Beatha Bhrighde

B.Á.C.: Oifig an tSoláthair (1739)

Mághnus Ó Domhnaill




In n-ainm Dé an obair so.



TRÁCHTADH AR BHEATHA BHRIGHDE
agus an modh a rugadh í agus ar a feartaibh agus ar a miorbhuile do
réir mar aithrisid deagh-ughdair do mhair inaon aimsir ria agus do
réir mar atá ar gnáth-chuimhne ó sin anuas.



Feachtas do Dubhthach i gCúigeadh Laighean agus fuair sé
Bruighseach .i. máthair Bhrighde i ndaoirse agus i moghsaine agus
do cheannuigh Dubhthach do féin í mar innilt, agus níor bhfada
dho 'na dhiaidh sin gur bha bean do féin í agus gur toirrcheadh
uadha féin í. Do ghabh éad adhbhalmhór bean Dubhthaigh tríd sin
agus adubhairt muna reacadh nó muna n-ionnarbadh sé an n-innilt
uadha i dtír imchéin go bhfúigfeadh sí féin co n-a maitheas é.
Níor bhfurus le Dubhthach a bhean do bheith ina fhéagmais, agus
ní mó do budh maith leis a chumhal do chur uadha, agus ní raibhe a
bhean ag leigean suaimhnis do.



Feachtas ann dochuaidh Dubhthach ina charbad agus a innilt torrach
leis agus do ghabh sé le taoibh tighe an druaidh dobhí roimhe ar an
tslighe. Maidhion a ainm an druaidh sin agus is uaidhe a
ainmnighthar Ros Maighion i gCúige Laighean. Is


L. 10


annsin adubhairt an draoi re fear dá mhuinntir tré rádh fáisdine a
spioraid fáidheadórachta, “Éirigh, a ghiolla,” ar sé, “agus féach cia
hé an carbad sin thorainn, óir is foghar carbaid fá righ nó fá ríoghan
adchluinim.”



Do innis an giolla do iaramh gurab é Dubhthach dobhí ann. Dochuaidh
an draoi i gcoinne Dhubhthach dá fhiafruighe cia í an bhean dobhí
san gcarbad in a fharraid nó cia ór toirrcheadh í.



“M'inniltse atá ann,” ar Dubhthach, “agus is uaim féin atá sí
toirreach.”



“Budh onórach uasal ag Dia 's ag daoine an ghein atá fó n-a broinn,”
ar an draoi, “óir bhéaraidh sise inghean bhus fearr 'ná clann ris nach
biaidh cóimheas ná comparáid ná cosamhlacht do mhnáibh na talmhan.”



“Máseadh, ní leigeann mo bhean dhamhsa gan a hionnarbadh,” ar
Dubhthach. “Ní cás dise sin,” ar an draoi, “óir ba humhal clann do
mhnása do inghin atá ina bruinnse, agus ba mór cion na hinghine sin
ag Dia agus ag daoinibh, óir amhail shoillsigheas an ghrian do
rannaibh na bhfiormameintadh is amhlaidh sin a shoillseochas a
gníomhartha agus a deagh-bhéasa idir na daoinibh ar feadh na cruinne.”



Do ghabh lúthgháire lán-adhbhal Dubhthach agus an chumhal tríd
sin, agus adubhairt go mbadh fearr leis inghean mhaith do bheith
aige 'ná mac, óir do


L. 11


bhádar clann mac aige agus ní raibhe aon inghean aige. Dochuaidh
Dubhthach dá thigh iaramh agus ní raibh an innilt leis. Ba
suaithnidhe so-thuigsiona onóir na hinghine sin i mbroinn a máthar
óir dothángadar dá easpog ó Shliabh Alpa anoir dá tairrngire .i.
Easpog Mel agus Easpog Melchú a n-anmanna agus tugadh fáilte
agus onóir mhór do na heaspogaibh sin i dtigh Dhubhthaigh agus
dorinne an chumhal .i. máthair Bhrighde timthireacht dóibh agus
dobhí agá bhfritheoladh mar budh cumhal.



Ba tuirseach dubrónach bhí intinn agus aigneadh mhná Dubhthaigh an
tan sin, agus do fhiafruigh na heaspuig damhna a tuirse agus a
dubróin dí agus adubhairt gurab tré mhéad a chúraim bhí ag
Dubhthach um an cumhal agus fá n-a toirrcheas, agus gan cion ná
onóir do bheith aige uirthi féin ná ar a cloinn. Is annsin adubhairt
Easbog Mel tré spiorad fáidheadórachta: “Budh maith le do chloinnse
foghnamh agus seirbhís do dhéanamh do chloinn na cumhaile agus biaidh
móirsheisear mac agat,” ar sé, “agus budh olc uile iad a olcas ataoir
se ris an gcumhal muna mbeannuighe inghean na cumhaile iad” etc.



Feachtas eile tháinic draoi a chríochaibh Maine go tigh
Dubhthaigh agus mar dochonnairc an fhearg mhór sin ar mhnaoi
Dubhthaigh ris an gcumhal do fhiafruigh do Dhubhthach an reacfadh
sé í. Adubhairt Dubhthach go reacfadh agus adubhairt na heaspuig
(dothainic go tigh Dubhthaigh roimhe sin) leis dá


L. 12


racfadh sé an chumhal gan an toirrcheas dobhí 'na bruinn do reic
go bráth; do reic Dubhthach an chumhal ris an draoi. Dochuaidh an
draoi dá thigh iar sin agus an innilt leis. Thainic iar sin file a
chríoch Chonaill Murtheimhne do thigh an draoi reimhráidhte do
cheannach na cumhaile, agus mar dofuair an ceannach is mó iná a dtug
sé féin uadha ón bhfile do reic sé an bhruighseach agus níor reic an
toirrcheas dobhí ina bruinn; dochuaidh an file dá thigh iaramh agus
an innilt leis.



Feachtas eile tug an file sin cuireadh dá thighearna .i. do righ
Chonaill. Ba toirrach bean an áirdrigh an tan sin. Tháinic sí leis
ar an gcuireadh sin; dobhí fáidh maith i gcoimhdeacht an righ an tan
sin agus do fhiafruigh dhe ca huair ba maith don ríoghan a toirrcheas
do thuismeadh. Do fhreagair an fáidh é agus iseadh adubhairt:
“Gidhbé gein a bheirthar sul do éireochas grian amárach ní bhiaidh a
leithíde sin i nÉirinn uile.” Dorug an ríoghan mac marbh ní ba
luaithe iná an t-am sin agus do fhiafruigh an draoi don bhfáidh
cá huair budh maith don innilt clann do bhreith. “Gidhbé gein a
bheirthar sul éireochas grian amárach agus gan a bhreith astuigh nó
amuigh, rachaidh a clú fán uile dhomhan agus mairfidh a sgéala go
deireadh an domhain.” Do éirigh an chumhal idir ló agus oidhche sul
do éirigh grian do bhaint bainne do na buaibh mar budh gnáth léi,
agus ar dteacht isteacht dhí agus meadar lán do leamhnachta léi


L. 13


agus cos istigh agus cos amuigh aice ar gach taoibh don tairseach aice,
thainic íodhna an leinbh uirre ionnas nár fhéad sí an chos dobhí
amuich do thabhairt isteach ná an chos dobhí istigh do bhreith
amach, go rugadh an ghein naomhtha dobhí i ndán agus i dtairrngire;
agus do nigheadar na mná dobhí do láthair an leanbh beannuighthe
sin as cuid leamhnochta sin dobhí i lámhaibh a mháthar; ba
hiomchubhaidh Brighid do nighe ar dtús as leamhnochta, óir mar atá
an leamhnochta deagh-dhaite deagh-bhlasda neamh-thruaillighthe is
mar sin do Bhrighid Naomhtha, óir fa deagh-dhaite deagh-bhlasda
neamh-thruaillighthe ó oibrighe agus ó ghníomhaibh í amhail
fhoillseochas an bheatha so fós.



Feachtas eile dochuaidh an bhean .i. máthair Bhrighde dá leabaidh
tar éis an leanbh naomhtha do bhreith agus is ann do chuireadar an
leanbh naomhtha ar aon leabaidh le leanbh marbh na ríoghna. Agus mar
is luaithe thainic a hanál naomhtha faoi an leanbh marbh thainic
anam ann i gcéadóir, ionnas gur moladh Dia agus an ghein naomhtha
thríd sin.



Feachtas eile dochuaidh an chumhal .i. máthair Bhrighde chum na
buaileadh d'iarraidh bainne, agus do fhág an leanbh 'na haonar san
tigh agus dochuaidh an teagh re theinadh, agus an uair thangadar a
comharsa agus a lucht aonbhaile d'anacal an tighe fuaradar an teine
ar ndul as uaithe féin, agus mar dochonncadar an


L. 14


naoidhean mbeag 'na haonar san teagh do thuigeadar gurab
d'fheartaibh Dé agus Bhrighde thainic sin.



Feachtas eile do chodail an draoi aga raibh máthair Bhrighde agus
dochonnairc sé (dar leis féin) triar marcach in éadaighe glégeala .i.
trí haingil agus fíoghair ríoghamhail orra agus do chuireadar ola ar
Bhrighid agus do iarradar Brighid naomhtha do thabhairt d'ainm
uirthe, óir is ionann Brighid re n-a rádha agus teine, óir dobhí
teas-ghrádh teintighe ina croidhe do Dhia. Adhbhar eile um ar tugadh
Brighid d'ainm uirthe óir amhail sheargas agus luingeas an teine
gach ní théid uirre is amhlaidh sin a sheargas sí a bpeactha agus a
n-anmhiana ó chách le seanmóir bhréithre Dé agus an
bhreitheamhnais. An treas adhbhar um ar goireadh Brighid dí .i.
um ar samhluigheadh re teine í .i. mar is dúil ró-ghéar ró-neimhneach
an teine, ba hamhlaidh sin do Bhrighid. Ba ró-ghéar ró-
mhothuigheach í in gach uile ní do shaoilfeadh dorachadh i n-onóir
do Dhia agus i leas dá hanam féin agus i dtairbhe choitchinne don
chineadh daonna, agus is géar ullamh í dochum fearta agus miorbhul
do dhéanamh ar gach duine a chuireas dóich innte agus a ghuidheas
Dia ina honóir. Iar n-éirghe don draoi as a chodladh do innis sé
ar an bponc do chách gach ar taidhbhreadh dho ar an inghin. Ó sin
suas do hoileadh agus do leasuigheadh Brighid agus an uair
dobheirthí biadh nó deoch ón draoi


L. 15


dhí do dhiúltadh nó do sgéitheadh sí é. Do sheol Dia don draoi iar
sin gurab tré n-a pheaca nó tré n-a neamh-ghloine féin do-níodh
Brighid sin agus thug sé bean chrábhach dobhí i gcómhgar dho dá
ionnsaighe agus do fhurail sé uirthe bó chluaisdearg ghlégeal dobhí
ar airghe féin do bhleaghain agus a chur i soitheach ar leith
gach ló agus gach n-oidhche fá chomhair Bhrighde, conadh amhlaidh
sin do hoileadh Brighid as a naoidhandacht.



Feachtas eile dochuaidh an draoi agus a bhean ar cuairt chum na
spréidhe agus iar tilleadh dhóibh dá dtig dochonncadar an curcán
dobhí fá cheann Bhrighde re lasair agus do shíneadar a lámha go
deithfireach dá hionnsaighe d'eagla an leinbh do losgadh, agus mar
do ghlacadar é níor mhothuighdar an teine agus ní fhacadar an lasair.
Do hoileadh Brighid amhla sin nó go raibhe sí 'na timthire agus 'na
teachtaire mhaith agus gach ní re mbeanadh mbaineadh sí nó dá
nglacadh sí dobhíodh ar biseach, agus do chuireadh Dia rath mór dá
dheoin fair agus dobhídís na haoidheadha agus na daoine bochta
buidheach dí.



Feachtas eile do ghabh sainnt agus toil mhór Brighid fá theacht
ar cuairt chum Dubhthaigh .i. a hathair, agus do chuir an draoi
fios chum Dubhthaigh teacht ar ceann a inghine, agus do innis an
teachtaire d'fheartaibh agus do mhiorbhuile Bhrighde nach raibh
a samhail ar talmhuin: do ghabh gáirdeachas Dubhthach uime sin agus
dochuaidh iaramh do


L. 16


dhéanamh comhairle re n-a dhraoi agus d' fhiafruigh dhe an
rachadh ar a ceann. Do labhair an Spiorad Naomh i mbeol an draoi
annsin agus iseadh adubhairt - “Éirighse,” ar sé, “agus dhá fhear
dhéag 'na coinne i bhfíoghair Íosa agus an dá easpal déag, óir
leanfaidh sí slighe Chríost agus na n-easpal agus ba ró-mhór a
hiomrádh agus a honóir ag Dia agus ag daoinibh, agus biaidh a fearta
agus a miorbhuile ar cuimhne le n-a linn féin agus 'na dhiaidh go
suthain.” Dochuaidh Dubhthach go tigh an draoi aga raibhe a
inghean agus do chur an draoi fáilte roimhe; agus dorinneadh onóir
mhór agus sóghlas do an oidhche sin, agus do léig an draoi a inghean
agus a buime saor leis. Iarn-a mhárach gluaiseas Dubhthach dá
thír féin iaramh .i. Tír na Failghe agus Brighid agus a buime
leis.



