The 'Catechismus' of Theobald Stapleton

Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair (1639)

Tiobóid Galldubh; eag. J.F. O Doherty




CATECHISMUS



Adhon, an Teagasc Criostuí, iar na fhoillsuí à Ladin agus à



Ngaoilaig, ar modh chomhrá idir Magistir agus Disciubúl.



Maile re Teaboid Gállduf, Sagart erennach. Agus déis an chláir modh uras



leighte na teanghan Ghaoilaige à leitreacha Romhanacha.



BRUXELLIS,



Typis HUBERTI ANTHONII Uelpij, sub Aquilâ aurea iuxtà Palatium, 1639.



Permissu Superiorum


L. ii



L. iii



L. iv



L. v


Oraid don Leaghthoir.



1. Mar nach ar an ttaoibh àmuigh dhon
bplaoisic, as measta, na as dérabhtha
dhuit blas na millseacht na cnaoi, ach
ar bhrigh an inthe sheim mhilis bhiós
innteastig. As amhluigh sin, da ccuirir an ccreideamh
an Chré agus gach ní ele is inchreite dho inntleacht
dhaonna sios, agus gan à fhoillsiú go solas, níl ann ach
amhuil dobheartha cnúdh iomlán na crotall no na
Pluisg uait. As uimi sin, do chuireas reomham gach
misteri .i. deamharúnn fá seach dhiobh do mhiniú
son leabhar so, ar modh urusa, ionnas ag brisi na
cnaoi don leanamh, go mfeidir leis an tinthe dho
bhlas. Da bhrigh sin à leithoir inmhuin, na gabh-
adh deistin tú fá neamhshnastacht, agus gharibhe chur
siós na hoibriso (amhail tré sherebhe na plaoisge)
ach bris an cnú agus róthaitnió leat blas an inthe. Agus
na meás gur as meolas féin do chuireas reomham an
teagasg so (àta an féin roárd, rooriric) do fhoill-
siú, ór
màs ar oirdhearcas, agus ar dhiongmhaltacht
labhraim, ní fhoil Dochtuir dha eaghnuí, na dha
naomhthacht, nach ar dhoculach, cruoaí, dho è ré
an fhoillsiú; do bhrigh, gur ab ón ard Dochtuir ud
agus ón Maghistir Iosa Criost ar Ttighearna do tionnscna
è, agus tug ar lamhaib na Neapostal, agus mar sin, go fhoil
à chiall, agus à dheamhareacht os cionn an uile rea-
súin nadurtha iar na ardú.



2. Sinne amh, ag rochtain (maille re mór mhaith,
agus mór throcaire Dé) go haimsir dlighe na nghras,
agus mar an cceanna ag tabhairt ceada do gach sim-
pliach, agus umhalchroidheach dho lathair (gan dul
amú na an earraid) an teagasc sin dfoillsiú, mar à
deir an suibhscéol: Admhaim dhuit à Thighearna,
à Athair, Nimhe agus Talamhan, gur cheilis so ar na
Críonnaí, agus gur fhoillsigheis iad don Huirislibh,
.i. ar lucht uobhair, Phoimpe an Tsaoghail, agus tu-
gais rèna tthuicsint iad don druing shimplí neamh-
uoabhreacha doní do réir.



3. Ar an adbhar sin, an ainim na Trionoidi
roNaomhtha, le cobhair an Spioraid Naoimh, agus lé
guí na Hogh Mhuire Mathair Dé, bioth go fhoil an


L. vi


Teagasc so fá bhrat mherigeach, mhisceamhach,
mbriathar neamhchuriallta, neamhshnasta; gidh-
eagh sothuicseanta dhona dhuinibh simplí; do chui-
reas reomhan fam dhicheall an Teagasc Criostuí so
do fhoillsiú .i. Bainnicí seímh, millis, slainteamhaill
na nanam, ina fhoil beatha anama an Criostuí agus
cothudha spioradalta, fá dhion Sgeithe an Scriptuir
do reir mar do teagaisc ar Ttighearna dona Hapo-
stalaibh, agus dfagadar na Hapostail ar laimh na
Heagluise è, agus àta an Eagluis go laoitheamhail dha
theagasc dona Criostuithibh.



4. An teagasc slainteamhail so, à ta se dhuolach, agus
do riochtanas à bheith ar eolas ag an uile Criostuí agus
à bpein à slanuithe; amhail mar àta Deamharrúin
an Chreidimh fhoillsithear à Ccrée na Neapostal, agus
an Airteagaluibh an Chreidimh, or ni leór creide-
amh go coitcheann .i. chreideamh, mar chreideas
an Eagluis; acht amh, àta doulach oruinn fá phein
pheaca mhairibh, eolas do bheith aguin ar dheamh-
harrunnibh an chreidimh, go soleir, follas, idirdh-
ealaithe, noch theagascas an Eagluis go solamanta
gach à bliahdain; mar à ta, mysterium na Trionoi-
di rónaomtha, aon Dià amhain firineach, Cru-
thaithoir na nuile, Cheartstiuras, riaghlas, agus cho-
meadas an uile ní: mar àdeir Oein: Ag so an bea-
tha shiorruí, go naithnagidh, thusa ad taoin Diá
amhain firineach, agus an tí do chuiris uait Iosa Cri-
ost; Agus gur ab aon tsubstaint amhain è, tri Pear-
sana, agus aoin Diá amhain firineach .i. Aithir, Mac,
agus Spioradh Naomh, agus àse an dara Pearsa dhiobh
soin amhain, do ghaibh uime colann daena .i. an
Mac, maille re comboibriú an Spioraid Naoimh, iar
na bhreith maille re Muiri oigh shiorraighe, agus dar
fhuosclanne, fuair bás, do hadhlacadh, do aitheirigh
an treas lá ò mharmhaibh, dochuaig suas ar neamh
as sin tiicfas do dheanamh breitheamhnuis ar bhe-
oibh agus ar mharmhaibh, agus go fhuil an Tighearna
ceanna so go firineach, substainteach, gan chun-
tubhairt ar bioth, à Naomh Shacrament na halto-
rach; as erradeach amheas no aradh go mo leór
dhona Criostuithibh go ccreitidis go coitcheann
gach ni Chreideas an Eagluis, or mar do reamhradh
à ta dhiachaibh agus duolach ar an uile Chriostuí
eolas do bheith aigi ar dheamhairruin an creidimh,


L. vii


go foscailte gan chunntabhairt ar bioth, à ta fós
duolach ortha fios aitheanta dlige Dé, agus na Hea-
gluise do bheith aca fa phein pheaca mharaibh;
tuig, nach è amhain go mbristear iad le gniomh,
agus le brethir, acht fós le smuaineamh, ag fail tainth-
nibh ina mbrisi.



5. Fà dheire as riochtanas dhon Chriostui eolas
do bheith aigi ar na Sacramentibh go hulighe noch
as riochtanas do ghlaca chum à slanuithe, agus do
thionnscain Criost ar Ttighearna (amhail medhoen
ar slanuithe) dar ab tosach an Baiste, à ta amhail
doras dhona Sacrament ele, agus forthaca lé nitear
sinn ò pheaca an tsinsir agus ona peacaibh gniomhach
rie mbaistidh. Gibe le na meann à slanudh ní fu-
lair dho à aithbreith maille ris an Sacrament so.



6. Asi an Aithridhe, an dara Sacrament .i. an
dara clár tar eis na luingbhristi doberthar dhon
Chriostuí, agus as leis dogheobhamaid mai-
feachas ár bpeacuí son fhóisidin má ghlacaid è, agus
mathemaid dha unsuí go diongamhaltha coír.



7. Asi an Eucharistia, an treas Sacrament .i. Sa-
crament na haltorach, ina fhoil dfiachaibh oriann
à chreideamhain go rosheasmhach ar Ttighearna
Iosa Chriost Diá agus duine firineach dho bheith ann
do lathair gan chuntabhairt ar bioth: noch ghla-
car mar an ceanna san Naomhchommaine: ina
cheann sin ní fulair don uile Chriostuí, agus à ta
dhuolach ortha, à fhios do bheith aco, cia ar à
sirthid cobhair .i. ar Dhiá uileachomachtach.



8. Ní fèidir leam gan à goileamhain orom, le
iomad truaidh agus aithmheil romhoir, ag faicsint
an roiomad Criostuithe àta ar seacharan an feg
an Domhain, an uireasbu eolais na nithe as mo
à ta na riochtanas; mar àta an Phaidir, an Chré,
agus aitheantha Dé.



9. Fárior as iomaduil ar seacharán dhona
Criostuighthe à ta chomhainfheasach sin, an tan
fhiosruighthear dhiobh na nithe as riochtanas
chum à slanuithe .i. gan à fhios aca cie he Criost,
no ar fhulaing bás dhar slanú, na cia na Hathean-
ta


L. viii


as dual do chomeàd, agus móran ele, à ta dhuolach
ortha dho bheith ar eolas aca, gur freagara diomh-
ain neamhcheillighe dobhearuid ionta.



10. Gan so dho bheith ar eolas ag na Criostuthe,
do beidir à theacht fá ndeara ar dha chuis.



11. An chead chuis, do uireasbuidh aoighuridhe,
agus Aithreach do theagoiscachad; no ma bhiod
aca, bhios neamhchurumach, faillightheach à
tteagasc dhon phobul, noch à ta go rothruomhe-
leach à dúl da dhith.



12. An trath sin ní pheacuid na Criostuighthe go
maratheach ar son an ainifhiois so do bhrigh gur
neamhchiontach è, do easbúigh ide múnte; ar an
adbhar sin tugadis na haodharidhe an aire gan
bheith faillitheach, neamhchuromach à deanamh
an offigi don phobul .i. an tred àta ar à ccurum, agus
ma bhid bioth à fhios aca, gur roghear, cruodha-
lach, nimneach, ceasfear iad à bpiantaibh Iofreinn,
mar, chuireas sios an Taithair Emanuel Sáa, leis na
briarthaibh so: As mo as barúlach me, go ndama-
nothar na Haodhurí tré na fhallith à teagasc an
Phobuil. Maran cceadna, fogra, an chomhairle
Thriont mar so.



13. A AirdSagairthaibh, à Bhecairí mar an ccean-
na, agus gibe ar bioth Sagart Poraisti, no ar à mbiaidh
aon churum ele anam, gibe ar bioth modh ar am
biaí curúm Eagluisi ar bioth air, ina Phearsuin féin,
no maille ré neach ele iomochuibhe (ma bhion se
féin go dlitteanach tuiremeascach) go harithe
gach à Domhnuig, agus gach à la saoire solamunta
beathaid na Poibleacha, agus an Tread bhias ar à ccù-
rum do reir à ccumais agus tuigseana gach coda dhiob
le briarthuibh slainteamhla, ag teagasc dhaibh na
nithe as uireasbúgh ortha an eolas do bheith ag an
uile Criostuí chum à slanuithe, agus da chur sios dhaibh
le cómhra urusa àchumair, agus na dubhailche do
sheachna, agus na subhailche as uireasbuch ortha do
glaca, do shealabhudh; chum go seachnadis an
Phian shiorraí, agus go mo fiú iad an ghloire Neamh-
dha do shealabhú.



14. Dha dhearabha sin: do theagaisc, agus tug amach
an chomhairle cheanna an Cathecismus Romhanach,
le hughdarras agus le fogra an Phapa Pius U. ina foill-
siathar 4. nithe .i. cread chreidfear, cread ghuifeár,
cread oibreochar, agus cread ghlacfar. Ag fogra dhona
Haodhuruib na nithe so as riochtanas ddo teagasc
da bpoibleacha; agus coimhthionol na Heasbugoidi,


L. ix


fogra an ní cceana do lucht fiofruighthe na bporai-
stidh à fogra agus da chur do churum ar na Haodhui-
ribh an Teagasc Criostuí dho mhuna dhona Poblea-
chaibh bhios ar à ccurum, dha sheanamoir agus dha
theagasc dhaibh gach à Domhnuibh agus la saoire so-
lamonta: Or àse an Teagasc Criostuí so as uaith-
neadh agus as gabla fulaing san mbeatha Spioradalta,
agus gibe ona tteisteocha an teagasc Criostuí à ta à
bperiacail à dhamanta dho sior.




15. As fior: go ccomhlionnan an Taoiridh lé an
offig, à múna an teagaisc Criostuí ag an Altoir, no
san phuilpid na seanamora, no pearsa ele iomo-
chuibhe ar à shon mar fhogras comharle Threont.



16. Da bhrigh sin à Aithreacha, agus à dhearabhra-
threacha à Ccriost .i. Aodhuireagh na nanam, ias-
caruidh na nduine, à seanamóntaithe na firinne, à
lochruinn shoillsi an chreidimh, à Shagartaibh ard
Dé mhoir uileachomhachtaigh, rochurum agus roaire
dho bheith agàibh, ar an teagasc slainteamhail so
do mhuna dhon Tred à ta ar úr ccúrum, go seimh,
singil solas agus idirdhealaithe gan fiachaint dhar
nduo, na dhar saothar; mas meán libh irruidh
dhomharatha na ngrás do chur umoibh do gheall ar
Ttighearna Diá dhibh ar son gan an Tred do chea-
nuig Criost go rodhaor le an fhuil rouasail féin do
legean à Ccrobhuibh na fhaolchon Nimhe Iofrinndo
dha mucha agus dha nicheanna sios an nuibhChraos
Iofrinn; tugaidh fós dhur nairidh, gan bheith tar-
caisneach, na neamhcheanamhail ar an teagasc
slainteamhail so, ach leanuig an Taodhaire firene-
ach ar Ttighearna Iosa Criost, do thionnsgon à Thea-
gasc, an 12. bhliághan dha aois, à Tteampúl Ierusalem
do laithair na Ndochturidh, agus oshoin amach go
ndeacha se suos dona Flaitheasaibh ina shuidh ar
Deis Dé Athar, à fogra dhona Sagartuibh an teagasc
ceanna dho mhuna dha ttred, do reir mar à deir
an subhsceol: Goirthise dhiomsa à Mhaghistír agus à
Thighearna, agus as maith à deirthai soin or as me soin
(agus aris) dothugas sompla dhibh, ionas mar
dorinnemissi deangaidhse mar an cceanna: Mar sin ní
coír dhuin tarcuisne, na neamhchion do bheith
aguin ar an offig so dorduigh, agus do chuir siós duin ar
Maghistir, agus ar Ttighearna Iosa Criost chum na
Ccriostuithe do mhuna.


L. x


17. As doil le moran, gur deacair an teagasc so
dho mhuna dhona seannduinibh agus dona duinibh
dúrintleachtach, ór as féidir solas na nithe so fhoillsia-
thar san teagasc Criostuí do bheith na nuireas-
buidh. Bioth gur doculach saorthach Ortha an Ti-
ghearna, an Chré, na Harteagail, agus Aitheanta
Dé etc. dhaibh do chur dho mheamhair, ámh, as
urusa iad do chur na cciomhne, da niomora agus dha
fhoillsiú dha lathair go solas sothuicseanta, ion-
nas go ttuigid cred chreidfid, guifid, oibreochaid, agus
ghlacfaid, go hàireithe ag fiafruí dhiobh le briar-
thaibh boga sothoisceanta, do reir an inntleachta
agus à ttuicseana, ionnas marsin go fhregaradis sub-
staint na nithe fhiathrochar dhiobh .i. ar dheamh-
airruin Shacrament Neaomh choisirice na Heucha-
ristia .i. na Haltorach, mar so, an fhaca tú na
Criostuithe, à glaca chummuineach ó an Tsagart,
agus è ag radh Aifrinn ag togbhail suos dho na Habh-
lainne Neaomhchoisiriche, noch onoras agus aodhras
an Pobul, à dera gur fiór sin, abair ris: bioth à fhios
agad go fhogran Diá agus go tteagascan an Eagluis
dhinn an Abhlainn úd dobhi ina haran sul do
Naomhchoisreagadh í, agus fós ànois gne arain úrthe,
tar eis à Naomhchoisrice; gidheadh ní aran í acht
Diá firineach, agus fós duine dorug Muire ogh, fuair
bás do hadhlacagh, do aitheirigh an treas lá, à ta
na shuí ar Deis Dé Athair uilechomhacetuí, tiocas
à deanamh breitheamhnais ar bheoibh, agus ar mba-
mhaibh? an ccreidi so uile? à deara go ccreidean.
As à chionn sin bioth à fhios agad, go fhogran Diá
agus an Eagluis dhuinn à chreideamhain, go fhoil an
Tighearna ceanna ar Neaomh, gan teastail as ar
aon chor, mar an cceaanna an sna Hamhbhlainnibh
Neaomhchoisirice ar fedh na Cruinne go hiomhlánn
an fiór so? à deara gur fiór; fiafra fós dhe cia hi an
Eagluis, agus mas eolach dho gur ab é an Papa as
ceann orthe? à deara gur fiorsin, agus marsin à cur na
ccoimhne, gur ab è comhtheanól na Ccriostaíthe
farre à cheile dhar ab ceann an Papa, as Eagluis
ann; creídthe so, mar fhoillsios comhairle Threonnt,
so dfoillsiudh dhaibh: Le briarthaibh achamui-
re, furasa. Mar an ceanna, ma fhiafruían tú dhe
cread é cumann na Neaomh; mar so, an fhoil à


L. xi


fhios agad gur ab ionann Sacrament àta ag na Crio-
stuithibh? à deara gur fiór soin; abair ris: bioth à
fhios agad, gur ab ionann Baistí ata ag an Rí, agus ag
an oglach, ag an saoibhir agus ag an ndoibhir; agus fós
an easbuloid cheannaigh ag an mbochtán agus ag an
Rí, as ionann glacaidh í, à glaca fós chummuine-
ach dhaibh, as aoín Diá amhain firineach ghlacaid;
à deara gur fiór sin uile, agus ar an modh cceanna foill-
seothar dho na Sacrament ele, agus na deaghoibrea-
cha dha ngoirthar cummunn na Neaomh, agus an tí
thuigeas so, tuigise an arteagail so, agus marsin, do reir
somplo an Tighearna, à theagasc go ceannsa, seimh,
simplidh; mar à deir an suibhsceaol: Foghlomaidh
uoimsi, ór à taim ceannsa, agus umhlachroidhach,
ór as seímh furasa mo choingh, agus as eadrum muo-
lach, agus doghebhathi suomhneas siorraí dhar na-
namaibh. A Aitreacha ionuimhne tugo dhár naire
bhur noifig do chomhliona, gan tuirsi, na leisce da bhur
ngabhail ann sna neithibh à ta oraibh ina rouolach;
ór se an teagasc ceanna do mhuineadar na Hapos-
talaibh, agus do sheanamonadar ar fegh an Domhain
ar fogra Dé: Ar an adbhar sin imdhe à teagasc na
nuile chiniach, dha mbaistí an ainim an Athar, agus
an Mhic, agus an Spioraid Naoimh, à teagasc dhaibh
go ccoimeadadais gach uile ní dfograsa dhibh do
chomead.



18. An tara resún, no cúis as à féidir an tainifhios
so na Criostuithe dfás, is as à seachmul féin agus à
neamhaire do fheidir à theacht (mar à ta go mbei-
dis Maghistri, agus Aithreacha aca mhuinfeag iad go
laoethamhail) nach ail leo dul diarraigh an tea-
gaisc sin, le taircaisne, no leisce aoeisteacht, à taid
sin ar staid pheaca mharaibh do shior, seasmhach
dúr, na nainifheos, gan na nithe as mo à ta ina
nuireasbuí dfóuolaim, agus bioth nach beg ortha acht
an peaca so amhain, as léor é dha namhnudh?



19. Bioth à fhios agad nach saoran an anifhios
an drung lena feidír eolas dfail ar na nithibh so
agus an chuid aca à deir gur maith leó gan eolas do
bheith aca ar Airtiogaluibh an Chreidimh, na ar na
Haitheantaibh, deagla nach tiocfag leó à ccomhlia-
nagh, as mor à taid arna mealladh, ór as ionan dha-
ibh sion dho radh, agus à eiteacht eochrach Rioghacht
Nimhí do glaca, ar eagla go rachaidis asteach ann.


L. xii


20. An drung so coinniathar iad ó asbuloid nogo
ngabhaid re ais go dichileach agus do lathair à fhou-
laim; teagaschar dhaibh Deamhairuin na Trionoidi
roNeamtha, agus mar do ghaibh uime Mac Dé colán
daonna, or mona ccreidid so go follas, ní bu féidir à
slanudh, agus fós ma chomhnuid ionna nainifhios, na
tucar asbuloid dhaibh ar aon chor no go rabhaid
na nithe so ar eolas aca, no inntinn sheasbhach dho
bheith aca à fhoulaim dho lathair.



21. So iad na nithe à duramair do bheith ar an
Criostuidhe do riochtanas à ccreite. An chead chuis
as à fhasan an riochtanas so, is as diobháil eoluis ar
na nithibh, as cóir dhon Chriostuí dho chreideamh-
ain .i. mainneachnuidh fhoulama na nithe bhen-
neas rena slanugh. Or àse an creideamh solas le stiur-
thar an Criostuí ar shlithe à shlanuithe, agus fós
le seachnann slite, agus cosain na nolc .i. an dhamanta.



22. An dar cuis, no resun as à ttig an diobhail
gan à Teagasc Criostuí dho bheith ar eolas ágna
Criostuithe, àta se go romhor an agaidhe onora Dé
an taircasne agus an neamhchion doberthar ar
NaomhShacramentí na Heagluise, agus ar Phais, agus
ar fhuil Iosa Criost, à ta ionnta astigh ina stór
rómhor fá chuinne na Ccriostuithe; mar à ta Shacra-
ment na Haithridh noch as riochtanas don uile
dhuine iar mbaistidh, or tigid an iomad go minic à
fhioghnuise an Tsagairt gan aitreachas tré na phea-
caibh, na scruda, na mionachuardú à ccoinsiais, agus
marsin an leigheas so fhonas dhaibh dha slanudh
impoithear è ina Nimh mharathach; fós leis à ccoir
cceana ghlacaid corp an Tighearna go neamhdhlis-
teneach neamhumchuibheach agus na Sacramenti ele.



23. An treas cuis tré ttig diobhail dhaibh tré gan
solas an chreidimh dho bheith aca, is as bheith ai-
nifhiosach, neamheolgasach ar nanithibh as
roriochtanas ortha chum à slanuithe, agus mar sion, ní
faicear dhaibh an pheriacail ionna fhoilid, agus ní
dhenid suim dhí; ór silid gur leór dhaibh chum à


L. xiii


slanuighthe, ma theid leis an ccuid elé dho no Crios-
tuithe dhon Eagluis, leis sin ní baoghleach leó Iofrrionn.



24. As mar so damantar an iomad aca dureas-
bú eolais ar na nithibh as riochtanas ortha chum à
slanuighthe, amhail fiaguidh na Neanluith, ag
tiacht do lathair na Neann dha fhaicsint dhaibh,
teidhid agus as robheg ghabhas diobh, ámh, an tí
choireas à lionta à fholach, ar modh nach tugaid
dha nairi è, ní an na Neann agus na Neann ghabhas
iad, acht, as romór aca ghabhas ag tuitim amh-
ail dalacain à lionta à mbais: fá mar chureas an
Spiorad Naomh sios duin, maille ris an Fhaigh: Sion
an chuis fá ndearthnas braighde dom phobul, ar
son à bheith ainifheasach, gan eolas ar na nithibh
do bú riochtanas dhaibh chum à slanuighthe; ar
an adbhar sion dfarsingidh Iofrionn à goille agus
dfoscail à chraos gan tearma, na crioch ar bioth.



25. Ar an adhbhar gur roiomaduil imhir na
druinghe dúre, ainifhisaidh so, aithchunim ar na
Sagairtaibh Poroiste, ar na Cairdeachas Criost, ar
na Haitreachaibh nadurtha, ar na Haithrieachaibh
faoisidine, agus ar na seanamòntaithe, deamhairruin
an creidimh do Theagasc (agus an chuid ele as rioch-
tanas agus à ta duolach ar an Chriostuidhe do bheith
ar eolas aigi) dhon tread à ta ar à ccurum, agus mar-
soin, nihe amhain, go ccomhlionasibh leis an ofig à
ta dhuolach oribh, acht fós dogheathai an iomad
maifeachais an úr bpeacaibh. De reir an Phapa
Pius V. tug amach dhafhitid lá do lough à pheaca
do gach naon fhoulamas an teagasc Criostuidhe,
theagascas è, no fhognas, no dhobheir cognamh dho
lucht à theagaisc. Fós Gregoir XIII dfairsinghig
agus do shínn an 40 lá so an céad lá hoc autem.



20. Do chuireas reomhom so dfoillsiú san tean-
gain ghaoilghe, ar an adhbhar (bioth go fholid an
iomad do shuithibh mora, agus do Dhochturí rófhou-
lama, nith à Ndiocht amhain, acht fós an gach elai-
ghain ele, agus go róghasta san Teangain ghaoilghe)
nach foil ar Riocht no Herean (mo dhuthe nadur-
tha) ní as riochtanasuidh, na an Teagasc Criostuidhe
dho bheith ar eolas aca ionna Tteangain nduchais,
nadurtha féin, ionnas go ttuigidis go soleir í féin agus
à chioll: ór ar aon mhodh ele ni feidir dhon phobul
chotien à thuicsint. Agus as uimi sin dothug Diá dona


L. xiv


Apostalaibh tiolaicí tengtha eagsamhla do labhairt
ionnas go mo fheidir leó gach Tír agus gach nasiún fá
leith do theagasg na tteangain dilis féin; ar na
briarthibh so: Dobhi sán am sion à Ierusalem Du-
ínne rialtha on uile nasiun dha fhoil sán Spéir.
Dochuoaidh chum an Tsolamain sion, agus dobhidar
na Hapostail chomh lionmhar sion don Spiorad Nea-
omh, nach ar féidir leó fuireach gan dúl amach ar
fegh na maraghaidh agus na sraidean, ag innsin agus ag
pobeliacht mórmhaitheasa, agus mórThrocaire, agus
Mordeachta Dé, ór tionnscnoid Teangtha eagsamhla
idirdhealaithe, do labhairt, ar an modh go ttuige-
ach an uile dhuine iad na Theangain féin nadurtha,
dhuchais; as cosmhuil go rabhadar Erennuigh an
tan sin à Ierusalem, fá mar aithreastear an Erin go
rósheannda.



27. Ní féidir leis an Erenach (ó resún ar bioth) Tean-
gha choimhtheach do labhairt, na thuicsint, mona
fhoulama í ar tus? ar an modh cceana, an Tuata
bocht, simplidh Erenach cionnas tuicfí se seanamoir
lainni, bhearla, fhraincisi, no Teanga ele choigirithe,
gan à folaim othus? dha fhiafruidhe tú dhe cred à
duradh san Tseanamoir, ní fhoil do fhreagra aige,
acht nach tuigeann se í.



28. Marsin as mór an truaidh à liacht Erenach,
na foil aca acht gaoilaig amhain, à cur chum na
Paidri, na crée, agus úrnuithe ele na Heagluise do radh
à laidin róbhristi, agus fós gan à fhios aca cred à
deirid, acht à gogalluig amhail Pioraide, no caoge
do chuirfeadh chum cainte; oir ma fhiathriann tú
cred adura, ní fhoil do fhregara aca dhuit, acht
aradh nach tuigid an ní derid.



29. An chuis ele far chuireas reomham an Tea-
gasc so dfhoillsiudh à Ngaoilaigh, ar an adhbhar,
nach fhoill Nasiún ar feag an Domhain nach ono-
reach leis bheith ceanamhail ar à Theangain féin,
agus à leagh, agus à scribha. Tugadar na Romhanuig an
uiread sion do chion, agus duoasle don teangain lain-
ne, bioth go rabhadar go róeolgasach san Teangain
ngreagaig, dobhí go ceanamhail san namm san;
tar à cheann sin ní ar fhiú leó teachtarí, na leitri-
cha na ngregach do fhregra acht san tteangain
lainne; agus fós tar eis na Ngreagach do bheith futha,


L. xv


agus fá na smacht; do legidis ortha féin nach tuigidis
an Teanga ghriagach, bioth go ttuigidis í go
rómhaith. Or ní san Roimh amhain dobhí so, acht ar
feag na Haisie go hiomlan, agus fós an iomlan na
Greige; agus sin chum mórchion do bheith ar an Tean-
gain lainne; fós dha dhearabh sion (mar do scribha
Dionisius Cassius) as rógheár do smachtuig an Tim-
pere Claudius Senator Romhanach, tré gan laidean
do labhairt, bioth go rothaithniag ris an Impiri
fearsuí, seannraite, agus seannfhocail greagacha.



30. An sna Haimsiriochaibh so mar an cceana,
na Hambasiodurí .i. teachtaridh na Righthe, ní
labhraid à ngnoithe acht à tteangain nadurtha à Rí
féin, tar eis sion as le fear teangan dobheirid re
thuicsint an inntinn. As rómhelleanach dobhí Ci-
cero ar an ndruing dobhiogh tainnemhach ar à
tteangain ghreagaig, agus ar theangthuibh cuimh-
teacha ele, agus do tharcaisnigh à tteanga nadurtha
féin lainne, ag radh: Ní feidir leam gan à bheith an
ionganna rómhór orom ní chomh neamhgnathach sion
agus á ta an aghaigh an uile resúin .i. gan cion
do bheith ag gach neach ar à Theangain nduth-
chais nadurtha féin.



31. Ar an adbhar sin, as cóir agus as iommochuibhe
dhuinne na Herenuig bheith ceanamhail, gradhach,
onorach, air ar tteangain nduchais nadurtha féin,
an ghaoilag, noch à ta chomh fueletheach, chomh
muchta sion, nach mór na deacha si as coimhne na
nduinne, amhileán so as feidir à chur ar an Aois
Ealaghain noch as udair dhon Teangain do chuir í
fá fórdhoreatheacht agus cruos focal, dha scribha à
nodaibh agus fhocalaibh deamhaire, doracha,
dothuicseanta, agus ní fhoilid sáor morán dár nduinibh
uaisle dobheir à tteanga dhuchais nadurtha (noch
à ta fortill fuirithe, onorach, fólamtha, gearchui-
seach inti féin) à ttarcaisne, agus à neamhchionn, agus
chaitheas an aimsir à saorthudh, agus à foghlaim
teangtha coimhtheach ele.



32. Misi amh, do reir na haimsiri dho chaitheas
an Erinn, am Shagart à ccurum na nanam,
docúnncos dhamh, nach raibh aoin ní as riochtana-
suidh ar lucht aitribh na duthe sion, na an teagasc
Criostuí dfhoillsiudh dhaibh, go soleir, idirdh-
ealuithe, aithghear, agus à nhaoilaig (chum tarabh-


L. xvi


tha na Nerenach) go suimeamhail, ionnas go ttui-
gidis è.




33. Fa na thuaréim sion, do ghabhas orom be-
gan saothair chruinithe an teaghaisc Chriostuí so
as moran do udaraibh oririce na Heagluise, à lai-
din, noch diompoías à nghaoilaigh chum tarabtha
na Nerenach, agus chum go mo feairde do thuicidis
è, agus fós cach ele: do shaorthúidheas à chur à lei-
trecha Coitcheanna Romhanacha à chur à ccló à
Laidin agus à Ngaoilaig: iar na roinn à ttrí leabh-
raibh idirdhealaithe; an cead leabhar trachta se go
róàchamair ar theagasc, ar ainim, agus ar chomh-
artha an Chriostuidhe, agus ar roinn na hoibridh. An
dara leabhar trachta se ar an Ccrée agus ar Airtia-
glaibh an Chreidimh; ar an Bpaidir .i. Ortha an
Tighearna, agus ar úrnaithuibh ele na Heagluisi; ar
oibreachaibh na Trocaire; agus ar na Shacramen-
tibh. An treas leabhar ar na subhailchi, agus ar na
dubhailchi, so uile ar modh chomhradh idir Ma-
ghistir agus Disciubul, maille re fiathfruighe, agus frea-
gra, chum usacht agus soshuicseacht na nduine sim-
plighe Ainifhiosacha; gan fireacha, agus so gan acha-
mareacht arbith son sgribhinn, gidheagh, ní do reir
churtha sios agus ortographi na Gaoilaga gu róchinnte
ach amhain mar chantar agus labharthar na briar-
tha go coitchiann, agus as do aontoisc dorinnas so,
ionnas go mo follas do gan aoin modh leite na
teangan Ghaoilaige fá már dogheabhair foillsethe
tar eis an chláir. Beanacht leat.


L. 1


AN I LEADHBHAR



DHON TEAGASC



CHRIOSTUIDHE.



Ar Theagasc, ar Ainim, agus ar
Chomhartha an Chriostui-
dhe, agus ar roint na hoibre.




AN I CHAIB.



Ar Theagasc, agus ar Ainim, an
Chriostuidhe.




MAGHISTIR.



1. DO bhrigh gur ab riocho-
tanas don uilea Fioreaon
an Theagasc Criostuidhe
do bheith ar eolas aige
chum a shlanuithe: Innis
dhamh ciodh è an Teagasc Chriostuidhe?




DISCIUBUL. As cruiniudh aithchumair
agus suím an Teagasc Criostuidhe, ar na huile
nithibh do Theagaisc agus do thaisbein ar Tti-
ghearna Iosa Chriost, dhar stiuradh ar Shlighe
ar slanuighthe.




2. Magh. An Chriostuidhe thu?



Disc. A sedhd maille re garsaib Dé.




3. Magh. Cread fa nabair tu maile re
grasaibh Dé?




Disc. Ar son nach lem deigniomhar-
thuibh fein, na le deingmhorthibh Ma-
thar, na mo Mhathar, na chreatuir ar
bioth talamhuidhe ataim am Chriostuidhe,
acht maille re grasauibh Dé agus le mór thro-
caire Iosa Criost ar Ttigharna.


L. 2


4. Magh. Cia o fhuoir tu an tainim sin
Criostuidh?



Dis. O Iosa Chriost ar Ttighearna.



5. Magh. Cia da ngoirean tú Criostuidhe?



D. Do dhuine le Criost.



6. M. Cia dha ngoireann tú duine lé
Chriost?



D. Dhon ti aga fhoil credeamh Iosa
Criost, ar Ttighearna aige, do adaimh se na
Bhaiste ar ndeanamh offrala dhe fein chum
a sheirebhise.




AN II. CAIB.



Ar chomhartha an Criostuidhe



.i. na NaomhCroise.




1. M. Cread é chomhartha an Chrios-
tuidhe?



D. Chomhartha na Naomh Croise.



2. M. Cread an tadhbhar?



D. Ar an adhbhar gur ab Iomhaighe Iosa
Chriost ar Ttigharna crosta san Ccrois (ag
fuasglad an chine dhaonna) an uile Chrios-
tuidhe.



3. M. Ca mheid modh ar a ngnaithighean
an Criostuidhe an comhartha so?



D. Ar dha mhodh, ag deanabh tri crosa le
hordoig na lamhe deise, ar tus ar an eadan,
na dheaig sin ar an mbéol, agus fa dheoigh
ar an ucht ag labhairt re Dia.



4. M. Cread fa Ccuirean tú an chros ar
headan?


L. 3


D. Da iarraigh ar Dhía mo sheachna ar
dhrochsmoaintigthibh.



5. M. Cread fa ccuirean tú ar do bheól í?



D. Dha iarraigh ar Dhia mo sheachna
ar dhrochlabhartuibh, agus ar dhrochchom-
hratibh.



6. M. Cread fa ccuirean tú ar hucht í?



D. Dha irraigh ar Dhia mo sheachna ar
dhrochfhónn agus ar dhrochoibribh.



7. M. Teisbean damh cionnus agus cia na
briartha le ndeantar an comhartha bean-
nighthe so?



D. Donithar ag ragh: maille re fighir
na NaomhChroise, onar neascairdibh,
saor sinn a Thighearna Dia. Biodh-
mairsin.



8. M. Fuillsigh anois an ttara modh ar a
ndentar an comharthugh .i. an coisriogh-
adh?



D. Dhar ccoisroghadh fein le comhartha na
NaomhChroise adermaoid: An ainim an
Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid
Naomh, Biothmarsin: or beanmaoid le
bárr ar ambaise deise re nar nédan ag rádh.
An ainim an Athar; na dheaghaidh sin
ar an ucht, ag radh, agus an Mhic, fa
dheoigh aistrimaoidh an lamh dheas o an
nguolainn cclí gus an nguolainnndeis ag radh
agus an Spioraidh naomh, ag ragh na
brethre si An ainim an Athar, cialluigh-
thar eaondacht Dé; .i. nach foil acht aoin
Día amhain ann, or is an ainimibh adear-
thaoi da mbeith an iomad Déé ann, fós maille
ris an mbreithir ud an ainim, cialliugthear
na comhachta neamhdha noch ata go, haon-


L. 4


racanach an sna tri pearsanuib. Ag radh
an Athar, an Mhic, agus an Spiraid
Noaimh foillsighthar, tri Pearsana na
Trinoidi. Agus an comharthúdhadh sin
donither na chrois ni he amhain go cciallin-
ghean Pais Mhic Dé, acht fós mar do ghaibh
sé collann daonna uime. Aistrioghadh iomorro
na lamhe deise on ngualain chlí gus an
ngualainn ndeis, (agus ni hon ngualainn ndeis
gus an ngualainn chlí) cialluighidh go rug se
o luige gu neart, o shochriochnuightihibh go
siorriugheacht, o bhás go beatha, o pheaca
go greasaibh lena phais sinn.



9. M. Ciodh na cuse fa ndeantar com-
hartha na croise .i. an coisrigo?



D. Ar tús donithar é dha admhail gur
Chriostuithe sinn .i. Rudurighe Chriost ar
Nimpire agus ar CCaptin, or asi an Chros libhre
agus comhartha le naitheantar an Criostuidhe
tar eascairdibh an chreidimh agus na Hea-
gluise, mar ataid na Gintilig, na Paga-
nuig, na Húil, na Turcaig agus na Hericigh.
Aris donimid an coisreagadh a garim cobh-
artha an Choimdhe in ar nuile ghniomhar-
thibh.



10. M. Catrath as indeanta don Chrio-
stuidhe an coisreaga?



D. Ag eirghe dha leabaidh, ag dul amach
as an Tteach, agus ag tilligh tar ais, ar
ndul dhon Teampul, chum búird, agus do cholladh,
ag tionnscna an uile nith as mean lés do


L. 5


dheanamh, agus gach uair muthochas se é
fein a nguasacht, accathughadh, a rioohta-
nus, no a bperiacail ar mbioth.



11. M. Cread fa ndeantar an Crhos co
minic sin?



D. Chum bheith aireach, follamh, ara-
maltha an aghaidh ar neascairiad ata ann
gach ionad agus ann gach ám ag deanamh an
ndichill cogaidh agus Catthuighthe inar na-
ghaid.



12. M. Cia na heascarde sin?



D. An Diabhul, an Saoghal, agus an Cho-
lan.



13. M. An fhoil brigh na subhailce ar
bith ag an Ccrois, na naghaid sin?



D. A ta go Deimhim, or gabha eagla agus
criothnughadh an Diabhul ag facsint an
chomhartha so na Croise agus tethig uadha;
amhail chrighid lucht na migniomh ag
faicsin turnuithe an dligh no ionad na pene,
no an smachtaithe. fós as rómhinic malle re
fioghair na croise shaorthar duine o oiloma-
da piriacal Spioradaltha agus saoghaltha,
ma ghnaithiann í le creideamh diongmhaltha
agus le dochas a mórthrocaire Dé, agus a luoaigh-
acht Iosa Chriost ar Tthigharna.



14. M. Cia o fhuair an Chros an brigh
agus na subhailce sin?



D. Fuair o Iosa Chriost ar Ttighearna le
ruga buodha ortha inte le na bhás.



15. M. An tan adhras tú an chros, cread
a deire?



D. Adeirim: Adhramaoid tú a Chriost agus
beannuighimid tu ar an adhbhar gur fhuas-
cail tu le adNaomh Chrois fein an Domhan;
no ar an modh elle so: Adhraim thu a


L. 6


Naomh Chros in ar crosadh ar Slanuigh-
theoir.



AN III. CAIB.



Ar roint an Teagaisc Chrio-
stuidhe.



1. M. Cia agus ca, mheid ní ata dfiachaibh
agus as riochtanas don Criostuidhe
do bheith ar eolas aige (chum a shlanuigthe)
iár tteacht chuum ceille agus chum deiscrede dho?



D. Cheithre nithe .i. fios cred chreidfeas,
cread ghuighfeas, cread oibreochas, agus cread
ghlacfus.



2. M. Cionnus bhias a fhios agad cread
chreidfeas tú?



D. Fios Chree na Napostol, agus Artigail
an Chridimh dho bheith agam.



3. M. Cionnas bhiás afhios agad créad
Ghuidhfeas tú?



D. Fios na Paidre agus urnúighthe na
Heagluise (in a fhoillsighthear cia as ccoir
do ghuidhe) do bheith agam.



4. M. Cionnus bhias a fhios agad cread
oibreochas tú?



D. Fios Aitheanta Dé agus na Heagluise
agus oibreacha na Trocaire dho bheith agam.



5. M. Cionnus bhias a fhios agad cread
ghlacfas tú?



D. Fios na Sacrament do thionsgain agus do
orduigh ar Slanaithóir agus ar Ttigharna Iosa
Chriost, agus do fhaguibh ar laimh na Hea-
gluise do bheith agam.



6. M. Leith amuith dona cheithre ní-
thibh so ata dfhiachuibh ar an uile dhuine


L. 7


dho bheith aige, an eolach dhuit ni ar bioth
elle ag a fhoil dfhiachaibh air a fhios do
bheith aige?



D. Ataid nithé elle ann as riochtanas don
Chriostuidhe do bheith aige, agus as uireasbuch
chum na slainte siorruidhe .i. fiós na subhail-
chie agus na nduailcdhie: bioth (le toil Dé)
go ttrachtfam san Ccrée agus ann sna Haith-
eantaibh ortha, tar a cheann sin, docithear
dhamh gur ab iomchuibheach tracht ortha
fá leith.



7. M. Taisbein sompla no cosmhalacht
na fearde tuigfear riochtanus na nithe
reimhraite soin?



D. Glacaid S. Augustin cosmhalacht
an Tighe mar Shomplia, or amhail chum
an Tighe do thogbhail ni folair an funda-
ment do dhealabhadh, na dheaghaidh sin,
naballuidhe do dheanamh, agus fa dheré dión do
chur os a ccion agus ag cur moran fearas tighe:
agus gléis ann: ar an modh ccenna chum aitribh
na slainte do oibriughadh in ar nanamaibh,
as riochtanas fundament an Chreidimh,
balluidh an Dochuis, agus dion na Carthanacht
agus fa dheire asiad na Sacrament na gleis agus
an fearastighe.


L. 8


AN II LEADHBHAR
DHON TEAG CHRIOST.



In na fhoillsiathar na cheithre
cota reimhrate .i. tracht
fa leith ar gach cuid aca.




AN 1 TRACHT
In na fhoillhsithar Cré na Neapostal
agus artigail an creidimh.




AN 1 CAIB.



Ar Chre na Neapostal.



MAGISTHIR.



1. O Thionsgnamair an Tea-
gasc Chriostudhe, abair
Cré na Neapostal?



D. Adear le deathoil mhaith mar so.



1. Creidim an Dia Aithair uileachom-
hachtach Cruithaighthoir Nimhe agus Ta-
lamhan.



2. Agus an Iosa Chriost a aon Mhac Soin
Ttighearna.



3. Do gabhadh on Spiorad Naoimh, dorug
Muire ogh.



4. Do fhuláingh Páis fa Phoint Piolaít, do
crosadh, fuair bás, agus do hadhlacadh.



5. DoChúaid sios dona Hiofreanúibh do


L. 9


do aitherig an treas láo ó mharbhuibh.



6. DoChuaidh suas ar Neamh, ata na
shuighe ar deis Dé Aithar uileachomhach-
tuigh:



7. As san tiocfas do dhenamh breithémh-
nuis ar bhióibh agus ar mharbuibh.



8. Creidim san Spiorad Naómh.



9. San NaóimhEagluis Chatolice á Ccu-
munn na Naómh.



10. A maitheámhnus na bpeacúdhe.



11. An eiseirghe na Colna.



12. Agus san Mbeáthaidh Siorrúidhe. Go
firneach.



2. M. Cia an Tughdar dorinne an Chrée?



D. Na Hapostail dorinne í tar eis Chriost
do dhùl ar Neáomh, ag dúl dhoibh do shen-
moir an Tsuibhsgeól ar feadh an domhaim,
or áse Chriost fein do theaguisg dháibh í:
agus na Hapostail dhon Eagluis: agus atá an
Eagluis da Téagasc dhúinne go laoétheámh-
ail.



3. M. Créad fá ttéagasgánn an Eaglúis
dhúinn í?



D. Chum ar ndeánámh diongmháltha
seasmhach inar ccréideámh.



4. M. Agus cread fá nabair tusá í?



D. Do admháil an chroidimh Chrio-
stuidhe.



5. M. Osé an créidéamh céad ní as córtha
don Chríostuighe do bheith aige ar eólus
innis dhámh ciódh an ni é an Créideamh?


L. 10


D. Subhailche iar na dórtadh ó Dhía orínn
lé na Ccréidimid go seasmhach deangmhál-
tha gach à tteisbeanánn Diá agus chuireás à
NeaómhEglúis féin sios Dúinn, bioth go mo
ródhoracha iad agus fós go mbedis ós Ciónn an
uile resuín nadúrtha.



6. M. O à deire gur máille ris an Ccréi-
deámh as inchreite dhuin go hiomlán gach
afhográn Diá, agus teagascas an Eaglúis?
Innis dhamh an fhaca tú ar Tthigh-
earna Dià ina thri pearsanaibh agus in aón
Dià amhàin firineàch? Agus an fhacatú ar
Tteighearna Iosa Chriost ag túrling ó Nimh
à Mbrúinn na Hoigh Mhuire? Agus an fha-
ca tú í dha bhreith? An fhaca tú fós an
Ttighearna ceanna ag fulang Paisi, ag fa-
ghail Báis, agus ag túrlaing siós dona Hio-
frionnaihh, agus ag dul sùos ar Neàomh,
ag súidhe ar deis Dé Aithar uileachómcha-
tuig? An fhacais fós an Spiorad Neaómh à
turlaing ar an Ttighearna ceanna iarna
Bhaiste lé Eóin à Sruth Iordain, na ar an
ogh Mhuire, agus ar na Hapostail, agus ar an
Ccuid ele dona Disciobulaibh Domhnach
Cincise?



D. Ni fhacas go deimhin, cidheagh
creidim sin uile amhail agus dochifinn iod go
hiomlan lem shulibh corpurdha go soleir.




7. M. Cread fa ccreidean tu iad chomh
deangmhaltha sin agus gan à fhaicsint duit?


L. 11


D. Do bhrigh go norduighean Dia dhuinn
a ccreideamhain, agus ar lorg Dé aithnidh
agus fogra an Eagluis dhuin é, agus do bhrighe
nach fedir Dia dho mhealladh, na fos
dho breag do dheanamh: Marsin nach fedir a
NeaomhEagluis fein na sinne dho mhealladh
ar son na Ndeamharruin Neaomhdha so dho
chreideahuin, da reirsin cuirig an Ea-
gluis sios duin accreideamhain gan choun-
tubhairt ar bioth.



8. M. Cread àta agad agus chreideas tu
mar Chriostuidhe?



D. An uile ni chreideas agus Theagascas an
Eagluis Chatolice Romhanach.



9. M. Cia na nithe ata agadsa agus ag an
Eagluis agus chreidithi?



D. Cridimid agus ataid aguim Artigaoil an
chreidibh, mar ataid sios san Ccrée.




AN II. CAIB.
Ina trachtar ar Artigoaluibh an
Chreidimh agus go hairighthe ar
na Hairtigoaluibh thrachtas
ar an Ndioacht.



1. M. Ca mheid Artigoail san Neaomhchreideamh?



D. Ataid dha Artigail deag ann do reir
uimhir na Neapostel do chuir amhach
an chré, agus do reir an deamhairruin ata
into astig go foloatheach, ataid 14 san
chredeamh .i. 7 Nartigail thrachtus
ar Eaondacht na Nadura diadha, ar thri
pearsanaibh na Trionoide, ar Thiodhlaicibh
agus ar oibreachaibh Dé dhuin, agus na 7
Nartigoail ele ar Neaomh dhaonacht Iosa
Chriost ar Ttighearna thrachta siad famar
fhoilsiothar san chaibidil so nar ndiaigh.


L. 12


2. Abair na 7 Nartigoail sin thracht-
us ar aondacht na Nadure diadha, agus ar
thri Pearsanuibh na Trionoidi, ar oibrea-
chaibh, agus ar thiodhlaicaibh Dé dhuinn.



D. A chredeamh:



1. Go fhoil aon Dia amhain
uleachomhachtach Siorr-
aigh ann.



2. Gur ab Aithair Siorraigh é.



3. Gur ab Mac Siorraidhe é.



4. Gur ab Spiorad NaomhSior-
raighe é



5. Gur ab Chruthaithoir é.



6. Gur ab Slanuighthoir é.



7. Gur ab Gloraighthoir é.




3. M. Cread à dubhrais?



D. Artigoail an Chreidhim.



4. M. Cia dha ngoirean tu Artigoail an
chreidimh?



D. Do Fhuonnement an Teagaisc Chrio-
stuidhe.



5. M. Cread far horduigh artigoail an
Chreidimh?



D. Chum go tteisbeanfuidhe suim aitgh-
hearr an chreidimh, agus na nithe bheaneas
ris an Naduir Dhiadha, agus re daonnacht
Chriost, dhon duine.


L. 13


6. M. Os amhlaidh soin ata mar à deire,
foillsig ànois cread an ni é Dia?



D. As ródheacair (ní dhamhsa amhain
acht dhon uile creatuir) an ní shireas tú
dho fhoillsiúdh gidheagh an mhèid roitheas
comhachta na tuicsina sobhristi na nadu-
ra daonna (lé comhair, agus lè fulang
Dè) adear began ar sin, marso: Ionann
Dia rè radh, agus ní ata ós ciónn an uile ní
dhar cruithuiagh, agus ata se gan tús, gan
dereadh, acht ata ann riàmh, agus bhias
choiche, agus as è dorinne an uile ní ele,
chothuigheas, agus stiuras iad; asé as róaoirde
as róbhrèadhtha, as róuoúsle, as róchóm-
hachtuighe, agus as rómhórdha ànn,
ardTigheàrna na nuille neith; agus as de so
amhain goirthear Dia noch atà an aon
Dia amhain fhreneach, doreir nach feidir
do bheith ann acht aon diaocht amhain .i.
aon nadúir agus Bheith aonracanach,
doChriachnuithe uilechomhachtach, tuicsea-
nach, eagnuigh, maith, neartfur etc.
tús agus crith na nuille nieth.




