Duanta Diadha Phádraig Denn

B.Á.C.: Oifig an tSoláthair (1828ob.)

Pádraig Denn; eag. Risteárd Ó Foghluadha




Duanta Diadha.



I. Is fada dham go suaidhte.



Fonn: “Cois Leasa dham go huaigneach”.



Is fada dham go suaidhte le buaidhirt an pheaca 'om thraochadh
Is aicht is dlighe an Mhórmhic do bhuan-bhriseadh i gcáil
Tré chreachadh m'anam uasail ba mhuardhach ba réimeach
Ba réilteannach gléigeal tré naomhthacht na ngrás;
Dobhí sé saoidheamhail greanta nuair do baisteadh é go líonta suas
De bheannacht Dé is séala Chríost 'n-a mharc go daor gan bhréagnadh ar a
chló
Nó gur léirchreach me le baoth-bheart mo phéarla le peaca baois
Is gur ghéilleas go héigceart do chlaontaibh mo námhaid.



A Rí ghil mhór na naomha tug ó Éigipt tar bóchna
Maois is síolrach Jacob bhí dá dtraochadh gan chóir
Age Pharó feargach fraochmhar bhí le n-a thréan-trupa á dtóruigheacht
Le meón marbhthach ró-olc baois-ghnóthach gur bádhadh
Díon mo chroidhe óm namhaid chlaon bhíonn ag braith me chreachadh i bpéin
Is tabhair me isteach ameasc do thréad a Dhé mhór na gcómhacht
Go haoibhneach it ríoghachtsa gan chríochadh ar Neamh na naomh
Ar do thaobh dheas go fíor-ghlan tre ghuidhe mhaith do stóir.


L. 2


A Rí na gcómhachta n-éachtach doghnidh an tréan-trup do leónadh
Insan lag gan meas ó chéadna má ghéillid dot ghlór
Fá bhrígh agus gean it naomhbhrog a ghnúis ghléigil an eóluis
'S a Dhé dhil gan aon locht is récsach ar slóghaibh
Beir me leat ar scar don chléir lá na gcreach ar shleachtaibh Éabh'
'Om shaoradh ó bhreath an scata bhaoth do réab do riaghail gan ghó.
A Mhic Mhuire is áilne dá dtáinig ó geineadh síol
Mo dhianghean go brách tu a Ghein Ghrádhmhair gan smól.



A Mhaighdean mhilis néata gan aon locht ót óige
A scaotháin ghil mar réiltean gan éalaing it ghnúis
A phéarla ghlain le naomhthacht gan béim locht it mhórdhacht
'S a ghréin-scoith na nGaedhal mbocht chum pléidhe dhóibh it chúirt
Líon mo chroidhe le searc na naomh le guidhe de shíor chum Rí na gcréacht
d'Íosa Críost do shil gach braon dá ghlé-chnis gan smúit
Le grádh ceart do shíol Ádhamh dobhí báidhte le peaca Íbh
Don sár-fhuil do thráigh tríd mar láin-íoc 'n-ár gcúis.



Is taitneach liom mar shearc thu ar uair chumha na ndaor bhreath
Ar aicme an pheaca a bhréanuigh ár mbréithne go deó
De bhrígh mo ghean dot dhúthracht dot mhúinteacht dot naomhtacht
Do umhlaidheacht dot thréithe is do néatacht do cháil
Ó thoigh tu me mar chumann croidhe chum dlighe do Mhic do chur i ngníomh
Is do chomhad anois le hiomad brígh le croidhe glan glas ló
Go síoch geal bí taoibh liom ar chríochnadh mo bheathadh fós
Is beir saor me ó gach díoghaltas go ríoghacht deas na gcómhacht.


L. 3


II. - MOLADH NA MAIGHDINE MUIRE.



Fonn: Nóra Ní Áinle.



Is méin liom a scrúdadh im chunntas i láthair
Le congnadh ón Árdmhac is grádhmhar 'n-a ríoghacht
Ar réiltean do naomhadh i nglé-bhroinn a máthar
An t-aon bhean do b'áilne dá dtáine ar an tsaoighal
Péarla fuair grása 'san am úd nur thárla
An Rí geal 'n-a meodhán ghlan ba lán-mhaiseach gnaoi
Tar bantracht gach dream deas sa chúirt mhór anáirde
Ce hiongantach le n'áireamh a mbreághthacht go síor.



Cé soillseach é Phoebus is lonnrach í an éasca
Is greidhnmhar í an réiltean ar spéir ghlan 'n-a suidhe
Bhénus fuair clú mhór ó ughdair is bárda
Is Hélen an bhán-chnis chuir ár ar an Traoi
Níor thionnscain an tÁrdrí éincheann díobh dá áilne
Bhí i ndeallradh le Máire le breághthacht a gnaoi
Dil-mhaighdean is Máthair Dheigh-Mhic na ngrása
Do thúirling sa stábla Lá Nodlag go fíor.



Ba bhúclach ba phéarlach ba leabhair deas é a craobhfholt
Ba mhodhmhail geal gan éalaing a héadan tais mín
Ba dhiadha thar muar-shliochta anuas chughainn ó Ádamh
Céile na ngrása i lár ceart a croidhe
Ceannsa ciúin grádhmhar gan aon locht 'n-a cáile
De phlúr-scoth na bpátriarc, is bán-lile ar chraoibh
Bean annsacht gach dream ceart bhíonn dúthrach dá sár-Mhac
Tré ghreann ghlan le páirt leis ná fágfa 'n-a saoighal.


L. 4


Ba lán-gheal tar géise glé-chneas deas Mháire
Péarla nar fhás ann pátrún na naoimh
Réiltean is naomhtha tá i ndaonnacht anáirde
Ar thaobh cheart an árdfhlaith láimh leis n-a suidhe
Is í an soitheach criostal lonnrach chum Rí na bhflaitheas d'iomchar
Croidhe searc don Leanbh múinte do thúirling 'n-a broinn
An bhanaltra chneasta chumhra do chleachtuigh caintics ghreannda
'S nár pheacuigh leis an antoil i gcúrsa fada a saoighil.



An uair labhradar na fáidhe fáistine na glé-bhean
Níorbh'iongnadh liom Phoebus dá léimeadh go groidhe
Is lasracha phreabadh sa ndearg-mhuir le tréine
Le taitneamh an Réiltean bheith 'n-a céile age Críost
Is gach aingeal gheala lonnrach i gcathair ghreanta an umhal-Mhic
Fé mheas an Athar ionnraic 'n-a chúirt ghlan 'n-a suidhe
Dá dtagadh seal 'n-a dtrúpaidh go dtí an ainnir mhaiseach mhúinte
Ní chuirfeadh orm iongantas ar a túirling sa tsaoighal.



A Bhanaltra is áilne i mbreághthacht 's i naomhthacht
Dá dtáine ar an saoghal so ó éinne den tsíol
Go geanmnach go grádhmhar go páirteach tar éinbhean
Is múinte le béasa in éinfheacht le suidheamh
Díon feasta m'anam smúiteach ó cháith an pheaca mhealltaigh
Tré shearc a leanfidh damhsa le dúthracht ót chroidhe
Is mar charaid cheart im chúis-se, a phéarla ghreanta ghreannmhar
Réidhtigh dam san ló san n-a dtómhasfar mo ghnímh.


L. 5


III. LÁ AN BHREITHEAMHNAIS.



Fonn: Aonmhac na hÓighe.



Scéithfead le tuirse insa dréacht so le tuigsint
An t-éacht iongantach 'nisim go fíor-cheart im sceól
Don tréad so do bhriseann 's do réabann go minic
Naomh-reacht Mhic Muire do céasadh 'n-ár gcómhair
Is ná géilleann dá dhlighthe go n-éagaid ar mire
Am éighmhe na cine ag caoi-ghol 'n-a ndeóidh
Anuair glaodhfar gach duine traochta fé licibh
Is baoghlach go gcuirfear gach i n-aon díobh dá dhóghadh.



Do réir mar a scribhid cinn léigheanta na cruinne
Ar lá éachtach na stoirm meillteach fí bhrón
Ní bheidh réiltean ná tuitfidh ó spéarthaibh le mire
An ghréin gheal gan ghileacht tré mhúscailt na ngleó
An ré mhaiseach 'nisid go léir dearg luisneach
'Na caorthain ar buile tré sceimhle 'n-a cló
Beidh ar an saogal go huile sul do léighfe Mac Muire
An daor-bhreath le binb an thréadta an dobróin.



Beidh an saogal 'n-a theine, céad scréach ag gach nduine
Na sléibhte le buile ag léimrigh 's ag dóghadh
Gach coill insa chruinne le sceimhle dá bhriseadh
Is aibhne agus sruithe ag búithrigh fé chumha;
Ní bheidh cathair ná tuitfidh ná carraig ná brisfidh
'S an talamh ar crithe is dá loscadh 'n-a smól
Is Tétis 'n-a tuile ag blaomadh ó n-a grinneall
Is ag éirighe go luinneach le storm san lú.



Beidh éanlaith na cruinne ag scréachaidh le tuirse
Is éisce na linne ag léimrigh gan deóir
Gach daonnaidhe sa chruinne ag scréachaidh le mire
Is iad 'n-a gcaortha ag an teine chraosach dá ndóghadh


L. 6


Beidh tóirneach ar leigint, is splangcaí le fuinneamh
Is fuaim age tuinnibh le siosma go leór
Beidh tuamaí dá bhriseadh agus luaithre gach cine
Ina gclódhanna ar sheinm bhuabhail éachtaigh na nglór.



O! is le tréineacht na guithe ón trompaed dá sheinm
Clann Éabha gan moille éireóghaidh ina gclodh
Is ag aos a deich fichead is trí leis mar thuille
Beidh gach n-aon aca 'nisim go fíor-cheart im sceól
Níl diabhal dubh sa choire ná cliar gheal Ríogh neimhe
Ná triallfidh go mullach Shíon-chnoc na mbrón
Is gach tréada dár imthigh as an saoghal so gan filleadh
Beidh in éinfheacht os coinne Aonmhic na hÓighe.



Ní héifeacht ar imthigh de na scéalta so 'niseas
Go léigfidh Mac Muire an daor-bhreath gan ghó
Ar gach aon dream do bhriseann 's go réabann a dhlighthe
Mar mhéirligh ar mire 's ná stríocann dá ghlór
Déarfaidh le binb le tréatúir na gcoirthe
Nár ghéill riamh dá dhlighthe tré chlaonta rómhór
Téigheadh gach n-aon agaibh uile sa chaorthain ar buile
Tá 'n-a caor-lasadh ar fiuchadh, 's gan filleadh go deó.



Is éachtach le 'nisint mar scréachfaid seo uile
Ag dul i gcraosacha buile dá loscadh fé bhrón
'S ó n-a ngaolta dá roinneadh bheidh in éinfheacht le Muire
Ar thaobh dheas a Leinbh is choidhche ina ghlóir,
An uair ghlaodhfaidh go soineann an dream naomhtha le gile
Do ghéilleadh dá dhlighthe is do thréigeadh a nómhaid,
Ó! is ní féidir le pionna chinn léigheanta na cruinne
A chur i bhféirim ná i dtuigsint a n-aoibhneas go deó.


L. 7


IV. - AN SAOGHAL MEALLTACH.



Fonn: Stáca an Mhargaidh.



Ar mo leaba dham aréir is me ag déanadh marthana
Ar aindeise an tsaoghail is méid a mhallathacht
Ochón! 's is olc é mar ghnó
Ag briseadh 's ag réabadh dlighe an Aenmhic Bheannuighthe
Is gan suim 'n-a bhréithre ná géilleadh 'á aitheanta
Ochón! is danaid é dhóibh
Is eadh thuigeas-sa an t-éacht tá ar strae is ar mearathal
Ceangailte ar séirse age daol dá mealladh so
Go hifreann craosach fá shéala a ndamanta
I dtaobh Críost do shéanadh tré chlaon a n-anama
Ochón! fá mhallacht go deó.



'S an chuid den trúp sa thug cúl don mbeannathacht
Dream na drúise chuireann dúil sa mbarbaracht
Ochón! is fuath liom a sórt:
Is lucht na mionn mór atá go lom-dubh ceangailte
Ag diabhail is deamhain le slabhra an pheaca san
Ochón! is pianfar iad fós
Is lucht an éirligh léantach mhaslathach
Tharcuisneach bhréagach scéaltach scannalach
Is feallairí fraochmhar mar ghéirnimh chealgach
Thugann aithis don Aonmhac go daor do cheannuigh sinn
Ochón! beid á loscadh go deó.



Tá dream eile fós ar scórnain greamaithe
Lucht meisce agus póite go deó a bheidh damanta
Ochón! de dheasca a gcuid óil
Mar tá a n-anma múchta i gcúrsa mallathacht
Is gan beann aca ar Dhia ná ar bhiadh na n-aingealaibh
Ochón! is fuathmhar é a nglór


L. 8


Le barbaracht bhréaga le scréacha ag glamaireacht
Ag spalpadh go héachtach le faobhar-nimh ghangaideach
Ó! is le bladhman spreallaireacht mhillteach mhaslathach
Ag méadughadh an pheaca san do thuillfeadh damaint dóibh
Ochón! in ifreann go deo.



Is níorbh'iongna liom féin dá mbeadh caortha dearga
Dá chaitheamh in éadan gach méirdreach barbartha
Ochón! is iad do loscadh 'n-a smól
Is gach mallathóir daor-dhubh tá séantach seachantach
Ar riaghlacha an Aenmhic go mbeadh daeil dá stracadh leó
Ochón! gan sosadh go deó.
I bhfochair gach dream atá dall, ar mearathal,
Do shíolruigh ó Liútar, an bhrúid shalach mhallaithe
Is gach méirleach calcaithe atá ar séirse ceangailte
Ag an diabhal in achrann go doimhinn sa pheaca dhubh
Ochón! beidh in ifreann leó.



