Suim Bhunudhasach an Teaguisg Chríosdaidhe

Lobháin: Coláisti na mBráthar Mionúr (1663)

John Dowley




SUIM BHUNADHASACH AN TEAGAISG CHRIOSDAIGHE.



An Coisreagadh.



Anainm an Athar, agus an mheic, ag-
us an Spioraid naoímh. Amen.
Adnotatio. Tuig gurab beannuighthe
iolbhuadhach an ní an coisreagadh, oír
asé priomchomhartha an Chriosd-
aíghe é: agus imdhídion cháich eidir iád agus
an díabhal.



Taisbeánaidh sé go coimsighthe na
ceathra poingc is prionnsapalta
san chreideamh, mar atá aondacht na
naduíre diádha a substaint, mar aon
re bheith a ttrí bpearsanaibh don
naduír cheadhna. Ionchollnadha na da-
ra Pearsan .i. an mhic ag gabháil
chuirp agus anama a mbroínn Mhuire
oigh. Agus bás an slanuightheora cea-
dhna a ccrann na croisi ar son pheacadh
na ndaoínedh. Oir tuigthear aon-
dacht na naduíre diádha as an


L. II


bhfocal UATHADH san choisrea-
gadh , eadhon, In nomine, nó an ainm, atá
anmonna trí bpersann na Trínoide
sloinnte síos ann. Taisbéanadh cur na
láimhe ar án imliocán ionchollnagha én
mhic Dé ambroinn naomh Mhuire oigh.
Agus cuiridh fíoghuir na croisi do
niothar ann, bás croiche ar TTighearna
Iosa Crióst anamhuil dúinn.



AN CHRE
Creidim a ndiá athar uilechumhach-
tach cruthaitheoir nimhe agus tal-
mhan. Agus an Iósa Críost a aon-
mhac sin ar ttighearna: do gabhadh ón
Spiorad naómh, do geiniodh ó
Mhuire oíg, dfhulaing Páis fa
phoint Phíoláid do crochadh, dofúair
bás, do hadhlacadh, dochuáidh siós go
hifrionn; deíridh an treas lá ó mhar-
bhuibh: agus dochuáidh suas ar neamh, atá na
shuidhe ar deis dé athar uilechumhach-
taigh: as sin tiocfas do bhreith
breithe ar bheodhaibh, agus ar mharbhuibh.
Creidim san spiorad naomh, an naomh
eaglais chatoilice, cumonn na naomh,
maitheamh na bpeacadh, eiseirghe na
gcorp, agus an bheathaidh shuthain. Amen.


L. III


DIONBHROLLACH NA hOIBRESI
no an epistil chum an léughthóra.
Gidh doilghiosach, maisedh is fíor lé ninnisin
a léughthoir cháirdeamhuil gur fhás anuir-
iodsan ainbhfhis inaós óg, agus faraór i ndaoi-
nibh eile san tír bhoicht dhíbertha so, nach é a-
bháin nach bhfuilid foghlamtha, deghthoíghthi,
amhuil budh cubhaidh, agus budh coír da samhail, ag-
us dob fhéidir do lucht a ninntleachta, da bhfágh-
...aois i ttegasg, acht fós go bhfuil romhóran
mo thrúaighe ainbhfesach ar na neithibh budh
riachtanach dhóibh chum i nanma shabháil: agus
sin do bhrígh in léirsgris dorinneadh lé ainneart
eachtrann eiriceach ar na hoideadha, don eglais, ag-
us don tuáith lerbhfheidír, agus lér ghnath i mú-
ineadh, agus i ttegasg: agus in begán, do gach duin dhíobh
do fágadh san ríoghacht, do bheith fá níosa mhó
faoi smacht, agus da sclábhadhacht ag na heircídhibh
reumhráidhti, lér cuiridh ar bprionnsa, agus
ár Rí chum báis go maslaiththech, na bhí clann
Israel faói Salmanasar, nó in cine Iúdaidhe
faoí Nabucodonosar: ar mhodh nach féidir
faoí phéin báis, nó príosúntacht, no díbertha,
uimhir acu teacht fairé a chéile ar aon bhall,
chum funndaimint i gcreidimh, agus slighe i sla-
naighthe do chlos, ón mbeagán darab eól
i ttegasg. Doconncas damh desbhuidh urraidh
eile do bheith lé a fhaghuil do laimh eilemeinte


