Beatha Naoimh Maolmhodhaigh

B.Á.C.: Oifig an tSoláthair (1774)

Brian Ó Fearghail; eag. Mághnus Ó Domhnaill




BEATHA NAOIMH MAOLMHODHAIGH.



Ag so beatha agus bás Naoimh Maolmhodhaigh Ui Mungáir Príomhadh
Árdmhacha agus Leagáide Absdalta an Phápa i Ríoghacht Éireann
arn-a scríobhadh ar dtús le Bernard Beannuighthe Abb Chlaraualis
agus arn-a chur arís as Laidin i nGaedhilg le ... 1774.



“Praefatio Sancti Bernardi abbatis in vitam sancti Malachiae
episcopi.”



Is fíor gurab gníomh feidhmeamhail tairbheach saothar agus aithris
beatha oirdheirc na saor-naomh do scríobhadh agus do chur i gcuimhne
do chách, chum bheith aca dhi 'na scáthán agus 'na sompla, agus fós
chum bheith dhi 'na sás blais do chur ar bheatha agus ar thréithibh
gach aon eile ar talamh, óir maille ris an bhfoillsiughadh so do
dhéanadh ar a mbeatha agus ar a ndeagheachtra do-níthear iad san
dar leat marthanach eadrainn d'éis báis dá mbreith agus
aithbheodhathar dá dtaobh mórán eile go spioradálta chum grás dobhí
roimhe marbh 'na n-anam tré n-a bpeaca agus tré n-a
n-aindlighe, farra gurab riachtanasach ar an aimsir so saothar do
ghlacadh sa taobh so, as anteirce naomhthachta agus as iomarcaidhe na
díthe fíréandachta atá ar bhfás anois eadrainn óir atámaoid chomh
láneasbhach agus sin fá dhaoinibh naomhtha nó fíréanda ionnas go
luigheann orainn an daor-theist úd Chríost ag rádh go
bhfuaruigheann carthanacht cháich tré


L. 8


iomadamhlacht a locht, farra go saoilimse nach cian uainn an té úd ar
a dtig lób ag aithris go mbiadh riachtanas agus easbhaidh ag líonadh
roimh Antechrist mar mheasaimse adeir sé annso, ar an adhbhar gurab
anduine peacadhach an té seo ria a bhfásfaidh ganntan na huile
mhaitheasa agus aga mbiadh tuile de gach aon olc ag brúchtadh le
n-a linn san uile áird, daorchás daríribh ar a mbaramhlaim
réamhfhoillsiughadh do bheith ar dteacht eadrainn do bhall nó do
láthair.



Fágbhaim tharm seacha dhíom an pobal codtromdha coitcheann gan
labhairt anois ortha san chás so, gan ro-iongantas do dhéanamh dá
mór-lochtaibh líonmhara, gion go molaim iad. Acht, monuar! Má
amharcam ar uaithnidhibh fulaing na hEaglaise féacham cé den uimhir
sin féin do-bheir solas deagh-oidis agus maith-ghníomh do na
geintibh nó do na daoinibh eile saoghalta, acht gurab treise dá
ndeataigh iná dá lasair ag sárughadh aithne Chríost dhíomholas agus
thoirmeascas úrdhubhadh do bheith ná do theacht ar an tsoillse budh
dual do bheith i n-aistíbh spioradálta na bpoibleach, óir, mar
adubhairt sé, ba hanmhór díothshoillse an dorchadais má bhíonn an
solas féin ar easbhaidh solais gan loinnir ar bith ann; acht muna
n-abarthá, ní nach gcreidim, do bheith ionráidhte gurab ionann agus
a bheith soillseach deigh-eisiompláireach san taobh so, daoine dá
gclaondortadh féin ar shaint agus ar fhághaltas aindlightheach,
daoine adeirim ar ngabháil dóibh le Dia mar oighreacht, iarras agus
lorgaireas neithe saoghalta bheanas bhaineas dóibh féin, agus
tharcaisnidheas na neithe dá mbí cuid ag Dia nó labhras dó, gion go
molann idol san cás ... Créad fá ndiongnaim iongna


L. 9


go sainteodaois neithe aimseardha le mbeadh beaint baint aca féin ó
cheart, óir is árd-mheas foirfeachta agus naomhthachta ar neach anois
neithe do thóraidheacht agus fós do choingbháil ar a mbí ceart aige,
má bhíonn sé saor ar anlochtaibh agus ar mhí-mhéin foillsighthe agá
soláthar agus agá sealbhadh. Gidheadh, badh tuigthe dhóibh siúd
nachar churtha i n-alltacht 's nach mó badh hionmhaoidhte dá
dteangbha do phágánachaibh nó do dhíchreidmheachaibh bheith
foirfe diongbhála ar an seolamh ndeagann so. Nach
dubhairt Eoin Baiste leis na saighdiúiríbh úd ar a dtig an suiscéal
bheith re deontach le n-a dtuarastal ceart agus go mbudh leor
dhóibh é? Créad má 'seadh, an t-anmhaoidheamh is indéanta dar
d'oide spioradálta don chléir fá bheith arn-a shamhlughadh i
bhfoirfeacht beatha le saighdiúir agus gan bheith dá shagartacht
acht ionbhuailte amháin ar thuatacht an phobail, cás aithriseas an
fáidh go mí-chéadfadhach ag díomoladh 's ag dísmbeagadh
neamhdhiongbhála na bpearsan eaglaise uile. Créad an saobh-órdughadh
neamh-dheas so? Nó an aibeórthar gurab onórach an dignit do neach
leagadh d'fhagháil ón árdchéim 'na dtárluigh dho bheith go sroigh
an céim íochtarach tré gan bheith arn-a shlugadh síos tar an gcéim
íochtarach sin go grinneall? Acht foríor! Gurab annamh a samhail so
féin anois d'fhoirfeacht i ndaoinibh cléirceamhla, gidh
tarcaisneach mímheasta í, óir bíodh do dhubhshlán uimhir ar bith den
chléir do theasbeánadh ar an uair seo dhamh le 'r ab leor cion a
riachtanais d'fhagháil nó do bheith aca agus nach gabhann saint nó
anailgeas iad ag iarraidh iomarca neithe le nach bí
riachtanas aca, tar gurab é deiridís na habsdail anallód, agá
fhágbháil sin mar dhlighe ag cách 'na ndiaidh san Eaglais, go
mbadh leor leo féin mar chuid maoine den toice


L. 10


thalmhaidhe biadh agus éadach do leigean dóibh. Uch, monuar! cia
choingbheas fuirm an reachta apstalta so? Is fíor go bhfaghmaoid le
léaghadh é in sna leabhraibh, gidheadh, ní fhéadmaoid amharc
d'fhagháil air in sna daoine ná a fhaicsin ina gcaitheamh aimsire,
d'aimhdheoin gurab é atá síos san scrioptúir ar an bhfíoréan go
mbí dlighe Dé beainte bainte ina chroidhe agus ní i leabhar le a
ais. Acht cheana, chum duine do bheith neamh-uireasbach iomlán i
bhfoirfeacht 's i maith badh dual do bheith ullamh réidh fá neithibh
riachtanasach ar a mbeadh feidhm aige do leigean de, gan dúil na
spéis do chur ionnta. Créad, ámh, brígh mo chainte arn-a chur
abhfad san gcás so? Ar an adhbhar go mbadh fearra gus go mbadh
maith dá gcuiridís cách bacghail nó amháin moill ar a n-ainmhiangas
gnáthach fá neithibh neamh-riachtanasach do shantughadh agus do
thóraidheacht agus so gan ciúnughadh gan críochnughadh. Gidheadh,
tar a luaidhimse, déarfa tusa, ar ndóigh, gurab fhéidir duine cóir
measardha d'fhagháil nach bia ró-chiontach san ngné antsainte so
ar a bhfuilmid ag teacht, bíodh gurab é adeirimse nach samhail an
té sin do thaisbeánadh ná faisnéis do dhéanamh air, ar an adhbhar
gur thairgseam deaghdhuine dearscnaithe do lorgaireacht nó brath
d'fhagháil air, aga dtiocfadh dhe mórán eile do threorughadh agus
bealach a slánuighthe do mhúineadh dhóibh, agus is beag nachar
sháruigh orainn bualadh fá fhaisnéis ar bith d'fhagháil ar
éinneach le mbadh fhéidir a anam féin do shábháil, óir is árdmhór an
moladh ar dhuine ar an aimsir seo gan bheith ró-lochtach. Go naire
sin, ó dochuaidh naomhthacht cháich anois ar gcúl san saoghal agus
gan aon duine fíréanda ceart le fagháil ann, doconcas
dhamhsa deighfhear cóir de na drongaibh beannuighthe do ceannchadh
agus dorugadh ós árd suas uainne don talamh, do ghairm tar


L. 11


ais le n-a ath-thaisbeánadh abhfus annso do chách .i. Malachias
nó Maolmhodhaigh, an deagh-easbog cóir, agus an duine fíor-naomhtha
dharíribh ina raibh eagna dhiadha tar ghnás agus subháilce líonmhara
gan cóimhmeas leó, óir badh é súd an lóchrann soillseach ar buan-
lasadh, an lóchrann adeirim nach é a mhúchadh dorinneadh acht a
árdughadh suas as ár n-amharc go hionad eile badh feárr. Nó an
féidir go mbeadh fearg ar aoinneach liomsa fá iarraidh do thabhairt
ar a thaisbeánadh arís don tsaoghal, de bhrígh go mbadh éagcórach
míchumannach an té ar a ngoillfeadh so, mise d'fhilleadh an deagh-
fhir seo tar a ais imeasc na ndaoineadh ar athuair, maille re
scríobhadh air, aga rug éigeantais nádúire agus báis uainn as an
domhan so é? Agus is é shaoilim fós nach curtha 'na locht im leith
se an duine maith úd d'aisiog don tsaoghal don dara feacht nachar
bhfiú an saoghal a bheith ann an ghin do mhair sé air, nó a
chongbháil marthannach i gcuimhne na ndaoineadh ar talamh, do nach
furas a chuimhne do leigean ar ceal ná ar dearmad. Mádh áil leo a
bheatha do léaghadh nó thabhairt dá n-aire créad an deachair
d'aoinneach má dothig dhíomsa mo chompánach ionmhuin agus
m'fhear páirte do dhúiseacht ó shuan chum go n-éistinn le n-a
shámhghlór agus é, dar leat, amhail féaráin ag labhairt agus ag rádh
go bhfuireóchadh sé 'nár measc de shíor agus go hucht mbráithe.



Tá an duine céadna fíréanda so adhlaicthe againn agus de sin sroichfidh
dhúinn labhairt air. Dobhí dianghrádh speisialta aige dhamhsa
(ionnas mar shaoilim) nach raibh aon eile ann badh annsa leis iná me,
cumann beannuighthe aga bhfuil súil agamsa meritum nó luaigheacht
mhór do ghnóthughadh mar gheall air agus dá bhfuair mé cheana mír
prímhe. Ar mbeith trá dho in sna déadhanachaibh nó mar déarainn go
córach ina thosadhaibh, óir is é adeir


L. 12


an Scrioptúir naomhtha gurab ag tosughadh bhíos an deaghdhuine fá an
am ina mbí sé i ndeire a laethe, d'ionnsuigh mé é im rith i
gcoinne a bheannachta d'fhagháil ria n-éag dhó, agus gidh
dobhí seisean fán am sin go diol a mheirbhe do thairg sé
misneach do ghlacadh ina fhannlagar le n-a bheannacht dhiadha
shéanmhar do thabhairt dham agus le n-a lámhaibh beannuighthe do
thógbháil os mo chionn agá dáil dham, ionnas go bhfuair mé uaidh
í agus go bhfuil 's go mbia sí agam mar oighreacht shéanamhail dá
éis go bráth.



Ar na hadhbharaibh sin cionnas budh fhéidir dhamhsa bheith im
thost gan labhairt ar a bheatha agus air féin? Arís atá tusa, a Aibb
onóraigh, a Chomghain agus mo dhearbhráithre reverensiocha eile de
na ceanntaraibh sin mar aon le naomh-Eaglais uilidhe Éireann (amhail
scríobhas tú chugam as an ríoghacht chéadna) ag iarraidh orm an
saothar so do ghabháil le m'ais. Atáim urramach daoibh fá bhúr
gcomhairle do dhéanamh san chás do bhall, agus go mór mhór mar
nach sírthaidhe deas-labhairt ná briathra cóirighthe orm ag rádh gurab
leor libh aithris simplidhe réidh uaim ag trácht na beatha so dhíbh.
De sin tairgfidh mise go seith fá mo dhícheall na neithe ar a
dtráchtfadh mé annso i mbeatha an naoimh seo d'aithris agus do
chur síos i n-eagar a chéile go simplidhe, réidh, fírinneach, 'na
bhfuighidaois caomhdhúthrachta oideas anama gan baoghal ar ghráin
ná ar thuirse do ghabháil lucht beag-dhevotion agá léaghadh, acht
gurab áirithe nach gcuirfidh mise síos annso acht fírinne dhearbhtha
do réir mar dofuair mé amach eadaraibh agus mar do scríobhabhair
chugam an ní céadna.



Don díon-bhrollach go nuige so mar fuaras i leabhar Emuinn Ui
Cheallaigh, Thoin-an-Loig.


L. 13


Beatha Naomh Mhaolmodhaigh Ui Mhongair, Easpoig, Príomháidh
Árdmacha agus Leagáide Abstalta an Phápa ós Éirinn, arn-a
scríobhadh leis an nDochtúir mbeannuighthe Bearnard, Abb
Chlareualis san bhFrainc, agus arn-a chur i nGaedhilg, etc.



Caibidil 1.



Dorugadh ár Maolmodhaighne agus d'fhás sé i nÉirinn i bpobal
bharbardha, áit ina bhfuair sé tabhairt suas agus inar múineabh
leiteardhacht agus foghluim dhó. Gidheadh, níor lean is
níor ghreamuigh a bheag ná a mhór de chiodnal ná de bhlas na
barbardhachta sin é, acht amhail an éisc thig as an bhfairrge
shaillte agus nach dtugann oiread náda ná beagní ar bith de
ghoirteamas ná de bhlas an tsalainn leis as an muir ina raibh sé.
Acht cheana, do ghnóthuigheamar ar an mbarbaracht úd, duine curtha
séimh againne bheith 'na chathruightheoir imeasc naomh
flaitheamhnais agus 'na fhear aointighe i bhfochair nDé bheanuis
le oibriughadh iongantach dhiadha féin mil as an gcarraig
agus ola as an gcloich chruaidh. Dia adeirim do-rinne so, agus
dothug Maolmhodhaigh beannuighthe dhúinn. Dobhí athair agus
máthair aige ina raibh uaisle fhola farra cumhachta saoghalta do
bheith ar a láimh do réir oirdhearcas dhaoineadh móra ar a mbí meas
talmhaidhe ag cách. Gidheadh, ba huaisle a mháthair tré


L. 14


a deigh-mhéin ná do thaobh a folaidheachta, óir do thairg sí
criothnughadh leis an macaomh so i dtús a óige agá theagasc agus agá
sheoladh ar shlighe a anama do shlánughadh. Óir do thuig sí go
mbadh rófheárr dho oideas spioradálta den tsórt so d'fhoghluim i
dtosach a bheatha ná aire do thabhairt d'eolas neithe aimseardha
ar bith in nach bí de thábhacht ná d'éifeacht acht amhail gaoithe
nó neimhní. Acht cheana, dobhí intleacht ag an leanbh le heolas do
bhreith ar gach gné den dá léigheann so. Do múintí leiteardhacht do
aga mháistir san scoil agus dogheibheadh sé oideas ag baile ó a
mháthair, ar eagla Dé do mheabhrughadh, agus d'fhásadh biseach air
dá réir sin ar gach leith, ar an adhbhar gur ghlac sé chuige ar dtús
deaghspiorad dothug air a bheith so-theagascaidh farra grádh agus
gnaoi na ndaoineadh do bheith air. D'ibheadh sé go laethamhail
bainne na fíor-eagna a hucht a dheaghmháthar dá mbíodh sé lá ar lá
dá shárughadh féin i mbiseach foghluma, acht nach feasach mé créad
díobh biseach adéarainn d'fhás air .i. biseach foghluma nó biseach
subháilceadh agus naomhthachta, bíodh nách goillfeadh orm an dá
bhiseach so i gcóimhimtheacht ann gan díomhaoineas, ionnas ar fhuath
na ndubháilce sin ar a bhfacaidh sé aire fán am sin ag an
mac léighinn gur sheachain sé é agus gur dhromuigh foghluim ar bith
do dhéanadh uaidh. Ag so iomorra léargas dhíobh ar
Maolmhodhaigh ina leanadhbadhacht agus ina óige ag dul ar aghaidh
gach lá i simplidheacht 's i nglaine coinsiais acht go dtáinig san
n-aois sin biseach eagna agus eolais air do réir mar d'fhás sé i
n-aimsir 's i bpearsain.


L. 15


CAIBIDIL 2.



Go naire sin ó thús a óige do thaisbeáin sé go foirmeallach créad an
claondortadh intinne dobhí aige chum maitheasa óir ní le díomhaoineas
gan éifeacht do chuir sé na grása do phartuigh Dia leis. Dá bhrígh
so mar dothug sé dá aire nach raibh san saoghal uile acht olc agus
mailís, agus nach raibh an spiorad nó an claonadh do bhrath sé ann
féin ag teacht le hairmhúintibh ainmhiangasacha an tsaoghail do
thuig sé nach don tsaoghal do bheanadar bhaineadar agus nach
raibh ghaol aca aroile, acht mar atá comhfhogus ag soillse le
dorcheacht, agus do bharamhail sé go mbadh le Dia an t-aigne dobhí
ar bhfás ann agus gur shroigh dho dá thaobh bheith dúileamhail
i ndeaghthréithibh agus fuathmhar fá lochtaibh, óir, ar sé leis féin,
ní buan cómhbháidh idir dheigh-intinn dhiadha agus anfhlaitheas
Phrionsa an Dorchadais i n-aoinphearsain; agus de seo bíodh gur
mheas sé gurab tíodhlaicthe dhiadha an ciste neamhdha deigh-mhéine
seo d'aire sé ann féin, thairis sin ó bheith don
chiste sin ar iomchar aige i soightheach so-bhriste a cholna do
ghabh eagla é go ndoirtfí nó go gcaillfí é amhail ola fá mbrisfí a
shoightheach iomchair, agus go fírinneach, ar sé, is deacair do-
chreidte mise do bheith ag imtheacht imeasc chloch agus aimhréidhte
na beatha saoghalta so agus briosc-shoightheach mo choirp do dhul
saor ó bhloghadh agus ó leónadh, nó an gcaillfidh mé, ar sé, i
n-aon mhóimint gach aisce is gach buadha neamhdha do ghlac mé tré
dheónughadh trócaire Dé agus a sealbh go fóill ionnam? Ní headh, ar
sé, acht is é is mian liom, agus is é mo rogha san chás so, na
tiodhlaicthe maithe dofuair mé uaidh mar


L. 16


aon agus mé féin farró, do thoirbheirt agus d'aisiog dho, de bhrígh
gurab leis mé agus iad. Ar an adhbhar so tairgfidh mé m'anam agus mé
féin, archeana, do thréigean go haimseardha ar seal, d'eagla go
gcaillfinn iad go síorraidhe is go bráth. Óir cionnas is éidir
cumhdaigh is fearr d'fhagháil dhamh féin agus do na neithibh seo
bheanas bhaineas liom, ná bheith i láimh nDé dhamhsa agus
dóibh, aga gurab é do chruthuigh mise agus iad, nó cé is cúramaighe
ná é fá ár gcaomhnadh, cé is treise ná é le ár gcongbháil, nó cé is
dísle ná é ó a bhfuighthí aisiog ionnta súd agus ionnamsa? Óir is
áirithe go gcumhdóchaidh sé sinn gan baoghal ár gcaillte is go
dtiubhra uaidh tar ais in anam. Go naire seo, is é shaoilim gurab
ionchurtha na bronnta dofríth uaidh i bhfeiste seirbhíse do
dhéanadh do féin leo, ar an adhbhar nach féidir go gcaillfidh mise ní
ar bith chaithfeas mé leis sin nó le feidhm do dhéanadh dho, acht
go mbudh indéanta budh éidir fóghnamh dho ós gnás, amhail is
inmheasta ar oile feidhm thoileamhail agus seirbhís go n-usúiriocht
nó go mbiseach ós cionn dualgais, acht gurab dearbhtha liom go
ndoirtfidh seisean a ghrása go neamh-ghann in m'anam do réir a
dheaghthola féin. Ag so nó a shamhail na smuainte agus an
meabhrughadh seicréideach dorinne an t-óigfhear Maolmhodhaigh leis
féin go hinmheodhanach ar uaigneas.



Acht cheana do chómhnuigh fán am sin i gcathaoir Árdmhacha (áit
inar hoileadh Maolmhodhaigh, agus ina bhfuair sé oideas mar an
gcéadna) duine maith cóir darbh ainm Imarius nó Íomhar - duine
fíréanda diadha, ró-dhaor fós re n-a cholainn féin agá crádh is ag
imirt cruadhála uirthi chun a churtha fá umhlacht dá spiorad mar badh
dual. Dobhí sealla ag an bhfíréan so teannta le Eaglais Árdmacha
ina gcaitheadh sé a


L. 17


aimsir d'oidhche agus do lá agá thabhairt féin do throscadh,
d'úrnaighthe agus do mhortificasion. Do ghreamuigh measead
Maolmhodhaigh don duine chóir seo agá thoghadh do féin mar oide
crábhaidh agus riaghaltachta. Tabhair iomorra dod aire, san chás do
bhall, umhlacht fhíréanda Mhaolmhodhaigh agá chur féin go
modhamhail fá oideas daonda táir go raibh Dia féin roime sin 'na
mháistir aige, cás is follas do bheith dearbhtha tré dhísmbeagadh
an deagh-dhuine air féin annso; léighidís cách an cás so agus
bainidís as mar aithcidhacht gan áit ná ainm máistir do ghabháil ortha
féin acht muna rabhadar roimhe 'na ndisciobla. Maolmhodhaigh, ámh,
iar bhfagháil oideas ó Dhia nach bfacas bhfacthas do gan dul
ar scoil dhaondha d'fhoghluim tuille léighinn acht gurab cuimhneach
críona dothug sé an beart sin dá aire de bhrígh nach raibh
foirtiollughadh ná foillsiughadh ar a fhíréandacht ba mó ná so; agus
muna measaid, trá, daoine tábhacht ná éifeacht do bheith san sompla
so atá againn annso ó Mhaolmhodhaigh glacdaois a shamhail eile de
theasbeanadh ón Easbal Pól, óir is áirithe gurab é Dia féin do
mhúin agus do dheachtuigh do Phól léigheann an tSoiscéil dobhí
sé do sheanmóir; gidheadh, níor leor leis sin gan cuairt do dhéanamh
ag Peadar d'fhagháil a mholta agus a dhearbhtha ar an deagh-
oideas dobhí aige le a mhúineadh do na geintibh, amhail dar leat agus
nach geabhadh sé gan confirmation na ndaoineadh do bheith aige ag
dearbhadh gurab é soiscéal Chríost dobhí sé do theagasc ar eagla
toirmeasc do theangbháil don chúrsa spioradálta dobhí sé do
sheoladh. Cé léarab féidir, má'seadh, bheith síor san chás inar
ghlac meatacht an tEasbal beannuighthe Pól agus cé bé nach
tiubhradh an pongc so dá aire, budh éidir go mbeadh sé meallta tar
nach bhfaicfí sin dho féin.


L. 18


Ar ndul trá don scéal so ós árd san gcathair do ghabh iongna mórán
díobh fá neamh-ghnásamhlacht na húmhlachta do thaisbeáin
Maolmhodhaigh san chás so 's gan áireamh a shubháilcibh eile.
Gidheadh, is iomdha baramhail éagsamhail doconnacthas do dhaoinibh
do thabhairt don nuadh-chrábhadh so do ghabh sé air; cuid díobh ag
meas dar leo go mbadh doilgidh ógánach uasal óg mar é dá chur féin
fá mhoghsaine i slighe crábhaidh chómh dian agus do chuir seisean.
Adeiridís cuid dhíobh gurab baosradh do ghluais é chum é féin do
chur san daor-stáid dhoghrainne seo dá dtug sé aire agus nach raibh
cosamhlacht go seasfadh sé í go buan, agus dá bhrígh sin nachar
bh'iontugtha baramhail do go mbadh adhbhar duine fhorasta
dheaghchómhairligh é fá throm-chuing chrábhaidh do ghabháil le a
ais dobhí do-fhulaing aga aois óig le hiomchar. Gidheadh, tar
mhí-mhuinghín cháich as agus d'aimhdheóin a liacht droch-
bharamhail dobheiridís do fán gcúis ina raibh sé agá ghreamughadh
féin níor thastuigh dhíol de chómhairleach uaidh sin
san tslighe inar thairg sé fóghnamh do Dhia, agus a anam féin do
chur as baoghal, óir do ghabh sé oideas ón bhfáidh Jeremias san
chás sin mhaoidheas agus dhearbhas nach bí cómhairle ag duine ógh
budh fearr iná dul fá chuing chrábhaidh i dtosach a bheatha,
uaigneas do ghrádhughadh agus fíorbheagán cainte do dhéanamh tré a
dtiocfadh dhe é féin d'fhulaing agus d'árdughadh thairis féin.
Do réir an teagaisc seo má 'seadh, do mheabhruigh an fáidh ón Spiorad
Naomh le a sheóladh do chách eile, níor ghabh glonn ná tuirse
Maolmhodhaigh fá shoigheadh go híseal umhal ag cosaibh
an deagh-oide reimhráidhte úd Íomhair ag déanadh bárr umhlachta
uaidh farra gach léigheann eile diadha dár fhoghluim sé ina fhochair
agus ba soirbh búidh beag-ráidhteach an foghlamthach Maolmhodhaigh
annsin óir do ghlacadh sé chuige gach léigheann


L. 19


dá bhfuigheadh go dúthrachtach róchiúin. Acht go dtigeadh sé san
gciúnas sin leis an bhfáidh ríoghdha dobhí áidmhalach
ar é féin do bheith óg tarcuisneach, agus tairis sin nach raibh ar a
aire acht fóghnamh do Dhia i bhfíréandacht. Is fíor gurab uaigneach
aonraic mar deirim an feiste léighinn d'fhoghluim dobhí ar
Mhaolmhodhaigh faoi an oide Íomhar d'easbaidh cómhscoláirdhe, óir
is tearc duine san talamh dá bhfacthas fán am sin ag tabhairt aghaidh
do ghéarchrábhadh amhail Mhaolmhodhaigh. Ar an adhbhar bíodh gurab
iongantach le gach aon an daoirse an chrábhaidh do ghabh sé le a ais
nacharbhfuras d'aoinneach aca aithris do dhéanamh air ann; acht
cheana, thairis sin agus uile, tré n-a shíthbhuaine agus chómh
ceannsa ciúin do lean sé dhe do ghabh siad mórán eile sompla uadhsan
i bhfoirm daorchrábhaidh le ar thosuigh sé, i riocht tar bheith
uatha dho an chéaduair san chúis gan fhásadar iomad d'aos
crábhaidh eile ar aon scoil leis ag Íomhar tré thnúth le
Maolmhodhaigh acht gurab eisean an príomh-scoláire.



As na hadhbharaibh so doconnacthas d'easbog na háite agus fós don
Mháighistir Íomhar a thoghadh agus a chóimhéigniughadh chum grádh
deóchain do ghlacadh air. Ar mbeith trá dhósan 'na Lebhit amhail
so san Eaglais, do dhoirt sé é féin go huilidhe ar dheagh-oibribh
carthannacha agus ar shubháilcibh go mór mór. Do ghabh sé le a ais
mairbh tárbhochta, ar nach bíodh cúram ag cách, d'adhlacadh, fearacht
Thobias anallód. Gidheadh, mar d'éirigh cathughadh agus
buaidhreamh do Thobias ó n-a mhnaoi féin, amhail sin do thairg
a dhearbhshiúr toirmeasc do chur ar Maolmhodhaigh agá aithisiughadh
fán oifige tharcuisnigh sin (.i. adhlacán marbháin) do ghabháil air,
ag iarraidh air mairbh a chéile d'fhágáil ag cách le a gcur fá
úir; ag rádh nach raibh acht saobh-chiall bhaoth dho gan a cómhairle
do dhéanadh san gcúis


L. 20


sin. Eisean, ámh, ag cur neamh-spéise san teagasc mío-thrócaireach
úd a dhearbhshéarach, níor leig sé dhe an chéard dheigh-shearcach
do ghabh sé ar tús de láimh san taobh so, cómhartha as a mbudh follas
a bheith lán d'úmhlacht, de chrábhadh agus de charthanacht.



Mar do bhreathnuigheadar, iomorra, uachtaráin cille na tíre feabhas
tréithe Mhaolmhodhaigh agus a iomláine i subháilceadh níor ghabhadar
uaidh gan grádha coisreagtha sagairt do ghlacadh agus gan é acht
chúig bhliadhna ar fhichid d'aois. Má do thárluigh, ámh, aon
oirneadh den dá oirneadh so dorinneadh ar Mhaolmhodhaigh, ag dul fá
naomh-ghrádhaibh do, do bheith contrárdha do ghnás chanónta na
hEaglaise fá an am sin (mar do thárluigh) ionumchurtha leis an gcás
speisialta tré dheaghrún an easboig dorinne an t-oirneadh, gus is
dearscnaitheach subháilceach an té ar a ndearnadh é, ar an adhbhar
nach raibh d'aois ag Maolmhodhaigh fán am i nar ghabh sé grádha
deochan acht ní ba lugha ná chúig bliadhna ar fhichid, agus fós nach
ráinic sé aois dheich mbliadhna ar fhichid ar ndul fá shagartacht,
gidheadh do réir mo chéadfadhsa ní ceart ná saor an naomh so do
lochtughadh, tré dhul fá ghrádhaibh do, tar ghnás choitcheann na
cléire mar dochuaidh, agus ní mholfainn le haon fhear eile nach
beith dearbhtha dá fhíréandacht féin teacht i n-aghaidh
dlighe ná gnás canónta na hEaglaise san gcás so ná i n-aon chás
eile dá shamhail.