Ní fhaicim sa tsaoghal ar éan-taobh dá n-amharcainn
Acht mallathacht, eigean, craos is cama-chlis
Ochón! agus peacaí go leór.
Gan gradam do Dhia ná do dhiadhacht bheannuighthe
Acht imtheacht leis an ndiabhal fá iarsma peaca coir
Ochón! is olc é mar stór
Acht taidhbhsí is géar-choic ar éadan ghaigeamhail
Is mairg fé bhéabhair ar sméirlí smeartha dubh
Sé mo chás mo chréim is mo phéin go peannaideach
Dlighe na naomh fé ghéim is magadh aca
Ochón! beidh buaidhirt ortha fós.



Chím gach caile-bhean liath agus iarmhar sheanduine
Go daingean míriaghalta is gan iarradh ar a leas aca
Ochón! nach dona é mar sceól!
Acht go feargach faobhrach 's a mbéal go heascaineach
Ag tiomaint go héachtach gach claon don leanbh san
Ochón! fuair peannaid go leór.


L. 9


Dá loscadh ameasc daol fá phéin-bhroid damanta
Beidh óg is aosta do thréig gach beannuightheacht
Mar a nglanfid go héag a bpéarla ón bpeaca dubh
Tré pháis Mhic Dé is le déaraibh aithreachais
Ochón! sin críoch ar mo sceól.



V.- GRÁIN-PHEACA NA MIONN IS NA DRÚISE.



Beidh lucht dearbhtha agus eascaine ar shlabhra ag an diabhal go deo
'S a n-anam go dubh gangaideach dá scalladh thíos i dteinte teó
Beidh an teanga san thugann masladh mór do Chríost gach ló
Le fearg buile mallathacht fé phian go síor ag dóghadh
A dhaoine dalla saoghalta
Nach dona an scéal díbh
Bhur dteanga le géar-nimh
Bheith ag masladh an Aenmhic
Is an diabhal gan traochadh
Dbhur mealladh is dbhur gcaochadh
Is dbhur dtarraingt 'n-a dhéidh leis
Go hifreann daortha?



Ag dóghadh is ag loscadh gan sosadh le dochar an chrádhnais pian
Beidh teangacha tiubaisteach géar-chuirptheach dána dian
Thíos in ifreann go binbeach i ndaor-chuilithe go brách, mo ciach
Ar son a mioscaise le buirbeacht is tréan-thiomaint le páirt don diabhach
Beidh teangacha na heascaine
Is na guidhdeóireacht mallaithe


L. 10


Dá róstadh go deó damanta
I dteinte teó greadaithe
Mar thréigeadar an Rí Beannuighthe
Is níor ghéilleadar dá aitheanta
Acht dá reabadh gan eagla
Gur traochadh lag marbh iad.



Ag an diabhach greamuighthe go peannaideach beidh lucht
eascaine ameasc daol de shíor
's a dteanga nimhe mhaslathach 'n-a lasracha buile mar chaor go fíor
I dtaobh gach tarcuisne go malluighthe fuair an leanbh
dfhulaing bás 'n-ár dtaoibh
Dá spalpadh leó go scannalach ag tabhairt aithis do is dá
Pháis i ngníomh
Lucht Páis naomhtha Íosa
Is fós tiodhlaicí an Naoimh-Spirid
'S na Banaltran chaoin tais
'S na bhFlaitheas breágh aoibhinn
Do spalpaid an naimhid seo
N-a bhfuil a dteanga go líomhtha
Chum masla thabhairt d'Íosa
Dfhulaing Páis dár saoiradh.



Gníomh níos measa 'ná masla thabhairt d'ainm Dé is dá Pháis
Ní feidir a cheapadh ar talamh ná in ifreann tíos go brách
Níl aon teanga do spalpann le cómhachta Chríost na ngrás
Ná tuilleann peannaidí is damanta ná an diabhal a dfhagháil
A dhaoine dhona anacrach
Na bídhí-se ar mearathal
Ag tabhairt uathbháis scannail uaibh
Le mionnaí móra is eascainí;


L. 11


Cuiridh srian lennbhur dteanga anois
Is ná tuillidh-se bheith damanta
De dheasca bhur malluightheacht
Is méid bhur n-aindeise.



Cás ní bhíonn ar na daoine sin tá truaillighthe bréan 'n-a nglór
Le barbaracht shalach scannalach is bréithre bruid go leór
Is le magadh suilt go cealgach dá sheanchas 'measc aosta is óg
Gach ar ghlacadar de mhallathacht tríd an bpeaca san 'n-a méinn ag dóghadh.
Ó! a bhrúidibh bharbaraithe
Drúiseach shalach mhalluighthe
Tá gráin Mhic Dé 's a Bhanaltran
Is na Maighdean glan geanmnach
Is gach dream eile i bParrthas
Anuas oraibh leagaithe
Mar dhíoghaltas díbh ceapaithe
Le haghaidh bhur ndamanta.



Ag doghadh go síor bheidh na daoine sin thugann taitneamh don drúis.
Is n-a mbíonn a mbéal salach gáirsceach ag fágháil suilt is
scannail sa chúis
Agus mallacht daor Chríost is na naomh atá i gceannas go subhach
Beidh ortha go híochtarach is iad thíos insa choire go dubhach
Bainfar an uair sin sásamh
De lucht na drúise gránna
Is na barbaracht' gáirseach
Do chuireannn ar na Flaithis náire
'S ar Mhuire gheal ghrásach
'S gach dream eile láimh léi;
Anois beidh ortha so áthas
Na brúidibh bheith dá chrádh thíos.


L. 12


AN CEANGAL:



Mallacht Dé is na naomh atá i ngradam go buan
Beidh do daor ar an dtréad san do mhair ina suan
Insa pheaca bhréan gur éag 'n-a namhad go muar
Ag Rí na gcréacht gach péin dá ndeascaibh a fuair.



VI. - CÓMHAIRLE DON PHEACACH SHAOGHALTACH.



A Dhuine bhocht anacraigh aindeis dhall-shaoghaltaigh
Chruaidhte chalcaithe pheacamhail phéacaigh
Créad fáth ná smaoinir go fíor-cheart féachtach
Mar atá tú it naimhid age Rí na gcréachta?



An dtuigeann tu chuigint gur cuireadh sa tsaoghal thu
Chum dlighe agus aitheanta an Athar ghil naomhtha
Do chomhad go grádhmhar trí ghrása an Naomh-Spirid
Ó bhliantaibh t'óige go ló do thraochta?



Ó! 'sé mo thuigsin ná tuigirse féin sin
Is gur beag do chuimhne ar Chríost ná ar a chréachta,
Mar tá do chroidhe go cruaidh is fuar trít chlaonta
Is gan t'aithne ar Íosa d'fhuiling mílte péin duit.



Ó is truagh liom do chás gan ghrádh gan daonnacht
Acht grádh an tsaoighil tá go dtí so 'ot chaochadh
Is grádh don bpeaca tug masla don Aonmhac
Do thuill duit pianta ameasc diabhal le saogail.



An dtuigeann tú chuigint gach donas tá déanta
Ar t'anam bocht cnaoidhte fé oirbhíre Dé thuas
Gach am dá mbrisir a dhlighthe atá naomhtha
Let chuirptheacht cama-chlis scannalach scléipeach?


L. 13


Cé go n-éisteann Dia leat, a chladhaire an éirligh
Dá mhasladh gach lá is gan chás 'n-a thaobh ort
Tiocfaidh an t-am n-a mbeir scannrach éagnach
N-a mbainfar díot sásamh le cráidhteacht péine



Níorbh'aon iongantas dá dtuitfeadh díoghal Dé ort
l dtaobh nimh do theangan ag spalpadh an Chrois Chéasta
Is Íosa is Muire dá thiomaint go héachtach
Is eascainí an diabhail, mo chiach, dá phléascadh.



Tá do theanga thiubaisteach ghoinideach léantach
Go nimhneach namhaideach i gcúis do dhaortha
'N-a sclábhaidhe dílis 'get chroidhe is 'get stéigibh
Chum oibreacha an diabhail go dian do dhéanamh.



Atá tu eólach cliste ar thiomaint 's ar bhréaga
Ar bharbaracht ghránna is ar cháineadh céadta
Is níl eólas agat ná aithne féin ceart
Ar Rí na glóire d'onóradh ar aonchor.



Ó! tréig do bhearta agus seachain do chlaonta
Smacthuigh do theanga tá 'ot mhalladh 's 'ot léanadh
Glan do chroidhe istigh tá líonta go léir-dhubh
Le smalaraic peaca a cheangail tu i ngéar-ghluis.



Ná bí meallta ná feallta ag an saoghal so
Cad tá le fagháil ann acht bláth beag bréige
Is mórchuid anród is trioblóidí ar a chéile
A thuillfidh damaint duit má thugair dóibh géilleadh?



Tar éis gach cama-chleas is anabheart éirligh
Dorinn tú riamh don diabhal ag tabhairt géilleadh
Cá bhfuil do thairbhe a chealgaire shlaodach
Acht ualach peacaí ar do choinsias chaochta?


L. 14


'Nisim go fíor duit is ní innsim bréag duit,
Gur i bhfochair na ndiabhal 's a chliar san daorfar
Bheidh t'anamsa fós go deó sa chaorthain
Muna ndéinir é nigheadh tré aithrighe naomhtha.



Tá agamsa truagh dhuit i dtabh cruadhacht do mhéinne
Mura dtuigirse chuigint go mbeidh an Breitheamh chómh daor san
Ar éinne fuair baiste na heagaisle naomhtha
Is gheobhas bás 'n-a Chatoilceach fé thearmain Dé ghil.



'Nisim duit fós gan gó an scéal so
Go ndeir béal glan Íosa le fíor-cheart-éifeacht
Ná rachaidh go Parrthas fé ghradam go réilteach
Aon duine bheidh marbh sa pheaca uair a éaga.



O chruthuigh Dia go riaghaltach féin tu
Is go gcomhadfá a dhlighe le brígh tré naomhthacht
Iompuigh do chúl le smúit an tsaoghail seo
Is iompuigh t'aghaidh ar shoillse an naomh-Spirid.



Tabhair taitneamh do chroidhe do Chríost na gcréachta
Is dá Mháthair bheannuighthe gheanmnach ghléigeal
Sil feasta na deóra le brón trít chlaonta
'S i dtaobh fhaid a bhí tú it naimhid don Aonmhac.



Déin marthana fada ar gach peannaid is géar-bhrid
Nur ghaibh Íosa Críost tríd dot shaoradh
Ar feadh cúrsa a Pháise 's a bháis ró-naomhtha
Ar chrann na croise ar a rinneadh é chéasadh.



Cuimhnigh go fíor-cheart an oidhche sul d'éag sé
Gur chuir sé allus a chroidhe tríd 'n-a bhraonaibh
Mar dheóraibh fola le dochar it thaobhsa
Cé go bhfuil tú riamh gan chiall dá thréigean.


L. 15


Cuimhnigh air fós ag an bpiolóir go créachtach
Is na Giúdaigh fhallsa le feall gan trachadh
Dá ghearradh go fórsach le córdaí caola
Nó go raibh gach órlach de 'n-a spóla chraorag.



'S tar éis an chríoch so ar Rí na naomhaibh
l dtaobh do chionta-sa agus cionta an tsaogail
An féidir dot chroidhe gan stríoc do is géilleadh
Agus cúl do thabhairt don bpeaca, go n-éagfair.



Cuimhnigh arís ar Chríost dá chéasadh
Ceangailte go lom ar an gcrann le spéicibh
Is na srutháin fola dá dhortadh ar gach taobh de,
Is ó cheartlár a chroidhe scoilt tríd le géir-shleagh.



Ó! ná bí gan chiall, ná ag diabhail 'ot bhréagadh!
Cadé an tairbhe choidhchin duit cumann an tsaoghail seo
Ó tá tú it naimhid dhubh ag Rí na gcréachta
Is tu ceangailte ar shlabhara ag deamhain 's ag daolaibh?



Mar a n-iompuighir ar Dhia 's ar a riaghla naomhtha
Is aithrighe umhal go dubhach do dhéanamh
Ameasc na ndiabhal fé phian beir daortha
'Ot loscadh go brách is gráin Mhic Dé ort.



An Ceangal:
Mo léan-chás an daor-cháil tá ar shíol Ádhamh go hiongantach
Bheith i síor-ghrádh le caoich-bhláth na draoib-láib dhubh mhúnlaigh
Is iad 'na naimhid ghráin ag fíor-smál an tsíl d'fhág iad liúinte
Is gan binn láithreach ar an Rí ghrásach, acht diabhail ghránna 'á múineadh.


L. 16


Cé teann dána tá an dream gránna is le fonn gáire iad súgach
Is gaith láidir ag an diabhal Sátan isteach sáithte ina súile
Tiocfaidh lá fós ar uair a mbáis dóibh n-a mbainfar sásamh
Is n-a mbeidh áthas ar an Rí lán-cheart iad do thiomáint fé dhiúltas.



VII. - SIOSMA AN ANMA LEIS AN gCOLAINN.



Éistigh a chómhursan agus 'neósad scéal díbh
Mar deirid na hughdair mhúinte léigheanta
Ar an siosma chruaidh bheidh lá na ndaor-bhreith
Ag an gcolainn 's ag an anam in earraid le chéile.



An uair shéidfar an trúmpa go humhal go faobhrach
Éireoghaid 'n-a suidhe le brígh go héasca
Agus baileoghaid annsúd gach trúp sa tsaogal
Mar ar chéasadh Críost go fíor ar ghéarchrois.



An uair thiocfaidh an t-anam damanta daordhubh
Aníos as ifreann is é uile mar chaortha
Raghaidh go dtí an cholann lobhtha sa chré thíos
Chum teagmháil leis an mBreitheamh ar mhulla an chnuic éachtaig.



Déarfa le fearg 's é ag screadaigh le péine:”
Mo mhallacht duit a cholann chómh dona 's is féidir
Is mó mallacht a thuillis dam in ifreann daortha
Is mo mhallacht don lá n-a dtánga ag pléidhe leat.”


