Beatha Chríost

B.Á.C.: Oifig an tSoláthair (1825-29ls)

eag. Áine Ní Chróinín




AG SO BEATHA AGAS PÁIS AGUS BÁS AR
SLÁNAIGHTHEÓRA ÍOSA CRÍOSD.



AN CHÉAD-CHAIBIDIL DON OBAIR SI THRÁCHTAS
AIR CHRUTHÚGHADH AN DOMHAIN MAR LEANAS.



Sé lá bhí Día 'na bhriathraibh caoine
aig cruthúghadh an domhain ó thosach go fínit.
Dia Domhnaigh ar ttús chuir siubhal fán ngníomh sin,
is neamh is talamh do dhealbh gach ní aco.
Bhí an talamh folamh gan foirm a chríche
's a' doimhneas gorm go dorcha cíorrdhubh:
dubhairt Día lé solus teacht ortha gan ríneas;
do ghuir lá dhon tsolus 's don doircheacht oidhche.


L. 2


An spéir go luath Dia Luain do chríochnaigh;
idir dhá uisge do cuireadh 'na suíghe ris
fúithe is ós a cionn dá roinn do-rín de,
's do ghoir mar ainm an flaitheas di choidhche.
Dia Máirt do chruinnigh gach uisge bhí a n-íochtar
fá bhun na spéire go léir chum aoin-chuirp,
dá ttarrang chum aon-bhuill 'na n-aon-tsuím líonta,
don talamh thirm d'fhagháil ionaid is tslíghe amach.
Tug cré ar an ttalamh mar ainm go dílios,
is cruinniughadh uile na n-uisgeadh rín roímhe sin
do ghuir mur ainm an fhairrge shíor di;
's do-chonnairc gan stad gur mhaith gach ní aco.
Tug féar as an ccré mar aon is luíbhiona,
do réir a n-órduir fé shórthan síolta -
na croinn, a ttortha 'na ccorpaibh dobhí aco,
gach sórd fá leith gur sgeith a shíol as.
Dia Céadaoin d'órdaigh go deó bheith soillseach


L. 3


do spéir an fhlaithis do leathadh gach taoibh dhe;
's go sgarfadh do ghnáth an lá le hoidhche,
is mar chómhartha riaghlach bliadhna is míosa
do-dhéanadh fortileacht sholuis ghloin choidhche
do spéir an fhlaithis nách rachadh a n-ísle,
is chum soluis mhóir do thabhairt gach taoibh de
d'fhoillseóghadh an talamh, céarbh fhada an taobh síos de,
do-rín grian is éasga is réalta líonmhar;
a spéir an fhlaithis 'na maitheas do suigheadh ris
an solus is mó chum treóra an laoi ghil
's a' solus is lúgha chum stiúrtha d'oidhche.
Do cruthuigheadh na héisg go léir Diardaoin leis;
do ghin iad uile san uisge go líonmhar,
na míolta móra 's gach sórd dá luíghead de,
fé lán anma, beatha, agus brígh nirt;


L. 4


is énlaith an aéir lé chéile rín de
re heitioll ón ttalamh fán bhflathus beag síleach;
do bheannaigh na héisg is éin na tíre;
dubhairt leó bheith torrthúil iomadúil síolmhar.
Tug airnéis ar talamh go fairsing Dia hAoine;
an uile shórd beathaidhígh is ainmhidhe rín as,
's gach aon tsórd péisde ón ccré do shíolthuigh
shiubhlas ar talamh 'na seasamh nó sínte.
Tar éis sin uile an duine do chríochnaigh;
do chruthaigh go fír-bhreágha air 'íomhágh dhírigh
'na chosmhulacht féin do réir a lí ghluin;
banda is feardha chuir dealbh is gnaoi ortha.
Airna mbeannughadh dubhairt leó do shíor bheith
torthúil iomadúil ag bruthúghadh tíortha;
tug tighearnamhlacht dóibh air shórd gach ní air bith
a n-uisge ná air talamh dár dhealbhaigh roimhe sin,


L. 5


an uile shórd éisg is énlaith is maoine,
airnéis, beathadhaigh, is ainmhidhe tríotha,
's gach aon tsórd péisde air chré noch shíneas
ina mbíonn anam air talamh nó biodhgadh;
tug toradh gach luibhe do chuirfeadh a síol di,
's gach crann sochuir a thoradh chum bídh aco;
na héin, na beathaidhigh, 's na hainmhidhe roimhe si,
tug luibheanna glasa mar bheatha do shíor dóibh.
Dia Sathairn do stad 's a thasg ar ccríochnadh;
bheannaigh 's do naomhaigh é mar shaoire,
gur aisdrigh an chliar a ndiaigh teachta Íosa
ón tSatharn go Domhnach don domhan an tsaoíre,
ó thosnaigh an domhan Dia Domhnaigh síneadh,
's mar rugadh don domhan Dia Domhnuigh Íosa -
eiséirghe ón ttrom-chloich Dia Domhnaigh arís do,


L. 6


is teacht Dia Domhnaigh lé tobhartus tíodhlaice
don Sbiorad Naomh do lasadh na n-absdal a ndíoghrais
le teangthaibh tineadh 'chur misnigh 'na gcroidhe aco
is air mbeith dóibh féin go léir de líonta
tug dóibh labhairt a tteanguin gach tíre.



D'UABHAR AN AINGIL LUICIFEAR.



Luicifear air ttús do smúin an díomas,
prionnsa na n-aingeal a ccathair an aoibhnis,
do chuir ar a thaobh na céada díobh so:
créad í an bhreis tsiansa ag Dia dobhí ortha?
Sheasoibh ris Míchéal an ríogh-mhaor díleas
's do ghabhadar leis sin breis na buídhne,
's adubhairt gurbh é Dia budh triath 's budh rígh aco;


L. 7


chuir eisean 's a shluagh le ruaig air díbirt.
Do chúm Dia d'urchar ifrionn nímhe do
tá anois sa talamh 'na ghradom go híochtrach
mar árus cúnnla, is dá chumplucht buídhne,
mar a mbeid go deó dhá ndódh gan saoirse
a lasrachaibh tinntídhe is nimhnighe brígh nirt,
's a bhfuacht gan foighdiomh, a ndoimhneas cíorrdhubh,
fé bhréantus boltanais, gorta agus íota,
lé gearradh fiacal 's a ndiachuir chaoi-ghuil.



AR BHRISEADH NA HAITHNE.



Dona cheithre dúilibh mhúsglus trínne,
an t-aidheór, an tine, an t-uisge, 's a mínleach,
is é an talamh as sailche 's as ísle;
's don luaithreán láibe is gráinne bhí air so


L. 8


do-rín Dia an duine, go ttuigeadh bheith claoidhte,
is gan ann acht sgéimh air chré bhig chíordhuibh
nách glacfadh an' intinn poimp ná díomus -
is, mar bhárr cáime air, an ghráin si síos duit:
croinntsilídhe, bracha, agus alta do shnímh air,
fúal, is fearadh agus gearba, is míola,
is bréantus balaith an chamara tríotha,
is mórán dá bhreis tá leisg le ríomh damh -
a ndóigh, gan uabhar ná uaill do smaoineamh,
go ccuímhneóghadh a cháil 's an áit ór shíolthaigh,
go mbeith mín ceannsa a labhairt 's a ngníomharthaibh,
a nglóire dhá mholadh 's a' comhall a dhlíghe aige.
Do chuir a dhealbh féin air céim nár chuíbhe sin


L. 9


chum go ttiúbhradh grádh mur bhráthair gaoil do,
is tug do an talamh, a cheathra, 's a mhaoine,
is tug an saoghal go léir fá chíos do.
Is níor chuir do cháin air a n-áit gach ní aco
acht abhall air lár na bhfás do suidheadh ris,
crann eóluis mhathasa agus gach aoin-uilc
dobhí breágha foirtil a ttoradh 's a n-aoirde,
í sin do sheachna 'leagadh ná 'stríocadh,
gan a toradh d'ithe ná coimilt le craoibh dhi,
's go bhfuigheadh-san bás gan spás dá ttígheadh sin,
's a' chuid eile don chruinne do bheith aige chum aoide.
Ádhamh an phearsa do dhealbh sa chaoi si;
is tar éis a bheith suas chuir suan arís air,
bhuin easna as a thaobh, rín céile caoin do


L. 10


dobhí breágha a bpearsoin, gur thaitnigh mur mhnaoi ris,
d'fhág iad a bParrthas fhairsing ghlan aoibhinn,
's a' sgéimh ainglídhe budh marthanaighe lí aco,
gan cúram éadaigh ná saothar bídh ortha,
acht an uile ní aco 'na n-aice bhí 'riachtnus,
's go mbeidís gan tuirse, tuisiol, ná críne,
acht bheith sgéimheach óg a bpór 's a líne,
nách fuighdís bás go brách, ná a síolrach,
acht bheith a nglóir go deó dhá ghuídhe-sion.
Táinig chum na mná is í lá go haoibhinn
a nathair nimhe le friotal sa chaoi si:
“Nách dubhairt an tíghearna Dia nách híosadh
sibh toradh na gcrann 's an abhall-ghuirt tríotha?”
“Tá toradh na n-abhall 's na ccrann do-chí-se
aguinne uile chum ithe inár riachtanus,


L. 11


acht an crann láir sin atá ar an bhfiodhbhuidh
gur bás dúinn ithe nó coimilt le craoibh de.”
“Ní bhfuighthí bás; níl cás san ní sin;
oisgeóluidh bhúr súile 'tá dúnta roímhe si
air eólus mhathasa agus gach aoin-uilc,
is ón ithe bíaidh ciall mur Dhia ans gach ní aguibh.”
Do ghluais an bhean gan rath 'na haimhleas;
do tharraing an crann go teann dá shlíobadh;
an t-ubhall do struis, is d'ith gan righneas;
tug d'Ádhamh dá ithe; chuir sinne fá dhaoirse.
An t-ubhall mar d'itheadar d'imthigh a ngnaoi ghlan;
chonarcadar a ccroicinn go coirtighthi buídhe ris;
chuireadar le chéile ó ghéagaibh fíodhbha
naprúin duilleóg noch d'fhoileóghadh a n-íochtar.


L. 12


Chualadar guth Dé ag téacht sa tslighe ortha
ag siubhal na n-áilíos an gháirdín aoibhinn;
chuadar a bhfalach fá sgairt dá ndíon air;
do ghoir Dia ar Ádhamh ag rádh: “Cá mbí-si?”
Adubhairt Ádhamh dá fhreagra: “Ar cclaisdin damh t'fhuíghle,
ag teacht fan áilíos an gháirdín taoibh liom,
theitheas le heagla fá tharra na ccraoibh so,
ó bhí mo chroiceann-sa nochtuighthe síos reis.”
“Cia d'innis doit-se a bheith nochtuighthe síos reis?
An é crann na haithne do bhlaiseadh do-rínnis?”
Adubhairt Ádhamh gurab é, - 's a chéile bhí aige
chuir seision an' fharraid fa-deara dhó an ní sin.


L. 13


Dubhairt Dia léi-si: “Créad é so rínis?”
“An nathair nimhe,” ar isi, “do chlaoí me,
do-rín le ganguid mo tharrang chum m'aoimhlis
léar itheas don chrann do chaill mo ghnaoi dhom.”
“Bíodh sisi malluighthe tar cheathraibh na críche
is tar an uile ainmhidhe dár dhealbhuigheas roimhe si;
ag siubhal air a tarra ar an ttalamh do shíor bheas,
is ithe na cré bhus béile bídh di;
cuirfiod fuath is miosgais idir isi is tú choidhche,
is mairfidh an fuath go buan dá bhúr síolrach;
brúidhfidh a ceann gach rann dod líne
is brúidhfidh-sion sála cáich le díoghaltus.”
'S adubhairt-sion arís re mnaoi an ghníomh' uilc:


L. 14


“Méadóchad do dhoilbhios do thoirrchios líonta;
ag breith do chloinne bíaidh tinnios is daoirse ort;
ar t'fhear bhias t'iarraidh 's a riaghuil do shíor ort.
Is, 'Ádhaimh,” air sé, “trí ghéill dod mhnaoi dhuit,
mallaighthe air do shon biaidh guirt gach críche;
a ndoilbhios caithfir a mbeatha 's a luíbheanna
fóthonáin is dreasa 'na ngasraidh bhes tríotha.”
Adeir naomh Anselmus a san-litir sgríbhinn
Ádhamh a dhúthaigh air úbhall gur dhíol-san -
so é féin 's a shliocht, fá bhruid na daoirse,
don diabhal 'na chairt, fá reacht a dhíoghaltais -
's gur fhiafraigh go feargach an tAthair de tríd so
créad í an éiric do-bhéaradh díol do


L. 15


a mbriseadh go tarcaisneach aithne a dhlíghe chirt
's a sárughadh an tsaoghail naomhtha bhí aige.
Adubhairt Ádhamh dá fhreagra go hathtuirseach caointeach
a bhreith cheart féin go ngéillfeadh tríd dho.
“Táim-se am athair maith neartmhar gan chlaoidhteacht,
go mórdha, cómhachtach, glórmhar, síordha,
's a' té tá ann féin gach laé gan chríoch air
ní fuláir do an luadhacht bheith buan a síordhacht,
is breathnuighim duit-si a n-ionadh do ghniomh' uilc
mo leithéid mhaith féin do ghéill mar dhíol damh.”
Dubhairt Ádhamh go bocht, 's a rosg go sírfhliuch,
sin aige nach raibh, 's dá mbeadh go sínfeadh;


L. 16


fuasgailt, 'na ghrásaibh, muna ndáileadh slíghe dhó,
go raibh air fágbháil gan sábháil choidhche.
Dubhairt an t-Athair go cathaightheach tríd so:
“Is aithreach leam-sa an tan do chuimhnigheas
an duine do dhéanamh, do thréig mo dhlíghe cirt
air chómhairle an diabhail, an phiasd uilc dhíoghaltach.
Fág-sa Parrathus fá sgamal mur taoi anois;
mar thángais ón ccré, as cré bhus críoch dhuit;
mar bhís ad luaith, ad luaith arís beir;
fogh beatha le tarrong a hallus do mhaoile.”
Ghluais Ádhamh is Ébha go déarach sgíosmhur
amach fán ttalamh ón bhflathus dobhí aco.
Rín Dia dóibh éadach ó dhéan na gaoithe
do chótuídhibh croiceann do shoichfeadh a n-íochtar.


L. 17


DO GHUIDHE NA N-AINGEAL ANNSO.



Dobhídar as sin 's a sliocht ar díbirt,
cé bhíodh gan fhaillíth le haithrighe dhírigh,
is é ar feadh a raé go déarach sgíosmhar
na naoi ccéad is tríochad bliadhan dob aois dó.
Is cé bhí córrach go leór dá shíolbhach
a seirbhís ghnáith don Ard-fhlaith fhíre
is mórán naomhtha ar phréimh gach líne,
ifrionn iar mbás a n-áit, gér chíorrdhubh,
gur léigiodar uird a nglúine síos do:
do ghuidheadar ar aon-rian an tAon-Dia fíre:
“A Thighearna,” ar síad-san do bhriathraibh míne,
“dáma toil chóir led mhórdhacht aoirde
an duine charuis, is do dhealbh go caoin air,
a chasa dhuit feasda ó aingeal an díomuis;
is féachuigh ribh féin, más féidir cuimhne air,
nach feacabhuir neach aca ná pearsa sa chrích si


L. 18


le naoí bhfichit, a Rún, is cúig mhíle
is bliadhna corra nach obair a ndíol riot,
acht doirse ifrinn go hursain dá líonadh
don bhuighin maille rinne do ghuidhfeadh do shíor thu.”
Do fhreagair an Tighearna iad a gcaoin-ghuth:
“Is aithreach linne an duine do smaoineamh
do mhasluigh mh'athanta aca buidh dligh cheart,
ós dúine féin budh éigion díol as.”
Tá ag Ainselmus naomhtha tar éis a sgríbhinn
gur fhéach an Tríonóid cia dar chóir dhíobh-san
dul ar an dtalamh do phearsanuibh díoghachta,
's a' duine do shaoradh ó phéin an dligh bhris.
Adubhairt an t-Athair “Dá fhurtacht ní dhlighim-se;
ní haireasbha cumhacht tug dho aní rin”;


L. 19


go ndubhairt an Sbiorad Naomh do féin nár dhligh dul,
's nach uireasbha grása tharla 'dhíth air;
adubhairt an Mac gurbh fheas gurbh fhíor sin
is gurbh í an eagna mealladh 'na ngníomharthuibh,
go rachadh dá fhuasgladh, cé gur chruaidh an gníomh dho,
san ngaduighacht ná dearna tabhairt dála is íoca ann.



D'FHEÓL-GHABHÁIL INA BRÉITHRE DIADHA.



Adubhradh re Gábrial, budh gnáth riamh dílios,
dul ag teachtaireacht go Nasar Ghalísi,
go n-uige an inghin budh dile ag an ríoghain,
go Muire ghlain chóir, an ógh gheal mhíonla,
dobhí ansin pósda ag Ióseph chríonda
tá as tigh Dáibhí is dhá shíol ríoghachta,
innisin gur mheas a' Mac math díolios


L. 20


dol ar iliomhaint 'na geal-mhúr chlí-chuirp,
is gur ghuidh a mhaise dhi a ghlacadh le díoghruis
don chinadh daonna do shaoradh tríthe,
ar chor go ttóccfadh go leór a dhísleacht
a fhuil 's an fheóil sin a gcóir a dhiadhacht.
Do ghluais an t-aingeal go meanmuin míleadh
lena theachtairacht a bhfarra na ríoghna,
is gé luath do ghluais, mar luas na gaoithe,
fuair sé an Tríonnóid fhíor-mhór rimhe 'stigh.
Do-rein a theachtaireacht d'aithris don ríoghain,
's nior ghlac sí mórdháil ag uathfás tríd sin;
dob iongnadh lé-se méid na dtiodhlaicthe
nár thuill sí féin, dar lé, mar dhighnit.
“Ná glac eagla ná atuirse, a Ríoghan;
táinig grása ón ard-fhlath dhíbh-se,
is glacfuir mac ad chasg glan míolla,


L. 21


is tabhair mar ainm don arrad-mhac Íosa,
noch bhias lé rádh ón áit as aoirde,
's do-ghéubha ón Tighearna, Dia na Fíre,
an suigheachán tharrla ag Dáth math rímhe sin
is teaghlach Iacób go deó le ríoghachta.”
Is dubhairt an ógh nárbh eól dí aoin-fhear,
is go ttug móid a hóghacht choidhche
do Dhia mhór ghlórmhur go leór a dhísleacht
is, rena ló, sin go deó nach sgaoilfeadh.
“Tiocfaidh an Spiorad Naomh,” ar sé, “red taoibh-si,
is díonfuidh comhachta ón mhórdhacht aoird tu,
biaidh duine 'na Dhia is Mac Dia Bhí agad,
is biair beannaighthe re rádh idir mhnáibh na dtíorrtha.
Budh beannaighthe go bráth bláth do chí-si,
is gairfidhear Dia go dian ó chroidhe dhe,
ní chaillfir sgeó dot óghacht choidhche


L. 22


is biaidh tú ad mháthair lán gan luighe leat.
Féach Elizabeth chiún do shiúr mhath gaoil-si,
bhí seisg ariamh gur liaitheadh lé haois í,
go bhfuil torrach re rae na sé míos sa:
as so-dhéanta tá 'na láimh gach ní aige.”
“Inilt mi dhom Thighearna Dia dhá chuimhideacht,
is bíodh uile dham féin do réir na bhfuighle.”
Do-rín feóil na féile don Bhréithir bhríghmhuir,
duine 'na Dhia is bheith cian do dhínne.
Do léig Gabrial umhal a ghlúine faoi annso,
do chrom go talamh, do bheannuigh an ríoghan,
is tug uaidh go léir dóibh sgéula an ghníomha
thiocfas a gcathair na n-aingeal gan ríneas.
Do ghlacadar mórdháil tsóláis tríd sin
ag déanamh féasda an lae go maoidhteach
ó shábháil an duine bheith acu 'na bhuighin ghluin


L. 23


a n-áit an tsluaigh do-chuaidh uatha rimhe sin.
Tar éis an aingil níor thaise don ríoghain:
do léig sí fúithe a glúine míne
ag síor-bhreith buidheachais Dé 'na thiodhlaicibh,
ar lasa le grádh ón lá ghlac Íosa
ós cionn an ghráidh budh gnáth lé rimhe sin,
's dá ghuidhe faoi ghrásaibh d'fhagháil do shíor di
go mbiadh sí ioniumhail d'iliomhain rígh-mhic
a ndúthracht fhreasdail a reachtuibh 'nar chuibhe dhi.



D'FHIOSRUGHADH ST ELISABETH.



Is gairid na dhiaidh sin gur thriall an ríoghan
d'fhios 's ag féachain na préimhe gaoil si,
mar fuair a n-aimsir shamhra síon mhath,
cérbh fhada uaithe, 's gur bhuan an tslighe aice
ceithre fichid go teann go bhí ann do mhíltibh
ó chathair Ierusalém go hElisabéth mhíolla,


L. 24


í féin is Ióseph dobhí fóllta críonna
'na n-aonar dá gcois ag dul san tslighe sin;
is ní raibh cóistí ag róduigheacht sligh' aca
ina mbeidis iarlaidhe, ná tighearnaidh tíre,
ruidairidhe, is sguéir, go tréan gach taoibh dhi,
marcshluagh, ná maighdean a meidhir dá coimhideacht.
Mar ráinic a siúr, fé mhúr an tighe aice,
do bheannaigh go banamhail geanamhail caoin di;
d'Elisabéth, ar cclos di fos a fuighle,
phreab an leanabh maith aice 'na clí chuirp;
do líon an Sbiorad Naomh í féin gan raoineas,
's do labhair go hard an rádh so síos duit:
“Is beannuighthe a measg na mban ataoi-se,
's as beannaighthe an torradh atá ad bholg, a ríoghan!
Créad as a dtáinig máthair mo Rígh-si?
Teacht chugainn anois dom fhios níor chuibhe dhi.
Is rug ód ghlór-sa mo thorrchios biogadh,


L. 25


roimh mháthair an Tighearna, a siansa díoghrais.”
Do shuigh Muire go humhal, is ón tsiubhal í claoidhte,
ag cosuibh na mná, gan clár gan saoiste.
Do thóg sí ón áit sin ar láimh an ríoghan
dá cur ar leaba bhig chnaisde dobhí aice,
is d'fhiarfraigh sgéala go léir di thríotha,
cionnas fuair an toirrchios mór dobhí aice.
Do fhreagair a caint sa chaintic fhíor so
“Magnificat animam a t'ainm a ccaoimhe”;
is d'fhiarfraigh dá éis sin d'Eilisabét chríonna
cionnus fuair an toirchios cóir dobhí aice.
d'innis sí ar fad an sdair sin síos di,
's do mholadar ar aon-rian an tAon-Dia fíre.
Is d'fhan sí ansin go ceann trí míosa
go rugadh Eóin an eóluis fhíor-ghlain.
Dobhíodh mar bhanaltruinn dá cheangal 's dá sgaoileadh,
dá ghoradh is dá phóga is ag tobhairt a cíoch dho,


L. 26


sealad 'na clúid ag siubhal an toighe leis,
sealad dá bheathughadh is dá thaltughadh ag luigh leis;
's a mháthair nuair do mheasadh a ghlacadh ag tabhairt digh dho,
d'iompuigheadh ar Mhuire ós aice bhí a dhíoghruis.
'S a gcionn ocht lá budh gnáth ag Íodhaluibh
circumcision do thabhairt is ainm ar naoinibh;
cnósuighid a chomharsain chórta is gaoil do;
Sacarias balbh tug ainm air sgríobhtha,
dobhí balbh trí rátha go ttáinic an gníomh so;
táinig ón Sbiorad Naomh ann féin go líonta,
's do-rein ar ball an chantic fhíor so
Benedictus Dominus, oirdhearcus maoimhthe.
Is ar dteacht tar ais dá teach beag dílios
ní raibh aice lón ná stór san tslighe sin,
's dobhí dom dhóigh an lóisdín dísg, leis,
gan arán, gan fheóil, gan deóir don bhfíon ann.


L. 27


A n-uair a torrchis do thosanuigh aois do;
do ghlac éad go neamh-chóir an seanóir saoir bhig,
go dtáinic aingiol a dtaca an mheadhóin oidhche
's gur chuir sé a gcéill an t-éifeacht síos do.



DO BHREITH AN TIGHEARNA.



Tángadar sgéula géara dhon tír sin
gur fhógair Caesar a n-éiric dhaoirse
do bheith ar gach n-aon nach géillfeadh cíos do,
is dul go n-uicce é féin go léir dá dhíol ris.
Do ghluais air Ióseph 's an ógh ghlan naoigheanda
cúig bliadhna déag fá shéan budh aois di,
ar dheireadh a torrchis, a bhfogas a críche,
ag dul gan chosdus lé 'n-imeigéin tíortha,
go cathair na Beithile ní cheilfid a n-dighnit:
damh is asal a dtaisce 's a maoin chnuic.
Níor fríoth leó d'áit dín acht stáblín ísiol


L. 28


'na mbíodh ó bháisdigh sgáth ag daoinibh.
Dorug sí annsin thall san oidhche,
gan crithniughadh ball, gan leannta 'sgaoileadh,
Rígh agus Leanbán is pearsa shlán d'Íosa
do cheannuigh ar asachán seacharán daoine.
Do shléacht sí féin 's a' saor don Rígh-mhac;
's do shléacht an damh 's a' t-asal síos do,
do chuir go fulláin a n-anál faoi-sion
dá chunngmháil a dteas ó neart na gaoithe.
Tángadar aingil go fairsing gach taoibh dhe,
's a' chúirt ainglidhe gan easba aoin díobh sin,
is adhairidhe féin an tréada agá ghuidhe sin,
le lúthgháir ghráidh, gan fagháil a ríomh dhuit.
An t-ochtmhadh lá budh cráite an gníomh dho,
a fhuil do tharraing 's a ghearradh fán' íochtar,
do ghlac sé éirnisdt chéasda an spíne,
is tugadh eir ainm nach ainimh do “Íosa”.


L. 29


Do ghluais chuige anoir 'na rioth go díreach
an réultann eóluis, do ló agus d'oighche,
's do ghluias 'na dhiaidh go dian na draoithe,
Baltaser, Iasper, is Melser ríogha.
Táinig an bhuighean mhór go hIoruaidh, rígh an uilc,
d'fhiafraighe cá rugadh Rígh uile na n-Íodhal,
's go bhfacadar féin an réaltann taoibh shoir
tug iad mar ghnódh chum onóra an Rígh sin.
Dubhairt sin dá bhfreagairt go hatuirsioch tríd sin:
“Éirghidh” ar seision “don Bheithil d'fhagháil físe;
gabhaigh chugam le sgéulaibh ag téacht arís as
go ndéanainn-si onóir romhór do is iodhbairt.”
An treas lá déag do-dhéan a sgríobhadh,
ar tteacht dóibh asteach don teach bheag ísiol,
do léigiodar fútha a nglúine míne
dá ghuidhe go milis, eir fhicsin an Rígh sin.


L. 30


Ar bhfagháil iomad sóláis iona mhórdháil díoghachta,
le méid tainnthibh do labhairt na ríoghna,
go ttugadar di mar fhios don Ríogh-mhac
miorr, túis, is ór, as mór-chuid díobh sin.



DO REPRESENTATION AN TIGHEARNA.



A dtaibhse dubhairt Dia leó triall dá dtíorthuibh,
Ioruaidh do sheachnadh, 's a n-atharrach slighe dul,
mar dobhí a mhiosguis ar tí an linbh sin d'aoideadh
dá bhfuigheadh uatha sin tuairisg físe air.
Ar mbeith ceathrachad lá san árus chríon sin
do-chuaidh mar sheanreacht san teampull d'iobairt,
go cathair Ierusalém, cé gurbh imigéin do naoidh bhig,
is dobhí ann rimhe sin Síonox rígh astigh,
noch fuair mar ghrásaibh ón Ard-fhlath fhíre
gan bás do dháil go fagháil a' Rígh-mhic.


L. 31


Do shléacht an fáidh go lár dá ghuidh sin
san tsailm go puncach Nunc dimítis.
Do ghlac iona láimh go fáilteach fíor-ghlic
's do-rein gan chairde an fháisdne dhírioch
eir bheatha, eir bhás, is eir pháis an Rígh-mhic;
is ren Anna ban-fháidh ar ana-cháil spíne.
As dearbh gur chráidh na ráidhte an ríoghan,
's go ndeachaidh mar gháinne tré lár a croidhe 'steach,
gur chuinnimh do ghnáth gach lá 'na cuimhne,
'na thuirse, is 'na ghráin ar chrádh na híspirt.
Do ghlacadar láimh i láimh na draoithe
Ioseph cráibhtheach 's a' fáidh glan fíre,
's do chanadur ann na labhartha líomhtha,
sailm na gceall is caintic maoimhthe.
Do cuireadh an Leanbh dob fhearra do ríoghuibh
leata ar an altóir budh rochóir d'iobairt,
is dá éan fearáin mar ofráil tríd sin,
tré luighead a luaigh, gan uaill gan díomus.
Do ghuidh an mháthair an t-Ard-fhlaith fíre,


L. 32


's do thóg a lámh le láimh a Rígh-mhic
na cisde sin beag, cér leisg lé a síne,
do ghlacadh gan locht ó bhocht gan mhaoine.
Do thóg chum Dé go réig a rín-dearc,
's do thóg maille ré-se a hAon-mhac díleas,
na héin gan deara do ghlaca, is a' Naoidh sin,
's a thabhairt tar ais le hais a croidhe dhí.
Ní fheacathas riamh is ní bhia aca choidhche
a thoisg nó a chomh-ard d'ofráil nó d'iodhbairt,
is níorbh fhiu an saoghal é mar dhighnit,
is cá bhfagham go léir, a Dhé, dhuit díol as?
Is ar ccoimhlíonadh foirlíonta an pheirsísion,
chuaidh ó Ierusalém go hElisabét ghaoil dí,
is d'fheáchain ar Eóin, agár mhór a bhrígh aice,
is as sin san ród go pórt Nasíret.


L. 33


AN DARA CAIBIDIL



THRÁCHTAS AR DHUL AN TIGHEARNA DON ÉGIPT
IS AS SIN GO NASARET, AR A DHUL AMUGHA SAN
TEAMPULL, AGUS A BHAISTEADH AG EÓIN.



Tig aingiol chum Ióseph le comhairle asdoidhche
d'óguir do an leanbh 's a bhanaltra chíochgheal
do bhreith don Égipt a gcéin don chrích sin,
is teitheadh go ro-luath ó Ioruaith a mbíobha,
go raibh ar tí bás do dháil don Rígh-mhac
dá bhfaghadh chum a lámh go bráth leis sgríob air.
Do mhusgail iad a dtrian na hoidhche,
is d'innis gan stad an stair sin síos di.
Do ghlac anbhfainne eagla an ríoghan,
's do chrithnigh a hinnighe go huilighe thríd sin.
Dubhairt: “A Dhia ghrádhbhuir, as cráidhte an gníomh sin,
's go bhféadfá san mbaile mo leanbh do dhíon air.”
Do ghluaiseadar go ro-umhal go ndocamhal síne,
is iad 'na gcuallacht fhúar gan ní ar bith,
gan duine gan lón gan eólus sligh' aca
ar fud gach fásaigh gan áitreabh daoíne.
Dobhádar go lag-bhríoghach ag easbaidhe aoise,


L. 34


Ioseph naomhtha is é aosda críonna,
is ise 'na hóighe go ro-óg naoidheanda,
is leanbh nár shárruigh tar a dhá mhíosa.
Ar rochtuin don Égipt d'éis na gcríoch sin
ní bhfúaradar d'áit dhín d'Airdrígh ríogha
acht fuachuid lóisdín nó seóimrín ísiol
'na mbídís deóruighe 'na gcomhnaidhe ar díbirt.
Dobhí an mhaighdion a bhfeighil an tighe sin
ag síor-umhluighacht dá muirnín díolios,
is gan aice chum fagháltais d'fhagháil gach ní dhó
acht cuigeal is snáthad, fuigheál is fighe bheag.
Dothigidís mná le páirt don ríoghain
le déircionnuibh aráin is beagán dighe aca,
's a bhfoigheadh Ióseph do chomhruinn tríd sin
ar allus a chnámh gach lá le saoírseacht.
Do thuig Ioruaidh, ón aimsir, gur chaill na ríogha air;
do chuir leinbh na Beithile le feirg, 's na dtíortha,
fé bhun dá bhliaghain nó ag triall san aois sin,
dá marbhadh uile chum tuitiom ann d'Íosa.
Dubhairt rígh dh'áirighthe gurbh fhearr fá thrí leis
'na mhuicuidhe aig Ioruaidh go mbiadh búan bríoghmhur
ná 'na mhac aige chum tuitiom san ngníomh sin,
ó mharbh sé a leanbh ar eagla Chríosd air.


