Leabhar na Seintiomna

Londain: R. Everingham (1685)

Uilliam Bedel




L. Gn



An chead leabhar do Mhaoisi da ngoirthear Genesis.


L. Gn1:1


Ar ttús do chruthaidh Día neamh agus talamh.


L. Gn1:2


Agus dobhí an talamh gan fhoirm, agus folamh, agus dobhí dorchadus ar
aghaidh an aigéin, agus do chorruigh spiorad Dé ar aghaidh na nuisgeadh.


L. Gn1:3


Agus adubhairt Dia, bíodh solus ann, agus dobhí an solus ann.


L. Gn1:4


Agus dochonnairc Dia an solus gur mhaith é, agus do roinn Dia idir an
solus agus an dorchadus.


L. Gn1:5


Agus do ghoir Día don tsolus lá, agus don dorchadus do ghoir sé
oidhche; agus do budh í an nóin agus an mhaidean an chéud lá.


L. Gn1:6


Agus adubhairt Día, bíodh fiormament a meadhón na nuisgeadh, agus
roinneadh na huisgeadha ó na huisgeadhuibh.


L. Gn1:7


Agus dorinne Día an fhiormament, agus do roinn na huisgeadha faoi an
bhfiormament ó na huisgeadhuibh ós cionn na fiormamente; agus dobhí mar
sin.


L. Gn1:8


Agus do ghoir Día don fhiormament neamh, agus do budh é an nóin agus an
mhaidean an dara lá.


L. Gn1:9


Agus adubhairt Día, cruinnighthear na huisgeadha atá faoi neamh
aneunait agus léigthear an talamh tirm leis: Agus dobhí marsin.


L. Gn1:10


Agus do ghoir Día don úir thirm talamh, agus do chruinnigthibh na n
uisgeadha do ghoir sé fairge; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.


L. Gn1:11


Agus adubhairt Día, tugadh an talamh féur, agus an luibh as a ttig
síol, agus crann toraidh dobheir toradh do réir a chinéil, a mbí a shíol ann
féin ar an ttalamh agus dobhí marsin.


L. Gn1:12


Agus tug an talamh mínfhéur agus luibh dobheir síol do réir a
chinéil, agus crann dobheir toradh, noch ann a raibh a shíol do réir a
chinéil; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.


L. Gn1:13


Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an treas lá.


L. Gn1:14


Agus adubhairt Día, bíodh lóchrainn a bhfiormament neimhe do roinn eidir an lá
agus anoidhche, agus bídis ar son chomharthaibh agus ar son
aimsearuibh, agus ar son laithibh agus bliaghnuibh.


L. Gn1:15


Agus bídis mar shoillsibh a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar
an ttalamh; agus dobhí marsin.


L. Gn1:16


Agus dorinne Día dhá lóchrann mhóra, an lóchrann as mó do riaghladh
an laoi, agus an lóchrann as lugha do riaghladh na hoidhche; agus na
réulta mar an cceadna.


L. Gn1:17


Agus do shuighe Día iad a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar
an ttalamh,


L. Gn1:18


Agus do riaghladh ar an ló, agus ar an oidhche, agus do roinn eidir
an solus agus an dorchadus; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.


L. Gn1:19


Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an ceathramhadh lá.


L. Gn1:20


Agus adubhairt Día, tugaidís na huisgeadha amach go líonmhur an
crétúir corruigheach ann a bhfuil anam, agus éunlaith fhédfas eiteadh ós
cionn na talmhan a bhfiormament shoilléir neimhe.


L. Gn1:21


Agus do chruthaigh Día míola móra, agus gach uile chréutúir beo chorruigheas,
noch tugadar na huisgeadha uatha go líonmhur do réir a ccinéil, agus gach uile
éun sgiathánach do réir a chinéil; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.


L. Gn1:22


Agus do bheannaigh Día iad, ag rádh; bíodh sibh tórrthach agus
fírlíonaidh, agus líonaidh na huisgeadha ann sna fairgibh, agus an
éunlaith ar an ttalamh.


L. Gn1:23


Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an cúigeadh lá.


L. Gn1:24


Agus adubhairt Día, tugadh an talamh uadha créutúir beó do réir a
chinéil, áirnéis, agus gach ní shnámhus an talamh, agus ainmhidhe na
talmhan do réir a chinéil; agus dobhí marsin.


L. Gn1:25


Agus dorinne Día ainmhidhe na talmhan do réir a chinéil, agus airnéis
do réir a ccineil, agus gach ní shnámhus air an ttalamh, do réir a chinéil;
agus dochonnairc Día gur mhaith sin.


L. Gn1:26


Agus adubhairt Día, déunam an duine ann ar ndeilbh féin, do réir ar
ccosamhlachda féin, bíodh tighearnus aige ós cionn éisg na fairge agus
ós cionn éunlaith an aiéir, agus ós cionn na háirnéisi, agus ós cionn na
talmham uile, agus ós cionn an uile neithe shnámhus ar an ttalamh.


L. Gn1:27


Marsin do chruthaigh Día an duine an íomháigh féin, aNíomhaigh Dé
do chruthaigh sé é; fearda agus bannda do chruthaidh sé iad.


L. Gn1:28


Agus do bheannaigh sé iad, agus adubhairt Día riú; bíodh sibh
tórrthach agus méuduighibh agus líonaidh an talamh, agus cuiridh fúibh é;
agus bíodh tighearnus aguibh ós cionn éisg na fairrghe, agus ós cionn an uile
neithe chorruigheas ar an ttalamh.


L. Gn1:29


Agus adubhairt Día; féuch, tug mé dhíbh gach uile luibh dobheir
síol (uadha) da bhfuil ar druim na talmhan, agus uile chrann ann a bhfuil
toradh croinn dobheir síol; biáidh sé na bíadh dhíbh.


L. Gn1:30


Agus dá gach uile beitheach ar an ttalamh, agus dá gach uile éun
sanaiéir, agus dá gach aoinní shnámhus air an ttalamh ann a bhfuil anam, (tug
mé) gach uile luibh ghlas mar bhíadh: agus dobhí marsin.


L. Gn1:31


Agus dochonnairc Día gach aoinní dá ndérna sé, agus féuch dobhí go
romhaith: agus do budh é an nóin agus an mhaidean an seiseadh lá.


L. Gn2:1


Marsin do críochnuigheadh na neamhdha, agus an talamh, agus a slúagh
uile.


L. Gn2:2


Agus annsa seachdmhadh lá do chríochnuigh Día a obair, noch dorinne sé; agus
do chomhnuigh sé ar an seachdmhadh lá óna obair uile, noch dorinne sé.


L. Gn2:3


Agus do bheannaidh Día an seachmhadh lá, agus do naomhuigh sé é, do
bhrígh gurab ann do sguir sé dá uile obair, noch do chruthaigh Día agus
dorinne sé.


L. Gn2:4


Asiadso geinealaigh na neamhdha agus na talmhan, anuáir do
cruthaigheadh iad; annsa ló ann ar chruthaigh an tighearna Día an talamh
agus na neamhdha.


L. Gn2:5


Agus gach plannda don mhachaire (suil dobhí sé annsa talamh) agus
gach uile luibh don mhachaire suil do fhás sé; óir ní thug an tighearna
Día fearthuinn ar an ttalamh, agus ní raibh duine do shaoithreóchadh an
talamh,


L. Gn2:6


Ach dochuáidh ceó suas ón dtalamh agus do fhliuch aghaidh na talmhan
uile.


L. Gn2:7


Agus dochum an tighearna Día an duine do luáithreadh na talmhan,
agus do shéid ann a pholláruibh anál na beatha, agus táinig an duine chum
bheith na anam beó.


L. Gn2:8


Agus do phlannduigh an tighearna Día gairdín taobh shoir ann Eden
agus do chuir sé an duine dochum sé annsin.


L. Gn2:9


Agus ar an ttalamh dothug an tighearna Día ar gach uile chrann fás,
noch is taitneamhach don tsúil, agus is maith chum bídh; crann na beatha
mar an ccéudna a lár an ghairdín, agus crann feasa maitheasa agus uilc.


L. Gn2:10


Agus dochuaidh abhann amach as Eden do fhliuchadh an gháirdín agus
do roineadh assin í, agus tainig na ceithre ceannuibh.


L. Gn2:11


Ainm na ceud aibhne Pison, asísin tig timchioll thíre Habhilah
uile, áit a bhfuil ór.


L. Gn2:12


Agus is maith ór na tíresin; (atá) ann, bdellium, agus an chloch
ónix.


L. Gn2:13


Agus an dara habhann Gihon, is ísin thimchiollus tír na
Hétiópia uile


L. Gn2:14


Agus ainm an treas abhann Hidecel, asísin théid a taoibh shoir
don Asíria; agus an ceathramhadh abhann Euphrátes.


L. Gn2:15


Agus do ghlac an tighearna Día an duine, agus do chuir a ngáirdín
Eden é, dá dheasúghadh agus dá chumhdach.


L. Gn2:16


Agus do aithin an tighearna don duine, dá rádh; do thoradh gach uile
chrainn annsa gháirdín féduigh tú dithche go saor.


L. Gn2:17


Ach do chrann feasa maitheasa agus uilc ní íosaidh tú dhesin; óir
annsa ló aníosa tú dhe, éugfa tú go deimhin.


L. Gn2:18


Agus do ráidh an tighearna Día; ní maith an duine bheith na aonar: dodhéuna mé
cunghnamh dhó, bhías iomchúbhaidh dhó.


L. Gn2:19


Agus as a ttalamh dochum an tighearna Día anuile bheitheach an
mhachaire, agus gach uile éun an aéir, agus tug leis chum Adhaimh iad, dá
fhéuchuin cred do ghoirfeadh sé dhíobh, agus gidhbé do ghoir Adhamh
don uile crétúir beó, asésin dobainm dhó.


L. Gn2:20


Agus do ghoir Adhamh anmanna don uile áirnéis, agus déunuibh an
aiéir, agus do uile bheitheach an mhachaire, ach do Adhamh ní fríth
cunghnamh iomcubhuidh dhó.


L. Gn2:21


Agus tug an tighearna Día codhladh trom do thuitim ar Adhamh, agus
do choduil sé: agus do ghlac sé aon dá asnaibh, agus do dhruid sé an
fheóil na áit sin.


L. Gn2:22


Agus an tasna do bhean an tighearna Día as an duine dochum sé bean
de, agus tug sé chum an duine í.


L. Gn2:23


Agus adubhairt Adhamh, anois is cnáimhso dom chnámhuibhse, agus
feóil dom fheóil, goirfigheas bean di, do chionn gurab as an bhfear do
beanadh í.


L. Gn2:24


Uimesin fúigfidh an fear a athair agus a mhathair, agus
ceangóluidh dhá mhnaoi; agus beidh na naón fheóil.


L. Gn2:25


Agus dobhádar araón lomnochd an fear agus an bhean, agus ní raibh
náire orra.


L. Gn3:1


Anois dobhí an athair nimhe ní budh cealguidhe ná aóin bheitheach san
mhachaire dá ndéarna an tighearna Día, agus adubhairt sí ris an mnaói: an
eadh, a ndubhairt Día, ní íostaói dá gach aon chrann sa ngáirdín?


L. Gn3:2


Agus adubhairt an bhean ris an athair nimhe, fédmaoid ithche do
thoradh chrann an gháirdín:


L. Gn3:3


Achd do thoradh an chroinn atá a lár an gháirdín, adubhairt Día, ní
íosa sibh dhé súd, agus ní bheanfídh ris, deagla go bhfuigheadh sibh bás.


L. Gn3:4


Agus adubhairt an athair nimhe ris an mnaoi; ní bhfuighthí bás go
deimhin.


L. Gn3:5


Óir atá a fhios ag Día ann sa ló a níostaoi dhe sin, go
bhfoisceóltar bhur súile, agus go mbeithí mar Dhée, fios maitheasa agus
uilc aguibh.


L. Gn3:6


Agus anúáir dochonnairc an bhean go raibh (toradh) an chroinn maith
chum bídh, agus go raibh taitneamhach leis na súilibh, agus na chrann
iondúileamhla chum aóin do dhéunamh eagnuidhe, do ghlac sí dhá thoradh,
agus do ith sí, agus tug mar an cceúdna dá fear maille ría agus do ith
sé.


L. Gn3:7


Agus do hosgladh a súile araón, agus do aithniodar go rabhadar lomnochd, agus
do fhuáidheadar duilleadha fíge dhá chéile, agus dorinneadar aprúin dóibh féin.


L. Gn3:8


Agus dochualadar guth an tighearna Dé ag spaisdeóireachd ann sa
ngáirdín a bhfuardhachd an laoi, agus dfoluigh Adhamh agus a bhean íad
féin ó fhiadhnuisi an tighearna Dé a measg chrann an gháirdín.


L. Gn3:9


Agus do ghoir an tighearna Día ar Adhamh, agus adubhairt ris: Cáit
a bhfuil tú?


L. Gn3:10


Agus adubhairt seison: dochuala mé do ghuth annsa ngáirdín, agus do
bhí eagla orm do chionn go raibh mé nochduighe, agus do foluigh mé
méfein.


L. Gn3:11


Agus do ráidh seision; cía dinnis duit go raibh tú nochduighe? ar
ith tú don chrann do aithin misi dhíot nach íosfá dhe?


L. Gn3:12


Agus adubhairt an fear: an bhean tug tusa dhamh (chum beith) am
fhochair, tug sí dhamh do thoradh an chroinn, agus dith mé é.


L. Gn3:13


Agus adubhairt an tighearna Día ris an mnaoi; créud éso dorinne
tú? agus adubhairt an bhean, do mheall anathair nimhe mé, agus do ith
mé.


L. Gn3:14


Agus adubhairt an tighearna Día ris anathair nimhe: do bhrígh go
ndéarna tú so, atá tú malluithe ós an uile áirnéis, agus ós gach uile
ainmhidhe an mhachaire: ar do bholg siubhólus tú, agus luaithreadh íosas
tú ar feadh uile laéthe do bheatha.


L. Gn3:15


Agus cuirfi misi námhadus eadrad agus an bhean, agus eidir do shíol
agus a síolsan; brúighfidh sé do cheannsa, agus brúighfidh tusa a
shálsan.


L. Gn3:16


Adubhairt sé ris an mnaoi, méideócha mé go mór do dhoilgheas agus do
thoirrchiughadh; a ndoilgeas bhéuras tú clann, agus dot fhior (bhias)
thfon, agus dodhéuna sé uachtarántachd ort.


L. Gn3:17


Agus adubhairt sé ré hAdhamh, do bhrígh go ttug tú éisdeachd do
ghuth do mhná, agus gur ith tú don chrann ar aithin misi dhíot, dá rádh,
ní íosa tú dhe; atá an talamh mallaighe ar do shon, a ndoilghios íosas tú
dhe ar feadh uile laéthe do bheatha.


L. Gn3:18


Droighneach fós agus foghbhannáin dobhéura sé dhuit, agus íosa tú
luibh na talmhan.


L. Gn3:19


A nallus haighe íosas tú arán no go bhfilligh tú chum na talmhan;
óir is aisde do beanadh thú; óir as luaithreadh thú agus chum luáithridh
fhillfios tú.


L. Gn3:20


Agus do ghoir Adhamh Eubha dhá mhnaoi, do bhrígh gurab í mathair
an uile bheo í.


L. Gn3:21


Do Adhamh mar an ccéudna agus dá mhnaoi dorinne an tighearna Día
cótuidhe croicinn, agus do éuduigh sé iad.


L. Gn3:22


Agus adubhairt an tighearna Día; féuch, atá an duine arna dhéunamh
mar aón aguinn féin dfios maitheasa agus uilc: agus anois deagla go
ccuirfeadh a lámh amach, agus go nglacfadh fós do chrann na beatha, agus
go níosfadh agus go mairfeadh go bráth.


L. Gn3:23


Ar anadhbhursin do chuir an tighearna amach as gáirdín Eden é do
shaóthrughadh an talamh as ar tugadh é.


L. Gn3:24


Marsin do thiomáin sé an duine amach, agus do chuir sé ag an ccuid
shoir do gháirdín Eden Cherubínigh agus cloidheamh lasardha noch do
iompoigheadh ann gach uile thaóbh do choimhéud slighe chroinn na beatha.


L. Gn4:1


Agus do luigh Adhamh re na mhnaói Eúbha; agus do toirrcheadh í, agus
rug sí Cáin, agus adubhairt sí; do ghnoghuidh mé duine ón dtighearna.


L. Gn4:2


Agus rug sí arís a dhearbhrathair Abel, agus dobhí Abel na aodhaire
caorach, agus do budh críadhuire Cáin.


L. Gn4:3


Agus a ccion aithe tárla ann go ttug Cáin leis do thoradh na talmhan
ofráil don tighearna.


L. Gn4:4


Agus go ttug Abel mar an ccéudna do chéidghinibh a thréuda agus dá
shult; agus dobhí meas ag an ttighearna ar Abel agus ar ofráil.


L. Gn4:5


Ach ní raibh suim aige a Ccáin ná ann ofráil: agus dobhí Cáin lán
dfeirg, agus datharruigh a dhealbh.


L. Gn4:6


Agus adubhairt an tighearna ré Cáin; ciodh fá bhfuil tú feargach
agus créudh far chlaóchluich tú do chruth.


L. Gn4:7


Má ní tú go maith, nach glacfuighthear tú? agus muna ndéarna tú go
maith, atá an pecadh na luighe ag an ndorus, agus (biáidh) a fhonn
chugadsa, agus riaghlochuidh tú ós a chionn.


L. Gn4:8


Agus do chomhráigh Cáin rena dhearbhrathair Abel, agus tárla ann
anuair dobhádar ar an machaire gur éirigh Cáin suas anaghuidh
Abel a dhearbhrathair, agus gur mharbh é.


L. Gn4:9


Agus adubhairt an tighearna ré Cáin, cáit a bhfuil do
dhearbhrathair Abel? agus adubhairt seision, ni fheidir misi sin:
an misi coimhéuduigh mo dhearbhrathar.


L. Gn4:10


Agus adubhairt seision, creud dorinne tú? atá guth fola do
dhearbhrathar ag éighmhe ormsa as an ttalamh.


L. Gn4:11


Agus anois atá tusa malluighe ón ttalamh, noch do osguil a bhéul do
ghlacadh fola do dhearbhrathar as do láimh.


L. Gn4:12


Anuáir shaóthrochus tú an talamh, ní thiubhra feasda a neart ort,
ad theithmhech agus ad dheóruighe bhías tú annsa talamh.


L. Gn4:13


Agus adubhairt Cáin ris an ttighearna, as mó mo phionús ná mar
fhéuduim iomchar.


L. Gn4:14


Féuch, do dhíbir tú mé ó aghuidh na talmhan san ló aniugh, agus
foileochar ód ghnúis mé, agus béad am theithmheach agus am dheóruighe
annsa talamh, agus tiucfa assin gidhbé air bith theigeomhas riom, go
muirfidh sé mé.


L. Gn4:15


Agus adubhairt an tighearna ris, uimesin gidhbé ar bith
mhuirfeas Cáin, dodhéuntar a sheachd noirid dioghaltuis air. Agus
do chuir an tighearna comhartha ar Cháin deagla aonduine arna
fhagháil go muirfeadh é.


L. Gn4:16


Agus dochuáidh Cáin amach as fiaghnuisi an tighearna, agus do
áitribh sé a ttír Nod, taobh shoir do Eden.


L. Gn4:17


Agus do luigh Cáin re na mhnaói, agus do toirrcheadh í, agus rug sí
Enoch, agus dorinne cathair agus tug ainm uirre do réir anma a mhic,
Enoch.


L. Gn4:18


Agus do Enoch rugadh Irad agus do ghein Irad Mehujael, agus do
ghein Mehujael Metusael, agus do ghein Metusael Lamech.


L. Gn4:19


Agus tug Lamech días ban, aon díobh darbhainm Sillah.


L. Gn4:20


Agus rug Adah Jábal, dobé sin athair na druinge do chomhnuigheadh
a bpuiblibh agus na druinge gá mbí áirnéis.


L. Gn4:21


Agus dobé ainm a dhearbhrathar Lúbal; dobésin athair na nuile
do ghlacadh an chláirseach agus na horgáin.


L. Gn4:22


Agus Sillah mar an cceudna rug Túbal-Cáin, fear múinte anuile
fhir ceirde doniodh cérdachd phráis agus iaruinn: agus dobí
dhearbhshíur Thúbal-Cáin Náamah.


L. Gn4:23


Agus adubhairt Lamech re na mhnáibh Adah agus Sillah; éisdigh
ré ghlór a mhná Lamech, éisdigh rem chaint, óir do mharbhus duine
chum mo lot, agus duine óg chum mo dhochair féin.


L. Gn4:24


Má dioghaltar ar Cháin seachd noirid, go deimhin (dioghaltar) ar
Lamech seacht agus seachdmhodhad oirid.


L. Gn4:25


Agus do luigh Adhamh re na mhnaói arís, agus rug sí mac, agus tug
Seth dainm air: óir ar sisi, do órduigh Día dhamh síol eile anáit
do marbhadh lé Cáin.


L. Gn4:26


Agus do Shéth rugadh mac dhósan mar an ccéudna, agus Enos do
ghoir dainm dhe: annsin do thosuigh daoine gairm ar ainm an
tighearna.


L. Gn5:1


Aséso leabhar geinealuigh Adhuimh, annsa ló ionar chruthaidh Día
an duine, a ccosamhlachd Dé dorinne sé é.


L. Gn5:2


Feardha agus bannda do chruthaidh sé iad, agus do bheannuigh íad,
agus do ghoir Adhamh dainm dhíobh annsa ló ionar cruthaigheadh íad.


L. Gn5:3


Agus do mhair Adhamh céud agus triochad blíaghan agus do ghein (mac)
ann a chosamhlachd féin, do réir a dhealbha, agus tug Séth dainm
air.


L. Gn5:4


Agus do budh íad láethe Adhaimh tar éis Séth do gheineamhuin dó,
ochd ccéud bliaghan, agus do ghein sé mic agus ingheana.


L. Gn5:5


Agus na láethe ar mhair Adhamh uile, ba naói ccéud agus triochad
bliaghan íad, agus fuáir sé bás.


L. Gn5:6


Agus do mhair Séth céud chuig bhliaghna, agus do ghein Enos.


L. Gn5:7


Agus do mhair Séth tar éis Enos do gheineamhuin ochd ccéud agus
seachd mbliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:8


Agus ba hiad láethe Shéth uile naoi ccéud agus dá bhlíaghain déug
agus fúair sé bás.


L. Gn5:9


Agus do mhair Enos nóchad bliaghan, agus do ghein Cáinan.


L. Gn5:10


Agus do mhair Enos tar éis Cáinan do gheineamhuin ochd ccéud agus
cúig bhlíaghna déug, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:11


Agus bá híad láethe Enos uile naoi ccéud agus cúig bliaghna agus
fuair sé bás.


L. Gn5:12


Agus do mhair Cáinan seachdmhoghad blíaghan, agus do ghein
Mahalaleel.


L. Gn5:13


Agus do mhair Cáinan tar éis Mahalaleel do gheineamhuin, ochd
cceud agus ceathrachad bliaghan, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:14


Agus dobíad láethe Cháinan uile naói cceud agus deich mbliaghna,
agus fuair sé bás.


L. Gn5:15


Agus do mhair Mahalaleel trí fichid agus cúig bhliaghna, agus do
ghein Jared.


L. Gn5:16


Agus do mhair Mahalaleel tar éis Járed do gheineamhuin, ochd cceud
agus tríochad blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:17


Agus dobíad láethe Mhahalaleel uile ochd cceud agus nóchad agus
cúig bhliaghna, agus fuair sé bás.


L. Gn5:18


Agus dobhí Jared beó ceud agus caogad agus dá bhliaghain, agus do
ghein Enoch.


L. Gn5:19


Agus do mhair Jared tar éis Enoch do gheineamhuin ochd cceud
blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:20


Agus dobíad láethe Jared uile, naói cceud, agus seasgad agus dá
bhlíaghain, agus fuair sé bás.


L. Gn5:21


Agus do mhair Enoch seasgad agus cúig bhlíaghna, agus do ghein
Matuselah.


L. Gn5:22


Agus do shiubhail Enoch le Día tar éis gheineamhna Mhatuselah trí
chéud blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:23


Agus dobíad láethe Enoch uile trí cchéud agus seasgad agus cúig
bhlíaghna.


L. Gn5:24


Agus do shiubhail Enoch ré Día, agus ní raibh sé ann, óir rug Día
leis é.


L. Gn5:25


Agus do mhair Matuselah céud agus ochdmhodhad agus seachd
mblíaghna, agus do ghin Lamech.


L. Gn5:26


Agus do mhair Matuselah tar éis Lamech do gheineamhuin, seachd
cceud ochdmhodhad agus dá bhliaghain, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:27


Agus dobíad láethe Mhatuselah uile naói ccéud seasgad agus naói
mblíaghna, agus fuair sé bás.


L. Gn5:28


Agus do mhair Lamech céud ochdmhodhad agus dá bhlíaghain agus do
ghein mac.


L. Gn5:29


Agus do ghoir Naói dainm dhe, da rádh; dobhéura an tísi meisneach
dhúinn a ttaoibh ar noibre agus shaothair ar lámh, do bhrígh an talamh do
mhalluigh an tighearna.


L. Gn5:30


Agus do mhair Lamech tar éis Naói do gheineamhuin, cúig céud
nóchad agus cúig blíaghna, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:31


Agus dobíad láethe Lamech uile seachd cceud seachdmhoghad, agus
seachd mblíaghna, agus fuair sé bás.


L. Gn5:32


Agus dobhí Naói chúig chéud blíaghan daóis, agus do ghein Naói
Sem, Ham agus Japhet.


L. Gn6:1


Agus tárla anuáir do thosuigheadar na daoine ar líonadh ar dhruim na
talmhan agus rugadh ingheana dhóibh.


L. Gn6:2


Go bhfacadar mic Dé ingheana na ndaoine go rabhadar sgíamhach, agus
tugadar mná chuca donuile dhroing do thógradar.


L. Gn6:3


Agus adubhairt an tighearna; ní bhía mo spiorad a ccomhnuidhe ag
críochán ris an nduine, do bhrígh gur féoil eision mar an ccéudna, gidheadh
béidh a láethe na ccéud agus fichthe blíaghan.


L. Gn6:4


Dobhádar aithighe ar an ttalamh annsna laéthibhsin; agus mar an
ccéudna na dhiáighsin, anuair thangadar mic Dé asteach chum ingheana
na ndaoine, agus rugadar (clann) dóibh, do fhásadarsin na ndaoinibh
árrthachda, noch dobhí san tseanaimsir na ndaoinibh iomráiteach.


L. Gn6:5


Agus dochonnairc Día gur mhór chionta an duine ar an ttalamh agus
gach aon bhreathnughadh dá smuaineadh a chroidhe, gurab olc é a
ccomhnuighe.


L. Gn6:6


Agus do budh aithreach leis an ttighearna an duine do dhéunamh ar
an ttalamh, agus do ghoill sé air ann a chroidhe.


L. Gn6:7


Agus adubhairt an tighearna; sgriosfuidh mé an duine do chruthaigh
mé ó aghaidh na talmhan; ar aon an duine agus an beitheach, agus an ní
snámhus agus éunlaith an aiéir, óir as aithreach liom a ndéunamh.


L. Gn6:8


Ach fuair Naoi grása a bhfiaghnuise an tighearna.


L. Gn6:9


Asíadso geinealuigh Naoi, dobhí Naoi na dhuine fhiréunta, agus
iomlán ann a gheinealachaibh, agus do shiubhail Naoi lé Día.


L. Gn6:10


Agus do ghein Naoi tríur mac Sem, Ham, agus Japhet.


L. Gn6:11


Dobhí an talamh mar an cceudna truáillighe a bhfiadnuisi Dé, agus
do líonadh an talamh dfoiréigean.


L. Gn6:12


Agus do fhéuch Día ar an ttalamh, agus féuch dobhí sé trúaillighe,
óir do thruáill gach uile fheóil a shlighe ar an ttalamh.


L. Gn6:13


Agus adubhairt Día ré Naói táinic críoch anuile fhéola am
fhiaghnuisi, óir is lán an talamh durchóid tríothasan; agus féuch,
sgriosfuigh mé íad maille ris an ttalamh.


L. Gn6:14


Déuna duit féin áirc do choill Ghopher, dodhéuna tú ionaid sa N
áirc, agus cuirfe tú pic uirre astigh agus amuich.


L. Gn6:15


Agus aséso (an timdhéunamh) ar a ndéuna tú í.: a bhfad na háirce
béid trí chéud chubhad, a leithead caógad cubhad, agus a háirde tríochad
cubhad.


L. Gn6:16


Dodhéuna tú fuinneóg doNáirc, agus críochnochaidh tú í a ccubhad
shuas, agus cuirfidh tú dorus na háirce ar a taóbh; maille ré h
ísliughadh, an dara agus an treas lota dodhéuna tú í.


L. Gn6:17


Agus féuch misi, misi féin dobheirim tuile uisgeadh ar an ttalamh
do sgrios gach uile fhéola ann a bhfuil anál na beatha faói neamh; agus
gach a bhfuil sa talamh, dogheabha sé bás.


L. Gn6:18


Ach riotsa daingneóchaidh mé mo chunnradh, agus tiucfa tú asteach
saNáirc thú féin agus do mhic agus do bhean, agus mná do mhac maille
riot.


L. Gn6:19


Agus do gach uile ní beó, da gach uile fheóil béuruidh tú cúpla
leachd da gach uile shórt saNáirc dá gcumhdach beó agad, béid síad
feardha agus bannda.


L. Gn6:20


Donéunlaith do réir a gcinéil, agus donáirnéis do réir a
ccineil, da gach uile ní shiubhlas an talamh do réir a chineil; cúpla do
gach aón tsórt thiucfas chugad dá ccumhdach beó.


L. Gn6:21


Agus glac chugad da gach uile bhiadh ithear, agus cruinneochadh tú
chugad é, agus biáidh na bhiadh dhuitsi agus dóibhsion.


L. Gn6:22


Marso dorinne Naói; do réir anuile ní do aithin Día dhe is
amhlaidhsin dorinne sé.


L. Gn7:1


Agus adubhairt an Tighearna ré Naói, tárr féin agus do theagh uile
annsaNáirc, óir dochonnairc mé firéunta thú am fhiaghnuisi ansa
ngeinealachso.


L. Gn7:2


Da gach uile bheathach ghlan béuruidh tú leachd na seachduibh,
feardha agus bannda: agus do na beathaidhibh nach bhfuil glan na
ccúpluibh, feardha agus bannda.


L. Gn7:3


Déunlaith mar an cceudna an aiéir, na seachduibh feardha agus bannda,
do chongmháil síl beó ar aghaidh na talmhan uile.


L. Gn7:4


Óir seachd lá fós agus dobhéura misi fá deara air, fearthuinn do
dhéunadh ar an ttalamh ceathrachad oidhche, agus gach uile shubstaint beó
da ndearna mé, sgriosfuidh mé daghaidh na talmhan íad.


L. Gn7:5


Agus dorinne Naói do réir mar do aithin an Tighearna dhe uile.


L. Gn7:6


Agus dobhí Naói sé chéud blíaghan daóis anuáir dobhí an díle
uisgeadh ar an ttalamh.


L. Gn7:7


Agus dochuáidh Naói asteach a bhean, a mhic agus mná a mhach,
maille ris don Náirc do bhrígh uisgeadh na dílionna.


L. Gn7:8


Do na beathuighibh glana agus do na beathuighibh neamhghlana, agus
do éunlaith agus da gach aóinní dá siubhlann ar an ttalamh;


L. Gn7:9


Dochuaidh asteach a dó agus a dochum Naói annsaNáirc, feardha
agus bannda mar do aithin Día do Naói.


L. Gn7:10


Agus tárrla a ndiaigh sheachd lá, go rabhadar uisgeadha na dílionna
ar an ttalamh.


L. Gn7:11


Annsa seiseadh ceud blíaghan daóis Naói annsa dara mí, an
seachdmhadh lá déug don mhí, an lásin féin do brisiodh aníos toibreacha
anaighéin mhóir uile, agus do hosgladh comhluighe uisge nimhe.


L. Gn7:12


Agus dobhí an fearthuinn ar an ttalamh ceathrachad lá agus
ceathrachad oidhche.


L. Gn7:13


Annsa lósin féin, dochuáidh Naói asteach, agus Sem, Ham, agus
Japhet, mic Naói, agus bean Naói, agus tríur ban a mhac leó don
Náirc.


L. Gn7:14


Iad féin agus gach uile ainmhidhe do réir a chinéil, agus an uile
áirnéis do réir a cciníl, agus gach ní shnámhus ar an ttalamh do réir a
ccinéil agus gach uile éunlaith da gach aon tsórt.


L. Gn7:15


Agus dochuadar asteach chum Naói annsanáirc, cúpla agus cúpla da
gach uile fheóil anna bhfuil ánal na beatha.


L. Gn7:16


Agus a ndeachaidh asteach dochuadar asteach feardha agus bannda dá
gach uile fhéoil mar do aithin Día dhe, agus do dhruid an Tighearna air
astigh .


L. Gn7:17


Agus dobhí an díle ar an ttalamh ceathrachad lá agus ceathrachad
oidhce, agus do mheaduigheahar na huisgidhe, agus do iomchradar suas a
náire agus do tógbhadh súas í os cionn na talmhan.


L. Gn7:18


Agus dorugadar na huisgidhe buáidh agus do mheaduigheadar go han
mhór ar an ttalamh; agus do imthigh anáirc ar uachdar na nuisgeadh.


L. Gn7:19


Agus dorugadar na huisgidhe buáidh go hiomarcach ar an ttalamh,
agus dobhádar na cnuic árda uile dobhí fo neamh arna bhfolach.


L. Gn7:20


Cúig cubhaid déug do éirigh an tuisge súas agus do folchadh na
sléibhte.


L. Gn7:21


Agus do éug gach uile fheóil dár chorruigh ar an ttalamh, idir
éunuibh agus áirnéis agus ainmhintidh agus gach aónní shnámhus ar an ttalamh
agus gach uile dhuine.


L. Gn7:22


Gach ní ann a raibh anál na beatha ana pholláiribh, don uile ní da
raibh ar talamh tirim, fuaradar bás.


L. Gn7:23


Agus do sgriosadh gach uile shubstaint beó noch dobhí ar druim na
talmhan, idir dhuine agus bheathach agus an ní shnamhus agus éunlaith neimhe,
agus do sgriosadh ón talamhh iad, agus do fhan Naói amháin na beathaidh
agus an luchd dobhí na fhochair sanáirc.


L. Gn7:24


Agus do bhúadhuigh an tuisge ós cionn na talmhan céud agus caógad
lá.


L. Gn8:1


Agus do chuimhnigh Dí air Naói agus gach aóinní beó agus a uile áirnéis
dobhí na fhochair saNáirc, agus dorinne Día gaóth do dhul thar a
talamh agus do thraóthadar na huisgidhe.


L. Gn8:2


Do stopadh mar an cceadna toibreacha anaigéin agus fuinnéoga
neimhe, agus do cosgeadh an fearthuinn ó neamh.


L. Gn8:3


Agus do fhilleadar na huisgidhe ó bheith ar an ttalamh a ccomhnuighe
tar éis na ccéad agus na ccaógad lá do laghduigheadh na huisghdhe.


L. Gn8:4


Agus do chomhnuigh aNáirc ar an seachdmhad mí, ar an seachdmhad lá
déug don mhí ar shléibhtibh Ararat.


L. Gn8:5


Agus do thraóthadar na huisgidhe a gcomhnuidhe gus an deachmhad mí:
annsa deachmhad mí, ar an ccead lá don mhí doconnarcas mulluighe na
slíabh.


L. Gn8:6


Agus tarla a ccionn cheathrachad lá gur osguil Naói fuinneóg na
háirce dorinne sé féin.


L. Gn8:7


Agus do chuir sé amach fíach, noch dochuaigh amach ag teachd agus ag
imtheachd nó gur tiormuigheadh na huisgidhe súas ón talamh.


L. Gn8:8


Mar an gceadna do chuir sé colum uadha amach dfhéchuin nar
thraóthadar na huisgidhe ó aghaidh na talmhan.


L. Gn8:9


Ach ní bhfuair an colum áit chomhnuighe do bhonn a coisi, agus do
fhill sí chuige asteach doNáirc: óir da bhádar na huisgidhe ar uachdar
na talmhan uile. Annsin do chuir a lámh amach, agus do tharraing chuige
asteach í doNáirc.


L. Gn8:10


Agus do fhan sé fós seachd lá oile, agus arís do chuir sé an colum
amach as aNáirc.


L. Gn8:11


Agus táinig an colum chuige tráthnóna asteach, agus féch dobhí
ann a ghob duilléog chroinn ola noch do tharruing sí, as ar aithin
Naói gur thraóthadar na huisgidhe ó dhruim na talmhan.


L. Gn8:12


Agus do fhan sé fós seachd lá oile, agus do chuir an colum amach
noch nar fhill chuige arís níis mó.


L. Gn8:13


Agus tárla sa naónmhadh agus sé chead blíaghan, san chéud mhí, san
chéud ló don mhí, do tiormuigheadh na huisgidhe súas ón talamh, agus
do athruigh Naói folach na háirce, agus d amhairc sé, agus féuch
dobhí aghaidh na talmhan tirim.


L. Gn8:14


Agus annsa dara mí ar a seachdmhadh lá fichead don mhí dobhí an
talamh tirim.


L. Gn8:15


Agus do labhair Día ré Naói, dá rádh:


L. Gn8:16


Éirigh amach as an Áirc, tú féin agus do bhean, agus do mhic, agus
mná do mhac leachd.


L. Gn8:17


Beir leachd amach gach éinní béo dá bhfuil agad don uile fhéoil
idir éunlaith, agus áirnéis, agus anuile ní sníghtheach noch shnígios
ar an ttalamh, ionnus go síolfuid go líonmhar ar an ttalamh, agus go
rabhaidh tórrthach, agus go ndéunaid iomadughadh ar an ttalamh.


L. Gn8:18


Agus dochuáidh Naói amach, agus a mhic, agus a bhean agus mná a
mhac maille ris:


L. Gn8:19


Anuile bheathach, anuile ní shnígheas, agus anuile éun, agus
gach ní shnígheas ar an ttalamh do réir a gcinéil, dochuadar amach ar an
áirc.


L. Gn8:20


Agus dorinne Naói altóir don tighearna, agus do ghlac da gach éin
bheathach glan, agus dá gach uile éun glan, agus díodhbuir ofráil loisge
ar analtóir.


L. Gn8:21


Agus do bholtnuigh an tighearna deaghbhaladh, agus adubhairt an
tighearna ann a chroidhe ní mhillfidh mé arís an talamh ar son an duine
óso amach; óir as olc smuáineadh chroidhe an duine ón óige, ní mó
bhuáilfeas mé arís níis mó anuile ní béo mar dorinne mé.


L. Gn8:22


An feadh mhairfeas an talamh ní sguirfidh aimsir an tsíolchuir agus
an foghmar, agus an fuacht agus an teas, agus an samhradh agus an
gheimhreadh, agus an lá agus anoidhche.


L. Gn9:1


Agus do bheannuigh Día Naói agus a mhic, agus adubhairt riú; Bígi
torrthach, agus iomaduighidh, agus líonaidh an talamh.


L. Gn9:2


Agus biaidh bhur neagla agus bhur núamhan ar gach uile ainmhidhe ar
an ttalamh, agus ar gach uile éun anaiéir, ar gach uile ní da
gcorruidheann ar an ttalamh, agus ar iasg na fairge uile; an bhur láimh
tugadh iád.


L. Gn9:3


Gach uile ní béo da ccoruigheann bía na bhíadh dhíbhsi, amhuil mar an luibh
nglais tug mé dhíbh anuile ní.


L. Gn9:4


Ach feóil maille rena hanam, eadhon a fuil, ní iosa sibh.


L. Gn9:5


Agus go deimhin bhur bhfuil bhur nanama, loirgfe misi; as láimh anuile
bheathuigh loirgfe mé í; agus as láimh an duine; as láimh dhearbhrathar gach
duine íarfas mé anam an duine.


L. Gn9:6


Gidhbé dhóirtfeas fuil duine, is lé duine dhóirtfígheas a
fhuilsion; óir is a ndeilbh Dé dorinne sé an duine.


L. Gn9:7


Agus sibhsi bíghi tórrthach agus iomaduighidh, geinidh go hiomarcach
ar an ttalamh, agus iomaduighidh ann.


L. Gn9:8


Agus do labhair Día ré Naói, agus rena mhacaibh maille ris, ag rádh:


L. Gn9:9


Agus misi, féuch, misi dhaingnígheas mo chunnradh ribhsi, agus re
bhur síol bhur ndíaigh;


L. Gn9:10


Agus ré gach uile chréutuir béo dá bhfuil maille ribh donéunlaith,
donáirnéis, donuile bheathach ar talamh atá aguibh, ón uile dá ndeachuidh
amach as an áirc donuile bheathach ar talamh.


L. Gn9:11


Agus daingneochaidh mé mo chunnradh ribh, agus ní sgriosfuighear
amach gach uile fhéoil níis mó lé huisgidhibh na díleann, agus ní
mó bhías díle ann níis mó do sgrios na talmhan.


L. Gn9:12


Agus adubhairt Día, agso comhartha an chunnartha doním eadrum
féin agus sibhsi agus gach uile chrétúir béo dá bhfuil maille ribh, a
ngeinealachuibh síorruidhe.


L. Gn9:13


Suighim mo bhogha annsa néull, agus biadh sé mar chomhartha cunnartha
eadrum féin agus an talamh.


L. Gn9:14


Agus as amhluidh bhías, anuáir dobhéara mé néull ós cionn na
talmhan go bhfaicfighear an bogha annsa néull.


L. Gn9:15


Agus cuimhneochaidh mé mo chunnradh atá eadrum féin agus sibhsi,
agus gach uile chréatúir béo donuile fhéoil, agus ní thiocfaidh uisgidhe
na dílionn do sgrios gach uile fhéola.


L. Gn9:16


Agus bíaidh an bogha annsa néull agus féuchfa misi air, ionnus go
ccuimhneocha mé an cunnradh biothbhuan eidir Día agus gach uile chrétuír
béo donuile fhéoil dá bhfuil ar an ttalamh.


L. Gn9:17


Agus adubhairt Día lé Naói, agso comhartha an chunnartha
dhaingnighim eadrum féin agus gach uile fhéoil dá bhfuil ar an ttalamh.


L. Gn9:18


Agus mic Naói dochuáidh amach as anáirc, dobíad Sem, Ham,
agus Japhet, agus s é Ham athair Chanáain.


L. Gn9:19


Asíadso tríur mac Naói, agus as uatha do líonadh an domhan uile.


L. Gn9:20


Agus do thosuigh Naói ar bheith na chríadhaire, agus do phlannduigh
gárdha fíneamha.


L. Gn9:21


Agus do ibh sé donfíon, agus dobhí sé ar meisge, agus dobhí sé
lomnochda astigh.


L. Gn9:22


Agus dochonnairc Ham, athair Chanaáin, a athair lomnochd, agus do
innis dá dhís dherbhathar amuigh.


L. Gn9:23


Agus do ghlac Sem agus Japhet brat, agus do chuireadar ar a
nguáillibh araón é, agus dochúadar a ndiaigh a ccúil, agus do
fholuigheadar lomnochd a nathar, agus dobhádar a naighthe ar anais agus
ní fhacadar lomnochd a nathar.


L. Gn9:24


Agus do mhúsgail Naói ó na fhíon, agus do thuig ciodh dorinne a mhac
dobóige ris.


L. Gn9:25


Agus adubhairt, go madh mallaighe bhías Cánáan; na sheirbhíseach
sheirbhísigh bhías sé agá dhearbhráithribh.


L. Gn9:26


Agus adubhairt, go madh beannuighe tighearna Día Shem, agus biái
Canáan na sheirbhíseach aige.


L. Gn9:27


Dodhéuna Día Japhet go fairseang, agus áiteochaidh sé a bpuiblibh
Shem, agus biaidh Canáan na sheirbhíseach aige.


L. Gn9:28


Agus do mhair Naói déis na díleanna trí chéud blíaghan agus
caógad.


L. Gn9:29


Agus dob íad laethe Naói uile naói ccéud agus caógad blíaghan,
agus fuair sé bás.


L. Gn10:1


Anois asíadso geinealuigh mhac Naói, Sem, Ham agus Japhet:
agus rugadh mic dóibhsin déis na dílionna.


L. Gn10:2


Mic Japhet: Gomer, agus Magog, agus Madai, agus Jabhan, agus
Tubal, agus Meiseich, agus Tiras.


L. Gn10:3


Agus mic Ghomer: Ascenas, agus Riphat, agus Togarmah.


L. Gn10:4


Agus mic Jabhám: Elisah, agus Tarsis, Citim, agus Dodainim.


L. Gn10:5


Is léoso do roineadh oiléin na ngentlidheach ann a bhfearannuibh;
gach aón do réir a tteangtha, do réir a muinntire ann a ccinidheachuibh.


L. Gn10:6


Agus mic Ham: Cus, agus Misraim, agus
Put, agus Canáan.


L. Gn10:7


Agus mic Chus: Seba, agus Habhilah, agus Sabtah, agus
Ráamah, agus Sabtecha: agus mic Ráamah, Séba agus Dédan.


L. Gn10:8


Agus do ghein Cus Nemrod; do thosaidh seision bheith na dhuine
chumhachdach ar an talamh.


L. Gn10:9


Ba mór an fear fíadhuighe é a lathair an tighearna; uimesin a
dubhradh amhuil Nemrod an sealgaire mór.


L. Gn10:10


Agus bá hé tosach a rioghachda Bábel, agus Erech, agus Accad,
agus Calneh a gcrích Shínair.


L. Gn10:11


As an ttírsin dochuaidh Assur, agus dfóirgnigh Nínibheh, agus
an chathair Rehobot, agus Calach.


L. Gn10:12


Agus Resen idir Nínibheh agus Calach: as cathair mór sin.


L. Gn10:13


Agus do ghein Misraim Ludim, agus Anamim, agus Lehabim, agus
Naphtuhim.


L. Gn10:14


Agus Patrusim, agus Casluhim, (ó ttáinig Philistim) agus
Caphtoirim.


L. Gn10:15


Agus do ghein Canáan Sídon a chéad mhac, agus Het,


L. Gn10:16


Agus an Jebusiteach, agus an Temoriteach, agus an Girgasitech,


L. Gn10:17


Agus an Hibhiteach, agus an Taircíteach, agus an Siniteach,


L. Gn10:18


Agus an Tarbhaditeach, agus an Semaríteach, agus an Hamatiteach:
agus na dhiaigh sin do leathnuigheadar treabha na Ccanaanitech amach.


L. Gn10:19


Agus dobhí téorann na Ccanaanitech o Shídon, mar thigh tú go
Gerar, go Gára mar théid tú go Sodom, agus go Gomorrah, agus
Admah, agus Seboim agus marsin go Lasa.


L. Gn10:20


As íadso mic Ham, do réir a ttreabha, do réir a tteangtha, ann a
dtíorrthuibh, agus ann a gcinidheachuibh.


L. Gn10:21


Do Shem mar an cceadna athair chloinne Eber uile, dearbrathair
Japhet an sinnsior, rugadh fós dhósan clann.


L. Gn10:22


Clann Shem: Elam, agus Assur, agus Arphaxad, agus Lud, agus
Aram.


L. Gn10:23


Agus clann Araim; Us, agus Hul, agus Geter, agus Mas.


L. Gn10:24


Agus do ghein Arphaxad Salah, agus do ghein Salah Eber.


L. Gn10:25


Agus rugadh días mhac dÉber: ainm aóin díobh Peleg, óir as ann
a laéthibh do roinneadh an talamh: agus Joctan ainm a dhearbhrathar.


L. Gn10:26


Agus do ghein Joctan Almodad, agus Seleph, agus Hasarmabhet,
agus Jerah,


L. Gn10:27


Agus Hadoram, agus Ural agus Diclah,


L. Gn10:28


Agus Obal, agus Abimael, agus Seba,


L. Gn10:29


Agus Ophir, agus Habhilah, agus Jobab: dobíadso uile clann
Joctan.


L. Gn10:30


Agus dobhí a náitreabh ó Mheasa, mar théid tú go Sephar, sliabh
don taóibh shoir.


L. Gn10:31


Asíadso mic Shem do réir a ttreabha, do réir a tteangtha ann a
bhfearannuibh, agus do réir a gcinidheach.


L. Gn10:32


Agus asíadso treabha mhac Naói do réir a ngeinealach ann a
ccinidheachuibh: agus leóso do roinneadh na cinidheacha annsa domhan a
ndiaigh na díleann.


L. Gn11:1


Agus dobhí an domhan uile ar éinteanguidh ar énghlór.


L. Gn11:2


Agus tárla ar naistríughadh dhóibh ónáird shoir go bhfúaradar
réiteach a ttír Shínáir, agus gur chomhnuigheadar annsin.


L. Gn11:3


Agus adubhradar aón ré chéile, gluáisidh, déunam brícidh, agus
loisciom go hiomlán íad: agus is bríce dobhí aca mar chloich, agus pic
thalmhuighe mar mhoirtér.


L. Gn11:4


Agus adubhradar, gluáisidh, déunamh cathair dhúinn féin, agus tor a
roitheachuidh a bhárr go neamh, agus déunum ainm dhúinn féin, deagla
go spréighfigh sinn ar feadh na talmhan go huilidhe.


L. Gn11:5


Agus táinic an tighearna ansúas dféchuin na caithreach, agus an
tuir dorinneadar clann na ndaóine.


L. Gn11:6


Agus adubhairt an tighearna; féuch is aón an pobal uile, agus is
éinteanga atá aca uile, agus do thosuigheadar so do dhéunamh, agus anois
ní choinneóchar éinní úatha dar shaóileadar a dhéunamh.


L. Gn11:7


Ag súd chuguinn, déunuimne síos agus buaidhrim a nglór, ionnus nach
dtuigfidh siad glór a chéile.


L. Gn11:8


Marsin do sgaóil an tighearna ó chéile íad assin ar feadh na talmhan
uile, agus do sguireadar an chathair do thogbháil.


L. Gn11:9


Is uimesin goirthear Bábel dainm dhi, do chionn gur bhuaidir an
tighearna annsin teanga an domhuin uile, agus do spréigh an tighearna as
sin íad ar feadh na talmhan uile.


L. Gn11:10


Agso geinealach Shem: Dobhí Sem céud bliadhain daóis, agus do
ghein Arphaxad dhá bhliaghain a ndiaigh na díleann.


L. Gn11:11


Agus do mhair Sem tar éis Arphaxad do gheineamhuin chúig céud
bliaghan, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:12


Agus do mhair Arphaxad chúig bhliaghna déug ar fhichid, agus do
ghein Salah.


L. Gn11:13


Agus do mhair Arphaxad tar éis Salah do gheineamhuin, ceithre céud
agus trí bliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:14


Agus do mhair Salah tríochad blíaghan agus do ghein Eber.


L. Gn11:15


Agus do mhair Salah tar éis Eber do gheineamhuin, ceithre céud agus
trí bliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:16


Agus do mhair Eber ceithre bliaghna agus triochad, agus do ghein
Péleg.


L. Gn11:17


Agus do mhair Eber tar éis Péleg do gheineamhuin ceithre céud
bliaghan agus tríochad, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:18


Agus do mhair Péleg tríochad blíaghan, agus do ghein Réu.


L. Gn11:19


Agus do mhair Péleg tar éis Réu do gheineamhuin, dhá chéud agus
naói mbliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:20


Agus do mhair Réu tríochad agus dha bhlíaghain, agus do ghein
Sérug.


L. Gn11:21


Agus do mhair Réu tar éis Sérug do gheineamhuin, dhá chéud agus
seachd mblíaghna, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:22


Agus do mhair Serug tríochad blíaghan, agus do ghein Nahor.


L. Gn11:23


Agus do mhair Sérug tair éis Nahor do gheineamhuin, dhá chéud
blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:24


Agus do mhair Nahor naói mblíaghna fichiod, agus do ghein Terah.


L. Gn11:25


Agus do mhair Nahor tar éis Térah do gheineamhuin, céud agus naói
mblíaghna déug, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:26


Agus do mhair Térah seachdmhodhad blíaghan, agus do ghein Abram,
Nahor, agus Náran.


L. Gn11:27


Anois asíadso geinealuigh Thérah: do ghein Térah Abram,
Nahor agus Háran; agus do ghein Háran Lot.


L. Gn11:28


Agus do éug Haáran roimhe a athair, ann a thír dhúthaigh féin ann
Ur na Gcaldéanach.


L. Gn11:29


Agus tug Nahor mná chugtha, ainm mhná Abram Sarai, agus ainm mhná
Nahor Milcah, inghin Haran, athair Mhilcah, agus athair Iscah.


L. Gn11:30


Ach dobhí Sárai aimridh; ní raibh clann air bith aice.


L. Gn11:31


Agus do ghlac Térah Abram a mhac, agus Lot mac Hárain mac a
mhic, agus a bhainchlíamhuin Sárai bean a mhic Abram, agus
dochuadar amach leó ó Ur na Gcaldéanach do dhul go tír Chanaáin;
agus tangadar go Háran, agus dáitreabhuigheadar annsin.


L. Gn11:32


Agus do mhair Térah dhá chéud agus cúig bhlíaghna, agus do éug
Térah ann Haran.


L. Gn12:1


Anois adubhairt an tighearna ré Abram, éirigh romhad as do thír,
agus ghaól, agus ó thigh hathar go fearann thaisbeanfus misi dhuit.


L. Gn12:2


Agus dodhéuna mé cineadh mór dhíot, agus beannóchuidh mé thú, agus
dodhéuna mé hainm mór; agus biadh tú ad bheannughadh.


L. Gn12:3


Agus beanóchuidh mé an mhéid bheannóchus tú, agus mailleochuidh mé an
té mhailleochas tú: is ionnadsa bheannóchar treabha an domhuin uile.


L. Gn12:4


Marsin do imthigh Abram mar adubhairt an tighearna ris, agus dochuáidh
Lot leis: agus dobhí Abram seachdmhoghad agus cúig bhlíaghna daóis,
anuáir do imthigh sé as Háran.


L. Gn12:5


Agus rug Abram Sárai a bhean leis agus Lot mar a dhearbhrathar
agus a substaint uile noch do chruinnigheadar, agus na hanmanna
fúaradar ann Háran: agus dochúadar amach do dhul go tír Canaáin,
agus tangadar go tír Chanaáin.


L. Gn12:6


Agus do ghluáis Abram thríd an bhfearann go háit Shichem go
réiteach Moreh: agus dobhí an Canaaníteach ann tansin san
bhfearann.


L. Gn12:7


Agus do fhoillsigh an tighearna é féin do Abram agus adubhairt;
is dod shíolsa dobheara mé an dhuthaidhsi: agus annsin dorinne sé
áltóir don tighearna noch do thaisbéin é féin dó.


L. Gn12:8


Agus do athruigh sé assin go slíabh taóbh shoir do Bhétel, agus do
shúidhigh a phailliún, ar mbeith do Bhetel don taóbh shiar dhe,
agus Hái don taóibh shoir agus dorinne altóir annsin don tighearna,
agus do ghoir ar ainm an tighearna.


L. Gn12:9


Agus do aistrigh Abram ag dul ar aghaidh a gcomhnuidhe don taóbh
ó dheas.


L. Gn12:10


Agus dobhí gorta annsa tír, agus dochuáidh Abram síos don Egipt
do chomhnuighe annsin, óir dobhí an ghorta doilgheasach sa talamh.


L. Gn12:11


Agus tárla anuáir dobhí sé ar teachd a bhfoghus do dhul asteach
don Egipt, go ndubhairt sé ré Sárai a bhean, féuch annois as
aithne dhamsa go bhfuil tusa ad mhnaói sgiamhaidh ré féachuin ort.


L. Gn12:12


Uimesin teigeómhaidh anuáir dochífid na Hégiptigh thú, go n
aibeoruid síad; asíso a bhean, agus muirfid misi agus caóimhneochuid
thusa beó.


L. Gn12:13


Guidhim thú, abair gur tu mo dheirbhshíur; chor go mbeithear go
maith ar do shonsa leam, agus go mairfidh manam ar do shonsa.


L. Gn12:14


Agus tárla anúair tháinic Abram do Egipt, dochoncadar na
Hégiptigh an bhean go raibh sí rosgiamhach.


L. Gn12:15


Dochoncadar mar an ccédna prionnsuidhe Phárao í, agus do mholadar
í a lathair Phárao, agus rugadh an bhean asteach go tigh Phárao.


L. Gn12:16


Agus dobhí Phárao go maith ré Abram air a son, agus dobhádar
caóirigh aige, agus daimh agus asail, agus seirbhísigh fear agus
seirbhísigh ban, agus banassail, agus cámhuill.


L. Gn12:17


Agus do phláigh an tighearna Phárao lé plághuibh móra ar son
Shárai bean Abram.


L. Gn12:18


Agus do ghoir Phárao Abram agus adubhairt; créad éso dorinne tu
oram, créd nár innis tú dham gurbh í do bhean í?


L. Gn12:19


Créd fá ndubhairt tú, así mo dhearbhshíur í; marsin do
fhédfuinnse a tabhairt mar mhnaói; uimesin anois féuch do bhean, gabh
chugad í agus imthigh romhad.


L. Gn12:20


Agus tug Phárao aithne dhá mhuinntir dhá taóibh, agus do chuireadar
ar siubhal é féin agus a bhean agus anuile ní dobhí aige.


L. Gn13:1


Agus dochuaidh Abram súas as an Egipt; é féin agus a bhean agus
anuile ní dobhí aige.


L. Gn13:2


Agus dobhí Abram roshaidhbhir anáirnéis, anairgead agus anór.


L. Gn13:3


Agus do imthigh ar aghaidh, ann a aistribh ón taóbh ó dheas eadhon go
Bétel, gus an áit a raibh a pháilliún ar tús eidir Bétel agus Hái.


L. Gn13:4


Go háit na haltóra dorinne sé annsin ar ttús: agus do ghoir
Abram annsin ar ainm an tighearna.


L. Gn13:5


Agus Lot mar an ccéadna, dochuáidh le Abram, dobhádur tréuda agus
airighe, agus páilliúin aige.


L. Gn13:6


Agus ní tháinic don fearann a niomchur, ionnus go náitreobaidís a
bhfochair a chéile: óir dobhí a substaint comhmórsin, nár bhféidir leó
comhnuighe anaónáit.


L. Gn13:7


Agus dobhí imreasan eidir aódhairibh áirnéisi Abram, agus aódhairibh
áirnéisi Lot: agus do áitreabhadar na Canáanitigh, agus na Perisitigh
an tansin ann sa dúthaigh.


L. Gn13:8


Agus adubhairt Abram ré Lot, guidhim thú ná bíodh ceannairge ar
bith eadhrumsa agus tusa, nó idir maódhairibh agus thaódhairibh: óir is
dearbhráithresinn.


L. Gn13:9


Nach bhfuil an duthaigh uile romhad? guidhim thú dealuigh thú féin
riomsa: madh áil leachd gabh don láimh chlé; annsin geabha misi don láimh
dheis: nó (ma théid) tú don láimh dheis, annsin racha misi don láimh
chlé.


L. Gn13:10


Agus do thóg Lot a shuile súas, agus dochonnairc réiteach Jordán
uile, go raibh uisge go maith ar gach éun taóbh suil do sgrios an
tighearna Sodom agus Gomorrah, eadhon amhuil gháirdín an tighearna,
cosmhuil re talamh na Heigipte mar thigh tú go Soar:


L. Gn13:11


Annsin do thogh Lot dó féin réiteach Jordáin uile, agus do aistrigh
Lot soir, agus do dhealuigheadar iad féin gach aón o chéile.


L. Gn13:12


Do chomhnuigh Abram a ttír Chanáain, agus do chomhnuigh Lot a
ccaitreachaibh an réitigh, agus do shuidhigh a pháillíum leath re
Sodom.


L. Gn13:13


Ach dobhádar daóine Shodom go holc, agus na bpecachuibh a
bhfiaghnuisi an tighearna go hiomurcach.


L. Gn13:14


Agus do ráidh an tighearna ré Abram tar éis Lot dimtheachd uadh:
Tóg súas anois do shúile, agus féuch ón áit a bhfuil tú do thuaigh,
agus do dheas, soir agus síar.


L. Gn13:15


Óir an fearann uile dochí tú dobhéura misi dhuit é, agus dot shíol
go bráth.


L. Gn13:16


Agus dodheana mé do shíol amhuil luaithreadh na talmhan, iondus madh
fhéudan neach luaithreadh na talmhan dáireamh, annsin aireomhthar do
shíolsa mar an gceadna.


L. Gn13:17


Éirigh, siubhail ar feadh an fearuinn, ann a fhad agus an a leithead,
óir dobhéura misi duit é.


L. Gn13:18


Annsin do athruigh Abram a pháilliún, agus táinic, agus do
chomhnuigh a réiteach Mhamre, noch atá ann Ebron, agus do chuir
súas annsin altóir don tighearna.


L. Gn14:1


Agus tarla a laethibh Amraphel Rí Sínair, Arioch Rí Ellasar,
Chedarlaomer Rí Elamh, agus Tidal Rí na gcineadhach.


L. Gn14:2


Go ndearnadarso cogadh ré Bera Rí Sodom, agus re Birsah Rí
Gomorrah, Sínab Rí Admah, agus Semeber Rí Seboiim, agus ré Rí
Béla edhon Soar.


L. Gn14:3


Do iadhadurso uile re chéile a ngleann Siddin; nocharbé an
fhairge shaillte.


L. Gn14:4


Da bhliadhain déug dobhádur ag seirbis do Chedorlaomer, agus ar an
treas bliadhan déug do chogadur na aghuidh.


L. Gn14:5


Agus annsa ceathramhadh bliadhain déug tainic Chedorlaomer, agus na
Righthe dobhí na fhochair, agus do bhuáileadar na Rephamigh an
Asterot Carnaim, agus na Susimigh ann Ham, agus na hemimigh an
Sabheh ciriataimh.


L. Gn14:6


Agus na hoirthigh ann a sliabh Seir go nuige Elparan noch ata
láimh ris an bhfásach.


L. Gn14:7


Agus do fhilleadar, agus tangadar go Henmispat eadhon Cádes, agus
do bhuaileadur crioch na nAmalecitech uile, agus marsin na
hamoritigh do áitreabhuigh Haseson-tamar.


L. Gn14:8


Agus dochuaidh amach annsin righ Sodom agus rígh Béla (edhon
Soar) agus dfhearadar cath ríu a ngleann Siddim.


L. Gn14:9


Re Chedorlaomer rígh Elam, agus re Tidal rígh na gcineadhach agus
Amraphel Rí Sináir, agus Harioch rígh Ellasar, ceithre ríghthe
ré cúig ríghthibh.


L. Gn14:10


Agus dobhí gleann Siddim lán do lóguibh pice talmhuidhe, agus do
theich righ Sodom agus Gomorrah, agus do thuiteadur iontasin; agus an
mhéid do mhair do theitheadar fán tslíabh.


L. Gn14:11


Agus rugadar léo maitheas Sodom agus Ghomorrah uile, agus a mbíadh
uile, agus do imthigheadar rompa.


L. Gn14:12


Agus do ghabhadur Lot mac dearbhrathar Abram, noch do áitreabh a
Sodom, agus a mhaóin, agus do imthigeadur.


L. Gn14:13


Agus ttáinig aón docuáidh as, agus dinnis do Abram an
teabhruidheach; óir do áitribh sé a réiteach Mhamre, an tamoriteach,
dearbhrathair Escoil, agus dearbhrathar Aner, agus dobhádurso a
ccomhcheangal re Abram.


L. Gn14:14


Agus anuair dochualuidh Abram go raibh a dhearbhrathair gabtha na
phriosúnach, do armhuigh sé (a sherbhísigh) soighdiurtha rugadh ann a
thigh féin, trí chéud agus ochd bhfir dhéug, agus do thóruigh
iadsan go Dan.


L. Gn14:15


Agus do roinn é féin na naghaidh, é féin agus a sherbhísigh san
oidhche, agus do bhuail iád, agus do lean orra go Hoba atá ar an
láimh chlé do Dhamascus.


L. Gn14:16


Agus tug na creacha uile ar a nais, agus fós tug ar ais a
dearbhrathair Lot agus a mhaitheas, agus na mná fós, agus na daóine.


L. Gn14:17


Agus dochuaidh rígh Sodom amach na choinne tar éis filledh ó
mharbhadh Chedorlaómer agus na righthe dobhí na fhochair a
ngleann Sabheh, edhon gleann an rígh.


L. Gn14:18


Agus tug Melchisedec Rígh Sálem amach arán agus fíon; agus dobé
sagart an Dé roáird é.


L. Gn14:19


Agus do bheannuigh é, agus adubhairt: bíodh Abram beannuighe on Día
as roáirde, sellbhuighe neimhe agus talmhan.


L. Gn14:20


Agus go madh beannuighe an Día as roáirde, noch do thoirbhir do
naimhde ann do láimh: agus tug sé deachmhad anuile neithe dhó.


L. Gn14:21


Agus adubhairt Rígh Sodom ré hAbram: tabhair dhamhsa na pearsanna
agus glac an mhaóin dhuit féin.


L. Gn14:22


Agus adubhairt Abram ré Rígh Shodom: do thóg mé súas mo lámh chum
an tighearna an Día as roáirde, sealbhuighe neimhe agus talmhan.


L. Gn14:23


Nach glacfaidh misi ó shnáite go héill bróige, agus nach glacfa mé
einní is leachdsa, deagla go naibéortha, dorinne mé Abram
saidhbhir.


L. Gn14:24


Achd amháin a nduadur na hogánuigh, agus cuid ronna na muinntire
dochuáidh liom, Aner, Escol, agus Mamre, glacaidíssin a ccuid
ronna.


L. Gn15:1


A ndíaigh na neitheannso, táinig briathar an tighearna chum Abram a
dtaisbeanadh ag rádh; ná himeaghluidh a Abram, is misi do scíath
agus do luáidheachd romhór.


L. Gn15:2


Agus adubhairt Abram: a thighearna Día, cread dobhéura tú dhamh, ó
táim ag imtheachd gan chloinn, agus gurobé ann Teliezerso ó
Dhamascus stíobhard mo thighe.


L. Gn15:3


Agus adubhairt Abram, féuch, ní thug tú síol ar bith dham; agus
féuch, aón rugadh ann mo thigh, as é is oighre oram.


L. Gn15:4


Agus féuch, táinig bríathar an tighearna chuige, dá rádh; ní héso
bhus oighre ort, achd an té thiocfus amach as tinnibh féin bhus oighre
ort.


L. Gn15:5


Agus tug leis amach é, agus adubhairt; féuch annois air neamh, áirimh
na réulta más éidir leachd a náireamh: agus adubhairt sé ris, as marso
bhías do shíol.


L. Gn15:6


Agus do chreid seision ann sa tighearna; agus do mheas sé sin dó na
fhiréuntachd.


L. Gn15:7


Agus adubhairt sé ris, as misi an tighearna tug amach thú as Ur na
gCaldéanach do thabhairt na tírese dhuit, chumh a beith na
hoighreachd agad.


L. Gn15:8


Agus adubhairt seision; a thighearna Día, cionnud bhías a fhios agum
go madh oighreachd dham í.


L. Gn15:9


Agus adubhairt ris; glac dhamhsa colpach thrí mblíadhan daóis, agus
gabhar baineann thrí mblíadhan daóis, agus reithe thrí mblíadhan daóis,
agus turtair agus colum óg.


L. Gn15:10


Agus do ghlac sé iadso uile chuige, agus do rann se ann a lár iád,
agus do chuir gach aón phíosa as coinne a chéile: ach níor roinn sé na h
éin.


L. Gn15:11


Agus anuáir a tangadar anénlaithe ansúas ar na conablachuibh do
dhíbir Abram íad.


L. Gn15:12


Agus anuáir dobhí an ghrian ag dul faói, do thuit codladh trom ar
Abram, agus féuch do thuit úathbhás dorchaduis mhóir air.


L. Gn15:13


Agus adubhairt Día ré Abram: bíodh a fhios agad go dearbhtha go
mbiáidh do shíol na coimhighthecha a ndúthaigh nach léo féin, agus
dodhénuid serbhís dóibh, agus go mbéidh a ndaóirse aca ceithre chéud
blíaghan.


L. Gn15:14


Agus mar an gceadna an cineadhsin dá ndénuid serbhís béuradsa breath
orra, agus na dhiáighsin tiocfaidh amach maille re maóin mhóir.


L. Gn15:15


Agus rachuidh tusa chum haithreach a síothchain, agus
adhlocthar thú anaóis fhoirfe mhaith.


L. Gn15:16


Ach san cheathramhadh geinealach tiocfaidh siad annso arís; óir ní
bhfuil éigceart na Namoritech iomlán fós.


L. Gn15:17


Agus tárla nuair dochuaidh an ghrían faói, go raibh dorcha, féuch
fuirnis dheatcha agus tóirsi le teinibh, noch do imthigh thríd na
codchuibhsin.


L. Gn15:18


Annsa ló cheudnasin dorinne an tighearna chunnradh ré Abram, dhá
rádh; dot shíolsa thug mé an tírsi ó abhuinn na Héigipte go
nuige an sruth mór, sruth Euphrátes.


L. Gn15:19


Na Cinetigh, agus na Cineisitigh, agus na Cadmonithigh,


L. Gn15:20


Agus na hItitigh, agus na Perisitigh, agus na Rephamitigh,


L. Gn15:21


Agus na hAmoritigh, agus na Canaanitigh, agus na Girgasitigh, agus
na Jebusitigh.


L. Gn16:1


Anois, ní rug Sárai bean Abram clann ar bith dhó, agus dobhí
innilt Egipteach aice, darbhainm Hagar.


L. Gn16:2


Agus adubhairt Sárai ré Abram: féuch anois do thoirmisg an
tighearna misi ó bhreith; íarruim ort téigh asteach chum minnilte;
dob éidir go bhfuighin clann da taóibh; agus tug Abram air do
ghlór Shárai.


L. Gn16:3


Agus do ghlac Sárai bean Abram Hagar a hinnilt an Tégipteach,
a ndiáigh Abram dáitreabh deich mbliadhna a ttír Chanáain, agus
tug sí dá fear Abram í do bheith na mnaói aige.


L. Gn16:4


Agus dobhí sé ag Hágar agus do toirrceadh í, agus anuair dochonnairc sí
go raibh sí torrach, dobhí a maighistreás tarcuisneach.


L. Gn16:5


Agus adubhairt Sárai ré Abram: bíodh méugcóir ortsa, agus tug mé
mo chailín ad uchd, agus anuáir dochonnairc sí go raibh torrach,
dobhí misi tarcuisneach na radharc: go ndéuna Día breitheamhnus
eadrumsa agus tusa.


L. Gn16:6


Achd adubhairt Abram ré Sárai: féuch atá do chailín ad láimh féin,
déuna ría mar dochithear dhuit: agus anuáir do mhasluigh Sárai í,
do theith sí as a fiaghnuisi.


L. Gn16:7


Agus fuáir Aingeal an tighearna í láimh ré tobar uisge, san bhfásach:
láimh ris an tobar ar a tslighe go Súr.


L. Gn16:8


Agus adubhairt sé; a Hagar, a chailín Shárai, cía as a ttáinig
tú? agus c áit a ttéid tú? Agus adubhairt sisi; atáim ag teichtheamh
ó radharc mo mhaighistreás Sárai.


L. Gn16:9


Agus do ráidh aingeal an tighearna ría: fill ar do mhaigistreás, agus
umhluigh thú féin fana lámhuibh.


L. Gn16:10


Agus adubhairt aingeal an tighearna: méideochuidh mé do shíol, nach
budh féidir a áireamh ar iomadamhlachd.


L. Gn16:11


Agus adubhairt Aingeal an tighearna ría; féuch atá tú torrach, agus
agus béura tú mac, agus dobhéura tú Ismael dainm air: do chionn go
ccúala an tighearna do bhuaidhreadh


L. Gn16:12


Agus bía sé na dhuine fhiadhta; biáidh a lámh anaghuidh gach aón
duine, agus láimh gach aónduine na aguidh: agus coimhneochuidh sé a
lathair a dhearbhrathar uile.


L. Gn16:13


Agus do ghoir sí ainm an tighearna do labhair ría: thusa a Dhé dochí
mé: óir adubhairt sí, nar fhéuch misi mar an ccéudna annso a ndiáigh
an té dochí mé.


L. Gn16:14


Uimesin do goireadh don tobar Beerlahai-roi: féuch atá sé idir
Chades agus Béred.


L. Gn16:15


Agus rug Hágar mac do Abram, agus do ghoir Abram Ismael dá
mhac rug Hágar.


L. Gn16:16


Agus dobhí Abram ceithre fichid agus sé bliadhna daóis, anuáir rug
Hágar Ismael dó.


L. Gn17:1


Agus anuáir dobhí Abram nochad agus naói mbliadhna daóis; do
thaisbéin an tighearna é féin do Abram, agus adubhairt ris; Is misi an
Día uilechumhachdach, siubhuil am fhiadhnuisi agus bí diongmhalta.


L. Gn17:2


Agus dodhéuna mé mo chunnradh eadrum agus tú, agus méideochuidh mé tú
go hanmhór.


L. Gn17:3


Agus do thuit Abram ar aghuidh agus do chomhráidh Día ris, dá rádh;


L. Gn17:4


Ar mo shonsa, féuch, atá mo chunnradh riot, agus biáidh tú a tathair
mhóráin cinidheach.


L. Gn17:5


Agus ní Hábram bhus ainm ort óso amach; ach budh é hainm Abraham,
oir ad tathair mhóráin do chinidheachuibh dorinne me thú.


L. Gn17:6


Agus dodhéuna mé ro thórrthach thú, agus dodhéuna mé cinidheacha dhíot,
agus tiocfaid ríghthe asad amach.


L. Gn17:7


Agus daingneochuidh mé mo chunnradh eadrum féin agus tú, agus eadrum
féin agus do shíol ad dhiaigh ann a ngeinealachuibhsin mar chunnradh
síorruidhe, do bheith am Dhia dhuitse agus dot shíol ad dhiáigh.


L. Gn17:8


Agus dobhéura mé dhuitsi agus dot shíol ad dhiáigh an fearann ann a
bhfuil tú ar cuairt, tír Chanaáin uile, mar sheilbh shíorruidhe;
agus bía mé mar Dhia aca.


L. Gn17:9


Adubhairt Día ré Habraham; coiméudfuidh tú mo chunnradh ar an
adhbharsin, thú féin agus do shíol ad dhiáigh ann a ngeinealachuibh.


L. Gn17:10


Aséso mo chunnradh noch chomhallfuidhigh eadrumsa agus sibhse,
agus do shíol ad dhiáigh; gach uile gein mhic bhur measg biaidh sé
timchillghérrtha.


L. Gn17:11


Agus timchillgearrfaid feóil bhur réumchroicinn, agus biaidhsin mar
chomhartha an chunnartha eadrumsa agus sibhse.


L. Gn17:12


Agus an mac bhías ochd lá daóis eadruibh, timchiollghearrfar é,
gach uile ghein mhic ann bhur ngeinealachuibh, an té bhérthar annsa
tigh, no cheannochar ar airgead ó choimhithigheach ar bith, nach bhfuil
dot shíolsa.


L. Gn17:13


An té rugadh ann do thigh, agus an té ceannchadh ar hairgead, is
éigin a mbeith timchillghearrtha, agus biáidh mo chunnradh ann bhur
bhfeóil mar chunnradh síorruidhe.


L. Gn17:14


Agus an leanamh mic gan timchillghearradh, gá mbía feóil a
réumhchroicinn gan timchillghearradh, gearrfuidhear an tanamsin amach ón a
phobal: do bhris sé mo chunnradh.


L. Gn17:15


Agus adubhairt Día ré Hábraham; ar son Shárai do mhná, ní ghoirfe
tú Sárai dhi; ach Sárah bhías dainm uirre.


L. Gn17:16


Agus beinneóchuidh misi í, agus dobhéura mé mac dhuitsi uaithe: fós
beinneochuidh mé í, agus biáidh sí na mathair chineadhach; tiucfuidh
Ríghthe cineadhach uaithe.


L. Gn17:17


Annsin do thuit Abraham ar aghuidh, agus dorinne gáire agus a
dubhairt ann a chroidhe, an mbéurthar mac don tí atá a ccion a chéud
blíadhan daóis, agus Sárah atá nóchad blíaghan daóis an mbéura sí mac.


L. Gn17:18


Agus adubhairt Abraham ré Día: dobhfearr liom go maireadh
Ismael ad fhiadhnuisi.


L. Gn17:19


Agus adubhairt Día, béuruidh do bhean Sárah mach dháríribh dhuit
agus ghoirfe tú Isaac dainm dhe, agus daingneóchaidh misi mo chunnradh
ris na chunnradh shíorruidhe, agus rena shíol na dhiáigh.


L. Gn17:20


Agus ar son Ismael, dochúala mé thú: féuch, do bheannuigh mé é, agus
dodhéuna mé síolmhar é, agus oirlíonfad go hiomarcach é: Dhá phrionnsa
dhéug gheinfeas sé, agus dodhéuna mé cineadh mór dhe.


L. Gn17:21


Ach mo chunnradh daingneochuidh mé ré Hisaac noch bhéuras Sárah
dhuitsi ann sanuáir chinntesi, annsa bhliadhuinsi chuguinn.


L. Gn17:22


Agus do scuir do bheith ag caint ris, agus dochuáidh Día suas ó
Abraham.


L. Gn17:23


Agus do ghlac Abraham Ismael, agus gach a rugadh ann a thigh agus
gach ar ceannchadh ar a chuid airgid, gach uile fhirionnach a measg
daóine thighe Abraham, agus do thimchillghearr feóil a
réumhchroicinn annsa lósin féin mar adubhairt Día ris.


L. Gn17:24


Agus dobhí Abraham nóchad agus naói mbliadhna anuáir do
timchillghearradh é a bhfeóil a réumhchroicinn.


L. Gn17:25


Agus dobhí Ismael a mhac trí bliadhna déug daóis anuáir do
thimchillghearradh é a bhfeóil a réumhchroicinn.


L. Gn17:26


Ann sa ló chéudna do thimchillghearradh Abraham, agus a mhac
Ismael.


L. Gn17:27


Agus anuile fhear ann a thigh, rugadh sa tigh, agus do cheannchadh
ar airgead ón choimhightheach, do timchillghearradh íad maille ris.


L. Gn18:1


Agus do fhoillsigh an tighearna é féin dó a réiteach Mhamre, agus do
shuigh sé a ndorus na puible a tteas an laói.


L. Gn18:2


Agus do thóg a shúile súas, agus damharc sé, agus féuch dochonnairc
sé tríur fear na seasamh láimh ris, agus anuáir dochonnairc sé íad do
rith na gcoinne ó dhorus na puible, agus do chlaón é féin go talamh.


L. Gn18:3


Agus adubhairt, a tighearna, má fuáir mé anois fabhar an do radharc:
guidhim sibh ná himthigh ód sheirbhíseach.


L. Gn18:4


Guidhim sibh, tugthar beagán uisge (chugaibh) agus ionnlaigh bhur
ccossa agus déunuid comhnuidhe faói an chrann.


L. Gn18:5


Agus dobhéura misi greim aráin, agus solásuighidh bhur ccroidhthe: tar
éissin imtheachuigh sibh romhuimh: óir is uimesin tangabhair chum bhur
searbfhoghantuigh; agus adubhradarsan; déuna mar adubhairt tú.


L. Gn18:6


Agus do dheifrigh Abraham don phubuil mar a raibh Sárah, agus a
dubhairt, deifrigh tráth trí meadha do mhin phlúir, suaith é agus déuna
bairgena ar an tteallach dhe.


L. Gn18:7


Agus do rith Abraham gus anairighe, agus tug leis laógh brisc maith,
agus tug dóganach é, agus do dheifrigh sé dá dheasughadh.


L. Gn18:8


Agus do ghlac sé im agus bainne agus an laógh, noch do dheasuig sé; agus
do chuir na bhfiadhnuisi é, agus do shuidh láimh ríu faói an chrann, agus
adúadarsan.


L. Gn18:9


Agus adubhradar ris: cáit a bhfuil Sárah do bhean? agus do
ráidh seision, féuch atá sí san phubuil.


L. Gn18:10


Agus do ráidh seision; go deimhin fillfidh mé chugad do réir aimsire
na beatha: agus féuch Sárah do bhean biáidh mac aice. Agus dochúaluidh
Sárah sin a ndorus an phubail dobhí air a chúl.


L. Gn18:11


Anois dobhí Abraham agus Sárah aósta, agus do chuireadar morán
dá naimsir thárrsa agus do scuir do bheith ag Sárah do réir chúrsa na
mban.


L. Gn18:12


Uimesin dorinne Sárah gáire innte féin, dá rádh; tar éis mo
bheith aósda foirfe, an bhfuighe mé solás, ar mbeith foirfe do mo
tighearna mar an gcéudna.


L. Gn18:13


Agus adubhairt an tighearna ré Hábraham: créud fa ndeárna Sárah
gáire, ag rádh; an dearbhtha go mbéura misi leanamh noch atáim foirfe.


L. Gn18:14


An bhfuil éinní rochruáidh ag an ttighearna? annsanuáir chinnte
fillfidh mé chugad do réir aimsire na beatha, agus biáidh mac ag Sárah.


L. Gn18:15


Annsin do shéun Sárah dhá rádh; ní dhearna misi gáire, óir dobhí
eagla uirre: agus adubhairt seision, ní headh ach dorinne tú gáire.


L. Gn18:16


Agus déirgheadar na fir súas assin, agus dféuchadar leath ré
Sodom agus dochuáidh Abraham leó dá mbreith ar a tslighe.


L. Gn18:17


Agus do ráidh an tighearna: an gceilfidh mé ar Abraham an nísi
atáim do dhéunamh.


L. Gn18:18


O chítear go ttiucfa Abraham go dearbhtha chum bheith na chineadh
mhór cumhachdach, agus go mbéidh cinidheacha an domhuin uile beannuighe
annsan.


L. Gn18:19


Óir is aithnidh dhamhsa é go ttiubhra aithne dhá chloinn, agus dá
theaghlach na dhiaigh, agus coimhédfuid slighe an tighearna do dhéunamh
ceirt, agus breitheamhnuis; ionnus go ttiubhra an tighearna air
Abraham an nísin do labhair dá thaóbh.


L. Gn18:20


Agus adubhairt an tighearna: do chionn gur mór comhairc Shodom,
agus Ghomorrah, agus do chionn go bhfuilid a bpeacuidh rothrom.


L. Gn18:21


Rachuidh mé síos anois, agus féucfa mé a ndearnadur thríd amach do
réir a gcomarc tháinic go nuige mé, agus muna ndearnsad biáidh a fios
agum.


L. Gn18:22


Agus do fhilleadur na daóine anaighthe assin, agus dochúadar leath
re Sodom: ach do sheas Abraham go fóill a lathair an tighearna.


L. Gn18:23


Agus do thriall Abraham a bhfogus, agus adubhairt: an sgriosfuidh tú
fós an firéun mar aón ris an cionntach?


L. Gn18:24


Dobféidir go bhfuil caógadh firéun astigh ann sa chathruigh; an
scriosfa tú marsin, agus nach coigeola tú an áit ar son an chaógaidh
firéun atá innte.


L. Gn18:25


Go madh fada sin uaitsi a dhéunamh marso; an fíréun do mharbhadh
maille ris an cciontach: agus go mbiáidh an firéun mar an cciontach, go
madh fadasin uaitsi: nach déuna breitheamh na talmhan uile ceart?


L. Gn18:26


Agus adubhairt an tighearna: ma gheibhim a Sodom caógad firéun
astigh san chathruigh, annsin coigeoluidh mé anáit uile ar a son.


L. Gn18:27


Agus adubhairt Abraham ar bhfreagra dho; féuch do ghabh misi orm
labhairt ris an tighearna, nach bhfuil ionnam ach cré, agus luáithreadh.


L. Gn18:28


Dobféidir go tteisteabhuidh cúigear don chaógad firéun; an sgriosfa
tú an chathair uile ar son (easbuidh) cúigir? agus adubhairt seision, má
gheibhim cúigear, agus dá fhichid ann, ní sgriosfa mé í.


L. Gn18:29


Agus do labhair sé ris fós arís, agus adubhairt: dobféidir go
bhfuighthigh dhá fhichid ann: agus adubhairt seision: ní dhéuna mé é ar
son dá fhichthiod.


L. Gn18:30


Agus adubhairt sé ris, oh ná bíodh an tighearna feargach, agus
laibhéora misi: dobféidir go bhfuighthí triochad ann; agus adubhairt
seision ní dhéna mé é, má gheibhim tríochad ann.


L. Gn18:31


Agus adubhairt seision; dobféidir go bhfuighthi fithche ann: agus
adubhairt sesion: ní sgriosfa me í air son fhithchid.


L. Gn18:32


Agus adubhairt seision: oh ná bíodh fearg ar an ttighearna,
agus laibheóra mé ach so amháin: dobféidir go bfhuighthi deithneamhar ann:
agus adubhairt seision; ní sgriosfa me í ar son an deichneamhair.


L. Gn18:33


Agus do imthigh an tighearna roimhe ar ball mar do scuir sé dha
chomhrádh ré Habraham; agus do fhill Abraham da áit féin.


L. Gn19:1


Agus tangadar dá aingeal go Sodom trathnóna, agus dobhí Lot na
shuighe a ngeata Shodom: agus anuair dochonnairc Lot íad, do
éirigh súas do theagmhail ríu: agus do chlaón sé é féin maille ré na
ghnuichd síos go talamh.


L. Gn19:2


Agus adubhairt sé: féuchuidh anois a thighearnadha, íarruim oruibh
fillidh asteach go tigh bhur seirbhísigh, agus fhanuidh ar feadh na h
oidhche, agus ionnluigh bhur ccosa, agus éireochuidh sibh súas go moch,
agus rachaidh sibh romhuibh ann bhur tturus: agus adubhradarsan; ni h
eadh ach anfam ar a tsráid feadh na hoidhche.


L. Gn19:3


Agus do sháruigh sé orra go mór, agus do fhilleadar asteach
chuige, agus dochuadur don tigh; agus dorinne sé féusda dóibh, agus do
bhruith sé arán gan laibín, agus a duadarsan.


L. Gn19:4


Ach suil do luigheadar síos tangadur daóine na caithreach (eadhon)
daóine Shodom archeana, anúir timchioll an tighe, eidir shean agus óg,
an pobal uile ar gach uile thaóbh.


L. Gn19:5


Agus do ghoireadar ar Lot, agus adubhradur ris: cáit a bhfuilid
na daóine tháinig chugad anochd? tabhair amach chuguinne íad go mbeith a
bhfios aguinn.


L. Gn19:6


Agus dochuaidh Lot amach san dorus chuca, agus do dhruid sé an dorus
na dhíaigh.


L. Gn19:7


Agus adubhairt, guidhim sibh a dhearbhráithre, ná déunaid a chomholc
sin do ghníomh.


L. Gn19:8


Féuchuidh anois, atáid agum días inghean nar fhionn fear, iarruim oruibh
leigidh dhamh a ttabhairt chuguibh amach, agus déunaidh ríu mar dochítear
dhaóibh: amháin ná déunaid éinní air na fearuibhse; óir is chuige sin tangadur
fá dhíon mo tighse.


L. Gn19:9


Agus adubhradursan, seas síar: agus adubhradur arís, na aónar
tháinic an fearso ar chuáirt asteach, agus ní fuláir leis bheith na
bhreitheamh; anois dodhénam ní is measa riotsa ná ríusan, agus do
sháruigheadar go mór an tóglach (eadhon) Lot, agus tangadur a bhfogus
don dorus dá bhriseadh.


L. Gn19:10


Ach do chuireadar na daóine a lámh amach, agus do thairrngeadar Lot
chuca asteach agus do druideadur an dorus.


L. Gn19:11


Agus do bhuaileadar na daóine ag dorus an tighe le doille ó bheag go
mór, ionnus gur thuirsigheadar iad féin ag iarruidh an doruis.


L. Gn19:12


Agus adubhradar na fir ré Lot; an bhfuil agad annso éinneach eile,
do chlíamhuin, do mhaca agus hingheana, gidhbé ar bith atá agad annsa
chathruigh tabhair iad amach as anáitsi.


L. Gn19:13


Oir sgriosfuimne anáitse do chionn gur fhás anéighmhe mhór a
lathair an tighearna, agus do chuir an tighearna sinne dhá sgrios.


L. Gn19:14


Agus dochuáidh Lot amach, agus do labhair réna chleamhnuibh noch do
phós a ingheana, agus adubhairt: gluaisigh, fágbhuidh anáitsi amach;
óir sgriosfuidh an tighearna an chathairso; ach dar lena cleamhnuighibh bá
fear moguidh é.


L. Gn19:15


Agus anuáir do éirigh an mhaidion, annsin do bhrosduighedar na h
aingil Lot ag rádh: éirigh glac do bhean agus do dhías inghean atá ann
so, deagla go ttuitfeá a ccionta na caithreach.


L. Gn19:16


Agus mar dobhí ag déunamh moille, rugadur na daóine ar láimh air,
agus ar láimh a mhná, agus air láimh a dheisi inghean, ar mbeith don
tighearna grásamhuil dó, agus tugadur leó amach é, agus do suigheadar
taóbh amuigh don chathruigh é.


L. Gn19:17


Agus tárla anuáir thugadur léo amach íad, go ndubhairt sé, teith lé
tanam, ná féuch ad dhiaigh, agus ná fan annsa réiteach uile; teith fán
tsliabh, deagla do aidhmhillthe.


L. Gn19:18


Agus adubhairt Lot ríu; oh, ní marsin, a thighearna.


L. Gn19:19


Féuch annois, fuáir do shearbhfoghantuigh grása ad radharc, agus do
méuduigh tú do thrócaire noch do thaisbéin tú dhamhsa ag cumhdach mh
anma: agus ní fhéuduim teitheamh fan tslíabh deagla uilc éigin do bhuain
damh, agus go bhfuighinn bás.


L. Gn19:20


Féuch anois, is fogus an chathairsi re teitheamh chuice, agus is beag
í; oh, léigthear dhamh teitheamh annsúd (ané nach beag í?) agus
mairfidh manam.


L. Gn19:21


Agus adubhairt seision ris; féuch do ghabh mé hathchuighidh chugam
a ttaóibh an neithesi mar an cceudna, nach millfe mé an chathairsi
air son ar labhair tú.


L. Gn19:22


Deifrigh ort, teith annsúd; óir ní fheuduimsi einní do dhéunamh no
go ndeachaidh tú annsúd: uimesin do goireadh Soar dainm don
chathruigh.


L. Gn19:23


Déirigh an ghrían air an dtalamh anuáir dochuáidh Lot asteach
go Soar.


L. Gn19:24


Annsin do fhear Día ar Shodom agus ar Ghomorrah ruibh agus teine
ón tighearna amach as flaitheamhnus.


L. Gn19:25


Agus do theilg seachad na caithreachasin agus an fearann uile, agus
áitreabhuigh na ccaithreach uile, agus an ní do fhás ar an ttalamh.


L. Gn19:26


Ach do fhéuch a bhean na dhiáigh taóbh shíar dhe, agus dorinneadh
piléir saluinn di.


L. Gn19:27


Agus do éirigh Abraham go moch ar maidhin go nuige anáit ar sheas
sé as choinne an tighearna.


L. Gn19:28


Agus do fhéuch sé ar Shodom agus ar Ghomorrah, agus ar fhearann
an réitigh uile, agus do amhairc, agus féuch dochuáidh deatach na tíre
suas amhuil dheatuigh fhuirnise.


L. Gn19:29


Agus tárla anuáir do sgrios Día caithreacha an réitigh gur chuimhnigh
Día air Abraham, agus gur chuir sé Lot amach as lár anáir anuáir do
sgrios sé na caithreacha ann a raibh Lot na chomhnuidhe.


L. Gn19:30


Agus dochuáidh Lot suas amach as Soar agus do chomhnuidhe ar a
tslíabh agus a dhías inghean na fhochair, óir dobeagal leis
comhnuidhe do dhéunamh a Soar; agus do áitribh sé anuaimh é féin agus
a dhías inghean.


L. Gn19:31


Agus dubhairt an tí budh sine ris an tí dobóige: atá ar nathair
foirfe, agus ní bhfuil duine ar domhan dobhiáidh aguinn do réir modha an
tsaóghuil uile.


L. Gn19:32


Gluais, tugam air ar nathair fíon dól, agus luighfiom na fhochair go
ccoimheudum síol ó ar nathair.


L. Gn19:33


Agus tugadar ar a nathair fíon d ól anoidhchesin, agus dochuaidh
an bhean budh sine asteach agus do luigh lena hathair, agus níor
mhothuigh sé anuáir do luigh nó do éirigh sí.


L. Gn19:34


Agus tárla arna mhárach go ndubhairt an inghean budh sine ris an
inghein dobóige, féuch do luidh misi aréir leam athair, tugam air fíon d
ól anochd mar an ccéudna, agus éirighsi asteach, agus luidh leis, go
ccongmham síol ó ar nathair.


L. Gn19:35


Agus tugadar ar a nathair fíon dól an oidhchesin mar an gcéudna,
agus do éirigh an bhean dobóige, agus do luidh aige, agus níor
mhothuidh seision anuáir do luidh si síos, nó anuáir do éirigh sí.


L. Gn19:36


Marso dobhádar días inghean Lot torrach agá nathair.


L. Gn19:37


Agus rug an bhean bá sine mac, agus tug Móab dainm air: asé an fear
céudnasin as athair do na Moabitibh gus aniugh.


L. Gn19:38


Agus an bhean dobóige rug si mac mar an gcéudna, agus do goir
Ben-ammi dainm dhe: asésin as athair do chloinn Ammon gus
aniugh.


L. Gn20:1


Agus do ghluáis Abraham assin don tír bu dheas, agus do áitreabh
eidir Cades agus Súr, agus dorinne comhnuide an Ghérar.


L. Gn20:2


Agus adubhairt Abraham a ttaóibh Shárah a mhná; así mo
dheirbhsíur í: agus do chuir Abimelech rígh Gérar fios, agus do
ghlac sé Sárah.


L. Gn20:3


Ach táinic Día go Habimelech anaisling sanoidhche, agus
adubhairt ris: féuch, ní bhfuil ionnad ach duine marbh treas an
mnaói do ghlac tú: óir is bean fhir í.


L. Gn20:4


Ach ní táinig Abimelech na gar; achd adubhairt sé, a tighearna an
muirfidh tú marsin cineadh ionnruic?


L. Gn20:5


Nach dubhairt seision riomsa, sí mo dheirbhsíur í? agus sisi mar an
gcéudna, isi féin adubhairt, sé mo dhearbhrathair é: a simplidheachd
mo chroidhe, agus a neimhchionta mo lámh dorinne misi so.


L. Gn20:6


Agus adubhairt Día anaisling ris: is fíor, is aithnid damhsa gur ó
chroidhe ghlan dorinne tú so; óir do chonnuimh mé ó phecadh do dhéunamh
am aghaidh thú: Uimesin nar léig mé duit buáin ría.