Níor leor, trá, leis an easbog sagart do dhéanamh de Mhaolmhodhaigh
acht dothug sé choimision agus a chumhachta féin dó seanmóir do
dhéanamh ar a shon agus oideas bréithre Dé d'fhoillsiughadh don
phobal fhiadhanta ainbhfiosach dobhí fán tráth sin ar easbhaidh
eolais san talamh. Do ghlac seisean go fonnmhar an t-ualach sin
air féin ag déanadh úsáide den tailint dofuair sé ó


L. 21


Dhia tré oibriughadh na deigh-spioraide dobhí ag cuidiughadh leis,
gan dúil ar bith i ndrochiodail ná i saint ag déanadh gort-ghlanta
ar ithir anama na bpoibleach le corrán faobhrach a naomh-theagaisc,
farra fiathaghail anfhásta na n-ainmhian do bhaint as a fréimh san
ithir sin agus ag déanadh bealach réidh agus bóthar so-imtheachta go
neamh de na cam-chasánaibh corracha ndoeólais na locht agus na
bpeacadh tré gcleachtaidís daoine roimhe sin triall go foirceann a
millte go hifreann; agus níor leor leis so acht do ghabhadh sé féin
tosach ar an mbuidhin ag triall go foirtill deigh-mhisneamhail rómpa
in sna bealadhaibh céadna úd. A shamhail, dar leat, an fathach glioc
láidir ar a dtig an Fáidh Ríoghdha ag treorughadh cháich. Adéarthá,
trá, nach raibh ann acht mar do bheith bheadh teine loisceantach
arn-a fadughadh i máigh fhásaigh ag doth driseacha agus
fiadhthaghla ainmhian daoineadh aindlightheach. Nó do mheasfá go
mbadh samhail é d'arm faobhrach ag teascadh 's ag gearradh anfháis
feadha na n-anlocht, ag cur gach droch-ghnáis bharbardha ar gcúl,
's ag athchur béas stuamdha eagailseamhla ina n-áit. Agus tar gach
deagh-shaothar maith dár críochnuigheadh leis, do mhúch sé go
leathadach gach gné geasadóireacht agus phiseóg dofuair sé roimhe ar
cleachtadh san tír, ní budh doghrainneach le déanadh tré iomarcaidhe
is tré a dhoimhne dochuaidh an mío-ghnás lochtach so i bhfréimh i
gcách, agus d'aon fhocal níor choigil sé mío-órdughadh, anghnáis,
lochta ná peacadha ar bith dá bhfacaidh sé ag fás nó ar taithighe
san bpobal do dhíomholadh agus do lochtughadh ag dian-labhairt 'na
n-aghaidh 's ag géar-chrothnughadh cáich dá dtaobh, ionnas go
mbíodh ruaig agus léarchartadh aige ortha i samhlachas cloich
shneachta ag tiughthreascairt bhfigí den chrann ar a bhfásaid nó
mórghaoithe ag tógbháil luaithre den talamh ós árd. Is


L. 22


amhla, ámh, dothéid sé i gceannas na ngníomh so do dhéanadh maille
re briathra is maille re dlighe Dé do thabhairt ar scáth a ndiongnadh
sé, farra gurab é suim a sheanmórach agus a theagaisc do chách go
hiomlán, a iarraidh ortha bheith cóir, stuamdha, deagh-bhéasach,
fíréanda, saor ó pheacadhaibh agus ó lochtaibh, agus fá dheóidh do
mhúin sé i ngach eaglais agus in gach áit inar shiubhail sé san
gcrích Príomhachta na nEasbal, ráidhte agus sompladha na naomh-
aithreadh agus reacht agus sean-ghnás beannuighthe na Rómha agá
fhágáil ar bun 's ar congbháil ag cách go coitcheann, agus go háirithe
d'fhan dá thaobh deagh-ghnás i gceallaibh i nÉirinn ón aimsir
sin anall, an oifige dhiadha agus na trátha do chanadh nó do rádh i
gcantaireacht mar is dual, do réir nós choitchinn na hEaglaise go
huilidhe i dtíorthaibh críostamhla eile an domhain, nós nach raibh ar
taithighe abhfad roimh aimsir Mhaolmhodhaigh, go háirithe san
chathaoir ná san easbogóideacht sin ina raibh sé, acht go bhfuair
seisean cantaireacht le foghluim agus iar mbeith eólgasach innti dho
do theagasc agus do chuir sé ar taithighe í. Amhail sin
d'athnuadhuigh sé úsáid chanónta na Sacramentí aga rabhadar daoine
roimhe sin san talamh failligheach dá dtaobh agus fós ró-ainbhfiosach.
Acht gurab leor a n-abraim annso go fóill mar dhul isteach agus mar
ghné léarguis ar mórán eile de mhaith-ghníomharthaibh agus de
dheagh-thréithibh an naoimh seo ar a dtiocfam 'na dhiaidh seo, ag
trácht dúinn ar an gcuid eile dá bheathaidh.


L. 23


CAIBIDIL 3.



Ar mbeith trá do Mhaolmhodhaigh lán d'fhonn agus dailgeas
fá sheirbhís nDé agus fá a onóir do chur ar a
haghaidh chun go ndáileadh sé na sacraminte do chách mar budh dual
aga raibh cúram a bhfreastail air agus d'eagla aon neith ní
do dhéanadh ná d'órdughadh dá dtaobh tar reacht nó contrárdha do
ghnás ceart na naomh-eaglaise Catoilce, do chuir sé roimhe triall
mar a raibh an tEasbog Malcus nó Maolchú, ó a raibh súil aige
léar-oideas agus eolas iomlán d'fhagháil san chás so agus i
gcásaibh eile archeana, agus cionnas budh dual do é féin
d'ionghabháil in sna cásaibh sin. Budh seanóir cianaosta Maolchú
so dearscnaithe i léigheann ndiadha agus iomlán subháilcidh. I
nÉirinn dorugadh é. Gidheadh is i Saxain, i mainistir Uinton,
do chaith sé a aimsir i n-aibíd agus i bhfeidhm manaigh, áit as
ar tógbhadh é chum bheith 'na easbog i Lismór, cathaoir easbog san
Mumhain agus aon de chathaoiribh oirdheirce na ríoghachta. Dofuair
an deagh-easbog cóir seo grása agus buadha chomh árd agus sin ó Dhia
ionnas nach é amháin bheith ainmneamhail do i bhfoghluim agus i
bhfíréandacht acht fós go ndeachaidh cliú amach dho ar bheith
naomhtha miorbhuilleach agus mar fhoillsiughadh ar naomhthacht an
fhir cuirfidh mé an dá shompla so síos annso do bhall ar pháirt dá
mhiorbhuilibh chum go dtugthá dhod haire cé an t-oide do
thárluigh do Mhaolmhodhaigh le foghluim dhiadha do ghabháil uaidh.
Ar dtús do leigheas sé buachaill mire ar a raibh cuthach agus dothug
sé a chiall do maille re a chur fá láimh easboig agus do chonguigh
sé aige féin é iarn-a shlánughadh mar sin 'na dhóirseóir


L. 24


go ndul i n-aois ársaigh dho le ar fríth foillsiughadh go leor ar
an miorbhail úd ba thoil le Dia d'oibriughadh air maille ris an
Easbog Maolchú. Dothug arís Maolchú a éisteacht go miorbhúileach
d'óglaoch eile maille re a mhéar do chur i n-ainm Dé ina
chluasaibh agus leis sin do shíl an bodharán (dar leis féin) go
rabhadar dhá mhórghaise garbh-ghothach ag sileadh go héigeantach
as a dá chluais, acht go bhfuair sé a éisteacht. Tré sna
héachtaibh iongantacha so go n-a gcosamhlaibh eile d'fhás mór-
mheas agus oirdhearcas ar Maolchoin in sna tíorthaibh do gach leith
de ag Éireannachaibh agus ag Albannachaibh ag teacht dá ionnsuidhe agus
agá onórughadh go modhamhail mar athair spioradálta dhiadha.



Iar bhfagháil, trá, beannachta a oide spioradálta, Íomhar, do
Mhaolmhodhaigh farra beannacht a easboig féin do thriall sé go
cathair Leasa Móir mar a raibh an tEasbog Maolchú, le ar glacadh go
forbhfáilteach ceanamhail Maolmhodhaigh, agus farra ar chómhnuigh
sé iomad bliadhain ag foirtilliughadh agus ag méadughadh a fhoghluma
agus a dheagh-bhéas maille ris an tuille léighinn agus tréithe maithe
dorinne sé aige de bhárr ar a raibh aige féin roimhe, óir ní raibh
sé dearmadach ar ráidhte an Spiorad Naomh ag Ecclesiasticus adeir
nach ionmholta léigheann ar bith ar an léigheann dogheibhthear ó na
seanóiríbh, farra gurab é deónughadh speisialta Dé budh cionntach le
n-a theacht do dhéanadh foghluma agus tabhartha suas go háit chómh
oirdheirc agus a bhí cathair Leasa Móir fán am sin chum eolais
choitcheann d'fhás annsin air; mar dobhí i gcinneadh do tairbhe
do dhéanadh i gcoitchinne do chách dá éis sin, acht go raibh sé féin
chómh gnaoidheamhail agus sin i súile na ndaoineadh ar mhódh
nacharbhfurasa d'aoinneach mí-ghean d'fhagháil air aga rachadh
sé 'na choidreamh, farra go


L. 25


dtárluigh cás ann d'fhoillsigh créad méad an ghrádha dobhí ag Dia
féin air mar thuilleamh le gnaoi na ndaoineadh dho.



Ar dteangmháil trá d'imreasán agus d'eisíth idir Rí Mumhan don
taobh budh dheas d'Éirinn agus a dhearbhráthair, dofuair a
dhearbhráthair treise agus lámh i n-uachtar ar an Rí ionnas gur
chuir sé an Rí ar éigean as áirithe a ríoghachta, agus de so go
ndeachaidh sé i dteicheamh agus dá dhídean féin ar chomairce agus
ar scáth an deagh-Easbuig Mhaolchon, ní le súil ná i ndóigh go
bhfuigheadh Maolchú aisiog a ríoghachta dho i n-athuair, acht
mar dobhí an flaith caondúthrachtach diadha do choimhrigh sé a
fhearg is a mhío-fhoighid agus ag cumadh agus ag déanadh subháilce
den riachtanas éigeantach fá dtarluigh é do thairg sé a bheatha as
sin suas do chaitheamh go símplidhe príobháideach i bhfochair an
Easbuig Mhaolchon. Agus do réir na hintinne dá dtug sé mar so
aire, agus ar mbeith don easbog ag déanamh gléis le eisean do
ghlacadh isteach dá phálás i bhfeiste ríogh mar budh dual, do
dhiúltuigh seisean onóir ar bith den tsórt sin do bheith arn-a
dhéanadh dho féin ná bheith arn-a ghlacadh i bhfíoghair Ríogh
ar aon nós, ag rádh go mbudh leor leis oirbhire an bhoicht-chléirigh
budh tarcaisnighe i dtigh an easbuig do dhéanadh air féin ann, agus
de sin go mbudh rogha leis a bheatha uaidh sin amach do chaitheamh
go direóil cráibhtheach imeasc a dhaoineadh cléirceamhla tar a bheith
le poimp phrionsamhail ar bith ní ba mó, agus fós go mbudh fearr leis
fuireach go foistineach le toil nDé iná a ríoghacht d'iarraidh i
n-athuair ar éigean agus maille re fuil dhaonda do dhortadh ag á
baint amach do bheith ag screadaigh 'na aghaidh i bhfiadhnaise Dé.
Ar gclos na cainte sin an Ríogh do Mhaolchoin do ghabh gáirdeachas
é fá dheagh-rún agus fá íntinn cómh maith


L. 26


agus sin d'fhagháil aige nó ag duine dá shamhail, agus dá bhrígh
sin d'órduigh sé árus bocht suarach do ghléas do mar do thogha sé
féin agus Maolmhodhaigh mar oide spriodálta ós a chionn, gan de
bhun oileamhna na beatha aca acht arán agus salann. Gidheadh budh
leor leis an Rí i leabaidh gach easbhaidh dár thogair sé do bheith
air féin cómhrádh sólásach Mhaolmhodhaigh agus friotal a fhoghluma,
ionnas go n-abradh sé go mbudh mílse leis a bhínnghlór iná mil
churrtha chumhra, agus de bhárr ar gach ní budh gnás ag an Rí gach
oidhche a leabaidh faoi do mhaothughadh le deóraibh aithrighe agus fós
ainteas ainmhianach a cholna do smachtughadh gach lae agá fhorachadh
féin i linntibh fuar-uisce, farra go nguidheadh sé
go gnásamhail Dia ag rádh go humhal dúthrachtach mar aon ris an Rí
Dáibhidh: Deonuigh, a Thighearna, mo dhochar agus mo tharcuisne do
thabhairt dod haire ag loghadh mo uile pheacadh agus m'aindlighe;
ní dhearna, trá, Dia neamh-spéis d'úrnaighthibh an Ríogh, 's níor
chuir sé fós a thrócaire seacha dhe, óir d'éist Sé leis an nguidhe
dorinne sé dá láthair agus dothug sé cion uirthi ar mhodh eile thar
mar shaoil agus do shír seisean, ar an adhbhar gurab é a anam a bhí
'na chúram ar an Rí. Gidheadh, d'ullmhuigh Dia (darab cleachtadh
díoghaltas d'imirt ar chách i gcúis an neamh-chiontaigh agus a
chur i gcéill go mbí fortacht le fagháil don duine shítheach)
smacht do dhéanamh ar son an Ríogh fán éagcóir dorinneadh air, ag
gríosughadh spioraide rí eile adeirim chum na héagcóra reimhráidhte
d'imir a dhearbhráthair ar an Rígh do chóiriughadh air, gion gur
bharamhluigh an Rí go ndéanadh Dia sin, óir ní taobhadh le haon
ríoghacht amháin atá Éire acht atá iomad ríoghacht innti. An rí eile
seo trá ag glacadh grána ar anfhlaitheas agus ar fharrachas an
dearbhráthar ainéagcóraigh úd an


L. 27


Rí agus ag déanadh truaighe don Rí cháich cháidh choinsiasach fá
leatrom is fá mhoghsaine mar dobhí sé ó n-a dhroch-dhearbhráthair
féin, farra milleadh na tíre do bheith ag teacht as an aindlighe sin
.i. an Rí ceart do chur go héagcórach as seilbh a fhlaitheas agus
tioránach anchumhachtach do ghabháil a áite agus a thighearnais.
Dotháinig sé, adeirim, go sroigh an mbocht-shealla ina raibh Rí
Mumhan, ag tabhairt comhairle dho filleadh tar ais ar a áit féin
agus a oighreacht agus a cheannas ríoghdha do ghlacadh chuige i
n-athuair, agus níorbh áil leis sean sin. Do shír arís air a
chomhairle do ghabháil ag innisin do farra a chongnamh san dobhí sé
d'ofráil dó nachar dhéanta dho éideimhin ar chabhair speisialta
nDé do bheith dá thaobh agá neartughadh agus agá fhoirtilliughadh
i n-aghaidh a eascarad aindlightheach de nach tiocfadh seasamh ar aon
nós leis féin ná le a cheart, ná go mórmór leis na cogmhantaibh
líonmhara dobhí le n-a bhfagháil do. Gidheadh,
níor aontuigh an Rí géilleadh don chomhairle sin nó gur chuir an
tEasbog Maolchú agus Maolmodhaigh (dá raibh seisean ró-umhal)
aithne air comhairle an rí eile úd do ghabháil, agus de sin, maille re
cabhair an rí úd eile do bheith leis, dothug sé aghaidh go calma ar an
anfhlaith, a dhearbhráthair, agus ar a raibh siad de bhíodhbhaidh
aindlightheacha dá thaobh, agus agá gcur i rian raon madhma ar a
gcúl do bhris sé dhíobh agus do chlaoidh iad ag baint seilbhe a
ríoghachta amach i n-athuair agus agá háitiughadh go socair mar
budh chleachtadh leis aroimhe. D'fhás, ámh, as sin amach grádh mór
agus modh ag Rí Mumhan do Mhaolmhodhaigh ar an adhbhar go
bhfacthas do go mbudh duine Maolmodhaigh ar a mbudh dhíol
searc-mhodh do bheith dó as an gcaidreamh do chuir sé air i
n-aimsir a leatroim.


L. 28


Agus dá bhrígh so níor fhailligh sé uaidh sin suas bheith carthanach
ceanamhail air, ag éisteacht go fonnmhar le a theagasc agus ag
imtheacht do réir a chomhairle in gach cúis acht gurab é shaoilim
gurab tré dheónughadh speisialta Dé dofuair Rí Mumhan aithne agus
coidreamh amhail so ar Maolmhodhaigh mar dobhí faoi Dhia soightheach
toghtha agus instrumint do dhéanadh dhe dá éis sin le a ainm féin do
sheanmóir agus d'fhoillsiughadh i bhfiadhnaise iomad Ríogh agus
prionnsaidh.



Caibidil 4.


L. 29


Do thárluigh, iomorra, gur éag deirbhshiúr Mhaolmhodhaigh fán am sin
ar ar labhramar roimhe so, acht nach faictear dhamh gabháil seacha do
na teasbeántaibh deirgidh dá taobh gan labhairt ortha.
Dobhí trá mí-ghean comh mór agus sin ag an naomh ar droich-thréithibh
agus ar bheatha cholnaidhe na mná so ionnas gur ghabh sé gealladh
agus móid air féin gan a leigean dá láthair ná a faicsin le linn a
bheoidh. Gidheadh, ar bhfagháil bháis di ní raibh an mhóid ná an
gealladh so greamuighthe dhe. Gon naire sin mar do thogair Dia an
radharc nach geabhadh sé d'fhagháil uirthi beo do thárluigh dó a
fhagháil uirthi marbh, óir badh clos do glór ag innsin do go raibh a
dheirbhshiúr amuigh ar an halla ag casaoid í féin do bheith 'na
troscadh triochadh lá roimhe gan lón beathadh ar bith do fhromhadh.
Do mhúscail Maolmhodhaigh iar sin as a chodhladh agus dothug sé dá
aire gurab é badh héagnach dá dheirbhshír gan eisean do
chuimhniughadh uirthi ag an altóir ar feadh deich lá ar fhichid iar
n-éag di; óir d'áirmhidh sé suim na laethe ó d'éag sí go sroigh
sin .i. triochad lá in nachar ofráil sé Arán na Beatha tar a cionn san
Aifreann; agus de bhrígh nach d'anam a dheirbhshéar dobhí fuath
aige acht dá tréithibh lochtacha ar mbeith beó dhi, d'athnuadhuigh
sé úrnaighthe ar a hanam, i n-íoc na faillighe dorinne sé roimhe
dá taobh, acht nach díomhaoineach dobhí a ghuidhe san chás sin óir
ba léir go grod iar soin anam an mharbháin i n-iorradh dhuibh ag
doras na cille gan cead aige theacht isteach. Gidheadh, ar
ngreamughadh dó san dá urnaighthe ar son a dhearbhshéar doconnacthas
ar tús a hanam agus folach liathbhán air


L. 30


ag teacht isteach don eaglais acht nach lamhadh sé baint don altóir,
agus arís fá dheire dofríoth radharc uirthi, agus í go háluinn
deagh-dhathach mar aon le cuideachta aoibhinn ghlórmhar 'na
turthímcheall réidh le dul d'áitiughadh an tsuaimhnis shíorraidhe
ar Neamh. Dochí tú as so, a léightheóir, créad éifeachtaighe na
bríghe bhíos i n-úrnaighthe an fhíréin dá dtig éigean do dhéanadh
ar ríoghacht fhlaithamhnais. Nach ionmheasta dhuit leat gurab
iomad sáruighthe do chinn guidhe Naomh Maolmhodhaigh ar dorsaibh
Nimhe ag baint aisce agus párdúin amach do Dhia dá dheirbhshír budh
éidir do dhiúltadh uirthi do thaobh a mí-mhéine agus a locht. Acht,
a Íosa mhaith bhuigh bhúidh is tusa an té doní agus fós ar a
ndéantar sárughadh agus an t-éigean iongantach so, óir atá tú
cumhachtach caomh ag slánughadh cháich, ag taisbeánadh do thrócaire
agus ag foillsiughadh do chalmacht ar aon réim, ag déanamh oirchille
grás agus ciste mórthreise in do naomh-Shacramuintibh fá choinne
haosa grádha in gach aimsir go foircionn an tsaoghail, óir atá brígh
éifeachtach in sna Sacramintibh sin peacadha cháich do loghadh agus do
chur ar neimhní farra anchumhachta spioradálta bhíodhbhadh na n-anam
do chlaoidh ag ullmhughadh na ndaoineadh thairgeas a mí-mhiana
aindlightheacha féin do thréigean ar talamh abhus chum a leigthe
isteach don ghlóir thall.


L. 31


CAIBIDIL 5.
Iar ndéanadh trá an ollmhuighthe seo adeirim d'ár dTighearna Dia ar
Mhaolmhodhaigh i regeon Leasa Móir san Mumhain chum glóire a
anama d'fhoillsiughadh dá éis sin, doconnacthas dá dhaoinibh féin
do chuir roime go Lios Mór é do dhéanadh tuille foghluma i gceann
a raibh d'eolas aige, 's go háirithe d'fhagháil bárr léarguis ar
chrábhadh is ar riaghaltacht, fios agus teachta do chur air ag
scríobhadh leitreach ina dháil 's ag iarraidh air filleadh tar ais
go proibhinse Árdmacha i gcoinne seirbhíse do dhéanadh annsin mar
budh dual a dhéanamh do Dhia agus mur budh riachtanach. Dobhí
fá'n am sin duine saidhbhir acfuinneach san chrích budh dearbhráthair
máthar do Mhaolmhodhaigh aga raibh seilbh mainistre Binnchora ar a
láimh. Do chuir an deagh-spiorad i gcroidhe an té sin an Mhainistir
sin Bhinnchorra go n-ar beain bhain di do thoirbhirt agus do
bhronnadh do Mhaolmhodhaigh mar aon agus é féin chum fóghanta do
Dhia. Go háirithe dofuair Maolmhodhaigh áit na sean-mhainistre
uaidh i gcoinne mhainistre nuadh do thógbháil innti, óir dobhí
mainistir chianaosta san ionad sin roimhe budh ceann do mhórán
mainistreach eile agus budh buime d'iomad mílteadh manach. Budh
háit ró-bheannuighthe anallód an tsean-mhainistir reimhráidhte seo,
torrthamhail lán-chlannmhar i naomhaibh agá sírgheineamhain do Dhia
chum a sheirbhíse do chur chum tosaigh ó am go ham, ionnas go
n-aithristear ar Ludhan naomh (aon de chlann an chóimhthionóil
fhíréandachta Bhinnchorra) gur thóig is gur chuir sé suas céad
mainistir, cás dobheirim anuas annso don léightheóir i ndóigh go
mbaineadh sé as créad líon-mhaireacht


L. 32


na cloinne eile crábhaidh d'fhás ón tsean-mhainistir seo
Bhinnchora. d'aonfhocal do líonadar mórchlann crábhaidh na
mainistre seo Éire agus Alba ionnas tré a n-iomadamhlacht in gach
áit fá seach go raibh an fhearsa bhéarsa úd an ríoghfháidh le
maoidheamh dá dtaobh:



Dothainic tú a Thighearna don talamh, agá chur ar meisce agus agá
líonadh de shaidhbhreas. Atá abhann Dé lán d'uiscidhibh,
d'ullmhuigh tú a mbiadh súd, óir is amhail sin atá a bhfeiste.
Iomdhaigh a síol súd ag cur a sruthán ar meisce, biaidh an
ghineamhnachsoilbhir tré bhraonaibh etc. agus ar an seólamh
so na fearsadha bhéarsaí eile ad dhiaidh san tpsailm
chéadna ag teacht dar leat ar thorrthamhlacht Mainistre Binnchora
úd, agus ní hé amháin an iomadamhlacht ró-líonmhar so de naomhaibh
d'fhás i nÉirinn agus i nAlbain as an mainistir seo adeirim
acht samhlachas lánmhara ag scéith fá chuantaibh do chleachtdaois
Naoimh Bhinnchora úd agus Éireann, archeana, spréigheadh agus
scaoileadh amach abhfad tar Éirinn go ríoghachtaibh agus go
regeonaibh eile i bhfíoghair saitheadh líonmhara beach, agus budh
dhíobh so Colmán Naomh dotháinig dár dtírne, don Fhrainc, áit
inar thóig sé Mainistir Lixovium agus inar ghein uaidh sliocht
iomadamhail fíréanda dá chlainn chrábhaidh. Aithristear fós go raibh
fuireann mhanach san mainistir uasal úd Bhinnchora comhuimheardha
agus chomhiomadamhail agus sin ar mhódh go mbí psailmcheadal na
dtráth gcanónta sna hoifige diadha ó am go ham agus in gach aon am
do shaor innti, ionnas nach déandaois scíth ná faillighe fá
bheith ag buan-mholadh Dé san eaglais úd Bhinnchora ag an altóir
agus san chóraidh do lá agus d'oidhche gan faillighthe.



Acht gurab leor an mhéid sin de thrácht annso ar shean-


L. 33


ghlóir agus ar onóir dhiadha Mhainistir Bhinnchora. Do ghabh,
iomorra, Maolmhodhaigh le a ais an tsean-mhainistir oirdheirc seo
do leasughadh agus do thógbháil as an nuadh d'éis bheith abhfad
roimhe sin briste leagtha dhi ó fhoghlaidhthibh mara agus ó
phioráideachaibh díchreidmheacha dotháinig fúithi agus do léirmhill
í, óir do ghabh fonn caondúthrachtach Maolmhodhaigh fá áitiughadh do
chur uirthi i n-athuair amhail parrthais eile, tré a rabhadar de
chorpaibh beannuighthe saor-naomh adhlaicthe fá a húir, ar an
adhbhar agus gan labhairt ar ar éag siad de naomhaibh agus de
dhaoinibh fíréanda le hadhairt go síochánta innti go n-aithristear
gur chuireadar na pioráidigh úd naoi gcéad duine chum báis ar aon lá
innti fá'n am inar mhill siad agus inar threascair siad í mar
adubhramar roimhe. Acht cheana, gér mhór líonmhar fearann cíos na
mainistre seo níor iarr Maolmhodhaigh iad ná aon mhír díobh, ar an
adhbhar go mbudh toil leis a bhfaghail bhfágáil ar urláimh
dhuine eile is gan beaint baint do bheith aige féin dóibh ná dá
dtairbhe, óir tar gan áitiughadh do bheith ar an mainistir seo ná
caomhthionól manach do bheith innti mar budh dual ón tráth fá'r
scriosadar na hanfhoghluidhthe reimhráidhte í, ní scaradh sí le
bheith de shíor i seilbh dhuine éigin aga mbí a hurláimh agus a
sochar, farra go mbídís abba arn-a dtoghadh agus arn-a
n-ainmniughadh innti, ó am go ham de ghnáth, gion go mbudh ceart
canónta na haibb sin. Ar mbeith trá do mhórán ag comhairliughadh
Mhaolmhodhaigh fá chíos agus fá thairbhe na mainistreach do
ghlacadh chuig mar aon agus corp na mainistreach féin, do dhiúltuigh
sé teacht re n-a gcomhairle ná le n-a dtoil, ag breith de rogha
a bheith bocht úmhal, tar shaidhbhreas ar bith do shealbhughadh ná
do ghlacadh. Bíodh go mbudh fhearr dho go ndioghnadh


L. 34


sé comhairle cháich fá'n tseilbh seo do ghlacadh, mar
bhus follas dá éis seo.



Gidheadh, do réir theagaisc agus aithne an Athar Íomhar dotháinig
sé féin agus deichneabhar bráthair eile fris go sroigh an áit ina raibh
sean-Mhainistir Bhinnchora ó thús; agus do thionscnadar mainistir
nuadh chur suas san ionad chéadna sin. Ar mbeith, ámh, do san lá
n-aon leis an obair seo agá tógbháil agus é ag tairgsin maide do
ghearradh le tuaigh do bhuail sé dá neamh-thoil lán buille den
tuaigh i ndruim óglaoich dobhí le a ais, dár leag sé an fear fá lár
agus dár ghearr sé go mór a éadach go sroigh a chroiceann; gidheadh,
bíodh gur shaoil siad a raibh san láthair nachar bhféidir don
óglaoch gan bheith marbh tré mhéid an bhuille do thárluigh fá neart
do (thairis sin) níor fríoth marbha ná lot ar bith air. Do
ghlacadar cách as so bárr misnigh fá ghreamughadh don obair agus fá
dhul ar a n-aghaidh innti, ag tabhairt an fhoillsighthe
mhiorbhuilighe seo dá n-aire do taisbeánadh leis an naomh fá n-a
tús, agus de so dobhí árus cille na háite i mbeagán aimsire ullamh
i bhfeiste úrnaighthe agus íodhbartha do dhéanadh ann acht gurab de
bhláth-chrannaibh glan-snadhmtha táithte aroile dobhí an obair
arn-a déanadh de nós Éireann agus Alban go leor-fheabhas. Dobhí
trá fóghnadh agus seirbhís nDé ar taithighe as sin amach san nuadh-
eaglais sin i samhlachas chaondúthrachta cháich san tsean-áit
roimhe anallód, acht amháin go mbudh teirce go rómhór an uimhir
chléireach agus manach dobhí le fóghnadh do Dhia san mainistir nuadh
ná san tsean-mhainistir sul tugadh argain ar an áit roimhe. d'fhan
ámh agus do chomhnuigh Maolmhodhaigh 'na uachtarán ar an nuadh-
mhainistir ar fhoráileamh an Athar Íomhar, agá thaisbeánadh féin
'na oide chrábhaidh agus fós 'na bheodh-


L. 35


riaghail dá íochtaránaibh agus dá bhráithribh cóimhthionóil, ionnas go mbadh
fhéidir leo gach deagh-oideas agus gach conversáid dhiadha budh foghlamtha
dóibh d'fhaicsin agus do léaghadh ina bheathaidh agus ina chaitheamh
aimsire, acht go mbadh cleachtadh aige sin iomad de bhárr crábhaidh agus
maith-ghníomh eile do ghabháil le a ais thar ghnás na mbráthar eile agus ós
cionn statúidí coitchionna na riaghla fá ar luigh sé féin agus iad, gan
árach aca san tóraidheacht do dhéanadh air ina mhortificasion agus ina
anchruas beatha.