L. IV


nó cnamhshuim an teguisg chriósdaidhe do réir
mar dofuáir mé romham é tairrngthe, dath
chur síos annso ar an seólamh dochí tú romhád:
chum bheith níos coitchinne ag cách dhó ná mar do
bhí sé aca go fóill, agus fós a ndoigh go sroigh-
fiodh sé a morán dáitibh dar ttír ann nach
bhfuilid, agus ann nach sroighthid sagart ná bráithre
anois ar aón mhodh, tré aintreisi eircech agus
gan labhairt ar ghaódhalaibh Alban, na ar
oileúnaibh umadamhla ar chósdadhaibh na ha-
mérioca ann a bhfuilid rómhóran eírennach ar
easbuidh daoine eagluisi ó a bhfuidhdís béaloid-
deas spioradálta ar aónchor.



Is as doconncas damh an tsuimsi do chum-
adh comh lom is comh gherrso, ar an adhbhar gur
dhealbhadar chena romham na haithre maithe
ríaghalta dórd naomhtha S. Froinsias edhón
Giolla Bríghde Uá heoghasa, agus ughdar phar-
rthuis an anama an teagasg críosduidhe go
ndíolfaid, agus léire a ttenguidh ar mathar
mar aón le míniugadh iomchubhaidh ar gach rádh
de, a modh nach raibh riáchtanas damhsa tracht
fada do dhenamh annso anois air.



Fath eile trés a bhfhacas damh an tshuim
do choimsiughadh a bhfhoirm comh ghann is comh
mbeg, agus dochí tú annso, a muiníghin go
mbeith an leabhrán edtrom, solámhuidh, beg luaigh
ag techt mar sin lé riachtanas na daoraimsire


L. V


ar a ttarrlaidh inn. Agus do dhenamh eidir dea-
bhtha annso eidir chnáimheilimentíbh an teg-
uisg chriosdúidhe ann feín, agus mo bhreathnúghadh
feín lé a ais, dogheabhadh tú an toides crios-
dúidhe ar na chur siós ar tús ann feín. Agus
mo chedfá fein san chas dá eís sin a ndiáidh
an fhocuil Adnot. Dorinne me díthchioll san
tslíghe is fá'n modh labhartha dofúair me
romham ag an Athair Giollabrighde do ghrem-
úghadh, go hairighthe ina dhán: acht go ndernaidh
mé dánacht ar neithibh riachtanacha dfhágbhuidh
seision amhuich gan labhairt orra, do chur síos,
fairé beagan dfhoclaibh boga do chur astech a
náit na bhfocal gcruaídh dofuair me aige
sion a bprós, sa ndán.



Atá agam annso fairé buntshoim an
tegaisg criosduidhe, is faire mo bhrethnughadh
feín air, foirm oifige spioradálta chaoíndu-
thrachtaigh, agus úrnaighthe is ríachtanas, nó
go háirighthe is oileamhnach da gach aón do
chlechtadh gach lá, is gach oídhche, faire neith-
ighthibh eile, lé a radh roimh fhaoísidin, is roimh
chumaoínech, agus ina ndiaídh: mar aón lé clar coit-
cheann sonnradhach na bpecadh comtha do réir
imthechta na naithnedh, agus na gceinnphecadh
marbhtha, fhoghnas do lucht aithríghe chum
meabhra do bhreith ar a bhfhaoísidin do dhenamh
go cert cuimhnech.


L. VI


Giodhbé léir róighearr an lenmhuin doním
annso dona rannuibh don tegosg criosdúidhe ar
a ttrachtaim, ionnsuighedh sé úghdair eile da
ttug día, agus degh-aimsir faill, agus culaidh lé lúighe
orra aga seóladh niós foisdiníghe, agus
niós sduidéaruíghe ina fhuilingios míghleus, agus
buáidhredh na drochaimsire do bhall dfhaghuil
damhsa. Fairé gurab é búdh lán súl damh gan an
lebhran do bheith faidliosta ar aón nós. Má
castar ort a leghthóir ionmhuin san tshaóthar
so locht ar bith céille, nó curtha siós, gabh feín
mo leithsgéal, agus na bí daóragarthach orm, oír
ní minic gheibhthear na saóithe feín lán-
tsaór ó fhoghat, so locht, agus is lúgha ina
sin misi, a gurab iontshamhuil mo dhithcheall
annso a ngasaphilacium na hegloisi lé minu-
tum na baintreabhthuíghe úd ag Lucas cap.21.