Feachtas eile thainic do bhuime Bhrighde gur ghabh easláinte mhór
í. Thainic don easláinte sin mian dighe leanna do ghabháil, agus
dobhí óglaoch saidhbhir san gcomharsainn aga raibh lionn an uair
sin féin, agus Beadchú ainm an óglaigh, agus dochuaidh Brighid
agus aon ógh amháin léithe go tigh Bheadchon d'iarraidh dighe
leanna. Dobhí fear agus bean an tighe roimhe Brighid istigh agus
do dhiúltadar le chéile í agus an teaghlach uile mar aon riú. Iar
sin do imigh Brighid go náireach agus níor bhfada 'na dhiaidh sin
gur fhéachadar na soithighe ina raibhe an lionn agus


L. 17


ní bhfuaradar aon deor ionnta. Iomthús Bhrighde do líon an
soitheach dobhí léithe as tobar uisge dobhí ar an tslighe agus do
bheannuigh sí é agus dorinneadh lionn ba fearr 'ná lionn Bheadchon
de, agus ní hé amháin gur choisg sin tart agus íota a buime acht do
shlánuigh í ó gach uile easláinte gur méaduigheadh ainm Dé agus
Bhrighde tríd sin.



Feachtas eile dobhí Brighid ag ionghaire muc Dubhthaigh agus
thangadar dias gaduidheadh d'ionnsaighe na muc gur ghoideadar dhá
thorc mhóra dhíobh, agus an tslighe in ar ghabhadar thárla
Dubhthach dhóibh gur bheain bhain an dá mhuic sin díobh, agus
thainic mar a raibhe Brighid agus tug sé achmhusán mór di agus
iseadh adubhairt gur bh'olc an t-aodhaire í agus gurab olc nach
dearnaidh sí coimhéad ba fearr 'ná sin ar na mucaibh. Níor mhaith
le Brighid sin agus do labhair sí leis go mín náireach agus iseadh
adubhairt: “Áirmhimse do mhuca,” ar sí, “agus is féidir le Dia gan
díoghbháil do dhéanamh dhóibh.” Do áirimh Dubhthach iad agus nior
theastuigh aon mhuc díobh, gur móruigheadh ainm Dé agus Bhrighde
dhe sin.



Feachtas eile thainic aoidheadha go tigh Dubhthaigh agus do fhuráil
sé feoil do chur dá ghléas dóibh agus cúig chuibhrinn do dhéanamh
dhí, ina bhfiaghnuise féin, óir dobhí an aimsir cruaidh agus dobhí
gorta mór ann is an bhliadhain sin. Do thaoibh sé le Brighid an
fheoil do bhruith agus do choimhéad. Dochuaidh Dubhthach, iaramh,
amach agus níor


L. 18


fhágaibh san teagh acht Brighid agus na haoidheadha. Is annsin
thainic sean-chú bhocht dobhí ag dul d'éag don ghorta chum an
tighe agus mar dochonnairc Brighid í adubhairt gurab dúil do
dhúilibh Dé dobhí ann agus gurab mór an truaighe a bheith san riocht
sin agus tug sí an cúigeadh cuid don bhfeoil di. Do long an chú
sin go ró-ghortach, agus mar dochonnairc Brighid an righean a leas
iomarcach sin ag an gcoin tug sí an dara cuid don bhfeoil don choin,
agus mar do loing sí sin go cíocrach tug sí an treas cuid dí ionnas go
raibhe sí sáitheach. Dobhádar na haoidheadha aga fheitheamh sin
uile. Thainic Dubhthach isteach iar sin agus d' fhiafruigh an
raibhe an fheoil bruite nó an raibhe sí uile ag Brighid agus má
dobhí a cur chugtha, “Áirimhse an fheoil,” ar sí “féach an bhfuil
sí agat uile.” Do áirimh Dubhthach an fheoil agus níor theasda aon
chuid dí acht mar budh mó an uair sin, agus do innsigheadar na
haoidheadha do Dhubhthach gach ní dhá ndearna Brighid ris an
bhfeoil agus ba mór an t-ionadh bhí aca uile sna míorbhuile sin.
Is annsin adubhairt Dubhthach gurab iomdha a leithéide sin de
mhiorbhuile do-níodh sí. Do cuireadh an fheoil iaramh i
bhfiaghnuise na n-aoidheadha agus an fheoil sin do bheannuigh
Brighid agus do chruthuigh Dia ina honóir níor fhéadadar na daoine
neamh-ghlana a hithe mar dobhádar cionntach agus i bpeacadh; gurbh
éigean dóibh a hiompódh ar a


L. 19


hais arís go Brighid arís agus gur thiodhlaic sí do bhochtaibh
agus do gach aon rainic a leas a fagháil í.



Feachtas eile do ghuidh bean chráibhtheach dobhí san tír Dubhthach
fá Brighid do leigean léithe ar cuairt chum cóimhthionóil do
dhaoinibh cráibhtheacha go Magh Life. Tug Dubhthach an cead sin
dí iaramh. An lá arna mhárach do foillsigheadh do neach naomhtha
dobhí san chóimhthionól chéadna Muire ógh do theacht ar cuairt
chugtha (dar leis féin) agus do innis sé sin don chóimhthionól. Iarna
mhárach tháinic an bhean chráibhtheach reimhráidhte agus Brighid
léithe chum an chóimhthionóil agus mar dochonnairc an duine naomhtha
(dar thaisbeánaidh Muire an oidhche roimhe sin) Brighid ag teacht do
éirigh sé 'na sheasamh agus do labhair do ghuth árd fhollus-ghlan
agus iseadh adubhairt: “Is í so an Mhuire dochonnarcsa,” ar sé.
Do éirigh an cóimhthionól 'na sheasamh iar sin uile agus do labhradar
d'aon ghuth uile agus iseadh adubhradar: “Dia do bheatha, a
Mhuire na nGaoidheal” - gonadh díleas an t-ainm do Bhrighid ó
sin amach Muire na nGaoidheal.



Feachtas eile do smuain Brighid maille le gríosadh ón Spiorad Naomh
dul d'iarradh a máthar dobhí i ndaoirse agus i moghsaine agus do
ghabh sí cead a hathar agus ní bhfuair sí cead uadha. Do ghluais
sise gan cead dá hathair agus dochuaidh sí mar a raibh a máthair agus
dobhí sí ró-


L. 20


easlán an uair sin agus dob éigean dí a bheith ag banairgheachas don
draoi an uair sin. Agus í mar sin ro ghabh lúthgháire lán-adhbhal
roimhe a hinghin í agus do ghabh iar sin ag éagcaoine a
heasláinte agus a hamhgair fria agus meád a saothair. Do ghabh
Brighid do láimh an banairgheachas do dhéanamh ar son a máthar,
agus an chéad mhaistradh dorinne sí dorinne dhá chuid déag
cudroma dhe, agus dorinne an trímhadh cuid déag ní ba mó 'ná aon
chuid eile dhíobh i bhfíoghair Íosa Críost agus na n-easpal.
“Do-nímse an roinn seo,” ar sí, “i n-onóir Íosa Críost agus
sásuighim na daoine bochta 'na onóir.” Do chuir airgheacha na mbó i
n-iongnadh mhór an díol dobheireadh Brighid ar im agus ar
bhainne na mbó agus dochuaidh do chasaoid ar Bhrighid leis an
draoi, agus an uair do fhiafruigh an draoi dhe nár mhaith an
bhanairgheach an ógh i n-ionad a máthar dob áil leis an óglach a
bhéal d'fhosgladh agus casaoid trom do dhéanamh uirthi. Is
amhlaidh so adubhairt: “Atáid na laoigh ramhar,” ar sé, “agus
do-gheibhimse mo sháith agus do-gheibh na haoidheadha agus na
daoine bochta a sáith.” Is amhlaidh sin nár fhéad an t-óglach
turbhaidh nó ithiomrádh do dhéanamh ar an óigh naomhtha.



Feachtas eile thainic an draoi agus bhean ar cuairt chum na
hairghe aga raibhe Brighid agus a máthair agus tug bean an draoi
rúsg mór léithe aga raibheadar ocht bhfear-dhuirn ar leathad


L. 21


ann, agus a áirde dá réir sin. Do chuir Brighid fáilte rómpa agus
do ullmhuigh sí biadh dhóibh. Is annsin adubhairt bean an draoi: “Ar
cuairt chugaibhse thangamairne agus d'fhéachain na laogh agus na
hairghe agus dar linn is maith atáid agus tugthar an t-im chugainn
go bhfeiceann a dhéanamh agus go leasuighthear é.” Do éirigh
Brighid 'na seasamh iar sin go humhal náireach agus dochuaidh san
gcuile dobhí aice agus níor mhair aice dá him (an uair sin) acht
measgán go leith agus thainic sí anuas arís agus an leath-mheasgán
ina láimh léithe agus do theilg sí san rúsg sé. Dorinne bean an
draoi gáire mór tré choir fhonamhaide agus adubhairt: “Is maith an
chubhaidh rúisg móir do líonadh sin,” ar sí. “Ní meisde,” ar
Brighid; “líonfaidh sé do rúsg agus féadaidh Dia im do chuir ann,”
ar sí. Dochuaidh Brighid ina cuile iar sin agus do bheannuigh sí
roimpe agus 'na diaidh, agus ar gach taoibh dhí agus do labhair agus
iseadh adubhairt: “Cuile le Dia an cuile seo is cúram ormsa,” ar sí;
agus dorinne na rainn seo agus atá do bhuadhaibh ortha gidhbé cuile
no lanntaoir a n-aibeoradh duine a bhias ar deagh-staid iad i
n-onóir do Dhia agus do Bhrighid go bhfuighe a righean a leas
agus cosg a náire uaithe.




“Mo chuilese an chuile seo, cuile Fiadhadh fionn,
Cuile ro-bheannachadh an rígh, cuile gan ní ann.


L. 22


Tigeadh Mac Muire, mo chara, do bheannachadh mo chuile,
Flaith an domhain go imeal, rob é ionad lasuidhe.
A Choimdhe, a mo ruirese, coinnigh na huile seo,
Beannuigh, a Dhé, nuall gan geis, dot láimh dheis an chuile seo.”




Iomthús Bhrighde ní thabhradh sí acht leithmheasgán léith gach uair
agus thainic do bhrigh mhór ghrás agus miorbhuile Dé gur chuir sí
a lán san rúsg agus go raibhe measgán go leith d'fhuigheall aici.
Do chuir an draoi agus a bhean i n-iongantas go ró-mhór sin agus
do mholadar Dia agus Brighid thríd sin. Is annsin adubhairt an
draoi: “An t-ím seo agus na ba ó dtainic sé tiodhlaicimse do Dhia
agus duitse iad.” “Go n-íocaidh Dia sin riotsa,” ar Brighid,
“agus bheirimse na ba agus sin duitse,” ar sí, “agus léig mo
mháthair leam saor.” “Dobheirimse an airghe agus do mháthair saor
do Dhia agus duitse,” ar an draoi, “agus gach ní is mian leat do
dhéanamh dhamh féin ó sin amach agus biad ag seirbhís is ag foghnamh
do Dhia agus duitse.” Do baisteadh an draoi iar sin agus dobhí
Brighid buidheach dhe agus dobhí sé i gcoimhidacht Bhrighde
agus 'na óglach díleas do Dhia agus do Bhrighid ó sin amach. Do
b'fhollas rath an Spiorad Naomh i gcoimhideacht na hóighe sin do
ghnáth, agus dob í Brighid an ógh dharíribh, óir dobhí do
choimhéad aice ar a hóghacht nár fhéach sí ina éadan ná ina


L. 23


aghaidh ar fhear ar bioth ariamh, ionnas nach mór go raibhe fios cuma
aighthe fir ar bioth aice, agus níor ionnail sí a cosa ná a lámha i
bhfiaghnuise fir ariamh.



