an tsaoghal so, le fagháil acu. Agus
is tar éis an Spioraid Naoimh do thurling iar
ndeasgabháil orra is mó dofuaradar toradh an
amhairc so.



LEANBH 'NA SCÁTHÁN UMHLACHTA



Math.(17),18



Anno Eodem 32



Ar tteacht anuas do shliabh Tabor do Chríosd
gona thriúr disciobail, dofuair sé an chuid eile dá
dhisciobail agus iad i lár comhthionóil mhóir daoine,
agus iad ar saothar ag iarraidh deamhuin do dhíbirt
as corp mic óglaigh dotháinicc dá nguidhe isan
am a raibh a maighistir ar an tsliabh. Agus gidh
go ttug Críosd cumhacht dáibh le deamhuin do
dhíbirt, níor fhéudadar an deamhan so 'dhíbirt.



Acht, iarna dhíbirt do Chríosd agus iar seachadadh
an mhic saor slán dá athair dhó, d'fhiafraidh na
hapsdail go secréidioch dhe créd an t-ádhbhar nár
fhéudadar an deamhan sin do dhíbirt. Adubhairt-san


L. 93


nach raibh a gcreideamh láidir go leór chuige
sin, agus dá mbeith sin acu go m'fhéidir leó na
sléibhte do thógbháil as a n-áit agus a tteilgion isan
bhfairge. Agus adubhairt leó irís nach leighiosdar
aon-nduine ón tsórt deamhan sin acht le trosgadh
agus le hurnaighthe.



Agus do chuir sé i gcéill dáibh annsin nach le
hanchumhacht díbhearthar deamhain. Óir, más
mian libh na deamhuin do scrios, is cóir daoibh
sibh féin d'umhlughadh agus cromadh ar na meadhónacha
d'fhágaidh Dia le sin do dhénamh, mur atá
trosgadh agus urnaighthe.



Do-chuaidh Íosa iar sin go Capharnaum, áit
ar fhiafraigh lucht cruinnighthe an chíosa choitchinn
do Pheadar a ndíolfadh a mhaighisdir a
chion féin don chiós sin. Adubhairt go ndíolfadh.
Agus ar ndul do Pheadar isteach isan lóisdín ní
bhfuair uain labhartha le Críosd air sin an uair
do fhiafraidh dhe: “Cia ar a n-iarrann prionnsaidhe
na talmhan cíos, an ar a gcloinn féin nó
ar chách eil?”



“Ar chách eile,” ar Peadar.



“Mur sin,” ar Íosa, “tá an chlann saor,” dá
chur i gcéill go raibh sé féin agus a mhuintir saor ar
an gcíos, do bhrígh gur mhac do Dhia do réir a


L. 94


dhiadhacht agus do Dháibhídh an rígh do réir
dhaonnacht é.



Gidh eadh, ionnus nach ttiubhradh scannail do
chách eile adubhairt sé le Peadar, geólmhach an
chéd-éisg do theageóbhadh dhó ar ndul dó go
bruach na fairge, go bhfuigheadh píosa airgid ann
do dhíolfadh ar a son ar aon.



Cuiridh sin i gcéill dúinn gur cóir do gach
Críosdaighe a bheith suaimhneach ceannsaigh, agus
égcóir féin d'fhulang nísa luaithe ná do thóigfeadh
buaidhreadh isan bpuiblidhacht, do bhrígh gur do
réir ordaigh Dé is gnáthach dlighthe na bpuiblidhacht
do bheith.



Agus ar mbeith do Chríosd iar sin 'na shuidhe
isan lóisdín chédna, d'fhiafraidh dá dhisciobail créd
ar a rabhdar a' trácht isan mbealach, óir dobhí
fios aige gur iomarbháidh dobhí eatorra ag
féchuin cia haca féin ba mó. Agus chum go
scriosfadh gan mhaill an t-uabhar agus an t-anmhian
graduim sin as a gcroidhthibh agus as a n-inntinn,
adubhairt riú, gibé lér mhian a bheith i gceannus
ar an gcuid eile, gur riachtannus dó é féin
d'uirísliughadh tar gach aon eile; agus chum go
gcuirfid sin go maith i gcéill dáibh, dorug sé
ar leanbh beag, agus iarna fhásgadh leis isteach dhó,
do chuir sé 'na sheasamh ann a lár é, agus
adubhairt riú, muna ndénadís díthchioll le hiad
féin do chur i gcosmhulacht ris an leanbh sin, nach
rachadís go ríghacht nimhe go bráth.


L. 95


Is mór an t-uathbhás chuirios na briathra so
ar na haithreacha naomhtha. Agus adeirid nach
bhfuil tártháil le fágháil aguinn acht grása an
tSlánaightheóra lenar ttabhairt ar ar n-ais, ó gach
ainmhian agus ó gach uabhar dá bhfuil greamaigh
dhínn, go staid shimplidhe neamh-chiontaigh
neamh-urchóidigh na leanbh.



DEICH LOBHAR ARNA LEIGHIOS



(EÓIN, 7), Lúc. 17



A.C. 32



Tar éis an léighin umhlachta agus uirísleacht sin
do thabhairt do Chríosd dá apsdail, agus a chur i
gcéill dáibh gur chonntabhairteach an ní scannail
do thabhairt don aos óg agus don dream shimplidhe
neamh-chiontach, d'fhág sé an Ghalilea.



Agus do bhrígh go raibh sollamhain na scálán,
nó na ttabernacail, a' teacht chugthu san am sin,
mur bhíodh gacha bliadhain fón tráth sin, d'iarr
a ghaolta agus a dhearbhráithre air dul go Iudea,
óir do thréig sé í tré bhás Eóin Baisde; agus
adubhradar leis nach beith baoghal dochair air
ann; agus amhuil mur do bheith saint nó mian aige
a chlú do chur ós áird lena mhór-ghníomha míorbhuileacha,
mur do mheasadar-san go harráideach,


L. 96


adubhradar leis nár chreid na Iudaighibh dhó.
Ní bhfuair Críosd dochar lena n-arráid do chlaoi
an tan sin, acht a rádh riú go raibh a n-aimsir-sion
do láthair gach tan, gidh eadh nach ttáinicc a
aimsir féin an uair sin, agus adubhairt riú: “Ní
rachad-sa,” ar sé, “go Ierusalem go fóill.”



Do-chuaidh a ghaolta roimhe chum an fhésda.
Agus iar mbeith dhó ar feadh beagáin do
laethaibh 'na ndiaidh isan nGaililea, do-chuaidh
sé go Iudea, ní go puiblidhe ná go sollamanta,
mur ba gnáth leis, acht go folaightheach
secréideach.



Agus ar mbeith ag imtheacht tré lár na Samaria
dhó, do thárla deichneabhar lobhar i ndorus sráidbhaile
don tír sin dó. Agus dobhí do mhéd na
hurruma dobhí acu dhó nach ttángadar 'na ghar,
acht go rabhdar ag screadaigh go hárd ag iarraidh
air trócaire do dhénamh orra.



d'fhéch Críosd orra, agus adubhairt leó iad féin do
thaisbénadh dona sagairt, lér chuir sé i gcéill créd
an urraim is cóir dona Críosdaighibh a thabhairt
dona sagairt agus dona huachtaráin cille.



Agus ar mbeith don deichneabhar ag dul dá
ttaisbénadh féin dona sagairt, dofuaradar iad
féin glan ón lubhra ar an tslighe. Arna fhaicsin


L. 97


sin d'aon acu, do thuill go grod ar a ais a'
tabhairt gártha glóire agus molta do Dhia trésan
leighios míorbhuileach do-rinne air; agus ar
tteacht do láthair Íosa dhó, bhuail sé a aghaidh
féin re lár ann a fhiadhnuise a' tabhairt molta agus
buidheachuis dó trésan trócuire do-rinne air.



d'fhiafraidh Críosd nach raibh deichneabhar
arna leighios agus cáit a ndeachadar an naonmhur
eile, nó nach raibh aon acu dothiocfadh a' tabhairt
buidheachuis do Dhia acht an deóraigh (óir ba
Samáritánach an tí sin dotháinicc le buidheachus
do thabhairt). Agus adubhairt Críosd leis imtheacht
i síthcháin agus gur shlánaigh a chreideamh
é; agus do chuir sé i gcéill an mí-thaithneamh agus
an mí-ghnaoi dobhí aige ar dhobhuidheachus an
naonmhuir eile.



Agus is cosmhuil, mur thuill an lubhra chédna
orra, gur líonadh le lubhra ghráineamhuil pheacaidh
an dobhuidheachuis iad, is measa go mór ná an
chéd-lubhra.



AN BHEAN ADHALTRANNACH



Ioan.(7,)8



A.Eod.



Iar ndénamh na míorbhuile sin ann a shlighe
don tSlánaightheóir, do ghluais sé roimhe; agus ar


L. 98


ndul go Ierusalem dhó, dofuair sé lucht na Iudea
uile lán do bhuaidhreadh tré nach bhfacadar
eisionn ann. Agus ní hionann an breitheamhnus
dobhí ag gach cuid díobh air, óir adeireadh cuid
acu go raibh sé ionmholta, agus adeireadh cuid eile
nach raibh ann acht mealltóir.



Agus ar tteacht do laethaibh na sollamhan
do-chuaidh Críosd isan teampall, agus dobhí ag
teagasg le heagna ro-mhóir. Agus ba hiongnadh
leis an druing agá raibh eólus óna leanbuidheacht
air méd na heagna agus na foghlama do-chualadar
uaidhe, do bhrígh nach bhfacadar ar sgoil ariamh
é a' foghlaim litiorrdhacht ná dlighe. Ar mbeith
ag teagasg mur sin go puiblidh le briathra saora
neamh-eaglacha dhó, dob iongantach leis an dream
dobhí ag éisdeacht mur d'imghidh a naimhde do
bhí ar tí díghbhála do dhénamh dhó uaidhe, agus do
mheasadar gurbh fhéidir dhóibh a chreideamhuin
gurab é Íosa bhí ann.



Gidh eadh, ní fada 'na dhiaidh sin go ttugadar
iarraidh dhíghbhálach ar a phearsainn, gé gur
dhíomhaoin dáibh do bhrígh nach ttáinicc a aimsir
an tan sin le fulang. Óir, an uair do-chualaidh
na Phairisínigh an pobal go coitchionn ag labhairt
re hiongantus mór ar a mhíorbhuilibh agus air féin,
ag rádh ós áird dá ttigadh Críosd féin nárbh
fhéidir dó neithe ba mó ná sin do dhénamh, do
bhíodh fearg mhór orra, agus do chuiriodar cuid dona


L. 99


mílidhibh Rómhánach dá ghabháil. Gidh eadh,
níor theith sé mur do-níodh roimhe sin, ionnus go
gcuirfeadh i gcéill nach ar aen-mhodh amháin
ghluaisios an Spiorad Naomh an dream fhuilingios
inghreim ar son an cheirt; agus i n-alt na huaire, le
hoibriughadh an Spioraid Naoimh, do choisg an
lucht tóruighachta sin de, agus i n-ionad a ghabhála
d'éisdiodar lena theagasg le hiongantus mór agus le
hurraim. Agus ar ndul ar a n-ais dáibh, agus ar
mbeith dona Phairisínigh dhá n-imdheargadh tré
gan a ghabháil, do fhreagradar, ag rádh nach
ttáinicc iriamh aon-nduine ba heagnaidhthe caint ná é.



Do ghluais Íosa as sin; agus do-chuaidh an oidhche
sin ag urnaighthe go sliabh Oliuéite. Agus go
moch arna mhárach do-chuaidh isan teampall irís,
áit ar chruinnigh uimhir ro-mhór daoine 'na
thimchioll. Agus an uair dobhí cách ag éisteacht
leis do thairg na Phairisínigh breith amuich air
ann a bhriathra le mnaoi do thabhairt dá láthair
do ghabhadar i ngníomh adhaltrannais, ionnus go
ttiubhradh sé breitheamhnus báis uirre, agus dá
ndénadh sin go gcuirfeadhdís cáil thíarántuis
imeasg an phobuil air, agus muna ttugadh an
breitheamhnus sin uirre go gcuirfeadhdís air
imeasg an phobuil nach raibh acht fear bhrisde
an dlighe ann.



Do chrom Críosd a cheann annsin, agus dobhí ag


L. 100


sgríobhadh ar an talamh lena mhéur. Agus iar
mbeith dháibh ag síor-iarraidh a bhreitheamhnuis,
do thóig a cheann, agus adubhairt riú gibé haon 'na
measg dobhí gan peacadh an chéd-chloch do
bhualadh uirre. Agus annsin do chrom sé arís
ag sgríbhneóiracht mur bhí cheana, agus leis sin
d'imghidh na Phairisínigh i ndiaigh a chéile, ionnus
nár fhan istigh i bhfochair Íosa acht an bhean.



Agus annsin adubhairt Íosa, ó nach raibh aon-nduine
eile lena coiriughadh, nach gcoireóchadh sé
féin í; agus dá bhrígh sin adubhairt léidh imtheacht
i síthcháin agus gan peacughadh nísa mhó.



Do chuir Críosd i gcéill leis so gur chóra do gach
aon breitheamhnus do thabhairt air fhein ná air
chách eile, agus a bpeacaidhe féin do sgrúdadh i
n-ionad a bheith a' breathnughadh cháich eile.
Féch an truaighe bhí ag Críosd ann gach am dona
peacachaibh móra le siompla do thabhairt dúinne.



AR AN DALL AS BROINN



Ioan.(8,) 9



A.C. 32



Iar saoradh na mná sin go trócaireach d'Íosa do
chomhnuidh ar feadh aimsire ag teagasg an phopail
isan teampall, agus ag imdheargadh na bhPhairisíneach
trésan mailís dobhí acu dhó féin agus trésan


L. 101


droch-mhian dobhí acu lena bhásughadh; agus do
chuir i gcéill dáibh leis sin gurbh iad feadhmonnaigh
an diabhuil iad, dar mhian ó thús fuil neamh-chiontach
do dhórtadh, óir gurab é do bhrosdaigh a sinnsir
chum na bhfádh do mharbhadh; agus d'fhiafraidh go
hárd cia dhíobh lérbh fhéidir peacadh do chur 'na
leith, agus créd an fáth nár chreidiodar é.



d'éirigh na Iudaighibh go hégceart 'na aghaidh
trésan imdheargadh ceart dothug dáibh, agus
adubhradar gurbhá Samaritánach agus duine deamhnaigh é.
Do fhreagair Críosd go ceannsaigh
milis-bhriathrach na himdheargtha dia-aithiseacha
sin. Gidh eadh, an uair do-chonnairc go rabhadar
ag tógbháil cloch lena mbualadh air, d'fholaigh sé
é féin, agus d'imghidh as an teampall.



Agus iar n-imtheacht dó do-chonnairc duine
dotháinicc dall as broinn a mháthar. Agus d'fhiafraidh
a dhisciobail d'Íosa an tréna pheacaidhe féin,
nó pheacaidhe a athar nó a mháthar, do dalladh
an fear sin a mbroinn a mháthar. Do fhreagair
Críosd ag rádh nach tré pheacaidhe cheachtair
dhíobh do dalladh é, acht chum a ghlóire féin
d'fhoillsiughadh. Agus annsin do-rinne sé láib
lena sheileadh, agus do chomail do shúilibh an daill
í, agus adubhairt leis é féin do nighe i lochán Siloe.
Agus arna dhénamh sin dó dofuair a radharc.
Agus arna fhaicsin dá lucht eóluis dobhí iongnadh
mór acu ann, agus d'fhiafraidhsiod de créd dothug a
radharc dhó. Adubhairt-sion gurbh é an té dá


L. 102


ngoirthí Íosa do leighis le láib é, agus d'innis an
chuid eile dháibh.



Annsin dothugadar leó do láthair na
bPairisíneach é. d'fhiafraidhdar sin na ceasda
cédna dhe, agus dothug-san an freagara cédna dhóibh.
Annsin adubhairt aon dona Phairisínigh nach do
mhuintir Dé an té do-rinne láib i ló na Sabbóide.
Adubhairt cuid eile acu go haimhlisg iar meas
méd na míorbhuile sin dáibh nárbh fhéidir le
droch-dhuine duine tug daille as broinn leis do
leighios. Agus ar mbeith mur sin ann a gcédfaidh
contrárdha dhá chéile, dubhradar leis an óglaoch
an sgél d'aithris arís, agus annsin d'fhiafraidhsiod de
créd an bharamhail dobhí aige don té leighis mur
sin é. Freagraidh-sion do ghuth árd ag rádh gur
fáidh mhór é.



Agus ar nglacadh feirge móire leis an bhfreagra
sin dáibh, adubhradar nár chreidsiod féin go raibh
sé dall; agus iar gcur teachta i gcuinne a athar
agus a mháthar do chuiriodar ceisd orra. Do ghlac
eagla iad sin ré dásach agus re díbhfeirg mailísigh
na bPairisínigheach, agus dá bhrígh sin dothugadar
freagra glic orra, ag rádh gurbh é sin a mac agus go
raibh sé dall ó bhruinn a mháthar, nach raibh fios
acu féin ar nísa mhó ná sin, agus go raibh aois go
leór aige féin le freagra do thabhairt dáibh ar a
shon féin.



Annsin adubhairt na Phairisínigh leis glóir agus
buidheachus do thabhairt do Dhia, do bhrígh


L. 103


gurab É do-rinne an leighios, agus gurbhá droch-dhuine
Íosa.



“Níl 'fhios agum,” ar an t-óglaoch, “acht is
feas damh go rabhus féin dall agus go bhfuil radharc
grinn anois agum.”



Do fhreagair na Iudaighibh ag rádh gurbha
disciobail do Mhaoise iad féin, agus nárbh fheas dáibh
créd é an fear sin.



“Is iongnadh leam,” ar an t-óglaoch, “nach
bhfuil fios agaibh cia hé, agus gurb é dothug mo
radharc dhamh-sa.”



Annsin do dhíbriodar amach as an Sinagóig é,
agus do thárla Íosa dhó, agus d'fhiafraidh dhe ar chreid
sé do mhac Dé, “Agus mise é atá a' caint leat,”
ar sé. Do bhuail an t-óglaoch a aghaidh re lár
ann a fhiadhnuise annsin, agus dothug adhradh agus
onóir dhó.



Dob aoibhinn don dall sin dofuair an solus
ceart lé ndearnadh adharthach agus cosontóir Críosd
a n-aghaidh dhoctúirigh an dlighe dhe.



AN SAMARITÁNACH



(Eóin 10;) Lúc.10



A.C. 32



Tar éis sgéil an leighis mhíorbhúiligh sin
tráchtaigh an soisgél ar an teisd do-bheir Críosd


L. 104


ar an ngrádh carthannach is cóir don phastúir a
bheith ar an tréd bhíos ar a chúram, agus aithris do
dhénamh ar an ard-Phástúir úd ar n-anama
d'fhuiling bás dá dheóin féin ar son a thréda le
tártháil do thabhairt do gach aon fó leith dhíobh.
Agus dothug isan mbeagán briathar do labhair
sé annso uaidhe gach comhartha lé n-aithiontar
na deagh-phastúirigh agá mbíonn an cúram ceart
i ttréd Críosd acu, óir má bhíonn is gach am
ullmhaigh, ní hé amháin chum caill a mhaoine, a
shuaimhnis agus a árais, acht báis féin d'fhulang ar
a son, go tobann nó le pianta fada. Taisbénaidh
sé fós annso méud an eidirdhealbha atá idir an
bpastúir maith agus an tuarusdlach theithios an tan
chí an madra alta ag teacht a' ciorrbhadh agus a'
milleadh an tréda, .i. an té éisdios an uair búdh
chóir dhó labhairt go dána agus troid chalma do
dhénamh a n-aghaidh na muintire bhíos lé droch-shiompla,
nó le teaguisg earráideacha, ag milleadh
thréda an tSlánaightheóra.



Agus iar gcur dualguis na bpastúire i gcéill dó,
do theagaisg iad ann a ndualgas carthannacht dá
chéile. Óir d'éirigh doctúir a' fiafraidhe dhe, le
neart ládais agus dóchuis as a eagna féin, créd an
aithne don dlighe dhiadha ba prionnsapálta.



Do fhreagair Críosd le dhá fhocal é, ag rádh leis:



“Grádh Dé ós cionn gach uile ní, agus grádh na
comharsann mur thú féin.”


L. 105


d'iafraigh an doctúir arís cia ba comhursa
ann. d'innis Críosd le fáthsgél sin dó:



“Dobhí duine ar eachtra,” ar sé, “agus tárla
ladrainn dó, agus iar mbuain a mhaoine dhe do
bhuailiodar comh mí-thrócuireach é gur loitiodar
i mórán d'áitibh dá chorp é, gur fhágadar leath-mharbh
ar an tslighe mhóir é.



Agus ar mbeith isan gcruth sin dó do thárla do
shagart bheith ag gabháil rena ais, agus arna fhaicsin
dó níor chuir fiafraidh air acht gabháil rén' ais ar
a aghaidh isan tslighe. Do-rinne leuiticceach an
ní cédna (ní chuirios i gcéill, monuar, gur féidir
le gairm mhóir a bheith ar uairibh gan subháilcidh
a bheith 'na bhfochair ag na pearsannaibh cédna,
agus go speisialta gan an charthannacht is anam dona
subháilcibh eile).



Agus iar sin,” ar sé, ag leanmhuin don sgél,
“táinicc Samaritánach (.i. págánach nó íodhaladharthach)
dá ionnsuighe, agus arna fhaicsin isan
gcruth sin dó do ghlac truaighe mhór é; agus iar
tteacht chuige, do dhóirt sé fíon agus ola ann a
chneadhaibh, agus do cheangail le bréidibh beaga iar
sin iad, agus do chuir ar a each féin é, go ttug go
tigh aoidhe é, agus do chuir a chúram go dúthrachtach
ar fear an tighe, agus iar ttabhairt airgid dó, adubhairt
leis gibé cosdus ós a chionn sin do dhénamh ar


L. 106


son an othair sin go ttiubhradh féin sásadh iomlán
dó ann.”