L. 35


Dobhádar seacht mbliaghna fá chíach san ríoghacht sin
go dtáinig aingeal dá dtarraing dá dtír chirt.
Adubhairt le Ióseph: “Tóg do bhuighean leat
óir teasdaigh Ioruaidh fear fuatha an Rígh-mhic.”



DO DHUL AN TIGHEARNA GO NASARET.



Do ghlacadar gan stad a gcead re daoínibh
noch do-níodh mathas san gcathair don ríoghain;
do ghluaiseadar leó dá dtreóir san tslígh' chirt
's a bpinghinnidhe lóin dá dtabhairt don Ríogh-mhac.
Ar dtaisteal gach bóthair mhóir is ísiol
tarrla dhóibh sin Eóin san tsligh' acu
ag tionnsgnamh aithrighe 's budh aithrigh' fhíre
's nachar pheacuigh sé féin 'na ré a ní ar bith.
Stadadar 'na bhothóig céar dhioróil ísiol
go bhfuaradar innte pruinnte bhídh bhig,
is d'iarr-san a chairdeas 's a bheannacht air Íosa
's do phóg a chosa gan loca le díoghrais.
Dochuadar gan oilbhéim a n-imigéin tíortha
d'fhéachuin Elisabét nár leisg lé a síor-fhios.
Archilaus mac Ioruaidh budh chura cruaidh rimhe annsin,
's do líon critheagla is ainnise an ríoghan,
go ndubhairt riú aingiol tarrang do Ghailíse


L. 36


's a n-aimsior do chathamh a gcathair Nasíret.
Do thairraingeadar gan stad ar fad na gcríoch sin,
go rángadar an áit go tláth fá riachtanas.



DO DHUL AN TIGHEARNA AMUGHA.



Dobhí a bhfad dá éis sin féasda is iodhbairt
a dteampull Ierúsalém aig deichléir Íodhalta;
do ghluais leis Ióseph, an t-óg, 's a' ríoghan,
go ndeachuidh san am don teampall Íodhalta.
Dobhídar annsin go ceann ocht n-oidhche,
gur ghluais tar ais gach leath 'na mbhuighnibh,
Muire is na mná a n-áit don chrích sin,
is Ioseph farruis na fearuibh i ssligh' aca,
gur fhágbhadar an dalta san mbaile gan chuimhne air,
's do shaoil gach neach go raibh san tslíghe aca.
Do ghlac anbhfainne is eagla an ríoghan,
gur chrithnigh mar thuinn bhuig buill a caoil-chuirp;
do ghoil go tais, do sgread go caointeach,
is d'fhill tar a hais ar fad na gcríoch sin.
Do ghluais an ógh mar chóch ghlan ghaoithe
'na rith ó thigh go tigh is tríotha,
is ag dul ó shráid go sráid dá chaoineadh
ar buile san tsligh' mar mhnaoí mhir ghaoithe
a' guidhe an Athar fána aisiog aríst di,


L. 37


's dá ghuidhe féin a n-éigion díogruis'.
Níor choisg dá toisg a los trí n-oidhche,
go bhfuair san teampull gan amhgar Íosa,
is dá bhliaghain déag gan bhréig budh aois dó,
ag sgrúda a ndocamhail do dhoctúiribh diaghachta.
Do shléacht an ainnir dá leanbh go hísiol,
d'éirighe 'na seasamh 's do bheandaigh go caoín dó,
do phóg, is d'fháisg, is do tháth a croidhe leis
's do chunnuimh a leaca le leacainn a Rígh-mhic.
Go ndubhairt go milis: “A Mhilis-mheic dhíolios,
nachar mhothuighis sinne gur briseadh ar ccroidhe ionainn
ar feadh thrí lá go cásmhar tríod-sa
ó dhoras go doras a' lorg gach fís' ort?”
“A Mháthair, caithfiod-sa toil m'Athar do chuimhneadh.”
Do ghluais léith' abhaile go cathair Nazíret;
ní hinnster ar iongantais ionchurtha 'sgríbhinn
co bheith a deich fichiod gan uireasbuidh d'aoís do;
acht adeir gach diadhaire diadha críonna,
nach 'na chomhnaidh' a ccomhnaidh' bhíodh-san,
acht le hurnaighthe mhóir do ló agus d'oidhche
's a' congnadh dá oide gan tuirse, 's don ríoghain.


L. 38


AR BHAISDEADH AN TIGHEARNA AG EÓIN.



Bhí Eóin san bhfásach ar fán ó dhaoinibh,
go teacht focail Dé go n-uige é san chrích sin;
do ghluais gan stad ar fad na ttíorrtha
timchiall Iordáin is congháir thaoibh reis
do chruinnigh chuige 'na ttulcha tar thíorrthuibh,
is é ag seanmóir dhóibh ar ghlóir na síorruidheacht',
is ar bhaisdeadh na haithrighe chum peacaidh do sgaoileadh,
dá n-éisdeacht gan lagadh 's dá mbaisdeadh sa míntsruth.
Thug Íosa lá n-aon sgéal don ríoghain
go ccaithfeadh sé triall go hiarrthair tíre
chum glóire do thabhairt dá Athair is buidheachas
dá fhoillsiughadh féin san tsaoghal 'na ghníomharthuibh;
's do ghabh a chead go teacht arís do.
Do shléacht an mháthair go lár dá chaoineadh,
is d'éirigh a mbrón dá phógadh arís di,
's do chuir a beannacht 'na mhullach mar chaoí uime.
Do ghluais gan bhróga nó lón san tslighe aige,
ag iarraidh a choisg mar bhocht gan ní ar bith,
- deich mbliadhna fichiod do tuigeadh dob aois do


L. 39


ag an tsruth sin Iordáin is congháir daoine ann.
Is d'iarr a bhaisdeadh mar pheacach beag dhíobh-san
maille ris gach nduine, nach fionfadh cé bhí aige.
Do ghlac Eoin eagla ar cclaisdin a chaoin-ghuith,
is d'aithin go fáidhúil ard-chrú a ríoghachta,
is dubhairt: “A Thighearna, a Dhia, 's a Rígh ghil,
is mó leigim-si a leas mo bhaideadh dhíbh-si.”
Dubhairt Íosa dá fhreagra ag labhairt go hísioll:
“Coisg, bí ad thocht, ná nocht ar n-aoirde;
is mar so is fearr 's as áille an gníomh-so.”
Do feannadh gan spás go tarrnocht Íosa,
's do cuireadh san tsruth é gona dhíodhacht,
's budh clos an t-Athair ag labhairt a ccaoin-ghuth:
“Ag so mo rath, 's mo Mhac go dílios.”
Chonarcas an Spiorad Naomh a bhfioghair éin fhíor-ghloin
ag teacht na bhfarrag ós arraid na ndaoine,
's ag dul fán uisge dá fhliuchadh mar mhaoin do.
Dochúaidh ar an bhfásach gan áitreabh daoíne
a measg na bpiasd ar Sliabh Cargínia,
gur throisg gan easba grádh' da fhichiod lá is oidhche,
gur ghlac sí ocrus an cholann le claoidhteacht.


L. 40


Táinic an t-Ábheirseóir a' cur temptátion craois air,
is dubhairt go dána an rádh so síos air:
“Más tusa Mac Dé, tá réigh gach ní leat:
déin don chloich arán a bhias falláin díbh-si.”
Níor shéan, níor adaimh, an t-Arrad-mhac Íosa,
acht dubhairt dá fhreagairt: “Tá tarthuingthe a sgríbhinn
nach arán amháin as sásamh do dhaoineibh,
acht gach focal ó Dhia dobhiaithe a gcroidhe aca.”
Rug leis gan thoirmiosg ar mullach cnoic Íosa,
's do thaisbéin do fonn an domhain 's a ríoghachta,
a mómeint amháin do spás, gach taoibh dhe,
is dubhairt an diabhal riabhach arís reis:
“A gcumus so uile do-bhéar duit-se do dhílios,
's do-bhéar duit an ghlóire fós mur dhíghnit,
noch fuaras féin go léir le haoide,
le tabhairt uaim uile giodhbé duine aigesílfinn;
má bheir-se ar dtúis damh umhlacht tríd sin
do-bhéar dhuit féin go léir gach ní dhe.”
“Gabh thorm-sa siar, a dhiabhail,” ar Íosa,
“is “onóraigh do Thighearna Dia” tá sgríobhtha ort.”
Rug an oilphéisd go hIerusalém Íosa;
do chuir é ar binn teampoill budh allta a n-aoirde:
“Más tusa Mac Dé,” ar sé, “léim síos as,


L. 41


's go gcuirfiodh do chabhair air ainglibh sgríobhtha:
“iomcharuid go hard 'na láimh gan díth thu,
nach buailfir do chos faoi chloich dá aoirde”.”
Dubhairt Íosa an tráth-sin: “Tá ráidhte síos ort:
“ar do Thighearna Dia ní bhia tú ag aoimhleas”.”



AR THEACHT NA N-AINGIOL d'OLLMHUGHADH BÍDH DHÓIBH.



Táinig sluagh aingiol 'na gcarrnaibh gach taoibh dh,
's do shléachtsad annséin iad féin síos do
ag déanamh ceóilta a mbeóil go haoibhinn,
's ag dul gan documhall d'ollmhughadh bídh do.
Dubhairt le dhá aingiol tarraing go díreach
go n-uige a mháthair d'fhagháil tsásamh bídh do.
Tángadar a móment ccé gur ró-fhada an tslighe aca,
is d'ollmhuigheadar bord don chomhruinn bhídh sin.
d'ith sin a dhóthchainn do shórd gach bídh dhe,
's do chuir na haingil ag aisiog an fhuigheallaigh,
is le beatha is sláinte dá mháthair mhíolla,
's go rachadh as sin dá fios gan raoineas.
Tángadar tar ais go prap go dtí sin,
's adubhairt a dul dóibh don ghlóir shíorrdha,


L. 42


's go gcaithfeadh ar oilithre feithiomh san chrích sin,
's a thabhairt fá deara dá Athair a chuimhneadh.
Do ghluais an' aonar san réim gach ndíreach
ag tarraing 's ag triall ó iath Ghalísia,
gan bhróig gan asán gan ghearrán faoi-sion
gan fear fheithiomh san leirg dá chuimhdeacht.
Do-chonairc é Eóin ag tabhairt na sligh' 'steach,
's adubhairt 'na bhéal 's a mhéar dá shíneadh,
“Féachui-se féin Mac Dé go dílios
noch thógbhus 'na bharraoin peacuidhe an tsaoghail si.”
Do ghluais Andreas gan chaim-chéill chlaoine
annsa ród sin inna dheóigh go dírioch,
is deisgiobal cóir ó Eóin inna choimhdeacht,
is d'fhanadar fairuis a dtigh carad san oidhche.
Tug Andréas Peadar, a phearsa mhath ghaoil, leis
dá chur go soilbhir a gcaidriomh Íosa:
“A Shiomóin mhic Iónas bíodh Cephas choidhche ort
is ainim gan locht don chloich go díreach.”
Níor stad san áit sin acht lá agus oidhche,
is d'fhéach gan chairde a mháthair dhílios,
's dobhí ar feadh bliadhna a rian na ndaoine
dá dteagasg le foirceadal follus is ísiol.
Is as sin aithristear na habstuil do choimhideacht,


L. 43


Andrias is Peadar do ghairm fá thrí dho,
Sémus is Eóin fá dhó, gur dhíobh sin
Matéas ón gcustum, is Philipus rimhe sin.
Is a' chuid eile acu sin is dearbh a ngníomhartha
acht aimsior a ngarma ní faicthior a scríbhinn.
Dobhídís acu, do leanadh do shíor dhe,
is dothéigheadh sin leó ar comhruinn bhídh bhig.


L. 44


AN TREAS CAIBIDIL



THRÁCHTUS AR OSGAILT AN LEABHAIR SAN
TEAMPULL, AR SHEANMÓIRIBH, AGUS AR MHÍORBHUILIBH
AN TIGHEARNA.



Dochuaidh Di Sathairn don eagluis Íodhalta,
bhíodh Dhomhnach san dtaca sin aca 'na shaoire,
's do léaghadh an leabhar budh leabhar math Bíobla,
tarrgaire an fháidh Isáias a sgríbhinn,
iona raibh go mbiadh an Tighearna díreach
ag teagasg 's ag míniughadh scríoptúir d'fhíor-bhocht:
“Is aniogh,” ar sé, “tig sé chum chríche,
's as orm-sa féin as lér an gníomh so.”



AN UAIR DO-REIN AR DTIGHEARNA FÍON DON UISGE.



Tarluigh bainais aca, am, san chrích sin
ag Muire Sholoime budh fogus gaol d'Íosa;
do chuir Eir cuire is ar Mhuire go ttí sin,
's dobhídar na habsdail an' fharrag san tsligh' sin.


L. 45


Dobhí san chóisir ar bórd 'na shuigh' acu
is é idir an sórd dom dhóigh budh ísle ann,
gur ghioráin Muire ris uireasbha an fhíona,
's go raibh a shiúr go dlúth a ríochtanus.
“Créad bhainios sin, a bhean, damh ná díbhsi?”
'S adubhairt, cérbh allta, na dabhcha do líonadh
le huisge an tsrutháin budh neamh-ghnáth bríoghmhur,
is do bheannaigh sin iad 'na bhriathraibh díodhachta.
Do-reim gan tuisiol don uisge sin fíon math;
's adubhairt gan stad na caisg do líonadh
's a mbreith gan chairde go hAirseclínus
's a thabhairt don chóisir a ndóchuinn dighe dhe.
Tar éis an phósda do ghuir Eóin ó mhnaoi leis
do bhreith a gceann na bainnse budh aoirde;
dochuaidh is na habsdail go cathair Nazíret
ag tionnlacadh Mhuire, 's budh chumann an chuimhdeacht.



DO SHEANMÓIR AN TIGHEARNA.



Dochuaidh leis na habsdailaibh dá tteagasg ón ccrích sin


L. 46


amach go Capharnaum, ag seachaint bhall gcoimhightheach,
's go sliabh Tabarrdha an dara lá saoire,
's do-rein teagasg dhóibh budh seanmóir bhríoghmhur,
badh binne 'na bheól ná ceól na síodhacht',
's do mhúin sé dhóibh a chóir 's a dhligh' cheart;
do-rein maighistrighe anmann na ttalmhan díobh-san
ag iasgach 's ag fiadhach a ndiaigh na ndaoine.
Adubhairt leó ar dtosach ar mullach chnuic aoibhinn:
“Is beannaighthe,” ar sé, “gach n-aon don bhuighin sin,
na boicht a sbiorad: biadh aca an ríoghacht mhath;
's a mbia fá dhólás biaidh sólás síor as;
biaidh oighreacht na talmhan don aicme bhias mín tais;
a mbia trócuireach gheabhaid trócaire 'rís as;
a mbia ocrach tarmhur, as beannaighthe an ní sin;
a mbaidh a ndiaigh an chirt biaid uile líonta;
gach croidhe glan diadha Dia do-chífidh;
lucht síothchána 'dhéanamh clann Dé goirfidhear díbh-sion;


L. 47


lucht fuilngthe an phearsacúsion fá chúis ghlain fhír-chirt
budh leó ríogheacht nimhe gan fille ar bith choidhche;
biadhthaoi-se beannaighthe gheibh tarcuisne thríom-sa,
easmuilte is neamh-chion ar son na fíre;
ar son bhur bpearsacúision bíodh subhachuis croidh' oruibh;
ar neamh budh mór an luaighacht bhias díbh-si as.
Ná tabhair mar mhionnaibh na neithe dá luighead leat
ar neamh ná eir talamh ná 'gcathair an Rígh chirt;
“ní headh, ní headh,” “'seadh, 'seadh,” go fíor dhuit,
a chunntráill is locht, is olc do shíor thig.
Má bhuailtear do leaca, an leaca eile sín do;
má chaillir do chóta, an clóca sín reis;
ná diultuigh iad-san, a n-iarfa, ní ar bith;
iasacht is airlioga dáiltior síor libh.
Adeirim do ghnáth ribh: grádhigh bhur naimhde;
dein maith d'fhear fuatha is luaghas do spíde;
dein guidhe ar son lucht t'uilc led dhíbirt,


L. 48


's an té do mhallaigh thu beannaigh an tí sin.
Má mhaithe na cuirthe ad chuinne néid daoine
biaidh t'Athair math neamhdha sásda ad ghníomh-sa;
muna mathair a gcionnta gan uireasbha daoine
t'Athair go dearbhtha ní mhaithfe dhuit ní ar bith.
“Is aig do láimh chlé do dhéirc ná bíodh 'fhios;
ag déanamh do throisge bí soilbhir mín glan;
dún dorus do sheomra ag dol romhat chum guidhe dhuit:
guidh th'Athair go foiluighthioch, is biaidh osguilte ag díol duit.
Do sdór ná ceanguil ar thalamh mar dhísleacht
chum bithbheanach, cancair, is labhain dá sgaoile ort:
don fhlathas as mó cuir romhat do mhaoine
san áit nach eagal duit ceachtardha dhíobh-soin:
mar mbia do sdór go deó do chroidhe bhias,
as é sin an talamh nó an flathas as aoirde.
Ní féidir dá mháighistir do shásamh d'aoin-neach
gan fuath 'thabhairt do cheachtar dhíobh-sion,
is neamh-chion nó grádh do dháil do ní aca
'na sheasamh chum pearsain is pearsa eile dhíogaas:
Dia agas Mamón neamh-chóir a mí-cheart
a seirbhís araon ní féidir d'aoin-neach.


L. 49


Adeirim dá réir sin gach n-aon math dhíbh-si:
faoi cheann bhur mbeatha ná glacaidh-se smaoneadh,
créad íosfuidhe, ólfuidhe, nó gheabhthaoi don chlí umuibh:
is mó an corp 's an t-anam ná beatha agus díonbhruit.
Éanluithe an aeir, féchtur thríd libh,
ní chuirid, ní bhuinid, ná iothla ní líonaid,
's do-gheibhid siad beatha ó Athair na díodhachta
is nach fearr sibh-si ná iomarca dhíobh so?
Féachaidh mar chóirioghios an nóinín chríche:
ní dheinid buadhreadh ná duagh, 's ní shníd sin,
is ollamh 'na ghlóire, 's na comhachta bhí aige,
ní bhfuair cosmhulacht chuluith mur bhíd se.
Má chuirionn Dia éadach air fhéar na críche
tá 'niugh go háluinn 's amáirioch chríonas
is chaitear san abhainn, nách mó gan aoimhris
go mór do-bhéara sé an t-éadach dhíbh-si?
Is créad bhias agad, ná habair, ná smuain air,
íosfair, ná ólfuir, ná gheabhair mar ní umat,
acht ar dtúis iarraigh ríoghacht Dia 's a fhíor-mhath
is iad so leó do-gheabhair gan aoímhrios.


L. 50


Truagh lucht an tsaidhbhris: do-gheibhid a n-aoibhneas;
truagh an lucht mholtar le moladh lucht draoithe;
truagh lucht an gháire; truagh lánmhur líonta:
biaidh ocarach gan sult - gáir ghuil is chaoínte.
“Ná glac eagla roimh pearsonaibh daoine
ná féadfa an t-anam do mharbha acht clí chuirp,
idir chorp is anam bíodh eagla ort rimhe sin
atá 'gcumas bhur sgriostha go hiofrionn íochtarach.
Gidhbé ghráidhfios romham-sa aon tsórd daoine,
athair, ná máthair, ná cairde dísle,
clann mhac ná inghean ná aon tí dhíobh so,
ní fiú é misi bheith aige mar dhíghnit.
A chros 'bé ná glaca is mo leanmhuin go dírioch
ní fiú é misi bheith aige mar dhíghnit.
'Bé bhéara a riocht deisgiobuil deoch uisge don rígh-bheag,
a luaigheacht gan aimhrios ní chaillfe a gcaoí air bith.
'Bé shéanfus me ar talamh ós arraid na ndaoine,
séanfad é 'bhflathas math m'Athar 'na chuimhme;
'bé aidmheóchas me ar talamh ós arraid na ndaoine,
aidmheóchad é 'bhflathas math m'Athar 'na chuimhne.
A bheatha bé chuinnmheóchas, budh ro-mhór a dhíth leis:


L. 51


caillfe sé an bheatha do mhairfeadh do shíor dho;
a bheatha mar gheall 'bé chaillfios tríom-sa,
do-gheabha sé an bheatha mhath mharrthannach choidhche.
Dá ngreamuigheadh duine an uile shórd aoibhnis
san domhan go léir do féin go díleas,
dá gcaille sé 'anam, gá tarbha nídh do,
créad do-bhéaradh uaidh dá luaigheacht arís as
Mac an Duine an uair a thiocfas 'na dhíodhacht ghloin
a nglóire 'Athar is aingil dá chuimhideacht,
ag tabhairt dá gach n-aon, do réir a ngníomhartha,
a luaigheacht le sochar, nó a ndochar, mar bhíd sin?
'Bé liom-sa nach cuirfe, am chuinne bhias dírioch
's nach cruinneócha am fharradh, uaim sgaipios is sgaoilios.
Tá 'n uile pheaca le mathamh do dhaoinibh
acht a n-aghaidh an Sbiorad Naoimh an blasphem do-níthior.
A n-aghaidh an duine bé coirthe do-níd sin,
atáid sin le mathamh, a labhairt no 'ngníomharthuibh;
a n-aghaidh an Sbiorad Naoimh, a ngníomh nó 'bhfuighlibh
dóibh thall ná 'bhfus a gcuir ní sgaoiltear.


L. 52


Ion bhur mbriathruibh diomhaoine fíoruighim dhíbh-se
go mbiadh lá an bhreitheamhnuis géar-chunntus tríotha:
led bhriathraibh beir ceart 's ad mhac mhaith dhílios;
led bhriathraibh beir mallaighthe is damanta choidhche.
“Ná beirigh-si breith ar neach 'na ghníomharthuibh
ar eagla breithe do bhreith le daoirse ort:
gibé breath bhéarair, a Dhé, gan aoimhreas,
a leithid do bhreith do bhreith arís ort.
'Bé miosúr tomhais dod chomharsain shínfir
a leithid do thomhus do-gheabhair arís as.
An cormhial fé shúil an bhrughaigh dochí-se,
is faoíad shúilibh féin ní léir dhuit bíoma.
“Ni hé gach aon go léir do dhaoinibh
noch ghairios, “a Thighearna, a Thighearna,” dhíom-sa
do-gheabha ríoghacht nimhe mur innmhe thríd sin,
acht 'bé ní toil m'Athar atá 'bhflathas a n-aoibhneas.
Má bhíonn dís san tsaol a n-aonfheacht díbh-si
a n-aon-inntinn dhaingin, is m'Athair dá ghuidhe agaibh,
do-gheabhthaoi uaidh mar luch gan aoimhreas


L. 53


a n-iarrfuidhe uile do neithibh san ghuidh' sin.
“Gidhbé dís nó triúr, a gclúid nó a sligh' air bith,
chruinneóchus am ainm, biad eatarradh,” airsa Íosa,
“as é sin lucht trácht' air mo ráidhte cuimhneadh
ghuidhfios is mholfus é 'n-obair 's a ngníomharthuibh.
'Bé déara le cnuic sa mhuir dul sínte,
's gan droch-mhisneach ná uisgeacht 'na chroidhe air
chreidfios gan uireasbha go dtiocfa chum críche
do-gheabha gan ghó a n-aibeóra a ní air bith;
dá bhrígh sin adeirim gan deifir,” airsa Íosa,
“a n-iarrfuidhe uile do nithibh a n-guidhe ghlain
noch chreidfidhe d'fhagháil, is a bheith sásda dhíbh reis,
go bhfaighthí go réigh gan bhréig an ní sin.
An uair bhiathaoi ag seasamh ag labhairt a nguidhe air bith,
mathaigh na cionnta in bhur gcuinne níd daoine,
go maitheadh Athair an fhlathais bhur ngníomh-sa,
is mona dtugthaoi maitheamh ní mhaithfe sin díbh-se.”
Tángadar chuige leinbh bheaga naoidheanda
go dtógadh a lámh ós aird a' guidhe orrtha;
tugadar na habsdail easmuilt do thríd sin,
nach liccfidís linibh 'na ghoire sa tsligh' acu.
“Ligigh na linibh am ghoire,” arse Íosa,


L. 54


“ríoghacht Dé don tsórd sin dóibh is dísle;
gidhbé nach glacfaidh mar leanamh an ríoghacht so
ní rachaidh sin innte go cinnte choidhche.”
Do thóg ar a chuislinn na linibh gan raoineas,
's a lámh ós a gcionn ag tionnsguinnt ghuidhe orrtha,
do bheannaigh iad uile le hiomarca díoghrais',
is do ghluais sé uatha go thobhairt na slighe 'steach.
Táinic ógánach budh ró-bhreadh díghnit,
ro-iomad talaimh, ceathra, agus maoine;
do shléacht, is d'fhiafruigh a bhfiaghnuise Íosa
créad do-dhéanagh dá mhathas d'fhagháil flathais na síordhacht'.
“Coimhéadthar leat-sa na haithanta,” arsa Íosa.
“Cia acu,” air seision, “adeiridh riom dhíobh sin?”
“Ná déantar feall ná fallsacht fínith'
ná adhaltrannus libh, 's ná guid-si ní air bith;
t'athair is do mháthair gráidhthior síor libh
a n-onóir 's a gcion mar dhlighthior dhíbh-se;
gráidhigh go mór do chomharsain taoibh riot
mar ghráidhfir thú féin a gcéim dá dhísliocht.”
“Iad uile go deimhin,” ar seision, “do-ním se,
's atáim óm óige ag comhall gach ní aca,
is créad eile farruis sin d'easba nó riachtanus
atá orm d'uireasbhuidh, go dtuiginn gach ní aca?”


L. 55


Adubhairt Íosa dá fhreagairt: “Má mheasaidh bheith fíor-mhath
a bhfuil agad go léir san tsaoghal bhocht díol-sa,
is roinn do chostus ar bhochtuibh an riachtanais,
is do-gheabhuir stór ar neamh, is lean do shíor dhe.”
Do ghlac an t-ógánach mór-chás tríd-sin,
's do ghluais sé roimhe faoi thuirsi gan raoinios
le leisge a chostus do bhronna ná sgaoile:
dobhí aige fairsinge thalaimh is mhaoine.
Do-chonnairc an duine go duibiollta thríd sin;
dubhairt leis na habsdalaibh: “Go dearbhtha dhíbh-se,
d'fhear shaidhbhir chostusach as docuir ar chaoi ar bith
go ríoghacht ghluin Dé do féin dul choidhche;
do chaimel gan tuirse is usa dul díreach
tríd chró snáthaide fuadhma caoile
ná 'dhuine shaidhbhir, adirim arís ribh,
dul asteach, ná triall chum Dia 'na ríoghacht ghil.”
Táinic 'na ghalar dá achuirt fear laoidhre,
is dubhairt go mbiadh slán damadh áil le hÍosa.
Do ghlac sin an t-easlán 'na dheas-láimh mhín-ghil
's dobhí slán faoi mhaisi na phearsain 's a mbrígh nirt.
Táinic Sentúrion go humhal dá ghuidhe-sion,


L. 56


is céad fear 'na smacht do chuimhideacht,
is d'iarr sé 'óglách do thógbháil ó laoíre,
's do mheas Íosa gan cheisd dul leis go dtí so.
“Ní fiú me, a Thighearna, do thiacht fam dhíon-sa;
abair do bhréithir is budh réigh gach ní leat.”
Do bhreithnigh sin éifeacht is méid a dhíoghrais',
's do shabháil an t-óglách ó chomhrádh Shintírion.
Táinic Regulus san leirg dá ghuidhe sin,
is ní raibh fuinte ná fuirse a ndíghrais,
acht do mheas go réigh, a mhéid 'dhíghnit,
go rachadh leis féin do shaoradh 'aoin-mhic.
Do thuig an Cuimdhe an phump 'na chroidhe 'stigh,
's níor mhóide ige 'chion ioliomud saoirse.
Do dhiúlt dul d'fhéachuint féasda 'thighe leis,
's do shlánuigh an mac cér lag a ghuidhe-sion.
Do chruinnigh don chathair ón dtalamh gach taoibh dhi
dochtúirighe an reachta is satha Pairisíonach;
do líonagh go fruigh an tigh do dhaoinibh
ag éisteacht a chomhráidh is ró-bhreadh snuigheadh leis.
Bhí fear pailirise san bhaile sin claoidhte,
's dobhídar a chairde cráidhte thríd sin;
chuireadar é a bpres faoi chleith an tighe 'steach
dá leighios ó phiantaibh a bhfiadhnuise Íosa.


L. 57


Adubhairt an Tighearna, liaigh an chroidhe ghloin,
“Tá an uile pheaca dhuit maithte do-rínis.”
Do smuin gach dochtúir sa chorugha Pharisínioch
ná raibh acht musdur gan chumus 'na ghíomharthaibh.
“Créad do-bheir an t-olc go docht bhur gcroidhe aguibh?
is bíodh 'fhios agaibh a dhearbh go dírioch
a bhfuil san talamh do pheaca gan fuighleach
go bhfuil Mac an Duine a gcyumus a sgaoilte.”
Do ghluais an t-easlán go hiomlán rimhe 'mach;
dobhídar na bochtáin neamh-chonách thríd sin;
do ghlacadar eagla is creatha roimhe Íosa,
's do leanadar do bhaile anns gach talamh dá dtíorthuibh.
Tángadar cuige an iomad do dhaoinibh
fá shórduibh galuir is atuirsi a gcnaoidhteacht,
is diabhuil a ccorpuibh choda acu ag aoidheacht,
's do leighis iad uile gan uireasba ní eir bith.
Deiridís na deamhain ag labhairt go cuimhightheach:
“Is tusa gan bhréag Mac Dé is Críosd leis.”
Do choisg sin iad a mbriathraibh caoine
gan labhairt air 'ainm ós acu bhí fís eir.