L. 17


C.- Créad é do chúis chugham a lúbaire scléipeach
Créad fáth n-a bhfuilir chómh cuthaigh seo 'om dhaoradh
Créad a rinneas leat riamh, a dhiabhail an éithigh
Le n-a mbeifá ar buile chugam 's ag siosmadh le faobharnimh,



A.- Do mheallais chum peaca me let bhladaireacht éithigh
Is do gheallais 'n-a dhiaidh sin let bhriathra bréige
Go ndéanfá aithrighe it pheacaí claontach
Nídh ná rinis nó go rinneadh me dhaoradh.



Is mó mallacht do thuillis dam in ifreann craosach
I dtaobh do chuirpeacht ó rugadh sa tsaoghal thu
Mo chreach go dóighte, Ó! is go scólta céasta
Mar fuair mé riamh thu ó Dhia mar chéile.



C.- Nach agatsa riamh bhí an chiall 's an éirim
Tuigsin is meabhair i dteannta a chéile
Créad é an chúis ná rinnis mise do staonadh
Is gan leigean dam tusa do mhilleadh 's do chaochadh.



A.- Dofuair mé ciall ó Dhia, ní bréag san
Acht do bhain tusa dhíom í le brígh do chlaonta
Do dhallais mo mheabhair let chamshlighe éithigh
Mo thoil, mo thuigsin, do mhillis in éinfheacht.



C.- Éist, a scallaire is a ghlamaire bhéiceach
Tá tú go hiomarcach ag déanadh an tiubaist le héitheach
Má bhíos-sa dall gach am dem shaogal
Bhí tusa mall chum aithrighe do dhéanamh.



Is fós ba mheasa leat bheith ag machtnamh ar t'éirim
Ar fheabhas t'eólais 's ar do mhórchuid réime
Is méid do thuigsiona i gcuideachtain éigse
Cé nár thuigis an tuigsin ba naomhtha.


L. 18


A.- Éist, a chonablaigh, cuir stopadh ar do bhéal uaim
Is mó droch-chaint agat ag innsint scéalta orm
Dá ndéanainn an dheichmhadh cuid det choirthe scéithean
Ba mhór é an masladh do leanfadh 'n-a thaobh díot.



Is fiosach don domhan go rabhais it mhéirleach
Ag siosmadh is ag bruighean gan scíth gan traochadh
Is le linn t'óige is tu it bhóich mhór aerach
Lán de phoimp is de bhladhman tsaoghalta.



Ní raibh truagh agat damhsa is tu go púdrach péacach
Ag imtheacht go meadhrach is taidhbhsí ar t'éadan
Go bailte muara is tu it ghuagaire scléipeach
Ag imirt 's ag ól is leis an óige ag pléireacht.



Do b'annamh aon Domhnac ná rabhais-se traochta
I dtig an ósta le hól go héachtach
Is mise gan dada 'om stracadh is 'om chaochadh
Le hocras is tart 'om thachtadh in éinfheacht.



Is mó bhiadh blasta do chaithis leat féinidh
Is féastaí muara ameasc uaisle tréitheach
Is mise go fannlag go lom fé ghéarghlais
Istig it chobhail-se is gan beann ag éinne orm.



C.- Éist, a chlampaire is ná labhair chómh daor san
Má chaithinnse biadh ameasc cliar na féile
Is go n-ólainn i dtigh an ósta mo dhaethin
Níor stopas tusa ó chuideachtaí naomhtha.



A.- Adeirim nach misde a rádh go dtugais-se t'éitheach;
An uair bhínn-se ar aigne mo leasa do dhéanadh
Le faoisdin beathadh im peacaí go léireach
Ní leigfá-sa chum cinn me, a chladhaire an éithigh.


L. 19


Dá rádh gan amhras go raibh am mo dhaethin
Agamsa go fóill chum iompódh ar naomhthacht
Is ó bhí Dia trócaireach gur chóir nár bhaoghal dam
Fuireach mar bhíos go crích mo shaogail.



C.- Má bhíos gan tuigsin gan chruinneas ná éirim
Gan fios na deifrach acht me im bhreillice bhréagach
Cadé an chúis ná rinnis-se mise do staonadh
Is gan leigean dam a-chuigint tusa do chaochadh?



Ná tuigeadh éanduine gur mise do léan tu
Ní me go deimhin acht do neamhshuim feinidh
Gan grádh do Dhia ná iarradh ar naomhthacht
Ach it spaidire mharbh gan eagla ar aon chor.



Cé go bhfuair tu foghluim chum labhairt le héifeacht
Gaedhilg is Laidean is anachuid Béarla
Níor chortha leat choidhchin i gcuideachta an tsaogail.
Bheith ag cáineadh gach duine nár chumann leat féin é.



Dheirthá go minic nár mhisde dhuit féin sin
Bheith ciontach i bpeaca let chleachtadh is let bhréathra
Mar bhí eólas agat chum casadh ina dhéidh san
Ar Rí na n-aingeal chum t'anam do shaoradh.



B'uaibhreach muarfhoclach an ghuag thu tréimhse
Ag trácht ar tfhoghluim is feabhas do thréithe
Agus tu 'san am san - níl amhras bréige ann
Ar bheagán aithne ar aitheanta Dé ghil.



Dá mhéid é t'eólas is do mhórchuid Béarla
Níor bhainis as choidhchin tuigsin ná éifeacht
B'annamh tu le taitneamh ag glacadh an Chuirp Naomhtha
mar bheatha dot anam chum a mhaitheas do dhéanadh.


L. 20


Deirim le fírinne leat le brígh agus éifeacht
Gur maith do thuillis go deimhin tu dhaoradh
Mar, dúil do leasa níor ghlacais ar éanchor
Acht fuireach it spaidire gur gearradh den tsaoghal tu.



Is danaid go deimhin duit, a chladhaire shlaodach
Bheith it spaidire mharbh gan eagla Dé ort;
Gan éandúil agat bheith carthannach naomhtha
Acht bheith riamh it dhall gach am 'et shaoghal.



A.- Ní beag duit a ndubhrais, a lúbaire léantach
Is cruinn do chanair ar mo bhearta le chéile
Is ní thuigir chuigint créad é do chuirpeacht féineach
Is gur mó do lochtaí 'ná lochtaí éinneach.



Nach bocht an cás dam bheith go brách i bpéine
'Ot thaobhsa, a chonablaigh thiubaisteach bhréagach
Is me an t-aindeiseóir cráidhte fé ghráin an Aenmhic
I gcuideachta diabhal i dtabh riamh duit géilleadh.



Mo mhallacht go dtuitidh ort, óir do thuillis go daor í
I dtaobh me mhealladh trét chleasa chum géilleadh
Dot phaisiún mheillteach do thuill gach péin dam
In ifreann thíos go síor 'om chéasadh.



Chómh fada is bhéas Dia ina Dhia le saogail
Beidh tusa agus mise ar buile gan traochadh
Ag mallathóireacht mar dheamhain gach am ar a chéile
I dteinte ifrinn ameasc tuilleadh atá daortha.



Beidh splangcacha teine ag rith as do bhéal-sa
Is piastaí nimhe 'ot ithe is 'ot réabadh
Do cheann nó do chloigean ar fiuchadh le tréine
Thíos insa choire is tu ar buile go héachtach.


L. 21


Beidh tu ceangailte go daingean fé ghéibhean
Ar róistín dearg is tu 'ot ghreadadh le péine
Is deamhain an uabhair ag do chluais ag scréachaidh
Le buile na bpian is gan Dia dot réidhteach.



Beidh íota tarta ort is do theanga amuich ag géarghol
Is gan deoch le fagháil agat acht domblas daoldhubh
Níor thuillis, a mhalairt i gcaitheamh do shaoghail duit
Ag déanadh an pheaca is ag tabhairt masla don Aonmhac.



C.- Is mó bliain fhada ó leagadh me traochta
Is cuireadh me marbh i dtalamh fá léithlic
'Om dhreóghadh mar rangclach don am so glaodhadh me
Chum ceangal leat arís 's gan tú choidhche a thréigean.



Mo mhallacht le binb don lá rugadh sa tsaoghal me
Mo mhallacht le buile do gach nduine do chaoch me
'Om tharraingt sa bpeaca de dheasca a ndrochlaonta
Is mo mhallacht duitse tugaim chómh dona 's is féidir.



Mo mhallacht anois fós is go deó le saogail
Dom athair is dom máthair, is gráin Mhic Dé ortha
Mar níor stopadar mise óm chuirpeacht eachtach
Ná teagasc mo leasa ní thugadar é dham.



Mo chreach go dóighte is mo bhrón mór péine
Nach im chloich nó im maide do chaitheas mo théarma
Ní bheinn anois im chonablach bhréantach
Ag imthacht go hifreann 'measc tuilleadh bheidh daortha.



A.- A bhrocais mheillteach bhladhmannach scléipeach
Leig det chaint is éist lem scéalsa
Níor thuigis in am, mo channtladh, an méid sin A
n peaca do sheachaint nó gur leagadh tu traochta.


L. 22


Níl agam aon mhoill a bheith ag innsin scéalta
Caithfead gabháil leatsa arís, 's is díth liom féin sin
Chum dul go dtí an gleann n-a mbeidh ann sliocht Éabha
Áit ná faghairse cead cainte ar aonchor.



Taoibh leis an ngleann so gan amhras d'éinneach
'Seadh shuidhfe Críost ar mhaoil an tsléibhe
Chum breith do thabhairt ar pheacaigh, dá ndaoradh
Agus na haithrighigh rócheart go deó do shaoradh.



Iompóidh a aghaidh go meillteach faobhrach
Amach ar na sluaighte muara san Éabha
Is déarfa leó le cómhacht a naomhthacht
“Créad é chuigint ná rinneas don tréad so?



Is mó ocras is uireasbha d'fhulaing mé im shaoghal daoibh
Fuacht is fán is me 'om chrádh ag méirligh
Is tar éis a rinneas daoibh dorinn sibh me thréigean
Is m'aitheanta go minic do bhriseadh is do réabadh.



Do throisc me dathad lá ar fásach sléibhe
Gan bhiadh gan deoch go bocht beó tréithlag
Is tar éis mo charthannacht chum bhur maitheasa dhéanadh
Do ghaibh sibh leis an ndiadhal 's mo riaghailse thréig sibh.



Mo chorp is m'anam dfhágas agaibh in éinfheacht
Insa tSácraimint go cómhachtach naomhtha
Mar lón dbhur n-anamsa is beatha dhó dhéanamh
Is tar éis mo chumainn daoibh dorinn sibh me threigean.



Is ar bhur son-sa dfhulaing me gach peannaid dá ghéire
Me cheangal de phiolóir ós cómhair an tsaogail
Is mo chorp do ghearradh treasna ar a chéile
Le sciúirsí cruadha is me im thrú bhocht aonair.


L. 23


Feachaidh fós an clódh ar mo ghéagaibh
Dorinneadh go doimhinn ortha le linn a gcréachtadh
'Om cheangal do Chrois ar son chlann Éabha
Is tar éis mo phianta mo riaghailse shéan sibh.



Do scoilteadh mo chroidhe go fíor le caoltsleagh
Is mó seile salach do caitheadh im éadan
Is mó masla tugadh dam le hiomarca éithigh
Is me go nochtaithe ar crochadh ar ghéarchrois.



Ó's é mo mhallacht do thuill sibh, a chladhairí caocha
Tabharfa mé dhaoibh í go fíochmhar fraochmhar
Go leanaidh bhur ndiaidh go dian dbhur bpéineadh
Go deó deó gan fóirthin le saogail.



Imthighidh as mo radharc, is leaghadh agus léan oraibh
A dhream na mallacht, an aicme bhréan so,
Teinte ifrinn chómh dona 's is féidir
Dbhur loscadh go deó gan fóirthin, gan traochadh.



Anois iompóghadh m'aghaidh go soillseach séimh deas
Ar na daoine diadha dobhí ciallmhar naomhtha
Is tabharfad dóibh uile cuireadh le buidheachas
Chum dul go cúirt gheal na Tríonóid' taobh liom.



Sibhse an dream tug greann go héag dam
Dothug biadh agus deoch dam is mórán éadaigh
Lóistín oidhche, is le deaghchroidhe dhéineadh
Go leór maitheasa i gcaitheamh bhur saoghail dam.



Gluaisígh liom ó ghleann bhocht Éabha
Go seilbh na bhFlaitheas 'measc aingealaibh naomhtha
Fí ghlóire chaithiseach na cathrach néata
Ag moladh an Athar, an Mhic 's an Naomh-Spirid.”


L. 24


VIII. - CÓMHAIRLEACH AN PHEACAIGH.



A Dhuine bhocht dhaill atá gan chéill
Ag briseadh dlighe Dé gach lá
An é t'aigne ar feadh do shaoghail
Calcadh daor i mbreis míádh?



An dtuigeann tú fós méid na locht
Tá i ngach olc dá ndeárnais riamh
Dot anam féin tá tréithlag bocht
Nó tar éis dul d'éag i lár do chliabh?



Do chruthugh Dia thú, níl éanghó
Chum aithne do chur air féin
Is chum é ghrádhchant feadh do ló
Go ceart cóir it chroidhe is it mhéinn.



Nach dona an gnó dhuit bheith chómh dall
Gan éinbheann ar sheirbhís Dé
Acht bheith riamh it spaidire mhall
Is Rí an domhain fét tharchuisne.



Is é do chruthuigh de neamhnídh
An saoghal so chír gach aon lá
'S gach créatúir ann i ngach slighe
Is iad go fíor rian a lámh.



Thug sé bith dhuitse mar thug do chách
Is togha sláinte riamh it shaoghal
Meabhair is ciall go fial so-ghrádhach
Cé ná dearnais dá riaghail géill.


L. 25


De ló is d'oidhche do smaoin sé ort
Cé gur luath dhó a thugais cúl
'S do spreag do chroidhe ná scaoilfá thort
Am na haithrighe uait ar siubhal.