Agus iar sin d'fhiafraidh Íosa don doctúir cia
don triar sin ba comharsa don té sin do loit na ladrainn.



Do fhreagair an doctúir ag rádh gurbh é an té
do-rinne truaighe dhó.



Annsin adubhairt Íosa: “Dén-sa, más eadh,
an ní cédna.”



Cuiridh an fáth-sgél so an tSlánaightheóra i
gcéill dúinn nach cóir do neoch é féin, a mhaoin,
ná a shaothar, do choigill an tan is riachtanus
tártháil do thabhairt do chomhursainn i n-éigion.



Adeir na haithreacha naomhtha gur cosmhuil do
réir résúin go raibh truaighe acu don duine bhocht
úd; gidh eadh, go raibh críonnacht agus gliocas
an tsaoghail so anois acu, do thoirmisg an sagart
agus an cléireach um chaint do dhénamh leis an
othar; agus nachar smuain an Samaritánach air sin,
acht gur chuir a thrócuire i ngníomh le simplidheacht
naomhtha.



MARTA AGUS MÁIRE



Luc.10



Anno Christi Eodem



Níor leór le Íosa an dá apsdal décc do thogha,
acht do thogh sé fós seachtmhoghad disciobal agus


L. 107


dias fós, do chuir sé 'na ndías agus 'na ndías roimhe
is gach ionad ann a raibh a thriall féin. Agus do
bhídar sin sásda lena staid féin gan tnúth ar bith
le honóir na hapsdaldacht, ní chuirios i gcéill gur
chóir don dream bhíos 'na n-iachtaráin i nEagluis
Chríosd gan tnúth ar bith do bheith le huachtaránacht
acu, agus má thig gur toil le Críosd a
ttógbháil chum uachtaránacht, mur do-rinne le
Mathias, gur cóir dháibh gan sgaradh leis an
umhlacht chédna dobhí ó thús acu.



Agus iarna gcur isan teachtuiracht sin d'Íosa
maille le cumhachta le deamhuin do dhíbirt,
thángadar air a n-ais go hÍosa ag innsin dó go
lúthgháireach go raibh na deamhuin fó smacht
acu le trácht ar ainm Íosa Críosd. Adubhairt
Íosa leó gan luathgháire do bheith orra ná uaill
do dhénamh as an gcumhacht particulárdha sin,
acht lúthgháire do bheith orra tréna n-anmanna
do bheith sgríobhtha i leabhar na beatha síorruidhe,
.i. ar neamh. Agus annsin, le hoibriughadh an
Spioraid Naoimh, dothug buidheachus dó tré mur
do thogh sé na daoine deireóile simplidhe sin le
fios na rún-diamhra do cheil sé ar an aos eagna
shaoghalta do thabhairt dóibh; agus adubhairt riú
gurbha haoibhinn dona súile do-chonnairc an
t-amharc dofuaradar, do bhrígh gurbha hiomdha
rígh agus fáidh lér mhian na neithe do-chonncadar-san
d'fhaicsin agus na neithe do-chualadar a chlos, gídh
nárbh fhéidir leó na sóláis sin d'fhagháil, dá chur


L. 108


i gcéill da gach dream dár ghlac teagasg na
n-apsdal a bheith cúramach air, agus a bheith
d'oidhche agus do ló dá stuidér.



Agus chum go gcuirfeadh Íosa i gcéill staid
bheatha gacha Críosdaighe, do-chuaidh sé chum
baile bhig, nó mur deir an soisgél chum caisléin,
áit i raibh bean mhuintiordha dhó darbh ainm
Marta. Agus dobhí deirbhshiúr aice sin darbh
ainm Máire, nó Muire, do shuidh go socair i
bhfiadhnuis an tSlánaightheóra ag éisdeacht gan
imnigh saoghalta leis, agus ag díleagha millseacht na
mbriathar ndiadha dobhí a' teacht uaidhe, an
feadh dobhí Martha go ro-dhíthchiollach ag
ullmhughadh bídh. Agus do chasaoid sí ré hÍosa
nach raibh a deirbhshiúr ag congnamh léidh.
Agus a n-ionad a rádh re Máire congnamh do
thabhairt dí, adubhairt Íosa gurab í Máire do
ghlac an rogha dob fhearr tar a bheith ro-ghnoitheach
ro-imnígheach i ttimchioll na gnoithídh
saoghalta mur dobhí Marta. “Óir atá tusa, a
Mharta,” ar sé, “imnigheach fó mhórán do neithe,
gidh nach bhfuil acht aen-ní amháin riachtanach.”



Agus dobhíodh an focal so do ghnáth i mbél
na naomh do dhóirtfeadh iad féin do mhídheamhoin
agus do stuidér rún-ndiamhra ndiadha an chreidigh,
agus do thréigeadh congháir na gcúram saoghalta,
óir do thuigiodar gurab í sin stáid is taithneamhaigh
le Dia. Óir, tar cheann gurbha naomhtha an
obair dobhí ar aire Mhartha, .i. ag gléus bídh


L. 109


do Chríosd, is mó do thaithnigh suaimhnios Mháire
agus a haire ar chlos briathar Dé iná sin leis.



LEIMHE AN TSAIDHBHRIS SHAOGHALTA



Luc.12



A. Eod.



Do thaisbéin Críosd go dlúth 'na dhiaidh sin,
leis an imdheargadh dothug dona Phairisínigh, go
raibh ádhbhar maith aige le gníomhartha maithe
na hintinne dobhí níos taithneamhaigh aige iná
na gníomhartha foirmeallacha, óir, tar cheann
go mbíd so ionmholta go minic i láthair na ndáoine,
bíd ar uairibh lochtach gráineamhail i láthair Dé,
do bhrígh nach ó inntinn mhaith thigid.



Adeirid na haithreacha naomhtha ar an ádhbhar
sin nach bhfuil ní ar bith is taithneamhaidh leis
an diabhal ná an té ar a mbíonn sealbh a anama
aige do dhénamh móráin do dheagh-ghníomhartha
le saobh-chrábhadh go foirmiollach ós comhair
cháich. Óir ní iarrann Dia acht an inntinn mhaith
do bheith aige do ghnáth, agus uime sin is baoghlach
an staid i mbíonn mórán do gach staid nach
n-oibrígheann go ceart acht don taobh amuich dá
ngníomhartha, agus is don dream bhíos ag ministrálacht
na Sacrameinte agus briathara Dé is baoghlaigh go mór.



Óir dotháinicc días dearbhráthar bhí i n-imreasan


L. 110


fó mhaoin shaoghalta ag iarraidh air Críosd
réiteach do dhénamh le breitheamhnus nó le
roinn eatorra. Agus iar ttabhairt imdheargtha
dháibh do dhiúlt sin do dhénamh, agus adubhairt
nach chum breitheamhnuis don tsamhuil sin a
dhénamh a tháinicc sé chum an tsaoghail.



Do chuir sé i gcéill leis an bhfreagra so nárbh
áil leis cúram ar bith do ghlacadh i ngnothídh
saoghalta ar bith, agus gur chóir don dream do thogh
an Slánaightheóir chum a Shacrameinte do mhinístrálacht,
agus chum an tSoisgéil do theagasg, gnothídh
agus trioblóid an tsaoghail do sheachna, do bhrígh
gur mó go mór a gcúram féin ná cúram na ndaoine
saoghalta, agus fós gur nár don té atá 'na stíobhard
ag Dia féin a dhul a' dénamh stíobhardacht isan
am chédna dá námhuid, .i. don tsaoghal; agus ná
mealladhdís iad féin le leithsgél bhíos coitchionn
ag cuid díobh, .i. gur le carthannus théid siad
chum breitheamhnuis na gcásaibh saoghalta sin.



Mo thruaighe nach ttugann cuid dona daoine
Eaguilse so fó deara, bhíos níos díthchiollaigh ag
stíobhardacht do dhaoinibh ná do Dhia, do chuir
a lán-ualach cúraim orra; acht buidh chóir dháibh
do ghnáth cách do theagasg agus do thoirmeasg
ar an tsaint do sheachnadh, óir is í chuirios orra
égcóir do dhéanmah ar a gcomharsainn. Agus is
uabhar fós a bhrosdaighios cuid don Eagluis chum
a bheith ag iarraidh ceannuis ar na prionnsaighe
talmhuidhe isna neithe saoghalta, óir is mór an


L. 111


ceannus agus an mhaighiostracht spioradálta atá acu
ós a ccionn, agus is leór dháibh do chúram sin amháin.



Agus chum na sainte do smachtughadh d'innis
Críosd an sgél fáthach so, .i.:



Dobhí duine ro-shaidhbhir do chruinnigh
foghmhar mór, agus dobhí isan am cédna buaidhreadh
mór air tré mur dobhí a iothlainn ro-chumhang
le toradh a shaothair talmhuidhacht
do chongbháil, agus adubhairt gur riachtanas dó an
iothlainn do mhéudughadh, agus iar sin adubhairt:



“An tan chruinneóchad,” ar sé, “an foghmhar
mór so, is féidir liom a rádh lem anam a bheith
suaimhneach, óir go bhfuil go leór agam le bheith
ag ithe agus ag ól ar feadh móráin do bhliadhnaibh.



Agus ar mbeith ag dénamh an áithis mhóir sin
dó, adubhairt Dia leis:



“A amadáin,” ar sé, “caillfidh tú h'anam
anocht féin, agus créd dhénfus tú leis an méid saidhbhris
do chruinnigh tú, nó cia agá mbiaidh do
mhaoin amárach?”



Cuiridh so i gcéill nach saidhbhris saoghalta
búdh mían le Críosd a bheith ar aire a chloinne
féin, acht saidhbhris nach gcaillfeadhdís ris a
mbás do bheith go síorruídhe acu.



AN MAC DIOMBALACH



Luc.15



A. C. 32



Iar mbeith do mhac Dé go minic ag teagasg na
haithrighe dona daoine, dob áil léis annso a chur


L. 112


i gcéill le mórán do sgéltaibh fáth-chiallacha go
raibh sí ro-thaithneamhach ag rígh nimhe. Óir
innsidh sgél an aodhaire do chaill caora dhá thréd,
agus méud na lúthghára dobhí air an uair dofuair
sé í; sgél eile fós na mná do chaill píosa airgid, agus
irna fhagháil dhí an lúthgháire mhór dobhí
uirre, lér ghoir a chomharsanna chugthe le comhgháirdiochas
do dhénamh léidh; agus 'na dhiaidh
sin d'innis sgél ro-mhothaigheach ar an mac
diombalach, mur so:



“Dobhí duine ann,” ar sé, “agá raibh dias
mac; agus d'iarr an sóisear díobh sin air a roinn féin
dá oighreacht do thabhairt dó; agus iarna fhagháil
sin dó, do-chuaidh go tír im-chéin, agus do scap sé a
mhaoin annsin go diombalach dosgúdhach le
mnáibh mí-chneasda.



Dotháinicc gorta go grod dá éis sin ar lucht
na críche sin, agus mur nach raibh stór ná lón ar bith
aige-san dob éigion dó seirbhís sclábhaighthe
d'iarraidh le beatha d'fhagháil; agus do ghlac duine
do mhuintir an bhaile ann a raibh sé é, agus do chuir
go teagh tuaithe dobhí aige é, a' comhdach muc;
agus ní bhfuair tártháil annsin ón ngorta, acht do
bhí a dhíghbháil bídh comh mór agus gur mhian
leis a bheith i gcomhroinn leis na muca.



Acht fá dheóidh, do smuain ar an staid dhíghbhálaígh
ann a raibh, agus adubhairt leis féin: “Uch,”
ar sé, “is iomdha do lucht tuarusdail atá a' fagháil


L. 113


bídh go fairsing i ttig m'athar-sa anois, agus mise ag
dul chum báis le gorta.”



Agus leis sin do thréig sé an tír ghortach sin,
agus do-chuaidh d'ionnsaigh a athar léna dhíth
céille d'admháil dá láthair, le seirbhís mur sclábhaigh
eile d'iarraigh air. Agus ar mbeith ag teacht
chun an tighe dhó, do-chonnairc a athair é; agus arna
aithne dhó d'fháisg réna chroidhe é, agus níor nár leis
a admháil a bheith 'na mhac dil aige; agus do mhúch
an lúthgháire dobhí aige réna fhaicsin an diomdha
dobhí aige air tré imtheacht le mí-rath roimhe
sin uaidhe.



Do thuig an mac annsin níos fearr ná riamh
roimhe méd an uilc agus an pheacaidh do-rinne a
n-aghaidh athar comh maith agus comh cinéalta ris
an athair dobhí aige, agus adubhairt annsin:
“A athair ionmhuin,” ar sé, ag sléuchta ann a
fhiadhnuise, “do pheacaigh misi i n-aghaidh Dé
agus iod h'aighe féin, agus ní fiú mé do mhac a ghairm
dhíom.”



An uair do-chualaidh an t-athair trócuireach
carthannach an mac dá umhlúghadh féin mur sin
ann a láthair, i n-ionad imdheargadh do thabhairt
dó, adubhairt léna lucht feadhma an róba dob
fhearr agus an t-éudach dobhí roimhe ar a mhac do
chur air, agus annsin d'ordaigh laogh biata do
mharbhadh agus sollamhain lúthghára do dhénamh
dá mhac tháinicc chuige.



Arna fhaicsin sin don mhac bá sine do ghlac


L. 114


fearg mhór é, do bhrígh nach ttug a athair samhuil
na honóra sin dó féin ariamh, tar cheann nach
dearnaidh easumhlacht ar bith ariamh 'na aghaidh.
Gidh eadh, do fhreagair an t-athair é, ag rádh nár
nár dó féin comharthaigh lúthghára do thaisbénadh
do bhrígh go raibh a mhac dobhí marbh arna
athbheódhadh.



Ní riachtanus do réir na n-aithreach naomhtha
gluais ná móráltacht do chur ar an gcaibidil so,
óir léighthear innte féin go follusach méud thairbhe
na haithrighe.



AN DROCH-SHAIDHBHIR



Luc.16



Níor leór le Críosd a fhuath ar an tsaidhbhrios
do chur go minicc i gcéill, ná gach imdheargadh
dá ttug dona saidhbhir, acht ba toil leis siompla
cruaidh gér do thabhairt ar a staid annso uaidhe,
is adhbhar uathbháis do dhuine ar bith agá
mbeith creideamh.



“Dobhí duine saidhbhir ann,” ar sé, “éudaighthe
le purpar agus le togha ar fheabhuis gach línéudaigh,
agá mbíodh gach aon lá togha gach
bídh agus rogha gacha dighe ar a chlár. Acht do
bhí duine bocht, darbh ainm Lazarus, dobhí lán
do mhill agus do chneadhaibh gráineamhla, do luidheadh


L. 115


gach oidhche ós comhair dhoruis a pháláis, agus
nach n-iarradh do bheatha dhó féin acht na
sprúghail do thuiteadh do bhórd an tsaidhbhir
sin, agus gan duine ar bith dá seachada dhó. Agus
mur mhéudughadh ar ádhbhar náire, agus mhéd
suidhighthe ar a mhí-thrócuire, do thaisbéin a
ghaidhir níosa mhó truaighe don othar bhocht
so ná a maighistir, óir do líghdís a chneadha, dá
chur i gcéill gurab iomdha slighe ghlacus Dia le
sólás do thabhairt dá fhíréin bhochta féin.



Acht fá dheóidh, an uair dob áil le Dia coróin
bhuidheachuis do chur ar fhoighid dhaor-luaidh
an othair phianta sin, agus a thuarusdal do thabhairt
dó ar son a bhuan-sheasamh i bhfoighid dhiadha
gan murmur ná casaoid do dhénamh a n-aghaidh
tola Dé, do ghoir as an saoghal air, agus do chuir
a aingil i gcuinne a anma, gur fhágadar i n-ucht
Ábrahaim é.



Dofuair an saidhbhir fós bás. Gidh eadh, iar
mbás dobhí a staid ar aon thall comh égcosmhuil
agus dobhí ar an tsaoghal. Óir ar an bponc ann ar
sgar anm an tsaidhbhir lena chorp do damnaigheadh
go hifrionn é; agus ar n-amharc as sin
suas dó, do-chonnairc Ábraham i bhfad suas
uaidhe agus Lazarus ann a ucht. Do sgread sé go
hárd chum Ábrahaim, agus é dhá losgadh agus dá
phianadh go mór; d'iarr air truaighe do dhénamh
air, agus a rádh le Lazarus a mhér do thomadh i
n-uisge, agus braon do léigion de chuige ar a theangaidh,


L. 116


le fuaradh beag do thabhairt dí, óir go raibh
sé dá losgadh le lasair uathbhásaigh thineadh.



Adubhairt Ábraham leis: “Nach cumhain leat,”
ar sé, “méud na sólás dobhí ar an tsaoghal agad
an feadh bhí Lazarus ag fulang piana móra agus gorta,
agus anois atá-san i n-aoibhnios agus tusa dod chéusadh.”



Annsin d'iarr an saidhbhir ar Ábraham, ó nach
raibh sólás le saoghal na saoghal aige féin re
fagháil, Lazarus do chur i tteachtuireacht go tigh
a athar le rogha do thabhairt dá chúigear dearbhbhráthar,
dobhí ann, iad féin do choimhéd ar
theacht go háit na bpian an raibh féin. Do
fhreagair Ábraham é ag rádh go raibh Maoise agus na
fáidhibh acu, agus muna gcreidfeadhdís iad sin nach
n-éisdfeadhdís le marbh arna athbheódhadh.



Iar gclos an sgéil fháthaigh so ann tSlánaíghtheóra
ná bíodh tnúth ag na boicht fhírénta leis na
saidhbhir, acht tugadh buidheachus mór do Dhia
agus bíodh truaighe acu dona saidhbhir, óir gur
dréimire maith le dhul go flaithios Dé an bhochtaineacht.



AN PhairisÍNEACH AGUS AN PUIBLICÁNACH



Lúc.18



A. eodem



Tar éis staid bhocht na saidhbhior do chur i
gcéill le briathra ro-mhothaigheach don tSlánaightheóir,


L. 117


do chuir sé uathbhás ba mó ná sin
go mór ar na hapsdail an uair d'fhaisnéis dáibh
an t-uathbhás do bheith ar an domhan an tan do
thiucfadh féin chum an bhreitheamhnuis ndéighionaigh,
óir cuiridh an aimsir sin i gcosmhulacht
leis an aimsir a ttáinicc an díle ar an talamh go hiomlán.



“Dobhí,” ar Íosa, “an tan sin na daoine ag
ithe, ag ól, ag pósadh a n-iongheana, agus na fir ag
pósadh ban, nó gur thuit an díle go tobann orra,
do bháith go hiomlán iad.”



Agus ionnus go mbeith cách go coitcheann ar a
gcoimhéd le teacht an uilc mhóir sin, adeir Críosd
leó a bheith ag síor-ghuidhe Dé gan sgís, agus a
nguidhe do bheith gér buan-sheasmhach, mur
bheith bantreabhach ag guidhe breitheimh le
ceart do dhénamh dhí, agus nach ttréigfeadh a bheith
dá ghuidhe nó (go) gcuireadh éigíon air a hathchuinge
do thabhairt dí.



Agus dotháinicc as an léighionn sin dothug
uaidhe ar an urnaighthe go ttug sé siompla dúbálta
ar an urnaighthe uaidhe, do réir na bpearann
do bheith dá dénamh, mur atá an t-uaibhreach,
bhíos fuathmhur ag Dia, agus an t-umhal, bhíos
taitneamhach aige.



“Do-chuaidh dias,” ar sé, “ag urnaighthe chum
an teampaill, duine díobh puiblicánach, agus Phairisíneach
an fear eile (ionann sin agus duine ar a raibh


L. 118


meas crábhaidh, .i. an Phairisíneach, agus duine ar
a raibh meas peacaigh phuiblidhe). Agus ar ndul
isteach isan teampall don Phairisíneach, do-chuaidh
i láthair na haltóra, agus do sheas sé ós a
comhair go handóchusach, agus adubhairt:



“Bheirim buidheachus duit, a Dhé,” ar sé, “do
bhrígh nach ionann mé agus cách eile do bheith
éigceart bradach, agus fós ní hionann mé agus an
puiblicánach so do-chím annso, óir troisgim fá
dhó gach seachtmhuin, bheirim deachmhaidh as
mo mhaoin go hiomlán, etca.”



Ar mbeith don Fhairisíneach mur sin, i n-ionad
urnaighthe, agá mholadh féin, gan ar 'aire (i n-ionad
a chneadh do thaisbénadh do Dhia) acht bheith ag
maoidheadh a dheagh-ghníomh, dobhí an puiblicánach
go huirísiol i bhfad síos ón altóir ag
admháil a chortha féin agus ag iarraidh trócuire ar
Dhia, a shúile re lár ag bualadh a ochta, agus ag
rádh:



“A Thiaghearna, dén truaighe dhamh, óir is
peacach ró-mhór mé.”



Is maith chuirios an sgél fáthach so i gcéill an
t-eidirdhealbhadh atá idir an mbreitheamhnus
diadha agus an lag-bhreitheamhnus daonna. Óir an
tan do mheas na daoine an Phairisíneach a bheith
naomhtha is ann d'fhuathaigh agus do ghránaigh
Dia dhó, agus an puiblicánach, do shíliodar a
bheith fuathmhur ag Día, dobhí sé taithneamhach


L. 119


aige, óir adeir Críosd gur shlánaigh a umhlacht
ar an láthair sin é agus gur dhamnaigh a uabhar
an Phairisíneach. Adeir S. Augustinus nach
trésan mbuidheachus dothug an Phairisíneach ar
son na ttiodhlaice dofuair ó Dhia do damnaigheadh
é, acht trésan tarcuisne dothug ar an dream, dár
leis, nach bhfuair iad mur é féin. Is baoghlach
na subháilcidhibh foirmeallacha, acht leis an
umhlacht do bheith dá smachtughadh do ghnáth.