L. Gn20:7


Uimesin annois aisig don fhior a bhean; óir is fáidh é, agus guidhfidh
ar do shon, agus bíaidh tú beó; agus muna aisiogtha tú í, bíodh a fhios
agad go bhfuighe tú bás go deimhin, thú féin agus an mhéid ghabhus leachd.


L. Gn20:8


Uimesin do éirigh Abimelech go móch ar maidin, agus do ghoir a
sherbísigh uile chuige, agus do innis na neithesi uile ann a gclúasuibh,
agus do líonadar na daóine deagla mhóir.


L. Gn20:9


Annsin do ghoir Abimelech Abraham, agus adubhairt ris: créd
dorinne tusa linne, agus créud anurchóid dorinne mé féin duit, as a ttug
tú pecadh mór oram féin agus ar mo riogachd? dorinne tú gníoma orumsa
nár chóir a dhéunamh.


L. Gn20:10


Agus adubhairt Abimelech ré Abraham; créd dochonnairc tú as a
ndearna tú an nísi?


L. Gn20:11


Agus adubhairt Abraham, do chionn gur saóil mé go deimhin nach
bhfuil eagla Dé sanáitsi, agus go muirfidh misi ar son mo mhná.


L. Gn20:12


Agus go dheimhin thairissin as í mo dhearbhsiúr í; is inghean dom
athair í, ach ní hinghean dom mhathair í: agus tugadh na mnaói dhamh í.


L. Gn20:13


Agus tárla anuáir thug Día ormsa imtheachd romham ó thigh mathar
do ráidh mé ría; is éso do chineáltussa dodhéunas tú orumsa; ann gach
uile bhall iona ttiucfam, abair dom thaóbhsa, asé mo dhearbhrathair é.


L. Gn20:14


Agus do ghlac Abimelech caóirigh agus daimh, agus óglaóich, agus
inniltigh, agus tug do Abraham íad, agus do aisig Sárah a bhean dó.


L. Gn20:15


Agus adubhairt Abimelech, féuch atá mo dhúthaigh as do choinne,
comhnuigh sanáit is fearr chítear dhuit.


L. Gn20:16


Agus ré Sárah adubhairt sé, féuch, tug mé dot dhearbhrathair míle
(píosa) airgid, féuch atá sé dhuitsi na fholach súl; donuile da bhfuil
ad fhochair agus a bhfochair anuile (eile): marsin fuáir sí achmhusán.


L. Gn20:17


Annsin do ghuidh Abraham Día, agus do leighis Día Abimelech agus a
bhean agus inniltigh, agus rugadar clann.


L. Gn20:18


Oír do dhruid an tighearna go daingean anuile bhrú a ttigh
Abimelech ar son Shárah bean Abraham.


L. Gn21:1


Agus táinig an tighearna dféuchuin Shárah mar adubhairt sé, agus
dorinne Día do Shárah mar adubhairt sé.


L. Gn21:2


Oír do toirrcheadh Sárah, agus rug mac do Abraham na aóis fhoirfe,
annsanam chinnte dar labhair Día ris.


L. Gn21:3


Agus tug Abraham Isaac dainm air an mac rugadh dho, noch rug
Sárah dhó.


L. Gn21:4


Agus do thimchillghearr Abraham a mhac Isaac, ar mbeith ochd lá
daóis, fá mar daithin Día dhe.


L. Gn21:5


Agus dobhí Abraham céud blíaghan daóis anuáir dorugadh a mhac
Isaac dhó.


L. Gn21:6


Agus adubhairt Sárah, tug Día orum gáire dhéunamh, ionnus gach a
ccluin go ndéunuid gáire liom.


L. Gn21:7


Agus adubhairt sí, cía adéuradh ré Habraham go ttiubhradh Sárah
cíoch do chloinn? óir rug mé mac dhó na aóis fhoirfe.


L. Gn21:8


Agus do fhás an leanamh agus do hoileadh é, agus dorinne Abraham
féusda mór an lá céudna ar coisgeadh Isaac ó chích.


L. Gn21:9


Agus dochonnairc Sárah mac Hágar an tÉigpteach, noch dorug sí
dAbraham, ag magadh.


L. Gn21:10


Uimesin adubhairt sí ré Hábraham, teilg amach an bhean dhaórsa
agus a mac, óir ní bhía mac na mná daóire na oighre maille ré mo
mhacsa, eadhon Isaac.


L. Gn21:11


Agus dobhí an ní rodhoiligh a súilibh Abraham ar son a mhic.


L. Gn21:12


Agus adubhairt Día ré Hábraham; ná bíodh sé na dhoilgeas agad ar
son anogánuigh agus ar son do mhná daóire: sanuile ní dá ndubhairt
Sárah, éisd ré na glór, óir is an Isaac goirfidhear do shliochd.


L. Gn21:13


Agus mar an gcéudna do mhac na mná daóire dodhéuna misi cineadh, do
bhrígh gurab é do shíolsa é.


L. Gn21:14


Agus do éirigh Abraham súas go moch ar maidhin, agus do ghlac arán
agus buidél uisge, agus tugsin do Hágar, agus do chuir ar a gualuinn
é, agus an leanamh, agus do chuir ar siubhal í, agus do imthigh sí,
agus dobhí ar fud fhásuigh Bheerséba.


L. Gn21:15


Agus do caitheadh an tuisge dobhí san mbuidél, agus do theilg si an
leanamh fá aón do na toruibh.


L. Gn21:16


Agus do imthigh agus do shuigh síos as a choinne, tamall maith uadh fa
thuairim urchuir soighde: óir adubhairt sí, ná faicim bás an leinimh.
Agus do shuigh sí as a choinne anunn, agus ar ttóghbhail a gotha go hárd,
do ghuil sí.


L. Gn21:17


Agus dochúaluidh Día guth an leinimh, agus do ghoir aingeal Dé ar
Hágar ó neamh, agus adubhairt ría: créd ghoilleas ort a Hágar; ná
bíodh eagla ort, óir dochúaluidh Día guth an leinimh mar a bhfuil sé.


L. Gn21:18


Eirigh, tóg súas an leanamh, agus connaimh ann do láimh é, óir dodhéuna misi
cineadh mór dhe.


L. Gn21:19


Agus do oscuil Día a súile; agus dochonnairc sí tobar uisge, agus do
imthigh, agus do líon an buidél donuisge, agus tug deoch don leanamh.


L. Gn21:20


Agus dobhí Día leis an leanamh, agus do fhás sé, agus do chomhnuigh
san bhfásach, agus dobhí na shoighdiur.


L. Gn21:21


Agus do chomhnuigh a bhfásach Pháran, agus tug a mhathair bean
chuige ó chrích na Hégipte.


L. Gn21:22


Agus tárla fánamsin gur labhradar Abimelech agus Phichol
príomhchaiptín a shlúagh ré Hábraham: atá Día leachtsa sanuile
ní dá ndéun tú.


L. Gn21:23


Anois ar anadhbharsin tabhair dhamhsa Día do mhionnuibh, nach
déuna tú bréag riom, ná ré mo mhac, no ré mac mo mhic: ach do réir an
chinéil dorinne misi ort, go ndéuna tusa dhamhsa agus don duthaidh ann ar
fan tú.


L. Gn21:24


Agus adubhairt Abraham dobhéura mo mhionna.


L. Gn21:25


Agus tug Abraham achmhusán dAbimilech fá thobar uisge do bhean
muinntir Abimilech amach ar éigin.


L. Gn21:26


Agus adubhairt Abimelech, ní fheidir misi cía rinne an nísi: níor
innis tusa dhamh agus ní mó dochúala mé é, achd aniugh.


L. Gn21:27


Agus do ghlac Abraham caóirigh, agus daimh, agus tug dAbimelech
íad, agus dorinneadar araón ceanngal.


L. Gn21:28


Agus do chuir Abraham seachd nuain bhainnionna don tréd ar leith
leó féin.


L. Gn21:29


Agus adubhairt Abimelech ré Hábraham: créud as cíall do na
seachd nuanuibh bainionnaso do chuir tú ar leith?


L. Gn21:30


Agus adubhairt seision: óir na seachd nuain bhainionnso géubhuidh
tusa as mo láimse, ionnus go mbeidh na bhfiadhnuisi agum, gur thochuil mé
an tobarso.


L. Gn21:31


Uimesin do ghoir sé donáit Beerséba, do chionn gurab ann tugadar
araón mionna.


L. Gn21:32


Marso dorinneadar cunnradh, a mBeerséba; annsin do éirigh
Abimilech súas agus Phichol príomhchaiptín a shlúagh, agus do
fhilleadar go crích na bhPhílistineach.


L. Gn21:33


Agus do chuir Abraham fás crann a mBeerséba, agus do ghoir ann
sin ar ainm an tighearna an Día biothbhuan.


L. Gn21:34


Agus do fhan Abraham a ccrích na bhPhílistíneach morán do
laethibh.


L. Gn22:1


Agus tárla a ndíaigh na neitheannso, gur theasduigh Día Abraham,
agus go ndubhairt ris: a Abraham; agus adubhairt seision; féuch mé
annso.


L. Gn22:2


Agus adubhairt: glac annois do mhac, haónmhac amháin, ar a bhfuil
grádh agad, agus éirigh go crích Mhóriah, agus iodhbuir annsin é mar
offráil loisge, air aón do na sléibhtibh inneósus misi dhuit.


L. Gn22:3


Agus do éirigh Abraham go moch ar maidin, agus do ughmuidh a asal,
agus rug días dá ógánchuibh leis, agus a mhac Isaac; agus do scoilt
an connadh don offráil loisge, agus do éirigh súas, agus dochuáidh gus
an áit adubhairt Día ris.


L. Gn22:4


Ansin ar an treas lá do thóg Abraham a shúile súas, agus
dochonnairc an áit a bhfad uadh.


L. Gn22:5


Agus adubhairt Abraham réna ógánachuibh: fanuidhsi annso, a
bhfochair an asail, agus rachaidh misi agus an leanamh annsúd, agus
dodhénam adhradh, agus tiucfam chuguibhse arís.


L. Gn22:6


Agus do ghlac Abraham connadh na hoffrála loisge, agus do chuir é ar
muin a mhic Isaac, agus do ghlac an teine na láimh, agus sgían, agus
dochúadur araón le chéile.


L. Gn22:7


Agus do labhair Isaac renathair Abraham, agus adubhairt, a athair;
agus adubhairt seision: agso mé a mhic: agus adubhairt seision: féuch
agso an teine agus an connadh, ach cáit a bhfuil an túan chum na h
offrála loisge?


L. Gn22:8


Agus adubhairt Abraham; a mhic dogheabha Día úan dó féin chum
offrála loisge: dochúadur marsin araón lé chéile.


L. Gn22:9


Agus tangadar araón gus an áit do innis Día dhósan, agus dorinne
Abraham altóir annsin, agus do chuir an connadh go deas, agus do
cheangail a mhac Isaac, agus do leag ar an altóir é ar uachdar an
chonnuigh.


L. Gn22:10


Agus do shín Abraham a lámh amach, agus do ghlac an sgían do
mharbhadh a mhic.


L. Gn22:11


Agus do ghoir aingeal an tighearna air ó neamh, agus adubhairt;
Abrahaim, Abrahaim: agus adubhairt seision; agso mé.


L. Gn22:12


Agus adubhairt sé, ná beanadh do lámh ris an leanamh, agus ná déun
éinní ris: óir aithnighim anois go bhfuil eagla Dé ort, ó nár chonnuimh tú
do mhac, haónmhac amháin uáim.


L. Gn22:13


Agus do thóg Abraham a shúile súas, agus damhairc sé, agus féuch,
dobhí taóbh shíar dhe reithe ceanguilte le na adharcuibh ann a ttor,
agus dochuáidh Abraham, agus do ghlac an reithe, agus do íodhbuir é
mar offráil loisge anáit a mhic.


L. Gn22:14


Agus do ghoir Abraham dainm don áitsin Jehobhah-Ireh, mar a
dearthar gur aniugh; a slíabh an tighearna dochífidhear é.


L. Gn22:15


Agus do ghoir aingeal an tighearna ar Abraham an dara huair ó neamh,


L. Gn22:16


Agus adubhairt; do mhionnuigh mé oram féin, arsa an tighearna, do
chionn go ndearna tú an nísi, agus nar choigil tú do mhac, haón mhac
amháin:


L. Gn22:17


Am beannughadh go mbeannochad thú, agus go méideochuidh mé do shíol
amhuil réulta nimhe, agus mar an ngaineamh ar thráigh na fairge, agus
sealbhochuid do shíol geataidhe a námhad.


L. Gn22:18


Agus ann do shíolsa bhéid an uile chineadh ar talamh beannuighe, do
chionn gur umhluigh tú dom ghlór.


L. Gn22:19


Marsin do fhill Abraham a ccionn a ógánach, agus do éirgheadur súas,
agus dochúadur an éinfhear go Beerséba, agus do chomhnuidh Abraham
a mbeerséba.


L. Gn22:20


Agus tárla tar éis na neitheannso, gur hinniseadh Dabraham ag rádh;
féuch, Mileah mur rug sí mar an gcéudna clann dod dhearbhrathair
Nahor


L. Gn22:21


Hus a chéidghin, agus Bus a dhearbhrathair, agus Cemuel athair
Aram,


L. Gn22:22


Agus Chesed, agus Haso, agus Pildas, agus Jidlaph, agus
Betuel.


L. Gn22:23


Agus do ghein Betuel Rebecah: an tochdarso rug Milcah do
Nahor dearbhrathair Abraham.


L. Gn22:24


Agus a leannán, dá ngoirthí Reumah, rug sí mar an ccéudna Tébah,
agus Gaham, agus Tahas, agus Maacah.


L. Gn23:1


Agus dobhí Sárah céud agus seachd mbliadhna fichiod daóis:
asíadso bliadhna beatha Shárah.


L. Gn23:2


Agus fuáir Sárah bás a cCíriat-arba; asésin Hebron a ttír
Chanaáin: agus táinig Abraham do dhéunam doilghis fa Shárah,
agus do ghul tríthe.


L. Gn23:3


Agus do sheas Abraham súas ó láthair a mhairbh, agus do labhair ré
machuibh Hét, dhá rádh.


L. Gn23:4


Atáimsi am choimhightheach, agus am fhior cuarta aguibhse, tugaidh
dhamh áit adhluice aguibh, go nadhlacuinn mo mhairbh as mo radharc.


L. Gn23:5


Agus do fhreagradar clann Hét Abraham, ag rádh ris.


L. Gn23:6


Eísd rinne a thighearna, ataóisi ad phrionnsa chumhachdach ó Dhía
eadruinne, cuir do mhairbh an do rogha róimh adhlaice dá bhfuil
aguinn; ní choinneochuidh aón duine aguinn a thúma uáit.


L. Gn23:7


Agus do sheas Abraham súas, agus do umhluidh sé é féin do mhuinntir
na tíre, eadhon do chloinn Het.


L. Gn23:8


Agus do labhair sé ríu, ag rádh: más í bhur ninntinn go nadhlacuinn
mo mhairbh as mo radharc, éistigh rium, agus labhruidh ar mo shon re
Héphron mhac Sohar.


L. Gn23:9


Go ttugadh sé dhamh uáimh Mhacpelah, noch atá aige, atá a
ndeireadh a mhachaire; ar iomlán anairgid as fíu é dobhéura sé
dhamh é, mar sheilbh áite adhlaice eadruibhsi.


L. Gn23:10


Agus dobhí Ephron na chomhnuidhe a meisg chloinne Hét. Agus do
fhreaguir Ephron an tititech, Abraham anéisdeachd chloinne
Hét, eadhon gach aóin dá ndeachuidh asteach a ngeatadhuibh a
chaithreach, dá rádh:


L. Gn23:11


Ní headh a thighearna, éisd riumsa: an magh dobheirim dhuit, agus
an uáimh atá ann dobheirim dhuit é, a lathair chloinne mo dhaóine
bheirim dhuit é; adhluic do mhairbh.


L. Gn23:12


Agus do umhluigh Abraham é féin síos a lathair luchd na tíre.


L. Gn23:13


Agus do labhair ré Héphron anéisteachd phobuil na tíre, ag rádh;
ach má bheir tusa uait é, iarruim ort éisd riumsa: dobhéura misi
airgead duit ar an magh; glac uaim é, agus adhlaicfidh mé mo mhairbh
ann.


L. Gn23:14


Agus do fhreagair Ephron Abraham ag rádh ris,


L. Gn23:15


A thighearna, eist riumsa, as fíu an fearann ceithre chéud secel
airgid; créad ésin eadrumsa agus tusa; uimesin adhluic do mhairbh.


L. Gn23:16


Agus tug Abraham aire Déphron, agus do mhéaduigh Abraham an
tairgead dÉphron fá mar dainmnidh sé anéisteachd mhac Hét,
ceithre chéud secel airgid chorónta ag an cceannuighe.


L. Gn23:17


Agus magh Ephroin, noch dobhí a Machpelah, as comhair Mhamre, an
magh agus an uaimh dobhí annsin, agus an uile chrann dobhí san
mhachaire noch dobhí ann sna teórannuibh fáccuairt, dorinneadh
daingean íad.


L. Gn23:18


Dabraham mar sheilbh, a lathair chloinne Hét, as coinne a
ndeachuidh asteach a ngeatadhuibh a chaithreach.


L. Gn23:19


Agus na dhiáighso do adhluic Abraham Sárah anuáimh mhuighe
Mhachpelah láimh re Mamre: asésin Hébron a ttír Chánaain.


L. Gn23:20


Agus an magh, agus an uaimh atá ann dorinneadh daingean íad D
abraham mar sheilbh áite adhluicthe ó mhacuibh Hét.


L. Gn24:1


Agus dobhí Abraham aósta, agus ar ndul a láethibh, agus do
bheannuigh an tighearna Abraham san uile ní.


L. Gn24:2


Agus adubhairt Abraham ris an tsearbhfhoghantuigh fá sine na thigh,
do righluidh an uile ní dá raibh aige, guidhim thú cuir do lámh faói mo
shlíasuid.


L. Gn24:3


Agus dobhéur ort a mhionnughadh treas an ttighearna Día mór nimhe,
agus Día na talmhan, nach dtiubhra tú bean dom mhac dingheanuibh na
cCanaaniteach, a measc a náitreabhuim.


L. Gn24:4


Ach rachaidh tú dom thír dhúthaigh, agus go nuige mo ghaól, agus
dobhéura tú bean dom mhac Isaac.


L. Gn24:5


Agus adubhairt an searbhfogantuigh ris; dobféidir nach bíadh fonn ar
an mnaói misi leanmhuin don tírsi: an ccaithfidh mé do mhac do bhreith
arís don tír as a ttáinic tusa.


L. Gn24:6


Agus adubhairt Abraham ris: tabhairsi dod aire nach béura tú mo
mhac annsin arís.


L. Gn24:7


An tighearna Día nimhe, noch tug misi ó thigh mathar agus ó dhúthuige
mo chinidh, agus noch do labhair rium, agus tug a mhionna dhamh ag rádh;
dod shíol dobhéura mé an dúthaighsi, cuirfidh sé a aingeal romhad, agus
dobhéura tú bean dom mhac assin.


L. Gn24:8


Agus muna áill ris an mnaói do leanmhuin, annsin bías tusa saór óm
mhionnuibsi; amháin ná beir mo mhac annsin arís.


L. Gn24:9


Agus do chuir an searbhfhoghantuigh a lámh faói shlíasuid Abraham
a mhaighistir, agus tug a mhionna dhó a ttaóibh na cúisisin.


L. Gn24:10


Agus do ghlac an searbhfhoghantuigh deich ccámhuill do chamhuilluibh
a mhaighistir, agus do imthigh (óir dobhí maóin a mhaighisdir uile fá na
lámhuibh) agus do éirigh sé, agus dochuáidh go Mesopotámia go cathair
Nahor.


L. Gn24:11


Agus tug ar a chámhulluibh a légion ar a nglúinibh taóbh amuigh don
chathruigh láimh ré tobar uisge anaimsir an tráthnóna, eadhon san am a
ttéid mná amach do tharruing uisge.


L. Gn24:12


Agus adubhairt sé: a thighearna a Dhé mo mhaighistir Abraham,
iarruim ort rathaidh dhamh san lóso, agus taisbéin cinealtus dom
mhaighistir Abraham.


L. Gn24:13


Féuch atáim am sheasamh annso láimh ris an tobar uisge, agus tigid
ingheana mhuinntire na caithreach amach do tharruing uisge.


L. Gn24:14


Agus tigeadh a ccrích, an mhaighdean ré naibeóra misi, guidhim thú,
léig ar lár do shoitheach, go nibhe mé deoch; agus adéura sisi ibh,
agus dobhéura mé deoch dot chámhulluibh mar an ccéudna, go madh ísin
an bhean do órduigh tusa dot sheirbhíseach Isaac; agus rissin
aitheónus misi gur thaisbéin tú cinealtus dom mhaighistir.


L. Gn24:15


Agus tárla, suil do sguir sé do chaint, féuch go ttáinic Rebecah
amach, noch rugadh do Bhetuel mhac Milcah, bean Nahor,
dearbhrathair Abraham, agus a soitheach ar a gúaluinn.


L. Gn24:16


Agus dobhí anóigbhean rosgíamhach ré féchuin uirre, na maighdin,
agus níor chionntuigh éinfhear ría: agus dochuáidh síos gus an ttobar, agus
do líon a soitheach, agus táinig ansíos.


L. Gn24:17


Agus do rith an seirbhíseach do theagmháil ría, agus adubhairt:
guidhim thú, léig dhamhsa beagan uisge ól as do shoitheach.


L. Gn24:18


Agus adubhairt sisi, ibh a thighearna: agus dorinne si deifir, agus
do léig síos a soitheach air a láimh, agus tug deoch dhó.


L. Gn24:19


Agus tair éis deoch a thabhairt dhósan adubhairt si, tarreonguidh mé
uisge fós dod chámhulluibh go nibhid a ndíol.


L. Gn24:20


Agus do dheifrigh, agus do fholmhuigh a soitheach annsanumar, agus
do rith arís gus an ttobar, do tharrang uisge, agus do tharruing dá
chámhulluibh uile.


L. Gn24:21


Agus ag déunadh iongantuis donóglach, dobhí na thochd, dá fhéuchuin
a ndearna an tighearna a thurus sona, nó nach ndearna.


L. Gn24:22


Agus tárla a ndiaigh na ccamhull ól a sáith, go rug an tóglach ar
chlúasfháinne óir, leith-shecel do chomhthrum, agus dhá bhráisléd dá
lámhuibh do chomhthrum dheich secel óir.


L. Gn24:23


Agus adubhairt, cía darabinghean tú? guidhim thú, innis damh; an
bhfuil áit a ttigh hathar ann ar féidir linn lóistín dfagháil.


L. Gn24:24


Agus adubhairt sisi ris: as misi inghean Bhéthuel mhac Milcah,
noch rug sí do Nahor.


L. Gn24:25


Adubhairt sí fós, atá aguinne tuighe agus beatha go lór agus áit
lóistín.


L. Gn24:26


Agus do chrom an tóglach a cheann síos, agus do onóruigh sé an
tighearna.


L. Gn24:27


Go madh beannuighe an tighearna Día mo mhaighistir Abraham nach ar
dhearmuid mo mhaighistir ann a thrócaire, agus ann a fhírinne: ar mbeith
dhamhsa ar slighe do theóruigh an tighearna mé go tigh dhearbhráithreach
mo mhaighistir.


L. Gn24:28


Agus do rith an óigbhean, agus do innis do mhuinntir tighe a mathar
na neithesi.


L. Gn24:29


Agus dobhí dearbhráthair ag Rebecah, agus asé dobainm dhó
Lában, agus do rith Lában amach gus anóglach go nuige an tobar.


L. Gn24:30


Agus tárla anuáir dochonnairc sé an fáinne cluáise agus na bráisléid
ar lámhuibh a dheirbhsheathrach, agus anuáir dochuála bríathra
Rebecah a dheirbhsheathrach ag rádh, marso do labhair an tóglach
rium; go ttáinic chum anóglaóich, agus féuch dobhí sé na sheasamh
láimh ris na cámhulluibh ag an ttobar.


L. Gn24:31


Agus adubhairt sé, tárr asteach thusa atá beannuighe ón dtighearna,
créud fá seasann tú amuigh? óir do ghléus misi an tigh agus áit do na
cámhulluibh.


L. Gn24:32


Agus táinig an tóglach don tigh; agus do sgaóil seision a chámhuill.
agus tug tuighe agus bíadh do na cámhulluibh agus uisge dionnladh a chos,
agus cos na muinntire dobhí leis.


L. Gn24:33


Agus do cuireadh bíadh na bhfiaghnuisi réna ithe: achd adubhairt
seision, ní íosuidh mé biadh nó go ninnisi mé mo theachdaireachd. Agus a
dubhairt seision, abair uáit.


L. Gn24:34


As misi óglach Abraham.


L. Gn24:35


Agus do bheannuigh an tighearna mo mhaighistir go mór, agus do fhás
sé mór, agus tug sé dhó tréuda agus airgheadha, agus ór agus airgead,
agus seirbhísigh fear agus seirbhísigh ban, agus cámhuill agus asail.


L. Gn24:36


Agus Sárah bean mo mhaighistir rug sí mac dom mhaighistir anuáir
dobhí sí aósda, agus as dósin tug sé a raibh aige.


L. Gn24:37


Agus tug mo mhaighistir mionna ormsa, ag rádh; ní tiubhra tú bean dom
mhac dingheanuibh na Ccanaaníteach, a ndúthaidh a bhfuilim am
chomhnuidhe.


L. Gn24:38


Ach rachaidh tú go tigh máthair, agus go nuige mo ghaól, agus dobhéura tú
bean dom mhac.


L. Gn24:39


Agus adubhairt misi rém mhaighistir, gurbhféidir nach leanfadh an
bhean mé.


L. Gn24:40


Agus adubhairt seision rium; an tighearna as comhuir a siubhluimsi cuirfidh
sé a aingeal leachd, agus soirbheóchuid do shlighe, agus dobhéura tú bean dom
mhacsa dom ghaól, agus do thigh máthar.


L. Gn24:41


Annsin bhías tú saór óm mhionnuibhsi, anuáir thiucfas tú go nuige
mo ghaól; agus muna ttugaid síad bean duit, bíaidh tú glan óm
mhionnuibhsi.


L. Gn24:42


Agus táinig mé aniugh go nuige an tobar uisge, agus adubhrus;
thighearna Día mo mhaighistir Abraham, annois má shoirbhigheann tú
mo shlighe ann a bhfuilim ag dul.


L. Gn24:43


Féuch, atáim am sheasamh ag an ttobar uisge, agus teigeomhuidh an
uáir thiucfas an cailín amach do tharruing uisge, agus adéura misi ría,
guidhim thú, tabhair dhamh beagán uisge as do shoitheach réna ól.


L. Gn24:44


Agus adéura sisi rium, ibh féin deoch, agus tarreonguidh misi mar an
ccédna dod chámhulluibh, go madh ísin an bhean do chinn Día do mhac mo
mhaighistir.


L. Gn24:45


Agus suil do sguir mé do labhairt am chroidhe, féuch táinic Rebecah
amach, agus a soitheach ar a gúaluinn, agus dochuaidh síos gus an tobur
agus do tharruing uisge: agus adubhairt misi ría, guidhim tú léig dhamh
deoch ól.


L. Gn24:46


Agus do dheifrigh sisi, agus do léig a soitheach dá gúaluinn, agus a
dubhairt; ibh, agus dobhéura mé deoch dod chámhulluibh mar an ccédna:
annsin do ibhios, agus tug sí deoch dom chámhulluibh mar an ccédna.


L. Gn24:47


Agus do fhiafruigh misi dhi; cía darabinghean thú? agus adubhairt
sisi, inghean Bhétuel mhac Nahor, noch rug Milcah dhó, agus do
chuir misi fáinne cluaise air a haghuidh, agus bráisléd ar a lámhuibh.


L. Gn24:48


Agus do chrom mé síos mo cheann, agus do adhrus an tighearna, agus do
bheannuigh mé an tighearna, Día mo mhaighistir Abraham, noch do
thréoruigh mé sa tslighe chóir, do thabhairt inghine dearbhrathar mo
mhaighistir dá mhac.


L. Gn24:49


Agus annois má ní tusa go cinealta, agus go fírinnioch rem
mhaighistir, innis damh; agus muna ndearnair innis damh, ionnus go n
iompoighe mé ar a láimh dheis nó chlé.


L. Gn24:50


Annsin do fhreagair Lában agus Bétuel, ón tighearna thig an chúis:
ni fhéudmuidne maith ná olc do rádh riot.


L. Gn24:51


Féuch, atá Rebecah as do choinne, gabh chugad í, agus imthigh, agus
bíodh na mnaói ag mac do mhaighistir mar do labhair an tighearna.


L. Gn24:52


Agus tárla anuáir dochúaluigh óglach Abraham a mbríathra, do
onóruigh sé an tighearna go nuige an talamh.


L. Gn24:53


Agus thug an tóglach amach séoid airgid, agus séoid óir, agus
éuduighe, agus tug iad do Rebecah, agus tug mar an ccédna dá
dearbhrathair, agus dá mathair neithe morluáidh.


L. Gn24:54


Agus aduadhur agus do ibhidur, eision agus an mhuinntir dobhí na
fhochair, agus do fhanadur feadh na hoidhche, agus do éirgheadur ar
maidin, agus adubhairt seision; cuiridh ar siubhal mé go nuige mo
mhaighistir.


L. Gn24:55


Agus adubhairt a dearbhrathair agus a mathair, fanadh an cailín
aguinn beagán laéthe, deich lá an chuid as lugha, agus na dhiáighsin
imeochuid sí.


L. Gn24:56


Agus adubhairt seision ríu, ná toirmisgidh mé, ó shoirbhidh an
tighearna mo thurus, cuiridh an siubhal mé, go rachuinn chum mo maigistir.


L. Gn24:57


Agus adubhradursan, goirfeam an cailín, agus fiafrocham sin dá béul.


L. Gn24:58


Agus do ghoireadh Rebecah, agus dfíafruigheadur dhi, an rachuidh tú
leis an bhfearso: agus adubhairt sisi, rachad.


L. Gn24:59


Agus do chuireadur ar siubhal Rebecah, agus a buime, agus óglach
Abraham, agus a mhuinntir.


L. Gn24:60


Agus do bheannuigheadur Rebeca, agus adubhradur ría, as tú ar
ndeirbhshiúr, bí ad mhathair mhílte do mhillíunuibh, agus sealbhuigidís do
shíolgeatuidhe an luchda lér fúath íad.


L. Gn24:61


Agus do éirigh Rebecah, agus a mná coimhideachda, agus dochúadur ar
na cámhuilluibh, agus do leanadur an tóglach; agus do ghabh an tóglach
Rebecah chuige, agus do imthigh roimhe.


L. Gn24:62


Agus táinic Isaac ó shlighe an tobair Lahai-roi, óir do áitigh sé
ann sa tír ó dheas.


L. Gn24:63


Agus dochuáidh Isaac amach durnaighe ar an machaire tráthnóna, agus
do thóg suas a shúile, agus dochonnairc, agus féuch dobhádur na
cámhuill ag teachd.


L. Gn24:64


Agus do thóg Rebecah a súile suas, agus anuair dochonnairc sí
Isaac, do thuirling don chámull.


L. Gn24:65


Oír adubhairt sí ris an óglach, cía h é an duinesi thríallus annsa
mhachaire do theagmháil sinn? agus adubhairt an tóglach, as é súd mo
mhaighistir: uimesin do ghlac sisi brat, agus do fholuidh a haghaidh.


L. Gn24:66


Agus do innis an tóglach dísaac an uile ní dá ndearna.


L. Gn24:67


Agus tug Isaac leis í go pubuil a mhathar Sárah, agus do ghabh
chuige Rebecah, agus dobhí na mnaói aige, agus do ghráduigh í; agus do
comhfhurtachduigheadh Isaac déis bháis a mhathar.


L. Gn25:1


Annsin tug Abraham bean agus dobé a hainm Ceturah.


L. Gn25:2


Agus rug sí dhó Simran, agus Jocsan, agus Médan, agus Mídian,
agus Isbac, agus Suah.


L. Gn25:3


Agus do ghein Jocsan Séba, agus Dédan: agus dobíad mic
Dhédain Asurim, Letusim, agus Leumim.


L. Gn25:4


Agus mic Mhídian Ephah, agus Epher, agus Hanoch, agus
Abidah, agus Eldaah; dobíadsa uile clann Chetúrah.


L. Gn25:5


Agus tug Abraham a raibh aige dIsaac


L. Gn25:6


Agus do chloinn na leannán dobhí ag Abraham, tug Abraham
tiodhlaicthe, agus do chuir sé air siubhal íad ó na mhac Isaac (an
fad dobhí fós béo) soirin don tír shoir.


L. Gn25:7


Agus as íadso láethe bhliadhna Abraham, noch do mhair, céud agus
trí fichid, agus a cúig déug do bhliadhnuibh.


L. Gn25:8


Annsin fuáir Abraham bás, agus déug a naóis mhaith, na seanduine
lán do bhliadhnuibh, agus do cruinnigeadh dhá mhuinntir é.


L. Gn25:9


Agus do adhlaiceadur a mhic, Isaac agus Ismael é anuaimh
Mhacpelah a magh Ephron mhac Sohar an Hititeach noch atá as
choinne Mhamre.


L. Gn25:10


An magh do cheannuigh Abraham ó mhacuibh Hét: Ansin do
hadhlaceadh Abraham, agus a bhean Sárah.


L. Gn25:11


Agus tárla déis bháis Abraham gur bheannuigh Día a mhac Isaac,
agus dobhí Isaac na chomhnuighe láimh ré tobar Lahai-roi.


L. Gn25:12


Annois as íadso geinealuigh Ismael mhac Abrahaim, noch rug
Hágar an Tégiptach cumhul Shárah, Dabraham.


L. Gn25:13


Agus as íadso anmanna mhac Ismael ann a nanmannuibh do réir a
ngeinealach; cédghin Ismael Nebaiot; agus Cedar, agus Adbeel,
agus Mibram.


L. Gn25:14


Agus Misma, agus Dumah, agus Massa.


L. Gn25:15


Hadar, agus Tema, Jetur Naphis, agus Cedemah.


L. Gn25:16


As íadso mic Ismael, agus as íadso a namanna ó na mbailtibh, agus
ó na ccaisleanuibh; dhá phriunnsa dhéug do réir a ccinideach.


L. Gn25:17


Agus as íadso blíadna shaóghail Ismael, céd agus tríocad, agus
seachd mbliadhna, agus do thréig a spiorad, agus fuair bás, agus do
cruinnigheadh dhá mhuinntir é.


L. Gn25:18


Agus do áitreabhadur ó Habilah go Sur, atá as coinne na
Hégipte mar dorachthá a ccion na Hasíria: agus do thuit sé a
láthair a dhearbhrathar uile.


L. Gn25:19


Agus as íad so geinealuidh Isaac mhac Abraham; do ghein Abraham
Isaac.


L. Gn25:20


Agus dobhí Isaac ceathrachad blíadhain daóis anúair thug sé
Rebecah do mhnaói, inghean Bhétuel an Sírianach ó Phadan-aram,
deirbhshiúr do Lában an Sírianach.


L. Gn25:21


Agus do ghuidh Isaac an tighearna air son a mhná do chionn go raibh sí
amrid, agus do éisd an tighearna a guidhe, agus do toirrcheadh a bhean
Rebecah.


L. Gn25:22


Agus dorinneadar an chlann ceannaruic astigh na bruinn: agus adubhairt sisi:
más marsin atá, créd as a bhfuilimsi marso? agus dochuáidh dhá fhiafruighe
don tighearna.


L. Gn25:23


Agus adubhairt an tighearna ría; dhá chineadh atá ad bhroinn, agus
dhá chinéil daóine dhealóchthar ód chorp, agus bíaidh cineadh dhíobh as
láidre ná an cineadh eile, foigheónuidh an sinnsear don tsósar.


L. Gn25:24


Agus anuair do coimhlíonadh láethe a tuismidhe, féuch dobhí cúpla na
broinn.


L. Gn25:25


Agus táinig an chéud ghin amach dearg go huilidhe, amhuil éudach
clumhthach, agus tugadar Esau dainm air.


L. Gn25:26


Agus na dhiáighsin tháinig a dhearbhrathair amach, dobhí greim agá
láimh ar sháil Esau; agus tugadh Iacob dainm air; agus dobhí
Isaac trí fichid bliadhan daóis anuáir dorugadh íadsan.


L. Gn25:27


Agus do fhásadur na buachuillidhe, agus dobhí Esau na fhiadhguidhe
glic, duine den mhachaire, agus dobhí Iacob na dhuine shoilléir
ag áitreabh a bpuiblibh.


L. Gn25:28


Agus dobionmhuin lé Hísaac Esau, do chionn go nitheadh dá
fhíadhach ach dobionmhuin le Rebecah Iácob


L. Gn25:29


Agus do bhruith Iácob brochán, agus táinic Esau ón mhachaire agus
dobhí lag.


L. Gn25:30


Agus adubhairt Esau ré Iácob, guidhim thú beathuigh mé leis an
mbrochán ndeirgsin, óir atáim lag; uimesin do goireadh Edom
dainm dhe.


L. Gn25:31


Agus adubhairt Iácob, reac leam san ló aniugh do ceart-beirthe.


L. Gn25:32


Agus adubhairt Esau, féuch atáim a dul a dhéugh: agus créad an
tarbha dhéunas an ceart-beirthesi dhamh.


L. Gn25:33


Agus adubhairt Iácob, mionnuigh dhamhsa san ló aniugh, agus tug sé
a mhionna dhó, agus do reac a cheart-beirthe ré Iácob.


L. Gn25:34


Annsin tug Iácob arán agus brochán luibhionn dósan, agus aduáigh,
agus do ibh sé, agus do éirigh suas, agus do imthigh roimhe: mar so do
tharcuisnigh Esau a cheart-beirthe.


L. Gn26:1


Agus dobhí gorta san tír, taóbh amuigh don chéud ghorta dobhí innte
a láethibh Abraham; agus dochuáidh Isaac mar a raibh Abimelech
rígh na bhPhílistíneach go Gérar.


L. Gn26:2


Agus do thaisbéin an tighearna é féin dó, agus adubhairt ris: ná
héirigh síos don Egipt, áitigh san dúthaigh mhúinfeas misi dhuit.


L. Gn26:3


Comhnuidh sa tírsi, agus beinneochaidh mé thú, óir duitsi agus dot
shíol dobhéura mé mo mhionna, noch tug mé Dabraham dot athair.


L. Gn26:4


Agus dobhéura mé ar do shíol foirlíonadh mar réulta anaiéir, agus
dobhéura mé dot shíol na tíorthaso uile, agus ann do shíol beidh uile
chinidheacha na talmhan beannuighe.


L. Gn26:5


Do chionn gur aóntuigh Abraham dom ghlór, agus gur choimhéd mo
chúram, maitheanta, mo statúidigh agus mo dhligheadh.


L. Gn26:6


Agus do chomhnuidh Isaac an Gerar.


L. Gn26:7


Agus do fhíarfuigheadar daóine na háite dhe a ttaóbh a mhná; agus a
dubhairt seision, as í mo dheirbsíur í; óir dobeagla leis a rádh, as í mo
bhean í: ar eagla, ar seision, go muirfidís muinntir na háite mé fá
Rebecah, do chionn go raibh breádha re féchuin uirre.


L. Gn26:8


Agus tárla, anuáir dobhí annsin tamall fada, gur fhéuch Abimelech
rígh na bhPhílistineach amach as fuinneóig, agus go bhfacuidh, agus
féuch dobhí Isaac ag súgradh ré na mhnaói Rebecah.


L. Gn26:9


Agus do ghoir Abimelech Isaac, agus adubhairt; féuch go deimhin as í
do bhean í: agus cionnus adeir tusa, as í mo dhearbhsíur í? agus a
dubhairt Isaac ris, do chionn go ndubhairt mé, deagla go néugfuinn dá
cionn.


L. Gn26:10


Agus adubhairt Abimelech, créad éso dorinne tú linne? dobféidir
go luidhfeadh duine don mhuinntir léd mhnaói, agus go ttiubharthá cionnta
oruinne.


L. Gn26:11


Agus do aithin Abimelech dá dhaóinibh uile, ag rádh; gidhbé
bheanfas ris an bhfearso nó réna mhnaói, cuirfighear go deimhin chum
báis é.


L. Gn26:12


Annsin do shíolchuir Isaac annsa dúthaidh, agus fuáir san bhlíadhain
chéadna céad oireadh: agus do bheannuigh an tighearna é.


L. Gn26:13


Agus do fhás an tóglach go mór, agus dochuáidh ar aghuidh, agus do
fhás nó go raibh romhór.


L. Gn26:14


Óir dobhí aige sealbh tréd agus sealbh aódhaireadh, agus stór mór
seirbhíseach, agus do fhuathuigheadar na Philistínigh é.


L. Gn26:15


Óir an uile thobar dar thochladar muinntir a athar a laéthibh
Abraham a athar, do líonadur na Philistínigh íad do chriaidh.


L. Gn26:16


Agus adubhairt Abimelech ré hIsaac, imthigh uáinne: óir is
cumhachduighe thú go mór ná sinn.


L. Gn26:17


Agus do imthigh Isaac assin, agus do shuighigh a phubuil a ngleann
Gérar, agus do áitribh ann.


L. Gn26:18


Agus do thochuil Isaac arís na toibreacha uisge noch do thochladur
anaimsir Abraham a athar: óir do stopadur na Philistínigh íad déis
bháis Abraham, agus do ghoir a nanmann do ghoir a athair dhíobh.


L. Gn26:19


Agus do thochladur muinntir Isaac annsa ghleann, agus fuaradar annsin
tobar fíoruisge.


L. Gn26:20


Agus do imreasadur aódhairidhe Gérar ré haódhairibh Isaac, ag rádh;
as linne an tuisge: agus do ghoir sé dainm don tobar Esec, do chionn
go ndearnsad imreasan ris.


L. Gn26:21


Agus do thochladar tobar eile, agus teagmhaid ré chéile uimesin mar
an ccéadna, agus do ghoir Sitnah dainm dhesin.


L. Gn26:22


Agus do athruigh ansin, agus do thochuil tobar eile, agus do chionn
nar chuireadar na aghuidh tug Rehobot dainm air; agus adubhairt sé,
óir anois dorinne an tighearna ionad dhúinn agus bíamuid líonmhar annsa
dúthaigh.


L. Gn26:23


Agus dochuáidh sé suas assin go Beerséba.


L. Gn26:24


Agus táinig an tighearna chuige sanoidhche, agus adubhairt, as misi
Día Abraham hathair; ná bíodh eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus
beinneochuidh mé thú agus foirlíonfad do shíol ar son mo sheirbhísigh
Abraham.


L. Gn26:25


Agus do chuir altóir suas annsin, agus do ghoir ar ainm an tighearna,
agus do shuighidh a phubuil annsin: agus do thochladar seirbhísigh
Isaac tobar ann.


L. Gn26:26


Is annsin dochuáidh Abimelech chuige ó Ghérar agus Ahussat aón
dá cháirdibh, agus Phicol príomhchaiptín a shlógh.


L. Gn26:27


Agus adubhairt Isaac ríu: créud as a ttigthí chugamsa, ó thárla
fúath aguibh orum, agus gur chuireabhair ar siubhail uáibh mé.


L. Gn26:28


Agus adubhradarsan, dochoncamair go raibh an tighearna go díreach
leachtsa, agus adubhramar; bíodh anois mionna eadruinn, eadra sinne agus
tusa, agus déunam ceangal riot;


L. Gn26:29


Nach déuna tú dochur dhúinne, mar nar bheanamairne riotsa, agus mar
nach dearnamar enní ort ach maith, agus gur chuireamar uáinn tú go
síothchanta: anois as tusa neach beannaighe an tighearna.


L. Gn26:30


Agus dorinne féusda dhóibh, agus do itheadar, agus dóladar.


L. Gn26:31


Agus do éirgheadar go moch ar maidin, agus tugadar a mionna dhá
chéile, agus do chuir Isaac uadh íad, agus dimthigheadar rompa a
síothcháin.


L. Gn26:32


Agus tárla san ló chéudna go ttangadar seirbhísigh Isaac, agus gur
innsíodar dhó a ttaóbh an tobair, noch do thochladur, agus adubhradur
ris, fúaramar uisge.


L. Gn26:33


Agus do ghoir seision Sébah dhé; uimesin as Beerséba as ainm dan
chathruigh ó shin a leith.


L. Gn26:34


Agus dobhí Esau dhá fhichid bliádhan daóis anúair thug do
mhnaói Júdit inghean Bheer; an Hititeach:


L. Gn26:35


Noch bá doilghios inntinne Dísaac, agus do Rebecah.


L. Gn27:1


Agus tárla anúair dobhí Isaac foirfe, agus go rabhadur a shúile
dall, ionnus nach bhfaiceadh sé, do ghoir sé Esau a mhac budh
sine, agus adubhairt ris; a mhic: agus adubhairt seiusion ris,
féuch, atáim annso.


L. Gn27:2


Agus adubhairt sé; féuch, anois atáimsi aósta: ní bhfuil fios laói
mo bháis agam.


L. Gn27:3


Guidhim thú ar anadhbursin glac hairm, do bholgán, agus do bhogha,
agus éirigh fán magh amach, agus fagh fíadhach dhamhsa.


L. Gn27:4


Agus deúna bíadh sóbhlasda dhamh don tsórt as ionmhuin leam, agus
tabhair chugam é go nithinn é, ionnus go mbeinneochadh manam thú suil
dogheabhuinn bás.


L. Gn27:5


Agus dochúalaidh Rebecah anúair do labair Isaac ré na mhac
Esau, agus dochúaidh Esau fan magh dfíadhach, agus dá thabhairt
leis.


L. Gn27:6


Agus do labhair Rebecah ré Iácob a mac, ag rádh; féuch dochúaluidh
mé hathair ag labairt ré Hésau do dhearbhrathair, ag rádh:


L. Gn27:7


Tabhair fíadach chugam, agus déana bíadh sóbhlasda dhamh, go
nithinn, agus go mbeannuighinn thú a lathair an tighearna, roimh mo bhás.


L. Gn27:8


Anois uimesin, a mhic, éist rem ghlórsa, do réir an neithe aitéonus
mé dhíot.


L. Gn27:9


Eirigh anois gus an tréad, agus tabhair chughamsa assin dhá mhionnán
mhaithe óna gabhruibh, agus dodhéana misi íad na mbíadh shóbhlasta
dod athair amhuil as ionmhuin leis.


L. Gn27:10


Agus béuraidh tusa é chum hathar, chor go níosuidh sé, agus go
mbeinnéochuidh thú suil dogheabhus sé bás.


L. Gn27:11


Agus adubhairt Iácob ré Rebecah a mhathair: féuch, atá Esau mo
dhearbhrathair na dhuine chlumhach, agus atáimsi am dhuine mhín
gan fhionnadh.


L. Gn27:12


Dobféidir go moithéochadh máthair mé, agus go measfudh mé mar
mhealltóir, agus go ttiubhrainn mallachd oram féin an áit na beannachda.


L. Gn27:13


Agus adubhairt a mhathair ris: bíodh do mhallughadh orumsa a mhic,
amháin umhluigh dom ghlór, agus éirigh, agus tabhair leachd chugham iad.


L. Gn27:14


Agus do imthigh seision ar a cceann, agus tug leis chum a mhathar
iad, agus dorinne a mhathair bíadh sóbhlasta dhíobh, amhuil dobionmhuin
le na athair.


L. Gn27:15


Agus do ghlac Rebecah culaidh thaitneamhach déaduighibh Esau a
mic budh sinne, noch dobhí aice sa tigh, agus do chuir é ar Iácob a
mac dobóige.


L. Gn27:16


Agus do chuir sí croicne mheannan na ngabhar ar a lámhuibh, agus ar
mhín a mhuinéil.


L. Gn27:17


Agus tug an bíadh milis, agus an tarán do ghléus sí a láimh a mic
Iácob.


L. Gn27:18


Agus táinig sé chum athar, agus adubhairt; a athair; agus adubhairt
seision, atáim annso, cía thusa a mhic?


L. Gn27:19


Agus adubhairt Iácob réna athair; misi Esau do chédmhac, dorine
mé mar adubhairt tú, suigh, agus ith dom sheilg, go mbeannuige hanam mé.


L. Gn27:20


Agus adubhairt Isaac ré an mhac; cionnus fúair tú comhluath agus
sin é, a mhic? agus adubhairt seision; do chionn go ttug do thighearna
Díase dhamh é.


L. Gn27:21


Agus adubhairt Isaac réna mhac: guidhim thú tarr láimh riom, go
nglacuinn thú a mhic, an tú dháríribh mo mhac Esau, nó nach tú.


L. Gn27:22


Agus do dhruid Iácob láimh réna athair Isaac, agus do spín seision
é, agus adubhairt: as é do ghuth guth Iácob, ach na lámha as íad lámha
Esau íad.


L. Gn27:23


Agus níor aithin é mar dobhádur a lámha clúmhach mar lámhuibh
Esau: agus marsin do bheannuigh é.


L. Gn27:24


Agus adubhairt, an tú mo mhac Esau dháríribh? agus adubhairt
seision, as mé.


L. Gn27:25


Agus adubhairt sé, tabhair láimh rium é, agus íosuidh mé dfíadhach mo
mhic go mbeannuighe manam thú: agus tug na chomhghar é, agus adúaigh:
agus tug fíon chuige, agus do ibh sé.


L. Gn27:26


Agus adubhairt a athair Isaac ris: tárr chugam a mhic, agus póg mé
anois.


L. Gn27:27


Agus táinic chuige, agus do phóg é, agus do bholtnugh baladh éduigh,
agus do bheannuigh é, agus adubhairt: féuch atá baladh mo mhic mar bhaladh
mhuighe do bheannuigh an tighearna.


L. Gn27:28


Uimesin go ttugaidh Día dhuit do dhrúchd nimhe, agus do shult na
talmhan, agus iomad arbha agus fíona.


L. Gn27:29


Go ndéna puibleacha seirbhís duit, agus go numhluighe cinidheacha
síos duit: bí ad thighearna ós cionn do dheardhráithreach, agus umhluidís
mic do mhathar dhuit: go má malluighe gach aón mhailleóchus tú, agus go má
beannuighe an té bheinneóchus tú.


L. Gn27:30


Agus tárla mar as lúaithe do chuir Isaac críoch ar bheannughadh
Iácob, agus nach mór go ráinig Iácob fós as fiadhnuisi Isaac a
athar, an tan tháinig Esau a dhearbhrathair ón fhíadhach.


L. Gn27:31


Agus dorinne bíadh blasda mar an ccéadna, agus tug chum a athar é,
agus adubhairt rena athair: éirgiodh máthair, agus itheadh do sheilg a
mhic, chor go mbeinneóchuidh hanam mé.


L. Gn27:32


Agus adubhairt Isaac a athair ris, cía thusa? agus adubhairt seision,
as misi do mhac, do chéidghin Esau.


L. Gn27:33


Agus do chriothnuigh Isaac do chrith úathbhásach, agus adubhairt; cía
hé, cáit a bhfuil an té dorinne fíadhach, agus tug chugamsa é, agus a
dúaigh mé dá gach éinní, suil ttáinic tusa, agus do bheannuigh mé é?
agus fós bíaidh beannuighe.


L. Gn27:34


Agus anúair dochualaidh Esau bríathra a athar, do éig maille re
gárrthuibh móra searbha, agus adubhairt rén athair; beannuigh misi,
eadhon misi mar an ccédna, ó a athair.


L. Gn27:35


Agus adubhairt seision, tháinic do dhearbhrathair lé ceilg, agus rug
leis do bheannachd.


L. Gn27:36


Agus adubhairt seision, nach cóir tugadh Iácob dainm air? óir
tháinic sé fúimse an dá uáirsi; rug sé uáim mo cheart-beirthe, agus
anois féuch rug sé mo bheannughadh uáim: agus adubhairt sé, an eadh nár
choimheadh tú beannughadh dhamhsa.


L. Gn27:37


Agus do fhreagair Isaac agus adubhairt re Hésau, féuch, dorinne mé
eision na thighearna ort, agus tug mé a dhearbhraithre uile na
serbhíseachuibh dhó; agus lé harbhar, agus le fíon do chonnuimh mé suas
é: agus créad dodhéun riotsa anois, a mhic?


L. Gn27:38


Agus adubhairt Esau réna athair, an bhfuil agad achd
éinbheannachd amháin, a athair? beannuigh misi, eadhon misi mar an
ccéadhna, ó a athair. Agus do thóg Esau a ghuth súas, agus do ghuil sé.


L. Gn27:39


Agus do fhreagair Isaac, agus adubhairt ris; féuch, budh é h
áitreabh sult na talmhan, agus ó dhrúchd fhlaitheamhnus ansúas.


L. Gn27:40


Agus led chloidheamh bhías tú ad bheathaidh, agus biáidh tú ag seirbhís
dot dhearbhrathair: agus tiucfuidh a ccrích anuair dogheabha tú
úachdaranachd, go mbrisfidh tú a chuingsion dot mhuinéul.


L. Gn27:41


Agus do fuathuigh Esau Iácob ar son na beannachda lear bheannuigh a
athair é: agus adubhairt Esau na chroidhe, atáid láethe cumha ar son m
áthar a bhfogus, annsin mhuirfeas misi mo dhearbhrathair Iácob.


L. Gn27:42


Agus do hinniseadh do Rebeca bríathrasa Esau a mic budh sine:
agus do chuir sí fios agus do ghoir sí Iácob a mac dob óige, agus
adubhairt ris; féuch, do dhearbhrathair Esau ar do shonsa dobheir sé
solás do féin ré cur roimhe thusa mharbhadh.


L. Gn27:43


Anois ar anadhbarsin a mhic, umhluigh dom ghlórsa, agus éirigh go
Lában mo dhearbhrathair go Háran.


L. Gn27:44


Agus fan na fhochair beagán do láethibh no go ttraóthuigh fearg do
dhearbhráthar.


L. Gn27:45


No go bhfillidh fearg do dhérbrathar úaidh, agus go ndearmaduigh sé an
ní dorinne tú ris: annsin cuirfidh misi fios, agus dobhéura mé assin
tú. Cread fá ccaillfinnsi sibh araón an eunló?


L. Gn27:46


Agus adubhairt Rebecah ré Hísaac atáim currtha dom shaóghal do
chionn ingheana Hét: má phósann Iácob bean as ingheanuibh Hét,
mar íadso, atá as ingheanuibh na tíre, créad an mhaith dhéunas mo
bheatha dhamhsa.


L. Gn28:1


Agus do ghoir Isaac, Iácob, agus do bheannuigh é, agus do aithin
de, agus adubhairt ris: ní tiubhra tú bean dingheanuibh Chánaain.


L. Gn28:2


Eirigh, imthigh súas go Pádan-Aram, go tigh Bhétuel athair do
mhathar, agus gabh chugad bean assin dingheanuibh Lábain
dearbhrathair do mhathar.


L. Gn28:3


Agus go mbeannuighe Día uilechumhachdach thú, agus go ndearna siól-
mhur thú, agus go bhfoirlíonuigh thú, go mbé tú ad iomad daóine.


L. Gn28:4


Agus go ttuga sé dhuit beannachd Abraham, duit féin, agus dot shiól
maille riot, go ngabha tú oighreachd na dúthaigh ann a bhfuil tú
coimhigtheadh, noch tug Día do Abraham.


L. Gn28:5


Agus do chuir Isaac, Iácob ar siubhal go Pádan-Aram, go Lában
mhac Bétuel an Sírianach, dearbhrathair Rebecah, mathair Iácob,
agus Esau.


L. Gn28:6


Anúair dochonnairc Esau gur bheannuigh Isaac, Iácob, agus gur
chuir ar siubhal é go Pádan-Aram, do thabhairt mná assin, agus
amhuil do bheannuigh é, go ttug aithne dhó ag rádh; ní thiubhra tú
bean dingheanuibh Chánaain.


L. Gn28:7


Agus gur umhluigh Iácob dá athair, agus dá mhathair, agus go
ndeacuidh go Pádan-Aram.


L. Gn28:8


Agus mar dochonnairc Esau nár thaitin ingheana Chánaain ré na
athair Isaac.


L. Gn28:9


Annsin dochúaidh Esau chum Ismáel, agus tug a ccionn na mban
dobhí aige, Mahalah inghean Ismáel, mhic Abraham, derbhsíur
Nebaiot, dá beith na mnaói aige.


L. Gn28:10


Agus dochuáidh Iácob amach as Beerséba, agus do ghluáis go
Háran.


L. Gn28:11


Agus do thuirling ar ionad áirighe, agus do fhan ann feadh na
h-oidhche, mar dochuáidh an ghrían faói: agus do ghlac cuid do
chlochuibh na háite, agus do chuir íad mar a cheannadhairt, agus do
luigh síos san áitsin do chodladh.


L. Gn28:12


Agus dochonnairc aisling, agus féuch dréimre arna chur súas ar an
talamh, agus ráinic a bhárr go flaitheamhnus: agus féuch, aingil Dé ag
dul ag teachd ansúas ann.


L. Gn28:13


Agus féuch, do sheas an tighearna ós a chionn, agus adubhairt; as
misi an tighearna Día Abraham hathair, agus Día Isaac, an fearann
ar a bhfuil tú ad luighe dobhéura mé dhuitsi é, agus dot shliochd.


L. Gn28:14


Agus biáidh do shíol mar ghaineamh na talmhan; agus leithneachuidh
tú amach síar agus soir, budh thuáidh agus budh dheas; agus budh ionnadsa
agus ann do shíol béid mhuinntir na talmhan uile beannuighe.


L. Gn28:15


Agus féuch atáimsi maille riot, agus cuimhdeóchuidh mé thú ann gach
uile bhall a ngéubha tú, agus dobhéura mé arís don tírsi thú: oir ní
fhágfaidh mé thú, nó go ndéarna mé an ní do labhair mé riot.


L. Gn28:16


Agus do mhúsguil Iácob as a chodladh, agus adubhairt: go deimhin
atá an tighearna sanáitsi agus ní raibh a fhios agamsa.


L. Gn28:17


Agus dobhí eagla air, agus adubhairt: cread é úamhnuige na háitesi,
ní háit ar bith so ach tigh Dé, agus as éso geata fhlaitheamhnuis.


L. Gn28:18


Agus do éirigh Iácob go moch ar maidin, agus do thóg an chloch
dobhí fá cheann mar adhairt, agus do chuir súas í mar philéir, agus
do dhoirt ola ar a mullach.


L. Gn28:19


Agus do ghoir Bétel dainm don áitsin; ach Lus bá hainm don
chathair sin ar ttús.


L. Gn28:20


Agus tug Iácob móid, ag rádh, má bhíonn Día liom, agus go
ccuimhdeacha mé san turus a bhfuilim ag dul, agus go ttiubhra dhamh
arán ré a ithe, agus édach re chur umum.


L. Gn28:21


Ionnus go ttiucfaidh mé arís go tigh máthar a síothcháin, annsin
biaidh an tighearna na Dhía agam.


L. Gn28:22


Agus an chlochsa do chuir mé mar piléir biaidh na thigh Dé: agus do
nuile ní dá ttiubhra tú dhamh dobhéura misi go dearbhtha a deachmhadh
dhuitsi.


L. Gn29:1


Annsin do ghluáis Iácob ann a thurus, agus táinic go tír na ndaóine
don taóibh shoir.


L. Gn29:2


Agus damhairc sé, agus féuch tobar san mhachaire, agus archeanna trí
tréoid chaórach na luighe aige: óir is as an ttobarsin dobheirdís uisge
dá ttréuduibh; agus dobhí cloch mhór air bhéul an tobair.


L. Gn29:3


Agus is annsin do chruinnidís na tréda uile, agus do chorruighedís an
chloch do bhéul an tobair, agus dobeiridís uisge do na caórcuibh, agus do
chuirdís an chloch na háit féin ar bhéul an tobair arís.


L. Gn29:4


Agus adubhairt Iácob ríusan: a dhearbhráithre gá has díbhsi? agus
adubhradarsan, ó Háran dúinne.


L. Gn29:5


Agus adubhairt Iácob ríu, an aithne dhíbh Lában mhac Nahor?
agus adubhradursan, as aithne dúinn é.


L. Gn29:6


Agus adubhairt seision, an bhfuiltear go maith aige? agus
adubhradursan, atathar go maith, agus féuch atá Ráchel a inghean
ag teachd leis na leis na caórchuibh.


L. Gn29:7


Agus adubhairt seision, achd cheana as mór atá romhuinn don ló: ní mó
is am na ttréd do chruinniughadh a bhfochair a chéile: tuguidhsi uisge
do na caórchuibh, agus éirgidh, agus ingheiltigh íad.


L. Gn29:8


Agus adubhradarsan: ní fhédmaóid nó go rabhaidh na sealbha uile a
bhfochair a chéile, agus go ccurthar an chloch do bhéul an tobuir; annsin
dobhermíd uisge do na caórchaibh.


L. Gn29:9


Agus an feadh fós dobhí sé ag caint ríu, táinic Rachel le caórchuibh
a hathar; óir as í dobhí na mbun.


L. Gn29:10


Agus tárla, anúair dochonnairc Iácob Ráchel inghean Lában,
dearbhrathair a mhathar, agus caóirigh Lábain dearbhrathair a
mhathar, gur dhruid Iácob léith, agus gur chuir an chloch do
bhéul an tobair, agus tug uisge do thréd Lában dearbhrathair a
mhathar.


L. Gn29:11


Agus do phóg Iácob Ráchel, agus do thóg súas a ghuth, agus do
ghuil.


L. Gn29:12


Agus do innis Iácob do Ráchel gurob é féin dearbhrathair a hathar,
agus gurob é mac Rebecah é, agus do rith sisi, agus do innissin dá
h-athair.


L. Gn29:13


Agus tárla, anúair dochúaluidh Lában sgéula mhic a
dherbhsheathrach, gur rith sé na choinne, agus gur theann ris é,
agus tug póg dhó, agus tug leis é dá thigh: agus do innis Iácob
na neithesi uile do Lában.


L. Gn29:14


Agus adubhairt Lában ris; is deimhin gur tú mo chnáimh agus mfeóil;
agus do fhan aige ar feadh míosa.


L. Gn29:15


Agus adubhairt Lában ré Iácob; an do chionn gur tú mo
dhearbhrathair dodhéuntá seirbhís damhsa a naiscidh? innis dam
créud an túarasdal bhías duit?


L. Gn29:16


Agus dobhádar días inghean ag Lában: ainm an tsinnsir Léah, agus
ainm an tsósair Ráchel.


L. Gn29:17


Agus dobhádur súile boga ag Léah; agus dobhí Ráchel sgíamhach
deaghnúiseach.


L. Gn29:18


Agus dobhí grádh ag Iácob ar Ráchel, agus adubhairt foigheónuidh
mé dhuit seachd mblíadhna ar son Ráchel hinghean as óige.


L. Gn29:19


Agus adubhairt Lában, as fearr dhamhsa a tabhairt duitsi ná a
tabhairt dfior oile: fan am fhochair.


L. Gn29:20


Agus dorinne Iácob seirbhís sheachd mblíadhan do cheannach ar
Ráchel, agus níor taibhsiughadh dhó íad ach na mbeagán láethe, do
mhéid an ghrádh dobhí aige uirre.


L. Gn29:21


Agus adubhairt Iácob ré Lában, tabhair mo bhean damh, (óir do
chomhlíon mé maimsir) go ndearnar bean di.


L. Gn29:22


Agus do chruinnigh Lában daóine na háite uile, a bhfochair a
chéile, agus dorinne féusda dhóibh.


L. Gn29:23


Agus tárla tráthnóna, gur ghlac sé Léah a inghean agus go ttug
chuigesion í, agus dobhí na fhior aice.


L. Gn29:24


Agus tug Lában dá inghin Léah Silpah a chailín, na hinilt.


L. Gn29:25


Agus tárla ar maidin, féuch gurab í Léah dobhí ann: agus adubhairt
seision ré Lában, créud an nísi dorinne tú rium? nach ar son
Ráchel dorinne misi seirbhís duit? uimesin créud fár mheall tú mé?


L. Gn29:26


Agus adubhairt Lában ní marsin as gnáth do dhéunamh nar náitne,
an sósar do thabhairt amach roimh an tsinnsior.


L. Gn29:27


Comhlíon a seachdmhuin di, agus dobhéaruimne íso dhuit mar an
gcédna, ar son na seirbhísi dodhéuna tú dhamh seachd mblíadhna eile
fós.


L. Gn29:28


Agus dorinne Iácob sin, agus do comhlíon a seachdmhuin di; agus tug
Ráchel a inghean dó mar mhnaói mar an gcéudna.


L. Gn29:29


Agus tug Lában do Ráchel dá inghin Bilhah a chailín, do bheith
na hinnilt aice.


L. Gn29:30


Agus dorinne bean do Ráchel mar an ccéudna, agus dobannsa leis fós
Ráchel ná Léah, agus dorinne seirbhís aige seachd mblíadhna eile
fós.


L. Gn29:31


Agus anuáir dochonnairc an tighearna go raibh fúath ar Léah, do
oscuil sé a brú, ach dobhí Ráchel amrid.


L. Gn29:32


Agus do toirrcheadh Léah, agus rug sí mac, agus tug sí Reuben
dainm air: óir adubhairt sí, go deimhin do fhéuch an tighearna ar mo
bhuáidhreadh; anois adamar gráidheóchuidh mfear mé.


L. Gn29:33


Agus do toirrceadh arís í agus rug sí mac, agus adubhairt: do chionn
go ccúaluidh an tighearna go raibh fuath oram, tug sé an macso dhamh
mar an gcédna: agus tug sí Símeon dainm air.


L. Gn29:34


Agus do toirrcheadh arís í, agus rug sí mac, agus do ráidh; anois
bhías mfear anuáirsi teannta riom, do chionn go rug mé tríur mac
dhó: uimesin do goireadh Lébhi dhe.


L. Gn29:35


Agus do toirrcheadh arís í agus rug sí mac; agus do ráidh si, anois
mholfas mé an tighearna; uimesin do ghoir sí Júdah dainm dhe;
agus do scuir do bhreith.


L. Gn30:1


Agus anuáir dochonnairc Ráchel nach rug sí clann do Iácob, dobhí
tnúth ag Ráchel le na deirbhsiáir, agus adubhairt sí ré Iácob,
tabhair dhamhsa clann, nó dogheabha mé bás.


L. Gn30:2


Agus do las fearg Iácob anaghuidh Ráchel, agus adubhairt: an misi
atá anáit Dé, noch do chonnuimh uáit toradh do bhronn.


L. Gn30:3


Agus adubhairt sisi, féuch mo chailín Bilhah bí ad tfior aice, agus
béuruidh sí ar mo ghlúinibhsi, chor go mbía clann agumsa mar an
gcéudna dá taóibhse.


L. Gn30:4


Agus tug sí dhó Bilhah a hinnilt mar mhnaói, agus dochuáidh
Iácob na gnás.


L. Gn30:5


Agus do toirrcheadh Bilhah agus rug sí mac do Iácob.


L. Gn30:6


Agus adubhairt Ráchel, do bhreathnuigh Día misi, agus dochuáluidh
mar an gcéudna mo ghuth, agus tug mac dhamh: uimesin tug sí Dan
dainm air.


L. Gn30:7


Agus Bilhah cumhal Ráchel, do toirrcheadh arís í, agus rug sí an
dara mac do Iácob.


L. Gn30:8


Agus adubhairt Ráchel, do spáirn mé maille ré spáirnuidheachd mhóir
ream dearbhsiúir, agus rug mé buáidh, agus do ghoir sí Naphtali
dainm dhe.


L. Gn30:9


Anuáir dochonnairc Léah gur scuir sí do breith chloinne, rug ar
Siplah a cailín, agus tug do Iácob í na mnaói.


L. Gn30:10


Agus rug Siplah cailín Léah mac do Iácob.


L. Gn30:11


Agus adubhairt Léah, atá cuideachda ag teachd: agus tug Gad
dainm air.


L. Gn30:12


Agus rug Siplah cailín Léah an dara mac do Iácob.


L. Gn30:13


Agus adubhairt Léah, is sona misi, óir goirfid na hingheana
beannuighe dhíom: agus do ghoir sí Aser dainm dhe.


L. Gn30:14


Agus dochuáidh Reúben amach a láethibh foighmhair na cruithneachda,
agus fuáir mandrácuigh sa mhachaire, agus tug leis íad chum a mhathar
Léah; annsin adubhairt Ráchel ré Léah, guidhim thú, tabhair
dhamsa cuid do mhandráchuibh do mhic.


L. Gn30:15


Agus adubhairt sisi, ría, is beag an chúis mar rug tú mfear uáim?
agus nar mhian leachd mandráic mo mhic do bhreith uáim mar an
ccédna? Agus adubhairt Ráchel, uimesin luidhfidh sé leachdsa
anochd ar son mhandrác do mhic.


L. Gn30:16


Agus táinig Iácob asteach ón mhachaire tráthnóna, agus dochuáidh
Léah amach na choinne agus adubhairt; cathfidh tú teachd liomsa
asteach, óir go deimhin do cheannuigh mé thú air mhandrácuibh mo
mhic; agus do luigh lé anoidhchesin.


L. Gn30:17


Agus tug Día aire do Léah, agus do toirrcheadh í, agus rug sí do
Iácob an cuigeadh mac.


L. Gn30:18


Agus adubhairt Léah, tug Día mo thúarasdal damh do chionn go ttug
mé mo chailín dom fhear, agus do ghoir Isachar dainm dhe.


L. Gn30:19


Agus do toirrcheadh Léah arís agus rug an seiseadh mac do Iácob.


L. Gn30:20


Agus adubhairt Léah: do leasuidh Día mé lé crodh maith; anois
coimhneóchuigh mfear agum, do chionn go rug mé seisior mac dhó: agus
tug sí Sebulun dainm air.


L. Gn30:21


Agus na dhiaighsin rug sí inghean, agus tug Dínah dainm uirre.


L. Gn30:22


Agus do chuimhnigh Día air Ráchel, agus do éisd Día ría, agus do
oscuil a brú.


L. Gn30:23


Agus do toirrcheadh í, agus rug sí mac, agus adubhairt; do chuir Día
mo mhiochlú ar ccúl.


L. Gn30:24


Agus tug sí Ióseph dainm air; agus adubhairt sí, cuirfidh an
tighearna mac eile na cheann chugam.


L. Gn30:25


Agus tárla anuáir rug Ráchel Ióseph, go ndubhairt Iácob ré
Lában; cuir ar siubhal mé go ndeachuidh mé dom ionad féin agus dom
thír.


L. Gn30:26


Tabhair dhamh mo mhná agus mo chlann ar son a ndérna mé do sheirbhís
duit, agus léig dhamh imtheachd; óir is fios duit mo sheirbhís dorinne mé
duit.


L. Gn30:27


Agus adubhairt Lában ris, guidhim thú más ionmhuin leachd mé,
fuirigh óir dfoghluim mé go dearbhtha gur bheannuigh an tighearna mé
air do shonsa.


L. Gn30:28


Agus adubhairt sé, ainmnigh do thúarasdal, agus dobhéura mé dhuit é.


L. Gn30:29


Agus adubhairt seision ris, atá a fhios agad cionnus dobhí mo
sheirbhís duit, agus cionnus dobhí háirnéis agum.


L. Gn30:30


Oir as beag dobhí agad suil tháinig misi chugad, agus anois tangadur
chum bheith iomadamhail; agus do bheannuigh an tighearna thú ó tháinig misi
chugad, agus anois cá huáir dhéunas mé solathar do mo thigh féin mar an
gcédna:


L. Gn30:31


Agus adubhairt seision, cread dobhéura mé dhuit? agus adubhairt
Iácob, ní thiubhra tú einní dhamhsa: má ní tú einní amháin ar mo
shon, beathóchad agus coimhéudfad do thréd arís.


L. Gn30:32


Rachfuidh misi tré a bhfuil do thréduibh agad aniugh, agus cuirfidh
mé ar leith a bhfuil ballach breac, agus a bhfuil don áirnéis donn a measg
na ccaórach, agus a bhfuil ballach breac a measg na ngabhar, agus is
díobhsin bhías mo thúarusdalsa.


L. Gn30:33


Mairsin fhreigeórus mfíreuntachd ar mo shon san aimsir atá chugainn,
an tan thiocfas am mo thúarusdail do lathair haighthe féin: gach aón nach
bía ballach nó breac a measc na ngabhar, agus donn a measg na ccaórach,
bíaidh meas gada air agumsa.


L. Gn30:34


Agus adubhairt Lában, féuch dobfearr liom go mbeith sin do réir do
bhríatharsa.


L. Gn30:35


Agus do dhealuigh sé an lósin na puic noch dobhí crosach, agus
ballach agus an uile ghabhar bainionn dobhí breac ballach, agus gach aón
a raibh bán ann, agus a raibh donn, agus tug íad a lámhuibh a mhac.


L. Gn30:36


Agus do chuir sé aistior thrí lá idir é féin agus Iácob, agus do
bheathaidh Iácob an chuid eile do thréduibh Lábain.


L. Gn30:37


Agus do ghabh Iácob chuige slata glasa do chrann critheach, agus do
choll, agus do chrann cnobhfrancach, agus dorinne síoga bána ionta, agus
tug ar an mbán taisbeanadh do thabhairt úadh, noch dobhí annsna
slatuibh.


L. Gn30:38


Agus do shuighidh na slata do nochd sé, roimhe na tréda annsna
guithéaruibh, annsna homuruibh a nibhdís uisge anuair dothigdís na
tréda dól an uisge ar chor go ttoirrchidh íad an uair dothigdís dól
uisge.


L. Gn30:39


Agus do toirrcheadh na tréda as comhair na slat, agus dobherdís
áirnéis shíogach bhreac agus ballach.


L. Gn30:40


Agus do dhealuidh Iácob na huáin, agus do chuir aighthe na ttréd
ar na stríocuibh: agus gach a raibh donn a ttréd Lában, agus do
chuir a thréda féin ar leith, agus níor chuir a ttréuduibh Lábain
íad.


L. Gn30:41


Agus tárla, gidhbé ar bith uáir do chinneadh an áirnéis budh láidre,
go ccuireadh Iácob na slata as coinne súl na háirnéisi annsna
guitéaruibh, ar chor go ccinfidís a measg na slat.


L. Gn30:42


Ach anuáir dobhíodh an áirnéis lag, ní chuireadh sé ann íad;
mairsin go mbíodh an chuid budh laige ag Lában, agus an chuid budh
láidre ag Iácob,


L. Gn30:43


Agus do fhás an tóglach roshaidbhir, agus dobhí iomad áirnéisi
aige, agus seirbhíseach fear, agus seirbhíseach ban, agus cámhuill, agus
asail.


L. Gn31:1


Agus dochúaluidh sé bríathra mhac Lában ag rádh; rug Iácob leis an
mhéid bá lé ar nathair, agus is don ní bá lé ar nathair fuáir sé ann
ghlóirsi uile.


L. Gn31:2


Agus dochonnuirc Iácob gnúis Lábain, agus féuch ní raibh leis mar do
bhí roimhe.


L. Gn31:3


Agus adubhairt an tighearna re Iácob; fill go dúthuigh haithreadh,
agus go nuige do chineadh, agus biáidh misi maille riot.


L. Gn31:4


Agus do chuir Iácob fios uadha, agus do ghoir Ráchel agus Léah
fán machaire go nuige a thréud.


L. Gn31:5


Agus adubhairt ríu, chím gnúis bhur nathar nach bhfuil sí leam mar do
bhí roimhe; ach dobhí Día mathar leam.


L. Gn31:6


Agus atá fhios aguibhsi go ndérna mé serbhís do bur nathair rém
uile chumachda.


L. Gn31:7


Agus do mheall bhur nathair mé, agus do mhalairt mo thúarasdal deich
nuáire: ach níor leig Día dhó dochar do dhéanamh dhamh.


L. Gn31:8


Má dubhairt sé marso, bíaidh an áirnéis bhallach na thúarusdal agad;
annsin dobhí an áirnéis uile ballach: agus má dubhairt sé marso; budh h
íad an áirnéis shíogach do thúarusdal; annsin dobhí a rugadar an áirnéis
uile síogach.


L. Gn31:9


Marso rug Día áirnéis bhur nathar uadh, agus tug dhamhsa iad.


L. Gn31:10


Agus tárla anuáir do reitheadh an áirnéis gur thóg misi mo shúile
súas ar an áirnéis go rabhadur síoghach bhallach, measctha.


L. Gn31:11


Agus do labhair aingeal Dé rium anaisling dá rádh, a Iácob; agus do
ráidh misi, atáim annso.


L. Gn31:12


Agus adubhairt seision, tóg anois súas do shúile, na reithe lingios
súas ar an áirnéis atáid uile síogach ballach, measctha: óir dochonnairc
misi gach a ndéarna Lában ort.


L. Gn31:13


As misi Día Bhétel, áit ar ungaidh tusa an piléir, agus mar ar
mhóidigh tú móid dhamsa: anois éirigh, fág an dúthaidhse amach, agus fill
go tír do ghaóil.


L. Gn31:14


Agus do fhreagair Ráchel agus Léah, agus adubhradur ris; an bhfuil
fós roinn ar bith nó oighreachd ar ccomhairne a ttigh ar nathar?


L. Gn31:15


An é nach meas coigcrích atá aige oruinn? óir do reach sé sinn, agus
do anchaith sé mar an gcéadna ar nairgead uile.


L. Gn31:16


Oír an uile shaidhbhrios rug Día ó ar nathair, asésin ar ccuidne,
agus cuid ar ccloinne: anoisuime sin giodhbé adubhairt Día riotsa,
déana é.


L. Gn31:17


Annsin do éirigh Iácob súas, agus do chuir a mic, agus a mhná ar
chámhulluibh.


L. Gn31:18


Agus rug leis a áirnéis, agus a mhaóin uile, noch fuáir sé, áirnéis a
ghnodhuidh, noch fuair sé a bPádan-Aram; chum imtheachd go hIsaac
a athair a ttír Cánaain.


L. Gn31:19


Agus dochuáidh Lában a lomadh a chaórach, agus do ghoid Ráchel
na híomháighe bá léna hathair.


L. Gn31:20


Agus do éulóigh Iácob roimhe gan fhios do Lában an Sírianach,
ónar innis dó gur theith sé.


L. Gn31:21


Marsin do theith sé leis an uile ní dobhí aige, agus do éirigh, agus
dochuáidh tar an abhuinn, agus tug a aghuidh fa thuairim shliabh
Gíleadh.


L. Gn31:22


Agus do hinnseadh do Lában an treas lá gur theith Iácob.


L. Gn31:23


Agus do thóg a dearbhráithre leis, agus do lean é aistior sheachd lá,
agus rugadur air ar shlíabh Gíleadh.


L. Gn31:24


Agus táinic Día go Lában an Sírianach anaisling sanoidhche, agus
adubhairt ris: tabhair dod aire nach laibhéora tú re Iácob go maith
no go saith.


L. Gn31:25


Annsin rug Lában ar Iácob: anois do shuighidh Iácob a phubuil
ar a tslíabh: agus do shuighidh Lában gun a dhearbhráitribh air
slíabh Gíleadh.


L. Gn31:26


Agus adubhairt Lában ré Iacob, créad dorinne tú, far éulóig tú
gan fhios damhsa, agus fa rug tú mingheana leachd mar bhraighdibh
dogéubhthaói le cloidheamh.


L. Gn31:27


Créad fár theith tú uáim go foluigheach, agus fár éulóig tú uáim, agus
nar innis tú dhamh go ccruinn ar siubhal uáim thú maille re sólás, agus lé
chaintaireachd, le thabuirín, agus le cláirsigh?


L. Gn31:28


Agus nár fhuiling tú dhamh mingheana, agus mo mhic do phógadh? anois
as leam dorinne tú súd.


L. Gn31:29


Atá a gcumhachd mo láimhesi dochar do dhéanamh dhuit, ach do labhair
Día hathar riom aréir, ag rádh: tabhair dod aire nach laibhéora tú re
Iácob go maith ná go saith.


L. Gn31:30


Agus anois má tá nach géubhthá gan imtheachd do chionn go raibh fonn
mór ort a ndiáigh tighe hathar, thairissin, créad far ghoid tú mo
Dhee.


L. Gn31:31


Agus do fhreagair Iácob, agus adubhairt sé ré Lában: do chionn go
raibh eagla orum, agus go ndubhairt mé; go mféidir go mbeanfá
hingheana air éigin díom.


L. Gn31:32


Gidhbé ar bith gá bhfuighe tú do Dhee, narab béo é: féuch a
lathair air ndearbhráithreach má tá éinní agumsa dod chuid agus beir
chugad féin é: óir níor eidir Iácob gur ghoid Rachel
íad.


L. Gn31:33


Agus docuáidh Lában go pubuil Léah, agus go puiblib an dá chumhal; ach ní
bhfuáir sé íad aca. Annsin dochuáidh sé as pubuil Léah, agus
dochuáidh asteach a bpubuil Ráchel.


L. Gn31:34


Anois do ghabh Rachel na híomháighe, agus do chuir anughaim na
ccámhull íad, agus do shuigh orra: agus do spíon Laban an pubuil
uile, ach ní bhfuáir sé íad.


L. Gn31:35


Agus adubhairt sisi réna hathar, ná cuireadh fearg ar mo thighearna
nach bhféaduimsi éirghe súas romhad; óir, atá gnáth na mban orum: agus do
spíon Lában an pubuil, agus ní bhfuáir na híomháighe.


L. Gn31:36


Agus dobhí fearg ar Iácob, agus do cháin Lában: agus do fhreagair
Iácob, agus adubhairt sé ré Lában créad é mindligheadh? cread í mo
choir, as ar lean tú choimhghérso mé?


L. Gn31:37


Anáit ar spíon tú mo thruscán uile, créud fuáir tú dod áirnéis tighe
agam? cuir annso as coinne mo dhearbhráithreach agus do
dhearbhráithreachsa é, go mbeirid breath eadruinn araón.


L. Gn31:38


An fichid blíadhanso atáim ag foghnamh dhuit, níor theilgeadar do
chaóirigh an uáin, ná do ghabhair bhainionna a mionnáin, agus ní dhuáigh
mé reithe do thréuda.


L. Gn31:39


An mhéid do mharbhadar na beathuigh, ní thug mé chugadsa é, is orum
féin dobhí a dhul amugha: as mo láimhsi do íarr tusa é, má gadadh sa
ló, nó má do gadadh san oidhche é.


L. Gn31:40


Marso dobhí mé, san ló do sheargadh an tiormach mé, agus an sioc
sanoidhche, agus do dhealuigh codladh rém shúilibh.


L. Gn31:41


Marso dobhí mé fithche blíadhan ann do thigh do fhoghuin mé dhuit
ceithre bliadhna dég ar son do dhías inghean, agus sé blíadhna ar son
tháirnéisi, agus do áthruigh tú mo thúarasdal deich nuáire


L. Gn31:42


Muna bheith Día máthar, Día Abraham, agus eagla Isaac leam; go
deimhin do chuirfeá ar siubhal anois mé folamh: dochonnairc Día mo
leathtrom agus saóthar mo lámh, agus tug aithfear dhuitsi aréir.


L. Gn31:43


Agus do fhreagair Lában agus adubhairt ré Iácob; as íad na h
ingheanaso mingheanasa, agus an chlannso mo chlannsa, agus an
áirnéisse as íad máirnéisi íad, agus a bhfaicionn tú uile as liomsa
íad; agus créad fhéduim do dhéunamh san ló aniugh ríuso mingheana féin,
nó réna ccloinn dorugadar.


L. Gn31:44


Ar anadhbharsin, tárrsa anois déunam cunnradh, misi agus tusa, agus
bíodh sé mar fhíaghuin eadrum agus tú.


L. Gn31:45


Agus do thóg Iácob cloch, agus do chuir na seasamh í mar philéir.


L. Gn31:46


Agus adubhairt Iácob réna dhearbhráithribh, cruinnighidh clocha;
agus do chruinnigheadar clocha, agus dorinneadar leachda, agus adúadar
bíadh annsin ar an leachda.


L. Gn31:47


Agus do ghoir Lában dainm dhe Iegar-Sahaóuta, ach do ghoir
Iácob Gáleed de.


L. Gn31:48


Agus adubhairt Lában, is fiadhnuisi an leachdaso eadrum agus tú
aniugh: agus uimesin do goireadh Gáleed dainm dhe;


L. Gn31:49


Agus Mispah, óir adubhairt sé, déunadh an tighearna faire eadrum
agus tú anuáir bhean gan bheith a lathair a chéile.


L. Gn31:50


Má ní tú leathrom ar mingheanuibh, nó má bheir tú mná eile
leith amuigh domingheanuibh, ní bhfuil aónduine ar bhfochair:
féuch, atá Día dfíaghuin eadruinn.


L. Gn31:51


Agus adubhairt Lában ré Iácob, féuch an leachdasa, agus féuch an
piléir noch do thóg mé eadrum agus tú.


L. Gn31:52


Bíodh an leachdasa dfíaghuin nach racha misi tar an leachdasa
chugamsa agus tar an bhpiléirse do dhéunamh dochair.


L. Gn31:53


Déunadh Día Abraham agus Día Nahor, Día anaithreach breitheamhnus
eadruinn: agus do mhionnuigh Iácob fá eagla a athar Isaac.


L. Gn31:54


Annsin dorinne Iácob íodhbuirt ar a tslíabh, agus do ghoir a
dhearbhráithre dithe aráin: agus a duadar arán, agus do fhanadar
feadh na hoidhche sa tsliabh.


L. Gn31:55


Agus go moch ar maidin do éirigh Lában súas agus do phóg sé a mhic
agus a ingheana, agus do bheannuigh sé íad: agus do dhealuigh Lában
ríu, agus do fhill chum a áite féin.


L. Gn32:1


Agus do imthigh Iácob roimhe na shlighe, agus tárla aingle Dé ris.


L. Gn32:2


Agus anuáir dochonnairc Iácob íad, adubhairt sé: aséso slúagh Dé,
agus do ghoir sé dainm don áit sin Mahanaim.


L. Gn32:3


Agus do chuir Iácob teachda roimhe go hEsau a dhearbhrathair go
fearann Seir, eadhon talamh Edom.


L. Gn32:4


Agus do aithin sé dhíobh ag rádh; marso adéarthaói rem thighearna
Esau: adeir do sheirbhíseach Iácob marso: dochomhnuighe mé a
bhfochair Lábain, agus do fhan mé aige annsin go ttí anois.


L. Gn32:5


Agus atáid daimh agus asail agam, tréda agus seirbhísigh fear agus
seirbhísigh ban: agus do chuir mé teachda uáim dá innisin dom thighearna,
ionnus go bhfagha mé grása ad radharc.


L. Gn32:6


Agus do fhilleadar na teachda go Iácob, ag rádh; tangamairne go nuige
do dhearbhráthair Esau, agus atá seision ag teachd mar an gcéudna
do theagmháil ort, agus ceithre chéud fear leis.


L. Gn32:7


Annsin dobhí Iácob lán deagla agus danbhuáin: agus do roinn sé na
daóine dobhí aige, agus na tréda, agus na sealbha, agus na cámhuill a
ndá chuideachduin.


L. Gn32:8


Agus adubhairt, má thigh Esau cum cuideachda dhíobh, agus go
mbuailfidh íad, annsin rachuid an chuideachda fhuigfidhear as uadh.


L. Gn32:9


Agus adubhairt Iácob, a Dhé máthar Abraham, agus a Dhé máthar
Isaac, an tighearna noch adubhairt rium; fill chum do thíre féin agus
chum do ghaóil, agus dogheabhthar misi go maith ort.


L. Gn32:10


Ní fiú mé an chuid as lugha dot thrócaire, agus don fírinne noch do
thaisbéin tú dod óglach: óir lem bhata tháinig mé tar an iordáin
se, agus anois atáim dhá bhanna.


L. Gn32:11


Saór mé, íarruim ort, ó láimh mo dhearbhráthar, ó láimh Esau: óir
atá eagla agum roimhe, dfaitchios go ttiocfadh, agus go mbuáilfeadh
mé, agus an mhathair maille ris an ccloinn.


L. Gn32:12


Agus adubhairt tusa, go deimhin dodhéuna mé maith dhuit, agus
dodhéuna mé do shíol mar ghaineamh na fairge nach féidir áireamh ar
a iomadamhlachd.


L. Gn32:13


Agus do fhosuidh sé annsin anoidhchesi féin, agus do bhean sé as an
ní ráinic chum a láimhe, bronntanus ré thabhairt dá dhearbhrathair
Esau.


L. Gn32:14


Dhá chead ghabhar baineann, agus fithche poc, dhá chéad caóra
bhaineann, agus fithche reithe.


L. Gn32:15


Tríochad chámhall bainne gona mbromchuibh, ceathrachadh bó, agus deich
ttairbh, fithche asail baineann, agus deich searruigh.


L. Gn32:16


Agus do sheachuid sé íad a lámhuibh a sherbíseach, gach én tsealbh ar
leith, agus adubhairt réna sherbhíseachuibh; gluáisigh thairis anonn
romhamsa, agus cuiridh spás eidir gach dá sheilbh.


L. Gn32:17


Agus do aithin don chéd luchd, dá rádh: anuáir théigeómhas mo
dhearbráthair Esau riot, agus fhíafrochus díot, ag rádh, cía lér
leis tú? agus cáit a racha tú? agus cía lear leis íadso romhad?


L. Gn32:18


Annsin adéura tusa, is lé do shearbíseach Iácob íadso; is
tiodhlaiceadh é do cuireadh chum mo thighearna Esau; agus féuch atá
sé féin mar an gcéadna ar ndiáigh.


L. Gn32:19


Agus is mairsin do aithin sé don dara, agus don treas luchd, agus don
mhéid do lean na sealbha, ag rádh; ar an modhso laibhéorthaói ré
h-Esau anuáir do geabhthaói é.


L. Gn32:20


Agus abruidhsi ós cionnsinn; feuch, atá do sherbhíseach Iácob ar
ndiáigh, óir adubhairt; ceinnseocuidh mé é leis an mbronntanas rachas
romham, agus na dhiaighsin dochífe mé a ghnúis; dobféidir go
ngéubhadh sé mo ghnúis chuige.


L. Gn32:21


Marsin dochuáidh an preasánta anonn roimhe, agus do chomhnuidh sé
féin anoidhchesin annsa chuideachduin.


L. Gn32:22


Agus do éirigh sé súas an oidhchesin, agus do ghlac sé a dhías ban,
agus a dhá chumhal, agus a énmhac dég, agus dochuáidh sé tar áth
Iácob anunn.


L. Gn32:23


Agus dorug sé orra, agus do chuir tar an abhuinn anunn íad, agus do
chuir thairis anunn a raibh aige.


L. Gn32:24


Agus do fágbhadh Iácob na aónar, agus dobhí duine ag gleic ris nó
go ttáinig éirghe na maidne.


L. Gn32:25


Agus anuáir dochonnairc sé nach deacuidh aige air, do bhean sé re
log a laghairce, agus dobhí log laghairce Iácob as alt, mar dobhí ag
spáirn ris.


L. Gn32:26


Agus adubhairt sé, léig dhamh imtheachd, óir atá an lá ag éirge:
agus adubhairt seision, ní léigfe mé dhuit imtheachd nó go
mbeannuighe tú mé.


L. Gn32:27


Agus adubhairt seision, cá hainm thú? agus adubhairt seision,
Iácob.


L. Gn32:28


Agus do ráidh seision, ní goirfear Iácob dhíot feasda mar ainm, ach
Israel: óir atá cumhachda agad mar phrionnsa ré Día, agus ré
daóinibh, agus dorug tú buáidh.


L. Gn32:29


Agus do fhíafruigh Iácob dhe, agus adubhairt ris: guidhim thú,
innis damh hainm: agus do ráidh seiaion; créad an fáth fa
bhfíafruighionn tú mainm? agus do bheannuigh sé annsin é.


L. Gn32:30


Agus do ghoir Iácob Peniel dainm don áitsin; óir dochonnairc mé
Día aghuidh ar aghuidh, agus do sabhaladh mo bheatha.


L. Gn32:31


Agus mar dochuáidh anunn tar Pheniel, do éirigh grían air, agus do
bhí sé bacach ann a ladhairg.


L. Gn32:32


Uimesin nach ithid clanna Israel gus aniugh don fheich do chrap,
noch bhíos a log na ladhairge: do chionn gur bhean sé ré log na
ladhairge ag Iácob annsa bhféich do chrap.


L. Gn33:1


Agus do thóg Iácob a shúile súas, agus damhairc sé, agus féuch do
tháinic Esau agus ceithre chéad fear leis. Agus do roinn sé an
chlann do Léah, agus do Rachel, agus don dá chumhal.


L. Gn33:2


Agus do chuir sé na cumail agus a cclann a ttosach, agus Léah agus
a clann na ndiáigh, agus Ióseph fá dheireadh.


L. Gn33:3


Agus do ghluáis anonn rompa, agus do chlaón é féin go talamh seachd n
uáire, nó go ttáinig a bhfogus dá dhearbhrathair.


L. Gn33:4


Agus do rith Esau na choinne, agus do theann ris é idir a dhá láimh,
agus do luidh ar a mhuinéul, agus do phóg é: agus do ghuileadur.


L. Gn33:5


Agus do thóg súas a shúile, agus dochonnairc na mná agus an chlann,
agus adubhairt, cía híad súd agad? agus adubhairt seision, an chlann tug
Día go grásamhuil dod sheirbhíseach.


L. Gn33:6


Annsin tangadur na cumhail, agus a cclann a bhfogus, agus do
chlaónadur íad féin.


L. Gn33:7


Agus tháinic Léah mar an gcéadna gon a cloinn a bhfogus, agus do
chlaónadur íad féin: agus fá dheireadh tháinic Ióseph agus Rachel a
bhfogus, agus do chlaónadar íad féin.


L. Gn33:8


Agus adubhairt sé, créad as chíall duit ris anealbhasa uile, thárla
rium? agus adubhairt seision, dfagháil grás a radharc mo thighearna.


L. Gn33:9


Agus adubhairt Esau, atá go lór agamsa a dhearbhrathair, bíodh an ní
as leachd agad féin.


L. Gn33:10


Agus adubhairt Iácob; ní headh, guidhim thú, má fuáir mé anois
grása ad radharc, annsin glac mo bhronntanas as mo láimh: óir is uimesin
dochonnairc mé do ghnúis amhuil mar dochífinn gnúis Dé; agus do thaitin
mé riot.


L. Gn33:11


Guidhim thú glac mo bheannughadh tugadh chugad; do chionn go raibh Día
go grásamhuil riom, agus do chionn go bhfuil go lór agam: agus do
sháruidh air, agus do ghabh sé an tiodhlaiceadh.


L. Gn33:12


Agus adubhairt seision, glúaisiom ann ar slighe, agus imthighiom,
agus rachuidh misi romhad.


L. Gn33:13


Agus adubhairt seision ris: atá a fhios ag mo thighearna go bhfuilid
na leinimh maóth, agus na tréda agus na healbhadha ré hóga agamsa:
agus má thiomáinid daóine go hiomarcach íad anénló, gheabhuidh an
tréd uile bás


L. Gn33:14


Eirghiodh mo thighearna, íarruim ort, thairis anonn roimhe a
sherbhíseach, agus leanfa misi thú go socair, réir mar fhéadfuidh an
áirnéis bhías romham agus an chlann fhulang, nó go ttí mé go nuige mo
thighearna go Seir.