Dothug sé slán tu ó gach baoghal
Bhí an Bás féin dá chur it
air
'S dothug duit cáirde fada it shaoghal
Chun fóghmhar naomhtha chur i stór.



Is mó fear tréan do leag an bás
Ón am do thárla dhuitse ciall;
Cé shaor tusa acht Rí na ngrás
Ó bheith ar lár ameasc na ndiabhal?



Ar shon gur dhiúltais dó gach am
Is gan aon-tsuim agat dá ghlór
Níor bhuail sé ort aon bhuille trom
Le searc is greann duit go leór.



Is le greann duitse is dúinn go léir
Dfhulaing a Mhac Naomhtha páis
Is mór-chuid masla ag íoc go daor
As ár gclaonta tré n-a bhás.



Muna mbeadh tusa bheith gan truagh
Is ar bheagán buaidheartha in do chroidhe
Thabharfá taitneamh do Rí na mbuadh
'S do bheifá go buan ag caoidh.



Is mó géar-chaoidh agus dortadh deór
Is peannaid mhór in do chás
Nur ghaibh sé tríd 's a naimhid gan chóir
Dá stracadh leó go bhfaghadh bás.


L. 26


Is mó trombuille dfhulaing sé
Ar a naomh-chorp bhí ró-tinn
Is cneadh mharbhthach 'n-a phearsa ghlé
Nó gur éag sé re n-a linn.



A dhuine dhona stad go fóill
Is féach it mheón ar a chréacht
Na srutháin fola tríd an bhfeóil
Anuas gan teóra leis ag téacht.



Tar éis gach péin dar ghaibh sé tríd
Ar an ndaoir-chrois duit le grádh
Ba chóir go dtréigfá feasta a naimhid
Is greann do chroidhe thabhairt dó le báidh.



Dá mbronnadh duine bocht den tsaoghal
Nídh beag éigin duit mar dhuais
Le báid do chroidhe 's let chómhrádh béil
Do bheifá séimh leis as san suas.



Is mó duais riamh fuair tú ó Dhia
Is tiodhlaicí daora fós
Is tá tú ag diúlt dó rómhat 's it dhiaidh
Mar tá an diabhal do réir a nós.



Dá mbeadh caraid mhaith is tu fein
Tar éis tuitim le chéile amach
Suaimhneas ná síth ní bhfaghthá it mhéinn
Go mbeadh sibh ar aon raon ag teacht.



Thuit tú amach le Rí na naomh
Gach am do thréig tú dlighe na ngrás
Ní fheicim cás ort trí n-a thaobh
Ná roimh dhaorbhreith uair do bháis.


L. 27


An aon mhaith dham bheith leat ag súil
Go dtabharthá do chúl go brách
Don pheaca mharbhthach dár ghlac tú dúil
'S do thuill duit cúis gach mí-ádh.



An aon mhaith dham bheith leat ag caint
Chun tu leigheas ón loibhre bhréan
'S go ndiúlfá choidhche arís don tsainnt
Rinn go deimhin ar t'anam léan.



AN PEACACH.



Ní bhfaghaim locht it chaint go léir
Mar tá do scéal ró-fíor
Táimse eaglach go bhfuil mé daor
Mar do thréigeas Dia go fíor.



Do Dhia níor dhiúlt me riamh le fuath
Cé gur cruaidh lionn fós a dhlighe
Acht tuigim féin go bhfuil sé luaith
Chum maitheas mhuar a thabhairt chum brígh.



AN TEAGASC ARÍS.



Dá gcuirthá riamh do stór ar Neamh
Is siubhal go ceart i ndlighthe Dé
Ní bheifá anois it thrú bhocht leamh
'S gan aon mhaith bheith leat ag pléidhe.



Pianta ifrinn na pianta is mó
'S gan aon tsúil le crích go brách
Áit a dtuilleann do pheacaí dubha
Bheith 'ot únfairt ann i ngádh.


L. 28


Is beag an chiall, adeirim, it cheann
Cé gur teann atá tú ag caint
Óir do thréig tú Rí na reann
Tré iomarca greann don tsainnt.



Maith ní dhearna tú fós it shaoghal
Is tu gan aon-ghreann ar Dhia
Dá naimhid mhallaithe thugais géill
Is ró-bhaoghal liom go mbeir níos sia.



Och! nach dall tu! is nach cam do chroidhe!
Gan aon chuimhne ar Rí na ngrás
Ag tabhait droch-shompla do chlann do thighe
Ag masladh Chríost is brígh a Pháis.



Rinn tu saothair dot chorp ghránna
T'anam dfhágais go bocht lom
Is tú gan chiall ag rith go dána
Ó Dhia ghrádhmhar riamh gach am.



Tá eagla an mháistir i dtabh an chíos'
Ag cur sceimhle it chroidhe, adeir tú féin
'S níl aon eagla ort i ndeire t'aois
Bheith fá dhíoghaltas Chríost i bpéin.



De mhaith an tsaoghail seo rinn tu rogha
'S do chúl a thabhairt le Mac na hÓighe
Is eaglach liom go mbeir gan togha
Lá na ndaor-bhreath is tú gan sógh.



Ní lia peaca ar t'anam fann
'Ná diabhal is deamhan 'ot nasc i dtráth
Chun bárr greama bhreith ort le fonn
Tu bheith lom fá ghlas go brách.


L. 29


Ót mhaoin shaoghalta ná fós ót chlann
Ní bhfagha tú cabhair am do bháis
Chum tu shaoradh ó shlóighte deamhan
A bheith le scannradh ag brath do cháis.



Gach deamhan riamh dá dtugais géille
Feadh do théarma insan tsaoighal
Beidh 'san am san i dteannta a chéile
Ag déanam éilimh ort gan fuigheall.



Bí lán-chinnte ná fuil aon bhréag
Agam sa scéal so dhuit ó thúis
Mura stadair go raghair in éag
Go mbeidh tu daortha tré gach cuis.



Gibé síol cuirthar síos sa chré
Isé an sórt céadna fhásann ann
Aon dá mhalairt ní thiocfa sé -
Is fios do lucht céille an domhain.



Isé an síol do chuir tú it shaogal riamh
Síol fiadhaile is dosaibh tríd
Síol d'fhás trí gach páirt det chliabh
Go fairsing fial ameasc do naímhad.



Síol an pheaca anois do luadhaim
Síol an uabhair is an mór-shainnt
Síol na meisce le bruighean is fuaim
Síol feirge le droch-chaint.



Síol barbarachta is drúiseamhleacht
Síol droch-mhúinte gan aon scáth
Síol Dia-aithis is easamhlacht
Síol tnútha trí neamh-ghrádh;


L. 30


Síol an achrainn ameasc na gcómhursan
Spídeamhul dúr, lán de glór
Síol na mionn ag buaint an fhógmhair sin
Fairfing tútach ag déanadh stór;



Síol den tsórt le feall is éitheach
Damaint dhaorbhroid luach do phágha
'S is fír go bhfios duit féin
Tu bheith daor 'san olc gach lá.



Cionnas thuigir go rachair suas
Go saor buadhach ameasc na naomh
Go daor le meang gach guais
Is dream an uabhair ar do thaobh.



Glóir ar Neamh ní bhfaghair go bráth
Gan mór-chás is doilghíos chroidhe
T'anam go ghlanadh in am 's i dtráth
Ó gach cáim dfhág é gan bhrígh



Nuair rinn tu an peaca chaillis Dia
'S do chaillis a ghrádh gach ló
Chaillis prionnsa mór is triath
Chaillis ar Neamh sult gach sógh.



Chaillis fós luach géar-pháis' Íosa
Is chaillis an Ríoghain tséimh
Do chaillis trí mhéid gach baoise
Caradas na mílte naomh.



Do thuillis a bheith 'ot loscadh síor
'San am a thréigis Críost na ngrás
Thuillis mallacht na bhFlaitheas fíor
Thuitim ort le inn do bháis.


L. 31


Thuillis caidreamh diabhal is deamhan
'S gan aon chabhair thabhairt duit go deó
Óir do dhiúltuis do Dhia le fonn
Gan casadh in am let ló.



Do chásais liom bean do thighe
Bheith sínte fé fhód go fann
Do chásais liom gan mórán brígh
Bheith sa chuid tá óg det chlann.



Níor chásais gur chaillis Dia
Ná t'anam bocht a bheith fá smúid
I bpríosún dubh gan deoch gan bhiadh
Ar nasc ag an diabhal, do namhaid.



Dá mbeadh tinneas, fiabhrais nó pláigh
Ar aon neach de chách sa tír
Is é cruadh-cheangailte 'n-a bhráigh
Ba thruagh leat a chás go fíor.



Tá pláigh ar t'anam i lár do chléibh
Agus arís léan go leór
A namhaid dá stracadh ar gach taobh
Is tusa fós féin 'n-a gcómhar.



Ní truagh leat go bocht dearóil
Gan neart brígh, go rólag fann
It anam tréith - sin tú gan eól
Is mallacht Dé ós a cheann.



Dá ngoidfidhe uait aon chuid det stór
Is dubhach deórach bheithá ag caoidh
Is baoghal liom nár shilis deór
I dtaobh an diabhail bheith ag goid do chroidhe.


L. 32


Do ghoid sé uait fós grása Dé
Agus grádh gach naomh ar Neamh
Ghoid sé solas na soillse glé
An tan thréig tu Dia go leamh.



Ní fheicim ort buaidhirt, cás ná brón
I dtaobh an chúrsa a lean tú it shaoghal
Ní bhraithim go bhfuil daingean-rún
Agat umhlughadh do Chríost ná géill.



d'fhoighnigh Dia leat riamh gach lá
Bheith gan chás dá mhasladh síos
Gan chion gan mheas gan searc gan grádh
Tré olcas do cháil tré bhaois.



An aon mhaith dham rádh leat stad
Den pheaca bhain díot do chiall
'S do cheangail t'anam dubh ar fad
Le cruadh-nasc nó slabhraí an diabhail?



An dtuigir fós liacht olc is pian
Do tharraingis it dhiaidh ó thúis
Níl aon áit a mbí smál dá rian
Ná leanann de riamh mar chúis.



Do dhíbir aingil ó Neamh anuas
Síos i bhfuathais ifrinn, daor
Is ár gcéad-shinsir amach ar luas
As gáirdín buadhach fá phian géar.



'Sé tharraing díle ar an domhan
'N-a bhorb-thaoide rabharta thréan
'Sé loisc dhá chathair láidir theann
'S a raibh ionnta n-a smál bhréan.


L. 33


'Sé tharraing 'san tsaoghal gach míádh
Cogaidhe is ár is buaidhirt is gleó
Do líonann ifreann gach aon lá
Le peacaigh dá chrádh is dá dhóghadh.



'Sé fáth na cúise n-a bhfuair Críost bás
Fá mhasla anáirde ar chrann
Is iomad pianta air trí n-a pháis
Ó bhonn a thrácht suas go ceann.



Cuir le n-a chéile gach droch-nídh
Dá raibh sa tsaoghal riamh gach am
Dá bhfuil anois, nó dá mbeidh choidhche
Sin iad síol an pheaca cham.



An bhfuil aon eagla ort fós 'n-a thaobh
Nó an méin leat casadh ar Dhia
Innis dam t'aigne anois go séimh
Is ní bheith mé leat ag pléidhe níos sia.



FREAGRA AN PHEACAIGH.



Och! och! monuar! is truagh mo chás!
Ag imtheacht ar fán ó Dhia
Gan eagla an pheaca riamh ná an bháis
Acht le Neamh gach lá i ngliadh.



Gliadh agus gleó do lean me im shaoghal
Is me ag réabadh dlighe na ngrás
Ag tabhairt gach masla riamh lem béal
d'Íosa Naomhtha agus dá Pháis.


L. 34


Ní bhfuair me suaimhneas riamh im chroidhe
Ó dhroch-smaointe bheith 'om chrádh
Is peacaí troma agam gan scíth
Dá dhéanadh arís gach lá.



Do stór an tsaoghail seo thugas greann
Is do b'amplach me ag teacht 'n-a shlighe
Ag iarraidh suilt le sógh dom chlann
Thug clampar ar fuaid an tighe.



Do b'é m'aigne an uair bheinn gan bhrigh
Nó lag críona caithte tréith
Aithrighe dhéanadh le doilghíos croidhe
Le peacaí mo shaoighil do scéith.



Acht anois ba mhéin liom stad i dtráth
Dá bhfaghainn grása fós ó Dhia
Óir tá mo chroidhe ar fad dá chrádh
Le gráin ar an saoghal níos sia.



Do shaoil mé riamh go raibh agam ciall
Is gur thuilleas meas gach lá,
Is me 'san am san i nglasa an diabhail
Gan taitneamh do Dhia ná grádh.



Anois dochím go rabhas im dhall
Gan tuigse gan mheabhair gan chéill
Ag brise mo chroidhe ná ag déanadh feall
Ar m'anam gach am dem shaoghal.



Is é mo shaoghalsa an saoghal gan rath
Cé nár shaoileas féin sin riamh
Is anois dochím gach nídh gan mhaith
Da dtug mé searc i lár na chliabh.


L. 35


Dá mb'eól dam casadh ar Mhac Dé
Is umhladh lem shaoghal dá riaghail
Tosnughadh anois ba mhaith liom é
Is diúltadh lem ré don diabhal.



Teagasc ar mo leas isé atá uaim
Is eólas ar luas ar Dhia
Go mbeinn go cneasta caoin gan ghruaim
Dá mholadh go buadhach níos sia.



Méad an ualaigh atá ar mo chroidhe
Le peacaí mo shaoghail go léir
Ní bhfaghad suaimhneas síth ná scíth
Muna dtugairse, a Chríost, me saor.



Aithris damhsa go caoin it rann
Cionnas thabharfad sásamh cóir
Do Chríost ghrádhach le báidh agus grann
Óir thréigeas gach am mo stór.



AN ROINN DÉADHNACH DEN TEAGASC.