Acht chena guídhimse thusa a leughthóir
choimhthíorrthaigh fad hathchuinge do
bheith ar mo shon chum dé a gcuinne deu-
ghbhalach, agus chríche maithe do theacht
ar mhinitum mo bheagshaóthair annso
chum gloíre dé, agus chum leasa anma gach
droinge dar thioneghain agus dar dhealbh-
uidh mé é, agus andoígh go bhfhuighinn mar mhír chennuigh
damh feín, duitse, agus do chach eile na grasa abhus
farré áirighthe na betha suthaine hall. Amen.
.....


L. 1



L. 2



L. 3


Adnotatio. Tuigh gurab iád dá es-
pal deg ar ttígherna Crióst do chom
an Chreisi agus do chuir anegar a cheíle
í, óir as de sin goirthear, Symbolum
Aspostolorum di, amhuil a dearthá
scot an da easbal déag maille le
airtiogal do bheith innte ó gach aón
díobh. Agus bioth nach ar sgríobhadar
na hesbail, na aon ar bith dona deis-
gioblaibh, na dona suibhisgeálaibh an
chrési san Sgrioptúr, tairis sin atá
si ar buánchoimhead diáigh andíaigh ó
aimser na neasbal ag an eaglais do
ghnath.



Tuig bíodh nach bhfhuil san Chrési
acht dhá airtiogaldéug do réir
uimhre na nesbal dordaigh í, tairisin
go bhfuilid cheathra hairtiogaildeúg
innte, ma meastar na poingc spei-
siálta eúgsamhla chialluighidh sí fá
seach. Ar an adhbhar go bhfuilid seacht
bpoingc, nó seacht nairtiogail innte
bheanas lé diaghacht na naduire diádha,
agus seacht nairtiogail eile dothig ar
dhaonnacht ar slánuighthéora Crióst:
ór creidmid as an gcrési go bhfuil
aoínndía amháin ann, agus nach bhfuil ann
acht sin. Creidmíd go bhfuilid tri


L. 4


Pearsana sa nadúir dhiádha .i. an
tathair, an mac, agus an Spiorad naómh,
agus gab día uilechumhachtach siordhaidhe
gach pearsa dhíobh. Agus so iád na
ceathra hairtiogail bheanas re diá dhá
thaobh feín. Ataid tri hairtiogail
eile ann bheanas le día dhár ttaóibhne
is eigen do chreidiomh: oír don mheid
pháirtiodhas ar dtighearna a mhaith linn
creidmíd gurab é ar gcruthaightheoír
é, creidmid gurab é do shaor agus do
shlánuigh inn ó chaín an pheacadh, agus fós
creidmíd gurab é dobheir an ghlóír
shuthain dúinn ar neamh. Gonab iad so
cheana a gcionn na seacht nairtiogal
chreidmíd as cré na nesbal attaobh
dé ann feín, agus don mheíd atá relási-
on nó coimhfreagadh eidir é agus sinn.



Do thaobh iomorro naduire daonna
Chríost ár ttighearna, creidmid ar
tús gur gabhadh agus gur coimpreadhadh é ón
spiorad naomh. Creidmíd arís malle
le hoibriughadh dothuigse an spiorad
naomh sin gur hionchollnaghadh agus gur
geiniodh é ó Mhuire óigh. Creidmid
san treas áit gur fhuiling sé páis agus
bás croiche ar son pheacadh an chinidh
daonna, agus iar néug mar sin gur hadhlachadh


L. 5


é. Creidmíd san cheath-
ramhadh áit go ndeachuidh sé síos go
Hifrionn iachtarach na naithreach naomh-
tha, darab ainim Limbus Patrum.
Creidmíd san chuigeda áit gur eiseirghidh
sé ó bhás agceann an treas lá.
Creidmíd san seisiodh áit abhfor-
cheann cheathrachad lá iár neiseirghe
go ndeachuigh sé go flaithemhnas nimhe
ag gabháil deise a Athar uilechumhach-
taigh, áit ina bhfuil agus ina mbía sé do
shíor ag comhghloir ris in athair.