Feachtas eile thainic fear uasal inmheach d'iarraidh Bhrighde le
pósadh agus do labhair le Dubhthach. Do ba maith le Dubhthach agus
le n-a mhnaoi agus le n-a chlann mhac an cleamhnas sin
d'fhagháil agus do ghealladar Brighid do chur leis ar gach aon
chor. Mar dochuala Brighid sin do dhiúlt sí an chómhairle sin
agus adubhairt nach biadh sí ag an bhfear sin ná ag fear oile go
bráth. An uair dochuala a dearbhráithrese an comhrádh sin ba
feargach iad agus adubhradar go mbadh éigean dí a bheith ag fear.
Adubhairt sise nach biadh atharrach Meic na hÓighe d'fhear aice go
bráth. Do fhreagair bráthair dá bráithreachaibh í, .i. Bicnia a
ainm, agus iseadh adubhairt: “Biaidh an tsúil álainn sin id cheann
ag fear sul dtí an oidhche amárach,” ar sé. “Biaidh fhios ag Mac na
hÓighe,” ar Brighid, “nach biaidh an tsúil sin im cheannsa go
bráth, má sí is cionntach frium.” Leis sin tug Brighid a meor fá
n-a súil gur chuir tré n-a gruaidhe amach í. Mar dochonncadar a
hathair agus a bráithre sin do ghabh eagla agus náire mór iad agus
adubhradar dá gcuireadh sí an tsúil ina hionad féin arís nach
iarrfadis uirre a bheith ag fear ar bioth choidhche. Mar dochuala
Brighid sin do chuir sí a dearna


L. 24


fán tsúil agus do shuidhidh sí í go an-shocair gan tinneas ina háit
féin arís í ionnus nár bhféidir a aithne go raibhe sí ina féagmhais
ariamh; agus dochuaidh a shúil tar a cheann amach ag Bicnia .i. a
bráthair. Mar dochonnairc Brighid sin do ghabh truaighe agus náire
dá bráthair í agus do chuir an tsúil ina hionad féin arís gur
shlánuigh i gcéadóir é, agus níor thairgeadar Brighid do
thabhairt d'fhear ó sin amach. Gach uile ní ar a mbeiradh
Brighid d'áirnéis nó do spré Dubhthaigh, nó gidhbé do thaobhadh
sé fria do thaisgidh nó do choimhéad, do sgaoileadh sise sin ar
bhochtaibh Dé ionnas gur thuirsigh sí Dubhthach go mór agus gur
chomhairligh sé féin agus a bhean Brighid do reic mar chumhail do
dhéanamh seirbhíse do neach eile i n-ionad éigin. Dochuaidh
Dubhthach ina charbad iar sin agus Brighid maille fris; do labhair
fria agus iseadh adubhairt: “Ní do thabhairt onóra nó oirmhidne
dhuit dothugas san gcarbad so thú,” ar sé, “acht dot reic le
Dunlaing mac Éanna Chinnsealaigh .i. righ Laighean agus biaidh tu
ag déanamh aráin agus ag meilt bróna aige.” Rainic Dubhthach ina
charbad iar sin go dorus tighe righ Laighean. Do thuirling as a
charbad agus dochuaidh isteach i gceann an righ. Ro fhágaibh sé
Brighid ina charbad agus a chloidheamh maille fria. Thainic
lobhar bocht d'ionnsaighe Bhrighde agus do iarr déirc i n-onóir
Dé uirre. Do himdhearguigheadh go mór fá Bhrighid iar


L. 25


sin mar nach raibhe aon ní aice do-bhéaradh sí dho, agus féachas ina
timcheall agus dochonnairc sí cloidheamh Dubhthaigh san gcarbad ina
farradh agus tug don lobhar é ar son Dé. Iomthús Dhubhthaigh do
fhiafruigh sé don righ an gceannóchadh sé cumhal. “Cia hí an
chumhal?” ar an righ. Adubhairt Dubhthach gurab í a inghean dobhí
sé do reic. “Créad fá reicfása th'inghean mar chumhail?” ar an
righ. “Adhbhar maith,” ar Dubhthach, “óir ní bheireann sí ar aon ní
dom chuid nach dtabhrann sí uaithe ar son Dé,” ar Dubhthach.
“Tugtar isteach an ógh,” ar an righ. Dochuaidh Dubhthach ar
cheann Bhrighde iar sin agus mar dochuala an cloidheamh do
thabhairt don lobhar do ghabh fearg mhór é agus adubhairt go
ndigheoladh sé sin uirthi. Tugadh Brighid iaramh do láthair an righ
agus do innis Dubhthach an díol tug sí ar a chloidheamh, agus
adubhairt dá mbeith nach gcuirfeadh uadha í roimhe sin go gcuirfeadh
uime sin uadha í. Do labhair an righ fria iar sin agus iseadh
adubhairt: “Is urusa aithne, a inghean,” ar sé, “an tan dobhéarthá an
díol úd ar spré nó ar mhaitheas th'athar nach gcoigeolfá an ní do
thaoibheochainn féin friot dá gceannchuinn ód athair thú.” “Atá a
dheimhin ag Mac na hÓighe,” ar Brighid ”.i. Íosa Críost Mac Dé
Bhí, dá mbadh leamsa do thighearnas uile go dtiubhrainn do
bhochtaibh Dé agus do gach duine a righfeadh a leas é iar sin, agus
ní hé amháin acht ríoghacht na


L. 26


cruinne.” Is annsin adubhairt an righ re Dubhthach: “Ní cóir
dhuitse th'inghean do reic agus ní mó is cóir dhamhsa ná do neach
eile a ceannach mar chumhal, óir is uaisle i modhaibh agus i
mbéasaibh í 'ná ceachtar againne, acht gidh thusa a hathair agus
gidh atáimse im righ Laighean.” Is annsin thug an righ cloidheamh
do Dhubhthach ar son an chloidhimh dothug an inghean don lobhar
agus dothug sé do bhreith gan cumhachta tighearna, ná a hathar, ná
duine ar bioth eile do bheith uirthi acht a bheith ar a toil féin ó
sin suas, agus cead do bheith aice a Tighearna féin do leanamhain
amhail do thionnsgain sí as a hóige agus amhail do críochnuigheadh
léi ó sin amach.



Feachtas eile dochuaidh Brighid agus a ógha eile maille fria dá
mbeannacha agus dá gcoisreagadh go hEaspog Mel agus do
ghabháil grádha caillighe nduibhe uadha agus do léig Brighid na
hógha eile roimpe do ghabháil grádha caillighe mar chomhartha
úmhlachta, agus dobhí féin ar a glúinibh i bhfiadhnuise na haltóra.
Is annsin do éirigh colamhan thintidhe ó mhullach a cinn go huachtar
na hEaglaise. Is annsin do fhiafruigh an t-easpog “Cia hí an ógh
uasal umhal dobhí ar a glúinibh i bhfiadhnaise na haltóra?” Do
innis ban-ab na gcailleach ndubh gurab í Brighid Naomhtha dobhí
ann. “Éirigh, a Bhrighid,” ar an t-easpog, “go dtugam grádha
caillighe dhuit roimhe na hóghaibh sin eile.” Thainic Brighid go


L. 27


humhal d'ionnsaighe an easpuig, agus an uair dob áil leis grádha
caillighe do léigheadh os ceann Bhrighde thainic do rath an Spioraid
naomhtha gurab grádha easpuig dob éigean dó do thabhairt di. Do
labhair an bhan-ab agus iseadh adubhairt: “Tabhair haire dhuit
féin, a easpuig,” ar an bhan-ab, “nach cóir an léigheann sin do
léaghadh os cionn mná ar bioth, óir is léigheann grádha easpuig atá tú
do rádh os cionn Bhrighde.” “Ní bhfuil cumhachta ná cumas agamsa
air sin,” ar Easpog Mel, “óir ní héidir leam a atharrach súd do
léigheann do rádh os a cionn, agus tug Dia cumhachta easpuig di seo
tar aon mhnaoi eile dá dtainic nó dá dtiocfaidh, agus dá dhearbhadh
sin atá i sgriobtiúir gurab grádha easpuig nó gurab onóir easpuig a
dhligheas comharba Bhrighde nó fear a hionad d'fhagháil i
gCill Dara ó fhearaibh Éireann go bráth.” Ceithre cosa crainn
dobhí faoi an altóir agar ghabh Brighid na grádha agus dobhí an
ceathramhadh cos díobh i láimh Bhrighde an feadh dobhí ag gabháil
na ngrádha. Do loisgeadh an altóir sin go minic agus mairidh an chos
chéadna go fóill gan chaitheamh gan losgadh tré mhiorbhuile Dé agus
Bhrighde.



Feachtas eile do Bhrighid agus dorinne sí comhnuidhe an charghais
mhóir i bhfogus don eaglais a raibhe Easpog Mel, agus do
thionnsgain sí an Cháisg do dhéanamh mar dhéirc do na heaglaisibh
bochta dobhí gach taoibh dhí agus ní raibh do bhraich


L. 28


aice acht aon chrannóg amháin agus ní raibhe do shoitheachaibh aice
acht dhá amar iomar agus dorinne sí dabhach d'amar aca agus dob
é an dara h-amar ba cubaird dhí, óir thug sí ar dhá óigh dá
hóghaibh a bheith ag fritheoladh dhí agus gach uair dothigdis
lucht na gceall bhocht (do fhan ina timcheall) dá n-ionnsaighe
dogheibhdís an dabhach sin lán aice agus dobheirdís lán an amair leo.
Mar sin di ocht lá na Cásga agus a hocht n-oidhche ionnas go dtug
sí a sáith leanna do sheacht gceallaibh bhFear dTulach gur
móruigheadh ainm Dé agus Bhrighde de sin.



Feachtas eile do ghabh tinneas cinn Brighid agus Easpog Mel agus
do iarr an t-easpog Brighid leis i gceann leagha mhaith dobhí
san tír. Do labhair Brighid agus iseadh ro ráidh: “Rachadsa
leatsa,” ar sí, “agus muna ngéillinn dot chomhairlese do
chóimhlíonadh ní rachainn d'iarraidh leagha chorpardha ar bioth
choidhche.” Do ghluaiseadar iaramh agus mar bhádar ag siubhal i
bhfarradh a chéile thárla easgar do Bhrighid ionnas gur
créachtnuigheadh go mór í (fá chlochaibh na talmhan) ina ceann gur
shil a fuil go hiomarcach, agus do shlánuigheadh (ó easláintibh
marbhthacha) dias ban do thárla dhóibh san tslighe leis an bhfuil
sin do chomailt díobh. Ar ndul i gceann an leagha dhóibh do
fhéachadar ceann Bhrighde agus do fhiafruigh an liaigh ca hionad
ina raibhe an loit uirthe. Do labhair an t-easpog agus iseadh
adubhairt:


L. 29


“Nach furus dhíbhse an chneadh dorinneadh ar an láthair uirre
d'fhaicsin?” “Adeirimse,” ar an liaigh, “dá mbeidís leagha an
domhain dá leigheas gurab feárr 'ná sin do leigheasadh í, óir ní
bhfuil cneadh ná sliocht cneidhe uirre.” Agus do ba fíor don liaigh
sin óir ní hí an chneadh amháin dobhí slán acht níor mhothuigh sí
tinneas cinn ó sin amach.



Feachtas eile thainic lobhar d'iarraidh bó do dhéirc ar Bhrighid.
“Cia is feárr leat bó d'fhagháil nó d'fhóirithin ó'n lobhra sin
ort?” ar Brighid. “Dob fheárr liom mo shlánughadh ó'n
easláinte,” ar sé, “'ná maitheas an domhain, óir is righ gach slán,” ar
sé. Dorinne Brighid úrnaighthe chum Dé iar sin agus do iarr sí
aisioc a shláinte don lobhar. Dofuair sí sin ó Dhia, óir do
slánadh an lobhar i gcéadóir ina honóir agus dobhí sé 'na óglach ag
Dia 's ag Brighid ó sin amach.



Feachtas eile thainic fios ar cheann Bhrighde ó dhá mhaighdin
óga do shíl féin do thuit i lubhra lobhra agus do iarradar uirthi
dul dá bhfurtacht ó nár fhéadadar dul dá hionnsaighe. Dochuaidh
Brighid go humhal annsin agus dorinne sí uisge coisreagtha dhóibh
agus mar is luaithe do bhain an t-uisge sin riú dobhádar slán fá
chéadóir agus do fhanadar i bhfarradh Bhrighde ó sin amach.