DO LUCHT OIBRE NA FÍNEAMHNA



Math.20



A. 32



An uair ba mian le Críosd faisnéis do thabhairt
uaidhe ar staid a Eaguilse féin, agus ar gach ní dhá
raibh le teagbháil dí go deireadh an domhuin,
d'innis sé dá dhisciobail an sgél fáthach so síos:



“Is cosmhuil ríghacht nimhe le athair muintire
dorachadh i moch maidne ag cur lucht oibre ann
a fhínneamhuin, iar ndénamh connartha leó ar
a ttuarusdal. Agus ar ndul amach arís dó tar
éis an naoi do chlog, do-chonnairc daoine díomhaoineach'
ar an tsráid, nó i n-áit oireachtais na
cathrach, agus adubhairt riú dhul ag obair ann a
fhíneamhuin. “Agus do-bhéraidh mé,” ar sé,


L. 120


“bhur ttuarusdal daoibh.” Agus do-rinne an ní
cédna ar uair an mheadhóin laoi, agus irís ar uair
an trí. Agus irís ar ndul amach dó i ndeireadh
an laoi, do-chonnairc sé daoine bhí dímhaoineach,
agus d'fhiafraidh dhíobh créd fár chaithiodar an lá
i ndíomhaoinius. Do fhreagradar-san, ag rádh
nár iarr aon-nduine chum oibre iad. Adubhairt
sé leó mur an gcéadna dul dá fhíneamhain, agus go
ttiubhradh gibé tuarusdal budh cheart dáibh
d'fhagháil ar son a saoithir.



Ar tteacht don tráthnóna iar sin, dubhairt an
máighistir lena fheadhmannach an lucht oibre do
ghairm chuige agus a ttuarusdal do thabhairt
dáibh. Agus ar ttosughadh dhó leis an dream
dotháinicc go déighionach isan obair, dothug
sé an tuarusdal cédna dháibh do cheap sé don
chéd-druing, do thosaigh i moch na maidne; agus an
uair do-chonncadar so iad ag fagháil an uiriod sin
do shíliodar go bhfuigheadhdís féin a thrí uiriod,
do réir na haimsire do chaithiodar isan obair,
acht ní bhfuaradar acht an ní do gealladh dháibh
ar maidin; agus thug sin orra dhul chum murmair,
ag rádh nár cheart uiriod tuarusdail leó féin do
thabhairt don dream nach raibh acht timchioll
aon-uaire amháin isan obair, agus gur iomchair siad
féin ualach an lae agus a theas. Do fhreagair an
t-athair d'aon díobh, ag rádh:



“A charaid,” ar sé, “ní dhearnus-a égcóir ort,
óir dofuair tú an mhéid do gheallus dhuit do


L. 121


réir ar gconnartha ré chéile, agus uime sin beir
leat do cheart agus bídh ag imtheacht. Is toil liom-sa
uiriod do thabhairt don fhear dhéighionach so agus do
thug mé dhuit-se. Nó an measann tú nach
bhfuil sé dlisdionach agam an ní is toil liom a
dhénamh re mo chuid féin, nó an ndénann mo
mhaith-se olc dhuit-se?”



Agus is mur sin,” ar an Slánaightheóir, “bhías
an dream atá ar deireadh i ttosach agus an dream
atá i ttosach ar deireadh, óir atá mórán arna
ngairm agus beagán arna ttogha.”



Is ádhbhar mór an fáth-sgél rúndiamhrach so
don léighionn do-bheir na haithreacha naomhtha
dona Críosdaighibh, lé n-iarrann orra an díomhaoinius
do sheachnadh agus a bheith le dúthracht
ag síor-obair i bhfíneamhuin an Tiaghearna. Bídh
gach aon ag obair isan bhfíneamhuin so, tar cheann
nach aen-ghné oibre amháin bhíos ag gach aon,
agus is leór do gach duine an ní iarrus maighistir na
hoibre air a dhénamh gan nísa mhó, ná fós obair
ar bith, do thogha dó féin, acht do réir ordaighthe.
Ná dénadh fós aen-nduine uaill ná maoidheamh
basdalach as a obair féin, óir níl taithneamhach
innte acht an ní thig ón maighistir féin. “A
mhairg,” adeir S. Augustinus, “do bheatha an
té is fearr iomchras é féin ar an saoghal so, má
scrúdann Dia a bheatha do réir a cheirt ghérchúisigh.”


L. 122


LAZARUS ARNA ATHBHEÓDHADH



Ioan.11



Adéuradh neoch gur luathaigh eiséirighe Lazaruis
ar uair bháis an tSlánaightheóra, óir do bhrígh
gurab í míorbhuile bá cliútaighe do-rinne Críosd
í, is í is mó do tharruing ainmhian agus iomthnúth
cáich air.



Ar mbeith do Lazarus tinn isan mBethania do
chuir a dhearbhsheathreacha sgéla a thinnis chum
Íosa. Dobhí grádh mór ag Íosa ar Lazarus agus ar
a dhias dearbhsheathar, agus an uair do-chualaidh
an chonntabhairt bháis ann a raibh Lazarus
adubhairt gur galar sin dotháinicc chum glóire
Dé do mhéudughadh. Agus uime sin, i n-ionad
deithnis do dhénamh le dul dá ionnsaighe, do
chomhnaidh sé dhá lá isan áit a raibh, le huain
báis do thabhairt dó, agus lena chur i gcéill gur ó
easbhaidh Íosa do bheith i láthair thig bás spioradálta
ar n-anamann.



Iar ccaitheamh an dá lá sin d'Íosa adubhairt
lena dhisciobail gur chóir a dhul go Iudea. Gidh
eadh, mur dobhí eagla ar na disciobail dá Maighistir,
adubhairtsiod leis go raibh a naimhde
ullmhaigh gach uair lé díghbháil do dhénamh
dhó agus lena bhásughadh. Dothug Íosa misnioch
dháibh, agus adubhairt leó iar sin go bhfuair a gcaraid
Lazarus bás, agus gur mhaith leis é, ionus go nearteóchadh,


L. 123


leis an míorbhuile do chinn sé a dhénamh
air, iad-san agus mórán eile ann a gcreideamh.



Is annsin adubhairt an t-apsdal na briathra do
bhí ar úsáid ag na fíréin anollód, .i. “Téighmíd
leis agus fuilingimíd 'na fhochair.”



An uair do-chuaidh Íosa go Bethania dofuair sé
Lazarus adhlaicidh, iar mbeith ceithre lá marbh
dhó. An uair do-chualaidh Martha Íosa do bheith
ag teacht do-chuaidh sí gan mhaill 'na chuinne,
agus d'fhág sí a deirbhshiúr Máire mar aon leis an
dream dotháinicc as Ierusalem le cuairt chúgthu
agus le sólás do thabhairt dáibh. Do nocht Martha
a dólás do Chríosd, tré gan a bheith i láthair dhó
le linn galair báis a dearbhráthar, agus d'admhaidh
sí fós le creideamh láidir gurbh é mac Dé é, agus dá
bhrígh sin gur chreid sí go mb'fhéidir leis gach ní
ba toil leis d'fhagháil ó Dhia dhó isan gcruth
ann a raibh an uair sin féin.



Do-chuaidh Marta iar sin, agus d'innis go secréideach
do Mháire go ttáinicc Íosa agus gur iarr uirre dul dá
ionnsaighe. Leis sin do ghluais sí gan mhaill
chuige, agus do lean an comhluadar dobhí aice í, do
bhrígh gur shíliodar gur ag caoi ar uaigh a dearbhbhráthar
do-chuaidh sí. An uair do-chonnairc
Íosa Máire, mar aon leis na Iudaighibh do lean
amach í, ag sileadh deór go tiugh, do chaoi sé
féin, agus d'fhiafraidh cáit ar chuiriodar Lasarus.
Agus do-chuadar leis chum na huamha.


L. 124


Ar tteacht annsin dó, d'iarr an leac do thógbháil
don uaidh, agus iar ndénadh urnaighthe chum an
Athar Shíorruidhe dhó do labhair do ghuth árd,
ag rádh:



“A Lasaruis, tar amach.”



Agus do éirghidh an marbh ar an láthair, agus do
sheas i bhfiadhnuise cháich, agus isan am cédna
dobhí a lámha agus a chosa ceangailtigh agus a éudan
folaighthe le bréid lín do cuireadh iar mbás air.
d'iarr Íosa iar sin a sgaoile agus cead siubhail do
thabhairt dó.



Druidigh Críosd le hanam an pheacaidh mur do
dhruid le Lazarus, agus goiridh go hard ag iarraidh
air éirghidh as uaidh thuath-bhréin an pheacaidh
leis an gcumhacht sgaoilte agus ceanguil dothug don
Eagluis. Beantar na cuibhriocha dhe an tan do-ní
an Spiorad a mhúsgladh as bás an pheacaidh.
Cuiridh fós an chaoi do-rinne Críosd roimh Lazarus
d'athbheódhadh i gcéill méud an docamhuil bhíos
i músgladh an pheacaidh chalcaidhios ann a n-olc.
Gidh eadh, dhá mhéd docamhal dá mbíonn leis
an míorbhuile sin do dhénamh, an uair labhrus
Críosd go hárd agus ghoirios air, freagraidh go prap
leis an nguth uile-chumhachtach sin.



ZACHEUS ARNA GHAIRM LE CRÍOSD



Luc.19



An uair do-chualaidh na Phairisínigh gur athbheódhaigh


L. 125


Íosa Lazarus, agus ar bhfaicsin dáibh
méd an chliú do-chuaidh ar an míorbhuile sin,
do-chuadar i gcomhuirle ag féchuin créd budh
cóir dháibh a dhénamh leis, agus dobhídar eatorra
féin dá rádh, muna gcuireadhdís cosg air, go ttiucfadh
na Rómhánaigh orra agus go mbeanfadh sealbh
a mbailte agus an ríghacht díobh.



Is annsin do labhair aon díobh, agus do bhrígh
gurbh é bá hard-shagart an bhliadhain sin do-rinne
fáisdine, ag rádh gurbhá riachtanus aon éigin
d'fhulang báis ar son an phobail. Agus ón lá sin
amach do chinniodar ar a bhásughadh. Mur do
bhí a fhios sin ag Íosa d'fholaigh sé é féin, agus níor
chomhnuidh go puiblídh i ttír na Iudea. Acht i
gcionn beagáin aimsire, an tan dobhí aimsir a
bháis do láthair, do chinn sé ar a dhul go Ierusalem;
agus ar an tslighe do réimhinnis dá dhisciobail gach
ní dhá raibh le teacht air.



Agus ar tteacht go Iericho dhó, ann a bhealach
go hIerusalem, tárla don té ba ceann feadhna
dona puiblicánaigh, .i. do Zachaeus, go gcualaidh
Críosd do bheith ag teacht chum an bhaile, agus do-chuaidh
ar an tslighe roimhe, do bhrígh gur mhian
leis le haimsir fhada roimhe sin a fhaicsin; agus do
bhrígh go raibh sé beag ísioll ann a phearsainn,
d'eagla go mbeith an dream dotháinicc leis ann
a radharc, le toirmeasg do chur um Chríosd
d'fhaicsin do réir a mhiana, mur dobhídar níos


L. 126


uirde ná é, do rith sé rompa, agus do-chuaidh sé
súas i gcrann árd siocumair dobhí ar an tslighe,
ionnus go bhfuidheadh lán-amharc air Íosa.



Ar mbeith don tSlánaightheóir ag teacht do
láthair na háite sin, d'fhéch suas air Zachias, agus
adubhairt leis turling go tapaidh, óir gur mhian
leis dul dá thigh agus comhnuidh do dhénamh an lá
sin ann. Tug Zachaeus siompla maith annso
do gach aon le freagra fonnmhur prap do thabhairt
uatha an tan do laibheóradh Dia riú (hodie si
vocem eius audieritis nolite obdurare corda vestra),
óir ní luaithe do-chualaidh é na do-chuaidh i
gcuinne an tSlánaightheóra, agus do ghlac go lúthgháireach
ann a thigh é.



Agus ar mbeith do chách ag ithiomrádh ar Íosa
tré mur do thogh sé teach, mur do mheasadar,
peacaigh phuiblidh chum coimhnuidh do dhénamh
ann, gidh eadh, ar an láthair, le hoibriughadh an
Spioraid Naoimh, do dhiúlt agus d'fhuathaidh Zachaeus
don tsaint do char sé go suiche sin, agus, arna
umhlughadh féin do láthair an tSlánaightheóra,
adubhairt leis le dóchus mór agus le dánacht naomhtha
dofuair ó Dhia go ttiubhradh gan mhaill leath a
mhaoine dona boicht, agus go ttiubhradh leis an
gcuid eile dhi aisiog fó cheathair do gach aon ar
a ndearna éagcóir.



Ar gclos na mbriathar sin, dotháinicc óna
ghrásaibh féin, do Chríosd, adubhairt go ttáinicc


L. 127


sláinte chum tighe Shacheuis an lá sin, agus tar
cheann nach raibh Zacheus acht i ttarcuisne ag
na Iudaighibh, adubhairt Críosd ós aird go raibh
“na mhac ag Ábraham,” ní do réir gheineamhna
acht do réir chosmhalacht; óir adeirid aroile
úghdair gurbha Geintíleach é; gidh eadh, is mó
is inchreidthe do réir Liránuis gurbhá Iudaigheach
é, óir dá madh Geintíleach é do thóigfeadh na
Iudaighibh go ró-olc ar Íosa a dhul dá thigh mur
do thóigiodar air go holc dhul go tigh peacaidh.



Tuigthear as so nach bíonn maill ar an bpeacach
teacht ar staid naomhthacht an uair a scriosas sé
frémhachaibh na gcinn-pheacaidhibh, mur do-rinne
Zacheus leis an tsaint dobhí greamaidh dhe go
n-uige sin, a' tabhairt leath a mhaoine dona
bochtaibh agus a' dénamh aisig leis an gcuid eile fó
cheathair ar gach ní dá bhfuair iriamh go hégceart.



ÍOSA CRÍOSD AG TEACHT GO CATHREIMÉACH GO HIERUSALEM.



Tar éis Zacheuis do thabhairt ar dheigh-staid
do Chríosd do ghluais sé as Iericho a' dul go
Ierusalem. Agus táinicc sé lá roimh an gCáisg
go Bethánia, áit ar ghlac Máire deirbhshiúr


L. 128


Lazaruis, d'athbheódhaidh sé roimhe sin, go lúthgháireach
é; agus do dhóirt sí soitheach d'ola deigh-bholaidh
daor-luaidh fóna cheann anuas. Do-rinne
Iudás murmur a n-aghaidh an ghníomha
sin; gidh eadh, do mhol Críosd é.



An uair do-chualaidh na comharsanna go raibh
Críosd annsin dothángadar 'na ndrongaibh agus 'na
mbuidhnibh, ní headh amháin chum eision
d'fhaicsion acht chum go bhfaiceadís Lazarus do
bhí arna athbheódhadh. Agus do mhédaigh sin
fearg agus anmhian na bhPhairisínigh comh mór sin,
gur chinneadar ar Lazarus féin do mharbhadh,
ionnus nach beith ag músgladh na míorbhuile
móire do-rinne Críosd air i meabhair cháich agus ann
a gcuimhne gacha mhionca do-chídís é, agus gurbhá
hadhbhar mór sin le dronga dona Iudaighaibh do
thabhairt chum creidigh agus géilleadh do thabhairt
do Chríosd.



Agus ar mbeith arna mhárach do Chríosd ar
shliabh Oiliuéite i bhfogus don chathair, do chuir
sé dias dá dhisciobail go caisléan dobhí i bhfogus
dáibh, agus adubhairt riú an t-asal agus a bromach do
bhí ceangailte ann do thabhairt chuige lena
iomchar go Ierusalem, agus dá gcuireadh aon-nduine
toirmeasg air a ttabhairt chuige, a innsin dó go
raibh feidhm ag an Tiaghearna leó. Do-rinne na
disciobail mur d'iarr orra. Agus ar mbeith ag dul
ar marcuighacht dó, chuiriodar a n-éudaighibh faoi
ar dhruim an asail, agus do shuidh Íosa ar a n-uachtar.


L. 129


Arna chlos dona dronga móra daoine dotháinicc
an uair sin a' dénamh na Cásg go Ierusalem go
raibh Íosa ag ionnsuighe an bhaile, do-chuadar
le craobha pailime ann a lámha 'na chuinne go
lúthgháireach, a' dénamh onóra dhó; agus dobhídar
dá mholadh le gotha árda agus le gártha móra lúthghára;
agus dobhí cuid acu ag teilgion a n-éudaighibh
fó chosaibh asail an tSlánaightheóra, agus cuid ag
crothadh chraobh nglasa roimhe, agus ag cur fáilte
go lúthgháireach roimhe, ag rádh: “Sláinte agus
glóir do mhac Dháibhídh; is beannaighthe an tí
tánicc i n-ainm an Tiaghearna.”



Do mhédaigh an onóir mhór sin mí-rún agus mailís
na naimhde dobhí ag Críosd, go n-abraddís go
hiomthnúthach eatorra féin: “Féch, níl buaidh
ar bith aguinn re fagháil ar an bhfear so: féch
mur tá an domhan ag géilleadh dhó agus dá leanmhuin.”



Adeir na haithreacha naomhtha gur mian le
Críosd an onóir agus an úmhlacht lúthgháireach so
d'fhagháil roimh an suipér déighíonach agus roimh
an mbás óna Iudaighibh, lena chur i gcéill don
domhan go raibh ann a chumhacht an domhan
d'iompódh mur ba toil leis, agus go m'fhéidir leis a
chur d'fhiachaibh ar a námhaid, agus ar an dream ba
námhuid agus agá raibh mailís dó, umhlacht agus onóir
do thabhairt dó an uair ba toil leis, dá chur i
gcéill go mbéidh sé éigiontach ag gach dream, agus
dona deamhuin féin, a nglúinibh d'fheacadh a'
dénamh umhlacht dó.


L. 130


AN LUCHT DÍOLA AGUS CEANNAIGH ARNA NDÍBIRT AS AN TEAMPALL



Ar mbeith d'Íosa ag ionnsuigh Ierusalem níor
chuir an onóir ná an gáirdeachus dobhí dá dhénamh
dhó gan caoi agus eólchuire do dhénamh ag teacht
ar amharc an bhaile dhó; óir dobhí do mhéd
a charthannais do lucht na cathrach muintiordha
sin gur ghoill go mór air an díoghaltas agus an dían-scrios
dobhí le teacht trésan día-mharbhadh do
bhídar a thionnsgnadh dhó féin. Agus d'innis
sé dháibh nach raibh d'ádhbhar ag na huilc sin
acht do bhrígh nach ttugadar dá n-aire agus nachar
ghlacadar go buidheach na tiodhlaice móra do
thug Dia dháibh ann a phearsainn féin. Agus
leis sin dothug léighion dona Críosdaighibh
gan grása Dé do chur i ndimbrígh, óir go ttig
díoghaltas do-innse ó Dhia mur dhíoghaltus ar an
tarcuisne sin. Óir, gidh nach ttáinicc an díoghaltus
ar an láthair sin ar Ierusalem, dotháinicc
sé 'na dhiaidh sin go lán-chumhachtach orra.



Ar mbeith d'Íosa mur sin ag dénamh dóláis fón
mí-rath agus fón dian-scrios dobhí le teacht ar
cathraigh ro-áluinn Ierusalem, dobhí ag imtheacht
isan tslighe, go ttáinicc fá dheóidh don bhaile isan
am a rabhdar go gnoitheach ag fiafraidh dhá


L. 131


chéile créd é dothainicc go sollamanta mur sin
don chathair. Agus níor chomhnuidh-san go
ndeachaidh don teampall; agus ar bhfaicsin dreime
ag reic agus ag ceannach an do theilg sé go
feargach a gcláir condais fó lár, agus do dhíbir le
sgiúrsa do-rinne sé do chórdaighibh beaga, agus do
theilg sé fós le lár na cathaoireacha ar ar shuidh
lucht díolta colum agus feurán, agus adubhairt go
dásachtach díbhfheirgach nár chóir uaimh ladrann
do dhénamh do thigh urnaighthe Dé, .i. don
teampall do hoirneadh chum Dé d'adhradh ann;
agus do thaisbéin an uiriod sin onóra do theampall,
nó do thigh, Dé nach bhfuilingeadh d'aon-neach
soitheach lán ná folamh d'iomchar ann.



Do-bheir na haithreacha naomhtha dhá n-aire
go mór nach luaithe do reimhinnis an Slánaightheóir
na huilc dotháinicc ar cathraigh Ierusalém
ná do-chuaidh isteach innte, agus do chuir i gcéill
leis an smacht do chur ar cách isan teampall gur
tré gach mí-ordughadh agus gach mí-bhésa dá mbíodh
'na measg, agus go speisialta isan áit naomhtha féin,
dobhí na huilc sin le teacht orra; agus ba leór mur
imdheargadh dona sagairt féin an smachtughadh
do-rinne ar an druing réimhráite i ttigh Dé, do
bhrígh gur ó fhailligh na sagart tháinicc don
druing sin a bheith ag reic agus ag ceannach ann.
Mo thruaighe nach ttugann na Críosdaighibh dhá
n-aire aniugh méd an mhasla do-bheirid do Dhia


L. 132


an uair bhíd ag bíodán i láthair altóra an tSlánaightheóra,
agus is eagail liom gur dona hadhbhair
an ní cédna so trésar leag Dia a lámh dhíoghaltach
ar an bpobal Éireannach. Dar leat, níor chóir
a thoirmeasg do chách na neithe bhídh riachtanach
chum na hiodhbartha do cheanach ag dorus
nó i bpórsa an teampall, gidh eadh is léur ann
so méd na feirge do chuir an mhargáil chédna
sin ar mhac Dé, tar cheann nach ttáinicc iriamh,
agus nach ttiucfaidh, duine comh foighidach ná comh
ceannsaigh ris.