7. M. Ciodh an ní an Trionóid?



D. An Diaocht chenna ata ansna tri
Pearsanuibh .i. an Aithar, an Mhìc, agus an
Spioraid Naoimh, à trí à bpearsanuibh, agus
aonda à Naduir, agus ambeith, noch ata
ansna trí Pearsanubh Neamhdha amhain ghaonracanach.


L. 14


8. M. Cía he an Taithair uileachómh-
achtuch?



D. An chead Phearsa dhon Diocht, do
ghin an Mac amhain ionann agus cosmhuil
ris fein ambeith agus asubstaint agus idirdhea-
luighe à bpearsain.




9. M. Cread fa ngoirthar Aithair do
Dhia?



D. Ar an adhbhar gur ab Aithair à aon
Mhic amhain fein é: fós gur ab é Aithair
na ndheadhaoine uile è agus na fhioren, ni do
reir nadure, acht do reir thoghtha agus
aithlinnais: ina cheann sin asé Aithair gach
ni dhar cruthiag é, ní do rèir nadúre ná
toghtha, acht do rèir chruthuighthe.




10. M. Cia he an Mac?



D. An tara Pearsa dhon diócht iàr na
ghineamhuin ón Aithair shiorruidhe
àmhain noch gur maille ris dorineadh gach
ní dhar cruthúigheadh.



11. M. Cia he an Spiorad Neaómh?



D. An treas Pearsa dhon Trionoid tig
agus gluóseas ón Aithair agus ón Mac, agus as
Dià firinèach é mar an Aithair agus mar
an Mac, mar as àon diocht amhàin ata
unta à ttriur.



12. M. An aón Phearsa amhain Día?



D. Niheadh go deimhin, acht trí Phear-
sana idirdhealuighthe, agus aón Día amhain
fireneach.


L. 15


13. M. An Mac an Taithair, no an Ai-
thair an Mac?



D. Niheadh go deimhin.



14. M. An Aithair, no an Mac an
Spiorad Neàomh?



D. As deimhin nach headh.



15. M. Cread an tadhbhar?



D. Ar an adhbhar biòth gur ab aòn Día
amhain è (mar aduramair) ní aòn Phearsa
amhain acht trí Pearsana idirdhèalùigh-
the è.



16. M. An fhoil bàr aòise, còmhachta,
cùmais, gloíre, nà maitheasa ar bioth ag
aòn Phearsoin don Triònoid tar achèile?



D. As deimhin nàch foil, or an diocht
cheanna, an bheith an tsubstaint, Com-
hactha, fare gach maith ele dhoithcrioch-
nuigthe ata san Aithair, dogeibhthear
san Mac agus san Spiorad Neaomh iad; ar
an adhbhar sin, as trí Persana iad, mar
ata Pearsa an Aithar, Pearsa an Mhic, agus
Pearsa an Spioraid Neaoimh, gidheagh as
aon Día amhain è, or as aon diocht, aon
bheith, aon naduir, aon chomhachta, aon
eagana, aon aois, agus aon mhaith dhoith-
chriochnuithe ata ag trí Pearsana na Trion-
oide; or ar chail ele dha mbeith aon Phearsa
dhon Trionoid ni bù chomhachtuighe na an
dáPherasain ele nir fheidir fiorDhia do gha-
rim dhon na Pearsanaibh buludh com-
hachta.



17. M. Tuigim as do bhrearthaibh nach
foil bàr ar bioth ag Phearsanaibh na Trio-
noide tar à chele?



D. As fior sin do bhrigh gur ab ionan
uoaisle, naduir, glore, agus substaint ata


L. 16


aca mar aduramar nois.



18. M. Cread fa ngoirthar do Dhia uilea-
chomhachtach?



D. Ar an adhbhar go fhoil an tainim sin ar
na hainamannuibh neaomdha as disle do Dhia
agus goirthear annso uileachomhachtach
go rooireamhnach deth chum nach beith do-
cul aguinne à Chreideamhuin go ndearna se
Neaomh agus Talamh do neimhni, mar as
ail leis, agus nach foil ni ar bith no dhocul air
ar an adhbhar sin ata se uileachomhachtach.



19. M. Os fior nach feidir lé Dié Bás dfu-
lang, na Peacca dho dheanamh: mar sin innis
dhamh an fhoil se uileachomhachtach?



D. Mo fhreagra arsin, bheith comusach ar
bhas dfulang, no ar pheaca dho dheanamh ni
Cumas é acht michumas: amhail adearhaidh
re Cura, no re a Gaisgidheach go Cclaoifeadh
gach nduine, agus go mbeith fein dochaloite
ó aoin neach ni mistide à chlu bheith
dochluite, or ni neart hbheit sochluite, acht
luigi agus anbhaine.



20. M. Cread fa ngoirthear do Dhia
Cruithaithoir?



D. Ar an adhbhar go ndearna se an uile
ni sofhaigse agus dofhaigse do neimhni, agus go
stiurann, go riaghlan agus go ccomeadan eiad


L. 17


le na mhormhaith fein, agus gur ab leis fein
àmhain as feidir an iompo aneimhni; as ui-
me ghoirthar cruithaithoir Nimhe agus Ta-
lamhan de, do bhrigh gur ab iad so dha
chuid as priunsapaltha dhon Domhan: an
chead chuid aca asi as uachtruighe ina mbid
na Haingil agus na Neaoimh: an ait ele as
iochtruidhe as inte ataid na daone; or asiad
na Haingil agus na Daoine, Creaturidhe as
uosle agus as priunsapaltha dar chruthaíg Día
agus ataid in na Nuochtaranaibh ar na créa-
túribh ele, ar afhoil dfiachaib aserebhis do
anambh, agus orthasan areaon do Dhía am-
hain (do bhrigh gur chruithaidh iad àreaon
do neimhni, agus ina chomh ard sin do cheim
agus do ghradam agus do onoír) ata dhuolach
ortha serebhis do dheanamh dho.



21. M. Cread far cruthaidh Día an
duine?



D. Chum an duine dhá admháil, dhá
aithne, agus dhá ghrádh mar dhía fhirineach,
ag serebhis dho fein amhain; or gibe nach
aithneann agus nach graidhean é, ni he
amhain go mbia Flaitheamhnas druite rein
ucht, acht biaigh damanta do shior an Io-
frioann.



22. M. Marsin gibé lé na méan ashla-
nughadh ni fulair dho Día dho ghradh agus à
sherebhis do dheanamh go rodhichillech
druthachtach?



D. As fiór sin, or ni fhoil ar bith ni as
mo bheanas ris an nduine na Día dho ghra-
dhad, agus à sherebhis do dheanamh, or mon
ndearna, biaigh damantata, do shior me
do reamhradh.



23. M. Créad fá ngoirthar Slanuithoir
do Dhía?


L. 18


D. Do bhrigh gur shaor se sinn ón bhruid
agus ón bhith sherebhis an diabhuil, agus go
ttabhuir grasa agus maitheamh ar bpeacaidhe
dhuin; agus na dheaigh sin go ttiuraigh dhuin
glore.



24. M. Créad ghluosias agus tharingeas
Día do thabhairt à ghras dúinn?



D. A mhor mhaith agus à mhor throcaire
fein, agus luaigheacht Iosa Chriost ar Tti-
ghearna.



25. M. Ciodh dá ngoireann tu grasa?



D. Do chaliacht dhairighthe, no dho
shubhailche os cionn nadurach dhorteas Día
sán anam lé ndeantar neaomhtha tain-
neamhach do Dhía é: leis an Ccaliacht
cheana agus léis an subhailche donithear
clann Dé agus aoighridhe Fhlaitheamhnuis
dinn.



26. M. Ciodh na medhoin lé ttiochfam
chum na ngras, agus lé racham à mbeiseach
deis afhaghla?



D. Lé gnaithurnuighthe à guidhe Dè
maille ré na mhor mhaith fein dhochrioch-
núighthe, agus lena mhor throcaire fein; agus
tre an luaigheacht do thuill ar Ttigheana
Iosa Chriost dhúin, aglaca na Sacrament;
go maith diomgamhaltha stiuras agus dhiro-
uigheas sinn chum slighe na ndeaghoib-
reach.



27. M. Cread fá ngoirthar Gloraithoir
do Dhía?



D. Ar an adhbhar go ttabhair sé glorí
dhon ti ghnachonuis na ghrasuibh.


L. 19


AN III. CAIB.



Ar na Hairteagaluibh trachtas
ar Naoimh Dhaonnacht
Iosa Chriost ar Tti-
ghearna.



1. M. O Dfhoillsighis na Hairtiogail la-
bhras ar an Ndioacht abair
ànois na seacht Nairticil thrachtas ar Naoimh
Dhaonacht Iosa Chriost ar Ttighearna?



A Chreidamhain:
1. D. Gur ghaibh Iosa Chriost ar
Ttighearna colann daonna uime
à mbroinn na Hogh Mhuire
maille re cómhoibriughadh an
Spioraid Naoimh, gan chomlua-
dar fhir.



2. Gur rug Muire oigh è, agus í dho
shior na hoigh agus na Maighdin,
ria na bhreith, aga bhreith, agus
tar eis à bhertha.



3. Gur fhuling se Páis agus Bás ag
fuasgla an chine dhaonna.



4. Go ndeacha se sios dona hIofrion-
naibh, agus go ttug leis amach ana-
manna na NaomhAithreach do
bhi à fhad daimsir ag fuireach
rena theacht da fhuasghadh.



5. Gur aithseirig sé an treas lá óna
mharmhaibh.



6. Go ndeacha se suas ar Neamh, gur
shuigh ar deis Dé Aithair ui-
leachomhachtaig, an aon gloir,


L. 20


an aon chumhachta, agus an aon
chumas ris an Aithair siorraidhe.



7. Gu ttiocfa se do dheanamh bhrei-
theamhnuis ar bheodhuibh, agus
ar mharmhaibh: ag tabhairt
gloire dona deaghdhaoinibh le
ar comedadh à dhlighte agus à
Naoimh Aitheanta agus dorinne
deagoibreacha ar an ttalamh:
ag tabhairt pene, agus Iofrioinn
siorraidhe dona drochdhaoinnibh
ar son ambriste, agus fa gan à ccoim-
hlionagh.



2. M. Cread à dubhrais?



D. Artiogail an Chreidimh thrachtas ar
Naomh Dhaonnacht Iosa Chriost ar Tti-
ghearna.



3. M. Do fiadfuidhe, go ttuigfiodais na
Daoine ainibhfheasacha (as do bhriar-
thuibh) go fhoil corp daonna ar Dhia mar
ata oirine: foillsig ànois an fior so?



D. Ni fior go deimhin an mheid gur ab
Día é, do bhrigh gur Spiorrad ghlan é,
gidheagh at a an mheoid gur ab duine é.



4. M. Cia dhona trí Pearsanuibh do
ghaibh uime colann daonna?



D. An tara Pearsa .i. an Mac.



5. M. Ar ghaibh an Taithair celonn
daonna uime?



D. Nior ghaibh go deimhin.



6. M. Ar ghaibh an Spiorad Naomh uime
colann daonna?



D. Niar ghaibh go deimhin.



7. M. Ar an adbhar sin, cia do ghaibh
uime colann daonna?


L. 21


D. An Mac ámhain do ghaibh uime co-
lann daonna, dha ngoirthear Iosa Chriost.



8. M. Da bhrigh sin innis duinn cia he
Iosa Chriost?



D. Mac Dé bhi, dorinne duine dhe fein,
chum sinne dfuascladh, ag tabhairt sompla,
agus riaghla beatha dhúinn.



9. M. Cread thuigeas tú maille ris an ainim
sin Iosa?



D. Slanuithoir.



10. M. Cia ór shlanuig, agus ón ar sháor
sinn?



D. O chomhachtuibh an Diabhuil, ó nar
Bpeacuibh, agus ón bhás shiorraidhe.



11. M. Cread é Criost re radh?



D. As forainim Criost Chialluigheas
Ardshagart, agus Rí na Rithe; or dfuas-
cail sé sinn len fhuil rouosail fein, dar stiu-
radh chum na beatha shiorraidhe; agus às
uaidh goirthear dhinn Criostuithe, mar
dfhoillsimair san tara Caibidil don chead
leabhar dhon Teagasc so.



12. M. Cionnus do gháibh Mac Dé uime
colann daonna?



D. Bioth afhios agad annso, an tara
Pearsa don Trionoid, da ngoirimidne Mac
Dé, farré na Dhioacht ata aige sul do chruit-
he se an Domhan, fós ata aige dho shior,
ina cheann soin gur ghaibh uime corp agus
anam daonna .i. ar naduirne go hiomlan,
agus do cheangail de fein í à mbroinn na
glanoigh Mhuire; agus marsin, anti dho bhi na
Dhía amhain roimhe, do thionnscain as son
amach bheit na Dhía agus na Dhuine ane-
neacht.


L. 22


13. M. Cread fa ngirthar do Iosa Criost
ar Ttighearna?



D. Do brigh maraon ris an Aithir, agus
ris an Spiorad Naomh gur Chruthaidh sinn,
agus ar an adhbhar sin, àsé ar Bpatrùn é, agus
ár Ttíghearna mar an Aithair, nisa mho
amh esean, or as le na shaothar, le na
cheasa, lena phais, agus le na bhás do shaor
sinn ó an chumhachtuibh, agus ó bhruid an
Diabhuil, mar adearam na dhiaigh só.



14. M. Cionnus do gabhadh on Spiorad
Naomh, agus dorug Muire ogh é?



D. San Artiagaoil so foillsighthear modh
iongantach núa mar do ghaibh Mac Dé co-
lonn daonna uime. As feasach dhuit an uile
dhuine gur ab ón Aithair agus ón Mhatair thig,
agus nach bidh an Mhathair na Maighdin
deis na cloinne do ghabhail, na de bhreíth:
Mac Dé amh agabhail cholna daonna uime
niór mahail leis Aithair do bheith aige ar
an Ttalamh, acht Mathair àmhain dár
ab ainim Muire, dobhi agus ata dho shior na
Maighdin fhiòrghloin; ór an Spiorad Naomh
an treas Pearsa don dioacht, aoin Día am-
hain firineach mar an Aithair, agus mar
an Mac, le na chumhachta fein dochrioch-
nuighthe do dhealabh agus do chum se corp
linib big dfuil fhiorghlain na Banoighe
sin, agus do chruthaigh ar an uair sin fein
anam róuasal, agus do cheangail dha cheile
iad: agus do ghaibh Mac Dé iad so uile inna
Phearsoin fein: ionnus Mac Dé dobhi roimhe


L. 23


soin na Dhia amhain, gur thionnscain
bheith na Dhia agus na dhuine; agus amhail an
mheoid gur ab Dia é go raibh Aithair aige
gan Mathair, as marsin an mheid gur ab
duine é ata Mathair aige gan Aithair.



15. M. Taisbein cosamhlacht eigin le
ttuicfeam cionnus bu feidir le Maighdin
clann do ghabhail, na do bhreith gan á
hoigheacht do chailleamhain?



D. Deamharruinne foilightheacha Dé
bioth nach fheidir attuigsin as inChreidthe
iad. Or as mo as feidir le Día dho dhean-
amh, na as feidir linne dho thuigsin: agus ag
sin, an cuis fa nduradh à ttosach na Cré go
fhoil Dia uileachumhachtach. Tar acheann
soin ata sompla oiridhreac aguinn ar an ní
so à ccruthughadh an Domhain. Ata á
fhios agad nach tabhair an Talamh arbhar
uaigh gan treabha, agus leasudha, Fliocha,
Fearthana, agus teas Greine: tar à cheann
sin tug uaigh ar tus an cead arbhar gan
ceachtar dhiob soin, or (mar adeartha)
dobhi si na Maighdin agus ar fhogra Dé
uileachumhachtuigh, do lathair tug uaigh
maille re subhailche Dé amhain, arbhar
na Cruithneachta. As ar an modh cceana
bruin gheanamnuighe na Banogh Mhuire
gan coluadar arbioth fhir ar fhogra Dé
amhain maille re oibriagha an Spioraid


L. 24


Naoimh tug uaid an gran rouasal ud .i.
corp anamauil Mhic Dé.



16. M. Os maille reis an Spiorad Naomh
do gabhadh Iosa Chriost, as Cosmhail gur
feidir aradh, gur ab é á Aithair é?




D. Ni marsin ata, or chum Aithar dobheit ag
ní, ní leór an ní sin do dheanamh, acht ní fu-
lair dho à dheanamh dha shubstaint fein, sin
an fath nach goirimid Aithir an Tighe dhon
Tsaór chloithe, na chroinn, ar son adheanta
dho chlochaibh, no dhaidhmúd, agus nach dha
shubstaint fein doní é. Mar an Cceanna,
dorinne an Spiorad Neaomh corp Mhic Dé,
amh dhorinne é dfhuil na Banoighe, agus ni
dha shubstaint fein, mar sin ni he Mac an
Spioraid Naoimh é, acht Mac Dè Aithar é an
mheid as Dié è, do bhrigh gur ab uaig ata
Dioacht aige; agus áse Mac na Hoigh è an
mheid gur ab duine è, do bhrigh gur ab
uaithe do ghaibh uime colann daonna.



17. M. Cread fa nabarthar ris an Spio-
rad Naomh gur abe dorinn an toibriugh
so? nach raibh an Taithair agus an Mac ma-
reaon ris da dheanamh?



D. Gibe ni doni aon Phearsa Neaom-
dha, doníd an dá Phearsain elle è, do bhrigh
gur ab ionann cumhachta, cumus, eolas,
agus maith ata aca: tar acheann sin oibrecha
na cumhachta, as à leith an Aithar chur-
thar iad, oibrecha na theagna aleith an
Mhic, agus an ghradha aleith an Spioraid
Naoimh. Ar an abhar so do bhrigh gur le
iomad gradh dilis Dè dhon chine dhaonna
do hoibreag só, as ar à shon sin churthar
aleith an Spioraid Naoimh è.



18. M. Taisbein maille re cosmhalacht egin
cionnus do fheidir na trí Pearsana Neaomdha


L. 25


do bheith an aoineacht ag oibriudh daonnacht
Chriost, agus gur abe an Mac amhain do ghaibh
uime colann daonna?



Disc. Da ccuiridh duine uime eadach
agus bhias dís ele à cughnamh dho, an tansin ní
ghabhan ach aon nduine amhain an teadach
uime: ar an modh ceanna dobhidar na trí Pear-
sana Neaomhdha, à cunamh, comhoibrithe
dha cheile, acur na colna daonna uime an Mac,
gidheadh ase an Mac àmhain do ghaibh uime
í, agus da ndearthnas duine.



19. M. Cionnus dorugadh é ón Mhathair agus í
na maighdin?



D. As romhor an miorbhuilthe agus an ionngna
ata à fholach san Airtiogal so; or as amhla
doruga Mac Dé, é dho thiogheacht àmach à ccionn
naoi Miós gan doligheas, na diobhail ar mbioth
do dheanamh dha Mhathair, na comhartha ar
bith dfagbhail tar eis athiacht àmach dho, na
slighdhe ar bioth dfosghladh roimhe, mar tha-
nigh as an Ttumba dhunta, agus trid an ccomh-
laídh dionsuidhe na Neapostal, gan cheachtar
aca do bhrise, no dfosgladh, amhail theid an ga
grene thrid an ngloine agus gan à lot na à brise, as
amhluidh soin, nar chail Mathair Iosa Criost à
hoigheacht, na amoighdeanas à gabhail Mhic Dé
na broinn, na fós da bhreith, na deis à bhertha,
ar mhodh mar soin, Iosa Criost gur Mac firineach
é dho Mhuire oigh, agus is í gur Mathair fhirin-
neach í dho Dhia, ar an adhbhar sion ata si na
Hoigh shiorruidhe, mar à deir an Faidh Isaias:
biaidh an doras so druite agus ni gheabha fear thrid
do bhrigh gur ghaibh an Ttighearna Dia tríd.



20. M. Cionnas as tuice na briartha ud: dfu-
laing Páis fa Phoint Pilait do crosadh, fuair Bás,
agus do hadhlacadh?



D. An sa Nairtigail so ata deamhairruin ta-
rabhthach ar slanuighthe, go suimeamhail, ar
an mo so, iar nglacadh dhar Ttighearna Iosa
Chriost colann daonna uime, agus iar mbeith do
ar an saoghalse ar fead à trideag agus fithe dho
bhliadhnuibh ag Teagasc shlighe ar slanuighthe


L. 26


dhuine le na bheatha roneamtha, agus lena mhi-
orbhuilthibh do ghraidh se cho mor sin an cine
daonne, ionnus nar leor leis colonn daonna do ghla-
cadh uime chum sinne dho shaora ón bhas shior-
raidhe, on pheaca, acht fós dfoighnidh à sgiorsail
a chrosadh, agus à bhasadh fa Phoint Phiolait do
bo bhreithhamh an tan sin à Iudea, agus do hadh-
lacadh le daoinibh neaomhth dhairighthe é.



21. M. Innis dhamh mas Mac do Dhia uile-
chumhachtach Criost? cred an fath nar shaor
à Aithair fein siorraidhe é, ô labhaibh agus ô
chumas Phiolait; no fós mas Dia Criost, cred
an fath nar shaór sé é fein?



D. As fiór gur fheidir le Criost ar Ttighearna
ar illumad modha é feín do shaora, ni ô lamibh
Phiolait amhain, acht ô chumas à Domhain go
hiomlan: dobi ámh toil an Tighearna budhach
trocairreach sasudha do thabhairt da Aithair
siorraidhe ann ar bpeacaibhne: or as feidir go
follas athuicsine à so: or dobhi à fhios aige
riomh ré agus do innis da Dhiosciobuluibh, go
rabhdar na Huil à cur à thuoraisce chum à
acheasda agus à churtha chum báis: ar à shon
soin nior sheachain iad, acht dochuaid à ccuin-
ne à eascarad; agus an tan budh mhian leó à
ghabhail agus nar aithniedar é, à dubhairt riù:
as mesi an ti ata sibh diarruig, agus ar an mo-
meint soin do thuiteadar sios ar à cculaibh am-
hail maraibh, agus nior theith uotha mar do fhei-
dir leis, acht do fhith re hiad do thiacht chug-
tha fein agus deirghe na seasamh, fa dheirigh
fós dfhulaing dhoibh à ghaibhail, agus à bhreith
mar ar thoil leo, amhail agus do bheith luann
no uonn neaomhuruchaideach aca.



22. M. Ma thug Criost sasudh iomlánn uaidh
ar son Pheacuidhe an chine dhaonna, cread fa
namantar an oiread san Daoine go laóitham-
hail, agus gur riochtanas duinn aithrighe do
dheanamh inar bpeacaibh.



D. As fior go ttug Criost sasugh iomlan ar
son Pheacuidhe na Ndaoine go huilidhe, gidhead
asi toil an Tighearna an sasudh soin do gach na-


L. 27


on fa leith à ttarbha do fein, noch donithar
le creideamh maille ris na Sacramentibh leis
na deagoibreachuibh agus go hairighthe leis an
Aithrighe; ar an adhbhar sin as riochtanas
aithridhe agus deaghoibreacha; bioth gur fhuil-
ling Criost País agus go ttug sadudh air ar sonne.
As ar à shon soin damantar an iomad agus bioid
ina neascairdibh ag Dia, do bhrigh go ndiultaid
an creideamh do ghlaca, na na Sacrameint, na fós
an Tteagasc Criostuidhe dfoghlaim na iad fein
dfaoisidin, na an Aithrighe choir do dheanamh
tre na bpheacaibh, agus nach cuirid riompo à
mbeatha dho thabhairt suas do reir na Neaomh
Aitheanta go hiomchuimheach.



23. M. Cionnus dochuaidh Criost sios dona Hiofrionaibh?



D. Maille re an anam ceangailthe dhon
Dioacht, ar fhagbhail à chuirp crosta san Ccrois
ceangailthe dhon dioach cheana.



24. M. Cionnus tuigeas tu na Hiofrioinn nar
thurlaing Iosa Criost ar Ttighearna dho bheth?



D. Ase Iofrionn an tíonad as isle dhon Domhon
uile, agus ar an adhbhar soin, adeir an Scriptuir
Naomhtha, an iomad daitibh; amhail mar àse
Flaitheamhius ionad as aoirde as feidir dhag-
hil, agus gur ab é Iofrionn ionnad as isle ann.
Sa niochtar so na Talamhan ataid cheithre fuac-
huisidh, no uamhuinn doibhne mar à tteid sios
na hanamanna deis bás, noch na teid ar an
aghaidhe go direach go Flaitheamhnas, iar sga-
radh dhaib ris na corpuibh.



25. M. Cia na hionuid soin?



D. Ionod aco soin fa chuinne na druinge da-
manta àsé as doimhne, agus as iochtruidhe aca;
or as amhla sin as iriunach é, ionnas uabhar na
Ndeamhan agus na ndaoine leanas iad do chur san
ionad as doimhne, agus as faide ó pharraitheas, as
feidir dfail. San ttara hionod as é (as aoirde do bhe-
gan na soin) teid na hanamanna dha ndhlightear
Pian Phurugudoir. An treas ionad as aóirde fos
do ni egin na an da chead ionad san, as an ataid
anamana na leanabh dogheibh Bas gan Bhaiste,


L. 28


ar nach biónn pián Tinedh, na Pian eile acht
gan Día dfaicsint tre bheith shiór. An cear-
thudh ait as aoirde go mór na na haite ele, as ann
dobhiador anamana na nardAitheach, na Fhai-
dheadh, agus na Naomh eile deag roimh Criost do
thiacht; bioth nach raibh coir ar na hanamaibh
soin, tar achean soin niór fheidir leo dul asteach
don ghloire, mar dobhí an dorus druite ré na
nuchct, no gur osguil Criost é lé na bhas .i. doras
na beatha siorraidhe, as don ionad channa ghoi-
reas an Scriptuir Teaghais na NaomhAithreach
no sinus Abrathe.



26. M. Cia aco so ionad nar thúirlaing Críost
tar éis bháis?



D. Ni fhoil amhras gur go Teaghais na Na-
omhAithreach, agus gur bheanuig iad do lathair,
dha mbreith leis na dheaigh sin na chudeachtuin
go Flaitheanas. Mar an cceanna do theasbein é
feín dona hionadhaibh ele; an Iofrionn ioch-
trach, ag cur uainhamhain agus eagla ar na Da-
mhnuibh, mar ArdhBhreitheamh, agus mar
fhiar buaidh, ag bagar ar na Damhnuibh, agus
ag cur solais agus luthgharach ar na hanaman-
naib dobhí à bpurugodoir, mar Abhcoidi agus
Fhuoscalthoir. As mar soin dochuaidh Criost
dona Hiofrionnoilh, mar theid Rí dhon Phri-
súnn dfiosarudha na mbraoighade, ag scaoile
amach an tí as toil leis.



27. M. Cionnas do Aitheirigh Criost à ccion
an treas láo ô mharmhibh?



D. Do bhrigh gur abe Criost Mac Dé daiseírig
se le comhachta à Diochta fein gan chughnabh
ar bioth ô aon neach ele, ag ceangal à chuirp agus
à anama glormhair àrist dha cheile, agus marsin
do thionsgain aithbeodha chum gan bás dfa-
ghail choithe àris amhuil agus nach ar fholaing
Bás roimhe soin riamh.



28. M. Cread fa nabarthar gur aiseirig
Criost, agus reis na marbhaibh ele mar ata la-
zarus, agus Mac na baintroaithe etc. gur haith-
bheodadhadh iad?



D. Do bhrirg gur ab é Criost Mac firineach


L. 29


Dé agus da bhrigh sin le na chomhachtaibh fein
daithèirig se, gidheadh cach ele, ar haithbheog,
agus an aithseireocha dhiobh, ní lena ccomhactha
feín acht lé comhachta Chriost aithbheoghaid agus
agus daitheirgheadar, amhail aiseireochom uile
láo an bhreitheahmnuis?



29. M. Cionnus dochuaigh Criost suos dona Flaitheasaibh?



D. Maille re na chomhachtaibh agus le na shu-
bhailche feín, gan cughnamh ô aon neach ele,
agus dorug leis na creachtha saoibhre, do bhain
amach as an Lymbo ndorocho, do shuigh agus ata
na shuige ar Deis Dé à Aithair.



30. M. Cionnus tuigeas tu Criost do bheith
ina shuidhe ar deis Dé Aithar uileachumhach-
tuigh? An né ttuicear dhuit, an Mac do bheith ar
leith na laimhe deise agus an Spiorad Nomh do
bheith à leith na laimhe clí, agus an Taithair do
bheith à medhon?



D. Ni headh go deimhin: acht as amhluidh
tuicear soin, go fhoil ag an Mac, uiread reis an
Aithir agus reis an Spiorad Neaomh, dúosle, don-
oir, daoirde, da ghlore, do chomhachtuibh, agus do
chumus, an mheid gur ab Día é, agus nísa mhó,
na ata ag aon chreatuir ele, an mheoid as Duíne
é, agus marsin tuig nach foíl lamh dheas, na chlí, na
cos, na corp ag Día, mar ata aguinne, an mheid
as Día é, acht amhain an mheid as duine é.



31. M. Catrath thiocfas sé do bhreith bhrei-
the ar bheoibh agus ar mharamhaibh?



D. An ndeiridh an Tsaoghail.



32. M. An mbia crioch ar an saoghal, agus ma
bhionn cread deantar dona hoibreachaib Roigha
dona Cuirteanaibh, dona Teampulaibh, agus do
gach ní ele dha fhoil ar feag an Domhain?



D. Loicfeár iad uile le Tinidh thiocas, agus shei-
teas as cheirthi hardaibh an Domhain, gan chu-
mas à claochló na atuirmeasg.



33. M. An Aitheirochaid na maraibh an
trath soin tiocas Criost?



D. Aiseireochaid go deimhin maille ris na
corpuibh, agus ris hanamaibh ceana dho bhi aca.


L. 30


34. M. Cia re mbaineann an breitheamh-
nus deanach so?



D. Don Mhac as duol é, do bhrigh gur ab é do
ghaib uime colan daonna, agus bhearas luaid-
heacht agus glore Neaomhdha don druing do cho-
mead à Aitheanta, agus dorinne deaghoibrea-
cha: Pianfas, agus cheasfuas na drochdhaoinne tre
an Aitheanthuibh do bhrise agus gan na deagoi-
breahcha do dheanamh, dobhi dhuolach ortha.



35. M. Ionnus go mbemaois ollamh ar a
chionn, innis dhamh ca trath thiocfas Criost ar
Ttigharna chum an bhreitheamhnuis deagnuig
do dheanamh orin?



D. Ni feidir le haoin neach à fhios soin do
bheit aige, na cia an uair, an luaith, no an maol,
or as ag Dia amhain ata à fhios; agus mar soin
àsé ní as lúgha as conntubhartheach dhunne agus as
dearabhta, bheith olamh do shior; or ata sla-
nughadh, no damnúgh siorraidhe an airighthe
aguinn do reir mar thoillfeam.



36. M. Cread chreideas tú an tan adeiri
creidim à ccumann na Naomh?



D. Creidim go fhoil ag gach naon dona Crios-
tuithibh cuidiudh gach maitheasa agus gach deagh-
oibreacha Spioradaltha dha ndein aoineach eile
dhon Eagluis san Saoghal so, ór na Criostuíthe
Catoilice as geaga aon chuirp iad .i. na Hagluise.



37. M. Cread da ngoirean tu Eagluis Catoliche?



D. Do chomthionol agus do chomhchruiniudh na
Ccriostuithe .i. daoinne baistighthe admhas
creideamh agus Dligh Criost fa ulacht agus fa smacht
Phapa na Romha. As uime ghoirthar chomthe-
nol dhi: Do bhrigh sinne, nach nar Criostuithe
beorthear sinn, mar berthar sinn nar Nereana-
chuibh, no nar sagsanachuibh, no dho Nasion
ar bioth ele; ach Diá dhár ngairim don choimh-
thionól so ina tteighmid astèach leis an mbai-
stidh .i. cead doras na Heagluise; ni leór fós an
Baiste ámhain chum bheith san Neagluis so,
acht ni fulair creideamh agus Dlighe Chriost dad-
mhail mar theagasgaid duinn Aoghurigh
agus Seanamontughidte na Heagluise ceana: agus


L. 31


ni leór so uile, acht as riochtanus bheit umhal
do Phapa na Romha mar Bhiocaire dho Criost
ar an ttalamh, agus adamhail mar cheann, agus
mar uochtáran.



38. M. Ma si as Eagluis ann chomhthenol
na Ndaoine cread fa ngoirthear Eagluis dona
Teaghlachuibh thogamaoíd, na nabarthar Ai-
frinn, agus gach oiffig Neomhdha eile?



D. Do bhrigh, gur ab ionta san ghnathaoid
na Chriostuidhthe (as Eagluis fhirineach ann)
cruinighadh, acur na noibreach Criostamhaoil
ata dhualach ortha, à nguiomh, agus sin an chuis,
fa ngoirthar Eagluisidhe dona Teampolluibh, agus
go mórmhór ar son bheith beanuighthe, agus ta-
bhartha dho Dhia, gidheadh sinne san Airtio-
gail so na crée, ní ar Eagluisibh ata deonta do
chloith na do chrann labhramaoid acht ar an
Eaglúis bheodhha .i. na firen bhaistighthe dha
ngoithear Criostuithe, agus ata umhal don Phapa
Biocairi Criost mar do reamhradh.



39. M. Cread fa ngoithar dhi aon Eagluis
amhain agus aliacht cóimhtheanoil Criostuidhe ar
fegh an Domhain?



D. Do bhrigh nach foil ann, acht aon Eagluis
amhain ina fhoilid Chriostuithe an Domhain go
hiómlan, nihiad à fhoil ániogh, acht araibh ann
riamh ô thosach an Domhain, agus ambiagh
choithe go ttaga à dheirigh, agus soin an tadhbhar
fa nabarthar ré, ní he amhain bheit aonda, acht
fós Catolice .i. coitcheann, do bhrigh go fhuil sí
ann gach Tír, agus an gach Riogheathat ar feagh
na cruinne, agus do shior.



40. M. Cread fa ngoirthear aon Eagluis
amhain di agus an lear san do Chruiniudha Daone
inte?



D. Goirthear dhi aon Eagluis amhain, do bhrigh
gur ab aon chean amhain ata urthe .i. Criost,
agus an ionad ar an Talamh Papa na Romha, na
chean soin do bhrigh gur ab aon Spiorad, agus aon
dligh amhain ata aice le na stiurthar í: fa
mar aderthar re Riocht gur ab aon Riocht am-
hain í ar son gur ab aon Righ, aon Riocht agus aon


L. 32


dlighe amhain ata aige, bioth go mbeith à nio-
mad Coageadh, Carthach, agus Bailte innte.



41. M. Cread fa ngoirthear NeaomhEagluis
dí, agus aliacht drochdhaóine, agus peacaidh innte?



D. Ar thrí cusibh goirthear NaomhEagluis
dhí; go mórmhór, an chead chúis do bhrigh
gur abé Chriost ata rónéaomtha as ceann uirthe
amhail adearthuidh Duine breagh ón aghaidh
bhreagha do bheith aigé tar à cheann go mbeith
meár cám aige, no báll ainimheach ar à chorp.
An tara cúis do bhrigh na Criostuithe uile gur
Namtha iad lena Ccreideamh agus lena nadmh-
ail or ata aca aon chreidéamh, agus san naomhtha
firinneach, ata aca aon ghnathudh Shacrament
ronaomhtha, fós ata aca aon dlighe ceart nach
fogra acht nithe maitha, agus nach crosan acht
drochnithe. An treas cuis ar an adhbhar go
fhuilid Naoimh san Eagluis, ni headh ar son crei-
dimh agus na admhala, acht maran cceana le
subhailchibh, agus le deaghbheasaibh: amhail ar
modh contrardha, as dearabhtha na Huil, na
Turcaigh, na Herecidhe, agus gach drong ele
ata leithamuith don Eagluis, nach feidir Na-
oimh do bheith aca na dho ghairim dhiobh.



42. M. Cread chialluigheas comann na
Naomh?



D. Ionnan soin ré radh, agus go fhoil corp na
NaomhEagluise ar an modh soin ceanguilthe
dha cheile, ar chor, gibe maith Spiorradaltha
bhios ag aoin gheig dhon chorpso go mbia à chui-
diugh agna geagaibh ele; bioth go mbedais à
Ttiorthuibh imchiana afhad ócheile, agus gan
eolus na aithne aguin ortha, tar à cheann soin
teid à ttarabha dhiunn agus cuidigmoid da Naiffrinn,
da núrnuighthe agus na deagoibreacha elle Spio-
rodalta donid; nith ar an Ttalamh amhain
ata an cumunn so, acht fós na Haiffrinn, na
húrnuighthe, na deagoibreacha ceána foghnaid
agus teid à sochar dona hanamanaibh ata à bpur-
ghadoir, ar an modh cceána guidhe, agus urnuigh-
the na muintere ata ar Neaomh teid à ttarbha
dhuinne agus dona hanamanaibh ceana soin à
Bpurgador.


L. 33


43. M. Más marsin ata ní deanto dhuinn
urnaighthe ar aoin neach fa leith, na Aiffrinn
do chur dha radh ar son an anam so, na an ana-
ma elé ud à bpurgadoir ô taid na huile dhea-
oibreacha comhchoitcheann?



D. Ní már soin ata, ór ma ta go fhoilid na
Haiffrinn, na hurnuighthe, agus na deaghoibrea-
cha elé coithcheann ar modh egin; tar à cheann
son as mór gur mó theid attarbha, agus afhortacht
don droing ar an offrallathear iad fá leith, agus go
haonracanach, na dha chach ele.



44. M. Cread à deiri ris an ndroing choinnea-
bhaidhte? an ccuidid siad dona maitheasaibh, no
nach cuidhid?



D. As uime ghoirthar coinnealbhaite .i. dith-
chuiditheidh dhiobh, do bhrigh nach cuidighid
do chumann na Naomh, acht gur ab amhlaidh
à taid, mar gheogaibh scote don chránn, no már
mbhalluibh scartha ris an ccorp, nach parti-
gheann agus nach cuidigheann an sugha, agus an
bheatha ata rointe ar na geagaibh elé fhanas
ceangailte dhon chorp. As soin as inmhesta dhuit
meid na suime, as deanta dhon dithchuidiugha
.i. coinnealbhaidh, ór ní bhia Diá an Aithair
ag an ti nach biaidh an Eagluis na Mathair.



45. M. Marsin ataid an drung choinneal-
bhaithe ar an ttaibh àmuith dhon Eagluis, mar
na Huil, agus an chuid elé dhona hanchriostuigh-
thibh?



D. Ataid gan aimhreas: gidheagh ata an
diffir só eatorra, ór ataid na Húil, agus na Tur-
caidh ar à ttaoibh àmuigh don Eagluis, do
bhrigh nach tangadar asteach inte riamh leis an
Mbaisti, na Hericidh amh, do glac Baiste, ar
son an chreidimh dobhi aca do dhiultúdh, agus
do sheána, ataid ar an daoibh amuigh dhon Ea-
gluis, ar an adhbhar gur fhagadar í agus gur
theitheadar aiste da ttoil fein. As trid sin ba-
garaidh an Eagluis ortha le iomad piantaibh,
ionnas go fhilidis ar an ccreideamh ccoir dhfa-
gadar, amhail bhagaras an Taodhaire ar an


L. 34


ccoirchaidh theitheas on ttread agus lena laoirig,
no bhachaill file ar an ttread cheana onar
theith í, gidheadh na coinnealbhaite do bhrigh
go fhoilid baiste agus creideamh aca tangadar
àsteach dhon Eagluis. Agus ni uatha fein theid aiste,
acht da neamhdhioin sgarthar ré iad, amhail
theilgeas an taodhaire an chaoira chlamh as an
ttread, agus fagbhuigh fa an ccuainmhiol í, an
Eagluis amh, ní chum na druinghe coinneal-
bhaite do choneail àmuith do shiór, chuireas
amach iad, acht chum go ngeabhach doilgheas
iad tré na neamhulacht agus mar soin iár numh-
alúgh go fhillgheadaois ar an Eagluis, dha
iarruigh anglaco as à nuaidh à nucht à Neaomh
Mhathar fein à ccumann na Naomh.



46. M. Cionnus tuigeas tú maíthfeachas na
bpeacadh?



D. Ag so an chead mhaith dona trí mai-
theasuibh prinsipaltha ud dogeibhthear san Ea-
gluis: as ab iontuighthe go mberthar an uile
dhuine na pheacach, agus an eascairid ag Diá; agus
ag dul ar aghaidh do ghnaith ó olc go róolc, agus ò
omhalis go romhalis, no go maithear dhaibh an
peacadh le grasaibh Dé, as attig dhaibh bheith
na cárdibh, agus na ccloinn ag Diá. Anois, im-
morro, ní faghthar na grasa so acht san Naomh
Eagluis Chatoiliche Romhanuigh amhain ina
fhuilid na fiór Shacramentidh, agus go mormhór
an Baiste, agus an Aithridhe, leigheasas go spioro-
daltha na daoine ó na Huile eagruasuibh an
anama .i. óna Peacaidhaibh.



47. M. Foillsig nías feárr cread meoid na
maitheasa ata à maithfeachas na bpeacaidhe?



D. Ní faighthar san Domhan olc as mo iná
an Peacadh, ní ar son amhain, gur ab uaidh
shasaidh iomlán uilc na beatha so, agus fós na
beatha elé; acht na cheann san go ndein an Pea-
cadh dhon Duine eascara Dé? Cread an ní as
measa, na aradh go mbeith Duine an eascairaid
ag an tí ata cumusach ar an uile ní, as toil leis
do dheanamh, agus nach feidir le heaoin neach


L. 35


seasabh ris? no cia le na feidir anti aga fhoil Diá
go fearagach reis, do chosnamh. Achontardha
só, ní feidir san mbeatha só dfaghail maith as
mó, na fós comh mór, ré bheit à ngrasaibh Dé?
Or cia ata cumusach ar dhiobhail do dheanamh
don tí, ga fhoil Diá dha chosnamh, ór gur ab
ina laimh féin ata an uile ni go hiomlann. Ata
à fhios agad nach foil ameasg na nithe corpor-
dha ní as ceannamhla ina an bheatha, ór asi as
fuaindement dona nithibh elé go hiomlán: agus
nach foil ann ní as fuathfuire na an bás, tré
bheith contrardha don bheatha. Ar an adbhar
soin, ó sé an peaca bás spioradaltha an anama,
agus maithfeachas na bpeaca à bheatha, as fura-
sa dhuith à thuigsin, ciodh meoid na maitheasa
ghlachtar san Eagluis, ór as inte fein amhain
dogeibthear maithfeachas na bpeacaidhe.



48. M. Cread an luaidheacht bhearas Dià dona
deaghdhaoinibh, agus cread dona drochdhaoinibh?



D. Dobhearaidh glore shiorraidhe dona dheagh-
dhaoine, agus Peinshiorraidh dona drochdhaoinibh.



49. M. Ca mheid ní as riochtanas chum na glo-
ri dhail?



D. Da ní, mar ata Creideamhain do gach
ní theisbeanas Diá agus theagascas ar Naomh
Mhatair an Eagluis Chatoliche Romhanach
dhuin agus deaghoibreacha do dheanamh.



50. M. Mar soin damontar na Gentilidh,
na Hericidh, agus gach drong nach craidheann,
mar fogras ar Naomh Mhathair an Eagluis
Chathoiliche Romhanach?



D. As fiór (már chureas an creideamh siós
dúinn) go ndamantar an mhuintear soin agus go
tteid siós go Hioffrionn gan chúnntubhairt.



51. M. An Catoilice chreideas fa mar thea-
gascas an Eagluis, agus dogheibh bás à bpeaca
mharabh gan leórghniomh do dheanamh, ca
tteighid sé?



D. Teagasguidh an creideamh dhúinn go
tteid gan fhortacht go Hiofrionn, ór ní leór,
creideamh chum duine dho slanughadh, gan
deagoibreacha maraon reis.


L. 36


52. M. O aduire go ttiubhra Diá glore dona
deaghdhaoinibh; innis damh ca hionad?



D. A Fhlaitheanus uachtrach do chruthaidh
Dià dha chudeachtuin totha feín, ina fhoil an à
uile mhaith as feidir le neach dho mheannugh,
na dho smoaineadh, na dhordhughadh, agus ina
mbia saor on uile olc.



53. M. Cia an chuideachta bhiós ag anti
reachas don ghlore?



D. Biaig aige an Naomhogh Mhuire, na
Haingil, agus na Huile Naoimh ata do lathair
Dé ar Neaomh.



54. M. Cread an solas, agus an luthchair bhiàs
ar an ti rachthas àsteach dhon glore faris an
Naoimh chuideachtuin soin?



D. Ba mòr an subhachus, agus an luchair bhios
ar an Trionoid ròNaomhtha trid, fòs budh mòr
solàs agus gradh na Neaomh chuideachtan ele,
or gach maith, agus gach gloire da mbia aca,
biaodh comhchoitchian, do reir mar thoill-
theas gach neach aca.



55. M. Cread î glore na Naomh agus cread na
fhoil?



D. An Amharc Dè ar Ttighearna, agus à mhòr-
dhachta, agus sealalabhughadh na huile mhai-
theasa as ionorduighthe, òr sasuighthear anam
an Chriostuidhe le raidharc Dè don uile
mhaith as feidir diarraidh, na dho shantughadh.



56. M. Ciodh an ghlore bhias ag an ccorp
ndaonna à Fhlaitheamhnas, or as dearabhtha
nach feidir leis an ccorp Diá dhfaicsin, acht
leis an anam amhain.



D. As fior gur ab leis an anam amhain as fei-
dir Diá dhfaiscin, gidheadh biaid an oiread son
do sholas agus do dhealragh ag an anam on am-
harc san, go nealrocha an lonradh, agus an deal-
radh ceána san ccorp, agus biaidh glore agus brea-
thacht an anama cho mor soin, ionnus na cuirp
bhias à Fhlaitheamhnas, go modh breatha agus
go modh dealraidhthe iad fa seacht, na an
Ghrián; biaid fós domharathea, dophiantha,


L. 37


ar mhodh nach bia tart, na ocras, dolàs, eagruos,
eagla báis, na peine ele ortha, agus do shiór biaidh
neart dochlaoite ionta, agus slainte dhochrioch-
nuighthe gan uireasbaibh, agus mar soin beith solás
agus meanama áca, an airdcheim.



57. M. Ca fad mhairfeas an ghloire soin
dona Naomhaibh?



D. Mairse choithe, gan chrith, agus mar soin,
biaid tré shaoghal na saoghal à luthchair, agus à
ngardeachas doinnisde, gan olc ar bioth, na uru-
choid dho theacht da nionnsuidhe, na na ngoire.



58. M. O do thrachtamoir go nuige so ar glore
na Naomh, labhram anois ar phiantuibh na ndroch-
dhaoine; ionnus gomo feairde tuicfear so, lábh-
ram ar tús ar iofrionn: agus innis ciodh é iofrionn?



D. As priosun siorruidhe iofrionn, lán do Thine
agus don uile ghne pheine chum, smachtuighthe na
ndaoine dogheibh bás à bpeaca mharabh, agus
sa niochtar na Talamhan ata, làn do neablaibh
troma rodhoracha, gan solas Grene, na Gea-
luidhe, na Realtan na solas ar bioth ele.



59. M. Ma ata Tine an iofrionn, cread an
fath nach dealruidhann, agus nach lasan si?



D. As fior go fhoil Tine an iofrionn ghreadas
agus cheasas conimhneach san, nach fhoil à Ttine
an Tsaoghail so acht Tine Phintealtha nach
lasann agus na greadana, à ccomortas re Tine
iofrionn; gidheadh le diomdha Dé greadhuidh
agus ceasaidh, agus ní fhoillsigheann, acht fós mu-
chaidh agus dallaidh an radharc.



60. M. Tar eis na haiseirghe an mbiaid na
cuirp agus na hanamanna dha cceasa maraon an
iofrionn?



D. Biaid gan amhras, agus tuichthear na
Pianta san ar dha mhodh. Ar tús uireasba amh-
airc Dé gan mhoinighin à fhaicseana tré bhioth
shior, ag soin an phian as mó ghoilleas ar na
drongha damantachtha: An tara modh àse le
cceastar na ceadfadha do bhrigh gur ab iad
bhios glacathach ar na peacuidhibh, ar an adh-
bhar soin, an Phian, agus an Dioghaltas dhilghthear


L. 38


ar son na bpeacuidhe, asiad na ceadfa iocas iad:
ionnus go mbia an corp uile, othracht abhonn,
go mullach à chinn go à cheadfadhaibh da ghear-
cheasa an iofrionn. Agus tuig nach ionann phian-
fuighear lucht na ttrómpheacuidhe, agus an
droung nach bí cho choirtheach soin.



61. M. Cia an chuideachta agus an comhluodar
bhias ag an ndruing namantuigh soin an iofrionn?



D. Biaid na Deamhain aca mar choideach-
tuin bhias da cceasa le hiomad cruadhala, agus
uafáis do reir à ccumais, agus fós do reir an dio-
ghaltais as fonbhar leo do dheanamh an aghai-
dhe Dé agus na fhirén agus na droinge dogheibh
bás à bpeaca mharabh.



62. M. An fhaghaid an lucht malhaighthe
soin solás na meanama ar bioth do chur ortha
ô na Deamhnaibh?



D. Ní fhuighid go deibhin, ór gach ambhia
an iofrionn biaid na neascardibh ag à cheile lán
duruchoid agus dfeiríg, ar modh nach fuilingaid à
cheile, dfaicsin na deagfhocal do labhairt ré
cheile: do bhrigh gach naon don droing mhal-
luighthe só: go mbiai na nabhaid aige fein agus ag
cach, ar modh go fhuaithaigheann an Mac an
Tathair agus an ingheann an Mhathair, agus fós na
cumpanuigh ghradhacha dobheireadh cognamh
dha cheile chum uilc agus urchoide fuathaid à
cheile go dian dasachtach à bpiantaibh iofrionn.