L. Gn33:15


Agus adubhairt Esau, léig dhamhsa anois cuid don mhuinntir atá
am fhochair dfágbháil agad: agus adubhairt seision, cionnus riochthar
a leas? faghaim anois grása a radharc mo thighearna.


L. Gn33:16


Marsin do fhill Esau ann lásin féin ann a shlighe go Seir.


L. Gn33:17


Agus do ghluáis Iácob go Sucot, agus dorinne tigh dhó féin, agus
dorinne máinreacha dhá áirnéis: uimesin goirthear Succot dainm
don áit.


L. Gn33:18


Agus táinic Iácob go Sálem, cathair Shechem noch atá a ttír
Cánaain, anuáir tháinic sé ó Phádan -Aram, agus do shuidhidh a
phubuil as choinne na caithreach.


L. Gn33:19


Agus do cheannuigh sé cuid do mhachaire, áit ar leathnuigh sé a
phubail, as láimh chloinne Hámor athair Shechem ar chéad píosa
airgid.


L. Gn33:20


Agus do chuir altóir súas annsin, agus do ghoir sé dhi
El-elohe-Israel.


L. Gn34:1


Agus dochuáidh Dínah inghean Léah, noch rug sí do Iácob, amach
dféchuin ingheana na tíre.


L. Gn34:2


Agus anuáir dochonnairc Sechem mhac Hámor an Hititeach prionnsa
na críche í, dorug sé uirre, agus do luigh sé lé, agus do truáilligh sé
í.


L. Gn34:3


Agus dobhí a anam ceangailte do Dhínah inghean Iácob, agus do
grádhuigh sé í, agus do labhair go cinealta ris an gcailín.


L. Gn34:4


Agus do labhair Sechem ré na athair Hámor, ag rádh, fagh dhamhsa
an cailínsi na mnaói.


L. Gn34:5


Agus dochualuidh Iácob gur thruailigh sé a inghean Dínah; anois
dobhádur a chlann san mhachaire ag a náirnéis, agus do thochd
Iácob nó go ttáinic síad.


L. Gn34:6


Agus dochuáidh Hámor athair Shechem amach do chomhrádh ré Iácob.


L. Gn34:7


Agus tangadar mic Iácob ón math amuigh anuáir dochualadursin, agus
do ghlac doilghios íad, agus dobhádur rofeargach fa go ndéarna sé
leimhe anaghaidh Israel tré luighe lé hinghin Iácob, ní nar
dhlightheach do dhéanamh.


L. Gn34:8


Agus dorinne Hámor comhrádh ríu, agus adubhairt; atá anam mo mhic
Sechem lán dfonn hinghine, athchuinghim ort a tabhairt dó na mnaói.


L. Gn34:9


Agus déanuidhsi cleamhnuis rinne, agus tugaidh bhur ningheana dhúinn,
agus glacuidh ar ningheana chuguibh.


L. Gn34:10


Agus áiteochthaói nar bhfochair: agus biáidh an talamh as bhar
gcuinne; comhnuighidh agus malairtighidh ann, agus faghaidh sealbha dhíbh
féin ann.


L. Gn34:11


Agus adubhairt Sechem ré na hathair agus ré na dearbhráithribh,
faghuim grása an bhur radharc, agus gidhbé ní dérthaói riom dobhéar
uáim é.


L. Gn34:12


Ní bhfuil dá mhéid crodh nó tiodhlaiceadh íarrfuidhe oram, nach
ttiubhra mé uáim do réir mar adéarthaói riom; ach go ttugthaói an cailín
damh na mnaói.


L. Gn34:13


Agus do fhreagradur mic Iácob Sechem agus a athair Hámor go
cealgach, do chionn gur thrúailligh sé an dheirbhsíur Dínah.


L. Gn34:14


Agus adubhradur ríu, ní fhédmaóidne an nísi a dhéanamh, ar
nderbhsíur do thabhairt do neach nach bhfuil timchillghérrtha; óir
do budh masla dhúinn sin.


L. Gn34:15


Ach aóntocham dhíbh marso, má bhithísi mar atámaóidne, gach
énfhirionach aguibh do bheith timchillghérrtha.


L. Gn34:16


Annsin dobhéuram ar ningheana dhaóibh, agus géubham bhur ningheana
chuguinn, agus coimhneocham maille ribh, agus bíam ar néunphobal.


L. Gn34:17


Ach muna éistí rinn fá bheith timchillgheártha; annsin béuram ar
ninghean linn, agus imeocham romhuinn.


L. Gn34:18


Agus do thaitin a mbríathra le Hámor agus le Sechem, mac Hámor.


L. Gn34:19


Agus níor chuir an tóganach maill san ní do dhéunamh, do chionn go
raibh dúil aige aninghin Iácob, agus do budh ro onóruighe é na tigh
athar uile:


L. Gn34:20


Agus táinic Hámor, agus Sechem a mhac go geata a ccaithreach, agus
do labhradar ré muinntir na caithreach, ag rádh.


L. Gn34:21


Atáid na daóinesi síothchánta rinn, uimesin áitrighidís an talamh,
agus déindís malairt ann; óir féachuidh, atá an fearann fairsiong go lór
dhóibh; glacam a ningheana na mnáibh chuguinn, agus tugam ar ningheana
na mnáibh dhóibhsion.


L. Gn34:22


Achd amháin gurob marso aóntochuid na daóine linn, comhnuighe do
dhéanamh ar bhfochair go mbemís ar nénphobal; gach aón fhirionnach
aguinn do bheith timchillghéarrtha, mar atáidsion timchillghéarrtha.


L. Gn34:23


Nach budh linne a náirnéis, a maóin, agus gach ainmhidhe dá mbí aca?
achd amháin tigiom léo, agus áitreochuid aguinn.


L. Gn34:24


Agus do aóntuigh a ndeachuigh amach as geata a gcaithreach lé
Hámor agus lé Sechem: agus do timchillghearradh gach éinfhear, an
mhéid dochuáidh amach as geata a gcaithreach.


L. Gn34:25


Agus tárla an treas ló anuáir dobhádur neimheach, gur ghlacadar días
mhac Iácob, Símeon agus Lébhi dearbhráithre Dhínah, gach aón
aca a chloidheamh, agus tangadur ar an gcathruigh go dána, agus do
mharbhadur na fir uile.


L. Gn34:26


Agus do mharbhadur Hámor, agus Sechem a mhac le faóbhar an
chloidhimh, agus tugadar Dínah as tigh Shechem, agus dochúadur
amach.


L. Gn34:27


Tangadur clann Iácob ar anár, agus do chreachadar an chathair, do
chionn gur thruáilligheadur a ndeirbhsiur.


L. Gn34:28


Do thógbhadur a gcaóirigh agus a ndaimh, agus a nasail, agus an
mhéid dobhí sa ccathruigh, agus an mhéid dobhí ar an machaire léo.


L. Gn34:29


Agus a saidhbrios uile agus a nóga uile, agus a mná rugadar léo a
láimh, agus do airgeadur go léir a raibh ann sa tigh.


L. Gn34:30


Agus adubhairt Iácob ré Símeon, agus ré Lébhi; do chuireabhair
buáidheadh orum, mo dhénamh bréun a measg áitreabhadh na tíre, a measg
na cCanaanitech: agus gan mé ach beagán anuimhir, cruinneochuid íad
féin uile am aghuidh, agus muirfid mé, agus sgriosfuighear mé féin agus
mo thigh.


L. Gn34:31


Agus adubhradursan, nar chóir dhósan a dhénamh ré ar
ndeirbhsiairne mar dodhéanadh sé ré meirdrigh?


L. Gn35:1


Agus adubhairt Día ré Iácob; éirigh, imthigh súas go Bétel agus
comhnuigh annsin: agus déun altóir ann do Dhía noch do fhoillsigh é
féin duit anuáir do théith tú ó lathair do dhearbhrathar Esau.


L. Gn35:2


Annsin adubhairt Iácob ré na mhuinntir, agus ré a raibh na
bhfochair uile; cuiridh uáibh na Deé coimhigtheacha atá eadruibh,
agus bígí glan, agus athruighidh bhur néuduighe.


L. Gn35:3


Agus éirgheam agus teanum súas go Betel, agus dodhéna misi altóir
ann do Dhía, noch do fhreagair mé anam mo chrúadhóige, agus dobhí
liom ann gach slighe ar ghabhus.


L. Gn35:4


Agus tugadar do Iácob a raibh do Dhéeibh coimhightheacha ann a
lámhuibh, agus a raibh dfáinnibh na cclúasuibh, agus do fholuigh
Iácob íad faói an daruigh noch dobhí láimh ré Sechem.


L. Gn35:5


Agus do ghluáiseadur, agus dobhí eagla Dé ar na caithreachuibh dobhí
gacha taóbh dhíobh, agus níor leanadar síad clann Iácob.


L. Gn35:6


Marsin tháinic Iácob go Lus, noch atá a ttír Chánaan, eadhon
Bétel, é féin agus a raibh aige uile.


L. Gn35:7


Agus dorinne altóir ann, agus do ghoir El-Bétel don áit, do chionn
gurob ann do thaisbéin Día é féin dó, anuair do theith sé ó lathair
a dhearbhrathar.


L. Gn35:8


Ach fuair Deborah banaltra Rebecah bás, agus do hadhlaiceadh í
taóbh síos do Bhétel faói dharuigh: agus do goireadh Allonbachut
dainm donáitsin.


L. Gn35:9


Agus do thaisbéin Día arís é féin do Iácob anuáir tháinic sé amach
as Pádan-Aram, agus do bheannuigh sé é.


L. Gn35:10


Agus adubhairt Día ris; Iácob as ainm dhuitsi ni goirfighear
feasda Iácob dhíot, ach Israel bhus ainm dhuit: agus do ghoir sé
Israel dainm dhe.


L. Gn35:11


Agus adubhairt Día ris: is misi Día uilechumhachdach, bí síolmhar
agus foirlíon: tiocfuidh cineadh agus morán do chinidheachuibh uáid,
agus tiocfaidh ríghthe amach ód fhordhronnuibh.


L. Gn35:12


Agus an dúthaidh tug misi do Abraham, agus do Isaac, dobhéura mé
dhuitsi í, agus dot shíol ad dhiáigh dobhéura me an dúthaighsin.


L. Gn35:13


Agus dochuáidh Día úadh súas sanáit a raibh ag caint ris.


L. Gn35:14


Agus do thóg Iácob piléir sanáit a raibh ag caint ris, eadhon piléir
cloiche, agus do dhóirt ofrail dighe air, agus do dhóirt ola air.


L. Gn35:15


Agus tug Iácob Bétel dainm aranáit a raibh Día ag caint ris.


L. Gn35:16


Agus do aistrigheadur ó Bhétel: agus ní raibh ach slighe ghearr ag
teachd go Héphrat, agus do ghabh teinnios cloinne Rachel, agus
fuáir sí saóthar docamhlach.


L. Gn35:17


Agus tárla anuair dobhí sí ann a saóthar éigeantach, go ndubhairt an
bhean chuganta ría, ná bíodh eagla ort, biáidh an macsa agad mar an
gcéadna.


L. Gn35:18


Agus tárla anuair dobhí a hanam ag dul aiste (óir fuáir sí bás) gur
goir sí Benoni dainm dhe: ach tug a athair Beniamin dainm air.


L. Gn35:19


Agus fuáir Rachel bás, agus do hadhluiceadh í ar a tslighe a
ngabhthaói go Héphrat, noch re ráidhtios Bétlehem.


L. Gn35:20


Agus do chuir Iácob piléir ar a huáighe: sé sin piléir uaighe
Rachel gus aniugh.


L. Gn35:21


Agus do aistrigh Israel, agus do leathnaigh a phubuil taóbh thall do
thor Edar.


L. Gn35:22


Agus tárla, anuáir dobhí Isaac na chomhnuighe sa duthaighsin, go
ndeachuidh Reuben, agus gur luigh re Bilah leannán athar, agus
dochúaluidh Israel sin. Anois clann Iácob bá dhá fhear dhég iad.


L. Gn35:23


Mic Léah, Reuben céidghin Iácob, Símeon, agus Iúdah agus
Issachar, agus Sebulun.


L. Gn35:24


Mic Rachel, Ióseph, agus Beniamin.


L. Gn35:25


Mic Bhilhah, cumhal Rachel, Dan agus Naphtali.


L. Gn35:26


Agus mic Silpah, cumhal Léah, Gadd agus Assur. As íadso mic
Iácob, noch dorugadh dhó a bPádan-Aram.


L. Gn35:27


Agus táinic Iácob go nuige a athair Isaac go Mamre go cathruigh
Arbah, (eadhon Hébron) áit ar chomhnuidh Abraham agus Isaac.


L. Gn35:28


Agus dobíad láethe Isaac céud agus ceithre fichid blíadhan.


L. Gn35:29


Agus do thiomun Isaac a spiorad suas, agus fúair bás, agus do
cruinnigheadh chum a dhaóine é, ar mbeith foirfe lán daóis dó: agus do
adhlaiceadur a chlann, Esau agus Iácob, é.


L. Gn36:1


Anois as íadso geinealuigh Esau, ré ráidhter Edom.


L. Gn36:2


Tug Esau a mhná dingheanuibh Chánaain, Adah inghean Elon an
Hititech, agus Aholibamah inghean Anah, inghean Sibeon an Hibhiteach.


L. Gn36:3


Agus Basémat, inghean Ismael, deirbhshíur Nebaiot.


L. Gn36:4


Agus rug Adah do Esau Eliphas; agus rug Basémat Rebhel.


L. Gn36:5


Agus rug Aholibamah Iéus, agus Iaalam, agus Córah: s íadso mic
Esau noch rugadh dhó a ttír Chánaain.


L. Gn36:6


Agus do thóg Esau leis a mhná, agus a mhic, agus a ingheana, agus
an uile phearsa dá theaghlach, agus a áirnéis, agus a uile
ainmhintighe, agus a shubstaint uile, noch fúair sé a ttír Chánaain;
agus dochuáidh fan tír, ó aghuidh a dhearbhrathair Iácob.


L. Gn36:7


Oír budh mó a saidhbrios ná mar do fédadur diomchar láimh ré chéile
agus an tír ann a rabhadur na gcoimhighthibh, níor fhéad sí a niomchar le
hiomad a maóine.


L. Gn36:8


Marso do áitrebh Esau a gcnoc Seir: as é Esau Edom.


L. Gn36:9


Agus as íadso geinealuigh Esau athair na Nédomiteach a gcnoc
Seir.


L. Gn36:10


As íadso anmanna mhac Esau: Eliphas mac Adah, bean Esau
Rebhel mac Bhasémat, bean Esau.


L. Gn36:11


Agus dobíad mic Eliphas, Témon, Omar, Sépho agus Gátam, agus
Cénas.


L. Gn36:12


Agus dobhí Timnah na leannán ag Eliphas, mac Esau, agus rug sí
dEliphas Amalech: Dobíadso mic Adah bean Esau.


L. Gn36:13


Agus dobíadso mic Rebhel, Nahat, agus Sérah, Sámach, agus
Misah: dobíadso mic Bhasémat bean Esau


L. Gn36:14


Agus dobíadso mic Aholibamah, inghean Anah, inghean Sibeóin,
bean Esau: agus rug sí do Esau Iéus, agus Iaalam, agus Córah.


L. Gn36:15


Dobíadso duibhcidhe mhac Esau: mic Eliphas cédghin Esau
duibhce Téman, duibhce Omar, duibhce Sepho, duibhce Cénas.


L. Gn36:16


Duibhce Córah, duibhce Gátam, duibhce Amalech; as íadso na
duibhcidhe tháinig ó Eliphas a ttír Edom; dobíadso mic Adah.


L. Gn36:17


Agus as íadso mic Rebhel mhac Esau: Duibhce Nahat, duibhce
Sérah duibhce Sámah, duibhce Missah: asíadso na duibhcidhe
tháinic ó Rábhel a ttír Edom. asíadso mic Bhasémat bean
Esau.


L. Gn36:18


Agus is íadso mic Aholibamah bean Esau; duibhce Ieus, duibhce
Iaalam, duibhce Córah: asíadso na duibhcidhe tháinic ó
Aholibamah inghean Anah bean Esau.


L. Gn36:19


Asíadso mic Esau (noch is Edom) agus asíadso a nduibhcidhe.


L. Gn36:20


Asíadso mic Sheir an Horiteach, noch do áitribh an dúthaidh;
Lótan, agus Sóbal, agus Sibéon, agus Anah.


L. Gn36:21


Agus Díson, agus Eser, agus Dísan: is íadso duibhcidhe na
Horiteach clann Sheir a ttír Edom.


L. Gn36:22


Agus is íadso clann Lótain; Hóri agus Héman: agus deirbhshíur
Lótain Timnah.


L. Gn36:23


Agus dobíadso clann Shobail: Albhan, agus Manahat, agus
Ebal, agus Sépho, agus Onam.


L. Gn36:24


Agus is íadso clann Shibeóin; araón Aiah, agus Anah: s éso
Anah, noch fuáir na muillidhe san bhfásach mar dobhí ag beathughadh asal
Shibeóin a athar


L. Gn36:25


Agus dobíadso clann Anah, Díson, agus Aholibamah inghean
Anah.


L. Gn36:26


Agus dobíadso clann Dhísoin; Hemdan, agus Esban, agus
Itran, agus Chéran.


L. Gn36:27


Agus asíadso clann Eser: Bilhan, agus Saabhan, agus Acan.


L. Gn36:28


Agus asíadso clann Dhísain: Us, agus Aran.


L. Gn36:29


Asíadso na Duibhcidhe (tháinic) do na Horiteachuibh: Duibhce
Lótan, duibhce Sóbal, Duibhce Sibeón, Duibhce Anah,


L. Gn36:30


Duibhce Díson, Duibhce Eser, Duibhce Dísan: is íadso na Duibhcidhe
tháinig ó Hóri a measg a Nduibhcidhe a ttír Sheir.


L. Gn36:31


Agus as íad na Ríghtheso fuáir ríoghachd a ttír Edom: suil dobhí
éinrígh a rioghachd ós cionn chloinne Israel.


L. Gn36:32


Agus Béla mhac Beor dobhí a rioghachd a nÉdom: agus ainm a
chaithreach Dinhabah.


L. Gn36:33


Agus fuáir Béla bás: agus Ióbab mhac Sérah ó Bhosrah fá rígh na
áit.


L. Gn36:34


Agus do éug Ióbab, agus Huram ó thír fa rígh na áit.


L. Gn36:35


Agus do éug Huram, agus Hádad mhac Bédad, noch do bhuáil Mídian
air mhagh Móab, fá rígh na áit: agus dobé ainm a chaithreach
Abhit.


L. Gn36:36


Agus do éug Hádad, agus Samlah ó Mhasrecah fá rígh na áit.


L. Gn36:37


Agus do éug Samlah, agus Saul ó Rehoboth ón abhuinn, fá rígh na
áit.


L. Gn36:38


Agus do éug Saul, agus Baalhanan mhac Achbor fa rígh na áit.


L. Gn36:39


Agus do éug Baalhanan mhac Achbor, agus Hádar fa rígh na áit;
agus dobé ainm a chaithreach Pau; agus dobé ainm a mhná
Mehetabel inghean Mhatred, inghean Mhesahab.


L. Gn36:40


Agus as íadso anmanna na Nduibhcidhe tháinic ó Esau, do réir a
muinntire ar lorg a naithreach ann a nanmannuibh: Duibhce Timnah,
Duibhce Albhah, Duibhce Ietet.


L. Gn36:41


Duibhce Aholibamah, Duibhce Elah, Duibhce Pínon,


L. Gn36:42


Duibhce Cenas, Duibhce Téman, Duibhce Mibsar,


L. Gn36:43


Duibhce Magdiel, duibhce Iram: is íadso Duibhcidhe Edom do réir
a náitreabha, a ndúthaigh a seilbhe; s ésin Esau athair na
Nédomiteach.


L. Gn37:1


Agus dobhí Iácob na chomhnuighe sa tír a raibh a athair na
choimhightheach, a ttír Chanaáin.


L. Gn37:2


Ad íadso geinealuigh Iácob, ar mbeith do Ióseph seachd mblíadhna
déag daóis, dobhí ag inghilt an tréada a bhfochair a
dhearbhráithreach, agus dobhí an tógánach a bhfochair chloinne
Bilhah agus chloinne Silpah, mná a athar: agus tug Ióseph a
ndrochthúarusgbháil chum a athar.


L. Gn37:3


Anois dobannsa le hIsrael Ióseph ná a chlann uile dó chionn
gurab é mac a sheanaóisi é: agus dorinne cóta dhó diomad dathann.


L. Gn37:4


Agus anuáir dochonnacadar a dhearbhráithre gurbhannsa lena n-
athair é ná a dhearbhráithre uile, do fhuáithigheadar é, agus ní
fhédaidís labhairt go síothchánta ris.


L. Gn37:5


Agus dochonnairc Ióseph aisling, agus do innis dá dhearbhráithribh í,
agus bá móide fós a bhfúath air.


L. Gn37:6


Agus adubhairt sé ríu: guidhim sibh éisdigh ris anaislingsi do
taibhseadh dhamh:


L. Gn37:7


Oír féchuidh dobhámar ag ceangal punnann ar an machaire; agus féchuidh do
éirigh mo phunnannsa agus do sheas súas go díreach, agus féuchuidh dobhádur
bhur bpunnannsa na seasamh na timchioll. agus dorinneadar umhla dom
phunnainnsi.


L. Gn37:8


Agus adubhradar a dhearbhráithre ris; an mbía tusa go deimhin a ríghe
ós ar ccionne? nó an mbía go deimhin uachdaranachd agad oruinn? Agus bá
móide fós a bhfuath air, tré na aislingibh agus tré na bhríathruibh.


L. Gn37:9


Agus dochonnairc seision fós aisling eile, agus do innis sé dá
dhearbhraithribh í, agus adubhairt; féchuid dochonnairc mé fós aisling eile,
agus féchuidh dorinne an ghrían agus an ghealach agus an taónréulta déug umhla dhamhsa.


L. Gn37:10


Agus do innis seision dá athair agus dá dhearbhráithribh, agus do imdhearguidh
a athair é, agus adubhairt ris: créd é anaislingse dochonnairc tusa? an
deimhin go ttiucfa misi, agus do mhathair agus do dhearbhráithre dar cclaónadh féin síos duitsi go talamh.


L. Gn37:11


Agus do fhuathuigheadar a dhearbhráithre é, ach do chomharthuigh a
athair an glór.


L. Gn37:12


Agus dochúadar a dhearbhráithre dingheilt tréda a nathar go Sechem.


L. Gn37:13


Agus adubhairt Israel ré Ióseph, nach bhfuilid do dhearbhráithre ag
beathughadh an tréda a Sechem? tárr agus cuirfe mé chugtha thú: Agus
adubhairt seision ris, atáim annso.


L. Gn37:14


Agus adubhairt sé ris, guidhim thú, éirigh féuch an maith atathar ag
ad dhearbhráithribh, agus an maith atathar ag na tréuduibh, agus
tabhair scéula chugam arís; marsin do chuir sé amach é as gleann
Hébron, agus táinig sé go Sechem.


L. Gn37:15


Agus fuáir duine áirighe é, agus féuch dobhí ar seachrán ar an mag;
agus do fhíafruigh an tóglach dhe, ag rádh; cía atá tú iarruidh?


L. Gn37:16


Agus adubhairt seision, atáim ag íarruidh mo dhearbhráithreach,
guidhim thú innis damh cáit a bhfuilid síad ag ingheilt?


L. Gn37:17


Agus adubhairt an tóglach, do imthigheadur asso; óir dochúala mé
íad dhá rádh; dénam do Dóthan. Agus do lean Ióseph a
dhearbhráithre, agus fuáir a nDóthan íad.


L. Gn37:18


Agus anuáir dochonncadar é a bhfad úatha, suil tháinic sé na ngar,
do comhairligheadur a mharbhadh.


L. Gn37:19


Agus adubhradar gach fear ré chéile, féuchuidh atá an
taislingtheachso ag teachd.


L. Gn37:20


Dénam anois ar anadhbharsin agus marbham é, agus teilgeam a bpoll
éigin é; agus adéram gur mharbh drochbheitheach éigin é: agus dochífeam
créud thiucfas dá aislingibh.


L. Gn37:21


Agus dochúaluidh Reuben sin, agus do shaór ó na lámhuibh é, agus
do ráidh, ná marbham é.


L. Gn37:22


Agus do ráidh Reuben ríu, ná dóirtigh fuil; ach teilgidh é annsa
bpoll so atá ar an bhfásach, agus ná cuiridh lámh ann; ionnus go
mbeanfadh sé as a lámhuibh é, dhá thabhairt dá athair arís.


L. Gn37:23


Agus tárla anuáir tháinig Ióseph chum a dhearbhráithreach: gur
bheanadar a chóta dhe, a chóta ioldhathach dobhí uime.


L. Gn37:24


Agus do thógbhadar leó é, agus do theilgeadar a bpoll é: agus dobhí
an poll folamh, agus ní raibh uisge ann.


L. Gn37:25


Agus do shuigheadar síos dithe aráin, agus do thógbhadar súas a súile
agus do amhairceadar, agus féuch dotháinic cuideachda Ismaelitech ó
Ghileadh gun a ccámhulluibh, ag iomchar spíosra, agus balma, agus
mirra ag imtheachd dá bhreith síos doNéigipt.


L. Gn37:26


Agus adubhairt Iúda réna dearbhráithribh, ciodh an tarba má
mharbhamaóid ar ndearbhrathair, agus a fhuil a cheilt?


L. Gn37:27


Dénam, agus racam ris na hIsmaeliteachuibh é, agus ná beanadh ar
lámha leis; óir is é ar ndearbhrathair agus ar bhféoil é: agus do
aóntuighedar a dhearbhráithre sin.


L. Gn37:28


Annsin do ghabhadar Midianuigh ré na ttaóbh, ceannuighe; agus do
thairngeadar agus do thógbhadar súas Ióseph as an bpoll, agus do
reacadur Ióseph ris na hIsmaeliteachuibh ar fhichid píosa airgid,
agus rugadarsin Ióseph don Négipt.


L. Gn37:29


Agus dfill Reuben chum an phuill, agus féuch ní raibh Ióseph san
pholl: agus do stíall sé a éudach.


L. Gn37:30


Agus do fhill sé ar a dhearbhráithribh, agus adubhairt; ní bhfuil an
leanamh ann: agus misi cáit a ngéubha mé?


L. Gn37:31


Agus do ghlacadar cóta Ióseph, agus do mharbhadar meannan do na
gabhruibh, agus do thumadar an cóta annsa bhfuil.


L. Gn37:32


Agus do chuireadar an cóta ioldathach, agus rugadar chum a nathar é,
agus adubhradar, agso mar fuaramairne é; aithin anois an é cóta do mhic
é nó nach é.


L. Gn37:33


Agus do aithin seision é, agus adubhairt, as é cóta mo mhic é, do
mharbh droichbeitheach é, atá Ióseph arna ghearradh na
phíosuibh gan chunntabhairt.


L. Gn37:34


Agus do stíall Iácob a éudach, agus do chuir éudach róinnigh uime,
agus dorinne doilghios fá na mhac mórán do laéthibh.


L. Gn37:35


Agus do éirgeadar a chlann mhac uile, agus a ingheana suas dá
mheisniughadh, ach do dhíult seision meisneach do ghlacadh, agus do ráidh
sé, óir rachuidh mé síos annsanuáigh chum mo mhic ag dénamh
doilghiosa: marso do chaóin a athair é.


L. Gn37:36


Agus do reacadar na Midianuigh é doNéigipt ré Potiphar oifigeach
do mhuinntir Pháraó, agus cáiptín a ghárda.


L. Gn38:1


Agus tárla sanamsin, go ndeachuidh Iúdah síos ó na
dhearbhráithribh, agus gur fhill asteach go Hadullamhteach áirighe
darbhainm Híra.


L. Gn38:2


Agus dochonnairc Iúdah annsin inghean Chanaanitigh áirighe darbh
ainm Suah, agus do gabh sé chuige í, agus do chomhríachduin sé ría.


L. Gn38:3


Agus do toirrceadh í, agus rug sí mac, agus tug sé Er dainm air.


L. Gn38:4


Agus do toirrceadh arís í, agus rug sí mac, agus tug Onan dainm
air.


L. Gn38:5


Agus do toirrceadh fós arís í, agus rug sí mac, agus tug Sélah dainm
air: agus dobhí sé ann Chesib anuáir rug sí é.


L. Gn38:6


Agus tug Iúdah bean do Er a chédghin, darbhainm Támar.


L. Gn38:7


Agus dobhí Er cédghin Iúdah go holc a bhfiaghnuisi an tighearna,
agus do mharbh an tighearna é.


L. Gn38:8


Agus adubhairt Iúdah ré Hónan, bí ag mnaói do dhearbhráthar, agus
pós í, agus déuna sliochd dot dhearbhráthair.


L. Gn38:9


Agus dobhí a fhios ag Onan nach budh leis féin an sliochd: agus
tárla anuáir dochuáidh sé do chomhriachduin ré mnaói a
dhearbhrathar gur dhóirt sé ar an ttalamh, ionnus nach dtiubhradh
sé sliochd dá dhearbhráthair.


L. Gn38:10


Agus do chuir an ní dorinne sé fearg ar a tighearna: uimesin do
mharbh sé Onan mar an ccédna


L. Gn38:11


Annsin adubhairt Iúdah ré Támar, a bhainchlíamhuin; fan ad
bhaintreabhuigh a ttigh hathar nó go bhfásuigh mo mhac Sélah;
(óir adubhairt sé deagla, go tteigeamhadh go bhfuigheadh seision
bás fós mar fuáir a dhearbhráithre) agus do imthigh Támar agus
dorinne chomhnuighe a ttigh a hathar.


L. Gn38:12


Agus a ccion aimsire do éug inghean Suah bean Iúdah, agus do ghlac
Iúda meisneach chuige, agus dochuáidh súas go Timnah mar a raibh
luchd béarrtha a chaórach, é féin agus a chara Hírah an
Tadullamiteach.


L. Gn38:13


Agus do hinnseadh do Thámar, dá rádh; féuch, téid hathair
cleamhna súas go Timnah do bhearradh a chaórach.


L. Gn38:14


Agus do chuir sisi a culuidh baintreabhuigh dhi, agus do fholuigh sí í
féin le folach, agus do fhill í féin anéudach, agus do shuigh anáit
shofhiachsana, láimh ris a tslighe ag dul go Timnah; óir dochonnairc
gur fhás Sélah, agus nár tugadh í féin na mnaói dhó.


L. Gn38:15


Anuáir dochonnairc Iúdah í, do shaóil gur méirdreach dobhí ann,
do chionn gur fholuigh sí a haghaidh.


L. Gn38:16


Agus do fhill sé uirre ar a tslighe, agus adubhairt, guidhim thú
luáithigh ort, léig dhamh a bheith agad; (óir ní raibh a fhios aige gurb í
bean a mhic í) agus adubhairt sisi, créud dobhéura tú dhamh do chionn a
bheith agam?


L. Gn38:17


Agus adubhairt seision, cuirfe mé meannán chugad ó na gabhruibh: agus
adubhairt sisi, an bhfuigfe tú geall agum nó go ccuirigh tú chugam é?


L. Gn38:18


Agus adubhairt seision, créud an geall dobhéura mé dhuit? agus a
dubhairt sisi, do shéula, do bhráisléid, agus do bhata, noch atá ad láimh:
agus tug sé íadsin di, agus dobhí aice, agus do toirrceadh leis í.


L. Gn38:19


Agus do éirigh sisi, agus do imthigh roimpe, agus do chuir a folach
dhi, agus do chuir a héudach baintreabhuigh uimpe.


L. Gn38:20


Agus do chuir Iúdah an meannán chuice lé láimh a charad an
Tadullamiteach, dfagháil a ghill as láimh na mná: ach ní bhfuáir
sé í.


L. Gn38:21


Annsin do fhíafruigh sé do mhuinntir na háitesin, cáit a bhfuil
an mheirdreach dobhí go hoscuilte ré taóbh na sligheadh? agus a
dubhradarsan, ní raibh éinmhéirdreach sanáitsi.


L. Gn38:22


Agus do fhill seision go Iúdah, agus adubhairt, ní fhaghuim í: agus
mar an gcédna adubhradar muinntir na háite, ní raibh éinmhéirdreach
sanáitsi.


L. Gn38:23


Agus adubhairt Iúdah, bíodh aice deagla go bhfuighmís náire: féuch
do chuir mé an meannánso uáim agus ní bhfuáir tú í.


L. Gn38:24


Agus tháinic asteach a ccion thrí míosa na dhiáighsin, gur h
inniseadh do Iúdah ga rádh, dorinne hinghean Támar meirdreachus:
agus féuch fós atá sí torrach ó stríopachus: agus adubhairt Iúdah,
tugthar amach í, agus loiscthear í.


L. Gn38:25


Anuáir tugadh amach í, do chuir sí fios chum a hathar cleamhna dá
rádh, ón té lér leis íadso atáimsi torrach: agus adubhairt sisi,
guidhim thú, meas cía lear leis íadso, an séula, agus na bráisléid agus
an bata.


L. Gn38:26


Agus do admhuigh Iúdah íad, agus adubhairt, dobfhíréunta isi ná
misi, do chionn nach dtug mé dom mhac Sélah í: agus níor bhean
ría arís, níis mó.


L. Gn38:27


Agus tárla anaimsir a tuismidh, féuch go rabhadar días iona broinn.


L. Gn38:28


Agus tárla anaimsir a tuismidh gur chuir aón aca a lámh amach, agus
gur ghlac an bhean chuidighe an lámh, agus gur cheanguil snáithe
sgárlaóide fan láimh, dá rádh; séso tháinic amach ar ttús.


L. Gn38:29


Agus tárla an uáir rug sé a lámh ar a hais: féuch tháinig a
dhearbhrathair amach: agus adubhairt sisi, cionnus do bhris tusa amach?
bíodh an briseadhso ort féin: uimesin tugadh Pháres dainm air.


L. Gn38:30


Agus na dhiáighsin tháinic amach a dhearbhrathair ar a raibh an
snáithe scarlaóide ar a láimh, agus tugadh Zárah dainm air.


L. Gn39:1


Agus rugadh Ióseph síos doNÉgipt, agus Potipher oifigeach do
mhuinntir Pháraó, caiptín a ghárda, Egipteach, do cheannuigh sé é as
lámhuibh na Nismaeliteach, noch tug leó síos annsin é.


L. Gn39:2


Agus dobhí an tighearna maille re Ióseph, agus dobhí na dhuine
shona: agus dobhí sé a ttigh a mhaighistir an Tégipteach.


L. Gn39:3


Agus dochonnairc a mhaighistir go raibh an tighearna maille ris, agus
go ttug an tighearna ar gach ní dá ndearna sé rath do bheith air na
lámhuibh.


L. Gn39:4


Agus fuáir Ióseph grása iona radharc, agus dorinne seirbhís dó: agus
dorinne feithmheóir os cionn a thighe dhe, agus do chuir fá na láimh a
raibh aige.


L. Gn39:5


Agus tárla ónuáir fá ndéarna sé feithmheóir dhe na thigh, agus ós
cionn a raibh aige, gur bheannuigh Día tigh aNégiptigh air son
Ióseph; agus dobhí beannughadh an tighearna air a raibh aige astigh,
agus amuigh.


L. Gn39:6


Agus do fhág sé a raibh aige a láimh Ióseph, agus níor bhfios dó
éinní dá raibh aige féin, achd amháin an tarán do itheadh sé, agus do
bhí Ióseph deaghmhaiseach sgíamhach.


L. Gn39:7


Agus tárla a ndiáigh na neitheannso, gur leag bean a mhaighistir a
súil air Ióseph, agus go ndubhairt sí leis; luigh liomsa.


L. Gn39:8


Ach do dhiúlt seision sin, agus adubhairt re mnaói a mhaighistir;
féuch, ní fearr dom mhaighistir créad atá agamsa sa tigh, agus do chuir
sé a raibh aige fám lámhuibh.


L. Gn39:9


Ní bhfuil duine is mó ná mé iona thigh; agud níor chonnuimh sé einní
uaim, ach thusa, do chionn guir tú a bhean: cionnus fhéduimse marsin an
tolc mórsa, agus an peacadh do dhénamh anaguidh Dé.


L. Gn39:10


Agus tárla ar dobhí sisi lá air lá ag labhairt ré Ióseph, nach ar
éist sé ría do luidhe lé no do bheith aice.


L. Gn39:11


Agus tárla timchioll na huáire sin go ndeachuidh Ióseph don tigh do
dhénamh a sheirbhíse, agus ní raibh aón duine do mhuinntir an tighe
astigh annsin.


L. Gn39:12


Agus dorug sisi ar éudach air, dá rádh; luigh liom: agus do fhág
seision an brat na láimh, agus do theith, agus dochuáidh sé amach.


L. Gn39:13


Agus tárla anuáir dochonnairc sisi gur fhág sé an téadach na láimh,
agus gur theith amach;


L. Gn39:14


Gur ghoir sí ar mhuinntir an tighe, agus do labhair sí ríu, agus do
ráidh; féuchuidh, tug sé Eabhruigheach asteach do mhagadh oruinn: táinic
sé asteach chugamsa do luighe liom, agus do ghoir misi na chomhairc go h-
árd.


L. Gn39:15


Agus táinic dhesin anuáir dochúaluidh sé gur thóg misi mo ghuth ós
áird, agus gur chomhairc mé, gur fhág a bhrath agum agus gur theith, agus
gur imthigh sé amach.


L. Gn39:16


Agus do chuir sí an téadach a ccumhdach láimh ría nó go ttáinig a
tighearna asteach.


L. Gn39:17


Agus do labhair sisi ris do réir na mbríatharso, dá rádh: an
serbhíseach Eabhruigheach noch thuguis chuguinn, tháinig sé asteach
chugamsa do dhénamh maguidh orum.


L. Gn39:18


Agus tárla anuáir do thóg misi mo ghuth go hárd, agus do éigh mé, gur
fhág sé a bhrath agam, agus gur theith sé amach.


L. Gn39:19


Agus táinic assin anuáir dhochúaluidh a mhaighistir bríathra a mhná
noch do labhair sí ris, dá rádh, marso dorinne do sheirbhíseach rium, go
raibh a fhearg ar lasadh.


L. Gn39:20


Agus do ghlac maighistir Ióseph é, agus do chuir a bpríusún é, an
áit a rabhadur príusúnuigh an Rígh ceanguilte; agus dobhí sé annsin a
bpríosún.


L. Gn39:21


Ach dobhí an tighearna re Ióseph, agus do thaisbéin grása dhó, agus
tug fabhar dhó a lathair fhircoimhéud an phríusúin.


L. Gn39:22


Agus tug fearcoimhéd an phriosuin fá láimh Ióseph na príosúnuigh
uile, noch dobhí san phríosún; agus gidhbé ar bith donidís annsin,
dobeision doníodh é.


L. Gn39:23


Ní fhéuchadh fearcoimhéd an phríusúin do ní ar bith dá raibh fá na
láimh: do chionn go raibh an tighearna maille rision; agus gach ní dá
ndéanadh sé go gcuireadh an tighearna rath air.


L. Gn40:1


Agus tárla a ndiáigh na neitheso gur chuir buitléir agus báicéir Rígh
na Hégipte fearg ar a ttighearna Rígh na Héigipte.


L. Gn40:2


Agus do fearguidheadh Pháraó andaghuidh deisi dá oificeachuibh,
anaghuidh an phriomhbhuitléir agus an phríomhbháicéir.


L. Gn40:3


Agus do chuir sé a láimh íad a ttigh Chaiptín an ghárda, don phríosúin,
anáit a raibh Ióseph a láimh.


L. Gn40:4


Agus do chuir Caiptín an ghárda a gcúram ar Ióseph, agus dobhí ag
foghnamh dhóibh, agus dobhádur seal a bpríusún.


L. Gn40:5


Agus dochoncadur araón aisling, gach aón aca aisling féin an
énoidhche, gach neach aca do réir fhriotail a aislinge; buitléir agus
báicéir Rígh na Hégipte, noch dobhí ceanguilte san phríusún.


L. Gn40:6


Agus táinig Ióseph asteach chugtha ar maidin, agus do fhéuch orra,
agus féuch dobhádar go dubhach.


L. Gn40:7


Agus do fhiafruigh sé doificeachuibh Pháraó dobhí na fhochair a
gcoimhéud tighe a thighearna, ag rádh: créad fa bhfuiltísi comhdubhach
sin aniugh.


L. Gn40:8


Agus adubhradursan ris, dochoncamar aislinge, agus ni bhfuil fear a
ccíalluighe aguinn. Agus adubhairt Ióseph riú, nach ré Día bheanas
ciallughadh? guidhim sibh, innisidh dhamhsa íad.


L. Gn40:9


Agus do innis an táirdbhuitléir a aisling do Ióseph, agus adubhairt
ris: ann maislinge, féuch, dobhí fíneamhuin ar maghuidh.


L. Gn40:10


Agus annsa bhfíneamhuin dobhádur trí beangáin, agus (dobhí) amhuil
dobiadh ag scinneadh amach, agus go raibh a bhláth ag teachd amach, agus
go ttugadur a ttríopuill caóra apuighe uatha.


L. Gn40:11


Agus dobhí cupán Pháraó am láimhsi, agus do ghlac mé na grápuighe,
agus dfáisg me a ccupán Pháraó íad, agus tug mé an cupán a láimh
Pháraó.


L. Gn40:12


Agus adubhairt Ióseph ris, aséso a chíallsin: na trí beangáin is
trí lá íadsin.


L. Gn40:13


Gidheadh faói chionn trí lá fós toigeóbhuidh Pháraó do cheann súas,
agus cuirfidh ad áit féin tú, agus dobhéura tú cupán Pháraó na láimh,
do nós an chéd mhodha anuáir dobhí tú ad bhuitléir aige.


L. Gn40:14


Ach cuimhnigh ormsa anuáir beathar go maith agad, agus guidhim thú
taisbéin cineal damh, agus cuimhnigh do Pháraó mé agus beir amach as a
tighsi mé.


L. Gn40:15


Oir as dearbh gurab é mo ghoid as crích na Neabhruidheach dorinneadh, ni
dhearna mé éinní annso mar an gcéadna as a ccuirfidís annsa charcairsi mé.


L. Gn40:16


Anuáir dochonnuirc an tárdbháicéir gur mhaith brí na haislinge,
adubhairt sé ré Ióseph, dobhí misi mar an gceadna am aisling, agus
féach dobhí agam tri cléibhínigh bána ar mo chionn.


L. Gn40:17


Agus annsa chléibhín uachdarach dobhí an uile sórt bídh bhácalta
do Pháraó, agus adúadar anéunlaith íad dom chionn as na cléibhínibh.


L. Gn40:18


Agus do fhreagair Ióseph agus adubhairt: séso a chíallsin: na
trí cléibinigh trí lá íadsin.


L. Gn40:19


Gidheadh faói chionn thrí lá fós toigeóbhuidh Pháraó do cheann
uáitsi, agus crochfuidh sé as crann thú., agus iósuidh anéunlaith
thfeóil díot.


L. Gn40:20


Agus tárla an treas lá, noch ba lá beartha Pháraó, go ndearna sé
féusta dá sheirbhíseachuibh uile, agus gur thóg súas ceann an
árdbhuitleir agus an árdbháicéir a measc a sherbhíseach.


L. Gn40:21


Agus do aisigh sé an tárdbhuitléir chum a bhuitléireachda arís: agus
tug sé an cupán a láimh Pháraó


L. Gn40:22


Ach do chroch sé an tárdbháicéir, mar do innis Ioseph dhóibh.


L. Gn40:23


Gidheadh níor chuimhnigh an tárdbhuitléir air Ióseph, ach do
dhearmuid se é.


L. Gn41:1


Agus tárla a gcionn dá bhliadhan iomlán go bhfaca Pháraó aisling,
agus féuch dobhí sé na sheasamh láimh ris an abhainn.


L. Gn41:2


Agus féuch, tháinig ansíos as an abhuinn seachd mbath sgíamhacha, agus
íad ramhar a bhfeóil, agus dobhádur ag ingheilt ar mhóinfhéar.


L. Gn41:3


Agus féuch, tháinic na ndiáigh as an abhuinn seachd mbath eile, gránda,
agus trúagh a bhfeóil, agus do sheasadur a bhfochair na mbó eile ar brúach
na habhanna.


L. Gn41:4


Agus dúadar na bath gránda feóiltruagha na seachd mbath bréaghdha
reamhra; agus annsin do mhúsguil Pháraó.


L. Gn41:5


Agus do choduil sé, agus dochonnairc sé aisling an dara huáir; agus
féuch, tangadur seachd ndíasa arbha ar énchoinnlín mhéth agus mhaith.


L. Gn41:6


Agus féuch tangadur seachd ndíasa tana caóla, arna ccaóchadh ón
ngaóith ansoir, aníos na ndíaigh.


L. Gn41:7


Agus do shluigeadar na seachd ndíasa tana caóla na seachd ndíasa
ramhra lána, agus do mhúsguil Pháraó, agus féuch dob aisling é.


L. Gn41:8


Agus tárla air maidin go raibh a spiorad buaidheartha; agus do chuir
fios, agus do ghoir ar dhraóithib na Hégipte, uile, agus ar a
daóinibh críonna, agus do innis Pháraó a aisling dhóibh, ach níor
fríth aónduine do inneosadh a ccíall do Pháraó.


L. Gn41:9


Annsin do labhair an tárdbhuitléir ré Pháraó ag rádh, cuimhighim
mo lochda aniugh.


L. Gn41:10


Dobhí Pháraó feargach réna sherbhíseachuibh, agus do chuir sé misi
a bpríosún a ttigh chaiptín an ghárda, mé féin agus an tárdbháicéir.


L. Gn41:11


Agus dochoncamair aisling anéunoidhche amháin, misi agus eision do
taidhbhreadh da gach neach aguinn do réir idirmhinighe a aislinge féin.


L. Gn41:12


Agus dobhí ionar bhfochair annsin óganach Eabhruidheach,
serbhíseach chaiptín an ghárda, agus do innisiomar dhó ar naislingidh,
agus do fhoillsigh cíall ar naislingidh dhúinn, do gach aón aguinn do
réir a aislinge.


L. Gn41:13


Agus tárla, do réir mar do fhoillsigh sé dhúinn gur marsin dobhí:
do fhill Pháraó misi arís chum moifige, agus do chroch sé eision.


L. Gn41:14


Annsin do chuir Pháraó fios, agus do ghoir ar Ioseph, agus
tugadar léo é go deifreach amach as an bpríosún, agus do bhéarr seision
agus táinic asteach go nuige Pháraó.


L. Gn41:15


Agus adubhairt Pháraó re Ioseph, dochonnairc mé aisling, agus ní
bhfuil neach fhédus a heidirmhíniughadh, agus dochúala mé teachd ortsa
go ttuigeann tú aisling chum a heidirmínighe.


L. Gn41:16


Agus do fhreagair Ióseph Pháraó dá rádh, ní hionnamsa atá sin:
dobéura Día do Pháraó freagra shíothchánta.


L. Gn41:17


Agus adubhairt Pháraó re Ióseph: ann maisling féuch, do sheas mé
ar bhruach na habhanna.


L. Gn41:18


Agus féuch, tháinig ansíos as an abhuinn seachd mbath ramhra feólmhara
sgíamhacha, agus dobhádur ag inghilt ar léana.


L. Gn41:19


Agus féuch, tangadur seachd mbath eile amach na ndíaigh, trúagha
ghránda, teircfheólach, a leithéid nach bhfaca mé ríamh ar feadh
chríche na Hégipte ar olcas.


L. Gn41:20


Agus a dúadar na bath trúagha gránna súas na seachd mbath ramhrasin.


L. Gn41:21


Agus anuáir a dúadar súas íad, ní raibh a fhios a nduadar íad, ach do
bhádur gránna do ghnáth mar dobhádar ó thús: annsin do mhúsguil mé.


L. Gn41:22


Agus dochonnairc mé ann maisling, agus féuch tháinic as aónchoinnlín
amháin seachd ndíasa iomlán, agus maithe.


L. Gn41:23


Agus féuch, tháinic súas na ndíaighso seachd ndíasa críona tana, agus
ar na ccaóchadh ón ngaóith ansoir.


L. Gn41:24


Agus do shluigheadur na díasa tana na seachd ndíasa maithe; agus do
innis mé so do na draóithibh, ach ní frith éunduine dfoillseochadh a
mbrígh dhamh.


L. Gn41:25


Agus adubhairt Ióseph re Pháraó; is ionann aisling Pháraó: do
fhoillsigh Día do Pháraó an ní as mían leis do dhéunamh.


L. Gn41:26


Na seachd mbath maithe is seachd mblíadhna iad, agus na seachd ndíasa
maithe, is seachd mbliadhna íad; is ionann a naisling.


L. Gn41:27


Agus na seachd mbath tana gránna tháinic ansíos na ndiáigh, is seachd
mblíadhna íad; agus na seachd ndíasa folmha, buáilte on ngaóith ansoir,
budh seachd mbliadhna gorta íad.


L. Gn41:28


Aséso an ní dubhairt mé re Pháraó: an ní is áil le Día do dhénamh
atá sé agá fhoillsiughadh do Pháraó.


L. Gn41:29


Bíodh a fhios agad go bhfuilid seachd mblíadhna mórthórrthacha ag
teachd ar feadh chríche na Hégipte uile.


L. Gn41:30


Agus éiréochuid na ndiáighsin seachd mbliadhna gorta, agus
dearmadfuighear an fhairsinge uile a gcrích na Hégipte, agus
millfidh an ghorta an talamh.


L. Gn41:31


Agus ní bá fios an líonmhuire sa tír, do bhrígh na gortasin thigh na
dhiáigh; óir biáidh séso rothrom.


L. Gn41:32


Agus do chionn gur dúbluigheadh an aisling do Pháraó fá dhó; is
uimesin gur cinneadh an chúis lé Día, agus dobhéra a ccrích é go goirid.


L. Gn41:33


Anois uimesin, faghadh Pháraó duine discréideach críonna, agus
cuireadh é ós cionn chríche na Hégipte.


L. Gn41:34


Dénadh Pháraó marso, agus orduigheadh sé oifigidh ós cionn na
críche, agus tógbhadh an cúigeadh cuid do chrích na Hégipte, annsna
seachd mblíadhnuibh tóirrteacha.


L. Gn41:35


Agus cruinníghedís uile beatha na mbliadhan maithsin dothiocfas,
agus cuiredís arbhar a dtaisge faói láimh Pháraó, agus cumhduighedís
beatha annsna caithreachaibh.


L. Gn41:36


Agus biáidh an lónnsin na stór ag an talamh anoirchill sheachd
mbliadhan na gorta, noch bhías a ttalamh na Hégipte; ionnus nach
aidhmhillfidh an talamh tríd an ngortasin.


L. Gn41:37


Agus do thaitin an nísin ré Pháraó: agus réna sherbhíseachuibh
uile.


L. Gn41:38


Agus adubhairt Pháraó rena mhuinntir, an féidir dhúinn duine ann a
bhfuil spiorad Dé mar é dfagháil?


L. Gn41:39


Agus adubhairt Pháraó ré Ióseph do chionn gur thaisbéin Día so uile
dhuitsi, ní bhfuil duine is discréidighe agus is críonna ná thú féin.


L. Gn41:40


Biáidh tú os cionn mo thighe, agus is réir do bhréithre bhías
riaglúghadh mo dhaóine uile: ann mo chathaóir ríogha amháin bhías mé níis
mó ná thú.


L. Gn41:41


Agus adubhairt Pháraó ré Ióseph; féuch do chuir mé ós cionn críche
na Hégipte uile thú.


L. Gn41:42


Agus do bhean Pháraó a fháinne dá láimh, agus do chuir sé ar láimh
Ioseph é, agus do chuir sé culaidh shíoda uime, agus do chuir slabhra óir
fa na brághuid.


L. Gn41:43


Agus tug air dul air marcuigheachd san dara carbad dobhí aige: agus do
fhúagradar roimhe, fillidh bhar nglún: agus dorinne sé úasarán dhe ós
cionn críche na Hégipte uile.


L. Gn41:44


Agus adubhairt Pháraó ré Ióseph: is misi Pháraó, agus gan tusa ní
thoigeobhuidh énduine a lámh ná a chos súas a ttalamh na Hégipte
uile.


L. Gn41:45


Agus do ghoir Pháraó mar ainm do Ióseph Saphnat-Phaaneah, agus
tug sé mar mhnaói dhó Asénat inghean Photipherah sagart On: agus
dochuáidh Ióseph amach ar feadh chríche na Hégipte uile.


L. Gn41:46


Agus dobhí Ióseph tríochad blíadhan daóis anuáir do sheas sé a
lathair Pháraó Rígh na Hégipte: agus dochuáidh Ioseph amach as
fiaghnuisi Pháraó, agus dochuáidh ar feadh críche na Hégipte.


L. Gn41:47


Agus annsna seachd mbliadhnuibh tóirrtheacha tug an talamh toradh
úadh na dhornánuibh.


L. Gn41:48


Agus do chruinnigh seision súas beatha na seachd mbliadhan noch do
bhí a ttalamh na Hégipte, agus do chuir an bheatha a ttaisgidh
annsna caithreachuibh, toradh na bhfearann dobhí gach éntaóibh
fágcuairt gach énchaithreach do chuir sé a ttaisgidh innte féin é.


L. Gn41:49


Agus do chruinnigh Ióseph arbhar mar ghainimh na fairge, rómhórán,
nó go ndeacuidh sé ó chomháireamh, óir níorbhféidir a áireamh.


L. Gn41:50


Agus rugadh días mac do Ióseph suil thangadar blíadhna na gorta,
noch rug Asénat inghean Photiphera, sagart On, dó.


L. Gn41:51


Agus tug Ioseph Manasseh dainm ar an ccéidhghin; óir dothug Día
orum, air sé, mo uile shaóthar, agus tigh máthar uile do dhearmad.


L. Gn41:52


Agus tug sé Ephraim dainm ar an dara fear: óir dorinne Día
síolmhar mé a ttalamh mo bhuaidhridh.


L. Gn41:53


Agus do críochnuigheadh na seachd mblíadhna tóirrtheacha dobhí a
ttalamh na Hégipte.


L. Gn41:54


Agus do thosuigheadar seachd mblíaghna na gorta teachd mar adubhairt
Ióseph; agus dobhí an ghorta ann gach uile thír; ach dobhí arán a
ttalamh na Hégipte uile.


L. Gn41:55


Agus anuáir dobhí gorta a gcrích na Hégipte do éighmheadar na
daóine ar Pháraó díarruigh aráin air: agus adubhairt Pháraó ris na H-
égiptibh uile: imthighidh dionnsuighe Ióseph, dénuidh an ní adéra
sé ribh.


L. Gn41:56


Agus dobhí an gorta ar aghuidh na talmhan uile, agus do oscuil
Ióseph tighthe an stórúis uile, agus do reac ris na Hégiptibh: agus do
fhás an ghorta go trom a gcrích na Hégipte.


L. Gn41:57


Agus táinig an uile thír go Ióseph don Egipt do cheannach arbha,
do chionn go raibh an ghorta chomhthromsin ann gach entír.


L. Gn42:1


An uáir dochonnairc Iácob go raibh arbhar sa Négipt, adubhairt
Iácob ré na chloinn: créud fa bhfuiltí ag féchuin ar a chéile.


L. Gn42:2


Agus adubhairt seision, féuch dochúala mé go bhfuil arbhar sa
Négipt: éirgidh síos annsin, agus ceannchaidh dhúinn assin ionnus
go mairfeam, agus nach bhfuigheam bás.


L. Gn42:3


Agus dochuadar deithneamhar dearbhráthar Ióseph síos doNégipt do
cheannach arbha.


L. Gn42:4


Ach níor chuir Iácob Beniamin, dearbhrathair Ióseph, le na
dearbhráithribh; óir adubhairt sé, ar eagla go nimeochadh tubuiste air.


L. Gn42:5


Agus tangadar mic Israel do cheannach arbha a measc na ndaóine
tháinic: óir dobhí an ghorta a ttír Chánaain.


L. Gn42:6


Agus dobé Ióseph dob uachdarán ós cionn na tire uile, agus is eision
do reacadh ré daóinibh na tíre uile: agus tangadar dearbhráithre Ióseph,
agus do umhluigheadur íad féin dá lathair le na naighthibh go talamh.


L. Gn42:7


Agus dochonnairc Ióseph a dhearbhráithre, agus do aithin íad, ach do
chonnaimh é féin úatha, agus do labhair go garbh ríu: agus adubhairt
ríu, cáit as a ttangabhairsi? Agus adubhradarsan as tír Chánaain,
do cheannach bídh.


L. Gn42:8


Agus do aithin Ióseph a dhearbhráithre, agus níor aithnigheadursan
eision.


L. Gn42:9


Agus do chuimhnigh Ióseph air an aisling dochonnairc sé na
ttimchiollsan, agus do ráidh ríu, is luchd bratha sibh, tangabhair d
féchuin édaingneach na tíre.


L. Gn42:10


Agus adubhradursan ris, ní headh a thighearna, ach do cheannach
bídh tangadar do sherbhísigh.


L. Gn42:11


Is clann énathar sinn uile: is daóine fírinneacha sinn, ní luchd
bratha do sherbhísigh.


L. Gn42:12


Agus adubhairt seision ríu, ní headh ach is dféachuin édaingneach
na tíre thángabhair.


L. Gn42:13


Agus adubhradarsan, atáid do sherbhísigh dá fhear dhéag do
dhearbhráithribh, mic énduine amháin a ttír Chánaain; agus féuch, atá
an mac as óige a bhfochair ar nathar, agus aón mhac nach bhfuil.


L. Gn42:14


Agus adubhairt Ióseph ríu, sésin an ní do labhair mé ribh, dá
rádh, is luchd bratha sibh.


L. Gn42:15


Is marso dearbhochar sibh: dar anum Pháraó, ni reachthaói amach
asso, muna ttí bhur ndearbhrathair as óige annso.


L. Gn42:16


Cuiridh duine aguibh ar siubhal, agus tugadh sé bhur ndearbhrathair
leis, agus coinneochthar sibhsi a bpríosún nó go ndearbhthar bhur
mbríathar, an bhfuil fírinne ionnuibh: nó dar anum Pháraó, go
dearbhtha is luchd bratha sibh.


L. Gn42:17


Agus do chuir sé íad uile a bpríosún go ceann thrí lá.


L. Gn42:18


Agus adubhairt Ióseph ríu an treas lá, dénuigh marso, agus
mairidh: óir atá eagla Dé orum.


L. Gn42:19


Mas daóine fírinneacha sibh, fágbhuidh aón da bhur ndearbhráithribh a
ttigh bhur bpríosún: imthighidhse, beiridh arbhar libh ar son gorta bhur
ttighthe.


L. Gn42:20


Ach tuguidh bhur ndearbhrathair as óige chugamsa, marsin
fhíorfuighear bhur mbríathra, agus ní bhfuighthí bás: agus dorinneadar
amhluidhsin.


L. Gn42:21


Agus adubhradur eatorra féin, atámaóid go deimhin cionntach a ttaóbh
ar ndearbhrathar, do bhrígh go bhfacamar doilghios a anma anuáir do
ghuidh sé sinn, agus nar éisdeamar ris; is uimesin tháinig an mhairgse
oruinn.


L. Gn42:22


Agus do fhreagair Reuben íad, dá rádh, nach ar labhair misi ribh,
dá rádh, ná peacuighidh anaghaidh an leinimh, agus níor éisdeabhair
ríum? ar an adhbharsin féuchuidh mar an ccéadna, atá a fhuil dá leanmhuin
oruibh.


L. Gn42:23


Agus ní raibh a fhios aca gur thuigh Ióseph íad; óir is lé fear
edirmhínighthe do labhair sé ríu.


L. Gn42:24


Agus do iompoigh a chúl ríu, agus do ghuil sé; agus do fhill ora
arís, agus dobhí ag comhrádh ríu, agus rug sé Símeon úatha, agus do
cheanguil as coinne a súl.


L. Gn42:25


Annsin do aithin Ióseph a saic do líonadh, agus cuid airgid gach
nduine aca do chur na shac féin, agus lónn do thabhairt dóibh chum na
sligheadh; agus is marso dorinne sé ríu.


L. Gn42:26


Agus do ualuigheadar a asail leis an arbhar, agus do imthigheadur as
sin.


L. Gn42:27


Agus anuáir do oscuil fear aca a shac do thabhairt próantair dá asal
sa tigh ósda, dochonnairc sé a chuid airgid: óir féuch dobhí sé a mbéul
a tsaic.


L. Gn42:28


Agus adubhairt sé rena dhearbhraithribh, do haisigeadh mo chuid
airgid; agus féuch atá sé ann mo shach: agus do laguidh sin a ccroidthe,
agus dobhí eagla orra, dá rádh eaturra féin, créad an nísi dorinne Día
rinn.


L. Gn42:29


Agus tangadur go Iácob a nathair go tír Chánaain, agus do
inniseadur dó gach ní dá ttárla dhóibh, dá rádh.


L. Gn42:30


An té is tighearna ar an tír, do labhair sé go garbh rinn, agus do
ghlac sinn mar luchd bratha ar an dtír.


L. Gn42:31


Agus adubhramairne ris: is daóine fírinneacha sinn, ní luchd bratha
sinn.


L. Gn42:32


Ataóimid dá fhear dhéag do dhearbhráithribh mic ar nathar, atá aón
mhac nach bhfuil, agus atá an mac is óige san ló aniugh a
bhfochair ar nathar a ttír Chánaain.


L. Gn42:33


Agus an tóglach, tighearna na tíre, adubhairt sé rinn, as marso
aitheónus mé gur daóine fírinneacha sibh: fágbhuidh aón dá bhur
ndearbhráithribh agamsa annso, agus beiridh beatha libh ar son gorta
bhur tteaghlach, agus bithí ag imtheachd.


L. Gn42:34


Agus tugaidh bhur ndearbhráthair is óige chugamsa: annsin aitheónus mé nach
luchd bratha sibh, ach gur daóine fírinneacha sibh: marsin dobhéura mé bhur
ndearbhráthair dhíbh, agus dogheabhthaói ceannuigheachd sa tír.


L. Gn42:35


Agus tárla anuáir do fholmhuigheadur a saic, go raibh ceanglachán
airgid gach énduine ann a shac féin: agus anuáir dochonacadar féin,
agus a nathair na ceanglacháin airgid, dobhí eagla orra.


L. Gn42:36


Agus adubhairt Iácob a nathair ríu, do bheanabhair mo chlann díom,
ní bhfuil Símeon, agus béurthaói Beniamin uáim: atáid na neithe
si uile amaghuidh.


L. Gn42:37


Agus adubhairt Reuben réna athair da rádh, marbh mo dhías macsa,
muna ttuga mé chugad é: tabhair am láimhsi é, agus dobhéura mé chugad
arís é.


L. Gn42:38


Agus adubhairt seision, ní racha mo mhacsa libh síos: óir déug a
dhearbhráthair, agus do fágbhadh eision na aónar; má bheanann tubuisde
dhó sa tslighe ann a rachthaóisi, annsin béurthaói mo ghrúag líathsa
maille le dóbrón chum na huáighe.


L. Gn43:1


Agus dobhí an gorta go romhór sa tír.


L. Gn43:2


Agus tárla anuáir adúadar an tarbhar, noch tugadar as an Hégipt,
go ndubhairt a n athair ríu, éirghidh ceannchuid dhúinn beagán bídh.


L. Gn43:3


Agus do labhair Iúdah ris, ag rádh, do dhearbh an tóglach dhúinn,
ag rádh, ní fhaicfidhe mo ghnúis muna ttucthaói bhur
ndearbhrathair libh.


L. Gn43:4


Má chuirionn tusa ar ndearbhrathair linn racham síos agus ceinneacham
beatha dhuit.


L. Gn43:5


Achd muna ccuire tú linn é, ní racham síos: óir adubhairt an tóglach
rinn, ní fhaicfidhe mo ghnúis, muna raibh bhur ndearbhrathair libh.


L. Gn43:6


Agus adubhairt Israel, créd as a ndearnabhar an tolcso oram, gur
inniseabhair donóglach go raibh dearbhráthair eile aguibh?


L. Gn43:7


Agus adubhradarsan, do fhíafruigh an tóglach go crúádhógach dhínn,
ar staid, agus ar gcinéul, ag rádh an bhfuil bhur nathair beó fós?
an bhfuil dearbhrathair eile aguibh? agus do innisimairne dhó réir
bríghe na mbríatharsa: narbhféidir dhúinn a dheairbhfios do
bheith aguinn, go naibéoradh sé, tughaidh bhur ndearbhrathair libh.


L. Gn43:8


Agus adubhairt Iúdah re hIsrael, a athair, cuir an leanamh
liomsa, agus éireócham, ionnus go mbíam beó, agus nach égfam, sinn
féin, agus tusa, agus ar naós óg.


L. Gn43:9


Biaidh misi anurrudhas duit air; as mo láimhsi íarrfas tú é; muna
ttuga mé chugad, agus a chur as do choinne, annsin bíodh aithbhear go
bráth orum.


L. Gn43:10


Óir muna ndearnamaóis faddáil, is dearbh go mbemís anois air ar nais an
dara huáir.


L. Gn43:11


Agus adubhairt Israel a nathair ríu, más éigion a bheith marsin
anois; dénuigh so; beirigh libh na tórrtha is férr sa tír ann bhur
soithighibh, agus beiridh síos chum anóglaóich tiodhlachadh, beagán
balma, agus beagán meala, spíosra, agus miorr, cnó agus almoinne.


L. Gn43:12


Agus beiridh airgead dúbalta an bhur láimh, agus an tairgead tugabhair libh
arís ambéuluibh bhur sac beiridh libh arís ann bhur láimh é; dobéidir gur
mainneachdna é.


L. Gn43:13


Beiridh libh mar an gcédna bhur ndearbhráthair: éirgidh, agus
imthighidh arís gus anóglach.


L. Gn43:14


Agus Día uilechumhachdach do thabhairt grás díbh a lathair an
óglaóich, ionnus go ccuirfidh sé libh bhur ndearbhráthair eile, agus
Beniamin: má chaillimsi mo chlann, do chaill mé mé féin.


L. Gn43:15


Agus do ghlacadur na fir na tiodhlaicthe, agus do ghlacadar airgead
dúbhalta na láimh, agus Beniamin; agus do éirgeadur súas, agus
dochúadar síos don Hégipt, agus tangadur a lathair Ióseph.


L. Gn43:16


Agus anuáir dochonnairc Ióseph Beniamin aca, adubhairt sé re
feadhmannach a thighe, tabhair íadso dom thigh, agus marbh agus
ullmuigh feóil; óir is agamsa íosaid so san meadhon laói aniugh.


L. Gn43:17


Agus dorinne an tóglach mar adubhairt Ióseph ris: agus tug an
tóglach na daóine asteach go tigh Ióseph.


L. Gn43:18


Agus dobhí eagla ar na daóine do chionn mar tugadh asteach go tigh
Ióseph íad: agus adubhradur, is ar son an airgid do filleadh ann ar
sacuibh an chéad uáir, tugadh asteach sinn, go madh féidir ris cúis d
íarruigh ar naghuidh, agus luidhe oruinn, agus ar nglacadh mar
dhaóinibh daóra agus ar nassail.


L. Gn43:19


Agus tangadur a bhfogus do fheadhannach tighe Ióseph, agus do
labhradur ris ag dorus an tighe.


L. Gn43:20


Agus dubhradur ris, ó a chara thangamar ansúas go deimhin an chéd
uáir, do cheannach bídh.


L. Gn43:21


Agus tárla dhúinn anuáir thangamar don tigh ósta, gur osglamar ar
saic, agus féuch go raibh airgead gach aónduine aguinn a mbéul a shaic,
ar nairgead a ccomhthrom iomlán: agus tugamar linn arís é n ar láimh.


L. Gn43:22


Agus tugamar airgead eile linn n ar láimh do cheannach bídh: ní fearr
dúinn cía chuir ar nairgead ann ar sacuibh.


L. Gn43:23


Agus adubhairt seision, siothcháin maille ribh: ná bíodh eagla
oruibh; bhur nDía, agus Día bhur nathar thug ionnmhus díbh ann bhur
sacuibh; dobhí bhur nionnmhus agamsa: Agus tug sé Símeoin amach
chugtha


L. Gn43:24


Agus tug an tóglach na daóine asteach go tigh Ióseph, agus tug
uisge dhóibh, agus do nígheadur a ccossa, agus tug bíadh da nassaluibh


L. Gn43:25


Agus dorinneadur na tiodhlaicthe réidh a ccoinne Ióseph do theachd
san mheadhon laói: óir dochúaladur go níosaidís arán annsin.


L. Gn43:26


Agus anuair tháinig Ióseph dhá thigh tugadur chuige na
tiodhlaicthe dobhí ann a láimh don tigh, agus do chlaónadur íad féin go
talamh dhó.


L. Gn43:27


Agus do fhíafruigh sé dhíobh an rabhas go maith aca, agus adubhairt
sé, an bhfuil bhur nathair go maith? an seanduine air ar labhrabhair,
an bhfuil sé beó fós.


L. Gn43:28


Agus do fhreagradarsan, atá do sherbhíseach ar n athairne a sláinte
mhaith, atá sé beó fós: agus do chromadar síos a ccinn, agus dorinneadur
umhla.


L. Gn43:29


Agus do thóg seision a shúile agus dochonnairc a dhearbhrathair
Beniamin mac a mhathar, agus adubhairt, an éso bhur ndearbhrathair as
óige air ar labhrabhair rium? agus adubhairt sé, go raibh Día grásamhuil
duit a mhic.


L. Gn43:30


Agus dorinne Ióseph deithneas, óir dobhí a chroidhe ag lúth re na
dhearbhrathair; agus do íarr áit a ngiulfiodh, agus dochuáidh asteach dá
sheomra, agus do ghuil annsin


L. Gn43:31


Agus do ionnuil a aghuidh, agus dochúaidh amach, agus do chonnuimh
air féin, agus adubhairt, cuir arán annso.


L. Gn43:32


Agus do chuireadar ní rompa, dhósan leis féin, agus dóibhsion leó
féin, agus do na Hégiptibh aduáigh na fhochair, leó féin, do chionn nar
bhféidir do na Hégiptibh arán dithe leis na Heabhruighibh; óir is
morghráin sin ag na Hégiptibh.


L. Gn43:33


Agus do shuigheadur as a choinne an tí fá sine do réir a
cheirt-beirte, agus an té dobóige do réir a ógántachd, agus dobhí
iongnadh ag na daóinibh ann a chéile.


L. Gn43:34


Agus do ghlac seision, agus do chuir míasa bídh chuca óna bhord féin:
gidheadh fá mó oircheasachd Bheniamin chúig uáire ná cuid aónduine
acasan: agus do ibheadar, agus dobhádur subhach aige.


L. Gn44:1


Agus do aithin sé a thighe, ag rádh, líon saic na muinntiresin d
arbhar, oireadh is fhéadfuidh do bhreith leó, agus cuir airgead gach
énduine aca a mbéul a shaic féin.


L. Gn44:2


Agus cuir mo chupánsa, an cupán airgid a mbéul shaic an tí as óige,
agus airgead a arbha: agus dorinne sé do réir an focail adubhairt
Ióseph ris.


L. Gn44:3


Agus comhlúath as déirghe an lá, do cuireadh na daóine ar siubhal,
íad féin agus a n assail.


L. Gn44:4


Agus anuáir dochuadar amach as an gcathruigh, agus nach deachadur a
bhfad fós, adubhairt Ióseph rena fheadhmantach, éirigh súas, lean a
ndíaigh na muinntire úd, agus anuáir bhéurus tú orra, abair ríu, cread fá
ndearnabhair olc anaghuidh maitheasa.


L. Gn44:5


Nach éso an cupán as a nibhionn mo thighearna deoch, agus go deimhin
lé ndénann sé tairrgire: is olc dorinneabhair sin a dhénamh.


L. Gn44:6


Agus dorug sé orra, agus do labhair sé ríu na bríathra céadna.


L. Gn44:7


Agus adubhradur san ris, cread fá nabair mo thighearna na
briathrasa? nar léigidh Día go ndéindís do sherbhísigh do réir an
neithesi.


L. Gn44:8


Féuch an tairgead fúaramar a mbéuluibh ar sac, tugamar chugadsa
ansuas arís as tír Chánaain é: cionnus marsin do ghoidfemís as tigh do
thighearnasa ór nó airgead?


L. Gn44:9


Gidhbé ar bith dod sherbhíseachuibh agá bhfuighthear é, cuirthear
eision chum báis, agus bímidne mar an gcéadna ar sclábhuidhibh ag mo
thighearna.


L. Gn44:10


Agus adubhairt seision, anois uimesin bíodh sé réir do
bhríatharsa: gidhbé gá bhfuighthear é, biaidh na sherbhíseach agamsa,
agus beithíse neimhchiontach.


L. Gn44:11


Annsin do leagadur ansúas gach énfhear aca a shac féin. go luath go
talamh, agus do oscuil gach énduine a shac.


L. Gn44:12


Agus do spíon seision, agus do thosuigh ris an tí fá sine, agus do
chríochnuigh ag an tí dobóige, agus dofríth an cupán a sac
Bheniamin.


L. Gn44:13


Annsin do reabadur a nédach, agus do chuir gach énduine a shac
súas ar a asal, agus do fhilleadur don chathruigh.


L. Gn44:14


Agus táinig Iúdah, agus a dhearbhráithre chum Ióseph (óir dobhí sé
annsin fós) agus do léigeadur iad féin ar a talamh na fhiadhnuisi.


L. Gn44:15


Agus adubhairt Ióseph ríu, cread an gníomhso dorinneabhair? nach
bhfuil a fhios aguibh go bhfédann duine mar misi fáidheadoireachd do
dhénamh.


L. Gn44:16


Agus adubhairt Iúdah, créad adéram ream thighearna? créad
láibheóram? nó cionnus ghlanfam sinn féin? do fhoillsigh Día écceart do
sherbhíseach: féuch, is serbhíseach dhar thighearna sinne araón, agus an
té ag ar frích an cupán.


L. Gn44:17


Agus adubhairt sesion, nár léige Día go ndénuinnsi sin; achd an té
ar fríth an cupán na láimh biáidh sé na sheirbhíseach agam; agus ar bhur
sonsa éirgidh romhuibh súas go síothchánta a cceann bhur nathar.


L. Gn44:18


Annsin táinic Iúdah a bhfogus dósan, agus adubhairt sé, oh a
thighearna, guidhim thú léig dot sherbhíseachuibh focal do labhairt an
éisdeachd mo thighearna, agus ná lasadh thfearg an aghuidh do
sherbhísigh: óir is ionann tú agus Pháraó.


L. Gn44:19


Do fhíafruigh mo thighearna dá serbhíseachuibh, ag rádh, an bhfuil
athair nó dearbhrathair aguibh?


L. Gn44:20


Agus adubhramairne rem thighearna, atá athair aguinn, seanduine
agus leanamh rugadh dhó na aóis fhoirfe, leanamh beag: agus fuair a
dhearbhrathair bás, agus do fágbadh é féin na aónar óna mhathair, agus
atá grádh agá athair air.


L. Gn44:21


Agus adubhairt tusa réd sherbhíseachaibh, tugaidh chugamsa ansúas é,
ar chor go bhfaicfidh mé é dom shúilibh.


L. Gn44:22


Agus adubhramairne rem thighearna ní fhédann an leanamh a athair d
fágbháil, óir dá bhfágadh sé a athair dogheabha athair bás.


L. Gn44:23


Agus adubhairt tusa réd sherbhíseachaibh, muna ttí bhur
ndearbhrathair bhus óige libh ansuas, ní fhaicfidhe mo ghnúis níos mó.


L. Gn44:24


Agus tárla anuáir dochúamairne súas a gcionn ar nathar, do
sherbhíseach, gur inniseamar bríathra mo thighearna dhó.


L. Gn44:25


Agus adubhairt ar nathair, éirgidh arís, agus ceannchuigh dhúinn
beagán lóinn.


L. Gn44:26


Agus adubhramairne, ní fhédmaóidne dul síos: má thigh ar
ndearbhrathair is óige linn. annsin rachum síos: óir ní fheadmaóid
aghuidh anóglaóich dfaicsin, muna raibh ar ndearbhrathair is óige linn.


L. Gn44:27


Agus adubhairt do sherbhíseach, máthair, rinn; atá a fhios aguibh go
rug mo bhean días mhac dhamh.


L. Gn44:28


Agus dochuáidh duine aca amach uáim, agus adubhairt mé, is deimhin go
ndérnadh greamanna dhe; agus ní fhaca mé ó shin é.


L. Gn44:29


Agus má bhearthaói so uáim, agus go nimeochuidh tubaisde air, dobearthaói mo
ghrúag líath maille ré doilghios síos chum na huaighe.


L. Gn44:30


Anois uimesin anuáir thiocgas misi mar a bhfuil do sherbhíseach m
áthair, agus nach bía an leanamh linn, ó atá a anamsan ceangailte an
anam an leinimh:


L. Gn44:31


Tiocfaidh assin anuáir dochífe sé nach biáidh an leanamh linn go
bhfuighe sé bás: agus dobhéuruidh do sherbhísigh grúag líath ar nathar
maille ré doilghios síos chum na huáighe.


L. Gn44:32


Óir dochuaidh do sherbhíseach anurrudhas air an leanamh dom
athair, ag rádh, muna ttugadh mé chugad é, biáidh aithbhear go bráth ag
máthair orumsa.


L. Gn44:33


Annois ar an adhbharsin, guidhim thú, chonnuimh do serbhíseach an
áit an leinimh na sclábuidhe ag mo thighearna, agus léigthear don leanamh
dul súas lena dhearbhráithribh.


L. Gn44:34


Óir cionnus rachus misi súas go nuige máthair, agus gan an leanamh
liom? deagla go tteigeómhadh go bhfaicfinn an dochar dothiocfadh ar m
áthair.


L. Gn45:1


Annsin níor fhéad Ióseph é féin do chongmháil a lathair ar sheas na
fhochair: agus do éigh sé ag rádh, cuiridh gach énduine amach uáim, agus
níor fhan énduine na fhochair, an feadh dobhí Ióseph ag léigean a
aithne chum a dhearbhraithreach.


L. Gn45:2


Agus do ghuil sé ós áird, agus dochúaladar na Hégiptigh, agus tigh
Pháraó é.


L. Gn45:3


Agus adubhairt Ióseph ré na dhearbhráithribh; as misi Ióseph,
an bhfuil máthair beó fós? agus níor fhédadur a dhearbhráithre
freagra do thabhairt air, óir dobhí buaidhreadh orra tré bheith na
lathair.


L. Gn45:4


Agus adubhairt Ióseph rena dhearbhráithribh, druidigh riom, iarruim
mar athuinghidh oruibh; agus do dhruideadar leis, agus adubhairt
seision, is misi Ióseph bhur ndearbrathair, noch do reacabhair doN
égipt.


L. Gn45:5


Annois uimesin ná bíodh doilghios oruibh nó fearg aguibh ribh féin
fa misi do reic annso: óir is é Día do chuir misi romhuibh do
chumhdach bhur mbeatha.


L. Gn45:6


Oír as dá bhlíadhuin atá an ghorta sa tír, agus atáid fós chúig
bhlíadhna gan teachd, ann nach bía treabhadh ná fóghmhar.


L. Gn45:7


Agus do chuir Día misi romhuibhsi do choimhéud shleachda dhíbh san
talamh, agus do choimhéud bhur mbeatha re tárrtháil mhóir.


L. Gn45:8


Marsin anois nach sibhsi do chuir uaibh mé, ach Día, agus dorinne sé
athair dhíomsa do Pháraó, agus tighearna ós cionn a thighe uile, agus
uachdarán ar feadh chríche na Hégipte uile.


L. Gn45:9


Déanuidhsi deithneas, agus éirgidh suas chum máthar, agus abruidh
ris; is marso adeir do mhac Ióseph; dorinne Día tighearna dhíom
sa ós cionn na Hégipte uile, tárr anúas chugamsa, na déna maill.


L. Gn45:10


Agus áitreochuidh tú a bhfearann Gosen, agus biáidh tú láimh riomsa,
tú féin agus do chlann, agus clann do chloinne, agus do thréda agus
healbhadha, agus gach uile ní bhus leachd.


L. Gn45:11


Agus oilfe mé thú annsin (óir atá fós chúig bhlíadhna gorta ann) d
eagla go ttincfá féin agus do mhuinntir agus an uile ní bheanas riot chum
bochduine.


L. Gn45:12


Agus féchuidh dochíd bhur súile, agus súile mo dhearbhrathar
Beniamín, gurob é mo bhéul atá ag labhairt ribh.


L. Gn45:13


Agus inneostaói dom athair méid mo ghlóire saNégipt, agus gach
einní dá bhfacabhair: agus dénuidh deithbhir, agus tugaidh máthair
anúas annso.


L. Gn45:14


Agus do luidh sé ar mhuinéul a dhearbhrathar Beniamin, agus do
ghuil sé, agus do ghuil Beniamin ar a mhuinéulsan.


L. Gn45:15


Os a cionnsin fós do phóg sé a dhearbhráithre uile, agus do ghuil
arra: agus na dhiáighsin do chomhráidheadar a dhearbhráithre ris.


L. Gn45:16


Agus do chlos a thuaruscbhail sin a ttigh Pháraó, ag rádh, tangadar
dearbhráithre Ióseph: agus do thaithin sin go mór ré Pháraó, agus
ré na sherbhíseachuibh.


L. Gn45:17


Agus adubhairt Pháraó re Ióseph, abuir réd dhearbhráithribh
dénuidh so: úaluighe bhur nainmhintighe, agus imthighidh suas go tír
Chánaain.


L. Gn45:18


Agus tuguidh libh bhur nathair, agus bhur muinntir, agus tigidh
chugamsa: agus dobhéura mé dhíbh maitheas chríche na Hégipte, agus do
gheabhthaói ré ithe do mhéthas na tíre.


L. Gn45:19


Annois fuáir tú fúagra, dénuidh marso: beiridh libh carbuid as
crích na Hégipte ar ceann bhur naós óg, agus ar ceann bhur mban, agus
tugaidh bhur nathair libh, agus tigidh;


L. Gn45:20


Mar an gceadna ná cuiridh suim an bhur náirnéis tighe, óir maitheas
chríche na Hégipte uile is libhsi é.


L. Gn45:21


Agus dorinneadur clann Israel marsin, agus tug Ióseph carbuid
dhóibh do réir aithne Pháraó, agus tug lónn dóibh chum na sligheadh.


L. Gn45:22


Dá gach aón aca fa leith tug sé aithearrach culadh: ach do
Bheniamin tug sé trí chéad píosa airgid, agus cúig culuidheacha
éaduigh.


L. Gn45:23


Agus do chuir sé chum a athar ar an modhso; deich nassail ag iomchur
neitheann maith na Hégipte, agus deich nassail bhainniona ag
iomchur arba, agus aráin agus bídh dá athair chum na sligheadh.


L. Gn45:24


Marsin do chuir sé a dhearbhráithre ar siubhal, agus do imthigheadur
agus adubhairt sé ríu, coimhéduigh nach brisfe sibh amach ré chéile ar a
tslighe.


L. Gn45:25


Agus dochúadur súas as a NÉgipt, agus tangadur go tír Chánain go
Iácob a nathair.


L. Gn45:26


Agus do inniseadur dhó ag rádh, atá Ióseph beó fós, agus is é is
uachdarán ós cionn chríche na Hégipte uile. Agus do lagadh croidhe
Iácob: óir níor chreid sé íad.


L. Gn45:27


Agus do inniseadur dó bríathra Ióseph uile noch do labhair sé ríu:
agus anuáir dochonnairc sé na carbuid do chuir Ióseph dá iomchar,
do aithbeoghuidh spiorad Iácob a nathar.


L. Gn45:28


Agus adubhairt Israel; is lór sin, atá mo mhac Ióseph beó fós,
rachuidh mé, agus dochífe mé é suil éugfad.


L. Gn46:1


Agus do ghluáis Israel maille ris an uile ní dá raibh aige, agus
táinic go Beerséba, agus dorinne iodhbuirt do Dhia a athar Isaac.


L. Gn46:2


Agus do labhair Día re Hisrael a ttaibhse na hoidhche, agus do
ráidh, a Iácob, a Iácob: agus adubhairt seision, atáim annso.


L. Gn46:3


Agus adubhairt sé, as misi Día, Día hathar: ná bíodh eagla ort dul
síos doNégipt: óir dodhéana misi annsin díot cineadh mór.


L. Gn46:4


Racha mé leachd síos doNégipt, agus dobhéura mé go deimhin mar an
gcéadna ansíos arís thú: agus cuirfidh Ióseph a lámh ar do
shúilibh.


L. Gn46:5


Agus do éirigh Iácob súas ó Bheerséba, agus do iomchradar mic
Israel a nathair Iácob, agus an aós óg, agus a mná, annsna
carbuduibh chuir Pháraó dhá iomchur.


L. Gn46:6


Agus rugadur leó a náirnéis, agus a maitheas, noch fuaradur a ttír
Chánaain, agus tangadur doNégipt Iácob agus a shliochd uile
leis.


L. Gn46:7


A mhic, agus mic a mhac maille ris, agus a ingheana, agus ingheana a
mhac, agus a shliochd uile tug sé leis doNégipt íad.


L. Gn46:8


Agus as íadso anmanna chloinne Israel, noch dotháinic do Négipt,
Iácob agus a mhic: Reuben cédghin Iácob.


L. Gn46:9


Agus mic Reuben, Hanoch, agus Phallu, agus Hesron, agus Carmi.


L. Gn46:10


Agus mic Shímeoin, Iemuel, agus Iamin, agus Ohad, agus
Iachim, agus Sohar, agus Saul mac mná Cananítigh.


L. Gn46:11


Agus mic Lébhi, Gerson, agus Cohat, agus Merári.


L. Gn46:12


Agus mic Iúdah, Er, agus Onan, agus Selah, agus Pháres, agus
Zárah: ach fuáir Er, agus Onan bás a ttír Chánain, agus mic
Pháres dobíad Hesron, agus Hámul.


L. Gn46:13


Agus mic Isachar, Tóla, agus Phúbhah, agus Iób, agus
Simron.


L. Gn46:14


Agus mic Sebulun, Sered, agus Elon, agus Iahleel.


L. Gn46:15


Agus dobíadso mic Léah, noch rug sí do Iácob a bPadan-Aram
maille re na hinghin Dínah: anmann a mhac, agus a inghean uile bá
tríur ar tríochad íad.


L. Gn46:16


Agus mic Ghad, Siphion, agus Hadgai, agus Esbon, agus Eri,
agus Arodi, agus Áreli.


L. Gn46:17


Agus mic Aser, Iimnah, agus Isuah, agus Isui, agus Bóriah,
agus mic Bhériah, Héber, agus Malchiel.


L. Gn46:18


Asíadso mic Silpah noch tug Lában da inghin Léah, agus rug sí
íadso do Iácob, eadhon sé hanmanna déug.


L. Gn46:19


Mic Rachel, bean Iácob, Ióseph, agus Beniamin.


L. Gn46:20


Agus dorugadh a gcrích na Hégipte do
Ióseph, Manasseh, agus Ephraim, noch rug Asenat inghean
Photipherah sagart On dó.


L. Gn46:21


Agus do mhic Bheniamin, Bélah, agus Bécher, agus Asbel,
Géra, agus Náaman, Ehí, agus Ros, Muppim, agus Huppim, agus
Ard.


L. Gn46:22


As íadso mic Rachel, noch rugadh do Iácob, na hanmanna uile bá a
ceathair déug íad.


L. Gn46:23


Agus mic Dan, Hussim.


L. Gn46:24


Agus mic Naphtali, Iasehel, agus Gúni, agus Iéser, agus
Sillem.


L. Gn46:25


As íadso mic Bhilhah, noch tug Lában dá inghin Rachel, agus rug
sí íadso do Iácob, na hanmanna uile bá móirsheisior íad.


L. Gn46:26


Na hanmanna uile noch tháinic lé Iácob doNégipt, noch tháinic
amach as a fhordhronnuibh, taóbh amuigh do mhnáibh mhac Iácob, bá
trí fichid íad agus a sé.


L. Gn46:27


Agus mic Ióseph rugadh dhó saNégipt, bá dhá anum íad: an uile
anum do thigh Iácob, noch tháinic doNégipt, ba trí fichid, agus
a deich íad.


L. Gn46:28


Agus do chuir sé Iúdah roimhe go Ióseph, do sheóludh a aighthe go
díreach go Gosen, agus tanagadar go tír Ghosen.


L. Gn46:29


Agus dorinne Ióseph charbad réigh, agus dochuáidh suas do
theagmháil ar Israel a athair go Gosen, agus do thaisbéin é féin
dó, agus do luigh ar a mhuinéul, agus do ghuil ar a mhuinéul tamall
maith.


L. Gn46:30


Agus adubhairt Israel ré Ióseph, annois faghaim bás ó chonnuirc mé
do ghnúis, do chionn go bhfuil tú beó fós.


L. Gn46:31


Agus adubhairt Ióseph ré na dhearbhráithribh, agus ré tigh a athar,
racha misi súas, agus foillseochad do Pháraó, agus adéara mé ris;
tangadur mo dhearbhráithre agus tigh mathar noch dobhí a ttír
Chánaain, chugamsa:


L. Gn46:32


Agus is aódhaireadha caórach íad, óir ís é bá ceird dóibh áirnéis do
bheathughadh, agus tugadur a ttréda agus a shealbha leó, agus an uile ní
dá bhfuil aca.


L. Gn46:33


Agus teigeómhuigh anuáir ghoirfeas Pháraó sibhsi, agus adéra sé
cred as ceird dhaóibh.


L. Gn46:34


Abruidhsi dobí ceird do sherbhíseach bheith timchioll áirnéis ó ar
nóige go ttí anois, sinn féin araón agus ar naithre, ionnus go n
áitreochtaói a bhfearann Gosen: óir is gráineamhlachd an uile
thréaduighe caórach ag na Hégiptibh.


L. Gn47:1


Ansin táinic Ióseph, agus do innis do Pháraó, agus adubhairt,
tangadur máthair agus mo dhearbhráithre, agus a ttréda, agus a n
ealbhadha, agus a bhfuil aca as tír Chánaain, agus féuch atáid
síad a bhfearann Gosen.


L. Gn47:2


Agus rug leis cuid dá dhearbhráithribh eadhon cúigior dhíobh, agus do
thaisbéin do Pháraó íad.


L. Gn47:3


Agus adubhairt Pháraó réna dhearbhráithribh, créad as ceird dhaóibh?
agus adubhradursan ré Pháraó, aódhairighe caórach do sherbhísigh, sinn
féin araón agus ar naithre mar an gcéadna.


L. Gn47:4


Adubhradursan fós re Pháraó, is do chomhnuidhe san bhfearann do
thangamar: óir ní bhfuil féur ag ad sherbhíseachuibh dhá náirnéis,
óir atá an ghorta go trom a ttír Chánaain; anois dá bhrígh sin
iarrmaóid dathchuinge ort, tabhair áitreabh dot sherbhiseachuibh a
bhfearann Gosen.


L. Gn47:5


Agus do labhair Pháraó ré Ióseph ag rádh, thangadur hathair agus
do dhearbhráithre chugad.


L. Gn47:6


Atá críoch na Hégipte as do choinne: annsa chuid is férr don tír
cuir hathair agus do dhearbhráithre na gcomhnuighe, áitreabhaidís a
bhfearann Gosen: agus más aithne dhuit aónduine cumusach na measg, ann
sin déna uachdarán díobh ós cionn máirnéisi.


L. Gn47:7


Agus tug Ióseph Iácob a athair asteach, agus do shuighidh é as
choinne Pháraó, agus do bheannuigh Iácob Pháraó.


L. Gn47:8


Agus adubhairt Pháraó ré Iácob, cá haóis tú?


L. Gn47:9


Agus adubhairt Iácob ré Pháraó, bliadhna laéthe moilithre is céad
agus tríochad bliadhan íad: fá tearc agus fá holc láethe bliadhna mo
bheatha, agus ní ráinic mé láethe bliadhna bheatha maithreach, a
laethibh a noilithresion.


L. Gn47:10


Agus do bheannuigh Iácob Pháraó, agus dochuaidh sé amach as
fiaghnuise Pháraó.


L. Gn47:11


Agus do áitigh Ióseph a athair agus a dhearbhráithre, agus tug sealbh
dhóibh a ccrích na Hégipte, san chuid dobféarr don dúthaigh, a
bhfearann Rameses, mar do aithin Pháraó dhe.


L. Gn47:12


Agus do oil Ióseph a athair agus a dhearbhráithre, agus muinntir
thighe a athar uile lé harán do réir a muinntire.


L. Gn47:13


Agus ní raibh arán ar bith san tír uile, óir dobhí an ghorta ro
throm, ionnus gur hanbhfainneadh críoch na Hégipte, agus tír
Chánaain uile do bhrígh na gorta.


L. Gn47:14


Agus do chruinnigh Ióseph súas an uile airgead fríth a ccrích na
Hégipte agus a ttír Chánaain ar son anarbha do cheannchadur,
agus tug Ióseph an tairgead asteach go tigh Pháraó.


L. Gn47:15


Agus an tan do thraóth an tairgead a ccrích na Hégipte, agus a
ttír Chánaain, tangadur na Hégiptigh uile chum Ióseph, agus
adubhradur, tabhair dhúinn arán; óir cread fa bhfuighemis bás ad
fhiaghnuisi? óir do imthigh an tairgead uáinn.


L. Gn47:16


Agus adubhairt Ióseph ríu, tugaidh bhur náirnéis uaibh, agus
dobhéura misi beatha dhíbh ar son bhur náirnéisi, má dfaillidh an
tairgead oruibh.


L. Gn47:17


Agus tugadur an áirnéis go Ióseph, agus tug Ióseph arán dóibh ar a
neachuibh, agus ar a ttréduibh, agus ar áirnéis a nealbhann, agus ar a
nassaluibh, agus do bheathaidh sé íad le harán ar son a náirnéisi uile
ar feadh na blíadhnasin.


L. Gn47:18


Anuair do críochnuigheadh an bhlíadhuinsin, tangadur chuige an dara
blíadhuin, agus adubhradur ris, ní cheilfiom ar mo thighearna gur
caitheadh ar gcuid airgid, fuáir ar ttighearna mar an gceadna ar ttréda
áirnéise; níor fágbhadh éinní aguinn a lathair ar ttighearna achd ar
gcuirp agus ar bhfearann.


L. Gn47:19


Uimesin cread fá bhfuighemis bás a bhfiaghnuisi do shúl, sinn féin
araón agus ar bhfearann ar arán, agus bíam féin agus ar bhfearann ar
serbhíseachuibh ag Pháraó: agus tabhair síol dúinn ar chor go maiream,
agus nach bhfuigheam bás, agus nach bía an fearann na fhásach.


L. Gn47:20


Agus do cheannuigh Ióseph fearann na Hégipte uile do Pháraó, óir
do reacadar na Hégiptigh gach énduine dhíobh a fhearann do chionn go
rug an ghorta buáidh orra: marsin tháinic an fearann chum Pháraó.


L. Gn47:21


Agus ar son na ndaóine, do athruigh sé íad do na caithreachuibh ó
chean(n) bhruáich na Hégipte, go nuige an ceann eile dhi.