Dobhí fán am sin duine tinn ar an gceanntar sin chum a dtáinig an diabhal ar
cuairt ag aithnidh dhe gan Maolmhodhaigh do léigean ar aon chor dá chómhair
agus ag rádh ris dá dtigeadh sé chuige gabháil de sgáin ann agus a
mharbhadh. Do nochtadh an scéal so do Mhaolmhodhaigh. Gidheadh, ní meatacht
do ghabh dhe é acht ar ndul i leith Dé, agus ar ndéanadh urnaighthe mar badh
dual agus mar badh cleachtadh leis d'ionnsuigh sé go deagh-mhisneamhail an
t-easlán agus ní hé amháin an droch-spiorad dobhí roimhe ina fhochair do
dhíbirt uaidh acht do leighis sé é go miorbhuileach ó n-a uile ghalar. Is é,
ámh, badh hainm don othar so Malcus nó Maolchú, agus fós badh dearbhráthair
fola é dár nGiolla-Críostne .i. Cristianus Abb Mhelifont, dias mhaireas
anois níos bráthardha dá chéile iná roimhe seo. Óir mar dofuair Maolchú é
féin saor ó chathaighibh an diabhail farra bheith slán do ó n-a thinneas, do
mhalartuigh sé a éadach agus a intinn ag dul do thaobh nDé, ag fóghnamh do.
Mar thugadar trá na bráithre an cás so Maolchon dá n-aire do thairg siad
bárr aireachais do bheith aca ortha féin i n-aghaidh mhailíse an Áibhirseóra
darab síor-chleachtadh bheith i gceilg ar deagh-oibribh cháich.



Dobhí fá'n am sin fós cléireach san chrích darab ainm Miothal i
mbaoghal báis le disenteria agus


L. 36


díothscaoile bronn. Ní dhearnaidh Maolmhodhaigh acht mír den phronn a
bhí ar an mbórd ina fhiadhnaise do chur chuige agus ar fromhadh an bhidh sin
don othar badh slán é gan mhoill, agus ar dteangbháil arís don easlán céadna i
ngalar eile dofuair sé aisiog ar a shláinte tré ghuidhe Mhaolmhodhaigh ar a
shon, farra deigh-íntinn chrábhaidh d'fhás ann chum fóghantadh do Dhia i
n-aibíd riaghalta uaidh sin amach, ionnas dar leat nach beith sé
díombuidheach ná dearmadach fá na miorbhuilibh móra dorinneadh fá dhó air
ag aisiog a shláinte dho, acht go gcluinimíd an fear so Micheál do bheith
anois 'na Abb ós mainistir riaghalta i nAlbain agus gurab í an mhainistir
seo an mhainistir dhéidheanach de iomad mainistreach do thóig sé trés na
miorbhuilibh reimhráidhte seo. Farra hadhbharaibh eile d'árduigh deagh-
mheas cháich ar Mhaolmhodhaigh do gach leath agus do mhéaduigh uimhir
manach a chóimhthionóil de sin, acht go raibh bárr anma fós aige le fagháil
ar áirde ar an adhbhar go raibh i gcinne dho dignit easboig do
ghnóthughadh i gcathair áirithe den chrích i bhfogus do Mhainistir
Bhinnchorra ina raibh a chomhnaidhe fá'n tráth sin.


L. 37


Caibidil 6.



Le linn na haimsire céadna d'éag Easbog Conaire, agus d'éis a bháis
dobhí an chathaoir easbuig sin abhfad 'na baintreabhaidh ar easbhaidh
prealáid, agus bíodh go rabhadar ceill agus tuath ar aon réim 'na
ndenimpiodhacha ar Mhaolmhodhaigh ag iarraidh air cúram
na heasbogóideachta do ghabháil le a ais, níor aontuigh seisean dul fán ualach
sin dóibh nó go mbadh éigean do tré aithne a athar spioradálta Íomhar agus
árdeasbog na proibhinse a gabháil air agus é triochad bliadhain d'aois fán
am sin. Acht cheana badh clos don Naomh nach rabhadar d'áitightheóiríbh i
gConair san aimsir sin ná san deóisis do gach taobh dhe acht gné
dhaoineadh barbardha brúideamhla aindleaghthacha gan choinsias ná deagh-
bhéasamhlacht ar bith acht amháin ainm críostaidhthe do bheith ortha; óir ní
chleachtdaois deachmhadh ná ofráil d'íoc le pearsanaibh eaglaise, ní
dhéandaois lánamhnacha aca scrupall ná ceist fá chlainn do gheineamhain ar
oile gan sacramint pósta ar bith eatorra. Ní ghabhdaois glonn ná eagla tré
bheith le briseadh gach deagh-reachta, ag síordhéanadh uilc agus peacaidh
agus gan aire ná luadh aca ar fhaoisdin ná ar aithrighe do dhéanamh ionnta;
farra go mba róthearc sagart eatorra ó n-a bhfuighidís absolóid ina
gcoirthibh i gcás go dtiubhradh aon chuid díobh amas ar fhaoisdin nó ar
aithmhéala san taobh sin agus fós bíodh go mbadh beag gann an líon cléire do
bhí fá'n am sin ann 'sgo mbadh ró-bheag do ghnóthuighidís an chliar sin ar an
bpobal. Tairis sin budh haoibhseach iomarcach le cách a n-
uimhir agus iad féin. As so agus tré a arrachtaighe do ghabh ainbhfios agus
peacadh treise in gach


L. 38


aon áird den talamh ní raibh seanamóntaidhe léigheanta le fagháil ann
d'aithriseadh oideas bréithre Dé i bpuilpit agus ní mó dobhíodh
psailmcheadal ná binnghlór cantaire le a gclos i gcóraidh ná ag altóir in
sna ceallaibh le moladh an Árdríogh. Ba déarach doghrainneach an cás ina
dtárluigh gaiscidheach an Tighearna, Maolmhodhaigh, annso, óir ba mí-
onórach neamh-choinsiasach leis filleadh tar a ais, ná cúbadh mar
mheathánach agus budh baoghalach guaiseamhail dho don leath eile dul ar
aghaidh d'ionnsuidhe gach cruais gach dócamhail agus gach dainséir dá raibh
roimhe. (Gidheadh, trá), sé ní ar ar chinn sé a thaisbeánadh nachar bhfear
ceannaigh ná mercenarius é acht fíor-aodhaire tréada Chríost, agus dá
bhrígh sin do thairg sé dícheall do dhéanadh fá'n dignit dotugadh dho do
sheasadh, agus fá ucht do thabhairt go deigh-mhisneamhail do gach doghrainn
'sdo gach baoghal budh éidir do theangbháil dó, agá ionghabháil féin mar
budh dual san chúram dobhí greamuighthe dhe, agus bíodh go mbadh gné mhadaí
allta furmhór a rabhadar ina dheóisis. Thairis sin d'ionnsuigh seisean
amhail aodhaire nádúrtha iad, ag fuireach aca, agus ag seasadh ina measc go
fírbheodha ionnasach ag criothnughadh saothair agus dúthrachta le caercha do
dhéanadh dhíobh. Óir dobheireadh sé ós árd teagasc dhóibh uile i
gcoitchinne ar a leas; do shéimhspreagadh sé páirt díobh go ciúin agus do
ghoireadh sé ar chuid eile dhíobh dogheibheadh sé dúr dotheagaisc agá
maothughadh chum aithrighe do dhéanadh do réir mar do theangbhadh dhó faill
d'fhagháil ortha. An mhéid, ámh, nach gabhadh oideas anama, ná crothnughadh
uaidh ar a leas i n-aon tslighe dá n-abraim annso d'ofráladh sé a chroidhe
brúighte umhal arn-a mhaothughadh le deóraibh ... sagartaibh


L. 39


nach ag cléir na talmhan amháin acht ag prionnsadhaibh agus ag ríghthibh na
críche go huilidhe, agus go speisialta do chuir Celsus an aithne seo chum
dhá rí na Mumhan. Acht cheana, d'fhás mío-nós malluighthe san áit sin
agus d'fhan sé ar bun tré antsaint dhíomsaigh dhroch-dhaoineadh dhiabhalta
.i. an árd-chathaoir seo mar aon agus a príomhadhacht do bheith leananta ag
cine áirithe den tír amhail budh hoighreacht shaoghalta í, ionnas trés an
mío-nós sin nach raibh árach ná neart ar phríomhadh ar bith do thoghadh ná
do bheith arn-a oirneadh san áit acht duine éigin den treibh sin. Agus de
so do mhair an saobh-ghnás coirpe seo ar taithighe i nÁrdmhacha le linn
chúig nglún ndéag, diaidh i ndiaidh, anuas go haimsir Mhaolmhodhaigh, na
handhaoine seo trá ag congbháil an droch-nóis lochtaigh seo ar bun amhail
budh dlighe é san tír, ar mhodh nach teastuigheadh choidhche príomhaidh gan
bheith dá gcine i dtreise san áit, gion go mbíodh ar uairibh cléireach ar
bith ann daoibh, agus ní hé seo amháin acht dobhádar leis an aga sin ochtar
príomhadha san gcathaoir sin aga rabhadar mná. Gidheadh, dobhídís
leiteardha d'aimhdheoin ban bheith amhail sin greamuighthe dhíobh. As an
anghnás so, trá, do bheith mar so ar bun san phríomh-chathaoir seo eaglais
Éireann dotháinig an claochlódh san trá ar choinsias, ar chrábhadh agus
ar dheagh-bhéasaibh cháich i nÉirinn, idir cheill agus tuaith, mar do
mhaoidheamar agus d'aithriseamar roimhe so. Ag so fós adhbhar agus fréamh
na barbardhachta do cuirtí fá'n am úd i leith Éireannach tar go mbadh
Críostaidhthe iad, óir (ní nach feasach is nach facthas agus nach raibh le
clos i n-aon áit ina raibh creideamh Chríost ar bun) do chleachtabh
chleachtadh an tÁrdeasbog, mar do thogradh féin, easbuig d'ainmniughadh
agus do chur ina suidhe, do dhíomholadh agus do mhalartughadh in gach


L. 40


áird den ríoghacht gan órdughadh ná fáth dlisteanach d'iarraidh leis sin do
dhéanadh. Acht nachar churtha an saobh-nós so i n-iongnadh, óir cionnas
budh éidir na baill do bheith ar deagh-fheiste agus an ceann mearuighthe
agus gan órdughadh ar bith air?



Dothug Celsus, trá, an anstáid mhí-órduighthe seo ar a raibh críoch
Éireann fá'n n-am sin dá aire agus mar budh deaghdhuine maith fíréanda é ar
a raibh eagla Dé do thairg sé dícheall do chriothnughadh le Maolmhodhaigh
d'fhagháil 'na oighre air féin ina chathaoir príomhadhachta i ndóigh go
dtiocfadh dhe tré a dhiongbhála agus tré a fheabhas de dhuine eaglaise
anlochta agus mío-nóis neamh-chríostamhail cháich do chur ar gcúl agus do
mhúchadh i ríoghachta Éireann, go háirithe i bproibhinse Árdmacha maille
ris an gcathaoir sin do chur ó bheith greamuighthe leananta ag aon chine
amháin de shíor, amhail dar leat badh hoighreacht saoghalta dhóibh í. Ní
dheachaidh má 'seadh a mhuinghin mhaith ná a dheaghdhóigh amugha ar Celsus
cóir, óir do toghadh Maolmhodhaigh 'na phríomhadh i nÁrdmacha d'éis báis
Celsus, acht nachar leigeadh i n-áirithe agus i láintseilbh na cathaoire é
aimsir fhada iar ndéanadh toghadh agus oirnthidh air fá n-a
tuairim, ar an adhbhar gur ghabh óglaoch aindlightheach darbh ainm
Mauritius nó Muircheartach (duine den ainfhine budh gnáthach roimhe
sin do bheith i n-urláimh na háite) seilbh fhoiréigeantach na cathaoire sin
Árdmacha go n-ar bhain dí go neamh-chanónta tioránta ar feadh chúig
mbliadhan iar n-éag do Celsus, bíodh gurab é Maolmhodhaigh budh fearr le
lucht coinsiais agus le daoinibh deigh-mhéineamhla maithe na críche do
bheith san bpríomhadhacht agus nach é Muircheartach, agus dá bhrígh so
d'iarradar agus d'athchuingeadar air dul i seilbh agus i n-urláimh na


L. 41


háite do réir udhachta agus aithne Celsus, agus fós tar gur ghabh seisean
a leithscéal leo ag rádh nach ar éigean acht go séimh síothchánta budh dual
dul i n-áirithe cumhacht eaglaise, agus de sin nach tairgfeadh sé féin
teacht ar bhéalaibh Mhuircheartaigh úd go héigeantach eisíothchánta. Níor
shásuigh an leithscéal sin iad acht do labhair le Malchus reimhráidhte .i.
Easbog Leasa Móir agus le Gilbeart, easbog eile agus céad leagáid
abstalta an Phápa fá'n am sin ós Éirinn, ag iarraidh ortha a fhagháil ó
Mhaolmhodhaigh urláimh na príomhadhachta do ghabháil chuige. d'éis trí
mbliadhna do chaitheamh ar an seoladh so dhóibh agus ar mbeith do
Mhuircheartach an seal sin go hanfhlaitheamhail i seilbh Árdmacha agus
Maolmhodhaigh ag gabháil a leithscéal agus ag iarraidh gan é féin do
chóimhéigniughadh le dhul do ghlic le Muircheartach fá urláimh na
háite, adubhradar na deagh-easbuig seo agus aos coinsiais na críche ar
cheana, nach fuileongdaois bainchéile Phádraig agus
ceannchathaoir Éireann .i. Árdmacha do bheith ní budh faide le mí-mhéin
anadhaltranais ag Muircheartach tar chionn a ceartleannáin Maolmhodhaigh,
go masla do Chríost agus go ndochar do chreidmheachaibh Éireann go
huilidhe. De so do chruinnigheadar easbuig agus prionnsaí na talmhan uile
ceann i gceann, agus is é do cinneadh eatorra d'aon spiorad a thabhairt ar
Maolmhodhaigh de dheoin nó d'éigean príomhadhacht agus árd-cheannas Eaglaise
Éireann do ghabháil air; agus mar nachar ghabhsiad uaidh mar leithscéal é do
bheith roime ceangailte i gcuing phósta spioradálta le heaglais chaiteadrálta
Chonaire; agus fris sin go mbudh dócamhlach baoghalach dá shamhail d'fhear
lagchumhachtach bualadh i gconspóid fá dhuine shaidhbhir acfainneach aga
raibh cáirde agus aos leanamhna san tír, mar dobhí Muircheartach


L. 42


agus é ag maoidheamh é féin 's a chine roime do bheith i n-urláimh na háite
thuas, tuairim dá chéad bliadhain agus de sin ag iarraidh gan buaidhreamh do
chur air fá n-a sheilbh do chongbháil. Níor ghabh siad fós mar leithscéal
uaidh nacharbhfurasa seilbh Árdmacha do bheaint bhaint de
Mhuircheartach ná dá chine acht maille re daoine do thuitim san imreasán,
cás nach raibh iontsaintighthe aige sin (mar adubhairt féin) agus do bheith i
n-aghaidh oifige bheith 'na shiocair ná 'na ionstruimint le fuil dhaondha do
dhortadh.



Mar nár shásuigh aon leithscéal díobh so iad agus tré bheith ag bagar bang
agus coinnealbháthadh air, acht muna n-umhlaghadh sé dhóibh, ag meas gurab í
toil Dé eisean do theacht le n-a gcomhairle agus le n-a n-aithne d'innis sé
dhóibh gurab é a bhás dobhíodar do dheilbh. Gidheadh, tairis sin, mar
fhoillsiughadh ar eisean do bheith urramach dhóibh agus d'fhonn mairtíreachta
d'fhulang ar son Chríost d'aontuigh sé teacht le n-a gcomhairle fá chúram
príomhadhachta Árdmacha do ghabháil le a ais acht gur chuir sé d'acht agus de
choinghiall ortha dá dtigeadh de cathaoir Árdmacha do chur fá shocruidheacht
go canónta órduighthe mar budh dual, cead do bheith aige uatha filleadh i
n-athuair tar a ais ar a sheanchéile .i. ar easbogodacht
Chonaire le a rabhadar dá scaradh go héigeantach tar a thoil. Féach féin, a
léightheóir, créad feabhas na híntinne dobhí ag an duine fíréanda so .i. gan
aindréim mhiangasach ann le bárr onóra do ghlacadh ná glonn air fá dhul chum
báis ar scáth sheirbhíse Chríost agus na hEaglaise. Is móide, trá, d'aontuigh
Maolmhodhaigh comhairle cháich do ghabháil fá chúram príomhadhachta
Árdmacha do ghlacadh air mar doconnacthas do gurab í toil Dé a gcomhairle do
dhéanadh san chás sin. Óir ar mbeith don phríomhadh Celsus tinn i leabaidh
galair, mar do mhaoidheamar roimhe


L. 43


anois beag, do tarfás nó connacthas do Mhaolmhodhaigh bean álainn arrachta go
ngnúis soirbh mhodhamhail, agus ar gcur cheasta ceiste uirthi cé badh hí
féin, do fhreagair sí ag rádh gurab í féin beanchéile an Áirdeasbuig Celsus
agus maraon agus sin do rádh dhi do sheachaid sí bachall dó agus d'imigh féin
de phreib as a radharc. Ar n-éag iomorra do Celsus d'aithnidh agus adubhairt
a bhachall do thabhairt do Mhaolmhodhaigh, agus mar dochonnaic
Maolmhodhaigh í do chuimhnigh sé go mbadh cosamhail í leis an mbachaill do
thaisbeain an bhean reimhráidhte dho i dtaidhbhse, agus de sin, farra gach ní
eile, do ghabh eagla é go mbadh baoghalach dó fearg nDé do thuilleadh dá
gcuireadh sé i n-aghaidh chomhairle agus aithne na ndaoineadh ní budh faide fá
urláimh na príomhadhachta do ghlacadh. Gidheadh, ní dheachaidh sé isteach go
hÁrdmacha ar feadh dhá bhliadhain de dheireadh na gcúig mbliadhan do mhair an
pseudeasbog Muircheartach ina anfhlaitheas ós an áit ar eagla go
dteangbhóchadh marbhadh daoineadh nó mórolc ar bith eile san gcathair dá
sguil-sion do dhul innti, agus nach é a mbás acht a mbeatha budh áil leis. Dá
bhrígh so do chaith sé an dá bhliadhain dhéidheanacha so san dióisis amuigh ag
déanadh oifige easbuig in gach áit fá n-a dhícheall agus mar budh dual.



Acht cheana, d'éag an pseudeasbog Muircheartach fá dheireadh ag déanadh
oighre air féin tar an uile cheart de dhuine dá chine dar bh'ainm Nigellus
nó Giolla Dubh i gcoinne bheith ina phríomhadh i nÁrdmacha ós Éirinn
ina dhiaidh. Thairis sin dotháinig Árdrí Éireann mar aon le heasbogaibh,
le huaislibh agus le creidmheachaibh na tíre i ndáil Maolmhodhaigh le n-a
chur i n-urlámh


L. 44


Árdmacha agus príomhadhachta na ríoghachta do réir an toghtha
agus an oirnthidh dorinneadh aroimhe air san áit agus in sa dignit sin.
Gidheadh, ar gclos don Ghiolla Dhubh agus dá bhráithribh coirpthe .i. clann
mhailíseach Belial an cruinniughadh so do bheith ar n a thionnscnadh, do
ghabhadar iad féin i n-arm agus do luigheadar i gceilg teannta le háit an
chruinnighthe, agus iar dteacht don rí go n-a rabhadar d'árdchléir agus de
mhaithibh na críche ina fhochair ar aon áit ceann i gceann do theaisbeáin
Giolla mar aon agus an bhuidhean mhalluighthe dobhí fris iad féin ar
thulaigh i bhfogus dóibh, maille re rún lingeadh ortha go héigeantach agus a
marbhadh uile ar an áit sin, go háirithe an rí agus na heasbuig i ndóigh
nach mbeadh duine san tír uaidh sin amach dogheabhadh heobhadh
d'urradhas ann féin cur le Maolmhodhaigh i n-aghaidh an Ghiolla Dhuibh ná
a chine fá sheilbh éigceart Árdmacha d'fhaghbháil ar a láimh. Dofuair,
ámh, Maolmhodhaigh fios ar an gceilg seo agus scéala go raibh an sluagh
coirpthe úd do mhuinnigh as an nGiolla Dubh ag triall air féin
agus ar an tionól dobhí ina fhochair agus dá dhruim sin d'ionnsuigh sé
teampall dobhí i bhfogus don áit, agus iar sléachtain do san eaglais sin do
thóig sé a lámha ós árd agus do ghuidh Dia tré dhúthracht é féin go n-a
raibh fris do láthair do shaoradh ó anachain na huaire sin, agus ar mbeith
amhail sin do ar urnaighthe do dhorchuigh an t-aedhar agus do líon sé de
dhubhstoirm agus do thóirnigh do gach aon taobh ionnas nachar léar léir
solas gréine ná lae san áit sin ar aon nós, agus mar dhearbhadh dhuit, a
léightheóir, gurab í urnaighe éifeachtach Mhaolmhodhaigh Naomh, d'éist Dia
agus badh cionfátha leis an stoirm mboirb seo d'fhás ar an aedhar agus ar an
aimsir an tráth so, bíodh a dearbh agat go


L. 45


ndeachaidh scannra agus sceón san bhuidhin mhearuighthe úd do mhuinigh as an
Ghiolla Dubh. d'éis teiche, ámh, don anbhuidhin úd agus iar ndul don
toirneidh agus don doininn gharrtha d'fhás ann chum ciúinis, do
fríth corp chinn urraidh na feadhna mar aon le corpaibh triuir dá dhroch-
mhuintir marbh loit-bhréan ón tintidh do thárluigh dhóibh farra triúr eile
do fágbhadh forloiscthe leathmharbh dhíobh agus gan milleamh ná
lorg pudhra ar bith ar Mhaolmhodhaigh ná ar éinneach dá chuideachta, gion
go mbadh fhada uatha an áit ar a dtug Dia an t-ár úd ar na droch-dhaoinibh
reimhráidhte. Tuigimíd, trá, as an eachtra fírinne an scrioptúra adeir go
dtollann urnaighthe an fhíréin bhinn na spéireanna ag dul do láthair Dé,
ionnas dar leat go mbadh samhail don ní do thárluigh annso cás Mhaoise
agus Chlainne Israel san Éigipt, áit ina mbíodh dorchadas gan léargus ag
na hEfidibh agus an pobal Eabhra gan urdhubhadh ar bith fá a lán solais, nó
dar liom ní héagcosamhail Maolmhodhaigh annso ar a úrnaighthe le hElias
fáidh ag fagháil d'athchuinghe ó Dhia am áirithe drúcht agus báisteach do
theacht ar an dtalamh ag fóirithin tiormaigh agus tart cháich; agus ar uair
eile ag loscadh droch-dhaoineadh dotháinig fá n-a thuairim chum dochair
d'imirt air, maille re teine ó neimh do thabhairt ortha. Amhail so do
dheonuigh Dia na miorbhuilí seo d'fhoillsiughadh tré urnaighthe agus tré
oibriughadh a fhóghantaidhe féin Maolmhodhaigh Naomh.


L. 46


Caibidil 7.



Dobhí Maolmhodhaigh ocht mbliadhna ar thriochad fán tráth so, agus iar
spréidheadh an tsluaigh aindlighthigh úd dotháinig leis an pseudphreláid,
Giolla Dubh, agus d'éis teichthe don ghiolla féin, dochuaidh isteach
Maolmhodhaigh go hÁrdmacha ag glacadh seilbhe agus saorchumhacht cille
ós an áit agus ós Éirinn uile, agus dá dhruim sin do fhill an rí go n-a
rabhadar fris tar a n-ais dá n-ionadaibh féin ag fágáil Mhaolmhodhaigh i
leith nDé; acht ar n-imtheacht don Ghiolla Dubh i dteichthe mar deirim do
rug sé naomhthaise ár bpatarón bheannuighthe Pádruig leis .i. text
soiscéil Phádruig agus a bhachall dá ngoirthí bachall Íosa (do réir
seanchais cháich) ó bhfuair Pádruig í. Dobhí, trá, an bhachall seo ar
n-a hóradh agus arn-a deagh-mhaisiughadh le hiomad péarladha, agus liogh
loghmhar; agus de sin do ghluais an Giolla Dubh thart roimhe ag taisteal
na tíre agus ag taisbeánadh na dtaiseadha agus na meirgidhe sin Phádruig
do gach aon, agus mar dobhí umhlacht mhór, modh agus caondúthracht ag
Éireannachaibh do na taisíbh agus do na meirgidhibh cádhasacha sin
Phádruig do bheain bhain sé iomad gnodhughadh agus modh
don chrích chum baramhla do thabhairt gurab aige dobhí an chóir agus dá
bhrígh sin ag géilleadh dho mar phríomhaidh do thairgeadar dhul dá thaobh i
n-aghaidh Mhaolmhodhaigh.