Tuigim féin mar tá do chroidhe
Mór-líonta le buaidhirt is brón
S' dá chrádh anois le neart cathaidhe
Mar dochíodh an diabhail do mheón.



'Sé meón thuigim tá agat go fíor
Sásamh thabhairt do Chríost go deó
Le haithrighe cheart bheith buan go síor
Is diúltadh dot naimhid gach ló.


L. 36


Is gnáth leis an diabhal le linn chách
Bheith ag tabhairt cúil go brách dó féin
A líonta a scaipeadh go neamhspleadhach
Chum é leagadh ar lár i bpéin.



Ná tabhair dá chathaidhe choidhce cluas
Acht tabhair ar luas dóibh gráin
Tóg do chroidhe chum Dé atá thuas
Is bronn dó é buan iomlán.



'Se mo chómhairle féin duit in am
Gan bheith mall ná leasc sa ghníomh
Le heagla roimh an diabhal 's a ghlam
Tu mhealladh ó ghreann na naoimh;



Chum túis do chur ar obair Dé
Sléacht tú fein go talamh síos
Iarr cabhair na ngrás tré sholas ghlé
Go bhfaicthá go léir do bhaois.



Tar éis chabhair Dé do iarraidh i gceart
Tré mhór-luacht Chríost insan Pháis
Féach siar it dhiaidh ar gach droch-bheart
Dorinn tu it shaoghal gan tlás.



Smuain ortha go léir i ngach slighe
Dá ndearnáis an gníomh gan scáth
Let bhriathra béil, le toil do chroidhe,
Is le faillighe riamh gach tráth.



Smaoin go minic agus féach siar
Tríot bhearta riamh i ngach cam
N-a rinnis an peaca gráineamhail ciar
'S tu scartha le Dia gach am.


L. 37


Scrúdaigh do choinsias go fíor-chóir
Agus lean gach ród dár ghabhais
Ag lorg gach nídh det ghnímh ba mhór
Daor-chiontach it shaoghal 'n-a rabhais.



Is fiosach dam féin tu bheith dall
Chum do chionta a lorg go ceart
Is ná tiocfá thar taoide anall
Le huireasbha cabhair is neart.



Do réir an tuigse is fós an chiall
Do bhronn Dia orm féin i dtráth
Teasbáinfead duitse líonta an diabhail
Nuair bhris tú riaghail Chríost gach lá.



Tar éis mo chómhrádh bheith 'n-a cheann
Le gach rann dá ndearna fós
Geobha tú fios ar gach olc ann
Is déin é thómhas le chogús cóir.



Nuair bheidh do pheacaí it mheabhair
Is tú ar fhonn scaradh leó
Iarr do Dhia go dian gach cabhair
Chum fuath dhóibh do thabhairt go deó.



Le linn do chroidhe bheith lán de ghráin
Is mór-chuid cás ort ina dtaobh
Imthigh leat rómhat le brón iomlán
Fé choimirce ghrádh na naomh.



Is é áit a ndeirim leatsa triall
Ar eagailseach dhiadha chaoin
Chum faoisdin beathadh le ciall
Do dhéanadh leis siar go mín.


L. 38


An chuid ná féadfair uair nó dhó
Chur go cóir don sagart síos
Cas arís is déin do ghnó
Ag aithris gach cúrsa 'et bhaois.



Ná ceil aon locht ar son an tsaoghail
Nó beidh mallacht Dé it chómhair
'S an diabhail 'ot stracadh tar éis gach scéil
Mura ndéinidh Críost ort fíor.



Scéith amach ót chroidhe le fuath
An t-olc - muar is beag - is scáth
Go mbeidh tú glan fá neart is bhuadh
'S an Rí atá thuas leatsa i ngrádh.



Nuair bheir ag fagháil na hasbolóid'
Iarr trócaire ar Rí na ngrás
Is tu scaradh amach as líon do namhaid
Tré gach pionós dofuair sa pháis.



Tar éis do pheacaí scéith ót chroidhe
Éirg i leath-thaoibh go caoin umhal
Ag breith buidheachas le Mac Dé Bhí
Do shaor tú ót shlighe pheacamhail.



As-san go ragha tú go bórd Dé
Ag glacadh a Naomh-chuirp in do chroidhe
Smaoin go minic i gcúrsa an lae
Gur b'é féin bheidh ag roinnt an bhídh.



Tar éis gach nídh bheith déanta i gceart
Is mórán ratha ort anuas
Tabhair aire mhaith gach droch-bheart
Do léirsheachnadh as-san suas.


L. 39


I dtaobh faid na haimsire bhís gan chiall
Fá fhiacha ag Mac na hÓighe
Tiocfaidh arís go sleamhain an diabhal
Ag cur géar-chatha ort gach ló.



Ná héistse leis go brách let shaoghal
Is ná tabhair géilleadh dhó aon am
Is saorfaidh Críost tú ó gach baoghal
Má dhiultair dá bhréag-shlighe cham.



Déin ach dualgas dá cuirfear ort
Do chóimhlíonadh go ró-luath
Ná leig go mall an t-am ceart thort
Nó gheobhaidh ceann an ndeamhan ort buadh.



As san amach go crích do shaoghail
Mo chómhairle dhuit féin i dtráth
Corp naomhtha Íosa gan leith-scéal
Do ghlacadh gach mí le grádh.



Is gach féasta mór tríd an mbliadhain
Glac do Dhia má's féidir leat
'Sé chneasóghaidh t'anam ó gach léan
'S do chuirfidh ann mórán neart.



Gan síor-thaithidhe le mórán dúil,
Is an lón so a ghlacadh mar bhiadh
Casfa tú thar ais ar gcúl
'Ot leagadh aget namhaid níos sia.



Dá mhéid neart i gcorp éinne beó
Is gairid fós go mbeidh sé fann
Má ghnídh dearmad sa bhiadh gach ló
Ní fada bheidh mór-neart ann.


L. 40


Is mar seo adeirim bheidh do chás
Is tú go tláth ag dul ar gcúl
Ag tuitim i laige is ag fagháil bháis
Mura n-ithir an t-arán le dúil.



Do b'é an t-arán so a neartuigh naoimh
Chun gabháil tré chathaidhe an tsaoghail
'S do chongnaidh leó-san i ngach gníomh
Ag umhladh do Chríost is ag géill.



Do b'é an t-arán so choimeád gach óg
Ó phósadh le haon neach riamh
'S do chuir marc naomhtha ar a gcló
Agus glaineacht ghlé 'n-a gcliabh.



Do b'é an t-arán so do líon gach cill
Roimhe seo le hiomad naomh
'S le gnáth-ghlacadh dhóibh do thuill
Mór-shaidhbhreas ar Neamh go séimh.



Glac-sa an t-arán so le mór-ghrádh
Gach am is áil let shagart
Neart is brígh gheobhair ann gach tráth
Chum do namhaid dhána a threascairt.



Ní gádh cúl a thabhairt don tsaoghal
Ná dot chúram féin níos sia
Acht tabhair cúl don bpeaca - 'sé is baoghal
Is fuath go héag dó it chroidhe.



Tabhair aire dot ghnó gach am
Acht ná bí sanntach mar bhís
Seachain gach slighe neamh-dhíreach cham
'S gach n-aon dein dream so ar baois.


L. 41


Seachain gach scraiste sleamhain gan chiall
Atá droch-shomplach riamh 'n-a gcáil
Is lucht eascaine atá ag an diabhal
Ceangailte go dian dá sháil.



Seachain lucht na barbaracht bréin'
Dream dubh daor-shalach 'n-a nglór
Bíonn saigheadh nimhe 'n-a dteanga chum léan
Do dhéanadh ar gach n-aon 'n-a gcómhar.



Seachain tigh an ósta acht le gádh
Nó is baoghlach tu bheith gan mheabhair
Is lucht meisce it shaoghal go brách
Nó ní bhfaghair ón Árdmhac cabhair.



Deirim leat arís lucht na mionn
Do sheachaint gach am le gráin
Óir is cosmhail iad leis na deamhain
Tá á mhallacht throm is cain.



Seachain gach n-aon bíonn ag gearradh clú
Na gcomhursan atá ar ach taobh
Seachain gach cladhaire is fealla-chú
N-a mbíonn dath an fheill 'n-a scéimh.



Scar let dhroch-chleachtaí i ngach slighe
Scar le droch-dhaoine go bás
Scar le fearg is le nimh do chroidhe
Is scar let bhaois gan spás.



Bhí feasta suas go múinte mín
Umhal-chroidheach le grádh do Dhia
Tabhair aire fós bheith cneasta caoin
Mar na naoimh let shaoghal níos sia.


L. 42


Bí carthannach le bochtaibh Dé
Is bhí séim le clann do thighe
Bí Aifreannach má's féidir é
Agus úrnaidhtheach gan scíth.



Bhí buan-tseasmhach gach aon am
'S ní baoghal duit am an bháis
Saor ón diabhal is gach cliar dhubh cham
Tabharfaidh Críost duit tré n-a Pháis;



Mar gheallas duit i lár mo scéil
Brigh agus éifeacht chur it ghnó
Le gach aithne go fíor le chéill
A chur lem chaol-pheann duit i gclo.



Acht cuirfead ort gach ceist me féin
Do réir mar léigheam i leabhartha breágh
Tabhair fá ndeara gach olc is léan
Sin mo scéal-sa agat le grádh.



IX. - DUAN PÁISE ÍOSA.



Is olc an peaca, 's is claon a thréithe
'S is mó aingceis a thuilleann dúinn go crích ár saogail.
Agus mallacht Íosa go síor dár ndaoradh
Go hIfreann thíos ameasc daoil dár gcéasadh.



Ní fuiris an mhailís go deimhin do spréagadh
Mar do dhún na flaithis is do dhamain na céadta
Is do thuill dúinn gráin an Árd-Rí naomhtha
Ná féadfaidhe a shásamh go brách in aon tslighe.


L. 43


Ach le fuil an Uain ghil a ghluais 'n-a dhaonnaidhe
I mbroinn na Maighdine, braghaid an Naomh-Spirid,
Is do cuireadh chun báis go cráidhte céasta
Ar chrann na croise chun sinn-na shaoradh.



Tar éis do sealad do thabhait sa tsaoghal so
I bhfochair a mháthar 's an phátriairc naomhtha
In umhlaidheacht mhor, ghlan-mhúinte bhéasach
Charthannach gheanmnaidhe gheal-chroidheach néata.



Do thoigh sé aspoil chun teagasc do léigheadh dhúinn,
Do leigheas gach nduine ó thinneas go héasca,
Dorinne gach maitheas don aicme do chéas é
Is do cheangal don chrann é ós comhair gach éinne.



Is olc é an peaca, machtnuigh air tréimhse,
'S ar shainnt an duine do mhilleann na céadta
'S do mheall Iudás chun a mháighistir naomhtha
Do dhíol ar bheagán, tug bás 'n-a thaobh do.



Tar éis an fhealla so is an mhallathacht éachtach
Chuaidh Rí na n-aingeal chun machtnamh a dhéanamh
I nGáirdín na nOlóg is an triúr in éinfheacht
Dá dheisciobail bheannuighthe ina gcuideachta taobh leis.



Annsan do thosain ar na flaithis do shaothrughadh
Do dhream an pheaca a bhíonn ceangailte i ngéibheann
Le n-a allus fola dá dhortadh ina bhraonaibh
Anuas go fairsing ar an dtalamh go héachtach.



Ba mhór é a dhoilghíos is dortaí déara
Le hÍosa Críost ag cuimhneadh ar a phéine
Is ar méid ár bpeacaí trí mhailís léantach
Is ar laighead ár ngrádha dho tar éis a shaothair.


L. 44


Ar laighead an tairbhe a bhainfeadh na céadta
As toradh a pháise ná a bháis ar ghéar-chroich
Ar méid ár bhfaillighe ar thaithighe a dhéanamh
Ar leigheas ár n-anmna a ghlacadh le naomhthacht.



Ar an masladh mór dogheobhadh 'n-a dhéid sin
Ó shluagh na mallacht 's na mionna éithigh
Ag spalpadh na croiche agus Críost in éinfheacht
Is á chéasadh arís gan scíth le héigceart;



Ar an bhfíor-bheagán daoine saoitheamhail séanmhar
A bheidh 'n-a ríoghacht ina suidhe go naomhtha
Le huireasa teacht go deas glan gléasta
Go dtí an sácraimint cómhachtach mórdhach féastach.



Ní hiongnadh a chroidhe bheith claoidhte traochta
Is a chorp gan bhrígh is a chlí go tréith-lag
Ag na ciothanna fola a dhoirt sé le péine
Ag smaoineadh ar a pháis is ar ghráin ár gclaonta.



Ba ghairid go dtáine Iudás, an tréatúir,
Ina cheann ar sluagh muar na méirleach
Is dothug do phóg mar chomhartha daortha
Go Nuig Annas is Caiphas 'n-a bhraighe ar séirse.



Smaoinighidh feasta, a lucht peaca do dhéanamh
Ar a liacht tuisle agus buille trom tréanmhar
Ar a liacht masla agus aithis is éigceart
d'fhuiling Íosa Críost ón naímhid seo a chéas é.


L. 45


Ag siubhal na slighe dho, is a naímhaid gan traochadh
Á stracadh ina ndiaidh fá phian is créachta
Á bhualadh le n-a ndorn 's le n-a gcosa in éinfheacht
'S á leagadh ar an dtalamh le fearg go faobhrach.



Ó! is é naoidhe na truagha é an tUan geal naomhtha
Go bocht brónach fá dhubh-chnead péine
Ceangailte ina bhráighe, á chrádh in ár dtaobh-na
Ná tugann do grádh ná páirt 'n-a dhéidh sin.



Smaoinighidh arís, le croidhe truaighmhéileach
Mar thréigeadar a aspoil 's a charaid go léir é.
A fhágaint ag na Giúdaigh thrúpach mhéirleach
A thug go dtí an chúirt é ó Annas go Caiphas.