L. Gn47:22


Amháin fearann na sagart níor cheannuigh sé é, óir dofuaradar na
sagart comhroinn ó Pháraó, agus adúadur a ccomhroinn noch tug
Pháraó dhóibh; uimesin níor reacadur a bhfearann.


L. Gn47:23


Annsin adubhairt Ióseph ris an bpobal, féuchuigh do cheannuigh mé
aniugh sibh féin agus bhur bhfearann do Pháraó; féuchuidh agsin
síol aguibh, agus cuirfidhe an fearann.


L. Gn47:24


Agus tiucfaidh a ccrích annsa mbiseach, go ttiubharthaói an cúigeadh
cuid do Pháraó, agus biaidh cheithre chuid aguibh féin, chum síl an
fearainn, agus chum bhur mbeatha, agus do mhuinntir bhur ttighe, agus mar
bheatha dá bhur leanbuibh?


L. Gn47:25


Agus adubhradarsan, do shábháil tú ar mbeatha: fágmaóid grása a
radharc mo thighearna, agus biamaóid ar serbhíseachaibh ag Pháraó.


L. Gn47:26


Agus dorinne Ióseph sin na dhligheadh ar feadh chríche na
Hégipte gus aniugh, go bhfuighe Pháraó an cúigeadh cuid, achd
amháin fearann na sagart, noch nach ráinic chum Pháraó.


L. Gn47:27


Agus dobhí Israel na coimhnuighe a gcrích na Hégipte a
bhfearann Gosen, agus dobhádur sealbha dúthaigh aca annsin, agus do
fhásadur, agus do líonadur go hiomadamhuil.


L. Gn47:28


Agus do mhair Iócob a gcrích na Hégipte seachd mblíadhna déug:
marsin gurbh í aóis iomlán Iócob, céd agus dá fhichead agus seachd
mblíadhna.


L. Gn47:29


Agus do dhruid aimsir bháis Israel a ngar, agus do ghoir sé a
mhac Ióseph, agus adubhairt sé ris: má fuair mé anois grása ad
radharc, iárruim mar athchuinghe ort, cuir do lámh faóim ladhairg, agus
déna go cinealta fírinneach riom; iárruim dathchuinge ort, ná
hadhlaic mé sa Hégipt.


L. Gn47:30


Ach luidhfidh mé a bhfochair mo aithreach, agus béura tusa leachd mé
as a Négipt, agus adhluic mé a náit a nadhlaicthesion; agus
adubhairt seision, dodhéna mé mar adubhairt tú.


L. Gn47:31


Agus adubhairt seision, tabhair do mhionna dhamh; agus tug sé a
mhionna dhó: agus do chlaón Israel é féin ar cheannadhairt na
leaptha.


L. Gn48:1


Agus tárla a ndíaigh na neitheannso, gur innis duine do Ióseph,
féuch atá hathair tinn; agus rug sé leis a dhías mac, Manasseh agus
Ephraim.


L. Gn48:2


Agus do innis duine do Iácob, agus adubhairt, féuch, atá do
mhac Ióseph ag teachd chugad: agus do neartuigh Israel é féin, agus do
shuigh ar a leabuidh.


L. Gn48:3


Agus adubhairt Iácob ré Ióseph, do fhoillsigh Día uile cumhachdach é
féin damh a Lus a ttír Chánaain, agus do bheannuigh sé mé.


L. Gn48:4


Agus adubhairt sé rium, féuch dodhéna mé tóirrtheach tú, agus
méideóchuidh mé thú, agus dodhéna mé dhíot iomad daóine, agus
dobhéura mé an dúthaidhsi dod shíol ad dhiáigh mar sheilbh
shíorruidhe.


L. Gn48:5


Agus anois do dhías mac, Ephráim agus Manasseh dorugadh dhuit a
gcrích na Hégipte suil tháinig misi chugad doNégipt, is liomsa
iad, mar Reuben agus Simeon is fá liomsa íad,


L. Gn48:6


Agus do chlann noch béurthar dhuit na ndiaigh budh leachd féin iadsin;
agus goirfighear íad do réir anma a ndearbhráithreach ann a noighreachd.


L. Gn48:7


Agus ar mo shonsa anuair tháinic mé ó Pháraó, fúair Rachel bás
agum a ttír Chánaain annsa tslighe, anuair nach raibh ach beagán
sligheadh re teachd go Héphrat: agus do adhluic mé annsin í, ar
slighe Ephrath, agus s ésin féin Betelem.


L. Gn48:8


Agus dochonnairc Israel mic Ióseph, agus adubhairt, cía híadso?


L. Gn48:9


Agus adubhairt Ióseph ré na athair, mo mhicse iadso, noch tug Día
dhamh annsanáitsi: agus adubhairt seision, tabhair chugam iad,
iarruim ort, agus beinneochuidh mé íad.


L. Gn48:10


(Anois do bádur súile Israel trom ó aóis, ionnus nach raibh radharc
aige) agus tug sé a ngar dhó íad, agus do phóg sé íad, agus do
theann ris íad.


L. Gn48:11


Agus adubhairt Israel re Ióseph: níor shaóil misi go bhfaicfinn
do ghnúis go bráth, agus féuch tug Día dhamh radharc fós air do
shíol.


L. Gn48:12


Agus tug Ióseph amach ó idir a dhá ghlún íad, agus do chlaón é féin
gon a aghuidh chum na talmhan.


L. Gn48:13


Agus do ghlac Ióseph íad araón Ephráim ann a láimh dheis leath ré
láimh chlí Israel, agus Manasseh ann a láimh chlé leath re láimh
dheis Israel, agus tug sé a bhfogus dó íad.


L. Gn48:14


Agus do shín Israel a lámh dheas amach, agus do chuir ar cheann
Ephraim í, eadhon an mac budh óige, agus a lámh chlé ar ceann
Manasseh, ag tréorughadh a lámh go gérchúiseach; óir dobé Manasseh
dorugadh ar ttús,


L. Gn48:15


Agus do bheannuigh sé Ióseph, agus adubhairt; Día ós cuinne ar
shiobhail mo aithreacha Abraham agus Isaac, an Día do bheathuigh
mé ar feadh mo shaóghal gus aniugh,


L. Gn48:16


An taingiol do fhúasguil mé ón uile olc, go mbeannuighe sé na
leinimh; agus goirthear mainmsi orra, agus ainm maithreach Abraham
agus Isaac: agus fásaidís na niomadamhlachd a meadhon na talmhan.


L. Gn48:17


Agus anuáir dochonnairc Ióseph gur chuir a athair a lámh dheas ar
cheann Ephraim, do ghoill sé air: agus do chonnuimh súas lámh a
athar da hathrughadh ó chionn Ephraim ar chionn Mhanasseh.


L. Gn48:18


Agus adubhairt Ióseph ré na athair, ní marsin a athair, óir is é
so an mac as sine, cuir do lámh dheas ar a cheann.


L. Gn48:19


Agus do dhíult a athair, agus adubhairt, atá a fhios agam a mhic, atá
a fhios agam, biáidh seision mar an gcéadna na phobal, agus biáidh sé fós
mór, ach go deimhin budh mó a dhearbhráthair is óige ná é, agus fásfuidh a
shíol na niomad cineadhach.


L. Gn48:20


Agus do bheannuigh sé íad an lásin, ag rádh, go ndeárna Día thusa
mar Ephraim, agus mar Mhanasseh.


L. Gn48:21


Agus adubhairt Israel ré Ióseph, féuch atáimsi ag fágháil bháis,
ach biáidh Día maille ribhsi, agus dobhéura sé arís sibh go dúthuigh
bhur naithreach.


L. Gn48:22


Tuilleadh eile tug mé dhuitsi cuid ronna ós cionn do
dhearbhráithreach, noch do bhean mé amach as láimh aNámoritigh lem
chloidheamh, agus léam bhogha.


L. Gn49:1


Agus do ghoir Iácob ar a mhacaibh, agus adubhairt sé, cruinnighidh
sibh féin a bhfochair a chéile, nó go ninneosa mé, dhaóibh cread
theigeamhus daóibh sna láethibh deighionacha.


L. Gn49:2


Cruinnighidh sibh féin a bhfochair a chéile, agus éisdigh a mhaca
Iácob, agus tugaidh aire do Israel bhur nathair.


L. Gn49:3


A Reuben is tú mo chéidghin, mo chumas agus tosach mo neirt,
oirdhearcus dingnite, agus oirdhearcus chumhachda.


L. Gn49:4


Neamhfhosuigh mar uisge, ní rachuidh tú a ccumhachda do bhrígh go ndeacha tú
súas a leabuidh hathar: annsin do shaluigh tú í, dochuaidh sé
suas am chúil.


L. Gn49:5


Símeon agus Lébhi dearbhráithre íad, ionstruimentigh fuilteachda ann a
náitreabhuigh.


L. Gn49:6


O manum, ná tárrsa na secréid: O monóir ná bí anaóntuigh ré na
gcruinniughadh; óir do mharbhadur duine anna bhfeirg, agus anna nantoil
féin do thochladur síos balla.


L. Gn49:7


Go madh malluighe a bhfeirg, óir dobhí sí nimhneach; agus a
ndíbhfeirg, óir dobhí sí fuilteach: roinnfidh me íad a nIácob, agus
scaóilfead ó chéile iad a nIsrael.


L. Gn49:8


A Iúdah, as tusa an té noch mholfuid do dhearbhraithre; biaidh do
lámh a muinéul do námhad; claónfuidh clann hathar síos ad lathair.


L. Gn49:9


Is coilén leomhain Iúdah; ón chreich dochuáidh tú súas, a mhic: do
chrom sé síos, do luigh sé mar leomhan, agus mar sheanleomhan; agus
cía dhúiseochus súas é?


L. Gn49:10


Ní dheileochuidh an tslat Ríoga ré Iúdah, nó fear tabhartha an
dlighe ó bheith eidir a chosuibh, nó go ttiucsa Síloh, agus is
chuigesion bhías cruinniughadh na ndaóine.


L. Gn49:11


Ag ceangal a shearruigh don fíneamhuin, agus bromuigh a assail don
rogha fíneamhna; do nigh sé a éudach a bhfíon, agus a culuidheaca a bhfuil
grápuighe.


L. Gn49:12


Beidh a shúile dearg ó fhíon, agus a fhíacla geal ó bhainne.


L. Gn49:13


Áitreochuidh Sebulun a gcúan na fairge; agus biaidh sé na chúan
long, agus biaidh a imiol go nuige Sídon.


L. Gn49:14


Isachar ís assal láidir é, ag crumadh síos idir dhá úalach.


L. Gn49:15


Agus dochonnairc sé gur mhaith an ní suáimhneas, agus an dúthaigh gur
taitneamhach é; agus do chlaón a ghúala diomchur úaluigh, agus táinig na
sherbhíseach do áirdchíos.


L. Gn49:16


Dodhéana Dan breitheamhnus ar a dhaóinibh, mar aón do threabhuibh
Israel.


L. Gn49:17


Biaidh Dan na athair nimhe ar a tslighe, na ader ar an mbealach,
noch ghearras sála na neach, ionnus go ttuitfidh an marcach a ndiaigh a
chúil.


L. Gn49:18


Dobhí mé ag fuireach réad shlanúghadh a thighearna.


L. Gn49:19


Gad, claóifidh slúagh é, ach béuruidh sesion buáidh fá dheireadh.


L. Gn49:20


Amach as Aser biaidh a arán ramhar, agus dobhéara uadh sógh Ríoga.


L. Gn49:21


Naphtalí, is eilid arna scaóileadh amach é, dobheir bríathra
maithe uadh.


L. Gn49:22


Ióseph, is craóbh thoruidh é, craóbh thoruidh dháríribh láimh ré
tobar; noch a leathnuighionn a ghéuga amach tar an mballa.


L. Gn49:23


Do ghoilleadur na saighideóirigh air go géur, agus do chaitheadur é,
agus do fhuathuigheadar é.


L. Gn49:24


Ach do mhair a bhogha láidir, agus dorinneadh rightheach a lámh
láidir lé lámhuibh Dé chumhachduigh Iácob; is assin an taódhaire,
cloch Israel.


L. Gn49:25


Lé Día hathar dáríribh, noch chuidéochas leachd, agus leis an uile
chumhachdach, noch bheinneóchus tú le beannughadh nimhe shuas, beannughadh
an aigéin atá aníochdar síos, beannughadh na gcíoch, agus na mbronn.


L. Gn49:26


Rugadar bennachda a hathar buaidh ós cionn bheanachd mo shinnsiorsa
go nuige an teórann as faide amach do na cnocuibh síorruidhe; béid síad
ar cheann Ióseph, agus ar chóróin chinn an tí do dealuigheadh re
na dhearbhráithribh.


L. Gn49:27


Biáidh Beniamin fuaduigheach mar mhadra alla; ar maidin sluicfidh sé
a fhiadhach, agus annsan oidhche rannfuidh sé an chreach.


L. Gn49:28


As íadso uile dhá threabh dhéag Israel: agus aséso an ní do
labhair a nathair ríu, agus do bheannuigh íad; gach aón fá leith do réir
a bheannachda do bheannuigh íad.


L. Gn49:29


Agus do chuir cúram orra, agus adubhairt ríu, atáimsi anam mo
chruinnighthe chum mo dhaóine féin, adhlaicidh mé a bhfochair
maithreach, annsan uamhuigh atá a magh Ephron an hititeach.


L. Gn49:30


Annsan uamhuigh atá a magh Mhachpelah, noch atá as coinne
Mhamre, a ttír Chánaain, noch do cheannuigh Abraham maille re
magh Ephron an hititeach mar sheilbh áite adhluicthe.


L. Gn49:31


Annsin do adhluiceadar Abraham agus Sárah a bhean, is annsin do
adhluiceadar Isaac, agus Rebecah a bhean, agus is ann do adhluic
misi Léah.


L. Gn49:32


Ceannuigheachd an mhachaire agus na huámha atá ann, is ó chloinn
Hét dofríth í.


L. Gn49:33


Agus anuáir do chríochnuigh Iácob aitheanta do thabhairt dá
chloinn, do chruinnigh súas a chosa san leabuigh agus do fáeidh a
spiorad súas, agus do chruinniughadh chum a dhaóine féin é.


L. Gn50:1


Agus do luigh Ióseph ar aghuidh a athar, agus do ghuil air, agus do
phóg é.


L. Gn50:2


Agus do aithin Ióseph dá shearbhfoghantuibh na leagha, a athar do
bhalmnuighadh: agus do bhalmnuigheadur na leagha Israel.


L. Gn50:3


Agus do coimhlíonadh ceathrachadh lá dhó: óir is mairsin coimhlíontar
laéthe na druinge doníthear a bhalmnughadh, agus dorinneadur na
Hégiptigh doilghios ar a shoin, trí fichid agus deich lá.


L. Gn50:4


Agus anuáir dochúadar láethe a ndóbhróin tharrsa, do labhair
Ióseph ré tigh Pháraó, ag rádh, anois má fuair mé grása ann bhur
radharc, guidhim sibh, labhruidh a gclúasuibh Pháraó ag rádh.


L. Gn50:5


Do bhean mathair mionna dhíom ag rádh, féuch atáim ag fágháil
bháis: ann muaighe do thochuil mé dhamh féin a ttír Chánaain,
annsin adhlocus tú mé: Anois íarruim dathchuinge ort, léig dhamh dul
súas, agus mathair dadhlacadh, agus tiocfa mé arís.


L. Gn50:6


Agus adubhairt Pháraó, imthigh súas, agus adhluic hathair mar do
thug mionna ort.


L. Gn50:7


Agus dochuaidh Ióseph súas d adhlacadh a athar, agus dochuadar
serbhísigh Pháraó uile suas leis, seanóirigh a thighe, agus seanóirigh
chríche na Hégipte uile.


L. Gn50:8


Agus tigh Ióseph uile, agus a dhearbhráithre, agus tigh a athar: achd
amháin a miondaóine, agus do fhágbhadur a bhfearann Gosen


L. Gn50:9


Agus dochuaidh suas leis, carbuid fós agus marcshluagh, agus bá
rómhór an chuideachda íad.


L. Gn50:10


Agus tangadur go hurlár bhuailte Atad, noch atá taóbh thall do
Iórdan, agus annsin dorinneadur cumha maille ré caóineadh adhbhalmhór:
agus dorinne dóbhrón annsin ar son a athar seachd lá.


L. Gn50:11


Agus anuair dochoncadur áitreabhuigh na háite, na Cananítigh, an
chumha anurlár Atad, dubhradur, is doilghiosach an chumhaso ar na
Hégiptibh; uimesin do ghoireadh Abel Misraim dainm dhe, noch
atá taóbh thall do Iordan.


L. Gn50:12


Agus dorinneadur a chlann mhac ris mar do aithin sé dhíobh,


L. Gn50:13


Óir dorugadar a chlann leó é go tír Chánaain, agus do adhlaiceadar
é anuamhaigh mhaighe Mhacpelah, noch do cheannuigh Abraham
maille ris an machaire mar sheilbh chum áite adhluicthe, ó Ephron an
Hitíteach as coinne Mhamre.


L. Gn50:14


Agus do fhill Ióseph doNégipt, é féin agus a dhearbhráithre,
agus a neachuidh leis suas uile dadhlacadh a athar.


L. Gn50:15


Agus anuair dochoncadur dearbhráithre Ióseph go bhfuair a
nathair bás, adubhradur, dobféidir go mbiadh fúath ag Ióseph
dhúinne, agus go gcúiteochadh rinn go deimhin a ndearnamar dolc air.


L. Gn50:16


Agus do chuireadur teachda a gcion Ióseph, dá rádh, do aithin
hathair roimh a bhás, dá rádh.


L. Gn50:17


Marso adérthaói ré Ióseph: guidhim thú anois, maith cionta do
dhearbhráithreach agus a bpeacadh: óir dorinneadur olc ort: agus anois
íarmuid dachthuinge ort, maith cionta serbhíseach Dé hathar: Agus do
ghuil Ióseph anuáir do labhradur ris.


L. Gn50:18


Agus dochuadur a dhearbhraithre mar an gcéadna, agus do luigheadur
síos a bhfiaghnuisi a aighthe, agus adubhradur, féuch is sinne do
sherbhísigh.


L. Gn50:19


Agus adubhairt Ióseph ríu, ná bíodh eagla oruibh: óir an
bhfuilimsi anáit Dé?


L. Gn50:20


Achd ar bhur sonsa do smuaineabhair olc am aghaidhsi, do
mheadhuigh Día chum maitheasa é, dá tabhairt a ccrích mar atá aniugh, do
chongmháil móráin daóine beo.


L. Gn50:21


Anois uimesin ná bíodh eagla oruibh, oilfidh misi sibh, agus bhur n
aós óg; agus do chomhfhurtaigh íad, agus do labhair go cinealta ríu.


L. Gn50:22


Agus do áitreibh Ióseph saNégipt, é féin agus tigh a athar, agus
do mhair Ióseph céad agus deich mblíadhna.


L. Gn50:23


Agus dochonnairc Ióseph clann Ephraim don treas geinealach; clann
Machir mar an ccéadna mac Mhanasseh, do tógbhadh súas iad ar
ghlúinibh Ióseph.


L. Gn50:24


Agus do ráidh Ióseph ré na dhearbhráithribh, atáimsi ag éug: agus
fóirfe Día oruibhsi go deimhin, agus béura sé as an ttírsi sibh, gus
an ttír do mhionnuigh sé do Abraham, do Isaac, agus do Iácob.


L. Gn50:25


Agus tug Ióseph mionna ar chloinn Israel, ag rádh, féchfuidh Día
oruibh go deimhin, agus béurthaói mo chnámhasa suas asso.


L. Gn50:26


Marsin do éug Ióseph ar mbeith dhó céad agus deich mblíadhna
daóis, agus do bhalmuigheadur é agus do cuireadh a ccomhra saN
égipt é.


L. Ex



An dara leabhar do Mhaoise, da ngoirthear Exodus.


L. Ex1:1


Anois is íadso anmana chloinne Israel, noch tháinic doNégipt;
dotháinic gach duine gona mhuintir lé Iácob.


L. Ex1:2


Reuben, Simeon, Lébhi, agus Iúdah.


L. Ex1:3


Ishachar, Sebulun, agus Beniamin.


L. Ex1:4


Dan agus Naphthali, Gad, agus Aser.


L. Ex1:5


Agus an uile anam dá ttáinic ó fhordhronnuibh Iácob bá
seachdmhodhad anam íad: óir dobhí Ióseph saNégipt cheana.


L. Ex1:6


Agus fuáir Ióseph bás, agus a dhearbhráithre uile, agus an
dínesin go hiomlán.


L. Ex1:7


Agus dobhádur clann Israel tóirrtheach, agus do fhásadur go
hiomarcach, agus do fhásadur roneartmhur, agus do líonadh an talamh
leó.


L. Ex1:8


Anois do éirigh suas Rígh nua os cionn na Hégipte, ag nach raibh
eólus ar Ióseph aige.


L. Ex1:9


Agus adubhairt sé rena dhaóinibh, féuchuidh is mó agus is
cumhachduighe clann Israel ná sinne.


L. Ex1:10


TIgidh uáibh, dénum ríu go críonna, deagla go líonfaidís, agus go
ttiucfadh chum chríche, an tan theigeomhadh cogadh ann, go
tteannfaidís mar an gcédna lear naimhdibh, agus go ttroidfidís ar
naghuidh, agus go rachfaidís marsin amach as a tír.


L. Ex1:11


Uimesin do chuireadur luchd daoirmheasda ós a ccionn, dá bpíanadh le
na núaluighibh: agus do thógbhadar caithreacha do Phárao chum
ionnmhuis, Pitom, agus Ramses.


L. Ex1:12


Ach da mhéid do phíanadur iad, as móide do líonadur agus do fhásadur
é: agus dobhí doilghios orra tré chloinn Israel.


L. Ex1:13


Agus tugadur na Hégiptigh ar chloinn Israel serbhís do dhéanamh le
díbhfeirg.


L. Ex1:14


Agus dorinneadur a mbeatha searbh lé daoirsi chruaidh a moirtéur,
agus a mbríce, agus ann an uile shórt serbhíse annsa mhachaire; an uile
sherbhís ann a ttugadar orra foghnamh, dobhí sí maille ré díbhfeirg.


L. Ex1:15


Agus do labhair Rígh na Hégipte ré mnáibh tuismighe na
Neabhrudheach (bean aca darbh ainm Siphrah, agus ainm an dara mná
Puah.)


L. Ex1:16


Agus adubhairt sé, anuáir do bheithí ag deanamh oifige mná tuismighe
do na mnáibh Eabhruidheach, agus dochifí íar tuismeadh íad, más mac bhías
ann marbhuidh é, ach más inghean bhías ann biáidh sí beó.


L. Ex1:17


Ach dobhí eagla Dé ar na mnáibh tuismighe, agus ní dhearnadur mar
adubhairt Rígh na Hégipte ríu, agus do chumhduigheadur an clann
mhac beó.


L. Ex1:18


Agus do ghoir Rígh na Hégipte ar na mnáibh tuismighe, agus a
dubhairt ríu, cred fá ndérnabhair an nísi, agus ar chumhduigheabhair
an chlann mhac beó?


L. Ex1:19


Agus adubhradur na mná tuismighe le Phárao, do chionn nach
bhfuilid na mná Eabhruidheacha mar na mnáibh Égipteacha; óir
atáidsion beódha, agus beirid suil thigid na mná tuismighe asteach
chuca.


L. Ex1:20


Uimesin dorinne Día go maith ris na mnáibh tuismighe, agus do
líonadur na daóine agus do fhásadur roláidir.


L. Ex1:21


Agus tárla do chionn go raibh eagla Dé ar na mnáibh tuismighe, go
ndearna sé tighthe dhóibh.


L. Ex1:22


Agus do fhúagair Phárao dá mhuinntir uile ag rádh, gach uile mhac
dá mbéurthar teilgidh é san abhuinn, agus gach uile ingean
cuimhdeochthaoi beó í.


L. Ex2:1


Agus dochuáidh duine as tigh Lébhi agus do phós sé inghean do
Lébhi.


L. Ex2:2


Agus do toirrcheadh an bhean agus rug sí mac, agus anuáir
dochonnairc sí go raibh sé na naóidhean bhréaghdha, do cheil sí é ar
feadh thrí míosa.


L. Ex2:3


Agus anuáir nár fhéad sí a cheilt ní budh faide, dorinne sí chomhra
buigbhinne, agus do chuir dóbáil lathuighe agus pic uirre, agus do chuir
an leanamh innte; agus do chuir annsa tsoiliostar ar bhruach na h abhann
é.


L. Ex2:4


Agus do sheas a dheirbhshiúr a bhfad úadh, dfios cread dodhéntaói
ris.


L. Ex2:5


Agus táinig inghean Phárao anúas dá nighe féin ag anabhuinn, agus
dobhádur a cailínigh ag siubhal ar bhrúach na habhann: agus anuáir
dochonnairc sisi an chomhra a measg an tsoiliostair, do chuir sí a
cailín dá thabhairt chuice.


L. Ex2:6


Agus anuáir do osguil sí í, dochonnairc sí an leanamh; agus féuch do
ghoil an naóidhean; agus dobhí truáighe aice dhó, agus adubhairt sí, is
aon do chloinn na Neabhruidheach so.


L. Ex2:7


Annsin adubhairt a dheirbhshiúr re hinghin Phárao: an racha misi do
ghairm banaltrann do na mnáibh Eabhruidheacha chugad, go noilfid an
leanamh dhuit.


L. Ex2:8


Agus adubhairt inghean Phárao ria, éirigh: Agus doimthigh an cailín,
agus do ghoir sí mathair an leinimh.


L. Ex2:9


Agus adubhairt inghean Phárao ría; beir an leanamhso leachd, agus
oil damhsa é, agus dobhéura mé do thúarusdal duit: agus do ghlac an
bhean an leanamh, agus do oil sí é.


L. Ex2:10


Agus do fhás an leanamh, agus tug sí do inghin Phárao é, agus dobhí
na mhac aice; agus tug sí Maóise dainm air: agus adubhairt sí, do
chionn gur tharruing mé as an uisge é.


L. Ex2:11


Agus tárrla fanamsin anuáir do fhás Maóisi go ndeachuidh sé
amach mar a rabhadur a dhearbhráithre, agus gur fhéuch sé ar a
núaluighibh: agus dochonnuirc Égipteach ag bualadh Eabhruidhigh, aón
dá dhearbhráithribh.


L. Ex2:12


Agus do fhéuch sé annso agus annsúd, agus anuáir dochonnairc nach
raibh aónduine ann, do mharbh sé an Tégipteach, agus do fholuigh sé
annsa ghaineamh é.


L. Ex2:13


Agus anuáir dochuáidh sé amach an dara lá, féuch dobhádur días do na
Heabhruidhibh ag troid: agus adubhairt seision ris an té dorinne an
éccóir, Créad fá mbuaileann tú do companach?


L. Ex2:14


Agus adubhairt seision, cía rinne prionnsa, agus breitheamh dhíotsa
ós ar ccionnne? an é shaóilios tú misi mharbhadh, mar do mharbh tú an
Tégipteach? agus do ghlac eagla Maoisi, agus adubhairt sé, is deimhin
gur fríth fios an ghníomhasa.


L. Ex2:15


Anois anuáir dochúaluidh Phárao an nísi, do íarr sé Maóisi do
mharbhadh, ach do theith Maóisi as radharc Phárao, agus do chomhnuigh sé
a gcrích Mhídian: agus do shuigh sé síos láimh re tobar.


L. Ex2:16


Anois dobhí ag sagart Mhídian móirsheisior inghean: agus tangadur,
agus do thairngeadur uisge, agus do líonadur na humair do thabhairt uisge
do thréad a nathar.


L. Ex2:17


Agus tangadar na haódhairíghe, agus do chuireadur ar siubhal íad; ach
do sheas Maóisi agus do chuididh leó, agus tug uisge dá ttréud.


L. Ex2:18


Agus anuáir thangadur mar a raibh Rebhel a nathair adubhairt sé,
cionnus tangabhair comhluath so aniugh.


L. Ex2:19


Agus adubhradarsan, do shaór Égipteach sinn ó lámhuibh na n
aódhaireadh, agus fós do tharruing uisge go lór dhúinn, agus tug uisge don
tréud.


L. Ex2:20


Agus adubhairt seision réna ingheanuibh, cáit a bhfuil an tésin?
créad fár fhágabhair an tóglach? goiridh é asteach go nithidh sé arán.


L. Ex2:21


Agus bá toil le Maóisi comhnuighe a bhfochair an óglaóichsin: agus
tug sé do Mhaóisi Sipporah a inghean mar mhnaói.


L. Ex2:22


Agus rug sí mac dhó, agus tug Gersom dainm air; óir ar seision, do
bhí mé am choigcríoch a ttír choigrích.


L. Ex2:23


agus tárla a gcionn aimsire go bhfuáir Rígh na Hégipte bás, agus
dobhádur clann Israel ag osnadhuigh tré mhéid a ndaóirse: agus do
éigmheadar; agus táinic a néighmhe súas chum Déé tré na ndaóirse.


L. Ex2:24


Agus dochúaluidh Día a nuchbhadhach, agus do chuimhnigh Día a
chunnradh re Hábraham, re Hísaac agus re Iácob.


L. Ex2:25


Agus do fhéch Día ar chloinn Israel, agus dobhí truáighe ag Día
dhóibh.


L. Ex3:1


Anois dobhí Maóisi ag cumhdach chaórach Iéthroh a chlíamhuin,
Sagart Mhídia, agus táinic go slíabh Dé, eadhon go Hóreb.


L. Ex3:2


Agus táinic aingeal an tighearna chuige a lasair theineadh amach as
lár craóibhe, agus damhairc seision, agus féch dobhí an chraóbh tré
lasadh ó theineadh, agus níor loisgeadh an chraóbh.


L. Ex3:3


Agus adubhairt Maóisi, fillfidh mé anois a leathtaóibh, agus féuchfa
mé ar an radharc mórsa, cred fá nach loisgear an chraóbh.


L. Ex3:4


Agus anuáir dochonnairc an tighearna gur fhill sé a leathtaóibh dá
fhaicsin sin, do ghoir Día air amach as lár na craóibhe, agus adubhairt
sé, a Mhaóisi, a Mhaóisi: agus adubhairt seision, atáim annso.


L. Ex3:5


Agus adubhairt seision, ná tárr a bhfogus annso: cuir dhíot do
bhróga dod chosuibh: óir an áit ar a bhfuil tú ad sheasamh, is talamh
naómhtha é.


L. Ex3:6


Adubhairt sé ós a chionnsin fós, is misi Día hathar, Día Abraham,
Día Isaac, Día Iácob: Agus do fholuigh Maóisi a aghuidh, óir dobeagal
leis féchuin ar Dhía.


L. Ex3:7


Agus adubhairt an tighearna, is deimhin go bhfaca misi scíursa mo
phobuil, noch atá saNégipt, agus dochúala mé a néighmhe, do bhrígh a
mhaighistreach tascuidh: óir atá fios a ndoilghis agam.


L. Ex3:8


Agus tháinic mé anuas dá saóradh as lámhuibh na Négiptach, agus
dá mbreith súas as an tírsin, go fearann maith fairsing, go fearann do
bheir tuile bhainne agus mheala; go háit na cCananíteach, agus na
Hititech, agus na Iebusiteach, agus na Namoríteach, agus na



Bperisíteach, ag na Hibhiteach.


L. Ex3:9


Anois uimesin, féuch, tangadur comhairc chloinne Israel chugamsa,
agus dochonnairc mar an gcéadna an fóirneart léar bhruigheadar na
Hégiptigh íad.


L. Ex3:10


Tárr anois uimesin agus cuirfe misi dionnsuighe Phárao thú, ionnus
go ttiubhra tú mo phobal, clann Israel, amach as a Négipt.


L. Ex3:11


Agus adubhairt Maóisi ré Día, cía misi as a rachuinn go Phárao,
agus as a ttiubhruinn clann Israel amach as aNégipt.


L. Ex3:12


Agus adubhairt seision, go deimhin biáidh misi leachd, agus biáidh so
mar chomhartha agad, gur chuir misi ann tú; an uair dobhéura tú an pobal
amach as aNégipt dodhéntaói serbhís do Dhía ar a tsliabhsa.


L. Ex3:13


Agus adubhairt Maóisi ré Día, féuch anuair thiocfas misi a ccion
chloinne Israel, agus adéura mé ríu, do chuir Día bhur naithreadh
chuguibh mé, agus adéruidhsion riomsa, cá hainm atá air? créad
adéura misi annsin ríu.


L. Ex3:14


Agus adubhairt Día ré Maóisi: AS ME AN TI AS ME: agus adubhairt sé,
marso adéura tú ré clannuibh Israel, ATA MISI, do chuir chuguibh mé.


L. Ex3:15


Agus adubhairt Día ós a chionnso ré Maóisi, déura tú re clannuibh
Israel: an tighearna Día Isaac, agus Día Iácob, do chuir misi chuguibh:
séso mainm go bráth, agus séso mo chuimhne donuile gheinealach.


L. Ex3:16


Eirigh, agus cruinnigh sinnsir Israel a bhfochair a chéile, agus
abair ríu do foillsigh an tighearna, Día bhur naithreadh, Día Abraham,
Día Isaac, agus Día Iácob, é féin damhsa ag rádh, tháinic mé go deimhin
dá bhur bhfiosrúghadh agus, dochonnairc mé an ní dorinneadh ribh
saNégipt.


L. Ex3:17


Agus adubhairt mé, béura mé súas sibh as buaidhreadh na Hégipte go
fearann na gCananíteach, agus na Hitítech, agus na Namorítech, agus na
Bperisiteach, agus na Nibhíteach, agus na Iebusítech; go tír dobheir
tuile bhainne, agus mheala.


L. Ex3:18


Agus umhlochuidh síadsan dod ghlór, agus tiucfa tusa agus sinnsir
Israel a cceann Rígh na Hégipte, agus déura tú ris; tárla an tighearna
Día na Neabhrudheachsin, agus anois iarrmaóid dathchuinge ort léig
dhúinn dul aistior thrí lá san bhfásach, go ndeárnamaóis iodhbairt don
tighearna ar nDía féin.


L. Ex3:19


Agus atá a fhios agumsa nach léigfidh Rí na Hégipte dhaóibh
imtheachd, agus ní léigfe achd lé láimh láidir:


L. Ex3:20


Agus sínfe misi mo lámh amach, agus buailfe mé a Négipt leam uile
iongantuibh, noch dodhéana mé ann a lár, agus na dhiaigh sin léigfidh
sé dhaóibh imtheachd.


L. Ex3:21


Agus dobhéura misi do na daóinibhsi fabhar a bhfiaghnuisi na N-
égipteach, agus tiucfa dhe anuair imeochthaói, nach folumh imeochthaói.


L. Ex3:22


Ach béuruidh gach éinbhean áirleagadh ó na comharsain, agus ón
mhnaói bhías ar cuairt na tigh, seóid airgid, agus seóid óir, agus
éduighe; agus cuirfídhe íad ar bhur macuibh agus ar bhur ningheanuibh,
agus creachfuighe na Hégiptigh.


L. Ex4:1


Agus do fhreagair Maóisi, agus adubhairt, ach féuch, ní chreidfidh
síad mé, agus ní éisdfidh rem ghuth; óir adéruid síad, níor thaisbéin an
tighearna é féin duit.


L. Ex4:2


Agus adubhairt an tighearna ris, créad é an nísin ad láimh? agus
adubhairt seision, atá slat.


L. Ex4:3


Agus adubhairt sé, teilg ar talamh í, agus do theilg seision ar talamh
í, agus dorinneadh nathair nimhe dhi, agus do theith Maóisi roimpe.


L. Ex4:4


Agus adubhairt an tighearna ré Maóisi, cuir do lámh amach, agus glac
í ar earball, agus do chuir amach a lámh, agus do ghlac í, agus do
rinneadh slat di iona láimh.


L. Ex4:5


Ar chor ar sé go gcreidfidís gur fhoillsigh an tighearna Día a nathar,
Día Abrahaam, Día Isaac, agus Día Iácob é féin duit.


L. Ex4:6


Agus adubhairt an tighearna ris ós a chionnsin, cuir anois do lámh ad
bhrollach; agus do chuir sé a lámh iona bhrollach; agus anuair tug sé
amach í, féuch, dobhí a lámh lubhrach mar shneachda.


L. Ex4:7


Agus adubhairt sé, cuir do lámh ad bhrollach arís: agus do chuir a
lámh na bhrollach arís, agus tug amach as a bhrollach í, agus féuch do h
iompóigeadh í arís mar an gcuid eile dá fhéoil.


L. Ex4:8


Agus tiucfa a gcrích muna ccreididh síad thú, agus nach tiubhruidh
eisdeachd do ghuth an chédchomhartha, go gcreidfidh síad guth an chomhartha
dheighionuigh.


L. Ex4:9


Agus tiucfa a gcrích mar an gcéadna, muna ccreidid síad ceachtar don dá
chomharthasa, agus nach éisdfid red ghuthsa, go nglacfa tú duisge na
habhann, agus go ndóirtfe tú é ar an talamh tirim, agus an tuisge
bhéuras tú as an abhuinn go mbía na fhuil ar an dtalamh tirim.


L. Ex4:10


Agus adubhairt Maóisi ris an ttighearna, ó mo thighearna ní
bhfuilimsi deaghlabhartha, ná roimheso, ná ó labhair tusa réd
sherbhíseach: Achd atáim mall a ccómhrádh, agus mall a dteanguidh.


L. Ex4:11


Agus adubhairt an tighearna ris, cía rinne béul an duine, nó cía ní
an balbh nó an bodhar, nó an té dochí nó an dall? nach misi an tighearna
dorinne íad.


L. Ex4:12


Anois ar anadbharsin imthigh, agus biáidh misi maille red bhéul,
agus múinfe mé dhuit cread adéura tú.


L. Ex4:13


Agus adubhairt seision, ó mo thighearna, guidhim thú, cuir uait ris
an té noch chuirfeas tú uait.


L. Ex4:14


Agus do las fearg Dé re Maóisi agus adubhairt, nach é Aaron an
Lébhitech do dhearbhrathair? atá a fhios agam go labhrann sé go maith.
Agus mar an gcéadna, féuch atá sé ag teachd amach do theagmháil riot, agus
anuair dochífe thú, biáidh lúthgháireach iona chroidhe.


L. Ex4:15


Agus laibhéora tusa ris, agus cuirfe tú bríathra iona bhéul, agus
biáidh misi maille red bhéulsa, agus lena bhéulsan, agus múinfe mé
dhaóibh cread do dhéanthaói:


L. Ex4:16


Agus biáidh seision na fhior eidirmhínighe agad ris an bpobal, agus
biáidh sesion, biáidh sesion féin a náit béil duitsi, agus biáidh
tusa a náit Dé dhósan:


L. Ex4:17


Agus glacfa tú an tslatso ad láimh, le ndéana tú comharthuighe.


L. Ex4:18


Agus do imthigh Maóisi, agus do fhill ar Iéthro a chlíamhuin,
agus adubhairt ris, guidhim thú léig dhamsa imtheachd, agus filleadh ar mo
dhearbhráithribh atá saNégipt, dá fhéachuin an bhfuilid béo fós: agus a
dubhairt Iéthro ré Maóisi, éirigh a síothcháin.


L. Ex4:19


Agus adubhairt an tighearna ré Maóisi a Mídian, éirigh, fill
doNégipt, óir do éugadur uile an mhéid dobhí ag íarruidh do bháis.


L. Ex4:20


Agus rug Maóisi a bhean agus a mhic leis, agus do chuir ar asal íad,
agus do fhill go crích na Hégipte. Agus do ghlac Maóisi slat Dé
na láimh.


L. Ex4:21


Agus adubhairt an tighearna re Maóisi, anuair imeochus tú chum
fileadh don Égipt: féuch go ndéna tú na míorbhuirlesi uile as coinne
Phárao, noch do chuir misi ad láimh: ach cruádhéocha misi a chroidhe,
ionnus nach léigfidh don phobal imtheachd:


L. Ex4:22


Agus déura tusa re Phárao: marso adeir an tighearna: sé Israel mo
mhac, mo chéidghin fós.


L. Ex4:23


Agus adeirim riotsa, léig mo mhac ar siubhal, ionnus go ndéna sé
serbhís damhsa, agus má dhiúltann tú léigen dó imtheachd, féuch muirfidh
misi do mhacsa, do chéidghin fós.


L. Ex4:24


Agus tárla ar an tslighe san tigh ósta, gur chas an tighearna air,
agus gur íarr a mharbadh.


L. Ex4:25


Annsin do ghlac Sipporah cloch ghéur, agus do ghearr réumhchroiceann
a mhic, agus do theilg fa ná chosuibh é, agus adubhairt: go deimhin is fear
fuilteach dhamhsa thú.


L. Ex4:26


Do léig sé uadha marsin é: annsin adubhairt sisi, as fear
fuilteach thú, do bhrígh an timchillghéarrtha.


L. Ex4:27


Agus adubhairt an tighearna re Aáron: imthigh fán bhfásach do
theagmháil re Maóisi: agus do imthigh sé, agus tárla leis é a slíabh
Dé, agus do phóg é.


L. Ex4:28


Agus do innis Maóisi do Aáron bríathra an tighearna uile, noch do
chuir uadh é, anuile comhartha dar aithin de.


L. Ex4:29


Agus do imthigh Maóisi agus Aáron, agus do chruinnigheadur a
bhfochair a chéile sinnseara chloinne Israel uile.


L. Ex4:30


Agus do labhair Aáron anuile fhocal dár labhair an tighearna re
Maóisi, agus dorinne na comharthadha a lathair an phobail.


L. Ex4:31


Agus do chreideadar an pobal, agus anuáir dochualadar go ttáinic
an tighearna dfiosrughadh chloinne Israel, agus go bhfacaidh sé a
mbuaireadh, annsin do chromadar a gcinn agus dorinneadar umhla.


L. Ex5:1


Agus na dhiáighsin dochuáidh Maóisi agus Aáron asteach, agus do
innseadur do Phárao: marso adeir an tighearna Día Israel, léig dom
phobal imtheachd go ndearnaid féusda dhamhsa san bhfásach.


L. Ex5:2


Agus adubhairt Phárao, cía hé an tighearna da numhlochuinnsi dhá
ghlór, as a léigfinn Israel dimtheachd uaim? ní haithnid damhsa an
tighearnasin, agus ní mó léigfeas mé Israel dimtheachd uáim.


L. Ex5:3


Agus adubhradarsan tárla Día na Neabhruidheach rinn: léig dúinn
imtheachd, iarmaóid ort, uidhe thrí lá ann sa bhfásach, agus iodhbuirt do
dhénamh don tighearna ar nDía, deagla go luidhfiodh sé oruinn le pláigh
nó le cloidheamh.


L. Ex5:4


Agus do ráidh Rígh na Hégipte ríu, cread fa mbacthaoisi, a
Mhaóisi agus a Aáron, do na daóinibh a nobair do dhéanamh?
éirghidhsi chum bhur núaluigh féin.


L. Ex5:5


Agus adubhairt Phárao, féuchuidh, atáid pobal na tíre anois
líonmhar, agus dobhéurthaóise orra fuireach ón a nualuighibh.


L. Ex5:6


Agus tug Phárao aithne an lásin féin do mhaighistríbh tasca an
phobuil, agus dá noifigeachuibh, ag rádh.


L. Ex5:7


Ní thiubharthaói feasda tuighe don phobul do dhéanamh bríce, mar
thugabhair go ttí so: éirgidís agus cruinnighedís tuighe dhóibh féin.


L. Ex5:8


Agus an uibir bhríceadh dorinneadur go nuige so, cuirfídhe sin orra,
ní láighdeochthaói a bheag dhe: óir atáid dímhaóin, agus is uimesin
gháirid síad ag rádh, léig dhúinn imtheachd do dhénamh iodhbrtha dár
nDía.


L. Ex5:9


Cuirthear tuilleadh oibre ar na daóinibh go ndearnaid saóthar ann agus
nach dtugaid aire do bhríathruibh díomhaóin.


L. Ex5:10


Agus dochuadar maighistríghe daóirsi an phobail amach, agus a n-
oifigidh, agus do labhradur ris an bpobal, ag rádh: is marso adeir
Phárao, ní thiubhra misi tuighe dhaóibh.


L. Ex5:11


Eirgidh faghaidh tuighe mar ar féidir libh a fagháil: ní rachuidh a
bheag dá bhur nobair síos.


L. Ex5:12


Marsin do spréig an pobal amach ar feadh chríche na Hégipte do
chruinniughadh connluigh a náit tuighe.


L. Ex5:13


Agus do bhrosduigheadur na maighistríghe tasca íad, ag rádh,
iomlánuigh bhur nobair, bhur ttasca laetheamhuil comhmaith agus anuair
dobhí tuighe aguibh.


L. Ex5:14


Agus do buaileadh oifigidh chloinne Israel, noch do chuireadur
maighistrighe tasca Phárao ós a gcionn; agus do fhiafruigheadh
dhíobh, cred fá nár comhlíonabhair bhur ttasca a ndénamh bríce ané
agus aniugh, mar dorinneabhair roimhesin.


L. Ex5:15


Annsin tangadur oifigidh chloinne Israel, agus do éigheadur ar
Phárao, ag rádh, créad fá ndén tú so réd sherbhíseachuibh.


L. Ex5:16


Ní tucthur tuighe dot sherbhíseachuibh, agus adeirid síad rinn,
dénuidh bríce: agus féuch, gabhthar ar do sherbhíseachaibh; achd as ar do
dhaóinibh féin atá an lochd.


L. Ex5:17


Achd adubhairt sesion, atáthaói díomhaóin, atáthaói díomhaóin:
uimesin adearthaói, léig dhúinn imtheachd go ndearnamaóis iodhbuirt don
tighearna.


L. Ex5:18


Imthighidh anois uimesin, agus déanuidh saóthar: óir ní tiubharthar
tuighe ar bith dhaóibh, agus gidheadh dobhéurthaói uaibh uibhir na
mbríceadh.


L. Ex5:19


Agus dochoncadur oifigidh chloinne Israel, gurbholc an náit ann
a rabhadur tar éis a rádh; ní laighdeochuidh a bheag dá bhur mbrícidh
ann bhur ttasca laétheamhuil.


L. Ex5:20


Agus tárla re Maóisi agus re Aáron íad, noch do sheas annsa
tslighe rompa mar thangadur amach ó Phárao.


L. Ex5:21


Agus adubhradur ríu, go bhféuchuidh an tighearna oruibh, agus
beireadh breath; do chionn go ndearnabhair ar mboladh domblasda a
lathair Phárao agus a radharc a sherbhíseach, do chur cloidhimh ann
a láimh dár marbhadh.


L. Ex5:22


Agus do fhill Maóise chum an tighearna, agus do ráidh, a thighearna,
créad fá ndeárna tú comholcso ris an bpobalsa? créad as ar chuir tú misi
uait?


L. Ex5:23


Óir ó tháinic mé go Phárao do labhairt ad ainmse, dorinne sé olc
ó shin don phobalsa, agus ní mó do shaór tusa do phobal ar énchor.


L. Ex6:1


Annsin adubhairt an tighearna ré Maóisi: anois dochífe tú cread
dodhéansa ré Phárao: óir is lé láimh láidir léigfe sé dhóibh imtheachd,
agus lé láimh láidir dhíbheorus sé as a dhúthaigh íad.


L. Ex6:2


Agus do labhair Día ré Maóisi, agus adubhairt sé ris, is misi an
tighearna:


L. Ex6:3


Agus do thaisbéin mé mé féin do Abraham, agus do Isaac, agus do
Iácob a nainm Dé uilechumhachduigh, achd ann mainm Iehóbhah
níorbh aithne dhóibh mé.


L. Ex6:4


Agus do dhaingnidh mé mo chuinnradh ríu, tír
Chánainn do thabhairt dóibh, fearann a noithlithre, ann a rabhadar
na gcoimghthibh.


L. Ex6:5


Agus dochuala mé mar an gcéadna osnadh chloinne Israel, noch
chongmhuid na Hégiptigh a ndaoirsi, agus do chuimhnidh mé mo chunnradh.


L. Ex6:6


Uime sin abair ré chloinn Israel, is misi an tighearna, agus dobhéura
mé amach sibh ón ualach fár chuireadur na Hégiptigh sibh, agus saorfa mé
sibh ón a ndaoirse, agus fuasgeólad sibh lé láimh shínte amach, agus
maille re breitheamhnusuibh móra.


L. Ex6:7


Agus glacfa mé chugam sibhsi mar phobal, agus biáidh misi mar Dhía
aguibhsi: agus aitheóntaoi gur mé an tighearna bhur nDía, noch bhéurus
amach sibh ó bheith fá ualuighibh na Négipteach.


L. Ex6:8


Agus béura mé asteach sibh san tír le ttug mé mionna go ttiubhruinn í
do Abraham, do Isaac, agus do Iácob: agus dobhéur dhaoibhsi í
mar oighreachd: is misi an tighearna.


L. Ex6:9


Agus do labhair Maoisi marsin lé cloinn Israel, agus níor éisdeadur
ré Maoisi, tré chrádh spioraide, agus tre dhaoirsi roighéir.


L. Ex6:10


Agus do labhair an tighearna re Maoisi ag rádh.


L. Ex6:11


Eirgidh asteach, labhair ré Phárao Rígh na Hégipte, go léigeadh sé
clann Israel dimtheachd as a thír.


L. Ex6:12


Agus do labhair Maoisi as coinne an tighearna ag rádh, níor éisdeadur
clann Israel rium, marsin cionnus éisdfios Phárao rium, noch atáim ann
mo ghlór neimhthimchill gheárrtha?


L. Ex6:13


Agus do abhair an tighearna re Maoisi agus re Háaron, agus do
chuir cúram leó go clann Israel, agus go Phárao Rígh na Hégipte,
do thabhairt chloinne Israel amach as crích na Hégipte.


L. Ex6:14


Is íadso cinn tighe a naithreadh: Clann Réuben, céidghin
Israel, Hanoch agus Pallu, Hesrin agus Carmí: as íadso
sliochd Reuben.


L. Ex6:15


Agus mic Shimeón, Ismeul, agus Iámin, agus Ohad, agus
Iachin, agus Sochar agus Saul mac mhná Cananítigh; is íad so
sliochd Shimeóin.


L. Ex6:16


Agus is íadso anmanna mhac Lébhi do réir a nginealuigh,
Gerson, agus Cohat, agus Merári: agus dobíad blíadhna bheatha
Lébhi céad agus triochad agus seachd mblíadhna.


L. Ex6:17


Mic Gherson, Libni, agus Simi, do réir a shleachda.


L. Ex6:18


Agus mic Chohat, Amram, agus Isar, agus Hebron, agus
Ussiel; agus dobíad bliadhna bheatha Chohat, céad agus tríochad,
agus trí blíadhna.


L. Ex6:19


Agus mic Mherári; Maháli, agus Mussi; is íadso sliochd Lébhi
do réir a ngeinealach.


L. Ex6:20


Agus tug Amram Iochebed deirbhshiúr a athar na mnaoi chuige, agus
dorug sí Aáron dó agus Maoisi: agus bá híad bliadhna bheatha
Amraim céd agus tríochad agus seachd mblíadhna.


L. Ex6:21


Agus mic Isar, Córah, agus Nepheg, agus Sichri.


L. Ex6:22


Agus mic Ussiel, Misael, agus Elsaphan, agus Sithri.


L. Ex6:23


Agus tug Aarón Eliseba inghean Aminadab, deirbhshiúr do
Naason, na mnaoi, agus rug sí dó Nádab, agus Abihu, Eleasar
agus Itamar.


L. Ex6:24


Agus mic Chórah, Assir, agus Elcanah, agus Abiasaph; is
íadso treabha na cCoiritech.


L. Ex6:25


Agus tug Eleasar mhac Aároin inghean Phutiel na mnaoi; agus rug
sí Phinehas dó: is íadso cinn aithreach na Lébhiteach do réir a
dtreabha.


L. Ex6:26


As íadso an Taaronsin agus an Maóisi, re a ndubhairt Día,
beiridh amach clann Israel as crích na Hégipte do réir a sluagh.


L. Ex6:27


Agus as íadso do labhair ré Phárao Rígh na Hégipte, do thabhairt
cloinne Israel amach as aNégipt: is íadso an Maóise agus an
Taáron sin.


L. Ex6:28


Agus tárla san ló ar labhair an tighearna ré Maóisi a ccrích na
Hégipte,


L. Ex6:29


Gur labhair an tighearna ré Maóise, ag rádh, is misi an tighearna:
labhair thusa ré Phárao Rígh na Hégipte gach ní dá nabruimse riot.


L. Ex6:30


Agus adubhairt Maóisi a lathair an tighearna féch atáimsi am bhéul
neimhthimchillgheárrtha, agus cionnus éisdfios Phárao rium?


L. Ex7:1


Agus adubhairt an tighearna ré Maóisi, féuch dorinne mé Día dhíot
do Phárao, agus biáidh do dhearbhrathair Aáron na fháidh agad.


L. Ex7:2


Laibheóra tú gach uile ní aitheónus misi dhíot, agus labheóruidh
Aáron do dhearbhrathair re Phárao, clann Israel do chur ar a
dhúthaigh.


L. Ex7:3


Agus cruaidheóchuidh misi croidhe Phárao, agus meideóchuidh mé mo
comharthuighe, agus mo mhíorbhuileadh a gcrích na Hégipte.


L. Ex7:4


Ach ní éisdfidh Phárao ribhsi, ar chor go leagfa misi mo lámh ar
aNégipt, agus go ttiubhra mé mo shluagh agus mo phobal clann
Israel amach as crích na Hégipte, le breitheamhnusuibh móra.


L. Ex7:5


Agus aitheónuid na Hégiptigh gur mé an tighearna, anuair shínfeas
mé amach mo lámh ar aNégipt, agus bhéurus mé clann Israel ó
bheith na measg.


L. Ex7:6


Agus dorinne Maoisi, agus Aáron mar do aithin an tighearna dhíobh,
is marsin dorinneadar.


L. Ex7:7


Agus dobhí Maóisi ceithre fichid blíadhan daóis, agus Aáron trí
blíadhna agus ceithre fichid anuair do labhradur ré Phárao.


L. Ex7:8


Agus do labhair an tighearna ré Maoisi, agus ré Haáron ag rádh;


L. Ex7:9


Anuair laibheórus Phárao ribh, ag rádh, taisbeanuidh míorbhuile ar
bhur son féin: annsin déra tusa ré Háaron, glac do shlat agus teilg
a bhfiaghnuisi Phárao í, agus dodhéntar nathair nimhe dhi.


L. Ex7:10


Agus dochuaidh Maóisi agus Aáron asteach go Phárao, agus do
rinneadar mar do aithin an tighearna dhíobh, agus do theilg Aáron a
shlat shíos a lathair Phárao, agus a mhuinntire, agus dorinneadh
nathair nimhe dhi.


L. Ex7:11


Annsin do ghoir Phárao mar an gcédna na daoine glioca, agus an luchd
piseóg anois draoithe na Hégipte, dorinneadursan fós ar an modh
gcédna lena ndroigheachduibh.


L. Ex7:12


Óir do theilgeadar síos gach aónduine aca a shlat, agus dorinneadh
naithreacha nimhe dhíobh; ach do shuigh slat Aáron súas a slatasan.


L. Ex7:13


Agus do chruaidhigh sé croidhe Phárao, go nár éisd sé ríu, fá mar
adubhairt an tighearna.


L. Ex7:14


Agus adubhairt an tighearna ré Maoisi, do cruaidheadh croidhe
Phárao, do dhíult sé léigion don phobal imtheachd.


L. Ex7:15


Eirigh a ccionn Phárao ar maidin, féuch rachuidh sé amach chum an
uisge, agus seasfa tusa ar bhruach na habhanna ag fuireach réna theachd,
agus an tslat dá ndérnadh a naithir nimhe glacfa tú ad láimh í.


L. Ex7:16


Agus déra tú ris, do chuir an tighearna Día na Neabhruidheach misi
chugad dá rádh, léig dom phobal imtheachd, do dhénamh serbhíse dhamhsa
san bhfásach; agus féuch go nuigeso níor áil leachd méisdeachd.


L. Ex7:17


Marso adeir an tighearna: annso aitheónus tú gur misi an tighearna,
féuch buailfe mé leis an tslait atá am láimh, ar na huisgidhibh atá san
abhuinn, agus iompóchthar íad a bhfuil.


L. Ex7:18


Agus dogheabhuidh an tíasg atá san abhuinn bás, agus bréanfuidh an
abhann, agus budh glonn leis na Hégiptibh uisge na habhanna dól.


L. Ex7:19


Agus do ráidh an tighearna re Maoisi, abair ré Háaron, glac do
shlat agus sín amach do lámh ar uisgidhibh na Hégipte, ar a
srothuibh, ar a naibhnibh, ar a lóchánuibh, agus ar anuile
chomhchruinniughadh uisge go ndérntar fuil díobh; agus go mbía fuil
ar feadh chríche na Hégipte, araon a soithighibh croinn, agus a
soithighibh cloiche.


L. Ex7:20


Agus dorinne Maoisi agus Aáron marsin, mar do aithin an tighearna
dhíobh, agus do thóg sé súas an tslat, agus do bhuail na huisgidhe, do
bhí san abhuinn a radharc Phárao, agus a radharc a sherbhíseach: agus do
hiompóigheadh a raibh duisge san abhuinn a bhfuil.


L. Ex7:21


Agus dofuair an tiasg dobhí san abhuinn bás, agus do bhréun an
abhann, agus níor fédadar na Hégiptigh uisge na habhanna dól: agus do
bhí fuil ar feadh chríche na Hégipte uile.


L. Ex7:22


Agus dorinneadar draoithe na Hégipte sin léna ndroigheachduibh,
agus do cruáidheadh croidhe Phárao, agus níor umhluigh sé dhóibh, fá mar
adubhairt an tighearna.


L. Ex7:23


Agus do fhill Phárao, agus dochuaidh dhá thigh, ní mó do chuir sé a
chroidhe leissin mar an ccédna.


L. Ex7:24


Agus do thochladar na Hégiptigh uile fágcuairt na habhanna, d
fagháil uisge rén ól, óir níor fédadar uisge na habhanna dól.


L. Ex7:25


Agus do coimhlíonadh seachd lá tar éis an tighearna do bhualadh na
habhanna.


L. Ex8:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóisi; éirigh a ccionn Phárao, agus
abhair ris, marso adeir an tighearna, léig dom phobal imtheachd, ionnus
go ndénuid serbhís damh.


L. Ex8:2


Agus má dhíultann tú léigean dóibh imtheachd: féuch buailfe misi do
theoranna uile le froguibh.


L. Ex8:3


Agus geinfidh an abhann froguidhe go líonmhur, noch rachus suas, agus
thiucfas asteach dot thighse, agus dot sheomra leaptha, agus ar do
leabuidh, agus go tigh do sherbhíseach, agus ar do mhuinntir, agus ann do
úamhain, agus ann do loistibh fuinidh.


L. Ex8:4


Agus tiucfaidh na froguidhe suas ar aón ort féin, agus ar do
mhuinntir, agus ar do sherbhíseachuibh uile.


L. Ex8:5


Agus do labhair an tighearna re Maóisi, abair ré Háaron, sín amach
do lámh lé do shlat os cionn na srothann, os cionn na nabhann, agus os
cionn na lochán, agus tabhair fa deara froguidhe do theachd suas ar
thalamh na Hégipte.


L. Ex8:6


Agus do shín Aáron a lámh ós cionn uisge na Hégipte, agus tangadar
na froguidhe amach, agus do fholuigheadar talamh na Hégipte uile.


L. Ex8:7


Agus dorinneadar na draóithe sin lena ndroigheachd, agus tugadar
froguidhe suas ar talamh na Hégipte.


L. Ex8:8


Annsin do ghoir Phárao ar Mhaóise, agus ar Aáron, agus
adubhairt sé, guidhidh an tighearna go mbeireadh sé na froguidhe
uaimse agus óm mhuinntir, agus léigfe mé don phobal imtheachd go madh
héidir leó iodhbuirt do dhéanamh don tighearna.


L. Ex8:9


Agus adubhairt Maóise ré Phárao, bíodh ónóir agadsa ós mo
chionnsa; gá huair ghuidhfheas mé ar do shon agus ar son do
sherbhíseach, agus ar son do phobuil do scrios na bhfroguidh uáit, agus od
thighthibh ionnus go bhfanuidh síad san abhuinn amháin.


L. Ex8:10


Agus adubhairt seision, amárach: agus adubhairt seision, bíodh do
réir thfocailsi: ionnus go mbía a fhios agad nach bhfuil éinneach
cosmhuil ris an ttighearna ar nDíanne.


L. Ex8:11


Agus imeochuid na froguidh uait féin agus ód thighthibh, agus ód
sherbhíseachuibh, agus ód phobal, agus fanfuid siad san abhuinn amháin.


L. Ex8:12


Agus dochuaidh Maóise agus Aáron amach ó Phárao, agus do éigh
Maóise ar an tighearna, fá na froguibh tug sé anaghuidh Phárao.


L. Ex8:13


Agus dorinne an tighearna do réir bhreithe Mhaóise, agus fuaradar
na froguidhe bás ar an tighthibh agus ar na bailtibh, agus ar na
machairibh.


L. Ex8:14


Agus do cruinnigheadh a cceann a chéile íad na gcrúachuibh, agus do
bhrén an talamh.


L. Ex8:15


Achd anuair dochonnairc Phárao go bhfuair cáirde, do chruáidh sé a
chroidhe, agus níor éisd ríusan mar adubhairt an tighearna.


L. Ex8:16


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, abair ré Háaron, sín amach
do shlat agus buail luaithreamh anfearuinn go ndearntar míola dhi ar
feadh críche na Hégipte uile.


L. Ex8:17


Agus dorinneadar marsin; óir do shín Aáron a lámh amach le na
shlait, agus do bhuail luaithreadh na talmhan, agus dorinneadh míola dhi
a nduine agus a mbeathach: dorinneadh míola do luaithreadh na talmhan
uile ar feadh chríche na Hégipte.


L. Ex8:18


Agus do thairgeadar na draóithe mar an ccédna lena ndroigheachd
míola do chruthughadh, ach níor fhéadadar: mairsin dobhádar míola ar
dhuine agus ar bheathach.


L. Ex8:19


Annsin adubhradar na draóithe ré Phárao, séso méur Dé; agus do
crúáidheadh croidhe Phárao, agus níor éisd ríu, mar adubhairt an
tighearna.


L. Ex8:20


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, éirigh suas go moch ar
maidin, agus seas as coinne Phárao, féuch tiucfa sé amach chum an uisge,
agus abair ris: marso adeir an tighearna, léig dom phobal imtheachd go
ndénuid serbhís damhsa.


L. Ex8:21


Nó muna léigidh tú dom phobal imtheachd, féuch cuirfe mé saithe
mhíoltóg ort féin, agus ar do sherbhíseachuibh, agus ar do mhuinntir, agus
asteach ann do thighthibh, agus béid tighthe na Négipteach lán do
shaithibh míoltóg, agus mar an gcéadna an talamh ar a bhfuilid.


L. Ex8:22


Agus dhealocha mé an lásin fearann Gosen a gcomhnuighidh mo
phobal, nach bía aon tsaithe mhíoltóg annsin, ar chor go mbía a fhios
agadsa gur misi an tighearna a meadhon an domhuin.


L. Ex8:23


Agus cuirfe mé roinn idir mo dhaóinibh féin agus do dhaóinesi:
amárach bhías an comharthaso.


L. Ex8:24


Agus dorinne an tighearna marsin, agus táinic saithe dhoilghe
mhíoltóg asteach go tigh Phárao, agus go tighthibh a sherbhíseach,
agus ar feadh chríche na Hégipte uile: do truailleadh an talamh uile
treas an tsaithe mhíoltóg.


L. Ex8:25


Agus do ghoir Phárao ar Mhaóise agus ar Aáron, agus adubhairt;
éirgidh, dénuidh iodhbuirt do bhur nDía ann sa talamh.


L. Ex8:26


Agus adubhairt Maóise, ní hiomchubhuidh an nísin ré a dhéanamh:
óir is é an ní is athuamhar do na Hégiptibh dhéuna sinne iodhbuirt don
tighearna ar nDía: féuch dá ndéunadh sinne an ní is athuamar do na
Hégiptibh iodhbuirt as coinne a súl, nach géubhaidis do chlochuibh oruinn?


L. Ex8:27


Racham aistior thrí lá do shiubhal san bhfásach, agus dodhéanam
iodhbuirt don tighearna ar Ndía fá mar aitheónus sé dhínn.


L. Ex8:28


Agus adubhairt Phárao, léigfe mé dhaóibh imtheachd go ndearnthaói
iodhbuirt don tighearna bhur Ndía san bhfásach amháin ní rachthaói a
bhfad; guidhidh ar mo shon.


L. Ex8:29


Agus adubhairt Maóise, féuch, racha mé amach uaid, agus guidhfe mé
an tighearna go nimthighidh na saitheadha mioltóg ó Phárao, ó na
sherbhiseachuibh agus ó phobal amárach: ach ná himreadh Phárao
cealg níis mó, gan léigean don phobal imtheachd do dhéanamh
íodhbartha do tighearna.


L. Ex8:30


Agus dochuaidh Maóise amach ó Phárao, agus do ghuidh sé an
tighearna.


L. Ex8:31


Agus dorinne an tighearna do réir fhocail Mhaóise, agus do
atharruigh na saitheadha míoltóg ó Phárao, ó na shearbhfhoghantuibh,
agus ó na mhuinntir: níor fhan aón díobh.


L. Ex8:32


Agus do chrúadhuigh Phárao a chroidhe an uairse mar an gcéadna, agus
níor léig don phobal imtheachd.


L. Ex9:1


Annsin adubhairt an tighearna re Maóise, éirigh asteach go
Phárao, agus innis dó, is marso adeir an tighearna Día na Neabhruigheach
léig dom phobal imtheachd go ndéanuid serbhís damhsa.


L. Ex9:2


Óir má dhíultann tú léigean dóibh imtheachd, agus go ccuinneochuid tú
fós íad.


L. Ex9:3


Féuch atá lámh an tighearna ar hairnéis atá ar an machaire
amuigh; araneachraidh, ar na hassaluibh, ar na cámhalluibh, ar na damhuibh,
agus ar na caórchuibh: biaidh conach ródhoiligh orra.


L. Ex9:4


Agus dealóchuidh Día áirnéis Israel ó áirnéis na Hégipte; agus ní
racha éinní is lé cloinn Israel déug.


L. Ex9:5


Agus do órduigh an tighearna lá cinnte, dá rádh, amárach dodhéana an
tighearna an nísi an sa dúthaigh.


L. Ex9:6


Agus dorinne an tighearna an nísin arna mhárach, agus fuaradar
áirnéis na tíre uile bás: achd ní bhfuair éinbheathach dáirnéis na
Nisraelach bás.


L. Ex9:7


Agus do chuir Phárao fios amach, agus féuch ní dheacuidh aon amháin
déug dáirnéis Israel. Agus do cruadhuigheadh croidhe Phárao, agus
níor léig don phobal imtheachd.


L. Ex9:8


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise agus re Haáron, glacuidh
chuguibh lán glaice do luaith na fuirnéise, agus croitheadh Maóisi sin
chum nimhe a radharc Phárao.


L. Ex9:9


Agus dodhéuntar luaithreadh mion de ar feadh chríche na Hégipte,
agus biáidh na bhriseadh amach a mbolguidh ar dhuine agus ar
bheathach ar feadh chríche na Hégipte.


L. Ex9:10


Agus do ghlacadar luaith na fuirnéise, agus do sheasadar a lathair
Phárao, agus do chroith Maóise súas é chum nimhe, agus dorinneadh
bolgach dhé ag briseadh amach a lésach ar dhuine agus ar ainmhidhe.


L. Ex9:11


Agus níor fhédadur na draoithe seasamh a lathair Phárao do bhrígh na
bolguidhe; óir dobhí an bholgach ar na draóithibh, agus ar na
Hégiptibh uile.


L. Ex9:12


Agus do crúadhuigh an tighearna croidhe Phárao agus níor éisd ríu,
mar adubhairt an tighearna re Maóise.


L. Ex9:13


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, éirigh suas go moch ar
maidin, agus seas as coinne Phárao, agus abuir ris, is marso adeir an
tighearna Día na Neabhruigheach, léig dom phobal imtheachd go ndénaid
serbhís damh.


L. Ex9:14


óir cuirfe mé anois mo phlága uile ar do chroidhe, agus ar do
sherbhíseachuibh, agus ar do mhuinntir, chor go mbía a fhios agad nach
bhfuil mo leitheid eile san domhan.


L. Ex9:15


óir anois sínfe amach mo lámh go mbuáilidh mé thusa agus do dhaoine
lé pláigh, agus gearrfuighear ón talamh thú.


L. Ex9:16


Agus go deimhin is uimeso do thóg mé tusa suas, ionnus go
ttaisbeanfuinn ionnadsa mo chumhachda, agus go bhfoillseochuidh mainm
ar feadh an domhuin uile.


L. Ex9:17


Agus anárduigheann tusa fós thú féin anaghaidh mo phobuil, nach áil
leachd léigean dóibh imtheachd?


L. Ex9:18


Féuch fán amsa amárach cuirfe misi, cloichshneachda roighér, a
leitheid nach raibh saNégipt ó cruthuigheadh í, gus aniugh.


L. Ex9:19


Ar anadhbharsin, fuagair anois agus cruinnigh háirnéis, agus a
bhfuil agad annsa machaire; óir an uile dhuine, agus an uile bheathach ar
a mbearthar ar an machaire, agus nach bearthar abhaile, tiucfa an
chloichshneachda anúas orra, agus dogheabhuid bás.


L. Ex9:20


An té ar a raibh eagla bhréithre an tighearna Día a measg sherbhíseach
Phárao, tug fá deara dhá sherbhíseachuibh, agus dá áirnéis teitheamh
asteach do na tighthibh.


L. Ex9:21


Agus an té ag nach raibh suim a mbreithir an tighearna, do fhág a
sherbhísigh, agus a áirnéis ar an machaire.


L. Ex9:22


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, sín amach do lámh chum nimhe,
ionnus go mbía cloichshneachda ar feadh chríche na Hégipte ar
dhuine, agus ar ainmhidhe, agus ar gach uile luibh san mhachaire, ar
feadh críche na Hégipte uile.


L. Ex9:23


Agus do shín Maóise a shlat amach chum nimhe, agus do chuir an
tighearna tóirneach agus cloichshneachda, agus táinic an teine ar feadh na
talmhan, agus do fhear an tighearna cloichshneachda ar chrích na
Hégipte.


L. Ex9:24


Marsin dobhí cloichshneachda agus teine comaisce leis an
gcloichshneachda go rodhoiligh, air chor nach dtáinic a leitheid a
gcrích na Hégipte ó rinneadh tír dhi.


L. Ex9:25


Agus do bhuail an sneachda ar feadh chríche na Hégipte, gach a raibh
amuigh san machaire idir dhuine agus bheathach, agus do bhuail an sneachda
gach aon luibh ar an machaire, agus do bhris gach énchrann ar an
machaire.


L. Ex9:26


Amháin a bhfearann Gosen mar a rabhadar clann Israel ní raibh
cloichshneachda ar bith.


L. Ex9:27


Agus do chuir Phárao fios ar Mhaóisi agus air Aáron, agus do
ráidh ríu; do phecuidh mé anuairsi; atá an tighearna fíréunta, agus
atáimsi agus mo mhuinnntir go holc.


L. Ex9:28


Guidhidh an tighearna nach bía níis mó do thóirnigh mhóir, nó do
chlochshneachda; óir is lór a ndéarnadh, agus léigfe misi dhíbh, agus ní
fhanfuidh sibhsi níos sia.


L. Ex9:29


Agus adubhairt Maóisi ris, comhluath is rachas misi amach as an
gcathruigh, leithneocha mé mo lámha amach chum an tighearna, agus
scuirfidh an tóirneach, agus ní bhía níis mó do chloichshneachda; ar chor
go naitheona tusa gur leis an ttighearna an domhan.


L. Ex9:30


Achd ar do shonsa, agus ar son do sherbhíseach atá a fhios agam nach
biaidh eagla an tighearna Día fós oruibh.


L. Ex9:31


Agus do buaileadh an líon agus aneórna, óir dobhí aneórna a ndéis
agus an líon a mbolguibh.


L. Ex9:32


Ach níor buaileadh an chruithneachd nó an seagal: óir níor fásadar
suas.


L. Ex9:33


Agus dochuaidh Maoise amach as an gcathraidh ó Phárao, agus do
leathnuigh amach a lámha ar an ttighearna, agus do scuireadar na
tóirneacha, agus an chloichshneachda, agus níor dóirteadh an fearthuinn ar
an ttalamh.


L. Ex9:34


Agus anuair dochonnairc Phárao gur scuir an fearthuinn, an
chloichshneachda, agus an tóirneach, do phecuidh sé tuilleamh fós, agus
do cruadhuigh a chroidhe, é féin agus a sherbhísigh.


L. Ex9:35


Agus do cruadhuigheadh croidhe Phárao, agus níor léig do chlannuibh
Israel imtheachd, mar do labhair an tighearna re Maóise.


L. Ex10:1


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, éirigh asteach go Phárao;
óir do chrúadhuigh misi a chroidhe, agus croidhe a sherbhíseach,
ionnus go ttaisbéanfuinn íadso mo chomharthadha dá lathair.


L. Ex10:2


Agus ionnus go ninneostasa a gcluasuibh do mhic, agus mhic do
mhic, ciodh íad na neithe dorinne misi saNégipt, agus mo
chomharthadha dorinne mé na measg, ionnus go mbía a fhios aguibh
gur misi an tighearna.


L. Ex10:3


Agus táinig Maóise agus Aáron asteach go Phárao, agus adubhradar
ris, is marso adeir an tighearna, Día na Neabhruigheach, gá fad bhias
tú ag díultadh thú féin dumhlughadh dom lathairse? léig dom phobal
imtheachd go ndénaid serbhís damh.


L. Ex10:4


Nó má dhíultann tú léigion dom phobal imtheachd, féuch go ttiubhra misi
amárach, na locuistigh ann do thóranna.


L. Ex10:5


Agus faileochuid síad aghaidh na talmhun, nach budh féidir le duine an
talamh dfaicsin, agus íosuid síad an fuighioll dochuaidh as don ní noch
do mhair aguibhsi ón chloichshneachda, agus íosuid gach uile chrann dar
fhás díbh as an ttalamh.


L. Ex10:6


Agus líonfuid síad do thighthe, agus tighthe do mhuinntire, agus
tighthe na Négipteach uile; ní nach bhfacaidh hathair, nó athair
hathair ón ló fá rabhadar ar an ttalamh, gus aniugh: agus do iompóigh sé é
féin, agus dochuáidh amach ó Phárao.


L. Ex10:7


Agus adubhradar muinntir Phárao ris; cá fad bhías an fearsa na dhul
oruinn? léig do na daoinibh imtheachd, ionnus go ndénuid serbhís don
tighearna a nDía; nach bhfuil a fhios agad fós gur milleadh
aNégipt.


L. Ex10:8


Agus tugadh Maóise agus Aáron arís chum Phárao, agus adubhairt sé
ríu; imthighidh, déanuidh serbhís don tighearna bhur nDía: ach cía híad
féin imeochus.


L. Ex10:9


Agus adubhairt Maóise ris, imeochum maille re ar nóguibh, agus re ar
seanuibh, maille re ar macuibh agus re ar ningheanuibh, maille ré ar
ttréduibh agus re ar ndealbhadhuibh imeochum: óir caithfeam fésda
chongmhail don tighearna.


L. Ex10:10


Agus adubhairt seision riú: bíodh an tighearna marsin libhsi, fa
mar leigfeas misi dhíbhse imtheachd, agus dá bhur nóguibh: féuchuidh,
atá olc romhuimh.


L. Ex10:11


Ní marsin: imthighidh sibhse anois atá bhur bhfearuibh agus
dénuidh serbhís don tighearna: óir is ésin do iarrabhair: agus do
cuireadh amach íad as lathair Phárao.


L. Ex10:12


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, sín amach do lámh ós cionn
chríche na Hégipte, do thabhairt na lócuistigh ann, chor go ttiucfaidh
suas ar thalamh na Hégipte; agus go nithid gach uile luibh ar an
ttalumh an uile ní dár fhág an chloichshneachda.


L. Ex10:13


Agus do shín Maóise a shlat amach ós cionn chríche na Hégipte, agus
tug an tighearna gaóth anoir ar an ttalamh, feadh an laóisin, agus ar
feadh na hoidhchesin uile; agus íar dteachd na maidine, tug an ghaóth
anoir lócuistigh ann.


L. Ex10:14


Agus dochuadar na locuistigh súas ar feadh chríche na Hégipte uile,
agus do fhosadar a ttórannuibh na Hégipte uile do budh rodhoiligh íad:
ní raibh a leitheid do lócuistibh rompa aríamh, agus ní mo bhías a
leitheid na ndiáigh.


L. Ex10:15


Óir do fholcadar aghaidh na talmhan uile, ionnus gur dorchuigheadh an
talamh uile, agus adúadar gach uile luibh ar an ttalamh, agus uile
thoradh na gcrann, noch do fhág an chloichshneachda, agus níor fhan éinní
glas ar na crannuibh, nó a luibhibh na talmhan ar feadh chríche na
Hégipte uile.


L. Ex10:16


Annsin do ghoir Phárao ar Mhaóise agus ar Aáron go deithfreach,
agus do ráidh: do phecaidh mé anaghaidh an tighearna bhur Ndía, agus
bhur naghuidhsi.


L. Ex10:17


Anois ar anadhbharsin íarruim dathchuinghe ort, maith mo pheacadh
an énuairse amháin, agus guidhidh an tighearna bhur Ndía go mbeireadh
sé amháin an básso uaimh.


L. Ex10:18


Agus dochuaidh sé amach ó Phárao, agus do ghuidh an tighearna.


L. Ex10:19


Agus do iompóidh an tighearna gaóth roláidir aníar, noch rug lé na
locuistigh, agus do theilg san mhuir ruaidh íad: níor fhan énlócust
amháin a gcrích na Hégipte uile.


L. Ex10:20


Ach do chrúadhuigh Día croidhe Phárao, ionnus nárbháil leis léigion
do chloinn Israel imtheachd.


L. Ex10:21


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, sín amach do lámh chum
nimhe, ionnus go ttiucfadh dorchadas tar chrích na Hégipte,
dorchadas bhus éidir do ghlacadh.


L. Ex10:22


Agus do shín Maóisi a lámh chum nimhe, agus dobhí dorchadas tiugh ar
feadh chríche na Hégipte uile ar feadh thrí lá.


L. Ex10:23


Ní fhaca duine aca a chéile, ní má do éirigh aonduine aca as áit ar
feadh thrí lá, ach dobhí solus ag cloinn Israel ann a náitibh féin.


L. Ex10:24


Agus do ghoir Phárao ar Mhaóisi, agus adubhairt, imthighidh
dénuidh serbhís don tighearna: amháin coinnighthear bhur ttréda, agus
bhur nealbhadha; éirgedís bhur naos óg mar an gcéadna libh.


L. Ex10:25


Agus adubhairt Maóise, caithfe tú mar an gcéadna iodhbuirt agus
ofráil loisge do thabhairt dúinn, lé ndénamh iodhbuirt don tighearna ar
nDía.


L. Ex10:26


Rachaidh ar náirnéis linn mar an gcédna, ní fhuigfeam ionga ar
ndiáigh: óir is díobh sin chaithfeam do ghlacadh chum serbhíse do
dhéanamh don tighearna ar Ndía; agus ní feas dúinn cread leis a ndénamh
serbhís don tighearna, nó go ttigheam annsin.


L. Ex10:27


Ach do chrúadhuigh an tighearna croidhe Phárao agus níorbháil leis
léigion dóibh imtheachd.


L. Ex10:28


Agus adubhairt Phárao ris, imthigh uáim, bí ar do coimhéad duit
féin, ná faic mo ghnúis níos mó; óir an lásin dochífeas tú maghuidh
dogheabha tú bás.


L. Ex10:29


Agus adubhairt Maóise, is maith do labhair tú, ní fhaicfe mé
haghuidh arís níos mó.


L. Ex11:1


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise; dobhéara mé fós énphláigh
amháin eile ar Phárao agus ar aNégipt: na dhiaighsin léigfidh sé dhíbh
imtheachd asso: anuáir léigfidh sé dhíbh imtheachd, dingfidh sé go
deimhin asso amach go hiomlán sibh.


L. Ex11:2


Labhair anois anéisdeachd an phobail, agus faghadh gach énduine
áirleaghadh ó na comharsuin, agus gach aón bhean ó na comharsuin seóid
airgid, agus seóid óir.


L. Ex11:3


Agus tug an tighearna fabhar don phobal a radharc na Négipteach: ós a
chionnsin dobhí an tóglach, Maóise, romhór a ccrích na
Hégipte, a radharc mhuinntire Phárao, agus a súilibh an phobuil.


L. Ex11:4


Agus adubhairt Maóise, is marso adeir an tighearna, timchioll
meadhón oidche, racha mé amach a lár na Hégipte.


L. Ex11:5


Agus dogheabha céidghin gach aónduine ar feadh na Hégipte bás: ó
chéidghin Phárao noch shuidheas ann a chathaóir ríoga, go céidghin an
chailín tserbhíse atá ar chúl an mhuilinn: agus céidghin an uile
bheathach.


L. Ex11:6


Agus beid comhairc ar feadh chríche na Hégipte uile, is nach raibh
a leithid, agus nach bía a leithid níis mhó go bráth.


L. Ex11:7


Ach ní chorróchuidh madradh a theangadh anaghuidh énduine do chloinn
Israel, anaghuidh duine nó beathuigh, ar chor go mbía a fhios aguibh
cionnus chuirios Día idirdhealadh idir na Hégiptibh agus Israel.


L. Ex11:8


Agus íadso do sherbhísighse uile, tiucfaid síad síos chugamsa, agus
claonfuid íad féin síos damhsa, dhá rádh, éirigh amach agus an uile
phobal leanas tú; agus na dhiaighsin, racha misi amach: agus dochuaidh
sé amach ó Phárao air lasadh ré feirg.


L. Ex11:9


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise: ní eistfidh Phárao riotsa
iondus go méideochthaoi mo iongantasa a ccrích na Hégipte.


L. Ex11:10


Agus dorinne Maóisi, agus Aáron na hiongantaso uile a lathair
Phárao, agus do chrúadhuigh an tighearna croidhe Phárao, ionnus nár
léig do chloinn Israel imtheachd amach as a dhúthaidh.


L. Ex12:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, agus re hAáron a gcrích
na Hégipte, dí rádh;


L. Ex12:2


Is í an mhíse bhías aguibhsi na tosach míos, is í bhur céad mí don
bhlíadhuin díbh.


L. Ex12:3


Labhruidhsi re comhthional Israel uile ga rádh, an deachmhadh lá don
mhíse glacfuidh síad chuca gach aónduine aca úan do réir thighe a n-
aithreach, úan ar son gach éintighe.


L. Ex12:4


Agus má bhíonn an teaglach robheag donúan, glacadh seision é agus a
chomharsa is foigse dhá thigh do réir uibhre na nannman; dodhénuid
gach aónduine do réir mar íosas sé do cuntas ar son anuáin.


L. Ex12:5


Biáidh bhur nuáin gan toibhéim, firionnach don chéidbhliadhuin:
beanfuidhe ó na caórcuibh nó ó na gabhruibh é.


L. Ex12:6


Agus coinneochtaói aguibh é go nuige an ceathramadh lá déag don mhí
chédna: agus muirfidh comhchruinniughadh iomlán phobuil Israel é
tráthnóna.


L. Ex12:7


Agus glacfuid síad cuid donfuil, agus buailfid í ar dhá ursoinn agus
ar fhardorus na ttightheadh a níosuid síad é.


L. Ex12:8


Agus íosuid síad anfeoil an oidhchesin: rósta ré teinidh, agus arán gan
laibhín, re luibheannuibh searbha íosuid síad é.


L. Ex12:9


Ná hithid éinní dhe amh, nó bruithe le huisge ar énchor, achd rósta
lé tinidh, a cheann maille rena chosa, agus maille re a mbeanann ris.


L. Ex12:10


Agus ní fhuigfidhe éinní dhe go maidin, agus an mhéid bhías gan ithe
dhe go maidin loisgfidhe é le teinidh.


L. Ex12:11


Agus is marso íostaói é: maille re bhur bhfordhronnuibh
criosluighthe, bhur mbróga ar bhur ccosuibh, agus bhur mbata an bhur
láimh, agus íostaoi go deithneasach é; sé cáisg an tighearna é.


L. Ex12:12


Óir racha misi tré chrích na Hégipte anochd, agus buailfead an uile
chéidghin saNégipt idir dhuine agus bheathach, agus daimhdheóin uile
Dhée na Hégipte cuirfead breitheamhnus a gcrích: as misi an Tighearna.


L. Ex12:13


Agus biaidh anfuil aguibhse mar chomhartha ar na tighthibh a
mbeithí, agus anuáir dochífe misi anfuil, racha mé thoruibh, agus ní
bía an phláigh oruibh da bhur marbhadh, anuáir bhuáilfeas mé críoch na
Hégipte.


L. Ex12:14


Agus biáidh an lása aguibhsi mar chruinne; agus cuimhdeochthaói é
mar fhéusda don tighearna ar feadh bhur saoghuil; cuimhdeochthaói é mar
fhéusda maille ré hórdughadh síorruidhe.


L. Ex12:15


Seachd lá íostaói arán gan laibhín: eadhon an chead lá cuirfidhe amach
an laibhín as bhur ttighthibh: óir cíodh bé ar bith íosas arán laibhín ón
chead lá go nuige an seachdmhadh lá gearrfhuigear amach an tanamsin ó
Israel.


L. Ex12:16


Agus an chead lá bíodh aguibh comhghairm naómhtha, agus air a
seachdmhadh lá comhghairm naómhtha mar an ccédna: ní dhéntar éinghné
oibre ionnta: achd amháin an ní chaithfeas gach aón duine dithe, sin
amháin is éidir libh a dhéanamh.


L. Ex12:17


Agus cuimhdeochthaói féusda anaráin gan laibhín, óir is ann sa ló
chéadnasin tug misi bhur sluagh amach as crích na Hégipte; uimesin
coimhéudfaói an lása feadh bhur saoghuil maille re hórdughadh
síorruidhe.


L. Ex12:18


Annsa chéad mhí ar an cceathramhadh lá déug don mhí tráthnóna
íostaói arán gan laibhín, nó go ttí an taonmhadh lá fichiod do mhí
tráthnóna.


L. Ex12:19


Ar feadh seachd lá ní fhuighthear laibhín ar bith an bhur ttighthibh:
óir gidhbé ar bith íosas arán laibhín, gearrfuigear go háirighe an t
anamsin amach ó choimhthionól Israel, madh coimhigheach é nó duine
rugadh san tír.


L. Ex12:20


Ní íostaói éinní ar a mbía laibhín: an bhur nuile thigthibh íostaói
arán gan laibhín.


L. Ex12:21


Annsin do ghoir Maóise ar uile shinnsear Israel, agus adubhairt
ríu: tighidh amach, agus glacuidh chuguibh úan do réir bhur muinntire agus
marbhuidh an túan-cásg.


L. Ex12:22


Agus glacaidh ceanglachán iosóipe, agus tumaidh é san bhfuil, noch
bhías annsa bhaisín, agus buáilidh an fárdorus, agus an dá ursuin leis an
bhfuil bhías annsa bhaisín, ag ní rachuidh aónduine aguibh amach
as dorus a thighe go maidin.


L. Ex12:23


Óir rachaidh an tighearna ar fad do bhúaladh na Hégipte; agus
anuáir dochífe sé anfuil ar a bhfárdorus, agus ar a dá ursainn,
géubhuidh
an tighearna thar an dorus, agus ní léigfe don mhillteoir teachd asteach
ann bhur ttigthibh dá bhur mbúaladh.


L. Ex12:24


Agus coinneochtaói so mar órdughadh dhaóibh féin agus dá bhur ccloinn
go bráth.


L. Ex12:25


Agus teigeomhuidh anuáir thiucfuidhe ann sa dúthaigh bhéuras an
tighearna dhíbh do réir mar do gheall sé, go ccuimhdeochthaói an
tserbhíse.


L. Ex12:26


Agus teigeomhuidh anuáir adéaras bhur cclann ribh: ciodh as cíall
daoibh annso tserbhíse?


L. Ex12:27


Go naibeorthaóisi gurob ísin iodhbuirt chásg an tighearna, noch do
sheachuin tighthe chloinne Israel san Négipt, anuáir do bhuáil sé na
Hégiptigh, agus do shaór ar dtighthenne; agus do chromadar an pobal a
ccinn, agus do adhradar an tighearna.


L. Ex12:28


Agus do imthigheadar clann Israel, agus dorinneadar mar do aithin an
tighearna do Mhaóise, agus do Aáron: is marsin dorinneadar.


L. Ex12:29


Agus táinic a ccrích san meadhón oidhche gur bhuail an tighearna an
uile chéidghin san Négipt, ó chéidghin Phárao noch do shuidh na
chathaoir ríoga, go céidghin na braighde dobhí san phríosún, agus an
uile chéidghin na hairnéisi.


L. Ex12:30


Agus do éirigh Phárao san noidhche, é féin agus a mhuinntir uile,
agus na Hégiptigh uile, agus dobhí gáir ghuil mhóir san Négipt:
óir ní raibh tigh gan duine marbh ann.


L. Ex12:31


Agus do ghoir sé ar Mhaóise agus ar Aáron san noidhche, agus
adubhairt riú, éirgidh suas, agus imthigh amach ó bheith a measg mo
phobhail, sibh féin agus clann Israel: agus éirgidh, dénuidh serbhís don
tighearna mar adubhrabhair.


L. Ex12:32


Mar an gcéadna beiridh bhur ttréda agus bhur nealbhadha libh, mar
adubhrabhair agus imtighidh: agus beannuighidh misi mar an gcéadna.


L. Ex12:33


Agus dobhádur na Hégiptigh duthrachach ar an bpobal chum go
gcuiridís amach as a talamh íad, go deithneasach: óir adubhradar as
daoine marbha sinn uile.


L. Ex12:34


Agus rugadar na daoine a ttáos leó suil dobhí sé a laibhín, air
mbeith dá loistibh fuinte ceangailte suas a néaduighibh ar a ngúaillibh.


L. Ex12:35


Agus dorinneadar clann Israel do réir bhréithre Mhaóise, agus do
airliceadar ó na Hégiptibh seóid airgid agus seóid óir, agus éaduighe.


L. Ex12:36


Agus tug an tighearna fabhar don phobal a bhfiaghnuise na
Négipteach, ionnus go tugaidís dóibh na neithe do íarradar orra; agus do
shladadar na Hégiptigh.


L. Ex12:37


Agus do ghluaiseadur chlanna Israel ó Rameses go Succot timcioll
sé chead míle fear dá ccois, taobh amuigh do leanbuibh.


L. Ex12:38


Agus dochuadar mórán daoine cumaisce leó suás, agus tréda agus
ealbhadha, romhóran áirnéise.


L. Ex12:39


Agus do bhruitheadar bairgheana gan laibhín don táos noch thugadar leó
amach as aNégipt, óir ní raibh laibhín air: óir do dingeadh amach as
aNégipt íad, agus níor fhéadadar fuireach, ní mí do ullmhuigheadar bíadh ar
bith dhóibh féin.


L. Ex12:40


Agus cuáirt chloinne Israel, noch do chomhnuigh san Négipt, bá
ceithre chéad, agus tríochad blíadhan é.


L. Ex12:41


Agus tárla ar gríochnughadh na gceithre ccéad agus na ttríochad
blíadhan, an lásin féin, go ttáinic a gcrích gur imthigheadar sluagh an
tighearna uile amach as aNégipt.


L. Ex12:42


Is oidhchesin re coiméad go mór don tighearna, ar son a
ttabhairtsion amach as crích na Hégipte: síso an oidhchesin an
tighearna rena coimhéad ag clannuibh Israel uile ann a ngeinealachuibh.


L. Ex12:43


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, agus re Háaron: séso
ordughadh na cásg: ní íosaidh, coimhightheach ar bith dhe.


L. Ex12:44


Ach serbhíseach gach áonduine, ceinneachthar ar airgead, anuair
thimchillgheárfus tú é, annsin íosaidh sé dhe.


L. Ex12:45


Fear énuáire nó serbhíseach túarusduil ní íosuidh sé dhe.


L. Ex12:46


A néntigh amháin íostar é; ní bhéura tú éinní donfeóil amach as a
tigh, ní mó bhrisfidhe cnáimh dhe.


L. Ex12:47


Dodhénuid coimhthionól chloinne Israel uile é.


L. Ex12:48


Agus anuair dodhéana coimhightheach comhnuighe ad fhochair,
agus choimheadfas an cháisg don tighearna: timchillgheárthar a chlann mhac
uile, agus annsin tigeadh a bhfogus agus coimhédadh é, agus biaidh sé
mar aon bhearthar san tír: óir ní íosuidh éinneach gan timcillghearradh é.


L. Ex12:49


En dligheadh amháin bhías ag an té bhearthar san tír, agus ag an
ccoimhightheach choimhneochus bhur bhfochair.


L. Ex12:50


Marso dorinneadur clann Israel, fa mar do aithin an tighearna do
Mhaóise agus do Aáron; marsin dorinneadur.


L. Ex12:51


Agus tárla an lásin féin, go ttug an tighearna clann Israel amach as
anégipt réna sluaghuibh.


L. Ex13:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise ag rádh.


L. Ex13:2


Coisrigh dhamhsa gach én chédghin; gidhbé ar bith fhoisceolus an
bhrú a measc chloinne Israel, idir dhuine agus beathach, is liomsa é.


L. Ex13:3


Agus adubhairt Maóisi ris an bpobal, cuimhnighidh an láso a
ttangabhair amach as aNégipt as tigh na daóirse: óir is maille re
neart láimhe thug an tighearna amach sibh as anáitse: ní híostar arán
laibhín.


L. Ex13:4


San ló aniugh thangabhair amach, a mí abib.


L. Ex13:5


Agus teigéomhuidh anuair bhéurus an tighearna sibh go crích na
Gcananíteach, agus na Hititeach, agus na Namoríteach, agus na
Hibhíteach, agus na Iebusíteach, noch do mhionnuigh sé dod aithribhsi
go ttiubhradh dhuit fearann fa thuile bhainne agus mheala, go
gcoimhédfuidh tú an tserbhísi annsa míse.


L. Ex13:6


Seachd lá íosas tú arán gan laibhín, agus annsa seachdmhadh lá, biaidh
lá saóire don tighearna.


L. Ex13:7


Arán gan laibhín ióstar seachd lá, agus ní faicfidhear arán laibhín
agad, agus ní mó chífidhear laibhín agad an do cheathramhnuibh uile.


L. Ex13:8


Agus inneósa tú dod mhac ann sa lósin ag rádh, do
chionn an neithe dorinne Día riumsa, anuáir tháinic mé amach as
aNégipt.


L. Ex13:9


Agus biáidh mar comhartha dhuitsi ar do láimh, agus mar chuimhne
eidir do shúilibh, ionnus go mbía dligheadh an tighearna ad bhéul: óir is
lé láimh láidir thug an tighearna amach as aNégipt thú.