Dobhí, iomorra, prionnsa san tír d'fhine an Ghiolla Dhuibh dár bheain
an rí mionna bheith díleas umhal do Mhaolmhodhaigh; gidheadh, do
chinn an prionnsa so mar aon le daoinibh eile do ghabh a pháirt ar fheall
d'imirt ar Mhaolmhodhaigh. Go naire sin ar mbeith do Mhaolmhodhaigh lá


L. 47


áirithe ag easpartaibh do chuir an prionnsa so fios air fá dhul amach ina
dháil tar mhúraibh na hEaglaise ar sealamh cás síthe agus báidhe do
shnamhadh fris. Is é doconnacthas dá raibh i bhfochair
Mhaolmhodhaigh de chléir agus de thuathadhaibh nach raibh acht ullmhughadh
feille san gcoinne sin an phrionnsa chum Maolmhodhaigh do mhilleadh is do
bhascadh, ag rádh dá mbadh síothcháin fírinneach neamh-ghangaideach dobhí
sé do luadh go mbadh chóra dhó theacht isteach go cathair agus go heaglais
Árdmacha ná an príomhadh d'iarraidh amach fá thuairim reighte réidhtigh
agus cumainn do cheangal leis. Gidheadh mar do dhiúlt an prionnsa triall
don chathair isteach i ndáil Mhaolmhodhaigh d'aontuigh agus adubhairt
Maolmhodhaigh, tar a raibh de bhaoghal san chás, mar fhoillsiughadh gurab
críostaidhe agus gurab aodhaire spioradálta dáríribh é féin ag aithris ar
Chríost nachar ob bás d'fhulang ar son an phobail, go rachadh sé féin
d'ionnsuidhe an choinne úd don áit ina raibh an prionnsa, do shnadhmadh
síothchána leis, nó d'fhulang báis san chomhdháil mar leas agus mar shompla
dá thréad, agus leis an intinn sin mar aon le triúr eile do thogair dhul fá
chontabhairt éaga leis, tar thoil mhórán dá raibh ina thimcheall agus dobhí
ag gol 'sa caoi dá chaoineadh, do thriall sé ar aghaidh go deagh-
mhisneamhail soilbhir chum na háite inar gheall an prionnsa chuige, mar a
bhfuair sé mórán ceithirne ag an bprionnsa mío-rúnach ullamh armtha chum
dúnmharbhadh do dhéanadh airsion. d'aimhdheóin ámh a mhailíse dhó ar
nglacadh uimdhídean scéithe creidimh agus dóchais nDé air do leigeadar a
n-arma le fán, agus ar dteacht do uamhan agus do chritheagla forrtha
d'umhluigheadar féin agus a gceann feadhna dhó, ag déanadh báidhe agus ag
snadhmadh síothchána leis. Iar gclos, trá, do chách bíodhbhadha agus
eascáirde


L. 48


Mhaolmhodhaigh do theacht amhail sin fá réidhteach agus fá umhlacht
chuige, ní bhfuair aoinneach ann féin iarraidh do thabhairt ar dhochar ar
mbith ná ar bhuaidhreamh d'ullmhughadh dho ós árd as sin amach, ionnas go
raibh saoir-chead aige oifige agus gnaithighe a easbogóideachta
agus a áite do dhéanadh gan cheilt ná toirmeasc, agus tar gach ní budh
héigean don Ghiolla Dhubh na taise agus na meirgí úd Phádruig do thabhairt
do. Gidheadh, dobhí aos fuatha ós íseal aige do thaobh an Ghiolla Dhuibh
agus a dhroch-chine do thairgeadh ithiomrádh agus murmar do dhéanadh fá
láimh air ag dísmbeagadh a theiste sag tarcaisniughadh a dheagh-chliú, agus
tar chách dofuair graigín andána an mhío-choinsiais ann féin gnás do
dhéanadh de bheith ag labhairt go holc air, ag teacht le hearráid an Ghiolla
Dhuibh, san ainfhine dá raibh sé. Acht cheana do chóirigh Dia a olc agus a
dhroch-mhúineadh ar an ngraigín san taobh so. Óir do at a theanga ina
cheann, do logh agus do bhréan sí agus fós do líon sí de chrumhaibh agus de
phéistibh eile, agus iar mbeith do ar feadh seacht lae as a chéile dá gcur
tar a bhéal amach d'fhiadhnaise mhóráin d'éag sé fá dheóid go hainimheach
gráineamhail. Do thárluigh arís a shamhail seo d'anbhás do mhnaoi andhána
eile de dhroch-chine an Ghiolla Dhuibh dofuair innti féin labhairt go
haithiseach imdheargthach i n-aghaidh an naoimh agá thoirmeasc ó theagasc
poiblidhe le a raibh sé lá áirithe, ag maoidheadh ós árd air nach raibh acht
fear saobh-chrábhaidh ann agus duine neamh-choinsiasach éagcórach dochuaidh
isteach go haindlightheach i seilbh cheirt dhaoineadh eile, farra go
bhfacthas di mar bhárr spíde a chur ina leith gurab duine fothmhaol é
fearacht na mbuachall n-anmhailíseach úd do thairg an fáidh
Eliseus d'aithisiughadh do thaobh a mhaoile. Gidheadh, mar do chrothnuigh
Dia na hógmhacaoimh reimhráidhte tré a bhfochmhaide


L. 49


agus tré a magadh ar an bhfáidh, amhail sin d'imir Dia a ghairg-smacht ar an
anmhnaoi dhroch-mhúinte seo fá Mhaolmhodhaigh Naomh do mhaslughadh mar so,
óir do ghabh ar tús mire agus saobh-chiall í agus fá dheire dofuair sí bás
obann nó anbhás uslaingeach ag síor-leigean mairgean gan
scíth, agus í ag ínnsin go raibh sí arn-a tachtadh ag Maolmhodhaigh, gion
go dtug sé aisfhreagra ar bith uirthi ná go ndearnaidh sé iomarda mí-
chéadfadhach ar domhan 'na haghaidh trés an aithis dochonnacthas dí do
dhéanadh go lánéagcórach air. d'éirigh fá'n am sin gur fhás pláigh san
gcathair agus in sna tuaithibh do gach taobh dhi budh chionnfátha báis
d'iomad daoineadh idir chléir agus tuathadhaibh nó gur thriall
Maolmhodhaigh amach imeasc cháich ag tabhairt meirgidhe agus taisidhe
naomhtha leis 's agá ghuidhe chum Dé ós árd fá'n bpláigh sin do chlaochlódh,
agus de sin chuaidh sin gan mhoill ar neimhní; do de sguil trá na
miorbhuileadh so d'fhoillsigh Dia maille re Maolmhodhaigh do leigeadar an
t-ainfhine eascáirdeach úd díobh bheith ag teacht ní badh mhó ina aghaidh,
acht d'admhadar, fearacht muintire Canaan leis an bpobal Eabhra, go raibh
an Tighearna maille leis ag cur ar a shon, acht go mbudh fhada dhóibh sin go
ndearnadar an aithrighe sin féin, óir do scrios Dia go ró-luath ann aipche
de dhruim talmhan iad, ionnas nach maireann anois díobh acht droch-chuimhne
a n-easumhlachta, a locht, agus a mailíse, bíodh go mbadh hiomarcach
anchumhachtach roimhe sin san tír iad, cás do chuir iongna ar mhórán, farra
gur fríth taisbeaintaighe líonmhara eile ar naomhthacht Mhaolmhodhaigh ar
mhéid an gheana dobhí ag Dia air aga bhfaictear dhúinne a gcur ar cáirde go
fóill i gcoinne labhartha dá éis so ortha.


L. 50


Caibidil 8.



Taréis go ndearnaidh Dia (amhail a d'innisiomar anois) díoghaltas ar na
drongaibh díomasacha ar a dtángamar go fóill roimhe, agus iar ndul d'Eaglais
Árdmacha 's do chléir na críche archeana chum socrachta, agus mar budh
follas deagh-bhéasamhlacht do bheith ar bhfás i leabaidh na barbardhachta a
bhí roime ar bun imeasc cháich san talamh, i gceann trí mbliadhan de
fhlaitheas Mhaolmhodhaigh ós Árdmacha do smuain sé ar ghné shuaimhnis do
ghlacadh dho féin, agus do réir an chonnartha dobhí déanta roimhe sin idir
chléir agus uaisle Éireann do thaobh agus eisean don leith eile .i. a
chead do bheith aige filleadh i n-athuair ar a shean-chéile Eaglais
Chaitedrálta Chonaire, dá mbadh fhéidir cathaoir agus príomh-eaglais
Árdmacha do scaradh agus do shaoradh ó fhlaitheas bharbardha éigceart na
pseudeasbog reimhráidhte Mauritius agus Nigellus mar aon le
hoirioghlacht hoireaghlacht éigceart mío-chanónta a gcine do chur ar gcúl
don taobh san is do thaobh príomhadhachta Éireann, acht go bhfuigheadh sé
pearsa diongbhála Eaglaise dodhéanadh a áit mar budh leor. Agus de sin ag
seasadh ar an acht reimhráidhte d'ainmnigh agus d'fhágbhadh sé ar a shon
féin aca duine cóir fíréanda dar bh'ainm Gillasius, nó Giolla Mac Liagh,
le bheith i n-urláimh phríomhadhachta Árdmacha ós Éirinn maill re aonta
cille agus tuaithe ag teacht leis ar an toghadh sin, bíodh go mbudh doiligh
leo a mhalairt sin do dhéanadh ar aon neach eile, acht gurbh éigean dóibh
fuireach ar an gconnradh dobhí snadhmtha roimhe idir iad agus é. A haithle
beith aontadhach amhail seo dhóibh leath ar leath, do thriall


L. 51


Maolmhodhaigh miorbhuilleach as Árdmacha dá shean-áit easbogdha féin;
acht nach í seilbh Chonaire dorug sé do rogha, acht urláimh Dhúna
Pádraig, ionad ina mbudh dual easbog do bheith ó ghnás cianaosta na críche,
acht go raibh sí aimsir fhada ria sin ceangailte le heasbogóideacht
Chonaire. Is é fáth, iomorra, as nachar bh'áil le Maolmhodhaigh dul i
seilbh chathaoire Chonaire ar an adhbhar gur ainmnigh sé roimhe sin easbog
eile le bheith 'na hurláimh agus fós go mbudh leór leis cúram Dhúin amháin
do ghabháil air féin. Och mo ghean ar chroidhe glan an deagh-fhir seo gan
smál ná sal ó lochtaibh agus mo ghean ar fós a shúil shimplidhe mar rosc
colaim saor ó shaint agus ó antoil dá bhfacthas an áit budh fearr agus budh
feisteamhla d'fhágbháil ag duine eile, agus an áit budh mhí-ghléasta agus
budh measa do bhreith do rogha dhó féin. Cá bhfuilid lucht sainte agus aos
círéipe an bheatha ghreamuigheas d'imreasán agus de shíothbhuaidhreamh leath
ar leath fá idir cheart beagáin fearainn nó cladha tórann nach tigid siad
annso chum go nglacadaois sompla ar a leas ó Mhaolmhodhaigh Naomhtha?
Acht go saoilim nach éagcomhthrom fheileas do na drongaibh mío-shásta
easaontacha seo ráidhte an fháidh adeir go ngearrfadaois daoine áirithe mná
torrthacha Galaad ag iarradh tórann dúithchí agus imleach críche ag a mbí
saint agus lán súl aca a bhfagháil le a sealbhughadh agus iar sin a
bhfairsingiughadh.


L. 52


Caibidil 9.



Iar nglacadh trá seilbhe easbogóideachta Dhúin do Mhaolmhodhaigh, do
réir an chleachta dobhí roimhe aige do thogh sé mar shásamh agus mar mír
sóláis do féin cóimhthionól cléire riaghalta do bheith ina fhochair chum go
dtugadh sé féin agus iad ucht ar aithrighe agus ar chaondúthracht ní budh
déine iná mar d'fhéad sé seal aimsire roimhe sin. Gidheadh, bíodh gurab é
badh rún dó san san tslighe seo é féin do dhortadh ar uaigneas riaghalta
agus ar chontemplation neithe neamhdha, ní lánmhaith d'éirigh leis a intinn
do chur i ngníomh tré mhéid agus tré líonmhaireacht na taithighe donídís
daoine uaisle agus anuaisle na críche aige, ag iarraidh air oideas anama
agus comhairle spioradálta do thabhairt dóibh agus do spréidheamh ortha,
farra go dtéigheadh sé go minic imeasc cháich amach agá dteagasc is ag
déanamh seanmóra dhóibh agus fós ag déanadh oifige easbuig eatorrtha in gach
áit ina mbuaileadh sé go coitcheann maille re hughdarás leathadach amhail
budh haon de na hAsbalaibh é, gan duine dhá fhagháil ann féin ceist do chur
air fá n-a chumhachtaibh san chás sin, acht go gur leór leo uaidh, i leaba
cumhacht ngnásamhail, na buadha neamhdha neamh-ghnásamhail dochonnacadar ar
a láimh le miorbhuillibh iongantach do oibriughadh mar doníodh sé, óir,
adeiridís, do réir ráidhte an scrioptúra, go mbadh dual saoirse do bheith i
gcoimhdeacht spioraide De, spiorad doconnacthas dóibh do bheith le a ais
sin.



Acht cheana, níor leor leis sin na buadha reimhráidhte (gé go mbadh diadha
iad) mar fhoillsiughadh ar a oibribh 's ar a oifig annsúd do bheith ceart
gan ughdarás abstalta


L. 53


na Rómha d'fhagháil dá ndearbhadh agus dá neartughadh, agus chum an
ughdaráis abstalta seo do ghnóthughadh agus d'fhagháil as láimh an Phápa
féin do chinn sé ar thriall don Róimh. Dobhí fáth eile aige imtheacht ar
an dturas sin .i. Pallium do shaothrughadh do phríomh-eaglais Éireann
d'Árdmacha agus an chomaoin sin do bheith uaidh féin uirthi, gé fionnas a
cúram agus a hurláimh do bheith seal roimhe sin air, ar an adhbhar go raibh
Árdmacha aimsir fhada ria sin ar easbhaidh Pallium, ge ann bhíos
iomláine cumhachta agus onóra an uile Áirdeasbuig tar Easbogaibh eile. Fris
seo do thóig an príomhadh Celsus Áirdeasbogóideacht eile i ríoghacht
Éireann (acht go mbeith sí faoi an bpríomh-chathaoir .i. faoi Árdmacha agus
faoi an bpríomhadh) agus dobhí mar an gcéadna do lán súl agus d'intinn ag
Maolmhodhaigh Pallium d'iarraidh agus do ghnóthughadh don Mhetropolis agus
don chathaoir eile seo, farra diongbhála abstalta d'fhagháil di ar na
pribhiléidibh dofuair sí roimhe sin ó Celsus. Ar bhfagháil, trá, feasa
do chléir agus d'uaislibh Éireann rún intinne do ghlacadh do
Mhaolmhodhaigh triall as Éirinn amhail so d'ionnsaighe na Rómha, do
ghabh brón mór agus glonn iad tré a imtheacht uatha as an dtír agus tré
easbha do bheith ortha ar n-imtheacht dó, farra go raibh uamhan ortha bás dá
bhreith sul d'fhillfeadh sé chugtha tar a ais ón gcianturas ar a raibh sé ag
triall uatha.



d'éag, ámh, san am sin deagh-dhuine fíréanda agus easbog maith badh
dhearbhráthair do Mhaolmhodhaigh dar bh'ainm Cristianus, nó Giolla
Críost, agus ba samhail do Mhaolmhodhaigh é i bhfoirfeacht ndiadha agus i
naomhthacht. Go háirithe níorbh'olc an tánaiste do Mhaolmhodhaigh é i n-
oirdhearcas agus i maith do réir bharamhla cháich dhó. Do chuir má'seadh
bás an deagh-dhuine seo gné mhoille ar


L. 54


imtheacht Maolmhodhaigh ar an dturus úd, cách ag rádh i gcoitchinn nach
mbeadh acht milleadh doleighis don talamh uile scaradh le Maolmhodhaigh
d'éis oidhe nó báis Ghiolla Críost, a dhearbhráthair, mar budh iad go
prionsapálta ba dhá uaithne fulaing d'Eaglais Éireann. Go naire seo do
thairgeadar a chongbháil ar éigean ó imtheacht as an dtír ar deóraidheacht
ná ar an turas sin bíodh gur bhagair sé a n-eascaoineadh agus bang do chur
ortha fá bheith agá thoirmeasc, nó go bhfacthas dóibh fá dheireadh crannchur
do chur idir eisean agus iad d'fhéachain cé dhíobh budh fearr le Dia .i.
eisean do thriall as an gcrích ar an aistear dobhí roimhe, nó fuireach san
tír i mbun an ualaigh san chúram spioradálta dá raibh sé greamuighthe go
sroigh sin, agus gion gurab mhaith leis sin iad san do dhéanadh an
chrannchuir sin dá thaobh féin, tairis sin dorinne siad é agus dochuaidh
sé ina n-aghaidh fá thrí. De sin do thuigeadar gurab í toil nDé triall ar
an turas sin dó ar a dtáinig a intinn, agus ar an adhbhar sin do leigeadar
dhíobh barra ar bith nó buaidhreamh do chur air fá imtheacht. Gidheadh
doconnacthas dó san níbhus taoisge ná d'fhúigfeadh sé an talamh
pearsa iomchubhaidh eile do thoghadh le bheith 'na easbog i n-áit Ghiolla
Chríost, a dhearbhráthair, agus bhrígh sin d'ainmnigh sé aon de thriúr
príomh-dhisciobal dobhí aige féin leis an áit do shealbhughadh, agus 'sé
ba hainm don bhfear sin Edanus nó Aodh. Do ghoill go mór ar Aodh é
féin do luigheadh fá ualach chomh trom agus dobhí easbogóideacht, agus de
sin ag caoidh do thairg sé bheith obthach fá n-a glacadh air, acht go
ndubhairt Maolmhodhaigh gurab é deonughadh Dé oirneadh easbogdha do
dhéanadh air. Agus mar fhoillsiughadh dhuit, ar sé, gurab í so toil Dé, do
thaisbeáin Dia dhamhsa fail óir fád mhéarsa mar chomhartha feise do bheith
arn-a


L. 55


ceangal eadrat agus an easbogóideacht úd atá 'na baintreabhaigh anois ó éag
mo dhearbhráthar GiollaCríost. d'aontuigh, ámh, Aodh annsin géilleadh
do thabhairt do chomhairle Mhaolmhodhaigh agus iar ngabháil ngrádha
easbogdha dhó mar budh dual do ghluais Maolmhodhaigh roimhe ag imtheacht
ar aghaidh fá thuairim na Rómha.



Ar mbeith dho, iomorra, ina shlighe, d'éis ríoghacht Alban d'fhágbháil,
dotháinic sé go cathair Eboracum .i. York agus d'amharc annsin sagart den
áit air, agus bíodh nach facaidh sé roimhe riamh é, d'aithin sé é tré
fhaisnéis spioraide Dé do nocht dó cé dobhí aige, óir dobhí an deagh-spiorad
le a ais an tsagairt agus is é ba hainm dho Syriacus. De sin d'innis an
sagart do chách tásc agus scéala Mhaolmhodhaigh. Ag so, ar sé, an tEasbog
Éireannach d'aithris mé dhíbh dothiocfadh in bhur ndáil (óir do thairngir
sé sin dóibh roime) agus atá sé comh naomhtha agus sin, ar sé, ionnas go bhfuil
eolas aige le fagháil ó Dhia ar sheicréidí folaighthaigh cháich, cás do
chruthaigh Syriacus 'na ghlanfhírinne do bhall annsin. Is léir as so mar
mhaoidheas Críost gurab docheilte lóchrann fá bhéal daibhche, agus
amhail sin nacharbhfuras naomhthacht Mhaolmhodhaigh do chongbháil i
bhfolach gan spiorad nDé do labhair san sagart Syriacus dá fhoillsiughadh.
d'fhiafruigheadar, trá, disciobail Mhaolmhodhaigh de Syriacus cionnas do
rachadh a dturas dóibh, nó an raibh i gcinneamhain dóibh filleadh tar a n-ais
san chonair chéadna. Is é, ámh, freagra dothug seisean ortha gur bheag dhíobh
d'fhillfeadh san tslighe sin arís, agus budh fíor dhó, gion gurab bás dorug aon
fhear aca, ar an adhbhar, iar gcasadh dhóibh ón Róimh, gur fhág
Maolmhodhaigh a bhfurmhór i gClaraual 's i mainistribh eile riaghalta san
tslighe d'fhoghluim léighinn agus bárr


L. 56


riaghaltachta. Acht gurab leor so de thrácht ar an sagart Syriacus.



Tháinig fós fá'n tráth sin d'ionnsaighe Mhaolmhodhaigh go cathair York
duine cóir dar bh'ainm Walleuus agá chur féin go modhamhail ró-dhúthrachtach
ar chomhairce a chomhghuidhe, agus budh príoir ós bráithribh riaghalta an
fear so san áit darab ainm Kirkham acht gurab manach anois dár n-órdne é (ar
Bearnard) i mainistir Mhailros. Ar mbreathnughadh, trá, don deagh-phríoir
seo go mbadh teirce marcaidheacht an Easpoig Mhaolmhodhaigh ná an bhuidhean
dobhí ar aon imtheacht leis, óir farra cléircibh eile agus farra
fóghantadhaibh dobhí 'na chuideachta dobhádar cúigear sagart ina shlighe fris
agus gan aige sin agus aca uile acht trí heich, do bhronn sé a each féin dó,
ag rádh nach raibh ní is mó do ghoill an tan sin air iná sodar garbh do bheith
san each agus a bheith anshocair ina himtheacht. Is móide mo ghean ar an
each (ar Maolmhodhaigh leis an bpríoir) a mhéid tharcaisnidheas tú í agus ó
rug mé eólas ar do dheagh-thoil ní fhéadaim mí-mheas do bhreith ar aisce ar
bith thoigeóras tu do bhronnadh dhamh. A haithle an chomhrádha sin adubhairt
sé le duine dá shearbhóntadhaibh uadhaim do chur dhó féin ar an each
úd, ag innisin go mbeadh sí 'na buanaistridheach mhaith san turas dobhí
rómpa. Agus budh fíor dhó sin agus níorbh é sin amháin acht ar ndul dó san
uirthi d'fhás lán-fhalaracht shocair innti 's gan í roimhe acht fá gharbh-
shodar, farra gur mhair sí dhó 'na falradh mhaith iomchair dá éis sin go ceann
naoi mbliadhan, ag teacht (mar bhárr miorbhuile san gcás) ó bheith cíordhubh
chum a bheith bán.



Do thárluigh, trá, do dheagh-fhortún dhamhsa (ar Bearnard) an duine
cóir fíréanda so Maolmhodhaigh d'fhaicsin ar a mtheacht san turas
so, ar an adhbhar


L. 57


gur ghabh sé go Claraual ar cuairt chugainn, na bráithre, dobhámar annso
fá'n am úd, ag gabháil go hathardha searcamhail linn féin agus leis an áit
archeana, ní do chuir sólás mór orainn, go háirithe ormsa, óir tar bheith
dhamhsa om pheacthach aindlightheach badh hadhbhal an sult liom bheith ag
éisteacht le a shámhghlór agus le n-a chonversáid as ar bheain me
oideas spioradálta tairbheach, cúis badh siocair le cumann d'fhás agus do
bheith arn-a snadhmadh eadrainn annsin agus as sin amach an gceain
do mhair seisean acht gur mhaoidhigh me so roimhe in mo dhíon-bhrollach. Ar
ndéanadh, ámh, a chuarta againne annso dhó do tharraing sé roimhe ina
shlighe don Róimh. d'éis, ámh, Sléibhe Alpa do shárughadh dhó do bhuail
sé go cathair san Iodáil darab ainm Iporia áit ina dtug sé aisiog a
shláinte go miorbhuileach d'ógánach badh mac d'fhear an tighe ina raibh sé
ar aoigheacht agus é i mbaoghal báis.


L. 58


Caibidil 10.



Do ráinig Maolmhodhaigh fá dheóidh don Róimh, mar ar ghlac an Pápa
Innocentius II go ceanamhail forbhfáilteach é maille re truaigh mhór do
bheith aige dhó tré fad na slighe agus an turais ina dtáinig sé: óir is é an
dara Pápa den ainm sin do mhair fán am sin. Tar a raibh, trá, de chúram ag
Maolmhodhaigh in sna gnóthaibh le a ndeachaidh sé an tráth sin don Róimh
d'iarr sé d'athchuinge ar an Athair Naomtha cead do thabhairt dó fuireach
ina chomhnaidhe i mainistir Chlareual tré mhéad na gnaoi dofuair sé ar
riaghaltacht na háite agus ar dheagh-bhéasamhlacht na manach dobhí innti.
Gidheadh, níor aontuigh an Pápa an cead sin do thabhairt dó, bíodh go mbadh
toil re Dia leaba chille d'fhagháil annsin dó iar n-éag, mar fhoillseocham
iar so. d'éis a dhá mhíos do chaitheamh do Mhaolmhodhaigh i gcathair na
Rómha ag déanadh a ghnóthaí leis an bPápa agá oilithre féin maille re
cuairt 's maille re húrnaighthe do dhéanadh i gceallaibh cádhasacha agus i
n-ionadaibh eile beannuighthe san naomh-chathair sin do thairg sé é féin do
ullmhughadh chum fillte ar a ais go hÉirinn. Iar bhfagháil iomorra feasa
agus scéal bhfírinneach na hÉireann don Phápa uaidh farra léaraithris ar a
eachtra féin san gcrích an ghéin do ghabh sé cumhachta agus oifige innti, do
thug sé confirmation agus diongbhála dó ar an bpribhiléid d'iarr sé air don
dara hárdeaglais úd eile Éireann faoi Árdmacha dá dtug an príomhadh
Celsus roimhe í. Acht, ámh, fá phallium do thabhairt d'Árdmacha (bíodh
gurab dá iarraidh sin go prionsapálta dorinne sé aistear don Róimh) do
ghabh an Pápa a leithscéal leis


L. 59


ag rádh nachar bh'í a thoil a shamhail sin de chomhartha onóra agus de chomaoin
pribhiléide do chur ar Éirinn, acht maille re comhdháil agus le comhairle
gheanaráilte do dhéanadh dhóibh ceann i gceann, eidir easpogaibh, cléir,
uaislibh agus maithibh na talmhan go huilidhe ag teacht ar oile 's ag iarraidh
an phallium úd d'aon íntinn dobhí seisean do luadh. Gidheadh, adubhairt sé
dá gcuirdaois fios arís chuige de dhruim comhdhála agus d'aonta coitchinn ag
iarraidh an phallium reimhráidhte go gcuirfeadh sé chugtha é; acht thairis
sin ag beaint baint a bharraighne féin dá cheann, 's agá chur um cheann
Maolmhodhaigh farra a stoil agus a mhainipel féin do thabhairt dhó,
adubhairt sé: Gé fhionnas dearbh-scéal d'fhagháil damh as Éirinn 'sgo bhfuil
mo legáid Gilbertus san ríoghacht sin aosta lag meirbh ar easbhaidh cumais
fán bhfeidhm atá uaimhse air annsin d'ionghabháil is do dhéanadh mar budh
leór, doním legáid abstalta dhíotsa san talamh sin na hÉireann,
maille re mo chumhacht féin do bheith agat san tír sin ós ceill agus ós
tuaith. Agus le a chois sin ag tabhairt a bheannachta maille re póig
shíothchána dhó do leig sé uaidhe é. Do thriall Maolmhodhaigh annsan tar a
ais agus na haiscidhe sin an Athar Naomhtha aige .i. an barraghain,
an stola agus an mainepil adubhramar roimhe so ag déanadh úsáide as sin amach
dhíobh ina oifige easbogdha. Ina fhille, ámh, tar ais do ghabh sé go
Clareual agus mar nachar cheadach dho féin fuireach is an mainistir sin
mar budh mian leis, d'fhágbhaidh sé ceathrar dá dhiscioblaibh innti i gcoinne
bárr riaghaltacht agus béasamhlachta d'fhoghluim ó mhanachaibh na háite,
agus chum go mbeidís dá éis sin ag síolchur grádh agus bréithre Dé 's ag múnadh
riaghaltachta agus crábhaidh i nÉirinn. Seal aimsire, trá, iar
sin do réir mar thairngir Maolmhodhaigh


L. 60


san chás do chuir Bearnard Naomh agus cóimhthionól Chlareual an ceathrar so
mar aon le huimhir iomchubhaidh eile manach budh leór i n-aon chonvint i
dtóraidheacht Mhaolmhodhaigh go hÉirinn faoi cheannas duine den cheathrar
céadna dar bh'ainm Cristianus nó GiollaCríost. Do mhéaduigh, iomorra,
uimhir na nuadh-mhanach so san ríoghacht sin ar mhodh gur fhás díobh tuille
agus líon chúig mhainistreach eile.



d'éis Maolmhodhaigh d'fhágbháil Chlareual ina shlighe ag triall go
hÉirinn do ghabh sé thrí Albain mar a ndeachaidh sé ar cuairt chum Rí na
tíre sin dar bh'ainm Davidh do ghlac go báidheamhail ró-onórach é, acht
gur cheistnigh sé leis a mhac do bheith ró-thinn i mbaoghal báis agus de
sin do shír agus d'athchuingidh air a leigheas. Do bheannuigh
Maolmhodhaigh iar sin uisce agus do chraith é ar an macaomh ag rádh ris
misneach do ghabháil agus ag imtheacht dhó nachar bhaoghal dhó bás na huaire
sin dá bhreith. Is amhlaidh sin do thárluigh óir do réir thairngire
Mhaolmhodhaigh dofuair an macaomh aisiog a shláinte an dara lá iar sin,
go naire sin d'fhás gáirdeachas mór ar an rí agus meidhir ar an gcúirt go
huilidhe agus fós ar an tír archeana, gach aon fá seach agus i gcoitchinne
ag moladh Dé trés an gcomaoin miorbhúille sin do thogair sé do chur ortha
agus ar an ríoghacht. De sin d'iarr an rí d'athchuinge ar Maolmhodhaigh
fuireach ina fhochair féin agus comhnaidhe do dhéanadh aige agus níorbh'áil
leis, óir do tharraing sé leis ina shlighe an dara lá dá éis sin. Gidheadh,
do mhair cuimhne na deaghdhála so ag an bprionsa agus fós aga athair maille
ré bheith dhóibh araon ró-bhuidheach de Mhaolmhodhaigh as sin amach, go
háirithe, an t-ógánach ag glacadh coinsiais le a ais agus ag fóghnamh go
caondúthrachtach do Dhia ar feadh a bheatha do chion na féachana
speisialta dorinne sé air


L. 61


agá thabhairt ón bpiriacail mbáis ina raibh sé tré oibriughadh
mhiorbhuilleach Mhaolmhodhaigh.



Ar mbeith, trá, do Mhaolmhodhaigh ag triall ina chonaire thríd an tír do
bhuail sé go baile dar bh'ainm Crageldum. Dotugadh annsin dá láthair
cailín óg dobhí balbh ar easbhaidh cainte, agus ar ndéanadh urnaighthe dhó
san chum Dé ar a son dotháinig urlabhra agus friotal di.



Amhail arís dó ag imtheacht tré bhaile eile san talamh san muinighthear as
Micheál dotugadh bean mhire chuige ceangailte le córdadhaibh agus do
shlánuigh seisean ar an seoladh gcéadna í.



Do ráinig sé as sin fá dheiridh go baile cuain san gcrích dar bh'ainm
Lapasper, agus ar mbeith dhó féin agus dá bhuidhin ag fuireach annsin le
cóir ghaoithe dorinne sé gné chealtraighe san áit de shlataibh caolaidh
(maille re a lámha féin do bheith sáithte san obair, fear mar chách). Do
thóig sé sórt múir magcuairt timcheall ar an gcealtraigh ag comharthughadh
reilige dhi mar an gcéadna agus agá beannughadh. Acht cheana, d'fhan buadha
an bheannuighthe sin Mhaolmhodhaigh ar an áit as sin amach de shíor, óir
badh follas aisiog a sláinte d'fhagháil d'aos galair agus easláinte do
thigeadh dá n-oilithre féin agus do shléachtain innti as ucht Dé agus
Mhaolmhodhaigh. Agus go háirithe dotugadh cláiríneach nó mairteoir mná i
gcárr capaill don áit mar nach raibh siubhal ná láthar ar mbith innti féin
le a dtiocfadh sí ann agus ó fhuireach dhi san áit feadh oidhche d'fhás a
brígh agus a coisidheacht di ar mhodh go ndeachaidh sí ar aistear dá cois
tar a hais dá hárus féin. Doconnacthas mar an gcéadna do mhnaoi thinn eile
fuireach tar oidhche san áit úd, agus ar mbeith dhi ann 'na huath agus 'na
haonar d'ionnsuigh óglaoch


L. 62


drúiseamhail diablaidhe í ag tairgsin cóimhriachtanas mí-mhéineamhail do
dhéanadh ria. Féach ort féin, a fhir choirpe, ar an bhean, agus tabhair dod
haire créad an t-ionad cádhasach beannuighthe ina bhfuil tu mhuinigheas as
Maolmhodhaigh Naomhtha, in nach dlighthar droch-ghníomh colnaidhe
peacamhail do dhéanamh. Ar mbeith, ámh, don ghiolla antoileamhail ar tí
éigean d'imirt ar an mnaoi d'aimhdheóin a raibh sí do rádh leis ar a leas,
budh léar dhó tód neimheamhail mór fá lánghrainc ag teacht amach ó íochtar a
héadaigh idir a cosaibh, agus mar dochonnairc sé an athair nimhe ghuasmhar
bhaolach dá ionnsuidhe do ling sé ar a chúl ón mnaoi agus níor lámhaidhe sé
beaint baint léi ní budh mó. Acht gurab leór na miorbhuile seo do bhall
d'fhoillsiughadh naomhthachta Mhaolmhodhaigh.