Feachtas eile do Bhrighid agus dá hóghaibh ag moladh Dé i n-ionad
áirithe agus dochonnairc triúr oilithreach dá n-ionnsaighe agus do
bheann-


L. 30


uigheadar dhóibh agus dorinneadar comhnaidhe na hoidhche sin aca.
Do thuig Brighid go raibhe ocras ar na hoilithrachaibh taréis a
dturais agus a dtroisge, agus do fhuráil sí mórán aráin agus feola
do chur i dtigh ar leith chugtha an oidhche sin agus níorbh áil leo
san an fheoil d'ithe taréis a dtroisge d'eagla go rachadh i
ndroch-oileamhain dóibh, agus do itheadar an t-arán agus do
thaisgidh siad an fheoil ina máilín. Mar sin dóibh go rabhadar ag
gabháil a gceada re Brighid arn-a mhárach agus do iarr sí ortha
a fhéachain créad dobhí san máilín agus mar do féachadh dofríth na
ceithre chuibhrinn fheola (do chuireadar san máilín) 'na gceithre
bairghinibh aráin. Is annsin adubhairt Brighid: “Gidhbé cruth ina
rabhadar súd aréir,” ar sí, “ní do dhéanamh díoghbhála dhíbhse do
fuarabhair iad, acht gur thuigeassa ocras mór do bheith oraibhse
taréis bhur dturais agus bhur siubhail agus bhur dtroisgthe, agus
is é adhbhar fár thoiligh Dia agus mise aráin do dhéanamh dhíobh
súd, dá chur i gcéill nach déandis do dhíth nó do dholadh dhíbhse
'na bhfeoil, acht amhail dobheithdis 'na n-aráin.” Mar
dochonnairc na hoilithrigh na miorbhuile móra sin dá ndéanamh ag
Brighid .i. feoil dá iompódh dochum aráin, do mholadar Dia agus
Brighid agus do fhanadar ina coimhdeacht ó sin amach. Dochuaidh
dias díobh arna mhárach do dhéanamh seirbhíse do Dhia agus do
Bhrighid agus do fhan an fear eile 'na


L. 31


chomhnaidhe. “Is iongnadh sin,” ar Brighid, ”.i. an dias is sine
do dhul amach do dhéanamh foghainte agus an fear is óige do
fhuireach 'na chomhnaidhe.” “Dá bhféadainnse dul amach,” ar sé,
“ní bheinn mo chomhnaidhe istigh óir ní bhfuil agam acht leath-
lámh agus ní furas dam maith do dhéanamh amhla sin.” Do thaisbeáin
sé an lámh do Bhrighid agus mar dochonnairc sí gurab duine
baclámhach dobhí ann, do chuir sí urnaighthe chum Íosa Críost Mac Dé
Bhí ar son an óglaoich ionnas gur slánuigheadh fá chéadóir é. Agus
dochuaidh amach iar sin i ndiaidh a chompánach agus ní raibh aca
neach budh treise agus ba láidre iná é ag déanamh saothair tré
mhiorbhaile Dé agus Bhrighde agus do moladh ainm Dé agus Bhrighde
tríd sin.



Feachtas eile do ghabh crithghalar agus easláinte mhór ógh do
mhuinntir Bhrighde agus do ghabh mian dighe leamhnachta í agus ní
raibh bó ar bioth fán mbaile. Is annsin adubhairt Brighid le
hóigh dá hóghaibh: “Tabhair leat,” ar sí, “lán soithigh d'uisge
ghlan agus cuir éadach ar a bhéal agus tabhair don óigh easláin é re
n-a hól,” agus dorinne Dia agus Brighid do mhiorbhuilibh
iongantacha ansin .i. an uair a tugadh an soitheach lán d'uisge
fhuar i láimh an easláin go bhfríth 'na leamhnachta mhilis é agus
an uair do ibh sí é dobhí slán i gcéadóir ionnas gur moladh ainm Dé
agus Bhrighde tríd sin.



Feachtas eile dochuaidh bean áirithe le boin go


L. 32


Brighid agus dorug sí a hinghean lé do iomáin na bó agus an
laoigh, agus thárla coill mhór ar an tslighe rómpa, agus iar ndul
thríd an choill dóibh dochuaidh an laogh amugha uatha agus do
ghabhadar ag siubhal ar feadh na coille ag iarraidh an laoigh agus ní
bhfuaradar é. Do ghabh an bhó cuthach mór uirthi ionnas nár
fhéadadar a hiomáin conadh annsin adubhairt an bhean: “Guidhmid Dia
agus Brighid Naomhtha fán mboin do cheannsughadh dhúin.” Leis
sin iar nguidhe Dé agus Brighde do ghabh an bhó an tslighe mhór
rómpa go rangadar go hairm a raibhe Brighid agus níor chuimhnigh
an bhean ar laogh ná bó go nuige sin, agus do ghabh agá éagcaoine
iar sin agus adubhairt Brighid riú gan a bheith ag éagcaoine
agus go dtiocfadh an laogh d'ionnsaigh a mháthar an oidhche sin
féin; agus thainic an laogh an uair do gheall Brighid a theacht.



Feachtas eile thainic Easpog Mel i gceann Bhrighde agus do
fhiafruigh sí dá hóghaibh an raibhe lionn aca dobhéaraidís don
easpog. “Dobhéara Dia lionn dhuit,” ar siad iar sin, mar nach raibh
lionn aca. Tug dias do na hóghaibh drolmach mór uisge
leo mar budh lionn do bheith aca ann agus do iarradar uirre an lionn
do bheannachadh. Tógbhas Brighid a lámh iar sin agus do bheannuigh
an drolmhach uisge mar budh lionn do bheith ann agus adubhairt:
“Dobheirmid a bhuidhe re Dia an lionn so do


L. 33


bheith againn re thabhairt don easpog,” agus níorbh fhuras aithne
nach lionn maith nó fíon dobhí an tré bheannachadh na hóighe, óir
dobhí neart, brígh agus sásadh fíona san uisge chéadna gur móradh
ainm Dé agus Bhrighde tríd na miorbhaile sin.



Feachtas eile thainic bean áirithe re hubhlaibh chum Brighde agus
do iarr Brighid uirthi na hubhla do roinn ar na lobhraibh agus ar na
daoinibh bochta dobhí fán mbaile agus mar dochualaidh an bhean aga
raibh na hubhla sin do dhruid sí a hucht ar na hubhlaibh agus
adubhairt gurab do Bhrighid agus dá hóghaibh dobhí sí féin ag
iomchar na n-ubhall agus nach do lobhraibh. “Is olc dorinne tú mo
dhéirc do thoirmeasg umam,” ar Brighid, “agus is cead liomsa
má's cead le Dia é an abhallghort ar a dtainic na hubhla sin gan
tusa ná neach eile d'fhagháil aon ubhall dá tairbhe go bráth.” An
abhallghort mhór mhaith dobhí lom lán d'ubhlaibh ag an mhnaoi
sin (ag fágbháil an bhaile dhi) ní bhfuair aon ubhall uirthi ag
filleadh tar a hais agus ní mó dofuair sí féin ná neach eile aon
ubhall dá tairbhe ó sin amach do bhrígh briathra Bhrighde.



Feachtas eile thainic daoine dúthrachtacha le déirce chum Brighde,
agus thangadar gadaidhthe 'na ndeoidh chum an bhaile agus do
ghuideadar a ndaimh uatha. Iomthús na ngadaidhthe do ghluaiseadar
rómpa go rangadar abhainn Life agus na


L. 34


daimh sin leo agus do éirigh anfadh mór san abhainn rómpa ionnas gur
chuireadar a n-éadaighe fá mhuinéalaibh na ndamh agus dochuadar
féin ina n-aice chum dul tríd an abhainn. Agus thainic do
mhiorbhaile Dé agus Bhrighde go ndeachadar na daimh amach ar eigin
uatha san agus go rugadar na héadaighe sin leo i gceann Bhrighde
gur mhóruigh ainm Dé agus Bhrighde dhe sin.



Feachtas eile dochuaidh muinntir an tighe a raibhe Brighid amach
acht aon chláiríneach balbh bodhar amháin: thangadar aoidheadha
coimhigheacha isteach agus do iarradar go deithfireach biadh ar
Brighid. Do fhéach Brighid ina timcheall agus ní fhacaidh do
mhuinntir an tighe istoigh acht an duine martrach agus níor fhidir
Brighid gurab é dobhí ann. Do labhair sí fris agus iseadh
adubhairt fris: “Má's do mhuinntir an tighe thú,” ar sí, “an bhfuil
fhios agat cia an áit inar cuireadh an eochair?” “Atá cheana,” ar an
duine bodhar balbh, “óir dochonnairc me dá taisgbeadh í.” “Máseadh
éirigh agus fosgail doras na lantaoire agus tabhair biadh do na
haoidheadhaibh úd.” Do éirigh an t-óglaoch le bréithir Bhrighde
nár shiubhail aon choiscéim ariamh roimhe sin agus do fhosgail an
lantaoir agus tug biadh do na haoidheadhaibh, agus ar dteacht isteach
do mhuintir an tighe dofuaradar an t-óglaoch dobhí bodhar balbh
gan choisidheacht (ag dul amach dhóibh) go raibh éisteacht, siubhal,
agus caint aige ag filleadh


L. 35


dhóibh! Do fhiafruigheadar dhe cionnus do éirigh dho agus do innis
sé sin dóibh ó thosach go deireadh agus do mholadar Dia agus
Brighid tríd sin.



Feachtas eile dochuaidh Easpog Mel agus Easpog Melchu i gceann
Bhrighde agus do iarradar leo í i gceann Phádruic mhic Calpuirn.
Adubhairt sise gurab leasga léi a dhul ann acht nach diúltfadh sí a
dhul leo san ann. Do ghluaiseadar na heaspuig co n-a gcléircibh
agus Brighid co n-a hóghaibh agus thárla ba dhóibh ar an
tslighe agus fear ag buain bainne dhíobh agus do thuig Brighid go
raibh dubháilce mhór ar an óglaoch agus do fhiafruigh adhbhar a
thuirse don óglaoch, nó créad um a raibhe ag buain bainne do na
buaibh. Do fhreagair an t-óglaoch agus iseadh adubhairt: “Muinntir
mo thighe uile idir fhear agus mhnaoi atá i n-easláinte agus is
dham féin is éigin bainne do bhaint do na buaibh agus fritheoladh do
dhéanadh dóibh agus ní dócha liom a dteacht ón easláinte sin 'ná gan
a dteacht.” Do ghabh truaighe mhór Brighid don óglaoch agus tug
ar a hóghaibh cuidiughadh leis fá bhleaghan na mbó, agus do iarr an
t-óglaoch ar Bhrighid cead dá hóghaibh ní don bhainne d'ibhe
agus í féin do ól cuid dhe. Tug Brighid cead dá hóghaibh ní
d'ibhe don mbainne agus níor ibh sí féin aon deor dhe, óir fa gnáth
léi a bheith 'na trosgadh acht go hannamh. Annsin dorinne Brighid
uisge coisreagtha le n-a lámhaibh beannuighthe féin agus do chroith


L. 36


ar an muinntir easláin sin uile é agus dobhádar slán fá chéadóir,
ionnas nár aithnigheadar laige ná meathtacht, gur móradh ainm Dé agus
Bhrighde de sin.



Feachtas eile dochuaidh Brighid agus na heaspuig reimhráidhte go
Tailltion, áit a raibh Pádraig agus cliar Éireann idir easpog
agus chléireach 'na fharradh ann agus ceist agus cúis mhór ag
Pádraig agus aga chléircibh .i. bean thainic chugtha agus leanbh
léi agus adubhairt gurab le hEaspog Broin do mhuintir Phádruic
an leanbh, agus do shéan an t-easpog é, agus do shaor nach raibh
cuid aige dhe, agus dobhí sin 'na cheist mhóir ar Phádraig agus
ar a chléircibh uile, agus adubhradar gurbh iomdha do fhearta agus do
mhiorbhuile Bhrighde agus go réidheochadh an chúis sin dhóibh.
Dorugadh an bhean agus an naoidhean go Brighid agus do fhiafruigh
sí don mhnaoi cia ór toirrcheadh í. Do fhreagair an bhean agus
iseadh adubhairt gurab ó Easpog Broin do toirrcheadh í agus gurab
dó dorug sí an naoidhean beag san dobhí ina hucht. Do iarr Brighid
ar fhear do na cléircibh comhartha na croiche do bhuain ar beol na
mná go nach aibeoradh sí an bhréag sin do ghnáth agus nach biadh sí
ag síor-thabhairt náire don easpog. Dorinne an cléireach amhlaidh
sin agus thainic at mór i gceann agus i dteangadh na mná ionnas
nachar fhéad sí aon fhocal do rádh. Do bheannuigh Brighid teanga
an naoidheanáin


L. 37


bhig dobhí i n-ucht na mná agus do fhiafruigh cia dob athair dí.
Do fhreagair an naoidhean beag agus iseadh ro ráidh: “Ní hé Easpog
Broin m'athair,” ar sí, “acht duine bocht deireoil daidhbhir atá do
leath a taoibh an oireachtais, agus gabhthar timcheall an oireachtais
liomsa agus mar is luaithe chidhfeas me m'athair bhéaradh eolas
díbhse fair.” Do fhuráil Brighid a bhreith timcheall an
oireachtais agus mar is luaithe thainic an leanbhán san chuid don
oireachtas a raibhe a hathair do labhair do ghuth mhór árd
fhollas-ghlan agus iseadh ro ráidh: “Ag súd m'athairse,” ar sí.
Dorinne Pádraig agus an chliar uile lúthgháire lán-mhór annsin
agus do mholadar go mór Dia agus Brighid. Dorinne máthair an
leinbh aithreachas mór annsin agus do ghuidh sí Brighid, agus mar
dochonnairc Brighid aithreachas agus aithrighe fhírinneach aice do
thógaibh sí lámh ós a cionn agus do saoradh idir corp agus
anam í gur moladh Dia agus Brighid trid sin.