L. 58


d'iarr Símóin Petrus é d'fhéachuin tighe leis,
is máthair a chéile ag éag 'na luighe aige,
is ar mbreith ar a láimh dobhí slán ón ní sin,
's do fhritheáil sí 'láthair an clár chum bídh dho.
Adubhairt leis an dtroich ó phort Pisínum
“Tá 'ndearnuis maite agat, is aithnim dhíot-sa:
ná déan an peaca dod tharruing chum daoirse
d'eagla go rachadh nías measa ná bhí agad.”
Táinic ceithruinn mhór 'na chóir san tsligh' aige,
is mórán easlán sa chongháir dhaoine
ag iarraigh go tláth a sláinte air Íosa,
is tug dóibh do láthair ag rádh riú: “Bídh sibh.”
Dobhí sé is na habsdalaibh ar farraige choimhthigh,
's do thuit a chodladh ar thobar na díodhachta
ó bheith 'na dhúiseacht ag urnaighthe oidhche
's ansa ló ag fagháil anróidh ag seanmóir d'Íoghioluibh.
d'éirigh anfa ar an bhfarraige fhíochmhur
do las ann tonnthach is fonn na gaoithe;
do ghlac eagla na habsduil ón dtaoide
gur a mbaoghal báis nó báidhte bhíodar.
Do dhúisiodar an Tighearna go dian gan ríneas,
's do stad an fharraige a gcalm na síne;
do lochtuigh a bhfeirg creidiomh na buighne
ó bheith do láthair sa mbáirc 'na luighe acu.
Tarrluigh corp a gcróchar san ród ar Íosa;


L. 59


budh mac don bhainntrigh ó cheanntur Níbium;
d'aithbheódhaigh an marbh, is tug aisiog don mhnaoi bhig,
's do gháiriodar ag tabhairt gárrtha guidhe dho.
d'éag inghean phrionnsa; ba punc san tír sin;
do chuir fios go dían ag iarraidh Ísa;
tarrla iomad cuidiochtan an-chathach san tslighe sin,
is d'athbheódhaghodh an inghean a n-iongnadh daoine.
'S do smuin an t-easlán, Marta an chroidhe mhath,
ó bhinn a bhruit a bruid go sgaoilfeadh,
's do ghluais san bpress ag breith ar 'íochtar,
is d'fhiafruigh an Tighearna cia hacu do shín reis.
“Créad fá dtagra,” ar Peadar, “an ní sin,
le gcuire bac ar phearsuin seach pearsa dhá ísle,
is iad uile dod bhrúth go dlúth san tsligh' agaibh,
is iad fút is tort gan locht ar aoin-neach?”
“Acht subháilce d'fhág me thug sláinte 'mhnaoi mhath.”
D'éigh Martan go hard dá rádh gurbh fhíor sin
go bhfuair féin a sláinte ó' fháthim íochtair.
“Do chreidiomh do dháil do shláinte,” ar Íosa.


L. 60


Rug Símón lobhair ón bhfonn sin Íosa
go n-uige a thigh ag ithe bídh leis.
Do lean Magdaléin an deibhléan díreach,
's a ceann faoi lár go cráidhte a' cuimhne
go ndeachaidh uilc a peacuidh tar ghainiomh na dílionn,
tar réultannuibh aeir is féar na mín-ghort.
Do ghluais tríd an dteach gan sdad ag aoin-neach,
go ndeachuidh fan mbord is comhruinn bhídh acu,
's do phóg sí a chosa gan loca le díoghruis,
is d'innoil na cosa le srothuibh a rín-ruisg;
do thiormuigh go luath le gruag a baoi-fhuilt,
's as daor an t-innimhent do chuimuil sí dhíobh-san.
Do smuain Símón nár dhraoi cóir Íosa,
's dá dtuigeadh cáile na mná 's a gníomhartha,
noch dobhí follus a bhfogas do dhaoinibh,
nach leigfiodh í láimh reis 'na chairdios choidhche.
Dubhairt Íosa dá fhreagairt: “Tabhair th'aire don ní sin:
Bhí ag pairtigh diadha fiacha ar dhís bhoicht,
cúig céad pinghinn ar dhuine don dís sin,
is leith-chéad pinginn ar dhuine eile dhíobh sin;
ní raibhe sin acu ná cumus chum díola,
's do mhath iad uile, is cia acu budh buidhe dhe?”
Dubhairt Símón dá fhreagairt: “Mar mheasuim gan aoimhreas,


L. 61


's don mhaithiomhnas mhór as mó bhias buidheachus.”
Adubhairt an Tighearna: “Ciall gach croidhe air bith
is bun 's as barr an ghrádh ar gach taoibh dhe,
is éirigh dod bhaile fá mhaise le síth ghluin;
do pheacuidh táid maite dod phearsuin, cér líonmhur.”
Do chuir Ioruaidh Eóin 'na phort a gcuibhrioch,
tré sheasamh nár chóir bheith pósda ag mnaoi chuil,
ná bean a dhearbhráthar mar leannán do luighe leis,
gur ghníomh sin malluighthe ó acfuinn na díodhachta.
Ag so deisgiobail Eóin a bpósd chum Íosa
ag iarraigh sgéul air féin go díreach
arbh é ar gach aon-ghléas an Mésias fíre,
nó an raibh go marrthannach a mhalairt ar tí theacht.
Táinig 'na chomhdháil congháir dhaoine,
is mórán bochtán go heaslán tríotha
dobhí boghar balbh le fada acu rimhe sin,
's do shlánuigh na bhfiaghnuise iad gan raoíneas.
Do-rein dóibh seanmóir, is nír sheanmóir mhíghlic
do líon a gcluasa súas do bhrígh nirt,


L. 62


is dubhairt dul dóibh go n-uige Eóin don dís ghluin,
is gach ní dá bhfacadar d'aithris tríd do.
Ar n-imtheacht do chách, do thrácht ar Íosa,
'tabhairt molta bhí mór ar Eóin 'na ghníomharthaibh,
gur mhó é ná fáidh, is é an' fháidh glan díreach,
is idir mhacuibh na mban 'na mhac as aoirde.
Do-rein Ioruadh féasda do phréimh a ríoghachta,
's do ghuill toisg Eóin go mór ar mhnaoi chuil;
a hinghean óg do chuir Eródias fhíochmhur
ag iarruigh athchuinghe 's do budh athchuinghe dhíoghaltach.
Do gheall dí a hathair gach athchuinghe chuínfeadh;
d'iarr ceann Eóin Baisda 'na masla don mhnaoi chuil;
chuaidh sí don phríosún do díthiughadh an chinn sin
is tug lé ar maighdúr a bhfeighil chiúil ringce.
d'fhiafruigh don Tighearna cliath Phairisínioch,
d'éis éirghithe ó bhord do nós na tíre
créad tug na habsduil a nglaca gan ní acu


L. 63


a n-uisge, nó 'nglana, roimhe chathamh an bhídh ghluin?
Do fhreaguir an Tighearna iad go rín-ghlic;
“Glana foirimiolach is oirchios díbh-se;
glana meadhónach ní ro-mhór a bhrígh agaibh.”
Do ghabhadar sin chuca 'na chúis chum díoghaltais.
Dochuaidh Íosa ar fásach gan áitreibh dhaoine;
don lean é an iomad ó imiol gach críche;
adubhairt na habsdail a sgaipe roimhe oidhche
mar a bhfoighdís áitreabh nó aird chum bídh orrtha.
“Tugaigh-se comhruinn dóibh,” ar Íosa.
Adubhradar da fhreagairt: “Ní bhfuil againn acht ní bocht,
cúig aráin is dá iasc nach riarfudh acht bhuighean bheag
créad atá ionnta 'mhath a measg na huimhir si?”
“Tugaidh am fhiaghnuise iad,” airsa Íosa.
Tugadh 'na gcarrann, 's do bheannaigh gach ní acu,
is tug uaidh mar bhiadh do riar chúig mhíle;
bhí dhá bhascéd déag dá n-éis mar fhuigheallach.
A luing ar fairrge na habsdail chuir Íosa,


L. 64


's dochuaidh féin ar cnoc ó bhulc na ndaoine.
d'arduigh an stoirm is fothrum na gaoithe,
a mbaoghal a mbáighte go dtárla an bhuighin sin,
gur ghluais sin chuca roimh thús na hoidhche
ag siubhal ar an uisge gan tuisle air bith thríd air.
Adubhradar na habsdail dá fhaicsint san tsligh' sin
gurab sbiorad a tharrla ann ag rabhra air mínmhuir;
do éigheadar le heagla a mbasgtha gan raoineas,
go ndubhairt-sion go réigh gurab é dobhí acu.
“Más tu,” ar Peadar, “guir farrat-sa síos me.”
Dubhairt Íosa: “Tarr uat!” is do ghluais air Píotar
ag siubhal ar an uisge 'na chuinne go díreach,
gur ghlac sé eagla roimh acfuinn na gaoithe,
is é dá shúghadh ag smúit na síne,
gur éighidh ar an dTighearna ag iarraidh díona air.
Do shín-sion a lámh gan spás chum Píotair,
's dochuadar ón dtuinn don luing gan raoineas.
Do stad an fharraige le calam na gaoithe
is d'adhraidh Mac Dé, 's gurab é dobhí acu.
Dochuadar gan stad san mbarc chum tíre,
is mar ráinig a dtuairisg ar fuiaid na gcríoch sin,
do chnósuighdar chuca ón iomad do thíorthuibh,
is a raibh a n-aon áit go heaslán díobh-san,


L. 65


ar uireasbha géaga is céadfa, is cnaoidhte,
is do chreid bheith slán dámadh áil le hÍosa
a leigion dóibh cuimilt le himilibh 'íochtair;
is an mhéid dá dtarla, a sláinte bhí acu.
Táinig bean Chanach ó Chanan chum Íosa,
is do éighidh go dian 'na dhiaigh san chaoi sin:
“A Thighearna, a Mhic Dháthbhí, dein grása am ríochtanus:
m'inghean atá 'n-amhgar is deamhan 'na cuimhideacht.”
Níor labhair-sion lé, níor éisd a fuighle,
is d'iarr a dheisciobuil air-sion a díbirt:
“Ní chuige mar thurus do cuireadh me,” airse Íosa,
“acht do chaoirigh fáin atá 'stigh a n-Ísrael.”
d'achuir é an bhean, 's do sgread aris air.
“Fóir mo phriacuil, a Thighearna,” air sí reis.
“Arán na leanbh do ghlacadh ní cuibhi sin,
is ní cneasda a chathamh chum madra,” arse Íosa.
“A Thighearna,” ar sise,” is dimhin gur fíor sin;
cidh eadh, na madraidhe bheathaighid na daoine
ithid gan chunntar brúsgar bídh ghlain,
a dtuitionn ó chlár a máighistrigh síos de.”


L. 66


“Ad chreidiomh mór maith, a bhean,” airse Íosa,
“do réir do thoile a shochar sin bíodh dhuit.”
Ón uair sin amach gan stad ná raoinios
dobhí a hinghion slán ón rádh sin Íosa.
Tángadar chuige an iomad Galísians
dobhí dall bacach is balbh is cnaoidhte,
is ar uireasbha céadfa, ag sléachtadh síos do;
do shlánaigh iad uile gan uireasbha ní air bith.
Le truaigh 'na dhiaigh sin dobhiadh ceithre mhíle,
's a mná ná 'leinibh ní chuirim san uimhir sin;
le seacht n-aránuibh budh fulláin brígh aige
is beagán d'iasguibh do riair íad líonta.
Ar n-imtheacht 'na dhiaigh sin ó iath Ghalíse
go cósda Iuda tar Iordan taoib reis,
táinicc 'na chuinne an iomad do dhaoinibh
's do leighis a gcréachta go léir gan raoinios.
Ó Ierico amach ag teacht as d'Íosa
do chruinnigh 'na chuinne an iomad don chrích sin;
táinig dís dall 'na cheann san tsligh' 'muith,
's do ghuidheadar mac Dáith go hard a ndíoghruis.
Do ghair seision iad, is d'fhiafruigh a ríochtanus.


L. 67


d'iarradar radharc is leighios a gcaoiche air,
“Do-bhéara bhur ccreidiomh,” air seision, “sin daoibh-si.”
Bhí radharc math acu, 's do leanadar Íosa.
Chuaidh sé don teampull a cceann na ndaoine;
do-rein dóibh seanmóir nár bhudh an-ghlór baoise;
do theithiodar amach greas don bhuidhin sin,
is cuid dá absdaluibh ó neamh-thuigsint díodhachta.
d'fhiafruigh don mhuintir chruinn dobhí astigh,
ag labhairt go humhal: “An mar siúd díbh-se?”
“Cá rachamaois,” ar Peadar, ag freagairt an Rígh ghil,
“ag fágbháil bheatha na maithiosa síorrdha?”
d'fhiafruigh Pétrus a gcéill mhath d'Íosa,
ar a shon féin is gach n-aon do dhaoinibh,
“Créad é luaigheacht saothair an té do sgaoil de
a chuid don tsaoghal ag géille dhíbh-se?”
Do fhreaguir é an Tighearna, Dia na fíre,
“Do-bhéar-sa,” air sé, “go léir mar dhíol do
céad uirid don tsaoghal ná méid do bhí aige,
is flathas glan Dé gan bhréag mar dhíghnit.”
d'Íosa ar bhfille dó ó Philipi Síre,
d'fhiafruigh go ceannsa do labharthuibh míne
dona habsdaluibh, go tairise caoin dil,
cia Mac an Duine 'na ttuiccsin dobhí acu.
Adubhairt ann Peadar ag freagairt dá rígh glic,
ar a shon féin, 's gach n-aon don bhuidhin sin:


L. 68


“Is tusa Mac Dé; gan bhréag is Críosd sibh
ó a dtig gach maithios sa bhflathas dá aoirde.”
Do fhreagair an Tighearna a mbriathraibh caoine:
“'S tu Peadar fulláin cunách críonda,
fuaindemeint chairge mh'eaguilse dílse
nach béara ifrionn cumus ná brígh oirthe:
eochracha fhlathais Dé gealluim féin díbh-se
's a ndearnnbhuir ar talamh bheith gabhthach am ríoghacht leis;
gach ní mhaithfir biaidh maite agas sgaoilte,
is gach ní cheangalfuir biaidh ceangailte ann choidhche.”
Go sliabh glan Tabóir do thóg leis Íosa
Peadar 'na dhiaigh is dias mhac Shebedíga;
dobhí Elías fáidh 'na dháil is Maoise
ag trácht ar a bhás is ar pháis na spíne.
“A Thighearna,” ar síad, do bhriathraibh guidhe ghlain,
“d'fhéadfá ar saora a gcéim badh saoirse
's gan tú féin do chéasa ad dhíbirt,
is gach ní go léir so-dhéanta dhíbh-se.”
“Do-bheir,” ar sé, “an t-aodhaire díreach
a anum math féin tar éis a chaoireach.”
'S do thaisbéin é féin a sgéimh ghluin ríogha
go glórmhur lunrach a soillse a dhíoghachta.
Táinic an Sbiorad Naomh a néall fhíor-ghluin


L. 69


's adubhairt guth san néall: “As é so mh'aoin-mhac.”
Do chrom na habsduil go talamh don taoisg sin,
's ní raibh ar a ccasadh 'na bhfarradh acht Íosa.
Fuair san teampull annsa tír sin
mórán ceannuighthe, lucht reaca agus díola;
do sgrios iad amach 'na srath dá ndíbirt,
ó theampull 'Athar do shalcha tríotha.
Táinic don teampull 'na cheann don taoisg sin
daill is bacaidh d'fhagháil furtacht' 'na gcnaoidhteacht,
do leighis iad uile gan uireasbha a ní ar bith,
as comhair sagart is satha Phairisínach.
Do ghlacadar ionghantus uile 'na ghníomharthuibh;
do mhéadaigh a bhfuath 's a mbuaidhreadh tríotha,
is mar dobhádar leinbh go milis dá ghuidhe sin:
“Hósana, 'mhic Dáth,” mar fháilte rimhe aca.
Arna mhárach ag trácht 'na sligh' dho
fuair sé a mball ghlan crann glas fíge;
ní bhfuair n' ocrus tora ar an gcraoibh sin,
is do-rein ar ball don chrann sin críonach.
Dobhí ag Ierusalém tobar caomh aoibhind
'na dtigeadh aingeal dá mheasga gach míosa,
do leighiseadh go fulláin easláinte dhaoíne


L. 70


acht am do fhreaguirt an mheasguithe bhríoghmhuir.
Dobhí fear pailithrise san leaba 'na luighe ige
le hocht is tríochad bliaghain go claoite
nach deachuidh fé linn le linn na brígh' sin
le huireasba cumuis ig iomad na ndaoíne.
Bhí, lá, an Tighearna ag triall san tslighe sin,
is d'innis an bocht an toisg sin síos do
“An áil do shláinte do dháil arís duit?”
'S adubhairt gurbh fhearr a fagháil ná ríoghachta.
“Iomchair do leaba go baile do dhaoíne.”
Do-rein an t-easlán mar d'fhuráil Críosd air.
Do mheas na hIúdhail a chúiseadh thríd sin
'na hiomchur air fein, 's a' méid a bhí aca.
“Ní bhfuil agam-sa a dheimhin cé leighis mo chnaoiteacht,
acht gurab é dubhairt liom a hiomchar thríbh-se.”
Níor cuireadh a bhfeidhim cia leighis a chnaoidhteacht
acht 'fhiafruidh' cia dubhairt leis siobhal son tsaoíre.
Bhídar na habsdail san tsabat gan ní eir bith
ag siobhal thrí ghortuibh, 's an t-ocarus tríotha;
a' pioca na ndias budh féasda don bhuidhin ghil,
dá ccuimilt na mbasuibh, dá nglana chum bígh bhig.


L. 71


Do bhuail ar chullóid tionóil Phairisínioch
a mór-easonóir do thabhairt dóibh tríd sin,
ó bheith re gnódh san tsiobóid dobhí aca,
is agá raibh a n-urchóid comhmór ré ní ar bith.
Do labhair cara na nabsdal dá ndídean
go ndeindís fae dhó nísa mhó do ghníomharthuibh
annsa tsabat do ghlacadh mar shaoire
's gan bheith a n-easba na beatha ná 'ríochtanus.
Sabat do ag teagasg san eagluis Íodhalta,
is tugadh le ceilg san reilg sin rimhe 'steach
óglách baclámhach 's a dheasláimh síos reis
bhí caol seirgthe meirbh gan bhrígh eir bith.
Do mheasadar na hIúdhail cúis mhath tshligh' aca
go bhfoighdís greidhm eir tré leighios san tsaoire.
Do thuig seision an t-olc go docht 'na gcroidhe aca,
's do chuir sé eaturra 'na sheasamh an cnaoidhteach,
is d'fhéach orrtha timcheall an bhuill gach taoibh dhe;
d'fhiafruigh fá leith an cheisd si díobh sin:
ar dhlightheach do neach math, nó gníomh olc,
duine do mharbhadh, nó 'bheathughadh san tsaoire:
“Cia agaibh,” ar sé, “go léir don bhuighin sin,


L. 72


noch thógfudh a foighir bhig dhoimhin bhig a chaiorach?”
'S adubhairt leis an bhfear sin a ghlac do shíne
's do leig leis í slán mar an láimh dobhí aige.


L. 73


AN CEATHROMHADH CAIBIDIL



THRÁCHTUS AR DHUL AN TIGHEARNA GO BETÍNIA,
AIR AITHBHEÓDHADH LASARUIS AGUS GO
N-UIGE A PHÁIS NÓ UAIR A CHEANGAIL.



Dochuaidh an Tighearna go hiath Betínia
go teagh ghluin Martain 's a dearbhsheathar dísle,
Muire Magdalén do thréig a gníomhartha
's do las le grádh don ard-fhlath fhíre.
Dobhí sí is na habsdail ag tabhairt aire dá fhuighlibh
go dtáinic Martan dá gearán tríd sin
ná raibh sí a gcúram cunganta an bhídh dhi.
As dubhairt sin gurbh fhearr dhi an bheatha dobhí aice,
gurbh í budh uaisle 's budh buaine saoirse,
's nach beatha thalmhuidhe bheathaighidh na daoine
acht aire do thabhairt don bheathaigh budh aoirde


L. 74


is bheith dá tuar gach uair da ghuidhe aca.
Do chruinnigheadar comhairle an chóip chuthaigh Íodhalta
is an t-ord malluighthe, easbuig Phairisínoch,
ag cathamh a n-inntliocht le hinntinn díoghaltais
is an pobul do shásadh is bás d'fhagháil d'Íosa.
Is air do shaoileadar, adhaltranus saoite:
dá ndaoradh stríobóid bheith mí-thrócuireach thríd do,
is dá saoradh sé ise go mbrisfeadh an dligh' cirt,
is gur chúis a bhásuighthe ceachtardha dhíobh-so.
Tugadh iona cheann don teampull Íodhalta
bean dofríth cionntach ós cionn an ghníomh uilc
's gurb é go follus a clocha budh dhligh' aca:
d'iarradar eision mar bhreithiomh don mhnaoi sin.
Thuig sin an chalaís is an mhailís 'na gcroidhe aca;
'do sgríobh gan faillíth a bpeacuidhe líonmhur'
lena mhéar ar talamh, a n-athais a sgríbhinn,
an tuata 's a' cléirioch go léaghadh a ngníomh uilc
“Gidhbé agaibh,” ar sé, “tá saor ó dhíchúis
buileadh a chéad chloch féin air an mnaoi úd.”
's do chrom a cheann mar am dá sligh' shiúil,
ur fhágbhadar an teampull, a n-amhgar mírúin.


L. 75


Ar n-imtheacht do chách go mánnta mídhchlúghach,
a ccleasa 's a gcealga go ndeachaidh a mbrígh amugha,
dubhairt leis an mnaoi go caoin an tsligh' 'shiubhal
's gan pheacughadh dhí choidhche a n-aon-chúis.
Do-rein seanmóir cheannsa san teampull Íodhalta,
's a measg gach labhartha do labhair an ní si:
Gibé éisdfios mo ghlór is chomhuillfios mo dhligh' ceart
ní bhfoighid go bráth bás na síordhacht'.
Do labhair na hIúdhuil neamh-mhúinte mí-ghlic;
“An mó thu ná Ábraham, ar n-ard-athair aoise,
dobhí 'n' fhíréan a ndligh' Dé fír-cheart
is fuair bás a ngrásuibh do láthair daoine.”
Dubhairt-sion dá bhfreagairt: “Go dearbhtha dhíbh-se
Táim-se roimhe Ábraham, cia táim arís ann.”
'S do thóg an pubal sin clocha chum Íosa,
gur fháig sé an teampull fa chantlumh thríotha.
Táinig ón gceanntur dall chum Íosa
dobhí riamh dall gan amharc ar ní air bith;
d'fhiafraigh na habsdail “An peaca do-rín sin?
An é fein do pheacuigh nó peacadh na sinnsior?”


L. 76


Adubhairt-sion dá bhfreagairt nach ceachtardha dhíobh sin,
acht Mac Dé d'fhíorughadh 's na míorbhuile bhí aige.
Chuir cré san tsile ar ionad chaoin-ruisg,
's adubhairt leis dol don pholl glan Síolom,
“is cuid don uisge sin cuimil dod chaoiche,
's do-gheabhair radharc ódth aghaidh do nighe leis.”
So an dall chum siubhail mar adubhair leis Íosa:
chuir uisge fan' aghaidh; fuair radharc ccach ní air bith;
is dochuaidh gan stad a measg 'na n-Íodhal,
leis na míorbhuilibh ag síor-shiubhal tríotha,
's ag síor-mholadh Dé gach lae 'na 'thiodhlaicthibh,
cé mhéaduigh miosguis is bine 'na gcroidhe acu.
Lá beannuighthe an teampuill aig Solamh sa gheimhre
uair eile do 'gcumhangrach ag Iúdhaluibh tíre
ag sgreaduigh 's ag sgeamhuigheal mur mhadraighibh gaoithe,
a mbéil 's a bhfiacla air bhfiaradh aig fíoch-nimh,
gur iompoigh an pubal a bhfoircheadal choimhightheach,


L. 77


gur dhall a n-anam dá dtarraing ón tslighe chirt
is 'innsin gurab é Mac Dé go dílios,
go ndeindis féin do aodhradh is iodhbairt.
Do labhair an t-Uan gan luas 'na chaoin-ghuth:
“Dá n-innsin a dhearbhadh ná measthuidhe gur fíor me,
's a ndearna óm Athair dá dhearbhadh dhíbh-se,
's a bhreith liom féin a n-aon-ghné am ghníomharthuibh.”
Do mhéaduigh a gcathach dá ghlaca go nimhneach -
clocha 'na nglacuibh dá gcathamh san tslighe reis.
Dubhairt sin: “An óm theagasg math tarbhach dhíbh-se
mheasthaoi mo chlochadh a olcus bhur ccroidhe dhamh?”
“Créad do-bheir,” air siad-san, “mar Dhia thu ag daoinibh,
's gan ionnad acht duine mar dhuine bheag dhínne?”
“Mise muna gcreide sibh, creidigh mo ghníomhartha;
tá m'Athair is mise comhionann gan aoimhreas.”
As sin do mheasadar a ghlaca gan raoineas,
gur theith sé uatha a n-uaignios tíre
go sruith Iórdán, 's a mhór-dháimh taoibh reis,


L. 78


mar baisdeadh Eóin ar tós na daoine.
Bhí Lasarus a ngalar 'na leaba go claoidhte
ar ndul go Iórdán dá mhór-ghrádh air díbirt;
chuir Martan is Magdalén sgéal chum Íosa air,
cér dheacair leó 'tharraing ar eagla Íodhal dó.
Go dhá lá dá éis sin d'éisd leó Íosa
is d'innis dona habsdaluibh go dteastuigh a dtighiosach,
Lasarus, an charaid is fearr dobhí acu,
is gur ro-mhath leis ná raibh sa tír sin.
Do ghluais féin is 'apsduil ag tarraing don chrích sin;
so Marta na chuinne ag druidiom san tsligh' reis:
“A Thighearna!” air sise, “dá dtigeadh sibh rimhe si,
mo dhearbhráthair ni éagfadh dá mhéid a dhaoirse.”
Dubhairt Íosa: “Bí a gcomfórd: éireóchaidh arís duit.”
Ar ise: “Táim deimhnioch: a n-eiséirgh daoine.”
“Mise eiséirighe 's a' bheatha; gibé charfus me dírioch
do-gheabha beatha d'éis bháis go bráth san tsíordhacht.


L. 79


A gcreide an deagh-rún gan chunntabhairt thríd sin?”
Dubhairt sise go gcreidfiodh gan deifir gach ní dhe,
gurab é sin slánaightheóir is grádhaightheóir daoine,
Críosd ar gach aon-ghné is Mac Dé gan aoimhreis.
Magdalén do ghuir dá cur chum Íosa,
's ar dteacht dá fhéachuin do shléacht a' caoine.
Do ghlac tioma-chroidhe an t-Aon-mhac, 's a dhéara mhoidhm air,
's do ghoileadar uile dá fheicsin san chaoi sin.
Dobhídar sealad gan lagadh go sgíosmhur,
na mná 's na habsdail is gan amharus Íosa,
gur fhiafraigh cé an talamh a raibh Lasarus sínte.
“Tar linn,” air siad-san, “'s, a Thighearna, chífir.”
Do ghluais sé san tsráid, 's na mná ar gach taoibh dhe,
eision dá dteagasg san teagasg budh aoidhbhinn;
dochuaidh ón múnadh a cumha as a gcaoine
ar nglacadh go ró-ard sóláis a n-Íosa.
Dubhairt ag an adhlacadh: “Taighidigh síos air”
's na clocha do thógbháil don chorpán taoibh reis.
Dubhairt Marta: “Ná déanuigh; bréantus sgaoile air;
an corp atá marbh san talamh ceithre hoidhche.”


L. 80


Ar osgailt an tumba do luathaigh Íosa
a rosg chum 'Athara dá achuirt le buidheachas:
“Taoi riamh,” ar sé, “dom réir, is bídh 'nois,
go dtuige a bhfuil farrum gur ad fharradh dobhíos-a.”
d'éighidh do ghuth árd ag rádh na bhfuighle:
“Tar amach, a Lasarus!” Is do fhreagair sin d'Íosa.
Táinic 'na sheasamh is é ceangailte a lín-bhrat,
is dubhairt Íosa len' absdaluibh na ceangail do sgaoileadh.
Do shléacht na mná go lár don rígh cheart,
ag síor-mholadh Dé 's a' breith buidheachuis 'na thiodhlaicibh.
Dochuaidh leó dhá lóistín mar óstuigheacht oidhche
's na habsdail is Lasarus an' fharradh gach taoibh dhe.
Do theith Íosa roimhe aingidhacht aindlighe na n-Íodhal,
é féin is 'abstail go cathair nEfrími,
ó nach dtáinic aimsior nó am a chríche,
's dfhág Muire tar' éis go téacht arís do.
Ar aithbheódhadh Lasarus do sgapadar daoine,


L. 81


is é bheith marbh a ttalamh ceithre hoidhche;
na míorbhuile leath ar feadh gach críche,
go dtánic dá fhéachaint na céada dhíobh ó thíorthuibh.
d'árduigh tinntigheacht phrionnsaidh na n-Íodhal
ó Lasarus d'athbheódha go neartóchadh daoine;
dochuadar a gcomhairle chum toighimeach d'Íosa
Lasarus do mharbhadh mar mhearughadh ar ghníomharthuibh.
Ag dol san deibhléin go Ierusalém d'Íosa
tarluigh a mbaile do thalamh Ghalísia
deichnemhar fear dobhí a bhfad a luibhre,
is d'fhanadar uaidhe mar thuairim críche;
d'éigheadar go hairgheanach dá achuirt le díogruis:
“Fóir sinn, a Mháighistir ghrádhaigh is 'Íosa!”
“A dhaoine, tairrngidh ar shagart,” airse Íosa.
Is mar ráingeadar sagart do glanadh a luibhre.
Do-rein Íosa seanmóir ní nemhchóir a cuimhne
do láthair Shacheus 's ar adhbhar rígh-mhath;
gé gur phágánach níor phágánta a ghníomhartha:
do chonnuimh an tseanmóir nó a hurmhór 'na chroidhe aige;
dubhairt leis gach neach ar fad na dtíortha,
dár bhain le hégóir 'én-tsórd ní air bith


L. 82


teacht do láthair is go ndáilfeadh díol do,
ceithre huirid a choda den chostus dobhí aige,
is ar bhochtuibh fá seach a leath go sgaoilfeadh.
Dubhairt Íosa: “Biad farrat ad bhaile san oidhche;
's aniugh tig sábháil ad chábán choidhche;
aig Ábraham go ceart ad mhac ataoidh-se.”
Do thionnsgain aisde do theagasg na ndaoine
le mórán sórrthan do thobhairt chum críche,
uair le labharthaoibh a gceannsacht caoinis,
uair le heasmuilte ag bagairt an díomuis,
uair dá múineadh a humhlacht mínis,
uair le sompladhaibh do chomharthaoibh dírioch,
uair le feirg dá gcreidiomh dá ndíbirt,
uair le míorbhuileibh ag fíoradh a ngníomharthuibh,
uair an sgríoptúir dá míonughadh thríthe
do láthair phrionnsaoi is chunntaoi Pairisínioch.
Tug dóibh mar cheacht stair an rígh mhath
do chuir a theachtaire ag tagairt a chíosa;
do marbhadh a theachta le gasara an mhí-chirt.
Do cuir sin a mhac gan stad arís ann;
do marbhadh a' mac air an acht rimhe sin,
's dochuaidh féin dá n-éis chum díoghaltais.
Adubhairt lena chois gurbh olc a ngníomhartha


L. 83


's go mbainfeadh an talamh 's a tarbha dhíobh-san
's go dtiubhradh an fíonúr don bhuidhin budh dísle
's do dhíolfadh gach lae go réigh a chíos leis.
Fuair saothruidhe locht ar chloich budh fhíor-mhaith;
do-rein di cloch mhuilinn gan uireasbha ní eir bith:
“Mise an chloch thoruigh-si dfhollmhuigh Íodhal
's do d'hiomoladar go grod ag tobhairt chroiche spíne damh.
Rein cloch dá bhalla le hathais bhoicht díom-sa
an reacht nua 's an seanreacht, mar labhraid draoithe,
's nách dá gcur ar gcúluibh thug chugaibh me 'on tír-si
acht dá gcur ar n-aghaidh le feidhim mo ghníomhartha.
'Bé luighfios ar an gcloich si, budh olc do a aoíde;
caillfe sé flathas Dé choidhche
do-bhéarthar don té as féile díol as
is chuirfios air toradh a shochar sa ngníomh sin.
Do ghlacadar eagla an satha Pairisínioch,


L. 84


ó eision an fáidh dob fhearr do dhraoithibh,
gurab leó féin do bhuin bun gach ní acu,
's do thuigeadar ionnta cionnta a ngníomh uilc.
Dobhí Íosa, a mháthair, Marta, is Magdalína,
Lasarus, is na habsdail, a gcathair Bhetínia
roimh Domhnach na Palme dia Sathairn rimhe sin,
is Síomón lobhar budh choghantach tighe acu.
Dobhí ola ag Magdalén budh daor le díol di,
is d'fhoilc sí go ceannsa ceann an rígh leis;
d'ionnuil sí a chosa san ola le díogruis
mar d'ionnuil le caisighibh na haithridhe rimhe sin.
Adubhairt lé Iúdás nárbh iúsáid chuibheasach
son don innimint a n-ionad a dhíola,
go bhfoighthí air airgiod budh fairsiong le síonadh
's le tabhairt do bhochtaibh mar chostus 'na ríochtanus.
Do labhair an Tighearna Dia dá díon san:
“Ná cronuigh a' bhean is gur math a gníomh dhamh
m'oladh roimh an mbás atá air mo thí-se
anois gan chairde aig páis na spíne;
biaidh boicht do ghnáth do láthair choidhche,
is ní bhiad-sa acht spás in bhur bpáirt san taoibh si.”