63. M. An mbiaigh pian elé ar an ndruing
ndamantuigh an eagmais an ndurais?



D. Biaigh go deimhin .i. cnuibh, no Péist an
choínnsiáis bhiás da nithe, agus da Ccreime go ró-
adhfuathmhar agus da bpiana do shiór; ôr Mac na
mallacht ag smuaineadh ar à pheacuibh, agus ar
an ccobhair, agus ar na slightibh iomdhá dogheab-
hadh, chúm à shlanuighthe, agus do sheachna na
bpeacuidhe, aris comhairle agus Teagasc na
Naithreach spiorradáltha, na deaghsmuain-
tidhe agus tarang foiligtheach an chruthaigh-
theora à seidi ánn agus da ghairim chúm slíthe à
shlanuighthe, ànois ámh, da fhaicsin féin da-


L. 39


manta tré na chionnta féin, abpiàntuibh iofri-
oinn do shiór tré shàoghal na saoghal, as róai-
thmheàlach ghoileas soin air agus chéastar é.



64. M. An ccreidean tú àoin ní elé, an éag-
muis na cré agus Airtiogail an chreidimh?



D. Ccreidimh gach afhoil siós san Naómh-
Scriptúir, agus à fhoillsian Criost ar Ttighearna
dha Naomh Eagluis feín.



65. M. Cià hiàd soin?



D. Na fiafruighthear san dom chomh ain-
fhiosach sa do dhuine; or ata an iomad Dochtu-
ridh ag an Eagluis le na feídir fhreagara do
cheasta go iomachuimheach.



66. M. Admhamaoid gur ris na Dóchtúríbh
bhenas freagra na nith soin, agus nach ribhse na
tuatuidhe: ór as leór dhàoibh eólus do bheith
agaibh ar Airtegaluibh an chreidimh, agus go
harighthe, mar atà siós san Ccrée.




AN II. TRACHT



DON II. LEABHAR



DHON THEAG CHRIOST
Ina mínighthear an Phadear, agus
urnuithe elé na Heagluise.



AN I. CHIB.



Ar urnuighthe an Tighearna, dha ngoir-
thear an Phadear.



MAGHISTIR.



1. O atà à fhiós agad cià na nithe as cóir
do chreideamhain, fa mar fhoill-
sighthear sa chéd, agus san ttara
leabhar don Teagasc Chriostuidhe, anois ní fu-
làir à fhiós do bheith aguinn cia na ccuirfeam
ar ndochas, cread shirfeam, agus ciana medhoin
lé ttiocfam chum à fhaghla?



D. Gach asireann tú, ataid go hiomlàn an
Orthain an Tighearna da ngoirimidne an Pha-


L. 40


bear; ór táisbeanaidh si dhuinn cread shirfeam,
agus cía ara cóir à shireadh, agus fós así an urnuig-
the cheanna an medhon le fhaghmaid sion.



2. M. Cia hi urnuithe an Tighearna?



D. Ag só î: Ar Nathar ata ar Naomh,



1. Naomhthar thainim.



2. Tigeadh do Rioghacht.



3. Deantar do thoil ar an Ttalamh mar
donithear ar Neamh.



4. Ar Naran laóetheamhail tabhair dhuinn à-
niogh.



5. Agus maith dúinn ar fhiacha mar mhaith-
maoidne dar fheitheamhnuibh féin.



6. Agus na leig sinn à ccathughadh.



7. Acht saór sinn ô olc. Bio marsin, no deantar soin.



3. M. Ciá dhorinne an Phaidear ar tús?



D. Ar Ttighearna Iosa Criost dorinne î, le na
bheól róbheanuighthe féin, agus do Theaguisc;
ionnus go ma eól duinne urnaighthe dho dheanamh.



4. M. Cread é urnuighthe do dheanamh?



D. Ar nanam agus ár ninntinn do thoghbhail
súos chúm Dé le deaghsmúaintidhthuibh, da
mholadh agus da bheannughadh tré na thiogh-
laichibh dhúin, agus ag iarra fhortachta air in ar
riochtanas.



5. M. Ciá dhona húrnuighthaibh ás uoáisle agus
ás feàrr?



D. An Phaidear .i. ortha an Ttighearna?



6. M. Cread an tadhbhar?



D. Ar an adhbhar gúr ab é ar Ttighearna
Iosa Criost (ar guidhe na Neapostal) dorinne
î agus adubhairt le na bhéol róbheanuithe fein î.



7. M. An fhoil agad cùis ar bioth elé?



D. Ata go deimhin, ór atà inte gach ní as inn-
iarrtha dhuinn ar Dhia, agus fós go fhoilid seacht
nachoingniocha inte preamhuighthe san uile
charthanacht .i. à ngradh Dé agus na comharsan;
agus ar an adhbhar san as cóir dhuinne à radh lé


L. 41


hiomad dúrthacht: ór àse Criost ar Nabhcoi-
didh, agus as feár aga fhoil à fhios cia na nithe as
mó atá na riochtanus orinn.



8. M. Cread fá tteagascann ar Ttighearna
dhuinn, Athair do ghairinn dhe?



D. Ionnus mar chloinn toghtha dho féin go
sirfamaois air gach ní as riochtanas dhuinn, le
iomad dochais agus muinighne à fhaghla.



9. M. Cread fa ngoirimid ar Nathair do Dhia?



D. Do bhrigh gur ab é do cruthaig sinn, agus
gur ab uaigh ata aguinn an bheith nadúrtha
atá annúinn, agus gur ab le na choghnamh stiur-
thar agus riaghalthar sinn, agus go ttiurá dhuinn
grasa mar chloinn do féin.



10. M. Cread fa ngoirimid ar Nathair dhe
seoch agus mo Athair go haonnracanach?



D. Da chur à cceill gur ab dearabhrathreacha
dha cheile sinn, ar an adhbhar soin as ionchuibh-
aidh dhuinn à cheile do ghradha mar chloinn
aon Athar amhain.



11. M. An fhoil aon chuis ele agad?



D. Ata go deimhin, ór teagascaidh an Tigear-
na dhuinn gur fear an urnuighthe choitcheann,
na an urnuighthe aonaracanach, agus gur tarabh-
uighe don tí doní í: ór an tan a deirimíd ar N
a-thair, guideh gach neach aguin ar son na coda
go hiomlán agus an tiomlán ar gach neach fa leith.



12. M. Cread fà nabairtú ata ar Neaomh,
ór atà Dia san uile aít?



D. As fiór go fhoil Dia san uile aít, gidheadh
asi toil Iosa Criost ar Ttighearna, agus órdaigh
se dhuinn san urnuighthe so, aradh go fhoil sé
ar Neaomh, ór as annsin theisbeanus é féin do
na Haingiloibh agus dona Naaombaibh, agus as ann
dhearcaid é go soleir aghaidh ar aghaidh.



13. M. An fhoil aon chuis ele agad?



D. Ata go deimhin, ór an tan aderimid, ata
ar Neaomh, smaoineamoid go fhoilemid san
saoghal so inar noilirtheachuibh, agus inar ndibi-
orthachuibh, agus gur ab ar Neaomh ata ár ndu-
thaidh fhirinneach as iniarrata dhuinn roimhe
an uile ní.


L. 42


14. M. O adeire go fhoilid seacht nachunicha
san Bpaidir, abair an chead achuingidh dhiobh?



D. Naomhthar hainim.



15. M. Cread shireas tú san achuingidh sin?



D. Iarramaoid ainim Dé dho leathnughadh,
agus daithne ar feadh an Domhain, agus à bheith
achomhed, agus leathnuigh, naomtha, beanuigh-
the, ambeol, agus à ccroidheathaibh na ndaoine,
mar ata sé ann féin. Do bhrigh go fhoil an io-
mad ainchriostuighthe ar feagh an Tsaoghail
nach aithniean Dia, agus fós iomad droch Chrio-
stuighthe mhasluigheas agus easonoras ainim Dé,
le hiomad tarcuisne, neaomhchiona, agus neaomh-
shuime ann: Ar an adhbhar soin an drung ata
na ccloinn ag Dià, beanaidh riú bheith ceanamh-
uil edmhar fá onoir an Athar à guidhe le mor-
fhonn à ainim dho naómhadh .i. go naitheon-
taoidh é ar feagh na cruinne, dha adhra, dha
mhola, agus da ghradha tar gach aoin ní ele, ón
nuile dhuine mar as dual, agus as coir; agus do bhrígh
go fhoil duolach orainn Dià do ghradha ós cionn
an uile nith, fós nísa mho na sinn fein; ar an
adhbhar soin as coir dhuin lé róthoil agus ró-
fhoin glore Dé dhiarruidh dho mheadughadh,
agus do leathnughadh ar feadh an Tsaoghail, ag
soin an chúis fàr chruthuigheadh lé ceill agus lé re-
sún sinn chum Dià dhaithne, agus do mhola ina fhoil
ar nardmhaith, fa mar fhoillseocham tar eis só?



16. M. Cia an tara hachuinghidh?



D. Tigeadh do roigheacht.



17. M. Cread iarras tú san achuingídh soin?



D. San achuinghidh só siremaoid ar slainte
fein .i. anama agus chuirp (fa mar do shireamair
san chead achuinghidh glore agus onóir Dé) àse
sin, go mbiadh se ag ríoghacht inar ccroidhea-
thaibh agus in ar nanamannuibh ar an talamh
maille ré na ghrasuibh, agus na dheaghaidh sin
go ttiobhra dhuinn à ghloire.



18. M. Ca mbeadh modh ar an abarthar
riocht Dé?



D. As feidir riocht Dé do thuigsin ar trí


L. 43


mhodh .i. riocht nadure, riocht grás, agus riocht
glore. Le riocht nadurtha riaghlas agus stiuras
Dià na huile chreatuireacha, mar ardThighe-
arna os cionn an uile ní. Bith go ccuirid na droch-
dhaoine riompo olc do dheanamh, nach fós co-
lionuid dligh Dé, tar à cheann soin ata Diá à
riocht os à ccionn; agus mar soin toirmisgidh à
gniomhartha an tan as toil leis, agus fuilingann
dhoibh ar uairibh, à ttoil do chomhlionadh,
smachtuigh iad fa dhere go cruodhalach, do
bhrigh nach foil aon neach comusach ar chur an
aghaighe à thoile, na aoin ní dho dheanamh
acht len fhulang, no len ordugh. As lé riocht na
ngrás stiuras agus riaghlas Dià croidhthe na
ndeaghchriostuighthe ag roinn ghrás agus spioraide
ortha chum à sherebhise dho dheanamh go hai-
bidh lé deaghinntinn, agus tar gach aoin níaonoir
agus à ghloire dhiarraigh roimh gach uile ní. Rioct
na glore bhias san mbeathaidh thall tar eis laoi
an bhreitheamhnuis, or an trath soin biaigh Diá
à riogheacht os cionn na nuile chreatureacha,
gan chomus na chomhachtha na neart ar bioth
cur an agaighe ar aon chor: agus an traith soin
beanfaidh dhona Deamhnuibh, agus dona droch-
dhaoinibh (bhias à bpriosan shiorruighe) à ccom-
hachtha agus à ccumus go hiomlan. Ní bhia fós
an tan soin Bás, na truoilleadh, na cathugha,
na buaidhreadh an Tsaoghail, na na colla lé
ccurthar à anois buorudh ar sherebhiseachaibh
Dé ann: ionnus go mbia an riocht soin suoaimh-
neach, siochantha agus asi soin sealabh an Tsonais
shiornuighe.



19. M. Cia dhona trí riochta soin ar à labh-
arthar san achoingnigh só?



D. Ní labharthar ar an ccedriocht, ór tha-
nig si thana: na fós ar à ttara riocht, ór do labh-
ragh urthe san chead achuinghnidh, agus go tta-
nigh an chuid as mo dhi. Gidheagh labharthar
ar an treas riocht ata chum teacht, agus lena
fheithid go fonumhar mianmhar an drong dar
ab eolach tuirse agus bochtaineacht na beatha so;


L. 44


agus trid soin san achuinghnigh so iarramaid ar
maith siorraidh agus glore bhithbhuon dhar
ccorpuibh agus dar nannamaibh.



20. M. O sí an Riocht ud Dé (thiocfas deis
laoe an bhreitheamhnuis) shireamaoid do thoi-
gheacht go grod; mar soin as cosmhail go niar-
ramaoid an Domhan do chriochnudh, agus lá an
bhreitheamhnuis do theacht go luaith?




D. As mar soin ata, or bith nach feidir le lucht
ghraidhthe an Tsaoghail nuaidheacht sgeol as
mo ghoilleas ortha dheisdeacht, na lá an bhreith-
eamhnuis deanuigh. Gigheadh an drong
dhar a duol aitreabh Flaitheanuis, .i. Burige-
sig Nimhe, noch ataid anois beó, mar oillroi-
chaibh agus dheoradhibh ar an Ttalamh, ní fhoil
ar bioth ní as fonnmhaire leo na à thoigheacht.
Ionnus, amhail adeir S. Angustin: san Ps.118.
con.20. sul thanig Crost ar an saoghal gur bhe
mean agus fonn Naomhaibh an tseannrachta an
ched teacht dorinne se: mar an cceana, gur ab
é fonn agus mean iomlàn Naomhaibh an nuaachta
à dara teacht do dheana dho Criost, le
ttiobharthar an conách suthain, agus sonas sior-
ruidhe dhoibh.



21. M. Cia an treas achuinghnidh?



D. Deantar do thoil ar an ttalamh amhail
donithtar ar Neamh.



22. M. Cread chiallaidhidh na briartha so
agus cread iarthar unta?



D. Sirthar ann sna briarthaibh soin grasa
le comeadfam go maith aitheantha Dé,
or mar dho siorragh san nachainghnigh ele an
beatha bheanuighthe .i. deaghchrich an
duine ní folair anois an medhon prionsapaltha
le fheaghthar soin diarruidh, agus se sin comhall
aitheantha agus dlige Dé: mar adubhairt Criost
ar Thighearna leis na briarthaibh so: Ma dhail
teacht asteach dhon bheatha shiorruidhe,
comead na haitheantha: ór ní fhoilmidne, uoin


L. 45


féin cumusach chum na naitheanta dho chomh-
all, mar as leòr, ar an adbhar soin iarramaoid
ar Dhiá sinn do dheanamh à neamhthoile .i.
grasa dho thabhairt dhuinn chum à thoile dho
choimhlionadh, noch thig chum criche le bheith
umhal dó an gach ní, maille re an Aitheantuibh
dho choimed. Mar an cceana ata duolach
orainn gan murmur na gerán an aghaidh Dé;
or gibe ní fhogras no chuireas oruinn, as chum
deaghchrithe chuireas é, .i. gomo adhbhar
meaduithe luoidheachta (ma bhimidh go
maith) é: no leasuighthe ma bhi mid go holc.



23. M. Cred fa ccurthar leis an achuingh-
nigh so na briartha ud ar Talamh amhil ar
neamh?



D. Da chur à cceill go fholl duolach orainn
ar an Ttalamh bheith umhal do Dhiá, agus ollamh
chum aitheanta dho chomhall cho diongmhall-
tha, agus cho deffreach, agus cho luthghaireach,
agus ataid na Haingil ar Neamh, nach dein locht
da luidhead a ccoimliona aitheanta agus tolla
Dé go hiomlàn. As feidir fós aradh gúr fonnmh-
ar linne, agus go niarramaoid na peacuidh (tuig-
thear leis an fhocal so Talamh) dumhlúdh do
Dhiá, amhail na Naoimh (thuicear leis an
fhocal ele so Neamh) umhlaid dho. No fós an
Eagluis go hiomlàn (thuigthear mar Thalamh)
direach dumhlúdh do Dhiá famar dumhlaidh
Criost (noch chiollaidheas Neamh) é féin dho
gus an mbás.



24. M. Cia an ceathramhadh achuinghnidh?



D. Ar Narán laoethamhuil tabhair dhuinn
àniúgh.



25. Cred shirreas tu san achuinghnidh soin?



D. San achuinghnidh so iarthar ar tus an ta-
ran spioradaltha as biadh an anama: ina dhe-
aight soin, beatha an chuirp .i. an taran corpur-
dha. Ase neaomhShacrament na Haltorach tuicear
annso mar aran spioradaltha, ór ase sin an ta-


L. 46


ran beannuighthe neaomhdha chothaidheas go
miorbhuiltheach ar nanam. Mar an cceana
tuicear maile ris brethir Dé, fhoillsighthear le
seanamontuithibh, no le leitheoreacht leabhar
spioradaltha, or ni beg an coghnamh do bheatha
an anama iad, fa dheired cialluigthear leis,
seide na ndeagsmoaintighthe thig ó Dhiá, ur-
nuighthe, agus gach ní ele as còsmhail riú dobheir
coghnamh cothiughthe agus meaduithe grás uaigh,
noch as beatha dhon anam, mar do reamhradh.
As leis an aran chorpurdha tuigthear gach ní as
uireasbuch chum cothuigthe na beatha corpur-
dha, ata ag an anam (mar shás agus mar ghles)
chum maitheasa dho dheanamh.



26. M. Cread fa sirean tú beatha an chuirp,
ór ase tharingeas an tanam chum peaca, agus
chum amhleasa?



D. Bioth gur fior soin, ní feidir amh leis an
anam (gan chognamh an chuirp) deagoibrea-
cha do dheanamh, le ttiocfadh chúm na beatha
siorruighe, ór ase an corp gleas agus instrument
an anama, chum na ndeagoibreacha dho dhea-
namh, mar adubhramair thuas. Aran adhbhar
soin as iomchubhaidh dhuin riochtanas an chuirp
dhiarruigh maile re riochtanas an anama; ion-
nus na cuirfeadh an easbuidh dho bheith ar
an ccorp tuirmeasc ar dheagoibreach an anama
gan an taran, ór cialluigh an taran an uile
short beatha aga mbia gné bidh air.



27. M. Cread fa ngoirthear ar narán féin
don arán só?



D. Ní gan fachioll agus mórchuis goirthear ar
narán féin de. Or màs ar NeaomhShacrament
na Haltorach labhramid as dearabhtha gur ab
é ar narán féin é, ór as chúm ar slanuighthe
(maille reis an Spiorod Naomh) do fuineagh é
à mbruinn na Naomh Mhaighdine Mhuire, agus
do bruitheadh é ar ghreidil na Naomh Chroisi,
agus as duinn ollmhuigthear é ar bhordh na Hal-
torach go laoethumhail le lamhaibh le lamhaibh na sagart,
agus fós ás línn féin é, agus ní telici dhuinn chum na


L. 47


Maduighe .i. chum na nainchriostuighthe é,
na chum na druinghe bhios à bpeaca mharabh.
Fós mas ar à Tteagasc labhramidh, guirimid ar
narán féin de .i. an tàrán róintear idir chloinn
na Heagluise, maille re seanamotuighthibh na
firinne, agus ni he an tarán coimhtheach heligid
na Hericidhe, chúm à lucht leanamhana, agus chum
à muintire .i. aran driote, lotho, lán do Nimh agus
mhalacht Dè. Fós más ar an arán chorpurdha
lamhramid, iarramid ar Dhià ar narán fèin
dho ttabhairt dhuinn, agus ni cuid dhuine ele .i.
cobhair agus coghnamh do thabhairt duinn, chúm
nithe dlisteneacha cearta dho sholathar, ar
múinn, agus ar saothar do bhéanudh, agus do raith-
ugadh, ionnus, gan ghoid, cheilig, na malis, go
fhaghmaois gach ní as riochtanas dhar mbeatha.



28. M. Cread fa ngoirimid de aràn laoetheamhail.



D. Do bhrigh go fhoil riochtanas reis an aràn
go laoethamhail, agus nach iarrata dhuinn ní
iomurcach na curialtha, acht an mheoid as le-
ór dho beatha shingil an chuirp agus an anama go
laoethamhail; agus ionnus go ttuigimis gur ab oi-
lirthigh agus deoruighthe sinn san mbeathaidh só.



29. Cred fa nabra, tabhair dhuinn àniogh?



D. Ionnus go ttuigemaois, tar à cheann go
ndeanamaois ar ndicheall saothair, gur diomh-
ain duinn è, muna ttuga Dià cobhair dhuinn le
na ghrasaibh, mar dochiomaoid go laoethamh-
uil: Or bioth go ccuridna daoine iomad saothair
ortha chum treabha agus saothrudha na talmhan,
tar à cheann soin tig go minic daoirse agus gorta
mhór tré Pheacuidhibh an Tsaoghail. Os a chionn
soin iarramaoid ar Dhià ar naràn do thabhairt
dhuinn, nihe amhain cognamh linn da shla-
thar agus da shaothrudhadh, acht fós an tan
bhiam dha ghlaca, à cogisriaga agus à bhea-
nugh, ionnus go rachadh à ttarbha dar ccor-
puibh agus dar nanamannuibh. Agus à derthear
(àniugh) do bhrigh gur ab leor triboloid an
laoe niogh na dheaig féin, acht ase ni as coir
dhuinn cuid an laoe niogh diarruidh aniogh, agus


L. 48


an Phadir cheanna dho radh àmareach, ag
iarraigh choda an laoe marigh. Na meas
as so go ccuirfeag Diá toirmeasc ar chraum
dhleistenach cheart, mar ata an Talamh do
shaothrudh, agus cotduga muinntire etc. Agus
soin fós gan saint, gan chelig.



30. M. Abair an cuighea achuinghnigh?



D. Agus maith dhuinn ar fhiacha mar mhai-
theamaidne dhar fheitheamhnuibh fein.



31. M. Cread shireas tu san achuingnidh soin?



D. Diá dho mhaitheamh ar ccoirtha dhuinn,
amhail mhaitheamne dhon druing dhoní eagoir
oroinn: ór muna maitheamne dhaoib soin, ni mh-
aithe Diá dhuinne ar bpeacaidhe, na fós an
Phion dhlighther ar à son.




31. M. Cia an seiseadh achúinghnidh?



D. Agus na leig sinn à ccathughadh.



33. M. Cread shireas tu san achuinghnidh soin?



D. Gan Diá dho leigean duinn tuitim à
ccathuighthibh na à ndrochsmoantithibh, lè
ngnaithighean an Diabhul ar neascara ar ttah-
rang agus ar ngriosudh chum peacaidh.



34. M. Abair an seachtmha achuinghnidhe.



D. Acht saor sinn ò olc?



35. M. Cread iarruigh san achuinghnidh soin?



D. Iarramaoid ar Día ar saora on uile olc agus
pheriacuil anama agus chuirp òn uile pheaca, ô
na Deamhnuibh, ô iofrionn agus ô gach uile dhroch-
fhortiún.



36. M. Cread é, Amen, re radh?



D. Bioth mar soin, no deantar soin.




AN II. CAIB.



Ar failthe an Aingil .i. an Tave Ma-
ria, agus ar an Salve Regina.



1. M. O dhfoillsigis ortha an Tighearna;
abair ànois failthe an Aingil?


L. 49


D. Dodhean soin le deaghthoil, or sirim agus
achuinghnim go durthachtach go rabham uile
in ar serebiseacha dísli ag ar Mbaintighearnain
an ogh Mhuire. Ag so na briartha beanuithe ud
à dubhairt an Taingiol ré Mhuire as ucht Dé.



Failthe dhuit à Mhuire, làn do ghrá-
suibh, ata an Tighearna maille riot, as
beanuighthe thú tar na mnaibh, agus as
beanuighthe tora do bhruinne Iosa.



A Naomh Mhuire, à Mhathair Dé,
guidh oirine na Peacuigh, ànois, agus à



nuair àr mbàis. Bioth mar soin.



2. M. Cia dhorinne an Tave Maria dha
ngoirean tú Failthe an Aingil?



D. An TardChaingeal Gabriél iar tteacht do
bheanugh dhar Mbantighearnain an og Mhui-
re à dubhairt an chead chuid de. Elizabeth
(Mathair Eoin Baiste) à dubhairt an dara cuid
dhe, ag dul dar Mbaintighearnuin an og Mhui-
re dha fiosarudh. An treas cuid de, asi ar Nea-
omh Mhathair an Eagluis dorionne à thea-
gasc dhuinn. Or na briartha ud, Failthe dhuit
á Mhuire lán do ghrasuibh, ata an Tighearna
maille riot as beannuighthe tú tar na mnaibh:
àse an Tardchaingheal Gabriel à dubhairt
iad: (Mar Thurnae, ámh, no Leghadi ô Diha)
à dubhairt se iad, agus asé Dia fèin à dubhairt é,
maille ré beól an teachtuire soin. Agus na briar-
tha ele: Agus as benuighthe tora do bhruinne:
asi Elizabeth a dubhairt iad, mar chuireas
sios an suibhsceal, ionnus gur deimhin, gur ab
é an Spiorad Neaomh à dubhairt iad à beól
Elizabeth. An chuid ele ata leis, agus an Salve
Regina mar an cceanna; asi ar Neaomh Mha-
thair an Eagluis à dubhairt iad, noch ata iar-
na riaghludh, agus iarna stiurudh maille ris an
Spioraid Naoimh cheanna. Ar an adhbhar soin
as oireamhnach à derthar nach foil ann, deis
na Paidri (dho bhúin ar Ttighearna Iosa Criost
le na bheól beanuighte féin) urnuighthe as uosle
agus as feár na an Tave Maria, or as dearabhtha


L. 50


gur ab é Diá fein dorinne é, agus do theaguisc
dhuinne é le beolaibh à sherebhiseacha féin.



3. M. Cread fa nabarthar an Tave Maria
deis na Paidri, seoch aon urnuighthe ele?



D. Do bhrih nach foil aguinn Cara, na Abh-
coidigh (idir sinn, agus Criost) ás dána air, na as
annsa leis ina à Neamh Mhathair féin; da
bhrigh soin deis guidh chum Criost leis an ur-
nuighthe dho theagaisc féin duinn, fillimid ar
naghaid ar à Mhathair, ionnus maille re na
coghnamh, agus le na headarghuidh, go bhagh-
maois an ní shiremaoid: amhail donithear ar
an Saoghal so, an tan doberthar bille achuingh-
nigh dho Rí cuireamid curum ar ngnothuidh
ar an tí as dána air agus as fuisce dho.



4. M. Abair an Salve Regina?



D. Go mbeanuighthar dhuit à Ri-
ghain, à Mhathair na trocaire,
à Bheatha, à mhillseach, agus ar ndochusne
go mbeanuighthear dhuit. As ort ghoi-
remidne na diberthuig, clann Eva. As
ort osnuighmid à gartha agus à caoi san
ngleann so na ndeór. Ar adhbhar soin à
Bhanchara agus à Abhcoidi, fill orainne
lé Tsulibh róthrocaireacha. Agus Iosa
beanuighthe tora do bhruinne, teisben
duinn tar eis na dibeartha so. O aró-
cheannsa, ô aróBhuigh, ô à mhilis
mhaighdeah Muire na trocaire.



Vers. Guidh orainn à Naoimh Mha-
thair Dé.



Resp. Ionnus go mo fiú sinn geallamh-
ain Chriost ar Ttighearna dfaighail.



Urnuighthe.



A Dhiá uileachomhachtuig shior-
ruighe, dollamhuigh (mail-
le ré comhoibriudh an Spioraid Na-
oimh) corp agus anam na gloir oig Mhui-
re Mhathair, ionnus go mo fhiú é ion-
ad diongmhaltha do Mhic féin do
gheonamh dhe: deanuigh dhuin, mar


L. 51


lucharthar sinn lé na comhchoimh-
niugh, maille re na hadarghuidh diadha
(ona holouibh so dho lathair, agus ô bhas
siorruighe) go saorthar sinn. Tré Criost
ar Ttighearna.



5. M. Ag radh an Ave Maria agus an Salve
Regina: cia ré labhran tú?



D. Ag radh an Ave Maria agus an Salve Re-
gina, agus na hurnuighthe ele deagnuidh, do
chuir an Eagluis amach, as renar Mbantighear-
nuin an ogh Mhuire labhramidh.



6. M. Cread fa neaglan agus fa ngoin tu í marso?



D. Ionnos go fhaghmis uoithe guidh air ar
son do lathair Dé, ag faghail uaidh gach ní as
uireasbach dhuinn.



7. M. Cia hi ar Mbantighearna an ogh
Mhuire?



D. Bantighearna làn do ghrasuibh, agus do
shubhailchibh, agus Naomh Mhathair Dé ata
ar Neaomh, an creatuir as Neaomtha agus as
Beanuighthe, agus as roannsa le Diá, na an uile
chreatuir ele.



8. M. An fhoil an Naomh oigh Mhuire à
Fhlaitheamhnus à ccorp agus an anam?



D. Ata gan amhras ar bioth.



9. M. Maseadh cia hi sud sa Teampol ar an
Altóir.



D. Iomhaighe agus cosmhalacht dhar Mbain-
tighearnain an ogh Mhuire ata ar Neaomh.



10. M. Cred fa fhoil à hiomhaighe san Eagluis?



D. Do thabhairt ar Mantighearnan ata à
Fhlaitheamhnus chum ar ccoimhne, agus do bhrigh
gur ab isudh à hiomhaighe, cuimhnimid ar
an ogh Mhuire ata ar Neamh, agus curumid
ar ccurum urthe ag radh an Ave Maria, agus an
Salve Regina, agus ní dha hiomhaighe ata deanta
do chloith, no dho mhaide, no dho mhiotal ar
bith ele bodhar, balabh, gan mothughadh,
acht ar Mantighearna amhain an ogh Mhuire,
ata ar Neamh agallamid, à guidhe à cobhar-
tha agus à grás ionnus go nguidhfeadh sí air ar
soinne chum Dé.


L. 52


11. M. Minig dhuinn briartha an Aingil, agus
ar tús cred fa nabramid, failthe dhuit à Mhuire.



D. Do bhrigh gur beanacha so donimid di,
le ccuiremid à cceill gur ab cairdi agus daoine
mointeardha aga fhoil eolas urthe sinn, ag dul
go nuig í mar Mhathair ag iarruidh à cobhar-
tha. As uime adeirimid briartha an Aingil à
cur na failthe sin, ar an adhbhar go fhoil à
fhios aguinn mead na luchara ghabas si ag
aoisdeacht ris an mola so, mar do ghaibh an
chead uair dochuolaidh na briartha soin on Ain-
geal: bith fós luchair urthe do bhrigh go fhai-
ceann sinne coimhnitheach, ar mhor thioghlai-
cibh Dé, agus ar son bheith búioch dhon Tiogh-
laicthoir.



12. M. Cread chiallaigheas lán do ghrasaibh?



D. Oibrigh grasa Dé trí nithe an anam an
duine. Ar tus sgriosaidh agus dibridh na peacaidhe
shaligheas an tanam. An dara ni cuirig slacht
álainn le tabhartasaibh agus le subhailchibh ar
an anam cheana. Fa dheire, dobheir Neart
agus bhrigh dhon anam chum deaghoibreacha
dho dheanamh, thainthnias re Mordhacht
Dé, agus ar à mbionn buiochas rómhór aige. Ar
Mantighearna Muire ata si lán do ghrasaibh,
or ar tus, ni ar bhoain smal na cadh, pheaca
shinnsiardha na na ghniomhaidh, mharabh-
uigh, na sholuighthe ré riamh. An tara ni, fuair
si iomlaine shubhailche agus thiodlaiche, agus na
thabhartais uile on Spiorad Naomh san ard-
cheim. An treas ní, do thóill si an uiread soin
do bhuichas ô Dhia lena deaghoibreachaibh,
ionnus gur cuireag os cionn na Naingul agus na
Neaomh go huilioch; à nglore shiorruighe í.



13. M. Fiathruighim dhiot an raibh ag
Muire nias mó do ghrasaibh, na dho bhi ag
aon Naomh ele; or à derthar go raib S. Stiamh-
na agus Naoimh ele lán do grasuibh?



D. Bioth go nabarthar go rabhadar Naoimh
ele lán do ghrasuibh, tar à cheann soin dobhi
ag ar Mantighearnain nisa mho dho ghrasuibh


L. 53


na aca uile, ór dollmhaigh Diá í chum gras do
ghlaca nías fairsinge agus nias acfuinnighe na
aoin nduine ele riamh; mar as léir san tsompla
so; cuir à ccas: go lionfuidhe suithighe do sla-
nic, agus go mbiadh Soitheach aca bu mó lán
na an chuid ele, ataid uile lan, gidheadh as
mo do thúill don tslanic san tsoightheach bu
mo: à chiall so go ndein Dia na daoine nios
acfuinnighe, no neamhacfuinnighe na cheile à
meid no à luighead gras, agus do reir na caliach-
ta, no offige roinneas ortha, agus na staidi na
mbiaíd. Mar soin do bhrigh nar fheidir offig
do thabhairt do chreatuir ar bioth bú mo na
bheith na Mhathair ag Diá, tríd soin dorinne
Diá ar Mbantighearna nias iomláine, agus nias
abidhe chum na ngras do ghlaca, agus do lion í
dhiobh tar agus os cionn gach creatuir ele.



14. M. Cread re radh ata an Tighearna maille rioth?



D. Ag so an dara mola berthar ar Mhuire annso
lé ttaisbeantar dhunne go raibh Dia ô thus
à gineamhna de shior maille re da stuiradh, da
teagasc, agus da dion. As gur dearabhtha
nar pheacaidh si riamh à smoaineamh, à mbrethair
na à ghniombh. Mar soin ni he amhain gur
dhemhaisig Dia an Mbanogh bheanuighthe leis
na huile ghrasuibh; gidheagh amh dobí à thoil
bheith farré dho shiór dha cosnudh agus da co-
med, mar thaisgéthóir Stóir chomh uosaíl,
chomh ceanneamhail, chomh oriric soin.



15. M. Cread re radh as beanuighthe thú
tar na mnaibh uile?



D. Ag só an treás mola doberthar ar Mhuire
annsó, le fhoillsighthear, nach é amhain go
raibh aice na huile ghrasa bheanas re hogh nó
re maighdin, acht farrú soin na grasa agus na
subhailche bheanas re mnaoi phosta, ionnus
gan isgeacht na amhras ar bioth, gur shàruigh
à mbeanuightheacht an uile bhean dha ttanig


L. 54


riamh, agus da ttiocfa. As mór an bheanuigh-
theacht le mnaoi phosta bheith clannamhar,
as follas nar theasta an bheannuightheacht so
on NaomhOgh, ór dorug si Mac Dé as fear na
ced míle Mac, cred fa nabraim ced míle, acht
fós as fear na à ttiocfa agus à ttanig. As feidir
Mathair chloinne dhoairimhthe do ghairim dhi
do bhrigh na deaghChriostuithe uile, gur deara-
bhrathreacha dho Criost iad; agus mar sin na
ccloinn don Mhathair só, ní amh, do reir ghi-
neamhna na fós nadure, mar as Mac dhi amh-
ain Criost, acht maille ré gradh agus le toil mha-
threamhail ata aice dhaibh uile. As gúr coir
aradh go fhoil bheannuighthe tar na mnaibh
uile, or as beanuighthe lé hoigh, à hoigheacht
do choimead gan chloinn, agus as beannuithe lé
mnaoi phosta bheith clannamhar, fuair an Ogh
Mhuire go haonracanach gach prileid dhiobh
soin .i. créaobh na hoigheachtha, farre bean-
nacht róshona na clannmhuireachtha.



16. M. Cred chialluigheas beannuighthe
torra do bhrinne Iosa Criost?



D. Ag so an ceathramhadh mola bheirthear
ar Mhuire annso, ina fhoillsighthear nach é
amhain gur fiú í à mola agus à honorugh ar à son
féin, acht fós, gur thúill à moladh ar son an to-
raidh thanig ona bruinn .i. Iosa Criost; or mar
as mola dhon chrann tora maith do thabhairt
uaigh, as mar soin theid glore an Mhic à mola
agus à ngloir da mhathair. Agus ô nach é amhain
go fhoil ar Ttighearna Iosa Criost na dhuíne
dhariribh beannuighthe tar an uile dhuine:
Acht fós go fhoil sé na Dhiá agus na dhui-
ne róbhenuighthe ós gach ní. Már adir
Pol, sad Rom. 9. as mar soin nach é amhain
go fhol à Mhathair beanuighthe tar na mnaibh
uile, acht fós, tar na huile chreaturibh ar Nea-
omh agus ar Talamh.



17. M. Foillsig anois an chuid ele dhun Ave Maria,
agus an Salve Regina?



D. Ann sna briarthuibh só dobheir an Ea-


L. 55


gluis an tiodal agus an mola (as mó as feidir do
thabhairt do chreathuir ar bioth) dhar Mban-
tighearnuin an ogh Mhuire .i. Mhathair Dé
Bantighearna Fhlaitheamhnuis, do gharim
dhí: dha fhoillsiudh san tiodal só, go fhoigh ô
Dhiá (mar àsi à Mhathair í) gach ní dha
niarfa air: sirig an Eagluis cheana uirthe, agus
sinne boill na Heagluise, guidhe ar ar son do
ghnaith, ar an adbhar go fhulimid nar ndibear-
thachuibh san ngleann só na ndeor, agus go hari-
the, siremaoid urthe guidh orainn an uaair
ar mbais chum à Mic féin, or àse soin an punc
guasachtach, diogbhálach, ar à fhoil ar mbea-
tha shiorraidhe go brach: agus as ar à shon soin
à deir an Eagluis, deis na hoiffigi go laothamh-
aill an Salve Regina, gun à Versiculo, Responsuir,
agus Oraid.



18. M. As rósholamanta, róghnathach ann
iomollann na Heagluise an Salve Regína dha
sinnim. Innis anois, ciodh na teisbeantathuibh
lé fhoillsighan ar Mbantighearna Banimpiri
Fhlathais gur luthchareach lé gnathudh agus radh
na hurnuighthe, agus an bheanacha ródhurthach-
tach bheanuighthe só?



D. Airtheastear à stair S. Dominic, iar mbeith
dhona Brathribh ag radh, Diea do bheatha à Ri-
ghain, go tanig do lathair Bantighearna na Nain-
gul, ar feg dobhí an urnuighthe sion da sinnim
ag na daoinnibh riaghaltha: or ag rochtuin
dhaibh à radh na mbriathar: Diea do bhea-
tha à dhochuis, do bheanuig dhaibh an Ogh ró
Neamhtha lé róiomad millseacht agus seheamacht.
Agus ag sinnim dhaibh: Ar an adbhar sion
à Abhcoidi; do fheacad Mhathair Dé à ghlú-
ne à fhiaghnuise à Mic múrnig féin, à deanamh
offigi Abhacoidi ar à son. Agus à sinnim na mbria-
thar ud: Fill orinne iad sud do shuele ró
throcaireacha do dhearcadh an Bhantighear-
na cheanna iad lé haghaidh sholibhir shugaidh,
agus feachaint sheimh cheannsa. Agus adul ar
an agaigh ag radh na haintuinn só: Teisbeain


L. 56


duin Iosa beanuighthe: Banimpire Fhlaith-
eamnuis do theisbeanagh dhaibh à Mac múr-
neach féin, dobhi aici idir à lamhaibh dha
theisbeanagh do gach naon aca fa leith dha
raibh dho lathair.



19. M. Cread fa mbaintear na cluig trí
huairi san laó .i. ar madin, à meoadhanlaoe,
agus am thraithnóna ag fogra an Ave Maria?



D. Dha theagasc gur ab riochtanus dhuin ar
tús go ndruidimis re cobhair Dé agus à Neaomh
Mhathar agus na Naomh elé, or atamaoid idir
àr neascairdibh sófhaicseana agus dofhaicseana
san Tsaoghlso; agus ní leor amhain go ndiongna-
mais urnuighthe à ttosach ar ngnoithe, acht as
riochtanas dhuinn í à lár, agus à criochnugh
ar noibre. An tadhbhar ele, fa mbaintear an Ta-
ve Maria trí huaire, do bhrigh gur toil le nar
Naomh Mhathair an Eagluis, sinn do choimhne
ar na trí nithe as prinsipaltha bheanas re nar
slanugh; mair ata deamhairruin, na daonachta,
agus eiseirighe ar Slanuightheora. Ar an adbhar
soin, orduigh an Eagluis dhuinn beanugha dho
Mhathair Dé ar moidin, à ccoimhne eseirghe
an Tighearna. A medhon an laoe, à ccoimhne
na Paise, agus Báis ar Slanuightheora. Am
thrathnóna, nó sa noighche à chuimhne mar
dho ghabh colann daonna uime. Or amhuil
atamaoid dearabhtha gur à medhon an laoe
do cuireag ar Ttighearna san ccrois, gur aisei-
rig ar maidin: as inchreite mar an cceana gur
ab san noighthe do ghaibh uime colann daona.




AN III. CAIB.



Ar na Hainglibh agus ar na Naomhaibh.



1. M. An coir dhuinn guidhe chum na
Naingeal, na chun na Naomh?



D. As cóir go deimhin, ionnus go mo thoil leo
bheith na nabhacoidibh aguin do lathair De.



2. M. Cia dha ngoirean tu Aingil?


L. 57


D. Do Spioradibh beanuighthe ata ag fa-
ghail sholáis do lathair agus à fhochair Dé ar
Neaomh.



3. M. Cred fár chruthaig Diá na Haingil?



D. Chum é féin do mholadh agus do bheanugh
do shior.



4. M. An raibh cúis elle aige chuige?



D. Dobhi .i. mar thurnathib à stiúradh agus à
riaghludh na Heagluise, agus do chomead na Ndaone.



5. M. An fhoil Aingeal comeata agus cosanta
agadsa?



D. Ata go deimhin agus ag gach Nduine elé à
Aingeal fein da chomead, agus da choimhdeacht.



6. M. Ar an adhbhar soin bi rodhurthach-
tach dhaibh à gui chugatha, agus as tarabhthach
dhuit an Phadir agus an Tave Maria ma-
raon ris an urnuighthe so sios do ragh go lao-
theamail na nonoir.



D. Dodhean mail re toil Dé; agus mar soin à
chonighim ortsa cuir sios dhamh na hurnuigh-
the soin.



7. M. So dhuit iad. Antuin. Aingil Dé
ata ad chomeaduigh agam, agus ar à fhoil
mo churum le trocaire Dé, sirim ort
àniugh mo chomead, mo riaghla, agus mo
stiura.



Oraid.
Fiosoruig à Thigearna, mar à choin-
gidh ort an Taitreabh so, agus dibir
uaidh an uile cheligh na heascarad: agus
comhnúidis innte do NaomAingil dar
ccoemadne go sigheach, agus go raibh do
bheanacht oraine dho shiór. Maille re
Criost ar Ttighearna. Bith mar soin.


L. 58


AN III. TRACHT



DON II. LEABHAR



DHON THEAG CHRIOST
Na ttrachtar ar Aitheanthaibh
dlige Dé agus na Heagluise, agus ar
oibreachuibh na trocaire.



AN I. CAIB.



Ar Atheantuibh Dé.




MAGHISTIR.



1. O ata fiós chrée na Neapostal, artea-
guil an chreidimh, urnuighthe an
Ttighearna, failthe an Aingil, agus
urnuighthe ele go lionmhor agad,
as fonnamhar linn ànois go minightha deith
Naitheanta dlige Dé: or áse so an treas tracht
prinsipaltha don Teagasc Chriostuighe, mar do
reamhradhais san chead leabhar?



D. As fiór nach folair (dona cead nithibh)
eolas do bheith ar Aitheantuibh dligh Dé, ar
chuig Aitheantaibh na Heagluise, agus ar oibrea-
chaibh na Trocaire: or ni leor creideamh, agus do-
chus chum ar slanuighthe, gan carthenacht, agus
comhaill dlige De.



2. M. Cred an fath, fa ccurthar ar ndlighne .
i. na deith Naitheanta roimh an uile dlighe,
agus à liacht dlighe agus racht san Saoghal agus san
Eagluis na niagmuis?



D. As iomdha résún as fedir do thabhairt ar
uosleacht, agus ar mhaith an dlighe so, agus ar
tosach do bhrigh gur ab é Dia do scribh é à
ccroidhthibh na ndaoine, ina dheaigh soin
fós an da clár chloithe marmail. An dara
cúis, ar son gur ab é as sine dhon uile dhli-
ghe, agus gur ab é as preamh, agus as tobar
dhaibh. An treas adhbhar do bhrigh nach foil
dligh ar bith as coitchinne, agus as genaraltha na


L. 59


é: or ni hiad na Criostuighe àmhain cheangolas
chum à chomhlionta, acht fós na Húil agus na
Gintilig, na Mna; amhail agus na fir; na bochtain, à-
mhail na Saoibhir; na labanuig, amhail an prion-
suidh; na hainbfiosuigh: amhail na ttuigsinaigh
agus na fhomhlamaigh. An ceathramhadh cúis, do
bhrigh gur ab dligh doaistrithe é, agus nach fu-
linghean daon nduine à astriudh na despionsaid
do thabhairt ann. An cuigheadh cúis do bhrigh
go fhoil an dligh so na riochtanas ar an uile
dhuine chum á slanuighthe, mar chuireas siós
agus dhearabhas an Ttighearna dhuinn, go mi-
nic san Tsuibhesgeal. An seseadh cúis, do bhrigh
go tugadh amach gur fogradh agus gur pobliag é, le
sollamain mhor ar Chnoc Synay .i. le fuainn Stoc
agus Tuimpeidi na Naingeal, le torthnígh, le splan-
cach agus caoraibh tinntighe do lathair phobuil Dé.



3. M. So thionscnam foillsughadh na Nai-
theanta fá leith, foillsig ar tús suim na Nai-
theanta so an ordughadh?



D. Asi an Charthanacht (.i. gradh Dé agus
na comharsan) an chrith, fár horduig na Hai-
theanta uile, or teagascaid, go hiomlán gan
diomdha Dé ná na comharsan do thuilleamh; agus
soin fós an fath, fa fhuilid ronta an da chuid,
iar na scribha ann da clár mharmail, mar do
reamhradh. San ched chlár, ataid na trí Hai-
theanta thaisbeanas duin, na fiacha agus an obli-
ghaid à ta ag Dia, orainn: san dara clár a taid
na seacht Naitheanta ele, theagascas dhuinn na
fiacha, agus an dualgas ata orainn dar ccom-
harsain. Da bhrigh soin as tuice dhuit, bioth
nach raibh à cclár aca acht tri Haitheanta agus
san chlàr ele seacht Naitheanta; tar á cheann
soin dobhadar àraon ma nionann, agus lán do
scribhein: or na trí ched Aithne dobhadar nisa
lionmhuire do bhriarthaibh, agus na seacht Nai-
theanta deanacha nisa lugh dobhadar scriobh-
tha. Or na seacht Naitheanta ud as giorra dho
bhriarthuibh, à taid comh ionann ris na tri
Haitheanthuibh ele, ata fadscriobhtha.


L. 60


4. M. Cred fa nach foil san ched chlár acht
trí Haitheanta amhain?



D. Do brigh go tteagasguid dhuinn Dia dho
ghradha, ô chroidhe, ó bheol, agus ô ghniomh.



5. M. Cred fa fholid seacht Naitheanta san
dara clár?



D. Do bhrigh go muneann Aithne aca dhuinn
maith do dheanamh dhon chomhàrsain, na sé
Haithuidh ele teagasgaid dhuin gan diobhail do
dheanamh dho na phearsain, na onoir, ná na
mhain, le gniomh, le brethir, na ô chroidhe.



6. M. Druidimid anois ris na Hatheantuibh
fein agus ar tús teisbein na briartha ud, do scribha
Dia an sna claraibh?



D. So iad na briartha: Mise do Thigearna
Dia, noch thug thu ó thalamh na Hae-
gipt à teach na bruide agus na daoirse.



1. Ni bhiaidh Dée oile agad am lathairse.



2. Ni thiobra tú ainimh do Thighearna Dia
go diomhain. Or ni bhiagh se agan
Tighearna go neaomhchionntach an
ti glacas ar à bheol ainimh à Thigearna
Dia fein go diomhain.



3. Coimhnig an Tsaoire do naomhdha.



4. Onoraidh Thathair agus do Mhathair, chum
do bheith fadshaolach ar an Ttalamh,
dobeara do Thighearna Dia dhuit.



5. Na deana marabha.



6. Na deana druis.



7. Na deana goid.



8. Na deana breagfhiaghnuise an aghaigh do
chomharsan.



9. Na santuig bean do chomharsan.



10. Na santuigh maoin do chomharsan.



7. M. Cred chialluidhid na briartha ud, ata
roimh na deith Naitheanta?



D. Tuicear ann sna bríarthaibh soin agus foill-
sid cheithre resuinn le tteaisbeantur gur feidir
le Dia dlige do thabhairt duinn, agus go fhoil
duolach orainn à ccomhall. An chead resún tui-
cear é as na briarthaibh so (As meise do Thi-
ghearna) do brigh gur ab é Dia ar nardThi-
ghearna prinsipaltha do chruthaigh do neamhni
sinn, as feidir leis gan amhras dlighe dho thabh-


L. 61


airt duin, amhail da sherebhiseachaibh fein. An
dara resún baintear é as an fhocal so, Dia: le
na fhoillsian nach é amhain gur ab é ar Ndia é,
acht fós ar nardBhrethamh, agus ar sturuthair
le na fedir dlige do thabhairt duinn, agus lucht
ambriste agus gan ccomhlina do smachtudha. An
treas resún san fhocal so, do, or an eagmuis na
hobleghaide ata orainn bheith umhal do Dhia,
amhail serebhisig da Ttighearna, agus iochtarain
do Bhreitheamh, ata obliogaidh ele orainn, ón
chunnradh dorinne rínn, agus dorinnemair rís san
Mbaiste. Or as ann ghlacas Dia sinn mar
chloinn dhilis toghtha dho fein, agus sinne eseann
mar Athair dileas duinn fein, amhail ceana mar
ghlacas Dia na firein, agus ghlacaid na firein Dia,
mar Dhia dhaibh fein agus mar Thighearna. Dogeibhthear
an ceathramhadh resún ann sna
briarthuibh so: Dothugas tu à Talamh
na Hegypt agus à toig na daoirse: Or an
egmuis an iomadaibh dfiachaibh ele, ata obli-
gaid aige oraínn an bhuigheachaisi. Agus do
brigh gur maile re Diá do saorag sinn, ô shearbh-
ontacht an pheaca, agus an Diabhuil, ciallúigh-
thar son agus curthar à ccompraid le bruid Egypt
agus Pharon, ó na ttug Dia go neartmhar, co-
musach pobal Israel.



