Teagasc ar an Sean-Tiomna

B.Á.C.: An Clóchomhar Tta. (l974)

Paodhar, Muiris; Eag. Ó Madagáin, Breandán





1. THE CREATION OF ALL THINGS



1. Meastar feabhas aon teagaisc uadh an sochar do fhásann as: an
teagasc as mó sochar, as é, gan cheist, an teagasc as fearr é. Anis níl
aon <t>sochar as mó agus as fearr do dhuine ná a anam do shábháil.
Oir má bhíonn sion déanta ag duine atáid na uile nithe buaite aige.
Cad é an tairbhe do dhuine an uile shaidhbhreas, an uile aoibhneas, an
uile onóir shaoltha a bheith aige ar feag na mbeagán mblianta a chaithfig
sé ar an dtalamh so, má bhíonn sé damanta go deo, caillthe go brách?
Dá réir sin, an teagasc a mhúineann do dhuine, a thiospánann go glan
cruinn do, cionas a shábhálfaig sé a anam, as í an teagasc as fearr ar
bith í: níl aon <t>sórd foghlaim as féidir a chur i gcomórtas di. Anis atá
an teagasc sin againn insa Scriptiúir. As é béal Dé fhéin a labha<i>r í,
as é an Spirid Naomh do fhoilsig agus do mhúin í dos na fáigibh agus
dos na aspalaibh í, as lena ordú spisialtha a scríobhadar sion síos í.
Hen é an fáth na gcomhairlíd na Aithreacha Naofa dhos na uile
Chríostaithe, más fon<n> leo go éifeachtúil a n-anamnacha a shábháil,
stuidéar agus léirmhachtnamh a dhéanamh ar an Scriptiúir agus ar na
uile nithe atá inte. Óir cuireann <sí ?> pictiúir glan as comhair ár
súlaibh a thiospánann cad as ceart a dhéanamh agus cad as ceart do
sheachnadh chun ár <n-a>namnacha a shábháil. Déanfadsa dícheall do
réir mo acfainne brí, substaint agus éifeacht na nithe atá inte a chur
i gcéill díbh uadh am go am.



2. Atáid dhá pháirt insa Scriptiúir: 2 an Sean-Bhíobla agus an
Bíobla Nua. As é Maois naofa, a shaor pobal Dé uadh dhaorbhruid na
Éigipte, agus na fáige beannaithe, a scríobhaig an Sean-Bhíobla.
Naomh Maitiú, Naomh Marcus, Naomh Lúcás, Naomh Eo<i>n,
Naomh Peadar, Naomh Pól, Naomh Séamas agus aspal eile
Chríost, Naomh Thaddeus nó Tadhg, a scríobhaig an Bíobla Nua.
Insa dá Bhíobla sion atá cúntas lán-fhírinneach againn ar na
nithe a thit amach mar adéarfá i gcúrsa ceithre mhíle blian, as
é sin uadh chruthnú an domhain go bunú Eaglaise Chríost ar an
dtalamh so. Atá, adeirim, cúntas ar na nithe so insa mhéid nar
bhaineadar le creideamh agus le seirbhís Dé. Tiospánaid dhos
na uile dhaoine insa go aon staid bheatha, bídís singil nó
pósta, uasal nó íseal, bocht nó saibhir, cad as ceart a dhéanamh
chun glóire bíbhuan na bhflaitheas a shláthar dóibh fhéin, agus cad
atá le seachnadh acu chun gabháil bainiscionn le pianta uafásach
Ifrinn. Tráchtar ar na míorúilí agus ar na oibreacha iontach a rin
Dia uadh am go am; ar an díolthas samplach a imir sé go minic ar


L. 2


pheacaig nótáltha, agus ar an fóirthean agus ar an fhuascailt a thugann
sé do ghnáth ar na daoine a chuireann a ndóchas agus a muinín go
iomlán ann, agus a loirgeann uadh chroí le creideamh umhal láidir
cabhair agus cúnamh air.



Gen.1.3. Tosnaíonn an Scriptiúir le cruthnú an domhain, sé
mhíle blian uadh shin. Ní raibh ní ar bith ann, ach Dia
amháin, nó Spirid shíorraí uile-chomhachtach, uile-mhaith, uile-
ghlórmhar, nách féidir aon ní ar bith a bheartú, aon ní do ainmniú,
aon ní do fháil, a fhiadfaí in aon <t>sórd slí a chur i gcomórtas leis.
Roimh na sé mhíle blian sin ní raibh talamh ná spéir, grian, ré, réal-
than, ná duine ná aingeal, ná ní eile ar bith ann, ach Dia amháin,
an Tríonóid ró-naofa, an tAthair, an Mac agus an Spirid Naomh, ná
raibh tosach riamh aca. Atáid ann uadh an uile shíorraíocht, roimh
an uile shaol. Níl ins na mílthe milliún ná ins na céadta mílthe dos
na céadta milliún blian ach nómant a<i>msire, nó i bhfad níos lú ná
nómant aimsire, i gcomórtas do shíorraíocht nó 3 do shaol Dé.



A chonnairc an neach álainn uile-chomhachtach so oiriúnach - budh
mhaith leis - a chomhachta, a eagna agus a mhaitheas a thiospánadh,
agus leis an intinn sin a chruithnig sé an domhan agus a bhfuil ann. Ní
raibh aon ghá ná riachtanas aige in aon <t>sórd slí an gnóth sion a
dhéanamh. Oir níorbh fhéidir dhos na uile nithe a chruithnig sé a
chomhachta, a ghlóire, a mhaitheas, a shéan ná a eagna a mhéadú, ná
aon ní a bhronnadh air ná raibh thana féin aige.



4. Ní raibh abhar ar bith aige as na ndéanfach sé an domhan. A
chruithnig sé uadh neamhní é agus a bhfuil ann. A b'é an tslí inar
chruithnig iad, do ordaig sé an domhan a bheith ann, agus gan mhoill
a bhí an domhan ann. A bhíodar na uile nithe ar dtúis in aon tuirt
amháin, meascaithe tréna chéile, gan aon ordú ná deighilt eatartha.
A thug sé dos gach ceann díobh an mhaise agus an bhrí a chonnairc a bhí
oiriúnach dhóibh. Inseann an Scriptiúir dúinn gur rin Dia an obair
iontach so i sé lá, adonn go dtuigfimís nách le riachtanas ná le fórsa ná
le gátar a chruithnig sé na uile nithe, ach do bhrí amháin gur thoil
leis iad a chruthú.



5. An chéad lá do ordaig Dia an solas a bheith ann, agus gan mhoill
ar bith a bhí an solas as cionn an tuirt mhór dorcha úd. An darna lá a
rin sé an firmament, nó an spéir fhairsin álainn leathan gorm sin atá as
ár gcionn in airde. An tríú lá a scar sé an cré, a bhí go dtí sion measc-
aithe lena chéile, a chnósaig sé na uiscíocha in aon ionad amháin
agus a thug muir nó fairrge do ainm ar an gcnósú sion. Do ordaig
don chré, nó don talamh tirim, féar, luibhneacha blátha agus crainn
do fhás, ina mbeach a shíoltha fhéin ins gach ceann díobh adonn go
mbuanófaí iad i ndiaigh a chéile uadh am go am. An ceathrú lá a rin
Dia na cuirp mhóra solasmhara sion, an ghrian, an ré, na réitheal-
anna agus na plánéidí, agus a chuir insa spéir iad chun solas a thabhairt


L. 3


do ló agus do oíche don talamh, chun go dtóisidís lena ngluaiseacht
aimsir, lae<the>anta, seachtainí, míonna agus blianta agus saesúir amach
chun dhaoine.



An cúigiú lá a chrom Dia ar nithe beo a chruthnú, óir go dtí sion níor
chruithnig sé ach nithe in ná raibh anam ná beatha. Ins na uiscíocha
a chúm sé ainmhithe ina bhfuil beatha agus gluaiseacht, na uile súird
éisc, beag agus mór, agus do ordaig dhóibh síolthú agus dol in iomadúl-
acht. As na uiscíocha fós a chruithnigh sé 4 na uile súird éanlaithe
a sceinneann ins an aer agus a thúirliceann ar an dtalamh.



Ar an séisiú lá do ordaig sé don talamh, ní crainn, luibhneacha ná
féar do fhás, ach an uile shórd bheithíg a theacht aní<o>s aiste. An lá
céanna sin a chruithnig an duine, an ceann as déanaí, as fearr, as uaisle,
dos na oibreacha a rin Dia insa chruithneacht so-fhaicse so. Oir as ar
son an duine, chun a shochar agus chun a úsáid, a chúm Dia na uile
chréatúirí eile a chímid. Oir, ar measc na gcréatúirí sin, cé go bhfuilid
sármhaith, uasal agus álainn, níl aon cheann eatartha a fhiadfach aithne
a chur ar Dhia ná grá a thabhairt dhó, ach an duine amháin. Hen í
an cúntas a thugann Maois dhúinn ar chruthnú na uile nithe. Budh é
an chéad duine a scríobhaig riamh leabhar ar an gnóth so; a budh é a
thug dlí Dé don phobal Abhra. Ní raibh riamh as cionn aon náisiún
rialathóir budh mhó tuigsin, ciall agus eagna ná é, agus ar measc
chlainne Áimh ní raibh duine budh chneasta agus budh cheansa ná é,
ach amháin Críost Mac Dé agus Mac Mhuire.



6. A chíonn sibh ná tráchtann Maois insa chúntas so ar chruthnú na
n-aingeal, nó na spiridí solasmhar sin a cumag chun Dia do adhradh ar
neamh. Áfaig adeirid na Aithreacha Naofa gur cruithníog iad an
tráth adúirt Dia na focail so, "Bíoch an solas ann," agus ar rá na
bhfocal sion a líonag neamh, nó an pháirt uacht<a>rach don chruith-
neacht - ríocht an tsolais shíorraí - le spiridí álainn uasal lán-solasmhara.
Agus ar leagadh na súl, i spás níos lú ná nómant aimsire, a ghlac cuid
díobh sion iomarca taithneamh ina mbreácht fhéin; níor umhlaíodar
do Dhia, níor ghabhadar buíochas leis i dtaobh a gcruithniú, a rith
peacadh an uabhair tríotha mar a ritheann splanc toirní, a iontaig iad
uadh a bheith 'na n-aingil álainn chun a bheith ina ndeamhain ngránna
ndorcha, agus ar iompó na baise a caitheag anuas iad uadh fhlaithiúnas
go ríocht an dorch<ad>ais shíorraí, mar a mbeid dá loscadh i dtine ná
múchfar agus ná tráfaig tré shaol na saol, gan a bheag ná <a> mhór do
chance ná do chae aca ar aithrí a dhéanamh ná maithiúnas a fháil choíche
ná go deo insa t-aon pheaca amháin úd a rinneadar.



7. Budh 5 thoil le Dia, tré an gnóth sion, a chuir i gcéill dúinn nách
féidir do aon chreatúir ar bith, bíoch gur uasal nó íseal é, a bheith
séanmhar in aon <t>sórd slí má scarann sé le Dia; agus pé céim, mómh-
aracht, nó glóire a bheach ag aon chreatúir, nách foláir do a bheith lán-
umhal do Dhia agus buíochas a ghabháil leis; agus muna ndéanfaigh
sé sion, más dóigh leis go bhfuil nó gur féidir dho aon ní fónta a bheith
aige uaig fhéin, nó tréna chumas nó tréna dhícheall fhéin, go gcaillfigh
sé pé maith a bhí aige agus go dtitfigh sé insa<n> ainnis as mó. Agus fé


L. 4


mar a thug Dia, tré na aingil do fhan dílis a bhuanú go brách i nglóire
na bhflaitheas, <sampla dúinn ?> ar an luachtsaothar athá aige fánár
gcomhair-ne má fhanaimíd dílis do agus a réir a dhéanamh, amhla sin,
tré an pionós a imir sé ar na aingil asumhal, cuireann sé do shíor agus do
ghnáth i gcéill dúinn go gcuireann sé i gcuinnibh dhram an uabhair,
agus go mbronnann sé a ghrása ar lucht na umhlaíochta.


L. 5



MAN PLACED IN PARADISE



FORMATION OF THE WOMAN AND FALL OF MAN



Gen.1:26 et seq. 1. Adéis a chruithnig Dia neamh, talamh, an
fhairrge agus a bhfuil ionta, budh mhaith leis
máistir a bheith ar an domhan so-fhaicse seo, agus leis an intinn sin a
chruithnig sé an duine. Atá deifir mhór insa tslí inar labhair Dia i
gcruthnú an duine seochas mar a labhair sé ag cruthnú na nithe eile.
Dá gcumadh-sion do ordaigh sé iad a bheith ann. "Bíoch," ar sé,
"an solas ann," agus gan mhoill a bhí sí ann. "Scartar," ar sé, "an cré
agus an t-uisce uadhna chéile," agus <ar ?> an nómant a scaradh.
"Bíoch soillse móra insa spéir," agus a bhí sion amhla. "Bídís" ar
sé, "éisc insa bhfairrge, éanlaithe insan aer; éirídís na uile súird
bheithíg aníos as an talamh," agus le rá na bhfocal sion a bhí go aon ní
mar do ordaig sé. Áfaig an uair a bhí Dia chun an duine do chruthnú,
adúirt sé na focail seo: "Déanaimís an duine do réir ár n-íomhá agus do
réir ár gcosúlacht fhéin," chun go mbeach sé ina mháistir agus go
mbeach ceannas aige ar éanlaithe an aer, ar éisc na mara agus ar
bheithíg na talún.



2. Tu<i>gig go bhfuilid dhá shubstaint insa nduine, substaint
chorpar<th>a agus substaint spirideáltha. Oir a cumag é chun a bheith
ina lúb a cheanglóch an domhan corpar<th>a so-fhaicse seo don domhan
spirideáltha ná ficimíd. A budh ar an abhar sion a chúm Dia corp an
nduine do chré na talún, agus a chruithnig sé 6 uadh neamhní
substaint spirideáltha nó anam agus a cheangail í don chorp sin. As dá
chur sion i gcéill dúinn adeir an Scriptiúir "gur shéid Dia anál na
beatha isteach insa duine agus a dearnag é ina chréatuir beo."



Atá, do réir sin, anam có-uasal ins go aon duine; bíoch sé bocht nó
saibhir, breá nó gránna, atá ann substaint spirideáltha atá cosúil le
Dia agus déanta do réir íomhá Dé. Atá anam an duine cosúil le Dia do
bhrí go mairfig sí go brách: choíche ná go deo ní bhfuigh<idh> sí bás.
Substaint tuigseanach as ea í, nar féidir lé aithne agus eolas a chur ar
Dhia, grá a thabhairt dho agus seilbh a fháil air go brách.



Gen.2.3. Ar chruthnú an nduine a thug Dia Ámh nó Adam do
ainm air. Ciallaíonn an ainm sin insa teanga Abhrach "cré
dhearg," oir as do chré dhearg na talún a cumag a chorp. Ní uadhna
anam a ainmníog an duine do bhrí nách féidir dhúinne aon ní do
ainmniú ach fé mar a thuigimíd é, agus <n>uair nách féidir dúinn anam
an duine do fhaicsin ainmnímíd é uadhna chorp.



A chuir Dia Adam i bParathas, nó i ngairdín fairsin, álainn ina raibh


L. 6


na uile súird crainn nar maith a dtortha le n-ithe nó a mbláth chun
pléisiúr a chur ar radharc agus ar bhalaithe an nduine. I lár an
ghairdín sin a bhí aon chrann amháin ag fás. Adúirt Dia le Adam,
"Íos<f>aigh tú," ar sé, "do uile thortha na gcrann atá ag fás insa ghairdín
seo, ach ní íosfaigh tú agus ní bhainfig tú le tortha an chrainn seo.
Crann feasa an uilc agus an mhaith as ea é, agus bíoch fhios agad i pé lá
ina <n->íos<f>aigh tú de go dtabharfaigh bás chuirp agus anama ort fhéin
agus ar go aoinne a shíolthóig uait go brách." Hen í an t-aon aithne
amháin a chur Dia do oibleagáid air. Agus a chur sé an aithne sin air
adonn go dtiospán<f>ach sé a umhlaíocht agus a ómós do Dhia, agus go
n-admhóch sé gur uaig a fuair sé gach a raibh aige, agus nárbh fhéidir
do maitheas ar bith a bheith aige muna bhfanfach sé umhal do Dhia
agus a réir a dhéanamh.



Gen.2:18 et seq. 4 <An>sion a thug Dia i láthair Adam na uile
chréatúirí a chúm sé, agus a thug do údarás agus
ceannas as a gcionn. Agus a thug Adam ainm ar gach sórd díobh,
ainm a bhí oiriúnach chun cáilíocht agus brí gach cinn acu a chur i
gcéill go brách. A líon Dia chón 7 mór sion é le spirid na eagna gur
thuig sé go glan agus go cruinn nádúr na n-ainmhithe sin go léir.



Ar measc na gcréatúirí sin ní bhfuair agus ní fhaicig Adam go raibh
aon cheann oiriúnach chun a bheith 'na chomráda do fhéin. Oir ní
raibh ciall ná tuigsean daonna aca, cé go bhfuilid glic, ciallmhar agus
intleachtúil go leor ina slithe fhéin. Adúirt Dia, "ní maith don nduine
a bheith ina aonar; déinimís cúntóir dho cosúil leis fhéin." A chur Dia
ansion trom<-shuan> ar Adam, a bhain asna asa chliabh, agus don asna
sion a chúm sé an bhean; a thug í dho Adam mar chéile agus a ghlaoig
Ébha, nó "máthair na mbeo," do ainm airthe.



An tráth a chonairc Adam í <adúirt sé>, "As cnámh dom' chnáimh
agus as feoil dom' fheoil í seo, ar an abhar sin insan aimsir atá le teacht
tréigfig an fear a athair agus a mháthair agus geoghaigh sé lena mhnaoi,
agus beid araon in aon fheoil amháin." A thug Dia a bheannacht
dhóibh, agus adúirt lei, "Téig in iomadúlacht agus líonaig an domhan
le bhúr sliucht; bíoch ceannas agaibh ar éisc na mara, ar éanlaithe an
aer agus ar bheithígh na talún. A bheirim dhíbhse, agus dhóibh sin,
uile shíoltha, luibhneacha agus plandaithe agus tortha na n-uile
chrann mar bhia."



Ag sin mar a chríochnaig Dia cruthnú na uile nithe i sé lá, agus do
scuir sé. Ar an seachtú lá a bheannaig é agus do ordaig é a chiomád
naofa go brách.



5. Anis cad is ceart dhúinn a thuigsin as na nithe seo, cad as ceart
dhúinn a dhéanamh dá ndruim, cad é an teagasc as ceart a tharraint
asta? Ar dtúis, meas cóir a bheith againn orainn fhéin. Cuimhníoch
go aoinne agaibh, an té as bochtaí, as suaraí eatoraibh, gur leanbh le
Dia é; go bhfuil an tAthair as uaisle ar bith aige; go bhfuil sé déanta do
réir chosúlacht Dé; go bhfuil ina chroí agus ina chorp anam álainn,
péarla ard-uasal, domharfa, a chruithnig Dia do aon ghnóth chun


L. 7


aithne a chur insa tsaol so, agus chun seilbh a fháil air go brách insa
tsaol eile; gur tugag tuigsin, meabhair agus toil dho chun eolas a fháil
ar an fhírinne, chun maith a thoghadh agus a ghráchain, agus chun
deigh-bhéasa a chleachtadh agus a leanúin. Agus dá réir, seachnaíoch
sé go aon ní peacúil, agus déanach do réir a dhíchill na nithe atá taith-
neamhach i radharc Dé, na nithe a niseann a chiall agus <a> choinsias
dho a bheith do réir thoile Dé.



6. Insa tarn<a> áit 8 tugaimís fá ndeara gur figiúir na nithe a thit
amach do Adam i gcruthnú an bhean budh chéile corpor<th>a dho, ar na
nithe a thit amach do Íosa Críost i gcuthnú na Eaglaise, as céile
spirideáltha dho. Oir fé mar a thit suan trom ar Adam an tráth a bhaineag
an t-asna, nó abhar a mhnaoi, as a chliabh, amhla sion a thit suan trom an
bháis ar an Adam nua, Íosa Críost, agus do osclag le sleagh a chliabh agus
a ghluais amach aiste an Ébha nua, an Eaglais Chat<a>ilice, síor-mháthair
na mbeo, nó na ndaoine a mhairfig tré shaol na saol i nglóire Dé. Agus
fé mar adúirt Adam, an tráth a chonairc sé Ébha, "As cnámh dom
chnáimh agus as feoil dom' fheoil í seo, agus tréigfig duine a ghaoltha as
neasa do agus geobhaig sé lena mhnaoi," amhla sion do thréig agus do
fhág, mar adéarfainn, i slí éigin, Mac Dé a Athair ins na flaithis agus a
thánaig ar an dtalamh so chun a bhean spirideáltha, an naomh-Eaglais,
a phósadh agus a cheangal do fhéin. Agus beireann sí clann dho tré
shácramín an Bhaiste nar comhartha air an sruth fola agus uisce a
ghluais as taobh Chríoist, marbh ar an gcruis. Agus tréna chuid fola
agus feola a thabhairt dhúinn insa tsácramín ró-bheannaithe, adeir sé
leis go aoinne againn, "As feoil dom' fheoil agus as cnámh dom chnáimh
tusa."



Gen.3:1 et seq. 7. Ar fhágan ár sinsir fé shéan, gan chuir, gan
pheaca, gan asnamh ar bith i dtaobh anama ná
cuirp ortha, ar thabhairt an t-aon aithne amháin, gan "buaint le úlla
chrainn feasa an uilc agus an mhaith do ithe," a thug Dia a bheannacht
dhóibh agus a tharraig sé é fhéin uadhna ra<dha>rc. Níl aon chúntas
againn cad é <an fhaid ?> a<i>msire a chaitheadar i bParathas. Áfaig a
bhí namhaid mairtheach mailíseach ag faire ortha, ar tí a ndíobhála.
Budh é namhaid é sin, an deamhan, nó an t-ard-cheann a bhí ar na
aingil úd a caitheag, mar gheall ar a gcuid uabhair, anuas as na flaithis
go Ifreann. A chuaig sé tréna chroí go mbeach beirt chreatúirí a cumag
don chré, níos dílse do Dhia ar an dtalamh so ná a bhí sé fhéin agus
a chuallacht mhallaithe i nglóire na bhflaitheas. A ghlac sé formad mór
chúghtha do bhrí gur thuig sé gur chruithnig Dia créatúirí chón íseal
leo sin chun 9 <go> mbeidís fhéin agus a sliocht ins na ionaid ard uasal
as nar díobraíog é féin agus na aingil a ghlac páirt leis. Agus fós, mar
olc ar Dhia agus tré spite chuige, a cheap sé an bheirt chréatúirí neamh-
chiontach sin, agus a sliucht mar aon leo, a mhilleadh in aoneacht tré
n-iad a tharraint chun an t-aon aithne amháin úd, a thug Dia dhóibh,
a bhriseadh.


L. 8


8. A rin sé stuidéar agus léir-mhachtnamh ar cháilíochta agus ar
nádúir na uile ainmhithe a chúm Dia, agus ní bhfuair aon cheann díobh
budh mhó gliocas, clis agus intleacht ná an t-athair nimhe, nó sórd
péiste atá déanta ar chuma eascú. A chuaig sé isteach insa phiast sin,
agus a aimsig sé cae chun labhartha le Éabha an tráth ina raibh sí ina
aonar, agus adúirt léi, "Canathaobh ná itheann sibh do thortha na
gcrann so go léir atá a' fás insa ghairdín seo?" Budh ionadh lé sin go
raibh caint agus ciall daonna ag a leithéid sin do bheithíoch. Adúirt sí
leis, "Ithimíd do thortha na gcrann go léir atá anso, ach do aon chrann
amháin atá ag fás i lár an ghairdín, oir a cho<i>sc Dia orainn baint
leis ar eagla go bhfuíghmís bás." "Ní baol," ar sé, "go bhfuígh' sibh bás,
ná go mbuainfig díobháil ar bith dhíbh má itheann sibh de, ach maith
ana-mhór a thiucfaig chúghaibh dá dhruim. A osclófar bhúr súile, beig
fi<o>s uilc agus maith agaibh agus beigh sibh in úr ndéithe, beigh sibh
cosúil le Dia féin. Féach mise a ith de agus nílim marbh: mise a bhí
iom' phiast ag snámh ar a' dtalamh, cad é an sóinseáil iontach a rin
ithe úlla an chrainn sin ionam, go bhfuil ciall, tuigsin agus caint
daonna agam. As mó ná sin a bhfad a dhéan<f>aig sé ionaibhse,
insa tráth a rinneag a leithéid do shóinseáil ionamsa a bhí iom' bhei-
thíoch balbh, gan chiall gan tuigsin. Áfaig tuigim anis go glan cúis
abhar agus réasún na uile nithe; as géire i bhfad mo thuigse ná bhúr
<d>tuigse; agus a chím go so<i>léir an fáth nar chur Dia an cosc úd oraibh:
ní ar eagla go bhfuigheach sibh bás, ná ar mhaithe libh, a choisc sé
sibh, ach le neart formaid chúghaibh. Oir atá fhios go dian-mhaith aige
go bhfuil brí agus bua chón mór sin in úllaibh an chrainn sin, chón
luath agus a íos<f>aigh sibh iad go sóinseálfar chón mór sin sibh go mbeig
sibh lán-chosúil leis fhéin. Ní raibh aon chúis eile aige an cosc sin a
chuir oraibh, ach sibh a chiomád dall agus ainbhfiosach, ach adonn go
mbeach sibh i gcónaí in bhúr sclábhaithe 10 bocht umhal aige. Ní
bhfuigh' sibh bás. Ithig gan scáth gan eagla agus ar leagadh na súl
déanfar déithe díbh."



9. Mair seo lena bhréaga agus lena chluanaireacht a mheall sé an
bhean. Do fhéach sí ar an gcrann; a thaithníodar na úlla lé; a shín sí
amach a láimh; a bhain agus a ith iad; agus as amhla sion a thánaig an
peaca agus an bás isteach insa domhan. A 'nis sí dá fear cad adúirt an
phiast lé, gur ghlac sí a comhairle agus gur ith sí an t-úll coiscithe.
Níor ghéill Adam do chomhrá na péiste. A chonairc sé go raibh Ébha caillthe
go brách. Áfaig a bhí sé chón baoth sin, a bhí a ghrá chón mór sion di,
gur rogha leis a bheith caillthe mar aon lé. I gcuinnibh comhairle a
thuigseana agus a chéill a rin sé aithris airthe, a ith sé an t-úll
coiscithe agus a dúblaíog an peaca. As trua ná raibh sé chón láidir in aigne
agus a bhí Job, an tráth a bhí sé ag dreothadh ina bheathaig agus a
caitheag é as a thig chun bás do fháil ar a charn aoile, agus le píosa
phróca a scríosach sé an brachadh a shileach amach as a ghearba. A thánadar
a bhean agus a ghaoltha chuige; a chroth sise a ceann agus adúirt,
"Á, a iomadáin, as glan an scéal gur dhíomhaoin do dhóchas i nDia, gur
dhíchéille dhoit na dea-oibreacha a rinnis ina onóir. Hen é a dhíol doit
anis. Tabhair do mhallacht dho adonn go maireoch sé <do ?> láthair


L. 9


thu agus go mbeach deire go brách led' ainnise." Adúirt Job go caoin
cneasta. "A bhean, as borb leamh mallaithe do chaint. A ghlac<a>mair
go buíoch beannachtach nithe fónt<a> uadh lámh Dé, agus canathaobh
ná glac<fai>mís có-shásta, nithe úirchóideach uadh an láimh chéanna.
A thug Dia sláinte agus raidhse saibhris dhom, agus a bhain dom arís
iad. A rin sé mar ba thoil leis; go ndéantar a thoil agus go mbeann-
aithear a ainm i gcónaí."



Dá mbeach, adeirim, leath nó trian an mhisnig bheannaithe sin ag
Adam, ní dhéanfadh sé go brách an peaca mór uafásach úd.



10. hé an peaca nách féidir a mhéid, a mhailís ná a uirchóideacht
a mheas ná a insint. As é bun, cúis agus abhar na uile ainnisí corpar<th>a
agus spirideáltha do<n> chine daonna go léir. As dá dhruim a daorthar
chun báis sinn agus a bhainimíd leis an diabhal chón luath agus a
chúmtar sinn i mbr<u>inn ár máthar. Oir do dheasca gur dearnag Adam
ina sclábhaí 11 do<n> diabhal, agus gur bhuaig se sin air, as leis le lán-
cheart gach nduine a shíolthaig uadh Adam. Agus ní féidir linn choíche
ná go deo buíochas lán-chothromúil a ghabháil leis a<n> liag<h> uile-
chomhachtach, uile-thrócaireach a dhéanann teacht chun sinn a shaor-
adh uadh <an> sclábhaíocht úd agus sinn a leigheas uadh an leatrom
a tugadh orainn. Agus ní féidir dhúinn ár ndóthain fuatha a bheith
againn do údar an lot mairtheach úd, ná a bheith ró-mhór ar ár ngarda
i gcuinnibh a thiomptáisiúin. Oir, lena chleasa agus lena bhréaga
bíonn sé go laethiúil dá<r> mealladh amhail a mheall sé Ébha, chun go
ndéanfaimís na nithe a choisceann Dia orainn, ag cur i gcéill dúinn gur
nithe suarach iad, go bhfuil Dia lán-trócaireach, agus ná agróigh sé
orainn iad. Áfaig, fé mar a fuair sise amach chun a costais daor, gur
budh fhíor bagartha Dé agus gur budh bhréagach geallúua an áirseora,
a gheobham-ne amach chun ár gcostas dóite, dolíosach, agus tástál<f>ai-
míd an uair a bheig sé ró-dhéanach, gur ró-éifeachtúil, gur ró-fhírin-
neach an píonós a bhagrann Dia do imirt orainn i dtaobh ár bpeacaí,
muna n-éireom díobh in am agus i dtráth. Agus go dtu<ga>ig sé dhúinn,
ina mhór-thrócaire, sion a dhéanagh go éifeachtúil. Beannacht a
ghuím dhíbh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spirid Naomh.


L. 10



III. PUNISHME<N>T OF MAN AND DEATH OF ABEL



Gen.3:7 et seq. 1. Chón luath agus a rinneadar Adam agus Ébha
an peaca úd, a bhrath<a>dar gan stad sóinseáil
iontach ina gcorp agus ina n-anam. As fíor gur osclaíog a súile
dhóibh go tubaisteach, agus a fuaradar fios uilc agus maith: fios cruinn
ar an olc mór, fearg Dé, a tharraig<ea>dar ortha fhéin, agus fios glan ar
an maith mór, grása agus cairideas Dé, a chailleadar. A chnocadar ar
dtúis go rabhadar nochtaithe. Go dtí sion ní raibh ceist ná náire ortha
i dtaobh a bheith amhla, óir a bhíodar chón glan uadh pheaca agus
atáid aingil na glóire. Níor éirig aon mhírún mírialtha ná míbhanúil go
dtí sion ina gcroí i dtaobh a chéile a fhaicsin nochtaithe, níos mó ná
éiríonn ionainne an tráth a fhéachaimíd ar ár lámha nó ar ár gcosa.
Oir a bhí a gcorp agus a n-ainmhiana corpar<th>a lán-umhal dá n-nanam.
Áfaig chón luath agus a bhriseadar agus a chaitheadar díobh, lena
bpeaca, srian cosc agus cuing na umhlaíocht a chur Dia ortha, insa
nómant sin a bhriseadar ainmhiana 12 na colla agus a chaitheadar
díobh an srian agus a<n> cosc a bhí a<g> tuigsin agus ag anam an duine
as a gcionn. Agus, chun na baill náireach a cheilt agus a chlúdach uadh
shúilibh a chéile, a chuireadar crios do dhuilliúr na gcrann tíompall a
gcuim.



2. Ach ní raibh tábhacht insa sóinseáil a thánaig ina gcolainn, seochas
an sóinseáil dona deorach a bhraitheadar ina n-anam. A bhí go dtí
sion tuigsean an nduine chón glan le solas na gréine; agus a thánaig go
obann airthe scamall trom dorcha an ainbhfios. Agus in ionad áthas
a ghlacadh insa bhfírinne agus grá a thabhairt di, as amhla a ghlac sí
fuath di, agus a b'fhearr lé bréaga agus éitheach ná í. A bhí toil an
duine díreach gan chamadh gan chlaon, lán do ghrá don mhaith. Ach
do dhruim an pheaca úd a tugag di an caitheamh agus an claonadh as
mó chun uilc, agus as ar <an> abhar sion as fusa dúinn go léir agus as
treise sinn ar an olc ná ar an mhaith a dhéanamh. Go dtí sion a budh
é áthas a gcroí Dia do fhaicsin agus a bheith ag labhairt leis; a thagaidís
i gcónaí le pléisiúr ina láthair. Ach adéis eadra an lae mhífhortúnaig
úd, chón luath agus airíodar glór Dé insa ghairdín a theitheadar leo
féin isteach i ndorch<ad>as na coille chun dol, mar dh'ea, i bhfolach uadh
radhar<c> Dé. A ghlaoig Dia ar Adam, ag rá, "Cá bhfuileann thu?"
A thánaig se sin do láthair ag crith le eagla agus adúirt, "A bhí scáth,
ceist agus náire oram teacht dod' láthair, do bhrí go bhfu<i>lim nocht-
aithe." "Cé thiospáin doit," arsa Dia, "go bhfuilir nochtaithe?
Ní foláir nó gur ithis do úlla an chrainn úd do choisc mé ort." In
ionad a pheaca do admhadh go umhal agus <go> fearúil, as amhla a
chrom Adam ar é fhéin a leathscéaladh, agus a chur go míthrócaireach


L. 11


a mhilleán ar a mhnaoi. "As í," ar sé, "an bhean úd a thugais dom a
chur suas me chuige: as í a thug an t-úll dhom agus a itheas é."
"Canathaobh," arsa Dia lé Ébha, "gur rinnis <a> leithéid sin do ghnóth?"
"An t-athair ní," ar sise, "a chomhairlig me agus a mheall me, agus
a itheas an t-úll."



3. Áfaig do bhrí ná glacann Dia leathscéal uadh aoinne ar bith i
dtaobh a dhlí a bhriseadh, níor ghlac sé a leathscéal súd. Ar an láthair
sin a thug sé breithiú<n>as ar go aoinne a bhí ciontach insa ghnóth sin.
Adúirt sé leis an t-athair ní, agus, ina phearsa sin le príomh-údar an
uilc, "Beir mallaithe," 13 ar sé, "idir na uile ainmhithe agus idir uile
bheithíg na talún; snáighfir a gcónaí ar do bholg; smúit na talún a bheig
mar bhia agad go brách. Cuirfig mé namhdachas idir do shíol-sa agus
a sliucht sion; beir-se ag faire chun beartha ar <a> sháil sin, áfaig
brúfaig se sin do cheann-sa."



Atá brí ana-dhoimhin ins na focail sin. A bheach sé ró-fhada as mo
shlí, a thógfach sé iomarca aimmsir uaim iad go léir a mhíniú dhíbh, ach
amháin na focail seo: "Brúfaig se sin do cheann-sa." Ciallaíd siad sin
go dtiucfach ar shliucht na mná duine a bhrúfach agus a mhillfeach
ceann an athar ní; as é sin a chuirfeach comhachta an airseora ar
gcúlaibh, a dhéanfach a mhailís díomhaoin. Agus budh é duine é sin,
Críost Mac Dé agus Mac Mhuire, do shaorann an cine daonna uadh
chomhachtaibh an deamhain tréna bhás ar an gcruis. Agus a rug an
t-airseoir "greim ar a sháil," tré an bhás sion do imirt air.



4. I dtaobh an phéire cúntóirí eile, a chur Dia píonós fé leith ar
gach n-aon díobh, pionós a sheasaíonn fós agus a sheasóig go deire an
domhain. Adúir<t> sé leis an mbean, "Méadóig mé do ainnisí: le dólás
a ghlac<f>air gin id' bhr<u>inn, agus le pian a chuirfir dhíot é. Beir fé
smacht agad' fhear, agus beig se sin ina mháistir ort." Ag labhairt le
Adam: "Do bhrí, ar sé, "gur ghéillis do chomhairle do mhnaoi agus gur
ithis do thortha an chrainn úd a choisceas ort, atá mallacht ar an
dtalamh do dhruim an ghnótha sin do rinnis. Le dua agus le tuirse a
shaothróir do chothú aiste; f<i>ailithe agus deilgin a fhás<f>aig chúghad
aiste. Le allas do ghrua a íos<f>aigh tu do chuid aráin go gcasaig tú
don chré as nar tarraigeag thu. Óir as do chré atánn tú déanta, agus
iompóir arís i gcré."



Ansion trí thrua dhóibh, uadh bhíodar nochtaithe, a chlúdaig sé iad
le crocan beithíg, agus chun méid an uabhar díchéilleach trénar
mheasadar <a bheith ?> có-uasal leis fhéin a chasadh leo, adúirt sé,
"Féach atá Adam cosúil linn féin: atá fios uilc agus maith aige, agus
ar eagla go n-íosfach sé do thortha chrainn na beatha agus go mairfeach
sé go brách i bpeaca, caitear amach as Par<a>thas é."



A díbríog ansion é féin agus a bhean as an gairdín álainn úd; agus
chun ná faighdís féin ná a sliucht dol isteach go brách an<n>, a cuireag
aingeal le claíomh tíntí ag casadh mór-thíompall air, insa chás ná
faigheach duine ná beithíoch teacht ina ghoire.


L. 12


Le brón agus le tuirse 14 a ghabhadar amach fé an domhan fairsin
so, chun a saol a chaitheamh i pé áit nó ionad inar mhaith leo, ag
caoineadh gach lá le deora, ar feag na naoi gcéad agus deich mbliana
agus dá fhichid úd a mhaireadar, ar méid an tséin a chailleadar agus an
ainnise throm a tharraigeadar ortha fhéin lena bpeaca. Ní raibh aon lá
ins na naoi gcéad agus deich mbliana agus dá fhichid úd nár ghlaodar
chun a gcuimhne an sonas mór iontach a chailleadar tréna <n>díchéille
fhéin ag briseadh an t-aon aithne amháin éadtrom úd a chur Dia ortha.
Agus le deora guirt a thugadar fá ndear an donas trom a tharraigeadar
ortha fhéin agus ar na mílthe mill<i>úin ndaoine a bhí le síolthú uatha
go deire an tsaoil.



6. Anis, a Chríostaithe, tugaimís go maith fá ndeara, téach sé go
doimhin inár gcroíocha, cuimhnímís i gcónaí, ná spárálfaig Dia aoinne ar
bith a dhéanann peaca, ach go n-agróig sé go ró-éifeachtúil é ar go
aoinne a bhíonn ciontach ann, agus go mbainfig sé díolthas lán-chothrom-
úil as. Féach an díolthas eaglach a bhain sé in<a> thaobh as na aingil, na
créatúirí budh aoirde, budh uaisle, budh áille ar bith. Chón luath agus
a rinneadar aon pheaca amháin - toil a thabhairt do smaoineamh
uabhaireach - ar an nómant sin a daorag iad chun tine shíorraí Ifrinn,
gan an chance ná an cae as lú a thabhairt dhóibh fuascailt do fháil go
brách uadhs na pianta sion. Féach Adam agus Ébha, Impire agus
Impris an domhain mór go léir, a thánaig iomlán i gcorp agus in anam
uadh láimh Dé fhéin, gan asnamh ar bith aon mhaith corpar<th>a ná
spirideáltha ortha, agus a fuair ceannas uadh bhéal Dé as cionn uile
éanlaithe an aer, uile éisc na mara agus uile bheithíg na talún: chón
luath agus a bhriseadar an t-aon aithne a thug sé dhóibh, a thit<ea>dar
fé an bpionós a bhagair sé ortha. Níor spáráil sé iad. Anis, ní uaisle
sinne in aon sórd slí ná na aingil. Ní féidir sinne, in aon sórd slí a
chur i gcomórtas i dtaobh feabhais anama ná cuirp le Adam agus le Ébha.
Níor spáráil sé iad sion. As glan an scéal ná spá<rá>lfaig sé sinne. Ní
ceannúla atá Dia orainne ná a bhí sé ar na <aingil ?>. 15 Ní mó an
meas atá aige orainne ná a bhí aige ar Adam agus ar Ébha. Agus uadh
agair sé, gan trua gan trócaire, a gcionta ortha súd, as glan an scéal go
ndéanfaigh sé an gnóth céanna linne muna gcuirfeam i bhfórsa an
trócaire a thairisgin sé dhúinn ar choinníoll aithrí fhírinneach a dhéan-
amh in am agus i dtráth. A rin Adam agus Ébha, ar feag naoi gcéad
blian, aithrí throm thábhacht<ach> éifeachtúil i dtaobh an t-aon pheaca
úd; agus a fuaradar, tré mhór-luacht an tSlánathóra a geallag dóibh,
maithiúnas insa phíonós síorraí a thuilleadar. Áfaig i dtaobh an phíonóis
aimsireach, mar atá bás agus na ainnisí eile iomarc<acha> do fhás uadh
an bpeaca úd, a chaith<f>aid<í>s fhéin, fé mar a chaithfig a sliucht,
gabháil tríotha.



7. Ní fada a bhíodar gan cuid dos na ainnisí sea<r>bha do fhás uadh
ithe an úll úd a bhlas. Ní raibh sliucht aca ach adéis a bpeaca. A
thug Dia mac do Ébha. Agus ar a theacht chun an tsaoil
Gen.4. adúirt sí, "A fuaras, tré chomhachta Dé, seilbh ar leanbh";
as dá dhruim sin a tugadh "Cain" do ainm air, oir ciallaíonn


L. 13


an ainm sin, insa teanga Abhra, "seilbh." Ina dhia<i>gh sin a bhí an
tara mac aici, agus a thug sí "Abel" do ainm air.



Áfaig ní raibh a namhaid mairtheach, an deamhan, sásta le anam an
duine a mhilleadh agus a lot: níorbh fholáir do corp an duine a lot. Dá
réir sin an uair a chonairc sé go raibh Abel dílis do Dhia a líon sé croí
Chain le formad mallaithe chuige. A budh í an tslí bheatha a ghlac Abel
tréada caorach a bheathú agus aire a thabhairt dóibh, oir a thug an
sórd sin beatha cae agus aimsir dho chun machtnamh ar Dhia, ar a
mhór-chomhachta agus ar a cháilíochta mbeannaithe. An talamh a
shaothrú a ghlac Cain mar shlí bheatha. I bhfad na aimsire, as é sin
céad agus deich fichead blian adéis chruthnú an domhain, a rin a<n>
bheirt dearbhráthair so íobairt do ofráil do Dhia chun a chomhachta as
a gcionn fhéin agus as cionn na uile nithe eile do admhadh, agus chun
buíochas a ghabháil leis i dtaobh gach maith a fuaradar uaig. Do ofráil
<Abel> scoth agus plúr a thréada, an chuid a b'fhearr dá chaoire, do Dhia.
Agus a ghlac Dia sion go taithneamhach uaig. A ofráil Cain tortha na
talún, agus níor ghlac Dia an íobairt uaig. A bhí locht éigin inte nách
feas dúinne - b'fhéidir 16 gur do dheasca a dhroch-chroí ná raibh sí
taithneamhach i láthair Dé - agus a thiospá<i>n Dia nár thaithn sí leis.
A líon an gnóth sion croí Chain le tuile formaid chun a dhearbhráthar.
Chun é a iompó ar a leas a labhair Dia féin leis agus adúirt, "Canathaobh
na bhfuil do chroí agus do chúntanós seirgthe le fearg agus le formad?
Dár ndóigh, má dhéan<ann> tu maith as doit fhéin as fearr sion; agus
má dhéanann tu olc as doit fhéin as measa é. Cad é sin doitse maith
nó olc aoinne eile? Oir gheobhaig go aoinne gan dearmad go cruinn
luacht a chroí agus a chuid oibre fhéin." Áfaig, as go díomhaoin a
labha<i>r Dia leis. Ní raibh maith dho ann: níor leigheasaíog droch-
chroí Chain.



"As amhla a théann," arsa naomh Gregory, "an croí a bhíonn lán
do fhormad agus do mhailís i seirge do dhruim fhocal Dé a chur 'na
láthair." An focal beannaithe sin a leigheasann go aon aicíd spirideáltha
eile, as amhla a mhéadaí<o>nn sí agus do ardaí<o>nn sí an aicíd gránna
díoblaí úd, formad. A doimhníog croí Chain i mailís i gcuinnibh a
dhearbhráthar, cé nár thug sé sion cúis ar bith dho, oir bhí sé caoin
cneasta diagasúil. Adúirt Cain lá leis, "Gabhaimís amach chun siúl
ar na mbánta." A l<e>an Abel é gan aon chuimhne aige ar an olc, agus
an uair a bhíodar 'na n-aonar do éirig Cain chuige agus a mhairbh é.
Agus hen í an chéad murder a dearnag riamh insa domhan,
murder gan chúis gan abhar ar bith, ach amháin formad mallaithe.
A maraíog an fear sion do bhrí go raibh sé dílis do Dhia.



8. Níor rin dortadh fola a dhearbhráthar súile an mhallathóra do
oscailt. Níor ghuill sé in aon sórd slí air. A bhí sé chón daingean sin
i mailís, chón calcaithe sin in olc, go ndúirt sé le Dia, an tráth a
cheistig sé féin é, "Cabhail do dhearbhrátha<i>r, a Chain?":
"Cá fios domhsa cá bhfuil sé? Dar ndóigh ní mise coimeádthóir mo
dhearbhráthar." "Cad é seo a rinnis?" arsa Dia: "Féach a liúig cuid
fola do dhearbhráthar a dhoirtis chúgham chun díolthas a bhaint asadsa.


L. 14


Ar an abhar sion, as mallaithe thu ar an dtalamh do oscail 17 a béal
agus do ól cuid fola do dhearbhráthar uad' láimh-se, agus ar feag do
bheatha beir iod' dhíobarthach airthe." Ansion adúirt Cain, "Atá mo
chuir ró-mhór chun maithiúnas do fháil inte. Díobrann tusa inniubh
me uadh do radharc: beig mé iom' dhíobarthach agus iom' sheachránaí
ar an dtalamh, agus pé duine a bhualfaig umam maróigh sé me."
"Ní amhla sion a bheig," arsa Dia, "ach pé duine a mharóig Cain
bainfear a sheacht n-oirid díolthais as." Ansion a chuir Dia comhartha
ar éadain Chain, chun ná maróch aoinne a bhua<i>l uime é;



9. Adeirid na Aithreacha Naofa gur figiúir marú Abel ar mharú
Chríoist. Oir fé mar a mhairbh a dhearbhráthair é súd tré fhormad,
amhla sion a imríodar na Iúdaig bás ar Íosa Críost tré fhuath, mailís
agus formad chuige. Agus fé mar a l<i>úig cuid fola Abel ar Dhia ag
lorg díolthas a imirt ar a' té do dhoirt í, amhla sion a l<i>úig cuid fola
Chríoist, ní a' lorg go n-imríoch Dia dío<l>thas ar an mhuintir a dhoirt í,
ach a' lorg air trócaire a thiospáint dóibh - a<s> é sin dhoitse, dhomhsa
agus dhos go aon pheacach eile. Oir as iad ár bpeacaí a imir bás air.
Agus fé mar a bhí fuath gan chúis ag Cain mallaithe chun Abel neamh-
chiontach, amhla sion atá agus beig, an fhaid agus a sheasóig an saol
so, fuath agus mioscais ag mallathóirí chun an dram atá dílis do Dhia.
Agus más fonn linn i ndáríribh a bheith dílis dho, caithfeam ár n-aigne
a dhéanamh suas, caithfeam a bheith lán-tsásta, le droch-úsáid, tar-
cuisne agus persecution a fháil agus a ghlacadh uadh chlainn an tsaoil
seo. Ná bíoch súil againn lena mhalairt a fháil uatha, "oir as trí
mhórán trioblóide agus ainnisí a gheobham dul isteach i ríocht Dé,"
arsa an Spirid Naomh. Agus "an duine," arsa an Pápa Naomh Gregory,
"lenar mhaith a bheith páirteach insa ríocht úd, le Abel naofa neamh-
chiontach, caithfig sé fuath agus foirneart do fhulang uadh Chain
mallaithe ma<i>líseach.


L. 15


IV. ARK OF NOE AND THE DELUGE



Gen.4:25-26. 1. Adéis marú Abel a thug Dia mac eile ina ionad do
Ébha. Seth budh ainm dho. A bhí a lán mic agus
iníonacha eile ag Adam agus Ébha, ná ainmníthear insa Scriptiúir.
A bhí sliucht Seth chón diagasúil sin gur thugag, mar gheall ar a
naofacht, "clann Dé" do ainm ortha. A chiomádadar 18 a naofacht
an fhaid agus a chiomádadar uadh dhroch-chóluadar. Áfaig a phósadar
le sliucht mallaithe an mhallathóra Cain, agus i mbeagán aimsire a
dearnag iad chón mallaithe leo. A budh iad a shliucht sin na Athaig,
nó daoine borba fórsúil nár lean chóir ná ceart ná aon dlí eile, ach a
neart agus a bhfórsa fhéin budh dhlí dhóibh.



2. A bhí an cine daonna go léir ag fás ar an olcas go aon lá,
go spisialtha adéis báis Adam. Níor chuireadar srianná cosc ar
bith lena n-ainmhiana; ní raibh beann ar bith aca ar Dhia ná ar sheirbhís
Dé, ach ag fíor-bheagán aca. A chur Dia uadh am go am daoine naofa
chúghtha ag tabhairt fógra dhóibh, muna dtréigidís a ndroch-shlithe
agus éirí go éifeachtúil dá mbéasa mallaithe go n-imreoch Dia díolthas
trom eaglach, gan trua gan trócaire, ortha. Agus ceann dos na teacht-
airí naofa sion a budh ea Enoc.



A b'é an seisiú glún amach uadh Adam é, agus a mhair sé trí chéad
agus ocht mbliana i bhfochair Adam. A bhí an fear beannaithe seo ar
feag mórán blian ag tabhairt comhairle dos na peacaig úd iompó ar a leas.
Ní raibh maith dho ann: ní ghéillfidís do. As amhla a cheapadar é a
mharú, chun ná beach sé a thuille ag casadh a mallathacht leo. Ach
do fhuadaig Dia uatha é go Par<a>thas, mar a bhfuil sé fós ina bheathaig.
Agus beig sé ann go trí bliana go leath roimh dheire an domhain, an
uair a thiucfaig sé fheín agus an fáig Elias, atá an<n> ina fhochair, chun
na Críostaithe a chosaint i gcuinnibh Anti-Christ, a chu<i>rfig chun báis
iad. Agus beid marbh ar feag trí lá, agus ansion aithbheofar iad agus
tógfar suas iad go flaithiúnas, agus ansion tiucfaig Íosa Críost uadh
neamh leothasion agus le aingil a chomhachta, chun deire a chur go
brách leis an domhan so, agus chun domhan nua a chruthnú i<n> ná
beig peaca ná buaireamh ná brón ná breoiteacht ná pian ná ciach ná
bás go deo, ach síor-shláinte, sólás, síocháin, sonas agus glóire gan
teora, gan tomhas gan deire go brách.



3. A bhí mallathacht na ndaoine ag méadú go aon lá, ag dul in
iomadúlacht insa chás go raibh foighne Dé tuirseach uadh a bheith ag
iompar lena bpeacaí. Ní fhiadfach sé cur suas a thuille leo. 19 A
chruithnig sé iad do réir a chosúlacht fhéin. A thug sé ciall, meabhair
agus tuigsin dhóibh tréna bhfiadfaidís <seirbhís ?> a dhéanamh dhó ar


L. 16


an dtalamh so, le naofacht a mbeatha agus le béasa fónta, agus tré sion
a dhéanamh go dtuillfidís glóire shíorraí na bhflaithis dóibh fhéin. Ach
a bhíodar chón béistiúil sion ina mbeatha, chón bréan sion ina mbéasa,
gur chosúla i bhfad iad le beithíg na talún ná le créatúirí tuigseana
réasúnta. As dá chur sin i gcéill adeir an Scriptiúir "gur bréanag an
talamh uadh na ndaoine," agus adúirt Dia, "Atá cathú oram gur chruth-
naíos riamh an duine, oir atáid smaointí a chroí do ló agus do oíche ar
an t-olc a dhéanamh. Ar an abhar <sin> scrios<f>aig mé do aghaidh na
talún na daoine a chruithnig mé airthe, agus mar aon leotha sin na uile
ainmhithe, uadh an bpiast a shnámhas ar an dtalamh go dtí an t-éan a
sceinneas insan aer, oir as do<i>lig liom gur chruithníos riamh iad."



4. Áfaig ar measc na mílthe milliúin peacaig a bhí an uair sin beo,
a fuair Dia aon fhear amháin a bhí fíoréanta. Agus uadh a bhí sé saor
uadh mhailís na mallathóirí eile, a cheap Dia é a shaoradh uadh an
díolthas a bhí sé le imirt ortha. Noa, nó Naois, a budh ainm don bhfear
sion. A rugag é céad agus sé bliana fichid adéis báis Adam, insa
bhliain do aos an domhain míle sé bliana déag agus dá fhichid. A bhí
sé chúig chéad bhlian do aos. A bhí triúr mac aige, Seim, Cam agus
Japhet <a n->ainmneacha. A cheap Dia an fear sin, a bhean, a thriúr
mac agus a mná a spáráil, agus leis an intinn sin adúirt sé le Noa,
"A thánaig," ar sé, "deire le saol a bhfuil do dhaoine beo iom' láthair-se;
a thánaig an t-am chun deire a chur leotha. Atá an talamh líonta, atá
sí clúdaithe, lena bpeacaí, agus millfig mé iad agus an talamh mar aon
leo. Ach saor<f>aigh mé thusa do bhrí go bhfuair mé thusa saor uadh
an mallathacht ginearáltha so. Féach tabharfaigh mé uiscíocha an
dílinn ar an dtalamh agus báfaig mé go aon chréatúir atá ar dhruim na
talún ina bhfuil anál na beatha fé an spéir. Ar an abhar sion déin-se
a<i>rc nó árthach adhmaid slánáltha doit féin. Agus ag seo mar a
dhéanfair í: bíoch ceithre chéad agus deich troig agus dá fhichid do
fhaid aici; chúig troithe dhéag agus trí fichid ina leithead, agus chúig
troithe agus dá fhichead ina aoirde. Déin seomraí ina íochtar agus
lochtaí in airde inte, agus doras ina thaobh. 20 Cimil pic istig agus
amuith de, agus an <uair> a bheigh sí críochnaithe agad gaibh fhéin, do
bhean, do thriúr mac agus a mná inte. Agus cuirfead-sa chúghad seacht
chúpla dos na uile súird bheithíg agus éanlaithe dá bhfuil beo, fireann
agus baineann, adonn go síol<th>óidís arís ar an dtalamh. Agus cuir
chúghad an uile shórd bíg atá oirúnach do dhaoine, do bheithíg agus
do éanlaithe, mar lón chun sibhse agus iad-sion a chothú."



A rin Noa amhail a ordaigh Dia dho. A chrom sé gan stad ar an a<i>rc
a dhéanamh, agus chaith sé chéad blian dá dhéanamh. Ar feag na
aimsire sin a bhí sé a<g> tabhairt comhairle dhos na daoine éirí dá
bpeacaí agus iompó ar a leas. Áfaig níor chuireadar suim ar bith ina
chomhrá. As amhla a bhíodar ag déanamh magaig agus ag gáirí fé.
Ní ghéillfidís ar aon chor go n-imreóch Dia a leithéid do phíonós ar an
domhan go léir; go raibh sé ró-thrócaireach chun oíde truamhéileach
don tsórd sin a thabhairt ar na mílthe milliúin ndaoine, óg agus críonna,
a bhí an tráth sin ar dhruim na talún.


L. 17


5. As amhla sin díreach a thit<f>ig agus a thiteann amach do pheacaig
insa go aon tráth. Iontaíd cluas bhodhar le guth Dé a ghlaonn ortha
aithrí a dhéanamh ina bpeacaí adonn go rachaidís saor uadh an díolthas
eaglach síoraí a bhagrann sé do imirt agus a imreoigh sé gan dearmad
ortha. "Oir," arsa Íosa Críost, "amhail agus a bhíodar na daoine le linn
aimsire Noa, ag ithe, ag ól, ag pósadh agus ag déanamh go sóch, ag díol
agus ag ceannach, ag déanamh tithe, a' baint agus ag síolchur, go dtí
an lá ina dtánaig an tuile rua úd ortha a bháig iad go léir, amhla sion
tiucfaig bás agus milleadh ar pheacaig an tráth díreach i<n> ná beig aon
súil aca lena leithéid a theacht ortha" - St. Luk. 17c, v.26-27.
"Ar an abhar sion," ar sé, "fairig oraibh fhéin, oir níl fios an lae ná
na uaire agaibh."



Gen.7. 6. A ligeadar na mílthe agus na mílthe peacaig a mhair an
tráth úd, uaire na trócaire a imeacht thórsta, agus a chuir
Dia i bhfórsa gan taise gan trua a<r> bhagair sé ortha. A bhí téarma na
foighne caite: a thánaig fé dheire an lá 'nar cheapag léirscrios a thabh-
airt ar pheacaig an domhain. Ar bhreacadh an lae l<e>óin úd do 21
ordaig Dia dho Noa agus dhá mhuintir dol isteach don a<i>rc, agus a chuir
sé <isteach ann ?> cúpla dos na beithíg na bhfuil a gcuid feoil oiriúnach
do bhia ndaoine, agus dos na éanlaithe na bhfuil a bhfeoil oiriúnach le
n-ithe agus dhá chúpla díbh seo ná fuil a bhfeoil oiriúnach le n-ithe.
A ghaibh Noa, a bhean, a thriúr mac Sem, Cam agus Japhet, na
beithíg agus na éanlaithe, isteach don a<i>rc, agus a dhain<gn>ig Dia an
doras ortha uadh <an> dtaobh amuith.



7. Ach do bhrí go bhfuil sé lán-trócaireach agus gur i gcuinnibh a
thoile, mar adéarfainn, a imríonn sé pí<o>nós ar pheacaig, a thug sé
spás seacht lá eile dhóibh. Agus ar bheith dos na laetheanta sion caite,
a thánaig an dílinn. As insa séisiú céad blian do aos Noa, insa séisiú
céad déag agus sé bliana déag agus dá fhichid adéis cruthnú an domhain,
agus seacht céad agus sé bliana fichid adéis bháis Adam, a thánaig sí.



Agus ag seo mar a thánaig sí. A chuir Dia an fhearthainn budh
thruime anuas uadhs na spéartha ar an dtalamh ar feag dá fhichid lá
agus dá fhichid oíche, agus uiscíocha ag briseadh aníos tré go aon chuid
don talamh, insa chás gur éirig an t-uisce chúig bhannlá déag as cionn
muilthe na gcnuic as aoi<r>de insa domhan. Agus a bág go aon duine,
go aon bheithíoch, go aon éan agus go aon phiast a bhí beo fé an spéir,
ach Noa agus an fhuireann a bhí in' fhochair insan a<i>rc. Agus do fhan
an t-uisce agus an leibhéal sin ar feag céad agus deich lá agus dá fhichid.
A shnáig an t-arc gan bhaol gan bhasca<dh> ar bharra na n-uiscíocha úd,
a mhill agus a bháig an domhan go léir.



8. Budh ghéar agus budh ghuirt a chaoineadar na peacaig úd, a bhí
ag magadh agus ag gáirí fé Noa agus a chuid oibre, a ndíchéille, an uair
a bhí sé ró-dhéanach. As mó deoir ghuirt a shileadar gan sochar; as
mó gol, liú agus béic a chuireadar asta i ndáil a ngáire iomadánta.
A fhiadfaidís gabháil go uiriste thar an anachain a rug ortha, ach a


L. 18


b'fhearr leo a slí fhéin a leanúin, agus a rug sí iad chun donas gan
leigheas. An cleas céanna a imeoig orainne, muna gciomádfam go
cruinn agus muna leanfam go díreach an bóthar a mharcáil Dia amach
dúinn. Agus as é bóthar é sin, bóthar na n-athanta. Muna ndéan<am>
sion, adeirim, go mbáfar agus go múchfar sinn, ní i ndílinn uisce, nár
sheasaigh ach céad agus deich lá agus 22 dá fhichid, ach i ndílinn tintí
a sheasóig an fhaid agus a sheasóig saol Dé.



9. Adeirid na Aithreacha Naofa gur comhartha nó figiúir cruinn
éifeachtúil ar an bhfíor-eaglais an a<i>rc úd inar shábhálag Noa agus
<a> mhuintir. Oir, fé mar a cailleag agus a báthag go aoinne ná raibh ins
an a<i>rc, amhla sion caillfear go aoinne ná fuil insa bhfíor-eaglais.
Agus ciallaíonn an méad nó an tuise mór úd a bhí ag an a<i>rc, agus an
iliomad bheithíoch agus éanlaithe a bhi inte, méad na eaglaise agus na
uile súird ndaoine uadhs go aon náisiún atá ina cúm. Agus ciallaíonn
an t-uisce do ardaig an a<i>rc suas uadh an dtalamh, sácramín an
Bhaiste, a scriosann dhínn slachar an pheaca, fé mar a scrios uisce an
dílinn gach slachar do aghaidh na talún. Adeirid gur figiúir adhmad na
a<i>rce ar adhmad na cruise, trénar sábhálag na daoine uadh bhá
shíoraí.



Áfaig as é an teagasc spisialtha as ceart dhúinn a bhaint as an tubaist
eaglach so, fuath fírinneach agus gráinn ár gcroíocha a bheith againn ar
an bpeaca spisialtha a tharraig an díolthas uafásach úd ar an domhan
go léir. Agus budh é peacadh é sin, drúis. As é an peacadh sion a
thóch eagla Dé amach as aigne na ndaoine úd. As é a thug aigne
bhéistiúil dhóibh. As é a chruaig a gcroíocha i gcuinnibh ghrása an
Tiarna. As é a bhodha<i>r cluasa a n-anama chón mór sion nár chuir-
eadar suim ar bith i gcomhairle ná i mbagairt Dé, nó go raibh sé ró-
dhéanach agus a cailleag gan leigheas iad go léir. Agus caillfear, gan
dearmad, sinne, muna seachnóm go éif<each>túil an peaca ró-chontabh-
ar<th>ach so. Go dtugaig Dia ina mhór-thrócaire dhúinn sion a dhéan-
amh. Beannacht a ghuím in ainm an Athar agus an Mhic agus an
Spirid Naoimh. Amen.


L. 19



V. COMING OUT OF THE ARK THE RAINBOW
CAM CURSED BY HIS FATHER



Gen.8. 1. A bhí uisce na dílinn gan trá ar an dtalamh ar feag céad
agus deich lá agus dá fhichid. Ansin a chuimhnig Dia ar
Noa agus ar an bhfuireann a bhí ina fhochair ins an a<i>rc. A choisc
sé an fhearthainn uadhs na spéartha, agus nior cheadaig a thuille uisce
a bhriseadh 23 aníos tríd an talamh. A chur sé gaoth ana-láidir ag
séideadh agus a chrom an t-uisce ar thráchain. An seachtú mí adéis a
thosain an dílinn, agus ar an chéad lá den mhí sin, a stad an a<i>rc
agus a ghlac sí talamh ar chnoc Ararat ins an Armenia. A bhí an t-uisce
ag laghdú go aon lá go dtí an deichiú mí. Ar an chéad lá don mhí sin
do fhaiceag barra na gcnoc. Dá fhichid lá ina dhiagh sion do oscail Noa
an fhuinneog a bhí i dtaobh an a<i>rc agus a scaoil sé amach an fiach
dubh, nár chas chuige, ach do fhan ag ithe na gcorp ndreoite, a fua<i>r
'na gcarnaibh ar an dtalamh. Seacht lá ina dhiaigh sion a scaoil sé amach
an clúr, agus um thráthnóna a chas sí chuige le brínleog nó craobhán
glas ina gob. A thóg sé isteach don a<i>rc í, agus i gcionn seacht lá eile
a scaoil sé amach arís í agus níor chas sí a thuille chuige. Do thuig sé
a<s> sion gur thráig an t-uisce ar fad don talamh. A thóg sé an ceann
do<n> a<i>rc, a fhéach mór-thíompall air, a chonairc sé go raibh an talamh
go léir tíormaithe agus gur imig an t-uisce ar fad di. Áfaig, uadh budh
le ordú Dé a chuaig sé isteach ins an a<i>rc, ní fhág<f>ach sé í nó gur
ordaig Dia dhó í a fhágain. Agus a thug Dia an <t->ordú sion dho ar
a<n> chéad lá don chéad mhí agus don chéad bhliain adéis a thosain an
dílinn. A thánaig sé fhéin, a bhean, a mhic, a mná agus na uile ain-
mhithe a bhí ina bhfochair ins an airc, slán folláin beo amach aisti.
Agus budh é an chéad ghnóth a rin sé olthóir a thógain agus íobairt
do ofráil airthe chun Dé, ag gabháil buíochais deigh-chroíoch leis i
dtaobh gur shaor sé tréna mhór-thrócaire é féin, a mhuintir agus na uile
ainmhithe uadh an díolthas scanrúil úd a imir sé ar an domhan mar
gheall ar pheacaí na ndaoine. Agus budh <é> an íobairt a ofráil sé ceann
dos na mbeithíoch agus dos na éanaithe, na bhfuil a gcuid feola
oiriún<a>ch do dhaoine le n-ithe, a mharú, a gcuid fola do dhortadh ag
bun na olthóra, beart adhmaid a chur ar an olthóir, cuirp na mbeithíoch
agus na n-éanlaithe a chur ar an adhmad, tine a lasadh fé agus iad go
léir a loscadh in onóir Dé, ag admhadh gur leis fhéin na uile nithe agus
ná fuil ionta go léir ach datach agus luaithreán i gcomórtas dho sion,
agus gur uaig a 24 <m>beatha agus gur féidir dho neamhní a dhéanamh
dhíobh sion agus dhos na uile nithe eile, má chíonn sion oiriúnach.
Hen í an sórd íobartha a bhí ar bun nó gur rin Íosa Críost é féin
<a íobairt> ar chrann na cruise, agus gur ordaig sé an íobairt chéanna
sion do athnuachan go laethiúil ins an Aifreann.


L. 20


Gen.9. 2. A ghlac Dia an íobairt úd go taithneamhach uadh láimh
Noa, agus a gheall ná tabharfach sé go brách airís dílinn ar
an domhan mar gheall ar pheacaí na ndaoine. "Oir atáid," ar sé, a
smaointí agus a gcroíocha i gcónaí ar an olc. Ar an abhar sin gluaisidís
na saesúir - earrach, samhradh, fómhar, geimhre - lá agus oíche ina
<n>gnáth-gcúrsa." Ansion a bheannaig Dia Noa agus a chlann, agus
adúirt léi: "Síolthaíg agus téig in iomadúlacht, agus líona<i>g an
talamh. Cuirim-se scáth agus eagla romhaibh ar bheithíg na talún,
agus tugaim dhíbhse rod nár thugas do dhaoine roimh<e> seo: níor
luálas dhóibh mar bhia go dtí seo ach luibhneacha, tortha na gcrann
agus na talún. Áfaig as <s>o amach a bheirim feoil na mbeithíoch, na
n-éanlaithe, agus éisc na mara mar bhia dhíbhse agus do bhúr sliucht
go brách. Áfaig ní íos<f>aig sibh a gcuid feola m<e>ascaithe tréna gcuid
fola. Pé neach, bíoch gur beithíoch nó duine é, a dhoirteas fuil daonna,
agróig mise san ar an <n>duine a bhéas ciontach ann. Oir as dó réir
cosúlacht Dé a chruithníog an duine." Adúirt Dia ansion le Noa agus
lena chlann, "Féachaig, déanaim agus daingním an conradh nó an
mar<g>adh so libhse agus le n-úr sliucht, le uile bheithíg na talún, le
éanlaithe an aer agus leis na uile chréatúirí beo a bhí in bhúr bhfochair
ins an airc, ná báfaig mé an domhan go brách arís. Agus mar chomh-
artha buan seasmhach síoraí ar an margadh so, cuirim mo bhogha
ins na scamaill, agus an uair a chlúdóig na scamaill aghaidh an spéir a
chíofar mo bhogha-sa, agus cuimhneoig mé gur thugas í sin mar urra
ná báfainn an domhan go brách arís le uisce."



Seasaíonn an urra sion fós agus seasóig nó go mbáfaig Dia an
domhan le dílinn tintí a scaoileadh airthe. Agus cé gur thuilleadar
25 daoine go cruaig agus go ceart, go mion agus go minic uadh aimsir
Noa, bá agus múchadh a theacht ortha, níor rin Dia sion leo, do bhrí go
seasaíonn sé lena gheallúna agus go gcólíonann sé iad. Bíonn sé sásta
lena mhór-chomhachta a thiospánadh tré díolthas a imirt anis agus arís
ar pheacaig, adonn go dtuigfidís cad as féidir leis a imirt ortha, agus go
bhfiadfach sé, ar leagadh na súl, an léirscrios as truime a thabhairt
ortha.



3. As urra dhúinn ar a thrócaire an bhogha sin a chur sé insa spéir.
Agus ordaíonn an Scriptiúir dhúinn, chón minic agus a chímíd í, Dia
a mholadh agus buíochas a ghabháil leis do chionn a thrócaire dúinne
agus dhos na uile chréatúirí atá beo. "Ach nár ligig Dia," arsa Naomh
Ambrós, "an tráth a chímíd an bhogha úd insa spéir, gurb airthe sin
amháin a bheimís ag cuimhneamh. Oir cé gur comhartha í súd ar an
gconradh a rin Dia le Noa agus lena chlainn, atá brí níos doimhne agus
níos fearr inte: oir as comhartha í ar Eaglais Chríoist. Agus ciallaid na
seacht súird dath atá insa bhogha leacht seacht taidhlicí an Spirid
Naoimh atá le fáil insa<n> Eaglais. Agus fé mar a thagaid na seacht
ndatha úd uadh sholas na gréine a thiteann ar na scama<i>ll, amhla sin
a thagaid na taidhlicí úd agus na uile ghrása eile, uadh sholas na
gréine solasmhar síoraí úd, Críost Mac Dé. Oir a thug Dia é sin, ag
crochadh ar an gcruis idir neamh agus talamh, mar urra dhúinn ná


L. 21


báfach sé an domhan go brách arís le dílinn uisce a scaoileadh airthe,
ach go mbáfach sé í le dílinn a thrócaire a scaoileadh fúithi chun a
peacaí go léir a scrios di le uiscíocha na ngrás.



Gen.9:20 et seq. 4. Adéis a fuair Noa agus a chlann na geallúna
trócaireacha úd uadh bhéal Dé, agus a ghlacadar
fortacht agus compord uadh an mbuaireamh agus uadh an mbrón a
thánaig ortha do dhruim a mbeith 'na <bh>fínnithe súl ar an mbáthadh
agus ar <an> milleadh do thánaig ar na ndaoine go léir i dtaobh a bpeacaí,
as gairid gur thit gnóth amach a thiospánann cad é chón cuirpeach
agus atá an duine, agus ná fiadaid na uile bhreithiúnais as eaglaí a
fhiadfach Dia a imirt air comhairle <a> mhúineamh dho ná é <a> chur
ar a leas. Idir an triúr mic úd a bhí ag Noa, agus a sábhálag go míor-
úileach ins an airc, agus a cheap Dia chun an cine daonna a shíolthú
arís ar 26 an dtalamh, a fuaireag ceann a thuill agus a tharraig
mallacht a athar air, agus rod is measa ná sin, a tharraig mallacht Dé
air fhéin agus ar a shliucht. A spáráil Dia é adonn go mbeach sé ina
cheap as na bhfás<f>ach cine naofa. Áfaig a rin sé sion, tréna chuirp-
eacht, préamh de fhéin as nar fhás cine ró-mhallaithe ar nár fhéach
Dia ach le súil fheargach.



Ar theacht do Noa naofa as an a<i>rc, a chrom sé ar an dtalamh a
shao<th>rú, mar a 'niseann an Scriptiúir dúinn. Agus ar measc na
<n->oibreacha eile a rin sé, a chuir sé gairdín plandáltha le na crainn ar
na bhfásaid na caora as na ndéantar fíon (grapes a n-ainm i mBéarla).
Ní fhás<f>aig <siad ?> ach go fánach insa dútha so do bhrí go bhfuil an
t-aer anso ró-fhuar agus ró-fhliuch chun go n-abóidís go iomlán.
An tarna bliain adéis na dílinn a rin sé fíon. Roimh <an> dílinn ní raibh
fíon ná aon deoch eile láidir ag daoine, ná aon ghá aca lena leithéid,
oir a bhí an t-aer breá, caoin, glan, follá<i>n, agus tortha na talún agus
na gcrann ana-bhríomhar. Ach, do dheasca na uiscíocha a bheith
chón <fada ?> ar an dtalamh, a thánaig sóinseáil mhór air, ar a thortha,
ar an aer, ar na saesúir agus ar an aimsir: a chuadar i bhfliche agus i
bhfuaire. Agus a thug Dia fíon agus biotáile dhos na daoine mar
chompord, mar shólás agus mar chosaint i gcuinnibh uirchóideacht an
aer. Ní raibh fhios ag Noa an neart a bhí insa bhfíon, agus do dheasca
í a ól a thit meisce air. A bhí sé nochtaithe ina chábán, agus a chonairc
Cam, atha<i>r na mac, insa staid sin é. Agus in ionad é a chlúdadh,
mar a dhéinfeach aon mhac cneasta, macánta, diagasúil, a chrom sé ar
mhagadh agus ar gháirí fé. Agus ní raibh sé sásta le n-é fhéin a dhéan-
amh an droch-ghnóth sin, ach chun go mbeadh camrádaithe aige insa
s<p>órt a chuaig sé a' lorg a dhearbhráithreacha, agus a 'nis dhóibh le
áthas an cuma ina raibh a n-athair, agus adúirt leo teacht dá fhéachan.
Áfaig níor thaithn leo sin ar aon chor an tarcuisne agus an mímhó
a thiospáin Cam dá n-athair. As amhla a chuireadar brat ar a ndrom
agus a shiúlaíodar in aghaidh a gcúl agus a l<e>athadar an brat anuas
ar an pháirt sion dá cholainn ná luálann <an> bhanúlacht do fhaicsin
ná do ainmniú. Ar dhúiseacht do Noa a fuair sé amach cad a rin Cam
air, agus a thug 27 a mhallacht go brách dhá shliucht. Agus leanann


L. 22


an mallacht sion fós dhóibh. As uatha a thánaig na daoine dubha atá
ins an Africa, na ndíolthar go laethiúil iad ar nós na mbeithíoch, agus
atáid ina sclábhaithe ag sliucht Sem agus Japhet, amhail adúirt Noa
ins na focail seo: "Bíoch," ar sé, "mallacht ar Chanaan" (a b'é sin an
mac budh shine a bhí ag Cam), "agus bíoch sé 'na sclábhaí ag seirbhísig
a dhearbhráithreacha. Bíoch beannacht Dé ar Shem agus bíoch
Chanaan ina sclábhaí aige. Go bhfairsiníg Dia Japhet; cónaíoch sé in
áras Seim agus bíoch Chanaan ina sclábhaí aige." A cólíonag agus
cólíontar go laethiúil na focail sin. A fuair Sem beannacht uadh an
dTiarna, oir as ar a shliucht a thánaig Slánathóir an domhain; agus do
leathnaig agus do fha<i>rsinig Dia Japhet, oir as uaig a thánaig na
daoine atá ins an Eúróip, agus as féna smacht atá romhór an domhain.
Agus a chónaíodar in áras Sem, mar leo as mó a ghabhann creideamh Dé
a bhaineag do phríomhshliucht Seim, na Iúdaíg, an tráth a dhiúl-
thaíodar Íosa Críost a ghlacadh.



5. Anis tuigimís go léir as an gnóth so, cad é an dian-oibleagáid atá
orainn d'ár n-aithreacha agus d'ár máithreacha agus dos na uachtaráin
eile saoltha agus spirideáltha atá as ár gcionn, agus cad é chón seachan-
tach agus as ceart dhúinn a bheith ar aon tarcuisne, easonóir nó droch-
úsáid béil nó lámha a thabhairt dhóibh; gurb é ár mbuntáiste saoltha
as mó a bheith umhal, uirrimeach, ómósach dhóibh, agus gurb é ár
ndiomard saoltha as mó tarcuisne nó easonóir a thabhairt dhóibh.
Adeirim gurb é ár mbuntáiste, ár sochar saoltha as mó, onóir a
thabhairt dhóibh, a réir a dhéanamh, a gcomhairle a ghlacadh agus
cúnamh a thabhairt dhóibh ina riachtanas. Oir adúirt béal Dé fhéin na
focail seo: "Tabhair doit' athair agus doit' mháthair onóir, adonn go
mairfeá i bhfad ar an dtalamh a thug an Tiarna Dia dhoit." As na
focail sin as so<i>léir go dtugann Dia saol fada, rathúil, ámharach, dos
na leanaí a bhíonn uirrimeach dá n-aithreacha agus dá máithreacha,
agus a dhéanann a gcomhairle. As air sin adeir an Scriptiúir na focail
nótáltha so: "A chlanna, éistíg le comhairle bhúr n-athar agus géillig
di, adonn go sábhálfaí sibh. An leanbh do 28 onórann a mháthair as
cosúil é le duine a chuireann saibhreas mór i gciomád do fhéin. An
leanbh do onórann a athair, beig áthas aige as a leanaí fhéin, agus
éisteoig Dia lena urnaithe, agus bhéarfaig sé saol fada dho." (Eccles.,
3:2). "A mhic ó, géill do theagasc do athar agus ná dearmad comhairle do
mháthar, adonn go gcuirfí cróin na ngrás ar do cheann agus práisléad
óir faoi do bhráid."



A fhiadfainn mórán teistiméireachta eile uadh an Scriptiúir a chur
in bhúr láthair a thiospán<f>ach go glan gurb é sochar spirideáltha agus
saoltha gach linbh a bheith umhal dhá athair agus dhá mháthair, a
gcomhairle a leanúint agus onóir a thiospánadh dhóibh, agus ná fuil
aon ghnoth as mírathúla ná mímhó, easonóir nó tarcuisne a thabhairt
dhóibh. An uair a thug Dia, mar a 'neosaig mé ina dhiagh so dhíbh,
seilbh ar thír na geallúna do<n> phobal Abhra, a ordaigh sé dhóibh dol
go gleann a bhí idir dhá chnoc, leath an phubail a sheasamh ar an
<g>cnoc abhus, agus an leath eile ar an gcnoc thall; na s<a>gairt a


L. 23


sheasamh insa ghleann, agus a rá le guth glan ard, "Bíoch mallacht Dé
anuas ar go aon leanbh ná tiospánfaig onóir dhá athair agus dhá
mháthair." Agus do fhreagair an pobal go léir uadh gach taobh,
"Amen," nó "Bíoch mar sin." "Oir," arsa an Spirid Naomh, as olc an
meas atá ar an leanbh ná cuinníonn len<a> atha<i>r, agus tá mallacht
Dé ar an té a chuireann fearg ar a mháthair. Buanaíonn beannacht
athar áras na clainne agus tóch<f>aig mallacht na máthar a dtithe
aníos uadh an bhfoundation. Agus le ordú Dé fhéin a cuirtí chun báis,
gan trua <g>an trócaire, aon leanbh a thugach mallacht dhá athair nó
dhá mháthair. Agus budh dhona ná sion cás 'anama, oir pé duine a
mhallachtóig a athair nó a mhá<tha>ir rachaig an tsolas do éag air i lár
an dorcha<dai>s, as é sin, a gheobhaigh sé bás i lár a pheacaí.



As trua ná cuimhníd leanaí na aimsire seo ar na nithe seo. Féach
cad a rin blágárd insa bhaile seo a' lá fé dheire lena mháthair trína
chuid meisce: a bhua<i>l le sluasad í, agus a chuir gearradh cúpla
orlach 29 ar fhaid ina ceann. Á as mallaithe an talamh ar na siúlaíonn
an fear sion, agus as droch-chríoch gan dearmad a imeoig air.



Adeirid na Aithreacha Naofa gur budh figiúir an mheisce úd a thit
ar Noa, an codladh trom agus an cuma nochtaithe a bhí air, gur budh
figiúir í sin ar an anfhuinne a thánaig do dhruim a pháise ar Íosa
Críost an uair a bhí sé tairneáltha nochtaithe ar an gcruis. Agus fé
mar a rin Cam mallaithe magadh féna athair, agus dá dhruim sin a
tharraig mallacht buan air fhéin agus a shliucht, amhla sion a rinneadar
na Iúdaig magadh agus fonóid fé Chríost, agus a tharraigeadar fearg
Dé go buan agus go brách ortha féin agus ar a sliucht. Agus súd as ná
fuil anis aoinne le fáil chón cuirpeach sin ar fad agus fonóid a dhéan-
amh le focail fé Íosa Críost, déanaid é go ró-éifeach<t>úil lena
<n>gníomhartha mallaithe. Oir contrálaid a chomhairle, ní bhíonn aon bheann
aca airthe, leanaid slí bheatha contrar<th>a dá bheatha sion: céasaid
arís é lena bpeacaí. Dá réir, as ró-dhanaid dóibh.


L. 24



VI. TOWER OF BABEL, Etc.



Gen.1. 1. Insa bhliain do aos an domhain seacht céad déag agus
seacht mbliana déag agus dá fhichid, céad blian díreach
adéis an dílinn agus dhá chéad agus deich mbliana agus dá fhichid roimh
bás Noa, a chuadar a shliucht chón mór sin in iomadúlacht nár
fhiadadar cónaí in aon áit amháin. Agus a cheapadar scaradh lena
chéile agus go aon mhui<n>tir, mar do ordaig Dia agus Noa dhóibh, a
imeacht i ndútha fé leith dhóibh féin. Ach sula scaradar lena chéile
a chuireadar rompa gnóth a thiospánann cad é chón mór agus atá
díchéille agus uabhar an duine. "Sula scarfam lena chéile," ar siad,
"déanaimís cathair agus túr a shroisfig suas chun na spéartha." A bhí
abhar dúbaltha aca leis an gnóth iomadánta sion: ar dtúis chun ainm
agus cáil shíoraí do fhágan ina ndiagh tré an chathair mhór iontach
sin a dhéanamh; agus an tara cúis a budh ea chun iad fhéin a chosaint i
gcuinnibh Dé: dá gceapach sé dílinn a chur arís ar an ndomhan go
sábhálfaí iad insa túr mór ard úd. Mar sin a thiospánadar go raibh
droch-dhoubhta aca as focal Dé a gheall go solmanta ná báfach 30 sé
an domhan go brách arís le uisce, agus mar chomhartha seasmhach ar
an geallúint a chur sé an bhogha leacht, a bhogha fhéin, insa spéir.



2. Áfaig budh thoil le Dia uadh an am sion sampla seasmhach síoraí
a thabhairt do dhaoine insa go aon tráth go gcuireann sé i gcuinnibh
locht an uabhair, agus gur le umhlaíocht a ardóig duine é fhéin go
éifeachtúil, agus in ionad é fheín a chosaint ar fhearg Dé gurb amhla as
ceart dho trócaire a thuilleamh uaig le aithrí fhírinneach. "A thánaig
sé anuas uadh fhlaithiúnas," arsa an Scriptiúir, "do fhéachan an túr
agus an chathair úd a bhí clann ndaoine ag tógáil." Ciallaíd na focail
sin gur thóg Dia notice spisialtha don ghnóth sion. Agus, ag déanamh
magadh féna n-obair díchéilleach, adúirt sé. "Níl," ar sé, "ach aon
teanga nó aon chaint amháin ages na daoine seo go léir, agus atáid siad
ceapaithe go cean<n>tréan ar an obair seo a chur chun chinn, agus ní
scuirfid di nó go gcríochnóid í. Ar an abhar sin cuirimís a gcaint amú,
chun ná tuigfidís comhrá a chéile." Ní túisce a bhí na focail sin ráite ná
go dtánaig tréna-chéile agus mearbhall chón mór sin ar a gcaint nár
thuig fear cad adéarfadh fear eile leis. A chaitheadar gan stad scur dá
n-obair agus scaradh lena chéile, go aon dream díobh a imeacht go
mear i ndútha leo fhéin.



3. Babel, as é <sin> mú, a tugag mar ainm ar an dtúr úd, agus Babylon
ar an gcathair do bhrí gurbh ann a chuir Dia mú agus mearbhall ar
chainte na ndaoine. "As figiúir," arsa Naomh Barnán, "an túr ard agus
an chathair uaibhreach ar an gnóth a chuirid daoine do ghnáth rompa
insa tsaol. In ionad a bheith umhal do Dhia agus géilleadh dho as


L. 25


amhla a mheasaid iad féin a chosaint ina chuinnibh, agus a cheapaid
iad fhéin a ardú suas a' lorg ainm agus cáil shíorraí do fhágain
in<a n>dia<i>g ar an dtalamh so, in ionad díchill a dhéanamh tré dea-
oibreacha a chleachtadh go scríobhfaí síos a n-ainm i leabhar na beatha
atá ins na flaithis. Budh thoil le Dia insa tráth úd smacht a imirt ar
bhaos agus ar ghlóire dhíomhaoin an duine insa pháirt sin dá chola<i>nn,
a theanga, ina gcónaíonn baos agus glóire dhíomhaoin do ghnáth. Oir
as 31 lena theanga a mholann duine é fhéin agus a thugann ordaithe
do chách eile. "Agus an iliomad teangacha a thosain an tráth <sin>
agus atá fós insa tsaol, as glór í," arsa Naomh Augustín, "a chuireann i
dtuigsin dhos na uile dhaoine gurb í an tslí as giorra agus as éifeachtúla
chun flaithiúnas a shroisin, a bheith umhal i gcroí agus géilleadh go
beacht do Dhia, a chomha<i>rle a ghlacadh, a thrócaire do lorg, a
chabhair agus a chúnamh do iarraig. As socharúla i bhfad dhúinn sion
a dhéanamh ná a mhíchéata agus a fhearg a thuilleamh agus a thar-
raint orainn fhéin le croí uaibhreach mustarach poimpiúil a chuireann
suas sinn chun tabhairt fé ghnótha atá thar ár gcumas agus ná bíonn do
shochar againn asta ach buaireamh aigne agus doshástacht croí."



4. Ar gcur a gcaint amú ortha, a scaradar clainn Noa lena chéile. Do
fhan Sem agus a shliucht ins an Áisiá, agus fós cuid do shliucht Cam
mallaithe. Áfaig a ghluais sé fhéin agus an chuid budh mhó díobh don
Égypt agus don Africa. A ghaibh Japheth agus a mhórsheisear mac siar
don Eúróip, agus as uatha sion a shíolthaig Gréagaig, Rómhánaig,
G<e>armánaig, Francaig, Spánaig agus go aon chine eile dá bhfuil ins
an Eúróip. Tamall adéis an dílinn, go spisialtha 'déis bhás Noa, a
thosnaíodar na daoine a bheith chón olc nó fós budh mheasa iad ná na
mallathóirí úd do scrios sé do aghaidh na talún. In áit Dia do adhradh
agus onóir a thabhairt dho, a dhearmadadar ar fad é. A cheapadar
déithe bréagach dhóibh fhéin; do adhradar agus do onóradar iad in
ionad an Tiarna uile-chomha<ch>tach a chúm agus a chruithnig iad, a
thug dhóibh saol, sláinte, beatha, bia agus gach maith eile corpar<th>a
agus spirideáltha dá raibh aca. A ghaibh cuid aca leis an ghrian mar
dhia, cuid eile díobh leis an ré, leis an spéir, leis na réithealanna,
leis an fhairrge, leis an ghaoth, leis na cn<u>ic, mar dhéithe. Agus mórán
mór dhíobh a bhí chón béistiúil sin ina n-aigne gur adhradar, agus gur
mheasadar gur déithe, beithíg féin na talún. A bhíodar drúisiúil,
bréagach, br<u>íneach, bradach, ag leanúint ainmhiana cuirpeach agus
ag imeacht i gcuinnibh dlí na nádúra nó teagasc a gcéille 32 agus a
gcoinsias. Oir níl aoinne, ach iomadán beartha, ná go 'niseann a chiall
agus a choinsias dho cad as ceart dho a dhéanamh, do thaobh Dé, do
thaobh chách eile, agus dá thaobh fhéin. Tiospánann tuigsin gach
nduine dho gur ceart onóir a thabhairt do Dhia, gurb uaig a fuair sé
gach a bhfuil aige, agus nách ceart an onóir a bhaineann leis-sin a
thabhairt do aon chréatú<i>r ar bith. Atá fhios againn go léir nách
ceart dhúinn a dhéanamh ar chách eile aon ní nár mhaith linn a dhéan-
amh orainn féin, agus gur ceart dúinn a dhéanamh le daoine eil<e>
mar budh mhaith linn a dhéanamh linn fhéin. Agus fós nílimíd chón
dall sion ná go dtuigimíd go glan gurb éigean dhúinn ár n-ainmhiana a


L. 26


cheansú agus srian a chur leo. Múineann dlí na nádúra na fírinní seo
do<n> uile dhuine.



Áfaig ní raibh beann ar bith ags na mallathóirí úd airthe, go speisialtha
ag Nemrod, mac mic Cam mallaithe. Do fhan sé sion agus an fhuireann
a ghaibh leis i gcathair Babylon, agus a chríochnaig sé í. Ansion a
thóg sé ar an má céanna sin - Má Sennaar budh ainm di - trí cathracha
móra eile. Agus a chrom sé ar láimh láidir a dhéanamh ar go aoinne.
A b'é an chéad tíoránach a bhí riamh insa domhan é. As air sin adeir an
Scriptiúir "gur budh fiagaí comha<ch>tach Nemrod, as cuinne an
Tiarna." Agus ní beithíg alltha a bhíoch sé ag fiach, ach daoine, chun
sclábhaithe a dhéanamh díobh. A scar sé fhéin agus a mhuintir ar fad
le Dia agus le creideamh Dé. A rin sé teampall agus a chur inte íomhá
na gréine, ar nar tugag Baal mar ainm, agus a ghabhaidís leis an íomhá
bodhar balbh úd mar Dhia. Agus a b'í sin an chéad rebelúntacht
solmanta, pu<i>blí, a rinneadar daoine i gcui<nni>bh Dé.



Gen.12:1 et seq. 5. Fá an am úd, uadh a bhíodar daoine ag tréigean
Dé agus dá dhearmad ar fad, agus ag diúlthú go
poiblí aon onóir a thiospáint dho amha<i>l a rinneadar i gcathair
mallaithe Babylon, budh toil leis cathair naofa a thógain a sheasóch
go deire an tsaoil. Agus a b'í cathair í sin an Eaglais fhírinneach.
Ní cathair í sin atá déanta do chlocha agus do adhmad, ach do dhaoine
naofa a thabharfach go brách onóir oiriúnach do Dhia, 33 a dhéan-
fach a réir, a chiomádfach a chreideamh, agus, lena ndea-oibreacha,
a thógfach túr a shroisfeach suas as cionn na spéartha go flaitheas na
bhflaithis féin. Agus a b'í an chloch foundation a chur sé leis an dtúr
beannaithe sin, Abraham naofa. A rugag é insa bhliain dhá mhíle agus
ocht mbliana adéis chruthnú an domhain, agus trí chéad agus dhá
bhliain adéis bhás Noa, agus naoi gcéad agus bliain agus fiche sular
ghlac Mac Dé colainn daonna. A b'é an naoú glún amach uadh Sem é,
agus a mhair sé céad agus deich mbliana agus dá fhichead i bhfochair
an fhir bheannaithe sin.



An tráth a bhí sé chúig bliana agus trí fichid do aos, agus a chónaig
i bhfochair Thare a athair i <g>cathair Ur i dtír Chaldea, láimh
le cathair Bhabylon, a thiospá<i>n Dia é fhéin dho agus adúirt mair seo
leis: "Fág tír do dhúchais agus do ghaolta, agus tig do athar inar rugag
thu, agus imig don dútha a thiospán<f>aig mise doit. Agus déan<f>aig mise
taoiseach agus ceann fine agus athair díot ar náisiún mór oiriric. Agus
beig clú agus ainm ard-uasal agad, agus beir beannaithe go brách. Oir
beannóig mise go aoinne a bheannóigh thu, agus mallachtóigh mé go
aoinne a thabharfaig mallacht dhoitse. Agus beannófar ionadsa go
aon chine insa domhan."



A ghéill Abraham gan mhoill do ordú Dé a gheall dho, ins na focail
úd, dhá bhuntáiste mhór: ar dtúis go mbeach sé ina cheap as na
bhfásach cine iomadúil; agus an tarna buntáiste an buntáiste as fearr
agus as buanaí ar bith, go mbeannófaí ina shliucht go aon chine insa
domhan. Ciallaíonn sion gur ar a shliucht a thiucfach Críost Mac Dé
a cheapag uadh thúis domhain chun an chine daonna a shábháil.


L. 27


Gen.12:4 et seq. 6. A ghluais Abraham air. Do fhág sé a dhútha
féin, a rug sé a athair leis, a tháinig sé go cathair
Haran agus a stad ann ar feag tamaill nó go bhfuair a athair bás in
aos a dhá chéad agus chúig bliana. Do fhág Abraham an chathair sin
agus rug leis Sara a bhean, Lot mac <a> dhearbhráthar, agus a mhuintir
go léir, agus a thánaig go tír Chanaan, an tír a thiospáin Dia dho.
Ar bheith socair dho insa dútha sin, dho fhéin agus dá shliucht go brách,
a thóg Abraham olthóir 34 in onóir Dé, ag admhadh gurb é sin amháin
a thugann ríochta saoltha do dhaoine agus a bhaineann dhíobh arís iad
mar a chíonn sé oiriúnach.



Adéis sealad a chaitheamh insa dútha sion, a thánaig gorta mór agus
a chaith Abraham dol lena mhuintir don Égy<p>t. Agus adúirt le
Sara, a bhean, "Atáir ana-dhathúil, agus an tráth a chífig locht na
Égy<p>te thu adéarfaid, "Ag sí sin bean an fhir úd," agus muirfid siad
mise adonn go <m>beifá-sa aca. Ar an abhar sion abair gur tu mo dhearbhshúir
agus ní bhac<f>aid dom." Ní raibh aon bhréag ansion, oir as aon athair
amháin a bhí aca, agus ní uadh an mháthair chéanna a thánadar, agus
as le ordú Dé a phós Abraham í, oir ní raibh an creideamh cóir ag aoinne
eile dá gcine: a scaradar le Dia agus lena chreideamh ach a athair agus
a mhuintir amháin.



Ar ndol dóibh don Éyypt a thit an gnóth amach mar a thuairmig
Abraham: a chonarcadar an bhean, agus a mholadar a áille iontach a
láthair an rí Pharaoh. A thóg sé sion isteach ina phálas í chun go mbeach
sí ina bean aige fheín. Áfaig níor leog Dia dho baint lé; a imir sé na
pianta budh mhó ar Pharaoh agus ar a mhuintir mar gheall ar an gnóth
sin. Agus an uair a fuair an rí amach gur bhean phósta í, chur sé fios
ar a fear agus adúirt leis, "Cad a rinneas agus mo dhaoine as an tslí ort,
gur chuiris mise agus iad sion ina leithéid do bhaol, mallacht agus
milleadh Dé a thabhairt orainn? Canathaobh nár 'nisis dhom gurb í
do bhean í, óir ní chuimhneoinn go brách ar í 'ghlacadh chúgham muna
ndúraís gurb í do dhearbhshúir í. Anis uadh as í do bhean í, beir lead í
agus fágaig ar fad mo ríocht. Agus mar chúiteamh insa tarcuisne a
thugas go neamhchiontach dhise agus doitse, bronnaim ort an oiread
so caorach, ba, asail agus seirbhísig.



7. "Tugaimís fá ndeara," arsa Naomh Ambrós, "cad é an eagla agus
an scanradh a bhí ar an rí, cé gur phágánach é, a bheith ciontach in
adhaltharnas, ná cuimhneoch sé go brách ar a leithéid do chuir a
dhéanamh ar stróinséir bhocht do sheol an gorta chun a dhútha, agus
gur coinsiasach agus gur onórach 35 an cúiteamh a rin sé leis i
dtaobh an mhasla a thug sé do i gcuinnibh a thoile. Tugaimís fós fá
ndeara cad é chón iontach agus atá an tslí a leanann Dia do thaobh na
ndaoine a thoghann sé dho fheín agus a ghlaonn sé chun seirbhís a
dhéanamh dho. A cheap sé an fear so chun a bheith ina athair
corpar<th>a don aon chine amháin a bhí le fios a dhlí naofa a bheith aca,
agus mar athair spirideáltha dúinne agus dhos na uile dhaoine eile a
chreidfeach go brách mar as cóir i nDia. Agus féach cad a rin Dia leis,
cad é chón cruaig agus a thástáil sé é. A chur sé do fhiachaibh air a
dhútha, a ghaoltha agus a mhuintir do fhágan go brách ina dhia<i>g


L. 28


agus dol go dútha eile a bhí i bhfad uaig. Agus ar éigean a bhí sé socair
insa dútha sion ná gur chaith sé í a fhágan le neart gorta mór a thánaig
airthe, agus dol go dútha stróinséar<th>a ina raibh sé i gcontabhairt a
mhairithe, gan díon ná cosaint aige, ach an creideamh agus an mhuinín
a bhí aige i nDia a shaor uadh gach baol é. As mar sin díreach a
dheighleálann Dia linne. Adeir sé leis go aoinne againne, amhail
adúirt sé le Abraham naofa, "Fág iod' dhia<i>g tír do dhúchais, do
ghaoltha agus tig do athar inar rugag thu, agus imig don dútha a
thiospán<f>aig mise doit." Tír ár ndúchais agus tig ár n-athar, an peaca
inar gineag agus inar rugag sinn. Agus as iad ár ngaoltha agus ár
ndaoine muintear<th>a na ainmhiana cuirpeach dona bhfuilimíd do réir
nádúrtha, tugtha, mar atá uabhar nó saint, drúis, nó craos, nó aon droch-
chlaon eile a tharraigeann agus a mheallann sinn uadh am go am chun
peaca a dhéanamh. Caithfeam scaradh leo sion agus gan filleadh go
brách ortha. Agus má dhéanaimíd, a bhéarfaig Dia sinn, amhail a rug
sé Abraham naofa, gan bhaol gan chontabhairt go dtí an dútha úd a
thiospáin sé agus a gheall sé dhúinn. Agus as í dútha í sin, flaitheas
na gcomhacht.


L. 29



VII. LOT SEPARATES FROM ABRAHAM



Gen.13:1 et seq. 1. Insa bhliain dhá mhíle cheithre fichid agus
ceithre bliana 'déis cruthnú an domhain, agus naoi
gcéad déag agus fiche blian sula rugag Íosa Críost, a chas Abraham,
a bhean, Lot mac a dhearbhr<á>thair agus a mhuintir uadh an Égypt
go dtí an áit i dtír Chanaan in 36 ar chuir sé fé ar dtúis, agus inar
thóg sé olthóir in onóir Dé. A budh é ainm na áite sin Bethel, nó "tig Dé."
Ní foláir dhom, sula leanfad a thuille don teagasc so, a 'nisin dhíbh gur
fhág Dia, an tráth a chur sé mú agus tréna chéile ar chaint agus ar
theanga na <n>daoine go léir ag túr Bhabel, gur fhág sé an teanga dhaonna
a bhí uadh thúis domhain ag sna uile dhaoine, ag aon duine amháin
agus ag a shliucht. A budh é duine é sin Heber, nó Ébir, seana-athair
Abraham. Agus as uaig a ráitear an teanga Abhra agus an pobal
Abhra dhos na daoine a shíolthaig uaig agus don teanga a bhí aca.
A b'é an fáth nar fhág Dia an teanga bheannaithe úd ag an bhfear sin
agus ag a shliucht go brách, do bhrí gur dhiúlthaig sé aon láimh ná páirt
a bheith aige insa ghnóth iom<a>dánta a chuireadar na daoine eile go
léir rompa, ag déanamh an chathair agus an túr uaibhreach úd. Atá
brí, fórsa, éifeacht agus ciall ag an dteanga úd do bhreis ar aon teanga
eile ar bith.



Gen.13:5 et seq. 2. An uair a shocraig Abraham é féin ins an áit
úd, ní fada nó gur thástáil sé an cheataí a lean
saibhreas do shíor agus do ghnáth. A chuir Dia rath mór air fhéin agus
ar Lot, mac a dhearbhráthar; a mhéadaig sé a gcuid agus a n-airnéis
chón iontach sion "nár fhiadadar cónaí," arsa an Scriptiúir, "a thuille
in aon áit amháin." Dá dhruim sin a thit achrann amach idir seirbhísig
Abraham agus seirbhísig Lot i dtaobh iníor a dtréada. Agus uadh a bhí
gráinn agus fuath ag Abraham do<n> uile shórd achrainn, agus eagla
air go sroiseach achrann na ngiollaí a máistrí, a chuaig sé ag triall ar
Lot arus adúirt go caoin cneasta leis, "Ná bíoch," ar sé, "difir ná
díospóireacht idir thusa agus mise, idir do sheirbhísig-se agus mo
sheirbhísig, oir as dearbhráithreacha agus gaoltha goirid dhá chéile
sinn. Atá an áit ina bhfuilimíd ró-chúng dhúinn araon, agus atá an
dútha so fairsin a dóchain dhúinn; atá tuille agus ár ndóchain slí
inte. Dá réir sin, scaraimís lena chéile. Toibh-se do rogha cuid de:
má ghabhann tusa uadh dheas, geobhad-sa uadh thuaig; má théann tu
sior, rachad-sa siar."



Níor thiospáin Lot, ar an ócáid seo, an chiall agus an <t>simplíocht aigne
a bhí ag Abraham. Níor thug sé fá ndeara cad é an diomard dho
scaradh leis an bhfear 37 naofa so, agus gurbh fhearr dho go aon
cheataí a fhulang sula ndéanfach sé a leithéid do ghnóth. Oir a chuir


L. 30


sé é féin i gcontabhairt mórán ainnisí a theacht air, agus a thánadar sion
go luath air. Uadh a fuair sé rogha aon chuid don dútha a ghlacadh,
a ghlac sé do réir mar a taidhsíog dhá shúilibh a<n> chuid a b'fhearr
agus budh bhreátha di. "A thóg sé suas a shúile," arsa an Scriptiúir,
"agus a léirmheas sé an tír go léir. A chonairc ná raibh aon pháirt de
ní budh bhreátha agus ní b'fhearr ná an dútha agus an talamh tíompall
chathair Sodom agus cois Abhann Jordan. Óir budh chosúil í i
mbreáthacht le Par<a>thas Dé féin, nó le tír na Égypte i dtorthúlacht."
"Glacaim-se," ar sé le Abraham, "an chlais talún úd mar rogha dom
féin." A scaradar go buíoch beannachtach lena chéile, agus a imig Lot
leis fhéin uadh an duine budh naofa ar bith, agus a chuaig sé chun
cónaithe ar measc an dram budh mhallaithe a mhair riamh ar an
dtalamh so, dram ar nar imir Dia díolthas nár imir sé uadh thúis
domhain agus ná imreoig sé go deo a leitheid ar aon chine eile.



3. Insa ghnóth so, arsa Naomh Ambrós, atáid dhá nithe tábhachtacha
againn le tabhairt fá ndeara. Ar dtúis, cad é chón seachantach agus a
bhí Abraham ar an uile shórd dhíospóireacht, cad é an ghráinn a bhí
aige airthe, agus cad é chón mear agus a chuir sé deire lé. Gur ceart dho
mháistrí agus dho mháistreásaí féachan go géar i ndiagh a seirbhísig,
oir as iad sion go minic, nó mar adéarfainn do ghnáth, as bun le go aon
mhíthuigsin agus imreas a thiteann amach idir comharsain. Lena
scéaltha, lena mbréaga, scaraid na gaoltha as neasa lena chéile; cuirid
namhdachas agus eascairideas eatartha. Agus a chímíd fós i bpearsa
Lot agus ins na nithe a thit amach do, gur ró-chontabharthach an
ghnóth dho aos óg scaradh le cuideacht agus le caidreamh na ndaoine
budh shocharúla dhoibh, cé nár mheasadar sion. Budh dhuine naofa,
neamhchiontach Lot, amhail a 'niseann Naomh Peadar dhúinn, agus
adéise sin, tré scaradh lena úncail beannaithe, a thit sé isteach in
anacraí, i mbaol agus i ndainséir chón mór sin go millfí agus go gcaillfí
gan leigheas é muna mbeach carthannacht agus cróghacht a úncail
a shábháil é.



Gen.13:14 - 14:24. 4. Adéis a scar Lot leis 38 a thiospáin Dia é
féin do Abraham agus adúirt, "Tóg suas do
shúile agus féach sior, siar, uadh dheas agus uadh thuaig, agus an
dútha so go léir a chíonn thu a bhéarfaig mise doitse agus dhod shliucht
go brách. Agus más féidir do dhuine ar bith na gráinneacha smúit atá
ar an dtalamh a chóireamh, fiadfaig sé do shliucht-sa a chóireamh.
Éirig suas agus siúlaig go aon orlach don tír seo atáim-se le tabhairt
dhoit go brách." A ghaibh Abraham fé an dútha, a shiúlaig sé í agus a
shocraig sé áras dho fhéin i ngleann Mambre, láimh le cathair Hebron.



Fé an am sion a thánadar cheithre rithe uadh an domhan thior agus
a rinneadar cúncas ar go aon náisiún a tharlaig ortha, nó gur shroiseadar
críoch Sodom. Agus a ghaibh rí Sodom, rí Gomorrtha agus triúr rithe
eile amach chun comhraic a thabhairt dhóibh. A thugadar bualadh dhá
chéile láimh le Sodom, i ngleann na gcoillthe, mar a raibh toibreacha as
na dtigeach pic talún. A buag agus a briseach ar na cúigear rithe úd.


L. 31


A maraíog ceath<r>ar díobh agus romhór a saighdiúirí, agus a theith
rí Sodom agus an méid a mhair dhíobh chun na sléibhte. A ghluais-
eadar na ceithre rithe buach úd go cathair Sodom agus na cathracha
<eile ?>. A phlund<ar>áladar iad agus a rugadar leo na daoine agus gach
éadáil a fuaradar ionta. Agus ar measc na coda eile a rugadar leo Lot
agus a mhuintir. A thánaig fear a theith uadh an mbualadh chun
Abraham, agus a nis dho gur gabhag Lot mac a dhearbhráthair agus go
rabh<th>as dá bhreith i mbrídeanas síoraí go dútha stróinséar<th>a.
In ionad cromadh ar ghol agus ar ochlán, as amhla a bhailig Abraham
chuige go mear a mhuintir, agus le trí chéad agus ocht nduine dhéag
dhos na seirbhísig budh chrógha dá raibh aige, a lean sé na cheithre
rithe úd chun mac a dhearbhráthar a bhaint dhíobh agus a fhuascail
u<a>tha. Ní raibh scáth ná eagla air tabhairt, leis an dorn fear úd, fés
na rithe comha<ch>tach sin agus a dtrom-shlua, a bhuaig go dtí sion ar
go aoinne a sheasaig ina gcuinnibh; ach, lán do mhuinín agus do dhóchas
beannaithe i nDia, a thug sé go misniúil fútha, a chuir teitheadh ortha,
a bhain díobh Lot, a mhuintir, na daoine agus an éadáil a ghabhadar i
Sodom agus ins na cathracha eile, agus a thug slán folláin thar n-ais
iad go léir. An gnóth nár fiadadar an cúigear rithe úd a dhéanamh lena
saighdiúirí go léir, a rin an fear naofa lena 39 bheagán seirbhísig,
gnóth a thiospánann nách le neart slua ná le fórsa ndaoine a bheirtear
bua, ach le toil Dé amháin. "Oir ní é an t-each luath-chosach a bheireann
an rás, ná an fear láidir a bhuann a<n> gleo," arsa an Spirid Naomh,
"ach riarú Dé amháin."



As ar an ócáid seo a tráchtar ar Mhelchisedech, agus ní tráchtar air
in aon phasáiste eile don Seann-Bhíobla, agus ní nistear dúinn cé ar budh
é féin, ná cad é an treibh ndaoine gurbh dhíobh é. Níl aon chúntas eile
againn air ach an méid seo, go ndeir an Scriptiúir gurbh é rí cathair na
síochána é, gur sagart é don Dia as aoirde, go dtánaig sé ag fáilthiú
rimh Abraham, gur ofráil sé arán agus fíon mar íobairt do Dhia ag
breith buíochas leis i dtaobh an bhua a rug Abraham ar a namhaid, agus
gur thug se sion dho deachú na éadála a bhuaig sé. Adeir Naomh Pól
agus na Aithreacha Naofa gur figiúir ar Íosa Críost an fear so, agus gur
rímh-chomhartha ar naomh-íobairt an Aifrinn an t-arán agus an
fíon do íobair sé do Dhia. As ag a shuipéar dhéanach a chuir Íosa
Críost naomh-íobairt an Aifrinn ar bun, agus do ordaig sé í a chiomád
suas go dtiucfach sé an lá déanach chun deire a chur go brách leis an
domhan so, agus chun na fíoréin a bhreith leis go flaithiúnas, agus na
droch-dhaoine a dhúnadh suas i bpríosún tintí Ifrinn.



A thánaig rí Sodom, agus an mhui<n>tir a theith leis, anuas uadhs
na sléibhte, agus adúirt sé le Abraham, "bíoch an éadáil go léir agad,
oir as í do cheart í. Ní iarraim ort ach na daoine a shaorais a thabhairt
dhom." "Tógaim mo láimh suas chun flaithiúnas," arsa Abraham, "agus
móidím dar an Tiarna uile-chomhachtach a mhaireas tré shaol na saol,
ná glac<f>aig mé go fiú snátháin ná iall bróige dod' chuid-se, ná do chuid
aoinne eile, chun nárbh fhéidir doitse ná dho aoinne eile a rá, "A rinneas
Abraham saibhir.""


L. 32


"A fua<i>r sé," arsa Naomh Ambrós, "níos mó glóire as an úsáid a rin
sé don bhua a rug sé ná as an mbua féin." Agus cuireann sé i gcéill dhos
na uile Chríostaithe nách ceart agus nách dlitheach dhóibh dol chun
cogaig le aon intinn eile ach chun fóirthean ar an dram lag, agus iad a
fhuascailt uadh an foirneart a 40 <imrítear ?> go éagórach ortha; agus
gur carthannachtúil an gnóth dhóibh a n-anam a chur i gcontabhairt
chun a gcó-chréatúirí a fhuascailt uadh dhaorbhruid; agus má chuireann
Dia rath ar a ndícheall, nách ceart dhóibh aon chúiteamh saoltha a
lorg, ach an buíochas agus an ghlóire a gheobha<i>d uaig ins na flaithis
i dtaobh fóirthean ar a <g>có-chréatúirí oireaspach ar an dtalamh so.


L. 33



VIII. FLIGHT OF AGAR, CONCEPTION OF ISAAC



Gen.15:16. 1. Adéis a bhuaig Abraham ar na cheithre rithe
comhachtach úd, agus a fhuascail sé uatha Lot arus
a mhuintir, a chaith sé a shaol fé rath agus fé chompord. Ní raibh
asnamh aon mhaith ná sólás saoltha air, ach an t-aon asnamh so, ná
raibh aon leanbh aige a bheach ina oidhre ar a<n> saibhreas mór budh
thoil le Dia a thabhairt do. Áfaig a chonairc Dia oiriúnach an tabharth-
as sion a bhronnadh air, i ndáil na umhlaíochta agus an géilleadh
a thiospáin sé dho trí iompar go foighne<ach> agus go sásta an easpa
sleachta a bhí ar a mhnaoi. Oíche áirithe a thiospáin Dia é féin do
agus adúirt, "A Abraham, ná bíoch aon eagla ort, oir as mise do
luacht saothar atá mór thar barr." Adúirt Abraham dá fhreagradh, "A
Thiarna, cad a thabharfaig tu dhom? A gheobhaig mé bás gan sliucht
agus tit<f>ig mo chuid go léir chun mac mo stíobhaird Eliezer uadh
chathair Damascus. Níor thugais mac dhom agus beig mo sheirbhíseach
ina oidhre ar mo chuid." "Ní é a bheas," arsa Dia, "ach fear a thiuc-
faig uait fhéin, mac a béarfar dhoit fhéin, hen e a bheas ina
oidhre ar do chuid." A sheol Dia amach é, agus adúirt, "Féach suas
ar na spéartha agus comhairig má fhiadfair na réalthanna sion go léir a
chíonn tu ortha. Beig do shliucht-sa chón iomadúil leo sin. As mise an
Tiarna Dia a thug amach thu uadh thír Caldea adonn go dtabharfainn
an dútha so go léir dhoitse agus dhoit' shliucht, agus sealbhóig sibh í."



A chreid Abraham focal Dé agus a ghéill uadh chroí di. Ní raibh
doubhta ar bith aige ná go gcólíonfach Dia an gheallúint a thug sé dho.
Áfaig adúirt sé, "A Thiarna, tiospáin dhom conas a gheobhaig mé
seilbh na dútha so atá thana féin lán do dhaoine comhachtach crógha -
seacht náisiúin láidir saibhir ina seilbh romham." "Tóg chúghad
41 amá<i>reach," arsa Dia, "colain trí mbliain, gabhair baineann trí
mblian, reithe trí mblian agus péire clúr. Déin dhá leath dos na
beithíg. Áfaig ná gearr suas na éin. Cuir gach leath díobh as cuinne
a chéile. Seasaimh eatartha go dul fé don ghrian." A rin Abraham
amhla sion, agus ar dhul fé don ghrian a thit codladh trom air. Do luig
eagla mór agus dorch<ad>as air, agus a chonairc sé solas iontach ag rith
idir gach leath dhos na beithíg úd, agus a chualaig sé guth ag rá mair
seo leis: "Bíoch fhios agad go mbeig do shliucht i ndútha stróinséar<th>a,
'na sclábhaithe ar feag ceithre chéad bliain. Agus imreoig mise díolthas
ar an náisiún úd a rin eágóir ortha. Agus tiucfaig do shliucht amach
aiste le saibhreas mór. Áfaig sula dtitig an gnóth sin amach rachair-se
chun do shinsear fhéin. A gheobhair bás i síochaín an tráth a bheir
críonna go leor. Ansion tiucfaig do shliucht agus a gheobhaid seilbh na
dútha so. Oir níl tomhas peacaí na ndaoine a chónaíonn inte anis lán
fós suas go bruach."


L. 34


Gen.16:1-15 2. I gcionn deich mbliana uadh an am sion, uadh a
chonairc Sara, bean Abraham, ná raibh aon leanbh
aici, a chrom sí ag beith ag tathant air a' cailín frithálaimh <a bhí ?>
aici - Agar budh ainm di, agus a thugadar leo í uadh an Égypt - a
ghlacadh chuige mar mhnaoi chun go mbeach sé do shólás aici leanbh
le Abraham a fhaicsin, cé nár lé fhéin é. Níor ghéill Abraham di, nó
go bhfuair sé ordú speisialtha uadh <an> dTiarna a' gnóth sion a dhéan-
amh. A bhí sé go deimhin dlitheach do fhearaibh, uadh am na dílinn
go bás Chríoist, níos mó ná aon bhean amháin a bheith pósta in aoneacht
aca. Áfaig uadh bhás Chríoist go deire an domhain atá sion coiscithe
ar na uile dhaoine. A ghlac Abraham, do réir chomhairle Sara, Agar
mar bhean chuige, agus a ráinig sí trom uaig. Agus an gnóth a mheas
Sara a thabharfach sólás di, as amhla do fhás brón chúighthe as. An
uair a bhraith Agar go raibh sí ag iompar clainne, a chrom sí ar dhroch-
mhúineadh agus ar tharcuisne a thabhairt dá máistreás. A mheas sise
gur le toil agus le cionta a fir a bhí sí chón asumhal agus chón droch-
mhúinte sin lé, agus adúirt sí leis: "Atáir ag déanamh éagóra oram agus
droch-chúiteamh liom. A thugas dhoit mo chailín mar mhnaoi, agus
as amhla atá sí ina máistreás oram. 42 Go <n>déanaig Dia ceart idir
mise agus thusa." "Féach," arsa Abraham, "as tusa fós as máistreás
airthe: déin lé mar as maith lead." As sion amach a luig Sara lámh
chón trom sin ar Agar go raibh sí cortha dá saol, agus a theith sí lé
fhéin chun bás do fháil insa bhfásach. A chonairc aingeal Dé í sínte go
fan<n>lag cois tobair, agus adúirt sé lé, "Cá bhfuileann <tú> ag dol agus
cad a thug anso thu, a Agar, a chailín Shara?" "Atáim," ar sí, "ag
teitheadh uadhm' mháistreás." "Fill arís airthe agus bí umhal di,"
arsa an t-aingeal. "Féach," ar sé, "atá leanbh mic ar iompar agad, agus
tabharfair Ishmael do ainm air, oir a chualaig Dia do osnaíl chruaig.
Beig sé ina dhuine fia<i>n: beig a láimh i gcuinnibh gach nduine, agus
láimh gach nduine ina chuinnibh. Agus méadóig Dia a shliucht insa
chás ná fiadfar iad a chóaireamh. Agus cónóid siad ar leithlig uadhs
go aon chine eile."



A rin Agar a chomhairle: a chas sí ar a máistreás, agus a bhí sí lán-
umhal di. A chuir sí leanbh mic di, agus a thug Ishmael mar ainm air.
Féach cad é chón truamhéileach agus atá Dia, a chuir aingeal comhacht-
ach chun fóirthean ar an gcréatúir bocht úd, agus chun comhairle a
leasa a thabhairt di. A ghlac sí an chomhairle sin agus as maith a éirig
sé lé. As cruinn a chólíon Dia an ní a gheall sé do thaobh an ghin úd a
bhí ar iompar aici. As uaig a thánaig an dram daoin<e> ar a dtugaimíd
Ar<a>bs, nó locht na Arabia. Cónaíd ins na fásaig gainmheach atá ins
an Africa agus ins an Áise. Ní rin aoinne riamh cúncas ortha. Atáid
siad leata uadh Charraig Gibraltar thiar go Falla Mór na China thior.
Níor fhiad aon rí ná prionsa riamh iad a thabhairt fé smacht. Agus a
bhíodar chón comhachtach agus chón crógha sin gur chuireadar deire
le Impireacht na Gréige. A bhaineadar amach le neart a láimh an
Asia agus an Égypt. A chiomádadar seilbh ar an Easpáin ar feag
céad blian, agus a dhéanfaidís cúncas ar an Eúróip go léir muna
<m>beach Cormac Cróga, rí na Fraince a bhuail iompa ag cathair Tours,
a thug bualadh dhá lá i ndia<i>g a chéile dhóibh agus a mhairbh dhá


L. 35


chéad míle dhíobh. Agus cúpla céad blian uadh shin, a bhuadar ar
Impire na Gearmáine, a chuireadar siege le cathair Vienna agus a
bhíodar ar phointe í a thógáil an 43 uair a thánaig Seán Sobieski,
rí na bPólíneach, le fiche míle fear chun fóirthean ar an gcathair.
A chur sé é fhéin agus a mhuintir fé tharmain na Maighdeana Muire,
agus a thug go misniúil fé an arm mór úd ina raibh trí chéad míle do
shaighdiúirí lán-oilthe i gcogadh. A bhris <s>é iad agus a lean ar feag
seachtaine an tóir go dian ortha, agus níor chas duine díobh beo ina
dhútha féin. Agus as amhla sion a sábhálag an Chríostúlacht uadh an
dram mallaithe úd a ghaibh le Mahomet in ionad gabháil le Íosa Críost
a chrui<th>nig iad agus a fuair bás ar a son.



Gen.17:16-22. 3. Trí bliana déag adéis a rugag Ishmael a thiospáin
Dia é féin arís dho Abraham, agus a rin sé go aon
gheallúint a thug sé roimhe sin dho do athnuachain ins na focail seo:
"Mise," ar sé, "an Dia uilechomhachtach; siúlaig im' láthair-se agus
beir iomlán. Daingneoigh mé mo mhargadh idir mise agus thusa,
agus meádóigh mé go iontach thu. Tiucfaig mórán náisiúin agus
mórán rithe uait. Agus beig mise mar Dhia agad agus ag do shliucht
go brách. Beig mac ag do bhean, Sara, fá an am céanna so insa bhliain
atá chughad. Tabharfair Isaac do ainm air. Agus is leis sin agus lena
shliucht a dhéan<f>aig mé an margadh so a dhéinim anis leadsa: mé a
bheith im' Dhia agadsa agus ages go aoinne a shíolthóig uaig sin go brách."



Ar chlos na bhfocal sion do Abraham, a chaith é féin ar a bhéal agus
ar a aghaidh anuas ar an dtalamh ag breith buíochas le Dia, ag rá
le áthas a chroí, "Ar dhóigh le aoinne riamh go mbeach mac agamsa,
atá céad blian do aos, lem' bhean atá deith mbliana agus ceithre fichid
do aos?" A scar Dia ansin leis.



Tíompall trí mhí ina dhiagh sion a bhí Abraham ag suí i mbrotha an
lae, faoi chrann ag doras a chábáin. Oir níor thóg sé fhéin, ná a mhac
ná mac a mhic ná aon cheann eile dos na pa<t>riarchs naofa, tig ná
cathair riamh insa tír úd a gealladh dhóibh fhéin agus dhá sliucht go
brách, ach a chónaíodar i gcábáin agus i mbothóga. "Oir a thuigeadar,"
arsa Naomh Pól, "gur st<r>óinséirí agus pasangéirithe iad a bhí ar a slí
chun dútha a b'fhearr ná an dútha úd. Ar an abhar sin níor mheasadar
gurbh fhiú dhóibh tig ná cathair a thógan ar an dtalamh so. Oir a
chreideadar go daingean go raibh áras buan síoraí ag Dia fána gcomhair
44 ins na flaithis, i dtír na mbeo.



Gen.18:1-16. 4. Ar bheith dho ina shuí, mar adúrt, a chonairc sé
triúr fear stróinséar<th>a ag triall air. A bhí crot
trabhailéirithe ortha. A taidhsíog do go rabh<ad>ar tuirseach uadh an
mbóthar agus uadh bhrothall an lae. Do éirig sé go mear, a chuaig
fé<na> ngéin, a bheannaig dhóibh agus do fháilthig rompa agus adúirt
go cneasta leo, "Beigh mé buíoch go brách dhíbh, agus cuirfig sibh me
fé oibleagáid, má fhanann sibh iom' fhochair agus suí anso fé scáth an
chrainn. Tabharfad uisce chun bhúr gcosa a ní, ollmhód beagán bíg
dhíbh agus an uair a chaithfig sibh é gabhaig libh in bhúr mbóthar."
Adúradar sion, "Déin mar adúirís."


L. 36


A rith sé isteach insa chábán agus dúirt lena mhnaoi, "Éirig ort go diair
agus fuinig trí chlocha plúir agus déin arán grille. Ansion a mhairbh
sé gamhain ramhar, a chócráil é, a thug leis é agus a chuir le arán, im
agus bainne fé scáth an chrainn i bhfianais' an trír úd é, agus do
fhan ina sheasamh chun frithálamh ortha. Ach cé bheach aige ann ach
beirt aingeal agus Mac Dé féin i bhfuirm ndaoine. Ar chaitheamh
an bhíg dhóibh adúirt ceann aca (agus a budh é sin Mac Dé): "Cá
bhfuil do bhean?" "Atá sí, arsa Abraham, "insa chábán." "Más ea"
ar se sion, "fána leithéid seo do am geobhad-sa an tslí seo arís, agus
beig mac ag Sara do bhean." A chualaig sise insa chábán na focail sin
agus a chuir sí smut gáire aiste ag rá lé fhéin, "As dealramhach an scéal go
mbeig leanbh ag cailleach crí<o>nna caite mar mise, atá deich mbliana
agus ceithre fichid do aos, agus mo shean-duine céad blian do aos, agus
gan aon chaitheamh againn i ndiagh gnóth don tsórd a imig i bhfad uadh
shin as ár gceann." "Canathaobh," ar se sion le Abraham, "nar gháirig
do bhean, ag rá "A' mbeig mac ag mo leithéid-se do shean-bhean?"
Oir níl aon ní ar bith deacair ná do-dhéanta ag Dia." Arsa Sara, le
neart eagla, "Níor gháireas ar aon chor." "A rinnis go deimhin," ar sé.
"Agus fá an am na ndúrt geobhad-sa anso arís agus beig mac agad."
Do éiríodar ansa<n> agus a ghabhadar an <t>slí go cathair Sodom.
A chuaig Abraham dá dtionlacan agus a thit comhrá amach eatartha
agus gnóth ana-iontach a neosad dhíbh le cúnamh Dé 45 seachtain
uadh inniubh.



5. As a ndúrt atá dhá nithe le tabhairt fá ndeara go ró-spisialtha
'gainn. Ar dtúis, na focail seo adúirt Dia le Abraham, "Siúlaig im'
láthair-se agus beir iomlán. As sion tuigimid ná fuil slí ar bith níos
éifeachtúla dhúinn chun sinn a dhéanamh iomlán insa go aon <t>sórd
naofacht, ná nós as socharúla dhúinn do thaobh cuirp agus anama, ná
cuimhneamh go minic go bhfuil Dia láithreach ins go aon áit, go
bhfuil sé i gcónaí ag féachaint orainn do ló agus do oíche inár bhfochair,
istig i gceart-lár ár gcroí, inár dtíompall, orainn, as ár gcionn in airde,
fúinn thíos. "Oir má théim suas ins na flaithis," arsa an fháig, "atáir-se
ann, a Thiarna. Agus má ghlacfainn sciatháin chlúir agus sceinneamh
go teora an domhain, as í do láimh-se a bhéarfach ann me, a Thiarna.
Agus dá rachainn síos go fíor-íochtar Ifrinn, atáir-se ann romham ag
imirt do dhíolthas eaglach le lán-cheart ar an dram dhona a chónaíos
go brách ina a<n> áras brónach úd". "Oir as i nDia," arsa an tAspal,
"a mhairimíd, a ghluaisimíd agus atáimíd beo." Dá dtarraigeach Dia
é féin uainn ar feag aon nómant amháin, ar an nómant sion a thit<f>imís
thar n-ais insa neamhní ina rabhamair sular chruithnig sé sinn. Adeirim
gur ard-shocharúil dhúinn an fhírinne seo a thabhairt go minic agus go
maith fá ndeara. As do bhrí go ndear<mad>aimíd Dia a bheith do
láthair inár bhfochair a thitimíd in aon pheaca. Níl aon duine chón
cuirpeach sion, dá gcuimhneóch sé go bhfuil <Dia> ag féachain air,
ag éisteacht leis, adéarfach nó a dhéanfach ao' ní a chuirfeach mí-
chéata air: a scuirfeach sé gan stad dhá dhroch-obair agus dá
dhroch-chaint, amhail a rin Thais óigbhean ana-álainn a tarr<aig>eag
isteach chun droch-bheatha a lea<n>úint i gcathair Alexandria insa<n>


L. 37


Égypt. A bhídís ógánaig uasal dá marú a chéile go aon lá mar gheall
airthe. A bhí dearbhráthair athar di ina bhráthair bocht i mainistir
a bhí trí nó ceatha<i>r do chéadtaibh míle insa bhfásach amach uadh
an gcathair úd. Duine ana-naofa a budh ea é, agus a 'niseag dho an
droch-shlí a bhí iníon a dhearbhráthar ag leanúin. Do fhág sé an
mhainistir, a shóinseáil a bhrat agus a chuir cluith oifigeach air fhéin.
A thóg sé cúpla púnt uadh uasal gaolmhar dho, a thánaig chun an
46 tí ina raibh <sí> ina cónaí, agus a chaith céad púnt a dhíol i dtaobh í
a fhaicsin. A fuair sé í i seomra álainn ina aonar, agus adúirt go
mb'fhearr leis go rabhadar i seomra ní budh phríobháidí i dteannta a
chéile. "Níl," ar sise, "seomra as príobháidí ná é seo. Ní baol go
bhfaicig neach ar bith sinn ach Dia." "Dia!" ar se sion; "cionas a
leomhann tu an ainm ró-naofa sion a tharraint tré do bhéal slach
peacúil? Mise a leithéid so do dhuine a thánaig chun thu a bhreith a'
so." A chaith sí í fhéin ar a béal agus ar a aghaidh, agus adúirt, "Rachad
lead gan stad. Áfaig atáid mo pheacaí chón mór sin go measaim ná
maithfig Dia dhom iad go brách." "Tógaim-se" ar sé, "do chortha
agus do pheacaí go léir oram agus a gheobhaig mé maithiúnas i<o>nta
go léir dhoit, má thagann tú liom." A ghluai<s> sí leis gan stad. A rug
sé leis í don mhainistir agus a dhún suas í i seomra cúng i ná raibh
radharc aici ar aoinne. Agus a chaith sí ocht mbliana déag agus fiche
ag déanamh an ai<th>rí budh chrua agus ag rá an t-aon urnaithe a mhúin
an duine naofa di. Agus a b'í urnaithe í sin, "Ó thusa a chúm me, bí
trócaireach liom." Fá an am sion budh thoil le Dia í a ghlaoch as an
saol so. Agus cúpla oíche sula bhf<u>air sí bás a fuair duine ana-naofa
a bhí insa mhainistir radharc ar na flaithis, agus a chonairc sé cóirithe
ann an leaba budh bhreátha ar bith. "Cé dho," arsa aingeal leis, "nar
dhóigh lead na bhfuil an leaba álainn sin socraithe?" "Dhom'
thuairim," arsa an bráthair, "as fá chomhair a leithéid so do mhór-
naomh." "Ní ea go deimhin," arsa an t-aingeal, ach fá chomhair an
bhean bhocht úd Thais."



6. An tara ní atá againn le tabhairt fá ndeara as ea cad é chón ceart
agus chón socharúil agus atá sé dhúinn féile agus óstaíocht a thiospáint
dho stróinséirí. A mheas Abraham gur thra<i>bhléirí a bhí i ngá bíg
agus fortaig an triúr úd a chonairc sé ag triall air, ach cé a bheach aige
ach aingil Dé agus Rí na n-aingeal fhéin. As air sin adúirt an t-Aspal,
"Ná déanaig dearmad do fhéile agus do dhaonnacht, oir na daoine a
chleachtaig iad, a fua<i>readar do onóir aingil Dé agus Tiarna na glóir' é
féin a ghlacadh isteach ina dtithe." 47 Agus adeir Críost féin linn, pé
fóirthean a thabharfam ar na boicht nó ar aoinne a bheig i ngá, súd as
go mbeach an fhóirthean sion chón suarach le deoch uisce fuar, go mbeig
sé chón buíoch agus dá a b'air féin i bpearsa a rinneamair an fhóirthean
sion an lá déanach, an uair a thiucfaig sé ina ghlóire iontach chun
breithiúnas a thabhairt orainn go léir agus chun deire a chur go brách
leis an domhan so. Adéarfaig: "A bhíos ocrach agus a thugais bia
dhom, etc. Ar an abhar <sin> gluaisig, a dhream bheannaithe agus
glacaig seilbh na ríocht<a> atá ollamh dhíbh." Go dtugaig Dia dhúinn,
tréna mhór-thrócaire, an chuire shólásach sin a thuilleamh agus a
fháil.


L. 38


IX. CRIMES OF THE SODOMITES SODOM BURNT



Gen.18:17-33. 1. Ar bheith do Abraham ag tionlacan an bheirt
aingeal agus Mac Dé, adúirt se sion: "An ceart
dhúinn an gnóth a mheasaimíd a dhéanamh do cheilt ar an bhfear so
atá ina cheap as na bhfás<f>aig mórán náisiúin agus rithe comhachtach,
agus na mbeannófar go aon chine insa domhan ina shliucht? Atá
fhios againn go gciomádfaig sé fhéin, agus go n-achtóig sé dhá mhuintir,
cóir agus ceart Dé a leanúint, agus go gcólíonfaig Dia gach ní a gheall
sé dho." Ansion adúirt sé le Abraham, "Bíoch fhios agad go bhfuilid
peacaí na ndaoine a chónaíos i gcathair Sodom chón mór sion go
bhfuilid do ló agus do óiche ag éimh agus a' screadaig ar Dhia díolthas
a imirt ortha. Ar an abhar sion a thánamair-ne chun go mbeach fhios
againn go cruinn a' bhfuil an gnóth chón olc agus adeirtear ins na
flaithis go bhfuil sé." Do imíodar an bheirt aingeal ansion agus a
thria<ll>adar ar an gcathair, agus do fhan an Tiarna i bhfochair Abraham.
Agus ar thuigsin dho sion cé a bhí ina fhochair - oir go dtí sion a mheas
<s>é gur daoine iad - a dhruid sé suas leis an dTiarna: "An féidir go
millfig tu na daoine neamhchiontach mar aon le na mallathóirí? Má
atá deich nduine agus dá fhichid insa chathair úd, ná spárálfair í mar
gheall ortha sion? Oir as tusa ard-bhreitheamh cóir an domhain go
léir, agus ní oireann doit an fíoréan a bhascadh in aoneacht leis an
bpeacach. Ná déin <a> leithéid do ghnóth." Arsa an Tiarna dá fhreagairt,
"Má fhaighim i Sodom, agus ins na seacht cathracha eile atá insa
dútha so, deich nduine agus dá fhichid atá neamhchiontach, spárál-
<f>aigh mé an dútha go léir ar a son súd". "Níl ionamsa," 48 arsa
Abraham, "ach cré agus luaithreán, agus uadh a fuair mé iom' féin
labhairt ar aon chor liom' Thiarna, labharfaig mé arís leis: Súd as ná
faighfeá a<ch> cúigear agus dá fhichid ann, a' millfir an chathair?"
"Ní dhéanfaig mé," arsa an Tiarna. "Muna bhfaighir ach dá fhichid
ann, cad déanfair?" arsa Abraham. "Má fhaighim an oiread sion ann,
spárál<f>aigh mé an áit," arsa Dia. "Ná tóg oram, a Thiarna," ar se sin,
"muna bhfaighir ach fiche fíoréan ann?" "Má fhaighim," arsa Dia, "ní
mhillfig mé an áit." "Ná glac fearg chúgam, a Thiarna," ar sé sin, "i
dtaobh an fhocail dhéanaig seo a rá lead: Súd agus ná faighfeá ach
deichniúr ann?" "Má fhaighim," arsa Dia, "maithfig mé don dútha."



A imig an Tiarna ansin uaig agus a chas Abra<ha>m chun a áras fhéin.



2. A b'é peaca spisialtha na gcathracha so, drúis mhínádúrtha, nó
beirt fhireannaig a bheith ag gabháil dá chéile amhail a bheach fear
agus bean, nó beir<t> bhaineannaig a bheith ag gabháil dá chéile amhail
as gur fireann agus baineann iad. Atá an gnóth sion chón scanrúil sin
go n-ainmníthear é ar na ceithre peacaí a screadas suas chun Dé a' lorg
air díolthas a imirt insa tsaol so féin ar aoinne a bhíonn ciontach in


L. 39


aon cheann díobh sion. Na ceithre peaca ia<d> sin, murdar toilt<e>anach,
an peaca so Sodom, éagóir a dhéanamh ar bhaintrig nó ar dhílleachtaí,
agus a dtuarastal a chiomád uadh locht oibre.



A chuireadar leis an bpeaca scanrúil úd peacaí troma eile, amhail a
'niseann an Spirid Naomh dúinn: "A b'é bun agus abhar a bhí le peaca
Sodom agus na cathracha eile a bhí in aon dútha lé, uabhar, raidhse
agus iomarca bí, díomhaoineas, agus nár fhóireadar ar na boicht ná
ar locht an dealbhais. Dá bhrí sin a bhorradar suas agus a rinneadar
an mhallathacht úd, agus a thug mise léirscrios ortha" (Ezechiel 16:
49-50).



Gen.19:1-38. 3. Um thrá<th>nona déanach a shroiseadar an bheirt
aingeal cathair Sodom. A bhí Lot ina shuí ag g<e>ata
an chathair, agus an uair a chonairc sé iad do éirig go mear, a chuaig
féna ngéin, do umhlaig go talamh dhóibh agus adúirt, "Iarraim
oraibh, a mháistrí, teacht liom chun mo thí, agus fanaig iom' <fhoch-
air ?>. 49 Níg bhúr gcosa, caithig bia, agus ar maidean tugaig bhúr
slí oraibh." "Ní dhéanfam ar aon chor," ar siad, "ach fanfam ar an
sráid ar feag na oíche." Áfaig ní éireoch sé díobh agus a sháraig iad
chun dol leis.



A ghabhadar leis. Do ollmhaigh sé suipéir dhóibh, agus adéis a
chaite a thánaig go aon fhear agus garsún insa chathair chun an tí.
A ghlaodar ar Lot agus adúradar, "Cá bhfuilid na feara óga úd a thánaig
chúghad anocht?" Cuir amach chúghainn iad chun go ndéanaimís
sinn fhéin a shásamh leo." A ghaibh Lot amach chúghtha agus a dhún
sé an doras ina dhiagh agus adúirt, "A dhearbhráithreacha, ná déanaig
an obair ró-mhallaithe seo. Atáid beirt iníon <agam>, maighdeana
álainn óg: scaoilfead amach chúghaibh iad chun bhúr dtoil a dhéanamh
leo. Áfaig ná bainig leis na ógánaig seo a thánaig anocht fé dhíon mo
thí-se." Adúradar leis, "Imig lead; a thánaís id' stróinséar chúghainn,
ní chun a bheith iod' bhreitheamh ná iod' chomhairleach orainn. As
ort fhéin a dhéanfam ar dtúis an obair a dhéanfam ina dhiagh sion
ortha sion. A rugadar greim air agus a chuir<ea>dar chun an dorais a
bhriseadh. Ach a chuireadar na aingil a lámha amach, a tharraigeadar
Lot isteach chúghtha, a dhúnadar an doras agus a chaochadar na
mallathóirí úd. Cé go rabhadar a súile oscailthe, ní fhiadadar an doras
a aimsiú, ach a chaitheadar an oíche go léir ag siúl tíompall an tí.



Adúradar na aingil leis, "A' bhfuil aoinne muinteartha nó codartha
lead insa chathair seo? Má atá, brostaig ort go diair, beir thu fhéin
agus iad sion amach as an gcathair seo. Oir loiscfeam-ne í agus an
dútha go léir. Ní fhoighneoig Dia a thuille lena bpeacaí, agus a chur sé
sinne chun léirscrios a thabhairt ortha." A imig Lot go beirt ógánach a
cheap sé a bheith ina gcliamhanaithe aige agus adúirt leo, "Éiríg
suas go tapaig agus fágaig an áit seo, oir atá Dia ceapaithe chun léir-
scrios a imirt airthe." As amhla a mheasadar sin gur ag magadh a bhí
sé, agus do fhanadar mar a bhí aca.



A chas Lot chun na aingil, agus ar bhreacadh an lae adúradar leis,
"Beir lead do bhean, do bheirt iníon agus a bhfuil agad amach as 50


L. 40


an gcathair seo, ar eagla go millfí <í ?> sion leis an ndram ard-mhallaithe
seo." A bhí sé sion ag l<e>adrán, ach a chuireadar na aingil é fhéin agus
a mhuintir déis muith don chathair, agus adúradar, "Ná stadaig ar
aon chor insa chomharsanach<t> so, agus ar bhúr mbás ná féachaig thar
n-ais. Ach teithig libh fhéin chón mear agus a fhiadfaig sibh chun an
chnuic úd thall. Oir a chonairc Dia oiriúnach sibh a spáráil." "Uadh a
fua<i>reas fábhar in bhúr radharc ar aon chor," arsa Lot, "atá baile beag
anso i bhfogas dúinn: triallfad airthe, oir atá an cnoc ró-fhada uaim."
"Spárálfaig mé an baile úd mar gheall ortsa. Áfaig brostaig ort, oir ní
féidir dom aon ní a dhéanamh nó go mbeir-se ar lámh na sábhála."



A shrois Lot an baile úd díreach ar éirí na gréine. Agus le linn a éirí
a chur Dia fearthainn do thine agus do brimstone anuas uadh na
spéartha ar Sodom agus ar na seacht cathracha eile a bhí insa dútha
sion. A loisceag iad, mar aon leis na daoine, na beithíg, na crainn, na
clocha, agus go fiú cré féin na dútha sion a bhí chón mór agus chón
fairsean leis an oileán so na Éireann. Agus a iompaig an tír sin, a bhí
chón breá le Par<a>thas Dé, i loch bréan atá le faiscint fós: an Fhairrge
nó an Mhuir Mharbh as ainm dí. Níl iasc ná piast beo inte. Atá gal
chón bréan sin ag éirí aiste, dá sceinnfeach fiolar nó an <t>-éan as
tréine as a chionn, a thitfeach sé anuas marbh. Agus hen í an oíde a
thug Dia ar na daoine úd agus ar an dútha mar gheall ar a bpeacaí:
tine Ifrinn, go saora Dia sinn, do fhearadh anuas ortha insa tsaol
so féin.



Ar imeacht do Lot agus a mhuintir do<n> bhaile úd - Segor budh
ainm di - an uair a chualadar fothram, fuaim, agus glór na stuirme tintí
uafásach úd, do fhéach a bhean thar n-ais, agus ar an láthair sin a
dearnag pillóir salainne di, atá le faicsin fós agus a bheig an<n> go deire
an tsaoil mar chomhartha seasmhach síoraí do fhógrann dhos go
aoinne againn nách ceart dúinn go fiú féachaint thar n-ais ar an ndroch-
chuideachtain do 51 fhágamair inár ndia<i>g, ná aon chaitheamh a
bheith againn filleadh ortha.