RÓBA INEAMHUIL AN PHÓSDA



Matha 22



Ón uair a ttáinicc Críosd go sollamanta go
cathair Ierusalém ní raibh ní ar bith ar a aire,
nó gur fhuiling bás croiche, acht a bheith gan
sgís ag teagasg cáich go coitcheann, agus ag réimhinnsin
dona Iudaighibh go ttiugfadh mur dhíoghaltas
ar a neamh-dhísleacht agus ar a mí-chreideamh
go mbeith na Geintíligh arna ttogha ann a n-ionadh
leis an nglóir shíorruidhe do shealbhughadh i
ríghacht nimhe. Agus chum nach glacfadh na


L. 133


Geintíleacha féin uaill nó uabhar trés an togha
sin do-rinneadh orra, d'innis sé fáth-sgél dáibh
dar chóir a bheith 'na léighionn síorruidhe aguinn.
Ag so an fáth-sgél sin:



“Is cosmhuil ríghacht nimhe,” ar sé, “le rígh
do-rinne fleadh mór d'ullmhughadh le pósadh a
mhic. Do chuir a theachta le cuireadh do thabhairt
don dream ba mian leis a theacht chum na bainnse.
Agus ar ttabhairt tarcuisne dháibh sin don chéd-theachtuireacht
do chuir chugthu, agus iar ndiúltadh
an churtha, do chuir teachtairigh eile chugthu,
d'innis dáibh go raibh an féusda ullmhaigh, na
daimh agus an énfhlaith marbh. Gidh eadh, do
dhiúltadar an dara feacht dul dá ionnsaighe; agus
do-chuaidh cuid díobh dá ttighthibh tuaithe, cuid
eile le gnoithibh nach n-áirmhithear, agus cuid eile
dhíobh, ba dobhuidhigh ná cách, do mhaslaigh na
teachtuirigh sin, agus do mharbh cuid eile dhíobh.



Do ghlac fearg mhór an rígh trésan tarcuisne
sin dofuair. Do chuir gan mhaill a mhílídhibh
a' dénamh díoghaltais orra, agus dá marbhadh, agus a'
losgadh a mbailte.



Agus iarna dhénamh sin dó, dubhairt lena
sheirbhísachaibh: “Do-chídh sibh go bhfuil an
fleadh ullmhaigh agus gur dhiúlt an drong dofuair
cuireadh le teacht dá caitheamh a gcuid de do
ghlacadh. Imghidh dá bhrígh sin ar an bealaighibh
móra agus tugaidh libh isteach an méid gheibhthí
ann do gach gné dhaonna.”


L. 134


d'umhlaigh na seirbhísigh dhá maighistir, agus do
chruinnighdar gach a ttárla leó do mhaith agus d'olc,
gur líonadar halla mór na bainnse.



Agus ar mbeith ag caitheamh na fleidhe dháibh
tháinicc an rígh isteach ag amharc ar an dream
dotháinicc isteach ann, agus ar bhfaicsin gan róba
ineamhail bainnse an phósda aon díobh, adubhairt
leis: “A chara,” ar sé, “créd as a ttáinicc an
dánacht lér shuidh thú ar bhórd na bainnse?”



Agus ní bhfuair freagra uaidhe. Annsin
adubhairt an rígh lena shearbhfoghantibh a chosa
agus a lámha do cheangal, agus a theilgion i ndorchadus
foirmiollach.”



Agus do chríochnaigh Críosd an fáth-sgél leis na
briathra uathbhásacha so, .i. “Tá mórán arna
ngairm, agus beagán arna ttogha.”



Cuiridh an fáth-sgél so i gcéill dúinn gur coir
do gach aon a bheith coimhédach air féin, d'eagla
go gcaillfeadh róba neamh-chionta an bhaisdeadha
agus brat na ngrás. Óir gibé geibhthear
nochtaidh gan na brait sin do bheith air i n-aimsir
an fheadha shíorruidhe do chaitheamh, nó i n-am
Chuirp an Tiaghearna do chaitheamh ag an altóir,
teilgthear ceangailtidh go huaimh dhorcha ifrinn
é. Dá bhrígh sin deir sé linn gan sgaradh ris
na brait sin, do bhrígh gur neamh-chinte uair an
chundais, agus gur amhuil mur thig an bitheamhnach
thiucfus sé.


L. 135


FÁTH-SGÉL NA TTALANN



Sul do chríochnaigh Críosd a theagasg dob áil
leis eagla do chur ar na daoine le íomháigh an
bhreitheamhnais ndéighionaidh do thaisbénadh
dháibh; agus is uime sin d'innis sé fáth-sgél na
gcúig maighdion gcríonna agus na gcúig maighdion
n-aimideach ndí-chéilligh, lér chuir i gcéill nach
leór do neoch a staid do bheith naomhtha, .i. a
bheith 'na sagart, 'na bhráthair, nó 'na mnaoi
riaghalta más bean í, ná fós a lóchrann do bheith
ar lasadh ar uairibh ann a láimh, .i. deagh-ghníomha
ar uairibh do dhénamh, acht chum
dul go tigh na bainnse, .i. go flaithios Dé, gur
riachtanus dó a lampa do bheith líonta le lón mór
don ola dhiadha so ar a ttráchtann Críosd annso,
.i. dona grása agus dona subháilcibh diadha, mur
atá, creideadh, dóchus agus grádh, mar aon le humhlacht
agus re foighid bhuan-sheasmhach.



Agus is mór agus is folláin na léighinn do-bheir
dhúinn 'na dhiaidh sin le fáth-sgél na ttallann do
innis sé isan áit chédna mur so:



“Dobhí duine ag imtheacht ar eachtra imchéin,”
ar sé, “do ghoir a shearbhfoghantaibh chuige, agus


L. 136


do roinn a mhaoin eatorra, óir dothug cúig
thallanna d'aon acu, dá thallainn do dhuine eile, agus
aon-tallainn amháin don treas duine díobh. (.i.
Dothug do gach aon do réir a acfuinge, .i. do réir
na ngarm nó na staide i mbíonn gach aon, óir do-bheir
don rígh grása do réir a gharma, don easbacc
agus do gach aon uaidhe sin amach do réir a chúraim).



Agus do-rinne an té fuair na cúig thallanna
úsáid comh maith sin díobh gur bhuadhaigh cúig
thallanna eile orra; do-rine an té fuair an dá
thallainn tairbhe dhúbalta mur an gcédna; acht
an té nach bhfuair acht aon-tallann amháin ní
dhearnaidh úsáid dhé acht a chur isan talamh i bhfolach.



Agus ar tteacht tar a ais don mhaighistir i
n-aimsir imchéin dá éis sin, dothug sé an dream
chédna chum conduis. Agus ar tteacht do láthair
don té fuair na cúig thallanna, thug sé chuige iad
mar aon leis na cúig thallanna bisigh do-rinne
dhíobh; dothug fós fear an dá thalluinn ceithre
tallanna chuige, agus do mhol sé go mór dísleacht agus
ionnracus dúthrachtach na deise sin, agus do gheall
tuarusdal maith dháibh; gidh eadh, ar tteacht
dá láthair d'fhear an aon-talluinn adubhairt: “Is
feas damh-sa, a thiaghearna, gur duine cruaidh-dhálach
thú, gur mian leat buain isan ionad nár
chuiris síol, is uime sin nár chuirios do thalluinn
i gconntabhairt le hédáil do dhénamh di, acht a


L. 137


cur i bhfolach i ttalamh, agus atá sí agam anois lena
tabhairt ar a hais duit: glac í,” ar sé.



Do fhreagair an maighistir, ag rádh: “A dhroch-shearbhfoghaintaigh,”
ar sé, “ó dob fheas duit
gur dhuine dona cáilidheachta sin mé, créd nár
chuiris an t-airgiod dofuair tú i n-úsáid lena
thecht chum bisigh”?



Agus ar nglacadh feirge móire é, adubhairt an
talainn chédna do bhuain de agus a tabhairt don
té do-rinne úsáid mhaith dá chuid féin; agus d'ordaigh
sé iar sin an droch-shearbhfoghaintaigh leisgeamhuil
mí-dhúthrachtach do cheangal, agus iar sin
a theilgion i ndorchadus foirmiollach (.i. as amharc
na glóire go síorruidhe).”



Féch mur leanus as so nach leór do neoch gan
peacaidhe a dhénamh, acht gur riachtanusach dhó
i bpéin damanta deagh-ghníomha do dhénamh,
do réir an chumais agus an chúraim bhíos air.



AN BREITHEAMNUS DÉIGHIONACH



Iar ttabhairt soluis do chách ar chruadhálaigh
an bhreitheamhnuis ndéighionaigh do Chríosd le
fáth-sgéil na maighdion agus na ttallann, dob áil


L. 138


leis an domhun uile do chur ar a gcoimhéd le
tuarusgbháil geinearáilte do thabhairt ar uathbháis
an bhreitheamhnuis ndéighionaigh. Óir tar
cheann go bhfuil Críosd a' tabhairt breitheamhnuis
is gach am ar an domhan go do-fhaigsionach
dona daoine ar an tsaoghal so, ba mian leis a
chur i gcéill go ttiucfaidh lá ann a ttaisbénaidh
sé a cheart don domhan go follusach, an tan
thiucfus sé, le mórdhacht ríoghdha agus le cathréim
dho-innste idir a ainglibh, go háit i mbéidh an
domhan daonna uile ar aon-láthair ag amharc go
crith-eaglach air ag dealughadh na n-uan bhfírénta
ó na boic bhréna agus dá gcur ar thaobh a dheasláimhe,
ar bhfágbháil na mbrén-bhoc mallaighthe
ar thaobh (na) láimhe cléithe, agus iar sin ag éisdeacht
leis ag rádh leis na fíréin:



“Tigidh, a dhrong do bheannaigh m'Athair,
gabhaidh sealbh na ríghacht atá dá hullmhughadh
ó thús an domhain, óir dobhí ocrus orum agus do
thug sibh bia dham, dobhí tart orum, agus dothug
sibh deoch dhamh, dobhí mé um dheóraigh agus
thug sibh aoidhacht damh, dobhí mé tinn agus do
thigeadh sibh ar cuairt chugam, dobhí mé nocht
agus do éudaigh sibh mé, dobhí mé i bpríosún agus do
thigeadh sibh ar cuairt cugam ann.”



Agus iar rádh na mbriathar sólásach sin do
chuirfios gairdeachas mór agus lúthgháire dho-innste
ar na fíréin, agus ann a mbiaidh iongnadh mór


L. 139


fós acu, acht go ttuigfid ar an láthair gur tré mur
do-rinneadar gach gníomh trócuireach dá ndearnadar
ar lucht leatruim ar an tsaoghal (do-rinneadar
do Chríosd iad) - ní lugha ná sin chuirfios
uathbhás ar dhruing mhallaighthe na láimhe cléithe
an uair chluinfid ag tabhairt iomardaigh, aithise,
agus imdheargtha, dháibh tréna mí-thrócuire é, óir
nach ttugadar tártháil dó isna héigin ann a raibh
go minicc mur an dream fhírénta thúas. Fiafreóid
de annsin cá hauri do-chonncadar isna héigin sin
é. Freageóraidh-san ag rádh, gach mí-thrócuire
agus gan éagcóir dá ndearnsad ar a bhochtaibh gur
air féin do-rinneadar. Adéuraidh annsin go
fraochdha feargach leó:



“Imghidh, a dhrong mhallaighthe mhí-thrócaireach,
a' fulang pian síorruidhe i n-ifrionn.”



Ó, a Chríosdaigh, so an breitheamhnus uathbhásach
ar nach béidh gairm ar ais le saoghal na
saoghal. Ná sgar le cuimhne an cheirt-bhreitheamhnuis
so go bráth, óir níl ní ar bith is tairbhígh
agus is folláine don chreidmheach ná smuaineadh
gnáthach an bhreitheamhnuis uathbhásaigh so.
Tabhair dod aire fós an dara feacht nach leór do
chách gan peacadh do dhénamh, acht gur riachtanach
dháibh na deagh-ghníomhartha do dhénamh,
d'aimhdheóin a n-abair eiriticcidh na haimsire so.


L. 140


AN SUIPÉR.



Ní raibh acht dá lá idir críche do chur ar an
tseanmóir mhóir do Chríosd agus sollamhain na Cásga
Iudaigheach, agus dá bhrígh sin d'órdaigh sé dá
dhisciobail gach ní riachtanach d'ullmhughadh
chum na sollamhan sin. Agus an uair do-rinneadar
sin, agus do cheangail Iudás connradh lena Mhaighistir
do sheachadadh dhá namhaid iar nglacadh tuarusdail
uatha, do-chuaidh an Slánaightheóir gona
dhisciobail isteach i halla mhór dheagh-ordaighthe
leis an tsuipér do chaitheamh i n-aoinfheacht ann.
Agus adubhairt riú go raibh mian mór aige an
suipér sin do chaitheamh mar aon riú. Agus chum
go ttiubhradh comharthaigh iomlána ar dhíoghrais
a ghráidh dáibh, iar gcaitheamh an uain Chásga
do réir rachta Mhaoise dháibh, agus roimh a shacrameint
dhiadha do dhénamh d'Íosa, d'uirísligh sé
é féin i bhfiadhnuis a dhisciobal. Óir iar gceangal
tubháille 'na thimchioll dothug sé báisín uisge
chuige le cosaibh a apsdal d'ionnladh agus lena
ttiormughadh leis an tubháille. Agus do chríochnaigh
sé an gníomh umhlachta so leis na briathra tairbheacha so:


L. 141


“Dothugas-a siompla maith umhlachta dhíbh
ionnus go ndénfadh sibh-se an ní cédna dá chéile.”



Iar sin do chuir a éudach uime, do chuir roimhe
sin de an uair dob áil leis cosa na n-apsdal do
nighe, agus do shuidh ag an gclár, agus do ghlac arán
ann a láimh, agus do bheannaigh agus do bhris é, agus
dothug dá dhisciobail é ag rádh: IS É SO MO CHORP.



Agus dothug sé é féin as a lámha féin dáibh;
agus dothug sé an tseóid dhiadha ghrásamhuil sin
do Iudás féin, tar cheann go raibh fios a mhiosgais
aige, do bhrígh nárbh áil leis a chraobhsgaoileadh
don chuid eile, agus fós ionnus go n-oibreóchadh a
chaoineas agus a cheannsaigheacht ar a chruaidh-chroidhe
salach. Agus do chuir sé i gcéill dúinn
fós, mur is sólás agus beatha dhiadha d'anmaibh na
bhfírén an tsacrameint ró-dhiadha so, gur damaint
shíorruidhe don druing a ghlacus go neamh-ghlan
í, óir go ttéid an diabhal ann a n-anma an uair
théid Íosa Críosd isteach ann a gcuirp, mur
thárla do Iudás.



Agus is iongantach do chuir an disciobail mallaighthe
so a dhánacht dhamanta agus a dhúr-chroidheacht
i gcéill tar éis a bheith ciontach i
nglacadh cuirp agus fola an tSlánaightheóra go
neamh-ghlan dhó. An uair d'fhiafraigh gach aon
fó leith dona disciobail neamh-chiontacha le
huathbhás mór do Chríosd ann iad féin dobhí 'na


L. 142


ttrétúracha, d'fhiafraigh seision le dánacht dhiabhlaigh
an cheisd chédna dhé. Agus leis sin féin
do ghluais sé ag cur a thrétúracht i gníomh, do
réir mur dobhí a shaint ghnáthach dá ghluasacht.



Is mór an t-iongantus do-ní na haithreacha
naomhtha do mhaith agus do cheannsaighacht ro-mhilis
an tSlánaigheóra, tré mur dothug a chorp
agus a fhuil féin don trétúrach mallaighthe so.
Agus is mór an dólás leis an Eaglais naomhtha
a liacht masla don tsórt so beirthear go laethamhuil
don tsacrameint ro-bheannaighthe so.



ÍOSA ISAN NGÁIRDÍN



Iar n-imtheacht do Iudás ó Íosa chum a inntinn
thrétúrdha do chur i ngníomh, do-rinne Críosd
teagasg ro-iongantach dá apsdail, agus do labhair go
cathréimeach ar shacrameint a chuirp féin.



Adubhairt annsin le Peattar go raibh an diabhal
ag iarraidh cathaigh do chur air, agus gur ghuidh sé
féin an t-Athair ar a shon. Agus i n-ionad uamhain
nó uathbháis do ghlacadh do Pheadar agus buidheachuis
do thabhairt don tSlánaightheóir, is
dánacht an-dóchusach d'fhás ann; óir, an uair


L. 143


d'innis Críosd go follusach dó go sénfadh fó thrí
an oidhche sin é féin sul ngoirfeadh an coileach
fó thrí, adubhairt sé go han-dána nach sénfadh go
bráth é, agus i bhfad óna shénadh go raibh sé
ullmhaigh chum báis d'fhulang ar a shon, nó
dhul i bpríosún mar aon ris. Agus an uair nár
umhlaigh an fháisdine sin do-rinne Críosd dó é,
ní cian gur umhlaigh an leagadh féin é.



Agus iar gcríochnughadh na seanmóra déighionaigh
so do Chríosd, adubhairt leis na hapsdail
cloidhmhthe do bhreith leó; agus do ghluais tar
sruth Cédroin le dhul, do réir mur ba gnáth leis,
go sliabh Oliuéte. Do lean a apsdail é; agus ar
mbeith dó i n-áit dá ngoirthí Gethsemani adubhairt
leó comhnuidh ann, ionus go rachadh féin ar
uaignios ag urnaighthe i ngárdha dobhí i bhfogus
dhó, mur do-rinne go ro-mhinic roimhe sin (agus ar
an ádhbhar sin dobhí eólas maith ag Iudás ann);
agus ní thug leis dona hapsdail ann acht Peadar,
Eóin agus Sém, agus is iad sin ba hannsa leis, agus is annamh
do sgaradís ris an Slánaightheóir.



Agus ar mbeith i bhfochair a chéile dháibh ann
sin adubhairt Críosd go raibh dólás marbhthach
air féin, agus adubhairt leó-san faire do dhénamh ar
feadh do bheith féinn ag urnaighthe; agus do dhruid


L. 144


fad urchair mion-chloiche uatha; agus arna léigion
ar a ghlúinibh dhó do ghuidh sé an t-Athair
Síorruidhe, ag iarraidh ar cailís shearbh an bháis
do chongbháil uaidhe, acht isan am cédna d'iarr
sé gan a thoil féin acht toil an Athar do bheith
arna dénamh. Dotháinicc laige ar an tSlánaightheóir,
agus ar n-iompódh a aighe chum na
talmhan dó dotháinicc allas fola as gach ball dá
chorp dobhí ag snighe go talamh ris. Agus annsin
táinicc aingeal Dé a' tabhairt sóláis dó.



Is annso budh chóir do gach Críosdaigh a
theacht le foghluim do dhénamh ar an modh
ar cóir an urnaigh do dhénamh, .i. le humhlacht,
le dóchus agus le buan-sheasamh.



Iar mbeith d'Íosa i n-anbhfainne agus i ndólás mur
sin do-chuaidh ag iarraidh sóláis dochum na
n-apsdal. Gidh eadh, ní bhfuair sin uatha, óir
dorug codladh buaidh orra. Agus do mhúsgail
fó thrí iad ag rádh na mbriathar milis so:



“Dénaidh faire, dénaidh urnaighthe, óir atá an
spiorad lúthmhur agus an fheóil lag.”



Acht iar rádh na mbriathar sin an treas feacht
dó do-chonnairc Iudás, maille le druing mhóir
armtha do chuir na Iudaighibh agus na Phairisínigh
leis. Agus dothug mur chomhartha ar Chríosd
dáibh go ttiubhradh féin póg dhó, agus adubhairt


L. 145


leó an té sin dá ttiubhradh póg a ghabháil gan
mhaill agus coimhéd maith do dhénamh d'eagla go
n-imeóchadh as a lámha. Agus annsin dotháinicc
an trétúrach gan uamhan gan imeagla do láthair
Shlánaigheóra an domhuin, agus dothug póg dhó.



d'fhulaing Críosd go foighideach ceannsaigh
dhó, ionnus go gcuirfeadh i gcéill dúinne gur
cóir dhúinn olc agus trétúracht ar gcarad féin agus ar
seirbhíseacha d'iomchar go foighidach, mur do-rinne
sé féin annso; acht dubhairt d'aen-fhocal leis:



“A charaid, créd do thoisg, nó an le póig sheachadus
tú Mac an duine dhá námhuid?”



Gidh eadh, ní le himdheargadh do thabhairt do
Iudás adubhairt sé na briathra, acht chum go
smuaineóchadh air féin le haithrigh do dhénamh.



Iar nglacadh na póige sin ó Iudás do Chríosd
(do theith roimhe sin ó chách an uair dob áill leó
rígh do dhénamh dhe), do dhruid roimh an daorsgar-shluagh
deamhnaidh sin, agus d'fhiafraidh dhíobh
créd bhídar 'iarraidh, agus sin do ghuth láidir chumhachtach
do theilg uile ar a gcúil le talamh iad,
ní lér chuir i gcéill nach lé heasbhaidh cumhacht
d'fhulaing sé bás, acht gur dá dheóin féin, chum
an chine daonna do shaoradh, d'fhuiling é. Agus
annsin iar n-éirghe don daosgar-shluagh dheamhnaigh
sin don talamh ar ar thuitiodar fó thrí le
fuaim ghotha uile-chumhachtaigh an tSlánaightheóra,
do sheachaid sé é féin dáibh, do bhrígh


L. 146


gur ghéill dona cumhachtaibh dothug a Athair
dhóibh air.