Foillsugh na ced Aithnidh.



1. M. Minig anois an ched Aithne?



D. Ataid tri codcha san ched Aithne. Ar
tús ata dhuolach orainn Diá dhaithne mar
Dhia. An dara cuid, gan ni ar bioth ele dadh-
ra mar Dhia. An treas cuid, gan iodhail .i.
iomhaighthe na picturidh do dheanamh dadh-
arfamaois mar Dhia.



2. M. Foillsig an ched chuid?


L. 62


D. Asi toil Dé cach dha thuicsint agus dha aithne,
mar a tase ann fein .i. na Dhia firinneach;
donithar so an tan ghnathigheas duine na cheithre
subhalchi bhaineas re Mordhacht neaomdha
Dé .i. Creideamh, Dochas, Cathran, agus Riagh-
althacht. An ti chreideas an Ndia, aithnig agus
glacaidh Dia mar Dhia .i. an ardfharinne, as
san bpunc so pheacaid na Hericidhe nach crei-
dean go direach an Ndia. Anti chureas à dho-
chas an Ndia, athnig agus admhaidh se Dia na
dhia, or tuigese à bheith aigi fein na Dhia ro-
dhileas, rothrocaireach, agus rochumhachtach,
agus bith munighin aige, gur ab ail leis, agus gur ab í
à thoil, agus gur feidir leis coghnamh agus fortacht do
thabhairt dho ann à uile riochtanasaibh. As
anso pheacaid an droung bhios midhochasach à
trocaire De, no chureas à munighin à ndaoi-
nibh nisamho na an Ndia, no ma nionnan re
Dia. An ti ghraidheas Dia os ceann an uile ní,
ata aige mar an cceana Dia na Dhia .i. aith-
nigh se é mar an ardmhaithe. As anso pheacaid
go tróm an lucht ghraidheas aoin chreatuir mar
Dhia, no ma nionann reis, no as à chéann, as
truime na son go mór pheacaid an lucht fhuo-
thaigheas Dia. Fa dheire, an ti adhras Dia le
ioamad urruma agus onora (mar theagascas dhuin
so subhailche na Riaghalthacht) or ata ag an
ti soin Dia na Dhia, do bhrigh gur ab eolach
dho Dia marthosach agus ughdar na nuile nith.
As annso pheacaidh an droung bhios neaomh-
cheanmhail, neaomhshuimeamhail, tarcais-
neach ar Dia agus ar na nithibh coisrichear dho,
mar ataid, sagairt, suthighe, Eagluisi, agus à
samhailth ele: agus fós na daoine onoras nisa mho,
no ma nionann re Dia, na Daoine.



3. M. Foillsig an dara cuid don Aithne so?



D. San dara cuid, asi toil Dé agus fógraidh:
gan ní ar bioth dar cruthaidh dadhra, na do
ghlaca mar Dhia, na an ionnad. As annso dho
pheacaidhdis na Gintilig anallaud, no nach
aithnighdis an fiórDhia, mar Dhia fhirenneach


L. 63


acht dobhioth aca agus dadhradaois mar fhior-
Dhia an iomad creaturidh eagsamhla, mar ata
an Ghrian, an Ghealach, agus fós daoine fuair Bás
do adhdhradais iad agus do onoradais mar Dhée.
Ann sa ní cheana, pheacaid, lucht na bpiseog agus
na geasadoireachta; lucht na gíntliachta, agus
na hastroluichta, agus na faistene, dobheir an
onoir dhlighthear do Dhia, do Dhiabhol iofrionn:
Ni he amhain fós, acht à romhór súd, ata se aca
agus adharaid é mar Dhia díleas, agus le na chogh-
namh, bigh dochus agus munighein aca faistinibh
do dhenamh ar na nithibh bhios chum teacht, no
Ionmhasuibh folethecha dfail, no ainemhiana
neamhdhlisteneacha solacha do chur à nguiomh.
Or do bhrigh gur ab é an Diabhól ceanneascara
dhioghaltach an chine dhaonna, mar soin meal-
luighse na daoine bochta so, agus le dochas diomh-
ain do thabhairt dhaibh, cuirig fa deara ortha
an iomadh peacuidhe dho dheanamh, agus fa
dheire tig dhe go caillid an anam, agus go romh-
inic à ccuirp.



4. M. Foillsig an treas cuid?



D. San treas cuid fhogras Dia, ionnus, nach
é amhain, go fhgra dhuinn gan aoin ni dhar
chruthaig se do bheith aguin mar Dhia, mar
do reamhradh; acht fós gan sinn do chuma, na
dho hheanamh aoin níth dadharfamais mar
Dhia as annso pheacuidar na Gintilig dobhi cho
dàll soin, go ndeanadais dhaibh fein iodhail .i.
iomhaighthe, dór, dairigead, do mhaide, agus do
chloich, agus do chureadaois anúil gurbhiad súd
à Ndée; agus go mórmhor, do bhrighe go fhacea-
dais na Deamhain da naitribh, à cur fa deara:
ortha ladbhairt agus corruighe: agus ar à shon soin
donidis dhaibh iobairt, agus serbhis. Agus na
Naomhmhartirig nach ar bhail leó na nithe
ceanna do dheanamh, do chureadaois chum
bàis iad, le piantaibh nimhneach, cruadhal-
lachtha.



5. M. An fhoil aoin ní ele agad san Aithne so?


L. 64


D. Ata hana, ór bagra Dia pian rothrom ar
an ti do dheanagh aoin ni an adhaidh na
haithne so, gealluidh luoaigheacht mór dhon ti
chomhlionos í. Tar eis na haithne so do thabh-
airt amach; do chuir Dia na briartha so lé:
As Dia neartmhar eadmhar mesi, doni diogh-
ealtas (tri pheacuidhibh na Naithreach nach
graidhean mhe) ar à ccloinn go nuige an treas
agus an cearmhadh glún, agus trocaire go mile
glùn ar an ndroing ghraidheas mhe agus chomea-
das maitheanta. Anso as tuici dhuinn, mar à
deir Dia gur Dia eadmhar é fein lena feidir
peanos rochrúadhalach do chur agus smacht róghear
do dheanamh, ar anadhbhur go fhoil se
eadmhar à ttaoibh achirt agus onora, agus as trid
soin ni fedir leis uruchoid na aindhlighe dfu-
lang. Ata so go romhór an adhaidh na droinghe
pheacuidheas do shiór à cathaimh an aimsire
ina nainimhianuibh go horochoideach, amhail
agus nach beg súim ag Dia ionta. Tar à cheann
son dochifir go ndeana Dia mhórshúim dhe
soin, mar chuirfeas an nduil, agus theisbeanfas
ann aimsir fein.



6. M. Cred fa smachtuidhean Dia an pea-
cach go nuige an treas agus an ceathramhadh glún
agus go ngraidhean agus go ccomeadan an duine
ceart chomeadas à Aitheanta go mile glún?



D. Smachtúig Dia an duine go ttig an ceath-
ramhadh glún, ór tár à cheann go mairfeadh
duine afhad, ni fhaiceann tár an cheathramh-
adh glún, agus soin an chúis nach aíl leis dioltas
do dheanamh acht ar an sliocht as feidir leis an
bpeacach do rochtain beó. Gigheadh amh ar
lucht na ndeaghoibreacha sinidh Dia à ngrasa
agus à maith, nith gús an treas, na ceathramh-
adh glún amhain, acht go mile glún, da mare-
dis beó go nuige soin: Or as romhó ata an Ti-
ghearna claón chúm tabhartais do thabhairt,
na chúm dioghaltois, agus do brígh an luaidheach-
ta agus an tabhairtais, gur ab as á mhaith fein
lionuid, agus fhasaid, ar an adhbhar soin dogheibh
tamthneamh do fein ionta: an smacht amh ase


L. 65


luaidheacht dlighthear har bpeacuibh é, ar an
adhbhar soin meas dar leat nach dha dhioin doni
é, acht iar na ghriosadh lenár nurchoidne.



7. M. Cred fá ccurthar an bagar so, agus an
gelladh leis an cced Aithne amhain?



D. Do bhrigh gur ab í Aithne as prinsipaltha
agus as mo idir na haitheantuibh í, agus à labhar-
thar urthe, gur feidir à thuigsin ar chach ele
go hiomlán.



8. M. Fiafruighim diot an fhoil an adhaidh
na haithne so an onoir doberthar dona Nao-
mhaibh, dha ttaisibh, agus dha Niomhaighthibh,
ór as cosmhal rinn go nadhramaidh iad so uile,
do bhrigh go sliachtamaoid agus go ndenimid ur-
nuighthe dhaibh amhail donimid do lathair
Dé?



D. Asi an NaomhEagluis céle Criost, agus àse
à Maghisitir soin an Spiorad Naomh. Ionnus
gur dearabhtha nach feidir à meallagh, na dhi
aoin ní dho dheanamh, na fós do theagasc do
bheith an adhaidh Aitheanta Dé. Sinne, iom-
morro (chum labhartha fa leith) onoromaid, agus
guighmaoid na Naoimh, mar chairdibh, le na
feidir fortacht orainn le na luaidheacht, agus le
na nurnuighthe do lathair Dé: Gidheagh amh,
ni mar Deeibh à taid aguinn, na fós shleachta-
maid na dhonimaoid urnuighthe dhaibh, ar
chor go nadharamais iad mar Dhia. Or an
onoir no an umhla soin ni do Dhia amhain
donithear í, acht fós do chreaturibh arda, onorea-
cha ele bhios fui, mar ata an Papa, na Rigthe,
agus à moran do ionadhaíbh donid na daòine
riaghaltha sleachtain ag dúl do lathair an
uochtarain. Ar an adhbhar soin ni hiongna, go
ttioramáis an onóir cheana dhona Naomhaibh
ata à riodhacht fare Criost ar Neaomh, an
trath as ceadathach à thabhairt do dhaoinibh
eigin ar an ttalamh.



9. M. Cred á deiribh re Taisibh na Naomh


L. 66


(nach foil mothugh na ereachtuin ionta) agus
tar à cheann soin, sleachtamaoid agus donioma-
oid urnuighthe dha lathair?



D. Ni dona Taisibh, donimaoid, urnuighthe,
or as dearabhtha nach fhoil mothug ionto; acht
àse an fath na nonoramaoid iad, ar an adh-
bhar go rabhadar na ninustrument ag na hana-
maibh naomhtha ud, chum morain degoibrea-
cha do dheanamh agus subhailchi oirdhiric, lear
thuilleadar an Bheatha shiorraidhe, agus ar
theacht na haimsire biaid na ccorpuibh beógha
glormhara, agus ànois ataid aguinne mar gheall-
thuibh uosle an gradha dobhi agus ata ag na
Naomhaibh ata à Fhlaitheanus dhuin. Agus soin
an chúis fá ndenamaoidne urnuighthe do lathair
Taise na Naomh, ar an adhbhar go rabhadar
uair égoin na Tteampulaibh beodha ag Dia ui-
leachomhachtach, agus soin an chúis fa nguimaoid
iad mailè ris na gealthaibh roneaomhtha ud
ata aguin uoatha, ionnus go taisbeanadois iad
féin coimhneathach orainn, le na ccoghnabh
dhuinn, mar as coimhneatheach linne iad san
dho nonorughadh.



10. M. An é an ni ceana soin as ionraidhte
ris na Hiomhaighthibh?



D. As é, or Iomhaighthe Chriost, Mhuire, agus
na Naomh ni mar Dheeibh a taid againn: ar an
adbhar soin ni feidir Iodhbhail do gharim
dhiobh, mar dobhi ag na Gintileachaibh: acht
na Niomaighethibh amhain à taid àguinn do
thabhairth Chriost, ar Mbantighearna an oigh
Mhuire, agus na Naomh chum ar ccoimhne. Mar
an cceana as leabhair do na tuotaibh, neamh-
eolgusacha ar leghthoreacht, iad, or tuigid
asta moran deamhairruinn an chreidimh cha-
toliche, mar an cceana beatha agus Bás mhorain
dona Naomhuibh. Agus go dearabhtha an onoir
dobheiremíd dhaibh, nith ar son à mbéith dean-
ta do Phapér, do mhoede, no dho mhiothal ele,
na ar son à mbeith go breagh pintealtha lé dai-
theanuibh, no coiridhthe le headuibh agus le gre-


L. 67


thibh; ach ar son go ttugaid ar Ttighearna, ar
Mbantighearn, agus Naoimh ele chum ar coimh-
ne. Or ata à fhios aguinn nach foil beatha na
mothudh ionta, agus nach cluinid en ní, mar as
le laimh dhaonna à taid deanta, agus ann
sa cháil soin ni shireamaoid aoin ni ortha, acht
amhain àse fath fa nguidhmaoid dha lathair do
bhrigh go tugaid ar Ttighearna, agus ar Mbain-
tighearna, agus Naoímh ele chosmhaluid siad,
inar ccoimhne. Or ata à fhios àguinn nach foil
beatha na mothudha ionta, agus nach cluinid
aoin ni, mar as deanta le laimh dhaonna à taid
agus an sa chail soin ni shireamaoid aoin ni ortha,
acht amhain àse fath fa nguidheamaoid da la-
thair, do bhrigh go ttugaid ar Ttighearna, ar
Mbaintighearna, na Naoimh ele chosmhaluid
siad mar cuimhne.



11. M. Muna mothuighid na taise na Na-
omh aoin ni, cred fa ndenaid an iomad Miorbh-
uiltidhe ar an ndrouing chuireas à ccuram
ortha no dhoni urnuighthe dha lathair.



D. Ase Dia doni na huile Mhiorbhuilti soin,
gidheagh as roghnaith leis à ndeanamh ar
ghuidhe na Naomh agus go mormhor à Naomh
Mhathar fein, agus mar an cceana as gnaith leis
à ndeanamh ar son na ndroingan ghuigheas na
Naoimh do lathair na ttaisi, no na Niomhaighse si,
agus fós gnathuigh Dia ar uoaribh na taise soin
mar ghleas agus mar instrument chum na miorbh-
uilidh soin do dheanamh, da chur à núil gur
mor thaithneann ris an dúrthacht bhios àguinn
dona Naomhaibh, dha Ttasibh, agus da Niomh-
aighthibh.



12. M. Ar an adhbhar soin an trath à deir-
thear go ndearna duine guidhe chum na ttaise
no chum na Hiomhaighe soin dairedhthe, agus go
fhuair na grasa dhiarr, as amhla thuicear soin,
gur ab chum an Naoimh le na leis an taise, no
an iomhaigh do ghuidh, agus go ndeárna Dia gra-
sa air tré ghuidh an Naomh cheanna.


L. 68


As amhlaidh soin ata mar à deire, ór as mar
soin as coir iad so uile do thuigsin.



13. M. Abair ànois, cred fa bpintealthar Dia
Aithair à fhighir sheanduine, agus an Spiorad Na-
omh à fighir choilim, agus na Haingil agus à fiighir ogáin
le sciathanuibh, ós Spioradi Diá, agus na Haingil, agus
nach foil figir chorpordha ortha, lé bpintealfa-
dois na pinteoiridh iad, ámhail donid na daoine.



D. An tan phintealthar Dia Aithair à fhi-
gir sheanduine, agus an Spiorad Naomh à fhoirim
choilim, agus na Haingil à fhuirim oganuigh, ní
ar son go fhoilidh san chruith soin go fireneach
dealabhuighthear iad, ór as Spioraididhe glana
gan chuirp iad (mar do reamhradhmair tha-
na) acht àsé fáth fa ndealabhthar, ar an modh
soin iad, do bhrigh gur ab san cruith soin do
theisbeanadar iad féin go minic dona daoinuibh.
Agus an tadbhar na bpintealthar Dia Aithair
à fhoirim sheanduine, do brigh gúr, theisbein é
fein san ruchta soin don fhaigh Daniel. Agus an
Spioradh Naomh à ccruth cholim, ór as ann sa
fhuirim soin docannarcas agus à comhnúigh ar
Chriost, iarna Bhaistidh dho Eoin à Sruth Ior-
dain é; agus fa dheire, na Haingil à ccruith ogain
do bhrigh gur theisbeanadar iad feín go romhi-
nic mar soin. Faris sein tuig go ndealabhthar
morán do nithibh elé, nihe go fhoilid mar soin
ionta feín, acht dha chur à cceill dhuinne, an
téfeacht agus an toibriudha bhiós ionta; amhail
dealabhthar subhailche an Chreidemh à ccruth
mhna agus calís na laimh. An Charthanacht iar
na timchillagh le satha no le búidhin leanabh.
Tar à cheann soin as dearabhtha nach mna iad
acht subhailche. Mar soin as oireamhnach à
derthear go ndealabhthar Dia Aithair à fhui-
rim sheanduine, dha chur à cceill duin go fhoil
se seanda róársuigh .i. sihrruighè agus roimh an
uile ní dhar cruthnigheadh. Agus an Spioradh
Naomh à ccruith choluim, dha chur à cceill
duin tabhartais na Neaomhuruchoide, na gloi-
ne agus na Naomhthachta oibridheas an Spiorad


L. 69


Naomh ànoinn. Fá dheoid na Haingil à ccruth
oganaigh, do bhrih go fholid do shiór breagha
lán do chumas, agus le sciathanuibh, ar an adh-
bhar go fhoilid, ollamh dho ghnaith chúm dul gan
mhaoill mar à fhogran Diá dhaibh. Agus lehior-
radhuibh geala, agus lé stolaibh beanuighthe do
bhrigh go fhoilid glan neanmruchoideach na
ttúrnuidhthibh ag Mordhacht Dè.



14. M. Cred fa nabarthar go ndein iomhai-
ge Chriost, Mhuire, agus na Naomh ele miorbh-
uiltighe.



D. Ni hiad na Hiomhaighthe doní miorbh-
uiltighe, acht Diá amhain ata ar Neaomh, gi-
dheagh as gnaith leis à ndeanamh ar ghuidh na
Naomh, agus go mórmhór á Naomh Mhathar
fein, agus an tan adearthar mioruiltighe do dhea-
namh maile ris an iomhaighe so Mhuire, no leis
an iomhaigele ud, àse ní as mean linn do radh
gur ab è Diá amhain dorinne na mioruile soin.



Foillsudh ar an dara Haithne.



1. M. Abair an dara Aithne?



D. Na tabhair ainim do Thighearna Diá go
Diomhain.



2. M. Cred Aitheantar agus fhogarthar dhu-
inn san Aithne so?



D. Ann sa Naithne so labharthar air an onoir
agus ar an easaonoir dobheirimid do Dhia le
briarthuibh; fogarthar à onorudghadh, agus toir-
miscthear à easanorughadh. Ionnus gur feidir
Diá do onorudh ar cheithre modh lé briarthuibh
agus à easanorughadh ar cheithre modha ele. Ar
tús onorthar Diá lé briarthuibh an tan iomra-
maoid é go minic lé teasgradh; easanorthar
é dha iomaradh go diomhain. An dara modh,
onorthar Dia lé na dhearabadh, no lè na mhio-
nughadh go firineach, ceart, agus easanorthar è
lè heitheach. An treas modh, onorthar è lè moid,
agus lè gelladh dlistenach dho dheanamh agus easa-
northar è trè gan à comhaill. An ceath-
ramha modh, onorthar Diá dha gharim agus da
mhola, agus easanorthar è an tan dhiomolthar è


L. 70


no beirthear aithis, no imdhearghadh dho, no
dhoní thar Blasphemia .i. diamhaslugh na
aghaighe, no an tan donithear ar Dhia, na ar
à chreaturibh mallachtugh, na guidoreacht.



3. M. Foillsig an ched chuid?



D. As feidir ainim Dé, Mhuire agus na Naomh
ainimnighthe go simplighe, singil, do ghnathudh
go maith no go holc: ar an adbhar an drong
ghradheas go mór Dia, cuimhníd agus labhraid
air go minic le durthacht agus le fonn, mar as leir
an Epistil Phoil mar à fhaicear agus à leiteár ann
gach aon chomhradh ainim Iosa Criost ar Tti-
ghearna; ór mar dobhi ainim Criost aige na
chroidhe, as amhluigh dobhi aige na bheol agus
na scribhinn. Ataid droungha ele ann leis an
ndrochghnathaibh bhiosaco, le ferig, le sugra,
no le maga, agus gan smoaineamh ar an ni à dei-
rid ainimnighid go mearaganta Dia, no Muire,
no Naomh ele, do bhrigh nach tig na ninntin
aon ní ele. Or as olc donid soin, do bhrigh go
ttarcaisnídh ainim Dé agus na Naomh dha thei-
legean fa na ccosuibh. As feidir so do fhoillsiu-
ghadh le sompla, bioth gur neamhchosmhuil,
cuir à ccás go fhoil ag duine eadach rouosal,
rochostasamhail, agus go mbiaigh uime an gach
uile ait, agus ann gach aimsir, gan feachaint dó,
na cion do bheith aige air ar aon chor, da tha-
rangh na dheaigh trid an lathaig: as amhluig
soin doni an droung ainimnigheas ainim Dé,
Mhuire, agus na Naomh go diomhain.



4. M. Foillsig ànois an dara cuid thrachtas
ar na mionnuibh?



D. Ionann mionnughadh agus Dia do ghairim
dho lathair mar fhiaghain ar an fhirinne: gigh-
eadh chum so do bheith dlistenach as riochtanas
trí coingíl .i. firinne, ceart, agus breitheamhnus,
fa mar do theagaisc Dia feín maille re beol an
Fhaid. Ieremias; agus mar as onoir do Dhia à
mhionnughadh go ceart, dha admhail go fhai-
ceann à Mhordhacht Neaomhtha an uile ní, agus
gur ab é fein arddhionuighthoir na firinne, as


L. 71


mar soin easanorthar gu romhor é, an tan
mhionnuighthear é, gan cheart, gan fhirinne,
gan bhreitheamnas, ór an ti mhionnuigheas
mar soin taisbeanuig nach bionn à fhios ag Dia
cred doní, no gur ughdar Dia don breig agus don
uruchoid.



5. M. Foillsig so nisa soleire, agus fa leith cred
chialluigheas mionnughadh go fireneach?



D. Gibe le na mian mionnugaadh go firin-
neach ni folair dho gan ni ar bioth do dhearabh-
adh, acht ni aga mbia à fhios aige à bheith fiór
na aon ni dho ghealladh le mionnuibh, acht mar
as meán leis à chomhall, da bhrigh so as lucht
eithig (agus peacuid go rothrom) an droung dhe-
arbhas gúr fiór na nithe aga mbiòn à fhios aca
ambeith na mbreig, no nach bión à fhios aca
an fiór iad. Mar an cceanna an lucht gheallas le
mionnuib ni dho thabhairt uótha nach meán
leó dho chómhal.



6. M. Cred chiallaigheas miunnughadh le
ceart?



D. Ionnan é agus gan duine dho gheallagh lé
mionnuibh acht ni dlisteanach, ceart, agus ar an
adhbhar soin peacuid go rothrom an droung
hgeallas le mionnuibh dioghealtas do dheanamh
san olc, no son andligh dhoroineag ortha, no
gheallas ni dho dheanamh, nach tainthnighean
re Dia, agus ni hionchamhlianta na mionna soin,
agus ni cheangluid fós ar aon neach à ccomhall,
à ni ar bioth dha luidhead; or ni fedir bheith cean-
gailthe ar aon neach olc dho dheanamh, do
bhrigh go cceanglann dligh Dé orainn gan olc
dho dheanawh.



7. M. Cred é mionnudh lé ceill, no lé breith-
eamhnas?



D. Ionnann é agus mionnudha lé gliocas cheille,
no à bidheachtha, da mheas nach iomchubhaidh
Dia dho ghairim mar fhiaghain, acht amhain
chum nithe riochtanasacha, roshuimeamhla,
agus soin le heagla agus le hurruim. As an aghaidh


L. 72


so pheacuidhid an drong mhionnuigheas tré gach
ní dha luidheadh, no lé maga, no lé greann. An
droung iommorro, mhionnuigheas go minic, tré
dhrochghnathudhadh, tuitid go rofhuras son
eitheach, noch ata ar na peacaibh as mó as fei-
dir do dheanamh. As trid soin fhogras an Ti-
ghearna san Tsuibhsceol, agus Eoin an à epistil,
gan mionug, acht lé riochtanus. Agus so an re-
sún dobheirid na Naomh ris, ar an adhbhar
gur chuige dofríth àmach na mionna, chum
chreidimh na ndaóine dho bheith firineach, dea-
rabhtho dhá cheile, agus do bhrigh gur deacair le
duine aca creideamhain don dara fear. Ar an
dadhbhar soin as amhlaigh as cóir na mionna
dho gnathudha, mar as gnaith leigheas (nach
ionghlacaithe go minic) acht mar as annamh-
aidh as féidir lé neach.



8. M. Foillsig an treas cuid don Aithni so
thrachtas ar na modhibh?



D. Aseadh as moidé ann gealladh donithar
do Dhiá ar ní eigin mhaith, agus thaithnias ré na
Mhórdhacht Neamhdha. As inmheasta dhuit
trí nithe chuige so. An cheid ní, as gelladh an
mhoid; agus ní leór mar sin chúm moide do dhea-
namh, intinn, na fonn nithe eigin do dheanamh,
acht ní folair an ghellamhuin dfoillsiudh leis an
mbeal, no an ní sa lugha dhe leis an ccroidhe.
An dara ní, an mhoidi so dho bheith dho Dhia,
dar ab dúol an uile mhodi. An trath à deirthear
go ndeantar moide do Mhuire, don Naomh so,
no don Naomh ele, bith à fhios agad gur do Dhia
go principaltha donithear an mhoidi soin, gidh-
adh an onoir Mhuire no Naoimh ele, na fhoil
Dia à modh as uaisle agus as aonracanuighe, na
ann sna creaturibh ele: ar an adhbhar san an
mhoid dobheirthear do Naomh eigin ni fhoil
ann acht geallamhuin dobeirthear do Dhia,
ag onorugadh chuimhne an Naoimh soin lé hof-
frail eigin do dheanamh dho; agus as ionann so agus
Dia do onorughdad ann na Naomh féin. An
treas coingheall iarthar chum na moide àsé


L. 73


soin, nach féidir moide do dheanamh ar ní, acht
ar ní bhias maith, agus taintheamhach dho Dhia,
mar ata Oighiacht ghlan, bochtacht toilthea-
nach, agus à leithedi ele soin. Ar an adhbhar soin
gibe duine dobheir moide ré peacadh do dhea-
namh, no obair ar bioth nach beanann ré ho-
noir Dé, no fós do gheallfadh maith do dhea-
namh do chuirfeag tuirmeasc ar mhaith bú mó
ina í, ní bhedh son taithneamhach do lathair
Mhordhochtha Dé, ar an adhbhar soin ní ho-
nórfuidhi Diá leis, acht do mionórfúidhe, agus an
ti dhoní so peacuidhidh an aghaidh an dara
Haithne: amhúil pheacuid an aghaid na Haith-
ne ceanna an droung dobheir moidi agus nach
comhlionnuidh í san lúas as féidir leó, ór órduig
Dia san Scriptuir, don tí dobheir moide, ní he
amháin intinn do bheith aige à comhall acht
gan moill do dheanamh fa na cur à ccrith.



9. M. Foillsig an chuid deaghnach thrach-
tas ar mhola Dé agus ar à mhasladhadh .i. blas-
phemia?



D. Fograidh Diá san chuid so don dara Haith-
ne gan é fein do mhaslughadh, acht à ainim ró-
Naomhtha do mholadh agus do bheannúghadh.
Ar tús an mheoid bheaneas ré na mhola ní fhoil
docúl ar bioth ann, ór as dearabhtha gur ab ó
Dhia dhoirtear an uile mhaith orainn, agus go
fhoilid oibrecha Dé lann do eagna, do cheart
agus do throcaire, da bhrigh soin as iomchubhaidh
agus as ceart à mhola san uile ní agus à bhean-
nughadh. An mheoid bheaneas rè Diámhaslad
.i. blasphemia, ní fulair dhuit à fhios do bheit
agad gur ab ionann Diámhasladh, agus eagoir do
chur à leith Dè mar ata se ann féin, no à leith
à Naomhúibh noch bheaneas reis. Ataid 6 gne-
ithe idirdhealaighthe aca so as fèidir dháil. An
ched ghne an tan à deir ní dho bheith ag Diá
nár chuibheach dho bheith aige, mar ata aradh
go mbiadh cos, nó lámh, nó corp, do reir à Dhia-
dhachta, nó nithe ele nar choimhe ris do bheith


L. 74


aige, famar ata aradh go mfeidir leis peacadh
dho dheanamh agus à samhailt ele do bheg an
aghaidh onora Dè. An dara gnè, an tan shean-
tar ar Dhia an nì as dual agus as cóir dho, mar
ata, cumhachta, eagana, ceart, nó na nithe ele
as dileas dó: amhuil àderagh neach, nach feidir
lé Diá so, nó súd do dheanamh, nó nach faicean,
nó nach foil sé ceart. An treas gnè, an tan chur-
thar à leith na ccreaturidhe an ní as dileas amh-
ain do Dhià, amhail doníd an droung à deir go
fhoil fiós ag an Diobhal na nithe ata chúm
tiacht, no go ndein miorbhuilthighe fire. An
ceathramhadh gné, an trath beirthear aithis no
mhalluightear Dia, no à Mhathair, no na Na-
oimh ele. An cuigead gnè, an trath ainimnigh-
thear go tarcaisneach aon bhall do bhallaibh
Chriost na à fhuil, na baoill na Naomh: amh-
ail bú mhhicluach, no bù tharcaisneach dhoibh è
mar bu míchluch dhúinne. An seiseadh gnè an
tan ainimnithear ainim Chriost no na Naomh-
aibh no aon bhall dha mballaibh chum fonamh-
aid, fa mar donid an lucht à deir dar laimh
Chriost, no Pheadair agus à samhuil ele gnás
dofrith amach lé malís an Diabhail, agus lé uro-
choid na ndaoine.



10. M. Abair ciodh meid agus troime dho
Pheaca an masluidh so?



D. Ata sé cho mór soin, gur ab é Peaca (as
begnach) as mó don uile Pheaca é. As feidir so
dho thuicsint as an bpein doberthear do lucht à
dheanta. Or san Tseanracht dfogair Dia dha
phobul go hiomlán gobhail do chlochuibh do
lathair ar à drouinga dodheangh é, agus fós na
dlighthe sibhialtha damnuighid chum báis an
droung cheanna. Aithrisidh S. Grióir gúr dam-
nuigheadh leanabh chuig mbliadhan tríd an
bpeaca so, agus do bhrigh nár smachtuig à Athair
é, fuair bás an ucht, agus dorugadar na Deamh-
ain à anam leó go iofrionn, go follas dha Athair
agus da mhathair agus do chach ele dobhi dho là-
thair. Ní leighthear à shamhuil soin ar aon


L. 75


pheaca ele. Ar an adhbhar soin ní fulair dhon
uile dhuinne go rodhithellach aire dho thabh-
airt dho fein gan à chomór soin do uruchoid do
dheanamh an aghaidh Mhordhachtha Dé. Agus
as fusaide an peaca so dho sheachana, nach
faghthar tarabha, na sulth ar bioth ann, mar
dogeibhthear à bpeacuibh eigin ele, acht olc
mór noch dhobheir leis an peaca ceanna. Bioth
nach cóir don duine pheaca dho dheanamh, tar
à cheann go ttaireabheochadh dhe maitheas an
Domhain uile ar à shon.



11. M. Ca trath nach peaca na moide, no na
mionna do chur ar cáirdi?



D. An trath chuireas resún siós é, do reir
chomhairle aithreach Spioradaltha; ór ní leòr
dhuinn ar cciall, no ar mbreitheamhnas fein do
leamhain, do reir mar à deir an Tighearna: A
thrúaidh an taonracanach, ór an trath
thuiteas, níl feár à thóice aige.



12. M. An peaca na creaturidhe dho mhion-
nughadh, no dho thabhairt go diomhain no à
mbreig?



D. Aseadh go deimhin, ór as mór an athais
agus an mhiónoir do Dhia, aoin chreatuir dhar
chruthaig do mhionnughadh go diomhaoin. No
fós an tan mhiónnuighthear Diá breigi à fhiòr
no à mbreigh, òr as mòr an asanòir do Dhia,
Dia breige do thogbhail mar fhiaghain ar
bhealaibh.



13. M. Cionnus as feidir dhuinn na mionna
do sheachana?



D. Agnathudha na mbriathar so .i. àseadh,
àseadh, niheadh niheadh: mar do theagaisc ar
Ttighearna Iosa Criost dhuin.



Foillsiudh ar an treas Aithne.



1. M. Cia hi an treas Aithne, agus Foillsig í?



D. Aseadh as treas Aithne ann an Tsaoire dho
chomheadh, do onorùghadh, agus do Naomhdha,
àta difir egin idir an Aithne so agus na Haithean-
ta ele, ór na Haitheanta ele go hiomlán .i. an
da ched Aithne agus na seacht Naitheanta fà


L. 76


dheire, ataid uile nadúrtha. agus ní air na Crio-
stuighthuibh amhain ata dhulach à ccomead,
acht fos ar na Hulaibh agus ar na Gintilibh. Gi-
dheagh an treas Aithne so, ata cuid dí do reir
nadúir cheanglas an uile dhuine, agus cúid ele nach
foil ò naduir, nach ceanglan go hiomlán, òr
saoire dho neaomhdha .i. lá eigin do choimead
na shaoire, agus à chaitheamh amach an ndeag-
oibrechaibh, agus go mormhor à serebhis Dé, as
Aithne nadúrtha é; do bhrigh go ccuirean an
resún nadurtha sios é dhon uile dhuine, agus mar
soin, ar feg an Domhain comeadthar lá egin
saoire: giodheg ainimniúdha an láe so no an láe
ele, ní ò naduir ata. Soin an tabhàr fà raibh
an Sathrunn ag na Hubhaluibh mar fheasta
prinsapaltha, mar ata ag na criostuighthibh
an Domhnach.



2. M. Cred fàr fhògair Dià dona Hùbha-
luibh an Sathrunn do onoirghadh, seoch agus aon
la elé?



D. Ataid dha chùis phrionsapaltha ris. An
ched chùis do bhrigh gur Diasathruin do
chriochnuig Dia cruthúdh an Domhain. Agus
da bhrig soin dobí toil Dé an là son do naomh-
dhadh à ccuimhne à chomòr soin do mhaith .i.
chruthaighthe an Domhain. Faris so chum
an tseacharain ud na fheallsamh agus na fhilidhe
do chur ar ccùluibh, àdeireg go fhoil an Dom-
han ann riamh. Or as dearabtha an tan naomh-
amaoid là chriochnuighthe chruthaithe an
Domhain, go nadhmhamaoid go raibh tosach
air. An dara cúis iar ttuirsiúghadh don duine,
à lucht seiribhise .i. à óglach agus à bhanoglach
agus à ainimhioltha ar fedh sié là na seachtmhui-
ne, bá toil lé Diá san seachtmha láo .i. san
Sathrunn comhnuighe do dheanamh dhaibh,
agus fós chum go mbeadaois na Tighearnuidhe
atruaigheach, trocuireach da lucht saothair,
agus gan bheith cruodhalach, ní ar na daoinibh
amhain, acht fós ar an hainimhiolthuibh féin.


L. 77


3. M. Creadh an tabhar nach coimeada-
maeidne na Criostuithe an Sathrunn, amhail
chomeaduid na Hubhail, ò ata cho maith soin
do resún ris?



D. As iomdha resún maith fár athraigh
Diá saoire an Tsathruinn ar an Ndomhnach,
amhail mar dhaistirig an circumsision .i. tim-
piollghearradh san mbaiste, agus an Lúbhan cas-
ga à Naomh Shacrament na Háltorach, agus
gach ní ele maith dhon Tseanracht à nithibh as
fearr san Nuaidhreacht. Or ma chomeadaid
na Hubhaíl an Sathruinn na shaoire à cciomhne
chruthaighthe an Domhain, do bhrigh gur ab
é an láo soin do criochnuigheadh é; as córta na
soin dhoniomaoidne an Domhnach do choi-
mead do bhrigh gur ab é an lá soin do thions-
gain sé. Agus ma thugadis na Hubhail an là
deanach dhon tseachtain do Dhia, as feàrr na
soin doniomaoidne na Criostuighthe an ced là
do thabhair dó. As à chionn so coimhnighthear
san Domhnach ar trí tioghlaichthibh prionsa-
paltha àr slanuighthe: ór as Diadomhnuig
dorugadh Criost, Diadomhnuigh daiseírigh, agus as
Diadomhnuig do chuir se an Spiorad Naomh ar
na Hapostoluibh. Fa dheire cialluidhidh an Sa-
thrunn an suaimhneas dobhí ag anamuibh na
Nairtheach Naomhtha san Limbo: an Domhnach
cialluig sé an ghloire ata ag na hana-
muibh ar Neaomh, agus bhias ag na corpuibh.
Agus soin an chúis fà nonoradaois na Hubhail
an Sathrunn, do bhrigh iar mbàs go tteighdís
chum suaimhnis dhon Limbo: na Criostuighthe
amh onoruid an Domhnach, do bhrigh iar
mbàs go tteighíd suas go Naomh ghloire Phara-
thais, as amhluigh thuicthear soin, ma dorin-
neadàr deaghoibreacha, ag tabhairt à mbea-
tha suas do reir an dligh thug Dia dhaibh.



4. M. An fhoil dfiachuibh aoin Tsaoire elle


L. 78


dho chomhall leith amuidh dhon Dómhnach?



D. As riochtanus go deimhin, morán saoire
elle, ni he amhain dar Ttighearna Iosa Criost,
acht fós dár Mbantighearnain an ogh Mhuire,
agus do Naomhaibh ellé .i. gach à fhogran ar
Naomh Mhathair an Eagluis do chobhal, gidh-
eagh as ar an Ndòmhnach do labhramar go
prinsipaltha, òr àse as sine, agus as gnathuidhe na
cach dho onorughadh; amhuil dobhi ag na
Hubhail moran saoire elle, gidheagh do bé an
Sathrunn budh shine, budh sholamanta agus budh
mhionaca aca. Soin an chúis nach labharthar
san chlár acht ar an Sathrunn amhain, noch
ag à ttanig an Domhnach astiach an ionad mar
do reamhradh.



5. M. Ciodh as riochtanus chum na saoire
dho chomhead?



D. As riochtanas dha ní. Ar tús comhnúigh
agus suimhneas do dheanamh ó oibreachuibh agus ó
shethar mhursanta .i. an saothar agus an obair
ghnathuid seiribhisidh agus lucht ceirde le duadh
corpurdha do dheanamh. Or ghniomhartha na
hintinne, ni dhiobh ghoirthear mursantacht agus
ní hiad thuiremescar san Aithne so, tar à cheann
go mbiadh coghnamh ón tteangain, ón
laimh, no ò bhall chorpordha elle ag an intinn
chum à ndeanta. An dara ní ata ceanguilthe
orain òn Aithne so, ann sna feastuidhibh saoire
bheith do lathair Aiffrinn da eisdeacht agus beith
nach ceangalan an Eagluis orainn ní elle, tar à
cheann soin as iomachuibhe dhuin an chuid as
mó dhon lá do chaithimh an urnuighthe, agus à
leaghthoreach leabhar Spioradaltha, à fhiosa-
rúgh Eagluisidhe, an aoisdeacht sheanamora,
agus ann deagoibreacha elle Spioradaltha agus
trocaireacha, òr as chum na crithe soin do hor-
duighadh agus do tionsgnadh na Feastuidhe agus
an Tsaoire.



6. M. Muna còir obair mhursanta dho dhea-
namh san Tsaoire, ní bú ceadathach na clúigh


L. 79


dho bhuáint, no na bùird do fholach, na an bia
dho bhruith, no dho dheasudh, òr as oibreacha
mursanta iad duaghalaidh.



D. An Aithne so fhogras gan oibreacha mur-
santa dho dheanamh san tsaoire tuicear í ar
dha choingheall. An céd choingheall gan do oi-
brúghadh an lá soin, acht an ní as riochtanas
chum beatha an láe soin féin do chothúghadh
na colla daonna, da bhrigh soin biágh do bhruith
na búird do fholach, agus nithe elle dhon tsórt
soin nach ar fheidir do dheanamh an lá roimhe
ceaduighthear iad, or ní fhoilid an aghaidh na
Haithne so. An dara cuid gan oibreacha mur-
santa dho dheanamh, muna mbiaidh à rioch-
tanas chum serebhise Dé, agus na Heagluise, mar
ata buoint na cclog, agus asamhail elle, nach ar
fheidir do dheanamh an la roimhe, as ceadat-
hach iad. Na neagmuis so as feidir oibreacha
mursanta dho dheanamh làethe saoire, le cead
an uachtarain, an tan bhiàs cúis cheart, dlis-
teanach ris.



7. M. An bpeacuidheann an tí doní begàn
oibre là saoire?



D. Peacuighidh se an chuid as lúgha dhe go
solaightheach, muna ab obair throcaire í, agus as
còir dho à chasúdh ré daoinibh foghlamtha, ag
iarruidh chomharle ortha, chum nach biag an
amhras cred do dheanadh.



Foillsiudh ar an 4. Aithne.



1. M. Foillsig an ceathrúgh Aithne, agus innis
cred an tadhbhar fà tionsgnaidh Aitheantha an
dara clàr lé honorghadh an Athar agus na Mathar?



D. Aitheanta an dara clàir as ris an ccomh-
arsain bheanaid siad, mar bheanuid Aitheanta
an ched chlàir ré Dià, agus do bhrigh nach foil
ameasc na ccomharsan aoin neach as goire duin
na ar Naithre agus ar Mathre, na as mo dha fhoi-
limidh ceanguilte à fhiachuibh no à nobligaid,
or as uotha ata ar mbeith aguin, fa Dhià, agus fòs
ar mbeatha .i. fundament na huile mhathaisa
saoglatha, ar an abhar soin, as ròcheart an


L. 80


chuis fár tionsgnadh Aitheanta an dara cláir lé
honoir an Athar agus na Mathar.



2. M. Cred thuigeas tú maille ris an onóir so
ata do fhiachuibh do thabhairt don Athair agus
don Mhathair?



D. Tuigim trí nithe .i. fortacht, umlacht,
agus urraim. Agus do ched nithibh ata do uolach
orainn cobhair agus fortacht do thabhairt dár
Nathair, agus dár Mhathair, ann na riochtanas,
agus an na nureasbudh, agus as deso ghoirthear onóir
san Naomh Scriptúir, ór beanaidh sé ré resún,
an chlann fuair beatha ò na Nathair agus ò na
Mathair coghnamh do thabhairt don Athair
agus dhon Mhathair cheanná chum à ccothuigh-
the na mbeathuigh fá na ndicheall. As à chionn
so ata do uolach orainn umhla dhar Nathair agus
dhar Mathair, mar adeir an Teapostal Pol: à
chlann umhluighidh da bhúr Naithribh agus da
bhúr Maithreachuibh san uile ní, or as taith-
neamhnach le Diá so .i. san uile ní bhias chum
toile Dé, agus da reir: gidheagh da fhògradh an
Tathair aoin ní nach biadh do reir toile Dé, an
traith soin do reir Aithne ar Tighearna Criost as
fuathuighthe dhuinn iad .i. gan umhla dhaibh,
na aoeisdeacht, amhuil agus do bú eascairdi dhu-
inn iad. Fa dheire, ata dhuolach orainn bheith
urrumach dar Nathair agus dar Mathair, onoir
agus cion do bheith aguin ortha nar mbriarthaibh,
foirimiolachuibh, mar as dúol. Agus dobhi à
chomór san do chion ar an Aithne so san Tsean-
racht gor fogeair Dia Penos bàis do ttabhairt
don tí do mhailleochadh, no do asnorag à A-
thair no à Mhair.



3. M. Cred an fáth fár fhogair Dia san
TseannRacht don chloinn cobhair agus fortacht
do thabhairt da Nathair, agus da Mathair: agus
nach fogran don Athair agus don Mhathair for-
tacht agus cobhair do thabhairt ar an ccloinn, go
harighthe iar mbeith beag dhaibh, agus an ui-
reasbuidh fhortacht ortha?



D. As fiòr go ttuigthear so ar gach taoibh


L. 81


idir na Haithreachcuibh agus an chlann, agus amhuil
mar ata dhuolach ar an ccloinn fortacht, umh-
lacht agus urruim do thabhairt da Nairthibh;
ata an tualach ceanna ortha san, ní he amháim
biá agus eadach do shalathar don chloinn, acht
fós, à ccur ar an adhaidh son uile dheghobair,
à tteagasc, agus à munudh. Gidheadh ata gradh
na Naithreach dhon chloinn chó nadurtha soin,
agus chó Preamhuighthe ionta, nár bhuiresbach
dlige ele dho chur ámach, chum cuimhnighthe
ag na Haithribh ar an ccloinn. As minic amh
ar attaoibh chontrardha chíthear, nach frea-
garaid an chlann san nghradh cheanna da Naith-
ribh, ar an adhbhár soin níar fholair, dlige eigin
do dheanamh do chuirfeagh fa ndeara ar an
ccloinn bheith cuimhnitheach ar an ndualgas
dha Naithrib, agus dha Mathribh. Agus niar
leòr lé Dià an Aithne so do fhaghbhail go singil;
acht na cheann san ba toil leis ár ngriosughadh
chum à ccomhliontha lé bágar, agus lé luaighe-
acht do ghealladh.



4. M. Innis ciodh an gheallamhain, agus ciodh
an bagar soin?



D. Cuirig Dia na briartha so siós leis an
cceathramhadh Aithne: Ionnus go mbia tú
fadshaoghalach ar an ttalamh, dobheara
do Thighearna Diá dhuit: Amhail agus à
dearag sé, an chlann dobheir an onóir dhualga-
sach dha Nathair agus dha Mathair, à measc
gach luaidheacht ele dha fhoeighid, biaid fad-
shaoghlach: an chlann amh nach deana so, biaid
gearshaoghlach farris gach péin ele dha fhui-
ghidh òr as ceart an phian so, agus ní fiú an tí
soin fadbheata dho shealabhudh, nach onoran
à Athair agus à Mhathair, ór ghlac beatha.



5. M. Fiafrúim dhiot an ní ud àderthar
ar an Athair agus ar an Mathair, an ttuicear è
mar an cceanna ar na Huochtaranuibh ata ós
ar cciónn, à ngradam, an offig no à ndígnitibh,
agus an droung bhias an àit Aithreach aguin?



D. As fiér go ttuigthear, ór an Aithne so


L. 82


ceangluigh sí orainn umhla agus urruim dhar
Nuachtaranuibh Eagluisi agus Tuaithe agus an
onnorughadh.



Foillsiudh ar an 5. Aithne.



1. M. Foillsig an cúigeadh Aithne?



D. Crosaidh an Aithne só ar tús an feáll .i.
gan duine dho Mharabhadh, agus ní crostar sa
Aithne so beathuighidh elle dho mharbhadh,
ar an adhbhar gur ab ar son an duine do cruth-
uigheadh iad, agus trid soin, as feidir leis à ma-
rabha an tan bhias uireasbuidh aigi riú; Gigeadh
amh an duine ni ar son duine elle do cruthui-
gheadh é, acht ar son Dè amhain, ar an adh-
bhar soin ní Tigherna aon duine ar beatha dhui-
ne elle, agus trid soin ni ceaduigtheach dho à
mharbhadh.



2. M. Tar à cheann san dochimid go ccuí-
rid na Prionsuidhe agus na Breitheamhain la-
drainn, agus drochdhaoine elle chum báis go mi-
nic, agus ni meastar gur ab olc donid, acht gur
maith?



D. Na Prionsuidhe agus na Hoffige ag à mbionn
udurdhas poiblighe cuirid na drochdhaoine
chum báis ni mar Thighearnaibh ar bheatha
na ndaoine soin, acht mar thurnuighthibh ô
Dhia mar àdeir Pól, or as tòil le Diá lucht an
uilc do dheanamh dho smachtugadh, agus à ccur
chum báis an trath thúillid, ionnus go mbeidis
na dheaghdhaoine go suaimneach, siochanta.
As chuige soin tug Dia fein cloidheamh à laimh-
aibh na Bprionnsuidhe agus na Noiffigeach chum
an chirt do sheasamh, ag cosnamh na ndead-
haoine, agus ag smachtughadh na ndrochdhaoi-
ne. Da bhrigh soin an tan churthar fear uilc
do dheanamh chum báis, lé hughdarras poibli-
ghe, tre na choir féin: ni goirthear féall, na
marabha dhe, acht gniomh ceirt; agus ar an
adhbhar soin, an tan àdeir an Aithne so Dé,
gan marabhadh do dheanamh, as amhla thuigh-
thear soin, gan à dheanamh lé ad tudarradhas
féin.


L. 83


3. M. Ataim an amhras, an fhogran an
Aithne so dho dhuine gan é féin do mharbhadh
amhuil fhogras do gan duine elle dho mharbh-
adh?



D. Crosaigh gan amhras an Aithne so gan
duine dha mharbhadh féin, amhail chrosas
air gan duine elle dho mharbhadh, do bhrigh
nach Tighearna aon nduine ar à bheatha féin,
agus nach ar à shon féin do cruthaigh é, acht ár
son Dé amhain, agus trid soin ní ceaduitheach
do aon duine len udarrdhas féin, e féin do
mharbhadh. Agus ma mharbhadar cuid dhona
Naomhaibh, agus dona Banaomhaibh iad
féin lé heagla go ccaillfeadaois à ccreideamh,
no an oigheacht as mesta guraibh seide no oi-
briúdhadh speicialtha ô Dhia aca chum à
dheanta, ór ar modh elle nír fheidir soin do
dheanamh gan peaca róthrom. Ar an adh-
bhar soin gibe mharbhas é féin, marabhaidh
duine, agus da reir soin doní feáll ata na pheaca
róthrom, thoiremisgthear go prinsipaltha san
Aithne so.



4. M. Cred fa nabarthar go prinsipaltha?



D. Do brigh nach é amhain go fhoil tuire-
measgatha san Aithne so gan marbhadh do
dheanabh, acht fós gan lot, fuiliughadh, na
buala, na eagoir ar bioth elle dho dheanamh
dho bheatha, no dho phearsain na comharsan.
Fós Criost ar Ttighearna ag miniughadh na
Haithne so san Tsuibhscéal, crosaidh, mar án
cceanna an fhearag, an fuaith, an ainigiacht,
an ghearuidheacht, an drochintinn, agus gach ní
elle as cosmhail ríu, no briartha gonta lé na
gnaith an tslighe do ollamhughadh chum an
duine dho mharbhuidh. An adhaidh soin asi toil
chriost ar mbheith reig, ceannsa, siochanta,
suaimhneasach, agus reiteach dho bheith eadruin
agus an uile dhuine.