L. 85


Do ghread na ráidhte an mháthair mhíolla;
do chráidh na mná is cách 'na gcroidhe asteach;
is do ghlac Iúdás le huathbhás smaoineadh
gur cuireadh a lochtuidhe a bfhoirbhríghe síos do.
Do dhíol Dia Céadaoin an t-airdrí thríd sin
ar dheich dtaillionna fiochiod a miosguis a dhíoghaltais.
Dubhairt Íosa rena mháthair is cách gach taoibh dhe
bheith ollamh airna mháirioch do thrácht na sligh' leis,
go rachadh go Ierusalém go pubul caomh Ísrael
Domhnach na Pailme dá dteagasg ar sligh' chirt.
Do fhreagradar cách dá rádh nár chuibhe dho
dul innte go bráth faoi láimh na n-Íodhal,
go rabhadar lán do ghráin dá dtaoibh-sion
chum é do bhasga, dá dtagadh 'na slighe sin.
“Ná bídh-se eaglach; casfum arís as,
's as í toil m'Athar go rachfuinn san tslighe si,
is biaidh eadrom is cathach an díoghaltais
go teacht air m-ais don teach sa arís dam.”
Do ghluais sé ar maidin 's an ghasara bhuighne
ar ghléas nua nár nós do rimhe sin,
as 'dol d'fhíorughadh na sgríoptúire tríthe,
is gach ní dár tairngeadh dhá thabhairt chum críche,


L. 86


dubhairt go rachadh ar asal don chrích sin,
lér iarr sé marcuigheacht nár taithigheadh rimhe do.
Dobhí searrach is asal tamall ón tslighe acu;
do chuir dias dona habsdalaibh dá dtabhairt go dtí sin.
Do chuireadar a n-iorraidhe mar phillín faoision;
is dobhí ar an asal sin tamall don tslighe acu.
Dochuaidh gan fuireach air an searrach, céirbh ísioll,
gan srian gan ialluit go sliabh Olíbhet.
Do chnósuigh chum cuire acu cruinnighthe daoine
dá ghlaca le honóir ro-mhóir thríotha,
is slata pailme 'na nglacuibh mar chaoí dho
le cantic psalam dá gcantuin gach taoibh dhe.
Deiridís le ceóltuibh an t-óg 's a' críonda:
“As é sin ar dTighearna is Tighearna chloinne Ísrael,
an rígh 's a' fáidh ó Nasar Galísia;
moluigh le creidiomh é ag Ierusalém choidhche!”
Ar rochtain Ierusalém, is dimhin é 'chaoine,
's adubhairt: “Mo thruaighe do chuallacht baoise,
's dá mbiadh sí féin a gcéill go gcaoínfeadh


L. 87


tré neart na ndiabhal dá thiarnadh thríthe.
Táinic a leinbh go hinnill dá ghuidh-sion
's a mná le balcuisighibh budh taitneamhuighe bhí acu
dá gcur fána chosuibh ó dhorus gach tighe acu
go ndeachuidh don teampull go ceann a sgríbe.
Do-rein dóibh seanmóir; níorbh fhada leó bhí acu,
cé bí dhá dteagusg ó mhaidin go hoidhche;
do chloídh sé a gúinnsighthibh prionnsuidhe Pairisiníoch
gur chuir iad 'na dtocht, gérbh olc a gcroidhe dho.
Do sgrios ón eagluis ceannuighthe an díola,
dá mbuala le stróicibh do chórduighibh raoíne;
dubhairt reó go ndearnuigh an rás in daoine
fuathuis bitheamhnach don teach urnuighthe bhí ige.
Tar éis a ndearnuigh 's a ráidhte 'chríochnughadh
d'fhill go teagh Lasarus san bhaile san oidhche;
dobhí 'na gcomhnuidhe 'na lóisdín Íosa,
a absduil, 's a mháthair, 's na mná dobhí aice.
Dochuaidh go n-uige a mháthair is láimh ré iar suighe dho,
ó iomad an chrádhnuis is an ghrádh dobhí aige,


L. 88


tug a chorp 'na láimh ag fásgadh a croidhe reis
do neartughadh a mheanma sa pheannuid do chuimhnigh.
Táinic Magdalén is do shléacht dá ghuidhe sin
go dtiubhradh 'na hárus an Cháisg dá dhaoinibh.
“A Ierusalém,” ar sé, “do-dhéan-sa an tsaoire
chum toile m-Athar do thabhairt chum críche.”
Do ghioráin Magdalén san chéim sin Íosa,
gur fhuráil do an Cháiscc is nárbh áil leis cloídh dhí,
is do achuir a mháthair a ghrása 'ghuidhe dhi
fá fhuirioch 'na hárus ag fagháil na saoíre.
Do ghuidh an mháthair san chás sin Íosa
fá fhuirioch san áit sin go tráth na saoire
a measg a chairde do ghrádhuigh é 'ndíoghrais
is ag seachuint a námhad ngránna bhfíochmur.
“A mháthair ghrádhmhur, níl fagháil,” air Íosa,
“gan toil m'Athar do thabhairt chum críche;
táinicc an aimsir 's an t-am go dírioch
don chineadh daonna do shaoradh tríom-sa,
is bíodh 'fhios agaibh go gcaithfiom gach ní air bioth
do labhair gach fáidh, a rádh, nó a sgríbhinn,


L. 89


díom dá dtagra do tharraing chum críche,
's go mbia ig Ierusalém toil a meanman díom-sa.”
Do thuigeadar na mná annso fáth na bhfuighle,
gur aig labhairt a bháis gan chairde bhí sin;
do líon galar is atuirse an croidhe acu,
's do bhuail iad tocht ag gol go caointeach.
Do labhair an mháthair go cásmhur cnaoidhte:
“A Mhic dhil mhilis, do bhrisis mo chroidhe ionnam;
do chrithnigh go huilidhe mh'innighe am chlígh luig,
is táid go díochrach do bhriathraibh um shíorghuin.
Féachuigh an t-Athair dom ghalaraibh thríbh-se,
is ní fheadar créad adéar ná dhéanfad taoibh ris;
cur a gcuinne a thola ní hobair liom choidhche,
acht guidhim é cairde do dháil fán ngníomh sin,
leigion dúinn san Cháisg si a bpáirt ar ndaoine,
's an duine do shaora a gcéim budh aoísle
a n-éagmhuis do bháis-se d'fhagháil mar dhíol as,
is gach ní go léir go réigh 'na chuimhne.”
“Éistigh feasda agas staduighe don chaoi sin
ná fuil 'fhios agaibh go gcaithfiom,” ar Íosa,
“umhlacht do thabhairt dom Athair san ní si
is bheith dá réir gach lae lem ghníomhartha?
Ná bídhigh neamh-fhoighideach: eireóchad díbh-se


L. 90


a n-iomláine sláinte, gan fagháil a cloídh oram:
ní fhéadaim an bás go bráth arís dul
annsa phearsan bhias marrthannach choidhche.”
Adubhairt Magdalén go ngéillfeadh d'Íosa;
“Racham-na,” ar sise, “san ionad a mbí-se;
atá teagh san bhaile sin aguinn go dílios
'na mbiam gan easbha ar bith farrad san tsaoire.”
“Is ar an sliabh,” air sé, “do-dhéan-sa a chríochnadh
deagh-réir m'Athar noch chaithfiod do chuimhniughadh:
ní bhfuaras riamh, is ní bhia, leis, choidhche,
a leithid eile air sheirbhe a dhaoirse.”
Do ghread na ráidhte na mná 's a' ríoghain,
's as beag nach dtáinic a mbás go dimhin de.
Adubhairt a mháthair go támhlag cloídhte:
“A Laoigh, 's a láthair atá an bás san chroidhe agam,
's as truagh do mháthair cráidhte ad taoibh-se.
Créad um ar gheinios thu chum tuitioma thríod damh,
's gan agad ó thosach do bheatha go dtígh sin
acht pian as tarcuisne, aithis is díbirt?”
Dardaoin na cCumaoineach chum tuluighe chuaidh Íosa,


L. 91


é féin is 'absduil go cathair a naimhde;
do chuir Peadar is Eóin le fógra rimhe asteach
go teach carad dobhí tamull ón chrích sin
chomhnuidhe ar sliabh a n-iath Seníclim
d'ollmhughadh na Cásga don dáimh si bhí aige;
deichneamhar trí fhichid an uimhir go díreach
budh ghnáth 'na chuidiochtuin nár thuirseach dá choimhideacht.
Do hollmhuigheadh an suipéir go raibh réigh roimhe-sion
is eision ag teagasg na n-absdal, mar shaoilim,
go nndeachuidh Eóin ag labhairt go ceann an tighe reis
go raibh an biadh ollamh, dá dtogradh suighe aige.
Do ghluais go tairise do bheanchadh an bídhe ghlain,
's 'a bord ar talamh a bhfaision na tíre;
d'ionnuil a lámha roimh fhagháil an bhídh sin;
dobhí féin eatarra is iad farruis 'na suighe aige.
Ghlac an lumhan cásga 'na láimh dá sgaoile,
ag geara gach proinne, dá roint gach taoibh dhe
ar an gcóip sin agár mhór a mbrígh aige,
an chuid fa sásadh a láimh gach aoin-fhir.
Dobhí Eóin a n-aice a chara le díograis;
do lean é ann gach áit go bás na spíne;
ó iomad an ghrádh do dháil dá ghnaoi ghlain


L. 92


is bheith óna mháthair 'na bhráthair gaoil do.
Níor shocuir na habsdail ar eagla a naimhde;
is dubhairt sin: “Do mheasas bheith farruibh san chrích sin
go dtuguinn an Cháisg go fáilteach dhíbh-se
sul d'fhulinginn páis atá ar mo thí-se.
Tá dona habsdaluibh pearsa dom dhíol-sa
noch thumas a mhéar am mhéis le síth dhamh;
as truagh don té bheir mé dhom naimhdibh,
's dob fhearr do féin san tsaoghal ná tíoghadh-san.”
Dochuaidh go heidhibh an sgéal sin tríotha
mar chloidhiomh ghéar nó tréan-neart saoide;
do sdad gach n-aon is d'fhéach gach taoibh dhe,
is d'fhiafraigh an é féin an té do-rín sin.
Níor sguir an braithóir neamh-chóir mí-ghlic,
a mheas nár haithnidheadh a ghangaid nó a chlaoine.
Dubhairt Peadar le hEóin an sgeol dfagháil dírioch
cia rin an brath ná reac an rígh acu.
d'iafraigh Eóin sin go brónach d'Íosa;
is do luigh an Tighearna siar go sínte;
tug Eóin air 'ucht, a hucht a dhíograis',
is d'innis go léir an sgéal sin síos do.
San chomhrádh dhóibh rug Eóin an bíoga,


L. 93


gur bheag dá bhalluibh nach deachuidh a mbrígh asda,
acht do-rein eir foighde do threighid an croidhe aige
gur chunnuimh le deisgréid seicréid Íosa.
Dá dtugdaois fios an fhir do Phíotar,
do spiúnfadh a ghéaga ó chéile a bhfíoch-nimh,
dodhéanfadh sparrtach dá easnach 'na chlígh astigh,
dobhiadh 'ingne is 'fhiacal' a rian 'na chroidhe aige.
d'éirigh an chóip sin ón mbord is Íosa;
chuaidh sin ar siubhal go cúinne an tighe acu,
is níorbh fheas dóibh a ghnódh ná 'smuaineadh
go ttáinig go huis dá gcur 'na suighe reis.
Do nocht ón éadach a ghéaga míne,
's do chas go fáisgthe tubháille lín air;
do chuir chuige uisge a n-umar dobhí astigh
déanta do chloich ag port an tighe sin
chum cosa na n-easbal do ghlanadh 's do nighe dho.
Rug leis é ar dtús go humhal chum Píotair
d'ionnla a gcos, cér thoisg nár chuibhe dho;
is dubhairt Peadar a chosa nach fostóghadh dho choidhche.


L. 94


Dubhairt-sion le Peadar muna bhfanagh dá nighe aige
nach biadh a pháirt go bráth arís reis,
's nach tuigfeadh go ttrásda a dháil san ní sin,
's go dtuigfeadh a dtráth an fáth ceart dírioch.
“Mo chosa amháin ní háil liom dhíbh-se
gan mo lámha is mo chionn d'fholca ann,” air Píotair.
“Gach ní bhias glan gé math,” ar Íosa,
“ní lightior a leas a ghlana arís do,
acht táthaoi-se glan, is ní glan liom thríd sibh.”
'S do Iúdás malluighthe labhair an ní sin,
cé d'ionnuil a chosa mar chosuibh na buighne
go dtiormadh do láthair san tubháill do bhí aige.
Tar éis an sgiomraidh uile do chríochnadh
aig áit an tsuipéir do shuigh féin síos ann;
do chuir an' aice na habstuil gach taoibh dhe,
dá neartugh' a dteagasg is dá aithint ina ccuimhne.
Do thionnsgain an nuadh-reacht go mbuanbhus síorra:
do ghlac sé arán beag folláin choidhche;
do thóg súas a rosg le cois a ghuidhe dho,
's do bheannuigh an t-arán a n-iomlán brígh nirt:


L. 95


“'S í so m'fheóil noch dheónfad dhíbh-se,
's do-bhéar tar bhur gceann san chrann,” ar Íosa:
“'bé neach ghlacfas le mathas an ní si
biaidh maille riom-sa dom iomchar choidhche.”
Do bheannuigh 'na dheasláimh cupán fíona
dá thabhairt dá absaluibh: “Glacuigh is íbhidh
uile mo chuid fola noch dhoirtfiod tré dhaoinibh
sa nuadhreacht le maithfidhear na peacuighe thríthe;
is gach uair eile,” air sé, “do-dhéantaoi an ní si
cuimhneócthaoí an tráth mo pháis is mh'iodhbairt.”
Do labhair leó iomad do smiorchulach díodhachta
dá gceangal a ngrádhnus grádh' dho choidhche,
is dubhairt le hIúdás an iúsáid mhí-ghlic
ebé ... a dhéanamh bheith ré gan raoinios.
Do ghluais Iúdás, an trú ghrádhuigh díoghaltas,
a gceann na ndamantach, easbuig na n-Íoghal,
lér dhíol an t-aoin-rígh Dia Céadaoin rimhe sin
eir deich ttalluinn fhichiod, cé gur phinginn gach ní acu;
is d'iarr iad-san leis ag breith ar Íosa
go dtugadaois feasda ón dtalamh a chuimhne.
Dobhí an Tighearna tamall ag teagasg a dhaoine,
ag trácht air a bhás is air pháis na spíne,


L. 96


ar 'imtheacht, is roimhe ré go tréigfadí-sion
é féin le heagla na n-eascarad bhfíochmhur.
Dubhairt Peadar ná tréigfeadh féin é choidhche
's go bhfanfadh as a chuinne go ttuitiom dho thríd sin.
“Séanfuir-se féin go réigh fó thrí me
sul ghairfios an cuileach a ttosach,” ar Íosa.
“Ní bhfuilim-se acht gairid 'nbhur bhfarradh,” ar Íosa,
“is imtheóchad le guais bhocht úaibh gan raoighnios;
ní fhágbhad gan máthair budh máthair dhíbh sibh,
is fillfiod do láthair a ngairdeachus croidhe dhíbh.
Mar do ghráidhaighios,” ar sé, “sibh féin le díoghrais
grádhaigheadh gach aon a chéile dhíbh-si:
aithneóchaidh gach nduine don chruinne go dírioch
gur sibh go cinnte mo mhuinntior dhílios.
Cunnmhuigh mh'athanta gan easba a ní air bith
is mairfigh gach lá bhur ngrádh-sa choidhche.
Do-gheabhthaoi trioblóid is urchóid ríochtanuis
annsa tsaoghal bhaoghlach mhí-cheart;
bídhigh go foighneach, giodh teinn an ní libh,
mar dobhíos-sa go foighidheach ion bhur radharc gach laoi aguibh;
an saoghal um aghaidh-si as deimhin gur chaoidhios-sa


L. 97


's gur taosga dom 'fhuath nó fuath dho dhíbh-se,
. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .
Fillfidh bhar ccráiteacht chum gairdeachais shíorrdha.”
Is d'fhéach ar an Athair don fhlaitheas dá ghuidhe-sion
fán muinntior thug féin do 'chaomhnadh chaoidhche,
mar do choimhéad féin an gcéin dobhí acu,
's gach nduine eile do chreidfeadh do thríotha,
's a dtug sé féin go léir do rimh sin
go mbiadaois farruis ag faicsint na díoghachta.
Do ghlac atuirse an chóip a mbrón go síor-fhliuch,
's do ghlac fantus Eóin ó mhór-cheas chaoínte,
go ndeachaidh neimh gach sgéil san éifeacht tríotha
is íad ar taoibh de ag éisdeacht 'fhaoilte.


L. 98


AN CÚIGEADH CAIBIDIL



A THRÁCHTUS AR DHUL AN TIGHEARNA DON
GHÁIRDÍN AR, A ALUS FOLA AGUS AR A PHÁIS
AGUS AS SIN GO N-UIGE A BHÁS.



Níor éisd an Tighearna briathra an Rígh ghil,
's ní mó thug spás ón bhás dá aoin-Mhac,
as do thréig sin é a ngné bheith cuimhitheach
le gean a ghnúise, cérbh umhal a ghuidhe dho.
d'fhill ar 'abstaluibh, is ní ag faire dobhíodar
acht 'na dtrom suain, ciodh buadhartha bhí sin:
“Nach féadthaoi faire ar feadh tamuill don oidhche
's ar ball go dtuitfair, gach nduine agaibh, thríom-sa?”
Chuaidh uatha san ionad ann ar thosanaigh roimhe sin,
's as seadh adubhairt go tuirseach sgíosmhur:
“A Athair thrócairuigh, fóir me óm ísbirt
is éisd an urnuighthe go humhal do-ním dhuit.
Cuir torm más féidir an mhéid dobhí dhamh
do lán peannuide is searbhuis sgríobhtha,


L. 99


cuileach na páise is bás na spíne;
ní hé mo rádh-sa acht do rádh-sa bíodh air sin.”
Fuair sé Peadar is dís mhac Sebedíga
an tarna huair 'na suan go sínte,
's adubhairt sé riú don ghlór budh chaoine:
“Tá an spiorad go hollamh 's an cholann go claoidhte.”
Annsa treas uair do ghluais san tsligh' sin
d'achuirt a Athar mar dh'athchuir sé rimhe sin,
's adubhairt leis fós go leór a chaoine:
“A Athair dhul an nirt 's an fhíor-chirt,
cruas na croiche dhamh d'fhuilaing ...
's an cineadh daona do shaoradh thríom-sa;
mo mháthair is m'easbuil aithnim dhíot-sa,
a bhfochair gach n-aon dar ghéill damh thríotha;”
is do bhris an fhuil ar fud a mhín-chnis
as a bhalluibh mar allus dá shíor-chur,
go raibh 'na lochuibh 'na bhrollach gach taoibh dhe
gur rith chum tailmh go barra gach troighe aige.
Do tuirsigheadh an tan sin le fanntuis Íosa,
uaidh as a bhalluibh go ndeachuidh a bhrígh nirt
ó thréigion na fola 's a chorthacht dá ghuidhe aige,
's nár dáileadh misnioch ná furtacht dá thaoibh dho.
Táinic Mícheál le fíor-pháirt díoghruis',


L. 100


prionnsa na n-aingeal 's an teachtaire dílis,
do thabhairt misnigh is tsóláis d'Íosa,
is do bheannaigh go múinte búidh dá Rígh cheart.
Adubhairt: “A Thighearna, is dian an ghuidhe agad,
is t'allus fola 'na shrothuibh dá shíor-chur;
rugas-a iad súd don chúirt as aoirde
a bhfiaghnuise aingiol is Athar na díoghacht,
is do leigeamar fúinn a nglúine síos do
dá achuirt fá chairde na páise dhíbh-se
's a cur uaibh seochat ó dhochur a daoirse
is ó gach bruid anois ....
Is dubhairt an t-Athair ag freagairt ar nguidhe-ne:
“Is aithne dom Mhac go math mo ghníomh-sa,
nach féidir go geanamhuil ar ..., a slighe ar bith,
an duine do shaora gan é do dhíol as.
Más sláinte anmann mheasas mo Rígh-mhac,
as éigin do féin dul d'éag dá ndíon sin,
peannuid na croiche d'fhulang gan ríonios,
is a chuid fola do dhorta gach taoibh dhi.”
“'S í sláinte na n-anmann mheasuim-se,” ar Íosa,
“is toghuim an bás mar ghrádh dá dhligh sin,
do choimhlíona a thoile is shochair na ndaoine
do chruthaigh le fíor-ghrádh an' íomháigh dhírigh.”


L. 101


Is dubhairt an t-aingiol go carrthannach caoin reis:
“A Thighearna, bí foighideach a n-aghadh gach ní acu:
dlighidh an mhórdhacht bheith cródha choidhche
is neithe dorcha d'fhulaing gan chloidhteacht;
na neithe peannaideach' ní mhairfe acu a mbrígh nirt
acht ar feadh tamuill nó sealad gan stríocadh;
imtheóchaidh 'na ndiaigh a bpian gan chuimhne,
is tiocfuidh an maitheas noch mhairfios go síorrdha.”
Do ghlac sé teagasg an aingil le buidheachus
's adubhairt leis athaint dá Athair 'na ríoghachtuibh,
's do mhuinntir nimhe a chur uile 'na chuimhne.
Chuaidh chum na hurnaighthe ar ttús dobhí aige,
's adubhairt sin: “Glacuim gach peannuid dár sgríobhadh
ina creidid le dóchas mórán cineadhacha
's nach féidir d'fhásgadh a sláinte Íodhal,
mar oibrighid galar bhias marrthannach díoghaltach,
's atá an pháis sin 'na sláinte 'dhaoinibh:
bíodh do thoil, 'Athar, ar dtabhairt chum críche.”


L. 102


Táinic chum 'absdal dá n-achar 'na luighe annsin,
go gcolladais greas roimh theacht a naimhde;
's do-rein féin faire go bhfacuigh a bhiodhbha,
an deagh-bhuachaill tréada choimhéad a chaoirigh,
lér dhúisigh 'absdail d'éis tamuill don oidhche
ar mbeith dá easgaraid a n-athghairid slighe do.
“Do chollabhar go leór dar ndóigh,” air Íosa,
“'s as follus an té do thréig is do dhíol me:
an bfaicthí é ag teacht 'na léadear buighne
'is mórán 'na dheóigh ón gcóip dár dhíol me?”
Táinig a dtús cháich Iúdás díoghaltach,
is tug mar chomharrtha don tóir dobhí aige
gibé dá dtiubhradh póg a bhreith leó gan raoinios
's go mbiadaois dearbhtha don easccaraid Íosa.
Dobhí rómpa tamall ag tarraing air Íosa,
is d'umhluigh an traetúir aig claonughadh síos do;
dubhairt: “Aue ram” eadhón “Fáilte dhíbh-se”.
“Créad chum a dtáingis, a pháirtighe?” air Íosa,
's tug uaidh an phóg, cér phóg gan díograis.
Is dubhairt le bladar don ghasara bhuighne:
“Ní díbh se mise; acht ná briosfinn an dligh' ceart
do-bheirim an phóg sa, ach mar chomhartha síth mhath.”
“Mac an duine le póig ód bheól ...;
tuguis uait póg nach comharrtha síth damh
as do bhéal brathach cleasach caointeach,


L. 103


's a' mhailís 's a' chealg le hacfuinn ad chroidhe-se.”
Adubhairt an Tighearna: “Cia iarrthaoí-se?”
Air iad-san dá fhreagairt: “An Nasaret, Íosa.”
“As mise an té sin gan bhréag,” ar Íosa.
Do thuitiodar tar ais go lag neamh-mbríoghmhur.
'S arís d'fhiafraigh an Tighearna dhíobh-san
cia bhí acu ar iarruigh thug iad san tslígh' sin.
Dubhradar dá fhreagairt: “An Nasareat, Íosa.”
“d'innsios gur me féin an té sin díbh-se.”
d'fhiafruigh na habsduil ar cheaduigthe an ní acu
duine do ghearradh 'na bhalluibh le cloidhiomh guirt.
Thug Peadar amach go pras a chloidhiomh glan,
Malcus gur bhuail is an chluais gur sgaoil de.
Do thóg an tighearna, liaigh gach ní ar bith,
an chluas ón dtalamh, 's ar Mhalcus do chaoichuir;
's adubhairt go easmuilte le Peadar an cloidhimh sin
do chur uaidh asteach gan stad 'na dhíon do.
“'S an té 'ní marbhadh a gcathughadh cloidhimh ghlais
go ttuitfeadh sé féin le faobhar cloidhimh ghlais.
Nach bhfuil fhios aguibh acht, m'Athair do ghuidhe dhamh,
na léigión aingiol dom chabhair go bhfuighinn-si,


L. 104


acht gurab éigean sgríoptúir d'fhíorughadh dhíom-sa?”
'S adubhairt: “ ... mise atá agaibh-si ar síor-fhios
... uaibh gan ghuais mo dhaoine
go ... an sgrioptúir gan cronughadh dhíbh dhamh.
Tángabhair dom ghabháil le clocha ...
a gcloidhimhibh 's a mbatuidhibh, mar shladaigh' tíre;
san teampull me farruibh ag teagasg gach laoi aguibh,
is gan sibh dom ghabháil aon tráth díbh sin.”
Annsin, na madraighe aingidhe nimhneach',
do cheangladar an Tighearna a ndiachair chaoibhrigh.
Do theith le heagla a absdail 's a dhaoine,
's do fágbhadh é an' aonar ag stréip an díoghaltais.
Dobhídar gan laga ag tabhairt easmuilte is spíd' do,
le siobhal brosduighthe, a ndorchacht oidhche,
tré shlighthibh salcha lathacha is draoibe,
d'iaracht ar Ainas, Caiphas is Pílat.
Do ghluais Peadar is Eóin 'na dheóigh san tsligh' sin
go teach an easbuig 'na ndeachthus le hÍosa,
's adubhairt leó cailín do leataoibh an tighe 'muith


L. 105


gur le Críosd Peadar, is dubhairt Peadar nárbh fhíor dhi.
Dobhí muinntearthus mór ag Eóin san tír sin
le ndeachuidh asteach a measg na n-Íodhal;
dobhí Peadar ar buairt ag fuacht na hoidhche
go ndeachuigh dá ghoradh a bhfochair na ndaoine.
d'fhiafruigh an t-easbog mallaighthe d'Íosa
cár ghabhadar 'absduil, nach farruis dobhíodar,
is créad an teagasg 'nar ...
'na raibh dá ttarraing ar atharrach slighe aige.
Dubhairt Críosd dá fhreagairt nár labhair sé ní air bith
reó-san gan fhios, ná teagusg ós ísiol,
acht annsa teampul gach am do-níodh san
don domhan go follus a bpobul na n-Íodhal.
“Is fiafruigh díobh féin na sgéala fíora air,
óir tá 'fhios acu gach teagusg do-ním-se.”
Dobhí muinntear an easbuig 'na seasamh gach taoibh dhe,
's do ghlacadur fearg ón labhairt sin Íosa;
d'éirigh d'urchur ministir cíorr-dhubh,
is do bhuail sé bas fá neart ar Íosa.
Do labhair go heasumhal a rannta nimhneach':
“An mair sin fhreagras tú a' t-easbucc an' fhuighlibh?”
Dubhairt Críosd go tláth res lán do mhíne,
mar dobhiadh neach gan neart ná bríghe aige:


L. 106


“Má labhras míréir nach fínné sibh-se air?
Más ceart do luaighios créad uim ar bhuailis tríd me?”
Dobhí Peadar, cér theinn leis, ag radharc ar Íosa,
go ndubhairt an cailín aig caismeirt arís reis:
“'S do mhuinntir an duine thusa gan aoimhreas!”
Dubhairt sin le mionnuibh nach feidir ce bhí acu.
Dubhairt bráthair Malcuis gur dhíbh, gurbh fhíor dhi,
's go bhfacuigh sé féin é 'réir san tsligh' acu,
go raibh a bhriathra ag breith fiaghuin fíor air.
Dubhairt sin le heasguine nár aithin an tí sin.
Do ghlaoidhaigh an cuilioch gan fuirioch san oidhche,
is d'fhéach Íosa gan stad tar ais air Phíotar.
Dochuadh a fhéachuint tré thaoibh an chroidhe aige
gur chuimhnigh gach gealladh thug tamall do rimhe sin,
's do ghluais so amach gan stad dá bhrígh sin,
's do ghuil go géar bocht céasda caointeach
ag cuimhniughadh air féin 's gur shéan sé Íosa
annsna trí huairibh do luaigh reis rimhe sin.
Dochuaidh Eóin do bhaile san taca sin d'oidhche
go teach Mhagdalén d'aithris sgéal Íosa,
is Muire fá channtlumh 's a' bhanntracht bhuighne,
is d'aithris go léir na sgéala síos air:


L. 107


ar imtheacht na n-absdal 's a mhasla ig na hÍodhluibh,
is ans gach buaidhreadh dá bhfuair san tsligh' acu,
och mo ghreada! badh fairsiong an ní acu
anns gach peannuid dá n-aithris ann tríotha.
Do ghuil an tráth sin go cráidhte an ríoghain,
's do ghoiliodar na mná go hard dáríribh,
ag bualadh a mbas gan stad 's ag caoine,
's na lámha dhá ngreadadh 's dá dtarraing gur shníomhadar.
Budh chlos a bhfad gach sgread go nimhnioch,
is buala bas aig teacht gach taoibh dhe;
do buailtí fá thalamh gan laga na caoil-chuirp,
is na fuilt órdha an ómra sgaoilte.
Dochuaidh Muire ar a glúinibh ...
do chaoi agus d'achuirt an Athar le díograis,
's as eadh adubhairt go cumhartha caoin reis:
“A Athair an chirt 's a' nirt 's na díodhachta,
is a Athair thrócairigh chomhachtaigh chaoin ghluin,
a Athair na ceannsachta is ceann gach díorghacht',
a Athair na fuirfeachta uile is na síordhachta,
is 'Athair naomhtha is féile uim ní eir bith,
aithnighim go tais mo Mhac math-chroidhe dhuit;
míthrócuireach, an uair si, is cruaigh ná bí reis,
is sibh leis gach n-aon mín séimh a gcaoinios.
Ná marbhthar libh é, agas féach dom ríochtanas,


L. 108


's go ndearnuigh féin dod réir gach ní air bioth,
is olc 'na dhiaigh sin riamh nár fríothadh air;
an cineadh daonna saor-sa air sligh' bhuig,
is gach ní go réigh so-dhéanta dhíbh-se,
a n-éagmhuis mh'Uain ghil do bhuaint duit díom-sa.
Dein deabhaidh dá réightioch, glaoidhim is guidhiom thu,
ó láimh na ladrun madramhuil ndíoghaltach
tá dhá easmuiltiughadh ag tarcuisniughadh a dhíoghachta.
Mar neach bhocht fhónna gan comhachta a dhíona
d'umhlaigh sé é féin a ngéille dhíbh-se
ag guidhe 's ag achuirt a Athar, 's ag caoí dhó.”
... dobhí ar an aisde sin go maidin an laoi ghil
mar do sgaip urmhór ... na buighne.
Rugadh chum príosúin fhíor-dhúnta Íosa
faoi shoiléar talmhun na ladrun gcoimhitheach
dá cheangal do phiolóir do chloich mhóir chíorr-dhuibh,
is é rena sheasamh go maidin an laoi ghil,
púicín ar a shúilibh dúnta síos air,
iad-san ag magadh is ag aitios gach taoibh dhe,
'fhéasóg dá statha is dá chathamh chum gaíthe,
doirne is basa feadh a leacan dá síne air,
's ag gabháil go teann 'na cheann do raoín-tslait,
do sheilidhibh an' éadan, 's ag sléachtuin síos do


L. 109


ag iarraigh gach stroíce a thomhas cia níodh sin.
Deiridís: “A amadáin, an tusa an fáidh fíre
do shaoil gurbh fhearr thú ná mathaibh na dtíorrthann!”
's gach ní badh measa ar a náire do chuimhneadh
as sin go maidin a labhairt 's a ngníomharthaibh.
Táinic ar mhaidin faoi spairnn chum Íosa
prionnsaidhe na catharach is mathaibh na n-Íodhal.
“Tar linn, a shladuighe na mailíse líonta;
anois,” ar siad, “bhias cíall do ghníomhartha.”
Do ceangladh a lámha do thácla raoín-chas
ar dtaoibh shiar dá dhrom go lom do-smaointe
's a cheann go nochtuighthe faoi fhuinniomh na gaoithe,
is é drom dioróil faoi chullóid naoimhde;
iad roimhe is 'na dhiaigh ag triall san tsligh' sin,
is iomad na bpiasd ag iadh ar gach taoibh dhe
dá tharraing tri shráidibh láibe is aoiligh
go teaghlach Phíoláid budh príomháidh' dligh' acu
ag cnúasach iomad do chuirthibh nárbh fhíor air
ag fínnithibh éighthigh ag téacht dá shuighe air.
“Muna mbiadh,” air siad, “é fianach fíor-olc
ní thiubhramaois é ad cheann a' cur 'fhallsacht' síos air;


L. 110


go mór do chorruigh sé pobul na n-Íodhal;
san Ghalalee ar fad níor stad go dtí anois;
a chíos do Shaesar ní léigion d'íoc reis;
do-ní Críosd de féin mar aon is rígh ceart.”
Mar dochonnairc Iúdás, trú an smáil choidhthe air,
go gcuirfidhe chum báis do láthair Íosa
do ghlac sé doilghios le holcus a ghníomha,
gur thairg an t-airgiod do thabhairt arís as,
is gur pheacuigh sé ann ón bhfeall do-rín air,
an fhuil ghlan ionnraic gan chionnta dhíbh leis.
Air siad-san: “Chúinne níl cúis dá thaoibh sin;
féach féin chuige: is riot bhuinios gach ní dhe.”
Do chaith sin le canntlamh faoi an dteampull Íodhalta
an t-airgiod asteach a measg na ndaoine.
Ghluais chum siubhail go cúthal caointeach,
's do chroch é féin le téad gan raoinios.
Rug Pílat don chúirt chum cunntais Íosa,
's ar n-éisteacht na gcúisionn adubhairt ris tríotha:
“A bhfuil d'fínné ad chuinne an gcluine-si an ní si?”
Ní thug sin freagra is nír labhair ris ní air bith.
Dochuaidh Pílat amach a measg na n-Íodhal
's adubhairt nach bhfacuigh cúis damanta Íosa.