Is annsin dob áill le Peadar a chosaint orra,
agus iar ttarruing a chloidhmhe dhó do bhean a
chluas do shearbhfhoghantaigh an árd-shagairt, agus
Malchus ghoirios an soisgél don fhear sin. Gidh
eadh, i n-ionad díoghaltais do dhénamh do Chríosd
do leighis sé an lot sin ar an láthair, agus dothug
sé fós achmhusán do Pheadar trésan ngníomh
tobann sin, agus adubhairt leis gur dhíomhaoin an
cosnamh dob áill leis a dhénamh air, óir muna
mbeith gur mhian leis féin toil a Athar do dhénamh
leis an gcailís d'ullmhaigh dhó d'ól go ttiugfadh
aingle nimhe dá chosnamh ar mhailís na ndaoine.



Agus ar an adhbhar sin d'fhulaing sé dháibh a
cheangal, agus níor chuir 'na n-aghaidh, acht go
ndubhairt leó go ttángadar dá ghabháil mur bheith
gadaigh nó ladrann ann, agus go raibh sé go laethamhuil
isan teampall a' teagasg agus nár chuiriodar
lámh ann. Agus ar mbeith ceanguiltigh dhó
imeasg a námhad do theith a dhisciobail go hiomlán.



Annsin dothugadar Críosd leó go tigh Anna,
athair mhná Caiphais, dobhí 'na árd-shagart an
bhliadhain sin. Do chuir Anna ceasda air do
thaobh a dhisciobal agus dá thaobh féin fós agus do
thaobh a theaguisg. Do fhreagair Críosd ag


L. 147


rádh nachar chuir sé cuim ar a theagasg ariamh,
agus gach a ndubhairt sé riamh gur go puiblidh do
labhair imeasg an phobuil, agus dá bhrígh sin go
m'fhéidir leis na dronga móra dobhíodh ag
éisdeacht teisd do thabhairt ar a theagasg.



Do chuir an freagra neamh-chiontach sin fearg
ar aon dona hoifigidh dobhí a' coimhéd nó i
ngárda ar an Tiaghearna, gur bhuail tarruing a
láimhe do dhoirn tarsna an ghéill air, ag rádh go
faobhrach: “An mur sin fhreagrus tú an t-árd-shagart?”



(Is cosmhuil as so gur gach re bliadhain dobhí
an árd-shagartacht idir Anna agus Caiphas an tan sin.)



D'fhuiling Íosa Críosd le foighid dhiadha an
masla sin, gan aithis ná imdheargadh do thabhairt
don duine mhallaighthe, acht a rádh:



“Má dubhrus ní arráideach ar bith innis dhamh
é, agus mur ndubhrus acht ní maith níor cheart
dhuit mo bhualadh.”



Is annsin do chuir Anna Íosa d'ionnsaighe
Caiphais dobhí 'na árd-shagart an bhliadhain sin.
Is annsin do chruinnigh prionnsaidhe na sagart
chum fiadhnuise bhrégacha d'fhagháil le mionnughadh
i n-aghaidh Críosd. Gidh eadh, ní raibh
tábhacht an ní ar bith dhá raibh acu le rádh 'na
aghaidh, acht imeasg gach ní do mhionnaighdar
go ndubhairt sé go scriosfadh nó go raepadh sé


L. 148


re lár teampall Dé, agus go gcuirfeadh i ttrí lá suas
arís é.



d'éirigh an t-árd-shagart annsin go feargach
'na sheasamh, agus d'fhiafraidh créd an fáth nach
ttug sé freagra ar na corthacha sin dobhí dhá
gcur 'na aghaidh. Agus níor labhair Críosd aon-fhocal.
Arna fhaicsin mur sin don árd-shagart
d'iarr air as ucht an Dé bhí a innsin dó arbh é
Críosd, nó an t-ongthach, é.



Do fhreagair Críosd annsin é, agus adubhairt:
“IS MÉ, gidh eadh, ní chreidfidh tusa mé, agus
ní mó léigfir dhamh imtheacht. Gidh eadh, do-chífidh
tú go luath Mac an duine 'na shuidhe ar
dheis Dé ag teacht dá thaisbénadh féin isna néllaibh.”



Arna chlos sin don ard-shagart do stróic sé a
éudach féin, agus adubhairt do ghuth árd fheargach:



“An gcluin sibh an dia-athais do-rinne sé?
Créd an fheidhm atá aguinn le lucht fiadhnuise?
Do-chualaidh sibh féin a dhia-athais. Créd is
cóir a dhénamh ris?”



Do fhreagadar uile é, ag rádh gur chóir a bhásúghadh
do bhrígh gor labhair go día-athaiseach.
(Acht is í an fhírinne do labhair, nach raibh
iriamh 'na coir bháis.)



Annsin do bhuail na mílidhibh ar a bheith dá
mhaslughadh, ag teilgion a gcruinntillidh ann a
éudan. Ar mbeith dháibh fós agá bhualadh, do


L. 149


chuiriodar bréid ar a shúilibh, ag rádh go sgigeamhail
ris: “Innis dúinn go fáidheamhuil cia
bhuailios anois thú.”



Agus dobhídar mur sin agus ar na cédta modh
eile dá mhaslughadh ar feadh na hoidhche.
Agus ar tteacht do sholas an lae dothugadar i
láthair Phíláid é chum breitheamhnuis báis do
thabhairt air.



Acht ní hindearmaid annso go ttug Peadar
tóruighacht do Chríosd iarna ghabháil isan ngáirdín,
agus go raibh i bhfad 'na dhiaidh, dá chongbháil
ann a amharc, nó go háirighthe i n-éisdeacht
callóide an dísgir-shluaigh mhallaighthe dobhí 'na
thimchioll, nó go ttáinicc go tigh Chaiphais.
Agus ar mbeith dhó imeasg na gcésdúnach sin
dá ghoradh féin ag an tinidh, do chaill sé, uch,
an díoghrais agus cuid mhór do theas an ghráidh do
bhí roimhe sin aige dá Mhaighistir, agus d'iompaidh
an mhisneach mhór dobhí aige i meatacht. Óir
an tan d'fhiafraigh seirbhíseach an raibh sé i
bhfochair Íosa, nó ar dhisciobal dó é, adubhairt
narbh eadh. Agus go grod 'na dhiaidh sin do
cuireadh an cheisd sin an dara feacht air. Do
shén mur an gcédna é. Agus i gcionn tuairim
uaire dá éis sin do shén an treas feacht é, agus mur
dhearbha air sin do mhionnaigh nach raibh eólus
ar bith aige air, a n-aghaidh Mhalcuis dobhí ag


L. 150


dearbhadh 'na aghaidh go bhfacaidh 'na fhochair
isan ngáirdín é (agus is dearbhtha go bhfacaidh óir
is de do bhean sé an chluas le buille chloidhmhe).
Agus annsin do ghoir an coileach, agus d'fhéch
Críosd ar Pheadar, agus leis an amharc sin do chuimhnidh
air féin, agus do-chuaidh amach a' dénamh
aithrighe, agus do chaoi go dérmhar dólásach trésna
peacaidhe móra do-rinne sé i n-aghaidh an tSlánaightheóra.



Ó, a Thiagharna, is leis an bhféchuin thrócuireach
sin, agus leis na grása dhóirtios tú go folaightheach
i gcroidhthibh cháich, thigid anois féin chum
aithrighe, mur dotháinicc Peadar an tráth sin.



SRAOILEADH NÓ SGIÚRSÁIL ÍOSA



Íar mbeith do Chríosd arna thabhairt i láthair
Phíláide d'fhiafraidh sé dona Iudaighibh créd an
choir ba mó dobhí acu le cur air an bhfear sin
(óir is mur sin do labhair sé).



Do fhreagradar-san le briathra neamh-chinnte,
ag rádh muna mbeith 'na chiontach agus 'na dhroch-dhuine
nach ttiubhradís dá láthair-sion é. Mur


L. 151


nach raibh cleachtach ag Pílát breitheamhnus báis
do thabhairt gan fiadhain dhearbhtha, agus gan an
choir do bheith go cinnte arna cruthúghadh,
adubhairt riú a bhreith leó agus breitheamhnus do
thabhairt air do réir a ndlighe féin. Annsin,
chum sásadh do thabhairt do Phíláid, níor
labhradar ní ba mó ar corthacha a n-aghaidh
creidigh, acht dothugadar fiadhnuis bhréige dá
láthair do mhionnaigh gur thrétúrach críoncháineach
é dobhí ag cur toirmisg ar chách fón gcíos
Césardha do dhíol, agus go raibh sé ag tógbháil
cháich chum meirliochais a n-aghaidh Chésair, agus
go raibh sé dá chur i gcéill go díthchiollach gurbha
rígh é féin.



Annsin do labhair Píláid le Íosa ar na neithe
cédna sin. Agus do fhreagair-san dó, agus
adubhairt go dána leis gion gurbhá rígh é nach
ar an talamh so dobhí a ríghacht, agus gurab uime
dotháinicc sé ar an talamh chum go ttiubhradh
teisd ar an bhfírinne.



Do bhrígh nach raibh Píláid comh mailísioch
leis na Iudaighibh do labhair sé iar sin riú, ag
rádh nach bhfacus dó féin go raibh coir ar bith
air Íosa. Arna rádh sin dó do gháiriodar ar gach
taobh dhe, ag rádh go raibh sé corthach; agus dá
bhrígh sin dob éigion dó a thabhairt chum ceasda
an dara feacht, agus adubhairt leis:



“Nach gcluin tú féin,” ar sé, “na corthacha
móra tá dhá gcur do leith?”


L. 152


Gidh eadh, ní thug Críosd aon-fhocal freagartha
air, agus do chuir sin iongnadh mór air Phíláid.
Acht an uair do-chualaidh sé gurbha Gailileach
é, chum nach beith cuid aige féin de, do chuir sé
d'ionnsaighe Íruaidh Agrippa é, dobhí an tráth
sin isan mbaile.



Dobhí lúthgháire mhór ar Íruaidh ar an
láthair tréna fhaicsin, do bhrígh go gcualaidh
cáil mhór roimhe sin air, agus do shíl sé go ndénfadh
sé míorbhuile mhór 'na láthair. Agus ar gcur
móráin do cheasdaibh cúirialta air, ní thug
freagra ar bith dhó. Do ghlac an rígh fearg
trésan tarcuisne dothug Íosa, dar leis féin, air;
agus iar ttabhairt masla le briathra borba dhó ag
gairm amadáin dé, d'ordaigh dhá mhuintir róba
bán do chur uime, agus a chur d'ionnsaighe Phíláide
ar ais. Agus tánig sé féin agus Píláid chum réitigh
agus cáirdis leis an ngníomh sin, tar éis a bheith
aimhréidh cian d'aimsir roimhe sin dáibh.



Ar tteacht d'Íosa do láthar Phíláide an dara
feacht, do-chuaidh sé amach arís mur a raibh na
Iudaighibh (óir ní thigeadhdís isteach i halla
breitheamhnuis na nGeintíleach d'eagla a ttruaillighthe
i lá solamanta do Cháisg: in die paraschéves paschae),
ag innsin dáibh nach bhfuair
féin ná Íruaidh an rígh coir ar bith ar Íosa, agus dá
bhrígh sin gur cheart cead imtheachta do thabhairt dó.


L. 153


Leis sin do chuir na Iudaighibh gáir mhí-shásdacht
ós aird asda. Leis sin d'órdaigh an
breitheamh égceart sin le tiarántacht ghráineamhail
Íosa do shraoileadh, .i. a bhualadh go mí-thrócuireach
le sgiúrsaidhibh, ionnus iarna fhaicsin
piantaidh maslaighthe mur sin dá naimhdibh go
ndénfadís truaighe dhó, agus nach n-iarrfadís a
bhásughadh.



Ar bhfaicsin Íosa ag fulang na mór-phian sin
do Iudás, do ghlac aithriochas agus édóchus é, go
ndeachaidh d'ionnsaighe na Iudaigheach, agus gur
theilg na ttríochad bpíosa beaga airgid dofuair
uatha ar son Íosa do bhrath ann a bhfiadhnuis
isan teampall, agus adubhairt leó gur pheacaidh sé
go mór ag seachadadh na fola fírénta neamhchiontaigh
dháibh. Agus leis sin d'imghidh as a
láthair, agus do chroch é féin.



Is mór an siompla an disciobal so do gach aon,
lena gcur ar a gcoimhéd ar ghliocus agus ar anneart
chathaigh an diabhail, agus fós leis an tsaint d'fhuathughadh
do shíor; óir is iomdha éudan thaisbénas
an spiorad mallaighthe sin ar an bpeacadh: óir
do-bheir aghaidh thaithneamhach shólásach ar
ttús dó; 'na dhiaidh sin do-bheir aghaidh adhfhuathmhur
ghráineamhuil uathbhásach dhó leis
an bpeacach do tharruing chum édóchuis mur do
thárla do Iudás annso.



Iar mbeith do Chríosd arna shraoileadh go mí-thrócaireach


L. 154


le mílidhibh Phíláide, agus iar mbeith
da gach puinn dá chroicionn agus dá fheóil arna
ngearradh le sgiúrsaidhibh iarnaidhe, droighin,
fhéthachach tarbh agus damh, a fhuil as gach ionad
ó a bhathais go a bhonnaibh ag snighe go talamh
ris, do-conncas dáibh mur bharr pionúis iolach
magaidh do dhénamh dhe: óir do bhuailiodar
coróin spíona, .i. coróin do tháirnighibh, le farcha
anuas ar a chean; do chuiriodar giolcach ann
a láimh agus sean-róba purpair uime; agus bhídar go
fonómhadach ag sléchtain ann a fhiadhnuis agá
bhualadh le dorna agus le basaibh, agus isan am cédhna
ag rádh: “Fáilte dhuit, a rígh na Iudaigheach.”



Acht fá dheóidh, dobhídar mur sin dá phianadh
nó gur chuiriodar i gcruth é gur mheas Píláid
nárbh fhéidir dona Iudaighibh arna fhaicsin gan
truaighe do dhénamh dhó agus lena n-ainmhian dúnmharbhthach
do chlaochló. Gidh eadh, do
mealladh go mór é, óir ní luaithe do thaisbéin é
ag rádh: “Féchaidh ar an duine,” ná do thóig na
Iudaighibh a nguth ar gach taobh dhe ós áird
ag rádh: “Crochtar é, crochtar é, etc.”



Dobhí an uair sin do phriuiléid ag na Iudaighibh
go bhfághadís ó na breitheamuin Rómhánach
ciontach do shaoradh gach Cáisg ó bhás, agus uime
sin d'fhuráil Píláid dáibh Íosa do shaoradh agus
Barabas bhí ciontach i ttrétúracht agus i ndúnmharbhadh
do bhásughadh. Gidh eadh, do dhiúltadar


L. 155


do ghuth aon-fhir an ní sin. Do chuir sin uathbhás
mór ar Phíláid, óir, mar aon go raibh fios a neamhchionta
aige féin, do chuir a bhean féin ar maidin
an lae sin teachta chum Píláid ag iarraidh air
gan dochar do dhénamh don duine neamhchiontach
sin, .i. do Íosa, do bhrígh gur fhuiling
sí féin mórán isan oidhche roimhe sin ar a shon.
Is uime sin nár mhian leis lámh do bheith ann a
bhás aige. Agus arna rádh sin dó do thóig na
Iudaighibh a ngotha ós áird ag rádh: “Bíodh a
fhuil oruinne agus ar ar gcloinn fós,” ar siad.



An uair do-chonnairc Píláid nárbh áil leó gan
Íosa do bhásughadh, agus fós gur chuiriodar air go
raibh sé 'na námhaid ag César, d'iarr sé uisge do
thabhairt chuige, óir do mheas go díthchéillidh
go m'fhéidir leis cionta an bhreitheamhnuis dhúnmharbhthaigh
dob áil leis a thabhairt ar Chríosd
do ghlanadh re huisge; agus ar mbeith ag nighe a
lámh dhó adubhairt:



“Is neamh-chiontach glan mise ar fuil an duine fhírénta so.”



Agus annsin dothug bhreitheamhnus báis ar
an tSlánaightheóir.



Féch an mheatacht mhallaighthe do dhall an
claon-bhreitheamh so le breitheamhnus dúnmharbhthach
do thabhairt a n-aghaidh gach cheirt ar
an tSlánaightheóir, ar eagla mí-ghnaoi Chésair do
bheith air. Is iomdha líon a sgarus an diabhal
le cách do ghabháil.


L. 156


An uair dofuair na Iudaighibh le docamhal
mór an breitheamhnus báis sin i n-aghaidh Íosa,
dobhí do mhéd a n-uilc agus a mailíse dhó nár
fhédadar gan a chur i ngníomh gan mhaill. Dá
bhrígh sin do chuiriodar a chroich ar an láthair
ar a mhuin, agus do thiománadar isan innioll sin
rompa amach as cathair Ierusaleim é go cnoc
Caluaria, áit dobhí acu leis na ciontaigh do
bhásughadh.



Agus arna fhaicsin dáibh, iar ttréigion a fhola
d'Íosa, go raibh an t-ualach sin ro-throm aige,
do chuiriodar fear iomchair eile, dárbh ainm Símón,
a' conngnamh leis an chroich d'iomchar; agus mur
sin, imeasg na gcésdúnach mallaighthe dobhí a'
maslughadh an tSlánaightheóra ar feadh na slighe,
do ghluais sé go cnoc Chaluaria.



Is mur sin do mhúin sé dhúinne fulang go buansheasmhach
go bás ar son an cheirt. Dobhí
Símón ag congnamh le hÍosa a chroich d'iomchar,
dá chur i gcéill gur cóir dona Críosdaighibh an
chroich chédna d'iomchar do ghnáth, agus do-bheir
sé féin sólás do gach aon iomchras 'na fhochair í.



Acht, ar mbeith isan tslighe dhó ag dul go
Caluér dhó, do-chualaidh drong ban ag caoi agus ag
dénamh truaighe dhó; agus leis sin adubhairt riú:



“A ingheana Ierusalem,” ar sé, “ná caoinidh
ar mo shon-sa, acht caoinidh ar bhur son féin agus ar
son bhur gcloinne.”


L. 157


CÉUSADH AN TSLÁNAIGHTHEÓRA



Ar tteacht fá dheóidh do Chríosd go hionad na
hiodhbhartha móire, dobhí arna réimhinnsin i
mbéil na bpríomh-athar agus na bhfádh ó thús an
domhuin, an iodhbhairt, adeirim, lér fuasgladh an
domhan ó chuibhreachaibh an diabhuil, iodhbairt
a bheir beatha dona fíréin go bruinne an bhrátha
ar an talamh, agus bhés acu 'na glóir shíorruidhe i
bhflaithios Dé, dotugadh mirtha agus domblas
coimiosgaidh lén' ól mur dhigh neirt dó, agus an
uair do bhlais di níor eól sé í.



Annsin do beanadh a éudach dhe, agus do cheangladar
don chroich é, agus do thóigiodar inte suas
é idir dhias bitheamhnach dothugadar dá
gcrochadh i n-aoinfheacht leis, ionnus ná beith
idirdhealbhadh idir é agus bitheamhnaigh nó ladrainn.



D'fhuiling an Slánaightheóir mur uan neamhurchóideach;
ní dhearnaidh casaoid, osna, ná
égcaoin, an feadh dobhí sé ag fulang na mór-phian
sin, acht go raibh ag síor-ghuidhe an Athar ar
son a lucht inghreime agus na gcésdúnach do
bhí dá mhaslúghadh agus dá bhásughadh i n-aoinfheacht,
do bhrígh, mur dubhairt sé, nárbh fheas
dáibh créd dobhídar a dhénamh. Agus isan am


L. 158


cédna ní raibh comhnuidhe orra-san acht dá
mhaslughadh le briathra dia-athisiocha, ag crothadh
a gcinn, agus ag rádh: “Thusa do leagfadh
teampall Dé re lár agus do thóigfeadh i ttrí lá é,
tárthaigh thú féin anois: más tú mac Dé tuirling
anuas don chroich.” Agus dobhí an comhthineól
uile ag fochmhuide fair. Dobhí prionnsaigh na
sagart fós nísa mhó ná sin dá aithisiughadh agus
dá imdheargadh, ag cur ineirt agus easbhaidh cumhacht
'na leith, ag rádh gidh go ttárthaigheadh
cách eile nach raibh ar a chumus é féin do
thártháil. Dobhí na mílidhibh mur an gcédna
a' tabhairt aithise dhó, agus níor leór leó sin acht
do chuir fear dhíobh uínéigre chuige len' ól.



Acht ní raibh aon saor ó mhasla agus ó mhí-mhodh
do thabhairt dó go haon dona bitheamhnaigh
dobhí i gcroich do thaobh na láimhe cléithe dhe,
adubhairt leis: “Más tú mac Dé tárthaigh thú
féin agus sinne.” Gidh eadh, ar mbeith don bhitheamhnach
eile ar nglacadh lonnradh agus sóláis na
ngrás, lér slánaigheadh go míorbhuileach agus go
trócuireach ar an láthair sin é, do fhreagair é ag
rádh gurbhá díthchéilligh na fuighle do labhair
sé, “Óir ní fhághmaoid-ne acht do réir mur do
thuilleamar. Ní hamhuil sin don tí neamh-chiontach
so.” Agus leis sin do labhair le hÍosa
go caoin-dúthrachtach cráibhtheach; agus arna
admháil le creideamh maith gurbha rígh é, adubhairt
leis cuimhniughadh air féin an tan dorachadh


L. 159


sé dá ríghacht féin. Do gheall Críosd go rachadh
go flaithios nimhe an lá cédna, ar bhfágbháil an
bhitheamhnaigh eile ann a neamh-aithrigh i staid
dhamanta.



Féch mur do-rinne sé cathaoir ríoghdha don
chroich a' dénamh breitheamhnuis innte.



Ar bhfaicsin a mháthar iar sin d'Íosa ag bonn
na croiche, mar aon le hEóin, adubhairt léidh:



“A bhean, ag sin do mhac.”



Agus adubhairt re hEóin:



“Ag sin do mháthair.”



'Na dhiaidh sin do-rinne sé osnadh árd ag rádh:



“A Thiaghearna, créd fár thréig tú mé.”