Creidmid san seachtmhadh áit, go
ttiucfaidh sé ar ccriochnúghadh an
tsaoghail as flaitheas neimhe anuas ar
an talamh so lé cumhachtaibh móra ag-
cuinne bhreithe geiniorailte do thabh-
airt ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh, mar a
tteilfigh sé go díbhfeirgeach lucht
na bpeacadh agus an mallacht dfulang
pían siorruídhe go hifrionn iachtarach,
agus mar ambhéuraidh sé don leath eile
drong ghrásamhuil na mbeannacht tre a
thoil do dheanamh, is tré a dhlighe do
chongbhail, lais feín dáitioghadh is do
shealbhughadh na glóire suthaine ar neamh.



Tuig freis an gcresi na nesbal
go bhfuilid dha chré eile ar bun ag an


L. 6


eaglais, mar atá cré an naomhdhoch-
túra Athanasius leightear ag Prím
a noifige chanonta an domhnaígh; agus
an chré do thosaigh comhairle geinio-
rálta Nicaenum, agus ghnáithioghas an
egluis do rádh sa naithfrionn.



Tuig fadheoidh annso, uair gurab
ríaghla dearbhtha suimeamhla na trí
chrési go hairighthe na nesbal nach
iád na poingc speisialta foillsioghthar
dhúinn ionta, na tá fós ar na gcur síos
go foillsithe san Sgrioptúr, atá
amháin dfiachaibh orainn do chreidiomh;
acht fairró so gurab riachtanas dúinn
a bpéin pheachaidh agus damannta anma
gach ní dá gcuirfeadh an eglais chatoi-
lice síos dúinn mar phongc chreidimh, do
ghlacadh agus do chreidiomh mas sgrio-
bhta san sgrioptúr atá, gion gur
ab eadh.



AN PHAIDIOR.



Ar nathair atá ar neamh: naomh-
thar hainm, tigiodh do rioghacht;
deantar do thoil ar an talamh, mar do
niothar ar neamh: ar narán laetheamhuil
tabhair dhúinn aniogh: maith dhúinn ar


L. 7


bhfiacha mar mhathmaoídne dár bhfei-
theamhuibh féin: na leíg inn agcathu-
ghadh acht saor sinn ar olc. Amen.



Tuig go ngoirtior órtha, no úr-
naithe an tíghearna don phaidir seach
úrnaighte, ar an adhbhar gurab é ar
ttighearna Críost féin do chum agus do
dheachtaigh dá dheisciobaluibh í ag rádh
riú agnáthughadh mar urnáighthe ar
mbeith dháibh ag guidhe dé. As so trá
ní bhfuil úrnaighthe ar bith is fearr ina
an Phaidior.



Ataid seacht nathchuinge san
bpaidir ina bhfuil iárradh gach neith
ar bith dhúinn lé abhfuil riachtanas nó
feídhm againn do thaobh anma nó chuirp
mas coír abhfághail.



Tuig fós annso, tar gurab faide
an bhríathar atá ag Matha ag aithris
na Paidre ó Chríost, ioná mar chui-
rios Lucas siós í, gurab ionann eif-
eacht agus substaint daibh araon agá
gcoimsioghthar iád go hiomlán san
bhfuirm gnathshamhuil mhúines an eglais
do chách gan fhuigheall gan easbuidh.



AN TAVE MARIA, NO AN
Beannchadh Muire.


L. 8


Día do bheatha a Mhuire atá
lán dona grásaibh, atá an tígherna
maille riot: bennaighthe thú tar na
mnáibh, agus as beannaighthe tora do bhronn
Iósa. A naómh Mhuire a mháthair dé
guidh orainne na peacuidh anois agus ar
uair ar mbáis. Amen.
Adnot. Tuig go bhfuilid trí chuid
san mhbeannchadh Mhuire; an chéud chuid,
do chom an tArchaingiol Gaibriél ag
teacht do fhios naomh Mhuire oígh,
agus lé sgeala chuigthe ó nimh gur toghadh
í chum bheith na máthair ag Iósa Críost
aon mhac de Athar uilechumhachtaigh.
Agus mar bharr foillsighthe ar chumhacht-
taibh miorbhuiliocha dé san chas sin
dfaisneís sé dhi a siúr Eilisabét do
bhí roimhe sin aimreit do bheith tor-
rach ag Eóin Baiste, sgurab é sin an
seisiodh mí dhi torrach. b.
Do dhealbhaigh Eilisabet an dara
mír don bheannchadh Muire fánam an-
deachuibh Muire ar cuáirt chuigthe tré
luthgháir a beith torrach mar dinnis an
tAingiol di, ag rádh lé, beannaighthe thú
tar na mnáibh etc. a.
Dorinne an eglais an treas rann
don bheannchadh Mhuire aga fhagbháil


