Crioch Deigheanach don Duine

Baile Átha Cliath (1818)

Emun O'Sealbhaidh




CRIOCH DEIGHEANACH



DON DUINE



DAN DIADHA



“Cuimhnidh air do chrioch dheighionach agas ni
feidir dhuit a pheacadh go brath.”



“Memorare novissima tua et in aeternum non
peccabis”. Eccles. vii.40.



A mbaile Atha-cliath Duibhlinne, san bhliadhain
d'aois ar Ttighearna



1818


L. 2


Chum na Sár-óirbhidneach, na
fíor-oírbhidneach agas na n-óirbhid-
neach, na n-Aird-easboig, na n-Eas-
boig agas na Ccliar Eireannach go
coitchionn, an Dán Diadhasa arna
tiomanta go sarmhodhamhuil leis



an leasaighhteoir,



EMUN O'SEALBHAIDH.


L. 3



L. 4



L. 5


CRÍOCH DEIGHIONACH
AN DUINE




A dhuine chuimhingh do chrioch deighionach
is na caith haoís le baois na breaga;
cuman an tsaogháil chlaoin go ttreigfhir,
ce gur aoibhin main gur bhaoghalach.



Ge ta tu laidir, lan do thréithibh,
lan do shlainte, lan daille, agas sgéimhe,
na bain cail as blath bheag bhreige,
is gur taire i na sgaile gan eifeacht.


L. 6


Na gheilse do reacht mas na mhaitheas an tsaogh-
ail so,
as a ghneithibh na dean iomad sgleipe,
féach gur don criadh ata tu deanta,
sa trath eagfair, gur cre dhiot a dheantar.



Ge gur mor do chuid oir agas greithe,
do chuid airgid, brais, agas peatuir,
do bha, do chapuil is do chaoirigh,
do caisleain bo robhreadha le na bhfeachain.



Do cuid eachraidhe, bhios meanmnach leimneach,
do choistidhe, do cotaidhe rodhaora,
do chuid sioda, is culaighe re cheile,
do leabacha sasda air cluimhibh eanlaith.



Do lucht ealadhain, bhios atathaigh do fheacuin,
do lucht eolais adhuine os clisde a gceil du,
do chocuiridhe bhios totughadh gac meíle,
deanadh an coisreaga air bhord leathan eadain.


L. 7


Do mhuintir bhios cruin air gach taobh dhuit,
a deanamh grinn, is aig innsinn sgeal dhuit,
air do chlonnsi beidh innsin da reir sin,
aig gabhail do thiomchioll arinsce sa pleíde.



Do chonairt bhios go conughrach beilbhin,
do bhainfeadh cluithe as eilit da gheire,
air fad na coille, cois curraidh, no sleibhe,
le na mire chum do gaile do dheanamh.



Gacha andubhras o thus ansa meidse,
ionnta sud dar mocubhas ni'l eifeacht,
ce ata agcuram ort, och! ni leat fein iad,
cuirfid agcul leat, trath mhuchfar san gcre thu.



Do chairde dílis fagfuid go leir thu,
annsan ait sin ar ball meid reidh leat,
anaras gan tasdacht, gan teagar,
on la sin ni bhidh tracht ort na sgealta.


L. 8


Bo truagh thusa anuair ud an geibhionn,
anuaimh dhubh, is ualach don chre ort,
'sba fuar do ghuaileadh, 's do gheaga,
's do thruail bhocth an uaigneas ag eagcaoin.



Gan or, gan airgiot, earradh, na eadach.
gan bha, gan chapuil, bailte, na sreada,
gan chuirt, gan chaislean, na gearan gleasta,
gan choisde, gan chota, gan bheibhior.



Gan lucht ceoil, na lucht eolais dod fheachain,
gan sinnsear, gan chloinn, is gan cheile,
do chluasa, ler mhaith suarcas agus sgeala,
beid an uair ud gan tuaruisg, gan eisdeact.



Do fhuilt ghruaige, bhi anuas leat na bpearlaighe,
fád ghuailidhib na ndualadhe, gan reiteach,
do ghnuis, do mhala, do leaca, bhi glegeal,
do shuile glasa gan chama, gan chlaona.


L. 9


San uir an tra rachus tu, cailleadh tu asgeimh ud,
'sbheid agad na nionnad cnumha agus peíste,
ni he so amhain, cas an sgelsin,
ata pone ann romhuin fós gan reiteach.



Fuair tu go leór don ghloíre shaoghalta,
d'ól tu an fhion, is ta diol gan deana,
ta la le teachth, na meas gur breg e,
ma gheillion tu d'ughdaraibh naomhtha.