Agus an uair do-chonnairc gur choimhlíon sé
gach ní dár tharrngair na fáidhe air, adubhairt
sé go raibh tart air, agus iar nglacadh braoin bhig
uínéigre dhó, do chlaon a cheann, agus do-chuaidh
a anam as ...



Adeir na haithreacha naomhtha nach bhfuil
acht na fíréin amháin lér féidir rúndiamhair na
páise do thuigsin, óir gur dona naoimh is oirchios
neithe naomhtha do ghlacadh, agus gur ag Críosd
féin atá an brat do thógbháil do shúilibh cháich
le amharc iomlán na páise do thabhairt dáibh
an tan dhóirtios an Spiorad Naomh ann a gcroidhthibh,
do réir na mbriathar milis do deir S. Bernárd:
“d'fhuiling Críosd bás croiche chum go ngrádheóghadh


L. 160


cách é: “agus do-bheir an Spiorad Naomh
mur ghrása chuige sin dáibh, óir muna raibh an
Spiorad Naomh ag neoch chífidh Críosd dá chéusadh
agus ní thiubhraidh grádh dhó, óir ní fhaicfidh acht
le súile dobhuidheacha é, agus ní mó ghluaisfios chum
aithrighe é.”



ÍOSA ARNA CHUR I TTOMBA



An uair do chríochnaigh Íosa an iodhbhairt
mhór-thairbheach sin, agus iar mbeith umhal go hécc
dhó, do thárla mórán do neithe iongantacha, do
chuir i gcéill gurab é mac Dé dobhí ann, agus do
chuir an dia-mharbhadh sin i gcuimhne dona
Iudaighibh dobhí ciontach ann. Óir dobhí na
flaithis arna bhfolach le dorchadus mór ar feadh
thrí n-uair, agus do sgoilt folach an teampaill óna
uachtar go a iachtar; d'fhosgail an talamh, agus do
sgoilteadh na cargeacha; d'fhosgail na tombaidhe,
agus d'éirigh na mairbh amach, agus do-chuadar isteach
go cathair Ierusalem, agus do thaisbénadar iad féin
do mhórán.



Agus ar bhfaicsin na n-iongantais mór sin do
thaoisioch céd dona Rómháinaigh, adubhairt
gurbh é mac Dé gan amhrus do crochadh. Adubhairt


L. 161


gach aon eile don lucht faire an ní cédna le
huathbhás mór, agus na drong móra agus na
buidhne do-chuaidh ag amharc ar na hiongantaigh
sin, i n-ionad a bheith ag tabhairt aithise do
Chríosd mur bhídar cheana, dobhídar go critheaglach
ag bualadh a n-uchtaibh.



Acht, mur dobhí na Iudaighibh scrupalta i
mion-neithibh isan am a sluigidís na peacaidhe
móra gan déisdion, níor mheasadar go raibh sé
dlisdionach acu corp an tSlánaightheóra do bheith
i lá na Cásga i gcroich. Do ghuidhiodar Píláid
um ordúghadh do thabhairt lena láirgibh do
bhriseadh agus a leagadh anuas don chroich. Do
thug Píláid an athchuinge sin dáibh.



Ar ndul dona mílidhibh isan toisg sin, do
fuaradar an dias bitheamhnach beó, agus dá bhrígh
sin do bhrisiodar a láirgibh. Acht, ar bhfagháil
Chríosd marbh dháibh, níor bhrisiodar aon-chnáimh
dá chnámhaibh, acht do sháith aon
díobh a shleigh ann a thaobh, agus táinicc fuil agus uisge
amach as.



Ar tteacht don tráthnóna, dotháinicc aon dona
disciobail folaightheach dobhí ag Críosd go dána
d'ionnsaighe Phíláide, Ióseph ó bhaile Arimathea
a ainm, agus d'iarr corp an tSlánaightheóra air, agus
dothug Píláid sin dó. Agus tháinicc Ióseph iar sin
mar aon le Nicodemus; agus iar n-ongadh chuirp
an Tiaghearna le mórán d'olaíghibh daor-luaidhe


L. 162


deagh-bholaidh, agus iar gur lín-éudaigh glégil
fhíneálta 'na thimchioll, do chuiriodar i ttomba
nuadh é nár hosgladh ariamh roimhe sin.



Deir S. Chrisostom gur mhaith crábhadh agus
coinghioll na deise disciobal so dobhí dá bhfolach
féin go n-uige sin.



EISÉIRGHE AN TSLÁNAIGHTHEÓRA



Dia Domhnaigh an cúigeadh lá d'Abraon



Níor leór leis na Iudaighibh Críosd do bheith
iataigh fó leic mhóir i ttomba, acht d'eagla go
n-aibeóradh a dhisciobail go ndénfadh eiséirghe,
do-chuadar mur a raibh Píláid, agus d'innsiodar dhó
go ndubhairt lucht brég roimh bhás Íosa go
ndénfadh eiséirghe, agus fós go ndubhairt sé féin an
ní cédna, agus dá bhrígh sin d'iarradar air faire do
chur ar an tiomba, ionnus nach bheith uain agá
dhisciobail a ghoid, d'eagla go gcuirfeadhdís go
mailíseach i gcéill don phobal choitchionn gur eiséirghidh
sé.



Iad féin lena n-eagna mheallta do dhall iad
féin ag iarraidh eiséirghe an tSlánaightheóra do
chur i ndimbrígh roimh an am, agus leis sin do
neartaidh siad an creideamh dá n-aimhdheóin le
cruthaighthe do-shénta.


L. 163


Ar mbeith dháibh mur sin ag faire an tiomba,
agus ar gcur séla dháibh ar an leic dobhí ós a chionn,
dotháinicc comhsgudhadh talmhan go tobann, agus
dotháinicc aingiol Dé do nimh, agus do thóig sé
leac an tomba, agus do shuidh sé ar a huachtar, agus
dobhí a shúile comh lonnrach le caor theineadh, agus
dobhí a éudach geal mur an tsneachta.



Arna fhaicsin do lucht na faire, do ghlac uathbhás
mór íad do chuir i gcruth mhairbh iad; agus do-chuadar
isteach go hIerusalem; agus d'innsiodar
dona sagairt na huathbháis mhóra do-chonncadar.
Leis sin do chruinnighdar na sagairt go haon-láthair
d'fhios créd dob indénta; agus ní facus dáibh
ní dob fhearr leis na comharthaigh follusacha sin
do mhúchadh ná suim mhór airgid do thabhairt
don lucht faire ar cheann go gceilfedís gach ní dá
bhfacadar, agus go n-aibeóradís, ar mbeith 'na gcodladh
dháibh, gur ghoid a dhisciobail corp an tSlánaightheóra
uatha.



Isan am cédna táinicc Muire Mhagdaléna agus
mnáibh naomhtha eile, ar a raibh a ngrádh ar
Chríosd lena mharbh mur bhí lena bheó acu,
gusan tomba; agus tugadar olaidh daor-luaidhe
deagh-bhalaidh leó chum cuirp an tSlánaightheóra
d'ongadh. Agus ar tteacht go moch na maidne
ann dáibh, dobhídar ag fiafraidh dhá chéile cia


L. 164


do thóigfeadh an leac mhór don tomba; gidh
eadh, ar tteacht do láthair dháibh dob iongnadh
leó mur do-chonncadar an tomba arna fhosgladh,
agus ba mó ná sin a n-iongnadh ar ndul isteach ann
dáibh nach bhfuaradar corp an tSlánaigheóra ann.
Do-chuaidh Muire Mhagdaléna gan mhaill leis an
sgél chum na n-apsdal.



Agus ar tteacht go luath do Pheadar, mar aon
re hEóin, do-chuaidh isteach isan tomba, agus do-chonnairc
an brat lín dobhí i ttimchioll chuirp
an Tiaghearna, agus ar tteacht ar a ais do Pheadar
dobhí ag dénamh iongantuis mhóir. Acht do
chomhnuidh Magdaléna ag caoi i ndorus an tomba;
agus ní fada bhí sí ann an uair dotháinicc dias
i n-édaighibh geala; agus do shuidh aingiol díobh
ag ionad cinn, agus aingiol eile ag ionad na háite i
raibh cosa an tSlánaightheóra; agus d'fhiafraighsiod
adhbhar a dóláis nó créd fá raibh ag caoi.



Do fhreagair sise, ag rádh tré mur tugadh a
Maighistir as sin, agus nárbh fheas dí cá háit ann ar
cuireadh é.



Agus ar bhféchain tar a hais dí, do-chonnairc
sí Íosa do thaobh a cúil i bhfoirm gárdhadóra, agus
d'fhiafraidh dhi mur an gcédna créd fá raibh ag
caoi. Do fhreagair sise, ag rádh:



“Is tusa do thóig mo Mhaighistir,” ar sí, “agus
más tú, innis damh-sa cáit ar chuir tú é.”



Ní thug Íosa do fhreagra annsin uirre acht
gairm ann a hainm uirre, ag rádh: “A Mhuire.”


L. 165


Agus leis sin d'éirigh sí go lúthgháireach, agus dob
áil léidh a chosa do phógadh; agus níor fhuiling an
Slánaightheóir sin dí, acht adubhairt léidh dul
gan mhaill agus innsin do Pheadar agus dona hapsdail
eile go bhfacaidh sí é. Agus ba hé sin an céd-thaisbénadh
iar n-eiséirghe dothug Críosd air féin.



Féch an tuarusdal mór dofuair an t-aithrighach
mná so, dobhí anallód 'na peacach mhór, trésan
mbuan-sheasamh urnaighthe agus crábhaidh lér
chomhnuidh sí ag tomba an tSlánaightheóra.
Agus is uime sin adeir na haithreacha naomhtha
gur fearr agus gur tairbhígh go mór na rúndiamhra
diadha d'adhradh ná a bheith le cúirialtacht dá
scrúdadh.



AN DÁ DHISCIOBAL EMAUIS



Tar éis gur thaisbéin Íosa é féin do Mhagdaléin,
do-chuaidh dream eile do mhnáibh naomhtha do
chum an tiomba; agus tárla aingil dóibh ann d'innis
dáibh gur eiséirghidh sé, agus adubhairt leó gan a
bheith ní sía dá lorg imeasg na marbh, óir go


L. 166


raibh sé beó. Agus ar mbeith dháibh ag imtheacht
leis na sgéla sin go hairm a raibh na hapsdail tárla
Íosa féin ar an tslighe dháibh, agus iarna adhradh
dháibh adubhairt riú imtheacht gan mhaill le
sgéla dochum na n-apsdal le dearbha do thabhairt
ar fhírinne a eiséirghe. Gidh eadh, níor chreid na
hapsdail iad, óir do shíliodar nach raibh acht fís
nó aisling ann a ndubhradar leó. Agus bá hé sin
an dara taisbénadh.



Thug sé an treas taisbénadh air féin do dhias
dá dhisciobail dobhí ar an tslighe idir Ierusalem
agus Emaus ag trácht air agus ag dénamh iongantais do
gach ní dá gcualadar d'éis a bháis air. Leis sin
táinicc Íosa i gcruth deóraigh, agus dobhí ag siubhal
leó, agus d'fhiafraidh dhíobh créd ar a rabhdar a'
trácht agus créd dob adhbhar dóláis dáibh.



Do fhreagair aon díobh é, agus adubhairt leis
gur chosmhuil dó-san a bheith neamh-eólach isan
tír muna raibh 'fhios aige créd thárla go déighionach
d'Íosa Nazareith i gcathair Ierusalem, óir gurbha
fáidh mhór é dobhí ro-chumhachtach i mbréithir
agus i ngníomh, agus gur chuir sagairt dlighe Maoise
chum báis é, “isan am cédna ar shíliomar go
ttiubhradh sé tártháil agus saoirse d'Ísraél,” ar
sé; “gidh eadh is é so an treas lá ó básaigheadh
é; acht is mór an t-ádhbhar iongantuis dothug
cuid dár mnáibh dhúinn, óir d'innsiodar, ar ndul
chum an tiomba ann a raibh sé dhóibh, nach


L. 167


bhfuaradar ann é, go ttárla aingiol dáibh ann do
dhearbh gur eiséiridh sé; agus ar ndul do chuid dá
dhisciobail don áit chédna dofuaradar dearbha
go raibh sgél na mban fírinneach, agus ní bhfuaradar
an corp isan tiomba.”



Dob ionganntach le hÍosa nár chreid na disciobail
na neithe dobhí comh follusach sin 'na bhfírinne,
agus uime sin d'árdaigh a ghuth ag rádh:



Ó, a dhaoine ainbhfiosacha ainchreidmheacha
ar ráitibh na bhfádh,” ar sé, “nach raibh sé
éigiontach ag Críosd do réir na bhfáisdine gach ní
acu sin d'fhulang, agus dul 'na dhiaidh sin i nglóir.”



Agus ar ttosúghadh dhó le Maoise, do chraobhsgaoil
sé dháibh gach tarngoire dá ndearnaidh
sin, agus fáidhibh eile uaidhe a leith, dobhí ag gealladh
gach ní dhár labhradar ar an tslighe, agus dobhí sé
dá míniughadh sin dáibh, nó go rángadar i ndorus Emauis.



Do thairg Críosd imtheacht uatha annsin.
Gidh eadh, níor fhuilingiodar sin dó do bhrígh
go raibh an lá déighionach an uair sin. Do
dheónaigh Críosd fuireach farrú; agus do-chuaidh
isteach leó; agus ar mbeith ag caitheamh proinne
dháibh i bhfochair a chéile, do ghlac Críosd arán
ann a láimh, do bheannaigh, agus dothug don dias
disciobal sin é; agus leis sin d'fhosgail a súile agus
d'aithnighdar an Tiaghearna. Do ling ar an
láthair as a n-amharc, agus d'fhág sé lán d'uathbhás


L. 168


agus d'iongantas iad, ag rádh go raibh a gcroidhthibh
ar lasamh an feadh dobhí ag labhairt riú ag
míniughadh na Scriptúr dáibh.



Agus d'imghídar annsin gan mhaill go Ierusalem,
agus d'innis dona hapsdail an taisbénadh tiodhlaiceach
dofuaradar féin ar Íosa iarna eiséirghe, agus gur le
briseadh an aráin d'aithnighdar é.



Cuiridh so i gcéill dúinn nach bhfuil uair ar
bith is córa dhúinn dóchus láidir do bheith aguinn
ná an uair is mó ar n-éigion, do bhrígh go ttugann
Dia cabhair contrárdha do gach cosmhulacht
dá fhíréin. Cuiridh an lasair dobhí i gcroidhibh
na ndisciobal so i gcéill dúinn gur cóir da gach
aon lér mian corp an Tiaghearna do ghlacadh an
lasair chédna ghráidh do bheith ann a chroidhe
don tSlánaightheóir.



Annso chríochnaighios sdair an tsoisgéil. Agus
is uime nach leantar caibidleacha aoin ar bith
dona suibhisgéil diaidh i ndiaidh innte, do réir
mur cuirthear síos isan Scriptúir iad, chum réim
na staire do chur síos do réir na n-aimsior ann a
ttárla gach ní dá ttráchtar innte.


L. 169


GNÍOMHARTHA NA N-APSDAL.



Tar éis gach taisbénadh príbháideach dá ttug
ar Slánaightheóir air féin iar n-eiséirghe do thaisbéin
sé é féin fá dheóigh dá aon apsdal décc.
Óir ar mbeith dháibh ag clár i n-aon-tseomra,
do ling sé isteach 'na measg gan glas ná dorus
d'fhosgladh; agus iar mbeannughadh dháibh thug
imdheargadh agus iomardadh dháibh tré nár chreidiodar
an dream d'innis go minic dáibh go bhfacadar
iar n-eiséirghe é. Dobhí uathbhás orra ar ttús
leis an gcéd-amharc dofuaradar air, óir do shíladar
gur taidhbhse do-chonncadar. Gidh eadh, do
chuir seision i gcéill dháibh nach mur sin dobhí,
ag rádh riú:



“Láimhsigh mé,” ar sé, “óir ní bhíonn
cnáimh ná feóil i spiorad.”



Agus chum nach béithdís i n-amhrus ar bith
air, do thaisbéin sé lorg na sleighe ann a thaobh
dáibh, agus lorg na ttairngidh ann a chosa agus ann a
lámha. Agus ar mbeith lán do mheadhair lúthghára
dháibh tréna fhaicsin, d'fhiafraigh sé dhíobh
an raibh bia acu do-bhéradís lena ithe dhó; agus
d'ith sé grim éisg agus beagán meala ann a láthair.


L. 170


Ní raibh an t-apsdal Tómás 'na bhfochair an
tráth sin; agus ar tteacht dó d'innis an chuid eile
dona hapsdail dó go bhfacadar an Slánaightheóir.
Adubhairt Tomás riú nach gcréidfeadh féin sin go
bráth nó go bhfaicfeadh féin lorg na sleighe agus na
ttairngidh ann, agus nó go gcuireadh a mhér ar a
n-áit; agus ar mbeith go buan-sheasmheach isan
do-chreideamh sin dó (do tharla bheith tairbheach)
(aguinne ó shin a leith, do bhrígh gur chuir)
(toirmeasg ar conntabhairt ar bith dá m'fhéidir)
(dhúinn a bheith aguinn ar fhírinne an airtiogail)
(mhór chreidigh so) do thaisbéin Íosa é féin i
gceann ocht lá dá éis dona hapsdail, ar mbeith
do Thomás 'na bhfochair, agus do ling ana
bhfiadhnuis gan mhothughadh, mur do-rinne
roimhe sin. Agus iar mbeannughadh dáibh do chuir
sé i gcéill gur chum díchreidigh Thomáis a leighios
dotháinicc sé, óir do thaisbéin lorg cneadh a
lámh agus a chos, agus do nocht a thaobh, ag rádh
re Tomás a mhér do chur ar gach cneidh dhíobh,
agus adubhairt leis gan a bheith do-chreidmheach acht
a bheith 'na chreidmheach dhílis. Leis sin do
chreid Tomás ann a chroidhe níosa mhó ná do-chonnairc,
agus do sgread go hárd, ag rádh:



“Ó mo Thiaghearna, Ó mo Dhia.”



Acht adubhairt Íosa ris gurab uime chreid sé
do bhrígh go bhfacaidh, agus gur bheannaighthe an
drong do chreidfeadh na neithe nach bhfaicfeadh.


L. 171


Tar éis gur thaisbéin Íosa é féin go minicc do
chuid dá apsdalaibh agus dá dhisciobail, ar leith ar
uairibh, agus ar uairibh eile i gceann a chéile, ar
feadh dhá fhithchid lá, an uair dobhí aimsir
a dheasghabhála a láthair, agus ar mbeith i lár a
dhisciobail dó, d'innis dáibh go bhfuair ón Athair
an uilechumhacht ar neamh agus ar talamh, agus
adubhairt riú-san a dhul a' teagasg an tsoisgéil agus
a' baisdeadh cháich ar feadh chríochaibh agus
cineadhachaibh an domhuin, agus a rádh riú gach
ní dár iarr féin orra do choimhlíonadh, agus go mbeith
féin go bruinne an bhrátha 'na bhfochair.



Agus iar ttabhairt na n-aithionta sin dáibh,
do tógadh ann a n-amharc go flaithios nimhe é;
agus ar mbeith ag imtheacht as a n-amharc dhó do
thóig a lámh ós a gcionn, agus do bheannaigh iad; agus
annsin dotháinicc néull eatorra d'fholaigh é.
Agus ar mbeith dona disciobail ag grinn-amharc
'na dhiaidh do sheas dias i n-éudaighibh geala 'na
measg d'fhiafraidh dhíobh créd fá rabhdar ag
amharc comh grinn sin ar na flaithis, “Óir an
t-Íosa cédna,” ar siad, “do-chonnairc sibh a'
dul suas ar neamh, tiucfaidh sé arís a' tabhairt
breitheamhnuis ar bheóaibh agus ar mharbhaibh.”



Mo thruaighe nach bíd creidmheach' an domhain
ag síor-amharc suas ar neamh mur sin, nó go
bhfaghdís freagra sólásach as an árus sin ar a
bhfuil ar ttriall, agus ann a bhfuil ar tTiaghearna agus
gach seóid dhaor-luaidh eile do-dhénfadh maith
dhúinn.


L. 172


AN SPIORAD NAOMH AR TTUIRLING AR NA HAPSDAIL



Ar mbeith do Chríosd ag dul ar deis a Athar
adubhairt sé rena apsdail comhnuidhe do dhénamh
i bhfochair a chéile i Ierusalem go foighideach nó go
ttigeadh an Spiorad Naomh dá neartughadh mur
do gheall go minic dhóibh. Agus ar ndul ar a n-ais
go Ierusalem ó shliabh Oliuéite dháibh, áit ann a
rabhdar an tan do-chuaidh Críosd ar deis a
Athar, do-chuadar i tteach uaigneach, áit i rabhdar
ag guidhe Dé go dúthrachtach ag iarraidh an
Spioraid Naoimh do theacht do réir mur gealladh
go minic roimhe sin dóibh.



Agus ar mbeith feadh laeithe mur sin dáibh, do
labhair Peattar, le hoibriughadh an Spioraid
Naoimh, ag rádh leis an gcuid eile dona hapsdail
gurbh oirchios dóibh aon eile do thoghadh i
n-ionad Iudáis an trétúraigh, ionnus go mbeith
uimhir an dá fhear dhécc apsdal iomlán, do réir
mur thionnsgain Críosd ar ttús a bheith dháibh,
agus adubhairt gur neoch éigin don dream dobhí i
bhfochair Chríosd ón am ar bhaisd Eóin é búdh
cóir a thoghadh; agus dá bhrígh sin do thoghadar
dias disciobal as an gcuid eile dhíobh, .i. Ióseph
dá ngoirthí an duine ceart, agus Mathias; agus ar


L. 173


tteacht ann a bhfiadhnuis dháibh sin do ghuidh
na hapsdail Dia um a gcrannchur do dhíriughadh
do réir a naomh-thola féin, agus a chur i gcéill dóibh
créd don dias budh mian leis a thogha; agus do
thuit an crannchar ar Mhathias.