A scanríog Lot chón mór sion tré an oíde a imig ar a bhean agus ar
na cathracha úd ná stadfach sé insa bhaile úd féin, ach a theith sé chun
an chnuic, mar a chomhairlíodar na aingil ar dtúis dho. Agus a
chónaig sé agus a bheirt iníon in uaimh mór a bhí an<n>. Sealad dhóibh
ansion agus adúirt an iníon budh shine lena dreibhshúir, "Atá ár
n-athair ana-chríonna agus níl fear beo ar an dtalamh lena mbeach
clainn againn. Tugaimís fíon do, cuirimís ar meisc' é agus luímís ina
fhochair adonn go mbeach sliucht againn agus ná caillfí an chine
dhaonna ar fad." A rinneadar amhla sion: a chodail an iníon budh shine
an oíche sin leis, agus ní airig se sin í a' luí leis ná ag éirí uaig ná cad
a thit amach eatartha. An oíche a bhí chúghtha a rin an iníon budh
óige an gnóth céanna. A bhí leanbh mic ag gach ceann aca. A thug an
bhean budh shine Moab, nó "mac mo athar," ar a leanbh, agus an ceann
budh óige, Ammon, nó "mac mo dhaoine féin," ar a mac. As uatha sion
a thánaig dhá náisiún comhachtach a bhí ar teorainn an phobal Abhra,
agus a rin uadh am go am ceataí móra dho<n> phobal úd.


L. 41


4. Anis, cad é an teagasc as ceart dúinne a bhaint as na nithe uafásach
so? Cionas a bhainid siad linne? Cad as ceart dúinn a dhéanamh dá
ndruim? Tugaimís fá ndeara ar dtúis gur mór a' sochar do aon náisiún
daoine naofa a bheith ina measc. Dá mbeach go fiú aon deichniúr
amháin do dhaoine naofa coinsiasach macánta i gcathair Sodom agus
ins na cathracha eile cuirpeach úd, ní thabharfach Dia ortha an oíde
sceimhliúil a thug. Atá sé ráite, agus as fíor an rá é, gur minic a
chaillthear long tré chionta aoinne amháin, agus as có-fhíor gur minic a
shábhálthar ní amháin long ach dútha, tré naofacht aoinne amháin.
A bhí dhá chéad agus sé phearsa déag agus trí fichead ar bhord na
loinge a bhí a' breith naomh ina phríosúnach don Róimh. Págánaig a
budh <ea> iad ach fíor-bheagán, agus a s<a>orag iad go léir mar gheall ar é
sin a bheith ina bhfochair. A shéid ana-stuirm ar feag ceithre lá dhéag
agus ceithre oíche déag. Ar a' bhfeag sin níor fhiadadar blúire 52
<bíg ?> ná braon dí a chaitheamh. An oíche sula seolag iad go oileán
Malta a thánaig aingeal Dé chun Nao' Pól agus adúirt: "A bhronn Dia
na anamnacha so go léir ortsa, agus sábhálfar iad do bhrí go bhfuilir-se
ina bhfochair." Agus 'niseann a<n> Spirid Naomh dúinn in áit eile don
Scriptiúir, ag trácht ar loscadh na gcathracha úd, "Do chuimhnig Dia,"
ar sé, "ar Abraham, agus tré chion air a shaor sé Lot uadh <an> dtóitéan."
Ní deir sé gur ghuig Abraham chun Dé ar son Lot: áfaig do bhrí gurbh
é mac a dhearbhráthair é, tré an cion a bhí aige ar an bhfear bean-
naithe úd.



Ar an abhar sion déanaimís go léir dícheall maireachtain go macánta
agus go naofa, agus fóirfig Dia orainn fhéin agus ar ár ngaoltha. Oir as
treise agus as éifea<ch>túla i bhfianaise Dé glór a <n>deigh-ghníomh-
artha ná glór na bhfocal. Agus má screadaid peacaí na ndroch-dhaoine
chun Dé a' lorg díolthais, as fórsúla ná sion a ghlaoid dea-oibreacha
na bhfíoréan chuige a' lorg trócaire. Oir a fuair Maois tréna achainí
pardún do phobal mallaithe a rin rebelúntach<t> solmanta deith n-uaire
i gcuinnibh Dé. As tré ghrá agus cion ar an mbeagán fíoréan atá insa
domhan a spáráil Dia an ioliomad peacaig atá ann. Ní maith leis an
rílé a stathadh as a' goirt ar eagla go stathfaí an chuirneacht in
aoneacht léi. Ligeann sé dhóibh fás tréna chéile go am an fhómhair,
as é sin deire an tsaoil, "agus ansion," arsa Íosa Crío<s>t, "ordóig sé dá
bhainteoirí, na aingil, an chuirneacht a chnósach isteach ina scioból
agus an rílé a cheangal suas ina bearta agus a chaitheamh isteach insa
tine úd ná múchfar go deo."



5. Pointe eile nách ceart a dhearmad as ea gur thuilleadar na
cathracha úd go cruaig agus go ceart an díolthas eaglach a imir Dia
ortha mar gheall ar a bpeacaí troma uaf<á>sach. Áfaig deimhníonn
Críost dúinn, agus niseann go pointeáltha, gur measa a bheig na
daoine as a chloiseann a theagasc agus ná géilleann dí; gur measa a
bheig an scéal aca sion ná a bhí ag locht Sodom agus Gormorrha. Níor
chaith sé ach beagán seach<t>ainí i mbailí Corozain, 53 i mBethsaida
agus i <g>Capharnaum. A thug sé teagasc uadh am go am dos na
daoine a chónaig ins na trí bhailí úd, agus a rin sé beagán míorúilí ionta.
Ní ghlacfaidís na daoine a theagasc agus ní ghéillfidís di; ní éireoidís dá


L. 42


ndroch-bhéasa. Agus cad adúirt sé leo insa deire: "Mo léan oraibhse,
a Coroza<i>n, a Bethsaida agus a Capharnaum! Oir dá <n>déanfaí i
Sodom, i Gomorrha agus ins na cathracha eile a loscag le tine a scaoil-
eadh anuas uadh neamh ortha, na míorúilí a dearnag i<o>naibhse, a
sheasóidís inniubh. Ar an abhar sion as measa a bheig sibhse as insa
lá déanach ná locht na gcathracha úd."



Anis, a Chríostaithe, as neamhní a rin ár Slánathó<i>r dhos na daoine
úd i gcomórtas dhos na nithe a rin sé dhúinne. Níor chaith sé ach
beagán seachtaine ina bhfochair súd, agus atá sé inár bhfochair-ne uadh
a rugag sinn. Níor thug sé ach teagasc fánach dhóibh súd, agus atá sé
go aon Domhnach dár dteagasc-ne. Níor bhronn sé ach grása gann
fánach ortha súd agus a thug sé dhúinne na grása budh líonmhara, budh
shaibhrí atá, <i.>e. é fhéin i bpearsa, fairrge na ngrása gan tomhas ga<n>
teora, a chuid fola agus feola, a anam, a chorp, a dhiacht, a dhaonnacht.
Agus muna gcabhróimíd leis na grása, muna mbainfeam sochar ceart
asta tré bheatha naofa Críostúil a leanúint, féach cad atá le imeacht
orainn. As glan an scéal gur measa a bheimís ná locht Sodom fhéin.



6. Púnc eile ar nar cheart stuidéar agus léir-mhachtnamh a dhéan-
amh as ea í seo: gur ró-ainniseach an gnóth scaradh le cuideachta agus
le cóluadar ndeigh-dhaoine, agus gur tiubaisteach an gnóth aon
chuideachtanas a chiomád le droch-dhaoine. A thosnaíodar mí-
fhortún Lot go leír tré scaradh lena úncail naofa. Beagán adéis a
scar sé leis a gabhag é fhéin agus a mhuintir, agus a béarfaí iad i síor-
bhraighdeanas gan fuascail do fháil go brách muna mbeach gur shaor
se sion iad, le n-é féin a chur i mbaol a mhairthe tré chomhrac a
thabhairt <leis> an dorn fear a bhí aige dhos na ceithre rithe buach úd
agus dá dtrom-shlua. Agus déis a shaoradh níorbh fholáir dho dul arís
chun cónaithe ar measc na mallathóirí úd. Agus a loiscfí é mar aon
leo muna mbeach gur thiospáin Dia trócair<e> dho tré bháig 54 lena
úncail. Agus féach cad a thit amach do tré iomarca óil. Cé gur chónaig
sé i Sodom, a chiomád sé <é> fhéin saor glan uadh dhrúis fuathmhar
mínádúrtha na bpeacach a chónaig inte. Ach do dhruim iomarca óil
a thit sé isteach, i gan fhios go deimhin, in obair nár thit amach uadh
thúis domhain go dtí sin, ná as dóigh liom uadh shin aduas, a leithéid
do aon fhear, ciontú lena iníonacha fhéin agus clainn a bheith <aige>
leo. Go saora Dia sinn! Ó cad é an trom-chnoc bróin a bhí ar a chroí
an dá lá agus a mhair sé, do dhruim an ghnótha sion. Ar an abhar sion
seachnaimís meisce, gabhaimís go dícheallach thóirste. Namhaid
ard-uirchóideach, fíor-mhairtheach as ea í, a dhúnfaig sinn go brách
amach uadh ghlóire fhlaithiúnas agus a bháfaig sinn i dtine míle uair
níos measa, níos fórsúil, níos bréine, ná an brimstone dearg tintí úd a rin
luaithreán do Sodom.


L. 43



X. BIRTH OF ISAAC, Etc.



Gen.20. 1. An mhaidean a loisceag Sodom, a ghaibh Abraham amach
go dtí an áit 'nar scar Mac Dé leis. A fhéach sé chun an
dútha ina raibh an chathair agus na seacht cathracha eile agus ní
fheacaig <s>é ach datach mór agus lasair as a gcionn go léir. Do fhág sé an
dútha sin agus a chuaig chun cónaithe i <g>cathair Gerara i ndútha na
Philistíneach. Agus a ghlac Abimelec, an rí a bhí as cionn na dútha sion,
Sara, chun go mbeach sí 'na bean aige fhéin. Cé go raibh sí an tráth sin
deich mbliana agus ceithre fichid do aos, a bhí sí chón bláfar agus chón
dathúil agus a bhí sí ina óige. An oíche sin a thiospáin Dia é fhéin don
rí agus adúirt leis, "A rinnis gníomh do mharóig thu: atá an bhean
sion pósta agus as fáig beannaithe liomsa a fear. Cuir uait go diair í,
agus muna gcuirfig tu, maróig mise thúsa agus do dhaoine go <l>éir."
"A Thiarna," arsa Abimelec, "ní mharóir duine neamhchiontach nár rin
aon ní as an <t>slí. Nílr mheasas agus níor thuigeas go raibh sí pósta.
Agus dá dtuigfinn ní chuimhneoch mo chroí ar a leithéid do ghnóth a
dhéanamh go brách. Atáim glan airthe: níor bhaineas ar aon <chor>
léithe, agus as i simplíocht mo chroí a ghlacas isteach im' 55 thig í."
"Atá fhios agam," arsa Dia, "gur le croí simplí neamhchiontach a
ghlacais í, agus as ar an abhar sion a chiomád mise thu chun ná titfeá
i ngnóth chón mallaithe sin agus lámh a chur i mbean fhir eile. Cas go
dia<i>r ar a fear í, agus guífigh sé chúghamsa ar do shon, agus leigheas-
far tu agus do mhuintir uadh <an> dteinneas trom a bhua<i>l<f>ig oraibh."



A ghlaoig an rí gan stad ar a sheirbhísig agus do 'nis dhóibh na focail
sin. A ghlac anaithe agus scanradh iad. A ghlaodar ar Abraham agus
a thugadar a bhean saor sábháltha suas dho, agus a thug an rí míle púnt
di, ag rá, "Ceannaig ar an airgead so folach gnúise dhoit fhéin chun ná
faiceach aoinne eile do aghaidh feasta, ach do fhear pósta fhéin, agus go
mbeach fhios aca nách bean singil thu."



A ghuig Abraham ar son Abimelec agus a mhuintir, agus a thóg Dia
dhíobh na pianta éagsúlach a chur sé ortha. Agus budh iad pianta iad
sion, de réir teagasc na ndaoine léannta a mhíníos an pháirt seo do<n>
Scriptiúir, teinneas agus pianta amhail a bhíonn ar bhean le linn linbh
a bheith aici a bheith ar Abimelec agus ar go aon fhear ina ríocht.
"As mar sin," arsa Naomh Ambrós, "a thiospáin Dia an fuath atá aige
ar adhaltharnas. Agus, uadh as é féin a chur an pósadh ar bun, go
n-imreoigh sé díolthas cruaig ar go aoinne a chiontóig i gcuinnibh
naofacht an staid bheannaithe sin." Agus súd agus ná cuireann sé anis i
gcéill do dhaoine an fuath atá aige don chuir trom sion trí ainnisí
saoltha nó corpar<th>a a imirt ortha féin mar a rin sé insa tseana-aimsir,
áfaig ní shaorfaig sin iad uadh an bpionós trom síoraí atá ollamh
fána gcomhair agus a bainfear asta gan trua gan trócaire tré shaol na saol.


L. 44


Gen.21:1-21. 2. A chólíon Dia fé dheire an ní a gheall sé do chúig
bhliana fichead roimhe sin, go mbeach mac aige lena
bhean fhéin a bheach ina oidhre ar a chuid agus gur ar shliucht an mhac
sin a thiucfach Slánathóir an domhain. A chuir Sara mac di ins an am
céanna ina ndúirt an t-aingeal lé go mbeach sé aici. A thug sé Isaac,
nó "Gáire", do ainm 56 air i gcuimhne an smuit gáire a rin sí insa
chábán an tráth a chualaig sí an t-aingeal ag rá lena fear, "A geobhad
an tslí seo arís i gcionn trí rátha, agus beig mac fá an am sin ag
Sara." Agus cé gur ard-bhean uasal saibhir í, a rin sí banalthras ar a
leanbh féin, agus an uair a coisceag é uadh an gcín a rin Abraham féasta
mór dhá mhuintir agus dhá chomharsain le neart áthais i dtaobh gur
thoil le Dia an mac sion a thabhairt dho. As buíoch a bhí Sara do Dhia i
dtaobh an scamall bróin a bhí airthe do thógan di, agus budh mhór é a
áthas go bhfaicig sí fé dheire a leanbh fhéin agus ná fiadfach Agar a rá lé
a thuille gur bhean gan sliucht í. As dúch brónach a bhí Agar agus an
mac do dhruim an ghnótha sin, oir a chonairc sé go raibh an oidhreacht
caillthe aige. A bhí sé chúig bliana dhéag do aos an tráth sion. A chrom
sé ar dhroch-úsáid a thabhairt don leanbh eile. Budh mhar a chéile leis
agus an bás é 'fhaicsin ar aon chor. An uair a thuig Sara an gnóth sion
adúirt sí lena fear, "Cuir uait an bhean so agus a mac, oir ní bheig mac
mo chailín aimsire i gcó-oidhreacht lem' mhac-sa. A ghlac Abraham
na focail sin go ró-olc ar a mhnaoi, ach adúirt Dia leis, "Ná tóg ar Sara
an chaint úd a chaith sí lead, ach déin mar adúirt sí lead. Oir as in do
mhac Isaac a bheig sliucht agad. Ach i dtaobh mic an chailín, tiucfaig
náisiú<i>n mhóra comhachtaig uaig, do bhrí gur leadsa é."



Go moch ar maidin a scaoil sé Agar agus a mac uaig. A thug sise
aghaidh ar an bhfásach. Agus an tráth a bhí an lón bíg agus dí a thug
sí lé caite, do fhág sí a mac fé bhun crainn ag béicig agus ag fáil bhaís le
tart. Agus a chuaig sí féin tamall uaig chun ná beach sí i láthair a
bháis, agus a chrom ar ghol go géar. A chualaig Dia béicig an linbh
agus a chuir sé aingeal <chúighthe> adú<i>rt lé, "A Agar, cad a mheasann
tu a dhéanamh? Éirigh suas, oir do chualaig Dia gol do linbh. Ná
bíoch eagla ort: beir ar láimh air, oir déanfaig 57 Dia athair dé ar
mhórán náisiúin comhachtach." Ansin a thiospáin an t-aingeal tobar a
bhí i bhfogas di. A thug sí deoch dho agus do fhan ina fhochair nó
gur fhás chun a bheith ina fhear. A thug sí bean chuige uadh an Égypt,
agus as uaig a thánaig na náisiúin úd, mar a 'niseas roimhe seo dhíobh,
ar na dtugthar Arabs, a chónaíonn ins na fásaig mhóra gainmhig atá
insan Áise agus insan Africa. Fiántóirí as ea iad, nár fhiad aon rí ná
taoiseach an láimh uachtrach a fháil riamh fós ortha.



Gen.22:1-18. 3. Adéis a díobrag Agar agus a mac Ishmael, a chaith
Abraham a shaol fé chompord mór agus fé an sólás
a bhí aige uadhna bhean agus a mhac Isaac, an uair budh thoil le Dia
é a thástáil go cruaig, an tástáil budh chrua 'baineag as aoinne riamh.
A budh <é> a mhac Isaac áthas a chroí agus sólás a anama. Budh
uadhna shliucht a gheall Dia go síolthóch Slánathóir an domhain.
A bhí an mac grámhar beannaithe sin seacht mbliana déag agus fiche


L. 45


do aos an tráth a ghlaoig Dia fé dhó istoíche ar Abraham as a chodladh.
Adúirt se sion, "Atáim agad, a Thiarna." "Más ea," arsa Dia, "éirig go
diair agus beir lead do mhac - an mac sin ar na bhfuileann <tú> ceannúil
thar barr - beir lead é go cnoc a thiospán<f>aig mis' doit. Déin olthóir
ar mhullach an chnuic; cuir beart adhmaid anuas airthe; ceanga<i>l do
mhac, sín ar an adhmad é, tarraig do chlaíomh ar a scórnach, bain an
t-anam ar fad as. Scaoil tine fé an adhmad agus déin luaithreán dá
chorp im' onóir-se.



Gan mhoill ar bith a phreab Abraham suas, a rug leis a mhac, beirt
sheirbhísig agus asal ar na raibh beart adhmaid. Adéis trí lae siúil a
shrois <s>é an cnoc a thiospá<i>n Dia dho. Agus a budh <é> cnoc é sin
Calva<r>y, ar nar íobair Mac Dé é fhéin ina íobairt loiscithe dhá
Athair síoraí, ocht céad déag agus naoi bliana déag agus dá
fhichid uadh an am sin. An tráth a thánadar go bun a' chnuic, adúirt
Abraham leis na seirbhísig, "Fanaig-se agus an t-asal anso go racham-ne
araon suas ar an gcnoc chun Dia do adhradh. Agus ansion fillfimíd
chúghaibhse. 58 Ar ghabháil suas an chnuic dóibh - an bheart
adhmaid anuas ar a dhrom ag Isaac, an tine agus an claíomh ina láimh
ag Abraham - ar chur an chnuic díobh adúirt Isaac, "A Athair, atá an
t-adhmad agus an tine againn chun na íobartha a dhéanamh. Áfaig cá
bhfuil an íobairt féin?" "Ní baol," arsa Abraham, "ná go sláthróig
Dia íobairt dhúinn." A thóg sé an olthóir, a chur an t-adhmad airthe,
adúirt lena mhac baint de, é fhéin a shíneadh anuas ar an olthóir chun
go maireofaí é agus é a loscadh in onóir Dé. Ní dúirt an mac go fiú
focal ina chuinnibh, ach a rin sé go fonnmhar mar do ordaig a athair.
A thóg sé sin an claíomh suas ina láimh chun scórnach a mhic a ghear-
radh. Agus lena linn sin a rug aingeal uadhs na flaithis greim ar a
láimh, ag rá, "A Abraham, ná bain lead' mhac; ná déin díth ná díobháil
ar bith dho. Anis atá fhios go cruinn agam go bhfuileann tú lán-umhal
don Tiarna, insa tráth na rabha<i>s lán-ollamh do mhac greanamhar
a mharú tré ghéilleadh dho."



Ansion do fhéach Abraham taobh thiar de agus a chonairc sé reithe
agus a adharca gafa i dtor sceach. A rug sé air, a mhairbh é agus do
ofráil do Dhia é mar íobairt in ionad a mhic. Ar chríochnú an gnóth sin
a ghlaoig an t-aingeal uadhs na flaithis an tarna uair ar Abraham
agus adúirt leis, "Ag seo mar adeir an Tiarna Dia a chruithnig neamh,
talamh agus na uile nithe atá ionta: Dearbhaím dar me fhéin, do bhrí
gur rinnis an gnóth so agus go rabha<i>s toiltheanach do mhac grámhar
a mharú iom' onóir-se, go mbeannóigh mé tusa agus go méadóigh mé do
shliucht agus go mbeid chón iom<a>dúil le na réalthanna atá ar an
spéir agus na gráinní gainmhe atá ar thráig na fairrge; agus go
mbeannófar iod' shliucht go aon náisiún atá insa domhan, do bhrí gur
ghéillis dom' ordú-sa."



4. A thógfach sé, ní ea amháin bliain, ach céad bliain uainn chun na
nithe seo a chuireas inniubh in bhúr láthair a mhíniú go cóir. Dá
mbeach im' cheann-sa intleacht agus foghlaim 59 na n-údar as léannta
a mhair riamh, ní thiucfach sé liom trácht i g<c>eart ar an mbrí agus an


L. 46


éifeacht doimhin spirideáltha atá ins na nithe ard-iontach so. Ní foláir
dhom a dó nó a trí phúinc a chur i gcéill dhíbh chun go ndéanfach sibh
stuidéar agus léirmhachtnamh ortha.



Tugaig fá ndeara ar dtúis gur figiúir ar Dhia Abraham, agus gur
figiúir ar Eaglais Dé a bhean Sara. Agus as dá dhruim sin adeirthear
insa Scriptiúir gurb é Abraham athair na gcreidmheach, nó athair
spirideáltha na uile dhaoine a chreid agus a chreidfig go brách in Íosa
Críost. Agus Críost fhéin, ag trácht ar staid na <n->anam<n>acha insa
tsaol eile, glaonn sé "brollach Abraham" ar ghlóire fhlaithiúnas. "An
tráth," ar sé, "a fuair an fear bocht Lazarus bás, a rugadar na aingil a
anam leo go brollach Abraham. Agus ar bhás do Dives, nó an craosaire
saibhir crua-chroíoch a dhiúltaig fóirthean ar an mbochtán úd, a
adhlacag a anam in Ifreann. Ar thógain a shúile suas dho," arsa Críost,
"a chonairc sé Lazarus fé shólás i mbrollach Abraham, agus adúirt go
truamhéileach. "Ó a Athair Abraham, cuir chúgham Lazarus chun go
dtomach barr a mhéir in uisce agus aon bhraon amháin de 'ligean
do shileadh mar fhuathain ar mo theanga. Oir atáim ró-phianta insa
lasair seo."'



Agus fé mar a mheas Pharaoh rí na Égypte, agus Abimelec rí na
bhPhilistínig, Sara a bhean a bhaint do Abraham, amhla sin a mheasaid
rithe saoltha uadh am go am an Eaglais fhírinneach a scaradh le Dia
agus í a dhéanamh umhal agus uirrimeach dhóibh fhéin. Agus fé mar a
chuir Dia píonós ar Pharaoh agus ar Abimelec, cuireann sé píonós
go minic, nó mar adéarfainn do ghnáth, ar na rithe a mheasann an gnóth
mallaithe sin a dhéanamh. Mar shampla air sin atá an t-ochtú Hannraoi,
a chuir an creideamh gallda ar bun ins na náisiúin <seo ?>. A bhí sé
pósta do reír dlí Dé agus na Eaglaise le Caitlín, dreabhshúir an Impire
Gearmánach, a<n> cúigiú Cormac. Agus déis mórán blian a chaitheamh
lena chéile, an tráth a chonairc sé ná 60 raibh sliucht fireann aige lé,
a chrom sé a bheith ag tathant ar an bPápa é a scaoileadh, agus cead a
thabhairt dho bean eile a phósadh - gnóth, ní nách ionadh, ná rin
an Pápa agus ná fiadfach a dhéanamh cé gur mór é a chomhachta.
Cad a rin Hannraoi ach, mar olc ar an bPápa, a rin sé Ceann na Eaglaise
dhe féin, agus a scar sé náisiún na Saxon le creideamh Chríost. A chuir
uaig a bhean phósta, agus, le dúil mic a bheith aige, a phós sé mór-
sheisir mná eile. A scoith sé an ceann do chúigear díobh, agus adéis
a shaothar go léir ní raibh aige ach aon mhac amháin, Éadbhárd, agus
beirt iníon, Máire agus Eilís. A chuadar sin go léir gan sliucht, agus i
gcúrsa trí fichid blian ní raibh duine ná daonní dhá shliucht a gheobhach
cróin na Sasana inár n-aimsir fhéin.



Bonaparte crógha cafuach, a chur sé a bhean phósta uaig agus a
ghlac iníon Impire na Gearmáine mar bhean. A bhí mac aige lé, agus
an uair ná déanfach an Pápa an gnóth mallaithe sin daingean agus ná
géillfeach sé dho i nithe eile éagórach, a chuir sé i bpríosún é, a bhain
cathair na Rómha de agus an dútha go léir a bhí ag gabháil, le tuille
mór agus míle blian, chun go aon Phápa a chothú. A thug sé ainm rí
na Rómha ar an mac sin nár mhair i bhfad.



Áfaig as ró-olc a éirig an gnóth sin le Bonaparte. A bhí ádh agus rath


L. 47


air go dtí sin: a bhuaig sé go dtí sion go aon ghleo, agus as imó trom-
ghleo garbh a chur sé de. Áfaig uadh an lá nar chur sé lámh i bPápa
Dé a chuaig go aon ní ina chuinnibh. A rug sé an arm budh bhreátha
dár feacag riamh ins an Eúróip - milliún, nó deich céad míle do
shaighdiúirí crógha, lánoilte ar ghunna agus ar chlaíomh, chun cúncas
a dhéanamh ar an Rúisíneach. Níor thug sé leis dhíobh san thar n-ais
do<n> Fhrainc ach deich míle fichid. Ní budh iad pléir ná claíthe
na Rúisínig a mhairbh iad, ach Dia a chuir sneachta trom ortha a
mhúch iad.



As mear agus as tapaig a mhilleag mac a dhearbhráthair, an Impire
nua so na Fraince a thug, beagán blian uadh shin, cúnamh éifea<ch>túil
don rí ard-mhallaithe sin Victor Emmanuel, rí na I<o>dáile 61 chun a
chuid don tsaol a bhaint don Phápa, an dútha do fhág Cormac Mór,
Impire na Fraince, tuille agus míle bliain uadh shin, mar estát fá
chomhair go aon Phápa a bheig do deire an domhain as cionn Eaglais
Chríoist. Do éirig cogadh idir an Bonaparte so agus Uilliam rí na
Prúise, insa bhliain 1870. A buag air, a dearnag príosúnach de, a
ghabhag agus a réabag a chathracha agus a loiteag an dútha go léir.
Agus sin i ndíolthas na éagcóra a rin sé ar Phápa Dé.



5. Gnóth eile as ceart a thabhairt fá ndeara as ea fé mar a rin
Ishmael, an mac a bhí ag Abraham le Agar, persecuting ar Isaac,
a cheap Dia mar oidhre ar na geallúna móra iontach a thug sé don
nduine beannaithe úd: amhla sin a dhéan<f>aig, do shíor agus do ghnáth,
leas-chlainn na Eaglaise, na eiricidí, a éirionn uadh am go am,
persecutin<g> agus géirleanúint ar chlann fhírinneach na Eaglaise,
na Catailicí, ag iarraig a n-oidhreacht - as í oidhreacht í sin an
creideamh cóir do fhág a n-athair Críost aca ar an dtalamh so - a
bhaint díobh, adonn ná sroisidís go brách seilbh do fháil ar an
oidhreacht buan saibhir síoraí atá aige fána gcomhair ins na
flaithis. Áfaig as socharúla dhúinn géirleanúint do fhulang i
bhfochair Isaac ná ádh saoltha a bheith orainn i bhfochair Ishmael.
Oir l<e>aghfaig an <t->ádh agus imeoig sé leis an saol so, ach seasóig
oidhreacht Isaac tré shaol na saol.



6. Áfaig an gnóth spisialtha atá le tabhairt fá ndeara againn, chun
aithris spisialtha a dhéanamh air, as ea foighne iontach agus creideamh
láidir Abraham. A bhí chúig bliana fichid uadh gheall Dia an mac
úd dho. Ar an bhf<e>ag sin níor thiospáin sé an mhífhoighne ná an
do-shástacht as lú i dtaobh nár chólíon Dia a gheallúint dho. Lán do
chreideamh i nDia, a bhí sé lán-deimhneach go gcólíonfaí an gheallúint
úd an tráth a chíofach Dia oiriúnach í a chólíonadh. Do fhág sé an
gnóth go léir fé. Agus seacht mbliana déag agus fiche adéis a cólíonag í,
gan stad, chón luath agus do ordaig Dia dho an mac úd do mharú agus
luaithreán a dhéanamh dá chorp, do ollmhaig sé é fhéin chun sion a
dhéanamh, cé gur gheall Dia go mbeach sliucht 62 an fhir sin chón
iomadúil le na réalthanna atá ar an spéir nó leis an gainimh atá ar
thráig na fairrge. Ní dúirt sé focal i gcuinnibh an órdú a thug Dia dho é
a chur chun báis. Oir a bhí sé lán deimhneach, arsa Naomh Pól, súd


L. 48


féin agus go maróch <sé> an mac sin agus go ndéanfach sé loiscreán de,
go dtabharfach Dia slán folláin beo dho arís é.



7. Tugaimís fós fá ndeara cad é chón umhal agus chón géilliúil agus a
bhí an mac sion dhá athair. Fear groí, láidir, cumasach a budh <ea> é,
agus do fhulang sé a cheangal agus a shíneadh anuas ar an olthóir chun
a mhairithe. Agus a rin sé an gnóth sin, arsa na Aithreacha Naofa, do
bhrí gurbh fhigiúir fírinneach é ar Íosa Chríost, do thug é fhéin suas go
toiltheanach chun bás do fhulang ar an gcnoc chéanna sion, ocht
céad déag agus naoi mbliana déag agus dá fhichid uadh an lá úd.
Agus fé mar do iompar Isaac, mac Abraham, ar a dhrom an bheart
adhmaid ar na raibh sé lena loscadh mar íobairt in onóir Dé, amha<i>l
sion do iompair Críost mac Dé ar a dhrom an chruis ag gabháil suas an
cnoc céanna sion. Agus amhla do fhuilig an fear óg láidir úd go
cneasta é 'shíneadh ar an olthóir chun a chur chun báis, amhla sin do
fhuilig Críost uilechomhachtach é 'shíneadh ar an gcruis agus é
'cheangal di le tairní rotha, agus do fhuilig air bás a shaor sinn uadh
bhás shíoraí agus a cheannaig dhúinn beatha gan deire. Níl ní ar bith
a thit amach dhos na daoine naofa so agus dá muintir sular ghlac Críost
colainn daonna ná gur comharthaí agus figiúirí iad ar na nithe a bhí le
titim amach do Chríost agus dhá mhuintir, na Críostaithe, go deire an
domhain.



8. As deorach an gnóth go bhfuil a lán aithreacha le fáil, adeir gur
Críostaithe iad, agus in ionad a leanaí do ofráil do Dhia amhail a rin
Abraham, as é sin, iad a thabhairt suas go Críostúil agus deigh-bhéasa
a mhúineamh dhóibh, as amhla do ofrálaid don diabhal iad tré
bhéasa peacúil a mhúineamh go ró-éifeachtúil dhóibh lena ndroch-
shampla. Ní aithreacha as ceart a ghairm díobh ach murderéirí
fírinneach. Oir in ionad iad do ollmhú chun maireachtan go brách i
bhfochair Dé ins na flaithis, 63 cuirid i gcóir iad chun báis shíoraí
do fhulang i bhfochair na <n>deamhan in Ifreann.


L. 49



XI. DEATH OF SARA, LOT, Etc.



Gen.23. 1. Ní fóláir dom a chur i gcuimhne dhíbh, agus ní féidir
dom é a chur go ró-mhinic i gcuimhne dhíbh, chun go mbeach
an teagasc so, ar na nithe a thit amach insa domhan sular bunaíog
Eaglais Chríoist ar an dtalamh so, socharúil dhíbh, gur comhartha agus
figiúir na nithe a thit amach dhos na patriarchs, dos na fáige agus
dhos na daoine eile a mhair fá an am úd, gur comharthaí, adeirim, na nithe
úd ar na nithe a bhí le titim amach do Íosa Críost agus dá mhuintir, na
Críostaithe, insa go aon am go deire an tsaoil.



Ar bhfilleadh do Abraham abhaile lena mhac slán folláin uadh an
gcnoc úd ar na raibh sé ollamh é a mharú agus a loscadh in onóir Dé,
a fuair a bhean bheannaithe Sara bás in aos a céad agus seacht mbliana
agus fiche. Adéis a ghuil sé a dhóchain agus tuile dheora a shileadh
as a cionn, do cheap Abraham í a adhlacan. Agus a thriall sé chun áit
uamha do fháil uadhs na Philistínig a chónaig i gcathair Heth, agus
adúirt go umhal leo, "As coigríoch agus stróinséir mise eadraibh.
Iarraim oraibh ionad a thabhairt dhom ina <n->adhlacóinn mo mharbh."
Adúradar sion go cneasta fearúil dhá fhreagra, "As tusa prionsa Dé
inár measc; déin do mharbh do adhlacadh i bpé tuama as fearr agus
onóraí dá bhfuil againn. Níl aoinne eadrainn a leofach thu a chosc."
"Más ea," ar sé sion, "iarraim labhairt le Ephron mac Seor, u<a>sal atá
eadraibh, go dtabharfach sé dhom ar a' méid as fiú í an phá<i>rc agus
an uaimh dhúbaltha atá inte, adonn go bhfiadfainn mo mharbh do
adhlacain." "Bronnaim-se ort í," arsa Ephron, "agus ní ghlac<f>ad aon
ní uait airthe." "Ní amhla sin a bheig," arsa Abraham; "díolfad-sa lead
aiste." Fé dheire, adéis a bhí Ephron ag tathant air í a ghlacadh gan
aon ní, a cheannaig Abraham uaig í ar deich púnt agus fiche. Agus
do adhlacaig sé a bhean inte.



2. Tiospánann an gnóth so gur ceart do Chatailicí, más féidir dhóibh,
reilig a bheith aca ar leithlig dhóibh fhéin. A gheobhach an fear
beannaithe seo a rogha áit uadhs na págánaigh úd chun a mhná a
chuir. Ach níor mhaith leis ar aon chor go mbeach a corp beannaithe
i bhfochair cuirp na ndaoine úd, uadhna raibh <sí> deighilthe ar feag a
beatha ina béasa agus ina creideamh.



3. Cé go bhfuair an duine naofa so go mion minic geallúint uadh Dhia
go bhfaigheach an dútha sion go léir mar oidhreacht 64 dho fhéin
agus dhá shliucht go brách, níor mhaith leis an oiread sion do ghlacadh
chuige, an méid díreach agus a dhéanfach uaig dho fhéin agus dhá
bhean. Agus ní ghlacfach sé an méid sin féin de gan í a cheannach ar a
lán-luach, cé gur dútha bhreá thar barr í súd inar chur sé suim inte.


L. 50


Ach a bhí a shúil agus a intinn ar dhútha na mílthe milliúin uair ní a
b'fhearr ná í, arsa Naomh Pól. Agus a b'í dútha í sin flaitheas Dé. As í
sin a loirg sé do shíor agus do ghnáth. Agus uadh a lo<i>rg sé go éifeacht-
úil í, tréna shaol a chaitheamh go naofa, a fuair sé gan dearmad í.
Agus a gheobham í ina fhochair ach aithris a dhéanamh ar a chreid-
eamh beo agus ar a bhéasa folláin.



Gen.24. 4. Trí bliana adéis bás a mhná, an uair a chonairc Abraham
go raibh sé ag titim in aos, agus na blianta déanach ag
druidim leis, agus ná raibh a mhac pósta - agus níor mhaith leis cleamh-
nas a dhéanamh le locht na dútha inar chónaig sé, oir budh phágánaig
iad - a ghlaoig sé chuige a stíobhard Eliezer, a bhí uadh thúis ina
fhochair, agus adúirt leis, "Móidig dom, dar an Tiarna uilechomhachtaig
a chúm neamh, talamh, an fhairrge agus na uile nithe atá i<o>nta, ná
glac<f>air bean do threabhchas na ndaoine a chónaíos insa dútha so
mar chéile dom' mhac. Agus imig lead chun mo dhútha agus chun mo
threabhchas fhéin agus toghaig bean asta sion dhom' mhac." "Muna
dtiucfaig an cailín liom," ar sé sion, "a' mbéarfaig mé do mhac thar n-ais
don náisiún sin?" "Ná déinig ar aon chúinse," arsa Abraham, "a
leithéid. An Tiarna Dia, a thug mise as tír mo dhúchais agus a ordaig
dhom mo ghaoltha a fhágan iom' dhia<i>g, agus a gheall seilbh na
dútha so dhom fhéin agus dom' shliucht, cuirfig sé a aingeal bean-
naithe romhad agus tabharfair lead céile dom' mhac. Áfaig munar
mhaith lé teacht lead, atáir-se saor uadh an móide seo. Ach ar do bhás
ná beir mo mhac thar n-ais don dútha úd."



A thug an stíobhard an leabhar dho ar an gcoinníoll sion.



5. A rug sé leis deich camaill, giollaí agus saibhreas mór. Agus
adéis deich lá siúil a shrois sé um thráth<n>óna cathair Nacor. Agus a
b'í sin an chathair inar chónaig gaoltha a mháistir. A stad sé sin a
bheithíg ag an tobar a bhí leasmuith do<n> chathair. Agus budh é sin
an tráth 'na dtagaidís mná na 65 cathrach don tobar ad iarradh
uisce. Adúirt se sin in 'aigne fhéin, "A Thiarna uilechomhachtaig as
Dia dom' mháistir Abraham, cúnaig liom insa ghnóth so agus fóir ar mo
mháistir. Féach, seasaim anso le aithis an tobair, agus atáid óg-mhná
na cathrach so ag teacht ag i<a>rradh uisce. Ar an abhar sion, pé
cailín lena ndéarfad, "Crom síos chúgham do chrúsca agus tabhair deoch
dom," agus adéarfaig sise, "Ól-se ar dtúis agus ansion tabharfad deoch
dhoit' airnéis, hen í díreach an cailín a cheapais mar mhnaoi do mhac
mo mháistir, agus leis an gcomhartha se<o> aithneoig mé gur rinnis
trócaire le mo mháistir."



As ar éigean a bhí na focail sin ráite aige ina chroí an tráth a chonairc
sé maighdean álainn thar barr ag triall ar an dtobar. Agus a b'í sin
Rebecca, iníon mhic dearbhráthair Abraham. A líon sí a crúsca agus
a chur ar a ceann é agus a chas aníos uadh <an> dtobar. Adú<i>rt sé lé,
"Tabha<i>r deoch dhom as do chrúsca." A lig sise anuas ar a uillinn é,
agus adúirt, "Ól, a Mháistir, agus adéis do ól," adúirt sí, "más maith
lead tarraiceoigh me uisce doit' bheithíg." A fholmhaig sí a crús<c>a
ins an umar agus a tharraig sí uisce dhos na beithíg nó gur óladar a


L. 51


ndóchain. A bhí se sin dá tabhairt fá ndeara, agus adéis a thug sí
uisce don airnéis a tharraig sé amach péire fáinní cluas agus péire
prásléidí óir agus a thug di iad agus a fhiafraig di, "Cé ar budh iníon
<tú>, agus a' bhfiadfainn feisteas a fháil anocht i dtig do athar?" "Iníon
mise," ar sí, "dho a leithéid so do dhuine. Agus atá 'thuille agus bhúr
ndóchain slí agus fáilthe romhaibh i dtig mo athar." A chrom an fear
síos ar an dtalamh agus adúirt, "A bheirim buíochas lead, a Thiarna,
agus molaim agus beannaím thu, oir a rinnis trócaire agus fírinne liom'
mháistir, insa chás gur sheolais cruinn díreach me go thig mic mo
mháistir."



A rith an ca<i>lín go mear agus a nis cad a thit amach di agus cad
adúirt an fear ag an dtobar lé. A éirig an dearbhráthair a bhí acu -
Laban budh ainm dho - agus a ghluais fé dhéin an fhir agus adúirt leis,
"A dhuine do bheannaigh Dia, canathaobh na bhfanann tu anso?
Atá go aon ní ollamh agamsa fá do chomhair, fá chomhair do chuideachta
agus fá chomhair do airnéis. Ná fan a thuille amuith." A rug
leis é, a riaraig sé a bheithíg, a nig a chosa agus cosa na bhfear a thánaig
leis, agus a chur chun suite iad chun bia 'chaitheamh.



6. Adúirt an stíobhard, 66 "Ní chaithfead bia agus ní ólfad deoch
nó go 'neosad dhíbh mo scéal." "Inis," arsa athair a<n> cha<i>lín. "Más
ea," ar se sin, "mise stíobhard bhúr ngaoil agus bhúr nduine mhuintear-
<th>a Abraham. A bheannaig Dia é agus a mhéadaig a shubstaint thar
barr, agus mar bhreis ádha agus sonais air a thug sé do ina chríonnacht
mac a bheith aige lena bhean Sara. Atá a' mac sion anis dá fhichid
blian do aos. An lá fé dheire a chur mo mháistir an leabhar oramsa
gan aon bhean a thoghadh dá mhac do threabhchas na ndaoine na
bhfuil sé ag cónaí ina ndútha, "ach imig lead," ar sé, "go tig mo athair
agus mo ghaoltha fhéin, agus asta sion toibh bean dom' mhac."
Adúrt-sa dhá fhreagairt, "Muna dtiucfaig an ca<i>lín liom cad a
dhéanfad?" "Cuirfig," ar sé, "Dia a aingeal beannaithe lead, agus
glac<f>air asta sion céile dom' mhac. Agus muna dtiucfaig sí lead
saoraim thu uadh an leabhar agus uadh <an> mallacht a chuir mé ort."
Dá réir sin a ghluais mé oram agus a thánaig inniubh go dtí an dtobar
agus adúirt mé mar seo im' aigne fhéin. "A Thiarna," etc., etc., <as
alre<a>dy recited above>. Agus a ghabhas buíochas le Dia, etc., etc.,
Ar an abhar sion má dhéanann sibh trócaire agus ceart liom' mháistir,
tugaig dom an ca<i>lín seo, nó abraig ná tabharfaig sibh, adonn go
dtaighdfinn áit éigin eile."



Adúirt a athair agus a dearbhráthair, "As uadh an dTiarna a thánaig
an gnóth so, agus ní fhiadfaimís rá ina chuinnibh. Bíoch sí agad."
Do éirig sé gan mhoill agus a luig anuas ar an dtalamh ar a bhéal agus
ar a aghaidh, ag breith buíochas le Dia gur éirig a thrus leis. A thug
sé ansion ór, airgead agus eádach uasal maisiúil mar thabharthas do
Rebecca, agus a bhronn sé tabharaistí eile ana-shaibhir ar a dear-
bhráthair agus ar a máthair. A chaitheadar ansion a suipéar le sólás
agus le áthas.



Go moch ar maidean adúirt an stíobhard, "S<c>aoilig uaibh me chun
casadh ar mo mháistir." "Fan inár bhfo<ch>air," ar siad, "ar feag deich


L. 52


lá eile chun go ndéanfam go sóch." "Ná cuirig," ar se sion, "aon mhoill
oram, oir tré bheannacht Dé do éirig mo thrus liom, agus scaoilig
abhaile mé." "Más ea," ar siad, "glaoimís ar an gca<i>lín óg agus
fágaimís an gnóth fúithi sin." Ar 'teacht i láthair a fhiafhraíodar dí,
"A' bhfuileann 67 tu toiltheanach dul leis an bhfear so?" "Atá<i>m,"
ar sise. A scaoileadar leis í, ag tabhairt a míle beannacht di agus ag
iarraig ar Dhia séan agus sliucht a chur airthe. Adéis deich lá traibhil-
éarachta a dhruideadar um thráth<n>óna leis an mbaile, agus a ghaibh
Isaac amach ag siúl ar na mánta chun léirmhachtnamh a dhéanamh
ar oibreacha Dé. Agus a chonairc sé an chuideachta ag triall air, agus
a ghaibh féna ndéin. Adúirt Rebecca leis an stíobhard, "Cé an fear úd
atá ag triall orainn?" "As é do fhear-sa," ar se sin. A thuirlic sí go
mear don camel agus a chuir a folach gnúise nó an veil airthe.



A 'nis an stíobhard dho cionas a éirig a thrus leis agus cérbh í an
bhean a thug sé chuige. A ghlac Isaac go fáiltheach í agus a fuair sé an
oiread sion sóláis as a cuideachta gur imig an brón a bhí ar a chroí i
dtaobh bás a mháthar.



7. Tiospánann an gnóth so mórán nithe dhúinn as ceart a thabhairt
fá ndeara. Ar dtúis, go bhfuil oibleagáid uadh dhlí Dé agus uadh dhlí
na nádúra ar aithreacha agus ar mháithreacha féachain go cruinn
cad é an sórd na daoine lenar fonn leo a <g>clainn a phósadh; nách
chun substaint saoltha as ceart dhóibh féachain, ach chun macántacht
agus galántacht agus creideamh agus deigh-bhéasa na ndaoine lena
snuímid a gclann. "As iad an t-athair agus an mháthair a thugann
spré, ach as é an Tiarna a thugann deigh-bhean dho duine," arsa an
Spirid Naomh, "agus níl," ar sé, "aon <t>saibhreas as féidir a chur i
gcomórtas le deigh-bhean. Gach lá dá saol cuirfig sí áthas ar chroí
a fir, riaróigh sí a tig mar as cóir, caint chneasta a thagann as a béal
agus focail ciallmhar a thiteann uadhna teanga; osclaíonn sí a bos dhon
duine dealbh agus síneann a láimh chun na boicht. As creidiúint dá
fear í agus glacaid a leanaí móráil aiste. Atá áille díomhaoin agus
feonn dathúlacht. Áfaig an bhean atá dílis do Dhia, molfar í agus insa
lá dhéanach gáirfig sí le áthas, as é sin i lá a báis ní bheig eagla ná
sceon airthe, ach áthas mór ag dul i láthair Dé."



8. Pointe eile as ceart a thabhairt fá ndeara, gur mórán sonas agus
gur mórán ádh dho aon mháistir seirbhíseach ciallmhar coinsiasach
a bheith aige. Féach cad é chón cruinn agus chón rathúil agus 68 a rin
an fear macánta úd a bhí ag Abraham a' gnóth trom tábhachtach a
cuireag do ualach air. "Má atá," arsa an Spirid Naomh, "seirbhíseach
maith agad, bí chón ceannúil air agus atáir ar do anam fhéin, agus
comhairig gur dearbhráthair dhoit é." As tabharthas beannaithe uadh
an <d>Tiarna seirbhíseach maith: tarraigeann sé rath agus séan ar an
dtig ina mbíonn sé. Áfaig as deamhan dearg uadh Ifreann droch-
sheirbhíseach: loiteann sé cuid a mháistir, múineann sé droch-bhéasa
cuirpeach don aos óg agus seolann ar an aimhleas iad. Cad é an
mhuinín as féidir do mháistir nó do mháistreás a bheith aca as buachaill
nó cailín ag ná bíonn aon <t>suim aca i nDia ná i leas a n-anama féin?


L. 53


Agus déise sin, má fhaighid ceann don tsórd sion cúpla scillinn insa
rátha níos saoire ná a gheoghaidís ceann maith Críostúil, glaca<i>d go
mear é, cé gur deisceabal agus géag don diabhal a leithéid, agus as
donas mór do aon tig Críostúil mallathóir don tsórd sion a bheith ann.



9. "Tuigidís ógmhná Críostúil," arsa Naomh Ambrós, "uadh
shampla an óigbhean álainn naofa so Rebecca, cad é chón banúil as
ceart dhóibh iad fhéin a iompar i dtaobh na gcamráidithe féin a
cheanga<i>l Dia agus an Eaglais dhóibh. A chuir sí folach ar a aghaidh
ag faiscin a fir di, oir a b'fhearr lé a ghrá a tharraint airthe lena
béasa discréideach, banúil, macánta, ná leis an dathúlacht neamh-
choiteann a bhí <aici>.



Gen.25:7-34. 10. Adéis pósadh a mhic a mhair Abraham chúig
bliana déag agus fiche, agus a fuair bás in aos a céad
agus chúig bliana déag agus trí fichid. Ansion budh thoil le Dia é a
ghaoch chuige fhéin chun lán díolaíocht a thabhairt do i dtaobh a
chreidimh, a umhlaíocht agus a fhoighne, a mhór-ghrá do Dhia agus don
chomharsa. A chaith sé a shaol fada chón naofa, chón macánta, chón
cneasta sion gur pictiúir agus sampla é dhos na uile naoimh a bhí le
maireachtain ar an dtalamh so go deire an domhain. Do adhlacadar a
bheirt mhac, Isaac agus Ishmael é ins an uaimh dúbaltha inar adhlacag
a bhean.



Adéis a bháis a bheannaig Dia a mhac Isaac. A bhí sé fiche blian
pósta agus ní raibh sliucht aige. A loirg sé an tabharthas sin ar Dhia.
A ghaibh Rebecca cúpla ina br<u>inn agus a bhraith sí 69 a' comhrac
lena chéile iad ann. A chur an gnóth sion ana-eagla airthe agus a
chuaig agus a chur sí é i láthair an Phátriarch Sem mac Noa, a saoradh
mar aon leis uadh an dílinn úd a bháig an chuid eile don chine daonna
ach Noa agus a mhuintir. A mhair Sem b<e>annaithe chúig céad blian
adéis an dílinn, agus a fuair bás ocht mbliana uadh an am úd na
ndeaghaig Rebecca ag triall air. Adúirt se sin lé, "Atá dhá náisiún
ar iompar agad id' bhr<u>inn, agus buafaig ceann aca sion ar an gceann
eile. Beig an ceann a thiucfaig uadh an mac as sine ina seirbhísig ag an
náisiún a shíolthóig uadh do mhac as óige."



A chur sí di na leanaí: a thánaig an chéad cheann chun an tsaoil
clúdaithe le fionna dearg, agus dá dhruim sin a tugag Esau, nó "dearg,"
do ainm air; agus a thánaig an leanbh eile chun an tsaoil agus greim
aige ar sháil a dhearbhráthair, agus dá dhruim sin a tugag Jacob, nó
"gl<e>acaí," do ainm air.



Ar bhfás suas dhóibh a thug Esau é féin ar fhiach agus ar fheirm-
<e>oireacht, agus a lean Jacob ar chaoire agus ar airnéis a thógain.
Lá na raibh Esau tuirseach uadh fhiach, a ghlaoig sé isteach go cábán
Jabob. A bhí pónaire dearg beirithe aige sin fá chomhair a dhinnéir.
"Tabhair dom," arsa Esau, "cuid do<n> mheataracht dearg sin, oir
atáim marbh le ocras." "Tabharfad," arsa Jacob, "má dhíolann <tú>
liom an phribhléid atá agad do dheasca gur thu an mac as sine ag mo
athair." "Cad é an mhaith dhomhsa an phribhléid sin agus me marbh


L. 54


ag an ocras?" ar se sion; "tabha<i>r an bia dhom agus bíoch an phribh-
léid agad." A thug, agus adéis a chaith Esau an bia, "a imig sé leis
fhéin," arsa an Scriptiúir, "gan suim a chur insa phribhléid úd a dhíol
sé ar mhéile bíg."



Agus a b'í an chuid a b'fhearr don phribhléid úd, gur bhain s<a>gart-
óireacht fá an am sion leis an mac budh shine, agus gurb ar <a> shliucht
a bhí Slánathóir an domhain le teacht.



11. Adeirid na Aithreacha Naofa gur figiúir an bheirt dearbhráthar
úd ar dhá dhram daoine atá agus a bheig le fáil go deo insa domhan so,
na bhfuilid a <m>béasa agus a mbeatha chón contrártha dá chéile agus
atá solas agus dorch<ad>as. Atáid a lán le fáil adeir gur Críostaithe iad
agus ní bhíonn beann cion ná meas aca ar na grása saibhir spirideáltha
atá le fáil ags na daoine atá go fírinneach ina gCríostaithe. Ní fhéach-
aid ach chun ádh agus sonas saoltha a bheith ortha, 70 chun saibhreas
agus compord corpar<th>a a bheith aca. Má fhaighid an ní sin bíd
lán sásta. As é Esau as figiúir ar an ndram sion, oir fé mar nár ghuill
sé air súd an <chuid ?> a b'fhearr dhá oidhreacht, an chuid spirideáltha
de, a chailliúint i dtaobh aon mhéile amháin do bhia suarach, ní
ghuilleann sé ortha so an chuid as fearr dá n-oidhreacht, flaitheas na
glóire, a chailliúint mar gheall ar bhuntáiste suarach saoltha, a imeoig
go luath uatha agus a chaithfid ar uair a mbáis do fhágan go brách ina
ndiaig. An dram eile, iad so ná cuireann puinn suime i nithe saoltha,
a úsáideann iad amhail as ná beach seilbh aca ortha, ná loirgeann iad
ach insa mhéid a chabhraíd leo chun a n-anam a shábháil, a scarann
leo go fonnmhar chun grása Dé a shláthar, as figiúir ortha sion
Jacob. Agus fé mar a cheannaíg se sin an oidhreacht shaibhir spirid-
eáltha úd ar neamhní, ceannaíd seo tré dheigh-úsáid a dhéanamh do
shubstaint suarach an tsaoil seo, oidhreacht shaibhir bhuan shíorraí,
glóire na bhflaitheas.


L. 55



XII. ISAAC BLESS<ES> JACOB, Etc.



Gen.26:34 - 28:4. 1. Adéis a dhíol Esau an phribhléid álainn
bheannaithe a bhí aige do dhruim gurbh é an mac
budh shine é, a phós sé beirt bhean do threabhchas na bpágánach a bhí
insa dútha sion. Ní thaithnig a mbéasa ná a slite ar aon <chor> le
Rebecca, agus a aimsig sí slí ana-ghlic chun an phribhléid úd a dhaingniú
dhá mac Jacob.



A bhí Isaac céad bliana déag ar fhichid do aos, agus a chaill sé a
radharc ar fad. A mheas sé go raibh an bás i ngairid dho. A ghlaoig
chuige Esau agus adúirt, "A mhic ó, atáim ana-chríonna agus as dóigh
liom nách fada uaim mo bhás. Tóg lead do bhogha agus do shaíde,
imig lead ag fiach agus tabhair lead agus ollmhaig dhom an fhia a
mharóir chun go n-ithinn de agus go dtabharfainn mo bheannacht
doit sula bhfaighead bás." A imig sé leis. A chualaig Rebecca an
comhrá sin agus a chuir sí fios ar Jacob agus do inis do cad adúirt a
athair. "Imig lead go diair," ar sí, "agus tabhair chúgham dhá mhionnán
ramhra. Ollmhód iad doit' athair, a bhéarfaig tusa chuige an bia agus
beannóig sé thu." "Atá fhios agad," ar se sion, "gur croiceann garbh
clúmhar croiceann 71 mo dhearbhráthar, agus go bhfuil mo chroiceann-
sa mín, sleamha<i>n. Agus má chuireann mo athair láimh oram,
aithneo<i>gh sé ceaca mac atá aige agus tuigfig gur mheasas bob a
bhualadh air, agus in ionad beannacht as amhla a thabharfaig sé
mallacht dhom." "Tógfad-sa an mallacht sin oram fhéin," arsa sise,
"ach déin go diair mar adúirt mé lead."



A thug sé na mionnáin leis, a ollmhaig sise iad agus a chuir sí na
croicinn ar lámha agus ar ucht Jacob, agus cluith Esau air. A rug sé
an bia chun a athar agus adúirt, "Éirig suas, a Athair, agus caith an
bia seo do ollmhaíos doit agus tabhair do bheannacht dom sula bhfaigh'
tú bás." "Cé atá agam?" arsa Isaac. "Atá," ar se sin, "Esau, do mhac
as sine. Éirig suas agus caith an bia a shláthraíos doit liom' fhiach
agus beannaig me." "As tapaig a bhuail an fia umat," arsa Isaac.
"A b'é toil Dé é a bhualadh umam níos túisce ná a mheasas," arsa
Jacob. "Más ea, druid a leith anso chúgham," arsa 'athair, "chun go
mbeach fhios agam an tu mo mhac Esau." A dhruid Jacob suas leis,
agus a láimhseáil Isaac é. A fuair go raibh a ucht agus a lámha garbh
clúmhar. "As iad go deimhin lámha agus ucht Esau atá agad, ach as í
do ghlór glór Jacob."



A chaith sé ann bia agus a thug Jacob deoch fíona dho, agus adéis a ól
adúirt Isaac, "Tar anso chúgham agus tabhair póg dom." Ar a phógadh,
do airig Isaac an balaith breá milis cúbhartha a bhí uadh éadach Esau,
agus adúirt, "Atá balaith mo mhic chón milis leis an balaith cúbhartha
a éiríonn uadh pháirc ar nar thit beannacht Dé. Go dtugaigh Dia


L. 56


doitse drúcht na bhflaitheas, méitheas na talún, iomad cuirneachta
agus fíon flúirseach. Géillfid puibleacha doit agus onórfaid náisiúin thu.
Bí iod' mháistir ar do dhearbhráitheacha agus umhlaídís clainn do
mháthar doit. Pé duine a mhallachtóig thu, bíoch sé fé mhallacht, agus
pé duine a bheannóigh thu, bíoch sé beannaithe agus líontar é le
beannachtaí."



2. As ar éigean a bhí na focail sin ráite aige, agus Jacob imithe uaig,
an uair a thánaig Esau chuige leis an bia do shláthair sé do dhruim a
fhiaigh, agus adúirt, "'Athair, caith an bia seo do shláthraíos-sa dhoit
agus beannaig me." "Cé thu fhéin?" arsa Isaac. "Mise Esau do mhac
ar sine," ar se sion. A thánaig iontas thar barr ar Isaac agus adúirt,
"Cé é súd a tháinig chúgham uadh chianaibh agus a thug bia dom? -
agus a chaitheas a chuid bíg agus a bheannaíos é agus beig 72 <sé>
beannaithe." Ar chlos sion do Esau a bhéic agus a liúig go ard agus
a<dúirt>, "Beannaig mise fós, a Athair." Adúirt se sion, "a thánaig do
dhearbhráthair agus a ghuid sé uaim go cealgach do bheannacht-sa."
"As go ceart," arsa Esau, "a tugag "gleacaí," nó Jacob, do ainm air.
Oir a rug sé uaim thana fhéin lena ghliocas pribhléid mo shinsireacht,
agus arís a chur sé amach me uadhm' bheannacht. Agus a Athair, ná
fuil níos mó ná aon bheannacht amháin agad, agus má atá, beannaig
mise." Adúirt Isaac leis, "A rinneas máistir de ortsa agus a thugas
úd<a>rás dho as cionn a dhearbhráithreacha go léir. A neartaíos é le
cuirneacht agus le fíon, agus cad as féidir dhom a thabhairt doitse?"
A chrom an fear eile ar lógó<i>reacht agus adúirt go truamhéileach,
"Ó a Athair, tabhair sórd éigin beannachta dhom." Fé dheire a ghlac
Isaac trua dho agus adúirt, "As i méitheas na talún agus i ndrúcht na
bhflaitheas a bheig do bheannacht-sa. Le neart do chlaímh a mhairfig
tu. Beig do shliucht ina seirbhísig ag sliucht do dhearbhráthar.
Áfaig i bhfad na aimsire fuasclóid iad fhéin uatha."



3. Uadh an lá sion amach a bhí fuath ag Esau do Jacob, agus adú<i>rt
go maireoch é chón luath agus a gheobhach a athair bás. A chualaig
Rebecca an chaint sin agus a ghlac sí slí chun Esau a chuir buiniscionn
lena rún mallaithe a chólíonadh. A chur sí fios ar Jacob, do 'nis dho go
raibh Esau ar tí a mhairithe, agus, "Imig lead," ar sí, "a mhic ó, go tig
mo dhearbhráthar Laban, agus fan ann nó go dtráfaig fearg do dhear-
bhráthar. Agus cuirfead-sa fios ansion ort." A imig sí ansion chun
a fir agus adúirt, "Atá fhios agad go bhfuil ár mac Jacob sé bliana
déag agus trí fichid do aos agus gur lán mhithid dho pósadh. Agus má
phósann sé bean do threabhchas na dútha so, amhail a rin a dhear-
bhráthair, tit<f>ig an t-anam asamsa: lá mo bháis as ea é."



A chur Isaac fios ar a mhac agus adúirt leis, "Ná bain, ar do bhás,
<le> aon bhean don dútha so a phósadh, ach imig lead do dútha do
sheana-athar, athair do mháthar, toibh bean doit fhéin as iníonacha
Laban, dearbhrátha<i>r do mháthar. Agus bíoch 73 beannacht Dé na
n-uile chomhachta anuas ort: go rathóigh sé thu agus go méadóigh sé
thu, agus go dtigeach puiblíocha iomadúil uait. Agus tabharfaig sé


L. 57


dhoit go aon bheannacht a gheall sé do<d'> sheana-athair Abraham,
agus seilbh na dútha so doit' shliucht.



Gen.28:5-22. 4. Ar fháil na beannachta sion dho Jacob, a ghluais
air ag triall ar dhútha a mháthar. Agus ar luí na
gréine a' chéad tráthnóna insa bhfásach a chuir sé cloch faoina cheann
agus a thit a chodladh air. I gcúrsa na oíche, agus codladh trom air,
a chonairc sé dréimire ag a cheann agus a shrois an dréimire suas go
flaithiúnas, agus a chonairc sé aingil ag dol suas agus ag teacht anuas
air. Ar a bharra anáirde a chonairc sé Dia a<g> luí a ucht air, agus
adúirt Dia leis, "As mise an Tiarna, Dia Abraham do sheanathair agus
Dia do athar Isaac. Tabharfaig mé dhoitse agus dhoit shliucht an
talamh ar a gcodlann tú. Beig do shliucht chón iomadúil le gainimh
an fhásaig; leathnóid sior agus siar, uadh dheas agus uadh thuaig,
agus beannófar id' shliucht-sa go aon náisiún insa domhan. Cosnóigh
mé thu insa go aon áit ina <n>geobhair, agus a bhéarfaig mé slán thar
n-ais thu don dútha so. Agus ní scarfaig mé lead nó go <g>cólíonaig
mé go aon ní a gheallas doit."



Ar dhúiseacht do Jacob ar maidean adéis an radharc iontach úd,
a rith sé le eagla agus adúirt, "Ó as uafásach an áit í seo inar chodlas:
ní aon ní eile í ach teach Dé agus doras fhlaithiúnas." A thóg sé suas an
chloch agus a dhoirt oíle airthe, ag rá, "As í an áit seo tig Dé, agus má
bhíonn sé liom iom' aistear agus má éiríonn mo bhóthar liom, agus má
thugann sé bia agus éadach dhom, agus má chasaim arís go rathúil go
tig mo athar, ar an ionad so tabharfad do Dhia agus ofrál<f>ad dho
deachú na uile nithe a bheas agam."



A ghluais sé air nó gur shrois dútha a mháthar.



5. Cad í an chiall spirideáltha atá ins na nithe seo? Cad é an teagasc
as ceart dhúinn a bhaint asta? Cionas a bhainid linne? A chuireas i
gcéill dhíbh gur figiúir nó comhartha ar dhroch-Chríostaithe Esau, agus
gur figiúir ar Chríostaithe fírinneach Jacob. Anis, fé mar nár ghuill
sé ar Esau a phribhléid a dhíol ar mhéile bíg, agus nár chuir sé aon
tsuim ann ar dtúis, áfaig, an tráth a fuair sé amach gur chaill sé
beannacht a athar i dtaobh an gnóth sion, a chrom sé ar ghol agus ar
lógóireacht gan sochar 74 do ann - amhla sion cromfaid na Críostaithe
a ghránn an saol so ar liúig agus ar bhéicig an tráth a chíofaid gur
chailleadar go brách an oidhreacht agus an bheannacht síoraí a
thabharfach a n-athair, Íosa Críost, ins na focail seo adéarfaigh sé
insa lá déanach leis na fíoréin: "Gluaisig, a dhram bheannaithe mo
Athar agus glacaig seilbh insa ríocht atá ollamh dhíbh sula cruithníog
an domhan." Goilfid, adeirim, agus liúfaid go ard agus go géar. Áfaig
beig sé ró-dhéanach dhóibh. A rinneadar a margadh, a ghlacadar a
rogha, a dhíoladar a n-oidhreacht ar shuarachas saoltha a imig go
brách uatha agus ná fuil leigheas le fáil ar an donas. As comhartha
Jacob ar Íosa Críost agus ar na Críostaithe. Oir fé mar a bhí a ucht
agus a lámha súd garbh clúmhach uadh chroiceann na mionnán, amhla
sin a bhí fuirm, deáramh agus crot pheacaig ar Íosa Críost. Agus fé


L. 58


mar a bhí fuath mairtheach ag Esau dho Jacob, bíonn fuath, mios-
cais agus mailís ag clainn an tsaoil seo chun clainn an tsolais.
Déanaid géirleanúint ortha, cuirid an teitheadh ortha uadhna ndútha
féin, scaoilid bocht agus dealbh iad fé an ndomhan chun taíde
dhóibh fhéin, amhail a scaoileag Jacob fé an bhfásach gan aige
ach a bhataín ina dhorn agus lón gann ina bháilín. Áfaig ní
thréigeann Dia iad: cabhraíonn sé leo, a bheireann dóibh radharc ar
an dréimire lena bhfiadfaig siad flaithiúnas a shroisint - as é sin,
tugann grása na foighne dhóibh, doirteann sé sólás spirideáltha ina
gcroíocha a neartaíonn iad chun gabháil tré fhásach dealbh gain-
mheach an tsaoil seo, agus sroisid fé dheire a dtír ndúchais féin.
Muna mbeach an persecution úd a rin Esau ar Jacob ní bhfuigheach sé
an radharc sólásach úd agus ní chlois<f>each sé uadh bhéal Dé na geallúna
compordach úd. Amhla sion ní bhfaighidís deigh-dhaoine leath ná
trian na <n>grása a bhronnann Dia ortha muna mbeach an tarcuisne,
dróch-úsáid agus masla a thugaid droch-dhaoine dhóibh.



Cuireann, fós, an crith agus an eagla a thánaig ar Jacob - agus na
focail seo adúirt sé ar dhúiseacht dho uadhna chodladh, "As ró-eaglach
an <t->ionad é seo: ní aon áit eile é ach teach Dé agus doras fhlaith-
iúnas - i gcéill do Chríostaithe cad é an ómós, umhlaíocht agus
cráibhe as ceart dhóibh a thiospánadh an tráth a thagaid isteach
ins na séipéil agus as 75 cuinne na n-olthóracha sion ar na ndéantar
Íosa Críost do íobairt go laethiúil. Oir as é an séipéal go fírinneach
tig Dé, agus as í an olthóir doras fhlaithiúnas tréna dtagann Mac Dé
chun a bheannacht agus a ghrása a thabhairt dhúinn. Agus bíd na
aingil bheannaithe ag friothálamh air agus, go ana-chúramach ionainne,
ag cur ár n-uireaspaí ina láthair agus ag guí<o>chan chuige fóirthean
orainn. Ar an abhar sion iompraímís sinn fhéin i gcónaí go diag<a>súil
agus go galánta, chón minic agus a thagaimíd isteach ionta. Scuirimís
do bheith ag caint lena chéile, a bheith ag féachain anún agus anall, a
bheith a' tabhairt aire dho smaointí díomhaoine. Cuimhnímís go
bhfuilimíd i dtig Dé, agus seachnaimís go aon ní a chuir<f>each
míphléisiúr air.


L. 59



XIII. JACOB, RACHEL, LIA, Etc.



Gen.29:1 - 30:24. 1. Adéis a fuair Jacob an radharc sólásach ion-
tach úd, agus a ghlac sé uadh bhéal Dé na
geallúna móra compordach úd, mar a 'niseas thana dhíbh, a imig sé
lán do mhisneach beannaithe agus a shrois dútha a mháthar mar a
chónaig a úncail Laban i gcathair nar budh ainm di Haran. Ag
druidim leis an gcathair a chonairc sé trí tréada caorach le ais thobar,
agus a n-aoirithe nó na séipéirí ina bhfochair. Adeir beannachadh
dhóibh; adúirt, "Cad as dhíbh, a fheara?" "Uadh chathair Haran,"
ar siad. "A' bhfuil aithne agaibh," ar sé, "ar Laban mac Nachor?"
"Atá," ar siad, "agus atá sé i sláinte maith; agus hen í a iníon
Rachel ag teacht lena thréada chúghainn." Adúirt sé sion, "Atá a
lán don lá gan chaitheamh fós agus atá sé ró-luath na caoirig a chur
insa chró. Tugaig uisce dhóibh, scaoilig chun iníor iad agus um thráthnóna
beirig abhaile iad." "Ní fhiadfaimís sion a dhéanamh," ar siad, "o<i>r
atá an leac a chíonn tú ar bhéal an tobair chón trom sion ná fiadfach
ár ndícheall í a thógan go dtagaid na aoirí, agus ansion as ar éigean a
thagann linn go léir í a thógan do bhéal an tobair." Lena linn sin a
tháinig Rachel lena tréada go dtí an tobar agus a thóg Jacob gan aon
chúnamh an leac agus a thug uisce dos na caoire go léir. Do 'nis sé ansin
di cé ar budh é féin, gurb é mac dreabhshúir a athar é. A phóg sé í,
agus le neart áthais a chrom sé ar ghol. A rith sise go mear agus a 'nis
dhá athair cad a tharlaig di. A thánaig se sin gan mhoill agus a phóg
agus a dhiúg Jacob, agus a chuir fáilthe deighchroíoch roimhe. Agus
ar chlos 76 fáth a theacht do adúirt sé leis, "As feoil dom' fheoil
agus as cnámh dom' chnámha thu, agus fan anso iom' fhochair."



Adéis mí aimsire, an uair a chonairc Laban go raibh rath mór ar a
chuid uadh thánaig Jacob chuige, adúirt sé mar seo leis, "A<n> ceart
dom, do bhrí gur tu mac mo dhearféar, go mbeach do sclábhaíocht gan
aon ní? Loirg pé tuarastal as maith <lead ?> agus bhéarfad doit é."
A bhí beirt iníon ag Laban. Lia an ceann budh shine, agus a bhí súile
bog aici agus a radharc gearra aici. Rachel an ceann budh óige, agus a
bhí sí ard-dathúil. "Más ea," arsa Jacob, "tabhair do iníon Rachel
mar mhnaoi dhom, agus beig mé ar feag seacht mblian iod' sheirbhíseach
agad." Adúirt se sin, "As fearra liom agadsa í ná ag aon fhear eile."



A rin Jacob seirbhís do ar feag seacht mblian, agus níor mheas go
raibh faid sea<ch>taine ionta do dhruim an grá a bhí aige do Rachel.
I ndeire na mblian sion adúirt sé le Laban, "Tabhair dom mo bhean:
as mithid dom pósadh." "A gheobhair," ar Laban. A rin sé bainis nó
féasta agus suipéir mór pósta agus a thug sé cuire dho a lán daoine.
An uair budh mhithid don lánú dol chun leapa lena chéile, a chur
Laban a iníon budh shine chun luí le Jacob. Ar dhúiseacht dho sion


L. 60


ar maidean a chonairc cé í a bhí aige agus adúirt le Laban, "Cad é seo
a rinnis oram? As ar son do iníon as óige a rinneas seirbhís doit ar feag
seacht mblian. A bhuailis bob oram." "Ní é nós na dútha so," arsa
Laban, "an chuid as óige d'ár gcailíní a phósadh roimh an chuid as sine.
Fan seachtain 'na fochair seo agus ansion tabharfaig mé dhoit
Rachel, ar choinníoll go ndéanfa<i>r seirbhís dhom ar feag seacht
mbliana eile."



A rin Jacob amhla sion ar feag na seacht mbliana sion. A bhí seisear
mac aige le Lia, agus ní raibh sliucht aige le Rachel. Fé dheire a
ghuig Jacob chun Dé ar a son agus a bhí mac aici ar nar thug sé
Seoseph, nó "méadú uadh an dTiarna," do ainm.



Gen.30:25 - 31:16. 2. I ndeire na ceithre bliana déag sin adúirt
Jacob le athair a chéile, "As mithid dom filleadh
abhaile agus <soláthar a ?> dhéanamh <dom' ?> mhuirear féin". "Fan
im' fhochair," ar sé sion, "sé bliana eile, agus a bhéarfad an oiread so
agus an oir<ea>d úd doit." A réig Jacob leis ar na coinníll sin.
Agus a mhéadaig Dia a shubstaint thar barr. A chorraig sin suas
formad 77 <idir> Laban agus a chlann mhac. A bhrath Jacob agus a
chonairc sé nár thiospá<na>dar aon chúntanós fónta dho, agus a cheap
sé filleadh dhá dhútha féin. Áfaig níor mhaith leis sion a dhéanamh
gan ordú Dé. Ar bheith do ag smaoineamh in' aigne ar an gnóth sion
a thiospáin Dia é féin dho, agus adúirt, "As mise an Tiarna Dia a
chonaircis insa bhfásach ag an gcloich ar nar chodlais. Fill chun do
dhútha fhéin. Cosnóig mise thu agus beig mé iod' fhochair."



Ansion a chuir Jacob fios ar a bheirt bhan agus adúirt leo, "A chíonn
sibh go bhfuil, le tamall, aghaidh bhúr n-athar agus a chlainne dorcha
agus gruamach liomsa. Leis na sé bliana déanach so a bhris <s>é deich
n-uaire a mhargadh liomsa. Áfaig níor leog Dia dho díobháil a dhéan-
amh dom. A iompaig sé go aon mhargadh dhíobh sion chun breis
sochair agus rath a chur oram. A thiospáin Dia é fhéin dhom le déanaí
agus do ordaig dom casadh abhaile. Cad as dóigh libhse don ghnóth
sion? "Déin," ar siad, "mar as maith lead. Níl aon pháirt nó sása<mh>
a thuille againne i dtig ná i substaint ár n-athar. Geobham-ne lead i pé
áit ina rachair."



Gen.31: 17-55. 3. A rug Jacob a chuid go léir leis, a mhná, a leanaí,
a chaoire, a airnéis agus a sheirbhísig, agus a
thriall ar a dhútha fhéin. Ar imeacht do Rachel a rug sí lé íomhá na
ndéithe bréagach a bhí ag a athair. A bhí sé agus a mhuintir trí lá
imithe sular chualaig Laban gur éalaíodar. Agus a lean sé iad le buín
mór fearaibh armáltha chun iad a chasadh arís. Agus a thánaig sé suas
leo an seachtú lá um thráthnóna, ar bheith do Jacob ag cur suas a
chábáin chun staid ar feag na oíche sin. Áfaig an oíche roimhe sin a
thiospáin Dia é fhéin do Laban, agus do fhógair air go cruaig ar a bhás
gan díth ná díobháil a dhéanamh do Jacob. Ar theacht do Laban suas
leis, adúirt go feargach, "Cad é seo a rinnis oram? A fhuadaís lead mo
bheirt iníon, amhail as gur sclábhachaí iad a ghabhag le foirneart
claímh. Níor ligis dhom iad ná a leanaí a phógadh, ná slán a fhágan


L. 61


aca, ná thusa agus iadsion a thiúnlacan le ceoltha agus le meidhir.
Agus anis atá mo láimh-se lán láidir a dóchain chun an gnóth sion
a agairt ortsa, agus a agróinn gan doubhta ort é 78 muna mbeach gur
ordaig Dia do athar dhom aréir gan aon díobháil a dhéanamh doit.
Ach súd agus go bhfaicís oiriúnach éaló i gan fhios uaim, canathaobh
gur ghuidis mo dhéithe uaim?" Adúir<t> Jacob dá fhreagradh, "A
éalaíos uait do bhrí, dá gcuirfinn in iúl doit go rabhas chun imeacht,
a bhí fhios agam go mbainfeá mo mhná, mo leanaí agus mo shubstaint
díom le fórsa. Agus i dtaobh na bithiún<a>chta sin a chuiris im' leith,
cuar<d>aig go aon phiuc dá bhfuil agam, agus pé neach na bhfaighir do
dhéithe aige tugtar amach anso é agus maireoir é inár láthair go léir."
Adúirt sé an chaint sion oir ní raibh fhios aige gur ghuid Rachel na
déithe bréagach uadhna athair. A chuaig se sion isteach go cábán
Jacob, Lia agus na seirbhísig go léir, agus do mhion- agus do mhór-
chuardaig iad, agus ní bhfuair a dhéithe. An uair a airig Rachel go raibh
sé ag teacht chun a cábán fhéin a chuir sí na déithe faoi shrathar
chamel agus a shuig anuas air, agus a lig airthe go raibh cúrsa áirithe a
bhaineann le baineannaig airthe. A thánaig a athair isteach agus do
fhan sise ina suí agus adúirt, "Gabhaim do phardún, a Athair, i dtaobh
gan éirí chun fáilthe a chur romhad, o<i>r atá a leithéid seo oram."



A ghaibh sé amach agus adúirt Jacob, "A' bhfuairis aon ní a bhain-
eann lead agamsa nó ag mo mhui<n>tir? Agus má fuairis, l<e>ag anso é
i láthair ár ngaoltha go léir agus déinidís ceart eadrainn. A rinneas
obair dhoitse ar feag fiche blian: ceithre bliana déag ar son do bheirt
iníon agus sé bliana ar son cuid doit' airnéis. Ar feag na aimsire sion
do loisc brothall an lae me, agus do leathaig fuacht na oíche me. An
beithíoch a sciubach an mictíre nó do fhuadaig an bithiúnach leis, a
chaitheas<-s>a díol as. Budh bheag é do chuid an tráth a ghabhas<-s>a
do chúram oram, agus as mór é anis. A bhrisis deich n-uaire do
mhargadh liom, agus muna mbeach Dia mo athar agus mo sheana-
athar, do<d'> chosc, ar an láthair seo a bhainfeá dhíom gach a bhfuil
agam."



Adúirt Laban, "As liomsa a bhfuil agadsa agus leadsa a bhfuil
agamsa: déanaimís síochá<i>n agus réiteach lena chéile." A thógadar
leacht nó carn mór cloiche agus a chaitheadar féasta air. "Bíoch,"
arsa Laban, "an carn so ina fhinné idir mise agus tusa, agus déineach
Dia atá 79 ag féachain orainn ceart dhúinn araon: má thaga<i>m-se,
nó aoinne as liom go brách, ag déanamh díobhála doitse nó do aoinne
as lead, agus má dhéanann tusa, nó aoinne as lead, díobháil dhomhsa,
nó dho aoinne as liom, Dia dá agairt sin orainn." "Bíoch sion amhla,"
arsa Jacob agus a thugadar carn agus cnoc an fhinné do ainm ar an
gcarn agus ar an gcnoc úd.



Ar chaitheamh an fhéas<t>a dhóibh a scaradar go síochánta lena
chéile. A chas Laban gan mhoill abhaile agus do fhan Jacob an oíche
sin ar an gcnoc úd.



4. Anis, ar eagla go mbainfeach aoinne agaibh saobh-chiall as an
teagasc so, nó go gcuirfeach sibh constráil fhalsa ar na nithe a rin an
Patria<r>ch beannaithe seo Jacob, ní foláir dhom a chur arís i gcéill


L. 62


dhíbh go raibh sé ceadaithe uadh am an dílinn go bunú Eaglais agus
Creideamh Chríoist, Domhnach Cincíse, an tráth a thuirlig an Spirid
Naomh ar uacht<a>ráin na Eaglaise, go raibh sé, adeirim, ceadaithe do
fhearaibh níos mó ná aon bhean a bheith in aoneacht pósta aca, agus
ná raibh sé coiscithe ortha cleamhnas ná pósadh a dhéanamh leis na
gaoltha budh neasa dhóibh fhéin. Ach uadh an am úd go deire an
domhain atá sion coiscithe, fé phéin damaint shíoraí, ar na uile dhaoine,
bíoch gur Críostaithe nó ainChríostaithe iad.



Budh fhigiúir in a lán slite Jacob ar Íosa Críost, agus budh fhigiúir ar
an Eaglais agus ar an dá shórd bheatha atá ins an Eaglais a bheirt
bhan, Rachel agus Lia. Ciallaíonn an tobar úd ag nar bhuail Jacob
<u>ime Rachel, tobar na ngrás. Agus fé mar nár fhiad na aoirí úd an
l<e>ac a thógan don tobar, ach a thóg Jacob é gan chúnamh ar bith,
amhla sion do oscail Críost tobar na ngrás dhúinn go léir. Agus fé mar
budh mhó an grá a bhí ag Jacob do Rachel ná do Lia, amhla sion as mó
an grá atá ag Íosa Críost ar dhaoine a thréigeann an saol agus a thugann
iad fhéin suas chun seirbhís a dhéanamh dho i mainistrí i gconvents
agus in úird eile rialtha, ná a bhíonn aige ar na Críostaithe a dhéanann
seirbhís dho i ngnáth-bheatha an tsaoil seo, cé gur iomadúla i bhfad
iad so ná an dram eile, fé mar budh iomadúla clann Lia ná clann Rachel.



5. Ciallaíonn an seirbhís chruaig úd, nar ghaibh Jacob 80 tríd ar
f<e>ag mórán blian, an tuirse agus an dua a<r> ghaibh Íosa Críost tríd
chun pobal agus tréad a shláthar dho fhéin. Agus as ceart dho gach
aoire nó uacht<a>rán spirideáltha a chuir sé as cionn a thréada a bheith
ábaltha do rá, mar adúirt Jacob le Laban, "Do leath fuacht na oíche
me agus do loisc brothall an tsamhradh me, chun aire a thabhairt doit'
thréada, agus níor ghlacas suaimhneas do oíche ná do ló, ach iad a
chosaint." Má <fh>iadann sagart, nó an <t->aoire spirideáltha, sion a rá
le Íosa Críost, as saibhir an tuarastal a gheobhaig sé uaig.



Agus as ceart don uile Chríostaí a bheith ábaltha do rá leis an deamhan
amhail adúirt Jacob le Laban, "Féach, loirg agus cuardaig a bhfuil
agam, agus a' bhfaighir aon ní as leat agam, agus má fhaigheann tu
atáim gobhthach le bás a imirt oram." As mar seo, adeirim, as ceart
dhos go aon Chríostaí a bheith ábaltha a rá le linn teite dho as an saol
so chun dol chun a dhútha fhéin, flaithiúnas. Agus má fhiadann sé sin
a rá le fírinne, ní baol go ligfig Dia díth ná díobháil a imeacht air.


L. 63



XIV. JACOB MEETS ESAU



Gen.32. 1. As buíoch a bhí Jacob do Dhia i dtaobh gur shaor sé é
uadh Laban, agus a chrom sé ar bheartú cionas a dhéanfach
sé síocháin lena dhearbhráthair Esau. A chuir sé teachtairí chuige ag
insin do gur chas sé abhaile agus go raibh sé ana-shaibhir, agus gur
mhaith leis go bhfaicidís a chéile. Níor thug Esau aon fhreagra, ach
scaoil sé uaig iad agus a lean iad le cheithre chéad fear féna gcuid airm.
Ar chlos an gnóth sion do Jacob, a ghlac ana-eagla é agus a ghuig
chun Dé ag iarradh fhóirthean air. Ansin a thoibh sé an barraistí
asa airnéis: ba, caoire, camaill agus asail, agus a chur gach sórd
dhíobh ar leithlig agus slí mhaith eatartha, agus a chuir i gcuinnibh a
dhearbhráthar iad.



A chaith sé an óiche sin go buartha, gan chodladh ná suan. I lár na
oíche a fuair sé é féin ag imreascáil le fear go bord na maidine, agus
níor <fhiad ?> aoinne aca a chéile a leagadh. Adúirt an fear, "Bog
díom agus scaoil uait me, oir atá an lá ag teacht." "Ní bhogfad," arsa
Jacob, "agus ní scaoil<f>igh me uaim thu nó go dtugair do bheannacht
dom." "Más ea," arsa an fear, "cad as ainm doit?" "Jacob, nó
"gl<e>acaire"" ar se sin. "Ní tabharfar an ainm sin a thuille ort,"
ar sé, "ach Israel, nó "fear atá 81 láidir le Dia": as í sin do ainm a'
so amach. Oir, uadh a bhís ábaltha ar chor imreascáil a sheasamh le
aingeal Dé, ní baol go mbuafaig duine ar bith ort." Ansin a bhain sé le
lúitheach a cheathrún, agus a bhí Jacob bacach ar f<e>ag a shaoil.
A fhiafraig sé ansion don bhfear, "Cad as ainm doit?" "Ná bac cad é
an ainm atá oram, ach fágaim mo bheannacht agad."



Gen.33. 2. Ar imeacht an aingil do ollmhaig Jacob é fhéin chun
bualadh uime a dhearbhráthar. Agus an uair a chonairc
sé é ag déanamh air do umhlaig go talamh dho. A rith Esau, a chuir
a dhá láimh tíompall a mhuiníl, a phóg é agus dhiúg é agus a chrom ar
dheora a shileadh le near<t> áthais. "A dhearbhráthair," ar sé, "cana-
thaobh nar chuiris na tabharaistí úd go léir chúgham? Atá tuille agus
mo dhóchain agam. Ciomád agad fhéin iad: ní ghlacfad ar aon chor
iad." "Má fuaireas fábhar id' radharc, agus má atá grá agad dom,
glacfair uadhm' láimh iad," arsa Jacob, "oir atáim tuille agus cúitithe
i dtaobh go bhfeacaigh mé le síocháin thu. Beagán suarach as ea iad
don rath agus don bheannacht a chur Dia oram."



Fé dheire, le neart tathant, a ghlac Esau uaig iad, agus a thug cuire
dho teacht leis chun a bhaile fhéin agus a fholáir do cuid dá mhuintir
a fhágan aige chun é a chosaint. A ghlac Jacob an chuire, ach a dhiúl-
thaig don chabha<i>r do bhrí go raibh b<u>íon líonmhar aige fhéin. Agus
i gcionn tamaill a chuir sé fé láimh le cathair Salem.


L. 64


Gen.34. 3. Ar bheith dho ansion ar feag beagán aimsire a chuaig
Dina, an t-aon iníon a bhí aige - ní raibh sí ach chúig bliana
déag do aos - ar cuaird ag féachan mná na cathrach sion. A chon-
airc mac an rí í agus a ghlac ana-ghrá <di> agus a fhuadaig leis í. Ansion
a thánaig Hemor, a athair, go Jacob agus a loirg í mar chéile dá mhac.
A thug Jacob a thoil leis an gnóth sion. Áfaig níor thaithn an scéal
ar aon chor lena dearbhráithreacha, agus adúradar le feall, "As ar an
gcoinníoll so amháin a gheobhaig do mhac ár ndreabhshúir mar chéile:
go mbeig se sion, tusa agus do dhaoine go léir ar ár nós-na, go nglacfaig
sibh chúghaibh ár gcreideamh agus go ngearrfar comhartha an chreidimh
sin ar bhall áirithe do bhúr gcolainn fé mar atá sé gearrtha ar ár gcol-
ainn<-n>e."



A ghlac an fear na cúinsí sin: a gearrag an comhartha air fhéin, ar a
mhac agus ar a dhaoine. 82 Ar an tríú lá, an uair as teinne an
gearradh, a ghlac Sim<e>on agus Levi a bhfeara agus a gclaíte i gan fhios
do Jacob, a chuadar do<n> chathair, a mharaíodar an rí, a mhac agus
go aon fhireannach a bhí inte. A phlund<ar>áladar agus a dhódar í.



A ghuill an droch-ghnóth sin go mór ar Jacob, agus go speisialtha do
bhrí gur rinneadar úsáid don chomhartha beannaithe a bhí le ordú Dé
fhéin ar a gcine, chun a bhfuath agus a bhfearg mallaithe do shásamh.
Agus adúirt sé leo, "A rinneabhair droch-obair thar barr agus gnóth a
tharracóig oramsa agus oraibhse díbheirg na ndaoine a chónaíonn insa
dútha so. Cnósóid tíompall orainn agus maróid sinn go léir. Oir ní
tábhacht sinne i gcomórtas dóibh súd."



Gen.35. 4. Do ordaig Dia dho ansion dol chun na áite úd inar
choda<i>l sé insa bhfásach an chéad oíche ina raibh sé ag
teitheadh uadh fhearg a dhearbhráthar. Ar shroisin na áite sin lena
mhuintir a thóg sé olthóir agus do ofráil airthe íobairt chun Dé. A thios-
páin Dia é fhéin dho agus a rin sé go aon gheallúint a thug sé dho fhéin,
dhá athair agus dá sheana-athair Abraham, do athnuachain. Agus
adúirt go gcosnóch sé é uadhs go aon bhaol.



A imig sé ansion agus chónaig i bhfochair a athar Isaac nó go bhfuair
se sion bás in aos a chéad agus cheithre fichid blian. Do adhlacadar a
bheirt mhac, Esau agus Jacob, é ins an uaimh dhúbaltha i bhfochair a
athair Abraham agus a mháthair Sara. A b' í an bhliain ina bhfuair
Isaac bás dhá mhíle dhá chéad agus ocht mbliana agus ceithre fichid
uadh chruthú an domhain, sé chéad agus naoi mbliana adéis an dílinn,
agus seacht céad déag agus ocht mbliana fichead sular ghlac Mac Dé
colainn daonna.



Gen.35:16-19; 37:1-36. 5. Tamall ina dhiagh sion a fuair Rachel
bean Jacob bás do dhruim a tara mac a
chuir dí. A thug sí Benoni, nó "mac mo bhróin," do ainm air, ach a
ghlaoig Jacob Benjamin, nó "mac mo láimh dheas," do ainm air.



Budh cheannúla a bhí Jacob ar a mhac Seoseph ná a bhí sé ar aon
cheann eile dá chlainn, agus a chorraig sin suas fuath agus formad na


L. 65


coda eile chuige, agus a méadaíog an fuath agus an formad sion do
dhruim dhá thaidhreamh a dearnag do: "Taidhríog dom," ar sé, "go
rabhas agus mo dhearbhráithreacha ag baint arbhar, agus a cheangla-
mar suas ár 83 bpunainneacha. Do éirig mo phunann-sa suas ina
seasamh agus a thánadar punainneacha mo dhearbhráithreacha agus
do umhlaíodar di." "A' dóigh lead," arsa na dearbhráithreacha, "go
mbeir-se iod' mháistir orainn agus go mbeam-ne fé smacht agad?"
As sion suas ní fhiadadar an oiread agus focal cneasta a labhairt leis.



Tamall ina dhiaigh sin adúirt sé lena athair agus lena dhearbhráith-
reacha, "Neosad dhíbh an taidhreamh a dearnag dom aréir: a chonarc
an ghrian, an ré agus an t-aon réalthán déag as mó ar an spéir a' teacht
chúgham, agus do umhlaíodar dom." Adúirt an t-athair, "Cad é an
éifeacht as féidir a bheith insa taidhreamh úd? An féidir go ndéan-
fainn-se, do mháthair agus do dhearbhráithreacha, tú 'adhradh ar an
dtalamh so?"



A thiospánadar an dá thaidhreamh úd an gradam, an onóir agus an
mhóracht a bhí ag Dia le bronnadh air i gcúrsa na aimsire a bhí chuige.
Áfaig a mhéadaíodar fuath a dhearbhráithreacha chón mór sion gur
cheapadar é a mharú. Agus a fuaradar, sula fada, cae ar a mailís a
chur i bhfórsa.



6. A chuadar tamall maith uadh bhaile ag sláthar iníor dá dtréada,
agus a chuir a athair Seoseph ag triall ortha chun scéala a thabhairt
chuige cionas a bhíodar. An tráth a chonarcadar chúghtha é dúradar,
"Atá fear na dtaidhrithe ag teacht: beirimís air agus maraímís é,
agus ansion beig fhios aige cad é an sochar a gheobhaigh sé as a chuid
taidhrithe." "Ná salaig bhúr lámha lena chuid fola a dhortadh,"
agus Ruben, an dearbhráthair budh shine, "ach scaoilig síos anso
insa tseana-thobar tirim seo é, agus faigheach sé bás ann le ocras." A thug
sé an chomhairle sin adonn go mbeach cae aige ar é a shábháil.
A bhaineadar a bhrat de agus a chaitheadar síos insa tobar é agus a
shuíodar chun bíg a chaitheamh. Ní fada nó g<o> bhfai<cea>dar
ceannaithe a bhí ag dol lena n-<e>arraí do<n> Égypt. Adúirt Údás, an
ceathrú dearbhráthair, leo, "Ná maraímís ár <n>dearbhráthair, agus
ná bíoch a chuid fola orainn, ach díolaimís é leis na ceannaithe seo."
A rinneadar an chomhairle sion agus a dhíoladar é ar dhá phunt deich
scillinne. A ghlacadar ansion a bhrat, a stolladar agus a thumadar í
i bhfuil meannáin agus a chuireadar chun a n-athair í le teachtaire, ag
rá, "A fuaramair an brat so réabaithe agus lán do fhuil, agus as
amhras linn gurbh í brat do mhic Seoseph í. Féach an aithneofá í."
Do aith<i>n sé í agus a chrom ar 84 lógóireacht, ag rá, "Beithíoch
alltha a mhairbh agus do alp suas mo mhac, agus ní ghlacfad-sa sólás
an fhaid agus as beo me." Uadh an lá sion suas ar feag mórán <aimsire ?>
níor fhiad<ad>ar a chlann compord a thabhairt dho ná a bhrón do
éadromú.



A rugadar na ceannaithe Seoseph leo do<n> Égy<p>t, a dhíoladar é le
Putiphar, an <t->ard-general a bhí as cionn a chuid airm ag Pharao,
rí na Égy<p>te.


L. 66


7. Thugamair fá ndeara gur fírinníog insa bhfear beannaithe seo
Jacob na focail seo adúirt an Spirid Naomh, "As trí a lán trioblóidí a
gheofar dol isteach go ríocht Dé." Budh chomhartha ar an ríocht
mbeannaithe a dhútha féin agus tig a athar ar na raibh Jacob ag triall.
Agus fé mar a mheas Laban é a chosc, amhla sion a chuireann an
deamhan chun sinne a chosc ar thig ár nAthar, flaithiúnas, a shroisin.
Áfaig má chuirimíd muinín chóir i nDia, ní baol dúinn: a bhéarfaig sé
saor sinn. As ar éigean a fuair an duine naofa so é fhéin saor uadh láimh
Laban nó gur chaith sé gabháil tré chontabhairt eile, an baol a bhí ag
bagairt air do dhruim feirge Esau. Ach do bhrí gur ghuig sé chun
Dé a fhuascail se sion é: a chur sé a aingeal dá dhíonadh agus dá chosaint,
agus adéis an oíche go léir a chaitheamh i ngleic agus ag imreascáil
leis an aingeal sin, an uair ar an láchaint a loirg sé a bheann<a>cht, a
thug an <t->aingeal dho a ainm a shóinseáil, agus bacaí a bhualadh air.
Ciallaíonn a' ghleic agus an imreascáil úd an gnáth-dhícheall nách
foláir don uile Chríostaí do urnaithe. Oir má leanann sé di, neartófar é
le grása an Tiarna, béarfaigh sé bua agus a gheobhaigh sé ainm nua.
As air sin adeir Críost féin linn, "Don té a bhuafas, a bhéarfaig mise
suíomh iom' fhochair ar mo chathaoir fhéin, agus déanfaig mé pillóir
de i dtig mo Dhia, agus scríofaig mé air ainm mo athar agus mo ainm
fhéin, agus ní chorrófar as a ionad go brách é."



8. Atá ciall eile mór spirideáltha insa bhacaí úd a bhuail an t-aingeal
ar Jacob. Bíonn duine bacach an uair as sia cos leis ná an chos eile.
Agus fé mar atá aige dhá chos chorpar<th>a ar na siúlaíonn sé, amhla
sion atá in anam an duine <dhá> shórd grá, grá cuirpeach agus grá
beannaithe. Más é an grá cuirpeach as uacht<a>rach ina chroí, gluais-
íonn an duine go mear agus go fonnmhar chun compoird corpar<th>a
85 agus sonas saoltha a shláthar dho fhéin, agus bíonn sé mall agus
bacach chun nithe spirideáltha a lorg. Áfaig más treise an grá bean-
naithe, gluaisíonn sé go m<e>ar agus go láidir chun na nithe a lorg agus
a shláthar a dhéanfaig a anam taithneamhach le Dia, agus ní bhíonn
beann ná suim aige i nithe saoltha, oir tuigeann sé go éifeachtúil go
bhfuilid uirchóideach dhá anam.



9. Tiospánann an tubaiste úd a thit amach do Dina, iníon Jacob, cad
é chón contabhar<th>ach agus atá sé do ógmhná Críostúil dol ar
m<e>asc cuideachta stróinséar<th>a. "As é tig a n-athar," arsa Naomh
Ambrós, "an áit as sábháltha agus as siúráltha dhóibh: ní aon ní fónta
a bhainfig dhóibh do dhruim dol i gcuideachta na n-aois óg a leanann
béasa agus faiseanthaí saoltha - cóthaláin, bálrince agus nóis don tsórd
sion. Dá bhfanfach an óigbhean úd uadh bhálcáireachta ní chaillfeach
sí a maighdeanas agus ní déanfaí murdréirithe dá dearbhráithreacha;
ní loitfí agus ní dófaí an chathair úd, agus ní cuirfí a muintir go léir
i mbaol a milleadh (agus a millfí agus a marófaí iad gan cheist mura
mbeach gur shaor Dia iad tréna mhór-chomhachta).



10. Tugaimís fá ndeara cad é chón dí<o>máisteach agus atá formad do
anam an duine. As dá dhruim a bhíodar dearbhráithreacha Seoseph


L. 67


lán-ollamh ar é a mharú. Agus a mharóidís é gan aon doubhta muna
mbeach gur chur Údás i gcéill dhóibh gur ana-chuir throm dhóibh a
leithéid a dhéanamh, agus gurbh fhearra é a dhíol leis na ceannaithe a
rug leo don Égypt <é>, mar ar thit a lán nithe iontach amach do,
d'réir mar a 'neosad ina dhiagh so dhíbh. Budh chomhartha an droch-
úsáid a thugadar dho, agus a dhíol, leis an droch-úsáid a thugadar a
shliucht do Íosa Críost, agus an díol a rin Údás air le ard-chomhairle
na <n>Iúdaíoch, an tráth a thugadar trí púint chúig scillinne déag dho i
dtaobh Críost a bhrath dhóibh.


L. 68



XV. JOSEPH IN EGYPT



Gen.38: 1-10. 1. Sula 'neosad dhíbh cad a thit amach dho Seoseph
insan Égypt as ceart dom trácht ar an oíde eaglach
uafásach a imir Dia ar bheirt mhac a dhearbhráthair Údás. Gnó as ea
é a chuirfig scanradh agus eagla i gcroí go aoinne a mhachtnóig air.
Agus ní thrácht<f>ainn ar aon chor air, agus níor cheart dhomhsa ná
do aon <t>sagart eile trácht go poiblí ar a leithéid do pheaca, muna
mbeach go mbíd a lán Críostaithe ciontach <ann ?> agus go mbeir-
eann sé na mílthe agus na 86 mílthe dhíobh go aon bhliain go
Ifreann. As annamh, as ró-annamh, a chuirid i bhfaoistean é, do bhrí
go gcuireann an deamhan ina luí ortha nách aon pheaca ar aon chor é,
cé ná fuil aon pheaca ar bith níos uirchóidí do anam agus do cholainn
an duine ná é. Atá fhios agaibh go léir gur substaint spirideáltha
tuigseanach anam an duine lenar féidir di aithne agus eolas a fháil ar
Dhia insa tsaol so, agus seilbh shíoraí do fháil insa tsaol atá le teacht.
Anis, sóinseálann an peaca anam an duine chón mór sion go n-iompaíonn
sé í chun a bheith béistiúil, brúidiúil ar fad, insa chás sin ná bíonn
a<o>n tsuim aici i nDia ná i bhflaitheas Dé ná i bpianta Ifrinn féin. Níl
peaca ar bith lena mbeireann an deamhan greim níos daingne, níos
doscaoilthe ar dhuine ná leis an bpeaca so. Ceanglann sé é féin do
chorp agus do anam an duine lé insa chás sion, fé mar a chuir Dia i
gcéille do easpag ard-bheannaithe a mhair tamall uadh shin insa<n>
I<o>dáile -Naomh Ligorio budh ainm dho. A thiospáin Dia dho sion
nár éirig riamh go fiú aoinne amháin i ndiagh gach céad míle pearsa
a thit insa pheaca so, nó gur rug sí lé go Ifreann iad.



A bhí beirt mhac ag Údás, Her agus Onan a n-ainm. A bhíodar in
aos a bpósa<dh> agus pósag iad. Agus <in> ionad gnóth an phósa<dh>
a dhéanamh amhail a cheap Dia agus dlí na nádúra, as amhla a rinneadar
ladhráil ghránna ortha fhéin agus a dhoirteadar substaint a gcuirp.
A mhairbh Dia ar a' láthair sion iad agus a chaith a n-anamnacha síos
go fíor-íochtar Ifrinn, agus atáid ann le tuille agus ceithre mhíle blian,
agus beid ann na céadta agus na céadta milliún blian: an fhaid agus a
sheasóig saol Dé beid ann, gan an chance as lú go bhfuasclófar go
brách iad.



2. As sion tuigig cad é chón uafásach agus atá an peaca so. Agus súd
as ná beach sé ina pheaca ar aon chor budh cheart é a sheachnadh.
Mar, in éaghmais bás obann a theacht ar dhaoine dá dhruim, téid daoine
ar dearg-buile le gealaig, nó déantar stúmpaí iomadáin díobh dá dheasca.
Agus 'neosad dhíbh canathaobh sion: atá féith lán do smior a' rith síos
uadh an inchinn tré lár chnámh droma an duine, agus leathann sí
amach in íochtar a chabhail, agus as uaithe sin a thagann an substaint


L. 69


as na gcoimpeartar colainn an duine. Anis, leis an mbéas gránna
so lagaítear chón mór sion inchinn an duine go gcailleann sé go minic
a chiall, agus fostaraíonn sé aicídí eile ar dhao<i>ne nách <d>tagann le
na dochtúirí as fearr a leigheas.



Ní gá dhom a thuille 87 a rá ar an gnóth so.



Gen.39: 1-20. 3. An uair a rugadar na ceannaithe leo Seoseph don
Égypt, a dhíoladar ina sclábhaí <é> le Putiphar, an
taoiseach budh mhó agus budh aoirde in onóir agus in úd<a>rás fé rí na
críche sin. Budh é an comma<n>der nó an t-ard-general a bhí as cionn
arm an rí chomhachtaigh sin. Áfaig do bhrí ná tréigeann Dia go brách
an dram neamhchiontach a chuireann a muinín go iomlán ann, a riaraig
sé nithe insa tslí sin go bhfuair an t-ógánach beannaithe úd, i ndútha
agus i dtig stróinséara, an meas, an cumann, an charthanacht agus an
gradam ná fuair sé i ndútha ná i dtig <a> athar fhéin.



Agus uair a chonairc Putiphar ciall, macánt<acht>, tuigsin, banúlacht
agus deigh-bhéasa Seoseph, a bhí ana-mheas aige air agus a chur sé
cúram a thí agus a choda go léir air. Agus as maith a éirig sion leis.
A chur Dia rath neamh-ghnách air: a mhéadaig sé a chuid go iontach.
Óigfhear breá budh ea Seoseph, agus a bhí sé an uair sin trí bliana
fichead do aos. A thit a mháistreás i ngrá leis agus a chuir sí an grá
sion i gcéill do. A lo<i>rg air ciontú lé. Adúirt se sin lé, "Féach, a
thug mo mháistir iontaoibh a choda go léir dhomhsa, agus cionas a fhiadfainn
gnóth chón olc sion a dhéanamh, nó cionas a gheobhainn im' chroí a
leithéid do mhallathacht a dhéanamh agus Dia ag féachain oram?"
In ionad ceist ná náire a bheith airthe agus scuir don droch-fhuadar a
bhí fúithe, as amhla a lean sí a bheith ag tathant air insa chás go raibh
sé lán-chráite aici. Lá ná raibh aoinne insa tig ach iad araon, a rug sí
greim air, ag rá, "Caithfir luí liom." A theith sé uaithe le neart scanradh
agus do fhág a bhrat ina láimh. An uair a chonairc sí ná géillfeach sé
di, a iompaig a grá i bhfearg agus i bhfuath chuige agus a cheap sí a
bheith suas leis. An uair a thánaig a fear isteach i gcúrsa an lae adúirt
sí leis, "As maith an seirbhíseach a thugais isteach id' thig, an
t-ógánach Abhrach so. A thánaig sé chúgham ag iarradh éagóra a
dhéanamh oram, agus an uair a liús amach agus a rugas greim air,
do fhág sé a bhrat, mar a chíonn tú, iom' láimh, agus a theith leis fhéin."
A chreid an fear a scéal agus a chuir sé Seoseph i bpríosún an rí chun
fanúin ann ar f<eag> a shaoil.



"As ar an nós céanna sion," arsa Naomh Ambrós, "a ghéilltear go
minic do bhréaga agus daortar go minic an dram neamhchiontach.
A creideag scéal na mná mallaithe úd a ghlac fuath chun an óigfhear
beannaithe seo do bhrí gur dhaor a gheanmnaíocht sin a míbhanúlacht
fhéin, agus a cheap sí a gheanmnaíocht do agairt air do bhrí gur shatail
sí féin ina croí an tabharthas ainglí sin. Áfaig," arsa an naomh so,
"ná tigeach 88 aon mhímhisneach ar an dram do fhuiligeann go
neamhchiontach. Iompóig Dia an éagóir a déantar ortha chun a sochar
agus a mbuntáiste, fé mar a iompaig sé fuath na mná mallaithe úd
chun sochar Seoseph. Oir as dá dheasca a dearnag é ina ard-mháistir
ar ríocht na Égy<p>te go léir.


L. 70


4. As fíor go deimhin gur le linn na aimsire úd, ag sí sin an aimsir a
imig sular ghlac Mac Dé colainn daonna, gur thiospáin Dia le sam-
plaithe saoltha an cúram atá aige i nithe saoltha, agus ná titeann aon
ní amach do dhaoine ná do aon duine fé leith, ach le cead nó le riarú Dé.
Áfaig uadh an am do fhuilig Críost bás ar an gcruis, do fhág Dia a
fhoighne sin mar chompord, mar dhíon agus mar chosaint ag go aoinne
ar na ndéantar éagóir, insa chás sion go measaid go cóir gur lá ámharach
dhóibh an lá na ndéantar éagóir ortha. Oir as féidir dhóibh a rá,
amhail adúirt Job beannaithe fé ualach na n-ainnisí iontach troma a
thánaig air, "Atá," ar sé, "mo fhinné cóir agus mo bhreitheamh ceart
ins na flaithis, agus tiospánfaig sé go bhfuilim neamhciontach agus
cúiteoigh sé liom mo chuid foighne agus díolfaig sé i dtaobh na éagóra
atá dá dhéanamh oram."



Gen.39:20 - 40:23. 5. A cuireag Seoseph ceangailthe go daingean
insa phríosún. Áfaig níor dhearmad Dia é,
ach a thiospáin sé ná fuil áit ná ionad ar bith dúnta i gcuinnibh an
fhóirthean agus an compord a thugann sé dhon dram a fhu<i>ligeann
géirleanúint ar son na fíoréantacht.



A chonairc an gobhernéir a bhí as cionn an phríosúin gur dhuine
ciallmhar, coinsiasach Seoseph, agus a chuir sé riarú agus cúram na
bpríosúnach eile go léir air, agus ní dhéanfach sé aon ní gan é a chur
i gcomhairle Sheoseph.



A bhí sé chúig bliana insa phríosún sin an tráth a cuireag ann ard-
bhutléir agus ard-bhácaer an rí i dtaobh rod éigin a rinneadar ina
chuinnibh. Maidean áirithe ina dtánaig Seoseph lena gcuid bíg
chúghtha a bhrath sé ana-bhrónach iad agus a fhia<fh>raig dhíobh cad
é an fáth na rabhadar chón brónach agus chón duairc sin, agus nár
ghnáth leo a bheith amhla. "Atá," ar siad, "taidhreamh a dearnag
aréir do gach duine againn, agus níl aoinne againn a 'neosach cad é an
éifeacht atá le na taidhrithe sin." "Más ea," arsa Seoseph, "as é Dia
a thiospánann brí agus éifeacht gach taidhreamh, agus 'nisig dhomsa
iad agus b'fhéidir go ndéanfainn-se ama<ch> 89 a' bhrí atá ionta."
"Más ea," arsa an butléir, "ag seo mar a taidhríog dhomhsa: a chonarc
os mo chomhair crann fíona ag fás. A bhí trí géaga airthe. A thánaig
bláth ar na géaga agus a aibíodar na caora. A bhí cuach, nó an chailís
as na <n->ólann Rí Pharao, im' láimh agam. A bhaineas na caora, a fháisc-
eas insa chailís iad agus a thugas í le n-ól don rí." "Atá go maith,"
arsa Seoseph. "Ciallaíd na trí ghéaga úd trí lá, agus i gcionn na aimsire
sin tóg<f>aig an rí as an bpríosún thu agus cuirfigh sé id' ionad fhéin
arís thu. Agus an uair a bheir ann, cuimhnig oramsa agus labhair leis
an rí chun go scaoilfeach sé a<s> so me. Oir a fuadaíog mé le foirneart
as mo dhútha fhéin agus a cuireag go éagórach insa bpríosún me."



"As í seo," arsa an bácaer, "mo thaidhreamh-sa: a taidhsíog dom
go raibh trí bascáidí do arán, do bhrioscaí agus do mheat<a>racht
ar mo cheann agam. Insa bhascáid uacht<a>rach a bhí go aon <t>sórd
misleán agus cácaí as féidir a dhéanamh le céird bácaera, agus a
thánadar éanlaithe an aer agus a fhuadaíodar leo na misleáin sin."


L. 71


"As í seo an bhrí atá id' thaidhreamh." arsa Seoseph: i gcionn trí lá
tógfa<i>g Pharao as an bpríosún so thu, céas<f>aig ar chruis tu agus a
gheobhair bás airthe. Ansion tiucfaid fiacha dubha agus feannóga
léith agus piucfaig an fheoil do do cheann agus dod' chnámha."



I gcionn trí lá ina dhiagh sion a thánaig lá beirthe an rí tíompall.
A rin sé féasta mór do uaisle a chúirte agus a chuimhnig sé ar an
mbutléir agus ar an <m>bácaer. Do ordaig é seo a chrochadh ar chruis
agus a chur sé an butléir ina ionad fhéin arís. Áfaig níor chuimhnig se
sin ar Sheoseph. Uadh a bhí go aon ní go maith aige a dhearmad sé
an fear a mhínig a thaidhreamh.



Gen.41: 1-36. 6. Dhá bhliain uadh an am úd a bhí taidhreamh
iontach ag Pharao, agus le neart scanradh a dhúisig
sé as a chodladh. I gcionn tamaill a thit a chodladh arís air agus a
dearnag taidhreamh uafásach eile dho. Ar éirí dho ar maidean, lán
do bhuairt agus do eagla, a chuir sé tionól agus cnósach ar locht
draíochta na Égypte go léir agus ar a raibh do dhaoine glic tuigseana<cha>
ina ríocht. Agus níor fhiadadar brí ná éifeacht na dtaidhrithe a
dhéanamh amach, agus a chur sion ana-bhrón ar an rí. Ansion 90
<a thánaig an> butléir isteach i láthair an rí agus a ard-chomhairle agus
adúirt, "Admhaím mo chuir agus mo pheacadh: a leithéid so do ghnóth
a thit amach dhá bhliain uadh shion, agus a rinneas-sa agus an <t->ard-
bhácaer ní nár thaithn leis an rí. A chuir i bpríosún sinn. A bhí
taidhreamh oíche ag gach nduine againn agus a 'niseamar iad dho
ógánach Abhra atá ina sheirbhíseach ag gobhernéir an phríosúin. Do
'nis dhúinn brí na dtaidhrithe úd, agus a thit go aon ní amach dhúinn
fé mar adúirt sé."



A chuir an rí gan stad fios ar Sheoseph. A níog, a bearrag agus a
ghlanag é agus a cuireag éadach maisiúil air. A tugag i láthair an rí
é agus adúirt, "A dearnag dhá thaidhreamh dhom agus ní bhfaighim
ao<i>nne a fhiadfach a mbrí a dhéanamh amach. A chuireas fios ortsa
oir a chualaig mé go bhfuilir ana-thuigseanach i nithe don tsórd sion
agus <go> bhfiadann thú a n-éifeacht a dhéanamh amach go cruinn."
"Déanfaig," arsa Seoseph, "Dia amach brí agus éifeacht na <d>taidh-
rithe úd don rí, gan aon chúnamh uaimse. Ach 'niseach an rí na
taidhrithe."



"A samhlaíog dhom," arsa Pharao, "go rabhas ag siúl le ais na
abhann, agus a chonairc mé seacht ndaimh breá ramhar ag teacht aníos
aiste, agus a chromadar ar iníor. Agus gan mhoill 'na ndiagh sin a
thánadar seacht ndaimh eile, lom gortach gránna, nár chonairc riamh a
leithéide, agus do alpadar suas gan mhoill na seacht ndaimh ramhra,
agus níor chuir sion aon fheabhas ortha: a bhíodar chón lom agus chón
trua agus a bhíodar roimhe sin. A dhúisíos ansion agus adéis tamaill
a thit mo chodladh oram arís. A chonairc ansion seacht léasa breá
lán-a<i>big cuirneachta ag fás as aon phréamh amháin. Agus ina
ndiaigh sion do fhás seacht léasa dubha, seirgthe feochta folamh, gan
gráinne arbhar ionta, agus a shloig<ea>dar suas na seacht léasa lán-
a<i>big. Hen iad mo thaidhrithe, agus ní bhfaighim duine a dhéan-
ann amach dom iad."


L. 72


"Dia féin," arsa Seoseph, a thiospáin don rí cad atá le titim amach.
As aon bhrí amháin atá insa dá thaidhreamh úd, agus as é seo an bhrí
atá ionta: ciallaíd na seacht daimh breá ramhra agus na seacht léasa
lán-a<i>big go bhfuil seacht mbliana torthúil le teacht go mbeig cuir-
neacht chón iomadúil le gainimh na trá. Agus ciallaíd na seacht
ndaimh loma gortach agus na seacht léasa críon 91 feochta go dtiucfaig
seacht mbliana do ghorta chón mór sion ná beig cuimhne ná rian ar
raidhse na seacht mbliana torthúil. Agus do bhrí go mbaineann an dá
thaidhreamh úd le aon ghnóth amháin, as comhartha sion go dtiucfaig
chun chinn gan aon doubhtha a' ní budh thoil le Dia a thiospánadh don
rí. Agus a Rí, déantar lead mo chomhairle-se: toibh duine eagnach
tuisceanach agus cuir as cionn do ríocht é; agus ceapach se sion duine
ins go aon bhaile a chuirfig suas an cúigiú cuid do<n> arbhar a bheig ar
feag na seacht mbliana so chúghainn, adonn go mbeach lón ags na
daoine ar feag na seacht mbliana don ghorta atá le teacht ar an domhan
go léir."



Gen.41:37 et seq. 7. A rug an rí a uaisle leis i seombra fé leith,
agus adúirt leo, "Cad é bhúr meas-sa ar chomhrá
an fhir úd?" "As maith ciallmhar folláin an chomhairle í," ar siad,
"agus as é Dia fhéin a chur a leithéid i gcroí an fhir sin." "Más ea," arsa
Pharao, "níl aoinne le fáil as cirte a cheapadh chun an chomhairle sin
a chur a ghníomh ná an fear a thug uaig í."



Ansion a ghlaog isteach ar Sheoseph, agus adúirt an rí leis, "Uadh
thiospáin Dia doitse cad atá le titim amach, ní fhiadfainn duine níos
oiriúnaí a fháil ná thusa. Agus uadh an lá so suas cuirim thu as cionn
mo thí agus mo ríochta. Do bheirim doit mo ú<d>arás fhéin ar fad, agus
ní bheig fear iom' ríocht chón onórach leadsa, ach me féin amháin."



A chur sé ansion a fháinne fhéin ar mhéar Sheoseph, práisléad óir
faoina bhráid, cluith dá chuid éadaig fhéin air, a charráiste fhéin a
ghabháil dho agus dol tréna ríocht go léir agus uaisle onórach dá thiún-
lacan agus ag fógairt dhos na uile dhaoine insa ríocht umhladh agus
géilleadh dho. Agus a thug mar ainm air, "Slánathóir na ndaoine".



Agus ag sin mar a chúitig Dia an t-ógánach beannaithe seo i dtaobh
an méid do fhuilig sé ar son na fíoréantacht. Do umhlaíog at dtúis
é chun é 'ardú ina dhiaigh sin i nglóire, "Oir go aoinne," arsa Críost, "do
umhlóig é fhéin ardófar é." Áfaig níor rin an ghlóire agus an onóir
iontach a bronnag ar Sheoseph go obann aon <t>sóinseáil ina chroí.
A bhí sé chón umhal agus chón cneasta fé an rath iontach a bhronn
Dia air agus a bhí sé an tráth budh phríosúnach é. Agus cé go dtánaig
sé ina 92 láimh lán-díol a thabhairt don dram a rin éagóir air, as
amhla a rin sé maith dhóibh in aghaidh an uilc a rinn<ea>dar dho, fé
mar a chíofam ina dhiaigh so.



8. Budh thoil le Dia fá an am úd a chomhachta agus a mhaitheas a
thiospánadh go so<i>léir so-fhaicseana le daoine do ardú go obann uadh
sta<i>d úiríseal bocht chun an chéim as aoirde agus as onóraí insa tsaol.
Áfaig ní tábhacht sion i gcomórtas dhos na sóinseálacha iontach a


L. 73


dhéanann sé go laethiúil i slí spirideáltha, an tráth a ardaíonn sé an
duine bocht umhal dealbh do fhuilig go foighneach dua, tuirse, angar
agus dealbhas an tsaoil an fhaid agus a bhí sé i bpríosún a chuirp.
An uair, adeirim, do aistríonn Dia é as an bpríosún sion leis an mbás a
chur chuige, beireann sé leis é go pálás órtha, ríocht na glóire síoraí.
Budh mhór an <t->ionadh agus an sólás a thiucfach ar bhochtán a
fhuadófaí go obann as a bhothán dealbh súig go pálás saibhir an rí,
agus a gheobhach fhéin ina mháistir agus ina shealbhadóir ar an
bpálás sion ar feag a shaoil. Áfaig ní tábhacht sion i gcomórtas don
áthas iontach agus don <t>sólás gan teora a thagann ar anam an deigh-
dhuine an uair a fhuadaíonn an bás é as an domhan dorcha ainniseach
so go flaithiúnas. Faigheann sé é fhéin ar leagadh na súl i bpálás chón
álainn, chón uasal sion ná facaig súil aoinne riamh agus ná faicig
go brách ar an dtalamh so aon ní as féidir a chur i gcomórtas lé. Atá
sion le fáil agadsa, agamsa agus ag go aoinne eile acht athanta Dé agus
na Eaglaise a chiomád.


L. 74



XVI. JOSEPH AND HIS BRETHREN



Gen.41:45 et seq. 1. An uair a fuair Seoseph lán-údarás uadh rí
Pharao, a ghaibh sé tré go aon pháirt do ríocht
na Égypte agus a thiospá<i>n sé gur mhór an sonas agus an <t->ádh do
aon rí ministéir ciallmhar a bheith aige. A riaraig sé nithe insa tslí sin
gur ollmhaig sé in am na raidhse lán-stór bíg fá chomhair am an
ghorta. A chuir sé suas i siléir agus i scioból an t-arbhar a bhí
spártha ar feag blianta an mhór-thoradh. A thánadar seacht bliana
an mhór-ghorta ar an domhan go léir. A loirg na daoine bia ar an rí.
Adúirt leo triall ar Sheoseph. A dhíol leo é, agus a bhí a ndóchain aige
ní amháin fá chomhair locht na Égypte, ach fós dhos na náisiúin a
bhí ar 93 theorann na ríochta sion.



Gen.42. 2. A tara bliain do<n> ghorta, a caitheag an méid bíg a bhí
ag athair Sheoseph agus ag a mhuintir i dtír Chanann.
Adúirt sé leo, "Airím go bhfuil cuirneacht le díol insan Égypt: imíg
ann agus tugaig libh í chun ná faighimís bás don ocras."



A ghluais deichniúr díobh don Égypt agus a thánadar i láthair
Sheoseph, agus a loirgeadar air cead arbhar a cheannach ar nós chách
eile. A aithin <sé> sion gan stad iad, ach níor aithníodar e sion. Ní
fhacaig sé a dhearbhráthair óg Benjamin, agus a bhí eagla air gur
thugadar droch-oíde éigin air, amhail a thugadar air fhéin chúig bliana
déag roimhe sin. A labhair sé tré fhear teanga go teann, borb leo, agus
adúirt, "A cad as dhíbh, agus cad a thug anso sibh?" "Uadh thír
Chanaan as <ea> sinn, agus a thánamar anso chun arbhair a cheannach."
"Ní chun arbhair a cheannach a thánbhar," ar sé, "ach chun an dútha
a bhrath: locht spi<ai>reacháin as ea sibh, agus a cuireag anso sibh chun
féachain cionas a thiucfach libh cúncas a dhéanamh ar an ríocht so."



"Go deimhin," ar siad, "ní dram don tsórd sion sinne, ach daoine
síochánta. Clainn aon athar amhá<i>n as ea sinn, agus níor chuimhnío-
mair riamh ar ghnóth don tsórd sin a dhéanamh." "Ní amhla atá,"
ar se sion, "ach as fíor a ndúrt gurb é an gnóth a thug anso sibh, chun
go mbeach fios luige na dútha so agaibh adonn cogadh a chur airthe."



"A Thiarna," ar sia<d>, "as deichniúr dearbhráthar sinn. A bhí
dháréag mac ag ár n-athair: a imig rod éigin ar an tarna ceann budh
óige dhíobh insa chás ná fuil fáil ná tuairisc air. Atá an ceann as óige ar
fad insa bhaile i bhfochair ár n-athar, ní scaoilfeach sé linn é ar
eagla go n-imeóch aon ní air mar a imig ar a dhearbhráthair." "Más
fíor bhúr scéal," arsa Seoseph, "cé ná creidim focal de, fanaig anso agus
téach fear agaibh abhaile agus tugach leis an dearbhráthair óg agus
ansion beigh fhios agam gur fíor cad adúrabhair.


L. 75


A chuireag i bpríosún iad ar feag trí lá agus a glaog arís i láthair
Sheoseph iad, agus adúirt sé leo, "Más daoine síochánta sibh, fágaig
ceann do bhúr ndearbhráithreacha ceangailthe anso i bpriosún agus
imíg abhaile len bhúr gcuid arbhair, oir atá eagla Dé oram agus ní maith
liom éagóir 94 <a dhéanamh> oraibh. Tagaig anso arís agus tugaig
libh bhúr ndearbhráthair óg agus a gheobhaig sibh an fear do fhágag
anso, agus fiadfaig sibh as sion amach arbhar a cheannach gan chosc
ar bith chón minic agus as maith libh."



As le fear teanga adúirt sé an chaint seo leo, oir uadh thúis níor lig
sé air gur thuig sé a gcaint ar aon chor. Ar chlos na bhfocal so dhóibh,
adúradar, "As le lán-cheart Dé a imig an gnóth so orainn do dhruim na
éagóra a rinneamar ar ár ndearbhráthair Seoseph: níor ghlacamair
trua dho agus níor chuireamair suim ina dheora agus é ag achainí go
cruaigh orainn gan é a dhiol leis na ceannaithe." "Ná dúirt mise libh",
arsa Ruben, "ná déanaig díobhaíl do<n> gharsún?" Agus féach anis
atá a chuid fola dá agairt orainn."



A thánaig tocht guil ar Sheoseph agus a iompaig sé a leath-taoibh chun
ná ficidís a dheora. Ansion a chuireag Simon, ceann dos na dear-
bhráithreacha, i bpríosún, agus do ordaigh Seoseph málaí a líonadh le
arbhar agus an t-airgead a dhíoladar as a chur i gan-fhios dhóibh i
mbéal mhála gach nduine dhíobh. A thug sé lón bíg dóibh agus a
scaoil abhaile iad.



Gen.42:29 et seq. 3. A thánadar abhaile chun a n-athar agus do
'niseadar dho cad a imig ortha. Agus ar n-oscailt
a málaí dhóibh a fuaradar a gcuid airgid ceangailthe suas. A thánaig
eagla agus iontas ortha agus adúradar, "Cad é an gnóth so a rin Dia
orainn?" "As oramsa atá sé déanta," arsa Jacob: "do fhágbhair me
gan leanaí. Atá Seoseph caillthe, atá Simon i bpríosún i ndútha
stróinséar<th>a, agus anis measann sibh Benjamin a bhreith uaim. As
chun mo chrá agus mo chostas a thráchtbhar ar aon chor go raibh
dearbhráthair eile agaibh." "Cad é an neart a bhí againn air?" ar siad
sion. "A fhiafraig an fear dinn cé ar budh iad sinn, a' raibh ár n-athair
ina bheathaig, a' raibh aon dearbhráthair eile againn, agus cá raibh sé.
A 'niseamair dho insa go aon cheist <a> chur sé chúghainn, agus cionas
budh dhóigh linn go ndéarfach <sé> i ndeire a chómhrá, "Tugaig chúgham
bhúr ndearbhráthair óg agus ná bainig <le ?> teacht dom' láthair muna
dtabharfaigh sibh libh é."



Gen.43-45. A mhéadaig an gorta thar barr, agus an uair a chaitheag
an t-arbhar a thugadar leo uadh an Égypt adúirt Jacob
lena chlainn, "Imíg libh agus tugaig tuille arbhair libh uadh an Égypt."
"Adúirt an fear sion linn," ar siad, "agus a thug sé na 95 mionnaí móra
mallaithe, ná raibh aon ghnóth againn teacht do láthair muna <d>tabh-
arfaimís linn ár ndearbhráthair. Scaoil linn é agus rachaimíd ann.
Muna ndéanfair fanfam insa bhaile agus a gheobhaimíd bás don
ghorta. Muna mbeach an mhoill seo a chuiris-<s>e orainn a bheimís
ann agus as faoi dhó."


L. 76


Fé dheire, cé gur dheacair leis é, a scaoil sé Benjamin leo agus adúirt,
"Beirig libh tabharaistí do thortha na dútha so chun an fhir úd, agus
tógaig dúbailt airgid libh <agus ?> an t-airgead úd a fuarabhair in bhúr
málaí. Oir budh fhéidir gur le dearmad a cuireag ann é. Agus go
seolaig Dia sibh agus go dtugaig sé slán sibh go léir thar n-ais chúghamsa.
Oir atáimse gan sliucht nó go bhfillig sibh chúgham."



A ghluaiseadar ortha, a shroiseadar an Égypt agus a thánadar i
láthair Sheoseph. An tráth a chonairc sé iad agus a dhearbhráthair óg
ina bhfochair, do órdaig sé dhá stíobhard féasta a ollmhú dóibh, agus
go raibh sé fhéin chun a chaite ina bhfochair.



Ar a ndol isteach don phálás a thánaig ana-eagla ortha agus adúradar
lena chéile, "As mar gheall ar an airgead úd a cuireag inár málaí atás
dá thabhairt isteach anso adonn leathscéal a bheith aca chun sclábhaithe
a dhéanamh dinn agus d'ár mbeithíg." Ansin adúradar leis an stíobhard,
"A dhuine uasail, a bhíomar <ar> cuaird thana anso; a cheanna<ío>mair
arbhar agus a dhíol<a>mair go macánta as. Ach ar dhol abhaile dhúinn
a fuaramair an t-airgead ceangailthe suas inár málaí. Níl fhios againn
cé a chur ann é. Agus a thugamair thar n-ais é, agus ag seo doitse é."
"Síocháin Dé libh," ar sé sion, "as é Dia bhúr sinsear a thug an
t-airgead sion dhíbh. Ná buaraig sibh fhéin a thuille mar gheall air."



A rug sé ansion isteach iad agus a thug chúghtha a ndearbhráthair
Simon. Adéis a níodar agus a ghlanadar iad fhéin, a tugag don pharlús
iad ina rabhadar chun dinnéir a chaitheamh. A thánaig Seoseph
chúghtha agus adéis beannú go cneasta dhóibh a fhiafraig cionas a bhí
a n-athair, agus ar budh é sin a ndearbhráthair budh óige a thugadar
leo. Ansion a thánaig tocht guil air agus a imig sé isteach go seomra
eile agus a ghuil a dhóchain. Ar ní a lámha agus 'aghaidh, a shuig sé
ag clár ar leithlig agus a cuireag a dhearbhráithreacha ina suí ag
bord eile, go aoinne aca do réir a n-aos.



A chaitheadar a ndóchain bíg agus dí. Agus do ordaig Seoseph
dhá stíobhard ar maidean a málaí a líonadh le arbhar, a chuid airgid
a cheangal suas i mála gach bhfear aca agus an chailís airgid as
96 na <n->ólfach sé, sion a chuir i bhfolach i mála Bhenjamin.



A scaoileag chun siúil iad, agus an uair a bhíodar tamall uadh <an>
gcathair a lean an stíobhard iad agus adúirt, "As ró-olc an cúiteamh a
rinneabhair liom' mháistir insa <t>síbhialtacht a rin sé libh. A ghuid-
eabhair an cupa nó an chailís asna n-ólann sé fíon agus lena ndéanann
sé draíodóireacht agus airleog agus lena bhfaigheann sé go aon
<t>sórd feasa." "A dhuine uasail," ar siad, "ná cuir a leithéid do mhalla-
thacht inár leith. An t-airgead a fuaramair inár málaí adéis filleadh
abhaile dúinn a thugamair thar n-ais chúghadsa, agus cionas a mheas-
ann tu go nguidfimís ór ná airgead as tig do mháistir? Cuardaig
sinn agus ar málaí, agus pé du<i>ne ag na bhfaighfear an cupa aige
maraítear láithreach é agus bímís go léir inár sclábhaithe ag do
mháistir."



"Déantar," ar sé, "an focal adúrag: pé duine na bhfaighfear aige an
cupa, bíoch sé ina sclábhaí ag mo mháistir agus téach sibhse saor
abhaile."


L. 77


A leag<a>dar go mear a málaí agus a fuarag an cupa i sac Bhenjamin.
A liúdar, a bhéiceadar, a scaoileadar a ngruaig agus a chasadar gan
mhoill chun Sheoseph. Adúirt se sion leo, "Cad é seo a mheasabhair a
dhéanamh oram: ná fuil fhios agaibh ná fuil ar dhruim talún fear feasa
chón mór liomsa?" Adúirt Údás leis, "Níl fhios againn, a Thiarna, cad
as ceart dhúinn a rá lead, ach gur agair Dia go ceart ár mallathacht
orainn. Bímís go léir inár sclábhaithe agad, sinne agus an duine ag
na fuarag an cupa." "Ní amhla sion a bheig," arsa Seoseph: "beig se
sin ina sclábhaí agamsa, agus fillig sibhse abhaile chun bhúr n-athar."



A dhruid Údás suas go misniúil leis agus adúirt, "A Thiarna, ná tóg
oram na focail atáim le rá lead. Ar ár dteacht ar dtúis id' láthair, do
fhiafhraís, a Thiarna, dínn, "A' bhfuil athair nó a<o>n dearbhráthair
eile agaibh?" agus adúramair go raibh ár n-athair caite críonna agus
garsún óg do dhearbhráthair againn a rugag an tráth a bhí a athair ana-
aosta, agus gur cailleag a mháthair le linn a theacht ar an saol; agus go
raibh mac eile ag an máthair céanna agus gur cailleag i bhfad uadh
shion é. Adúraís linn, "Tuga<i>g chúgh<a>m anso an dearbhráthair
óg sion, 97 chun go mbainfinn lán mo shúil as." A chuireamair i gcéill
doit nárbh fhéidir an gnóth sion a dhéanamh, oir go raibh croí ár n-athar
chón ceangailthe insa leanbh sion ná fuiliceoch as a radharc é. Agus a
bhagraís orainn gan buaint le teacht id' láthair muna dtabhar<faim>ís
linn an garsún. An lá fé dheire, an uair a bhí ár gcuid bíg caite, adúirt
ár n-athair, "Gluaisig libh do<n> Égypt agus ceannaíg tuille arbhar
dhúinn. Adúramair nárbh fhéidir sion a dhéanamh muna scaoilfeach
sé a leanbh linn fé mar do ordaís-<s>e. "Atá fhios agaibh," ar sé, "go
raibh beirt mhac agam lena mháthair: an garsún so Benjamin agus a
dhearbhráthair, Seoseph. A chuireas é sin ag triall oraibh, agus ní
fheaca mé uadh shin é. A thugabha<i>r-se a bhrat stoltha agus lán do
fhuil chúgham, agus adúrabhair gur mhairbh beithíoch alltha é.
Agus anis má imíonn aon ní ar a dhearbhráthair tit<f>ig an t-anam
asamsa, agus beig sibhse ciontach i mbás bhúr n-athar."



"Ar an abhar sion tit<f>ig amach má chasaim-se chun mo athar agus
ná faighigh sé an leanbh agam: tit<f>ig an t-anam as agus cuirfear bás
mo athar im' leith-se. Scaoil abhaile chun a athar é, agus ciomád mise
mar sclábhaí ina ionad, mar, beo nó marbh, ní chas<f>ad chun mo athar
gan an garsún."



Ní fhiadfach Seoseph é fhéin a chiomád a thuille uadh ghol. Adúirt
leis na daoine a bhí láithreach dol amach, agus a dhruid suas lena
dhearbhráithreacha. A chrom ar ghol agus adúirt le guth ard: "As
mise bhúr ndearbhráthair Seoseph." Le neart scanradh níor fhan brí
tapa ná focal ionta. A ia<i>g sé a lámha tíompall gach nduine díobh, a
phóg agus a dhiúg iad, agus do fhliuch sé a muinéal len<a> dheora.
Agus adúirt, "As mise bhur ndearbhráthair Seoseph. Ná bíoch aon
eagla oraibh; ná glacaig chun croí ar rinneabhair oram. Dia féin a chuir
mise don Égypt romhaibh chun ná faigheach sibh bás do<n> mhórghorta
so. Atáid chúig bliana eile don ghorta so le teacht. Ar an bhfeag sin
ní fhiadfar céachta a chur i dtalamh agus ní bainfear fómhar. Brostaíg
libh abhaile chun bhúr n-athar agus abraig leis, "As mair seo adeir do
mhac Seoseph lead: "Atáim-se iom' mháistir ar ríocht na Eg<y>pte.


L. 78


Tair-se agus do chlainn go léir, len bhúr n-airnéis agus lena bhfuil
agaibh, chúghamsa anso, agus beathóigh 98 mise sibh chun ná
faigheach bás don mhórghorta so." 'Nisig é sin dho agus tugaig libh anso
chúghamsa é. Oir a chíonn bhúr súile, agus súile mo dhearbhráthair
Benjamin, an ghlóire, an chomhachta, an chaithréim agus an saibhreas
atá agam." Ansion a phóg sé arís go aoinne aca, agus a fuaradar
i<o>nta féin labhairt leis.



A 'niseag don rí gur thánadar dearbhráithreacha Sheoseph, agus budh
áthasach an scéal dho é. A chur fios ar Sheoseph agus do ordaigh sé dhó
capaill, carráistí agus go aon chóir eile a chur a d'iarra' a athar agus a
mhuintir go léir, agus a dtabhairt don Égypt.



A thán<a>dar abhaile chun a n-athar, a 'niseadar dho go raibh a mhac
Seoseph ina bheathaig, agus ina mháistir ar ríocht na Égypte go léir.
As amhla a bhí sé mar dhuine a dhúiseoch uadh chodladh trom: a mheas
sé gur taidhreamh a dearnag dho an scéal sin, agus ní ghéillfeach sé
gurbh fhíor ar aon chor é nó go bhfaicig sé an chóir agus an chuideachta
a cuireag dá iarradh. Ansin adúirt sé, "As leor dom go bhfuil mo mhac
Seoseph ina bheathaig: triallfaig me air chun go bhfaicinn é sula
bhfaigh' mé bás."



Tugaimís, ins <n>a nithe ana-iontach so, fá ndeara cad é chón eagnach
agus chón éifeachtúil agus a thugann Dia chun chinn na nithe a cheapann
sé: go riarann sé nithe insa tslí sin ná fiadaid daoine a chur i gcuinnibh
an ordú a chur sé ar bun chun é a chosc, agus gurb é an dícheall a
dhéanaid chun é a chosc a chuireann chun chinn é. A chorraíodar suas
na taidhrithe míorúileach úd lenar thiospáin Dia roimh ré do
Sheoseph an ghlóire mhór a cheap Dia a bhronnadh air, a chorraíodar,
adeirim, formad agus fuath a dhearbhráithreacha ina chuinnibh.
A mheasadar an ghlóire sin a chosc, agus leis an intinn sin a dhíoladar é
le sclábhaíocht i ndútha stróinséar<th>a. Agus trí riarú Dé, a b'í sin
díreach an tslí a cheap Dia chun an duine sin a ardú i nglóire. As fíor -
as ró-fhíor - na focail seo adúirt an fháig: Níl eagna ná gliocas ná
comhachta ar bith a fhiadfas seasamh i gcuinnibh Dé ná cosc a chur ar
an gnóth a cheapann sé sion a chur chun cinn. Ar neamh agus ar
talamh déanann sé gach ní as toil leis, agus níl aoinne ar bith a leomhfaig
a rá leis, "Canathaobh gur rinnis so nó súd?" "



Tugaimís <fá ndeara> go spisialtha an croí mór maith, lán do 99
charthanacht agus do dhaonnacht, a bhí ag an mórnaomh so. A thánaig
sé ina shlí an éagóir agus an t-olc a rinneadar a dhearbhráithreacha air
do agairt ortha. Ach i bhfad uadh sin a dhéanamh as amhla a rin sé
gach maith dóibh. In ionad é a chasadh leo, nó a mhilleán a chuir
ortha, as amhla a leithscéal sé iad, ag rá le leonú Dé a rinneadar é
chun a shochar sin agus chun a dtairbhe féin. "A chur," ar sé, "Dia anso
mise romhaibh chun sibh a shábháil uadh an gorta mhór a thánaig
ar an domhan go léir."



Budh chomhartha fós carthanacht an fhir bheannaithe sin ar char-
thanacht iontach ár dTiarna Íosa Críost a cuireag go ró-éagórach chun


L. 79


báis, agus in ionad an bás sion do agairt ar an dram mallaithe budh
chiontach leis, as amhla a bhronn sé a thoradh agus a shochar ortha
chun a bpeacaí a scrios díobh chun glóire shíoraí a shláthar dhóibh.
A budh iad so na focail déanach a thánaig as a bhéal le linn a bháis ar
an gcruis: "Ó a Athair, maith dhóibh, oir níl fhios aca cad atáid siad
ag déanamh."



Caithfeam, mar sin, maitheamh uadh chroí dho ár n-eascara, agus
maith a dhéanamh in aghaidh an uilc, más fonn linn ar aon chor páirt a
bheith againn le Críost agus le naoimh Chríost i nglóire na bhflaitheas.


L. 80



XVII. JACOB IN EGYPT MOSES ...



Gen.46. 1. An uair a chasadar a mhic chun Jacob, mar a 'niseas
dhíbh iom' theagasc dhéanach, agus a chuireadar i gcéill
dho go raibh a mhac Seoseph ina árd-mháistir ar ríocht na Égypte, agus
a chonairc sé go aon chóir a cuireag chun é fhéin agus iad sion a bhreith
ann, a ghlac sé iontas mór i dtaobh an gnóth sion. Agus adéis
buíochas a ghabháil le Dia, a cheap sé dol i bhféachain a mhic. Áfaig
níor mhaith leis sion a dhéanamh gan é a chuir ar dtúis i gcead Dé.
A bhí eagla air dá raghach sé fhéin agus a chlann don Égypt go
mbeach iomarca rath ortha insa dútha saibhir sin, agus go ndearmad-
faidís a ndútha fhéin, nar gheall Dia a seilbh dhóibh fheín agus dá
sliucht go brách. Ar bheith dho ag machtnamh ar na nithe seo, a
thiospáin Dia é fhéin do, agus adúirt sé leis, "As mise an Tiarna uile-
chomhachtach, Dia do athar-sa. Ná bíoch aon eagla ort dol síos ann,
oir rachad-sa lead ann agus méadóig mé do shliucht ann thar barr
agus beig siad ina gcine ana-iomadúil agus tabharfaig mise as iad, agus
a gheobhair bás idir dhá láimh do mhac Sheoseph."



Gen.46: 5 et seq. 2. A ghluais Jacob air lena mhuintir go léir, sé
dhuine 100 agus trí fichid. An tráth a chualaig
Seoseph go raibh a athair chuige, do ordaig sé a charráiste a ghléasú
agus a chuaig ina chuinnibh. A bhualadar uime a chéile i dtír Gosean,
agus a b'í sin an teangmháil áthasach. A phógadar agus a dhiúgadar a
chéile agus a shileadar díle deora le neart áthais. Agus adúirt Jacob,
"Atáim sásta bás do fháil ar an láthair seo, uadh a chonairc mé id'
bheathaig thu." Adúir<t> Seoseph lena athair agus lena
dhearbhráithreacha, "Rachaig mé ag triall ar an rí agus 'neosad dho go
dtánabhair om' fhéachain, agus ordóigh sé dhom sibh a thabhairt chuige,
agus an uair a bheig sibh ina láthair fiafróigh sé dhíbh cad é an tslí
bheatha atá agaibh. 'Nisig dho gur a' beathú tréada caorach a bhíonn sibh,
agus gurbh í sin an tslí bheatha a bhí ag bhúr sinsear romhaibh. Ordóigh
sé ansion dhíbh fanúin insa pháirt seo don dútha - as í an chuid as
fearr don Egypt í - agus beig sibh ar leithlig libh fhéin agus ní bheig aon
chomhluadar agaibh le lucht na dútha so. Oir atá fuath mairtheach
aca don dram a bhíonn ag beathú caorach. Agus as é an fáth atá leis
an bhfuath sion, mórán blian uadh shin, a thánaig scata thréadaithe, nó
locht a bhíonn ag beathú caorach, uadh an Ethiopia, dútha atá leasteas
don Égypt. A rinneadar cúncas airthe, a chiomádadar í fé dhaor-
smacht, agus as le cogadh fada a fhiad locht na Égypte iad a dhíobairt."