La bhocht bhrónach, gleodhach, a geargoin,
ta roimhe gach nduine chum chúntais dheana,
tiocfadh Anticriost, anfheil le eicceirt,
mhealfadh na milte, do daoinibh an tsaoghail.



Tíocfadh plaigh, is gorta, is cogadh, an aoinfheact;
is gan neart dhiol acht ag neach da treine;
na daoine uaísle, bhi uaibhreach faobhrach,
lan do shaidhbhris, reachtmas, agus pleíde.


L. 10


Biad airís go claoidhte an gear-bhruid,
mar chailleadar Criost, ar nidh gan eifeacht;
beídh ríghthe, imperidhe, isrprionsaigh treana,
a dol le gaoith gan bhrigh na eifeacht,



Gan furtacht le faghail, na nanreítigh,
beidh clocha agas crainn le na linn apleasga;
rachaidh cnuic ágas gleannta a gceann a cheíle;
gacha bhfuil béo agas fos na heanluigh.



A sgreadaigh, sa caoi, is gan díon air aoinred,
muchfadh na dorchadas solas na greine;
beidh an ghealac faoi smuit agcliuch radharc,
na realta tuitim abriseadh, sa réaba,



Ag mead na stoirme, is buirbe an lae sin,
nochtfa an mhuir grinneall na greine,
is beidh iasg annsin gan uisge leimnigh,
is casaidh siad aris na ccaoir dhearg.


L. 11


Tiocfaidh aingiol as flaithios le sgeala,
galltrumpa anna lamh, sa beal da sheide,
da radha leo teacht, gan stad do bhreithe,
oc! oc! mo thruaighe! ís cruaidh an chéim sin.



Rachaidh an tanam san ccolain gceadhna,
siol gach nduine dar geineadh ó Eubha,
tiucufaidh siad uile mar thuile da threine,
as gach ait faoi clar na spéire.



O Shachsain, ó Albain, agas ó Heirinn,
ón bhFrainc, ón Spain, agus ón Eigipt,
ón Aisia, ón Africa, agas ón Greig leis,
ón Scitiá, 's ó rioghacht na Hairmenia.



O Hungaria, on Almhain, agas on mBóesia,
o Caria, o Arcadia, agas o Creata.
cad dobhail liom, da radh iad air áonchoir,
och is fearr damh ttrachta an einfheacht.


L. 12


Gach a ttainig ó Adhamh, agas ó Eabha,
beíd an lá ud do lathair an aoin-mhic,
an chineadh íudaigh ghabh do sgiursaidh gear air,
chur puicin air is rinne an umhlaigheacht bhreige.



Na breitheamhuin thuig an breítheamhnúis eig-cheart,
Pointius Piolad, Caiaphas, is Hearod,
an chuid eile don cuideachtain ceadhna,
da bhualadh le basa, is gach tarcaisne dobhfeidir.



Mar bhi se follus gur ab aca bhi an éigcheart,
chithfid siad mac na feile,
Iosa Criosd mac De air na cheasadh,
chum dioghaltais is dhibheirg do dheanamh.



Beidh lucht na mallacht na seasamh an aoinfheact,
iona comhdhail air dheaslaimh go haédhrach,
is lucht na mallacht fuair rachmus an tsaoghailse,
na mbrus gan ghrana air a laimh clé dé.


L. 13


Smuain anoish air gach sgela da ndearfuin
gur truadh a charaid sa ndearca go dearfuil,
teacht abpearsain gan fiadhnaidh bhréige,
An la ud do lathair an taoinmheic.



Alucht na mallacht, imthigh feasda re chéile,
go ríoghacht na ndeamhan, in ambíonn lasracha
gheara,
anuair ábhíos nochtadh ni bhfúairis mfolach do
dhéadach,
San úair abhíos mo dheóraidh nibhfhúaras loísdín
ó aóineach.



Imeochá an tan re rádh na sgéal sin,
as an áit ar ball a sgréachaigh,
díarradh gach neach fa seach don mbréanbhruisg,
mo mhallocht ar Dhía do chur aríamh sa tsaoghal mé.


L. 14


Beidh agramhuisg thutach múichde a bréineacht,
a tteinte dearga, sa lasracha geúra,
a dol a ghorta mar chonart a ngéibhionn,
díobh is cinte bheith a tteinte tréana.



Sud an áit, gan bíadh, gan eádach;
sud an ait, gan phairt no chéile ann;
sud an ait, atá lán do gach aón olc,
an úair rachaidh an aicme bhréun ann.



Ansud asdeach faoi ghlasaibh daora,
teacht as ar ais, nil neart air aoneach,
ach a bheith go síoraidh gan sgith do dheanadh,
ní insin don tsluágh fuair lúadh air naomhthacht.