L. 111


d'éigheadar go gáibhtheach faoi shásacht díoghaltais,
gur chuir a gceannairc an Ghailele thríotha.
d'fhill Pílat tar ais asteach arís air,
is d'fhiafraigh annséin ar Ghalelén Íosa
go gcuireadh é uaidh go hIoruaidh don tír sin.
Níor dhiúlt, níor adaimh, níor fhreagair do Phíolaid
Do ghuidh Pílat an tighearna dá iarra' air díreach
innsin arbh é féin rígh réigh na n-Íodhal.
d'fhiafruigh Críosd annséin an é féin do smaoin sin
do rádh mar chomhrádh, nó ar fuláramh daoine.
Do chuir Pílat droch-shluagh go hIoruaidh le hÍosa
bhí an lá sin san bhaile is nár charaid do rimhe sin.
Dobhí fonn ro-mhór ar Ioruadh chum Íosa
d'fheicsint do féin, ó mhéid na ngníomhartha
budh chlos do dhéanamh a dtaobh gach tíre,
do mhíorbhuileibh iongantacha san ionad dhá dtíoghadh dhi,
is d'iarr air éifeacht sgéil gach ní aca
go ndeinadh dó féin cuid éigin díobh sin.
d'éisd Críosd gan freagairt ná labhairt air chaoi air bith.
Tug sin tarcuisne is easmuilt do thríd sin,
is prionnsaidhe na sagart dá chaismirt arís reis
le cuirthibh damanta is ganguide is mí-chirt.
Tug Ioruaidh 's a mhuintir neamh-chuimse díola air,


L. 112


funamhaid is mhagaidh, aithise is spíde;
do cuireadh mar amadán iorra bán síos air
dá chuir uaidh tar ais gan stad chum Píolaid.
Dobhí iomarcuidh béicidhe ar spéicidheibh taoibh reis,
tulgáin is urchuir aca san tslighe dhó,
ag cathamh chaorán is sgaobán aoilidh
reis gan chairde go rángadar Píolat.
Dubhairt Píolat reó-san gur chóir a sgaoile
is nach fuair a n-aon-chás cúis bháis saoidhthe air,
go dtiubhradh smachtughadh, ceartughadh an dlíghe dho,
's nach déanugh droch-ní nó corruighe air dhaoineibh.
Do gháiriodar uile le hiomarcuigh díoghaltais:
“A Phíolaid, an tusa do chuirfeadh air Íosa?
Budh chóra 'na bhréithir tu féin do chlaoídh dho,
ó tá an Tighearna nís ia ná taoí-si.”
d'arduigh an peaca sin fearg ar Phíolad,
is dubhairt Íosa do nochtadh le hiomarca spíde
's a cheangal do phiolóir do chloich mhóir aoird ghlais
le sgiúrsáil chéasda budh ghéire do bhíodhbha.


L. 113


Chum sin do bhrosdughadh as fonnmhar dobhíthios;
do gáireadh le lúthgháir 'na sgiúrsáil fhíochmhar
le sgiúrsidhibh sguab budh chruadh' 's bhudh raoine,
is córduighe 'na reópuidhibh fé roghthuíbh nimhe acu;
taise ná truaighe níor ghlúais 'na gcroidhe dho,
do mhaise ná d'uaisle Uain na díoghachta,
gach tarrang ó ghuaillibh dá mbuala síos air
gur thuirsioch le guasacht ón duagh dobí orrtha;
is ó mhullach a ghuaille go buaic gach troighe ris
ní raibh órlach gan stróic nó stríoc air,
a chroicionn 'na stiallach is 'na riasdach chíorr-dhubh,
sgarálta toirnnthe mar fheóil fhir laoire,
is fuil mar ghlaisíbh 'na caisíbh taoibh ris,
is gur chaill sé a chruth, a riocht, 's a ghnaoí gheal.
Do spréachadh gach cuisle dá nguineadh gach raoín-roth,
a phearsa ná 'dhealbh nárbh athanta 'dhaoínibh.
Do thuirsigh na buillidh gu huilidh an bhuidhean sin,
gurbh éigion dóibh sdad ig teasg a ndíothchioll,
is é bocht nochtuighthe don phosda gan sgaoileadh
tar éis 'fhola 'thréigion, 's a chréachta sgaoilte air.
Do bhuail crith fuachta is fuar-nimh gaoithe air


L. 114


nuair a d'fhuaraigh an fhuil 'na luit go nimhnioch,
gur iarr sé a ghiobuil do chur uime mar dhíon do,
is ní bhfuair ón bhfuirionn duibh uirid sin saoírse.
“A Thighearna,” ar siad-san, ag tiacht go Píolaid,
“tá an phearsa so dhe féin ag déanamh rígh cirt;
adharfam-na é is do-bhéaram stoíl do,
is cuirfiom mar onóir do coróinn docht rígh uime.”
Is róba purpuir do chuiriodar síos air
do shíoda dhearg dobhí caite aca rimhe sin,
sgige agus cullóid funóid faoí acu
fa ghiorra a éadaigh, 's ag sléachtuin síos do;
's mar onóir phionóis a choróinn spín' air
fá lán tarrnnuighe do daingnigheadh thríth;
do buaileadh asteach le slait dobhí acu
a leathar sa bhfeóil, cér thoirneamh nimhe acu,
ar fad go cnáimh do sáthadh gan saoírse
gur rith an fhuil 'na sruth go dírioch
le hais a chinn ó rind gach spíce
ar feadh a shúl 's a chúil gach taoibh dhe.
Do leigedís fútha a nglúine síos do
le héigion funóid 'na chuspóir slighe acu
le giorra a róba 's a choróinne spíne.
Deireadaois le magadh: “Dé 'bheatha-sa, a Rígh se!”
Níor lór leis na madhraoibh aingidhe an ní sin
gan a bhreith mach a dtart an díoghaltais


L. 115


is éigheamh a gceilg-ghlór nár bhreathamh cóir Píolait
muna gcuireadh chum báis do láthair Íosa.
Do chuir a bhean teachtaire gan fhios chum Píolait
a lámha do sgagadh a gangaid na n-Íodhal
's an duine math sin, ceart glan dírioch,
is dubhairt gur éirigh a dtaidhbhse thríd de.
“Tá custum agaibh san talamh so,” ar Píolat,
“brágha bheag dhamanta a dtaca na saoíre,
dá mhéid a chionnta 's a chunntracht rimhe sin,
a thabhairt mhar onóir don tsiobóid a sgaoíle.
A rogha aguibh-se ceachtardha dhíobh so,
Barbarus an ladrann rein marbhadh is gníomh uilc
's atá 'na ghaduighe 's 'na shladuighe tíre,
nó Íosa an bhrághadh so atá 'na rígh aguibh.”
d'iarradar Barbarus do thabhairt don tsaoire
is Íosa do chrochadh le docharuid daoírse.
Dubhairt Píolat dá bhfreagairt nach bhfacuigh sé slígh' eir bith
ná cúis damanta aca chum Íosa.
Dubhradar, 'na lochtuibh, muna gcrocha sé Íosa
ná biadh sé ann féin do Shaesar dílios,
ghairios de féin, 'na bhréaguibh, rígh ceart:
níor chara do Shaesar é 'na ríoghachtuibh.
Ó nár fheád a n-aigneadh do tharraing ná stríocadh,


L. 116


d'iarr chuicce uisge agus d'ionnuil a bhaoi-chruibh.
“Ionnluim-se,” air sé, “mé féin ón ngníomh so,
ó fhuil na pearsan mar mheasuim tá fír-cheart.
Sin bhur rígh agaibh is cathuighe bhur ndligh' reis;
féachuigh féin chuige is bídhighe uile síos reis.”
“A chuid fola is iarsma,” ar iad-san, “bíodh dhuit
oruinn, ar ar ccloinn, 's ar chloinn ar líne.”
Do thógbhadar amach gan stad leó Íosa,
purpur 'na róba 's a choróin docht spín' air,
giolcach 'na ghlaic mar shlait na ríoghachta,
le sléachtuin mhagaidh a' tabhairt easmuilte is spíde do.
Do strusadh d'urchur an purpur síos de,
gu n-a chuid fola agus craicinn gach taoibh dhe
do théacht is do cheangail go daingion san tsíoda,
gur ghluais a chréachta go léir arís air.
Do chuireadar uime an iorra dobhí aige
's a' chroch mhór suas ar a ghualainn sínnte
dobhí ramhar fada aig buaint allais a chroidh amach,
do pheidhios ro-throm go ro-chrom síos di.
Gluaisid go deifrioch leision san tslíghe sin
fá lán brosduighthe, gortuighthe is gríosda,
d'eagla go mbéaradh air sgéala ó Phíolaid
do bhrathadar éignioch 'na shaoradh rímhe sin.


L. 117


Dochuaidh sé 'na luighe le tuirse faoí an mbíoma;
do coimhéignighiodh é, gur fhéach sé arís reis
feadh thamaill fhada, go ndeachuidh dá dhithchioll,
gur thuit ar talamh faoi an maide sin sínte.
Táinic le deagh-rádh Veronica mhíolla;
do chuimuil dá gheal-ghnaoí napigín fíor-ghlan
do thiormuigh ón allas budh fharsiong gach taoibh dhe;
's do chuir a dhealbh gheal féin air an éadach lín sin.
Dobhí Eóin is Muire s' a' chuidiochta chaoín-bhan
'na dhiaigh go tuirsioch ag imthiocht san tsligh' sin;
níorbh fhéidir 'fhaicsint le hiomad na ndaoine
gur ghabhadar casán dobhí 'n-athghearr sligh' acu,
go bhfacadar eision san leirg sin sínte
ar bruach tobuir a bhfogus don tsligh' acu,
's an chroch sin anúas ar a ghuaillibh slíobtha
bhí brúite gortuighthe corrtha aig an mbíoma.
As beag an tráth sin nár bhás don ríoghuin;
níor thaise dá mnáoibh, budh cráidhte a n-ísbairt,
's dobhí leis Eóin go brónach sgíosmhur,
gan rian gan taba go ndeachaidh a mbrígh asda.
Do buaileadh 'na chuinne acu duine san tslígh' sin


L. 118


do gabhadh dá aimhdheóin, Síomóin Siornísia;
ó ghlac an luighe go hiomarcach Íosa
cuirigh rena chois an chros ar Shímon.
d'fhéach Íosa tar 'ais go bhfeacuigh buighean bhan,
is cumplucht fear ag teacht 'na gcaoimhdeachd,
is iad go brónach toirseach sgíosmhur,
's adubhairt sin leó: “Ná brónuigh thríom-sa
a ingheana Ierusalém; oruibh féin caoighi-se;
caoidhigh ar bhur gcloinn 's ar chloinn bhur líne;
tiocfuigh an uair 'na luaighfe bur bhfuighle
na mná aimride gur beannaighthe an ní acu,
gur moghéanar an corp nach rucc aríamh ...
's nach tug amach fós lacht 'na gcíochaibh;
déaruid re cnocuibh tuitim 'na gcloidhteach
is reis na sléibhtibh téacht dá ndíon sin.
“A Ierusalém,” ar sé, “déin-se caoí mhath;
tabhair do bhrat maise air bharrach do rín-tshac,
is treóruigh do ghulán mar shruthán trí loch;
cuir do bhrat ruainnigh is luathrigh síos ort;
ná sguirigh do bhrón do ló nó d'oidhche;
is bídh glas do shúl go dubhach ag síor-ghul:
is ionnad fé easmuilte do marbhadh Rígh ceart.
'S a thúath úd agum féin, déinge an chaoí cheart,


L. 119


's a bhuachaillidh an tréada, éighidh is a caoinidh;
croithigh ón uathbhás luaithreán síos ribh;
lá an tshearbhuis ro-mhóir 's a' dobróin smaoinidh.
A fhir na sligh' móire, comharthuigh, smaoin air
an bhfaca tú galar mar ghalar mo chlígh-si,
's a phobail, an bhfeacabhair gan mhearughadh rimhe si
leithid mo ghaluir ar phearsuin dá aoisleacht.
A bháis, bí brónach: do comhailleadh críoch ort;
biad beó marrthannach at easbha-sa choidhche;
is 'ifrion, táinig do lá agas t'aoibhnois:
brisfiod-sa comhluigh do sheomruidhe gcíorr-dhubh;
's aniugh,” air sé, “biad féin ad chríoch-sa
mar ghreidhm ad bhéal-sa aig raobadh giomhlioch.”
Ó níd an cran úr do bhrúth san díol so
créad do-dhéantar linn, an chuill do críonadh?
Adeir Augustín naomhtha tar éis na sgríbhinn:
an tí nár fhéach dá aon-mhac dílios
gan pheaca gan bhréag, as é gan aoín-chuir,
mac aindlios bréige créad uime a bhféachadh faoí a chuir?
Ós tríd gach péin téid aon chum aoirde,
ná sireadh gach aon acht do réir a Rígh chirt;
fagháil glóire gan phéin ní féidir choidhche,


L. 120


flathas gan bhochtacht, ná sonus le saoirse.
Is ó flathas bocht bréige an tsaoghail-si as ísle
nach faghthar gan saothar is éigion díthchioll,
flathas mór gléigeal ná gréine as aoirde
is dearbh nach réightear é ach le daoirse.
'S a' fíon nach tabhair gan cheannach math d'Íosa
atá go deimhin ar an oighre díreach,
a n-aisge go bhfoghdís oighridhe daoine
is measda 's as deimhin nach faghaid an fíon sin.
Is ó tá re chaoín-léaghadh san tSaoisgéal fíre
an maide glan úr ó brúthadh san chaoi si,
gan pheaca gan chúis, acht umhlacht díoghachta,
créad deantar linn, a' chuill do críonadh?
Tógthar go brosduightheach ... bhfoircheadal Íosa
le lán tarcuisne dá tharruing san tsligh' acu,
gurbh éigion do gluaisiocht fá luathas ...
go cnoc Caluária, ceann áite a sgríbe,
dobhí bréan morguighthe ó otarach daoine,
fliuch sleamhain salach, is lathach is draoib air.
Do feannugh go tarrnocht san áit sin Íosa;
faice níor fágbhadh nó snátha bhí uime.
Do ghluaisidar a chréachta chum séidthe arís air,
is é dioróil náirioch fá tháir aig Íodhluibh,
bocht, nocht, 'na thruaghnairt fá fhuacht na gaoíthe,
go raibh an chros ollamh fá dhoilios líonta.


L. 121


'S ameasg gach ollmhuighthe do pollaghadh an bíoma,
gach áit go cruinn di do rinn gach spíce,
is miosúr na mball níor gabhadh le hÍosa,
go rabhadar réise óna ghéaguibh sínte.
Do roinneadar 'éadach gach n-aon don bhuighin sin;
dobhí a chóta ro-shlán gan fuaigheál is fighe ghlan;
budh leisg leó a ghearradh chum a ranna idir dhaoinibh
acht crainn do chathamh cia acu agá mbíadh dhílios.
Do ghluais a mháthair, is í ar lár na baoíse,
go n-uige a láthair go cráidhte caointeach;
do phóg sí a bhéal is créachta 'Rígh-mhic,
's do chuir bréid a cind air timchioll 'íochtair.
Do stracadh go hainiosgar ón mban-chara a haon-Mhac,
dá strusa ... gan cás ná caoi acu;
ar leatha a chuirp ghil ar chruis dá shíne
... fada ón sgara dobhí aige.
Do stracadh a préimh a ghéaga míne;
lúthach is 'fhéithionna b'éigion dóibh do shíne;
á dtabhairt chum gach puill a bhuill dá slaoí acu
le dubh-fhásga tarruinnidhe do daingnigheadh tríotha.


L. 122


ig stróícibh ord le fórsa díthchill,
is pionnsúiridhe leó dá seóla dírioch.
San láimh dheas 'na dhearnnain do sáthadh an spíce
dobhí cúinneach ramhar faoi theann dá dhíbirt.
Do cuireadh san láimh chlé dá éis sin raoín-bhior
sparrálta daingion ar eagal a shínte;
is tríd an dá thruigh dobhí guin na daoírse,
sparra mór fada chuaidh tarsna san bhíoma.
Dorinneadh poll san talamh 'na haice le raimhnibh
'na gcuirfidhe an chros 'na posda nach slíobadh.
Do thógbhadur an uair sin suas í is Íosa,
is truimigheacht a phearsan ar cheangal na dtrí mbior.
Tugadar d'urchur tuisle mhór síos dí
annsa pholl domhin dobhí toighdithe ig craoithibh.
Is mó do chuir an t-easgar sin peannuid air Íosa
ná mórán tinnis dár imthigh air rimhe sin.
Do ghluais a chuid fola ar lorg gach spíce
as a loituibh 'na srothuibh gach taoibh dhe.
Do shearg a chorp ó ar dhoirt don fhíon-fhuil,
a chroicionn is 'fheóil gur fhéach mar bhlaoisg cnú,
's gur háirmheadh a chnámha ón bhfásga rín air.
Do cheangail dá charbud a theanga, cér líomhtha,
is é a ngábhadh éigin nár fhéad sé aon chor
do chorp ná 'bhall acht a cheann do shíne.


L. 123


Dubhairt seacht bhfocail chum sochair na ndaoine
is é annsa chroich go docht fá dhaoirse.
Do ghuidh sé 'Athair fá mhathamh don bhuighin uilc
is nach raibh fhios acu an peaca dorín sin.
Bhí dhá chroich an' aice 'na seasamh gach taoibh dhe
'na raibh dís ghaduighe dhamnuigh Pílat.
Dubhairt an fear clé reis: “Réigh ar gcuibhreach,
más tusa Mac Dé, díot féin is dínne.”
Tug fear na deasláimhe achusán tríd sin:
“An bhfuil eagla Dé ort,” ar sé, “is tu a ndaoirse?
Do thuillemuir-ne ar ndaora le méid ar ngníomh uilc,
is ní mar sin do sin: ní bhfuil fochull 'na ghníomharthuibh.”
Is dubhairt: “a Thighearna, iarruim coimirghe ort;
cuimhnigh oram-sa an uair shoisfir do ríoghachta.”
Dubhairt Críosd dá fhreagairt: “Duit gealluim gan aoimhrios
aniugh go mbiair farum a bParthas aoidhbhinn.”
Mar sin do 'bPiantuibh 's a ndiachuir daoírse
idir dá ghaduighe mar shladuigh' air aoird-chrois,
is druing acu mar tharcuisne dhíobh-san:


L. 124


“Slánuighidh sé créachtuighe, is é féin ní dhíonann!”
'S adubhairt le fanóid cuspóir Íodhalta:
“Fear brisdeighthe an teampuill faoi cheann thrí n-oidhche
is truagh liom a chullóid is 'easonoir dhíola
's nach slánuigheann é féin ón bpéin do-chím air!”
Dubhairt prionnsa na sagart mar easmuilt dhá dhíodhacht
“Tusa mac Dé; tar féin ón ní si!
Tuirling go réigh, is géillfiom tríd dhuit,
don chrois ar talamh, is glacfam mar Chríosd tu!”
Dobhí a mháthair bhocht fán gcroich ag caoineadh,
's do mhéadaigh a galar a fhaicsin san chaoi sin,
is níor thaise le hEóin fá bhrón 'na chroidh' dho,
is na trí Mhuire nach sguireadh do shíor-ghul.
Dubhairt lena mháthair ghrádhmhuir mhíolla:
“Féach-sa ar do mhac, a bhean, as cuimhnigh.”
Is dubhairt le hEóin aigár mhór a bhrígh aige;
“Féach do mháthair; dein cás is díon di.”
'S adubhairt: “Créad fár thréigis, a Dhé do bhí, me?”
Is d'fhóguir an tart do las a chroidhe aige.
Bheineigear is domlus a tuga chum dighe dho,
ar spionóig air bharr slaite dhá síne.
“Consumatum est” an seiseadh fuighle,


L. 125


is ionann re rádh 's an pháis gur chríchnuigh.
d'osguil a shúile is do dhún arís leis,
's dobhí anunn 's anall a cheann a' claoina eir.
'S adubhairt 'na dhiaigh sin an bhriathar dhíograis
as a' seachtamhadh focal don bhfoirceadal chaoín si
do ghuth ro-ard fhulláin bhríghmhur,
cé shil a rosg 's a rosg gur mhaoidhm eir:
“A Athair ionmhuin, tiomnuim díbh-se
mo spiorad ad láimh go bráth do shíor dhuit.”
'S a cheann do thuit ar 'ucht gan raoineas
's a spiorad uaidh sin suas do sgaoil di.
Do sgoilt beanntrach an teampuill tríotha,
's do chrithnigh an talamh fé sgamul dubh oidhche;
d'fholuigh go dian an ghrian a soillse,
is d'éirghidar mairbh as a' talamh le bíoga.
Adubhairt Senturion, ceann uird na buighne,
ar gcloisdint do mhéid na n-éaghamh sin Íosa
dochuaidh ós cionn céille is daonncht daoíne,
gurbh é sin mac Dé gan bhréag dobhí acu.
Is d'iompoigh sé féin ón gcéill dobhí aige
gur ghlac go deifirioch creidiomh gan raoinneas,
gur fhuiling fá dheóigh a meadhón oidhche
matra calma do ghlaca mar chrích dho.
Atá le luadhrádh ó mhórán daoine
noch dobhí naomhtha aonda díreach
gur chlos go léir na héidhmhe sin Íosa
a measg an chruinnighthe a n-ifrionn íochtarach.


L. 126


AN SEISEADH CAIBIDIL



A THRÁCHTUS AR A ADHLACADH AGUS A ...
GO N-UIGE AN EISÉIRGHE, SRL.



Ar bhfaicsint a pháise is bháis a spíne
's gach peannuid dá dtarrla an tráth sin d'Íosa
is measda gur fhág a mháthair dhílios
a hanam 's a náire a gcás a Rígh-mhic,
is nár thaise dhá mnáibh le gárthaibh síor-ghuil
na trí Mháire budh gnáth 'na chuimhdiocht,
a dhís dearbhsheathrach dhéag nár míolla,
is Muire Magdalén gurab é budh croidh' dhí.
Is dearbh dhúinn fós go raibh Eóin gan bhrígh acu,
brúite brónach sgólta ar dtaoibh 'stigh,
go dubhach 'na dheóigh, go deórach sgíosmhur,
gan lúth gan treóir gan ghlóir dá dhíth sin.
d'éis na baile sin do thabhairt air Íosa,
is é idir ghaduighthibh ceangailte air aoird-chrois,
a gheaga leata is iad gabhtha air gach spíce,
céasda sgaptha gan taba na brígh aige,
do ghléas chum baile gach pearsa dá naoimhdimh.


L. 127


'na dtréaduibh sgaipthe go cathair an ghníomh uilc,
's na n-aonar d'fhanadar an aicme bhocht bhuighne
go céasda ag achuirt an Athar 's ag caoi an Mhic.
Muire agus Eóin 's a' chóip sin cuimhnigh
ar tuluigh ar chomhuir a stóir dobhí a gcruis!
Do shuigh Muire ar an bhfód as comhair a Rígh-mhic,
's a' triúr eile agas Eóin a mbrón gach taoibh dhe,
a radharc a chneadha 's dá n-áireamh tríotha,
feidhim budh ard do leaghaibh, do dhroithibh,
gan greidhm ann slán go barr ...
acht teinn bocht sgórrdha lán do stríocubh,
ná ó mhullach le fánuigh go sáluibh síos de
acht cosgurrtha gearrtha 'na stráicioch chíorr-dhubh.
A bhfoguis dá n-áiriomh budh chás go dírioch,
íad crosd' agus tarsna gach áit de líonta.
Do ghlacadar géag de gach n-aon don bhuighin sin
a' cur suime le chéile na gcréacht dobhí ortha:
uimhir na méite ar ar bhféidir críochnughad
trí fichid sé chéad a sé is sé mhíle.
Níorbh fhada dá éis sin gur léim gach croidhe acu
's go ndeachaidh a mbaoghal éaga an ríoghain
ar bhfaicsint 'na raon aig téacht san tslighe acu
banna fá shéirse géar go píocach,


L. 128


a n-arm 's a ngléas, a ngné cham caoimhsguir,
chum catha nó éachta 'dhéanamh ar naoimhdibh,
ón gcathair do ... roimh theacht na saoire
do mharbhadh gach aon don méid do bhígris.
Táinicc an bród go fórsach fíochmhur
fé sdoirm do thoirnigh ...uigh dhíoghaltuigh;
budh garbh an gleó agus glór a moigh-mhionn
chum marbh do stróice is a thoirniodh tríotha.
'S na gaduighthe ar dtós dobhí beó do sgaoilsead,
dá mbasga le horduibh ag sloighe a gcos.
Do ... Eóin 's an ógh le caoineas
tearmuin do thabhairt dá mór-Mhac dílios,
's go raibh marbh ó ló as comhair n dtíortha
gan bheatha nó glór 'na bheól ná brígh aige,
's gach casa rein reó nár fhoghuin a mbrígh aca
... seal dobhí beó go ttug dóibh-sion díol ann,
's gan basga nísa mhó do thabhairt dá chlí-chuirp
's a thaise thabhairt dóibh a gcóir a dhíon-chuir,
go maithfeadh sí dhóibh a thoirneamh rimhe sin
is feadh mhairfeadh go deó go mbia fós ag uidhe orra.