Gen.47: 1 et seq. 3. A thriall Seoseph ar an rí agus a 'nis dho go
dtáinig a athair agus a dhearbhráithreacha chuige,
agus go rabhadar i <d>tír Gosean. Budh áthas leis an rí a dteacht agus


L. 81


do ordaigh sé dho Sheoseph iad a thabhairt chuige. A thug sé sion an
chuid budh shuaraí dá dhearbhráithreacha i láthair an rí agus do
fhiafhraig sé dhíobh, "Cad é an <t>slí bheatha atá agaibh?" "Aoirí
caorach as ea sinne, a Rí, agus ár sinsear romhainn, agus a thánamair
chun cónaithe id' dhútha-sa air feag tamaill, oir do dheasca an tí<o>rmaig
mór so a thánaig ar an domhan, níl féar ná uisce inár ndútha chun ár
<m>beithíg a bheathú. Agus iarraimíd ortsa, a Rí, cead a thabhairt
dúinn fanúint i dtír Gosean." "Féach," arsa an rí le Seoseph, "atá an
dútha so go léir id' láimhse: toibh an chuid as fearr di agus cuir ann do
athair agus do dhearbhráithreacha. Agus más eol duit feara tuigseanacha
ciallmhar a bheith eatora, cuir as cionn mo airnéise iad."



A thug Seoseph ansion a athair i láthair an rí. A bheannaig go cneasta
dho agus fhiafraig dé cad é an t-aos a bhí aige. Adúirt Jacob, "Céad
agus deich mbliana fichead blianta mo shaoil: blianta bithiúnach;
ach níor shroiseadar 101 ar aon chor in aon ghar do bhlianta saoil
mo shinsear." Adéis slán a fhágan ag an rí, a ghaibh sé amach agus a
shocraig Seoseph é fhéin agus a mhuintir insa pháirt a b'fhearr don
Égypt, agus a chothaig ann iad.



4. As mair seo a sábhálag pobal Dé uadh an ghorta mór úd, agus as
amhla sion do iompraíonn Dia é féin ins go aon tráth leis an dram a
cheapann sé fá chomhair na beatha síoraí. Ceadaíonn sé mífhortúin
saoltha a theacht ortha uadh am go am, adonn ná ceanglóidís a gcroíocha
go iomarcach don tsaol so. Agus an uair a bhíonn an tsúile as lúgha
aca le fortacht, cuireann sé fortacht chúghtha, chun ná millfí ar fad
iad fé an trom-ualach bróin a thagann ortha. Budh mhór an brón do
Jacob a mhac Seoseph a chailliúint, agus budh mhór an ainnise dho
sion é a dhíol ina sclábhaí, é a bhreith go dútha iasachta agus é a chur
go éagórach air feag seacht mblian i bpriosún. Agus féach insa deire
cad é an sochar agus an sólás do fhás chúghtha uadh na gnótha deorach sion!



Gen.47:28 - 50:2. 5. A mhair Jacob fé shéan agus fé chompord
insan Égypt ar feag seacht mbliana déag. Agus
ar bhraith dho go raibh a uair dhéanach ag druidim leis, a chuir sé fios
ar a mhac Seoseph, agus a cheanga<i>l air fé phéin mhallachta agus
iríre Dé gan é 'adhlacan insan Égypt, ach é a bhreith leis agus é a chur
insa tuama ina raibh a athair agus a sheana-athair curtha. Ansion a
ghlaoig sé chuige an chuid eile dá chlainn, a thug a bheannacht
dóibh agus a 'nis go cruinn glan cad a bhí le imeacht ar shliucht gach
ndaoine dhíobh go teacht Slánathóra an domhain. Agus a phointeáil
amach gur ar shliucht a cheathrú mhic, as é sin Júdás, a bhí an Slána-
thóir sin le teacht.



Adéis a chríochnaig sé an tairngreacht iontach sin, a fuair sé bás.
A ordaig Seoseph dhosna dochtúirí embalming nó spíosrú a dhéanamh
ar chorp 'athar, mar budh nós ag locht na Égypte. A chuiridís drogaí
deighbhalaithe agus stuifeanna potagáirí tíompall an chuirp agus
isteach ann insa chás ná dreofach an corp go brách. Atá a lán dosna
cuirp sin le faicsin i Lú<n>dain, i gCorca, i mBaile Áth' Cliath agus i


L. 82


gcathracha eile, agus cé go bhfuilid 'thuile agus ceithre mhíle blian
marbh, atáid folláin fós agus a n-éadach tíompall ortha. Mummies a
tugtar i mBéarla ortha.



Gen.50: 2-25. 6. Adéis embalming a dhéanamh ar chorp a 102
athar a rug leis é go tír Chanaan, agus uaisle na
Égypte go léir insa tsochraid, agus a rin é a adhlacan insa tuama ina
raibh <a> atha<i>r agus a sheanatha<i>r curtha. A chas sé arís do<n>
Égypt agus a fuair bás ann ceithre bliana déag agus dá fhichid adéis
bás a athar. A b'é a aos féin ar bhás dho, céad agus deich mbliana.
Ceithre fichid blian a bhí sé as cionn na Égypte. Ag fáil báis do, chuir
sé na mionna céanna ar a dhearbhráithreacha a chur a athair air fhéin,
a chorp a bhreith leo an tráth a bheidís ag fágáil na Égypte. "Oir," ar
sé leo, "adéis dhá chéad agus cheithre bliana agus dá fhichid a ndiagh
mo bháis-se, béarfaig Dia amach as an dútha so sibh chun an dútha
a gheall sé do bhúr sinsear."



Ex.1. 7. Mórán blian adéis bás Sheoseph, do thánaig rí nua ar an
Ég<y>pt a dhearmad an mhaith a rin Seoseph don dútha sion,
agus a cheap léirscrios a thabhairt ar phobal Dé. As díobhuan agus as
díobhálach cairdeas an tsaoil seo dhos na fíréin. Ná bíoch aon ion-
taoibh aca as. Oir, luath nó mall, iompóig sé ina gcuinnibh. Pé cineál,
cairdeas nó síbhialthacht a thiospán<f>aig eiricí dhúinn, ná bíoch aon
mhuinín againn asta. Má fhaighid cae air tiospán<f>aid go éifeachtúil
an feall agus an fuath atá coigilthe ina gcroí dhúinn. Áfaig atá an méid
seo comporda againn, nách féidir dhóibh piuc díobhála a dhéanamh
dúinn ach díreach a' méid a luálann Dia dhóibh, agus insa deire
iompóig an díobháil sin amach chun ár sochar spirideáltha nó saoltha.



<In ?> ionad cion agus meas a bheith ag an rí seo ar phobal Dé, mar a
bhí ages na rithe a thánaig roimhe, as amhla a ghlac sé fuath mair-
theach chúghtha agus a cheap iad a chiorrú. Agus ina dhóigh fhéin
a ghlac sé slí ghlic chun a aidhm a chur i gcrích. A chnósaig sé chuige
uaisle a ríochta go léir. "A chíonn sibh go bhfuil an pobal so ag méadú,
agus gur treise iad ná sinne. Má lasann cogadh amáireach nó aman<a>-
thar orainn tógfaid páirt lenár namhaid agus buafaid orainn. Ar an
abhar sion snoímís amach iad le oibreacha cruaig."



A cuireag ansion na feara go léir ag déanamh bhríce, a' tógain
cathracha, ag baint chloch agus a' déanamh oibreacha móra eile atá
le faicsin fós. Áfaig as amhla a chuaig an pobal in iomadúlacht fé na
oibreacha troma úd, chun a thiospáint roimh ré gurb amhla a mhéadaíd
103 na ainnisí saoltha a thagann ortha uadh am go am, pobal Chríost.



8. An uair a chonairc an rí mallaithe seo nár ciorraíog an pobal leis an
dua mhór nar ghabhadar tríd, a cheap sé slí eile chun teacht ar an gnóth
sion. d'ordaig sé do mhná cabhartha na Égypte an tráth a bheidís ag
fritheálamh ar na mná Abhraig, go aon leanbh fireann a thachtadh le
linn a theacht ar an saol. A ghlacadar sion sceon agus scanradh roimh
an gnóth ró-mhallaithe sin, agus níor ghéilleadar do ordú an rí. A chur


L. 83


se sion fios ortha agus a fhiafraig go borb, "Canathaobh nár rinneabhar
mar do ordaíos díbh?" "Atáimíd," ar siad, "ullamh agus fonnmhar do
ordaithe a leanúint. Áfaig as mná láidir sláintiúil na mná Abhraig,
agus atá fhios aca féin ar an gnóth. Agus an tráth a ghlaotar orainne
chun fritheálamh ortha, bíd, sula sroisimíd, na leanaí ar an saol."



Leis an mbréag sin a leathscéaladar iad fhéin. Ach do dhruim an
daonnacht a thiospánadar chúitig Dia iad. A thug sé ionad agus áit
dhóibh ar measc a phobail fhéin. Ansion a chuir an rí a shaighdiúirí
amach chun gabháil tríd an dútha go léir le ordú go aon leanbh fireann
ar measc an phobail Abhra a chur chun báis le n-iad a bháthadh insan
abhainn.



Ex.2: 1-10. 9. A tharlaig fá an am sion go raibh leanbh mic ag bean
do threibh Levi, an tarna mac a bhí ag Jacob. <Bhí ?>
an leanbh ana-dhathúil agus a cheil a mháthair é ar feag rátha. Agus
an uair nárbh fhéidir a cheilth a thuille ar na saighdiúirí a bhí ag
gabháil tíompall uadh thig go tig chun na leanaí fireannach a bháthadh,
a rin sí cliabhán do gheatairí, a líonáil le pic, a chuir sí an leanbh
isteach ann, córda amach as an gcliabhán; a scaoil fé an abhainn é agus
cailín beag, dreabhshúir an leinbh, dhá fhaire. Le leonú Dé a thánaig
iníon an rí lena cailíní chun dul fé uisce na abhann. Agus an uair a
chonairc sí an cliabhán, a chur ceann dá cailíní dá iarraig. Ar oscailt a'
chliabháin di a chrom a' leanbh ar bhéicig. A ghlac sise trua agus ana-
ghrá do, agus adúirt, "As naíonán bocht an leanbh so a bhaineann le
bean éigin Abhrach." A rith an dreabhshúir suas agus adúirt "Ar
mhaith lead, a Bhean uasal, banalthra a fháil dho?" "As maith," ar
sise, "faigh dhom go dia<i>r í." A rith sise agus a thug máthair an
leinbh lé. "Ag so dhuit an leanbh so," arsa iníon Pharao, "agus beathaig
dhomhsa é, agus díolfadsa do thuarastal lead. Agus an uair a bheig sé
beathaithe tabhair chúghamsa é."



A thug a mháthair togha na 104 aire dho. An tráth a bhí sé oiriún-
ach a thug chun iníon an rí é, agus a ghaibh sí sin chúiche é mar mhac
di fhéin agus a thug Maois do ainm air, do bhrí gurb uadh an uisce do
thógag é. A tugag suas i gcúirt an rí é, a múineag go aon <t>sórd
foghlaim a budh fhearr dho, agus a fuair sé go aon <t>sórd oideachas
a bhí oiriúnach do phrionsa nó gur fhás sé suas chun a bheith ina fhear.



10. A cheap Dia an fear so chun an Seann-Dlí a thabhairt dhos na
Iúdaig amhail a cheap sé Íosa Críost chun an Dlí Nua a thabhairt dos
na Críostaithe. Agus fé mar a cheap Rí Pharao an leanbh beannaithe
seo a chur chun báis tré na leanaí eile a mharú, amhla sin a loirg Rí
Herod teacht ar Chríost a mharú an tráth a bhí sé ina leanbh, tré ár a
thabhairt ar na gárlaig neamhchiontach. Ach as díchéille do dhaoine
ar bith, bídís uasal nó íseal, cuir i gcuinnibh Dé. A mheas Pharao go
aon leanbh Abhrach a mharú, agus i gan fhios dho a tugag suas ina
phálás fhéin leanbh don chine sin, agus a ghaibh leis mar mhac a iníon,
agus a thug oideachas chón maith sin dho go raibh sé lán-oiriúnach chun
a bheith ina thaoiseach agus ina fhuasc<a>l<th>óir ar phobal Dé. A


L. 84


mháthair, tré eagla a mhairthe, a chuir ar an abhainn é. A ghlac sí arís
le áthas é agus ar tuara<s>tal do bheathaig an leanbh sion nar budh
fhearr lé ná ór na cruinne cead a bheathaithe do fháil. A budh é an
chontabhairt inar cuireag an leanbh úd budh chúis sábháltha dho.
A tarraigeag as uisce na abhann an naíonán úd; a cheap Dia, tré
chomhachta a fhocail, mar an rí úd, a phrionsaí agus a shaighdiúirí go
léir, a bháthadh agus <a> mhúchadh tré thonnacha coítheach na fairrge
a tharraint ortha i ndíolthas an bháthadh agus an mhúchadh a rinn-
eadar ar leanaí phobail Dé. Aoinne a mhachtnóig i gceart ar na nithe
seo, má atá aon chiall ar aon chor ina cheann, caithfig sé 'admhadh
gurb é barr na buile agus iomadántacht fóirlíonta cuir i gcuinnibh Dé
nó d<i>últhú dho aon ní a ordaíonn se sion.


L. 85



XVIII. BURNING BUSH MOSES BEFORE PHARAOH



Ex.2: 11-25. 1. A 'niseas iom' theagasc dhéanach cionas a sábhálag
Maois, an tráth a bhí sé ina leanbh agus fé mar a
thugag suas é i gcúirt an rí, go bhfuair sé an sórd oideachas agus fogh-
laim a bhí oiriúnach do phrionsa nó do mhac rí. Oir a ghaibh iníon rí
Pharao leis mar mhac di féin. Do fhan sé insa chúirt go raibh sé dá
fhichid blian do aos, agus ansion 105 a thiospáin sé gur cheap Dia é
fá ghnóth budh aoirde agus a b'fhearr ná sonas agus saibhreas saoltha a
bheith aige. An tráth a chonairc sé an luíthrom agus an éagóir a bhí
dá dhéanamh ar a chine fhéin, budh scorn leis iad a bheith fé dhaoirse
agus fé bhrón agus é féin a bheith fé mheas agus fé chompord. "Budh
rogha agus a b'fhearr leis," arsa Nao' Pól, "a bheith fé ainnise agus fé
tharcuisne i bhfochair phobal Dé ná a bheith ámharach, sonasmhar
agus onórach ar measc pheacaig." Ar an abhar sion a cheap sé dul ag
féachain a dhaoine fhéin. Ar a shlí dho a chonairc sé Égyptíneach ag
batráil agus ag gabháil ar fhear Abhrach.



A fhéach sé tíompall air agus an uair ná feacaig aoinne eile ach an
bheirt úd do láthair, a chorraig spirid Dé suas é, a bhuail agus a mhairbh
an tÉgyptíneach agus a chuir a chorp insa ghainimh. "A mheas sé," arsa
an Scriptiúir, "go dtuigfeach a chine fhéin as an ghníomh sion gur
thoibh Dia é chun iad a fhuascailt uadh an daorbhruid ina rabhadar."
Áfaig níor thuigeadar a leithéid ar aon chor. A' lar na bháireach ar a
shlí dho a chonairc sé beirt Abhraig ag troid lena chéile, agus a chuaig
chun síochána a dhéanamh eatora, agus adúirt leis an <bh>fear na raibh
an éagóir aige, "Canathaobh na mbualann tú do dhearbhráthair?"
Adúirt se sion, "As dóightheach go dtánais inniubh chun murdal a
dhéanamh oramsa, amhail a rinnis inné ar an Égyptíneach. Cé a
cheap thusa mar phrionsa agus mar bh<r>eitheammh as ár gcionn?"



2. A thánaig anaithe ar Mhaois do dhruim na bhfocal sion, agus budh
ionadh <leis ?> gur leath an scéal amach chón tapaig sin. A shrois an
scéal Pharao, agus a chuir cuardach ar Mhaois chun a chur chun báis.
A theith Maois leis fhéin, agus níor stad nó gur shrois sé tír Mhadian,
dútha atá sior uadh thuaig uadh an Égypt. Ar shroisin an dútha sion
dho, a shuig sé chois tobair agus ní fada dho ann an uair a chonairc sé
seacht mná óga a theacht chun an tobair. Iníonacha a budh <ea> iad
do shagart a bhí insa dútha sion: Jethro budh ainm dho. A tharraig-
eadar uisce chun deoch a thabhairt dá dtréada, agus a dhoirteadar
insan iomar é. Áfaig a thánadar na aoirithe eile agus a mheasadar an
t-uisce a bhaint díobh agus iad a iompó uadh an dtobar. Do éirig Maois
agus a chosain iad nó gur tugag uisce dá gcaoire. A chasadar sion
abhaile agus adúirt a n-athair, "Canathaobh na dtánabhair abhaile
inniubh níos luaithe ná aon lá eile?" "Atá," ar siad, "do bhrí gur


L. 86


chosain fear uadh an Égypt sinn, agus nár lig sé dhos na 106 aoirithe
a <n>gnáth-éagóir a dhéanamh orainn." "Cá bhfuil an fear sin?" ar sé,
"canathaobh nar fhágbhar in bhur ndiaidh é, agus nár thugabhair cuire
chun bíg dhó?" "Atá sé," ar siad, "ag an dtobar." A imthig Jethro go
mear agus a thug leis é chun a thí, agus adéis beagán aimsire a thug a
iníon budh shine - Sephora budh ainm di - mar mhnaoi dho. I gcionn
bliana a bhí mac aici agus a thug Maois Gersam do ainm air, ag rá,
"Díbreach a budh <ea> me i ndútha stróinséar<th>a." Ar an tarna mac
a bheith aici a ghlaoig sé Eliezer, nó "cabhair Dé," <air>, ag rá, "as é Dia
mo athar budh chabhair dom, agus do shaor me uadh láimh Pharao."



Dá fhichid blian do insa dútha sion an uair a fuair Pharao bás agus
a gairmeag rí dá mhac, Pharao eile. Oir a b'í sin gnáth-ainm do rithe
na Égypte, amhail budh ghnáth-ainm Seoirse dho rithe na Saxon agus
Laoiseach dho rithe na Fraince. Cé go raibh an Pharao úd a fuair bás
ina namhaid mairtheach do phobal Dé, budh mheasa ná sion a mhac.
A rin sé luíthrom agus éagóir chón mór sion ortha go ndeir an Scrip-
tiúir "gur shrois a n-éamh agus a n-ardbhéicig suas chun Dé." Agus a
chuimhnig Dia ina thrócaire ar na geallúna a thug sé dhá sinsear
Abraham, Isaac agus Jacob, agus a cheap sé fuascal<th>óir a chur
chúghtha.



Ex.3. 3. Lá dár sheol Maois a thréada chun inníre i bhfad amach ar
shliabh Horeb, a chonairc sé uaig tor ar dearg-lasadh, agus cé go raibh
an tor go léir tré thine níor dóg agus níor loisceag í. A bhí sí chón slán
agus a bhíodar na toir eile a bhí i bhfogas di. Adúirt sé leis fhéin,
"Ragha' mé agus beigh fhios agam cad é an fáth atá leis an gnóth
iontach so, go bhfuil an tor so ar dearg-lasadh agus í go léir tré thine
agus ná imíonn dógh ná loscadh airthe. A chuaig sé fé dhéin an tuir,
agus an uair a dhruid sé suas lé a chualaig sé guth as an dtor ag rá,
"A Mhaois, a Mhaois." "Atáim agad," ar se sion. "Ná druid leis an dtor,"
arsa an guth, "ach bain díot do bhróga, oir as naofa an talamh arna
bhfuileann <tú ?> ag seasamh. Mise an Tiarna, Dia do athar, Dia
Abraham, Dia Isaac agus Dia Jacob, do shinsireacha." A chaith Maois
é fhéin ar a bhéal agus ar a aghaidh, oir níor leomhaig sé féachain ar an
áit inar thiospáin Dia é fhéin. Adúirt Dia leis, "A chíom an luíthrom
atá dá dhéanamh ar mo phobal insan Égypt, agus a shrois a ngarma,
a n-osnaíl agus a n-éamha 107 iomo láthair thuas i bhflaithiúnas, agus
ceapaim fóirthean ortha. Béarfaig mé liom iad as an dútha so go dútha
ana-mhaith, dútha atá tuilthe le bainne agus le mil, tír Chanaan.
Gluais<-s>e lead agus cuirfig mé thusa chun iad a fhuascailt agus a
shaoradh uadh an ndaorbhruid ina bhfuilid."



Adúirt Maois, "Cé é mise go bhfaighinn ionam fhéin dul i láthair
Pharao agus an pobal Abhra a shaoradh uadhna láimh?" "Féach,"
arsa Dia, "beadsa id' fhochair, agus dá chomhartha sion fhéin, an tráth
a shaorfhair mo phobalsa uadh an Égypt tiucfair-se agus iad sion chun
an chnuic so agus déanfaig sibh íobairt dhomhsa airthe." "Féach," arsa
Maois, "triallfad-sa ar an bpobal Abhra agus déarfaig mé leo, "A chuir
Dia bhúr sinsear mise chúghaibh," agus fiafróid díom cad é an ainm atá
air: cad é an freagra a thabhair<f>ig mé ortha?"


L. 87


4. "Abair leo," arsa Dia, "gur mise an té atá ann, uadh an uile shíor-
aíocht, roimh an uile shaol. Nó abair mair seo leo: "A chuir Dia
Abraham, Dia Isaac agus Dia Jacob budh shinsear dhíbhse, mise chúgh-
aibh chun sibh a shaoradh uadh an ainnis agus uadh an éagóir atá dá
dhéanamh oraibh."
Ex.4:1-17. Arsa Maois, "Ní
chreidfid siad me, agus ní ghéillfid go bhfeacaig mé ar
aon chor tú: déarfaid gur bhréag a cheapas." Adúirt Dia, "Cad é sin
agad id' láimh?" "Atá," arsa Maois, "cleith nó slat lena seolaim mo
chaoire." "Caith ar an dtalamh í," arsa Dia. A chaith, agus gan stad
a iontaig sí ina athar ní, nó ina dragan uafásach. Agus a theith Maois
uaithe le neart scanradh. "Beir ar a earball," arsa Dia. A rug agus
gan mhoill budh shlat arís í. "Tiospáin an comhartha sion dhóibh,"
arsa Dia, "agus aithneóid go bhfuil an fhírinne agad." Adúirt Dia arís
leis, "Sáthaig do láimh isteach id' bhrollach agus tarraig amach í."
A rin, agus bhí sí lofa le gríos agus le uiscóidí gránna. "Cuir arís id'
bhrollach í," arsa Dia. A chur agus a tharraig amach í slán folláin.
"Muna ngéillfid," arsa Dia, "don chéad chomhartha, géillfid don tarna
cheann, agus a bheirimse dhoit pé comhartha as maith lead a dhéanamh
leis an tslat sin atá id' láimh, adonn go gcreidfidís thu."



"A Thiarna," arsa Maois, "iarra<i>m ort éisteacht liom: ní fear dea-
labhartha me, oir atá stad iom' chaint, agus as measa ná sion a bhraithim
me fheín uadh a labhrais-se liom. Atá mo theanga ceangailthe agus
ana-mhall." "Nách mise," arsa Dia, "a chúm béal agus teanga gach
duine, nách me a rin an fear deigh-labhartha agus an balbhán, 108 an
fear bodhar agus fear an éisteacht géar, an dall agus an duine a fhaic-
eann go cruinn. Imig romhad ar an abhar sion, oir beig mise id' bhéal
agus múinfig mé dhoit na focail as ceart do rá." "A Thiarna," arsa
Maois, "cuir do rogha dhuine chun na gnótha so a dhéanamh, ach ná
cuir mise." A ghlac Dia míchéata chuige agus adúirt, "As fear deigh-
labhartha do dhearbhráthair Aaron. Cuirfeadsa id' chuinnibh é agus
inis dho na focail seo adeirim-se lead. Beig meise id' bhéalsa agus ina
bhéal-sion agus tiospán<f>ad dhíbh cad atá le déanamh agaibh. Labh-
rach se sin leis an bpobal agus beir-se tógaithe suas amháin leis na nithe
a bhaineann lem' sheirbhís-se. Beir lead an tslat sin atá id' láimh, oir
as lé sin a dhéan<f>aig thu oibreacha agus comharthaí iontach thar barr.



Ex.4:18 - 5:4. 5. A imig Maois ansion chun athair a chéile. Do fhág
slán aige. A rug a bhean agus a bheirt mhac leis
agus a thriall ar an Égypt. Agus a thánaig a dhearbhráthair ina
chuinnibh. A chnósaíodar maithe agus móruaisle an phobail Abhra
chúghtha. A 'niseadar dhóibh an teachtaireacht lena<r> chur Dia
chúghtha iad. A rinneadar a láthair an phobail na míorúilithe do
ordaigh Dia dhóibh. A chreid an pobal iad agus a ghabhadar buíochas
umhal deigh-chroíoch le Dia i dtaobh gur fhéach sé ar <a n->ainnise agus
gur cheap sé fé dheire fóirthean ortha agus fuascailt a thabhairt dhóibh.



A' lár na bháireach a thánaig Maois agus a dhearbhráthair i láthair
Rí Pharao, agus adúradar: "As í seo an <t->ordú a thugann an Tiarna,
Dia an phobail Abhra, doit: Scaoil uait mo phobal adonn go ndéan-
faidís íoba<i>rt dhom insa bhfásach." Adúirt Pharao go borb teann,


L. 88


"Ní fheadar-sa cé an Tiarna: níl aon aithne ar aon chor agam ar Dhia,
agus ní scaoilfead an pobal uaim." Adúradar sion: "A ghlaoig an
Tiarna, ár nDia, orainn, agus do ordaigh sé dúinn dul trí lá siúil insa
bhfásach, agus íobairt a dhéanamh chuige ar eagla go dtiocfadh pláig
nó cogadh orainn." "A Mhaois agus a Aaron," arsa Pharao, "canathaobh
na bhfuileann sibh ag cur na nithe seo i gcinn an phobail, dá dtarraint
uadhna gcuid oibre. Imíg libh go diair agus tugaig aire do bhúr
<n>gnóth fhéin."



Ex. 5:6. 6. A chuir an rí ansion fios ar na gaingéirí a bhí as cionn na
bhfear, agus adúirt, 109 "Ná bainig feasta le tuí <a
sholáthar ?> dhos na fearaibh chun bríc a dhéanamh, ach sláthraídís
féin tuí. Agus ná bíoch an oiread agus aon bhríc amháin ag teastáil
uadhna <d>teasc laethiúil. Oir neart díomhaoinis a chur suas iad cun
<a> rá, "Gluaisimís don fhásach agus déanaimís íoba<i>rt ann. Snoíg
agus coraig le obair iad chun ná géillidís do bhriathra bréagach."



A rinneadar na gaingéir é sion agus an uair nár fhiadadar a dt<e>asc
laethiúil a thabhairt isteach a gearrag le neart sciúrsála iad.



Ex.5:15 - 6:9. 7. Gearrtha, tinn agus lán dá gcuid fola, a thrialladar
ar an rí agus adúradar: "An-éagóir mhór atá dá
dhéanamh orainn: ní tugtar tuí dhúinn chun na bríce a dhéanamh, agus
an uair nách féidir dhúinn ár ngnáth-theasc laethiúil a thabhairt
sciúrsálthar agus gearrtar sinn amhail a chíonn tu. Fóir orainn agus
ná lig an éagóir mhór so a dhéanamh orainn atá inár seirbhísig agad."
"Atánn sibh," ar se sion leo, "ró-dhíomhaoin, agus as ar an abhar sin
adeireann sibh, "téimís agus déanaimís íobairt insa bhfásach don
Tiarna ár nDia." Fillig chun bhúr n-obair. Ní tabharfar tuí a thuille
dhíbh agus caithfig sibh bhúr ngnáth-theasc laethiúil a chólíonadh."



Ar a gcasadh dhóibh a bhuail Maois agus a dhearbhráthair iompa agus
adúradar na fir leo go míchéatach feargach, "Déanach Dia ceart
eadrainne agus sibhse. A<s> deas an gnóth a rinneabhair orainn, gur
bréan an balaithe a fhaigheann an rí agus a sheirbhísig orainn. A chuir-
eabhair claíomh ina lámha chun sinn a mhilleadh agus a mharú.
Adúirt Maois leo a muinín agus a ndóchas a chuir i gcomhachta Dé, agus
gan aon doubhta go bhfuasclóch sé go tapaig iad. Ach a bhíodar chón
cráite agus chón céasta sion nár ghéilleadar do.



Ex.6:10 7:24. 8. Adúirt Dia leis, "Imig arís go Pharao agus ordaig
dho mo phobal a scaoileadh uaig." "Féach," arsa
Maois, "ní éisteoidís do phobal fhéin, daoine a chreideann ionad,
liom, agus as lú ná sion a ghéillfig Pharao dhom' fhocail." "Cuirimse,"
arsa Dia, "thusa iom' ionad fhéin mar mháistir ar Pharao. Agus bíoch
do dhearbhráthair ina fhear teanga agad: pé ordú a thugann tusa dho-
sion, tugach se sin é do Pharao. Déanaig bhúr míorúilí ina láthair
agus ní ghéillfig sé dhóibh: a chruaig sé a chroí in bhúr gcuinnibh agus a
gcuinnibh mo ghrása-sa, chun go n-imreoig mise mo chomhachta agus
go gcuirig me píonóis air fhéin agus ar a 110 dhaoine i dtaobh na
éagóra agus a' luíthrom a rinneadar ar mo phobal."


L. 89


A thrialladar ar an rí agus adúirt se sin, "Tiospánaig comhartha
éigin dhom gurb é Dia a chur chúgham sibh leis an ordú so." A chaith
Maois a shlat ar an dtalamh, agus a sóinseálag í ina dragan nó athar ní.
A chuir an rí fios ar a locht draíodóireacht, agus a rinneadar an cleas
céanna: a shóinseáladar a mbata lámha in' athaireacha. Áfaig a
shloig slat Mhaois suas iad go léir. A' lar na bháireach do ordaig Dia
dhóibh bualadh uime Pharao ar bhruach na abhann agus a rá leis an
pobal a scaoileadh uaig. Agus an uair ná déanfach, a shín Maois a shlat
as cionn na abhann: a iompaíog í sin, go aon tsruthán agus tobar insan
Égypt go léir, i bhfuil craoireach, agus do fhanadar amhla sion ar feag
seacht lá. A fuaradar na éisc go léir bás, agus a bhréan an dútha
uadhna mbalaith. A chaith na daoine toibreacha a rómhar chun uisce
a fháil, agus do bhrí gur shóinseáladar draoithe Pharao cuid do<n> uisce
sin i bhfuil, ní ghéillfeach an rí. Agus a b'í sin an chéad phláig a chur
Dia ar an dútha úd.



9. Atá a dhó nó trí nithe le tabhairt fá ndeara ins na nithe so.
Adeirid na Aithreacha naofa gur comhartha ar staid na bhfíoréan insa
tsaol so an tor úd a chonair<c> Maois ar dearg-lasadh. Oir, súd agus go
raibh an tor tré thine níor dóg agus níor loisceag é do bhrí go raibh Dia
ann. Amhla sion, cé go gcráitear agus go scólthar na fíoréin le ainnisí
agus le trioblóide saoltha, ní imíonn aon díobháil ortha do bhrí go
mbíonn Dia ina bhfochair a ghlanann lena ghrása iad agus a chuireann
compord ortha. Tiospánann Maois, arsa Naomh Gregory, cad as ceart
do shagart a dhéanamh agus a leanúint. A bhí an duine naofa sion lán-
oiriúnach chun cúram pobail Dé a ghlacadh air fhéin agus iad a sheoladh
ar a leas. Agus cé gur ghlaoig Dia féin <air ?> chun sion a dhéanamh,
a <bhí> ceist agus eagla air gnóth chón trom agus chón contabharthach
lé sin a ghlacadh air fhéin. As ró-bhaol, ar an abhar sion, dhóibh seo a
ghlacann go fonnmhar ortha aire a thabhairt do anamnacha dhaoine
eile, agus iad go minic gan a bheith ába<l>tha aire a thabhairt dá n-anam
fhéin.



As figiúir Phárao ar na Críostaithe 111 ná baineann aon <t>sochar
as grása Dé, ná có-oibríonn leis an grása sin, ach a chruann a gcroíoch<a>
ina gcuinnibh. Níor fhiadadar na míorúilithe iontach a imir Dia ar
an bhfear sion agus ar a dhaoine a ndroch-chroí a shóinseáil. Amhla
sion díreach do dhroch-Chríostaithe: ní dhéanaid na grása a bhronnann
Dia ortha, ná na píonóis agus ainnisí saoltha a chuireann sé ortha, ach
a gcroíocha a chruachan mar a cruatar inneo<i>n an gabha le go aon
bhuille don ord a buailthear airthe, agus insa deire báitear iad i bhfairrge
Ifrinn, amhail a bág Pharao agus a shlua insa Mhuir Rua.


L. 90



XIX. PLAGUES OF EGYPT AND PASCHAL LAMB



Ex.8-13. 1. A 'niseas dhíbh iom' chomhrá déanach fé mar do iompaig
Maois, le síneadh a shlait as cionn n<a> abhann, aibhneacha
srutha agus toibreacha na Égypte go léir i bhfuil craoireac. Do fhan
an phláig sin as cionn na dútha ar feag seacht lá. An uair a bhíodar sion
caite, a thriall Maois agus a dhearbhráthair, le ordú Dé, arís ar an rí,
agus do fhógradar air an pobal a scaoileadh uaig. Agus an uair nár
ghéill sé, do ardaig Maois a shlat agus líonag an dútha go léir le
fraganna. A bhí sí go léir clúdaithe leo: a chuadar isteach ins go aon
tig agus seomra; a bhí pálás an rí fhéin beo leo.



A ghlaoig se sion ar Mhaois agus ar Aaron agus adúirt: "Guíg chun
Dé go dtógach sé uaim agus uadh mo dhaoine na fraganna so, agus
scaoilfead ua<i>m <do ?> phobal." "Más ea," arsa Maois, "ceap am dom
ina<r> mhaith lead iad a imeacht uait agus uadh do dhaoine agus as
bhúr dtithe." "Amáireach," ar sé. "Ní bheig ceann díobh beo
amáireach id' ríocht, ach ins na aibhneacha," arsa Maois. A ghuig
sé chun Dé, agus amáireach ní raibh frag ina bheathaig ar dhruim talún
na Égypte. A chnósaíog ina gcarnaibh iad, agus a bhréan an
dúthaig uatha.



An tráth a chonairc an rí gur saorag uadh an bpláig sin é, ní scaoil-
feach sé an pobal uaig. "Buail led' shlat smúite na mbóthairibh," arsa
Dia le Maois. A rin, agus a dubhag an dútha go léir agus a clúdaíog í
le sceartáin. A luíodar ina mbrata<i>bh ar dhaoine agus ar bheithíg.
Adúradar a locht draíochta le Pharao, "As <é> láimh Dé an gnóth so: scaoil
uait a phobal agus ná cruaig a thuille do chroí i gcuinnibh a chomh-
achta. 112 Áfaig níor ghéill sé dhóibh. A' lar na bháireach adúirt
Dia le Maois, "Imig ag triall ar Rí Pharao, agus abair leis, "As mar
seo adeir Dia lead: Scaoil uait mo phobal agus muna ndéanfair tabhar-
fad-sa beacha gabhair agus míola críonna ort fhéin agus ar do dhaoine.
Agus uadh a' lá so suas, chun go n-aithneofaí ná fuil aon Dia eile insa
domhan ach mise amháin, déanfaig mé deighilt idir mo phobal-sa agus
do dhaoine-se: pé áit ina mbeig mo phobal-sa ní bhainfig lé aon phláig
lena mbualfad thusa agus do dhaoine." "



A thánadar na beacha agus na míola ina scaíthibh ar an dútha go
léir. An lá ina dhiagh sin a chur Dia pláig ar na beithíg insa chás go
bhfuair a romhór bás. Agus an uair ná géillfeach an rí a thóg Maois,
le ordú Dé, lán a bhaise do luaith as an tintán agus a chaith insa<n>
aer í. Agus go obann a thánaig ceo trom smúite agus luaithe ar an
dútha go léir agus cluig agus noscóidí trom tintí ar dhaoine agus ar
bheithíg.



2. An lá ina dhiagh sion a shín Maois a shlat in airde insan aer agus
go obann a thánaig tóirneach, lasair agus cloichshneachta chón mór sin,


L. 91


chón uafásach agus chón trom nár feaceag uadh thúis domhan a
leithéid. A ghlaoig an rí Maois agus a dhearbhráthair chuige agus
adúirt: "As mallathóir mise agus as peacaig mo dhaoine. Áfaig atá
Dia ceart: iarraig-se air an tóirneach agus an cloichshneachta so a
chosc agus scaoilfead a phobal uaim; ní bheid a thuille im' dhútha."
"Féach," arsa Maois, "geobhadsa amach uait agus sínfead mo lámha
chun Dé agus imeóig an tóirneach agus an cloichshneachta uaibh agus
beig fhios go cruinn agad gur le Dia amháin an domhan go léir agus ná
fuil aon mháistir eile airthe ach é sion amháin."



A rin sé amhla sion. A stad an tóirneach agus an chloichshneachta.
Áfaig níor chiomád an rí a fhocal.



3. Do ordaig Dia ansion do Mhaois a shlat a shíneadh sior uadh
dheas agus do shéid gaoth tréan ana-bhrothallach ar feag an lae agus
an oíche sin, agus a thug lé lócuistí nó sórt piastaí ar na bhfuil
sciatháin. Agus a itheadar suas go aon bhrobh féir, an d<u>illiúr agus
an choirt dos na crainn agus go aon ghlasra a spáráil an tóirneach agus
an cloichshneachta. A loiteag an dútha go léir leo; a bhí sí in aon mhá
dhear<g> ar nós paiste a rómharfaí suas. Do éiríodar a uaisle agus a
chúirteoirí chun 113 Rí Pharao, agu adúradar: "An fonn lead do
ríocht a mhilleadh ar fad? Scaoil uait na daoine seo agus leig dhóibh
íobairt a dhéanamh chun pé Dia atá aca. Ná faiceann thu go bhfuil an
Égypt caillthe ar fad mar gheall ortha." A chuir sé fios go diair ar
Mhaois agus ar Aaron, agus adúirt: "A pheacaíos go mór i gcuinnibh
Dé agus in bhúr gcuinnibhse: maithig dhom an chuir seo agus ní bheig
a thuille cúis ghearáin agaibh oram. Impíg ar Dhia me fhéin agus mo
dhaoine a shábháil uadhn bpláig mairtheach so a thánaig orainn."



A ghuig Maois chun Dé, agus do shéid gaoth ana-láidir aniar agus a
fhuadaig sí lé na piastaí agus a chaith isteach insa Mhuir Rua iad.
Níor fágag go fiú aon cheann amháin díobh ar thalamh na Égypte. Ach
déise sin a chruaig Pharao a chroí agus níor leig uaig an pobal.



4. A' lar na bháireach adúirt Dia le Maois: "Ardaig do shlat agus
ordaig dorch<ad>as chón mór sin a bheith ann gur féidir greim a bhreith
airthe." A rin Maois sion, agus a thánaig dorch<ad>as mór uafásach ar
an dútha go léir ar feag trí lá agus trí oíche, insa chás nár fhiad aon
duine corraí as an áit ina raibh sé. A chaitheadar fanúint amhail as go
<m>beidís a lámha agus a gcosa ceangailthe dá chéile. Agus a thit an
t-anam as a lán díobh le neart anaithe. Oir a tiospánag dhóibh beath-
shamhail na marbh, púcaí agus spiridí gránna uadh Ifreann. A ciom-
ádag ceangailthe mar sin iad ar feag trí lá agus trí oíche. Áfaig ní
raibh dorch<ad>as ná scamall insa pháirt don dútha inar chónaig pobal
Dé, ach solas breá nádúrtha na gréine.



A ghlaoig Pharao Maois agus Aaron chuige agus adúirt, "Beirig libh
bhúr mná, bhúr leanaí agus bhúr ndaoine go léir amach as mo ríocht
agus déanaig íoba<i>rt chun bhúr nDia. Áfaig fágaig bhúr n-airnéis in
bhúr ndiaig." "Béarfam linn," arsa Maois, "ár mba, ár gcaoire, ár
gcapaill agus ár mbeithíg go léir. Ní fhágfam go fiú crúb ná ingean
díobh inár ndia<i>g, oir níl fhios againn cad é an sórt beithíg as maith


L. 92


le Dia a lorg mar íoba<i>rt uainn nó go dtiucfam chun na áite a cheap sé
dúinn." "A Mhaois," arsa an rí, "ná tair go brách arís im' láthair. Oir,
pé lá a' so so amach ina bhfaicir me, as é lá do bháis é." "Bíoch mar sin,"
arsa Maois. "Ní fhaicfead go brách arís do aghaidh."



5. Hen iad na pláigeanna lenar bhuail agus lena<r> mhill Dia
ríocht 114 na Égypte i dtaobh a phobal a chiomád i mbraighdeanas.
Áfaig atá ciall spirideáltha insa go aon cheann dhíobh sion. An chéad
phláig a b'ea na abhain<n>eacha agus na uiscíocha do iompó i bhfuil ar
feag seacht lá. "A thug Dia fuil le n-ól dhóibh," arsa an Scriptiúir,
" <i> ndíolthas an mhuirdear a cheapadar a dhéanamh ar leanaí a
phobail fhéin." Oir níor thug aoinne uaig riamh ná go bhfuigh sé an
sórd céanna. An tara pláig, líonadh an dútha le fraganna. Ciallaíonn sion
arsa Naomh Augustín, an dram ardghlórach a mheasann go luíonn
diagasúlacht i bhfocail breátha beannaithe, agus ná bacann do dhea-
oibreacha a chleachtadh. An tríú pláig, na sceartáin, nó na dearnaithe.
Pointeálann sion amach an ceataí a dhéanaid droch-dhaoine do<n>
Eaglais le<na> dteagasc falsa agus lena gconspóid bréagach. An ceathrú
ceann, na míolla críonna agus na beacha gabhair, pointeálann sion
amach an dram doshásta, nimhneach ná tugann suaineas dhóibh
fhéin ná do chách eile. An cúigiú pláig, í sin a mhairbh na beithíg,
ciallaíonn sí na Críostaithe droch-iomparach a mhaireann insan Eaglais
ar nós na mbeithíoch mbrúidiúla ag sásamh a n-ainmhiana corpar<th>a.
Cé go mbíd a gcuirp beo, atá a n-anamnacha marbh i láthair Dé. An
séisiú ceann, í sin a chuir cloig uiscóidí agus gríos tintí ar dhaoine,
ciallaíonn sion an dram uaibhreach feargach mailíseach na ligeann Dia
dhóibh, mar dhíolthas ortha, an tslí a leanúint a thaithníonn lena
ndroch-chroí féin.



6. A' seachtú pláig, nó an cloichshneachta, pointeálann sí amach an
dram feargach formadach a loiteann agus a mhilleann saothar ndaoine
eile gan aon <t>sochar dhóibh fhéin. Leighid amhail a leigheann an
cloichshneachta adéis na díobhála 'rin sé dhos na barraíbh. An t-ochtú
ceann, nó na lócastaí a ith go aon ghlasra a spáráil an cloichshneachta,
figiúir í sin ar locht an éithig agus na cúlchainte a loiteann agus a
mhilleann creidiúint agus clú a gcomharsain. Agus an naoú pláig, an
dorch<ad>as eaglach uafásach úd, ciallaíonn sí an dorch<ad>as spirid-
eáltha a thagann ar chroí agus ar anam na bpeacach a chaochann agus
a dhallann iad insa chás ná faicid an fhaill eaglach chun go bhfuilid a
bpeacaí dhá seoladh nó go dtitid síos go 115 Ifreann. Áfaig bíonn
solas glan beannaithe an Spirid Naoimh i gcroíocha agus in anam na
bhfíoréan, a sheolann ar a leas iad agus a thiospánann gach con-
tabhairt as ceart dhóibh 'sheachnadh.



7. Atá aon ní amháin le tabhairt fá ndeara againn i dtaobh na
<b>píonóis a imir Dia ar an rí úd agus ar a dhaoine: nár chuir sé iad go
léir in aonfheacht ortha, ach i ndiaig ar ndiaig chun ré aithrí a thabhairt
dhóibh agus go mbeach cae aca ar dhol saor uadh an mbuille mair-
theach a cheap sé a bhualadh insa deire ortha. A bhí sé chón uiriste


L. 93


dho ar dtúis scata leon agus beithíg alltha a scaoileadh fútha do
alp<f>ach suas gan mhoill iad agus a mharóch gan stad iad, agus a bhí
sé dho iad a chrá agus a chéasadh le sceartáin, le míolla críonna agus le
beacha gabhair. Ach do bhrí go bhfuil sé lán-trócaireach, a smachtaig
sé ar dtúis iad go éadrom, adonn go n-iompóidís ar a leas agus ná fórsál-
faidís é, mar adéarfainn, a fhearg go léir a dhortadh amach ortha.



As amhla sion agus as ar an nós sin a dheighleálann sé linne agus le
peacaig eile. Cuireann sé chúghainn ar dtúis míolla críonna agus sceart-
áin, agartas agus buaireamh ár gcoinsias, adonn go dtuigfimís ná fuil
síocháin ná sólás le fáil againn ach ina sheirbhís fhéin amháin. Agus an
uair ná glacaimíd don fhógairt sin, bualann sé le droch-shláinte nó le
ainnisí saoltha sinn. Agus muna gcuirfid sin fhiachaibh orainn iompó
ar ár leas, má chruaimíd ar gcroíocha ina chuinnibh, scaoileann sé a
fheirg go léir fúthainn, bualann sé an buille tiubaisteach déanach
orainn, amhail a bhuail sé ar Pharao agus ar a dhaoine. Agus a budh é
buille é sion, bás chéadghin na Égypte, idir dhaoine agus beithíg. Agus
ag seo mar a thánaig an deichiú pláig, an pláig déanach.



8. Ceithre lá sula dtánaig sí, adúirt Dia le Maois, "A chím gur chruaig
Pharao a chroí ar fad im' chuinnibh insa chás nár ghéill sé dhom agus mo
phobal a scaoileadh saor uaig. Áfaig atá aon phláig amháin eile agam
a bhual<f>aig mé air, agus ansion scao<i>lfig sé sibhse agus fórsál<f>aig
sé sibh chun imeacht amach as a ríocht. Ar an abhar sion ordaigh-se don
phobal, go aon fhear agus bean eatora, éadach maisiúil agus suithí óir
agus airgid a thógan ar iasacht uadh locht na Égpte, a bhéarfaig dhíbh
go fonnmhar iad. Oir i lár na ceathrú oíche seo chugainn, geobhadsa
amach fé chríoch na Égypte, agus maróig mé 116 an chéadghin insa
go aon tig don Égypt, uadh chéadghin an rí go dtí chéadghin an
sclábaí atá a' meilt insa mhuileann. Agus fós maróig mé céadghin na
mbeithíoch féin. Beig lógóireacht insan Égypt go léir ná raibh riamh
agus ná beig go brách a leithéid in aon náisiún fé an spéir. Agus chun
go raghach sibhse saor uadh an contabhairt sin, agus ná caillfí aoinne
agaibh leis an mbás beo a gheobhaig fé go aon tig don dútha so, tógaig
chúghaibh uan na bliana so: maraíg é, ithig a chuid feola rósta, agus
marcálaig dóirse bhúr dtithe lena chuid fola. Agus geobhaig aingeal an
bháis, a chuirfeadsa amach i meán oíche, thar go aon tig a chíofaig
sé marcál<th>a le fuil an uain."



A rinneadar amhla sion. A thógadar éadach ma<i>siúil <agus> suithí
óir agus airgid ar iasacht uadh locht na Égypte a thug dhóibh go
fonnmhar iad. Agus i lár na oíche a ghaibh an bás amach fé ríocht na
Égypte agus a mhairbh insa go aon tig céadghin na ndaoine agus na
mbeithíoch.



9. A chuir Rí Pharao teachta<i>rí chun Maois ag iarra<i>g air an pobal
Abhra, a n-airnéis agus a strus go léir a bhreith leo. Agus níor chuir
sé aon chúinse eile ortha, ach imeacht chón luath agus a b'fhéidir dhóibh
amach as a ríocht. A ghluaiseadar leo ar maidin a' lae sin, agus a b'í
maidean Dhomhnach Cásca í. Agus a b'é líon an phobail trí milliún
agus sé chéad míle pearsa a chuaig amach an lá sion as an Égypt,


L. 94


cé ná raibh insa phobal úd, an tráth a thánadar ar dtúis don dútha sion,
dhá chéad agus chúig bliana roimhe sin, ach deich pearsa agus trí
fichid. A b'í an bhliain inar saorag iad uadh sclábhaíocht na Égypte,
an bhlia<i>n do aos an domhain, dhá mhíle chúig céad agus trí bliana
déag agus ceithre fichid, agus ceithre chéad déag agus aon bhlia<i>n
déag agus ceithre fichid sula rugag Slánathóir an domhain.



Ag sin mar a saorag pobal Dé uadh an sclábhaíocht ina rabhadar ag
Pharao agus ag a mhuintir. Agus budh chomhartha an saoradh úd ar
shaoradh an chine dhaonna uadh sclábhaíocht an deamhain agus an
pheacadh. A budh <í> fuil an uain a rin díon agus cosaint don phobal
Abhra ar an <m>bás úd a mhairbh céadghin na Égypte; agus as í fuil
Chríoist a dhíonann agus a chosnaíonn sinne uadh bhás síoraí.


L. 95



XX. PASSAGE OF THE RED SEA AND MANNA



Ex.14. 1. An uair a chuaig 117 an pobal Abhra amach as an
Égypt agus a saorag iad uadh an ndúr-sclábhaíocht ina
rabh<ad>ar innte, a chuir Dia aingeal dá seoladh agus ag tiospáint an
tslí dhóibh na rabhadar le gabháil chun an dútha a shroisint a gheall
Dia dá sinsear ceithre chéad agus deich mbliain fichid roimhe sin.
A b'é an crot a bhí ar an aingeal úd, fuirm phillóir tintí insan oíche agus
fuirm phillóir dataig insa lá. An uair a chonairc an mallathóir Pharao
gur imig an pobal uaig, a thánaig aithreachas mór air. A dhearmad
sé go aon phláig a bhuail Dia air fhéin agus ar a dhaoine; a cheap sé
pobal Dé a chasadh arís ina dhútha chun go mbeidís féin agus a sliucht
go brách ina sclábhaithe aige fhéin agus ag locht na Égypte. A chnós-
aig sé arm mór agus a lean go dia<i>r an pobal Abhra. Agus an tríú lá
a thánaig sé suas leo, go déanach um thráth<n>óna agus iad i gcampa ar
bhruach na fairrge. A ghlac ana-scanradh iad. A cheapadar go
rabhadar caillthe go brách. A bhí an fhairrge rompa amach, Pharao
agus <a ?> arm i<na> ndiaig aniar. Ní raibh slí ar bith aca chun teithe.
A dhearmadadar, le neart an anaithe a bhí ortha, na míorúilí iontach
a rin Dia chun iad a shaoradh uadh an Égypt. A thiteadar in éadóchas
agus adúradar go feargach míchéatach searbh le Maois, "As dócha ná
raibh ár ndóchain uamhanna le fáil againn i dtalamh na Égypte insa
tráth na dtugais amach sinn chun bás do imirt orainn insa bhfásach
fairsin seo."



"Ná bíoch aon eagla oraibh," arsa Maois, "roimh rí na Égypte ná
roimh a shaighdiúirí, oir ní fheacfaig sibh go brách arís an oiread agus
aon cheann amháin dhíobh ina mbeathaig, oir troidfig Dia féin ar bhúr
son. Áfaig, éistíg sibh bhúr mbéal: scuirig do bhúr gcanrán agus
tugaig fá ndeara an obair atá le déanamh ag Dia dhíbh.



2. Ansin, le ordú Dé, a shín Maois a shlat as cionn na fairrge agus do
oscail sí as a chéile agus a dearnag ród fairsean mín réig tré lár na dtonn
don phobal. Agus a thóg an <t->aingeal a bhí rompa dhá seoladh
<é féin ?> agus a thánaig ina ndiaig aniar eatora sion agus locht na
Égypte, insa chás na fiadfaidís teangmháil lena chéile. A bhí an taobh
don phillóir a bhí iompaithe ar locht na Égypte cíor-dhubh, agus an
taobh di a bhí iompaithe ar an bpobal Abhra chón geal le solas na
gréine. A ghabhadar sion insa bhóthar míorúileach úd a rin Dia
dhóibh thré chorp na fairrge. A bhí an t-uisce ar nós fhalla ghloine ar
gach taobh díobh 118 agus a dhruid an t-aingeal 'na ndiaig.



An uair a chualaig locht na Égypte glór an phobail ag siúl tríd an
fhairrge a leanadar iad, cé nárbh fhéidir leo iad a fhaicsin. Ar maidean
go moch a shrois an pobal an talamh ar an dtaobh thall don fhairrge,
agus an uair a bhíodar fhéin agus a n-airnéis saor slán ar an dtalamh


L. 96


tirim, a bhí Pharao agus a shaighdiúirí leathshlí insa bhóthar. Ansion
do fhéach an t-aingeal amach uadh thaobh dhubh an phillóir ar arm na
Égypte, agus a chuir a radharc an scanradh budh mhó ortha. Níor
fhan brí, misneach ná tapa ionta. Adúradar lena chéile, "Teithimís go
diair oir atá Dia féin ag troid inár gcuinnibh ar son an phobail Abhra."



A chuireadar chun teithe. Áfaig a scaoil Dia an fhairrge ortha agus
a bág an rí, a shaighdiúirí agus a chapaill go léir. A chona<i>rc an pobal
Abhra, i gcúrsa an lae, a gcuirp marbh dá luascadh ar bharra na dtonn
agus a mholadar go ard uadh chroí an Tiarna uile-chomhachtach a shaor
iad féin uadhs gach baol, agus a imir a leithéid do dhíolthas eaglach ar
an namhaid.



Ex.15. 3. Agus adúirt Maois, Máire a dhreabhshúir agus an pobal
go léir, amhrán in onóir Dé nar a b'é seo a shubstaint:
"Molaimís ár nDia os ard, oir a thiospáin sé go glórmhar a chomhachta
iontach. Móraimís é go brách, oir a bháig sé na marcaig agus a gcapaill
insa bhfairrge. As é an Tiarna mo neart agus mo chabhair: as é a shaor
me; as é mo Dhia é agus tabharfad glóire dho. As é Dia mo athar é,
agus molfad é. As gaiscíoch cogaig an Tiarna. As é as ainm dho, an té
amháin atá uile-chomhachtach; a chaith sé Rí Pharao agus a arm
isteach insa bhfairrge. A bháig sé plúr a phrionsaí insa Mhuir Rua; a
mhúch an doimhneas iad; a shúncáladar ar nós cloiche go tón poill.
A clúdaíog do láimh dheas, a Thiarna, le neart; do aimsig do láimh
dheas do namhaid, a Thiarna. Do mhillis iad; le iomarca do ghlóire a
threascrais iad. A Thiarna a scaoilis do fheirg fútha, a loisc iad amhail
a loisceann an tine an cháith. A bailíog na uiscíocha agus a sheas-
aíodar na tonnacha ar nós falla. Adúirt mo namhaid "Leanfaig me iad
agus béarfad ortha. Cnósóigh mé saibhreas mór, líonfar me le éadáil,
tarraiceoig mé mo chlaíomh agus millfig mo láimh dheas iad." A shéid
gaoth 119 uaitse, a Thiarna, ortha agus a chlúdaig an fhairrge iad.
A chuadar síos i ndoimhneas na dtonn amhail as gur lúmpa lua iad.
Cé ar measc na ngaiscíoch atá cosúil leadsa, a Thiarna? Cé atá naofa
mar thusa? Cé a rin oibreacha iontach amhail a rinnis-se: a shínis do
láimh amach i gcuinnibh do namhaid agus níor fhan brí ionta."



Ex.15:22 et seq. 4. A rug Maois ansion an pobal Abhra leis uadh
an Mhuir Rua, agus adéis trí lae siúil a thánadar
go fásach Sur. Agus ní fhuaradar aon uisce ann ach uisce searbh guirt.
Agus a thugadar Mára do ainm ar an áit, oir ciallaíonn an ainm sin
uisce searbh. Agus a chromadar ar labha<i>rt go feargach i gcuinnibh
Mhaois, ag rá, "Cad do ólfaimíd?" A ghuig se sion chun Dé agus a
thiospáin Dia crann áirithe dho, agus an uair a tumag adhmad an
chrainn sin insan uisce a dearnag an t-uisce milis agus so-óltha. Adúirt
Dia ansion leo: "Má ghéilleann sibh dom' ghlórtha-sa, agus na nithe atá
cóir agus ceart im' radharc-sa a dhéanamh, agus na athanta a thabhar-
faig mise dhíbh a chiomád go beacht, ní thiucfaig oraibh aon cheann dos
na ainnisí a chonacabhar a chuireas ar mhuintir na Égypte. Oir as
mise an Tiarna a shlánaíonn sibh."


L. 97


Do fhág an pobal an áit sin agus a thánadar go Elim, mar a <bh>fuar-
adar dhá thobar déag fíoruisce. As sion do aistríodar ar an cúigiú lá
déag don tarna mí adéis do fhágadar an Égypt, agus do thánadar go
fásach Sin, fásach mór atá idir Elim agus Sliabh Sinai. Agus ar a
dteacht dhóibh insa bhfásach dealbhach gainmheach do éirig an
pobal go léir i gcuinnibh Maois agus Aaron agus adúradar, "As ró-thrua
ná mairbh láimh Dé sinn insan Égypt mar a rabhamar inár suí le ais
corcáin lán do fheoil, agus a <g>caithimís ár sáthadh feola agus aráin.
Canathaobh gur thugabhair sinn don bhfásach dealbh chun sinn a
mharú le gorta?" Adúirt Dia le Maois, "Féach, cuirfig mise ar maidean
bia chúghaibh uadh neamh. Téach an pobal amach as a gcábáin go aon
mhaidean agus bailídís dóchain an lae sin. Agus ar an séisiú maidean
bailídís an oiread agus déanfaig iad ar feag dhá lá. Tugaim an <t->ordú
so dhóibh chun go bhfaicinn a' bhfuilid siad ollamh chun an dlí a
thabharfaig mise dhóibh a chiomád."



Ansion adúirt Maois agus a dhearbhráthair leis an bpobal, "Aith-
neoigh sibh i dtrath<n>óna a' lae so gurb 120 é Dia féin, agus nách
sinne, a thug sibhse amach as an Égypt. Agus ar maidean amáireach
a chíofaig sibh len bhúr súilibh féin glóire Dé. Oir cé iad sinne go
<n>déanfach sibh sceamhaíl agus amhastrach inár gcuinnibh. Tabhar-
faig um thráthnóna feoil dhíbh, agus ar maidin tuille agus bhúr
ndóchain bíg. Oir ní inár gcuinnibh-ne a rinneabhair canrán, ach i
gcuinnibh Dé fhéin."



Ex.16:13 5. An tráth<n>óna sion, a thánaig sórd éin, trianna,
agus a chlúdaíodar an campa go léir. Ar maidean go
moch a thit sórd drúchta bán, i bhfuirm reo léith, tíompall an
champa. Agus adúirt Maois le Aaron an pobal go léir a bhreith
leis amach as an gcampa. Agus an uair a bhíodar go léir cuirnithe
i dteannta a chéile, a chonacadar geal-ghlóire Dé as cionn an fhásaig.
Agus an uair a chonacadar an drúcht bán, adúradar, "Manhú," nó
"Cad é an ní é seo?" Oir ní fhacadar riamh roimhe sin a leithéid.
Adúirt Maois leo, "As é sin an t-arán a thugann Dia le n-ithe dhíbh;
bailíoch go aoinne agaibh an oiread de agus a líonfaig cárt in
aghaidh gach pearsa atá ina mhuintir. Agus ná fágaig aon chuid de
fá chomhair an lae 'máirig. Agus go aon séisiú lá, bailig dúbailt de."



A bhailíodar é, cuid aca níos mó agus cuid aca níos lú ná a ordaig
dhóibh, agus adéis a rugadar leo é, ní raibh níos mó ná lán cáirte ag an
duine a bhailig níos mó ná sion, agus a bhí an oiread céanna ag an duine
a bhailig níos lú ná sion. Agus daoine eile a fhág cuid de fá chomhair an
lae 'mháirig, as amhla a fuaradar é dreoite le piastaí. Ar an séisiú lá
a bhailíodar dúbailt de, agus a sheasaimh sé ar an seachtú lá gan
dreoitheamh. A chuadar amach an seachtú lá agus ní raibh rian de
le fáil.



6. A thánadar prionsaí agus cinn a' phobail agus a 'niseadar do
Mhaois an gnóth sin. "As le riarú Dé a thit an gnóth sin amach," arsa
Maois, "oir do ordaig sé an seachtú lá a chiomád naofa i gcuimhne an
tsuainis a ghlac sé fhéin ar an seachtú lá adéis a chruithnig sé an


L. 98


domhan, neamh, talamh, an fhairrge agus na uile nithe atá ionta, agus
a ordaig sé an lá sion a chiomád naofa go brách, agus gan aon phiuc
oibre nó gnótha a dhéanamh ar an lá sion. Ar an abhar 121 sion, pé
gnóth a bheas le déanamh agaibh ar an lá sion déanaig é ar an lá
roimhe sin. Deasaig roimh ré pé bia a bheig le caitheamh ar an seachtú
lá, agus fanaig go suaineasach in bhúr gcábáin.



A rinneadar amhla sion ar feag na dá fhichid blian a chaitheadar insa
bhfásach. A bhailídís go aon mhaidean an oiread don mhanna agus a
dhéanfach iad ar feag an lá sion, agus a dhúbailt sin ar an séisiú lá, agus
do fhanach sé gan dreothadh agus gan piastaí a theacht ion ar feag an
dá lá sion.



A ordaigh Dia dho Mhaois cárt a líonadh de agus a chur suas chun go
mbeach fhios ag sliucht an phobail Abhra go brách an sórd bíg lenar
bheathaig sé a sinsear ar feag dá fhichid blian insa bhfásach. A rin
Maois sion agus a glaog manna do ainm ar an mbia úd do bhrí go ndúirt
an pobal ar a fhaicsin ar dtúis dhóibh, "Manhú," no "Cad é an ní é seo?"
Blas meala meascaithe tré phlúir, a bhlas nádúrtha. Áfaig a bhí do bhua
aige go mbeach blas aon <t>sórd bíg air budh mhaith leis an té a bheach
dá chaitheamh. Cur i gcás gur mhaith leis blas mairtfheola, caoir-
fheola, muicfheola, nó blas éisc, nó aon bhlas eile, a bhíoch sion
gan stad air.



7. Adeirid na Aithreacha naofa gur figiúir ar shaoradh an chine
dhaonna uadh sclábhaíocht an diabhail, saoradh an phobail Abhra
uadh sclábhaíocht na Égypte. Gan amhras budh mhór thar barr an
trócaire a thiospá<i>n sé don phobal úd insa bhfóirthean a thug sé ortha,
agus as ard a mholadar a chomhachta i dtaobh gach míorúil agus
obair iontach a rin sé ina bhfábhar. Ach ní tábhacht sion i gcomórtas
don fhóirthean agus don chomhachta a thiospá<i>n sé chun sinne a
shaoradh uadh an bhás shíorraí a bhí go cinnte fáná<r> gcomhair muna
mbeach gur oscail bóthar na bhflaitheas dhúinn tré dhortadh cuid fola
'mhic fhéin ar chrann na cruise. Agus fé mar a mhilsig an t-adhmad úd
a thiospáin Dia do Mhaois an t-uisce guirt searbh do<n> phobal agus a
rin so-óltha í, amhla sion milsíonn adhmad na cruise gach ainnise
guirt searbh a bhualann agus a bhualfaig um shinne ar ár slí tré fhásach
an tsaoil seo chun ár ndútha cóir féin flaitheas na gcomh<ach>ta a
shroinsin. Agus fé mar a shláthraig Dia bia corpar<th>a chun a phobail
a chothú ar feag dá fhichid blian insa bhfásach dealbh úd, amhla sin
díreach a shláthróig sé bia bríomhar beannaithe spirideáltha, Corp
Chríost, do ár n-anamnacha-na, agus ní baol aicíd ná bás anama dhúinn
go brách má chathaimíd an bia naofa so mar as cóir. "Oir," arsa Críost,
ag labhairt le sliucht an phobail úd, "do itheadar bhúr sinsear manna
insa 122 bhfásach agus a fuaradar bás ann; áfaig an duine a ithfig an
t-arán a bhéarfaig mise do mairfig sé go brách. Agus as é an t-arán a
thabharfadsa uaim, mo chuid feola ar son beatha an domhain."



8. Le ordú Dé, a bhailíoch an pobal Abhra an manna roimh éirí
gréine go moch. Oir a leigheach sé le titim solas na gréine. Cial-
laíonn sin, arsa an Scriptiúir, gurb é an chéad ghnóth atá againn le


L. 99


déanamh i dtosach gach lae, buíochas a ghabháil le Dia i dtaobh a
thrócaire agus a thabharaiste dhúinn. Agus fé mar a coisceag ortha súd
níos mó ná ló aon lae amháin de a bhailiú, atá sé coiscithe orainne
iomarca buartha a ghlacadh i dtaobh ár gcothú saoltha. "Ná bígig
buartha," arsa Críost, "i dtaobh cad a íosfaigh sibh ná cad a ólfaig sibh,
ná cad a chuirfig sibh umaibh, oir atá fhios ag bhúr n-athair atá ar
neamh go dteastaíonn na nithe seo uaibh, agus canathaobh na mbíonn
sibh imshníomhach insa lá 'máire<ach>, oir beig an lá máireach
imshníomhach inti féin. As leor do gach lá a ainnise fhéin.


L. 100



XXI. WATER FROM THE ROCK DEFEAT OF AMELEC



1. A taidhseofaí dhúinn nár chóir go mbeach aon doubhta a thuille
ag an bpobal Abhra as comhachta ná as cúram Dé adéis ród mín réig a
dhéanamh dhóibh tré chorp na fairrge coítheach chun iad a shaoradh
uadh Rí Pharao agus uadh na saighdiúirí a báthag i gcorp na fairrge
céanna sin, agus an pobal a thabhairt go fásach Sin, mar ar thiospáin
a ghlóire dhóibh go follas agus go so<i>léir, agus a chur anuas uadh
neamh go aon mhaidean chúghtha an manna, an bia a budh fhearr ar
bith. Blas meala meascaithe tré phlúr a bhí air, agus a budh é sin a
bhlas nádúrtha. Áfaig a bhí sé do bhua aige go mbeach air blas an
súird bíg budh mhaith leis an duine a bhíoch dá chaitheamh a bheith
air: cuir i gcás gur mhaith leis blas feola, blas éisc nó aon bhlas eile,
a bhíoch sin gan stad air.



Ex.17. 2. Adéis fuireach ar feag tamaill insa bhfásach sin, do aistrig
an pobal go áit eile nar budh ainm dho Raphidim. Agus
insan áit sin a ránaig ceataí nua dhóibh trénar dhearmadadar go aon
fhóirthean a rin Dia go dtí sin ortha. Ni bhfuaradar aon uisce ann.
A chromadar gan mhoill ag canrán i gcuinnibh Maois, agus adúradar
123 go spídiúil binbeach leis, "Canathaobh gur thugais sinn amach
uadh an Égypt chun sinne agus ár n-airnéis a mharú le tart insa
bhfásach fhiain ghránna so? Sláthraig uisce go dia<i>r dúinn." Níor
thug an taoiseach ceansa, umhalchroíoch so freagra ar bith ar an bpobal
achrannach ceanntréan asumhal úd, ach a chuaig sé fé chomairc agus
fé tharmain an Té a chuir cúram an phobail úd air, Dia na n-uile
chomhachta. Agus adúirt go umhal, "Cad a dhéan<f>aigh mé, a Thiarna,
leis an bpobal so? Atáid siad ullamh chun mé a mharú le gabháil do
chlocha oram." "Tóg lead," arsa Dia, "prionsa an phobail agus an
pobal go léir leo amach as an gcampa; siúlaig rompa agus beir lead id'
láimh an tslat úd lenar iompaís aibhneacha na Égypte i bhfuil craoireac,
agus a rinnis bóthar mín réig tré chuirp an Mhuir Rua; agus an uair a
thiucfair go dtí an charraig mhór atá ag bun sliabh Horeb, seasóig mise
ar an gcarraig. Buail lead' shlat í, agus gluais<f>ig aiste tuille agus a
ndóchain uisce don phobal agus dá n-airnéis."



A rin Maois amhla, agus le bualadh na slaite ar an gcarraig a sceinn,
ní sruth, ach srutháin fíoruisce amach as croí na carraige, agus a lean
an t-uisce sin iad ar feag na dá fhichead blian a bhíodar insa bhfásach
nó gur shroiseadar teora thír na geallúna, nó an dútha úd a gheall Dia a
thabhairt dhá sinsear, ceithre chéad agus deich mbliana fichid roimhe
sin. A thug Maois "Tiomtáisiún" mar ainm ar an áit sin, oir as ansion
a chur an pobal tiomtáisiún ar Dhia, ag rá, "Beig fhios againn a' bhfuil
nó ná fuil Dia inár bhfochair."


L. 101


3. Adeir an tAspal Naomh Pól gur comhartha nó figiúir ar Íosa
Críost an charraig úd. Oir fé mar a ghluais aiste sin, le bualadh na
slaite airthe, sruthán uisce cun tarta an phobail úd a mhúchadh agus
friseálthacht a thabhairt dhóibh fhéin agus dhá n-airnéis, amhla sion
a ghluais as Íosa Críost, buailthe agus polltha le ta<i>rni ar an gcruis,
srutháin na ngrás chun sláinte, fortacht agus faoiseamh a thabhairt
dhúinne. Oir as é sin an charraig fhírinneach as na ngluaiseann ní aon
tsruthán amháin ach mórán srutháin dhos na uile súird ghrása chun
fóirthean ar phobal Dé atá ag triall tré fhásach an tsaoil seo ar a
ndútha cóir fhéin, flaitheas na glóire. Gluaiseann aiste ar dtúis sruth
na beatha, sácramín an baiste a thugann don duine an beatha spirid-
eáltha a chailleamar go léir tré asumhalacht ár gcéad athar agus máthar.
An tarna sruth a thagann 124 aiste as ea aithrí, a bhogann croí an
pheacaig a bhí chón cruaig agus chón fuar le carraig. Tagann aiste an
treas sruth na sláinte. Sácramín na aithrí a neartaíonn sinn chun toil
Dé a dhéanamh agus a mhúchann ar fad an tart scóltha mallaithe a
bhíonn ar ár n-anam i ndiagh saibhreas saoltha agus pléasúir corpar<th>a.
Gluaiseann aiste sruthán sóláis, nó, chun labhairt i gceart, abhainn
meala agus leamhnachta, sácramín cuirp Chríost, a chuireann compord
agus suaineas aigne orainn ins na ainnisí saoltha a thagann orainn
uadh am go am, insa chás go n-iompramaíd iad go foighneach agus go
misniúil. Agus do bharr ar aon <t>sruth nó abhainn a ghluaiseann as an
gcarraig beannaithe seo, sceineann amach aiste fairrge mhór dhoimhin
na carthanachta a bhánn ár n-anam ar fad le dílinn ghrá Dé agus na
comharsa, insa chás ná bíonn beann blas ná greann againn ar aon ní
eile ach ar na nithe a théann chun glóire Dé, chun maith ár n-anama
fhéin agus anamnacha chách eile a chur chun cinn.



4. Adéis do fhóir Dia go míorúileach ar a phobal tré uisce a thabhairt
chúghtha as ceart-lár na carraige, ní fada nó go ránaig ceataí eile mór
dhóibh a chur ana-mhímhisneach ortha. A las cogadh nár shíleadar
ortha. A bhíodar tuirseach, cortha, tnáite adéis a n-aistear fada uadh
bhruach an Mhuir Rua tré an bhfásach mór gainí úd nár ghaibh riamh
roimhe sin duine ná beithíoch tríthe. Ní raibh arm comhraic ná arm
cosanta aca, éide, sciath, píce ná claíomh aca. A bhí treibh dhos na
daoine fiaine úd a shíolthaig uadh Ishmael, mac Abraham, ar nar
thráchtas thana libh, a bhíodar i gcampa insa bhfásach sion. Pobal
Amelec budh ainm dhóibh. Creach, foghladh, robáil agus cogadh an
tslí bheatha a leanadar. A bhí a láimh i gcuinnibh go aoinne agus láimh
go aoinne ina gcuinnibh. A bhíodar ana-iomadúil, arm, claíthe, capaill
agus go aon <t>sáis comhraic aca. In ionad trua a ghlacadh, nó daon-
nacht a thiospáint do<n> phobal bocht sin a bhí gaolmhar dhóibh féin -
oir as uadh aon <t>sinsear amháin, Abraham naofa, a thánadar - as
amhla a cheapadar na foghlaithe fuilteach míthrócaireach so an pobal
Abhra a mhilleadh agus a mharú ar fad. Do fhógradar cogadh gan stad
ortha, agus a chuireadar iad fhéin i gcóir chun tabhairt fútha. Níor
125 chaill Maois naofa a mhisneach, ach, lán do dhóchas agus do
mhuinín i nDia, do ordaig sé dhá sheirbhíseach Joshua na feara budh
mhisniúla insa phobal a thoghadh agus iad a bhreith amach chun


L. 102


comhraic lena namhaid, agus go ndéanfach sé féin a' chuid eile don
obair uadh an gcnoc ar na ndeaghaidh sé suas le Aaron, a dhear-
bhráthair, agus le Hur.



A thosain an bualadh agus a thug Joshua go misniúil fé an namhaid.
A chaith Maois é féin ar a ghlúiní agus a leath a lámha amach i bhfuirm
na cruise sin lena mbeirimíd bua ar gach namhaid spirideáltha. Agus a
ghuig sé go dian agus go dúthrachtach chun Dé bua a thabhairt dá
phobal fhéin. Agus a bhíoch an lá leo an fhaid agus a chuinníoch Maois
a lámha leata amach agus ardaithe chun Dé. Áfaig a théach an gleo
ina gcuinnibh agus a bhuafach a namhaid ortha an uair le neart tuirse
a budh éigean do Mhaois a lámha a ísliú. An <uair ?> a chonacadar
Aaron agus Hur sion, a chuireadar é ina shuí ar charraig, a thánadar ar
gach taobh dhé, a chiomádadar a lámha suas go tráthnóna; agus a
thugadar an pobal dearg-ár ar a namhaid agus a rugadar bua iomlán
ortha.



Ansion adúirt Dia le Maois, "Scríobhaig síos i leabhar cúntas an
ghnótha so, agus tabhair an leabhar sin i gciomád dhó Joshua chun go
mbeach sé ina chomhartha seasmhach ar an gcogadh gan deire a bheig
ag mo phobal-sa le sliucht Amelec. Oir scrios<f>aig mise an treibh sin
ar fad agus ní fhágfaig mé a rian ar measc náisiúin an domhain." Ansion
a thóg Maois olthóir in onóir Dé agus a thug "Ardú an Tiarna" do
ainm airthe, ag rá, "As í láimh an Tiarna do ardaig suas me, agus beig cogadh
an Tiarna uadh aos go aos i gcuinnibh Amelec."



5. Tiospánann an gnóth so go ana-chruinn ná fuil aon tslí as éifeachtúla
ag daoine chun bua a bhreith ar an uile namhaid, bídís corpar<th>a nó
spirideáltha, ná guí chun Dé, agus lán mhuinín a chur ann, agus nách
le neart lámha ná le fórsa airm a buatar gleo. Áfaig an teagasc spisialtha
nar mhaith leis na Aithreacha naofa go mbainfeach go aon Chríostaí
as, bíoch gur sagailseach na bhfuil cúram anamnacha chách eile air,
nó Críostaí príobháideach ná fuil air ach cúram a anama fhéin, as é,
adeirim, an teagasc spisialtha atá le baint as age go aoinne againn, í seo:
tuigimís go glan cad é chón riachtanach agus atá urnaithe dhos go aoinne
againn. Oir fé mar a bhí an pobal Abhra ag triall tré an <bh>fásach
dealbh úd ar an dútha a gheall Dia dhóibh, amhla sion díreach atáimídne
ar ár slí tré fhásach dealbh an tsaoil seo chun an dútha a gheall Dia
dúinn a shroisint. Agus as í dútha í sin flaithiúnas. Agus amhail 126
a bhuail namhaid láidir fuilteach míthrócaireach umpa súd, a mheas iad
a mhilleadh agus a mharú, mar sin díreach a bhualann um shinne
namhaid iomadúil, láidir, mailíseach, an diabhal, an saol agus an
cholainn, a dhéanann dícheall sinne a chosc ar fhlaithiúnas a shroisint,
agus a fhógrann cath laethiúil orainn. As air sin adeir Naomh Pól,
"Cuirig umaibh armáil Dé chun go bhfiadfach <sibh ?> seasamh go fearúil
insa droch-lá, oir ní i gcuinnibh fola ná feola ná aon chomhachta saoltha
atá comhraic agaibh le tabhairt, ach i gcuinnibh prionsaí an dorch<ad>-
ais, na deamhain mallaithe atá insan aer mór dtimpeall oraibh." "Oir
atá an deamhan, do ló agus do oíche, ag gabháil tíompall oraibh mar
leon tnúthach, foghlach, ag lorg cae ar sibh do alpadh suas," arsa Naomh


L. 103


Peadar agus "as síor-chogadh beatha an duine ar an dtalamh so," arsa
Job naofa.



6. Anis níl do chosaint ina chuinnibh sion agus na cúntóirí láidir a
chabhraíonn go ró-éifeachtúil leis, as iad sion, an saol agus an cholainn,
ach grása Dé amháin. Agus muna mbeid na grása sion againn ní aon
ní eile sinn ach saighdiúirí a théann chun troda ga<n> arm comhraig ná
arm cosanta aca. Agus ní bhfuilid na grása sion le fáil againn gan
urnaithe. "Iarraig," arsa Críost, "agus tabharfar dhíbh; loirgig agus a
gheobhaig <sibh ?>; bualaig an doras agus osclófar dhíbh é; oir an té
loirgeann faigheann sé agus an té a iarrann tabharfar dho, agus osclófar
an doras don té a chnagann é." As ionann sion agus dá ndéarfach sé,
"Muna loirgigh sibh ní bhfaigh' sibh agus muna n-iarrfaig sibh ní
tabharfar dhíbh, agus muna gcnagfaig sibh an doras ní osclófar dhíbh é."
Dá réir sin buafar orainn, millfear sinn agus marófar sinn insa ghleo
cruaig fada so má dhéanfaimíd neamhshuim do ár n-urnaithe, amhail a
imtheóch an lá i gcuinnibh an phobail Abhra chón minic agus ligeach
Maois a lámha anuas; áfaig tré n-iad a chiomád suas a rug an pobal bua
ar a namhaid; agus tiospánann sion má leanaimíd do ár n-urnaithe g<o>
neartóigh Dia lena ghrása sinn go mbuafam ar <ár ?> namhaid agus go
sroiseam insa deire ár ndútha cóir fhéin flaitheas na glóire. Agus súd
as go bhfuil dian-oibleagáid ar go aon Chríostaí urnaithe a ghnáthú,
as déine ná sion i bhfad an oibleagáid atá oramsa agus ar go sagart eile
í a chleachtadh. Oir budh dhíomhaoin dho Joshua agus dhá shaigh-
diúirí 127 troid go crógha i gcuinnibh a namhaid; a buafaí ortha muna
mbeach go ndeacha Maois suas ar an gcnoc agus gur lean sé gan traoch-
adh ar a bheith ag guí chun Dé ar a son. Amhla sion caillfear an sagart
agus a phobal muna dtarracóid beannacht Dé agus a rath ortha tré
urnaithe deigh-chroíoch a chur go minic insa lá chuige. Agus as leis an
intinn <sin ?> a cheanglann an Eaglais fé phéin pheacadh mairtheach
ar go aon <t>sagart an oiffic a léamh go aon lá ar son a phobail.



Ex.18: 1-23. 7. A 'niseas thana dhíbh fé mar a theith Maois leis
fhéin, dá fhichead blian roimhe sin, go críoch Madian,
chun dul saor uadh Rí Pharao a bhí dá lorg chun é a chur chun bháis i
dtaobh an tÉgyptíneach a mharú agus gur phós sé Sephora, iníon
Jethro an t-ard-shagart a bhí as cionn na dútha sion. An uair a chualaig
an fear sin go dtánaig Maois agus an pobal Abhra go cnoc Horeb, a
ghluais air agus a rug leis bean Mhaois agus a bheirt mhac, agus a chuir
teachta chun Maois ag rá go raibh sé ag teacht dá fhéachain. A chuaig
sé sin ina chuinne; do fháilthig roimhe agus a phógadar a chéile.
A rug Maois isteach don champa é agus a 'nis do cionas a shaor Dia iad
uadh Phárao agus uadh sclábhaíocht na Égypte. Agus ar chlos dho na
oibreacha iontach a rin Dia don phobal, a ghlac sé gáirdeachas mór
agus adúirt, "As beannaithe an Tiarna Dia do shaor sibh uadh chomh-
achta Pharao agus a thug a phobal saor uadh an Égypt. Agus anis
aithním go glan gurb é bhúr nDia-se Dia na ndéithe, agus ná fuil aon
dia eile fírinneach ann ach é sion amháin, do íslíonn dram an uabhair
agus do ardaíonn an dram íseal."


L. 104


Ansin a rin sé íobairt do ofráil chun Dé, a<g> gabháil buíochais leis i
dtaobh an fhóirthean a rin sé ar an bpobal Abhra. Agus a thánaig
Aaron agus prionsaí an phobail agus a chaitheadar féasta ina bhfochair
i láthair Dé. A' lar na bháireach a ghaibh sé amach fé an gcampa agus
a chonairc sé Maois uadh mhaidean go oíche a' déanamh cóir, ceart
agus réiteach idir na daoine, agus adúirt sé leis, "Cad é seo agad dá
dhéanamh, ag suí mair seo uadh mhaidean go oíche agus na daoine
go léir ag seasamh tíompall ort?" Adúirt se sion dhá fhreagradh, "An
uair a thiteann aon mhíthuigsin amach eatora, tigid chúghamsa chun
cóir agus ceart a dhéanamh dhóibh agus breithiúnas a thabhairt ar an
ghnóth. "Ní maith," ar sé, "an obair atáir a 'dhéanamh: atá an gnóth
thar do chumas; as tuirse ró-mhór dhoitse a bheith ag caitheamh an lae
go léir agus na daoine go léir uadh mhaidean go oíche ag seasamh ansion
chun go n-éisteofá-sa a gcúis. Glac mo chomhairle-se agus beig rath
Dé oraibh: toibh amach as an bpobal so daoine comhachtach
creidiúnach ciallmhar 128, daoine na bhfuil eagla Dé ortha, a ghránn
an fhírinne agus do fhuathann bréaga agus ná glacfaig breab uadh
aoinne. Cuir iad mar ghiúistísí ar an bpobal agus déanaidís réitheach
ar chúrsaí éadroma. Áfaig go aon chúrsa trom agus gnóth a bhaineann
le onóir agus seirbhís Dé ciomádtar iad sion fá chomhair do bhreithiúnas
fhéin. Déin mar adeirim agus fiadfair ordaithe Dé a chur chun chinn go
foraiste, agus riarfair an pobal go cóir agus go cneasta."



Ex.18: 24-27. 8. A rin Maois a chomhairle. A cheap sé daoine
oiriúnach ins go aon treibh don phobal chun a bheith
ina bprionsaí, ina mbreithimh, ina <n>giúistísí agus ina gconstáblaithe,
agus riarú agus réiteach a dhéanamh idir na daoine.



As an gnóth so tuigtear dhúinn ná fuil aoinne chón ard sin i dtuigsin
agus i naofacht ná gur féidir dho comhairle a leasa a fháil uadh dhuine
as íslí agus as suairí i bhfad ná é féin. Ba dhuine ana-naofa agus ana-
thuigseanach Maois. A labhair Dia féin go minic béal re béal leis;
a fuair sé radharc ar ghlóire Dé chón glan agus a bfhéidir dho aoinne
beo a fháil insa tsaol so; agus a rin sé, tré chomhachta Dé, fearta agus
míorúilí nár rin aoinne riamh roimhe sin a leithéidí. Agus 'déise sin,
níor scorn leis an chomhairle a thug duine budh uiríslí i bhfad ná é a
ghlacadh. Agus as maith a éirig sí leis. Pé duine, ar an abhar sion, a
thabharfaig deigh-chomhairle dhúinn, glacaimís í. Oir as é spirid Dé
a thugann dhúinn í tré bhéal an duine sin. Agus as é spirid mallaithe
an uabhair a chuireann suas sinn diúlthadh di, do bhrí gur duine bocht
ainbhfiosach a fuair in fhéin í a thabhairt dhúinn.


L. 105



XXII. ON THE GIVING OF THE LAW



Ex.19: 1-6. 1. Adéis a thug Maois go míorúileach, mar a 'niseas
thana dhíbh, an sruthán fíoruisce uadh an gcarraig
le bualadh a shlaite airthe, a ghlaoig Dia air teacht suas chuige ar
chnoc. Horeb nó Sinai as ainm do<n> chnoc sin agus budh air a thiospáin
Dia é fhéin dho tamall roimhe sin, an tráth a chur sé é chun an phobail
Abhra a shaoradh uadh an Égypt. A ghlaoig Dia chuige é agus adúirt
leis: "'Nis don phobal, agus cuir i gcuimhne dhóibh, cionas a shaor mise
iad uadh chomhachta Pharao agus uadh an daor-sclábhaíocht ina
rabhadar i gcríoch na Égypte, agus a thugas liom chun na áite seo
iad; agus go bhfuilim ceapaithe anis ar iad a thoghadh amach as go
129 aon chine eile insa domhan mar phobal fé leith dhom féin, ar an
gcoinníoll so: go gciomádfa<i>d siad go brách na athanta agus an dlí a
thabharfaig mise dhóibh.



Ex.19: 7-14. 2. A thánaig Maois leis an dteachtaireacht sion chun
an phobail, agus adúradar sion go ndéanfaidís go
pointeáltha gach ní a ordóch Dia dhóibh. A chas Maois ar an gcnoc
agus a 'nis do Dhia caint an phobail. "Más ea," arsa Dia, "imig ag triall
ortha agus naomhaig iad inniubh agus amáireach; nídis a n-éadaí agus
bídís ullamh fá chomhair an tríú lá. Oir ar an lá sion, tiucfaig mise go
follas anuas uadh neamh ar an gcnoc so. Agus cloisfig an pobal mise
ag labhairt leadsa, adonn go gcreidfidís gach a ndéarfair-se leo agus go
ngéillfidís go brách doit. Cuir teora tíompall bun an chnuic chun ná
beach teacht ag duine ná ag beithíoch thar an teora sion. Oir pé neach
a rachaig thóirste, bíoch gur duine nó beithíoch é, as bás dho é; ní bhain-
fig láimh leis agus ní lámhfar suíd tríd, ach geobhfar do chlocha air
nó gur marbh é.



Ex.19: 14-19. 3. A thánaig Maois anuas chúghtha; a naomhaig
sé iad, a níodar a gcuid éadaig agus adúirt sé leo a
bheith ullamh fá chomhair an tríú lá agus gan baint lena mná. Ar
maidean an tríú <lá ?> a thánaig ana-thóirneach thar barr, agus a
conarcag lasair uafásach ag rith, agus a thánaig scamall trom dorcha
ar an gcnoc agus a closag glór trúmpa go ana-ard agus go ana-láidir.
Agus a thánaig ana-eagla mór ar an bpobal insa champa. A éirig
datach mór as an gcnoc, oir a thúrlaig an Tiarna i bhfuirm tine airthe,
agus do éirig gal aiste amhail gal as fuirnéis. A bhí an cnoc go léir ar
baillechrith, ag luascadh anún agus anall fé mar a bheach tonnacha na
fairrge le fórsa na gaoithe. Agus budh eaglach le faicsin í.



Ansion a rug Maois an pobal go léir amach as an gcampa chun an
teora a bhí ag bun an chnuic. A ghlaoig Dia ar Mhaois teacht suas


L. 106


chuige, agus ar a dhul suas a chuaig glór an trúmpa in aoirde agus in
aoirde agus a tarragag amach go fada caol í. Ansion a chualaig an
pobal guth Dé ag labhairt mair seo leo.



Ex.20. 4. "As mise an Tiarna do Dhia, a thug saor thu as talamh
na Égypte agus as teach na daoirse. Ní bheig aon dia
coítheach agad im' láthair-se. Ní dhéanfar 130 dhoit fhéin aon
íomhá greanta ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ins na flaithis thuas ná ar
an dtalamh thíos ná ins na uiscíocha atá fé an dtalamh. Ní adharfair
iad agus ní dhéanfair seirbhís dhóibh. As mise an Tiarna do Dhia atá
comhachtach. As Dia éadmhar me: agraim mallathacht na n-aith-
reacha ar a sliucht go dtí an tríú agus go dtí an ceathrú glún, don dram
a fhuathas me, agus tiospánaim trócaire dhos na mílthe agus na mílthe
díobh so a ghránn mé agus a chiomádann mo athanta.



5. "Ní thabharfair ainm an Tiarna do Dhia gan abhar, oir ní mheas-
<f>aig an Tiarna gur neamhchiontach pé duine a thugas ainm an Tiarna
Dia gan abhar. Cuimhnig an seachtú lá a chiomád naofa: ar feag sé lá
a dhéanfair do chuid oibre; áfaig an seachtú lá, as é saoire an Tiarna do
Dhia é. Ar an lá sion ní dhéanfair obair ar bith thu féin ná do mhac
ná do iníon ná do bhuachaill aimsire ná do chailín aimsire ná do bhei-
thíoch ná an stóinséir atá fé mhúraibh do thí. Oir is i sé lá a chruithnig
an Tiarna neamh agus an talamh agus an fhairrge agus na uile nithe dá
bhfuil ionta, agus a scuir sé ar an seachtú lá. Ar an abhar sion a
bheannaig an Tiarna é agus a naomhaig é.



"Tabhair onóir doit' athair agus do<d>' mháthair chun go mairfeá i
bhfad ar an dtalamh a thabharfa<i>g an Tiarna do Dhia dhoit. Ná déin
marú, ná déin drúis, ná déin guid, ná déin fianaise bhréige i gcuinnibh
do chomharsa. Ná santaig tig do chomharsa, ná a bhean, ná a bhuach-
aill, ná a chailín, ná a asal, ná a dhamh ná aon ní as leis."



6. Hen iad na athanta a thug Dia, ní amháin don phobal úd, ach fós
dhúinne agus dhos na uile dhaoine a mhair riamh romhainn agus a
mhairfig go brách. Oir uadh thúis domhain a bhí a mbrí agus a
substaint scríofa ar thuigsin agus ar chroí gach nduine; as é sin a bhí,
do réir nádúra, ana-acfuinne in anam an duine iad do fhoghlaim agus
iad do thuigsin go mear. Ach do dheasca peaca an tsinsir agus na
peacaí eile a dheineadar daoine, a múchag, mar adéarfainn, solas na
<n->athanta so i dtuigsin agus i gcroí 131 na ndaoine. Budh chun an
tsolais bheannaithe sin do anuachain a thug Dia na athanta insa tslí
phoiblí sholmanta so do dhaoine. Atá ionta na uile nithe as ceart
dhúinn a dhéanamh agus a sheachnadh chun ár n-anamnacha a shábháil.



Agus a budh é an fhaid aimsire a bhí uadh chruthú an domhain go
dtí an lá sin, 2513 bliain; agus uadh an dílinn, 851; agus uadh an lá
inniubh, 3362 blian.



An uair a chonairc an pobal an cnoc go léir ar lasadh agus a chualadar
glór an trúmpa agus fothram na tóirní uafásach, agus a airíodar guth
Dé ag labhairt leo, a thánaig ana-scanradh ortha. A ghlaodar chun
Maois a bhí ag seasamh déastig don teora ag iomall an scamaill mór


L. 107


a bhí ar an gcnoc, agus adúradar: "Labhair-se linn agus éisteoimíd
lead, ach ná labhrach an Tiarna linn do eagla go dtitfeach an t-anam
asainn." "Ní baol dhíbh," arsa Maois, "oir a thánaig Dia chun sibh a
thástáil agus go mbeach a eagla in bhúr gcroíocha agus ná peacóch sibh
go brách."



7. Tugaig fá ndeara gur thosain Dia na athanta nó an dlí seo a thug
sé uaig, leis na focail seo, "As mise an Tiarna do Dhia, a thug amach thu
uadh theach na daoirse," chun an t-ard-chomhachta, an t-ard-réim agus
an t-ard-údarás atá aige as ár gcionn a chur i dtuigsin dúinn, adonn go
mbeach fhios go cruinn agus go ceart againn gur féidir dho pé ní a
chíonn sé oiriúnach a dhéanamh linn agus leis na uile chréatúirí eile;
gurb é féin amháin as ard-mháistir orainn, a chosnaíonn sinn uadh an
uile bhaol, a shaorann sinn uadh an uile dhainséar agus a bhronnann
orainn go aon mhaith saoltha, corpar<th>a agus spirideáltha dá bhfuil
againn; agus gur ró-cheart dhúinn ar an abhar <sin ?> a dhlí a ghlacadh
chúghainn le mór-bhuíochas agus a chólíonadh le dúthracht mór.



8. A chuir sé fós leis an chéad aithne na focail eile nótál<th>a so,
"As mise an Tiarna do Dhia atá comhachtach agus éadmhar, etc."
chun a phríndeáil ar ár gcroíocha gur breitheamh uile-chomhachtach
uile-cheart é a fhéachfaig go géar i ndiagh a dhlí, a bhainfig díolthas
cruaig as go aoinne, beag agus mór, íseal agus uasal, a bhriseann í,
agus a thabharfaig pá iomlán, pá cruinn blasta, dhos go aoinne a
chiomádann í. Agus chun í a chiomád a chruthnaig sé go aoinne againn.
Níl aon ghnóth eile, nar fiú trácht air, le déanamh againn ar an dtalamh
so, ach an 132 dlí sin a chiomád. "Éistímís go léir" arsa<n> fáig, "le
brí an teagasc seo. Bíoch eagla Dé ort agus ciomád na athanta, oir as é
an méid sin an duine go léir" - amhail as dá ndéarfach sé i bhfocailibh
eile, "As é uile ghnóth agus uile dhiúité an duine athanta Dé a chiomád.
Níl a thuille le déanamh aige insa tsaol so ach an méid sin. Oir fé mar a
chúm Dia an ghrian chun solas a thabhairt uaithe, an tine chun teas,
an t-uisce chun friseál<th>acht, an t-aer chun análadh, an talamh chun
tortha a thabhairt uaithe, agus na tortha sion chun beatha na ndaoine,
amhla sion díreach a cumag an duine féin chun athanta Dé a chólíonadh.
Agus fé mar ná beach maith, sochar, brí ná tairbhe ins na nithe sin muna
ndéanfaidís an obair a cheap Dia dhóibh, ar an abhar sion as ní gránna,
gan sochar, gan maith i gcruithníocht Dé an duine má chuireann sé suas
don obair a cheanga<i>l Dia air. Muna ndéanfaig sé an obair sin níl
aon ní déanta aige, "oir as neamhní na uile nithe eile, seachas athanta
an Tiarna a chiomád," arsa an tAspal.



9. Agus cad iad na athanta sion ionta féin, ach toil Dé iniste don
duine. Anis measann, saoileann agus loirgeann go aon duine go
réasúnta go ndéanfach go aoinne atá féna údarás a thoil a chólíonadh.
As córa i bhfad ná sion dhúinne géilleadh do thoil Dé na bhfuil lán-
údarás agus lán-chomhachta aige as ár gcionn, agus nar féidir dho gan
buíochas do aoinne, gan spleáchas le aoinne, déanamh linn mar as toil


L. 108


leis. Cé fhiadfaig, cé leomhfaig é a ghlaoch chun cúntais, nó a rá leis,
"Canathaobh gur rinnis seo nó súd?" Ar an abhar sion, as ró-cheart
dhúinn toil Dhé a chólíonadh go beacht.



10. Agus hen é an fáth nar mian leis na Aithreacha naofa go mbeach
cuid don eagla úd a bhí ar an bpobal Abhra an tráth a chualadar Dia ag
labhairt leo, go mbeach, adeirim, cuid do<n> eagla beannaithe úd inár
gcroíocha, adonn go mbeadh scanradh agus sceimhle orainn aon ní a
dhéanamh i gcuinnibh na n-ordaithe beannaithe a thug sé an tráth úd
uaig. I gcúrsa na haimsire a thánaig uadh an am úd, a fuair cuirpeacht
na nIúdaig agus cuirpeacht na gCríostaithe a lán leithscéil amach chun
gabháil 133 bun as cionn leis an athanta so, agus a chuireadar a lán
constráil fhalsa ortha. Áfaig deimhníonn Íosa Críost gur túisce a rachaig
neamh, talamh agus a' chruithníocht go léir i neamhbhrí ná saorfar
aoinne uadh chólíonadh na oibleagáide as lú a chuireann na athanta so
orainn. Ar an abhar sion ná abramaís mar adúirt an pobal úd, "Ná
labhrach Dia linn do eagla go bhfaighmís bás," ach abraimís, "Labhrach
sé linn, chun ná faighmís bás. Oir as focail na beatha a bhriathra;
focail lán do bheatha, do shólás agus do neart iad. Agus pé duine a
ghlacfaig chuige iad agus a ghéillfig uadh chroí dhóibh, beig suaineas
coinsias agus compórd anama aige insa tsaol so, agus suaineas, com-
pord, sólás, aoibhneas agus glóire gan deire aige insa tsaol eile.




L. 109



XXIII. FIRST TABLES OF THE LAW, Etc.



Ex.24, 32-33. 1. Uadh a b'fhearr leis an bpobal Maois ná Dia, oir
a bhí eagla ortha dá leanfach Dia a bheith ag labhairt
leo go dtitfeach an t-anam asta, do ordaig Dia, adéis na deich n-athanta
a labhairt lena bhéal fheín leo, dho Mhaois a theacht chuige isteach insa
scamall dorch<a> úd a bhí ar an gcnoc, adonn go dtabharfach sé dho na
dlithe eile a bhí chun iompar agus gníomhartha an phobail a riarú mar
as cóir ins na nithe a bhain le seirbhís Dé, lena maith fhéin agus le maith
a gcomharsain. Agus ní raibh riamh ag aon náisiún insa domhan dlithe
a budh fhearr, a budh chirte, a budh chiallmhara ná na dlithe sin.
A chiomád Dia Maois ina fhochair ar an gcnoc ar feag dá fhichead lá
agus dá fhichead oíche. Agus ar an bhfeag sion níor chuaig blúire bíg
ná br<a>on dí féna bhráid agus ní raibh aon ghá aige leo ná aon chaith-
eamh aige ina ndia<i>g. A fuair sé an oiread sion sóláis agus compoird
uadh a bheith ag féachain ar Dhia agus a bheith ag labhairt leis ná
raibh aon tsuim in aon ní ar bith aige ach i nDia amháin.



Adéis an dá fhichead lá agus an dá fhichead n-oíche sin, a scaoil Dia
uaig é agus adúirt leis filleadh chun an phobail. Agus a thug dhó dhá
chlár cloiche, tíompall dhá thruig goile i bhfaid agus dhá thruig i
leithead, ar na rabhadar na deith n-athanta scríofa le láimh Dé féin.



2. Budh fhada leis an bpobal na raibh Maois gan teacht chúghtha,
agus a thánadar go dána, droch-mhúinte chun Aaron, a dhearbhráthair,
agus adúradar go borb mallaithe, díchreidmheach leis, "Gluais ort go
diair agus déin déithe dhúinn, ar 134 nós na <n>déithe a bhí againn
insan Égypt, adonn go rachaidís romhainn agus go seol<f>aidís sinn thar
n-ais don dútha sion, oir níl fhios againn cad do imig ar an bhfear so
Maois a thug amach sinn as an dútha sion." "Má sea," arsa Aaron,
"tugaig dhom na fáinní óir sin atá in bhúr gcluasaibh." A thugadar
dho iad agus a chaith se sin iad isteach insa tine. Agus a thánaig, le
comhachta an airseora, íomhá óir amach as an dtine i bhfuirm gamhna,
nó bó; oir a bhíoch a leithéid sin do dhia bréagach ag locht na Égypte,
agus a adhraidís í in ionad an Tiarna uilechomhachtaig a chruithnig
agus a chúm iad. A rin an pobal mallaithe úd gan mhoill olthóir, agus
a chuireadar airthe an íomhá úd. A rinneadar íobairt do ofráil di.
A chromadar ar ithe agus ar ól. Ansion a bhaineadar a gcuid éadaí
díobh, agus dearg-nochtaithe a chromadar ar rince ina fianaise. Agus
a rinneadar nithe agus cleasa míbhanúla ina onóir, amhla a dhéanaidís
na págánaig gránna slach insan Égypt in onóir a ndéithe bréagach.



3. A thánaig Maois amach as an scamall go bun an chnuic agus a
bhuail a sheirbhíseach Joshua uime, a bhí ann ag fitheamh lena theacht
chuige. Adúirt Joshua leis, "Ní foláir gur glór comhraic an glór mór


L. 110


so a chloisimíd insa champa." "Ní glór comhraic é," arsa Maois, "ná
gá<i>r bruíne, ná púir ndaoine ag cur misnig ar a chéile chun troda a
chloiseann tú, ach siansán agus ceol ndaoine atá ag amhrán agus ag
déanamh go sóch." Ag drui<di>m leis an gcampa dho, a chonairc sé an
íomhá agus na daoine nochtaithe, ag rince, ag léimnig agus a' pransáil
tíompall airthe. A ghlac fearg chón mór sion é gur chaith sé ar an
dtalamh agus gur bhris sé an dá chlár bheannaithe ar na raibh na athanta
scríofa le láimh Dé féin. Oir a chonairc sé gur dhíomhaoin dlí Dé a
bheith scríofa ar chláir cloiche ag an bpobal úd a scrios chón tapaig
sin an dlí naofa a bhí scríofa ar chlár a gcroíocha, agus nárbh fhiú
pobal chón cuirpe leo sin onóir chón mór sin a bheith aca agus aon rian
do ordaithe Dé a bheith eatartha. A rug sé ar an íomhá, a chaith
isteach insa tine í agus a rin luaithreán di agus a thug an luaithreán
sion, meascaithe tré uisce, le n-ól don phobal chun a chur i dtuigsin
dhóibh cad é chón suarach agus a bhí 135 an dia úd a ghlacadar
chúghtha in áit an Tiarna uile-chomhachtaig a mhaireas tré shaol
na saol.



4. Ansion, lán do bhuile chun a dhearbhráthar, "Cad a rin an pobal
mífhortúnach so ortsa insa chás gur tharraigis iad chun an peaca ró-
throm so a dhéanamh?" A ghaibh se sion sórd leithscéil bacach leis.
A sheasaimh Maois ag geata an champa agus adúirt le guth ana-ard,
"Gach fear a bhaineann le Dia, gabhach sé chúgham anso go diair."
Gan mhoill a thánaig go aon fhear do threibh Lévi chuige. "Tarraig-
each," arsa Maois, "go aoinne agaibh a chlaíomh amach, agus gabhaig
fé agus tríd an gcampa so, agus maraíg gan trua gan trócaire go aoinne
na raibh lámh aige insa ghnóth ró-mhallaithe seo; súd as gurbh é bhúr
n-athair, bhúr ndearbhráthair, bhúr mac nó bhúr ngaol as neasa dhíbh
é, ná coisceach bhúr láimh uadhna mharú." A rinneadar amhla sion:
a ghabhadar tríd an gcampa agus a mharaíodar trí mhíle agus fiche
dhos na mallathóirí gránna úd. A chasadar ansin chun Maois, agus
adúirt sé sion leo: "A shácrá<i>l sibh inniubh bhúr lámha don Tiarna i
dtaobh nár chiomád sibh iad uadh mharú bhúr n-aithreacha, bhúr
gclann, bhúr ndearbhráithreacha agus bhúr ngaoltha a chiontaig in'
aghaidh. Ar an abhar sion, tabharfaig Dia beannacht spisialtha díbh.
Agus as í beannacht í sin, go mbeig bhúr dtreibhse, uadh an lá so amach,
ina abhar sagairt aige. Ní ghlacfaig Dia fear mar shagart chuige ach
fear as bhúr dtreibh-se.



5. Molann an Pápa, Naomh Gregory, creideamh láidir na bhfeara so,
agus an díogras beannaithe a ghluais as teas grá Dé insa chás nár
fhuiligeadar an easonóir a thug a ngaoltha agus a muintir féin do Dhia
gan é a agairt go tinn dóite ortha. Agus féach, ar sé, cad é chón
meata agus atáid aithreacha Críostúil a ligeann dá leanaí tarcuisne
a chur go laethiúil ar Dhia lena ndroch-bhéasa agus ná cuirid aon chosc
ná smacht ortha. A ghrádar na feara so, do réir nádúra, a leanaí,
a n-aithreacha agus a ngaoltha. Áfaig níor spáráladar iad, ach a'
ghéilleadh do ordú Dé a mhilleadar agus a mharaíodar iad gan trua gan
trócaire; agus ní maith linne an smacht as lú a chur ar ár leanaí, do bhrí


L. 111


nach grá fírinneach beannaithe atá againn 136 dhóibh, ach grá falsa
cuirpeach tréna ligimíd a dtoil fhéin leo. Oir "an té a spárálann an
tslat, fuathann sé agus loiteann sé a mhac." Ní raibh riamh athair a
ghráig a mhac chón mór agus a ghráig Maois an pobal úd. A bhí grá
chón tréan sion aige dhóibh gur loirg sé ar Dhia, an tráth a dhiúlthaig
sé an peaca so a mhaitheamh dhóibh, gur iarr sé, adeirim, do achainí air,
a ainm do scrios amach go brách as leabhar na beatha. Agus adéise sin
níor choisc méid a ghrá dhóibh daorsmacht a imirt ortha do bhrí gur
thuilleadar le lán-cheart é.



Aon athair, mar sin, a ghránn go fírinneach a leanaí, smachtóig sé
iad in am agus i dtráth chun iad a chosc uadh olc agus uadh dhroch-
bhéasa, agus iad a sheoladh ar a leas.



6. Lán do bhrón agus do dhólás i dtaobh an donais a imig ar an
bpobal, a chnósaig Maois chuige iad a' lár na bháireach agus a chas sé
leo méid an mhallathacht a rinneadar i gcuinnibh Dé trén é a thréigean
chón tapaig agus a rinneadar, agus a 'nis dhóibh go raghach sé suas arís
ar an gcnoc ag féachain a' bhfaigheach sé maithiúnas uadh Dhia insa
pheaca trom uafásach a rinneadar. Leis an intinn <sin ?> a thriall sé
ar Dhia agus adúirt leis, "A Thiarna, a pheacaig do phobal go ró-throm
id' chuinnibh; a rinneadar déithe bréagach dhóibh fhéin id' ionad-sa.
Iarraim ort an peaca so a mhaitheamh dhóibh, nó, muna maithfir, mo
ainm-se a scrios amach as leabhar na beatha atá scríofa agat thuas ins
na flaithis."



"Pé duine," arsa Dia, "a pheacaíonn im' chuinnibh, scrios<f>aig mé
a ainm as mo leabhar. Áfaig id' thaobh-sa, éirig suas as sion agus seol
lead an pobal so chun na dútha a gheallas dá sinsear. Ní bheig mise a
thuille in bhúr bhfochair do eagla go millfinn ar fad sibh, ach cuirfig mé
aingeal romhaibh, agus seolfaig se sion sibh." "Muna dtiocfair féin
linn," arsa Maois, "fanfam anso nó go bhfagham bás. Oir cionas a bheig
fhios againn go bhfuil aon chion ar aon chor agad orainn nó go mbaini-
míd ar aon chor lead, mura mbeigse dá<r> gcuídeacht." "Féach," arsa
Dia leis, "tré chion ortsa, tré ghéilleadh dhoit, rachaig mé libh. Áfaig,
cas chun an phobal: cuiridís luaith ar a gcinn agus éadach róin ar a
gcolainn agus umhalaidís iad féin im' láthair-se chun go bhfaicfinn cad a
dhéanfaig mé leo. Agus beir amach as an gcampa an 137 cábán ina
bhfuil mo olthóir-se. Oir ní chónóig mé a thuille ar measc a leithéid
do scata bréan mallaithe."



A rin Maois amhla sion. A rug sé amach as an gcampa an cábán
beannaithe; agus a chuaig leis an t-aingeal a bhíoch as cionn an chábáin,
i bhfuirm phillóir dataig isló agus i bhfuirm phillóir thine istoíche.
A thánaig an-bhrón ar an bpobal agus ghoileadar go géar i dtaobh a
mallathacht. A umhlaíodar iad fhéin i láthair Dé agus a loirgeadar
uadh chroí maithiúnas air.



7. A' lar na bháireach a chuaig Maois suas arís ar an gcnoc agus a
ordaig Dia dho dhá chlár cloiche do ghearradh agus a phlánáil ar nós
an dá chlár a thug sé dho ar dtúis, agus a scríobhaig ortha arís na deich
n-athanta. Agus adéis dá fhichid lá eile a chaitheamh i bhfochair Dé,


L. 112


gan bhia, gan deoch, gan chodla, gan suan, a thug Dia a lán dlithe eile
dho a bhain le seirbhís Dé agus leis go aon <t>sórd íobartha a bhí ages na
sagairt le déanamh in onóir Dé, le béasa an phobail agus leis an caid-
reamh a bhí aca le ciomád nó le seachaint le náisiúin eile. Ansion a
loirg Maois an achainí seo ar Dhia: "Tiospáin dhom," ar sé, "a Thiarna,
do glóire." "Tiospán<f>aig mé dhoit," arsa Dia, "an uile mhaith; beig
mé trócaireach le pé duine nar mhaith liom agus beig mé cneasta le pé
nduine a thaithníonn liom." Agus arís adúirt Dia, "Ní féidir dhoit mo
aghaidhse a fhaicsin, oir ní beo duine ar bith insa tsaol so adéis radharc
a fháil ar mo aghaidhse. Áfaig atá a leithéid so do áit ar an gcnoc so,
agus seasaig-se ar an gcarraig atá ann; agus an uair a bheig mo ghlóir-se
ag gabháil thort cuirfig mé thusa i bpoll na carraige agus clúdóig mo
láimh chun ná millfeach radharc mo ghlóire thu. Agus ansion a chíofair
an taobh thiar dom' dhrom. Áfaig ní fhiadfá mo ghlóir-se a fhaicsin
agus a bheith beo i ndiaig an radhairc sin."



Ex.34:29. 8. Adéis an ghnóth sin a chur de, a thánaig Maois anuas
don chnoc, agus ar a dhul isteach don champa a theith an pobal le neart
scanradh uaig. A bhí a aghaidh go léir ní budh ghile ná solas na gréine
uadh a bheith ag labhairt le Dia. A ghlaoig sé thar n-ais ortha agus a
fhiafraig dhíobh canathaobh nar theith<ea>dar uaig. Adúradar ná
fiadfaidís féachain ar a aghaidh: a bhí solas chón mór san 138 uaithe
go gcaochfaí iad. A chur sé ansion folach gnúis<e> nó veil ar a aghaidh,
agus a bhíoch sé sin air an uair a labhrach sé leis an bpobal, agus
bhaineach sé de í an tráth a théach sé isteach insa chábán naofa chun
labhairt le Dia. As mair seo a dheonaig Dia, tré impí an fhir bhean-
naithe seo agus trí an bpíonós a fhuilig an pobal agus tré an aithrí a
rinneadar ina bpeaca mór trom, gur dheonaig sé, adeirim, a dhlí bhean-
naithe seo a scríobhadh arís ar dhá chlár nua cloiche a ghearr Maois amach
in ionad an dá chlár a bhris sé mar gheall ar pheaca an phobail.



9. As é Dia féin a ghearr agus a shocraig lena láimh fhéin an chéad
dá chlár, agus ciallaíonn sion go dtugann sé don duine an tráth a
bhaistithear é, a dhlí bheannaithe scríofa le grása an Spirid Naoimh
ar a chroí. Áfaig bristear inár n-anam agus scriostar do ár gcroí an dlí
bheannaithe sin an uair a thitimíd i bpeaca mairtheach, agus as le dua,
le tuirse agus le gabháil trí phíonós na aithrí a thiocfaig linn í a fháil
prindeáltha arís ar ár n-anam. Agus muna ndéanfar sion beigheam
caillthe gan leigheas go brách. Oir adeir Críost féin linn, "Muna ndéan-
faig sibh aithrí, beig sibh caillthe go deo." Agus as dá dhruim sin a
deirid na Aithreacha naofa, aut paenitendum aut ardendum, "caithfig,"
ar siad, "go aon pheacach ceann éigin dos na dhá nithe so a ghlacadh:
aithrí éifeachtúil, aithrí a bheig lán chothromúil do chuir agus do
mhallathacht a pheacaí a dhéanamh, nó fórsa thine Ifrinn do fhulang
go brách."



Uadh atá sion mar sin, déanaimís, in ainm Dé, in am agus i dtráth,
aithrí fhírinneach, aithrí éifeachtúil inár bpeacaí. Éirímís díobh a' so
suas; iompaímís i ndá<rí>ribh ar ár dTiarna trócaireach atá lán-ollamh
agus lán-fhonnmhar ar mhaitheamh dhúinn. Agus má dhéanaimíd sin
as dram le seán sinn.


L. 113



XXIV. THE TABERNACLE



Ex.35. 1. An uair a thug Maois leis an dá chlár nua cloiche ar na
raibh na deich n-athanta scríofa le láimh Dé féin, agus a
cheap an pobal géilleadh go fírinneach do Dhia agus seirbhís cóir a
dhéanamh dho feasta arís, a chur an fear naofa so chun an 139 gnóth
sin a chur chun chinn do ordaig Dia dho ar feag na dá fhichead lá a
chaith sé ina fhochair ar an gcnoc. A chnóth sé chuige an pobal go léir
agus a 'nis dhóibh go aon obair a ordaig Dia dho le déanamh, agus a
iarr sé ortha tabharaistí do ofráil chun na oibreacha a chur chun cinn.
Gan mhoill do ofráladar na feara ór, airgead, iarann, prás agus cruaig;
na mná éadaí uasal, péarlaí, clocha bua, búclaí, fáinní óir, síoda agus
sról. A cheap Maois ceardaithe agus daoine tuigseanach nar líon Dia
iad le spirid na eagna chun na oibreacha sion a dhéanamh go ceart, cóir.
A bhí an pobal chón fial, chón flaithiúil sin gur chaith Maois fógra puiblí
a thabhairt amach gan a thuille ofrála a dhéanamh.



2. An chéad obair a dearnag a budh ea an Tabernacle, nó sórt
séipéil chun go gciomádfaí inte an dá chlár cloiche ar na raibh na deich
n-athanta scríofa le láimh Dé. Chúig troithe agus dá fhichid an fhaid,
cúig troithe déag do leitheid, agus fiche troig do aoirde a bhí inte. As do
chláracha a dearnag í agus ní dhreofadh an t-adhmad go brách. A bhí
an taobh istig do gach clár clúdaithe le dearg-ór, agus fáinní ins<n>a
cláracha chun go bhfiadfaí pollaí nó cleathacha a chur ionta an tráth
budh riachtanach an Tabernacle do aistriú uadh áit go áit chón minic
agus sóinseáltaí ionad an champa. A bhíodar na cleathacha sion
clúdaithe le ór. Bíomaí airgid, a bhí mar fhoundation leis an dTaber-
nacle, agus ceann cláir. Anuas ar sion a bhí brat do leathar dearg,
brat eile do chroiceann gabhar leasaithe. Agus anuas ar sin a bhí
brat canbhás.



A roinneag an chuid istig don Tabernacle i dtrí pháirt. Insa chuid
budh shia siar de a bhí an Airc, nó córtha do ór ina raibh an dá chlár
cloiche úd. Agus a thugag an Pháirt Ró-naofa do ainm airthe sion.
A bhí sí deighilthe uadh an chuid eile le veil nó brat síoda ór-shnáithe,
ar na raibh pictiúirí dhos na aingil as aoirde ins na flaithis, ar na
dtugtar Cherubim mar ainm, tarrainte amach le obair shnáthaide.
Agus ní raibh sé ceadaithe do dhuine ar bith do<l> isteach insa pháirt
sin, ach do<n> árd-shagart amháin, agus sion aon uair amháin insa
bhliain.



Insa chuid leasmuith di sin a bhí clár, olthóir agus coinnleoir óir.
Agus insa tríú cuid a bhí an olthóir ar na ndéantaí 140 go aon mhaidean
agus go aon tráthnóna uan a losc mar íobairt in onóir Dé. Hen é an
cuma a bhí ar an dTabernacle úd.


L. 114


3. Adeir Naomh Augistín gur budh fhigiúir í sin atá lán dos na
mistéiri a bhaineann leis a' chreideamh Críostúil. Budh chomhartha an
Tabernacle sin a bhí ag an bpobal Abhr<a> a bhíoch ag aistriú uadh áit
go áit nó go bhfuaradar seilbh i dtír na geallúna, budh fhigiúir í, ar sé,
ar Eaglais Chríost a bheig dá aistriú uadh náisiún go náisiún go deire
an tsaol, an tráth a gheobhaig pobal Chríost seilbh i dtír na mbeo.
Ciallaíd <na ?> cláracha a bhí mar bhallaí lé agus a dearnag do adhmad
ná dreofach go brách, na deigh-Chríostaithe a chuinníonn suas an
Eaglais lena mbéasa folláin fónta. An foundation airgid a bhí lé, as
comhartha é sin ar fhírinne agus glaine teagasc na Eaglaise. Cialla<í>d
na brata síoda agus sróil a bhí ornáidithe le pictiúirí na n-aingeal
mbeannaithe na uile súird suáilcí agus dea-oibreacha a chleachtaid
clainn na Eaglaise.



4. Adéis a chríochn<aig> Maois an Tabernacle do réir an plan agus an
fhuirm a thiospá<i>n Dia dho ar an gcnoc, a chrom sé ar an tarna píosa
oibre a dhéanamh, an tA<i>rc. Agus b'í sin, mar adéarfainn, suim nó
athghearra creidimh an phoba<i>l Abhra. Agus as fá chomhair a
chiomád a thógag an Tabernacle. A b'í an ní budh onóraí agus budh
bheannaithe a bhí ag an bpobal úd. Agus mar adeir an Scriptiúir, a
b'í a nglóire agus a neart í. A dear<n>ag í do adhmad ná dreofach go
brách i bhfuirm chórtha; a bhí trí troithe go leith i bhfaid, dhá throig
go leith i leithead agus truig go leith in aoirde. A chlúdaíog í
istig agus amuigh le dearg-ór agus cover don ór budh ghlaine anuas
airthe; agus tugag mar ainm ar an gcover sin, "suíochán na trócaire."
Ar dhá cheann an chórtha a bhí iomhá aingil lena sciatháin leata dá
chlúdach.



Ní raibh aon ní insan Airc ach an dá chlár cloiche ar na raibh na deich
n-athanta scríofa le lámh Dé, soitheach óir lán don mhána, nó an
t-arán míorúileach lenar chothaig an pobal ar feag na dá fhichid blian
a chaitheadar insa bhfásach, agus salt an ardshagairt Aaron arna
dtánaig go míorúileach, 141 le mórchomhachtaibh Dé, bláth agus
tortha, mar a 'neosaig mé ina dhiaig seo dhíbh.



As mar seo budh toil le Dia nithe naofa corpar<th>a a thabhairt don
dram úd a chiallaíonn agus a phointeálann amach na nithe naofa
spirdeáltha atá againne. Budh chomhartha an Airc órtha úd ina raibh
na deich <n->athanta <ar> chroí gach Críostaí arna bhfuil dlí Dé scríofa
príndáltha agus stampáltha le grása an Spirid Naoimh. "Suíochán na
trócaire," nó an cover a bhí anuas ar an Airc asna dtugach Dia freagra ar
na daoine a thagach ag lorg comhairle air, ciallaíonn sí ár Slánathóir
Íosa Críost tréna bhfaighmíd trócaire uadh Dhia agus comhairle ár
leasa. Agus ciallaíd íomhá na n-aingeal lena sciathá<i>n leata, grá
Dé agus na comharsa a leathann an Spirid Naomh mar bhrat as cionn
ár gcroíocha.



An tríú obair a rin Maois a budh ea "clár aráin na tiospána," a bhí
trí troithe i bhfaid, trí troithe i leithead agus dhá throig in aoirde. A
bhí fáinne óir ar gach cúinne amhail a bhí insan Airc. A bhí sí go léir
clúdaithe le plátaí óir agus dhá pholla óir chun í a iompar an tráth a
aistreofaí an campa. A cuirtí airthe go aon mhaidean Domhnaig dhá


L. 115


bhríc déag aráin, agus ar deire na seachtaine a sóinseáltaí é agus a
cuirtí arán friseáilte ina ionad. Ní raibh sé ceadaithe dho aoinne an
t-arán sin a ithe ach dhos na s<a>gairt amháin, agus a chaithidís é a ithe
insa Tabernacle.



Anuas ar a' t-arán a bhí mias óir agus báisín a bhí lán do thúis -
incense a ainm i mBéarla - ag dearg-lasadh do ló agus do oíche. A tugag
"Arán na tiospána" do ainm ar an arán úd, do bhrí é a bheith do ló agus
do oíche i láthair Dé, ag tiospánadh dho in ainm agus ar son an phobail
a n-umhlacht agus a n-ómós dho agus ag admhadh gur uaig a fuaradar
gach a raibh aca; agus an dá bhríc déag, bríc in aghaidh go aon treibh
a bhí insa phobal, chun a thiospánadh go raibh páirt agus láimh aca
go léir ag tabhairt onóra do Dhia, agus gur chuireadar le chéile i
<m>breith buíochas leis.



5. Budh fhigiúir an clár úd ar ár n-olthór-na, budh chomhartha an
t-arán úd ar arán na beatha síoraí, corp naofa ár dTiarna. Níor
luálag go deimhin, an tráth úd, do aoinne i bpobal 142 Dé, ach dhos
na sagairt amháin, an t-arán coiscrithe úd a chaitheamh. Áfaig ní
amhla sion do phobal Chríostúil: atá ní ea amháin cead, ach ordú,
agus ordú fé phéin a ndúnta amach go brách uadh bheatha na glóire,
ag go aoinne againn, arán na beatha síoraí a chaitheamh. "Go
deimhin, go deimhin adeirim libh," arsa Íosa Críost "muna n-íosfaigh
sibh feoil mhic an duine ná beig beatha ionaibh. An té íos<f>aig an
t-arán so, mairfig sé go brách." Atá an phribhiléid, an cead agus an
t-ordú sion ag so aon Chríostaí do bhrí gur leanbh le Dia é do
dhruim a bhaiste agus gur dearbhráthair do Íosa Críost é. Agus as a chionn
sion atá páirt agus seára aige i sagartacht Chríost fhéin, amhail a 'niseann
prionsa na nAspal, Naomh Peadar, dúinn ins na focail seo: ag seo mar
a labhrann sé leis na uile Chríostaithe insa chéad leitir a scríobhaig sé
chúghtha tamall beag sula cuireag chun báis insa Róimh é ar chruis
mar gheall ar chreideamh Chríoist: "As cine toghtha sibhse," ar sé, "as
sagartacht rithiúil sibh, náisiún naofa, pobal a cheannai<g> Dia dho
fhéin, adonn go bhfoilseoch sibh len úr ndeigh-bhéasa comhachta an
té úd a tharraig sibh uadh dhorch<ad>as an díchreidimh chun solas
iontach an Chreidimh chóir. Ar an abhar sion," ar sé, "iarra<i>m agus
achainím go dian oraibh uadh's stróinséirí agus passangéirí insa domhan
so sibh, seachnaíg agus ciomádaig sibh féin uadh ainmhiana saoltha a
chuireann cogadh ar spirid na ngrás."



6. As maith, folláin an chomhairle seo a thugann an tAspal beannaithe
seo dhúinn, agus as dream le séan sinn má leanaimíd go éifeachtúil í.
Agus chun í a lea<n>úint go éifeachtúil tugaimís go minic agus i ndárír-
ibh fá ndeara gur pobal Dé fé leith sinn, gur thoigh sé sinn fé mar a rin
sé insa tseana-aimsir an pobal Abhra, do bhreis ar aon chine eile insa
domhan, le intinn spisialtha, go mbainimís fé leith leis fhéin trí bheatha
naofa a chaitheamh ar an dtalamh so, agus beatha na glóire ins na
flaithis, amhail a inseann an tAspal Naomh Pól, ag rá: "A thiospáin,"
143 ar sé, "grása Dé ár bhfuascal<th>óra dúinn, dár dteagasc go
séanaimís mallathacht agus ainmhiana saoltha agus go gcaithimís ár


L. 116


mbeatha go measartha go ceart agus go diag<a>súil, a<g> fitheamh lán
do dhóchas beannaithe le teacht ár nDia glórmhar agus ár Slánathóir
Íosa Críost a thug é féin suas chun báis ar ár son adonn sinn a shaoradh
uadh an uile mhallathacht agus chun pobal a shláthar a chleachtóch
dea-oibrea<cha>." Agus arís ar sé, "Ní do dhruim ár <n>gníomhartha,
ach tré dhaonnacht agus thrócaire Dé ár Slánathóra, a saorag sinn.
Agus a naomhag sinn le dortadh ghrása an Spir<i>d Naoimh inár
gcroíocha go líonmhar tré Íosa Críost ár bhfuascal<th>óir, chun ar
bheith dúinn glanta lena ghrása go bhfaighmís mar oidhreacht an
bheatha shíoraí a cheannaig Íosa Críost dhúinn."



7. A cheangail Dia sinn, mar adéarfainn, dhá naofacht féin, chun
seirbhís oiriúnach, seirbhís chóir a dhéanamh dho. Oir atá sé féin naofa
uadh as é féin an naofacht gan teora. As maith leis agus loirgeann sé go
mbeach an dram a dhéanann seirbhís do naofa, agus as dá chur sion i
gcéill dúinn adúirt sé leis an bpobal Abhra, "Bígig naofa, oir as naofa
mise atá mar Dhia agaibh." Uadh as leanaí sinn do Dia ró-naofa so,
uadh atá laímh agus páirt ag go aoinne againn insa naofacht as aoirde,
as uaisle ar bith, sagartacht Íosa mic Dé; uadh beannaíog ár gcolainn
agus ár n-anam chun bheith ina dteampaill agus ina dtabernacle don
Spirid Naomh insa bheatha so, bídís ár smaointe, ár labhartha agus
ár <n>gníomhartha lán-fhreagrach, lán-chothromúil don ghairm
bheannaithe, don chéim naofa atá againn. Agus má bhíd, beimíd lán-
oiriúnach chun ár nglacadh isteach i dtír na geallúna, i dtalamh na
mbeo, glóire fhlaithiúnas. Amen.


L. 117



XXV. THE GOLDEN CANDLESTICKS



Ex.37:17 et seq. 1. Cé gur bhreá í an Tabernacle nó an séipéal cláir
úd a rin Maois chun an chórtha óir ina raibh i
gciomád na deich n-athanta a scríobhag le láimh Dé féin, a rin sé píosa
eile oibre a bhí ana-álainn le faicsin. Agus a rin sé í do réir an fhuirm
agus an plan a thiospáin Dia dho ar an gcnoc. Agus a b'í obair í sin
coinnleoir do dhearg-ór. A bhí trí bhrainse ar gach taobh de, ornád-
aithe le lilí óir, agus lampa óir ar gach brainse díobh sion, agus lampa
eile óir anuas 144 ar bharra an choinnleora.



2. A líontaí go aon tráthnóna na lampaí sin leis an oíle budh ghlaine
agus budh chúbhartha balaith, agus ní bhfaigheach aoinne eile iad a
lasadh ach an t-ardshagart amháin. A bhídís ar lasadh ar feag na
oíche, agus a cuirtí in éag ar maidean iad. Ciallaíd na lampaí úd, fé
mar a chuireann Críost féin i gcéill dúinn i leabhar na Tiospána, ciallaíd,
adeirim, uachtaráin agus sagairt na Eaglaise a cheap Críost chun solas
na deigh-shampla a thabhairt don domhan lena mbeatha rialtha agus
lena mbéasa cneasta naofa. Agus as air sin adúirt sé leis na Aspail, agus
ina bpearsa sion le go aon sagailseach: "As sibhse solas an domhain,
agus tiospánach an solas sin í féin insa tslí sin, ar fhaicsin do dhaoine
bhúr <n>dea-oibreacha go dtabharfaidís glóire dho bhúr nAthair atá
ar neamh."



3. As ar na brainsí nó géaga a thánaig amach as gach taobh don
choinnleoir úd a bhíoch na lampaí ag crochadh, chun a chur i gcéill
dhúinn gurb uadh Íosa Críost agus uadh oíle a ghrása a thagann solas,
brí agus luacht ár ndea-oibreacha go léir. A bhíoch na lampaí ar
lasadh ar feag na oíche, agus a cuirtí in éag iad ar maidin chun a chur
i dtuigsin dúinn gur ar feag oíche dorcha ár dtruis tríd an saol so atáid
dea-oibreacha le cleachtadh againn; agus an uair a thiucfaig maidean
bhreá ghléigheal na síoraíochta orainn, ná beig a thuille gá againn leo.



4. "As danaid, as ró-dhanaid," arsa an Pápa Naomh Gregory, "don
sagart a thugann droch-shampla dhá phobal. A cuireag é ar choinnleoir
na Eaglaise chun go dtabharfach dhos na Críostaithe solas breá bean-
naithe a thiospán<f>ach go glan dhóibh sa tslí chruinn díreach a sheol-
<f>ach chun flaithiúnas iad, agus in ionad sion déanann sé lena bhéasa
cuirpeach solas bréan dataig de fhéin a chuireann amú an tslí chóir
ortha agus a sheolann gan dearmad iad chun ríocht agus dorch<ad>as
shíoraí. As mairg dhá leithéid do shagart gur rugag riamh é. A budh
fhearra dho gurbh é cuma an té nár cruithníog do fhágach Dia air.
Apoc.3: 1-5 Oir cuirfig Críost i bhfórsa air an bhagairt úd a rin sé i
gcuinnibh an easpaig úd i leabhar na Tiospána: "Atá
fhios agam," arsa Críost, "go bhfuil ainm dhuine 145


L. 118


bheo ort, cé go bhfuileann tú marbh. Ar an abhar sion tabhair aire doit
fhéin agus déin aithrí. Agus muna ndéanfair, éalóig mise i gan fhios
ort, mar a éalaíonn a' bithiúnach insan oíche, agus aistreoigh mé do
lampa as a ionad. Adeireann tú lead fhéin, "Atáim saibhir; atá mo
dhóchain agam; níl aon asnamh oram," agus níl fhios agad go bhfuileann
tú dreoil agus dona agus bocht agus dealbh agus lomnocht. Comhair-
lím doit, ar an abhar sion, ór dearg a cheannach uaimse adonn go
mbeifeá saibhir agus go gclúdófaí thu le brat bán agus ná faicfí do
náire. Brostaig agus déin aithrí"'.



5. Go bhfóirigh Dia orainn, níl aoinne ar bith chón mór i gcon-
tabhairt a anama a chailliúint agus atá sagart. Oir má fhaigheann
duine agaibhse turraing as uiriste do éirí arís. Áfaig má fhaigheann
sagart turraing, as annamh a éiríonn sé. Bascathar chón mór sion é
do dhruim a thitim uadh aoirde na ngrás ná bíonn brí ná neart ná go
minic fonn éirithe air. Áfaig ní baol do má chiomádann sé oíle glan na
ngrása líonmhar a bhronn an Spirid Naomh air an tráth a sácrálag ina
shagart é, ní baol dho, adeirim, má chiomádann sé an oíle beannaithe
sin ar lasadh le urnaithe agus le béasa folláin fónta. Seolfaig sé é féin
agus a phobal go cruinn ceart go ríocht na bhflaitheas, agus a gheobh-
aigh sé féin agus iad sion agus pá a gheallann Críost i Leabhar na Tiospána:
"An duine a bhuafaig," arsa Críost, "déanfaig mise pillóir de i dteampall
mo Dhia, agus ní corrófar go deo as a ionad é. Agus scríobhfaig mé air
ainm mo Athar agus mo ainm nua féin. Agus a bhéarfaig mé dho
suíomh liom' ais ar chathaoir mo ghlóire, fé mar a bhuas fhéin agus a
shuíos le ais mo Athar ar chathaoir a ghlóire.



Ex.27. 6. Chun go aon obair a ordaig Dia dho a chríochnú a rin
Maois olthóir ar nar tugag mar ainm "Olthóir an Deigh-
bhalaithe, nó "Olthóir na Perfumes", do dheasca na perfumes milis
cúbhartha a bhíoch do ló agus do oíche dá dhó airthe. A thug Dia féin
ordú spisialtha go ndéanfaí na perfumes sin. Agus a fuineag iad le
oíle beannaithe agus a coisceag fé phéin bháis ar aoinne an meascadh
sion a chur in aon úsáid eile ar bith ach amháin dhá ndó do ló agus do
oíche i láthair Dé. A cuireag an olthóir sin os coinne an bhruit a roinn
an chuid <eile> don Tabernacle uadh an áit ina raibh 146 Ai<r>c na
Conradh ina raibh an dá chláir cloiche ar nar scríobhaig Dia na deich
n-athanta lena láimh féin. A cuireag ina seasamh í idir an choinnleoir
óir agus chlár arán na tiospána. A tógag olthóir eile insa yard a bhí
déamuith don Tabernacle. A bhí sí déanta do phlátaí práis. A ceapag
í chun feoil na mbeithíoch a loscadh in onóir Dé. Ceithre troithe go
leith an aoirde a bhí inte, seacht <d>troithe go leith a leithead agus
a faid.



7. "Ciallaíd," arsa an Pápa Naomh Gregory, an dá olthóir úd dhá
dhram ndaoine atá agus a bheig go deire an domhan in Eaglais Chríoist,
an dram neamhchiontach agus ná fuil aon ghá le aithrí, agus an dram
peacúil ná sábhálfar gan aithrí. An olthóir a bhí istig insa Tabernacle,


L. 119


as figiúir í ar an dram neamhchiontach, oir ní feoil bheithíoch a bhíoch
dá loscadh do ló agus do oíche airthe ach na perfumes budh mhísle,
budh chubhartha balaithe ar bith. Amhla sin do chroí na gCríostaithe
neamhchiontach: bíonn do ló agus oíche ag éirí suas asta i láthair
<Dé ?> an ghal as cúbhartha ar bith, gal ghlan na ngrás, a ghluaiseann
uadh thine na carthanachta do adaig an Spirid Naomh insa chroí sin.
An tara olthóir, í súd a bhí i dtaobh 'muith don Tabernacle agus déanta
do phrás, as figiúir í ar an gCríostaí a chuireann i ndáiríribh chun aithrí
a dhéanamh ina pheacaí. As feoil bheithíoch a loisctí airthe sion in
onóir Dé, agus ciallaíonn sion nách foláir dhos go aon pheacach a
bheithíg, as iad sion a pheacaí, a mharú le claíomh na aithrí, agus iad
a dhó ar olthóir an chroí úd a bhí chón cruaig le prás, agus iad a loscadh
leis an dtine beannaithe úd a thánaig anuas uadh neamh fé mar a
'neosad dhíbh insa chéad teagasc eile. Agus má dhéanann sé sion go
éifeachtúil sóinseálfar olthóir práis a chroí chun a bheith ina olthóir
glan óir as na n-éireoig, do shíor agus do ghnáth, balaith chúbhartha
na ngrás a dhéanfaig taithneamhach é i láthair Dé.



Ex.28. 8. Ní raibh a thuille ag Maois le déanamh chun seirbhís Dé
a chur chun cinn go oiriúnach agus go cóir ach go aon
chluith do ordaig Dia a bheith ar an árdshagart agus ar na sagairt
eile a shláthar. In éaghmais na éadaí cuirp do bhí oiriúnach 147
dhóibh, a bhí leasmuith ortha léine fada bán línéadaig ar nós a' chinn a
bhíonn ar shagart ag rá an Aifrinn. Agus a bhí crios do chórda na raibh
a lán dathanna fite tríd tíompall a chuim. Ar a cheann a bhí biréad
nó caipín línéadaig, fillthe go minic ar a chéile.



9. An cuma a bhí ar chluith na n-ardshagart a b'í seo <é ?>. In
éaghmais an léine lín fada bán mar a bhíoch ar na sagairt eile, a bhí
brat línéadaig do ghorm na sáile ag teacht anuas nách mór go talamh.
Agus ar imeall an bhr<u>it a bhí dháréag agus trí fichead úlla óir agus
cluigíní óir a' crochadh, agus a dhéanaidís glór ana-bhinn le go aon
choiscéim a thógach an sagart. Anuas airthe sin a bhí bheist síoda gan
mh<u>inirlí fuinte ar gach taobh agus oscailthe anáirde. Ar bhorlach
an bheist a bhí dhá chlocha déag bua nó di<a>monds fuaite, agus ainm
gach treibh a bhí insa phobal gearrtha ar na clocha sion. A bhí as cionn
na gcloch sin, a bhí fuaite ar ucht bheist an tsagairt, pláta óir agus na
focail se<o>, "Foghlaim agus Fírinne," gearrtha airthe. A bhí strupa
línéadaig ceangailthe ar gach gualainn an tsagairt agus sé clocha bua
fuaite i ngach strupa agus ainmneacha an dá threibh déag gearrtha
ar na clocha sin. A bhí fleasc óir ceangailthe ar chlár éadain an tsagairt
agus na focail seo gearrtha airthe: "Naofa don Tiarna."



Ab amhla sion a ceapag agus <a> críochnaíog, do réir ordú spisialtha
Dé, gach cluith agus gach páirt dos go aon chluith a chaithidís na sagairt
a bhíoch ag fritheálamh ag an olthóir. Agus a bhí an nós sion ar bun
nó gur bunaíog Eaglais Chríost ar an dtalamh so, Domhnach Cinncís,
nó deich lá adéis dul do Chríost ar neamh, an tráth a chur sé an Spirid
Naomh anuas ar na hAspail.


L. 120


10. "Cé gur bhreá álainn agus saibhir na cluithí úd, ní tábhacht ar
aon chor iad," arsa an Pápa Naomh Gregory, "seochas áille, breáthacht
agus saibhreas na nithe spirideáltha a chiallaíodar. Ciallaíonn",
ar sé, "an fl<e>asc úd do ór glan a bhí ar éadan an tsagairt go loirgeann
Dia uadh go aoinne a fhritheálann ar a olthóir tabharthas na eagna a
bheith aige - ní, go deimhin, eagna ná ciall ná gliocas saoltha chun
saibhris agus substaint saoltha a chuirniú, ach eagna spirideáltha,
ciall Chríostúil, gliocas beannaithe trína múinfig agus go gcuirfig an
sagart i dtuigsin dhá phobal cionas a chnósóid saibhreas 148 buan na
ngrás a cheannóig dhóibh ríocht na bhflaitheas.



11. Ciallaíd na úlla agus na cluig óir úd a bhí ag crochadh le brat an
tsagairt, agus a dhéanach glór binn, gur cheart dos go aon <t>sagart,
lena iompar, lena bhéasa, lena chomhrá agus lena ghníomhartha, fógairt
a thabhairt dhos na daoine glóire agus moladh a thabhairt dho Dhia
trí shiúl go aireach i mbóthar na n-athanta. Ní dhéanaidís na cluig úd
aon ghlór an uair a stadach an sagart uadh shiúl, agus as é an bhrí atá
ansion, nách aon <t>sochar do phobal sagart díomhaoin leisciúil a bheith
acu ná déanann dícheall ná imshníomh iad a bhrostú chun dul chun
cinn i seirbhís agus i ngrása Dé.



12. An pláta óir úd, a bhíoch ag an sagart ag<á> iompar ar a ucht agus
na focail seo, "Fírinne agus Foghlaim", stampáltha airthe, ciallaíonn
sion gur cheart do chroí gan sagairt a bheith do ló agus do oíche ag
déanamh stuidéir cionas a thiucfach leis é fhéin agus a phobal a chur
chun cinn i naofacht. Agus chun an gnóth céanna a chur go síor i
gcuimhne do a bhí ainmneacha an dá threibh déag scríofa ar chlocha
bua ar a ucht agus ar a dhá ghualainn adonn go dtuigfeach sé gur chur
Dia sábháil na <n>-anamnacha sion as uaisle i bhfad ná clocha bua,
péarlaí agus diamonds an domhain go léir, do ualach anuas air; agus
má chaillfeach an sagart iad trína chionta féin, go n-agróch Dia sion
go dian agus do dóit' air.



As mar sin a chríochnaig Maois, le ordú Dé, an Tabernacle, go aon
ornáid a bhain lé, cluith na sagart agus go ní eile a bhí oiriúnach chun
seirbhís Dé a dhéanamh go cóir agus go galánta.


L. 121



XXVI. NADAB, Etc.



Lev.8. 1. An uair a chríochnaig Maois, mar a 'niseas thana dhíbh
iom' chomhrá dhéanach, an Tabernacle agus gach ní a bhain leis,
a thóg sé Aaron agus a cheathrar mac - Nadab, Abiu, Eleazar agus
Ithamar a n-ainm - chun iad a shácráil mar shagairt do réir ordú Dé.
Adéis a gcuirp a ní, a chur sé a gcluith sagairt ortha. Ansin a chimil sé
an Tabernacle agus gach ní a bhí ann, idir olthóir, clár, coinnleoir agus
na uile nithe a bhain leo, le oíle beannaithe a choisrig Dia féin, agus a
dhoirt sé cuid don oíle sin anuas ar cheann Aaron an <t->ardshagart.
A maraíog ansion reithe agus a chroth Maois a chuid fola 149 ar
cheithre chúinneacha na olthóra agus a loisc sé corp an reithe ar an
olthóir mar íobairt do Dhia. Adéis na íobartha sion a ghlac Maois cuid
do fhuil an reithe agus a mheasc í tríd an oíle beannaithe agus a chimil í
do chluas dheas, do ordóg dheas, láimh agus chois an ardshagairt agus
dos na sagairt eile, agus a chroth ortha é. Ansion a tugag reithe eile
agus le ordú Mhaois a chur Aaron agus a mhic a lámha anuas ar a cheann
agus do íobair Maois don Tiarna é. Adúirt sé leo, "Fanaig ar feag
seachtaine insa Tabernacle, agus ar bhúr mbás ná corraíg amach as nó
go gcríochnófar aimsir bhúr sácrála."