Rachaidhsíad súas air anúar cheadhna,
a ccuideachta an uáin ó cúairt an tsléibhe,
flaithios dogheibidh uádh mar lúach saothar,
beídh céolta binne da sinim go gleásda.


L. 15


Naoimh agus Aingil aig canamhuin na cheile,
gach maighdion glan a dfan gan chéile,
beidh amharc ar leith gan ceilt na héadan,
na naoi nuird ata accuirt na féile.



Gan claochlodh aig an tríonoid ronaómhtha,
aig cur fáilte reompa go learg na naómhspiorad,
arus na fáilte agas na féile,
árus na nárdaingil ronaomhtha.



Mur a mbíonn solas gan dólas, gan traothadh,
gan chíos ateacht aníos, no eiliughadh,
ní cúalaidh clúas, ní dúal co mfheídir,
nar smuainidh chroídhe, gniomh do dhéana.



Ní facaidh suil o thus an tsaoghailsi,
leith no trían abhfuil aig día re na nadhaigh
ann a chathair nil creach no éigceart,
ann a chathar bíonn ceart agas deighbheart.


L. 16


Ann a dhúnsa ní bíonn cúlghearadh no ceasa,
ann a dúnsa ní bhíonn díultadh air aoineach
acht foill ort do mo dhóigh ní bhiad bréagach,
as doigh liom nach bhfoghnann an méid so.



Lucht poíte, lucht spóirte, is lucht pleíde,
lucht uadhbhair, da úaisle a ccuid éadaigh,
lucht cuilgearraidh, is cliú bhúain da chéile,
ann a dhúnsa nil rúma aig an méid úd.



Lucht leísge ní cheilim air aonchor,
agas lucht feíle ni fháicid íad féin ann,
a righ na ríghthe do dhibir déethe,
dothug Maoise ó Ríogh na hEigipt.



'S do chuir an tuile air an drung nar ghéill duit,
do thuirling a ccoluin daonda dar saoradh,
a mainnséir asail gan leabadh gan eadhach,
ach tríall na nainghiol ó fhlaithios dod fheachain.


L. 17


Dobhí trí bliádhna deag agus fithche, mar leíghtir,
dobhí dha fhithchiot la air fasach an tsleibhe,
gan chodhladh gan biádh; O Dhiá! na treig me,
nach tú féin do lúbh do gluine naomhtha.



Cuir allus fola le do chlareádan,
dfulaing do cheangal go daingion lé teadaibh,
do bhreith do láthair Annas an éithigh,
dobhí Píolaid aig eisdiocht do sgéala.



Súd an ceathrar thug tarcuisne ar do daondacht,
is iomdha sin masla, agus urchar treitheach,
is iomdha sin sracadh, thug an aicme bhreun ort,
is iomdha sin deór, do dhoirt do dhéaghrosg.



As iomdha sin seile, do theilgeadar an théadan,
cúig mhile buille mar chuirid na náeimh sios,
do fúar tusa, agus tuille nach léighthear,
adhuine cuimhnigh air a nídh sa a déarfad.


L. 18


Rígh na bhflaithios da cheangall aig Hérod,
a chuid fola faoi na chosa tareis théachtadh,
gan ruáine da ghrúaig lena chéile,
gan ball de slán ach lán do chréuchta.



Coroin spíne ar Iósa na ndhéighbheart,
a sruth siós le gach spíce géur díobh,
o bhathais go bonn da chom gleigiol,
aig iomchur go bocht a chos feín leis.



Go Calbhária mar ndéarnadh a téirleach,
muire glormhar go brónach da fheáchain,
sruth deór le na gleodhchaibh naomhtha,
'sa fuilt ordha aca da strócadh ó na chéile,



Sa mac trócuireach aig an choíbsin da cheúsadh,
a thighearna dfulaing pianta dar saóradh,
díoc air bhfiácha nídh nach bhféadamaois fein díoc,
os aridhi nach bhfuil sláinte againn id teagmuis.


L. 19


Is tú ar nathair, na dearmuid sinn ar aonchor,
is tu ar ndearbhráthair, bí cumhdach linn da réir sin,
is tu ar nDía, sariámh da ngéillmuid,
mathréigionn tusa sinn, a chuman, ead a dheanainn.



Maith air ccoirthe dhuinn, mar mhaith tú do Mhuire Mhagdelenn,
is don ghadaígh rinn an taithreachas deighionach,
's don bpuibliocan bhí le tubaisde an tsaoghailse,
's do Pheadair prionnsa na neasbal do séun thú.



Aig so crioch air bhrígh mo sgeilse,
guidhim anois, agas aris, gach aon agaibh
an tAthair, an Mac, agas an Spiorad naomhtha,
air seachoint air breith dhamanta la án tsléibhe.



Crích.