L. 129


Táinicc pearsa dhubh chrón do chóip, Longínus,
is garbh-gha ró-fhada 'na dhóid go fíochmhur;
tug tarrang fá fhórsa os comhair a chígh ghil
air tré a dhrólann gur sgoilt an croidhe aige.
Do shil uisge agus fuil 'na sruth ón ttaoibh dheas
is ar bhfaicsint an lut do thuit an ríoghain;
ar Mhagdalén 'na hucht do thuit sí sínte
gan tapa 'na cruth, a riocht gan bhrígh ar bith.
Dubhairt Eóin aig seasamh, cér dheacair dá bhrigh luig,
“A dhuine bhoicht mhalluighthe fhearguigh nimhnigh,
na leór leat a bheith marbh re fada dho rimhe sin
's gan a mháthair do mharbhadh ó chealga' a thaoibh dhuit?
Imthigh don bhaile; fág aguinn an tí si
go gcuiremaois a thaise: tá marbh la choidhche.”
d'imthighdar don bhaile, agas d'aisig an ríoghan
chum raed beag beatha 'na balluibh do bhrígh nirt;
d'fhiafruigh créad dob aisde dá dalta is dá Rígh-mhac.
Air siad san: “Créad do mheasuis acht é marbh gan raoineas?”
d'fhéach sise ar a bhalluibh is dearg-chneadh a thaoibh reis,


L. 130


is d'imthigh 'bé tapa fuair sealad beag rimhe sin.
Táinig gan stad 'na gasg ghlan chlaoidhte
osnuigheal is fail is cnead san chroidhe aice
budh dheacair do mheas le hais a síor-ghuil,
's do chlaochluigh a dath gur mheasa arís dí.
Do shuigheadar ar talamh go caitheach caointeach
ag radharc ar a bhalluibh dobhí gabhtha air gach spíce
gan ghléas ná acfuinn a leagtha ná 'sgaoilte;
a thréigion budh dheacair 's a mharbh gan díon-chur.
Do-chunncadar gan fuireach cuideachta dhaoine,
is d'éirghiodar 'na seasamh gan tabpa le bíoga.
Dubhairt Eóin nárbh eagail di 's gur athain an dís in,
Ióseph Aramáta 's an fáidh Necodemus.
Dubhairt Muire dá fhreagairt: “As beannaighthe ar Rígh-ne
chuir chuguinn misneach is furtacht 'nar riachtanus.
A mhic, bí aig tarraing, go ndeachaidh d'fhagháil fír-fhis:
is dár gcabhair go dearbhtha thagaid an bhuighean so.”
Dochuaidh Eóin go huruis 'na gcuinne san tslighe sin,
's do phóg go milis an fhuirionn le díograis;


L. 131


níor fhéadadar friotal ná uirid do shaoirse
ar feadh uaire faide, ó iomarca caointe.
d'iafruigh Ióseph d'Eóin cé bhí annsin,
nó an raibh na habsdail a bhfarrag na ríoghna.
Is d'innis Eóin do 'n chóip dobhí aicce
is nárbh fhios cá ndeachaidh na heasbail air chaoi air bith,
nach rabhadar eatarra ar gcathamh an laoi sin.
d'innis gan dearmad a n-eachtra síos do,
ar chruas a pheannuide is 'aithise ig Íosa
is nach mór gur thaise acht nár mharbh don ríoghain.
Dobhí aca culuith a chora 's a sgaoilte,
miorr go costusach, ola agus spíosra,
mórán púnt gan chúnntus dhíobh so
is sendon gléigeal chum léine thaoibh dho.
Do ghluaisiodar orra, is air rochtain na ríoghna
do chromudar a gcinn go hinnle síos di
mar rángadur an chros budh bocht a n-aoispirt
ag buala a gcorp, a' gol 's ag caoi aice.
Do liogadar fútha a nglúine síos do
dá ghuidhe gan laga is dá achuirt le díogruis
a n-ual 's a gcruth budh tuirse ag caoineadh,
feadh uaire an chluig gáir ghuil is chaointe.
'S adubhairt reó Muire: “A chuidiochta dhílios,
níorbh fhios ar n-uireasbha, chuguinn muna dtigheadh sibh;


L. 132


is math bhur dturus ón uiriod so cuimhne -
bhur maighistir ionmhuin is an chara dobhí agaibh.
A chairde an chirt 's a dhil' na dísleacht',
admhuim anois a fhios go díreach
go bfacathas domh-sa romhuibh san tsligh' agaibh
mórán soluis go follus gach taoibh ribh.”
“A bhaintighearna,” air siad-sa, “as cíach ler gcroidh-ne
tusa is do Mhac fá neart na n-Íodhal,
ar Maighistir fia, ar dTighearna is Íosa,
d'fhaicsint san riocht 'na bhfuil aig naoimhdibh;
is dá dtigeadh ar aon-chor a shaora dhínne
is dearbh go mbiadh réigh ó scréip an díoghaltais.
An tsearbhís fhéadfum do-dhéanfum í dho,
ón gcruis a réighteach mar aon 's a dhíon-chur.”
Do ghlac gach n-aon dréimre don dís sin
is do shíniodar ar aon gach taoibh re hÍosa.
Ióseph do tharraing an sparra budh raoine
as an láimh ndeis, cér cheisd a síne.
Do tharraing Nicodemus dá éis sin spíce
as an láimh chlé le héiccion díthchill,
is ig Ióseph suas an t-Uan ris sínte
dá shíor-phóga is na deóra síos reis.
Níorbh fhada bhí Necodémus ag réidhtioch shíos do
tarruinnighe na gcos dobhí docht san bhíoma.


L. 133


Do chuir Eóin a bhfolach 'na bhrollach gach spíce
air eagla airmre d'fhaicsint don ríoghain.
Do liogadar ar lár an tráth sin Íosa,
is tugadh a lámh dheas a láimh na ríoghna.
Do phóg a grádh agas d'fháisg a croidh' reis,
is do thóg na gárrtha ós aird dá chaoine.
d'oilciodar a dhealbh gheal chailce is do nighadar,
acht a shúile amháin le fáth dobhí acu;
do chuiridar aisléine lag ghléigiol taoibh air
a' gluaiseacht chum siubhail roimh thús na hoidhche.
Rug Magdalén is Eóin an Ógh go claoídhte
gan treór eatarra ná tapa san tsligh' acu.
Do cuireadh é 'dtuama do nuadh-chloich mhín-ghluin
bhí tochuilte a gcarruig do mharmur raoín-ghlas
nár cuireadh roimhe sin duine ar bith riamh ann,
is céad púnt álois is lán tomhuis spíosra
is miorr gan cúnntus spionta taoibh reis.
Chuiriodar trom-leac go trom mar dhíon air;
chuadar don chathair go cathaightheach caointeach
mar shluagh gan charuid ar n-arguin roimhe sin,
nó fuighioll beag áir dobhiadh báidhte ó thaoíde,
gan bhrígh, gan aird, gan chás a ní ar bith.
Ghuidh Magdalén Muire fá fhuirioch 'na ríghthigh


L. 134


ar ghrádh a Máighistir budh ghnáth ann roimhe sin,
's gach ar bhain lé gur lése an ní sin,
's ar feadh a rae go mbia féin dá cuimhideacht.
Dubhairt Muire gan Eóin nárbh eól dí ní ar bith.
Ghluais sise fá bhrón chum Eóin dá ghuidhe annsin
a thabhairt don Óigh mar chomhairle dhíograis
fuirioch 'na cóir san tseomra bhí aice.
Freagra thug Eóin: “As córa dhíbh-si
tarraing chum comhnuighe go mór-chnoc Sinía,
mar mheasaim, a ndóich a gcnósda 'rís ann,
na habsdail, gach sórd don bhród bhocht Íosa.”
A' siubhal di trasna na cathracha thríthe,
chnósuigh mná matha agus satha gach taoibh dhi;
aoís óg do thionól is sionóirighe críonda,
gulánach deórach faoi thoirnimh Íosa.
Deiridís: “A Bhaintighearna, is annrianta an ní si
rein prionnsuighe gan cheart red mhac math dílios;
tugadaís dá n-aire an ghasara rín si
nach tiobhradais thall go hamhghar díol ann.
d'fhoillsigh ó Dhia dall ciach a ngníomhartha:
do chrithnigh an talamh is na mairbh le biodhga;
do sgoilt an eagluis si carruigioch tríotha,
is d'fhoiligh an ghrian gan siannsa a soillse.


L. 135


Mar ráinig Muire go tuluigh an tighe sin
do chrom do gach baintreabhthaigh go ceannsa síos di,
do ghabh a cead gan stad le buidheachas,
dochuaidh féin 's a mná dá hárus díona.
Do leigiodar fútha a nglúine fillte
's do ghuiliodar annséin go haighmhéil íogur.
Budh chlos ós aird na gártha bhí aca,
a n-ual 's a gcruth ar fud na críche,
is d'achuir iad Eóin ón mbrón do sgaoíle
is sos do thabhairt don Óigh bhí claoidhthe
marbh lag bróighthe, is go ró-fhada rimhe sin
gan bheatha ná deóir di dh'ól budh brígh dhí.
Do ghluais chum siubhail go dubhach an bhuighean mhath
ag tarrang do bhaile go hatuirseach sgíosmhur;
dochuaidh Eóin asteach fé ghlas an tighe sin
is do bhuain as an dorus an eochair mar dhíon air.
Dobhíodar na mná go cásmhur rimhe astigh
ag caoí anns gach áit annar ghnáth le hÍosa
suighe nó seasamh nó labhairt reó rimhe sin
's a' síor-chur feasa ar na balluibh cá mbídh sin.
'S adioriodh Muire a n-imiol an tighe acu,
“A Mhic dhil ionmhuin, cá hionad a mbí-se,
is 'Eóin aigár ghnáth leat fagháil is fís air
's a Mhagdalén, cá háit a bhfuil do mháighistir dílis?
A sheathracha, cá háit dá bhur mbráthair gaoil-se,


L. 136


bhur mac is bhur ndalta 's an cara dobhí agaibh,
radharc mo shúl-sa is cnú mo chroidh astigh,
glóire m'anma is taisge na díodhachta?
d'imthigh bhur sólás faoí dhólás míchirt,
gortuighthe gearrtha ar sgaráil a thaoibh ghil;
do thiormuigh is d'fheóch drólanna a chroidhe astigh;
mo ghreada is mo dhóth a thoirniomh nimhe acu!
Do thréigiodar é 'chairde grádhmhura bhí aige,
is níor fhéadmuir-ne lámh leis ná a thárrtha ó Íodhluibh,
's an t-Athair maith neamhdha ní dheárna díon do,
's do loc sé féin é féin do dhídean.
Na neithe si athghairid' is aithnid díbh-se,
gur gabhadh mo lae-se, 'réir san oidhche,
's go rugadh é ceangailte ar maidin chum Pílat,
is an treas uair rug cruadh-bheart daoirse air,
's ag tabhairt an phionóis a meadhóin laoi dho,
's a' naomhadh uair é fuair gan bhrígh anis.
A Mhic dhil, as searbh an sgaradh so dhíbh-si,
's budh seirbhe ig cách do bhás ag díol as.
Creidim-se, gach comhartha fonumhoid dobhí acu,
'cur phurpuir ad róba is choróinne spíne ort,
go mbiaid cinidheacha fós go leór dod ghuidhe-si
is finiodhacha do thoirnimh go sgólltha 'caoi an uilc.”


L. 137


“A Bhaintighearna chóir,” arse Eóin, dá guidhe sin,
“... aduigh do bhur mbrón níbhus mó go hoidhche,
's ná marbh led ghlór do bhród bocht claoidhte,
gan tapa ná treóir ó ró-iomad caointe,
's gan beatha ar bith dhóibh go ró-fhada rimhe sin;
acht neartaigh led dhóthchas mór a gcroidhe acu;
cathigh 'na gcóisir comhruinn bhídh bhig;
glac tathamh ad thseómra is leig dhóibh síneadh ann.”
Do ghlacadur comharle ó Eóin san oidhche,
is dia Sathairn ar leó fá bhrón dobhídar
gan labhairt ná glór, ach toirse chroidhe acu
is ag athchuimhniughadh an toirnimh mhóir sin Íosa.
Níorbh fhada na 'dheóigh sin, is doirse an tighe 'nglas,
gur cnagadh go ró-lag an chomhla ig Píotar.
Ghlac creatha an bród bocht 's an Ógh le bíoga
's gan a ndalta 's a stór bheith beó dhá ndídion.
Do ghluais Eóin go mín-chois taoibh an tighe sin
is d'aithin sé dealbh ghlan Peadair ón spíce
is d'fhill sé tar ais le feas don ríoghuin,
is dubhairt sise gan stad: “Leig asteach Píter!”
Do ghluais Eóin d'osguilt an doruis do Phíter.
Táinicc go cúthal 's a shúile aige 'moidhm eir,


L. 138


a cheann go crm is dronn bhocht síos air,
cuach is cnead is fail 'sa chroidh' aige,
is dath an bháis ar bhfás 'na ghnaoi ghlan.
Is tugadar ós aird na gárrtha ag caoineadh,
Muire 's na mná, is í ar lár na baoise,
is níl taise acht mar chách le rádh le Píter.
Níor fhéadag labhairt idir cheachtardha dhíobhsan
feadh tamuill fhada ó ghalar a gcaoínte
go ttáinicc na habsdail faoi ghairm na caoí sin
asteach 'na bpearsanaibh sbealta is 'na ndaoinibh,
a gcumha 's a gcnead 's a bhfail mar Phítir;
's níor lughaide an greas san a theacht 'na gcuibhrionn,
gach liugha is gach sgread ar fad an tighe acu,
is lúth na mbas go pras 'na gcoimhideacht.
“A Mhaighistir” go math aig fear dá chaoine,
's “an Tighearna” greas aig neach don bhuighin sin,
“an Dia” acu seal gan stad arís air,
agas “Críosd” is “Mac an Athar síorrdha.”
A gionn tamuill fhada d'éis stad don chaoí sin
do thionnsgain Peadar ag labhairt air Íosa
is dubhairt go bráth gur dhána an ní dho
a shúile do dháil ós aird air aoinneach
tar éis a Mháighistir do ghrádhaigh tar dhaoinibh
do dhiúltadh do láthair cháich fá thrí dho.


L. 139


Do labhuir na habsduil go heasmuilteach thríd sin
orra féin go léir tré thréigion Íosa,
's ag buala air cáineadh ghráinne an ghníomha,
a Mbáighistir, a nDía, 's an Tighearna bhí acu
a thréigion nó sheachna ar eagla dhíoghaltais,
a' gul go cráidthe 's ag fásga a mín-ghlac.
'S adubhairt an Ógh: “Mo bhrón, mo dhíth-se!
d'imthigh bhur lón is stór mo chroidhe-se,
bhur Máighistir math aig neart na n-Íodhal
's a' Buachaill cneasda do char a chaoirigh.
Creidim le dóthchas mór, is saoílim,
go ttiocfa gan fuireach le furtacht math dhíbh-se
's go maithfe gach faillíth ion bhur n-athrigh dhírigh,
's as mór do ghrádhigh sibh mar chairdibh dísle.
Cé d'fháig sé sinne fá thinnios dá chaoineadh
mar chloinn gan athair faoi athais ar naoimhde,
creidigh go seasmhach athfhille arís do,
fé lán cumuis, gan tuisiol a mbrígh nirt,
tar éis gach galair is peannuide 'dhíbirt,
is nirt an diabhail do thighearnugh ar Íodhluibh
a ndásacht chuthuigh is cumuis chum díoghaltais
ó fhulaing an Athar gan bharra ná chloidhe orra.”
“A Bhantighearna,” ar Peadar, “as dearbh gur fíor sin,
go raibh fulang an Athar ar chathach na n-Íodhal.
Dá ndéintí ar gach sparra acu greamanna dhíom-sa


L. 140


do mheasas rem ré nach tréigfinn Íosa,
gur leath an eagla am bhalluibh 's am chroidhe me
san teagh sin Chaiphas ó anfa bíoga,
amach as am bheathaith nár mheasas teacht choidhche
is nár chuimhnighios mo ghealla nach sgarfuinn le hÍosa,
ná mar dubhairt go ttréigfinn é fa thrí annsin
sul ghairfeadh ó thosach an coileach san oidhche,
ná tar éis a shéanta, gur fhéach am ghnaoí oram -
do pholl na haodh is dá thaobh an chroidhe agum.”
d'fhiafruigh Magdalén sgéala an tighe dhe
is gach ní dá ndubhairt go dlúth reis Íosa
is d'innis do Pheadar a n-eachtra síos air,
is mar dubhairt go ttréigfeadh é fá thrí annsin
sul ghairfeadh ó thosach an coileach san oidhche.
Is d'innis go léir gach séana dhíbh sin
is morán ar a pháis do thrácht do rimhe sin,
aimsir an tsuipéir 'na ttug féin d'íbirt.
“Dob fhearr liom,” airse Muire, “go gluininn an ní sin,
a ndearnnuigh san tsuipéar ina ttucc féin díbh-se.”
Dubhairt Peadar le hEóin gur chóir gach ní ...
d'innisin uaidh féin go léir don ríoghain.
Do thionnsguin Eóin an sgeól go dírioch,
go tuirseach brónach 's na deóra ag maoidhm air,
's do fhriotuil ar fad an stair sin síos dí


L. 141


ó thúis go deireadh gan deifir a ní ar bith.
Deireadh anns gach focul dá gcloisiogh air Íosa
“Och! a Mhic, do bhris mo chroidhe ionnam,
a Mhic mhilis 's a mhilis-Mhic dhílis,
as beannaighthe geal mo Mhac math choídhche.”
d'iarr Peadar an tráth sin páis na spíne
do fhriotal do féin go léir air Íosa.
d'innis Eóin an toirneamh síos do
's gach tulaigh áite na ndearnnadhus gníomh air.
Do chaitheadar an lá sin aig trácht air Íosa,
na heasbail, na mná, 's go bráth an ríoghan,
anois acu neach is neach eile arís ann,
is tamall go bocht ag gol 's ag caoineadh.
Tar éis a saothair is na gréine 'buidheachan,
san easburt dia Sathairn, ar n-imtheacht na saoire,
do ghluais na trí Mhuire go duibiollta sgíosmhur
don chathair asteach le cead ón ríoghan
chum aramata 'cheannach nó urtlach do spíosrach
fé chomhair a Máighistir, cér chráidthe an ní acu,
chuirfedís sgaipighthe air maidin gach taoibh dhe,
acht go bfoighidís an tuamba uaigneach ó dhaoínibh.
Is tar éis a bháis ní dhearnuigh raoíneas
go ndeachaidh go hifrionn d'fhurtacht a dhaoine,
na n-aithreach naomhtha bhí 'ndaorbhruid daoírse
na mílte bliaghain ó riaghail díoghaltais,
banógha, fáidhe, mná agus naoidheanda
is ro-iomada fíréan ó dhligh' Dé 'gcuibhreach;


L. 142


's do las go soillseach a lunnradh díoghachta
gur ghile ná fíor-chubhar an príosún cíorr-dhubh
ar líonadh do cheóltuibh glóire an Rígh sin,
do mheaidhir, do mhaise ar marthuin 'na gcroidhe acu
ar n-aisdriughadh a ndóláis chum sóláis aoibhnis
is tar éis gach uilc 's a mbruide 'dhíbirt.
Do sheasmhuigheadar le honóir ro-mhóir d'Íosa
ag tionnsgaint chaintic a n-alltacht a maoighte:
“'S é so ar tTighearna, ar nDia 's ar Rígh ceart,
cruthaightheóir, slánaightheóir, is grádhaightheóir daoíne,
d'fhuasgail a bhraighde, ciodh teinn a dhíol as,
le hiomad peannuide leata dho air aoird-chrois;
do bhris sé a gcanntaoir 's a slabhraidhe raoínne
is d'fhoisguil sé doirse na hómhuin duibh dhínne.
'S, a phrionnsuighe dorcha, ní doirbh bhur ndíbirt;
d'imthigh bhur lá agas táinicc air Rígh-ne
do chruthaigh neamh, talamh, ceathra agas daoine,
grian is éasga, réalta is mín-mhuir.”
Do liogadar fútha a nglúine síos do,
's do mholadar ar aon-rían an tAon-Dia fíre
nach raibhe, is nárbh fhéidir, a n-éagmhuis Íosa,
Slánaightheóir, Tighearna, 'na Dhia ig na daoinibh.
Do adhradar glóire a mhórdhacht' aoírde,
a gcruthaightheóir, 's a nDia, agus Dia chloinne Ísrael,
Dia na bpatriarc 's a bhfáidh ceart díreach,
Abraham, Jacob, Amos is Ísac,


L. 143


“Is ar nDia go léir, is gach n-aon noch ghuidhis tu
ní buadhartha iad ón diabhal choidhche;
is beannuighthe dóthchus ad mhórdhacht aoírd ghluin
is gur fhuilngis bás mar ghrádh dhod dhaoinibh;
d'fhuasguilis do chairde ó láimh a naoimhde;
do-ní dealradh do sgáil, lá don oidhche.”
Le mórán molta táim corrtha dom sgríbhinn
le chur a n-ordadh gan melus faoí dhamh.
Airse Íosa dá bhfreagairt: “Tuccaidh aire dom fhuighlibh,
is bíodh bhur gcluasuibh 'á luadh libh chaoidhche.
Sídh agas sláinte, a chairde dhíbh-se,
is mise bhur tTighearna Dia 's as Rígh agaibh,
tug liom ón Éigipt go léir sibh tríthe;
Dia agus Cruthaightheóir is Furtaightheóir dhíbh me.
Is me labhair an bhur mbéaluibh do bhur saora ó naoimhdibh,
's as follus táim ann, mar labhrus sgríbhinn,
go ndionguinn ó thosach toil m'Athar a ní air bith
is teacht do bhur slánughadh ó tharlabhuir taoibh riom.
As mo óige d'fhuilingis bochtiniocht tríbh-se,
trioblóid is saothar is daor-bhruid spíne
do shlánughadh na gcinidheach le himshníomh thríotha;
táinig dom shéanadh clann bhréagach choimhightheach,


L. 144


dom dhaoradh le héitheach bréag gan slighe chirt,
's do theithiodar mo chairde budh ghrádhmhur rimhe dhamh,
is me idir mhadradhaibh aingidhe nimhneach'
ig comhuire mhalluighthe cheangail gan dlighe me
dom smachtughadh gan truaighe a bhfuacht na hoidhche
is ag funnomhid dom sgiúirse a dtús an laoi acu.
Do sgaráladh mo dhruim le droing an díoghaltais;
do háirmheadh mo chnámha dá bhfásga a gcuibhreach;
mo lámh is mo chosa do pholladar tríotha;
bhínéigre is dumlas a gcumasg chum dighe dhamh.
Do ghearr Día cúl-fhéithe na ndaor-pheacach thríd sin,
is d'iompuigh tar ais gach neach do chaoidhigh me
isan eagluis, gach n-aon do ghéillfeadh thríom dhi.
d'fhéachus dom leath deas, is níorbh fheas cé bhí acu.
Do chiúnuigh mo cholann; do choduil gan bhrígh nirt:
atá mar sin fós a ndóigh a bíoga.
'Athair me dhaingnighios ó aingidheacht naimhde,
ón bpobul mhalluighthe, ó thrasgairt an díoghaltais,
dúisig mé ad chóir chum comhurrtha an díoghaltais
do thabhairt don chóip óm thoirniomh nimhe acu.


L. 145


Do-reinios dom dheóin, is go deó ním iodhbairt
ar son a mbí a ndóthchas do ghlóire shíorrdha.
Biaidh ainm do mhórdhacht' comh-choitchionn choidhche,
fuirfe, marthannach, beannaighthe a gcuimhne.”
Dubhairt morán farruis tá fada dhom a sgríbhinn.
Is measda dhuit féin do réir a ndíoghruis'
freagra na n-aithreach air aithiosguibh Íosa:
“A Thighearna, is tu ar gcuimirce, 's go fuirfe ar ndíontus
ó chine go cine sul rinneadh an mín-mhuir
do chruthughadh, is sleibhte an tsaoghail gach taoibh dhe,
as tu bhí riamh ad Dhia roimh ní ar bith,
do chruthuigh an talamh, ceathra agas daoíne,
flaitheamhnas fairsing d'ainglibh aoibhne
is ifrionn d'ainglibh mallaighthe an díomuis.
Dobhíamaois duibiollta a n-ifrionn chíorr-dhubh,
gan furtacht re saoghal na saoghal choídhche
go teacht duit dár saora ad dhaor-bhruid spíne
ag fulang gach tinnis chum sinne do sgaoile.”
Do liogiodar fútha 'nglúine míne
dá adhradh is dá mhola a ngothannuibh míne
le reis bhinn tshalm dá gcantuin ó Aoíne
go maidin an Domhnaigh a bhfonn puirt síodha.
Dobhíodar aingil go farsing gach taoibh dhe
'sa chómhgháir ceóil se do ló agas d'oidhche.
Do ghluais chum siubhail a dtús an laoí ghil;


L. 146


's an fhuirionn 'na dheóigh noch d'fhóir ó' n-aoidibh,
a bparrthas Ádhaimh mar d'fhág an bhuidhean so
faoí lán mórtuis sa ghlóire bhí acu,
Eliah is Enóch bhí bheó san chrích sin
is d'athain le mór-ghrádh sólás Íosa,
adubhairt reó sin stad go teacht arís dó
is gur mheithid do annsin dul d'fhios a chaoil-chuirp
dá dhúiseacht on tsúan san túama bhí aige
's a ghabháil uime mar ionad do shíor dho.
d'fhilliodar fútha a nglúine síos do,
is d'iarradar go léir le héigion díoghaltais,
le toil a mhórdhacht', glóire 'mhín-chuirp
do theisbéint dóibh uime agus fille dhó arís air.


L. 147


AN SEACHTMHADH CAIBIDIL



THRÁCHTAS AR EISÉIRGHE AN TIGHEARNA, AR
CEITRHE TAISBBEÁNTUIBH DÉAG THUG SÉ
UAIDH, AR A DHEASGHABHÁIL, AGUS TEACHT
AN SBIORAD AR A DHEASGIOBLUIBH, NOCH AS
TARBHACH DO LÉAGHADH GACHA DOMHNACH,
AN 2A CAIBIDIL DIA LUAIN, AGUS CAIBIDIL
GACH AON LÁ EILE A SIN AMACH MAR TÁID
SÍOS A N-ORDUGHADH.



Dia Domhnuigh ar maidin a n-easgur an laoi ghil
do ghluais Magdalén is Columé a' caoimhling,
is Muire Cleóphas, le móran spíosra,
le cead ó Mhuire, dá ccuimilt fé Íosa.
Is d'fhan 'na haonar tar éis a buighne
ag guidhe lé féin chum Dé san chaoí si:
“A Athair thrócairigh chumhachtaigh shíorrdha,
do marbhadh mo Mhac le neart na n-Íodhal
idir dá ghaduighe mar shladuighe dhíobh sin
is do chuirios lem lámhaibh mo ghrádh geal dílios.
A Athair thrócairigh chomhachtaigh choidhche,
dúisig-se mo Mhac fá neart arís damh;
guidhim do mhaise fán' aisig arís damh,


L. 148


is nach féadaim sásadh d'fhagháil 'na dhígh sin;
is ar ghrádh mo Thighearna, a Dhia na fíre,
leig chugam-sa tráth mo ghrádh is mo Rígh-mhac.
Tá m'anam is mo spiorad ar crith gan bhrígh annam
a n-éagmhuis mo Mhic do bhris mo chroidhe 'stigh.
Ó 'Mhic mhilis, is 'Mhilis-mhic dhílis,
cá bhfuile-se anois nach tige dom dhídion?
A Mhic, is 'Athair, 's a Mhathais gan chríoch air,
as é 'niugh an treas lá budh cairde díbh riom
chum éirghthe ó mharbhaibh go calama arís duit,
is níorbh é an lá 'né, bhí h'éag dá chaoine
nó an lá rimhe sin na heiclípse, an Aoíne,
lá mór an tsearbhuis, dealuighthe, is caínte,
la dorchaduis néal is do shéanta ó dhaoíne,
lá tuirse agus gruamacht' is na buartha chlaoídh me,
lá nirt an mhío-chairdis is tíorántachta Íodhal
is cosgurtha do bhall ig gramuisg an mhí-chirt,
lá soluis an domhuin go follus do chlaoidheachtuin
na fírinne ig dubháilcibh, subháilcidhe, is fíor-chirt,
lá gréine is éasga do shéana a soillse,
is 'nar sgoilt beanntrach an teampuill tríotha,
lá dubhachuis na n-aingiol is na n-easbal dobhí agad,
h'aidhlaice is do bháis do chráidh an croidhe agam.


L. 149


'S a Mhic ghrádhaigh mo chuirp, an lá aniugh a trí agam,
is éirigh-se, a Ghlóir 's a Stór mo chroidhe-se,
A Radhairc mo shúl 's a Shúgh mo chíoch-sa;
do-ní t'fhaicsin mo shólás ón dólás rimh si;
's a ndeachaidh ód chumha ar gcúluibh dhíom-sa,
áirdeóchadh d'fhaicsin a uirid arís damh.
A Mhic do mháthair ghrádhaigh, is 'Íosa,
féach mo bhochtuiniocht; ná hobthar mo ghuidhe leat.”
Is do shil sí sruth déar tar éis na guídhe sin,
is ar dtógbháil a rosg do-chonairc Íosa
'na mhacámh sgáil-ghlan budh áille 'dhaoínibh
go glórmhur gléigeal, is éadach rígh uime.
Is as eadh ro ráidh is fáillte a bhfuíghlibh:
“Beatha agus sláinte, a Mháthair, dhíbh-se.”
d'fhéach sí go hallta an dallradh díodhachta
's adubhairt go hanbhfann, 's a hanam ar mbíoga,
“An tusa mo mhath is mo mhac geal Íosa?”
'S do shléacht go haibigh ar talamh dá ghuidhe sin.
Do shléacht-sion disi agas d'innis go dírioch:
“A mháthair mhilis, is mise do dhíograis
d'éirigh am beathaigh go neartmhur arís duit.”
d'éirigh a mháthair is d'fháisg a croidhe ris;
do phógadar a chéile 's a déara ag síor-rith;
do chuir lena gruaidh a ghruaidh gheal mín-tais.
Dobhíodar feadh tamuill gan labhairt air ní ar bith,


L. 150


acht ise go carrthannach ag amharc a ghnaoí ghil,
a chosa 's a lámha a n-áit gach spíce,
ag fiafraighe an raibh tinnios 'na n-ionaduibh thríoth.
“A Mháthair bheannaighthe, is dearbhtha,” airse Íosa,
“gur imthigh gach amhgar is treabhlaid díom-sa,
gur chloidhis gach galur is gach peannuid dobhí oram
is nach faicfighior an bás go bráth arís damh.”
Dubhairt Muire: “Is beannaighthe an t-Athair dorín sin;
bíodh 'ainm, a mhórdhacht 's a chumhachta a gcuimhne,
dá adhradh is dá mhola gan loca 'na thíorthuibh
ag daoinibh, re saoghal na saoghal choidhche.
'S a Mhic dhil mhilis, créad do-rinis ó Aoíne
ar feadh na ttrí lá taoí ar fághan ó dhaoine?”
Adubhairt sin gur imthigh go hifrionn íochtrach
d'fhuasguilt a phobuil dobhí gobhtha ig naoimhdibh.
Ag gluaiseacht dona mnáibh air ar thráchtus rimh si
ón gcathair amach ar fad na críche,
do ghuiledís greas ag greada a mín-ghlac,
ag sléachtuin 's ag póga an róid ar ghabh Íosa
's gach ionad nó áit 'na ndearna sgíth ann
ó iomad na bpian ag triall san tslighe sin,


L. 151


ig stríocuibh géara dhá chéasadh ig Íodhluibh
dá bhrosdugh is dá bhrúghadh chum siubhail na hAoíne.
Deiridís go cráite 's na gártha caoí acu:
“Ag so an t-ionad 'na dtarrla do 'mháthair mhíolla,
's a' chros mhór throm ar a dhrom geal sínte,
is gur bheag nárbh éag dhon phéin don ríoghan.
Adubhairt reis na mnáibh, san áit si, a gcaoine
do dhéanamh orra féin 's gurbh é bhí 'ríochtanus:
san áit si bhí crom 's a dhrom fé an mbíoma;
so an áit as ar ghluais fá lúas a dhíthchill;
so an áit ionar thuit faoi an gcruis sínte;
annso do strusagh an iorra ghlan síos de
do láthair an tsluaigh faoi fhuacht na gaoithe,
is é ceanguilte 'phosda gurbh ollamh don aoírd-chrois.”
Do shléachtadar aig bun na croise ag guidhe aice
is ag póga srotha na fola dobhí uirrthe,
is as sin don túama faoi lúas, a' smaoineamh
cé thógfudh an chloch dobhí docht 'na luighe air.
Do-chonnarcadar riompa iompuighthe an líog sin
is aingiol gléigiol ar a faobhar 'na shuighe uirrthe
dubhairt reó gan eagla 'ghlaca ná bíogadh:


L. 152


más é Íosa Nasaret dobhí acu dá chaoine
gur éirghe sé súas ón túama rimh sin.
Ní thugadar freagra don aingil an' fhuighlibh,
acht an túamba d'fhéachuin a n-éigion díogruis,
a ndóchus an chuirp do bheith acu sínte ann.
Ní thugadar aire don aingiol so rimhe sin,
acht iompógh gan stad tar ais ar Phíotar
is air Eóin dobhí farruis faoi atuirse ag caoineadh,
is d'innsiodar dóibh gur tógbhadh Íosa.
Do ghluaisiodar go léir faoi dhéin chuirp Íosa
d'imthiocht ón túama gan tuairisg daoíne air;
fuaradar an leac tar ais 'na luighe 'mach
's an aisléine bhán an' áit air íochtar,
's níor fríth an Tighearna air iarra bhí acu,
's do ghlacadar siubhal go dubhach bocht sgíosmhur
gan fhios acu cá ar ghabhadh le hÍosa
iona bhfoighdís luagh nó tuairisg físe air.
Is d'fhanadar na mná san áit a' caoine,
is Magdalén ar bhruach an túama ag síor-ghul,
an dá Mhuire eile air an leirg 'na suigh 'muith
ag leagha le gulán is ag uchlán tríd sin.
Do labhair dá aingiol 'na n-aice ig an mín-lig,
a mbeirtibh geala mar shneachta gheal gheimhrigh:
“An tí iarrthaoí marbh tá marrthannach bríghmhur,