L. 63


Caibidil 11.



Iar nglacadh, trá, leabtha loinge do Mhaolmhodhaigh d'éirigh dhó cóir
aimsire agus ceart gaoithe d'fhagháil ar mhodh gur ghabh sé gan chianmhoill
caladh i nÉirinn ag Mainistir Bhinnchoradh, áit ina dtáinig sé ar tús le
n-a bheannacht chum a chlainne spioradálta .i. cóimhthionól manach na háite
sin do ghlac chugtha go ró-shoilbhir lúthgháireach é mar oide agus mar
athair, agus ní ar Chonvint Bhinnchoradh amháin do luigh sólás acht d'fhás
gáirdeachas coitcheann ar áitightheóiríbh na críche in gach aon áird, ar
gclos dóibh Maolmhodhaigh d'fhilleadh slán ó n-a thuras, ag teacht uile
agus fá seach dhá fhios agus ar cuairt chuige as na caisleánaibh agus as na
bailte do gach leath don chrích, ag fáiltiughadh dhó go báidheamhail.
Gidheadh, ní ar an onóir mhodhamhail seo dobhádar cách do thabhairt do
Mhaolmhodhaigh is mó do luigh a intinn acht ar an ualach dobhí air do
thaobh a leagáideachta d'iomchar agus cionnas d'imtheochadh sé ina oifige do
réir an ualaigh sin. Dá bhrígh seo dorinne sé comhdhála, cruinnighthe agus
seanaidí thart timcheall san ríoghacht ag cuimhniughadh dlighe Dé agus
sean-ghnás na hEaglaise do chách in sna sionóidibh sin aga ndeachadar as
cleachtadh agus as cuimhne mórán san talamh tré fhaillighe na sagart agus do
chionnta na drochaimsire buadhartha dobhí ann, farra go gcumadh sé in sna
comhdhálaibh sin iomad de nuadh-statúidibh ag teacht re reachtaibh Dé agus
na nEasbol. Do shiubhladh sé i ngach áit imeasc cháich ag síolchur an
tsoiscéil agus ag seanmóir dhóibh maille re teagasc iomchubhaidh do nochtadh
do gach druing oiliomhnach dhaidh fá seach, idir


L. 64


fhear agus mnaoi, uasal agus anuasal, saidhbhir agus bocht, ag crothnughadh
lucht mí-mhéine fá n-a lochtaibh agus ag rádh le haos aindlighthe gnás na
bpeacadh do thréigean agus d'fhuathughadh, fearacht an fháidh ríoghdha i
gcás mar an gcás dobhí faoi san, agus fris an spreagadh so dobheireadh sé
uaidh le n-a theangaidh do thairgeadh sé bárr eile díoghaltais d'imirt ar
dhaoinibh tamhanta nach seachnadh leanantacht a n-ainmhian le
séimhchrothnughadh do dhéanadh ortha; agus d'aon fhocal ní raibh áit ná
ionad san tír uile fá'n tráth sin nach rug eolas ar dhroch-nós a bpeacadh
do léigean díobh agus iad ag leasughadh a mbeatha 's ag breith meabhra ar
bheith coinsiasach ceart tré oibriughadh Mhaolmhodhaigh. Óir do
chreideadar i gcoitchinne go mbadh duine le Dia é agus gurab ó Dhia do
thigeadh gach ní dá n-abradh agus dá ndiongnadh sé, cás nachar churtha i n-
iongna tré líonmhaireacht na miorbhuilleadh dochídís dá n-oibriughadh
maille ris mar fhoillsiughadh ar Dhia do bheith dhá thaobh, óir dobhí sé
cómh míorbhuileach agus sin nacharbhfurasa a mhiorbhuilí do riomh, agus
d'aon fhocal, do shaoilfeá nach raibh sé acht déanta do mhiorbhuilibh go
hiomlán ar an adhbhar agus gan labhairt ar a anam fíorghlan dobhí arn-a
deagh-mhaisiughadh le hiomad subháilceadh mar budh follas as a dheagh-
bheathaidh go raibh sé comh soirbh comh séimh agus comh sáir-bhéasach agus
sin ar mhodh nach ndiongnadh sé éagcóir ar aoinneach agus nach mó do
chuireadh sé fearg ná anshógh ar duine ar bith go héigceart, ag teacht leis
an Scrioptúir adeir gurab comhartha foirfeachta agus iomláine ar neach gan é
do chur buadhartha ná mío-shuaimhnis ar dhuine eile i gcaint ná i n-
aighneas, bíodh má 'seadh slán cháich droch-labhairt ná glór díomhaoin do
chur i leith Mhaolmhodhaigh uair ar bith, nó feasam cé do bhreathnuigh
ariamh é ar aistear ar bith ag imtheacht nó


L. 65


ag teacht gan fáth maith, nó féacham fós cé dochonnairc corruighe ar bith
ná mothughadh ina ghnúis, gluaiseacht ná stad do dhéanadh dho nach beith
'na shiocair le hoideas anama do bheaint as don té
d'amharcadh air. Is fíor go raibh aghaidh gheanamhail fhailghe ag
an bhfear so. Gidheadh, ní raibh sí sciotalach ná gáireathach. Dobhí sé
cúramach friochnamhach fá'n oifige dobhí do ualach air. Gidheadh, ní
thaisbeánadh sé tairis sin boirbeacht ná mío-fhoidhne le héinneach, bíodh
go dtugadh sé ar uairibh gné fhuaruighthe dhó féin fá dhian-chrábhadh ní
leigeadh sé faillighe shomhothuighthe air dá thaobh, ní ghabhadh dearmad é
fá neithibh dobhíodh greamuighthe dá chúram acht nach saoilfeá go mbeadh
cúis ar bith ná ceist air. Is minic do mheasfá go mbeadh sé 'na thost,
gidheadh, ní bhíodh seisean choidhche díomhaoineach. d'aon fhocal ní raibh
ann uile acht foirm agus patarún as a mbainfí oideas subháilceadh agus
foirfeachta. Do ghreamuigh comhiomlán agus sin don bhochtacht spioradálta
ionnas ón gcéad aimsir in ar thosuigh sé le bheith ag fóghnamh go
cléirceamhail do Dhia nachar bh'áil dísle sealbh ná áirithe neithe saoghalta
ar bith do bheith aige ar óglaoch ná ar inilt, ar bhailtibh, ar fhearann ná
ar chíos ina easbogóideacht, ná a rádh go muineóchthaí iad ar aon nós as
féin. Ní bhíodh lón ná costas áirithe aige fá choinne a bhúird easbogdha ná
gléas cinnte ar a bhfuighthí é, óir níor ghnás aige moill fhada do dhéanadh
i n-aon áit acht a bheith ag síor-imtheacht, trá, ó áit go háit ag síolchur
an tsoiscéil agus bréithre Dé agus ag fagháil lóin riachtanasaigh mar gheall
ar an gcéird sin amhail agus d'órduigh Críost ag rádh gurab fiú an t-
oibridhe beatha agus luach a shaothair d'fhagháil, acht go ndéanadh sé ar
uairibh an fheidhm neamhdha sin gan costas ná mír saothair do ghnóthughadh
ná d'iarraidh ar a shon ag teacht i


L. 66


dtír mar gheall ar a sholáthar féin agus obair an aosa feadhma do
chleachtadh do bheith ar aon imtheacht leis, ar an adhbhar gur órduigh sé
mórán d'áitibh beannuighthe cádhasacha ar feadh Éireann ina ndiongnadh sé
moill fá seach agus chum a gcruinnigheadh sé an costas do ghnóthuigheadh sé
féin agus a dhisciobail ar a saothar agá chaitheamh annsin. I ngach áit eile
ámh ina gcastaí ar oidhthighacht é do thairgeadh sé a bheith
soiriartha ag teacht le muintir na háite agus ag caitheamh gach gné
oileamhna leo dá bhfuigheadh sé aca, gan ceasacht ná diúltadh ar bheathaidh
ar mbith dá gcuiridís chuige le n-a chaitheamh. Fairis so ní shantuigheadh
agus ní iarradh bárr saidhbhris ná maitheasa do bheith ar a éadach tar
gabháil laethamhail a mhuintire, agá uirísliughadh féin mar gach aon díobh,
gé dobhí sé i gcumhacht aibb ós a gcionn agus ós cách eile san gcrích, agus
ní hé amháin acht tar go mbadh easbog 's go mbadh leagáid apstalda é is dá
chois do shiubhladh sé gan iarraidh ná luagh aige ar mharcaidheacht. Acht
gurab é so an sompla agus an fhoirm d'fhágbhadar na hEasbuil ag cách san
Eaglais, cás as a dtuigeann tú gurab díleas an t-oighre Maolmhodhaigh ar
na hAbstalaibh agá dtóraidheacht san bpongc so agus i bpongcaibh eile fris.
Is cás ámh darab cóir aire do thabhairt an difir agus an t-idirdhealbhadh
budh sofhaicse idir Maolmhodhaigh agus mórán eile easbog dár dual bheith
apstaldha mar eisean. Is é, trá, is lán súl dóibh sin a thaisbeánadh
ceannas agus tighearnas do bheith aca féin ós an gcuid eile dá gcléir;
eisean, ámh, tar bheith dhó ó chumhachtaibh agus ó cheart ós cách, ní
iarradh sé céim aoirde thársta badh mó iná a bheith 'na fhóghantach le
seirbhís do dhéanadh dhóibh. Is gnás aca san biadh do chaitheamh gan oideas
an tsoiscéil do nochtadh do na drongaibh ó bhfuighid siad é le hitheadh. Is
é, ámh, badh hadhbhar


L. 67


dhó san beatha do chaitheamh chum bheith ar marthain i gcoinne soiscéil
Chríost do mhúineadh d'aos ainbhfios agus do lucht mí-mhéine fearacht
Phóil. Cuiridh súd fothscáth onóra dhiadha ar an anstát agus ar an
antsaint ghabhaidh fhorrtha, agus eisean réidh deontach mar mhír oighreachta
le cúram tur agus le hualach gan tairbhe shaoghalta. Saoilidh siad san
gurab séanamhail iad féin má thig dhíobh imle a bhfearainn do leathnughadh
agus a gcumhachta d'fhairsingiughadh agus do chur abhfad uatha. Gidheadh,
is é badh meabhrughadh aige sin an charthanacht do leathnughadh agus
d'fhágáil ar bun idir chách do gach aon taobh. Is é is dícheall dóibh sin a
sciobóil agus a ndabhcha do bheith lán i gcoinne tuille agus a sáith do
bheith far soin ar a mbórdaibh aca. Gidheadh, is ar fhásaidhaibh agus i n-
uaigneas doníodh seisean díoghluim maith-ghníomh chum áruis nimhe do
líonadh. d'aimhdheóin urláimhe, a leor deachmhan, ofrála, prímhe mar aon le
cíos dúithchí agus le haiscíbh ón tuaith do bheith aca san, bídh siad
imshníomhach cionnas dogheabhdaois tuillidh le hitheadh, le hól agus le
caitheamh. Eisean ámh ar easbhaidh gach aon ní dhíobh so dá riaradh agus do
shásuigh sé ioliomad as proinnteach bheochreidimh do theagascadh sé dhóibh.
Ní chuirid san teóra ná imeall le n-a n-antsaint, agus eisean saor ón uile
dhúil sa taobh so, ní faictí dhó buaidhreamh dá ghabháil ina intinn
le bheith ag smuaineadh ar chuid an lae arna mhárach. Beainid súd
neithe go héigeantach de bhochtaibh i gcoinne comaoine do chur ar dhaoinibh
saidhbhre. Níorbh'amhla sin dó san acht dogheibheadh sé ó dhaoinibh
acfainne agus ó lucht saidhbhris tarradhail dobheireadh sé
d'aos riachtanais. d'fholmhaghadh súd go minic sparáin na n-íochtarán ar a
dtéidh a gcumhachta. Níorbh'amhla sin dó san, acht agá gcoigilt do
chuireadh sé íodhbairt ar


L. 68


altóir nDé ar a son i n-aisce. Tógbhaidh súd cúirteanna agus árd-pháláis,
agus eisean gan ionad aige ina gcuirfeadh sé a cheann fá dhíon ag triall
thart timcheall gan róscíth, ag seóladh soiscéil Chríost do chách go
psailmbhínn. Ní shiubhlaidh súd ó áit go háit acht ar each mar aon le mórán
eile ag marcaidheacht agá gcoimhdeacht agus ag caitheamh bídh agus dighe
dhaoineadh eile i n-aisce. Gidheadh, is dá chois do ghluaiseadh seisean ag
biathughadh na bpoibleach le harán na n-aingeal maille re comhchruinniughadh
naomhchléire ina fhochair dobhíodh de ghnáth ag cuidiughadh leis san chás
sin. Ní mór go mbíodh aithne aca súd ar a dtréad. Níorbh ionann agus eisean
dá mbadh gnáth-chleachtadh bheith ag siubhal 'na measc de shíor agá
dteagasc. Iomcharaid siúd le tioránchaibh agus le haos anchumhacht agá n-
onórughadh go báidheamhail tar cheart. Gidheadh, ní ghabhadh mamachas
eisean fá chrothnughadh agus fá smacht do dhéanadh ortha tré a n-
ainmhianaibh agus tré a n-éagcóir. Och, mo ghean ar an duine fíréanda
abstalta so arn-a dheagh-mhaisiughadh agus arn-a onórughadh le
comharthadhaibh dearscnaithe mar iad so; acht nachar bh'iongna foillsighthe
comh sáruighthe agus so do bheith ar bhfás ar aon comh foirfe, comh
fíormhaith agus comh oirdheirc agus dobhí Maolmhodhaigh acht gurab é Dia
budh hughdar prionsapálta do na buadhaibh iongantach miorbhuileacha so do
réir admhála an deagh-fhir féin go húmhal.


L. 69


Caibidil 12.



Dobhí bean i gCúil Ratháin ina raibh an diabhal ag áitiughadh. Dotugadh
Maolmhodhaigh chuigthe. Do fhuagair sé don ainspiorad an bhean
d'fhágbháil. Budh héigean dó bheith umhal, agus de sin do léig sé sealbh na
mná dhe mar do fuagradh dho. Gidheadh do ghabh sé urláimh mná eile dobhí
le n-a taobh ag dul innti, agus bíodh gur chuir Maolmhodhaigh go
héigeantach é as corp na dara mná d'fhill sé i n-athuair ar an gcéad mhnaoi,
agus mar sin do shiubhail sé iomad chuairt ag athrughadh idir an dís ban san
's ag dul 'na seilbh gach le cuairt. Do ghoilleadar na cleasa so an
diabhail ar Mhaolmhodhaigh agus dá bhrígh sin do ghabh misneach é le a ais
agus do chuir a mhuinghín i nDia, agus ag déanadh mairge móire agus ag
seasadh ar cúl scéithe a bheóichreidimh d'fhuagair agus chuir sé d'aithne ar
an ainbhíodhbhadh an diabhal an dís ban sin do thréigean i n-aoinfheacht
agus gan teacht ní budh mó dá gcómhair le buaidhreadh do chur ortha, ní badh
héigean dó san do dhéanadh. Ná tuig, a léightheóir, gurab tré easbha
cumhacht ná brígh iomchubhaidh do bheith ar an naomh ó thús d'fhan an
droch-spiorad in sna mnáibh ag malartughadh eatorrtha mar d'aithriseam,
acht tré dheónughadh speisialta Dé mar bhárr foillsighthe ar fhíréandacht
agus ar fhoirfeacht an fhir, óir budh comhartha ar chleasaidheacht agus ar
chalmacht fós an diabhail úd an doghrainn dofríth agá chur as na mnáibh.



Agus ní hé amháin cumhachta d'fhagháil mar so do Mhaolmhodhaigh ó Dhia ar
dhiabhlaibh do dhíbirt ó dhaoinibh aga dtugthaidhe na daoine féin dá
láthair, acht d'fhoillsigh


L. 70


sé treise do bheith aige ar ainspioradaibh abhfad uaidh as láthair, ar an
adhbhar (agus gan labhairt ar na mnáibh seo do bhall ná ar óglaoch i mBaile
Leasa Móir san Mumhain as ar chuir sé diabhal, ná ar leanbh i Laighnibh
ó'r dhíbir sé ainspiorad eile) gur ghlac an t-áidhbhirseóir seilbh i nduine
áirithe i nUltaibh dár bheain bhain sé úsáid a shláinte agus a bhrígh. Do
thárluigh go raibh Maolmhodhaigh tamall roimhe sin ar oidhchidacht
san teach ina raibh an t-easlán so 'na luighe tinn agus ar mbeith
amhail sin tinn don óglaoch badh clos dó diabhail ag labhairt ar oile i bhfogus
dó agus ag rádh leis: tugam dár n-aire an sroighfeadh an fear easlán so leaba
an drochdhuine úd Maolmhodhaigh, nó an mbeainfeadh sé le broibh,
le simhin nó le héin mhír eile dhi. Mar dochualaidh, ámh, an t-othar an
comhrádh so na ndiabhal, dhá mheirbhe dhá raibh sé, do shnámh sé ar lamhacán go
sroigh an leabaidh ar ar chodail Maolmhodhaigh tamall roimhe sin, agus tar a
raibh de ghártha ag na saoibh-spioradaibh ag maoidheamh ar a chéile fá eisean
do thoirmeasc, do luigh sé ar an leabaidh úd Mhaolmhodhaigh agus d'iomlait é
féin innti, agus le a ais sin do thréigeadar na háidhbhirseóirí é mar aon agus
an galar d'fhás air dá dtaobh, acht go n-abradaois na deamhain ag tabhairt cúil
do: Uch! Uch! Is adhbhal-mhór do mheallamar sinn féin i gcúis an té seo do
beainadh baineadh dhínn agus ar ár n-urláimh tré fheartaibh Maolmhodhaigh.
Dotugadh san regeon céadna .i. i gCúige Uladh dís ban do láthair
Mhaolmhodhaigh agus iad ar lánmhire acht gurab i Sabhall dobhí bean
díobh. Do shlánuigh sé bean don dís maille re uisce do naomh-choisreagadh
agus leis an mnaoi d'fhothragadh ann, agus do leighis sé an dara bean maille
re a urnaighthe do chur chum Dé ar a son, ionnas gur aisig sé amhail sin go
miorbhuilleach a


L. 71


gciall agus a sláinte do gach bean den dís, fara gur fhóir sé mar an gcéadna
ar fhear san gcúige sin ar a raibh siabhra agus buile, ag guidhe Dé tar
a chionn.



Ar mbeith don Naomh lá n-aon ag siubhal trí shráid an Leasa Móir do
thoirbhir lánamhain san mbaile sin cailín budh hinghin dóibh dhó, dobhí balbh,
ag iarraidh air a hurlabhra do thabhairt dhi. Do sheas seisean agus ag cur
impidhe ar Dhia fá'n gcailín do bheain bhain sé le teangaidh, agus do
shéid a anáil ina béal agus leis sin dotháinig úsáid a cainte dhi.



Dorinne sé a samhail eile so de mhiorbhuil ar bhalbhán mná ag scaoileadh
glais dá teangaidh agus ag tabhairt uirthi a paidir do rádh i bhfiadhnaise
phobail mhóir dobhí fá'n am sin cruinnighthe san áit. Do ghabh iongna mór
an pobal ag breith buidheachais le Dia fá'n miorbhuil sin dochonnacadar dá
hoibriughadh ar a gcómhair.



d'fhás meirbhthean mór agus galar trom ar dhuine shaidhbhir i nAntruim dá
raibh sé 'na dhubhluighe gan uirgioll ar aon leabaidh dhá
bhliadhain déag. Acht cheana, ar dteacht do Mhaolmhodhaigh ar cuairt ina
dháil dotháinig agallmha ina theangaidh le ar fhéad sé a fhaoisdine do
dhéanadh, agus iar sin, d'éis absalóide agus comaoineach do ghlacadh dhó mar
budh dual, d'éag sé i stáid chóir. Och mo ghean ar an deagh-fhear so
cosamhail le crann áluinn pailme i dtigh Dé agus fós iontsamhailta le hola an
chrainn sin ag leigheas galar gach easláin agus ag soillsiughadh na ndrong slán
le a mhiorbhuilibh.



Dotháinig duine uasal deagh-chreidmheach am áirithe d'fhéachain
Mhaolmhodhaigh agus tré mhéad na muinighne dobhí aige as a mhaith dorug
sé leis i modh gada trí buigshimhne as an leabaidh ar a raibh sé 'na shuidhe
agus


L. 72


de dhruim naomhthachta an easboig agus tré a fheabhas chreidimh an duine uasail
d'oibrighidís na buigshimhne sin iomad miorbhuileadh agus buaidh as sin amach.



Ar mbeith do Mhaolmhodhaigh i mbaile dar bh'ainm Dúnvania nó Dún
Mainigh ar bórd ag caitheamh proinne agus easbog na háite fris, dar b'ainm
Nehemias, dotháinig duine uasal d'áitightheóiríbh an bhaile chuige agá
umhlughadh féin dhó 's ag déanadh éagnach thruagh leis, a bhean do bheith
torrach agus leanbh do bheith ar iomchar aici aimsir fhada tar cheart a
hunadhaidh h-ionbhaidh as ar bharamhlach cách a bheith i mbaoghal báis.
Do chuir an tEasbog Nehemias mar aon le a rabhadar ar an láthair sin
impidhe air sin fóirithin ar an mnaoi. Is truagh liom, ar Maolmhodhaigh
leis an duine cóir uasal, aindeis do mhná, óir mar chluinim is bean mhacánta
í. Agus de sin do bheannuigh sé corn dighe dobhí ina láimh, ag rádh leis
an duine uasal a thabhairt dá mhnaoi le hól agus go mbeith sí slán ó n-a
toircheas. Dorinne an duine uasal an ní céadna agus do réir gheallta
Maolmhodhaigh dorug a bhean beireatas an oidhche sin féin.



Dobhí Maolmhodhaigh agus flaith Uladh (dá ngoireann an Naomh
Bearnard Comes) mar aon le mórán eile farró ar mhágh áirithe amuigh, agus
dotháinig annsin bean eile mar an mnaoi roimhe dá láthair, ag casaoid leis
an Naomh í féin do bheith torrach chúig mhí dhéag agus fiche lá. Do ghabh
truaigh Maolmhodhaigh dhi agus de sin do ghuidh sé Dia fá réidhteach
d'fhagháil dhi agus dá bhrígh sin sul d'fhágbhaidh sí an machaire dorug sí
leanbh gan ró-doghrainne ná tinnis, cás do chuir iongna mór farra
gáirdeachas ar a rabhadar ar an mágh do láthair.



Do éirigh miorbhuil mór eile ar an áit chéadna do de sguil
Mhaolmhodhaigh acht nach d'aoinghné leis an miorbhuil


L. 73


úd roimhe .i. dobhí óglaoch nó armthach de mhuintir na flatha úd Uladh do
bhall annsin ag an oireachtas aga mbíodh bainchéile a dhearbhráthar aige go
mí-mhéineamhail mar leannán leaptha. Do labhair Maolmhodhaigh (fearacht
Eoin Baiste le hIothruaigh) leis an armthach agá aithisiughadh go géar
's ag innisin dó nach raibh sé dlightheach ná coinsiasach aige bheith ag
aoinleapthachas le mnaoi a dhearbhráthar. Do fhreagair an t-óglaoch go borb
mío-mhodhamhail amhail budh Iothruaigh é, ag rádh nach geobhadh sé
comhairle an Easboig fá'n mnaoi do thréigean, acht go gcoinneochadh í tar a
thoil, 's nach tiubhradh ceartughadh ná sásamh ann, agus le a chois sin do
tharraing roimhe fá fhearg mhóir as an oireachtas. Gidheadh, adubhairt
Maolmhodhaigh leis ar imtheacht as láthair dhó nach fada go ndealóchadh
Dia é féin agus a mhéirdreach striapaighe le a chéile, acht nach dearnaidh
seisean spéis do bhagar baoghlach an naoimh san chúis. Ní cian, trá, do
chuaidh sé ón gcnoc an uair do casadh bean uasal air san chonair, agus mar
is é seólamh an diabhail dobhí air i gcoinne aimhleasa do thairg sé
cóimhriachtanas éigeantach do dhéanadh leis an mnaoi uasail i n-aghaidh a
tola. Níor bhfada as an áit ina dtárluigh sé amhail sin don mhnaoi an baile
ina gcomhnaghadh sí. Dobhí cailín beag ag feitheamh uirthi fá'n am sin
agus ar bhfaicsin don inilt déine na cruadhóige ina raibh a máighistreás
d'ionnsuigh sí go lán-tsaothrach an baile ag aithris do chách ann an cás
inar fhágbhaidh sí í. Ar gclos na cúise do dhearbhráithribh na mná uaisle
dothángadar go dianluath do tharradhail a ndeirbhshéar, agus
ar bhfagháil an óglaoich ag cóimhriachtain léi go haimhdheónach do lingeadar
air is do mharbhadar gan mhoill é ar an áit; farra go dtáinig tásc an
mharbhtha so chum an oireachtais níbhus taoisge ná do scaoil siad
ó a chéile.


L. 74


Mar dochualadar, ámh, cách dearbhscéal anbháis an drochdhuine do réir
thairngire an Naoimh dhó, do ghabh iongna agus uamhan mór iad, agus do
leasuigh mórán díobh a mbeatha ag tréigean a mí-mhéine agus a locht, óir is
líonmhar dobhíodar daoine anmhailíseacha droch-mhéineamhail san tír roime
sin.



Dobhí fós an taoiseach nó an flaith Diarmuid abhfad ria sin meirbh tinn i
ngalar 'na luighe. Dotháinig Maolmhodhaigh dá fhios agus ar thabhairt
crothnuighthe agus milleáin air tré bheith colnaidhe craosach do choisrig sé
uisce agus do chraith sé air é ag rádh ris éirghe as a leabaidh thinnis agus
dul ar each, agus de sin fuair Diarmuid a shláinte agus aisiog ar a
dhubh-ghalar ar an bponnc, ionnas go bhfuair sé é féin i n-innmhe dul ar
marcaidheacht, agus i gcomaoin na féachana dorinne Dia air fá n-a sláinte
d'aisiog dhó, do chriothnuigh sé dícheall le haithne Mhaolmhodhaigh do
chongbháil suas.



Dotháinig duine i ndáil Mhaolmhodhaigh i gcathair Chaisil Mumhan le n-a
mhac chuige ar a raibh pairilis ag iarraidh air leigheas do dhéanadh dho. Do
rinne Maolmhodhaigh urnaighthe ós cionn an mhacaoimh ag gealladh go mbeith
sé slán. Gidheadh, dotháinig an t-óglaoch arís arna mhárach chum
Maolmhodhaigh agus a mhac tínn aige mar dobhí sé an lá roimhe. Do ghuidh,
ámh, Maolmhodhaigh Dia fá n-a shláinte d'fhagháil don leanbh ní budh
dúthrachtaighe ná do ghuidh sé ar tús é, ag iarraidh ar an óglaoch an macaomh
d'ofráil agus do bhronnadh do Dhia; agus mar do gheall an t-athair go
ndiongnadh sé mar do iarr air, do dhealuigh a phairilis leis an macaomh.
Gidheadh, mar nach dearnaidh sé fírinne dá gheallamh, d'aithfhill an tinneas
céadna ar an macaomh arís.



Ar mbeith do Mhaolmhodhaigh i gcríochaibh Mumhan


L. 75


uair eile, dotháinig duine dá láthair agus leanbh mic dhó ar iomchar aige 'na
chláiríneach gan siubhal ná luagaill luadhail ar bith ina chosaibh, acht
iad marbh leis síos. d'fhiafruigh Maolmhodhaigh den óglaoch cionnas do
chaill an leanbh spraca agus luagaill luadhail a chos. Adubhairt an fear
leis gurab é an diabhal (do réir a bharamhla) d'fhágbhaidh mar sin é agá
fhagháil amuigh 'na chodla, agus leis sin do ghuil sé ag iarraidh ar
Mhaolmhodhaigh leigheas do dhéanadh don mhacaomh. Dorinne Maolmhodhaigh
iar sin urnaighthe chum Dé ar son an leinbh, agus iar sin do chuir 'na luighe
chum suain ina chathaoir féin é, agus de sin dothug sé a shláinte agus úsáid a
chos leis as a chodla; agus mar is as áit i gcéin dotháinig sé fá thuairim
Mhaolmhodhaigh do chonguigh Maolmhodhaigh seal aimsire ina fhochair féin é
ag siubhal le a ais, i riocht go mbadh fiadhnaise ge mórán ar an miorbhuil do
rinneadh air.