2. Ag ceann na seacht lá sion, a chnósaig an pobal go léir as cuinne
an Tabernacle, agus a ghaibh Aaron amach chúghtha agus a bheannaig
iad. Agus a rin íobairt in ainm agus ar son an phobail chun Dé, agus
a b'í sin an chéad íobairt a dearnag riamh go poiblí chun Dé in ainm
agus ar son aon náisiún. Le linn na íobartha sion a dhéanamh, a thúr-
laig solas agus glóire Dé uadh neamh anuas ar an dTabernacle, agus a
ghluais tine uadh an solas sion agus a loisc sí an íobairt a bhí ar an
olthóir. A ghlac an pobal áthas mór agus a mholadar Dia go árd i
dtaobh a leithéid sin do onóir a thiospánadh dhóibh fhéin agus dá sagart.
Do ordaig Maois dho Aaron agus dhá chlainn gan an tine sin do ligean
in éag go brách, agus úsáid a dhéanamh do aon tine eile i seirbhís Dé,
ach amháin don tine bheannaithe sin a thánaig anuas uadh neamh.
Agus a ciomádag an tine sin ar lasadh ar feag 1,520 <bliain> nó gur
múchag í ceithre bliana déag agus fiche adéis báis Chríost, an tráth a
leagag agus a dóg Teampall agus cathair Jerusalem agus a cuireag
scaipeadh agus fán ar an bpobal Abhra, do bhrí gur dhiúlthaíodar do
Chríost agus dá chreideamh. Agus seasóig an scaipeadh agus an fán
go beagán aimsire roimh dheire an tsaoil, an uair a ghlac<f>aig an pobal
úd creideamh an tSlánathóra chúghtha tré theagasc Enoch agus Elias.



3. A bhí Aaron agus a chlann imshníoch agus dícheallach go leor ag
déanamh seirbhís Dé go poiblí go aon lá. Áfaig ní fada nó gur thiospáin


L. 122


Dia cad é chón pointeáltha agus a loirgeann sé uadh go aon <t>sagart
a ghnóth a dhéanamh go cruinn ceart, agus muna ndéanfaig imreoig
150 Dia díolthas gan trua gan trócaire air. Do achtaig Dia agus do
ordaig sé go dian dhos na sagairt adhmad a chur go aon mhaidean agus
tráthnóna ar an dtine beannaithe úd a lasadh uadh ghlan-ghlóire na
bhflaitheas. Agus a choisc sé go dian ortha úsáid do dhéanamh do aon
tine eile an tráth budh ghá dhóibh aon ní a loscadh insa Tabernacle in
onóir Dé. Go aon mhaidean agus tráthnóna a thagach beirt shagart
isteach insa Tabhernacle. A bhíoch ina lámha aca túiseoir - censer a ainm
i mBéarla - chun túis nó incense a ofráil as coinne an bhruit úd a roinn
an chuid den Tabernacle ina raibh A<i>rc na Conradh uadh an gcuid eile
di. A chonacabhair an gnóth céanna so á dhéanamh ag Ard-Aifreann,
nó ag beannachtú an Naomh Shácramín. Glacann an sagart mar
adéarfainn, cupa airgid, a bhíonn ceangailthe le trí slabhraí. Bíonn
tine insa chupa. Cuireann an sagart incense nó túis airthe; crothann sé
anún agus anall an cupa sion. A chuaig Nadab agus Abiu, an bheirt
mhac budh shine ag Aaron isteach insa Tabernacle chun a' ghnóth sion
a dhéanamh. Agus in ionad an tine bheannaithe a thógan, a rugadar
leo tine eile. Agus ar chrothadh na <d>túiseoirí dhóibh as cuinne an
bhruit, a léim gan mhoill splanc do thine bheannaithe uadh an olthóir
ortha agus a bhain an t-anam ar an láthair sin asta. Níor loi<s>c sí an
cluith sagairt a bhí ortha, agus níor chur sí rian dó ná deargadh ar a
gcuirp, ach iad a shíneadh marbh ansúd. Do ordaig Maois a gcuirp
féna gcuid éadaí a bhreith amach as an gcampa, iad do fhágan ansion
ar feag seacht lá, agus ansion do adhlacag iad. A choisc sé ar Aaron
agus ar na sagairt eile caoi, gol ná brón a dhéanamh mar gheall ortha,
"do bhrí," ar sé, "gur sácrálag agus gur naomhaíog sibhse le oíle
beannaithe an Tiarna a chimilt dhíbh."



4. A thiospáin Dia leis an sampla eaglach úd agus leis an bpíonós
cruaig sin do imirt ar an <m>beirt shagart úd, go loirgeann sé uadh go
aoinne - bíoch nó ná bíoch gur sagart é - go aon ghnóth a bhaineann
lena sheirbhís a dhéanamh go ceart, cóir, cruinn, díreach insa tslí inar
ordaig sé a dhéanamh. An tráth, mar sin, a Chríostaí, a bheirse ag
déanamh seirbhís Dé, ag éisteacht an Aifrinn, ag rá do urnaithe, tabhair
151 togha na aire nach tine stróinséar<th>a - as é sin smaointí saoltha -
a bheig ar lasadh agad ar olthóir do chroí, ach an tine bheannaithe úd,
spirid na carthanacht<a> a ghluaiseann uadh ghrása an Spirid Naoimh.
"Oir ciallaíonn," arsa an Pápa Naomh Gregory, "an tine stróinséar<th>a
úd ná taithníonn le Dia, agus a agrann sé le bás anama a imirt ar aoinne
a thugann ina láthair í, ciallaíonn sí," ar sé, "grá an tsaoil seo. Agus
as fear caillthe, fear marbh i láthair Dé, an sagart na bhfuil a leithéid
sin ar lasadh aige ina chroí, a cheap Dia do aon ghno mar olthóir chun
go mbeach tine na ngrás agus na naofachta do ló agus do oíche ag lasadh
airthe." Adéis a thiospáin Dia le bás obann a imirt ar an <m>beirt
shagart úd cad é chón pointeáltha agus a loirgeann sé uadh go aon
sagailseach go aon dlí a bhaineann lena nósa naofa a chólíonadh go
cruinn agus go ceart, a thíospá<i>n sé fós le dhá shampla eile a imirt ar
bheirt don cho<i>tiantach<t> go n-agróig sé go dian agus go docht bris-


L. 123


eadh a dhlí ar go aoinne a bhriseann í. A thit beirt don phobal amach
lena chéile agus a labha<i>r fear aca tré phaisiún go aithiseach, go mas-
lathach agus go tarcuisneach ar Dhia. A rug an mhuintir a bhí
láithreach greim air agus a thugadar é i láthair Maois. Ní gheobhach
se sion air fhéin breith a thabhairt ar an gcúis, ach a chuir an gnóth i
láthair Dé. Do ordaig Dia an duine ciontach a bhreith amach as an
gcampa, na fínnithe a chualaig na droch-fhocail a lámha a chur anuas
ar a cheann ag deimhniú gur chualadar na focail uaig, agus don phobal
go léir gabháil do chlocha <air ?> agus é a mharú mar sin. As an gnóth
so tuigtear dúinn cad é chón seachanthach agus as ceart dúinn a bheith
ar dhroch-fhocail, mar atá guídeoireacht, tiomantóireacht, mallacht-
óireacht, ascainí agus a leithéidí eile. "An duine," arsa an Spirid
Naomh, "a chleachtann guídeoireacht, líonfar é le mallathacht agus ní
scarfaig sciúirse lena thig ná lena shliucht."



5. Do ordaig Dia tamall roimhe sin lena bhéal fhéin don phobal an
seachtú lá a chiomád naofa agus gan aon <t>sórd oibre a dhéanamh ar an
lá sion. Tíompall trí mhí ina dhiaigh sion a ghaibh fear don phobal
amach as an gcampa ar an seachtú lá agus a bhailig sé brosna. A chon-
acag é, a gabhag agus a tugag i láthair Maois agus Aaron é. 152 Ní
raibh fhios aca sion cad é an píonós budh cheart, nó ar cheart aon phíonós
a chur air, mar gheall ar obair chón suarach lé sin. A chuireadar an
gnóth i láthair Dé, agus do ordaig se sion an fear a bhreith amach as an
gcampa agus an bás céanna a imirt air agus a imreag ar fhear an neamh-
aithse: é a mharú le gabháil do chlocha air.



Arú, in ainm Dé tugaimís aire mhaith dúinn fhéin. Atá as ár gcionn
breitheamh uilechomhachtach, uilecheart, ná glac<f>aig uainn ná uadh
aoinne eile ar bith aon leathscéal i dtaobh a dhlí a bhriseadh in a bheag
ná a mhór do shlí. Agus súd agus ná agrann sé orainn, le samplaí
saoltha a imirt orainn insa bheatha so, na peacaí a dhéanaimíd i gcuin-
nibh a dhlí, agróig sé go aon cheann díobh go trom agus to tinn orainn
an tráth a thiucfam ina láthair ar uair ár mbáis chun breithiúnas a
ghlacadh uaig i dtaobh gach maith agus gach olc a rinneamar ar feag
ár gcúrsa tríd an saol so. "Oir adeirim libh," arsa an breitheamh céanna
sion Íosa Críost, "pé focal díomhaoin adúirt duine riamh, go gcaithfig
sé freagairt ann i lá an bhreithiúnais." Focal díomhaoin as ea focal
ná déanann maith ná olc don duine adeir é ná don duine a chloiseann é.
Agus a Thiarna thrócaraig, uadh éileofar sinn i dtaobh a leithéide sin,
cad é an cúntas trom a bheig inár gcuinnibh i dtaobh ascainí, barbaracht,
bréaga, tromaíocht chomharsain, fearg, drúis, meisceoireacht agus an
iliomad eile droch-labhartha agus droch-bhearta a chleachtamair ar
feag ár mbeatha. As ceart dúinn, mar sin, guí do ló agus do oíche chun
Dé, ag rá mar adúirt an fáig, "Ná tar chun chúntais liomsa, do sheir-
bhíseach, a Thiarna, oir má thagair, ní saorfar aoinne beo id'
láthair."



6. Níor fhiad an píonós cruaig eaglach úd a imir Dia ar na daoine
ciontach úd canrán ná monabar an phobail a chosc. Agus a ghlac
Aaron fhéin, an tArdshagart, agus a dhearbhsh<i>úr Máire, a bhí ina


L. 124


beanfháig, páirt insa mhonabar sion. A bhí sórt formaid aca le Maois
i dtaobh an údaráis mhóir budh thoil le Dia a thabhairt dho, agus a
chromadar ar chnámhseáil, ag rá nách é Maois amháin a bhí naofa;
go rabhadar féin chón naofa leis, agus gur labhair Dia leo chón maith
agus a labhair sé le Maois. A thóg Dia 153 an gnóth sion go ró-olc
ortha, agus adúirt sé le Aaron go n-agróch sé an chaint sin go dian air
muna mbeach gur sácrálag é chun a bheith ina ardshagart tré an oíle
beannaithe a dhoirteadh ar a cheann. Ach i dtaobh Mháire, a bhuail
Dia airthe lobhrasaí trom, nó gríos gránna, trénar líonag a corp go léir
le uiscóidí bréana, agus a thit an croiceann ina liabóga di. A thiospáin
Maois ar an ócáid seo a ghnáth-cheansacht. A ghuig sé chun Dé ar a
son, a lorg maithiúnas di, agus gan sampla saoltha a dhéanamh di.
A éist Dia lena achainí. Ach do ordaig sé í a bhreith amach as an gcampa
agus í fhágan ar leithlig uadh an chuid eile dos n<a> daoine ar feag
seachtaine fé an a<i>cíd ghránna sion.



7. As ar éigean a bhí an bhuairt phríobháideach sin coiscithe an uair
a éirig buairt gheneráltha insa phobal i gcuinnibh Maois. Do aistríodar
a gcampa uadh chnoc Horeb, an áit 'nar thug Dia a dhlí dhóibh, agus a
thánadar go teora thír na geallúna chun seilbh a ghlacadh inte. A chur
Maois dhá fhear déag as go aon treibh don phobal le ordú Dé chun an
tír sin a bhrath. Adúirt sé leo, "Gabhaig tríd an dútha go léir agus
féachaig cad é an sórd í: a' bhfuil sí torthúil, a' bhfuil cnuic agus
sléibhte inte, a' bhfuilid cathracha agus bailthe móra inte, agus cad é
an sórd dram daoine a chónaíonn inte. Agus fillig chúghainn le cúntas
cruinn, agus tugaig libh sampla dos na tortha do fhásann inte."



A ghabhadar rómpa; a shiúlaíodar an dútha uadh cheann di go dtí
an ceann eile, agus déis dá fhichead lá a chaitheamh insa ghnóth sion,
a chasadar chun an champa agus a thugadar leo sampla do sna tortha
breátha saibhir a bhí ag fás inte. A thánadar i láthair Maois agus
Aaron agus a chnósaig an pobal go léir chun tuairisc na dútha a fháil
uatha. "A ghabhamair," ar siad, "tré an dútha go léir, agus <a ?>
mhion- agus a mhór-chuarda<ío>mair í. As í an dútha as fearr agus
as breátha fé an spéir í: dútha meala agus bainne í; na tortha as áille
ar bith ag fás inte, fé mar a chíonn sibh as na samplaí seo a thugamar
linn. Atá sí clúdaithe le cathracha láidir daingean, agus fallaí
tíompall ortha chón ard nach mór leis <an ?> spéir. Agus fuireann
chumasach, ghroí, chrógha a chónaíos inte: a chonacamair ann sliucht
na seann-athach, nar seangáin sinn-ne i gcomórtas dhóibh."



Ar chlos na bhfocal sion don phobal, a thánaig lag-mhisneach agus
eagla ortha, agus a chromadar ar osnaíl agus ar chanrán. Do éirig
Joshua agus Caleb, beirt dosna fearaibh a cuireag chun an 154 dútha
a bhrath, agus adúradar: "Ná tagach lagmhisneach ná eagla ar aoinne
agaibh. Tugaimís fé an ndútha agus buafam go uiriste ar an bhfuireann
atá inte, oir atá Dia inár bhfochair agus troidfig sé ar ár son." "Ná
bacaimís dhóibh ar aon chor," arsa na deichniúr fear eile; "gabhaimís
thórsta: ní fhiadfaimís seasamh go brách ina gcuinnibh. A dhéan<f>aidís
ceo dínn." A scread an pobal go léir amach le aon ghuth amháin ag rá,
"Toghaimís taoiseach ar an láthair seo dúinn fhéin agus fillimís don


L. 125


Égypt agus ná bímís a thuille do ár sn<o>í amach insa bhfásach dealbh,
gránna, gortach so."



A chaith Maois agus a dhearbhráthair iad fhéin ar a nglúnaibh ag
iarra<i>g ar an bpobal foighne a bheith aca agus a suaineas a ghlacadh.
A labhair Joshua agus Caleb arís leo, ag rá, "Atá an dútha sion ana-
bhreá ar fad: dútha sár-mhaith as ea í. Atá Dia mar chabhair
againn, agus déanfam cúncas go uiriste airthe, oir ní fhan<faig ?> brí
ná misneach insa bhfuireann atá inte le neart eagla romhainn."
A liúig an pobal go léir ina gcuinnibh agus a rugadar ar chlocha chun
a maraithe. Agus a mharóidís láithreach iad muna mbeach gur thios-
páin Dia é féin ina ghlóire agus adúirt sé le Maois, "Cad fhaid go
bhfoighneoigh mé leis an bpobal mallaithe seo ná creideann im' fhocail
agus ná géilleann dom' mhíorúil? Fág as mo shlí; ná cuir a thuille
iom' chuinnibh; maróig mé le pláig an pobal ró-mhallaithe so, agus
déanfaig mé thusa ad' phrionsa ar náisiún as iomadúla agus as fearr
ná an droch-chine seo." "A Thiarna," arsa Maois, "níl teora ná tomhas
ar bith lead' thrócaire-se, agus ní féidir do aoinne ar bith do dhaonnacht
ná do thruamhéil a bheartú. Iarra<i>m ort an pobal bocht so, do phobal
fhéin a fhuasclaís uadh an Égypt lead' mhór-chomhachta agus a thugais
do dhlí naofa dhóibh lead' bhéal fhéin, agus a thugais lead ar do bhach-
lainn iad go teora na dútha so a gheallais dá sinsear, maith dhóibh, a
Thiarna thrócairig, agus ná agair an peaca so ortha." "Tré do achainí-
se," arsa Dia, "maith<f>eam dhóibh. Áfaig dearbhaím dar me fhéin ná
faic<f>ig aon fhear do sna sé chéad mhíle fearaibh úd a thugas amach
liom uadh an 155 Égypt agus a chonaic mo ghlóire, ná fa<i>c<f>ig aon
fhear díobh súd go brách an dútha úd a gheallas dhóibh ach amháin
Joshua agus Caleb, a 'nis an fhírinne agus do fhan dílis dhomhsa."
Ansion a thit an t-anam as an deichniúr fear eile a chur mímhisneach
ar an bpobal, agus a chaith an pobal an oíche sin go léir gan chodladh
gan suan, ag gol agus ag caoi, ag tabhairt droch-ghuíonna dhóibh fhéin,
ag rá, "As trua ná fuaramair bás insan Égypt; as ma<i>rg nár mhairbh
Dia sinn insa bhfásach. Maróid na athaig sinn agus beid ár leanaí
agus ár mná ina sclábhaithe aca." As mair sin a chaitheadar an oíche
go léir. Ach ar maidean a shóinseáladar a n-aigne, a thánadar i láthair
Dé agus Mhaois agus adúradar, "Atáimíd ullamh agus fonnmhar chun
seilbh a ghlacadh insa dútha so agus chun troda ar a son." "Ná bacaig
don ghnóth sion," arsa Maois, "Ach géillig do ordaithe Dé." Adúirt Dia
leo, "A chualaig mé bhúr gcanrán iom' chuinnibh agus an guí a thug-
abhair dhíbh fhéin, gur ma<i>rg dhíbh ná fuarabhair bás insa bhfásach
so. A gheobhaig sibh bás inte, agus glac<f>aig bhúr leanaí agus bhúr
mná na ndúrabhair go mbeidís ina sclábhaithe ag sna athaig, glacfaig
siad sion seilbh insa dútha mhaith bhreá úd a cheapas dhíbhse. Ach ní
chuirfig aon fhear agaibh atá os cionn fiche blian do aos cos go bráth
inte. A rinneabhair thana féin rebelúntacht deich n-uaire iom' chuin-
nibh. Ar an abhar sion caith<fig ?> sibh fanúint ar feag dá fhichid bliain
insa bhfásach so, nó g<o> bhfaigh' go aoinne agaibh atá as cionn fiche
blian bás inte. Agus ansion tabharfaig mé seilbh na dútha sion do bhúr
leanaí." Agus hin é an píonós a chuir Dia ortha i dtaobh a n-eas-
umhlacht.


L. 126


8. Anis, díreach fé mar a bhí an pobal úd ag triall tríd an fhásach
chun seilbh a ghlacadh insa dútha álainn úd a gheall Dia dhóibh,
atáimíd ag triall tré fhásach an tsaoil seo chun seilbh a ghlacadh i ríocht
na bhflaitheas, i <d>tír an tsóláis shíorraí, an dútha atá go fírinneach
fliuch le mil agus le bainne. Agus fé mar a chailleadar súd tréna lag-
mhisneach, agus tré an éadóchas 156 a thánaig ortha, go aon chance
ar seilbh a fháil i dtír na geallúna, caillfeamna, tré ár lagmhisneach agus
tré éadóchas as trócaire Dé, go aon chance ar ríocht na bhflaitheas.
Chun í a bhuadh, atá comhrac againn le tabhairt dhos na athaig, dhos
na triúr athaig láidir comhachtach míthrócaireach so, an diabhal, an
saol agus an cholainn, nar seangáin suarach laga sinne i gcomórtas
dhóibh. Áfaig ná teipeach ár misneach orainn. Cuimhnímís amha<i>l
adúirt an bheirt fhear crógha úd, Joshua agus Caleb, go bhfuil Dia mar
chabhair againn, go dtroidfig sé ar ár son, agus lena chabhair sion go
ndéanfam ceo díobh. "Oir as féidir linn na uile nithe a dhéanamh," arsa
an tAspal, "agus go aon ghleo a bhuadh, tré chomhachta an Té a chabh-
raíonn linn.


L. 127



XXVII. CORE, DATHAN, Etc.



Num.16 et seq. 1. Beagán laetheanta adéis an bhua<i>reamh ghener-
áltha úd, ar nar thráchtas libh iom' chomhrá
déanach, do éirig buairt eile ana-mhór i gcuinnibh Mhaois ar measc
maithibh agus mór-uaislí an phobail. A 'niseas dhíbh gur thoigh Dia as
an bpobal aon treibh amháin, treibh Levi, chun a bheith ina sagairt
aige, agus as an dtreibh sin gur thoibh sé aon family amháin, family
Aaron, dearbhráthair Mhaois, chun go mbeidís ina n-ardshaga<i>rt aige.
A ghlacadar na uaisle eile don treibh chéanna sion, agus cuid eile do
mhaithibh an phobail, formad mór chun Maois agus a dhearbhráthair
mar gheall ar an gnóth sion. Agus a thánaig dhá chéad agus deichn<i>úr
agus dá fhichead díobh, leis na cinn a bhí ortha - Core, Dathan agus
Abiron a n-ainm - chun Maois agus Aaron agus adúradar go feargach
leo, "Atánn sibh fada bhúr ndóchain in bhúr máistrí agus in bhúr
dtíoránaig ar phobal Dé atá go aon phiuc chón naofa libhse. Ní beag
dhíbh an fhaid atánn sibh ag déanamh aindlí agus daorsmacht ar
phobal an Tiarna."



A labhair Maois go caoin leo, ag rá: "Tagach gach fear dhíbh anso
amáireach i láthair Dé agus tugach go aoinne agaibh túiseoir nó censer
agus ofrálaig túis don Tiarna agus tiospán<f>aig se sion cé iad an dram
a thoibh sé chun a bheith 'na n-ardshagairt aige." Ansion, ag díriú a
chomhrá chun Core agus a ghaoltha, adúirt sé: "As mór an éirí
anáirde seo oraibhse, a chlann Levi: níleann sibh sásta gur phiuc Dia
sibhse amach as go aon treibh eile atá ina phobal chun go mbeach sibh
in bhúr saga<i>rt aige, 157 ach ní foláir dhíbh lámh a bheith agaibh
insan ardshagartacht a cheap Dia do fhamily amháin ar leithlig. Oir
cé mise nó mo dhearbhráthair, go leofaimís a leithéid sin do onóir a
cheapadh dhúinn fhéin? Ní iom' chuinnibhse, ná i gcuinnibh mo
dhearbhráthar, atánn sibh ag éirí anáirde, ach i gcui<nni>bh Dé."



A thánadar an dá chéad agus deich agus dá fhichid fear úd, agus an
pobal go léir a' lar na bháireach agus a sheasaíodar as cuinne dhorais
an Tabernacle. A chuir Moais sic iarraig ar Chore, Dathan agus
Abiron teacht chuige, ach a dhiúlthaíodar teacht agus as amhla a chromadar
ar Maois a spídiú agus tarcuisne a thabhairt dho. A imig se sion ag
triall ortha agus a rug sé leis prionsa go aon treibh don phobal ag iarra<i>g
ar an dtriúr úd teacht do láthair Dé. Ach ní thiucfaidís. Do fhan gach
fear aca ina sheasamh ag doras a chábáin féin, ag tabhairt droch-chainte
do Mhaois. Adúirt se sion leis an bpobal, "Scaraig agus deighlig sibh
fhéin uadh an dram mallaithe seo ar eagla go ngreamóifí sibh insa
díolthas atá le imirt ortha." An uair a dhruid an pobal amach uatha,
a tiospánag glóire Dé as cionn an Tabernacle, agus a chromadar an dá
chéad agus deich fear agus dá fhichid úd ar thúis do ofráil do Dhia.
Ansion a sheasaimh Maois idir an pobal agus cábáin Chore, Dathan agus


L. 128


Abriron, a leath a lámha amach chun Dé agus adúirt le guth ard: "Má
fhaighid na daoine seo bás le aon a<i>cíd nó pláig lenar mhaith le Dia
bás a imirt ar dhaoine, bíoch fhios agaibh nách é Dia a chur mise mar
stiúrathóir oraibh; ach má imreann Dia bás ortha nár imir sé riamh
fós ar aon daoine eile, má scoiltheann an talamh fútha, agus iad fhéin,
a muintir, a gcábáin agus a gcuid a shlogadh síos go Ifreann, bíoch fhios
agaibh gurbh é Dia féin a chur mise chúghaibh agus nár dheineas dlí ná
riail a chur ar bun ach do réir mar do ordaig se sion dom." As ar éigean
a bhí na focail sin ráite aige an uair a chrith an talamh, do oscail sí as
a chéile agus slogag na daoine mallaithe sin, mar aon lena muintir, síos
ina mbeathaig go Ifreann. A theith an pobal go léir le neart scanradh.
A thánaig s<p>lanc tintí uadh ghlóire Dé agus a rin sí luaithreán don dá
chéad agus deich fear agus dá fhichead úd a bhí ag ofráil túis don
158 Tiarna i gcuinnibh an riail a chur sé ar bun. Do ordaig Maois don
sagart Eleazar na túiseoirí a bhí ags na fearaibh sin a thógain agus iad
a bhualadh amach le casúr ina bplátaí, agus na plátaí sin a thairneáil
don olthóir, "Adonn," ar sé, "go mbeidís na plátaí sin ina <bh>fínnithe
seasamh<acha> go brách, nách ceart do aoinne céim sagairt a ghlacadh
air fhéin muna nglaofaig Dia, nó an dram a ceapag le údarás Dé, chun
an staid lán-naofa, lán-chontabhartach sion é.



2. Níor choisc an sampla eaglach an pobal uadhna mallathacht, ach
a' lar na bháireach a éiríodar chun Maois agus chun Aaron, ag rá gur
budh iad budh bhun le bás uafásach na mallathóirí úd, agus a chuir-
eadar chun iad a mharú. A theith Maois agus a dhearbhráthair don
Tabernacle, agus a chlúdaig scamall trom dorcha í, agus a tiospánag
glóire Dé as an scamall. Adúirt Dia le Maois, "Imig lead go diair amach
as an bpobal ró-mhallaithe seo. Oir millfig mé gan stad iad." "Brostaig
ort," arsa Maois le Aaron: "gaibh chúghad túiseoir, cuir tine uadh an
olthóir inte agus túis airthe, gaibh tríd an bpobal, oir a phléasc fearg
Dé thana féin ortha."



A rin sé amhla sion agus a shaor sé an pobal uadh an tine a chur Dia
a' rith eatora lenar maraíog ar leagadh na súl, ceithre mhíle déag agus
seacht céad díobh. Amhla sion a thiospáin Dia nách ceart do aoinn<e>
lena údarás féin, ná le údarás dhuine ar bith, sagartóireacht a ghlacadh
air féin muna nglaofaig Dia é chun a ghlacadh.



3. Chun an fhírinne so a chur go glan i dtuigsin go brách dhos na uile
dhaoine, adúirt Dia le Maois, "Glaoig chúghad prionsa gach treibh
don phobal, agus tugach gach ceann aca a shlat nó a bhata lámh doit.
Scríobhach sé a ainm féin agus ainm a threibh ar an mbata, agus tugach
Aaron a bhata fhéin doit agus a ainm scríofa air. Cuirtear na trí bhata
déag isteach insa chuid as naofa don Tabernacle mar a bhfuil A<i>rc
na Conradh ina bhfuilid an dá chlár cloiche ar nar scríobhaig mis<e>
na deich n-athanta lem' láimh fhéin. Fágtar ansion iad ar feag na oíche
agus tógtar amach ar maidean iad, agus pé bata arna mbeig duilliúr
agus bláth, as í an treibh agus an duine na bhfuil <a> ainm gearrtha ar
an mbata sion do thoibh mise chun a bheith ina sagairt agam."


L. 129


A dearnag amhla sion, agus ar maidean 159 a tógag amach iad agus
a bhíodar go léir glan bán gan duilliúr gan bhláth. Áfaig a bhí bata
Aaron clúdaithe le duilliúr, le bláth agus le tortha lán-a<i>big. Bata
feoit<e> tirim a budh ea é, do adhmad crainn almonds. Agus ar a
thógan amach a bhí sé chón úr agus a bhí an tráth a baineag é as an
gcrann.



Adúirt Dia le Maois, "Cuir an bata sion isteach insa chórtha mar a
bhfuilid an dá chlár cloiche ar na scríobhas na deich n-athanta lem'
láimh fhéin, chun go mbeach sé 'na chomhartha seasmhach ar an
rebelúntacht a rin mo phobal iom' chuinnibhse, agus ná leofach duine
díobh baint lem' shagartóireacht-sa a thuille."



A thit an gnóth sion amach insa tara blia<i>n adéis a shaorag iad uadh
an Égypt. A bhíodar ocht mblia<i>n déag agus fiche eile ag gabháil tríd
an bhfásach, ag aistriú uadh áit go áit do réir mar do ordaig Dia dhóibh.
Ar an bhfeag sion a bhíodar umhal go leor do Dhia agus do Mhaois.
Áfaig insa cheathrú mhí don dathadú blia<i>n - agus a b'í sin an bhlia<i>n
déanach a chaitheadar insa bhfásach - a chrom an pobal ar a seana-
ghnáth-bhéas.



4. A bhíodar tuirseach, tnáite uadh a n-aistear fada tríd an bhfásach,
agus a bhíodar cortha don mhanna a chur Dia go aon mhaidean anuas
uadh neamh mar bhia chúghtha ar feag na dá fhichid blian sion.
A labh<r>adar go poiblí i gcuinnibh Dé agus Mhaois, ag rá, "Canathaobh
gur thug Dia ar aon chor amach sinn uadh an Égypt chun sinn a mharú
i<n>sa bhfásach uaigneach so? Níl arán ná feoil le n-ithe againn.
Atáimíd cortha don mhanna so: bia ró-éadrom as ea é. Ní fhaicid ár
súile ach gainimh. Crann ná tor ná páirc ghlas, abhainn ná sruthán,
níl radharc le fáil ortha, ach fásach leathan fada gainmheach na bhfuil-
imíd ag gabháil tríthe le dhá fhichid blian."



A thóg Dia an chaint sion go olc ortha, agus mar gheall airthe, agus
mar dhíolthas ortha, a chur sé chúghtha athracha ní tintí, nó piastaí
sciathánach, i bhfuirm eascúin, chón mairtheach sion go bhfuigheach
na daoine na dtéach a n-anál fútha, nó a gcealg i ndoimhneas ionta,
bás amhail as go ndófaí insa tine iad. Agus hen é an fáth nar tugag
aithreacha ní tintí do ainm ortha, go saoraig Dia sinn.



A ghlac an pobal go léir sceon mór roimh an phláig sin. A scuireadar
dá monabar agus a thánadar go umhal 160 brónach i láthair Mhaois
agus adúradar le deora, "A pheacaíomair go mór i gcuinnibh Dé agus
iod' chuinnibhse. Iarraimíd ort do achainí a chur chun Dé go dtógfach
sé dhínn a' phláig mhairtheach so."



A ghuig Maois chun Dé ar a son, agus adúirt Dia leis, "Déin athar
ní do phrás agus cuir ag crochadh é ar bharra polla agus féachach go
aoinne a cealgófar air agus leigheasfar iad. A rin Maois amhla sion
agus a saorag an pobal uadh an bpláig mairtheach úd.



5. Titeann an gnóth céanna sin amach dhúinne i slí spirideáltha. Oir,
fé mar a bhí an pobal úd tuirseach, tnáite, cortha uadhs na ainnisí a
thárlaig dóibh in<a> dtriall tríd an bhfásach ar an dútha a geallag
dóibh, amhla sion bímíd-ne go minic tuirseach cortha tnáite do-


L. 130


shásta do dhruim na <n->anacraí agus na <n->ainnisí a tharlaíonn
dúinn uadh am go am inár slí tríd an saol so, ag triall ar ár ndútha
cóir fhéin, flaitheas Dé. Agus má chromaimíd ar mhunabar i gcuinnibh
riarú Dé, má bhímíd míbhuíoch de, guintear agus cealgtar go mair-
theach sinn le anál na n-athracha ní tintí, deamhain Ifrinn. Agus fé
mar a saorag an pobal le féachain ar an athar ní práis do ardaíog ar
pholla insa champa, saorfar agus leigheasfar sinne lenár súile a chaith-
eamh ar an Té sion nar chomhartha air an t-athar ní práis úd, as é sin
Íosa Críost mac Dé agus mac Mhuire, ardaithe agus tairneáltha ar
chruis. Oir 'niseann sé féin dhúinn gur comhartha air fhéin an t-athar
ní úd, ag labhairt le Nicodemus, uasal Iúdéach a thánaig go príobháid-
each istoíche chuige ag lorg teagasc air. Adúirt sé, "Fé mar do ardaig
Maois suas an athar ní insa bhfásach chun go leigheasfaí go aoinne a
cealgag leis na athrach<a> ní tintí, amhla sion ní foláir Mac an Duine do
ardú suas chun ná caillfí aoinne a chreideann ann, ach go mbeach an
bheatha shíoraí aige. Oir a ghráig Dia an domhan chón mór sin gur
thug sé a aon-mhac fhéin suas chun báis ar son an domhain chun go
mbeach an bheatha shíoraí ags go aoinne a chreideann ann."



Hen í, mar sion, an leigheas atá agadsa, agamsa agus agus go aon
161 Chrío<s>taí eile a shaor<f>aig agus a leigheasfaig sinn uadhs go
aon ghuin, cealg agus gortadh a dhéanaid na saídithe ní tintí a lámhann
an deamhan linn, nó na tiomtáisiúin a thagann orainn uadh am go am.
Caithimís ár súile ar Chríost tairneáltha ar chruis mar gheall orainn,
agus ní baol dúinn. Más boichtineacht a ghuilleann orainn, cad é an
tábhacht í i gcomórtas dá bhoichtineacht súd, fuar lomnochtaithe ag
crochadh ar chruis. Más breoiteacht nó droch-shláinte a chuireann pian
orainn, cad é an tábhacht í i gcomórtas don phian a bhí air sin, do
dhruim go aon chnámh dá cholainn a bheith as ionad agus go aon
fhéith agus lútha ina chorp a bheith briste. Más brón croí nó buaireamh
aigne a ghuilleann orainn, ní tábhacht í seachas an brón mairtheach
a bhí ar a chroí súd an tráth a liúig sé go truamhéileach ar a Athair, ag
rá, "Mo Dhia, Ó mo Dhia, canathaobh gur thréigis mé?" Más spíde
nó tarcuisne a fuaramar gan chúis a chuireann doshástacht orainn
cuimhnímís ar an spíde, ar an tarcuisne agus an neamh-a<i>this a fuair
se sion uadh an scata mallaithe úd a bhí ag seasamh ag bun a chruise,
ag scíg, ag magadh agus ag gáirí fé<na ?> phianta, ag rá, "Do fhóir
sé ar dhaoine eile, agus anis ní féidir dho fhóirthean air fhéin. Do shaor
sé daoine eile uadh bhás: canathaobh ná saorann sé é féin anis uaithe?
Adúirt sé gurb é Mac Dé é: más é Dia a Athair, saorach sé anis é uadh
n-ár lámha-na! A Chríost, a Mhic Dé, tar anuas don chruis agus
creidfeam ionad."



Ins go aon bhuairt, mar sion, ins go aon bhrón, ainnise, anacra agus
tiomtáisiún a thagann agus nách foláir a theacht orainn, caithimís i
gcónaí ár súile ar Íosa Críost céasta ar an gcruis agus sca<i>pfid dínn,
mar a sca<i>peann an ceo.



6. Adéis go aon trioblóid, crá agus céasadh do fhuilig an fear ró-naofa
úd, Maois, uadh an bpobal asumhal annrianta úd a shaor sé uadh an
Égypt agus a sheol sé ar feag dá fhichid blian tríd an bhfásach, a bhí


L. 131


aon chrá agus chéasadh amháin eile le gabháil tríd aige chun go mbeach
sé lán-oiriúnach ar sheilbh a ghlacadh i nglóire Dé. Oir uadh thúis
domhain a bhí sé achtaithe uadh bhéal Dé gur tré a lán trioblóidí a
gheobhaig aoinne dol isteach go ríocht na bhflaitheas. Uadh chaith an
fear naofa úd droch-úsáid do fhulang 162 uadh phobal Dé, ní aon
ionadh gur fhuilig sé droch-úsáid uadh phobal an deamhain.
Num.22. A bhí an pobal Abhra i gcampa ar theorainn dhútha
chlainne Moab, náisiún a shíolthaig uadh Moab mac Lot,
a bhí aige lena iníon fhéin an tráth a saorag é uadh loscadh Sodom agus
Gomorrah, amhail a 'niseas roimhe seo dhíbh. A ghlac an rí a bhí ar
an gcine sin eagla roimh iomadúlacht an phobail Abhra, ag meas go
ndéanfaidís cúncas ar a dhútha fhéin. A bhí fáig nar budh ainm dho
Balam i dtír Madian, dútha a bhí leastiar do dhútha Moab. Fáig
fírinneach a budh ea é, cé go raibh sé saintiúil. A chuir an rí teachtairí
onórach chuige le tabharaistí ana-shaibhir a' iarraig air teacht agus a
mhallacht a thabhairt don phobal. Adúirt Dia leis gan baint le imeacht
leo, do bhrí gur bheannaig sé fhéin an pobal sion. Ar an abhar sion a
dhiúlthaig Balam dul leo. A chur an rí arís teachtairí ní budh onóraí
agus tabharaistí ní budh shaibhrí chuige. Agus adéis sórd cead a fháil
uadh Dhia a ghluais sé leo. Ar a shlí dho a chonairc an t-asal ar na raibh
sé ar marcaíocht aingeal le claíomh tarrainte insa bhóthar roimpe
agus a rith sí i leath-thaoibh. A chrom sé ar í a bhataráil agus a thit
sí féna chosa, agus le leonú Dé a labhair sí le guth daonna ag gearán
ar an droch-úsáid a thug an máistir di. A fua<i>r Balam ansion radharc
ar an aingeal agus adúirt go gcasfach abhaile munar mhaith leis an
aingeal é a dhul le teachtairí an rí. "Eirig leo," arsa an t-aingeal.
"Áfaig ar do bhás ná abair aon fhocal ach na focail <a ?> chuirfig Dia
id' bhéal."



A ghluais sé leo agus an uair a shrois sé an rí a rug se sion é suas ar
chnoc ard a bhí as cionn champa an phobail Abhra.



Numb.23-24. 7. An tráth a chaith Balam a shúile ar an gcampa, a
chrom sé ar an bpobal a bheannú. "As chun mallacht
a chur ortha a thu<gas>-sa anso thu," arsa'n rí, "agus as amhla atháirse
ag tabhairt beannachta dhóibh." "Nár 'niseas-<s>a dhoit' theachtairí,"
arsa Balam, "ná fiadfainn focal a rá ach fé mar a chuirfeach Dia im'
béal é? Áfaig déin an méid seo: tóg seacht n-olthóir ar an gcnoc so i
gcomhair 163 na maideana amá<i>rig. Cuir corpa reithe agus gamhna
ar go aon olthóir agus déanfadsa iad do íobairt don Tiarna agus budh
fhéidir go sóinseál<f>ach sé an <t->ordú a thug sé dhom."



A dearnag an gnóth sin trí maideana i ndiagh a chéile. Áfaig ní raibh
maith ann. Níor fhiad an fáig mallaithe aon ní a rá leis an bpobal ach
beannacht a thabhairt dhóibh, ag rá, "A chur Balac, rí Moab, fios
oramsa, ag rá, "Tair chúgham agus tabhair mallacht do phobal a thánaig
uadh an Égypt." Cionas a thabharfainn-se mallacht don dram a
bheannaig Dia? Níl aon diablaíocht ná dia bréagach ar measc clainne
Jacob. Éireoig réalthán nua ortha, agus fás<f>aig buinneán uatha a
bheig ina mháistir ar an domhan nó go bhfaighig mo anam bás na


L. 132


bhfíoréan. Tiucfaig i loingeas cogaig dram uadh an Iodáile agus
déanfaid cúncas ar an ndomhan thior agus caillfear iad féin insa deire."



8. Ins na focail seo a rin sé tairngreacht ar theacht ar Slánathóra
agus ar an gcúncas a dhéanfaidís na Rómhánaig ar an domhan, nithe
nár thit amach go ceann chúig chéad blian uadh an lá úd.



Adúirt an rí go míchéatach leis. "A cheapas do thig a líonadh le ór
agus le airgead dá ndéanfá mallacht a thabhairt don phobal so. Áfaig
anis scaoilfig me abhaile folamh thu. Adúirt Balam: "Níl Dia cosúil le
duine, go sóinseál<f>ach sé a aigne. Pé ní adéarfaig sé cólíon<f>aig sé gan
dearmad é. Ach a bhéarfadsa comhairle dhoit cionas a thiucfair ar an
ní atá uait a dhéanamh, mallacht Dé a tharraint ar an bpobal so. Cuir
na óig-mhná as áille agus as uaislí id' náisiún chun an champa sion, agus
meallfaid na feara atá ann chun na áite seo, ciontóig leo agus déanfaig an
dia bréagach so atá agaibhse do adhradh agus tréigfid a nDia fírinneach
fhéin, agus imreoig sé díolthas ortha i bhfad níos measa ná dá mbeinnse
a' tabha<i>rt mallachtaí go brách dhóibh." A ghlac an rí an chomhairle
ard-mhallaithe sin. A mhealladar na mná na feara Abhra chun ciontú
leo agus a gcreideamh a thréigean. Agus a chuir Dia pláig ortha a
mhairbh i mbeagán aimsire ceithre mhíle fichid díobh. Chun an
phláig sion a chosc, a chroch Maois, le ordú Dé, go aon phrionsa uasal
a bhí ciontach insa 164 ghnóth sion.



Num.25. 9. An fhaid agus a bhíodar sion ar chrochadh, agus an
phláig ag marú na ndaoine, a tháinig Zambri, prionsa
threibh Shimeon, le Cozbi iníon an phrionsa budh uaisle agus budh
onóraí ar measc chine Moab, isteach insa champa agus a rug leis í ina
chábán chun ciontú lé. A lean Phineas, mac an ard-shagair<t>, iad,
agus a mhairbh le aon <t>sá amháin dá chlaíomh an péire mallaithe,
agus ansion do stad an phláig uadh an bpobal.



As mar sin a millfí pobal Dé ar fad trí dhroch-chomhairle fháig
mhallaithe muna mbeach gur saorag iad tré dhíogras shagairt bhean-
naithe. "Budh mhór an <t->ádh don phobal úd," arsa Naomh Ambrós,
"a leithéid sin do shagart a bheith eatartha. A bhuaig a bheannacht ar,
agus choisc sí, an díobháil a rin saint agus ampla an mhallathóra Balam
dhóibh. Beig," ar sé, "go deire an tsaoil in Eaglais Chríost sagairt
saintiúil ar nós Bhalam, mar a 'niseann an t-Aspal dhúinn, agus déanfaid
siad díobháil agus ceataí mhór do phobal Dé. Ar an abhar sion as ceart
dhos na Críostaithe guíochain do ghnáth le dúthracht mhór chun Dé,
sagairt naofa a chur chúghtha a chosnóig iad uadhs na meithirí a
thiucfaig chúghtha i gcló chaorach.


L. 133



XXVIII. DEATH OF MOSES



1. Adéis a tharraig an fáig mallaithe úd, Balam, fé mar a 'niseas
roimhe seo dhíbh, tréna dhroch-chomhairle, an pobal Abhra chun an
peaca trom úd a dhéanamh, nar agair Dia ortha tré ceithre mhíle
fichid díobh a mharú le pláig, a chas an mallathóir chun a dhútha
fhéin. Do ordaig Maois don tsagart beannaithe Phineas dhá mhíle
déag saighdiúirí a bhreith leis agus lot a dhéanamh ar an dútha inar
chónaig an mallathóir úd, agus díolthas gan trócaire a imirt ar an gcine
budh chiontach leis an bpláig mairtheach úd a thabhairt ar phobal Dé.



A rin Phineas an gnóth sin go cruinn. A maraíog Balam agus go aon
fhear agus bean a bhí insa dútha, agus níor spárálag ach deich míle
fichid maighdeana a fuarag ina measc, agus a tugag iad chun campa
an phobail Abhra.



Num.32. 2. Ansion do ordaig Dia do Mhaois cromadh ar chúncas
a dhéanamh ar thír na geallúna. A bhuaig 165 sé ar
bheirt rithe comhachtach a bhí ar an dtaobh sion do abhainn Jordan,
agus a roinn sé a ndútha idir dhá threibh go leith don
phobal, treibh Ruben, treibh Gad agus leath threibh
Manasses. A thit amach go raibh easpa uisce ar an bpobal,
agus a chromadar ar a ngnáth-chanrán i gcuinnib Mhaois agus a dhear-
bhráthar. Do ordaig Dia dho a shlat mhíorúileach a bhreith leis ina
láimh, agus an pobal a thógan leis amach as an gcampa go carraig mhór
a bhí leasmuith de, agus ordú don charraig sruthán uisce a bhrúcht<adh>
amach aiste.



A rug sé an pobal leis, agus an uair a bhíodar as cuinne na carraige,
adúirt Maois, "Éistig liom, a dhram mallaithe, atá le dathad blian
asumhal don Tiarna agus ag cur tiomtáisiún air, ná géilleann dá
chomhachta agus ná creideann a fhocail, an dóigh libh gur féidir
dhomhsa lem' fhocal amháin sruthán uisce a thabhairt amach as an
gcarraig seo?" Ansion, le neart paisiún, a bhuail sé lena shlat an
charraig fé dhó, agus gan mhoill ar bith a ghluais abhainn fíoruisce
amach a<i>ste. Adúirt Dia ansion le Maois agus lena dhearbhráthair,
"Do bhrí nár ghéilleabhar dhomhsa agus labhairt leis an gcarraig, in
ionad í a bhualadh, ní chuirfig <sibh ?> cos go brách insa dútha álainn
a gheallas do bhúr sinsear, agus ní sibhse a thabharfaig seilbh don
phobal inte.



Num.27: 18-23. 3. A' lar na bháireach le ordú Dé, a chnósaig Maois
an pobal go léir ar chnoc, agus a chuir sé a dhá
láimh anuas ar cheann Joshua agus a shácráil é chun go mbeach sé ina


L. 134


cheann ar phobal Dé ina ionad fhéin. Ansion a chuir Maois i gcuimhne
don phobal na oibreacha iontach agus na míorúilí móra a rin Dia
chun iad a fhuascladh uadh an Égypt agus ar feag na dá fhichead bliain
a bhí sé dá seoladh tríd an fhásach eaglach úd, nár ghaibh riamh roimhe
sin duine ná daonnaí tríthe. A 'nis sé go cruinn dhóibh cad a bhí le
imeacht ar a sliucht go deire an tsaoil: go dtiucfadh Slánathóir an
domhain chúghtha, go ndiúlthóidís dho, go gcuirfidís chun báis é, agus
do dhruim an pheaca sion go dtiucfach fán, scaipeadh agus díobairt
uadhna ndútha féin ortha, agus go seasóch an fán agus an díobairt sin
nó go ngéillfidís do Chríost agus go ngabhaidís leis mar Dhia; go gcasfaí
ar a ndútha fhéin iad agus go dtiucfach go gairid ina dhiaigh sion lá an
bhreithiú<n>ais gheneráltha agus deire an domhain.



4. A scríobhaig an fear beannaithe na nithe so go léir agus na uile
nithe eile a thit amach 166 uadh chruthnú an domhain go dtí an lá
sion. Agus do órdaig an leabhar a chur isteach in A<i>rc na Conradh nó
insa bhosca óir ina raibh an dá chláir cloiche ar nar scríobhaig Dia lena
láimh fhéin na deith n-athanta. A thug sé ansion a bheannacht don
phobal agus a fuair bás ar an gcnoc in aos a chéad agus fiche blian.
Do rin Dia féin é a adhlacan ar an gcnoc sion, agus ní bhfuair aoinne riamh
amach an uaig inar cuireag é. A ghuil an pobal go géar agus go guirt
as a chionn ar feag deich lá fhichid. Ansion a umhlaíodar do Joshua
agus a ghabhadar leis mar thaoiseach. Oir a líon Dia é le spirid a
ghrása naofa, le eagna agus le neart insa chás gur bhuaig sé ar gach
namhaid agus a thug lán seilbh don phobal Abhra, adéis sé bliana
cogaig, ar an dútha álainn a gheall Dia dhóibh fhéin agus dhá shinsear
rompa.



5. Cé gur chur Dia uadh am go am a lán teachtairí beannaithe agus
fáige naofa chun sliucht an phobail úd, ní raibh ceann díobh a b'fhéidir
a chur i gcomórtas le Maois i gceansacht, in eagna ná i naofacht.
Tráchtaid Aithreacha Naofa na Eaglaise go onórach air agus molaid
go ard é agus admhaid nách féidir aon mholadh a dhéan<f>aidís a bheith
lán-chothromúil don mholadh a thuilleann sé. A thug sé, ar feag a
bheatha, go aon onóir a budh fhéidir dho a thabhairt do Dhia, agus a
rin sé do phobal Dé go aon <t>seirbhís a b'fhéidir dho a dhéanamh
dhóibh, cé ná fuair sé do dhíol uatha ach tarcuisne, droch-úsáid agus
míbhuíochas, agus insa deire a chaill sé an compord a gheobhach sé tré
sheilbh a thabhairt dhóibh ar thír na geallúna. "Ach ná measaimís
agus ná tuigimís ar aon chor," arsa Naomh Augistín, "go ndeachaig a
naofacht, a charthanacht, a cheansacht agus a fhoighne gan lán-díol
a fháil ionta. Níor luáil Dia go deimhin dho cos a chur isteach i dTír
na Geallúna, ach a thug sé seilbh do i dtír míle milliún a b'fhearr ná í
sin, i dtír na mbeo, i ríocht na bhflaitheas órtha. Ní<or> bhudh aon díth
ná díobháil dho gan seilbh a ghlacadh insa dútha úd, as nar díbreag i
gcúrsa aimsire sliucht mallaithe an phobail úd do bhrí gur mhar-
aíodair go aon fháig naofa a chur Dia uadh am go am, agus a chuir


L. 135


barr ar a mallathacht agus a líon suas go bruach tomhas a bpeacaí
167 fhéin agus peacaí <an domhain ?> tré Mac Dé a chur chun báis.



6. Ar chríochnú a mbrón don phobal i dtaobh báis Mhaois, a thánadar
chun Joshua agus a ghealladar a bheith lán-umhal dho. Agus a chrom
Dia ar chlú agus ar chreidiúint a thabhairt go poiblí dho. Do fhágadar
a gcampa ag bun an chnuic úd, ar na bhfuair Maois bás, agus a thánadar
go bruach abhainn Jordan, abhainn mhór dhoimhin leathan. A roinn
Tír na Geallúna uadh an gcuid sin de ar na rinneadar cúncas, agus a
roinneadar <í> idir an dá threibh go leith, Ruben, Gad agus leath
threibh Manasses. Do ordaig Joshua dhóibh an oiread don mhanna a
chnósach agus a dhéanfach lón trí lá dhóibh; go stadfach sí uatha chón
luath agus a chros<f>aidís an abhainn, agus ná beach a thuille gá ac<a>
lé, go bhfuídís tuille agus a ndóchain bíg insa dútha ina rabhadar
ag dul.



Jos.2. 7. A chuir Joshua ansin beirt fhear trasna na abhann ag
ordú dhóibh dul isteach go cathair Jericho, cathair ana-láidir a bhí
déanta tamall isteach insa dútha, í a mheas, agus cúntas cruinn a
thabhairt chuige, agus ar an dram a chónaig inte. A rinneadar sion
agus a stadadar i dtig ósta a chuinnibh bean nar budh ainm di Rahab.
A 'niseag don rí go raibh a leithéid do dhaoine insa tig sin, agus a chuir
sé constáblaí chun beartha ortha. An uair a airig an bhean go raibh na
constáblaithe ag teacht, a rug sí lé na feara agus a chuir i bhfolach fé
chogal lín iad ar bharra an tí. A thánadar na constáblaí agus a fhia-
fhraíodar di, "Cá bhfuilid an bheirt fhear stróinséar<th>a sin a thánaig
chúghaibh inniubh?" "A thánaig," ar sí, "a leithéid chúgham agus
adéis bíg a chaitheamh a imíodar leo fhéin. Leanaig iad agus béarfaig
sibh ortha." A imíodar ar a lorg agus a chuaig sise suas chun na feara
agus adúirt leo: "Atá fhios agam go dtabharfaig Dia an dútha so dhíbhse,
oir níor fhan brí, neart ná croí againn le eagla romhaibh. A chualamair
cionas do shaor Dia sibh uadh an Égypt agus gur oscail sé ród réig
tirim glan dhíbh tré chuirp an Mhuir Rua. Atá fhios againn cad a
rinneabhair go déanach leis an <m>beirt rithe úd a bhí taobh thall don
abhainn, agus a chailleamair ár misneach ar fad. Anis tugaig Dia mar
urra dom - oir níl aon dia eile cóir ná fírinneach ar neamh ná ar thalamh
ach amháin bhur nDia-se - tugaig é sion mar urra dhom go ndéanfaig
sibh trócaire liomsa agus liom' mhuintir 168 fé mar a rinneas-sa libhse.
Agus an uair a thógfar an chathair seo, go spárál<f>aig sibh mise agus
mo mhuintir fé mar a spárálas-sa sibhse agus nár thugas suas sibh don
dram a bhí 'bhúr lorg chun beartha oraibh." "Bíoch," ar siad, "do anam-
sa agus anamnacha do mhuintir ar ár n-anamnacha-sa má shaorann tú
sinn." Ansion a scaoil sí le téad dearg anuas le falla an chathair iad,
agus adúirt leo, "Teithig libh féin chun an chnuic agus fanaig i bhfolach
ann nó go bhfillfid an dram atá 'bhúr lorg." "Cuir," ar siad, "an téad dearg
so ag crochadh as fuinneog do thí, adonn, ar thógan an chathair dúinn,
ná imeóch aon ní ortsa ná ar do mhuintir."



A ghluaisí<o>dar ortha, agus 'déis fanúin ar feag trí lá i bhfolach ins
na sléibhte, a chasadar chun an champa agus a 'niseadar a dtrus do
Joshua agus don phobal, agus a chuireadar ard-mhisneach ortha.


L. 136


8. Ansin a thug Joshua ordú don phobal a bheith ollamh fá chomhair
moch na maidine chun dol trasna na abhann. "Gluaiseoig," ar sé, "na
sagairt amach romhaibh ag iompar A<i>rc na Conradh, agus leanfaig
an pobal iad. Áfaig ciomádaidís leath-mhíle amach uadhs na sagairt."
A dearnag an gnóth sin agus chón luath agus a bhain cosa na sagart le
uisce na abhann do oscail sí as a chéile, a rith an t-uisce a bhí leastíos
dhíobh isteach insa Mhuir Mharbh, agus an t-uisce a bhí leastuas díobh,
a stad sé agus do éirig in áirde ina charnaibh agus ina chnuic. Do
stadadar na sagairt i lár na abhann nó go ndeachaig an pobal go léir
agus a n-airnéis anún cosa tírma tríthe.



Jos.4. 9. Do fhoghlamaig Joshua uadh Mhaois gur ceart buíochas
a bhreith le Dia i dtaobh gach fóirthean a thugann sé orainn,
agus i dtaobh gach fábhar a thiospánann sé dúinn. Ar an abhar sion
do ordaig dhá charraig déag a thógan amach as corp na abhann agus
carn a dhéanamh díobh i bhfuirm olthóra, ar bhruach na abhann, mar
chomhartha seasmhach ar an mór-mhíorúil a rin Dia ar son a phobail;
agus carn eile a dhéanamh i gcorp na abhann insan ionad céann<a>
inar sheasaimh na sagairt a bhí ag iompar an Airc. Atá an dá charn sin
le faicsin fós, agus beid go deire an domhain.



A thánadar na sagairt aníos as an abhainn agus chón luath agus a
chuireadar a gcos ar an bport do rith uisce na abhann 169 ina ghnáth-
chúrsa.



A shocraig an pobal a gcampa an lá sion láimh le cathair Jericho.
A dúnag geataí na cathrach agus ní fhuigheach aoinne dul isteach ná
teacht amach aiste. A bhí seacht fallaí ard daingean láidir tíompall
airthe.



Jos.6. 10. Ansion adúirt Dia le Joshua, "Tugaim an chathair seo,
agus a bhfuil do dhaoine inte, suas do<d>' láimh-se: mairbh
iad go léir ach Rahab agus a muintir, agus ná glacaig chúghaibh piuc
don éadáil ná don substaint atá inte, ach loiscig agus dóthaig é go léir,
agus tugaig lán-léirscrios ar an gcathair insa chás ná beach a rian le fáil.
Téach na sagairt ag iompar A<i>rc na Conradh uair go aon lá ar feag sé
lá tíompall an chathair, agus leanach an pobal féna gcuid airm iad. Ná
labhartar an oiread agus aon fhocal amháin ag déanamh an ghnóth sion.



"Ar an seachtú lá gabhaidís na sagairt agus na saighdiúirí seacht
n-uaire tíompall airthe, agus ar chríochnú an seachtú truis seinidís
na sagairt na trúmpaí, agus cuireach an t-arm go léir liú mór agus
hussá ard astu. Tit<f>ig na fallaí láidir daingean ar leibhéal leis an
dtalamh, agus tógaig an chathair."



A dearnag go cruinn a<n> gnóth sion. A gabhag an chathair, a
maraíog a raibh inte ach Rahab agus a muintir. A rugag iad sion saor
sábháltha go campa an phobail Abhra, agus adéis seachtaine a
ghlacadar creideamh Dé chúghtha, agus as ar shliucht na mná céanna
sion a rugag Slánathóir an domhain. A dóg an chathair: níor fágag
rian tí ná árais inte, agus adúirt Joshua, "As mallaithe i láthair Dé pé
fear a chuirfig go brách chun an chathair seo a thógan suas arís. As
lé bás a chéad mhic a chuirfig sé cloch foundation inte, agus as le


L. 137


bás a mhic dhéanaig a chrochfaig sé suas a geataí" - gnóth a thit
amach go ana-chruinn chúig céad agus bliain agus fiche uadh an am
sion, an uair a chuir fear saibhir - Hiel budh ainm dho - chun an
chathair seo a chur suas. Le linn 'a chéad chloiche a chur inte a fuair
Abiron, a mhac budh shine, bás; agus ar chrochadh na <n>geataí, a
fuair Segub, a mhac budh óige, bás.



11. As amhla sion a thógag, a loiteag agus a leagag an chathair
daingean, láidir úd, ní le neart lámha, ná le fórsa saighdiúirí, ach le
glór na dtrúmpaí beannaithe a sheineadar na sagairt. Agus as ar an
nós céanna a loitear agus a leagtar cathair na ndeamhan i gcroíocha na
gCríostaithe. Budh fhigiúir airthe sin cathair Jericho, oir fé mar a bhí
seacht fallaí láidir, ard, daingean tíompall 170 Jericho, bíonn
tíompall cathair an deamhain in am an pheacaig, seacht falla
láidir, árd agus daingean déanta dos na seacht chinn <de ?> pheacaí
mairtheach: uabhar, saint, drúis, craos, fearg, formad agus leisce.
Agus níl slí eile ar bith chun iad a leagadh anuas, ach le glór na dt<r>úmp-
aí beannaithe, as iad sion, an dea-chomhairle agus an teagasc a thugann
an sagart dhá phobal tréna gcuireann sé misneach orthu a nguth do
ardú suas chun Dé ag lorg cabhartha air. Agus má loirgid a gheobhaid,
agus tiucfaig leo cathair na ndeamhan a lot agus a mhilleadh go brách
ina n-anam.


L. 138



XIX. TAKING OF HAI



Jos.7-8. 1. Adéis a thóg agus a lot Joshua cathair Jericho, a thóg
sé cathair Hai, agus a thit circumstaint nótáltha amach ag
tógain an chathair sin, circumstaint as ceart dúinn go léir a thabhairt
go dian-mhaith fá ndeara. Cathair bheag a budh ea í, agus a 'niseag
do Joshua nár ghá an t-arm go léir a chur chun trioblóid ag dul chun í
a thógan, go ndéanfach a dhó nó trí mhíle fear an gnóth go dian-mhaith.
A chur sé trí mhíle fear chun tabhairt fúithe. A buag, a briseag ortha,
agus a cuireag chun teite go táir iad. A chur an gnóth sion brón agus
lag-mhisneach ar an bpobal go léir. A thánadar sion agus Joshua i
láthair A<i>rc na Conradh, a throscadar ar feag an lae go léir agus do
fhanadar sínte ar a mbéal agus ar a n-aghaidh ag achainí ar Dhia fios
a thabhairt dhóibh cad budh bhun leis an mífhortún sion, agus cana-
thaobh nar tharraig sé an g<n>áth-chúnamh uatha. A thug Dia freagra
ortha, gur thit an gnóth sion amach do dhruim an peaca a rinneadar,
ag baint le cuid do éadáil chatha<i>r Jericho, a coisceag ortha, agus ná
tabharfach sé féin a thuille cabhartha dhóibh, ach go dtréigfeach sé ar
fad iad agus go mbuafach a namhaid i gcónaí ortha, agus go ndéanfaidís
ceo díobh, muna scarfaidís amach asta an duine a bhí ciontach insa
mhallathacht úd, ag glacadh chuige féin cuid don tsluid coiscithe.



2. <Chun ?> an ciontóir úd a dhéanamh amach, a thug Joshua a'
lar na bháireach an dá threibh déag don phobal i láthair A<i>rc na
Conradh, agus a ghuig sé chun Dé ag iarraig air ceaca treibh díobh
sion agus ceaca muintir don treibh sion lenar bhain an fear a bhí
ciontach insa ghnóth mallaithe sin.



A chaitheadar crainn, agus a thit an crann ar threibh Juda. A 171
roinneag an treibh sin ins go aon mhuintir nó family a bhí inte, agus a
thit an crann ar family Zara. A roinneag an family ins go aon fhear a bhí
inte agus a thit an crann ar Achan.



"A mhic ó," arsa Joshua, "tabhair glóire do Dhia agus admhaig cad a
rinnis as an slí." "A pheacaíos go mór i gcuinnibh Dé," arsa Achan,
"agus so a rinneas: ar thógain an chathair dhúinn, a chonarc ar measc an
éadáil brat breá corcara agus dinn óir. A bhailíos liom iad agus a
chuireas i bhfolach iad insa talamh as cuinne mo chábáin. A gheobh-
aigh sibh ann iad." A chuir Joshua feara dá n-iarraig. A rómhradar an
talamh agus a fuaradar go aon ní amhail adúirt Achan.



Ansion a thógadar Achan agus a strus go léir go glan amach uadh an
gcampa. A dhódar a strus, agus a ghabhadar do chlochaibh air fhéin
nó gur mhairbh é, agus a thógadar leacht mór as a chionn atá le faicsin
fós. Agus ag sin mar do iompaíog fearg Dé uadh an bpobal.



3. Adúirt Dia ansion le Joshua, "Ná teipeach do mhisneach ort:
tógfar cathair Hai amhail a ghabhais cathair Jericho, agus uadh an lá


L. 139


so amach luálaim díobh creach gach cathair a thógfaig sibh a chiomád
agaibh féin." A cuireag buíon dé shiar do chathair Hai agus a dearnag
attacking airthe uadh an dtaobh thior agus do leog saighdiúirí Joshua
ortha teitheadh, amhail a rinneadar roimhe sin. A lean locht na
cathrach an fhogh' ortha. Ansion do éirig locht an luíocháin agus
ghabhadar an chathair. A chuireadar tré thine í agus a thánadar le
púir agus le liú aniar i ndiaig ar locht Hai a bhí ag troid go crógha.
Áfaig an tráth a chualadar an liú ina ndiaig a fhéachadar siar agus a
chonacadar an chathair tré thine, a namhaid rompa agus ina ndiaig,
a chailleadar a misneach agus a chuireadar chun teite. Áfaig ní raibh
maith dhóibh an<n>: a maraíog iad go léir, dhá mhíle dhéag do fhear-
aibh crógha.



Agus as amhla sion a leigheasag an ceataí a rin saint Achan do
phobal Dé.



4. "Budh fhigiúir an pobal sin orainne, atá inár gCríostaithe," arsa
Naomh Chryso<s>tom, "agus féach," ar sé, "cad é an díobháil a rin
peaca aon fhir amháin dhóibh súd. Ar an abhar sion as ró-bhaol
dúinne na bhfuilid mórán peacaig eadrainn, as measa agus mallaithe
i bhfad ná an mallathóir úd Achan. Ní raibh aige súd ach cuid suarach
do shluid chathair Jericho, agus atá ualach mór trom do shluid chathair
an deamhain ag a lán againne, peacaí trom mairtheach. 172 Agus
súd as ná faicid súile ndaoine orainn iad, a chíonn Dia agus aingil Dé
orainn iad. Agus cé go mbeimís fhéin saor uatha, as baol go n-agróch
<Dia ?> ora<i>nn iad amhail do agair sé peaca Achan ar an bpobal go léir.
Oir as minic a chaillthear lún tré chionta aoinne amháin."



5. Ar chlos dhos na rithe, prionsaí agus taoisig eile a bhí i dtír
Chanaan an oíde agus an léirscrios a thug Joshua ar chathair Jericho
agus Hai, a chuirníodar a n-arm agus a saighdiúirí go léir chun cur ina
chuinnibh, agus do achtaíodar ná stríocfaidís dho ach go dtroidfidís go
bás ina chuinnibh. Agus aon chathair a láirfeach síocháin nó a ghlac-
fach síocháin uaig, léirscrios a imirt airthe.



Jos.8: 30 et seq. An fhaid as a bhíodar ag cur na rialacha sion ar
bun a chur Joshua i gcríoch an gnóth do ordaig
Maois dho. A rug sé an pobal go léir leis go
gl<e>ann fairsin a bhí idir dhá chnoic, cnoc Hebal agus cnoc Garazim
a n-ainm. A chuir sé leath an phobail ar chnoc Hebal agus an leath
eile ar chnoc Garazim. A thugadar na sagairt A<i>rc na Conradh leo
go lár an ghleanna, a sheasaíodar tíompall airthe, a thógadar amach
aiste an dá chlár cloiche ar nar scríobhaig Dia lena láimh fhéin na deich
n-a<th>anta agus léadar na athanta sion don phobal. Ansion a thuga-
dar amach, le guth glan ard, go aon bheannacht a bhí le fáil uadh Dhia
ags go aoinne a chiomádfach a dhlí, agus go aon mhallacht a bhí le
titim ar go aoinne a bhris<f>each í.



Adúradar ar dtúis, "Bíoch mallacht ar go aoinne a adharfaig aon
dia eile, ach amháin an t-aon Dia a chruith<nig> neamh agus talamh."
A fhreagair an pobal, "Amen." An tarna ceann, "Mallacht ar go aoinne


L. 140


ná tugann onóir dhá athair agus dá mháthair." A fhreagair an pobal,
"Amen." An tríú ceann, "Mallacht ar aoinne a chuirfig dall amú ina
shlí." An ceathrú ceann, "Mallacht ar aoinne a dhéanfaig éagóir ar
stróinséir, ar bhaintrig nó ar dhíleachtaí." An cúigiú ceann, "Mallacht
ar an duine a bhualfaig a chomharsa i bhfeall chun a mhairithe." An
seisiú ceann, "Mallacht ar aoinne a dhéanfaig míbhanúlacht le beith-
íoch, nó le neach gaolmhar dho fhéin." An seachtú ceann, "Mallacht
ar go aon bhreitheamh a ghlac<f>aig breab chun 173 claon-bhreith a
thabhairt." Agus adúirt an pobal "Amen" le go aon mhallacht díobh seo.



Ansion adúradar na sagairt, "Go aoinne ná ciomádann an dlí seo,
beig mallacht air istig agus amuith, ar a chuid, ar a shliucht, go gcuirigh
Dia pláig, gorta agus milleadh air; bíodh a chorp mar bhia ag éanlaithe
an aeir agus ag beithíg na talún. Bualfaig Dia na uile ainnisí spirideál-
tha agus corpar<th>a air. Áfaig an duine a chiomádfaig an dlí seo, beig
beannacht istig agus amuith ar a chuid, ar a shliucht, ar oibreacha a
lámha, ar a chorp agus ar a anam. Fearfaig Dia sonas agus séan air."



Jos.9. 6. Adéis an gnóth úd a dhéanamh, a chuir Joshua é féin agus
a arm i gcóir chun chúncas a dhéanamh ar an gcuid eile do
thír na geallúna. Insa chuirniú úd a rinneadar na rithe agus na
cathracha a cheap ná déan<f>aidís síocháin leis an bpobal Abhra agus
ná glac<f>aidís síocháin uatha, a bhí dram a chónaig i gcathair Gabaon.
A chonacadar sion go glan go ndéanfach an pobal Abhra cúncas ar an
dútha go léir, agus a cheapadar iad fhéin a shaoradh uadh an léirscrios
a bhí le déanamh ar locht na dútha sion i dtaobh a bpeacaí, agus a
aimsíodar slí ana-ghlic chun teacht ar an gnóth sion. A chuireadar na
uaisle agus na cinn a bhí eatora seana-bhróga bristeach agus seana-
éadaithe giobalach ortha fhéin, agus a rugadar leo 'na málaí preabán-
ach bri<o>scaí stálaithe dreoite, agus a thrialladar ar champa an
phobail Abhra agus adúradar gur uadh dhútha a bhí ana-fhada uadh
an áit sin a thánadar a' lorg síochána agus cairideas a shnuímeadh
leis an bpobal Abhra. Adúirt an pobal, "Ní féidir dhúinn síocháin a
dhéanamh ná cairideas a shnuímeadh libh, oir as leis an dútha so a
bhaineann sibh. Oir a thug Dia ordú spisialtha dhúinn gan síocháin ná
cairideas a dhéanamh le muintir na dútha so, ach lán-ár agus léirscrios
a thabhairt ortha mar gheall ar a bpeacaí."



"Féach," ar siad sion, "a chualaig muintir ár ndútha-ne tuairisc ar
na oibreacha iontach a rin Dia chun sibhse a shaoradh uadh an
Égypt; fé mar do oscail sé slí tirim réig dhíbh tré chuirp an Mhuir Rua;
fé mar a thug sé dlí dhíbh agus a bheathaig sé sibh insa bhfásach ar feag
dá fhichid blian le arán 173a a chur uadh neamh go aon mhaidean
chúghaibh. Do airíomair fós cionas do oscail sé abhainn Jordan romh-
aibh agus gur leag sé na fallaí tréan láidir a bhí tíompall cathair
Jericho, insa chás gur ghabhabhair í gan an oiread agus suíd a lámhach lé.
A chualamair na nithe <sin ?> agus go aon éacht mór eile a rin Dia in
bhúr bhfábhar. Ansin adúradar ár rithe agus ár bprionsaí linn,
"Gluaisig oraibh agus déanaig conradh agus cairideas leis an bpobal
sion, oir as pobal iad a bhaineann go spisialtha le Dia féin. A chíonn
sibh," ar siad, "ná bróga preabánach agus na éadaí giobalach so atá


L. 141


orainn. A bhíodar sion slán agus nua ar fhágain ár ndútha dúinn.
Agus atáid anis caite uadh an aistear fada a thugamar. Agus na
bri<o>scaí seo atá anis ina mbrúscar, a chuireamair te friseáltha inár
málaí iad ar fhága<i>n an bhaile dúinn. Iarraimíd oraibh, ar an ábhar
sion, gan ár gcuaird fada a scaoileadh in aistear, ach bhúr gcairideas
a thabhairt dúinn in ainm Dé."



Ansion a ghlac Joshua agus an pobal cuid dá mbia uatha, agus a
thugadar cairideas dhóibh in ainm Dé, gan an gnóth sion a chur i
gcead Dé. I gcionn trí lá eile adéis an cairideas sion a dhéanamh, a
fuair an pobal amach gur insa dútha sin a chónaíodar na daoine sin,
agus ná rabhadar na cathracha inar chónaíodar ach cheithre lá siúil
uadh an gcampa. A chuaig Joshua agus an t-arm go mear ag triall
ortha, agus a cheap an t-arm dearg-ár agus léirscrios a thabhairt ortha
i dtaobh an chealg agus an bob a bhualadar ar phobal Dé. Ach ní
luálfach Joshua sion do bhrí gur tugag Dia mar urra dhóibh go spárálfaí
iad, agus nár cheart ar aon chúinse a' l<e>abhar sion a bhriseadh. Áfaig
do achtaig sé mar phíonós ortha go mbeidís féin agus a sliucht go brách
ina seirbhísig chun go aon obair saothrach a bhain le seirbhís Dé a
dhéanamh. Agus as mar sin do saoradh uadh bhás na daoine a chónaig
ins na cathracha sion, Gabaon, Beroth, Caphira, Cariathiarim, a
n-ainm.



Jos.10. 7. Áfaig ní fada nó go dtánaig contabhairt chón mór lé
ortha uadhna gcomharsain fhéin: an tráth a chualaig
Adonizedec, rí Jerusalem, go rinneadar muintir Gabaon cairideas leis
an bpobal Abhra, a chnósaig sé arm mór agus ceithre rithe eile ana-
chomhachtach chuige agus a thrialladar ar Gabaon agus a chuireadar
siege lé. A 174 chuir locht an chathair teachtairí chun Joshua, ag
iarra<i>g air teacht gan mhoill chun iad a fhuascailt. A thánaig se sion
go mear lena arm agus a thug sé go misniúil fés na cúigear rithe úd
agus a n-arm mór láidir. A thosain an bualadh ar bhreacadh an lae,
agus a briseag ar arm na rithe. A cuireag an teitheadh ortha, oir a
chuir Dia fearthain do chlocha móra troma anuas uadhs na spéartha
ortha, agus a maraíog níos mó dhíobh leis na clocha ná le claíte na
nAbhrach. A lean Joshua an fhogha ortha go tráthnóna, agus an uair
a bhí solas an lae ag teipeadh air, agus an ghrian ag dul fé, do ordaig
sé, in ainm Dé, don ghrian agus don ré stad ina gcúrsa, agus gan mhoill
a stadadar, insa chás go raibh a dhá oiread faid insa lá sion do bhreis
ar aon lá eile a thánaig uadh chruthnú an domhain nó a thiucfaig go
deire an tsaoil.



8. Cuireann agus cuirfig an gnóth sion ionadh mór ar dhaoine go
brách, agus sion go ceart, arsa na Aithreacha Naofa. Oir a budh é ard-
chomhachta Dé amháin a fhiadfach a chur do fhiachaibh ar chréatúirí
gan bheatha, gan réasún, gan tuigsin, mar atá an ghrian agus an ré,
géilleadh gan mhoill don ordú a thug a sheirbhíseach ina ainm dhóibh.
"Budh chomhartha agus budh fhigiúir Joshua ar Íosa Críost," arsa
Naomh Ambrós; "óir fé mar a stop sé súd cúrsa na gréine corpar<th>a
chun solas a thabhairt do phobal Dé, adonn go mbéarfaidís bu<a> ar a


L. 142


namhaid saoltha, amhla sion a stop Críost lena bhás ar an gcruis grian
spirideáltha na fírinne agus an naofacht a bhí ar phointe dul síos agus
an domhan daonna a fhágan go brách múchta agus marbh i ndorch<a>das
an pheacaidh agus an chuirpeacht a bháfach iad go deo i ndorch<ad>as
síoraí Ifrinn. Áfaig ní iad na míorúilí corpar<th>a don tsórd so a
oibríonn Dia i bhfábhar a phobail fhéin, na Críostaithe, ach míorúilí
as fearr i bhfad ná iad, míorúilí spirideáltha a rinneann sé thré impí
agus tré urnaithe na dtaoiseach a cheap sé agus a chur sé ina ionad fhéin
chun seilbh a thabhairt i dtalamh na mbeo, ríocht na bhflaitheas, dhá
phobal. Le comhairle agus le teagasc a shagairt stadann agus múch-
ann sé teas agus solas gréine na n-ainmhian i gcroíocha na gCríostaithe.
"Cad é an sochar do Joshua," arsa an t-easpag beannaithe seo, "gur stop
sé cúrsa na gréine insa spéir agus nár fhiad sé 175 cúrsa na sainte a
stop ar an dtalamh? Do ordaig sé don ghrian gan corraí agus níor
chorraig sí, agus adéise sin níor fhiad sé saint Achan a chosc trénar
ró-dhóbhair milleadh agus léirscrios a theacht ar phobal Dé. A b'í an
stad úd a chuir Joshua ar an ghrian agus ar an ré gluaiseacht ina
<n>gnáth-chúrsa an mhíorúil budh mhó a thit amach insa tSeann-Dlí.
Ach as mó ná sion do mhíorúil an tráth a stadann anam, na raibh na
deamhain dá fuadach chun Ifrinn, ina cúrsa, agus iompaíonn sí ar
Dhia."



9. A lean Joshua don chogadh so ar feag sé bliana, nó gur rin sé cúncas
ar an dútha agus a roinn sé í idir an dá threibh déag a bhí insa phobal,
chón cruinn, chón ceart sion nár fhiad aoinne aca milleán ar bith a fháil
ar an roinneadh a rin sé.



Áfaig do fhág Dia cuid dos na ciníocha do chónaig insa dútha sion
inte chun go smachtóch sé tríotha a phobal féin an tráth a pheacóidís
ina chuinnibh.



Jos:23,24. Adéis a chríochnaig Joshua go aon obair a chur Dia
do chúram air, a bhraith sé go raibh an bás i bhfogas
do. A chnósaig sé chuige an pobal go léir agus ar nós
Mhaoise, a chur sé i gcuimhne go glan cruinn dhóibh na uile nithe a rin
Dia ar a son, uadh an lá nar fhuascail sé iad as sclábhaíocht na Égypte
go dtí an lá inar thug sé seilbh dhóibh insa dútha nar gheall sé dá sinsear
tuille agus cheithre chéad blian roimhe sin. Do iarr sé go dian ortha
gan seirbhís Dé do thréigean go brách. A thugadar sion leabhar
solmanta go ndéanfaidís a chomhairle.



A fuair sé bás in aos a chéad agus deich mbliana. A ghuil an pobal go
géar as a chionn ar feag deich lá fichead, agus ansion do adhlacadar é
go onórach. An fhaid agus a bhí sé ina cheann ar phobal Dé a bhí do
rath air gur chiomád sé saor iad uadh aon Dia bréagach do adhradh,
agus a choisc sé iad uadh aon chanrán nó munabar a dhéanamh i
gcuinnibh Dé. As tré gach comhrac a thug sé i gcuinnibh namhaid Dé,
agus go aon bhua a rug sé ortha, a ránaig leis seilbh a thabhairt don
phobal Abhra i dtír na geallúna. "Ciallaíonn sion," arsa na Aithreacha
Naofa, "gur le comhracadh agus le troid go fearúil i gcuinnibh ár namh-
aid spirideáltha, an diabhal, an saol agus an cholainn, a thiucfaig linne
seilbh a fháil insa dútha a gheall Dia dúinn, ríocht na bhflaitheas.


L. 143


Jud.1. 176. 10. Adéis bhás Joshua a ghaibh treibh Juda, le ordú
Dé, an cogadh a chur chun chinn adonn go ndíoscfaí ar fad
an chuid eile dos na seacht náisiúin mallaithe a bhí insa dútha úd.
A thugadar bualadh do Adonizedec, an rí comhachtach a chónaig i
gcathair Jerusalem; a bhuadar air agus a thógadar a chathair agus a
rinneadar <príosúnach ?> don rí. Agus in ionad é a chur chun báis, as
amhla a ghearradar na méir dá lámha agus dá chosa. Adúirt se sion,
"As le lán-cheart Dé atá an oíde thruamhéileach so dá imirt oramsa, oir
hen í an oíde chéanna a thugas-sa féin ar dheich agus trí fichid rithe
ar nar rugas bua: a ghearras na méir dá lámha agus dá gcosa, agus a
bhídís fé mo chlár ag piucadh suas, ar nós gadhair, an bia briste a
thiteach uadhm' chlár."



As fíor, as ró-fhíor, na focail adúirt ár Slánathóir, go ndeighleál<f>aig
sé le go aoinne againn mar a dheighleálaimíd-ne le cách eile. "Pé
tomhas," ar sé, "a thomhsann sibh amach chun daoine eile, as é an ceann
céanna a tomhasfar arís chúghaibh féin." Agus cé ná titeann sion amach
i gcónaí insa tsaol so, áfaig tit<f>ig sé amach gan dearmad insa tsaol eile.
Oir as ansin a gheobhaig go aoinne againn lán-díol as gach olc nó maith
a rinneamair riamh.


L. 144



XXX. DEATH OF SISERA



1. Adéis a fuair Joshua agus na seann-daoine a mhair lena linn bás,
mar adéarfá i gcúrsa chúig bliana déag adéis a mbáis, a thit an pobal
Abhra in easordú mór, a thiospánann gur mór an sochar do aon náisiún
taoiseach nó ceann maith a bheith ortha a stiúróch i gceart iad agus a
chiomádfach fé smacht oiriúnach iad, agus ná fuil mífhortún níos mó
do dhaoine ná a slí féin a ligean leo. Uadh a bhí an pobal Abhra gan
aon ghobhernéir a bheith ortha ní raibh cosc ná bac ar aoinne, arsa an
Scriptiúir, "pé slí budh mhaith leis a leanúint." Agus dá dheasca sion a
thiteadar ina lán peacaí a tharraig daoirse agus daorsmacht ortha.
Áfaig chón minic agus do éiríodar dá bpeacaí, agus iompaíodar le croí
fírinneach ar Dhia, a chur se sion fuasc<a>l<th>óir chúghtha. Caleb,
Aod agus Samgar budh ainm dhos na trí bhreithimh nó fuascal<th>óirí a
chur sé ar dtús chúghtha.



Jud.4. 2. Ansion a thit riarú nó gobher<n>ment na dútha chun bean,
nar budh ainm Deborah di - gnóth a thiospánann gur mar a chéile i
láimh Dé pé úirlis a thoghann sé chun a chuid oibre a chur chun cinn.
Le linn na mná so a bheith ina 177 ceann ar a' bpobal Abhra, do fhógair
rí comhachtach, mar budh ainm Jabin dho, cogadh ortha, agus a chur
sé Sisera, generáil a airm, le armáil ana-láidir agus naoi gcéad carraí
iarain<n> cogaig, chun dearg-ár a thabhairt ar an bpobal. Áfaig níor
chur sion eagla ná lag-charráiste ar Deborah. A thiospáin sí in am cogaig
an oiread misnig agus a thiospáin sí do eagna roimhe sin in am síochána.
Do ordaig do fhear nar budh ainm dho Barac deich míle fear a bhreith
leis agus comhrac a thabhairt do Sisera agus dá mhór-arm. Adúirt se
sion ná déanfach muna raghach sí fhéin leo. A ghluais sí leo, agus leis
an dorn fear a bhí aici a thug sí bualadh do Sisera agus dá throm-shlua.
A thánaig, le leonú Dé, scanradh agus critheagla ar an t-arm sion, insa
chás gur thugadar Deborah agus Barac dearg-ár orthu, agus a theith
Sisera uadh an gcath. Ar theitheadh dho, tnáite, tuirseach tartmhar
tríd an <bh>fásach, a ghlaoig sé ag cábán Haber, fear a bhí i síocháin
lena mháistir, agus a iarr sé deoch uisce ar Jael, a bh<e>an. "Tar
isteach," ar sise, "atáir tuirseach, cortha, agus glac do shuaineas anso.
Ní baol doit: níl aoinne anso ach mise." A chuaig sé isteach. A thug
deoch bhainne do. A chlúdaig sise é agus a chur é chun suain. An tráth a
bhraith sí go raibh codladh trom air a thóg sí máinléad agus tairne
nó spíce mór iarainn, agus a chiomáin é tréna uiseanna agus a thair-
neáil marbh don talamh é.



A shuig sí ag doras an chábáin agus an uair a chonair<c> sí Barac ag
gabháil thóirste a' lorg Sisera ins go aon áit, adúirt leis, "Tar anso
chúghamsa agus tiospán<f>ad doit an fear atá uait." A thánaig, agus a
thiospáin si dho Sisera tairneáltha marbh don talamh.


L. 145


3. As amhla sion a chríochnaig bean an cogadh a thosnaig bean eile,
agus a thiospánag don domhan gur féidir le Dia in aon tráth nar maith
leis an oiread fuinnimh, fórsa agus misnig a thabhairt do mhnáibh agus
a thugann sé do ghnáth dho fhearaibh chun na gnótha as truime agus as
contabhar<th>aí do riarú mar as cóir. Oir a riaraig Deborah go caoin,
cneasta, ciallmhar an pobal strampálach annrianta cruagh-mhuineálach
úd, 178 a bhain go minic osna trom agus cnead chrua<i>g as croí an
fhir ró-naofa úd, Maois. Agus a bhí sé do ghlóire agus do chreidiúi<n>t
aici gura budh í an chéad bhanrioghain a chur Dia as cionn a phobail
fhéin, agus ní fhiadfach an gaiscíoch budh chrógha ná an rí budh
chiallmhara an pobal sion a riaradh níos fearr ná a rin sise. A budh í a
thoibh amach generáil an airm, a cheap an méid saighdiúirí a bhí
riachtanach, am agus áit an chomhraig, agus a riaraig i gceart go aon
ní eile a bhain leis an gnóth contabhar<th>ach mór sion. Agus Barac,
in ionad glóire an bhua sion a ghlacadh chuige fhéin, as amhla a thug
sé an chreidiúint go léir don bhaintrig naofa so. Oir a mheas sé go ceart
gur budh aingeal í a chur Dia chun cabhrú leis, agus ná beach rath ar
a ghnóth ná ar a dhícheall muna mbeach a comhairle agus a cuideachta
aige.



As ar an abhar sion a thugaid na Aithreacha Naofa fá ndeara ná beig
aon ghnóth insa tsaol ámharach ná socharúil ach an gnóth a thagann
uadh spirid Dé; agus má bhrathfaig fir ar a gcumas agus ar a gcróghacht
fhéin, gur meata agus gur luige iad ná mná; agus an tráth go neartaíonn
Dia iad so, gur misniúla agus gur treise iad ná na fir as calma.



Agus as mair seo a fírinníog na foca<i>l roimh ré adúirt an tAspal
Naomh Pól, na céadta blian ina dhiaigh sin: "Do thoibh" ar sé, "Dia
go minic na daoine as lú ciall do réir meas an tsaoil, chun náire a chur
ar an dram budh mhó ciall, agus a thoibh sé an dram budh luige do
réir meas an tsaoil chun na daoine budh threise a leagadh anuas."



Jud.6: 1-11. 4. A bhí rath, séan agus sonas ar an bpobal Abhra ar
feag na dá fhichid blian a bhí Deborah as a gcionn.
Áfaig adéis bhás na mná naofa sion, uair ná raibh aon rialathóir as a
gcionn a chiomádfach in ordú iad, a chromadar go mear ar a <n>gnáth-
chúrsaí mallaithe a leanúint. Agus a thug Dia mar gheall ar a bpeacaí
iad, ar feag seacht mbliana, fé dhaorsmacht dhos na rithe a bhí as
cionn dútha Madian, agus a rinneadar sion luíthrom chón mór sion
ortha nár fhágadar, ar éigean, bó, capall, caoire, asal, tig ná áras aca.
Agus an tráth a chuiridís gort, agus a bhíoch an t-arbhar in<a> gheamhar,
a thigeach locht Madian lena n-airnéis 179 agus a ithidís agus a
loitidís é go léir. A chaitheadar poill agus caidhséir a dhéanamh dhóibh
fhéin ins na cnuic agus ins <n>a sléibhte chun chónaithe ionta. A thug
méid an donais iad chun a gciall. A chonacadar an t-olc mór a rinn-
eadar tré sheirbhís Dé a thréigean; a iompaíodar ar Dhia le croíocha
brónach fíor-aithríoch, agus a loirgeadar go Dia ar fhóirthean ortha
agus fuascailt a thabhairt dhóibh. A ghlac se sion trua dhóibh agus
a chuir fuasc<a>l<th>óir chúghtha.


L. 146


Jud.6: 11 et seq. 5. A bhí óigfhear, nar budh ainm dho Gideon mac
Joas, ag scothadh go príobháideach cúpla punann
cr<u>inneachta fé chrann dairí. A tháinig aingeal Dé chuige, agus a
bheannaig, ag rá, "Atá an Tiarna maille lead, a thréin-fhir chalma."
"A Mháistir," arsa Gideon, "má atá an Tiarna maille linn, cionas a
ránaig go rugadar na ainnisí troma ró-ghreim daingean orainn? Cá
bhfuil an chomhacht mhór úd a thiospáin sé ag saoradh ár sinsear uadh
an Égypt, agus go bhfuilimíd anis tréigthe ar fad agus snuite amach ag
ár namhaid." "Gluais ort id' neart," arsa an t-aingeal, "agus saorfair an
pobal uadh dhaorsmacht Madian. Bíoch fhios agad go bhfuilimse mar
chabhair agad."



"A Mhaistir," arsa Gideon, "cionas a thiucfaig liomsa an pobal a
shaoradh agus gurb í mo chine-se an cine as boichte agus as suaraí im'
threibh, agus gur mé fhéin an fear as suaraí i dtig mo athar?" "Beig
mise id' fhocha<i>r," arsa an t-aingeal, "agus buafair ar Madian: ní
fhiadfaig seasamh id' chuinnibh níos mó ná 'fhiadfach leanbh." "Iarra<i>m
ort," ar se sion, "fuireach anso go fóill go dtugaidh mé ofráil chun
íobairt a dhéanamh chúghad, agus ansion beig fhios agam gurb é Dia
nó a theachtaire a labhair liom." A imig sé air, a mhairbh agus a bheirbh
mionnán, a thug leis a fheoil agus an t-anraithe agus do láir don
aingeal iad. "Cuir an t-arán agus an fheoil ar an gcarraig," arsa an
t-aingeal, agus doirt an t-anraithe anuas ortha." A rin Gideon amhla
agus a lig an t-aingeal barra slaite a bhí ina láimh ortha, agus gan
mhoill do éirig lasair mhór as an gcarraig agus a loisc sí an íobairt, agus
a imig an t-aingeal as radharc Gideon.



A chrom se sion ar ochlán ag rá, "As danaid dom, a gheobhaig me
bás gan stad; a chonaic mé aingeal Dé." Adúirt Dia leis, 180 "Sío-
cháin lead: ní baol doit an bás."



Jud.6: 25 et seq. 6. An oíche chéanna sion adúirt Dia leis, "Glac
chúghad an dá tharbh atá ag do athair, agus leag
an olthóir úd a rin do athair don dia bréagach Baal; agus gearr an
plantation crann atá tíompall airthe, agus tóg olthóir dhomhsa ar an
gcarraig úd ar na<r> chuiris an ofráil i bhfianaise an aingil. Tabhair
"Síocháin Dé" do ainm airthe. Mairbh an dá tharbh agus loisc a gcuid
feola ar an olthóir le adhmad an ghróibh úd."



An oíche sin a rug Gideon deichniúr fear leis agus a rin go aon ní do
ordaig Dia dho. A bhí eagla air, agus a chúis aige, é 'dhéanamh insa lá,
oir ní ligfeach an dram a chónaig insa bhaile dho a leithéid a dhéanamh.
Ar maidean an ua<i>r a chonacadar olthóir Bhaal ar lár agus an gróbh
gearrtha, a bhíodar ar dearg-bhuile. A fuaradar amach gurbh é Gideon
a rin é, agus thánadar chun tí a athar agus a loirgeadar é a thabhairt
suas dhóibh chun go ndófaidís ina bheathaig é i dtaobh a leithéid
d'oíde 'thabhairt ar olthóir an dia. Adúirt se sion, "Más dia Baal atá
sé ábaltha, gan aon chúnamh uaibhse, an díobháil a rin mo mhac dho
do agairt air. Baineach Baal, má tá sé ábaltha air, sásamh as. Canathaobh
go dtroidfeach sibhse ar a shon?" As amhla sion a saorag
Gideon uatha.


L. 147


7. Múineann sampla an fhir bheannaithe so, a thoibh Dia fhéin chun
a phobail a shaoradh, dhos na uile sagairt gurb é an chéad diúité atá
le déanamh aca, a mbeatha saoltha a chur i gcontabhairt an uair as gá é,
chun a bpuiblíocha a chosc uadh chreideamh fhalsa. Agus an íobairt a
rin sé, budh chomhartha í ar íobairt Íosa Chríoist. Agus an charraig úd
as nar ghluais an lasair a loisc íobairt Gideon, ciallaíonn sí Mac Dé,
Críost, as na gluaiseann tine agus lasair na ngrás a loisceann agus a
dhóthann ainmhiana na colla inár gcroíocha, agus a dhéanann sinn
glan agus taitneamhach i radharc Dé.



8. An uair a thuig Gideon gur thoibh Dia é chun a phobail do
fhuascailt, a chur sé teachtairí chun go aon fhear ina threibh fhéin, treibh
Manasses, agus chun go aon treibh eile a chónaig láimh leo, 'chnósach
chuige. Agus a thánadar go mear ina dtrúpaibh ag triall air, agus a
ghabhadar leis go fonnmhar mar thaoiseach. Agus as mar sin a fuair an
fear úd, a bhí go dtí sion ina dhuine bocht úiríseal, é féin ina gheneráil
ar 181 arm iomadúil láidir. Ach i bhfad uadh a<o>n mhustar a ghlac-
adh, ná aon mhuiní<n> a bheith aige as fhéin, ná as comhachta a arm,
as amhla a chur sé a mhuinín go léir i nDia, agus do umhlaig é fhéin,
mar a taibhseofaí dhúinne, go iomarcach i láthair Dé.



Ar chlos do lucht Madian an éirí amach a rin Gideon agus a threibh,
a chnósaíodar a náisiún agus go aon náisiún a bhí codartha dóibh agus
a chlúdaíodar an dútha lena gcampa. A bhíodar chón iomadúil sin
nárbh fhéidir iad do áireamh.



Jud.6: 36 et seq. 9. Adúirt Gideon le Dia, an tráth a chonairc an
t-armáil namhaideach mór úd, "A Thiarna, más
ní fírinneach gur thoghais mise chun do phobal a shaoradh uadhs na
daoine seo, cuirfigh mé anocht an lomra seo ar urlár mo sciobóil agus
ar maidean, má bhíonn an lomra fliuch agus an t-urlár tirim aithneoigh
mé go cruinn gur tusa a chuir me chun an gnóth sin a dhéanamh."



A thánaig sé ar maidean agus a fuair an t-urlár go léir tirim agus an
lomra fliuch, agus do fháisc aiste lán caláin do dhrúcht.



An oíche a bhí chuige, adúirt sé le Dia, "A Thiarna, iarraim do achainí
ort gan fearg a ghlacadh chúgham má thástálaim arís comhartha mo
lomra. Cuirfead anocht ar an lár í, agus má bhíonn sí tirim ar maidean,
<agus ?> an lár fliuch, ní bheig a<o>n doubhta a thuille agam, ach beig
me lán-deimhneach gur thusa féin a chur me chun do phobal a fhuascailt."
Ar maidean a fuair an lár go léir fliuch, agus an lomra tirim. A' sion
amach a bhí sé lán-tsiúráltha gurbh é Dia a cheap é mar fhuasc<a>l<th>óir
ar a phobal.



10. Adeirid na Aithreacha Naofa gur thiospáin Dia, leis an dá mhíorúil
so, cionas a dheighleálfach sé, insan aimsir a bhí le teacht, leis an
bpobal Abhra agus leis an bpobal Críostúil. Sula dtánaig Críost mac
Dé i gcolainn daonna agus sula bhfuair sé bás ar an gcruis, a bhí
drúcht ghrása Dé ag sileadh ar an bpobal Abhra amháin, amhail agus
a shil an drúcht ar an lomra úd Gideon, agus a bhí go aon chine eile insa


L. 148


domhan tirim scóltha uadh theas agus uadh bhrothall a bpeacaí, fé
mar a bhí an lár úd tirim. Áfaig uadh bhás Chríoist go dtí an lá
inniubh, atá drúcht na ngrás ag sileadh 182 agus a' fearadh ar go aon
náisiún insa domhan, agus atá an pobal Abhra, nó na Giúdaíg, ar nós
an lomra, tirim, gan bhraon don drúcht bheannaithe sin ag sileadh ná
ag fearadh ortha, agus sion do bhrí gur dhiúlthaíodar, agus go ndiúl-
thaíd fós, don <t>Slánathóir trócaireach a thánaig chun iad a shaoradh
uadhna namhaid mairtheach, deamhain Ifrinn.



Cuirid an dá mhíorúil úd i gcéill dúinn nách aon ní eile grása Dé ach
drúcht rathúil a chuireann fás ar dhea-oibreacha inár n-anam agus
nách aon ní eile, gan na grása sion, ár n-anam, ach talamh tirim scóltha
neamhthorthúil, ar nós ithreach ar ná sileann drúcht agus ná fliuchtar
le fearthainn.



Jud:7. 11. Ar bheith do Gideon lán-siúráltha go raibh Dia ag
cabhrú leis, a ghluais sé lena shaighdiúirí, dhá mhíle dhéag
agus fiche, chun bualadh a thabhairt do locht Madian, agus a thánaig
i radharc a gcampa. Adúirt Dia leis, "Atá iomarca fearaibh agad, agus
ní bhuafair ar do namhaid. Agus ar eagla go measfach an pobal, agus
go ndéarfaidís, "as tré ár neart agus ár gcróghacht fhéin a bhuamair ar
ár namhaid," ar an abhar sion fógair go poiblí dhos go aon fhear nua-
phósta agus ar go aon fhear meata, nar theip a mhisneach air, filleadh
abhaile."



Adéis na fógartha sion, a chas dhá mhíle fichid dhíobh abhaile
agus níor fhan aige ach dhá mhíle. "Atá iomarca fós agad," arsa Dia,
"agus beir lead iad chun an tsrutháin atá idir sibhse agus campa locht
Madian; agus go aon fhear a luífig ar a ghlúine chun uisce do ól, fág
i<d'> dhiaigh é, agus beir lead go aoinne a ólfaig uisce as a bhas." Ní
raibh ach trí chéad don tsórd sin agus a scaoileag an chuid eile abhaile.



A rug Gideon an trí chéad sin leis, agus ní raibh arm, píce ná claíomh
ag fear dhíobh, ach trúmpa i lá<i>mh dheas agus crúsca le lampa
i<n>a láimh chlé ag gach nduine aca. Um thráthnóna do déanach a
thánadar i bhfogas do champa Mhadian. Adúirt Dia leis, "Triall id'
aonar ar an gcampa, agus má tá eagla ort dol iod' aonar beir lead do
ghiolla, agus beig fhios go cruinn agad go mbuafair ortha."



A imig sé fhéin agus a ghiolla, agus tíompall meán-oíche a thánadar
chun an chéad chábán don champa agus a airíodar na saighdiúirí a bhí
ann ag comhrá lena chéile. Adúirt fear aca, "As greannúr an taidh-
reamh a 183 dearnag dom uadh chianaibh: a mheasas go bhfeaca císte
min eorna ar ghríosaig an tintáin, agus a phreab sé suas go obann agus
a bhí sé <ag ?> faíoláil anso agus ansúd nó gur bhuail sé ar an gcábán
so. A leag é, agus go aon chábán eile insa champa." "Neosad-sa dhoit
brí an taidhrimh sion," arsa fear eile. "As é an císte <e>orna úd claíomh
Gideon mac Joas. Oir a thug Dia ina láimh dho an campa so agus a
bhfuil ann."



Ar chlos sion do Ghideon, a ghaibh sé buíochas go umhal le Dia, a
chas ar a mhuintir fhéin, agus a roinn sé i dtrí chuideachta iad, céad fear
ins go aon chuideachta, agus adúirt leo, "Déanach go aoinne dhíbh mar
a dhéanfad-sa: seinfead ar an trúmpa agus seineach go aoinne agaibh


L. 149


a thrúmpa. Lasaig bhúr lampaí, bualaig bhúr gcúrsaí i gcuinnibh a
chéile, cuirig hussá asaibh ag rá, "Seo chúghaibh claíomh Dé agus
claíomh Gideon." A chuir sé ansion cuideachta ar thrí thaobh an
champa. A rinneadar amhail a ordaig sé dhóibh. A thánaig anaithe
agus scanradh ar lucht an champa. A chromadar ar theitheadh agus
le neart míorúil a mharaíodar a chéile, agus as mair sin a shaor Dia a
phobal uadhna namhaid.



12. An chéad ní atá le tabhairt fá ndeara insa ghnóth iontach so as
ea, cé go raibh an dá mhíle déag fichid fear úd ollamh agus fonnmhar
chun troda i gcuinnibh namhaid Dé agus namhaid a phobail, áfaig níor
thoil le Dia ach trí chéad díobh a thoghadh chun an ghnótha sion, agus
gur a bhudh iad na trí chéad sion amháin na fir nár imig ar a nglúinibh
chun an t-uisce a ól, ach do ól as a mbas é. Marcálann sion amach gurb
iad fíor-shaighdiúirí Dé iad so ná cuireann suim mhór i gcompoird an
tsaoil so, a ritheann go mear mar uisce na abhann tharainn, agus cé
go ndéanaid úsáid dos na compoird sion ní cheanglaíd a gcroíocha
dhóibh agus ní chaithid ach an oiread díobh agus atá oiriúnach, amhail
nár líonadar na fir úd a mbuilg le uisce, ach a mbéal a fhliuchadh leis.
As fíor ná fuil puinn don tsórd sion le fáil in Eaglais Dé; ach cé gur
beagán iad, tugann Dia neart agus fórsa dhóibh chun bua a bhreith ar
namhaid a' chreidimh.



13. An dara ní nótáltha as ceart a thabhairt fá ndeara as ea an sórd
comhraig 184 iontach lenar bhuaig Gideon agus a shaighdiúirí ar a
namhaid. "Níor chualag roimhe sin, ná uadh shin anuas, a leithéid
de chomhrac corpar<th>a," arsa Naomh Gregory: "daoine gan chlaíomh
gan sciath, gan aon <t>sórd arm acu <do ?> thabhairt féna namhaid;
agus a mhe<a>sfach aoinne do réir nádúra gur díchéille do Gideon cuimh-
neamh ar a leithéid do dhéanamh. Agus féach gur maith a éirig leis:
gur chur sé rua<i>g agus briseadh ar a namhaid, gur bhascadar agus gur
mharaíodar a chéile, gan bhuille chlaímh ná sá píce uaig sin ná uadh
aon fh<e>ar a ghaibh leis; ná rin se sion agus a shaighdiúirí ach a dtrúm-
paí do shéideamh agus a <g>crúscaí a bhriseadh agus a lampaí solasmhar
a thiospáint. Agus cad é an mhistéir nó ciall spirideáltha atá insa ghnóth
sion? An méid so," arsa Naomh Gregory: "a thiospáin Dia an uair sin
nách le fórsa ná le arm corpar<th>a atá bua le breith ag saighdiúirí
Chríoist ar a namhaid, ach le glór a dtrúmpaí, as é sin lena n-urnaithe,
agus lena gcrúscaí a bhriseadh nó lena gcolainn agus ainmhiana na
colla a smachtú go cóir, agus lena lampaí solasmhar, as iad sion a ndea-
oibreacha a thiospáint tré bheatha naofa a chleachtadh." As ar an
abhar sion adeir Críost fhéin linn, "Bíoch bhur lampaí glan solasmhar
chun, ar bhfaicsin do dhaoine bhúr ndea-oibreacha, go dtabharfaidís
glóire do bhúr n-athair atá ar neamh." Má dhéanaimíd sion, beimíd
inár saighdiúirí fírinneach ag Íosa Críost, buafam gan bhaol ar ár
namhaid, agus a gheobham gan dearmad an seód álainn uasal úd a
gheallann sé féin dúinn ins na focail seo: "Don té a bhuafas," arsa Críost,
"a bhéarfaig mise cróin na beatha síoraí."



Go dtugaig Dia sion dúinn. Amen.


L. 150



XXXI. ABIMELEC: DAUGHTER OF JEPHTE, Etc.



1. Adéis a chur Gideon teitheadh ar lucht Madian agus a shaor sé an
pobal Abhra uadh an daorsmacht a bhí dá imirt ortha, a riar sé an pobal
go cóir cneasta ar feag dá fhichid blian. A bhí an pobal chón buíoch
sin de gur láradar rí a dhéanamh <de ?>, ag rá, "Bí-se agus do mhac
agus mac do mhic agus do shliucht go léir in bhúr rithe orainne agus ar
ár sliucht go brách." "Ní bheig," ar sé, "mise ná <mo ?> mhac ná aoinne
dom' shliucht ina rí oraibh, ach as é an Tiarna Dia amháin as rí oraibh."



A fuair sé bás críonna go leor, agus ar bhás dho do fhág sé deichniúr
agus trí fichid mac ina dhia<i>g.



Tamall adéis a bháis, a 185 dhearmad an pobal mallaithe úd an
fhóirthean a rin Dia ortha, agus an fhuascailt a thug sé ortha tré
shaothar Gideon. A thréigeadar creideamh Dé agus a iompaíodar ar
dhéithe bréagach do adhradh agus as ró-olc an cúiteamh a rinneadar
le clainn Gideon.



Jud.9: 1-22. 2. A bhí mac aige nar budh ainm dho Abimelec, le
bean uadh chathair Sichem. Fear a budh <ea ?> é na
raibh droch-chroí glic aige. A chuaig sé chun muintir a mháthar, a
chónaig i gcathair Sichem, agus adúirt go cealgach leo, "As feoil dom'
fheoil sibhse agus as cnámh dom' chnáimh sibh. Labhraig le locht an
chathair se<o> iom' pháirtse, agus cuirig i gcéill dhóibh gur fearr i bhfad
aon duine amháin as gaol dhóibh a bheith ma<r> phrionsa ortha ná
deich feara agus trí fichid stróinséirí a bheith ina máistrí ortha.
Oir atáid clann Gideon ceapaithe ar cheannas na dútha a ghlacadh
chúghtha fhéin, amhail a rin a n-athair."



A rinneadar mar adúirt sé: a mhealladar na daoine chun gabháil leis
mar rí agus a thugadar ana-chuid airgid dho a thógadar amach as
teampall an dé bhréagaig a bhí aca. Leis an airgead sion a ghlac sé i
bpá agus a chnósaig a lán buachaillí díomhaoin, rabálaithe agus droch-
dhaoine eile, agus a thriall sé mar ar chónaig a dhearbhráithreacha
agus a bhain sé an ceann dhíobh go leír ar aon leac amháin, ach do aon
óigfhear amháin, Joatham, a theith leis fhéin. A chas an murderéir
ansion go cathair Sichem. A bhailíodar na daoine go léir chuige agus a
rinneadar féasta mór chun é a shácráil ina rí. Ar bheith dóibh ag
déanamh go sóch a sheasaimh Joatham ar chnoc as a gcuinne anún agus
adúirt sé le guth ard: "A fheara Sichem éistig liom, agus go n-éistig
Dia libhse. A cheapadar na crainn atá insa choill mhór ar chnoc
Lebanon rí a thoghadh dóibh, agus adúradar leis an gcrann olive,
"Bí-se iod' rí orainn." Adúirt sise, "A' dtabharfad-sa suas mo oíle
breá saibhir, a thugann solas ar olthóir Dé, agus atá socharúil do dhaoine,
chun a bheith im' rí oraibh? Go deimhin ní dhéan<f>aigh mé a leithéid."
Ansion adúradar leis an gcrann fíona, "Tair-se agus bí iod' rí orainn."


L. 151


Adúirt sise, "A' bhfágfadsa im' dhia<i>g mo chuid fíona a doirtear amach
in onóir Dé, agus a chuireann meidhir ar chroíocha ndaoine, chun a
bheith im' rí oraibhse? Ní dhéanfad a leithéid." Ansion 186 adúradar
leis an dris, "Bí iod' rí orainn." "Más i ndáríribh ataoi," arsa <an>
dris, "mise a bheith iom' rí oraibh, tigig agus luíg anso fé mo scáth.
Áfaig más ag magadh fútham ataoi, tagach tine amach asamsa agus
loisceach sí sibhse." Agus anis, a fheara, má rinneabhairse ceart le
tig mo atharsa, a chur a n-anam i gcontabhairt <mar ?> gheall oraibh,
agus a shaor sibh uadh dhaorsmacht Mhadian, agus gurb é an díol a
thugabhair do a naoi maca agus trí fichid a mharú ar aon leac amháin
agus an captaín a bhí ar na murdréirí sin a thoghadh mar rí dhíbh
fhéin; má tá sion ceart agus cóir, glacach sibhse inniubh áthas in
Abimelec, agus glacadh se sion áthas ionaibhse. Ach muna bhfuil an
gnóth sion ceart i láthair Dé, go n-agraig Dia an gnóth air-sin agus
oraibhse."



Adéis na bhfocal sion a rá a theith sé leis fhéin as an dútha ar fad.



Jud.9: 22-57. 3. Trí bliana dho Abimelec agus do locht Sichem a
bheith síochánta, caradúil lena chéile nó gur chonairc
Dia oiriúnach eascairideas, fuath agus mi<o>scais a chur eatora. Do
éiríodar chun a chéile agus adéis mórán comhraig a thabhairt dá chéile
do thóg Abimelec an chathair agus a mhairbh gan taise gan trócaire na
uile dhaoine, óg agus críonna, a bhí inte. Tamall ina dhiaigh sion a
chuaig sé chun cathair eile a bhí insa dútha sion a thógain. A bhí
caisleán ana-mhór daingean insa chathair agus a chuaig na daoine go
léir isteach inte. A thánaig Abimelec lena arm chun tine a chur lé, agus
a chaith bean píosa do bhró mhuilinn anuas ar ar cheann agus a briseag
a phlaosc. An tráth a bhraith sé é fhéin gortaithe, a ghlaoig chuige a
ghiolla airm agus adúirt leis, "Tarraig do chlaíomh agus mairbh me
chun ná déarfaí gur láimh mnaoi a mhairbh me." A rin an giolla amhail
do ordaig dho: a mhairbh sé Abimelec. Agus as amhla sion a dhíol
Dia é i dtaobh an uilc a rin sé ar thig a athar, ag marú a dhearbhráith-
reacha go léir, agus a thit air sin, agus ar locht chathair Sichem, an guí
a thug Joatham dhóibh.



Jud.10, 11. 4. A mheas an mallathóir úd, Abimelec, gur dhearmad
Dia a dhroch-ghníomhartha, do bhrí nár agraig láith-
reach air iad. Áfaig cé gur "mall, as díreach díolthas Dé," agus titeann
sé anuas agus milleann ar nós bró mhuilinn, an droch-dhuine an tráth
as lú a bhíonn súil aige lena leithéid do thiubaiste a thitim air.



Adéis bhaís an mhallathóra úd a thit an government chun 187 Thola
agus i ndia<i>g a bháis chun fhear nar budh ainm dho Jair. Ar bhás
dho sion a toghag Jephte chun a bheith ina cheann ar an bpobal. Mac
tabhartha a budh <ea ?> é a bhí ag fear nar budh ainm dho Galaad.
Adéis bhá<i>s a athar, ní thabharfach a dhearbhráithreacha aon chuid
don oidhreacht dho. A chaith sé imeacht uatha agus a thit sé isteach
le cuideachta rabálaithe, agus uadh <budh ?> fhear calma carráistiúil é,
a thoghadar mar chaptaín é. Sealad dho ina bhfochair, an tráth a chur
rí chlainne Ammon cogadh ar an bpobal Abhra agus a bhain díobh cuid


L. 152


mhór dá ndútha, agus a rin luíthrom mór ortha. A cheapadar sion ná
raibh fear a budh fhearr chun iad a fhuascailt ná Jephte. A chuireadar
teachtairí onórach chuige, a' lorg air teacht i gcabhair dhóibh. Adúirt
se sion leo, "Do fhuathabhair, a dhíbreabhair me as mo dhútha fhéin,
agus anis tagann sibh chúgham-sa chun sibh a shaoradh uadh an éagóir
atá clann Ammon dá dhéanamh ora<i>bh le ocht mbliana déag. Áfaig,
má théim-se libh agus má thagann liom sibh a fhuascailt, a' mbead-sa
mar phrionsa oraibh?" "Tugaimíd Dia," ar siad, "mar urra doit go
mbeir." Ansion a ghaibh sé leo agus a chur sé ambasadéirí go rí chlainne
Ammon, ag iarraig air éirí do<n> éagóir a bhí sé ag déanamh ar an bpobal
Abhra, agus síocháin a thabhairt dhóibh. A dhiúlthaig sé sion <go ?>
uaibhreach, borb.



Jud.1: 29-40. 5. Ansion a chorraig Spirid Dé Jephte suas agus a
chnósaig sé arm as a threibh fhéin agus as gach treibh
a bhí cóngarach dhóibh, agus a thug sé aghaidh ar chlainn Ammon.
Áfaig sular thug sé bualadh dhóibh a rin sé an gheallúint sholma<n>ta
so do Dhia: "A Thiarna," ar sé, "má bhuaimse ar na daoine seo geallaim
doit pé neach as mo thig a bhualfaig umum ar fhilleadh dhom, go
ndéanfaig mé é a ofráil mar íobairt loiscithe id' onóir-se."



A thug sé comhrac dhóibh, a bhuaig ortha, agus a bhain díobh na
fiche cathracha a thógadar don phobal Abhra. Ar fhilleadh abhaile
do, do ghluais an t-aon iníon amháin a bhí aige - agus ní raibh aon leanaí
eile aige ach í sin - a ghluais sí le ceoltha ag fáilthiú roimhe. Agus an
uair a chonairc se sion <í ?>, a liúig agus a bhéic agus a chrom ar ghol
agus a stoil sé a chuid éadaig agus adúirt, "Ó, a iníon, cad é seo atá
déanta agad? A thugas-sa 188 a leithéid seo a mhóide agus a
gheallúint do Dhia, agus cad a dhéanfaig mé?" "A Athair," ar sise,
"cólíon do gheallúint do Dhia: ná bac mise, oir atáim lán-shásta, uadh
fhillis-se abhaile adéis bua a bhreith ar do namhaid. Áfaig iarra<i>m
an méid seo ort: c<e>adaig dom dul ar feag dhá mhí, leis an maighdeana
óga so atá im' fhochair, ar na cnuic agus ar na sléibhte chun go gcaoinfig
agus go <n>golfam leo mo bhás."



A thug sé an cead sin di, agus adéis dhá mhí a chas sí chuige agus a rin
sé lé mar a mhóidig sé do Dhia. Agus as sion amach budh nós ag cailíní
óga an phobail Abhra cnósach ar feag ceithre lá go aon bhliain chun gol
agus caoi a dhéanamh ar bhás agus ar oíde thruamhéileach iníon
Jephte. Agus a bhí an nós sion ar bun aca go dtí ceithre bliana déag
agus fiche adéis bháis Chríost, an tráth a chuireadar na Rómhánaig
scaipeadh agus díobairt ortha a sheasóig go trí bliana go leith roimh
dheire an domhain, an tráth a chreidfig i gCríost agus a chas<f>aig Dia
iad chun a ndútha féin.



6. Adeirid na Aithreacha Naofa go léir gur sampla an gheallúint
agus an mhóide obann díchéilleach so a rin Jephte ar an gceataí agus
ar an díobháil a dhéanaid Críostaithe dhóibh fhéin, ag gealladh do Dhia
nithe éagórach nó nithe nách maith a dhéanamh. Peacaíd ar dtúis lena
leithéid sin a gheallúint a thabhairt uatha, agus peacaíd fós le n-í a
chólíonadh. "A<s> fearra do dhuine," arsa Naomh Ambrós, "gan aon


L. 153


gheallúint a thabhairt do Dhia ná ní a ghealladh nách féidir a chólíon-
adh gan a bheith ciontach i bpeaca." Áfaig, cé nách féidir gníomh Jepthe
a cháineadh go iomarcach, ní féidir gníomh a iníne a mholadh go iomar-
cach. Adéis an dá mhí a chaith sí ag gol-chaoineadh a báis, a chas sí
go áiseach chun bás a ghlacadh uadh láimh a athar, agus níor fhiad
deora a comrádaithe, ná eagla an bháis, í a chosc; ach a ghlac sí go
toiltheannach an gnóth a chur riachtanas i bhfórsa airthe, ar chostas an
t-anam a bhaint aiste. Ní luálfach sí dá athair a fhocal a bhriseadh le
Dia, agus amhla sion, do dhruim a umhlachta, do shóinseáil sí an
íobairt úd, a bhí ar dtúis ró-mhallaithe i radharc Dé, chun a bheith ina
íobairt lán-taitneamhach ina láthair. Mhúin sí fós dhos na uile mhaigh-
deana Críostúil géilleadh uadh chroí dá n-aithreacha agus dá máith-
reacha, súd féin agus go mbeach na nithe a loirgid siad sion míréasúnta
nó ciotach dhóibh. Oir 189 <ní ?> dho dhaoine a ghéillid, ach do Dhia
féin i bpearsa na n-uachtarán a chur se sion as a gcionn. Amhla sion
faighid cae ar íobairt ana-thaitneamhach a ofráil do Dhia, íobairt na
umhlachta.



Jud.12. 7. Beagán déis an ghnóth so a chur de, do éirig treibh
Ephraim - a chónaig ar an dtaobh theas do abhainn
Jordan - i gcuinnibh Jephte, agus a chuireadar bruíon gan chúis air.
Treibh uabhaireach láidir a budh <ea> iad, na raibh ana-mhuinín aca
asta fhéin. A thánadar chuige agus adúradar go borb, dána, "A bhith-
iúnaig, canathaobh nár thugais cuire dhúinne cúnamh a thabhairt doit
insa chogadh úd?" "Féach," ar sé, "a bhí achrann mór agamsa agus
ag treibh le rí chlainne Ammon, agus a chuireas-sa teachtairí chúgh-
aibhse, ag glaoch oraibh teacht i gcabhair dom, agus a dhiúlthaís teacht.
Ansion, an tráth a chonairc mise agus mo mhui<n>tir an cruatan ina
rabhamair a ghlac gach fear dínn a anam ina dhorn, a throideamair i
gcuinnibh clanna Ammon agus a thug Dia dhúinn bua a bhreith ortha.
Agus anis cad a rinneas-sa riamh as an tslí oraibh? Cad é an chúis a
thugas-sa, nó aoinne as liom, dhíbhse chun troda liom?" "Atá," ar
siad, "do bhrí gur dram sibhse agus bhúr muintir a bhí 'na sclábhaithe
againne agus do éalaíobhar uainn, agus <a ?> chur chun cónaithe ins
na sléibhte so. Agus anis bainfeam-ne sásamh dhíbh agus tabharfam
fénár smacht arís sibh."



A chnósaig Jephte go mear a shaighdiúirí chuige agus a thugadar
comhrac dho lucht Ephraim agus a chuireadar an teitheadh ortha.
A chur Jephte saighdiúirí ar an áth a bhí idir a dhútha féin agus dútha
Ephraim, agus an uair a thagach fear acu sion chun na átha, a tios-
páintí léas cuirneachta do, agus a fiafhraítí de cad é an ainm atá
airthe sin. Agus adéarfach sé "déas" agus a maraítí gan stad é, oir
do aithnítí gur don treibh sion é, oir budh nós aca "déas" a rá in
ionad "léas." Agus as amhla sion, do dhruim gan aon fhocal amháin
a rá ina cheart, a mharaíog dhá mhíle agus dá fhichid díobh ar an áth
sion. Agus hen é an díol a fuaradar ina <n>droch-mhéin agus ina
ndroch-chaint.


L. 154


Jud.13. 8. Adéis a chaith Jephte sé bliana mar uachtarán ar an
bpobal Abhra, a fuair sé bás. Agus ar feag ocht mbliana
déag adéis a bháis ní thráchtann an Scriptiúir ar aon ní nótál<th>a a thit
amach don phobal, nó gur rugag an tréan-fhear Samson. A thiteadar
na Iúdaig, nó an pobal 190 Abhra - as mar a chéile an dá ainm sion;
ainm aon náisiún amháin as ea iad - a thiteadar ina ngnáth-pheacaí,
a thug Dia suas iad dhos na Philistínig, treibh págánta a chónaig insa
dútha sion. A rinneadar sion ana-luíthrom ortha, ar feag dá fhichead
blian.



A bhí fá an am sion fear Abhra nar budh ainm dho Manoa, do threibh
Dan. A bhí sé i bhfad pósta agus ní raibh aon leanbh aige. Lá áirithe
na raibh a bhean ag obair ina aonar insa pháirc, a thiospáin aingeal
Dé é féin di, agus adúirt lé, "Níl aon <t>sliucht agad, ach ní bheir mar
sin. Glac<f>air id' bhruinn agus béarfair mac. Tabhair ana-aire dhoit
fhéin: ná ól fíon, liún ná aon deoch láidir, agus ná caith aon bhia
coiscithe. Agus ná gearr go brách gruaig an linbh sin. Oir uadh uair
a bhearrtha beig sé naofa don Tiarna, agus saorfaig sé an phobal uadh
smacht na bhPhilistíneach".



Ar chasadh chun an tí di adúirt sí lena fear, "A chnorc aingeal Dé
agus budh eaglach le faicsint é. A fhiafhraíos de cé ar budh é féin, cad
budh ainm dho agus cad as na dtánaig sé, ach ní 'neosfach sé dom. Ach
adúirt a leithéid seo agus súd liom." A bhí doubhta aige as caint a
mhnaoi: a mheas sé gur bréag a ch<e>ap sí mar fholach náire ar an mí-
iompar a rin sí, b'fhéidir, le fear éigin eile, agus a ghuig go dian
dúthrachtach chun Dé radharc a thabhairt dho fhéin ar an neach
úd a chonairc a bhean. Lá nó dhó ina dhiagh sin a thiospáin an t-aingeal
é fhéin airís di. A rith si sion <agus ?> a ghlaoig ar a fear, agus ar
theacht dho adúirt sé, "An tusa a labhair an lá fé dheire leam' bhean?"
"As me," arsa an t-aingeal. "Más ea," arsa Manoa, "cad as toil lead go
ndéanfaimís i dtaobh an linbh úd, an tráth a béarfar é." "Go aon ní,"
arsa an t-Aingeal, "do ordaíos doit' bhean: ná bearraig a ghruaig de
go brách; na ólach sé go brách fíon ná aon deoch láidir; agus ná
baineach sé le aon bhia coiscithe." "Iarraim ort fuireach anso," arsa
Manoa, "go dtugaig mé íoba<i>rt chun a ofrála dhoit." "Ní íos<f>aig
mé do chuid feola, ná do chuid aráin," arsa an t-aingeal; "áfaig más
maith lead íobairt a dhéanamh, déan í chun Dé amháin ar an leac so."
A imig Manoa agus a thug leis meannán agus na nithe eile a bhí riacht-
anach, agus a loisc iad ar an leac mar ofráil do Dhia. Ar éirí don lasair
as an íobairt, a chuaig an t-aingeal in airde airthe agus a imig sé as a
radha<r>c. A chrom Manoa ar lógóireacht, agus adúirt lena mhnaoi,
"Ochón, ochón, a gheobham bás inniubh go cinnte, dho bhrí do bhfaca-
mair 191 aingeal Dé." "Dá <m>budh thoil le Dia sinn a mharú," arsa
an bhean, "ní ghlacfach sé íobairt uainn agus ní 'neosfach sé na nithe
iontach so dhúinn."



Jud.14. 9. I gcionn naoi mí ina dhiagh sion a chuir sí leanbh di
agus a thug Samson, nó "Grian Dé," do ainm air. An tráth
do fhás sé suas chun a bheith ina fhear, adúirt sé lena athair agus lena
mháthair céile do chine na bhPhilistíneach a shláthar dho. A dhiúl-


L. 155


thaíodar sion ar dtúis, ach fé dheire a ghéilleadar dho agus a phósag é.



Lá na raibh sé ag teacht ag féachain a mhná, agus a athair agus a
mháthair in<a ?> chuideachta, a léim leon óg láidir, ar buile le ocras,
amach as an gcoill chun iad do alpadh. A rug Samson greim air, ar a
scórnach, agus a strac as a chéile, amhail a stracfá dreoilín. Tamall ina
dhiaigh sion, an tráth a rin máthair a mhná feasta mór ar phósadh a
inín<e>, a ghaibh Samson an tslí chéanna sion agus a chas sé i leath-
thaoibh ag féachain cad a imig a<r> chorp an leoin. Agus a fuair sé gur
luig satha beach ina bhéal agus gur líonadar í do chíortha meala. Do
ith sé cuid de agus a thug an chuid eile dhá athair agus dhá mháthair
a bhí in aonfheacht leis. An tráth a thánaig sé chun tig athar a chéile,
a fuair sé cóisire mór cuirnithe roimhe agus féasta álainn déanta in'
onóir, agus deich n-uaisle fichid dos na Philistínig chun a bheith ina
gcomrádaithe aige ar feag seachtaine.



Ar chaitheamh an fhéasta dhóibh, adúirt Samson leo, "A uaisle óg,
atá ceist agam le cur chúghaibh, agus má dhéanann sibh amach í i
gcúrsa na seachtaine a bhéarfaig mise cluith nua éadaig do gach nduine
agaibh; agus muna réifig sibh í, a bhéarfaig gach fear agaibhse cluith
nua éadaig dhomhsa." "As margadh é," ar siad; "cuir chúghainn do
cheist." "A thánaig," arsa Samson, "bia as an alpaire agus mísleán as
an neach láidir." Ar feag trí lá níor fhiadadar an cheist a réiteach.
Ansion adúradar le bean Samson, "Meall do fhear agus faig uaig brí
na ceiste, nó muna ndéanfair dófam tig do athar agus do mháthar agus
tusa agus iad-sion. Oir is chun sinn a chreachadh a thugabhair cuire
dhúinn teacht ar bhúr bpósadh." A chrom sise a<r> bheith ag tathant ar
a fear ciall na ceiste a 'nisint di. Adúirt sé, "Níor 'niseas dhom' athair
ná dhom' mháthair é, agus an dóigh lead go 'neósad doitse é?" Fé
dheire an seachtú lá a chrom sí ar ghol agus ar chaoi, ag rá, "A chím
ná fuil aon ghrá agad dom, ná aon chion agad orm," agus chun 192 í a
chur chun suainis a 'nis sé brí na ceiste dhi, agus a 'nis sise é do
chomrádaithe Samson. A thánadar chuige agus adúradar, "Cad atá chón
láidir le leon agus chón milis le mil?" "Ah!" ar sé, "a chím muna
mbeach gur rinneabhar an iomaire a threabhadh leom' cholain-se ná
déanfach sibh amach brí mo cheist-se."



Do éirig sé ansion agus a chuaig go cathair Ascalon, agus a mhairbh
deichniúr agus fiche óg-uasal Philistíneach agus a thug a n-éadaí dhá
chomrádaithe, agus lán do fhearg a imig sé uadh mhuintir a chéile.
A phós<a>dar sion a bhean le ceann dá chomráduithe.



10. Adeirid na Aithreacha Naofa gur budh fhigiúir an tréan-fhear
Samson ar Íosa Críost ár dTiarna, an fear as tréine ar bith, a thugann
neart, brí agus fórsa dos na uile nithe agus a chiomádann beo iad le brí
a fhocail amháin. Agus fé mar do fhág Samson a chine fhéin ina
dhia<i>g agus a thoibh sé céile a cine phágánach, a chiallaig sion go
dtoghfach Críost céile spirideáltha, as í sin an Eaglais, dho fhéin as na
págánaig, agus go bhfágfach sé an phobal Abhra ina dhia<i>g. A chiallaig
an leon fuilteach buile úd, a mheas Samson do alpadh suas, a chiallaig
sé, adeirim, na Impirí Rómhánach, a chuir ar feag trí chéad blian a


L. 156


mór-chomhachta chun creideamh agus ainm Chríost a scrios amach ar
fad as an saol so. Áfaig a bhris Críost a gcomhachta agus a strac as a
chéile iad amhail a rin Samson leis an leon, agus ina mbéal agus ina
gcraos marbh a luig satha beach, na úird beannaithe sin naoimh
Augistín, Benáid, Dhominic, Phroinsiais agus a lán eile don tsórd,
a rin cíortha meala, a thug bia breá beannaithe dhos na daoine agus a
leanfaig a bheith dá thabhairt dhóibh go deire an domhain.


L. 157



XXXII. DEFEAT OF THE PHILISTINES, Etc.



Jud.15. 1. A 'niseas dhíbh gur imig Samson le fearg mhór uadhna
mhnaoi agus gur pósag í le ceann dos na óig-ua<i>slí
Philistínig a tugag mar chomrádaithe dho ar feag seachtaine a phósadh.
I gcionn tamaill ina dhiaigh <sin ?>, an tráth a chuaig a chuid feirge i
bhfuaire, a thánaig sé dhá féacha<i>n i dtosach an fhómhair, agus an uair
a mheas sé dul dá seomra, a choisc athair a chéile é, ag rá, "A mheasamair
gur fhuathais ar fad í agus gur fhágais go brách í iod' dhia<i>g. Ar an
abhar sion a phósamar í le ceann do<d'> chomrádaithe. Áfaig atá iníon
eile agam as óige agus as dathúla i bhfad ná í, agus glac chúghad mar
bhean í." Adúirt Samson, "Uadh an lá so amach atáimse saor i láthair
193 Dé agus daoine <ins ?> an díobháil a dhéanfad dos na Philistínig;
agus ar feag mo bheatha déanfad dhóibh an oiread díobhála agus a
fhiadfad."



A ghlac sé slí neamh-ghnáthach chun an aigne sin a chur i bhfórsa.
A rug sé ar thrí chéad madraí rua agus a cheanga<i>l earball gach péir'
dhíobh dá chéile. A chuir tóirse ar lasadh idir na earbaill agus a scaoil
sé iad fé ghuirt na bhPhilistíneach, agus a loisceag fómhar na dútha go
léir. A budh iona leis na Philistínig cad budh bhun don díobháil sin,
agus a niseag dhóibh gura budh é Samson a rin é i ndíolthas a mhnaoi
a phósadh le fear eile. In ionad an droch-ghníomh sion a agairt ar
Shamson, as amhla a thánadar agus a dhódar ina mbeathaig athair a
chéile agus a bhean. Níor shásaig sion Samson. As amhla adúirt sé,
"Bainfig mé tuille sásamh asta," agus a thug sé dearg-ár ortha féin agus
ar a n-arm, gan aoinne i gcabhair dho ach é fhéin in' aonar.



A ghluais sé as sion go carraig Etham insa dútha a bhain le treibh
Juda, agus a chuaig se isteach in uaimh a bhí insa charraig sin. Ar
chlos dhos na Philistínig go raibh sé insan áit sin, a thánadar le fórsa
mór go talamh treibh Juda. Adúradar sion leo, "Atá síocháin eadrainn
agus canathaobh go dtagann sibh leis an t-arm mór so isteach inár
ndútha. Atáimíd lán-uirrimeach dhíobh agus díolaimíd cíos agus cáin
go cruinn libh." "Ní chun díth ná díobháil a dhéanamh díbh a thánamar,
ach chun beartha ar an méirleach Samson, a loisc ár gcuid fómhair go
léir agus a mhairbh gan chúis na céadta agus na céadta do ár ndaoine.
Agus tugaig suas dhúinn é ina phríosúnach agus ní bheig a thuille
éileamh againn oraibh."



A ghluais trí mhíle fear do threibh Juda chun an uaimh ina raibh sé,
agus adúradar leis: "Ná fuil fhios agad go bhfuilimíd fé smacht ag na
Philistínig, agus canathaobh gur rinnis-se an díobháil seo dhóibh?"
"Do bhrí," ar se sion, gur rinneadar-sion mo dhíobháil-se." "A thána-
mair" ar siad, "chun do cheangal agus thu a thabhairt suas dóibh."
"Tugaig," ar sé, "Dia mar urra dhom ná déanfaig díobháil dom, agus
fuiliceod-sa me a cheangal agus a thabhairt suas dhóibh." A thugadar


L. 158


an leabhar sion dho. A cheangladar go daingean 194 é le dhá théad
láidir agus a thugadar i láthair na bhPhilistíneach é. A liúdar sion go
ard le áthas. Ar chlos an liú do-sion, a thánaig spirid Dé air, a bhris
sé na téadrach láidir, amhail as gur chordaí lofa bunaig iad. A léim
sé suas ar a chosa. Ní raibh scéith ná éide air, claíomh ná bata ina dhorn.
A chonairc os a chuinne cnámh ghéill asail. A thóg ina láimh é agus a
thug sé go misniúil aghaidh ar arm na bhPhilistíneach agus mhairbh sé
leis an sás suarach comhraig sin deich gcéad díobh. A theith an chuid
eile le scanradh uaig. A chaith sé an chnámh ar an dtalamh agus adúirt,
"Le cnámh ghéill asail a mhairbh mé míle laoch ar an machaire seo: ar
an abhar sion as Machaire an Ghéill a bheig go brách mar ainm ar an
machaire seo."



A thánaig ana-thart air agus adúirt sé le Dia, "A thugais dom, a
Thiarna, bua a bhreith ar mo namhaid agus féach tit<f>ead marbh don
tart ar an bhfód so. Fóir oram, a Thiarna, agus ná tabhair mar shásamh
don dram mallaithe seo, ná creideann i<o>nadsa, a bheith do láthair mo
bháis." Do éist Dia leis, agus uadh chúil-fhiacail an ghiall sion a thug
sé sruthán uisce a mhúch a thart. Agus fanann an tobar sion ann fós
agus as é as ainm di, "Tobar na Fiacaile."



A bhí sé ar feag fiche blian ina bhreitheamh ar Phobal Dé.



2. As mó <ceacht ?> agus as ard-léannta a bhainid na Aithreacha
Naofa as na nithe iontach a thit amach don tréan-ghaiscíoch so, cé go
ndéanaid eiricidí agus locht díchreidimh fonóid agus gáire fútha in
ionad sochar a bhaint asta dá n-anam. Adeir an Pápa ard-léannta ard-
bheannaithe Naomh Gregory gur figiúir an bua a rug Samson ar na
Philistínig, dram ná raibh aon eolas aca ar Dhia ná ar a chreideamh,
agus gan do arm comhraic ina láimh aige ach cnámh ghéill asail, ar an
mbua beannaithe a bhí ag Íosa Críost le breith ar an domhan págánta
agus ar a ndéithe falsa agus ar a gcreideamh mbréagach, agus gan do
arm aige chun sion a dhéanamh ach béal dháréag iascairithe bochta,
tuath<a>láin gan léann gan fhoghlaim gan tabhairt suas ar bith aca.
Agus a bhuadar ar eagna, ar fhoghlaim agus ar léann na ndaoine a fuair
an oideachas saoltha a budh fhearr a bhí riamh ar an dtalamh so. Agus
fé mar a bhrúcht tobar fíor-uisce uadh chúil-fhiacail ghéill an asail,
an tráth a caitheag ar an 195 dtalamh é, amhla sion a ghluais agus a
éirig amach as teagasc na ndaoine mbocht umhal úd adéis a mbáis,
tobar uisce na ngrás a thugann agus a thabharfaig go deire an tsaoil
faoiseamh furtacht beatha agus sláinte do phobal Dé.



Jud.16: 1-3. 3. Adéis an ár mhíorúileach a thug Samson ar a
namhaid, a thugadar sion suaineas ar feag tamaill
dho. Ach budh chomhartha agus budh fhigiúir an fuath agus an namh-
dachas a bh<í> aca chun an fhir sin ar an fhuath agus an namhdachas
atá ages na <deamhain ?> chúghainne agus chun na uile Chríostaithe.
Agus budh chomhartha an cogadh a bhí le seasamh aige sin leis an
gcogadh atá againne le seasamh i gcuinnibh ár namhaid míthrócairech
spirideáltha, atá do ló agus do oíche ar tí ár ndíobhála.


L. 159


A chuireadar lucht bratha ag faire air chun cúntas a thabhairt dhóibh
cá mbíoch sé agus cad a bhíoch aige dá dhéanamh. A thánaig Samson
tráthnóna go cathair Gaza, ceann dos na seacht cathracha móra
a bhain leis na Philistínig, agus a ghlac sé lóistín i dtig ósta. A chuir-
eadar saighdiúirí ar gheata an chathair agus mór-thíompall airthe chun
Samson a mharú ar maidean. A 'niseag an gnóth sion <do ?> i meán
oíche. A éirig sé go tapaig agus a chuaig fé dhéin na <n>geataí. A rug
greim ortha agus do ard<aig ?> leis iad ar a ghualainn go cnoc ard a bhí
i bhfad amach uadh an gcathair, agus níor leomhaig aoinne baint leis
ná stró a chur air. Pointeálann an gníomh sion amach go glan an
gníomh a rin ár Slánathóir Íosa Críost, arsa Naomh Gregory; oir fé
mar a bhí namhaid Shamson do shíor agus do ghnáth ag faire air chun
a mhairthe, a bhíodar na Iúdaig ag faire ar Chríost agus níor éiríodar
de nó gur chuireadar chun báis é. Agus an tráth fhéin na raibh sé marbh
insan uaig, a chuireadar regiment do shaighdiúirí Rómhánach dá fhaire
ar feag trí lá agus trí oíche. Ach a dhúisig sé sion as a chodladh insan
uaig adéis mheánoíche Dé Sathairn, a bhuaig ar chomhachta Ifrinn
agus a rug leis go cnoc ard na bhflaitheas na anamnacha naofa a bhí
fé ghlas daingean i Limbó, agus a oscail sé go fairsin geataí órtha na
bhflaitheas ná dúnfar go brách i gcuinnibh aoinne nar mhaith leis, tré
bheatha naofa a chaitheamh, dul isteach tríotha.



Jud.16: 3-21. 4. As trua ná raibh neart 196 anama Shamson
cófhreagarach dá neart corpar<th>a. É súd a strac na
leoin láidir as a chéile, a threascraíoch na gaiscíg armáltha, a mhilleach
na saighdiúirí crógha gan do arm aige ach cnámh ghéill asail, agus nar
bhudh éadroma geataí na gcathracha ar a ghualainn ná punann tuí ar
ár ndrom-na, a treascrag, a milleag agus a cailleag é le baothacht nó
le grá ban. Drúis a bhuaig insa deire air, agus a rin ceo dá neart go léir.
A thit sé i ngrá le bean Philistíneach nar budh ainm di Dalila, agus a
fuair uaithe goin agus gortú ná<r> fhiad saíod ná claíomh ná sleagh ná
tua na dtréan-fhear a thabhairt dho. An tráth a fuaradar na Philistínig
amach gur ghnáthaig cuideachta na mná sion, a bhreabadar í le mór-
chuid airgid chun fáil amach uaig cad inar luig a neart iontach. Adéis í
a bhréagadh trí nó c<e>athair a uairibh, a chrom sí ar ghol agus ar chaoi,
agus chun í a chur chun suainis a 'ni<s> sé an fhírinne dhi: "Níor
bhuain," ar sé, "rásúr ná si<o>súr riamh leam' cheann, oir uadh bhruinn
mo mháthar a sácrálag don Tiarna me, agus <dá ?> mbearrfaí mo ghruaig
ní bheach do neart ionam ach fé mar atá in aon fhear eile."



A chur sí teachta<i>rí chun prionsaí na bhPhilistíneach teacht, go
bhfuair sí amach go fírinneach cad ina<r> luig a neart, agus nár bhaol
dhóibh, go mbainfeach sí an neart sin de. A thánadar agus a thugadar
di an t-airgead a ghealladar. A chuir sí Samson chun suain, lena cheann
ag luí ar a ucht. A bhí b<e>arbóir ullamh aici agus a ghearr sé go mear
na seacht ciabh bachallach a bhí ar a cheann. A chorraig sí suas
as a chodladh é, ag rá, "Corraig agus croth suas thu fhéin a Shamson,
ag seo chúghad na Philistínig." A shín sé <é> fhéin, do éirig go mear
agus a chuaig féna ndéin insa dóigh go ndéanfach sé leo mar a rin sé
go minic thana. Ach ní raibh fhios aige, arsa an Scriptiúir, gur tharraig


L. 160


Dia a neart uaig. A ghabh<ad>ar go uiriste é, a bhaineadar na súile
as, agus le géibhinn ar a chosa a chuireadar é ag meilt arbhair i muil-
eann ar nós chapaill chaoch.



Jud.16: 22-30. 5. Sealad ansion dho nó gur fhás a ghruaig agus do
fhás a neart lé. Do achtaig na Philistínig lá solmanta
saoire in onóir Dagon, an Dia bréagach 197 a bhí aca. A rinneadar
íobairt mhór a ofráil, ag breith buíochas leis gur thug sé suas dhóibh a
namhaid Samson, agus a chaitheadar féasta ana-mhór i dteampall
Dhagon. A bhí trí mhíle do uaisle na dútha, idir feara agus mná, ag
caitheamh an fhéasta sion. Agus ar líonadh a gcroiceann agus ar <a ?>
lasadh insan ól, níorbh fholáir leo Samson a thabhair<t> ina láthair chun
a mhór-neart do fhoilsiú. Adéis san a dhéanamh i mórán slite, a lig
sé air a bheith cortha, agus a iarr ar an gharsún a bhí dá sheoladh é a
bhreith chun an dá phillóir a bhí ag ciomád suas an teampall adonn go
luífeach sé a dhrom ina gcuinnibh chun beagán suaineas a ghlacadh.
A rug an giolla ann é. A chuir sé a dhá láimh tíompall na <b>pillóirí, a
chrom a cheann, a ghlaoig sé ar Dhia, ag rá, "A Thiarna, fóir oram
agus tabhair dhom arís mo chéad neart adonn go mbainfinn díolthas as
mo namhaid agus go n-agróinn ortha caochadh mo dhá shúil." A chrom
sé a cheann agus adúirt, "Tagach mo bhás oram le bás na bhPhilistín-
each." A chroth sé an dá phillóir, a bhuail i gcuinnibh a chéile iad, a
tharraig sé an tig anuas air fhéin agus ar a raibh ann. Ag fáil bháis,
a thug sé ár ní budh mhó agus budh mheasa ar a namhaid ná rin sé ar
feag a bheatha. A mhairbh sé, mar adéarfainn, le aon bhuille amháin,
scoth agus plúr an náisiúin sion. Agus adeirid na Aithreacha Naofa gur
budh chomhartha an <t->ár úd ar an ár a thug Críost lena bhás ar
chomhachta 'n deamhan.