L. Ex13:10


Cuimhdeocha tú ar anadhbhursin an tórdughadhsa na am féin ó
bhlíadhuin go blíadhuin;


L. Ex13:11


Agus teigeoimidh anuáir bhéurus an tighearna thú go crích na
Gcananíteach, fa mar mhionnaidh sé dhuit féin agus dod aithribh, agus
dobhéura sé dhuit é;


L. Ex13:12


Go ccuirfe tú ar leith don tighearna, an uile ghein osclus an bhrú,
agus an uile chédthuismeadh thigh ó bheathach, noch is leachtsa, na
firionnuigh is leis an ttighearna.


L. Ex13:13


Agus gach en chéd shearrach assail fuáisgéola tú é le húan, agus muna
fhúasglair é, annsin brisfe tú a mhuinéul: agus an uile chédghein
bheartha do dhuine a measg do chloinne, fuáisgéola tú é.


L. Ex13:14


Agus biáidh sin anuair fhíafrochas do mhac dhíot sanaimsir atá ag
teachd, ag rádh, cread éso? Go naibéora tú leis, le neart láimhe thug
an tighearna sinne amach as aNégipt ó thigh na daóirse.


L. Ex13:15


Óir tárla anuáir fár dheacair le Phárao léigean dúinn imtheachd gur
mharbh an tighearna an uile chéidghin a ccrích na Hégipte,
araon cédghin an duine agus cédghin an ainmhidhe: uimesin doním
iodhbuirt don tighearna, an uile fhirionnach fhosclas an bhrú, ach
cédghin mo chloinne fúasgluim.


L. Ex13:16


Agus biaidh na chomhartha ar do láimh, agus mar édanán idir do
shúilibh: óir lé neart láimhe thug an tighearna amach sinn as aN
égipt.


L. Ex13:17


Agus tárla anuair do léig Phárao don phobal imtheachd, nach ar
thréoruidh Día iad tré shlíghe na BhPhilistíneach, gidh go raibh sin
aithghearr: óir adubhairt Día deagla go tteigéomhadh go mbía aithreachus
ar an bpobal anuair dochífidís cogadh, agus go bhfillfeidís
doNégipt.


L. Ex13:18


Ach do thréoruidh Día an pobal fáccuairt tré shlighe fhásuigh na mara
ruaidhe, agus dochuadar clann Israel suas éidighthe amach as crích na
Hégipte.


L. Ex13:19


Agus rug Maóisi cnámha Ióseph leis: óir tug sé mionna ar chloinn
Israel ag rádh, tiucfa Día go deimhin dá bhur bhfiosrughadh, agus
béurthaói mo chnámhasa asso libh.


L. Ex13:20


Agus do ghluaiseadar ó Sucot, agus dorinneadar foslungphuirt a
Netam, animeal an fásuigh.


L. Ex13:21


Agus dochuaidh an tige rompa san ló a bpíleir néill, do mhúnadh na
sligheadh dhóibh, agus sanoidhche a bpíleir thineadh, do thabhairt soluis
dóibh, do imtheachd do ló agus doidhche.


L. Ex13:22


Níor chorruigh sé úatha an piléir néill san ló, nó an piléir tineadh
san oidhche, as fiadhnuise an phobuil.


L. Ex14:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, ag rádh.


L. Ex14:2


Labhair lé cloinn Israel go bhfillidh, agus go ndérnaidh campa as
coinne Phihahirot, eidir Migdol, agus anfairge, thall ar aghuidh
Baal-sephron; as a choinne dodhéntaói campa láimh ris anfairge.


L. Ex14:3


Óir adéra Phárao a ttaobh chloinne Israel, atáid síad air
sechrann san tír: do íadh an fásach na ttimchioll:


L. Ex14:4


Agus cruáidheocha misi croidhe Phárao, ionnus go leanfuidh sé íad,
agus dogheabhadsa glóir a dtimchioll Phárao, agus a shlóigh uile; chor
go mbía an tighearna: agus dorinneadar sin.


L. Ex14:5


Agus do hinnseadh do Rígh na Hégipte gur theitheadur an pobal:
agus do claochlóidheadh croidhe Phárao agus a mhuinntire anaghuidh
an phobuil, agus adubhradar, créd fá ndearnamar so? as ar léigeamar
Israel dimtheachd as ar serbhís.


L. Ex14:6


Agus do réighidh sesion a charbad, agus rug a mhuintir leis.


L. Ex14:7


Agus rug leis sé chéd carbad toghtha, agus carbuid na Hégipte uile,
agus ceann feadhna os cionn gach éanchoda dhíobh.


L. Ex14:8


Agus do chruáidhigh an tighearna croidhe Phárao Rígh na Hégipte,
agus do ghluais sé a ndiáigh chloinne Israel: agus dochuadar
clanna Israel amach lé láimh áird.


L. Ex14:9


Achd do leanadar na Hégiptigh na ndiáigh, (eich agus carbaid
Phárao agus a mharcshlúagh agus a shlúagh uile) agus rugadar orra a
campa chois na fairge, ré taobh Pihahirot as coinne Baal-sephon.


L. Ex14:10


Agus anuair tháinic Phárao láimh ríu, do thógbhadar clann
Israel a súile súas, agus féuch dorinneadur na Hégiptigh na ndiáigh,
agus dobhádursan lán deagla agus do éimhgheadur clann Israel ar an
ttighearna.


L. Ex14:11


Agus adubhradar re Maóise, do chionn nach rabhadar uaighe
saNégipt thug tú leachd sinn dfagháil bháis san bhfásach?
cread fá ndérna tú marso rinn, ar ttabhairt amach as aNégipt?


L. Ex14:12


Nach éso an focal do innseamar dhuit saNégipt, ag rádh léig
dhúinn serbhís a dhénamh do na Hégiptibh óir dobfearr dhúinne
serbhís do dhéanamh do na Hégiptibh, ná bás dfagháil san bhfásach.


L. Ex14:13


Agus adubhairt Maóise ris an bpobal, bíodh eagla oruibh, fanuidh
bhur seasamh, agus féucuidh tártháil an tighearna noch thaisbéanfas sé
dhíbh aniugh: óir na Hégiptigh dochoncabhair aniugh, ní fhaicfidhe íad
arís go bráth.


L. Ex14:14


Troidfidh an tighearna ar bhur son, agus beithí se bhur ccomhnuighe.


L. Ex14:15


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, cread fa néimhgeann tú
orumsa? abuir ré cloinn Israel dul ar a naghuidh.


L. Ex14:16


Achd tógsa súas do shlat agus sín amach do lámh ós cionn na fairge,
agus roinn í: agus imeochuid clann Israel ar talumh tirim tré lár na
fairge.


L. Ex14:17


Agus féuch crúaidheochaidh misi croidhe na Négiptach, agus leanfuidh
iad, agus dogheabhadsa glóir a ttimchioll Phárao, agus a shlóigh
uile, agus ar a charbaduibh agus ar a mharcshluagh.


L. Ex14:18


Agus aitheonuidh na Hégiptigh gur mé an tighearna, an uáir do
gheabha mé onóir ar Phárao, ar a charbaduibh agus ar a mharcshluagh.


L. Ex14:19


Agus aingeal Dé noch dobhí roimhe Champa Israel, do atharruigh sé,
agus dochuaidh na ndiáigh.


L. Ex14:20


Agus táinic idir champa na Négipteach agus campa Israel, agus do
bhí na néull, agus na dhorchadas dóibh súd, agus na sholus dóibh so san-
oidhche, ionnus nach dtáinic ceachdar dhíobh a ngar a chéile ar feadh na
hoidhche:


L. Ex14:21


Agus do shín Maóise a lámh amach ós cionn na fairge, agus tug an
tighearna ar an bhfairge dul (ar a h ais) lé gaoith láidir anoir ar feadh
na hoidhchesin, agus dorinne anfairge na talamh thirim, agus do
roinneadh na huisgidhe.


L. Ex14:22


Agus dochuadar clann Israel a lár na fairge ar an talamh thirim,
agus dobhádur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a láimh dheis agus ar
a cclé.


L. Ex14:23


Agus do leanadur na Hégiptigh íad, agus dochuadar na ndiáigh go lár
na fairge, eadhon eich Phárao uile, a charbuid, agus a mharcshluagh.


L. Ex14:24


Agus táinic timchioll fhaire na maidine gur fhéuch an tighearna ar
shlúaghuibh na Négipteach thríd an bpiléir tineadh, agus an néull, agus
gur bhuaidhir slúagh na Négipteach.


L. Ex14:25


Agus do bhean amach roithléin na gcarbad, gur thairngeadar íad go
trom, ionnus go ndubhradar na Hégiptigh, teitheamaoid as lathair
Israel: óir atá an tighearna ag troid ar a son anaghuidh na
Négipteach:


L. Ex14:26


Agus adubhairt an tighearna re Maóisi, sín amach do lámh ós cionn
na fairge, ionnus go ttigid na huisgidhe arís ar na Hégiptibh, ar a
ccarbaduibh, agus ar a marcshluagh.


L. Ex14:27


Agus do shín Maóise a lámh amach ós cionn na fairge, agus do fhill
anfairge iona neart féin anuáir do fhoillsigh an mhaidin, agus do
theitheadar na Hégiptigh na haguidh: agus do bháith an tighearna na
Hégiptigh a lár na fairge.


L. Ex14:28


Agus do fhilleadur na huisgidhe, agus do fholchadar na carbuid, agus
an marcshlúagh, agus slúagh Phárao uile, noch tháinic san bhfairge na
ndiáigh: níor fagbhadh éinneach dhíobh na bheathaidh.


L. Ex14:29


Agus do imtheadar clann Israel ar talamh tirim a lár na fairge, agus
dobhádur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a lámh dheis, agus ar a cclé.


L. Ex14:30


Marso do sháor an tighearna Israel an lásin as lámhuibh na
Négipteach, agus dochonnuirc Israel na Hégiptigh marbh ar thráigh
na fairge.


L. Ex14:31


Agus dochonnairc Israel an obair mhórsin dorinne an tighearna ar
na Hégiptibh, agus dobhí eagla an tighearna ar an bpobal, agus do
chreideadar an tighearna, agus a sherbhíseach Mhaóise.


L. Ex15:1


Annsin do ghabh Maóise, agus clann Israel an dánsa don tighearna,
agus do labhradar, ag rádh, géubha mé dán don tighearna; óir rug sé
búaidh go glórmhar, an teach agus an marcach do theilg sé san
bhfairge.


L. Ex15:2


As é an tighearna mo neart agus mo dhán, agus dobhí sé na thártháil
damh: is eision mo Dhía, agus dodhéna mé áit comhnuighe ullmhughadh dhó;
Día máthar, agus áirdeocha mé é.


L. Ex15:3


Is fear coguidh an tighearna; sé an tighearna is ainm dhó.


L. Ex15:4


Do teilg sé carbuid Phárao, agus a shluagh san bhfairge: atáid fós a
chaiptínigh toghtha báite san mhuir ruaidh.


L. Ex15:5


Do fholchadar na haigéin íad, do sluigeadh aníochdar íad mar chloich.


L. Ex15:6


Dorinneadh do lámh dheas, ó a thighearna, glórmhar a ccumhachd: do bhris
do lámh dheas, ó a thighearna, an námhuid na mbloghuibh.


L. Ex15:7


Ré méud hoirdhearcuis do chláoidh tú íad, noch do éirigh súas ad
aghuidh: do chuir tú thfearg amach noch do chnáoi íad mar chonlach.


L. Ex15:8


Agus le séideadh do shróna do cruinnigheadh na huisgidhe a ccion a
chéile: do sheasadar no tuilte súas mar chruaich, agus do ceangladh dhá
chéile na haigéin a ninnmheadhon na fairge.


L. Ex15:9


Adubhairt an námhuid, leanfad bérad orra, roinnfead a n édáil;
sásfuidhear manntoil orra, tairreonga mé mo chloidheamh, sgriosfuidh mo
lámh íad.


L. Ex15:10


Do sheid tú le do ghaoith, do fholuigh anfairge íad: dochuadar faoi
amhuil luaighe annsna huisgidhibh láidre.


L. Ex15:11


Cía as cosmhuil riot, a thighearna, a measc na ndeé: cía as cosmhuil
riot, glórmhar a naomhthachd, eaglach a moltuibh, ag déanamh iongantadh.


L. Ex15:12


Do shín tú amach do lámh dheas, do shluig an talamh íad.


L. Ex15:13


Do thréoruigh tusa ann do thrócaire an pobal noch do fhúascuil tú: rug
tú eolus dóibh ann do neart chum háitribh naomhtha.


L. Ex15:14


Cluinfidh an pobal agus biáidh eagla orra: géubha dobrón greim ar
áitreóiribh phalestína.


L. Ex15:15


Annsin béid duibhchidhe Edom lán diongantus: daoine cumhachdacha
Moab, géubhuidh crith greim orra: leighfid áitreoirigh Chánaain
uile.


L. Ex15:16


Tuitfidh uamhan agus eagla orra: lé méid do láimhe béid síad
tochdach
mar chloich, nó go ndeachuidh do phobalsa thairis, a thighearna, nó go
ndeachuid an pobal thairis, noch do cheannuigh tusa.


L. Ex15:17


Dobheara tú asteach íad; agus suidheocha tú íad a slíabh
hoighreachda: annsan áit a thighearna, dorinne tú dhuit féin chum
comhnuighe ann: annsa tsanctór a thighearna, noch do dhaingnigheadar do
lámha.


L. Ex15:18


Biaidh an tighearna a rioghachd go saóghal na saóghal.


L. Ex15:19


Óir dochuaidh each Phárao asteach gon a charbaduibh, agus gon a
mharcshluagh san bhfairge, agus tug an tighearna uisgidhe na fairge
arís orra: ach do imthigh clann Israel ar talamh tirim a meadhon na
fairge.


L. Ex15:20


Agus Míriam an bhanfháigh, dearbhsiúr Aáron, do ghlac sí tiompán
na láimh, agus dochuadar na mná uile amach na diáigh maille re céol
agus re damhsa.


L. Ex15:21


Agus do fhreagair Míriam íad; canuidh don tighearna, óir rug sé
búaidh go glórmhar; an teach agas an marcach do theilg sé san
bhfairge.


L. Ex15:22


Marsin tug Maóise Israel ón muir ruaidh, agus dochuadar go
fásach Súr, agus do shiubhluigheadar trí lá san bhfásach, agus ní
fhuaradur uisge.


L. Ex15:23


Agus anuáir thangadar go Márah, níor fhéadadar uisgidhe Mhárah
ól; óir dobhádar searbh: uimesin tugadh Márah dainm air.


L. Ex15:24


Agus dorinne an pobal munbhar anaghuidh Mhaóise, ag rádh créd
ibhiom.


L. Ex15:25


Agus do éigh seision ar an ttighearna agus do thaisbéin an tighearna
crann dó, noch anuair do chaith sé isna huisgidhibh, dorinneadh na
huisgidhe milis: annsin dorinne sé gnáth agas ordúghadh, agus is annsin do
dhearbh sé íad.


L. Ex15:26


Agus adubhairt, má éisteann tú go dúthrachdach re guth an tighearna
do Dhía, agus go ndéna tú an ní is ceart na radharc; agus go ttiubhra tú
aire do aitheantuibh, agus go gcuimhdeocha tú a reachda uile: ní chuirfe
mé éinní do na heasláintibhsi oruibh, noch thug mé ar na Hégiptibh:
óir is misi an tighearna leighisios tú.


L. Ex15:27


Agus tangadar go Hélim mar a rabhadar dhá thobar dhéug uisge agus
deich agus trí fichid cran(n) pailme, agus dorinneadur comhnuidhe ansin
láimh ris na huisgidhibh.


L. Ex16:1


Agus do ghluaiseadar ó Elim, agus táinic comhchruinneaghadh chloinne
Israel uile go fásach Sin, noch atá idir Elim agus Sínai, an
cúigeadh lá déug don dara mí, tar éis a tteachd as crích na Hégipte.


L. Ex16:2


Agus dorinneadur comhchruinniughadh chloinne Israel uile munbhar
anaghaidh Mhaóise agud Aároin san bhfásach.


L. Ex16:3


Agus adubhradur clann Israel ríu: dobfearr linn go bhfaghmaóis
bás re láimh an tighearna a gcrích na Hégipte anuáir do
shuigheamar láimh ré potuighibh na féola, agus anuáir do ithmís arán
ar sáith: óir tug sibhsi amach sinn san bhfásachso, do mharbhadh
na coimhthionalasa uile lé hocrus.


L. Ex16:4


Ansin adubhairt an tighearna re Maóise, féuch, fearfa misi arán ó
neamh dhaóibh, agus rachuid na daóine amach, agus cruinneochuid suim
áirighe gach lá, go ndearbha mé íad, an siubholuid ann mo dhligheadh, nó
nach déanuid.


L. Ex16:5


Agus tiucfaidh a ccrích an seiseadh lá, go n uillmheochuid an ní
dobhéuruid léo asteach; agus biáidh sé fá dhó níis mó ná an ní chruinnighid
go láetheamhuil.


L. Ex16:6


Agus adubhairt Maóise agus Aáron ré cloinn Israel uile; tráthnóna,
annsin aitheontaói gurbé an tighearna thug amach sibh as crích na
Hégipte.


L. Ex16:7


Agus ar maidin annsin dochifídhe glóir an tighearna; óir dochluin sé
bhur munbhar anaghaidh an tighearna: agus créd sinne, as a ndénadh
sibh munbhar ar naghuidh?


L. Ex16:8


Agus adubhairt Maóise, biáidh an ní marso, anuáir dobhéura an
tighearna dhíbh tráthnóna feóil ré ithe, agus ar maidin arán bhur sáith;
do chionn go gcluin an tighearna bhur munbhar, noch donithí do mhunbhar
an aghuidh: óir ciodh sinne? ní ar naghuidhne atáid bhur munbhar,
achd anaghuidh an tighearna.


L. Ex16:9


Agus do labhair Maóise ré Haáron, abair ré coimhthionól chloinne
Israel uile, tigidh a bhfogus a láthair an tighearna: óir dochualuidh sé
bhur munbhar.


L. Ex16:10


Agus tárla mar do labhair Aáron le coimhthionól chloinne Israel
uile, gur fhéuchadur a leith anfásaigh, agus féuch, do fhoillsigh
an tighearna annsa néull.


L. Ex16:11


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, ag rádh.


L. Ex16:12


Dochuala mé munbhar chloinne Israel: labhair ríu ag rádh, tráthnóna,
iostaói feóil, agus ar maidin líonfuighear le harán sibh, agus
aitheóntaói gur misi an tighearna bhur nDía.


L. Ex16:13


Agus tárla tráthnóna, go ttangadar na gearraguirt súas, agus gur
fholuigheadar an campa: agus ar maidin do luigh an drúchd fágcuáirt a
dtimchioll an tsluáigh.


L. Ex16:14


Agus anuáir do imthigh an drúchd suas, noch do luigh: féuch, do
luigh ar ghnúis an fhásuigh ní beag cruinn, coimh mion ris an tsioc líath
ar a talamh.


L. Ex16:15


Agus anuáir dochoncadar clann Israel é, do ráidheadar an duine re
chéile, is Manna é: óir ní raibh a fhios aca créad é: agus adubhairt
Maóise ríu, agso an tarán thug an tighearna dhaóibh re ithe.


L. Ex16:16


As éso an ní noch do aithin an tighearna: cruinnigheadh gach
aónduine dhe do réir mar íosas sé, omer dá gach aónduine, do réir
uibhire bhur nanmann; beiridh libh gach aónduine aguibh chucasin atá
ann bhur lóistinibh.


L. Ex16:17


Agus dorinneadar clann Israel sin, agus do chruinnigheadar cuid ní
bá lugha, agus cuid ní bá mó.


L. Ex16:18


Agus anuáir do thoimhseadar é le omer, an té do chruinnigh
iomarcuidh, ní raibh éinní dá bhárr aige, agus an té do chruinnigh beagán,
níor theasda éinní uadh: do chruinnigh gach aón aca do réir mar do íosadh
sé.


L. Ex16:19


Agus adubhairt Maóise riú, na fágbhadh aónduine ní dhe a ccoinne
na maidine.


L. Ex16:20


Gidheadh níor éisdeadar ré Maóise, ach do fhág cuid dhíobh ní dhe go
maidin, agus dorinneadh cnumha dhe, agus do bhréun sé; agus dobhí
Maóisi feargach ríu.


L. Ex16:21


Agus do chruinnigheadar é gach énmhaidin, gach aón do réir mar do
íosadh sé: agus anuáir do lasadh an ghrían do leaghadh sé.


L. Ex16:22


Agus tárla ar a seisiodh lá gur chruinnigheadar dhá uirid aráin, dhá
omer gach aónduine aca: agus tangadar uachdaráin an choimhthionól uile,
agus do innseadar sin do Mhaóise.


L. Ex16:23


Agus adubhairt sé ríu, séso an ní adubhairt an tighearna, amárach
atá suáimhneas na saóire naomhtha don tighearna: druithigh aniugh an mhéid
aráin bhruithfíghe, agus bruithighidh an mhéid feóla bhruithfíghe, agus
bruithighidh an mhéid feóla bhruithfidhe: agus an mhéid feóla
bhruithfidhe: agus an mhéid bhias ós a chionnsin, cuiridh suas díbh féin
dá chumhdach go maidin é.


L. Ex16:24


Agus do chuireadar suas é a dtaiscigh go maidin, mar do aithin
Maóisi dhíobh, agus níor bhréun sé agus ní raibh én phéist ann.


L. Ex16:25


Agus do ráidh Maóise; ithidh sin aniugh; óir is Sabóid don tighearna
an lá aniugh: ní bhfuighthí aniugh é, annsa mhachaire.


L. Ex16:26


Sé lá chruinneochthaói é, achd an seachdmhadh lá, noch atá na shaóire,
ní bhía sé ann.


L. Ex16:27


Agus tárla, go ndeachadar cuid don phobal amach an seachdmhadh lá,
do chruinniughadh, agus ní fhuaradar éinní.


L. Ex16:28


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, gá fad bheithí ag diúlthadh
maitheantadh, agus mo dhlighthe do choiméud.


L. Ex16:29


Féuch ar a shon dotug an tighearna an tsábóid daóibh, uimesin do
bheir sé dhaóibh air an seiseadh lá arán dhá lá: fanadh gach aón aguibh na
áit: ná héirgeadh éinneach aguibh amach air a sheachdmhadh lá.


L. Ex16:30


Marsin do fhosadar an pobal air an seachdmhadh lá.


L. Ex16:31


Agus do ghoir teagh Israel Manna dhesin mar ainm; agus dobhí sé
geal mair shíol coriander, agus a bhlas cosmhuil ré abhlainn dodhéntaói
ré mil.


L. Ex16:32


Agus adubhairt Maóise, séso an ní aithnighios an tighearna;
líonuidh ómer dhe dá choimhéud fá choinne bhur sleachda; ar chor go
bhfaicfidh síad an tarán lér bheathuidh mé sibh san bhfásach, anuáir thug
mé amach sibh as talamh na Hégipte.


L. Ex16:33


Agus adubhairt Maóise ré Haáron, glac pota agus cuir lán ómer do
mhanna ann, agus cuir a bhfiaghnuisi an tighearna é, dá choimhéud do bhur
sleachduibh.


L. Ex16:34


Fá mar do aithin an tighearna do Mhaóise, mairsin do chuir Aáron
súas é as coinnne na fiadhnuise dá chumhdach.


L. Ex16:35


Agus adúadar clann Israel manna ceathrachad blíadhan, nó go
ttangadar go tír áitreabha: dobhádar ag ithe manna, nó go ttangadar go
teóruinn thíre Chánaain.


L. Ex16:36


Omer annois ionnan í agus an deachmhadh cuid do ephah.


L. Ex17:1


Agus do ghluaiseadur comhchruiniughadh chloinne Israel uile ó fhásach
Sin tar éis a n aistior do réir aithne an tighearna, agus do chuireadar
fúthadh a Rephidim: agus ní raibh uisge ag an bpobal réna ól.


L. Ex17:2


Uimesin do labhradar an pobal ré Maóise go géur, agus adubhradar,
tabhair dhúinn uisge go n ibhimís é: agus adubhairt Maóise ríu, cred fá
ccáintí misi, créad as a ccurthaói cathughadh ar an dtighearna?


L. Ex17:3


Agus dobhí tart uisge ar a bpobal, agus dorinneadar an pobal
ithiomrádh anaghuidh Mhaóisi, agus adubhradar, cred fá ttug leachd
sinn suas as aNégipt dar marbhadh, agus do mharbhadh ar gcloinne, agus
ar náirnéisi le tart.


L. Ex17:4


Agus do éigh Maóise ar an ttighearna, ag rádh, créud dodhéuna mé ris
an bpobalsa, is beag nach bhfuilid a ninmhe gabhála do chlochuibh orum?


L. Ex17:5


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, imthigh romhad a lathair an
phobail, agus beir leachd do shinsearuibh Israel, agus an tslat lear
bhuáil tú an abhann beir leachd ad láimh í, agus imthigh.


L. Ex17:6


Féuch, seasfa misi romhad annsin ar an gcarruig ann Hóreb, agus
buailfe tusa an charrag, agus tiucfaidh uisge amach aiste, da nibhidh an
pobal deoch: agus dorinne Maóise sin a lathair shinnsear Israel.


L. Ex17:7


Agus do ghoir sé ainm na háite Massah, agus Meribah: do chionn
cháinte chloinne Israel, agus do chionn gur chuireadar cathughadh ar an
dtighearna, ag rádh, an bhfuil an tighearna ar measg nó nach bhfuil?


L. Ex17:8


Annsin tháinic Amalec agus do throid sé ré Israel ann
Rephidim.


L. Ex17:9


Agus adubhairt Maóise ré Iosua, tógh dhúinn amach daóine agus
troid re Hamalec: amárach seasfa misi ar mullach an chnuic maille ré
slat Dé am láimh.


L. Ex17:10


Marsin dorinne Iosua mar adubhairt Maóise ris, agus do throid sé
ré Hámalec, agus dochuaidh Maóise agus Aáron, agus Hur suas a
mullach an chnuic.


L. Ex17:11


Agus tárla anuáir do chonnuimh Maóise a lámh suas go rug Israel
buáidh, agus anuáir do léig a lámh síos dorug Amalec buaidh.


L. Ex17:12


Achd dobhádar lámha Mhaóise trom, agus do ghlacadar cloch agus do
chuireadur faoi Mhaóise, agus do shuigh sé uirre, agus do chonnuimh
Aáron agus Hur a lámha suas, aón díobh ar thaóbh dhe, agus aón ar thaóbh
eile, agus dobhádur a lámha seasmach go dul na gréine faói.


L. Ex17:13


Agus do chlaóidh Iosua Amalec, agus a dhaóine le faóbhar an
chloidhim.


L. Ex17:14


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, sgríobh so mar chuimhne ann
a leabhar, agus aithris é a gcluasuibh Iosua: óir cuirfe mé as go
hiomlán cuimhne Amalec ó faói neamh.


L. Ex17:15


Agus do thóg Maóise altóir, agus do ghoir Iehouah Nissi dainm
dhi.


L. Ex17:16


Óir adubhairt sé do chionn gur mhionnuigh an tighearna go mbíadh
cogadh aige ré Amalec ó gheinealach go geinealach.


L. Ex18:1


Anuair dochualuidh Iétro sagart Mhídian, clíamhuin Mhaóise,
an uile ní dorinne Día ar son Mhaóise, agus ar son Israel a
phobal féin; agus go rug an tighearna Israel amach as aNégipt.


L. Ex18:2


Annsin rug Iétro, clíamhuin Mhaóise, Sipporah bean Mhaóise
leis tar éis a cor ar a hais.


L. Ex18:3


Agus a días mac darbhainm daon díobh Gersom, óir adubhairt sé,
dobhí mé am choigcríoch a ttír choimhthigh.


L. Ex18:4


Agus dobé ainm an fhir eile Elieser: óir dobé Día máthar mo
chúngantach, agus do shaór mé ó chloidheamh Phárao.


L. Ex18:5


Agus táinic Iétro, clíamhuin Mhaóise, maille ré na mhacuibh agus
lé na mhnaói go Maóise don fhásach, mar a ndearna ré foslungphurt
a slíabh Dé.


L. Ex18:6


Agus adubhairt sé re Maóise; misi do chlíamhuin Iétro, tháinic mé
chugad, agus do bhean agus do dhías mac lé.


L. Ex18:7


Agus dochuaidh Maóise amach a ccoinne a chleamhna, agus dorinne
umhla agus tug póg dhó, agus do fhíafruigh gach neach dhíobh dá chéile
cionnus dobhádar: agus tangadar don lóistín.


L. Ex18:8


Agus do innis Maóise dá chlíamhuin an uile ní dorinne an tighearna ré
Phárao agus ris na Hégiptibh ar son Israel, agus an uile aisdior dá
ttáinic orra annsa tslighe, agus cionnus do shaor an tighearna íad.


L. Ex18:9


Agus do gháirdigh Iétro ar son na huile mhaitheasa dá ndérna an
tighearna do Israel, noch do shaór sé as lámhuibh na Négipteach.


L. Ex18:10


Agus adubhairt Iétro, go madh beannuighe an tighearna, noch do
shaór sibh ó lámhuibh na Négipteach.


L. Ex18:11


Anois aithnighim gur mó an tighearna ná an uile Dhée: óir annsa ní
ann ar bheanadarsan go huaibhreach dobhí sé ós a ccionn.


L. Ex18:12


Agus do ghlac Iétro clíamhuin Mhaóise ofráil loiscthe, agus
iodhbartha do Dhía, agus táinic Aáron agus sinnsir Israel uile
dithe aráin lé clíamhuin Mhaóise a bhfiaghnuisi Dé.


L. Ex18:13


Agus tárla arna mhárach gur shuigh Maóise do bhreithniughadh an
phobail, agus do sheasadar an pobal ag Maóise ó mhaidin go
tráthnóna.


L. Ex18:14


Agus anuáir dochonnairc clíamhuin Mhaóise an uile ní dorinne sé
ris an bpobal, adubhairt sé, cread an nísi doní tú ris an bpobal?
cread as a suigheann tú féin ad aonar agus an pobal uile na seasamh
agad ó mhaidin go tráthnóna?


L. Ex18:15


Agus adubhairt Maoise réna chlíamhuin do chionn go ttig an pobal
chugam do cheasnughadh um Dhía.


L. Ex18:16


Anuáir bhías cúis aca tigid chugamsa, agus beirim breath idir gach
dá rann, agus dobheirim orra fios reachda Dé agus a dhlighe do bheith
aca.


L. Ex18:17


Agus adubhairt clíamhuin Mhaóise ris, an read doní tú ní maith é.


L. Ex18:18


Cnaóife tú as go deimhin, araón thú féin agus an pobalsa ad fhochair:
óir is rothrom an nísi dhuit, ní héidir dhuit a chomlíonadh, thú féin
ad aonar.


L. Ex18:19


Éist annois ream ghuthsa: dobhéura mé comhairle dhuit: agus biáidh
Día maille riot: bídhsi ar son an phobail leath ré Día: chor go mbéura tú
a ccúis go Día.


L. Ex18:20


Agus múinfe tú órduighthe, agus dlighthe dhóibh, agus taisbéanfa tú
dhóibh an tslighe ann a ccaithfid síad siubhal, agus anobair chaithfid
síad do dhéunamh.


L. Ex18:21


Ós a chionn so; gléasfa tú as an bpobal daóine acfuinneacha, drong ar
a mbí eagla Dé: daóine fírinneacha, fhuathuigheas saint, agus cuir ós a
ccionn íad, uachdaráin míleadh, uachdaráin céad, uachdaráin caógadh, agus
uachdaráin deithneamhuir.


L. Ex18:22


Agus breathnuighidís an pobal ann gach uile am, agus is amhla bhías,
go dtiubhruid chugadsa an uile cúis mhór, ach gach uile chúis bheag
breithneochuid féin: marsin bhías socamhlach dhuitse, agus
iomchóruidsion (an tualach) maille leachd.


L. Ex18:23


Má ní tú an nísi, agus go naitheonuidh Día sin díot; annsin bus
éidir leachd an tualach iomchar, agus an pobalsa mar an gcéudna rachuid
dá náit féin a síothcháin.


L. Ex18:24


Marsin do éist Maóise ré guth a chleamhna, agus dorinne a
ndubhairt sé uile.


L. Ex18:25


Agus do thogh Maóise daóine iomchubhuidh as Israel uile, agus do
rinne sé uachdaráin díobh ós cionn an phobuil: uachdaráin míleadh,
uachdaráin chéd, uachdaráin chaoghad, agus uachdaráin dheithneamhuir.


L. Ex18:26


Agus donídís breitheamhnus ar an bpobal gach uile uáir: na cúise
crúaidhe dobherdís go Maóise, achd gach uile chúis bheag do réighedís
féin.


L. Ex18:27


Agus do léig Maóise dá chlíamhuin imtheachd, agus dochuaidh sé dá
dhúthaigh féin.


L. Ex19:1


Ann sa treas mí anuáir dochuadar clann Israel amach as crích na
Hégipte, an lá cédna thangadar go fásach Sínai.


L. Ex19:2


Óir dobhádar ar nimtheachd ó Rephidim, agus tangadar go díothramh
Sínai, agus chomhnuigheadar san bhfásach, agus annsin dorinneadur
clanna Israel comhnuighe as coinne an tsléibhe.


L. Ex19:3


Agus dochuaidh Maóisi súas go Dia: agus do ghoir Dia air, as a
tslíabh, ag rádh, is marso deura tú re tigh Iácob, agus innis do
chloinn Israel.


L. Ex19:4


Dochoncamhair cred dorinne mé ris na Hégiptibh, agus cionnus do
iomchair mé sibhsi ar eitibh iolair, agus cionnus tug mé chugam féin
sibh.


L. Ex19:5


Anois uimesin má umhluighigh dom ghuth dháríribh, agus mo chunnradh
do chomhall, annsin beithí mar nionnmhus spécialta agam os cionn gach
uile phobal, óir is liomsa an talamh uile.


L. Ex19:6


Agus beithí agum bhar rioghachd sagart, agus bhar gcineadh naomhtha:
as íadso na bríathra labheorus tú re cloinn Israel.


L. Ex19:7


Agus táinic Maóise, agus do ghoir sé ar shinsearuibh an phobuil,
agus do chuir as a ccoinne na bríathraso uile, noch do aithin an
tighearna dhe.


L. Ex19:8


Agus do fhreagradar an pobal a néinfheachd, agus adubhradar, an
uile ní do labhair an tighearna dodhénuim é: Agus do fhill Maóise
bríathra an pobuil chum an tighearna.


L. Ex19:9


Agus adubhairt an tighearna re Maóisi, féuch, tigimse chugad a
neull tiug, chor go gcluinfid an pobal anúair laibheorad riot, agus
go ccreidfid thú go bráth: agus do innis Maóise bríathra an phobuil
don tighearna.


L. Ex19:10


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, éirigh gus an bpobal agus
naomhuidh íad aniugh, agus amárach, agus nighedís a néduighe.


L. Ex19:11


Agus bithí réigh a gcoinne an treas lá: óir an treas lá thiucfas an
tighearna anúas a namharc an phobuil uile ar slíabh Sínai.


L. Ex19:12


Agus cuirfe tú teóranna ré huchd an phobail timcioll faccuairt, ag
rádh, tugaidh aire dháoibh féin, nach rachthaoi súas ar a tslíabh, nó nach
beanfuidhe rena imeal; gidhbé bheanfus ris a tslíabh, go deimhin
cuirfighear chum báis é.


L. Ex19:13


Ní bhainfe lámh ris, ach go deimhin clochfuighear, no goinfighear
thríd é, mas ainmhidhe é nó duine, ní mhairfe sé: anuair shéidfeas sé an
stoc go sínteach, tiucfaid suas chum a tsléibhe.


L. Ex19:14


Agus dochuaidh Maóise síos ón tslíabh chum an phobuil, agus do
naomhuigh an pobal, agus do nígheadar a néuduighe.


L. Ex19:15


Agus adubhairt sé ris an bpobal: bithi réidh a ccoinne an treas lá,
ná tigidh a ngar bhur mban.


L. Ex19:16


Agus tárla an treas lá air maidin, go rabhadar, tóirneacha agus
tinnteacha, agus neultiugh ar a tslíabh, agus guth an sduic roárd:
Ionnus gur criothnuigheadar a raibh do dhaóinibh annsa champa.


L. Ex19:17


Agus tug Maóise an pobal amach as an ccampa do theagmháil re Día,
agus do sheasadar ag an gcuid íochdaruigh don tslíabh.


L. Ex19:18


Agus dobhí slíabh Sínai uile fá dheatuigh, do chionn gur thuirling
an tighearna air a tteinidh, agus dochuaidh a dheatach suas amhuil
dheatach fuirnise, agus do chriothnuigh an slíabh uile go mór.


L. Ex19:19


Agus anúair do fhuaimnigh guth an sduic a bhfad, agus do fhás níos
airde, do labhair Maóise, agus do fhreagair Día é re guth.


L. Ex19:20


Agus táinic an tighearna anuas ar shlíabh Sínai, ar mhullach an
tsléibhe: agus do ghoir an tighearna Maóise suás go mullach an
tsléibhe, agus dochuaidh Maóise súas.


L. Ex19:21


Agus adubhairt an tighearna re Maóise; éirigh síos, aithin don
phobal, deagla go mbrisfidís thríd chum an tighearna dá fheitheamh, agus
go dtuitfeadh mórán díobh.


L. Ex19:22


Agus na sagart mar an gceádna, noch thig a bhfoghus don tighearna,
naomhaidís íad féin deagla go mbrisfeadh an tighearna amach orra.


L. Ex19:23


Agus adubhairt Maóise ris a ttighearna, ní fhédaid an pobal dul
súas ar shlíabh Sínai; óir do aithin tusa dhínn ag rádh, cuir
tóranna timchioll an tsléibhe agus naomhaidh é.


L. Ex19:24


Agus adubhairt an tighearna ris, imthigh romhad, éirigh síos, agus
tiucfa tú aníos, thú féin, agus Aáron leachd, agus ná léig do na
sagartuibh, agus don phobal briseadh thríd, do theachd suas chum an
tighearna, deagla go mbrisfédh sé amach orra.


L. Ex19:25


Marsin dochuaidh Maóise síos gus an bpobal, agus do labhair sé riú.


L. Ex20:1


Agus do labhuir Día na bríathraso uile ag rádh.


L. Ex20:2


Is misi an tighearna do Dhía, noch do threoruidh tusa amach as talamh
na Hégipte as tigh na daóirse.


L. Ex20:3


Ní bhíaidh Día ar bith eile agad am láthairse.


L. Ex20:4


Ní dhéna tú dhuit féin iomháigh ar bith ghrábhalta, nó
cosamhlachd ar bith éinneithe dá bhfuil ar neamh shúas, nó dá bhfuil ar
talamh shíos, nó da bhfuil san uisge faoi an talamh.


L. Ex20:5


Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, ní dhéna tú serbhís dóibh; óir
misi an tighearna do Dhía, is Día édmhar mé, thig dféchuin pheacuidh na
naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don
druing fhuathuigheas mé;


L. Ex20:6


Agus taisbénas trócaire do mhíltibh don luchd ghráduigheas mé, agus
choimhédas maitheanta.


L. Ex20:7


Ná tabhair ainm an tighearna Día go díomhaoin; óir ní mheasfuidh an
tighearna neimhchiontach an té bheir a ainm go díomhaoin.


L. Ex20:8


Cuimhnigh lá na sábóide go naomhthócha tú é.


L. Ex20:9


Sé laéthe shaóthrochuis tú, agus dheánas tú hobair uile.


L. Ex20:10


Ach sé an seachdmhadh lá, sábóid an tighearna do Dhía, ní dhéna tú
obair ar bith ann, thú féin, nó do mhac, nó hinghean, hóglach, nó do
bhanoglach, nó do choimhigtheach atá táobh astigh dot dhoirsibh.


L. Ex20:11


Óir is a sé láethibh dorinne an tighearna neamh agus talamh, an
fhairge agus an uile ní atá ionta, agus do scuir sé an seachdmhadh lá:
uime sin do bheannuidh an tighearna lá na sábóide agus do náomhuigh é.


L. Ex20:12


Onoruigh hathair agus do mhathair, ionnus go ma fada do laethe ar
an ttalamh, noch dobheir an tighearna do Dhía dhuit.


L. Ex20:13


Ní dhéna tú dúnmharbhadh.


L. Ex20:14


Ní dhéna tú adhaltrannas.


L. Ex20:15


Ní dhéna tú goid.


L. Ex20:16


Ní bhéura tú fíaghnuisi bhréige anaghuidh do chomharsan.


L. Ex20:17


Ní shainteocha tú tigh do chomharsan, ní sainteocha tú bean do
chomharsan, nó a banóglach, nó a dhamh, nó a assal, nó énní is lé do
chomharsain.


L. Ex20:18


Agus dochoncadar an pobal uile na tóirseachda, agus na tinnteacha,
agus fuáim an sduic, agus an slíabh ag deatughadh, agus anuair dochoncadar
an pobal é, do athruigheadar, agus do sheasadar a bhfad uádh.


L. Ex20:19


Agus adubhradar re Maóise: labhairsi rinne, agus cluinfiom, ach
ná labhradh Día rinn, d eagla go bhfuighmís bás.


L. Ex20:20


Agus adubhairt Maóise ris an bpobal ná bíodh eagla oruibh: óir is do
bhur ndearbhadh tháinic Día, agus ionnus go mbía eagla as coinne bhur
naightheadh, ionnus nach bpeacuigheadh sibh.


L. Ex20:21


Agus do sheas an pobal amach, agus do dhruid Maóise a ngar don
dorchadas tiugh mar a raibh Día.


L. Ex20:22


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise: is marso déras tú ré cloinn
Israel, dochonchabhair gur labhair mé ribh ó neamh.


L. Ex20:23


Ní dhéntaói maille riomsa Dée airgid: ní mó dhéntaói dhaoibh Dée
óir.


L. Ex20:24


Altóir do chriáidh dodhéana tú dhamhsa, agus iodhbóruidh tú uirre
sin hofrála loisge, agus hofrála síothchána, do chaoirigh, agus do
dhaimh; san uile bhall a ttiubhra mé fa deara mainm do chuimhniughadh
tiucfa mé chugatsa, agus beannocha mé thú.


L. Ex20:25


Agus má ní tú altóir chloiche dhamh: ní thoigeobha tú í do
chlochuibh snoighte, óir má thógbann tú huirnéis súas uirre, do
thruáill tú í.


L. Ex20:26


Ní mó rachus tú súas lé coiscéimibh chum maltóra, ionnus nach biáidh
do lomnochduighe arna taisbeanadh uirre.


L. Ex21:1


Anois is íadso na dlighthe chuirfeas tú rompa.


L. Ex21:2


Má cheanchann tú seirbhíseach Eabhruigheach, sé blíaghna bhías sé
ag seirbhís, agus ann sa seachdmhadh blíadhuin, rachuidh sé amach saór
gan éinní:


L. Ex21:3


Má tháinic sé leis féin asteach, rachuidh sé amach leis féin, má bhí sé
pósda, annsin rachaidh a bhean leis amach.


L. Ex21:4


Má thug a mhaighistir bean dó, agus go rug sí mic, agus ingheana dhó,
biádh an bhean, agus an chlann ag an maighistir, agus rachuidh seision amach
leis féin.


L. Ex21:5


Agus má deir an seirbhíseach go follus, is ionmhuin liom mo
mhaighistir, mo bhean agus mo chlann, ní racha mé amach saór.


L. Ex21:6


Annsin dobhéra an maighistir chum na mbreitheamhan é, dobhéra sé
marsin chum a ndoruis é, nó chum posta an doruis, agus tollfa a
mhaighistir a chluas tríthe lé meanadh, agus foigheonuigh sé dhó go bráth.


L. Ex21:7


Agus má reacann duine a inghean do bheith na banóglaidh: ní rachaidh
sí amach mar donídh na hóglaóich fear.


L. Ex21:8


Muna ttaitnidh sí réna maighistir, noch do cheangal leis féin í; annsin
léigfe sé a fuasgladh: a reic re cineadh coimhightheach, ní bhía
cumhachda aige, ó rinne sé go cealgach ría,


L. Ex21:9


Agus má cheanguil sé rena mhach í: Dodhéana ría do réir mogha na n-
ingion.


L. Ex21:10


Má bheir sé bean eile, a beatha, a héadach, a dúalgas pósta ní
laighdeochthaói sé.


L. Ex21:11


Agus muna ndérna sé na trí níse ría, annsin rachaidh sí amach saór
gan airgead.


L. Ex21:12


An té bhuailfeas neach, ionnus go n éugfuidh sé, go deimhin
cuirfighear chum báis é.


L. Ex21:13


Agus muna luighe duine a bhforaire, ach go seachoduigh Día na láimh
é, annsin cinnfe mise áit dhuit a tteithfidh sé.


L. Ex21:14


Ach má thig duine go dásachdach, ar a chomharsain dá mharbhadh le
ceilg, béra tú óm altóir é go bhfuighe bás.


L. Ex21:15


Agus an té bhúaileas a athair, nó a mathair, cuirfighear go deimhin
chum báis é.


L. Ex21:16


Agus an té ghadus duine, agus reacas é, nó má gheibhthear na láimh é,
cuirfíthear go deimhin chum báis é.


L. Ex21:17


Agus an té mhalluigheas a athair nó a mhathair, cuirfíthear go deimhin
chum báis é.


L. Ex21:18


Agus má imreasnuid daóine ré chéile, agus go mbuáilfidh aón an fear
eile, do chloich, nó do dhorn, agus nach bhfuighe bás, ach go
gcuimhdeochuidh a leabuidh.


L. Ex21:19


Má éirghion sé arís, agus go siubholuidh amach léna bhata, annsin
saórfuighear an té do bhuáil é, amháin go n íocfuidh sé ar son dul amugha
a aimsire, agus go ttiubhra fá deara a leighios go hiomlán.


L. Ex21:20


Agus má bhuáileann duine a sherbhíseach nó a chailín, lé slait, agus
go bhfuighe sé bás faoi na láimh, diogholtar air go deimhin é.


L. Ex21:21


Ach má mhaireann sé lá nó dhó, ní dhéantar dioghaltas air; óir is sé a
airgead é.


L. Ex21:22


má imreasnuid daóine, agus go ngcoirteochuid bean torrach, ionnus go
nimeochuidh a toradh uaithe, agus ar a shonsin nach leanfuidh olc ar bith
dhe; coireochthar go deimhin air, do réir mar chuirfeas fear na mná air,
agus díolfa mar óirdeocaid na breitheamhuin.


L. Ex21:23


Agus má leanann urchóid ar bith dhe, annsin dobhéura tú anam ar son
anma.


L. Ex21:24


Súil ar shúil, fiacal ar fhiacuil, lámh ar láimh, cos ar chois.


L. Ex21:25


Loscadh ar son loiscthe, cneadh ar son chneidhe, buille ar son buille.


L. Ex21:26


Agus má bhuaileann duine súil a sherbhísigh, nó súil a chailín lé a
gcaillfidh í, léigfidh dhóibh imtheachd saór ar son a súl.


L. Ex21:27


Agus má bheanann sé fíacail as a sherbhíseach fir, nó fíacail as a
sherbhíseach mná, léigfe dhóibh imhtheachd sáor ar son a bhfíacal.


L. Ex21:28


Má loiteann damh fear nó bean, dá bhfuighidh bás, annsin go deimhin
clochfuighear an damh, agus ní hióstar a fheóil: ach saórfuighear
sealbhadóir an daimh.


L. Ex21:29


Ach má ghnáthuigh an damh sathadh lena adharcuibh san aimsir roimhe
sin, agus gur fiaghnuiseadh sin dá shealbhadhóir, agus nár choimhéd sé
astigh é, ach gur mharbh sé fear nó bean, clochfuithear an damh, agus
cuirfighear fós an sealbhadóir chum báis.


L. Ex21:30


Má leagthar suim airgid air, ansin dobhéara sé ar son fuasguilt a
anma gidhbhé ar bith leagfuighear air.


L. Ex21:31


Gidhbé do loit sé mach nó inghean, is do réir an bhreigeamhnuisso
dodhéntar.


L. Ex21:32


Má loiteann an damh serbhíseach fir nó serbhíseach mná, dobhéura sé
dá Maighistir tríochad sechel, agus clochfuighear an damh.


L. Ex21:33


Agus má osclann duine poll, nó má thochlann duine poll, agus nach
bhfoileochuidh é, agus go ttuitfidh damh nó assal ann:


L. Ex21:34


Dodhéna sealbhadóir an phoill go maith é, agus dobhéura airgead don
té ler leis íad, agus budh leis féin an beathach marbh.


L. Ex21:35


Agus má ghortuigheann damh aónduine, damh dhuine eile, go bfuighe sé
bás. annsin reacfuid an damh beó, agus roinnfiud a airgead, agus
roinnfid mar an ccédna an damh marbh.


L. Ex21:36


Nó má bhíonn a fhios go ngnáthuigheadh an damh sathadh san aimsir
roimhesin, agus nar choimhéd a shealbhadóir astigh é, íocfaidh go deimhin
damh ar dhamh, ach biáidh an marbh aige féin.


L. Ex22:1


Ma ghadann duine damh nó caora, agus a marbhadh, nó má reacann sé í,
aiseochuidh sé cúig daimh air son a daimh, agus cúig caoirigh ar son na
caorach.


L. Ex22:2


Má gheibhthear gaduighe ag briseadh súas, agus go mbuáilfighear é go
bhfuighe bás, ní dóirthfighear fuil ar a shon.


L. Ex22:3


Má éirgeann an ghrían air, dóirtfighear fuil thríd: óir dodhénadh sé
aisioc iomlán: muna raibh éinní aige, annsin reacfuighear é ar son a
ghaduigheachda.


L. Ex22:4


Má gheibhthear go dearbhtha an ghníomh ná láimh beó, madh damh, madh
assal, nó caora é, aiseochuidh dúbalta é.


L. Ex22:5


Má bheir duine fá deara machaire nó fíneamhuin dithe, agus go
gcuirfidhe a bheathach ann, agus go níosuidh machaire dhuine eile: don
chuid as feárr dá machaire féin, nó don chuid is feárr dá fhíneamhuin, do
dhéuna sé aisioc dó.


L. Ex22:6


Má bhriseann teine amach, agus go tteigeamhuidh a ndosanuibh, ionnus go
loisgfidhear na stácuidhe arbha, nó an tarbhar na sheasamh, nó an
machaire: an té do adhuin an teine, go deimhin dodhéna sé aisioc.


L. Ex22:7


Má bheir duine dá chomharsuin airgead nó éadail a ttaiscidh, agus go
ngadfuighear sin as tigh an duine, má geibhthear an gaduighe, díoladh sé
dúbalta é.


L. Ex22:8


Muna fhaghthar an gaduighe; annsin dobhéurthar maighistir an tighe
chum na mbreathamhan dá fhéchuinn nar chuir a lámh a maitheas a
chomharsan.


L. Ex22:9


Ar son an uile ghné sháruighthe, ar son doimh, nó ar son assail, ar son
caorach, ar son éaduigh, nó ar son aóin ghné théid amugha, noch agrus
neach eile, is leis féin: tiucfa cúis an dá rann a lathair na
mbritheamhan: gidhbé dhaórfuid na breitheamhuin, íocfa sé dúbalta ré na
chomharsain.


L. Ex22:10


Má bheir duine dá chomharsuin, assal, nó damh, nó caora, nó beathach
ar bith dá chumhdach, agus go bhfuighe bás, nó go loitfighear, nó go
rugadh ar siubhal é gan aónduine dá fhaicsin.


L. Ex22:11


Annsin biáidh mionna an tighearna eatorra araón, nach ar chuir
seision a lámh a maóin a chomharsan: agus géubhuidh an sealbhuighesin
uadh, agus ní dhéna seision go maith é.


L. Ex22:12


Agus má gadtar uadh é, dodhéana sé aisioc don tsealbhuighe lear
leis é.


L. Ex22:13


Má réubthar ó chéile é, annsin tugadh leis mar fhíadhuin é, agus ní
dhéna go maith an ní do réubadh.


L. Ex22:14


Agus má áirleagann duine éinní ó na chomharsuin, agus go loitfighear
é, nó go bhfuighe bás, agus gan an sealbhuighe a lathair, do dhéantar go
maith é go deimhin.


L. Ex22:15


Achd má bhíonn an sealbhuidhe a lathair, ní dhéna sé go maith é: mar
(ní) ar lúach saóthair é, tháinic sé ar son a lúach saóthair.


L. Ex22:16


Agus má cealgann duine maighdean, nach bhfuil dáltach, agus go
luighfe sé lé, dobhéura sé go deimhin crodh dhi, chum a beith na mnaói
aige.


L. Ex22:17


Má dhiúltann a hathair ar gach énchor a tabhairt dó, díolfuidh sé
airgead do réir chruidh na maighdine.


L. Ex22:18


Ní fuileonga tú bean phiseógach do mharthuinn.


L. Ex22:19


Gidhbé ar bith luighfeas lé beathach, cuirfighear go deimhin chum
báis é.


L. Ex22:20


Gidhbé iodhbórus do Dhía ar bith, achd don tighearna amháin,
scriosfuighear é go léir.


L. Ex22:21


Ní bhuaidheóra tú agus ní bhrúighfe tú coimhightheach: óir do
bhábhair féin bhur ccoimhightheachuibh a gcrích na Hégipte.


L. Ex22:22


Ní dhéna tú leathtrom air bhaintreabhuidh nó ar dhíleachda air bith.


L. Ex22:23


Má ghortuigheann tú íad ar énchor, agus a ccomhairc do theachd
chugamsa éisdfe mé go deimhin a ccomhairc.


L. Ex22:24


Agus lasfuidh mfhearg, agus muirfidh mé sibhsi leis an gcloidheamh,
agus béid bhur mná na mbantreabhachuibh, agus bhur gclann na
ndíleachduigh.


L. Ex22:25


Má áirleagann tú airgead dénduine dom phobal atá láimh riot, ní
bhía tú amhuil úsuire ris, ní mó chuirfeas tú úsuireachd air.


L. Ex22:26


Má ghlacann tú ar chor ar bith éadach do chomharsan a ngeall,
seachóduigh tú dhó é, fá am gréine do dhul faoi.


L. Ex22:27


Óir is é sin a fholach amháin, is é a chulaidh dhá chroiceann é: cread
ann a ccoideoluigh sé? agus tiocfa a ccrích anuáir éighfeas orumsa, go
ccluinfe mé é, óir atáim grásamhuil.


L. Ex22:28


Ní mhaisleochtha tú na DÉe, ní mhailleocha tú ríaghlóir do phobuil.


L. Ex22:29


Ní dhéna tú failligh primidil do thórtha abuidh, agus do dhighe dofráil
céidghin do mhac dobhéura tú dhamhsa.


L. Ex22:30


Mar an gcéadna dodhéana tú réd dhamhuibh, agus réd chaorchuibh:
seachd lá bhías sé agá mhathair, ar an ochdmhadh lá dobhéura tú dhamhsa
é.


L. Ex22:31


Agus beithí bhur ndaóinibh naómhtha dhamhsa: ní mó íostaoi feóil ar
bith sraóilfíghear lé beathuighibh san mhachaire, teilgfidhe chum na madra
é.


L. Ex23:1


Ní thóigfe tú iomrádh bréagach; ná cuir do lámh leis na drochdhaóinibh
chum bheith ad fhíaghuin neamhfhíréunta.


L. Ex23:2


Ní leanfa tú iomad do dheanamh uilc, ní mó laibheórus tú a gcúis do
chlaónadh lé mórán do thobhach (breitheamhnuis.)


L. Ex23:3


Ní mó choitheochus tú duine bochd ann a chúis.


L. Ex23:4


Má theagmhann riot damh nó assal do námhad ag dul ar seachrán, do
bhéura tú go deimhin chuige ar ais é.


L. Ex23:5


Má chí tú assal an té lér fúath thú, na luighe fán úalach, agus go
bhfailleochá a thártháil, cuideocha tú leis go deimhin.


L. Ex23:6


Ní choimhéigneocha tú breitheamhnus do bhoichd ann a chúis.


L. Ex23:7


Connuimh thú féin a bhfad ó chúis bhréugaidh; agus an
neimhchiontach agus an fírean ná marbh: óir ní gheabha misi leithscéal an
drochdhuine.


L. Ex23:8


Agus ní ghéubha tú tiodhlaiceadh ar bith: óir dalluidh an
tiodhlaiceadh an teagnuighe, agus iompóidh bun os cionn bríathra an
ionnruic.


L. Ex23:9


Mar an gcédna ní bhrúighfe tú coimhightheach; óir is aithnid dhíbh
croidhe an choimhighthigh ó bhábhair féin bhur gcoimhightheachuibh a
ccrích na Hégipte.


L. Ex23:10


Agus sé blíadhna chuirfeas tú thfearann, agus chruinneochus tú a
thórtha asteach.


L. Ex23:11


Achd an seachdmhad blíadhan léigfe tú dhó luighe, agus beith na
chomhnuighe, ionnus go níosuid boichd do phobuil de, agus go níosuid
beathuigh an mhachaire a bhfúigfid síad: ar an modh gcédna dodhéana tú
réd fhíneamhuin, agus réd gháirdín ola.


L. Ex23:12


Sé lá dodhéana tú hobair, agus dodhéana tú comhnuighe an
seachdmhadh lá, ionnus go gcomhneochuidh do dhamh agus hassal, agus go
neartuighe mac do chumhaile, agus an coimhightheach.


L. Ex23:13


Agus ann gach uile ní dá ndubhairt mé riot, bí go fuireachair, agus ná
tárr thair anmanuibh Dée ar bith eile: narob mó chluinfighear as do bhéul
é.


L. Ex23:14


Trí huáire choinneochus tú féusda dhamhsa san mblíadhuin.


L. Ex23:15


Coinneocha tú féusda anaráin gan laibhín: agus íosa tú arán gan
laibhín seachd lá, mar do aithin misi dhíot, annsan am chinnte don mhí
Abib: óir is innte tháinic tú amach as aNégipt, agus ní thiucfa
éinneach dom láthairsi folamh.


L. Ex23:16


Agus féusda an fhóghmhair, cédthórtha do shaóthair, noch do chuir tú
san mhachaire, agus féusda an chruinnighthe asteach, a ndeireadh na
blíadhna, anuáir chruinneochus tú asteach do shaóthar ón mhachaire.


L. Ex23:17


Trí huáire san mblíadhuin thiucfuid thfir uile a lathair an
tighearna Día.


L. Ex23:18


Ní ofráile tú fuil mo íodhbarthasa le harán laibhín, ní mó fhanfas
méthas mo iodhbartha go maidin.


L. Ex23:19


An chéad chuid do chéad thórthuibh thfearuinn dobhéura tú go tigh
an tighearna do Dhía: ní bhrúighfe tú meannán a mbainne a mhathar.


L. Ex23:20


Féuch, cuirim aingheal romhad dot choimhéud ann sa tslighe, agus dot
bhreith donáit do ullmhaigh mé.


L. Ex23:21


Bí ar do choimhéad air, agus umhluigh dá ghuth, ná brostuigh é, óir ní
thiubhra sé maithfeachus do bhur gciontuibh: óir atá mainmsi annsan.


L. Ex23:22


Achd má umhluigheann tú dháríribh dhó do ghuth, agus go ndérna tú a
nabruimsi uile, annsin biaidh mé am námhuid dot naimhdibh, agus am
eascaruid dodeascáirdibh.


L. Ex23:23


Óir rachuidh maingeal romhad; agus dobhéura asteach thú chum na
Namoríteach, agus chum na Hitíteach, agus na Bperisíteach, agus na
Gcananíteach, na Hibhíteach, agus na Iebusíteach: agus gearrfa mé
amach íad.


L. Ex23:24


Ní chromtha tú síos dá nDeéibh, ní dhéna tú seirbhís dóibh,
ní mó dhéanas tú do réir a n oibreach, ach scriosfa tú íad go léir, agus
brisfe tú go léir a n íomhighe.


L. Ex23:25


Agus foigheontaoi don tighearna bhur Ndía féin, agus beinneochuidh sé
harán agus huisge: agus béura misi heasláinte as do lár.


L. Ex23:26


Ní theilgfidh éinní a nóga, ní mó bhéid searc ann thfearann:
uibhir do láetheadh comhlíonfa mé.


L. Ex23:27


Cuirfe meagla as do choinne, agus scriosfa mé na huile dhaóine a
gcionn a ttiucfa tú, agus dobhéura mé ar huile naimhde a ndruim diompógh riot.


L. Ex23:28


Agus cuirfe mé chéarnabháin romhad, noch dhíbeorus amach an
Hibhíteach, an Cananíteach, agus an Hitíteach as do lathair.


L. Ex23:29


Ní dhíbeóra mé amach romhad íad a néinbhlíadhuin: deagla go
ttiucfadh an fearann chum fásuigh, agus go líonfadh beathach an mhachaire
ad aghuidh.


L. Ex23:30


Air bheagán agus ar bheagán dhíbeorus mé amach íad, ód lathair, nó go
bhfoirlíonuidh tusa agus go ngéubha tú oighreachd na talmhan.


L. Ex23:31


Agus chuirfe mé do thóranna ón muir ruaidh go nuige na
BhPhilistineach, agus ón díothramh gus an abhuinn: óir seachóduigh mé
áitreabhuigh na dúthaigh ann bhur láimh, agus díbeóra tú amach romhad íad.


L. Ex23:32


Ní dhéna tú cunnradh ar bith ríu, no réna nDeéibh.


L. Ex23:33


Ní choimhneochuidh ann do dhúthaidh, deagla go ttiubraidís ort
pecadh am aghuidhsi; óir má fhoghann tú dá nDeéibhsin, biáidh sin go
deimhin na líon romhad.


L. Ex24:1


Agus adubhairt sé ré Maóise, tárr suas chum an tighearna, tú féin,
agus Aáron, Nadab agus Abihú, agus seachd modhad do shinnsearuibh
Israel: agus adhruidhsi a bhfad amach.


L. Ex24:2


Agus tiucfa Maóise amháin a ngar don tighearna, achd ní thiucfaid
síadsan a bhfogus: ní mó rachas an pobal súas leis.


L. Ex24:3


Agus táinic Maóise, agus do innis don phobal uile bhríathra an
tighearna, agus a uile bhreitheamhnus: agus do fhreagadar an pobal
uile lé hénghuth amháin, agus adubhradar; na huile bhríathra noch
do labhair an tighearna dodhénaimne íad.


L. Ex24:4


Agus do scríobh Maóise bríathra an tighearna uile, agus do éirghe go
moch air maidin, agus do thóg altóir san chnoc, agus dhá philéir dhéug do
réir dhá threibh dhég Israel.


L. Ex24:5


Agus do chuir sé daoine óga do chloinn Israel, noch do ofráil ofrála
loisge agus á íodhburtha do síothchna do dhamhuibh don tighearna.


L. Ex24:6


Agus do ghlac Maóise leath na fola, agus do chuir a mbáisínibh í, agus
do chroith sé leath na fola ar an altóir.


L. Ex24:7


Agus do ghlac sé leabhar an chunnartha, agus do léig a néisdeachd an
phobuil, agus adubhradarsan, an uile ní adubhairt an tighearna do
dhénam é, agus bíam umhal.


L. Ex24:8


Agus do ghlac Maóise anfuil, agus do chroith ar an bpobal í, agus
do ráidh, ag so fuil an chunnartha dorinne an tighearna ribh a ttaobh
na mbríatharsa uile.


L. Ex24:9


Annsin dochuaidh Maóise suas agus Aáron, Nadab agus Abihú, agus
seachdmhoghad do shinnsearuibh Israel.


L. Ex24:10


Agus dochoncadar Día Israel, agus dobhí faoi na chosuibh mar
do bheith obair phábhalta do chloich shaphir, agus amhuil dobhíadh corp
neimhe ann a shoillse.


L. Ex24:11


Agus ar uaislibh chloinne Israel níor leag sé a lámh: marsin do
choncadar Día, agus a duadar bía, agus do ibheadar deoch.


L. Ex24:12


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, tárr chugamsa suás ar a
tslíabh, agus bí annsin, agus dobhéura misi cláir chloiche dhuit, agus
dligheadh, agus aitheanta do scriobh mé, ionnus go múinfe tusa dhóibh íad.


L. Ex24:13


Agus do éirigh Maóise súas, agus a mhinistir Iosua, agus dochuaidh
Maóise súas ar shliabh Dé.


L. Ex24:14


Agus adubhairt ris na sinnsearuibh, fanuidhsi annso nó go ttigeam
arís chugaibh, agus féchuidh atá Aáron agus Hur bhur bhfochair: má
bhíonn cúis ag duine ar bith re dhénamh, tigheadh se chuca.


L. Ex24:15


Agus dochuaidh Maóise suás annsa tslíabh, agus do fholuigh néull an
slíabh.


L. Ex24:16


Agus do chomhnuigh glóir an tighearna ar shlíabh Sínai, agus do
fholuigh an néull é sé lá, agus an seachdmhadh lá do ghoir sé ar
Mhaóise amach as lár an néill.


L. Ex24:17


Agus dobhí radharc ghlóire an tighearna cosmhuil re teinidh
loisgnigh, ar mhullach an tsléibhe a súilibh chloinne Israel.


L. Ex24:18


Agus dochuaidh Maóise a lár an néill, agus ráinic sé súas ar a
tslíabh, agus dobhí Maóise ar a tslíabh ceathrachad lá agus
ceathrachad oidhche.


L. Ex25:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh.


L. Ex25:2


Labhair re cloinn Israel, go ttugaid ofráil chugam: ó gach uile
dhuine dhá ttiubhra uadha go toileamuil í, lé na chroidhe, glacfuidhsi m
ofráil.


L. Ex25:3


Agus síso an ofráil ghlacfuidh uatha; ór, agus airgead, agus prás.


L. Ex25:4


Agus gorm, agus scarlaoid, agus línédach fínealta agus fionnadh
gabhar.


L. Ex25:5


Agus croicne reitheadh arna ndathughadh dearg, agus croicne broc, agus
croinn Sitim.


L. Ex25:6


Ola chum an tsoluis: spíosra chum ola unghtha, agus chum túisi
deaghbholuigh.


L. Ex25:7


Clocha Onix, agus clocha re ccur annsa Néphod, agus annsan
úchdédach.


L. Ex25:8


Agus déindís sanctoír dhamhsa, chor go ccoimhneacha mé na measc.


L. Ex25:9


Do réir an uile ní thaisbheanuim dhuit, do réir eisiomplára an
tabernacuil, agus eisiomplára a ionnistruiminteadh uile; is marsin do
dhéntaoi é.


L. Ex25:10


Agus dodhénuid áirc do chrann Sitim, dhá chubhad go leith iona
fad, agus chubhad go leith iona leithead, agus cubhad go leith iona haírde.


L. Ex25:11


Agus foileochuidh tu é lé hór fíorglan, taobh astigh agus amuigh
fhoileochus tú é: agus dodhéna tú air coróin óir timchioll fagcuairt.


L. Ex25:12


Agus teilgfe tú ceithre fháinne óir dhó, agus cuirfe tú iona cheithre
corruibh íad, agus beidh dhá fháinne a ttaobh dhe, agus dhá fháinne san
taobh eile.


L. Ex25:13


Agus dodhéana tú maididhe do chrann Sitim, agus foileochuidh tú lé
hór íad.


L. Ex25:14


Agus cuirfe tú na maididhe ann sna fáinnibh, re táobhuibh na háirce,
cor go n iomcharthar an áirc léo.


L. Ex25:15


Béid na maididhe a bhfáinibh na háirce, ní bearthar as íad.


L. Ex25:16


Agus cuirfe tú annsan áirc, an fhiadhnuisi noch dobhéura misi dhuit.


L. Ex25:17


Agus dodhéna tú cathaóir thrócaire dór fhíorghlan: dhá chubhad go
leith a fad, agus cubhad go leith a leithead.


L. Ex25:18


Agus dodhéna tú dhá cherubin dór: dobair shloighthe dodhéna tú
íad, a ndá chion an tsuidhe thrócaire.


L. Ex25:19


Agus déna aon cherub ar cheann de, agus an cherub eile ar an gceann
eile, don tsuidhe thrócaire: dodhéna tú na cherubínigh ar a dhá cheann.


L. Ex25:20


Agus sínfid na cheruibínigh a sciathain amach go hárd ag folach an
tsuidhe thrócaire lena sciathanuibh, agus a naighthe ag feitheamh ar a
chéile: leath ris an tsuidhe thrócaire béid aighthe na cherubínigh.


L. Ex25:21


Agus cuirfe tú an suidhe trócaire shúas ar an áirc, agus annsan áirc
chuirfe tú an fhiadhnuisi dobhéura misi dhuit.


L. Ex25:22


Agus annsin theigeomhas misi riot, agus comhráidhfe mé riot, ós cionn
an tsuidhe thrócaire, ó edir an dá chérubin noch atá ar aírc na
fiadhnuisi, do na huile neithibh dobhéura mé dhuit a naithne do
chloinn Israel.


L. Ex25:23


Dodhéana tú mar an ccédna, clár do chrann Sitim, dhá chubhad budh é
a fhad, agus cubhad a leithead agus cubhad go leith áirde.


L. Ex25:24


Agus foileocha tú é dór fhíorghlan, agus dodhéna tú coróin óir dhó
timchioll fagcúairt.


L. Ex25:25


Agus dodhéna tú imeal dó, leithead baise timchioll fagcuairt, agus
dodhéana thú coróin óir timchioll fagcúairt don imeal.


L. Ex25:26


Agus dodhéna tú dhó ceithre fháinne óir iona cheithre coirnéuluibh,
atá as a cheithre cosuibhsin.


L. Ex25:27


Thall as coinne an imil béid na fáinnidhe, mar áite dona maididhibh
diomchar an chláir.


L. Ex25:28


Agus dodhéna tú na maididhe do chrann Sitim, agus foileocha tú íad
lé hór, choir go niomchórthaoi an bórd léo.


L. Ex25:29


Agus dodhéana tú a mhíasa sin, a líacha sin, agus a bhfoluidhe sin,
agus a scálui sin chum a bhfolach léo; dór fhíorghlan dodhéana tú íad.


L. Ex25:30


Agus cuirfe tú ar an mbórd arán taisbeannta a ccomhnuidhe romhamsa.


L. Ex25:31


Agus dodhéna tú coinnléoir dór fhíorghlan; dobair shloighthe, do
dhéntar an coinnleóir, a chos agus a bheangáin, a scáluidhe agus a
chnapáin agus a bhlátha béid don ccédna.


L. Ex25:32


Agus tiucfuidh sé beangáin amach as tháobh: trí bengáin don
choinnleóir as aontáobh, agus trí bheangáin don choinnleóir as an táobh
eile.


L. Ex25:33


Trí bhulla dénta amhuil almóinne, annsa bheangán eile maille re cnap
agus bláth anéinbheangán; agus trí bhulla dénta amhuil almóinne
annsa mbeangán oile maille re cnap, agus re bláth: mar sin ann sna sé
beangánuibh thig amach as an ccoinnleóir.


L. Ex25:34


Agus ann sa choinnleóir béid ceithre scála dénta cosmhuil re h
almóinne, maille re cnapuibh, agus re bláthuibh.


L. Ex25:35


Agus biáidh cnap faoi dhá bheangán de, agus cnap faoi dhá bheangán de,
agus cnap faoi dhá bheangán de, do réir na sé mbeangán thig amach as an
gcoinnleóir.


L. Ex25:36


A ccnaip, agus a mbeangánuibh, béid don ní cédna; biáidh sé uile na
énobair shloighthe dór fhíorghlan.


L. Ex25:37


Agus dodhéna tú a seacht soillsibhsin agus soillseochuidh tú a
sholus sin, lé ttiubhra solus anonn as a choinne.


L. Ex25:38


Agus béid a theanchuiridh sin, agus a ghlantóiridh d ór fhíorghlan.


L. Ex25:39


Do thalluinn dór fhíorghlan dodhéna sé é, maille ris na
soithighibhsin uile.


L. Ex25:40


Agus tabhair haire, go ndéna tú ad do réir a bpátrúin noch do
taisbénadh dhuit ann sa tslíabh.


L. Ex26:1


Os a chionn sin, dodhéana tú an tabernacuil maille re deich gcúirtín
do líon fhíneulta chasta, agus gorm, agus purpair, agus scairlaóid: maille
re Cherubínibh dobair ghérchúisigh dodhéna tú íad.


L. Ex26:2


Budh é fad gach én chuirtín ochd ccubhaid fhichead, agus leithead
gach énchuirtín ceithre cubhaid; agus gach aón do na cuirtínibh aón
mhiosúr bhías aca.


L. Ex26:3


Cúipleochthar cúig cúirtínigh dá chéile, agus cúig cúirtínigh cúpluighe
dá chéile.


L. Ex26:4


Agus dodhéna tú lúba go ghorm ar imlibh gach énchúirtín ón
chumhais ann sa gcoimhíadhagh: agus marsin dodhéna tú an san imiol is faide
amach do chúirtín eile, ó imíadhagh an dara coda.


L. Ex26:5


Caógad lúb dodhéana tú annsan én chúirtín, agus caógad lúb dodhéana
tú a nimiol an chúirtín atá ag coimhcheangal an dara, chor ga mbéaruid na
lúba greim ar a chéile.


L. Ex26:6


Agus dodhéana tú caógad táiste dór, agus cúipleocha tú na cúirtíne
dhá chéile, leis na táistibh, agus biáidh na éntábernacuil.


L. Ex26:7


Agus dodhéana tú cúirtíne dfionnadh gabhar, do bheith na
fholach ar an tabernacuil, dodhéna tú énchúirtín déag.


L. Ex26:8


Budh hé fad gach éan chúirtín triochad cubhad, agus leithead gach éan
chúirtín, ceithre cubhaid, agus béid an ténchúirtín déag uile daóinmhiosúr.


L. Ex26:9


Agus coimhceangeola tú cúig cúirtíne leó féin, agus sé cúirtíne leó
féin, agus duibleocha tú an seiseadh cúirtín a n éadan tosuigh an
tabernacuil.


L. Ex26:10


Agus dodhéana tú caógad lúb ar imiol an éanchúirtín atá taóbh amuigh
annsa coimhcheangal, agus caógad lúb a nimiol an chúirtín noch
cheangeolus an dara cúpla.


L. Ex26:11


Agus dodhéana tú caógad táiste do phrás, agus cuirfe tú na táistigh
annsna lúbuibh, agus cúipleocha an folach dhá chéile, chor go mbíadh sé
na aón.


L. Ex26:12


Agus an fuigheall mhairfeas do chúirtínibh an lóistín, an leath
chúirtín mhairfeas crochfuighear ós cionn chúil an tabernacuil é.


L. Ex26:13


Agus cubhad a ttaóbh, agus cubhad don taóbh eile, don fhuighioll a
bhfad chúirtíne an lóistín: crochfuighearsin ós cionn taóibh an
tabernacuil don taóibhsi agus don taóbh úd dá fholach.


L. Ex26:14


Agus dodhéana tú folach don lóistín, do chroicnuibh reitheadh daite
dearg, agus folach shúas do chroicnibh broc.


L. Ex26:15


Agus dodhéna tú buird don tabernacuil, do chrann Sitim na seasamh
súas.


L. Ex26:16


Deich gcubhuid bhías a bhfad an bhuird, agus cubhad go leith bhías a
leithead éanbhuird.


L. Ex26:17


Biáidh dhá láimh a néanbhuird arna suighiughadh as coinne a
chéile a nórd, is marso dodhéna tú ar bhórduibh an tabernacuil uile.


L. Ex26:18


Agus dodhéna tú na buird don tabernacuil, fithche bórd ar an taóbh
theas leath theas.


L. Ex26:19


Agus dodhéana tú ceathrachad soicéd dairgead faói an fhichid bórd
dhá shoicéad faói bhórd díobh da dhá láimh, agus dá shoicéd faói bhórd
eile da dhá láimh.


L. Ex26:20


Agus ar son an dara taóbh don tabernacuil, don taóbh thúaith (bíaidh)
fiche bórd annsin.


L. Ex26:21


Agus an dá fhichid soicéd dairgead, dá shoicead faói aon bhórd
agus dá shoicead faói bhórd eile.


L. Ex26:22


Agus do thaóbhuibh an tabernacuil leath shíar, dodhéana tú sé buird.


L. Ex26:23


Agus dodhéna tú dhá bhórd do chornéuluibh an tabernacuil iona dhá
thaóbh.


L. Ex26:24


Agus béid choimhcheanguilte dhá chéile fútha shíos, agus béid
coimhceangailte dhá chéile ós mullach a chinn déan fháinne amháin: marso
bhías dóibh a raón, béid síad don dá choirnéul.


L. Ex26:25


Agus béid na nochd mbórduibh, agus a soicéid airgid, sé soicéid
déug: dhá shoicéd faói énbhórd, agus dhá shoicéid faói bhórd eile.


L. Ex26:26


Agus dodhéna tú barruidhe do chrann Sitim: a cúig do bhórduibh
éntaóibhe don tabernacuil.


L. Ex26:27


Agus cúig bharra do bhórduibh na taóibhe eile, don tabernacuil, don dá
thaóbh leath shíar.


L. Ex26:28


Agus an barra meadhonach a lár na mbórd, roithcheocha sé ó chionn go
cionn.


L. Ex26:29


Agus foileocha tú na buird le hór, agus dodhéana tú a bhfáinnidhe
dór mar áit chum na mbarradh, agus foileocha tú na barruidhe le hór.


L. Ex26:30


Agus tóigeobhuidh tú súas an tabernacuil, do réir an chumtha, noch
do taisbeanadh dhuit an sa tslíabh.


L. Ex26:31


Agus dodhéana tú folach do ghorm, agus phurpair, agus do scairlaóid,
agus do líon fínealta chasta dobair ghérchúisigh: le Cherubinibh do
dhéantar é.


L. Ex26:32


Agus crochfa tú é ar cheithre piléuruibh do chrann Sitim, ar na
bhfolach dór: béid a gcrúcuidhe dór, ar na ceithre soiceaduibh airgid.


L. Ex26:33


Agus crochfa tú súas an folach faói thaisibh, chor go ttiubhra tú
asteach annsin, taóbh astigh don fholach, Áirc na fíadhnuisi, agus
rannfuidh an folach dhíobh idir an áit naómhtha, agus ronaómhtha.


L. Ex26:34


Agus cuirfe tú an suidhe trócaire ar Áirc na fíadhnuise ann san áit
ronaómhtha.


L. Ex26:35


Agus suidheocha tú an bórd taóibh amuigh don fholach, agus an
coinnleóir thall as coinne an bhuird ar thaóbh an tabernacuil don leath
theas, agus cuirfe tú an bórd don leath thuáigh.


L. Ex26:36


Agus dodhéana tú crochadh do dhorus an lóistín, do ghorm, agus do
phurpuir, agus do scairlaóid, agus do líon mhín chasda, oibríghthe le h-
obair shnaithide.


L. Ex26:37


Agus dodhéna tú don chrochadh, cúig piléir do chrann Sitim, agus
foileocha tú íad le hór; agus béid a gcrúcuidh dór, agus teilgfe tú
cúig soicéid phráis dóibh.


L. Ex27:1


Agus dodhéna tú altóir do chrann Sitim: cúig cubhaid ar fad, agus
cúig cubhaidh ar leithead: biáidh an altóir ceathairbheannach, agus bu
trí cubhaid a háirde.


L. Ex27:2


Agus dodhéna tú a beanna ar cheithre coirnéuluibh: béid a bheanna don
ccéadna, agus foileocha tú le prás í.


L. Ex27:3


Agus dodhéana tú a hoighne chum luátha do ghlacadh chuca, agus a
sluaiste, agus a baisínigh, agus a hadhuil, agus a hoighne tineadh, a h
uile shoithighe dodhéna tú do phrás.


L. Ex27:4


Agus dodhéana tú dhi gráta do líonobair phráis, agus ar an líon do
dhéna tú ceithre fháinne phráis ann a cheithre coirnéuluibh.


L. Ex27:5


Agus cuirfe tú fa chompás na haltóra síos é, chor go mbía an líon
ionann go lár na haltóra.


L. Ex27:6


Agus dodhéana tú maididhe don altóir, maididhe do chrann Sitim, agus
foileocha tú le prás íad.


L. Ex27:7


Agus cuirfíghear na maididhe ann sna fáinnibh, agus béid na maididhe ar
dhá thaóbh na haltóra dá hiomcar.


L. Ex27:8


Folamh (astigh) do chláruibh dodhéana tú í, mar do taisbeanadh annsa
tslíabh: marsin dodhénuid síad í


L. Ex27:9


Agus dodhéna tú cúirt an tabernacuil don taóibh theas, leath theas:
béid bruit don chúirt do líon mhín chasda; céad chubhad ar fad d
éntaóibh.


L. Ex27:10


Agus béid a fíthche piléursin agus fithche soicéid do phrás, biaidh
crúcuidhe na bpiléur, agus a bhfiléid dairgead.


L. Ex27:11


Agus marsin don leath thuáith ar fad, béid bruit do chéad cubhad ar
fad, agus a bhfithche piléur, agus a bhfithche soicéad práis; béid
crúcuidhe na bpiléur, agus a bhfiléid dairgead.


L. Ex27:12


Agus do thaóbh leithid na cúirte ar an ttaóbh shíar béid bruit do
chaógad cubhad; a bpiléur a deich, agus a soichead a deich.


L. Ex27:13


Agus leithead na cúirte ar a ttaóbh shoir leath shoir, béid caógad
cubhad.


L. Ex27:14


Bruit déntaóbh don gheata, biáidh cúig cubhaid déug: a bpiléur a
trí, agus a soicéid a trí.


L. Ex27:15


Agus ar an ttaóbh eile, béid bruit, cúig cubhaid déug: a bpiléur a
trí, agus a soicéid a trí.


L. Ex27:16


Agus chum geata na cúirte béid bruit dfithchid cubhad do ghorm,
agus do phurpuir, agus do scairlaóid, agus do línéadach mhín chasta,
oibríghthe le hobair shnáithide: agus a bpiléur a ceathair, agus a
soicéid a ceathair.


L. Ex27:17


Béid na huile piléur fágcuáirt timchioll na cúirte, arna bhfilleadh
le hairgead, biáidh a ccrúcuidhe dairgead, agus a socéid do phrás.


L. Ex27:18


Biáidh fad na cúirte na chéud cubhad; agus a leithead caógad ar gach
aón taóbh, agus cúig cubhaid dáirde, do linéadach fhinealta chasda, agus
a soicéid do phrás.


L. Ex27:19


Béid soithighe an tabernacuil uile a nuile sherbhís agus a nuile
thairnge, agus tairngidh na cúirte uile béid do phrás.


L. Ex27:20


Agus aitheonuidh tú do chloinn Israel, go ttugaid chughad an ola
fhíorghlan do chrann ola brúite, chum an tsoluis, do thabhairt ar an
lampa lasadh a gcomhnuighe.


L. Ex27:21


A ttabernacuil an chomhchruinighe taóbh amuigh don fholach, noch atá
as coinne na fíadhnuisi, oirdeochuid Aáron agus a mhic é ó thráthnóna go
maidin a bhfiaghnuisi an tighearna: biáidhso na statúid go bráth dá
ngeinealachuibh, do thaóibh chloinne Israel.


L. Ex28:1


Agus glacfa chugad Aáron do dhearbhraithiur, agus a mhic maille ris ó
mheasg chloinne Israel, chor go ndéna sé miniostralachd dhamhsa an
oifig an tsagairt eadhon Aáron, Nadab, agus Abihú, Eleasar agus
Itamar, mic Aáron.


L. Ex28:2


Agus dodhéna tú édach naómhtha do Aáron do dhearbhrathair, mar
ghlóir agus mar scéim.


L. Ex28:3


Agus laibheóra tú ris an uile dhuine, atá eagnuidhe a gcroidhe, noch do
líon misi le spiorad na heagna, chor go ndénaid culaidh Aáron do
choisreagadh, ionnus go bhfoghnuidh dhamhsa a n oifig an tsagairt.


L. Ex28:4


Agus as íad so na h éaduighe dodhéanuid; uchdéideadh, agus ephod, agus
róba, agus cóta bróidinealta, agus miochd agus crios: agus dodhéanuid
éaduighe naomhtha mar so do Aáron do dhearbhraithir, agus da mhachaibh,
iondus go bhféaduigh miniostralachd do dhéanamh dhamhsa, anoifig an
tsagairt.


L. Ex28:5


Agus glacfuid ór agus gorm, agus purpair, agus scairlaóid, agus
linédach finélta.


L. Ex28:6


Agus dodhénuid an tephod dór, do ghorm, do phurpair, agus do
scairlaóid, agus do línédach fhinealta chasda, maille re hobair ghlic.


L. Ex28:7


Biáidh aige dhesin dhá phíosa gúalann ceangailte agá dhá imeal, agus
mar sin ceangaltar dá chéile é.


L. Ex28:8


Agus biáidh an crios bróidínealta aNephoid, noch atá air, don
ccéadna do réir a oibresin: dór do ghorm, do phurpair, agus do
scairlaóid agus do linéadach fhinéalta chasda.


L. Ex28:9


Agus glaca tú dá chloich Onix, agus grabháil anmanna chloinne
Israel orra.


L. Ex28:10


Sé dá nanmannuibh ar éan chloich, agus na sé hanmanna eile, na coda
eile, ar an gcloich eile, do réir a sinnsireachd.


L. Ex28:11


Maille ré hobair ghrábhaluigh a gcloich, cosmhuil ré grábháil
shignéd ghrábhalfus tú an dá chloich, maille re hanmannuibh chloinne
Israel: cuirfe tú fá deara a gcur a gcumhduighibh óir.


L. Ex28:12


Agus cuirfe tú an dá chloich ar ghuaillibh aNephod, mar chlochuibh
cuimhnighe do chloinn Israel, agus iomchóra Aáron a nanmanna as coinne
an tighearna, ar a dhá ghualuinn mar chuimhne.


L. Ex28:13


Agus dodhéana tú failge dór.


L. Ex28:14


Agus dhá shlabhra dór ghlan ar a gceannuibh; dobair fhighthe do
dhéna tú íad, agus ceangail na slabhruidhe fithe do na failghibh.


L. Ex28:15


Agus dodhéna tú uchdéidheadh an bhreitheamhnuis le hobair
chérdamhuil, amhuil oibre aNephod dodhéna tú é; dór, do ghorm, do
phurpair, agus do scarlaóid, agu do linéadach fhinealta chasta dodhéna
tú é.


L. Ex28:16


Ceathairbheannach bhías sé ar na dhubladhadh réise bhías na fhad, agus
réise bhías na leithead.


L. Ex28:17


Agus cuirfe tú ann cuir do chlochuibh, eadhon ceithre chúrsa do
chlochaibh: biáidh an chéad chúrsa do Shardius, do Thópas agus do
Charbuncail: budh éso an chéad chúrsa.


L. Ex28:18


Agus biáidh an dara cúrsa, Emereud, Saphir, agus Diamond.


L. Ex28:19


Agus an treas cúrsa, Ligur, Agat, agus Ametist.


L. Ex28:20


An ceathramhadh cúrsa, Beril, agus Onix, agus Iasper: anór cuirfighear
íad ann a ndrud.


L. Ex28:21


Agus béid na clocha maille re hanmannuibh chloinne Israel, a dó
dhéug do réir a nanmann, grábhalta (amhail) ghrabháil shignéid: gach aón
díobh lé a ainm, béid do réir an dá threibh dhéag.


L. Ex28:22


Agus dodhéna tú ar an uchdphláta slabhruidhe ag na ceannuibh dobair
fhighthe dór fhíorghlan.


L. Ex28:23


Agus dodhéna tú ar an uchdphláta dhá fháinne óir, agus cuirfe tú an
dá fháinne ar dhá cheann an uchdphláta.


L. Ex28:24


Agus cuirfe tú an dá shlabhradh fhighthe dór ann sa dhá fháinne atá
ar ceannuibh an uchdphláta.


L. Ex28:25


Agus an dá cheann eile don dá shlabhradh fhighte, ceangola tú an sa dá
fhail, agus cuirfe tú íad ar phíosuighibh na gualann an Ephod ar aghaidh.


L. Ex28:26


Agus dodhéna tú dhá fháinne óir, agus cuirfe tú ar dhá cheann an
uchdphláta íad, animealsin, noch atá leath re taóbh an uchdphláta
astigh.


L. Ex28:27


Agus dá fháinne eile óir dodhéna tú, agus cuirfe tú íad ar dhá
thaóbh an Ephóid shíos, láimh ris an gcuid thosuigh dhe, thall as coinne
a chúpluidhthe ós cionn creasa ceardamhuil an Ephod.


L. Ex28:28


Agus ceangoluid síad an tuchdédach lena fháinnighibh, do
fháinnithibh an Ephoid le lása do ghorm, cor go mbía ós cionn creasa
cérdamhuil an Ephod, agus nach scaoilfíghear an tuchdphláta don Ephod.


L. Ex28:29


Agus iomchóra Aáron anmanna chloinne Israel, annsan
uchdphlátasin an bhreatheamhnuis, ar a chroidhe, anuair rachus asteach
donáit naómhtha, mar chuimhne do lathair an tighearna a gcomhnuighe.


L. Ex28:30


Agus cuirfe tú an uchdphláta an bhreitheamhnuis an Urim agus an
Tuimim: agus béid ar chroidhe Aáron anuair rachus sé asteach as
coinne an tighearna: agus iomchóruidh Aáron breitheamhnus chloinne
Israel ar a chroidhe, a bhfíadhnuisi an tighearna a gcomhnuighe.


L. Ex28:31


Agus dodhéna tú róba an Ephod do ghorm uile.


L. Ex28:32


Agus biáidh poll iona mhullach, iona lár biáidh cheangal dobair
fhighthe timchioll fagcuairt an phuill, mar do bheith poll haberghion, go
nach bristíghe é.


L. Ex28:33


Agus shíos ar a fhathfhuáim dodhéna tú pomgranáit do ghorm, agus do
phurpuir, agus do scairlaóid timchioll fagcuáirt na fathuáime; agus
cluigíne óir eatorra timchioll fagcuáirt.


L. Ex28:34


Cluigín óir, agus pomgránait, cluigín óir agus pomgranat, ar
fhathuáim an róba fagcuáirt.


L. Ex28:35


Agus biáidh sé ar Aáron ag miniostrálacht: agus cluinfighear a
uáim anuáir rachus sé asteach don áit naómhtha, a lathair an tighearna,
agus anuair thiocfas amach: go nach bhfaghadh bás.


L. Ex28:36


Agus dodhéna tú pláta dór fhíorghlann, agus grabháil air amhuil
ghrábhála signéid naomhthachd don tighearna.


L. Ex28:37


Agus cuirfe tú é ar lása ghorm, ionnus go mbiáidh ar an míter, ar
chuid thosuigh an mhíter biáidh sé.


L. Ex28:38


Agus biáidh sé ar éadan Aáron, chor go n iomchóruidh Aáron écceart
na nitheann naómhtha noch naómhthochuidh clann Israel, iona
mbrontuibh naómhtha uile, agus biáidh sé a gcomhnuighe ar édan, chor
go nglacfuighear íad a bhfíaghnuisi an tighearna.


L. Ex28:39


Agus cuirfe tú bródáil leis an gcóta do linédach fhínealta, agus do
dhéna tú an míter do linédach fhínealta, agus dodhéna tú an crios d
obair shnáithede.


L. Ex28:40


Agus dodhéna tú cótuidhe do mhacuibh Aáron, agus dodhéana tú
creasanna dhóibh, agus dodhéna tú buinéit dóibh, mar ghlóir agus mar
scéimh.


L. Ex28:41


Agus cuirfe tú ar Aáron do dhearbhrathair íad, agus a mhacuibh
maille leis, agus ungfuigh tú íad, agus coisreochuidh tú íad, agus
naómhtochaidh tú íad, cor go ndénuid miniostralachd dhamsa anoifig an
tsagairt.


L. Ex28:42


Agus dodhéna tú brístíghe línéduigh dhóibh, dfolach a ttárnochd:
óna háirnibh go nuige na slíasta roitheochuid síad.


L. Ex28:43


Agus béid síad ar Aáron, agus a mhacaibh, anuair thiucfaid síad
asteach go tabernacuil an chomhchruinnigh, nó anuair thiucfaid síad a
bhfoghus don altóir, do mhiniostralachd ansan áit naómhtha; go nach
iomchraid égceart agus go négfuid: biáidh sé na reachd go bráth dhó
féin, agus dá shliochd na dhiáigh.


L. Ex29:1


Agus is é so an ní dodhéna tú riú dá naómhadh, do mhiniostralachd
damhsa anoifig an tsagairt: glac éanbhulóg óg, agus dá reith gan
cháidhe.


L. Ex29:2


Agus arán gan laibín, agus bairgheana gan laibín, arna gcumasc le h-
ola, agus abhlanna gan laibhín, unghtha le hola: do phlúr chruithneachda
dodhéna tú íad.


L. Ex29:3


Agus cuirfe tú a n éinchléibhín íad, agus dobéara tú leachd íad
annsa chléibhín, maille ris an mbulóig, agus an dá reithe.


L. Ex29:4


Agus dobhéura tú Aáron agus a mhic go dorus an tabernacuil an
chomhchruinnigh, agus nighfe tú íad le huisge.


L. Ex29:5


Agus glacfa tú na culadha, agus cuirfe tú an cóta ar Aáron, agus róba
an Ephod, agus an Téphod maille ris an uchdphláta, agus criosluigh é lé
crios cérdamhuil an Ephod.


L. Ex29:6


Agus cuirfe tú an Míter ar a cheann, agus cuirfe tú an choróin naómhtha
ar an míter.


L. Ex29:7


Annsin glacfa tú an ola ungtha, agus dóirtfe tú ar a cheann í, agus
ungfa tú é.


L. Ex29:8


Agus dobhéura tú a mhic leachd, agus cuirfe tú cótuidhe orra.


L. Ex29:9


Agus crioslochuidh tú íad le creasannuibh (Aáron agus a mhic) agus
cuirfe tú na boinéit orra; agus biáidh oifig an tsagairt aca mar reachd
síorruidhe, agus coisreochuidh tú Aáron agus a mhic.


L. Ex29:10


Agus dobhéura tú fa deara bulóg do thabhairt as coinne an tabernacuil
an chomhchruinnigh, agus cuirfe Aáron agus a mhic lámha ar chionn na
bulóige:


L. Ex29:11


Agus muirfe tú an bhulóg as coinne an thighearna, ag dorus
tabernacuil an chomhchruinnighe.


L. Ex29:12


Agus glacfa tú dfuil na bulóige, agus cuirfe tú ar bheannuibh na h-
altóra led mhéur, agus dóirtfe tú anfuil uile re taóbh na haltóra.


L. Ex29:13


Agus glacfa tú an méthas uile fholcus an mionach, agus an scairt
bhíos ós cionn na náe, agus an dá dhubhán, agus an ghéir bhías orra, agus
loisg ar an altóir íad.


L. Ex29:14


Achd feóil na bulóige, agus a sheithe, agus othrach loisgfe tú le
teine taóbh amuich don champa íad: is ofráil phecaidh í.


L. Ex29:15


Glacfa tú mar an gcéadna énreith, agus cuirfe Aáron agus a mhic
lámha ar chionn an reithe.