Agus ar tteacht do Dhomhnach Cingcíse, .i.
caogad lá iar gCáisg, agus deich lá iar ndeasgabháil,
táinicc torann nó trom-plésg uathbhásach go
tobann i ttimchioll na háite i raibh na hapsdail i
bhfochair a chéile, do líon an teach ann a rabhdar
go hiomlán. Agus leis sin do thuirling teangtha
teintighe 'na measg, agus do luidh teanga dhíobh
ar gach aon fó leith dhíobh, agus do líonadh don
Spiorad Naomh iad, agus do labhradar mórán do
theangthaibh do réir mur do ordaigh an Spiorad
Naomh dháibh.



Ar mbeith do chathair Ierusalém líonta an
tráth sin do dhaoinibh dotháinig as gach áird
ann, dob iongnadh leó na daoine sin as Gaililea
bheith go líomhtha ag labhairt na n-il-iomad
teangtha sin, agus dobhídar ag fiafraigh dhá chéile
créd dob ádhbhar dona mór-mhíorbhuilibh sin, agus
adubhairt cuid díobh gur meisge dobhí orra.



Is annsin d'árdaigh Peadar a ghuth ós áird a
n-aghaidh an lucht aimhlis sin, agus do chruthaigh
dháibh nach mur sin dobhí, acht nach raibh isan
méid sin do-chonncadar acht neithe do thárla le
hoibriughadh an Spioraid Naoimh, le tarngoiridh


L. 174


na bhfádh do choimhlíonadh, agus obair mhíorbhuileach
Íosa Críosd, do chéusadar-san i gcrann
na croiche, dobhídar d'fhoillsiughadh, do réir na
gcumhacht dothug sé dháibh. Agus do labhair
comh neartmhur agus comh eagnaidh agus sin gur
chreid trí mhíle don chomhthionól dobhí ag
éisdeacht i gCríosd, agus gur ghlacadar baisdeadh ar
an láthair sin.



Tuigthear as so fírinne na mbriathar adeir
Eóin i Leabhar na tTaisbéntaidh, mur a n-abair
gur as flaithios dotháinig an Eaglais; agus chumhdaigh
an t-árd-shagart síorruidh, .i. Íosa Críosd, teampall
glórmhur isan ló so le honóir do thabhairt dá Athair.



CLÁIRÍNEACH ARNA LEIGHIOS GO MÍORBHÚILEACH



Do bheannaigh Dia an céd-árus sin na gCríosdaighthibh,
gur líon do spiorad crábhaidh agus
caoin-dúthracht iad, gur fhuathaidhsiod gach ní
saoghalta do chuirfeadh toirmiosg ar bith ar a
ngnáth-urnaighthe nó ar a bheith ag síor-éisdeacht
le millseacht an tsoisgéil dá theagasg, ionnus go


L. 175


ttugadís a maoin ar aon-láthair, agus go mbíodh gach
ní dhá raibh acu go comhchoitcheann eatorra.



Dobhíodh na hapsdail 'na maoir ag gnáth-theagasg
agus ag gnáth-fhaire leis an t-árus cédna
sin do líonadh, agus ag dénadh míorbhuile i gcathair
Ierusalem do chuir iongantus mór ar lucht na
cathrach, agus do chuir uathbhás orra, agus do mhéudaigh
uimhir na gcreidmheach, go háirighthe an mhíorbhuile
mhór do-rinne Peadar.



Óir ar mbeith ag dul a' dénamh urnaighthe don
teampall dó um uair nóin, agus Eóin 'na fhochair,
do thárla cláiríneach dhóibh ag an dorus, d'iarr
déirce orra; agus an uair do-chonnairc sé go rabhdar
ag dearcadh go grinn air d'fhéch seision mur an
gcédna orra-san, óir do shíl gur déirc airgid dob
áil leó a thabhairt dó. Adubhairt Peadar leis
nach raibh ór ná airgiod aige féin, acht go ttiubhradh
dhó an ní dobhí aige. Agus leis sin d'iarr
air i n-ainm Íosa éirghidh 'na sheasamh ar an
láthair agus siubhal do dhénamh; agus dorug ar láimh
air. Agus ar n-éirghidh suas dó, do dhírigh a
chosa, agus do chinn go dána orra, agus go ghluais sé
go díreach deagh-thapaidh asan áit, agus dobhí
sé ag léimnigh le lúthgháire, agus do-chuaidh
isteach isan teampall, i n-aoinfheacht le Peadar, a'
tabhairt glóire agus buidheachuis do Dhia trésna
grásaibh móra do-rinne air.



Arna fhaicsin don chomhthionól mhór dobhí
isan teampall an tráth sin, do ghlac iongnadh


L. 176


mór iad, do bhrígh go raibh eólas le haimsir
imchéin acu ar an óglaoch cédna sin; agus ar mbeith
dháibh ag dearcadh go grinn air, agus iad ag dénamh
iongantais mhóir dhe, 'na dhiaidh sin dobhídar
ag amharc ar an dá apsdal, mur do mheasadar
gurab iad do-rinne an mhíorbhuile mhór sin.



d'fhiafraigh Peadar agus Eóin díobh ansin créd
fá rabhdar ag dearcadh go hiongantach orra féin,
amhuil agus mur bha hughdair don mhíorbhuile mhór
sin iad; agus adubhairt Peadar gur i n-ainm Íosa
do-rinneadh leighios don fhear sin, agus annsin
dothug imdheargadh dháibh tré mur chésadar
an tí cumhachtach sin. Gidh eadh, do mhaolaidh
sé rinn fhraochdha a bhriathar, ag rádh gur le
hainbhfios do-rinneadar an gníomh gráineamhuil
sin. Agus annsin do ghuidh sé iad um aithrigh
do dhénamh, agus chum go nearteóchadh a ndóchus
le sin do dhénamh, adubhairt riú gur chum
tárthála do thabhairt dáibh dotháinicc sé, do
bhrígh gurbh iad féin clann dhílis na bhfádh.
Agus ba tairbheach an teagasg é sin, óir do ghlac
cúig mhíle duine cuing agus creideadh Chríosd ar an
láthair sin.



Iar sin tháinicc prionnsaidh na sagart, agus ar
gclos na n-apsdal ag teagasg eiséirghe Chríosd don
phobal dáibh, dobhí do mhéid a bhfeirge agus a
ndóláis tré naomh-dhánacht na n-apsdal sin, gur
chuiriodar i bpríosún iad le huain comhairle do
thabhairt dáibh féin arna mhárach.


L. 177


Agus ar mbeith cruinn i bhfochair a chéile
arna mhárach dháibh, d'iarradar Peadar do
thabhairt dá láthair, agus ar tteacht annsin dó
d'fhiafraighdar dhe créd na cumhachta lé ndearnaidh
sé an mhíorbhuile sin ar an gcláiríneach.



Do fhreagair go naomh-dhána, agus adubhairt gur
le cumhacht agus le hainm Íosa do-rinne í, ”.i. an
tí cédna do chéusabhair,” ar sé.



An uair do bhreathnaigh na sagairt méd na
heagna agus na críonnacht lér labhair an fear so,
dob fheasach dháibh féin a bheith gan fhoghluim
ar bith shaoghalta, d'ordaighdar a thabhairt seal
beag as a láthair, ionnus go mbeith uain comhuirle
acu le cinneadh ar an ní budh cóir a dhénamh
leis. Agus is é ní ar ar chinneadar, do bhrígh go
raibh an mhíorbhuile sin puiblidh, an dá apsdal
sin do ghairm cucu arís, agus a aithne orra i bpéin
bháis gan aon-fhocal ó sin amach do labhairt i
n-ainm Íosa. d'fhiafraigh Peadar agus Eóin go
naomh-dhána dhíobh-san créd don dá aithne ba
córa a coimhlíonadh, .i. aithne Dé nó a n-aithne-sion.
Ní thug an chomhuirle freagra ar an gceisd
sin acht bogar mór do dhénamh orra, agus cead
imtheachta do thabhairt dháibh.



Do chuir an dá apsdal so an freagra ann ar
mbél is cóir a thabhairt is gach am ar naimhde
an chreidigh. Óir is ní damanta do chreidmheach
aen-phonc do dhlighe Dé do thréigion, dá madh


L. 178


éigion dó bás, broid, príosúntacht, ruathar nó
creachadh namhad d'fhulang, mur deir S. Pól, ad
Rom.8, v.35: Quis ergo nos separabit a charitate
Christi? tribulatio? an angustia? an fames? an
nuditas? an periculum? an persecutio? Etc.



BÁS TOBANN ANANIAIS AGUS SHAPHIRA



Iar n-imtheacht do Pheadar agus d'Eóin ó láthair
na comhuirle Iudaigheach, do-chuadar mur a raibh
na hapsdail eile, agus d'ínsiodar dáibh mur do
fhreagradar an chomhairle sin agus an bogar do-rinneadh
orra dá ttráchtadís i tteagasg ná i
seanmóir ar ainm Críosd uaidhe sin amach.



Arna chlos sin dona disciobail uile do thóigiodar
a ngotha ós aird chum Dé ag iarraidh air neart agus
misneach dhiadha do thabhairt dáibh, ar son a
mhic ro-dhílis féin, leis an soisgél do theagasg go
dóchusach dána a n-aghaidh aithne agus mhailíse
namhad Críosd. Agus ar gcríochnughadh na
hurnaighthe sin dáibh dotháinicc torann mór agus
cumhsgadh talmhan 'na ttimchioll, agus do líonadh
don Spiorad Naomh iad; agus dobhídar ag teagasg
an tsoisgéil le dánacht agus le dóchus diadha gan huireach.


L. 179


Ní raibh iar sin ag na dronga do ghlac an
creideamh acht aon-aigneadh agus aon-inntinn
amháin; níor shealbhaidh aon acu aen-ní air
leith, acht dobhí gach uile ní eatorra, agus dá bhrígh
sin ní raibh aon-nduine bocht 'na measg, óir gibé
hacu agá raibh fearann nó maoin do dhíoladís é,
agus do-bheireadhdís a luach i láthair na n-apsdal,
agus do roinnedís sin imeasg na gcreidmheach eile
é do réir mur bhíodh riachtanus acu leis.



Dobhí meas agus urraim mhór ag lucht na cathrach
dona Críosdaighibh nuadh sin, agus an uair dobhídís
isan teampall ní lamhadh aon-nduine acu teacht
'na measg; acht dobhí Peadar le míorbhuilibh
iomdha agus lena theagusg ag médughadh
uimhre na gcreidmheach, óir do leighiosadh a
sgáile gach galar, agus dá bhrígh sin dobhíodh
lucht na cathrach agus na mbailte 'na timchioll ag
cur a n-aos galair roimhe isna sráidibh chum go
leigheósadh a sgáile iad. Agus ar mbeith dona
creidmheacha Críosdeamhla mur sin lán do shólás
do thárla adhbhar mór dóláis dáibh.



Óir dobhí aon acu darbh ainm Ananias do dhíol
a fhearann; agus ar mbeith dhó ag tabhairt a luach
i bhfiadhnuis na n-apsdal mur chách eile, do chinn
sé féin agus a bhean Saphiras cuid don airgiod a
cheilt agus a chongbháil dáibh féin. Agus an


L. 180


uair d'fhuráilsiod cuid don airgiod i láthair
Pheadair do ghlac buaidhreadh mór trésan tsaint
sin, ó ttáinicc brég agus calaois Ananiais do láthair
Dé agus na ndaoine, é. Is annsin d'fhiafraigh sé
do Ananias créd fá bhfuair an diabhal buaidh air
lé ndearnaidh brég leis an Spiorad Naomh, ag
ceilt coda do luach an fhearainn do dhíol sé.



“Nárbh fhéidir leat,” ar sé, “fearann, nó a
luach tar éis a dhíolta, do chongbháil go hiomlán
agad féin? Óir ní hiad na daoine amháin do
thairg tú 'mhealladh acht an Spiorad Naomh féin.”



Agus iar rádh na mbriathar sin do Pheadar
do thuit Ananias marbh síos ar an láthair amhuil
agus mur buailfidh le caor thinte é.



I gceann trí n-uair dá éis sin tháinicc a bhean
Saphiras do láthair Pheadair (óir ní raibh 'fhios
gur mharbh a fear aice), agus d'fhiafraidh sé dhi
arbh fhíor gur dhíol a fear a dhúthaigh ar na
fiacha do thaisbéin sé. Adubhairt sise gurbh
fhíor. Dothug Peadar an t-imdheargadh cédna
dothug d'Ananias dí, agus dubhairt léidh fós go
raibh cosa na muintire d'iomchair corp marbh a
fir chum na cille ag an tarsaigh, agus go n-iomchóradhdís
í féin mur an gcédna. Agus leis sin do
thuit sí síos marbh ar an láthair, mur do thuit a
fear roimpe, agus táinicc na daoine cédna d'iomchair
agus d'adhlaic a bhfochair a fir í.


L. 181


Do chuir bás tobann na deisi sin uathbhás
mór ar na creidmheacha an tan sin, agus cuiridh i
gcéill gach am méd an fhuatha tá ag Dia ar an
tsaint; agus tar ceann nach ttugann bás tobann don
tsamhuil sin anois do lucht na sainte, óir ní beag
leis aon-tsiompla amháin do thabhairt go follusach
uaidhe, atá an bás síorruidhe go cinte ar a son.



STEPHÁN ARNA CHLOCHADH



Ar mbeith don Eagluis go laethamhuil i n-uimhir
agus i naomhthacht ag fás ní raibh dream ar bith
imeasg na Iudaighibh ba mó mailís agus iomthnúth
dhi ná na Saducínigh, .i. an dream nár chreid
eiséirghe na gcorp. Óir do ghabhdar na hapsdail,
agus do chuiriodar i bpríosún iad. Agus dotháinicc
aingiol Dé dá saoradh as a ngéibhionnaibh, agus
adubhairt sé riú an soisgél do theagasg arna
mhárach gan eagla ar bith don phobal.



Agus ar gcruinniughadh i gcomhuirle i bhfochair
a chéile dona sagairt Iudaigheach d'iarradar na
hapsdail do thabhairt dá láthair; agus dob iongnadh
leó an uair do hinnseadh dháibh gur imghidar as


L. 182


an bpríosún dúnta gan dorus d'fhosgladh air; agus
leis sin dotháinicc dream eile ag innsin dáibh
go raibh na príosúnaigh, .i. na hapsdail, ag teagasg
go puiblidh imeasg an phobail. Tugadar ordughadh
annsin ar an láthair a ngabháil agus a ttabhairt i
láthair na comhairle.



Agus ar tteacht dáibh i bhfiadhnuis na comhuirle
d'fhiafraigh an t-árd-shagart díobh créd fá bhfuaradar
do dhánacht ionnta féin a bheith ag teagasg
i n-ainm Íosa.



Do fhreagair Peadar mur do-rinne cheana, ag
rádh gur chóra géilleadh do Dhia ná dona daoine,
agus gurb í a aithne búdh chóir a choimhlíonadh.



Arna chlos sin dona sagairt do ghlac fearg
mhór íad, agus do chomhairlighdar eatorra féin a
mbásughadh. Gidh eadh, adubhairt duine don
dream ba prionnsapálta 'na measg gur chóir
dháibh a bheith ro-choimhédach ar an ní sin; agus
d'innis sé sgél dáibh mur shiompla lena gcur
ar a gcoimhéd, óir más ón daonnacht amháin do
ghluais nuadh-theagasg na n-apsdal go rachadh i
ndimbrígh uaidhe féin, gidh eadh, más ó Dhia do
tháinicc gur dhíomhaoin do chumhacht daonna
ar bith toirmeasg do chur air.



Arna rádh sin do Ghamaliel do chlaochlaidh
díbhfeirg na sagart, agus i n-ionad na n-apsdal do
bhásughadh d'ordaighdar a sraoileadh le sgiúrsaidhibh.


L. 183


Agus ar mbeith dona hapsdal ag
imtheacht do láthair na comhuirle dobhí lúthgháire
mhór orra tré mur d'fhuilingadar masla ar
son Íosa.



Ní cian 'na dhiaidh sin go ttárla murmur agus
mí-shásdacht imeasg na gcreidmheach. Óir do
mheas na Grégaigh dobhí 'na measg go raibh na
bantreabhaigh dobhí 'na measg féin dá ttarcuisniughadh
ag na Iudaighibh, agus nach bhfaghadís
modh ná onóir imeasg na gcreidmheach mur do-gheibheadh
na bantreabhaigh Iudaigheach; agus do-rinneadar
casaoid ar an leath-chuma sin leis na
hapsdail. Agus d'iarr na hapsdail orra mórsheisior
do dhaoine foirfe, líonta do spiorad Dé,
d'eagna, agus d'ionnracus, do bheith ag freasdal go
cúramach ar na creidmhiochaibh go hiomlán, gan
leath-ghrádh ná leath-chuma do léigion ar aon
seach a chéile dhíobh.



Agus imeasg an mhóirsheisir sin, dá ngoirthigh
deaccánaigh, dobhí duine trén i naomhtheacht agus i
n-iomad mhíorbhuilibh dárbh ainm Stephán.
Agus mur is gnáthach le lucht iomthnúith bheith
go námhadach a n-aghaidh na naomh ar an
talamh so, d'éirigh iomad díobh i n-aghaidh
Stepháin. Gidh eadh, níorbh fhéidir leó buaidh
do bhreith ar an Spiorad Naomh dobhí ag
oibriughadh go cumhachtach ann agus ag labhairt
ann a bhél; agus an uair do sháraigh orra buaidh
do bhreith air do thógadar mórán do lucht fiadhnuise


L. 184


bréige 'na aghaidh, do mhionnaigh air go
mbíodh do ghnáth ag dénamh dia-aithise a
n-aghaidh Dé agus naomh-athaise a n-aghaidh an
teampuill agus an dlighe Mhaoisiocdha.



Dotugadh i láthair na comhuirle móire é, áit
ar chosain é féin le briathra naomhtha lán d'eagna
agus do naomh-dhánacht, agus tug sé imdheargadh
(dhóibh) tréna ndí-chreideamh agus tréna ndúrchroidhacht,
agus trésan dánacht dhamanta lé rabhdar
do shíor ag cur a n-aghaidh an Spioraid Naoimh agus
ag ciorrbhadh na bhfádh dobhíodh ag réimhinnsin
teacht an tSlánaightheóra, do chuiriodar lena mí-thrócuire
go déighionach chum báis.



Ar gclos na mbriathar sin don chomhairle, do
labhair Stephán le gnúis ainglidh, agus iarna rádh
dhó go bhfacaidh flaithios Dé osgailtigh agus Íosa
'na shuidhe ar deis a Athar, do lingiodar na
Iudaighibh go fraochdha feargach díoghaltach 'na
aghaidh; agus iarna thabhairt amach as an mbaile
dhóibh, agus ar mbeith dháibh dá bhualadh le dornógaidh
agus le clocha láin doirn do léig sé é féin síos
ar a ghlúinibh, agus d'árdaigh sé a ghuth ag guidhe
Dé ag iarraidh air maitheamhnuis a thabhairt do
lucht a inghreime agus a dhúnmharbhtha; agus d'éucc
sé ag dénamh na hurnaighthe sin.



Ní bhfuair an Eaglais naomhtha i ttús a haimsire
seóid ba daor-luaidhe ná an príomh-mhairtíreach
so, agus is glan do thaisbéin sé leis an nguidhe


L. 185


ndéighionach so do-rinne sé gurbha fíor-dhisciobal
d'Íosa é, agus fós nach le hainmhian ná le holc dá
námhuid dothug sé imdheargadh dháibh acht
le neart gráidh agus carthannais dhiadha.



AN CAILTEÁNACH .I. PRÍOMH-THAOISIOCH NA BANRÍOGHNA
CANDACE ARNA BHAISDE.



Ní aen-tairbhe amháin dofuair Eaglais Chríosd
as mairtíreacht Stepháin, óir níor chríochnaigh a
teagasg caoin-dúthrachtach leis an inghreim nó
leis an bpersecution dotháinic go dlúth 'na
dhiaidh sin ar na Críosdaighibh; dob ádhbhar
fós an bás sin le aithrigh Phóil, ar nglacadh creidigh
Chríosd dó, óir is é duine is éifeachtaigh dofuair
toradh na hurnaighthe do-rinne Stephán ré mbás
ar son a namhad é.



Óir, isan am nach raibh air aire Phóil acht
dúnmharbhadh, dian-scrios agus gach gné dhochair
dá bhfédfadh a dhénamh a n-aghaidh na gCríosdaighibh,
agus fós tar éis cumhachta sgríobhtha
d'fhagháil le dul go cathair na Damasca le gach
Críosdaighe dá bhfuigheadh ann do thabhairt i
gcuibhreacha leis go Ierusalem, ar mbeith ag
ionnsaighe na cathrach sin dó, dotháinicc solus


L. 186


lonnrach go tobann 'na thimchioll do bhuail le
talamh é, agus leis sin do-chualaidh isan am cédna
guth, adubhairt leis:



“A Shauil, a Shauil, créd fá bhfuil tú dom
inghreim, nó dom chéusadh?”



“Cia thú, a Thiaghearna?” ar Pól.



“Mise Íosa,” ar Críosd, “atá tú a thóruighacht
le dochar do dhénamh dhamh.”



Ar mbeith do Phól arna chriothnughadh le
huathbhás na mbriathar sin, adubhairt sé:



“A Thiaghearna, créd is mian leat a dhénamh dhamh?”



d'iarr Íosa air éirghidh 'na sheasamh agus dul
isteach don chathair, agus go bhfuidheadh sgéla ar
gach ní dobhí riachtanach aige le dénamh.



Dob iongnadh leis an dream dobhí i bhfochair
Phóil gach ní dá ttarla dhó, óir do-chualadar an
chaint agus ní fhacadar aon-nduine acht Pól féin.