Foillsiudh ar an 6. Aithne.



1. M. Cred thuicear san seiseadh Aithne?


L. 84


D. Ar ttús, gan drúis do dheanamh, ásé soin
peaca donithar lé mnaoi fhir ele. Or tar éis na
beatha, nil ní as ceanamhla, na an onóir agus an
chlú, ar an adhbhar soin, tar éis na Haithne
thurimeascas an duine dho mharbhadh lé ccaill-
thear an bheatha, as róoiriúnach thoirmeisg-
thear an drúis, le ccáillthear an onóir.



2. M. Cred fá nabarthar ar ttús?



D. Do bhrigh na Haitheanta, gúr ab iad
dligh an chirt iad, agus ar an adhbhar soin cro-
suig ar ttús na peacaidhe, na ttig àsteach an
taimcheart, ór as dona céad pheacaíbh aca
peaca na drúisi. Arist crostar san Aithne só gne-
the ele dho pheacuibh na colla, mar ata pea-
cudh ré pearsain do bheg coisreagtha dho Dhiá
.i. Pearsa eagluise: peacughadh ré pearsain
ghaoill, eigean do dheanamh ar mhaighdin no
oigheacht do lot: peacudh ré mnoi shingil .i. ré
mnoi gan bheíth Posta, mar ataíd baintrabha-
cha, agus mna cóchoitcheanna: agus peacuidhe
truaillighthe ele, nach glan ré na niomradh à
measg Chriostuighthe.



3. M. Os fiór à ndubhrais go nuigheso, àbair
ànois cred an fundament no an resún lé nabran
tú gur peaca an cheligheacht shingil .i. luighe
le mnaoi gan Pósa, gan ghaól, gan chol etc. ór
ní faicthear, go ndéin dioghbhail, na eagoir ar
aon neach, an tí dhoní an gníomh soin.



D. Ata fuainnement agus resún san uile dhligh
gúr peaca só .i. à ndligh na nadurach, san
dligh scriobhtha .i. dligh mhaoisé, agus à ndli-
gh ua ngrás .i. dligh an nuaiReahta. A ndli-
gh na nadúre dogeibhthear gur shantuig an
tardAthair Iudas Thamar, bean à mhic féin
do bhásughadh tré bheithtorrach dhí na
baintreabhthuig. As tuigthe as son, à ndligh
na nadure, sol dotugadh an dligh do Mha-
oisse, lé resún nadúrtha, go fhacathas dona


L. 85


duoinibh gúr pheaca an sort druisi soin. Na
dhiaig soin à ndligh Mhoyse as iomdha áit
na ccrostar é: Agus àdeir Pól an Epistolaibh
go minic, nach rachaid lucht à dheanta go Flai-
theamhnas. Farris soin as breag ré ragh, nach
deantar eagóir na dioghbhail ar aoin neach son
ngnè druisi so: ór doní dochar don mnaoi, do
bhrigh go fhaghann si míchlú thrid, doní
dioghbhail don ghin, ar an adhbhar gúr neamh-
dhlisteanach bherthar í: donithear eagoir ar
Chriost, ór as baoill dho Chriast na Chriostuig-
the go hiomlan, agus goibé Criostuidhe doní adhal-
tarnas dóní se dhon gheig, no dhon bhall soin
Chriost, geag, no báll meirdrighe: Donithar fós
leis an bpeaca cceanna, eagoir ar an Spioradh
Naomh, ór asiad ar ccuirp à theampuill, mar
soin an ti thruailleas à chorp lé hadhaltarnas
sailighid Teampul an Spioraidh Naoimh.



4. M. An ccrosann an Aithne so peaca ar
bith ele acht à ndùramair?



D. Crosaidh fós an Aithne só an uile ghniomh
mímhocanta ele, ollamhas an tslighe roimhe
chum na drúise, no adhaltarnuis, mar ata fea-
chaint mhalíseach, poga druiseamhla agus à le-
theidi ele. Ase soin àdeir an Thighearna san
suibhsceal, à miniúg na Haithne so dhuinn an
sna briarthaibh só: An tí fheachas ar mnoi
lé drochdhúil, do chionntuig ré na chroi-
dhe, agus an intinn. Ar an abhar soin goibè lè
na mean an peaca só dho sheachna, ní folair
dho à cheadfa dho chomead go haireach, agus go
mórmhor à shuile, ór àsiad soin na foinneoga
agus na dóirse trè ngabhan an bás àsteach do
ionsuighe an anama.



5. An bpeacuighean an tè ag à mbionn an
iomad do dhrochsmaointighthibh dha bhuai-
readh, agus doní à dhicheall ar à ccur uaidh son
lùas na fèidir leis?


L. 86


D. Ni pheacuigheann go deimhin, ni hé amh-
ain as mór à luoaigheacht, ma dhoni seasamh
maith na naghaidh.



6. M. Ciod an coghnamh, no an medhen le
fheadfam bheith go glan geanamnuighe?



D. Lé húrnuighthe mhinic, faoisidin ghlan,
agus Naomh Shacrament na Haltorach do ghla-
ca, deagoibreacha dho ghnathúghadh, agus
comhluadar na ndrochdhaoine do sheachana,
do chuirfeag toiremeasg orain à ndheanamh.



Foillsudh ar an 7. Aithne.



1. M. Cred ata san seachtmhadh Aithne?



D. Ata inte fogra gan goid do dheanamh
.i. gan cuid dhuine elle dho bhrith uaig dha
neamhthoil. Agus as cneasta, irrúnach chro-
star an ghoid, tar éis an duine mharbhadh, agus an
aghalturnais do chrosagh, ór idir mhaitheas
an Tsaoghail so tar éis na beatha, asi an onoir
as ceanamhla, agus tar éis na honora an mhaoin
tsaoghaltha.



2. M. Camheid modh pheacuidhthear an
aghaidh an 7. Aithne so?



D. Ataid dha mhodh phrinsipaltha anna
ttugthar àsteach an chuid elle go hiomlán. An
ched mhodh prionsapaltha, an trath bheirios
neach cuid duine elle leis gan fhiós do, agus as de
so ghoirthear goid go dileas. An dara mhodh,
à chuid do bhuain do dhuine da neamhthoil go
follas do féin, mar doníd ladruin, no lucht
eirighe shlighe, agus as de so ghoírthar fuodach,
agus bioth gur ab ar an ccead mhodh (dar leat)
labhras an Aithne so, an uair à deir: Na dein
goid, tar à cheann soin, tuicear í ar an dara
modh. Or gibe chrosas an tolc as luga, gan
amhras crosaigh an tolc as mò.



3. M. Cia na peacuidhe bhaineas ris an
ngoid, ris an fhuadach, agus chrostar san Aith-
ne so?


L. 87


D. Ag so iad: Ar 1. an mealldh agus an ghangaid
donithear à reic agus à ceannach, agus na samhuil
elle do chonnarthúibh, agus as reis an ngoid bhea-
nas so, ór gibe doní an ghanguid so, beirigh on
chomharsain gan fhios nísa mhó na as choir
dho. An 2. cuid an uile usureucht donithar
le hairigead do thabhairt amach ar choingheall
à aiseag lé tuille farra na ttug uaigh, agus as
réis an fhuadach bheaneas, or an tí doní usu-
reacht, as follas go niarran nísa mhó ná à ttug
uaidh. An 3. cuid, an uile dhioghbhail do-
nithear den chomharsain, bioth nach tairibh-
eochadh an tí dhoní abheag trí na dheanamh,
amhuil tóiteán, nó losca dho dheanamh, agus à
samhuil elle; curthar so léis an ngoid ar uaribh,
agus léis an fhuadach ar uaribh elle, do reir mar
bhios foilitheach, no follas. An .4. ní, an tí
nach aisigeann an ní ata dhualach air, peacuidh
an aghaidh na Haithne so, agus as ionann dó é agus
goid do dheanamh cuid dhuine elle dho chon-
namhail aige da neamhthoil. An .5. ceim,
peacuid an agaidh na Haitne so, agus doní goid,
an tí dogheibh cúid duinne elle do leig àmugha,
agus chonnmaheas aige na shelibh fèin í, án tan as
fèidir an sealbhadóir ceart do fhaghail; ni peaca
ni do fhagail à dúl àmugha, nach aon duine
elle do leg uaidh è, agus ni dlighthear á aiseag. An
.6. ni, churthar leis an ngoid, agus leis an fhua-
dach, an tan chuireas duine ar à shelibh fein ni
comhchotiitcheann, òr beanuig dha chompana-
chuibh tarabha an ni do bu leo uíle.



4. Foillsig ànois ciodh é troime an pheaca so
.i. na gada?



D. As feidir peacaidhe móra tróma do ghai-
rim dona uile pheacaidhe mharabhthacha, do
bhrig go mbainid don duine an bheatha shior-
ruidhe: gigeadh ata ag an ngoid do dhileas fá
leithe go ttairaingan an duine chum uilc mhóir.
As amhluigh soin tarla dho Iudas fear braith ar


L. 88


Ttighearna (dar ab lucht leanamhna na bi-
theamhnuig ele) tré san chleachta dobhi aige à
goid na nithe, dobhi chum usaid agus gnathibh
choitchian an Tighearna agus na Napostal, fa
dheire gur eirig an uiread soin dolc dho, gur
dhiol à Thighearna agus à Mhagistir róNaom-
tha fèin ris na Huluibh ar airigead. Ar an acht
cceanna dochimuoid go laoithamhuil na bi-
theamhnuig agus an lucht eirighthe slighe à ma-
rabhadh duoine; bioth nach faicidis riamh
roimhe soin iad, agus nach biag fuaith na eas-
cairdeas aca dhaibh: acht amhain lè fonn an
bhegain bhios aca, do bhuaint diobh. Gigheadh
amh ní fhoillingan Diá, an ní soin, bhainid do
chach, do dhul à ttarabha, na fós an aisce leò,
mar as lèir san mbèitheamnach Iudas, dho croch
è fèin agus ar lán do ladrunuibh agus do bhitheamh-
nachuibh ele, doberthar ar laimh an chirt, agus
an lucht cheasta, da ccrocha agus da ndicheán-
nadh. Ar an adhbhar soin, as coir do gach neách
aiseag agus leoirghniomh dho dheanamh ar gach
ní dha fhoil aige go heagoireach, don tí dár ab
dúol è, an sa luas na fèidir leis, ór ni maitear na
peacuidhe acht mona ndeantar aiseagh agus leór-
ghniomh ar an ní dogethear go heagortach.



5. M. Muna fèidir leis an tiomlán do aiseag,
an fhoil do uolach air, sasughad agus leórghniomh
do thabhairt uaidh da mhaoin fèin, amhuil as
fèidir leis, agus son gan mhoill ar bioth?



D. Ata go deimhin, agus gan achur ar cairde,
acht lè cúis dhlistennuig, cheirt.



6. M. Agus an ti nach foil cumusach, ar leórg-
niomh dho dheanamh don tè dha ndearna
dioghbhail, cread as deanta dho?



D. As còir dho an chuid as lugha dhe intinn
do bheith aige leòrghniomh dho dheanamh, san
lúas na fèidir leis.



Foillsiudh ar an 8. Aithne.



1. M. Cred chuireas an 8. Aithne do uolach
orainn?



D. O dho thrachtamair go nuige so ar an


L. 89


ndioghbhail donithear don chomharsain lé
gnimharthaibh, labhram ànois ar an ndiogh-
bhail donithear dhi lé briarthaibh: ar an adh-
bhar soin toiremeascthear san ochtmhadh
Aithne an fhiaghnuise bhreigi ata ar an
ndioghbhail as mó as féidir do dheanamh dhon
chomharsain lé briathruibh.



2. M. An fhoill an agaidh na Haithne só,
atan doní duine breag gan dioghbhail do dhui-
ne elle?



D. Donithear breag ar trí modh an chéd
mhodh, lé dioghbhail do dheanamh dhon chomh-
arsain, amhail do chuirfeag neach ar dhuine do
lathair bhreithimh go ndearna sé goid, no gur
mharabh duine etc. Agus à fhios do bheith aigi
féin gur breag soin; agus as breag dhiobhalach
ghoirthear dhi. An dara modh an tan doní
duine breagfhiagnuise chum maitheasa na
comharsan, fá mar atá, dha shaora ó bhás, no
ó pheiriacail ele, dár ab gnaitheach breag
fhaghbharach do ghairim, agus ní folair à beith
gan dioghbhail do dhuine ele. An treas modh
an trath donithar breag nach dein dioghbhail,
na tarabha dhon chomharsain, agus as breag
dhiomhain ghoirthear dhi. An ched mhodh
dhiobh soin toireameascar go prinsipaltha san
Aithne so é, ór an fhinné soin ní hé amhain go
fhoil na breig, acht fós ata aindlightheach, agus
na peaca róthróm. An da mhodh ele tar à
chean nach foil aimhcheart ionta, agus na foilid
na bpeacuidhibh cho troín ris an cced mhodh,
gigheadh, ar à shon soin àtaid na bpeacuibh
gan amhras, an chuid as lú dhe solaitheach:
ór ní ceaduightheach dho dhuine breag dho
dheanamh, bioth go tiocfagh dhith an mhaith
as mó ar an Ndomhan do dheanamh.



3. M. An ttoirimeasgthear, ein ní ele san
Aithne só, acht breag dho dheanamh?



D. Tóirimeascaid an Aithne só trí gnethe
peacuidhe donithear leis an tteangain, agus ar
modh dhairighthe taraingthear iad chum fiagh-


L. 90


nuise bhreigi .i. masla, Ithiomoradh, agus mal-
lachtùgh, no easguine.



4. M. Cred da ngoirean tú maslagh no
Imdhearga?



D. Ionann é maslagh, agus focal toibemeach
no eagorthach, labharthar à ttarcuisne na
comharsan, amhail àdearag neach ré duine ele,
go mbiag neamhfhoghlomtha, dithchillidh,
uiriseal, micluach etc. As peaca rothròm só,
an tan donithear è le intinn dochair do dhea-
namh dho dhuine ele, mar thaisbeanas ar Tti-
ghearna san Tsuibhsceal mar an abair: An tí
ghoireas da dhearabhathair .i. da chom-
harsain, amadan, as fiú é tine iofrionn
do fhaghial. An tan àdeirthear na
brartha soin lè hintinn Shúgartha, no screachta,
no an tan deir an Tathair ris an ccloinn da
smachtughad no da ccòirliùghadh, no an Ma-
ghistir ris na discioboluibh da tteagasg, ní chum
tarcuisne, na eagora do dheanamh ortha, as
derabhtha nach goirthear dhe maslagh an tan
soin, na fós peaca, acht go madh fheidir à bheith
na pheaca soluightheach àbhain?



5. M. Cred é Ithiomoradh?



D. As ar bhrat, nó ar dhorochughadh, agus
urisliúgh lé tarcuisne donithear ar chlú na
comharsan, ghoirthear Ithiomoradh, ag lab-
hairt go holc air: as amhla donithear so no ag
innisin na firinne ar an ccomharsain lé droch-
intinn fhallsa uruchoidig; no ag innisin an uilc,
ata fiór, gigheadh go foileatheach. As mar soin
chailleas an chlú mhaith dobhi air, ag an ndró-
uing soin nach raibh feasach ar à lochtauibh.
An tithiomradh so, amhail ata an olc gna-
thuightheach à measg na nduoine, ata ar an
acht cceanna perieaclach agus tróm: ór as ceanamh-
la an chlú na an mhaoin tsaoghalta agus an foir-
tiún; agus fós as ceanamhla í ag moran na an
bheatha fein. Da bhrigh soin as mór an diogh-
bhàil an chlú dho chailleamhain, ór as furasa
na huilc ele dho leigheas: amh an chlú chail-


L. 91


thear an uáir amhain, as deacair choithe à
tabhairt tar ais. Mar soin an tí do bhean à chlú
dho aon neach, ata dhiachaibh air à haiseagh.
Da bhrigh soin as romhaith an chomhairle,
labhairt go maith ar gach neach, an tan as féi-
dir é lé firinne; agus muna féidir leis soin, biog sé
na thost.



6. M. Cred è mallís no easgaine dho dhea-
namh?



D. Asedh as mallís, no easgaine ann, an tan
mhallúigheas à chomharsa, à guigh mallacht,
no amhngur, no einneachan, no à samhail, ele
air, no dha thiomona dhon Diabhul, no guidhe
uilc ele dho theacht chúige: agus an mallís soin as
róthrom an peaca è, agus go harighthe an trath
donithear é lé fuaith no lé fonn uilc do theacht
ar an chomharsain. Acht amh lé súgra, no lé
ferig obainn, gan coimhniùgh cred dobhí aige
da radh, agus gan à bheith na shiórghnatabh
aige, ní bhiaigh na pheaca cho tróm soin: tar à
cheann soin as olc è dho shiór, ór á beál an Chrio-
stuidhe, ata na dhalta agus na mhac ag Dia, ní
cóir do theacht acht beannuightheacht, agus
deaghbhriathra.



Foillsiudh ar an 9. Aithne.



1. M. Cred ata san 9. Aithne?



D. Toiremeascthar inte, ní nach iongana, santù
mhná na comharsan. Bioth gur crosag san 6.
Aithne an drúis, tar à cheann soin ba toil lé
Diá fonn, no mían na druise dho thoiremeasc
ann Aithne leis féin fa leith, da chur à cceill,
gur da pheaca idirdhealuighthe iad só.



2. M. Ní faicear, bú chosbhail san Aithne só
go ttuiremeascthear ar mhnoai phosta fear
mna posta ele dho shantughadh, acht fear do
Shanntugh mna fhir ele, ór àdeir: Na sann-
tuig bean do chomharsan?



D. Ní mar soin ata; ór as ionann tuiremeasc-
thar an tanamhián só ar an fhear agus ar an
mnaoi, ór bioth go nabarthar san Aithne só, na


L. 92


santuig bean do chomharsan: tar à cheann soin
tuicear, an ní àdeirthear ris an fhear, tuicear
é mar an cceana ar an mnaoi: ór ás as ainim-
nighthear an fear tar an mnaoi do brigh gur ab
uoisle è dho chreatuir na an bhean. Farris so ata
á fhios ag gach naon gur maslluighidhe san
Tsaoghal so aghaltarnas na mná, na an fhír:
amhail gur ab mò mholthar an mhocantacht
agus an náire san mnaoi, na san fhar: mar soin
ma crostar ar an fhear gan bean fhir ele dho
shantù; gan amhras crostar ar an mnaoi gan
fear mna ele dho shantù.



3. M. Adurag thuas, mar à ccrostar an drúis,
go ttuiremeasghthear mar an cceanna an uile
pheaca ele collaighe, ar an adbhar soin foillsig à-
nois an ttuicear an ní cceanna ar dhúil no ar
fhonn na bpeacuidhe so?



D. Nil amhras, san náit na ttuiremeasgthar
meán na drúise, go ttuicear mar an cceanna
meán an aghaltarnas agus gach gné ele bheaneas
ris an uile short peacaidhe neamhghlana na
colla: ór as ionann resún ris na peacuidhe so
uile.



4. M. Foillsig mar chuinghidh ort, an peaca
an uile fhonn no dúil dothucach chum duine à
mnaoi dhuine ele, bioth nach beith aonta na
toile chuige?



D. Do theagaisc S. Gregoir Papa go fhoilid
3. céimeanna na shamhuil soin do dhrochfhonn.
An 1. cheim, an tan dobheir an Diabhal sanus
don duine ag cur smaointighe salacha an inti-
ne. An 2. cheim, taithneamh do fhaghail ion-
ta. An 3. cheim, aonta dho thabhairt dhoibh.
An 1. cheim, ní peaca é, ma sheasúighthear ris
go hollamh, agus gan an tainthneamh no an sulth
do leigean na ghoire, ní he amhain doghebha
luaidheacht trid do lathair Dé. Amh má dho-
gheibh taithneamh san smúaineadh so, agus na
geabha an toil, na an tuigse ris, ní racha duine


L. 93


as gan peaca soluightheach. Gigheadh amh,
mà thig aoénta na toile agus na tuigse leis an
smuaineadh agus leis an ttaithneamh so, ar
modh go ttiúbhradh à aire don ní so ar à smu-
aineann, agus go ttiúbhradh à áoenta agus à thoil
chuige, doní peaca marabhthach. Agus àsé so
à ní as prinsipaltha thorimeascthar san Aith-
ne so.



Foillsiudh ar an 10. Aithne.



1. M. Cred fhogras Dia san deachmhudh
Aithne?



D. Fograidh gan, màoin doghluaiste dhuine
ele, dho shantughú, mar ata, teach, fearann,
agus à samhuil ele: na fós à mhaoin shoghluaiste,
mar ataid, airigead, airnéis, eadach, tortha agus
asamhail ele: ór an tan nach dentar eagóir ar
an ccomharsain lé gniomh, lé brethir, lé smúoi-
neadh, na lé fonn, comhliontar an ceart go
hiomlán.



2. M. Cred an fath, tar eis gur thoirimisg
Dia an duinemharbhadh, an drúis, agus an ghoid
nár thoirimisg mar an cceanna fonn an duinemh-
arbhuidh, amhuil do thoirimisg fonn na drúise,
agus na gada?



D. A resún son, do bhrigh nach santui-
gheann an duine go prinsipaltha, acht ní egin,
as doith leis do thabhairt tarabhtha chuige, no
na measann tarabha do bheith. Or asi cúis lé
santaigheann an drùis, mar doghibh taith-
neamh eigin inte: agus an ghoid, do bhrigh go
fhaghann tarabha aiste: san duinemharabha,
amh, nil tarabha ar bioth do aon neach, agus
marsin ní santuighthear an duine dho mhar-
abha ar ashon féin amhain, acht maille ris go
ttiocfag neach chum tarabha eigin ele, mar ata
goid no, aghaltarnas, no peacuidh ele as cos-
mhail ró. Da bhrigh soin bioth gur peca ró-
thróm fonn an duinemharbha, tar à chean soin
niór thoririmisg Dia é fa leith: ór do bhrigh
go fhoil an duinemharbha tuiremeascach
ann féin, as tuicthe as soin, go fhoil à fhonn


L. 94


mar an cceanna toiremeascach: agus do bhrigh
nach deonuigheann Dia fonn neamhdhliste-
neach an tainthimh cholluighe, agus na nainamh-
iann ele, as tuicthe mar an ceanna nach deonui-
gheann fonn na míann an duinemharabha,
noch na santuighean neach, muna mbeith do-
chas aige taithneamh no tarabha eigin do
theacht chuige as.



3. M. Foillsig ànois, cred ná crostar an sna
dlighthibh saoghalta míann no fonn an uilc,
mar chrostar à ndhlighe Dé?



D. As follus à resún soin, do bhrigh na duoine
bioth go mbeadaois na Bpapaoibh, no na Nim-
piribh, nach faicthear dhoibh seicredidhe na
ccroighthe, acht na nithe foirimealecha amhain
agus da reir soin, ní féidir leó breitheamhnas do
thabhairt ar na smoaintighthibh, no ar na
miánuibh, na fós à smachtú; da bhrigh soin ní
bheanann riú à ttoiremeasc. Gidheadh amh,
Dia dochí croighthe na ndaoine as féidir leis na
drochsmoaintethe, agus an drochfhonn tig uoatha
dho smachtudha, amhuil thorimeascaidh iad
ina naomhdhligh féin.



AN II. CAIB.



Ar Aitheantibh na Heagluise.



1. M. An fhoil an eagmuis Aitheanta
dligh Dé Aitheanta ele do fhia-
chaibh orain do chomhall?



D. Ata go deimhin Aitheanta na Naomh
Eagluise mar thisbeantar anso siós.



1. Gach à Domhnuigh, agus gacha lá sola-
monta saoire fogartha Aiffrionn iomlàn
do aoisteacht go durthachtach.



2. Na troisgidhe fhogras an Eagluis an aims-
reachuibh agus à laethanuibh dhairighthe
do chognnamhail, mar ata an carghas, na
caturachatimper, na bhigil d cho-
mead na ttrosca, Diahaoine agus Diasa-
thruinn é fheoil. Agus àse seangnathugh
naomhtha na Nerenach gan báinbniá


L. 95


Diahaoine, na feóil Diaceaduin do
chaithamh.



3. A fhaoisidin do dheanamh, an chuid as lú,
uair san mbliaghain ré na Shagart Por-
roiste, no lè na chead, ré sagart ele aga
mbiaigh ughdaras, agus gach uair ele bhiás
à bperiacail bháis agus riá chomaoine dho
chaitheamh, agus rìa Sharamentibh ele
dho ghlaca.



4. Comaoine dho chaitheamh an chúid as lú am
Chaisc ona Shagart Porroiste, acht muna
mbiaigh tuiremeascach go dlisteanach,
no bánn on Egluis air, no é na dheoruighe.



5. An deachmhaidh agus rannda ele na Heaglui-
se do ioc do réir ghnathuibh na Heasbu-
goide na mbiaidh.



6. Gan posa ó thús Aidbheint go criochnùgh
dha lá dheagh na Nollagh, na ó thús
chargais go mionchaisg.



2. M. Cred da fhognaid Aitheanta na Hea-
gluise?



D. Chum go mo feárde do coimhlionfuigh
Aitheanta Dé àsedh órduighthear iad, ór ní
riochtanas tracht ortha nísa mho: ar ttús, do
bhrigh go fhoillid uras: àrist do bhrig go fhoill-
seocham iad an sna Naomh Shacrament, mar
ata san fhaoisidin, san ccomaoin, agus san ttrosga.




AN III. CAIB.



Ar Oibreachuibh na Trocaire.



1. M. Foillsig ànois oibreacha na Trocaire,
agus ar ttús innis cred é toragh na ndeagh-
oibreach?



D. Ata ag na deaghoibreachuibh mar thorth-
uibh gella, agus duais na beatha Shiorruighe, ceann-
suighid Dia, coimeaduid agus meaduighid na gra-
sa, fa dheire donid dearabtha ghairim chrithe
an Duine.



2. M. Ca mheid bair Throcaire ann?



D. Ataid 14. do oibreacha Trocaire ann .i.
7. noibreacha corpurdha, agus 7. noibreacha
spioradaltha.


L. 96


3. M. Abair na 7. noibreacha Trocaire cor-
pordha?



D. Do reir an Tsuibhsceoil, ataid 7. noi-
breacha Trocaire corpurdha ann.



1. Biá dho thabhairt dhon ocarach.



2. Dioch dhon iotmhar.



3. Eadach dhon nocht.



4. Aoideacht agus leaba dhon deórúidh.



5. Fiosorú na neaslán.



6. Fùasgladh na mbraighde.



7. Na maraibh do aghlacadh.



4. M. Catrath as tuca biá dhon ocrach?



D. An trath bhearas Dia dhuit é, anson roinn
go maith é ar chreaturibh Dé, mar thùrnae agus
mar stiobhard dhod Tighearne, ar na nithib
tug ar do láimh agus ar do chumas.



5. M. Cred fá ttugar deoch dhon iotmhor?



D. Chum gan tuitim san inneachan nar
thuit an saoibhir santach an iofreann, nach do
hemigheadh an trath do shir aoan bhraon amh-
ain uisge an ifreann, do bhrigh nach raibh se
Trocaireach, iar mbeith dho ar an saoghal so.



6. M. Cred fá ttucar eadach dhon nocht?



D. Ionnus go ccoirfeag Criost umadsa íorra,
no stoil na ngrás.



7. M. Cred fá ttugthar aoidheacht agus leaba
dhon deoruidhe?



D. Do bhrigh Mac Dé gur thoil leis deoruigh
agus oilirtheach do dheanamh dhe féin san sao-
ghal so air ar soinne ar an adhbhar soin as gla-
caighthe dhuinne na deoruighthe à bpearsain
Chriost.



8. M. Cionnus as cóir na heagrùaidhe do
fhiosarughadh?



D. Ag tabhairt fhortachta dhaibh lé brei-
thir agus lè gniomh, do reir do chumas.



9. M. Cred fa fhuascalthar na braighde?



D. As ionfhuasgalthe dhuit iad, ma ataigh
cumusach air, do eagla go ccaillfidis à ccrei-
deamh, no go ttuitfidis an eadochas.


L. 97


10. M. Cred fá norduithear na maraibh do
aghlacadh.



D. Ar lorug agus ar shompla an Naoimh Tho-
bias, do thuill beanacht Dé agus do glac í maile ris
an Archaingeal Raphael, tré bheith Trocaireach.



Foillsiugh ar na Hoibrecha spiora-
daltha na Trocaire.



1. M. Abair anois na 7. noibreacha Spiora-
daltha na Trocaire?



D. Ataid an uireadh cheanna ann do oibrea-
chaibh spioradaltha, na Trocaire mar as léir
anso siós.



1. An tanibheasach do theagasc agus do thriorú.



2. Comhairle aleasa do thabhairt don ti ata
na uireasba, no ata adir dha chomhairle.



3. Solás do chur ar na dobronachuibh.



4. Lucht na herraide agus à dul àmú do smach-
tù, agus do dhiriú.



5. Maithfeachas do thabhairt don chomhar-
sain son eagoir dorinne ort.



6. Fulang go foighdeach na hainbhreatha agus
na haindhlithe dhonithar adthaghaidh.



7. Guidhe chum Dé ar bheoaibh, agus ar mha-
raibh.



2. M. Cionnus teagasgathar an à taineolach
no an tainefhiosach?



D. A theagasg agus à mhuneadh agus à threo-
rugha ar slighe Dé, chum à slanuighthe.



3. M. Cionnus deagchomhuirlighthear an
ti ata na huireasba?



D. Comharle à leasa dho thabhairt do chum
gan tuitim an erraid na à bperiacail à chuirph
agus anama do dhamanugh.



4. M. Cred fá nabair tú solás do chur ar na
dobronochuibh?



D. Chum nach caithfeadh liónndubh na do-
brón iad, agus mar soin nach tuitfidís à mídhochas.



5. M. Cred fa nabair tú bheith fulungthach
faoideach san eagodir domithar ort.



D. Chum go maithfeadh Dia dhúin na cion-
ta agus na peacuidhe donímid an aghaidh.



6. M. Cred fa na ab infholingthe go foigh-
neach, eagoir, luige, no aindhlighe na comh-
arfah?


L. 98


D. Ionnus go ccuirfeagh Dià à neamhchoimhne
na peacuighe donimíd an aghaidh féin go minic.



7. M. Cred fá nguidhtear ar na béodhuibh?



D. Chum Dé dho tharang an intinne ó dhiomh-
aineas an tsaoghail so, agus go ngnathuighdis iad
féin an ndeagoibreachuibh.



8. M. Cred fá nguidheann tú ar na ma-
rabhuibh?



D. Ionnus go mbearagh Diá ar Ttighearna
leis iad da ghloire agus da Tsonas siorraige féin.



9. M. An feidir cúis ar bioth dho fhaghail,
lé ngeobhathaoi leisgeal duine fá gan na hoi-
breacha so na Trocaire do dheanamh?



D. Ataid 3. cúise ghabhás leisgeal fa gana
ndeanamh. An 1. chúis, an tan nach bíd na
medhoin uireasbucha ag duine chum à ndeanta.
Or ní leaghmaoid san suibhsceál ar an ndear-
cachan, no an bochtan Lazarus go ndearna aon
obair chorpordha Throcaireach, do bhrigh go
raibh féin a fhiórriachtanas gach oibre aca, agus
da reir soin, as maille re foighne fuair sé coroin
na gloire, ór asi toil Dé na dúoine saoibhre do
shlanú le hoibreachuibh na Trocaire, agus na boch-
táin lé foeighne; ór ar an modh ceanna an ti
nach foil foghlaim, crionacht, na eolas aige, nil
do fhiachuibh air atteagasg do chach, na ac-
comhairliú. An 2. cúis, an trath bhios neach
à seiribhis do Dhia à staid as aoirde na an bhea-
tha ghniomhach in nach foil cúis aige oibreacha
corpordha na Trocaire do ghnatughadh, mar
ataid na Dithreabhaig bhios do shiór san uaig-
neas à smuaineabh ar na nithibh neaomhdha,
nil do uolach na do fhiachaibh ortha à ngna-
tughadh beanuighthe do leigean diobh, ag so-
lathar cia dha ndeanadaois obair Throcaire.
An 3. cúis, an tan nach faghan an phearsa an
ti ara mbiag riochtanus na carthanachta. Or
ní fhoil do fhiachuibh fortacht, acht ar an
ndroing nach foilid cumusach ar fhortacht or-
tha fèin, agus nach foil dúoine ele dobhearag for-
tacht dhaibh. Tar à cheann soin as fiór, nach


L. 99


fanann an Trocaire dhionghamhaltha rè haim-
sir an riochtanuis, acht go mbionn do ghnath
ollamh chum fortachta ar gach neach san modh
as fear na fèidir lè, do reir à cumais.



10. M. As cosmhuil go fhoil gach nduine
cumusach ar an obair ndeigheanuig do chur à
ccrith .i. guidhe chum Dè ar son na comharsan?



D. As fiór son, agus as amhluig soin doníd na
Dithreabhuig oibreacha Trocaire, do bhrígh go
nguidhid chum Dè ar son na comharsan, ion-
nus go fhortuigheadh lè na grasuibh ar gach
neach ata na riochtanas.




AN IIII. TRACHT



DON III. LEABHAR



DHON THEAG CHRIOST
Ina foillsighthear na nithe ata dhia-
chuibh orainn do ghlaca .i. na Sacramenteagh.



AN I. CAIB.



Ar na Sacramentibh go coimhchoitcheann.



MAGHISTIR.



1. O ata fios agad ar na 3. cotcha as
prionsapaltha dhon Teagasc Chrio-
stuidhe, foillsig ànois an 4. cuid
trachtas ar na Sacramentibh; agus innis ar tús
cred fa fhoilid Sacramenti ag an Eagluis?



D. As amhluigh ata an Eagluis, amhail
siopa leágha rófhoghlamtha, eólguisuidhe, ina
fhoilid na huile chóguisidhe as riochtanas an
aghaidh an uile eagruas; ór àsé an pecach an
teagruaidh, an liaig Criost, an sagart an bua-
chail othair agus an turné, na cogasighe subh-
ailche na Sacramenti, na suithighe adhbhar
somhothuightheach na seacht Sacramenteadh.



2. M. Cred é Sacrament?



D. Comhartha beanuighthe é lé ttabhair
Dia grasa dhuinn, agus maraon reis go foirime-
lach taiisbeanuidh dhuinn effecacht dofhaic-


L. 100


seana, noch oibrigeas grasa in ár nanam. Or
dha mo spiorradí gan cuirp sinn, mar na Hain-
ghilibh, dobhearadh Dia à ghrasa dhuinn ar
mhodh spioradaltha: amh mar as do anam agus
do chorp atamaoid deanta; tríd sin Dia ag oi-
reamhuin dar nadúir, dobheir ghrasa dhuinn
lé medhon gnimhortha corpurdha, fhoillsigheas
lé cosmhalacht eigin fhoiriomiluig effeacht
fhoiletheach na ngrás: mar as leir à sompla an
Bhaistighe noch as do Shacramentibh na Hea-
gluise, ann na nighthear an corp lé huisge,
agus na ngoirthear maraon an Naomh Thrionoid,
agus maile ris an niochán só dobheir Dia uaigh
grasa, agus dóirtig í an anam an tí bhaistighthear
agus dobheir dhuinn ré thuigsin do reir mar ni-
gheas an tuisge an corp, gur mar sin níghid na
grasa an tanam, agus glanuid è ona pheacuibh go
hiomlán.



3. M. Do reir mar fhoillsigheas tú, ní folair
trí coinghill chum nithe do bheith na Sacra-
ment. An 1. choinghioll, ní fulair gniomh
egin foiriomalach. An 2. conghiall, go
ttiobhradh Dia grasa uaig maille ris. An 3.
coinghioll, go mbiág cosmhalacht ag an
ngniomh son ré heiffeacht na ngrás, go cial-
luiag agus go tteisbeanadh é go foiremelach?



D. As fiór son. Anois ní folair à theagasc gur
ab é 7. lión na Sacramenteadh go hiomlan már
ata annsó sios arna nainimniughadh.



1. Baiste.



2. Dulfa laimh Easbuig.



3. Aithrighe.



4. Corp an Tighearna.



5. Ola dheanach.



6. Ord sagairt.



7. Pósa.



4. M. Cred nach foil acht 7. Sacramen-
teadh amhain san Eagluis?



D. Ag só an resún; fà fhoilid à 7. ann, do
bhrigh gur gnaith lé Dia an bheatha spiora-
daltha dho thabhairt dúinn, ar an modh do-
bheir dhúinn an bheatha chorpordha. Chum na
bheatha chorpordha, ní folair. An 1. ní, do
neach à bhreith. Na dheaigh sin, fás. An 3.
ní, ní fulair dho à bheathughadh. An 4. ní,


L. 101


ma bhiónn eagruaidh, à leigheas. An 5. ní,
an trath reachas chum cuimhosgair bheith
aramaltha. An 6. ní, as riochtanas ceànn
eigin stiurfas agus riaghulfas na duoine iar mbeith
bertha agus iar fhás dhaibh. An 7. ní fulair
droung eigin do bheith ann chum an chine
dhaonna dho mheadú: ór iar mbás don drouing
bherthar, muna ttagadh tuille na nait, do
criochnothuidh an cine daonna go grod. As mar
soin, ar an modh cceanna na nithe chum na
bheatha spioradaltha. Ar 1. ór ní folair grasa
Dè dho bhreith anúinn, noch donithear leis an
Mbaiste. An 2. ní, ní folair na grasa soin do
fhás agus do neartú, agus donithear só lé dúl fá laimh
Easbuig. An 3. ní, ní folair na grasa soin dho
bheatù agus do chothú agus as lé Naomh Shacrament
na Haltorach donithear è. An 4. ní, ní folair
an tan chailthear na grasa, à ttabhairt tar ais,
agus as lè leigheas na Haithrigh dhonithear só.
An 5. ní, ní folair don duine an aimsir an bháis
bheith aramáltha an aghaidh à eascarad Io-
frionda, doní coga rinn, noch as mó bhuaireas sinn
an trath soin, na aon uair ele, agus as leis an Ola
dheigheanuig donithear só. An 6. cuid, ní fo-
lair neach dho bheith san Eagluis, riaghalfas agus
stiurfas sinn san mbeatha spioradaltha só, agus as
leis an sagartoireacht donithear soin. An 7. ní,
ní folair mar an cceanna go mbiag san Eagluis
neach dobhearach aire dho mheadughadh
sporadaltha an chine dhaonna ionnus marsin go
meadochag nuimhir na Criostuighthe, agus as lé
Sacrament an Phosta donithear só.



5. M. Cia fuiar amach agus do thionsgain na
Sacramentig róiongantacha só?



D. Na Sacrameint róiongantacha só, níor
fheidir lé aon neach à fhail àmach, acht leis an
Eagana Neaomdha, agus fós na à ttionsgna,
acht amhain lé Diá, noch gur ab ar à chumas
amhain, ata tabhairt àmach na ngrás. Ar an
adhbhar soin Criost ar Ttighearna, noch ata na
Dhia agus na dhuine fhirineach, àsé fuair àmach


L. 102


agus do thionsgain iad. Farris só as amhluigh
ataid na Sacrameinti so uile, amhuil canalacha
agus srothaín, tré ngabhann agus tré ritheann chu-
gain, subhailche agus brigh phaise Chriost. As gur
ab dearabhtha nach féidir lè haon neach ion-
mhos stior phaise Criost do roinn, na do thabh-
airt àmach ar aon mho ele, acht ar an modh,
do órduig agus do thionsgain Criost fèin.



6. M. Fiafruim dhiot an rabhadar Sacra-
mente san TseanRacht, agus an rabhabar cho
maith agus chomh uosal rè nar Sacramentne an
nuaRachta?



D. Dobhadar morán Sacramenti son Tsan-
Racht, gigheadh dho bha difir idir ar Sacra-
mentne agus iad à 4. nithibh. An 1. ní, gur bhio-
madúla iad na ar Sacramentne , ar an adhbhar
soin do bo dhocúluighe go mór an seanRacht na
an nuaRacht. An 2. ní, do bo dhocara iad do
chomhall, na ar Sacramentne . An 3. ní, do bo
dhoracha iad na ar Sacramentne , agus trid soin,
as róbhig do thuigeag iad: à chunntrail soin, go
fhoilid ar Sacramentne chomh soleir soin, gur
fèidir lè gach naon à ttuigsint. An 4. ní, ní
thugadáis grasa uotha, mar bheirid Sacra-
menti an nuaRachta, acht àmhain à ciallú
agus à gelladh. Ar na hadhbharaibh soin as ró-
uaisle agus as rótharabhuighe ar Sacramentne
na iad, do bhrigh gur lù dho nuimhir, gur ab
usa, gur foillsighthe, agus gur brióghmhuire ta-
rabhuigh iad na Sacramenti an TseanRachta.



7. M. Foillsig dhamh ànois cia na Sacra-
mente as mó agus as uóisle dhár 7. Sacramentibh?



D. As mór uásal iad uile, agus ata à uaisle
fèin ag gach Sacrament aco fá leith. Gigheadh
àsé Naomh Shacrament na Haltorach as mó agus
as neaomhta aco uile, ór as an féin ata ughdar
na ngrás, agus na huile mhaitheasa .i. Criost ar
Ttighearna. Acht amh más don riochtanas
fheachfair, àsiad Sacramentí an Bhaiste agus na
Haithrighe ata na róriochtanas ar na duoi-
nibh. Ma feachthar fós ar onoir no ar ghradam


L. 103


na droinghe, dobheir àmach iad, àse an dul fá
laimh Easbuig, agus an Tsagartoreacht as ono-
ruigh dhiobh, do bhrigh gur ab Easbug amhain
dobheir àmach iad. Mas ar fhusacht fhea-
chas tú, asi an ola dheighenach as fusa dhiobh,
ór maithear na peacuidh lé gan duo na Haith-
righe. Fa dheire mas do reir na ceille fheachas
tú, àse an Posa as mó dhiobh, ór go cciolluigean
se comhcheanall Chriost ris an Eagluis, agus Dé
ris an anamh.



8. M. O dubhrais túas, gur maille ris na Sa-
cramentibh dhoirtear na grása nar nanamaibh
innis dhamh ciodh í grása?



D. Ata beatha Spioradaltha an anama lé
ndentear dhon duine mac totha Dé, fear ai-
tribh, no buirigeseach agus oighre fhlaitheamhnuis.



9. M. Cia na subhailcí tig chugainn ó na
Sacramentibh, maraon reis na grasuibh?



D. Go hairighthe tig chugain na trí subhaice
diadha .i. creideamh, dochus, agus carthine,
mar fhoillseochar na nionad féin.



AN II. CAIB.



Ar Shacrament an Bhaiste.



1. M. Tionsgnam ànois ar an cced Shacra-
ment .i. an Bhaiste. Cred é Baiste,
agus cred ó nabarthar é?



D. Ase an Baiste doras na Sacramentí ele,
agus an ced doras tré tteid an Criostuighe àsteach
dhon Eagluis, agus as ainim greagach è, as ionann
è san laidin agus nighe no fothragadh. Asi toil na
Heagluise an taimin Griagach so do ghnathú,
do brigh gur focúl cochoteann nighe, agus ata à
gnathabh go fhoil uriseal an iomad do nithibh.
Ar an adhbhar soin ionnas go mbiag à ainim
dileas fèin ag an Sacrament só, agus chum gur
móide dho haitheontuigh agus do honorfaoi è,
goirthear dhe Baiste.



2. M. Cred fár tionsgna an Baiste?


L. 104


D. Chum peaca an tsinsir agus na bpeacuidhe
ele dorinneag ria mbaiste do sgrios.



3. M. Cred ghlacamid à Sacrament an
Bhaiste?



D. Glacamaoid grasa, tabhartais, agus subh-
ailchi, dhortear orainn, lé ndentear dhinn clánn
toghtha Dé agus oigridhe Flaitheamhnuis.



4. M. Ca mheid gne Baiste ann?



D. Trí gne .i. Baiste Abhann .i. uisge:
Baiste Fola .i. martirig: Baiste Tine .i.
seide tig on Spiorad Naomh.



5. M. Cia an trath do tionsgnadh an Bai-
ste?



D. Ase Criost ar Ttighearna do thionsgáin é
iarna Baiste do Eoin à sruth Iordain.



6. M. Cia na nithe as riochtanas do shiredh
chum an Bhaste?



D. Ataid 3. nithe (nach foil tiacht na neagh-
mais) do riochtanas chum an Bhaistí, noch as
an chomharthuighthe. Do bhrigh à ccasaibh
dhaereighthe, gur à féidir leis gach nduine Bai-
ste dho dheanamh agus as trid soin ata se à rioch-
tanus ar gach naon à fhios do bheith aige cion-
nus as indeanta é. Ar 1. as riochtanus fióruisge
nadurtha dhoirtear ar anti bhaistear, no na
ttomhar é. An 2. ní, an ti bhiás ag
deanamh an Bhaistighe do radh na mbriathar
so ag tuma an ti bhiás à glacad an Bhaiste, no
ag dorta an uisge air .i. Baistim thú, an
ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spio-
raid Naoimh. An 3. ni, ni folair dhon
phearsain bhiás ag deanamh à Bhaistidhe in-
tinn dho bheith aige Baiste dho dheanamh
dhariribh .i. an Tsacrament so dho thabhairt
uaigh, mar do orduigh Criost, agus ghnathui-
gheas an Eagluis. Or da nabradh duine na
briartha son, le maga no le intinn amhain an
chuirp do nighe ó shalachar, gan intinn Baste
dho dheanamh, do dheanadh peaca róthróm, agus
ni bhiag foghnamh ar an mbaiste.


L. 105


7. M. Ciodh na heiffeacht oibrigheas an
Baiste?



D. Oibrigh 3. heiffeacht. An 1. eiffacht,
go naithnuaidhean an duine go diongmhalltha
ag tabhairt gràsa Dé dho, lé fhilleann ò bheith
na mhac ag an Ndiabhul, ina mhac ag Diá, agus
ò bheith na pheacach na dhuine cheart; agus ní
hé amhain gó nigheann an tanam ón uile chá-
dha agus tsalachair na coire agus an pheaca, acht
fós saoruig è ón uile Phein Iofrionn agus Phura-
gadoir, do thuill tré na pheacuibh sul do Bai-
steag é. Or da fhágh bás go hobann tar eis Bai-
ste, dorachag gan mhoill ar Neamh, amhail
nach deanag aon pheaca riamh. An 2. heif-
feacht, buailthear leis an Mbaiste ar an a-
nam seála spioradaltha dosgartha ris choithe,
lé naitheantar è do shiór, agus fós mas go Hio-
frionn teid, aitheantar gur ghlac Baiste, agus go
raibh do thréd Christ, amhuil mar aithean-
tar san saoghal só na duoine, no an árnéis, ar
ambionn marc à Ttighearna. Sin fós an chúis,
nach féidir an Baiste do ghlaca fúi dhó, ór ní
féidir an comhartha, no an seála só as effeacht
don Bhaiste do sgara ris an anam choithe. An
3. eiffeacht, do bhrig gur trid an Mbaiste
ghabhas an duine asteach dhon Eagluis, agus
chuidigheas da maitheas go hiomlán, mar
mhac dileas dí, admhuigh, agus dobheir à mhoi-
di, gur toil leis bheith na Chriostuighe, agus umh-
lú dhon drouing, stiuras an Eagluis cheanna an
ionad Chriost.



8. M. Cia ré mbaineann do cheart Baiste
dho dheanamh?



D. Don Tsagart as duol è, dò offig dhilis agus
go harigthe dhon Tsagart poroiste, ar à mbionn
curam na nanam. Gigheadh, mona féidir sa-
gart do fhoghail do labhair, as ré cleireach ar
à mbiaid cuid dona graghuibh bheaneas sé. Ní
he amhain (à ccas riochtannis an tan bhiás an
creatúir à bpiriacail bháis do fhaghail gan
Bhaiste) as féidir leis an uile dhuine dho cle-


L. 106


reach no do thuota, do fhiór no dho mhnaoi,
Baiste: gigheadh ní cóir dhon mhnaoi Baiste dho
lathair an fhir, na dho tuato dho lathair an
chleirig, na dhon chlereach as isle gradha, do
lathair an clerig as aoirde gradha.



9. M. Cred fá Mbaistear na Naoighennain
grodh bhertha, ór níl fiós aca cred ghlacaid?



D. Ata an Baiste cho riochtanasach soin,
iomnus goibe dogheabhag bàs gan è (no go hai-
righthe fonn à ghlache) nach bia ar a chu-
mas dul àstach à Fhlaitheas Dé. Agus do bhrigh
na Naoigheannain bhega, go fhoilid róshomha-
rathacha, agus nach foil do thuigsint aco, an
Baiste do iarruigh, ar an adhbhar soin as uireas-
bach à Mbaiste dho lathair. Agus tar à cheaan
nach bionn à fhios aco, cred ghlacaid, ar à shon
son doní an Eagluis an uireasba son do leasú
maile ris na cardeachas Criost, fhreagras à
bpearsain na Naoighe: agus à gabhail ré nais go
ccomhlionfadh an ní ghealluid ann ainim, agus as
leór son. Or mar do thuiteamair san bpeaca, agus
an eascardeas Dé tré choir Adam, gan fhios
dhuinn féin: ar an modh cceanna as leór lé Diá,
go saorfaoi sinn (maile ris an mbaiste agus leis an
Eagluis) on bpeaca, agus go fhilleamaois na ghra-
saibh, bioth nach areochamaois no nach tui-
gimaois é.