Feachtas eile dobhí Brighid ag imtheacht go Muighe Breagh agus
dochonnairc sí gaisgidheach óg arrachtach chuigthe agus a mháthair
aige dá hiomchar ar a mhuin. Do bheannuigh do Bhrighid agus do
fhreagair sí é agus do fhiafruigh sgéala dhe. “Gaisgidheach óg mé,”
ar sé, “aga bhfuil mo mháthair aosta easlán agam agus gan ionad
comhnaidhe agam agus is éigean damh a bheith dá hiomchar ar mo mhuin
mar so.” Adubhairt


L. 38


Brighid gur chóir sin agus go raibh sin d'fhiachaibh air do
ghnáth-bhunadh. Do ghluaiseadar re chéile .i. Brighid ina carbad
agus eisean dá chois agus a mháthair ar a mhuin, agus adubhairt an
mháthair le n-a mac leigean ar lár ar lorg carbaid na ban-
naoimhe. Dorinne an mac amhlaidh sin, agus mar is luaithe do bhein
a taobh ris an talamh ar ar imigh an carbad dobhí slán ó gach
uile easláinte cuirp agus anama. Annsin do labhair sí do ghuth mhór
fhollas-ghlan agus iseadh adubhairt: “Ní hiongnadh gach uile
mhaith agus gach uile raitheamhnas dá bhfuil ort, a Bhrighid
fheartach mhiorbhuileach, óir isé sliocht do charbaid do shlánuigh
me ó na huile ghalar dobhí orm.”



Feachtas eile tugadh óglaoch dobhí ar mire san tír chum an ionaid a
raibh Brighid agus mar dochuala sé gurab do láthair Bhrighde
dobhí siad da bhreith do léig sé ar lár é féin agus adubhairt sé nó
go ndiongantaoi aigheadha foghailte feoilsgaoilte dhe nach rachadh i
gceann Bhrighde. Níor fhéadadar a bhreith as sin muna marbhthaoi
é, agus ó nár fhéadadar dochuaidh cuid aca ar cheann Bhrighde agus
do ghuidh siad í fá theacht leo d'fhurtacht an duine mire ar a
raibh aimsiughadh áidhbheirseorachta. Thainic Brighid leo go
trócaireach, agus mar thainic sí ar amharc fir na mire do sgréach an
diabhal dobhí ann agus adubhairt nár fhéad sé fuireach le Brighid
fheartach agus


L. 39


fa gnáth leis an droch-spiorad seachna gach ionad ina bhfeicdis í
nó ina gcluindis a bheith agus do ghabhadh crith agus eagla mhór
iad roimpi. Is annsin do éirigh an duine sin dobhí ar mire iaramh
agus thainic a chiall agus a réasún chuige agus do léig ar a
ghlúinibh i bhfiadhnaise Bhrighde é agus dorug buidheachas re
Dia agus re Brighid.



Feachtas eile thárla Pádruic mac Calphuirn go n-a chléircibh agus
Brighid go n-a hóghaibh i gCill Lasair agus dobhí doilgheas mór
ar lucht na cille fá laghad a mbíd agus fá mhéad a gcoinnmhe, agus
thangadar do dhéanamh comhairle le Brighid óir dob usa leo labhairt
fria 'ná re Pádraig agus do innseadar dhí nach raibh do bhiadh aca
acht dhá bhairghin agus aon chaora agus beagán bainne, agus nach
raibh feidhm air sin chum Phádruic go n-a chléircibh agus ise go
n-a cóimhthionól. Dochuaidh Brighid leo iaramh mar raibh a
beagán bídh sin, agus do thógaibh a lámh os a chionn gur bheannuigh
é. Iar sin do shuidh Pádraig go n-a chléircibh agus Brighid
go n-a hóghaibh go bhfuaradar a ndíol an oidhche sin, agus a ló
arn-a mháireach agus ro bha mó a bhfuigheall 'ná a raibh aca ar
tús tré bheannachadh Bhrighde, agus mar dochonnairc Lasair .i.
ban-naoimh an bhaile, na miorbhuile móra sin do smuaineadh gur
bheannuighthe í agus do thiodhlaic sí í féin do Dhia agus do
Bhrighid ó sin amach.



Feachtas eile do Bhrighid i gCill Lasair agus


L. 40


thainic óglaoch dá hionnsaighe aga raibhe fuath aga mhnaoi pósta
fair agus dobhí do mhéad a fuatha fair nach gcaitheadh biadh i
n-aon ionad fris agus nár bh'áil léi a fhaicsin ná a chlos. Is
annsin dorinne Brighid uisge coisreagtha dho agus adubhairt ris an
t-uisge coisreagtha do chrothadh ar a leabaidh, ar a bhórd agus ar
a dhigh agus ar an teach uile, agus mar is luaithe dorinne sin thug
an bhean grádh adhbhal-mhór do ionnas nach bhfuilngeadh sí bheith
san leith eile don teach uadha le baoithe an ghrádha thug sí dho.
Lá éigin dár éirigh an fear sin amach agus thárla dá mhnaoi a bheith
'na codladh; do lean sí é go deithfireach (iar ndúsgadh as a codladh
dhí) agus dochonnairc sí uaithe é agus gabhal mhór mhara idir í
agus é. Do fhógair sí dho teacht go luath dá hionnsaighe nó go
mbáithfeadh sí í féin gan mhoill san bhfairrge, conadh amhlaidh sin
dochuaidh an fuath mór sin dobhí ag an mnaoi ar a fear pósta i
dteasghrádh mór fair do chumhachtaibh an uisge sin dorinne Brighid.



Feachtas eile thainic bean bhocht d'iarraidh déirce ar Bhrighid.
“Dobhéaraidh me brat nó bó dhuit,” ar Brighid. “Ní bhfuil feidhm
ar cheachtar dhíobh sin agam,” ar sí, “óir gidhbé aca sin dobhéarainn
liom dobhéaradh na gadaidheana uaim é.” “Beir mo chrios leat,” ar
Brighid. “Créad dob áil dhamhsa le do chrios?” ar an bhean
bhocht. “Atá,” ar Brighid, “mórán


L. 41


do ghalraibh agus d'easláintibh san tír a bhfuil tú do
chomhnaidhe agus ná déana re mo chrios acht a thomadh i n-uisge
agus an t-uisge céadna do chrothadh ar an duine easlán agus fóirfidh
gach uile thinneas agus easláinte.” Dorinne an bhean amhlaidh, agus
ó sin amach ní raibhe easbaidh bó ná capall, óir ná airgid ná fearainn
re cumhachtaibh creasa Bhrighde gur móradh ainm Dé agus
Bhrighde de sin.



Feachtas eile thainic lobhar do Chlannaibh Néill an Tuaiscirt
d'iarraidh bó go n-a laogh do dhéirc ar Bhrighid. Adubhairt
sise ris an airgheach a rogha bó agus a rogha laoigh do thabhairt do.
Acht cheana dorug an lobhar a rogha bó agus níorbh é laogh na bó sin
a rogha laoigh. Do bheannuigh Brighid an bhó agus an laogh agus
do ghrádhuigheadar a chéile ar an mball sin. Do iarr an lobhar (iar
sin) ar Bhrighid duine do chur leis tiomáin na bó. Do iarr
Brighid ar óglaoch dá muinntir a dhul leis. Do fhiafruigh an
t-óglaoch cia do bhruithfeadh an fheoil do chuir sé síos an uair
sin féin. Adubhairt sise go mbéaradh sé gan bhruith uirthi. Do
ghluais óglach Bhrighde ris an lobhar go rangadar Magh Breagh
ionnas gur fhágaibh an lobhar ina ionad comhnaidhthe féin agus ro
fhillsad go Brighid. Agus uidhe dá ló do gach coisigh dá
fheabhas an siubhal sin dorinne sé athghoirid agus dofuair sé an
fheoil sin do chuir sé ar theineadh ag imtheacht do agul


L. 42


í gan í acht lán-bhruithe tar a cheann, agus do chuireadar i
n-iongantas ró-mhór méad na miorbhaile sin .i. óglach Bhrighde do
dhéanamh uidhe dhá ló re leath-uair mbig amhail dobhí grádh Íosa
Críost ag Brighid go gcóimhlíonadh labhairt a beoil agus toradh a
hintinne.



Feachtas eile do Bhrighid ag siubhal a ló rófhliuch agus thainic sí
isteach ameasg na n-ógh agus do éirigh taitneamh na gréine an uair
sin féin san ló ionnas go dtangadar gaoithe gréine ar feadh an tighe
re dteacht isteach do Bhrighid, agus mar dochonnairc an ní tarsna
an tighe do deithfir uirthi do rádh a trátha ní dhearnaidh acht an
brat do fliuch ar a huachtar do theilgean ar an ghath gréine
budh neasa dhí agus níor fhidir sí nach téad nó slat nó gad dobhí
ann óir ní air dobhí aire aice. Acht cheana ro iomchair an gath
gréine an brat anáirde, dá dhearbhadh go raibh grása Dé go hiomarcach
uirthi, agus dobhí sí ag seanmóir bréithre Dé ó sin go meadhón oidhche,
óir do measgadh go mór re teas-ghrádh Dé an uair sin í ionnas nár
mhothuigh sí an lá ag dul thort ná an oidhche arn-a caitheamh go
meodhan oidhche. Is annsin do iarr neach éigin dá raibh san tigh ar
Bhrighid an brat do thógbháil don ghath gréine óir biaidh an
tsoillse so isteach choidhche an feadh bhias an brat air. “Ní
thugassa dom aire nach téad nó gad dobhí faoi,” ar Brighid, agus
do tharraing an brat don ghath gréine agus


L. 43


do imigh an tsoillse sin an ghaoi gréine ionnas nach bhfacthas aon
ní istigh ó dhorchadas na hoidhche nó gur lasadh soillse ann, agus do
chuireadar cách sin i n-iongantas go ró-mhór agus do mholadar Dia
agus Brighid.



Feachtas eile do Bhrighid i gCúigeadh Chonnacht agus dobhí loch
i gcomhgar don áit a raibh sí agus fa gnáth léise dul gach n-oidhche
go nuige a hasgalladha san loch sin agus a bheith abhfad ann ag
rádh a trátha agus a hurnaighthe, agus dochuaidh sí ann oidhche
áirithe agus sioc mór ann agus sneachta agus mar do mhothuigh sí
fuacht na hoidhche do smuaineadh sí ar ghlóir fhlaitheamhnais,
ionnas go dtug sin sólás mór di, agus do smuain sí arís ar phéin
ifrinn agus dorinne gol agus dólás mór, agus do chaith sí urmhór na
hoidhche amhlaidh sin agus gur mhaith le n-a hintinn chráibhtheach
agus le n-a cogús an oidhche fhuar sin do chaitheamh amhlaidh sin.
Do chuir sé go mór ar a dealbh dhaonna agus go deacrach, gidheadh
dob áil léi dul gach n-oidhche ann, agus do ghluais sí an oidhche
ba goire dhi agus mar dobhí coimhéad ag Dia ar Bhrighid agus nár
bh'áil leis a corp beannnuighthe naomhtha do thraochadh go róluath,
is amhlaidh dofuair an loch agus gan braon uisge ann acht an gaineamh
tirim. Agus dob iongnadh mór léithe sin. Dochuaidh sí dá tigh iaramh
agus ar maidin arn-a mhárach dobhí a lán uisge san loch chéadna.
Mar sin dí co go


L. 44


ceann thrí n-oidhche agus ní fhaghadh deor uisge san loch aon
oidhche acht gaineamh geal tirim agus dobhíodh lán d'uisge gach ló,
conadh follus as sin agus as mórán do mhiorbhuile eile grása Dé go
hiomarcach ag teacht ar Bhrighid.



Feachtas eile do Bhrighid agus dá hóghaibh ag fágbháil Chúigeadh
Chonnacht agus dobhádar Clanna Néill an Tuaiscirt agus Connachta
i gcoinne a chéile fán tSionainn an uair sin, agus tuile mhór innte
agus ar dteacht chum an phuirt do Bhrighid agus dá hóghaibh
dobhádar drong díobh ag dul i n-árthrach dobhí ag iomluchtadh
eatorra agus do iarr Brighid ortha cuid dá hóghaibh do bhreith leo
san árthrach. Agus adubhradar san nach mó iná aon ógh dá muinntir do
thillfeadh aca. Adubhairt Brighid le hóigh dá hóghaibh dul
leo agus do ghabh eagla mhór í mar dochonnairc sí tuile agus annfa
mór san abhainn agus do iarr sí ar Bhrighid a coisreagadh agus Dia
do ghuidhe fá rochtain slán. “Gabhaim do láimh do rochtain slán,” ar
Brighid. Dochuaidh an ógh san árthrach ar comairce Bhrighde agus
ar ndul i lár an tsrotha dhóibh do báitheadh an t-árthrach agus a
raibh ann acht ógh Bhrighde agus do iomchair an sruth borb ('na
suidhe go socair) í go ráinic sí don taoibh arbh áil léi dul agus do
chuireadar na sluaigh sin i n-iongantas go mór. Is annsin do
thógaibh Brighid a lámh agus do bheannuigh an sruth ar a raibhe an
t-annfa mór sin nár bhféidir


L. 45


le hárthrach ar bioth d'imtheacht ar a bhuirbe agus ní headh
amháin an sruth dásachtach do dhul i gciúnas acht do thraoithaidh sí,
ionnas nach raibh uisge go glúinibh d'aon duine dá raibhe i
bhfarradh Bhrighde go ndeachadar slán i dtír, agus mar is túisge
dochuaidh Brighid agus a muinntir slán i dtír do líon an abhainn
agus dochuaidh an sruth agus an t-anfa ina chruth féin arís. Do
gháireadar an sluagh dobhí ar gach taoibh don abhainn mar dochoncadar
na miorbhuile móra sin aga ndéanamh agus do mholadar Dia agus
Brighid go hiomarcach tríd sin agus dochuaidh an sgéal sin agus
tuarasgbháil na bhfearta (agus na míorbhuile) go Saxaibh agus go
hAlbain agus go Breatáin agus fán reann iartharach don domhan agus
níorbh iongnadh sin.