Annsan do thosain na crochairí craosach
Ar Chríost do thriall le fiadhnéidhthe bréige
Ag déanamh a gcumais go coirtheach chun daortha
Is gan an dara duine aca ag teacht le chéile.



Níorbh'éidir leis an ndiabhal ná le cliar na péiste
Dá mhéid é a mbuille i dteine na péine
Níos mó magadh ná fealladh do dhéanamh
Ar Rí na cruinne 'ná mar rinne an tréad sin.



Dobhídis uile ar buile go héachtach
Á bhualadh is á bhrughadh gan chúis ar aon chor
'S ag caitheamh a seilí is a réamaí bréana
Isteach ar a aghaidh gheal shoillseach ghréanmhar.



Níl fós aon mhasla nár caitheadh 'n-a éadan
Is é ina spórt ag an gcóib mhallaithe bhréagach
Ó! nár bh'é radharc é sceimhealach scéaltach
Críost na ngrás dá chrádh ag méirligh.


L. 46


Is é mo chás é is cás chloinne Éabha
Tabhairt masla nua agus cúrsa péine
Do Íosa mhórdach ghlórmhar naomhtha
Gach am dá dtagann linn an peaca do dhéanadh.



Cé gur trom a labhram an aingceis an tréada
Dobhí ar buile chun donais is daortha
Do dhéanadh ar Chríost gheal, croidhe na féile,
A dhoirt a chuid fola le dochar dár saoradh.



Is measa go muar lucht uabhair is éada,
Lucht meisce agus leisce, lucht feille agus éitheach
Lucht buaidheartha is bualadh, lucht suathaidh is bréige
Lucht sainnte is aimhleas, lucht caillte ar a chéile.



Lucht na mionn dar liom is baoghal dóibh
Lucht spalpadh na fola a doirteadh ar ghéar-chrois
Lucht Dia agus Muire do thiomain go héachtach
Lucht leabhartha thabhairt i bhfearg 's in éitheach.



Lucht faoisdin is comaoine ná déineann
A bpeacaí a chur síos go cruinn gan éin-cheilt
Ná rún leasuighthe ar a mbratha ina dhéidh sin
Ná fós doilghíos croidhe ná dortaí déara.



Gach am a thagann linn a shamhailt seo a dhéanadh
Is mó an masladh an scanall 's an daoradh
A thugann do Chríost, croidhe gan aon locht
'Ná thug an aicme sin threascair é ar ghéar-chrois.



Casaimíd tamall ag machtnamh 's ag féachaint
Ar na pianta marbhthach maslathach léanmhar
d'fhuiling sé 'n-a anam tar éis an feallaire Caiphas
Do dhul abhaile ar thabhairt na daor-bhreath.


L. 47


Go dtí lá na breithe na creiche na ngéar-ghol
Leath ná trian na bpian ní léighfar
d'fhuiling sé an oidhche sin i slighe ná féadfainn
A innsint díbhse is a naímhid á thraochadh.



Níl aon tsórt mallaitheacht ná tarcuisne ab éidir
In éagmuis gach masladh thug an ghramaisc á léasadh
Ná tugadh do Íosa is é claoidhte traochta
Is gan caraid ina aice ach Peadair a shéan é.



Is moch ar maidin do theagmhuigh le chéile
Na Giúdaigh fhallsa, dream gan daonnacht,
Is d'fhiosruigh de Chríost ar bh'é Íosa Mac Dé é
Is thuig sé ortha freagra go thapa nár bhréag é.



Do thuigeadar annsan nár cheart é dhaoradh
Ná a chur chun báis go brách go ndéineadh
Pontius Peilat deimhin den scéal san
Is le n-a ughdarás san é chur dá chéasadh.



Ar a thabhairt dóibh suas ar ghualainn tréith-lag
Do Phontius Peilat fá ghreim ar séirse
Annsan dá innsint gur chladhaire méirligh
Is rí é ar Ghiúdaigh, do dhiúlt do Chaesar.



Ní dhubhairt Peilat meaithte seo dada do dhaorfadh
Rí na n-aingeal ná a ghearrfadh den tsaoghal so
Ach a rádh é sheóladh ar an ród chun Hérod
Ó ba duine é tógadh 'n-a chomhursa taobh leis.



Ba mhaith leis an gcladhaire go raghadh an tAonmhac
I láthair a phearsa, go gcaithfeadh do géilleadh
Chun cuid dá chúmhachta i gclú is i naomhthacht
d'fheicsint dá shuidheamh le brigh agus éifeacht.


L. 48


An uair ná rinne Íosa stríocadh 'o Hérod
Do líon sé le buile agus cuthach is craos air
Is chuir culaith bhán air le gráin dá thréithe
Á rádh leó é thabhairt tar ais chun Péilat.



Níl aon tsórt aithis ná masladh, dá mhéid é,
Ná fuair Críost ón mbuidhin nár ghéill do,
Á stracadh, á leagadh, is á chaitheamh le laochas
Anuas ar an dtalamh go feargach faobhrach.



An uair chonnaic Peilat, an cladhaire slaodach,
An aicme seo ag teacht tar n-ais go saothrach
Agus Rí geal Mhuire aca le buile dá thraochadh
Is fothram muar ar uair an lae aca.



Tar éis mór-chuid scrúdadh le dúthracht déine
Do dhéanadh ar Íosa, Rí na naomhaibh,
Ní thug sé freagra ar machtírí méirligh
Ná focal do rádh leo i gcás a shaortha.



Do ba nós sa tír sin ar thigheacht gach féile
N-a dtug Maois leis tríd an dtrean-mhuir
Clann Ísrael ó dhaoirse is ghéar-bhroid
Coireach ceanntach bheadh ann do shaoradh.



Dobhí, gan amhras, fear foghla is léirscrios,
Fear murdair is áir den tráth fá ghéibheann
I bpríosún dorcha tré olcas a thréithe,
Dar bh'ainm Barabas, feallaire éirligh.



d'fhág Peilat fá rogha agus togha na méirleach
Cia aca den dís seo, Críost nó an té sin,
A thabharfaidís saor do réir dlighe 'n-a thaobh san;
Ach le cómhachta an daoil is é an díth do shaoraid.


L. 49


Seo cás an pheacaigh a stracann is réabann
Dlíghe na ngrás gach lá gan traochadh
Ag tabhairt masladh do Dhia, is gan chiall ag géilleadh
Do thoil na colna, is an t-anam do dhaoradh.



Chun go sásóghad Peilat na gadhair seo ag scréachaidh
Thug ordughadh láidir sciúrsáil eachtach
A thabhairt don Rí gheal, Íosa Mac Dé Bhí
Is tar éis an ghnímh sin é scaoileadh ar eigean.



Annsan do nochtadh go huile dhe an t-éadach
Do ceangladh do phiolóir é le fórsa téide
Chun a chorp do ghearradh go daingean le tréine
An sciúrsáil mhallaithe do lascadh le faobhar air.



Chúig mhíle buille agus tuille gan bhréagnadh
Fuair Mac Mhuire ón gcuideachta daol so
Gach buille a buaileadh ar an uan geal naomhtha
Do loit go deimhin é chomh doimhinn 's do b'édir.



Ó! b'é an radharc é, ba sceimhle éachtach
A chuid fola ina shruthán dhiombádhach déarach
Ag rith síos le gach stríoc-lot péine
Bhí ina cholainn ghlórmhar mar bheadh spóla craorach.



Tré lár a phianta, is na diabhail seo ag léimrigh
Le háthas ghaisceamhail mhagamhail shlaodach,
Agus Rí na bhflaitheas fá n-a pheannaidí daora
Ag guidhe chun a Athar maitheamh dá gclaonta.



Do scaoileadar den phiolóir é go scólta créachtach,
Is gan duine aige taoibh leis a shínfeadh éadach
Chun grádh na maighdean 's é meillte ó ghéar-luit
Ach é féin dá lorg 's á gcur uime ina dhéidh sin.


L. 50


Is uaigneach a bhí sé is gan taoibh leis a ghaolta
Ná duine dá charaid do ghlacfadh truaighmhéil do
Ná a cheanglóch suas a mhuar-luit féin do
Ón ngaoith chruadh-dhubh 's ó fhuacht na spéire.



Ba ghairid an suaimhneas a fuair tar a éis sin
An uair baineadh de anuas le muar-chuid péine
Arís an t-éadach 's na géarthaí ag séideadh
Na fola ina shrothaibh síos go féar leis.



Is luath 's is obann do shocair na méirligh
Ina shuidhe ar bhinnse é, is do chaith le sméide air
Sean-éadach corcar is corann tar a éis sin
De dheilgníbh fada a leagadh ar a éadan.



Dothagadh gach nduine aca le binb 'n-a dhéidh sin
Ag caitheamh a seile le seirbheacht daola
Is do luigheadh ar a nglúin chun a chlú do réabadh
Ag cur fáilte roimhe go deimhin le géir-nimh.



Tar éis na peannaide is gach masladh in éinfheacht
Dorug Peilat é ar bhinn cnuic taobh leis
Is dubhairt ós árd i láthair céadta
“Féachaidh an duine” is a chuma go créachtach.



Is cúis mhór bhrónach cúis an scéil seo
Ach is cúis mheidhir shúbhach i gcúirt na naomh é
Ceann deas Íosa ar son bhuidhean mór Éabha
Bheith ina roithleán poll gan dabht ó spéicibh.



Ní rabhadar sásta d'éis a chnámha a léir-scrios
Go lom loiscithe, is a chroiceann go craorac
Gan breitheamhnas báis a d'fhagháil ar an Áonmhac
Chun críoch a chur ar a bheatha chun maitheasaí Chaesair.


L. 51


An uair fuaireadar cead tré mheathtacht thréithe
Pheilat mhallaithe a d'admhuigh saor é
Dorugadar leó é is córda ar a aol-mhuin
Is cros mhór throm ar a dhrom tinn tréith-lag.



Is fíochmhar feargach peannaidheach faobhrach
Leó do stracadh é go Calbhaire an éirligh
Is beirt bhitheamhnach ag siubhal sa raon leis
Chun a gcrochta taoibh leis ar maoil an tsléibhe.



Do ghluais glamaire rómpa chun cúis a chéasta
d'innsint do na Giúdaigh i gcúrsa a shaogail
Na crochairí ina dhiaidh is diabhail an éithigh
Le comhgar a mhairbhthe is na tairngí géara.



Dobhídís á leagadh ar an dtalamh gan traochadh
Is á chur 'n-a sheasamh, á lascadh le saothar;
Ar an tsráid 'n-a shiubhladh go brúighte péineach
Dobhí a chuid fola dá dhortadh ó n-a ghéar-luit.



Ba trom an t-ualach bhí ar ghuala an Aonmhic
Is é ag tuitim gan bhrigh fá pheacaí an tsaogail
Is mó hussá is magadh, is mó aithis is sméide
Dorinne an aicme dhona is mo chumann do dhaoradh.



An uair tháinig Críost go maoil an tsléibhe
Is é cortha cráidhte tnáithte traochta
Dofuair bhinéigre is domblas le hibhe mar chaol-deoch.
Chum a chroidhe do loscadh le dochar na péine.



Do ceangladh nochtaithe le binb é an ghéar-chrois
Tar éis do síneadh uirthi go mín le naomhthacht
Tairngí fada do lascadh go faobhrach
Trí n-a dhá dheárna is a dhá throigh néata.


L. 52


I dtaobh scanaill ná mailís ná caolaois léantach
Dá mbeinn ag scríobh' ar eadh mí lem chaol-phion
Ní chuirfinn síos díbh, lem dhícheall a dhéanadh
Leath ná trian pianta a Naomh-chuirp.



Ó! a Íosa, a Mhic Bheannuighthe, gheanmnach ghléigil
Ba mhór do pheannaid nuair stracadh do ghéaga,
Is ar fheicsint do Mháthar go cráidhte déarach
Ag bun na croise is claidhmhte ina taobh tríd.



Sa chás san screadann le carthannacht naomhtha
Ar Rí na bhflaitheas chun maitheamh don tréad so
Is iad-san ag drannadh leis, is gan taise dá péinsean
Is ag crochadh a gcinn ag déanadh deimhin den laochas.



Tar éis gach drannacht is mallathacht b'éidir
Ní rabhadar sásta d'éis an áir a dhéanadh
Go rinneadh é a shádh le lán-bhrígh aon-fhir
Isteach ina chroidhe le caoin-tsleagh faobharmhar.



Sin mar a scaoileadh a chlí ina thaobh deas
Is an sruth go fíor ag rith tríd gur éag sé;
Ní raibh deor fola ina chorp gan taoscadh
Ag tabhairt sásamh thaithnigh dá Athair 'n-ár dtaobh-na.



An uair chonnaic an Mhaighdean, an deigh-bhean ghléigeal
A hAonmhac trócaireach 's gan a chlódh ná a scéimh air
Ach an tsleagh trí n-a chroidhe agus críoch ar a phéine
Do thuit sí i laige trí n-a cumann bheith traochta.


L. 53


Le linn a bháis anáirde ar an ngéar-chrois
Bhí an ghrian go múchta fá smúit is éiclips
Do chrith an talamh, 's na carraigeacha ag pléascadh
Is d'éirigh na mairbh 'n-a séasamh ag féachaint.



Gach nidh sa domhan do scannruigh tréimhse
An fhaid a bhí Íosa á chlaoidhe 'n-ár dtaobh-na
Ar chrann na croise fá iomad créachta
Ach croidhe na nGiúdach, an trúp do chéas é.



Is cruadha 'ná an charraig an peacach ná tréigfeadh
A ghníomhradh buile d'éis an donas a dhéanadh
Ar chlos gach nidh dfhuiling Críost dár saoradh
Ar chrann na croise gur goineadh a thaobh dheas.



Is maith do cheannuighis sinn, a Chríost, let chéasadh,
Is ní móide an cumainn a thugam 'n-a thaobh duit,
Go mbogair ár gcroidhe chun do dhlighe atá naomhtha
Do chómhad go fíor-cheart go críoch ár saoghail.