10. M. Cred chiallaigheas dhuinn na cairdea-
chas Criost, ar labhramair ànois, agus cred an
oiffig?



D. Ag tabhairt an Bhaiste àmach maille
ré seanghnathú somholtha na Heagluise, bí dho
lathair fear agus bean da ngoirthear cairdeachas
Criost .i. Aithair agus Mathair ele: coinnmhaoid
iad so àraon, no persa aco an Naoighe ar feg
an Bhaistighe, agus freagaraid ar son na Naoidhe
ar fiathfruighe an Tsagairt, an ail leis Baiste,
an ccreideann Artigail an chreidimh, agus à samh-
uil ele so? Agus ata do fhiachaibh ar na cair-
deachasuibh Criost, iar ttiagheacht don lea-
nabh chum aoise (ma bhionn à Athair féin agus à


L. 107


Mhathair falightheach, no neamhdhithelleach
no neamhchamasach) à theagasg, agus à thabh-
airt suós san chreideamh agus an ndeighbheasuibh.
Fa dheirigh, bioth à fhios agad, go fhoil ag an
sagart noch Bhaisteas, agus ag na cardeachas
Criost gaol spioradaltha agus col ris an leanabh,
agus ren Athair agus ré na Mhathair.



AN III. CAIB.



Ar Shacrament an confirmation .i.
dul falaimh Easbuig.



1. M. Do labhramair go leòr ar an Mbai-
ste, labhair ànois ar an 2. Sacra-
ment an confírmatíon .i. dul fa laimh Easbuig?



D. Goirthar don 2. Sacrament à laidin,
confirmatio .i. dul fé laimh Easbuig: àse sinn
daingniughadh, do bhrigh gur ab è à eiffeacht
an duine dho dhaingniughad san ccreideamh,
fá mar àdearamaoid go grod na dhiaigh só.



Goirthear dhe chrisma (focal greagach) chial-
luighes ola no unga, ór san Tsacrament só ung-
thar eadon an tí ghlacas è. Amhail mar nigh-
thear san Mbaiste lé huisge an tí Bhaisteathar,
à ciallughadh go nighthear lé grasuibh Dé à
anam ò shalachar thruaillighthe na bpeacuidhe
as amhlaidh soin ungthar an teadan san Tsa-
crament so, da chiallú go nainginithear lé gra-
suibh Dé an tanam, lé ttugan Dia neart agus cala-
macht do, chum seasuibh an aghaidh an Diabh-
uil, agus chum creidimh Chriost dadamhail go
dana, gan eagla pene na báis dha chruagha-
luibhe.



2. Ca trath as cóir an Sacrament so dho
ghlacadh?



D. Ase trath as ionghlacaigthe è, an tan
thiocfas duine chum resúin agus theonsgnas an
creideamh do adamhail, agus bhios à riochtanas
à neartuighethe, à ngrasaibh Dé.



3. M. An oibrighean an Tsacrament só an


L. 108


confirmacion aon effecht ele san anam?



D. Oibrig, ór buailthear léis an Sacrament
só seala no comhartha spioradaltha ar an
anam dosgartha réis choithe, amhail san
Mbaiste, ór soin an chúis nach féidir an Tsa-
crament só dho glaca fá dhó.



4. M. Cred è riochtanas an anama ré seála ele
do bhuala air, nach ar leór do seála an Bhaistidh.



D. Ní gan chúis buailthear an 2. seála só ar
an anam: ór léis an 1. sheala aitheantar gúr
Criostuidhe amhain an duine, agus gúr do mhoin-
tir Criost è: gigheadh léis an 2. seála só, ai-
theantar è mar shoighdúir do Chriost, aga
fhoil comhartha à chaptaoin an anam: mar
bhios ag Soighduribh Saoghaltha comhartha
a ccaptaoin ar an eadach. Agus an droung tar
eis an Tsacrament só dho ghlaca ma theid go
Hiffrionn, bíd cúthuil, maghanta, lán do mhi-
cheata ortha féin do bhrigh go mo follas do gach
aon go ttugadar an droung son à moide, agus à
ngelladh bheith na soighdiuribh disle ag Criost
agus na dheaidh soin go ndeachadar à ttrao-
tureacht an aghaidh go ré thruaillighthe
claighreachúis.



5. M. Cia Turné, no mistir dileas an Tsacra-
ment só?



D. An Teasbúg àmhaín.



6. M. An riochanas cairdeachas Criost
chum an Tsacrament só?



D. As riochtanas go deimhin: gigheadh ní
folair dhona cairdeachas Criost bheith na Crio-
stuidhe ò thús agus dúl fá laimh Eeasbuig, òr gan
soin ní bhiaid na ccairdeachas Criost tuig mar
an cceanna go geangaltar agus go nglacthar san
Tsacrament só gaoel agus col spioradaltha,
amhuil son Mbaiste.



AN IU. CAIB.



Ar Shacrament na Haithrighe.



1. M. Ata chugain ànois an treas Sacra-
ment da ngoirthear an Aithrighe;
foillsig ànois cred è, agus cred da fhoghnann?


L. 109


D. As maith an Aithrigh chum maithfea-
chuis do fhaghail an sna peacuibh dorinne dui-
ne iàr Mbaiste, agus chum fillthe ar ghrasaibh agus
ar chairdeas Dé. Cialluig an Aithrígh trí nithe.
An 1. ní, cialluigh si subhailche dhairighthe,
lè mbiònn dolàs ar dhuine trina pheacuibh, agus
as Neamhairtheachas goirthear don dualche ata
na haghaidh, ionann soin agus gan doligheas do
bheith ar dhuine, acht comhnuigh agus dúl ar
aghaidh na pheacaidh. An 2. ní, goireamaoid
Aithrighe dhon phèin agus don ghortú ghabàs
duine air féin ag tabhairt sasuighthe dho Dia
san olc dorinne an aghaidh: agus soin an chúis na
nabramaoid go ndein duine Aithrighe mhòr, an
tan doní iomad troisge, agus ceasta ele. An 3.
ní, cialluigh an Aithrigh Sacrament do thions-
gain Chriost chum na bpeacuidhe do mhaithe-
amh don drouing do chaill grasa Dé tar eis à
mbaistethe, agus ar ambionn dolas trè na bpea-
cuidhibh, agus bhios fonnamhar ar fille aris ar na
grasaibh. Ar an adhbhar soin (mar do reamh-
radh) do thionsgain ar Ttighearna Dia an Sa-
crament so amhuil Athair agus Liaig rò
thuigseanach, rócrionna, do sholather sé an
leigheas roimh an easlainte, an chobhair agus
an fortacht roimh an ndioghbhail.



2. M. Cred an leigeas no an mhaith doní an
Aithrighe dhon duine?



D. Nil ar bioth leigheas as foisge na as tarabh-
uidh don chorp dhaonna, na mar ata an Aith-
righ dhon anam, agus as leigheas comhchoiteann
í an aghaidh an uile eagruas an anama.



3. M. Ar chosain tionsgna an Tsacrament
só duó na saothar ar bioth do Criost ar Tti-
ghearna?



D. As ródháor do chosain dar Ttighearna an
fortacht comhchotian so do thionsgna, chum
leighis an uile Easlainte an anama; lé hiomad
Saothair à phearsan féin ar feg 33. dho bhliogh-


L. 110


nuibh, agus tug fogra dona huile eagruaibhìbh
ar feg an Tseghail, tiacht da Naomh Eagluis
féin do ghlaca an leighis soin.



4. An ngoilleann air ar Ttighearna gan na
duoine dho theacht don Eagluis à ghlaca an
leighis só?



D. As rómhór ghoilleas son air, do bhrigh gur
fholaing an iomad uilc, duaidhe, agus saothair
ag soláthar an leighis só agus gabhaig chuige na
tharcuisne na duoine dho fhaicsin lán do eas-
láintibh, agus do chreachtuibh rónimhneacha,
graneamhla na bpeacuidhe, agus iad ag eiteach
agus à cur ar cairde, an leigheas so do ghlaca do-
ghebhadaois an aisge, agus taireacear dhaibh
chum à slanuighthe. As uime sin àdir an Fáigh
à bpearsain Chriost: Adubhartsa gur
dhiomhaoin do shahorthuigheas, gan
chúis agus as diomhaoinneach do chaitheas
mo neart. Or as diomhain soláthar an leghis
só don drouing nach glacan è, no ghlacas è go
neamhcheart. Agus dioghaltha misi soin ortha,
agus foineochad à ccaithamh àmach lé èaslain-
tibh, agus lé eagruasaibh, ar son gan an leigheas
ata ollamh agus furas do ghlacadh.



5. M. Cred an dua no an saothar do fhoi-
ling Iosa Chriost ar Ttighearna à salathar an
leighis só?



D. Ar tús do thurling sé ò Neamh à mbroinn
na Hoighe à glaca cholla daona uime ann à
raibh ar an ttalamh, lè iomad duadha agus ann-
ródh, neamhcheana, agus tarcaisne, agus fa dhei-
ridh ag fulang Páise agus báis chruadhaluigh,
sheiribh, dholasuigh trè pheacuibh an chine
dhaonna.



6. M. Da bhrighe soin as mór luoaigheacht
na Haithrighe?



D. As mór go deimhin, ór as tobar an Aith-
righ no loch, do ollaimh Criost lè an fhuil, ionnus
go nighthuigh agus go nglanfuigh an salachair agus


L. 111


caodh an anama go hiomhlánn mar àdeir Eoin:
Do ghraidh Criost, agus do nig sinn ò nar
pbeacuibh lé an fhuil féin. Agus fós mar à
deir an Faigh: Biaigh à tteach Dhaui .i. san
Eagluis tobar oscuilthe, don uile dhui-
ne: lé na mean è féin do nigh agus do ghla-
na on uile shalachar agus smal na bpeacui-
dhe da ghraneamhlacht bhiaid. Fòs asi an
Aithrigh. An tarag no an cothra, in ar chuir
Criost à ttaisge iomalánn astoir, ionomhais, agus
à shaoibrais, agus fa dheire an diolaigheacht lè
nar fhoascail sinne. Farris soin àsi an Aithrighe
cheanna Soimra seád Chriost, na sgeamh-
aighean agus na ndeimhaisighean an tanam lè
hiorra na ngrás. An tí ghlacas an Sacrament só
na Haithrigh mar as cóir, cuirig se Criost mar
eadach uime, fa mar àdeir an Faigh à bpear-
sain Chriost: Gabhuig umoibh ma luadh-
eacht sa mar eadach, corig agus deasúig
sibh féin léo gó Sciamhach, deaghmha-
seach amhuil maighdean og à dúl dha
posa. Fà dheirigh as Baiste róthaorthach an
Aithrighe donithear lè fothracan deór.



7. M. Cred an tarabha doni an breaitheamh-
nasarthrighe do chomhlionagh?



D. As mo dho shasugh an breitheamhnasai-
thrighe toiltenach do chomhlionadh, na an io-
mad do phiantuibh róthroma, rógheara, do
fholang à Bpuragadúir.



8. M. Cred na seasughean Sacrament na
Haitrighe go prinsipaltha?



D. An da ní .i. an adamhail an pheacuigh,
agus an absoloid an Tsagairt. Or dorinne Criost
breitheamhain dona sagartuibh ar na peacuibh
donithear tar eis an Bhaiste, agus àsi à thoil an
ionad fein udaràs do bheith aco chum à maithte
ar choingheall go ndeana an peacach à fhoisidin
go hiomhlan, agus go mbia ollamh mar as iom-
chuibhuigh. Mar soin as air sheasuigheas an
Socrament so an peacach do adamhail, agus do
ghearcan à pheacuidhe go hiomlàn léis, an


L. 112


ndoligheas ndireach, do lathair an Tsagairt go
foirimelach, agus an sagart do thabhairt abso-
laide dho go foirimealach: as amhluig soin Dia
go foileatheach, dofhaicseanach, maile ré
briarthuib an Tsagairt sgaoilig do anam an
pheacuig, snaighim na pheacuidhe lé raibh cean-
guilthe, agus fillig aír à ghrasa féin, agus saoruigh è
on uolach tróm dhobhí air .i. dul go Hiffrionn.



9. M. Ca mheoid cuid na roenthear an Sa-
crameint so na Haighthrighe?



D. Rointear an Sacrament só à 3. cotchuibh
mar ata combhrugh croidhe, faoisidin bheoil, agus
leórghniomh.



AN V. CAIB.



Ar an 1. chuid don Aithrighe .i.
an combhrughadh croidhe.



1. M. Tionsgain ànois tracht ar an ccomb-
rúdhcroidhe, agus foillsig ar tús
cred é?



D. As ní róuósul an combrudhcroighe, agus
goibé ag ambia go firineach (bioth go ndear-
naidh na peacuidh as mò as féidir do fhaghail)
dogheabha maithfeachas ionta: agus fillfigh à
anam à ccairdeas, agus à ngrasuibh Dé: fillfear
fós air na subhailchi, na Tabhartais, agus grasa
an Spioraid Naoimh do chaill se, agus bioth go
fhuigheadh bás obun gan faoisidin, gan amh-
ras dogheabha slanite anama, agus beatha shior-
ruighe.



2. M. Abair nios foillsighthe, agus nísa sóléire
cred è an combrughcroighe, agus cred na nithe
iarratar chum à bheith dearabha fireneach?



D. Siorthar róthuirse agus ròdholighas anama
agus intinne lè hiomad graine trí na peacuibh do-
roinne an aghaidh dlighe Dè, lè hintínne shea-
sabhach gan à ndeanamh choighthe ris, agus
leòirghniomh dho dheanamh do reir à chumais,
agus lè creideamh agus lè dochas maifeachas do
fhaghail ionta, agus an creideamh agus an dochos só
dho bheith an Iosa Criost ar Ttighearna, ag


L. 113


admhail na bpeacuidh; ór ní féidir Dia dho
bhiagheachasú ar aon mhodh ele.



3. M. Cred an ní na fhoil preamh agus fuain-
nemeint an chombrudhchroighe?



D. An gradh Dé ós cionn an uile nihe, lé trí
gniomharthuibh ele róureasbacha?



4. M. Teisbeán an cead ghniomh dhiobh?



D. Asedh as 1. ghniomh ann doilgheas òs
cionn an uile dholigheas, trè fherig do chur ar
Mhordhacht Dé, ar son gur ab è, è féin, ór as fiú
è à onoraghadh, à ghradh agus adhra tar an
uile ní.



5. M. Cionnus mheduighthear agus near-
tuighthear an dólás so an anam an duine.



D. Ag tuigsin agus ag meas méid na maithesa
chailthear lè gach aon pheca mharabhtheach
dha luighead .i. grasa agus cairdeas Dé: an
mhaith as mó ná na uile mhaitheasa ele?



6. M. As cóir dhuinn da bhrigh soin, à ghuil-
leamhain orainn gó rómhór lè dólás agus lè
tuirse cailleamhain à cho mòr son do mhaith?



D. As fiòr gúr cora dhuinn son do ghoilleamh-
ain orainn nías diachruighe, agus nías doili-
gheasuidh, na cailleamhain na huile mhaith-
easa saoghaltha go hiomalán mar ata saoibh-
reas, onoir, slainte, beatha etc.



7. M. An eolach dhuit ní ar bioth ele lè na
mò do fhèidir do ghriosú agus do chorúgh chum
an doighlis so níso neartmhuire.



D. As eolach go deimhin, mar ata smuaineadh
meid an uilc agus na dioghbhala thuiteas orainn,
tré aon Pheaca amhain mharabhthach dho
dheanamh, cheanglas sinn cho docht son, go
ndein dínn eascairde Dé, bithsherebhisig don
Diabhal granna, adhfhuamhthar, mar na
Deamhnuibh, damanta an Ifrionn do shiór.
Ag soin na huilc as mò na an uile dhamain,
dioghbhail, gortú, agus ceasa ele an
Domhain só go hiomlán? Agus má thuiteann o-
rainn an uiread son do inneachan trè aon
pheaca amhain marabhthach, cred do dha-


L. 114


nam leis an iomad do pheacuibh marabhthacha
donimaoid go laetheamhuil.



8. M. Ciod è an 2. gniomh, no effecht an
chombrughchroidhe?



D. Ase as 2. gniomh ann, intinn dhaingean,
dhiongamhaltha do bheithh aige gan Peacu-
ghád choiche àris, do ghradh maitheasa dha
mhead do shaoilfeadh do fhághail da chionn;
no do Eagla uilc ar bith budh bhaoghalach lèis
do theacht air trè gan à dheanamh; òr an
mhaith chaillthear an ndioghaltas an phea-
cuidh dho dheanamh, as romhò í, na an uile
mhaith as feidir lè duine dho fhághail trè phea-
cúgh, mar an cceanna, na huilc dobheir an
peaca leis, as truime, dhioghmhaluigh iad na no
huile uilc, dioghultais, agus urachòid as feidir dho
mheas, na dho smuaineadh.



9. M. An sa rún chomhchoiteann só gan
peaca dho dheanamh ciodh an rún specicialtha
foileathach as còir do thuigsin ann?



D. ASedh as rún foeletheach speciealtha ann,
inntinn leoirghnimh, ma ata do fhiachuidh,
ionnus mar soin go ccomhlionfamaois na nithe,
ata do uolach orainn maraonn do thaoibh dhli-
ghe Dè, agus ar noiffige, no an churaim ata orainn
fein do reir ar ccumais agus ar ndithchill. Aris
rún ar fhaoisidine dho dheanamh mar òrdui-
gheas ar Naomh Mhathair an Eagluis, son
aimsir fhogras è, agus fòs an aimsir an Bháis, agus
ria chumaoine dho ghlaca. Fòs rún, agus intinn
do bheith aige an uile chùis agus shiocair pheaca
dho sheachna, chum gan fearag do chur ar à cho
maith soin do Dhia, na à oirbhire dho thuilleabh.
Fa riú son, rún do bheith aguinn an breitheamh-
ausaithrighe churthar orainn do chomhlionadh.
Fa dheirigh, mar shasughadh ann sna peacuidh-
ibh dorinnemair, ar meatha, ar nduadha, agus
ar saothar, à cceann gach triobloide, gach
buaidheartha agus cathuighthe ele da tticfa orainn
do offrail do Dhia.



10. M. Ciod è an 3. gniomh dhon chombru-
ghcroidhe?


L. 115


D. Asedh as 3. gniomh ann, impidhe do chur
ar Dhia à ghrása dho dhorta orainn, lè dòchas
maithfeachúis do fhághail inar bpheacuibh,
chum sinn féin do leasú, agus chum bheith
seasmhach go bás, san maith; an achuinghidh,
agus an dóchas só, as à mhaith, agus à mhórThrocai-
re Dé, agus à luaidheacht fola róuásle, páise, agus Báis
ar Ttigherna Iosa Criost preamhúighthear iad.



11. M. O thuigeas tú an combrughcroidhe cho
maith soin, bú mhaith lióm go fhoillsighthea è,
ar modh urnuighthe, ionnus go mo feárdi bhias,
sé ar eolas ag na tuotuigh agus ag na duoine simp-
lidhe?



D. Dodhean son lé deahhthoil mar só:



Ortha an chombrudhchroidh.



a Gniomh an chreidimh.



b Gniomh an ghradh.



c Gniomh an doláis tré ná curtha dochuaig shórt.



d 4. Gniomh fá chuinne ná haimsire thiocfas.



e Gniomh doláis agus pene tré an smacht dlighthear
ar son ná bpeacuidh donithar san mbeathasó.



f Acuinghe agus dochas, leasuighthe agus seasuibh.




A Thighearna a Iosa Chriost
à Dhiá, agus à dhuine fhirinnig,
b à Chruthtuighthóir agus
à Fhuosgulthoir, ar son gur tú thú
féin, agus go ngraidhim thú ós cionn
na nuile nì, c As ródhiachrrach
liomh ò iochtar mó chroidhé, ní
àr bioth dho dheanamh ad tagh-
aidh na fearág do chur ort (agus as
doligh liom gan an diachuir só dho
bheith oram amhuil mar dhli-
ghim) agus d cuirim reomham gó
rósheasamhach gan peacugh choi-
the àris, agus mo sheachana ar an uile
chúis pheacaidh, mo fhaoisidin
do dheanamh, agus an breitheamh-
nus aithrighe chuirfighear orom
dho chomhall aiseag, agus leórgh-
niomh dho dheanamh ma tà aon
ní oram. e Ar son do ghradh
maithim do gach naon dha ndear-
na eagoir orom, agus offraluim
dhuit mo bheatha, mo oibreacha
agus mó shaothar mar lèorghniomh,
an mo pheacuibh, agus f mar a-
chuinghim ort, as amhlaidh ata mò
dhochas an do mhormhaitheas, agus
an do mhorThrocaire gan Chrith,
go maithfir dhamh iad, maile re
luaidheacht tfola róuoisle agus do
phaise, agus do Bháis róneamhtha, go
ttiubhra tú dhamh grása chum mo
leasuighthe, agus chum bheithseasmh-
ach go ttige an Bás. Biodh marsoin.


L. 116


12. M. A Thighearna Dia uileachomhach-
tuig ciodh é Diadhacht na Hurnuighthe agus an
teaguisg róuosail só. Innis damh ca trath as
indeanta agus as ionraidhete dhuin an urnuigh-
the só?



D. Do shiór, agus go hairighthe gach uáir areo-
chas neach é féin ag tuitim à bpeaca Mharabh,
do eagala go mbeárag an bás air na chollagh
san bpeaca son, agus go ndamanontui do shiòr
an Iofrionn è, agus as iomchuibhe an gniom só
dho dheanamh fá dho san laò, ar, maidin ag
eirghe, agus sa nuiche ria ndul do cholladh. Chum
gan bheith à cconntubhairt à shlanuighthe.



AN VI. CAIB.
Ar an 2. cuid don Aitrighe dha ngoir-
thar an Fhaoisidin.



1. M. As rómhaith do fhoillsighis an
combrughcróidhe, innis damh à-
nois cred an ní í an Fhaoisidin?



D. Asedh as faoisidin ann gniomh foiriome-
lach lè an admhuiann an duine à pheacuidhe
go foilightheach do lathair bhreithimh spio-
radaltha .i. sagart aga mbía cead faoise-
denach do aoeisdeacht ag deanamh gerain
air féin na ttaoibh.



2. M. Cionnus as còir an fhaoisidin do dhea-
namh?



D. Duine do innisin na bpeacuidhe dorinne
sé go hiomolán tar éis à Bhaistithe don Tsagart
go foilightheach, maile ré doilgheas ròmhòr do
bheith air tré na ndeanamh, agus diomhdha Dé ar
Ttighearna do thuilleamh, ag fághail absoloide
on Tsagart, ag coimhliona à bhreitheamhnuis ai-
thrighe lé intinn gan na peacuidhe ceanna dho
dheanamh choidhche àris, agus lé rún leorghni-
omh dho dheanamh san luas na féidir leis.



3. M. Ciodh as indeanta dhòn pheacach chum
maithfeachuis do fhaghail ann à pheacuidh-
ibh, maile rè subhailche agus brigh an Tsacra-
ment só?



D. Ataid 4. nithe do fhiachuibh air do dhea-


L. 117


namh chum na faisidine dho bheith diongamh-
altha. An 1. ní, à choinsias do sgruda go dith-
chilleach, ag cuárttugh agus ag feachain cia na
Haitheantha do bhris, cia na deaghoibreacha
do leig dhe gan deanamh, cia dona peacuibh
marabhthacha dar aontuig, à smuaineamh, à
mbrethir, no à gniomh. An 2. ní, ní folair dho
doligheas mòr do bheith air trè diomgha Dè do
thuilleamh, mar adubhramair san caibidil
romhainn. An 3. ní, à pheacuidhe go hiom-
lánn dadamhail da Athair faoisidineach, gan
aon pheaca dhiobh dho cheilt, acht an innisin go
sothuigse, osguilte idirdhealuighthe, agus gan
leithsgeal do ghabhail na dul as à slighe an aoin
cheim. An 4. ní, an breitheamhnus Aithrighe
chuireas en Sagart air do choimhlionadh san
lúas na féidir leis ar staid na ngràs, òr as amhla
soin as mo aluaidheacht.



4. M. Ma dhoní duine tar eis mionachuart-
tuighthe à pheacuidhe, à fhaoisidin ris an Sagart
gan intinn è féin do leàsú, an fhoighe maith-
feachas ô Dhia?



D. Ní fhoigh go deimhin gan dolàs do bheith
air ar son à pheacuidhe, agus intinn è fein do
leasú.



5. M. Cred an tarabha dhon tí doní à fhoi-
sidin go maith?



D. As mòr soin: òr dogheabha maithfeachas
an na pheacuibh go hiomlànn agus gràsa Dè chum
seasaimh na naghaidh.



6. M. An fhoil do fhiachuibh ar dhuine à
fhaoisidin do dheanamh gach uàir thuiteas se à
bpeaca mharabh, chum maithfeachuis do fhagail?



D. As ròtharabhach rè dheanamh son, bioth
nach foil do uolach air à dheanamh do lathaim,
or as leor anson an combrughcroidhe, agus à
fhoisidin do dheaneamh an tan dogheabha uain
air, acht mona fhoil do uolach air on Athair faoi-
sidene, à dheanamh ò bhreitheamhnusaitrighe.



7. M. An fhoil riaghail ar bioth soleir agad
chum faoisideneach dho dheanamh?



D. Ata go deimhin, ar tús, gan an peacach


L. 118


dho bheith sasuighthe amhain leis an ccombh-
rugh croidhe, acht imthiacht roimhe, agus à
legean ar à ghlunibh à fhiaghnuise an Tsagairt -
(mar do leig Magdalena í féin à fhiaghnuise
Chriost), è féin do choisreaga, tugadh dha aire
gan feachaint ar an Sagart, agus lé hiomod doi-
lighis, dobroin, agus eagla Dé, abradh an fhaoi-
sidin gheneraltha, mar só: Mese an pea-
cach bocht, admhain do Diá uilechomh-
achtach, don Naomhogh shiorruigh Mhui-
re, do Naomh Micheal Archaingeol, do
Naomh Eoin Baiste, dona Naoimh Apo-
staluibh Peadar agus Pól, do Naoimh Pha-
druig, dona huile Naomhaibh, agus duitse
à Athair Spioradaltha, gur pheacuidh-
eas go rómhinic lè smuaineabh, lè brei-
thir, agus lé gniomh. Cuireag sios à phea-
cuidhe mar só: Geranaim mhe fhèín do lathair
Dé, agus do bhùr lathairse à Athair Spioradal-
tha, nach foilem ag tiacht chum an Tsacra-
ment só na Haitrighe, leis an ollamhugh,
sgruda, agus mionochuarttúdh mo choinnsiais,
na leis an ndoligheas, na leis an atuírse tre am
pheacuibh mar bú choir dhamh: mar an ccean-
na geranàim mhe fhein tré am dhobhuidh-
eachuis do Dhia, ar son attug do ghrasuibh agus
do thioghlaicibh dhamh. Mar an cceanna ge-
ranaim mhe fhein gur fhilleas ar an iomad pea-
caidhe dorinneas roimhe só go minic do fhaoi-
sidin, fá mar ata an peaca só, agus an peaca ele
só da nainimniugh. Annsó cuireag siós go
hiomalán gach peaca ar à ccoimhneocha, ag
siobhal ar na deith Naitheantaibh, cia aca do
sharuigh, agus ca mhinaoca, cia dhona
peacuibh marabhthacha dar aontuig, no fós
na peacuidhe an aghaid an Spioraidh Naoimh,
na na peacuidhe sgreadas ar Dhiá ag iaruig
dióghaltaiis, agus cia na hoibreacha Trocairea-
cha do leig dhe da chiónta féin gan deanamh,
etc. mar do fhoillsiomair roimhe sé: àrís ge-
ranaim mhé féin nár chomhlionas an breith-


L. 119


eamhnus aithrighe do cuireag oram fá dheire,
nò nàr choimhlionus è lèis an ndoilgheis, lèis an
lèoirghníomh, agus lèis an ndicheall iomchuibh-
aidh; nàr ghlacas corp mò Thighearna lèis an
nduthracht, uruim, ngradh, na lèis an ndi-
cheall iomchuibhe. Fa dheirigh nár choimea-
das agus nàr chonngluigheas mò choinsiás à ndé-
aghsmuáintighthibh ag coimhniú ar mhordh-
acht Dé ar Ttighearna, do ghlacas, agus ar à
uileachùmhàchtuíbh, dà bhuidheachasú tré
an iomad tioghlaice tug dham, nàr fhiù mé.
Mar an cceanna nar ghuiheas è go durthachtach
à fhearag do fhilleamhain uoaim: agus à gràsa do
thabhairt dhamh chum gan à dhiomdha do thuil-
leabh, agus iad só, agus moràn ele nach cuimhnim, do
dhearamad dhamh gò ròmhinic am fhaoisidin:
Leám chióntuibh féin, leám chióntuibh
féin, leám róchionta féin. Ar an adhbhar
soin guighim an Naomhogh shiorruigh
Mhuire, Naomh Micheal Archaingeol,
Naomh Eoin Baiste, na Naoimh Apostail
Pedar agus Pol, Naomh Phadruig, na huile
Naoimh, agus tusa à Athair Spioradaltha
guidh ar mô shon an (peacach bocht)
chum mo Thighearna Dia: Maitheamh-
nachas do thabhairt dhamh am peacuidhibh
ròmhóra noch as eòl dhamh do dheanamh agus
nach eol dhamh à ccur dhiom, as ròolc liom
son: cuirim reomhan go seasmhach ò só suos
mhe fhèin do leasú, agus do sheachna ar an uile
chùis pheaca, agus an breitheamhnasaithrighe
chuirfear orom dho choimhlionadh, maile ris
soin iarraim ar ghradh do Dhia absolòid ortsa
à Athair Spioradaltha.



8. M. Innis damh an còir foirim na faoi-
sidineach generaltha (mar theagascas an Ea-
gluis) do radh aoin uair ele acht an trath bhias
neach dha fhaoisidin do lathair an Tsagairt
go Sacramentaltha?



D. As coir go deimhin, ag eirghe ar maidin,
ag dùl do cholladh son oighche, ag aoisdeacht


L. 120


Aiffrinn, ag glaca chuirp an Ttighearna, agus
roimh na Sacramentibh ele.



9. M. Ciodh an toradh, agus an tarabha dho-
bheir Sacrament na Haithrige leis.



D. Glacamaoid 4. toraidh rótharabhacha
On Tsacrament só na Haithrige. Ar 1. (mar
do reamhradhamair) maithean Dia dhuinn
na peacuidhe dhonimaoid iar Mbaiste, agus ma-
lartuighean Pian tsiorruighe Iffrinn, à bpéin
aimseardha ar an saoghal só, nó à Bpurogadoir.
An 2. toradh, na deagoibreacha dorinnea-
mair à ngrásaibh Dé, agus do chailleamair leis an
bpeacadh, fillthear orainn iad go tuilliach maille
ris an Sacrament só. An 3. toradh, go sga-
oillthear sinn leis an Sacrament só ò choibhreach
an choinneallbhaite, ma dho bhamair cean-
gailthe aige: agus biodh à fhios agad gur rò-
mhòr pián an choinneallbhaighe, òr bainig
dhinn cuidiugh urnuíghthe agus guidh na Naomh-
Eagluise, agus cumas na Sacramenti do ghlaca,
comhluadar na Ccriostuighthe: ànois amh saor-
thar sinn on phein deacaruig adhfuathmhair
soin lé Sacrament na Haitrighe, do bhrigh an
ugdarais ghlacas an Tathair faoisidineach on
Eeasbug no on Phapa; bioth gúr féidir le Pre-
láid an giól só na coinneallbhaidhe, an eag-
mais Sacrament na faoisidene do sgaoile. An
4. agus an toradh deanach, go ndein an Sacra-
ment só sinn ollamh dionghmhaltha chum stóir
mhaithfeachuis na loghtha; dobheirid na
Papuidhe amach go minic do ghlaca.



10. M. Cred è logha no maithfeachas?



D. Ionann logh, agus féile, fairsinge, no libral-
thecht ghnaithigheas Dia maile ré laimh à
Bhicaire féin ar an Talamh dho roinn ar na
Criostaithuibh ag maitheamh dhaibh na peine
aimseardha, no choda dhi, dhlighidh siad do
ióc ar an saoghal só no à Bpuragodoir.



11. M. Cred as riochtanas do dhuine chum
an loghtha do fhagháil?



D. Ní fulair an duine dho bheith à ngrasaibh


L. 121


Dé, agus à fhaoisidin do dheanamh, ma aridhean
è féin à bpeacadh; mar an cceanna ní folair
dho gach ní chuireas an Papa sios ag tabhairt
an lotha amach do chomhlionagh.



12. M. Ciod amhenecacht ata do fhiachuibh
orainn Sacrament na Haithrighe do ghlaca?



D. Fograidh ar NaomhMhathair an Ea-
gluis do gach Criostuighe an Sacrament so do
ghlaca (an chuid as lú dhe) uáir san mblia-
ghain. Os à chionn son as riochtanas do à fha-
oisidin do dheanamh gach uáir as meán leis
comaoine do ghlaca agus bhios coinnsias pheaca
mhairibh aige. Mar an cceanna, an tan bhiás
neach an artigáil bhàis: no an tan chureas
roimhe gniomh ar bioth do dheanamh ann amb-
iag contubhairt báis. Na niagmais soin, as
measta dhuinn gur tarabhthach dho dhuine à
fhaoisidin dho dheanamh go minic, agus à choin-
sias do ghlana; or an droung nach dein à fhaoi-
sidin, acht go hannamh, as leasc léo agus as dea-
càir dhaibh à dheanamh go mhaith.




AN VII. CAIB.



Ar an 3. cúid don Aithrighe .i. an
leoirghníomh.



1. M. Cred as riochtanas chum an leoirgh-
nimh dho dheanamh?



D. Intinn do bheith ag an bpeacach aithrighe
do dheanamh, agus an bhreitaithridhe chuirtheas
an Tatair faoisideneach air do choimhlionadh
san lúas as féidir leis go toileamhuil. Ag smua-
oineabh gur mór an fabhar, agus an mhaith doní
Dia dho à maitheamh pheine siorraidhe Iffrionn,
agus bheith toilthanach ar phein aimsiordha aslú
go mór na mar do thoilleador à peeacuidhe.



2. M. Innus go mo feairde thoigfeam so,
achuinghim ort innis ciodh an ní è an leoirghni-
omh?



D. Dioluigheacht aithriach donithar an ioc
na ccionta dorinne. Goirthar fós leórghniomh


L. 122


dhon bhreitheamhnusaithrighe chuereas an
Sagart faoisideneach ar neach.



3. M. Ca mhead modh ar à còir an leòrghniemh
so dho dheanamh?



D. Ar 3. modh .i. le Trosga, le Hurnuigh-
the, agus le Deirc.



4. M. Cred shiorthar chum an Troisge dho
bheith cóir diongamhaltha?



D. Siorthar 3. coinghiall chum an Troisge dho
dheanamh mar as cóir. An 1. ní, biadh dho
chaitheamh aon uáir amhain son lá. An 2.
coingioll, son à ttaca an mheadhoinlae, agus ní
fhóil da dheaghnuighe nach feardi. An 3.
coinghioll, gan feòil, oibhe, na bánbhiadh
dho chaitheamh. Agus leis an ttrosga, (nihe
abháin go ttuigthear treighnus ó bhia agus ó
dhigh) acht fós oilirthechus, sgiursadha, leine
reóin, luigh ar an ttalamh, agus à samhuil ele.



5. M. Cred thuigheas tú maille re Hur-
nuighthe?



D. Tuigim an uile ghne oibre spioradaltha,
mar ata Aiffrionn do eisdeacht, an offic chán-
onta do rad, an Phaidir, an Tave Maria,
an Tsalthair Mhuire, na Sailim aithrighe,
offig na marabh, seanamaoir, an Tea-
gasc Criostuighe, do theagasg, no do fho-
ghlaim etc.



6. M. Fa dheire cred shiorthar chum na
Deirca do dheanamh?



D. Ní tabhartas airigid, na óir amhain
tuigthear maille ris an Ndeirc acht fós, gach
obair ele Throcaire chorpordha agus spioradaltha,
mar ata biadh do thabhairt do ocrach,
an tainebhfhiosach dho theagasc, etc.



7. M. An fearr dho neach leoirghniomh dho
dheanamh ré Diá ar à shon féin, leis na degoi-
breachaibh so, na maille re cuidiú na loghtha.



D. As rofhearr lèorghniomh dho dheanamh
leis na deghoibreachaibh soin: or leis an logha do-
bheir sasú dho Dhia, ar son na peine amhain


L. 123


dho bhi do uolach air dióc à Bpurogadoir. Gigh-
eadh leis na degoibreachaibh, nihe amhain go
bhair leoirghniomh uaidh, acht fós maráon
ris soin tuilligh an bheatha shiorruighe. Tar à
cheann soin, àse as fearr ré dheanamh, cúrúm
gach coda aco dho bheith ar dhuine .i. an leórgh-
niomh dho dheanamh dha thaoibh féin, do reir
à dhithchil: mar an cceanna cuidiúgh an
loghtha dho ghlaca.



8. M. Cred fá ccuirean tú Sacrament na Haith-
righe roimh Naomh Shacrament na Heucha-
rista .i. chuirp an Tighearna?



D. Do bhrigh go fhòil do fhiachuibh ar an
Ccriostúighe bheith glancoinsiasach Aithri-
gheach riá nglacadh à cho mórdha soin de
thabharthas.



AN VIII. CAIB.
Ar Naomh Shacrament na Heucharistia.



1. M. Cred da ngoireann tú Sacrament na
Heucharistia?



D. As focul greagach è chialluigheas cúimhne
bhuigheachais no altuighthe ngrás, òr is an sa
misteri so donithear cuimhne, agus berthar
buichas re Diá ar son tioghlaice oirdheric NaomhPhaise
an Tslanathora, agus friothalthar agus ber-
thar amach corp firineach agus fúil ar Ttighear-
na, noch aga fhoil do fhiachuibh orainn Diá
dho bhuichasú ar à shon do shiòr, agus as biádh
spioradaltha è lè mbeathuighthear an tanam,
lè fhaeghthar an bheatha shiorruidhe agus lè mea-
duighthear na grása, ma ghlacan an Criostuigh
go còir dionghamhaltha é.



2. M. Cred ghlacamúid san Eucharistia an
tan caithemaoid comaoine?



D. Glacamaoid ar Ttighearna Iosa Chriost
ata ar Neaomh.



3. M. Mar soin ata ar Ttighearna Iosa
Criost son Abhlainn Naomhchoisiricgthe gon à
cheann roNaomhta, agus an chuid ele dho ghea-


L. 124


guibh à chuirp ròbheannuighthe go hiomlàn.



D. As fiòr soin: òr ata ar Ttighearna Iosa
Criost san chruith cheanna son naoimhabhlain,
san Ngloir agus fan Mordhacht, agus san Staid
cheanna ina fhoil se ar Neaomh, son Naomh
Shacrament so na Haltorach deis à naomhchoi-
sirighthe, fá ghné arain agus fhona.



4. M. Cia na comhachta agus an tudardhas
le ndentear so?



D. Le comhachtuibh agus le hudarras ar Tti-
ghearna Iosa Criost, ag oibriugh an iomad
miorbhuiltighe.



5. M. Ciá agus ca mhead miorbhuilthe doní
Dia san Tsacrament so?



D. Ataid siad doairimhthe, agus ar an adh-
bhar soin ní fhoillseocha mhe dhuit diobh, acht
à 4. amhain. Ar 1. an abhlainn ud dochi tú
ar an Altoir sul naomhchoisreágthar í, níl inte
acht began arain arna dheanamh à fhuirim
abhlainne bige comhchruinne: gedheadh san
lluàs na nabàir an Sagart na briartha Na-
oimhchoisirighthe, ós à cionn dogeibhthear san
abhlainn soin corp firinneach ar Ttighearna Iosa
Criost, agus do bhrigh go fhoil corp an Ttighearna
béo, agus ceangailihe ris an Ndiacht à bpearsain
Mhic Dé, as mar soin dageibthear mar aon ris
an ccorp, an fhúil, an tanam, agus an diadhacht agus
mar soin ata Criost go hiomlan na Dhia agus na
dhuine inte. Ar an modh cceanna san chalís
roimh à naomhchoisireagu nil ann acht begán
fiona tré ccurthar fiòrbheagán uisge: gigheadh
iar na naomhchoisriagadh dogeiththear san
ccalís fúil fhireneach Iosa Criost: agus mar nach
fóil an fhúil leith àmuigh don chorp, ar an adh-
bhar soin dogeibhthear san ccalís corp, anam,
agus diaghacht Chriost, agus mar soin Criost go
hiomhlan Diá agus duine.



6. M. Cred do roinneagh do shubstaint an
arain agus an fhiona?


L. 125


D. Do hiompuigheadh í à ccorp agus à fhúíl ar
Ttighearna Iosa Criost.



7. M. Ciodh an tara miorbhnilthe?



D. Asedh an 2. miorbhuilthe: go fhoil ar
Ttighearna Iosa Criost dochuaidh súas as cionn
na Fhlaitheas uile, agus ata na shuidhe ar deis
an Athar shiorruidhe, mar an cceanna ata sé
san abhlainn naomhchoisirighthe go hiomhlán,
agus san ccalís naomhchoisirighthe faói ghne
arain agus fiana.



8. M. Cred an treas miórbhúilthe?



D. Go fhóil ar Ttighearna Iosa Criost anso
do shiór do lathuir aguin san abhlainn naomh-
hoisiríghthe, agus è go hiomlàn an gach cuid dhi;
ionnas dha mbrisfuigh í, mar an cceanna do
bhegh Criost go hiomlàn san chuid bu lú dhi,
mar ata an iomalane na habhluine; gan sgara
na brisiogh à bhaoll ò cheile, agus ar an modh
cceanna fa gne an fhiona son ccalís naomhchoi-
sirighthè.



9. M. Ciodh an 4. miorbhuilthe?



D. An 4. miorbhuilthe, go fhanann san abh-
lainn, dath, gne, agus blas arain, mar dobhi ar
ttús: gigheadh ní fhanann substaint an arain
ann, mar dobhi ar ttús, or bioth go fhoil fa gne
arain, ní harn è, acht corp fireneach ar Tti-
ghearna Iosa Criost, mar as feidír do thuigsin
do reir chosmhalacht. Ma bú chlos duit tiacht
tar mhnaoi Lot do hiumpuigheadh chum
bheith na hiomhaighe shalain, agus an tí dho
fheachag ar an ngdallàn Salainn soin do-
chidheachfighír mhna Lot, tar à cheann son
niórbhi bean Loth í ò soin amach, acht sa-
lann fa fhighir mhnà, mar soin amhuil do
athrruigh an tsubstaint àstigh do fhan gné
mhnà ar an ttaoibh àmuith: mar an ccean-
na san misteri so, malartuighthear substaint
an arain à ccorp Chriost ar Ttighearna,
agus fanuigh gne arain ar ann ttaoibh


L. 126


amhuil, mar dobhi ar ttús. An ní cenna tuig-
thear ar an fhion, ór ata gné, dath, blas, agus
bolaith fiona ann, gigheadh níl à shubstaint,
acht fuil an Tighearna fá gne fhiona.



10. M. As mór na miorbhuilthe soin do fhóil-
sighis duinn?



D. As mór go deimhin gigheadh as mó uilea-
chomhachta Dé, le na féidir nithe as mé dho
dheanamh, na as féidir lenar nintleachtne dho
thuigsiin, mar àdubhairt Criost san Tsuibh-
sgeal: gur féidir le Dia camhall do chur thri
chró snáthaide caoile .i. beathuigheach as mó
na each, àdubhairt fós, ata so dodheanta
ag na duinibh, gigheadh ata an uile ní so-
dheanta ag Dia.



11. M. Foillsig dhuinn le sompla eigin, cion-
nus as féidir corp ar Ttighearna dho bheith son
lear abhlainnibh soin, bhios agus dogeibhthear an
iomad altorách idirdhealaithe.



D. Ní riochtanas miorbhuilthe agus secredi
Dé do thuigsin, acht as leór dhuinn à ccrei-
deamhain, or as dearabhtha linn nach meallfa
Dia sinn; tar à cheann soin teisbeanfa mhe
dhuit Sompla: As fiór nach foil aguin acht aon
anam amhain noch ata go huilighe à ngea-
gaibh agus à mballaibh an chuirp, go huilí son
cheann, go huilí sna cosuibh, agus, an gach cuid
dha luighead don chorp, mar ata ansna co-
saibh, etc. Ma sedh cred an iongana go mo
fheidir le Dia corp à Mhic féin do chur an io-
mad abhlannibh agus do bheith ionta, on tís chuí-
reas fá ndeara maille ris na comhachtuibh
ceanna an tanam go hiomlàn (ata doronnta) do
bheith na chomhiomodúil soin do ionaduibh
à fhad ó cheile. Leighthear à mbeatha Naoimh
Antoni de Padua, iar mbeith do ag seanamóir
san Idainne go raibh se san aimsir cheanna (le
comhachtaibh Dé) san Bportingeil, ag dean-
amh deghoibre ele. Ar an adbhar soin ma do
bfeidir le Diá an Naomh so dho chur ann dá ait


L. 127


an aoineacht rofhada ó cheile ana chruaith féin,
cred an tadhbhar nar fhèidir leis maille
ris na cumhachtuibh ceanna Chriost do bheith
an iomad abhlainnibh fá gné aràin agus fióna, agus
mar soin as mo as féidir le Dià dho dheanamh,
na as féidir linne dho smoaineamh, na dho
thuigsin: Or as féidir leis gach ní as toil leis do
dheanamh, agus níl ní ar bioth dodheanta aige.



12. M. Abair fós an tturleangan Criost ò
Fhlaitheamhnas, an tan bhios san abhlainn, no
an fhanann ar Neamh?



D. An tan thig Criost san abhlainn chois-
reaghtha, ní thuirlingeann ó Fhlaitheámhnus;
acht le na chomhachtuibh neamhdha bídh
anaoineacht ar Neamh agus son abhlainn Na-
omhchoisirigtha. Glac Somplo air so an anam
an duine, an tàn bhios duoine beg òg da
ttomhaisti an duine an trath soin, mar as fol-
las, dogeabhathaoi gur beg la réise dho bheith
dho fhad air, gigheadh ar meadú dho dobhíàg
ní bú mò na dha rèise dho bhreis air. Fiafrui-
ghim anois, an tanam ud dobhí an aon réise amhain
ar ttús, ar artha, se an rèise soin chum
tiacht don dara réise, no ar fhan inte? As fiór
nar fhag, agus nàr sgar ris, or ata an tanam do-
reinnte; mar soin gan an chèd rèisi dho fhagh-
bhail tainig sé san dara rèise. Ar an modh
cceanna ní fhagann ar Ttighearna Neamh,
chum bheith son abhlainn, agus ní fhagan an abh-
luinn chum bheith ar Neamh, acht bioth an
aoinneacht ar Neamh agus an sna habhlannibh
gu huilidh agus fá leith.



13. M. Cred fá ndéin Diá na miorbhuil-
thidh mora so?



D. Cum maitheasa dho dheanamh dhuine na
Criostuighthe.


L. 128


14. M. Cred na maitheasa soin doni dhuinn?



D. As romhor agus as roiomaduil iad rena
naithris; or ata se dho lathair aguinn do shior
agus do gnath son Naomh Shacrament so, ma-
raon reis an Athair agus ris an Spirad Naomh,
dar nonordhudh, agus ag fortacht air ar rioch-
tanus.



15. M. Innis anoiis cred as riochtanas duinn,
chum an Tsacrament so do ghlaca go dion-
gamhaltha, cóir?



D. As riochtanus 4. nithe, an céd ní, an
ti glacus è à pheacuidhe do fhaoisidin go hiomo-
lán agus à deanamh à dhicheill chum bheith à
ghrasaibh Dé, an tan ollamhas è féin chum na
cumaoinne Shacramenthaltha so dho chaith-
eamh. Ar an adbhar idir gach cúis ele, na ttug-
thar an an Tsacrament so amach fa gné arain,
asedh, ionnus go ttuigthemais (gur chum bea-
thaighthe agus meaduidhthe ghras Dè son anam)
doberthar do na beodhaibh é, agus nach dona
marabhuibh. An 2. ní, as riochtanas dhuinn
bheith ar ghlancheaghlagan, ò mheadhon oigh-
che àmach, gan an dadabh do bhiadh, na dho
dhigh, na fós braón uisge dha luighed do chaith-
eamh. An 3. ní, go ttuigemis cred donio-
maoid, agus durthacht, agus devotion do bheith
againn dha chomór so dho Shacrament. Agus
soin an tabhar nach tugthar é do leanabuih,
na do amaidaibh, na dho lucht miri, na dho
aon neach ele nach biaigh à chiall ar chumas.
An 4. ní, à chreideamhain go roshesmhach
gan chontubhairt ar bioth, go fhoil ar Ttighear-
na Iosa Criost (son abhlainn Naomhchoisirig-
the) noch adhras agus onoras ar Mbaintighearna
an og Mhuire, no Haingil, agus na huile Naoimh,
le hiomad moltha, gradh, agus buidheachais; agus
bíd lan do fhonn, go nglacamaoisne è go dion-
gamhaltha, mar as iomchuibhaidh; chum so
dho dheanamh, ní folair dhuinn, fa nar ndi-
cheall, grasa do iarruig air féin, le fábhar agus
impidhe na banoige Muire, na Naingeal agus na


L. 129


Naomh uile, ionus go mo dèonach leò guidhe
air ar son mar chairdibh agus mar abhcoidhibh
do lathair Dé.



16. M. An ceadathach dul (le coinsias phea-
ca mharaibh) à glaca chomaoineach?



D. Ni ceadathach go deimhin: or an ti ghla-
cas comaoine à bpeaca mharabh, as damain
tsiorraighe ghlaca se agus mallacht De.



17. M. Ciodh à mhionacacht ata do fhia-
chaibh orainn an Sacrament so do ghlaca?



D. Ceangaluigh ar Naomh Mhathair an
Eagluis Chatoilice orainn, an chuid as lú dhe
uair san mbliaghain, agus son taca na casga, na
cheann son as rotharabhthach à ghlaca nisa
mhionaca do reir chomharle an Athar faoisi-
dine.



18. M. Foillsig ànois ciodh an tora, do-
geibhthear as an Sacrament so, agus ciodh an
chriochfar tionsgnadh é?



D. Ar son 3. ccúse do thionsgain ar Ttighe-
arna Iosa Criost an Sacrament so. Ar 1. chum
bheith na bheatha ag an anam. An 2. cúis,
chum à bheith an Iobuirt ag an nuaRacht. An
3. cúis, chum à bheith na ghnathchoimhne
shiorruidhe ar à Pháis féin, agus no gheall ro-
fhollas ar à mhórghradh dhuinn.