6. Áfaig ní é sin a' teagasc spisialtha as fonn leo go mbainfeach
Críostaithe as an gnóth so, ach tuigimís, ar siad, cad é chón uirchóideach
agus atá drúis do<n> uile Chríostaí. Baineann sí de an neart spirideáltha
a bhronn Dia air; bearrann sí agus lomann dá anam lomradh na ngrás
agus na uile suáilcí a bhí mar ornáid airthe; baineann sí as a cheann
a dhá shúil spirideáltha, eagna agus tuigsin; cuireann sí é ar nós
chapaill chaoch ag iompó muilinn. Oir bíonn sé ina sclábhaí ag a
ainmhi<a>na corpar<th>a béistiúil: ní loirgeann sé ach iad a shásamh,
agus tré iad a shásamh ní pléisiúr a fhaigheann sé ach breis bróin chroí
agus buaireamh aigne, agus fágtar mar sin 198 é ceangailthe agus
cuibhrithe i ngéibhinn fé shlabhra trom ag an diabhal. Agus hen é
díreach, a dhrúncéir dona, thusa nar chaoch an deamhan chón mór sion
ná faiceann tu an díobháil mhór atáir ag déanamh doit' anam agus doit'
chorp lead' chuid drúncéireacht. Doit' anam, oir mara n-éireoir in am
agus i dtráth don bhéas ró-mhallaithe seo, dúnfair thú féin amach uadh
radharc na glóire. "Ná meallach aoinne sibh," arsa an tAspal Naomh
Pól: "ní ghlacfaig aon drúncéir go brách seilbh i ríocht Dé, ach báfar é
i linn dhíbheirge Dé atá ar dearg-lasadh le tine agus brimstone, agus
éireoig gal a phianta in airde ar feag saol na saol."


L. 161


Atá fhios agam ná creideann tu na focail seo: ná géilleann tu gur fíor
iad. As dóigh lead gur scéaltha fiannaíochta iad, gur ceapadh filí, gur
comhrá díomhaoin sagairt iad chun eagla gan chúis a chur ar dhaoine.
Ach gheobha<i>r amach chun do chostais daor, an tráth a bheig sé ró-
dhéanach, gur focail ró-fhírinneach iad, gur túisce a rachaig neamh
agus talamh agus an chruithníocht go léir i neambrí ná a bréagnófar
iad.



7. Ach súd féin ná déanfach drúncéireacht aon cheataí do dhuine
insa tsaol eile, cuir i gcás ná beach an saol eile ann ar aon chor agus go
bhfaigheann anam an duine bás in aonfheacht lena chorp, budh cheart
dho, más maith leis aon chompord a bheith aige ar feag na beagán
blian atá le caitheamh aige ar an dtalamh so, meisceoireacht a sheach-
aint. Oir lena chuid óil briseann sé a shláinte agus tugann giorrach
saoil dho fhéin; leigheann sé a chuid agus creachann a leanaí. Ní
bhíonn sé ábaltha ar aon ghnóth saoltha a dhéanamh i gceart. A thug
Dia solas na céille nádúrtha dhúinn, chun sinn a stiúradh mar as cóir
inár gcúrsa tríd an saol so. An duine a mhúchann an solas sion, as
cosúil é le long a cuirfí chun fairrge gan aon stiúir airthe: leis an
<g>céad stuirm a éireoch airthe a báfaí gan cheist nó a brisfí i gcuinnibh
na gcarraigreacha í. An duine nar budh éigean dho gabháil i
ndorch<ad>as na oíche tré shlí gharbh chontabharthach lán do phoill
agus do fhaill<th>reacha, agus lampa ar lasadh aige, 199 budh iomadán
beirthe é dá gcuirfeach an lampa sion in éag, agus ní bheach trua ag
aoinne dho dá millfí é tré thitim i bpoll nó le faill. Hen é díreach a
dhéanann an duine a mhúchann a chiall le ól.



8. Atáid súird fiolair ann, nar ab ainm dhóibh vultures: mairid ar
fheoil éanlaithe agus bheithíg a mharaíd. Maraíd go uiriste, agus
sc<i>ubaid leo ina gcrobh, éan, uan, meannán nó aon bheithíoch éadrom.
Áfaig an uair a chuirid chun aon bheithíoch trom, mar atá fia, bó,
capall nó aon bheithíoch mór láidir, a mharú, tuirlicíd ar a cheann,
p<i>ucaid na súile as, tiománaid síos le faill é, maraíd mar sin é agus
ithid a chuid feol<a>. Amhla sin díreach a dhéanann an deamhan leis na
Críostaithe a bhí<onn> láidir i ngrásaibh Dé: caochann sé súile <a n->anam
le drúis, le meisce, le saint, le uabhar, nó le aon droch-ainmhian eile,
agus tiománann roimhe iad nó go dtitid síos le faill an bháis go
Ifreann, ina mbeigh sé dá stolladh ar feag na síoraíochta. Thusa, mar
sin, atá caoch le aon cheann dhos na droch-bhéasa so - le craos, le
drúis, le saint nó le aon duáilce eile - cad atá agad le déanamh? -
Díreach amhail a rin Samson dall: Dia a ghuí uadh chroí do chéad neart
do chasadh arís ort, agus leagfair anuas teampall na ndeamhan id'
anam. Millfear agus marófar iad, agus éireoir fhéin beo, buach agus
mairfir i mbeatha na ngrás insa tsaol so agus i mbeatha na glóire insa
tsaol atá le teacht. Go dtugaig Dia sion dhúinn go léir. Beannacht a
ghuím in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spirid Naoimh. Amen.


L. 162



XXXIII. THE LEVITE'S WIFE, Etc.



Jud.19: 1-21. 1. Tamall adéis bháis Shamson a thit ghnóth an-
deorach amach insa phobal Abhra, trénar cailleag,
nach mór, aon treibh amhaín don phobal úd. A phós cléireach do threibh
Levi bean uadh chathair Bethle<he>m, an chathair ina rugag ár Slánathóir
Íosa Críost, aon chéad déag agus naoi mbliana déag uadh an am úd.
Ní rabhadar i bhfad pósta an uair a éirig míthuigsin eatora, insa chás
gur chuir se sin abhaile chun a athar í. I gceann ceithre mhí ina
dhiaigh sin budh mhaith leis 200 í a thabhairt thar n-ais agus síocháin
a dhéanamh lé. Leis an intinn sin a rug sé leis a bhuachaill agus péir'
asal agus a chuaig ag triall ar athair a chéile. A ghlac go fáiltheach é,
amhail a rin fós a bhean. A chaith sé trí lá ina bhfochair, agus an
ceathrú lá a ghluais air lena bhean. A bhí an lá nách mór caite an tráth
a dhruideadar le cathair Jerusalem. Adúirt an buachaill, "A Mháistir,
atá sé ró-dhéanach chun cur chun a thuille bóthair: fanaimís insa
chathair seo." "Págánaig atá ina gcónaí inte," arsa an máistir, "agus
ní maith liom stad ina leithéid do áit. Atá aimsir ár <n>dóchain againn
baile Gabaa a shroisint, baile ina gcónaíd daoine do ár gcreideamh fhéin."
Ar shroisin an bhaile sin dhóibh a thit an oíche agus do fhanadar i lár
áit an mhargaig, agus níor thug aoinne óstaíocht dhóibh. A ránaig go
raibh sean-duine ag filleadh go déanach uadh a bheith ag obair ar an
dtuaith agus a chonairc sé an cléireach agus a chuideachta ag suí ar
áit an mhargaig. A bheannaig go cneasta dhóibh agus a fhiafraig cad
as dóibh agus canathaobh na rabhadar 'na suí ansion. "Uadh Shliabh
Ephraim as ea sinn," arsa an cléireach, "agus atáimíd ag teacht uadh
chathair Bethle<h>em, agus caithfeam fanúin ar feag na oíche anso fé
an spéir, oir níor thug aoinne cuire dhúinn chun lóistín, cé ná fuil uainn
ach sion, oir atá ár ndóchain lóin againn dúinn fhéin agus do ár mbeithíg."
"Síocháin libh," arsa an sean-duine, "uadh Shliabh Ephraim me fhéin:
tigig liomsa agus a bhéarfad-sa feisteas agus fáilthe dhíbh."



A ghluaiseadar leis. A riaraig sé a n-airnéis agus a ollmhaig suipéar
maith dhóibh.



Jud.19:22 - 20:10. 2. Ar chaitheamh an tsuipéir a chnósaig dram
mallaithe a bhí insa chathair tíompall an tí,
agus ar nós locht Sodom a bhualadar an doras, a loirgeadar an fear
stróinséar<th>a a chur amach chúghtha chun go sásóidís a ndrúis
mínádúrtha leis. A ghaibh an sean-duine amach chúghtha agus adúirt,
"Ná déanaig, a fheara, an gnóth ró-mhallaithe seo. Atá maighdean óg
do iníon agam agus scaoilfead amach chúghaibh í agus déanaig bhúr
dtoil lé. Áfaig ná bainig leis an gcoir ró-mhallaithe seo a dhéanamh
i láthair Dé." Ach ní éireoidís de agus a scaoil an cléireach a bhean
amach chúghtha. A sciubadar leo í agus a bhíodar ag tabhairt droch-


L. 163


úsáid di ar feag na oíche. Ar an láchaint a chas sí chun an tí agus
a thit sí marbh 201 lena dá láimh leata ar an dtairsig. Ar maidin do
oscail an cléireach an doras, a chonairc sé a bhean sínte, a mheas gur
ina codladh a bhí sí, a chorraig suas í agus a fuair gur marbh a bhí sí.
Lán do bhrón agus do fheirg a chur suas ar an t-asal agus a rug abhaile í.
Ansin a rin sé dhá mhír déag nó dhá phíosa déag dá corp agus a chur
píosa chun go aon treibh don phobal, ag rá leo bualadh uime i Maspha,
an áit 'na raibh an Tabernacle agus A<i>rc na Conradh, ina raibh an dá
chlár cloiche ar nar scríobhaig Dia lena láimh fhéin na deich n-athanta.
A chnósaig ann go aon fhear a bhí ins gach treibh, ach na fir a bhain le
treibh Benjamin, oir as lé sin a bhain na mallathóirí gránna úd. Níor
thánadar sion ar aon chor ann. A 'nis an cléireach dhóibh a scéal
brónach agus adúirt, "Tugaig breith ar an gnóth so agus féachaig cad
as ceart a dhéanamh dá dhruim. Adúradar sion, "Ní chas<f>aig aoinne
againn chun a thí fhéin nó go mbainfeam sásamh as an ndram a bhí
ciontach insa choir ró-mhallaithe úd. Oir leis na ceithre chéad bliain
na bhfuilimíd agus ár sinsear i seilbh na dútha so, níor dearnag riamh
inte a leithíd do obair mhallaithe. Toghtar fear as go aon deichniúr,
agus deichniúr as go aon chéad agus míle fear as go aon deich míle,
chun bíg a shláthar dhúinn agus troidfeam gan sos i gcuinnibh an
bhaile mhallaithe úd chun go <m>bainfeam, lán-<t>sásamh amach i
dtaobh an choir ró-ghránnúil a dearnag inte."



Jud.2O: 12 et seq. 3. A chuireadar ansion teachtairi ard-onórach
chun go aon bhaile i dtreibh Bhenjamin, ag lorg ortha
locht Gabaa a thabhairt suas chun bás a imirt ortha fé mar a thuilleadar.
A dhiúlthaíodar sion, agus as amhla a cheapadar cabhair agus cosaint
a thabhairt dos na méirlig úd, agus a chuireadar chúig míle fichid do
fhearaibh togtha crógha chun cabhair a thabhairt do locht Gabaa.
Do achtaig an pobal ansion ná tabharfaidís go brách aon bhean as a
dtreibh féin mar mhnaoi do aon fhear do threibh Benjamin, agus ná
éireoidís don chogadh go gcuirfidís deire leis 202 an treibh sin agus go
dtabharfaidís dearg-ár ar go aon bhaile in a ndútha féin ná cuirfeach
a fir chun an chogaig sin a chur chun cinn.



4. A bhailig ceithre chéad míle fear chúghtha, a thánadar i láthair Dé
ag an Tabernacle agus a loirgeadar air ar cheart an cogadh sin a chur
chun cinn agus cad é an treibh a bheach mar cheann air. A fuaradar
freagra gur cheart an cogadh a chur chun cinn agus go mbeach a riarú
fé threibh Juda.



A thugadar fé chathair Gabaa agus a buag ortha: a mhairbh an ceithre
mhíle agus fiche úd do threibh Benjamin, agus seacht céad do locht
Gabaa, a mharaíodar dhá mhíle fichid don phobal. A' lar na bháireach
a thánadar sion, ag gol agus ag caoi i láthair Dé, agus a fhiafraíodar de
a' racha<i>dís a thuille chun troda i gcuinnibh threibh Benjamin.
Adúirt Dia leo dol. A thugadar arís fútha, agus a mharaíodar sion ocht
míle déag dhíobh insa tarna ghleo. An lá 'na dhiagh sion a thánadar
i láthair Dé arís. A throisceadar go tráthnóna, a ofráladar íobairt


L. 164


chuige agus a fhia<fh>raíodar de a' leanfaidís a thuille don chogadh.
Adúirt Dia leo bualadh a thabhairt amáireach do locht Benjamin agus
go dtabharfach sé féin dhóibh bua a bhreith ortha.



A thugadar bualadh dhóibh: a bhuadar ortha, a mharaíodar chúig
míle fichid agus céad díobh, a thógadar agus a dhódar an chathair,
agus níor chuaig saor uadh an garbh-ghleo sion do threibh Benjamin,
ach ceithre céad fear a theith leo fhéin go carraig mhór a bhí insa
bhfásach. Agus do fhanadar an<n> ar feag ceithre mhí. A ghaibh an
pobal ansion tríd an chuid eile don dútha a bhain le treibh Benjamin,
agus níor fhágadar duine ná daonnaí ná beithíoch gan marú, tig áras baile
ná cathair gan loscadh inte. Agus hen é an <t->ár agus an léirscrios a
tharraigeadar ortha féin i dtaobh cabhair agus cosaint do thabhairt do
scata mallathóirí.



5. Tugaimís fá ndeara an díogras bheannaithe a bhí i gcroíocha na
ndaoine seo, ná fuiligeóch an easonóir agus an tarcuisne a tugag dho
staid bheannaithe an phósadh, staid a chur Dia féin ar bun i ngairdín
Pharathais idir Adam agus Éabha an tráth a bhíodar chón glan uadh
pheacadh agus atáid aingil na glóire; agus cad é an díolthas eaglach a
imríog ar an treibh úd a mheas an dram a bhí ciontach 203 insa
tarcuisne sin a chosaint, nár fágag don treibh sin duine ná daonnaí
'na mbeathaig ach aon sé chéad amháin fear. Áfaig atá teagasc eile
níos mó tábhacht againn le baint as an ghnóth so: níor cuireag riamh
cogadh ar bun ní budh chirte agus ní budh bheannaithe ná an cogadh
úd. Oir budh le cead agus le ordú Dé féin a cuireag ar bun é. A bhí a
sé oiread déag saighdiúirí ag an dram na raibh an chúis cheart aca agus
a bhí ag dram na éagóra, agus adéise sin a bhuadar so fé dhó ortha.
Tiospánann sion nách do dhruim cúise cirt ná le neart arm a beirtear
bua in aon chogadh ar bith, ach amháin le toil agus le riarú Dé, go
ligeann sé go minic droch-dhaoine a dhul chun cinn agus an láimh
uachtarach a fháil ar dheigh-dhaoine, agus as dá chur sion i gcéill
dhúinn adúirt ár Slánathóir lena Aspail, agus ina bpearsa sion leis
go aon Chríostaí, na focail nótál<th>a so: Lc.21: 19. In patientia
vestra possidebitis animas vestras: "As le foighne," ar
sé, "a shábhál<f>aig sibh bhúr an-namnacha." Insa go
aon chomhrac spirideáltha atá againn le tabhairt i gcuinnibh namhaid
ár n-anama, súd as go rachadh an lá go minic inár gcuinnibh, ná
cuireach sion aon mhímhisneach orainn, ná stríocaimís dho, ach
tro<i>dimís go buan agus go fearúil 'na chuinnibh, agus insa deire a
bhéarfam bua air. "Oir as é an té a sheasóig buan go bás a gheobhaig
cróin na beatha síoraí," arsa Íosa Críost.



Jud.21. 6. An uair a chonairc na daoine úd an léirscrios agus an
<t->ár a thugadar ar threibh Benjamin, a ghlac ana-aith-
reachas iad. Adúradar go brónach, "Atá ciorrú mór déanta againn ar
phobal Dé: atá aon treibh amháin gearrtha amach go brách eadrainn:
níl ach sé chéad fear don treibh sin ina mbeathaig, agus a gheobhaig siad
sion bás gan sliucht, oir a mhóidíomair i láthair an Tiarna nách
<bh>faigheach aon fhear don treibh go brách bean le pósadh a bhain le


L. 165


aon treibh eadrainne. Féachaimís cionas as féidir an lot so a leigheas."
A loirgeadar ansion a' raibh aon bhaile ina ndútha nár chuir a bhfir
chun cúnú leo insa chogadh úd agus a fuaradar go raibh aon bhaile
amháin don tsórd sion, agus a chuireadar deich míle fear chun léirscrios
a thabhairt ar an mbaile úd. 204 Oir do achtaíodar i dtosach an
chogaig go dtabharfaidís oíde don tsórd sion ar aon <bhaile ?> do
tharracóch siar uadh an gcogadh. A ghabhadar an baile <agus ?> a
mharaíodar a raibh do dhaoine inte ach cheithre chéad óig-mhná a
fuarag ina maighdeana ann. A thugadar iad sion mar mhná do cheithre
chéad dhos na fearaibh úd a theith go dtí an charraig. Áfaig ní raibh
fhios aca cionas a shláthróidís mná don dá chéad eile. Fé dheire a
chuimhníodar go mbeach pátrún agus cóthlán mór sula fada i gcathair
Shilo, agus adúradar leis na fearaibh, "Téig i bhfolach ins na gairdíní
atá tíompall an chathair, agus um thráthnóna, an uair a ghluais<f>ig
na mná óga amach chun rince, beireach go aoinne agaibh <ar ?> chailín
agus fuadaíg libh í. Tiucfaig a n-aithreach<a> 'bhúr ngearán linne agus
geobham-ne bhúr leathscéal leo."



A rinneag <an ?> chomhairle sin leo agus a thánaig aithreacha na
gcailíní ag lorg ar an bpobal sásamh a bhaint amach i dtaobh fuadach a
n-iníonacha uatha, agus adúirt an pobal leo, "As ceart a rinneadar an
beart sion oraibh: a loirgeadar bhúr n-iníonacha le pósadh agus ní
thabharfach sibhse dhóibh iad. Agus as a chionn sin, as le fíor-riacht-
anas agus ní le aon bhlagárdáil a rinneadar an gnóth sion. Oir ní raibh
aon aidhm eile aca ach chun ná rachach an treibh sin do phobal Dé
in éag."



Fá an am sion, arsa an Scriptiúir, ní raibh rí ná uachtarán as cionn
a' phobail Abhra a chiomádfach fé smacht iad. A bhí cead ags go aoinne
déanamh mar budh mhaith leis.



7. A thiospáin Dia, arsa Naomh Gregory, tré an chúram a ghlac na
daoine seo chun ná caillfí aon treibh amháin, cé gur threibh mallaithe í,
as pobal Dé, cionas as ceart do Chríostaithe a bheith cúramach agus
imníoch ná caillfí tré eiriceas aon náisiún as pobal Dé, agus gur ceart
dhóibh an uile dhícheall a dhéanamh, ní ea amháin go aon náisiún ach
fós go aon duine fé leith a bhaineann leis an bpobal beannaithe úd a
chiomád inte. "Oir as géaga do aon cholainn amháin spirideáltha, as é
sin do Eaglais Chríost, sinn go léir," arsa an tAspal, agus fé mar a
ghuilleann sé ar cholainn an duine aon cheann dá bhaill a ghearradh
de, guilleann sé ar an Eaglais, agus pianann sé í, aon cheann dá ballaibh
a stracadh nó a bhaint di. As náireach an gnóth go raibh níos mó 205
carthanacht dhá ndearbhráithreacha ag an dram úd, ag ná raibh ach
eolas fíor-bheag ar charthanacht Chríoist, ná atá againne ag na bhfuil
fhios go dian-mhaith gur ghráig Críost chón mór sion go aoinne eadrainn
gur fhuilig sé bás pianmhar le lán-toil a chroí chun go aoinne againn do
shaoradh uadh bhás shíoraí. Ar an abhar sion, guilleach a n-ochlán
spirideáltha orainn, déanaimís dícheall lenár n-urnaithe agus lenár
ndeigh-shampla ná caillfí aoinne acu: fóirimís insa go aon tslí as féidir
dhúinn ortha.


L. 166


Ruth.1. 8. I ndeire na aimsire úd i ná raibh aon bhreitheamh ag
stiúradh pobail Dé, a thit gnóth amach do lánúin bhocht,
agus cé go dtaibhseoch dhúinn gur ghnóth suarach é, áfaig budh thoil
leis an Spirid Naomh aon leabhar amháin don Scriptiúir a scríobhadh
air.



A thánaig gorta mór ar an dútha. A ghluais lánú bhocht, Elimelec
agus Noemi a bhean, uadh chathair Bhethle<he>m i dtír Juda ag lorg a
gcoda go dútha Moab. Do fhanadar tamall maith ann agus a fuair an
fear bás agus do fhág beirt mhac ina dhia<i>g. I gcúrsa na aimsire a
phósadar beirt bhan don dútha sion, agus deich mbliana ina dhiaigh
sion a fuaradar araon bás agus fágag Noemi go dealbh brónach, gan
fhear, gan mhac. A shrois scéaltha í, gur fhóir Dia ar a phobal agus gur
thóg sé an gorta dá ndútha. A chur sí chun casadh abhaile agus a
chuaig mná a mic dá <t>iúnlacan. Ar shroisint teora a ndútha féin
adúirt sí leo, "Fillig abhaile a iníonacha ó, chun tithe bhúr n-athar, agus
go gcúitíg Dia sibh i dtaobh an charthanacht a thiospánabhair dhomsa
agus dhos na mairbh. Go gcuirig sé rath agus séan oraibh i dtithe na
bhfearaibh a bhéarfaig sé dhíbh in ionad mo bheirt mhac-sa." A chrom-
adar ar ghol, agus phógadar agus a dhiúgadar í ag rá, "Rachaimíd lead
chun do dhaoine féin." "Ná déanaig, a iníonacha," ar sí: "a luig Dia
láimh throm oram: atáim ró-dhealbh agus as mó do ghuillfeach bhúr
ndealbhas oram ná mo dhealbhas fhéin." A phóg sí arís iad; a ghuil-
eadar a ndóchain agus do imig sí uatha. A lean ceann aca í, nar budh
ainm di Ruth. Adúirt Noemi lé, "A chas do sh<i>úr abhaile ar a daoine
agus ar a dútha féin, agus fill-se, a iníon í, lé." "Ná cuir a thuille iom'
chuinnibh," arsa Ruth: "ná meas go scarfad lead as <s>o amach: pé áit
ina gcónóig tusa, as ann 206 a chónóig mise; do chine-se, as iad mo
chine-se; do Dhia-se, as é mo Dhia-se; agus pé uaig ina <g>cuirfear thusa
as insan uaig céanna sion a adhl<ac>ófar mise."



A ghluaiseadar ortha agus a shroiseadar Bethle<he>m. A chur mná
an bhaile fáilthe roimh Noemi, ag rá, "Dé do bheatha agus do shláinte,
a Noemi." "Ná glaoig "Noemi," as é sion "dathúil," a thuille oramsa,
ach as í mo ainm cheart a<s> so amach "Mara," nó "searbh." Oir a
líon Dia le searbhas me. Do fhágas an áit seo leam' fhear agus leam'
bheirt mhac, agus anis casaim gan fhear gan mhac agam. Do luig Dia
lámh throm oram. Budh thoil leis an Tiarna uile-chomhachtach mé a
bhrú le ainnise."



Ruth 2: 1-20. 9. As i dtosach an fhómhair a chas sí abhaile. A bhí
duine gaolmhar dá fear, Boaz budh ainm do. Fear
saibhir a budh ea é. A bhí uireaspa mór ar Noemi agus ar Ruth: iad
ana-dhealbh. Adúirt Ruth le máthair a céile, "Atá an fómhar ar siúl:
rachaig mé ag bailiú dioscáin agus ag díolam chun cúnamh bíg dúinn."
"Imig lead," arsa Noemi, agus go gcuirig Dia rath ort."



A imig sí lé fhéin. A chrom ar dhíolam insa chéad ghort a bhuail
impe, agus a bhain an gort sion le Boaz. I gceann tamaill a thánaig sé
féin agus a bheannaig dhá mhithil ag rá, "Bíoch an Tiarna maille libh."
Adúradar sion, "Go mbeannaí Dia dhoitse féin." An uair a chonairc


L. 167


sé Ruth adúirt lena stíobhard, "Cé í an cailín sin ag díolam?" "Atá",
ar se sion, "an cailín a tháinig uadh dhútha Moab, a bhí pósta ag mac
Noemi, agus a loirg sí cead oramsa na leása do fhanfach i ndiagh locht
an cheangail a bhailiú. Agus atá sí ansion uadh dhearg-mhaidean gan
an oiread agus a ceann a thógain suas ná féachain anún ná anall."



A chuaig Boaz féna géin agus adúirt, "Éist liom, a chailín: an fhaid
agus a sheasóig an fómhar, ná imig ag díolam in aon ghort eile, ach lean
mo bhuainteoirí-se. Oir a bhéarfadsa ordú do n<a> daoine chun ná
cuirfeach aoinne bac ná cosc ort. Agus má bhíonn ocras nó tart ort,
caith bia agus deoch i bhfochair mo chailíní-se." A umhlaig sise go
talamh do agus adúirt, "Cionas a fuair mé ar aon chor fábhar id' láthairse
agus go bhféachfá oramsa agus go labharfá leam' leithéid-se do stróin-
séir bhocht?" "Féach," ar sé, "a 'niseag dhomhsa cad a rinnis le
máthair do chéile adéis báis do fhir, gur fhágais do ghaoltha, do dhútha
agus do dhéithe féin id' dhiaigh agus go dtánaís chun dútha agus
chun daoine nár budh aithne doit, agus gur chuiris thu féin fé chom-
airc agus fé scáth ár nDia-ne a chúiteoig lead an 207 onóir a thios-
pánais dho." "A Thiarna," ar sí, "a labhairis leam' chroí agus a chuiris
sólás oramsa, nách <fiú ?> me a chur i gcomórtas leis an gcailín as suaraí
ar measc do sheirbhísig." Adúirt sé ansion go príobháideach lena locht
ceangail, doirní don a<r>bhar do fhága<i>n anso agus ansúd chun
dioscáin Ruth a mhéadú. Um thráth<n>óna a scoith sí le slat a dioscáin,
agus a bhí do shaothar an lae sin trí buiséil do arbhar glan aici.



A chas sí chun máthair bhocht a céile agus budh ionadh lésin an
méid arbhair a thug sí lé, agus a fhiafraig sí di, "Cá rabha<i>s, a iníon,
ag díolam inniubh?" "I ngort a leithéid so do dhuine," arsa Ruth,
"agus do ordaig dhom gan dol in aon ghort eile ar feag an fhómhair
agus bia a chaitheamh i bhfochair a mhithle fhéin, arus a thugas
cuid don bhia chughadsa." "Atá beannacht Dé ar an bhfear sion," arsa
Noemi, "agus níor dhearmad sé a thiospáint dos na beoibh an charthan-
acht chéanna a thiospáin sé dhos na mairbh. Gaol dhúinne as ea an
fear sion."



Ruth 3:1 - 4:17. 10. An uair a bhí an fómhar críochnaithe adúirt
Noemi le Ruth, "Sláthród-sa suaineas feasta
arís doit, a iníon. A 'niseas doit gur gaol <mé ?> don duine fhéin,
Boaz. Atá a chuid arbhair buailthe aige, agus codlóig sé anocht le ais an
chairn. Nig agus glan thu féin agus cuir ort do éadach maisiúil. Imig
um thráthnóna agus éirig i bhfolach insa tuí. Ná faiceach aoinne thu.
Tabhair fá ndeara an áit ina rachaig se sion chun codlata, agus an
uair a thit<f>ig a chodladh air, sín thu fhéin ag a chosa, agus 'neosaig sé
dhoit cad atá le déanamh agad."



A rin sí amhla adúrag lé. I lár na oíche, an uair a dhúisig sé as a
chodladh, a bhraith sé bean sínte ag a chosa. A thánaig ana-eagla air,
agus a fhiafhraig sé cé a bhí ansion. "Mise," arsa Ruth, "agus leath do
bhrat oram." "Atá fhios agam," ar sé, "gur bean deigh-iomprach thu,
agus uadh bhás do fhir nár thugais aghaidh ar fhear, bocht ná saibhir.


L. 168


Admhaím gur gaol dhoit' fhear me, ach atá insa bhaile seo fear as goire
gaol dho ná mise. Muna bpósaig se sion thu, glacfadsa chúgham mar
chéile <thu ?>. Leath amach do chlóca ar an dtalamh, oir ní maith liom
do scaoileadh abhaile folamh chun máthair do chéile." A chur sé ansion
sé bhuiséil arbhair insa bhrat, a cheanga<i>l suas é, a chur ar a drom é,
agus adúirt, "Beir chun máthair do chéile é agus ná bíoch fhios ag aoinne
go dtánais anso anocht." A' lar na bháireach a shuig Boaz ag geata an
chathair. Oir chun na áite sion a thagach daoine aosta onórach an
chathair chun réiteach agus ceart a dhéanamh 208 don choitiantacht.
A bhí deichniúr dí<o>bh ina suí i bhfochair Boaz. A chonairc sé an fear
a bhí uaig a' gabháil thórsta. A ghlaoig chuige agus adúirt, "Atá
Noemi, a chas uadh dhútha Moab, chun an talamh úd a bhain le
Elimelec a fear a dhíol amach ar fad, oir níl aon tsliucht ina dhia<i>g.
Agus uadh as thusa an gaol as goire dho, as doitse as ceart é a lár ar
dtúis. Agus muna gceannóir-se é, ceannódsa é."



"Atá go maith," ar sé, "ceannódsa é." Má cheannaíonn tú é," arsa
Boaz, "caithfir Ruth, baintreach a mhic, a ghlacadh chúghad mar
chéile." (Oir budh nós uadh thúis aimsire ar measc an phobail Abhra,
dá bhfuigheach fear bás gan sliucht go bpósach an gaol budh ghoire dho
a bhean, agus ainm an chéad fhir a tugtaí ar an sliucht.) Adúirt se
sion, "Tugaim suas mo cheart chun an talún úd a cheannach, oir ní
maith liom mo ainm fhéin a mhúchadh chun ainm sleachta fhir eile do
a<th>nuacha<i>n. Bronnaim mo cheart agus mo theideal suas ortsa."
"As fínnithe sibhse go léir atá anso do láthair," arsa Boaz, "go bhfuilim-
se inniubh a' glacadh, le toil Noemi, gach ar bhain lena fear agus lena
bheirt mhac." "As fínnithe," ar siad. "Más ea," ar sé, "glacaim fós
Ruth, bean an fhir a cailleag, mar chéile chúgham fhéin, adonn go
mbeach sliucht agam lé a chiomádfach suas ainm agus cine a fir."



Adúirt an pobal go léir, "Bíoch beannacht an Tiarna ort, agus go
ndéanaigh Dia an bhean so chón torthúil le Rachel agus le Lia, as nar
fhás an pobal Abhra."



A ghlac sé chuige í, agus a bhí mac aige lé, nar tugag Obed do ainm
air. Agus budh é an mac sion sean-athair Rí Dáibhí, nar thánaig
Slánathóir an domhain, Críost Mac Dé, ar a shliucht.



11. Adeirid <na Aithreacha ?> Naofa gur pict<i>úir an charthanacht a
thiospáin Boaz do<n> chailín bocht págánta úd - a thoibh sé mar
chéile dho féin, agus cailíní uasal, saibhir a chine fhéin do fhága<i>n
i<n>a dhia<i>gh - gur figiúir é sin ar charthanacht agus truamhéil ár
Slánathóra Íosa Críost a thoibh céile do fhéin, an Eaglais, as daoine a
bhí 'na bpágánaig dona bocht dreoil, gan aon aithne ná eolas aca ar
Dhia ná ar chreideamh Dé, agus do fhág ina dhia<i>g a náisiún fhéin,
na Giúdaig, a bhí go dtí sion uabhaireach, mustarach, onórach, saibhir
do dhruim dlí agus creideamh Dé a bheith aca, agus do fhéach le
dímheas agus le tarcuisne ar na págánaig amhail as gur bhudh scata
gadhair iad. Budh phágánach an cailín úd; a bhí sí fé chompord ina
dútha féin, ach ní budh 209 scorn lé a bheith páirteach i mboicht<in>-


L. 169


eacht máthair a céile. A chúitig Dia a carthanacht lé: a thug chun eolas
an chreidimh chóir í, a pósag go onórach í le prionsa do<n> phobal fhéin.
Agus a bhí séan níos mó ná sin aici, gurb ar a sliucht a thánaig rí na
rithibh, breitheamh na mbeoibh agus na mairbh, Íosa Críost, Slánathóir
an domhain. Aon anam, mar sin, lenar fonn a bheith ina céile spirid-
eáltha do Íosa Críost, bíoch sí go éifeachtúil umhal i gcroí agus bocht i
spirid agus a gheobhaigh sí ríocht na bhflaitheas. Oir "as beannaithe
na boicht i spirid, mar as leo sion ríocht na bhflaitheas," arsa Críost
Mac Dé.


L. 170



XXXIV. SAMUEL, etc.



1 Reg.1: 1-17. 1. A bhí, tamall adéis bháis Shamson, fear don
phobal Abhra nar budh ainm dho Elcana. A bhí
beirt bhan pósta aige, oir uadh aimsir na díleann go bunú chreidimh
Chríoist a bhí sé ceadaithe do aon fhear níos mó ná aon bhean amháin
a bheith pósta aige. Anna budh ainm do cheann aca, agus Phenenna
don cheann eile. A bhí leanaí ag Phenenna agus a bhí Anna gan sliucht.
A chasach an bhean eile go mion agus go minic an asnamh sion lé, agus
a bhíoch ag magadh fúithe ina thaobh. A théach an fear sion go aon
<t>saoire solmanta - fó thrí insa bhliain - go cathair Silo mar a raibh
an Tabernacle a rin Maois le ordú Dé, agus a dhéanach sé íobairt do
ofráil don Tiarna do réir mar do ordaig dlí Dé. A budh é Heli an
<t->ard-shagart a bhí an tráth sion as cionn an phobail Abhra, agus a
bhí a bheirt mhac, Ophni agus Phineas, ina sagairt ag Dia. A thit amach
in aon dos na laetheanta ina ndeaghaig an fear úd suas chun íobartha
a dhéanamh, agus adéis a déanta, go raibh sé a' caitheamh féasta i
bhfochair a mhuintire, gur chrom Phenenna ar a gnáth-asachán a
chaitheamh le Anna. Do éirig sise uadh an gclár agus a chuaig isteach
insa Tabernacle agus le croí lán do bhrón a chrom ar a urnaithe a chur
chun Dé. A bhí a béal ar siúl, áfaig níor airíog focal uaithe, agus sruth
deora ag sileadh as a dá shúil. A bhí an t-ard-shagart Heli ag féachain
airthe, agus a mheas sé gur ar meisce a bhí sí agus adúirt go míchéatach
lé, "Nách mór an náire doit, a bhean, teacht isteach insan áit bhean-
naithe seo agus an oiread sion fíona ar iompar agad?" "Ná meas, a
Thiarna," ar sise, "gurb amhla sion atá an scéal agamsa. Bean ró-
chráite as ea mise. 210 Níor ólas riamh fíon ná aon deoch láidir eile,
ach as le croí brónach atáim ag cur mo achainí chun Dé go bhfóirfeach
sé oram." "Imig lead i síocháin," arsa Heli, "agus go dtugaigh Dia dhoit
an achainí a iarrais air."



2. A imig sí fé chompord mhór abhaile agus i gcionn naoi mí uadh an
lá sion a bhí leanbh mic aici agus thug sí Samuel, as é sin tabharthas Dé,
do ainm air. Agus an uair a bhí sé in aos a thrí blian a rug sí don
Tabernacle <é ?>, agus adéis íoba<i>rt solmanta do ofráil do Dhia, ag
breith buíochas leis, a thánaig sí i bhfianais an ard-shagairt, agus adúirt,
"As mise, a Thiarna, an bhean úd a bhí anso iod' láthair trí bliana uadh
shin, ag cur mo achainí chun Dé, agus do éist sé liom agus a thug dhom
an leanbh so. Agus anis bronna<i>mse suas don Tiarna é idir do lámha-sa,
chun go mbeach sé ar feag a shaoil ag déanamh seirbhís Dé ina thig nó
ina Thabernacle." "Glacaim uadh do láimh é, le údarás Dé," arsa Heli,
agus go dtugaig Dia doitse," ar sé le Elcana, "tuille sleachta a bheith
agad uadh an mnaoi seo in ionad an linbh a bhronnais inniubh air."


L. 171


A chasadar abhaile agus a thug Dia triúr mac agus beirt iníon dhóibh
i dtaobh an linbh a bhronnadar air. Do fhan an leanbh nó go raibh sé
dhá bhlian déag do aos ag fritheálamh ar Heli insa Tabernacle.



1 Reg.2: 12-25. 3. An bheirt mhac a bhí ag Heli, Ophni agus
Phineas, a bhí 'na sagairt, a bhíodar mustarach
poimpiúil saintiúil agus droch-bheathach. A chuireadar lena ndroch-
shampla mórán do<n> phobal de sheirbhís Dé a dhéanamh mar budh
chóir. A bhí Heli ana-aosta agus a chaill sé a radharc. A thánaig duine
beannaithe don phobal chuige le ordú Dé agus a 'nis dho droch-chúrsaí
a chlainne, agus adúirt leis iad a smachtú, agus muna ndéanfach go
n-agróch Dia sion go tinn agus go dóite air fhéin agus ortha sion: go
bhfaighidís araon bás ion aon lá amháin agus ná beach aon fhear dá
shliucht ina ard-shagart go brách. A chur sé fios ortha, agus in ionad
iad a smachtú go géar fé mar a thuilleadar, as amhla adúirt sé go bog
baoth caoin leo: "A chlann ó, as olc an tuairisc a airím oraibh uadh an
bpobal go léir. Ná déanaig, a chlann ó, ná déanaig na nithe seo: ní
maith dhíbh an pobal a chuir do sheirbhís Dé do dheasca an droch-cháil
atá oraibh." Áfaig níor chuireadar aon tsuim i gcomhairle a n-athar
ach a leanadar 211 a <n>gnáth-dhroch-chúrsaí.



1 Reg.3. 4. Oíche ina raibh Samuel ina chodladh insa Thabernacle
chun aire a thabhairt don choinnleoir beannaithe arna
mbíoch seacht lampaí lán do oíle ar lasadh go aon oíche, a ghlaoig Dia
as a chodladh air. A mheas an leanbh gurb é Heli a ghlaoig air agus
a rith sé chuige ag rá leis, "Atáim agad, oir a ghlaois oram." "Níor
ghlaos," arsa Heli, "imig lead chun do leapa agus codail." A thit an
gnóth sin amach fó thrí, agus a thuig an sagart gurb é Dia a ghlaoig
ar an leanbh agus adúirt leis dul a chodladh agus, "má ghlaotar arís
ort abair, "Labha<i>r liom, a Thiarna, oir tá do sheirbhíseach ag éist-
eacht go aireach lead." I gcúrsa na oíche a ghlaoig Dia arís air agus
adúirt Samuel, "Labhair, a Thiarna liom, oir atá do sheirbhíseach ag
éisteacht lead." "Féach," arsa Dia, déanfaig mise gnóth a chuirfig glór-
cheol brónach i gcluasaibh go aoinne a aireoig trácht air; cuirfig mé i
bhfórsa ar Heli go aon ainnise a bhaga<i>r mé air. A bhí fhios aige droch-
iompar a chlainne agus níor smachtaig iad. Ar an abhar <sin ?> ní
glanfar amach agus ní cúiteofar le aon íobair<t>, ná le urnaithe, malla-
thacht a chlainne."



Ar maidean a ghlaoig Heli Samuel chuige agus a fuair sé uadh an
leanbh, dhá aimhdheoin, cad a bhagair Dia air, agus a ghlac go umhal é
ag rá, "As é an Tiarna é, agus déanach sé liom agus leam' mhuintir
pé ní as maith leis."



As mó athair saoltha agus spirideáltha, arsa Naomh Gregory, a
dhéanann aithris ar bhaothacht Heli. Bíonn fhios go dian-mhaith aca
mírialthacht a gclainne agus a bpróisteánaig: a chíd go laethiúil
iad a' leanúin droch-chúrsaí, ag déanamh agus ag rá droch-nithe, agus
ní chuirid cosc ná smacht ortha: ligid dhóibh a dtoil cui<r>peach fhéin a
leanúin agus díolaid insa deire go daor as, amhail a thárlaig do Heli
agus dhá chlainn.


L. 172


5. Chun díolthas a imirt ortha a cheadaig Dia cogadh a bhriseadh
amach idir an pobal Abhra agus na Philistínig, cine págánta a cheadaig
Dia fanúin insa dútha sion an uair a rin Joshue cúncas airthe, adonn go
mbeidís ina sc<i>úirse i láimh Dé lena smachtóch sé a phobal fhéin chón
minic agus a pheacóidís ina chuinnibh. A las an cogadh suas, a
thugadar bualadh dá chéile agus a maraíog insa ghleo sion ceithre
mhíle dos na Abhraig. Adúradar na taoisig a bhí ortha, "As é an
fáth 212 nar bhuadar na págánaig seo orainn, do bhrí ná raibh A<i>rc
na Conradh agus sagairt Dé inár bhfochair insa champa. Tugaimís
chúghainn iad agus buafam go uiriste ortha." A mheasadar go ioma-
dánta dá mbeach an bosca ina rabhadar athanta Dé scríofa ar dhá
chlár cloiche le láimh Dé fhéin, nár bhaol dhóibh - cé gur scrios<ad>ar
lena bpeacaí do chlár a gcroíocha na athanta beannaithe sin, a phríndáil
an Spirid Naomh ortha - agus a shaoileadar go mbuafaidís go uiriste
ar a namhaid dá mbeach ina bhfochair an dá shagart mhallaithe budh
bhun leis an ár as mó a tugadh riamh roimhe sin a tharraint ortha.
A chuireadar fios ar an A<i>rc agus ar na sagairt, agus ar a dteacht don
champa a chuir an t-arm gártha mór agus ard-hussá asta. A chualadar
na Philistínig an <t->ard-ghlór insa gcampa agus adúr<ad>ar, "Cad as
abhar dos na gártha mór ard atá i gcampa na nAbhraig, ná raibh
inné ná arú 'né aca?" A 'niseag dhóibh go dtánaig Dia insa champa.
"Ó," ar siad, "a<s ?> ró-dhanaid dhúinn: cé fhiadfaig seasamh i gcuinnibh
an Dia uilechomhacht<aig> so do shaor na Abhraig uadh Égypt
agus a thug seilbh na dútha so dhóibh. Ach bíoch misneach againn:
troidimís go crógha agus <go> fearúil; ná stríocaimís go bás dhos <na>
Abhraig; titimís insa ghleo níos túisce ná beimís inár sclábhaithe aca
sion, mar a bhíodar súd ina sclábhaithe againne." A thugadar comhrac
dhá chéile. A chuireadar an teitheadh ar an bpobal Abhra, agus a
maraíog deich míle fichid díobh insa ghleo sion. A gabhag an Airc
agus a maraíog an bheirt shagart mallaithe úd a tharraig tréna gcuirp-
eacht an <t->ár mór sion ar phobal Dé.



A thánaig fear a theith uadh an gcomhrac go dtí an baile ina raibh
Heli, agus a 'nis gur buag ar an bpobal, gur maraíog a bheirt mhac
agus gur gabhag an A<i>rc. A thit sé dá chathaoir, a briseag a mhuinéal
agus a fuair bás in aos a ocht mbliana déag agus ceithre fichid.



A bhí bean Phineas, ceann dos na sagairt úd, ar bhruach linbh a chur
di, agus an tráth a chualaig sí na droch-scéaltha sion a thánaig teinneas
airthe agus a chur sí leanbh di. Adúirt na mná a bhí ina fochair, "Bíoch
misneach ort, oir atá leanbh mic agad." "Do imig," ar sí, "glóire Dé go
brách uadh an bpobal Abhra do bhrí gur rugag uatha A<i>rc an Tiarna."
Le rá na bhfocal sion do thit an t-anam aiste.



6. As mó sáir-cheacht, arsa na Aithreacha Naofa, a mhúinid na nithe
so dhúinn. Ar dtúis, a chímid cad é an cheataí agus an ainnise a
tharragaíd 213 droch-shagairt <ar ?> Chríostaithe. A cheap Dia na
sagairt chun a bheith ina gcosantóirí ar a phobal, agus cosnaíd iad go
éifea<ch>túil lena mbeatha deigh-shamplach rialtha naofa. Áfaig má
bhíd a mbéasa mírialtha, cuirpeach, droch-shamplach, tarracóid ár


L. 173


agus donas gan leigheas ortha fhéin agus ar a bpobal. As ar an abhar
sion adúirt Críost, "As danaid don duine a thugann droch-shampla uaig.
A budh fhearra dho," ar sé, "bró mhuilinn a bheith ceangailthe féna
bhráid agus é a bháthadh i ndoimhneas na fairrge." Bainid na focail
sin leis go aoinne againn, agus go ró-áirithe leis go aon <t>sagart. Oir a
cheap Dia é do aon ghnóth chun na daoine a sheoladh go flaithiúnas le
naofacht a bheatha, agus muna ndéanfaig sé an gnóth sion - má bhíd
a bhéasa mírialtha - fuadóigh sé é fhéin agus iad sion síos go Ifreann
cíor-dhubh.



Ní eile as ceart a thabhairt fá ndeara ionsa ghnóth so as ea nách ceart
dhúinn brath ar na nithe naofa atá inár gcreideamh chun ár n-anam a
shábháil, muna ndéanfam úsaíd chóir díobh le naofacht ár mbeatha.
Onórann Dia na daoine a onórann é; fóireann sé gan dearmad ortha so
a chuireann muinín chóir ann. Áfaig i dtaobh na ndaoine a thugann
tarcuisne dho lena ndroch-bhéasa, agus a mheasann go gcabhróigh sé
leo, scaoileann sé a chuid feirge fútha agus milleann iad gan trua gan
trócaire.



7. A saoileag, an uair a gabhag an A<i>rc, go raibh glóire Dé imithe go
brách uaithe, ná beach a thuille trácht go deo arís airthe, oir a bhí
seilbh airthe ag dram nár chreid ar aon chor i nDia, agus go dtabhar-
faidís go aon <t>sórd easonóra di. Ach as amhla a fuair sí cáil agus glóire
níos mó ná a fuair sí riamh roimhe sion. A rugadar na Philistínig leo í
go cathair Azotus agus a chuireadar í i dteampall Dagon, an dia
bréagach a bhí aca - íomhá mhór ghránna a budh <ea ?> í, na raibh an
taobh uadh an imleacán suas i bhfuirm nduine, agus fuirm earbaill éisc
airthe uadh an imleacán síos. Ar maidean, an uair a thánadar chun
íobairt a dhéanamh chun an dia bréagach sion i dtaobh an bhua a
rugadar ar an bpobal Abhra agus gur ghabhadar an ní budh bheannaithe
a bhí ag an bpobal, ag sí sin A<i>rc na Conradh, a chonacadar le uafás
mór Dagon sínte ar a bhéal agus ar <a> aghaidh as cuinne 214 an Airc.
A chuireadar suas arís ina ionad fhéin é agus a dhaingníodar é le tairní.
A' mhaidean a bhí chúghtha, an uair a thánadar, a fuaradar sínte ar an
dtairsig é gan cheann ná lámha air.



1 Reg.5:6 - 6:12. 8. Gan mhoill ina dhiagh sin, a chrom Dia ar a
láimh a luí go trom ar locht an chathair sin, agus
ar an dútha go léir a bhí tíompall airthe. Do fhás francaig agus lucha
aníos tríd an dtalamh agus a líonadar an dútha go léir. A chuir Dia
uiscóidí ar shuíocháin agus ar nádúra na ndaoine insa chás gur
dhreodar agus nár fhiad<ad>ar aon ní a chur amach as a gcom. A
chuireadar locht an chathair iarraig ar sheacht taoiseach na Ph<i>list-
íneach ag rá leo, "Beirig uainn A<i>rc Dé, nó ní fhágfar duine dinn inár
mbeathaig." "Más ea," arsa uaisle chathair Gath, "beirtear tíompall
uadh chathair go cathair an Airc." A cheapadar sion a dhéanamh, agus
a cuireag go cathair Gath í. Agus ní túisce a bhí sí ann ná go dtánaig
an oíde céanna ar locht an chathair agus ar a ndútha. A chuireadar
uatha í go tapaig go cathair Ac<ca>ron, agus adúradar locht an


L. 174


chathair sion, "A chuireabhair chúghainn Airc Dé chun sinne agus ár
ndútha a mhilleadh." A chnósaig taoisig agus uaisle an náisiúin go
léir go cathair Ac<ca>ron, ag féachain cionas a saorfaí na daoine agus
an dútha uadh an bpláig iontach úd a chur Dia ortha. A chuireadar an
gnóth i gcomhairle a chéile, agus a<g ?> sin an chomhairle arna dtánadar:
an A<i>rc a chur abhaile go dútha an phobail Abhra. "Más ní é," arsa
na sagairt agus na draoithe a bhí eatora, "go gceapann sibh A<i>rc Dé a
chur abhaile chuige, ná cuirig folamh chuige í, ach déanaig tabharthas a
ofráil dho i gcúiteamh an pheaca a rinnabhair in<a> chuinnibh i dtaobh
a<o>n láimh a bheith ar aon chor <agaibh ?> insan A<i>rc a bhain leis."
"Cad atá againn le déanamh?" arsa na uaisle: "Ag seo," arsa na draoithe,
"mar a dhéan<f>aig sibh: déanaig suíocháin óir agus francach óir, ceann in
aghaidh go aon chathair agus go aon chúig<e> atá insa dútha so; dúnaig
suas i mbusca iad agus cuirig an busca sion taobh leis an A<i>rc; faghtar
carra noa, gabhtar fúithe dhá luilíoch nár gabhag fé ualach riamh,
dúntar a ngamhna suas i dtig, cuirtear an A<i>rc agus na buscaí ar an
gcarra, scaoilthear na luilíg gan ghiolla chun siúil: má thugaid a
n-aghaidh ar dhútha an phobail Abhra, bíoch fhios agaibh <gur>ab é
Dia an phobail sin a chur a phláig seo oraibh; áfaig má thugaid
215 a n-aghaidh ar aon áit eile ní í a láimh a bhuail oraibh í, a<ch ?>
as le cinn<i>úin a thánaig sí."



A dearnag an chomhairle sin leo: a cuireag an A<i>rc agus an busca
insa charra, a ghabhag na ba fúithe, a scaoileag chun siúil iad chun a
rogha ród do ghlacadh. Agus a imíodar insa tslí chruinn díreach chun
dútha na nAbhrac, ag géimean agus ag búirig i ndiaig a ngamhna.
A leanadar uaislí na bhPhilistíneach iad, nó gur shroiseadar Bethsames,
as í sin cathair na gréine, i ndútha na Abhraig. Agus as mar sin a casag
an A<i>rc, adéis a bheith i ndútha na bhPhilistíneach ar feag seacht mí.



1 Reg.6:13 -7:2. 9. A bhí locht an chathair sin ag buaint chuir-
neachta, agus a chonacadar chúghtha an A<i>rc
agus budh mhór é a n-áthas. A stadadar na ba i bpáirc fhir na<r ?>
budh ainm dho Joshue. A bhí carraig mhór insa pháirc. A thógadar an
A<i>rc agus an busca don charra agus a chuireadar ar an gcarraig iad.
A thánadar na sagairt as an gcathair agus a rinneadar na ba do ofráil
mar íobairt do Dhia, ag breith buíochas leis i dtaobh an A<i>rc do chas-
adh chúghtha. Ar bhfaicsin <an ghnótha sin ?> dhos na uaislí Philistín-
ig a chasadar chun a ndútha fhéin. A' lar na bháireach níorbh fholáir
do locht an chathair an A<i>rc do oscailt, ag féachain cad a bhí inte.
Agus mar gheall ar an bpeaca sion, a taibhseofaí dhúinne a bheith
éadrom go leor, do mhairbh Dia ar an láthair sin deichniúr agus trí
fichid dhos na uaislí a bhí eatora agus deich míle agus dá fhichid don
choitiantacht. A ghlac an chuid eile ana-scanradh, ag rá, "Cé fhiadfaig
seasamh ar aon chor as cuinne an Dé ró-naofa so?" A chuireadar
teachtairí chun na daoine a chónaig i gcathair na gCoillte teacht
agus an A<i>rc a bhreith leo. A thánadar sion go mear, a rugadar leo
agus a chuireadar í i dtig an tsagair<t> Abinadab. A chur Dia rath ar an
bhfear agus ar an gcathair sin, do bhrí gur thiospánadar onóir chóir
oiriúnach do<n> A<i>rc mbeannaithe.


L. 175


10. Budh fhigiúir an A<i>rc sin ar shácramín Chuirp Chríoist, agus an
gnóth a thit amach don dá dhram úd a ghlac an A<i>r<c> chúghtha,
titeann sé amach go laethiúil dhos na Críostaithe ag glacadh an
Naomh-shacramín. A ghlac locht chathair Bethsames an A<i>rc le
áthas mór, ach áthas uaibhreach mustarach a budh ea é, arsa Naomh
Gregory. 216 A mheasadar gur mhór an onóir agus glóire dhóibh fhéin
ní chón beannaithe leis an A<i>rc a bheith aca fé leith, seachas aon
chathair eile insa tír. Áfaig níor dhearnadar aon imníomh í <a ?>
ghlacadh le croí umhal, le croí a bhí ollamh agus fonnmhar i ndáríribh
chun an dlí naofa a bhí scríofa insan Airc a chiomád agus a leanúin go
éifeachtúil, agus ar an abhar sion a tharraigeadar díolthas trom Dé
ortha fhéin. Amhla sion, arsa an Pápa naofa so, tagaid a lán Críostaithe
agus glacaid Mac Dé chúghtha le dóchas dána, agus in ionad beatha na
ngrást do fháil uaig, faighid nimh mairtheach dá n-anam. Oir ní
ollmhaíd iad fhéin chun é a ghlacadh mar is cóir. Áfaig iad so a ghlacann
é, amhail a rin locht chathair na gCoillte an A<i>rc, le croí umhal, le
creideamh beo, le anam ar dearg-lasadh le grá Dé agus na comharsa,
fearann Dia a bheannachtaí gan teora ortha: líonann sé <a n->anam le
grása spirideáltha insa tsaol so agus bronnfaig a ghlóire gan deire ortha
insa tsaol eile. "Oir pé duine a íos<f>aig an t-arán so mar a<s> cóir,
mairfig sé go brách," arsa Íosa Críost.


L. 176



XXXV. DEFEAT OF THE PHILISTINES



1. A 'niseas díbh iom' chomhrá dhéanach gur chuireadar na
Philistínig an A<i>rc abhaile go dútha na nAbhrac, agus a glacag í i dtig
an tSagairt Abinadab a chónaig i gcathair na gCoillte. A bhí sí ansion ar
feag fiche blian agus ar an bhfeag sion do scuir an pobal Abhra do aon
onóir solmanta a thiospánadh do Dhia. A bhíodar fé ghéar-smacht ags na
Philistínig agus a leanadar na déithe bréagach a bhí ag an gcine págán-
ach sion, in ionad a dTiarna uilechomhachtach féin a chum neamh agus
talamh agus na uile nithe athá ionta. A bhí Samuel an tráth sion
chúig bliana déag agus fiche do aos. A chorraig Dia suas a spirid
chun an phobail Abhra a iompó ar a leas. A ghaibh sé tré an dútha
go léir dá gcomhairliú aithrí a dhéanamh ina bpeacaí agus filleadh i
ndárí<ri>bh ar a dTiarna thrócaireach. Agus a gheall dhóibh dá
bhfillidís go maithfeach Dia dhóibh, go bhfóireach sé ortha agus go
bhfuasclóch iad uadh dhaorsmacht na bhPhilistíneach.



1 Reg.7:3 et seq. 2. A ghlacadar a chomhairle: a chaitheadar uatha
agus a bhriseadar íomhátha na ndéithe bréagach
a bhí aca agus a chnósaíodar go léir chun Samuel i gcathair Maspha<th>.
Do admhaíodar a bpeacaí go léir le deora fíor-aithríoch; a
loirgeadar uadh chroí ar Dhia maitheamh dhóibh; a throisceadar ar
feag an lae sin agus a iarradar go dian ar Samuel a urnaithe a chur chun
Dé agus íobairt do ofráil ar a son ag iarraig ar Dhia fóirthean ortha
agus fuascailt a thabhair<t> dhóibh.



3. A chualadar na Philistínig go raibh an pobal bailithe insan áit úd
agus a cheapadar ár gan leigheas a imirt ortha le bualadh aon lae
amháin a thabhairt dhóibh. A chnósaíodar a n-arm go léir agus a' lar na
bháireach a thugadar fé an bpobal. Le linn an chatha a thosnaig
Samuel ar uan do ofráil ar an olthóir do Dhia, agus le linn na ofráltha
a chrith an talamh fé arm na bhPhilistíneach agus a chur Dia stuirm
uafásach toirní anuas ortha agus a theitheadar gan mhoill. A leanadar
na Abhraig iad <agus a rin ?> dearg-ár ortha.



4. Ansion a thoibh an pobal Samuel chun a bheith ina bhreitheamh
agus ina thaoiseach ortha. Agus a bhí sé dhá bhliain agus fiche insan
oific sin. Ar an bhfeag sion a théach sé tíompall na dútha go aon
bhlia<i>n ag déanamh ceart agus cóir dhos na daoine, ag cur fhiachaibh
ortha dlí agus seirbhís Dé a leanúin go cruinn. A bhain sé dos na
Philistínig go aon chathair agus baile a thógadar uadh an bpobal Abhra,
agus a lagaig sé chon mór sion iad nár leomhadar ar feag a ré aon
cheataí a dhéanamh do phobal Dé.


L. 177


1 Reg.8. 5. An uair a bhí sé aosta críonna caite trom agus gan é
ábaltha ar ghabháil mar budh ghnáth leis ar measc na
ndaoine chun cóir agus ceart a dhéanamh dhóibh, a chuir sé an cúram
sion ar a bheirt mhac. Áfaig níor leanadar sion slí chruinn díreach a
n-athar mbeannaithe. A bhíodar amplach, saintiúil: a ghlaca<i>dís
breab<a>nna agus a thugaidís claon-bhreith uatha in aon chúis a bhíoch
dá phlé ina láthair. Ní fear na córa a bhuach í, ach an fear a thugadh
breab dhóibh.



6. A thánadar maithe, mór-uaislí agus cinn an phobail go Samuel
agus adúradar, "Atáir-se críonna caite agus ní leanaid do mhic an
<t>slí ghlan a leanais-se ar feag do shaoil. Ar an abhar sion toibh rí
dhúinn chun go mbeach sé as ár gcionn ar nós go aon náisiún eile atá
insa domhan, oir atáimíd cortha dhos na súird gobhern<éir>í seo, na
breithimh a chur Dia go dtí sinn mar riarthóirí orainn. As maith linn
feasta arís 218 rí a bheith againn do ghluaisfig romha<i>nn chun
cogaig agus a riaróig an dútha ar nós go aon dútha eile insa domhan."



Níor thaitnigh an gnóth sion le Samuel ar aon chor agus a chuir é i
láthair Dé, agus adúirt, súd as nár thai<th>nig an gnóth céanna leis
fhéin, géilleadh don phobal agus rí a cheapadh dhóibh. "Áfaig," ar sé,
"sula ndéanfair sion, 'nis go cruinn glan dhóibh an cúrsa a ghlac<f>aig
an rí ina dtaobh agus cionas a dheighleálfaig sé leo. Agus adéis fios
a bheith aca cad atá le fulaing aca uadh rí, má bhíd sásta tabhair
dhóibh é.



7. Adúirt Samuel leo, "Loirgeann <sibh ?> rí a bheith oraibh, agus ag
seo mar adeir Dia a dheighleálfaig bhúr rí libh: tógfaig sé uaibh bhúr
<g>clainn mic chun a bheith 'na saighdiúirí aige, cuid eile díobh chun a
thalamh a shaothrú, cuid eile chun a bheith 'na ngabhannaí agus 'na
gceardaithe aige; cuid do bhúr gclann iníon chun a bheith 'na mná
abhrais, ag sníomh, ag fí<o>dóireacht agus ag déanamh éadaig dho;
cuid eile acu chun a bheith ina gcócairí aige. Bainfig sé dhíbh an
chuid as fearr do bhúr <bh>feirmeacha agus tabharfaig dhá shaighidiúirí
agus dhá oifigí iad. A caith<fig ?> sibh an deichiú chuid do thortha
bhúr nguirt, bhúr ngaraithe agus bhúr n-abhlóirdí a thabhairt dho,
agus bainfig sé deachú as bhúr mbeithíg. Pé capall, beithíoch nó
seirbhíseach maith a bheig agaibh a thai<th>neóig leis, fuadóigh sé uaibh
é gan bhuíochas dhíbh. Déanfaigh sé libhse, len bhúr gclann agus len
bhúr strus mar as maith leis. Hen é mar a dheighleál<f>aig bhúr rí
libh. Agus an uair a imreofar an aindlí sion oraibh, glaofaig sibh oramsa
sibh a fhuascailt agus ní thabharfaig mise freagra ná fuascailt dhíbh."



Adéis an chómhrá sion a chaitheamh leo, ní éireoidís don ghnóth a
cheapadar; níorbh fholáir dhóibh rí a bheith aca. Ní shásóch aon ní
eile iad.



8. A<s> ionadh linn, arsa na Aithreacha Naofa, go rabhadar na daoine
seo chón dall sion, gur rogha leo duine a bheith 'na rial<th>óir ortha ná
Dia. Áfaig as mó ná sion do ionadh gur rogha lena lán againne an


L. 178


deamhan a bheith ina mháistir orainn ná Dia. Chón minic agus a
thitimíd in aon pheaca trom, cuir i gcás meisce, míbhanúlacht, guídeoir-
eacht, barbaracht, tromaíocht chomharsa, éagóir, nó fuath comharsa,
tréigimíd Dia agus gabhaimíd leis an diabhal mar mháistir; deirimíd
amhail adúradar na Giúdaig le Pilate an tráth a láir sé dhóibh
Críost do scaoileadh saor dá <m>budh mhaith leo: "Ní <m>aith linn,"
ar siad, 219 "an fear so a bheith ina rí orainn. Ní bheig aon rí eile
againn ach Caesar." Ní deirimíd go deimhin na focail sin lenár mbéal,
ach deirimíd go ró éif<eacht>úil iad lenár <n>gníomhartha agus lenár
mbéasa. As fearr linn ár dtoil fhéin a leanúin ná toil Dé. Agus díolfam
as go ró-dhaor an tráth a bheig sé ró-dhéanach, amhail a rin an pobal
úd gan chiall.



An tráth a chonairc Samuel ná fiadfach sé aigne na ndaoine a shóin-
seáil, ná sásóch aon ní iad ach rí a thoghadh dhóibh, a scaoil sé abhaile
iad agus <dúirt sé leo ?> bualadh uime insa bhaile chéanna i gceann
coicís agus go mbeach rí toghtha aige dhóibh. Agus hidí an tslí 'nar
thoibh sé dhóibh é.



1 Reg.9. 9. A bhí fear do threibh Benjamin nar budh ainm Cis dho,
agus a imíodar a asail ar strae uaig. A bhí ó<i>g-fhear mic
aige nar budh ainm do Saul, agus ní raibh i bpobal Dé fear a budh
fhearr do réir chuirp agus anama ná an fear sion. A bhí sé chón neamh-
chiontach, chón neamh-uirchóideach le leanbh bliana, agus ní shrois<f>-
each an fear budh aoirde insa phobal suas chun a ghualannaí. Adúirt a
athair leis imeacht a' lorg na n-asal. A chaith sé fhéin agus a ghiolla
cheithre lá dá lorg agus ní bhfuaradar a dtuairisc. Adúirt sé leis an
ghiolla, "As fearra dhúinn filleadh abhaile, oir beig mo athair buartha
i dtaobh an fhaid atáimíd amuith." "Atá," arsan giolla, "fáig beannaithe
insa bhaile seo láimh linn: téimís ag triall air agus 'neosaig sé go cruinn
cad as ceart dhúinn a dhéanamh." "Féach," arsa Saul, "níl go fiú
pingin agam, agus ní maith liom dul ag triall air gan rod éigin a
bhronnadh air." "Atá," arsan buachaill, "scilling agamsa agus tabhar-
fam dho í." A thrialladar ar an mbaile, agus ar a ndul isteach don
gheata a bhuail umpa scata ca<i>líní óga ag tabhairt uisce uadh an
dtobar. A fhi<a>fhraíodar díobh cá raibh an fáig ina chónaí. "Gabhaig
romhaibh," ar siad, "go aird an bhaile agus a gheobhaig sibh ann é.
Oir atá íobairt solmanta aige á dhéanamh ann inniubh." Adúirt Dia an
lá roimhe sin le Samuel, "Cuirfig mé chúghad uam a' dtaca so
amáireach an fear a thoghfair chun a bheith ina rí as ceann mo
phobail."



A ghluais Saul agus a ghiolla ortha agus a bhuail Samuel 220 umpa.
Chón luath agus a chonairc sé iad adúirt leis, "Hen é an fear a gheallas
a chur chúghad." A fhiafhraig Saul de, "Cá mbíonn an fáig ina chónaí?"
"Mise an fáig," arsa Samuel, "gluaisíg liom agus caithig dínnéar iom'
fhochair, agus i dtaobh na n-asal a bhís a' lorg, ná bí<och> a thuille
buartha ort, oir a fuarag iad, agus as leadsa a gheobhaig go aon ní
fónta i bpobal Dé." "Ná caith a leithéid sin do chaint liomsa, a fháig
bheannaithe," arsa Saul, "oir as í mo threibh-se an treibh as suaraí i


L. 179


bpobal Dé, agus mo athair-se an fear as suaraí agus as boichte ionsa
treibh sin."



10. A rug Samuel leis iad agus a chur sé Saul ina shuí ag ceann an
chláir in' aice fhéin i bhfochair deich n-uaislí fichid don bhaile. A thug
sé feisteas na oíche sin dho. Ar maidean a ghlaoig sé Saul i leath-taoibh
agus a 'nis dho gur thoibh Dia é mar rí as cionn a phobail. Agus a
shácráil é tré oíle bheannaithe a dhortadh ar a cheann, agus a phóg é.
A scaoil sé an<sin ?> uaig é fhéin agus a bhuachaill. Agus mar chomh-
artha gurb é Dia a thoibh é chun a bheith ina rí, a 'nis dho go mbua<i>l-
feach uime in a leithéid so do áit dram a 'neosach dho gur fuarag na
asail agus go raibh a athair ana-bhuartha i dtaobh nár chas sé fhéin
abhaile; agus ar scaradh leo sin go dtitfeach sé isteach le cuideachta
fáig: go dtiucfach Spirid Dé air agus go ndéanfach fáig<e>oireacht ina
bhfochair <ar ?> nithe a thit amach go ró-chruinn an lá sion dho.



11. Ar scaradh dho le Samuel, a fuair Saul a aigne sóinseáltha ar
fad: ní raibh níos sia an <t>simplíocht, an umhlaíocht a bhí roimhe
sin ina chroí, ach ard-mhian, mustar, poimp agus fon<n> mór ard-
mháistreacht a dhéanamh ar chách eile.



Do réir meas an tsaoil budh mhór an t-ádh a bhí leis an mbuachaill
óg so a chuaig a' lorg asail a imig ar strae, agus a fuair ina n-ionad
ríocht saibhir onórach. Áfaig a budh fhearra dho i bhfad ná fuair sé
riamh í, oir a chaill sé a shimplíocht, a umhlaíocht agus a neamh-
chiontacht agus iompaig sé amach ina mhallathóir críochnaithe, mar
a 'neosad ina dhiagh so dhíbh. Agus titeann an gnóth céanna sion
amach as comhair ár súl go laethiúil. As mó duine a chonac<a>mair
agus a chímíd, do thosain a bheatha go bocht dealbh, a chuaig chun
cinn insa tsaol, a shrois chun a bheith acfuinneach saibhir, a iompaig
amach ina dhrúncéir 221 a lean droch-chúrsaí, a fuair bás agus a
cailleag go deo é. Dá bhfágfaí ina dhealbhas agus ina bhoichtineacht é,
a bheach a anam go sámh ar neamh in ionad a bheith dá pianadh go
brách in Ifreann.



1 Reg.10. 12. An uair a thánaig an lá ceapaithe a chnósaig an
pobal go léir chun Samuel i mbaile Maspha, agus le ordú
Dé a chaitheag crainn cun fios do fháil cad é an treibh as na dtoghfaí
rí. Agus a thit an crann ar threibh Benjamin. A roinneag an treibh ins
go aon mhuintir nó family a bhí inte, agus a thit an crann ar family
Cis. A caitheag crainn arís ar go aon fhear don mhuintir sin agus a thit
an crann ar Saul. A loirgeag é agus ní fuarag. Adúirt Dia go raibh sé
i bhfolach insa bhaile, fios a chur air agus é 'thabhairt leo. A tugag agus
a seasaíog é i lár an phobail, agus budh aoirde é, uadhna ghualannaí
suas, ná aon fhear don phobal.



Adúirt Samuel leo, "A chíonn sibh len bhúr súilibh féin, nách sarachán
suarach a thoibh Dia dhíbh mar rí, ach fear groí, calma ná fuil insa
phobal so fear as féidir a chur i gcomórtas leis." Ansion a scaoil
Samuel an pobal uaig. Áfaig adúirt cuid dos na droch-dhaoine a bhí eatora,


L. 180


"As deas an rí a thug Dia dhúinn, slibire gamail." A lig Saul air nár
chualaig sé iad: a ghluais <s>é abhaile agus a chuaig cuid don arm leis.



1 Reg.11. 13. Beagán laetheanta ina dhiagh sin a tháinig Naas, rí
clainne Ammon, le arm mór isteach go dútha an phobail
Abhra agus a chur sé siege le cathair Jabes. A chuireadar sion
ambasadéirí chuige ag rá go stríocfaidís dho. "Más ea," ar sé, "as ar an
gcoinníoll seo a thabharfad-sa síocháin dhíbh: tagach go aon fhear
atá insa chathair amach anso chughamsa, agus gearrfadsa an ordóg
dheas dá láimh agus bainfig mé an tsúil dheas as ceann go aon fhear
aca." A fuaradar le neart achainí spás seachtaine uaig. A chuireadar
teachtairí chun Saul ag insint an scéil sin dho. A bhua<i>leadar uime ar
fhilleadh do um thráthnóna uadh a bheith ag treabhadh ina pháirc le
péir' daimh. Ar chlos an scéil sin dho, a thit Spirid Dé air, a ghearr sé
suas na daimh i bpíosaí agus a chur píosa i ndorn gach teachtaire dhos
go aon mhui<n>tir insa phobal, ag rá leo bailiú go 222 dia<i>r chuige,
agus aoinne a choimeádfach siar go dtabharfaí an oidhe chéanna ar
a dhaimh.



A bhailig chuige gan mhoill trí chéad míle fear féna gcuid airm.
A thug sé aghaidh ar Naas, a bhuaig air agus do fhuascail sé an chathair.
Ansion adúirt an pobal, "Cá bhfuilid na rascailí úd adúirt gur slibire
gamail a thug Dia mar rí dhúinn? Tugtar do láthair iad chun a
maraithe gan mhoill. "Ní marófar," arsa Saul, "aoinne inniubh, oir
as lá é seo inar thug Dia tréna mhór-thrócaire fuascailt mhór orainn."



1 Reg.11:14 et seq. 14. I mbeagán <aimsire> ina dhiaigh sion a
chnósaig an náisiún go léir le ordú Samuel go
cnoc Galgala chun Saul do shácráil go poiblí ina rí. Oir níor sácrálag
roimhe sin é ach go príobháideach. Do ofráladar íobairt sholmanta do
Dhia. A cuireag Saul ina shuí ar chathaoir na ríochta agus cróin
rithiúil ar a cheann. Ansion do éirig Samuel suas agus adúirt, "Atánn
sibh go léir anso i láthair an rí a thugas-sa dhíbh le ordú Dé, agus
tugaim-se suas uadh an lá so an t-údarás a bhí agam as bhúr gcionn ar
feag an oiread so blian. Bíoch bhúr rí feasta cúramach ionaibh. Agus
ar feag mo réim as bhúr gcionn má rinneas éagóir ar aoinne, má ghlacas
tabharthas nó breab uadh aoinne, má chuireas bréag ar aoinne, má
mhaslaíos aoinne agaibh, labhrach sé anso i bhfianais' an rí agus
déanfadsa lán-chúiteamh leis."



A labhair an pobal go léir, "níor mhaslaís aoinne, níor chuiris bréag
ar aoinne, níor ghlacais breab ná tabharthas uadh aoinne, agus ní
rinnis éagóir ar aoinne." "Atá Dia agus an rí ina bhfínnithe gurb í
an fhírinne atá agaibh," arsa Samuel. "Atá," arsa an pobal. "Más ea,"
arsa Samuel, "atá sibh agus bhúr sinsear i seilbh na dútha so le chúig
céad blian, uadh thug Dia a seilbh dhíbh, agus ar an bhfeag sion do
fhuascail sé sibh uadhs go aon chruatan agus dainséar a thánaig oraibh,
cé ná raibh aon rí agaibh. Agus féach anois ní shásóch aon ní sibh ach
rí a bheith oraibh. Agus atá sé agaibh, agus má leanann se sion agus
sibhse dlí <Dé ?>, ní baol dhíbh: fágfaig Dia e sion agus a shliucht agus
sibhse agus bhúr sliucht go brách i seilbh na dútha álainne seo a thug


L. 181


sé dhíbh. Áfaig, bíoch fhios go cruinn agaibh, má thréigeann sibh an
tslí chóir, go mbeig 223 láimh Dé go trom oraibh agus scriosfar amach
as an dútha so sibhse agus bhúr sliucht. Agus chun go mbeach fhios
agaibh gurb olc an gnóth a rinneabhair ag lorg rí a bheith oraibh, tugaig
fá ndeara gur lá breá grianach fómhair an lá inniubh, áfaig chón luath
agus a ghuífeadsa chun Dé, tiucfaig stuirm, fearthainn agus toirneach.
A ghuig sé chun Dé agus thánaig ana-stuirm, lasair, toirneach agus
fearthainn uafásach. A ghlac an pobal ana-eagla agus adúradar:
"A chuireamair lenár bpeacaí, a bhí thana féin mór a <n>dóchain, an
peaca trom eile seo ag lorg rí dhúinn fhéin," agus a iarradar ar Samuel
guí chun Dé ar a son. "Nár ligig Dia," ar sé, "go scurfainnse go brách,
an fhaid agus as beo me, a bheith ag guí chun Dé ar bhúr son. Áfaig,
adeirim nách baol aon cheataí dhíbh má leanann sibh dlí Dé. Ach má
leanann sibh ma<i>lís agus beatha pheacúil, caillfear gan dearmad
sibhse agus bhúr rí."



15. As ceart, arsa na Aithreacha Naofa, dhos go aoinne a thoghfar
chun a bheith ina easpag, 'na shagart, nó chun aon chéim eile ardonórach
in Eaglais Chríoist, a bheith ar a gharda, scanradh a bheith air, togha
na aire a thabhairt dho fhéin, do eagla go n-imeoch air mar a imig ar
Saul. A bhí sé lán do ghrásaibh Dé sula dearnag rí de. A bhí sé gan
uirchóid gan pheaca ina chroí, do bhrí go raibh an croí sin lán do
umhlaíocht, gan aon mhór-mheas aige air fhéin. Áfaig an uair do
ardaíog é chun céim onórach, chun céim ar nár chuimhnig sé riamh
roimhe sin, a sóinseálag a aigne ar fad: do imig a umhlaíocht uaig agus
a thánaig spirid mhallaithe ina ionad. Agus cé gur le riarú agus le ordú
spisialtha Dé a toghag agus a ceapag é chun a bheith ina rialathóir ar a
phobal agus iad a st<i>úradh ar a leas, in ionad sion a dhéanamh as amhla
a thug sé, ar feag na dá fhichid blian a bhí sé as a gcionn, go aon
<t>sampla dá olcas dhóibh, agus insa deire a cailleag go brách é. Amhla
sion dhos go aon <t>sagart, easbag agus rial<a>thóir spirideáltha agus
saoltha: muna gcó-oibreoig siad le grása Dé agus spirid na umhlaíoch<ta> a
chiomád ina gcroíocha, caillfear iad gan leigheas, agus rod níos measa
ná sion, caillfear a bpuibleacha in aonfheach<t> 224 leo.



As trua nách féidir dhos go aoinne againn a' challenge céanna úd a
thabhair<t> uainn a thug Samuel naofa uaig le linn a údarás as cionn
pobail Dé a chríochnú. "Má atá," ar sé, "aoinne ansion arna rinneas
éagóir, dhonar thugas masla, donar bhaineas a chuid nó a chreidiúint,
labhrach sé." Má<s> féidir linne a rá as comhair ard-bhreitheamh na
mbeoibh agus na mairbh, as dram le séan sinn.


L. 182



XXXVI. JONATHAN



1 Reg.13. 1. Adéis a sácrálag Saul chun a bheith ina rí, a thoibh
sé trí mhíle fear, dhá mhíle chun a bheith ina fhochair
fhéin agus míle a bheith i bhfocha<i>r a mhac Jonathan i gcampa eile.
A thug Jonathan agus a shaighdiúirí fé gharasún Philistíneach agus a
thógadar é. Ar chlos sion dhos na Philistínig, a bhailíodar deich míle
fichid carráistí cogaig iarainn, sé mhíle marc-shlua agus coisithe chón
iomadúil le ga<i>nimh na trá, agus a líonadar an dútha go léir. Le ordú
Samuel a chuaig Saul agus a arm go cnoc Galgala. Adúirt Samuel leis
fuireach ansion ar feag seacht lá nó go dtiucfach sé féin chuige. A bhí
na seacht lá sion nách mór caite agus níor thánaig Samuel. A imig
romhór na ndaoine uadh Saul, agus an uair a bhraith sé iad ag sleamh-
nú uaig, a thóg sé olthóir agus do ofráil airthe íobairt chun Dé, gnóth
ná raibh ceadaithe do sion, ná do aon fhear eile a dhéanamh, ach
dhos na sagairt amháin. Agus as a' gnóth peacúil sin do fhás chuige
go aon donas, mífhortún agus tubaiste a ráinig do i gcúrsa a shaoil ina
dhiaigh sion go bhfuair sé droch-bhás i gcionn dá fhichid bliain uadh an
am sion. As <ar ?> éigean a bhí an íobairt críochnaithe aige an uair a
chonairc sé Samuel ag triall ar an gcampa. A ghaibh sé amach ag
fáilthiú roimhe. Adúirt Samuel, "As ró-olc an obair a rinnis, agus
dá mba áil lead gan í a dhéanamh, agus fitheamh go dtagainnse
chúghad, a bhí ríocht an náisiún so buanaithe agus daingnithe agadsa
agus ag do shliucht go brách. Áfaig atá sí scartha go brách leo uadh
do bhás-sa amach." "Ná tóg oram é," arsa Saul: "as le fíor-riachtanas
a rinneas é. A chonarc an pobal ag éaló uaim agus na Philistínig ag
triall oram, agus adúirt, "Tabharfaid siad fútham, agus níor iarras
cabhair Dé le íobairt a dhéanamh chuige." Agus hin é an fáth nar
rinneas é." "Gnóth ró-iomadánta a rinnis," arsa Samuel, "nár leanais
agus nár chiomádais ordú Dé." A imig sé ansion uaig agus níor fhan
i bhfochair Saul agus a mhic ach sé chéad fear.



1 Reg.14:6 et seq. 2. A bhíodar 225 sealad ansion agus adúirt
Jonathan mac Saul lena ghiolla airm, "Téimís
ag triall ar gharasún na bhPhilistíneach atá ar an gcnoc úd thall:
b'fhéidir go n-éireoch linn bua a bhreith ortha. Oir a<s> có-uiriste do
Dhia bua a thabhairt dhúinn le beagán fear nó le mór-arm." "Gluais
ort," arsa <a ?> ghiolla, "ní baol ná go mbeadsa id' fhochair pé áit ina
rachair: ní theip<f>ig mo chúnamh ort." "Féach," arsa Jonathan, "as le
neart dreapála a gheobham dul suas an fhaill arna bhfuil an garasún,
agus an tráth a chíofaig na Philistínig sinn má deirid linn, "Fanaig
mar atá agaibh," fanaimís ann, ach má deirid, "Tagaig chúghainn
anso, tugaimís go misniúil fútha oir atá Dia ag cabhrú linn, agus a
thug sé suas dhúinn iad."


L. 183


A ghabhadar suas an fhaill go barra an chnuic. A chonairc na
Philistínig iad agus adúradar, ag magadh fútha, "A luichig Abhraig,
a thánabhair fé dheire amach as bhúr bpoill! Tigig anso chúghainn
agus tio<s>pánfam-na cleas dhíbh." A thug se sion agus a ghiolla go
misniúil fútha, agus ar leagadh na súl a mharaíodar fiche fear. A thán-
aig buairt mhór, mearbhall agus miscán mearaí ar an gcampa go léir,
agus a chromadar ar a chéile a mharú. A chualaig Saul agus a mhuintir
an gleo, a liúdar agus a ritheadar go mear féna ndéin, agus an uair a
ch<o>nairc sé cad a bhí ar siúl adúirt sé, "Mallacht Dé ar aoinne a
bhla<i>s<f>ig bia nó deoch go oíche, nó go <m>bainfeadsa lán-díolthas as
mo namhaid."



Do leanadar an fhogha ortha go mbord an tráthnóna dá gcartadh
agus dá marú.



3. A tharlaig go raibh Jonathan agus a shaighdiúirí ag gabháil tré
choill ina raibh a lán meala. A bhí sé féin agus iad sion tuirseach
tnáite uadh chomhrac an lae, agus a bhlais sé cuid don mhil.
"Cad é sin agad dá dhéanamh?" arsa fear leis; "do chuir do athair féin
trom-mhallacht Dé ar aoinne a chaithfeach bia nó deoch go oíche."
"Budh olc an gnóth a rin sé," arsa Jonathan; "féach a bhí mo neart
imithe ar fad uaim agus a bhlaiseas blúirín meala agus a thánag
chúgham féin arís. Budh mhó ná sion a bheach ionaibhse dá gcaith-
feach an t-arán agus an fheoil do fhág na Philistínig ina ndia<i>g."
A chromadar ar í 'ithe, agus a 'niseag do Saul gur chontrálag an cosc
a chuir sé ortha. A lorg sé 226 ansion ar an ardshagart a bhí ina
fhochair fios do fháil uadh Dhia an leanfach sé a thuille dhos na Philis-
tínig. Agus níor thug Dia freagra air. A thuig sé as sion gur mar gheall
ar bhriseadh an mhóid a thug sé ar maidin ná tabharfach Dia freagra air.
Agus a dhearbhaig sé go gcuirfí chun báis pé duine budh chiontach ar
dtúis le briseadh na móide sin. Chun an duine sin a dhéanamh amach
a caitheag crainn, agus a thit an crann ar Jonathan. Do ordaig a athair
breith air agus é a chur chun báis gan trua. Adúirt sé sion go truamhéil-
each, "Féach," ar sé, "as ró-thrua mo chás: níor rinneas do chuir ná
do pheaca ach braon meala a bhlaiseadh, agus atá bás dá imirt oram
mar gheall air. Áfaig do éiríodar na saighdiúirí go léir, rinneadar
rescuing air agus ní ligfidís é a chur chun báis. "A rin sé," ar siad, "le
fearta Dé, mór-fhuascailt orainn inniubh, agus ní chaithfig aoinne
baint leis." Agus as mair sin a saorag é.



4. As figiúir an gnóth so, arsa Naomh Ambrós, ar an ní a thiteann
amach do pheacach. A daorag chun báis an fear calma so i dtaobh
braon meala a bhlaiseadh, ach budh ró-dhóbair gur searbh insa deire
dho í. Amhla sion, as milis don pheacach an peaca a dhéanann sé.
Áfaig as ró-shearbh í insa deire dho. Oir muna ndéanfaig sé aithrí
fhírinneach inte, daorfar é chun bás shíorraí, agus dá n-éireoch an
Mhaighdean Muire agus a bhfuil do aingil agus do naoimh ins na flaithis
órtha ina pháirt, ní thiucfach leo é a shaoradh uadh an bhás scanrúil
sin. Níl a leigheas le fáil ar neamh ná ar thalamh insan aimsir atá
láithreach, atá imithe nó atá le teacht. An fhaid a sheasóig saol Dé


L. 184


seasóig a chéasadh. Ar an abhar sion, tugaimís togha na aire dhúinn
fhéin, agus ná bímís chón mór sion gan chiall agus donas gan deire gan
leigheas gan teora gan tomhas a tharraint orainn fhéin mar gheall ar
phléisiúir nómanta. As deorach an gnóth go mbeach cúis againn le
rá, amhail adúirt Jonathan, "Féach, níor bhlaiseas ach braon meala,
agus atá bás le imirt oram mar gheall air."



1 Reg.15. 5. A bhí náisiún págánta, sliucht Amelec, ar theorann
an phobail Abhra. Agus tamall beag adéis a rug Rí Saul
an bua mór úd ar na Philistínig, a thánaig an fáig Samuel chuige agus
adúirt, "Ag seo mar do ordaíonn an Tiarna Dia a rin rí díot as cionn a
phobal: Do shroiseadar 227 peacaí sleachta Amelec suas go bruach a
dtómhais. <Ar> an abhar sion beir lead do shaighdiúirí agus tabhair ár,
léirscrios agus lán-lot ortha: ná fág aoinne dhíobh, óg ná críonna, beag
ná mór, ina mbeathaig. Ná glacadh do shúil trua dhóibh. Mairbh a
n-airnéis, a mba, a gcaoire, a gcapaill agus a n-asail. Ná glac chúghad
aon chuid dá substaint, ach loit agus dóig é go léir."



A chnósaig Saul a arm, dhá chéad míle fear cogaig, agus a rin lot agus
léirscrios ar dhútha Amelec. Áfaig níor lean sé an t-ordú a thug Dia
dho: a spáráil sé an rí agus na uaislí: níor mhairbh sé ach na daoine
bochta. A chiomád sé féin agus a shaighdiúirí an chuid a b'fhearr don
airnéis agus níor mharaíodar ach na beithíg suarach nárbh fhiú a
bhreith leo. Ach chas sé abhaile go mustarach agus do ofráil sé, lena
úd<a>rás fhéin, íobairt do Dhia. Agus budh é sin a' tarna uair aige ag
déanamh an ghnóth sion nár cheart do aoinne a dhéanamh ach amháin
dos na sagairt. A chaith an rí mallaithe eagla Dé amach as a chroí.



6. Le ordú Dé do thriall an fáig Samuel air, agus an uair a airig an
rí go raibh sé ag teacht chuige a ghaibh sé amach ina chuinnibh, agus
adúirt, "Dé do bheatha-sa, a fhir do bheannaig Dia! Do chólíonas
ordú Dé." "Má chólíonais," arsa Samuel, "cad as fáth do bhúirig na
mba agus do mhéilig na gcaorach a airím as an gcampa?!" "Ó!" arsa
Saul, "beithíg as ea iad sion a thugamair as dútha Amelec chun íobairt
a dhéanamh don Tiarna." "Más ea," arsa Samuel, "c<e>adaig dhomhsa
a 'nisint doit cad é an chaint a chaith Dia liomsa araoir id' thaobh-sa."
"'Nis dhom é," arsa Saul. "Nár thoibh Dia thusa agus nár shácráil
sé thu chun a bheith id' rí as cionn a phob<a>il an tráth a bhís íseal
agus suarach id' shúilibh féin? Agus le déanaí anis a chur sé thu chun
díolthais a imirt ar pheacaig Amelec. Ach in ionad sion a dhéanamh,
as amhla a luís ar shluid a dhéanamh agus a spárálais iad. As ró-
dhanaid dhoit nár chólíona<i>s ordú Dé." "A chólíonas go deimhin,"
arsa Saul, "agus a thugas Agag a rí liom. As fíor gur spárál<a>mair
cuid dhos na beithígh chun íobairt a ofráil do Dhia i dtaobh bua a
thabhairt dúinn." "Ní íobairt ná ofráil ná fuil chaorach, dhaimh ná
gabhair a loirgeann Dia, ach go 228 ngéillfí dhá ordaithe. Oir as mar
a chéile ina láthair asumhlaíocht agus peaca an draíodóireacht, nó
déithe bréagach do adhradh. An duine ná géilleann do Dhia, diúl-
thaíonn sé ar fad dho. Ar an abhar sion, uadh chuiris-se beag-shuim in


L. 185


ordaithe Dé, bíoch fhios agad gur ghearr Dia amach thusa uadh ríocht
agus gur thoibh sé fear id' ionad a ghéillfig uadh chroí dhó." "A
pheacaí<o>s," arsa Saul, "nár chólíonas focal Dé, ach gur ghéilleas do
chainte mo shaighdiúirí. Maith dhom mo pheaca agus tair liom chun
onóra a thiospáint don Tiarna." "Ní gheobhad-sa lead," arsa an fáig,
do bhrí gur chaithis-se uait focal Dé. A chaith se sin thusa uaig chun
ná beifeá id' rí." A iompaig sé chun imeacht uaig agus a rug an rí
greim ar a bhrat agus a stracag í. Adúirt Samuel, "Fé mar a stracais
mo bhrat, a strac Dia an ríocht as do láimh-se, agus a thug í do fhear
níor fearr ná thusa." "Iarraim ort," arsa Saul, "teacht liom agus an
mhéid seo onóra a thiospáint dhom as comhair mo arm agus uaislí an
phobail, agus bia a chaitheamh iom' fhochair."



A chaith sé leis, agus adéis féasta a chaitheamh ina fhochair a imig
sé uaig agus ní fhacaig an rí as sion suas é, go lá a bháis.



1 Reg.16 7. Tamall ina dhiaigh sion a imig Samuel lé ordú Dé go
cathair Bethle<he>m chun rí a shácráil in ionad Saul. Adúirt Samuel,
"Aireoig Saul gur rinneas an gnóth sion, agus maróigh sé me." "Beir
lead," arsa Dia, "damh, agus déin é a íobairt, agus adéis na íobartha
tabhair cuireadh do uaislibh a' bhaile teacht chun an fhéasta. Agus
ar measc chách eile, glaoig ar Jesse, feirm<e>oir atá ann agus ar a
chlann mhac: as duine díobh sion a cheapas-sa chun a bheith ina rí in
ionad Saul." Budh ionadh le locht Bethle<h>em fáig a thriall ortha,
agus adúradar, "An le síocháin a thrialla<i>s orainn?" "As ea go
deimhin," ar sé, "Taga<i>m chun íobairt a ofráil dho Dhia, agus tigig go
léir agus bígig páirteach inte."



Adéis an gnóth sion a dhéanamh, agus féasta a chaitheamh dhóibh,
adúirt Samuel. "Tabhair chugham," ar sé le Jesse, "go aon mhac atá
agad." A thug sé a mhac budh shine, Eliab budh ainm dho, fear ard
groí calma dathúil. Adúirt Dia le Samuel, "Ná bac a aoirde, a bhreáth-
acht ná a neart: ní é sin a thoghas-sa chun a bheith ina rí. Ní fhaiceann
tusa ach an taobh amuith do dhuine, ach a chíonn mise an croí."
A thug Jesse a mhórsheisear mac i láthair agus níor thoibh an fáig
aon cheann díobh. Adúirt sé ansion 229 le Jesse, "A' bhfuil aon mhac
eile agad?" "Atá," ar se sion, "garsún chúig bliana déag do aos ag
ciomád caorach ar an gcnoc, agus budh shuarach liom é chun a thabhairt
iod' láthair." "Más ea," arsa Samuel, "cuir fios go dia<i>r air agus
tabhair chúgham é." A cuireag, agus an uair a thánaig sé adúirt Dia le
Samuel, "Hen é a cheapas chun a bheith ina rí: éirig suas agus sácráil
gan mhoill é." "Do éirig an fáig agus a shácráil é as comhair <a> athar
agus a dhearbhráithreacha chun a bheith ina rí, tré oíle bheannaithe a
dhortadh ar a cheann, agus a imig ansion uatha.



8. Uadh an lá sion suas, a tarraigeag Spirid Dé, Spirid na ngrás agus
an naofacht, uadh Rí Saul, agus le leonú Dé a ghlac an spirid mallaithe
seilbh ann agus a chéas go iontach é uadh am go am. Adúradar uaisle
a chúirte leis, "Atá an spirid a chuir Dia mar dhíolthas ad' chrá agus ad'
chéasadh go mór. Ordaig dúinn agus sláthróimíd ceolthóir binn ag
seinniúin ar chláirseach, agus an uair a thiucfaig an droch-spirid ort,


L. 186


le ceol binn agus le guth an chlárseora ciúnófar tu agus ní aireoir é
ag déanamh aon cheataí doit." "Más ea," arsa Saul, "taighdíg a
leithéid amach dom." "Féach," arsa ceann dos na cúirt<e>oirí, "atá ag
Jesse - fear a chónaíonn i gcathair Bethel<he>m - ógánach mic nar budh
ainm dho Dá<i>bhí, agus níl insa dútha go léir a leithéid le fáil chun
amhráin agus ceoltha a dhéanamh." A chur an rí teachta<i>rí dá
iarraig, agus a tugag chuige é. A thaithnig sé go mór leis, agus an uair
a thagach an droch-spirid ar an rí a sheinneach Dá<i>bhí ar a chláir-
seach, a chanach amhrán binn agus a iomeoch an droch-spirid uadh
an rí. Agus hen é an tslí 'nar tugag an t-ógánach beannaithe seo ar
dtúis go cúirt an rí. Níor mhair riamh file a b'fhearr ná é. A rin sé
céad agus deich n-amhrán agus dá fhichid, nó céad agus deich
psa<i>lmneacha agus dá fhichead, ag moladh Dé agus ag trácht ar a
oibreacha iontach, ar a mhór-thrócaire, ar a mhaitheas agus ar a
mhór-chomhachta. Agus gnóth níos mó ionadh ná sion, cé gur mhair
sé míle deich mbliana agus trí fhichid sular ghlac Mac Dé cola<i>nn
daonna, a thrácht sé ar incholnadh Chríoist, ar a bhreith agus ar a
bheatha, ar a mhíorúilí, ar a pháis agus ar a bhás, ar a aiséirí uadh
mhairbh, ar a dhul suas ar neamh, ar a theacht an lá déanach chun
breithiúnas a thabhairt ar bheoibh agus ar mhairbh, agus ar na uile
nithe a thit<f>ig amach do Eaglais Chríoist go deire an domhain. A thug
sé, adeirim, cúntas 230 chón cruinn ar na nithe seo go léir agus dá
mbeach sé ina fhinné súl ortha. Agus hen é an fáth na léitear cuid
dos na psa<i>lmneacha sion insan oific nách foláir dhos go aon tsagart a
rá go aon lá dá shaol.



A bhí an <t->óigfhear so lán do spirid Dé uadh an lá nar shácráil
an fháig Samuel é chun a bheith ina rí in ionad Saul. Agus budh ar a
shliucht a thánaig ár Slánathóir Íosa Críost.


L. 187



XXXVII. GOLIATH



1 Reg.17: 1-16. 1. Tamall adéis a bhí Dáibhí i gcúirt Saul, a
bhris cogadh amach idir an rí agus náisiún na bhPhilistín-
each agus a chas Dáibhí abhaile go tig a athar, a chuir arís é ag tabhairt
aire dá chaoirig. A chnósa<i>g an rí agus na Philistínig ar gach taobh
a n-arm chun bualadh a thabhairt dá chéile. A shocraíodar a gcampa
ar dhá chnoc a bhí as cuinne a chéile, agus gl<e>ann eatora. Amhla sion
dhóibh ar feag dá fhichead lá, agus go aon mhaidean a ghlua<i>seach
ga<i>scíoch amach as campa na <bh>Philistíneach go lár an ghleanna
agus a chuireach challenge ar aon fhear i gcampa Rí Saul teacht agus
comhrac aonair a thabhairt dho, ag rá, "As sibhse saighdiúirí Rí Saul
a thánaig chun troda ar a shon. Ní gá ansion fear a chur i gcontabhairt
a mhairthe. Toghaig amach an fear as fearr agaibh, agus troideach
sé iom' chuinnibh-se. Má bhuaim air, beig sibhse fé smacht againne,
agus má bhuann se sion oramsa, beimíd-ne lán-umhal go brách
dhíbhse. Ní gá a thuille cogaig ná dortadh fola a dhéanamh: fágtar an
gnóth fúithinn araon, tástálaimís neart ár lámha lena chéile agus bíoch
an láimh as treise uachtarach." As mair sin a dhéanach sé go aon
mhaidin agus tráthnóna ar feag dá fhichead lá. Níor lig neart aoinne
aca a chuireadh comhraic a ghlacadh. Agus níor budh aon ionadh sion,
oir fear a budh <ea> é a bhí deich dtroithe go leith ina aoirde; a bhí
cafarr práis ar a cheann, éide práis a mheáig chúig céad púnt ar a
chúm, buataisí práis ar a cheathrúna agus ar a chosa, sciath práis ar
a bhaclainn agus an <t>sleagh bhí ina láimh chón mór le bíoma fi<o>dóra
arna ndéanann a chuid snáth a thochras, agus sé chéad púnt iarainn
agus crua mar cheann ar an <t>sleagh sion, insa chás sion gur budh
eaglach le faicsin é.



1 Reg.17:17. 2. A tharlaigh go ndeachaig an triúr dearbhráithreacha
budh shine ag Dáibhí insa chogadh mar chách eile,
agus budh fhada lena n-athair a bhí sé gan aon scéal a fháil uatha.
Agus adúirt sé le Dáibhí, "Brostaig ort, imig don champa agus féach
conas atáid do dhearbhráithreacha. Beir lead arán, cáis agus plúir
agus fill go mear chúghamsa lena 231 scéala."



A imig sé sion chun an champa agus a fuair an t-arm go léir tarrainte
amach in ordú comhraic i gcuinnibh na bhPhilistíneach. Do fhág sé a
chuid lóin insa champa ag giolla an regiment agus a chuaig ag lorg a
dhearbhráithreacha. A tharlaig fá an am sion go dtánaig an gaiscíoch
Philistíneach Goliath amach a' cur a ghnáth-challenge ar arm Rí Saul.
A chonairc Dáibhí é agus a fhiafraig cé ar budh é an fear sion. A 'niseag
dho agus adúirt ceann dos na saighdiúirí, "Chíonn tu an t-athach úd:
pé duine a bhuafaig air, déanfaig an rí sa<i>bhir thar barr é: tabharfaig


L. 188


sé a iníon mar mhnaoi dho, agus beig cine a athar saor go brách uadh
chíos agus uadh cháin." "Canathaobh," arsa Dáibhí, "ná faigheach sé
fear chun dol i gcomhrac leis? Oir cé an slibire págánach sion go
bhfaigheach ann fhéin challenge a chur ar arm Dé agus dímheas a
thabhairt dhóibh?"



A chualaig a dhearbhráthair budh shine an chaint sin agus adúirt go
feargach leis, "Á a bhligáird dha<i>lthín, budh cheirte dhoit fanúin ag
tabhairt aire doit thréada bhocht chaorach ná teacht anso, ach atá
fhios agam gur tré dhíomhaoineas agus tré uabhar do chroí a thánaís
anso chun féachain ar an mbualadh agus ar an gcomhrac. Cas abhaile
gan stad." "Ní dúrt aon tréasan, ná aon ní as an tslí," arsa Dáibhí,
"chun go dtógfá chón olc san oram é." A imig sé uaig agus a fhiafraig
dhos na saighdiúiri eile cad a bhí le fáil ag an bhfear a bhuafach ar
Goliath. A 'niseadar dho mar a 'nis a' chéad fhear. "Rachad-sa leis,"
arsa Dáibhí. A tugag i láthair an rí é agus adúirt sé, "Ná titeach a
chroí agus ná teipeach a mhisneach ar aoinne agaibh: rachaig mise
agus comhracóigh mé leis an t-athach, buafad air agus scoitheoig mé
an ceann dhe." "Garsún óg as ea thu," arsa an rí, agus ní fhiadfá
comhrac a sheasamh leis an ghaiscíoch úd atá ina fhear cogaig uadhna
óig<e> agus nár bhuaig aoinne riamh air." "A bhíos-sa," arsa Dáibhí,
"ag ciomád mo chaoire agus a thagach leon nó béir agus a sc<i>ubaidís
leo caoire nó uan, agus a leanainn agus a bhaininn díobh é. A éirídís
chúgham agus do éirínn chúghtha agus a bhua<i>nn ortha. Oir a
mharaíos thana féin leon agus béir, agus maróig mé fós an t-athach so.
Oir Dia, a thug saor me uadh chraos an leoin agus uadh lapa an 232
bhéir, a bhéarfaig me saor uadh láimh an athaig seo."



1 Reg.17:37. 3. "Gluais ort," arsa an rí, agus bíoch Dia mar
chabhair agad." Ansion a chur an rí a chluith catha
fhéin ar Dháibhí, a éide ar a chúm, a sciath ar a bhaclainn, a chafarr
ar a cheann agus a chlaíomh ina láimh. A fuair Dáibhí go rabhadar
ró-anshoca<i>r agus ró-throm dho agus nárbh fhéidir dho iad a iompar,
oir ní raibh ta<i>thí aige ar a leithéid. A chuir de iad, agus a thóg a
bhata agus a shlingéir ina láimh agus a chuaig go misniúil chun troda
le Goliath, a bhí ag má<i>rs<e>áil go uaibhreach síos agus suas ar a'
machaire, agus ag lorg le ard-ghártha fear chun comhrac aonair a
sheasamh leis. Ar a shlí do Dháibhí <a bhuail ?> sruthán uime, agus a
thóg sé aiste chúig mhéaróg sleamhain rondáltha, agus a chuir iad insa
wallet nó máilín a bhí a' chrochadh ar a thaobh agus a chuaig go dána
fé dhéin Goliath. An tráth a chonairc se sion gur ógánach fiún-rua
suarach a cuireag chun comhraic ina chuinnibh, a fhéach sé le dímheas
air agus adúirt go míchéatach, "An dóigh lead gur gadhar mise, insa
chás gur thánaís chun me a throid le bata agus le slingéir? Tar
anso chúgham, agus muna dtabharfad-sa go mear do chorp mar bhia
do éanlaithibh an aeir agus do bheithíg na talún, go ndéanaig mo
dhéithe so súd liom." "Féach," arsa Dáibhí, "atáir-se chun troda im'
chuinnibh-se le muinín as do éide, do sciath, do chlaíomh agus do phíce.
Áfaig tagaimse iod' chuinnibh-se in ainm a' Tiarna Dia a chruithnig
neamh agus an talamh agus na uile nithe dá <bh>fuil ionta. Agus


L. 189


scoithfig mé do cheann díotsa agus a bhéa<r>faig mé inniubh cuirp do
shaighdiúirí mar bhia dhos na fiolair agus dhos na mictírí, chun go
mbeach fhios ag an domhan gurb é ár nDia-ne an t-aon Dia amháin
fírinneach agus nách le near<t> lámh ná le fórsa airm a buathar gleo,
ach le riarú Dé amháin."



A rith an Philistíneach go fórsúil feargach ina chuinnibh. Do chuir
Dáibhí cloch ina shlingéir, a chas tíompall a chinn í, a chaith ruchar
leis an Philistíneach, do aimsig é i gceart-lár a chinn agus a thit an
t-athach ar a' dtalamh. A phreab Dáibhí suas ar a chorp, a tharraig
claíomh an athaig amach as a dhúbla agus a scoith an ceann de. An
tráth a chonairc an <t->arm Philistíneach gur maraíog a ngaiscíoch,
níor fhan croí brí ná misneach aca. A theitheadar go tapaig. A lean
Saul agus a shaighdiúirí iad agus a thugadar dearg-ár ortha.



1 Reg.18: 1-9. 4. A 233 ghlac Jonathan mac Saul ana-ghrá do
Dháibhí. A chuir sé a bhrat corcra féin air agus a
cheanga<i>l a bheilt agus a chlaíomh fhéin tíompall a chuim. A loirg an
rí cúntas ní budh chruinne i dtaobh a chine agus mhuintir, a chiomád
é ina fhochair agus ní ligfeach abhaile a thuille é agus a rin sé ceann
cogaig de ar <a> arm go léir. Áfaig ní fada a chiomád sé an cairideas
sion dho, ach a ghlac sé fuath mór mairtheach chuige, agus suaibhreos
budh bhun do<n> fhuath sion.



Ar bhfilleadh dhóibh adéis bua a bhreith ar na Philistínig, a ghaibh
mná gach cathair amach le drumaí agus le ceoltha, ag cuir fáilthe roimh
an rí agus a shaighdiúirí, na aos óg a' rince, agus ag amhrán, ag rá
"A mhairbh Saul míle agus Dáibhí deich míle." A líon na focail a chroí
le formad iontach agus adúirt sé go searbh, "Níor thugadar dhomhsa
ach míle, agus a thugadar deich míle do Dháibhí. Cad atá uaig feasta
ach mo ríocht-sa." Uadh an lá sion suas níor fhéach sé le aon <t>súil
taitneamhach ar Dháibhí.



1 Reg.18: 10-23. 5. Tamall ina dhiaigh sion do chas an spirid ar an
rí agus a chéas go mór é. A ghlac Dáibhí a chláir-
seach agus a chrom ar sheinmnig mar budh ghnáth leis chun an rí a
cheansú agus fortacht a thabhairt dho. A bhí a shleagh ina láimh ag
an rí, agus go obann a thug sé iarracht di fé Dháibhí chun a mhairthe.
A phreab se sion i leath-<th>aoibh uadh an ruchar agus a shábháil é
fhéin. As sion amach ní raibh aon iontaoibh aige as an rí, oir a thuig
sé go glan go raibh ma<i>lís mhór aige chuige agus a thuig an rí go raibh
Dia mar chosantóir ag Dáibhí agus gur tharraing sé a ghrása agus a
chúnamh uaig fhéin. A chuir sé é mar chronéil ar mhíle fear cogaig
crógha insa dóigh go marófaí <é ?> i gcath éigin. Agus a rin Dáibhí a
ghnóth chón ciallmhar agus do iompair sé é fhéin chón oiriúnach sion
go raibh ard-mheas agus ard-chion ag an náisiún go léir air. Adúirt an
rí leis, lá, dá thástáil, "Féach, a bhéarfaigh mé mo iníon as sine dhoit
mar chéile, ach bí id' fhear crógha agus cuir cogadh Dé chun cinn i
gcuinnibh na bhPhilistínig." A thuig Dáibhí gur tré fheall a chaith an


L. 190


rí an chaint sin leis, agus adúirt dá fhreagradh, "Cé é mise nó mo chine
gurbh fhiú mé a bheith iom' chliamhain ag rí? Fear ró-shuarach me
chun a leithéid do onóir a bhronnadh oram."



1 Reg.18:19. 6. I gcionn tamaill ina dhia<i>gh <sin ?> 234 a phós
an rí an iníon úd le fear eile, agus a tharlaig gur thit
a iní<o>n óg i ngrá <le Dáibhí?>. Agus a chur sion an-áthas ar a athair,
óir a cheap sé go bhfaigheach tréithe sin cae ar Dháibhí a mharú. Agus
adúirt sé lena chúirteoirí labhairt le Dáibhí chun í a phósadh. A
labhradar agus adúradar gur cheart dho a bheith <ina ?> chliamhain
ag an rí. "Fear ró-bhocht, ró-shuarach mis'," ar sé, "chun iní<o>n rí a
phósadh." A 'niseag an chaint sion don rí. "Abraig leis," ar sé, "nách
ór, spré ná airgead a theastaíonn uaim ach tugach sé chúghainn dhá
chéad cinn Philistínig agus ní loirgeod a thuille spré air agus bhéarfaig
mé mo iníon dho." A thaithn an gnóth sion le Dáibhí, agus i gcionn
beagán aimsire a ghluais <s>é lena shaighdiúirí, a thug cath dhos na
Philistínig, a mhairbh dhá chéad díobh agus a thug na cinn chun an
rí, agus a pósag é lena iní<o>n. Agus uadh an lá sion amach a budh é
stuidéar an rí do ló agus do oíche ag féachan cionas a thiucfach sé ar
Dháibhí a mharú.



A labhair sé lena mhac Jonathan agus lena shaighdiúirí Dáibhí a
mharú. "'Athair," ar se sin, "as ró-olc an gnóth a mheasann tú a
dheánamh; duine a mharú ná rin aon cheataí riamh doit, ach a' seirbhís
budh mhó dhoitse agus do<n> náisiún go léir. A ghlac sé a anam ina
lámh agus, rod ná déanfach aon fhear id' ríocht, a throid sé leis an
athach Goliath, a bhuaig air, a mhairbh é agus a fhuascail sé thusa agus
do arm agus do ríocht uadh dhaorsmacht na bhPhilistíneach. A
chonaircís féin an gníomh sion agus a ghlacais áthas mór dá dhruim.
Canathaobh mar sion go ndéanfá peaca chón mór sion agus fuil dhuine
neamhchiontach a dhortadh, nár rin riamh aon díobháil doit ach go
aon mhaith a budh fhéidir dho?"



1 Reg.20:30. 7. Ach in ionad ghéilleadh do fhocail an phrionsa
chalma chiallmhar so, as amhla adúirt a athair mal-
laithe, "A mhic na mná a rinneach fórsa ar fhearaibh, a mhic na dearg-
striapaí, atá fhios agam go bhfuil grá agad do mhac Jesse, go bhfuil
cion agad air chun do náire agus do dhíobhála fhéin. Bíoch fhios agad
an fhaid agus a mhairfig an fear sion ná fuil aon chance agadsa a
bheith id' rí iom' dhiaig-se. Imig lead go dia<i>r agus tabha<i>r chúgham
anso é chun a mhairthe. "Canathaobh," arsa Jonathan, "go mair-
eofaí é? Cad a rin sé riamh as an tslí?" In ionad é fhreagradh as
amhla a rug an rí ar a shleagh agus a chaith le Jonathan í chun é a mharú.
Le leonú Dé a chuaig sé saor. Agus a thuig sé go glan go raibh 235
ma<i>lís a athar críochnaithe go foirlíonta ar fad, ná fiadfaí a dhroch-
aigne a shóinseáil. A chuir sé teachta<i>rí chun Dáibhí, ag fógairt dho
muna dteithfeach sé leis fhéin an oíche sin ná faicfeach sé go brách an
mhaidean amá<i>reach. A theith Dáibhí leis fhéin i gan fhios, agus a
chuir a bhean <íomhá ?> ina leabaig, agus an uair a thánadar saighdiúirí


L. 191


an rí chun é ghabháil a rug sí isteach don seombra iad agus adúirt go
raibh a fear insa leabaig ina luí go ana-bhreoite. A chasadar chun Saul
le<is> na scéaltha sion, agus a thánaig go mear chun Dáibhí a mharú ina
leabaig, agus ní bhfuair ann ach an íomhá. Lán do fheirg adúirt sé lena
iníon, "Canathaobh gur imris an bob so oram agus gur scaoilis uait mo
namhaid chun teitheadh uaim?" "Atá," ar sise, "do bhrí gur bhagair
sé mé a mharú muna <n>déanfainn an gnóth a rinneas."



1 Reg.19: 18-24. 8. Ar theitheadh do Dháibhí a thriall sé ar an
fháig bheannaithe Samuel. A 'niseag do Saul go
raibh sé ann agus a chuir sé dram chun beirthe air. Ach ní raibh maith
dho ann: a thit spirid Dé ortha agus do fhanadar i bhfochair an fháig
chón cneasta le uain. A thit an gnóth céanna amach don tarna agus
don tríú dram, agus fé dheire a chuaig an rí féin chun beirthe air. Agus
ar a theacht i láthair an fháig, a chaith sé uaig a chuid airm, a bhain de a
chluith cogaig agus do fhan sínte dearg-nochtaithe ar an dtalamh ar
feag lae agus oíche. Agus ag sin mar a saorag le fearta Dé an t-ógánach
beannaithe chón cruaig sin uadh an rí mallaithe ma<i>líseach úd a
loirg gan chúis é a chur chun báis.



9. Anis, cad é an teagasc as ceart dhúinne a bhaint as na nithe so?
Adeirid na Aithreacha Naofa gur figiúir an t-athach úd, Goliath, ar
pheaca an uabhair. Oir fé mar a bhí sé seo ina ghaiscíoch agus ina ard-
cheann ar arm na bhPhilistíneach, a bhí ina namhaid cónaitheach buan
do phobal Dé, amhla sion as é uabhar ard-cheann agus máistir ar go aon
pheaca; as uaig a ghluaiseann go aon pheaca, as é an peaca as aosta,
as baolaí ar bith é, agus as air as deacra bua a bhreith. A budh é an
peaca a rinneadar na aingil ins na flaithis, agus as é a iompaig iad uadh
<bheith ?> ina spiridí glan glórmhar 236 ar neamh chun a bheith 'na
ndeamhain dorcha gránna in Ifreann. Oir adúirt Lucifer, an t-ard-
cheann a bhí ortha, "Éireoigh mé in airde chun na flaitheas as aoirde,
agus beig mé chón ard le Dia féin, agus socróigh mé mo chathaoir as
cionn a chathaoir sin." A budh é seo an peaca a rin ár sinsear i bParthas,
oir a mheasadar go bhfaighidís, tré úll na aithne a ithe, fios agus eolas
chón mór sion go mbeidís cosúil le Dia féin, amhail a gheall an t-air-
seoir dhóibh, ag rá, "Ní bhfaigh' sibh bás ar aon chor, ach osclófar
bhúr súile agus beig fios uilc agus mhaith agaibh agus beigh sibh in
bhúr ndéithe."



Níl leigheas ar bith le fáil ar an bpeaca so ach fíor-umhlaíocht, a
ghluaiseann uadh chruis Chríoist, amhail nár fhiad arm daonna deargadh
ar chorp Goliath ná leagadh a bhaint as, ach an chloch a chaith Dáibhí
leis, as í a mhairbh é. Agus 'niseann Naomh Pól gur budh chomhartha
an chloch sion ar Íosa Críost. Oir is e sion amháin atá ábaltha ar an
t-athach tréan Ifreanda so an uabhair a threascairt, agus as ar an abhar
sion adeir Críost féin na focail nótáltha linn, "Foghlaimíg uaimse
oir atáim-se umhal agus ceansa i gcroí."



10. An dara ní atá againn le foghlaim as na gnótha so as ea go
dtuigfimís go glan agus go éifeachtúil cad é chón contabharthach agus


L. 192


chón gráiniúil agus atá an peaca díoblaí sin, formad. A rin an t-ógánach
beannaithe Dáibhí an <t>seirbhís budh mhó do Saul agus dá mhuintir,
ach do dhruim an moladh úd a rinneadar sion air, a ghlac an rí fuath
mairtheach chuige, agus muna mbeach an cúram agus an díon
spisialtha a rin Dia air, a mharófaí gan trua gan trócaire é. Formad as
ea doilíos fá mhaith saoltha na comharsa, nó áthas féna mhírath nó a
mhífortúin. Níl peaca ar bith a dhéanann anam an duine níos cosúla
leis an deamhan ná an peaca so. "As tré fhormad an diabha<i>l," arsa
an Spirid Naomh, a thánaig an peaca agus an bás isteach insa domhan so.
Agus an mhuintir a ghabhann leis, déanaid aithris air." Oir as mó a
ghuill sé ar an airseoir ná pionós Ifrinn féin, ár sinsear do fhaicsin
séanmhar i bParthas, tré a bheith umhal do Dhia. Ar an abhar sion a
cheap sé iad a tharraint 237 uadh sheirbhís Dé chun iad fhéin agus
a sliucht a mhilleadh go brách adonn ná faighidís, ná aoinne a shíolthóch
uatha, seilbh i ríocht na bhflaitheas go deo.



A budh é <an ?> formad budh bhun leis a' chéad mhurdear. A mhairbh
Cain a dhearbhráthair Abel gan aon abhar ná cúis eile ar bith ach
amháin go raibh Abel diagasúil naofa, agus é féin cuirpeach mallaithe.
As tré formad a chuireadar prionsaí agus uaislí na nIúdach ár Slánathóir
chun báis, oir budh mar a chéile leo nó <a> mbás fhéin a fhaicsin an meas
a bhí ag an choitian<ta>cht ar Chríost. As uadh an duáilce ghránna
so a thagaid rómhór na bpeacaí a dhéanaimíd i gcuinnibh ár gcomharsa,
mar atá fuath, feall, tromaíocht, éitheach agus bréaga a ch<e>apadh air.



An leigheas agus a' chosaint as fearr ar an onchú Ifreanda so as ea
fíor-chumann nó grá na comharsa ar son Dé, tréna ndéanaimíd agus
tréna loirgimíd maith don chomharsa mar a loirgimíd agus mar a
dhéanaimíd dhúinn fhéin. Agus pé duine a dhéanann sion, a gheobhaigh
sé gan dearmad ríocht na bhflaitheas. Rom.13:18. Oir "as é grá
na comharsa cólíonadh an dlí go léir," arsa Naomh
Pól; agus "pé duine a chólíonas a' dlí," arsa Íosa Críost,
"a gheobhaig sé dol isteach do<n> bheatha shíoraí."


L. 193



XXXVIII. DAVID, JONATHAN, Etc.



1 Reg.21: 1-16. 1. A 'niseas iom' chomhrá dhéanach cionas a
shábháil Dia an t-ógánach beannaithe Dáibhí uadh Rí Saul
a lean é chun a mhairthe. A rin an prionsa sár-mhaith calma Jonathan
a uile dhícheall chun croí mallaithe ma<i>líseach a athar a bhogadh agus
a shóinseáil chun síocháin agus cairideas a thabhairt do Dháibhí, ach
ní raibh maith dho ann. As amhla a dhain<gn>ig a athair ina chuinnibh
agus a cheap sé é a chur chun báis. A chuir Jonathan an gnóth sion i
gcéill do Dháibhí agus adúirt leis é fhéin a shábháil i pé áit budh fhearra
dho. A cheap Dáibhí ná raibh aon áit budh sh<i>úráltha chun é fhéin
a shábháil ná triall ar ard-shagart Dé, Achimelec. A ghlac se sion go
fáiltheach é, agus a thug dho agus dhos na fearaibh a bhí ina fhochair,
an uair ná raibh aon bhia eile aige, an t-arán beannaithe, ná raibh ite
ag aoinne eile ach ag na sagairt amháin - gnóth a mholann ár Slána-
thóir, cé go 238 raibh sé i gcuinnibh an dlí. Ach do bhrí gur le riacht-
anas a déanag é adeir Críost go raibh sé lán-dlistineach.



1 Reg.21:7 - 22:19. 2. Le neart a dhithnis chun teithe, níor thug
Dáibhí a chuid airm leis, agus a loirg claíomh
nó sleagh ar an ard<-shagart>. "Níl a leithéid agam," ar se sion, a<ch>
claíomh Goliath féin lenar scoithis an ceann de. Agus atá sé istig insa
Tabernacle ag crochadh le aithis na olthóra." "Tabhair dhom é," arsa
Dáibhí; "níl claíomh le fáil as fearr ná é." A rug an sagart isteach don
Tabernacle <é ?>, a thóg anuas an claíomh agus a thug dho é.



A ránaig go raibh an tráth sion insa Tabernacle Doeg, ard-r<e>achtaire
an rí. Beagán laetheanta ina dhiaigh sion adúirt an rí le locht a chúirte:
"As ró-thrua mo chás: a rinneabhar go léir plot iom' chuinnibh. Níl
duine agaibh dílis dom. Dá <m>budh é mo mhac fhéin, a ghlac sé páirt
le Dáibhí im' chuinnibh. Ní dhéanfach <aoinne ?> agaibh amach dhom
é agus ní 'neosach sibh cá bhfuil sé chun go <m>béarfainn air." A bhí
Doeg a láthair an chomhrá sion, agus adúirt sé leis an rí, "A chonarc-sa
Dáibhí an lá fé dheire i bhfochair an ard-shagairt Achimelec, a thug
arán beannaithe dho fhéin agus dá fhearaibh, a cheangail claíomh
Goliath ar a thaobh, a thug a bheannacht dho agus adúirt le údarás Dé
go n-éireoch a bhóthar leis.



A chuir an rí fios ar an ard-shagart. A thánaig sé chuige le cúigear
agus ceithre fichead sagairt ina fhochair. Adúirt an rí go feargach leo:
"A ard-shagairt Dé, canathaobh go rinnis-se agus do shagairt plot
im' chuinnibh-se le Dáibhí? A thugais bia beannaithe, claíomh Goliath,
do bheannacht agus beannacht Dé dho agus a fhios agad gur rebelúnach
im' chuinnibh-se é." "Níl," arsa an sagart, "fear id' ríocht chón dílis
dhoit agus atá Dáibhí. Nách é do chliamhain é, fear cosanta do


L. 194


ríoch<t>a é, ard-cheann do airm é? Ná creid agus ná tuig gur rebelún-
ach id' chuinnibh é." "As i gcuinnibh do anam féin a labhrais,
a shagairt," arsa an rí. "Imreofar bás gan stad ort." Ansion adúirt
sé lena ghardaí, "Mar<a>íg gan stad sagairt Dé." A<ch> ní tharraic-
eoch fear díobh a chlaíomh ina gcuinnibh. Ansion, adúirt sé le Doeg
iad a mharú 239 agus a mhairbh go aon fhear díobh ar <an ?> láthair,
agus éide Dé ortha. Agus a chuaig le ordú an rí le scata mallathóirí eile
go cathair Nobe, agus níor fhág inte duine ná daonnaí, bó, caoire
capall ná asal gan mharú. Oir a budh insa chathair a chónaig Achimelec
agus na sagairt eile.



1 Reg.22: 20-23. 3. Ach a theith aon tsagart amháin, Abiathar, mac
Achimelec, leis fhéin, agus a rug leis A<i>rc na
Conradh, agus a thriall sé ar Dháibhí agus a 'nis dho an oíde a thug rí
Saul ar a athair agus ar a mhuintir. A ghlac Dáibhí ana-bhrón i dtaobh
marú na sagart, agus a mheas gurbh é féin a bhí ciontach leis. A
chiomád sé fé mhór-chion Abiathar ina fhochair fhéin, agus adúirt sé
gur thúisce a fhuil<ic>eoch bás a imirt <air ?> fhéin ná a ligfeach sé do
aoinn<ne> beo díobháil a dhéanamh dho.



4. A ghluais Dáibhí as sion le cheithre chéad fear calma a thánaig
chuige chun díon agus cosaint a dhéanamh dho, agus a thriall sé ar
Achis, prionsa Philistíneach a chónaig i gcathair Gath. A ghlac go
fáiltheach é agus a thug feisteas dho ina thig fhéin. Adúradar a sheir-
bhísig leis an bprionsa, "Canathaobh gur ghlacais chúghad an fear
crógha so, ard-ghaiscíoch na nAbhrach? Nách é seo an fear a mholadar
as cionn a rí fhéin, ag rá insan amhrán, "A mhairbh rí Saul míle, ach a
mhairbh Dáibhí deich míle fear"?" Ar chlos na cainte sion do Dháibhí
a ghlac ana-eagla é fanúin insan áit sion agus ní raibh fhios aige cionas a
thiucfach leis é féin a shaoradh uadh an mbaol ina raibh sé. A lig sé
air a bheith ar buile. A chur crot, gotha agus iompar iomadáin air
fhéin. Adúirt an prionsa go míchéatach lena sheirbhísig, "As dóch<a>
go raibh aspa iomadáin agus daoine buile orainn insa chathair so insa
tráth nárbh fholáir dhíbh an briollán buile seo a thabhairt chun cónaithe
im' chúirte-se. Scaoilig uaibh gan mhoill é."



As amhla sion a saorag é uadh an mhór-bhaol ina raibh sé.



1 Reg.23. 5. A chas sé féin agus a chuideachta chuig dútha na
nAbhrach airís agus do fhanadar ar shléibhte agus i
gcoillthe ag teitheadh uadh Rí Saul. Tamall ina dhiagh sion 240 a
thánaig arm na bhPhilistíneach agus a chuireadar siege le cathair
Cheila. Adúirt Dáibhí lena fhearaibh gur <chóir ?> dhóibh dol i
gcabhair do locht an chathair. "Féach," ar siad, "atáimíd anso ag teitheadh
lenár n-anam, i gcontabhairt beartha orainn do ló agus do oíche, agus
nách mó ná sion an baol a bheig orainn má théimíd chun troda i gcuin-
nibh arm na bhPhilistíneach?" A loirg Dáibhí ar an sagart an gnóth
sion a chur i láthair Dé agus fios a fháil uaig a' rachach sé i gcúnamh
do<n> chathair agus an éireoch a thrus leis. A rin an sagart sion agus a


L. 195


fuair mar fhreagra gur ordaig Dia dhóibh dol, go mbuafaidís ar na
Philistínig agus go saorfaidís an chathair. Lán do mhuinín as comhachta
Dé, a thriall sé lena dhorn fear, a thugadar bualadh dhos na Philistínig,
a bhuadar ortha agus a shaoradar an chathair. Budh bhuíoch thar
barr a bhí locht an chathair dho Dháibhí agus dá fhearaibh agus ní
ligfidís uatha ar aon chor iad.



A 'niseag don rí go raibh Dáibhí insa chathair. A chnósaig sé a arm go
léir agus a chuaig ag triall airthe. Ar chlos an scéil sin do Dháibhí a
loirg sé ar Dhia, tríd an sagart, a' bhfan<f>ach sé insa chathair, a'
dtógfach Saul í nó a' dtabharfach locht an chathair suas don rí <é>.
Agus a freagraíog é go dtógfaí agus go dtabharfaidís suas é do Saul.



Do fhág sé féin agus a shaighdiúirí an chathair go mear agus a chuadar
i bhfolach ar chnoc. A 'niseag do<n> rí é a bheith ann agus a thánaig sé
féin agus arm mór tíompall a' chnuic go léir in<sa> chás ná raibh aon
chance sábhála ar Dháibhí ná ar a fheara. Ach níor chaill an fear
beannaithe a mhisneach: a ghuig sé go dúthrachtach chun Dé fuascailt
a thabhairt air. Do éist Dia lena ghuí: a chrith an cnoc go léir agus a
thánaig teachtairí chun Saul á rá leis gan aon mhoill a dhéanamh, go
raibh arm na bhPhilistíneach ag lot agus ag creachadh na dútha go léir.
A scuir sé go mear uadh a bheith ag leanúint Dháibhí agus a chuaig i
ndiagh na bhPhilistíneach. Agus as amhla sion a shaor Dia airís an fear
beannaithe seo uadh an mhór-chontabhairt ina raibh sé.



6. Do fhág sé an pháirt sion do<n> dútha agus a chuaig go áit eile.
A 'niseag do<n> rí go raibh sé ann agus do thoibh sé trí mhíle dos na
saighdiúirí a b'fhearr a bhí aige agus a chuaig sé ag fiach Dáibhí, ag
rá, "Má théann sé síos fé an dtalamh tóchfad-sa amach as é."



241 Lá na raibh sé dá fhiach, a budh éigean dho dol i leath-thaoibh,
isteach go uaimh mhór talún chun é fhéin a scaoileadh, ach cé a bheadh i
bhfolach i gcúl na uamha ach Dáibhí agus a fheara. Adúradar leis,
"Féach, as é so díreach a' lá na ndúirt Dia lead, "Tabharfaig mé do namhaid
isteach id' dhorn doit." Éirig suas agus mairbh Saul." A éalaigh sé
i gan fhios dho dé thiar de agus a ghearr ball do imeall a bhrait agus a
chas chun a fhearaibh arís. A bhí ana-mhill<e>án aca sion air i dtaobh
nár mhairbh sé Saul, ach adúirt se sion, "Bíoch Dia trócaireach liom,
oir cionas a gheobhainn im' chroí mo láimh a shíneadh i gcuinnibh an
fhir sin nar sácrálag é chun a bheith ina rí tré oíle bheannaithe Dé a
dhortadh anuas ar a cheann? Nár ligigh Dia go ndéanfainn go brách
a leithéid do ghníomh mallaithe." "Más ea," ar siad, "maróm-na é,
agus sion go mear." As ar eigean a fhiad sé iad a chosc uadh Saul a
mharú. A chua<i>g se sion amach as an uaimh. A lean Dáibhí é, a
ghlaoig ina dhiaig agus a lútáil go talamh do agus adúirt, "A Rí
chomhachtaig, canathaobh na dtugann tú cluas do chaint <na> ndaoine
mallaithe adeir lead go bhfuilim-se ar tí do mhairthe nó ar aigne
díobhála a dhéanamh doit? A chíonn tú féin inniubh gur thug Dia
dhom lán-chae ar sin a dhéanamh insan uaimh. Féach ag seo píosa a
a ghearras dhod' bhrat agus budh chó-uiriste dhom thu féin a mharú
dá <m>budh mhaith liom é. Ach níor chuimhnig mo chroí riamh ar a
leithéid. Níor rinneas riamh agus níor cheapas a<o>n díobháil a dhéan-


L. 196


amh doit, cé go bhfuileann tusa do ló agus do oíche iom' fhiach tré
chnuic agus tré shléibhte chun mé a mharú. Go ndéanaig Dia ceart
idir thusa agus mise agus go saoraig sé me uadh do láimh, oir atáim
neamhchiontach ina láthair."



A bogag croí mallaithe Saul le na focail sin, agus adúirt, "As í caint
mo mhic Dáibhí a chloisim." A chrom sé ansion ar ghol, ag rá, "As
fíoréan ceart tusa, a Dháibhí, agus as mallathóir críochnaithe mise.
A rinneas-sa go aon olc iod' 242 chuinnibh-se agus a rinnis-se go aon
mhaith dhomhsa, agus go gcúitíg Dia lead é. A thug Dia inniubh mo
anam id' láimh-se agus a spárálais me. A rinnis beart ná déanfach aon
duine beo. Oir cá bhfuil duine le fáil ar dhruim talún a spárálfach a
namhaid an tráth a thabharfach Dia cae a mhairthe dho, fé mar a thug
sé doitse inniubh mise a mharú agus a spárálais me? As sion tuigim
gur cheap Dia thusa a bheith id' rí im' dhiaigh-se, oir tuilleann tú é le
lán-cheart. Ach iarraim an achainí seo ort: tabhair Dia mar urra dhom
ná agróir-se ar mo shliucht na uilc a rinneas agus a mheasas a dhéanamh
ortsa." A thug Dáibhí sion dho.



Do imig an rí abhaile agus a ghluais Dáibhí lena fhearaibh fé an
bhfásach.



7. A bhí fear ana-shaibhir, nar budh ainm dho Nabal, a chónaig ar
chnoc le ais an fhásaig sion. Bodach dubh doicheallach a budh <ea> é.
A bhí bean chaoin chneasta chiallmhar aige: Abigail budh ainm di.
A bhíoch a chaoire agus a airnéis ag ingíor ar feag trí mhí ar an bhfás-
ach. Agus a bhí aspa mór bíg ar Dháibhí agus ar a fheara. A chualaig
sé go raibh Nabal ag bearradh a chaoire - tréad mór, trí mhíle caorach -
agus go rin sé féasta mór do locht a mbeartha agus dá sheirbhísig.
A chur Dáibhí teachta<i>rí a' triall air, a' lorg go sibhialtha beagán bíg a
chur chuige agus chun a fheara. A dhiúlthaig Nabal le spíde agus le
tarcuisne. A imíodar leo agus a 'niseadar do Dháibhí cainte Nabal.
Adúirt se sion, "Ceanglaíoch go aon fhear agaibh a bheilt agus a
chlaíomh air, agus leanaig mise. Oir fé mhaidean amáireach ní bheig
duine ná daonnaí a bhaineann le Nabal beo. A rinneas-sa agus sibhse
go aon tseirbhís don fhear sion agus dá chuid, agus dímheas, tarcuisne
agus spíde a gheib<i>míd mar dhíol as."



A ghluais sé air lán do fheirg agus ceithre chéad fear ina chuideachta.



8. A<dúirt ?> ceann dos na seirbhísig le Abigail, "A chur Dáibhí uadh
chianaibh teachta<i>rí anso a' lorg beagán bíg go sibhialtha ar do fhear,
agus a thug sé sion diúlthadh borb droch-mhúinte dhóibh, mar ní féidir
dho aon fhocal maith a rá le aoinne. A bhíodar na fir sin ana-shibhial-
tha agus ana-chneasta linne an fhaid agus a bhíomar ina bhfochair
insa bhfásach. Níor ligeadar díth ná díobháil a dhéanamh dúinn do ló
ná do oíche: a bhíodar mar fhalla iarainn tíompall orainn. Féach anis
chúghad féin agus chun 243 do mhuintir in am. Oir adeirim-se lead
go n-agróig na fir úd oraibhse an asmailt agus an tarcuisne a thug do
dhroch-dhuine-se gan chúis dhóibh."



A ollmhaig sise í féin agus a seirbhísig gan mhoill, agus a rug lé ualaí
aráin, plúir, feola, fíona agus bíg eile agus a chuaig fé dhéin Dháibhí


L. 197


agus a fuair é agus a chuideachta ag bun an chnuic ag triall go mear chun
Nabal agus a mhuintir do oídiú. A thúrlaig sí dá asal, a chaith í fhéin
ar a glúinibh i bhfianaise Dháibhí agus adúirt, "A Thiarna, ceadaig
dhomhsa beagán focail a labhairt lead. Agair an gnóth so ormsa
amháin. Ní fhaca-sa do theachtairí. Agus ná tóg ar mo fhear an
droch-fhreagra a thug sé uaig, oir as strampálaí annrianta é ná fiadann
labhairt go sibhialtha le aoinne. Glac uaimse an tabharthas beag a
thugas chughad agus chun do fhearaibh. Tabhair síocháin dúinn.
Lig díot do chuid feirge agus ná gluais chun fuil a dhortadh. As tusa
a throid ar son pobail Dé, agus amáireach nó amanarthar, an uair a
bheir-se id' rí as cionn a' phobail, nár ligigh Dia go <g>casfach do
choinsias <lead ?> gur dhoirtis fuil neamhchiontach nó gur agraís a
mha<i>lís ar mo dhroch-dhuine-se. Glac mo achainí agus saorfaig Dia
thu uadh an uile bhaol."



Adúirt Dáibhí, "A Bhean, as beannaithe thusa uadh' dTiarna a chas
im' shlí thu chun me a chas<adh> uadh dhortadh fola. Oir, fé mar a
mhaireann Dia, muna mbeach gur bhualais umam, ní fhaicfeach do
fhear ná aoinne a bhain leis solas an lae 'mháirig. Cas chun do thí i
síocháin. Glaca<i>m, tré ghéilleadh dhoitse agus chun onóra a thiospáin
doit, an tabhar<th>as so a thugais chúgham."



Ar fhilleadh di, a fuair sí a fear agus cuideachta mhór ag déanamh go
sóch. Níor 'nis sí dho cad a rin sí go dtí a' lar na mháireach, an uair a
chur sé a mheisce de. Ar chlos an scéil sin dho, a phreab a chroí agus a
fuair bás deich lá ina dhiagh sion.



9. Dála Dháibhí, do a<i>strig sé uadh an áit sion agus a thánaig go
páirt eile don dútha. A 'niseag do Saul go raibh sé ann, oir ní fada do
fhan ina dhroch-chroí spirid na carthanachta a thiospáin sé tamall
roimhe sin do Dháibhí, agus a cheap sé é a mharú gan trua gan trócaire.
A 244 rug sé leis a shaighdiúirí agus thriall ar an ionad inar 'niseag dho
go raibh Dáibhí. A thit an oíche ortha agus a shocraíodar a gcampa ar
chnoc. A fuair Dáibhí amach go rabhadar ansion. A ghluais sé agus
ceann dá chaptaíní i lár na oíche agus a thánadar isteach don champa
agus níor airig aoinne iad. Oir a chuir Dia codladh trom ar Shaul agus
ar a shaighdiúirí. A chuaig Dáibhí isteach go cábán an rí. A fuaradar
e sion agus a ghárdaí ina gcodladh. Adúirt an captaín, "Féach atá
do namhaid iod' dhorn agad: ná scaoil uait a thuille é. Tabharfad-sa
aon <t>sá amháin do shleagh dho agus tairneálfad don talamh go brách
é." "Ná bain leis," arsa Dáibhí, "ná sín do láimh chuige. Ná bíoch a
chuid fola ar do anam. Tiucfaig a am fhéin fós. Titfigh sé i gcath éigin nó
cuirfig Dia an bás chuige an tráth a chíofaig sé oiriúnach. Imímís as so,
ach beirimís linn sleagh an rí agus an cupa asna n-ólann sé."



A ghluaiseadar ortha agus a shroiseadar an cnoc a bhí ar an dtaobh
thall don champa. Do ardaig Dáibhí a ghuth agus a ghlaoig sé ar
Abner, captaín ghárdaithe an rí, ag rá, "Nách crógha an fear thusa, a
Abner, agus nách maith na ciomádaithe tusa agus do chomrádaithe
ar bhúr rí. Féach, a chuaig fear chun é a mharú isteach ina chábán agus
ní<or> a<i>rig aoinne agaibh é. Budh cheart bás a imirt oraibh." "Scuir
dod' bhéicig," arsa Abner, "ar eagla go ndúiseofá an rí." Lena linn
sinn


L. 198


do dhúisig Saul agus adúirt, "As dóigh liom gurb é glór chaint mo mhic
Dáibhí a chloisim." "As é go deimhin," ar se sion. "A chuas anocht
isteach iod' chábán, agus a fhiadfainn, dá <m>budh mhaith liom, thu
a mharú i lár do shaighdiúirí gan bhaol ar bith dhom fhéin. Agus mar
chomhartha air sin, féach cá bhfuil do shleagh agus do chupa. Agus a
Rí, canathaobh na bhfuileann thu am' fhiach mar seo, amha<i>l as gur
madra uilc me, duine ná rin díobháil riamh doit." "A pheacaíos go
trom id' chuinnibh," arsa Saul. "Fill chúgham agus ní dhéanfad go
brách a thuille díobhála doit." "Tabharfaig Dia," arsa Dáibhí, "luacht
a chroí agus a chuid o<i>bre dhos go aoinne, agus mar a rinneas-sa
trócaire ortsa anocht, agus nár mharaíos thu, go ndéana Dia trócaire
oramsa, agus díon agus cosaint dhom ins go aon bhaol. Fágaim do
shleagh agus do chupa anso: cuir teachtaire dá n-iarraig." Adéis na focail
sin a rá, do imig sé leis fhéin. A chas Saul agus a shaighdiúirí abhaile,
agus uadh an lá sion suas a éirig sé do bheith ag leanúint Dháibhí, oir
beagán ina dhiaigh sion a 245 maraíog é féin agus a mhuintir i gcath
mór a thug sé agus na Philistínig dá chéile.



10. As mór agus as socharúil an teagasc as féidir linn a bhaint as na
nithe seo má mhachtainímíd i ndáríribh ortha, má thuigimíd i gceart iad.
Tiospánaid go glan cad as ceart dhúinn a sheachnadh agus cad as ceart
a dhéanamh chun ár n-anam a shábháil. Ar dtúis, a chímíd cad é chón
contabharthach agus atá peacadh a<n> fhormaid. As é a bhíoch do ló
agus do oíche ag spr<i>ucadh an rí mífhortúnach úd, Saul, chun Dáibhí
a mharú, duine nár rin riamh díth ná díobháil dho, ach go aon mhaith
a budh fhéidir dho. Agus cé go mbog<f>ach grása Dé croí an mhallathóra
go minic chun aithrí a dhéanamh ina mhór-pheacaí, agus iad a thréigean
ar fad, agus súd as go sil<f>each sé deora mar gheall ortha, adéise sin a
chasfach sé arís ortha, mar a chasann an madra ar a urlican, agus sion
go léir do bhrí gur luá<i>l sé an duáilce diablaí sin, formad, a phréamh-
adh go doimhin ina chroí.