A Íosa chródha mhórdha réimeach
Is a Mhuire ghlórmhar ghleóite phéarlach
Stiúruigh m'anam go arthannach déarcach
Go cúirt na bhflaitheas nuair leagfar me traochta.



An Ceangal:



Sin é críoch is brígh mo scéil-se
Cé go bhfuil tuille ann nár 'nniseas ar aon chor
Déineadh gach nduine a chloisfeas á léigheamh é
Guidhe chun na bhflaitheas chun m'anamh dhul saor ann
Amen.


L. 54


X.- Aighneas an pheacaigh leis an mBás.



B. Is chughat a thánga, a pheacaigh chríonna
Le hordughadh láidir tú bhreith den tsaoighal so,
Go dtabharfá cúnntas it dhrochghníomhra
Don Rí fuair bás ar an gcrois Dé hAoine.



P. Cé hé tusa atá ag labhairt chómh dána
le seanóir liath atá fé chiach, cráidhte?
Och, mo channtladh! is fann atáimse,
Is mo chroidhe dá bhriseadh le huireasbha sláinte!



B. Mise an Bás, atá lán de thréin-neart
Do leag ar lár clann Ádhaimh go léircheart,
Leagfad tusa anois mar aon leo
Is béarfad ót mhaoin gan bhrígh fá chré thu.



P. Éist a Bháis, tabhair cáirde fós am
Ná déin me chreachadh is ná marbhuigh go fóill me
Go ndéanad aithrighe im peacaí móra
Is go ndíolad m'fhiacha le Rí na Glóire.



B. Is fada an cáirde fuairis go dtí so
An fhaid eile dá bhfaghthá arís é
Mar mhair tú riamh do mhairfá choidhche
Dá fhaid é an cluiche go deire do scríbe.



P. Ní hamhla mhairfinn, geallaim ó chroidhe dhuit
Acht im aithrigheach dhian fá chiach ag caoidhghol
Ag tabhairt sásaimh do Dhia is do dhaoine
Im dhroch-chleachttha is am bheartaibh baoise.



B. Is mó geallamhain fhallsa thugais it shaoighal uait
Dfhear ionaid Dé fá éide Íosa
Go dtréigfá an peaca is go mairfá mín tais
Fá riaghlacha naomhtha gan tréigean choidhche.


L. 55


P. Ó! is fíor gur gheallas don sagart, ní bréagach
Go ndeánfainn faoisdin fada mo bheatha le chéile
Acht cúramaí an saoighil 's an cíos ag glaodhach orm
Do chráidh sé riamh 's do chiap go léir mé



B. Leig det sheanchas, a sheanduine chnaoidhte,
Nó sáithfead an bior so tré lár do chroidhe isteach
Is tabharfidh Aonmhac Mhuire breith gan scaoileadh
Ar t'anam anois, is go hifreann síos leat!



P. Mo ghreim dubh dóighte is mo bhrón an scéal so
Mise bheith caillte is mo mhuintir im éagmuis
Is m'anam bheith á loscadh in ifreann péineach
I dtaobh iomad mo chortha is mo mhórchuid claonta.



Do shaoil me riamh ná rinn me aonnídh
Do thuillfeadh pianta síorraidhe éachtach?
Ní rinn mé goid ná broid ná éigean
Murdar na feall aon am dem shaogal.



Dothugainn lóistín do gach deóraidhe tréithlag
Biadh agus deoch don té chínn ina éagmuis
Díolaidheacht cheart le fear an éilimh
Ó! nach cruaidh é Íosa má ghnídh me daoradh!



B. Níl dabht nach fíor gach nídh dhen méid sin,
Acht éist go fóill is 'neósad féin duit
Cread iad no nidhthe atá it choinne ag an Aonmhac
'N-a gcúis mhór throm le fonn tu dhaoradh.



Dobhí tú paisiúnta drochlabhartha bréagach
Óltach imearthach siosmathach scléipeach
Barbarach glagarthach is ag dearbhughadh éitheach
Is tuig go dtuilleann an sórt so tu dhaoradh.


L. 56


P. Má ólainn scilling go minic tigh an tábhairne
I bhfochair mo chómhursan nó mo chómhgas cáirde
Is mairg duit choidhche san a mhaoidheamh im láthair
Is feabhas mo chroidhe-se chum íoc thar cách díobh.



Dobhí mé tamall beag i dtosach mo shaoghail
Bruidheantach barbarach is tabhartha d'éitheach
Dorinn mé faoisdin fhada mo bheathadh 'n-a dhéidh sin
Is do shaoileas, geallaim, go raibh maithte mo chlaonta.



Dochuala sagairt dá theagasc go fórsach
Go bhfuaireadar ó Chríost, le brígh, na cómhachta
Chum peacaí a mhaitheamh don aithrigheach eólgach
An uair dhéanfadh faoisdin i ngach gníomh dá mhóruilc.



B. Is fíor, an peacach, cé malluihthe a thréithe
Má inniseann a pheacaí le doilghíos déarach
Go bhfaghaidh párdún fíor ó Rí na naomhaibh
Ag glúine an tsagairt is beannacht an Aenmhic.



Acht i dtaobh t'fhaoisdin-se, is do gheallamhain bhréagach
Níl ionnta aon tairbhe chum t'anam do shaoradh
Mar ná raibh ort doilghíos trét pheacaí éachtach
Ná fonn ceart fíor an aithrighe dhéanamh.



Ná tuig, a spaidire, go maithfidh Mac Dé dhuit
Tar éis a rinnis de chuirptheacht chlaontach
Is ar bhrisis dá dhlighe is gan suim 'n-a chréachta
Acht dá chéasadh arís gan scíth le héigceart.



Is fada é ag foidne leat, a chladhaire méirligh
Is tu lán de thaidhbhse is de bhladhman éithigh
Do shaoil tú é mhealladh let bhladar 's let bhréagaibh
Acht anois chífir gach gníomh det thréithibh.


L. 57


P. Fóill, a Bháis, faghaim cáirde an lae seo
Go ndéanadh m'uadhacht mar is dual a dhéanamh
Chum ná beidh buaidhirt ameasc mo ghaolta
I dtaobh mo rachmais nuair leagfar mé traochta.



Má's fíor gach a ndeir tú go mbéadsa daortha
Ar son na gcortha d'innisis it scéal dam
Is é mo thuigsin gur beag sa tsaoghal so
ná fuil chómh dona liomsa sa méid sin.



Má bhíd uile mar mise, gan saoradh
Tar éis gach maitheas do chleachtaid le daonnacht
Is beag a bheidh le sábháil lá na ndaorbhreath
Mar atáid uile sa chuirptheacht chéadna.



B. Is fada me ag seanchas leat, a sheanduine dhána
Sáithfead trét chroidhe an saighead so im láimh-se
Acht sul a gcuirfead crích ort a straoill bhocht ghránna
Inneósad tuille dhuit den donas atá ort.



Níl duine sa tsaoighal so bhris dlighe an Áirdmhic
Dá olcas é a ghníomhra agus díth na ngrás air
Má dheineann faoisdin le brígh go láncheart
Maithfidh Íosa a pheacaí go bráth dho.



Isé slighe n-a mealltar clann bhocht Ádaimh
An uair dhéanaid an peaca is annamh iad cásmhar
Cuireann an diabhal srian le lán díobh
Is stracann ó Dhia ina dhiaidh go brách iad.


L. 58


An uair is méin leó filleadh ó chuirptheacht Shátain
Deir sé arís leó i na gcroidhe go lánghlic
Ná fuil Dia chómh dian is tráchtar
Is ná daorfar chuigint an duine macánta.



Adeir sé fós gan ghó gach lá leó
Go bhfuil an aimsir fada chum casadh ar an áithrighe
Gan géilleadh thabhairt do shagart ná 'o bhráthair
Acht leanmhain dá ngreann go ham na hársa.



An chómhairle sin glacaidh is mairid dá dtraochadh
'N-a sclábaidhthe dubha ag diabhal na péiste
Gan suim i nDia ná ina riaghlacha naomhtha
Acht ag briseadh a aitheanta is ag maslughadh an Aenmhic.



Cómhairle sagairt is annamh a dhéinid
Gan dúil i sailm i bpaidir ná i gCréidh aca
Ná beann ar Aifreann ce aindeis mar scéal é
Acht i ngrádh leis an bpeaca is le maitheas an tsaogail.



P. Cé gur tláth lag tréith atáim féin sa chiach so
Is tusa, a Bháis, ag cur lánchuid pianta orm
le heagla rómhat is roimh dhíoghaltas an Tiarna
Má's fíor do ráidhte tá míádh an diabhail orm



Creid mo scéalsa is géill go fíor dam
Gur gairid go mbeir in ifreann síos uaim
Mar ná rinnis aithrighe it pheacaíbh líonmhar
Acht dá cur ar cáirde gach lá go dtí so.



P. Aithris dam is ná déin bréag liom
Créad é an sórt daoine dobhíonn dá dhaoradh
Is dá chartadh síos go hifreann péineach
Ar son a bpeacaí is a mailís chlaontach.


L. 59


B. Deir Mac Dé an té atá fíorcheart
Ná rachaidh suas go dtí an chuallacht naoimhtha
Aon dein dream a dh'áireoghad síos duit
Mar atáid uile ar mire ag á naimhdhe:



Dream na drúise na brúidibh gháirsceach
Lán de mhagadh is de bharbaracht ghránna
Dream na gadaidheacht 's an chamadghail tháire
Is dream an fheill, na cladhairí dána;



Dream na sainnte do mheill na táinte
De dhaoine bochta bhíonn ocrach cráidhte
Is dream an éithigh bhréagach chnáideach
Scigeamhail mhagamhail mhaslamhail cháinteach;



Dream an chraeis mhór éachtach óltach
Dobhíonn ar meisce go minic gan teóra
Is dream na mionn bhíonn canncrach callóideach
Ag spalpadh go síor le brígh ag guidhdeóireacht;



An dream dubh gallda reamhar - na mórthuirc
Atá deighilte ó Dia, is leis an ndiabhal a gheóbhaid siad
Is an dream atá dall is ná glacfadh cómhairle
Beidh ina dteannta fá scannradh a ndóithin



Dream na feirge bhíonn deifireach bruigheantach
Ag bualadh na gcómhursa is ag sladughadh daoine
Is gach dream eile bhíonn ag briseadh na saoire
Nó ag fuireach ón Aifreann is beannuighthe íodhbairt;



Dream an uabhair bhíonn muar, mar shaoilid
Lán de thaidhbhse is de phoimp 'n-a gcroidhe istigh
Is an dream ná tugann aon urraim do íosa
Acht ag dearbhughadh a chómhachta is a ainm naoimhtha.


L. 60


Níl duine sa domhan mar namha ag an Aonmhac
Má gheibheann bás i bpeaca marbh ná daorfar
Is ná cuirfar go hifreann insa teine dá gcéasadh
Ameasc na ndeamhan go lom fé gheárghlais.



P. Ó! A bháis, éist, is deimhin gur bréag duit
Go leór dá ndubhairt tu bheith 'n-a gcúis daortha
Mar is beag, saoilim, dochím sa tsaoghal so
Ná fuil ceantach mar dhream éigin.



Ma bíonn an méid sin go léir díobh caillte
Agus scartha go síor ó Chríost gan aimhreas,
Is beag a rachaidh fé ghradam go meadhrach
Go cúirt na bhflaitheas ameasc aingeal dá adhradh.



B. d'innis me roimhe seo ná 'neósainn bréag duit,
Gur le hughdarás Chríost táim fíor im scéalta
Tuig, a spaidire, gur gairid go n-éagfair
Is go mbeir 'n-a gcuideachta 'ot phiocadh age daolaibh.



Ní rachaidh go Parrthas, geallaim óm bhéal duit,
Acht an t-aithrigheach cóir a rinn leór dhaothain
De shásamh fíor do Rí an naomhaibh
I bpeacaí a bheathadh go cathathach déarach,



Acht amháin an leanbh nár pheacuigh gur éaga
Rachaidh ar an nóimeant go cúirt na naomhaibh
Ameasc na n-aingeal go taitneamhach gléigeal
I seilbh na glóire i gcómhar don Naomhspirid.



P. Och! a Bháis, is cráidhte an scéal liom
Laighead na ndaoine bheith saoir sa tsaoghal so
Mar atáid uile gan tuigsin gan éirim
Gan scim a leasa le haithrighe a dhéanamh.


L. 61


Is minic go dtí so dorinneas gníomhra éachtach
Déirc is carthannacht is anachuid daonnacht
An bhfaghadh aon luacht im mhuar-mhaith ar éanchor
Tar éis gach a dtugas de ghustal an tsaoghail uaim?



B. Ná bhí meallta, a chlampaire méirligh
Ní bhfaghair éanluacht trít mhuarchuid daonnacht
Mar bhí tú marbh sa pheaca gach tréimhse
N-a rinnis an charthannacht san 's gan eagla Dé ort.



Tabhair fé ndeara gan dearmad an méid seo
An fhaid bhíos an duine ag briseadh is ag réabadh
Dlighe Mhic Muire tré chuirpthe a chlaonta
Ní bhíonn éantairbhe 'n-a mhaitheas go léireach,



In úrnaighthe, in Aifreann, i dtrosadh, ná i dtréadhnas
I ndéirc, i gcarthannacht, ná in anachuid daonnacht
Níl ionnta éantairbhe an peaca mura dtréigfar
Is bheith i ngrádh le Críost am an ghnímh a dhéanadh.



Cé maith í an charthannacht, mar is subhailce naomhtha í
Is i scáth is tearmon an anam' gan bhréig í
Acht má ghnítear dearmad den aithrighe dheárach
Atá an uilemhaitheas chómh marbh's do b'éidir.



P. Aithris fós dam gan ghó an scéal so
Créad é an chiall n-a mbeidh Dia ag glaodhach orainn
Lá na mbreath is na gcreach go léireach
Ó gach áit chum clann Ádhaimh d'éisteacht?