Iar n-éirghidh do Phól 'na sheasamh d'fhéch
sé 'na thimchioll, agus níor léur dhó ní ar bith, agus dá
bhrígh sin dob éigion dáibh breith ar láimh air,
nó gur threóraighdar isteach isan mbaile é, áit i
raibh sé trí hoidhche agus trí lá 'na dhall gan radharc
ar bith, gan bia ná deoch do chaitheamh.



Dobhí aon do dhisciobail Chríosd isan gcathair
an tráth sin dárbh ainm Ananias, lé ndubhairt
dul go sráid áirighthe don bhaile, agus Saul, aon do
lucht cathrach Tarsis, do lorg i ttigh aoin dárbh


L. 187


ainm Iudás. Dob áil le Ananias docamhal do
dhénamh don teachtairacht sin, do bhrígh go
gcualaidh droch-cháil ar an bhfear sin, agus go
ndearnaidh sé mórán uilc agus díbhfeirge i n-aghaidh
na gCríosdaighibh i gcathair Ierusalem, agus gur
chum díghbhála agus dochair do dhénamh dháibh
dotháinicc sé go cathair Dhamascuis. Gidh eadh
adubhairt Dia leis arís an ní cédna do dhénamh,
do bhrígh go ndearnaidh sé soitheach toghtha
dhe léna ainm d'iomchar imeasg ríghthe agus dhaoine
an domhuin.



Is annsin do-chuaidh Ananias dá ionnsaighe,
agus do chuir lámh ós a chionn, agus adubhairt leis:



“A dhearbhráthair Saul,” ar sé, “do chuir an
Tiaghearna Íosa, do thárla ar an tslighe leat, mise
chugad le aisiog do raidhirc a thabhairt duit, agus
le do líonadh don Spiorad Naomh.”



Agus leis sin do thuit scamal dá shúilibh, agus
dotháinicc a radharc chuige, agus annsin do baisdeadh é.



Agus iar nglacadh oileamhna dó dotháinicc a
neart; agus do chomhnuidh sé ar feadh beagáin do
laethaibh i bhfochair na gCríosdaighthe isan
gcathair sin Dhamascais; agus dobhí ag teagasg i
Sinagógaibh na Iudaigheach, ag dearbhadh do
gach duine gurbh é Íosa mac dílis Dé. Do bá
mór an t-iongnadh le gach duine dá bhfacaidh agus
dá gcualaidh é an namhaid is mó dobhí ag na
Críosdaighibh bheith comh dúthrachtach agus comh
dásachtach agus do-chonncadar é, ag mórughadh agus


L. 188


ag onórúghadh anma Íosa go puiblidh, agus ag
teagasg an tsoisgéil gan sgís.



Arna fhaicsin do Iudaighibh na cathrach sin
a' cruthughadh fírinne an tsoisgéil, agus nárbh fhéidir
leó buaidh eagna do bhreith air, do chinniodar
go minicc ar a mharbhadh; agus do dhúiniodar
doirse na cathrach oidhche áirighthe chum nach
bhfédfadh élódh uatha, nó go mbereadhdís air lena
mharbhadh.



Arna chlos sin dona disciobail do chuiriodar i
gcliabh é, agus do léigiodar le córda síos le fánadh
bhalla na cathrach é. Agus iarna chaomhna féin
mur sin ar mhailís a namhad do-chuaidh sé ar a
ais go hIerusalem, agus an uair ba mian leis dul i
bhfochair na ndisciobal eile dobhí roimhe ann
sin, níorbh áil leó glacadh leis, óir dobhí eagla
orra do bhrígh na droch-chála do-chuaidh air
roimhe sin, agus nach raibh 'fhios acu fós gur iompaidh
sé ón droch-staid ann a raibh sé.



Is annsin tháinicc Barnabas, agus iar ttabhairt
Phóil i láthair na n-apsdal d'innis dáibh gach ní
dá ttárla ar an tslighe ag dul go Damascus dó,
agus a dhála go hiomlán isan gcathar chédna.
Agus annsin do ghlacadar mur dhisciobal do Chríosd é.



Níor chian dó i gcathair Ierusalem, ar mbeith
le dúthracht agus le dásacht mhór ag teagasg shoisgéil
Chríosd dó, gur éirigh il-iomad do naimhde Chríosd
'na aghaidh, mur do thárla i gcathair Dhamascais


L. 189


dó, gurbh éigion dó imtheacht go folaightheach agus
a dhul go Tarsis.



Níor chóir do pheacach ar bith dul i n-édochus
i ndiaidh an apsdail mhóir so, dá ndearnaidh Dia
soitheach toghtha dá ainm féin, tar éis a bheith
'na chéusdúnach dúnmharbhthach ar Stephán
naomhtha dhó.



Acht dob óbair damh iompódh an chailteánaigh
nó an taoighsigh ar a ttráchtar i ttús na caibidle
so do dhearmad.



Ar mbeith dona Críosdaighibh arna sgaradh agus
arna spíonadh ar feadh na ttíortha ar gach taobh
do Ierusalem tar éis báis Stepháin, do-chuaidh
Pilip naomhtha go Samaria, áit ann ar bhaisd
mórán do ghlac creideamh Chríosd; agus imeasg
gach aoin dá ttáinicc i glacadh baisde Chríosd
uaidhe, dotháinicc neoch dárbh óbair an tSamaria
uile do mhilleadh agus do mhealladh lena easarlaighacht
roimhe sin, darbh ainm Símón Mágus, agus
iar n-admháil chreidigh Chríosd dó, do bhaisd
Philip é.



An uair do-chualaidh na hapsdail, dobhí dhá
gcaomhna féin i Ierusalem ar feadh aimsire an
inghreime nó an phersecusin dobhí ar na Críosdaighibh,
gur ghlac Samaria creideadh, do chuiriodar
Peadar agus Eóin chugthu lena gcur fó lámha


L. 190


easpaig, óir ní raibh i gcumhacht S. Philip an
tsacrameint sin do mhionastráil dáibh (óir ní)
(raibh sé 'na easbacc ná 'na shagart an uair sin,)
(acht 'na dheaccánach).



An uair do-chonnairc Símón Magus go ttuirlingadh
an Spiorad Naomh ar gach aon ar a
gcuireadh na hapsdail sin a lámha dotháinicc sé
dá n-ionsaighe, agus do thairg sé airgiod dáibh ar an
gcumhachta cédna do thabhairt dó féin. Arna
chlos do Pheadar do ghlac fraoch fíor-neimhneach
naomh-fheirge é, gur iarr díthughadh do theacht
air féin agus ar a chuid airgid tré mur do shíl sé
tiodhlaice an Spioraid Naoimh do cheannach, agus do
mhallaigh sé mur sin i bpearsainn an tSímóin
mhallaighthe sin gach duine 'na dhiaidh i n-eagluis
Chríosd go bráth do dhénfadh aithris air.



Iar gcoimhlíonadh a tteachtuireacht do Pheadar
agus d'Eóin i Samaria do-chuadar ar a n-ais go Ierusalem.



Is annsin tháinicc aingiol Dé go Pilip, ag
rádh ris dul ar an tslighe idir Ierusalem agus Gáza.
Agus ar ndul annsin do-chonnairc taoisioch
banríoghna na hEtiopia, dobhí 'na dhuine
chumhachtach isan ríghacht sin, ag dul tar ais
dá thír, iar mbeith ag adhradh Dé i Ierusalem
dó, agus é ann a charbatt (dá ngoirthear anois cóisde)
ag léughadh leabhair na fáidhe Isaias. Adubhairt
an Spiorad Naomh le Philip druidim isteach leis


L. 191


an gcarbad; agus arna dhénadh sin dó, do-chualaidh
sé briathra Isaias dá léughadh ag an taoisioch, agus
d'fhiafraidh dhe ar thig sé an ní sin do léigh.
Ní thug uabhar ar an duine chumhachtach sin
gan freagra umhal do thabhairt ar Philip, ag
rádh nárbh fhéidir leis a thuigsin muna ttugadh
neoch éigin solas dó air, agus d'iarr ar Philip suidhe
'na fhochair isan gcarbatt. Ag so na briathra do
bhí sé 'léughadh an tan sin:



“Dotugadh mur chaoire go tigh an mharbhtha
é, agus níor fhosguil a bhél, agus níor labhair, acht mur
bheith sé 'na bhalbhán.”



Agus d'iarr sé ar Philip a innsin dó cia ar ar
labhair an fháidh annsin.



Annsin do labhair Philip ar Chríosd, agus do
chreid an taoisioch gach ní dhá ndubhairt. Agus
ar mbeith don charbat ar bhruach uisge adubhairt
an taoisioch leis an gcarbadóir comhnuidh do
dhénamh, agus d'fhiafraidh do Philip an raibh toirmeasg
air é féin do bhaisdeadh. Adubhairt
Philip nach raibh má chreid sé óna chroidhe go
hiomlán. Do dhearbh an taoisioch dhó gur
chreid, agus annsin do-chuadar araon chum an
uisge, agus do bhaisd Philip annsin é, amhuil chédghein
na nGeintíleach.



Agus ar tteacht as an uisge dháibh d'fhuadaigh
spiorad an Tiaghearna Philip as amharc an
chailteánaigh, go nach bhfacaidh uaidhe sin amach


L. 192


é. Agus ar mbeith ag imtheacht isan tslighe
dhó, dobhí sé go lúthgháireach ag moladh Dé
trésna tiodhlaice trócuireacha dofuair féin uaidhe.



BAISDEADH CHORNELIUS



Ar mbeith do Naomh Pól líonta don Spiorad
Naomh ag teagasg an tsoisgéil go caoin-dúthrachtach
gan sgís, agus ag líonadh áruis an Tiaghearna
le nuadh-chreidmheacha is gach ionad dá ngabhadh
sé, dobhí Peadar ag obair go mór ag dénamh an
fhoghmhuir chédna agus ag dénamh míorbhuile ro-mhóra
gach am. Óir do leighis sé palraiseach
ainmneamhuil darbh ainm Eneas, agus d'athbheódhaigh
sé bantreabhach dhéirceach dheagh-thrócuireach
le hurnaighthe a dhisciobal, darbh ainm
Thabite, agus dobhí fós do dheigh-bhuaidh aige
gurab é do thoirbhir ar ttús an soisgél dona
Geintílachaibh, darbh apsdal Pól go dlúth 'na
dhiaidh sin.



Ag so mur tárla an t-éucht mór dobhí do-dhénta
an tráth sin, do bhrígh go raibh na
Iudaighibh iomthnúthach:



Dobhí duine subháilceach trócuireach déirceach
dona boicht i gcathair na Césaréé darbh ainm
Cornelius, agus ba taoisioch céd Rómhánach é. Do-chonnairc


L. 193


aisling ar uair nóine don ló, .i. aingiol
dotháinicc cuige agus d'innis dó gur éisd Dia lena
urnaighthe agus gur amhairc sé go trócuireach ar a
dhéirc mhinic dona boicht, agus dá bhrígh sin
d'iarr air teachta a chur go Ioppé i gcuinne duine
dobhí ann darbh ainm Peadar, agus go n-inneósadh
dhó gach ní bá mian le Dia a dhénamh dhó.
Agus d'imghidh an t-aingeal leis sin uaidhe, agus ní
thug teagasg ar bith eile dhó, do bhrígh gur mian
le Dia na daoine d'fhagháil teagaisg óna chéile
go deireadh an domhuin.



Do chuir Cornelius teachta uaidhe gan mhoill
go Ioppe, agus d'innis dáibh an taisbénadh dofuair
sé. Agus ar mbeith dháibh ag ionnsaighe baile
Ioppé dobhí Peadar an tráth sin, .i. ar uair an
mheadhóin laoi, a' mídheamhain; agus do-chonnairc,
agus é mur sin ann a sheomra, an flaithios ag fosgladh,
agus do-chonnairc fós brat mór lín crochtaigh as a
cheithre cearna agus é líonta do gach ghné bheathadhach
ceathair-chosach, d'athra nimhe agus d'énlaith,
agus do-chualaidh guth ag rádh: “A Pheadair,
marbh agus ith.”



Do fhreagair Peadar an guth ag rádh: “A
bhfad uaim-se ní neamh-ghlan ar bith d'ithe, óir níor
ithios ariamh a samhuil,” ar sé.



Gidh eadh do freagradh é ag rádh nár neamh-ghlan
na neithe do ghlan Dia. Agus iar bhfagháil
an taisbénadh chédna fó thrí ar an láthair som
do Pheadar dobhí sé ag smuaineadh ann a


L. 194


mheanmain créd ba ciall dó, agus leis sin dotháinicc
teachtuirigh Chornelius chuige ag innsin dó gur
iarr a maighistir d'athchuinge air dul dá ionnsaighe.
Dothug Peadar aoidheacht na hoidhche sin
dáibh. Agus ar ttabhairt aroile dona Iudaighibh
ann a chuideachta leis do ghluais leó arna mhárach.
Agus ar ndul go Césarée dhó dotháinicc Cornelius
mar aon lena ghaoltaibh agus lena cháirdibh, agus
d'úmhlaighdar go talamh dhó. Do thóig Peadar
Cornelius don talamh, agus adubhirt nach raibh
acht duine ann féin mur chách.



Iar sin, ar ndul don teagh dháibh, d'innis Peadar
do Chornelius gurbha fuathmhar leis na Iudaighibh
a bheith i bhfochair na nGeintíleacha, agus d'fhiafraigh
dhe créd an t-adhbhar fár chuir fios air féin.
Annsin d'innis Cornélius dó an aisling do-chonnairc.



Arna chlos sin do Pheadar do theagaisg sé
Íosa Críosd dó, agus ar mbeith dhó ag labhairt go
cathréimeach air do thuirling an Spiorad Naomh
ar a raibh i láthair, agus do bhaisd Peadar gan mhaill
iad. Do chomhnuidh Peadar i bhfochair Chornelius
ar feadh beagáin do laethaibh.



Agus ar ndul ar a ais dó dobhí na Iudaighibh
ag tabhairt achmhusáin agus imdheargtha dhó trésan
ní sin do-rinne. Gidh eadh, ní himdheargadh 'na
aghaidh sin thug an t-árd-apsdal ró-umhal dháibh
trésan iomardagh égcórach dothugadar dhó, acht
d'innis a aisling féin agus aisling Chorneliuis


L. 195


dáibh. Thug fós mur chomhartha go raibh an
ní sin taithneamhach ag Dia gur thuirling an
Spiorad Naomh ar an druing sin, agus go raibh
seisior Iudaigheach 'na bhfiadhnuis ar gach ní
dár innis dáibh, agus dá bhrígh sin nárbh fhéidir
leis féin cur a n-aghaidh an Spioraid Naoimh.



PEADAR ARNA THABHAIRT AS PRÍOSÚN



Ar mbeith dona Críosdaighibh arna scapadh
ar feadh na gcríoch ar gach taobh, dobhídar ag
teagasg an tsoisgéil is gach áit i ndeachadar agus a'
tabhairt il-iomaid chum creide Chríosd, agus imeasg
gach áite eile do ghlac urmhór chathrach na
hAntiochia creideadh. Agus an uair do-chualaidh
na hapsdail dobhí i Ierusalem an sgél maith sin
do chuiriodar Barnabas go hAntiochia; agus an uair
do-chonnairc sé méd na ngrás do-rinne Dia ar
lucht na cathrach sin dobhí lúthgháire mhór air,
agus mur dobhí sé lán don Spiorad Naomh dobhí
sé seal dá tteagasg agus dá nguidhe um a bheith
buan-sheasmhach isan deagh-staid ann a rabhdar.


L. 196


Do-chuaidh sé as sin go cathair Tarsis, áit i
raibh S. Pól, agus tug leis go hAntioch é. Agus
do chomhnuighdar ar aon ar feadh bliadhna ann,
agus dobhí a tteagasg comh tairbheach sin go
ndearnadar an uiriod creidmheach ann gurab ann
do goirthí Críosdaighthe dhíobh ar ttús.



Is fón am sin do-rinne fáidh darb ainm Agab
fáisdine go ttiucfadh gorta mhór go luath ar an
domhan; agus uime sin do chinn Críosdaighthe
na hAntiochia an méid déirce dob fhéidir leó
do chur go hIerusalem le Barnabas agus le Pól, do
bhí ag dul ann an tráth sin.



Is fón am sin, iar ndícheannadh an apsdail
Sém i Ierusalem don rígh Íruaidh, do chuir sé
persecution mór ar an Eagluis; agus do bhrígh gur
thaithneamhach (leis) (na) Iudaighibh sin, dob áil
leis Peadar fós do bhásughadh, agus uime sin do
(chuir) (i) príosún é lena chur chum báis i
ndiaidh sollamhan ocht lá na Cásga do chaitheamh,
agus sin do dhénamh go puiblidh.



Dobhí baill na hEaguilse uile an tráth sin i
mbuaidhreadh mhór tréna gceann do bheith isan
gconntabhairt sin, agus iad ag guidhe Dé gan sgís ar
a shon. Agus dothug éisdeacht dáibh, óir an
oidhche roimh an lá ar shíl Heród Peadar do
chur chum báis táinicc aingeal go tobann isteach
isan bpríosún ann a raibh, do líon le solas lonnrach
é; agus ar mbeith don apsdal 'na chodladh idir dias
míleadh dobhí dhá fhaire, tháinicc an t-aingeal


L. 197


chuige, agus iarna mhúsgladh dhó adubhairt leis
éirghidh go tapaidh, agus leis sin do thuit na slabhraidibh
dhá lámha; agus iar gcur a éudaigh uime
do lean an t-aingeal, agus isan am cédna níorbh fheas
dó créd an fáth, óir do shíl sé nach raibh acht
fís ann a bhfacaidh. Acht ar ndul dáibh tar dhá
lucht dobhí ag faire an phríosúin, do-chuadar
gusan dorus iarainn dobhí ag dul isan bhaile as
an bpríosún, agus d'fhosguil dáibh uaidhe féin; agus ar
ndul isan bhaile dháibh, do-chuadar trésan tsráid;
agus ar mbeith dháibh ag an gceann eile dhi, do scinn
an t-aingiol as amharc Pheadair.



Is annsin d'aithin gurab é aingeal Dé dobhí
ann. Agus do-chuaidh sé gan mhaill go tigh
máthar Mharcuis, áit i raibh comhthionól mór
creidmheach. Agus ar mbualadh an doruis dobhí
cailín istigh dárbh ainm Rhodé, d'aithin a ghuth,
agus i n-ionad an doruis d'fhosgladh do-chuaidh sí
go lúthgháireach ag innsin don druing dobhí
istigh go raibh Peadar ag an dorus. Agus níor
chreidiodar í, óir adubhairt cuid díobh léithe gur
ar mire dobhí sí, agus cuid eile adubhairt gurab é
aingeal Pheadair dobhí ann.



Gidh eadh, ar mbeith do Pheadar ag síor-bhualadh
an doruis, ar bhfosgladh an doruis
dáibh dob iongantach leó an uair do-chonncadar
gurab é Peadar féin dobhí ann, agus é ag dénamh
comhartha dháibh gan aen-fhocal do labhairt air.
Agus ar tteacht isteach dhó d'innis sé dháibh


L. 198


mur dothug an t-aingeal as an bpríosún é; agus
iarna rádh riú sgéla do thabhairt do Shém agus
dona hapsdail eile gur shaor an t-aingeal é, o
ghluais sé gan mhaill as Ierusalem, agus do-chuaidh
sé go háit eile dá chaomhna ann sin.



Do-ní an Eagluis aniugh féin onóir mhór
shollamanta go bliadhantamhuil don mhíorbhuile
mhóir so do-rinne an t-aingeal ar Pheadar, chuirios
i gcéill dúinn nach bhfuil acht díomhaoinios ann
gach tionsgnadh daonna an tan bhío (i gcoinnibh?)
tola agus miana Dé.



CLÁIRÍNEACH ARNA LEIGHIOS



Ní mór go labhrann Leabhar Ghníomhartha
na n-Apsdal ar Pheadar ón am (do shaor) an
t-aingeal é, acht atá an chuid eile dhe ag trácht
go mór ar ghníomhartha Naoimh Póil.



Óir, iar ttabhairt na déirce do cruinnigheadh i
gcathair Antioch go Ierusalem do Phól agus do
Bharnabas, do réir mur ghlacadar an cúram sin
orra le tártháil do thabhairt dona creidmheacha
dobhí i Ierusalem, do toghadh an t-apsdal Pól


L. 199


leis an gcreideadh do shíoladh isan Asia agus isan
nGréig agus i bPaphos. Do thaisbéin sé a
dhúthracht naomhtha a n-aghaidh na saobhfháidhe
dobhí ag cur 'na aghaidh agus ag cur
toirmisg ar creideamh an phrochonsuil Sergius
Paulus, óir ar ndearcadh do Phól ar an easarlaigh
sin go grinn adubhairt leis le naomh-dhánacht
apsdalta, mur bhí fós líonta don Spiorad Naomh:



“A dhuine atá lán do chalaois agus do mhíchreideamh,”
ar sé, “agus a mhic dhílis, fós, an
diabhail, agus a námhaid bunaidh gach ceirt, créd
fá bhfuil tú ag cur toirmiosg ar chách slighe
dhíreach an Tiaghearna Dia do leanmhuin? Tá
lámh dhíoghaltach Dé ós do chionn, agus béidh anois
ar do dhalladh.”



Agus ní luaithe adubhairt naomh-apsdal na
gcineadhach an focal déighionach dona briathra
sin ná do dalladh Elimas (óir ba hé sin ainm an
easarlaigh mhallaigh sin), agus dobhí sé ag cur a
lámh ar gach taobh dhe ag iarraidh duine lena
threórughadh as an láthair. Agus is maith do
chuir sé díchéill cháich i gcéill bhíos ag iarraidh
tárthála ar na daoine an uhóil, gur chlochadar



(Deire leathanaigh annso, agus an chuid eile don
láimhsgríbhinn caillte).