11. Tuigimís fós cad iad na uilc troma agus na díobhála do-leighiste
agus na peacaí móra mallaithe do fhásann uadh scéalaíocht. Do dhruim
an scéil úd a 'nis Doeg do Rí Saul agus an droch-chor a chur sé ann,
a rin an rí an bheart budh mhallaithe a rin aoinne riamh go dtí sion,
ná uadh shion anuas ach aon bheart amháin, agus a b'í sin Críost a chur
chun báis. A mhairbh an rí úd ard-shagart Dé agus cúigear agus ceithre
fichid sagairt eile naofa agus a muintir go léir. Ní gan chúis, mar sin,
adúirt Dia leis an bpobal Abhra, agus ina bpearsa sion leis go aoinne
againne, "Ná bí id' fhear aistriú scéil, ná iod' "chogar a mháistir"
ar m<e>asc do chomharsain." "Má airíonn tu," arsa an Spirid Naomh,
"focal i gcuinnibh creidiúna do chomharsa, ciomád agad fhéin é, ná
scéigh é: ní scoiltfig sé ort." Jac.3:6. "As domhan lán do uilc
droch-theanga," arsa an tAspal Naomh Séamas; "roth
tintí as ea í a lastar uadh thine <I>frinn."



Dá réir sin, in ainm Dé, cuirimís srian lenár dteanga: labhraimís i
gcónaí le carthanacht ar ár gcomharsain, agus muna bhfiadfam iad a
mholadh, ná cáinimís ar aon chor iad. Faicig cad é chón socharúil agus


L. 199


atá teanga chneasta: a chosc an <bhean ?> bheannaithe chiallmhar úd,
Abigail, lena 246 chaint mhilis, mhín, Dáibhí agus a shaighdiúirí
fheargach uadh beart a dhéanamh a ghuillfeach ortha an fhaid as budh
bheo iad.



12. Ach thar go aon cheacht eile, as í an cheacht spisialtha atá
againn le foghla<i>m as na nithe seo, maitheamh do ár n-eascara agus
maith a dhéanamh in aghaidh an uilc a dearnag orainn. Figiúir ar
Íosa Críost a budh <ea> an fear beannaithe seo Dáibhí. As ar a shliucht
a thánaig Críost, agus as ar an abhar sion <a> ghairmtear ins na fáigibh
agus insa suíscéal, "Mac Dháibhí" do Chríost. Uadh budh fhigiúir agus
sinsear Chríost é, níorbh fholáir go dtiospánfach sé roim ré an mhuin-
tireas agus an charthanacht a bhí ag Críost le tiospánadh dhá namhaid.
An tráth, ar fáil báis dho ar an gcruis, a bhí an scata mallaithe a dhaor
chun báis <é> ag seasamh ag bun na cruise ag magadh agus ag fonóid fé,
ag tabhairt tarcuisne agus spíde dho, do ardaig sé a ghuth lag agus do
iompaig a shúile, asna raibh solas na beatha ag tráchain go mear, do
ardaig agus do iompaig iad, adeirim, suas chun flaithiúnas, ní chun
mallacht a Athair síoraí a tharraint anuas ar an dram mallaithe
míthrócaireach úd, ach chun maithiúnas a lorg dhóibh. "Ó a Athair,"
ar sé, "maith dhóibh, oir níl fhios aca cad atáid siad ag 'dhéanamh."


L. 200



XXXIX. ROBBERS OF S<l>CELEG AGUS DEATH OF SAUL



1 Reg.27. 1. Adéis do bogag le grása Dé croí cruaig mallaithe Rí
Saul, agus a gheall sé ná leanfach sé Dáibhí a thuille chun
a mhairthe, adúirt Dáibhí ina aigne, "Ní féidir dhom brath ar fhocail
an rí: titfead lá éigin ina lámha agus maróig sé me: as fearra dhom
an dútha so do fhágan ar fad agus dul go dútha éigin stróinséar<th>a
ná fuil fé úd<a>rás an rí seo. Oir má fhana<i>m anso, atáim do ló agus
do oíche i gcontabhairt mo mhairthe." A imig sé lena sé chéad fear,
agus a thriall ar Achis, an prionsa Philistíneach a chónaig i gcathair
Gath. A ghlac se sion go fáiltheach é agus a thug do fhéin agus dá
fhearaibh cathair S<i>celeg chun cónaithe ann. Cathair bheag budh
<ea> í, a bhí insa taobh theas do dhútha na <bh>Philistíneach, ar theora
an fhásaig mhór a bhí idir iad agus talamh Amelec agus ríocht na
Égypte. A chónaig <sé ?>, agus a chuideachta, insa bhaile sion ar feag
cheithre mhí, 247 agus a thugach sé, uadh am go am, fogh' fé locht
Amelec agus robál<a>í eile a bhí insa bhfásach sion. A bhuach ortha
agus a bheireach a lán éadála, ba, caoire, capaill, ór agus airgead uatha,
agus a chuireach tabharaistí saibhir chun Achis, a bhí an-bhuíoch do dá
ndruim agus adúirt, "A b'é an lá ámharach dhom ina dtánaig an fear
so chúgham. Atáim tógtha aige. Beig sé ina sheirbhíseach maith
agam ar feag mo shaoil.



1 Reg.28. 2. Tamall dhóibh amhla sion an uair a chnósaig prionsaí
na bhPhilistíneach a n-arm go léir chun bualadh aon lae amháin a
thabhairt do Rí Saul agus dá arm. A chuir Achis fios ar Dháibhí agus
ar a fheara agus adúirt leo, "A chíonn sibh an onóir a thiospána<i>m
dhíbh agus an mhuinín atá agam asaibh, insa tráth na gceapaim sibh a
bhreith liom chun an chogaig seo. Agus beig sibh mar ghardaí cuirp
agam." Adúirt Dáibhí, "Ní baol go dteip<f>ig do mhuinín asamsa agus
as mo fhearaibh. A chíofair go mbeam dílis doit agus go dtroidfeam
go crógha ar do shon."



A rug Achis leis iad agus a shaighdiúirí eile agus a thriall ar an ionad
ina raibh na prionsaí eile agus a n-arm cuirnithe. Agus an uair a
chnoc<a>dar sion Achis agus a ghardaí Abhraig ina thíompall adúradar
go searbh géar leis, "Canathaobh nar thugais na Abhraig sion lead?
Cad é an gnóth atá anso acu? Ní theastaíonn a gcabhair uainn."
Adúirt se sion, "Ná fuil aithne agaibh ar an bhfear sion Dáibhí, a bhí
ina cheann ar arm Rí Saul? A thánaig sé chúgham agus atá sé iom'
fhochair-se le mórán aimsire, é fhéin agus a fheara. Agus ní bhfuaras
aon locht ann, ná ionta-sion, ach go aon ní dá fheabhas uatha." "Más
ea," ar siad, ar lasadh le feirg chuige, "scaoil uait go diair an fear sin
agus a shaighdiúirí, agus casaidís don bhaile chónaí a thugais-se
dhóibh. Ní rachaidís insa trom-ghleo so chun cabhrú linne, ach an
uair a lasfach an comhrac agus a bheach an gleo garbh ar siúl, a


L. 201


iompóidís inár gcuinnibh agus t'réis na cinn a sco<i>theadh dhinn a
gheobhaidís a bpardún uadhna rí. Nách é seo an Dáibhí úd a mhairbh
ár n-ard-ghaiscíoch Goliath? Nách é seo an 248 fear ar na dtráchtar
insa<n> amhrán, "A mhairbh Rí Saul míle ach a mhairbh Dáibhí
deich míle fear"? Ar do bhás cuir uait gan stad é."



A thánaig Achis gan stad chun Dáibhí agus adúirt, "Fé mar a
mhaireann Dia, ní bhfuaras aon locht riamh, ach go aon ní dá fheabhas
i<o>nad. Agus as mar a chéile thu iom' mheas-sa agus dá <m>budh
aingeal Dé thu. Ach ní maith le prionsaí na <bh>Philistíneach thu, ná
do shaighdiúirí a dhol chun cabhartha leo insa chath seo. Ar an
abhar sion, impím ort agus ar do dhaoine casadh abhaile, agus bíoch
síocháin Dé libh. Atáim-se ana-bhuíoch dhíbh, ach ní thaithníonn sibh
leam' chóphrionsaí."



3. Ar a chomhairle do fhilleadar abhaile, agus as amhla sion a shaor
Dia an fear beannaithe seo uadh an gcruachás ina raibh sé. Oir budh
dheacair dho an prionsa sion, a bhí chón ceanúil sin, a eiteach, agus
budh dheacaire ná sion dho troid i gcuinnibh a náisiún agus a chine
fhéin. Ach do bhrí gur chuir sé a mhuinín i gcónaí i nDia do fhóir Dia
air agus a fhuascail é i slí nár saoileag.



Ar bhfilleadh abhaile dhóibh go S<i>celeg, ní bhfuaradar tig ná áras,
duine ná daonnaí ann: an baile go léir ina charn luaithe. Oir a thánaig
robálaithe uadh an bhfásach dhá lá r<oi>mhe sin, a dhódar an baile
agus a rugadar leo a raibh do dhaoine agus do airnéis inte, ach níor
mhar<a>íodar aoinne. A chrom Dáibhí agus a fheara ar lógó<i>reacht,
oir a chailleadar a raibh don tsaol aca - a mná, a leanaí, a n-airnéis -
agus ní raibh dó<i>gh ná deáramh go bhfaigh<i>dís go brách iad.
A bhíodar na fir ar dearg-bhuile chun Dáibhí: a chuireadar an milleán
go léir air agus a mheasadar é a mharú láithreach. A iarr se sion ar an
sagart Abiathar an gnóth a chur i láthair Dé agus fios a fháil uaig a'
leanfach sé na robálaithe agus a' mbéarfach sé ortha. Agus a fuair mar
fhreagradh uadh Dhia iad a leanúin, go mbéarfach ortha agus go mbain-
feach dhí<o>bh an tsluid. A lean sé féin agus a fheara a rian tríd an
fhásach. A thánadar go abhainn agus a bhí dhá chéad díobh chón
cortha tnáite sin nár fhiadadar dol níos sia. A chaitheadar fanúin ar
bhruach na abhann. A imig Dáibhí agus a' chuid eile trasna anún agus
fuaradar óigfhear sínte gan tapa gan urlabhairt. A thugadar deoch
uisce dho agus a thánaig sé chuige féin agus a fuair a chaint. 249 A
fuair sé bia agus a chas a neart chuige. A fhiafraig Dáibhí de cé ar budh
é féin agus ca<d> a thug ansion é. "Buachaill uadh an Égypt mise," ar
sé, "a bhí iom' sclábhaí ag captaín uadh dhútha Amelec. Agus atá
fiabhras oram le trí lá agus do fhág mo mháistir anso me chun bás do
fháil." "Cad a thug anso sibh?" arsa Dáibhí. "A thánamair a' déanamh
creach agus fuadach i ndútha na bhPhilistíneach. A bhailíomar a lán
airnéis agus éadáil mhór. A thógamair agus a dhóitheamar baile
S<i>celeg, agus a rugamair linn a raibh do dhaoine ann, gan aoinne a
mharú." "A' bhfiadfair me a sheoladh," arsa Dáibhí, "chun na áite 'na
bhfuil an dram úd?" "Seolfad go cruinn thu," ar se sion, "má thugann
tu Dia mar urra dom ná maróir agus ná tabharfair suas dom' mháistir


L. 202


me." A thu<g> Dáibhí sion dho. A ghluaiseadar i ndiaigh locht Amelec
agus a thánadar suas leo um thráthnóna agus iad ag ithe ag ól agus ag
déanamh go sóch i dtaobh an éadáil mhór a chuirníodar as dútha na
bhPhilistínig. A luig Dáibhí agus a chuideachta go mear chúghtha.
A mharaíodar iad go léir ach ceithre chéad fear a theith leo fhéin ar a
gcapaill. A fuair se sion agus a fheara a mhuintir, a mhná agus a leanaí,
saor sábháltha, agus a bhailíodar mórán mór tréada, ba, caoire agus
capaill, éadach, ór, airgead agus uillemhaitheas eile, insa chás gur
dearnag saibhir thar barr iad. Do fhilleadar ansion go bruach na
abhann agus a thánaig rómpa na fir thuirseach úd do fhágadar ann ina
ndia<i>gh. Adúirt go aon fhear saintiúil droch-chroíoch a bhí i gcuid-
eachta Dháibhí, "As leor dhóibh seo a mná agus a leanaí do fháil thar
n-ais saor sábháltha. Áfaig an uair nár thánadar linn ní bhfaighid aon
ph<i>uc do<n> tsluid a bhuamair le neart ár lámha agus le contabhairt
ár n-anama. "Ní amhla sion a bheig," arsa Dáibhí, "ach caithfig go aon
fhear dí<o>bh a sheára fhéin do fháil chón maith agus dá mbeach sé
insa chomhrac." As sion amach a bhí sé do riail ar measc an phobail
Abhra go bhfaigheach go aon fhear a bhíoch ag ciomád an bhagáiste
insa champa an oiread don tsluid agus a fhaigheach an fear a bhíoch
ag comhrac ar an machaire. 250.



4. Dála Rí Saul, a bhailig sé a arm go léir agus a chuir a champa ar
shliabh Gelboe. Agus a shocr<a>ig na Philistínig a gcampa ina chuinnibh
anún ar chnoc eile. An uair a chonairc se sion a gcampa mór agus a
n-arm láidir, níor fhan croí brí ná misneach aige. A loirg sé comhairle
ar Dhia agus níor thug Dia freagra air tré shagart, tré fháig, tré aisling
ná tré thaidhreamh. Adúirt sé lena sheirbhísig, "Taighdig ban-draoi
dhom chun go bhfaigheam fios uaithe cionas a iompóig an gleo so amach,
oir a iompaig Dia im' chuinnibh agus a tharraig sé <é> fhéin ar fad
uaim." "Más ea," ar siad, "atá a leithéid sin do bhean le fáil i mbaile
Endor. A shóinseáil Saul ansion a bhrat agus a chuir a mhalairt do
chluith air. A rug leis beirt fhear agus a thánaig istoíche chun tí na
mná draíochta. Bean a budh ea í a leanach sórd draíochta arna
<d>tugtar i mBéarla necromancy, nó dubh-dhraío<ch>t diablaí, tréna
bhfaghtar fios uadhs na mairbh. Adúirt Saul lé, "Cuir de ealaín i
bhfórsa dhom agus tóg suas dhom spirid pé dhuine marbh adéarfad
lead." Adúirt sise, "Atá fhios agad gur achtaig Rí Saul fé phéin báis
gan aoinne a chleachtadh an ealaín so atá agamsa, agus gur chur sé
thana féin chun báis a lán locht feasa agus draoithe, agus as é mo bhás
atá uait." "Tugaim Dia mar urra dhoit," arsa Saul, "ná imeoig díth ná
díobháil ort do dhruim an ghnótha so." "Cé a ghlaofad aníos chughad?"
ar sí. "Glaoig chúgham," ar sé, "an fháig Samuel atá marbh le dhá
bhliain." A chur sí a cuid draíodóireacht i bhfórsa agus do éirig
Samuel. An tráth a chonairc an bhean é a bhéic sí amach, "As tusa Rí
Saul: canathaobh nar cheilis thu féin oram? As chun mo mhairthe
a rinnis é."



"Ní baol doit," ar sé, "ach inis dhom cad a chíonn tu." "A chím," ar sí,
"déithe ag éirí aníos trí an dtalamh, fear críonna mar cheann ortha
agus clóca air." Do aithin Saul ansion gurb é sin an fháig Samuel, agus


L. 203


do umhlaig é fhéin dho. "Canathaobh," arsa Samuel, "gur bhuairis
me agus gur ath-tharraigis aníos uadh Limbó me?" "Atá," arsa Saul,
"do bhrí go bhfuilim i gcás ró-chruaig. Atáid na Philistínig chun troda
im' chuinnibh, agus do imig Dia uaim. Ní thugann sé freagradh oram
tré shagart, tré fháig ná tré thaidhreamh. As ar an abhar sion a ghlaos
251 ar thusa chun comhairle a thabhairt dhom." "Canathaobh," arsa
Samuel, "do loirgeofá comhairle oramsa, insa tráth gur imig Dia uait?
Cólíonfaig sé go aon ní adúirt sé id' chuinnibh: stracfaig sé uait, mar
adúirt mé thana lead, do ríocht, agus béarfaig sé í dho Dháibhí, do bhrí
nár ghéillis don ordú a thug sé dhoit, sliucht Amelec a dhíoscú ar fad.
Marófar i ngleo an lae 'máirig thusa agus do thriúr mac, agus tabharfaig
na Philistínig dearg-ár ar do arm."



1 Reg.28: 20-25, 31: 1-13. 5. Ar chlos na bhfocal sin do Saul, a
thit sé i bhfantais anuas ar an dtalamh.
Ní<or> chaith sé aon bhia ar f<e>ag an lae roimis sin, agus a chuir caint
Shamuel scíle ina chroí. A rith an bandraoi isteach insa tseombra,
a thóg suas é agus a chrom a<r> bheith ag tathant air beagán bíg a
chaitheamh. A dhiúltaig sé ar dtúis, ach fé dheire, tré achainí na mná
agus a sheirbhísig, a chaith sé beagán feola agus aráin. A ghluais sé air
ag siúl ar feag na oíche, agus a shrois a champa ar maidean. A thosain
an comhrac gan mhoill. A bhuadar na Philistínig ar a arm, do iompaig
ualach an ghleo ar Rí Saul, oir a sheasaigh sé fhéin agus a thriúr mhac
ag troid go fearúil. A thánaig locht bogha agus saídithe tíompall air,
a ghuineadar agus a ghortaíodar go mairtheach é, agus a mharaíodar
a thriúr mac. An tráth a bhraith sé é féin polltha tríd agus tríd ags na
saídibh, adúirt sé lena ghiolla airm, "Tarraig do chlaíomh agus mairbh
me, chun ná beach sé le rá ags na daoine seo gurb iad a mhairbh mé."
Ní dhéanfach an fear sion. A tharraing Saul a chlaíomh féin agus a
sháthaig tréna chroí é. Agus amhla sion do oídig sé é féin. A lar na
bháireach, an tráth a thánaig na Philistínig chun na mairbh a phlunder-
áil, a fuaradar Saul agus a thriúr mac, marbh. A bhaineadar a gcuid
airm díobh, a scoitheadar na cinn díobh agus a chuireadar mór-thíompall
na dútha iad, agus a thairneáladar a gcuirp nochtaithe air fhallaí
chathair Bethsan. Agus hin é an deire dona a bhí ag an rí
mhífhortúnach sion adéis dá fhichead 252 blian a chaitheamh fé réim ina rí.
A chualaig locht cathair Jabis, an chathair úd ar nar thug Saul fuascailt
tamall adéis a sácrálag ina rí é, go raibh a chorp agus cuirp a mhic
tairneáltha insa tslí náireach úd. A ghluaiseadar ortha agus a thugadar
leo iad agus do adhlacadar iad go onórach. A throisceadar seacht lá
chun fóirthean ar a n-anamnacha.



2 Reg.1. 6. An uair a chas Dáibhí uadh bhuachaint ar locht Amelec,
do fhan sé féin agus a fheara dhá lá i mbaile S<i>celeg,
féachain cionas a dhéanfaidís suas é adéis a dóite. Ar an tríú lá a
thánaig fear chuige le luaithreán ar a cheann agus a chuid éadaig
réabtha agus do umhlaig go talamh dho. "Cad as na dtánais?" arsa
Dáibhí. "A thánag," ar sé, "uadh champa na nAbhrac." "Cionas atá
an scéal aca?" arsa Dáibhí. "Atá," arsa an fear eile, "gur buag ortha,


L. 204


gur maraíog Rí Saul, Jonathan a mhac agus romhór an arm go léir."
"Cionas atá fhios agad," arsa Dáibhí, "gur maraíog Saul agus
Jonathan?" "A thánaig mé," ar sé, "le chance ar shliabh Gelboe agus a
chonairc mé Saul ag luí ar a shleagh agus é gortaithe go mór. A bhí na
marcaig agus locht na gcarraí cogaig a' druidim leis. A ghlaoig oramsa
agus adúirt, "Mairbh me go diair, oir ní féidir dhom maireachtain i
bhfad. Atá an t-anam ag imeacht asam go mear." A rinneas amhail
adúirt sé liom agus a thugas a chróin rithiúil agus a fháinne óir
chúghadsa."



Ar chlos na bhfocal sion do Dháibhí agus dhá dhaoine a chromadar
ar lógóireacht: a ghuileadar go géar agus a throisceadar go oíche i
dtaobh an áir mhór úd a tugag ar phobal Dé. A rin Dáibhí caoineadh
nó tuireamh an-truamhéileach ar bhás Saul agus Jonathan.



7. Atáid a lán nithe le foghlaim againn as na gnótha so. As figiúir
agus comhartha iad ar na nithe a thit agus a thiteann amach in Eaglais
Chríoist. An dá chéad fear úd, nár fhiad le neart tuirse dol le Dáibhí
agus a chuideachta chun comhraic leis na robálaithe, agus adéis sin a
fuair an oiread don éadáil agus a fuair an dram láidir a chur an cath
díobh agus a bhuaig an gleo, ciallaíd go bhfaighid na Críostaithe lag, ná
ligeann a <n>droch-shláinte dhóibh 253, nó circumstaintí eile dhóibh,
gníomhartha gaisciúil spirideáltha a dhéanamh i seirbhís Dé, ach a
bhíonn lán-fhonnmhar chun a ndéanta dá mbeach cae nó acfuinne
aca, <...>. Oir a gheobhaid an oiread luacht uadh Dhia agus a
gheobhaid na Críostaithe láidir a dhéanann na gníomhartha sion. As
mór, as ana-mhór an compord dhúinn go bhfuilimíd ag deighleáil le
máistir a dhíolfaig sinn ní amháin i dtaobh na nithe a dhéanaimíd
go dearfa ina onóir, ach fós i dtaobh na nithe a cheapaimíd agus budh
fhon<n> linn a dhéanamh dá mbeach cae, neart agus acfuine agus a ndéanta
againn. Dia, a chíonn a ghlacann agus a thuigeann dea-smaointí ár
gcroí, tabharfaig sé dhúinn mar phá i dtaobh na <n>deigh-smaointí sion
grása insa tsaol so agus glóire insa tsaol eile. Dá réir sin, pé duine agaibh
ná fiadann tré riachtanas nó tré dhroch-shláinte, déirc a bhronnadh,
troscadh a dhéanamh, Aifreann Domhnaig nó lae shaoire do éisteacht,
bíoch aigne fhírinneach agaibh na nithe sion a dhéanamh agus beig Dia
chón buíoch dhíobh agus díolfaig sé chón cruinn sibh agus dá ndéan-
fach sibh go foirlíonta iad. "Scaraid," arsa an Spirid Naomh, "droch-
smaointí anam an duine le Dia." Agus má scaraid, ceanglaíd deigh-
smaointí an t-anam do Dhia. Agus as dá chur sion i gcéill dhúinn
adúirt sé, "A mhic ó, bíoch ciomád agad ar do chroí, oir as uaithe a
thagann barr na beatha chun do anam." Agus adúirt ár Slánathóir
féin insa chéad teagasc a thug sé uaig, "As beannaithe locht an chroí
ghluin, oir a chíofaigh siad Dia." A chíofaig siad é le solas na <n>grás
insa tsaol so agus le solas na glóire ins na flaithis.



8. Tugaimís fé ndeara an críoch dona, an deire deorach, a chuir Rí
Saul lena shaol. An uair a thoibh Dia é chun a bheith ina rí ar a
phobal fhéin a bhí sé, do réir teistiméireacht an Spirid Naomh, chón
neamh-uirchóideach, chón saor uadh pheaca agus chón glan uadh


L. 205


dhroch-bhéasa agus atá leanbh dhá bhliain. Áfaig, chón luath agus a
ardaíog é chun céim onórach a dhearmad sé é féin ar fad. A líonag
a chroí le uabhar, le mustar agus le poimp agus do iompaig sé amach
asumhal ar fad do Dhia. Ní raibh beann a thuille aige ar an Tiarna
uile-chomhachtach do ardaig é, mar adéarfainn, uadh an gcarn
254 aoiligh, agus a chur é ina shuí ar chathaoir rithiúil ag iompar
cróin na ríochta. A mha<i>rbh sé sagairt Dé, a cheap sé an fear sion
Dáibhí a mharú a rin an <t>seirbhís budh mhó dho fhéin agus dhá ríocht.
Ar an abhar sion a tharraigeag spirid na <n>grás uaig agus a ghlac an
deamhan seilbh ann. A cruag agus a calcag a chroí ar fad le neart a
pheacaí, agus a chur sé barr ortha le n-é féin do oídiú agus a chuaig
ceann ar aghaidh síos go Ifreann. Ó, budh dhanaid dho gur rugag
riamh é. B'fhearra gur i lorg asail a athar a chaithfeach sé a shaol,
oir atá sé caillthe gan leigheas go deo deo. Loirgeann a lán againne
sinn fhéin a chur chun cinn ins<a> tsaol: saibhreas a shláthar, post nó
teideal onórach a shroisin. Sroisimíd é, téimíd chun cinn, déantar
saibhir sinn, dearmadaimíd sinn fhéin, ní bhíonn beann a thuille againn
ar Dhia, ar sheirbhís Dé, ar chomhairle shagairt Dé. Ceangla<i>míd ár
gcroíocha ar fad don <t>saol so, ní chuirimíd aon tsuim insa tsíoraíocht,
as dóigh linn ná fuil an bás ar aon chor romhainn. Áfaig tagann sé fé
dheire insa tráth ná raibh aon <t>súil againn leis, ná sinn ollamh fána
chomhair. Sc<i>ubtar sinn as an saol so agus téimíd síos go Ifreann.
Ar an abhar <sin> ná meallach an saol so ná rachmas sinn níos mó; ná
loirgimís a thuille a phoimp, a shaibhreas ná a onóir, ach do réir
chomhairle ár Slánathóra loirgimís ríocht Dé agus a cheart, agus
srois<f>eam saibhreas sólás agus glóire gan deire. Amen.


L. 206



XL. DAVID KING



92 Reg.2. 1. Adéis bháis dhona Rí Saul, do fhág Dáibhí
S<i>celeg le ordú Dé agus a ghluais lena shaighdiúirí go
cathair Hebron i dtír na nAbhrach. Agus a chnósaig chuige ann treibh
Juda, a threibh fhéin, agus a shácráladar é ina rí. A thóg Abner, an
generáil a bhí as cionn arm Rí Saul, Isboseth mac an rí sin, agus a rug
tíompall na dútha é. Agus a ghaibh deichniúr don dá threibh déag a bhí
insa phobal Abhra leis mar rí. Chúig bliana ina dhiaigh sion a thánaig
beirt chaptaín a bhí ina arm isteach don tig i gan fhios agus a mhar-
aíodar é agus a sco<i>theadar an ceann de. A theitheadar leo fhéin
agus a rugadar an ceann chun Dáibhí, ag rá, "Ag seo dhoit ceann do
namhaid Isboseth a loirg go minic thu 255 a mharú." Adúirt se sion
leo, "An fear a thug chúghamso go baile S<i>celeg scéala bháis Saul agus
a chróin óir, agus a mheas go bhfaigheach sé pá maith i dtaobh a scéil,
a chuireas chun báis é i dtaobh go ndúirt sé gurbh é a láimh fhéin a chur
Rí Saul chun báis. Nách cirte ná sion dhom bás a imirt ar pheidhre
múrd<r>eirí a éalaig i gan fhios isteach i dtig dhuine neamh-chiontaig
agus a mhairbh é sínte ar a leabaig ina chodladh? Fé mar a mhaireann
<Dia>, do shaor me uadhs gach baol, ní mhairfig sibhse a thuille." Do
ordaig sé ansion dhá shaighdiúirí an bheirt mhallathóirí sin a mharú,
na lámha agus na cosa a ghearradh díobh agus iad a chrochadh suas
in áit an mhargaig.



2 Reg.5. 2. Tamall ina dhiaigh sion a chnósaig an náisiún go léir
chuige go cathair Hebron, agus a ghabhadar leis go sol-
manta mar rí ar an bpobal go léir. Agus ag sin mar a chólíon Dia leis
an gheallúint a thug sé dho chúig bhliana déag roimhe sin tré bhéal an
fháig Samuel, an tráth a chur sé fios air uadh a bheith ag aoireacht
chaorach chun 'nisint dho gur thoibh Dia é mar abhar rí ar a phobal
fhéin. Chón luath agus a dearnag rí de as cionn an náisiúin go léir, a
ghluais sé lena arm go cathair Jerusalem chun í a thógain. A chrom
locht an chathair ar mhagadh fé. Cathair ana-dhaingean, láidir a
budh <ea> í, agus a mheasadar ná fiadfaí í a thógain go brách. An uair a
fuaradar an fhógairt a thug sé dhóibh an chathair a thabhairt suas,
adúradar, "As leor na daill agus na bacaig atá insa chathair seo chun
í a chosaint i gcuinnibh Dháibhí: déanach sé a dhícheall, ní thógfaig
sé go brách í." Ach a ghaibh sé í agus a shocraig í chun a bheith ina
cathair cinn-ríochta go brách do phobal Dé. Ansion a thug sé aghaidh
ar na Philistínig, agus adéis mórán chomhrac a thabhairt dhóibh a
bhuaig sé ar fad ortha agus a lagaig chón mór sion iad nár leodar
as sion amach aon cheataí a dhéanamh do phobal Dé.


L. 207


2 Reg.6. 3. An tráth a bhra<i>th sé é féin socraithe insa ríocht, gan
chogadh ná namhaid ar lámha aige, ach síocháin agus suaineas mór
insa náisiún go léir, a cheap sé A<i>rc na Conradh a thabhairt leis uadh
thig Abinadab i gcathair na gCoillthe, mar a raibh sí ar f<e>ag deich
mbliana agus trí 256 fichid, uadh an am inar chuireadar na Philistínig
abhaile í. A chuaig sé féin agus uaisle na ríocht<a> ag triall airthe,
a cuireag ar charra nua í, peidhre daimh fúithe agus beirt mhac
Abinadab, Oza agus Ohio a n-ainm. A ghluaiseadar leo go mómharach,
meidhreach, ceoltha ag seinm agus drumaí dá bpléascadh nó go
dtánadar i bhfogas don chathair. A chrom ceann dhos na daimh ar
chaitheamh leis an gcarra, agus a iompaíog an A<i>rc ar a taobh.
A shín Oza a láimh amach chun í a chiomád suas ar eagla go dtitfeach
sí, agus ní túisce a rin ná gur bualag mar<bh> ar an láthair sin é. A
thánaig ana-eagla ar Dháibhí agus adúirt sé le neart scanradh, "Cé é
mise go leofainn, mar a cheapas, ní chón naofa le A<i>rc Dé a ghlacadh
fé mhúraibh mo thí." A cuireag ansin isteach í go tig Obededom, agus
a bhí sí ann ar feag rátha, agus a chuir Dia ana-rath thar barr agus
sonas iontach ar an bhfear agus ar a chuid. A 'niseag sion don rí agus
a cheap sé an A<i>rc a thabhairt isteach don chathair. Do ollamhaig sé
áit ana-onórach di agus a thug cuireadh dho mhór-uaisle na ríochta,
dho mhaith<e> agus cinn an phobail go léir, teacht a leithéid sin do
lá chun an A<i>rc a thabhairt leo. Agus ar eagla go dtifeach aon
cheataí amach, mar a thit roimhe sin dho Oza, a chuirnig sé na
sagairt go léir chun an A<i>rc do iompar, a bhain de a chluith rithiúil
agus a chur air léine fada bán ar nós an léine a bhíonn ar shagart ag rá
an Aifrinn, a ghlac a chláirseach ina lámh, a chrom ar sheinm, ar
amhrán agus ar rince roimh an A<i>rc amach. A bhí na sagairt ag iompar
an A<i>rc, agus a bhí olthóir déanta i gceann gach sé phéirsí don tslí,
agus a déantaí damh agus reithe a íobairt airthe in onóir Dé. Agus as mar
sin a tugag agus a socraíog an A<i>rc insan ionad a ceapag di.



4. Ar chríochnú an gnóth beannaithe sin, a thug an rí féasta mór don
phobal go léir, agus a chas um thráth<n>óna chun a thí fhéin. A thar-
laig go raibh a mbanríon - iníon Rí Saul - ag féachain ar an A<i>rc dá
thabhairt isteach don chathair, agus a chonairc sí a fear ag rince, ag
seinm agus ag amhrán. Do tharcuisnig sí ina croí é, agus an uair a
thánaig sé um thráthnóna isteach adúirt sí go searbh leis, "As deas
an crot a chur an rí air fhéin inniubh as comhair uaislibh a ríochta:
a rin sé playboy agus 257 máistir rince agus píobaire de fhéin. As ana-
chreidiúint do é féin do ísliú chón mór agus a rin sé." "As é Dia," arsa
Dáibhí, "a thoibh mise chun a bheith 'na rí as cionn a phobail in
ionad do athair-se; ar an abhar sion ísleoig mé me fhéin ina láthair níos
mó ná a rinneas, agus beig mé úiríseal iom' shúilibh fhéin chun go
mbeinn ard ina shúilibh sion do ardaig uadh an gcarn aoilig me." Mar
gheall ar an meas tarcuisneach a bhí aici ar a fear, a ghearr Dia amach
uadh shliucht í: níor thug sé aon leanbh riamh di.



5. Adéis mórán cogaí troma a chur de leis na náisiúin a bhí teora
<le teora ?> le dútha an phobail Abhra, a bhí síochá<i>n mhór aige.


L. 208


A chur Dáibhí fios ar an <bh>fáig beannaithe Nathan agus adúirt leis,
"Atáim-se iom' chónaí i bpálás ála<i>nn, agus as suarach liom an áit ina
bhfuil A<i>rc bheannaithe Dé. Ceapaim teampall ard-onórach a dhéan-
amh chun í a chiomád ann." "Déin," arsa Nathan, pé ní atá id' chroí,
oir atá Dia id' fhochair." An oíche chéanna sion a thiospáin Dia é féin
do<n> fháig agus adúirt, "Imig chun mo sheirbhíseach Dáibhí agus
abair leis uaimse, "A' ndé<a>nfaig tusa teampall dhomhsa? Féach,
uadh an lá a thoibh mé amach an pobal so chun a bheith 'na phobal
spisialtha dhom fhéin, agus a thugas amach as an Égypt iad, níor
loirgeas ar aon bhreitheamh ná taoiseach a bhí as a gcionn teampall a
thógain dhom, ach a chónaíos insa Tabernacle a bhíoch dá aistr<i>ú
uadh áit go áit. A thógas tusa uadh a bheith ag aoireacht caoirig,
a ghlacas iom' láimh thu agus a rinneas rí díot as cionn mo phob<a>il
chun iad a stiúradh. A chosnaíos thu ins gach baol, do shaoras thu
uadhs gach namhaid, a bhíos i gcónaí id' fhochair agus a shocraíos thu
ina chathair seo. Agus buanóig mé an<n> thu. Áfaig ní tusa a thóg-
faig teampall dhomhsa ach do mhac adéis do bháis. Beig sé ina leanbh
agamsa agus beadsa ina athair do sion. Ní tharraiceoig mé mo
thrócaire uaig, mar a tharraigíos uadh Rí Saul, agus beig a shliucht
go brách ina rithe as cionn mo phobail-se."



6. Ar chlos an teachtaireacht sion do Dháibhí, do éirig go mear, a
chuaig isteach insan áit ina raibh 258 an Airc, a chaith é féin ar a
bhéal agus ar <a> aghaidh agus adúirt le Dia, "A Thiarna, cé é mis<e>
ar aon chor go gcuimhneofá oram agus ar mo shliucht? Ní rabhais
sásta le<is> an onóir a bhronnais oram fhéin, ag déanamh rí díom, ach
níorbh fholáir doit an ríocht a bhuanú iom' shliucht, agus sion go léir
do dhruim do mhór-thrócaire. Á níl le fáil ar an dtalamh ná ins na
flaithis aoinne cosúil leadsa i dtrócaire, i neart ná i nglóire, agus níl
náisiún fé an spéir do onórag chón mór leis an náisiún so budh thoil
leadsa a thoghadh amach do bhreis ar aon chine eile insa domhan chun
go gcónófá-sa ina measc agus chun go mbeifeá id' Dhia aca. Agus anis,
a Thiarna, cólíon an focal a thugais dhod' sheirbhíseach, go mbeinnse
agus mo shliucht go brách inár rithe id' láthair."



7. As mar seo a ghaibh an rí beannaithe seo buíochas deigh-chroíoch
le Dia. Ach a tharlaig gur thit sé go tiubaisteach i ndonas agus i
bpeaca ana-mhór, peaca a tharraig mórán ainnisí troma air fhéin agus
ar a shliucht. Agus ag seo mar a thit an gnóth sin amach. A tharlaig
go bhfuair Naas, rí clainne Ammon, bás, agus adúirt Dáibhí, "Ó bhí an
rí sin ana-mhaith dhomhsa: as ina fhochair do fhágas mo athair agus
mo mháthair an tráth a bhíos ag teitheadh anún agus anall lem' anam
uadh Rí Saul. Ar an abhar sion tiospán<f>ad cineál agus cairideas
dhá mhac Hannon." Leis an intinn <sin ?> a chuir sé prionsaí onórach
agus tabharaistí chun Hannon ag tabhairt sóláis do i dtaobh bás a athar.
An tráth a thánadar go cúirt an rí óig, adúradar a chúirteoirí leis, "An
dóigh lead gur chun onóra a thiospánadh dhoit' athair agus chun
sólás a thabhairt dhoitse a chur Dáibhí na ambasadéirí seo chúghad?
Ní ea ar aon chor, a<ch> chun an chathair seo agus chun an dútha a


L. 209


bhraith, chun spiaireacht a dhéanamh cionas a thiucfach leis cúncas
a dhéanamh airthe. Ní ambasadéirí ar aon chor iad, ach locht
spiaireachán. Ná glac aon tabharthas uatha agus ná géill dá gcaint,
ach scaoil uait go tarcuisneach iad." A ghlac sé an droch-chomhai<r>le
agus a mhaslaig go mór iad. A chasadar abhaile fé náire.



8. Ar chlos an scéil sin do Dháibhí, a ghlac sé ana-fhearg agus do
fhógair gan stad cogadh ar chlainn Ammon. A bhailíodar sion a náisiún
go léir agus a ghlacadar ar phá dá fhichid míle do mharc-shlua, seacht
céad carraí iara<i>nn cogaig, agus chúig míle déag agus dathad coisí
259 uadh rí na Syria.



A thug Dáibhí agus a arm comhrac dhóibh, a bhris agus a bhuaig
ortha, agus ar feag na bliana a thug ár agus lot ar a ndútha go léir.
An deire an arraig a bhí chuige, a chur sé fórsaí le Joab, a gh<e>neráil,
chun Rabba, cathair cinn-ríochta chlainne Ammon. A chur Joab
siege lé, agus a bhí sé ar phointe í a thógain.



9. Dúthaig bhr<oth>allach as ea dútha an phobail Abhra, agus in
ionad cinn ard agus pointeál<th>a a bheith ar na tithe, as cinn leibhéal-
tha a bhíonn ortha. Agus insan aimsir bhrothallach ithid daoine bia,
codlaíd agus siúlaíd ortha, oir bíonn ráil mór dtíompall ortha. Lá na
raibh Dáibhí ag siúl ar bharra a pháláis, a chonairc bean dá ní féin ar
bharra a tí ar an dtaobh thall don tsráid. Bean ana-bhreá thar barr
a budh ea í. A ghlac sé ana-dhúil inte, agus a chiontaig lé. I mbeagán
aimsire a chur sí scéala chuige go raibh sí trom uaig, agus dá bhfaighfí
an gnóth sion amach airthe a chuirfí chun báis í, oir budh bhean phósta í.
Urias a b'ainm dá fear. A bhí sé ina chaptaín i bhfochair Joab insan
arm a bhí ag cur siege le cathair Rabba. Agus adúirt sí le Dáibhí gur
cheart féachain in am chun an gnóth chun ná faighfí amach ortha é.
Le linn sion a thánaig teachtaire chuige uadh Joab ag insin do dol ag
triall air, go raibh sé ar phointe cathair Rabba a thógain, agus teacht
chun go mbeach sé i láthair a tógain adonn ná tuitfeach an onóir sin
chun Joab féin ach chun an rí. A scríobhaig Dáibhí chuige ag rá leis
captaín Urias a chur gan mhoill chuige, gur theastaig go mór uaig é a
fhaicsin. A thánaig go mear, a ghlac an rí go fáiltheach é, a chuir a lán
ceisteanna chuige i dtaobh an chogaig, a chiomád chun suipéir é ina
fhochair féin, a rin súgach é agus adúirt leis dol dá thig féin agus an
oíche a chaitheamh i bhfochair a mhná, gur theastaig sólás agus suain-
eas uaig adéis dua agus tuirse an chogaig. Ach as amhla a chaith an
fear calma an oíche i bhfochair gárdaí an rí ag faire tíompall na cúirte,
agus níor thriall ar a thig ná ar a bhean. A 'niseag sion don rí ar
maidean. A chur sé fios ar Urias agus a fhiafhraig de, "Canathaobh nár
chuais abhaile?" "Atá," arsan fear calma, "mo gheneráil Joab 260 agus
arm an rí go aon oíche sínte ar an dtalamh, gan fuithin ná clúdach aca ach
an spéir as a gcionn, ag fulan<g> dua agus tuirse an chogaig, agus cionas
a gheobhainn-se iom' chroí dol chun mo thí agus sólás a ghlacadh i
bhfochair mo mhná. Dar mo láimh-se, a Rí, ní dhéanfad go brách a
leithéid dho ghnóth meata."


L. 210


10. A chiomád an rí dhá lá eile é go oíche, a dhéanach súgach é agus
adeireach <leis ?> dol abhaile chun a mhnaoi, ach ní raibh maith dho ann.
A chaitheach Urias an oíche i bhfochair na saighdiúirí a bhíoch ag
gardáil an rí. A scaoil sé chun siúil é agus a thug litir dho chun Joab
ag rá leis tabhairt fé an gcathair agus Urias a chur insa chuid budh
chontabharthaí don ghleo, mar a raibh na fir budh threise, na saigh-
diúirí eile a tharraint uaig agus é 'fhágan chun a mhairthe.



A rin Joab sion agus a maraíog an fear calma macánta Urias agus a
ghlac an rí a bhean chuige féin. Áfaig in aimhdheoin a ghlic<e>as go
léir a leath an scéal amach, oir a bhí leanbh aici tamall ina dhiaigh sin.
Agus a ghlac an phuiblíocht ana-scannal dá dhruim. A chuir Dia an
fhá<i>g Nathan chun Dáibhí agus adúirt sé leis, "A Rí, cad é do mheas ar
an ghnóth so: Atá ina leithéid seo do bhaile fear sa<i>bhir ag na bhfuilid
a lán bath agus muilt ramhra. Agus atá ina chónaí láimh leis fear bocht
ag ná raibh ach aon chao<i>rín amháin a cheannaíog ina uan, a tógag
ina pheata agus a bhíoch do ló agus do oíche i bhfochair a leanaí ag spórt
agus ag cleasaíocht leo. A thánaig stróinséir chun tí an fhir shaibhir
agus in ionad molt nó damh a mharú dá chuid fhéin chun feoil a thabhairt
dho, as amhla a sc<i>ub sé leis agus a mhairbh cao<i>rín an duine bhoicht.
Cas as dóigh lead don bhfear sion?" "A rin sé gníomh a chrochta," arsa
an rí, agus caithfig sé cheithre chaoirí a thabhairt uaig in ionad an
cheann a mhairbh sé." "Más ea," arsa an fháig, "as tusa féin an fear a
rin an gníomh sion agus as mar seo adeir an Tiarna Dia lead: "Do
thógas i láimh thu agus a rinneas rí díot as cionn mo phob<a>il fhéin;
a thugas saibhreas, mná agus leanaí, ór airgead agus ullamhaitheas
dhoit, agus más beag lead iad sion a bhéarfaig mé a sheacht oiread
doit. Canathaobh 261 mar sin, gur rinnis an gníomh mallaithe seo
agus mise ag féachain ort? A mhar<a>ís Urias le claíomh chlainne
Ammon agus a ghlacais a bhean mar mhnaoi chúghad féin. Ar an abhar
sion ní scarfaig claíomh lead' shliucht go brách: corróig mise díolthas
suas id' chuinnibh uadh do thig fhéin; tógfaig ceann dod' chlainn mhac
do mhná fhéin agus ciontóig leo go poiblí as comhair solas na gréine.
A rinnis an droch-bheart úd go príobháideach agus i gan fhios, áfaig
déanfaig mise é a agairt ort go poiblí as comhair an tsaoil mhór
go léir.



2 Reg.12:13. 11. Adúirt an rí, "Ó, a pheacaíos go trom, go ana-
throm i gcuinnibh Dé." "Más ea," arsa an fháig, "a
mhaith Dia cuir do pheaca dhoit. Áfaig bainfig sé díolthas doit dá
dhruim agus cólíonfaig sé go aon phíonós a bhagair sé ort. Agus mar
chomhartha air sin, bíoch fhios agad go bhfaighig an leanbh atá agad
leis an mhnaoi úd bás in ach<o>maireacht." An oíche chéanna sion a
bualag an leanbh breoite agus a fuair sé bás i gcionn seachtaine. Agus
ar an bhfeag sion níor ith an rí blúire bíg, níor shín ar leabaig ach do fhan
sínte ar a bhéal agus ar a aghaidh anuas ar an dtalamh, ag guí Dé
maitheamh dhó agus an leanbh a spáráil. Áfaig an tráth a 'niseag dho
go raibh an leanbh marbh, a éirig sé suas, a nig agus a ghlan é fhéin
agus a chaith bia. Adúradar na seibhísig leis, "Cad é seo a rinnis? -
an fhaid agus a bhí an leanbh ina bheathaig ní chaithfeá biá ná deoch,


L. 211


ach ag gol agus ag ochlán do ló agus do oíche, agus anis an uair atá sé
marbh ní shileann tú deoir agus déanann tú go sóch." "Féach," ar sé,
"an fhaid agus a bhí anál na beatha insa leanbh a ghuileas agus a dhein-
eas troscadh agus urnaithe, oir adúirt liom fhéin b'fhéidir go n-éisteoch
Dia liom agus go bhfágach sé an leanbh agam. Ach anis uadh budh
thoil leis é a bhreith uaim canathaobh go gcráfainn mé féin a thuille
mar gheall air. Ní thabharfaig mo throscadh ná mo dheora thar n-ais
chúgham uadh an uaig é, ach luath<f>aid siad an bás chúghamsa."



Agus hen é an chéad phíonós a chuir Dia ar an rí sion mar gheall ar
a pheacadh trom. Agus a chuir sé píonóis ní budh thruime ná sion
air mar gheall ar an droch-bheart céanna sion, mar a 'neosad ina dhiaigh
seo dhíbh.



12. Anis cad as ceart dhúinn a tharr<a>int as 262 na nithe <seo ?>
cad a chuirid siad i gcéille dhúinn? As an bás obann a imreag ar óga ná
rin do chuir ach a láimh a shíneadh amach chun an Airc a chiomád suas,
tuigimíd gur ró-chontabhar<th>ach an gnóth dhúinn a bheith ró-dhána
ar nithe naofa, iomarca cuidreamh a dhéanamh leo. Ní raibh an fear
sion ina shagart agus ní raibh sé ceadaithe do aoinne eile ach do shagart
baint leis an A<i>rc. As fíor ná raibh inte ach an dá chlár cloiche ar nar
scríobhaig Dia lena láimh féin na deich n-athanta, ach déise sin a bhí
sé coiscithe ar aoinne eile i bpobal Dé baint lé muna mbeach sé ina
shagart. Tuigimís as sion cad é chón glan agus chón naofa agus budh
cheart dhúinn a bheith an tráth a chuirimíd chun an noí as naofa ar
bith, corp ár dTiarna, a ghlacadh isteach inár gcroíocha. Le sceoin
agus le heagla as ceart dhúinn a rá, amhail adúirt Dáibhí, "Cé é ar aon
chor mise, go leofainn Tiar<n>a an uile naofacht a ghlacadh isteach fé
mhúraibh mo chroí." Chón minic, mar sin, agus a chuirimíd chun an
gnóth ard-bheannaithe seo a dhéanamh, loirgimís uadh chroí ar Dhia
grása a thabhairt dhúinn chun é a dhéanamh mar as cóir, oir as bás
anama dhúinn é a dhéanamh go tuath<a>lach nó go olc.



13. An tarna ní atá againn le tabhairt fá ndeara as ea gur ró-
dhiomáisteach dhúinn tarcuisne a thabhairt do aoinne, nó dímheas a
bheith againn air, go spisialtha i dtaobh aon dúthracht neamh-
ghnáthach a thiospán<f>ach sé i seirbhís Dé. A bhí beag-mheas ag iníon
Rí Saul ar a fear, i dtaobh gur rin sé é féin do umhladh chón mór sion
agus a bheith a' rince agus <ag> seinn<t> ceoil roimh an Airc, agus do
agair Dia sion airthe le n-í a ghearradh amach uadh aon <t>sliucht a
bheith aici. Oir níor mhaith leis, arsa Naomh Ambrós, go mbeach
sliucht na mná uaibhrig úd i seilbh na ríochta ar eagla go mbeidís
uaibhreach ar a nós súd. Áfai<g> an circumstaint atá againn le tabhairt
fá ndeara go maith agus go dian-mhaith as é seo: nách féidir dhúinn a
bheith ró-mhór ar ár ngarda i <g>cuinnibh ócáid an pheaca, as é sin aon
ní, aon phearsa nó aon chuideachta a tharraiceoch sinn chun peaca a
dhéanamh. Atá sé ráite, agus as fíor é, "nach lú an fhrí ná máthair an
uilc." Agus a fuair Dáibhí amach, chun a chostais dóite, gur ró-263
fhíor sion. A tharraig aon fhéachain amháin neamh-thua<i>rimeach a


L. 212


thug sé ar bhainineach é chun adhaltharnas agus murder a dhéanamh,
agus dá dhruim a tarraigeag isteach é in ainnisí troma a ghuill air an
fha<i>d as do mhair sé, agus ná fuair sé é fhéin a tharraint asta go uair
a bháis.



Anis ní naofa thusa, mise ná aoinne eile againn ná an rí comhachtach
so. Fear a budh <ea> é a bhí chón lán sion do bheannathacht go ndeir
an Scriptiúir "gur dhuine é a bhí do réir chroí Dé féin." A toghag é do
aon ghnóth chun go mbeach Slánathóir an domhain ar a shliucht.
Ina óige a chomhraic sé le leoin agus le béir alltha, a threascair agus
a mhairbh iad, agus a bhuaig ar agus a mhairbh an tréan-athach
Goliath. Agus adéise sin a leagag agus threascrag go mairtheach é
féin. Le aon <t>súil-fhéachain amháin cinniúnach a baineag beatha na
<n>grás as a anam agus a tugag bás síoraí airthe, agus a bheach sé
damanta go deo muna mbeach gur fhéach Dia tré mhéid a mhór-
thrócaire air. Tiospánann sion gur ceart dhúinne a bheith do shíor
agus do ghnáth ag faire orainn féin, agus an t-anachain a sheachnadh.
"Oir an duine," arsa an Spirid Naomh, "a ghránn an t-anachain, millfear
inte é."


L. 213



XLI. DEATH OF AM<N>ON, ABSASLOM, Etc.



1. Cé gur mhaith Dia do Rí Dáibhí, mar a 'niseas dhíbh im' theagasc
dhéanach, an peaca mór dúbaltha úd a rin sé tré a adhaltharnas a
dhéanamh le bean Urias, agus an fear calma úd a mharú le claíomh
clainne Ammon, níor mhaith sé dho ar aon chor an píonós saoltha a
bhagair sé a imirt air mar gheall ar na droch-bhearta úd, ach a chuir sé i
bhfórsa gan mhoill iad. In aimhdheoin a throscadh, a urnaithe agus a
dheora, a fuair an leanbh a bhí aige leis an mbean úd bás. Ach níor
thábhacht ar aon chor an buille sin a bualag air seochas na píonóis eile
a chur Dia chuige.



2 Reg.13-15. 2. An chéad cheann díobh sion a budh ea gur thit an
mac budh shine a bhí aige - Am<n>on - <i> ngrá lena
dhearbhshúir Thamar, óig-bhean ana-álainn, agus a rin sé éigean
airthe. A chorraig an droch-bheart sion suas fearg a dhearbhráthar
Absalom, agus adéis a bheith ag fitheamh ar feag dhá bhlian a fuair sé
cae air agus a mhairbh sé Am<n>on agus iad ag caitheamh feásta i
bhfochair a chéile. 264 Adéis a dhéanta a theith sé leis fhéin go dútha
na bhPhilistíneach agus a bhí ann ar feag trí bliana. I gceann na
aimsire sin a fua<i>r sé párdún uadhna athair agus a chas sé abhaile.
Agus as ró-olc an cúiteamh a rin sé lena athair. A chuir romhór dhos na
uaislí leis insa ghnóth mínádúrtha mallaithe sin, agus a chaith an rí
bocht caite críonna teitheadh, ceann-cos-nochtaithe lena anam uadh an
gcathair. Agus níor ghaibh leis, chun cuideachta ná cosaint a dhéanamh
dho, ach cheithre chéad saighdiúirí a ghlac trua dho.



2 Reg.16. 3. Ar theitheadh dho, agus é ag <g>ol, a chonairc bráthair
dho Rí Saul, nar budh ainm Semei dho, é, agus a chrom
ar é a spídiú agus a' tabhairt mallachtaí dho agus ar chaitheamh clocha
leis, ag rá, "Teith lead fhéin, a mhallathóir, a mhurderéir, a bhithiúnaig,
a ghlac an ríocht chúghad féin in ionad Rí Saul. Atá Dia ag tabhairt
dhoit an díol a thuillis i dtaobh gach olc agus éagóir a rinnis air."
Adúirt ceann dhos na saighdiúirí a bhí i bhfochair an rí, "Rachaig mé
agus scoithfig mé an ceann don rascal seo: canathaobh go leofach a
leithéid do mhadra bréan lofa a bheith ag tabhairt spíde tarcuisne agus
mallachtaí do ár rí?" "Féach," arsa Dáibhí, "atá mo mhac fhéin a'
lorg mo mhairthe agus ní ionadh go dtabharfach gaol Rí Saul spíde
agus mallacht dhom. Le leonú Dé agus lena lán-chead atá sé dá dhéan-
amh sion. Lig dho a bheith ag mallachtóireacht orm: b'fhéidir go
n-iontóch Dia a mhallacht i mbeannacht agus go bhfaicinn arís le áthas
an chathair seo atáim anis ag fágain fé bhrón, agus go gcasach sé airís
mé airthe fé mheidhir agus go gcúiteoch sé liom an tarcuisne atáim anis


L. 214


ag fáil gan chúis. Déanach liom mar a chíonn sé oiriúnach: más maith
leis mo ríocht agus mo bheatha a bhain<t> díom atá fáilthe roimhe sion
a dhéanamh. Ní déarfadsa focal ina chuinnibh." A theith sé féin agus a
shaighdiúirí agus do fhanadar go tráthnóna insa bhfásach.



2 Reg.16:15. 4. A ghaibh Absalom agus a mhui<n>tir isteach don
chathair agus a ghlac locht na cathrach iad le fáilthe
mhór. Agus a tháinig chuige beirt do príomh-chomha<i>rlig a athar,
Achitophel agus Chusai a n-ainm. Ní raibh fear lena linn 265 budh
fhearr comhairle agus budh ghlice ná Achitophel: a bhí a chomhairle
chón cruinn sion go ndeir an Scriptiúir gur mar a chéile í agus comhairle
uadh a<i>ngeal Dé. Agus as é a chur Absalom suas chun rebelúntacht
a dhéanamh i gcuinnibh 'athar. Fear macánta gan chor gan cham gan
ghliocas a budh ea Chusai.



Adúirt Absalom, "Téimís i gcomhairle agus faicimís cad as cear<t>
dhúinn a dhéanamh." "Más ea," arsa Achitophel, "an chéad ghnóth atá
agad le déanamh as ea dol isteach go pálás do athar agus ciontaig leis
na deich mná do fhág sé ag ciomád a pháláis. Oir an uair a chloisfig an
náisiún go léir gur rinnis a leithéid do ghnóth ar do athair tuigfid siad
nách féidir go brách aon tsíocháin a dhéanamh eadraibh, agus geobhaid
siad leadsa go fonnmhar." A chuireag an droch-ghnóth sion i ngníomh
agus ansion adúirt Achitophel, "glacfad chúgham dhá mhíle déag
saighdiúirí agus leanfad gan stad do athair. Atá sé féin agus an dorn
fear atá ina fhochair anshocair tuirseach tnáite lag, gan bhrí gan
chroí gan neart. Teithfig siad uaig: fágfaig ina aonar é. Tiucfad-sa air;
maróigh mé é. Níl uaitse ach a bhás, agus an tráth as marbh é as leadsa
an ríocht gan cheist gan chontráil."



5. A thaithnig a chomhairle le Absalom agus leis na prionsaí agus a
mholadar í a chur i ngníomh. Ach adúirt Absalom le Chusai, "As seana-
chomha<i>rleach lem' athair thusa, a Chusai, agus cad é do mheas ar
chomhairle Achitophel?" "Níor thug sé riamh comhairle bainiscionn
uaig go dtí anis," arsa Chusai. "Áfaig as comhairle gan chiall an
chomhairle a thug sé do láthair. Atá fhios agadsa, agus ag an náisiún
go léir, gur fear cogaig uadhna óige do athair agus gur feara lán-déanta
ar chogaig agus ar chomhraic na feara atá ina fhochair: nár fhágadar
gleo riamh gan bhua; gur mar a chéile nó leon buile go aon duine díobh.
Agus atáid anis lán do fheirg, do ráig agus do chuthach, insa chás sion
go gcomhracóch go aon fhear díobh gan scáth 266 gan eagla le céad
fear. As a chionn sion, as fear ana-ghlic do athair, agus in ionad fanúin
ar an machaire réig as amhla atá sé féin agus a mhuintir i bhfolach i
gcoill nó i ndaingean éigin sléibhe; agus má thugann do dhaoine-se
fútha, marófar cuid aca, leathfaig an scéal amach agus déarfar gur
maraíog a' seó do mhuintir Absalom leis an seana-rí agus lena shaigh-
diúirí; tiucfaig lag-charráiste ar do dhaoine-se agus caillfid na feara as
crógha agad a misneach. Oir atá fhios ag an domhan go léir gur gaiscíoch
tréan do athair-se agus gur plúr agus scoth na ngaiscíoch na tréin-fhir
atá in<a> fhochair. Ach as í seo mo chomhairle-se: cnósaímís chúghad


L. 215


a bhfuil do fheara i bhfaid agus i leithead na dútha so - na céadtha agus
na céadtha míle - tiucfam tíompall do athar agus an dorn fear atá aige
agus scuabfam go aon duine díobh do aghaidh na talún. Hen í mo
chomhairle-se dhíobh."



2 Reg.17:14. 6. A mholadar agus adúradar gur budh fhearr an
chomhairle í ná comhairle Achitophel. An uair a
chonairc sé sion nár glacag an chomhairle a imig sé abhaile agus le neart
cráiteacht a chroch sé é féin. A chur Chusai i gan fhios <scéala ?>
chun Dáibhí ag rá, má budh mhaith leis a bheith beo gan fanúin an oíche
sin i réiteacht an fhásaig, ach dol leis fhéin agus a chuideachta gan
mhoill trasna na abhann chun na cnuic a bhí leastall de. A rin sé an
gnóth sion agus a shocraig a champa i gcoill daingean. A bhí trí
feirmeoirí saibhir insa chomharsanacht sin, agus an tráth a chualadar
go raibh an rí agus a shaighdiúirí insa choill a thugadar éadaí chun
cábáin, daimh, muilt reamhra, arán agus bia raidhsiúil chúghtha.
Oir a cheapadar, agus sion i gceart, go raibh gá aca leis na nithe sin.



2 Reg.18. 7. A thánaig Absalom le arm ana-mhór agus rin sé
surrounding ar a' gcoill agus a thug sé féna athair agus a
dhorn fear. A mheas an rí dhol leo insa chath, ach ní ligfeach a
chaptaíní dho sin a dhéanamh, ag rá, as thusa amháin atá uatha,
chun tú a mhairthe. Budh shocharúla dhóibh thusa a thitim ná deich
míle do ár sórd. Fan mar atá agad: as cuma 267 sinne a thitim nó
gan titim, ach go mbeir-se sábháltha." "Déantar mar as toil le Dia,"
arsa Dáibhí, ach sábhálaig dhom mo mhac Absalom."



A thugadar féna chéile insa choill. A buag agus a briseag ar arm
Absalom. A theith sé leis fhéin tríd an gcoill, agus ar theitheadh dho a
rug a chapall fé chrann dairí é. A bhí ceann gruaige ana-fhada air agus
a chuaig a ghruaig i ndaingean i ngéagaibh an chrainn. A imig an capall
uaig agus do fhág ag crochadh é gofa insa chrann. A chonairc ceann
dhos na saighdiúirí a bhain leis an rí ag crochadh é agus do 'nis do
Joab, generáil Dháibhí, go raibh Absalom ag crochadh mar sin. "Cana-
thaobh," arsa Joab, "nár mharaís é, agus dá ndéanfá a thabharfainn-se
deich púint dhoit agus a dhéanfainn captaín díot?" "Dá dtabharfá
míle púnt iom' dhorn dhom," arsa an saighdiúir, "ní mharóinn é. Oir i
gclos dhom' chluasaibh fhéin agus do chluasaibh an airm go léir, do
ordaig an rí dhoitse agus dhos na oifigí eile, Absalom a spáráil."
"Tiospáin dhom cá bhfuil sé," arsa Joab. A thiospáin, agus a sháthaig
Joab a shleagh fó thrí tréna chroí agus bhain an t-anam as.



A mhairbh saighdiúirí an rí fiche míle do shaighdiúirí Absalom insa
chath sin, agus uadh bhí se sion marbh níor mhaith le Joab a thuille
fola a dhortadh. Ar an abhar sion a ghlaoig sé a shaighdiúirí thar n-ais
agus ní<or> lig dhóibh an fhogha a leanúin a thuille ar dhram Absalom.
A thógadar e sion anuas don chrann, a chuireadar i bpoll ndoimhin é
agus a thógadar leacht mór ard os a chionn. Agus hen é an deire
mífhortúnach a imig ar an mac mallaithe mínádúrtha úd.


L. 216


2 Reg.18:13 - 19:8. 8. An uair a 'niseag a bhás don rí a chrom sé ar
ghol agus ar lógóireacht, ag rá, "Ó mo mhac
Absalom! Ó mo mhac Absalom! As trua gan mise a bheith marbh id'
ionadsa. Ó cé thabharfaig dom id' bheathaig thu." An uair a chualaig
Joab an gnóth sion a thriall sé ar an rí agus adúirt go searbh leis,
"A thugais náire agus masla inniubh dhoit' thaoisig agus dhoit' shaigh-
diúirí a shábháil le contabhairt a n-anama thusa, do chlainn agus do
mhuintir uadh bhás. Gránn <tú> an dram do fhua<tha>nn tú agus
fuathann tú 268 an dram a ghránn thu. A chím go glan dá ndéanfaí
do thaoisig, do shaighdiúirí agus do sheirbhísig go léir a mharú ná
guillfeach a n-ochlán ort: gurb amhla a bheach áthas ort i dtaobh a
mbás dá mbeach do mhac mallaithe Absalom - duine a loirg do chuid
fola - ina bheathaig. Ar an abhar sion, scuir doit' chaoi, éirig agus
tiospáin thu féin doit' shaighdiúirí, agus muna ndéanfair as measa agus
as crua an cás a imeoig ort ná ar imig uadh rugag thu. Ní bheig duine
ná daonnaí i d'fhochair ar maidean."



A rin an rí amhla adúrag leis: a thiospáin é fhéin dhos na saighdiúirí
agus a ghaibh buíochas leo i dtaobh gur throideadar go fearúil ar a shon.



2 Reg.19: 9-23. 9. Do fhan an rí insa dútha sion sealad aimsire,
agus a thánadar fir a threibh fhéin, treibh Juda, ag
tabhairt cuireadh dho filleadh chun a chathair fhéin, cathair Jerusalem.
Agus a th<i>únlacadar é thar abhainn Jordan. Ar a dhol trasna na
abhann, a thánaig chuige Semei, an fear úd a bhí ag caitheamh cloch
leis agus ag mallachtóireacht air an tráth a bhí sé ag teitheadh lena
anam uadh an gcathair, agus adúirt sé go umhal, "Ná cuimhnig, a Rí,
agus ná cuir lead' chroí an peaca a rinneas id' chuinnibh. Oir guilleann
sé ró-mhór oram. Ar an abhar sion a thánaig mé inniubh ag lorg
maithiúnas ort, agus a thugas míle fear dom' chine agus dom' threibh
fhéin ag fáilthiú romhad. Tabhair, ar an abhar sion, mo phardún dhom."
Adúirt ceann do chaptaíní an rí, "An féidir go maithfear don mhéirleach
so i dtaobh a bhriathra bhreá mhilis bhréagach? As ceart bás a imirt
air." "Ní cuirfear aoinne chun báis insa lá so," arsa an rí, "mar gheall
ar aon chuir a rin sé riamh im' chuinnibh-se. Oir measaim gur inniubh
a dearnag rí díom as cionn phobal Dé." A thug an rí a phardún do.



2 Reg.19:41 - 20:22. 10. A thánaig ansion na fir a bhain leis an
deich treibh eile don phobal, agus adúradar
le fearaibh threibh Juda, "Canathaobh nar thugabhair ár rí mar seo
go príobhá<i>deach libh abhaile gan scéala a chur chúghainne adonn go
dtiucfaimís dá th<i>únlacan agus é a bhreith abhaile go onórach?"
"Atá," ar siad 269 sion, "do bhrí gur cnámh do ár gcnáimh agus feoil
do ár bhfeoil an rí; as do ár dtreibh féin é; níl pá ná tuarastal againn le
fáil uaig. A thánamair le neart grá dho chun é a bhreith abhaile."
A thógadar na daoine eile an chaint sion go olc ar fhearaibh Juda, agus
adúradar, "As mó sinne deich n-uaire ná sibhse, agus as treise deich
n-uaire ár dteideal chun an rí ná bhúr dteideal-sa. Dá réir sin as mór an
éagóir a rineabhair orainn nár chuireabhair scéala chughainn chun
teacht agus an rí a bhreith abhaile." An fhaid agus a bhíodar mar seo


L. 217


ag c<o>íoscar lena chéile a ránaig go raibh <ann ?> droch-dhuine do
threibh Benjamin, nar budh ainm do Seba. A sheinn sé trúmpa agus
adúirt leis na fearaibh eile, "Gluaisig go léir abhaile; níl páirt ná teideal
againn feasta insa rí seo. Togh<ai>mís rí eile dhúinn fhéin agus fágaimís
é seo ag treibh Juda uadh as maith leo é a bheith aca." A scaradar go léir
leis an rí agus a leanadar Seba. A chuir sé fé i gcathair Abel agus
a chnósaig arm iomadúil láidir chuige. A rugadar fir Juda an rí leo go
cathair Jerusalem agus a chur sé Joab agus na saighdiúirí a b'fhearr a
bhí aige chun comhracadh i gcuinnibh Seba. A chuireadar siege leis
an gcathair agus a bhíodar ar phointe í a thógain. A bhí bean chiall-
mhar insa chathair; a sheasaimh sí ar bharra an fhalla; a ghlaoig sí ar
Joab agus adúirt leis, "Canathaobh na bhfuileann tú chun ár agus léir-
scrios a thabhairt ar an gcathair seo agus ar na daoine atá inte? Ná
fuil fhios agad gurb í an chathair as seanda agus as onóraí insa ríocht í?"
"Ní dhéanfad-sa díth ná díobháil di, ná do aoinne atá inte," arsa Joab,
"má thugann sibh suas dhom Seba a rin rebelúntacht i gcuinnibh an rí."
"Más ea," ar sise, "fan go fóill mar atá agad agus a bhéarfad-sa a cheann
chúghad. A imig sí agus a labhair go ciallmhar le locht an chathair.
A scothadar an ceann do Seba agus a chaith anuas don fhalla chun
Joab é. A tharraig sé sion a arm gan stad uadh an gcathair, níor rin
piuc díobhála agus a chas sé abhaile.



2 Reg.21: 1-14. 1. Tamall ina dhia<i>gh sion a thit dhá ghnóth
amach a thiospánann go n-agrann Dia go minic ar
náisiúin na peacaí a 270 dhéanaid na rithe nó na uacht<a>ráin a bhíonn
ortha. A thánaig gorta mhór ar dhútha an phobail Abhra ar feag trí
bliana. Agus a loirg Dáibhí ar Dhia a chur i gcéill dho cad é an fáth a
bhí leis an gorta sion. "Atá," arsa Dia, "do bhrí gur bhris Rí Saul an
tsí<o>cháin a rin Joshua agus an pobal ceithre chéad agus deich mbliana
agus dá fhichead uadh shin iom' ainm-se le locht chathair Gabaon.
Oir a thugadar mise mar urra ná déanfaidís díth ná díobháil go brách
don dram sion a thug iad fhéin suas go síochánta dhóibh. A bhris Rí
Saul an gheallúint sion: a chrom sé ar iad a mharú. A thugadar a
mallacht dho sion agus don phobal go léir agus ní tógfar an mallacht
sion díobh nó go ndéanfar lán-chúiteamh le locht Gabaon."



A chuir an rí fios ar na daoine sin agus adúirt, "Cad atá againn le
déanamh, nó cad é an díol atá uaibh, chun go dtógfaí dínn an mallacht
so agus go dtabharfach sibh bhúr mbeannacht dho phobal Dé?"
"Bíoch fhios agad," ar siad, "nách ór ná airgead atá i gceist, agus ná
loirgimíd aon duine atá insa phobal a chur chun báis mar gheall ar an
díobháil a dearnag dúinn, ach faighimís mórsheisear fear do shliucht an
fhir mhallaithe úd do dhoirt ár gcuid fola gan chúis gan abhar, chun go
gcuirimís chun báis iad i bhfianais' an Tiarna, agus ansion tógfar an
mallacht don phobal go brách." "A gheobhair sion," arsa Dáibhí.
A tugag dhóibh beirt mhac Rí Saul agus cúigear mac iníne leis. A ruga-
dar leo iad go dtí an cnoc arna gcó<n>aíoch é. A tairneálag do chros
ga<ch> fear díobh agus a fágag ansion a' crochadh iad ar feag seacht
seachtaine, nó gur dhreothaig an fheoil dhá gcnámhaibh. Ar chrochadh
<dóibh ?>, a ghlac Ahia, máthair beirt díobh, brat róin, a leath anuas


L. 218


ar an gcarraig é fé bhun na gcros, do fhan ansion dá bhfaire ar feag na
seacht seachtaine agus ní<or> lig sí do fhiolar ná do fhiach dubh baint
leo nó gur lobhaig an fheoil dá gcnámhaibh. A 'niseag sion don rí
agus do ordaig sé na cnámha a thógain anuas dos na cruis agus iad do
adhlacain in uaghaibh a sinsir. A saorag ansin an dútha uadh an mhór-
ghorta úd.



2 Reg.24: 1-25. 12. Tamall ina dhia<i>gh sion, ar bheith do
shí<o>cháin rath agus ádh mór ar an náisiún, a
thánaig smaoineamh in 271 aigne an rí gur mhaith leis fios a bheith
aige cá mhéid duine a bhí ina ríocht. A chur sé an gnóth sin i láthair a
phrionsaí. Adúradar sion, "Go méadaigh Dia fó chéad uair na daoine
atá id' ríocht, agus ná bac don ghnóth so. Cad é an sochar dhoitse fios
a bheith agad cá mhéid duine atá id' ríocht? Fág an gnóth sion fé
Dhia amháin: ní bhaineann a leithéid leadsa." Áfaig níor ghéill sé dá
gcomhairle: níorbh fholáir dho daoine a chur amach chun an phobail
do áireamh. A bhíodar deich mí dá dhéanamh sion, agus cé nár chríoch-
níodar an gnóth ar fad, a fuaradar go raibh insa phobal milliún agus trí
chéad míle fear ábaltha chun chogaig, in éagmais mná, leanaí agus
daoine aosta. Lena linn sin a thánaig ana-aithreachas ar an rí i dtaobh
géilleadh don smaoineamh uaibhreach sion a chur an t-airseoir ina
chroí, agus a chrom sé a' lorg go dian ar Dhia maithiúnas a thabhairt
dho. A chur Dia an fáig Gad chuige, a labhair mar seo leis: "Ag seo
mar adeir an Tiarna Dia lead: glac do rogha dos na trí píonóis seo a
chuirim-se chúghad i dtaobh do pheaca: seacht mbliana do dhian-
ghorta ar an náisiún go léir nó rátha cogaig ina mbeir-se agus do
dhaoine ag teitheadh uadh nbhúr namhaid, nó pláig ar feag trí lá.
Brostaig ort!" arsa <an> fháig. "Glac do rogha i gceann éigin don triúr
sion chun go bhfillinn-se lead' fhreagra don té a chur mé a' triall ort."
"Atáim cú<n>gaithe ar gach taobh," arsa Dáibhí, "ní fheadar cé aca a
ghlacfainn. Áfaig uadhs fearra dhom titim i láimh Dé, do bhrí go bhfuil
a thrócaire gan teora, glacaim an phláig mar rogha."



A phléasc sí amach a' lar na mháireach go moch, agus i gcúrsa an lae
sin a mhairbh sé insa náisiún deich míle agus trí fichid. A thánaig an
t-aingeal agus a tharraing sé a chlaíomh as cionn chathair Jerusalem
chun na daoine a bhí inte a bhualadh leis an bpláig. A chonairc an rí é.
A chaith é fhéin ar an dtalamh agus adúirt go umhal agus go cathaith-
each, "Ó a Aingeal Dé, tarraig do chlaíomh oramsa agus ar mo
mhuintir amháin, agus spáráil na daoine eile. Mise amháin atá ciontach,
mise amháin a rin an peaca 272 do thuill an píonós so. Caoire bochta
neamhchiontach as ea mo dhaoine, ná raibh aon lámh aca insa droch-
ghnóth so. Doirt do chuid feirge oramsa agus ar mo chlann, ach
spáráil mo phobal." A ghlac Dia trua dho agus adúirt sé leis an
t-aingeal, "Stad do lámh: cuir suas do chlaíomh ina dhúbla agus ná
buail a thuille." Ansin adúirt an fháig Gad leis an rí, "Déan olthóir ar
an ionad so agus ofráil íobairt chun Dé airthe." A rin sé amhla sion,
agus as ar an ionad céanna sion do thóg a mhac Solomon an teampall
álainn iontach a rin sé in onóir Dé.


L. 219


13. Anis cad atá le foghlaim againn as na nithe so go léir? As mó
ceacht socharúil a mhúinid dhúinn. Ar dtúis ní foláir dhúinn a thuigsin
go éifeachtúil ná fuil uirchóid ar bith insa go aon <t>sórd slí as measa
ná peaca: go dtarraigeann sé píonós gan deire orainn insa tsaol eile
agus a lán píonóis troma insa tsaol so féin; nách féidir dhúinn a bheith
go ró-mhór ar ár ngarda ina chuinnibh agus gur lán-leor aon pheaca
amháin, cé go saoilfí gur suarach é, chun sinn a tharraint isteach in a
lán peacaí eile. A tharraig aon <t>súil-fhéachaint amháin Dáibhí chun
titim in adhaltharnas, agus uadh adhaltharnas a tharraigeag é chun
murder a dhéanamh. Agus, súd agus gur mhaith Dia na cortha troma
sion dho, níor spáráil sé ar aon chor é uadh phíonóis aimsireach a imirt
air. Do éignig mac dho a dhearfúir féin, do mhairbh a dhearbhráthair
an fear sion, agus adéis a thug a athair a phardún dho a chuir sé na
daoine go léir suas chun rebelúntacht a dhéanamh ina chuinnibh agus
chaith an rí bocht críonna caite teitheadh lena anam uaig. Agus ar
theitheadh dho a fuair an tarcuisne budh mhó gan chúis uadh bhlagárd
droch-mhéineach. Áfaig, tré spirid na aithrí a ghlac sé na ainnisí troma
sin go foighneach, óir a thug sé fá ndeara gur ró-cheart a éiríd na uile
chréatúirí i gcuinnibh an duine a éiríonn i gcuinnibh Dé, agus gur ró-
cheart dhóibh droch-úsáid a thabhairt don té a bhí chón dána agus
chón mallaithe sin agus droch-úsáid a thabhairt do<n> Tiarna uile-
chomhachtach sion a chúm agus a chruithnig é agus a rin dho gach
maith a budh fhéidir leis a dhéanamh.



14. Ní eile nách ceart a dhearmad as ea an rogha a ghlac an rí
beannaithe fíor-aithríoch so as na trí píonóis, cogadh, gorta agus pláig,
a bhí Dia le imirt air i dtaobh 273 an pheaca a rin sé tré locht a ríochta
do áireamh - gur ghlac sé mar rogha an phláig, do bhrí gur mheas i
gceart gur a budh lú an <t->olc í sin ná gorta nó cogadh. Oir as í sin an
ainnise shaoltha as measa a theacht ar aon náisiún: doirtear fuil daonna
ina srutháin, líontar an dútha le baintreacha agus le dílleachtaí,
dóitear agus loisctear cathracha, tugtar ár agus milleadh ar an dútha,
agus i gcúrsa mbeagán seachtainí ní bhíonn rian ná fáil ar shaothar
mórán mblian. Scaoiltear fé an dtír scata saighdiúirí, as measa ná
deamhain dearg Ifrinn, chun rabáil, éigean, murder agus go aon chuir
eile as measa a dhéanamh ar chréatúirí bochta ainniseach. Más fíor
gur clann Dé locht na síochána a dhéanamh, as có-fhíor gur clann a'
diabhail locht dhéanta an chogaig. Ar an abhar sion ná bíoch go brách
aon chaitheamh agaibh i ndiagh a leithéid. Oir ní fhiadfach Dia ina
fhearg aon sc<i>úirse saoltha níosa measa a chuir oraibh ná é. Guíg
go minic chuige é a chiomád i bhfad uaibh fhéin agus uadhs go aon
náisiún eile Críostúil, agus síocháin a chur chúghaibhse agus chúghtha-
sion, agus go spisialtha a shíocháin bheannaithe a dhortadh in bhúr
gcroíocha.


L. 220



XLII. SOLOMON: <THE> TEMPLE, Etc.



3 Reg.1: 1-9. 1. A dhruid deire a bheatha agus críoch a shaol le
Dáibhí agus a bhíodar a chlann mhac ag c<o>íoscar lena chéile
ag féachain cé aca a bheach ina rí adéis a bháis. A bhí sé sion ró-
chríonna agus ró-lag chun cosc a chur leo, agus ag cur an ghnóth i bhfaid
uadh ó lá go lá, gan 'ainmniú <cé aca ?> nar mhaith leis a bheith
ina rí adéis a bháis. An fhaid agus a bhí an náisiún ag fitheamh leis an
gnóth sion a cheap Adonias, an mac budh shine aige adéis bhás
Absalom, a maraíog, an ríocht a ghlacadh chuige fhéin gan chead ná
toil a athar. Agus chun sion a chur i ngníomh a rin sé féasta mór i
mbaile a bhí tamall amach uadh an gcathair, agus a chnósaig sé chuige
uaisle an naísiúin le go ndéanfaí rí de adéis an fhéasta.



3 Reg.1: 11-40. 2. A chu<a>laig an fháig Nathan an scéal sion agus a
chuaig sé ag triall ar Bethsabee, máthair an óig-fhear
Solomon nar gheall Dáibhí di gurb é a bheach ina rí ina ionad féin,
agus adúirt 274 sé lé dul ag triall ar an rí agus an gheallúint sin a chur
i gcuimhne dho. "Agus an fhaid a bheir-se 'na fhochair tiucfad-sa
isteach agus socróm an gnóth ar thaobh éigin. A rin sí a chomhairle
agus a thánaig Nathan chun an pálás. A 'niseag don rí go raibh sé ann.
Do ordaig se sion é a theacht isteach chuige. A thánaig, agus, adéis umhlú
don rí, adúirt, "An lead' ordú-sa, a Rí, atá do mhac Adonias dá
shácráil inniubh chun a bheith iod' ionad-sa? Oir atá sé ag caitheamh
féasta mór, agus uaisle na ríocht<a> go léir ina fhochair, iad ag ól a
shláinte agus ag guíocha<i>n mórán bliain chuige mar rí ortha. As mór
an <t->ionadh liom nár chuiris an gnóth so i gcéill dhomhsa, don ard-
shagart Sadoc agus do Banaias captaín do ghardaí chun go rachaimís
ar nós chách eile chun onóra a thiospáint don rí nua so as toil leadsa a
bheith <os> ár gcionn." "Glaoig chúgham anso go dia<i>r," arsa an rí,
"Sadoc an t-ard-shagart, Banaias agus oifigí eile mo ghardaithe."
Ar a dteacht ina láthair adúirt an rí le Bethsabee, "A gheallas dhoit
gurb é do mhac Solomon a bheach ina rí iom' ionad fhéin, agus fé mar a
mhaireann an Tiarna Dia a shaor mé as gach baol, cólíonfad inniubh an
gheallúint sin. Imig-se, a Nathan, atá id' fháig bheannaithe ag Dia,
thusa a Sadoc, atá iod' ard-shagart Dé, thusa a Bhanaias atá id'
ard-thaoiseach ar mo ghardaí, agus sibhse eile as oifigí as a gcionn:
beirig libh mo shaighdiúirí go léir, tógaig libh mo mhac Solomon, cuirig
ina shuí é ar chathaoir mo ríocht, sácrálaig é leis an oíle bheannaithe,
cuirig mo chróin ar a cheann agus gairmig rí de iom' ionad-sa."



A rinneadar amhla sion. A rugadar Solomon leo le drumaí, ceoltha
agus glór trúmpaí. A dearnag proclaiming air mar rí. A ghlac locht an
chathair ana-áthas do dhruim an ghnóth sion: a chuireadar na céadta
ar<d>-hussá asta, ag guíochain saol fada agus réim ámharach don rí nua.


L. 221


3 Reg.1:41 et seq. 3. A chualaig Adonias agus a chuideachta an
<t->ar<d>-ghlór, agus budh ionadh leo cad budh
bhun de. A thánaig duine chúghtha agus a 'nis dhóibh gur sácrálag le
ordú a athar Solomon chun a bheith ina rí, gur 275 ghaibh na saighdiúirí
agus locht an chathair go léir leis, agus gurb é sin cúis an ard-ghlór a
airíodar. A chur an scéal sion ard-eagla ortha. A scuireadar go mear
dá bhféasta. A theith go aoinne díobh chun a thí fhéin. A theith
Adonias chun na áite ina <raibh ?> olthóir Dé agus a rug greim airthe,
agus ní fhágfach í nó gur thug Rí Solomon Dia mar urra dho ná déan-
fach díobháil ar bith dho. A thug Solomon sion dho ar choinníoll ná
déanfach sé a thuille achrainn.



A rugadar an rí nua chun an tseana-rí. Do umhlaig dho agus a chrom
ar bhuíochas a ghabháil le Dia uadh chroí go raibh sé do chompord aige
a mhac do fhaicsin ina rí sular fhág sé an saol so. A b'é saol Dháibhí,
an tráth sion, deich mbliana agus trí fichid. A bhí sé ana-lag agus caite
adéis an duaigh mór agus tuirse a ghaibh sé tríd uadh aos a chúig bliana
déag, an tráth a mhairbh sé an tréan-athach Goliath. A bhraith sé teas
na beatha ag tráchain as a cholainn agus níorbh fhéidir le bia ná le
éadach an fhuacht a chiomád uaig. A toghag maighdean álainn óg
uasal chun luí ina fhochair go aon oíche agus é a chiomád teith.
Abisag budh ainm di. Áfaig níor bhain sé lé níos mó ná dhéanfach
leanbh bliana.



3 Reg.21:1-6. 4. An uair a bhraith sé go raibh an bás i bhfogas dho,
a chuir sé fios ar a mhac, Rí Solomon, agus adúirt
leis: "A mhic ó, atáim-se ag imeacht as an saol so, ar nós go aoinne a
thánaig riamh air, ach iompair-se thu féin go cróga, fearúil; ciomád go
beacht agus go pointeáltha athanta agus ordaithe Dé chun go mbeach
fhios agad go cruinn cad as ceart dhoit a dhéanamh agus go gcuirfeach
Dia ádh, rath agus séan ort, agus go n-éireoch go aon ghnóth lead.
Agus má dhéanann tu sion, cólíonfaig Dia lead go aon gheallúint a thug
sé dhomhsa id' thaobh-sa agus i dtaobh do shleachta: tógfair teampall
ard-bheannaithe ina onóir, agus as ar do shliucht a thiucfaig Slánathóir
an domhain. Áfaig muna gciomá<dfá>ig tu athanta agus ordaithe Dé
ní éireoig aon ghnóth lead: tiucfaig mí-ádh agus díbhfhearg Dé ort agus
ar do shliucht, agus luífig go aon mhífhortún ar an náisiún so. Atá fhios
agad cad a rin Joab, generáil mo arm, oramsa: gur mhairbh sé le feall
triúr taoisig a budh fhearr do fhearaibh ná é 276 fhéin, gur dhoirt sé
fuil chogaig in am na síochána, agus go raibh an crios a bhí tíompall a
chuim agus na bróga a bhí ar a chosa lán do fhuil neamhchiontach.
Níor mhaith liomsa a dhroch-bhearta a agairt air, oir a bhí sé ina
chomráda agam an tráth a bhíos ag teitheadh uadh Rí Saul agus insa
go aon chruatan eile a rug oram. Ar an abhar sion ní bhfuighinn iom'
chroí é a chur chun báis. Ach féach-se ina dhia<i>g, agus má thugann sé
aon chúis dhoit agair a dhroch-ghníomhartha air.



3 Reg.2:7-11. 5. "Atá fós agad insa dútha so Simei, a thug an-
tharcuisne agus mallachtaí troma dhom an tráth a
bhíos ag teitheadh lem' anam uadh do dhearbhráthair Absalom. Ach


L. 222


do bhrí gur thugas Dia mar urra dho ná déanfainn díobháil dho, níor
rinneas. Fear ciallmhar as ea thusa agus déin leis mar a chífir oiriúnach.
An fhaid agus a mhairfig tú tiospáin cion, cairideas agus cineál dho
chlainn na triúr feirmeoirí úd do fhóir oramsa agus ar mo shaighdiúirí
insa mhór-chruatan a thánaig orainn an tráth a bhíomair ag teitheadh
uadh do dhearbhráthair."



I mbeagán laetheanta ina dhiagh sin a fuair sé bás adéis a bheith
ina rí ar phobal Dé ar feag dá fhichid blian, agus ní raibh rí as a gcionn
a b'fhearr ná é. Níorbh fhéidir aon ní a chur ina leith ach an droch-
ghnóth úd a rin sé i dtaobh Urias agus a bhean. Áfaig a dhíol sé go
cruaig agus go dóite as. Do agair Dia go dian air é, ach a ghlac sé go
foighneach agus go buíoch beannachtach go aon sciúirse a chuir Dia air
i ndáil an droch-ghníomh úd, agus a mhúin sé lena shampla fhéin dhos
na uile dhaoine go deire an tsaoil cionas as ceart dhóibh na píonóis a
chuireann agus a chuirfig Dia gan dearmad <ortha ?> mar gheall ar a
bpeacaí, a ghlacadh uadhna láimh.



3 Reg.2:13 - 3:14. 6. Beagán aimsire ina dhiaigh sion, a chur
Adonias Bethsabee, máthair Rí Solomon, chuige
ag iarraig air Abisag, an mhaighdean álainn óg úd a chodlaig i bhfochair
a athar, a thabhairt mar mhnaoi dho. "A Mháthair," ar sé, "budh cheart
dhoit fós a lorg oram an ríocht a thabhairt suas dho, oir as sine é ná
mise. Ach cuid don phlot a rin sé le Joab agus le daoine eile as ea an
gnóth so. Ach cuirfig mise iad uadh a thuille plot<a>ireacht a dhéan-
amh iom' chuinnibh-se." Le sin do ordaig sé Adonias agus Joab a
chur chun báis. A chur sé fios ar Simei, an fear 277 úd a thug ana-
tharcuisne dhá athair, agus adúirt go cneasta leis, "Ní dhéanfaig mé
díth ná díobháil dhoit i dtaobh a rinnis i gcuinnibh mo athair. Áfaig ná
corraig do chos amach as an gcathair seo, oir pé lá ina bhfágfair í
imreofar bás ort." Do fhan an scéal mar sin ar feag trí bliana nó gur
theitheadar dhá sclábhaithe uaig agus a lean Simei iad. A 'niseag sion
don rí agus do ordaig sé é 'chur chun báis.



An uair a bhí sé socair insa ríocht go síochánta, <do ghlac sé ?> iníon
rí na Égypte mar chéile agus do ofráil sé míle íobairt in aon lá amháin
do Dhia, ag breith buíochas leis i dtaobh gach trócaire a thiospáin sé
dho. An oíche chéanna sion a thiospáin Dia é fhéin dho agus adúirt leis,
"Loirg oramsa pé ní as maith lead agus a bhéarfaig mise doit é." "A
Thiarna Dia," arsa Solomon, "a rinnis-se trócaire liom' athair insa tráth
inar thógais é uadh a bheith ag ciomád scata caorach ar na sléibhte
agus a rinnis rí de as cionn an náisiúin seo; a shaorais é uadhs gach baol
agus a rinnis rí dhíomsa ina ionad as cionn an náisiúin seo atá chón lán
sion do dhaoine nách féidir iad do áireamh. Fear óg as ea mise ná fuil
fios mo imeachta agam ná aon eolas agam ar ghnáth-chúrsaí an tsaoil.
Iarraim ort, ar an abhar sion, croí maith a thabhairt dhom, eagna, ciall
agus tuigsin a bhronnadh oram, chun go dtiucfaig liom na daoine seo
atá faoi mo smacht a riarú mar as cóir." Arsa Dia, dhá fhreagradh,
"Do bhrí gur iarrais an achainí sion oram, agus nár loirgis bás do
namhaid, saol fada, saibhreas ná sonas saoltha, ach eagna, tuigsin agus
ciall, a bhéarfad-sa dhoit iad, i bhfad níos mó ná bhí ag aoinne riamh


L. 223


romhad nó ag aoinne a thiucfaig go brách iod' dhiaig; agus bhéarfaig mé
doit nithe nár loirgis ar aon chor oram: saibhreas, glóire agus onóir
níos mó ná a bhí agus a bheig ag aon rí eile, agus má leanann tú an tslí
a lean do athair beig saol fada <agad ?>." Hin é <an ?> tslí
ina bhfuair an rí seo an eagna iontach budh thoil le Dia a bhronnadh air.



3 Reg.3: 16-28. 7. Ní fada a bhí sé gan cae a fháil ar an eagna sion a
thiospáint. A thánaig beirt mhná coiteann ina
láthair ag lorg ceart a dhéanamh dhóibh, leanbh marbh 278 ina lámha
ag ceann aca agus leanbh beo ar a baclainn ag an gceann eile. Adúirt
an bhean ag na raibh an leanbh marbh, "A Rí, cónaím-se agus an bhean
eile seo in aon tig amháin. A chuireas-sa leanbh díom agus trí lá ina
dhiaigh sion a chuir sí seo leanbh <di ?>. Níl duine ar bith insa tig ach
sinne araon, agus aréir a fuair a leanbh sion bás, oir a iompaig sí trína
codladh air agus mhúch sí é. Ansion i lár na oíche a thánaig sí agus
mise im' chodladh agus a thóg uadh<m>' chliathán mo leanbh-sa agus
do fhág a leanbh marbh fhéin ina ionad. An uair a dhúisíos-sa ar
maidean chun an chín a thabhairt dom' leanbh, a bhrathas marbh é.
Ach adéis a fhéachas go géar air do aithníos nách é mo leanbh é ach
leanbh na mná seo." "A thugais do éitheach," arsa an bhean eile:
"As é do leanbh-sa atá marbh agus mo leanbh-sa atá beo."



A bhíodar mar sin ag c<o>íoscar lena chéile i bhfianais' an rí. Adúirt
sé sion, "Adeir an bhean so, "As é mo leanbh-sa atá beo," agus an
bhean eile gurb é a leanbh féin atá ina bheathaig. Agus ní féidir a
dhéanamh amach cé aca na bhfuil an fhírinne aici. Faigheam claíomh.
Tóg," ar sé le ceann dhos na saighdiúirí, "an leanbh so atá ina bheath-
aig; déan dhá leath de agus tabhair a leath dhos gach bean dhíobh so."
"Ná déan, a Rí," arsa bean díobh, ach fág an leanbh ina bheathaig agus
tabhair dhi seo é. Cé gurb é mo leanbh fhéin é as fearr dhom é a bheith
beo aici seo ná é a bheith marbh." "Mairbh an leanbh, a Rí," arsa an
bhean eile, "agus ná bíoch sé ag aoinne againn." "Tabhair an leanbh
beo," arsa an rí, "don chéad bhean, oir as í sin a mháthair go fírinneach."
Ar chlos an scéil sion dhos na daoine a ghaibh iontas mór iad agus a
mholadar Dia go ard i dtaobh a leithéid do rí a thabhairt dhóibh, a bhí
chón ciallmhar chón glic agus chón tuigseanach sion gur rin sé amach
ní ea amháin cáilíocht nádúrtha na uile chrainn, luibhneacha agus
plandaí, beithíg na talún, éanlatha an aer agus éisc na mara, ach fós
na smaointí a bhí coigilthe i gcroíocha na ndaoine. A chuir Dia an
oiread sion rath agus séan ar an rí seo agus ar an náisiún go léir go ndeir
an Scriptiúir go raibh lena linn ór chón raidhsiúil le clocha, agus
airgead le smúite na mbótharaibh.



3 Reg.6. 8. A chrom sé ansion 279 ar an dteampall a dhéanamh
a gheall a athair a thógain in onóir Dé ach níor fhiad sé a
dhéanamh do dhruim gach cogadh a bhris go minic amach ar f<e>ag
a réim. Áfaig do fhág sé plan an teampaill agus an t-airgead a bhí
riachtanach a chaitheamh lena dhéanta ag Solomon. A thos<a>in ar a
thógain agus a caitheag seacht mblian á dhéanamh. A bhí trí mhíle
agus seacht céad maoir aige as cionn na gcreardaithe, ceithre fichid


L. 224


míle saoir ag gearradh agus ag snoí na g<c>loch agus sé mhíle déag agus
trí fichid fear dá <d>tabhairt chun na áite 'na raibh an teampall dá
thógain. A bhí numbering déanta ar go aon chloch a cuireag inte, agus
ar feag na aimsire a caitheag á thógain níor airíog glór bhuille úird,
chasúir ná tua. A bhí an taobh istig dhos na fallaí clúdaithe le leaca
óir, ornáidithe le pictiúirí aingil gearrtha ortha. Agus a thánaig costas
a dhéanta chun tuille agus sé mhilliún púnt do ár n-airgeadna anis.



3 Reg.8:1 - 9:9. 9. An uair a bhí sí críochnaithe a thug Solomon
agus na sagairt agus an pobal go léir A<i>rc na
Conradh - nó an chórtha óir ina raibh an dá chlár cloiche arna raibh
na deich n-athanta scríofa le láimh Dé fhéin - leo chun an teampaill.
Agus as chun í sion a chiomád a tógag an teampall. A cuireag isteach í
insan áit ró-naofa, agus lena linn sin a líonag an teampall go léir le
glóire Dé. A chaith an rí, na sagairt agus an pobal go léir dul amach
aiste, oir níor fhiadadar an ghlóire iontach sion a iompar. A chaitheadar
iad féin ar a mbéal agus ar a n-aghaidh anuas ar an dtalamh. Do ardaig
an rí a dhá láimh leata amach suas chun flaitheamhnas agus adúirt,
"A Thiarna uile-chomhachtaigh a chúm neamh agus talamh agus na
uile nithe dá bhfuil ionta, as tusa amháin atá id' Dhia, agus níl agus ní
féidir aon Dia eile a bheith ann ach tusa amháin. Féach lead' shúile
greannmhar ar an dtig seo a thógas in onóir do ainm ró-naofa-sa, agus
éist go fábharúil le achainí na ndaoine a ghuífig chúghad insa tig seo.
Má thagann pláig, gorta nó cogadh ar an bpobal so mar gheall ar a
bpeacaí, agus go dtagaid le croí umhal 280 aithríoch chun trócaire a
lorg ort insa tig seo, éist leo go grásúil agus fuascail iad." "Féach," arsa
Dia leis, "beig mo shúile do lá agus do oíche ar an dtig seo, agus mo
chluasa oscailte chun éisteacht le urnaithe na ndaoine a ghuífig chúgham
insa tig seo. Agus id' thaobh fhéin, má leanann tú slí do athar agus mo
athanta-sa a chiomád, bunóigh mé tusa agus do shliucht go brách id'
rí-chathaoir. Áfaig má iompaíonn sibh uaim agus déithe bréagach a
leanúint, tóchfaig mé amach sibh agus an pobal so as an ndútha breá
so a thugas mar oidhreacht dhíbh agus leagfar anuas an teampall so
agus ní fhágfar cloch ar muin cloiche inte. Agus tiucfaig ionadh agus
uafás ar na stróinséirí a gheobhaig uadh am go am an tslí seo, agus
adéarfaig, "Canathaobh gur thugag a leithéid do lot agus do mhilleadh
ar an dútha agus ar an dteampall breá álainn seo?" Agus déarfar dá
bhfreagradh, "Atá do bhrí gur thréigeadar na daoine a bhí inte a nDia
cóir féin do fhuascail a sinsear uadh sclábhaíocht na Égypte, agus a
thug dhóibh an dútha so mar oidhreacht ar choinníoll go gciomádfaidís
an dlí a thug sé dhóibh, ach níor dheineadar sion. Ar an abhar sion a
scrios sé amach aiste iad agus a leag agus a lo<i>t an teampall álainn seo
a tógag ina ainm."



3 Reg.10: 1-13. 10. Adéis a chríochnaig Solomon an teampall a rin
sé pálás do fhéin. Ceithre bliana déag a bhí sé dá
déanamh agus budh ionadh le faicsin í. A thóg sé a lán cathrach láidir
agus mórán bailtheach<a> móra insa dúthaig go léir, agus a chuaig a
cháil fé cheithre ardaibh an domhain, insa chás go dtigidís rithe agus


L. 225


prionsaí as go aon náisiún dá fhéachain agus chun cairideas a shnuím-
eadh leis. An ceann a budh nótáltha dhíobh seo a b'ea banríon Seba,
a ghluais uadh imeall an domhain shior chun go mbeach fhios aici féin
i bpearsa arbh fhíor an tuairisc a airig sí ar eagna agus ar ghlóire Rí
Solomon. A thug sí chuige ocht milliún púnt agus a lán seoda uasal,
péarlaí agus clocha bua mar thabharthas nár faiceag riamh roimhe
sion a leithéid eile. A chur sí a lán ceisteanna crua chuige agus a
réithig go aon cheann díobh. Agus an tráth a chonairc sí an teampall,
an pálás agus na oibreacha eile a 281 rin sé, an <t->ordú agus a<n> riarú
a bhí ar a thig agus ar a ríocht, ní<or> fhan brí ná misneach aici, agus
adúirt sí, "A mheasas gur bhréag an tuairisc agus an moladh mór do
airíos ort im' dhútha fhéin. Ach anois a chím nár 'niseag leath na fírinne
dhom: gur mó do eagna agus do ghlóire ná as féidir do aoinne a insint.
Ar an abhar sion, as beannaithe do mhuintir a chloiseann go aon lá do
chainte chiallmhar, agus as beannaithe do náisiún a ghráig Dia chón
mór san gur thug sé dhóibh rí ná fuil a leithéid le fáil ar dhruim talún."
A chas sí ansion ar a dútha féin, agus cé gur mhór agus gur saibhir na
tabharaistí a thug sí don rí, budh mhó agus budh shaibhre na tabharaistí
a bhronn se sion airthe ar imtheacht di.



11. Tugaimís fá ndeara ar dtúis, an uair a lá<i>r Dia don rí seo, agus
a gheall dho, go dtabharfach sé dho pé ní a iarrfach sé air, gurb é an
rogha a ghlac sé tabharthas an eagna a bhronnadh air. Agus a thaith-
nig an rogha sion chón mór le Dia gur bhronn sé go aon séan saoltha air.
Níl insa tsaol so ní ar bith as socharúla do dhuine ná eagna, oir mar adeir
an Spirid Naomh, "Atá saibhreas agus glóire ina láimh dheas agus saol
fada ina láimh chlé. As uaithe do fhásann na blátha as breátha agus
na tortha as mísle ar bith, onóir agus gradam i láthair ndaoine,
naofacht agus beatha anama i láthair Dé, agus pé duine a bheireann
greim daingean airthe beireann sé greim ar an bheatha shíoraí. Déan-
ann sí gach nduine a shláthraíonn í ina chara ag Dia. As saibhreas
gan teora í dos go aoinne a fhaigheann seilbh airthe; as breátha í ná
solas na gréine, as gile í ná na réalthana. As í a mhúineann do dhaoine
gach ealaín mhaith. Agus as é as bun agus abhar di, eagla bheannaithe
Dé. Oir as glóire fhírinneach eagla Dé. As áthas don chroí agus as
compord anama eagla Dé. Beig deire maith ag go aon duine a bhíonn
eaglach roimh Dhia, agus i ló a bháis a gheobhaig sé beannacht mar
oidhreacht go brách."



12. Ní eile as ceart a thabhairt fá ndeara, go raibh sé do shéan ar an
rí seo gurbh é an chéad duine riamh a thóg teampall in onóir Dé agus
ná raibh riamh agus ná beig go 282 brách ar an dtalamh so teampall
budh bhreátha ná é. Áfaig budh ró-dhanaid dho gur thruaill sé ina
chríonnacht teampall budh bheannaithe i bhfad ná í sin, a cholainn
fhéin: a shalaig agus a thruaill sé í sin lena dhrúisiúlacht bhréan, mar a
'neosaig mé ina dhiaigh so dhíbh, agus do dhruim an pheaca sion a chaill
sé tabharthas a chreidimh, tabharthas na eagna, agus a dearnag
iomadán gránna de. Ar an abhar sion, arsa Naomh Augustin<e>, "ná
bíoch aon mhuinín againn asainn fhéin, agus ná braith<i>mís ar aon


L. 226


obair mhór mhaith a rinneamar in onóir Dé, ná chun sochar Eaglais Dé,
oir má dhéanaimíd, má bhímíd mustarach taibhseach, caillfear sinn
amhail a cailleag Rí Solomon. A thánaig Banríon Seba uadhn domhan
shior - aistear mór fada contabharthach - chun radharc a fháil ar
ghlóire an rí seo agus chun a bheith ag éisteacht lena chomhrá ciall-
mhar. Agus féach mar a dhaorfaig an sampla sion sinne i lá an bhreith-
iúnais i dtaobh ár bpatuaire, ár leisce, ár bhfaillí pheacúil tréna ndéan-
aimíd neamh-shuim do theacht ag triall ar Íosa Críost insa tsácramín
beannaithe ina bhfaighimís tabharthas na eagna gan teora gan tomhas,
eagna fhírinneach a sheol<f>ach sin<n> go cruinn gan dearmad chun
ríocht na glóire gan deire, ríocht na bhflaitheas.


L. 227



XLIII. FALL OF SOLOMON, Etc.



1. Adéis a chríochnaig Rí Solomon an teampall ard-ghlórmhar - an
chéad teampall a thógag riamh in onóir Dé ar an dtalamh so, an
teampall as áille a dearnag riamh a budh ea é: ní fheacag agus ní
ficfear choíche insa domhan so aon cheann as féidir a chur i gcomórtas
leis ach teampall Naoimh Pheadair i gcathair na Rómha - a rin sé
cathracha móra láidir agus oibreacha iontach eile insa dútha, agus a
bhí rath, séan agus go aon ádh fónta air fhéin agus ar an náisiún go léir
ar feag mórán blian. Ach i ndeire a shaoil, a loit sé go aon ní fónta
a rin sé riamh roimhe sion; a thosain sé a bheatha go dian-mhaith, ach
a chuir sé droch-dheire lé. 283 Agus a thiospáin sé go beomhar nach
ceart do aoinne brath air fhéin, agus dá aoirde a ardófar é in onóir, i
nglóire agus i naofacht gurb dóichí do turrain tiubaisteach a fháil agus
go bhfaighig sé an turrain sin muna mbeig ard-chiomád aige air fheín
agus ana-eagla air roimh a luige fhéin. An croí úd a bhí ar feag mórán
blian ina teampall glan beannaithe agus ina áras cónaithe ag an Spirid
Naomh, a truallaíog, a salaíog í le grá ban. A bhí sí lán suas go bruach
le grá na eagna agus a líonag ansion í le drúis gan teora, agus do sheol
drúis go mear í chun creideamh Dé a thréigean agus déithe bréagach
na bpágánach do adhradh.



3 Reg.11:1-13. 2. A bhí seacht céad ban, ar nar gairmeag
banríona, pósta aige, agus trí chéad ban acra aige.
A bhí sé ceadaithe go deimhin, fá an am sion, do fhearaibh níos mó ná
aon bhean amháin a bheith pósta aca. Ach a choisc Dia go dian ortha
cleamhnas a dhéanamh le aon daoine ná raibh an creideamh cóir aca.
In aimhdheoin an chosc sin a ghlac Solomon mná chuige uadh an Égypt,
uadh dhútha Ammon, Moab, Sidon, Tyre agus uadh dhúthaí eile
págánach. Agus é súd a rin teampall álainn don t-aon Dia amháin
fírinneach, a rin sé teampaill onórach a thógain dhos na deamhain
ghránna budh dhéithe dhos na mná págánach a bhí aige. A chur an
gnóth sion ard-fhearg ar Dhia. A thiospáin é fhéin arís dho, ní fé mar
a thiospáin é fhéin roimhe sin, chun nithe fónta a gheallúint dho, ach
chun a mhallathacht a chasadh leis, agus chun píonós a chur air.
"Do bhrí," arsa Dia leis, "gur thréigis mo sheirbhís-se, agus gur leanais
déithe bréagach agus nár chiomádais an tslí a chiomád do athair
romhad, stracfaig mé an ríocht as do láimh-se agus béarfaig mé í dhot'
sheirbhíseach. Áfaig, mar onóir do<t'> athair ní dhéanfad an gnóth ar
f<e>ag do bheatha-sa, ach in aimsir do mhic. Agus ní strac<f>aig mé uaig
an ríocht go léir, ach fágfaig mé aige dhá threibh, ceann mar gheall ar
do athair Dáibhí agus ceann eile ar son a<n> chathair seo ina bhfuil mo
theampall déanta. Ach i dtaobh na deich treibh eile, 284 ní bhainfid
go brách lead' shliucht-sa.


L. 228


3 Reg.11: 26-40. 3. A b'é an seirbhíseach a cheap Dia chun a<n>
chuid don ríocht a bhí le baint do mhac Solomon,
ógánach do threibh Ephram nar budh ainm dho Jeroboam. A bhí sé
ina mhaor as cionn oibre a bhí ag Rí Solomon á dhéanamh i gcathair
Jerusalem. Agus maidean dá raibh sé ag dol amach chun a chuid oibre,
a bhuail fáig Dé, Ahias, uime. A bhí clóca nó brat nua ar a' bhfáig.
A bhain de é agus a ghearr suas é in dhá phíosa déag. "Glac chúghad,"
ar sé le Jeroboam, "deich cinn dhos na píosaí seo. Oir mar seo adeir
an Tiarna Dia: déanfaig mé dhá chuid déag do ríocht Sholomon, agus
bhéarfaig mé dhoitse deich cinn dhíobh agus fágfaig an dá chuid
eile ag sliucht Sholomon. Agus má bhíonn tusa agus do shliucht dílis
dhomsa, agus an tslí chóir dhíreach a chiomád Dáibhí, athair Rí
Solomon, a leanúi<n>t, beir-se agus do shliucht in bhúr rithe go brách as
cionn an chuid sion do<n> phobal."



A chualaig Solomon an gnóth sion agus a loirg sé Jeroboam a chur
chun báis. A theith se sion leis fhéin do<n> Égypt agus do fhan ann go
bhfuair Rí Solomon bás in aos a thrí fichid blian, adéis a bheith ina rí
ar feag dá fhichid blian as cionn phobail Dé. Níorbh fhéidir do aon fhear
é fhéin a iompar níos fearr ná a rin sé go deich mbliana roimh a bháis,
agus ansin a thit sé go tiubaisteach. Agus cé go raibh a thitim tiubaist-
each agus ard-tiubaisteach do fhéin, atá sí ana-shocharúil dhúinne
má mhachtna<í>míd go cóir airthe. A bhí sé ar feag romhór a bheatha
ina dhaltha ag Dia. Atá fhios go cinnte againn gur chaill sé grása Dé.
Áfaig níl fhios againn a' bhfuair sé thar n-ais í tré aithrí fhírinneach
éifeachtúil a dhéanamh ina pheacaí. Atáimíd deimhnitheach gur thit a
athair i bpeacaí troma uafásach - adhaltharnas agus murder - áfaig
atáimíd lán-deimhnitheach gur rin sé aithrí fhírinneach lán-chothromúil
i<o>nta agus gur mhaith Dia go éifeachtúil dho iad. Áfaig i dtaobh
Sholomon, as é meas romhór na n-Aithreacha Naofa go bhfuair sé bás
ina pheacaí agus go bhfuil sé damanta go deo. Budh chóir go gcuirfeach
sampla deorach an rí seo go aon chaitheamh i ndiaig onóra, 285 séan
saoltha agus pléisiúir corpartha go brách amach as ár gcroíocha. As
socharúla do aon Chríostaí a bheith sínte ar charn aoilig ag dreothadh
le uiscóidí, amhail a bhí Job naofa, ná a bheith ina shuíomh ar
chathaoir óir fé go aon <t>séan saoltha amhail a bhí Rí Solomon. Oir
múinid ainnisí saoltha ciall agus foighne do dhuine, agus faigheann sé,
tré iad a iompar go umhal, cróin na glóire gan deire. Áfaig as duine
as an mhíle a iompras mar as cóir sonas, saibhreas agus ádh saoltha.
Oir líona<i>d an croí le spirid an uabhair, agus ní díon ná cosaint dho i
gcuinnibh an nimh mairthech sion an eagna as mó agus as aoirde ar
bith, mar as so<i>léir uadh shampla Rí Solomon.



3 Reg.11:43 - 12:18. 4. Ar bhás an rí sin a gairmeag rí dá mhac
Roboam. Agus a thánaig an pobal go léir
chuige agus a iarradar de chuid dhos na taxanna troma a chur a athair
ortha do thóga<i>n díobh. A b'é an speaker agus an ceann a bhí ortha
an t-ógánach úd Jeroboam. A loirg an rí spás trí lá chun fr<e>agra a
thabhairt ortha. Ansion a chuaig sé i gcomhairle leis na seana-chounsil-
éirí a bhí ag a athair. Adúradar sion leis freagra caoin cneasta


L. 229


sibhi<a>ltha a thabhairt ar an bpobal, agus géilleadh dá bpet<i>tion,
agus dá ndéanfach go mbeidís lán-umhal uirrimeach dho ar feag a
shaoil. Ansion a loirg sé ar na uaisle óg, a thugag suas ina fhochair
fhéin, cad é an freagra a thabharfach sé ar an bpobal. "Abair mar seo
leo," ar siad: ""A bhí cuínn mo athar-sa trom go leor oraibh, ach is
truime fé sheacht mo chuínn-se oraibh. A sciúirseáil se sin le slata
sibh; áfaig sciúirseálfaig mise sibh le whipeanna ní. As truime oraibh
mo lúidín-se ná corp mo athar." Hen é mar a fhreag<r>óir iad."



A ghlac an briollán amadáin a gcomhairle. An tríú lá a thánaig an
pobal chuige agus a labhair sé go borb cruaig bagarthach leo do réir
chomhairle na n-uasal óg gan chiall. Ar chlosain don phobal na focail
sin, adúradar, "Ní bheig páirt ná cumann againn 286 feasta le sliucht
Dháibhí. Fillimís chun ár dtithe agus toghaimís rí dhúinn fhéin."
A rinneadar sion. A <i>míodar go mear agus a chuir Rí Roboam an
prionsa budh onóraí aige ina ndiaig dá ghlaoch thar n-ais. Ach as
amhla a mharaíodar sion é le gabháil do chlocha air. A theith an rí
leis fhéin.



3 Reg.12: 19-24. 5. Beagán lae<tha>nta ina dhiaigh sin a chnósaig
an pobal go léir, ach dhá threibh amháin, treibh
Juda agus treibh Benjamin, agus a thoghadar Jeroboam mar rí. Agus
amhla sion a dearnag, tré dhíchéille Roboam, dhá leath do phobal Dé.
A chnósaig Roboam arm láidir, céad agus trí fichid mhíle do shaigh-
diúirí toghtha, chun troda i gcuinnibh Jeroboam, agus an chuid don
phobal a ghaibh leis, chun iad a thabhairt arís féna smacht fhéin.
Áfaig a chur Dia fáig chuige ag cos<c> an ghnóth sion air agus ag 'nisint
dho gur le ordú spisialtha Dé a thit sé amach. A thiospáin Dia leis an
sampla seo gurb é féin as ard-mháistir ar na uile rithe agus go dtugann
sé dhóibh ciall fhónta nó droch-chiall fé mar a thuillid uaig, agus go
n-agraíonn sé peacaí na <n->aithreacha ar a g<c>lann, fé mar do agair sé
droch-ghníomhartha Rí Solomon ar a mhac. Agus deirid na Aithreacha
Naofa gur figiúir Roboam, a lean comhairle na n-ógánach díchéilleach
in ionad comhairle fholláin na sean-daoine eagnach, gur figiúir é ar an
dram guagach a leanann teagasc nua na n-eiricidí in ionad <an> seana-
theagasc folláin a mhúineadar uacht<a>ráin na Eaglaise dhóibh a
chiomád.



3 Reg.12:26 - 13:3. 6. An tráth a chonairc Jeroboam go raibh sé
ina rí as cionn deich threibh do phobal Dé, a
thiospáin sé gur bhain sé le romhór na rithe a loirgeann sonas saoltha
in ionad seirbhís Dé. A mheas sé dá rachach an chuid don phobal a
ghaibh leis suas fó thrí insa bhliain, mar budh ghnáth leo, go teampall
Dé i gcathair Jerusalem chun ofráil agus íobairt a dhéanamh, go
<d>tabharfaí iad i ndiaig ar ndiaig, chun gabháil lena rí gceart fhéin,
Roboam. Ar an abhar sion a cheap sé iad a scaradh ar fad le creideamh
Dé. Agus leis an intinn sion a rin sé dhá dhia bhréagach i bhfuirm
gamhna, do ór, agus a chur sé ceann díobh suas i gcathair Bethel agus
ceann eile 287 i gcathair Dan. Agus a thóg sé teampall onórach dho
gach íomhá dhíobh sion. A chnósaig sé an pobal go léir chuige i gcathair


L. 230


Bhethel agus adúirt sé leo, "Féach, hen iad na déithe a shaor bhúr
sinsear as críoch na Égypte, agus a thug seilbh na dútha so dhóibh sin
agus dhíbh-se. As dhóibh seo a dhéanfaigh sibh íobairt feasta arís.
Ní gá dhíbh dul a thuille suas go teampall Jerusalem." Ansion do
sheasaimh sé fhéin suas ar an olthóir chun íobairt a dhéanamh dhos na
déithe bréagach úd. A labhair fear don phobal, fáig bheannaithe a chur
Dia do aon ghnóth chun na áite sin. A labhair sé agus adúirt, "A olthóir,
Ó a olthóir, éist leis an focal adeir Dia lead: tiucfaig rí ar shliucht
Dáibhí i gceann dhá chéad agus deich mbliana agus dá fhichid uadh
an lá so: Josias a bheig mar ainm air agus loiscfig sé ortsa cnámha na
sagart bhfalsa agus na ndaoine eile atá inniubh ag déanamh an ghnóth
ard-mhallaithe seo. Agus mar chomhartha gur fíor na focail adeirim
anis, pléasc<f>aig an olthóir seo ina dhá leath agus scaipfear an tine
agus an luaithreán atá airthe."



3 Reg.13: 4-32. 7. Ar chlos na cainte sin do Jeroboam, a shín sé a
láimh amach ag ordú don phobal breith ar an bhfear
sion. A chraip an lámh suas gan bhrí gan tapa agus a phléasc an
olthóir as a chéile. A chaith an rí é féin ag cosa na fháig ag
iarraig air guíocha<i>n Dé úsáid a láimh a thabhairt dho. A rin an fáig
sion, a fuair an rí úsáid a láimh arís, agus adúirt sé leis an fáig, "Tar
liom agus caith dínnéar im' fhochair agus a bhéarfaig mé tabharaistí
saibhir dhoit." "Dá <d>tabharfá dom," ar sé sion, "leath a bhfuil agad
ní rachainn lead agus ní chaithfinn bia ná deoch insan áit seo. Oir adúirt
Dia liom, "Ná ith bia agus ná ól deoch insan áit sin, agus fill abhaile
in athrach do shlí seochas an ceann ina dtánais ann."" A thug sé ansion a
bhóthar air.



A tharlaig go raibh seana-fháig falsa i gcathair Beth ná raibh an lá
sion i láthair an íoba<i>rt a dearnag chun na déithe bréagach. Agus ar
chasadh abhaile dá chlann mhac a 'niseadar dho cad a thit amach.
"Faighig ollamh dom," ar sé, 288 mo asal gan mhoill agus tiospánaig
dhom an tslí inar ghaibh an fáig úd." A rinneadar sion. A lean sé an
fáig agus a fuair ina shuí é fé scáth chrainn agus adúirt, "As fáig mise
fós agus adúirt aingeal Dé uadh chianaibh liom, "Lean an fáig úd a
thánaig uadh thír Juda; tabhair lead chun do thí <é ?> agus caitheach
sé bia id' fhochair."" A mheall sé mar sin é agus a chaith bia ina
fhochair. Ar chaitheamh an bhíg dhóibh a scread an fear eile amach,
ag rá, "A fhir a bhaineann le Dia, do bhrí nár leanais an t-ordú a thug
sé doit, agus gur stadais insan áit seo agus gur chaithis bia agus deoch
ann, ar an abhar sion ní adhl<ac>ófar thu in uaig do shinsear." A imig
ansion an fear leis fhéin agus ní fada a chuaig amach uadh an gcathair
an tráth a bhuail leon uime a mhairbh é. Ach níor strac sé a chorp
agus níor bhain leis an t-asal arna raibh sé ag marcaíocht. A 'niseag
sion don <t>seana-fháig fhalsa. A thug a chorp leis, a rin sé adhlacain
ina thuama féin agus a ghearr ar leac cúntas a bháis. Agus adúirt lena
chlainn, "An uair a bhead-sa marbh, cuirig me insa tuama i bhfochair
an fhir seo. Oir tiucfaig gan dearmad chun chinn go aon fhocal adúirt
sé i dtaobh na ndaoine a bhí anso ag adhradh na ndéithe bréagach agus
i dtaobh na ndaoine a bhí anso ag adhradh na ndéithe bréagach agus
i dtaobh na ndaoine a chónaíonn agus a chónóig insa dútha so."


L. 231


3 Reg.13: 33-34. 8. "Do bhrí," arsa Naomh Gregory, "na míorúilí
iontach a rin an fáig beannaithe seo a labhair gan
eagla i gcuinnibh an rí mhallaithe úd, ag crapadh a lámh suas go obann
agus dá leigheas arís, a ghlac a chroí beagán mustair nó glóire dío-
mhaoin. Agus dá dheasca sion a thánaig dorch<ad>as ar a thuigsin
<i>nsa chás gur rin sé dearmad don ordú a thug Dia dho agus gur ghéill
sé do bhriathra an fháig fhalsa a mheall é chun asumhlacht in aghaidh
Dé. Agus a tharraig an asumhlacht sion an bás air agus a imir Dia an
píonós sion ar a cholainn chun ná imreóch sé píonos síoraí ar a anam."



Níor bhain an mhíorúil úd do imir Dia ar Jeroboam, tréna láimh a
chrapadh agus a leigheas, ná scoilt na olthóra mallaithe, ná bás an fháig
a chontráil 289 ordú Dé, níor bhaineadar é dá dhroch-chúrsaí. A
scar sé ar fad pobal Israel le Dia - pobal Israel a thugag ar na deich
treibh a ghaibh leis, agus pobal Juda budh ainm do<n> dá threibh do
fhan dílis do Dhia agus dhá rí ceart fhéin.



3 Reg.14:1 - 15:30. 9. A thit an mac budh shine ag Jeroboam
breoite agus adúirt sé lena bhean, "Éirig suas,
sóinseáil do bhrat chun ná aithneofaí thu, agus imig ag triall ar an
fáig beannaithe Ahias, a 'nis dhom go mbein<n> im' rí ar an bpobal so,
agus féach cad adéarfaig sé lead i dtaobh an linbh seo."



A thriall sí air. Áfaig a bhí se sion dall, agus chón luath agus do
airig sé glór a cosa do aithin sé cé a bhí aige, agus adúirt, "Tair isteach,
a bhean. Canathaobh na gceileann tú thu féin? As teachtaire brónach
searbh mise chúghad: as mar seo adeir an Tiarna Dia lead' fhear:
"Féach, do thóg mise thu uadh an gcarn aoilig agus a rinneas rí dhíot
as cionn mo phobail Israel. A strac mé as a chéile ríocht Dháibhí agus
a thug mé an chuid a b'fhearr di dhoit-se. Agus as é an buíochas a
ghabhais liom gur chaithis uait me, a iompaís do dhrom oram, a rinnis
na gníomhartha budh mhallaithe im' chuinnibh níos measa ná aoinne
a thánaig romhad. Ar an abhar <sin ?> tiúrfad-sa go aon ainnise ortsa
agus ar do shliucht: pé duine a shíolaig uaitse a gheibheann bás insa
chathair, íos<f>aig na madraí é, agus más ar an dtuaith a gheibheann
sé bás piucfaid na fiacha dubha an fheoil dá chnámha agus ní cuirfear
aoinne as lead in uaig ach a' mac so atá breoite anis. Agus a gheobhaig
sé sion bás chón luath <agus ?> a chuirfir do chos isteach id' thig fhéin."
A chas sí go brónach abhaile, agus ar a dul isteach ina tig a fuair a mac
bás. Agus a fuair <a> athair ró-mhallaithe, Jeroboam, bás adéis a
bheith ina rí ar f<e>ag dhá bhliain agus fiche. A gairmeag rí dhá mhac
Nadab, ach i gcionn dhá bhlian ina dhiaigh sin a rin generáil a arm,
Baasa, rebelúntacht ina chuinnibh agus a mhairbh é agus go aoinne do
shliucht Jeroboam. Ní<or ?> fágag go fiú ceann díobh beo.



3 Reg.15:33 - 16:19. 10. A bhí Baasa cheithre bliana fichead ina
rí ar phobal Israel, agus a lean sé droch-shlite
Jeroboam. Ar an abhar sion a chuir Dia fáig beannaithe chuige a
fhógair dho go dtabharfach Dia an oíde chéanna 290 air fhéin agus a
shliucht a tugag ar shliucht Jeroboam. Beagán aimsire 'na dhiagh
sion a fuair sé bás agus do fhág an ríocht ag a mhac Ela. Agus an chéad


L. 232


ghnóth a rin sé a budh ea, an fáig úd a rin tairngreacht i gcuinnibh a
athar a chur chun báis. Dhá bhliain ina dhiaigh sion, agus é ag caith-
eamh a dhínnéir, a mhairbh a oifigeach Zambrí é. Ní raibh sé fhéin
ina rí ach seacht lá an uair a rin Amri, a oifigeach, rebelúntacht ina
chuinnibh, agus chun ná titfeach sé ina lámha a loisc sé é fhéin agus a
mhuintir go léir ina phálás. Hen é an deire dona a thánaig ar na droch-
dhaoine sion i dtaobh a bpeacaí féin, i dtaobh pobal Israel a scaradh le
creideamh agus le seirbhís Dé.



A imig oíde don tsórd sin ar an t-ochtú Hanraoi, a scar náisiún na
Saxan le eaglais agus le creideamh Chríoist. Dá fhichid blian adéis an
droch-ghníomh sion ní raibh duine dhá shliucht ina bheathaig. Go
gcuirig Dia ar ár leas sinn, agus go gcosnaíg sé sinn ar an uile mhalla-
thacht, go spisialtha ar eiriceas agus ar dhí-chreideamh. Amen.


L. 233



XLIV. RAVENS OF ELIAS, Etc.



3 Reg.16:21 - 17:9. 1. A ghlac Amri ríocht Israel adéis bháis
Zambri, a dhóigh é fhéin agus a mhuintir ina
mbeathaig, amhail a 'niseas dhíbh im' theagasc dhéanach. Agus adéis
bháis Amri a ghlac a mhac Achab an ríocht. Fear a budh ea é a bhuaig i
malla<tha>cht, arsa an Scriptiúir, ar go aon rí mallaithe a bhí riamh as
cionn an phobail sin. Agus a méadaíog a mhallathacht nádúrtha tré
Jesebel, iníon rí Sidon, a bhí pósta leis. A bhuaig sí sion i mailís
agus i ndroch-ghníomhartha ar go aon bhean budh mheasa le fáil.



A chur Dia an fáig Elias ag fógairt don rí seo, muna n-iompóch sé ar
a leas go dtiucfach gorta ar an dútha ar feag trí bliana go leith agus
ná titfeach braon fearthana ná drúchta anuas uadh an spéir ar an
bhfeag sion. A thánaig an ghorta agus a imig an fáig, le ordú Dé, go
carraig a bhí ar bruach srutháin Carith. Agus a thugaidís fiacha dúbha
arán agus feoil chuige go aon mhaidean agus tráthnóna. Adéis sealad
aimsire, le neart an tíormaig a chuaig an sruthán i ndíosc. Adúirt
Dia le Elias, "Imig lead go cathair Sarepta i dtír Sidon. Do ordaíos
do bhaintríg atá ann thu a chothú ar feag aimsir na gorta so."



3 Reg.17: 10-16. 2. Ar dhruidim dho leis an gcathair, a 291
chonairc sé bean bhocht ag bailiú brosnaín, agus do iarr sé airthe deoch
uisce a thabhairt chuige. A imig sise dá iarraig agus a ghlaoig sé ina
diaig, ag rá, "Tabhair fós chúgham gréim aráin." Adúirt sí, "Níl don
tsaol do bhia agam ach doirnín plúir i b<p>róicín agus braon oíle i
dtóin buidéil. Agus a thánaig mé anso chun brosnaín a bhailiú chun
císte a dhéanamh dhom fhéin agus dom' leanbh go gcaithimís ár mbéile
déanach agus ansion go bhfaighimís bás." "Ná bíoch eagla ort," arsa
Elias, "ach déan, mar adeirim lead, cístín dhomhsa ar dtuis agus ansion
dhoit fhéin agus dot' leanbh. Oir geallaim-se dhoit, in ainm an t-aon
Dia fírinneach, ná caithfear an plúr atá id' phróca, ná an oíle atá id'
bhuidéal, nó go gcuirfig Dia deire leis an gorta mór so."



A rin sí mar do ordaig sé di agus do sheasaimh an plúr agus an oíle
gur chur Dia raidhse chun an tsaoil.



3 Reg.17: 17-24 3. An fhaid a bhí Elias i bhfochair an
bhaintreach phágánach so a fuair a leanbh bás. Ní raibh aici
ach é. Lán do bhrón agus ag gol go géar a thánaig sí isteach go seomra
Elias agus adúirt sí leis, "A fhir Dé, canathaobh na dtánais ar aon chor
chúgham? As do aon ghnóth a thánais, chun go gcuimhneoch Dia ar
mo pheacaí agus go maróch sé mo leanbh. A chíonn tú marbh é, idir
mo dhá láimh." "Tabhair dhomhsa é," arsa Elias, "agus imig amach as
an seomra." A thug sí an leanbh do, agus do shín sé ar a leaba<i>g é.
Ansin a leath é féin anuas ar an leanbh agus a chur a shúile le súilibh


L. 234


an linbh, a bhéal lena bhéal, a lámha lena lámhaibh, a chosa lena chos-
aibh. A chrap sé féin suas insa chás nár fhan do leithead ná do fhaid
ann ach an leithead agus an fhaid a bhí insa leanbh. A rin sé an
gnóth sion fó thrí agus adúirt, "A Thiarna, mo Dhia, iarraim ort an
t-anam a chuir arís insa leanbh so." Do éist Dia leis agus a chas an
t-anam arís insa leanbh. A bhí sé gan stad folláin beo. A rug an
fáig é agus a thug é dhá mháthair, ag rá, "A' seo dhoit do leanbh ina
bheathaig." Adúirt sise, "Aithním anis go glan gur le Dia a bhaineann
tu agus go bhfuil focal Dé go fírinneach id' bhéal."



Agus as 292 mar sin a chúitig Dia an bhean bhocht phágánach so i
dtaobh a carthanacht. Do athbheoig sé a leanbh agus a bhronn sé
airthe féin tabharthas an chreidimh chóir. A roinn sí le teachtaire Dé
an méile beag déanach a bhí aici. A thiospáin sí dho daonnacht agus
féile nár thiospáin a dhaoine fhéin ag na raibh an creideamh cóir. Ar an
abhar sion do fhóir Dia airthe ina riachtanas corpartha agus spirid-
eáltha, agus a thug sé do chompord di go dtánaig a leanbh thar n-ais
chúighthe adéis a bháis. Adeirid na Aithreacha Naofa gur figiúir an
crapadh agus an cúngú úd a rin an fáig air féin chun an linbh a ath-
bheochain arís, adeirid gur figiúir é ar an gcrapadh agus ar an gcúngú
agus ar an ísliú a rin Mac Dé air fhéin tré cholainn daonna a ghlacadh
chun sinne a thabhairt thar n-ais uadh bhás an pheaca go beatha na
ngrás.



3 Reg.18: 1-20. 4. An fhaid agus a bhí an fáig Elias a bhfochair na
baintrí úd a chur Achab agus Jesabel daoine dhá
lorg insa go aon áit chun a mhairthe. Agus an uair nárbh fhéidir
dhóibh é fháil amach, a mharaíodar go aon <t>sagart Dé a bhí insa
dútha, agus a leagadar anuas go aon olthóir a bhain le Dia. An tráth
a thánaig an aimsir a cheap Dia chun deire a chur leis an gorta, adúirt
sé le Elias, "Éirig lead agus tiospáin thu fhéin dho Rí Achab." A imig
sé, agus ar an slí a casag air Abdias, maor Rí Achab. An uair a chonairc
Abdias é, a chaith é fhéin ar a bhéal agus ar a aghaidh agus adúirt,
"An féidir gur tusa mo thiarna Elias?" "As mé go díreach," ar se sion,
"agus imig lead go diair agus 'nis doit' mháistir go bhfuilim ag teacht
dá fhéachain." "Cad a rinneas riamh id' chuinnibh?" arsa Abdias,
"go dtabharfá suas mé ar láimh Achab chun mo mhairthe? Féach,
níl cathair, tír, talamh ná náisiún nár chuir Achab, ar feag na dtrí
mbliain go leith seo, daoine ad' lorg <ann>, agus ní bhfuaradar tamhasc
ná tuairisc ort, agus deireann tusa liom triall ar an rí agus a rá leis,
"Féach, atá Elias ag teacht chúghad." Agus an uair a rachad-sa leis
an dteachtaireacht sion fuadóig Spirid Dé thu go áit éigin eile agus ní
bheig fáil ort. Duine as ea mise na raibh eagla Dé oram uadh thúis mo
óige, agus cé go bhfuilim i seirbhís an rí mhallaithe seo 293 ní raibh
riamh aon lámh agam ina dhroch-ghníomhartha. I bhfad uaig: an tráth
a bhí sé ag marú sagairt Dé go léir a chuireas-sa céad díobh i bhfolach;
a chothaíos agus a chiomádas iad go dtí a' lá inniubh. Agus cionas
adeirir liom, "Imig agus abair lead' mháistir, "Atá Elias ag teacht
chúghad?"" As chun mo mhairthe a thugann tu an teachtaireacht


L. 235


sion dhom." "Ní ea go deimhin," arsa Elias, "oir fé mar a mhaireann an
Tiarna, tiospán<f>ad mé fhéin inniubh don rí."



Do imig an fear agus a 'nis don rí go raibh Elias ag triall air. A ghaibh
an rí féna dhéin agus adúirt go feargach leis, "As tusa a tharraig buairt
agus gorta ar phobal Israel." "Ní mise," arsa Elias, "a tharraig buairt
ná gorta, díth ná daod ortha, ach tusa agus do athair agus na rithe
mallaithe a thánaig romhaibh a tharraig donas orthu tré n-iad a scaradh
le Dia agus gabháil le déithe bréagach. Ach imig lead agus bailig
chúgham an pobal go léir ar Chnoc Carmel, agus tabhair lead na cheithre
chéad sagart atá ag do dhia bréagach Baal, agus na ceithre agus deich-
niúr agus dá fhichead sagart atá ag déithe bréagach do mhnaoi."



A rin an rí amhla sion.



3 Reg.18:21 et seq. 5. An uair a bhí an pobal go léir cuirnithe,
adúirt Elias leo, "Cá fhaid a bheig sibh ag
iarradh an dá shlí a thabhairt isteach? Más é an Tiarn<a> bhúr nDia,
leanaig é, agus más dia Baal, leanaig. Cá fhada a bheigh sibh ag iarradh
dhá thaobh an bhóthair a thabhairt isteach, ag dul anún agus anall?"
Níor fhreagair an pobal focal. Adúirt Elias leo, "Níor fágag eadraibh
aon <t>sagart a bhaineann le Dia, ach mise amháin, agus atá agaibh
cheithre chéad agus deich sagart agus dá fhichid a bhaineann le Baal,
an dia bréagach a ghlacabhair chúghaibh in ionad an t-aon Dia amháin
a chúm sibhse agus na uile nithe. Tugtar bó dóibh-sin agus ceann eile
domhsa; maraítear na ba, gearrtar suas iad, cuirtear a gcuid feola
anuas ar olthóir agus adhmad fúithe gan aon tine. Glaoidís ar a
ndéithe féin agus glaofad-sa ar mo dhia fhéin, agus pé dia a chuirfig tine
anuas 294 uadh an spéir agus a loisc<f>ig an íobairt, bíoch sé sin ina
Dhia agaibh." "As ceart an fláramh í sin," arsa <an ?> pobal. "Más ea,"
arsa Elias le sagairt Bhaal, "uadh as sibh-se as iomadúla tosnaíg ar
dtúis." A rinneadar sion. A mharaíodar a mbó, a chuireadar ar an
olthóir í agus a chromadar ar ghlaoch ar a ndia, ag rá, "Ó, a Bhaal
éistig linn; Ó, a Bhaal fóir orainn. Ach níor airíog guth ná glór.
A ghearradar iad fhéin le sc<e>anaibh agus léimeadar anún agus anall
thar an olthóir. A bhíodar amhla sion go meán lae. Adúirt Elias, ag
magadh fútha, "Ardaig bhúr <n>glór agus béicig amach, oir, uadh as
dia é, cloisfig sé sibh agus tabharfaigh sé freagra oraibh. Liúig
amach, oir b'fhéidir gur ag ól atá sé, nó ag fiach; nó gan amhras as ina
chodladh atá sé, insa tráth ná cloiseann sé sibh." A liúdar agus a
bhéiceadar, agus do réir nós an chreidimh a bhí aca, a ghearradar iad
fhéin arís nó go raibh a gcuid fola ag rith ina sruthán uatha. Ach ní
raibh maith dhóibh ann; níor fhreagair aoinne iad. Cortha agus
traochta, a thugadar suas.



6. Ansion adúirt Elias leis an bpobal, "Druidig anso a leith chúgham-
sa." A dhruideadar, agus a thóg sé dhá chloch déag uadh sheana-
olthóir Dé a bhí insan áit sin, agus a leagag anuas cloch in aghaidh go
aon treibh a bhí i bpobal Dé. Ansin a rin sé olthóir díobh, a mhairbh
a bhó agus a chuir a cuid feola anuas ar an adhmad agus a dhoirt sé trí
uaire ceithre feircíní uisce anuas ar an fheoil agus ar an adhmad, insa


L. 236


chás gur líonag an trinse a bhí tíompall na olthóra. Ansion a lig sé é
féin ar a ghlúnaibh, do ardaig a lámha agus a shúile chun fhláithiúnas
agus adúirt, "A Thiarna Dia, thusa budh Dhia dho Abraham, Isaac
agus Jacob, na sinsir a bhí ags na daoine seo, tiospáin inniubh gur tu an
t-aon Dia amháin fírinneach atá insa domhan so, agus gur seirbhíseach
lead mise. Éist liom' achainí, a Thiarna, agus tiospáin don phobal so
gur tusa amháin as Dia, agus iompaig a gcroíocha arís ar an staid
chóir."



Ní túisce a bhí na focail sin ráite aige ná go dtánaig tine anuas uadh
neamh agus do loisc sí an 295 íobairt, clocha na olthóra, an t-uisce
agus an chré a bhí insa trinse. Ar fhaicsin an mhíorúil sin don phobal,
a chaitheadar iad fhéin ar a mbéal agus ar a n-aghaidh anuas ar an
dtalamh agus a liúdar amach le aon ghuth amháin, "As é an Tiarna
an t-aon dia cóir, agus geobham leis feasta." Adúirt Elias leo, "Beirig
ar shagairt na ndéithe bréagach agus tugaig chúgham anso go aon fhear
díobh." A rinneadar sion agus a scoith sé an ceann do go aon fhear díobh.
Ansion adúirt sé le Rí Achab, "Brostaig lead abhaile chun ná béarfach
an fhearthainn ort, oir a chuir Dia deire leis an dtíormacht so a sheas-
aimh ar feag trí bliana go leith. A thánaig an fhearthainn do réir a
fhocail. A cuireag deire leis an gorta mhór úd a chreach an dútha mar
gheall ar pheacaí na ndaoine a chónaig inte.



Tiospánann an sampla so go glan dúinn an bhrí agus an fórsa atá in
urnaithe, an tráth a déantar í mar as cóir. As ag trácht ar an gnóth
sion adúirt an tAspal Naomh Séamas, "As mór," ar sé, "an bhrí atá in
urnaithe dúthrachtach an fhíoréin. Budh dhuine cosúil linne an
fáig Elias, agus a ghuig sé gan fearthainn a theacht ar an dtalamh agus
níor thánaig braon di ar feag trí mblian agus sé mhí. A ghuig sé airís
agus a thug an spéir fearthainn uaithe agus a thug an talamh a gnáth-
thortha uaithe."



7. An uair a chas Rí Achab abhaile an tráthnóna úd, a 'nis <s>é dhá
bhean mhallaithe Jesabel na míorúilí iontach a rin Elias an lá sion,
agus fé mar a mhairbh sé na sagairt fhalsa go léir. A chuir sí na mionna
móra mairtheach go scoithfeach sí féin an ceann de sula mbéarfach
tráthnóna an lae mhá<i>rig air, agus a chur sí teachtaire chuige ag 'nisin
an ghnóth sion dho. Agus é súd a bhí chón carrá<i>stiúil sion nár ghlac
sé eagla roimh na mílthe mallathóirí a bhí insa phobal úd a thréig Dia
agus creideamh Dé, ná roimh na ceithre chéad agus deich agus dá
fhichead sagairt fhalsa, ná roimh an rí mallaithe Achab, a ghlac sé
ard-eagla agus scanradh mór roimh bhagairt na mná úd. "Tiospánann
sion," arsa Naomh Gregory, "cad é chón díbhuan agus atá croí an
duine insa bheatha, cad é chón sóinseálach agus atá sé; agus go minic
adéis 296 misneach leoin a bheith aige, ní fhanann spirid chirce ann."



8. A theith Elias leis fhéin agus a thug sé a aghaidh ar an bhfásach
mór gainmhe úd trénar ghaibh an pobal Abhra ar feag dá fhichid blian
adéis a saoradh uadh an Égypt nó gur shroiseadar tír na geallúna, cortha
tnáite le tart agus le ocras. A chaith sé é féin um thráthnóna ag bun


L. 237


tuir aiteann fhraochaig agus a iarr sé ar Dhia é a bhreith as an saol so.
A thit a chodladh air, agus a gcionn tamaill a dhúisig aingeal Dé é, ag
rá, "Éirig suas agus caith bia." A eirig agus a fuair ag a cheann arán
tintáin agus crúsca uisce. Adéis ithe agus ól a thit a chodladh air.
A thánaig an t-aingeal arís chuige agus adúirt, "Éirig suas agus ith agus
ól oir atá slí ana-fhada le tabhairt isteach agad." Do éirig, do ith agus
do ól agus a ghluais roimhe ag siúl gan sos ar feag dá fhichid lá agus dá
fhichid oíche, gan chodladh gan suan, le brí an bhíg a chaith sé, nó gur
shrois sé sliabh Dé nó sliabh Sinai, ar nar thug Dia, lena bhéal fhéin, na
deich n-athanta, tíompall chúig chéad blian roimhe sin, don phobal
Abhra. Adeirid na Aithreacha Naofa gur comhartha nó figiúir an císte
tintáin úd ar a' Sácramín Naofa. Oir fé mar a bhí sé do bhrí insa
t-arán míorúileach úd gur neartaig sé Elias ar f<e>ag dá fhichid lá
agus dá fhichid oíche ina shiúl tríd an <bh>fásach nó gur shrois sé cnoc
Dé, amhla sion, neartaíonn an Sácramín bheannaithe sinne inár dtriall
tré fhásach na beatha so, nó go sroisfeam gan bhaol cnoc fírinneach Dé,
flaitheas na gcomhacht.



9. Ar shroinsin an chnuic don bhfear naofa so a chuaig sé isteach in
uaimh agus do airig sé guth ag rá leis, "A Elias, cad a thug anso thú?"
"Atá," ar se sion, "do bhrí gur thréigeadar an pobal dlí Dé, a leagadar
go aon olthóir a bhain leis, do mharaíodar a shagairt go léir agus ní<or>
fhágadar ceann díobh ina mbeatha<i>g ach mise amháin. Agus anis
loirgid mise a chur chun bháis, agus as a' teitheadh liom' anam a
thánaig mé anso." "Más ea," arsa an guth, "gluais lead amach ar an
gcarraig agus a chíofair Dia ag gabháil thart. A chíofair ar dtúis stuirm
mhór ag scuabadh na sléibhte agus ag fuadach na <g>carraigreacha.
Áfaig ní insa stuirm sin atá Dia. Adéis na stuirme tiucfaig crith mór
talún. Áfaig ní insa chrith talún atá 297 Dia. Ansion tiucfaig tine
r<e>atha, agus ní insa tine atá Dia. Ansion tiucfaig f<e>adaíl chiúin
ghaoithe agus cloisfir Dia ag labhairt lead."