L. Ex29:16


Agus muirfe tú an reith, agus glacfa tú a fhuil, agus croithfe tú
timchioll fagcuáirt ar an altóir í.


L. Ex29:17


Agus gearrfa tú an reith na chodchuibh, agus nighfe tú a innidhe, agus
a chosa, agus cuirfe tú (íad sin) a gceann a chodchan, agus a gcionn a
chinn.


L. Ex29:18


Agus loisgfe tú an reith iomlán ar an altóir: is ofráil loisge don
tighearna sin: is deaghbhaladh é ofráil dénta le tenidh don tighearna.


L. Ex29:19


Agus glacfa tú an reith eile, agus cuirfe Aáron agus a mhic a lámha
ar cheann an reithe.


L. Ex29:20


Annsin muirfe tú an reith, agus glacfa tú dhá fhuil, agus cuirfe tú ar
mhaóthán cluaisi deise Aáron, agus ar mhaóthán cluise deise a mhic agus ar
ordóig a láimhe deise, agus ar ordóig a ccoise deise í, agus croith an
fuil a analtóir timchioll fagcuáirt.


L. Ex29:21


Agus glacfa tú donfuil atá ar an altóir, agus don ola ungtha, agus
croith í ar Aáron agus ar a chulaidh agus ar a mhacaibh, agus ar
éduighibh a mhac leis, agus biáidh sé naómhtha, agus a éduighe agus a
mhic, agus éduighe a mhac leis.


L. Ex29:22


Agus mar an gcédna beanfa tú don reithe an gheir agus bun anear-
buil agus an gheir fholcus na hinnidhe, agus scairt na náe agus an
dá dhúbhán, agus an gheir atá orra, agus an slínnéun deas: óir is reithe
choisrighe é.


L. Ex29:23


Agus aón bhuilín aráin agus aón bhairghín darán oladha, agus
énabhlann as cléibhín anaráin gan laibhín, atá as coinne an tighearna.


L. Ex29:24


Agus cuirfe tú sin uile a lámhuibh Aáron, agus a lámhuibh a mhac,
agus croithfe tú anonn, agus anall na nofráil chroithe a bhfiaghnuisi an
tighearna.


L. Ex29:25


Agus glacfa tú as a lámhuibh íad, agus loisgfe tú íad, ar an altóir
mar ofráil loisge, mar dheaghbhaladh a lathair an tighearna, is ofráil
dénta le teinidh í don tighearna.


L. Ex29:26


Agus glacfa tú uchd reithe choisricthe Aáron, agus croithfe tú é mar
ofráil chroithe íad a lathair an tighearna: agus budh í sin do chuidsi.


L. Ex29:27


Agus naómhthocha tú uchd na hofrála tógtha, noch tonntar agus noch
tógthar súas do reithe an choisrighe, don ní is le h Aáron, agus don ní
atá dá mhacaibh.


L. Ex29:28


Agus budh le h Aáron agus lena mhacaibh sin maille ré reachd
síorruidhe ó chloinn Israel: óir is ofráil thógtha í, agus budh ofráil
thógtha ó chloinn Israel í, do iodhbuirt na hofrála síothchána í, an
ofráil thógtha chum an tighearna.


L. Ex29:29


Agus budh le macaibh Aáron a éaduighe naómhtha na dhiáigh féin, dá
nungadh iontasin, agus chum bheith coisreactha ionta.


L. Ex29:30


Agus an mac sin bhías na shagart na áit, cuirfidh sé air íad seachd lá
anuair thiocfas go tabernacuil an choimhchruinnigh, do mhiniostralachd
san áit naómhtha.


L. Ex29:31


Agus glacfa tú reithe an choisreactha, agus bruithfe tú a fheóil
sanáit naómhtha.


L. Ex29:32


Agus íosa Aáron agus a mhic feóil an reithe, agus an tarán bhías
an sa chléibhín, ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh.


L. Ex29:33


Agus íosáid na neithesin lé ndearnadh an tsíodhcháin dá gcoisreagadh,
agus dá naómhadh: achd ní íosa coimhightheach dhíobhsin, do chionn go
bhfuilid naómhtha.


L. Ex29:34


Agus má fhanann éinní don fheóil choisrighthe, nó don arán go maidin;
annsin loiscfe tú an fuigheall le teinidh: ní híostar é, do chionn go
bhfuil sé naómhtha.


L. Ex29:35


Agus is marso dodhéana tú ré Haáron agus ré mhacaibh, do réir an
uile neithe do aithin mé dhíot: seachd lá choisreochus tú íad.


L. Ex29:36


Agus ofrálfaidh tú gach aon lá bulóg ar son ofrála phecaidh, ar son
síothchána: agus glanfa tú an altóir, anuair dodhéna tú síth ar a son,
agus ungfa tú í dá naómhadh.


L. Ex29:37


Seachd lá dodhéna tú síth ar son na haltóra, agus naómhthocha tú í:
agus biáidh na haltóir ro naómhtha: giodh bé ar bith bheanas ris an
altóir, biáidh sé naómhtha.


L. Ex29:38


Anois séso an ní sin ofráilfios tú ar analtóir; dhá úan don
chéidbhliadhuin ó lá go comhnuightheach.


L. Ex29:39


Aón lubhán díobh dodhéna tú ofráil ar maidin: agus an lubhán eile
ofráilfe tú um nóin.


L. Ex29:40


Agus le haón úan an deachmhadh rann plúir, comaisce leis an
gceathramhadh cuid do hin dola bhuailte, agus an ceathramhadh cuid do hin
fhíona, mar ofráil díghe.


L. Ex29:41


Agus an túan eile ofráilfidh tú um nóin, agus dodhéna tú ris do
réir na hofrála bídh na maidne, agus do réir na h ofrála dighe na
maidne, mar bholadh mhaith: is ofráil í dénta le teinidh don tighearna.


L. Ex29:42


Biáidhso na hofráil chomhnuightheach loiscthe ar feadh bhur
ngeinealach, ag dorus thabernacuil an chomhchruinigh a bhfíaghnuisi an
tighearna: áit a tteigeamha misi ribh, do labhairt annsin riot.


L. Ex29:43


Agus annsin theigeomhus mé re cloinn Israel, agus dodhéntar an
(tabernacuil) naómhtha lem ghlóir.


L. Ex29:44


Agus naómhthóca mé tabernacuil an chomhchruinnigh, agus an altóir:
naómhthóca mé mar an gcédna Aáron agus a mhic do mhiniostralachd dhamh a-
noifig an tsagairt.


L. Ex29:45


Agus dodhéna mé comhnuighe ameasg chloinne Israel, agus béud am
Dhía aca.


L. Ex29:46


Agus aitheonuid síad gur mé an tighearna a Ndía, noch thug amach íad
as crích na Hégipte, ionnus go gcoimhneochuinn na measg: is misi an
tighearna a Ndía.


L. Ex30:1


Agus dodhéna tú altóir do loscadh túise uirre, do chrann Sitim do
dhéana tú í.


L. Ex30:2


Cubhad budh é a fad, agus cubhad a leithead: ceathairbheannach bhías
sí, agus biáidh a háirde dhá chubhad: (biáidh) a beanna don ccédna.


L. Ex30:3


Agus fóileocha tú dór fhíorghlan í, a huachtar agus a taóbh
thimchioll fagcuairt, agus a bheanna: agus dodhéana tú dhi coróin óir
timchioll fagcuáirt.


L. Ex30:4


Agus dodhéna tú dhá fháinne óir dhi, faoi an choróin, agá dhá
coirnéul: agá dhá taobh dodhéna tú íad, agus béid síad mar áitibh do
bhatuidhibh dá hiomchar leó.


L. Ex30:5


Agus dodhéna tú na maididhe do chrann Sitim, agus foileochuidh tú le
hór íad.


L. Ex30:6


Agus cuirfe tú as coinne an fholuigh í, atá láimh re háirc na
fiadhnuisi; as coinne an tsuidhe thrócaire atá ós cionn an fhiadhnuisi,
mar a tteagamha misi riot.


L. Ex30:7


Agus loisgfe Aáron túis dheaghbholuidh gach aon mhaidin uirre anuair
dheiseocha sé na lampuidhe, loisgfe sé túis uirre.


L. Ex30:8


Agus anuair lasfas Aáron na lampuidhe um nóin, loisgfe sé túis uirre,
tús bhiobhúan a bhfiaghnuise an tighearna, ar feadh bhur ngeinealach.


L. Ex30:9


Ní loisgfídhe túis choimhidheach ar bioth uirre, nó íodhbuirt loisge, nó
ofráil bídh, ní mo dhoírtfíde ofrála dighe uirre.


L. Ex30:10


Agus dodhéna Aáron síth ar a beannuibh san mbliadhuin, lé fuil
(ofrála) pheacaidh na síthe: uair san mbliadhuin dodhéna sé sídh uirre
ar feadh bhur ngeinealach: atá sí ronaomhtha don tighearna .


L. Ex30:11


Agus do labhair an tighearna re Maóise, ga rádh.


L. Ex30:12


An uair ghlacfas tú suim chloinne Israel do reir a nuibhre; annsin
dobhéuruidh gach éinduine fuascladh ar son anma don tighearna, anúair
áireomhus tú íad go nach biáidh pláigh na measc, anúair aireomhas tú íad.


L. Ex30:13


Is é dobhéuruid úatha, gach énduine da rachaidh thort na measc atá
áirmhithe; leithshecel do reír na sanctóra, (secel is é féin fithche
gérah), agus leithshecel ofráil an tighearna.


L. Ex30:14


Gach uile dhuine dá ttéid thort na measg atá airmhithe, ó fhithchid
bliadhan daois agus ós cionn, dobhéura sé ofráil don tighearna.


L. Ex30:15


Ní thiubhra sáidhbhir nios mó uádha, agus an bochd ní thiubhra níos
lugha nó leithshecel, anuáir dobhéruid ofráil don tighearna, do
dhénamh síthe dá bhur nanmannuibh.


L. Ex30:16


Agus glacfa tusa an tairgead síthe ó chlionn Israel, agus cinnfe tú
é do sherbhís thabernacuil an chomhchruinnigh ionnus go mbía na chuibne
do chloinn Israel a lathair an tighearna, do dhénamh síthe dá bhur n-
amannuibh.


L. Ex30:17


Agus do labhair an tighearna re Maóise dha rádh,


L. Ex30:18


Dodhéna tú mar an gcédna lábhéir práis, agus a chos mar an gcédna
do prás, do ionnladh (as:) agus cuirfe tú é idir thabernacuil an
chomhruinnigh, agus an altóir, agus cuirfe tú uisge ann.


L. Ex30:19


Óir ionneoluid Aáron agus a mich a lámha agus a gcosa aige.


L. Ex30:20


Agus anúair rachuidh go tabernacuil an chomhchruinnigh, ionneoluidh
síad lé huisce, go nach bhfaghaid bás: nó anuair thiocfaid a bhfogus
donaltóir do mhiniostralachd, do losgadh ofrála dénta lé tenidh don
tighearna.


L. Ex30:21


Marsin nighfid a láma agus a gcosa, go nach bhfaghaid bás: biáidh so
na reachd dhóibh go bráth, dósan, agus da shíol ar feadh a ngeinealach.


L. Ex30:22


Tuilleamh fós, do labhair an tighearna re Maoise, ga rád.


L. Ex30:23


Glac thusa mar an gcédna chugad spiósa oirdhearca, do Mhirr ghloin
cúig chéd secel, agus do Shinamon deaghbholuidh a leath oiread sin, dhá
chéd agus caógad secel, agus do chalamus déghbholuidh dhá chéad agus
cáogad secel.


L. Ex30:24


Agus do chassía cúig chéd secel do réir shecel na sanctóra, agus hin
dola chroinn ola.


L. Ex30:25


Agus dodhéna tú ola dhe, dola náomhtha, agus ola cumaischthe do
réir ealadhan an photechari: biáidh sí na hola naómhtha chum ungtha.


L. Ex30:26


Agus ungfa tú tabernacuil an chomhchruinnigh lé, agus áirc na
fiadhnuise:


L. Ex30:27


Agus an bórd, agus a shoithidhe uile, agus an coinnleóir agus a
shoithidhe, agus altóir na túise.


L. Ex30:28


Agus altóir na h ofrála loisge, go na huile shoithidhibh, agus an
lábhéir, agus a cos.


L. Ex30:29


Agus naomhthocha tú íad, ionnus go mbéid ronaomhtha: giodhbé ar bith
ní bheannus riu biáidh sé naomhtha.


L. Ex30:30


Agus ungfa tú Aáron agus a mhic, agus coisreoca tú íad, chor go
miniostrálfuid dhamhsa anoifig an tsagairt.


L. Ex30:31


Agus laibheóra tú re chloinn Israel, dá rádh: biáidh so na hola
naomhtha ungtha dhamhsa ar feadh bhur ngeinealach.


L. Ex30:32


Ar fheóil duine ní doírtfighear í, ní mó dhéntaoi samhuil di, do reír
a compóideachd: is naomhtha í, agus biaidh sí naómhtha dhaóibhsi.


L. Ex30:33


Giodhbé ar bith dhénas cumusch cosmhuil ría, nó giodhbé ar bith
chuirfeas di ar choimhightheach gérrfuighear cheana amach óna dhaóinibh
é.


L. Ex30:34


Agus adubhairt an tighearna re Maoise, glac chugad spiósra
deaghbhaluidh, stáct agus onicha, agus galbanum; na spiósra
deaghbaluidhsi maille re túis ghloin, oiread re chile dá gach cuid
díobh.


L. Ex30:35


Agus dodhéna tú perfiúm dhe, cumasc do réir ealadhan an photeceári,
cumuscthe chéile, ré fíorghlan (agus) naómhtha.


L. Ex30:36


Agus brúidhfe tú cuid desin romhín, agus cuirfe tú cuid de as coinne
na fiadhnuise ann sa tabernacuil an chomhcruinnigh áit a tteigeamha misi
riot: biáidh sé ro náomhtha dhaóibh.


L. Ex30:37


Agus ar son na perfiúime dodhéna tú: ní dhéntaoi dhíbh féin do
réir a chumaiscsin: bíadh sé dhuitsi naómhtha don tighearna.


L. Ex30:38


Giodhbé ar bioth dhénas samhuil dósin do bholtnughadh, gérrfughear
é amach ó na dhaóinibh.


L. Ex31:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh.


L. Ex31:2


Féuch do ghoir mé go ainmnighe air Bhésaleel, mhac Uri: mic
Hur, do threibh Iúdah:


L. Ex31:3


Agus do líon mé é do spioraid Dé, a neagna, agus a ttuigsin, agus
aneólus, agus annsan uile ghné oibre,


L. Ex31:4


Do thionnscnamh oibhreach ngérchúiseach, do oibriughadh anór, agus
anairgead, agus a bprás,


L. Ex31:5


Agus a ngearradh cloch dá gcur, agus ag ceirbhereadh adhmuid, doibriughadh ann gach uile shórt oibre.


L. Ex31:6


Agus misi, féch, thug me maille leis, Aholiab mhac Ahisamach, do
threibh Dan, agus a gcroidhthibh gach a bhfuil glicchroidheach do
chuir mé eagna; chor go ndérnadaois an uile ní do aithin mé dhíotsa:


L. Ex31:7


Tabernacuil an chomhchruinnnigh agus áirc na fíaghnuisi, agus an suidhe
trócaire atá uirre, agus uile shoithighe an tabernacuil,


L. Ex31:8


Agus an bórd, agus a mbeanann ris, agus an coinnleóir glan, gun a
ghléus uile, agus altóir na túise.


L. Ex31:9


Agus altóir na hofrála loisge, maille rena huile ionstrumuintibh,
agus a lábhéir agus a cos.


L. Ex31:10


Agus na héduidhe serbhíse, agus an culaidh do Aáron an sagart; agus
na culadha dá mhacaibh, do mhiniostralachd anoifig an tsagairt.


L. Ex31:11


Agus an ola ungtha, agus an túis dheaghbholaidh donáit naomhtha: do
réir an uile ní do aithin mé dhíot, dodhénaid síad.


L. Ex31:12


Agus do labhair an tighearna re Maóise, gá rádh.


L. Ex31:13


Labhairse fós ré cloinn Israel ga rádh, go deimhin coimhédfuidhe mo
shábóid: óir is comhartha eadrum féin agus sibhsa í: ar feadh bhur
ngeinealach, go mbía a fhios aguibh gur mé an tighearna naómhas sibh.


L. Ex31:14


Cuimhdeochthaoi an Sábóid ar anadhbharsin: óir atá naómhtha
dhaóibh. An uile dhuine bhrisios í, cuirfíghear go deimhin chum báis é:
óir gidhbé neach oibrighear éinní innte, gearrfuighear anamsin ó bheith
a measg a dhaóine.


L. Ex31:15


Sé lá is féidir obair do dhéanamh, achd an seachdmhadh lá sé Sabóid an
tsocamhuil é, naómhtha don tighearna gidhbé dhéanas obair ar bith a ló
na Sabóide, cuirfighear go deimhin chum bháis é.


L. Ex31:16


Ar anadhbharsin cuimhdeochuid clann Israel an tSabóid, do
choimhéud na Sabóide ar feadh a ngeinealach mar chunnradh síorruidhe.


L. Ex31:17


Is comhartha eadrumsa, agus clann Israel go bráth é: óir ann a sé lá
dorinne an tighearna neamh, agus talamh, agus ar an seachdmhadh lá do
scuir sé, agus do léig scíth.


L. Ex31:18


Agus tug sé do Mhaóise, anuair do chríochnuigh sé a chomhrádh
leis ar shlíabh Sínai, dhá chlár na fíadhnuise, cláir chloiche
sgríobhtha lé méur Dé.


L. Ex32:1


Agus anuáir dochonnairc an pobal gur fhaddáil Maoise teachd anuas ón
tslíabh, do chruinnigheadar an pobal íad féin go Haáron, agus a
dubhradar ris, éirigh súas, déana dhúinn Dée rachus romhuinn: Óir an
Maoiseso, an té thug as crích na Hégipte sinn, ní feas dúinn créad do
imthigh air.


L. Ex32:2


Agus adubhairt Aáron riú, brisigh na clúasfháinnidhe óir atá ar
chluasuibh bhur mban, agus bhur mac, agus bhur ninghean, agus tugaidh
chugamsa íad.


L. Ex32:3


Agus do bhriseadar an pobal na cluasfháinnidhe óir díobh, noch dobhí
iona ccluasuibh, agus tugadar go Haáron íad.


L. Ex32:4


Agus do ghlac sé as a lámhuibh íad, agus do chum é lé hoirnís
ghrabhála, tar éis laóigh leagtha do dhéanamh dhe: agus adubhrádar
san, as íad so do Dhéesi, ó a Israel, noch thug amach as crích na
Hégipte thú.


L. Ex32:5


Agus anuáir dochonnairc Aáron sin, do thóg sé altóir as a choinne
agus tug Aáron fúagra, agus adubhairt, is lá féasta amárach ag an
tighearna.


L. Ex32:6


Agus do éirgheadar súas go moch arna mhárach, agus do ofráladar
iodhbuirt loisge, agus tugadar ofrála síthe leó, agus do shuidh an pobal
síos dithe, agus dól, agus do éirgheadar suas do shúgradh.


L. Ex32:7


Agus adubhairt an tighearna re Maoise, éirigh, imthigh romhad síos;
óir do phobal, noch thug amnach as crích na Hégipte, do thruáiligheadar
íad féin.


L. Ex32:8


Do fhilleadar go hobann as an tslighe do aithin misi dhíobh: do
rinneadar laógh leaghtha dhóibh féin, agus do adhradar dhó, agus do
íodhbradar dhó, agus adubhradar, is íadso do Dhéesi, ó a Israel,
noch thug thú amach as crích na Hégipte.


L. Ex32:9


Agus adubhairt an tighearna re Maois, dochonnairc mé an pobalsa,
agus féuch is daóine cruadhmhuiníl íad.


L. Ex32:10


Anois uimesin léigsi dhamhsa, ionnus go lasaidh mo dhíbfhearg na
naghuidh, agus go scriosfa mé íad; agus dodhéna mé cineadh mór dhíotsa.


L. Ex32:11


Agus do ghuidh Maóisi an tighearna a Dhía, agus do ráidh, a
thighearna créad fa lassan thfearg anaghuidh do phobail, noch thug tú
amach as crích na Hégipte, le cumhachtuibh móra, agus le láimh láidir.


L. Ex32:12


Créad as a laibheoradís na Hégiptigh, agus a naibeoradís, mar olc
rug sé leis amach íad, dá marbhadh annsna sléibhtibh, agus dá scrios
daghuidh na talmhan: iompóigh ód fheirg bhuirbh, agus claocchló don ulcso
anaghaidh do phobail.


L. Ex32:13


Cuimhnigh Abraham, Isaac, agus Israel, do sherbhísigh, dá tug tú
thú féin mar mhionnuibh, agus adubhairt tú ríu, dodhéna mé bur síol
comhlíonmhur ré réultuibh nimhe, agus an dúthaidhsi uile air ar labhair
mé, dobhéura mé dá bhur síol, agus beidh iona hoighreachd go bráth.


L. Ex32:14


Agus do ghlac aithreachas an tighearna fan olc do smuáin sé do
dhéanamh dhá phobal.


L. Ex32:15


Agus do fhill Maoisi, agus dochuáidh sé síos ón tslíabh, agus dobhí
dhá chlár na fíadhnuisi na láimh: dobhádar an dá chlár scríobhtha ar gach
taóbh; ar an ttaóbhsi, agus ar an ttaóbh eile dobhádar scríobhtha.


L. Ex32:16


Agus dobé obair Dé na cláir; agus dobhí an scríbhinn, scríbhinn
Dé arna tarruing ar na cláruibh.


L. Ex32:17


Agus anuáir dochuala Iosua giorac an phobuil mar do gháireadar,
adubhairt sé re Maóisi, atá gáir chogaidh annsa champa.


L. Ex32:18


Agus adubhairt seision, ní hé guth na ndaóine noch gháireas fa
bhuáidh, ní hé guth na ndaóine éimhgheas ar son a gclaóite: (achd) fuáim
na ndaóine doní cantaireachd, dochluinimsi.


L. Ex32:19


Agus tárla ar ball a ttáinic sé láimh ris an gcampa, go bhfacaidh sé
an laógh, agus an damhsa: agus do ghríosuigh fearg Mhaóise, agus do
theilg sé na cláir as a lámhuibh, agus do bhris faói bhun an
tsléibhe íad.


L. Ex32:20


Agus rug sé ar an laógh noch dorinneadar, agus loisc sé san
teinidh é, agus do mheil sé na phúdar é, agus do leath sé ar an uisce é,
agus tug ar chloinn Israel cuid desin dól.


L. Ex32:21


Agus adubhairt Maóise re Haáron créad dorinneadar na daóine sort,
as a tug tú a chomhmórso do phecadh orra?


L. Ex32:22


Agus adubhairt Aáron, ná hadhnadh fearg mo thighearna: atá fios na
ndaóine agadsa, go bhfuilid síad ullamh chum urchóide.


L. Ex32:23


Óir adubhradar riomsa, déana Dée dhúinn, noch rachus romhuinn: óir
ar son an Mhaóisisi, an fear thug leis sinn amach as crích na
Hégipte ní feas dúinn cread do imthigh air.


L. Ex32:24


Agus adubhairt misi riú, gidhbé ag á bhfuil éinréud óir, briseadh
sé dhe é: marsin tugadar dhamhsa é: annsin do theilg mé san teinidh é,
agus táinic an laóghra amach as.


L. Ex32:25


Agus anuáir dochonnairc Maóise go rabhadar na daoine tárnochd (óir
dorinne Aáron lomnachda íad mar náire dhóibh a measc a námhad.)


L. Ex32:26


Annsin do sheas Maóise a ngeata an champa, agus adubhairt, cia atá
do thaóibh an tighearna, (tigeadh sé) chugamsa: agus do chruinnigheadar
mic Lébhi uile cuige a ccean a chéile.


L. Ex32:27


Agus adubhairt sé ríu, is marso adeir an tighearna Día Israel,
cuireadh gach énduine a chloidheamh ar a thaóbh, agus éirgeadh asteach agus
amach ó gheata go geata ar feadh an champa, agus marbhadh gach aónduine a
dhearbhrathair, agus gach aónduine a chompánach, agus gach aónduine a
chomharsa.


L. Ex32:28


Agus dorinneadur clann Lébhi, mar adubhairt Maóise; agus do thuit
don phobal an lásin timchioll trí mhíle fear.


L. Ex32:29


Óir adubhairt Maóise, coisreagidh sibh féin aniugh don tighearna
gach uile dhuine ar a mhac, agus ar a dhearbhrathair, chor go mbronnfa sé
beannachd dhaóibh san ló aniugh.


L. Ex32:30


Agus tárla arna mhárach, go ndubhairt Maóise ris an bpobal, do
rinneabhair pecadh mór: agus anois racha misi súas gus an ttighearna, dob
éidir go ndénuinn siothcháin ar son bhur bpecaidh.


L. Ex32:31


Agus do fhill Maóise gus an ttighearna, agus adubhairt; oh, do
phecaidheadar an mhuinntirse pecadh mór, agus dorinneadar Dée óir
dhóibh féin.


L. Ex32:32


Gidheadh anois, madh áill leachd, maith dhóibh a bpeacadh: nó muna
maithfe tú dhóibh, cuir misi as do leabhar (iarruim dathchuinge ort) noch
do sgríobh tú.


L. Ex32:33


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, ciodhbé ar bith do
phecaidh am aguidhsi, is é chuirfeas mé as mo leabhar.


L. Ex32:34


Uimesin éirigh annois, treóruigh an pobal donáit adubhairt mé riot:
féuch, rachaidh maingeal romhad: gidheadh an lá thiucfas mé dfhéchuin
orra, leanfuidh mé a bpecadh orra.


L. Ex32:35


Agus do chuir an tighearna pláigh ar a bpobal, do chionn an laóigh do
dhéanamh, noch dorinne Aáron.


L. Ex33:1


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, gluais asso, agus éirigh
súas asso thú féin, agus an pobal thug tú leachd amach as crích na
Hégipte, don tír do mhionnuigh misi do Abraham, do Isaac, agus
do Iácob, dhá rádh, dot shíol dobhéura mé é.


L. Ex33:2


Agus cuirfe mé aingeal romhad, agus díbeora mé amach an Cananíteach,
an Tamoríteach, an Hitíteach, an Perisíteach, an Hibhíteach, agus an
Iebusíteach:


L. Ex33:3


Go tír fá thuile bhainne agus mheala: óir ní racha misi súas bhur
measg, óir atáthaói bhar ndaóinibh cruadhmuiníl, deagla go
ndíobháighfinn sibh ar a tslighe.


L. Ex33:4


Agus anuáir dochuala an pobal na droichscéalasa, dodhubhadar, agus
níor chuir éanduine a bhreádhgachd air.


L. Ex33:5


Óir adubhairt an tighearna ré Maóise, abuir ré cloinn Israel, is
pobal cruadhmhuiníl sibh: tiucfa mé súas ion bhur lár a moment, agus
díoghbháighfe mé sibh: uimesin annois cuir dhíot do dheiseachd uáit,
ionnus go bhfeadarsa créad dodhéna mé riot.


L. Ex33:6


Agus do nochdadar clann Israel íad féin, as a mbréadachd láimh ré
slíabh Hóreb.


L. Ex33:7


Agus rug Maóise ar an tabernacuil, agus do shuighidh taóbh amuigh do n
champa é, a bhfad ón champa, agus do ghoir tabernacuil an chomhchruinnigh
dhe: agus tárla gach aón dá níarradh an tighearna, go ttigeadh amach go
tabernacuil an chomhchruinnigh, noch dobhí taóbh amuigh don champa.


L. Ex33:8


Agus tárla anuáir dochuaidh Maóise gus an tabernacuil, gur éirigh an
pobal uile, agus gur sheas gach éanduine dhíobh ag dorus a lóistín féin,
agus gur fhéucadar a ndiáigh Mhaóise, nó go neachuidh don tabernacuil.


L. Ex33:9


Agus tárla, mar dochuaidh Maóise asteach san tabernacuil, go ttáinic
an piléur néullach anúas, agus gur sheas ag dorus an tabernacuil, agus do
labhair an tighearna ré Maóise.


L. Ex33:10


Agus dochonnairc an pobal uile piléur néullach na sheasamh ag dorus
an tabernacuil: agus do éirgheadar an pobal uile na seasamh, agus do
adhair gach aónduine aca a ndorus a lóistín féin.


L. Ex33:11


Agus do labhair an tighearna re Maóise aghuidh ar aghuidh, mar do
laibheóradh duine rena chompánach. Agus do fhill arís don champa;
achd a sherbhíseach Iosua, mac Nun, an tógánach, ní dheachudh sé as
an tabernacuil amach.


L. Ex33:12


Agus adubhairt Maóise ris an tighearna, féuch adeir tú riumsa,
beir súas an pobalsa: agus ní thug tú a fhios damh cia chuirfeá liom.
Gidheadh adubhairt tú, atá a fhios agum cía thú as hainm agus fuáir tú
grása mar ann gcéadna an mo radharc.


L. Ex33:13


Anois uimesin iarruim dathchuinghe ort, ma fuáir mé grása an do
radharc, taisbéan damh anois do shlighe, le mbía haithne agum, lé a
bhfuighe mé grása an do radharc: agus meas gurob íad an cineadhso do
phobal.


L. Ex33:14


Agus adubhairt seision, rachuidh maghuidh (leachd) agus dobhéura mé
suaimhneas duit.


L. Ex33:15


Agus adubhairt sé ris, muna ndeachuidh haghaidh (liom) ná beir
súas asso sinn.


L. Ex33:16


Óir cionnus bhías a fhios annso, go bhfuair misi agus do phobal grása
ann do radharc? nach le tusa do dhul linn? marsin dealochthar sinn, misi
agus do phobal ón uile phobal, dá bhfuil ar dhruim na talmhan.


L. Ex33:17


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, dodhéna mé an níso mar an
gcédna adubhairt tusa: óir fuáir tú grása ann mo radharc, agus atá
aithne agum ort ad ainm féin.


L. Ex33:18


Agus adubhairt seision, iarruim dathchuinge ort taisbéan do ghlóir
dhamh.


L. Ex33:19


Agus adubhairt seision, dobhéura mé ar mo mhaitheas uile dul
romhad, agus fuaigeora mé ainm an tighearna romhad: agus biad grásamhuil
don tí dá mbía mé grásamhuil, agus taisbénfad trócaire don tí dá
ttaisbéna mé trócaire.


L. Ex33:20


Agus adubhairt seision, ní fhédann tú maghuidh dfaicsin: óir ní
fhaicfe éanduine mé, agus marthuinn na dhiáighsin.


L. Ex33:21


Agus adubhairt an tighearna, féuch atá áit láimh riom, agus seasfa
tusa ar charruic.


L. Ex33:22


Agus tiucfa dhe, an feadh bhías mo ghlóir ag gabháil thort go ccuirfe
mé thusa a scoilteadh don charruic, agus foileocha mé thú leam láimh, an
feadh bhías mé ag gabháil thort.


L. Ex33:23


Agus toigeobha mé mo lámh, agus dochífe tú an chuid shiar dhíom:
achd ní faicfighear mo ghnúis.


L. Ex34:1


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, snoigh dhuit féin dhá chlár
chloiche, mar na céad chláir: agus scriobhtha misi ar na cláruibhsin na
bríathra dobhí annsna céadchláruibh do bhris tusa.


L. Ex34:2


Agus bí réidh ar maidin, agus tárr súas ar maidin go slíabh Sínai,
agus taisbéan thú féin annsin damhsa a mullach an tsléibhe.


L. Ex34:3


Agus ní thiocfa éanduine leachd súas, agus ná léig éanduine d
faicsin ar feadh an tsléibhe uile, agus ná léig na tréda nó na healbhadha
dinghilt as coinne an tsléibhesin.


L. Ex34:4


Agus do shnoigh sé dhá chlár chloiche do nós na gcédchlár: agus do
éirigh Maóise go moch ar maidin, agus dochuáidh súas ar shlíabh
Sínai, mar do aithin an tighearna dhe, agus rug iona láimh leis an dá
clár chloichesin.


L. Ex34:5


Agus tháinic an tighearna anúas annsa néull, agus do sheas na fhochair
(annsin) agus do fhúagair ainm an tighearna.


L. Ex34:6


Agus do ghabh an tighearna thairis as a choinne, agus do fhógair an
tighearna an tighearna Día, thrócaireach, agus grásmhuil, fadfhuilnghtheach,
agus iomlán do mhaith agus dfírinne,


L. Ex34:7


Ag coimhéd trócaire do mhíltibh, ag maitheamh éigceart, sáruighthe,
agus phecaidh, agus nach saórfuidh ar éanchor na cionntuigh, ag
leanmhuin ciontadh na naithreach ar an gcloinn, agus ar chloinn na
cloinne, go nuige an treas agus an ceathramadh glún.


L. Ex34:8


Agus dorinne Maóise deithneas, agus do chrom a cheann chum na
talmhan, agus do adhair sé.


L. Ex34:9


Agus adubhairt, má fuáir mé annois grása ann do radharc, ó a
thighearna, tigeadh an tighearna na measg, guidhim thú, (óir is daóine
cruádhmhuiníl íad) agus maith ar ccoir agus ar bpecadh, agus glac sinn
mar hoighreachd féin.


L. Ex34:10


Agus adubhairt seision, féuch doním cunnradh: as coinne do phobail
uile dodhéna mé ionganta; a leitheid nach dérnadh san domhan uile, nó
anén chrích: agus dochífid an pobal uile a measc a bhfuil tú,
dochífid obair an tighearna; óir is ní uathbhásach dodhéana mé riot.


L. Ex34:11


Coímeadsa an ní aitheonus mé dhiot, annsa ló niugh; féuch tiomáinfe
mé amach romhad an Támoriteach, agus an Cananíteach, an Hititeach,
agus an Perisíteach, agus an Hibhiteach agus an Ieubusíteach.


L. Ex34:12


Tabhair aire dhuit féin deagla go ndéntá cunnradh ré dúthchasuibh
na tíre iona bhfuil tú ag dul: deagla go mbíadh sin na dhul ann do lár
astigh.


L. Ex34:13


Achd scriosfaidh sibh a naltóra, brisfig sibh aniómháige, agus
gearrfuidh sibh síos a ngarraín.


L. Ex34:14


Óir ní adhrochóra tú Día ar bith eile: oír an tighearna, a bhfuil ainm
eadruibh, as Día éádmhar é.


L. Ex34:15


Deagla go ndéantá cunnradh ré dúthchasuibh na tíre, agus go
rachadaóis do striapachus a ndiáigh a Ndéesin, agus iodhbuirt do dhénamh
dá Ndéeibh agus do go ngairfeadh duine thusa, agus go níosfá dhá
iodhbuirt.


L. Ex34:16


Agus go nglacfá a ninghiona dot mhacaibh, agus go rachadaóis a n
ingheana dó striapachus a ndiáigh na Ndéesin, agus go ttiubhraidís ar do
mhacaibhsi dul do striapachus a ndiáigh a Ndée.


L. Ex34:17


Ní dhéna tú Dée leaghtha dhuit féin.


L. Ex34:18


Cuimhdeocha tú fésta anaráin gan laibhín: séachd lá íosas tú arán
gan laibhín, mar do aithin misi dhíot, anaimsir na míosa Abib: óir
is annsa mhí Abib tháinic tú amach as an Egipt.


L. Ex34:19


Anuile ní osclus an bhrú, is liomsa é: agus an uile phrimidil a
measc hairnéisi, más damh é na caóra (bhiás firionn.)


L. Ex34:20


Achd cédghin assail fuáisceola tú le húan: agus muna bhfúascla tú
é, annsin brisfe tú a mhuinéul. Fuaisceóla tú céidbhreith do mhac uile:
agus ní thiucfa énduine dom lathairsi folamh.


L. Ex34:21


Sé lá dodhéana tú obair; achd annsa seachdmhadh lá dodhéna tú
comhnuigh; anaimsir treabhtha, agus annsa bhfóghmhar dodhéna tú
suaimhneas.


L. Ex34:22


Agus cuimhdeocha tú fésta na seachdmhuineadh, na gcédthoradh
foghmhuir na cruithneachta, agus fésta an tárrlóig a ndeireadh na
blíadhna.


L. Ex34:23


Trí h uaire san mblíadhuin tiocfaid do chlann mhac uile, a lathair
an tighearna Día, Día Israel.


L. Ex34:24


Óir teilgfe misi na cinidheacha amach romhad, agus léigfe mé fairsinge
chum do thórannadh: ní mó iarrfas énduine do dhúthaigh, an tan rachus tú
súas dot thaisbeanadh féin a lathair an tighearna do Dhía trí huaire san
mblíadhuin.


L. Ex34:25


Ní ofráilfe tú fuil mo íodhbartha maille re laibhín: ní mó
léigfighear fésta iodhburtha na cásca chum an maidine.


L. Ex34:26


An chéd chuid do chéd toradh thfearuinn dobhéura tú go tigh an
tighearna do Dhía: ní bhrúighfe tú meannán a mbainne a mhathar.


L. Ex34:27


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise; scríobhsa na focailsi: óir
is do reír chéille na bhfocalsa dorinne misi cunradh riot féin,
agus ré hisrael.


L. Ex34:28


Agus dobhí sé annsin a bhfochair an tighearna ceathrachad lá agus
ceathrachad oidhche: nior ith sé arán, agus níór ibh sé uisce: agus do
sgriobh (an tighearna) ar na cláruibh focal an cunnartha, na deich
naitheanta.


L. Ex34:29


Agus tárla anúair tháinic Maóise anúas ó shlíabh Sínai, maille
re dhá chlár na fiadhnuisi a láimh Maóise, anúair tháinic sé
anúas an tslíabh nach raibh a fhios ag Maóise, gur dheallruigh
croiceann aighthe an feadh dobhí ag comhrádh rision.


L. Ex34:30


Agus anúair dochonnairc Aáron agus clann Israel uile Maóise,
féuch, do lonnruigh croicionn aighthe, agus dobhí eagla orra teachd na
ghar.


L. Ex34:31


Agus do ghoir Maóisi chuige íad; agus do fhill Aáron, agus
úachdaráin an chomhchruinnigh uile chuige: agus do labhair Maóise
riú.


L. Ex34:32


Agus na dhiáighsin tangadar clann Israel uile a ngar dhó: agus tug
sé dhóibh aithne fánuile ní dar labhair an tighearna ris air slíabh
Sínái.


L. Ex34:33


Agus do chuir Maóise folach ar aghaidh, nó gur scuir sé do labhairt
riú.


L. Ex34:34


Achd anúair dochuáidh Maóisi asteach as coinne an tighearna do
labhairt ris, do chuir an folach dhe, nó go ttáinic amach: agus
táinic amach agus do labhair re cloinn Israel, an ní do
haithnigheadh dhe.


L. Ex34:35


Agus dochoncadar clann Israel aghuidh Mhaóisi, gur dheallraidh
croiceann aighthe Mhaóise: agus do chuir Maóisi an folach ar
aghaidh arís nó go ndeachuidh asteach do chaint ris.


L. Ex35:1


Agus do chruinnigh Maóise comhcruinniughadh chloinne Israel uile a
gcionn a chéile, agus do ráidh riú, as íadso na bríathra do aithin an
tighearna dhíbhsi go ndérnadh sibh íad.


L. Ex35:2


Sé lá dodheántar obair, achd an seachdmhadh lá bhiáidh sé na lá
saóire aguibh, sábóid shúaimhneasa don tighearna: giodhbé ar bith oibhrigheas
annsin, cuirfighear chum báis é.


L. Ex35:3


Ní dheargfuidhe teine ar feadh bhur náiteach a ló na sábóide.


L. Ex35:4


Agus do labhair Maóise re comhchruinniughadh chloinne Israel uile,
dá rádh; as éso an ní do aithin an tighearna, ga rádh.


L. Ex35:5


Tógbhuidh eadruibh ofráil don tighearna: giodhbé ar bith gá bhfuil
croidhe toileamhuil, tugadh sé leis í, ofrál don tighearna; ór agus
airgead, agus prás,


L. Ex35:6


Agus gorm, agus purpuir, agus scárlaoid, agus línédach fínealta agus
fionna gabhar.


L. Ex35:7


Agus croicne reitheadh daite dearg, agus croicne broc, agus adhmad
Sitim.


L. Ex35:8


Agus ola chum an tsoluis, agus spíosra chum ola ungtha, agus don túis
dheaghbhaluidh.


L. Ex35:9


Agus clocha Onix, agus clocha re gcur san ephod, agus annsan
uchdphláta.


L. Ex35:10


Agus tiocfa gach uile dhuine glicchroidheach eadruibh, agus dénuidh
gach éinní dar aithin an tighearna.


L. Ex35:11


An tabearnacuil, a lóistín, agus a fholach, a thuighe, agus a
bharruidhe, a philáir agus a shoicéid.


L. Ex35:12


An áirc agus a maididhe, maille ris an tsuidhe thrócaire, agus folach a
chinn.


L. Ex35:13


An bórd, agus a mhaididhe agus a shoitighe uile, agus an tarán
taisbeanta.


L. Ex35:14


An coinnleóir mar an ccéadna chum an tsoluis, agus a mbeanann ris, agus
a lampuidhe maille ris an ola chum an tsoluis.


L. Ex35:15


Agus altóir na túisi, agus a maidhidhe, agus an ola uingtha, agus an
túis deaghbholuidh, agus bruit an doruis ag dul asteach an tabernacuil.


L. Ex35:16


Altóir na hofrála loisge maille rena gráta gun a maididhibh, agus a
soithighibh uile, an lábhéir agus a chos.


L. Ex35:17


Bruit na cúirte, a piléir, agus a bhuinn, agus brat doruis na cúirte.


L. Ex35:18


Tairngidhe an tabernacuil, agus tairngidhe na cúirte, agus a
gcorduidhe.


L. Ex35:19


Culadha na serbhíse, do dhénamh serbhíse ann san (áit) naomhtha, an
tédach naomhtha do Aáron an sagairt, agus éduighe a mhac do
mhiniostralachd anoifig an tsagairt.


L. Ex35:20


Agus do imthigheadar comhchruinniughadh chloinne Israel uile as
lathair Mhaoise.


L. Ex35:21


Agus tangadur gach énduine aca, ar chorruigh a chroidhe suas é, agus
gach énduine dorinne a spíorad aontadhach, agus tugadar leó ofráil an
tighearna chum oibre thabernacuil an chomhchruinnigh, agus chum a serbhíse
uile, agus chum a éduige náomhtha.


L. Ex35:22


Agus tangadar ar aon fir agus mná, an mhéid dobhí do chroide
thoileamhuil; agus tugadar bráisléid agus cluasfháinnidhe leó, agus
fáinnidhe, agus tabléid, an uile shéud óir, agus gach áon dar ofráil sé
ofráil óir don tighearna.


L. Ex35:23


Agus gach áon agár fríth gorm, agus purpuir agus scárlaóid, agus
línédach fínealta, agus fionnadh gabhar, agus croicne dearga reitheadh
agus croicne broc, tugadar leó iad.


L. Ex35:24


An uile dhuine dar offráil ofráil airgid nó phráis, tug sé ofráil an
tighearna leis: agus gach áon ag ar frith do chrannuibh Sitim chum oibre
na serbhíse, thugadar leó íad.


L. Ex35:25


Agus na huile mhná dobhí glicchroidheacha do sníomhadar le na
lámhuibh, agus tugadar leó an ní do shníomhadar aráon do ghorm, agus do
phurpuir, agus do scárlaóid, agus go línédach.


L. Ex35:26


Agus na huile mhná ar chorruigh a ccroidhe súas íad a ngliocus, do
shníomhadar fionnadh gabhar.


L. Ex35:27


Agus tugadar na huachdaráin clocha Onix leó, agus clocha da gcur
annsaNephod, agus annsaNuchdach náomhtha.


L. Ex35:28


Agus spíorsa agus ola chum an tsoluis, agus chum na hola ungtha,
agus chum na túise deaghbholuidh.


L. Ex35:29


Tugudar clann Israel ofráil thoilteannach leó chum an tighearna: an
uile fhear agus bhean a ndearna a ccroidhe toilteanach íad, do thabhairt
neithe leó chum gach uile shórt oibre, noch do aithin an tighearna do
dhénamh lé láimh Mhaoise.


L. Ex35:30


Agus adubhairt Mhaóise re cloinn Israel: féuchaidh do ghoir an
tighearna go hainmeamhuil Besaleel mach Urí mhic Hur do threibh
Iúdah.


L. Ex35:31


Agus do líon sé do spioraid Dé é, a ngliocus, a tuicse, agus a n
eólus, agus annanuile ghné oibre.


L. Ex35:32


Agus do chuma oibreach gcúirialta, doibriughadh a nór, a nairgead,
agus a bprás,


L. Ex35:33


Agus a ngearradh cloch da gcur, agus a snoigheadh adhmuid do dhénamh
gach aon ghné oibre eóluigh.


L. Ex35:34


Agus do chuir anna chroidhe go múinfeadh é féin, agus Aholiab
mach Ahisamach do threibh Dan.


L. Ex35:35


Do líon sé íadsin do eagna chroidhe doibriughadh an uile gné oibre
an tsaóir, agus anoibríghe ghlic, agus an té oibrígheas lé snaithid
a ngorm, agus a bpurpuir, agus a scarlaóid agus a líon fhinélta; agus
anfigheadóra, noch doní obair ar bith, agus chumus obair
ghérchúiseach.


L. Ex36:1


Annsin do oibrigh Besaleel, Aholiab, agus gach énduine
glicchroidheach ann ar chuir an tighearna críonnachd, agus tuigse dfagháil
eóluis cionnus do oibreochadh gach uile shórt oibre do sherbhís na
sanctóra, do réir anuile ní dar aithin an tighearna.


L. Ex36:2


Agus do ghoir Mhaóise, Besaleel agus Aholiab, agus gach áonduine
glic a ccroidhe, ar chuir an tighearna eólus iona chroidhe, eadhon gach
énduine ar chorruigh a chroidhe é, do theachd chum na hoibre dá
dénamh.


L. Ex36:3


Agus do ghlacadar ó Mhaóise anuile ofráil noch thugadar clann
Israel leó chum oibre serbhíse na sanctóra do dhénamh leissin: agus tugadar
chuige fós ofrála dhá ttoil gach maidin.


L. Ex36:4


Agus tangadar na daóine glioca uile do oibrigh obair na sanctóra uile
gach aonduine óna obair noch dorinneadar.


L. Ex36:5


Agus do labhradar ré Maóise, ghá rádh, atáid an pobalsa ag tabhairt
leó ní is romhó ná rigthear a leas chum serbhíse na hoibre do aithin Día
do dhénam.


L. Ex36:6


Agus tug Maóise aithne, agus tugadar fá deara fógra ar feadh an champa
dhá rádh, ná dénadh fear nó bean aguibh níis mó dobair ar ofráil na
sanctora. Marso do toirmiosgadh an pobal ó (ní) do thabhairt leó.


L. Ex36:7


Óir budh lór a ttugadar leó do dhénamh na hoibre uile, agus ní budh
mó.


L. Ex36:8


Agus gach énduine glicchroidheach na measc dar oibrigh obair an
tabernacuil, dorinne sé deich gcúirtíne do líon fhínealta chasta, agus
gorm agus purpuir agus scárlaóid do cherubínibh, dobair chérdamhuil do
rinne sé íad.


L. Ex36:9


Budh é fad énchúirtín fithche agus ochd gcubhaid, agus do budh é
leithead gach énchúirtín ceithre cubhaidh: dobhádar na cúirtíne uile d
éinmhéid.


L. Ex36:10


Agus do coimhcheangail sé na cúig cúirtíne aon dar oile, agus na
chúirtínigh eile do choimhcheangail se aon dar oile.


L. Ex36:11


Agus dorinne lúba do ghorm ar imeal aon chúirtín ón cciumhuis ansa
ccoimhcheangal: mar an gcédna dorinne annsa táobh amuich do chúirtín
eile coimhcheangal an dara cúirtín.


L. Ex36:12


Caogadh lúb dorinne sé a néanchúirtín, agus cáogadh lúb dorinne
sé animiol an chúirtín dobhí a ccoimhcheangal an dara cúirtín: do
chongmhadar na lúba gach éanchúirtín re chéile:


L. Ex36:13


Agus dorinne cáogad taítse óir, agus do choimhcheangail na cúirtíne
gach aon dar oile les na taitsibh; ionnus ro bíadh sé na éantabernacuil.


L. Ex36:14


Agus dorinne cúirtíne dfionnadh gabhar don lóistín ós cionn an
tabernacuil: éan cúirtín dég dorinne dhíobh.


L. Ex36:15


Do budh é fad énchúirtín díobh, tríochad cubhad, agus ceithre
cubhaid do budh é leithead déanchúirtín: dobhádar an táonchúirtín
dég déinmhéid.


L. Ex36:16


Agus do choimhcheanguil cúig cúirtíne leó fein, agus sé cúirtíne leó
féin.


L. Ex36:17


Agus dorinne cáogad lúb ar an imeal amuigh don chúirtín ansa
coimhcheangal, caógad lúb dorinne sé ar imeal an chúirtín, noch
choimhcheanglas an dara cúirtín.


L. Ex36:18


Agus dorinne sé caógad táitse do phrás do choimhcheangal an lóistín
dá chéile, chor go mbía na éanlóistín.


L. Ex36:19


Agus dorinne folach don lóistín do chroicnibh reitheadh daite dearg,
agus follach do chroicnibh broc ós a cionn.


L. Ex36:20


Agus dorinne buird don tabernacuil do chrann Sitim na seasamh súas.


L. Ex36:21


Do budh é fad buird díobh deich ccubaid, agus budh é leithead buird
éanchubhad go leith.


L. Ex36:22


Dobhádar dhá mhoirtís a néanbhórd, ionann fad da gach díobh ó
chéile: marso dorinne sé duile bhórduibh an tabernacuil.


L. Ex36:23


Agus dorinne buird don tabernacuil: fithche bórd don taóibh ó dheas.


L. Ex36:24


Agus dorinne ceathracad soiceád dairgead fáoi an bhfichid bórd, dhá
shoicead fáoi éanbhord da dhá mhoirtís, agus dhá shoicéad fáoi bhórd eile da
dhá mhoirtís.


L. Ex36:25


Agus don taobh eile don tabernacuil, noch atá leith ris an gcoirnéal
thuaidh, dorinne sé fithche bórd.


L. Ex36:26


Agus a gceathracad soicéd airgid: dhá shoicéad fá énbhórd, agus
dhá shoicéd fá bhórd eile.


L. Ex36:27


Agus do tháobhuibh an tabernacuil leith shíar dorinne se sé buird.


L. Ex36:28


Agus dorinne sé dhá bhórd do choirnealuibh an tabernacuil iona dhá
thaobh.


L. Ex36:29


Agus dobhádar choimhcheangailte shiós, agus coimhcheangailte dá
chéile agá cheann déanfháinne: marso dorinne sé riu aráon annsa dá
coirnél.


L. Ex36:30


Agus dobhádar ochd mbuird, agus a soicéid sé soicéid dég airgid, dhá
shoicéad faói gach éanbhórd.


L. Ex36:31


Agus dorinne barruidhe do chrann Sitim: cúig bharra do bhórduibh
éntáoibhhe an tabernacuil.


L. Ex36:32


Agus cúig bharra do bhórduibh an taoibh eile don tabernacuil, agus
cúig bharra do bhorduibh an tabernacuil don táobh shíar.


L. Ex36:33


Agus tug sé ar an mbarra meadhonach dul thríd na bórduibh ó cheann go
ceann.


L. Ex36:34


Agus do fholuigh se na buird le hór, agus dorinne sé a bhfáinnidhe
dór, chum a mbeith na náitibh do na barruidhibh, agus do fholuigh na
barruidhe le hór.


L. Ex36:35


Agus dorinne sé folach do ghorm, agus do phurpuir, agus do scárlaóid,
agus do línédach fhínealta chasda: maille ré cherubínibh dorinne sé é, lé
hobair chéardamhuil.


L. Ex36:36


Agus dorinne dhósin ceithre piléir do chrann Sitim, agus do fholuigh
sé le hór íad: dobhádar a ccrúcuidhe dór, agus do theilg sé dhóibh
ceithre soicéid airgid.


L. Ex36:37


Agus dorinne sé brat dhorus an tabernacuil do ghorm, agus do
phurpuir, agus do scárlaóid, agus do línédach fhínéalta chasda dobair
shnáithide,


L. Ex36:38


Agus a chúig piléir gun a ccrúcuidhibh, agus do fholuigh sé a
gcaipitre agus a bhfiléid lé hór, ach dobhí a ccúig soicéid do phrás.


L. Ex37:1


Agus dorinne Basaleel an áirc do chrann Sitim: dhá chubhad go leith
dobhí iona fad, agus cubhad go leith iona leithead, agus cubhad go leith
iona háirde.


L. Ex37:2


Agus do fholuigh í le hór fíorghlan amuith, agus astigh, agus do
rinne dhi coróin óir timchioll fágcuáirt.


L. Ex37:3


Agus do theilg dhi ceithre fháinne óir, dá ceithre coirnealuibh, eadhon
dhá fáinne ar aón taóbh dhi, agus dhá fháinne ar an ttaóbh eile.


L. Ex37:4


Agus dorinne sé maididhe do chrann Sitim, agus do fholuigh sé le hór
íad.


L. Ex37:5


Agus do chuir na maididhe annsna fáinnidhibh ré taóbh na háirce, d
iomchur na háirce.


L. Ex37:6


Agus dorinne an suidhe trócaire dór fhíorghlan, dhá chubhad go
leith dobhí iona fhad, agus cubhad go leith iona leithead.,


L. Ex37:7


Agus dorinne dhá cherubin dór arna mbúaladh, amach as énphíosa do
rinne sé iad, ar dhá cheann an tsuidhe thrócaire.


L. Ex37:8


Aon chérub ar an gcionn don taóbhsa, agus cherub eile ar an gceann don
taóibh úd: amach as an tsuidhe thrócaire dorinne sé na cherubínigh ar a
dhá cheann.


L. Ex37:9


Agus do leathnuigheadar na cherubínigh amach a sciatháin go hárd, agus
do fholchadar léna sciathánuibh ós cionn an tsuidhe thrócaire, guna n-
aighthibh gach aón ar a chéile:; leath ris an tsuighe thrócaire dobhádar
aighthe na cherubínigh.


L. Ex37:10


Agus dorinne sé an bórd do chrann Sitim; dhá chubhad dobé a fhad,
agus cubhad a leithead, agus cubhad go leith a áirde.


L. Ex37:11


Agus do fholuigh sé é lé hór fíorghlan, agus dorinne dhó coróin d
ór ghlan timchioll fágcuáirt.


L. Ex37:12


Mar an gcéadna dorinne sé dhó imiol do leithead baise timcioll
fágcuáirt, agus dorinne coróin óir dá imiol sin timchioll fá ccuárt.


L. Ex37:13


Agus do theilg sé dó ceithre fháinne óir, agus do chuir na fáinnidhe
ar na ceithre coirnéuluibh ann a cheithre cosuibh.


L. Ex37:14


Thall ar aghaidh an imil dobhádur na fáinnidhe, áite na maideadha
chum an bhuird diomchur.


L. Ex37:15


Agus dorinne sé na maididhe do chrann Sitim, agus do fholuigh sé
dór íad diomchur an bhuird.


L. Ex37:16


Agus dorinne sé na soithighe dobhí ar an mbórd, a mhíasa, a
líacha agus a chupáin, agus a bhrat chum a fholach, dór fhíorghlan.


L. Ex37:17


Agus dorinne sé an coinnleóir dór fhíorghlan: dobair bhuáilte,
dorinne sé an coinnleóir, a chos agus a bheangáin, a scáluidhe agus a
chnaip, agus a bhlátha, dobhádur don ccéudna.


L. Ex37:18


Agus sé beangáin ag dul amach as a thaóbhuibh trí beangáin don
choinnleóir as taóbh dhe, agus trí bheangáin don choinnleóir as an ttaóbh
eile.


L. Ex37:19


Trí scála arna ndéanamh do réir chumtha almóine a nénbheangán, cnap
agus bláth, agus trí scála déanta amhail almóine a mbeangán eile, cnap
agus bláth; marsin ar fad amach na sé mbeangán ag dul amach as an
gcoinnleóir.


L. Ex37:20


Agus dobhádur ceithre scála annsa choinleóir déanta amhail almóine, a
chnaip agus a bhlátha.


L. Ex37:21


Agus cnap faói dhá bheangán don ccéadna, agus cnap faoi dhá bheangán
don ccéadna, do réir na sé mbeangán ag dul amach as.


L. Ex37:22


Dobhádur a ccnaip agus a mbeangáin don ccéadna: dobhí sé uile a
néanobair bhuáilte dór fhíorghlan.


L. Ex37:23


Agus dorinne sé seachd lampa, agus a smólghlantóire, agus a mhiása
smóil dór fhíorghlan.


L. Ex37:24


Do thallann dór fhíorghlan dorinne sé é, agus a shoighthighe uile.


L. Ex37:25


Agus dorinne sé altóir na túise do chrann Sitim: bá cubhadh a fad,
agus cubhad a leithead: dobhí sí ceathairbheannach, agus dhá chubhad na
háirde; dobhádar a bheanna don ccéadna.


L. Ex37:26


Agus do fholuigh sé í le hór fíorghlan, araon a huachdar, agus a
taóibh fagcúairt agus a beanna: mar an gcédna dorinne sé dhi coróin óir
timchioll fágcuáirt.


L. Ex37:27


Agus dorinne dhá fháinne óir dhi faói na coróin, láimh réna dá coirnéul ar a
dhá thaóbh, do bheith na náitibh ag na maididhibh lé na n-iomchórthuigh í.


L. Ex37:28


Agus dorinne na maididhe do chrann Sitim, agus do fholuigh sé le hór
íad.


L. Ex37:29


Agus dorinne an ola ungtha agus an túis ghlan do spiósra
deaghbholuidh do réir oibre an photecarígh.


L. Ex38:1


Agus dorinne dá altóir na nofrálach loisge do chrann Sitim: Cúig
cubhaidh a fad, agus cúig cubhaid a leithead, dobhí sí
ceathairbheannach, agus trí cubhaid a háirde.


L. Ex38:2


Agus dorinne sé a beanna ar a ceithre coirnéuluibh: dobhádar a beanna
don ccédna, agus do fholuigh sé lé prás í.


L. Ex38:3


Agus dorinne soithighe na haltóra uile, na potuighe, agus na
sluaiste, agus na báisínigh, agus na hadhail, agus na hoighne teineadh:
a soithighe uile dorinne sé do phrás íad.


L. Ex38:4


Agus dorinne sé don altóir grásta práis dobair lín, faóina compás
shíos go nuige a lár.


L. Ex38:5


Agus do theilg ceithre fháinne do cheithre corruibh an ghrásta phráis,
dá mbeith na náitibh do na maididhibh.


L. Ex38:6


Agus dorinne na maididhe do chrann Sitim, agus do fholuidh prás íad.


L. Ex38:7


Agus do chuir sé na maididhe ann sna fáinnidhibh ar thaóbhuibh na h-
altóra dá hiomchar: dorinne sé analtóir toll lé cláruibh:


L. Ex38:8


Agus dorinne an Lábhóir do phrás, agus a chos do phrás, do scathánuibh
na mban n oireachduis, noch do chruinnioghadh ag dorus thabernacuil an
chomchruinnigh.


L. Ex38:9


Agus dorinne sé an chruit: ar an ttaóbh ó dheas leath ó dheas bruit na
cúirte do líon fhínealta chasda, do chéd cubhad.


L. Ex38:10


Bá fithche a bpiléir, agus bá fithche a soicéid práis: crúcuidhe na
bpiléur agus a bhfiléid dairgead.


L. Ex38:11


Agus chum an taóibh thuáigh bruit do chéad cubhad, bá fithche a
bpiléir, agus fithche a soicéid phráis, crúcuidhe na bpiléur, agus a
bhfiléid dairgead.


L. Ex38:12


Agus chum an taóibh shíar, bruit do chaógad cubhad, a bpiléir a deich,
agus a soicéid a deich; crúcuidhe na bpiléur agus a bhfiléid dairgead.


L. Ex38:13


Agus leithead na cúirte don taóbh shoir, leath shoir, caógadh cubhad.


L. Ex38:14


Bruit éntaóibhe an gheata bá cúig cubhaidh déug: a bpiléir a trí,
agus a soicéid a trí.


L. Ex38:15


Agus don taobh eile do gheata na cúirte ar an láimhse, agus ar an
láimh úd dobhádar bruit do chúig cubhaid déug: a bpiléir a trí agus a
soicéid a trí.


L. Ex38:16


Bruit na cúirte uile timchioll fagcúairt, do budh línédach casda
íad.


L. Ex38:17


Agus na soicéid do na piléuruibh do phrás: crúcuidhe na bpiléar agus a
bhfiléid dairgead; agus folach a gcaipitreach dairgead, agus piléir na
cúirte uile arna bhfilléideadh lé hairgead.


L. Ex38:18


Agus crochadh chum geata na cúirte dobair shnáithide, do ghorm agus
do phurpuir agus do scárlaóid, agus do línédach fhínéalta chasda: agus
ba fithche cubhad a fhad, agus cúig cubhaid áirde a leithne,
coimhfhreagarthach do bhratuibh na cúirte.


L. Ex38:19


Agus ba ceathair a bpiléir, agus a soiceid pháis a ceathair, a
ccrúcuidhe dairgead, agus folach a gcaipitreach agus a bhfiléid dairgead.


L. Ex38:20


Ach tairngidhe an tabernacuil uile, agus na cúirte fa gcúairt do
budh prás íad.


L. Ex38:21


Is éso suim an tabernacuil, thabernacuil na fiadhnuise, mar do h
áireamhadh é, do réir aithne Maoise, chum serbhíse na Lebhíteach le
láimh Ithamar mach Aáron an sagart.


L. Ex38:22


Agus Besaleel mac Uri mhic Hur do threibh Iúdah dorinne an uile
ní do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex38:23


Agus dobhí maille ris Aholiab mac Ahisamach do threibh Dan:
grábháluigh agus oibrigh cérdamhuil, agus bróidinéir a ngorm agus a
bpurpuir, agus a scárlaóid agus a líneadach fhínealta.


L. Ex38:24


An mhéid óir do caitheadh uile leis an obair, le uile obair na háite
naomhtha (eadhon) ór na h ofrala, ba fithche agus naói ttalanna, agus
seacht céd agus tríochad secel do reir shecel na sanctóra.


L. Ex38:25


Agus an mhéid airgid do háirmheadh don comchruinniughadh, céd
tallann, míle agus seacht ccéd agus trí fithchid, agus cúig secel déug
do reir shecel na sanctóra.


L. Ex38:26


Beca ar son gach énduine (is é sin) leath secel do réir shecel na
sanctóra ar son gach aónduine da ndeachuidh dhá áireamh ó fhithchid
bliadhan daóis, agus ós a chionn, a sé chéd míle, agus trí mhíle agus
cúig chéud agus caogad fear.


L. Ex38:27


Agus don chéad tallann airgid do teilgeadh soicéid na santóra agus
soicéid an fholuigh: céad soicéd don chéud tallann, talann ar son an
tsoicéid.


L. Ex38:28


Agus don mhíle seachd ccéd seachdmhoghad agus a cúig secel, dorinne
se crúcuidhe dona piléuruibh, agus do fholuigh a ccaipitre, agus do
fhiléididh íad.


L. Ex38:29


Agus dobhí prás na hofrala na seachdmhoghad tallann agus na dhá
mhíle, agus na ceithre chéud secel.


L. Ex38:30


Agus is leissin dorinneadh soicéid do dhorus thabernacuil an
chomhchruinnigh, agus an altóir phráis, agus an gráta práis di, agus an
uile shoitheach no haltóra.


L. Ex38:31


Agus soicéid na cúirte timchioll fagcúairt, agus soicéid gheata na
cúirte, agus tairngidhe an tabernacuil uile, agus tairngidhe na cúirte
uile timchioll fágcuáirt.


L. Ex39:1


Agus don ghorm agus don phurpuir, agus don scárlaóid, dorinneadar
éaduighe serbhíse, do dhénamh serbhíse ansanáit naómhtha, agus do
rinneadar na culadha nnaomhtha do Aáron: mar do aithin an tighearna
do Mhaóise.


L. Ex39:2


Agus dorinneadh an Tephod dór, do ghorm, do phurpuir agus do
scárlaóid, agus do línéadach mhín chasta.


L. Ex39:3


Agus do bhuaileadar an tór na phlátadhuibh tana, agus do ghearradar na
théaduibh é, da oibríughadh annsa ghorm, agus annsa phurpuir, agus annsa
scárlaóid, agus annsa línéadach fhínéalta maille lé hobair
ghéarchúisigh.


L. Ex39:4


Dorinneadar píosuidhe gualann dó, dha choimhcheangal dá chéile: leis
an dá imiol do coimhcheangladh dhá chéile é.


L. Ex39:5


Agus crios cúiríalta a Ephoid dobhí air, dobhí don chédna do réir a
oibresin; dór, do ghorm, do phurpuir, do scárlaóid agus do línédach
fhinéalta chasta, mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex39:6


Agus do oibrigheadar clócha Onix arna gcur astigh a bhfailgibh óir,
ar na ngrábháil mar ghrábháltar signéid maille ré hanmannuibh chloinne
Israel.


L. Ex39:7


Agus do chuir sé ar ghuáillibh an Ephod íad, ar chor go mbéidis na
gclochuibh mar chuimhne do chloinn Israel, mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Ex39:8


Agus dorinne an tuchdphláta dobair ghlic, cosmhail ré hobair an
ephoid dór, do ghorm, do phurpuir, do scárlaóid, agus do línéadach
fhínealta chasda.


L. Ex39:9


Dobhí sé ceathairbheannach, dorinneadar an tuchdphláta dúbalta, réisi
dobhí na fhad, agus réisi na leithead dúbalta.


L. Ex39:10


Agus do chuireadar ann ceithre chúrsa do chlochuibh; cúrsa do Shardius,
do Thópas, agus do Charbuncail; is éso an cead chúrsa.


L. Ex39:11


Agus an dara cúrsa, Emeraud, Saphir, agus Diamond.


L. Ex39:12


An treas cúrsa, Lígur, Agat, agus Ametist,


L. Ex39:13


Agus an ceathramhadh cúrsa, Beril, agus Onix, agus Iasper: dobhádar
curtha astigh a bhfailgibh óir iona ndruduibh.


L. Ex39:14


Agus dobhádur na clocha do réir anmanna chloinne Israel, a dó dhég
do réir a nanmann, amhail ghrábháil shignéid, gach éanduine gun a ainm
do réir an dá threibh dhéug.


L. Ex39:15


Agus dorinneadar ar an uchdphláta, slabhruidhe ann a cheannuibh d
obair fithche dór fhíorghlan.


L. Ex39:16


Agus dorinneadar dhá fháil óir agus dhá fháinne óir: do chuireadar an
dá fháinne ar dhá cheann an uchdphláta.


L. Ex39:17


Agus do chuireadar an dá shlabhradh fhithche dór annsa dá fháinne ar
cheannuibh an uchdphláta


L. Ex39:18


Agus dhá cheann an dá shlabhradh fhithche, do dhaingníodar annsa dá
fhail, agus do chuireadar íad ar ghuaillibh an ephoid roimhe.


L. Ex39:19


Agus dorinneadar dhá fháinne dór, agus do chuireadar íad ar dhá
cheann an uchdphláta, ar a imeal, noch dobhí ar thaóbh an Ephoid taóbh
astigh.


L. Ex39:20


Agus dorinneadar dhá fháinne eile dór, agus do chuireadar íad ar dhá
thaóbh an Ephoid shíos leath ris an gcuid thosuigh dhe, thall ar aghaidh
a choimhcheangail ós cionn chreasa chuiríalta an Ephoid.


L. Ex39:21


Agus do cheangladar an tuchdphláta lena fháinnighibh, dfáinnighibh
an Ephoid, le lása do ghorm, cor go mbía ós cionn an chreasa chuirálta an
Ephoid agus nach scaóilti an tuchdphláta ón Ephod; mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Ex39:22


Agus dorinne sé róba an ephoid, dobair fhithche uile do ghorm.


L. Ex39:23


Agus dobhí poll a lár an róba, mar pholl lúirighe, maille ré fonnsa
fágcuáirt, timchioll an phuill go nach briseadh sé.


L. Ex39:24


Agus dorinneadar ar chiumhusuibh an róba pomgranait do ghorm agus do
phurpuir, agus do scárlaóid, agus do línéadach chasta.


L. Ex39:25


Agus dorinneadar cluigíne dór fhíorghlan agus do chuireadar na
cluigíne idir na pomgranatuibh ar chiumhuis an róba timchioll fágcuáirt
idir na pomgranatuibh.


L. Ex39:26


Cluigín agus pomgranat, cluigín agus pomgranat, timchioll fágcuáirt
fhathuaime an róba do dhénamh miniostrálachd ann; mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Ex39:27


Agus dorinneadar cótuidhe do línéadach fhínealta dobair fhithche do
Aáron agus dá mhacuibh.


L. Ex39:28


Agus Miter do línédach fhínealta, agus bóinéid mhaithe do línédach
fhínealta, agus brisdidhe línéaduigh do líon mhín chasda.


L. Ex39:29


Agus crios do línéadach chasda, agus do ghorm, agus do phurpuir, agus
do scárlaóid, dobair snáithide mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex39:30


Agus dorinneadar pláta na coróine naómhtha dór ghlan, agus do
scríobhadar scríbhinn air, mar ghrábháil shéignéid, NAOMHTHACHD DON
TIGHEARNA.


L. Ex39:31


Agus do cheangladar dhesin lása do ghorm, dá cheangal go hárd ar
an Míter; mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex39:32


Marso do críochnuigheadh uile obair an tabernacuil, lóistín an
chomhchruinnigh: agus dorinneadar clann Israel do réir an uile ní do
aithin an tighearna do Mhaóise, is marsin dorinneadar.


L. Ex39:33


Agus tugadar an tabernacuil chum Maóisi, an lóistín, agus gach ní
bheannas ris uile, a tháitsidhe, a bhuird, a bharruidhe, a philéir, agus a
shoicéid,


L. Ex39:34


Agus an folach do chroicnibh reitheadh daite dearg, agus an folach do
chroicnibh broc, agus cumhdach an fholuigh,


L. Ex39:35


Áirc na fiadhnuisi agus a maididhe, agus an suidhe trócaire,


L. Ex39:36


An bórd agus a uile shoithidhe agus an tarán taisbéanta,


L. Ex39:37


Ann Coinnleóir fíorghlan, go na lampadhuibh, na lampuidhe dá
suighiughadh a nórd, agus a uile shoithighesin, agus anola chum
soluis,


L. Ex39:38


Agus an altóir órdha, agus an ola ungtha, agus an túis
dheaghbholuigh, agus brat do dhorus an tabernacuil,


L. Ex39:39


An altóir phráis, agus a gráta práis, a maididhe, agus an uile
shoithighe, an lábhéir, agus a chos,


L. Ex39:40


Bruit na cúirte, a piléir, agus a soicéid, agus brat do gheata na
cúirte, a corduidhe, agus a thairngidhe, agus uile shoithighe serbhíse an
tabernacuil, do lóistín an chomhchruinnigh,


L. Ex39:41


Eaduighe na serbhíse do dhénamh serbhíse annsanáit naómhtha, agus
na culadha naómhtha do Aáron an sagart, agus culadha a mhac do
mhiniostralachd anoifig an tsagairt.


L. Ex39:42


Do réir an uile ní do aithin an tighearna do Mhaóise, is marsin
dorinneadar clann Israel an obair uile.


L. Ex39:43


Agus do fhéuch Maóise ar an obair uile, agus féuch dorinneadar í,
mar do aithin an tighearna; is marsin dorinneadar í, agus do bheannuigh
Maóise íad.


L. Ex40:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise gá rádh;


L. Ex40:2


Ar an gcéd lá don chéid mhí chuirfeas tú suas tabearnacuil lóistín an
chomhchruinnigh.


L. Ex40:3


Agus cuirfe tú annsin asteach Áirc na fiadhnuisi, agus foileocha tú an
áirc leis an gcumhdach.


L. Ex40:4


Agus dobhéura tú asteach an bórd, agus suidheocha tú a nordúghadh na
neithe atá ré suidhiughadh a nórd air: agus dobhéura tú an coinnleóir
asteach, agus lasfa tú a lampuidhe.


L. Ex40:5


Agus suidheocha tú analtóir dór chum na túise, as coinne Áirce na
fiadhnuise, agus cuirfe tú brat an doruis leis an tabernacuil.


L. Ex40:6


Agus suidheocha tú altóir na hofrála loiscthe as coinne dhoruis
thabernacuil lóistín an chomhchruinnigh.


L. Ex40:7


Agus suidheocha tú an lábéir idir lóistín an chomhchruinnigh, agus an
altóir, agus cuirfe tú uisce ann.


L. Ex40:8


Agus cuirfidh tú súas an chúirt timchioll fagcúairt, agus crochfa tú
súas na bruit ag geata na cúirte.


L. Ex40:9


Agus glacfa tú an ola ungtha, agus ungfa tú an tabernacuil, agus a
bhfuil astigh ann, agus naomhtha tú é, agus a shoithighe uile, agus biaidh
sé naomhtha.


L. Ex40:10


Agus ungfa tú altóir na hofrála loiscthe, agus a soithighe uile, agus
naomhtha tú n altóir, agus biaidh na haltóir ro naomhtha.


L. Ex40:11


Agus ungfa tú an lábéir agus a chos, agus naómhthocha tú é.


L. Ex40:12


Agus dobhéra tú Aáron agus a mhic go dorus thabernacuil an
chomhchruinnigh, agus níghfe tú íad le huisce.


L. Ex40:13


Agus cuirfe tú ar Aáron na héduighe naomhtha, agus ungfa tú é agus
naomhthocha tú é, cor go miniossrálfuidh sé dhamhsa a noifig an
tsagairt.


L. Ex40:14


Agus dobhéra tú a mhic chugad, agus éideocha tú íad le cótuidhibh.


L. Ex40:15


Agus ungfa tú íad, mar do ung tú a nathair, chor go bhfédfaid
miniostralachd do dhénamh dhamhsa anoifig an sagairt: óir biaidh a n
ungadh go deimhin na shagartachd shíorruidhe, ar feadh a ngeinelach.


L. Ex40:16


Is murso dorinne Maóise: do réir an uile ní do aithin an tighearna
dhe is marsin dorinne sé.


L. Ex40:17


Agus tárla ann sa chéd mhí don dara bliadhain, ar an gcéd ló don
mhí, gur tógbhadh súas an tabernacuil.


L. Ex40:18


Agus do thóg Maóise an tabearnacuil súas, agus do dhaingnidh a
shoicéid, agus do chuir súas a bhuird, agus do chuir a bharruidhe asteach
agus do thóg súas a philéir.


L. Ex40:19


Agus do leathnuigh amach an lóistín ós cionn an tabearnacuil, agus do
chuir folach an lóistín timchioll air, mar do aithin an tighearna do
Mhaóise.


L. Ex40:20


Agus do ghlac sé agus do chuir an fhiadhnuise annsan áirc, agus do
shuidhigh na maididhe ar an áirc, agus do chuir an suidhe trócaire shúas ar
an áirc.


L. Ex40:21


Agus tug sé an áirc chum an tabearnacuil, agus do chuir súas
cumhdach an fholuigh, agus do fholuigh áirc na fiadhnuisi, mar do
aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex40:22


Agus do chuir sé an bórd a lóistín an chomhchruinnigh, ar thaoibh an
tabearnacuil, leath thuaigh taobh amuich don chumhdach.


L. Ex40:23


Agus do chuir sé an tarán anordughadh air a bhfiadhnuise an
tighearna, mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex40:24


Agus do chuir sé an coinnleóir a lóistín an chomhchruinnigh thall as
coinne an bhuird ar thaobh an tabernacuil leath theas.


L. Ex40:25


Agus do las na lampuidhe a bhfiadhnuise an tighearna, mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Ex40:26


Agus do chuir sé an altóir órdha a lóistín an chomhchruinnigh a
bhfiadhnuisi an chumhduigh.


L. Ex40:27


Agus do loisc sé túis dheaghbholuigh uirre, mar do aithin an tighearna
do Mhaóise.


L. Ex40:28


Agus do chuir sé súas an brat ag dorus an tabearnacuil.


L. Ex40:29


Agus do chuir altóir na hofrála loiscthe ag dorus thabearnacuil
lóistín an chomhchruinnigh, agus do ofráil sé uirre, ofráil loiscthe agus
ofráil bídh; mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex40:30


Agus do chuir an lábéir idir lóistín an chomhchruinigh, agus an
altóir, agus do chuir uisce ann chum ionnlaidh.


L. Ex40:31


Agus Maóise, Aáron agus a mhic do nigheadar a lámha agus a ccosa
aige.


L. Ex40:32


Anuair dothéighdís go lóistín an chomhchruinnigh, agus anuair
thigdís a bhfogus don altóir, do ionnlaidís; mar do aithin an tighearna
do Mhaóisi.


L. Ex40:33


Agus do thóg sé súas an chúirt timchioll fágcuáirt an tabernacuil,
agus na haltóra, agus do chuir súas brat gheata na cúirte: marsin do
chríochnuigh Maóise an obair.


L. Ex40:34


Annsin do fholuigh néull lóistín an chomhchruinnigh, agus do líon
glóir an tighearna an tabernacuil.


L. Ex40:35


Agus níorbhféidir do Mhaóise dul asteach a lóistín an
chomhchruinnigh, do chionn gur chomhnuigh an néull air, agus gur líon
glóir an tighearna an tabernacuil.


L. Ex40:36


Agus anuair rugadh an néull súas ó mhullach an tabernacuil, do
chuáidh clann Israel ar a naghaidh ann a nuile thurusaibh.


L. Ex40:37


Achd muna mbéurthaói an néull súas, ní aistreochaidís go nuige an lá
iona mbéurthaoi súas é.


L. Ex40:38


Óir dobhí néull an tighearna ar an tabernacuil annsa ló, agus dobhí
teine air sanoidhche, a radharc thighe Israel uile, ar feadh an
aistir uile.


L. Lv



An treas leabhar do Mhaoise, da ngoirthear Lebhiticus.


L. Lv1:1


Agus do ghoir an tighearna ar Mhaóise, agus do labhair ris as
tabernacuil an chomhchruinnighthe, gá rádh.


L. Lv1:2


Labhair ré cloinn Israel agus abair riú, má beir énduine aguibh
ofráil chum an tighearna, dobhearthaói bhur nofráil donáirnéis,
eadhon don airighe agus don tréud.


L. Lv1:3


Má bhíonn ofráil nó íodhbuirt loiscthe don airighe, ofráladh
firionnach gan cháidhe: ofráladh sé é da thoil aóntaghaidh féin,
ag dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe a bhfiadhnuise an
tighearna.


L. Lv1:4


Agus cuirfidh sé a lámh ar chionn na hofrála loiscthe, agus
géubhthar ar a shon í do dhénamh síodha ar a shon.


L. Lv1:5


Agus muirfidh sé an bhulóg a bhfíadhnuise an tighearna, agus
béaruid na sagairt, clann Aáron, anfuil (leó) agus croithfid
anfuil timchioll fágcuáirt ar an altóir, noch atá láimh ré dorus
thabernacuil an chomhchruinnighthe.


L. Lv1:6


Agus muirfidh sé anofráil loiscthe, agus gearrfa na phíosuighibh é.


L. Lv1:7


Agus cuirfid mic Aáron an sagart, teine ar an altóir, agus leagfuid
an connadh a nórd ar an teinidh.


L. Lv1:8


Agus leagfuid na sagairt, mic Aáron, na codcha, an ceann agus an
gheir a nórd ar an gcunnadh bhías ann sa teinidh, noch bhías air an
altóir.


L. Lv1:9


Achd na hinnighe agus na cosa nighfidh sé a nuisce íad, agus
loiscfidh an sagart an tiomlán ar an altóir, do bheith na iodhbuirt
loiscthe, ofráil arna dhénamh le teinidh, do bholadh cumhra don
tighearna.


L. Lv1:10


Agus más do na tréaduibh bhias a iodhbuirt, do na caórcuibh nó do na
gabhruibh, mar ofráil loiscthe, dobhéara leis é na firionnach gan
toibhéim.


L. Lv1:11


Agus muirfidh sé é ar thaóibh na haltóra leath thuaigh a
bhfiaghnuise an tighearna, agus na sagairt clann Aáron croithfid
an fhuil timchioll fágcuáirt ar analtóir.


L. Lv1:12


Agus gearrfa sé na phíosuighibh é, go na cheann agus a gheir, agus
leagfuidh an sagart a nordughadh íad ar an gcónnadh bhias ar an
teinidh atá ar analtóir.


L. Lv1:13


Achd nifigh sé na hinnighe agus na cosa a n uisce, agus dobhéara an
sagart leis (sin) uile agus loiscfidh sé ar analtóir é: is ofráil
loiscthe é, ofráil déanta lé teinidh, do bholadh cumhra don
tighearna.


L. Lv1:14


Agus má bhíonn a iodhbuirt loiscthe ar son a ofrála don tighearna
déanuibh, annsin dobhéura sé a ofráil do fhéránuibh nó do
cholumuibh óga.


L. Lv1:15


Agus dobhéura an sagart é chum na haltóra, agus fáiscfidh a
cheann de, agus loiscfidh ar analtóir é agus fáiscfídhear a
fhuil amach le taóbh na haltóra.


L. Lv1:16


Agus tairreonguidh a ghaile as, guna chletibh, agus teilgfidh ré
taóbh na haltóra é, ar an gcuid shoir, ag áit na luatha.


L. Lv1:17


Agus scoiltfidh sé é go na sciathánuibh, achd ní roinnfidh ó chéile
é: agus loiscfidh an sagart ar analtóir é, ar an cconnadh atá ar
an teinidh: is ofráil loiscthe é, ofráil dénta le teinidh, do
bholuidh cumhra don tighearna.


L. Lv2:1


Agus anuair ofrálus éinneach ofráil bhídh don tighearna, biodh a
iodhbuirt do phlúr mhín, agus dóirtfidh ola air, agus cuirfidh túis
airsin.


L. Lv2:2


Agus dobhéra sé go macaibh Aáron é, i. na sagairt, agus
toígeobhuidh assin lán a dhuirn dá phlúr, agus dá ola, maille le a
thúis uile; agus loisgfidh an sagart a chuimhnesin ar analtóir,
(do bheith) na ofráil dénta le teinidh, do bholadh mhaith don
tighearna.


L. Lv2:3


Agus fuighioll na hofrála bídh budh lé Haáron agus le na
mhacaibh é: is ní ronáomhtha dofráluibh an tighearna dénta le
tenidh é.


L. Lv2:4


Agus má bheir tú leachd ofráil diodhbuirt bí ar na bhácáil a
mbácús budh cáca gan laibhín do phlúr mhín é, arna chumasc le
hola, nó abhlann a gan a laibhín arna nungadh lé hola.


L. Lv2:5


Agus má bhíonn hofráil na hofráil bídh bhruithe a noigheann,
bía do phlúr mhín gan laibhín cumascthe le hola.


L. Lv2:6


Roinnfidh tú na chodchuibh é, agus dóirtfe tú ola air, is ofráil
bhídh é.


L. Lv2:7


Agus má bhíonn hiodhbuirt na hofráil bhídh annsan oigheann
friala, dodéntar í do phlúr mhín le hola.


L. Lv2:8


Agus dobheára tú an iodhbuirt bhídh dodhéntar do na neithibhsi
chum an tighearna, agus anuair thaisbeantar don tsagart é,
dobhéura chum na haltóra é.


L. Lv2:9


Agus toigeobhuidh an sagart as a ofráil bhídh cuimhne uirre, agus
loiscfidh sé ar an altór é. (is) ofráil sin dénta lé teinidh do
bholadh mhaith don tighearna.


L. Lv2:10


Agus an ní fhúigfíghear don ofráil bhídh budh le Haáron agus le
na chloinn é: is ní ronaomhtha é, dofráluibh an tighearna dénta
le teinidh.


L. Lv2:11


Aon ofráil bhídh, noch dobhéurthaoi chum an tighearna, ní déntair
le laibhín: óir ní loiscfidhe laibhín ar bith nó mil a nénofráil
don tighearna, dénta lé teinidh.


L. Lv2:12


Ar son ofrála na gcédthórtha ofráilfídhe don tighearna iad, achd ní
loiscfighear ar an altóir íad mar bholadh chumhra.


L. Lv2:13


Agus anuile ofráil bhídh leiseocha tú lé salann: ní mó
fhuileongas tú salann cunartha do Dhé bheith deasbuidh ar
hofráil bhídh: ofrálfa tú salann lé do uile iodhbuirt.


L. Lv2:14


Agus má ofráilann tú ofrááil bhídh do na cédthórthuibh don
tighearna, ofráilfe tú mar ofráil bhídh dod chédthórthuibh do
dhéusuibh glasa arbha arna ttiormughadh leis an tteinidh, arbhar
buailte as déusuibh iomlána.


L. Lv2:15


Agus cuirfe tú ola air, agus leagfa tú túis air: is ofráil bhídh é.


L. Lv2:16


Agus loiscfidh an sagart a chuimhnesin, cuid da ghrán buailte,
agus cuid dá ola, gun a thúis uile; is ofráil dénta lé teinidh é don
tighérna.


L. Lv3:1


Agus má bhíonn a ofráil na iodhbuirt shíothchána, mas don airighe
ofrálas sé, má bhíonn firionn nó bainionn, ofrálfuidh sé é gan
toibhéim a lathair an tighearna.


L. Lv3:2


Agus leagfa sé a lámh ar chionn a ofrála, agus muirfidh sé é, ag
dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe, agus croithfid mic
Aáron, na sagairt an fhuil ar an altóir timchioll fagcuáirt.


L. Lv3:3


Agus ofráilfuidh sé iodhburt na hofrála síodha; ofráil dénta le
teinidh don tighearna, an gheir fholcas na hinnighe agus an uile
mhéthas bhías ar an mionach;


L. Lv3:4


Agus an dá dhúbhán, agus an gheir bhíos orra noch bhíos láimh ris
na haránnuibh, agus an scairt ós cionn na naé; maille ris na
dubhánuibh béaruidh sésin leis as.


L. Lv3:5


Agus loiscfid clann Aáron é ar an altóir, ar an iodhbuirt loiscthe
noch bhíos ar an gconnadh bhíos ar an tenidh: ofráil dénta le
tenidh do bholadh chumhra don tighearna.


L. Lv3:6


Agus má bhíonn a ofráil ar son iodhbarta ofrála síothchána don
tighearna, don tréud, fhirionn nó bhainionn; ofráilfidh sé é, gan
cháidhe,


L. Lv3:7


Má ofrálann sé uan ar son a ofrála, annsin ofráladh é a lathair an
tighearna.


L. Lv3:8


Agus leagfa a lámh air cionn a ofrála, agus muirfidh é as coinne an
Tabernacuil an chomhchruinnighthe, agus croithfidh clann Aáron a
fhuil timchioll fágcuairt ar an altóir.


L. Lv3:9


Agus ofrálfuidh sé do iodhbuirt na h ofrála siódha, ofráil dénta le
tenidh don tighearna; a gheir, agus a iorball uile, beanfuidh sé
sin amach láimh ris an ccnáimh droma: agus an gheir fholcus na
hionathuir, agus an uile mhéthus bhíos ar na hinnighibh.


L. Lv3:10


Agus an dá dhúbhán, agus an gheir bhíos orra, noch bhíos láimh
ris na hárannuibh, agus an scairt ós cionn na naé, maille ris na
dubhánuibh beanfuidh sé sin amach as;


L. Lv3:11


Agus loiscfidh an sagart ar an altóir é: (sé sin) bíadh na hofrála
dénta le tenidh don tighearna.


L. Lv3:12


Agus má bhíonn a ofráil na ghabhar, annsin ofrálfuidh sé é a
bhfiadhnuise an tighearna.


L. Lv3:13


Agus leagfa a lámh ar a chionn, agus muirfidh sé é, as coine
dhoruis thabernacuil an chomhchruinnighthe, agus croithfid mic
Aáron a fhuil ar an altóir timchioll fágcuáirt:


L. Lv3:14


Agus ofrálfuidh sé a ofráil desin, ofráil déanta le tenidh don
tighearna; an gheir fholchas na hinnighe, agus an uile mhéthus
bhíos ar an ionathar.


L. Lv3:15


Agus an dá dhubhán, agus an gheir bhíos orra noch bhíos láimh ris
na hárannuibh, agus an scairt bhíos ós cionn na naé, maille ris na
dubhánuibh, beanfa sé sin amach as,


L. Lv3:16


Agus loisgfidh an sagart iad ar an altóir; (sé sin) biaidh na
hofrála dénta le tenidh mar bholadh cumhra; an uile mhéthus is
leis an ttighearna é, (biaidh sé) na reachd síorruidhe da bhur
ngeinealachaibh ar feadh bhur náitreabh, nach ióstaói méthus nó
fuil.


L. Lv4:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dá rádh.


L. Lv4:2


Labhair re cloinn Israel ga rádh; má pheacuigheann anum tré
ainbhfios a naghuidh énaithne an tighearna, (a ttaóbh nitheadh nár
chóir do dhéanamh) agus go ndéna sé ní a naghaidh énaithne
dhíobh.


L. Lv4:3


Má pheacuighénn an sagart atá ungtha do réir pheacaidh an
phobail, annsin tugadh sé ar son an pheacuigh do pheacuigh sé,
bulóg óg gan toibhéim chum an tighearna mar ofráil pheacaidh.


L. Lv4:4


Agus dobhéara sé an bhulóg chum doruis thabernacuil an
chomhchruinnighthe a lathair an tighearna, agus leagfa a lámh ós
cionn na bulóige, agus muirfidh sé an bhulóg a bhfiadnuise an
tighearna.


L. Lv4:5


Agus glacfa an sagart bhías ungtha cuid dfuil na bulóige, agus
dobhéara leis go tabernacuil an chomhchruinnighthe í.


L. Lv4:6


Agus tuimeobhuidh an sagart a mhéur ann sa bhfuil, agus croithfidh
(cuid) donfhuil seachd nuaire as coinne an tighearna, as coinne
bhruit na sanctóra.


L. Lv4:7


Agus cuirfidh an sagart cuid donfhuil ar bheannuibh altóra na
túise deaghbholuigh a lathair an tighearna, noch atá a ttabernacuil
an chomhchruinnighthe, agus doirtfidh sé fuil na bulóige uile ag
bonn altóra na hofrála loiscthe noch atá ag dorus thabernacuil an
chomhchruinnighthe.


L. Lv4:8


Agus beanfa sé dhe a uile gheir na bulóige, mar ofráil phecaidh;
an gheir fholchus an tionathar agus an uile mhéthus bhías ar an
ionathar.


L. Lv4:9


Agus an dá dhúbhán, agus an gheir bhíos orra, noch bhíos láimh
ris na leasuibh, agus an scairt ós cionn na nae, maille ris na
dubhánuibh, béuruidh sé sin leis.


L. Lv4:10


Mar rugadh as bulóig iodhbartha na síothchána, agus loiscfidh an
sagart iad ar altóir na hofrála loiscthe,


L. Lv4:11


Agus croicionn na bulóige agus an uile fheoil, maille ré na
cionn, agus lena cosuib, agus lena mionnach, agus le na haoileach.


L. Lv4:12


Eadhon an bhulóg uile béaruidh leis amach taóbh amach don champa
go hionad ghlan mar a ndóirtear an luáith amach, is ann
loisgfighear é, le teine.


L. Lv4:13


Agus má phecuigheann uile chomhchruinniughadh Israel tré
ainbhfios, agus an ní do bheith fá cheilt a súilibh an oireachduis,
agus go ndearnthar ní éigin a naghuidh aithneadh an tighearna, a
ttaóbh neitheadh nár chóir do dhénamh, agus go bhfuilid
ciontach:


L. Lv4:14


Anuáir bhíos fios an phecaidh do phecuigheadar na aghuidh,
annsin ofrálfidh an chomhchruinniughadh bulóg óg ar son an
phecaidh, agus dobhéura é as coinne thabernacuil an
chomhchruinnghthe.


L. Lv4:15


Agus leagfuidh sinnsir an choimhchruinnighthe a lámha ar chionn na
bulóige as coinne an tighearna, agus muirfídhear an bhulóg as coinne
an tighearna.


L. Lv4:16


Agus an sagart bhías ungtha dobhéara cuid dfuil na bulóige go
tabernacuil an chomhchruinnighthe.


L. Lv4:17


Agus tuimeobhuidh an sagart a mhéur a gcuid dfhuil na bulóige,
agus croithfidh sé seachd nuáire í, as coinne an tighearna, as
coinne an bhruit.


L. Lv4:18


Agus cuirfidh sé cuid donfhuil ar bheannuibh na haltóra noch
atá as coinne an tighearna, atá a ttabernacuil an
chomhchruinnighthe, agus dóirtfidh amach anfhuil uile ag bonn
altóra na hofrála loiscthe, noch atá ag dorus thabernacuil an
chomhchruinnighthe.


L. Lv4:19


Agus bainfidh sé a gheir uile as, agus loiscfidh ar analtóir é.


L. Lv4:20


Agus dodhéna sé ris an mbulóig mar dorinne ré bulóig ar son na
h-ofrála pecaidh, marsin dodhéana sé ríaso; agus dodhéna an
sagart síoth ar a son, agus maithfighear dhóibh é.


L. Lv4:21


Agus béaruidh sé an bhulóg leis taóbh amach don champa agus
loiscfidh í, mar do loisc an chéad bhulóg; is ofráil pheachuidh í
ar son an chomhchruinnighthe.


L. Lv4:22


Anuáir phécaidheas uachdarán, agus go ndearna éinní a naghaidh
énaithne an tighearna a Dhía, a ttaóbh neitheadh nár chóir a
dhénamh, agus go mbía cionntach;


L. Lv4:23


Nó má thig a neolus an phecaidh ionar phecaidh sé; annsin
dobhéara sé ofráil leis, meannán do na gabhruibh fiorannach gan
cháidhe.


L. Lv4:24


Agus leagfa a lámh ar chionn an ghabhair agus muirfidh é ionsan
áit a marbhuidh anofráil loiscthe as coinne an tighearna: is ofráil
pheacaidh í.


L. Lv4:25


Agus glacfuidh an sagart dfuil na hofrála pecaidh lémna mhéur,
agus cuirfe sé í ar bheannuibh altóra na hofrála loiscthe, agus
dóirtfidh amach an fhuil ag bonn altóra na hofrála loiscthe.


L. Lv4:26


Agus loiscfidh sé a mhéthus uile ar an altóir amhuil mhéthus
iodhbharta na hofrála síothchána, agus dodhéna an sagart síoth ar
a son a ttaóibh a phecaidh, agus maithfíghear dhó é.


L. Lv4:27


Agus má pheachuigheann anum do phobul na tíre tré ainbhfios ar
ndénamh éinneithe anaghaidh énaithne an tighearna a ttaóbh
neitheadh nár chóir a dhénamh, agus go mbía ciontach.


L. Lv4:28


Nó má bhíonn fios an phecaidh ionar phecaidh sé aige, annsin
dobhéura ofráil leis, meannán do na gabhruibh bainionna gan toibhéim
ar son phecaidh do phecaidh sé.