Feachtas eile dochuaidh Brighid agus a hógha go hÁrdmacha mar a
raibhe Easpog Mel, agus dobhí tighearna Teabhtha ag caitheamh
fleidhe an uair sin i gcomhgar dhóibh, agus dobhí cupa róonórach
aige, aga raibhe cúram ró-mhór aige uime ag ól na fleidhe, agus do
ghlac duine áirithe dá raibhe san tigh an cupa agus do thuit sé as a
láimh fán talmhan ionnas gur briseadh é. Do gabhadh an fear sin leis
an tighearna agus do bhagair sé a chrochadh muna gcuireadh an cupa
ina riocht féin arís. Dochuaidh Easpog Mel dá iarraidh agus ní
bhfuair é agus mar nach bhfuair dorug sé an cupa briste leis i
gceann Bhrighde


L. 46


agus mar dofuair Brighid sgéala aglaoich agus an chupa do
ghuidh sí Dia go dúthrachtach fá gcupa do chur ina riocht féin
arís agus do cuireadh i gcéadóir i gcruth dob fhearr iná dobhí
aroimhe é agus dorug Easpoc Mel leis i gceann an tighearna é agus
mar dochonnairc sé féin agus cách eile é do mholadar an t-easpoc.
“Ná molaidh mise,” ar an t-easpoc, “ar a shon súd, óir ní mé
dorinne na miorbhuile úd acht Dia agus Brighid fheartach.” Conadh
amhlaidh sin do shaor Brighid an t-óglach dobhí ceangailte i
ngeall fris an gcupa agus do moladh Dia agus Brighid trid sin.



Feachtas eile do Bhrighid agus dá hóghaibh ag caitheamh a gcoda
agus dochonnairc sí an droch-spioraid ar méis óigh dá hóghaibh agus
a chosa síos agus a cheann suas agus deatach mhór agus lasair
iomarcach as a bhrághaid agus as a shróin. Is annsin do iarr
Brighid ar an óigh a coisreagadh agus go mbadh cead léi féin ise
d'fhaicsin an fhir choimhideachta dobhí aice .i. an
t-aidhbhirseoir. Dorinne an ógh comhairle Bhrighde agus
dochonnairc sí an torathair gránna agus ceann mór agus brágha chaol
agus meadhon mhór agus sliasta fada caola agus glúine móra corra agus
dhá throigh bró leathan agus aghaidh a iosgad roimhe agus é féin
ciardhubh uile. Mar dochonnairc banóglach Bhrighde an fomhór
adhuathmhar iongantach sin do ghabh eagla ró-mhór í. Is


L. 47


annsin do labhair Brighid fria agus iseadh adubhairt: “Créad fá
ngabhann tú a chomh mór sin d'eagla roimhe an dalta atá dot
leanmhain le fada?” Is annsin adubhairt Brighid ris an droch-spiorad
gach ni do fhiafróchadh dhe a innsin di. Do fhreagair an
t-aidhbhirseoir í agus iseadh adubhairt: “Is éigean do fhreagra,
a chaille” (ar sé) “óir gidhbé choimhéadas tiomna Dé is éigean don
uile dhúil a bheith umhal do.” “Máseadh,” ar Brighid, “is áil
liomsa a fhios d'fhagháil uaitse créad fá mbíthse ag síor-
dhéanamh urchóide don chineadh daonna?” “Atá” (ar sé) “ar eagla go
rachaidís in ár n-ionad féin i bparrthas.” “Máseadh créad fá
dtangais chugainne na caillighe beaga bochta so?” ar Brighid. “Ógh
chráibhtheach dod mhuinntirse atá annso, is 'na coimhideacht
atáimse,” (ar sé). “Créad fá bhfuil tú dhí tar na hóghaibh eile?”
(ar Brighid). “Toil mhór atá aice do chraos agus do dhrúis dá
leigeadh heaglasa dhí a chur i ngníomh” (ar sé). Annsin do chuir
d'fhiachaibh air a bheith ar siubhal uatha agus gan an leanmhain
sin do dhéanamh ar a cóimhthionól ó sin amach. Dorinne banóglach
Bhrighde aithrighe fhírinneach annsin agus dobhí sí do mhuinntir
Dé agus Bhrighde ó sin amach.



Feachtas eile dochuaidh Brighid go Magh Léana d'éisteacht
seanmóra ó Phádruic agus do thuit codladh trom ar Bhrighid agus
Pádruic ag déanamh


L. 48


na seanmóra agus iar n-éirighe dhí adubhair Pádruic gurbh
iongnadh leis mar do chodail sí leis an tseanmóir. Do leig sise ar
a glúinibh í i bhfiadhnaise Phádruic agus do ghabh absolóid uadha
agus adubhairt gur taidhbhsigheadh neithe iongantacha isin chodladh
sin dí. Do fhiafruigh Pádruic dhí créad dochonnairc.
“Dochonnairc,” ar sí, “dar liom féin ceithre seisreacha glégheala do
theacht anoir dheas agus éadaighe glégheala ar a n-oireamhnaibh
agus gur threabhadar Éire uile le ré athghoirid agus sul do
sguireadar na hoireamhain do chur an tsíl nó do fhásadar 'na
ngortaibh cruithneachta agus dobhádar abuidhe onbhuana agus
thangadar tobair fhíor-áilne ró-aoibhne agus srutháin fhíor-uisge
as clasgánaibh na ngort sin; agus 'na dhiaidh sin ad-chonnairc
ceithre seisreacha ciar-dhubha agus éideadha ciar-dhubha ar a
n-oireamhnaibh agus do threabhadar fiar-tharsna Éire uile agus
sul sguireadar na hoireamhna do chur an tsíl dobhádar abuidhe
ionbhuana don ghort choirce budh measa san domhan agus thangadar
tobair chiar-dhubha as a n-eitrigheibh.” Agus dobhí dubháilce
mhór ar Bhrighid ag innisin na haislinge sin. Do fhreagair
Pádruic í agus iseadh adubhairt: “A Bhrighid naomhtha,” ar sé, “na
bíodh do-mheanma ortsa fá aon ní dá bhfacaís óir is iad ceithre
leabhair an tsoiscéil na ceithre seisreacha


L. 49


glégeal adchonnairc tú ar tús agus is mise agus tusa agus na naoimh
uile na hoireamhna dobhí aca agus is iad na guirt abuidhe na daoine
atámaoid do theagasg agus do tharraing ó pheacadhaibh do ghabháil
agus a mbeith 'na muinntir dhílis ag Dia, agus is iad na tobair
ghlana agus na srotha an baisteadh agus an aithrighe dobheirmaoidne
ar na daoinibh. Is iad na ceithre seisracha dubha dochonnairc tú
lucht an fhuar-chrábhaidh, na bréagaireadh, agus na daoine a bhias i
seilbh chrádhbhadh i ndeireadh na haimsire agus iad gan chrádhbhadh,
óir cuirfidh sin i dtarcuisne a ndeárnamairne agus a ndéanmaoid
agus cuirfidh siad an crádhbhadh ar gcúl as sin amach ó chách, agus
ní bheirmaoidne ar an aimsir sin, a Bhrighid,” ol Pádruic, “óir
biaidh tusa agus mise agus na naoimh uile i bhfaidhnaise na Trionóide
ag caitheamh na glóire suthaine tré shaoghal na saoghal, amen.”



Feachtas eile (dochuaidh Brighid) go hÁrdmacha agus a hógha
maille ria agus thárla dias do mhuinntir an bhaile dhí agus drolmach
uisge eatorra agus thangadar go lúthgháireach i gceann
Bhrighde, do thabhairt póg dhí agus ní thugadar a n-aire don
drolmhach nó gur thuit sí fó chlochaibh na talmhan, agus thainic do
mhiorbhuile Dé agus Bhrighde go raibh an drolmhach slán agus níor
doirteadh aon deor don uisge, óir níorbh áil


L. 50


le Dia go rachadh an tulgháirdeas dorinneadar roimhe Brighid i
ndólás dhóibh, agus mar dochuala Pádruic sin do iarr sé an
t-uisge sin do chrothadh ar Árdmacha agus ar a órdaidh agus do
shlánuigh sé gach uile ghalar dá raibh ann.



Feachtas eile do Bhrighid agus dá hóghaibh ag siubhal Sléibhe
Brethe agus thárla go raibhe óglach ar mire isin sliabh an uair sin
agus ní leigeadh duine ná beathadhach uaidh gan mharbha gan
mhilleadh agus do ghabh eagla mhór na hógha dobhí i bhfarradh
Bhrighde mar dochualadar a thuarasgbháil agus ní fada dochuadar
an tan dochualadar an torann agus dochonnacadar an fear mire chugtha
agus a bhéal oslaicthe agus é ag malladh do Bhrighid
agus dá hóghaibh. Do labhair Brighid fris agus is eadh adubhairt:
“Déana teagasg bréithre Dé dhúinn, a óglaigh,” ol sí. “Ní fhéadaimse
gan do chomhairlese do dhéanamh,” ol an t-óglach, “óir ataoir féin
ró-umhal do Dhia agus is éigean do na huile dhúil a bheith umhal
dhuit,” ar sé: “Bíodh grádha agad ar Dhia, a chaille, agus beidh
grádh ag na daoinibh ort. Tabhair onóir do Dhia, a chaille, agus
bhéaraidh cách onóir dhuit. Bí go heaglach roimhe Dhia, a
chaille,” ar sé, “agus biaidh eagla ar cách rómhat.” Is mar sin dob
éigean don diabhal dobhí i bpearsain dhaonna seanmóir do dhéanamh
do Bhrighid agus an eagla mhór dobhí ar na hóghaibh agus an dólás
mór do dhul i sólás dhóibh.


L. 51


Feachtas eile do Bhrighid agus dá hóghaibh ag siubhal Muighe Léana
agus dochonnairc sí sgoláire 'na rioth tairse. “Créad an siubhal géar
sin ort, a sgoláire?” ar Brighid, “nó an misde a fhiafraidhe cá
dtéid tu?” “Ná bí do mo thoirmeasg, a chaille,” ar sé, “óir is go
flaitheas Dé dob áil liomsa a dhul ar an uair seo féin.” “Atá fhios
ag Mac na hÓighe go mbadh toil liomsa féin a bheith leatsa annsin,”
ar Brighid. “Dá ngeallthása mise do bhreith leat id chuideachta
féin an uair dorachfá ann do fhuireochainn leat,” ar an sgoláire.
“Geallaimse sin má's cead le Dia é,” ar Brighid. Fanas an sgoláire
i bhfarradh Bhrighde.