Dobhí manach bocht i Mainistir Bhinnchoradh ag teacht i dtír ar dhéirc na
gcreidmheach agus a chosa farra a lámha comh lag agus sin ar easbhaidh brígh
agus láthar ionnas gurab ar a dhearnaibh d'imthigheadh sé (agus sin go
rófhann) ag tarraing a chosa marbha ina dhiaidh. d'éis bheith don bhochtán
so ar an seolamh aindeise so dhá bhliadhain déag dothug Maolmhodhaigh lá
áirithe dá aire é agus sprocht mór agus brón air. d'fhiafruigh
Maolmhodhaigh de créad an t-adhbhar dobhí aige bheith comh dólásach agus
budh tuigthe bheith air fán tráth sin. Nach bhfaiceann tú féin, ar an
manach, an chaoi bhocht mhíghléasta ar a bhfuilim de dhíth siubhail agus
spracadh aimsir fhada? Agus mar bhárr tuille ar m'anstáid, is dom
aithisiughadh bhíd cách fá bheith im mhairteóir agus im chláiríneach mar
atáim. d'fhás maoththruagh ar Maolmhodhaigh tré éagnach an bhochtáin
díoláthair agus fá'n doghrainn ina bhfacaidh sé é, agus dá bhrígh sin do
shír sé


L. 76


d'athchuinge ar Dhia fóirithin air; agus, de sin, iar ndul isteach do
Mhaolmhodhaigh dá shealla d'fhás neart agus luagaill luadhail i gcosaibh
agus i lámhaibh an chláirínigh. d'éirigh sé ina sheasamh agus dofuair sé é
féin chomh iomlán ina shiubhal agus comh infheadhma fá n-a lámhaibh agus fá n-a
chosaibh agus dobhí sé roimhe ariamh, acht gur shaoil sé ar tús nach raibh
acht phantasma nó aisling san chúis. Gidheadh, mar do thuig sé gurab fortacht
fírinneach dotháinig ó Dhia air do ghabh lúthgháire é ag moladh Dé ós árd agus
agh breith buidheachais leis tré bhrígh chum aistir agus tré aisiog a shláinte
d'fhagháil i n-athuair, farra gurab allta le gach aon eile den phobal do
chonnairc roimhe é a fhaicsin iomlán láidir mar dobhí sé annsin trés an
leigheas miorbhuileach dofuair sé.



Do shlánuigh mar an gcéadna Maolmhodhaigh duine eile ar na ceanntaraibh sin
Bhinnchoradh ó íorpais agus ó ainmhéad bronn dobhí aige, agus iar mbeith slán
don bhfear do ghabh sé le a ais bheith 'na aodhaire caorach ag manachaibh na
mainistre sin.



Do thastuigh fá'n am sin Easbog Caithreach Corcaighe agus de sin
chruinnigheadar cách ceann i gceann chum easboig eile do thoghadh ina áit acht
nach dtángadar ar oile d'aonintinn fá'n bpearsain budh dual d'ainmniughadh
(mar is gnáthach san chás sin), gach aon ag iarraidh a charad féin do thoghadh
san gcathaoir fhollamh gan féachain aca cé an duine is mó le mbadh cosamhla
fóghnadh do Dhia san dignit sin. Acht cheana, budh héigean do Mhaolmhodhaigh
teacht chum na comhdhála so do réidhteach idir chách ann, óir do bheain bhain
sé le a oifige an imrisan súd do shocrughadh agus a thabhairt ortha
teacht le a chéile fá easbog iomchubhaidh do thoghadh. Gidheadh,


L. 77


níor aontuigh sé goirm easboig do thabhairt san áit do dhuine uasal ar bith (ní
nachar thaitin leó san), agus dá bhrígh sin d'ainmnigh sé as a ucht féin
óglaoch bocht coigcrighe easlán le a bheith 'na easbog san gcathaoir, acht go
raibh sé foghlumtha fíréanda. I dtóraidheacht ámh an thoghadh dorinne
Maolmhodhaigh ar an bhfear san dochuaidh lorgaireacht air. Gidheadh, is
amhlaidh dofríth an fear tinn i ngalar a leaptha comh lag agus comh meirbh agus
sin ar mhodh nach raibh árach aige aon chor ná iompódh do chur dhe. Ar dteacht
na scéal so i ndáil Mhaolmhodhaigh d'fhuagair sé don easlán éirghe as ucht
nDé as a leabaidh agus go bhfuigheadh sé aisiog a shláinte fá umhlacht do
thaisbeánadh san chás. Dobhí, ámh, an duine cóir tinn eadar dhá chás créad
budh hindéanta dhó, óir dobhí neamh-fhonn air a bheith easurramach do leagáid
abstalta an Phápa acht teacht le n-a thoil, agus ní raibh misneach aige don
taobh eile go dtiocfadh dhe éirghe as a leabaidh ghalair (an ní dobhíothas
d'iarraidh air). Gidheadh, chum teachtadh leis an umhlacht do dhlighadh dhe
d'fhéach sé an mb'fhéidir dhó é féin do chorrughadh, agus ar ndéanadh
tairgsiona dhó amhail agus do dubhradh leis, d'airigh sé neart go leor ann féin
le n-a leabaidh d'fhágbháil le cur uime agus le héirghe amach, agus iar dteacht
dó ar coisidheacht go deigh-mhisneamhail do láthair Mhaolmhodhaigh dorinne,
ámh, Maolmhodhaigh oirneadh easbogdha air mar badh dual, agus do chomhaonta
cléire agus tuathadha na haithe háite do chuir sé ina shuidhe é i gcathaoir
Chorcaighe, óir ní bhfuair aoinneach ann féin cur i n-aghaidh Maolmhodhaigh
san chás tré fhoillsighthe na miorbhuile budh léar dhóibh do bheith arn-a
hoibriughadh leis, gach duine ag tabhairt baramhla (go háirithe an t-easlán)
gurab í toil Dé toil Mhaolmhodhaigh san gcúis sin.


L. 78


Dobhí bean uasal áirithe san tír, ar a raibh eolas ag Maolmhodhaigh agus
fós budh hionmhuin leis í tré shubháilcibh. Dobhí flux fola ar an deagh-
mhnaoi seo do chuir i seirg agus i laigbhrígh comh mhór agus sin í, ionnas
go ndeachaidh sí i mbaoghal báis. Ar mbeith in sna hainriochtaibh seo don
mhnaoi do chuir sí teacht ar Mhaolmhodhaigh ag iarraidh air cabhair do
thabhairt do thaobh a hanama, agus nach raibh súil aice go bhfeicfeadh sé
beó í le na mb'fhéidir leis fóirithin ar a corp. Ar gclos na scéal so do
Mhaolmhodhaigh do ghabh brón é tré a fheabhas na mná, 's tré mhéad na
gnaoi dobhí aige uirthi féin agus ar a deagh-bhéasaibh, agus dhe sin do
labhair sé le Malcus, dearbhráthair an Aibb Cristianus, ar ar
thráchtamar roimhe, agá chur mar bhárr luais roimhe féin agus ag aithnigh
dhe triall go lántapadh fá inneall (óir dobhí sé óg éadtrom) agus trí
hubhalla do naomhchoisrigh sé féin do bhreith leis, agus a thabhairt fá
dearadh uirthi fromhadh dhíobh agus go raibh muinighin aige i dtrócaire Dé
nach éagfadh sí nó go mbeireadh sé féin uirthi. Dorinne Malcus mar
adubhradh leis fearacht bhuachalla Eliseus (acht go mbadh éifeachtaighe
toisc Mhalcus). d'iarr sé ar an mnaoi uasail blaiseadh den toradh
bheannuighthe do chuir Maolmhodhaigh chuigthe i ndóigh go ndeonóchadh Dia
aisiog do thabhairt di ar a sláinte. Mar dochualaidh, trá, an bhean ainm
Mhaolmhodhaigh dhá luadh, mar nachar fhéad sí tré mheirbhthean a teangan
labhairt, do thairg sí comhartha do dhéanadh ag iarraidh a tógbháil suas ina
suidhe, agus ar n-éirghe dhi ina suidhe do bhlais sí den toradh coisreagtha
agus de sin dofuair sí a hagallmha agus d'altuigh sí ag breith buidheachais
le Dia: agus iar sin d'fhás fonn codalta í, ní nár ghabh í aimsir chian
roimhe sin, agus ar dtuitim sáimhnéall toirchim leathuair uirthi do thocht a
fuil, agus do mhothuigh sí í féin


L. 79


slán ón bhflux dobhí ag déanadh dochair dhi acht go raibh sí meirbh
seargthruagh ón iomarca fola agus leannta do thréig sí; agus ar dteacht do
Mhaolmhodhaigh féin arna mhárach ina dáil dotháinig lánfhortacht uirthi.



Ar mbeith do mhnaoi dhuine uasail teannta le Mainistir Bhinnchoradh in
airteagal báis do cuireadh fios ar Mhaolmhodhaigh le theacht dá
hionnsuidhe chum ola na marbh do chur uirthi. Dotháinig seisean don áit.
Gidheadh, mar is i ndeireadh lae dotháinig sé, ar chomhairle dhaoine eile
do chuir sé unga na mná ar cáirde go maidin lae arna mhárach. Gidheadh,
níor bhfada go gcualadar gártha agus golanna timcheall na mná agus í ar n-
éag. Dotháinig Maolmhodhaigh agus a dhisciobail fá thuairim na ngártha
sin, agus ar bhfagháil na mná marbh gan aimhreas, do ghabh buaidhridh mór
intinne é agus ag caoi adubhairt agus d'admhaidh sé ós árd gurab tré a
mhaineachtnaighe féin d'imthigh an bhean d'éag gan Sacramuint na hunga
déaghnaighe. Go naire sin do ghuidh sé Dia tré dhúthracht ag iarraidh a
hanama d'athchur san marbhán i gcoinne na sacraminte d'fhagháil di nach
bhfuair sí tré n-a chionfaille chionfhaillighe sin, farra gur mhóidigh sé
nach fromhadh sé de bhiadh agus nach rachfadh sé chum suain nó go
ndeonuighadh Dia an mío-thapa do thárluigh don mhnaoi do leasughadh. d'iarr
sé fós ar an mhéid dobhí ar an láthair comhnadh faire agus urnaighthe do
thabhairt dó san chás. Ar mbeith trá amhail sin ag sileadh deor ós an gcorpán
gan anam, i leabaidh na hola beannuighthe d'fhailligh sé do chur ar beó-anam,
agus cách eile ag comhghuidhe fris mar d'iarr sé ortha feadh na geamhoidhche,
d'éist Dia le n-a naomh féin agus d'fhoscail an bhean mharbh a súile timcheall
na maidne. Do chuimil sí lámh dhá héadan ag éirghe ina suidhe agus ag
beannughadh


L. 80


go modhamhail do Mhaolmhodhaigh. Mhalartuigheadar cách a mbrón ar
lúthgháire iar sin agus do mhol Maolmhodhaigh Dia ag breith buidheachais
leis tré éisteacht le n-a urnaighthibh. Gidheadh níor ghabh sé gan an bhean
d'onga leis an ola choisreagtha mar dobhí a fhios aige, do réir ráidhte
an scrioptúra, brígh do bheith san tsacrameint sin peacaí cháich do
mhaitheamh dhóibh agus go bhfóireann urnaighthe an chreidimh donídhthear le
n-a linn ar an easlán maille re Dia dá thógbháil as an ngalar ina mbí sé,
agus iar sin d'imthigh Maolmhodhaigh as an áit. Agus d'éis bheith don
mhnaoi seal aimsire beó agus breithe aithrighe d'achtaidh Maolmhodhaigh
foirrthe do chóimhlíonadh, d'éag sí go ró-chríostamhail i ndeagh-stáid.



Dobhí bean áirithe san gcrích ar a bhfuair ainspiorad feirge, boirbeachta
agus an mío-shuaimhnis treise agus cumhachta chomh iomarcach agus sin
ionnas nach é amháin a bheith doiomchair aga comharsanaibh acht nach
féadfadaois a clann féin a doiriarthacht a hainimhe agus a dianchuthach
d'fhulang ar ionmhodh. Agus dá bhrígh so dothugadar do láthair
Mhaolmhodhaigh í ag casaoid uirthi agus ag iarraidh air dá mbadh éidir é
gné éigin suaimhnis nó socrachta do chur innti. Do ghabh truaigh
Maolmhodhaigh don chlann fá'n éagnach dobhíodar do dhéanadh ar a máthair
agus dá dhruim sin do chuir sé ceist ar an máthair an ndearnaidh sé sí a
faoisdine abhfad d'aimsir roimhe. Do fhreagair sise ag admháil nach
dearnaidh. Déan má'seadh faoisdine anois gan cháirde, ar Maolmhodhaigh.
Agus ar ndéanadh faoisdine amhail sin di, d'éis breithe aithrighe agus
beannacht an naoimh do ghlacadh, do dhealuigh a doiriaracht agus a
boirbeacht léi, agus do chlaochlaidh sí chum bheith socair soirbh lán
d'fhoidhne agus de bhúidheacht, óir d'fhuagair Maolmhodhaigh dhi a hucht
nDé gan bheith borb


L. 81


ná árdfheargach ní budh mó. Acht cheana, tuig a léaghthóir annso gurab mó
an mhiorbhuil dorinne an naomh annso iná roimhe go hinmheadhonach, óir níor
aithbheodhuigh sé annsúd acht corp marbh; gidheadh, dothug sé annso beatha
fhírinneach mar aon le grásaibh Dé d'anam mharbh.



Dotháinig duine uasal onórach aga raibh dúthracht fá fhóghnamh do Dhia
d'ionnsaighe Mhaolmhodhaigh ag cur síos do i modh casaoide nach
bhfuigheadh sé féin a dhíol deór aithrighe le sileadh mar budh mian leis.
Dorinne Maolmhodhaigh air sin fothgháire, agus ag cuimilt a ghéill do
phluic an duine uasail adubhairt sé leis go failighe: Bíodh agat
mar d'iarrais. Agus as sin amach dogheabhadh an duine maith sin deora
aithrighe le lándortadh chomh líonmhar agus sin ionnas nach rabhadar a dhá
shúil acht amhail dhá thobraid ag síor-shileadh uisce de ghnáth, ag teacht
dar leat le ráidhte an Scrioptúra i gcás eile mar an gcás so.



Atá oileán mara i n-imlibh Éireann ina mbíodh roimhe so anallód gabháil mhór
ar iasc nó ar an gcuan teannta leis. Fá an am sin, ámh, tré pheacaí cháich,
mar is ceart a chreideamh, ní faighthí tábhacht éisc ar an gcuan so an
oileáin sin. Do tarfás, ámh, reuelation do mhnaoi shimplidhe den áit go
bhfuighidís fortacht fá'n teirce éisc dobhí ortha dá dtogradh
Maolmhodhaigh urnaighthe do dhéanadh ar a son, mar do nochtadh in aislinge
sin na mná do chách. Iar dteacht do Mhaolmhodhaigh chugtha don cheanntar
ar umchuairt visitation, mar budh gnás aige, do shíreadar d'athchuinge air
an aimrideacht agus an easbha éisc do thárluigh le seal ar an gcuan do
leigheas agus d'fhortacht. d'aimhdheoin, trá, gur ghoill ar Mhaolmhodhaigh
mí-órdúghadh agus neamh-chuibheas na haisce d'iarradar tuathánaigh


L. 82


ainbhfiosacha an oiléin air ag ar mó do ghoill ortha bheith ar easbha éisc
ná ar dhíth grás nDé do theastuigh uatha, agus tar gur innis sé dhóibh nach
iascaireacht shaoghalta talmhaidhe acht iascaireacht spioradálta dobhí 'na
cheist air, agus fós gurab ag foideoracht ar anama daoineadh do ghabháil i
líon bréithre Dé dobhí sé ag triall timcheall Éireann ar a visitation, ar
dtabhairt chreidimh na n-ainbhfiosán dá aire do shléacht sé ar bhruach cuain
an oiléin, agus do shír d'athchuinghe ar Dhia (gion gurbhfiú áitightheóirí na
háite a n-aisce d'fhagháil) tré a thrócaire féin grása do dhéanadh ortha,
agus líonmhaireacht éisc do chur ar an gcuan agus gabháil do bheith aca air
mar dobhí roimhe ó thús, agus de sin gan mhoill d'fhás iomadamhlacht éisc
timcheall ar chuan an oileáin ní budh líonmhaire iná budh gnáthach aca ann
aon uair roimhe. Agus bíodh dar leat gurabh iongna so, ní mór gurab
indéanta iongna dhe, óir is cóimhdheas urnaighthe an fhíréin le dul thríd na
spéiridhibh do láthair Dé agus iasc na farraige do theacht ó gach taobh ar
aon chuan.



Do réir tola cháich dothángadar ceathrar easbog (ar a raibh Maolmhodhaigh
mar cheathramhadh fear) go baile dar bh'ainm Fochart (áit i na rugadh
Brighid mar aithrisid seandaoine) agus ar mbeith dhóibh annsin i dtigh
sagairt dobhí sé 'na chruadhchás ar an sagart cionnas dogheobhadh sé iasc
do na heasbogaibh sin ar a bproinn, agus de sin do chasaoid sé an cás le
Maolmhodhaigh. Adubhairt Maolmhodhaigh leis iasc d'fhagháil ó na
hiascairibh. Do fhreagair an sagart ag rádh nachar fríth aon ghreim éisc ar
an abhainn dobhí teannta leó san áit ar feadh dhá bhliadhan roimhe, agus dá
bhrígh sin nachar fhan iascaire ar bith ag an abhainn na dha coir ar
aon nós. Thairis sin adubhairt Maolmhodhaigh líonta do chur amach agus


L. 83


fógairt do dhéanamh ar an abhainn as ucht agus i n-ainm Dé. Dorinneadh
an ní céadna agus do gabhadh don dul sin dhá bhradán dhéag. Dotugadh dul
eile agus dofríth an urdail sin arís i riocht go raibh a sáith éisc ag cách
le cur ar bórdaibh agus le hitheadh an tráth sin. Acht cheana, badh leór
d'fhoillsiughadh ar an miorbhuil sin do theacht do thaobh Mhaolmhodhaigh
mar do chomhnuigh a seascadhacht féin ar an abhainn dhá bhliadhain eile
d'éis na huaire sin.



Dobhí cléireach i gcathair Leasa Móir nach raibh mío-chátach ná díomolta
fá a bheatha gion gur bhfolláin ceart a chreidimh, agus, bíodh nach raibh
acht lag-fhoghluim ag an bhfear, tairis sin is árd lánmhar an bharamhail do
bhí aige dhó féin, agus imeasc gach saobh-chéadfadh dá dtug sé dá aire níor
ghabh sé gan a rádh nach raibh Corp Críost go fírinneach i Sacramint na
hAltóra. Do chrothnuigh Maolmhodhaigh go minic é ag labhairt leis ar fhód
fá leith 's ag iarraidh air gan bheith ag seasadh ar an bponnc earráideach
so, agus níor ghabh sé crothnughadh ná comhairle chuige. Mar dochonnairc
Maolmhodhaigh easumhlacht shaobhdha an chléirigh, do chuir sé teacht agus
cruinniughadh ar dhaoinibh cléirceamhla foghlumtha na críche agus tug sé
cead don chléireach úd opinion (bíodh go mbadh earráideach é) do
dhíospóireacht agus do chosnamh (dá bhféadadh) do láthair an chruinnighthe
sin, agus bíodh gur thairg an cléireach a opinion bréagach do sheasadh agus
greamughadh dhe (amhail budh fírinneach é) do sháruigh agus do chlaoidh
Maolmhodhaigh le harguimintibh agus le réasúnaibh doifhreagarthach é
d'fhiadhnaise agus de chéadfadh a rabhadar ar an áit. Gidheadh, níor ghabh
an fear mearuighthe sásamh acht is é adubhairt tar ar thagair
Maolmhodhaigh gurab aige féin dobhí an fhírinne agus an chóir, agus nach
ó cheart ná de dhruim


L. 84


réasúin do buaidheadh an cás le Maolmhodhaigh acht do thaobh an ughdaráis
agus na honóra dobhí aige. Thairis sin do ghoill go mór ar
Mhaolmhodhaigh easurraim éigcéillidhe an chléirigh, farra gur róchealg é
an éagcóir dobhí dhá déanadh ar chreideamh nDé ar a amharc agus ina
fhiadhnaise. Agus ar an adhbhar sin dothug sé an fear doitheagaisc ar
choinne na hEaglaise go poiblidhe agá spreagadh ós árd agus ag iarraidh ar
éirghe as an ainbhfios earráideach in a raibh, agus géilleadh don bhfírinne
diadha, d'fhuagradar easboig agus cliar uilidhe na talmhan an ní céadna dhó
ag rádh ris teacht ar chomhairle agus aithne leagáid an Phápa, agus mar nár
bh'áil leis bheith umhal ná diúltadh don earráid dhiabhlaidh dá raibh sé ag
sírghreamughadh, do leagadar bang agus coinnealbháthadh air, ag gairm eirice
dhe, acht nár bhfeairrde dhóibh, eisean de shíor ag buantseasadh ar a
dhroch-opinion lochtach féin agus ag maoidheadh ar na heasbogaibh eile úd
gurab claon-bhreith éagcórach dobhíodar do bhreith i n'aghaidh féin 's i
n-aghaidh na fírinne tré bháidh le Maolmhodhaigh agus le a dhignit onóra.
Do ghoin an t-aisfhreagra so an chléirigh Maolmhodhaigh go rómhór, agus de
sin a los a mhí-chéadfaidh air do ghuidh sé Dia ós árd ag iarraidh air a
thabhairt ar an gcléireach an fhírinne d'admháil san chás i gceist dá dheoin
nó dá aimhdheoin, agus do fhreagair an cléireach go haindiuit:
Amen. Agus le a chois sin do scaoil an chomhdháil, agus mar nach bhfacaidh
an cléireach modh ná meas ag aoinneach san áit fá n-a choinne féin, do thóg
sé a throscán agus do tharraing leis as an láthair chum go dteibh
i n-ionad éigin eile as amharc cháich dá fhalach féin.
Gidheadh ní cian an triall dorinne sé ar aghaidh an uair do ghabh tinneas
géar agus dian-ghalar é ionnas nach é amháin a shiubhal agus


L. 85


a luaghaill do chliseamhain air, acht go mbadh éigean dó é féin do
theilgean fá lár, agus fós tré nimh an ghalair dotháinig go tobann air
bheith dá iomlat féin agus agá unfairt féin go hanúsloingeach
hanéislinneach ar an mball céadna ina treascaradh é gan árach aige an
áit d'fhágbháil. Ar mbeith, trá, in sna hainriochtaibh seo dhó fá phéin
tinnis agus fá dhimbhrígh, do bhuail fear mire chuige dobhí ag taisteal na
tíre agus an fhearainn 's ag imtheacht roimhe le gealtacht. Do fhiafruigh
an gealtán den chléireach créad dobhí dá chongbháil agus dá bhuaidhreadh ar
an áit sin. Do fhreagair seisean ag innision gurab tinneas géar nimheamhail
dobhí ag déanadh buadhartha do, le ar chaill sé a uile luaghaill luadhail
agus brígh. Is é shaoilim féin, ar an fear cuthaigh, gurab galar báis atá
fort (agus badh fíor dhó), agus ar an adhbhar sin dá mbadh áil leat filleadh
tar hais don bhaile seo ór thriallais, do chuideochainn féin leat le
himeacht san tslighe. An cléireach, ámh, d'eitigh roimhe sin géilleadh do
lucht réasúin, tré dheonughadh Dé do ghabh sé annso comhairle an ghealtáin
ainbhfiosaigh, ag filleadh leis don bhaile lé ar chuir sé go heasaontach cúl
roimhe sin, agus níorbh é sin amháin acht do thuig agus d'admhuigh sé an
éagcóir do bheith aige féin san chás dobhí roimhe i gceist idir an gcléir
agus é, agus dá bhrígh sin iar gcur teachta ar Mhaolmhodhaigh d'iarr agus
dofuair absolóid uaidh, ag glacadh lóin báis na gcreidmheach fá n-a bhroinn
.i. Dia-chorp beannuighthe Chríost, agus dá éis sin gan mhoill d'éag sé
'na aithridheach admhálach aithmhéalach fá'n opinion lochtach earráideach úd
dá dtug sé aire agus aghaidh roimhe tar cheart, ar mbeith do chách uile lán
d'iongna fá chinneamhnaighe an bháis dorug é, agus ag cuimhniughadh gurab
díol a luaithe do fíoruighadh dá thaobh ráidhte grinn an Spioraid Naomh san
Scrioptúir adeir go


L. 86


n-oibrigheann crádh nó doghrainn tuigse na ndaoine i gcásaibh ina rabhadar
(budh éidir) ainbhfiosach ria sin.



Do thárluigh aimhréidhteach mór agus eisíth idir dhá phobal nó dhá chine san
tír chum ar hiarradh Maolmhodhaigh chum réidhtigh agus síothchána do
cheangal eatorrtha leath ar leath, agus mar nachar fhéad Maolmhodhaigh dul
chugtha ar an gcoinne sin ina phearsain féin do chuir sé easbog eile dobhí
ina fhochair chugtha ar a shon. Dochuaidh an t-easbog chum na comhdhála
agus do achtuigh agus do shnadhmuigh sé báidh agus síothcháin idir an dá
rann abhus agus thall. Gidheadh, ar bhfaicsin do rann aca an taobh eile do
bheith níos laige iná iad féin, do neamhthoil an easboig agus contrárdha don
tsíothcháin do cheangail sé eatorrtha leath ar leath, do thairgeadar an
tionól eile d'ionnsuighe go namhdach agus a marbhadh. Uch, uch, ar an t-
easbog, a Naomh Maolmhodhaigh cháidh, is déistineach glonnmhar an toisc
seo ina dtáinig mise annso uait, óir san áit inar shíl me maith agus leas
cháich d'oibriughadh is mille mór agus olc atá ag éirghe ann tré mo
shiocair. Go naire sin, ar sé (agus é ag deórfartaigh agus ag filleadh
tar a ais don taobh an ar fhág sé Maolmhodhaigh), guidhim agus
athchuinghim thú an fhoghail agus an dochar so atá ar bhfás anois do bhall
do thoirmeasc. Agus de sin gan mhoill, dochuaidh drochspiorad bhréagach i
mbéalaibh dhaoineadh ar an bhfearann d'aithris go neamhfhírinneach do
fheadhain mhíochoingheallach úd dobhí ar tí briste síthe agus millteanas
d'imirt ar an taobh eile tar aithne an easboig, go rabhadar sluaighte
uimheardha eascáirdeacha san mbaile táir aindeis ag creachadh 's ag marbhadh
ar fhágbhadar ina ndiaidh. Iadsan ámh ag géilleadh don aithris bhréige sin
dorinneadh dhóibh, d'fhilleadar ó thóraidheacht ní budh mó do dhéanadh ar a
mbíodhbhadhaibh


L. 87


dobhí ar a gcoinne. Gidheadh ar ndul dóibh tar a n-ais dá n-áitibh féin
ní bhfuaradar tuairisc ar bith namhad ann, nó fós fios cé ór shíolruigh an
scéal bréagach úd budh siocair le filleadh dhóibh chum baile ón ár do
bhéardaois ar a naimhdibh dobhí briste i rian raon madhma rómpa. Acht
cheana, do thuigeadar gurab tré dheonughadh speisialta Dé, agus do thaobh
Mhaolmhodhaigh Naomh agus an easboig chóir eile, badh comisáir do,
d'éirigh an mealladh iongantach úd dóibh féin.



Mar dochualaidh, ámh, Maolmhodhaigh fios agus réidhteach an dá rann
reimhráidhte do dhul ó chéile ar an modh úd, do chuir sé fios ortha ceann i
gceann agus do nascaidh cáirdeas agus báidh eatorrtha leath ar leath agá
gcur fá mhionnaibh gan briseadh síthe do dhéanadh abhfus ná thall. Gidheadh
dobhí dubhaingiodacht dubhaingidheacht ar bun ag an bpáirtidhe úd, ar ar
briseadh focal roimhe, don drong eile do chlis ortha, gion go dtárluigh
dochar dhóibh sin de, agus dá bhrígh sin ar mbeith dá mbíodhbhaibh gan
uamhan ná faire ortha féin acht iad ar scáth na síothchána d'achtuigh agus
d'fhág Maolmhodhaigh eatorra, do ghléasadar sluagh líonmhar armthach agus
do thrialladar i gcoinne foghla agus marbhtha d'imirt ortha. Dobhí, ámh,
abhainn mhór agus glaise bheag éadtrom ar an tslighe rómpa tré a raibh a n-
imtheacht, agus d'éis na haibhne móire do shárughadh dhóibh (agus an aimsir
thirm shoineanta ann), dofuaradar lán-tuile mhór chomh árd agus chomh
leathan agus sin san mbeagghlaise reimhráidhte, ionnas nachar fhéadadar ar
aon nós dul thairsti ná a gabháil. Mar dochonnairc, trá, an sluagh an t-
ainlíonadh iongantach so dorinne an sruthán thar ghnás, a shamhail nach
bhfacadar ariamh ann, do thuigeadar gurab lochtach mío-choingheallach
neamh-chóir do chuir siad féin rómpa


L. 88


clisiughadh ar an réidhteach agus ar na mionnaibh fá ar luigheadar d'óglaoch
nDé, do Mhaolmhodhaigh, agus do chreideadar go fírinneach réasúnta gurab
tríd sin d'éirigh an toirmeasc úd dhóibh tar ghnás. Ar ndul ámh don éacht
so ós árd in sna críochaibh thart do gach leath, do mholadar Dia, ag breith
buidheachais leis tré a mhiorbhailibh ag gabháil na bpeacach úd i saghainn
phaintéir a saoibhghliocais agus ag árdughadh a dheagh-fhóghantach féin ar
a dtéid ola dhó tar chumhachtaibh an aosa fuatha.