19. M. Ciodh an tefeacht oibrigh se, an
mheoid as biadh no as beatha dhon anam è?



D. Oibrighidh an tefeacht agus an gniomh oi-
brigheas an bheatha chorpordha san ccorp: as
trid soin fós doberthar dhuinn è fá gné arain.
Or amhail chothuigheas an taràn an teas na-
durtha san ccorp, ina seasuigheann bheatha an
chuirp cheanna: as amhluigh ceanna son an
Sacrament so, an tan ghlacar è go coir, cothuig
agus meaduighidh an charthann, ina fhoil slainte,
agus beatha an anama.



20. M. Cred oibirigheas an mheoid gur ab
Iobuirt è?



D. Ceannsuighidh Dia, agus doní reiteach agus


L. 130


agus siochain idir è agus an saoghal, ag faghail, an
iomadaibh tioghlace uaidh, ni do bheodhaibh
amhain, acht fós do mharabhuibh, à Bpurago-
doir. Baine riot à fhios dho bheith agad, amh-
ail san TsanRacht donithi dho Dhia an iomad
Iobartha ar bheathuigheachuibh; as amhluigh
soin, tanigh asteach son NuaidhReacht na náit
soin Iobhairt an Aiffrinn, ana noffralthar dho
Dia le lamhuibh na sagart Iobhairt rothaith-
neamhach shoghlacathach, chuirp agus fhola Iosa
Criost, á Mhic féin, do cialluiobgh agus do samh-
luiogh san uile Iobhairt an TseanReachta.



21. M. Cred oibrigheas se an mheoid ata na
ghnachuimhne agus na gheall aguin ar an ngradh
ata ag ar Ttighearna dhuinn?



D. Dobheir fa ndeara orainn bheith coimh-
neathach ar à cho mór soin do thabhartus, agus
chum go mbemaois ar lasadh do gradh, an ti do
ghraigh sinn cho mòr soin. Agus amhail san
TseanReacht, nach è amhain gur thoil lè Dia
à chur fa deara ar an Bpobal Eabhra an man-
na .i. plúr neamhdha do fhear chuca ò Nimh do
ithe; acht fós gur fhogair se dhoibh soightheach
lán de do choimhead, mar chuimhne ar à cco
mordha soin do thioghlaicibh, tug Dia dhaibh,
an tan tug leis an Pobul as an Eghip. As ar an
modh cceanna do bu thoil le Criost, ni he amh-
ain go nithemaois an Sacrament roNaomhtha
so: acht fós go ccoimeadamaois ar an Altóir,
agus ar uaraibh dha bhreith linn àmach à Bpro-
seission, ionus do shior, gach nuair dochifeam
è, go ccoimhneocham ar an ngrádh neamh-
chóimse ata aige dhuinn. An Taffrio roNaomh-
tha fós as suim aithghearr é ar bheatha ar Tti-
ghearna go hiomlàn chum nach rachadh se
choiche as ar ccuimhne.



22. M. Innis damh cred fa nglacaid na tuo-
tuidhe comaoine fá gné aráin àmháin?



D. Ar an adhbhar (mar do reamhradh)
gur ab ionann ata Criost san abhláinn, agus son
ccalís, san mhír, no san chuid as lú, agus san abh-
làinn go hiomlàn.


L. 131


23. M. Cia Turne no Ministir an Tsacra-
ment so .i. cia lena féidir à naomhchoiserea-
gha, agus à thabhairt amach?



D. Don Tsagart amhàin tug Criost na
comhachtha soin à super an Tighearna dar-
dain na comaoineach.



24. M. Cred as deanta dhuinn tar eis cho-
maoineach do ghlaca?



D. Dia dho bhidheachasú trè na thiogh-
laicibh doairmhe, agus tré na throcaire dhuinn,
sinn féin do chonnobhail on uile chúram sao-
ghaltha ar fegh tamail, ag cur romhainn se-
rebhis Dé dho dheannamh go dichallach, agus
gan sgara choithe rena ghradh, na rena gra-
suibh.



AN IX. CAIB.



Ar Iobhairt an Aiffrinn.



1. M. Do bhrigh go ndubharais gur ab é
an Taffrinn suim iomllàn aith-
ghearr bheatha ar Ttighearna Iosa Criost, agus à
chuimhne, foillsigh anois an deamharuinn so?



D. Foillseochad go haithchumair. Tosach
agus dul asteach an Aiffrinn, cialluigh sé an
mórfhonn agus an mórmhiàn dobhi ar na Na-
oimhAithreacha tiacht ar Ttighearna.



2. M. Cred chiallughid na Kyrie elei-
son?



D. Ciallui siad, glaodhach agus gairim na
NardAithreach agus na Fhaidhe ar Dhia ag iar-
ruigh an Mhesias .i. an Tslanuightheora do chur
dha fhúasgladh.



3. M. Cred àdeire re Gloria in excelsis?



D. Ciallúi breíth an Ttighearna san
Mbeitheil agus an Ortha, thig na diaigh cial-
luighidh; si mar dorug Muire on Ttighearna,
dha theisbeana agus à denamh offrala dhon Te-
ampal.



4. M. Cred chialluigheas an Epistil, àder-
thar ar an ccur chle dhon Altóir?


L. 132


D. Cialluig si seanamoir Eoin Baiste ag tabh-
airt chuirthe dhona duinibh teacht do lathair
Chriost. Agus an gradúal àderthar na deaigh
cialluigh sé an tiompódh dorinne Eoin lena
sheanamoir ar na Gintileach .i. ar na cinibh.



5. M. Cred chialluigheas an Suibhsgeal,
leightear ar an ccurr ndéis don altóir?



D. Cialluigh se seanamoir an Tighearna, le ar
haistirigheadh sinn ón ttáoibh cclé gus an tta-
oibh ndeas .i. ò aimseardhacht go siorruigheacht
ò bhás go beatha, agus ò pheaca go grasuibh: dober-
thar fós soillse agus túmhais dá láthair, dá chur à
cceil go soillsigheann an Naomh Shuibhsgeal an Dom-
han, agus go liona do dheaghbholaith ghloire Dé é.



6. M. Cred chialluigheas an Chré, àder-
thar tareis an Tsuibhsgéil?



D. Cialluigh si conversion .i. impódha na
Napostal, agus na Ndisciobal ele Chriost.



7. M. Cred chialluigid na hurnuighthe
seicredeacha, àdeir an Sagart tar eis na cré?



D. Cialluigh an cuma agus an feáll foilightheach
dorinneadar na Hudhuil an aghaidh Chriost
ar Ttighearna.



8. M. Cred chialluigheas an Prefatio, àderthar
go hard agus chriochniuthear lé ôsanna in excelsis.



D. Cialluighidh an glacadh mordha sola-
manta dorinneadh ar Chriost Domhnach na
Phailime ag dúl go Ierusalem.



9. M. Cred chialluighid na hurnuighthe
seicredeacha ele àderthar tar eis an Prefas?



D. Cialluighid País, maslagh, agus easonoir
an Tighearna.



10. M. Cred chialluigheas an televasion, no tog-
bhail na habhlainne Naomhchoisirichthe súas?



D. Cilluigh togbhail suos Chriost ar Ttighear-
na san ccrois.



11. M. Cred chialluigheas an Phaidear à
derthar son Aiffriann?



D. Cialluigh si an urnuighthe dorinne Criost
san ccrois, fós brisigh na habhlainne cialluig
se an chnea, no an chreachta do fhlosgadh ar
ttaoibh Chriost leis an sleagh.


L. 133


12. M. Cred chialluigheas an Tagnus Dei,
agus comaoine an Tsagairt?



D. Cialluigh an Tagnus Dei, gul Mhuiri, tar
eis Chriost do leagan as an ccrois. Comaoine
an Tsagairt cialluigh si aghlacadh Chriost.



13. M. Cred chialluigheas aní ud shinnthear go
luchaireach tar eis na comaoineach an Tsagairt
dho ngoirthear Postcumumio, agus an tite Missa
est, agus beannacha an Tsagairt os cionn an phobuil?



D. Cialluigh an Postcumunio noch shinn-
thear go luchareach, aisheirghe an Tighearna
agus Ite Missa est, cialluigh sé dúl an Ttighearna
suos ar Neamh Darduoin deasgobhala. Agus
beannachadh an Tsagairt os cionn an Phobail
cialluighidh, teacht an Spioraid Naoimh do
iunnsuigh Mhuire, na Neapostal, agus na Ndisciu-
bul ele Domhnach Cincisi.



14. M. Cred chialluigheas suibhsgeal dea-
nach an Aiffrinn?



D. Cialluigh sé seanamoir na Naomh Apostal, an
tan, iar mbeith dhaibh lán don Spiorad Naomh,
do thionsgnadar an suibsgèal do sheanamoir ar
feagh an Domhain uile, agus iompódh na ccinidheach.




AN X. CAIB.



Ar Sacrament na Holo dheigheanuigh.



1. M. Ciodh é Sacrament na Holo deighea-
nuighe?



D. Sacrament do thionsgan ar Ttíghearna Criost
dona duoinibh eagruaidh. Goirthear ungha dhe
do bhrigh, gur ab an unghadh an eagruaidh lé
Holo choisireagtha, agus an urnuighthibh dha-
righthe do rádh ós ciónn an eágruaidh sheasais
an Sacrament so. Asé fath na nabarthar
ungha dheanach reis, mar àsé as deghnuighe do
gach uile unghadh ele, do Sacramentibh na Hea-
gluise; ór an 1. ungha san Mbaíste an 2. ungha,
son confirmasion, an 3. ungha sa Tsagurtoreacht
doberthar, í: agus an ungha so san eagruas; fós as
féidir ungha dheanach do ghairim dhi, do
bhrigh gur à ndeire na beatha berthar amach í.



2. M. Ciodh brihh agus effeacht an Tsacra-
ment so?


L. 134


D. Ataid aige 3. heffeacht. Ar 1. maithe-
amh na bpeacuidhe fhanas ar uairibh tar eis na
Sacramenteadh ele, amhail mar ataid na pea-
cuidh nach coimhnigheann duine ortha, no
nach bion à fhios aige, agus da ccuimhnigheadh
ortha go mbiadh doilgheas ò chroidhe air agus go
ndiongnadh à fhaoisidin. An 2. heffeacht, do-
bheir meanama, agus sólás don eagrúaidh, an sa
naimsir na mbionn da thuirsiú ag an ea-
grúas agus ag cathú an Diabhuil. An 3. heffe-
acht, slainte chorpurdha do aiseag ar an ea-
gruaidh, ma oireann do shlainte shorruighi an
anama. Na 3. heffeacht so cialluighthear iad
san ola ghnathuighthear san Tsacrament so, do
bhrigh go neartuigheann, go ttabhair fion-
fhuarú, agus slainte uaithe.



3. M. Cia an trath as ionghlacuighthe an
Sácrament so?



D. Anso as iomadúil rothrom an erraid do-
ní an droung, lé nach áil an Tsacrament so dho
ghlacadh, acht afhíorghuasacht bháis. Gigheadh
asi aimsir as ionghlacuighthe è, an tan mhea-
said na leágha an galar do bheith peiriaclach,
agus nach leór an léigheas saoghaltha amhain, san
nám soin as druite dhuinn ris an leigheas neamh-
dha; or as minic shlanuighthear an teagruiaigh
lé cognamh na holo coisreagha. Trid soin ní cóir
an Sacrament so do iarruigh, acht à bpiriacuil
bháis, as lúgh na son as cóir don eagruaidh fa-
namhain ris an uíle dhochas slainte do dhul tai-
ris, gan an Sacrament so dho iarruigh. Ag so fós
an chúis nach tugthar an olo dheanach dhon
drouing chuireas an dlighe chum báis, do bhrigh
nach bíd eagruaidhe, agus nach bionn munighin
aco bheith nías faide béo.



4. M. Mar sin ní folair dhon chriostui ea-
gruai, curum dho bheith air agus aire dho bheith
aige an Tsacrament so do ghlaca sul chaillfe sé
à chiall na à uirimisne?


L. 135


D. As dearabhtha soin, or nihe an tan chail-
leas an teagruaidh à chiáll as inniarrata an Sa-
crament so, acht ar mbeith dho na cheill agus na
chuimhne, agus à bperiacuil bháis, or as mór brigh
agus effeacht an Tsacrament so ma ghlacthar í
go cóír.



5. M. Cía turnae agus ministir an Tsacra-
ment so?



D. An sagart amhain.



AN XI. CAIB.



Ar Sacrament an uird .i. na Sagar-
toreacht.



1. M. Ciodh è Sacrament an uird .i. na
Sagartoreachtha?



D. Sacrament na ttugthar amach chumh-
achta chum Sacrament na Heucharistia .i.
chuirp an Tighearna dho Naomhchoisreaga
agus na Sacramenti ele do roinn ar an bpo-
bal, no chum friothalaimh agus serebhis do dhea-
namh go durthachtach an sa noiffig neamhdha
don drouing do ghlac na comhachta soin.



2. M. Cred fa ngoirthear ord don Tsacra-
ment so?



D. Do bhrigh go fholid moran cemeann san
Tsacrament so, agus cuid aco as aoirde na cheile;
mar ata Sagairt, Diacoin, Subdiacoin, agus ce-
menna ele futha soin.



3. M. An mbuailtear seála ar an anam
léis an Sacrament so, or as cosmhail gur mór
an oiffig agus an dighnit è?



D. As fiór gur mór an oiffig agus an dighnit è,
or ni thug Dia dha Aingluibh na do aon chrea-
tuir ele acht dhona Sagartuibh amhain à cho
mór dho chomhachtuigh .i. Aifrionn do radh;
buailthear fós léis an Sacrament so seala do-
sgartha ar anam an Tsagairt mar chomhar-
tha captein agus turnaoe Rí chomhachtuigh, mar
soin an Sagart idir Ridirribh Chrioost (mas ar


L. 136


Neamh, à Bburogadoir, no an Iffrionn do) ai-
theantar è léis an ccomhartha so, or ata do-
sgartha ris choithe.



4. M. Cia agus ccatrath do tionsgnai an Sa-
crament so?



D. Criost ar slanuightheoir do thionsgna an
Sacrament so darduin na comaoineach a super
an Tighearna, ag tabhairt à ugdurrais féin
chum à dheanta dona Hapostaluibh agus da noigh-
ribh Sagairt an nuaReachta.



5. M. Cia Turne agus ministir an Tsacrament so?



D. An Teasbug amhain.



6. M. An fèidir le aon neach ele Aiffreann do
radh na faoisidin do aoisdeacht acht amhain le
Sagartuibh an nuaReachta?



D. As fiór gur dona Sagartuibh an nuaRe-
achta amhain tug Dia na comhachta son agus an
tughdarras agus nach do aon turne na ministir
ele dhon Eagluis. Níl riochtanas tracht nísa
mhó ar an Sacrament so, do bhrigh nach bea-
nan se, acht re duoinibh mòra foghlomtha nach
foil an uireasba an teagaisg Chriostui do
mhuineadh dhaibh, acht as mo bheaneas riú à
theagasc do chach.



AN XII. CAIB.



Ar Sacrament an Phosta.



1. M. Cred è Sacrament an Phosta?



D. Asedh as Sacrament an Phosta
ann, coimhcheangal fir agus mna re cheile; chial-
luigheas comhcheangal Chriost ris an Eagluis
maille re gabhail cholla daonna uime; agus Dé ris
an anam maille re na ghrasuibh.



2. M. Ca huair do tionsgnadh an Sacra-
ment so an Phosta.



D. An mheoid bheanas an Posa re hoffig na
nadurach .i. clannú, sa astaid na neamhura-
choide do tionsgnadh é, do reir na mbriathar


L. 137


ud, fasuigh agus meaduighig, tar eis staid na
neamhuruchoide agus pheacuidh Adam, do tions-
gnadh è mar mhúcha ar an anntoil. An ndligh
na ngrás amh, àsé Criost do thionsgain è, da
thogbháil agus da ardú ina Shacrament le ttug-
thar grasa: do reir na mbriathar ud: Biodh à
bhean féin ag gach neach: an nídho
cheangáil Diá, ní sgartha an duine é.



3. M. Ciodh brigh agus effecht an Tsacra-
ment so?



D. Ar 1. dobheir grása dhon lanamuhin le
ttig agus le noíreann an fear agus an bhean da cheile
go maith, agus le ngradhuid à cheile go cartha-
nach spioradaltha, mar ghraidheas Criost an
Eagluis, agus Diá anam an Chriostui fhirinig, unruic.
An 2. ní, dobheir dhoibh grása chum chloin-
ne dho dheanabh agus do thabhairt súas an Eaga-
la Dé. An 3. ní, cuirig cuibhreach chomh
daingean son idir an lanamhúin nach féidir ar
aon chór do sgaoile, amhail nach féidir an cean-
gal ata idir Chriost agus an Eaglúis do sgaoile.
Agus soin an tabhbhar nach féidir le aon neach
dispensaid na ccead do thabhairt do fhear mhna
Posta bheith ag mnaoi ele, na dho mhnaoi fhir
Phosta bheit ag féar ele.



4. M. Ca mheid coingheall chum an Phosta
dho bheith seasmhach dionghamhaltha?




D. As riochtanas 3. choinghill chum an Pho-
sta do bheith seasmhach dionhhamhaltha.



5. M. Abair an 1. choinghiall?



D. Ar 1. na pearsana do bheith an aóiss iom-
chubhaidh, an féar do bheith à 14. agus an bhean
à 12. do bliaghnuibh comhlionta, gan gáol na
col fola na uisge do bheith aca féin ré cheile ar
à ttaoibh àstig do 4. glúnibh, gan moide sho-
lomanta gheanamnuigheuchta do bheith ar


L. 138


cheachtar dhiobh, gan Posa ele na geallamhain,
na gradh coisireagtha, etc.



6. M. Abair an 2. choinghiall?



D. Ase an 2. choinghiall, finneithe dho
bheith dho lathair chonnartha an Phosta, agus go
hairighthe an Sagart Porroiste ar à mbia cu-
rum na nanam.



7. M. Ciodh an 3. coingheall?



D. Ase an 3. coingheall, toil agus áontadh
na lanamhan do bheith saór, gan eagala, aimh-
dheoin do bheith na dho dheanamh ar ceach-
thar dhiobh, agus an aonta son do fhoillsiudh le
briarthraibhfollas, no le comhartuibh foillsea-
theacha. Agus tuig ma theasduigheann cheach-
tar dona 3. coinghealuibh so, nach bia an Po-
sa seasmhach.



8. M. Cia féar Posa dho dheanamh na oi-
gheacht do choimhead?



D. Foillsighidh dhuin Pól an cheist soin ag
labhairt mar so: Anti cheanglus à oigh
féin le Phosa as maith doní é,
gigheadh anti nach dein agus chomeadas à
oigheacht go glan geanumnuigh, as
féar doní. Agus ase à resún soin, do bhrigh
an Posa gur ní daonna è, agus an oigheacht gur
ní Ainglidhe í, ata an Posa do reir nadura,
amh ata an oigheacht os ciónn nadure: agus
nihi an oigheacht amhain, acht fós as uaisle
an Bhaintreachas na an Posa. As trid soin à
deir an Slanuighthóir go ttug ansiól do thuit
san talamh mhaith, toradh 30, an talamh ele
toradh 60, agus à talamh ele toradh 100. As
amhluigh mhinighid na Naomh Dhochturidh soin,
gur ab è an Posa dobheir tordha 30
uaigh, an Bhaintreachas toradh 60 agus an oi-
gheach toradh 100.


L. 139


AN XIII CAIB.



Ar Chomhairleachuibh an Tsuibhsgeil.



1. M. Innis duinn ànois, an fhòil à neagmuis
Airtiogal an Chreidimh, na Paidre, agus
Aitheanta an Tighearna, agus na Sacramenteagh,
comharileacha ar bioth ele an Tsuibhesgéoil iar
na fhagbhàil aguin on Tighearna cheanna,
chum ar mbeatha do thabhairt súos nías dion-
gamhalta?



D. Ataid an iomad comharleacha roneamh-
tha, rotharabhacha ann tug Diá uaigh, noch
gur lena ccognamh as féairde go mór chomea-
tar na Haitheanta nías diongamhálta. Agus
asiad na 3. coimharleacha so as prinsipalta
dhiobh .i. Bochtacht toilthéanách, Geanamnui-
gheacht, agus Umhlacht.



2. M. Ciodh an ní na seasmhann, agus na fhóil
Comhairle na bochtacht?



D. Seasuigh, ann gan aoin ní dha chuid dileas
féin do shealabhúgh: tar eis à ronnta ar na boch-
tuibh, no à tabhartha uaidh à ccoimhchoitin-
ne, noch gur ab ionann è, agus à thabhairt do
bhochtuibh. Do theaguisg Criost dhuinn an
chomhairle so, ní le briarthuibh amháin, ach le
sompla, mar as léir ar fegh à bheatha; agus deis
Chriost na Hapostail ar alorag, agus ar an modh
cceanna na Criostuighthe dobhí à Ierusalem à
ttosach na Heagluise. Agus fá dheiridh ceanga-
lúid na duoine riaghalta ortha féin le moidi an
chomhairle so na bochtacht toilteanúigh dho
chomead.



3. M. Ciodh na seasuigheann comhairle na
geanamhnuigheachta?



D. Seasuigheann an duine dha chur roimhe
féin bheith geanamhnuighe doshiór, ní he amh-
áin ag seachna an uile ghné pheaca chollúidhe,
ach fós an Posa. Do theaguisg mar an ccean-
na an Tighearna an chomhairle so le brethir agus
le gniomh, agus do lean an Neamhogh Mhuire


L. 140


Eoin Baiste, agus na Hapostail uile, deis an nga-
rama, soin chomhairle so é. Ata fós an chomh-
arle cheanna ceanguilthe ar na duinibh
rioghalta o mhode, agus ar an uile phearsain
Eagluise ó ghraibh choisreagtha do ghlacadh.



4. M. Ciodh an ní na seasuigheann comh-
airle na humhlachta?



D. Seasuigheann, ann duine dho sheana agus
do dhiúltú dha bhreitheamhnus, agus da thoil
féin, ag umhlù dha uochtaràn ann sanuille ní,
nach bià an aghaidh Dè, as de so ghoirthar san
Suibhsgeal, duine dho sheána dho féin. Do thea-
guisg Criost an comharse so dhon Tsaoghal, ní
le brethir amhàin, acht fós lé gniomh, ór dobhi
umhal da Athair neamhdha son uile ní, arís da
Mhathair féin, iar mbeith do na leanabh, agus
do Naomh Ioseph dobhi an Athair baramhlach
aige, ò bheith Pòsta ag à na Mhathair, ór go
firineach niór Athair dho è, do bhrigh gur Ma-
thair dobhi agus ata riamh na hoigh doriug è.
Ag so an treas chomhairle cheangaluid na du-
oine riagaltha uile ortha féin.



5. M. Cred fá fhoilid 3. comhairleacha prin-
sipaltha amháinn ann?



D. As as chomeatar na comhairleacha prin-
sipaltha so, chum dibirtha agus chur ar ccúl thoi-
rimisg na diongamhalthachta ata son char-
thann; agus à 3. aliòn .i. gradh maóine sao-
ghaltha, noch dhibirthear le bochtacht; gradh
ainemheann na colla, dibearthar lé geanam-
nuiacht; agus fá dheirigh gradh onora agus comh-
achta, dibearthar lé humhlacht. Faris so, do
bhrigh nach fòil ag an nduine acht 3. ghné mai-
theasa .i. anam, corp, agus an mhain, no na
maitheasa foirimealacha, mar soin dobheir do
Dhia an mhaoin no na maitheasa foiremeala-
cha leis an mbochtacht, an corp leis an ngea-
namnuigheacht, agus an tanam lé humhlacht;
agus ar modh iobartha offraluig à mbion aige dho
Dhia, agus marsoin ollamhuighidh è féin chum
tiacht chum dionghamhalthachta na carthain-


L. 141


ne, ar an modh as feárr as féidir do fhaghail son
mbeatha so.



AN III LEABHAR



DON TEAG CRIOST.



Ar na Subhaischibh, agus ar na Du-
bhailchibh.



AN I. CAIB.



Ar na Subhailchibh à ccoitchinne.



MAGHISTIR.



1. O do fhoillsigis 4. cotcha prinsipalta
an Teagaisc Criostui: foillsigh
anois an fhòil aon ní ele as riochta-
nas don Criostui do bheith ar eolus aige?



D. Na nithe as riochtanas do gach naon do
bheith ar eolus aige, asiadh na 4. codcha remh-
raite iad, noch do fhoillsighmair roimhe so. Gi-
gheadh ataid nithe ele as riochtanus don Crio-
stui do bheith ar eolus aige, agus as tarabh-
thach cum rochtain chum na crithche chuirea-
maoid romhainn do fhagháil .i. an conach su-
thain agus an bheatha shiorruidhe; mar ata fiós
na subhailchidh, agus na ndubhailchídhe. Agus
bioth gur thrachtamair ortha so hana, ag foill-
siú na Crée, na Paidri, agus na Naitheanta: tar
à cheann soin doconnarcas dhamh gur tarabh-
ehach tracht orthá féin fá leith.



2. M. Ar an adhbhar soin abair cred an ní subhailche?



D. As caliacht dhairighthe an Tsubhailche
ghlacathar son anam, chuireas fá ndeara ar an
tí aga mbionn bheith go maith: amháil doni an
fhoghlaim File maith do dhuine, agus an cheard
deagcheardúighe, as amhluig soin, chuireas an
tsubhailuhe fá deara ar dhuine bheith: na dheagh-
dhuine, agus fós bheith deighnimhorthach le hai-
bigheacht, umhlacht agus le diomgamhalthacht.



3. M. Mar soin as tarabhthach do dhuine
bheith subhailcheach?


L. 142


D. As fiór soin, ór an te nach bion subhail-
cheach, bioth go ndiongnadh deaghnimhartha
ar uaribh, tar à cheann soin as le dócúl mór agus
le neamhdhiongmhalthacht doní iad.



4. M. Foillsigh soin duin le somplo egin?



D. As toil leam soin. As cosmhuil an Tsubh-
ailche re healaighain, no re ceird, re na gna-
tabh, as doigh go fhacuidh tú go minic duine aga
raibh tathighe agus cleachta ar shinnim chlair-
sighe, no cióil ele; an tí so as aibigh, luthmar
shinneas, gan docúl ar bith, biodh nach feach-
feadh na teada; gigheadh tagadh duine ele à-
nuás, nách bié eolgasach son ealuighin soin, na
cliste ar theaduibh do sheinnim, as féidir leis
(go deimhin) na teada dho spreaga, agus fuoim
dho bhuain asda, gigheadh ní cliste, na go maith
mar an fhear ele. Acht ceanna an tí aga mbionn
subhailce (mar àdeartha) na measardhachta,
doní trosgadh go furais, luthghaireach, an
ámm féin, agus ní itheann ach biadh ceaduigh-
theach, dlisdenach, agus son aon uáir amhàin
son lá: gigheadh an tí nach foil an Tsubhail-
che soin, no ata craosach, as comortas re bás
an trosga aige, agus bith go ndiongnad trosga,
ní fhanan ris an uàir chóir, agus na dheaigh soin
oidche ar lethsgeal aon dighe amhàin do ól
mar as gnaith, doní colasion bhiós (beagnach)
chomór rè an aon chuid.



5. M. Ca mheid subhailche ann?



D. Ataid an iomad subhailche ann, gi-
gheadh an chuid as prinsipalta dhiobh, agus chum
à ttughthar cach ele go hiomhlàn à 7. à
nuimhir i. 3. subhailche Diadha .i. Crei-
deamh, Dochas, agus Cathrannacht: agus 4. subh-
ailche Cairdionalta: Crionnacht, Ceart, Neart,
agus Measardhacht. An lión ceanna Tobhar-
tuis an Spioraidh Naoimh, na ndeaigh soin
ndroung a beanuigthe an Tsuibhsgeil ina fhóil
diongmhalthacht bheatha an Chriostuighe
go hiomlán. Ataid fós ann 12. an Spioraidh
Naoimh, agus na cúig ceadfadh corpordha ar
alaibheoram fá seach go haithghearr.


L. 143


AN II. CAIB.
Ina fhoillsioghthar na 3. Subhail-
che Diadha.



1. M. Cia hiad na 3. subhailche Diadha,
so àdeirigh?



D. So iad: Creideamh Dóchas agus Cathrannacht.



2. M. Cred è Creideamh?



D. Ase an Creideamh an chèad tsubhailche
dona subhailchi Diadha, fheachas ar Dhiá. Agus
àse à offig an tuigse dho fhoillsiú agus do dhú-
sacht, chum Creideamhna gach nithe, fhoillsigheas
Dià dhuinn maille ris an Eagluis, bioth go mbè-
dis docúlach, agus os cionn an uile resunn nadurtha.



3. M. Cred an chúis fá fhóil do fhiachuibh
orainn na nithe bheannas ré Creideamh do
chreideamhain cho seasmhach soin?



D. Do brigh gur son bfhìrinne sheasuigheas
agus ata fuainnement an Chreidimh, ór gach ní
dha ccuireann an Creideamh sios gur ab è Dià
fèin fhoillsigheas è, agus gur ab è Dià an fhirinne
féin. Da reir soin ní féidir an ní àdeir Dià dho
bheith fallsa. Or an tan chuireas an Creideamh
sios, ní dho bheith an agaidh resúin, mar ata
maighdean do bhreith chloinne, as tuighthe
dhuinn ansoin go fhoil an resún daonna fann,
lag, anamhainneach, agus gur ab furusa à mheal-
ladh; gigheadh ní fèidir Dià dho mhealla, agus
ní mheallann se aon neach.



4. M. Cred as inchreidte dhuinn le sub-
hailcbe an Creidimh?



D. Go harighthe as riochtanas dhuinn arti-
gail an Chreidimh dho Chreideamhain go hi-
dirdhealuighthe, noch do fhollsióghmair thuas,
agus go speisialta na harteagail ud dá ndein an Ea-
glais sollamain ar feag na bliaghna, mar ata
Féil Muire na sanais, in ar ghabh Mac Dé uime
colann daonn, an Nolluig na rughadh è, aimsir
na Paise, caisg na heseirghe, dardaoín deasgabh-
ail na ndeacha suas ar Neamh, Tiacht an Spio-
raid Naoimh ar Mhuire, agus ar na Haposta-
luibh Domhnach Cincisi, agus Domhnach na Trí-


L. 144


noide. Ina cheann son ní folàir dhuinn bheith ol-
lamh chum gach níthe fhogras agus chureas ar
Naomh Mhathair an Eagluis sios dúinn, do
chreideamhain. Fa dheiridh ní folàir dhuinn
sinn féin do sheachna ar chomharthuibh foirio-
mlacha na Naincriostuighthe, mar ata culaidh
Thurcaigh no Udhail do chur umuinn, feoil do
ithe Diahaoine, amhail donid na Hericidh, agus
à samhail ele soin; Or nihe amháin go fhoil do
fhiachuibh orainn an Creideamh do admhail
leisean ccroidhe agus leis an mbéal, acht fos ni
folair dhuinn lenar noibreachaibh foiremla-
cha à adamhail, agus sinn féin do thaisbeine coimh-
theach lethealachais, ón uile nós dho bheith con-
trardha dhar Naomh Mhathair an Eaglúis.



5. M. Cred è Docchus?



D. Asé an Dochus an 2. subhailche Diadha, agus
goirthar Diadha dhé, do bhrigh gur ab ar Dhia
thriallas, agus gur ab è as cosboir graidh, agus as fun-
dament dhi; or amhuil chreidimid an Ndià leis
an ccreideamh, as mar soin chuirimaoid ar
ndochus, agus ar munin an Diá leis an Ndochus.



6. M. Cred è offig an Dochuis?



D. Asé à offig, ar ttoil do thoghbháil, agus do
dhusacht à munighin agus an ndochas an Tsonuis
shiorruidhe. Agus ar an adhbhar go fhoil so chomh
ard soin, nach féidir le cumus daonna à roch-
tain, as da bhrigh soin dhorteas Diá orainn an
Tsubhailche so noch ata os cionn nadurach,
ionnus maille rè go mbiagh muinin aguin tiacht
trath eigin à seilibh na mórmhaitheasa son.



7. M. Ciodh ina seasuigheann no na fhoil
fuainneament an Dochais?



D. A mòrmhaith agus à mòrThrocaire De.
(O na fhoil an Chomhartha follas so aguin)
.i. go ttug à Mhac Dileas féin duinn, agus as
maille reis do ghlacmar chloinn toghtho agus mar
dhaltuighe dho féin sinn, agus a gealladh oireacht
ridhacht Nimhe dhuinn, ma niomaioid oibrea-
cha do reir na dighnite do ghlacamair, debhea-
ra maraon reó grása agus cognamh dhuinn chum
na noibreach son do dheanamh.


L. 145


8. M. Cred è Carthainnacht?



D. An 3. subhailche Diadha, roicheas chum Dé
ata na chuspoir aice, do bhrigh gur maille rè ghlu-
aistear ar nanam chum Dià dho ghraudh os cionn
an uile ní, ní mar Chruthaithoir, agus mar ughdar na
maitheasa nadurtha amhain, acht fós, mar thabh-
arthóir na ngrás agus na gloire, ata na maitheas os
cionn nadúre.



9. M. An roicheann, an Charthainnacht gus na
creaturibh?



D. Rothaigh go deimhin an Charthainnacht
gus an uile dhuine, agus gus gach ní ele dhar chruth-
aigh Dià; gidheadh leis an idirdhealabhugh so, io-
nus go ngraidhmais Diá ar à shon féin, ar son gur ab
è féin amhaim an mhaith dhoithchriochtnuighthe:
An uile ní ele as ar son Dé as graidthe iad. Agus fá
leith an chomharsa do bhrigh, gur ab ar iomhaighe
Dé ata deanta mar sinne. Nihe amhain ar ngaol,
agus ar ccairde, as tuigthe dhuinn mar chomharsoin,
acht fós gach uile dhuine ele, bioth go mó easgairde
dhuinn iad: ór as iomhaigh do dhia gach nduine
aco, agus mar an cceanna as leis an ttiotul, agus leis
an cceill so as ionghradhaithe dhuinn iad.



10. M. An mór an tsubhailche an Charthainnacht.



D. Asi as mò aca uile, agus ata cho mòr soin do
mhaith, ionnus cibe aga mbia nach féidir leis à sla-
nù siorrùi dho chailleamhain, mona ar chaíll
è roimh an Charthainne, agus an tí ag nach bí,
ní féidir à shlanugh choithe, bioth go mbeidis an
uile subhailche ele agus tioghlaice Dè go hulighe aige.



AN III. CAIB.



Ar na subhailchibh Cairdionalta.



1. M. Ca mheid subhailche Cairdinalta ann?



D. Ata à 4. mar ata: Gliocas, Ceart,
Neart, Measardhacht.



2. M. Cred è Gliocas?



D. An 1. subhailche dona 4. subhailchidh Cair-
dinalta (goirthear an tainim soin diobh, do bhrigh
gur 4. subhailche prinsipalta iad, ataid amhail toi-
breacha agus preamhadh ag iomlána na subhailchibh
ele moralta agus daonna.) Or an Gliocas, stiúraighe


L. 146


Tuigse, an Ceart, riaghla se an Toil; an Neart,
riaghluidh se an Fhearag; agus an Mheasardhacht
stiuragh si an Fonn meangasach.



3. M. Cred è offig an Ghliocais?



D. Ase à offig, taisbeana san uile gniomh an
chrioch iomchuibhe, agus na medhoin oireamhnacha,
agus gach ní ele bheaneas riù, mar ata aimsir, ionad,
modh, agus à samhail ele, ionnus go mbiagh an obair
go maith son uile ní go huilidheach. As trid soin
goirthar dhi Maghistras na subhailchi ele, agus ata sí,
amhuil súile san ccorp, amhuil salann san mbia, agus
amhail Grian san Domhan.



4. M. Cia na dubhailchidhe ata an aghaidh an Ghliocais?



D. Ata an tsubhailche so dho shiór à meodhón,
agus marsoin ataid aice dha dhuailche na haghaidh,
noch ata na leithimeall, nò na tteorannuibh aice.
Dubhailche dha fhuil an aghaidh an Ghliocais, àsé
an taimhghliocas .i. gan feachain na thimcheall, agus
mearradhantacht, dobheir ar dhuine ní dho dhea-
namh, gan amheas cred doní, da bhrigh soin ní
fhiachaid an chrith fhireneach, agus ní ghlacaidh na
medhoin oireamhnacha. Así an dubhailche ele ata
na haghaidh an chealag, no an Gliocas colluidhe no
saoghalta, agus as ris an ndruing doní à ndicheall
Gliocais ar an ccrith do rochtain, agus ar na medho-
nuibh do ghlaca, bheanasi, gidheadh àsé à ttarabha
féin fheachaid san uile ní, ionnus go ttiocfadaois chum
maitheasa egin saoghalta. Agus mar soin cuirid riom-
po go gearchuseach, meangach an chomharsa do mhel-
la chum gach ní dho chriochnugh do reir à ttoile
féin. Bù follas amh fá dheirigh an droung so do bhe-
ith ròaimhghlic, leamh, tre chailleamhain na hard-
mhaitheasa, ar son na maitheasa bigi saoghalta soin.



5. M. Cred è Ceart, agus cred è à offig?



D. As subhailche an Ceart, dobheir do gach naon
gach ní as leis. Asi offig an Chirt, an direach do
dheanamh son uile ní, agus cothrum do chonnimhail
an sna connarthoibh saoghalta. Noch as fuainne-
ment don tsuaimhneas agus don tsiocháin. Or da
mbeith gach naon toilteanach lena chuid féin, agus
gan cuid dhuine ele dho shantughadh, ní bhiagh
coga, na aisiochainn an choiche.


L. 147


6. M. Cia na dubhailche ata contrardha dhon
Cheart?



D. Ataid 2. dubhaiiche na haghaidh an 1. duail-
che as eagóir no aincheart í .i. an tan ghlacas dui-
ne chuige féin, cuid duine ele, go haindlightheach,
no ann sna cunnerthuibh gur mián leis nisa lúgh
do thabhairt uaigh na dhlighthear. An 2. dubhail-
che as cruas cirt è .i. an tan bhiós duine rodhiàn
ag tabhairt gach ní go caól cianraidharcach chum
riaghlach an dligh an aghaidh resúin: ór à moran
do chasuibh as riochtanas an Trocaire dho mheasga
thrid an cceart; mar ata dha mbeith duine bocht
ar à mbiag fiacha, neamhchumusach ar an ndiól
gan a rodhiobhail féin, as ceart agus as resunta, aga,
agus spás aimsire do thabhairt do chum dioluigheach-
ta, agus goibe nach dena so, peacuigh se le cruodhail.



7. M. Cred è Neart, agus cred è à offig?



D. Asedh as Neart ann, subhailche doni duine
abigh, le cclaoithann an uile dhócúl chui-
reas tuireameasg ar na degoibreachuibh, fòs rosigh
go minic go nuige an mbàs, an tan as riochtauus è, à
ttaoibh glore Dé, no chum gan teastail ònar ndú-
algas féin. As le coghnamh na subhailche so, doru-
gadar na Naoimh Mhartirig buogh ar lucht an in-
ghreama, agus à ndithcheannta agus do theisbean iad féin
neartmhar laidir à ccogaoibh dlisteanacha, beirid
buadha agus dogheibhid gloire leis an subhailche so?



8. M. Cia na dubhailche ata contrardha dhon Neart?



D. Ataid 2. dubhailche .i. Meatacht, agus Anda-
nacht, no ainbheodhacht. Cuiridh an Mheatacht, fá
ndeara ar dhuine è féin do thabhairt go rouroise;
agus as ò bhegneart fhasas. An Ainbheodhacht amh,
cuiridh fá deara ar dhuine è féin do thabhairt gu
togorthach don uile pheriacail dha ttiocfa, gan
riochtanus. Ag labhairt mar soin, as féidir róbheodh-
acht no róneart do ghairim dhi, agus ní thuilleann
moladh, acht diomoladh mór, ór nî subhailche î
ach locht agus dubhailche mhòr.



9. M. Cred í Measardhacht, agus ciodh à offig?



D. Subhailche chuireas srian ris na hainimha-
nibh, agus dobheir fá deara ar an ti aga mbí na
nithe miangasacha taithneamhacha do ghlaca, agus


L. 148


do ghnathú do reir deachtuithe no rialach an re-
súín.



10. M. Cia na dubhailchidhe ata contrardha
dhon Mheasarghacht?



D. Ataid 2. dubhailche .i. Neamhmheasardh-
acht, agus Neamhmhothù. Asedh as neamh-
mheasardhacht ann, an tan dobheir nach è féin
do iomad taithnimh agus suilt no miangauis, agus da
bhrigh soin doní an iomarca an ithe agus an ól, agus na
samhail ele, noch ata urachoideach dhon chorp
agus don anam. An neamhmhothú, an trath
theid duine go nuige an tteorainn ele, agus sheachnas
an uile ní miangasach, cho mór soin, nach áil leis fós
an bheatha as riochtanus chum à shlainte dhò cho-
thú, do ghlaca, do eagla go naireochadh sé
began tainthibh, dobheir an biá oireamhnach go
nadurtha leis. Gigheadh as gnathighe à measg no
ndúine comhchoitcheann dubhailche na neamh-
mheasardhachta no an chraois, ina an dubhail-
che ele. Or soin an chúis fé ar chuireadar na Naoimh
sios duinn le briarthaibh agus le gniomh an trosga, agus
ceasadh agus smachtú na colla.




AN IV. CAIB.



Ar Thioghlaicibh an Spioraid Naoimh.



1. M. Cia agus camheid iad Thioglaici an Spio-
raid Naoimh?



D. Ataid na seacht Ttiodhlace ud ann, docon-
nocas don Fhaigh Isaias .i.



1. Tiodh na Heagna,



2. Tiodh na Tuigsi,



3. Tiodh na Comhairle,



4. Tiodh An Nirt,



5. Tiodh An Eoluis,



6. Tiodh na Budhachta,



7. Tiodh Eagla Dé.




2. M. Ciodh dha fhoghnaid na Tiodhlaice so?



D. Chum go roifeadh linn tiacht chum iomolai-
ne, agus chum diongamhaltachta na beatha Chrio-
stamhla, ór as amhail dreimire ataid aguinn noch gur
leis ó staid an pheaca, a ccoiscémibh eagsamhla the-
ighmid suás go nuig an ardNeaomhthacht. As ion-
chomharthuigh amh anso, gur ab amhluigh do
airimh an Faidh na coisceimi so, à tiacht anúas, ór as
anúas ó Neamh dochonnairc an dreimire soin ag
turling; as on ttalamh amh aireochamne iad ag to-
snú óna coisceimibh iochtaracha, ionnus mar


L. 149


soin go rachamaois ón ttalaimh súas go Neamh. Soin
à chuis gur ab è an .1. coisceim churtar romhainn Eagla
De: ar à ccuireann an peacach à chos an tan mheasas
go mbionn Dia uileachomhachtach an eascairid aige.



3. M. Ciodh an 2. coisceim?



D. Ase coisceim na buidheacht agus na truaidh, as 2.
coisceim an, ór an tí ghabhas eagla roimh na pian-
tuibh, bhagaras Dia ar na bpeacuidh, cuiridh roimhe
bheith buidheach truaidheach, dha umhlú féin, ag
deanamh toile Dè, agus à sherebhise go dichiollach an
gach ní.



4. M. Ciodh an 3. coisceim?



D. Ase an Fios, an 3. coisceim: ór goibe le na meán
toil Dé dho dheanamh, siridh an tí so ar Dia, à Ai-
theanta agus à Dhligh dho theagasg dho. Dià amh
teagascuidh cuid maille ris na seanamontoibh,
cuid maille ris na leabharaibh, agus cuid maille re oi-
briú inchleithe no seidi foileathach, na nithe as
riochtanas dho à fhios do bheith aige.



5. M. Ciodh an 4. coisceim?



D. Ase an Neart, an 4. coisceim: òr goibe bhias eol-
gasách feasach ar Thoil Dé, agus chureas roimhe à she-
rebhis do dhèanamh ans na huille nithe, cuiridh an
saoghal, an cholon, agus an Diabhul an iomad docúil
air: agus da bhrigh soin, dobheir Dià Tiodhlaice an
Nirt do, le mberinn buadh ar na dócúlaibh soin.



6. M. Ciodh an 5. coisceim?



D. Ase Tiodhlaice na comhairle, an 5. coisceim:
òr an trath nach tig leis an Ndiabhul an duine dho
chláoile na neart fein, filligh ar cheilig agus ar mhe-
alltoreacht, agus fa bhrat mhaitheasa, doní à dhi-
cheall ar an nduine cheart fhíreanda dho leagadh.
Gidheadh ní thregean Dià è, acht dhobheir Tiodh-
laice na comhairle dho, le mberionn buaigh an
aghaidh cheilige à eascarad.



7. M. Ciodh è an 6. coisceim?



D. Ase Tiodhlaice na Tuigsi, an 6. coisceim: òr an
tan bhios duine muinte agus eolgasach go maith san
mbeathaidh ghniomhaigh, agus iar mbreith an iomad
buoaidhibh dho ar an Ndiabhul, tairinnighidh Dià
chum bheatha ardsmaointidhthe Neamdha è, agus leis
an Tiodhlaice son na Tuigsi, dobheir Dià dhó na
deamhairrúinn Neamdha do sgruda agus do thuigsin.


L. 150


8. M. Ciodh an seachtmhadh ceim?



D. Asi Tiodhlaice na Heagna an 7. ceim: noch
as coimhlionadh agus as crioghnughadh ar an Niong-
mhalthacht, òr àse as duine eagnuigh ann, an ti as
eolach ar an 1. chùis, stiuras à ghnimhartha go
huilidhe dha reir: ni nach féidir dho dheanamh mo-
na cheangla an chathrainn dhiongamhaltha re Tiodh-
laigthe na Tuigsi: do brigh gur leis an Tuigsi aith-
nieas an 1. chùis, agus gur leis an ccarthainn stiuras
agus ollamhogheas gach ní chum na crithe deighnui-
the. Fa dheiridh do bhrigh go cceangalann an
Eagna an Toil ris an Tuigsi goirthear Eagna dhi .i.
Eolas deagbhlasta, amhuil do theaguisc san Bernard.



AN V. CAIB.



Ar Thorthuibh an Spioraid Naoimh.



1. M. Ca mheid iad Tortha an Spioraid Noimh.



D. Ataid 12. do Thorthaibh an Spio-
raid Naoimh ann, mar ata annso siòs .i.



1. Tordh na Carthannacht.



2. Tordh na Tsolais spioradalta.



3. Tordh na Siochana.



4. Tordh na Faoighdne.



5. Tordh na Feile.



6. Tordh na Maitheasa.



7. Tordh na Buidheachta.



8. Tordh na Ceannsachta.



9. Tordh na Chreidimh.



10. Tordh na Tromdhachta



11. Tordh na Gloine.



12. Tordh na Geanamnuigheachta.




2. M. Cred fá ngoirthear dhiobh Tortha an Spio-
raid Naoimh?



D. Do bhrigh mar àse an Toradh cuid as deagh-
nuighe, agus as millse dhon chrann; as mar soin, às
iad na Tortha so as uaisle, as millse, agus as degh-
nui dona subhailchi ele.



AN VI. CAIB.



Ar na Dronguibh Beannuighthe.



1. M. Ca mheid na Droungha Beannuighthe,
an Tsuisgeoil?



D. Ataid 8. Ndroungha Beannuighthe ann: mar
as leir anso siòs .i.



1. As Beanuigthe na Boicht ó Spioraid, do bhrigh gur leo féin
Riocht Nimhe.



2. As Beanuigthe na Ceannsach, do brigh go sealabhoid an Ta-
lamh.



3. As Beanuigthe na Ghuileas go subailcheach, do bhrigh go
mbiaid solasach.



4. As Beanuigthe na Ocraigh, agus Iotmhair shubhailcheacha,


L. 151


or biaid sásuithe.



5. As Beanuigthe na Trocairigh, do bhrigh go ndiongantar Tro-
caire ortha.



6. As Beanuigthe an Ghlanchroidhe, òr dochifid Diá.



7. As Beanuigthe an Shiodhach, òr goirfidhear dhiob clann Dè.



8. As Beanuigthe an Dimheirig do fhulang ar son an chirt, do
bhrigh gur leò féin Riocht Nimhe.



2. M. Cred iad na 8. Ndroungha Beanuigthe so, noch
dho theagaisc ar Slanuighthoir duinn son Tsuisgeal.



D. Ata dreimire ele le roichthear súas go hard-
cheim na diongmhalthacht, as cosmhail ris an
ndreimire ele ud do chomharimair air Thidhlaicibh
an Spioraid Naoimh. Or àtaid an sna 7. raidthibh
soin 7. ccoisceimi le roiseamaoid an Bheanuighthe-
acht. Dobheir an 8. radh fá dheirigh comhartha le
naithnimaoid an ranig leis an bpearsain dul súas
son dreimire, no nach ranig.



3. M. Minigh go hachamair an dreimire so?



D. Teagasgaidh ar Ttighearna Iosa Criost
dhuinn ans na 3. chéd choiscemibh toirimisg na de-
anghamhalthachta dho dhibirt, le racham dhon
Bheannuightheacht shiorraidhe: ataid 3. ghnath-
thurimisg ann, mar ata méan maoine, onora, agus
tainthnimh saoghaltha.



4. M. Foillsig an ced choisceim?



D. Son ched coisceim ádeir Chriost, gur Beanuigh-
the Boicht na Spioraid .i. an Droung sheánas don
tsaoghal da ndeoin féin.



5. M. Foillsig an dara coisceim?



D. Son 2. choisceim adeir Criost, gur beanuigh-
the na cceannsúi .i. an droung chuireas iad féin fáoi
chach, agus nach cureann an aghaidh na muintere
dobheir masla dhoibh à leith aighadh, na chúil.



6. M. Foillsig an treas coisceim?



D. San 3. coisceim adeir ar Ttighearna gur
beannuighthe an droung chaoidheas .i. an droung
nach sireann aoibhneas, na solás an Tsaoghail, acht
dobheir an aire da bpeacuibh dho cháoi, agus do dhea-
namh aithrighe ionta. Fós amh san 2. choisceim
ele so ta chugain teagasgaidh duinn foirbhtheacht,
agus diongamhaltacht na beatha ghniomhuighe, ata
à ccoimhliona gach nithe ata do uoalach orainn
maille re ceart agus le cathrainn.