L. Lv4:29


Agus leagfaidh a lámh ar cheann na hofrála pecaidh a náit na
h-ofrála loiscthe.


L. Lv4:30


Agus glacfuidh an sagart cuid donfhuil na mhéur, agus cuirfidh
ar bheannuibh altóra na hofrála loiscthe í, agus dóirtfidh amach an
fhuil ag bonn na haltóra.


L. Lv4:31


Agus bainfidh sé amach an méthus uile amhuil mar beanntar amach
méthus ó na hofrála síodha, agus loiscfidh an sagart ar an altóir
é, mar bholadh, chumhra don tighearna, agus dodhéna an sagart
síoth ar a shon, agus maithfighear dhó é.


L. Lv4:32


Agus má bheir uan leis mar ofráil phecaidh, dobhéura sé leis uan
bainnion gan toibhéim.


L. Lv4:33


Agus leagfaidh sé a lámh ar cheann na hofrála phecaidh, agus
muirfidh sé mar ofráil phecaidh é, an sanáit a marbhuid anofráil
loiscthe.


L. Lv4:34


Agus glacfuidh an sagart dfuil na hofrála pecaidh léna mhéur,
agus cuirfidh ar bheannuibh altóra na hofrála loiscthe í, agus
dóirtfidh amach a fhuil uile ag bonn na haltóra.


L. Lv4:35


Agus bainfidh sé amach a mhéthus uile, mar beanntar méthus anuain
amach ó iodhbuirt na hofrála síodha, agus loiscfidh an sagart ar an
altóir iad, do réir na nofrálach doníothar lé teinidh don
tighearna, agus dodhéna an sagart cádhachas ar son an phecaidh
dorinne, agus maithfíghear dhó é.


L. Lv5:1


Agus má phecuigheann anum, agus go néistfe guth mionn, agus go
mbía na fhiadhnuisi, an bhfacaidh nó nár fhionn sé an ní, muna
fhoillsíghe sé é, annsin iomchóruidh a choir.


L. Lv5:2


Nó má bheanann anum ré haóinní salach, más conablach éinní
neamhglan, nó conablach ainmhidhe neamhgloin, nó conablach neitheadh
neamhglan shnáidheas: má ceiltear leis é, biáidh sé neamhghlan agus
ciontach mar an gcédna.


L. Lv5:3


Nó má bheanann sé le salchar duine, gidhbé ar bith neamhghloine lé
saileochthar duine, agus go gceilfidh é, agus anuáir bhías a
fhios aige, annsin biaidh sé ciontach.


L. Lv5:4


Nó má bheir anum mionna gá rádh, ré na bhéul go ndéna sé olc, nó
go ndéna maith, gidhbé ar bith é fhuaigeorus duine le mionnuibh,
agus nach raibh a fhios aige, agus go gceilfidh é anuáir bhias
a fhios aige, annsin biáidh sé ciontach a ní éigin díobhso.


L. Lv5:5


Agus is amhluidh bhías anuair bhías sé ciontach anéinní
dhíobhso, go naideomhuidh sé go bhfuil sé ciontach annsa nísin.


L. Lv5:6


Agus dobhéura sé ofráil choire chum an tighearna ar son an
phecaidh dorinne sé, bainionnach ón tréud, i. uan nó meannán ó na
gabhruibh, mar ófráil phecaidh, agus dodhéana an sagart síth ar a
shon a ttaobh an phecaidh.


L. Lv5:7


Agus muna ttí dhé úan do thabhairt leis: annsin dobhéura sé dhá
cholum turtuire leis ar son an phecaidh dorinne sé, nó dhá
cholum óga chum an tighearna: aón mar ofráil phecaidh, agus an dara
(hén) mar ofráil loiscthe.


L. Lv5:8


Agus dobhéura chum an tsagairt iad, noch ofráilfeas sin bhías ar
son na hofrála peacaidh an chéaduair, agus fáisgfidh a cheann dá
bhrághaid, achd ní roinnfeadh ó chéile é.


L. Lv5:9


Agus dóirtfidh dfuil na hofrála pecaidh ar thaóbh na haltóra,
agus fáisgfíghear ar chuid eile donfuil amach ag bonn na haltóra:
is ofráil pecuidh sin.


L. Lv5:10


Agus ofráilfidh an dara (héun) mar ofráil loiscthe do réir an
ghnáth, agus dodhéna an sagart síothcháin ar a shon, ar son an
phecaidh dorinne sé, agus maithfighear dhó é.


L. Lv5:11


Achd muna ttí dhe dhá éun turtuire nó dhá cholum óga do
thabhairt leis, annsin dobhéura an té do phecaidh leis ar son a
ofrála an deachmhadh cuid do Ephah do phlúr mhín mar ofráil
pecuidh: ní chuirfidh ola air, ní mó chuirfeas sé túis air: óir is
ofráil pheacaidh í.


L. Lv5:12


Annsin dobhéura sé chum an tsagairt é, agus glacfuidh an sagart lán
a dhuirn de, eadhon na chuimhnesin, gus loiscfidh ar analtóir
é do réir na nofrálach doníthear le teinidh don tighearna: is
ofráil phecaidh sin.


L. Lv5:13


Agus dodhéna an sagart síothcháin dó ar son a phecaidh dorinne
an aón díobhso, agus maithfighear dhó é, agus biáidh an fuigheall
ag an tsagart mar ofráil bhídh.


L. Lv5:14


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dha rádh.


L. Lv5:15


Má ní anum coir, agus go bpecochuidh sé tré ainbhfios a neithibh
naómhtha an tighearna, annsin dobhéura sé chum an tighearna ar son
a sháruighthe, reithe gan cháidhe as na tréuduibh réir do mheas
sa lé seceluibh airgid do réir shecel na sanctóra mar ofráil
sháruighthe.


L. Lv5:16


Agus dodhéna sé leasughadh annsa dochar dorinne annsa ní
naómhtha, agus cuirfidh an cúigeadh cuid na cionn, agus dobhéura don
tsagart é, agus dodhéna an sagart síothcháin dó, le reithe na
hofrála sáruighthe, agus maithfighear dhó é.


L. Lv5:17


Agus má phecuigheann anum, agus go ndéna éinní do na neithibhsi
do toirmioscadh uime do dhénamh le haitheantuibh an tighearna; ma
tá nach raibh a fhios aige, thairissin atá ciontach, agus
iomchóruidh sé a choir.


L. Lv5:18


Agus dobhéura sé reithe gan cháidhe as a tréud réir do mheas
sa mar ofráil sháruighthe don tsagart, agus dodhéna an sagart
síth dhó ar son a ainbhfios iona ndérna sé seachrán, agus nach
raibh a fhios aige, agus maithfighear dhó é.


L. Lv5:19


Is ofráil sháruighthe é: do chiontuigh sé go deimhin a naghuidh an
tighearna.


L. Lv6:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Lv6:2


Má pheacuigheann anum, agus go ndéna sárughadh a naghaidh an
tighearna, agus go ndéna bréag ré na chomharsuin annsan ní tugadh
dhó a ttaisgidh, nó a gcumann, nó rugadh uadh ar éigin, nó do
mheall sé a chomharsa.


L. Lv6:3


Nó go bhfuair sé an ní dochuáidh amugha, agus go ndeárna bréag
dá thaóbh, agus a mhionna do thabhairt a néitheach; a néinní
dhíobhso doní duine iona bpeacuigheann sé:


L. Lv6:4


Annsin budh amhla bhías, do chionn gur phecuidh sé agus go
bhfuil ciontach, go naiseógtha sé an ní rug ar éigin leis, nó an
ní fuair sé go cealgach, nó an ní dochuáidh amugha noch fuair sé,


L. Lv6:5


Nó an uile ní timchioll a ttug a dhrochmhionna: aiseóguidh sé go
hiomlán iona phrinnsipail agus cuirfidh an cúigeadh cuid do bhárr
na chionn, agus dobhéura don tí dár chóir é a ló ofrála ar son a
chionnta.


L. Lv6:6


Agus dobhéura a ofráil sháruighthe chum an tighearna, reithe gan
cháidhe as a tréud, réir do mheasa, mar ofráil sháruighthe don
tsagart.


L. Lv6:7


Agus dodhéna an sagart síth a lathair an tighearna (dhó) agus
maithfighear dhó ar son éinneithe dá ndérna sé, ag sárughadh ann.


L. Lv6:8


Agus do labhair an tighearna ré Maóise ga rádh.


L. Lv6:9


Aithin do Aáron agus dá mhacaibh, dá rádh, is éso dligheadh na
h-ofrála loiscthe: (is ofráil loiscthe í, ar son a loiscthe ar
analtóir ar feadh na hoidhche go maidin, agus biáidh teine na
haltóra ag loscadh innte.)


L. Lv6:10


Agus cuirfidh an sagart a chulaidh lín uime, agus cuirfidh a
bhríste lín fán fheoil, agus tóigeobhuidh súas an luáith do loisc
an teine maille ris anofráil loiscthe ar analtóir, agus
cuirfighear láimh ris analtóir
íad.


L. Lv6:11


Agus cuirfidh a éadach dhe, agus cuirfidh éadach eile uime, agus
iomchóruidh amach an luáith taóbh amuich don champa go hionad
ghlan.


L. Lv6:12


Agus biáidh an teine ar analtóir ag loscadh innte, ní múchfuighear
í, agus loiscfidh an sagart connadh uirre gach aon mhaidin, agus
leagfa anofráil loiscthe a nórd uirre, agus loiscfidh uirre
méthas na nofrálach síothchána.


L. Lv6:13


Biáidh an teine ar lasadh choidhche ar analtóir; ní chuirfíghear
amach go bráth í.


L. Lv6:14


Agus as éso dligheadh na hofrála bídh: ofráilfid mic Aáron í a
lathair an tighearna, as coinne na haltóra.


L. Lv6:15


Agus glacfuidh lán a dhuirn do phlúr na hofrála bídh, agus dá
hola agus an túis uile bhías ar anofráil bhídh, agus loiscfidh
ar analtóir mar bholadh chumhra (eadhon) na chuimhnesin don
tighearna.


L. Lv6:16


Agus íosfuidh Aáron agus a mhic an fuigheall: le harán gan
laibhín íostar é, annsanáit naómhtha a gcúirt thabernacuil an
chomhchruinnigh íosaidh síad é.


L. Lv6:17


Ní bruithfíghear maille re laibhín é, thug mé dhóibhsion é ar son
a gcoda do mofráluibh déanta le teinidh: atá sé ronaómhtha mar
tá an ofráil phecaidh, agus an ofráil sháruighthe.


L. Lv6:18


A bhfuil dfirionnchaibh a measc chloinne Aáron íosaid de:
biáidh na reachd go bráth ionbhur ngeinealeachaibh a ttaóbh
ofrálach an tighearna doníthear le teinidh, gach aón dá mbeanfa
riú biáidh naómhtha.


L. Lv6:19


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Lv6:20


Is íso ofráil Aáron agus a mhac, noch ofrálfuidh síad don
tighearna annsa ló a nungfuighear é, an deachmhadh cuid do ephah
do phlúr mhín mar ofráil bhídh go síorruidhe, (i.) a leath ar
maidin, agus a leath ionsanoidhche.


L. Lv6:21


A noigheann dodhéntar é, maille re hola, agus anuáir bhías
bruithe dobhéura tú asteach é agus na píosuidhe bruithe
donofráil bhídh, ófráilfidh tú mar bholadh cumhra don tighearna.


L. Lv6:22


Agus an sagart dá mhacaibh atá ungtha na áit; ófráilfidh sé é:
búdh statúid choidhche don tighearna í, loiscfíghear go hiomlán í.


L. Lv6:23


Óir loiscfíghear gach uile ofráil bhídh ar son an tsagairt go
hiomlán: ní híostar é.


L. Lv6:24


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, dá rádh.


L. Lv6:25


Labhair ré Haáron agus lena mhacaibh, gá rádh, is éso dligheadh
na hofrála pecaidh: annsanáit a marbhthar anofráil loiscthe,
is ann muirfíghear an ofráil pheacaidh a bhfíadhnuise an
tighearna: atá sé ronáomhtha.


L. Lv6:26


An sagart ofrálas é ar son peacaidh, íosaidh sé féin é, ansanáit
náomhtha ióstar é, a ccúirt thabernacuil an chomhchruinnighthe.


L. Lv6:27


Giodhbé ar bith ní bheanas ren fheóilsin, biaidh sé ronaómhtha,
agus anúair croithfighear dhá fhuil ar édach ar bith: nighfe tú
anáit dar bhean an crothadh annsanáit náomhtha.


L. Lv6:28


Achd an soitheach críadh ionar bruitheadh é brisfighear é, agus mas
a bpota phráis do bruitheadh é, sciúrfuighear é, agus meascfuighear
an pota a nuisce.


L. Lv6:29


Na huile fhirionnach a measc na sagart iósuidh dhe; atá sé ro
náomhtha.


L. Lv6:30


Ní híostar ofráil pheacaidh ar bith a mbérthar énchuid dá fhuil
go tabernacuil an chomhchruinnighthe do dhénamh siothchána (leis)
ann-sanáit náomhtha loiscfígear annsa teinidh í.


L. Lv7:1


Ar an gcédna is éso dlígheadh na hofrála sáruighthe, atá sé ro
náomhtha.


L. Lv7:2


Annsanáit a marbhuidh síad anofráil loiscthe, is ann mhuirfidh
anofráil sháruighthe, agus croithfidh sé a fhuil timchioll ar an
altóir.


L. Lv7:3


Agus ofráilfidh sé dhe méthas uile aniorbuil, agus an méthas
fholchus na hinnídhe.


L. Lv7:4


Agus an dá dhúbhán agus an méthas uile bhiós orra, noch atá an
árann agus an scairt atá os cionn na naé, maille ris na dubhánuibh
bainfidh sé sin amach as.


L. Lv7:5


Agus loiscfidh an sagart é ar analtóir mar ofráil dénta le teinidh
don tighearna: is ofráil sháruighthe sin.


L. Lv7:6


Iósuidh gach aon fhirionnach a measc na sagart desin, ansanáit
náomhtha íostar é, atá ronáomhtha.


L. Lv7:7


Mar atá anofráil pheacaidh, is amhluidh atá anofráil
sháruighthe: is éindligheadh atá orra: an sagart dodhénas síth
leis, is aige bhías sé.


L. Lv7:8


Agus an sagart iodhbras ofráil loiscthe dhuine air bith is ag an
tsagart féin bhíos croicionn na hofrála loisce doní íodhbuirt.


L. Lv7:9


Agus gach uile ofráil bhídh dá mbácáltar annsa bhácús, agus gach
uile dheasuighthear annsa bhfrithoigheann agus annsanoigheann,
biáidh ag an tsagart ofrálus é.


L. Lv7:10


Agus gach uile ofráil bhídh cumaiscthe le hola, agus tirim bíaidh
ag cloinn Aáron uile, oiread re chéile ag gach nduine dhíobh.


L. Lv7:11


Agus as ésin dligheadh iodbartha na hofrála siothchána, noch
ofráilfeas sé don tighearna.


L. Lv7:12


Má ofrálann sé é mar bhreith buidheachuis, annsin ofráilfidh sé
maille re íodhbuirt bheirthe buidheachuis, bairgheana gan laibhín
cumaiscthe le hola, agus abhlanna gan laibhín ungtha le fíon, agus
cácaidhe cumaiscthe le hola do phlúr mhín, fríalta.


L. Lv7:13


Táobh amuigh do na cácuibh, ofráilfid mar ofrail aran laibhín maille
ré iodhbuirt bheirthe buidheachuis dá ofráil shíodha.


L. Lv7:14


Agus desin ofráilfidh sé aón as anofráil iomlán mar ofráil
thóghtha don tighearna, agus budh leis an tsagart do chroith fuil
na hofrála siothchánasin.


L. Lv7:15


Agus féoil íodhbartha ofrála síodha ar son buidheachuis, ióstar, an
lósin féin iodhbarthar í, ní fhúigfidh sé éinní dhe chum na
maidne.


L. Lv7:16


Achd má bhíonn iódhbuirt a ofrála na moíd, nó na hofráil
toileamhuil ióstar an lásin féin í ofrálas a iódhbuirt, agus arna
mhárach mar an gcédna ióstar an fuigheall.


L. Lv7:17


Achd fuigheall fheóla na híodhbartha, an treas lá loiscfíghear le
teinidh é.


L. Lv7:18


Agus má hitior éinní dfheóil iodhbharhta a ofrála síodha ar
énchor, an treas lá, ní geabhthar í, ní mó meastar donofráil í:
biáidh sí na hadhúathmhuireachd, agus an tanam íosas di
iomchóruidh sé a choir.


L. Lv7:19


Agus anfheóil bheanas ré haóinní salach ní híostar í,
loiscfíghear le teinidh í: agus ar son na feóla, an mhéid bhías
glan íosuid di.


L. Lv7:20


Achd an tanam itheas dfeóil íodbartha na hofrála síothchána, noch
is leis an ttighearna, gá bhfuil a neamhghloine air:
gearrfuighear an tanamsin thríd amach as a mhuinntir.


L. Lv7:21


Os a chionnso gidhbé anam bheanas ré ní salach, mar atá salchar
duine no beathaidh neamhghloin, nó ré héinní adhuathmhar neamhghlan,
agus íosas cuid dfeóil íodhbartha na hofrála síodha noch bheanas
ris an tighearna, gearrfuighear an tanamsin thríd amach ó na
dhaóinibh.


L. Lv7:22


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh.


L. Lv7:23


Labhair re cloinn Israel dá rádh ní íostaói éinghné mhéthais
doimh nó caórach, nó gabhair.


L. Lv7:24


Ach geir an bheathaidh dogheibh bás uadha féin, agus méthas an
ainmhídhe réubuidh beathaidh, is éidir sin do chur a nusáid ar bith
eile, gidh eadh ní íostaói éinní de ar énchor.


L. Lv7:25


Óir gidhbhé ar bith íosas do gheir an bheathaidh íodhbruid daóine
mar ofráil dénta le teinidh don tighearna, fós an tanam íosas desin
gearrfuighear amach ó na mhuinntir é.


L. Lv7:26


Tuilleamh eile, ní íostaói gné fhola ar bith mas déun d-
ainmhighe, a naón da bhur náitreabhadh.


L. Lv7:27


Gidhbé ar bith anum íosas éinghné fola: gearrfuighear cheana an
tanamsin ó na mhuinntir.


L. Lv7:28


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Lv7:29


Labhair ré cloinn Israel dá rádh: an té ofrálus íodhbuirt ofrála
síodha don tighearna, dobhéura sé ofráil chum an tighearna do
íodhbuirt ofrála shíodha.


L. Lv7:30


A lámha féin bhéurus leis ofráil an tighearna dénta le teinidh, an
gheir maille ris an gclíathán dobhéura sé leis, cor go
gcroithfídís an clíathán ar son ofrála luáimhnighthe as coinne an
tighearna.


L. Lv7:31


Agus loiscfidh an sagart as gheir ar analtóir, achd budh lé
Haáron agus le na mhacaibh an tuchd.


L. Lv7:32


Agus dobhearthaói an slinneún deas don tsagart mar ofráil thógtha
don íodhbuirt donofráil shíothchana.


L. Lv7:33


An té do mhacaibh Aáron ofrálus fuil na hofrála síothchána, agus
an mhéthas, is é dogheabha an slinneán deas ar son a choda.


L. Lv7:34


Óir do bhean misi an tuchd luáimneach agus an slinneán tógtha do
chloinn Israel do íodhbuirt a nofrála síothchána, agus thug mé
do Aáron an sagart íad, agus dá mhacaibh mar statúid go bráth, ó
mheasc chloinne Israel.


L. Lv7:35


Is é so comhroinn ungtha Aáron, agus ungtha a mhac as ofráluibh an
tighearna dénta lé teinidh, annsa ló ar chuir sé asteach íad, do
mhiniostralachd don tigherna anoifig an tsagairt.


L. Lv7:36


Noch do aithin an tighearna do thabhairt dóibh ó chloinn Israel
annsa ló ar ungadh íad lé statúid go bráth ar fad a ngeinealach.


L. Lv7:37


Is éso dligheadh na hofrála loiscthe, na hofrála bídh, na
hofrála pecaidh, agus na hofrála sáruighthe, agus na gcoisreagadh
agus íodhbartha na nofrálach síodha:


L. Lv7:38


Noch do aithin an tighearna do Mhaóise ar shlíabh Sínaí, annsa
ló ar aithin sé do chloinn Israel an íodhbuirt dofráil don
tighearna a bhfásach Sínai


L. Lv8:1


Agus adubhairt an tigherna ré Maóise, dhá rádh.


L. Lv8:2


Beir leachd Aáron agus a mhic maille ris, agus a néduighe agus
an ola ungtha, agus bulóg chum na hofrála pecaidh, agus dá reithe,
agus clíabh darán gan laibhín.


L. Lv8:3


Agus cruinnigh an coimhtionól uile go dorus thabernacuil an
chomhchruinnigh.


L. Lv8:4


Agus dorinne Maóise mar do aithin an tighearna dhe, agus do
chruinnigh an toireachdus a gcionn a chéile, chum doruis
thabernacuil an chomhchruinnigh.


L. Lv8:5


Agus adubhairt Maóise ris an gcoimhthionól, is éso an ní do
aithin an tighearna do dhénamh.


L. Lv8:6


Agus tug Maóise Aáron agus a mhic leis, agus do nigh le huisce
íad.


L. Lv8:7


Agus do chuir an cóta uime, agus do chuir crios thairis, agus do
chuir an róba uime, agus do chuir an Téphód air, agus do chuir
crios cúiríalta aNephod thairissin, agus do cheanguil de uime é.


L. Lv8:8


Agus do chuir sé an tuchdéadach air, agus do chuir annsan
uchdéadach an Urim agus an Tumim.


L. Lv8:9


Agus do chuir an Míter ar a cheann: ar an Míter mar an gcédna
eadhon ar éadan an Mhíter do chuir sé an pláta óir, an choróin
naómhtha, mar aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Lv8:10


Agus do ghlac Maóise an ola ungtha, agus do ungaidh an
tabernacuil, agus a raibh ann uile, agus do naómhadh íad.


L. Lv8:11


Agus do chroith sé dhi ar analtóir seachd nuáire, agus do
unguidh an altóir, agus a soighthe uile, araón an lábhér agus a
chos, dá naómhadh.


L. Lv8:12


Agus do dhóirt as an ola ungtha, ar cheann Aáron, agus do
ungaidh é dá naómhadh.


L. Lv8:13


Agus tug Maóise mic Aáron leis, agus do chuir cótuidh orra,
agus do chriosluidh íad lé creasannuibh, agus do cheangail buinéid
orra, mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Lv8:14


Agus tug leis an bhulóg ar son ofrála pecaidh, agus do leag Aáron
agus a mhic a lámha ar chionn na bulóige chum ofrála an phecaidh.


L. Lv8:15


Agus do mharbh sé é, agus do ghlac Maóise an fhuil, agus do
chuir ar bheannuibh na haltóra fágcuáirt léna mhéur í, agus do
ghlan analtóir, agus do dhoirt an fhuil ag bonn na haltóra agus
do naómhadh í, do dhénamh aithshíothchána uirre.


L. Lv8:16


Agus do ghlac a raibh do gheir ann a nionathar, agus an scairt ós
cionn na náe, agus an dá dhubhán agus a méthas, agus do loisc
Maóise ar an altóir íad.


L. Lv8:17


Achd do loisc an bhulóg, agus a seithigh agus a feóil, agus a
h-othrach taóbh amuich don champa mar do aithin an tighearna do
Mhaóise.


L. Lv8:18


Agus tug an reithe leis chum na hofrála loiscthe, agus do chuir
Aáron agus a mhic as lámha ar cheann an reithe.


L. Lv8:19


Agus do mharbh sé, agus do chroith Maóise anfuil ar analtóir
fágcuáirt.


L. Lv8:20


Agus do ghearr sé an reithe na phíosuighibh, agus do loisc Maóise
an ceann agus na píosuidh agus an gheir.


L. Lv8:21


Agus do nigh an mionach agus na cosa a nuisce; agus do loisc
Maóise an reithe uile ar analtóir: dobhí na íodhbuirt loiscthe
na bhaladh chúmhra agus na hofráil dénta le teinidh don tighearna,
mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Lv8:22


Agus tug an reithe eile leis, reithe an choisricthe: agus do leag
Aáron agus a mhic a lámha ar cheann an reithe.


L. Lv8:23


Agus do mharbh sé é, agus do ghlac Maóise da fhuil, agus do
chuir ar bhárr cluáise deise Aáron, agus ar ordóig a láimhe
deise, agus ar ordóig a choise deise.


L. Lv8:24


Tug fós mic Aáron leis agus do chuir Maóise cuid don fhuil ar
bhárr a ccluás deas, agus ar ordóguibh a lámh ndeas, agus ar
ordóguibh a ccos ndeas, agus do chroith Maóise an fhuil ar
analtóir fágcuáirt.


L. Lv8:25


Agus do ghlac an gheir, agus an tiorbull, agus an gheir dobhí
ar an mionnach uile, agus an sgairt ós cionn na náe, agus an dá
dhúbhán agus an gheir agus an slinnéun deas.


L. Lv8:26


Agus do bhean aon bháirghean darán gan laibhín as a gclíabh
dobhí as coinne an tighearna, agus cáca darán smeartha le hola,
agus éan abhlann amháin, agus do chuir ar uachdar na geire agus a
tslineáin deis íad.


L. Lv8:27


Agus do chuir sin uile ar lámhuibh Aáron, agus ar lámhuibh a
mhac, agus do luáimnigh íad mar ofráil luáimnighthe as coinne an
tighearna.


L. Lv8:28


Agus do ghlac Maóise as a lámhuibh íad, agus do loisc ar
analtóir íad, ar a nofráil loiscthe: dobhádar na gcoisricthibh
do bhaladh chumhra; is ofráil sin dénta le teinidh don tighearna.


L. Lv8:29


Agus do ghlac Maóise an tuchd, agus do mháilligh é, mar ofráil
luáimnighthe a lathair an tighearna: óir dobísin cuid Mhaóise
do reithe an choisreactha, mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Lv8:30


Agus do ghlac Maóise cuid don ola ungtha, agus donfuil dobhí
ar analtóir, agus do chroith é ar Aáron agus ar édach, agus ar
a mhacaibh agus ar a éduighibh a mhac maille ris, agus do naómhuigh
sé Aáron agus a chuladh agus a mhic agus a cculadha mar aón ris.


L. Lv8:31


Agus adubhairt Maóise ré Haáron, agus ré na mhacaibh,
bruithighe anfeóil ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh: agus
ithíghe annsin í maille ris anarán atá a gclíabh na
gcoisrecthadh, mar do aithin misi, dá rádh, itheadh Aáron agus a
mhic é.


L. Lv8:32


Agus an fuigheall bhías ag anfeóil, ag anarán, loiscfídhe lé
teinidh é.


L. Lv8:33


Agus ní rachtaói amach tar dhorus thabernacuil an chomhchruinnigh
seachd lá, nó go rabhuid laéthe bhur gcoisricthe coimhlíonta: óir seachd
lá bhías sé dá bur gcoisreagadh.


L. Lv8:34


Mar dorinne sé aniugh, is marsin do aithin an tighearna a dhénamh,
do dhénamh síodha dhaóibh.


L. Lv8:35


Uimesin anfuidhe ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh do ló agus
doidhche, seachd lá, agus coimédfuidhe cúram an tighearna, nach
bhfaghthaói bás: óir is marsin do haithnigheadh dhíom.


L. Lv8:36


Marsin dorinne Aáron agus a mhic gach uile ní, dar aithin an
tighearna tré láimh Mhaóise.


L. Lv9:1


Agus táinic a gcrích ar an ochdmhadh lá, gur ghoir Maóise Aáron,
agus a mhic agus sinnsir Israel.


L. Lv9:2


Agus adubhairt ré Haáron, glac laógh óg mar ofráil phecaidh, agus
reithe mar ofráil loiscthe, gan cháidhe agus ofráil íad a
bhfíadhnuisi an tighearna.


L. Lv9:3


Agus laibheoruidh tú ré cloinn Israel, gá rádh, glacaidhsi meannán do
na gabhruibh ar son ofrála phecaidh, agus laógh, agus úan, araón don
chédh-bhlíadhain, gan cháidhe, mar ofráil loiscthe.


L. Lv9:4


Bulóg agus reithe, mar an gcédna mar ofráil shíodha, díodhbuirt a
bhfíaghnuisi an tighearna; agus ofráil bhídh cumaiscthe le hola: óir
foillseochaidh an tighearna é féin aniugh dhaóibh.


L. Lv9:5


Agus tugadar leó an ní do aithin Maóise, a lathair thabernacuil an
chomhchruinnigh, agus tangadar an coimhthionól uile a gcomhghar, agus
do sheasadar as coinne an tighearna.


L. Lv9:6


Agus adubhairt Maóise, as éso an ní do aithin an tighearna dhíbh do
dhénamh: agus foillseochthar glóir an tighearna dhaóibh.


L. Lv9:7


Agus adubhairt Maóise ré Haáron, imthigh chum na haltóra, agus
íodhbuir hofráil phecaidh, agus hofráil loiscthe, agus déna síoth
dhóibh; mar do aithin an tighearna.


L. Lv9:8


Ar anadhbharsin dochuáidh Aáron chum na haltóra, agus do marbh
laogh na h ofrála peacaidh noch dobhí ar a shon féin.


L. Lv9:9


Agus tugadar mic Aáron anfuil chuige, agus do thum a mhéur
annsanfuil, agus do chuir ar bheannuibh na haltóra í, agus do
dhóirt an fuil amach ag bonn na haltóra.


L. Lv9:10


Achd do loisc sé an gheir, agus na dubháin, agus an scairt ós cionn na
náe, donofráil phecaidh, ar analtóir mar do aithin an tighearna do
Mhaóise.


L. Lv9:11


Agus do loisc anfeóil agus an tseithe le teinidh, taóbh amuigh don
champa.


L. Lv9:12


Agus do mharbh sé anofráil loiscthe; agus tugadar mic Aáron
anfuil chuige, noch do chroith sé timchioll fágcuáirt ar analtóir.


L. Lv9:13


Agus tugadar anofráil loiscthe chuige, maille re na spólluidhibh,
agus an ceann: agus do loisc ar analtóir (íad).


L. Lv9:14


Agus do nigh an mionach, agus na cosa, agus do loisc íad ar anofráil
loiscthe ar analtóir.


L. Lv9:15


Agus tug ofráil an phobuil leis, agus do ghlac an gabhar dobhí mar
ofráil phecaidh ar son an phobail, agus do mharbh é, agus do íodhbuir
ar son pecaidh mar an gcédna é,


L. Lv9:16


Agus tug leis an ofráil loiscthe, agus do ofráil í do réir ghnátha.


L. Lv9:17


Agus tug anofráil bhídh, agus do glac lán duirn di, agus do loisc í
ar analtóir, taóbh amuigh díodhbuirt loiscthe na maidne.


L. Lv9:18


Do mharbh mar an gcédna an bhulóg, agus an reithe, mar íodhbuirt
ofrála síodha, noch dobhí ar son an phobail: agus tugadar mic Aáron
an fhuil chuige, (noch do chroith sé ar analtóir fágcuáirt).


L. Lv9:19


Agus méthas na bulóige agus an reithe, an tiorbull, agus an ní
fholcus an mionach, agus na dubháin, agus an scairt ós cionn na náe.


L. Lv9:20


Agus do chuireadar an méthas ar na clíathánuibh, agus do loisc an
méthas ar analtóir.


L. Lv9:21


Agus do mháilligh Aáron na cliatháin, agus an slinnéun deas, mar
ofráil chroithte a bhfíadhnuisi an tighearna; mar do aithin Maóise.


L. Lv9:22


Agus do thóg Aáron súas a lámh leath ris an bpobal, agus do
bheannuidh sé íad: agus táinic anuas ó íodhbuirt na hofrála pecaidh,
agus na hofrála loiscthe, agus na hofrála síodha.


L. Lv9:23


Agus dochuáidh Maóisi agus Aáron go tabernacuil an
chomhchruinnighthe, agus tangadar amach agus do bheannuigheadur an
pobal: agus do foillsíughadh glóir an tighearna don phobal uile.


L. Lv9:24


Agus táinic theine amach ó fhíadhnuisi an tighearna, agus do
dhíobháidh ar analtóir anofráil loiscthe, agus an gheir: noch
anuáir dochonnairc an pobal, do gháireadar, do thuiteadar ar a
naghaidh


L. Lv10:1


Agus do ghlac Nadab agus Abihú, mic Aáron, sionnsa gach nduine
aca, agus do chuir teine ann, agus do chuir túis uirre, agus do
ofráladar teine choimhightheach a lathair an tighearna, nach ar aithin
sé dhíobh.


L. Lv10:2


Agus dochuaidh teine amach ón tighearna, agus do dhíobháidh sí íad,
agus fúaradair bás a bhfíaghnuise an tighearna.


L. Lv10:3


Annsin adubhairt Maoise re Haáron, is éso an ní do labhair an
tighearna, gá rádh, biáidh mé náomhtha annsa droing thig a ngar
dhamh, agus as coinne an phobail uile biáidh glóir dhamh agus do
thochd Aáron.


L. Lv10:4


Agus do ghoir Maóise Misael, agus Elsaphan, mic Uisiel,
dearbhrathair athar Aáron, agus dubhairt riú, tigidh a leith, beiridh
libh bhur ndearbhraithre ó fhíadhnuisi na sanctóra, amach as an
gcampa.


L. Lv10:5


Marsin tangadar a ngar dóibh agus rugadar leo íad ann a ccótadhuibh
amach as an gcampa; mar adubhairt Maóise.


L. Lv10:6


Agus adubhairt Maóise ré Haáron agus re HEleásar agus re
Hitamar a mhaca, ná nochtuigh bhur gcinn, narab mó bhrisfídhe
bhur nédach; deagla go muirfídhe sibh, agus deagla feirge do theachd
ar an pobal uile: achd caoindís bhur ndearbhraithre, tigh Israel
uile, an loscadh noch do las an tighearna.


L. Lv10:7


Agus ní reachtaoi amach ó dhorus thabernacuil an chomhchruinnighthe,
deagla go bhfuigheadh sibh bás: óir atá ola ungtha an tighearna
oruibh, agus dorinneadar do réir focail Mhaóise.


L. Lv10:8


Agus do labhair an tighearna re Haáron, dhá rádh.


L. Lv10:9


Ná hibhidh fíon, nó deoch láidir nó do mic maille leachd, anuáir
rachtaói go tabernacuil an chomhchruinnighthe; deagla go bhfuigheadh
sibh bás: biáidh sin na reachd go bráth ar feadh bhur ngeinealach.


L. Lv10:10


Agus chor go ccuirfidhe difir eidir náomhtha agus neamhnáomhtha, agus
eidir ghlan agus nemhghlan:


L. Lv10:11


Agus cor go múinfidhe clann Israel ansan uile statúid do labhair an
tighearna riú le láimh Mhaóise.


L. Lv10:12


Agus do labhair Maóise re Haáron, agus re Heleásar, agus re
Hitamar a mhic do mhair, gá rádh, glacuidh anofráil bhídh as
fuigheall dofráluibh an tighearna dénta le teinidh, agus ithidh gan
lábín í, láimh ris analtóir: óir atá ró náomhtha.


L. Lv10:13


Agus íostaoi é annsanáit náomhtha, cionn gurob é do cheartsa é,
agus ceart do mhac as íodhbarthaibh an tighearna doníthear lé teinidh
óir is marsin do haithnígheadh dhíomsa.


L. Lv10:14


Agus íostaoi an tuchd croitthe, agus an slinnéun tógtha a náit
ghloin; tú féin, agus do mhic, agus hingheana maille leachd: óir is
ceart duitse íad, agus ceart do mhac noch dobhérthar ar íodhbuirt na
h-ofráila síodha, ó chloinn Israel.


L. Lv10:15


Dobéaruid léo an slinnéan tógtha, agus an tuchd croithte, maille
ris na hofráluibh donithear le teinidh don gheir, dá chrathadh mar
ofráil chroite a bhfíadhnuise an tighearna, agus budh leatsa é, agus
léad mhacaibh maille leachd, a statúid go bráth; mar do aithin an
tighearna.


L. Lv10:16


Agus do lorgair Mhaóise go dithchiollach a ndiáigh ghabhar na
hofrála peacaidh, agus féuch, do loisceadh é: agus dobhí sé feargach
le Héléasar, agus re Hitamar mic Aáron do fágbhadh beó, gá rádh.


L. Lv10:17


Cread fá nár itheamhair anofráil pheacuidh ansanáit náomhtha: ó tá
sé rónáomhtha agus dothug Día dhíbhsi é, diomchar chionta an
chomhchruinnighthe, do dhénamh síodha ar a son a lathair an tighearna.


L. Lv10:18


Féuch nír tugadh a fhuil asteach taobh asteach donáit náomhtha: do
budh cóir dhaóibh go deimhin ithe annsan áit naomhtha, mar do aithin
mise.


L. Lv10:19


Agus adubhairt Aáron re Maóise, féuch aniugh do ofraladar an
ofráil peacaidh, agus an ofráil loiscthe as coinne an tighearna, agus do
tharládar a leitheadsin do néithibh dhamhsa; agus dá nithinn an
ofráil pheacaidh aniugh, an ngébhthaoi a bhfiádhnuise an tighearna
é.


L. Lv10:20


Agus anuair docualaidh Maóise dobhí sé ríartha


L. Lv11:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise agus re Haáron, gá rádh
riú.


L. Lv11:2


Labhruidh re cloinn Israel, gá rádh is iádso na beathaidh ióstaoi a
measc na nainmhinteadh atá ar an talamh.


L. Lv11:3


Giodhbé ar bith roinneas a nionga, agus a bhfuil a chos scoilte,
agus chognas a chíor a measc na nainmhinteadh ar an talamh,
ióstaoisin.


L. Lv11:4


Giodh eadh, ní ióstaoi iádso, don mhéid chognas an chíor, no
roinneas anionga: mar atá an chámhall, do chionn go gcognann an
chíor, achd ní roinneann anionga: atá sé neamhghlan dhaóibh.


L. Lv11:5


Agus an coinín, do chionn go gcognann an chíor, achd ní rannann
an-ionga: atá sé neamhghlan dhaóibh.


L. Lv11:6


Agus an gearrfhiadh, do chionn go gcognann an chíor, achd ní ranann
anionga: atá sé neamhghlan dhaóibh.


L. Lv11:7


Agus na muca, má tá go bhfuilid a ccosa scoilte, ní chognuid an
chíor, atáid neamhghlan dhaóibh.


L. Lv11:8


Ní íostaoi dhá bhfeóil, agus ní bheanfuidhe re na gconabluidh,
atáid neamhghlan dhaóibh.


L. Lv11:9


Is iádso íostaoi, don uile ní atá isna huisgidhibh, an uile ní ar a
bhfuilid eiteach, agus slisneach, annsna huisgidhibh, annsna
fairgibh, agus annsna srothaibh, iostaoi iádsin.


L. Lv11:10


Agus an mhéid ar nach bhfuil eiteach nó lanna annsna fairgibh, agus
annsna srothaibh don mhéid chorruigheas annsa nuisce, agus déinní
beo dá bhfuil sna huisgidhibh; béid adhfhuatmhar aguibh.


L. Lv11:11


Béid síad na nadhfhúathmhaireachd aguibh: ní iostaoi dá bhféoil,
achd biáidh a gcuirp na nadhfhúathmhaireachd aguibh.


L. Lv11:12


Giodhbé ar bith air nach bía eiteach nó lanna annsna huiscidhibh,
biáidhsin na adfhúathmhaireachd dhaóibh.


L. Lv11:13


Agus is iad so bhías an adhúathmhaireachd aguibh a measc na néun, ní
hióstar íad, is adhfhuathmhaireachd íad: an tiolar, an préachán
ceanann, an tiasgaire cáirneach.


L. Lv11:14


An badhbh, préachán na gcearc, do réir a chinéil.


L. Lv11:15


Gach uile fhíach do réir a chinéil.


L. Lv11:16


Agus an tulchabhcan, agus an seabhac oidhce, agus an chúach, agus gach
uile chinéul seabhaic.


L. Lv11:17


Agus an tulchabhcan beag, agus an fiách mór, agus an tulchabhcann mór.


L. Lv11:18


Agus an eala, agus an peliocán agus an tiolar grégach.
filbín, agus an íaltóg leathair.


L. Lv11:19


Agus an chorrghlas; agus an chorrghrían, do réir a gcinéil, agus an
filbín, agus an ialtóg leathair.


L. Lv11:20


Gach uile éun ghluáiseas ag imtheachd ceathair chosach, béid
adhfhúathmhar dhaóibh.


L. Lv11:21


Gidheadh fédfaói íadso dithe, gach uile ní eitiollach shnáidheas,
gá bhfuilid ceithre cosa, ga bhfuilid cosa os cionn a ttroigheach,
lé lingid ar an talamh.


L. Lv11:22


Íad só cheana is éidir libh a nithe: an lócuiste do réir a chinéil,
agus an lócuiste ceanann, mar bhíos a chinéil, agus an bunnán gona
chinéil, agus grásoper guna chinéil.


L. Lv11:23


Achd an uile ní éitiollach, gluaisteach, noch gá bhfuilid ceithre
cosa, béid adhfhuathmhar dhaóibh.


L. Lv11:24


Agus ar a sonso béithí neamhghlan: giodhbé ar bith bheanas ré na
cconabluidhe biáidh neamhghlan go tráthnóna.


L. Lv11:25


Agus giodhbé ar bith iomchoras éinní dá gconabluidh, nigheadh a
édach, agus biáidh neamhghlan go tráthnóna.


L. Lv11:26


Conablach gach uile ainmhídhe noch roinneas a nionga, agus nach biáidh
a nionga scoilte, nó nach ccognann a chíor, atáid neamhghlan
dhaóibh: gach uile dhuine dá mbeanfa riú, biáidh sé neamhghlan.


L. Lv11:27


Agus giodhbé ar bith imthigheas ar a chrobhuibh a measc an uile
shórt beathach imthigeas a néinfheachd ceathair chosach, atáid
neamhghlan díbh: gach aon bheanfas re na cconabhluidh bhiáidh se
neamhghlan go tráthnóna.


L. Lv11:28


Agus an té iomchorus an conablach, nigfidh a édach, agus biáidh
neamhghlan go tráthnóna: atáid neamhghlan dhaóibh.


L. Lv11:29


Biadsó mar an ccédna neamhghlan díbh, measc na neitheadh
ngluaisteach ghluaiseas ar an talamh: aneasóg, agus an luch, (an) an
tortóis, gun a chinéil.


L. Lv11:30


Agus an firéud, agus an camélion, agus anearcluachra, agus an
selíde, agus an talpa.


L. Lv11:31


Atáidso neamhghlan dhaóibh a measc an uile shnáidheas: giodhbé ar
bith bheanas riú, anuáir bídh marbh, biáidh neamhghlan go tráthnóna.


L. Lv11:32


Agus giodhbé ar bith ní ar a dtuitfídh énní dhíobh, anuáir bhías
marbh, biáidh sé neamhghlan; más soitheach croinn é, nó édach; nó
croiceann, nó sac, nó giodhbé ar bith soitheach é, lé ndéntar obair
ar bith, caithfíghear a chur a nuisce, bhiáidh neamhghlan go nóin;
glanfuighear marsin é.


L. Lv11:33


Agus gach uile shoitheach críadh ann a ttuitfídh éinní dhíobh,
giodhbé ar bith bhías ann, biáidh sé neamhghlan: agus brisfídhe é.


L. Lv11:34


An uile bhíadh is éidir dithe, ar a rachaidh an tuiscesin, biáidh
sé neamhghlan: agus gach uile dheoch is éidir dól ann gach
éntroitheach marsin, biáidh sé neamhghlan.


L. Lv11:35


Agus gach uile ní ar a ttuitfídh aoinní dá gconabluidhe, biáidh se
neamhghlan: agus béid neamhghlan dhaóibhse.


L. Lv11:36


Thairissin, tobar nó curr iona mbía go lór uisce, biáidh glan: achd
an chuid bheanas re na gconabluidhsin, biáidh neamhghlan.


L. Lv11:37


Agus má thuiteann énchuid dá cconablach ar shíol cortha, bhías chum
a chora: biáidhsin glan.


L. Lv11:38


Achd má cuirthear uisce ar bith ar a tsíol, agus go ttuitfidh áon
chuid don chonabluidh ann; biáidh sé neamhghlan go nóin.


L. Lv11:39


Agus má éugann áoinbheathach dar féidir libh ithe, an té bheanas re
na chonabluidh sin biáidh sé neamhghlan go nóin.


L. Lv11:40


Agus an té itheas dá chonabluidh nigheadh a édach, agus biáidh
neamhghlan go nóin: an té mar an gcédna iomchras a gconablach nighfidh
a édach agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv11:41


Agus gach uile ní snáidhtheach shnáidheas air an talamh, biáidh na
adhfuathmhaireachd; ní híostar é.


L. Lv11:42


Giodhbé ar bith imthigheas ar a mbolg, agus giodhbé ar bith
imthigheas ar cheithre cosaibh, nó giodhbé ar a bhfuil níis mó do
chosaibh a measc na nuile neithe ad shnáidhtheach snáidheas ar an
talamh, ní híostar íad, óir atáid na nadhfhuamhaireachd.


L. Lv11:43


Ní dhéntáoi sibh féin gráineamhuil lé héinní snáidhtheach
shnáidheas, ní mó dodhéntaói sibh féin neamhghlan léo lé
ttruáilleochthaoi sibh na dtáobh.


L. Lv11:44


Óir is mise an tighearna bhur nDía: ar anadhbharsin
naómhthochthaoisibh sibh féin, agus beithí naómhtha; óir atáimse
naómhtha, ní mó thruaillfidhe sibh féin le hénttort neitheadh
ngluaisteach, noch ghluaiseas ar an talamh.


L. Lv11:45


Óir is mise ann tighearna dobheir amach sibh as talamh na Hégipte
do bheith am Dhía aguibh: beithí ar anádhbharsin náomhtha, óir
atáimse náomhtha.


L. Lv11:46


As éso dligheadh na mbeathach agus na néun, agus gach uile chrétúr
béo da gcorruighean annsna huiscidhibh, agus gach uile chréutúir dá
ngluaisionn ar an talamh.


L. Lv11:47


Do dhénadh eidirdhealuighe idir an glan agus an neamhghlan, agus
edir an mbeathach as éidir dithe agus an beathach nach éidir dithe.


L. Lv12:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh.


L. Lv12:2


Labhair re cloinn Israel, gá rádh, má ghabh bean síol agus go
mbéra mac: annsin biáidh sí neamhghlan seachd lá; do réir laétheadh
dealuighthe a laige ria, biáidh sí neamhghlan.


L. Lv12:3


Agus annsa nochdmhadh lá timchillghearrfuighear feóil a
rémhchroicinn.


L. Lv12:4


Agus fanfa sí annsin a bhfuil a hannaicthe, trí lá agus tríochad: ní
bheanfa sí re héinní náomhtha, agus ní thiucfa don tsanctóir, nó go
ccoimhlíontar laéthe a hannaicthe.


L. Lv12:5


Achd mas leanbh mná bhéurus sí, biáidh sí neamhghlan caoicidhis
amhuil iona dealughadh: agus fanfaidh a bhfuil a hannaicthe, sé lá
agus trí fithcid.


L. Lv12:6


Agus anuáir choimhlíontar laethe a glanta, ar son mic, nó inghine,
dobhéura sí úan don chéidbhlíadhuin lé, agus colum óg nó éun turtuir,
mar ofráil pheacaidh go dorus thabernacuil an chomhchruinnigh chum
an tsagairt:


L. Lv12:7


Noch ofráilfios é a lathair an tighearna, agus dodhéna síth ar a
sonsa agus biáidh sí glan ó rith a fola: s éso is dligheadh do mhnaói
bhéuras mac nó inghean.


L. Lv12:8


Agus muna fhédfa sí úan do thabhairt lé, annsin dobhéura dhá
thurtuir lé, nó dhá cholum óga; áon díobh mar ofráil loiscthe, agus
an dara mar ofráil pheacaidh, agus dodhéna an sagart síth ar a son,
agus biáidh sí glan.


L. Lv13:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, agus re Háaron, dhá rádh.


L. Lv13:2


Anuáir bhías ag énduine at, nó gearbh, nó léus a ccroiceann a
fhéola, agus go mbía a gcroiceann a feóla amhuil plágha lubhra:
bearthar annsin chum Aáron an sagart é, nó go mac dhá macaibh,
bhías na sagairt.


L. Lv13:3


Agus féachfuidh an sagart ar an loit a gcroicinn a fhéola, agus má
iompóigheann an bán annsa loit, agus go mbía an loit níos doimhne re a
faicsin ná croiceann a fheóla, is loit lubhra sin: agus féachfuidh an
sagart air, agus fúaigeóruidh a bheith neamhghlan.


L. Lv13:4


Má bhíonn an léus bán a ccroiceann a fhéola, agus ré faicsin nach bía
níis doimhne ná an croicionn, agus nach ionntochuidh a fhionnadh bán;
annsin íadhuidh an sagart ar an té ar a mbía an loit seachd lá.


L. Lv13:5


Agus féuchfuidh an sagart air an seachdmhadh lá: agus féuch, má bhí an
loit ag fuireach, agus nach leithneochuidh annsa chroicionn, annsin
druidfidh an sagart air seachd lá eile.


L. Lv13:6


Agus féuchfuidh an sagart air, arís an seachdmhadh lá: agus féuch, má
má bhíonn an loit réd éigin dorcha agus nach leithneochuidh an loit
annsa chroicionn; annsin fuaigeoruidh an sagart(h) a bheith glan: ní
bhfuil ann achd léus: nifidh sé a éadach, agus léus; nifidh sé a édach,
agus biáidh glan.


L. Lv13:7


Achd má leathnuigheann an léus amach go mór annsa chroichionn, tar
éis a fhaicsiona don tsagart ar son a ghlanta, féuchfuid an sagart
air arís.


L. Lv13:8


Agus má chí an sagart sin, féuch, go leithneochuidh an léus ansa
chroicionn; annsin fuáigeoruidh an sagart neamhghlan é: is lúbhra í.


L. Lv13:9


Anuáir bhías loit na lúbhra a nduine, annsin bérthar chum an
tsagairt é.


L. Lv13:10


Agus féuchfuidh an sagart air: agus féuch, má bhíonn an tat bán ann-
sa chroicionn, agus go diontochuidh sé an fionnadh bán annsa
chroicionn, agus go mbía feóil bhéo dhearg annsan at;


L. Lv13:11


Is seanlúbhra sin a gcroicionn a fheóla, agus fuáigeoruidh an sagart
neamhghlan é, agus ní chuirfidh asteach é: óir atá neamhghlan.


L. Lv13:12


Agus má bhrisionn an lúbhra amach, ar fud an chroicinn, agus go
bhfoileochuidh an lúbhra an croicionn uile ( an té ar a mbía) an loit
óna chionn go nuige a chosa, ann gach áonbhall a bhféucfuidh an
sagart.


L. Lv13:13


Annsin measfuidh an sagart: agus féuch má dfoluigh an lúbhra a chorp
uile, fuáigeoruidh sé glan an té ar a mbía am lúbhra: do hionntóidh sé
uile bán, atá sé glan.


L. Lv13:14


Achd anuáir fhásfas feóil dhearg ann, biáidh sé salach.


L. Lv13:15


Agus féuchfuidh an sagart ar an bhfeóil dheirg, agus fuáigeoruidh é
do bheith neamhghlan: óir atá an fheóil neamhghlan, is lúbhra í.


L. Lv13:16


Nó má iontóigheann anfeóil dearg arís, agus go ttiucfa chum bheith
bhán, tiucfa sé chum an tsagairt.


L. Lv13:17


Agus féuchfuidh an sagart air; agus féuch, má ionntóigheann an loit ar
bheith bán; ansin fuáigeoruidh an sagart glan (an té ar a mbía) an
loit: atá sé glan.


L. Lv13:18


Anfeóil mair an gcédna, noch a raibh an neascóid iona croicionn,
agus do leighisiodh,


L. Lv13:19


Agus anáit na neascóide go mbía at bán, no ballscóid shiollseach
bhán agus gné dheirghe ann, agus go ttaisbéntar don tsagart é.


L. Lv13:20


Agus anuáir dochífe an sagart é, féuch, má bhíonn a fhaicsin níis
ísle nó an croiceann, agus go diontochuidh a fhionnadh bán,
foillseochuidh an sagart neamhghlan é; is loit lúbhra é; arna bhriseadh
amach ó neascóid. go mbía ní éigin dorcha air, annsin druidfidh


L. Lv13:21


Achd má fhéchann an sagart air, agus féuch, nach bía fionnadh ar bith
bán air, agus muna raibh níis ísle nó an croiceann, achd go mbía ní
éigin dorcha air annsin druidfidh an sagart air seachd lá.


L. Lv13:22


Agus má leathnuigheann go mór amach annsa chroicionn, annsin
fuáigeoruidh an sagart neamhghlan é, is loit sin.


L. Lv13:23


Achd má fhanann an bhallscóid shoillseach na áit, agus gan
leathnughadh dhó, is neascóid loiscneach í, agus fuáigeora an sagart
glan é.


L. Lv13:24


Nó má bhíonn feóil ar bith san chroicionn, as a ttiucfa teas
loiscneach, agus anfeóil bheó bhías da loscadh, go mbía guirín bán
loinnreach innte ní éigin dearg nó bán.


L. Lv13:25


Annsin féuchfuidh an sagart air, agus féuch má athruigheann an
fionnadh ann sa ghuirín shoillseach bhán, agus go mbía sé a
fhéchuin níis doimhne nó an croicionn; is lúbhra í ar mbriseadh
amach as an lassadh: uime sin fuáigeoruidh an sagart neamhghlan é;
asé sin loit na lúbhraidh.


L. Lv13:26


Achd má fhéuchann an sagart air, agus féuch nach bía fionnadh bán ar
bith ann sa nguirín shoillseach, agus nach bí níis ísle nó an
croicionn eile, achd go mbía ní éigin dorcha air; annsin druidffidh an
sagart air, go ceann seachd lá.


L. Lv13:27


Agus féuchfuidh an sagart air an seachdmhadh lá; agus má
leathnuigheann go mór annsa chroicionn, annsin fuáigeoruidh an sagart
neamhghlan é, as ésin loit na lúbhra.


L. Lv13:28


Agus má fhanann an bhallscóid shoillseach a náit féin, agus gan
leathnughadh sa chroicionn, achd go mbí ní éigin dorcha, is at lasta
é, agus fuáigeoruidh an sagart glan é; óir is ainteas lasta é.


L. Lv13:29


Má bhíonn an loit ar fhear nó ar mhnaói, iona gceann nó iona
bhfésóig.


L. Lv13:30


Annsin féuchfuidh an sagart an loit, agus féuch, má chí níis isle
nó an croicionn é, agus go mbí fionnadh tana buidhe innte, annsin
fuáigeoruidh an sagart neamhghlan é: is carruidhe thirim í, eadhon
lúbhra ar an gcionn nó ar an bhféusóig.


L. Lv13:31


Agus má fhéuchann an sagart ar an loit carruigh, agus féuch, muna
raibh nís doimhne ann sa chroicionn, agus nach bía grúag dhubh ar bith
innte: annsin iadhadh an sagart ar an té ar a mbía am phláigh
charruidhe, seachd lá.


L. Lv13:32


Agus an seachdmhadh lá féuchfuidh an sagart ar an loit: agus féuch,
muna leathnuighidh an charruidhe, agus mach biáidh grúag bhuidhe ann,
agus nach bía carruidhe a radharc nís ísle nó an croicionn.


L. Lv13:33


Bearrfuighear é, achd ní bhéarrfa sé an charruidhe: agus druidfidh an
sagart ar an tí air a mbí an charruidhe, seachd lá eile.


L. Lv13:34


Agus an seachdmhadh lá féuchfuidh an sagart ar an gcarruidhe: agus
féuch, muna leathnuighidh an charruidhe annsa chroicionn, nó a
bhfaicsin nís doimhne nó an croicionn: annsin foillseochuidh an sagart
glan é: agus nighfidh a édach agus biáidh glan.


L. Lv13:35


Achd má leathnuigheann an charruidhe go mór ansa chroicionn tar éis a
ghlanta.


L. Lv13:36


Annsin féuchfuidh an sagart air, agus féuch má leathnuigheann an
charruidhe annsa chroicionn, ná híarradh an sagart gruág bhuidhe;
atá sé neamhghlan.


L. Lv13:37


Achd má bhíonn an charruidhe re fhéachuin comhnuidhtheach, agus go
bhfásfuidh grúag dhubh súas innte: atá an charruidhe slán, atá sé
glan, agus fuáigeoruidh an sagart glan é.


L. Lv13:38


Má bhíonn ar fhior nó ar mhnaói mar an gcédna, builglésach
shoillseach a gcroicionn a bhfeóla, eadhon builglésach bán
soillseach.


L. Lv13:39


Annsin féuchfuidh an sagart, agus féuch, má bhíonn an bhuilgléusach a
gcroicionn a bhfeóla nó iona bhfeóil dorcha; bánléusa teasbuidh íad
fhásas annsa chroicionn; atá sé glan.


L. Lv13:40


Agus an duine a ttuiteann a ghrúag dá cheann, bí sé maól, gidheadh
atá sé glan.


L. Lv13:41


Agus an té a ttuiteann a ghrúag dá cheann leath ré na aghaidh atá sé
maóiléadanach; gidheadh atá sé glan.


L. Lv13:42


Agus má bhíonn iona cheann maól, nó ina mhaóiléadan créchd bán dearg;
is lúbhra sin do fhás súas iona chionn maól, nó iona mhaóiléadan.


L. Lv13:43


Annsin féuchfuidh an sagart air; agus féuch má bhíonn at an chréachda
bán dearg iona mhaóilchionn, nó iona mhaóiléadan mar thaisbeanus an
lúbhra a gcroicionn na feóla.


L. Lv13:44


Is fear lubhair é, atá sé neamhghlan: foillseochuidh an sagart thríd
amach neamhghlan é: atá loit iona cheann.


L. Lv13:45


Agus an lubhar iona mbía an loit, bhrisfíghear a édach, agus biáidh a
cheann nochduidh, agus cuirfidh folach ar a phuisín úachdarach, agus
fuaigeoruidh, neamhghlan, neamhghlan.


L. Lv13:46


Na huile láethe a mbía an loit ann, biáidh sé salach, atá sé
neamhghlan, comnochuidh ná aónar, taóbh amuich don champa (bhías)
áitreabh.


L. Lv13:47


An tédach mar an gcédna iona mbía loit na lúbhra, más éadach olla
é, nó éadach lín,


L. Lv13:48


Mas a ndlúth nó a ninneach bhías do líon nó doluinn, más a
gcroicionn, nó a ní ar bith doníthear do chroicionn.


L. Lv13:49


Agus go mbía an loit uáine nó dearg ansanéadach, nó annsa
chroicionn, annsa dlúth nó annsaninneach, nó a néinní do
chroicionn, is loit lúbhra é, agus foillseochthar don tsagart é.


L. Lv13:50


Agus féuchfuidh an sagart ar a loit, agus druitfidh an sagart ar an
ní, a mbía an loit seachd lá.


L. Lv13:51


Agus féuchfuidh ar an loit an seachdmhadh lá; má leathnuigheann an
loit sanéadach, san dlúth nó saninneach, nó a ccroicionn, nó a
nobair ar bith doníthear do chroicionn, is lúbhra chrínteach an
loit; atá sé neamhghlan.


L. Lv13:52


Loiscfidh sé an tédachsin uimesin, mar dhlúth nó inneach é, a n
oluinn nó a línédach nó a néinní do chroicionn iona mbía an loit:
óir is lúbhra crínteach é; loiscfíghear a tteinidh é.


L. Lv13:53


Agus má fhéuchann an sagart air an loit, agus féuch, muna
leathnuighidh sé annsanédach, annsa dlúth, no annsaninneach, nó a
n-éinní don chroiceann:


L. Lv13:54


Annsin fuáigeoruidh an sagart an ní ar a bhfuil an loit do nighe,
agus cuirfidh fá íadhadh é seachd lá eile.


L. Lv13:55


Agus féuchfuidh an sagart ar an loit a ndiáigh a nighthe;: agus féuch,
munar áthruigh an loit a dath, agus nar leathnuigh an loit; atá sé
neamhghlan, loiscfidh tú annsa teinidh é, atá sé cnáidhtheach taóbh
astigh, más lom astigh nó amuigh é.


L. Lv13:56


Agus má fhéuchann an sagart, agus féuch, go mbía an loit ní éigin
dorcha tar éis a nighthe, annsin brisfidh sé amach as anéadach é, nó
amach as an gcroicionn, nó as andlúth nó as aninneach.


L. Lv13:57


Agus má thaisbeanann sé fós annsan éadach, nó annsa dlúth nó ann-
saninneach, nó a néinní don chroicionn, is loit leathnuighthe é,
loisgfídh tú an nísin iona mbía an loit le teinidh.


L. Lv13:58


Agus an téadach más dlúth nó inneach, nó gidhbé ar bith ní do
chroicionn da mbía, noch nighfear tú, má fhágbhann an loit íad,
annsin nighfíghear an dara huáir íad, agus (biáidh) glan.


L. Lv13:59


Is éso dlighidh loite na lúbhra a néadach olla, nó lín, annsa dlúth
nó annsaninneach, nó a néinní do chroicnibh, dá fhúagra glan, nó
dá fhúagra neamhghlan.


L. Lv14:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Lv14:2


Budh éso dligheadh an lobhair, a ló a ghlanta: dobhearthar chum an
tsagairt é.


L. Lv14:3


Agus rachaidh an sagart amach as an bhfoslongphort: agus féuchfuidh an
sagart é, agus féuch, má bhíonn loit na lúbhra léigheasta ann sa
lobhar.


L. Lv14:4


Annsin dobhéura an sagart fá deara dhá éun do ghabháil beó agus glan
don tí bhías ré a ghlanadh, agus connadh cédair agus scárlaóid agus
íosoip.


L. Lv14:5


Agus aitheonuidh an sagart éun díobh do mharbhadh a soitheach chríaidh
ós cionn uisce reatha.


L. Lv14:6


Ar son an eóin bheó glacfuidh é, agus an connadh cédair, agus an
scárlaóid, agus tumfuidh íad agus an téun beó a bhfuil aneóin do
mharbhadh ós cionn anuisce reatha.


L. Lv14:7


Agus croithfidh ar an tí bhías ré ghlanadh on lúbhra seachd nuáire é,
agus foillseochaidh é bheith glan, agus scaóilfidh amach an téun beó
fán machaire réidh.


L. Lv14:8


Agus nighfidh an té bhías ré ghlanadh éadach agus bérrfuidh a
fhionnadh uile dhe, agus nighfidh é féin a nuisce, cor go mbía glan,
agus na dhiáighsin tiucfa donfhoslungphurt, agus fanfuidh amuich
as a loistín seachd lá.


L. Lv14:9


Achd is ar an seachdmhadh lá bhérrfas a fhionnadh uile, dá cheann
agus dá fheasóig, agus do mhailghibh a shúl, eadhon bearrfuidh a
fhionnadh uile dhe, agus nighfidh a édach, nighfidh fós a fheóil a
nuisce, agus biáidh sé glan.


L. Lv14:10


Agus annsanochdmhadh lá glacfuidh sé dhá úan fhirionna gan cháidhe,
agus úan buinionn don chédbhliadhuin gan cháidhe, agus trí deachmhadh
cuid do phlúr mhín mar ofráil bhídh, cumaiscthe le hola, agus énlog
ola.


L. Lv14:11


Agus an sagart dodhénas glan é, béaruidh sé an duine bhías
ré ghlanadh agus na neithesin do láthair an tighearna, ag dorus
thabernacuil an chomhchruinnighthe.


L. Lv14:12


Agus glacfuidh an sagart én úan firionn, agus ofrálfuidh é mar ofráil
sháruighthe, agus an log ola, agus croithfidh íad mar ofráil luáimnigh
do láthair an tighearna.


L. Lv14:13


Agus muirfidh sé an túan, annsanáit a muirfidh an ofráil
phecaidh, agus anofráil loiscthe, annsan áit naómhtha: óir mar is
leis an tsagart anofráil phecaidh, is leis marsin anofráil
sháruighthe: atá sí ró naómhtha.


L. Lv14:14


Agus glacfuidh an sagart cuid dfhuil ofrála an tsáruighthe, agus
cuirfidh an sagart sin ar barr cluaise deise an té bhías ré ghlanadh, agus
ar ordóig a láimhe deise, agus ar ordóig a choise deise.


L. Lv14:15


Agus glacfuidh an sagart cuid don log ola, agus doirtfidh ar chlár a
dhérnoide clé féin í.


L. Lv14:16


Agus tumfuidh an sagart a mhér deas annsanola atá iona láimh chlé,
agus croithfidh an ola lé né mhéur seachd nuáire as coinne an tighearna.


L. Lv14:17


Agus cuid eile donola atá iona láimh cuirfidh an sagart ar bhárr
cluáise deise an té bhías ré ghlanadh agus ar ordóig a láimhe deise, agus
ar ordóig a choise deise, ar fhuil na hofrála sáruighthe.


L. Lv14:18


Agus fuigheall na hola bhías a lámh an tsagairt, dóirtfidh sé ar
cheann an tí bhías ré ghlanadh; agus dodhéna an sagart síoth ar a shon a
lathair an tighearna.


L. Lv14:19


Agus ofráilfidh an sagart anofráil phecaidh, agus dodhéna sith ar
son an tí bhías ré ghlanadh ó na neamhghloine, agus na dhiáighsin
muirfidh anofráil loiscthe.


L. Lv14:20


Agus ofráilfidh an sagart ofráil loiscthe, agus anofráil bhídh ar
analtóir; agus dodhéna an sagart síth ar a shon, agus biáidh glan.


L. Lv14:21


Agus má bhíonn bochd, agus nach bhfuighe an oireadsin, annsin
glacfuidh éan úan amháin mar ofráil sháruighthe, réna chrothadh, do
dhénamh síthe dhó, agus aóindeachmhadh cuid do phlúr mhín chumaiscthe
le hola mar ofráil bhídh, agus log na hola;


L. Lv14:22


Agus dhá thurtuire nó dhá cholum óga, an ní is éidir leis a fhagháil;
agus biáidh éun díobh na ofráil phecaidh, agus an dara héan na ofráil
loiscthe.


L. Lv14:23


Agus dobhéura leis an tochdmahdh lá íad, ar son a ghlanta, chum an
tsagairt, go dorus thabearnacuil an chomhchruinnighthe, a bhfíaghnuise an
tighearna.


L. Lv14:24


Agus glacfuidh an sagart úan na hofrála sáruighthe, agus an log ola,
agus croithfidh an sagart íad, mar ofráil chroitthe as coinne an
tighearna.


L. Lv14:25


Agus muirfidh sé úan na hofrála sáruighthe, agus glacfuidh an sagart
cuid dfuil na hofrála sáruighthe, agus cuirfidh é ar bhárr cluáise deise
an té bhías ré ghlanadh, agus ar ordóig a choise deise.


L. Lv14:26


Agus dóirtfidh an sagart don ola ar chlár a dhérnóide clé féin.


L. Lv14:27


Agus dóirtfidh an sagart léná mhéur deas cuid donola bhías iona
láimh chlé, seachd nuáire a bhfíadhnuise an tighearna.


L. Lv14:28


Agus cuirfidh an sagart donola bhías iona láimh uadha, ar chluáis
deis an tí bhías ré ghlanadh, agus ar ordóig a láimhe deise, agus ar
ordóig a choise deise, ar áit ola na hofrála sáruighthe.


L. Lv14:29


Agus an chuid eile donola bhías a láimh an tsagairt, cuirfidh sé ar
cheann an té bhías ré ghlanadh, do dhénamh síodha dhó a bhfíaghnuisi an
tighearna.


L. Lv14:30


Agus ofrálfuidh aón do na héanuibh turtuire, nó do na columuibh óga,
gidhbé aca gheabhas an tí bhías ré a ghlanadh.


L. Lv14:31


Eadhon an ní fhédfas dfhagháil, aón ar son ofráil pecaidh an dara
h-éun ar son ofrála loiscthe, maille ris anofráil bhídh, agus dodhéna an
sagart síth ar son an té bhías ré ghlanadh, as coinne an tighearna.


L. Lv14:32


As éso dligheadh an té iona mbía loit na lúbhra, ag nach bhfuil do
chumus na láimh, an ní bheanas ré ghlanadh dfhagháil.


L. Lv14:33


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, agus ré Háaron, dá rádh.


L. Lv14:34


Anuáir thiucfuidhe go tír Cháanain, noch dobheirimsi dhaóibh
mar seilbh, agus chuirfeas mé loit lúbhra a ttigh da bhur bhfearann
seilbhe.


L. Lv14:35


Agus go ttiucfa an té ler leis an tigh, agus inneosa sé don tsagart,
dá rádh, dochíthear dhamhsa mar dobhíadh pláigh (lubhra) annsa tigh.


L. Lv14:36


Annsin fuáigheoruidh an sagart dóibh an tigh fholmhughadh, suil rachus
an sagart asteach ann, dfhéchuin na loite: chor nach deantaói a
mbía ann-sa tigh uile neamhghlan: agus na dhiáighsin rachuidh an
sagart asdeach d-fhéuchuin an tighe.


L. Lv14:37


Agus féuchfuidh ar an loit, agus féuch, mas a mballuidhibh an tighe
bhías a loit lé stríochuibh tolla, glasamhla no gné dheirge, noch is
ísle ré a fhéuchuin nó an balla.


L. Lv14:38


Annsin rachuidh an sagart amach as an ttigh go dorus an tighe, agus
druidfidh súas an tigh seachd lá.


L. Lv14:39


Agus tiucfuidh an sagart arís an seachdmhadh lá, agus féuchfuidh: agus
féuch ma leathnuigheann an loit a mballuibh an tighe.


L. Lv14:40


Annsin aitheonuigh an sagart dhíobh na clocha do bhuáin as iona mbía
an loit, agus teilgfidh amach a náit shalaidh íad taóbh amuich don
chathruigh.


L. Lv14:41


Agus dobhéura fá deara an tigh do scriosadh fágcuáirt taóbh astigh,
agus dóirtfidh amach an luáithreadh scriosfuidh síad dhe taóbh amach
don chathruigh a náit neamhghloin.


L. Lv14:42


Agus glacfuidh clocha eile agus cuirfidh a náit na gclochsin íad,
agus glacfuidh moirtéul eile, agus pláistreochuidh an tigh.


L. Lv14:43


Agus ma thig an loit arís, agus go mbrisfidh amach ann sa tigh tar éis
na gcloch do bhuáin as dó, agus tar éis an tighe do scríobadh, agus
tar éis a dhóbalta.


L. Lv14:44


Annsin tiucfaidh an sagart agus féuchfuidh, agus féuch, má
leathnuigheann an loit annsa tigh is lúbhra crínteach é, annsa tigh:
atá neamhghlan.


L. Lv14:45


Agus brisfidh síos an tigh, a chlocha agus ádhmhad, agus moirtéul an
tighe uile: agus iomchóruidh amach as an gcathruigh íad chum ionaid
neamhghloin.


L. Lv14:46


Os a cionnso gidhbé ar bith rachus asteach san tigh, ar feadh na
haimsire atá druite súas, biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv14:47


Agus an té luighfeas annsa tigh, nighfigh a édach; agus an té íosas
annsa tigh, nighfidh a édach.


L. Lv14:48


Agus má thigh an sagart asteach agus féchuin air, agus féuch, muna ar
leathnuigh an loit annsa tigh tar éis an tighe do phlástráil: annsin
fuáigeoruidh an sagart an tigh glan, do chionn gur leighiseadh an loit.


L. Lv14:49


Agus glacfuidh sé do ghlanadh an tighe dhá éun, agus maide cédair,
agus scárlaóid agus íosoip.


L. Lv14:50


Agus muirfidh éun díobh a soitheach chríadh, ós cionn uisce reatha.


L. Lv14:51


Agus glacfuidh an maide cédair, agus íosoip, agus an scárlaóid, agus
an téun beó, agus tumfuidh íad a bhfuil aneóin mhairbh, agus
annsan uisce reatha, agus croithfidh san tigh seachd nuáire é.


L. Lv14:52


Agus glannfuidh an tigh lé fuil aneoin mhairbh, agus leis anuisce
reatha agus leis anéun beó, agus leis an maide cédair, agus leis
an-íosoip, agus leis a scárlaóid.


L. Lv14:53


Achd léigfidh donéun bheó imtheachd amach as an gcathruigh, chum an
mhachaire réidh, agus dodhéna sé síth don tigh, agus biáidh glan.


L. Lv14:54


As éso dligheadh gach uile shórt loite lúbhra, agus charra,


L. Lv14:55


Agus do lúbra éaduigh agus tighe,


L. Lv14:56


Agus ar at agus ar gheirbh agus ar bhallscóid shoillsigh:


L. Lv14:57


Da theagasg anuáir bhías neamhghlan, agus anuáir bhías glan:
as éso dligheadh na lúbhra.


L. Lv15:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise agus ré Haáron gá rádh.


L. Lv15:2


Labhair ré cloinn Israel, agus abair ríu, anuáir bhías chréachd ar
silt ar áonduine as a fheóil, do bhrígh créchd a shilte, atá se
neamhghlan.


L. Lv15:3


Agus budh éso a neamhghloine iona chreachd: má rithionn a fhéoil
leis an ccréacht, nó má fhanann a fheóil óna chreachd is é a
neamhghloine é.


L. Lv15:4


Agus gach uile leaba ar a luighfidh sesion ar a bhfuil an tsilt,
atá neamhghlan: agus gach ní ar a suidhfe sé biáidh neamhghlan.


L. Lv15:5


Agus giodhbé ar bith bheanfus réna leabhuidh, nighfidh sé a édach
agus fothruicfidh é féin a nuisce, agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:6


Agus gíodhbé ar bith shuidhfeas ar an áit ar shiuigh an té ar
a bhfuil an chréchd, nighfidh a éadach agus fothruicfidh é féin a
n-uisce, agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:7


Agus an té bheanas re feóil an té ar a bhfuil an chréacht, nighfidh
a éadach, agus fothruicfidh é féin a n uisce, agus biáidh neamhghlan
go nóin.


L. Lv15:8


Agus má chuirionn an té ar a bhfuil an chréacht, a shilt ar an tí
bhíos glan; annsin níghfidh an tésin éadach, agus fothruicfidh é féin
a nuisce, agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:9


Agus giodhbé ar bith díallaóidh iona suidhfe sesion ar a mbía an
chrécht, biáidh neamhghlan.


L. Lv15:10


Agus giodhbé ar bith bheanas re háoinní dá mbía faói, biáidh
neamhghlan go nóin, agus giodhbé ar bith iomchras éinní díobh sin,
nighfidh a éadach, agus fothruicfidh é féin a nuisce, agus biáidh
neamhghlan go nóin.


L. Lv15:11


Agus giodhbé ar bith re mbeanfa an té ar a mbía an chréacht, agus n
ar mheasc a lámha a n uisce, nighfidh sé a éadach, agus fothruicfidh sé
é féin a n uisce, agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:12


Agus an soitheach críadh ré mbeanfa an té ar a bhfuil an chrécht
brisfíghear é, agus meascfuighear gach uile shoitheach croinn a
nuisce.


L. Lv15:13


Agus anuáir ghlantar an té ar a mbía an tsilt óna chrécht; annsin
áireomhuigh sé dhó féin seacht lá chum a ghlanta, agus nighfidh a
éadach, agus fhothruicfidh a fheóil a nuisce reatha, agus biáidh
glan.


L. Lv15:14


Agus ar an ochdmhadh lá glacfuidh chuige dhá éun turtuire, nó dhá
cholum óga, agus tiucfa a lathair an tighearna, go dorus thabernacuil
an chomhchruinnighthe, agus dobhéura don tsagart íad.


L. Lv15:15


Agus ofráilfidh an sagart íad, áon aca ar son ofrála peacaidh agus an
dara héun ar son ofrála loiscthe; agus dodhéana an sagart síth ar son
a shilte a lathair an tighearna.


L. Lv15:16


Agus má imthigheann a shíol coimhriachtanuis ó énduine; annsin
nighfidh a fheóil uile a nuisce, agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:17


Agus gach uile édach agus gach uile chroicionn ar a mbía síol an
chomhriachdanuis, nighifghear lé huisce é, agus biáidh neamhghlan go
nóin.


L. Lv15:18


An bhean mar an gcédna lé luidhfe fear maille re síol an
choimhríachdanuis, fothruicfidh íad a ráon a nuisce, agus béid
neamhghlan go nóin.


L. Lv15:19


Agus má bhíonn silt ar mhnáoi, agus go mbía a silt iona feóil na
fuil, cuirfighear ar leith seacht lá í: agus giodhbé ar bith bheanas
ría, biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:20


Agus gach uile ní iona luidhfidh sí iona leithreachus, biáidh
neamhghlan: gach einní mar an gcédna ar a suidhfidh sí, biáidh
neamhghlan.


L. Lv15:21


Agus giodhbé ar bith bheanas réna leabuidh, nighfidh sé a éadach
agus fothruicfidh (é féin) a nuisce, agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:22


Agus gidhbé ar bith bheanas ré h éinní air ar shuidh sí, nighfidh sé
a éadach, agus fothruicfidh sé (é féin) a nuisce, agus biáidh
neamhghlan go nóin.


L. Lv15:23


Agus mas ar a leabuidh nó ar éinní an ar shuidh sí, anuáir bheanfas
sí ris, biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:24


Agus má luighionn duine ar bith aice ar énchor, agus a fuil mhíos
bheith air, biáidh sé neamhghlan seachd lá: agus biáidh an leaba uile
ar a luidhfidh sé neamhghlan.


L. Lv15:25


Agus má bhíonn silt fhola ar mhnaói mórán do láethibh ós aimsir a
leithreachuis, nó má rithionn tar aimsir a leithreachuis; láethe silte
a neamhghlaine béid uile mar láethe a leithreachuis: biáidh sí
neamhghlan.


L. Lv15:26


Gach uile leaba ar a luidhfidh sí, feadh láetheadh a silte, biáidh sí
mar leabuigh a leithreachus: gidhbé ar bith ní ar a suidhfidh sí, fós
biáidh neamhghlan, mar neamhghloine a leithreachuis.


L. Lv15:27


Agus gidhbé ar bith bheanas ris na neithibhsin, biáidh neamhghlan,
agus nighfidh a éadach, agus fothruicfidh (é féin) a nuisce, agus
biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:28


Agus má ghlantar í óna silt, annsin aireomhuidh dhi féin
leachd lá, agus na dhiáighsin biáidh glan.


L. Lv15:29


Agus ar anochdmhadh lá gébhuidh sí chuicthe dhá thurtuire, nó dhá
cholum óga, agus béura chum an tsagairt íad, go dorus thabernacuil an
chomhchruinnighthe.


L. Lv15:30


Agus ofráilfidh an sagart aón aca mar ofráil phecaidh, agus an dara
mar ofráil loiscthe, agus dodhéna an sagart síth ar a son a lathair an
tighearna ar son silte a neamhghloine.


L. Lv15:31


Marso dheileóchuid clann Israel réna neamhghloine; ionnus nach
bhfaghaid bás iona neamhghloine, anuair thruáillid mo
thabearnacuilsi atá na measc.


L. Lv15:32


Is éso dligheadh an té ar a mbí silt, agus an té a rachuidh a shíol
uadha, agus a saileaochthar leissin é.


L. Lv15:33


Agus an bhean bhías tinn ó na bláth, agus an tí ar a mbía créchd
shilteach, an fhir, agus na mná, agus an té luidheas lé, noch atá
neamhghlan.


L. Lv16:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, déis bháis dheisi mac
Aáron, anuáir do ofráladur a bhfíadhnuisi an tighearna, agus do
éagadar.


L. Lv16:2


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, labhair ré haáron do
dhearbhráthair, gan teachd gach énuáir donáit naómhtha, taóbh
asteach don fholach, as coinne an tsuidhe thrócaire, noch atá ar
anáirc; go nach bhfuigheadh bás: óir taisbéanfa misi mé féin annsa
néull ar an tsuidhe thrócaire .


L. Lv16:3


Marso thiucfas Aáron sanáit naómhtha: maille re bulóig óig mar
ofráil phecaidh, agus reithe mar ofráil loiscthe.


L. Lv16:4


Cuirfidh sé uime an cóta naómhtha línéaduigh, agus béid na brístidhe
línéaduigh réna chroicionn, agus arna chrioslúghadh le crios
línéaduigh, agus leis an míter línéaduigh éideochthar é; is éaduighe
naómhtha iadso; uimesin nighfidh sé a fheóil a nuisce, agus annsin
cuirfidh uime íad.


L. Lv16:5


Agus tóigeobhuidh do chomhchruinniughadh chloinne Israel, dhá
meannán do na gabhruibh ar son ofrála pecaidh, agus aón reithe mar
ofráil loiscthe.


L. Lv16:6


Agus ofráilfidh Aáron a bhulóg na hofrála pecaidh noch bhías ar a
shon féin, do dhénamh síotha ar a shon féin agus ar son a thighe.


L. Lv16:7


Agus glacfuidh an dá ghabhar agus taisbéanfuidh íad as coinne an
tighearna ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh.


L. Lv16:8


Agus cuirfidh Aáron crannchar ar an dá ghabhar: (eadhon crann ar son
an tighearna, agus crann ar son an ghabhair a rachus as.


L. Lv16:9


Agus dobhéura Aáron leis an gabhar air ar thuit crannchar an
tighearna, agus ofrálfuidh é mar ofráil phecaidh.


L. Lv16:10


Achd an gabhar air ar thuit crannchar a léigthe as, béarthar beó as
coinne an tighearna é, do dhénamh síotha leis, agus léigfe dhó
imtheachd mar ghabhar shaór fán bhfásach.


L. Lv16:11


Agus dobhéura Aáron bulóg na hofrála pecaidh leis, noch bhías ar a
shon féin, agus dodhéna síth dhó féin, agus dá thigh, agus muirfidh
bulóg na hofrála pecaidh atá ar a shon féin.


L. Lv16:12


Agus glacfuidh sionnsa lán do smeorthóidibh teineadh ó analtóir as
coinne an tighearna, agus lán a ghlaice do thúis dheaghbholuidh,
brúite go mion, agus dobhéura taóbh astigh don fholach é.


L. Lv16:13


Agus cuirfidh an túis ar an teinidh a bhfíadhnuise an tighearna,
chor go bhfoileochuidh néull na túise an suidhe trócaire, atá ar an
bhfíaghnuise, go nach bhfaghaidh bás.


L. Lv16:14


Agus glacfuidh dfuil na bulóige, agus croithfidh sé léna mhéur
ar an tsuidhe thrócaire í leath shoir: agus ar aghuidh an tsuidhe
thrócaire croithfidh donfuil seachd nuáire, léna mhéur.


L. Lv16:15


Annsin muirfidh gabhar na hofrála pecaidh bhías ar son an phobail,
agus dobhéura a fhuil taóbh asteach donfolach, agus dodhéna ris
an bhfuilsin mar dorinne sé ré fuil na bulóige, agus croithfidh í
ar an suidhe trócaire, agus ar aghuidh an tsuidhe thrócaire.


L. Lv16:16


Agus dodhénuidh síoth ar son an ionaid naómhtha, do bhrígh
neamhghloine chloinne Israel, agus do chionn a sáruighthe iona
nuile phecadhuibh: agus dodhéna marsin ar son thabernacuil an
chomhchruinnighthe, noch comhnuigheas na measc, a meadhón a
neamhghloine.


L. Lv16:17


Agus ní bía énduine a ttabhearnacuil an chomhchruinnighthe, an-
uáir rachus sé asteach do dhénamh na síodha annsanáit naómhtha, nó
go ttí amach agus go ndérna síth ar a shon féin, agus ar a thighe,
agus ar son chomhchruinnighthe Israel uile.


L. Lv16:18


Agus rachaidh amach chum na haltóra atá as coinne an tighearna, agus
dodhéna síth ar a son; agus glacfuidh dfuil na bulóige, agus dfuil
an ghabhair, agus cuirfidh ar bheannuibh na haltóra fágcuáirt í.


L. Lv16:19


Agus croithfidh donfuil uirre léná mhéur seachd nuáire, agus
glanfuidh í, agus naómhthochuidh í ó neamhghloine chloinne Israel.


L. Lv16:20


Agus anuáir chuirfeas críoch ar dhénamh síthe donáit naómhtha,
agus do thabernacuil an comhchruinnighthe, agus donaltóir dobhéura
an gabhar beó leis.


L. Lv16:21


Agus leagfuidh Aáron a dhá láimh ar chionn an ghabhair bheó, agus
aideómhuidh ós a chionn olc chloinne Israel uile, agus a sáruighthe
iona bpecadhuibh uile, dá gcur ar chionn an ghabhair, agus cuirfidh
ar siubhal é lé láimh dhuine iomchubhaidh fán bhfásach.


L. Lv16:22


Agus iomchóruidh a gabhar air féin a néigceart uile, go fearann gan
áitreabh: agus léigfidh an gabhar uadha san bhfásach.


L. Lv16:23


Agus tiucfaidh Aáron a ttabearnacuil an chomhchruinnighthe, agus
cuirfidh sé na héduighe lín de, noch do chuir air, anuáir dochuáidh
donáit naómhtha, agus fúigfidh annsin íad.


L. Lv16:24


Agus nighfidh a fheóil lé huisce ansanáit naómhtha, agus cuirfidh
édach air, agus rachfuidh amach agus ofrálfuidh iodhbuirt loiscthe an
phobail, agus dodhéna síoth dhó féin, agus don phobal.


L. Lv16:25


Agus loiscfidh sé méthas na hofrála pecaidh ar analtóir.


L. Lv16:26


Agus an té do léig an gabhar uadha, mar ghabhar shaór, nighfidh sé a
édach agus fothruicfidh sé a fheóil anuisce, agus na dhiáighsin
tiucfa sé don champa.


L. Lv16:27


Agus an bhulóg ar son na hofrála pecaidh agus an gabhar ar son na
hofrála pecaidh, a ttugadh a bhfuil asteach do dhénamh síodha
annsanáit naómhtha, béuruidh óglach amach as an ccampa (íad) agus
loiscfidh annsa teinidh a gcroicne, agus a bhfeóil, agus a notrach.


L. Lv16:28


Agus an té loiscfeas íad, nighfidh a édach, agus fothruicfidh a
fheóil anuisce, agus na dhiáighsin tiucfa don fhoslungphort.


L. Lv16:29


Agus biáidhso na statúid go brách aguibh: bhur nanmanna do chrádh ar
an seachdmhadh mí, ar an deachmhadh lá don mhí, agus ní dhéntaói obair
ar aónchor, más do bhur ttír féin é, nó coimhthidheach chomhnuigheas
bhur measg.


L. Lv16:30


Óir is ar an lásin dodhéna (an sagart) síth ar bhur son, dá bhur
nglanadh lé mbeithí glan a bhfíaghnuise an tighearna ór bpecuighibh
uile.


L. Lv16:31


(Biáidh sé) na shábhóid shuáimhneasa aguibh, agus cráifidhe bhur n-
anmanna, lé statúid go bráth.


L. Lv16:32


Agus an sagart ungfar, agus choisreógas sé chum miniostralachd a n-
oifig an tsagairt a náit athar, is é dodhénas an tsíth, agus
cuirfidh an tédach lín air, an chuluidh naómhtha.


L. Lv16:33


Agus dodhéna síth don tsanctóir naómhtha, agus dodhéna síth do
thabearnacuil an chomhchruinnighthe, agus donaltóir: agus dodhéna
síth ar son na sagart, agus ar son phobuil an chomhthionóil uile


L. Lv16:34


Agus biáidhso na statúid shíorruidhe aguibh, do dhénamh síodha do
chloinn Israel, ar son a bpecuighibh uile, uáir san mblíadhuin:
agus dorinne sé mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Lv17:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, dá rádh.


L. Lv17:2


Labhair ré Haáron, agus réna chloinn, agus ré cloinn Israel uile,
agus abair riú, is ésó an ní do aithin an tighearna dá rádh.


L. Lv17:3


Gidhbé ar bith duine bhías do thigh Israel, mhuirfeas damh, nó
úan, nó gabhar, annsa champa, nó mhuirfeas taóbh amuich don chanmpa.


L. Lv17:4


Agus nach dtiubhra go dorus thabearnacuil an chomhchruinnighthe é, do
ofráil íodhbartha don tighearna; cuirfighear fuil a leith an fhirsin,
do dhóirt sé fuil: agus gearrfuighear an duinesin amach ó mheasg a
dhaóine.


L. Lv17:5


Ar chor go ttiubhraidís clann Israel a níodhbartha noch ofráilfidh
ar an machaire amuigh, don tighearna go dorus thabearnacuil an
chomhchruinnighthe chum an tsagairt, agus go nofráilfidh mar
ofráluibh síotha don tighearna íad.


L. Lv17:6


Agus croithfidh an sagart anfuil ar altóir an tighearna, ag dorus
thabearnacuil an chomhchruinnighthe; agus loisgfidh an méthas mar
bhaladh deaghbholaidh don tighearna.


L. Lv17:7


Agus ní ofráilfidh nís mó a niodhbartha do dhíabhluibh, a ndiáigh ar
imthigheadar lé stríapachus: biáidhso na statúid aca do bráth ar feadh
a ngeinealach.


L. Lv17:8


Agus déra tusa ríu, gidhbé ar bith duine do thigh Israel, nó do na
coimhighthibh bhíos ar cuáirt eadruibh, ofráilfeas ofráil loiscthe, nó
íodhbuirt,


L. Lv17:9


Agus nach dtiubhra go dorus thabearnacuil an chomhchruinnighthe é, dá
ofráil don tighearna, gearrfuighear cheana an tésin amach as lár a
mhuinntire.


L. Lv17:10


Agus gidhbé ar bith duine bhías do thigh Israel, nó do na
choimhighthibh bhíos ar cuáirt bhur measg, ithear éinghné fhola;
cuirfidh misi umarro maghaidh a naghaidh a nannmasin itheas fuil,
agus gearrfa mé amach ó na dhaóinibh é.


L. Lv17:11


Óir is annsa bhfuil atá anam na feóla, agus tug misi dhaóibhsi í
ar an altóir, do dhénamh síodha dá bhur nanmannuibh: óir as í anfuil
doní síth ar son ananma.


L. Lv17:12


Uimesin adubhairt mé le cloinn Israel, ní íosaidh aónduine aguibh
fuil, ní mó íosas aónchoimhightheach, dá bhur gcoimighthibh fuil do
chomhnuigheas bhur measc.


L. Lv17:13


Agus gidhbé ar bith duine bhías do chloinn Israel, nó do na
coimhightheachuibh chomhnuigheas bhur measc, doní fíadhach agus
bheireas ar bheathach nó ar éun is éidir ithe, dóirtfidh amach a
fhuilsin, agus foileochuid lé luáithreadh í.


L. Lv17:14


Óir is í beatha gach uile fheóla í, is ar son a bheatha bíos a fhuil:
is uimesin adubhairt mé ré cloinn Israel, ní íostaói fuil fheóla
ar bith: óir is í a fhuil anam gach uile fheóla: gidhbé ar bith
íosas í, gearrfuighear amach é.


L. Lv17:15


Agus gach uile anam íosas anfeóil fuáir bás (uaithe féin) nó do
marbhadh (lé beathadhachaibh) más duine dot thír féin é, nó
coimhidhtheach, nighfidh araón édach, agus fothruicfidh (é féin) a n-
uisce, agus biáidh neamhghlan go nóin: annsin biáidh sé glan.


L. Lv17:16


Achd muna nighfidh sé (íad), nó corp do fhothrugadh, annsin
iomchóruidh sé a choir.


L. Lv18:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dá rádh.


L. Lv18:2


Labhair re cloinn Israel, agus abair riú, is misi an tighearna bhur
Ndía.


L. Lv18:3


Ní dhéntaói do réir gníomhartha chríche na Hégipte, mar ar
áitigheabhair: agus do réir oibreach thíre Cánaain, iona bhfuilim
dhá bhur ttabhairt, ní dhéntaóisi: ní mó imeochtaói lé na
nórduighthibh.


L. Lv18:4


Dodhéntaoi mó bhreitheamhnuisi, agus coimhéadfuidhe mórduighthe, ag
siubhal ionta: is misi am tighearna bhur Ndía.


L. Lv18:5


Coimhéadfuidhe ar anadhbharsin mo statúidigh, agus mo
bhreitheamhnuis noch má ní duine, mairfidh sé ionnta: misi an
tighearna.


L. Lv18:6


Ní thiucfa énduine aguibh a ngar aóin dá mbía a ngaól fhogus
daóibh: chum a ttárnochd dfhoillsiughadh: misi an tighearna.


L. Lv18:7


Tárrnochd hathar, nó tárrnochd do mhathair í, ní léigfe tú a
tárrnochd leis.


L. Lv18:8


Ní léigfe tú tárrnochd mhná hathar leis: is ísin tárrnochd
hathar.


L. Lv18:9


Tárrnochd do dheibhsheathrach inghean hathar, nó inghean do mhathar,
más annsa tigh béarthar í, nó amuigh, ní léigfe tusa cheana a
ttárnochd ris.


L. Lv18:10


Tárrnochd inghine do mhic, nó inghine hinghine, a ttárrnochdsin
umurro ní léigfe tú ris, óir is í do thárrnochdsa a ttárrnochdsan.


L. Lv18:11


Tárrnochd inghine mhná hathar, do gineadh ód athair, ( is í do
deirbhshíur í) ní léigfe tú leis a tárrnochd.


L. Lv18:12


Ní léigfe tú tárrnochd dheirbhsheathrach hathar ris, is í bean fhogus
ghaóil hathar í.


L. Lv18:13


Ní léigfe tú náire dheirbhsheathrach do mhathar leis; óir is í bean
fhoghus gaóil do mhathar í.


L. Lv18:14


Ní léigfe tú tárrnochd dhearbhrathar hathar leis, ní racha tú
a ngar a mhná: óir is í bean dearbhráthar hathar í.


L. Lv18:15


Ní léigfe tú tárnochd do bhain chleamhna leis, is í bean do mhic í;
ní léigfe tú a tárrnochd leis.


L. Lv18:16


Ní léigfe tú tárrnochd mhná do dhearbhráthar leis, is ísin tárrnochd
do dhearbhrathar.


L. Lv18:17


Ní léigfe tú tárrnochd mná agus a hinghine leis, agus ní thiubhra tú
inghean a mic, nó inghean a hinghine, chum a ttárnochd
dfhoilsíughadh: óir is íad a mná foigse gaóilsin íad, is coir é.


L. Lv18:18


Ní mó bhéurus tú bhean a gcionn a deirbhsheathar, dá buáireadh, chum
a tárrnochd dfhoilsiughadh, taóbh amuigh don mhnaói eile, ar feadh
a beatha.


L. Lv18:19


Mar an gcédna ní racha tú a ngar mhná do choimhríachduin ría, an
feadh bhías arna cur ar leith ar son a neamhghloine.


L. Lv18:20


Tuilleamh eile, ní luighfe tú go colluidhe lé mnaói do chomharsann,
dot thruáilleadh féin lé.