A thánaig na nithe, agus an uair a shéid an ghaoth go ciúin a chlúdaig
sé a aghaidh agus adúirt Dia leis, "Cad a thug anso thu, a Elias?"
"Atá," ar se sion, "do bhrí gur thréig do phobal an dlí a thugais-se
dhóibh, a leagadar do olthóirí, a mharaíodar do shagairt go léir ach
mise amháin agus atáid anis am' lorg-sa chun an t-anam a bhaint asam."
"Cas arís thar n-ais," arsa Dia, "agus gaibh go cathair Damascus, agus
sácráil fear ann nar budh ainm do Hasael chun a bheith ina rí ar chríoch
na Syria. Eirig ansion go cathair Samaria agus sácráil Jehu chun a
bheith ina rí ar phobal Israel. Agus imig go cathair Abelmeula agus
sácráil Eliseus chun a bheith ina fháig id' ionad fhéin an tráth a tógfar
as an saol so thu chun Parthas. Agus pé mallathóir a rachaig saor uadh
chlaíomh Hasael, maróig claíomh Jehu é; agus pé droch-dhuine a rachaig
saor uadh chlaíomh Jehu, maróig claíomh Eliseus é."



3 Reg.19:19. 10. A imig Elias chun na ordaithe sin a chur i ngníomh
agus a ghlaoig sé ar dtúis chun na áite inar chónaig
Eliseus, agus a fuair é ag treabhadh i bhfochair a mhithle. A bhí dhá
sheisreach déag ag treabhadh aige, agus é fhéin i ndiaigh cheann díobh.


L. 238


A ghaibh Elias tha<i>ris agus a chaith a bhrat air, agus ar iontó na baise
do airig Eliseus sóinseáil iontach ina chroí. A lean sé Elias agus adúirt,
"Iarra<i>m ort cead a thabhairt dhom filleadh abhaile chun póg a
thabhairt dhom' athair agus dom' mháthair, agus slán go brách do
fhágan aca, agus ansion leanfaig me thusa go bás." "Déin," arsa Elias.
A imig sé leis. A mhairbh a pheidhre daimh, a rin féasta mór dá chine
agus dá chomharsain. Do fhág slán go brách ag a athair, <ag a ?>
mháthair agus ag a ghaoltha, agus a fuair mar ghrása uadh an dTiarna
a bheith ina oidhre cóir ar bheannathacht agus ar mhíorúilí Elias, fé
mar a 'neosad dhíbh ina dhiaigh so.



11. As mar sin budh thoil le Dia a thiospáin<t> go gcuireann sé agus
go gcuirfig sé i gcónaí i gcuinnibh dram an uabhair, go gcaitheann sé
anuas na rithe do chathaoir 298 a gcomhachta agus go n-ardaíonn sé
an dram íseal chun suíocháin na glóire. A thoibh sé Maois ar dtúis
uadh a bheith ag aoireacht chaoire chun a phobal a fhuascailt uadh
chomhachta Pharao agus chun ceo a dhéanamh dá ríocht, agus é féin
agus a shaighdiúirí a bháthadh insa Mhuir Rua. A thoibh sé Joshua,
a bhí ina bhuachaill frithála ar Mhaois, chun a bheith ina cheann ar
phobal Dé agus seilbh a thabhairt dhóibh ar thír Chanaan. A thoibh sé
Dáibhí, a bhí ina gharsún ag ciomád caorach, chun an t-athach uaibh-
reach Goliath a threascairt agus chun a bheith ina rí ar phobal Dé.
A thóg sé Eliseus uadh earball an chéachta chun a bheith ina fháig
oiriric agus ina stiúrthóir cóir ar a phobal. A thoibh sé dáréag
iascairí bochta chun a bheith ina bprio<n>saí ar a Eaglais ar an dtalamh
so agus chun a bheith ina mbreithimh an lá déanach ar bheoibh agus ar
mhairbh. Agus ins gach aon aos anuas uadh an am úd toghann sé clann
ndaoine mbochta chun a bheith ina sagairt oiriric agus ina n-easpaig
beannaithe ag stiúradh lena dteagasc agus lena mbeatha rialtha
Críostúil na daoine ar an tslí chruinn chóir a bhéarfaig go flaithiúnas
iad.



Loirg agus cuardaig, más maith lead é, go aon am agus aos a thánaig
uadh thúis domhain go dtí an lá inniubh, agus a gheobhair amach gur
ró-fhírinneach na focail seo adúirt an Spirid Naomh: "Cuireann Dia i
gcuinnibh dram an uabhair agus caitheann anuas iad, agus ardaíonn
sé chun grása agus chun glóire an dram umhal." Dá réir sin, leanach
go aoinne againn an chomhairle mhaith a thug Tobias naofa dá mhac:
"A mhic ó," ar sé, "ná lig uabhar isteach go brách id' chroí; ná bíoch
faicsin ná fáil airthe id' labhartha ná id' ghníomhartha. Oir as
uaithe sin a thánaig ar dtúis go aon olc."


L. 239



XLV. PIETY OF JOSAPHAT, Etc.



3 Reg.15:8 et seq. 1. An fhaid as a bhí Achab mallaithe agus
Jesabel ró-mhallaithe as cionn pobail Israel nó
an deich treibh úd don phobal Abhra a scar le creideamh Dé, a bhí
Asa, mac mic Roboam - an rí iomadánta úd budh bhun, tré dhroch-
chomhairle na n-aos óg a leanúint, leis an siosma nó scaradh a thánaig
insa phobal Abhra - a bhí Asa, adeirim, ina rí 299 ar phobal Juda, nó
an dá threibh do fhan dílis do Dhia agus a chiomád an creideamh cóir.
Adéis a chaith Asa romhór a bheatha go naofa, agus mórán gníomh-
artha maithe a dhéanamh, a chuir sé droch-dheire lena shaol. A rin sé
caradas le rí na Syria, rí págánach, chun cogadh a chur ar an rí mall-
aithe Baasa, a bhí os cionn phobal Israel. A thóg Dia an gnóth sion go
olc air agus a chuir fáig naofa chuige dá chasadh leis. Agus in ionad
comhairle an fhir bheannaithe a ghlacadh, as amhla a chur Asa i
bpríosún é agus a chuir sé mórán daoine neamhchiontach chun báis.
Agus a chuir Dia teinneas trom air. Ach budh mhó, arsa an Scriptiúir,
a mhuinín as skill na ndochtúirí ná as comhachta Dé. Agus a fuair sé
droch-bhás, adéis mórán nithe fónta a dhéanamh in onóir Dé; ach a
chaill sé a sochar go léir lena dhíchéille ina chríonnacht, thrénar
dhearmad sé Dia, agus lena bhuirbe agus <a> mhíthrócaire do dhaoine.



2. A ghlac Josaphat, a mhac, an ríocht ina dhiaig. Ógánach diagasúil
ceart cóir a budh ea é, agus a thug Dia cúnamh dho do bhrí gur shiúlaig
sé go cruinn i slí na n-athanta. Agus ní raibh sé sásta é fhéin a bheith
diagasúil, ach a chuir sé sagairt léannta beannaithe chun go aon bhaile
a bhí ina ríocht, ag tabhairt comhairle a leasa dhos na daoine agus ag
cur fhiacha<i>bh ortha dlí naofa Dé a chiomád go pointeáltha. Agus,
súd agus ná raibh ach ríocht bheag chúng aige, agus beagán daoine
inte, a mhéadaig Dia a chuid agus a dhaoine go iontach, insa chás ná
raibh spleáchas aige le rí ar bith, agus loirgeadar na rithe a bhí i gcogadh
lena athair síocháin agus cairideas air, agus a fírinníog ina phearsa
na focail adúirt Samuel naofa le Rí Saul, "Clúdóig," ar sé, "Dia le glóire
an dram a thio<s>pánann onóir chóir dho agus a dhéanann a réir, agus
clúdóig sé le náire an dram a bhíonn asumhal."



3. Ar f<e>ag na aimsire ina raibh an rí beannaithe seo ag déanamh
gnóth Dé le dúthracht mhór, a bhí Jesabel ag fás ar a olcas agus ag
líonadh tomhas a peacaí suas go bruach. Agus as é a chur a peacaí
amach thar bruach ar fad, an droch-ghníomh 300 so. A bhí gairdín
le ais ghairdín an rí ag fear nar budh ainm dho Naboth. A thánaig Rí
Achab lá chuige agus adúirt leis, "Tabhair dom do ghairdín, oir teast-
aíonn sé uaim chun tortha a chur ann, agus a bhéarfad-sa gairdín níos


L. 240


fearr doit nó an méid airgid as fiú é." "Nár ligig Dia," arsa Naboth, "go
dtabharfainn-se dhoit nó go ndíolfainn lead an oidhreacht do fhág
mo shinsear agam." A ghlac an rí an diúltadh sion chón mór chun croí
ar dhol abhaile dho gur chaith sé é féin ar a leabaig agus ní éireoch chun
bíg a chaitheamh. A thánaig Jesabel chuige agus do fhiafraig cad a
bhí air. A 'nis sé dhi. "As deas an fear," ar sise, "thusa chun a bheith
id' rí, agus as maith a chiomádann tú do dhaoine fé smacht, insa chás go
gcuireann suaibhreos don tsórd sion doilíos ort. Eirig suas agus caith
do chuid bhíg: socróig mise an gnóth sion dhoit." A imig sí ansion
agus a scríobhaig sí leitreacha in ainm an rí, agus a chur sí a shéala
ortha, ag rá le uaisle an chathair, "Bailíg an pobal go léir agus sláthraíg
fínnithe bréagach a dhearbhóig i gcuinnibh Naboth gur thug sé a
mhallacht do Dhia agus don rí, agus cuirig chun báis é." A rinneadar
sion. A fuaradar ar airgead beirt fhear, "clann an diabhail" adeir an
Scriptiúir, a dhearbhaig gur airíodar Naboth ag tabhairt a mhallacht
do Dhia agus don rí. A daorag an fear neamh-chiontach agus a cuireag
chun báis é le gabháil do chlocha air. A chuireadar scéala go Jesabel
go raibh Naboth marbh. A 'nis sí sion don rí. A chuaig go mear agus a
ghlac seilbh ina ghairdín.



A bhuail an fháig Elias uime ann le ordú Dé, agus adúirt leis, "As
mar seo adeir an Tiarna lead: "A mharaís Naboth agus a ghlacais
seilbh ina chuid, agus a líobadar madraí suas a chuid fola. Agus
líob<f>aid madraí suas do chuid fola-sa insan ionad chéanna.""
"A' <bh>fuarais riamh," arsa Achab, "go rabhas iom' namhaid agad?"
"A fuaras go deimhin," arsa Elias, "do bhrí go bhfuileann tu díoltha
chun an uilc a dhéanamh i gcuinnibh Dé, agus tabharfar an oíde
chéanna ar do shliucht a tugag ar shliucht Jerob<o>am mhallaithe, a
tharraig an pobal uadh chreideamh Dé. Aoinne as lead a gheobha<i>g
bás insa chathair, íos<f>aig na madraí é, agus más ar <a>n dtuaith a
301 fhaigheann sé bás piucfaid na fiacha dubha an fheoil dhá chnámh-
aibh."



4. A cuireag an bhagairt i bhfórsa i mbeagán aimsire. A las cogadh
suas idir rí na Syria agus Achab. Do loirg sé ar Josaphat naofa
teacht i gcabhair do. A thánaig go fonnmhar. A chuireadar a n-arm lena
chéile, agus sula dtugadar bualadh dho locht na Syria adúirt, "Loirgimís
comhairle ar Dhia, ag féachain an éireóch an gnóth so linn." A ghlaoig
Achab chuige na cheithre chéad fáige falsa a bhí aige agus adúirt sé leo:
"A' rachaimíd chun comhraic i gcuinnibh rí na Syria nó a' stadfam insa
bhaile?" "Téig," ar siad, agus buafaig sibhse air." "Más ea," arsa
Josaphat, "a' bhfuil aon fháig ar aon chor a bhaineann le Dia agad?"
"Atá," arsa Achab, "aon fhear amháin don tsórd san agam, ach fuathaim
é, oir ní dúirt sé riamh liom aon fhocal fónta, ach go aon fhocal as measa."
"Cuir fios air," arsa Josaphat, "chun go mbeach fhios go cruinn an ceart
dhúinn tabhairt fé an gnóth so." A chuir ceann dhos na prionsaí dá
iarradh agus adúirt an prionsa leis, "Atáid na fáige eile go léir ag tuar
agus ag tairngreacht go aon ní ámhar don rí, agus bíoch do fhocail-se
do réir a gcaint súd." "Fé mar a mhaireann Dia," arsa an fáig, "ní
thiucfaig focal as mo bhéal-sa ach an ceann a chuireann Dia ann.


L. 241


A tugag i láthair an rí é, agus adúirt sé leis, "A Mhicheas, an ceart
dhom dol insa chogadh so, nó stad insa bhaile? "Má théir," ar se
sion, "go n-éiríg lead, agus go gcuirigh Dia rath ort." "Iarram," arsa an
rí, "arís agus arís ort in ainm Dé gan aon ní a rá liom ach an ní a
thiospáin Dia dhoit." "Más ea," arsa Micheas, "a chona<i>rc mé Dia ina
shuíomh ar chathaoir a ghlóire, agus aingil na bhflaitheas go léir tíom-
pall air, agus adúirt Dia: Cé rachaig agus a mheallfaig Rí Achab chun go
rachaig sé chun cogaig agus go marófaí é?" Adúirt aingeal an ní
seo, agus adúirt aingeal eile an ní úd ach ní gheobhach aoinne aca an
gnóth sion a dhéanamh. Fé dheire a thánaig spirid mhallaithe:
"Rachad-sa agus meallfad é." "Cionas a dhéanfair sion?" 302 arsa
Dia. "Beig mé," arsa an t-airseoir, "iom' spirid bhréige i <m>béal na
<bh>fáige atá aige." "Déanfair sion," arsa Dia, "agus imig lead.""



Ansin adúirt Achab, "Beirig ar an bhfear sion agus cuirig ceangailthe
go daingean i bpríosún chúgham é ar bheagán bíg agus ar dheoch ghann,
chun go bhfillig mise i síocháin." "Má fhilleann tu go brách i síocháin,"
arsa an fáig, "níor labhair Dia tré mo bhéal-sa. Agus, a dhaoine atá
anso do láthair, cuimhníg ar na focail sin."



5. A ghluaiseadar lena n-arm chun cogaig. A shóinseáil Achab a
chuid éadaig: in ionad a chluith rithiúil a chuir sé cluith shaighdiúra
choitceann air fhéin. Ach do fhág Josaphat a chluith rithiúil air fhéin.
Adúirt rí na Syria lena shaighdiúirí, "Ná troidig i gcuinnibh beag ná
mór, lág ná láidir, ach tugaig go léir iarracht fé Rí Achab, oir as é a bhás
sion amháin atá uaim." A thosain an comhrac agus a thugadar go
léir a n-aghaidh ar Josaphat, insa dóigh gurbh é Achab. A liúig sé
amach agus a thuigeadar nárbh é an fear a bhí uatha. An fhaid agus
a bhí an gleo ar siúl a chaith fear go neamh-thua<i>rimeach ruchar as a
bhogha, agus a chuaig an saíod tré ae agus tré scartacha Rí Achab
uadh thaobh go taobh. An uair a bhraith sé é fhéin gonta, adúirt sé le
giolla a charra cogaig é a thiomáin amach as an gleo, agus ar a shlí
abhaile a fuair sé bás. A bhí a charra lán dá chuid fola, agus a fhágag
í chun a nite ag an linn úd a bhí láimh leis an áit úd 'nar maraíog
Naboth. A thánadar madraí na sráide agus a líobadar suas a chuid
fola, do réir mar a 'nis Elias tamall roimhe sin dho. Hen é an droch-
dheire a thánaig ar shaol ann rí mhallaithe sin, a tharraig lena pheacaí
díbheirg air fhéin insa bheatha so; áfaig ní tábhacht an díbheirg sion,
seochas an ceann atá agus a bheig dhá imirt air an fhaid agus a mhair-
fig Dia.



6. A ghlac a mhac Ochozias an ríocht ina ionad, agus mac fírinneach
dá athair agus dá mháthair é. A lean sé a gcúrsaí mallaithe. Áfaig ní
fada a rith leis. A thit sé anuas an staighre agus a gortaíog go mór é.
A chur sé teachtairí ag triall ar Bheelzebub, dia bréagach a bhí i ndútha
na bhPhilistíneach, ag lorg air a' dtiucfadh sé slán uadh an dturraing
trom a fuair sé. A bhuail, le ordú Dé, an fháig Elias 303 umpa agus
adúirt leo, "An ea ná fuil Dia insa dútha so a 'neosach do Ochozias a'
n-éireóch sé nó ná éireoch uadh an mbreoiteacht atá air insa tráth
gur chur sé sibh-se ag fiafhraí an ghnóth sion do Beelzebub? Ar an


L. 242


abhar sion, fillig go dia<i>r chun bhúr máistir agus 'nisig dho ná éireoig
sé go deo dá leabaig." Do fhilleadar, agus budh ionadh leis an rí go
dtánadar chón tapaig sin thar n-ais. Do 'niseadar a dtrus dho. "Cad é
an sórd an duine úd," ar sé, "a bhuail umaibh?" "Fear clúmhach," ar
siad, "agus crios leathair tíompall a chuim." "As é an fáig Elias é," ar
se sion, "agus tugaig chúgham gan stad é." A cuireag captaín agus
deich saighdiúirí agus dá fhichid dá iarradh. A fuaradar é ina shuí ar
bharra charraige ard. Adúirt an captaín, "Tar anuas go dia<i>r, a fhir
Dé: ordaíonn an rí dhoit teacht chuige." "Más fear Dé mise," arsa Elias,
"titeach lasair anuas ort-sa uadh neamh agus ar do shaighdiúirí agus
déanach sí luaithreán dhíbh." Ar a<n> nómant a thit splanc ortha
agus a dearnag luaithreán dí<o>bh ar a' láthair sion. A chuir an rí an
tarna uair an oiread céanna, agus a imig an oíde chéanna ortha. An tríú
uair a chur sé captaín agus deich saighdiúirí agus dá fhichid eile chun
Elias a thabhairt chuige. Ar theacht don bhfear sion chun bun na
carraige arna raibh Elias ina shuí, a chaith é féin ar a ghlúnaibh agus
adúirt, "A fhir Dé, iarraim ort trua a ghlacadh dhomhsa agus dhos na
fearaibh bochta atá iom' fhocha<i>r. Oir féach a thánaig tine anuas
uadh neamh agus a rin sí luaithreán don dá chaptaín agus don dá
chuideachta a thánaig thana féin ag glaoch ortsa. Fóir orainn agus
glac trua dúinn agus ná imir an oíde thruamhéileach sion orainn."
"Gluais leo," arsa aingeal Dé leis: "ní baol doit."



A ghluais sé leo chun an rí agus a 'nis dho go bhfuigheach sé bás in
achomaireacht. Agus a fuair.



A budh é sin an gníomh déanach a rin an fáig ard-bheannaithe so ar
an dtalamh, nó gur fuadaíog suas é chun Parthas Dé.



4 Reg.2. 7. A thánaig fé dheire an lá a cheap Dia chun sion a
dhéanamh. A bhí fios an lae sin go cruinn ag Eliseus, an
t-ó<i>gfhear úd a thóg Elias uadh earball an chéachta chun a bheith ina
dheisceabal aige agus chun a bheith ina fháig ina 304 ionad fhéin.
A ghabhadar ansion le ais a chéile go Galgala, agus adúirt Elias leis,
"Fan anso go rachaig mé go Bethel." "Fé mar a mhaireann Dia," arsa
Eliseus, "ní scarfad lead." Ar shroin<sin> Bethel dhóibh, adúirt
Elias "Fan anso nó go bhfill<f>ead chúghad uadh Jericho." "Ní scarfad go
brách lead," ar se sion, "an fhaid agus a bheir ar an dtalamh so." Ansion
a thrialladar go abhainn Jordan, agus adúirt Elias, "Teastaíonn uaim
dol thar an abhainn anún, agus fan-se anso." "Ní fhanfad go deimhin,"
arsa Eliseus. A thóg Elias ansion a bhrat agus a tharraig ar an abhainn
é. Do oscail an abhainn agus a chuadar cosa tíorma anún tréithe.
Ansion adúirt Elias, "Loirg oram pé ní as maith lead, agus déanfad doit
é sula dtógfar me uait." "Más ea," arsa Eliseus, "iarraim ort dúbailt an
spirid agus an naofacht atá ionad-sa a bheith ionam-sa." "Loirgeann,"
ar sé, "ní ana-dheacair thar barr. Áfaig má chíonn tu mise adéis a
fuadófar me uait, a gheobhair do achainí; ach muna bhficir ní bhfaighir
í. Ag tabhairt na slí ortha agus ag comhrá lena chéile a thánaig carráiste
tintí agus capaill tintí fúithe eatora, agus fuadaíog Elias suas uaig go
Parathas Dé, áit ina bhfuil sé fós ina bheathaig i bhfochair Enoch


L. 243


naofa a mhair roimh <an> díleann, agus beid ann go trí bliana go leith
roimh lá an bhreithiúnais, an tráth a chuirfig Dia iad chun na Críostaithe
a chosaint i gcuinnibh Antichrist, a chuirfig chun báis iad. Agus adéis
a bheith marbh ar feag trí lá aithbheofar iad. Agus ansion tiucfaig
Críost uadh neamh chun breithiúnas a thabhairt ar bheoibh agus ar
mhairbh agus chun deire a chur leis an domhan so. Agus cruithneoig
sé domhan nua in ná beig choíche ná go deo peaca, bás, brón, ciach,
pian ná oidhe, ach lá gan deire, sonas, sláinte, meidhir, áthas, aoibhneas
agus glóire, tré shaol na saol i gcuideachta Dé, na n-aingeal agus na
naomh. Go dtugaig Dia dhúinn a bheith ina bhfochair. Agus beam
'na bhfochair gan bhaol, gan dearmad ach athanta Dé agus na Eaglaise
a chiomád.


L. 244



XLVI. CHILDREN DEVOURED BY BEARS



1. An tráth a fuadaíog an fáig beannaithe Elias suas go Parathas,
amhail a 'niseas dhíbh im' theagasc dhéanach, a thit a bhrat anuas ar a
dheisceabal Eliseus, a chonairc é ag dol suas ar an charráiste tintí go
Parathas Dé. A thóg Eliseus an brat beannaithe sin 305 agus a
ghlac chuige é le áthas ní budh mhó ná dá <m>bronnfaí ór agus airgead
na cruinne air. Oir a thuig sé roimh ré gur budh fhigiúir an brat úd, arsa
Naomh Chryso<s>tom, ar bhoichtineacht Íosa Críost, an chosaint as
fearr agus as daingne do fhág sé ag go aoinne a chreideann go fírinneach
ann. Agus pé duine a iompraíonn an brat sion go ceart, a gheobhaig
sé gan doubhta ar bith ríocht na glóire gan deire. Oir, "As beannaithe,"
arsa Críost, "na boicht i spirid, do bhrí gur leo sion ríocht na
bhflaitheas."



A chur Eliseus an brat úd uime agus a chas sé go abhainn Jordan.
A tharraig sé an brat ar an abhainn agus níor oscail sí as a chéile fé mar
a rin sí thana do Elias agus dho fhéin. Ansin a tharraig sé an brat an
dara uair ar an uisce, ag rá, "Cá bhfuil Dia Elias?" Ar an nómant sion
do oscail an abhainn as a chéile agus a chuaig sé ann tir<i>m tréna corp.
A bhí deichniúr agus dá fhichid dhos na fáige a lean Elias ag féachain
air, agus an uair a chnocadar an obair a rin sé, agus brat Elias uime,
do aithníodar go raibh spirid agus beannathacht an fháig sin aige. Do
umhlaíodar dho agus a ghabhadar leis mar mháistir. A thiúnlacadar
é go cathair Jericho. A thánadar locht an chathair sin chuige agus
adúradar go umhal, "A Mháistir, a chíonn tú gur breá aoibhneach an
ionad arna bhfuil an chathair seo déanta. Ach tá an t-uisce a thagann
as an dtobar guirt searbh mífholláin, agus fágann sí an talamh arna
ritheann sí gan toradh." "Más ea," arsa Eliseus, "tugaig chúgham
crúsca nua cré agus salann." A tugag agus a chuaig sé chun an tobar,
a bhí leasmuith don chathair, agus a thúm sé an crúsca agus an
salann inte, ag rá, "As mar seo adeir an Tiarna Dia: "Do leigheasa<s>
inniubh uisce an tobair seo, uadh an lá so amach, agus ní bheig sí a
thuille guirt searbh ná mífholláin."" Agus seasaíonn an mhíorúil
sin fós. A rin tumadh an chrúsca agus an tsalainn úd na uiscíocha a bhí
searbh agus mífholláin chun a bheith milis agus folláin. Amhal sion a
rin teagasc Chríost croíocha na bpeacach, as ná tigeach ach gníomh-
artha searbh, bréan, mífholláin, chun a bheith 'na dtoibreacha asna
<n>gluaisid gníomhartha follá<i>n a chuireann glasra na ngrás agus an
naofacht 306 ag fás ina mbeatha.



2. A ghluais Eliseus a<s> sion go cathair Bethel. Ar a shlí do casag
scata garsún air. A bhí a ghruaig go léir bearrtha dá cheann, ar nós
bráithre bochta Naomh Phronsias. A chromadar <ar> mhagadh fé, ag
rá, "Imig lead a sheana-phlaosc maol, imig lead a<s> so." A chas sé thar


L. 245


n-ais agus a bhagair ortha agus go obann a léim beirt bhéir amach as an
gcoill agus mharaíodar a dó agus dá fhichid dhos na mallathóirí úd.
Atáid a lán mallathóirí, óg agus críonna, don tsórd úd le fáil ar measc
Críostaithe, arsa Naomh Augustine, a dhéanann magadh agus fonóid
fé Íosa Críost lena bpeacaí troma, lena mbarbaireacht, lena guídeoir-
eacht, lena mbréaga, le tromaíoch<t> ar a gcomharsain, agus súd as ná
stracaid béir as a chéile iad, ná ithid agus ná alpaid iad, atá oíde míle
uair níos measa fána gcomhair, oir íos<f>aid, alp<f>aid agus stracfaid
deamhain Ifrinn as a chéile iad.



3. Adéis bás Achab agus a mhac Ochozias, a ghlac a mhac Joram
ríocht chlainne Israel. A bhí sé mallaithe mar budh dhual agus budh
dhúchas dho. Ach ní raibh sé chón mallaithe, arsa an Scriptiúir, agus
a bhí a athair agus a mháthair, Achab agus Jesabel. A bhí síocháin
agus cairideas aige leis an rí beannaithe Josaphat, a thánaig le rí
chlainne Edom chun chabhair a thabhairt dho insa chogadh a éirig
idir é féin agus rí Moab. A chnósaíodar a n-arm agus a ghabhadar chun
invading a dhéanamh ar dhútha an rí úd. Adéise máirseáil ar feag
seachtaine a theip uisce ortha. Adúirt Joram, "Och, ochón, a sheol
Dia anso sinn chun go bhfuighmís agus ár saighdiúirí bás don tart."
"A' bhfuil," arsa Josaphat, "anso aon fháig a bhaineann le Dia, chun go
'neosach sé dhúinn cad atá le déanamh againn?" "Atá," arsa fear,
"duine insa champa a bhíoch ag frithálamh ar an <bh>fáig Elias."
"Glaotar chúghainn é," arsa Josaphat, "oir atá focal Dé go fírinneach
ag an bhfear sion." A ghlaog i bhfianais' na rithe é agus adúirt Joram
leis, "Canathaobh nar sheol Dia anso sinn: an chun sinn a thabhairt
suas do rí Moab?" "Féach," arsa Eliseus leis, "muna mbeach tré 307
onóir do Rí Josaphat, na bhfuil an creideamh cóir aige, níorbh fhiú liom
féachain ort, ní áirím freagra a thabhair<t> ar do cheist. Imig agus loirg
comhairle ar fháige falsa do athar agus do mháthar: níl coidreamh ná
cumann idir mise agus thusa. Áfaig tugaig cláirseoir chúgham."
A tugag, agus ar sheinnt an chláirsig a thánaig spirid Dé ar Eliseus,
agus adúirt, "Déanaig trinse fada mór doimhin agus leathan. Ní
shéidfig stuirm agus ni thit<f>ig fearthainn agus líonfar suas go bruach
an trinse le uisce agus ólfaig sibhse agus bhúr n-airnéis a <n>dóchain,
agus as a chion<n> sion a bhéarfaig Dia dhíbh bua a bhreith ar rí Moab,
agus tabharfaig sibh dear<g>-ár ar a dhútha." A dearnag an gnóth sion:
a thánaig an t-uisce gan stuirm gan fhearthainn agus a líonag lé an
trinse suas go bruach.



4. A bhí rí Moab agus a arm ag fitheamh lena namhaid ar theorainn
a dhútha féin. Agus ar maidean an uair a fhéachadar chun an a<i>rd na
rabh<ad>ar sion le teacht a chonarcadar mar a taidhsíog dhóibh
dígearacha mór fola, oir a rin an ghrian, ar éirí di, dath dearg a chur ar
an uisce. Adúradar lena chéile, "Do éirig achrann idir na rithe seo agus
a mharaíodar a chéile, agus as é a gcuid fola a chímíd. Brostaímís
orainn agus maróm go uiriste an méid dí<o>bh atá ina mbeathaig."
A ghluaiseadar chun campa clainne Israel agus as amhla a fuaradar iad


L. 246


sion in ordú catha. A thosain an cath gan mhoill agus a buag agus
a briseag ar locht Moab. A loiteag agus a creachag an dútha go léir
agus a cuireag siege leis an t-aon chathair mhór a bhí aca. A thoibh
rí Moab seacht céad dhos na saighdiúirí a b'fhearr a bhí aige agus a
thug sé iarracht ar bhriseadh tré champa chlainne Israel a bhí ag cur
siege leis an chathair. Ach ní raibh maith dho ann. A thiománag é
féin agus a shaighdiúirí isteach do<n> chathair. Ansion a thóg sé an
t-aon mhac a bhí aige agus a bhí chun a bheith ina rí adéis bhás a athar.
A thug leis é chun barra an falla mór leathan a bhí tíompall an chathair.
Do adaig sé tine mhór i radharc an champa. A mhairbh sé a mhac
agus do loisc a chorp insa tine. An uair a chonarcadar na rithe eile
agus na saighdiúirí an gníomh uafásach sion a ghlacadar an oiread sion
déistin gur imíodar 308 abhaile leo fhéin.



4 Reg.4. 5. A thánaig baintreach bhocht lá chun Eliseus dá cású
féin leis, ag rá, "A cailleag mo fhear agus níl don tsaol
agam ach beirt gharsúin, agus a thánaig fear na bhfiach, a rin sé príosún-
aig díobh agus atá sé chun iad a dhíol le scábhaíocht. Iarraim ort in
onóir Dé fóirthean oram." "Cad é an strus nó substaint atá agad?"
arsa Eliseus. "Níl agam ach buidéilín oíle," ar sí. "Más ea," ar sé,
"imig lead agus faig ar iasacht mórán bar<a>illí, dobhthaig, caláin, cíléirí
agus suithí eile, dún an doras ort fhéin agus ar do leanaí agus líon na
árthaí leis an oíle." A rin sí sion. A shínidís sin na suithí chúighthe
agus a dhoirteach sise an oíle i<o>nta nó <go ?> rabhadar go léir lán.
Faiceam árthach eile," ar sí. "Níl a thuille againn," ar siad. A stad an
oíle ansion agus a imig sí agus a 'nis don fháig cad a thit amach. "Eirig,"
ar sé, "agus díol an oíle agus cuir díot na fiacha, agus mair-se agus do
leanaí ar an gcuid eile do<n> airgead."



Cuireann an gnóth míorúileach sion i gcéille dúinn, arsa an Pápa
Naomh Gregory, cad é chón líonmhar agus atá oíle na ngrás a thagann
uadh an Spirid Naomh anuas ar an Eaglais, agus a chabhraíonn lé chun
a clainn do fhuascailt uadh sclábhaíocht an diabhail. Agus budh cheart
dhúinn, arsa Naomh Bárnán, an oíle beannaithe sin a lorg gan sos, agus
chun go mbeimís ollamh mar as cóir chun í a ghlacadh ní foláir do ár
gcroíocha a bheith folamh uadhs go aon ainmhian saoltha. Oir ní
líonfaig an oíle sin ach na suithí atá folamh. Ní féidir dí ar aon chúinse
rith isteach i gcroí atá lán do ghrá saoltha, nó do aon chaitheamh i
ndiaig aon phléisiúr corpar<th>a. Oir níl aon cheangal ná cairideas
ag solas agus dorch<ad>as lena chéile, agus amhla sion ní feidir aon
cheangal ná cairideas a bheith idir Spirid Dé agus spirid an tsao<i>l seo.



6. Uair dá raibh an fear beannaithe seo ag gabháil tré dhútha
Samaria a stad sé fhéin agus a bhuachaill Giezi i dtig fheirmeora, agus
adúirt bean an tí lena fear, "A chím agus tuigim gur duine naofa é seo.
Ollmhaímís seomra ar leithlig dho fhéin chun go stadfach sé againn chón
minic agus a ghabhann sé an tslí seo." "Déin," ar se sion. A ollmhaíog


L. 247


an seomra dho agus do 309 stadach sé ann uadh am go am. Lá dos
na laeth<e>anta dá dtánaig sé ann adúirt sé lena bhuachaill, "Glaoig
chúgham anso chun an dorais bean an tí, chun go mbeach fhios agam
cad é an tseirbhís a fhéadfainn a dhéanamh di i dtaobh an tsíbhial-
thacht a thiospáin sí dhúinn." A thánaig an bhean agus a sheasaimh
ina láthair. "Féach," arsa Eliseus, a thiospánais cineál carthanacht
agus síbhialthacht dhúinn, agus má <theastaíonn ?> uait go ndéanfach
an rí nó an prionsa atá as cionn an pháirt so don dútha aon tseirbhís
dhoit a gheobhad-sa déanta é." "Ní theastaíonn go deimhin," ar sí:
"níl aon asnamh oram; atá tuille agus mo dhóchain agam ar measc
mo dhaoine fhéin." "Ná loirg a thuille cad atá uaithe," arsa an buachaill,
"níl aon <t>sliucht airthe agus atá a fear cian-aosta." "Más ea," arsa
Eliseus, "i gcionn trí rátha beig mac aici." "Ná 'nis bréag dhom, a fhir
Dé," ar sise, "agus ná bí ag magadh fútham."



Ins an am díreach adúirt an fáig a bhí mac aici. Do fhás sé suas chun
a bheith ina gharsún, agus lá insa bhfómhar ina ndeachaig sé lena athair
chun féachain ar na buantóirí a luig splanc gréine ar a cheann agus a
ghearán sé ar ana-theinneas a bheith ann. A rugag abhaile agus a shín
a mháthair ar an leaba é agus a fuair sé bás roimh eadra. Níor liúig
sí agus níor bhéic sí ach a rug léithe é agus a shín é ar leabaig Eliseus
agus a chur glas ar an doras. A ghlaoig sí ar a fear agus adúirt,
"Cuir giolla agus capall liom go dia<i>r, chun go rachainn a' triall ar
an bhfear úd a stadann inár bhfochair agus go bhfiadfainn filleadh roimh
thráthnóna." "Cad é an gnóth atá agad ag dol a' triall air?" arsa an
fear. "Ná bac dho sion," ar sise, "ach déin mar adeirim lead." A chuaig
sí go m<e>ar ag triall air agus a chonairc sé sion í ag teacht féna dhéin,
agus adúirt lena bhuachaill, "Atá ár mbean mhuintire ag teacht chúgh-
ainn: imig ina cuinnibh agus fiafhraig dí a' bhfuil sí féin, a fear agus a
mac go maith." A imig se sion ina cuinnibh agus fhiafhraig a' rabh<ad>ar
go léir go maith. "Atáimíd," ar sí, agus a thánaig mar a raibh Eliseus.
A chaith féin ag a chosa agus a rug greim daingean ortha. 310 A rith
an buachaill chun í a thógain uaig. "Leog di," arsa Eliseus, "atá sí
ró-bhrónach, agus a cheil an Tiarna fáth a bróin oramsa." Adúirt sise,
"A fhir Dé, ar loirgeas-sa ortsa leanbh a thabhairt dhom, agus an uair
a gheallais go mbeach a leithéid agam nách amhla adúrt lead, "Ná bí
ag magadh fútham." "Imig go dia<i>r," ar sé lena bhuacha<i>ll agus
beir lead mo bhata, agus má bhua<i>leann duine umat ná beannaig do
agus má bheannaíon sé doit ná freagair é, agus cuir an bata ar aghaidh
an linbh." "Mar a mhaireann Dia," arsa an mháthair, "ní scarfad lead
nó go <n>gluaisir liom." A ghluais sé lé agus ar an slí a bhuail an
giolla umpa agus adúirt, "A chuireas an bata ar an leanbh agus ní raibh
maith ann. Atá sé fuar marbh." A thánaig an fáig agus a shín é féin
anuas ar an leanbh marbh. A chuir a shúile le súilibh an linbh, a bhéal
lena bhéal, a lámha lena lámhaibh, a chosa lena chosaibh, agus a ghuig
sé le dúthracht mór chun Dé an leanbh do aithbheochain. Agus a
thánaig an t-anam arís ann. "Glaoig chúgham," ar sé leis an giolla,
"bean an tí." Ar a teacht a thug sé an leanbh di ag rá, "Ag seo dhoit
do leanbh ina bheathaig." A chaith sí í fhéin ag a chosa, ag breith
buíochas le Dia agus leis-sin i dtaobh fóirthean airthe.


L. 248


4 Reg.4: 38 et seq. 7. A bhí gorta mór insa dútha agus a thánaig
Eliseus lá go tig nó mainistir ina raibh a lán
scoláirí a bhain le na fáige. A chur fear corcán mór síos chun praisce a
dhéanamh, agus a ghaibh fear eile amach ag bailiú luibhneacha chun a
chur tríd agus bhailig sé minbhear agus a chaith insa chorcán í. A doirt-
eag an phruiseach amach chúghtha agus ar a blaiseadh dhóibh a
liúdar amach, "A fhir Dé, atá an bás insa chorcán." "Tabhair dorn
plúir chúgham," arsa Eliseus. A tugag. A chaith í insa chorcán agus a
dearnag an phruiseach folláin. Agus as mar sin lena chomhachta
míorúileach a bhain sé an nimh aiste.



Lá eile a thug fear fiche bairín aráin eorna agus dorn gráinseacháin
chuige, agus adúirt sé lena bhuachaill, "Cuir an bia sin chun na fearaibh
atá anso chun go n-íos<f>aidís a sáith agus go bhfaighidís fuílleach."
"As deas an méile í sin," arsa an giolla, "a chur in éadain chéad fear
ocrach." "Déin mar adeirim lead," arsa an fáig. A rin, agus a chaith-
eadar a lán-dóchain agus a fhágadar fuílleach mór ina ndia<i>g.



4 Reg.5. 8. Gníomh mór eile míorúileach a rin an duine naofa so
arna dtráchtann 311 ár Slánathóir insa suíscéal a budh ea é seo.
A bhí prionsa, Naaman budh ainm do, fé mhór-chion agus ard-mheas
ag rí na Syria, oir lena laochas a shaor sé an ríocht uadh namhaid
chomhachtach a chur chun cúncas a dhéanamh airthe. Ach a bhí
labhrasaí, nó gríos gránna, air ná tagann le aon dochtúir a leigheas.
A ránaig go raibh cailín beag a fuadaíog tamall roimhe sin uadh dhútha
an phobail Abhra, agus dhíolag ina sclábhaí le bean Naaman. Adúirt
sí lá lena máistreás, "As mór an trua ná fuil an máistir i bhfochair fáig
atá i gcathair Samaria: as é a leigheasfach go m<e>ar é. A 'niseag an
chaint sin do Naaman, agus do 'nis se sion do<n> rí é. Adúirt se sion
leis, "Suig síos ansion agus a bhéarfad-sa leitir doit chun rí clainne
Israel. A scríobhaig sé í agus a thug do Naaman í. "Cuirim chúghad," ar
sé, "an leitir seo leam' phrionsa ard-onórach Naaman, agus chón tapaig
agus a gheobhair í tabhair aire go leigheasfar é uadh an labhrasaí atá
ag gabháil do le fada." An uair a léig an rí an leitir, a thánaig ana-
uafás agus eagla air, agus adúirt, "An dóigh leis an rí gur Dia mise, insa
tráth na gcuireann sé chúgham <é ?> chun go leigh<eas>fainn é uadh
labhrasaí? Níor cualag a leithéid do scéal riamh. Níl uaig ach leathscéal
chun cogadh a fhógairt oram. Atá fhios go dian-mhaith nách féidir dhomhsa,
ná dho aon duine beo, an gnóth sion a dhéanamh."



A 'niseag do Eliseus an bhuairt mhór a bhí ar an rí, agus a chur sé
teachtaire chuige ag rá leis Naaman a chuir chuige. "Agus beigh fhios
aige," ar sé, "go bhfuil fear i bpobal Dé a fhiadfaig é a leigheas." A
thánaig Naaman, lena charráistí, a chapaill agus a shaighdiúirí agus
fiche míle púnt agus deich cluith nua éadaig chun a mbronnadh ar an
<bh>fáig. A bhuail sé ar dhoras botháin bocht Eliseus, agus as amhla a
chur se sion a bhuachaill amach chuige ag rá, "Imig agus túm thu féin
seacht n-uair in abhainn Jordan, agus beir lán-leighiste." Ar chlos sion
do Naaman a imig sé fé bhuile mór, ag rá, "A mheasas go dtiucfach sé
amach chúgham agus go nglaofach sé ar ainm a Dhia, go ligfeach sé a


L. 249


lámh oram agus go leigheasfeach sé mé. As fearr an t-uisce atá insa dá
312 abhainn atá iom' dhútha féin ná uisce abhaineacha an dútha
so." A imig sé fé mhíchéata mór. A thánadar a sheirbhísig suas chuige
agus adúradar, "A Athair, dá n-ordóch an fáig ní ana-dheacair, budh
cheart doit é a dhéanamh, ní á<i>rímíd gnóth chón éadrom leis seo:
cad as ussa le dhéanamh ná dol agus nig thu féin agus beir lán-leighiste."
A ghlac sé an chomhairle: a thúm é féin seacht n-uaire insan abhainn
agus a tháinig aiste chón glan agus chón folláin ina chroiceann agus ina
chuid feola agus atá leanbh ar bhrollach a mháthar. A chas sé gan
mhoill chun Eliseus agus adúirt, "Aithním anis ná fuil dia eile ar bith,
ar neamh ná ar thalamh, ach an dia atá agaibhse. Agus iarraim go
umhal ort tabharthas a ghlacadh uaim." "Fé mar a mhaireann Dia ní
ghlacfaig mé a bheag ná a mhór uait," arsa Eliseus. "Iarraim ort," arsa
Naaman, "an t-aon achainí amháin seo: ceadaig dhom dhá lán phota
do chré na dútha so a bhreith liom chun olthóir a dhéanamh iom'
dhútha féin do Dhia. Oir uadh an lá so amach, an fhaid agus as beo me,
ní dhéanfad íoba<i>rt chun aon dia eile ach chun an Tiarna Dia atá
agaibhse." "Déin," arsa Eliseus, "agus imig lead i sí<o>cháin." A imig
sé fé áthas agus compord mór, le sláinte chorpar<th>a agus le sláinte
anama do fháil do dhruim a thriall ar an bhfear beannaithe seo.



4 Reg.5:20 et seq. 9. Áfaig a bhí Giezi, buachaill an fháig, ana-
mhíchéatach dá mháistir do bhrí ná glacfach
sé aon ní uadh Naaman, agus adúirt sé ina aigne, "Leanfad é agus a
gheobhaig mé rod éigin uaig. A lean sé go mear é, agus an uair a
chonairc Naaman é ag teacht chuige a léim sé amach as a charráiste
agus adúirt, "A' bhfuil go aon ní go maith agaibh? "Atá," arsa Giezi,
"ach go dtánaig anois beag beirt fhear uireaspach chun mo mháistir
agus a chuir sé mise i<d'> dhia<i>g a' lorg beagáin airgid agus éadaig
chun a thabhairt dhóibh." A thug sé dhá mhíle púnt agus dhá chluith
éadaig dho. A chas Giezi abhaile um 313 thráthnóna, go déanach,
agus a chuir an t-éadach agus an t-airgead i bhfolach agus a thánaig a
láthair a mháistir. "Cá rabhais a Giezi?" ar se sion. "Ní rabhas in
aon bhall," arsa Giezi. "A bhí mo spirid-sa do láthair," arsa Eliseus,
"agus a chonarc fear ag teacht amach as a charráiste agus a thug sé ór
airgead agus éadach dhoit. Tógfair feirmeach<a> agus beig abhlórdaí,
goirt, garraithe, ba, caoirí, capaill agus seirbhísig agad, agus leotha-
sion, uadh ghlacais airgead Naaman, beig a<i>cíd ortsa agus ar do
shliucht go brách." Ar an láthair sin a bualag an a<i>cíd úd air. Agus
hen é an sochar a fuair sé do dhruim a shainte: a budh fhearra go mór
dho sláinte agus boichtineacht a bheith aige féin agus a shliucht ná
gríos agus claimh ghránna do fhágan mar oidhreacht aca, i bhfochair an
saibhreas a fuair sé do dhruim a bhréige agus a chluanaireacht.



10. Adeir Naomh Augustine gur chiallaig an leigheas agus an glanadh
corpar<th>a a fuair an prionsa úd, i dtaobh a thumadh in abhainn
Jordan, an leigheas agus an glanadh spirideáltha a gheibheann anam
an duine tré shácramín an bhaiste a ghlanann é uadh pheaca an tsinsir


L. 250


agus a dhéanann oiriúnach é chun a bheith i gcuideachta phrionsaí Dé
i nglóire na bhflaitheas. An labhrasaí úd a bualag ar Giezi agus ar a
shliucht, marcálann sí amach, arsa Naomh Ambrose, an a<i>cíd spirid-
eáltha a bhíonn ar go aon <t>sagart a dhéanann a dhiúitéithe spirideáltha
a chur de le intinn saintiúil, agus ná bíonn aon aidhm eile aige ach
airgead a bhailiú chun a fhágan ag a ghaoltha. Agus in ionad aon
mhaith a dhéanamh dhóibh as amhla a dhéanann an t-airgead úd, do
ghnáth, díobháil dhóibh. Ní chun daoine uaisle a dhéanamh dá ghaoltha
a déantar sagart do dhuine, ach chun a anam fhéin agus anamnacha na
gCríostaithe eile do shábháil, lena bhéasa Críostúil, lena theagasc
folláin agus lena bheatha dheigh-shamplach. Agus an méid a bhíonn
spártha aige, adéis a chothaithe oiriúnach, as ceart dho é a fhágan ages
314 na boicht, nó é a chur i ngnóth éigin eile diagasúil a rachach chun
glóire Dé agus maith na gcomharsa. Áfaig ná tuigeach aoinne go
milleánaim nó go ndaoraim sagart ag na mbíonn gaoltha bocht, i
dtaobh cúnamh a thabhairt dhóibh. Oir ceanglann dlí Dé agus dlí na
nádúra air sion <a> dhéanamh, oir as ceart dho cúiteamh a dhéanamh leo
i dtaobh an costas na rabhadar fé, ag díol as a scoilíocht agus dá chothú
i gcoláiste. Áfaig ní ceart dho bancéir a dhéanamh de fhéin mar gheall
ortha, agus má dhéanann as olc a éireoig sé leis fhéin agus leotha sion.
Iompóid ina chuinnibh agus déanfaid droch-úsáid don saibhreas a
bhronn sé ortha.


L. 251



XLVII. SIEGE OF SAMARIA



4 Reg.6:8 et seq. 1. A cheap rí na Syria cogadh a chur ar rí
Israel, ní go oscailte, ach le feall air. Agus a chuir sé
saighdiúirí anso agus ansúd go príobháideach chun beartha air. A rin
sé an gnóth sion go minic, ach a chur an fáig Eliseus an scéala chun an
rí na áiteanna sin a sheachaint, gabháil thórsta, go raibh locht luíocháin
ann ag faire air chun a mhairthe. A ghlac an rí a chomhairle agus a
saorag é fé dheire. Adúirt rí na Syria lena chomhairlíocha, "Ní foláir
nó go bhfuil tréatúir éigin in bhúr measc a 'niseann do rí Israel go aon
ní a cheapaim-se chun beartha air. Oir ar feag na ceithre bliana so a
chuireas-sa saighdiúirí go minic i luíochán insan áit so agus insan áit úd
na raibh fhios go cinnte agam go raibh sé le teacht, agus do sheachain
sé iad. Atá fear éigin mo bhratha agam im' chúram agus déinig amach
dom é." "A Rí," arsa ceann aca, "ní mar sin atá an scéal, oir 'niseann an
fáig Eliseus don rí an gnóth as príobhá<i>dí a cheapann tusa agus do
chomhairle." "Más ea," arsa an rí, "déanaig amach dom an áit ina
bhfuil an fear sion, chun go mbéarfam air." A fuaradar sion go raibh
sé i gcathair Dothan, agus a chur an rí 315 a arm go léir istoíche
tíompall an chathair. Do éirig buachaill Eliseus agus a chonairc sé an
t-arm go léir. Lán do eagla a rith sé chun a mháistir ag rá, "Och, ochón,
atáimíd caillthe. Déanfar príosúnaig <dínn ?>; cad a dhéanfam ar aon
chor." "Ná bíoch sceoin, scanradh ná eagla ort," arsa Eliseus: "ní baol
dúinn: as mó i bhfad an dram atá dár gcosaint ná an dram atá inár
gcuinnibh." Agus chun deire a chur lena eagla a ghuig sé chun Dé súile
an ghiolla do oscailt chun go bhfai<cea>ch sé an dram a bhí i gcabhair
dóibh. A thug Dia ansion radharc don gharsún agus a chonairc sé na
mílte agus na mílte marcaig ar charra tintí tíompall air fhéin agus
Eliseus: aingil bheannaithe Dé a budh <ea ?> iad, a chur sé chun a
gcosaint. A ghuig Eliseus chun Dé arm rí na Syria <a> chaoch<adh ?>,
agus do éist Dia leis. A chuaig an fear beannaithe féna dhéin agus
adúirt leotha, "Ní í seo an chathair chóir: leanaig mise agus tiospánfad
dhíbh an tslí cheart, agus a chíofaig sibh an fear atá uaibh." A leanadar
é agus do sheol sé isteach do chathair Samaria iad. Ansion a iarr sé ar
Dhia a radharc a chasadh ortha agus a fuaradar iad fhéin i lár an
chathair. A thánaig rí Israel lena arm tíompall ortha agus adúirt sé le
Eliseus, "Maróig mé go aon fhear díobh." "Go deimhin ní dhéanfa<i>r:
ní bhualfair agus ní mharóir fear díobh; ní dheánfair díth ná díobháil
do neach aca. Ní neart do láimh ná fórsa do arm a ghaibh <iad ?>.
Ach tabhair a ndóchain bíg agus dí dhóibh agus scaoil slán saor
abhaile iad."



A riaraig go fial agus go cóir iad, agus a chasadar ina ndútha féin.
Agus ar gradam ná ar airgead ní thiucfach fear díobh a thuille chun
cogadh a chur ar phobal Israel.


L. 252


4 Reg.6:24 et seq. 2. Áfaig níor bhain an gnóth sion as croí rí na
Syria - Benhadad budh ainm do - an fuath agus
an feall a bhí aige chun an fáig Eliseus agus rí Israel. A chnósaig sé
armaíl ana-láidir agus a chur sé siege le cathair Samaria. Ní budh
fhéidir do aoinne dol isteach inte ná 316 teacht amach aiste. A bhí
gorta chón mór sion inte gura budh é an méid airgid, arsa an Scriptiúir,
a tugtaí ar cheann asail, chúig ginithe. Lá na raibh an rí ag gabháil ar
an tsráid a thánaig bean suas chuige, a chaith í féin ar a glúnaibh agus
adúirt, "Ó, a Rí, fóir oram." "<Nuair ?> nár fhóirig Dia ort," ar sé,
"cionas a fhiadfainn-se fóirthean ort, gan bhia na gráinne arbhair in
aon siléar, ná braon bainne in aon déirí?" "Éist liom," ar sí: "cónaím-se
agus an bhean so in aon tig. Adúirt sí liom, "Maraímís agus ithimís
do leanbh-sa ar dtúis agus ansion maireom agus íosfam mo leanbh-sa."
A rinneamar sion, agus an uair a bhí deire mo linbh-se ite adúrt lé a
leanbh a thabhairt chun go maireom é. Ach <is ?> amhla a chuir sí i
bhfolach é." Ar chlos an scéil uafásach sion don rí a liúig sé amach,
a stoil sé a chuid éadaig agus a thug mionna mór mairtheach go
scoithfeach sé an ceann a' lá sion don fháig Eliseus. Agus a chur sé
láithreach saighdiúir chun a mhairthe. A bhí an fáig agus sean-daoine
ag suí ina fhochair ina sheomra. Adúirt sé leo, "A' bhfuil fhios agaibh
cad atá mac an murd<er>éir so ar intinn a dhéanamh? Atá fear uaig
ag teacht chun mise a mharú. Cuirig glas ar an doras, oir airím cosa
a mháistir ag rith ina dhiaig chun a chosc." A thánaig an rí gan stad
agus adúirt, "Féach an léirscrios mór so a thug Dia orainn leis an gorta
so. A' bhfuil aon ní as measa aige le déanamh linn?" "Um a' dtaca
seo amáireach," arsa Eliseus, "a gheofar buiséal plúir an phingin agus
buiséal mineorna ar leath-phingin." "Dá gcuirfeach Dia doirsí ar na
spéartha chun plúir agus min do fhearradh tríotha níorbh fhéidir an ní
sion a theacht chun cinn," arsa ceann dhos na prionsaí a bhí i bhfochair
an rí. "A chíofair lead' shúile féin é," arsa Eliseus, "áfaig ní bhlaisfir
aon chuid don bhia."



4 Reg.7: 3-8. 3. A bhí ceathrar fear arna raibh labhrasaí i 317
mbothán leasmuith do fhalla an chathair. Adúr<adar> um thráthnón<a>
an lae sin lena chéile, "Má théimíd isteach don chathair a gheobham bás
don ghorta atá ann, agus má fhanaimíd a thuille anso a gheobham bás
don ocras. Triallaimís ar champa locht na Syria. Má sp<ár>álaid sinn
beam beo, agus má mharaíd sinn ní féidir dhóibh a thuille uilc a
dhéanamh dhúinn." A ghluaiseadar ortha, agus ar shroi<si>nt an
champa dhóibh a fuaradar folamh é, gan duine ná daonnaí ann. Oir i
dtosach na oíche sion a chur Dia sceoin ar locht an champa: a airíodar
glór amhail agus dá mbeach armáil mhór ag máirseáil chun tabhairt
fé an gcampa, agus adúradar, "A ghlac rí Israel locht na Égypte agus
na Philistínig ar phá chun teacht <i> gcabhair dho." A theitheadar go
m<e>ar. Do fhágadar a gcapaill, a gcluite agus a raibh aca ina ndiaig.



4 Reg.7:8 et seq. 4. Dála an cheathrar lobhar, a chuadar isteach i
gcábán, a itheadar agus a óladar a ndóchain, agus
a rugadar ualaithe óir, airgid agus éadaí leo go dtí a mbothán. A thán-


L. 253


adar arís go cábán eile agus a rugadar ana-chuid óir, airgid agus éadaí
leo. Adúradar, "Ní maith an gnóth atáimíd a dhéanamh ar locht an
chathair, gan an scéal ámharach so a 'nisin dhóibh. A gheofar amach
orainn é agus tabharfar chun cúntas sinn." A chuadar isteach don
chathair agus adúradar, "A bhíomar ag campa locht na Syria agus a
fuaramar folamh é: na cábáin ina seasamh, na capaill ceangailthe agus
gan aoinne in<a> mbun." A 'niseag an scéal sion don rí, agus adúir<t> sé,
"Atá fhios ag locht na Syria go bhfuilimíd anso ag dol don ghorta, ar
an ábhar sion do fhágadar an campa folamh chun go rachaimís amach
chun é a phlundaráil, agus go dtiucfaidís i gan fhios orainn, agus go
mbéarfaidís i dtrap orainn." "Más ea," arsa ceann dos na oifigí,
"béarfad-sa agus fear eile beirt dhos na capaill, as an chúigear a
fhágamair gan ithe, agus faicfeam conas atá an scéal." A chuadar go dtí an
gcampa agus a' sion go dtí an áit a bhí ar abhainn Jordan, agus a fuaradar
an bóthar go léir lán do éadaí 318 agus do uillemhaitheas a chaith na
Syrínig uatha ag teitheadh uadh an glór iontach a chur Dia ina ndiaig.
Do fhilleadar don chathair agus a imíodar na daoine go léir amach chun
an champa a phlundaráil, agus i gcúrsa an lae a bhí bia chón raidhsiúil
sion insa chathair gur díolag buiséal plúir ar phingin agus buiséal min-
eorna ar leath-phingin. A chur an rí ar an geata, chun ordú a chiomád,
an prionsa úd adúirt le Eliseus, dá mbeach doirse ar an spéartha ag
fearadh plúir agus mine ná fiadfach an ní adúirt sé a thitim amach.
Agus le neart na ndaoine a bhí ag dol amach agus ag teacht isteach a
brúag fé chosaibh é, agus mar sin a fua<i>r sé bás, amhail adúirt an fáig,
gan bhlúire don bhia a bhlaiseadh.



5. As mairg, arsa Naomh Ambrose, do dhuine aon doubhta a bheith
aige as comhachta ná as fírinne Dé. Níor chreid an t-uasal úd an focal
adúirt teachtaire Dé. A chonairc sé lena shúilibh féin gur fírinníog í,
áfaig níor bhain sé aon <t>sochar aiste do dhruim a mhíchreidimh.
A thánaig brón báis air an tráth ina raibh áthas agus meidhir mhór ar
na daoine eile go léir.



4 Reg.8: 7-15. 6. Tamall ina dhiaigh sion a thriall Eliseus go cathair
Damascus inar chónaig Benhadad, rí Syria, a bhí
ana-bhreoite. A chu<a>laig an rí go raibh an fáig ann agus a chur sé
Hazael, ceann do <na ?> prionsaí, ag triall air, agus dá fhichid camal
lódáltha le uillemhaitheas a ríocht chun Eliseus, ag fiafhraí dé an
dtiucfach sé uadh an mbreoiteacht a bhí air. Adúirt Hazael: "A chur
do mhac, Rí Benhadad, mise chúghad ag fiafhraí díot a' dtiucfa<i>g sé
slán uadh an mbreoiteacht atá air." "Abair leis," arsa Eliseus, "go
dtiucfaig, cé gur thiospáin Dia domhsa ná tiucfaig, agus ná éireoig sé
go brách dá leabaig." Ansion, ag féachain go géar ar Hazael, a buaraíog
go mór é agus a chrom sé ar dheora a shileadh. "A Mháistir naofa agus a
Thiarna bheannaithe," ar se sion, "canathaobh na bhfuileann thú
chón buartha sion agus go bhfuileann tú ag sileadh deora?" "Atá," arsa
an faíg, "do bhrí go bhfaicim an díobháil mhór a dhéanfair-se do
phobal Israel: tógfair agus dófair a gcathracha láidir, maróir a


L. 254


n-ógánaig le faobhar 319 claímh, millf<ir> a leanaí agus scoil<th>fir i
ndá leath na mná atá eatora ag iompar clainne." Adúirt Hazael, "Cé
mise go dtiucfach liom gníomhartha don tsórd sin a dhéanamh?"
"Tiospánann Dia dhomhsa," arsa an fáig, "go mbeir-se id' rí ar an
Syria, agus go ndéanfair na nithe so adeirim lead."



Do chas Hazael chun a mháis<tir> agus a 'nis go ndúirt an fáig go
mairfeach sé. Áfaig, a' lar na bháireach a thánaig sé isteach don
tseomra agus a mhúch an rí ina leabaig agus a ghlac sé an ríocht chuige
fhéin.



4 Reg.8: 16-29. 7. A thit an gnóth sin amach insan aimsir ina raibh
Joram mac Achab ina rí ar phobal Israel, agus
Josaphat ar phobal Juda. A ghlac, adéis báis an rí bheannaithe sion,
a mhac Joram an ríocht ina ionad. A bhí mar sin an ainm chéanna ar
na beirt rithe a bhí as cionn gach leath do phobal Dé. Níor lean an rí
sin an tslí a lean a athair Josaphat naofa. A phós sé iníon Achab agus
Jesabel mhallaithe, agus a dearnag mallathóir de ar a nós súd. Níor
mhair sé i bhfad, agus a ghlac a mhac Ochozias an ríocht ina ionad.
Budh rí mallaithe é, agus ní raibh ach réim bliana aige. A chuaig chun
cabhair a thabhairt do dhearbhráthair a chéile Joram insa chogadh a
bhí aige-sin le Hazael rí na Syria. A gortaíog Rí Joram insa chath
a thug sé do Hazael, agus a chuaig sé go cathair Jesrael chun é fhéin a
fháil leighiste. Agus a thánaig Rí Ochozias ann dhá fhéachain.



4 Reg.9: 1-13. 8. Insa tráth sion a ghlaoig Eliseus fáig óg chuige
agus adúirt leis, "Trusáil suas thu féin agus imig go
dia<i>r go cathair Ramoth agus beir lead an buidéal so do oíle bhean-
naithe, agus an uair a thiucfair ann rachair go dtí an áit ina gcónaíonn
an t-oifigeach Jehu, mac Namsi, agus a gheobhair é ag caitheamh
dínnéir i bhfochair na n-oifigeach eile. Glaoig air, beir lead isteach é
insa tseomra atá déstig don phárlús, agus doirt an oíle seo ar a cheann,
ag rá, "Ag seo mar adeir an Tiarna Dia lead: "sácrálaim thu 320 inniubh
chun a bheith id' rí as cionn phobail Israel. Maróir go aoinne do
shliucht Achab: ní fhágfair ceann díobh ina mbeathaig, chun go
mbainfinn-se díolthas asta i dtaobh cuid fola na bhfáige mo sheirbhísig-
se a dhoirteadar. Agus strac<f>aig madraí an bhanríon Jesabel as a
chéile."" "A imig an t-ógánach leis an dteachtaireacht sion. A shrois sé
a' chathair agus a chuaig mar a raibh Jehu ag caitheamh dínnéir i
bhfocha<i>r na n-oifigí eile. Adúirt Jehu, "Cad atá uait, a bhuachaill
mhaith?" "Teachtaireacht atá agam chun ceann agaibhse," ar sé.
"Cé aca againn?" arsa Jehu. "chúghadsa, a Mháistir," ar se sion.
"Gluais liom isteach insa tseomra." A ghluais leis, agus adúirt agus a
rin go aon ní do ordaig Eliseus dho. Do oscail ansion an doras agus a
theith leis fhéin go m<e>ar. A thánaig Jehu chun a chuideachta agus do
fhiafhraíodar de, "Cad é an gnóth a bhí ag an geilt buile úd díot?
Cad adúirt sé lead?" "Atá aithne agaibh ar an bhfear," ar se sion,
"agus atá fhios agaibh go dian-mhaith cad adúirt sé liom." "Níl fhios,"
ar siad. "Más ea," ar sé, "A leithéid so agus a leithéid súd adúir<t> sé


L. 255


liom: a shácráil sé mé chun a bheith iom' rí." Ar chlos sion dhóibh, a
rugadar amach chun an arm é agus a ghairmeadar rí de.



4 Reg.9: 14-26. 9. A' lar na bháireach a rug sé cuid dhos na marcaig
leis agus a chuaig sé go cathair Jesrahel fé dhéin Rí Joram.
A chona<i>rc an fear faire, nó an sentinel, a bhí ar bharra falla
an chathair, iad ag teacht, agus a 'nis don rí go raibh dram ag triall ar
an gcathair agus go raibh droch-dhoubhta aige asta, mar gheall ar a
ngéar-thimáint. A chuaig Rí Joram agus Ochozias, lena shaighdiúirí,
ag féachaint cé ar budh iad, agus an uair a chonairc sé gurb é a oifigeach
Jehu a bhí ann adúirt sé, "An le sí<o>cháin a thagann tú, a Jehu?"
"Sí<o>cháin!" ar se sion, "cad atá agadsa agus ag sí<o>cháin lena
chéile? Atá draíodóireacht agus diablaíocht do mháthar Jesabel
ana-bhríomhar fós."



Ar chlos na bhfocal sion a theith sé agus Rí Ochozias go mear. Do
tharraig Jehu a bhogha agus a chaith ruchar leis, agus a chuaig an
saíod tréna dhrom agus a thánaig amach tréna ucht. Agus a fuair bás
ar an láthair sin. 321 Adúirt Jehu, "Caith as an gcarráiste é ar an
láthair so: an áit chéanna inar maraíog Naboth. As cuimhin leadsa
agus liomsa go rabhamair, agus sinn inár ngarsúin, insan áit seo an
tráth a bhuail an fáig Elias uime Rí Achad, agus adúirt go n-agróch
Dia air fhéin agus ar a shliucht bás an fhir sin, agus go líobfach na
gadhair a gcuid fola insan áit chéanna so.



4 Reg.9: 27 et seq. 10. A lean Jehu an tóir ar Rí Ochozias agus a
mhairbh é. Ansion a chuaig sé isteach don
chathair. Agus a bhí Jesabel orná<id>ithe agus dresáltha go ana-bhreá,
agus do labhair sí as fuinneog le Jehu. In ionad freagra a thabhairt
airthe as amhla adúirt sé lena seirbhísig í a chaitheamh anuas insa
tsráid. A rinneadar sion, agus a shatail na capaill féna gcosa í. Adúirt
sé i gcúrsa na tráth<n>óna, "Loirgig corp na mná mallaithe úd, oir as
ceart den chuid as lú dé í a adhlacain, do bhrí gur iníon rí í." A chuadar
dá lorg agus ní bhfuaradar ach an phlaosc agus barra a lámha agus a cosa.
Do itheadar na gadhair an chuid eile dí. Agus as mar sin do fírinníog
na focail adúirt Elias ina taobh. Agus a budh é sion an droch-chríoch
a bhí le beatha na banríon úd. Budh sciúirse trom í ar sheirbhísig Dé;
a chur sí na céadta agus na céadta díobh chun báis. A cheap sí gan
an oiread agus rian chreidimh Dé do fhágan insa dútha, agus as ar
éigean a fuarag rian dá corp féin an lá a maraíog í.



Budh cheart, arsa Naomh Ambrose, go ndéanfaidís na rithe agus na
prionsaí a dhéanann géirleanúint ar Eaglais Dé, machtnamh ar an
oíde thruamhéileach a imig airthe súd, agus tuigidís as súd an díolthas
a bhainfig Dia asta féin. Ach dúnaid, do ghnáth, a súile i gcuinnibh na
samplaí a chuirtear as a gcomhair, agus cruaid a gcroíocha i gcuinnibh
na grása a bhronnann Dia ortha, amhail a rin Jesabel. Níor fhiad an tine
úd a thug Elias anuas uadh neamh chun an íobairt a losc ar chnoc
Carmel, ná aithbheochain na mairbh, ná na míorúilí eile iontach
a rin sé fhéin agus a dheisceabal Eliseus, níor fhiadadar an bhanríon


L. 256


úd a bhaint dá cúrsaí mallaithe. Agus insa deire, an uair a bhí tomhas
322 a peacaí lán suas go bruach, a dhoirt Dia a fhearg amach airthe
féin agus ar a sliucht agus a mhill go brách iad.



4 Reg.10. 11. A bhí deich mac agus trí fichid ag Rí Achab i gcathair
Samaria. A chuir Jehu oifigeach chun uaisle an chathair
sion ag rá leo, "Atá an oiread so do chlann Achab agaibh, arm, airgead
agus go aon <t>sás cogaig. Toghaig ceann dhos na fir sin mar rí oraibh
agus tagaig agus tugaig comhrac dhomsa." Adúradar sion, "níor fhiad
beirt rithe comhachtach seasamh ina chuinnibh: a bhuaig sé ortha
agus a mhairbh iad, agus cionas a sheasóimís-ne ina chuinnibh."
A chuireadar teachtairí chuige ag rá, "As sinn do sheirbhísig-se, agus
déanfam pé ní as toil lead." A scríobhaig sé an tarna uair chúghtha,
"Más seirbhísig liom sibh, tigig go moch ar maidean chúgham agus
tugaig libh cinn na deichniúr agus trí fichid mic a bhí ag Achab."
A thugadar chuige iad. A thánaig sé ansion go cathair Samaria, agus a
lig sé air go raibh cion mór aige don dia bréagach Baal, agus a chnósaig
i dteampall an dé bhréagaig sin go aoinne a lean a creideamh, agus a
mhairbh sé go aon cheann díobh. Molann Dia é i dtaobh an ghníomh
sion. Ach ní fada a lean sé an tslí fhónta. A fuair sé bás adéis a bheith
ina rí ar feag ocht mbliana fichid, agus do fhág sé an ríocht ag a mhac
Joachaz.



4 Reg.11. 12. An fhaid agus a bhí na nithe seo ag titim amach i ríocht
Israel, an uair a chona<i>rc Athalia máthair Rí Ochozias
gur mhairbh Jehu é, a cheap sí ríocht Juda a ghlacadh chúighthe fhéin.
Agus leis an intinn sin a mhairbh sí go aon leanbh a bhí ag a mac
Ochozias, ach aon leanbh amháin a bhí blia<i>n do aos, a shábháil a
áintín a bhí pósta ag an ard-shagart Joi<a>da, agus a chiomád é i gan
fhios do Athalia i bhfolach insa teampall ar feag sé bliana. An uair a bhí
sé seacht mbliana do aos a cheap an <t->ard-shagart Joi<a>da gur mhithid
a chuir i gcéill don náisiún go raibh fós oidhre cóir ar an gcróin.
A chnósaig sé chuige go príomhá<i>deach insa teampall na fir budh
uaisle agus budh fhearr a bhí insa náisiún, agus a thug amach chúghtha
ar an olthóir an rí óg, agus a shácráil ina bhfianais' é. A liúdar sion go
ard ag guíochan saol fada chun a rí nua. A airig Athalia an glór ina
pálás a bhí i bhfogas don teampall. A rith sí isteach ann ag féachain
cad budh bhun leis, agus an uair a chonair<c> sí 323 an rí féna chróin
ar an olthóir, agus na uaisle agus na sagairt tíompall air, a bhéic sí
amach agus a ghlaoig sí ar a gardaí chun teacht chúighthe agus na
tréatúirí a ghabhaíl. Do ordaig Joi<a>da í 'bhreith amach as an dteam-
pall agus í 'mharú leasmuith don fhalla chun ná salófaí an teampall
le fuil daonna a dhortadh inte. As mar sin a dearnag rí do Joas, in aos a
sheacht mbliana. A iompar sé é fhéin do dian-mhaith, an fhaid
agus do mhair an t-ard-shagart Joi<a>da, ach adéis bháis an fhir
bheannaithe sin a iompaig sé amach go olc agus a fuair sé droch-bhás, amhail
a 'neosad ina dhiagh seo dhíbh.


L. 257


4 Reg.13: 14-21. 13. Fá an am sion a bhuail breoiteacht a bháis an
fáig beannaithe Eliseus, agus a thánaig rí Israel
mac Jehu, dá fhéachain, agus a chrom sé ar ghol go géar, ag rá, "Ó a
Athair, cad a dhéanfam ar aon chor má imíonn thu uainn? Budh thusa
ár ndíon, ár sciath, an t-aon chosantóir a bhí ar an ríocht bocht dona so
atá nách mór snuite amach ar fad ag ár namhaid, locht na Syria."
"Tóg do bhogha agus do shaíd," arsa Eliseus. A rin, agus a chur an
fáig a láimh ortha. "Lámhaig ruchar," arsa Eliseus. A rin. "Ag sin,"
ar sé, "bua mór a bhéarfair ar locht na Syria. Buail an talamh," ar sé,
"lead' shleagh." A bhuail fó thrí agus a stad sé. "Ag sion doit," arsa an
fáig, "trí bhua mór eile a bhéarfair ar locht na Syria, agus dá mbudh
áil lead a leanúint do bhualadh an talaimh ní éireofá do locht na Syria
nó go ndéanfá ceo díobh.



A fuair an fáig oiriric bás in ach<o>maireacht, agus cé go raibh sé
marbh níor scar a chomhachta míorúileach leis. A bhí daoine ag dol
le sochraid don reilig agus a chonarcadar locht fo<gh>la nó rabálaithe,
ag teacht féna ndéin. A theitheadar leo fhéin, agus ar a dteitheadh a
chaitheadar an corp anuas ar uaig Eliseus. Agus ní túisce a bhain an
corp marbh le cré beannaithe an fhir sin ná gur éirig an duine marbh i
sláinte agus i neart.



14. Budh chomhartha, arsa Naomh Augustine, an mhíorúil úd ar na
míorúilí a bhí ag Slánathóir an domhain le déanamh ar Lazarus agus
ar mhórán eile a thóg sé uadh bhás go beatha. Ach as mó an mhíorúil
a dhéanann sé go laethiúil i slí spirideáltha, tré thógain na <n>-anamacha
a bhí marbh 324 i bpeaca agus dá <d>tabhairt thar n-ais go beatha na
ngrás. Na daoine úd a thógag uadh bhás corpar<th>a, a fuaradar bás
airís. Áfaig, an t-anam do éiríonn go spirideáltha, mairfig sí go spirid-
eáltha i mbeatha na ngrás ar an dtalamh so, agus i mbeatha na nglóire
ins <n>a Flaithis i bhfochair aingil Dé, ach í féin a thabhairt suas do
Íosa Críost le creideamh beoga, le aithrí fhírinneach agus le mór-mhuinín
as a thrócaire agus as a chomhachta.


L. 258



XLVIII. ZACHARIAS



2 Par.24: 1-16. 1. Adéis a dearnag rí do Joas, tré chúram an
ard-shagairt Joi<a>da, in aos a sheacht mbliana, a
chaith sé a shaol go dian-mhaith an fhaid agus a mhair an fear naofa sion.
A rin sé go aon dícheall gach díobháil a rin a sheana-mháthair mhall-
aithe Athalia, do chreideamh agus do theampall Dé, a chneasú. Le
cúnamh an phobail a chur sé an teampall beannaithe in ordú ceart, agus
do ofráiltí go aon mhaidean agus tráthnóna an íobairt do réir mar do
ordaig dlí Dé. Agus a chuinnibh sé an pobal in ordú cóir. Ach chun
a mhífhortúin mhór agus chun mífhortúin an náisiúin go léir, a fuair
Joi<a>da bás in aos a chéad agus fiche blian. A bhí an oiread ceana
agus measa age an rí agus ag an pobal air gur rinneadar é a adhlacan i
dtuama na rithe.



2 Par.24: 17-22. 2. Ní fada ina dhiaigh sion nó gur shóinseáil Joas
a bheatha, agus a thug sampla ar an ní a thiteann
amach do rithe, go mbíd olc nó maith do réir na comhairle a bhíonn
ortha. An fhaid agus do mhair an sagart naofa a lean sé a chomhairle
fholláin. Ach ar bhás dho sion a thánaig uaisle an náisiúin go Joas,
agus lena mbladar agus lena mbladhmann a mhealladar é uadh an tslí
chóir. A chrom sé ar dhroch-chúrsaí a leanúint. A thréig sé creideamh
Dé ar fad agus a iompaig sé ar dhéithe bréagach do adhradh. A budh é
Zacharias, mac Joi<a>da, an t-ard-shagart an tráth sion in ionad a athar.
Duine ana-bheannaithe agus fáig naofa a budh ea é. A labhair sé gan
scáth gan eagla leis an rí agus le na uaisle. A chas sé leo a mallathacht
agus a chomhairlig dhóibh iompó ar a leas. Agus a budh é an díol a
fuair sé ina charthannacht gur ordaig an rí gabháil 325 do chlocha air
insa teampall. A thit sé marbh ag bun na olthóra, ag rá, "A chíonn Dia
an gnóth so agus bainfig sé díolthas as." Agus as tapaig a bhain.



2 Par.24: 23-25. 3. Uadh an lá sion go lá a bháis níor éirig aon
ghnóth le Joas. A thánaig locht na Syria le dorn saighdiúirí, a bhuadar
ar arm láidir iomadúil an rí, a mharaíodar na uaisle mallaithe úd go léir,
a thugadar an tarcuisne budh mhó agus ana-dhroch-úsáid don rí agus
do fhágadar tinn gortaithe i lámhaibh a sheirbhísig é, agus beagán ina
dhiaigh sion a mharaíodar beirt dhíobh sion é i ndíolthas, arsa an
Scriptiúir, an murder a rin sé ar Zacharias, mac Joi<a>da, budh údar le
rí a dhéanamh de. Agus a bhí an oiread sion gráin ages na daoine dho
ná fuiliceoidís é a adhlacan i dtuama na rithe eile.



Leis an sampla eaglach sion múineann Dia do rithe agus do phrionsaí
eile gur cheart dhóibh a bheith ana-sheachantach agus ar a ngarda i
gcuinnibh locht bladhmann, a bhíonn dá mealladh chun a ndonais gan


L. 259


leigheas, agus gur fearra dhóibh i bhfad comhairle na ndaoine coinsias-
ach a 'niseann an fhírinne dhóibh a ghlacadh. Cé gur searbh leo í atá
sí folláin, agus má leanaid í ní baol go dtarraiceoig siad díolthas uadh
Dhia ná fuath ndaoine ortha fhéin.



2 Par.26. 4. Ar bhás Rí Joas a ghlac a mhac Amasias an ríocht ina
ionad. Níorbh fholáir dho cogadh gan chúis a chur ar rí
Israel, a bhuaig air agus a rin príosúnach de. A fhuascail sé é féin le
mórán airgid a dhíol, agus a mharaíodar a sheirbhísig é agus a dearnag
rí dá mhac Ozias. A lean an fear sion dlí Dé agus comhairle na bhfáige
do sic dian-mhaith ar feag rómhór a bheatha, agus a chuir Dia dá
dhruim sin rath, séan agus sonas air fhéin agus ar ríocht Jud<a>, nó an
roinnt sin do phobal Abhra do fhan dílis do chreideamh Dé. Áfaig
do atag suas a chroí le spirid an uabhair, agus a thug sé fé ghnóth a
tharraig díolthas Dé air. Níorbh fholáir dho dol ar olthóir Dé chun
íobairt a ofráil, gnóth ná raibh luáltha do aoinne insa phobal a
dhéanamh ach amháin dos na sagairt do threibh Levi. A choisc an
t-ard-shagart Azarias agus na sagairt eile <é ?> ar an gnóth sion a
dhéanamh. Ach ní ghéillfeach 326 sé dhóibh. Níorbh fholáir leis dol chun
cinn. A chrith an talamh go huafásach, a bualag labhrasaí air, a chaith-
eag amach gan mhoill as an dteampall é, agus a chaith sé ma<i>reachtan
<an ?> chuid eile dá shaol in uaigneas leis fhéin, deighilthe uadh chuíd-
eacht agus uadh chomhluadar na ndaoine.



2 Par.27. 5. A ghlac a mhac Joatham cúram na ríochta air, agus
adéis a bheith sé bliana déag ina rí adéis bás a athar, a
fuair sé féin bás naofa, do bhrí gur chaith sé a shaol go naofa. Ar bhás
do a thit an ríocht chun Achaz, an mallathóir budh mheasa dár mhair
riamh, oir a thréig sé creideamh Dé agus a rin sé athnuachain ar go aon
<t>sórd creidimh págánta budh mheasa. A bhuaig rí na Syria agus rí
Israel air, a loiteadar agus a mhilleadar ríocht Juda ar fad, a mharaíodar
i mbualadh aon lae amháin céad agus fiche míle dá shaighdiúirí, "do
bhrí," arsa an Scriptiúir, "gur tharraig Dia a chabhair uaig mar gheall
ar a pheacaí." A ghaibh rí Israel céad míle dos na daoine a bhain le
treibh Juda, agus a rug leis iad go cathair Samaria chun a ndíol 'na
sclábhaithe. Áfaig a bhuail fáig beannaithe, Obed budh ainm do, uime
an rí agus a arm, agus a chomhairlig dhóibh na príosúnaig a chur thar
n-ais, nó, mara gcuirfidís, go ndíolfaidís go daor as. A ghlacadar a
chomhairle agus a chuireadar thar n-ais fé chompord iad chun a
ndútha féin.



6. Níor fhiad na mífhortúin a thánaig ar an rí ró-mhallaithe seo é a
iompó ar a leas. As amhla a chruaig sé a chroí i gcuinnibh ghrása Dé,
fé mar a cruatar an inneoin le go aon bhuille don ord a bhua<i>leann
an gabha airthe. A dhún sé suas teampall Dé, ní luál<f>ach sé a thuille
íobartha do ofráil do Dhia inte, a thóg sé olthóireacha dhos na déithe
bréagach ins gach aon tsráid i gcathair Jerusalem, agus a dhéanach
íobairt do ofráil ortha. A lean sé dá mhallathacht nó gur chuir an bás


L. 260


deire lé agus leis fhéin. A bhí an oiread san fuatha ages na daoine dho
ná luál<f>aidís a chorp do adhlacain i bhfochair cuir<p> na rithe eile.



7. As fá an am sion a cuireag deire le ríocht chlainne Israel, nó na
deich treibh úd a scar dhá chéad agus deich mbliana agus dá fhichid
roimhe sin le creideamh Dé. Ní ghéillfidís do<n> chomhairle ná dhos
na míorúilí iontach a rin Elias, Eliseus agus 327 mórán fáige eile a
chur Dia chúghtha ag insin agus ag tabhairt fógradh dhóibh muna
gcasaidís go éif<each>túil ar Dhia agus a chreideamh a ghlacadh arís
chúghtha, agus na athanta a thug sé dá sinsear ar chnoc Sinai a chiomád,
go dtógfach sé iad ar fad as a ndútha féin, go mbéarfaí fé bhraighdeanas
iad go dútha stróinséar<th>a as ná fillfidís go brách. Áfaig ní<or>
chuireadar aon tsuim in aon chomhairle ná fógairt a tugag dhóibh.
A bhí Dia, mar a déarfainn, cortha uadh a bheith ag tathant ortha,
agus a thug sé Salmanasar, rí na Syria, ortha a thug léirscrios ar a ndútha
go léir, a thóg agus a loisc go aon chathair a bhí inte agus a rug leis go
aon nduine aiste agus a chur insan Asia uachtarach iad, mar a bhfuil a
sliucht fós ina gcónaí. Agus beid ann go tamall roimh lá an bhreith-
iúnais, an tráth a chuirfig Dia an fáig Elias uadh Pharthas chúghtha,
a thabharfaig chun creideamh Chríos<t> iad, agus ansion fillfig siad ar a
ndútha cóir fhéin a thug Dia dá sinsear.



2 Par.29. 8. An fhaid as a bhí an oíde sion dhá thabhairt ar ríocht
Israel i dtaobh a bpeacaí, a fuair ríocht Juda, nó an dá
threibh a ghaibh le creideamh Dé, furtacht agus suaineas tré shaothar agus
tré chúram an rí naofa Ezechias. A budh é mac an rí mhallaithe Achaz,
ach níor lean sé in aon <t>sórd slí droch-shlithe a athar. I bhfad
uaig, a chaith sé na naoi mbliana fichead na raibh sé ina rí chón ceart
sion go 'niseann an Scriptiúir dhúinn ná raibh roimhe ná ina dhiaig rí
a budh fhearr ná budh dhiag<a>súil ná é ar phobal Dé. A chiomád sé
dlí Dé chón pointeáltha ar feag a shaol go ndeir an Spirid Naomh
nár imig sé orlach ar an dtaobh dheas ná ar an dtaobh chlé as an tslí
chruinn chóir.



A budh é an chéad ghnóth a rin sé, teampall Dé, a dhún a athair suas,
do oscailt agus do ghlanadh. A chur sé do fhiachaibh ar na sagairt an
gnáth-íobairt do ofráil do Dhia go aon mhaidean agus tráthnóna.
A bhris sé agus a ghlan amach as cathair Jerusalem gach olthóir agus
gach íomhá a bhain leis na déithe bréagach a bhí ag a athair agus ages
na rithe mallaithe eile. A ghaibh sé tréna dhútha fhéin agus tré an
dútha a bhain le 328 pobal Israel, agus a rin sé an gnóth céanna ionta.
Agus as dian-mhaith do éirig sion leis. A chuir Dia rath agus go aon
<t>sórd séin air fhéin agus ar <a ?> ríocht. A bhuaig sé ar go aon náisiún
namhadach a bhí tíompall air, agus a shaor sé an ríocht uadh an gcíos
agus an cháin a chuir rí na Assyria airthe. A chur sé cogadh chun cinn
i gcuinnibh na bhPhilistínig. A bhuaig ortha, a thóg sé gach cathair
láidir a bhí aca agus a lagaig sé chón mór sion iad ná rabhadar ábaltha,
as sion amach, ao<n> cheataí ná díobháil a dhéanamh do phobal Dé.


L. 261


9. As le linn an rí seo a mhair an fáig beannaithe Isaias. Do shliucht
na rithe a budh ea é, agus ní raibh ar measc na fáige eile fear ní budh
léannta ná budh dhea-labhartha ná é. A thrácht sé go glan agus go
iontach ar Ioncholnadh Chríoist, ar a bhreith uadh mhaighdean, ar a
bheatha, ar a mhíorúilthí, ar a bhás, ar a eiséirí uadh mhairbh, ar a
dhol suas ar neamh, ar thurlint an Spirid Naoimh ar na hAspail, ar
bhunú chreidimh Chríoist agus ar a leathnú ar fuaid an domhan go léir,
agus ar staid na Eaglaise go teacht Chríoist an lá déanach chun breith-
iúnas a thabhairt ar bheoibh agus ar mhairbh. A budh é budh ard-
chomhairleach ar an rí mbeannaithe seo. Agus a thug misneach, neart
agus compord dho ins go aon bhaol agus ainnise a cheap Dia dho gabháil
tríd. Agus budh iomadúil agus budh mhór iad sion.



2 Par.32. 10. An uair a dhiúlthaig Ezechias an cíos agus an cháin
a chur rí na Assyria air fhéin agus ar a dhútha do dhíol,
a chuir sé sin Rabsaces, general a airm ag fógairt dho muna ndíolfach
sé an chá<i>n go n-imreoch sé léirscrios air fhéin agus ar a dhútha go léir.
Ag seo cuid don chaint tarcuisneach a chaith sé le Ezechias: "Cad as na
bhfuil muinín agad chun seasamh i gcuinnibh mo rí-se? Féach, a bhéar-
faig mise dhá mhíle capall dhoit, agus atá do shaighdiúirí chón gana-
chúiseach sion ná fiadfair marcaig a fháil dhóibh. Cionas, mar sion,
a throidfir i gcuinnibh na mílte agus na céadta mílte fear a chuirfig Rí
Senn<a>cherib chun chomhracadh lead? Ach, adéarfair, b'fhéidir, go
saorfaig do Dhia thu. Féach, níor fhiad aon dia insa domhan na náisiúin
a shaoradh uadh mo rí-se. A rin sé cúncas ortha go léir. Ar an abhar
sion as díomhaoin dhoit do dhóchas a chuir i gcomhachta do Dhia."



Ansion, ag díriú a chainte chun locht an chathair, adúirt sé leo, "Ná
meallach bhúr rí sibh, ag rá libh, 329 "Saorfaig bhúr nDia sibh."
Acgh géillig domhsa agus umhlaíg dhom' rí agus béarfaig sé sibh i gcionn
bliana as an dútha so go dútha as fearr ná í, dútha arbhair, fíona agus
oíle. Áfaig, má throideann sibh ina chuinnibh, a bhéarfaig sé a arm chun
bhúr gcathair, cuirfig sé siege lé agus beig bia agus deoch chón gana-
chúiseach sion g<o> gcaithfig <sibh ?> bhur gcac do ithe agus bhúr gcuid
fuail do ól."



Adéis a lán spíde agus caint tarcuisneach do<n> tsórd sion a thabhairt
uaig, do imig sé go Rí Sennacherib dá bhrostú chun siege a chur leis an
gcathair.



11. Lán do bhrón a chuir Rí Ezechias luaith ar a cheann agus éadach
róin ar a chúm agus a imig ceann-nochtaithe agus cos-nochtaithe
amach as a phálás chun teampall Dé, agus a chaith é féin ar a bhéal agus
ar a aghaidh ag bun na olthóra agus a chrom ar dheora a shileadh agus
ar ghol go géar. Do árdaig a lámha agus a shúile chun Dé agus adúirt,
"A Thiarna uile-chomhachtaig, as tusa amháin atá id' Dhia, as tusa
amháin as máistir ar go aon ríocht insa domhan, oir as tusa amháin a rin
neamh agus talamh. Crom anuas do chluas agus éist liom' achainí.
Oscail do shúile agus féach ar mo chruatan. As fíor, a Thiarna, gur
dhíbríodar rithe na Assyria agus gur aistríodar a lán náisiúin as a


L. 262


ndútha féin, gur bhuadar ar <a ?> ndéithe agus gur dhóthadar insa tine
iad. Oir níor bhudh dhéithe ar aon chor iad, ach obair lámha ndaoine,
íomhátha bodhar balbh, déanta do ór nó do airgead, do adhmad nó do
chlocha. Anis a Thiarna, guím thu sinn do shaoradh uadh láimh an rí
uaibhreach seo a thug masla dhoitse agus don mhuintir a chreideann
ionad, chun go mbeach fhios ag an domhan go léir gur tusa an t-aon
Dia amháin fírinneach.



4 Reg.19; 2 Par.32. 12. As ar éig<ea>n a chríochnaig sé a urnaithe
an uair a thánaig an fáig naofa Isaias chuige le
ordú Dé, agus adúirt leis, "As mar seo adeir an Tiarna Dia lead: "A
chualaig mé an achainí a chuiris chúgham i dtaobh rí na Assyria. Ní
lámhfaig sé saíod agus ní tharraiceoig sé claíomh agus ní ardóigh sé
sciath i gcuinnibh an chathair seo, agus ní dhéanfaig sé trinse tíompall
airthe chun siege a chur lé. Oir cuirfig mise dubhán 330 ina shróin
agus srian ina bhéal agus casfad thar n-ais é insa tslí chéanna ina
dtánaig sé, agus beig mná óga an chathair seo ag magadh fé agus ag crothadh
a gcinn ina dhiaig."



An tráthnóna céanna sion a thánaig Rí Sennacherib lena arm mór
agus a shocraig a champa démuith do<n> chathair. I lár na oíche a chuir
Dia aingeal an éirlig, nó aingeal an bháis, a ghaibh tré champa locht na
Assyria agus a mhairbh, ar iontó na baise, céad, chúig míle agus cheithre
fichid díobh. Níor rin sé ach a sciatháin a chrothadh as a gcionn agus
a bhíodar marbh ar an nómant. An uair a éirig an rí ar maidean a budh
é an radharc a chona<i>rc sé, an talamh go léir clúdaithe le cuirp a
shaighdiúirí agus a gcapaill. A theith sé leis fhéin go mear chun a
chathair fhéin, Nineveh, agus i gcionn naoi mí ina dhiaigh sion, an uair a
bhí sé ag déanamh íobairt i dteampall an dé bhréagaig a bhí aige -
Nesroch - a éiríodar a bheirt mhac, Adramelech agus Sarasar, chuige,
agus a mharaíodar é agus a theitheadar leo fhéin go ríocht na Armenia.
Agus budh é sin an deire a bhí leis an rí uaibhreach mallaithe seo, agus
hen é an díol a fuair sé i dtaobh an tarcuisne a thug sé do Dhia agus don
dram bocht umhal a chreid ann agus a chur iad féin féna chomairc,
agus a lorg uadh chroí fuascailt a thabhairt dhóibh.



4 Reg.20; 2 Par.32. 13. Tamall adéis a saorag an rí beannaithe seo
tré mhór-chomhachta Dé, a mhairbh in aon
oíche amháin arm mór Sennacherib, a thit sé i mbreoiteacht ana-throm,
agus le ordú Dé a thánaig an fáig naofa Isaias chuige agus adúirt leis,
"Ag seo mar adeir an Tiarna Dia lead: "Cuir do thig in ordú agus déin
do uacht, oir a gheobhair bás agus ní mhairfir níos sia."" Ar chlos na
bhfocal sion don rí a iompaig sé a aghaidh isteach ar an bhfalla agus a
chrom ar ghol go géar, agus adúirt sé le Dia, "A Thiarna, cuimhnig gur
shiúlas le fírinne i gcónaí id' láthair, gur rinneas le croí maith glan na
nithe a bhí taithneamhach leadsa." Do imig an fáig uaig agus ní raibh sé
leath-shlí amach insa halla an uair adúirt Dia leis, "Fill chun Rí Ezechias
agus abair leis, "As mar seo adeir an Tiarna, Dia do dhinsear
Dháibhí, lead: Do chualaig mé do achainí agus a chona<i>rc mé do dheora


L. 263


agus do leigheas mé thu. I gcionn trí lá eile rachair 331 suas don
teampall chun buíochas a bhreith liomsa, agus cuirfig mé chúig bliana
déag eile do fhaid ar do shaol."



A leigheasag an rí gan stad agus a shrois cúntas an leigheas míorúil-
each sion rí na Babylonia, agus a chur sé ambasadó<i>rí onórach le
tabharaistí saibhir chun Rí Ezechias, ag cur i gcéill dho an <t->áthas
mór a bhí air gur fhóir Dia chón iontach sin air, gur shaor sé é uadh Rí
Sennacherib agus uadh an mbreoiteacht chontabharthach a thánaig
air. A ghlac Rí Ezechias le mór-fháilthe iad. Ach a lean gnóth eile as
na nithe seo a thiospánann gur socharúla go minic do dhaoine bás do
fháil don bhreoiteacht a thagann ortha ná fortacht a fháil uaithe, mar
a 'neosad ina dhiaigh so dhíbh.



14. Machtnaímís go minic agus tugaimís go dian-mhaith fé ndeara
an deireadh dona deorach a imig ar an deich treibh úd don phobal
Abhra a scar le creideamh Dé. Dhá threibh déag a bhí uadh thúis insa
phobal úd. A shaor Dia lena chomhacht míorúileach iad uadh dhaor-
sclábhaíocht na Égypte, agus do oscail dhóibh bóthar glan mín réig tré
chuirp an Mhuir Rua, agus a bháig sé Rí Pharaoh agus a mhór-arm a
lean iad chun a dtabhairt thar n-ais don sclábhaíocht. A sheol sé ansion
iad chun Cnoc Sinai agus a thug dhóibh a dhlí naofa lena bhéal fhéin.
A chur sé, ar feag na dá fhichead blian a bhíodar insa bhfásach, arán go
aon mhaidean chúghtha anuas uadh neamh, agus fíor-uisce folláin
uadh chroí na carraige le n-ól dóibh. A thug an dútha as fearr fé an
spéir dhóibh: scoth agus plúr na talún as ea í: níl uadh éirí na gréine
shior go dtí n-a luí thiar talamh ná tír as féidir a chur i gcomórtas
lé. Ar feag na seacht céad agus ceithre bliana fichid ina rabhadar
féin agus a sliucht i seilbh na dútha sion, do fhóir sé go minic ortha. Níor
fhág sé, mar adúirt sé féin, aon ní gan déanamh na bhfiadfach a chomh-
achta míorúileach a dhéanamh chun rath, séan, compord corpar<th>a
agus spirideáltha a chur ortha. Agus adéise sin, ní bhfuair uatha ach
dímheas, míbhuíochas agus easumhlacht.



Fé dheire, an uair a bhí tomhas a bpeacaí lán suas go bruach, 332
agus deire na foighne caite, a scaoil sé a fhearg fútha, a dhíoba<i>r iad
go brách as a ndútha fhéin, agus atáid díobartha aiste le dhá mhíle
chúig céad agus aon bhlia<i>n déag agus ceithre fichid, ina sampla seas-
mhach ar dhíbheirg Dé, gan chreideamh gan íobairt gan sagart, gan
aithne gan eolas aca ar Dhia. Agus beid amhla go tamall roimh lá an
bhreithiúnais.



15. As comhartha beomhar an oíde a imig ortha súd ar an oíde a
imeoig orainne, muna ndéanfam aithrí in am agus i dtráth, má chruaimíd
a thuille ár gcroíocha i gcuinnibh ghrása Dé, mar dhiúlthaímíd an obair
a dhéanamh a loirgeann sé orainn: a athanta a chiomád. Tógfaig Dia
amach sinn as talamh na mbeo agus béarfaig sé sinn go dútha dona,
deorach, Ifreann, asná fillfeam go brách. "Atá," arsa Naomh Eo<i>n
Baiste, "an tua thana fhéin ag bun gach crainn, agus pé crann ná
tabharfaig tortha fónta uaithe, gearrfar anuas agus caithfear insa tine í."


L. 264


"Muna <n>déanfaig sibh go léir aithrí," arsa Críost, "caillfear gan leigheas
sibh." Ní ceannúla atá Dia orainne ná a bhí sé ortha súd. A budh iad
a phobal fhéin, sliucht agus síorach na bPátriarcs naofa. Agus adéise
sin níor spáráil sé iad: do dhoirt sé a fhearg amach ortha mar gheall ar a
bpeacaí. Ní uaisle sinne ná aingil na bhFlaithis; ní mó an cion atá
aige orainne ná a bhí aige ortha súd. Níor rinneadar ach aon pheaca
amháin ina chuinnibh, agus a chaith sé síos go Ifreann iad, agus atáid
caillthe go brách gan leigheas. As glan <an ?> scéal ná spárál<faig> sé
tusa ná mise muna ndéanfam aithrí in am agus i dtráth, aithrí éifeacht-
úil, aithrí lán-chothromúil do thruime ár bpeacaí, agus má dhéanaimíd
as dram le séan sinn. "Fé mar a mhairim," arsa Dia, "ní é bás an
pheacaig atá uaim, ach go ndéanfach sé aithrí agus go mairfeach sé."


L. 265



XLIX. EZECHIAS



4 Reg.20: 12-21. 1. An tráth a thánadar na ambasadóirí uadh rí
na Babylonia go Rí Ezechias le tabharaistí saibhir
ag insin dho an <t->áthas mór a bhí ar a máistir i dtaobh an fhóir-
thean iontach a rin Dia air tréna shaoradh uadh Rí Sennacherib agus
uadh an mbreoiteacht trom a thánaig air, a ghlac Ezechias go honór-
ach agus le mór-fháilthe iad agus a thios<p>áin 333 dhóibh an saibhreas
mór a bhí ina phálás agus i dteampall Dé. Ach do bhrí go raibh sé
beagán mórálach i dtaobh na nithe sin, a cheap Dia é umhladh.
A chur sé an fháig Isaias chuige ag fiafhraí dó "Cé iad na fir stróin-
séar<th>a sin id' fhochair?" "Atá", ar se sion, "prionsaí onórach a
chuir rí na Babylonia ag triall oram chun a 'nisint dhom an mór-áthas
atá air gur fhóir Dia lena chomhachta míorúileach oram, agus a
thiospánas dhóibh go aon phiuc saibhris atá im' chúirt agus insa team-
pall." "Más ea," arsa an fáig, "bíoch fhios agad go dtiucfaig na lá
go cinnte ina mbéarfar go aon phiuc don tsaibhreas sion as do phálás agus
as do theampall go cathair Babylon. Agus fós, béarfar do shliucht
aiste, agus beid ina seirbhísig i gcúirt rí na Babylonia." "Déantar
liom," arsa Ezechias, "mar as toil le Dia. Ach bíoch rath agus síocháin
ar feag mo ré-se."



Tamall ina dhiaigh sion a fuair an rí ard-bheannaithe seo bás, agus ar
a bhás a ghlac Manasses, a mhac, an ríocht in aos a dhá bhlia<i>n déag.



4 Reg.21; 2.Par.33. 2. Tí<o>ránach fuiltheach míthrócaireach a
budh ea an fear sion. Níor lean sé, in aon
<t>sórd slí, sampla a athair bheannaithe. A chur sé an oiread sion
daoine neamhchiontach chun báis go ndeir an Scriptiúir go raibh
sruthán fola ag rith tré gach sráid i gcathair Jerusalem. Agus ar
measc na ndaoine eile a chuir sé chun báis an fáig ard-naofa Isaias,
cé gur phrionsa don treibh rithiúil é agus go raibh sé an tráth sin
tuille agus céad blian do <aos ?>. A gearrag le sábha in<a> dhá leath
<é ?>, mar a gearrfaí píosa adhmaid. Fé dheire a chur rí na Babylonia
cogadh air, a bhuaig air agus a rug leis é agus a chaith i bpríosún
agus a dhaor chun báis é. Agus a budh é an sórd báis a bhí le imirt air,
é a dhúnadh suas in íomhá tairbh déanta do phrás, agus tine a chur
tíompall airthe.



3. An uair a bhraith an duine mífhortúnach an prás ag deargadh
tíompall air, a chuimhnig sé ar Dhia agus ar na peacaí troma uafásach
a rin sé. A chrom ar ghol go géar agus 334 le deora fíor-aithríoch
adúirt, "A Thiarna, Dia mo shinsear naofa Abraham, Isaac agus Jacob,
níl teora lead' chomhachta ná lead' thrócaire; a cheapais an méid do
thruamhéile aithrí fá chomha<i>r na bpeacach as measa, adonn go


L. 266


ndéanfaidís í agus go maithfeá-sa dhóibh. A Thiarna uile-thrócairig,
a pheacaíos go mór, go ana-mhór. As iomadúla mo pheacaí ná féar
na mbánta. A rinneas go aon bheart budh mheasa. Níor ghéilleas
riamh doit' thoil-se. A leanas go aon droch-shlí. Agus anis, a Thiarna,
fóir oram. Umhlaim uadh chroí doit agus caithim me fhéin suas ar
fad ar do thrócaire."



Do éist Dia leis. A bogag croí rí na Babylonia. A thug sé a phardún
dho, a shaor uadh an ana-bhás é agus a chuir thar n-ais ina ríocht. As
sion suas a rin sé go aon dícheall agus dúthracht a budh fhéidir leis a
dhéanamh chun seirbhís Dé a chur chun cinn, agus chun leorghníomh
a dhéanamh i dtaobh gach droch-bheart a rin sé ar feag a bheatha
roimhe sin. Ar a bhás a ghlac a mhac Amon an ríocht, agus adéis dhá
bhlian a chaitheamh go mallaithe a mharaíodar a sheirbhísig é.



4 Reg.22; 2 Par.34. 4. A thógadar na daoine Josias a mhac,
leanbh ocht mblian, agus a rinneadar rí de.
Agus níor budh fhéidir rí ní budh fhearr ná é do fháil. Uadh an chéad
lá dá ré<i>m go lá a bháis, dhá bhlia<i>n déag agus fiche ina dhiaigh sion,
níor rin sé aon ghnóth ná gníomh a<ch ?> gníomh agus gnóth a budh
fhearr ná a chéile. A thosain sé leis an dteampall a ghlanadh agus a
chur in ordú ceart. Ar ghlanadh an teampaill a fuarag an leabhar inar
scríobhaig Maois lena láimh fhéin an seann-dlí, ocht céad agus
bliain agus fiche roimhe sin. A thugag an leabhar chun an rí, agus
an tráth a léig sé í a thánaig sceimhle agus scanradh air. A chnósaig
sé chuige an pobal go léir agus a léig dhóibh go aon bhagairt, anachain
agus donas a bhí le teacht ortha, le ordú Dé, i dtaobh gan a dhlí a
chiomád. A ghuileadar go géar agus a throisceadar ar f<e>ag an lae sin.
A rinneadar íobairt chun Dé agus a ghealladar go solmanta, idir óg
agus críonna, i láthair Dé, go gciomádfaidís go pointeáltha an dlí
bheannaithe a thug sé dá sinsear ar Chnoc 335 Sinai.



5. A ghaibh an rí ansin tríd an dútha go léir lena phrionsaí agus lena
shagairt, agus níor fhág sé olthóir deamhan ná dé bréagaig gan réabadh
agus a dhóig sé ortha cnámha na sagart a bhíoch a' déanamh íobar<tha>
chúghtha, do réir mar a labhair fáig Dé, trí chéad agus deich mbliana
agus dá fhichid roimhe sin le Rí Jeroboam, an mallathóir budh bhun
le deich treibh don phobal Abhra a scaradh le creideamh Dé. Ní
féidir dhomhsa trácht mar as cóir ar go aon dícheall a rin an fear
beannaithe seo chun go aon díobháil a rinneadar na rithe mallaithe a
thánaig roimhe do chneasú agus do leigheas.



Ach a thánaig an t-am inar cheap Dia é a bhreith as an saol so,
chun ná beach sé ina fhinné súl, arsa Naomh Ambrós, ar na ainnisí
saoltha mór a bhí le teacht ar an náisiún go léir mar gheall ar a bpeacaí
fhéin agus peacaí na rithe malla<i>the a bhí uadh am go am as a gcionn.
Mallathóir críochnaithe a budh ea go aon cheann díobh, uadh an gcéad
fhear, Saul, go dtí Jechonias, an ceann déanach aca, ach aon cheathrar
amháin: Dáibhí, Josaphat, Ezechias agus an fear so Josias. Peacaig
nótáltha scannalach, gan chreideamh gan bhéasa gan taise gan daon-
nacht.


L. 267


6. Ag seo mar a thánaig bás an fhir bheannaithe seo. A las cogadh
idir rí na Babylonia agus rí na Égypte, agus a bhí dútha an phobail
Abhra idir an dá ríocht sion - an Égypt leastiar theas dí, agus an
Babylonia sior thuaig. A ghaibh rí na Égypte lena arm tré dhútha
an phobail Abhra chun chomhrac a thabhairt don rí eile. A mheas
Josias é a chosc, agus adúirt rí na Égypte, Nechao budh ainm dho,
"A Rí Josias, ná bíoch aon troid eadrainn: níl aon chúis againn chun
a chéile: ní chun troda iod' chuinnibh-se a chur Dia mise a<ch> i
gcuinnibh rí eile, agus má throideann tu im' chuinnibh-se as i gcuinnibh
Dé a throidfir agus tarracóigh sé a chúnamh uait agus titfir insa
ghleo." Ach ní ghéillfeach Josias. A thugadar bualadh dá chéile agus
a maraíog an rí beannaithe seo, "do bhrí," arsa an Scriptiúir, "nár ghlac
sé an chomhairle fhollá<i>n agus an fhógairt a thug Dia dho tré bhéal
Nechao, rí na Égypte.



A bhí an ríocht go léir fé 336 bhrón mhór i dtaobh a bháis, agus bhí
a chúis aca, oir na trí rithe a thánaig ina dhiaig, do fhórsáladar, lena
mallathacht, Dia chun an phobail go léir a bhreith i mbraighdineas
go críoch na Babylonia mar a rabh<ad>ar ar díbirt ar feag deich mbliana
agus trí fichid, nó gur fhuascail Cyrus, rí na Persia, iad le ordú Dé, agus
a casag abhaile iad chun a ndútha féin. Níor dearnag riamh aon
tuireamh nó aon uaill-chaoineadh ar aon mharbh ní <ba> bhreátha ná
rin an fáig Diarma<i>d as cionn an rí bheannaithe seo.



4 Reg.23-24. 7. Adéis a bháis a rin an pobal rí den mhac a budh
óige a bhí aige, Sellum budh ainm dho. Ní raibh sé
ach rátha ina rí, oir a chas Nechao, adéis buachain ar rí na Babylonia,
a thánaig sé go cathair Jerusalem, a rug leis Sellum ina phríosúnach
don Égypt, a rin rí dá dhearbhráthair Joakim agus a chur cíos agus cáin
ana-throm ar an ríocht go léir.



A bhí an fear sion ina rí ar feag dhá bhliain déag, agus níor fhiad
comhairle na bhfáige ard-bheannaithe a mhair lena linn, ná na míorúilí
iomarcach iontach a rinneadar, é a bhaint don olc ná é a chur ar a leas.
A scríobhaig an fáig naofa Diarma<i>d, le ordú na bprionsaí, leabhar
mór ina raibh cuntas ana-chruinn ar go aon ainnise agus mífhortún a
bhagair Dia a chur ar an náisiún go léir muna ndéanfaidís a ndroch-
shlite a thréigean agus iompó ar Dhia. A rugadar na prionsaí an
leabhar chun an rí. A fuaradar é ina shuí cois na tine ina phárlús.
Adúirt sé leo an leabhar a léamh dho, agus fé mar a léití a ghearrach
sé amach an bhilleog agus a chaitheach insa tine í. Ach, le ordú Dé, a
scríobhaig an fáig leabhar mór eile, agus leis na ainnisí a bhí scríofa
insa chéad leabhar a chuireag ainnisí eile budh thruime i bhfad ná iad.
Áfaig níor chuir an rí aon tsuim ionta.



A thánaig Nabuchodonosor, rí na Babylonia, le cogadh chuige. A rin
príosúnach de, agus adéis fín<e>áil mhór a chur air do fhág an ríocht
aige, adéis a dhearbhadh a bheith lán-dílis dho. Trí bliana ina dhiaigh
sion a rin Joachin rebelúntacht ina chuinnibh. A thóg Nabuchodonosor
an chathair, a mhairbh an rí agus do fhág a chorp ar dreothadh as cionn


L. 268


talún gan adhlacain. A rug sé leis na suithí óir a bhí insa 337 team-
pall a rin Rí Solomon in onóir Dé, agus a thug sé an ríocht dho
Sedecias, úncail Joachin, agus budh mheasa é sin ná an fear eile.



4 Reg.25. 8. As amhla a bhíoch sé ag magadh fés na fáige a thugach
comhair<l>e a leasa dho, ag aithris ortha agus ar a gcaint
agus ag gáirí fútha. A ghlac na daoine páirt leis insa mhallathacht sion.
Ní raibh beann aca ar Dhia ná ar a theachta<i>rí, ach ag déanamh go
laeth<i>úil na gníomhartha budh mheasa gan eagla ná náire. A chorraig
na droch-ghníomhartha so fearg Dé ar fad ina gcuinnibh agus a cheap
sé gan trócaire a thiospánadh a thuille dhóibh. A thug sé Nabucho-
donosor ortha, a chur siege le cathair Jerusalem ar feag dhá bhliain, agus
ní féidir dho aoinne a 'nisin na ainnisí do fhuilig an dram mallaithe
díchreidmheach úd uadh ghorta, uadh chogadh agus uadh phláig, ar
feag na aimsire sin. Fé dheire a tógag an chathair agus a raibh do
dhaoine inte. A mhairbh Nabuchodonosor an dá mhac budh shine a
bhí ag Sedecias as comhair a shúla agus a bhain na súile ansion as agus
a chuir ceangailthe le slabhraí troma ina phríosúnach é go cathair
Babylon. A leag sé anuas go aon tig insa chathair, a dhóig sé an
teampall álainn úd a rin Rí Solomon cheithre chéad agus ceithre bliana
fichid roimhe sin. A réab sé na fallaí a bhí tíompall an chathair
agus a rug sé leis go críoch Babylon na daoine a bhí inte, ach fíor-
bheagán dos na daoine budh bhoichte agus budh shuaraí. As mar sin
a díobairíog an náisiún mallaithe sin as an dútha a thug Dia dá sinsear,
ocht chéad trí bliana agus cheithre fichid roimhe sin.



A rugag iad go léir, idir rí, prionsaí, sagairt, ceardaithe, locht oibre,
mná agus leanaí, ina bpríosúnaig go cathair Babylon, mar ar thit a lán
nithe míorúileach amach dhóibh, fé mar a neosad ina dhiagh so díbh.



9. Tiospánaid na nithe seo <go> glan dúinn gur le ordú spisialtha Dé a
thagann agus a thiucfaig ainnise, donas, cogadh agus léirscrios ar
náisiún, agus gur mar gheall ar a bpeacaí, agus mar phíonós ortha, a
chuireann Dia na ainnisí sin chúghtha, agus 338 ná fuil slí as éifeacht-
úla ag aon náisiún chun ádh, sonas, rath agus séan saoltha a tharraint
ortha féin ná fírinne, macántacht agus deigh-bhéasa a leanúin. Oir,
fé mar a thugann agus a thabharfaig Dia díol cruinn dhos gach duine
príobháideach insan olc nó maith a dhéanann sé, amhla sion deighleál-
ann sé le náisiúin an domhain go léir. Luath nó mall agrann sé a
ndroch-bhearta ortha, agus as dá chur sion i gcéill adúirt an Spirid
Naomh gur uafásach an deire a bheig le náisiún mallaithe.


L. 269



L.TOBIAS



1. Sula dtráchtfad ar na nithe a thit amach don phobal Abhra i
gcríoch Bhabylon, ina rabhadar i mbraighdeanas ar feag deich
mbliana agus trí fichid mar gheall ar a bpeacaí, nó gur thoil le Dia iad
do fhuasc<ail>t agus a chasadh ar a ndútha féin arís, ní aistear dhom
trácht ar chuid dos na nao<i>mh budh nótáltha sula dtánaig Mac Dé i
gcolainn daonna. Oir tiospánann a mbeatha agus na nithe a thit
amach dhóibh cad é chón iontach agus atá comhachta grá agus trócaire
Dé, agus nár thréig sé agus ná tréigfig choíche ná go deo, insan aimsir
atá imithe, atá láithreach agus atá le teacht, aoinne a chur a mhuinín
go fírinneach ann agus a bhrathann le coinsias glan ar a chabhair.



Tob.1: 1-15. 2. A bhí ar measc na deich treibh go leith úd a
rug Salmanasar, rí na Assyria, uadhna ndútha féin
agus a shocraig iad insan Asia uachtarach mar a bhfuil a sliucht fós -
agus beid ann go tamall roimh lá an bhreithiúnas, an tráth a gheobh-
aid le creideamh Chríoist tré theagasc Elias, agus casfar ar a ndútha
fhéin arís iad - a bhí, adeirim, ar a measc sion fear nar budh ainm
Tobias dho. Agus uadhna óige a bhí sé, arsa an Scriptiúir, dílis do Dhia
agus a sheachain sé go aon droch-bheart. Agus an uair a théach na
daoine eile go léir, a bhain lena threibh, chun na déithe bréagach nó
íomhágha na ndeamhan do adhradh - na déithe úd a cheap Jeroboam
mallaithe, budh bhun leis an deich treibh úd a scaradh le creideamh
Dé - a théach Tobias ina aonar suas go teampall Dé i gcathair Jerusalem
fó thrí go aon bhliain, agus a dhéanach íobairt do ofráil do Dhia do réir
339 mar do ordaig dlí Dé. Agus go aon bhliain a thugach sé deachú
a choda dhos na boicht. A phós sé óigbhean dá threibh fhéin, Anna
budh ainm di, agus a bhí mac aige ar nar thug sé <a> ainm féin, Tobias.
Agus a mhúin dho uadhna óige a bheith eaglach roimh Dhia, dílis do
agus go aon pheaca a sheachaint. A rugag an fear so, a bhean agus a
leanbh, ina bpriosúnaig go cathair Niniveh. Áfaig, uadh a bhí sé ar
feag a shaoil dílis do Dhia níor dhearmad Dia é, ach do fhóir sé air ina
ghátar. A ghlac Rí Salmanasar ana-thaithneamh <do ?>, a scaoil saor
é fhéin agus a mhuintir, a thug cead dho cónaí in aon áit budh mhaith
leis, agus a bhronn mórán airgid air.



Tob.1:15 et seq. 3. A ghaibh Tobias tré an ndútha go léir, ag
tabhairt comhairle a leasa dhá chine fhéin, ag cur
misneach ortha a n-anacraí do iompar go foighneach, casadh ar Dhia
le aithrí agus an creideamh cóir a chiomád go buan. A thánaig sé go
cathair Robes, mar a raibh a lán dá chine, agus a fuair ann Gabel, fear
gaolmhar dho fhéin, agus a thug míle púnt ar iasacht dho. Do fhóir
sé go mór ar na boicht, ag tabhairt bíg, airgid agus sólás dhóibh. Do


L. 270


lean sé an tslí sion go bás Rí Salmanasar. A ghlac a mhac Senacherib
an ríocht ina ionad agus a chas sé le fuath agus fearg mairtheach ina
chroí don chine Abhra, i dtaobh gur mhairbh a<i>ngeal Dé a mhór-arm
ag cathair Jerusalem, céad agus chúig míle agus ceithre fichid díobh
in aon oíche amháin. An uair a chas an rí sin go cathair Nineveh a
chrom sé ar an chine Abhra a mharú gan trua gan trócaire, agus a
choisc sé fé phéin bháis ar aoinne a gcuirp do adhlacan. Ach ní raibh
beann ar an gcosc sion ag Tobias: gan scáth gan eagla a dhéanach sé
na cuirp do adhlacan. A 'niseag sion don rí. A chur sé a shaigh-
diúirí chun Tobias a mharú. A theith sé sion lena bhean agus lena
mhac agus a chuaig i bhfolach. Áfaig 340 a tógag a chuid go léir.
I gcionn seachtaine ina dhiaigh sion mharaíodar a bheirt mhac an rí
mallaithe úd, agus a fuair Tobias a chuid go léir thar n-ais.



Tob.2: 1-11. 4. Tamall ina dhiaigh sion a thánaig lá saoire tíompall.
A dearnag féasta mór i dtig Tobias agus adúirt sé lena
mhac dol agus tuille daoine coinsiasach a thabhairt leis chun an
dinnéar a chaitheamh. Agus ar shuí chun cláir dhóibh a 'niseag dho gur
maraíog fear Abhrac agus go raibh a chorp sínte insa tsráid, agus ná
ligfeach eagla dho aoinne é a adhlacan. A phreab sé suas gan a dhínnéar
a bhlaiseadh, a thug leis an corp agus a rin é a adhlacan. A rin sé an
gnóth sion go minic, agus a chromadar a ghaoltha agus a chomharsain
ar éirí chuige, ag rá, "A bhís go minic thana féin i gcontabhairt do
chreachta agus do mhairthe mar gheall ar an gnóth céanna so, agus ní
scuirfeá de. Beir thíos insa deireadh leis." Áfaig níor ghéill sé dhóibh.



Maidean ina raibh sé ana-thuirseach, adéis a bheith ar feag na oíche
go léir ag adhlacan na mairbh, a shuig sé cois falla an tí agus a thit a
chodladh air. A bhí nead fá<i>nleoige as a chionn in airde, agus a thit
cuid dá n-aoileach ar a shúilibh agus a chaill sé a radharc. Ina dhiaigh
sion a boichtineag chón mór sion é gur chaith a bhean dol go aon lá
ag fíodóireacht agus ag sníomh chun iad a chothú.



Tob.2: 12-23. 5. Ach, dall agus dealbh, níor thréig Tobias a mhuinín
i nDia, agus ní dúirt aon fhocal míbhuíoch ina chuin-
nibh, ach, ar nós Job naofa, a ghlac sé go foighneach na ainnisí troma
a thánaig air, agus a ghaibh buíochas le Dia i dtaobh iad a chur chuige.
Do éiríodar a chairdí chuige agus adúradar, "Cad é an maith dhoit do
dhóchas a chur i nDia, agus cad é an pá a fuarais uaig i dtaobh do chuid
déirce agus i dtaobh na mairbh do adhlacan?" "Ná labhraig mar sin,"
arsa Tobias. "Clainn na naomh as ea sinne, agus atá súil agus muinín
againn go bhfagham uadh Dhia mar phá an bheatha shíoraí a thabhar-
faig sé gan dearmad dhos go aoinne a chreideann go éifeach<t>úil ann."



Tráth<n>óna áirithe a thug a bhean lé mionnán a fuair sí mar phá
an lae sin. Do airig Tobias é ag méilig agus adúirt, "Cuirig an mionnán
sion abhaile, ar eagla gurb é a ghuid a dearnag, oir 341 níl sé ceadaithe
dhúinn aon ní bradach do ithe, ná fós baint leis." A ghlac a bhean
pais<i>ún chuige agus adúirt go feargach, "As fíor gur díomhaoin do
dhóchas i nDia, agus as breá an sochar do fhás chúghad as do chuid
déirce, tu caoch, críonna, bocht." A spídig sí é le mórán focail don
tsórd sion.


L. 271



Tob.3. 6. A chrom se sion ar osnaíl go cruaig agus ar dheora do
shileadh, agus adúir<t> ina chroí le Dia, "As ceart agus as
fírinneach, a Thiarna, agus as cóir ceart do bhreithiúnais. Níor imig
aon ní orainn ach fé mar a thuilleamar go cruaig. Atá fán, scaipeadh
agus daorsmacht orainn, sinn fé tharcuisne agus dímheas, i bhfad
uadhnár ndútha féin; agus sion go léir do bhrí nár chiomádamar do
athanta naofa-sa. Agus ansin, a Thiarna, ná cuimhnig ar mo pheacaí
ná ar pheacaí mo shinsear, ach éist liom id' thrócaire agus ceadaig dhom'
anam a imeacht as mo cholainn id' shíocháin-se. Oir as socharúla dhom
bás do fháil ná maireachtain a thuille.



7. A tharlaig go raibh insan am sion i gcathair Rages insa Media,
tíompall lá agus fiche siúil uadh chathair Nineveh, óigbhean do<n> chine
Abhra: Sara a budh ainm di. A pósag í le mórsheisear fear agus a
mhairbh deamhan go aoinne díobh sular chuadar chun leapa lé. A rin
a ca<i>lín rod éigin as an slí agus a labhair Sara lé ina thaobh. Agus
adúirt sise, "Nár fhaictear go brách mac ná iníon uait, a mhurderéir a
mhairbh do mhórsheisear fear. As dóch' gur fonn lead mise do oíd<i>ú
mar a oídís iad súd." Ar chlos na cainte sin a imig Sara suas ina
seombra, a chaith í féin ar a glúine agus do fhan ar feag trí lá gan bhia
gan deoch gan chodladh ná suan, ag guíochain chun Dé an aithis sin a
thógan di. I ndeire a urnaithe a bhraith sí sólás mór ina croí, agus
adúirt sí, "As beannaithe thusa, a Thiarna. Gortaíonn tu duine agus
leigheasann tú arís é. Agus an tráth féin a bhíonn tú feargach chun
duine ceapann tú trócaire a thiospáin dho, agus in am na buartha
maitheann tú a bpeacaí 342 don dram a iarann maithiúnas ort. As
ortsa, a Thiarna, a iompaím mo aghaidh, agus impím ort me a shaor-
adh nó me 'bhreith as an saol so. As finné thusa, a Thiarna, nár
ghlacas riamh dúil in aon fhear agus nár shailíos riamh mo chroí le
aon smaoineamh drúisiúil agus nár phósas riamh aon fhear díobh súd
ach tré ghéilleadh dod' dhlí-se, ag tiospánadh uirrim dhom' athair
agus dhom' mháthair. B'fhéidir nárbh fhiú mise a bheith pósta le na
fearaibh sin, nó nárbh fhiú iad sion a bheith pósta liomsa. Nó b'fhéidir
gur fá chomhair fear eile a chiomádais me. Ní féidir go deimhin dho
aoinne do aigne-se a dhéanamh amach. Áfaig atá an méid seo deimh-
neach cinnte: aoinne a chreideann ionadsa agus a ghéilleann doit,
bíoch sé siúráltha, má tástálthar é, go bhfaighig sé cróin na beatha,
agus má thagann anacra air go bhfuasclófar é, agus má smachtaithear
é go bhfaighigh sé trócaire uaitse. Ní ghlacann tu áthas inár n-ainnise,
oir adéis na fearthan<a> tugann tu soineann, agus adéis guil agus brón
tugann tú gáire agus áthas. Go moltar do ainm beannaithe, a Thiarna
thrócairig, tré shaol na saol."



A chríochnaig sí a urnaithe insa nómant céanna inar chur Tobias a
achainí chun Dé, é a bhreith as an saol so. Agus a cuireag a n-achainí
araon i láthair Dé in aon am amháin. Agus a chuir se sion an t-aingeal
Raphael chun na beirte úd a leigheas nar éisteag ins na Flaithis a
n-urnaithe in aon tráth amháin.


L. 272


Tob.4. 8. A mheas Tobias gur éist Dia lena achainí, agus go bhfaigh-
each sé bás in achomaireacht. A ghlaoig sé chuige a mhac
agus adúirt, "A mhic ó, cuir na focail seo adeirim lead in íochtar do
chroí, mar chloch foundation: An uair a ghlacfaig Dia mo anam-sa
chuige, déin mo chorp do adhlacain go oiriúnach, agus an dá lá agus do
mhairfir, tiospáin onóir agus uirrim doit' mhátha<i>r. Budh cheart
doit cuimhneamh ar an dua agus ar an dtuirse do fhuilig sí ar feag na
naoi mí a bhís-se ar iompar aici ina br<u>inn, agus an fhaid a bhí sí
ad' bheathú 343 ar a brollach. An uair a chrí<o>chnóigh sí a saol,
déin í a adhlacan taobh liomsa. Go aon lá dod' shaol, cuimhnig ar Dhia,
agus seachain ná tabharfair toi<l> do aon pheaca go brách agus ná
brisfir aon cheann do athanta Dé. Do réir do acfuine tabhair déirc
uait: má bhíonn mórán agad, tabhair mórán uait; muna mbeig ach
beagán agad, roinn cuid don bheagán sion leis na boicht. Ná iompaig
do aghaidh go brách uadh aon duine dealbh, agus ní iompóig Dia a
aghaidh uaitse, oir saorann déirc duine uadh an uile pheaca agus uadh
bhás shíoraí, agus ní leigeann don anam déirciúil dol isteach go ríocht
an dorch<ad>ais, ach tugann sí misneach mór do dhuine i láthair an
Tiarna uile-chomhachtaig. Ciomád thu féin uadh na uile mhíbhanúlacht
agus ná cuir go brách dúil in aon bhean ach id' bhean phósta fhéin.
Thar gach uile ní, ná lig uabhar isteach id' chroí, agus ná bíoch blas ná
rian de id' fhocail ná id' ghníomhartha, oir as uaithe sin a thánaig go
aon donas. Chón luath agus a déanfar aon obair dhoit díol a phá le
locht a dhéanta. Ná déin le aoinne go brách an ní nár budh mhaith lead
a dhéanamh ort fhéin. Loirg comhairle ar dhuine naofa agus lean í.
Gaibh buíochas i gcónaí le Dia agus seolfaig sé thu ar do leas. Agus
anis, a mhic ó, 'nisim doit gur thugas míle púnt ar iasacht do Gabel,
fear a chónaíos i gcathair Rages, i gcríoch Media. Imig lead agus
sláthraig duine a rachaig lead, agus tabhair an t-airgead chúgham sula
bhfaighig mé bás."



Tob.5. 9. "A Athair," arsa Tobias óg, "déanfaig mé go cruinn go aon
ní a ordaís dhom, ach i dtaobh an airgid sin níl aon aithne
agam ar an bhfear sin, ná aige-sion oramsa. Cad é an comhartha a
thabharfad dho gur me an duine cóir? Agus fós, ní <fh>eadar cad é
an tslí a leanfainn chun dol ag triall air?" "Atá," arsa Tobias, a
bhanna agamsa: beir lead í, agus chón luath agus a chíofaig sé í tabhar-
faig an t-airgead doit. Gaibh amach anis fé an sráid, agus a gheobhair
fear éigin macánta a rachaig lead ar a phá." A imig sé amach agus a
bhuail uime óigfhear álainn trusáltha, ollamh chun cur chun bóthair.
A bheannaig Tobias óg dho, agus adúirt, "Cad as 344 doitse a ógánaig
álainn?" "Fear don chine Abhra as ea mise," ar sé. "A' bhfuil," arsa
Tobias, "eolas agad ar an tslí chun críoch na Media?" "Atá, go dian-
mhaith," ar sé, "oir as minic a ghaibh mé an tslí sin, agus atá togha na
aithne agam ar chathair Rages agus ar Gabel, fear dár gcine fhéin a
chónaíonn inte." "Iarraim ort," arsa Tobias, "fuireach anso ar feag
nómata chun go rachad agus go 'neosad an gnóth so dhom' athair."
A rith sé go mear agus a 'nis dhá athair cad a tharlaig dho. "Tabha<i>r
chúgham isteach é," ar se sion, "chun go labharfad fhéin leis." Ar theacht


L. 273


isteach dho a bheannaig sé do Tobias, ag rá, "Sólás go síor dhoit."
"Cad é an sólás as féidir a bheith agamsa, atá im' shuí insa dorch<ad>as
agus ná faicim léas don tsolas?" arsa Tobias. "Bíoch misneach maith
agad," arsa an fear eile: leigheasfaig Dia sula fada thu." "'Nis dom,"
arsa Tobias, "cé ar díobh thu, agus a' bhfuil eolas an tslí agad chun
cathair Rages chun go seolfá mo mhac ann, agus ar fhilleadh dhíbh a
bhéarfad-sa do phá go blasta dhoit." "Azarias mo ainm," arsa an fear
eile, "agus as mac me do Ananias mór. Atá lán-aithne agam agus léir-
eolas ar an tslí chun cathair Rages, agus béarfad ann do mhac agus
tabharfad saor sábháltha thar n-ais chúghad é." "As do chine ard-
uasal onórach thu," arsa Tobias, "agus go gcuirig Dia a aingeal bean-
naithe do bhúr gcuídeacht agus do bhúr gcosaint."



10. Do fhág Tobias óg slán ag a athair agus ag a mháthair agus a chur
sé féin agus a chompánach chun bóthair, agus a lean a maidrín é.
Ní fada a bhíodar imithe nó gur chrom a mháthair ar ghol agus ar
chaoi, ag rá lena fear, "A thógais agus a chaithis uainn taca ár gcríon-
nacht. Nár ligig Dia dhúinn an t-airgead úd: as trua go raibh sé riamh
againn: a chailleamar mar gheall air ár mac, ná faicfeam go deo airís.
Cé go bhfuilimíd dealbh, a bhíomar sa<i>bhir ár ndócha<i>n an fhaid
agus a bhí ár leanbh maith againn. Uch, ochón, ní fhaicfeam go brách
é!" "Ná bí ag gol," arsa Tobias, "rachaig ár mac saor slán ansúd agus
fillfig sé saor slán chúghainn arís, agus do chíofaig do shúile é. Atáim
lán-deimhneach go bhfuil aingeal beannaithe 345 Dé dá chuídeacht
agus go n-éireoig a thuras leis agus go bhfillfig sé chúgham airís." Do
stad sí ansion dá cuid guil.



Tob.6. 11. Dála Tobias óg agus a chamráda, a shroiseadar um
thráthnóna an abhainn leathan Tigris. A shocraíodar a gcábán ar a
bruach. A chuaig Tobias chun a chosa a ní, agus a rith beithíoch mór
éisc chun é a shlogadh. A liúig sé ar a chompánach teacht i gcabhair
<air ?> "Beir ar a sciathán," ar se sion, "agus tarraig amach ar an
dtalamh tirim é." A rin. "Bain a ionathar as," ar sé, "tóg chúghad
an croí, an domlas agus an ae agus cuir i gciomád iad, oir atá leigheas
mór ionta." A róst<a>dar cuid don iasc chun a suipéir, agus a chuireadar
salann ar an gcuid eile mar lón i gcomhair an bhóthair. A ghluaiseadar
ortha nó gur dhruideadar le cathair áirithe. A fhiafhraig Tobias don
fhear eile, "A Azarias, a dhearbhrátha<i>r, 'nis dom cad é a' leigheas
atá insa chuid so don iasc adúraic liom a chiomád?" "Atá," ar se sion,
"má dhóitear cuid don chroí ar smearóid díobróig a ghal pé leannán
deamhain a bhíonn ag gabháil do fhear nó do bhean. Agus má chimil-
thear cuid don domlas do shúilibh atá gan radharc, leigheasfar iad."



12. "Cá stadfam anocht?" arsa Tobias. "Atá," arsa an fear eile,
duine do ár dtreibh fhéin insa bhaile seo: Raguel as ainm dho. Níl do
chlainn aige ach aon iníon amháin. As ina thig sion a stadfam. Loirg-se
i bpósadh ar a athair í agus a gheobhair í." "Ó," arsa Tobias, "a chual-
aig mé trácht airthe sion, go raibh sí pósta ag mórsheisear fear thana
féin agus gur mhairbh deamhan atá ina leannán sí aici go aon cheann


L. 274


díobh an oíche a pósag iad, agus atá eagla oramsa go n-imeoch an oíde
chéanna oramsa agus go dtabharfainn bás ar mo athair agus ar mo
mháthair bocht." "Éist liomsa," arsa Azarias, "agus 'neosad doit cé
iad arna mbuann an deamhan agus a bhíonn fé smacht aige: ortha-so
le linn a bpósadh a chuireann Dia as a gcroíocha, agus ná bíonn cuimhne
aca ach ar an drúis a shásamh, ar nós an tairbh, an chuilig nó an stail.
As as a gcionn 346 sion a bhíonn comhachta ag an deamhan. Áfaig
glac-sa chúghad do bhean agus ná bain <lé ?> ar feag trí n-oíche, agus
caithig iad sion ag rá urnaithe i bhfochair a chéile. An chéad oíche,
ar dhol isteach insa seomra, caith blúire do chroí an éisc ar na smearóidí
agus teithfig an deamhan uadh do mhnaoi agus ní chasfaig sé go
brách airthe. Caithig an tarna oíche ag guí chun Dé gur thoil leis sibh
a ghlacadh isteach i gcuideachta na bpatria<r>chs naofa a thánaig
romhaibh. Agus as sion amach, glac chúghad do bhean in eagla Dé le
intinn sleachta a bheith agaibh.



Tob.7. 13. A ghabh<ad>ar isteach go tig Raguel, a ghlac le mór-
fháilthe iad, agus adéis féachain ar Tobias adúirt lena bhean,
"As ana-chosúil an t-ógánach seo lenár <n>duine muintear<th>a Tobias."
Ansion a fhiafhraig sé díobh, "Cad as sibh, a ógánaig, agus cé ar dí<o>bh
sibh?" "As do threibh Nephtali sinn," ar siad, "agus cónaímíd i
gcathair Nineveh. Más ea," ar sé, "a' bhfuil aithne agaibh ar Tobias
a bhí ann, agus a' bhfuil sé fós ina bheathaig?" "Atá," ar siad, "agus
atá sé ina shláinte mhaith. Ach a chaill sé a radharc." Ansion a chrom sé
ar labhairt go ana-mhaith ar Tobias. "As é athair an ógánaig seo," arsa
Azarias. A rith Raguel agus a bhean chun Tobias agus a dhiúgadar
agus a phógadar é. A shileadar deora le n<e>ar<t> áthais i dtaobh é a
fhaicsin, agus adúradar, "Beannacht Dé ort, a mhic ó, oir as mac thu
do fhear sár-mhaith." Do ollmhaig gan mhoill féasta sár-mhaith
dhóibh, agus ar shuíochain chun cláir adúirt Tobias, "Ní íosfaig mé bia
agus ní ólfaig mé deoch muna dtabharfaig sibh mo achainí dhom.
Agus as í an achainí a iarraim oraibh bhúr n-iníon a thabhairt mar
chéile dhom." Ar chlos na cainte sion dhóibh do bhán a n-aghaidh, a
thánaig fuar-allas agus critheán ortha, oir a mheasadar go n-imeoch an
oíde chéanna ar Thobias a imig ar an mhórsheisear ógánaig eile a bhí
roimhe sin pósta ag a n-iníon. "Ná bíoch," arsa Azarias, "aon eagla
oraibh í a thabhairt dho so, oir as fána chomhair a chiomád Dia í. Dá
bhrí sin níor mhaith leis go mbeach 347 sí ag aon fhear eile." Adúirt
Raguel, "Níl aon doubhta agam ná gur éist Dia, fé dheire, liom'
urnaithe agus lem' dheora i dtaobh an chailín seo, agus gurb é a chur
sibhse chúgham chun go dtógfaí dínn an brón mór so. Ar an abhar sion
tugaim dho í le lán-toil mo chroí." A chuir sé ansion láimh Tobias i
láimh a iníne agus adúirt, "Go gceanglaig Dia mo shinsir sibh dá
chéile: bíoch a bheannacht agus a rath oraibh, agus go bhfaictear sliucht
uaibh. A chaitheadar ansion an féasta le mór-chompord. A ollmhaíog
seomra don lánúin nua-phósta agus ar dhol isteach inte do Sara a chrom
sí ar ghol. Adúirt a máthair lé, "Bíoch misneach maith agad, a iníon ó.
Tabharfaig Dia sólás dhoit i ndíol gach brón nar ghabhais tríd."


L. 275


Tob.8. 14. A chuimhnig Tobias ar chomhairle a chamrádaí, agus a
chuir cuid do chroí an éisc ar an dtine. Ar an nómant sion
a rug an <t->ardaingeal Raphael greim ar an ndeamhan - Asmodeus
budh ainm dho - a fhuadaig leis é, agus do fhág ceangailthe é insa
bhfásach mór atá insan Égypt uachtarach. Adúirt Tobias leis an
maighdean, "A Sara, a dhearbhshúir, éirig suas agus caithimís na
trí oíche seo agus na trí lá so in urnaithe i gcuideachta Dé. Oir sliucht
na naomh as ea sinne, agus ní ceart dhúinn a bheith ceangailthe lena
chéile ar nós na bpágánach ná fuil aon aithne aca ar Dhia." A chrom-
adar ar a n-urnaithe a rá le dúthracht. Ar ghlaoch na gcoileach a
chuaig Raguel agus a fheara agus a rinneadar uaig, oir a bhí eagla air
g<o> n-im<e>och ar Tobias mar a imig ar na fearaibh eile. Ar bhfilleadh
dho adúirt lena bhean cailín a chur isteach don tseomra, a fhéachain
cionas a bhí an scéal ag an lánú óg. A thánaig sí go mear amach ag
gáire, ag rá go rabhadar ag codladh go sámh le ais a chéile, sínte, ina
gcuid éadaig, art an leabaigh. A ghaibh Raguel agus a bhean buíochas
mór le Dia i dtaobh fóirthean ortha, agus a rinneadar féasta mór pósta
go aon lá ar feag coicís.



Tob.10. 15. Adúirt Tobias, "Azarias, a 348 dhearbhráthair, dá
dtabharfainn me fhéin suas mar sheirbhíseach dhoit ar feag mo shaoil
ní fhiadfainn buíochas cothromúil a ghabháil lead. Iarraim ort an
banna so a bhreith lead go Gabel agus an t-airgead agus é féin a thabhairt
lead." A rin Azarias, as é sin an t-aingeal Raphael, sion, agus an uair a
chonairc Gabel Tobias a phóg agus a dhiúg é agus adúirt, "Beannacht
agus rath uadh an dTiarna uile-chomhachtach anuas ort, oir as mac
fhir dhéirc<i>úil thrócairig sár-mhaith thu, agus go bhfaicir-se agus
do chéile clann bhúr gclainne go dtí an tríú agus an ceathrú glún, oir as
treabhchas beannaithe uadh Dhia sibh."



16. An uair a chonairc athair agus máthair Tobias nár fhill sé
chúghtha insan am ceapaithe, a ghlacadar ana-bhuaireamh agus a
chromadar ar ghol, ar rá, "As dócha gur cailleag ár leanbh, nó b'fhéidir
go bhfuair Gabel bás agus ná fuil fáil ar an airgead." A théach a
mháthair go aon lá agus a shuíoch go oíche ar bharra chnuic a bhí i
dtaobh 'muith don chathair, agus a bhíoch ag féachain go géar ar an
mbóthar a bhí ag dol go cathair Rages.



Adúirt Tobias óg le athair a chéile, "Scaoil abhaile me: as mithid
dhom imeacht, oir as breis bhróin dhom' athair agus dhom' mháthair
go aon lá a fhanaim níos sia ná an am a cheapadar dhom' fhilleadh
chúghtha." A thug Raguel ansion leath a choda, mórán seirbhísig, ba,
caoire, capaill dho, agus ana-chuid airgid, ag rá, "Aingeal beannaithe
Dé bhúr gcuídeacht, agus go bhficid ár súile bhúr sliucht sula
bhfaigheam bás." A phógadar ansion a n-iníon agus a ordaíodar di a
bheith lán-uirrimeach do mhuintir a céile, ceannúil ar a fear, a thig a
riaradh go cóir agus í féin do iompar gan cháim go cneasta leis go aoinne.



Tob.11. 17. A bhrostaíodar ortha, agus adéis aon lá déag siúil a
bhíodar leath-shlí abhaile. Adúirt a chompánach le Tobias, "Brostaí-


L. 276


mís-ne orainn agus leanach do bhean, na seirbhísig agus an airnéis
sinn ar a socracht. Atá fhios agad go bhfuil do athair agus do mháthair
ag fitheamh go brónach lead' fhilleadh chúghtha, agus chón luath
agus a rachair isteach id' thig, caith thu féin ar do ghlúine ag breith
buíochas le Dia i dtaobh thu a thabhairt slán abahile agus gur éirig do
thrus lead. Ansion póg do athair agus cimil cuid do dhomlas a<n> éisc
féna 349 shúilibh, agus a gheobhaig sé a radharc."



A bhrostaíodar ortha agus ar a ndruidim leis an gcathair a rith
maidrín Tobias rompa, agus a chonairc máthair Tobias uadh bharra
an chnuic an maidrín ag déanamh airthe agus a' crothadh a earbaill.
Do aithin sí ná raibh a mac i bhfad uaithe, a rith sí go mear agus adúirt
lena fear, "Atá ár mac ag teacht chúghainn." Lena linn sin a thánaig
an maidrín isteach agus gan mhoill a mháistir ina dhiaigh. A ghaibh
Tobias agus a mhac buíochas mór le Dia. A chimil sé domlas an éisc
fé shúilibh a athar, agus i gcionn leath uaire a thánaig mar adéarfá
substaint bhán, i bhfuirm an líonáil a bhíonn ar phlaosc uibh, amach
asta. A tharraig Tobias amach é, agus gan stad a bhí a radharc chón
maith aige agus a bhí riamh roimhe sin. A thug sé féin agus a mhuintir
agus a chomharsa<i>n go léir moladh glóire agus buíochas le Dia, agus
adúirt Tobias, "A bheirim buíochas, moladh, glóire dhoitse, a Thiarna
Dia, do bhrí gur bhualais me agus gur leigheasais me agus go bhfuaras
radharc ar mo mhac."