Feachtas eile do Bhrighid agus don mac léighinn adubhramar ag rádh a
dtrátha agus do thuit codladh ar Bhrighid le foghar na hurnaighe
agus do chuir an mac léighinn guidhe ós íseal ar óigh dá raibh i
bhfarradh Bhrighde. Do dhúisigh Brighid as a codladh iar sin.
“Is iongnadh an aisling tarfás dhamh is an gcodladh sin,” ar sí, ”.i.
dar liom dochonnairc me muileann ag meilt im fhiadhnaise agus a
bheith 'na chruithneachta ró-bhreágh dho aga chur ann agus
coirceró-ghránna ag teacht as.” “Dá dtugthá an luach do iarrfainn
féin ort dham dobhéarainn breith fhírinneach na haislinge sin
dhuit,” ar an sgoláire. “Dogheabhair,” ar Brighid, “dá bhfagha
mise ó Dhia é.” “Má'seadh,” ar sé, “mise an muileann agus na trátha
adeirim


L. 52


go laethamhail agus an chanóin naomhtha do shaothruigh me an
chruithneachta dochonnairc tú dá thabhairt don mhuileann, agus is é
an coirce dochonnairc tú ag teacht as na droch-smuainteadha agus an
droch-intinn dobhí agam an uair dobhí mé ag guidhe na hóighe seo
dot mhuinntirse agus tú féin id chodladh, agus is é luach iarraim
ort do chumann féin i neamh agus i dtalamh do bheith agam agus gan
an bhaoth-ghlóir ná an díomhaoineas do aifirt ar mac
léighinn ar bioth go bráth, agus fós gurab me féin a bhéaras absolóid
agus cumaoineacha dhuit ag dealadh dot chorp agus dot anam re
chéile.” “Dogheobha tusa gach ní dar iarrais annsin,” ar sí, “óir is
é Dia tug ort a n-iarraidh agus is é do thoiligh dhuit a
n-iarraidh agus is é do thoiligh dhuit a bhfagháil.” Mar
dochuala an sgoláire sin do fhuráil sé coimhéad airgid do chur fá
n-a láimh; oir do bhreathnuigh sé nárbh iomchubhaidh an lámh do
chuirfeadh ós ceann na hóighe do thabhairt absolóide dhí do bhuain
re neithe saoghalta ar bioth choidhche, acht a bheith ró-ghlan ó gach
uile cháidhe agus thruailleadh agus dobhí glas agus eochair fá
gcoimhéad sin agus do gheall Ninnia nach bhfoisgeoladh an glas
sin go bráth nó go n-iarradh Brighid absolóid air in aimsir a
beatha déaghnaidh agus is uime sin a goirtheadh Ninia Láimh Íodhan
de; óir is ionann íodhan re rádh agus glan, agus


L. 53


do chongaibh Ninnia a lámh glan ó sin amach gan aon ní maith ná
saith do ghlaca ria, agus ní headh amháin acht dobhí sé glan ó
bhréithir agus ó ghníomh do bhrígh a chumainn le Brighid, agus
chuaidh sé dochum na Rómha iaramh agus iar ndul abhfad ar
fairge dhó do theilg sé an eochair an choimhéada dobhí fá i mbeol
na fairge; agus is é ciall dobhí aige dho sin nach bhfuigheadh
Brighid bás nó go bhfaghbhadh eochair le a bhfoisgeoladh an
coimhéad sin dobhí fá n-a láimh féin, óir do gheall Brighid go
mbadh í an lámh sin dobhéaradh absolóid dí ria mbás agus do
fíoruigheadh sin amhail inneostar i ndeireadh na beatha so.



Feachtas eile do Bhrighid i gCill Dara agus tug sí Easpoc Iubhair
dá hionnsaigh, do thogha agus d'fhéachain áit eaglaise dhi; is
í sin uair agus aimsear do ghabh Oilleadh mac Dunluing mac Éanna
Chionnsiolaigh .i. mac Righ Laighean, tríd an mbaile agus céad
marclach d'fhiodhach fionnchuill leis. Do chuir Brighid dhá
óigh dá muinntir d'iarraidh slaite don fhiodhach air agus do dhiúlt
iad fá chéadóir. Iar sin thainic do mhiorbhuile Dé agus Bhrighde
dá mbristí a raibh d'fhiodhach annsin uile ar na gearránaibh nach
gcorróchadh aon ainmhidhe as an mball sin díobh. Mar dochonnairc
mac Righ Laighean sion, do thiodhlaic sé an fiodhach uile do
Bhrighid, gurab de sin do


L. 54


rinneadh eaglais agus teach do Bhrighid ar dtús i gCill Dara.



Feachtas eile thainic dá lobhar d'iarraidh déirce ar Bhrighid agus
ní raibhe i láimh Brighde an uair sin acht aon bhó amháin agus tug
sí do na lobhraibh í agus dobhí lobhar aca ró-bhuidheach agus tug sé
buidheachas mór do Dhia agus do Bhrighid ar son na bó. An dara
lobhar aca, iomorra, dobhí sé ró-dhíomsach agus adubhairt nár chóir
áireamh imeasg lobhar agus dá ndearnthaoi nár chóir a thaobhadh
ris an uiridsi; mar dochuala Brighid sin tug sí an bhó uile dhó
agus do chongaibh an lobhar umhal ag feitheamh re boin eile
d'fhagháil (ina farradh féin). Níor chian dóibh go dtáinic duine
dúthrachtach re boin go Brighid agus tug sí an bhó don lobhar umhal. Iomthús an lobhair dhíomsaigh níor fhéad sé an bhó do
thiomáin i slighe dhírigh nó gur iompuigh sé arís mar a raibh
Brighid agus a chompánach féin .i. an lobhar umhal; agus do ghabh
sé ag aithiseadh Bhrighde agus aga rádh nach ar son Dé thug sí an
bhó uaithe acht mar thromdhacht air féin. Tug Brighid buidheachas
na haithise sin do Dhia agus don lobhar. Do ghluais an dá lobhar
iar sin agus an dá bhó leo, go rangadar an Bhearbha agus ar ndul
amach san abhainn dhóibh do báitheadh an lobhar díomsach agus a bhó
(in aice a chéile) agus thainic an lobhar umhal agus a bhó slán i
dtír gur moladh Dia agus Brighid tríd sin.


L. 55


Feachtas eile thainic bean mic Éanna Chinnsiolaigh .i. Righ
Laighean i gceann Bhrighde agus tug sí slabhra airgid léithe
chuigthe, agus dobhí ubhall airgid (arn-a óradh) ar ceann an
tslabhra sin agus fíoghair deilbhe Dé fair agus gur mhaith an séad
sin. Do thiodhlaic Brighid do lobhar bhocht é mar dochonnairc an
cóimhthionól dobhí ina farra sin adubhradar le feirg mhóir gur bheag
an mhaith dhóibh féin gach aon ní ar a mbeireadh sise a bheith dá
thabhairt do lobhraibh bochta agus iad féin i riachtanas bídh agus
éadach agus ní eile fós an slabhra ró-onórach tug bean Righ Laighean
dí do thabhairt do lobhar bhocht agus gur mhór an masla leis an
ríoghan sin agus gur bho ró-mhó an díoghbháil dhóibh sin é. Do
fhreagair Brighid agus is eadh adubhairt: “Éirighse,” ar sí, “chum
an ionaidh a mbímse ar mo ghlúinibh san eaglais ag déanamh urnaighthe
agus féachaidh an bhfuighe sin sibh an slabhra ann.” Dochuadar
iaramh agus dofuaradar an slabhra ann nó slabhra nár mheasa iná é ina
ionad. Conadh amhlaidh sin do shábháil Dia Brighid ar dhíomdha na
ríoghna agus ar mí-chéadfadh na n-ógh archeana.



Feachtas eile thainic imreasáin agus cogadh idir Ultaibh agus
Laighean. Thangadar i gcoinne Bhrighde do réidheadh eatorra agus
budh náir le Brighid an t-am a dtangadar ann óir ní raibhe aimsear
ithte feola ann agus ní raibh dá him ar bioth acht aon mheasgán
amháin agus do bheannuigh


L. 56


sí é ionnas go raibh sáith na slógh uile ann agus gur mhó a
bhfuigheall iná an measgán, gur móruigheadh ainm Dé agus Bhrighde
tríd sin.



Feachtas eile thainic Righ Laighean d'éisteacht seanmóra bhréithre ó
Bhrighid (ní nárbh iongnadh) agus dobhí culadh catha fán righ an lá
sin agus dochuaidh dá thigh tar éis na seanmóra; is annsin dochuaidh
Brighid agus a hógha agus a daoine bochta dá bproinn agus do
chuireadar a gcuid ar tús i bhfiadhnaise na lobhar agus na ndaoine
bochta. Is annsin adubhairt Lomán Lobhar nach gcaithfeadh sé biadh
go bráth nó go bhfaghadh sé culadh Righ Laighean idir ghath agus
sgiath agus chloidheamh agus go gcraithfeadh é féin ar lár an tighe
i bhfiadhnais Bhrighide agus a raibh san teagh san gculaidh sin.
Iomthús Bhrighde mar dobhí Lomán Lobhar 'na mhuirear uirre níor
mhaith léi a bheith gan biadh agus do chuir sí teachta i ndiaidh
an righ d'iarraidh a chulaidh catha don lobhar. Níorbh urus leis an
rígh Brighid do dhiúltadh acht amháin nach raibh feidhm aice ar a
chulaidh catha. Do ghluais an righ 'na dhiaidh sin agus dobhí ag
síor-shiubhal ó mheadhon lae go tráthnóna beag na hoidhche agus ní
ráinic leis dul aon mhíle amháin ó Chill Dara fris an rae sin gurbh
éigean do filleadh i gceann Bhrighde agus a chuladh do thabhairt
don lobhar.



Feachtas eile do ghabh óglach le taoibh an ionaidh a raibh Brighid
agus eire mór salainn air. Do


L. 57


fhiafruigh Brighid de créad an t-ualach sin dobhí air. Do
fhreagair an t-óglach agus adubhairt gurab cloch dobhí ann. “Ba
fíor sin,” ar Brighid, agus dorinneadh cloch ar an uair sin féin
don tsalann dobhí ar a mhuin an óglaigh ionnas nár fhéad sé a eire
d'iomchar ag an tamall ar a throma agus do fhéach sé an t-eire
agus is cloch dofuair ann agus do smuainidh an t-óglach gurab do
bhrígh na bréige dorinne sé le Brighid dorinneadh cloch dá chuid
salainn mar sin, agus do fhill sé go luath tar ais san tslighe do
ghabh roimhe go raibh ag gabháil le taoibh Brighde agus do
fhiafruigh Brighid de créad dobhí ar a mhuin. “Atá salann,” ar an
t-óglach. “Budh fíor sin,” ar Brighid agus dorinneadh salann
d'eire an óglaigh fá chéadóir, gurab amhlaidh sin dorinne Brighid
fírinne do bhriathraibh mhailíseacha an óglaigh sin dá chur i
gcéill nár chóir do dhuine ar bioth bréag do dhéanamh, gur moladh
Dia agus Brighid de sin.



Feachtas eile thainic dhá lobhar d'iarraidh a bhfurtachta ar
Bhrighid agus do bheannuigh sí uisge coisreagtha dhóibh agus
adubhairt sí ris an dara lobhar aca an lobhar eile do nighe agus
dorinne an lobhar amhlaidh agus do shlánadh an lobhar fá chéadóir.
Is annsin do iarr Brighid ar an lobhar dobhí slán an lobhar eile do
nighe (mar an gcéadna). Dochuaidh seisean i n-easumhlacht agus i
ndíomas annsin agus is eadh adubhairt:


L. 58


“A chailleach,” ar sé, “is neamh-iomchubhaidh dhuitse a rádh
friomsa agus mé slán agus éadach nuaidhe neamhdha do chur umam go
nighfinn an lobhar ceirteach gránna úd agus a bhaill uile dubh-ghlas
agus a chuid leathair briosg truaillidhe ina thimcheall.” Mar
dochuala Brighid sin do nigh sí an lobhar ró-easlán le a lámhaibh
beannuighthe féin ionnas go raibh sé slán fá chéadóir ó chorp agus ó
anam agus do líon Dia an lobhar díomsach do lubhra agus don uile
easláinte do bhrígh a neamh-umhlachta do Bhrighid agus ní bhfuair
aon oidhche d'fhurtacht ó sin amach.



Feachtas eile do Bhrighid ag éisteacht Aifrinn ó easpoc áirithe agus
dob áil léi cumaoineacha do chaitheamh i ndeireadh an Aifrinn agus
iar gcaitheamh na cumaoineacha dhí tug an t-easpoc an chuladh
Aifrinn dá hionnsaighe agus do dhiúlt sise an chuladh, óir dar léi
féin dobhí ceann gabhair san chulaidh agus do innis sí sin don
easpoc. Is annsin tug an t-easpoc fear fritheoilmhe an Aifrinn dá
ionnsaighe agus adubhairt sé ris a fhaoisdin do dhéanamh i
bhfiadhnaise Bhrighde, agus dob éigean do a admháil gur chuidigh
sé gabhar do ghoid agus d'ithe, agus do ghabh sé breitheamhnas
aithrighe ón easpoc agus dorinne sé aithreachas ina pheacuidhibh agus
tugadh an chuladh Aifrinn chum Brighde agus ní fhacaidh sí ceann
gabhair ná aon ní neimh-iomchubhaidh innte an uair sin. Conadh
amhlaidh sin do fhoillsigh


L. 59


Dia dhí gach uile ní nár chuibhdheas, gur moladh ainm Dé agus
Bhrighde tríd sin.