7. M. Foillsig an ceathramha coisceim?


L. 152


D. Son 4. coisceim adeir sé, gur beannuighthe
an Droung ar a mbionn ocaras, agus tart an chirt.



8. Foillsigh an cuigiú coisceim?



D. Son 5. coisceim àdeir an Tighearna, gur ab
Beannuighthe an droung Throcaireach. Son 2.
coisceim deghnacha taringhidh sinn chum dion-
gamhalthachta na beatha ardsmuaintigthe.



9. M. Foillsig an seisedh coísceim?



D. Son 6. coisceim àdeir se, gur Beanuighthe an
droung bhios glanchroidheach, ar an adhbhar go
bfhaicfaid Diá .i. son mbeatha shiorraidhe le na
ghlore, noch aithnid son mbeatha so le ardsmuain-
tithibh maille re grasuibh.



10. M. Foillsig an seachtmha coisceim?



D. Son 7. coisceim àdeir sé gur ab Beanuighthe
an droung shiodhach, do brigh go ngoirfear clann
Dè dhiobh .i. gur Beanuighthe an droung chean-
glus an charthannacht dhiongamhaltha re hard-
smuaintibh neamdha na tuigsi: mar an cceanna do
dhirigh an uile ní chum Dé, agus iar cceansugh rioch-
ta an anama go hiomalán, biaid na ccloinn aige agus
go diongamhalta, naomhhta, cosmhail re naNathair.



11. M. Foillsig à tochtmhadh radh?



D. Nil son 8 radh coisceim nua dhon diongamh-
althacht, mar do chomharthuig S. Aug. go maith,
dobheir amh dhuinn comhartha follus ar, ma ranig
an phearsa gus an ndiongamhalthacht .i. má dho
fhuiling go toilteanach gach dimhfeirig agus gach
buaidheirt eagortach da ndearnadh air: or amhuil
dearabthar an Tór son teallach, as amhluig soin
dearabhthar an duine ceart firendo son ttrioboloid
agus son mbuareadh.



AN VII. CAIB.



Ar na Ceadfadhuibh corpordha.



1. M. Ca mhead ceadfa corpordha ann?



D. Ataid 5. ceadfa, mar ata: Amh-
arc, Eisdeacht, Blas, Bolthanas, Glacadh.



2. M. Abair ar tús cionnus choimeadthar, an
Tamharc?



D. Gan feachain ar nithibh diomhaoineacha,
olca, na mimhocanta.


L. 153


3. M. Cionnus choimeadthar an Taoisdeacht?



D. Gan eisdeacht ré briarthruibh graosda, gair-
seamhla, na neamhocanta, na le ithiomorradh, na lé
na samhail ele; acht eisdeacht ré briathruibh Dé,
agus à ccomhall fá na dhicheall.



4. M. Cionnus coimeadtar an Blas?



D. Gan biadha blasda, seimhe, na cuirialta noch
do bhroisdeodh an chollann chum drúise, do shantú.



5. M. Cionnus choimeadtar an Glacadh?



D. Gan glaca salach aindlistenach, na miona-
reach do dheanamh air féin, na ar aon ní ele.



6. M. Cionnus choimeadtar an Boltanas?



D. Gan bolaidhe seimhe do shaláthar do thairn-
geachadh duine chum ainimheana.



7. M. Cred fá ttug Dia dhuinn na ceadfa cor-
pordha?



D. Chum à sheirebhise féin do dheanamh go
diomgamhaltha leò.



8. M. An seirabhis do Dhia an Tamharc, an Teis-
deacht, an Biadh, an Deoch, agus na nithe ele ghla-
camaoid agus chathamaoid?



D. Aseadh go deimhin, ma choimhliontar na
coinghill remhraidhte, ór as chuige tug Dià duinn
iad, chum à sheirebhise féin do dheanamh leò: agus
mona ndearnam soin, as maille ris na ceadfa cean-
na ceasféar sinn à Bpurogadoir, no an Ifrionn, mar
dobhadar gobhthach ris na peacaibh ceanna.




AN II. TRACHT



DON III. LEABHAR



DHON THEAG CHRIOST
Ar na dubhailchibh agus ar
na peacuibh.



AN I. CAIB.



Ar na peacuibh go coitchean.



MAGHISTIR.



1. O dho fhoillsighis artigail an chredimh,
na hurnuitdhthe, na deagoibreacha agus
na subhailchi ní folair, ànois na dubh-
ailchi, agus na peacuidhe do fhoillsiú, chum go sea-
chonamaois iad?



D. Asi ionann peacadh agus oibriú thoilthanach, no


L. 154


neamhoibriú bhios an aghaídh dlige De. As tuigthe
dhuit annso go sirthear 3. nithe chum peaca dho
dheanamh.



2. M. Ciodh an cead ní aco?



D. Ar 1. ní folair à bheith na ghniomh, no na
neamhghniomh .i. go mo meán le neach ní eigin
crosta do dheanamh, no do oibriú, no gan an ní fho-
garthar do dheanamh, famar an somplo so; an Blas-
pheim .i. Diamhasladh as peaca gniomhach è, agus gan
Aifrionn do eisdeacht as peaca neamhghniomhach è.



3. M. Cia an dara ní?



D. An 2. ní, ní foláir, an gniomh, no an neamh-
ghniomh son dho bheith contradha do dhligh Dè, ór
as riaghail ghenaraltha dligh Dè chum deaghoi-
brighthe, amhuil as riaghail ceard dhon tsaor cloith-
che nach togbhann an balla go maith, mona noi-
brighe sé do reir mar dheachtas an cheard dó; as
mar soin nach maith beatha an duine, agus nach fei-
dir duine maith do radh ris, mona leana dligh Dé.
Ní hiad na Hoitheanta amhain tug Diá féin uaigh
thuigimid anso mar dhligh Dé; acht fós farú soin
na dlighthe chuirid na Papuidhe, agus na huachtarain
ele Eaguilse agus Tuaithe amach, ór as Turnuighthe
do Dhia iad uile, agus as uiaidh do glacadar an ugh-
darras.



4. M. Ciodh an treas ní?



D. An 3. ní, ní folair, an gniomh, no an neamh-
ghniomh do bheith toileamhuil, ór an ní dho ní
duine gan aonta à thoile dho bheith chuige, ní peaca
è, amhuil mar ata, dha ndearna duine blasphem na
cholladh, no sul do ranig à cceill, no nach tuigeann
gur blasphem an ní àdeir, son ccas soin ní pheacuean
duine, do bhrigh nach bion aonta na tola chuige.



5. M. As maith do fhoillsighis an peaca; innis à-
nois ciodh è an dubhailche.



D. Asedh as dubhailche ann drochchlealchta, agus
drochghnathamh, dogheibh duine trè son bpeaca do
dheanamh go minic. A son tig, go bpeacuigheann à
samhail soin do dhuoinibh go rófhuraise, togar-
thach, sugach; sompla air so, à deirimid go mbionn
duine an fhear blasphem, eithig, no na chearbhach


L. 155


ma ghnathuigheann gach ní aco, an blaspheim agus
an teightheach do dheanamh as peaca è, agus as dub-
hailche à ngnathú: agus mar soin dona lochtuibh ele.



6. M. An mór an tolc an peaca?



D. Ní fhoil olc ós à chióonn, fós ase féin an tolc
diobuithe ó na nadúir féin, agus as fuathmhaire le
Dia na ní ar biath ele, mar do remhradhmair son
chaibidil thuas ar ann ccombrudhcroidhe. As follas
soin do bhrig nach coiglean Dia na nithe as uaisle,
agus as breatha dhar chruthaig do sgrios seochad à
ndioghaltas an pheacaidh. Da mbiag ag Rí noag
Prionsa mhor soitheach alain costasuil óir no airi-
gid, agus go fhuigeadh ann deoch bhrean, mhorguidh-
the, thruaillidhthe dho chuirfeag grain romhor
air, agus go ngeabhadh an uired soin do fhuaith do
è, go ttiuradh fá ndeara à bhríse dho lathair, na
bhalaibh beuga agus à thelegeann à fhioriochtar na
na fairige, àdertha gan amhras gur mhór an fuaith
agus an ghráin dobhi aighe ar ndigh dobhi son
tsoightheach son. Ar an modh cceanna dorínne Dià
da shoitheach ròaluin, ròuosal, ròonoreach, soigh-
theach aco do Airigoid .i. an Duine; an soightheach
ele do Or .i. an Taingeal, agus do bhrigh go fuair
an gach soightheach dhiobh dioch bhreann lotha
an pheaca, do bhris agus do theilig à fhioriochtuir
Ifrionn na Haingil do pheacuidh, agus teilige go laith-
amhuil son ait cheanna na duine dogheibh bás
à bpeaca mharabh da ngearcheasa à bpian-
tuibh siorraidhe. Fa dheire do bhaigh se an Do-
mhan leis an Ndilinn, agus na duoine uile leitha-
muith do Naoi, agus da mhuintir, do bhrigh gur cho-
mead an ceart.



7. M. Ca mheid gne pheaca ann?



D. Ataid da gné, mar ata peaca an tsinnsir, agus
an peaca gniomhach; agus rointear an peaca gniomh-
ach ann da gné .i. marabhthach agus solaitheach.




AN II. CAIB.



Ar pheaca an tsinnsir.



1. M. Cred è pheaca an tsinnsir?



D. As pheaca è na mberthar sinn, agus


L. 156


ata aguin ò oighreacht ar cceádAthar. Bioth à fhios
agad an tan do chruthaig Dià an ceád fhear, agus
an cheád bhean, dar bhainim Adam agus Eva, go
ttug se dhaibh seacht ttiodhlaice.



2. M. Foillsig an céd Tiodhlaice?



D. Ar 1. tug se dhoibh grasa, le rabhadar
ceart, firenda, na ccairdibh agus na cclóinn toghtha
aige.



3. M. Foillsig an dara Tiodhlaice?



D. An 2. Tiodhlaice, tug dhoibh móreolus ar
an maith do dheanamh, agus ar an olc do shea-
chana.



4. M. Foillsig an treas Tiodhlaice?



D. Son 3. Tiodhlaice, tug dhoibh an cholonn do
bheith umhal don Spioraid, chum nach taraingeo-
daois na hainimhiana iad chum nithe do dhea-
namh dobhiag an aghaidh resúin.



5. M. Foillsig an cearthramhadh Tiodhlaice?



D. Son 4. Tiodhlaice, tug dhoibh aibigheacht
agus fhusacht chum maitheasa dho dheanamh, agus
chum an uilc do sheachana, agus níor chuir ortha
acht aoin aithne amhain do chomhall, fós ró
fhuraise.



6. M. Abair an cuigeadh Tiodhlaice?



D. Son 5. Tiodhlaice, tug dhoib bheith suaimh-
neach, gan dúo, na eagala, ór dobhearadh an
Talamh uaidh gan treabha na leasú an uile tho-
radh bú riochtanus don bheatha dhaonna, agus ní
raibh ann ní dho dheanagh didbhail don duine.



7. M. Abair an seiseadh Tiodhlaice?



D. Son 6. Tiodhlaice dorinne iad marthannach,
domharathach, àse soin, nach faghidaois bás
choiche, da ccoimeadadaois iad féin glan ón
bpeaca.



8. M. Foillsig an 7. Tiodhlaice?



D. Son 7. Tiodhlaice: bú mhián leis à cciónn
aimsire à mbreith leis dona Flaitheasuibh, chum
na beatha siorruidhe ghlórmhaire, dobhí ag na
Haingilibh.



9. M. Cionnas do chailleadar na Tiodhlaice soin,
ór do bú rómhaith, tarabhthach iad ní dhaibhsean


L. 157


amhain, acht duinne mar an cceana?



D. An chéd fhear Adam, agus an chéd bhean Eva
iar na mealla don Diabhul, niór chomeadadar an
Aithne ud, agus mar son do pheacuidar an aghaidh
Dè, tré ar chailleadar na 7. Tiodhlaice reamh-
raite.



10. M. Innis damh, sinne nár chuidig dhon mhaith
na dhona Tiodhlaicibh, agus fós sinn neamhcheon-
tach na ccoirthuibh, cred fá ccuidighmíd da ndio-
ghaltais?



D. Do bhrigh nach dhoibh féin amhàin tug Dià
na Tiodhlaice soin, ach fós da sliocht na ndeaidh
go hiomalàn, soin an chúis fá ar chailleadar dhaibh
féin agus duinne iad, agus dorinneadar cuidightheo-
ri dhinn ní dha bpeaca amhàin, acht fós da
nainnisi agus da mbochtaine, amhuil ceanna do
chuideomaois da ngrasuibh, agus da Ttiodhlaicibh
ele mona bpeacuidis. Da bhrigh soin àsé as pea-
ca an tsinnsir ann, eascárdeas ré Dià, agus uireasba
na ngras ionna mberthar sinn. O ttig an tainifhios,
an drochchláona, docúl na matheasa dho dhea-
namh, usacht chum an uilc, dúa agus saothar sho-
lathair ar mbeatha, an eagala agus na pheriacail
thimcheallas sinn, bás dearabtha an chuirp, agus fós
bás siorruidhe an anama, mona mbiaiam saor on
bpeaca ria mbás, agus mona fhilleam ar ghrasuibh
Dé.



11. M. Ciodh an leigheas, no an fortacht ata
aguinn an aghaidh pheaca an tsinnsir?



D. Mar do remhradhmair thana, àseadh as lei-
gheas air, Páis agus bás ar Ttighearna Iosa Criost,
òr dobí toil Dè an ti dho chuirfeag roimhe féin sasú
do thabhairt à bpeaca Adaim, go mbiag féin saór ò
pheaca fós go mbiag na Dhià agus na Dhuine, agus mar
soin go mbiag sé soghlacuighte, taithnemhach gan
chrith agus umhál do, ní an ní cho fúras, ris an ní do
fograidh do Adám, acht an ní bú ródheacra ró-
dhoculidhe, mar dobí bás easmailteach cruadha-
lach na croise. Agus an fortacht no an leigheas so


L. 158


doberthar duinn è san Mbaiste, mar do remhradh. Or
bioth nar thoil le Díà na 7. Ttiodhlaice so do fhille
orainn go hobann, gidheadh ba toil leis an Tiodhlaice
as prinsipalta dhiobh .i. à ghrasa do fhille orainn,
le ndeantar sinn ceart firenda, nar ccairdibh agus nar
ccloinn do Dià, agus nar noigribh ar Righeacht na gloi-
re. Fós fillfidhear orainn na Tiodhlaice ele, ma nima-
oid son mbeatha so gach ní as oircheas agus as cóir duinn.




AN III. CAIB.



Ar an bpeaca gniomach .i. marabh-
thach agus soloitheach.



1. M. Foillsig ànois, an peaca gniomhach, agus
cionnus ata na pheaca mharabh, agus na
pheaca soloightheach?



D. Asedh as peaca gniomhach ann, peaca
doniomaoid dar ttoil féin, iar ttiacht duinn an usaid
cheille, mar ata goid, marabha, eightheach, agus a
samhuil ele contrardha dho dhlighe Dè.



2. M. Cred è peaca marabh?



D. Asedh as peaca marabh ann, ní le ccailleann
duine na grasa, as beatha dhon anam: agus thuilleas
bás siorruidhe Ifrinn.



3. M. Cred è peaca soloightheach?



D. Ní nach taithniann re Diá, gidheadh nach
biónn chomór soin, go ccaillfeag leis grasa Dè, agus
dlighidh sé pian aimseardha, ní dhligheann amh
pian shiorruidhe.



4. M. Cionnus aitheantar peaca marabh, no
soloightheach?



D. Chum an pheaca mharaibh, no sholoigh-
thidh do aitne, ní folair dha riaghail do choimead.



5. M. Ciodh an ched riaghail?



D. Asi an .1. riaghail, an peaca dho bheith an
aghaidh na chartainn .i. ghradh Dè, no na comh-
arson.



6. M. Ciodh an dara riaghail?



D. Asi an 2. riaghail, gur ab ó aonta iomolain
na toile thiocfadh. Or da tteasduighe ceachtar aco
soin uaidhe, ni bhia na pheaca mharabh, acht na
pheaca sholoightheach amhain.



7. M. Cred è peaca an aghaidh na carthainne?



D. As peaca an aghaidh na carthannachta è an
tan bhios an aghaidh dlig Dé à ccúis thróim, ar


L. 159


modh, go mo fiú an choir an cardeas do sgaòile. Ma
bhionn amh à ccúis eadraim, agus nach leòr è chum
an chairdis do sgaoile: ní bhionn an trath soin an
aghaidh na carthainne, acht àdeirthear nach bionn
da rèir. Agus as mar soin àdeirthear ris an ccead
pheaca go mbionn an aghaidh an dlighe, do bhrigh
go mbionn an aghaidh na carthuinne, noch as crioch
dhon dlighe. An peaca deghnach amh, ni habarthar
go fhoil an aghaidh an dlighe, do brigh nach foil
an aghaidh na carthainne, acht àderthar nach foil
do reir an dlighe, do bhrigh nach foil do reir na car-
thanachta.



8. M. Foillsig soin le sompla eigin, ionnus go mo
faride thuigfiamè?



D. Gabh mar shompla: súim mhòr airigid do ghoid,
as peaca marabh è, do bhrigh go fhoil contrardha do
dligh Dè, agus à ccúis throim, agus do bhreitheamnus
gach nduine as leòr è chum an chairdis do sgaoile, agus
mar soin ata an aghaidh an charthainn, gidheadh
smoilcin no feorling do ghoid, no bioràn prais, no
asamhuil ele dho ni eadrom, ni peaca marabh son
ach soloitheach, ar son gur ni eadrum è, agus bioth
nach foil do reir na carthunne, nil na haghaidh do
bhrigh nach leòr le resún é chum an chairdeachais
do sgaoile.



9. M. Foillsig ànois an 2. coingheall .i. aonta na
toile?



D. An 2. coingheall, ma bhionn an peaca an ahgaidh
an dlighe, agus à ccúis throim, agus go mbia aonta na
toile go hiomlàn chuigi, as peaca maradh è. Acht
amh mona mbia go hulidhach toileamhuil, amhuil
dobhiag ag duine smoaineamh, no fonn ar pheaca
dho dheanamh, mar ata goid no marabha etc. agus
go ccoimhneochadh air féin sul do aonntuigheadh à
thoil, dobiadh na pheaca soloitheach amhain. Ar an
adhbhar soin ni folair bheith aireach, agus son lúas na
mutho duine an smaoineadh no an fonn à chur dhe
sul naontuig an toil.



AN IV. CAIB.



Ar na ceannpheacuidh.



1. M. Foillsig ànois na peacuidhe as prinsipalta
ann, chum go seachonamais iad do reir
ar ndichell?


L. 160


D. Ataid peacuidhe dhairighthe ann da ngoirthear
peacuidhe prinsapalta, do bhrigh go fhoilid amhuil
Toibreacha, agus Preamha ag an iomad do pheacuibh
ele, as diobh fós ghoirthar cinnpheacuidhe, agus à 7.
a liòn. Ataid peacuidhe ele ann re nabarthar prion-
sapalta, do bhrigh gur deacair amatheamh, agus as
diobh ghoirthear peacuidhe an aghaidh Spioraid
Naoimh, agus à 6. à nuimhir. Ataid fos peacuidhe ele
as mo as prinsapalta ann, do bhrigh go fhoilid rò
ghraineamhail, agus an aghaidh an uile resúin, agus trid
soin àderthear go nglaodhaid go Flaitheamhnus ag
iarruig dioghultuis ar lucht à ndeanta, agus à 4. aliòn.



2. M. Cia, agus ca mheid na cinnpheacuí: agus na
subhailche le ccloitear iad?



D. So sios na 7. pheca: gon na subhailche le ccloi-
tear iad .i.



1. Peaca An uabhair claoitear le Humlacht.



2. Peaca Na sainte claoitear le Feile.



3. Peaca Na druise claoitear le Geanamnuigheacht.



4. Peaca Na tnutha claoitear le Carthanacht.



5. Peaca An chraois claoitear le Measardhacht.



6. Peaca Na feirigi claoitear le Foighdne.



7. Peaca Na leisgi claoitear le Easguidheacht.



3. M. Cred fá ngoirther cinnpheacuí diobh so?



D. Ní ar son bheith na bpeacuibh marabhthacha
ghoirthear cinnpheacui dhiobh, or as iomdha
peaca marabh nach ceannpheaca, mar ata an
Diamhasladh; an duinemharabha: agus àtaid moràn
cinnpheacui nach bionn do shiòr marabhthach,
mar ata Fearag, Craos, agus Leisge. As trid ghoir-
thar cinnpheacui dhiobh, do bhrigh gur cinn iad
do iomad peacui ele fhasas uatha, mar ghea-
guibh ò phreimh, no shruthain ò Thobar.



4. M. Ciodh è ubhar, agus cia na peacui fhasas
uaidh, agus ciodh à leigheas?



D. Ase as uabhar ann, peaca le measan duine go
mbionn nías mò, agus nias as feárr na mar bhios ann
féin, agus mar soin as meán leis bheith nias ceanamh-
ala na cach, agus ni fhuilingeann uachtaran na co-
namhui dho. So iad na peacuidhe fhasas uaidh, è
féin do mholadh, bheith gloirdhiomhaoineach,
broainneach, eisiodhach, asumhal, etc. As amh-
laidh chlaoitear è, duine do dheanamh dichill ar è


L. 161


féin do umhlú .i. à thuigsin nach foil aon ní aige uaidh
féin, agus gach ni dha fhoil aige gur tiodhlaice Dhiá
è; agus measag gur feár cach ele na è féin, da tharcuis-
niú da urisliú féin faoi chach ele; tugadh onòir go foi-
riomelach, agus go hinchleithe .i. go foileatheach do
gach aon do reir an cheime no an ghraduim no mbià.
Foghnaidh dho mar an cceanna à smuai-
neamh go ndein an Tuabhar an duine cosmhuil ris
an Ndiabhul, agus gur robheg ar Dhia è. Or ata sgri-
obhtha go ccoireann Dià an aghaidh lucht an uabh-
air, agus go ttabhair grása dho lucht na húmh-
lachta: islighidh lucht an uàbhair, agus arduigh lucht
na humhlachta.



5. M. Cred as saint ann, ciá na pecuidhe fhasas aista,
agus ciodh à leigheas?



D. As ainimhián saoibhris an Tsaint, agus à 3. ni-
thibh preamhuigheas. An 1. ni, an tan shantuigheas
neach cuid duine ele, agus nach lèor leis à
chuid féin. An 2. ní, an tan bhiàs fonn air nías mo
dho bheith aige, na as riochtanas dò, agus gan à bhreis
no à iomorca dho roinn ar na bochtuibh, mar ata do
fhiachaibh air. An 3. ní, an tan roghraidheas an
mhaoin tsaoghalta shealabhugheas, bioth nach
biàg iomarcach. As amhlaidh aitheanntar so, an
trath nach bionn duine ollamh chum à mhaoine sao-
ghalta dho cailleamhain à ccúis riochtanuis onora
Dè. Is as son adeir Pòl gur ab Iodhaladhradh an
Tsaint, do bhrigh gur ab annsa lis an sanntach an
mhaoin tsaoghalta na Dià, ór as fusa leis Dia do
chailleamhain na an mhàoin. As iomhda peacuidh
fhasas as an saint, mar ata goid, fuodach, cealag à
roic, agus à cceannach, cruaidh ris na bochtuibh, agus
à samhuil ele. Ase leigheas le cclaoitear í, duine dho
ghnathú subhailche na féile .i. bheith daonnachtach
tabharthach, as smuaneadh gur lucht slighe agus deo-
ruighthe sinn son mbheatha so, da bhrighe soin as
tarabthach duinn gan tromuolach na maoine sao-
ghalta dho bheith orainn, acht à roinn idir ar ccu-
deachtain aon tslighe .i. na boicht, chum go mbeara-
duis leò í don tír anonn fa nar ccuinne, agus mar soin,
sinn iar nar neadromù ón uolach soin, as fusaidi
dhuinn an tslighe do chur dhínn go haithghear è.



6. M. Ciodh í Druis: cian na peacuidhe thig uathe,


L. 162


agus ciodh à leigheas?



D. As fonn ainemheanach an drúis chum tain-
thnimh agus oibhnis colluighe. Ag so na peacuidhe ghin-
tear uaithe, duille inntinne, meradhantacht, neamh-
sheasamh; fós brise Posta, adhaltarnus, striapuchus,
briartha gairseamhla, agus an uile shalachar ele
colluighe. Ase à leigheas, gnathú troisge agus
urnuighthe, agus seachana na ndrochcholuadar: agus
à ccuimhdeacht na mimhocantachta; orasiad na
medhòin le ccomeadtar an gheanamnuigheacht
(tar gach aon ní) gan iontaibh na muinin do bheith
aige as féin, na as à shubhailche, na as à naomh-
thacht: acht tughadh à aire teithe on uile pheria-
cuil, agus à cheadfa dho chomead, ag smuaineamh
ar Shampson ròchalama ròneartmhar, ar Dhavidh
ròNaomhtha, ar Salamon ròeagnuidhe, gur
mellag leis an nduailche so iad, agus gur thuiteadar à
mordhuille intinne, agus go mormhor Salomon do thair-
ringeadar à leánnain chum Iodhbal do adhradh.



7. M. Ciodh í Tnuth, cia na peacuidhe fhasas ai-
ste agus ciodh à leigheas?



D. As peaca an Tnuth chureas dolàs ar neach,
fá mhaitheas dhuine ele do bhrigh gur dòigh leis go
laighduigheann se à chaithreim no à onòir féin. Tuig
annso, an tan ghuilleas ort maith dhúine ele (do
bhrigh nach fiú è à bheith aige, no nach cuireann go
maith í) nach peaca è: mar an cceanna an tan nach
taithneann riot gan leitheid na maitheasa spiora-
dalta ata ag cach do bheith agad féin, agus go mòr-mhor
subhailche durthacht, agus à samhuil ele, ní
peaca soin acht foramad Neaomhtha somholtha.
Gidheadh an tan ghoilleas ort maith duine ele le
muchtar honóir féin, agus go mo thoil leat è dho chail-
leamhain na maitheasa son, do eagala go mbiag se
manionann riot, no go rachadh os do chionn, so dhuit
peaca na Tnutha, agus fasaid as an iomad do phea-
cuibh ele, mar ata breitheamhnas taircaisneach
mearaghanta lúchair trè olc dhuine ele, ithioma-
radh agus michlú, or as meán la fear an Fhoramaid
deaghchlú na comharson do isliú; agus fòs Dùsidhthe-
ar leis feáll .i. donimharudh, amhail do eirig do
Chain, mharabh à dhearabhrathair Abèl le Fora


L. 163


mad, agus dona Hubhlaibh do chuir Criost chum
bàis le Tnúth. Ase à leigheas so neach dha ghnathú
féin son charthann agus son ngradh nderbhrathre-
adha, agus amheas go minic gur mo doní an Tnúth do
dhochar dhon tí doní í, na dhon tí ar à ndeintear,
òr fear an Fhoramaid ceasig è féin, agus bí dha eithe,
agus da Chreime ar an ttaoibh astig go heinhcleithe
foileatheach, agus as gnatach lé Dià son tslighe soin
an ti re mbionn an Tnúth do ardù, agus fear à
dheanta dho isliù. Amhuil dochimid gur lè
Tnùth tug an Diabhúl fá deara ar an cèd duine
an Parrathus talamhúidhe dho chailleamhain,
Dià amh à glaca cùise no òcaid as son, do chuir
Criost ar an Saoghal, le na luigheacht tug agus do
aisig ar an nduine cheanna Parrathus Neamhdha.
Dearabhrairthre an Ardathar Ioseph do dhiola-
dar è lè Tnùth, agus trid soin dorinne Dià Ttighear-
na dhe òs à ccionn. An Rí Saúl as lè Tnùth dorinne
inghreim, agus dibheirigi ar Dhavid, agus tríd soin do
bhain Dià an Ridheacht deisean, agus tug î do Dhavid.



8. M. Cred è Cràos, cia na peacuidhe ghintear
uaidhe agus ciodh an leigheas lè cclaoitear è?



D. Anàmhean neamhordúithe peaca an Chràois
.i. an iomad do ithe agus do òl. Or as ann tseasuidh-
eas an tanordar soin, duine do ithe nisa mhó na as
oiriunach no as uireasbach dho, no biadha mean-
gasacha, beaduighe do iarruig, no biadha crosta
dho shantù, mar ata feoil do ithe diahaoine agus
diashatruinn, gan fureach ris an uair chóir, agus go
hairighthe an aimsir throisge; no fá dheirigh, à
ithe go hairceasach craòsamhuil. So na peacuidhe
fhasas as an Ccràos, dorachacht intinne, sughachas
diomhaoin, iomad cainnte. As gnathach fós go
fhasann an drùis as, gon à cloinn uile. Measardh-
acht agus Trosga à leigheas, òr dobherid soin cog-
namh dhon anam, agus don chorp. Agus fá leith as
tarabhach à smuaneamh à gherracht mhaireas
taithneamh an Crhàois, agus go ròmhinic fhagh-
bhus diachair agus tinneas fada tar eis son ngoile,
agus son cceann.



9. M. Cred as Fearag ann?


L. 164


D. As fonn ainimheanach dioghaltais an fea-
rag: as tuigthe dhuit amh an fhearag shuaimh-
neach deaghordaighthe gur maith í, agus as leis soin à
derthar son Tpsailim: Deana Fearag, agus na dean
peaca. Adeir S. Basilius gur cosmhail an Fearag
re madúidhe bhios go maith an tan amhustruigeas
air an Namhaid, agus nach dein ar an ccarid. Ata
an drochordarghadh son na Feirigi à 3. nithibh.
An 1. ní, an tan chureas neach roimh dioghaltas
do dheanamh, ar an tí nar thúill smacht, agus nach
dearna dioghbhail do. An 2. ní, à chur roimhe
dioghaltas do dheanamh as ughdardhas féin; òr
gortú agus smachtú na ndrochdhuine, ní bheanann
sé acht ris na Huachtaranuibh mar ata priúnsuidhe
agus officgidh. Agus do bhrigh gur ab è Dià an tard-
Phriónsa, àdeir sé gur ris féin bhaineas an smacht,
agus an dioghaltas. An 3. ní, dioghaltas do dhea-
namh le fúath, agus ní le fónn an chirt do choimead,
agus na fós amodh, na no nithe ele bhaineas ris.



10. M. Cia na peacuidhe fhàsas as an Fheirig?



D. Fásuidh ceannarric, drochchàint, búaladh,
gnimhortha mióchuibheasacha, amhuil dobhiag
duine ar mire, no as à cheill, òr as cosmhuil an
fhearag mhiochuibheasach ré fear mire.



11. M. Cred legheas na feirige?



D. As lé subhailche na ceannsachta agus na foigh-
dne leigheastar í, ag smuaineamh ar shompla no
Naomh, agus no Fhirén, agus Chriost féin le rugadh
búaidh ar an sort nduailce so lè hiomchar agus lè
foighdhne: Ní mar donid no duine chureas riom-
po dioghaltas do dheanamh go cruadhalach ar an
neascairdibh.



12. M. Cred í leisge?



D. Ionann leisge an gaoidhelig, agus focal da
ngoirthar Acedia son Teangain ngreaguig, agus
àsedh cialluigheas tuirse, no neamhfhonn, agus bith
no cheannpheaca, an tan bhios tuirse agus neamh-
fhonn ar dhuine faoi dheaghobair do dheanamh,
agus nach taithniann reis dlighe Dé dho choimhlio-
nadh na imtheacht ar shilghe na subhailcheadh.


L. 165


13. M. Cia na peacuidhe fhasas as an leisge,
agus ciodh à legheas?



D. Fasaid aiste tarcaisne ar na Haitheantuibh,
agus neach dha dhorta féin ar na dubhailchí,
eadochas maitheasa dho dheanamh, fuath agus
miosguis do bheith aige dhon drouing do chuirfeag
fá deara air an peaca dho sheachana, agus an tsli-
ghe chóir do leanmhain. A leigheas so gan bheith
diomhain, leabhair mhaithe dho leigheadh, smoai-
neamh ar an luaidheacht mhaith gheallas Dia
dhon drouing bhios dichilleach ag comhall à naomh-
aitheanta, agus ar an bpéin shiordhuidhe dhofhui-
lingthe ata aige fá chuinne na drouinge bhios leasc
neamhdhichillach.




AN VI. CAIB.



Ar na peacuibh an aghaidh an Spioraid Naoimh.



1. M. Cia, agus ca mhead peaca an aghaidh an
Spioraid Naoimh?



D. Ataid 6. pheacuidhe an aghaidh an Spio-
raid Naoimh, mar ata:



Peaca an 1. Eadochus à shlanuighthe.



2. Andochus à shlanuighthe gan deagoibrea-
cha.



3. Chur an aghaidh na firinne as à rucht.



4. Tnúth agus doilgheas tré ghrasuibh agus mhaith
na comharson.



5. Bheith crúomhuinealach seasmhach son
pheaca.



6. Bheith neamhaithreach son crith dheanuig.




2. M. Cred fá ngoirthear dhiobh so peacuidhe an
aghaidhe Spioraid Naoimh?



D. Do bhrigh gur lè malís daríribh donithear
iad, agus go mhormhor an 3. peaca ata níos disle na
cach an aghaidh an Spioraid Naoimh .i. an tan
bhias fios na firine ag duine, agus chureas na haghaidh
go hamhnareach, ag seana nach í an fhirine í.
Goirthear fós peaca an aghaidh an Spioraid Na-
oimh dhon pheaca donithar lè malís, do brigh gur
à leith an Spioraid Naoimh churthar an mhaith
noch as contrardha dhon mhalís: àmhail àder-
thear peaca an anifhis do bheith an aghaidh an
Mhic ag ar no leith churthar an eagana; agus peaca
na luige agus na hanamhainne àderthar do bheith
an aghaidh an Athar, do bhrigh gur no leith chur-
thar na comhachtha, agus an neart.


L. 166


3. M. Créd àta dho dhileas ag na peacuidhibh so?



D. Ata nach maitear iad son Saoghal so, na son
Saoghal ele thall, mar chureas ar Shlanuithoir sios
son suibhsgeal. Amh as mar son as tuigthe soin .i. gur
ab deacair à matheamh, do bhrigh gur ab annamh
an droung doní iad dothoigheacht choidhche chom
na Haithrighe fíre; amhuil deirimid ris an eagruas
go mbionn doleighis, ní he ní as mean linn do radh
nach féidir à leigheas ar aon chor, acht gur ròan-
namh è dha leigheas, agus go coitcheann nach foil
leigheas air.



AN VI. CAIB.



Ar na peacuidhibh eigheas go Flaitheamh-
nus ag iarruig dioghaltuis.



1. M. Cia agus camheid peaca egheas no sgrea-
das go Flaitheamhnus ar Dhià ag iar-
ruig dioghaltuis?



D. Cheithre pheaca, mar ataid anso sios:



1. Peaca an fheaoill .i. duinemharú toilleamhuil.



2. Peaca Collúighe an aghaidh nadurach.



3. Peaca Luighe no eagòir do dheanamh ar bhoch-
tuibh, agus go harighthe ar dhigleachtuibh,
agus ar bhaintreachuibh.



4. Peaca Connamhaill à luaideacht saothair on lucht
oibre.



2. M. Cred fá nabarthar go nglaodhid go Flai-
theamhnus?



D. Do bhrigh go fhoil ècceart na pheacuidhe
so cho follas soin nach feidir scath na folach do
chur ortha ar aon chor.



AN VII. CAIB.



Ar eascairdibh an anama.



1. M. Cia agus camheid eascairde an anama?



D. Ataid 3. heascairde ag an anam
mar ata: an Diabhúl, an Saoghal, an Cholann.



2. M. Cred fá tugthar eascairde an anama ortha,
no an fholid cumusach, na cumhachtach ar sinne
dho tharrang chum peaca?



D. Nilid go deimhin, gideagh donid an noith-
cheall chum sinne dho lot agus do chorrù chum peacaidh.



3. M. Cred fá fholingan Dià dhaibh sinne do bhuai-
readh, na dho chathú dár ttaraing chum peacadh?



D. Chum ar ndainginithe son maith agus an sna subh-
ailchibh, ag meadú agus à coimead ar lúaidheachta.


L. 167


4. M. Cionnus bhuaidreas an Diabhúl sinn?



D. Ag cur drochsmuaintidhthe an ar ccroidhe agus go
forimeállach ag tabhairt cúise antola dar lathair.



5. M. Ciodh an ní le nibearthar na drochsmu-
aintidhthe?



D. Le teithe uotha ag guidhe ar Ttighearna Dià
gu ròdhurthachtach fá nar seachana ortha.



6. M. Cionnus chureas an Saoghal cathú orainn?



D. Le na dhiomhaoneas, ag tarigsin millseacht
briathar dhuinn, agus dar mbuareagh le comhluadar
no nduoine saoghalta.



7. M. Cred an leigheas àta aguinn na naghidh
so?



D. Dlighe Dè do chomhead agus lorag na ndea-
dhuine dho leanamhain.



8. M. Cionnus bhuaireas an Cholann sinn?



D. Le hiomad drochsmuaintidhthe, agus droch-
chomhluadair dar ngriosadh chum peacuidh.



9. M. Cia na hairrim as ionghlacuidhthe an
agaidh na Colla.



D. Grasa Dè maille re medhon no ndeaghoi-
breacha.



AN VIII. CAIB.



Ar na 4. nithe deanacha.



1. M. Teisbein teagasg eigin generalta chum
na bpeacuidhe dho sheachna?



D. Adeir an Teagnuidhe: cuimhnig ar do chrio-
chuibh deghnach, agus ní pheacòir choithe, à 4. à liónn
so .i. Bás, Breitheamhnus generalta, Ifrionn,
agus gloire Neamhdha.



2. M. Cred fá ngoirthear 4. nithe deanacha diobh?



D. Do bhrigh gur ab è an Bás crioch na beatha,
agus an ní as deaghnuigh theanghmhas duinn son sao-
ghal so. An Bretheamhnus generalta àse as
deaghnuighe dona huile bhreitheamhnuisaibh ele, ní
feidir àpéil do dheanamh air .i. gairim uaidh
chum aon bhreitheamhnuis ele. Ase Ifrionn an
tolc as deaghnuighe ag lucht na ndrochghniomh-
artha ina mbiaid do shiòr gan dáil fhortachta. Fa
dheiri, àsi an glóir Neamhdha maith as deagh-
nuidhe dogheabhaid na deaghdhuoine noch na cailfid
choithe.



3. M. Abair uait cred as ansmuaintethe dhuinn


L. 168


ar na 4. nithibh deanacha so, chum nach deana-
maois peaca, mar àdeir an Teagannúighe, ma
chuiniomaoid ortha?



D. As feídir léat na 4. puinc so do smuaineamh
ar an Mbás. An 1. punc, à smuaineamh go fhoil
an Bás ródhearabhtha, agus nach foil ar ccumas do
aon neach à sheachana. An 2. punc, nach feas
cia hí uair an Bháis, agus go fhagaid morún Bás an tan
as lú shaoilid. An 3. punc, gur leis an Mbás chrioch-
nuighthar nithe an Tsaoghaoil so, agus annsoin aith-
eanthar diomhaoineas an Domhain. An 4. punc,
gur mor ghoilleas ar dhuine an uair an Bháis an
tolc dorinne, agus an mhaith do leig dhe gan dea-
namh. Ar an adbhar soin as leamh dhuinn nithe dho
dheanamh, aga fhoil à fhios aguinn go mo haith-
teach linn iad fá dheirigh.



4. M. Cred àdeire reis an Mbreitheamhnas
ndeanach?



D. As feidir leat na puinc so dho smoaineamh ar
an Mbreitheamhnus ndeanach. An 1. punc,
à smuaineamh gur ab ar nithibh mora, diobuithe
tionscnothar an Breitheamhnus so .i. ar an
ardmhaith, agus ar an ardolc. An 2. punc, gur ab
ardBhreitheamh aga fhoil fios an uile nithe (agus
nach feidir cur an aghaidh) do dheana è. An 3.
punc, gur do lathair an Domhain go hiomlan de-
antar è, agus na bú feidir le aonneach è féin do tha-
rang uaigh. An 4. punc, nach biaigh munighin
na dochus ag aon neach teithe on Mbreith soin, na ò
choimhliona an chirt Neamhdha.



5. M. Cred as ionsmuaintidhthe ar Ifrionn?



D. A mheas go fhoil Ifrionn leathan, fada, ard,
domhain: àta se leathan, do bhrigh go ccoimsión,
agus go fhoil ann an uile short peine as feidir do smu-
aineadh: àta se fada do bhrigh go fholid na pianta
soin gan chrith gan fhoircheann: àta se ard, do
bhrigh go fholid cruadhalach son ardcheim: àta se
domhain, do bhrigh gur fiórphianta iad gan aon
mheasga soláis triotha.



6. M. Cred as smoaintithe dhuinn an Ngloire
Naomhdha?



D. Amheas mar an ceanna an Ghloire Neamh-
dha, go fhoil si fairsing, leathan, do bhrigh go fhoil
an uile ní maith as feidir do smuaineamh inte, fós


L. 169


nísa mhó na as feidir linn do mheas na do mheanú.
Fada, do bhrigh gur sirrúighe na mhaitheas soin. Ata
si ard, do bhrigh go fhoilid roard, amhail ceanna
ataid rouaisle. Ata si domhain, do bhrigh gur maith-
eas glan iad, gan measga uilc na uruchoide eatortha.
As measta dhuit fós, nach foill aon choingheall dona
conghealluibh reamhraite soin ag maitheas an tsao-
ghail so, do bhrigh gur gearr, beg, diombúan iad, agus
go mbid iar na ccomeasgadh do bhuareag, do chant-
labh, agus do dhoculuibh ele. Amhail ar an modh ccon-
trardha, uilc an Tsaoghail so, gur beg, gearr, diom-
buan iad, measguithe le solás eigin. Ionnus gur feidir
leat aradh, go dearabthà go fhoilid ar mire, agus
gur chailleasdar à ciall, an droung chailleas an
mhaith shiorruighe àta fá na ccomhair, ar ghradh
bhegmhaitheasa an tsaoghail so, no thuiteas son
inneachan shiorruidhe, tre eagla bheighthriobu-
loidi aithghear an tsaoghail so noch àta sochrioch-
nuighthe, agus na pianta thuilleas dochriochnuigh-
the: go saora Diá uatha sinn. Amen.



CRITH. Moladh do Dhiá.



CLAR CHAIBIDILEACHA



AN I. LEABHAIR.



AN I. Caib. Ar Theagasc agus ar ainim an
Chriostui. An I. Taobh.



An II. Caib. Ar comharthú agus
ar choisreaga an Chriostui. an 2. t.



An III. Caib. Ar roinn an Teagaisc. an 6. t.



AN I. TRACHT DON II. LEAB.



AN I. Caib. Ar chrè no Neapostal. an 8. t.



An II. Caib. Ar na Hairtiogaluibh
trachtus ar an Ndiacht. an 11. t.



An III. Caib. Thrachtus ar Naomhdhaon-
nacht Iosa Criost ar Ttighearna. an 19. t.



AN II. TRACHT.



AN I. Caib. Ar an Bpaidir. an 39. t.



An II. Caib. Ar bheannacha an
Aingil, agus ar an Salve Regina. an 48. t.



An III. Ca. Ar na Haingil, agus ar na Naoimh. an 56. t.



AN III. TRACHT.



AN I. Caib. Ar Aitheantuibh Dé. an 58. t.



An II. Caib.


L. 170


An III.Caib. Ar oibreacha na Trocaire. an 95. t.



AN IV. TRACHT.



AN I. Caib. Ar na Sacrament go
coitchiann. an 99. t.



An II. Caib. Ar Sacrament an Bhaistí. an 103. t.



An III. Caib. Ar Sacr. an chonfirmasion. an 107. t.



An IV. Caib. Ar Sacrament na Haithridh. an 108. t.



An V. Caib. Ar an ccombrùcridh. an 112. t.



An VI. Caib. Ar an fhaoisidin. an 116. t.



An VII. Caib. Ar an leórghniomh. an 121. t.



An VIII. Caib. Ar Naomh Sacrament
na Heucharistia. an 123. t.



An IX. Caib. Ar Iobuirt an Aifrinn. an 131. t.



An X. Caib. Ar Sacr. na Holo deaghnui. an 133. t.



An XI. Caib. Ar Sacrament na sagartorachta an 135. t.



An XII. Caib. Ar Sacrament an Phosta. an 136. t.



An XIII. Caib. Ar chomharleachuibh
an Tsubhsceil. an 139. t.



DON III. LEABH. AN I. TRACHT.



AN I. Caib. Ar na subhailchí go
coitcheann. an 141. t.



An II. Caib. Ar na subhailchí Diadha. an 143. t.



An III. Caib. Ar na subhailchí Cardinalta an 145. t.



An IV. Caib. Ar Thabhartais an Spioraid
Naoimh. an 148. t.



An V. Caib. Ar Thorthuibh an Spioraid
Naoimh. an 150. t.



An VI. Caib. Ar na drungha Beannuighthe an 150. t.



An VII. Ar na ceadfa corpurdha. an 152. t.



AN II. TRACHT.



AN I. Caib. Ar na peacuibh, agus
ar na dubhailchi, an 153. t.



An II. Caib. Ar pheaca an tsinnsir, an 155. t.



An III. Caib. Ar na peaca gniomhach
.i. marabh agus solaitheach, an 158. t.



An IV. Caib. Ar na 7. cinnpheacuibh, an 159. t.



An V. Caib. Ar na peacuibh an aghaidh
an Spioraid Naoimh, an 165. t.



An VI. Caib. Ar na peacuí emheas à
Fhlaítheamhnas ar dhioltas, an 166. t.



An VII. Caib. Ar eascairdi an anama, an 166. t.



An VIII. Caib. Ar na 4. deaghnuí, an 167. t.


L. 171


Modh róuras na teanghan Ghaoilaige do leagh.



1. Ionann litreacha dona Herenachuibh, agus dona
Lainneoribh, leith àmuith do k. agus q. ag a
ndèin c. à nionad: fós ní bhion aca x. y. na z.



2. Ní folair à brigh féin go hiomlán do thabh-
airt da gach litir, leith àmuith don eisgeacht
dodheanam anso siòs: rintear fós na litreacha so na
ngothuibh, agus na cconnsuinibh.



3. As ionann gothí na Lainne agus iád .i. a. e. i. o. u.
ata cuid aco tróm .i. a. o. u. agus cuid ele eadrom
adhon e. i. is as na gothí so fhasaid na dafhouruigh
agus na trifhouruigh.



4. Ataid à 12. do dhafhourochuibh ann, à 6.
aco do shiór leathan: mar as léir annso



ae, Laé, ao, Cáol, eo, Céol, eu, Seúr,
ia, Fiál, Sliábh, iu, Fiú, Triúr.



Na 6. dhafhouruigh ele so, bid ar uaribh leathan,
agus ar uaribh Cáol mar as léar annso



ai, cáil, sail. oi, cóir, coir. ua, crúa, cual,
ui, Súil, Fuil. ea, Feách, fear, ei, céir, geir.



5. Na trifhouruig bíd fada do shiór, mar as
leir anso



aói, caóin, eoi, feóil, uai, búaidh, iai,
liáigh, iui, stiúir.



6. Tuig gur ab aon ghuth amháin gan roinn bhiós
ag na dafhouruigh, agus ag na trifhouruigh, agus nach
guth fá leith bhiós ag gach guthí dha mbionn ionta
ór ní rointear an four no chotuibh, mar ata Caól,
agus ní Ca-ol, Caóin agus ní Ca-oin, etc. ór doníd
aon fhoúr amhain iomlán gan brisi gotha, mar
ata: feóil, fiál, crúaí, stiúir, etc.



7. An trath theanguid dha chonnsain, no nísomho
à ttús fhocail gan guthigh do theacht atartha, as
ag an cced chonnsain bhiós brigh: leis an Bpaidir,
ar an mbaidi, etc.



8. An fhighir so h. bioth nach litir í, amh, as
mór à brigh agus à comhachta ar na connsanuibh
ele, ór nil son aibidil uile aon chonnsain nach semh-
ghean, no nach malartúigheann, no nach bainean
à brigh ar modh eigin Dí; ór semhigheann na chonn-
sain gharabh, eadromain an tróm, agus cruaidhean


L. 172


an bog: leith àmuith dhona tri chonsain so l, n, r,
nach foil cur aici ortha, amh chuigi so as à niáigh
na connsoin churthar í do shiór, mar as léir anso,



modh, bocht, etc.



9. An trath thig si à niáigh s, t, bainigh dhiobh
à mbrigh agus dobheir à bhrigh féin dhaibh, mar
so, shlanuigh, thanuigh, etc.



10. An trath churthar h, à ndiaigh na ttri
connsoin so b, f, m, dobheir dhaibh bhrigh u,
chonnsain. Tuig gur truime an guith bhiós ag mh,
na ag bh, agus fh, ar uoribh ni bhionn brigh ar
bhith ag fh, as mar so dobheir an cannún Ghad-
ilaigi dona litreacha remhraite, dhiobh, à fhoil,
clamh.



11. An tan tig h, à ndiáig c, p, àse brigh na Lainne
bhios aco, mar ata: ar chaliacht, Phadruig.



12. An tan churthar h, tar eis g, dobheir brigh
fhoscuilte eadróm dhi .i. do bhrigh, cruaigh.



13. An tan churthar h, tar eis d, dobheir dhi
brigh g, .i. dhiobh, giobh.



14. Ni curthar í choithe tar eis l, n, r, na tar eis
dha chonnsain.



15. As ionnan brigh do dha tt, agus do d, na hea-
onracan .i. ar Ttighearna, ar digharna.



16. As ionnan brigh do cc, agus do g, mar àta,
ccorp, gorp.



17. An trath churthar, gh, no dh, ar lár no à
ndeire focuil ni mór go mbion aon bhrigh aco mar
àta, Tighearna, eoluigh, crabhadh. Tiarna,
eolúi, crabha, etc.



18. An trath bhios u, à ttosach focuil ní chuir-
thir í lis an nguthi bhios na diaigh ach le féin go
haonracanach, mar àta, uaidh, uile, mar der-
tha, u-aidh, u-ile.



19. An comhartha so, &, as agus chialluigh sé
son nGaoilaigh: Fós an comhartha ele so .i. cialluig se adhon.



CRITH.