Ar mbeith do Ríogh Éireann feargach le haon dá mhóraraibh nó dá dhaoinibh
príomhuaisle do tharraing Maolmhodhaigh réidhteach eatorra, farra go
ndeachaidh sé i dtacaidheacht don mhórar nach rachadh an rí tar an
réidhteach dorinneadh ann, acht go mbeadh sé fírinneach do réir a gheallta,
óir ní luighfeadh an mórar fá ghrásaibh ná fá iocht an righ acht le
Maolmhodhaigh nó le a shamhail eile de dhuine phribhiléideach d'fhagháil i
n-urradhas air fá bheith i mbun a fhocail, ní nár bhfoláir do, ar an adhbhar
nach taoisge do léig sé féin fá ionchain an rígh ag dul do bheith
ar a choimhéad air ná do bhris an rí a fhocal dó agá ghabháil agus agá chur
i gcarcair, i dtóraidheacht na sean-aingidheachta dobhí roimhe aige dhó.
Dothángadar annsin cáirde agus gaolta an mhórair chum Maolmhodhaigh ag
innisin dó agus ag maoidheadh air gurab é do bheain bhain a nduine dhíobh
agá iarraidh air i n-athuair. De so do ghoill droch-eacht an rígh go mór
ar Mhaolmhodhaigh agus dá bhrígh sin do chuir sé fios ar a dhiscioblaibh
agus do thriall sé féin agus iad mar a raibh an rí ag iarraidh air do réir a
fhocail agus de dhruim an urradhais inar chuir sé é féin air, an mórar do
leigean amach as an láimhsiughadh agus as an gcarcair i na raibh sé aige.
Gidheadh, ní thug an rí cion


L. 89


ar a chainnt. Bíodh, má seadh, a fhios agad a rí, ar Maolmhodhaigh, nach
blaisfeadh mise ná aoinneach den chléir seo farram biadh ná deoch go
leigthear an mórar amach fá réir as an ngéibheann ina bhfuil sé agadsa i
láimh. Agus le a chois sin d'ionnsuigh sé féin mar aon agus a chliar an
teampall budh goire dhóibh ag troscadh agus ag guidhe Dé lá go n-oidhche fá
shaoirse d'fhagháil don mhórar as na glasaibh ina dtárluigh é. Acht cheana,
is é gliocas doconnacthas don rígh do dhéanadh san chúis (gion go raibh ina
ghliocas acht óinmhideacht) druidim as an áit agus iarraidh do thabhairt ar
imtheacht i dteicheamh, óir d'fhás eagla air roimh urnaighthe
Mhaolmhodhaigh agus a naomh-chléire. Gidheadh, níor bhfeairrde dhó, de
bhrigh gur bheain bhain Dia a radharc de ar a theicheamh agus gur fhan sé
amhail sin dall nó go mbadh éigean dó scaoileadh don bhraghaid agus a
leigean amach as príosún. Dar leat, trá, budh samhail an rí duismeanta
droch-choingheallach so arn-a dhalladh mar so go corpardha agus ag fagháil
a radhairc arís leis an madadh allta Saul arn-a chaochadh go
miorbhuileach, agus arís ag glacadh amhairc an chreidimh chóir fá lámhaibh
Annanias, gion go raibh sé acht i bhfíoghair chaorach. Tuig as so, a
léightheóir, (ní is iontuigthe dhuit) créad an bhúidheacht agus an mhaith
dobhí i Maolmhodhaigh, agus tabhair dod haire don leath oile créad an
sórt prionnsadha agus poibleach farra a dtárluigh sé, nach amhail
dhearbhráthair dobhí sé ag dragúnaibh, nó mar chompánach ag strutiones.
Dá bhrigh so dofuair sé cumhachta agus buadha ó Dhia saltairt ar
aithreachaibh nimhe agus a chos do leagadh ar scorpiones, farra treise do
bheith aige ar anfhlathaibh agus ar dhroch-ríghthibh na gcríoch sin do
chreapall fá bholtaibh, agus fós ar a dtaoiseachaibh éagcóracha do chur i
nglasaibh lámh. Éisteam ámh le tuille.


L. 90


Caibidil 13.



Adubhramar roimhe seo nachar iarr Maolmhodhaigh, ar nglacadh ceannais
Mainistre Bhinnchora dhó, dul i seilbh fearainn na mainistre ná i seilbh
aon ní dár bheain bhain di, acht gurab duine eile d'fhágbhaidh sé i n-
urláimh. An té, ámh, ag ar fhág sé an urláimh seo, ní buidheach acht
diombuidheach dobhí sé dhe, óir ní léigeadh thairis agus ní theibeadh sé
olc ar bith budh fhéidir leis d'imirt ar Mhaolmhodhaigh agá aithisiughadh
ar a choinne féin agus ag déanadh ithiomrádha agus ceilge ós íseal air, do
réir mar dogheibheadh sé slighe nó siocair. Gidheadh, ní dheachaidh an t-
olc agus an mhailís leis saor ó dhíoghaltas nDé do theacht air dá thaobh, ar
an adhbhar gur chaill sé a aonmhac, is gan a mhalairt aige, ar an mbliadhain
sin, acht go mbudh mac aithreamhail an mac cosamhail le a athair i
lochtaibh. Ag so, ámh, dhuit stair anbháis an mhic. Doconnacthas iomorra
do Mhaolmhodhaigh eaglais do thógbháil ag Binnchoraidh de chloich do
réir mar dochonnairc sé i régeonaibh eile críostamhla do shiubhail sé,
cealla arn-a ndéanadh de chloich. Agus ar mbeith dhó ar tús ag cur
fuinneméad na hoibre síos, do ghabh alltacht muintir na tíre fá'n
bhfuinneméad cloiche d'fhaicsin, óir ní rabhadar oibre ar bith san talamh
roimhe sin arn-a tógbháil de chloich. An droch-mhac úd, ámh, níor leor
leis iongna do bheith air, fear mar chách, acht do ghoill air an tionscla
oibre úd dobhí ag an naomh dá thosughadh, agus de sin do thairg sé a
thoirmeasc ag labhairt go holc is go hithiomrádhach air le gach aon taobh
amuigh dhe, agus ag maoidheadh go mbadh neamh-ghnásamhail an téisclim do
chuir sé roimhe, agus fós nach tiocfadh dhe a chríochnughadh tré a
dhaor-


L. 91


chostasaighe, agus dá bhrigh sin go mbadh ualach saobh-nósach dhó lámh do
chur 'na shamhail d'obair, agus le a chois sin do labhair sé le droing
dhaoineadh ar ar mheas é féin do bheith 'na chomhairleach ag innisin dóibh
nachar dhual agus nár dhleacht a shamhail sin d'obair neamh-ghnásamhail
onóraigh do chur suas san tír gan a n-aonta san d'fhagháil le a déanadh ar
tús, agus as sin go mbudh dulta dhóibh dá bacghail. De sin dotháinig sé
féin agus an bhuidhean reimhráidhte ina fhochair mar a raibh Maolmhodhaigh
ag tosughadh a oibre, agus is é adubhairt leis: A dhuine chóir, créad an
saothar nuadh so atá tusa do thionscladh eadrainne tar gnás ár dtíre, nach
cuimhnigheann tú gurab Scoit nó Gaodhail sinne agus nach Franncaigh ná Fine
Gall sinn? Créad an andánacht agus an éagantacht dhuitse obair comh daor
agus comh mór saothar agus so do ghabháil led hais i n-ár ndúthaighne,
obair nach budh féidir dhuit a críochnughadh ná a tabhairt chum cinn go
bráth? Go naire sin, scuir den obair agus den antsaothar so inar chuir tú
lámh go héigcéillidhe, farra go bhfuilmídne ag innisin duit acht muna
leigeadh tú dhíot dul ar haghaidh innti go gcuirfeam toirmeasc ort fá bheith
léi. Ag so budh caint don óigfhear bhaoth mhailíseach so, gion go raibh ina
chumhachtaibh fírinne do dhéanadh dá ollghlór leamh lochtach, óir iar
bhfaicsin gnúise fáilidh an naoimh do chách eile dobhí ina fharraid, do
locadar uaidh fá theacht leis san mío-rún ndroch-inntinneach le a dtáinig
sé don láthair.



Acht cheana, do fhreagair Maolmhodhaigh don taobh eile go deagh-
mhisneamhail neamh-eaglach é ag rádh leis go mbadh duine dona mío-
choinsiasach é, agus d'aimhdheoin a brum-urruis agus a mhailíse go
ndeonóchadh Dia an obair do bhall do bheith arn-a críochnughadh i


L. 92


bhfeiste mhaith, agus bíodh go mbudh fiadhnaise mórán ar bheith amhail sin
deagh-ollamh dhi, go mbéaradh anbhás eisean leis sul do roicfeadh leis a
faicsin críochnuighthe. Gidheadh, ar sé, tabhair dod haire, a ógánaigh,
nach i bpeacadh do éagfadh. Acht cheana budh fíor ráidhte Mhaolmhodhaigh
san chás, óir do thastuigh an t-óigfhear taobh istigh den bhliadhain ar a
rabhadar. Ar gclos, trá, do dhroch-athair an ainbhfiosáin óig lochtaigh úd
tásc a mhic agus an seolamh ar ar imthigh sé, d'fhás fuath mór agus gráin
aige ar Maolmhodhaigh ag rádh ós árd agus ag maoidheadh gurab é tré a
mhailís budh siocair le bás a mhic, agus mar dobhí an droch-spiorad agá
ghríosadh le dul ar aghaidh i gconair aimhleasa, do thairg sé iomad locht
agus coirrthach mbréagach do chur 'na leith do láthair árdfhlatha Uladh agá
aithisiughadh go ró-dhian, agus ag rádh leis nach raibh ann acht apa nó sím
do leigeadh air féin bheith fíréanda cóir agus gan córtas ná fíréandacht ar
bith ann. Níor fhoscail, ámh, Maolmhodhaigh a bhéal i n-aghaidh na masla
so dobhí sé d'fhagháil, agus ní mó do ghabh sé a leithscéal fá aon locht dá
raibh an t-óglaoch droch-ráidhteach so do mhaoidheamh go neamh-fhírinneach
air. Gidheadh, níor fhoidhnidh Dia an aithis éagcórach mhío-mhodhamhail
seo d'fhagháil dá fhóghantach dílis féin i n-aisce, acht ag cuimhniughadh ar
leath ar a ráidhte féin san Scrioptúir, mar a n-aithnigheann sé crothnughadh
gach éagcóra ar bith d'fhágbháil aige féin le díoghaltas do dhéanadh
thríthe, d'fhuiling sé don diabhal (badh hughdar don anduine úd an naomh do
mhaslughadh mar do luaigsiom luadhamar) seilbh do ghlacadh ann an lá sin
féin, agá theilgean d'urchar san teine dobhí istigh, inar loisceadh cuid
mhór dá chorp agus ina ndóighfí uile é acht tarradhail cháich a
bheith air. Gidheadh, do thaisbeain an t-áidhbhirseoir é féin comh calma
agus


L. 93


sin ar mhodh go mb'éigean fuireann líonmhar d'fhearaibh arrachtacha do
bheith dá chongbháil. Ar mbeith, iomorra, ar an mío-nós ainnimheach sin
dó, lán de chuthach dheamhanda, dotugadh Mhaolmhodhaigh chuige agus tar
ar thaisbeain sé de namhdas roime sin dhó níor fhailligh sé Dia do ghuidhe
ar a shon tré dhúthracht, ag iarraidh air a shaoradh ón anbhroid fá a raibh
sé ag an diabhal agus a shláinte d'aisiog dhó. Acht cheana, ní bhfuair an
naomh cion acht ar pháirt dá urnaighthibh, óir bíodh gur fhás a chiall i n-
athuair don óglaoch, níor dhealuigh an diabhal leis ó bheith i dtreise air,
agus le a bheith agá thrombhualadh agus agá bhorbsmachtughadh go minic tré
bheith imdheargach aithiseach dhó ar fhóghantach naomhtha Dé, farra go
dtigeadh mire agus gealtacht fá seach air. Iar ndul ámh, don té sin i
meirbhthean agus i neamh-thábhacht tré a ghalar agus trés an deamhnóireacht
ngnáithigh dobhíodh ag tagall aige, d'fhill urlámh chas an fearainn dobhí
sé do chongbháil tar cheart go sroighthe sin ón mainistir chum na mainistre
féin arís, agus dochuaidh Maolmhodhaigh ina seilbh i n-ainm na mainistre.



Acht labhram feasta ar shaothar Maolmhodhaigh ag tógbháil na heaglaise
reimhráidhte ag Binnchoraidh. Is fíor nach raibh airgead ná stór ar bith
eile ag Maolmhodhaigh fá'n am inar thosuigh sé an obair reimhráidhte
úd. Gidheadh, dobhí a dhóigh agus a mhuinighin i nDia, agus dá bhrigh sin
d'fhéach agus d'fhóir Dia air in a riachtanas, óir níor leig sé riachtanas
ná easbha ar bith air an ghein dobhí sé leis an obair, agus muna budh é Dia
féin go speisialta miorbhuileach dobheireadh tarrthadhail dó,
cionnas dogheobhadh sé an chiste i bhfolach dofuair sé, nó nachar
bh'iongna (ce bé d'fholuigh an chiste san áit) nachar fríth roimhe é? Is
fíor, má 'seadh go bhfuair feadhmannach nDé cosc a riachtanais as sparán an
Choimdhe dofuair sé sin,


L. 94


agus badh ceart a fhagháil dó, ar an adhbhar nach raibh cás ann budh cirte
ná an té do thréig áirithe agus dísle na n-uile neithe mar gheall ar bheith
i leith an Tighearna, bheith i gcomhurlámhachas aon sparáin leis an
Tighearna céadna, farra gurab é an saoghal uile gan roinn ciste an
chreidmhigh, agus créad é an saoghal féin acht sparán fairsing an Dúilimh?
An stór úd, trá, do thárluigh do Mhaolmhodhaigh tré dheonughadh is tré
oirbhire Dé, ní hé a thaisce ná a choigilt dorinne sé, acht a chaitheamh go
fial re seirbhís nDé gan fhiafraighe ná ceist do chur cionnas dogheobhthaí
ní ina leabaidh ag fágbháil réidhtigh gach cruaidheastail i leith
árdchabharthaigh cháich .i. Dia. Atá foillsiughadh eile fós nachar
bh'fhéidir gan deigh-chríoch do bheith ar an obair úd, óir ar mbeith do
Mhaolmhodhaigh ar tí láimhe do chur innti do cheistnigh sé an cás le n-a
mhanachaibh agus mar fuair sé neamh-fhonnmhar iad fá eisean ná iad féin do
bhualadh fá dhaor-obair chostasaigh (mar dobhí an obair dobhí sé do
luadh leó) agus gan de bhun aca le n-a críochnughadh acht bochtacht agus
déirc, do chuir sé an chúis chum Dé agá ghuidhe a mhúineadh dho créad badh
hindéanta dhó dá thaobh agus le a chois sin badh léar dhó fíoghair nó sompla
cille móire deagh-mhaisighe ar a choinne, agus ar bhfaicsin an tsompla
chrutháluinn sin dó amhail sin do ghabh misneach é fá'n obair do thosaigh
as ucht nDé. Acht gur nocht sé an teasbánadh úd do tarfás dó do
chuid dá mhanachaibh budh seicréidighe aige iná an chuid eile, agus tar gach
ní do chriothnuigh sé dícheall leis an eaglais dobhí le tógbháil aige do
dhealbhadh i samhlachas an tsiompla do taisbeánadh dó, fearacht Mhaoise
anallód le a ndubhairt Dia an tabernacle dobhí le cumadh aige do dhéanadh
do réir an phatrúin do taisbeánadh dhó ar an sliabh. Agus ní hé so amháin
acht


L. 95


is ar an seólamh gcéadna so do thóig Maolmhodhaigh Mainistir Sabhuill
maille re revelation agus le léargas d'fhagháil ó Dhia ar a foirm agus ar a
cruth.



Ar mbeith, trá, do Mhaolmhodhaigh ag triall trí chathair áirithe agus
pobal líonmhar ar gach taobh dhe ag amharc air, d'éirigh macaomh óg eatorra
suas ós árd chum radhairc d'fhagháil air, amhail budh é Zaceus é ag éirghe
anáirde tar chách 's ag dearcadh ar Chríost. d'fhéach Maolmhodhaigh ar
an ógánach agus d'fhaisnéis Spiorad Dé dhó créad an claonadh maith deagh-
intinne dobhí faoi, bíodh go ndearnaidh sé rún ar an revelation sin amhail
nach beith a fhios aige, gidheadh, d'aithris sé dá bhráithribh san
oidhche san teach ina rabhadar ar oidacht an tseicréid do
léigeadh leis fá'n ógánach. I bhfoircionn, ámh, trí lá iar sin, dotháinig
duine uasal badh máighistir don ógánach reimhráidhte d'ionnsaighe
Mhaolmhodhaigh ag ofráil an ógánaigh dhó agus ag iarraidh air a ghlacadh
chuige ina sheirbhís imeasc na coda eile dá mhanachaibh riaghalta, agá
mholadh leis mar adhbhar deagh-dhuine. Do ghabh Maolmhodhaigh leis an
ógánach ag ínnsin don duine uasal nachar leig sé do leas a mholadh leis
féin, de bhrígh go raibh deagh-theist aige air roimhe sin ó Dhia, agus le a
ais sin do sheachaid é don Abb Conganus nó do Chomhgan, agus dothug
Comhgan do na bráithribh é dá leasughadh agus dá mhúineadh. Dotháinig,
iomorra, an fear óg so fá dheoigh chum a bheith comh riaghalta agus comh
foirfe agus sin (tar bheith 'na mhanach thuata dho) ionnas gur thuill a
dheagh-bhéasa agus a chórtas meas agus teist mhaith do bheith air i
Mainistir na Siúre nó Siúire, Mainistir d'Órd Cistersium ina raibh sé
'na mhanach. Do thuigeadar cách as so go raibh spiorad fáistine ag
Maolmhodhaigh, pongc dofríth dearbhtha do thaobh eile.


L. 96


Dobhí Maolmhodhaigh uair áirithe ag déanadh íodhbartha mistiodha an
Aifrinn agus deochan ag freagra an Aifrinn dó, agus i meodhan na hoifige
diadha sin d'fhéach sé ar an deochan ag leigean osnaighe móire ar an adhbhar
gur thaisbeáin Dia dhó easbha diongbhála do bheith ar an deochan i bpongc
nachar chóir dhó bheith easbhach ná lochtach, agus d'éis críche do chur ar
an Aifreann do chuir sé an cás i leith an deochain agus d'admhuigh an
deochan dó gur éirigh cathú agus áidhbhirseóracht do féin an oidhche roimhe
sin. Ní raibh máiseadh (ar Maolmhodhaigh leis) i gceart agadsa teacht
chum ministrálachta ag an altóir agus tu i stáid lochtaigh nó i bpeacadh,
acht feidhm éigin eile dhiadha do thabhairt dod haire nó go gcurthá do
choirthe dhíot le haithrighe. Agus, de sin, iar gcur breithe aithrighe air,
dothug sé absolóid dó.



Do thárluigh do Mhaolmhodhaigh uair eile bheith ag rádh Aifrinn agus a
dheochan le a ais dá fhriotháladh. Dochonnaic an deochan annsin colum lán-
shoillse ag teacht isteach ar fhuinneóig na cille agus é iar sin ag
eitealladh thart timcheall an easboig agus fá dheireadh ag tuirling ar an
gcéasa ar an altóir. Is beag nach deachaidh an deochan i n-éagchruth ón
radharc n-iongantach so. Gidheadh, iar gcríochnughadh íodhbartha an Aifrinn
do Mhaolmhodhaigh, d'fhuagair sé don deochan rún do dhéanadh ar an
bhfoillsiughadh so do taisbeánadh dhó agus gan labhairt air le héinneach an
ghin do mhairfeadh sé féin beó.



d'éirigh Maolmhodhaigh agus easbog eile fris oidhche áirithe i nÁrdmacha
agus dobhádar ag siubhal annsin ar cheallaibh ar relicibh agus ar áitibh
beannuighthe in a rabhadar cnámhanna agus taise naomh. Ar mbeith, ámh,
amhail sin dóibh ag sléachtain agus ag déanadh


L. 97


urnaighthe ag altóir áirithe san áit, budh léar dhóibh an altóir ar lasadh.
Do thuig Maolmhodhaigh nach raibh san teine iongantaigh sin acht
foillsiughadh ar naomhthacht na dtaiseadh dobhí fá'n altóir agus de sin do
ling sé anonn tríd an lasair ag scaradh a lámha amach ar an altóir
thinntighe. Acht cheana, cé gur dhearbhtha an iarraidh úd do thabhairt dó
thríd an lasair reimhráidhte, ní feasach d'aon créad do mhothuigh ná do
rinne sé san áit, taobh amuigh gur ón uair sin amach ariamh (a bhí) biseach
ar bhfás ar a dteasgrádha agus ar a charthanacht do Dhia do réir
breathnuighthe na mbráthar agus a aosa seicréide eile feadh a bheatha uaidh
sin amach.


L. 98


Caibidil 14.



Do labhramar, trá, an mhéid seo ar Naomh Maolmhodhaigh Ua Mhongáir ag
fágbháil mórán gan aithris dá thaobh budh fhéidir do thrácht, acht gur mór
do scríobhsam air do réir na haimsire do bhall, óir ní haimsir miorbhuileadh
an aimsir seo acht aimsir foiríor 'na bhfuil le hinnisin agus le gearán
againne innti mar aon leis an bhfáidh ríoghdha nach léar miorbhuilí dá
dtaisbeánadh eadrainn anois, agus nach mó atá fáidh ná duine naomhtha 'nár
measc. As so is iontuigthe cé arbh é Maolmhodhaigh agus créad an t-
arrachtas dobhí ann i bhfiúntas, i maith, i luaigheacht agus i
ndearscnadhacht, é comh oirdhirc agus sin i miorbhuilibh d'oibriughadh
ionnas nacharbhfuras a shárughadh ná theacht 'na chómhair, farra bheith
ró-lán dó de charthanacht agus de chaoimhshearc nDé. Féacham créad an ghné
d'fhoirfeacht, de chórtas ná d'oirdhearcas budh fhéidir do mhaoidheamh ar
aoinneach de na sean-naomhaibh dochuaidh rómhainn nach raibh i
Maolmhodhaigh, ar an adhbhar má thugaimíd dár n-aire an beagán do
thráchtsiom air go fóill, dogheobham nachar theastuigh spiorad
fáidheadóireachta uaidh maille re eolas do bhreith ar revelationes agus ar
fios neithe neamhdha. Dofuair sé cumhachta spioradálta tar ghnás fá smacht
corpardha d'imirt ar dhroch-dhaoinibh agá gciorrbhadh agus agá gcrádh i n-
éiric a locht 's a n-ainmhian. Dobhí buadha iongantacha ó Dhia aige le
leigheas do dhéanadh ar gach easláinte agus ar gach galar. Níor thastuigh
treise uaidh do bheith aige ar intinneacha inmheodhanacha
cháich do mhalairtughadh ar a leas, agus fá dheiridh badh cliste é ar
mharbhaibh d'aithbheodhughadh agus


L. 99


ar anam do chur ionta go ró-mhiorbhuileach iar n-éag dóibh. Beannacht
máiseadh ar Dhia mhór mhaith na n-árdchumhachta in sna cásaibh seo go
huilidhe, do shearcuigh, do dheagh-mhaisigh agus fós do ró-onóruigh an
Naomh so comh árdchéimeach agus so ar choinne ríogh agus flaith abhus, agus
fós do bhronn coróin ghlóire dhó san tír thall. Is leor mar dhearbhadh agus
d'fhoillsiughadh ar dhéine an ghrádha agus ar mhéad an gheana dobhí ag Dia
air neamh-ghnásamhlacht agus iongantaighe na miorbhuileadh líonmhara
doníodh sé as ucht nDé, farra go mbadh leor d'fhaisnéis ar an dúthracht
dobhí ag Dia le a dhéanadh mór dáiríribh thall na cumhachta d'fhágbhaidh
sé ar a láimh, eadhon, lochtaibh droch-dhaoineadh agus lucht easumhlachta do
smachtughadh abhus aga bhfuair sé san mórdhacht nglórmhair sin cúitiughadh
ina uile sheirbhís agus fóghnamh dá Thighearna Dhia. Is léir dhuit,
má'seadh, annso (a léaghthóir ionmhuin) i mbeatha Maolmhodhaigh neithe tré
a gcaithfidh tú iongna do bheith ort, agus dochífidh tú fós innti deagh-
shomplaí le haithris do dhéanadh ortha agus le a leanmhain, innill féin
máiseadh agus cách é, agus fós suidheadh gach aon a dhóchas i nDia ag
greamughadh dhíobh so: acht gur ab é críochnughadh chuirfeam ar ar
thráchtsam go strasta annso bás beannuighthe daorluaich Mhaolmhodhaigh
d'aithris mar so do chách.


L. 100


Caibidil 15.



Do réir mar dobhí cúram mór aga bhráithribh féin i Maolmhodhaigh, do
chuireadar go minic ceist air ag fiafruighe dhe créad an áit ina mbadh
mhaith leis bás dá bhreith, agus fós créad an t-am de bhliadhain fa toghtha
nó badh mian leis an bás sin d'fhagháil. Dobhí seisean coigilteach ar
fhaisnéis do dhéanadh san chás sin. Acht, tairis sin, tré bheith dhóibh ag
greamughadh dhe, do nocht sé intinn dóibh ag rádh riú dá mbadh i
ríoghacht Éireann do thoigeóradh Dia gairm air ag tabhairt báis dó, gurbh
é a rogha éag agus adhlactha d'fhagháil san áit agus in san eaglais ina
raibh corp Phádraig naomhtha, easbol beannuighthe ár dtíre arn-a chur, i
ndóigh go mbeith sé ina fhochair lá déanach an bhraith ar aiséirghe
choitchinn na marbh. Gidheadh, adubhairt sé gurab i Mainistir Chláreval
budh fearr leis oidhe báis dá bhreith farra leabaidh chille d'fhagháil ann
dá mbadh teastáil dó d'uimhir na mbeó i dtalamh ar bith eile as Éirinn
amach. Acht cheana, fá'n aimsir inar mhaith leis deireadh do chur ar a
shaoghal, d'innis sé dóibh gurab ar lá Fhéile na Marbh budh ceadach leis a
anam agus a chorp do scaradh ar oile. Má's gealladh, trá, nó móid dobhí ar
an naomh san taobh so, dorinne Dia agus eisean fírinne dhíobh, nó má's
tairngire nó fáistine dobhí ann, dotháinig sí isteach go ceart cinnte, óir
mar dochualamar an luadhradh dochonnacamar féin fírinne dá dhéanadh dhe.
Acht labhram, ámh, go cumair annso ar ghné agus ar mhodh an bháis d'ár
imthigh sé. Do ghoill go mór ar Maolmhodhaigh Éire do bheith ar easbha
Pallium, óir mar budh duine é aga raibh dúil i neithibh naoimhistioghtha,
níor mhaith leis iad féin ná a n-úsáid do theastáil ó n-a dhúithe. Go
naire


L. 101


sin do chuimhnigh sé mar do gheall an Pápa Innocentius pallium do
ríoghacht Éireann, agus de sin do budh olc leis nachar fríth amach é an
ghin do mhair an Pápa sin Innocentius. Gidheadh, tar gur chaill cách
deagh-uain an Phallium sin do ghnóthughadh le linn Innocentius do bheith
beó, doconnacthas dó san nachar bh'olc an fhaill dofuaradar fá fhios do
chur air annsin féin, mar dobhí Eugenius (dotháinig isteach san
bPápadhacht iar n-éag do Innocentius) fá'n am sin 'na chomhnaidhe san
bhFrainc, region badh goire d'Éirinn ná an Iodáil, agus go raibh
dóchas mór aige sin nach diúltóchadh Eugenius é féin fá'n bPallium
reimhráidhte, ná fá aisce réasúnta ar bith eile, óir do badh d'aon órd
riaghalta iad araon .i. d'órd beannuighthe Cistercium agus badh mac roimhe
sin Eugenius do Mhainistir Chlareual. Ar an adhbhar so do chuir sé
teacht ar chléir Éireann, go háirithe ar easbogaibh na críche, agus iar
gcruinniughadh dóibh ceann ar oile d'aontuigheadar ar fhios do chur chum an
Phápa ar Phallium don ríoghacht, acht go mbadh doiligh agus go mbadh
iomarcach leo Maolmhodhaigh do chur san teachtaireacht sin. Gidheadh, do
thaisbeáin seisean dóibh nachar bhfada uatha an áit ina raibh an Pápa agus
nach raibh róbhaoghal ar dul go sroigh é, agus dá bhrígh sin go mbadh toil
leis féin dul ar an turas sin dóibh d'fhagháil an Phallium a bhí de
riachtanas ortha féin agus ar an ríoghacht so, agus, mar nach fuaradar cúis
réasúnta ar bith le toirmeasc ná le moill do chur air, do thriall sé roimhe
gan spás ina shlighe fá thuairim an Phápa agus cuid dá bhráithribh ina
fhochair go sroigh caladh an chabhlaigh. Ar dteacht, ámh, chum an chuain dó
do labhair aon de na manachaibh sin leis ag iarraidh go truaghánta air
trócaire do dhéanadh air féin agus ar na bráithribh eile dogheibheadh mórán
dochair agá ghiollacht ina ghalar d'oidhche agus de ló, óir dobhí mór-
ghalar nó


L. 102


epilepsis air ar feadh sé mbliadhan roimhe sin. Do ghlac truaighe mhór agus
maoithe Naomh Maolmhodhaigh don mhanach agus dá bhrígh sin d'fháisc sé a
chorp le n-a chorp féin agus ag beaint baint fíoghair na croise ar a ucht
adubhairt sé leis deagh-mhisneach do bheith aige, agus thug sé gealla dhó
nach tiocfadh buaidhreadh ná anshógh ón tinneas reimhráidhte air go filleadh
dó féin ar ais ó n-a thuras, agus le a ais sin dobhí sé slán agus d'fhan
amhla sin saor ó n-a ghalar.