Feachtas eile thangadar mórán d'óghaibh cráibhtheacha ar cuairt chum
Brighde agus do dhéanamh comhairle crádhbhaidh fria agus adubhairt
sise le sealgaire rón dobhí aice dul do sheilg ar rón do na hóghaibh.
Do ghluais an t-óglach agus rón-gha leis agus téad as an rón-gha
agus ar ndul chum na fairrge dhó, ro-chuir an ga go héasgadh i rón
agus dobhí ceann don téad ina láimh agus an ceann eile ceangailte don
rón-gha. Téid an rón fan bhfairrge agus dorug sé iasgaire Bhrighde
leis as sin go tráigh Bhreatáin agus do dhealuigh sé leis
annsin agus do imigh an rón céadhna agus an rón-gha tríd go rainic an
tráigh dobhí i gcomhgar do Bhrighid. Iomthús iasgaire Bhrighde,
iomorra, thárla iasgaireadha Breathnacha dhó agus mar do innis sé
dhóibh gach ar imigh air agus gurab óglach do Bhrighid é tugadar
curach do agus do ghluais iar sin go dtainic go hÉirinn san
gcurach sin agus thainic chum na trágha inar chuir an ga san rón
agus dofuair an rón marbh ann agus a gha thríd agus thainic do
mhiorbhaile Dé agus Bhrighde gidh mór a ghuaisacht agus a aistear
go raibh san meadhon lae an lá sin féin mar a raibhe Brighid agus an
rón leis d'fheartaibh Dé agus Bhrighde.



Feachtas eile do ghiolla teineadh Bhrighde ag buain chonnaidh agus
tharla peata sionnaigh do


L. 60


bhí ag Righ Laighean do agus mharbh sé i riocht shionnaigh eile é
agus mar fríoth a fhios sin air rugadh i láimh dochum an righ é agus
adubhairt an righ go gcrochfadh é. Mar dochuala Brighid sin
dochuaidh d'iarraidh a hóglaigh le n-a fhuasgladh air agus
adubhairt an righ nach dtiubhradh as fuasgladh ar bioth é nó go
bhfaghadh sionnach dodhéanfadh oiread cleas leis an tsionnach do
mharbh sé uadha as. Conadh annsin tug Brighid ar shionnach (do
shionnachaibh na coille) teacht i bhfiadhnaise na slógh agus toil
a n-intinne féin do chluicheadha agus do chleasaibh do dhéanamh
dhóibh - ionnas go raibh neamh-chion ró-mhór aca ar gach cleas dá
ndiongnadh an sionnach dhóibh roimhe sin. Do labhair
Brighid iar sin ris an righ agus is eadh adubhairt: “Dochím,” ar sí
“go bhfuil m'óglach fuasgalta.” “Atá go deimhin,” ar an righ. Agus
iar n-imtheacht do Bhrighid agus dá hóglach as an oireachtas tug
an sionnach aghaidh fán gcoill agus do leanadar na slóigh uile é idir
choisidhe agus marcach, idir choin agus gadhar, agus ní rugadar air,
conadh amhlaidh sin do shábháil Brighid a hóglach do mhairbh peata
sionnaigh Righ Laighean gur moladh Dia agus Brighid tríd sin.



Feachtas eile dobhí meitheal ag buain arbhair do Bhrighid ar Mágh
Life agus tharla doineann agus deartan duartan agus fearthainn
iomarcach


L. 61


san ló agus mar dochonnairc Brighid sin do chuir sí guidhe ar Dhia
fá thuradh d'fhagháil dá muinntir nó dá meithil féin agus dofuair
sí sin go humhal ó Dhia, óir ní dhiúltadh fá athchuinge dá
n-iarradh (dhí féin nó do neach eile) agus gér fhliuch an ló do na
tíorthaibh 'na timcheall ba tirim do mheithil agus d'arbhar
Bhrighde é.



Feachtas eile tharla Brighid chum tighe mná cráibhthighe dobhí san
tír agus ní raibh do bheathadh na mná sin acht aon bhó go n-a laogh
agus ní fhuilngeochadh an bhó an laogh do mharbhadh uaithe. Gidh
eadh mar tháinic Brighid go n-a hógha d'ionnsaighe na mná
dúthrachtaighe sin, do mharbh sí laogh a haon bhó gan cead do
Bhrighid agus do chaitheadar feoil an laoigh an oidhche sin agus iar
n-éirghe dhóibh arn-a mhárach fuaradar an laogh ag súgradh re
n-a mháthair agus é beo marthanach d'fheartaibh Dé agus Brighde.



Feachtas eile tharla Brighid agus easpoc áirithe i gCúigeadh
Laighean agus do labhair Brighid ris an easpoc agus is eadh
adubhairt: “Dochímse anois,” ar sí, “cath dá chur eidir an tuaith
dá bhfuil tusa agus a chomharsa ar Magh Breagh.” Is annsin
adubhairt mac léighinn do mhuinntir an easpuic nár chosmhuil gur
bhfíor do Bhrighid sin. Mar dochuala sise an mac léighinn dá
bréagnughadh do bheannuigh sí a shúile ionnas go bhfacaidh sé an
t-amhar dochonnairc sí féin. “Is fíor dhuit adubhairt tú,” ar sé,
“agus dá


L. 62


dhearbhadh sin dochímse mo bhráthair féin dá mharbhadh os mo
chomhair san gcath céadna,” ar sé, agus dorinne sé aithreachas
dúthrachtach fá n-a amhras ar Brighid agus dobhí sé 'na óglach
dúthrachtach ag Dia 's ag Brighid ó sin amach.



Feachtas eile dorinne óglach do mhuinntir Bhrighde fleadh mhór i
gcoinne Righ Laighean agus an uair dobhí an fhleadh ullamh
ionchaithmhe tug sé cuireadh don righ agus ar dteacht don bhaile don
righ do féachadh na soighthighe agus níor fríoth aon deór leanna ionnta
nár thiodhlaic Brighid do bhochtaibh Dé uile, agus mar dochonnairc
sí an eagla agus an áire dobhí ar a hóglach do éirigh sí 'na
seasamh agus do bheannuigh sí na soighthaidh folmha agus thainic an
lán céadna ionnta fá chéadóir don miodh dob fhearr san domhan, ionnas
go bhfuair an Righ go n-a shluagh agus Brighid go n-a
hóghaibh agus go n-a bochtaibh a sáith don miodh sin d'fheartaibh
Dé agus Bhrighde.



Feachtas eile dá ndeachaidh easpoc áirithe as Éirinn go
hIarúsalem, agus go Sruth Iordan do dhéanamh oilithre agus tug
seachrán mara san India é agus tharla i gcúirt easpuic áirithe san
tír sin é agus do ghabh an t-easpoc Indiach go ró-onóirach é agus
tug leis do chodladh dá sheomra féin agus iar n-a mhárach
dochuaidh an t-easpoc Indiach do rádh Aifrinn agus dobhí dá mhaith
agus dá naomhthacht i n-am na coinnle do lasadh san Aifreann nach
dearna acht a anál do chur


L. 63


fúithe ionnas gur las sí gan chongnamh teine uaithe féin, agus
iarn-a mhárach do ghluais an t-easpoc Indiach agus an t-easpoc
Éireannach mar aon fris dochum na heagluise, agus do iarr an
t-easpoc Indiach ar an easpoc Éireannach an tAifreann do rádh;
cuireas an t-easpoc Éireannach an chulaidh uime agus do thionnsgain
an tAifreann do rádh agus i n-am na coinnle do lasadh dorinne mar
do-níodh an t-easpoc Indiach .i. tug anál faoi an choinnill agus
níor las sí. Do ghabh náire mhór uime sin é agus do ghuidh sé
an méid dob aithne dhó do naomhaibh an domhain agus go háirithe
naoimh agus bannaoimh Éireann um a fhurtacht as an ngábhadh agus
as an gcruadhchás a raibhe sé agus do chuir anál fúithe an dara
feacht agus níor las sí. Do chuimhnigh sé ar Brighid maille le
náire agus le tuirse mhóir agus ghuidh sé go géar í agus do chuir a
anál (maille le dochas ró-mhór as an mbannaoimh Brighid) faoi an
gcoinnill gur las sí i gcéadóir; gurab amhlaidh sin a fhóireas
Brighid gach neach a chuireas a dhóchas innte as gach éigin a mbí.
Iar gcríochnughadh an Aifrinn do labhair an t-easpoc Indiach ris an
Éireannach agus is eadh a ro ráidh: “Is maith adubhradh an tAifreann
sin,” ar sé, “agus ní mairg aga mbí banchara maith ina dhiaidh, óir
dochonnarcsa cailleach dhubh go ró-fhriochnamhach id thimcheallsa
san Aifreann agus claoine ina leathrosg agus


L. 64


is í ro las an choinneall dhuit.” Conadh amhlaidh sin do shaor Dia
agus Brighid an t-easpog Éireannach ón náire ina raibhe gur moladh
Dia agus Brighid tríd sin.



Is í trá, an naomh-ógh so do thairngirsad fáidhe agus draoithe
abhfad roimh a geineamhain. Is iad trá fearta agus miorbhuile na
banóighe seo a thaithnigheas grian agus shoillsigheas ranna neimhe.
Is í fós anál na hóighe seo do aithbheodhaidh an mac marbh dorugadh
i n-aon oidhche fria. Is í fós ar ar chuir na haingil an ola
spioradálta lér huaisligheadh a baisteadh seach na n-óigheadha
eile. Is í an ógh chéadna dorinne lionn d'uisge ar dtús agus
leamhnacht an dara feacht. Is don óigh chéadna so is díleas Muire
na nGaoidheal do ghairm. Is í an ógh so nár fhéach ina aghaidh ar
fhear ariamh. Is í nár nigh a cionn, a cosa ná a lámha as os
comhair fir ar bith ariamh. Is i fós an ógh naomhtha so dofuair grádh
easpuic tar mhnáibh an domhain. Is í, iomorra, an ógh so go n-a
muinntir dochuaidh trí huaire do chosaibh tiorm tar Sionnain
gan long gan árthrach agus í ag tabhairt a dtíorrtha do thuile. Is
í iomorra dobheireadh bail ar an mbeagán bídh go mbiadh sáith
slóigh agus sochaidhe ann. Is í fós adubhairt ó chuir sí a toil agus
a hinntinn i nDia ar dtús nach dtug sí aon smuaineamh tar a hais
ariamh. An uair, trá, ba maith agus ba mian re Dia a breith dá
ionnsaigh féin agus a hanam agus a


L. 65


corp do dhealadh ré chéile thainic an sgoláire a dubhramar rómhainn
ar an uair sin féin go raibhe ar adhart Bhrighde agus níor fhidir
sé féin cionnas tháinic sé ann, acht Dia dá thabhairt ann, agus
fuair eochair an ghlais choimhéada dobhí fá n-a láimh do theilg
sé san bhfairge mhóir roime sin, agus do fhoscail an glas coimhéada
dobhí 'na láimh do theilg san bhfairge agus do bheinn bhain an
coimhéad dá láimh agus thug absolóid do Bhrighid agus comaoineacha
amhail do gheall sí féin ina beathaidh agus dochuaidh a hanam
maille le glóir agus le lúthgháire lán-adhbhail i n-aontadh na
Trionóide iar gcaitheamh 74 bliadhna ar an tsaoghal; agus atá a
corp iomorra i dtalamh in aon tomba re Pádruic agus le Colum Cille
in saecula saeculorum amen. An bhliadhain d'aois an Tighearna an
tan dofuair Brighid bás cúig chéad fiche agus a cúig, 525.



Iarn-a sgríobhadh le Riosdard an bhliadhain d'aois an Tighearna
míle seacht gcéad agus 39. Trócaire ó Dhia go bhfuighe an
scríbhneoir. Amen.



Gach ní trá ro itcheadh Brighid for an gCoimdhe
dobheireadh dhí é fá chéadóir óir ba hé a mian agus a saint sásadh
na mbocht agus díthchur gacha dócamhla, oirchiseacht gacha truaighe.
Ní raibhe trá neach budh féile agus budh náirighe iná an naomh-ógh
so. Níor labhair ariamh gan luisne. Budh haonta an ógh urnuigheach;
budh foighideach, budh faoilidh i dtiomnaibh Dé. Ba cobhsaidhe;


L. 66


budh humhal; budh dleaghthach déarcach; ba comhra coisreagtha
coimhéada Corp Críost í. Budh teampull Dé, budh díoghrais tairise don
Spiorad Naomh a croidhe agus a meanma; ba diuid fri Dhia; budh
tuirseach dá thruaghaibh; ba héadrocht i bhfeartaibh. Is é iomorra
a samhail idir dhúilibh colum idir éanaibh, fíneamhain idir feadhaibh,
grian ós rannaibh. Is é a mac Íosa Críost, is é a hoide an Spioraid
Naomh; is aire sin do-níodh na miorbhuile móra do-áirimhe. Is í, trá,
a fhurtuigheas do gach aon a bhíos i gcumhgach agus i ngásacht.
Is í thiormuigheas na feadhmanna, is í thoirmisgeas buirbe agus fearg
an mhara mhóir. Is í ríoghan ndeisceartach is í bantairngire Críost
í. Is í iomorra Muire na nGaoidheal í agus a fearta agus a miorbhaile
ní cumhang a n-innisin nó a n-áireamh acht an Spiorad Naomh nó
muna dtísiod aingeal do neamh dia innisin. Níor bha lia trá gaineamh
mara nó réalta neimhe 'ná a déirce agus a trócaire amhail innistear san
scrioptúir dhiadha, in saecula saeculorum.



Finis. Amen.