I gcionn seacht lá ina dhia<i>g a thánaig Sara, a cuideachta, a n-airnéis
agus a n-uillemhaitheas slán sábháltha chúghtha.



Tob.12. 18. A 'nis Tobias óg dhá athair agus dá mhuintir go raibh
a bhuíochas sion go léir aige ar an gcamráda maith a sheol
Dia ina shlí. A rinneadar féasta ar f<e>ag lán-<t>seachtaine. Ansion a
ghlaoig Tobias agus a mhac ar Azarias a leath-thaoibh agus adúradar,
"Ní féidir dhúinn ar feag ár saoil leath-dhóchain buíochas a ghabháil
lead i dtaobh ar rinnis dhúinn. Iarraimíd ort, ar an abhar sion, leath
dá bhfuil againn a ghlacadh chúghad." Adúirt se sion, "Sí<o>cháin Dé
libh, agus ciomádaig a bhfuil agaibh. Áfaig tugaig moladh agus glóire
do Dhia i láthair na uile dhaoine, i dtaobh a thrócaire libh. As maith
rún a chiomád ar ghnótha rithe; áfaig as ceart oibreacha Dé a chraobh-
scaoileadh agus a fhoilsiú don domhan. As maith urnaithe agus
troscadh, agus as fearr déirc ná mór-stór óir a chur suas, oir saorann
déirc duine uadh bhás agus glanann é uadhna pheacaí agus sláthraíonn
sé dho trócaire uadh Dhia agus ceannaíonn dho an bheatha shíorraí.
Áfaig na daoine a dhéanann peacaí agus droch-bhearta, as namhaid
iad dá n-anam fhéin. 'Nisim an fhírinne 350 dhíbh agus ní cheilfead
oraibh an gnóth a bhí i bhfolach uaibh. A Thobias, an ua<i>r adeirth<e>á
do urnaithe, ag sileadh deora, agus do fhágthá do dhinnéar chun na
mairbh do adhlacan, agus a chuirtheá i bhfolach iad ar feag an lae agus
a dhéanthá iad a adhlacan istoíche, a chuirinn-se do urnaithe do dheora
agus do dheigh-oibreacha<a> i láthair Dé, agus do bhrí gur thaithnís le
Dia budh éigean ar an abhar sion tu a thástáil le na anacraí a thánaig
ort. A chur Dia mise do aon ghnóth chun tusa a leigheas agus Sara,
bean do mhic, a shaoradh uadh an deamhan a bhí dá leanúint. As mise


L. 277


Raphael ceann dhos na seacht n-ardaingil a sheasaíonn i gcónaí as
cuinne cathaoir Dé." Ar chlos na bhfocal sin dhóibh a thiteadar ar a
mbéal agus ar a n-aghaidh agus a ghaibh eagla mór iad. Adúirt an
t-aingeal leo, "Ná bíoch aon eagla oraibh: molaig Dia agus gabhaig
buíochas leis. As mithid dhomhsa filleadh chun an té a chur me
chúghaibh. Sí<o>cháin Dé libh."



Ag rá na bhfocal sion dho do tharraig sé é fhéin as a radharc agus ní
fhacadar a thuille é. Do fhanadar sínte ar a <m>béal agus ar a n-aghaidh
ar feag trí uaire an chluig, ag moladh Dé go ard agus go iontach agus ag
breith buíochas leis i dtaobh an trócaire mór a thiospá<i>n sé dhóibh.



Tob.14. 19. A mhair an fear beannaithe ar feag dhá bhlian agus dá
fhichid adéis a fuair sé a radharc, agus a fuair bás in aos a
dhá bhlian agus céad, agus do adhlacag é i gcathair Nineveh. An uair
a bhraith sé an bás ag druidim leis, a ghlaoig chuige a mhac Tobias,
agus ar an mhórsheisear mac a bhí aige-sin, agus adúirt leo: "Atá deire
dona ag teacht ar an gcathair seo, mar gheall ar a mallathacht. Tógfar
agus dófar sula fada í. Dá réir sin, pé lá ina <g>cuirfig sibh mo bhean
taobh liomsa, fágaig an áit seo. Bíg dílis do Dhia agus ciomádaig i
gcónaí a athanta. Bíg déirc<i>úil do réir bhúr n-acfuine agus ní
dhearmadfai<g> Dia sibh agus beig a bheannacht oraibh."



"Déis bás a mháthar a imig Tobias óg, a chlann agus clann a chluinne,
<ag triall ?> ar mhui<n>tir a chéile, agus a fuair iad i sláinte mhaith. A
fuair sé bás fé áthas mór in aos a naoi mbliana déag agus ceithre fichid,
adéis clann a chluinne do fhaicsin go dtí an cúigiú glún. Agus a
chaith, arsa an Spirid Naomh, sliucht agus síorach an fhir sin <a
mbeatha ?> go naofa agus go ceart, insa chás go raibh grá Dé agus 351
daoine ortha.



Anis, a Chríostaithe ghrách, as obair gan riacht<an>as dhomhsa nó
dho aon duine eile a thiospánadh dhíbh cad é an teagasc as ceart a
bhaint as na nithe iontach so. A chíonn go aoinne agaibh go soiléir ná
tréigeann Dia go brách na daoine a chuireann muinín chóir ann; cad é
chón socharúil agus atáid ainnisí saoltha dhos na daoine a fhuiligeann
go foighneach leo; cad é an intinn lenar cheart dhíbh pósadh a dhéan-
amh; cad é an bhrí mhór iontach atá i ndéirc agus in urnaithe. Níl
agaibh ach iad a chleachtadh, agus má leanann sibh díobh ní baol ná
go mbeig sibh i bhfochair Tobias naofa, i bhfochair an ard-aingil
Raphael, na aingil agus na naoimh eile go brách ins na Flaithis.


L. 278



LI. JOB



Job.1. 1. A bhí i dtír Hus, dútha atá insa Arabia, fear nar budh
ainm Job dho. Níl fhios go cruinn againn cad é an chine
nar dhíobh é, ach atá an méid seo siúráltha, nár bhudh don phobal
Abhra é. Níl fós aon chúntas againn cad é an tráth 'nar mhair sé.
Adeirid a lán údair léannta gur le linn Abraham, as é sin naoi gcéad
déag agus bliain agus fiche sula rugag Críost, a bhí sé ar an dtalamh so.
Ach pé tráth inar mhair sé, atá an méid seo deimhnitheach, nár mhair
riamh fear budh aoirde cáil i dtaobh foighne ná é, agus a cheanga<i>l sé
ina phearsa féin dhá ní dá chéile as ró-dheacair a cheangailt dá chéile,
naofacht mhór agus saibhreas mór. "A bhí sé," arsa an Scriptiúir,
"ceart, neamhuirchóideach, eaglach roimh Dhia agus seachantach ar
an uile pheaca." A bhí mórsheisear mac agus triúr iníon aige. A budh é
a shubstaint saoltha, seacht míle caorach, trí mhíle camel, cúig chéad
chúpla bulláin agus chúig chéad asal baineann, agus muintir ana-mhór
thar barr. Oir a budh é an prionsa budh onóraí é ar measc phrionsaí
an domhain thoir. A théidís a chlann mhac agus a rinnidís féasta, go
aon cheann aca, lá ina dturn fhéin, agus a ghlaoidís ar a ndearbh-
shiúra chun ithe agus ól ina gcuideachta. Ní raibh Job sásta le n-é
fhéin a bheith naofa, ach a rin sé a uile dhícheall a chlann a bheith
naofa. Ar chríochnú na bhféasta dhóibh a chuireach Job fios ortha,
agus do ofrálach sé go aon mhaidean 352 íobairt chun Dé ar son go
aoinne aca, oir adeireach sé, "B'fhéidir gur pheacaíodar mo chlann agus
gur smaoineadar ina gcroích<a> ar nithe i gcuinnibh Dé."



A chorraig naofacht an fhir seo formad agus mailís an airseora ina
chuinnibh, agus a loirg caoi ar é 'mhilleadh, agus a fuair sé an chaoi sin.



2. Lá ina dtánaig clann Dé, nó na aingil bheannaithe, dá dtiospánadh
fhéin i láthair Dé, a thánaig an deamhan, nó Satan, ina measc agus
adúirt an Tiarna leis, "Cad as na dtánaig tusa?" "A thánag," ar sé,
"uadh a bheith ag siúl tíompall na talún, ag gabháil síos agus suas
airthe." "A' bhfacaís," arsa Dia, "mo sheirbhíseach Job, ná fuil ar
dhruim na talún duine cosúil leis, fear díreach, simplí, gan chuir
gan cham gan chlaon, atá eaglach roimh Dhia agus do sheachnaíos
an t-olc?" As an moladh sion a rin Dia féin ar Job, a aimsig an deamhan
caoi ar a mhailís agus ar a dhroch-aigne a thiospáint. "Admhaím," ar
sé, "go bhfuil sé amhla sion, lán-dílis doitse. Áfaig níl sé amhla sion
ach mar gheall ar an bpá maith a thugann tusa dho. Oir a rinnis-se
falla cosanta tíompall air fhéin, ar a thig agus ar a bhfuil aige. A
bheannaís oibreacha a lámha agus a mhéadaís a chuid thar barr. Áfaig bain
an pá sion de, tarraig do lámh uaig, agus gabhaim-se oram go dtabhar-
faig sé a mhallacht dhoit as comhair do shúile fhéin." "Féach," arsa


L. 279


Dia leis, "atá <a> chuid go léir fé do chomhachta-sa. Áfaig ná baineach
do láimh leis fhéin."



A imig Satan amach as láthair Dé.



3. Lá na rabhadar mic agus iníonacha Job ag caitheamh féasta
agus ag ól fíona i dtig a ndearbhráthair budh shine, a thánaig teachtaire
chun Job agus adúirt, "Ar bheith dos na bulláin ag treabhadh agus na
asail ag ingíor lena n-ais a thánaig scata foghlaithe, a fhuadaíodar leo
iad, a mharaíodar an dram a bhí ina mbun ach mise amháin a thánaig
le scéala chúghad." An fhaid agus a bhí sé ag labhairt, a thánaig fear
eile, ag rá, "A thit tine anuas uadh an spéir, a loisc sí na caoire go léir
agus na daoine a bhí ina mbun, ach mise amháin a thánaig dá 'nisint
dhoit." Ar bheith ag comhrá don bhfear sion a thánaig fear eile, ag rá,
"A rinneadar locht na Caldea trí trúip dhíobh fhín, 353 a scu<a>b-
adar leo na camels agus a mharaíodar le faobhar chlaímh na daoine
a bhí ina mbun ach mise amháin a thánaig le scéala chúghad." Lena linn
sin a thánaig an ceathrú teachtaire isteach agus adú<i>rt, "Ar bheith
doit' mhic agus do iníonacha ag caitheamh féasta i dtig do mhic as sine,
a shéid stuirm mhór uadh an bhfásach a leag an tig anuas ortha, agus
atáid go léir agus a rabh insa tig marbh fúithe. Ní<or> fágag beo ach
mise amháin a thánaig chun an scéil bhrónach so a 'nisin doit."



Ar chlos na scéaltha deorach sion do Job, a éirig dá chathaoir, a
chaith é fhéin ar a bhéal agus ar a aghaidh anuas ar an dtalamh, do
adhair Dia agus adúirt, "A thánaig me deargnochtaithe uadh bhruinn
mo mháthar ar an talamh so, agus as lomnochtaithe a rachaigh mé dom'
uaig. As é an Tiarna a thug dom gach a raibh agam, agus as é an Tiarna
rug ua<i>m arís é. Go mbudh beannaithe i gcónaí ainm an Tiarna."
Agus ní dúirt a bhéal aon fhocal searbh agus níor chuimhnig a chroí ar
aon ní míchéatach i gcuinnibh Dé, ach a ghaibh sé buíochas leis i
dtaobh gach ainnise a thánaig air. Agus as mar sin do mhí-phointeáil
sé agus a rin sé díomhaoin mailís an deamhan ina chuinnibh.



Áfaig níor chuir an chéad iarracht so a chuaig ina chuinnibh Satan
don fhuath a bhí <aige ?> i gcuinnibh an fhir bheannaithe seo. A cheap
sé tabhairt fé arís.



Job.2: 1-9. 4. Lá eile ina dtánadar clainn Dé dá dtiospánadh fhéin
i láthair an Tiarna, a thánaig Satan fós ina m<e>asc.
"Cad as na dtánaig tusa," arsa Dia. "Uadh a bheith ag imeacht fé
chuairt na talún, ag siúl síos agus suas airthe," arsa Satan. "A chon-
aircís," arsa Dia, "mo sheirbhíseach Job, ná fuil a chosúil le fáil ar
dhruim talún, duine macánta neamhchiontach a sheachnaíonn gach
olc agus a chorraís me ina chuinnibh, dá scrios gan abhar." "Croiceann
ar chroiceann," arsa an deamhan, "oir a bhéarfaig duine a bhfuil aige
ar son a shláinte do fhágain aige. Ach sín amach do lámh agus bain lena
chnámhaibh 354 agus a chíofair go mallachtóigh sé thú as comhair do
shúla." "Féach," arsa Dia, "tugaim-se suas do<d'> láimh-se é; áfaig fág
an t-anam ann."


L. 280


A imig an deamhan amach as láthair Dé agus a bhua<i>l colainn Job
le uiscóidí olc thar barr: uadh bhonn a chos go bathas a chinn, budh
aon othras a cholainn go léir. A chaith a bhean agus a sheirbhísig
amach as a thig é chun bás do fháil ar an gcarn aoilig, amhail gur noí
bréan lofa é ar nar thit mallacht Dé. Ach ina shuí ar an gcarn aoilig
agus ag scríobadh le píosa próca an bracha agus na piastaí a thagach
amach as na uiscóidí, níor chaill sé a neamhchiontacht agus ní dúirt
a bhéal aon fhocal munabrach i gcuinnibh Dé, agus níor thánaig aon
smaoineamh míbhuíoch do Dhia ina chroí. Ach a ghaibh sé buíochas
umhal le Dia i dtaobh é a thástáil chón cruaig sin.



Job.2:9-10. 5. Áfaig a bhí tástáil eile le gabháil tríd aige, budh
chrua agus budh dhianaí i bhfad ná a chreach agus
an droch-shlá<i>nte a thánaig air ag dreothadh ina bheathaig ar a charn
aoilig. A thánaig a bhean chuige, a chuir uilleann airthe féin, a sheas-
amh sí as a chomhair amach, a chroith sí a ceann agus adúirt le binib
spídiúil. "Á, a iomadán, ciomádann tú do shimplíocht fós. Tabhair
do mhallacht do Dhia agus maróig sé láithreach <thú ?> agus beig deire
lead' phianta." "A bhean," ar sé léithe, "labhrann tu ar nós na mná
amaideach óinsiúil atá gan chiall. A ghlacamair go buíoch beannacht-
ach nithe fónta uadh láimh Dé, agus canathaobh ná glacfaimís nithe
uirchóideach uadh an láimh chéanna?" Agus níor pheaca<i>g Job lena
bhéal ná lena chroí i gcuinnibh Dé.



As trua, arsa Naomh Augustine, ná raibh a leath oiread nirt ina aigne
ag Adam in aoibhneas Pharathais agus a bhí ag Job ag dreothadh ar a
charn aoilig. Dá mbeach, ní ghéillfeach sé do Éva chun a dhonas
féin agus chun ár ndonas-na.



Job.2:11-3. 6. Adéis an cath crua<i>g sin a chur de a thánaig
cath eile ana-chruaig air. A bhí triúr prionsaí gaol-
mhar mui<n>tear<th>a dho - Eliphas, Baldad agus Sophar a n-ainm -
agus an tráth a chualadar na ainnisí troma a thánaig air a rinneadar
cuinne lena chéile 355 teacht dá fhéachan agus sólás agus compord
a thabhairt dho. Agus an uair a chonarcadar an crot a bhí air a liúdar
agus a ghuileadar go géar, a chuireadar luaith ar a gcinn agus a shuíodar
as a chuinne ar an dtalamh ar feag seacht lá agus seacht n-oíche. Agus
ar <an ?> bhf<e>ag sin nío<r> labhair fear díobh focal leis, oir a chonarc-
adar go raibh a bhrón ró-mhór thar barr. Ansin adúirt Job, "As mairg
dom gur rugag riamh me; as trua go dtánaig mé beo uadh bhr<u>inn
mo mháthar. A bheinn anis suaineasach iom' chodladh insan uaig i
bhfochair na rithe agus na taoisig a líon a dtithe le ór. Nár thagaig
solas go brách ar an lá inar rugag me, agus go gclúdaíg dorch<ad>as
síoraí an oíche inar gineag me. Mallacht ar an mbéal úd adúirt liom'
athair, "A rugag gin mic doit." Canathaobh gur bheathaig mo mháthair
ar a brollach me, gur luascag i gcliabhán me? Canathaobh na bhfaicig
mo shúile riamh na ainnisí atá le fáil ar an dtalamh so? Ó, as trua ná
tagann an bás chun mo l<eith>éid-se do dhonán bhocht, a ghlacfadh é
le áthas níos mó ná <lena n- ?> glacann an fear santach mór-chuid óir."


L. 281


Job.4. 7. Ansion adúirt Eliphas, "Má labhraimíd lead b'fhéidir go
dtógfá go olc orainn é, ach cé fhiadfaig é fhéin a chiomád uadh
labhairt? Féach, do neartaig do chomhairle-se an duine a bhí lag i
misneach, agus do chiomád do láimh-se suas an duine a bhí ag titim.
Agus anis a thánaig donas ort fhéin agus atáir fan<n> lag; a buaileag thu
agus atáir ag titim. Cuimhnig, iarraim ort, ná<r> thánaig riamh
anacra ar aon duine neamhchiontach. Atá abhar agus fáth leis go aon
ní. Ní bhúireann an leon ach le neart ocrais, ní fhás<f>aig an luachair
muna mbeig fliuchra ag a bun. As soiléir go bhfuil abhar éigin leis na
ainnisí so a thánaig ortsa. A chonarc go deimhin an droch-dhuine
chón daingean chón ard chón buach le tréan-dair na gcoillthe; a
ghabhas thairis, a fhéachas thar n-ais air agus ní raibh a rian le fáil.
Iompaig ar Dhia a bhua<i>l agus a chneasóig thu, a shaoraig thu in am
na gorta, a chosnaig thu in am cogaig, a thabharfaig 356 sí<o>cháin
doit féin agus do shliucht, a thabharfaig sláinte agus saol fada dhoit
agus a bhéarfaig chun na uagha tu mar bheirtear an <t->arbhar chun
an sciobóil."



Job.6-7 8. "Atá fhios agam," arsa Job, "ná fuil aoinne beo gan
pheaca, dá mbudh é an leanbh féin ná fuil do aos aige ach
aon lá amháin. Áfaig as mó i bhfad mo phionós ná mo pheacaí. Dá
meáfaí i gcuinnibh a chéile iad a gheofaí mo pheacaí níos éadroma ná
cáth agus mo phionós níos truime agus níos iomadúla ná gainimh na
trá. Dá bhrí sin atáid mo fhocail lán do shearús. Do lámhaig Dia a
shaíde géar láidir tríom uadh thaobh agus taobh, agus as trua ná
scaoileann sé fútham agus me 'ghearradh anuas ar fad. Áfaig ní
déarfad focal ina chuinnibh. Ní neart cloiche mo neart-sa agus ní
iarann feoil mo bhéil. A theitheadar mo sheirbhísig go léir uainn agus
as bréan le bean mo chléibh anál mo bhéil. As síor-chogadh, go deimhin,
beatha gach nduine ar an dtalamh so, agus bím-se ag fitheamh leis
an mbás mar a bhíonn fear pá le deire a lae oibre. Amhla sion domhsa:
ar maidean bím ag fitheamh leis an dtráthnóna lesúil furtachta do
fháil, ach níl suaineas ná faoiseamh le fáil agam. Ní stadfaig
<an galar ?> atá am' ithe do ló agus do oíche. Atá feoil mo chnámha
dreoite ar fad. Atá mo chro<i>ceann briste suas 'na píosaí: níl slán de
ach an méid atá tíompall mo bhéil. Ní fhiadfainn go fiú mo sheile a
shloigeadh. Ó a Riarthóir na ndaoine, a pheacaíos id' chuinnibh.
Maith dhom mo pheacaí chun ná beinn níos sia contrártha dhoit.



Job.8. 9. Ansion adúirt Baldad, "An fada a labharfair mar seo agus
a bheig an sórd so cainte id' bhéal? Dá m<b>udh áil lead
filleadh ar Dhia in am a éisteóch sé lead agus do fhóirfeach sé ort. Ach
do atais suas le spirid an uabhair, do éirís ina chuinnibh. Dá mbeifeá
díreach agus ceart a thiospán<f>ach sé é fhéin dhoit agus a bheach a
shí<o>cháin lead. Loirg agus cuardaig go aon aos a thánaig riamh
romhainn agus a gheobhair amach nár chaith Dia riamh uaig an duine
neamhchiontach, agus nár shín sé riamh a láimh chun an pheacaig a
neartú."


L. 282


Job.9-10. 10. "Atá fhios agam," arsa Job, "go bhfuil Dia ceart agus
nách féidir dho aoinne 357 a shlite a thuigsin go iomlán,
agus súd féin go mbeinn gan pheaca ní thuigfinn go rabhas amhla sion.
Ach deirim go dána an méid seo, go scriosann sé an fíoréan agus an
duine ciontach agus ná glacann sé áthas i bpí<o>nós na ndaoine. A thug
sé an domhan so suas i láimh an mhallathóra, agus muna bhfuil sion
amhla cad é an fáth atá leis na ainnisí a thagann ar na uile dhaoine,
bídís maith nó olc? Súd agus go nífinn mé féin agus go mbeinn chón
geal le sneachta na mbánta, a gheobhach se sin slach me. Agus dá
mbeach mo lámha lán-ghlan a gheobhadh sé balaith bréan ortha. Ní
libhse ná le daoine mar me fhéin as fonn liom labhairt, ach dírím mo
chomhrá chuige féin, agus adeirim le Dia, "Ná daor me, ach cuir i gcéill
dhom canathaobh na gcéasann tu me mair seo. An maith dhoit me a
bhrú ar fad agus luíthrom a dhéanamh ar obair do lámha fhéin. Oir
as iad do lámha-sa a chúm agus do fhuinig me i mbruinn mo mháthar.
A dhaingnís le cnámhaibh mé, a chlúdaís le feoil me, a chuiris croiceanmn
mar éadach oram, a thugais beatha dhom, a thiospánais trócaire agus
cineál dhom, agus as é do chúram a chiomád beo me. Canathaobh mair
sin gur mheasais gur namhaid doit me, go bhfuileann tú am' fhiach ar
nós leoin ocrach, go loirgeann tú mo pheaca agus go bhfuileann tú ag
cuardach mo chionta? Tiospánann tu do neart im' chuinnibh, ná
fuil iniom ach billeog d<u>ill<i>úir crainn a fhuadaíonn an ghaoith lé.
Scuir díom, adonn go bhfaighinn beagán suainis sula rachaig mé chun
na áite úd as ná fill<f>ig mé go brách, go dtí an dútha dorcha úd atá
clúdaithe le scáil an bháis, dútha gan riarú ar bith inte, mar a gcón-
aíonn uafás gan deire."



Job.11. 11. Ansion adúirt Sophar, "Cé é thusa na loirgeann tu go
labharfach Dia lead - bromach asail fhiain nár lámhaíog
riamh? As aoirde Dia ná na Flaithis, as doimhne é ná Ifreann, as
sia é ná an talamh agus as leith<n>e é ná an fhairrge. Más toil leis léir-
scrios a thabhairt ar na uile nithe, cé a fhiadfaig a rá ina chuinnibh nó é
a thabhairt chun chúntais? Agus loirgeann tusa go labharfach sé 358
lead. Duine as ea tusa a shloigeann mallathacht mar a shloigeann
beithíoch tartmhar uisce. Do mhillis na boicht, a ghlaca<i>s chúghad
cuid na <n>dílleachtaí, a chuiris deora a' rith le leacain na baintrí. Do
chruais do chroí i gcuinnibh ghrása Dé, a chaithis uait ar fad eagla an
Tiarna. Muna mbeach gur rinnis na cortha sion ní thabharfach Dia
an oíde seo ort nár thug sé riamh fós ar aon pheacach eile."



Job.12 et seq. 12. "A chairde," arsa Job, "éistig liom. As com<p>-
órdóirí brónach sibhse dhomhsa. A thánaig sibh
chun sólás a chuir oram, agus in' ionad sion as amhla atánn sibh am'
itheadh suas im' beathaig. Éiríonn sibh chúgham amhail as gur namhaid
dhíbh me. Tugaig cluas dhos na focail adeirim am' shaoradh fhéin.
Atá mo fhinné beo ins na Flaithis a dhéanfaig ceart dom. Oir atá
fhios agam go maireann mo fhuascalthóir, go n-éireoig mé as an gcré
insa chorp céanna atá agam anis, agus go bhfaicfead lem' shúilibh
fhéin mo Shlánathóir. Atá an dóchas so go daingean i mbun mo


L. 283


chroí, agus as dá dhruim nár thréigeas riamh seirbhís Dé. A rin mé
margadh lem' shúilibh ná féachainn go míbhanúil ar bhuineannacha,
oir dá bhféacha<i>n ní bheach láimh ná páirt ag Dia ionam. A cumag
truamhéil liom i mbruinn mo mháthar, a bhíos mar shúil don dall, mar
chos don bhacach, fear cosanta a budh ea me don bhaintrig agus athair
a budh ea me don dílleachtaí. Níor iompaíos riamh an stróinséar
uadhm' dhoras agus níor shuíos riamh chun mo chuid bíg gan é a
roinnt leis an t-ocrach. A chlúdaíos an lomnachtán le lomra mo
chaorach. A bhriseas cúl-fhiacla an duine shaibhir a bhíoch ag
cogaint an dram dealbh. A bhíos im' athair agus im' chosantóir dhos
na boicht. Níor chuireas riamh mo mhuinín in ór ná in airgead ná i
substaint raidhsiúil ach a budh é mo áthas mo dhóchas agus mo neart
Dia agus a dhlí. Adúirt mé liom fhéin, a gheobhaig mé bás lán do
bhlianta iom' nead, agus ma<i>rfig mo ghlóire go brách iom' dhiaig.
Agus anis a chaith Dia uaig mo chúis cheart agus a líon sé me le searús.
Agus súd agus go rin, ní labharfaig mo theanga focal ina chuinnibh,
agus ní thiucfaig bréag as mo bhéal. 359 Adeirim, in aon fhocal
amháin, go bhfuil an éagóir agaibh chúgham, nár rinneas riamh aon
bheart a tharraiceoch oram na ainnisí trom so a thánaig oram. Agus
súd <as> nár rinneas, a fhiadfach Dia gan éagóir ar bith iad a chur oram."



Ansion a scuireadar an triúr sion a bheith a thuille ag argóint ina
chuinnibh.



Job.32-42. 13. Áfaig a bhí ógánach, nar bhudh ainm Eliu dho, ag
éisteacht uadh thúis lena gcomhrá. Agus adúirt sé,
"Ní ligfeach uirrim díbhse ná náire romhaibh dhom focal a rá. Oir
as sine sibhse ná me. Áfaig tiospánfad díbh go raibh an éagóir agaibh
chun Job, agus <gur ?> imig dearmad mór air sin ag rá go raibh sé
neamhchiontach." Ansion a chrom sé ar labhairt go iontach agus go
léannta ar ard-chomhachta Dé, ar a mhór-oibreacha agus ar a mhíor-
úilithe. A lean sé i bhfad don ghnóth nó gur thiospáin Dia é féin go
soiléir dhóibh, agus adúirt sé le Eliu, "Cé é seo atá ag suathadh gliugair
agus ag rá focail gan eolas?" Ansion, ag díriú a chomhrá chun Eliphas,
Baldad agus Sophar, adúirt, "Atá fearg agam chúghaibhse do bhrí nár
labhr<abh>air go cóir oramsa, mar a rin mo sheirbhíseach Job. Imig
libh ar an abhar so agus tugaig seacht ndaimh agus seacht reithe chun
Job, agus ofrálfaig sé dhomhsa iad mar íobairt ar bhúr son-sa agus
éisteoigh mé lena <a>chainí chun go maithfinn dhíbh na peacaí a rinne-
abhair iom' chuinnibh."



A leigheas Dia Job agus a chneasaig é uadhs na uile uilc a thánaig air.
A dhúblaig sé a shubstaint, a thug dho an oiread leanaí agus a bhí aige
uadh thúis agus a fuair sé bás i sí<o>cháin mhór céad agus dá fhichead
blian adéis teacht na <n->ainnisí iontach sion air.



14. An teagasc spisialtha, arsa na Aithreacha Naofa, atá againn le
baint as na nithe seo, as ea gur ró-cheart dhúinn a bheith ana-sheachan-
tach ar an <m>breithiúnas a thugaimíd inár n-aigne fhéin ar aoinne.
Measaimíd go minic, an tráth a chímíd duine ainniseach mí-ámharach,
dealbh, gur mar gheall ar a pheacaí a chur Dia na ainnisí sin air, cé go


L. 284


bhfuil sé, b'fhéidir, chón glan uadh pheaca agus a bhí Job. Agus ar an
láimh eile, saoilimid, an uair 360 a bhíonn duine ámhar, saibhir,
rathúil, go bhfuil Dia buíoch de agus gur mar gheall ar a mhacántacht
a cuireag rath air. Adeirimíd, "As ceart go n-éireoch Dia agus an saol
leis, oir as fear maith é," cé go bhfuil, b'fhéidir, an<am> an fhir sin chón
lofa i láthair Dé agus a bhí corp Job ag dreothadh ar an gcarn aoilig.
Titid eiricidí na aimsire seo insa dearmad céanna. Adeirid go dána,
"Muna mbeach gurb é an creideamh cóir atá ags na Sasan<a>ig ní
chuirfeach Dia ortha an rath mór atá aca: ní bheidís chón saibhir agus
atáid, ní bheidís 'na máistrí ar chlanna Gaedheal." Ach aoinne a
fhéachann le súilibh an chreidimh ar ghnáth-chúrsaí an tsaoil, beig a
mhalairt do smaointí aige. A chíofaigh sé go glan agus tuigfig sé go
éifeachtúil go gceadaíonn Dia do ghnáth dhos na seirbhísig as fearr aige,
dhos na daoine arna bhfuil an chion as mó aige, a bheith ainniseach,
dealbh, mí-ámharach, fé tharcuisne agus fé dhímheas insa tsaol so,
adonn go mbeidís cosúil ina mbeatha agus ina mbéasa lena aon-mhac
fhéin, ár dTiarna Íosa Críost, agus le aspail agus le naoimh Chríost,
chun go bhfiadfach sé le lán-cheart an pá álainn iontach síoraí a
bhronnadh ortha, an pá sion atá ollamh aige fána gcomha<i>r ins na
Flaithis.



15. Ar an abhar sion, fuilig<i>mís go foighneach anacraí saoltha:
bímís sásta leo, gabhaimís buíochas le Dia i dtaobh iad a chur
chúghainn, ofrálaimís dho an bhreo<i>teacht, an bhoichtineacht nó pé
ainnise shaoltha as toil leis a chur chúghainn. Cuimhnímís go minic
ar <n>a focail seo adúirt aspal agus bráthair Chríoist i dtaobh boichtin-
eacht agus saibhreas: "A dhearbhráithreacha," arsa Naomh Séamas,
"nár thoibh Dia na boicht do aon ghnóth chun go mbeidís saibhir i
gcreideamh insa tsaol so agus go bhfaghaidís an ríocht úd a gheall Dia
dhos na daoine a ghránn é?" Agus le locht an tsaibhris adeir sé, "Imig
libh anis, a dhaoine shaibhir, go<i>lig agus liúig agus béicig i dtaobh an
angair atá le teacht oraibh. A leáig bhúr saibhreas, a dhreothaig
bhúr <n->éadaithe uasal, a ith meirg bhúr gcuid óir agus airgid agus a
loisc<f>ig an mheirg, mar thine, bhúr gcuirp. Ar an abhar sion," ar sé,
"bíg foighneach, a dhearbhráithreacha, nó go dtiucfaig an Tiarna.
Bíonn an feirmeo<i>r foighneach nó go bhfásann agus go n-aibíonn an
síol a chur sé, agus ansion baineann 361 sé an fómhar. Amhla sion
bíoch sibhse foighneach agus neartaíg bhúr gcroíocha: tiucfaig bhúr
mbreitheamh a dhéan<f>aig ceart dhíbh. As samplaí díbh na fáige
beannaithe do fhuilig anró agus ainnisí. A chualabhair teacht thar
Job, ar a fhoighne agus ar a fhad-fhulang, agus atá fhios agaibh cad é
an sórd báis a imreag ar ár dTiarna Íosa Críost. As tré thrócaire agus
tré thruamhéil dhíbh do fhulan sé an bás ró-phianmhar sion. Ar an
abhar sion gabhaig-se go foighneach, tré ghrá dho sin, le go aon
anacra as toil leis a chur chúghaibh. Bíg dílis dho go bás agus a
gheobhaig sibh uaig cróin na beatha síoraí. Go dtugaig Dia sion
dúinn go léir. Amen.


L. 285


LII. ON THE PROPHETS



1. Adeir an t-aspal Naomh Séamas, bráthair Chríoist, gur thug Dia
na fáige beannaithe dhúinn mar phátrúin adonn go ndéanfaimís aithris
ar naofacht a mbeatha agus ar a bhfoighne, trénar ghabhadar go toil-
theanach leis an droch-úsáid, tarcuisne agus gach persecution a fuar-
adar uadh pheacaig i dtaobh a bheith dílis do Dhia agus dá dhlí.



Atá defir idir fáig agus naomh: naomh as ea duine a fhaghann bás i
gcairideas Dé agus ar staid na ngrás; fáig as ea duine na dtiospánann
Dia roimh ré dho na nithe atá le titim amach insan aimsir atá le teacht.
A budh fhéidir do dhuine a bheith ina fháig agus, insan am gcéanna,
mallaithe go leor. Budh dhuine mallaithe Balaam: fear ana-shaintiúil
a budh ea é, agus adéise sin budh fháig mór é. A thrácht sé go cruinn
ar theacht an tSlánathóra, ar an gcúncas a dhéanfaidís na Rómhánaig
ar an domhan go léir, ar an scaipeadh agus ar an fán a bhí le teacht ar
an gcine Abhra nó ar na Iúdaig, agus ar a lán nithe eile nár thit amach
go dtí chúig céad déag blian uadh an am nar labhair sé ortha.



Is.6. 2. Na fáige eile, na bhfuil a dtairngrea<ch>ta scríofa síos
againn insa Scriptiúir, budh dhaoine nótáltha iad i dtaobh
naofacht a mbeatha. Atá sé cinn déag díobh sin againn. An chéad
cheann as ea Isaias. Ciallaíonn an ainm sion "Slánú uadh an dTiarna."
A mhair sé 785 blian roimh Chríost agus a chaith sé céad blian ag
déanamh ta<i>ringreacht agus ag comhairliú don phobal Abhra, agus
dhos na rithe 362 mallaithe a bhí ortha, iompó ar a leas agus a ndroch-
shlite a thréigean. Prionsa do threibh rithiúil a budh ea é. Níor
mhair fear riamh budh dhea-leabharthaí ná é. A thrácht sé chón glan agus
chón soiléir sin ar Incholnadh ár Slánathóra, ar <a> bhreith, ar uile
chircumstaint a bheatha, ar a pháis, ar a bhás, ar a aiséirí uadh mhairbh,
ar a dhul suas ar neamh, ar bhunú na Eaglaise, go samhlófaí go raibh
sé láithreach <ag ?> na nithe sin go léir, go raibh sé ina fhinné súl ortha.
A rin sé ta<i>rngreacht ar feag réim cúigear rithe a bhí as cionn an
phuibil Abhra. Agus ag seo mar a thánaig spirid an fháigeo<i>r<e>acht
air. A ch<o>na<i>rc sé, agus é ina fhear óg, Dia ina shuíomh ar chathaoir
a ghlóire, agus na aingil as aoirde ins na Flaithis, arna dtugtar
seraphim, as a chuinne amach, agus iad ag rá gan sos na focail bhean-
naithe adeirtear go aon lá insan Aifreann, "As naofa, as naofa, as naofa,
an Tiarna Dia na sló; atá neamh agus talamh lán dá ghlóire." As insa
teampall a chonairc sé an radharc sion agus do airig sé na focail bhean-
naithe úd. Ar a g<c>loisin dho adúirt sé, "Ó, as ró-mhairg dhomhsa go
bhfuil slach agus go gcónaíonn ar measc dram na bhfuilid a mbéil
slach. A chonairc mé lem' shúilibh Rí na glóire." Ansin a sceinn


L. 286


ceann dhos na aingil chuige le smearóid dearg ina láimh aige a thóg sé
don olthóir agus a bhuail an smearóid ar bhéal Isaias, ag rá, "Féach, a
bhain an smearóid seo lead' bhéal, agus beig do bhéal as so suas glan
agus saor uadh an uile mhallathacht." Ansion a chualaig sé Dia ag
fiafhraí, "Cé rachaig dom mar theachtairí chun na ndaoine seo, agus cé
chuirfeam ag triall ortha?" Adúirt Isaias, "Féach, ataím-se anso:
cuir mise ag triall ortha." "Rachair go deimhin," arsa Dia, "agus
cloisfid do fhocail agus ní ghéillfid dhóibh. A chíofaid do mhíorúilí
agus ní chreidfid iad. Oir a iadar a <g>cluasa do aon ghnóth chun ná
cloisidís comhairle a leasa, agus a dhúnadar a súile chun na faicidís na
nithe a dhéanfach seirbhís dhóibh, a chruadar a gcroíocha i gcuinnibh
mo ghrása-sa chun ná iompóidís oram agus a leigheasfainn iad." "A
Thiarna," arsa 'n fáig, "cá fada a bheig an scéal mar sin?" "Beig," arsa
Dia, "nó go dtabharfar léirscrios ar 363 go aon chathair agus go
bhfaighfear go aon tig gan aoinne inte, agus an talamh go léir ina bán-
fhásach.



3. Tiospánann, arsa na Aithreacha Naofa, sampla an fháig bhean-
naithe seo dhos na uile sagairt cad é chón naofa agus as ceart dhóibh
a bheith sula nglacaid an <t->ualach trom eaglach úd, an sagartóireacht,
ortha, agus cad é chón dian agus deigh-chroíoch as ceart dóibh Dia a
ghuí fé mar a ghuíd insa go aon Aifreann, sula léid an suísceál, go nglan-
fach Dia a mbéal agus a dteanga chun go dtiucfach leo na focail ró-naofa
sin a labhair Íosa Críost a mhíniú don phobal.



A cuireag an fear naofa so chun báis in aos a chéad agus fiche blian,
insa phersecution a rin an rí ard-mhallaithe Manasses ar sheirbhísig Dé.
Agus chun pian a bháis a mhéadú a gearrag ina dhá leath é amhail a
ghearrann siúinéir píosa adhmaid. Tráchtann an t-aspal Naomh Pól
ar an bhfear mbeannaithe seo. Ag <seo ?> mar a labhrann sé ar na
anacraí trénar ghaibh sé seo agus na fáige eile. "A céasaíog go iontach
iad," ar sé, "cé go bhfiadfaidís iad fhéin a shaoradh le aon fhocal amháin
a rá i gcuinnibh a gcreidimh. Ach tré dhóchas páirt a fháil insan aiséirí
ghlórmhar, ní déarfaidís an focal sin. A stollag cuid díobh as a chéile,
cuid eile a maraíog le gabháil do chlocha ortha, mórán eile nar scoitheag
na cinn díobh, cuid a gearrag in<a> dhá leath, ana-chuid eile <a ?>
cuireag i bpríosún agus a gearrag le neart sciúrsála an croiceann agus an
fheoil dá gcnáimh, agus mór-chuid eile a chaith teitheadh chun na
sléibhte agus a fuair bás le fuacht agus le ocras." Molann an <t->údar
beannaithe a scríobhaig Leabhar na Eagna an fáig seo: "A rin," ar sé,
"Rí Ezechias na nithe a thaithnig le Dia, agus a lean sé go cruinn an
tslí mhaith dhíreach a lean a shinsear Dáibhí, do bhrí gur chomhairlig
Isaias é. Budh fháig ard-onórach agus fírinneach i láthair Dé <é ?>:
as tréna achainí a chuaig an ghrian ar gcúla agus a cuireag mórán
blian le saol an rí. A chonairc sé le solas an Spirid Naoimh deire na
uile aimsire, agus a fuair sé radharc ar nithe a bhí le titim 364 amach
na mílthe blian sular thiteadar amach." Adéis an moladh so a rin an
Spirid Naomh tré bhéil an fhir bheannaithe sin agus Naomh Pól, ní
féidir dhomhsa ná dho aoinne eile an moladh sion a mhéadú.


L. 287


Jer.1 etc. 4. Jeremiah, nó Diarmaid, an tarna fáig nótáltha. As é
brí an fhocail sin insa teanga Abhra, Aoirde nó Mómh-
ar<a>cht Dé. Uadh bhr<u>inn a mháthar a naomhaíog é agus a tógag é
mar theachtaire uadh Dhia chun an phobail Abhra. An uair a bhí sé
ina gharsún ana-óg a thiospáin Dia é fhéin dho agus adúirt, "Sular
chumas thu <i> mbr<u>inn do mháthar a bhí aithne agam ort, agus
sula dtánaís chun an tsaol seo do ghlaos ar do ainm agus do naomhaíos
thú. Gluais ort agus cuirfig mé thu, uadh an lá so amach, mar theacht-
aire chun labhairt le náisiúin, le puiblíocha, le rithe agus le sagairt."
Adúirt Diarmaid, "Ó, a Thiarna Dia, as leanbh, as balbhán bocht me ná
fiadann labhairt mar as cóir." Adúirt Dia, "Ná abair gur leanbh thu,
oir a bhéarfair uait go aon teachtaireach<t> a bheirim-se dhoit, agus
labharfair go aon fhocal adéarfad-sa lead." Ansion a shín Dia láimh ar
a bhéal agus adúirt, "Cuirim-se mo labhartha id' bhéal agus ceapaim
tu inniubh as cionn ríochta agus náisiúin chun go dtóchfá amach iad
agus go scagfá iad agus go leagfá anuas iad agus go dtógfá suas iad
agus go mbuanófá iad. Troidfid siad id' chuinnibh agus ní bhuafa<i>d
siad ort, oir atáim-se id' fhocha<i>r. Trusáil suas thu fhéin agus labhair
go dána leo. Ná bíoch scáth ná eagla ort rompa, oir déanaim-se inniubh
thu id' chathair daingean, id' phillóir iarainn agus id' fhalla práis i
gcuinnibh na rithe, na prionsaí, na sagairt agus na pobaileacha a
chaith mise agus mo dhlí uatha. Comhracóig siad id' chuinnibh, áfaig
ní bhuafaid ort."



Jer.37-39. 5. Ar feag chúig bliana agus dá fhichid a lean sé an
gnóth sion, ag tabhairt comhairle do pheacaig iompó ar a
leas agus ag bagairt go aon <t>sórd ainnisí ortha muna ndéanfaidís
sion. A éiríodar rithe, prionsaí, sagairt agus daoine chuige ag iarradh
é a chosc, ach ní raibh maith dhóibh ann: níor scuir sé dho ló ná do
oíche a bheith a' labhairt leo, ag casadh leo a bpeacaí agus a' tabhairt
fógartha dóibh go raibh lán-léirscrios ag teacht ortha; go dtógfaí 365
a gcathair, go leagfaí anuas a dteampall beannaithe agus go mbéarfaí
na daoine go léir ina bpríosúnaig uadhna ndútha fhéin go críoch
Babylon, ina gcaithfidís deich mbliana agus trí fhichid fé dhaorsmacht.
Ach ní ghéillfidís dho. A chuireadar i bpríosún é agus a sciúrsáladar go
míthrócaireach é. A chaitheadar síos é i bpoll mór doimhin a bhí lán
do phluda chun go múchfaí ann é. Ach a bhí fear dubh, nó black, ina
bhuitléir ag an rí, agus an uair a chualaig sé an oíde a tugag ar an bhfear
naofa so a thriall sé go fearúil ar an rí agus adúirt go dána leis, "A Rí,
do bhreis ar gach olc a rinneadar na prionsaí agus na sagairt mallaithe
seo, as é an bheart as measa, áfaig, Diarmaid beannaithe do chaitheamh
i bpoll pludaig chun bás do fháil le fuacht agus le ocras." "Imig," arsa
an rí, "agus beir lead deich fear agus fiche. Tóg as an bpoll é agus
fanach sé insa phríosún." A imig an fear maith agus a rug leis téad
agus éadaig agus a chaith síos insa pholl iad, agus adúir<t> le Diarmaid
na éadaí a chur féna ascaillibh agus an téad a cheangal tíompall ortha.
As mar sin a tharraig aníos as an poll é agus a fágag insa phríosún é
nó gur thóg Nebuchodonosor an chathair. A mhairbh sé prionsaí agus


L. 288


seirbhísig an rí go léir, ach a scao<i>l sé an fear dubh úd saor, agus a
mhuintir, agus a bhronn a lán airgid ortha.



6. Adéis a tógag an chathair, a thug Nebuchodonosor cead do
Dhiarmaid cónaí in aon áit budh mhaith leis, agus chuaig sé go ana-
ghéar air teacht leis fhéin go cathair Bhabylon, agus go mbeach sé fé
chion agus onóir aige an fhaid agus a mhairfeach sé. Áfaig a budh fhearr
leis an <bh>fear mbeannaithe fanúin i bhfochair an dram bocht dealbh
do fhág an rí úd insa tír; deasca agus dríodar an náisiúin a b'ea iad,
nár budh fhiú leis a bhreith ina bpríosúnaig i bhfochair na coda eile
don phobal go cathair Babylon.



Adéis a loiteag agus a leagag agus a dóitheag an chathair bhreá agus
an teampall álainn, a shuig Diarmaid ar <an> gcnoc - Cnoc Calvary -
a bhí siar uadh thuaig uadh an gcathair, do fhéach sé ar an ionad ar nar
tógag í, agus 366 a chrom ar ghol go géar, ag sileadh deora. A thóg
sé uaill-chaoin as a chionn agus a rin sé tuireamh truamhéileach a
cantar insa go aon <t>seachtain déanach don chairíos ar feag na dtrí
lá na mbíonn an Tenebrae ar siúl. Tosaíonn an chantaireacht úd, "As
uaigneach atá an chathair ina suí: is é a bhí lán do dhaoine. As cosúil í
le baintreach a chaill a leanaí go léir, ise a bhí 'na banríon as cionn
an náisiún. Atá sruth deora a' rith anuas lena leacain: a tugag fé
dhubh-chíos í."



7. "As ionadh linn," arsa na Aithreacha Naofa, "go mbeach aon fhear
amhá<i>n bocht chón misniúil sin agus go bhfaigheach sé ann fhéin
cur i gcuinnibh rithe, prionsaí, sagairt, uaislí agus puiblíocha gan scáth
gan eagla rompa. Níor scuir sé do ló ná do oíche ar feag chúig bliana
agus dá fhichid a bheith ag casadh a bpeacaí leo agus a bheith ag
bagairt trom-dhíolthas Dé ortha, a thánaig go ró-chruinn insa deire
ortha. Ach níor bhrath an duine naofa so air fhéin ná ar aon neart
daonna, ach ar mhór-chomhachta Dé amháin, a gheall dho uadh thúis
go ndéanach sé pillóir iarainn agus falla práis de ná fiadfach neart
ndaoine a pholladh ná a bhriseadh." "An duine," arsa Naomh Cyprian,
"na mbíonn Dia aige ina chroí agus focail Dé ina bhéal agus eagla Dé
as comhair a shúlaibh, as féidir go deimhin é a chur chun báis, ach ní
féidir buachain air." Agus cuireag an fear beannaithe seo chun báis. A
'niseas dhíbh gur fhág rí na Babylonia, adéis a tógag an chathair agus
a loiteag an dútha, gur fhág sé deasca agus dríodar an phobail nárbh
fhiú leis a bhreith ina bpríosúnaig go cathair Bhabylon.
Jer.40:6 et seq. A chur sé Godolias mar thaoiseach
ortha, agus a chuadar chun chónaithe go cathair
Maspheh. A bhíodar ann fé chompord mór ar feag seacht mhí,
agus an fáig Diarmaid ina bhfochair. Fá an am sion a thánaig Ishmael,
prionsa don fhuil rithiúil uadh an Arabia, inar theith sé leis fhéin i
dtosach an chogaig, ag féachain Godolias, a ghlac le mór-fháilthe é.
Ach budh le feall a thánaig sé. A mhairbh sé Godolias agus a rug leis
na daoine go léir agus a thriall ar an Arabia. Ach a bhí dorn saighdiúirí
i bpáirt eile don dútha. A leanadar Ishmael, a chuireadar an teitheadh


L. 289


air agus a bhaineadar na daoine go léir de. Ansion a ghlac eagla iad
go n-agróch 367 rí na Babylonia bás Godolias ortha, agus a cheapadar
dol don Égypte. A chuireadar an gnóth sin i gcead Dhiarmada agus
a loirgeadar fios a fháil uadh Dhia cad budh cheart dhóibh a dhéanamh,
agus a ghealladar go ndéanfaidís pé ní do ordóch Dia dhóibh. Do chuaig
an fháig in uaigneas leis fhéin agus a throisc ar feag deich lá a chaith sé
in urnaithe. Adúirt Dia leis ansion, "As mar seo adéarfair le fuílleach
mo phob<a>il do fágag insa dútha so: Fanaig mar atá agaibh agus ní
baol dhíbh cogadh, gorta ná pláig. Ach bhéarfaig mise sí<o>cháin agus
suaineas dhíbh agus cuir<f>ig mé rath <agus> séan oraibh, agus ní
dhéanfaig rí na Babylonia díth ná díobháil dhíbh. Beig mise in bhúr
bhfochair agus cosnóigh mé sibh. Áfaig má théann sibh don Égypt béar-
faig an cogadh, as eagla libh, greim oraibh ann agus tiucfaig gorta
oraibh, agus an méid a rachaig saor uadh an gclaíomh agus uadh an
gorta maróig an phláig iad, agus ní thiucfaig go fiú aoinne amháin agaibh
thar n-ais do<n> dútha so." Ach ar nós a sinsear mallaithe, níor ghéil-
leadar do chomhairle an fháig. Adúradar gur bréag a chúm sé, ná
dúirt Dia riamh leis a leithéid do chaint. A imíodar ortha don Égypte
agus a rugadar Diarmaid leo. Ní fada a bhíodar insa dútha sion nó
gur chromadar ar na déithe bréagach do adhradh. A labha<i>r an fáig
go fórsúil leo, ag iarradh iad a chosc uadh an mallathacht ró-mhór
sion. Agus a budh é an díol a fuair sé ina charthanacht gur éiríodar go
léir, idir fhearaibh agus mná, óg agus críonna, chuige agus a mharaíodar
é le gabháil do chlocha air.



Ez.1. 8. Ezechiel an tríú fáig budh nótáltha a bhí ar measc
phob<a>il Dé. Ciallaíonn an ainm sion insa teanga Abhra,
"Neart Dé." A mhair sé tíompall agus chúig chéad agus ceithre bliana
agus ceithre fichid sular ghlac Mac Dé cola<i>nn daonna. A bhí sé ar
measc na bpríosúnaig a rug Nebuchodonosor leis go críoch na Babylonia,
agus a bhí sé ina fháig ann ar feag dhá bhlian agus fiche. Sagart a
budh ea é, agus a bhí sé ar feag chúig bliana insa dútha sion sular
thiospáin Dia é fhéin dho. Agus níl aon pháirt don Scriptiúir as deacra
a thuigsin ná leabhar an fhir bheannaithe seo. Atá sí lán do thiospán-
aithe ard-iontach 368 thar barr. Ar measc na nAithreacha, as é an
fear as fearr a mhínig í an Pápa ard-léannta Naomh Gregory, agus
admhíonn sé nár bhudh fhéidir dho an míl<i>ú cuid dos na nithe
iontach atá inte do thuigsin, ná an oiread féin agus tuairim a thabhairt
féna mbrí. Ag seo an cúntas a thugann a<n> fáig ar an gcéad radharc
a fuair sé ar na nithe a tiospánag dho: "Insa chúigiú lá don cheathrú mí
don chúigiú blia<i>n 'nar rugag i mbraighdeanas sinn, a bhíos iom' shuí
i bhfochair na bpríosúnaig eile, ar bruach abhainn Chobar, i dtír
Babylonia, agus a thánaig láimh Dé oram. A fhéachas agus a chonarc
stuirm thréan ghaoithe ag séideadh aduaig, agus scamall mór trom agus
lasair tintí ag casadh tíompall airthe. A bhí lár an scamaill ar dhath
an ómbra, agus a chonarc beithíoch ceithre-chosach insa scamaill
agus cheithre aghaidh airthe: aghaidh dhuine, aghaidh leon, aghaidh
bhó agus aghaidh fiolair; agus bhí ceithre sciatháin ar gach n-aghaidh
díobh sion. Agus a chonarc láimh leis an bheithíoch, roth arna raibh


L. 290


cheithre aghaidh agus iad lán do shúilibh. Agus istig insa roth úd
mórán rothanna eile, agus iad go léir lán do shúilibh. Agus an uair a
ghluaiseach an beithíoch, a ghluaisidís na rothanna léithe; agus an
uair a stadach sé stadaidís sin, oir a bhíodar lán do spirid na beatha.
Ar fhaicsin an radharc sion dhom ní<or> fhan spirid ná brí ionam.
A thiteas i bhfantais, a chuala guth ag rá liom, "A mhic an duine,
seasaimh suas ar do chosa chun go labharfainn lead." A bhíos go mear
agus do sheasas suas agus adúrag liom, "Cuirim thusa, a mhic an
duine, mar theachtaire chun an phob<a>il Abhra, cine asumhal a
chiontaig im' chuinnibh-se agus a scar liom' dhlí ar nós a n-aithreacha
rompa. Labhair leo gan eagla go aon fhocal adéarfaig mise lead."



9. "A síneag ansion leabhar chúgham a bhí scríofa amuith agus
istig. Do osclaíos é agus as é a bhí scríofa ann, tuireamh, osna agus
mairg. Adúrag <liom> é a ithe agus do itheas, agus budh mhísle iom'
béal é na mil. Agus adúrag liom, "A mhic an duine, cuirim thusa mar
fhear faire as cionn an phob<a>il seo. Uime sin labha<i>r leo go aon
fhocal adeirim-se lead. Má deirim-se leis an bpeacach, "A gheobha<i>r
369 bás id' pheacaí," agus muna dtabharfair-se an fhógai<r>t sin dhó,
a gheobhaig sé bás go deimhin ina pheacaí; áfaig éileoig mise a anam
ortsa. Ach má thugann tusa an fhógairt sin dho, saorfair do anam
fhéin. Arís má thiteann an deigh-dhuine uadh staid na ngrás, agus nár
thuga<i>s-se fógairt aithrí a dhéanamh, a gheobhaig sé bás ina pheacaí
agus ní chuimhneoig mise ar aon chuid dhos na dea-oibreacha a rin sé.
Áfaig loirgeoig mise a anam uaitse. Áfaig má thugais an rabhadh
dho agus gur iompaig sé ar a leas, sábhálfar é agus saorfar thusa do
bhrí gur thugais comhairle a leasa dho.""



A bheach sé ró-fhada dhom trácht ar na nithe eile iontach atá i
leabhar an fháig seo.



10. Adeir an Pápa, Naomh Gregory, gur figiúir an beithíoch iontach
úd a bhí lán do sciatháin, do shúilibh agus do rothanna, ar Eaglais
Chríoist agus ar na baill a bhaineann léithe. Mar ciallaíonn an chuid
úd don bheithíoch arna raibh aghaidh duine na sagailsig a chaitheann
a mbeatha i stuidéar agus i bhfoghlaim chun go dtiucfach leo spirid na
eagna agus na tuigseana a shláthar, a stiúróch na daoine go cruinn cóir
i mbóthar na bhFlaitheas. An chuid sin de, arna raibh aghaidh leoin,
ciallaíonn sí iad so do fhuiligeann géarleanúint agus persecution go
misniúil ar son na fíoréantacht. Iad so a chránn agus a chéasann iad fhéin
le troscadh agus le aithrí, marcálthar amach iad le cuid an bheithíg
arna raibh aghaidh daimh nó bó. Agus an chuid úd arna raibh aghaidh
fiolair, na Críostaithe a chaitheann a mbeatha i mainistrí uaigneach,
deighilthe ar fad uadh an saol, agus ná bíonn do chúram ortha ach ag
machtnamh ar an tsíoraíocht. Na rothanna úd a bhí lán do shúilibh
agus a ghluaiseach an uair a ghlua<i>seach an beithíoch agus a stadach
an uair a stadach sí, ciallaíd an ghenerálthacht dhos na Críostaithe.
Oir gluaisid go mear i mbóthar na <n>grás an uair a bhrostaíd na
sagairt a bhíonn as a gcionn iad lena ndeigh-shampla agus lena ndeigh-
theagasc, ach stad<aid> an uair a thugaid a sagailsig droch-shampla


L. 291


nó droch-chomhairle dhóibh. Go saoraig Dia sinn uadhna leithéid.
Oir má chaillthear aoinne as a phobal tré chiontú an tsagairt, éileoig Dia
go dian air é, fé mar as soiléir as na focail seo adúirt 370 Dia leis an
<bh>fáig beannaithe seo: "A mhic an duine, etc., etc."



Ez.37. 11. A thiospáin Dia radharc eile don bhfáig seo, agus ní
fhiadfainn gan trácht airthe. Oir as pictiúir g<l>an í ar aiséirí
na mairbh go léir an lá déanach. A bhéarfad dhíbh í i bhfocail an fhir
bheannaithe seo: "A bhí," ar sé, "láimh an Tiarna oram: a rug sé amach
me agus leig síos me i lár mhachaire mhór a bhí clúdaithe le cnámhaibh
agus a ru<g> sé me leis fhéin ag siúl tíompall an mhachaire mhór úd a
bhí lán do chnámhaibh lofa, crí<o>n, tirim. Agus adúirt sé liom "A
mhic an duine, an dóigh lead go m<b>eid na cnámha seo beo go brách
arís?" Agus adúrt, "As agadsa amhaín atá <a> fhios sion, a Thiarna."
Adúirt sé liom, "Labhair leo, agus abair, "A chnámha feochta, cloisig
na focail seo: as mar seo adeir Dia libh: Cuirfig mise anál na beatha
isteach ionaibh agus beig sibh beo arís; daingneoig me le féitheanna
sibh; cuirfig me feoil arís oraibh agus clúdóigh mé le croiceann sibh
agus mairfig sibh."" A labhras mar do ordaig sé dhom, agus go obann
a thánaig corraí, fothram agus tormán mór, agus a chuaig go aon
chnámh isteach ina ionad ceart féin. Agus do fhéachas agus a bhí
féitheanna, feoil agus croiceann ortha. Áfaig ní raibh aon anál ionta.
Adúirt Dia liom, "Glaoig agus abair: "Anál na beatha, tair uadh
cheithre aoirdibh an domhain agus séid ar na mairbh seo agus beid
beo." A rinneas, agus a chuaig spirid na beatha isteach ionta.
A mhaireadar agus a phreabadar suas ar a gcosa, slua ana-mhór thar
barr."



12. A thiospáin Dia roimh ré don fháig beannaithe, arsa Naomh
A<m>brose, an ní a chíofam lenár súilíbh fhéin an lá déanach, an uair a
éir<e>oid na mairbh go léir as an uaig, agus beig na cuirp críon dreoite
clúdaithe le feoil agus le croicinn, lán do bheatha. Agus ní bhfaighid
bás go brách arís. Agus cé gur mór an mhíorúil, arsa an naomh so,
beatha a thabhairt arís dhos na cuirp críon lofa úd, as mó ná sion do
mhíorúil beatha na ngrás, beatha spirideáltha, a thabhairt don anam
atá marbh dreoite bréan lofa do dhruim a peacaí. Níor chosain an
chéad ghnóth do Dhia ach aon fhocal amhain a rá, ach chun an tarna
ceann a dhéanamh, an t-anam a bhí marbh do aithbheochain, a chaith
Mac Dé pian 371 agus brón báis do fhulang ar chruis. Agus as ró-
dheorach an gnóth go bhfuilimíd, nó ár romhór, chón mór sin gan chiall,
cé gur saorag sinn uadh bhás shíoraí tré bhás Chríoist, go n-imrímíd,
trénár ndroch-bhéasa, go ró-éifeach<t>úil, bás gan deireadh, bás gan
leigheas, bás anama agus cuirp orainn fhéin go deo in Ifreann.


L. 292



LIII. DANIEL, THE THREE CHI<L>DREN, ETC.



Dan.1. 1. An tráth a rugag an pobal Abhra uadhna ndútha féin i
mbraighdeanas mar gheall ar a bpeacaí go críoch
na Babylonia, a bhí eatora ceathrar garsún don fhuil rithiúil, Dónall,
Misael, Ananias agus Azarias a n-ainmneacha. Adúirt Rí Nabucho-
donosor le stíobhard a pháláis, "Toibh amach dhom cuid do shliucht
na rithe agus na <n->uaislibh, leanaí in ná fuil ainimh ná locht, ach
atá dathúil, glan agus intleachtúil adonn go bhfoghlaimeoidís teanga
agus litreacha na dútha so ar feag trí mblian. Beathaig go maith iad
le bia uadhm' chlár fhéin, agus tabhair chúgham iad i gcionn na dtrí
blian chun go mbeach fhios agam cionas a chuadar chun chinn ina
gcuid léann." A thoibh an stíobhard amach an ceathrar úd, a thug
leis isteach don phálás iad agus a chuir bia agus deoch uadh chlár an rí
ina bhfianaise. A cheap Dónall agus a chomrádaithe gan an bia ná
an deoch sin a chaitheamh, oir sula <g>caití é a déantaí é a ofráil dhos
na deamhain nó déithe bréagach a bhí ags na págánaig. A iarr Dónall
ar an stíobhard a mhalairt a thabhairt dhóibh. Adúirt se sion, "Do
ordaig an rí feoil agus fíon uadhna chlár féin a thabhairt dhíbh, agus
má thugaim-se a mhalairt dhíbh beig sibh mílítheach: bhúr n-aghaidh
agus bhúr gcrot níos luime agus níos seirgthe ná aghaidh agus crot na
ógánaig eile, agus cuirfig sibh mise i gcontabhairt an ceann do scoth-
adh díom." "Más ea," arsa Dónall, "tástáil sinn ar feag deich lá agus
ná tabhair do bhia dúinn ach arán pónaire agus uisce, agus i gcionn
na aimsire sin muna bhfaighir sinn chón beathaithe agus chón r<e>amhar
leis na aos óig eile, déin linn mar as maith lead." A ghéill sé dhóibh
agus i gcionn na deich lá a fuaireag níos fearr ina ndeáramh <iad ?>,
níos righne agus níos láidre ina gcrot, ná na ógánaig eile a beathaíog
372 ar bhia agus ar dheoch an rí.



Dan.2:1-12. 2. Mar sin dhóibh ar feag na dtrí blian nó gur tugag i
láthair an rí iad, agus go aon cheist budh chrua a
cuireag chúghtha a réitíodar í, oir a líon Dia iad le spirid na eagna agus
na tuigseana insa chás go bhfuair an rí go rabhadar deich n-uaire ní
budh thuigseanaí ná na draoithe agus an locht léann a budh fhearr a
bhí 'na ríocht. Agus gan stad a rin sé prionsaí agus ard-chomhairlig
díobh.



Dhá bhlia<i>n ina dhiagh sion a chonairc an rí aisling nó taidhreamh
iontach a chur ard-scanradh air. Le neart buaireamh a phreab sé as a
chodladh agus a dhearmad sé an taidhreamh. A chur sé cnósach ar
dhraoithe, fáige, néalladóirí agus locht feasa a bhí ina ríocht go léir,
agus adúirt leo, "A bhí taidhreamh iontach agam, agus le near<t>
buartha do imig sé as mo chuimhneamh ar fad. Déanaig amach é


L. 293


agus 'nisig a bhrí dhom." Adúradar sion, "Go mairir go brách, a Rí.
'Nis dhúinn do thaidhreamh agus déanfam amach a bhrí go cruinn
dhoit." "Féach," ar se sion, "adúirt mé libh gur imig ar fad as mo
cheann. Déanaig amach dhom é, agus muna ndéanfaig sibh cuirfear
chun báis go aoinne agaibh agus déanfar carn aoilig do bhúr dtithe.
Áfaig, má dhéanann sibh amach é agus <a> bhrí, a gheobhaig sibh
bronnt<an>as mór agus ard-onóir uaimse." Adúradar sion, "'Niseach
an rí an aisling dhúinn agus déanfam amach a chiall." Adúirt an rí,
"A chím gurb amhla atánn sibh ag breith na aimsire libh adonn go
gceapfach sibh ciall bhréagach agus constráil fhalsa ar an dtaidhreamh.
'Nisig dhom é agus ansion beigh fhios agam go mín<e>oigh sibh i gceart
é." "Níl," ar siad, "duine ar bith a fhiadfach an gnóth sion a dhéanamh
amach, agus níor loirg riamh rí, prionsa ná taoiseach a leithéid ar aon
draoi, néalladóir ná fear feasa, agus a loirgeann tusa orainne." Ar
chlos na bhfocal sion don rí a ghlac sé buile agus fearg mhór chúghtha
agus do ordaig sé iad a chur chun báis, agus ní amháin iad sion ach go
aon fhear eagnach a bhí insa ríocht.



Dan.2:13-28. 3. A 'niseag an gnóth sin do Dhónall agus dá cham-
rádaithe, agus do iarr sé sion do Arioch, generáil na
saighdiúirí a cuireag chun an locht léinn do mharú, cad budh bhun leis
an ordú 373 míthrócaireach sin a chur amach. A 'nis Arioch sion dho.
A chuaig Dónall gan mhoill isteach chun an rí, a loirg air agus a fuair
spás go maidean chun an taidhreamh a dhéanamh amach agus ná
marófaí na draoithe. A thriall sé ansion ar a thriúr camrádaithe
agus a chuireadar a n-impí chun Dé an taidhreamh agus a chiall a
thiospánadh dhóibh. An oíche chéanna sion a tiospána<g> an gnóth do
Dhónall, agus adúirt sé, "Go mbudh beannaithe ainm Dé tré shaol na
saol. Oir as leis fhéin amháin eagna agus comhachta. As é a leagas
anuas rithe agus do ardaíos iad. Molaim agus beannaím tu, a Thiarna,
Dia mo shinsear, do bhrí gur thugais eagna agus neart dhom agus gur
éistís liom' achainí agus gur thugais dhom an gnóth ró-dheacair seo a
dhéanamh amach." A imig sé isteach go Arioch agus adúirt leis gan na
draoithe a mharú, gur rin sé féin an aisling amach. A chuaig Arioch gan
mhoill agus a 'nis don rí go bhfuair sé óigfhear don chine Abhra a
fhiadfach an gnóth a réiteach. A tugag Dónall isteach i bhfianais'
an rí, adúirt leis, "A Dhónaill, an dóigh lead go bhfiadfair mo aisling
agus a brí a dhéanamh amach dhom?" "Níl," arsa Dónall, "draoi, fear
feasa ná aon duine eagnach ar bith <a fhiadfach ?> an cheist atá ort a
dhéanamh amach. Áfaig, atá Dia ar neamh a fhoillsíos nithe diamhar,
dorcha, agus as é a thiospáin dhoitse na nithe atá le titim amach insan
aimsir déanach.



Dan.2:28-36. 4. "Hid é an taidhreamh a bhí agad, agus an aisling
a chonarcais: Sínte ar do leabaig a chromais ar
mhachtnamh agus ar iompó id' aigne na nithe a thit<f>each amach ina
dhiagh so. Agus go obann a chonarc<a>is ag seasamh as do chuinne
íomhá ana-mhór agus <budh ?> eaglach le faicsin í. A bhí a ceann
déanta do dhearg-ór; a ucht, a guala agus a lámha do airgead; a bolg


L. 294


agus a ceathrúna do phrás; a cosa do iarann; a troitheach<a>, cuid
díobh do iarann agus a' chuid eile do chré. A fhéachais ansion go géar
agus a chonarc<a>ís cloch a gearrag amach gan lámha as sliabh agus
a thit sí ar throitheacha an íomhá agus a rin smúite de, idir ór airgead
prás iarann agus cré: níor 374 fhan rian díobh; a fuadaíog iad go léir
as do láthair mar a fhuadaíonn gaoth an cáth do urlár buailte insa
bhfómhar. Ansion a dearnag cnoc mór do<n> chloich úd agus a líon
sí an domhan go léir. A budh í sin do aisling, a Rí, agus ag seo dhoit
an chiall atá inte.



Dan 2:37-49. 5. "As thusa fhéin rí na rithe. A thug Dia dhoitse
ríocht, neart, comhachta, glóire agus ceannas as
cionn an domhain go léir. As tusa an ceann óir. Id' dhiagh-se tiucfaig
ríocht eile as lú ná do cheann-sa. Ansion, a' tríú ríocht do phrás, a
bhéarfas uachtaránacht as cionn an talún uile; agus beig an cheathrú
ríocht láidir mar iarann, oir fé mar a bhriseann iarann na uile nithe eile,
bris<f>ig an ríocht sion an uile chomhachta daonna agus buafaig ortha.
Agus amhla a chonarc<a>ís troitheacha an íomhá déanta do i<a>rann
agus do chré, ciallaíonn sion go mbeig an ríocht úd cuid dé láidir agus
cuid de lag. Agus an chloch úd a thit ar throitheach<a> an íomhá agus
a rin smúite de go léir, ciallaíonn sion go n-ardóig Dia, in aimsir an
cheathrú ríocht, ríocht spirideáltha a líonfaig an domhan go léir agus a
sheasóig gan traochadh go brách. Hen dhoit, a Rí, do aisling agus
an bhrí atá inte."



Ar chlos sion don rí, a chaith é fhéin ag cosa Dhónaill agus adúirt,
"Go dearfa as é bhúr nDia-na Dia na ndéithe agus ard-tiarna <na> n-uile
rithe, do fhoillsig dhoitse na nithe dorcha agus a thug tuigsean dhoit
na nithe doimhin dothuigseana so a dhéanamh amach." Ansion bhronn
an rí tabharaistí an-mhór ar Dhónall agus a rin ceann agus máistir
dé as cionn prionsaí a ríocht go léir. Agus a fuair uadh <an> rí a
thriúr camrádaithe, Ananias, Azarias agus Misael, a bheith ina
n-uacht<a>ráin ar chríoch na Babylonia. Áfaig a chiomád sé Dónall ina
fhochair fhéin insa phálás.



Dan.3:1-90. 6. Tamall ina dhia<i>gh sion a rin Rí Nebuchodonosor
íomhá óir a bhí trí fichid banlámh in aoirde, agus sé
banlámh i leithead, agus a chur suas í ar mhachaire Dura i gcríoch
na Babylonia. Agus a chuirnig sé prionsaí, mór-uaislí, siriaim,
breitheamh agus uachtaráin an ríochta go léir chun an íomhá sion do
adhradh. Agus a thugag an fhógairt seo amach: bíoch fhi<o>s agaibh
go léir agus t<u>igig, chón luath agus a air<e>oig sibh na drumaí dá
bpléascadh, na trúmpaí 375 ag séideamh agus na ceoltha eile ag
seinm, go gcromfaig go aoinne agaibh síos agus go n-adharfaig sibh an
íomhá óir a chur an rí suas. Agus aoinne agaibh a dhiúlthóig sion a
dhéanamh, go gcaithfear isteach é insa fúirnéis tintí atá ar dearg-
lasadh."



Do dearnag an gnóth sion. A adhradar go léir an íomhá ach triúr
camrádaithe Dhónaill. A thánaig cuid dhos na prionsaí agus a 'nis-
eadar sion don rí. A órdaig an triúr sion a thabhairt chuige agus adúirt


L. 295


go feargach leo, "A Ananias, a Azarias agus a Misael, a rinneas
uacht<a>ráin dhíbh as cionn na dútha so, agus a 'niseag dom ná crom-
<f>ach sibh síos agus mo íomhá-sa ná na déithe eile atá agam do adhradh."
"As fíor sion, a Rí," ar siad: "ní fhiadfaimís do íomhá-sa ná aon dia eile
a adhradh ach an t-aon Dia amháin a chruithnig neamh agus talamh
agus na uile nithe atá ionta." "Más ea," arsa <an> rí, "'nisim-se dhíbh go
pointeáltha, ar seinm na ceoltha, muna ndéanfaig sibh mo íomhá-sa
do adhradh go gcaithfear isteach sibh insa bhfúirnéis tintí atá ar dearg-
lasadh. Agus cá bhfuil an dia, ar neamh nó ar talamh, a fhiadfaig sibh
a shaoradh?" "Níl againn le rá lead, a Rí, ach an méid seo, go bhfuil
ár nDia-na ábaltha ar sinn do shaor<adh> más maith leis. Ach, saorach
sé nó ná saorach, bíoch fhios agad ná adharfam go brách do íomhá-sa
ná aon dia bréagach eile, ach ár nDia uilechomhachtach fhéin." Ansion
do ordaig an rí an fhúirnéis a lasadh seacht n-uaire níos mó ná a lasag
riamh roimhe sin í, agus an triúr úd a cheangal agus a chaitheamh
isteach i lár na fúirnéise. Agus do éirig an lasair naoi mbanlámha
agus dá fhichid as cionn na fúirnéise, agus a rin sí luaithreán dos na
fir a chaith an triúr sion inte. Áfaig, ina dtaobh sion, a thiteadar
ceangailthe, féna gcuid éadaig, i lár an lasair. Ach a chuir Dia a aingeal
beannaithe uadh neamh a bhain an teas agus an fórsa as an lasair
insa chás nár bhain a' tine ar aon chor leo, ach a bhíodar chón compord-
úil agus dá mbeidís maidean shamhraig ag siúl ar mhachaire drúchta,
agus a chromadar i lár na fúirnéise ar amhrán agus ar Dia a mholadh
go ard, ag rá, "As 376 beannaithe thusa, a Thiarna Dhia ár sinsear.
As ceart glóire moladh agus buíochas a thabhairt dhoit tré shaol na saol.
Do shaorais sinn uadh láimh an bháis agus níor ligis don tine sinn a
loscadh." Ansin a ghlaodar ar na uile chréatúirí atá ar neamh agus insa
chruithneacht go léir, ar aingil na bhFlaitheas, ar an ghrian, ar an ré,
na réalthanna, na plánadaí, na spéartha, an tóirneach, na scamaill,
ar éanlaithe an aeir, ar éisc na mara, ar na cnuic, na sléite, ar bheithíg
na talún, ar na uile dhaoine, cuir leo ag breith buíochas le Dia i dtaobh
fóirthean ortha agus i dtaobh an mhór-thrócaire a thiospáin sé dhóibh.



Dan.3:91-100. 7. A bhí Nebuchodonosor ina shuí ar a ard-chathaoir
lán do iontas. Adúirt sé lena phrionsaí, "Nach triúr
fear a chaitheamar isteach, ceangailthe insa fúirnéis?" "As ea go
deimhin," ar siad. "Más ea," ar sé, a chím-se ceath<r>ar fear scaoilthe
ag siúl insa fúirneís i lár an lasair, agus níl dochar ar bith ortha, agus as
cosúil le mac dé gnúis an cheathrú dhuine." Ansion a dhruid an rí le
béal an fhúirnéis agus adúirt, "A Ananias, a Azarias agus a Misael,
a sheirbhísig an Dé as aoirde, tigig amach as an bhfúirnéis agus tigig
anso chúghamsa." A thánadar amach as lár na tine agus a chnósaig
na uaisle go léir tíompall ortha, agus ní bhfuaradar go fiú ribe dá
ngruaig loiscthe ná rian ná balaithe tine ar a gcuid éadaig. Ansion
adúirt Nebuchodonosor, "Go mbudh beannaithe go brách Dia na
<bh>fearaibh seo, Ananias, Azarias agus Misael, a chuir a aingea<l>
<bea>nnaithe do shaoradh a sheirbhísig a chreid ann agus a chur a
muinín ann. Níor ghéilleadar do ordaithe an rí agus a thugadar iad
féin suas go toiltheanach chun báis níos túisce ná a adhar<f>aidís


L. 296


aon dia eile ach a nDia ceart fhéin. Ar an abhar sion achtaím-se uadh
an lá so suas dhos na uile dhaoine atá iom' ríocht, gan aoinne a <la>bhairt
focal as an tslí i gcuinnibh Dé na bhfeara so. Agus pé duine a labhrann,
é a chur chun báis agus carn aoilig a dhéanamh dá thig. Oir níl aon
dia eile ar bith a fhiadfas daoine a shábháil ach a<n> Dia sin amháin."



377 8. Tugaimís fá ndeara ar dtúis gur ró-fhíor na focail seo adúirt
ár Slánathóir an tráth a loirg an deamhan air na clocha a iompó in arán:
"Ní do dhruim aráin amháin," ar sé, "a mhairfeas an duine, ach do
dhruim gach focal a thagas amach as béal Dé." Troscadh agus tréanas
a shláthar dhos na ógánaig beannaithe seo spirid na eagna trénar
rugadar bua ar locht a gcó-aois. A b'é a thug neart, sláinte agus
dathúlacht dhóibh do bhreis ar na aos óig eile a bheathaíog le bia an rí
fhéin, agus as é <a> dhíon agus a chosain agus a shaor iad uadh lasair na
fúirnéise dirige. As figiúir an triúr úd i lár na fúirnéise ar na fíoréin
a bhíonn dá ngreadadh, dá gcéasadh agus dá gcrá ag ainnisí saoltha,
arsa na Aithreacha Naofa. Oir fé mar nár rin a' lasair díth ná díobháil
dhóibh súd, ach na téada a cheangail iad a loscadh, oir a chur Dia
chúghtha aingeal a bhain an fórsa as an dtine, amhla sion do anacraí
saoltha: ní dhéanaid díobháil ar bith do sheirbhísig Dé, ach loiscid agus
glanaid amach as a n-anamn<a>cha na ainmhiana peacúil. Díonann agus
cosnaíonn grása Dé iad uadh thine na bpeacaí: sileann sí anuas mar
dhrúcht ortha: tugann sí neart, compord agus faoseamh dhóibh.



9. An íomhá iontach úd a chonair<c> Nebuchodonosor agus a bhí
déanta do ór, do airgead, do phrás, do iarann agus do chré, a chiallaigh
sí na ceithre impireachta budh threise a bhí riamh insa domhan:
Impireacht na Assyria, na Persia, na Gréige agus na Rómha. Agus
an chloch úd a gearrag gan láimh as an sliabh agus a rin ceo don íomhá
úd agus a líon an talamh go léir, ciallaíonn sí Eaglais Chríoist a leath-
far ar fuaid an domhain agus a sheasóig go brách. Oir an uair, adéis an
bhreithiúnais, a bheig an saol so agus a bhfuil ann imithe i
neamhní, beig domhan nua agus spéartha nua ann, lá gach oíche go
brách. Agus insa domhan álainn sin cónóig Críost agus an dram a
chreid go fírinneach ann agus a ghéill uadh chroí dho. Agus ní bheig
peaca ná brón ná ciach ná bás go deo insa ríocht san, ach sólás, com-
pord, beatha, sláinte agus aoibhneas gan deire gan tómhas gan teora.
Agus hen í a' ríocht atá le fáil ages go aoinne 378 againne a chó-
líonann atha<nta> Dé agus na Eaglaise. Agus go dtugaig Dia dhúinn
sion a dhéanamh. Amen.


L. 297



LIV. NEBUCHODONOSOR CHANGED INTO AN OX



1. Seacht mbliana déag adéis na thit amach do Nebuchodonosor
na nithe iontach úd arnar thrácht mé iom' chomhrá déanach, a rin sé
cúncas ar an Égypt agus ar go aon ríocht eile a chur ina chuinnibh,
agus do atag a chroí suas ar fad le spirid an uabhair. Ar an abhar sion
a cheap Dia é a umhladh, chun a thiospánadh do sion agus dhos na
uile ndaoine nách ceart dho aoinne a bheith mustarach, uailleach,
mórchúiseach ná poimpiúil i dtaobh aon onóir, rath, séan ná comhachta
saoltha a bhíonn aca, ach cuimhneamh i gcónaí gurb é Dia a thug dhóibh
a bhfuil aca, agus buíochas a ghabháil leis i dtaobh é a bhronnadh ortha.
A chuir Dia i gcéill don rí seo, tré thaidhreamh, an smacht a bhí le imirt
air. A chonairc sé crann ag fás i lár na talún: crann mór láidir na
shrois a bharra na spéartha, agus do leathadar a ghéaga amach as cionn
na talún go léir. A bhí sé clúdaithe le bláthanna, le duilliúr agus le
tortha gan teora. A luíodar na beithíg féna scáil agus éanlaithe an
aeir ar a ghéaga, agus a fuaradar go léir a mbeatha uadh thortha an
chrainn. Ansion a thánaig fear faire agus neach naofa anuas uadh
neamh agus do fhógair go ard an crann a ghearradh anuas, na géaga a
scothadh dé agus a thortha a scaipeadh. "Teithidís," ar sé, "na
beithíg uadh a bheith féna scáth agus na éanlaithe uadh 'ghéaga.
Ach fágaig bun a phréimh insa talamh. Cea<n>galthar é le fonnsa
iarainn agus práis, clúdaítear é le féar mín na má, fliuchtar é le
drúcht uadh an spéir agus fágtar é i gcuibhreann na mbeithíoch.
Aistríthear a chroí uadh a bheith ina chroí daonna: tugtar croí bheithíg
dho agus bíoch sé amhla sion nó go n-im<e>oig seacht saosúir tha<i>ris."



Dan.4. 2. A bhí an rí ana-bhuartha do dhruim a' taidhreamh sion,
agus a chuir sé tionól ar na draoithe go léir agus ar locht
feasa na ríocht agus níor <fh>iad aon cheann aca brí an taidhreamh
a dhéanamh amach. A chur sé ansion fios ar an <bh>fáig Dónall, agus a
'nis a thaidhreamh dho. Do stad an fáig ar feag 379 uaire a' chluig
gan focal a rá. A shóinseáil a aghaidh go iontach agus a bua<i>reag
go mór é. "A Dhónaill," arsa an Rí, "ná glac buaireamh do dhruim
an taidhreamh, ach inis dhom a bhrí." "A Rí," ar sé, "bíoch an taidh-
reamh chun an dram do fhuathann thu agus a bhrí doit' namhaid.
A' crann mór leathan ard álainn úd a chonaircis, a rin futhain do
bheithíg agus do éanlaithe agus a thug bia dhóibh, as tusa féin <é ?>, a
Rí: do fhásais suas agus do bhorrais agus do leathnaig ar fu<a>id an
domhain go léir. Agus an fear faire agus an neach naofa úd a chonaircís
ag teacht anuas uadh neamh agus do ordaig an crann a ghearradh agus
na géaga a scothadh de, bun a phréimh do fhágan insa talamh, é a
cheangal le fonnsa iarainn agus práis, é a chlúdach le féar mín na má,


L. 298


é a fhliuchadh le drúcht agus é a fhágain ar feag seacht saesúir i gcuibh-
reann na mbeithíoch - ciallaíonn sion gur ordaig Dia na bhFlaitheas
thusa a dhíobairt uadh chóluadar na ndaoine agus a bheith seacht
mbliana id' chónaí i bhfochair na mbeithíoch agus ag iníor ar nós bó.
Fliuchfar thu le drúcht uadh 'spéir, fás<f>aig do ghruaig amhail cleití
fiolair agus do ingní amhail crobh éin, go n-aithn<e>oir agus go n-ad-
mhóir go bhfuil Dia ar neamh do riaras na uile nithe ar talamh agus
atá ina ard-mháistir ar an domhan go léir. Agus anis, a Rí, glac mo
chomhairle: déin cúiteamh id' pheacaí le déirc a bhronnadh ar na
boicht, agus déin leorghníomh id' dhroch-bhearta le trócaire a thiospáint
don dram uireaspach. Oir b'fhéidir go dtiucfadh lead, trí na nithe
sin, maithiúnas a fháil uadh Dhia."



I gcionn bliana ina dhiaigh sin a thit na nithe sin go léir amach do
Nebuchodonosor.



Dan.4:26 et seq. 3. Lá ina raibh sé ag siúl ina phálás adúirt sé,
"Nách í seo an chathair mhór álainn Babylon a
rinneas-sa mar thig mo ríocht le neart mo mhór-chomhachta agus chun
mo ghlóire a thiospáint go brách." As ar éigean a bhí na focail as a
bhéal an uair a airig sé guth ag rá leis, "A Rí Nebuchodonosor,
adeirtar lead go n-im<e>oig do ríocht uait agus go ndíobaireofar thu
as measc chólu<a>dar 380 ndaoine, agus beir feasta i bhfochair na
mbeithíoch alltha, ag iníor ar fhéar mar aon bheithíoch eile, agus sion
ar feag seacht mblian nó go mbeigh fhios agad go bhfuil Dia ar neamh a
riarann go aon ríocht insa tsaol so, agus a thugann iad dho pé duine as
maith leis." Ar an nómant céanna a cuireag na focail sin i bhfórsa. A
bhí sé ar feag seacht mblian sóinseáltha ina bheithíoch ar shléibhtibh,
ar chnuic agus i gcoillthibh, gan chiall gan chaint gan tuigsin daonna,
ag maireachtain ar nós na mbeithíoch eile. Agus hid é an cúntas a
thugann sé féin dhúinn insa phroclamation a chur sé amach ar fu<a>id
an domhain. Tosnaíonn sí leis na focail seo: "Nebuchodonosor, an rí,
chun go aon náisiún, pobal agus cine dá bhfuil ar dhruim na talún go
léir: go méadathar sí<o>cháin agus sláinte chúghaibh. Measaim gur
ceart dhom na míorúilí agus na gníomhartha iontach a imir Dia oram,
a 'nisint agus a chur i gcéill dhíbh." Leanann sé ansion <do ?> cúntas a
thabhairt dhóibh ar an dtaidhreamh úd, agus fé mar a cuireag i
bhfórsa air í, agus "i ndeire na seacht mblian úd do ardaíos," ar sé, "mo
shúile chun neamh agus a chas mo chiall chúgham agus do bheannaíos
an té as aoirde agus a mholas an Tiarna uile-chomhachtach agus a
thugas glóire don té a mhaireas le saol na saol. Oir as comhachta
síoraí a chomhachta, agus seasaíonn a ríocht go brách. Déanann sé mar
as toil leis i gcomhachtaibh na bhFlaitheas agus ar measc náisiúin an
domhain agus níl aoinne ar bith a fhiadfas a láimh a chosc ná a rá leis,
"Cad é seo a rinnis?" A chas mo chiall chúgham agus a thánaig mo
chrot fhéin oram agus a loirgeadar mo phrionsaí agus mo uaisle me,
agus a casag arís iom' ríocht me agus a fuair mé comhachta, onóir agus
gradam níos mó ná a bhí riamh roimhe sion agam. Ar an abhar sion
tugaim moladh, glóire agus buíochas do Dhia na bhFlaitheas, oir as


L. 299


trócaire a oibreacha go léir. As ceart a bhreithiúnas agus as é a íslíonn
agus a chaitheann anuas dram an uabh<a>ir."



4. Tiospánann Dia leis an sampla iontach úd cad é an díolthas a
bhainfig sé do locht an uabhair, agus go n-ísleoigh sé chun ranc na
mbeithíoch na daoine do atann iad fhéin 381 suas agus a mheasann
gur fearr iad ná cách eile. "Figiúir," arsa Naomh Barnán, "an rí seo ar
an bpeacach. Oir fé mar a chaill a' fear úd a chiall, a ríocht agus a
chrot daonna tréna mhustar, agus a sóinseálag é ina bheithíoch, cailleann
<an> peacach grása Dé agus déantar é ní amháin cosúil le beithíoch ach,
fós leis an deamhan féin. Agus do réir mar a fuair an rí úd, lena shúile
a thógan suas chun neamh, a chiall, a chrot agus a ríocht thar n-ais,
amhla sion, an uair a thógann an peacach súile a chroí, le spirid na aithrí,
suas chun Dé, sóinseálthar é uadh staid bhrúidiúil a pheaca, faigheann
sé thar n-ais saibhreas na ngrás, agus má leanann sé beatha rialtha ar
feag an chuid eile dhá shaol buanófar go brách é i ríocht na bhFlaitheas.
Oir fé mar adúirt ceann eile dos na Aithreacha Naofa, "Má bhí sé do
uirchóid insa pheaca gur shóinseáil se aingil na bhFlaitheas ina
ndeamhain ngránna, atá sé do bhrí i súáilce na umhlaíochta daoine a
bhí béist<i>úil <a shóinseáil ?> chun a bheith ina n-aingil solasmhara."
Dá réir sin, bíoch misneach againn agus fillimís in am agus i dtráth ar
an dTiarna uile-thrócaireach. Ní measa agus ní mallaithe sinn ná an
rí págánach so a leag anuas agus a loisc an t-aon teampall amháin a bhí
ag Dia an tráth úd ar dhruim na talún, a dhoirt fuil dhaonna ina
srutháin, a rin luíthrom agus foirneart ar bhochtáin. Ach tré aon
tógain amháin a rin sé suas chun Dé ar a shúilibh uaibhreach, a fua<i>r
sé, ní ea amháin maithiúnas uaig, ach fós, a bhronn Dia tabhar<th>as
an chreidimh chóir air.



5. Ní raibh riamh ar an dtalamh cathair budh mhó agus budh
dhaingne ná cathair Babylon. A b'í an chéad chathair a tógag adéis
<na> díleann. As inte a bhí túr Babel a<g> clainn Noa á dhéanamh chón
ard leis na spéartha. Agus a thógadar í nó go raibh míle do aoirde inte.
Áfaig a chaitheadar scuir do bheith á thógan a thuille, oir a chur Dia
scaipeadh ortha tré shóinseáil a chur ar a gcaint. As inte a shocraig
Nimrod é fhéin agus a budh é an chéad rí a bhí riamh 382 ar an
<d>talamh é. A mhéadaíodar na rithe a thánaig ina dhiaig an chathair
seo. Ar feag <na ?> ceithre chéad déag agus chúig bliana déag agus
fiche a sheasa<i>mh Impireacht na Assyria, a bhí an chathair seo ina
máistreás ar an ndomhan. A mhéadaig Rí Nebuchodonosor go mór
thar barr í. A rin sé fallaí tíompall airthe a bhí céad truig ion aoirde
agus chón leathan sion go bhfiadfach ceithre charráistí, agus ocht
capaill fé go aon cheann díobh, tiomáint taobh le taobh ar bharra an
fhalla. Agus dé astig don bhfalla a bhí an oiread san talún agus a
chothóch na daoine a bhí insa chathair súd agus ná faighidís blúire bíg
uadh an dtuaith.


L. 300


A bhí na deich mbliana agus trí fichid, a cheap Dia an pobal Abhra
<do fhágáil ?> i mbraighdeanas i gcríoch na Babylonia, nách mór caite,
agus a cheap sé iad a shaoradh agus a chasadh ar a ndútha féin arís.
Agus ag seo mar a thug sé an gnóth sion chun chinn.



Dan.5:1-12. 6. A bhí dútha sléibhe sior uadh thuaig do impir-
eacht na Babylonia agus a bhain lé. Persia an ainm
a bhí airthe. A rin rí na dútha sion reb<e>lúntacht i gcuinnibh Baltasar,
rí na Babylonia. Mac mic Nebuchodonosor a budh ea é, agus Darius
budh ainm do rí na Persia. A thug sé sion, uadh a bhí sé críonna caite,
riarú a shaighdiúirí do Chyrus, mac a iníne. A rin an óigfhear sion
tréanáil cheart ar <n>a buachaillí uadhs na sléibhte agus a rinneadar
ceo, go mion minic, dhos go aon arm a chur rí na Babylonia ina gcuin-
nibh, insa chás gur thánadar insa deire agus a chuireadar siege le
cathair Babylon. Ach as amhla a chrom locht na cathracha ar mhag-
adh fútha. A ghaibh Cyrus tíompall fallaí an chathair agus a chonairc
nár bhudh fhéidir í a thógain go brách le neart airm. A dhruid sé tamall
maith amach uadh an gcathair agus a chrom sé - é féin agus a shaigh-
diúirí - ar thrinse mhór doimhin leathan a ghearradh ar feag fiche lá.
A mheas Rí Baltasar agus locht an chathair gur imig Cyrus agus a
mhuintir uadh an dútha ar fad, agus ná fillfidís go brách. A rin sé
ansion suipéar mór do mhíle dá phrionsaí. I lár a meidhir, agus a
mbuilg líonta do fhíon, do ordaig an rí na cailísí agus na suithí eile
beannaithe a bhain le 383 teampall Dé a bhí i gcathair Jerusalem agus
a thug Nebuchodonosor leis go Babylon an tráth a dhóig sé an team-
pall úd - do ordaig an rí iad so a thabhairt isteach chuige agus do ól
sé fhéin, agus a phrionsaí, a mhná agus a leannáin, fíon as na suithí
naofa sion, agus a chromadar ar amhrán agus a mholadar go ard a
ndéithe falsa a bhí déanta do ór, do airgead, do phrás, do iarann, do
chlocha nó do adhmad, íomhágha bodhar balbh gan bheatha gan siúl
gan anam, ná fiadfach fóirthean ar aoinne ná ortha féin. I lár a meidhir,
a chonarca<tha>s lámh nduine ag scríobhadh ar a' bhfalla a bhí thall as
cuinne an lampa mór a thug solas do<n> halla go léir. A chonairc an rí
an lámh ag scríobhadh. A bhán a aghaidh, a thánaig eagla agus critheán
air, agus a bhualadar a ghlúine i gcuinnibh a chéile, agus le guth ard
do ordaig sé na draoithe agus locht feasa a thabhairt go diair isteach
chuige, agus adúirt, "Pé duine agaibh a léifig an scríbhinn sin agus a
dhéanfaig a éifeacht amach dhom, cuirfear brat corcra air, prásléad
óir faoina bhráid, agus beig sé ina threas uachtarán im' ríocht." Ach
níor fhiad draoi ná fear feasa an scríbhinn a léamh ná an chiall a bhí
inte a dhéanamh amach. A mhéadaig eagla an rí, agus a bhíodar a
phrionsaí chón buartha leis. A shrois an scéal máthair an rí. A thán-
aig sí isteach do<n> halla agus adúirt, "A Rí, ná bíoch buaireamh ná
eagla ort. Imeacht an bháine sin doit' aghaidh. Atá fear le fáil a
dhéanfaig an gnóth so amach: duine atá lán do spirid naofa Dé - amhail
a fuair do sheana-athair, Rí Nebuchodonosor, amach, a rin prionsa
agus ard-cheann de as cionn draoithe agus locht feasa, léann agus eagna
na ríochta go léir. Agus as é fear é sion Dónall an fáig."


L. 301


Dan.5:13. 7. "Glaoig chúgham gan stad é," arsa an rí. A glaog,
agus adúirt an rí leis, "A Dhónaill, a 'niseag dom go
bhfuil eolas, tuigsin agus ard-eagna oirirc agadsa, do bhreis ar aoinne
beo. Má dhéanann tu amach dom an scríbhinn úd thall ar a' bhfalla
agus an bhrí atá inte, clúdófar thu le brat corcra, cuirfear prásléad
óir faoi do bhráid agus beir id' threas prionsa as onóraí im' ríocht-sa."
"Ciomád do thabharaistí 384 dhoit fhéin agus bronn do shaibhreas
agus do chéim onóra ar dhuine éigin eile," arsa Dónall, "ach léifead-sa
dhoit an scríobhnóireacht agus déanfad amach an chiall atá inte, a Rí.
A thug Dia - an t-aon Dia amháin atá ina ard-mháistir ar neamh agus
ar talamh - dhod' sheana-athair-se, Nebuchodonosor, ríocht, ceannas,
glóire agus onóir as cionn an domhain go léir. A<ch> do bhrí gur atag
suas a chroí le spirid an uabhair a díobairíog é uadh chóluadar ndaoine
agus a chaith sé seacht mbliana sóinseáltha ina bheithíoch i bhfochair
na asail fiain agus beithíg alltha eile, nó gur aithin sé agus gur admhaig
sé go bhfuil Dia ar neamh a riaras go aon ríocht insa domhan, agus a
bhronnann iad ar pé duine nar mhaith leis. A bhí fios na nithe seo
agadsa, a Rí. Áfaig níor umhlaís do chroí do Thiarna na bhFlaithis,
ach do éirís suas ina chuinnibh agus níorbh fholáir lead na suithí
beannaithe a bhain lena theampall a thabhairt chúghad, agus do ólais
fhéin, do thiarnaí, a mná agus a leannáin fíon asta; agus a mholabhair
go ard bhúr ndéithe déanta do ór, do airgead, do phrás, do iarann agus
do chlocha, déithe falsa ná faiceann, ná labhrann, ná cloiseann agus ná
siúlaíonn. A thugais glóire agus onóir dhos na íomháibh bréagach sion,
áfaig níor thugaís glóire, onóir ná moladh do an t-aon Dia amháin a
chuir anál na beatha ionad. As ar an abhar sion a cuireag chúghad
an láimh úd a scríobhaig ar an bhfalla ná trí focail seo: "Mane, Theckel,
Phares." "Mane," ciallaíonn sion gur comhairig Dia aimsir do
ríocht-sa agus gur chur sé deire lé. "Theckel," ciallaíonn sion gur
mheáig sé insa mheá thú agus go bhfuarag éadrom thu. "Phares,"
gur roinneag do ríocht agus gur thugag do locht na Persia í."



An oíche chéanna sion a chríochnaig Cyrus an trinse agus a iompaig
isteach inte an abhainn mhór a bhí ag rith trí chathair Babylon.
A ghaibh sé fhéin agus a shaighdiúir isteach tré leaba na abhann, agus
sula dtáinig an mhaidean a bhí an chathair tóigthe aca, agus a mhar-
aíodar an rí a tharr<aig> air féin an droch-íde sin tréna chuid meisc<e>
agus tré an easonóir a thiospá<i>n sé dhos na suithí beannaithe a bhain
le 385 teampall Dé.



8. Tuigimís as na nithe seo, arsa Naomh Jerome, cad é an díoltha<s>
eaglach a bhainfig Dia as na Críostaithe a thugann <easonóir ?> go fiosach
dhos na nithe naofa a bhaineann le Dia. A gearrag <anuas ?> an págánach
bocht úd ná raibh aon aithne na eolas aige air, i dtaobh fíona a ól as na
suithí a coisríog fá chomhair seirbhís Dé. Níor rin sé aon chuir ná
peaca eile ach an méid sin, agus mar gheall ar sin a gearrag amach
uadhna ríocht <é ?> agus a imreag bás air. Ficig mar sin cad é an oíde
eaglach atá fá chomhair na <g>Críostaithe nar beannaíog a gcuirp agus
a n-anamnacha chun a bheith ina dteampaill agus 'na n-áit chónaithe


L. 302


ag an Spirid Naomh, agus sailíd agus truaillíd na cuirp agus na anam-
nacha sion le meisc<e> agus le drúis. "Pé duine," arsa an tAspal Naomh
Pól, "a shailíos teampall Dé, tabharfaig Dia léirscrios ar an duine sin."
Áfaig, ní stadann mallathacht a lán aga<i>nn ansion, ach téimíd níos
sia: tugaimíd masla don noí as naofa ar bith, do Dhia féin i bpearsa,
ag glacadh chorp Chríoist ar dhroch-staid tré dhroch-fhaoisdin a
dhéanamh. Agus mar sion bímíd ciontach i bhfuil agus i bhfeoil Mhic
Dé; ithimíd agus ólaimíd damaint shíoraí dhúinn fhéin, tugaimíd
iarracht ar Íosa Críost a chur chun báis amhail a rinneadar na Iúdaíg:
beirimíd greim air agus ofrálaimíd suas don ndeamhan é. Go saoraig
Dia sinn uadhna leithéid do chuir uafásach."


L. 303



LV. CHASTITY OF SUSANNA; DANIEL, ETC.



Dan.14. 1. Sula gcríochnóigh mé an cúntas ar an <bh>fáig ard-
bheannaithe Dónall, ní foláir dhom trácht ar nithe eile a
thit amach dho adéis báis Nebuchodonosor, an rí comhachtach úd a
sóinseálag ina bheithíoch. A ghaibh a mhac, Messdach, an ríocht ina
ionad. A bhí an fáig Dónall i gcónaí insa Phálás uadh an uair a rin sé
explaini<n>g ar an dtaidhreamh iontach úd a bhí ag Rí Nebuchodonosor,
mar a 'niseas thana dhíbh. A bhí sé an tráth sion chúig bliana déag
agus dá fhichid do aos. A bhí ana-chion agus ana-mheas ag Rí Mess-
dach air agus a chaitheach sé dinnéar go aon lá i bhfochair an rí.
A budh é Bel, nó íomhá na gréine, an dia bréagach budh nótáltha ag
locht na Babylonia. A budh é 386 an chéad dia bréagach a thógag
riamh ar an dtalamh é, agus a budh iad an dram a bhí ag déanamh Túr
Babel a thóg é an tráth a scaradar go solmanta le creideamh Dé beagán
blian adéis an díleann, agus a caitheag Abraham naofa isteach i dtine
mór chun luaithreán a dhéanamh de do bhrí gur dhiúlthaig sé an íomhá
úd do adhradh. Áfaig a shaor Dia é tréna mhór-chomhachta, agus a rin
sé athair na gcreidmheach de.



2. Do ofráilthí go aon lá dhá bhairille déag do phlúr, bácáltha in arán,
dá fhichid chaoire róstáltha agus sé bhairille fíon don íomhá sion mar
íobairt. A cuirtí go aon tráthnóna ina fhianaise iad, agus ar maidean
ní bhíoch a rian le fáil, oir a thagach na sagairt, a bhíoch ag frithálamh
ar an dia bréagach úd, agus a muintir isteach istoíche tré dhóirse
príobháideach a bhí fé an olthóir, agus do ithidís agus do óla<i>dís an
bia agus an deoch g<o> léir. Agus amhla <sin ?> a chuireadar ina luí ar
na daoine gurbh é Bel a chaitheach é go léir. A théach an rí go aon
lá chun an íomhá sion do adhradh, agus adúirt sé lá le Dónall, "Cana-
thaobh ná adhrann tú Bél?" "Atá, arsa Dónall, "ní adhraim-se dia
marbh, íomhá atá gan anam a rinneag le lámha ceardaithe, ach adhraim
agus onóraim an dia beo a mhaireann le saol na saol, a chruithnig
neamh agus talamh agus a chur anál na beatha ins na uile chréatúirí
atá beo." Adúirt an rí, "Nách dóigh lead gur Dia beo Bel, agus go
bhfaiceann tu an méid do itheann sé agus do ólann sé go aon lá?"
A chrom Dónall ar gháire, ag rá, "Meallthar thu, a Rí: atá an taobh istig
de déanta do chré as na <bh>fuinid criadóirí crús<c>aí, agus an taobh
'muith de clúdaithe le prás. Níor ith sé blúire agus níor ól sé braon
riamh, agus ní fhiadfach sé ithe ná ól a dhéanamh." A ghlac an rí ana-
fhearg. A ghlaoig chuige na sagairt agus adúirt leo, "Muna 'neosaig
sibh dhom cé a itheann a bhia agus do ólann an deoch so go léir a
cuirtear go aon tráthnóna i bhfianais' 387 Bel, cuirfear chun báis sibh.
Áfaig, má thiospánann sibh gurbh é Bel a chaitheann iad, cuirfear


L. 304


Dónall chun bháis do bhrí gur labhair sé go bréagach agus go aithiseach
i gcuinnibh Bel." "Bíoch sé mar sin," arsa Dónall.



3. A bhíoch deichniúr agus trí fichid sagart ag frithálamh go aon lá
ar Bel, an dia bréagach, in éaghmais a mná agus a leanaí. Adúradar
leis an rí, "Féach, cuirfimíd-ne anis a ghnáth-lón ar an gclár i bhfianais'
ár ndia. Dúin-se agus Dónall doras an teampall; cuirig bhúr séala air;
tigig ar maidean go moch agus muna bhfaighig é ite ag Bel cuirtear
sinne chun báis, agus má fhaigheann ite é cuirtear Dónall chun báis i
dtaobh bréag a chur ar ár ndia agus orainn fhéin." Do fhágadar an lón
ar an gclár i bhfianais' an íomhá agus do imíodar leo féin. Do ordaig
Dónall dá sheirbhísig gainimh a thabhairt leo agus a chrothadh ar <an>
urlár. A dhún sé féin agus an rí doras an teampaill agus a chuireadar
a séalaí air. Go moch ar maidean a thánaig an rí agus Dónall chun an
teampall. "Féach, a Dhónaill," arsa an rí, "a' bhfuilid na séalaí slán."
"Atáid," arsa Dónall. Do oscladar an doras. Do fhéach an rí ar a'
gclár agus ní raibh rian bíg ná dí air. Adúirt an rí le guth ard,
"Glóire agus onóir dhoitse, a Bel; níor rinnis riamh bréag." A mheas sé
rith isteach insa teampall, ach a rug Dónall greim ar a láimh agus
adúirt, "A Rí, féach ar dtúis ar an urlár, agus cad a chíonn tu air?"
"A chím," arsa an rí, "rian troitheacha fir, mnáibh agus leanaí." Ansion
do ordaig sé breith ar na sagairt, agus a thiospánadar dho na dóirse
príobháideach a bhí fé an olthóir, tréna dtigidís féin agus a muintir
isteach go aon oíche agus a chaithidís an lón. Do ordaig an rí iad go
léir a chur chun báis i dtaobh a rógaireacht mallaithe, agus a bhris sé
ina píosaí an íomhá gránna úd.



Dan.14:22-31. 388 4. Ní fada ina dhiaigh sion nó go dtánaig
contabhairt budh mhó ná sion ar a' bhfáig ard-
bheannaithe seo. A bhí dragon nó piast uafásach ana-mhór i gcathair
Babylon, agus do adhraidís é mar dhia. A rug an rí Dónall leis lá ag
féachain an dragon, agus adúirt leis, "A Dhónaill, ní féidir doit cur suas
do so ná a shéanadh gur dia é. Oir a chíonn tú go bhfuil sé beo, go
ngluaiseann sé agus go n-itheann agus go n-ólann sé." "Más ea," arsa
Dónall, "tabhair cead domhsa agus tiospán<f>ad go soiléir nách dia ar
aon chor é, ach piast gránna bréan." "Déin," arsa an rí, "agus fanfad-sa
anso nó go dtiucfair." A imig Dónall agus a rin sé trí nó ceathair do
bhullaí do gheir agus do phic, agus a chur sé rón nó clúimh capaill
tríotha, agus a chaith iad chun an dragon. Do shlog go mear iad, do at
suas go mear agus a scoilt air. "Féach anis," arsa Dónall, "an dia a
leithéid sin do bheithíoch." "Admhaím nách ea," arsa an rí, agus a rug
sé Dónall leis chun a phálás. Ar chloisin do locht an chathair an oíde
a thug Dónall ar a' dragon a ghlac dearg-bhuile iad. A thánadar idir
uasal agus íseal chun an pálás agus adúradar leis an rí, "Do iompaís
ar chreideamh na Iúdaíg. A bhrisis ár nDia Bel, a mharaís a shagairt
agus níorbh fholáir lead ár ndia eile, a' dragon, a mharú. Cuir chúghainn
amach go diair an t-údar atá leis na gnótha ró-mhallaithe seo, Dónall,
nó muna gcuirfir, dóifeam thusa agus do mhuintir go léir insa phálás."


L. 305


Budh éigean do<n> rí géilleadh dhóibh agus Dónall a scaoileadh
chúghtha. A rugadar leo é agus a chaitheadar isteach é in uaimh na
leon. A bhí seacht leon lán-ocrach ann, agus a caitheag Dónall isteach
chúghtha. A dúnag béal na uamha ar feag seacht lá, agus chun gur
mó<i>de a alpaidís é níor cuireag aon lón chúghtha ar an bhfeag sion.
Áfaig níor imig díth ná díobháil ar Dhónall, oir a thánaig aingeal Dé
agus a dhún sé béal na leon agus níor lig sé dhóibh baint leis an bhfear
ró-naofa so.



Dan.14:32-42. 5. A tharlaig 389 go raibh i gcríoch Judea fáig,
Habacuc budh ainm dho. A bhí sé ag breith a
ndínnéir chun mithle a bhí ag baint cuirneachta aige. A bhuail
aingeal Dé uime agus adúirt leis, "Beir lead an dínnéar sion chun mo
sheirbhíseach Dónall atá i gcathair Babylon in uaimh na leon." "A
Thiarna," arsa Habacuc, "níl aon aithne agam ar Dhónall agus ní
fheadar cá bhfuil cathair Babylon ná uaimh na leon." A rug an t-aingeal
greim ar ghruaig a chinn, do sc<i>ub leis agus do fhág ar bhéal na uamha.
A l<i>úig Habacuc ar Dhónall, ag rá, "A Dhónaill, a sheirbhíseach Dé,
eirig suas agus caith an dínnéar so a chur an Tiarna chúghad." Agus gan
mhoill a thug an t-aingeal Habacuc leis thar n-ais chun a dhútha fhéin,
a bhí tuille agus chúig chéad míle uadh Babylon. Ar maidean an
<t>seachtú lae a thánaig an rí go brónach chun gol as cionn Dhónaill.
Do ordaig sé an leac a thógain do bhéal na uamha. A fhéach síos inte
agus a chonairc sé Dónall ina shuí, slán folláin i measc na leon. A bhéic
sé amach, ag rá, "As mór thar barr tusa, a Thiarna as Dia do Dhónall."
Gan mhoill do ordaig an rí é a tharraint aníos as an uaimh agus na uaisle
budh bhun le n-é a chur inte a chaitheamh síos ann. Agus do alpadar
na leoin iad sula shroi<sea>dar an t-urlár.



Agus as amhla sion a shaor Dia a sheirbhíseach dílis uadh 'mhór-bhaol
a thánaig air. Agus as amhla a shaorann sé go laeth<i>úil, agus a shaor-
faigh sé go brách, go aoinne a chuireann muinín chóir ann.



A chur an rí ansion proclamation amach ag fógairt dhos na uile ndaoine
a bhí ina ríocht onóir, uirrim agus glóire a thabhairt do Dhia Dhónaill.
"Oir as é sion," ar sé, "an t-aon Dia amháin atá ábaltha ar a sheirbhísig
a shaoradh, agus níl aon dia eile ábaltha ar mhíorúilí agus ar fhearta
iontach a dhéanamh insa domhan, ach é sion amháin."



Dan.13. 6. A thit gnóth eile amach don bhfear beannaithe seo nách
ceart a dhearmad. As gnóth é a chuireann compord ar
go aoinne a daortar insan éagóir. 390 A bhí fear saibhir onórach, nar
budh ainm Joachim dho, 'na chónaí i gcathair Babylon. Agus a phós
sé cailín óg ard-dathúil ana-dhiagasúil: Susanna budh ainm di. A bhí
gairdín breá agus abhlórda álainn ag gabháil le tig Joachim, agus a
thigeach a lán do uaislibh na nIúdaíoch chun siúl ann. A thug Nebuch-
odonosor, an rí, cead dhos na Iúdaig a bhí i gcathair Babylon mair-
eachtain do réir a ndlithe fhéin, agus a thoghaidís go aon bhliain beirt
dhos na uaislibh chun a bheith ina mbreithimh as a gcionn adonn cóir
agus ceart a dhéanamh dhóibh. Bliain áirithe a thoghadar beirt dhos


L. 306


na prionsaí budh aosta agus budh onórach agus budh léannta chun a
bheith ina mbreithimh. A thagaidís-sin, ar nós chách eile, go aon
mhaidean go gairdín Joachim chun cóir agus ceart a dhéanamh don
coiteantacht. A imídís abhaile i meán lae, agus an uair a imídís na
daoine a thagach Susanna lena beirt chailiní chun í féin a ní i bpanna
nó i loch a bhí insa ghairdín. A chonairc na breithimh í. A ghlacadar
dúil inte, agus fé dheire a thiteadar i ngrá lé, "do bhrí," arsa an Spirid
Naomh, "nár chuimhníodar ar Dhia, a dhearmadadar a bhreithiúnais
agus níor ardaíodar a súile suas chun féachain ar neamh." A bhíodar
araon ar lasadh le grá di. Áfaig ar feag tamaill níor lig neart náire
dhóibh é <a> admhadh dá chéile. Lá nar chríochnaíodar a <n>gnóth agus
do imig na daoine eile abhaile do fhan an bheirt seana-mhallathóirí
ina ndia<i>g. Adúirt fear díobh, "As mithid dhúinn dol abhaile chun ár
ndínnéar a chaitheamh." "As lán-mhithid," arsa an fear eile. A lig-
eadar ortha imeacht, ach i gcionn tamaill a fhilleadar arís agus a
bhualadar uime a chéile ar bhruach <a>n locha. Ansion do inseadar
dá chéile cad a thug iad, agus a rinneadar plot cionas a thiucfaidís ar
Shusanna a bheith do réir a dtoil' aca. A aimsíodar an lar na bháireach
chun a' gnóth sion a dhéanamh. Adéis a imig an pobal uatha, a
chuadar i bhfolach fés na crainn, agus ní fada nó go dtánaig Susanna
lena 391 cailíní chun í féin an ní insa linn. Agus adúirt sí leo,
"<Dúnaig> na dóirse agus gabhaig isteach insa chúl-doras. Tugaig libh
galúnach agus éadaí chun go nífinn me fhéin, oir atá an aimsir ana-
bhrothallach." A imíodar leo fhéin agus ansin a phreab an bheirt
mhallathóirí amach as a luíochán, a rugadar ar Susanna, ag rá, "Atáimíd le
fada ag fáil bháis le neart grá doit. Ciontaig linn: níl aoinne ag féachain
orainn: atáid na dóirse go léir dúnta. Agus muna ndéanfair, dearbhóimíd-ne
id' chuinnibh i láthair an phobail go léir go rugamair ort ag luí le
óigfhear agus gur leis an intinn sin a chuiris do chailíní uait."



A chrom Susanna ar osnaíl go cruaig, agus adúirt, "Atáim cúngaithe
ar gach taobh, oir má ghéillim dhíbhse as bás anama dhom é, agus muna
ngéillfead creidfear bhúr dteastas-sa im' chuinnibh agus cuirfear chun
báis me. Áfaig as fearra dhom bás do imirt go éagórach oram ná peaca
a dhéanamh agus Dia ag féachain oram." A liúig sí go ard agus a liúdar
sion in aonfheacht lé. A rith fear aca chun dorais an ghairdín agus do
oscail é. A thánadar na seirbhísig go léir ag féachain cad budh bhun
leis an geoin. Adúradar na breithimh go bhfuaradar fear ag luí ina
fochair. A lasadar na seirbhísig suas le dearg-náire, oir ní dúrag focal
riamh i gcuinnibh creid<i>úna Susanna.



7. A' lar na bháireach a chnósaig an pobal go léir agus do ordaig na
breithimh Susanna a thabhairt ina láthair. Agus a thánaig sí lena
muintir agus lena gaoltha go léir. A bhí folach ar a aghaidh, agus do
ordaig na mallathóirí é a thógan dí chun go sásóidís a súile drúisiúil
le féachaint ar a breáthacht. A chrom sise ar ghol agus do fhéach go
cruaig suas ar neamh gan focal a rá. Oir a bhí a croí lán do mhuinín
go saorfach Dia í.



A thánaig na breithimh; a chuireadar a lámha ar a ceann, ag rá,
"A bhíomair ag siúl inár n-aonar insa ghairdín agus a thánaig an bhean


L. 307


so lena beirt chailíní isteach. A dhún sí doirse an ghairdín agus a chuir
uaithe na cailíní. Ansion a thánaig ógánach agus a luig sé 392 léi.
A rith<ea>mar-ne agus a rugamair greim air. Ach do bhrí gur threise
é ná sinne níor fhiadamair é a chiomád. Do oscail sé an doras agus a
theith leis fhéin. Do fhiafhraíomair di seo cé ar budh é an fear úd, agus
ní 'neosach sí dhúinn. Dearbhaímíd gur fíor an scéal so, agus iarraimíd
oraibhse, do réir mar a ordaíonn dlí Dé, í a chur chun báis le gabháil
do chlocha airthe. Oir a bhí sí ciontach in adhaltharnas."



A chreid an pobal iad, do bhrí gur breithimh aosta onórach iad, agus
a rugadar leo Susanna chun í a chur chun bháis.



8. Do ardaig Susanna a glór agus adúirt, "A Thiarna, a Dhia uile-
chomhachtaig a chíonn na uile nithe insa domhan, agus na bhfuil fios
na uile nithe agad sula <d>titid ar aon chor amach, atá fhios agad gur
dhearbhaíodar so go bréagach im' chuinnibh-se, agus ná raibh me riamh
ciontach insa ngnóth a chuireadar im' leith. Fóir oram, a Thiarna."
Do éist Dia lé agus a chorraig sé suas spirid gharsúin oig, as é sin
Dónall. Ní raibh sé ach dhá bhlia<i>n déag do aos. A liúig sé amach
le guth ard: "Atáim-se saor uadh chuid fola na mná so." A thánaig an pobal
tíompall air agus adúradar, "Cad é sion agad dá rá?" "Atá," ar se sion,
"go bhfuileann sibhse ag dortadh fola neamhchiontach, gur thugabhair
breithiúnas éagórach ar an mbean so. Fillig agus déanaig a cás a
chuardach mar as cóir, oir tiospán<f>aig mise dhíbh gur leabhartha
éithig a tugag ina cuinnibh." A cuireag an chúirt arís ins suí, agus
adúradar na prionsaí <le> Dónall, "Tair anso agus suig inár bhfochair,
uadh thug Dia ciall agus intleacht na ndaoine críonna doitse."
"Más ea," ar se sion, "deighilthig an bheirt úd uadhna chéile chun ná
beach fhios ag fear aca cad a dhearbhaig an fear eile." A dearnag sion:
a cuireag fear aca amach agus a thánaig an fear eile suas ar an gclár
agus a dhearbhaig go teann gurbh fhíor an scéal. Adúirt Dónall, "Más
fíor, 'nis dom cad é an sórd crainn féna bhfaicis iad?" "Atá," ar se
sion, "fé chrann g<i>úise nó scuilb." "As maith adúrais sion," arsa
Dónall, "oir déanfaig aingeal Dé scuilb díotsa sula fada. 393 A thánaig
fé dheireadh an lá a cheap Dia chun díolthas a bhaint asadsa i dtaobh
go aon chlaon-bhreithiúnas a thugais uait. As mó duine ciontach a
scaoilis saor, agus as mó duine neamhchiontach a dhaorais chun báis."



A tugag an tarna fear isteach agus a dhearbhaig go lá<i>dir gurbh
fhíor an scéal. Adúirt Dónall, "Inis dhom cad é an sórd crainn féna
bhfaicís iad?" "Atá," ar sé, "fé chrann sceithe gil." "As soiléir a
labhrais i gcuinnibh do anam fhéin," arsa Dónall, "oir sula fada tiomán-
far agus sáfar deilgní géara tríd do anam-sa go brách."



A liúig an pobal go léir amach agus a thugadar glóire do Dhia a
shaorann an dram a chuireann a muinín ann. Agus a fhuadaíodar leo
an bheirt seana-mhallathóirí agus a chuireadar chun báis iad le gabháil
do chlocha ortha. Agus as mair sin a saorag an bhean naofa neamh-
chiontach so uadh an mbás a bhí le imirt airthe. Agus a budh é sion an
chéad ghníomh a rin an fáig beannaithe seo. A mhol Susanna naofa,


L. 308


arsa Naomh Jerom<e>, Dia go ard, ní ea amháin do bhrí gur shaor sé í
uadh bhás, ach fós do bhrí gur thug sé neart agus grás di chun buachain
ar an dtiomptáisiún mór a thánaig airthe. "Atá<i>m," ar sí, "cúngaithe
go ró-mhór: má ghéillim díbh peacóig mé i gcuinnibh Dé, agus muna
<n>géillfead atá bás náireach míthrócaireach le imirt oram." Ach budh
rogha lé sion do fhulang ná cairideas Dé a chaill<i>úint. Múineann a
sampla sion dhúinn go léir gur ceart dúinn gach anacra saoltha a
fhulang níos túisce ná bás anama a tharraint orainn féin tré ghrása
Dé a chaill<i>úint le aon pheaca mairtheach a dhéanamh.


L. 309



LVI. DANIEL A SECOND TIME



Dan.6. 1. A thiospáin Cyrus, a thóg cathair Babylon, an onóir
agus an cion budh mhó don fháig Dónall, a bhí an tráth sion ceithre
fichid blian do aos. Oir a fuair Rí Cyrus amach gur inis Dónall dhos
na rithe Nebuchodonosor agus Baltasar go cruinn roimh ré na uile nithe
a thit amach dhóibh. A cheap an rí seo céad agus fiche prionsa as
cionn ríocht na Persia. Do shrois sí uadh an India thoir go dtí an
Ethiopia insa N. Africa, siar uadh dheas. Agus as cionn na bprionsaí
sin 394 a cheap sé triúr eile, donar chaitheadar sion cúntas a thabhairt
ar na uile nithe a thiteach amach ina líomatá<i>ste fhéin. Agus a chuir
sé Dónall as a gcionn go léir, oir a chonairc a' rí gur budh mhó a chiall,
a thuigsin, a eagna agus a eolas ná aon duine eile a bhuail riamh uime.
A líon an gnóth sion na prionsaí eile le formad mallaithe mairtheach
ina chuinnibh, agus do fhair<ea>dar go géar é, ag féachaint a' bhfaighidís
locht nó cúis ann chun é <a> ghearán leis an rí. Agus ní fhuaradar, oir
a bhí sé dílis, fírinneach, macánta ina chúram. A cheapadar ansion slí
ana-ghlic chun greim a bhreith air i dtaobh a chreidimh. A bhí fhios aca
go dian-mhaith ná déanfach sé ar aon chúinse aon ní i gcuinnibh dlí
Dé. A thrialladar ar an rí agus adúradar, "Go mairir go brách, a Rí.
A chuireadar prionsaí, breithimh, rialathóirí agus uacht<a>ráin i
gcomhairle lena chéile, agus a cheapadar gur cheart doitse acht, fógairt
agus ordú a chur amach, pé duine a iarrfas aon achainí ar aon dia nó
duine ar bith, ach ortsa amháin, a Rí, ar feag deich lá agus fiche, é a
chaitheamh isteach in uaimh na leon. Anis, a Rí, daingnigh-se an
t-ordú sion fé do shéala agus do scríbhinn, chun go mbeach fhios ag
go aoinne nách féidir é a chontráil, do réir dlí na Persia, ná sóinseálthar
go brách."



2. A ghéill an rí dhóibh agus a chuir sé an t-acht úd ar bun. Oir ní
raibh fhios aige ar an intinn mailíseach lenar thugadar an chomhairle
sion dho. An uair a fuair Dónall amach an t-ordú sion a chuaig chun a
thí fhéin, a oscail na fuinneogacha, agus, lena aghaidh iompaithe ar
chathair Jerusalem a théach sé ar a ghlúnaibh, fó thrí, go aon lá, ag guí
chun Dé mar budh ghnáth leis, ag iarradh trócaire agus fuascailt a
thabhairt don phobal bocht Abhra a bhí ar díobairt uadhna ndútha
féin ar feag deich mbliana agus trí fichid. Do fhaireadar an dram
mailíseach úd Dónall go géar, agus a chonarcadar é go aon lá ag déanamh
urnaithe chun Dé. A thrialladar ar an rí agus adúradar, "A Rí,
nár 395 achtais fé shéala agus fé scríbhinn ná loirgeoch aoinne ar
Dhia ná ar dhuine ar bith aon achainí ar feag deich lá fichid, ach ortsa
amháin, agus pé duine a chontrál<f>ach an t-acht sion é a chaitheamh
isteach in uaimh na leon?" "As fíor sion," arsa an rí, "do réir dlithe na
Persia, nách féidir a athrú." "Más ea," ar siad, "féach ná fuil aon mheas


L. 310


ag Dónall, do ard-chounseléir, ortsa ná ar do dhlí, ach téann sé fó thrí
go aon lá ar a ghlúnaibh ar cur a achainí chun Dé. Ar an abhar sion,
ordaig é a chaitheamh isteach in uaimh na leon." A ghlac an rí fearg
mhór agus buaireamh chuige fhéin i dtaobh a leithéid de dhlí a chur
ar bun, agus a sheasaimh amach go tráthnóna ina gcuinnibh, ag iarradh
Dónall a shaoradh. Ach ní raibh maith dho ann. A chaith sé géilleadh
dhóibh. A rugadar Dónall leo agus a ligeag síos insan uaimh é chun
na leon. Adúirt an rí leis, "A Dhónaill, saorfaig do Dhia thu do bhrí go
rabhais dílis i gcónaí dho." A cuireag leac ar bhéal na uamha agus a
chuir an rí a shéala fhéin agus séalaí na <n->uaisle eile airthe, ar eagla
go ndéanfaí, ar feag na oíche, aon fheall ar Dhónall. A chas an rí chun
a pháláis, agus le neart bróin níor ith sé blúir' agus níor ól braon, ach
a chaith sé an oíche go léir ag gol i dtaobh Dhónaill.



Go ana-mhoch ar maidean a thánaig sé chun na uamha agus do ordaig
an leac a thógan de, agus adúirt go truamhéileach agus go brónach,
"A Dhónaill, a sheirbhísigh an t-aon Dia amháin, atá ann uadh an
uile shíoraíocht roim an uile shaol, ar fhiad do Dhia thu a shaoradh
uadhsna leoin?" "A Rí," arsa Dónall, "a chuir mo Dhia a aingeal
beannaithe a dhún béal na leon, agus níor rinneadar díobháil ar bith
dhom do bhrí go rabhas neamhchiontach ina láthair agus fós id' láthair-
se, a Rí. Agus dá dhruim sin níor imig aon uirchóid oram."



Agus as amhla sion a saorag an fear naofa so uadh an mhór-chon-
tabhairt úd, do bhrí gur chreid sé go fírinneach i nDia. Do ord<aig> an
rí ansion greim a bhreith ar na huaisle a rin an plot mailíseach úd i
gcuinnibh Dhónaill - iad féin, a mná agus a gclann, a chaitheamh síos
chun na leon, do ith agus do alpaig 396 iad sula shroiseadar an
t-urlár.



3. Do ordaig ansion an rí proclamation agus fógairt solmanta a chur
amach ina bhfuirm seo: "Do chum go aon náisiún, pobal agus cine dá
bhfuil ar dhruim talún, go méadaithear síocháin agus rath chúghaibh.
Ordaím dhíbh go léir glóire, onóir, uirrim agus moladh a thabha<i>rt
do Dhia Dhónaill. Oir níl aon dia eile ann ach é sin amháin. Seasaíonn
a ríocht <go> brách agus a thiarnas go síoraí. As é a shaorann agus a
shábhálann, a dheánann comharthaí, míorúil agus oibreach' iontach
ar neamh agus ar talamh. A shaor sé a sheirbhíseach Dónall uadh chraos
agus uadh uaimh na leon."



Budh mhór gan amhras an mhíorúil a rin Dia i bhfábhar an fháig
bheannaithe, dá shaoradh uadh fhiacla agus uadh chroibh na leon.
Áfaig, arsa na Aithreacha Naofa, as mó ná sion an mhíorúil a rinneann
sé go aon lá i bhfábhar na ndeigh-dhaoine, tré n-iad a shaoradh agus a
chosaint uadh fhiacla agus uadh chrobh an leoin Ifreanda, "a bhíonn,"
mar adeir Naomh Peadar, "do ló agus do oíche ag síor-ghabháil tíom-
pall ortha, ag búithrig, a' balathú agus ag féachain amhail leon
tnúthach ocrach, cé aca a fhiadfach a alpadh suas." Ní fhiadann leon
ach corp an duine a stracadh, a chogaint agus a alpadh, <ach maraítear>
anam an duine a ghéilleann dho thiomptáisiún tré thitim i bpeacadh.
Ar an abhar sion, chón luath agus a thiucfaig aon droch-smaoineamh


L. 311


in bhúr gcroíocha, bíoch fhios agaibh go bhfuil leon ard-eaglach ard-
chontabharthach i bhfogas dhíbh. Cuirig sibh féin gan stad fé chom-
araí Chríost, fé chomaraí bhúr n-aingeal chuídeachta agus bhúr
naomh-phátrún. Déin, a Chríostaí, mar a dhéanfá ar fhaicsin duine ag
teacht chúghad le claíomh nochtaithe ina láimh chun thu a mharú:
a bhéicfeá, a liúfá amach, a ghlaofá ar na comharsain teacht chun
tu <a> chosaint, agus a theithfeach an murd<e>réir go mear. "Amhla
sion," arsa an tAspal Naomh Séamas, cuirig i gcuinnibh an diabhail go
misn<i>úil agus teithfig sé uaibh."



Dan.7. 4. Do bhreis ar aon cheann eile dhos na fáige naofa, a thug
Dia fios agus radharc do Dhónall ar na nithe a bhí le titim
amach go deire an tsaoil. A chonairc sé an ghaoth anoir, an ghaoth
aniar, an ghaoth anuaig, an ghaoth 397 aneas ag comhrac lena
chéile ar an bhfairrge, do iompaíog síos suas le neart an chomhraic
iontach sion. Ansion do eirig as an bhfairrge ceathrar beithíoch neamh-
chosúil lena chéile. An chéad bheithíoch i bhfuirm leon agus sciatháin
fiolair airthe. An tarna beithíoch i bhfuirm béir agus trí ranc fiacla ina
bhéal. An tríú beithíoch i bhfuirm leopard: a bhí ceithre cheann agus
ceithre sciathán air. Áfaig budh uafásaí agus budh eaglaí an ceathrú
beithíoch ná an chuid eile: a bhí fiacla mór iarainn a<i>ce agus ingní iarainn
airthe, agus a bhris agus a réab na uile nithe lena fiaclaibh, agus a rin
ceo díobh lena ingnibh. A bhí deich n-adharca airthe agus súile dhuine
ar adharc díobh, agus béal mór a labhair go ard agus go aithiseach i
gcuinnibh Dé agus naoimh na bhFlaitheas. A ghlac an fáig eagla mór
do dhruim a' tiospánadh iontaig seo. Tamall ina dhiaigh sion a chon-
airc sé Dia ag suí ar chathaoir a ghlóire agus na mílthe mill<i>úin aingil
tíompall air. A loirg Dónall ar cheann dos na aingil cad é an bhrí a bhí
leis an dtiospánadh úd. A 'nis an t-aingeal gur comhartha nó figiúir
na beithíg úd ar cheithre ríochta comhachtacha a bhí le éirí insa domhan
uadh am go am, agus go mbeach an ceathrú beithíoch i bhfad níos treise
ná na cinn eile. "Agus na deich n-adharca úd a chonarc<a>ís airthe,
ciallaíd deich rithe a bheig insa ríocht sion. Agus an adharc arna
bhfaicis súile dhuine agus béal mór, a labhair go ard agus go aithiseach
i gcuinnibh Dé agus na naoimh atá ar neamh, hen é an rí déanach don
deichn<i>úr sion: béarfaig sé barr i mallathacht ar na uile rithibh a
thánaig riamh insa domhan so. Ardóigh sé é fhéin suas i gcuinnibh Dé,
meilfig sé agus maróigh sé go aoinne a bhain le Dia, agus tré mhéid a
bhuile agus a chuid uabhair, meas<f>aig sé gur dia é fheín agus gur
féidir dho na saosúir agus na uile nithe a shóinseáil agus do athrú.
Seasóig réim a chomhachta ar feag trí bliana go leith; ansion tiucfaig
Dia chun breithiúnas a thabhairt ar an domhan agus deire a chur leis
an saol so, agus tiucfaig domhan agus saol nua a sheasóig go brách.



5. Tugaimís fá ndeara cad é an meas íseal atá ag Dia ar na nithe
as mó agus as onóraí i meas ndaoine insa tsaol 398 so, an tráth na
gcuireann sé rithe i gcomórtas le beithíg alltha uafásach, agus a mór-
chomhachta i gcomórtas le luaithreán agus le smúit. Meilfig agus


L. 312


alp<f>aig rithe na daoine bochta, agus déanaid do ghnáth luíthrom agus
foirneart ar sheirbhísig agus ar Eaglais Dé. Labhraid go tarcuisneach
agus go aithiseach ar chreideamh Dé agus ar na nithe naofa a chur sé
ar bun chun anamnacha na ndaoine a shábháil. Agus mar sin ollmhaíd
agus réitíd an bóthar agus glanaid é don ard-mhallathóir Antichrist,
a thiucfaig beagán blian roimh lá an bhreithiúnais, agus a dhéanfaig
persecution nó géarleanúint ar na Críostaithe ar feag trí bliana go leath,
nó go dtiucfaig Íosa Críost agus na naoimh uadh neamh chun deire a
chur leis an domhan so go brách.


L. 313



LVII. ON THE OTHER PROPHETS.



1. In éaghmais na ceithre fáige móra úd, Isaias, Diarmaid, Ezechiel
agus Dónall, arnar thráchtas thana libh, a thug Dia dhá phobal
dháréag fáige eile arna dtugtar fáige beag, do bhrí ná fuil ach beagán
dá dtairngrea<ch>ta againn i gcomórtas do<n> mhéid atá againn i ndiaig
an ceathrar úd. A bhíodar ar feag ceithre chéad bliain, uadh am go
am, ag tabhairt comhairle a leasa don phobal Abhra, ag fógairt dhíolthas
Dé ortha muna n-éireoidís dá bpeacaí agus iompó ar Dhia. A thrácht-
adar ar na nithe a bhí le titim amach insan aimsir a bhí chúghtha,
agus go spisialtha ar theacht Mhic Dé, ar a pháis, ar a bhás, ar leathnú
an chreidimh Chríostúil ar fuaid an domhain go léir, agus ar an mbreith-
iúnas dhéanach a chuirfig deire leis an saol so go brách.



2. Osea an chéad cheann díobh. A mhair sé ocht céad blian sula
rugag Críost, agus a bhí sé ar feag céad bliain ag teagasc na ndaoine.
Joel an tarna ceann, fear có-aimsearach do Osea é. Amos an tríú
ceann: aoire bocht a b'ea é, a bhíoch ag tabhairt aire do bha ar na
sléibhte, agus fear gan tabhairt suas gan léann an tráth a thúirlin
an Spirid Naomh air agus a líon é le eagna agus le tuigsin, le naofacht
agus le fórsa chón mór sion ná raibh scáth ná eagla air roimh rithe,
prionsaí, taoisig, uacht<a>ráin ná sagairt, ach a chas go cruaig leo a
bpeacaí agus a ndroch-ghníomhartha, agus a fuair uatha, mar dhíol
ina charthanacht, gur bhaineadar an t-inchinn as. A mhair sé
tíompall seacht céad agus ceithre fichid blian roimh Críost.



Tíompall na aimsire céanna as ea a mhair Abdias, an ceathrú fáig.
A thosain Jonas 399 ana-óg ar bheith ina fháig. 'Neos<f>ad ar ball
dhíbh na nithe iontach a thit amach dho an ua<i>r a bhí sé críonna.
A mhair sé ocht céad agus trí bliana fichid roimh Chríost. Micheas an
séisiú fáig. A mhair sé seacht céad agus ocht mbliana agus ceithre
fichid roimh Chríost. A thrácht go glan agus do ainmnig go cruinn gur
i gcathair Bethle<he>m a béarfaí ár dTiarna Íosa Críost. Nahum an
seach<t>ú ceann: a mhair seacht céad agus dá fhichid blian roimh
Chríost. Sophonias an naoú ceann. A mhair sé insan aimsir chéanna.
Aggeus an deichiú ceann: a mhair sé chúig chéad agus fiche blian
roimh Chríost. As é a chuir misneach ar an bpobal Abhra, adéis a
saorag iad uadh bhruid na Babylonia, teampall Dé a thógan suas arís.



Zacharias an t-aonú fáig déag, a mhair le linn na aimsire céanna.
A thrácht sé go léir ar theacht Mhic Dé i gcolainn daonna. Malachy
an ceann déanach dhos na fáige. Oir ní raibh aon fháig ina dhiaig
ag an <b>pobal Abhra go teacht Naoimh Eoin Baiste, arnar labhair an
fáig seo go glan. Agus a thrácht sé go spisialtha ar naomh-íobairt an
Aifrinn.


L. 314


A thiospánadar na daoine beannaithe seo go léir, ins gach tairngreacht
do fhágadar scríofa ina ndia<i>g, gurbh aon spirid amháin, Spirid Dé, do
bheothaig a gcroíocha. A chasadar a bpeacaí agus a ndroch-ghníomh-
artha leis an bpobal Abhra. A chomhairlíodar go fórsúil dhóibh aithrí
fhírinneach éifeachtúil a dhéanamh, agus dá ndéanfaidís go raibh lán-
mhaithiúnas le fáil aca ionta, trí luacht pháise agus bháis an tSlána-
thóra a bhí le teacht insa domhan. A 'niseadar go cruinn cad a bhí le
titim amach insa tsaol go deire an domhain: comhartha glan siúráltha
gurbh é Spirid Dé a labhair trína mbéal, oir níl aoinne ar bith, ach Dia
amháin, a fhiadfach na nithe atá le titim amach a 'nisin roimh ré.



Jon.1. 3. A bhí cathair ana-mhór insa Asia, Nineveh budh ainm di.
A budh é Ninus, mac mic Noah, a thóg ar dtúis í beagán
blian adéis an díleann. A bhíodar na daoine a chónaig inte a<na>-
mhallaithe, agus a cheap Dia léirscrios a thabahirt ortha i dtaobh a
mallathacht. 400 Áfaig, do bhrí go bhfuil a thrócaire gan teora agus
ná milleann sé aon náisiún, ná fós aon pheacach, gan fógairt agus ré
aithrí a thabhairt dhóibh, a ordaig sé don fháig Jonas dol ag triall ar
locht Nineveh agus bhárnáil a thabhairt dhóibh go n-imreoch sé léir-
scrios ortha muna ndéanfaidís aithrí agus a ndroch-chúrsaí a thréigean
ar fad. Níor mhaith leis an bhfáig dol leis an dteachtaireacht sion agus
a theith sé leis fhéin agus a chuaig go cuan Joppa, agus a imig sé ar
bhord luinge a bhí ag dol go Tharsis insa Spáinn. Ach budh thoil le
Dia a thiospáint don domhan nách féidir do aoinne seasamh amach i
gcuinnibh a órdú, ná an ní a cheapann sé a chosc in aon <t>sórd slí,
ach gurb iad na slite a cheapag chun gabháil contrártha lena thoil, na
nithe céanna a chuireann chun cinn í.



4. A chur Dia ard-stuirm ar an bhfairrge agus a bhí an long i gcon-
tabhairt a báite agus a thánaig scanradh ar na máirnéilig. A ghlaoig
gach fear aca ar a ndia fhéin fóirthean ortha, agus chun an long do
éadromú a chaitheadar an lódáil go léir amach fé an bpoll. Ach ní
raibh maith dhóibh ann. Do mhéadaig an stuirm agus <do> éirig an
fhairrge go iontach. A chuaig Jonas síos go íochtar na luinge, agus le
neart tuirse a thit codladh trom air. I gcionn tamaill a thánaig an
captaín chuige, a dhúisig é agus adúirt leis, "Cad é an sórd duine thúsa,
atá id' chodladh agus sinn go léir i gcontabhairt ár mbáite? Éirig
suas agus glaoig ar do Dhia adonn go saorfaí sinn uadh an mhór-bhaol
ina bhfuil<i>míd." Ansion adúirt fear díobh le fear eile, "Caithimís
crainn chun go mbeach fhios againn cé atá ciontach leis an stuirm
neamhghnáthach so do theacht orainn." A chaitheadar na crainn agus
a thit an crann ar Jonas. Adúradar leis, "Iarraimíd do achainí ort 'nisin
dúinn cionas a thánaig an stuirm mhór so orainn. Cad a rinnis? Cad é
an tslí bheatha atá agad? Cad é an dútha narb as doit? Cá bhfuil do
thriall? Agus cad é an treibh daoine nar díobh thu?" "Atá," arsa
Jonas, "fear do<n> chine Abhra as ea mise, agus as seirbhíseach me don
Tiarna Dia a chúm neamh, talamh, an fhairrge agus na uile nithe atá
ionta. Agus atáim 401 ag teitheadh liom fhéin chun ná rachainn le


L. 315


teachtaireacht chun a leithéid seo do chathair." "As olc an gnóth a
rinnis," ar siad sion, "ach 'nis dhúinn cad atá le déanamh againn chun
go stadfach an stuirm seo agus go gc<i>úineoch an fhairrge agus ná
báfaí sinn?" "Níl agaibh le déanamh," arsa Jonas, "ach mise a
thógain agus a chaitheamh amach insa bhfairrge, agus c<i>úineoigh sí
ar an nómant, oir atá fhios agam gur dom' chionta-sa a thánaig an
stuirm se<o> oraibh."



Níor mhaith le na daoine, cé gur phágánaig iad, an gnóth sion a
dhéanamh. Do iomradar go tréan agus a rinneadar go aon dícheall an
cuan a shroisint. Ach ní raibh maith dhóibh ann. As amhla a mhéad-
aig an stuirm agus do éiríodar na tonnacha thar barr. A liúdar na
feara agus adúradar, "A Thiarna Dia, iarraimíd an achainí so ort, gan
sinn a dhaoradh i dtaobh bháis an fhir seo. Oir as i gcuinnibh ár dtoile
atáimíd dá chaitheamh amach. Ná cuir a c