L. 153


is d'éirigh ó mharbhaibh ar maidin an laoí 'niugh.”
Ní bhfuaradar taithniomh 'na bhfaicsin ar chaoí air bith,
is níorbh iad an dias in a n-iarra acht Íosa.
Tug Magdalén cuaird san túama 'rís air,
is níor bheatha lé a saoghal a n-éagmhuis Íosa.
Do-chonnairc sí tainnthiomh dá aingiol 'na suighe aige.
Air siad san: “A bhean, créad as dod chaoí-si?
Cia taoi-se d'iarruigh go dian san chaoí si,
is gur éirghe 'na bheatha an phearsa noch chaoine?”
“Mo Mhaighistir, mo Thighearna, is mh'Iarruigh choíthche,
an' éagmhuis marbh, muna bhfaicior arís, bíad;
is ar mhór-ghrádh Dé foghaim sgéala fíor' air
cia thóg ón gcloich si an corp dobhí aice?”
'S níor fhéad an Máighistir grádhmhur caoin-ghlan
Magdalén d'fhulang a ndochar a caoínte;
d'innis dá mháthair an phráing dobhí orrtha
is gur mheithid do a feicsin a' tabhairt mhisnigh is brígh dhi.
Is dubhairt a mháthair: “A Láthair dhílios,
is ro-mhór an grádh do dháil sí dhíbh-si;
éirigh dá furtacht gan fuireach, is cuimhnigh
eir iompógh tar ais gan stad arís domh.”
Táinig chum Magdalén 'na phearsain féin Íosa


L. 154


a ngarrdha ar bhruach an túama taoibh ré,
's adubhairt sé: “A bhean, créad as a gcaoinir?
Cia taoi do lorg ad fhochair san chrích si?”
Dubhairt sisi: “Mo Thighearna go díachrach dílios
tug fá chiach me ag iarraigh físe air,
is más tusa do chorruigh an cholann dobhí aige
tabhair damh cruinn-fhios car chuiris í 'ndíonchur.”
“Is mise as mo cholann taoi 'lorg,” airse íosa.
d'irigh 'na seasamh go tapa le bíoga
mar do athnuaigh an bhriathar a ciall 's a cuimhne
gur aithain a phearsa, a dhealbh, 's a ghnaoi ghlan.
“A Mhaighistir, 's a Thighearna is tu m'iarra,” air sí reis;
“Créad fár cheilis orm do sholus la chaoithe?”
Do rith le gairdeachuis grádh' nach sgríobhthar
is do phóg a chosa, is níor dhochuir lé a ligh leis.
“Ná glac me ad láimh; ní ráinic mh'aoírde;
ní tháinic an uair as dual dom dhíoghacht
ardughadh chum mh'Athar 'na fhlathas,” ar Íosa.
Níorbh áil leis a chúirt ar talamh mar dhaoinibh.
“Créad dorug ar cuaird don túama arís tú,
's a gcionn trí lá gur dháilios díbh-se


L. 155


'éirghe am bheathaidh gan easbha ná claoídhtheacht
is go mbeinn is mh'iarraigh a n-iath Galísia?”
“A Thighearna,” air sise, “d'imigh mo bhrígh asam
ó iomad do pháise do chrádh an croídhe agam,
's gur ligeas uaim ar luaidhis air ní air bith,
acht do chorp amháin is do bhás um chuimhne.”
Dobhí sealad 'na dheilbh dá fheithiomh go díreach
's ag fiafruighe go léir de sgéala ó Aoíne.
Do fhreaguir sin disi go miochair le caoinios
is d'innis a ndearna anns gach áit ile don tslígh' dhí.
“H'aiséirghe ó mharbhaibh is beannuighthe an gníomh dhuit,
isteacht fé mhaise d'fhios t'easbal,” air sí reis.
“Caithfiod-sa,” air seision, “daoine eile do choimhneadh
atá a n-éigion cáis dom ghrádh mar bhíd sin.”
Do líon an bhriathar cíach 'na croidhe sin
gur mheas 'gcéin mhairfeadh nach sgarfadh arís reis,
's adubhairt go diachrach: “A Thighearna, saoílim
nach dtiubhrair air talamh an cleachtaghadh dobhí ort.
A Tighearna ghrádhaigh, 's a Mháighistir dhílios,
is gur tu go fial mo Dhía dháríribh


L. 156


ó iomad do ghrás do dháil gach ní dhamh,
do leighis mo chréachta 's do réigh mo ghníomh uilc.
Is ó mhéid do pháirte is do ghrádh' dhamh rimhe si
bí cuimhnioch orum, a Sholuis na díoghacht.”
Adubhairt sin: “Ní heagail; bí seasmhach díreach
a ndóthchus daingion, is farrut do shíor bead.”
Do bheannaigh í an tan sin a' glaca a shligh' dhó;
is d'innis do chách go ttarla Críosd dí.
Do ghlacadar meidhir mar d'éirigh Íosa,
acht tré gan 'fheicsin iad duibiollta sgíosmhur.
Do ghlúaisiodar mar aon le chéile, an bhuighean bhan,
don chathair asteach, ionar stad an ríoghan
is na trí Mhuire sin a bhfriotal air Íosa,
an uair tháinig 'na gceann faoí cheannsacht caoínis,
is as eadh adubhairt do chiúin-ghuth ísiol:
“Beatha agus sláinte, a chairde, dhíbh-se!”
d'fhilliodar fútha a nglúine míne
le gairdeachas grádh' gan fagháil a ríomh dhuit.
Do-chunnarcadar a chosa, ar rochtain gach taoibh dhe,
ag breithniugha a ghéag go léir 's a mhín-chruth,
le sólás sásda ón gcáisg dobhí acu
ag fiafraighe uile dhe a thuirise ó Aoíne.
d'innis sé ar fad an stair sin tríthe


L. 157


's adubhairt reó a rádh réna bhráthraibh dísle
don Ghaileléé dul aniugh gan raoinios,
's go mbiadh san bhall 'nar gheall dóibh rimhe sin.
Do sgar reis na mnáibh. Tug ráib do sgaoileadh
Ioseph Aramata bhí a nglasuibh ag Íodhluibh
a suiléar talmhan faoí dheacumhal thríd sin,
ar son deagh-thoile an adhlaice a rín eir.
Dobhí séaluighe loma ar osguilt a gheimhlioch
eir eagla go dtiubharthaoí fiú fruighe 'shaoirse eir
do shuaimhnios nó shocumhal ó ghortugha a chuibhrioch
go nglacadh pionós mar d'imtheóchadh an tsaoíre.
Do ghlan a aghaidh 's a shúile lé dúthracht díograis;
dobhí dhá phóga, is do thóg a ghimhiol de;
na séaluighe d'fhág sin slán san chuibhrioch,
is rug 'na thigh féin Ioséph ón díoghaltus.
Tug Iacobus Álpheí lán-dhimhin laoí reis
nach ccaithfeadh sé bíadh do ríar a chlí-chuirp
is nach rachadh fé sgéith a bhéil ghluin choidhche
blas dighe ná greidhm go n-éirgheadh Íosa.
Táinicc Críosd dá fhios san tigh 'na mbíodh sin,
's adubhairt le cách an clár do líonadh.
Do bheannaigh dá gheal-láimh arán caoín do,
's adubhair sin: “A bhráthair ghrádhmhur dhílis,
ith bíadh feasda, is bí dearbhtha dhíom-sa:
tá Mac an Duine gan tuisiol 'na bhrígh agad


L. 158


d'éirigh ó mharbhaibh a n-acfuinn a dhíoghacht
is idir bheódhaibh, d'aimhdheóin a naoimhde.”
d'innsiodar na mná do láthair Phíotair
is dona habsdaluibh go bhfacadar Íosa,
gur éirigh ó bhás gan tlás ná claoidhteacht
san áilleacht phearsain 'na ccleachtadh bheith rimhe sin.
Do bhuail cathach is cnead is fail ar Phíotar,
's astigh ná 'muith níor shult leis ní air bith,
gan stad ná ciúnas ag búithreadh chaoínte,
le ro-mhéad a ghrádh' dho is nach ttarlaigh Críosd air.
Do ghluais chum siubhail go dubhach bocht sgíosmhar,
gan fiú an ghiolla ná duine san tslighe leis,
is ní féidir cía an ród 'na ngeabhadh san chrích sin
acht d'fhéachain an bhfaghadh san adhlacadh fís air.
Do ghluais Críosd 'na chuinne ó chonairc a ríochtain
is dubhairt do labharthaoibh ceannsa caoíne:
“Síth dhuit, a Pheadair, as fada 's as raoín leat
go bhfaicionn tú mise, cé bhrisis do chroidhe reis.”
Mar d'athain a Thighearna chuir liach is cuimhirc as,
's do bhuail faoi thalamh a phearsa don bhíoga;
do gearradh a cheann a dteanta líge;


L. 159


do thuit sé 'mbrón is na deóra síos reis.
Dubhairt: “Teacht dod láthair is dána a' ní dhamh,”
is d'aduimh a chuirthe le tuirse, 's a ghníomh uilc,
a thréigion ar dtúis 's a dhiúltadh rimhe sin;
do phóg a chosa 's an osna san chroidhe aige.
Do thóg Íosa ón dtalamh 'na sheasamh reis Píotar,
's do bhuail dá phóga le ró-iomad díogruis,
's adubhairt: “A Pheadair, ní heagail duit ní air bith,
is tá 'n uile pheaca dhuit maite do-rínis.
Gach diúlta, bhí agam-sa a dhearbh,” arse Íosa,
“is d'innisios duit féin roimhe ré gach ní dhe.
Imith-se romhat a ndóthchas fhíor-ghlan,
is do bhriathraibh daingnigh go seasmhach díreach.
Do bhuaidheas ar an mbás; níl 'fhagháil arís damh;
lucht na haingidheachta 's an aindlighe chloidhios-a;
táim marrthannach beó d'aimhdheóin mo naoimhde,
is tiocfuigh an lá chum dála am aoísbirt.”
Dobí sealad fada dá theagasg san chaoí sin,
is Peadar ag féachuin fé gach taoibh dhe,
is anns gach cúrum chum sdiúrtha daoíne,
go ndearnuigh a bheannughadh a' sgarúin síodhach reis.


L. 160


Do ghluais eir Peadar do bhaile gan raoinios
faoí lan meanmun is teasduis dá dhaoínibh.
Muire is na habsduil 'sa chathair sin rímhe 'stigh,
d'innis di 'eachtra, go bhfacuigh sé Íosa.
Chuaidh Críost go Parrthas d'éis sgartha re Píotar
fé stoíl ghléigil mar ghréin ghlain síos reis,
le sluagh aingil 'na mbanna ar gach taoibh dhe,
d'fhios na n-aithreach mbeannaighthe bhí aige.
d'fhilliodar fútha a nglúine síos do
le gáir fháillte is ghairdeachais rimhe sin,
a salmuibh blasda dá gcantuin go maoíteach:
“Sibh-se ar nDia, is Dia chloinne Ísraél;
ar mbeatha ó thoiseach, ar bhfortacht 's ar rígh thu;
's do fhoillsighis féin lá naomhtha an tíghe sin;
do dhealruigh do cholann an solus glan trínne,
is níl críoch nó deacumhal ad fhlaitheamhnas choíthche
Is d'éirigh glóir do mhórdhacht' aoírde
gur líon go ghnúis an subhachus croidhe ionnuinn,
a Leómhain cheannusuigh chreachas do naoimhde,
do threibh mhath Iúda, at fhiúbhuidh d'fhás fíorghluin.
Le peannuid do pháise an bás do cloidh leat,
is biaidh flathas do ghlóire go deó gan stríoca;


L. 161


biaidh ríogha an talaimh ag sgreadaigh dod ghuidhe-se,
is gurab é do thighearnus riamh dobhí acu.
Biaidh gean do ghrásda go bráth dár dtaoibh-ne,
is ní rachum-na uait ar cuaird ná eir díbirt,
is an tan dochuadhmuir budh mór ar ndíth reis
go ttánguis dár bhfuasguilt a ccruas na spíne.”
A' seachtmhadh taisbeánadh deagh-rádhach tug Íosa
do dhís deisgiobal meirbh lag sgíosmhur
ó Ierusalém ag teacht ar fad na slígh' amach
go caisleán Eamus, b'é ceann a sgríbe,
ag trácht ar a bhás is ar pháis na spíne
gan dóthchus ná deimhin 'aiséirghe choídhche.
Tarrla mar oilithrioch a leirg na sligh' orra
is d'fhiafruigh na ráidhte cásmhura bhí acu.
Ceophas dobudh ainm do phearsuin don dís sin,
is d'fhiafruigh ar dheóruigh é fós do dhaoinibh
a Ierusalém astigh, gan fhios na haoíde
d'imthigh ar Aon mhath na laeithionna rimhe sin.
“Créad tá le hinnsin innte?” airse Íosa.
Adubhairt reis Cleóphás fé mhór-chás caoínte:
“Íosa Nasaret, pearsa mhath dhíreach,
dobhí an' fháidh úasal gan buala a ngníomh fós
ná 'n-obuir a bhfiaghain Dia agas daoíne,
prionnsuidhe is easbuig san chathair le díoghaltus
dá chur gan chúis dá sgiúrsadh aig Íodhlaibh
dá dhamnughadh chum báis is páise a spíne.


L. 162


Do shaoilemur gurab é Mac Dé dobhí aguinn,
Slánuightheóir na n-uile is na cloinne si Ísrael.
Aniugh an treas lá ó tharrla an gníomh so,
is dochuaidh cuid dar mnáibh go háit a dhíonchuir
roimh sholus na gréine ar éirghe an laoi aniugh
d'fhios an adhlaice, d'fhagháil radhairc nó físe eir.
Níor fríth an corp, acht cloch 'na luighe amach
agus dá aingiol 'na seasamh gach taoibh dhi
d'innis deimhnioch gur éirigh Íosa.
Thug na mná chuguinn go ndubhairt an dís si.
Dochuaidh drung eile dá fheicsint arbh fhíor sin,
is d'innsiodar an gcéadna ar dtéacht arís as.”
Dubhairt Íosa an taca sin: “Nach ainbhfios díbh-se
bheith mall-chroidhioch ion bhur gcreidiomh le deifir fán ní sin?
An mac sin dá ngoirthí go huilidhe Críosd de
nach éigion do ráidthe na bhfáidhe 'chríochnughadh
sul rachadh don ghlóire do chomhall do thríotha,
's a ndubhairt Maoise uile 's gach nduine dár sgríobh air
noch léightior san teampull gach aimsir shaoire
go ttiocfadís go léir ann féin chum críche?”
'S do bhuail ar mhínighadh Sgríoptúrach thríthe
le foirciodal soluis noch d'fhosguil an croidhe acu.
Fuair an dís deisgiobul 's an t-aithlithrioch caoín math


L. 163


a lomlán tainntibh is athaise an' fhuighlibh.
Ag teacht láimh re hEmaus do labhair reó Íosa
go raibh a ghnódh féin a dtaobh don chrích sin.
Dubhairt Cleophas dá achuirt: “Tá easpuirt an laoí ar dteacht”
is teacht leó féin chum déat na hoidhche.
Chuaidh leó don bhaile ó thainntigh a nguidhe reis,
is tugadh an' fhiaghnuis bíadh gan raoineas.
Do bheannuigh an t-arán go falláin díreach
's do bhris go glan dá radadh don dís si;
d'osguil a súile, nár dhúnta rimhe sin,
acht gan eision d'aithint 'na dhealbh go dtí so.
Chuaidh uatha an uair si gan tuairisg físe air;
's adubhradar gan stad gur las an croidhe acu
mar dobhí ceannsa ag labhairt san tslighe acu
ag osguilt 's ag míniughadh Sgríoptúra thríthe;
's don chathair tar ais níor stad an dís sin,
mar a raibh na habsdail is gasara 'dhaoinibh
ag trácht go deimhin gur éirghe Íosa,
go bhfacuidh é uile na trí Mhuire agus Píotar.
d'innsiodar go léir a sgéala an dís sin,
is eir bhriseadh bairghine mar d'aithnioghdar Íosa.
A' tochtmhadh taisbeána a n-aon lá thug Íosa
is iad ar an gcaint sin ag labhairt 'na ndaoíne:
táinig sé asteach 'na measg gan slighe air bioth,


L. 164


's a' ndoirse dúnta roimh shiubhal na n-Íodhal.
Do sheasaimh gan chlulóid 'na meadhóin go díreach,
is dubhairt: “Síth, a cháirde grádhmhur, dhíbh-se.”
Do ghlacdar na habstuil eagla is bíoga;
do mheas gurab sbioraid iona riocht dobhí acu.
“Creád do-bheir eadruibh,” airse Íosa,
“fá dtig smúit gan 'núr gcroidhe agaibh?
Mo lámha is mo chosa do polladh do-chí sibh;
glacuigh is féachuigh mo ghné go díreach
gur me tá aguibh am phearsain go díreach:
cnámh, feóil, ná fuil, a spiorad ní bhíonn sin.
Do-chíthí agum-sa go dearbhtha a mbrígh nirt
am lámhaibh, am chosuibh, ion bhur bhfochair dá síne.”
Feadh amhruis cháich, a ngairdeachus rimhe sin.
Lena ithe annsin d'iarr gibé biadh dobhí acu.
Tugadh iasg chuige bhí bruite le gríosuigh
is créithre do mhil, is d'ith gach ní acu.
Is dubhairt go séimh tar éis an bhídh sin
éifeacht is ciall na mbriathar síos duit:
“Mar do chuir m'Athair me chum mathais na ndaoíne
cuirim-se sibh-se chum uidis na dtíortha.”
Tug dóibh coimisión, an uile shórd daoine,
comhachta a bpeacaidh do cheangal nó sgaoile,
is do shéid úaidh 'anál faoí lán brígh orrtha:


L. 165


“Glacuigh-se,” ar sé, “an Spiorad Naomh go ttí sibh.”
Do sgar sé riú roimh thúis na hoidhche
d'fhiosrughadh na n-aithreach mbeannaighthe arís de
noch d'éirigh 'na chuinne, gach nduine 'na mbuighnibh,
a n-ordar 'na gcoduibh, 'tobhairt molta agus guidhe dhó,
is Ádhamh 'na sheasamh is gach pearsa dhá líne,
ag rádh le humlacht mhúinte an ghuidh se:
“A Athair mhath neamhdha, arduigh ar gcroidhe-ne
go molamaoís ar nDia is an Tighearna is aoirde.
Ní bhfuil ann naomhthacht mar naomhthacht Íosa;
níl Dia os do chionn do chumfadh ní air bioth.
Ní shroighthionn ort neart ó neach dá aoírde
is srothuigh do neart ar feadh na dtíortha;
tu féin ar n-aon-riaghail 's ar n-aon-Dia fíre
do chruthaigh neamh, talamh, ceathra, is maoíne,
do chruthaigh na dúile 's a músglann tríotha:
acht labhairt ad bhéal budh réigh gach ní acu.
Do lámha rein mise, thug tuigsint is bríogh dhamh,
mothamhuil anma, labhairt, is cuimhne
do choimhéad t'athanta 's do sheachan m'aoimhlis,
do chuir me 'n-ionad budh gluine is budh aoibhne,


L. 166


is créatúire uile na cruinne go dílios
go humhal faoiam chosuibh 'tabhairt chostuis is bídh dhamh;
níor thuigios go cóir mh'onóir is m'aoibhnios,
gur sháruighios t'aithne gan fhios dom chuimhne.
Do bhris sin mise is gach nduine dom shíolbhach;
m'anam is mo chorp don olc budh líonta;
mo bheatha do cuiriodh go hifrionn cíorr-dhubh
a gcomharsanacht ndamuntach malluighthe an díoghaltuis.
Do mhúch mh'urchóid faoí thrioblóid síos me,
's do líon na huilc amuith gach taoibh me;
trócaire an Tighearna go dian do ghuidhios-a
is d'éighios ar mo Dhía ag iarruigh síoth' air.
Dochualuis mo ghuth is me a mbruid fá dhaoírse,
is ad teampull naomhtha do chlaonuis síos damh;
tánguis ód fhlaithios dom fhurtacht óm naoimh-dheilbh
chum m'anma thriall 'on diabhal do dhíon air.
Ar éigin ó ifrionn tuguis mo ghníomhartha,
dom cheannach go daor ar phéin do spíne;
tuguis me ad ghlóir ón mbrón dobhí orm,
's a' ghaduigheacht do-rinneas-sa tuguis díol ann.
'S a anam so agam-sa, beannuigh do Rígh ceart,
is 'innighe tá am choluinn-se, moltur libh choidhche é;
's a chlann, gan faillíth beannuighidh a thiodhluice
le caintic nuadh bhias búan a gcuimhne.


L. 167


A thailimh na cruinne, a uisge, a mhín-mhuir,
a airnéis, a éanlaith an aéir, 's a shíona,
a chrainn faoí thoradh, a chlocha, 's a luibhionna,
's an uile shórd sochuir, moltur bhur Rígh libh.”
Dobhí Noe 'na sheasamh, 's do labhair san chaoí si:
“Admhuim go sunnradhach mo chionta dhíbh-si;
adharfad is molfod gan loca thu choidhche
a bhfiaghnuise th'aingiol san chathair is aoírde.
Airdeóchaidh gairdeachas mo ghrádh do shíor dhuit
ag moladh th'ainme le salmuibh síor-bhinn
gur tu mo Thighearna is mo Dhía dháríribh
do chruthuigh neamh, talamh, aingil is daoíne,
aer is tine, uisge agas mín-mhuir,
grian is éasga, réalta is síona,
cruinn is clocha, torrtha agus luibhionna,
ba agas capuill, is eallach is caoírigh,
éanlaithe is iasg, is gach piasd a mbrígh nirt,
earrach is samhra an gheamhuir ghlais aoíbhinn,
is, mar aimsir chnósuighthe, an fomhar, rimhe ghimhre,
is sin uile ag tabhart furtacht' dod dhaoínibh,
gur arduigh a bpeaca sin t'fhearg chum díoghaltuis
lér bháthais an talamh ag fearthainn do shíor air,
gur ghearruis gach tobur ag osguilt a slighe acu,
na srotha is na heasa do leathais gach taoibh dhe.
Níor fhágbhuis fear ná bean ná maoine
gan báthadh, 's a gceathra ar an dtalamh, le dílinn.


L. 168


Is deirdís ríom-sa, cé gur chionntach díobh me,
go dtáinig comhachta ód thrócaire dom dhíon air.
Do dhaingnighis mh'áirc mar arrthach díona
dom mhnaoi is dom chloinn is don bhuighean dobhí agam,
's don uile shórd ainmhighe dár shealbhuis dís de
'na gcúpluighibh firionn' is buinionna chum síl damh.
Do íslís ót árus neamhdha am fhís-se;
do bheathaighis me is cách ar bharr gach taoíde,
mo chlann, 's a mná, 's na hálta síl si,
bliadhain is tuille bhí an tuile gan díosga.”
Do ghair chuige a chlann 's gach rann dá líne,
is d'fhilliodar fútha a ngúine síos dó
ag guidhe ar aon-rian a n-Aon-Dia fíre
a gcaintice salm mar thathaightheach rimhe sin.
Abraham beannaighthe sheasaimh gan raoínios,
ceann tosuigh a n-dligh Dé na bhfíréan bhfírcheart,
ar ar cheangail Dia mar riaghail do shíor air
circumsision gnáth ar rás a shíolbhuigh,
a leinbh fhearrdha 'ghearradh 'na naoighnibh
a gcionn ocht lá go bráth san míos sin,
's gach nduine eile do chreidfeadh go díreach
barr a shlaite do ghearra san chaoí sin.
Óna mhnaoí bhí seasg fuair mac 'na chríonnacht
noch dh'aosuigh an' ógán ró-bhreadh líomhtha;
dubhradh dá éis reis an t-aon-mhac d'iodhbuirt


L. 169


ar alltóir do Dhia uaidh cían ar taoibh chnuic.
Do mheas a leanbh do mharbhadh is d'íodhbuirt
gur labhair reis aingiol ó fhlathas dá dhíon air
dubhairt gan an leanbh do mharbhadh air chaoí air bith
is go raibh Dia buidheach dhe le méid a dhíograis.
Ar bhféachuin do súas cia húair dochífeadh
acht reithe bhí a nglas a sgairt ghluin taoibh reis?
Tar cheann a mhic dhil dorug mur dhíol as
's do-reín le honóir don altóir íodhbuirt.
Do gheall Dia a bheannacht 's go leathfadh a shíolbhach
mar réaltanuibh aéir san tsaoghal ar thíorthuibh,
go méadóchadh mar ghainimh iad mara na dílionn,
's go mbeannóchthaoí an saoghal go léir 'na líne.
Isac, a mhac, dochuaidh as ón iodhbairt,
's a mhac sin Iacób ainm dó Ísraél
do-chunnairc aingiol súas 's anúas asdoidhche
a ndréimre fhada ó thalamh go dtí nimh,
dár gheall Dia an talamh air ar sheasaimh do dhílios
is mar luaithreán an talaimh go sgaipeadh a shíolbhach
is ar feadh gach áirde a rás go líonfadh
is cinidheacha an talaimh ar mbeannchadh thríotha.
Is dobhí ag iomrusgáil fé iomláin' oidhche


L. 170


ré Dia a riocht duine gan tuisiol ná claoídhteacht;
chuaidh ubhall as a leis le greis 'fhir choimhisguir;
annsin é bheannuigh is tug d'ainm ar Ísrael.
Is fearg Esau go ceannsa mhínigh,
is dá mhac dheag fá theann dobhí aige
dá ngoirthior fairsiong na ttreabha san Ísrael,
's a n-ainm go cruinn duit sloinnfiod síos iad:
Ruibín, is Gad, is Dan, is Símon,
Lebhí is Iuda, is Isachar síolmhur,
Sebelon, Asér, is Naptal sgaoílteach,
Ióseph eagnuidhe, Beniamen fíochmhur.
Ó Iuda táinicc Dábhí, rígh ceart,
Ióseph is Muire na gluine rug Íosa,
dár tharraing Iacób a bheith leóghanta a ngníomharthaibh,
umhlacht a shleachta agus ceannus na ríoghachta.
Do shléacht an triúr ar ttúis do ríomhus,
go raibh gach ionad 'nar roinneadh a thiodhlaic
dá ghuidhe go cubhartha ó dhúthracht díograis
ar a shon féin is gach n-aon dá shíolbhach.
Do labhair dá n-éis an t-aodhaire Maoíse
is Aron, sagart dobhí farruis ré híodhbairt,
Iosa 'na ráidtheibh gan cháim, is Fínis;
le hiomad molta táim corrtha dom sgríobhinn.
Inneósad an meíd si do sgéal a bhfuighle
adubhairt faoi mheanmuin an cearthar caoín si:
“A Thighearna ghlórmhuir na mórdhacht' aoírde,


L. 171


is naomhtha marrthannach tháim-se a ccuímhne;
tánguis ad mhathas ód fhlaithios dár ndídion,
is d'fhoillsighis tu féin ad dhaonnacht chlígh-chuirp.
d'fhuilingis an pháis budh ghráinne spín ghuirt
d'fhuasguil an phobuil dobhí gobhtha aig naoimhdibh;
is tusa ar nDia-ne is Dia gach líne
dá dtáinig romhainn is 'nar ndeóigh gan chríochnadh.
Ar neart 's ar nglóir is comhachta ar ngníomhartha,
ar gcríoch 's ar moladh, is solus ar ccroidhe thu.
Is iomdha iongantus do-rinnemuir thríod-sa,
athair nimhe fá neart don tslait dobhí agam,
is fuil do gach uisge acht ise do shíne air
is nárbh fhéidir a boltanus d'fhulang chum díghe ar bith,
Is froguidhe don uisge le buile no stríoc dí,
bhí ar fad na hÉigipt 'na dtréaduibh líonta.
Do-rein don luaithreán sluagh ghair-mhíolach
tug eallach is airnéis a ngráinne is daoíne.
A dtalamh, 's a dtighthe le cuilibh do líonuis,
acht do mhuinntior féin budh saor ón díoghaltus.
A n-airnéis 's a n-eallach le canach do dhíoguis,
acht beathadhach dá dtréad níor éag ód dhaoiníbh.


L. 172


Is an luaith do chathais faoíad fhlathas lé gaoith ghluin
anuas dí thuit, mar chith ar dhaoínibh,
'na niosgóidhighe galuir do mharbh na mílte,
is eir airnéis na hÉigipte go léir acht Ísraél.
Fearthun is sneachta do leaguis 'na dtíorthuibh,
is toirneach thine do bhriseadh a luibhionna,
a n-airbhionna ghearruidh, is do mharbh gan raoinios
gach airnéis chnuic dobhí amuith is daoíne,
is pláigh 'na n-árus tug ár a ndaoíne,
is locuist 'na ttuile dhuibh tilte ar a gcríochuibh,
iad astigh 's amuith is ar fud an tighe acu,
d'ith gach nár ghearraidh an sneachta dhá luibhionnuibh.
Tugais le glacadh 'na carn tiugh chíorr-dhubh
ceó ar an dtalamh ná facadur ní ar bith,
ná ar feadh trí lá a lámh do shíne,
astigh nó amuigh ar feadh na ttíorthann.
Do mharbhuis an chéad-ghein san Éigipt tríthe
eidir bheitheadhach is duine dár geineadh 'na rioghachtuibh,
acht do mhuinntior féin ón éag do dhíonuis,
is ón uile phláigh dár áirmhios rimhe si.
Ón Éigipt rómhuinn san ló dobhí-se
ad phiolóir sgamuil ag tarrang go díreach
's ad phioláir theine-ghluin ar thuitim na hoidhche
ag tabhairt soluis is eóluis don bhród 'na slíghe acu.


L. 173


Mar tháinig 'na dteannta campa ar mbíobha,
eadruinn 's an tóir 'nar ndeóigh arís duit
ad dhall ciach sgamuil nach facadur ní ar bith
do radharc ná chloisdion ar dhuine dhár ndaoinibh.
Is tríd an Muir Ruaidh dochuadhais san tsligh ag
le buille dár slait dá leath do-rín dí
'na bóthar faille mar fhalla dár ndíon-na
gur thíormuigh sinn uile gan tuisle ar bith thríthe.
Pharo 's a shlóigh 'nar ndeóigh ag coímhling,
marcshlugh is cuisighthe, gach nduine ar a dhíthchioll,
is tuguis an mhuir sin 'na bulc gach taoibh dhe
do bháithigh é féin go léir 's a dhaoine.
Is 'nar siubhal trí lá san bhfásach dísg sin
do greadadh le tart ón dteas ar ndaoine,
is uisge mabhthach le searbhlas coimhightheach
gur mhúinis dúinn crann do chuir an-san millseacht.
Mar do bhuail ocurus goirtighthe arís sinn,
is gan arán ná feóil mar lón chum bídh aguinn,
tuguis gearra guirt 'na sruth san tír sin
do chosg ar n-ocrus 's do chothughadh ar ndaoine.
'S do chuiris mar dhrúcht ar úir na críche
an plúr neamhdha dob fhearr blas bídh air bith
dá ngoirthior an Mana do bheathaidh na daoíne


L. 174


ar feadh daichead bliadhan dobhí ar ttriall san tír sin.
Ag imtheacht a bhfásach lán don dísge
ig Repidem do ghread an tart arís sinn,
ar n-airnéis is uile ag tuitim don díthiochtuin,
ar mná 's ar leinbh a n-uireasbha a bhfuighleidh,
go ttuguis as an gcloich Horeb ar ndaoíthin,
le buille dhár slait dá leath do-rín di
go dtáinig uisg 'na thuile chum dighe aisde
do shábháil sinne is gach nduine dod dhaoinibh.
Ar Amailte do chuiris an brise gan raoínios
aig Iosua do láthair tug ár as moidhm air,
acht mise ar an áird is mo lámh dheas sínte
's an tslat nuair leaguim do chasadh ar mbíodhbha”.
Tar éis na nithe budh friotal do Mhaoíse
do ghuiriodar a gclann is gach rann dobhí acu
ag tabhairt adhartha ar aon-rían don Aon-Día fíre
a séis bhinn gotha dá mhola is dá ghuidhe acu.
d'éirigh suas Dábhí 's gach fáidh dá líne,
ard-fháidh na fáisdine 's a' chrádhnuis dírigh,
cumadóir na Salm is na Saltarach gcaoin-ghlan
dobhí eir phobul an Tighearna cían 'na rígh ceart,
a dtréigheanus is a n-aithrighe do lean dligh Mhaoise
dá tharcuisniughadh féin a gcéim budh aoísle
's dá ghreada le doirnibh móra gach n-oidhche.
Adubhairt: “A Thighearna 's a Dhia gan chríochnughadh,


L. 175


molfud go bráth do ghrádh is do ghníomhartha;
adéar cantic nuadh mar cheól dod ghnaoi ghloin
a Saltair deich céad, 's gan bréag do ríomh dhamh.
As tusa, ag breith bhuadh', budh sluagh ag na ríoghuibh
tug mise, do sglábha, slán óm naoimhdibh;
's ó chloidhiomh mhalluighthe an aithigh mé dhíonus,
's air Sholumh an fhúath 's a shluagh, cér líonmhur.
Do ghlóir canfuid na haingil go maoidhteach,
mórdhacht t'oibre, cé docuir a gcuimhniugh:
leat féin neamh, talamh, ceathra agus mín-mhuir,
's a n-áitionn eatorra, aingil is daoíne.
Do thógbhuis ó thréad me am aodhaire air chaoiribh
chum onóra móire is comhuchta air dhaoinibh;
do bhuaidhis gach cath air neart mo naoímhde;
's ar éirghe am chuinne do chuiris fá chíos damh.
Cuimhneóchad th'ainm go marrthannach chaoidhche;
cuimhneóchthar am dheóigh go deó thu thríom-sa:
ó chine go cine biaidh uile dom ghuidh-se
ag mola do reachta is dá ghlaca le buidheachus
nár dhearmaduis riamh is tu ad Dhia 's ad naoidh bheag.
Is tu bheathuigh mise is gach nduine don bhuighin si.