L. Lv18:21


Agus ní léigfe tú dénduine dot shliochd dul thríd ( an teinidh)
go Mólech, ní mó dhísbeagfar tú ainm do Dhé: misi an tighearna.


L. Lv18:22


Ní luighfe tú le cinéul feardha mar an gcinéul mbanda: is
gráineamhlachd é.


L. Lv18:23


Ní mó luighfeas tú le beathadach ar bith, dot thruáilleadh féin leó:
ní mó fhanfas bean ag beathach ar bith do luidhe lé; is damnadh é.


L. Lv18:24


Ná truáillidh sibh féin anéinní do na neithibhsi, óir is iontaso
uile do truáilleadh na daóine do theilg mé amach romhuibh.


L. Lv18:25


Agus atá an talamh truáillidhthe: uimesin agruimsi a choir féin air,
agus atá an talamh féin a sceith a dhúthchusuidh dhe.


L. Lv18:26


Coimheóltaói ar anadhbharsin mo statúidigh, agus mó bhreitheamhnuis,
agus ní dhéntaói éinní do na neithibh gráineamhlasa ceachtar aca duine
dá bhur ttír féin, nó an coimhidhtheach chomhnuigheas bhur measc.


L. Lv18:27


(Oír dorinneadar muinntir na tíre an ghráineamhlachdsa uile, noch
dobhí romhuibhsi, agus atá an talamh truáillighthe.)


L. Lv18:28


Cor nach sceithfidh an talamh sibhsi amach mar an gcédna, anuair
thruaillfidh sibh é, mar do sceith na cineadhacha dobhí romhuibh ann.


L. Lv18:29


Oír gidhbé ar bith duine dhénas éinní don adhúathmuireachdso,
eadhon na hanmanna féin doní íad, gearrfuighear amach ó na muinntir
íad.


L. Lv18:30


Ar anadhbharsin coimhéadfuidhe morduighese, cor nach déntaói éinní
do na gnáthuighthibh gráineamhlasa, dorinneadh romhuibh, agus nach
dtruáillthí sibh féin ionta: misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv19:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, dá rádh.


L. Lv19:2


Labhair ré comhchruinniughadh chloinne Israel uile, agus abair ríu,
beithí naómhtha: óir (atáimse) an tighearna bhur Ndía naómhtha.


L. Lv19:3


Biáidh eagla bhur maithreach agus bhur naithreach aguibh ( ar gach
aón fá leith) agus coimhéaduigh mó shábóid; mise an tighearna bhur
Ndía.


L. Lv19:4


Ná hionntoighidh lé hiodhaluibh, agus ná dénaidh Dée leagtha
dhaóibh: misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv19:5


Agus má thairgthí íodhbuirt dofráil shíodha don tighearna bhur
Ndía: ofráilfidh í ar bhur ttóil féin.


L. Lv19:6


Iostar í an lásin féin ofráilfighear í, agus arna mhárach; agus má
mhairionn fuighioll go ttí an treas lá, loiscfíghear annsa teinidh é.


L. Lv19:7


Agus má hithtear ar chor ar bith an treas lá é, is gráineamhuil é; ní
ghéubhthar é mar íodhbuirt.


L. Lv19:8


Ar anadhbharsin gach énduine dá níosuidh é, biáidh a phecadh dhó,
ar anádhbhar gur thruáillidh sé ní naómhtha an tighearna; agus
gearrfuighear an tanamsin amach as lár a mhuinntire.


L. Lv19:9


Agus anuáir bheanfuidhe fóghmhar bhur bhfearuinn, ní bheanfuidhe
coirnéil bhur machaire go hiomlán, ní mó chruinneochus tú díoghluim
thfhóghmhuir.


L. Lv19:10


Agus ní dhioghlumfuidh tú thfhíneamhuin, ní mó chruinneochus
tú gach énchor dot fhíneamhuin; fúigfe tú ag na bochdaibh íad agus ag
an gcoimhightheach: misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv19:11


Ní ghadfuidhe; agus ní mó dhéntaói bréag ré cheile.


L. Lv19:12


Agus ní thiubharthaói mainmse a mbréig: ní mó thruáilleochus tú
ainm do Dhé; misi an tighearna.


L. Lv19:13


Ní mheallfa tú do chomharsa, ní mó shladfas tú é: ní choinneocha
tú agad tuarasdal an té fhoisteochthair, ar feadh na hoidhche go
maidin.


L. Lv19:14


Ní mhailleochuidh tú an bodhar, agus ní chuirfe tú ceaptuislidh
roimhe an ndall, achd biáidh eagla do Dhé ort: misi an tighearna.


L. Lv19:15


Ní dhéntaói écceart a mbritheamhnas; ní mheasfuidh tú pearsa an
bhoichd, agus ní onórfuigh tú pearsa an chumhachduigh: a
bhfíreantachd dodhéna tú breitheamhnus ar do chomharsainn.


L. Lv19:16


Ní imeochuidh tú síos agus súas amhuil scéaluighe a measg do daóine;
ní mó sheasfas tú anaghaidh fhola do chomharsann; misi an
tighearna.


L. Lv19:17


Ní fhúathocha tú do dhearbhrathair ann do chroidhe: achd
iomaithbheora tú ar gach uile chor do chomharsa, agus ní
fhuileongtha tú pecadh do bheith air.


L. Lv19:18


Ní dhéna tú dioghaltas, ní bhía mioscuis ar bith agad re cloinn do
dhaóine féin, achd gráidheocha tú do chomharsa mar thú féin: misi
an tighearna.


L. Lv19:19


Coimhéadfuidhe mo statúidigh: ní léicfídhe dá bhur náirnéis
gineamhuin ré cinéul égsamhuil: ní chuirfe tú thfhearann lé síol
cumaisce: agus ní mó chuirfeas tú éadach cumaisce do líon agus doluinn
iomad.


L. Lv19:20


Agus gidhbé ar bith luidheas go colluidhe lé mnaói dhaóir,
cunnarthach ag fear, agus nár fúasgladh í agus nach bhfuáir saóirse;
sciúrsfuighear í: ní chuirfighear chum bás íad, do chionn nach raibh
sise saór.


L. Lv19:21


Agus dobhéura seision ofráil chum an tighearna, go dorus thabernacuil
an chomhchruinnighthe, reithe mar ofráil sháruighthe.


L. Lv19:22


Agus dodhéna an sagart síth ar a shon lé reithe na h ofrála
sáruighthe a lathair an tighearna, ar son an phecaidh dorinne sé.


L. Lv19:23


Agus anuáir thiucfuidhe don tír, agus cuirfidhe gach uile shórt
crann chum beatha; annsin measfuidhe a thoradh neimhthimchillgheárrtha:
trí blíadhna bhías neimhthimchillgheárrtha aguibh: ní íostaói dhe.


L. Lv19:24


Achd annsa cheathramahadh blíadhan biáidh a thoradh uile naómhtha, do
mholadh an tighearna (leó).


L. Lv19:25


Agus íostaói an toradh an cúigeadh blíadhan, chor go ttuga sé biseach
dhaóibh: misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv19:26


Ní íostaói (ní ar bith) maille ris an bhfuil, ní mó ghnáitheochthaói
geasadóireachd, ní chuirfídhe beann ar aimsearuibh (áirighe)


L. Lv19:27


Ní bhearrfuidhe mulluighe bhur gceann, agus ní mó mhillfeas tú
coirnéul thfhésóige.


L. Lv19:28


Ní dhéntaói gearradh ar bith ion bhur bhfeoil ar son na marbh, nó
comhartha ar bith do chlóghugadh ionnuibh: misi an tighearna.


L. Lv19:29


Ní ofráilfe tú hinghion, dá thabhairt uirre bheith na
stríapuidh, deagla go ttuitfeadh an dúthaidh a stríapachas, agus go
tiucfadh chum bheith lán dulc.


L. Lv19:30


Coimhéadfuidhe mó sábóidigh, agus onórfuidhe mo shanctóir: misi an
tighearna.


L. Lv19:31


Ná bíodh suim aguibh ann sa druing ga mbídh spioraid mhuinnteardha,
agus ná hiarruidh luchd fáistine da bhar ndhéanamh truáilligh leó:
misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv19:32


Éireochuidh tú súas roimhe an cceann líath, agus onórfuigh tú adhuigh
an tseanóra, agus biáidh eagla agad roimhe Dhía; misi an tighearna.


L. Lv19:33


Agus má chomhnuigheann duine énduáire aguibh ansa dúthaidh, ní
ghoirteochthaói é.


L. Lv19:34


Achd an coimhidhtheach chomhnuigheas ó bhur bhfachair, biáidh
amhuil duine bhéarthar bhur measc, agus gráidéocha sibh é mar sibh
féin; óir dobhábhair féin bhur ccoimhghthibh a gcrích na Hegipte;
misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv19:35


Ní dhéntaói écceart a mbreitheamhnus a ttomhas slaite, a gcomhthrom,
nó a miosúireachd.


L. Lv19:36


Scáluidhe comhthroma, comhthruim chomhthroma, ephah comhthrom, hean
chomhthrom, bhías aguibh: misi an tighearna bur Ndía thug amach as
crích na Hégipte sibh.


L. Lv19:37


Ar anádhbharsin coimhdeochthaói mo statúidigh uile, agus mo
bhreitheamhnuis uile, agus dodhéntaói íad: misi an tighearna.


L. Lv20:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh.


L. Lv20:2


Déra tú arís re cloinn Israel, giodhbé ar bith do chloinn
Israel, nó do choimidhtheachuibh chomhnuigheas a Nísrael, bhéurus
éinní dá shíol do Mólech; go deimhin bhaiseochthair é; clochfuid
muinntuir na tíre lé clocuibh é.


L. Lv20:3


Agus suidhéochuidh misi maghaidh anaghaidh an duinesin, agus
gearrfad amach é as lár a dhaóine, do chionn go ttug cuid dá shíol
do Mhólech, do thruáilleadh mo shanctóra, agus do tharcuisníughadh
manma náomhtha.


L. Lv20:4


Agus má cheilid daóine na tíre ar mhodh ar bith a súile ón duinesin,
anuáir dobheir dá shíol do Mhólech, agus gan a mharbhadh.


L. Lv20:5


Annsin suidheacha misi maghaidh anaghaidh an duinesin, agus an
aghaidh a mhuinntire, agus gearrfa mé amach é as lár a dhaóine, agus
an mhéid leanfus a stríapachus é, do dhénamh tríapachas le
Mólech.


L. Lv20:6


Agus an tanam ionntochus leis an druing ga mbídh leannáin síghe, agus
a ndiáigh luchd fáistine, do dhul do stríapachus na ndiáigh, cuirfe
mé cheana maghaidh a naghaidh a nanma, agus gearrfa má as lár a
muinntire íad.


L. Lv20:7


Náomhuidh sibh féin ar anadhbhursin: agus bíthi náomhtha: óir misi
an tighearna bhur Ndía.


L. Lv20:8


Agus cuimhdéochthaoi mo statúidigh, agus do dhéantaoi íad: misi an
tighearna naomhas sibh.


L. Lv20:9


Óir gach uile dhuine mhalluighead a athair, nó fá mháthair
dbaiseochthar é go deimhin: do mhalluidh sé athair nó a mhathair
(biáidh) a fhuil air féin.


L. Lv20:10


Agus an té dhénas adhaltrannas ré mnaói dhuine eile, dodhénas a
dhaltrannus re mnaói a chomharsan, cuirfighear go deimhin an
tadhaltrannach fir agus mná cum báis.


L. Lv20:11


Agus an duine luidheas lé mnaói a athar do léig tárrnochd a athar
leis, báiseochthar íad aráon; biaidh a bhfuil orra féin.


L. Lv20:12


Agus má luighionn duine lé mnaói a mhic, cuirfíghear íad aráon go
deimhin chum báis; do oibrígheadar buáidhirt; biáidh a bhfuil orra
féin.


L. Lv20:13


Má luidheann fear mar an gcédna le fear eile, mar luighios lé mnaói,
dorinneadar aráon gráineamhlachd: báiseochthar go dearbhtha íad;
biáidh a bhfuil orra féin.


L. Lv20:14


Agus má bheir fear bean agus a mathair, is peacadh (gráineamhuil) sin,
loiscfíghear a tteinidh íad aráon, eision agus íadsan: ionnus nach
biáidh peacadh bhur measg.


L. Lv20:15


Agus má luighionn fear lé beathach báiseochthar go deimhin, agus
muirfigheas an beathach.


L. Lv20:16


Agus má thig bean a ngar beathuigh agus luidhe síos dó, muirfe tú an
bhean agus an beathach: cuirfighe go deimhin chum báis íad; biáidh a
bhfuil orra féin.


L. Lv20:17


Agus má bheir duine a dheirbhshíur, inghean a athar, nó inghean a
mathar, agus go bhfaice a tárnochd, agus go bhfaicfe sisi a
thárnochdsan, is droch ní sin, agus gearrfuighear amach íad a
radharc a muinntire: do léig sé tárnochd a dheirbhsheathrach leis,
iomchóruidh sé a choir.


L. Lv20:18


Agus má luighinn fear lé mnaói a mbía a tinneas uirre, agus go
leicfidh a tárrnochd leis, do thaisbean sé a tobar, agus do léig sisi
tobhar a fola leis: agus gearrfuighear íad aráon amach ó bheith a
measc a muinntire.


L. Lv20:19


Agus ní léigfe tú tárnochd dheirbhsheathar do mhathar leis, nó
dearbhsheathar hathar: óir leígidh a ghaol fogus leis; iomchóruidh
síad a ccoir féin.


L. Lv20:20


Agus má luighionn fear lé mnaói dhearbhrathar a athar, do léig sé
tárrnochd dhearbhrathar athar leis: biáidh a bpeacadh orra,
dogheabhaid bás gan chloinn.


L. Lv20:21


Agus má bheir duine bean a dhearbhráthar, is ní neamhghlan sin: do
léig sé ris tárrnochd a dhearbhráthar, béid gan chloinn.


L. Lv20:22


Uimesin cuimhdeochthaói mo statúidigh uile, agus mo bhreitheamhnuis
uile, agus dénaidh íad: Ionnus nach sceithfeadh an fearann iona
bhfuilim dá bhur ttabhairt do chomhnuighe sibh.


L. Lv20:23


Agus ní siubholtuighe a mbésuibh an chinidh, noch theilgimsi amach
romhuibh: óir dorinneadar na neithesi uile, agus ar anádhbharsin do
fhuaithigh misi íad.


L. Lv20:24


Achd adubhairt mé ribhsi, geabhthaói óighreachd a ndúthuighe, agus
dobhéra misi dhíbh é, dhá shealbhugadh, fearann líonas do mhil
agus do bhainne: misi an tighearna bur Ndía, noch do dhealuigh sibh
ré daóinibh oile,


L. Lv20:25


Ar anádhbharsin cuirfighe dithbhir idir ainmhidhibh ghlana agus
neamhghlana, agus eidir énlaith neamhghlan agus glan, agus ní dhéntaói
bhur nanmanna adhúathmhar lé beathach, nó lé hénuibh, nó lé ní ar
bith béo shnámhas ar an talumh, noch do scar misi ribh mar
neamhghloine.


L. Lv20:26


Agus beithí náomhtha dhamhsa: óir misi an tighearna (atáim)
náomhtha, agus do dhealuigh mé sibhsi ó dhaóinibh eile, ionnus go
mbéithí agum féin.


L. Lv20:27


Mar na gcédna fear nó bean ag a mbía spiorad tathuightheach nó bías
na fháistineach, cuirfighear go demhin chum báis íad; gébhuid do
chlochuibh orra, biáidh a bhfuil orra féin.


L. Lv21:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, labhair ris na sagartuibh
clann Aáron, agus abair ríu: ní bhía énduine arna thruáilleadh ar
son na marbh a measc an phobail.


L. Lv21:2


Achd ar son a ghaóil, bhías fogus dó, ar son a mhathar, agus ar son
a athar, agus ar son a mhic, agus ar son a inghine, agus ar son a
dheirbhrathar.


L. Lv21:3


Agus ar son a dheirbhsheathrach atá na maighdin a bhfogus dó, ag
nach raibh fear ar bith: ar a sonsin, as éidir leis bheith arna
thruáilleadh.


L. Lv21:4


Ach ní thruaillfidh é féin, ar mbeith na dhuine onórach a measc a
dhaóine, dá dhénamh féin míothaitneamhach.


L. Lv21:5


Ní dhénuid maoile na gceannuibh, ní bhearrfuid taóbh a bhfésog,
ní mó dhénuid gearradh ar bith na bfeóil.


L. Lv21:6


Béid síad náomhtha chum a Ndé, agus ní tharcuisneochuid síad ainm a
Ndée: óir ofrála an tighearna dénta le teinidh, agus arán a Ndé
ofráluid siad: uimesin béid náomhtha.


L. Lv21:7


Agus ní thiubhraid bean bhías na stríapuidh, nó truaillighthe; ní
mó bhéruid bean chuirfighear ó na fear: óir atá sé náomhtha dá Dhía.


L. Lv21:8


Naómhthochuidh tú é ar anádhbharsin, óir ofráluidh sé arán do Dhé,
biáidh sé náomhtha dhuit: óir misi an tighearna, noch náomhthas tusa,
(atáim) náomtha.


L. Lv21:9


Agus má thruaillighean inghean éntsagairt í féin lé stríapachus,
truaillfidh sí a hathair: loiscfíghear lé teinidh í.


L. Lv21:10


Agus an té bhías na árdshagart a measc a dhearbhráithreach, air ar
dóirteadh anola ungtha ar a cheann, agus do coisreagadh do chur na
n-édúighe air, ní nochdfuidhe a cheann, agus ní brisfídhe a édach.


L. Lv21:11


Ní mó rachus asteach go hénchorp marbh, nó shaileochus é féin ar
son athar nó a mhathar.


L. Lv21:12


Ní mó rachus amach as an tsanctóir, nó thruáillfeas sanctóir a Dhé;
óir atá coróin ola náomhtha a dhé air: misi an tighearna.


L. Lv21:13


Agus dobhéura sé bean iona maighdionas.


L. Lv21:14


Baintreabhach, nó bean dhealuighthe, nó bean thruáillighthe, nó
méirdreach, ní thiubhra sé íadsin: achd dobhéura sé maighdion da
dhaóinibh féin, na mnaói.


L. Lv21:15


Ní mó thruáillfeas a shíol a measc a dhaóine: óir misi an tighearna
náomhuim é.


L. Lv21:16


Agus do labhair an tighearna re Maóisi, dá rádh.


L. Lv21:17


Labhair re Haáron, ga rádh, giodh bair ar bith bhías dot shliochd
iona ngeinealeachuibh, ar a mbía aineamh ar bith, ná tigheadh a
gcomhfhogus dofrá aráin a Dhé:


L. Lv21:18


Óir giodhbé ar bith duine ar a mbía aineamh, ní thiucfa sé a ngar
dhi: dall, nó bacach, nó an té gá a mbía srón leachta asteach, nó
éinní iomarcach.


L. Lv21:19


Nó duine ag a mbí a chos briste, nó a lám briste.


L. Lv21:20


Nó cruitín nó abhac, nó air a bhfuil, aineamh ar a shúil, nó bhías
clamh nó gearbach, nó an té gá mbrisfíghear a chlocha.


L. Lv21:21


Ní thiucfa aónduine do shíol Aáron an sagart, ar a mbía aineamh, a
ngoire díodhbuirt ofrála an tighearna dénta le teinidh: atá sé
aineamhach, ní thiucfa sé a bhfogus dofráil aráin a Dhé.


L. Lv21:22


Íosuidh sé arán a Dhé, aráon don ronáomhtha, agus náomhtha.


L. Lv21:23


Amháin ní rachuidh táobh asteach don fholach, nó a bhfogus don
altóir do chionn go bhfuil aineamh air; Ionnus nach ttruáillfidh mó
shanctóir: óir misi an tighearna do náomhuidh mé íad.


L. Lv21:24


Agus do innis Maóisi sin do Aáron, agus dá mhacaibh, agus do
chloinn Israel uile.


L. Lv22:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, dhá rádh.


L. Lv22:2


Labhair re Haáron, agus ré na mhacaibh, íad féin do sheachna ar
neithibh náomhtha chloinne Israel, agus gan mainm náomhtha do
thruáilleadh, annsna neithibh naómhthochuid dham; misi ann tighearna.


L. Lv22:3


Abair ríu, giodhbé ar bith dá bhur síol uile a measc bhur ngeinealach
rachus chum na neithe náomhtha, noch náomhuid clann Israel don
tighearna, ar mbeith a neamhghloine air geárrfuighear an tanumsin
amach as mo radharcsa: is misi an tighearna:


L. Lv22:4


Giodhbé ar bith duine do shliochd Aáron bhías na lobhar, nó ar a
mbía créchd shilteach; ní iósuidh sé do na neithibh náomhtha nó go
raibh sé glan: agus giodhbé ar bith bheanas re héinní neamhghlan ó
mharbh, nó ó dhuine a nimhthighionn a shíol uadh.


L. Lv22:5


Nó giodhbé ar bith bheanas re héinní snáidhtheach, lé ndéntar
neamhghlan é, nó ré duine ó bhfuigheadh salchar, giodhbé ar bith
salchar bhías air.


L. Lv22:6


An tanum (héinní) bheanas ré héinní don tsórtsin, biáidh salach go
nóin, agus ní iósuidh do na neithibh náomhtha, achd muna nighfidh a chorp
lé huisce.


L. Lv22:7


Agus anúair rachas an ghrían faói, biáidh sé glan, agus íosuidh na
dhiáighsin do na neithibh náomhtha, do chionn gurbísin a bheatha.


L. Lv22:8


An ní dogheibh bás uadh féin nó réubthar lé beathachuibh, ní íosuid,
da salcha féin leis; is misi an tighearna.


L. Lv22:9


Coiméudfuid uimesin mordúghadh deagla go mbíadh na pheacadh dhóibh,
agus go bhfaighdís bás thríd, dhá dtruáilldís é: misi an tighearna náomhas
íad.


L. Lv22:10


Ní íosuidh énchoimhidheach don ní náomhtha: fear énuáire don
tsagart, nó serbhíseach túarusdail ní íosuidh don ní náomhtha.


L. Lv22:11


Achd má cheannchann an sagart énduine léna chuid airgid, íosuidh sé
dhe, agus an té rugadh iona thigh iosuidh sé dhá bhíadh.


L. Lv22:12


Má phóstar inghion an tsagairt mar an gcédna le coimhidheach, ní
fhédann sí ithe dofráil na neitheann náomhtha.


L. Lv22:13


Achd má bhíonn inghion an tsagairt na baintreabhuigh nó dealuighe, nó
nach bía clann aice, agus go bhfillfidh sí go tigh a hathar, do nós a
haóise óige, íosuidh sí do bhíadh a hathar; achd ní íosfuidh
énchoimhidheach dhe.


L. Lv22:14


Agus má ithionn duine don ní náomhtha gan fhios dó féin, annsin
cuirfidh an cúigeadh cuid dena chionn, agus dobhéura don tsagart é,
maille ris an ní náomhtha.


L. Lv22:15


Agus ní thruáillfidh neithe náomhtha Israel, noch ofráluid don
tighearna.


L. Lv22:16


Ní mó fhuileonguidh úalach a bpeacaidh orra fá shárughadh, anuáir
íosuid na neithe náomhtha: óir is misi an tighearna náomhas íad.


L. Lv22:17


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh.


L. Lv22:18


Labhair re Haáron, agus réna mhacuibh, agus ré cloinn Israel
uile, agus abair ríu, giodhbé ar bith é do chloinn Israel, nó do na
choimhidhthibh a Nisrael, ofráilfios íodhbuirt ar son a mhóideann
uile agus ar son ofrálach toileamhla uile, noch ofráilfid don tighearna
mar ofráil loiscthe.


L. Lv22:19


(Ofráilfidhe) dá bhur ttoil féin firionnach gan toibhéim, do na buaibh
nó do na caórchuibh, nó do na gabhruibh.


L. Lv22:20


Achd giodhbé ar bith ar a bhfuil toibhéim, ní ofrálfuidhe sin, óir
ní gébhthar ar bhur son é.


L. Lv22:21


Agus giodhbé ar bith ofrálas ofráil íodhbartha shíothchána don
tighearna, do chomhall a mhóide, nó ofráil áontadhach do bhuáibh, nó
do chaorcuibh, biáidh iomlán réna ghlacadh; ní bía toibhéim ar bith
air.


L. Lv22:22


Doille, nó briseadh, nó ciorrbhadh, no air a mbía sineach, nó claimh
nó gearba, ní offráilidh íadso don tighearna, agus ní dhéntaói ofráil
lé teinidh dhíobh don tighearna ar an altóir.


L. Lv22:23


Achd bulóg, nó úan air a mbía iomarcaidh, nó easbhuigh ar a
bhalluibh, féduigh tú sin díodhbuirt mar ofráil thoilteanuigh, achd
ní ghéubhthar é ar son móide.


L. Lv22:24


Ní ofráilfuidhe don tighearna an ni bhías brúite, nó combrúite, nó
briste, nó geárrtha: ní mó dhéna sibh ofráil ar bith dhe ion bhur
bhfearann.


L. Lv22:25


Ní mó ofrálfuidhe bíadh an tighearna as láimh choimhighthigh déinní
dhíobhso; do chionn go bhfuil a morgadh féin ionta, agus go
bhfuilid ainmhe orra; ní ghéubhthar ar bhur son íad.


L. Lv22:26


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, gá rádh.


L. Lv22:27


Anuáir dobhéurthar bulóg nó caora, nó gabhar annsin biáidh seachd
lá faói na mathair: agus ón ochdmhadh lá, agus uadh sin amach géubhthar
é mar ofráil dénta le teinidh don tighearna.


L. Lv22:28


Agus mas do bhoin, nó do chaoirigh bhías sí, ní mhuirfe tú í féin,
agus a hóg a nénló.


L. Lv22:29


Agus anuáir ofráilfidh íodhbuirt buidheachuis don tighearna,
ofráilfidh dá bhur ttoil féin í.


L. Lv22:30


Iósfuighear súas an lásin féin í, ní fhúigfidhe éinní dhi go
maidin; misi an tighearna.


L. Lv22:31


Uimesin coimhédfuidhe maitheanta, agus dodhéntaoi dá réir: misi
an tighearna.


L. Lv22:32


Ní mó thruáillfidhe mainm náomhtha, achd biáidh mé ar mo náomhadh a
measc chloinne Israel: misi an tighearna náomhas sibh.


L. Lv22:33


Thug amach as crích na Hégipte sibh, dom bheith mar Dhía agaibh:
misi an tighearna.


L. Lv23:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh.


L. Lv23:2


Labhair re cloinn Israel agus abair ríu (a ttáobh) fhéstaidh an
tighearna, noch fhuáigeorthaoi (bheith) na ccomhgairm náomhtha, is
íadso mfhéstaidhse


L. Lv23:3


Sé lá do dhéntar obair, achd is é an seachdmhadh lá sábóid an
tsuáimhneasa, comhghairm náomhtha é; ní dhéntaoi obair ar bith ann:
isí sábóid an tighearna í ann bhur náitibh.


L. Lv23:4


Is íadso féstaidh an tighearna comhchruinniugh náomhtha, noch
fhuáigeorthaoi.


L. Lv23:5


Annsa cheathramhadh lá dég, annsa chéidmhí tráthnóna, bhías
cáisg an tighearna.


L. Lv23:6


Agus ar an gcúigeadh lá déag don mhí chéadna, bhías féasta anaráin
gan laibhín don tighearna: seachd lá íosfuidhe arán gan laibhín.


L. Lv23:7


An chéd lá biáidh comhghairm náomhtha aguibh; ní dhéntaói obair
shaothrach ar bith ann.


L. Lv23:8


Achd ofráilfidhe iodhdhuirt dénta le teinidh don tighearna seachd
lá: annsa seachdmhadh lá bhías an chomhghairm náomhtha, ní dhéantaoi
obair sháothrach ar bith ann.


L. Lv23:9


Agus do labhair an tighearna re Maóise dá rádh.


L. Lv23:10


Labhair ré cloinn Israel, agus abair ríu, anuáir thiucfuidhe don
dúthaigh, atáimsi do thabhairt dhaóibh, agus bheanfuidhe a
fhoghmar, annsin dobhéurthaoi punnann do chédthoradh bhur
bhfoghmhair chum an tsagairt.


L. Lv23:11


Agus croithfidh an phunann a bhfíaghnuise an tighearna, dá glacadh
air bhur son: arna márach déis na sábóide chroithfios an sagart í.


L. Lv23:12


Agus ofráilfídhe an lásin anuáir chroithfidhe an phunann úan
firionn gan aineamh, don chéidbhlíadhuin mar ofráil loiscthe don
tighearna.


L. Lv23:13


Agus budh hé a ofráil bhídh sin, dhá dheich gcuid do phlúr mhín
chumaiscthe lé hola: mar ofráil dénta le teinidh don tighearna mar
bholadh chumhra; agus a hofráil dighesin, is dfhíon bhias,
eadhon an cheathramhadh cuid do hin.


L. Lv23:14


Agus ní íostaói arán, nó grán bórtha, nó diása glasa go ttí an lá
cédna a ttugabhair ofráil chum bhur Ndé: biáidh na statúid
shíorruidhe ar feadh bhur ngeinealach, ion bhur nuile áit
chomhnuighe.


L. Lv23:15


Agus comháirfidhe dhaóibh ón lá ar an mhárach déis na saóire, ón lá
fa dtiubharthaói libh punnann na hofrála croithte, seachd sábóidigh
choimhlíonfuighear.


L. Lv23:16


Eadhon go nuige arna mhárach a ndiáigh an seachdmhadh sábóid
áireomhthaói caogadh lá, agus ofráilfidhe ofráil núadh bhídh don
tighearna.


L. Lv23:17


Dobhéurthaói amach as bhur ttightibh dhá bhuilín craitthe do dhá
dheachmhadh cuid; do phlúr mhín bhéid síad, bácalfuighear maille re
laibhín íad, atáid siad na ccédthoradh don tighearna.


L. Lv23:18


Agus ofráilfidhe leis anarán seachd nuáin gan aineam, don
chéidbhlíadhuin, agus bulóg óg, agus dhá reithe, béidh mar ofráil
loiscthe don tighearna maille rena nofráil bhídh agus lena nofráil
dighe, eadhon ofráil dénta le teinidh, do bholadh chumhra don
tighearna.


L. Lv23:19


Annsin dodhéantaoi íodhbuirt do mheannán do na gabhruibh, ar son
ofrála peacaidh, agus dhá úan don chéidbhlíadhuin ar son íodhbartha
ofrála siothchána.


L. Lv23:20


Agus croithfidh an sagart íad maille re a harán an chédthoruidh
mar ofráil chroitthe a lathair an tighearna, maille leis an dá úan:
béid síad náomhtha don tighearna chum an tsagairt.


L. Lv23:21


Agus fuáigeorthaói an lásin féin, go mbía na chomhghairm náomhtha
dhaoibh: ní dhéntaoi obair sháothrach ar bith ann: biáidh na státúid
go brádh ann bhur nuile áit ar feadh bhur ngeinealach.


L. Lv23:22


Agus anuáir bheanfuidhe foghmhar bhur bhfearann, ní dhéntaói
cárnadh glan ar imlibh an mhachaire anuáir bheanfuidhe é; ní mó
chruinneochthaoi díoghluim bhur bhfóghmahir: fúigfidhe ag na
bochtuibh íad, agus ag an ccoimhidheach: is misi an tighearna bhur
Ndía.


L. Lv23:23


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh.


L. Lv23:24


Labhair re cloinn Israel, dhá rádh, annsa sheachdmhadh mí, anns
chéad lá don mhí bhías sábóid aguibh, cuimhne shéideadh stoc,
comhghairm náomhtha.


L. Lv23:25


Ní dhéntaoi obair sháothrach ar bith ann: achd ofráilfidhe ofráil
dénta le teinidh don tighearna.


L. Lv23:26


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh.


L. Lv23:27


Mar an gcédna an deachmhadh lá don tseachdmhadh mí biáidh na lá
síotha, biáidh na chomhghairm náomhtha dhaóibh, agus cráidhfidhe bhur
nanmanna, agus ofráilfidhe ofráil dénta le teinidh don tighearna.


L. Lv23:28


Agus ní dhéntaoi aóinghné oibre san lósin: óir is lá síodha é, do
dhéanamh síotha dhíbh a bhfíadhnuise an tighearna bhur Ndía.


L. Lv23:29


Óir giodhbé ar bith anum nach bía doilghiosach an lásin féin:
géarrfuighear an tanumsin amach as lár a mhuinntire.


L. Lv23:30


Agus giodhbé ar bith anum dodhéanas obair ar bith annsa lásin
féin, scriosfa misi an tanumsin as lár a mhuinntire.


L. Lv23:31


Ní dhéantaoi énghné oibre: biáidh sé na statúid go bráth ar feadh
bur ngeinealach, ionbhur náitibh uile.


L. Lv23:32


Biáidh na shábóid suáimhneasa dhaóibh, agus cráidhfidhe bhur nanmanna
annsa náomhadh lá don mí tráthnóna: ó thráthnóna go tráthnóna
chuinneochtaoi bhur sábóid


L. Lv23:33


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh.


L. Lv23:34


Labhair re cloinn Israel, dá rádh, an cúigeadh lá déag don
tseachdmhadh mí bhías féasta na ttabernacuil ar feadh sheachd lá
don tighearna.


L. Lv23:35


Ar an gcéud lá biáidh comhghairm náomhtha, ní dhéantaoi éanobair
dháor ann.


L. Lv23:36


Seachd lá ofrálfuidhe íodhbuirt déanta le teinidh don tighearna, ar an
ochdmhadh lá biáidh chomhghairm náomhtha aguibh, agus ofrálfuidhe
ofráil déanta le teinidh don tighearna: is cruinniughadh sollamanta é,
agus ní dhéntaoi obair ar bith shaóthrach ann.


L. Lv23:37


Is íadso féstuidh an tighearna noch fhuáigeorthaói do bheith na
ccomhghairm naómhtha, dofráil ofrála dénta le teinidh don tighearna,
ofráil loiscthe agus ofráil bhídh, íodhbuirt agus ofrála díghe, gach
éinní an a ló féin.


L. Lv23:38


Taóbh amuigh do Shábóidibh an tighearna, agus taóbh amuigh dá bhur
mbrontuibh, agus taóbh amuigh dá bhur móidibh uile, agus taobh amuigh
da bhur nofráluibh ó thoil aóntadhuigh, noch dobhéurthaoi don
tighearna.


L. Lv23:39


Mar an gcédna ann sa chúigeadh lá déug don tseachdmhadh mí, anuáir
chruinneochthaói asteach sochar na bhfearann cruinneochthaoi fésda
don tighearna seachd lá: ar an gcéd lá biáidh Sábóid agus ar an
ochdmahdh lá biáidh Sábóid.


L. Lv23:40


Agus géubhthaói chugaibh ar an ccéud lá, craóbha chrann mbreádha,
géaga do chrannuibh pailme, agus beangáin do chrannuibh tiugha, agus
soileóga an tsrotha; agus gáirdeochthaói a bhfíadhnuise an tighearna
bhur Ndía seachd lá.


L. Lv23:41


Agus coimhdeochthaói féasta don tighearna seachd lá san mblíaghuin:
(biáidh sé) na statúid go bráth ag bhur ngeinealach, coimhéudfuidhe é
annsa seachdmhadh mí.


L. Lv23:42


Fanfuidhe a mbothuibh seachd lá: am mhéid dorugadh na Nisraelitibh,
coimhneochuid a mbothuibh.


L. Lv23:43


Ionnus go mbía a fhios ag bhur sleachtuibh go ttug misi ar chloinn
Israel áitreabh a mbothuibh anuáir thug mé as crích na Hégipte
íad: is mise an tighearna bhur Ndía.


L. Lv23:44


Agus do fhoillsigh Maóise do chloinn Israel féastuidhe an
tighearna.


L. Lv24:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, dhá rádh.


L. Lv24:2


Fúagair do chloinn Israel ola fhíorghlan do thabhairt chugad brúite
chum an tsoluis, do thabhairt ar na soillsibh lasadh a gcomhnuidhe.


L. Lv24:3


Taóbh amuigh dfholach fhíadhnuise thabernacuil an
chomhchruinnighthe óirdeochus Aáron é, ó thráthnóna go maidin, a
bhfíadhnuise a tighearna go síorruidhe: (biáidh) na statúid a
gcomhnuidhe ann bhur sleachduibh.


L. Lv24:4


Oírdeochuidh sé na lampuidhe ar an ccoinnleóir ghlan a bhfíaghnuise
an tighearna go gnáthach.


L. Lv24:5


Agus géubha tú plúr mín chugad, agus brúithfe tú dhá bhairgín déag
dhe: dhá dheachmhadh cuid bhías ann sa bhairghín díobh.


L. Lv24:6


Agus suidheocha tú a ndá chúrsa íad, as é ann sa chúrsa dhíobh, ar
an mbórd fhíorghlan a bhfíaghnuise an tighearna.


L. Lv24:7


Agus cuirfe tú túis fhíorghlan ar gach cúrsa, cor go mbía ar anarán
mar chuimhne, (eadhon) ofráil dénta le teinidh don tighearna.


L. Lv24:8


Cuirfidh sé a n órd é, gach aón tsábóid a bhfíaghnuise an tighearna
do shíor, (arna ghlacadh) ó chloinn Israel lé cunnradh suthuin.


L. Lv24:9


Agus budh lé Haáron, agus lena chloinn é, agus íosuid é
annsanáit naómhtha: óir atá sé rónaómhtha aige dofráluibh an
tighearna déanta lé teinidh lé statúid shiothbhuáin.


L. Lv24:10


Agus dochuáidh mac mná Israeldha, ag arbh Égipteach a athair, a
measc chloinne Israel: agus do throid an macsa na mná Israeldha,
agus duine do Israel ré chéile san champa.


L. Lv24:11


Agus do mhasluigh mac na mná Israeldha ainm an tighearna, agus do
mhalluigh é, agus tugadar chum Maóise é: agus dobé ainm a mhathar
Selomit, inghean Dibri, do threibh Dan.


L. Lv24:12


Agus do chuireadar a bpríosún é, go mbeith fios inntinne an
tighearna aca.


L. Lv24:13


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Lv24:14


Tabhair amach an té dorinne an mallughadh taóbh amach don
fosluingphurt, agus leagdaóis an mhéid dochualaidh é, a lámha ar a
chionn, agus clochadh an coimhchruinniughadh uile é.


L. Lv24:15


Agus labheóruidh tú ré cloinn Israel, dá rádh, gidhbé ar bith
mhalluigheas a Dhía, fuileonguidh a phecadh.


L. Lv24:16


Agus an té scannluigheas ainm an tighearna cuirfíghear go deimhin chum
báis é, agus clochfuidh an comhchruinniughadh go dearbhtha é: comhmaith
an coimidheach, agus an té béurthar annsa tír, anuáir mhaisleochus sé
ainm an tighearna cuirfíghear chum báis é.


L. Lv24:17


Agus an té mharbhus éanduine cuirfíghear go deimhin chum báis é.


L. Lv24:18


Agus an té mharbhus beathach dodhéna díol ar a shon, eadhon beathach
ar beathaigh.


L. Lv24:19


Agus mas ciontach duine ré haineamh do bheith ar a chomharsainn:
amhuil dorinne sé, is amhluidh do dhéntar ris.


L. Lv24:20


Briseadh ar son bhriste, súil ar son súile, fíacal ar son fíacaile,
mar thug sé aineamh do dhuine, marsin dhéntar ris arís.


L. Lv24:21


Agus an té mhuirfeas beathach aiseóguidh sé é, agus an té mharbhas
duine cuirfighear chum báis é.


L. Lv24:22


Biáidh énmhodh amháin dlighe aguibh, chomhmaith ar son an té
rugadh ann bhur ttír féin; óir is misi an tighearna bhur nDía.


L. Lv24:23


Agus do labhair Maóise ré cloinn Israel, an té dorinne an
mallughadh do thabhairt leó amach as an gcampa, agus gabháil do
chlochuibh air: agus dorinneadar clann Israel mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Lv25:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise a slíabh Sínai, gá rádh.


L. Lv25:2


Labhair re cloinn Israel agus abair riú:, anuáir thiucfuidhe don
dúthaidh dobheirimse dhaóibh, annsin cuinneochuid an dúthaidh Sábóid
don tighearna.


L. Lv25:3


Sé blíadhna chuirfeas tú do shíol, agus sé blíadhna leiseóchus tú
thfíneamhuin, agus chruinneochus tú asteach a toradh.


L. Lv25:4


Achd annsa seachdmhadh blíadhain biáidh saóire shuáimhneasa don
dúthaigh, Sábóid an tighearna: ní chuirfe tú thfearann, agus ní
dheiseocha tú thfíneamhuin.


L. Lv25:5


An ní fhásas úadh féin dod fhóghmhar, ní bheanfa tú é, agus ní mó
chruinneochus tú grápuighe thfíneamhna gan deasughadh: óir is
blíadhuin shuáimhneasa don dúthaidh í.


L. Lv25:6


Agus biáidh Sábóid na duthaidh na bhíadh aguibh, dhuit féin, agus dot
sherbhíseach, agus dod chailín, agus dod óglach túarasdail, agus don
choimhidhtheach chomhnuigheas ad fhochair;


L. Lv25:7


Agus donáirnéis agus don bheathach bhías ann do dúthaigh: biáidh a
mbiseachsin uile mar bhíadh dhuit.


L. Lv25:8


Agus áireómhuidh tú seachd Sábóidigh do bhlíadhnuibh dhuit, seachd
n-uáire seachd mblíadhna, agus spás na seachd Sábóid biáidh dhuitse
na gceathrachadh agus ná naói mblíadhnaibh.


L. Lv25:9


Annsin cuirfe tú fa deara stoc lubile do shéideadh ar an deachmhadh lá
don tseachdmhadh mí, a ló na síotha cuirfídhe an stoc dhá shéideadh
ar feadh bhur gcríche uile.


L. Lv25:10


Agus naómhochuidh tú an caogadmhadh blíadhan, agus fuáigeorthaói
saóirse ar feadh na críche uile, don uile áitreabhach innte: biáidh na
lubile agaibh, agus fillfe gach aón aguibh dá sheilbh féin, agus
fillfidh gach aón duine aguibh chum a mhuintire féin.


L. Lv25:11


Biáidh an caógadmhadh blíadhansin na lubile aguibh: ní chuirfídhe
agus ní bheanfuidhe an ní fhásas uaithe féin inte, agus ní
chruinneocha inte caóra thfineamhna gan deasughadh.


L. Lv25:12


Óir is ésin an lubile, biáidh naómhtha aguibh, íostaói a bhiseach
amach as an machaire.


L. Lv25:13


A mblíadhuin an lubileso fillfidhe gach aónduine aguibh dá sheilbh
féin.


L. Lv25:14


Agus má reacann tú éinní red chomharsuinn, nó má cheannchann tú éinní
as láimh do chomharsann, ní sháireóchtaoi a chéile.


L. Lv25:15


Do réir uibre na mblíadhan tar éis an lubile, ceinneochuidh tú ód
chomharsuinn, agus do réir uibhre bhlíadhan na ttórtha reacfas sé
riot.


L. Lv25:16


Do réir iomad na mblíadhan, méideochuidh tú a lúachsin, agus do réir
laighead na mblíadhan laighdeochuidh tú a lúach: óir is é uibhir na
ttórtha reacfus seision riotsa.


L. Lv25:17


Ar anadhbharsin ní chuirfídhe a chéile síos: achd biáidh eagla do
Dhé ort: óir is misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv25:18


Uimesin dodhéntaoi mo statúidigh, agus coimhéadfuidhe mo
bhreitheamhnus, agus dodhéntaói íad, agus áiteochthaói ann sa dúthaigh
gan fhaitchios.


L. Lv25:19


Agus dobhéura an talamh a thoradh, agus íostaóise bhur sáith, agus
áiteochthaói ann gan fhaitchios.


L. Lv25:20


Agus má dértaói, créud íosam annsa seachdmhadh blíadhan; féuch ní
dhénam síolchur, agus ní chruinneochan asteach ar mbiseach.


L. Lv25:21


Annsin áitheonuidh misi dom bheannughadh theachd oruibh ann sa
seiseadh blíadhan, agus dobhéura toradh thrí mblíadhan úadh.


L. Lv25:22


Agus cuirfídhe síol an tochdmhadh blíadhan, agus íostaói fós don
tseantoradh go nuige an naómhadh blíadhan, nó go ttí a tharbha
asteach íostaói don tseantoradh.


L. Lv25:23


Ní reacfuighear an fearann go síorruidhe: óir is liomsa an fearann;
óir dobhádhbhairse bhur ccoimhighthibh, agus bhur naós énuáire am
fhochairsi.


L. Lv25:24


Agus ar feadh fhearuinn bhur seilbhe, aóntochthaóisi fuasgladh ar a
dúthaidh.


L. Lv25:25


Ma bhochduighear do dhearbhrathair, agus go recfuidh dhá sheilbh
uadh, agus go tiucfadh énduine dá ghaól dá fhuasgladh, annsin
fuáisgeola sé an ní do reac a dhearbhráthair.


L. Lv25:26


Agus muna raibh énduine ag an óglach fhúasglas é, agus go mbía
féin cumhachdach ar a fhúasgladh.


L. Lv25:27


Annsin áirmheadh sé blíadhna an reachta, agus aisigeadh an bárr don
óglach, rer reac sé é, cor go ma héidir leis filleadh iona sheilbh
féin.


L. Lv25:28


Achd muna mbía cumhachdach ar aisiog dhó, annsin an ní do reac sé
fuireóchthaói a láimh an tí do cheannuigh é, nó go ttí blíadhuin an
lubile: agus rachuidh amach ionsa lubile, agus fillfidh seision iona
sheilbh.


L. Lv25:29


Agus má recann duine tigh comhnuidhe a gcathruigh bhalla, annsin
féduigh sé a fhuasgladh a ccionn bhlíadhna go hiomlán tar éis a
reaca: a gcionn bhlíadhna iomláine féduigh sé a fhúasgladh.


L. Lv25:30


Agus muna fhúascaltar é taóbh astigh do spás blíadhna iomláine, ann
sin an tigh bhías san cathruigh bhalla biáidh daingion go bráth ag an
té cheannochus é, ar feadh a shleachda: ní rachuidh amach annsa
lubile.


L. Lv25:31


Achd tighthe na mbailteadh nach bíadh balla na ttiomchioll,
measfuighear íad mar mhachaire ná tíre: is éidir a bhfúasgladh, agus
rachuidh amach annsa lubile.


L. Lv25:32


Gidheadh caithreacha na Lebhíteach, agus tighthe caithreach a
seilbhe, féadfuid na Lebhítigh a bhfúasgladh gach énuáir.


L. Lv25:33


Agus má cheannchann duine ó na Lebhítibh annsin an tigh do recadh,
agus cathair a sheilbhe rachuid amach a mblíadhuin an lubilé: óir is
íad tighthe chaithreach na Lebhíteach a sealbh a measg chloinne
Israel.


L. Lv25:34


Achd ní fhédthar machaire fothchaithreacha a gcaithreach do reic: óir
is ísin a sealbh shíorruidhe.


L. Lv25:35


Agus má bochduigheadh do dhearbhráthair agus go ttuitfidh a n-
ainnissi agad, annsin tárrthochuidh tú é, fós má bhíonn sé na
choimhidhtheach na na oighe; ionnus go bhféudfadh sé marthuin ad
fhochair.


L. Lv25:36


Ná glacsa úsúireachd nó biseach ar bith uadh: achd bíodh eagla do
Dhé ort, ionnus go bhféudfadh do dhearbhráthair marthuin ad fochair.


L. Lv25:37


Ní thiubhra tú thairgead dhó ar úsúireachd, agus ní áirlicfe tú
dobhiadh dhó ar bhiseach.


L. Lv25:38


Is misi an tighearna bhur Ndía, thug amach as crích an Hégipte
sibh do thabhairt tíre Chánaain dhaóibh, agus dom bheith am Dhía
aguibh.


L. Lv25:39


Agus má tháinic do dhearbhráthair bhías láimh riot chum bochduine,
agus go reacfuighear riot é, ní chuirfe tú dfhíachaibh air foghnamh
dhuit amhuil dhuine dhaór.


L. Lv25:40


Achd amhuil sherbhíseach tuarusdail, agus mar oighidh bhías agad,
agus foigheonuidh dhuit go blíadhuin an lubilé.


L. Lv25:41


Agus annsin imeochuidh uáit, araón é féin, agus a chlann maille ris,
agus fillfidh ar a mhuinntir féin, agus fillfidh seision go seilbh a
aithreadh.


L. Lv25:42


Óir is íad mo sherbhísighsi íad, noch thug mé amach as crích na
Hégipte: ní recfuighear mar dhaóinibh daóra íad.


L. Lv25:43


Ní ríaglocha tú ós a gcionn lé díbhfheirg, achd biáidh eagla do Dhé
ort.


L. Lv25:44


Araón do dhaóirsineach fear agus do dhaóirsineach ban, noch bhías
agad, béid do na geantibh atá ar gach taóbh dhíot: is díobhsin
cheinneochus tú fir dhaóra agus mná dáora.


L. Lv25:45


Os a chionnsin, do chloinn na gcoimhidhtheach bhías énuáire bhur
measc, uathasin cheinneochaói, agus ó na dteaglach bhías mar aón
ribh, noch rugadh ann bhur ttír: agus béid na seilbh aguibh


L. Lv25:46


Agus glacfuidhe chugaibh íad, mar oighreachd da bhur gcloinn bhur
ndiáigh dá sealbhughadh mar oighreachd, béid na ndaóirsineachuibh
aguibh go bráth: achd ós cionn bhur ndearbhraithreach, clann Israel,
ní dhéntaói uachdaránachd ar a chéile go díbhfheirgeach.


L. Lv25:47


Agus má fhásann oidhe nó coimhidheach sáidhbhir láimh riot, agus do
dhearbhráthair chomhnuigheas láimh ris dfhás bochd, agus go
reacfuidh é féin ré hoidhe, nó ré coimhidheach láimh riot, nó ré
bunadh muinntire an choimhidhthigh.


L. Lv25:48


Tar éis a reacha as éidir a fhúasghladh arís: féudfuidh duine dá
dhearbhráithribh a fhúasghladh.


L. Lv25:49


Féduigh dearbhráthair a athar, nó mac a dhearbhráthar a fhúasgladh,
nó gach aónduine dá bhfuil fogus a ngaól dó dá chineadh, is éidir
dhó a fhúasgladh, nó ma thig sé dhe féin, féuduigh é féin
dfhúasgladh.


L. Lv25:50


Agus dodhéna cuntas ris an té do cheannuigh é, ón bhlíadhuin ar
reacadh ris é, go blíadhuin an lubilé, agus biáidh lúach a reaca do
réir uibhre ná mblíadhan, do réir aimsire óglaóich tuarusdail bhías sé
aige.


L. Lv25:51


Má bhíonn morán blíadhan ar gcúl fós, dobhéura dhó dá réirsin,
lúach a fhúascuilte, as anairgead air ar ceannchadh é.


L. Lv25:52


Agus muna raibh achd beagán blíadhan go blíadhuin an lubilé, annsin
dodhéna cuntas ris, agus do réir a bhlíadhan dobhéura dhó arís
lúach a fhúascailte.


L. Lv25:53


Agus biáidh sé aige do nós ógluidh tuarasduil blíadhnamhuil, agus ní
bhía ríaghladh díbhfeirgeach ag ( an bhfear eile) ós a chionn ann do
radharc.


L. Lv25:54


Agus muna bhfúascaltar annsna blíadhnuibhsi é, annsin rachuidh
amach a mblíadhuin an lubilé, é féin agus a chlann leis.


L. Lv25:55


Óir is agamsa atáid clann Israel na serbhíseachuibh, is íad mo
sherbhísigh íad, noch thug mé amach as crích na Hégipte: misi an
tighearna bhur Ndía.


L. Lv26:1


Ní dhéntaói dhaóibh féin íodhuil ar bith, nó iomháigh ghrábhalta, ní
mó chuirfeas sibh súas íomháigh sheasmach, ní mó chuirfídhe
éiníomháighe chloiche súas ionbhur bhfearann, do chromadh síos di:
óir misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv26:2


Coinneochuidhe mo Shabóid agus onóruidhe mo shanctóra: misi an
tighearna.


L. Lv26:3


Má shíubhluighthí ann mo statúidibh agus maitheanta do choiméud
agus a ndénamh.


L. Lv26:4


Annsin dobhéura mé fearthuinn dhíbh na ham féin, agus dobhéura an
talamh a bhíseach, agus dobhéaruid croinn an mhachaire a ttoradh.


L. Lv26:5


Agus béaruidh bhur mbúaladh go ham fáisce no ngrápuigheadh agus
béuruidh fascadh na ngrápuigheadh gus an síolchur: agus íostaoi bhur
narán go madh lán, agus áiteochthaoi ionbhur ndúthaigh go daingean.


L. Lv26:6


Agus dobhéura misi síothcháin annsa tír, agus luidhfighe síos, agus
ní chuirfe énduine eagla oruibh, agus coiscfidh mé droicbheathaigh don
dúthaigh, ní mó rachas an cloidheamh tré bhur bhfearann.


L. Lv26:7


Agus leanfuidhe bhur naimhde, agus tuitfidh romhuibh ris an
ccloidheamh.


L. Lv26:8


Agus brisfidh cúigear aguibhsi ar chéad, agus cuirfe céd dhíbhsi
míle chum teithmhe, agus tuitfidh bhur námhuid romhaibh leis an
gcloidheamh.


L. Lv26:9


Óir biáidh meas agam oruibh, agus dodhéna mé síolmhar sibh, agus
méideocha mé sibh, agus daingneochaidh mé mo chunnradh ribh.


L. Lv26:10


Agus íostaói an sean lónn, agus dobhéurthaói an sean amach, do
bhrígh a lóinn nuadh.


L. Lv26:11


Agus suidheocha mé mo thabearnacuil bhur measc agus ní bhía gráin ag
manam oruibh.


L. Lv26:12


Agus síubholuidh me bhur measc, agus bía mé am Dhía aguibh agus
beithíse bhur bpobal agamsa.


L. Lv26:13


Is misi an tighearna bhur Ndía, noch thug amach sibh as crích na
Hégipte, chor nach biáidh sibh bhur ndaóirsineachuibh aca, agus do
bhris mé cuibhríghe bhur gcuinge, agus thug mé oruibh imtheachd go
díreach.


L. Lv26:14


Gidheadh muna éistí rium, agus nach déntaói na haitheantaso uile.


L. Lv26:15


Agus má tharcuisnighthí mo statúidigh, nó má bhíonn gráin ag bhur
n-anam roimh mo bhreitheamhnus, ionnus nach ccoimhlíonfaói
maitheanata uile, achd go mbrisfídhe mo chunnradh.


L. Lv26:16


Dodhéna misi mar an gcédna so ribhse, cuirfe mé critheagla oruibh,
cnaói agus fíabhrus tinntighe, noch chnaóidhfeas na súile, agus
dobhéura doilghios croidhe: agus cuirfidhe bhur síol go díomhaóin, óir
is íad bhur námhuid íosas é.


L. Lv26:17


Agus cuirfe misi maghuidh bhur naghuidh, agus muirfighear roimhe
bhur námhaid sibh: an drong air ar beag sibh, is íad ríghfios os bhur
gcionn, agus teithfidhe anuáir nach bía énduine dá bhur
ttóruigheachd.


L. Lv26:18


Agus muna néistighe riom fós ar a shonso uile annsin pianfa mé sibh
seachd nuaire eile ar son bhur bpecadh.


L. Lv26:19


Agus réubtha mé neart bhur nuabhair, agus dodhéna mé bhur neamh
amhail íarann agus bhur ttalamh amhail phrás.


L. Lv26:20


Agus caithfídhe bhur neart go díomhaóin, óir ní thiubhra bhur
bhfearann a shochar, ní mó dobhéaruid na croinn a ttoradh.


L. Lv26:21


Agus má shiubluighthí contrárdha dhamhsa, agus nach éisdfídhe rium,
dobhéura mé seachd nuáire eile tuilleamh pláighe oruibh, do réir bhur
bpecadh.


L. Lv26:22


Cuirfe mé mar an gcédna beathadhuigh állta bhur measc, noch shladfas
sibh fá bhur gcloinn, agus mhuirfeas bhur náirnéis, agus dodhénas
tearc a nuibhir sibh, agus béid bhur slighthe (móra) na bhfásach.


L. Lv26:23


Agus muna ttighthí ar bhur nais leis na neithibhsi, achd go
siubholfaói contrárdha dhamhsa.


L. Lv26:24


Annsin siubholuidh misi mar an gcédna contrárdha dhaóibhsi, agus
smaichdeocha mé fós seachd nuáire eile sibh, ar son bhur bpecadh.


L. Lv26:25


Agus dobhéura mé cloidhiomh oruibh dhigheólus cúis mo chunnartha,
agus anuáir chruinneochthaói a bhfochair a chéile astigh ionar
gcaithreachaibh cuirfe mé an phláigh bhur measc, agus seachódthar a
láimh na námhad sibh.


L. Lv26:26


Agus anuáir bhrisfeas mé bata bhur naráin bruithfidh deithneamhar
ban bur narán a n énbhacús amháin, agus dobhéaruid bhur narán
díbhsi arna thomhas, agus íostaói é, agus ní bheithí sáthach.


L. Lv26:27


Agus muna éistí riomsa ar a shonso uile, achd síubhal contrárdha
dhamh.


L. Lv26:28


Annsin siubhóluigh misi ionnbhur naghuidhsi a bhfeirg mhóir, agus
misi féin smaichdeochus sibh seachd nuáire ar son bhur bpecadh.


L. Lv26:29


Agus íostaói feóil bhur mac agus feóil bhur ninghion íostaói.


L. Lv26:30


Agus scriosfa misi bhur náite árda, agus gearrfa mé síos bhur n-
íomháighe, agus teilgfe mé bhur gconablach ar chonablachuibh bhur
n-iodhal, agus fuitheochuidh manam sibh.


L. Lv26:31


Agus dodhéna mé bhur gcaithreacha na bhfásach, agus dobhéura mé
bhur sanctóra chum uáignis, agus ní bhoiltneocha mé boladh bhur
mboltanuis ndeaghbholuidh.


L. Lv26:32


Agus dobhéura mé an tír chum uáignis, agus bhur náimhde áiteochus
innte, biáidh uamhan orra fán nísin.


L. Lv26:33


Agus scainnreocha mé sibh a measc na ngennteadh, agus taireonga mé
cloidheamh amach bhur ndiáigh, agus biáidh bhur ndúthaigh uáigneach,
agus bhur gcaithreacha na bhfásach.


L. Lv26:34


Annsin coinneochus an talamh a Sábóidigh, an fad bhías sé folamh,
agus beithíse a ttír bhur námhad, is annsin shuáimhneochus an talamh,
agus buáidheochthaói a Sábóidigh.


L. Lv26:35


An feadh bhías sé gan áitreabh biáidh suáimhneach, do chionn nar
shuáimhnigh sé ionbhur sábóidibhsi an feadh do chomhnuigheabhair
féin ann.


L. Lv26:36


Agus cuirfe mé loige a gcroidhthibh an mhéid fhúicfíghear beó aguibh
a ccríochuibh a námhad, agus cuirfe torann an duilleabhair a
tteitheamh íad, agus teithfid mar do theithfidís roimhe chloidheamh,
agus tuitfid anuáir nach bía énduine dhá leanmhuin.


L. Lv26:37


Agus tuitfid ar muin a chéile amhuil dodhéndaóis roimhe
chloidhiomh, anuáir nach biáidh énduine na ndiáigh; agus ní bía
cumas aguibh a lathair bhur námhad.


L. Lv26:38


Agus tuitfídhe a measc na ngennteadh agus íosuidh talamh bhur námhad
súas sibh.


L. Lv26:39


Agus an mhéid mhairfeas dhíbh seargfuid ann a nolc, a ttír a
námhad; agus mar an gcédna a ccoirthibh a naithreadh seargfuidh
maille ríu.


L. Lv26:40


Má admhuid síad a négceart, agus écceart a naithreadh maille ré
na sárughadh léur sháruigeadar a maghaidhsi, agus mar an gcédna gur
shiubhluigheadar contrárdha dhamh.


L. Lv26:41


Agus gur shíubbuil misi contrárdha dhóibhsion, agus go ttug mé a
ttír a námhad íad: annsin má bhíd a gcroidhthe
neamhthimchillghérrtha, umhal, agus go nglacfuid pionús a nuilc.


L. Lv26:42


Annsin cuimhneocha misi mo chunnradh ré Iácob, agus mar an gcéadna
mo chunnradh ré Hísaac, agus cuimhneocha mé mair an ccéadna mo
chunnradh ré Habraham, agus cuimhneocha mé an dúthaigh.


L. Lv26:43


Thairis sin fúicfid síad an tír, agus géubhuidh sí a sábóidigh an
feadh bhías uáigneach gan íadsan inte, agus géubhuidh síad pionús a
n-éigceirt do chionn gur tharcuisnígheadar mo bhreitheamhnuis,
agus do chionn gur fhúathaigh a nanam mo statúidigh.


L. Lv26:44


Gidheadh fós ar a shonsin, anuáir bhéid síad a ttír a námhad ní
theilgfe mé seachad íad, agus ní mó fhuathochus mé íad, dá scrios
thríd amach uile is misi an tighearna a Ndía.


L. Lv26:45


Achd cuimhneocha mé ar a sonsan cunradh a shinnsear, noch thug mé
amach as crích na Hégipte a radharc na ngenteadh, ionnus go mbéinn
am Dhía aca: is misi an tighearna.


L. Lv26:46


Is íadso na statúide agus na breitheamhnuis, agus na dlighthe, noch
dorinne an tighearna, ider é féin, agus clann Israel a slíabh Sínai
le láimh Mhaóise.


L. Lv27:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Lv27:2


Labhair ré cloinn Israel, agus abair ríu, anuáir dobhéura duine a
mhóid shingil, budh leis an tighearna an duine reir do
mheassasa.


L. Lv27:3


Agus budh é so do mheas: donfior ó fhichid blíadhan daois go nuige
seascadh, budh é do mheas caogadh secel airgid, do réir shecel na
sanctóra.


L. Lv27:4


Agus más aenben, annsin budh é do mheas tríochad secel.


L. Lv27:5


Agus más ó chúig bhlíadhnuibh daois bhías go nuige fithche blíadhan,
ansin budh é do mheas don fhior fithche secel, agus don mhnaói
deich secel.


L. Lv27:6


Agus más ó mhí daois bhías go nuige cúig bhlíadhna daois, annsin
budh é do mheas don fhior cúig secel dairgead, agus don mhnaói trí
secel.


L. Lv27:7


Agus más ó thrí fichid blíadhan daóis bhías, agus ós a chionn:
más fear é, annsin budh é do mheas cúig secel déug agus don mhnaói
deich secel.


L. Lv27:8


Achd más boichte é nó do mheas; annsin foillseochuidh é féin a
lathair an tsagairt, agus measfuidh an sagart é: do réir chumuis fhir
na móide, mheasfas an sagart é.


L. Lv27:9


Agus más beathach dá ttugaid na daóine ofráil a lathair an tighearna,
gach uile ní dobheir duine don tighearna don tsórtsin, biáidh
náomhtha.


L. Lv27:10


Ní áthróchuidh tú é, agus ní mhalairtfe tú é, agus ní maith air
dhrochní, nó drochní air ní maith: má mhailairteann tú ar áon chor
bheathach ar bheathach, annsin biáidh féin agus an mhalairt
náomhtha.


L. Lv27:11


Agus más beathach neamhghlan é, dá nach dénuid íodhbuirt ofrála don
tighearna, annsin taisbéanfuidh sé an beathach a lathair an tsagairt.


L. Lv27:12


Agus measfuidh an sagart é an maith nó an saith é, mar mheasas tusa
bhías ad shagart é, is mair sin bhías sé.


L. Lv27:13


Achd má fhúasclann ar éanchor é, annsin cuirfidh an cúigeadh cuid a
ccionn do mheastasa.


L. Lv27:14


Agus anuáir náomhthochus duine a thigh, da bheith náomhtha don
tighearna, annsin measfuidh an sagart é, an maith nó an saith é: mar
mheasfus an sagart is mar sin bías seasmhach.


L. Lv27:15


Agus má fhúasglann an té do naomhaidh a thigh é, annsin cuirfidh an
cúigeadh cuid dairgead an mheasda na chionn, agus biáidh aige.


L. Lv27:16


Agus má naómhann duine don tighearna cuid éigin do mhachaire a
sheilbhe, annsin biáidh do mheas do réir a shílsin, measfuidhear
caógadh secel airgid do hómer síl eórna.


L. Lv27:17


Má naómhann a mhachaire ó bhlíadhuinn an iubilé, seasfuidh do réir do
mheastasa.


L. Lv27:18


Achd más tar éis na iubilé naómhtocha sé a fhearann, annsin
comháirfidh an sagart an tairgead chuige, do réir bhlíadhan
anfhuighill go blíadhuin na iubilé, agus léigfíghear sin síos dod
mheas.


L. Lv27:19


Agus má fhúasglann an té do naómhuidh a fhearann ar énchor é, ann
sin cuirfidh ná chionn an cúigeadh cuid dot mheassa, agus
daingneochar dhó é.


L. Lv27:20


Agus muna bhfúascla sé an fearann, nó má reac sé an fearann ré duine
eile, ní fhuaisceoltar nís mó é.


L. Lv27:21


Achd an fearann anuáir rachus amach annsa iubilé, biáidh naómhtha
don tighearna, mar fhearann tabhartuis biáidh a shealbh ag an
tsagart.


L. Lv27:22


Agus má naómhann duine don tighearna fearann do cheannuigh sé, nach do
mhachairighibh a sheilbhe.


L. Lv27:23


Annsin comháirfidh an sagart lúach dhó, mar measfas tusa, go nuige
blíadhuin an iubilé; agus dobhéura do meassa úadh an lásin, mar ní
naómhtha don tighearna.


L. Lv27:24


A mblíadhuin an iubilé, fillfidh an fearann chum an té ór ceanchadh é,
eadhon chum an té lér leis sealbh an fhearuinn.


L. Lv27:25


Agus biáidh do mheassa uile do réir secel na sanctóra, fithche gerah
annsa tsecel.


L. Lv27:26


Amháin primidil na mbeathach, búdh cóir do bheith na phrimidil ag
an ttighearna, ní naómhthochuidh éanduine é, mas damh, nó caóra é, is
leis an dtighearna é.


L. Lv27:27


Agus más beathach neamhghlan é, annsin fuáisceoluidh sé é, do réir
do mheastasa, agus cuirfidh an cúigeadh cuid dena cheann, agus muna
bhfúascaltar é, annsin recfuighear é, do réir do mheastasa.


L. Lv27:28


Gidheadh bronnta bhronnfas duine don tighearna donuile ní dá mbía
aige, do dhuine nó do bheathach, agus dá fhearann seilbhe, ní
recfuighear agus ní fhuáisceóltar é: atá gach uile ní bronntar do
Dhía rónaómhtha ag an tighearna.


L. Lv27:29


Einní bhronntar, noch bhronntar ó dhaóinibh, ní fhuáisceoltar é,
achd cuirfighear sin chum báis go deimhin.


L. Lv27:30


Agus is leis an ttighearna uile dheachmhadh anfhearuinn, más do
shíol an fhearuinn, nó do thoradh an chroinn ceachtar dhíobh:
atá naómhtha don tighearna.


L. Lv27:31


Agus má fhuasglann neach ar énchor éinní dá deachmhuidh, cuirfidh an
cúigeadh cuid de na chionn.


L. Lv27:32


Agus a ttaóbh áirghe nó tréada fá na ndeachmhuidh, gidhbé ní
imthigheas fán tslait, biáidh a dheachmhadh naómhtha ag an tighearna.


L. Lv27:33


Ní spíonfa an maith nó an olc é, ní mó mhalairtfeas é, agus má
mhalairteann ar eanchor é, annsin biáidh féin agus an malartach
naómhtha; ní fhuáisceoltar é.


L. Lv27:34


Is íadso na haitheanta do aithin an tighearna do Mhaóise chum
cloinne Israel a slíabh Sínai.


L. Ui



AN CEATHRAMHADH LEABHAR DO MHAOISE, DA NGOIRTHEAR UIBHREACHA.


L. Ui1:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise a bhfásach Sínái, a
ttabearnacuil an chomhchruinnighthe an chéad lá don dara mí an dara
blíadhan tar éis a tteachd amach as crích na Hégipte, dá rádh.


L. Ui1:2


Glacuidh suim chomhchruinnighthe cloinne Israel uile, do réir a
muinnthearadh, do réir thigheadh a naithreadh maille ré uibhir a n
anmann, gach uile fheardha do réir a cceann.


L. Ui1:3


Ó chionn fhichid blíadhan daóis agus ós a cionn, an mhéid atá
iondula amach do dhénamh cogaidh a Nisrael, áireomhuidh tusa agus
Aáron íad do réir a slúaigh.


L. Ui1:4


Agus bíodh ad fhochairsi duine dá gach éintreibh: gach éncheann
tighe ar lorg a naithreadh.


L. Ui1:5


Agus as íad so anmanna na ndaóine sheasfas ad fhochairsi: do
threibh Réuben, Elisur mhac Sedeur.


L. Ui1:6


Do threibh Simeóin: Selumíel mac Surishaddai.


L. Ui1:7


Do threibh Iúdah: Nason mac Amínadab.


L. Ui1:8


Do threibh Isacahar: Netaneel mac Suar.


L. Ui1:9


Do threibh Sebulun: Eliab mac Helon.


L. Ui1:10


Do chloinn Ioseph: ó Ephraim, Elisama mac Amihud: ó
Mhanasseh, Gamaliel mac Pedasur.


L. Ui1:11


Do threibh Beniamin: Abidan mac Gedioni.


L. Ui1:12


Do threibh Dan: Ahieser mac Ammishaddai.


L. Ui1:13


Do threibh Aser: Pagiel mac Ocran.


L. Ui1:14


Do threibh Gad: Eliasaph mac Deuel.


L. Ui1:15


Do threibh Naphtali: Ahira mac Eanan.


L. Ui1:16


Ba híadso dob óirdhearca don chomhchruinniughadh, prionnsuidh do
threabha a naithreadh, cinn mhílte a Nísrael.


L. Ui1:17


Agus do ghabh Maóise agus Aáron na daóinesi chuca, noch atá ar
na bhfoillsíughadh réna nanmannuibh.


L. Ui1:18


Agus do chruinnigheadar an coimhthionól uile a bhfochair a chéile an
chéud lá don dara mí, agus do fhoillsigheadar a ngeinealach do réir a
muinntire, lé tighthibh a naithreadh, do réir uibre a nanmann, ó
fhichid blíadhan daóis agus ós a chionn, do réir a cceann.


L. Ui1:19


Fá mar do aithin an tighearna do Mhaóise, is marsin do áir sé íad a
bhfásach Sínái.


L. Ui1:20


Agus clann Reuben, an mac fá sine ag Israel, léna ngeinealach do
réir a muinntire, do réir thighe a naithreadh, do réir uibhre a n
anmann, do réir a cceann, gach firionnach ó fhichid blíadhan daóis,
agus ós a chionn, an mhéid dobhí iondula amach chum coguidh.


L. Ui1:21


An mhéid do háirmheadh dhíobh eadhon do threibh Reuben (dobhádar)
sé mhíle, agus dá fhichid míle, agus cúig chéud.


L. Ui1:22


Do chlannuibh Síméon maille réna ngeinealach, do réir a muinntire
as tigh a naithreadh, an mhuinntir do háirmheadh dhíobh, do réir uibhre
a nanmann, do réir a gceann, gach firionnach ó fhichid blíadhan daóis
agus ós a chionn, an mhéid dobhí iondul amach chum coguidh.


L. Ui1:23


An mhéid so do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Shímeon dobudh
caogadh agus naoi míle agus trí chéd íad.


L. Ui1:24


Do chlannuibh Gad do réir a ngeinealach do réir a muinnteara as tigh
a naithreadh, do réir uibhre a nanmann ó fhichid blíadhan daois agus
ós a chionn, an mhéid dobhí iondul amach a gcogadh.


L. Ui1:25


An mhéidso do háirmheadh dhíobh i. do threibh Gad dobhádar na
ccúig agus ceathrachad míle, sé chéud agus caogad.


L. Ui1:26


Do chlannuibh Iúdah do réir a nginealach do réir a muinnteara as
tigh a naithreadh do réir áireamh a nanmann, ó fhichid bliadhan daois
agus ós a chionn, an mhéid dobhí iondul chum cogaidh.


L. Ui1:27


An mhéid do hairmheadh dhíobh i. do threibh Iúdah, dobhádar ceithre
mhíle dhéug, agus trí fichid, agus sé chéud.


L. Ui1:28


Do chlannuibh Isachar do réir a nginealach do réir uibhre na n
anmann, é fhichid bliadhan daóis agus ós a cionn, an mhéid dobhí iondul
chum cogaidh.


L. Ui1:29


An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Isachar dobhádar
caogad, agus ceithre mhíle agus ceithre chéud.


L. Ui1:30


Do chlannuibh Sebulun gun a nginealach do réir a muintear as tigh
naithreadh do réir uibhre a nanmann ó fhichid blíadhan daois agus ós a
chionn, an mhéid dobhí iondul amach san chath.


L. Ui1:31


An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Sebulun dobhádar
caogad, agus seachd míle agus ceithre chéud.


L. Ui1:32


Do chloinn Ióseph (eadhon) do chloinn Ephraim guna nginealach do
réir a muinntear as tigh a naithreadh do réir uibhre a nanmann ó aois
fhichid bliadhan, agus ós a chionn, an mhéid dobhí iondul amach chum
cogaidh.


L. Ui1:33


An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Ephraim, dobhádar
dhá fhichid míle agus cúig chéud.


L. Ui1:34


Do chloinn Mhánasseh do réir a nginealach, do réir a muinntear as tigh
a naithreadh do réir uibhre a nanmann ó aóis fichid blíadhan agus ós a
chionn, an mhéid dá ttáinig dul amach chum cogaidh.


L. Ui1:35


An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Mhanasseh, do
bhádar dhá mhíle agus tríochad agus dá chéud.


L. Ui1:36


Do chloinn Bheniamin do réir a nginealach as tigh a naithreadh, do
réir uibhre a nanmann a fhichid bliadhan daois agus ós a chionn, an
mhéid dobhí iondul amach chum cogaidh.


L. Ui1:37


An mhéid do háirmheadh dhíobh eadhon do threibh Bheniamin, do
bhádar cúig mhíle, agus tríochad, agus ceithre chéud.


L. Ui1:38


Do chloinn Dan do réir a nginealach, do réir a muinntear as tigh a
naithreadh do réir uibhre a nanmann, ó aois fhichid bliadhan agus ós a
chionn, an mhéid dobhí iondul amach chum cogaidh.


L. Ui1:39


An mhéid do háirmheadh dhíobh i. do threibh Dan, dobhádar dhá
mhíle, trí fichid, agus seachd gcéd,


L. Ui1:40


Do chloinn Aser do réir a nginealach, do réir a muinntear as tigh a
naithreadh do réir uibhre a nanmann ó aois fhichid blíadhan, agus ós
a chionn, an mhéid da dtáinic dul amach san ccogadh.


L. Ui1:41


An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Aser, dobádar
aon agus dá fhichid míle, agus cúig chéud.


L. Ui1:42


Do chloinn Naphtali ar feadh a nginealach do réir a muinntear, as
tigh a naithreadh do réir uibhre a nanmann ó aois fhichid blíadhan agus
ós a chionn, an mhéid dobhí iondul amach chum cogaidh.


L. Ui1:43


An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Naphtali dobhádar
trí mhíle agus caogad, agus ceithre chéud.


L. Ui1:44


Agso íad sin do háirmheadh, noch do áir Maóise, agus Aáron agus
prionnsuighe Israel, ar mbeith dhóibh na ndá fhear dhég: dobhí gach
éinneach dhíobh ar son tighe a aithreadh féin.


L. Ui1:45


Marsin dobhádar uile an mhéid do háirmheadh do chlannuibh Israel
do réir tige a naithreadh ó aois fhichid bliadhan agus ós a chionn, an
mhéid dobhí iondul amach dochum cogaidh an Israel.


L. Ui1:46


An mhéid umurro do háirmeadh uile, dobhádar sé chéud míle, agus
cúig chéud, agus caogad,


L. Ui1:47


Achd níor háirmheadh na Lebhítigh do réir treibhe a naithreadh,
iona measc.


L. Ui1:48


Oir do labhair an tighearna re Maóise dhá rádh.


L. Ui1:49


Amháin ní choimháirfe tú treabh Lébhi, agus ná glac a nuibhir a measc
chloinne Israel.


L. Ui1:50


Achd oirdéocha tú na Lebhítigh ós cionn thabearnachuil na fiaghnuisi,
agus ós cionn a shoitheach uile, agus ós cionn gach éinneithe da mbeanann
ris: iomchóruid siad an tabearnacuil agus a uile shoitheach, agus do
dhénuid friothólamh dhó, agus dodhéanuid foslungfort fa gcúairt
timchioll an tabearnacuil.


L. Ui1:51


Agus anuáir ghluaisfios an tabernacuil ar aghaidh, as íad na
Lebhítigh leacfas anuas é, agus anuair bhias an tabernacuil da chur
na sheasamh, is íad na Lebhítigh chuirfeas suas é: agus an coimhidhech
thiucfas na chomghar cuirfighear chum báis é.


L. Ui1:52


Agus suidheochuid clann Israel a lóistiníghe gach énduine aca a
bhfochair a bhfoslungphuirt féin, agus gach éanduine láimh réna
bhratuigh féin ar fad a slúagh.


L. Ui1:53


Achd suidheochuid na Lebhítigh a scáláin fagcuairt timchioll
thabearnacuil na fiadhnuise, chor nach bia dibhfhearg ar bith ar
chomhchruinniughadh chloinne Israel: agus is íad na Lebítigh bhías a
gcúram coimhéda thabearnacuil na fiadhnuise.


L. Ui1:54


Agus dorinneadar clann Israel do réir anuile neithe do ráidh an
tighearna ré Maóise, is marsin dorinneadarsan.


L. Ui2:1


Agus do labhair an tighearna ré Maoise, agus re h Haáron da rádh.


L. Ui2:2


Suigheocuidh gach uile dhuine do chloinn Israel láimh rená bhratuigh
féin maille ré bratuigh thigheadh a naithreadh: a bhfad amach timcioll
fagcuairt thabearnacuil an chomhchruinnighthe shuidheochuid siad.


L. Ui2:3


Agus don taobh shoir leath ré héirghe na gréine suidheochuid luchd
bratuidhe fhoslunguirt Iúdah ar feadh a shluáigh, agus Nason mac
Aminadab bhias na chaiptín ar cloinn Iúdah.


L. Ui2:4


Agus ba hé líon a shluaigh, agus an mhéidso do háirmheadh dhíobh do
bhádar ceithre mhíle dhéug, agus trí fichid agus sé chéud.


L. Ui2:5


Agus an luchd suidheochus níis foigse dhó, budh iad treabh Issacar,
agus Nataneel mac Suar sé bhur caiptín do chloinn Issachar.


L. Ui2:6


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobhádar caogadh
agus ceithre mhíle, agus ceithre chéd.


L. Ui2:7


Annsin treabh Sebulun, agus Eliab mac Helon sé bhur caiptín ar
chloinn Sebulun.


L. Ui2:8


Agus a shluagh, agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobudh caogad
agus seachd míle agus ceithre chéud.


L. Ui2:9


Anuile do háirmheadh a bhfoslungphort Iúdah, dobudh céad míle, agus
ceithre fichid míle, agus ceithre chéd líon a slúaigh: is íad so rachus
amach ar tús.


L. Ui2:10


Don taoibh theas bhías bratach champa Reuben do réir a sluagh agus
budh é Elisur mach Sédeur caiptín chloinne Reuben.


L. Ui2:11


Agus a shluagh, agus an mhéid do háirmheadh dhíobhsin, dobhádar dhá
fhichiod agus sé mhíle, agus cúig chéd.


L. Ui2:12


Agus an luchd shuidhfeas láimh ris budh íad treabh Shímeon, agus
caiptín chloinne Shímeon budh é Selumiel mac Surishaddai.


L. Ui2:13


Agus a shluagh, agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobhádar na
gcaogad agus na naoi míle, agus na ttrí ccéd.


L. Ui2:14


Annsin treabh Gad, agus budh é Eliasaph mach Rebhel caiptín
chloinne Gad.


L. Ui2:15


Agus dobudh é a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh,
ceathrachad agus cúig mhíle, agus sé chéd agus caogad.


L. Ui2:16


An mhéid do háireamh a bhfoslungphort Reuben dobhádar céd míle
agus caogad, agus a haón agus ceithre míle chéud agus caogad líon a shluaigh:
agus is íad rachas amach an sa dara hordúghadh.


L. Ui2:17


Annsin gluaisfidh tabearnacuil an chomhchruinnightha ar aghaidh lé
campa na Lébhíteach a meadhon an champa; mar as gnáth a ccampa shuigheadh,
mairsin rachuid siad ar a naghaidh gach énduine na áit féin a bhfochair a
mbratach.


L. Ui2:18


Don taoibh shíar bhías bratach champa Ephráim do réir a sluaigh:
agus budh é caiptín chloinne Ephraim Elisama mac Amihúd.


L. Ui2:19


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobudh ceathracad
míle, agus cúig chéd.


L. Ui2:20


Agus láimh ris bhías treabh Mhanasseh, agus budh é caiptín chloinne
Mhanasseh Gamaliel mac Pedahsur.


L. Ui2:21


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobudh tríochad
agus dá mhíle agus dá chéd.


L. Ui2:22


Annsin treabh Bheniamin, agus budh é Abidan mac Ghideoni caiptín
chloinne Bheniamin.


L. Ui2:23


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobudh tríochad
agus cúig mhíle agus ceithre chéd.


L. Ui2:24


An mhéid go háirmheadh do champa Ephraim dobhádar céd míle agus
ochd míle agus céud líon a sluaigh: agus rachuid air a naghaidh san treas
ranc.


L. Ui2:25


Bratach champa Dan biáidh sí don taobh thuáidh maille réna
sluaghaibh, agus budh é Ahieser mhac Amishaddai, caiptín chloinne
Dan.


L. Ui2:26


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobudh trí fichid
agus dá mhíle agus seachd gcéd.


L. Ui2:27


Agus an drong dhénas campa na ghar budh íad treabh Aser, agus
caiptín chloinne Áser, budh é Pagiel mac Ocran.


L. Ui2:28


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhiobh, dobudh dhá
fhichid agus aon míle agus cúig chéd.


L. Ui2:29


Annsin treabh Naphtali, agus budh é Ahirah mach Enan caiptín
chloinne Naphtali.


L. Ui2:30


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobudh caogad
agus trí mhíle, agus ceithre chéd.


L. Ui2:31


An mhéid do háirmheadh a ccampa Dan, dobudh céd míle agus caogad
agus seachd, is íad sin rachus fa dheireadh lena mbratachaibh.


L. Ui2:32


Is íad so an mhéid do háirmheadh do cloinn Israel do réir thighe
a naithreadh an mhéid uile do háirmheadh do na foslungphortuibh ar
feadh a sluagh, dobudh sé chéud míle, agus trí mhíle agus cúig chéd
agus caogad.


L. Ui2:33


Ach níor háirmheadh na Lebhitigh a measc chloinne Israel mar do
aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ui2:34


Agus dorinneadh clann Israel do réir gach a ndubhairt an tighearna
re Maóise: marsin do shuidheadair a bhfochair a mbratacha agus
marsin dochuadair ar a naghaidh, gach énduine do réir a mhuinntire,
do réir thigheadh a naithreadh.


L. Ui3:1


As íad so mair an gcédna genealuigh shleachda Aáron agus Mhaóise,
ann sa ló ionair labhair an tighearna re Maóise air slíabh Sínai.


L. Ui3:2


Agus is íad so anmanna chloinne Aáron, Nadab an chéidghin agus
Abihu, Eleásar, agus Itámar.


L. Ui3:3


Is íad so anmanna mhac Aáron na sagairt do hungadh, noch do coisrig
sé chum serbhíse do dhénamh anoifig an tsagairt.


L. Ui3:4


Agus fuair Nadab agus Abihu bás a lathair an tighearna anuair
dorinneadar ofráil do thenidh coimhidhthigh a lathair an tighearna a
bhfásach Sínai, agus ní raibh clann aca: agus Eleásar, agus
Itamar dobhádar ag miniostrálachd anoifig an tsagairt a radharc
Aáron a nathar.


L. Ui3:5


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Ui3:6


Tabhair treabh Lébhi a lathair, agus taisbean íad a lathair an
tsagairt Aáron; iondus go ndearnaidís fritheolamh dhó.


L. Ui3:7


Agus cuinneochuid siad a chúramsan, agus cúram an chomhchruinnighe
uile as coinne thabearnacuil an chomhchruinnighthe do dhéanamh
fritheoilte an tabearnacuil.


L. Ui3:8


Agus taisgeochuid uile ionstrumaintigh thabearnacuil an
chomhchruinnighthe, agus cúram chloinne Israel do déanamh
fritheoilte an tabearnacuil.


L. Ui3:9


Agus dobhéara tú na Lebhítigh do Aáron agus dá mhacaibh: atáid
arna ttabhairt go hiomlán amach as cloinn Israel.


L. Ui3:10


Agus óirdeocha tú Aáron, agus a mhic, agus béid ag feitheamh ar oifig
an tsagart: agus an coimhidheach thiucfas na ghar cuirfíghear chum
báis é.


L. Ui3:11


Agus do labhair na tighearna ré Maoise da rádh.


L. Ui3:12


Agus misi, féuch misi, do thogh mé na Lebhítigh amach as cloinn
Israel anáit anuile chéidghin da bhfosclann an bhrú a measc
chloinne Israel: uimesin budh liomsa na Lebhítigh.


L. Ui3:13


Do chionn gur liom anuile chéidghin: óir an lá do bhuáil mé ann
uile chéidghin a gcrích na Hégipte, do naómhuidh mé dhamh féin
anuile chéidghin an Israel, edir dhuine agus ainmhidhe, budh
liomsa íad: is mise an tighearna.


L. Ui3:14


Agus do labhair an tighearna ré Maóise a bfhásach Sínái, gha
rádh.


L. Ui3:15


Comháir clann Lébhi do réir tighe a naithreadh, do réir a
muinntire: anuile fhirionnach ó mhí suas agus ós a chionn,
coimháirfe tú íad.


L. Ui3:16


Agus do chomháir Maóise íad do réir bhreithre an tighearna, mar do
haithnigheadh dhe.


L. Ui3:17


Agus dobíad so mic Lébhi do réir a nanmann, Gerson agus
Chohat, agus Merári.


L. Ui3:18


Agus is íad so anmanna Mhac Gerson do réir a muinntire; Lébhi
agus Síméi.


L. Ui3:19


Agus mic Chohat do réir a muinntire; Amram, agus Isahar,
Hébron agus Ussiel.


L. Ui3:20


Agus mic Mherári do réir a muintire; Mahlí agus Musí: is íad so
sleachda na Lebhíteach do réir thighthe a naithreadh.


L. Ui3:21


O Gherson atá cineadh na Libníteach agus cineadh na Simíteach: is
íad so sleachda na Ngersoníteach.


L. Ui3:22


An mhéid do háirmheadh dhíobh réir uibhre anuile fhirionnach ó
mhí suas agus ós a chionn, an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobhádar
seachd míle agus cúig chéd.


L. Ui3:23


Suigheochuid muinntir na Ngersoníteach ar chúla an tabearnacuil
taoibh shíar.


L. Ui3:24


Agus buidh é Eliasaph mac Láel ceann tighe atar na Ngersoníteach.


L. Ui3:25


Agus budh é cúram mhac Gerson a ttabearnacuil an chomhchruinnighthe,
an tabearnacuil agus an lóistín, agus a bhfolachsin, agus crochadh chum
doruis thabearnacuil an chomhchruinnighthe.


L. Ui3:26


Agus crochadh na cúirte, agus an cúirtín chum doruis na cúirte noch
atá láimh ris an ttabearnacuil, agus láimh ris analtóir fagcuairt,
agus a gcórduidhesin chum a serbhísesin.


L. Ui3:27


Agus ó Chohat bhádar muinntear na Namramíteach, agus muinntear na
Niseharíteach, agus muinntear na Nebróníteach, agus muinntear na
Nuisielíteach: is íad so muinnteara na Gcohatíteach.


L. Ui3:28


Anuile uibhir a bhfiriónach ó mhí daois agus ós a chionn do
bhádar ochd míle, agus sé chéd, ag coimhéd chúraim na sanctora.


L. Ui3:29


Muinnteara mac Chohat suidheochuid ré taobh na tabernacuil don taoibh
theas.


L. Ui3:30


Agus budh é Elisapahan mac Uissiel ceann tighe athar mhuinntear na
Gcohatíteach.


L. Ui3:31


Agus budh é a ccúram anáirc agus an bórd, agus an coinnleóir, agus
na haltóra, agus soithighe na sanctóra lé ndénuid fhriotholamh, agus an
crochadh agus anuile sherbhís bheanas ris.


L. Ui3:32


Agus budh é Eleásar mac Aáron an sagart, bhías na cheann ós cionn
nas druinge áirde do na Lebhítibh: agus is aige bhías feitheamh ós
cionn an luchd choimhédas cúram na sanctóra.


L. Ui3:33


Ó Mherári dobhí muinntear na Mahlíteach agus muintear na Musíteach:
is iad so muinnteara Mherári.


L. Ui3:34


Agus an mhéid do háirmheadh dhíobh do réir uibhre na bhfirionach
uile ó mhí daois, agus ós a chionn, bá sé mhíle agus dá chéd.


L. Ui3:35


Agus dobé Suriel mach Abihail ceann tighe athar mhuintire
Merári: cuirfidso futha ré taobh an tabearnacuil bhudh thuaigh.


L. Ui3:36


Agus béid buird an tabearnacuil fa chumhdach agus fá chúram mhac
Mérari, agus na barruidhe bheanas ris, agus na piléir, agus na
soicéid agus a uile shoithighesin, agus anuile ní foghnas dó.


L. Ui3:37


Agus piléir na cúirte timchioll fagcuáirt, agus a soicéid, agus a
ttairngidhe agus a gcórduidhe.


L. Ui3:38


Achd an luchdso doní foslungphurt as coinne thabearnacuil leath
shoir, eadhon as coinne thabearnacuil an chomhchruinnighthe leath
shoir, budh íad Maóise agus Aáron agus a mhic bhías ag coimhéd
chúraim na sanctóra, ar son chúruim chloinne Israel; agus an
coimhidhtheach thiucfas a ngar báiseochar é.


L. Ui3:39


An mhéid do háirmheadh do na Lebhitibh noch do chomháir Maóise agus
Aáron le haithne an tighearna ar feadh a muinntear anuile fhear ó
mhí daóis agus ós a chionn, dobhádar fithche, agus dá mhíle.


L. Ui3:40


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, comháir an uile chéidghin
fheardha do chloinn Israel maille re uibhir a nanmann ó mhí daóis
agus ós a chionn, agus glac uibhir a namann.


L. Ui3:41


Agus glacfa tú na Lebhitigh dhamhsa a (misi an tighearna) anáit
anuile chéidghin a measc chloinne Israel, agus áirnéis na
Lebhítheach ar son gach céidbhreith a measc áirnéise chloinne Israel.


L. Ui3:42


Agus do chómháir Maóise mar do aithin an tighearna dhe, anuile
chéidghin a measc chloinne Israel.


L. Ui3:43


Agus anuile chéidghin fheardha maille ré uibhir a nanmann ó mhí
daois, agus ós a chionn, an méid do háirmheadh dhíobh dobhádar
fithche agus dhá mhíle agus da chéud, agus trí fichid, agus a trí
déug.


L. Ui3:44


Agus do labhair an tighearna re Maoise dhá rádh.


L. Ui3:45


Glac chugad na Lebhítigh anáit anuile chéidghin a measc chloinne
Israel, agus áirnéis na Lebhiteach anionad an áirnéise, agus budh
liomsa na Lebhitigh: misi an tighearna.


L. Ui3:46


Agus ar son an mhéid atá rena bhfúascladh don dá chéd agus don trí
fichid, a trídég, do na céidghinibh chloinne Israel, noch is mó ná
na Lebhítigh.


L. Ui3:47


Glacfa tú eadhon cúig secel ón duine do réir a cceann: do réir shecel
na sanctóra ghlacfas tú íad, is fithche gérah an secel.


L. Ui3:48


Agus dobhéura tú an tairgiod uait lé bhfuascaltar a uibhir chorr
dhíobh, do Aáron agus dá mhacaibh.


L. Ui3:49


Agus do ghlac Maóise airgead na fuasculta ón luchd dobhí ós a
ccionnsin, noch do fuascladh leis na Lebhítibh.


L. Ui3:50


Ó chéidghinibh chloinne Israel do thóg sé an tairgiod, míle agus
trí chéad, agus trí fichid agus cúig secel do réir secel na sanctóra.


L. Ui3:51


Agus tug Maoise airgead an mhéid do fuascladh dhíobh do Aáron
agus dá mhacaibh, do réir bhreithre an tighearna, mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Ui4:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, agus ré Haáron ghá rádh.


L. Ui4:2


Glacuidh uibhir mhac Chohat ó bheith a measc uibhre mhac Lébhi,
do réir a muinntear tre thigh a naithreadh.


L. Ui4:3


Ó thríochad blíadhain daois, agus ós a chion, go nuige umurro caogad
bliadhan daois, anuile dhuine rachas annsa tsluagh do dhénamh
saothair a ttabernacuil an chomhchruinnighthe.


L. Ui4:4


Sí so serbhís bhías ag macaibh Chohat a ttabernacuil an
chomhchruinnighthe timchioll na neitheann ronaómhtha.


L. Ui4:5


Agus anuair rachus an sluagh ar a naghuidh, tiucfa Aáron agus a
mhic, agus leagfuid síos an brat foluighe agus foileochuid áirc na
fiaghnuisi leis.


L. Ui4:6


Agus cuirfid ar an bhfolach do chroicnibh broc, agus leithneochuid
taóbh amuigh air édach do ghorm uile, agus cuirfid a mhaididhe asteach
ann.


L. Ui4:7


Agus ar bhord an aráin thaisbénta, leathneochuid siad éadach do ghorm,
agus cuirfid na míasa airsin, ar na líacha agus na scáluidhe agus na
foluigh fhoileochus; agus biáidh an tarán síorruidhe air.


L. Ui4:8


Agus leithneochuid siad édach scárlaóide orra, foileochuid siad sin lé
folach do chroicnibh broc, agus cuirfid a mhaididhe asteach ann.


L. Ui4:9


Agus géabhuid chuca éadach do ghoirm agus foileochuid coinnleóir an
tsoluis agus a lampuidhe, agus a theannchuiridhe, agus a mhíasa smóil agus a
uile shoithighe ola, lé ndénuid siad friotholumh dhó.


L. Ui4:10


Agus cuirfid siad é féin agus a shoithighe uile astigh a bhfolach do
chroicnibh broc, agus cuirfid siad air bharra é.


L. Ui4:11

<