Ar mbeith do Mhaolmhodhaigh ag cur a choise isteach ar an loing do
labhradar dís dá lucht agus aos seicréide leis badh hannsa fós leis iná cách
eile ag iarraidh aisce air. Créad an aisce atáthaoi d'iarraidh orm? ar sé.
Ní nochtfam sin duit, ar iad san, acht muna ngealladh tú dhúinn nach
diúltócha tú sin uimpe agus go ndéanadh tú fírinne do thaobh an gheallta
bhéaras tú dhúinn. Agus mar do gheall seisean dóibh go dtiocfadh sé le n-a
dtoil, d'iarradar d'athchuinghe agus d'aisce air filleadh arís slán ón turas
ar a raibh sé ag imtheacht. Do ghoill air sin go ró-mhór an gealla sin do
thabhairt dóibh. Gidheadh, adubhairt sé, de leisce bróin do chur ortha, go
bhfillfeadh sé do réir mar d'iarradar air, agus iar sin do ghlac sé leaba
luinge agus d'ionnsuigh sé an t-aigéan. Gidheadh, ar mbeith dhó agus dá
loing tuairim meadhonslighe san bhfarraige, do shéid gaoith chontrárdha ina
aghaidh do chuir d'éigean air féin agus ar a artharthar
filleadh tar a n-ais agus caladh do ghabháil i nÉirinn. Dotháinig sé de
sin i dtír agus do chodail an oidhche sin in eaglais áirithe dá dheóisis
féin. Ar na márach, ámh, iar n-altughadh dhó le Dia mar do thogair sé an
casadh úd do bhaint as le a ndearnaidh sé fírinne dá gheallamh, dofuair sé
cóir shéine agus aimsire le a ndeachaidh sé féin agus a loing go
hAlbain. Iar


L. 103


nglacadh ámh talamh i nAlbain dó, do ráinig sé an treas lá go háit teannta
le loch dar ab ainm Loch Uaithne. Dofuair sé faill ar mhainistir do
thionscladh san áit agus d'éis coda dá mhanachaibh d'fhágbháil san mainistir
agus aon díobh féin 'na abb ortha do thriall sé ar aghaidh ina chonair.



Dochuaidh sé ar cuairt mar a raibh an Rí Davidh agus iar mbeith seal
aimsire fris agus d'éis neithe do bheain le seirbhís nDé
d'oibriughadh san áit do ghluais sé roimhe ina shlighe. Mar d'fhágbhaidh sé
imle na hAlban amach do thárluigh é i gcrích Saxan, i mbaile darab ainm
Gisiburgum i na raibh cóimhthionól Canánach Riaghalta ar a raibh aithne
aige sin. Dotugadh bean annsin dá láthair ar a raibh cancar glonnmhar
déistineach. Do bheannuigh seisean uisce agus do chumail é don mhnaoi agus
fá chionn trí lá dobhí sí slán ó n-a cancar.



Taréis sin do ráinig sé go port cuain san gcrích sin na Saxan inar
cuireadh moill agus toirmeasc air do thaobh briste agus aimhréidhte dobhí
fá'n am sin idir an bPápa agus Rí Saxan; agus níor budh é so amháin acht
dobhí bacghail ar easbogaibh eile an ríoghacht d'fhágbháil acht le cead
speisialta an Rí. Gedh dobhí, ámh, an mhoill sin i n-aghaidh thola
Mhaolmhodhaigh, dobhí sí teachtmhar leis an móid do ghabh sé roimhe sin
air féin, ar an adhbhar dá bhfuigheadh sé cead slighe an uair úd ní
gheobhadh sé go Clareval ach seacha dhi fá thuairim an Phápa go díreach.
Gidheadh, ar mbeith dhó i Saxan agus fá'n moill do cuireadh air innti,
d'fhág an Pápa imle na Fraince amach agus dochuaidh sé don Róimh, agus
de sin dofuair seisean siocair le dhul ar cuairt go Clareval mar a
dtárluigh oidhe báis dó do réir an fhoinn dobhí air roimhe, mar
d'aithriseam thuas ria so.


L. 104


Caibidil 16.



Ar dteacht, trá do Mhaolmhodhaigh go Mainistir Chlareval ina raibh
Naomh Bearnard fá'n tráth sin, do ghlac Bearnard agus an cóimhthionól
manach dobhí ina fhochair san áit go soilbhir caomhghrádhach é, ag
fáiltiughadh go hiolgháirdeach roimhe, amhail budh grian áluinn loinneardha
é ag éirghe ón áird thiar. Dobhí, trá, aoibhneas comh mór agus sin ortha
go huilidhe fá n-a theacht ina ndáil, ionnas go ndearnadar amhail saoire den
lá sin ina dtáinig sé chugtha, agus tar chách do dhruid Naomh Bearnard ina
choinne ag léimnigh agus ag scinnidh as lámha le neart sóláis intinne agus
lúthgháire croidhe (mar admhas sé féin), agá fháscadh leis isteach idir a
ghéagaibh ucht ar ucht, agus do thaisbeain seisean, an t-aodhaire cóir
gnaoidheamhail, é féin don leath eile go fáilidh so-agallmhaidh
caoinghrádhach do gach aon, ag triall go Clareval ó chiumhsaibh
foiriomlacha an talamh dhomhanda, ní ar cuairt d'fhéachain tSolaimh (amhla
bainríoghna Sába) acht le Solamh féin chum cáich agus agá thoirbhirt
dóibh, óir dochualamar, ar Bearnard, a eagna, farra go bhfuaramar urláimh
láithreach air féin, ní d'fhan againn. d'éis a ceathair nó cúig de laethibh
do chaitheamh do Mhaolmhodhaigh, do Bhearnard agus do chóimhthionól
manach Chlareual fá'n lúthgháire agus fá'n meidhir shámhshólásaigh seo, i
gcuideachta a chéile, agus iar ndéanadh Aifrinn do Mhaolmhodhaigh tré
dhúthracht san Chonvint lá féile Naomh Lúcáis sobhisgéal soiscéalaidhe,
do ghabh gal éadtrom fiabhrais é, agus dá sguil sin dochuaidh do luighe ag
déanadh fírinne de ráidhte an Scrioptúra adeir gurab earr bhrónach is dual
bheith ar gach árdlúthgháire ar bith, acht nachar ghabh dólás anmhór


L. 105


cách tré thinneas Mhaolmhodhaigh ar an adhbhar nachar shaoileadear do
bheith air acht gné laigfhiabhrais mheirbh. Gidheadh, dobhí fonn comh dian
agus sin ar gach aon díobh a sheirbhís féin tré dhúthracht do thaisbeánadh
dhó, farra a chomaoin do chur air, i riocht go dtigidís uile fá seach go
minic dá fhios agus le friothóladh chuige ag tairgsin iomad luibheann
cogaisighe agus neithe eile dhó, mar leigheas i n-aghaidh a thinnis. A
dhearbhráithre, ar eisean leo, ní shaoilim riachtanas do bheith agam leis na
neithibh seo atáthaoi do thabhairt dham (óir do thuig sé an bás do bheith
ag teannadh leis): gidheadh, ní obfadh me uaibhse iad tré mhéad mo gheana
oraibh. Ar mbeith, ámh, do na bráithribh dotháinig leis annsan don áit ag
cur misnighe ann agus ag rádh leis nach facthas dóibh féin comharthaí ar
bith báis do bheith air do láthair, do fhreagair Maolmhodhaigh agus
adubhairt go n-éagfadh sé féin ar an mbliadhain sin. Cuimhnighidhse féin,
ar sé riú, gurab é m'fhonn do shíor agus mailgios imirc do
dhéanadh as an saoghal so um fhéil na marbh, lá atá anois i bhfogas dúinn.
Atá an chuid seo de mo mhianaibh agam ar ball. Atáim arís ar an áit inar
órduigh, agus inar iarr me go minic ar mo Dhia críoch do chur ar mo
laethibh. Ní fhuil iomrall ná aimhreas ormsa do thaobh an té inar chuir mé
mo dhóchas san chás so; óir mar do thogair sé mo thabhairt chum na háite le
a raibh mo shúil, agus sin ar an aimsir d'órduigh me féin, atá dóchas agam
nach eiteóchadh sé me fá n-a theachtaire féin .i. an bás do chuir chugam dom
bhreith leis ina dháil féin. Do thaobh mo chorpáin, adeirim gurab insa
mainistir seo Chlareval do thogh me roimhe agus toghaim anois leaba chille
d'fhagháil dó agus do bheith aige go bráth. A leith mh'anama ámh, fágbhaim
é fá oirbhire agus fá chúram nDé dá bhfuil greamuighthe ó nádúir gach


L. 106


aon mhuinigheas as féin agus chuireas a dhóigh ann do shaoradh agus do
shábháil agus is móide m'fhuireachas agus mo shúil le trócaire Dé do theacht
orm san chás do bhall giorracht an lae úd dham inar chleachtadh leis an
Eaglais agus le creidmheachaibh beó an tsaoghail comaoin do chur ar
mharbhaibh purgadóra maille re guidhe choitcheann do dhéanadh ortha ann. Go
naire sin d'iarr sé an naomh-unga déanach do dhéanadh air, agus chum na
sacraminte seo do ghlacadh go sollamanta d'éirigh sé as a leabaidh,
d'fhágbhuigh sé an taleur árd ina raibh sé ina luighe san
mainistir agus dotháinig sé anuas dá chosaibh féin don eaglais imeasc an
chóimhthionóil, mar ar cuireadh an ola dhéanach air, agus iar sin do imthigh
sé ar an gcoisidheacht céadna don áit as ar ísligh sé. Acht cheana, tar an
mbrigh agus tar an luagaill seo do bheith ann, is é adubhairt sé
nachar chian an bás uaidh, gion go mbudh fhuras sin do chreideamh acht a
raibh de sheicréid an phoingc aige féin. Ní raibh, trá, mí-ghné
ghlaislítheach ná truas ar a aghaidh, ní raibh a éadan ag casadh. Ní
rabhadar a shúile ag mionughadh ná ag súghadh siar ina cheann. Ní raibh a
shrón ag caolughadh. Ní raibh a bhéal ag stangadh ná ag crapadh. Ní
rabhadar a fhiacla arn-a ndubhloscadh. Níor shearguigh a mhuinéal. Níor
árduigheadar a ghuaille agus ní mó d'fhás teirce ar fheóil a chuirp, acht
gach ball agus gach céadfadh ina stáid iomchubhaidh cheart féin mar do
bhádar aroimhe. Ag so an phribhiléid dothug Dia dá cholainn agus ag so fós
na buadha glórmhara do phartuigh sé le n-a ghnúis .i. gan ísliughadh, gan
chlaochlódh do leigean ortha le linn an éaga féin; óir an deagh-chruth do
bhí air beó, d'fhan an fhaicsin chéadna air, ní le linn a bháis amháin,
acht fós dá éis, ionnas iar n-éag dó shaoilfeá gur beó dobhí sé, gion go
raibh sé acht marbh.


L. 107


Caibidil 17.



Ó támaoid, ar Bearnard, ar tí feasta ar an bpongc so do dheánamh ar an
adhbhar, bíodh go dtángamar go sroigh so le Maolmhodhaigh, nach fuil faoi
sin triall níos faide linn tairis seo, agus cé do chuirfeadh i n-iongnadh ar
dhaoinibh moill do dhéanadh ón mbás? Agus go mór mhór cé le a mbadh éidir
sólás d'fhagháil ar é féin do bheith 'na fhiadhain do láthair báis an
deagh-athar Mhaolmhodhaigh? Acht cheana (ar Bearnard) dobhí
searccumann ag Naomh Maolmhodhaigh agus againne aroile le linn ár mbeó
agus dá bhrigh sin créad as a dtiocfadh don bhás féin ár ndeaghailt anois ó
chéile? Go naire sin, a bhráithre (ar Bearnard) ná tréigeam ar an uair
seo an té dotháinig ó Albain iarthair .i. ó Éirinn go sroigh an áit seo
fá ár ndeagainn acht oidhiom agus éagam ina chomhluadar
thríd an grádh dlighthear dhinn do bheith dhó. Dotháinig annsin chum cáich
lá Samhna .i. féile uasal oirdheirc naomh an domhain i n-aoinfheacht.
Adeir, ámh, an Scrioptúir gurab neamh-thráthamhail ceol i n-aimsir dóláis
agus bróin. Budh dual agus budh éigean do mhanachaibh na háite sin, do réir
gnáis agus riachtanais na féile onóraighe do thárluigh ann an oifige dhiadha
do dhéanadh i gcantaireacht go ceolbhínn. Gidheadh, níor fhéadadar na
bráithre toirmeasc ná bacghail do chur ar a súilibh san gcantaireacht sin, ó
bheith ag sileadh deór ngoirt do chaoineadh a bhfir comhpháirte
Maolmhodhaigh. Eisean, ámh, gion gur fhéad sé cantaireacht do dhéanadh
mar chách, gidheadh, ní ag gol dobhí sé, agus créad fáth gola do bheith ag
an té dobhí réidh ag ionnsaighe an tsóláis shuthain? Óir is againne


L. 108


amháin atá adhbhar bróin agus caoidheáin tré bheith ag fuireach abhus ó
Mhaolmhodhaigh, farra gurab eisean amháin agus nachar bh'iad cách dobhí
ag congbháil lúthgháire diadha na saoire dobhí ann suas, ar an adhbhar, an
fhéil nachar fhéad sé d'onórughadh go corpardha, go ndearnaidh sé saoire dhi
ó intinn, amhail a mhaoidheas an scrioptúir mar a n-abair sé go ndionghnaid
smuaintighthe umhla an duine faoisdine don Tighearna agus go gcongbhaid
fuigheall na smuaintighthe sin saoire ina onóir. Amhla sin do
Mhaolmhodhaigh ar ndul, trá, d'ionstrumint a ghlóir i lagar agus i
ndimbhrígh, do thairg sé dlisteanas na féile sin dobhí ann d'íoc le Dia go
seicréideach ó chroidhe, acht nachar bh'éigceart eisean do chongbháil saoire
na féile sin i n-onóir na naomh n-uilidhe ag a raibh sé féin dá bhreith gan
mhoill ar siubhal i gcoinne bheith 'na measc agus díobh.



Ar mbeith, trá, don tráthnóna ag dorchughadh d'éis oifige na féile do
chríochnughadh agus an oidhche ag teacht ar cách, dobhí Maolmhodhaigh ag
druidim leis an gcatmhaidin, agus cionnas nachar budh í réalta na maidne
budh goire don té dobhí in earr oidhche a bheatha saoghalta do chaitheamh,
agus le a raibh lá soillseach na beatha marthanaighe ag druidim? Gidheadh,
d'árduigh annsin ainteas fiabhrais an fhir, farra a chorp do bheith arn-a
mhaothughadh le dianalluis saothair do bheain bhain éigean an tinnis agus
borb-phianta na colna as, amhail adéarthá go mbudh riachtanas dó a shlighe
do dhéanadh thrí theine agus thrí uisce i gcoinne dhul d'fhagháil
fionnfhuaruighthe an tsuaimhnis mharthanaigh. Annsin, ámh, do chuireadar
cách a súil de ag tabhairt breitheamhnais marbháin air; agus, de sin, iar
dteacht dóibh uile ar a chomhair d'fhéach sé go mallroscach ortha ag
labhairt leó de ghlór mheirbh.


L. 109


A dhearbhráithre, ar sé, is ailgiosach an fonn dobhí ormsa an
Cháisc dhéanach mo bháis do dhéanadh fribh san áit seo. Moladh mór agus
buidheachas le mo Thighearna Dia nár dheonuigh mo dhóigh mhaith do dhul
seacha tharm. Tabhair dod haire, a léightheóir, mar dobhí an deaghfhear
fíréanda seo dearbhtha de thrócaire Dé, amhail agus adéaradh sé mar aon leis
an bhfáidh, d'aimhdheoin na hoidhche do bheith ann nach raibh eagla air sin
dorchacht na tíre thall do ghabháil treise air, acht gurab amhla dobhí
urdhubhadh na hoidhche sin aige sin amhail budh soillse taithneamhach é.
Agus, iar sin, ag agallmhadh go caoinbhriathrach le cách agus ag cur misnigh
ionta d'iarr sé ortha cuimhne do bheith aca air, agus go mbeith an chuimhne
chéadna aige sin ortha dá bhféadadh. Agus budh féidir, ar sé, óir creidim i
nDia agus ní bhfuil éinní doidhéanta ag an gcreidmheach. Dobhí fós, ar sé,
grádh agam do Dhia agus daoibhse, agus ní chliseann an charthanacht ar
aoinneach. Agus le a chois sin ag tógbháil a shúl suas adubhairt sé: A
Thighearna, a Dhé, caomhain agus dídin iad so ar an láthair ar t'ucht agus
ar do shon féin, agus ní hiad so amháin acht tabhair cabhair agus fortacht
do gach aon eile ar bith do ghabh le a ais feidhm agus seirbhís do dhéanadh
dhuit tré m'oibriughadhsa agus tré mo shoighníomhsa. Iar sin ag cur a
láimhe ar cheann gach aon san mball do raid sé a chaoinbheannacht uile
dhóibh, agus, leis sin, d'iarr ortha a suaimhneas codaltha do ghlacadh, ar
an adhbhar, ar sé, nach dtáinig m'uairse go fóill.



De sin d'fhágbhadar é ar feadh tamaill. Gidheadh, dothángadar go grod arís
dá fhios timcheall meadhoin oidhche mar do haithriseadh dóibh solas do
bheith fá'n am sin san rae dhorcha. Agus leis sin dotháinig an
cóimhthionól uile do gach leath dhe, ionnas gur líonadh


L. 110


an t-árus uile dhíobh ina thimcheall. Dobhádar mórán abbaigh do
láthair annsin (agus gan labhairt ar phearsanaibh eile cléirceamhla
riaghalta agus tuatadh) ag canadh psailm, himoineach agus caintiocha diadha
eile mar óráid agus mar chomhartha déanach comairce agus báidh le a
gcomhcharaid Maolmhodhaigh dobhí agá bhfágbháil agus ag triall uatha dá
dhúithe ar neamh.



Acht cheana, ag so d'aonfhocal an cás. Dochuaidh Naomh Maolmhodhaigh Ua
Mongair, Easbog agus Leagáid apstalta na Rómha, fá shuan an bháis agus é
ceathra ceithre bliadhna ar chaogad d'aois, arn-a thógbháil suas idir
lámhaibh aingeal as lámhaibh Bhearnard NaomhAbb Chlareval agus as
lámhaibh mórán abb eile agus daoine cléirceamhla riaghalta dobhí san
láthair, gion go mbadh goirthe dá bhás acht codladh, óir dar leat badh
sámhán codlata dobhí air, bíodh go raibh sé marbh gan comhartha ar bith
éaga ina ghnúis fháilidh shoirbh, mar fhoillsiughadh ar an imtheacht shocair
shéimh dorinne a anam neamhcháidheach as a chorp fíorghlan, agus go
fírinneach, bíodh go rabhadar cách uile ag grinnamharc air ar uair a bháis,
níor fhéadadar a fhios do bheith aca cé an pongc d'aimsir ar ar thastuigh sé
tré a shaoire dobhí sé ó chomharthaibh báis agus an bás dá bhreith, ionnas
nach raibh baramhail budh fearr ar an am sin le n-a thabhairt dó ná dá n-
abarthá go mbadh marbhán beó é, nó duine beó agus é marbh. Ar mbeith (mar
do shaoilfeadh) beóshuaimhneach dá ghnúis amhail aghaidh dhuine ina chodla
agus d'aimhdheoin nachar mhalartuigh seisean (mar deirim) a fhoirm ná
faicsin deilbhe annsin, is mór an t-athrughadh agus an claochladha d'oibrigh
sé i gcách ag glacadh bróin mhóir agus maoithe ó bheith ag amharc air; acht
go bhfacthas dóibh scur do bheith ag caoidh tríd, agus de sin, maille leis
an oifige agus leis an gcuimhniughadh


L. 111


budh hindéanta fá'n am sin air, do tógbhadh amach é as leabaidh a éaga ar
ghuaillibh abbaigh agus dorugadh é don tséipéal .i. áit gnásamhail na
hurnaighthe, agus, ar mbreith buaidh annsin do chreideamh agus do réasún
cáich ar a ndoilgheas anbhrónach, dorinneadh gach ní le corp beannuighthe
an Naoimh budh cóir do dhéanadh leis do réir órduighthe agus ghnáis na
hEaglaise san chás sin. Agus go fírinneach ar dar leat budh héigceart an
chiall gol iomarcach do dhéanamh fá'n mbás do thárluigh annso do
Mhaolmhodhaigh Naomhtha, óir budh bás daorluaich a bhás amhail báis na
Naomh eile ar a dtig an ríoghfháidh go ceanamhal, de bhrígh gurab mó budh
samhalta le sámhchodladh é ná re bás dáríribh, agus gurab córa caladh
subháilce na beatha fírinnighe do ghoirm dhe ná cuan baoghlach an
anbháidhte. An gcaoidhfidh mise, máiseadh, (ar Bearnard) mo chompánach
ionmhuin Maolmhodhaigh agus gan acht trom-chodladh air, agus fós gan de
leithscéal réasúnta ag neach le n-a thabhairt ar scáth bheith ag gol san
chás sin acht gurab gnás é? Má do chuir ár dTighearna Dia sáimhnéall ar a
fhear cumainn ag tabhairt urlámhais a chómhfhlaithis féin mar aon le
hoidhriughadh álaine ionmhuine dó, an dual dhamhsa (ar Bearnard) fáth
tuirse nó tromchroidheacht bheaint bhaint dam féin as so, nó an mbia mise,
ar sé, fá iargnó ar shon an té nach bhfuil de phudhair air acht é lán de
shólás i seilbh aoibhnis an Tighearna? Ní hé, acht budh toghtha liom (ar
Bearnard) bheith san inmhe agus ar an deagh-stáid atá anois aige san,
gion go ngoilleann orm go tnúthach eisean do bheith mar atá sé. Do
gléasadh, trá, annsin, órdmarbh, tórramh agus onóir ar anam an Naoimh
Maolmhodhaigh, farra íodhbairt an Aifrinn do dhéanadh air. Dothug, ámh,
Bearnard Naomh dá aire san gcruinniughadh dobhí san áit annsin buachaill
easlán


L. 112


aga raibh a leathlámh marbh leis síos gan spreacamh ar bith. Do ghoir sé an
buachaill chuige agus do chumail a lámh mharbh de mharbhláimh an easboig
agus, de sin, ar an uair gan mhoill d'fhás anam agus a brígh féin i láimh an
bhuachalla arís, óir na buadha beannuighthe dobhí san naomh le linn a bheó
d'fhanadar ina chorp marbh iar n-éag, fearacht chuirp an fháidh Eliseus
dothug a anam i n-athuair i gcorpán marbh do teilgeadh d'urchar air san
uaimh ina raibh sé adhlaicthe. d'éis gur críochnuigheadh ámh gach oifige
mharbháin budh dual do dhéanadh ar Mhaolmhodhaigh fá'n n-am sin, do
hadhlacadh a chorp cáidh i séipéal Mhuire san áit inar iarr sé féin roimhe
sin, ar an mbliadhain d'éis ioncholnaighthe Chríost míle céad cearchad
agus a hocht, ar an gceathramhadh nóin den mhí November.



A Íosa máiseadh mhaith bhúidh (ar Bearnard) is leatsa an taisce atá
againne i gcumhdach uait, agus is leat an deagh-chiste atá fá ár n-
ionchain! Atámaoid ag coiméad na taisce, an chiste agus an stóir seo dhuit
i gcoinne aisig do dhéanadh i dtráth ortha ad láimh féin arís fá dheoidh, an
tan iarrfas tú iad; acht go sírimíd ort a dhéanadh mar fhabhar dhúinn gan
fios do chur ortha súd ná air sin acht maille re sinne a aos cumainn agus
báidh do leigean is do bhreith ar aon imtheacht leis ina chuideachta, ionnas
fá mar dobhí sé 'na aodh ionmhain agus 'na dheora deagh-
chéadfadhach eadrainn annso, go mbeith sé 'na threóruightheoir
ghlaineolgasach ina shlighe annsúd anonn ar neamh, chum bheith annsin i
gcomhfhlathas aoibhinn bioth-mharthanach fris tré shaoghal na saoghal.
Amen.


L. 113


Agus adeir Bearnard, Naomh, Abb Mhainistir Chlareval,
'S leatsa an taisce atá againne i gcumhdach uait,
Corp beannuigthe an Easboig úd, Naomh Maolmhodhaigh,
Fear brataigh dhá chaiptín, 's nach iarrfadh duais,
Do smachtaoibh lucht aindlighe gan baoghal i nguais.
Tá duais agus stór ag an óigfhear Maolmhodhaigh
Farra Peadar agus Pól i nglóir go bithbhuan,
Mo shearcsa dhó is mo bhrón a dhíth uain.
Gheall Dia dhósan mórán iolbhuaidh.



Maolmhodhaigh nó Mulachlainn Ó Mongair
St. Malachias or Malachy 1774.


L. 114


Aithris an bheatha so Naomh Maolmhodhaigh Ui Monghair do scríobhadh don
Abb Bheannuighthe Bearnard san tsubstaint agus san tsuím chéille mar
thairgeamar a chur síos annso. Do chúm sé mar an gcéadna seanmóir fhada
fhoghlamtha do léightear san Oifige doníthear ina onóir gach bliadhain an
dara lá de November san bhféil muinighthear as. Gidheadh, tar bheith don
tseanmóir úd idir oibribh Naomh Bearnard d'fhágbhaidh mise í gan
translation do dhéanadh uirthi i nGaodhailge agus gan a cur annso síos ar an
adhbhar nach fuilid neithe nuadha innti seach mar atá san mbeathaidh fhéin,
agus arís, mar nach facthas don Athair mhaith reverenseach, do Thomás
Mesingham, a chur ina Florilegium inar scríobh sé an bheatha so
Mhaolmhodhaigh, as Bearnard. Ní facthas dhamhsa dúthracht an deagh-
dhuine sin do shárughadh acht siubhal ar a lorg san chosán chéadna 's gan
dul thairis. Gidheadh, atá an tseanmóir úd le a léaghadh ag an té
thoigeóras i n-oibribh Naoimh Bearnard agus is leor liomsa sin. Dorinne
fós an Naomh Maolmhodhaigh seo tarngaire ar uimhir na bPápaí dobhí le
teacht agus le suidhe i gcathaoir Peadair san Róimh ó'n bPápa
Celestinus Secundus do mhair ar an mbliadhain d'aois Íosa ár dTighearna
míle céad cearchad agus trí go sroigh Petrus Romanus, comharba déanach
Pheadair i gcathaoir sheacht-gcnocthaigh na Rómha le linn Chríost ár
Slánuightheóra do theacht i ndeireadh aimsire, do bhreith breithe ar
bheódhaibh agus ar mharbhaibh. Is fíor nach sloinneann Maolmhodhaigh aon
Phápa den uimhir réimhráidhte ina ainm díleas féin acht go doighchiallach
fothdhorcha. Gidheadh, do chuir bráthair cóir d'Ord Priostur Alphonsus
gluais léar-thuigseach ar na fáthanmaibh úd ó Celestinus Secundus anuas
go sroigh Urbanus dobhí ann le linn agus annsa mbliadhain


L. 115


míle ar chúig céad ar nóchad. Dogheóbhthá na fáthanmanna so le a léaghadh ag
Thomas Mesingham ar shálaibh beatha Mhaolmhodhaigh reimhráidhte, acht
gurab as Arnoldus Wion, Lib.2nd, Ligni Vitae, cap.40 pag.307 bheanais
seisean iad, óir ní bhfuighmíd iad ag Bearnard ná luadh ortha.
Do scríobh arís Naomh Bearnard ceathra hEpistile léaghanta diadha ina dtig
ar Mhaolmhodhaigh beannuighthe. An Epistil is déanaighe do scríobh sé
dhíobh súd, is í atá síos ar tús aige imeasc na coda eile dá Epistilibh, is
iar n-éag do Mhaolmhodhaigh do scríobh sé í so chum manach bráthardha
Éireann, ag cur sóláis ortha san mbrón mór do ghabhadar tré bhás
Maolmhodhaigh, agus is í an t-aonmhadh hEpistil déag ar trí chéad dá
Epistilibh eile í. Is ar mbeith beó do Mhaolmhodhaigh do scríobh
Bearnard na trí hEpistile eile chuige. Atá an chéad Epistil díobh so san
315 áit, an dara hEpistil san 316 áit agus an treas Epistil san 317 áit.
Dogheobhthaí na ceathra hEpistile seo i leabhar Epistealach Naomh
Bearnard farra go gcuireann Dochtúir Uishear síos iad aige féin as
Bearnard san leabhrán dá ngoireann sé Sylloge Epistolarum, acht gurab
leór liomsa an méid seo d'eolas do nochtadh don léaghthóir ortha.



FINIT 20th of Augt. 1774.