L. 176


Molfuidh neamh, talamh, is fairge 'shíor thú,
is molfuid na dúile 's a músglann tríotha.”
Do ghuir chuige cách is gach fáidh don aoís sin,
's do leigeadar fúthadh a nglúine a n-eínfeacht
le moladh ar aon-rían don Aon-Día fíre
a gcantic salm tá fada re ríomh dhamh.
d'éirigh suas Estrus is Nemias críonna,
's gach drunga eile san leirg dá líne
d'éis taisdil róid na Babilóin rímhe sin
'nar fhuiling an Tighearna íad cían ar díbirt
as a ndúthaidh chirt, tré bhrise an dligh chirt
dá sinnsior riompa do thionnsguin gníomh uilc:
Tug Ierusalem bheannaighthe leaga dho is stríoca,
's a raibh innte astigh do sgrios dá naímhdibh.
Tug cineadhacha Daicioch 'na n-airiocht dílios
tréna thabernacel do shalcha thríotha.
Tángadar na huilc go tiugh dá dtaoibh sin
tug sinne is ar gcairde fá láimh ar naoimhde.
d'admhuigheadar a gcuirthe fá thuirse 's a ngníomhartha
's a ndearnnadar cách tug gráin a Rígh orrtha,
“Go ttángis,” air siad-san, “a Dhia agus 'Íosa,
ag fulang do pháise is bháis dár ndíon-na.
Molfum ó chine go cine thu choidhche;
do mhíorbhuile 'sgaipeadh tá fairsiong le ríomh dhamh:
do chruthuighis neamh, talamh, aingil, is daoine,


L. 177


's na pláinéidighe uile do chuiris a mbrígh chirt.”
Do labhradar go leór tá ró-fhada am sgríbhind
is leigfam thoram don chur sa dá ríomhadh;
do leigiodar fútha nglúine d'Íosa
dá mholadh le séis chiúil a n-éin-tiúin chaoinghuth.
d'éirigh Eóin baisde is gach pearsa dá líne
dobhí rena linn air phuinnte díreach,
's a bhfuair bás dá éis go héacht na spíne
a n-iffrionn uile bhí a n-ionad go dtíghe sin,
is Símón justus bhí 'dul don chríne
go bhfuair ón Tighearna a bhliaghna 'shíne
gan anbhás gránna d'fhagháil do choídhche
go bhfaiceadh sé ar talamh an tArrad-mhac, Íosa;
an gaduighe conách rein tráth guidhe mhath
do crochadh a n-aonfheacht is taobh ré hÍosa,
is fuair sé freagra a haithle na guidhe sin:
“Aniugh biair farrum a bParrthas aoidhbhinn!”
“Admhuighmaoid, a Thighearna,” air siad, “ó chroidhe dhuit
ar gcionnta féin do réir do dhligh chirt;
adéarfum sailm; atáim dod ghuidhe-se,
is molfuid th'oibriocha go follus tu choidhche.
Molfuid na haingil, gan laga, is na naoimh thú,
an t-aer 's an talamh, na flathais 's an mín-mhuir;
molfuid na dúile 's a músglann tríotha,
is ar fhás san chruinne ionar chuiri-se brígh nirt.
A Dhia, is tu theaguisg ar mbeatha ionar naoinuibh


L. 178


d'fhoillsiughadh an mholta budh cosmhuil dod dhíoghacht-sa;
is tusa thógbhus ar choróinn do spíne
peacaidhe an tsaoghail bhréaguidh mhí-chirt.
Do chinn áillacht do chuirp ar chruth na ríoghmhac;
rug barr breaghthachta air mhnáibh na ríogh;
tá ad bhéal an tsláinte 's na grása líonta;
taoí beannaighthe ó Dhía, is taoí ad Dhia 's ad shíordhacht.
Tá do theaghais ann gan cham gan chlaoíne
ad fhlathas re saoghal na saoghal choidhche;
's as í do shlat-sa slat na díorghacht'
do sgrios is d'airg gach aicme dár ndaoínibh.
Is lucht ar ndíoghbhála dhíothláithris trínne
d'innill an gaisde dár dtarrang 'na líontuibh,
acht tusa dár gcomhdach is dár stiúra a sligh chirt
le ruguis ar m'anam ó cheangal an díoghaltuis.
Molfud go bráth do ghrádh is do ghníomhartha,
is me mar chomhartha romhad ag daoinibh;
's as beag do-rinnios ag tuilliomh do bhuidheachuis
le ttuguis an ghlóire mhór sa shíor dhamh.
Tánguis, a Thighearna, is t'iarra ag daoínibh
ó chéim go céim iad uile dod ghuidhe-si,
ót Athair san tsaoghal dár saora ó dhaoirse;
rugadh ón Óigh thu, 's a hóghacht níor sgaoilis,
a n-aimsir na ngrás le grádh dhár ndídean.


L. 179


'S a mhórghrádh th'Athar, dár gceannach le spín ghuirt,
tánguis dár leighios ó theaghais do ríoghachta,
's dot aoisliughadh féin a gcéim nár chuibhe díbh.
A bhuighean so am fhochair-se, moltar bhur Rígh libh;
moltar libh 'ainm bhias beannaighthe choidhche.
A Shíomóin fuair radharc ar aghaidh an naoidhe bhig,
mol-sa do Thighearna, do Dhia, agas t'Íosa.”
“Gach moladh,” ar Símón fíor-mhór, “dlighim dhuit,
is gur chunnmhuis me beó 's gur dheóin leat luigh am ucht,
is m'uasgla ó ghlasuibh an deamhain arís duit
go dtuguis damh glóir mhór nár chuibhe riom.
Déar hiomuin go humhal le dúthracht díograis,
is molfum go léir 'nar mbéal ó chroidhe thu,
is seinnfiom an ceól go deó bhías aoíbhinn,
an t-Aleluia, Alelúia, Aleluia a gcaoin-ghuth.
Bíaid aingil 'na n-orduibh, ógha, is naoimh dhuit
ad mholadh gan laga le salmuibh síth-bhind;
budh binne ná ceól na n-eón air craoibh ghluin
a n-Aleluia, Aleluia, Aleluia dhíbh-se.
A radharc do ghnúis bíaidh subhachus croidhe orm,
gan fuacht, gan ocrus, dochma, ná íota;


L. 180


a meadhair gan tuirse bíam uile dod ghuidhe-si
san Aleluia, Aleluia, Aleluia choidhche.”
Do léigiodar fútha a nglúine síos do
ag moladh 's ag aithris a ghaisge 's a ghníomhartha,
a chomhuchta iomdha, is lunnra a dhíoghachta,
is glóire a fhlathais nach ccaitior le críne.
Dobhí Muire 's na mná ag trácht air Íosa,
na trí Mhuire noch d'fhuirigh dá chuimhideacht,
a dteagh san chathair, 's na habstuil gach taoibh dhi,
is Tumás nár dhimhin leis gur éirghe Íosa.
Adubhairt nach ccreidfeadh é d'fhaicsint air chaoí air bith
go bhfeiciodh 'na lámhuibh áit gach spíce,
go ccuireadh a mhéar 'na chréachtuibh thrítha,
's go sáthadh a bhos a locht a thaoibh ghil.
Do ghlac truagha an t-aodhaire a thréad do bheith sgaoílte;
tug Domhnach Mion-chásga teasbeána arís dóibh;
fán ná seachrán do ghabháil arís dóibh;
's a ndoirse dúnta roimh shiubhal na n-Íodhal,
táinicc sé asteach gan glas do sgaoile
's adubhairt go caoín-ghrádhach: “Síothcháin díbh-se!”
d'iompuigh ar Thomás aig taisbeáint a ghnaoí dhó:
“Tar a le,” ar sé, “agas féach gach taoibh me;


L. 181


cuir-se do mhéar am chréachtuibh thríotha,
is do lámh go docht a locht mo thaoibh dheis;
creid go deimhin mh'eiséirghe dhíbh-se,
is bí daingion ad chreidiomh gan teipe air bith choidhche.”
D'fhill Thomas go humhal a ghlúine síos do
ag lúgháir fána fhaicsint is eagla an ní rein;
do adaimh a chuirthe le tuirse 'na chroidhe aige,
a thréigion mar chách, 's a bheith slán gur dhíchreid.
Do chuir a mhéar 'na chréachtuibh thríotha,
's do shághaidh a bhos a locht a thaoibh ghlain.
Adubhairt: “Mo thighearna, mo Dhía is mo Rígh thu!”
dá achuirt fá phárdún ghrásamhail tshíoth dho.
Dubhairt Críosd dá fhreaguirt gan sparruinn ná spíd do:
“A Thomáis, óm fheicsint do chreidis dá bhrígh sin;
as beannaighthe an lucht chreidios gan m'fheicsint air chaoi air bith;
éirigh; bí't easamh; tá maite gach ní agad.”
Tar éis gach dea-ghrádh dár thaisbeán dóibh Íosa,
dá mháthair bheannaighthe is dá eabsdaluibh caoíne,
dubhairt reó tarrang go fearann Galelee
go cnoc mór Tábar, áit ghlan aoidhbhind,


L. 182


go bhfoghdís uidios is tuille dá fhuighllibh
do-bhéaradh solus 'na ndoircheacht rímhe sin.
Do bheannuigh iad uile, 'tobhairt chuimuis is tshíth dhóibh,
is do ghabh reó a chead a' glaca a shligh dhó.
Ar rochtain 'na dhiaigh go hiath Galalee
d'innis sé dhóibh na comhachta bhí aige,
an uile chumus go dtugadh do shíor dhó,
ar neamh is ar talamh, gan easbha ré ní ar bith.
Adubhairt reó imtheacht gan uisgeacht dá bhrígh sin
ag teagasg gach náisión áiteóchus tríotha,
dá mbaisde le hainm a n-ainm an trír si,
an Athar, an Mhic, 's an Spiorad Naoímhe.
“Is orduighidh,” air sé, “go léir gach ní ar bith
do chonnmháil 'na chuing dlighe d'fhoillsighios díbh-se,
go deireadh an domhuin ion bhur gcobhair-se choídhche
óir atáim-se farruibh, 's gan lagadh do shíor bíad.”
Teasbeánta dhá dheisgiobluibh eile tug Íosa,
ag iasgach ar fairrge caluith-phuirt Tíber;
iad seisior a luing ar tuinn is Píter,
tar éis a n-iongach do chur tosach na hoídhche,
táinig Críosd go doith ar phort na tíre
is d'fhiafruigh asteach an raibh blas an bhí acu.
“Ní bhfuil,” air siad-san, “do bhiadh aguinn ní eir bith.”


L. 183


Nír shaoileadar a dheisgiobuil gurab eision dobhí acu.
“Do thaoibh dheas na luinge cuirigh na líonta,
is biaidh ní gan amhrus ann,” airse Íosa.
Do chuiriodur mar dubhairt, is do bhrúcht a líonta
d'iasg budh dheacair do tharraing chum tíre.
Dubhairt Eóin an t-absdal dobhí a ngradam ag Íosa:
“'S é ar tTighearna gan amhrus atá ann, a Phíotair.”
Ó chualaigh Peadar é ag labhairt air Íosa,
d'fháisg ar a chóta ró-fhada raoín-chrios,
do léim san bhfairrge ag tarraing chum tíre,
is do ghluaisiodar cách a mbád bheag taoibh ris
ag tarraing 'na ndíaigh fá iasg a líonta
is iad uile lán le mór-ghrása Íosa.
Dobhí rompa ar port ag srochtuin tire
teine mhór uatha do ghual is gríosach,
greas éisg, is é sgartha is leata ar an ngríosuigh,
is arán amuith dá bhruith gach taoibh dhe.
“Don iasg sin anois foighim cuid,” airse Íosa.
Do ghluais Peadar suas fá luas a dhíthchill,
's do tharruing a n-iongach gan fuireach chum tíre
fá lán mhór-éisg ró-mhéith líonta.
Budh é suím an éisg go léir dofríth dho
seacht bhfichid 's a deich, gan cheisd, fá thrí aca.
Cér mhór le sábháil mar ládáil lín si,
snáth moguill 'na chrios níor bhris dá stríoca.


L. 184


Do ghair Íosa chum dínnéir a dheibhléin dísle;
an t-arán 's an t-iasg, do riar gach ní orrtha;
do labhair go séimh tar éis an bhídh sin,
's adubhairt do chaoín-ghlór re Símón Píter:
“A Shímóin mhic Iónáis, an bhfuil mór-ghrádh ad chroidhe-se
os cionn cháich ad pháirt go díreach?”
“A Thighearna, atá; 's as sásda ataoí-se air.”
“Beathaigh-se go buan mo uain-se,” airse Íosa.
An dara huair do luaidh arís reis:
“A Shíomóin Mhic Iónáis, an bhfuil mórghrádh ad chroidhe damh?”
“A Thighearna, atá; is mo ghrádh dochígh-se.”
Dubhairt Críosd dá fhreagairt: “Beathuigh mo chaoirigh.”
Is an treas uair do luaidhig arís reis:
“A Shímóin Mhic Iónáis an bhfuil mór-ghrádh ad chroidhe damh?”
Budh amhgharach le Peadar é 'labhairt fá thrí leis
dá fhiafraigh ar dháil a ghrádh dháríribh.
“A Thighearna,” air sé, go céasda thríd sin,
“atá riamh 's anois fios gach ní agaibh;
atá agad a dhearbh gu charus do shíor thu.”
Is adubhairt an Tighearna: “Biath mo chaoirigh;
's adeirim go dearbhtha, a Pheadair,” airse Íosa,
“go ngabhthaoí ad th'óige dod dheóin i gach sligh damh,


L. 185


's go sínfir do lámh chum cáich, is tu críonna,
a gcuibhrioch go daingion dod tharraing dod mhí-thoil,”
aig foillsiughadh san rádh so an bháis aig naoimhdibh
chum glóire Dé roimh re gheabhadh Píter.”
Tar éis si 'labhairt do labhair arís reis;
adubhairt: “Lean-sa mise gan fille air bith choídhche.”
Do-chonairc Peadar Eóin 'na dheóigh san tsligh aige
is d'fhiafraigh an cás budh bás do dh'Íosa.
“Fuirioch ar talamh má mheasuim-se,” airse Íosa,
“nó go dtagar féin, cread é sin díbh-se?”
Do leath so amach a measg na ndaoíne
nach faghadh Eóin bás go bráth ar chaoí eir bith;
is an bás nach faghadh-san níor dheimhnigh Íosa,
acht, dá sanntuigheadh féin, go téacht arís do.
Is iomdha tuille do nihibh rein Íosa
nach fuil le labhairt san leabhar so síos duit,
is dá gcuirthí iad uile gan uireasba a sgríbhinn
ní chuinnmheóchadh an domhan na leabhair se shaoílim.
A gcionn dá fhichiod lá budh tráth le hÍosa,
d'éis na heiséirghe, a dheagh-mhuintir dhilíos,
na patriarca, na fáidhe, na mná, 's a' líne
d'anmannuibh naomhtha do réigh o dhaoírse,
amach a Parrthas do tharruing dá chuimhideacht


L. 186


'dul d'ionnsuighe a Athar don fhlathas budh aoírde,
acht Eliath is Enóch tá fós san ríoghacht sin
beó 'na bpearsanuibh ar mbeannchadh d'Íosa.
Dardaoin deasgabháil d'fhuráil an ní si;
is d'fhios a dheisgiobal ar leirg chnoc Síona
dobhí Muire 's na mná 's na táinte daoíne air,
is d'ith eatarra biadh, dá riar le díograis.
Is dubhairt annséin tar éis an bhídh sin:
“Táinig gan amhrus an t-am budh míod dhamh
iompógh chum m'Athar go flathus a ríoghachta,
do chuir mé anúas ar cuaird don taoibh si.
Fanuigh-se san chathair ón Athair go dtí oruibh
fortacht gan chairde, ón tSubháilce is aoírde,
d'éis bheagáin laothann, an Spiorad Naomh go líonmhur
le grásuibh, amhuil do gheallus-a rimhe si.
Laibhtheórthaoí go blasda glan teanga gach tíre;
rachfaoí fán domhan a chobhair do dhaoinibh
do sheanmóir mo shoísgéuil i n-imchéin ríoghdhachtan
is ag baisde gach aoín noch ghéillfis tríbh dhamh.
Is beithí, tar éis an tsaoghail si 'chríochnughadh,
mar fhínneighthibh agum ar arraic na ndaoine
dom ainglibh nár chreid tug teisd go dírioch


L. 187


m'eiséirge ó mharbhaibh am bheatha idir dhaoínibh.
Adeirim gur mó budh córa dhíbh-se
ná 'dhronguibh eile noch chreidfios me thríbh-se
ná feacuidh me ríamh, acht siannsa a gcroidhe dhamh.”
'S do chreid a mháthair dobhí cráidhte caointeach,
ó chuala a bhriathra ag triall dá ríoghacht do,
's go raibh na habsduil go hatuirseach sgíosmhur
ón' imteacht uatha, is gan luagh aige arís teacht.
Is measda gur labhair go ceannsa an ríoghan
is gur iarr air a breith leis san tslígh sin.
Adubhairt-sion: “A mháthair ghrádhmhur dhílios,
is tarbhuidhe dhúinn fós tu beó idir dhaoínibh.”
Adubhairt sí annsin: “A Mhic dhil dhílis,
ní hé bheith eatarru chum tarbha dhíbh-se
mo thoil-se amháin, acht bás d'fhagháil dhíbh-se
ó d'fhuilingis san chrois ar son gach ní dhe.
Is a Rúin m'anma, bíodh th'aire air an mbuidhin si,
is bheith at éagmuis féin damh cuímhnigh.”
Dubhairt sin: “Bídhigh seasmhach daingion gan cloidteacht;
ion bhur gcloinn gan athair ní mheasuim bheith dhíbh-se:
biad féin farruibh is láimh ribh do shíor ann;
bíad úaibh is chuguibh, is aguibh bíad choídhche.


L. 188


Tiocfud ad chuinne; geabhad chugum am ríoghacht tu
is bíaidh tú a n-glóir go deó gan chríochnugh.
Leanuigh mé aniugh go cnoc Olíbhet
go nglacthaoí teagasg bhias aguibh 'nar gcuímhne;
's a gcruinneócha chum buill gan mhoill do dhaoínibh
ag ardughadh chum m'Athar 'na fhlathas me chífid.”
Do ghluais Muire a ganntlamh 's a bantracht buighne
ar siubhal, is na deisgiobuil uile dobhí annsin;
's do ghluais san tsliabh 'na ndiaigh sruth daoíne
bhí a mbruid 's a ndeacumhal fá sgarúin re hÍosa.
Ar shrochtuin uile don tuluigh sin Íosa
do liogiodar fútha a nglúine síos do,
's do labhair go deagháthach grádhmhur caoín glan,
dá mbeannughadh uile, 'tabhairt furtuigh is guidhe dhóibh.
Dubhairt lena linn sin: “A mhuinntir dhílios,
bídhigh búan seasmhach carrthannach bríoghmhur;
a mbrón ná a gciach am dhíaigh ná bíodh sibh:
do ghnáth bíad farruibh, is du bhur dteagasg do shíor bíad.”
d'éis mhóráin teaguisg nach aithrisim síos air
do phóg a mháthair is d'fháisg le díogruis.
Dubhairt sise go truagh, “A Úain,” arís reis,


L. 189


“cuimhnigh orm-sa is bí ar lorg do dhaoine.”
Do leigiodar cách ar lár iad síos do;
do phógadar a chosa le doilghios caoínte;
do thóg sin 'na seasamh gach pearsa acu taoibh reis
is phóg gach neach fá seach don bhuighin sin.
Do smuain sé an' fhochair go do-fhaicsiona 'dhaoinibh
na haithre naomhtha go léir gach taoibh dhe
ag beannughadh Mhuire le hiomurca díogruis
ós tríthe saoradh iad féin ó dhaoírse.
Do bheannuigh gan amhrus an campa bhí annsin
dá bhfágbháil ar talamh chum teaguisg na ndaoine
ag cathughadh an tsaoghuil gach lae, 's ag caoimhsgur
mar phrionnsaighibh anmann do tharraing ar sligh chirt.
Aithristior dearbhtha go bhfacuigh an ríoghun
an sluagh sin naomhtha ar gach taobh do Íosa,
do luigheadughadh a bróin ón ghlóire chífiodh
is ag méadughadh a sóláis ón dólás rimhe sin.
Ceithre taisbeánta déag gan bhréag tucc Íosa
tar éis a eiréirghe dá dheagh-mhuintior dhílios,
is ní bhfuil le caoinléaghadh san tShaoisgéal díobh so
acht deich amháin le fagháil duit síos ann.
Tá aig sgríbhinn Phóil a gcóir Choirinntínioch
taisbeánadh dá dheisgobluibh eile thug Íosa,
do thuille is chúg céad a n-éinfeacht díobh sin,


L. 190


acht ionad ná tráth ní thráchtann síos air;
labhruigh air Shéamus naomhtha an ní si
go bhfuair 'na dheagh-rádh teisbeánta ó Íosa.
Ioseph Aramata ní faghthar a sgríbhinn:
tá dearbhtha gnáth ig ráidhtibh draoithe.
Teasbeánta Mhuire níor cuireadh chum críche,
's a mháthair go dearbhtha níor dhearmuid Íosa
a fhios go minic, do thabhairt misnigh is brígh dhí
'na hiomad dóláis is mhór-cháis rimhe sin.
Is d'arduigh uatha súas le mínios
mar néil ghlain ghléighil ghréine gheimhridh,
nó lonnradh na rae ag éirghe asdoidhche,
nó maidin lae ghil d'éis na hoidhche,
is siad ar a nglúinibh go dubhach bocht sgíosmhur.
Is adubhairt an mháthair: “A Ghrádh ghil dhílios,”
cér mhór a mórtus ón ghlóire bhí aige,
“cuimhnigh orm-sa, a Thobuir na díoghachta.”
'S adubhairt na habsduil go hatuirseach caoínteach:
“A Mhaighistir, a Thighearna, ar nDia 's ar Rígh thu;
sinne ná tréig-se is méid ar ccroidhe dhuit
do thréig ort féin go léir gach ní ar bith.”
Do thóg sin an lámh na ngrás do shíne;
do bheannuigh iad uile a' cur mhisnigh 'na gcroidhe acu:
“Bídhigh,” ar sé, “daingion a labhairt 's a ngníomharthuibh,


L. 191


is biad farruibh re saoghal na saoghal choídhche.”
d'arduigh sé uatha súas go díreach
's a shluaghte 'na dhiaigh le síansa síth-bhinn
'tabhairt mholta agus glóire dá chomhachtuibh líonmhur'
le feartuibh, gan a shluagh, rug búadh air naoimhdibh,
d'fhuiling gach peannuid is tarcuisne ag Íodhluibh
is bás na croiche is bheith crochtuighthe trínne,
is tug 'na srothuibh a chuid fola ar a dhaoinibh
dá saora ó dhíochúis an phríosúin chíorr-dhuibh.
d'arduigh ar dTighearna 'na dhiaigh san tsligh sin;
d'arduigh a mhathas ós flathas dá aoibhne;
d'arduigh a mhórdhacht 's a chomhachta choidhche,
is d'arduigh a neart 's a cheart mar rígh mhath.
“Don Athair 'na chomhachta, glóir shíor dho,
don Mhac san eagna bhías beannaighthe choidhche,
don Sbiorad Naomh dháilios grása 'dhaoinibh -
'na n-Aon-Dia san Trínóid bhith-bheó bhíd-sion”
- is iomdha molta tá docuir le ríomh dhuit;
a sgríobhadh le peann nó 'labhairt budh raoín damh;
acht deiredís “Aleluia! Aleluia! Aleluia!” a gcaoin, ghuth,
le séis bhinn cheóil a ndeóigh gach ní acu.
Is táinig Míchéal, an rígh-mhaor dílios,


L. 192


le slóghtibh aingil 'na choinne le díoghruis
na cúirte neamhdha tráth teacht Íosa,
's a bheith chuca suas 's a shluaighte taoibh reis.
Do ghluaisiodar uile 'na chuinne san tslighe sin,
gan aon d'fhanbhuin a bhflathamhnas díobh sin,
aingil 'na n-orduibh a gceóltuibh síth-bhinn,
go glórmhur meadhrach le taidhbhse rímhe sin.
Do leigiodar fútha a nglúine síos do,
le honóir mhaise agus ghraduim dhá ghuidhe acu,
an iomad adhartha agus adhmholta gníomha
dá n-áireamh go glan-réigh 'na gcaithréim síos air:
go dtug le feidhm a bhraighde ó naimhdibh,
's go rug gach buadh; thug ruathar rígh orrtha,
go nglacagh sé sealbh fhlathais a ríoghachta
os cionn Cheribins is Cheraphins choídhche.
Is tar éis gach sórd de cheóltuibh caoíne,
do mhola agus d'adhradh, a n-aghaidh gach ní acu
do ghabhadaís a dtiúin go cubhartha an bhuighean so
“Aleluia! Alleluia, Aleluia!” a gcaoín-ghuth.
Is rugadar leó go glórmhur Íosa
le cantic bhinne dá sinnim gach taoibh dhe:
a leithid do mheidhir go deimhin ní shaoilim
go bhfeacathus riamh; nó an mbia leis choidhche?
Tá ig Teasbeántuibh Eóin na ceólta bhí annsin


L. 193


fá mar thuigim-se, a n-ionad dá sgríbhinn,
a bhflathamhnas dearbhtha go bhfeacuigh an uimhir sin
is ceithre mhíle do mhíltibh díobh sin,
is iad uile dhá sinnim ig saoithibh
a n-éintiúin cheóil budh mó is budh aoibhne
le mórán meidhre nach tesghiolluim díbh eir.
Do mheas fós an ghárda, a ngrádh, 's a ndíograis,
a gcruth nach luaightior, do shluaghoibh taoibh reis
tabhairt tshíth is tsláinte dá gcairdibh dísle
chum teacht a h-ionadhuibh fuirinne an díomuis,
is iad dá bhfreaguirt a gcarrthannacht chaoin is
a mbuidheachas le “hOnóir ro-mhór díbh-se,
a chairde grádhacha, ar sgáth 's ar ndíonuibh
ar talamh, dár gcosnamh ó olcuibh ar naoimhde.”
Ar Chríosd aithristior, a' tarang san tslighe dho,
chum sóláis dá mháthair go ndearnuigh raoinios -
na mhá is na hapstail ag amharc air dírioch,
ag dearca 'na dhiaigh is iad aig síor-ghul,
go dul as a radharc do ag leaghadh na raoín-rosg,
go ttáinig sgamal geal leata ar gach taoibh dhe
rug é le móment go glóir a ríoghachta,
's a shluaghte beannaighthe farruis dá choimhideacht
a mbeirtibh geala, le teastus a chríche:
go ndeachuigh sé suas go luath 'na ríoghachtuibh,


L. 194


's arís go dtiocfudh le cumus don chrích sin.
Is dubhradar gan mhoill leis an mbuidhin sin
“Is créad fá-deara dhíbh, 'fheara Galília,
bhur n-aightha bheith súas? Nach buartha an ní agaibh
gan iompó feasda don chathair sin taoibh ribh?”
Do ghlúais go ciúin chum siubhail an bhuighean sin,
do réir na n-aingiol don chathair gan raoíneas,
is d'fhanadar innte cruinn gan sgaoile
a dtigh no 'n-áit ionar ghnáth iad rímhe sin.
Dochuaidh Muire 's na mná san áit budh aoírde
's a' sé fichid deisgiobal eile 'na timchiall,
aon-aonta urnuighthe, smúintighe is guidhe acu,
gan laga do ghnáth ag trácht air Íosa.
Is Domhnach Cingcíse fhoillsighios sgríbhinn
táinicc ar an gcóip sin cóch tiugh gaoithe
ón bhflathas le fuaim ar fuaid an tighe acu
do líon uile an áit is cách 'na suighe 'stigh.
Táinig eir gach neach fá seach don bhuighin sin
teangtha tine chuir luisne 'na gcroidhe acu,
don Spiorad Naomh go léir iad líonta,
is tug dóibh labhairt a dteanguin gach tíre.
Dobhí faoi an dtaca sin sa chathair go líonmhur
ro-iomad deóruighe ó chósdaoibh ríoghachta,
is ó gach náisiún dá háitiughadh daoine


L. 195


is gach taobh faoí an spéir san chrích sin.
Do ghluais na habsduil chum teagaisg gan raoineas
le seanmóir fhollus don phobul eir Íosa,
do chnósuigh chuca na murrtha daoine
's a raibh san mbaile 'tabhairt aire dá bhfuighlibh.
Do labhragh leó go leór air Íosa,
is leis gach pearsuin a dteanguin a thíre,
is sin a n-oirchéill, go soilléir líomhtha,
mar gomadh díobh féin gach aoinneach díobh sin.
Do glacadh iomarca iongantuis tríotha
is gur Ghaleléin iad nár thriall dá dtíorthuibh.
Adubhairt lucht magaidh leó d'aicme na n-Íodhal
go rabhadar lán go brághaid d'fhíontuibh.
Is adubhairt Peadar dá bhfreagairt narbh fhíor sin
gan trí huaire 'ló acu fós eir gcríochnugh,
is d'innis dóibh uile a dturus eir Íosa
is ar tharraigidar fáidhe is Dábhí air an Rígh sin.
Do shásuigh a mbriathar iad 's a Sgríbhinn,
gur iompuigh go tapa dá mbaisde trí mhíle.
Do dhíoladar a dtalamh, a mathas 's a maoi chnoic
dá roinn go coitchionn ar bhochtuibh an ríochtanuis.
Ní leanfad duit feasda ar aithris a ngníorrtha,
acht an t-éifeacht uile chuirim san chrích si:
gach moladh, glóire, onóir is buidheachus
do thabhairt don Tríonóid bhith-bheó. Fínit.