B. Isé cúis n-a dtiocfa an chine bhocht dhaonna
Go Gleann mór Iosaphat lá na ndaorbhreath -
Chum iomad a gcortha do nochtadh don tsaoghal
Go bhfeiceadh gach nduine aca lochtaí a chéile.


L. 62


An dream atá in ifreann tré n-a gcortha do dhaoradh
Is dfhág sampla an pheaca age clanna na gcéadta
Beidh mallacht Chríost go fíor mar éiric
Dá mhéadughadh ortha thíos go crích an tsaoghail seo;



Agus na fíréin ghleóite go glórmhar naomhtha
Ag fagháil breis onóra agus mórchuid réime
In aghaidh gach duine do leanas an léighean ceart
Dhágadar 'n-a ndiaidh ag an cliar so Éabha.



Sul dtiocfa an lá san beidh ár sa tsaogal
Loiscfar an domhan is gach nídh ar a éadan
Beidh an ghrian go dubhach fá smúit ag éiclips
Is an gealach, mo mhairg, chómh dearg le haonfhuil.



Beidh an spéir ar buile agus tuitfe na réalta
Beidh tíortha ar bogadh is ag oscailt ó chéile
Beidh an fhairrge ar lasadh ag imteacht 'n-a caortha
Agus clocha is crainn le n-a linn á réabadh.



Beidh cnuic is gleannta le scannradh ag léimrigh
Beithidhigh an domhain go hadhbhal ag géimrigh
Na peacaigh dhona dá loscadh is dá thraochadh -
Sceimhle is eagla ortha roimh fhearg an Aonmhic.



Tiocfa annsan aingeal ó sna flaithis le scéala
Ag glaodhach ar na mairbh chum an bhreitheamhnais dhéidheanaig
Éireóghaid ina seasamh go tapa le chéile.
An sliocht so shíolruigh ó Adam is Éabha.



Beidh righthe agus prionnsaí is iarlaí saoghaltach
Gaiscidhigh uaibhreach chómh muar le Caesar
Annsúd 'n-a seasamh is le heagla ag scréachaidh
Gan teideal gan meas 'n-a measc go léireach.


L. 63


Na daoine uaisle bhi go guagach péacach
Go faisiúntach gaigeamhlach péarlach
beid an lá úd go cráidhte céasta
Gan urraim gan mheas fé mhallacht Dé ghil.



Beidh an dream dochídh tú go fíor ag séanadh
Ríogh na reann ar an gcrann do céasadh
Annsúd 'n-a seasamh chómh dubh le daolaibh
Go diablaidhe gránna is gráin Mhic Dé ortha.



Beidh an ghramaisc mheillteach go deimhin gan bhréagnadh
Ar nós na ndiabhail le pian ag béicigh
Is ag crith le sceimhle, is treighid dá dtraochadh
Le huathbhás eagla roimh fhearg an Aonmhic.



Annsúd dochífir gach gníomh dá ndéantar
Le mailís an chroidhe go crích an tsaoghail seo
Méad na bpeacaí is gan aithrighe naomhtha
Le feicsin go fíorcheart scríobhtha ar a n-éadan;



Agus lucht na drúise, na brúidibh, dhéineann
Barbaracht tharcuisneach is peacaí ná déarfad
An lá úd dochífir lucht bruighne is scléipe
'N-a mbruscar ghránna go hárd ag scréachaidh;



Agus lucht na meisce deirim gan bhréag leat
Go mbeidh a gcraos oscailte losctha mar chaortha
Is lucht na guidhdeóireacht ag mallathóireacht le chéile
Ceangailte ar shlabhra ag deamhain 's ag daolaibh;



Beidh an dream do fhanann ón Aifreann naomhtha
Is do bhriseas an tsaoire is do Chríost ná géilleann
Chómh dubh le diabhal na gcliar ann, taobh leó
Is naithreacha nimhe dá n-ithe go héachtach;


L. 64


An lá úd dochífir machtírí is méirligh
Tíoránaigh mheillteach le sceimhle ag scréachaidh
Is Liútar dall, Ó! do mheall na céadta
Agus lucht a chreidimh go huile dá dhaoradh.



Pontius Pheilat is an cladhaire Hérod
Is na Giúdaigh mhallaithe thréascair an tAonmhac
Is gach dream eile d'eitil ón Naomhspirid
Beid an lá úd go cráidhte 'á dhaoradh.



Beidh ós a gcómhair go trúpach gléigeal
Na mairtírigh chródha go glórmhar péarlach,
Confeasúirí diadha a bhí riaghaltach naomhtha
Is oilithrigh bheannuighthe a sheachain an saoghal so.



Beidh maighdeana geala ann dfhan gan chéile
Agus ainm Íosa scríobhtha ar a n-éadan
Beidh gach dream ann tug annsacht don Aonmhac
Is dorinn aithrighe go fíor sul chríochna' a saogal.



P. Innis dam, a Bháis cé táim gan éifeacht
Créad fáth an cómhartha úd ar ghnúis gach aon neach
Den dream san dubhairt tu dfhan gan chéile
Is gach n-aon eile adeir tu a bheith 'n-a éagmuis.



B. Atá go fírinneach mar dobhíodar néata
I ngrádh le hÍosa thar dhaoine an tsaoghail seo
Is líonta le glaineacht is le gileacht naomhtha
Ag séanadh an pheaca do shailigh na céadta.



Beidh gach maighdean ghlan díobh dfhan gan chéile
Níbhus gile abhfad 'ná gal na gréine
Ní bheidh aon i bParrthas chómh taitneamhach léithi ann
I bhfochair na n-aingeal i ngradam 's i réim leó.


L. 65


Beidh onóir fá n-a gcómhair seo gan bhréag duit
Ag an Slánaithóir Íosa, Rí na naomhaibh
Beidh a nglóire chómh mór san, ní fhéadfainn
Innsin dhuit choidhche le brígh mo scéalta.



Beidh go criostalach soillseach meadhrach taobh leis
Cóirighthe go ró-dheas le péarlaí
Beidh a súile a bhí dúnta in aghaidh an tsaoghail seo
Níos gile go deimhin 'na soillse an réalta.



Beidh amhráin bhinne aca dá sheinm le néatacht
I gcuideachta an Uain ghil go buadhach gan traochadh
Ná tuigfe éindream acht an dream ceart céadna
Do ghaibh le hÍosa go fíor mar chéile.



P. Ó! mo chreach, mo chás nár ghrádhas-sa im shaoghal
An tsubháilce bhreágh san thuill bárr gach réime
Acht dá bhfaghainn éanáit insan árus naomhtha
Dobheinn anois sásta is go bráth tar a éis seo.



B. Éist, a spaidire, ní maith liom do bhréathra
Níor thaitneamh riamh leat riaghail na naomhaibh
Níor mhaith leat do chlann go mbéidís naomhtha,
Ná iompódh ar Dhia go mbeidís aosta.



P. Do shaoileas, geallaim duit, go mb'fhearra chum Dé dhóibh
Clann is conách mar atá agam féineach
Le heagla bheith bocht nuair bheidís aosta
Is go mbeidís go brách i spleádhchas d'éinne.



B. Dalladh gan leigheas ort, a chladhaire méirligh
A sheanduine cham 's a chrannca shaoghaltaigh
Ní thuigir go mb'fhearra dhóibh caradas Dé ghil
'Ná clann is conách is 'ná bláth beag bréige.


L. 66


Cad tá anois agatsa de bharra do shaoghaltacht
Acht iarsma peacaí is gan t'aithrighe déanta
Is anois i ngeall ar do chamshlighte éithigh
Beir, trét ghníomhra, go fíor 'ot dhaoradh.



Is lá na breithe ag deire an tsaoghail seo
Tiocfaidh Íosa Críost arís gan bhréag duit
An uair sin suidhfidh ar mhaoil an tsléibhe
Mar bhreitheamh chómhachtach chum cúise d'éisteacht.



Beir-se annsúd ameasc brúid gan éinmheas
Is do cholann is t'anam ar dhath na ndaola
Is do chlann 'n-a gconairt ag siosmadh 's ag pléidhe leat
I dtaobh iad do thógaint ar do nós-sa féineach.



Annsúd dochífir Críost 's a chréachta
Is gach phian mharbhthach dfhulaing it thaobh-sa
Is na Giudaigh fhallsa, an dream do chéas é
Ag screadaidh 's ag caoidh go fíochmhar péineach.



Beidh crann na croise ar n-a rinneadh é a chéasadh
Annsúd 'n-a láimh dheas i láthair an tsaogail
Chum compóird síor chur ar na daoine naomhtha
Is dólás gan chrích chur ar an mbuidhin a dhaorfar.



Is iompóidh a aghaidh go meillteach faobhrach
Ar shluagh na mallacht, an aicme shéan é
Agus déarfa leó go fórsach tréammhar -
“Imthigh as mo radharc fé gheibhean is ghéarghluis;



Mo mhallacht go dian bhur ndiaidh le géarnimh
Ó shéan sibh mise le cumann don tsaogal
Mallacht na ndiabhal fé phian bhur dtraochadh
Is mallacht na bhflaitheas bhur dtreascairt le chéile;


L. 67


Mallacht na naoimh seo atá taoibh liom naomhtha
Anuas ar bhur n-anam dbhur gcreachadh gan faothamh
Is mallacht m'Athar 's gan dearmad an Naomh-Spirid
Is fós mo Mháthar go brách bhur ndéidh-se.”



Annsan, ar an nóimeant, Ó! búirfidh béicfidh
Clann na mallacht ag imtheacht go daortha
Brisfidh an talamh fén aicme bhréan so
Agus sloigfar síos iad go hifreann péineach.



Annsan, iompóidh a ghnúis go ciúin deas néata
Ar shluagh na mbeannacht, an sluagh do saorfar
Agus dearfaidh leó le glór caoin caomhnach:”
Gluaisígh go síor go Ríoghacht na Naomh liom;



Má bhí sibh tamall beag fé tharcuisne an tsaoigail
'S gur fhulaing sibh crosa tré olcas bhur naímhdibh
Agus fuacht is fán go cráibhtheach tríomsa
Glóire Pharrthais beidh agaibh 'n-a thaoibh-san.



A mhairtíreacha beannuighthe do stracadh ó chéile
Is dhoirt bhur gcuid fola le dochar im thaobh-sa
Anois dochíonn sibh mar thugas-sa an daorbhreith
Ar na méirligh do mhairbh sibh agus sibhse do shaoradh;



A mhaighdeanacha do thuill uaim go naomhtha
Bheith níos aoirde im ríoghacht go péarlach
'Ná éindream den mbantracht so Éabha
Mar is sibh do ghráidh me go lánghlan gléigeal;



Beidh sibhse is mo Mháthair go brách in éinfheacht
Go glórmhar compórdach go réaltach
Go síochánta síorghrádhmhar síornaomhtha
'Om moladh go fíor gan chrích le saogail.


L. 68


Gluaisígh liom, a chlann gan éanlocht
Go seilbh na glóire i gcómhar don Naomh-spirid
Go Ríoghacht na bhflaitheas go gradamach réimeach
Gan chrích go deó le bhur gcóisir naomhtha.”



Gluaiseóid uile ó mhulla' an chnuic léanmhair
Suas go Parrthas i gcuideachta a chéile
Is ceólta binne aca dá seinm le néatacht
Ag moladh an Athar an Mhic 's an Naomh-Spirid.



Anois, a sheanduine, stadfad dem scéalta
Ní hé an t-am ceart cabhair ná saoradh
d'iarradh ar Dhia is tu riamh dá thréigean
Go huair do bháis is tu i mbearna an bhaogail.



P. Uch, a Bháis, ná sáith do ghéarghath
Tabhair dam cáirde go dtí amáireach féineach
Go n-iarrad síothcháin ar an Árdrí naomhtha
I méid mo pheacaí is gan m'aithrighe déanta.



B. Ní bhfagha tú cáirde, a chneámhaire an éithigh;
Do thuill tú ó Chríost go fíor tu a dhaoradh
Mar do thréigis riamh a riaghail 's a naomhthacht
Is béarfadsa it bhrágha tu i láthair an Aenmhic.



Le n-a linn sin tharraing an seanduine saoghaltach
Osna throm is le scannradh d'éag sé
I lár a phianta is na diabhail dá aodhaireacht
Chum é sciobadh leó go deó le saogail.


L. 69


XI. - ARAOIR IS ME AG MACHTNAMH.



Araoir is mé ag machtnamh ar Íosa Mac m'Athar
A daoradh le peannaid go tréith insan Pháis,
A raibh a mhín-chorp a ghearradh le sciúrsí go deaingean
Ar an daor-chrois dá cheangal Dé hAoine chum báis;
Guidhim chughat-sa feasta, a Rí ghil na bhflaitheas
Féachaint ar m'anam gan é léigean chun fáin,
Gach saigheadadh le peaca tá im chroidhe istigh le fada
Do scaoileadh is do scaipeadh is do shaothrughadh let bhás.



A Íosa, a Mhic Mhuire, saor sinn ar an teine -
Ná leig sa choire géar sinn go bráth -
Do réir mar a thuigim do dhlighe-se do bhriseas
Im smaointibh 's im choirthibh, is nách éachtach mo chas!
A Mháire 's a bhruinneal, grádhaim thu le cumann,
Soláthair dam ionad ag Rí geal na ngrás,
Mar a mbídh ceólta dá sheinnm, glóire dá leigint
Do ach n-aon bhocht againn-na réidhidh Dia a gcás.



Gach n-aon tá ar mire ná geilleann do Mhuire
Lá an tsléibhe nuair a thiocfaidh 'seadh chífidh uathbhás,
Blaomfaidh an teine, beidh na sléibhte dá bhriseadh,
An ghrian uainn ag sileadh is na réaltain ár lár;
Tiocfaidh Michéal le fuinneamh is truimpéad aige á sheinm
Go nglaodhfa ar gach nduine ó thír is ó thráigh;
Beidh a chlaon-bhearta scriobhtha ar éadan gach nduine
Is a Dhia ghléigil cuir sinn-na ar thaobh do dheas-lámha.