L. 9


againn a modh urnaighthe
coimsighthe, mar ata, a naomh Mhuire,
a mháthair dé, etc. b.



DEICH NAITHEANTA DÉ.
1. Misi do thigherna diá: na hadhair,
agus na bíodh agad deé eile acht mé. Ag-
as na deúna iodhal, agus ná bíodh sí fein
ná samhlachas neith ar bith eile agad
chun an adhartha mar dhia.
2. Na tabhair ainm do thighearna
dia go dimhaóin.
3. Cuimhnigh an domhnach do
chongbháil na shaoíre.
4. Onóraigh thathair agus do mhathair.
5. Ná deána dúnmharbha.
6. Ná déana drúis.
7. Ná déana goid.
8. Ná déana fiaghnuise bhréige.
9. Na bhíodh miangas agad chum
mná do chomharsan.
10. Na sanntaigh maoín do chomhar-
san na aon ní is leis.
Adnot. Tuig go ttug ar ttighear-
na dia na deich naitheanta so ar tús
do Mhaoisi, agus don phobal Abhra íar
dteacht dáibh as talamh sas broid na
Héigipte.


L. 10


Agus fós biodh a fhios agad gur fhua-
gair agus gur aithnigh ar slanaightheóir
Críost san reacht núadh do chách a-
gcoimheadh abpeín gan dul don bheatha
shuthain acht maille le a gcongbháil. d.



Tuig nach don mhéid go ttug día
san tseanreacht ar tús na haithean-
taso do chloinn Israel ata dfhiachuibh
ar an crióstaighthibh san reacht nuadh
agcongbháil, acht do thaobh aithne
chrióst oruinne fa a gcongbhail mar
do comharthaigh mé dar leat ainois beag,
farré go bhfuilid achtaighthe oruinne
ó dhlighe na nadúire, dlíghe nach cea-
dach a chlaochlódh. Oir dá madh as do
bheith dualach ar na Críostaighthibh na
haitheantasa do choimheadh as bheith
dháibh síos a ndligh Maoíse, ciunnas
do mheasfadh go madh coírdhúinn bheith
saor ón gcuid eile don tseanreacht
bheanas lé seirimoínibh, is lé gnás
an tseanraeachta? acht gurab é opini-
on, agus ceúdfadh coitchionn doctúiridhe
na heglaisi sinne bheith saór uatha so.



Tuig gurab é a an satharn dordaigh
dia ar tús don phobal Abhra le con-
gmhail na saoire, mar is follas as
an sgriogtúir sgrioptúir. Gidheadh bhíodh a fhios


L. 11


agad gur athraigheadar na hes-
bail tré ordúghadh priobhaideach an
spioraid naoímh saoire an tsha-
thairn ar an domhnach ag gairm dies
Dominica, .i. Domhnach dé, mar chuimh-
ne ar an gcomaoín do chuir ar
ttíghiearna Críost ar an gcine daonna
ag eséirghidh an la sin ó mharbhaibh,
iar neúg aoíne an cheústa roimhe
tar agcionn. Farré gurab día domh-
naigh dothainig an Spiorad naómh
ar dheisciobalaibh Críost an cao-
gadh la deís lae na heiseírghe um
cháisg. a.



Is tré eiseírghe fós Chríost ó
bhas día domhnaigh dórdaigh an pa-
pa agus an phrímheaglais ag greamu-
ghadh dordúghadh pheadoir esboil, agus
do ghnas na nesbol eile san taobh-
san la casg go cinnte do chongbhail
idir na criosdaighthibh dia domhnaigh
biódh nach raibhe ó dhlíghe Maoisi
roimhe sin cinnteacht ag an gcinidh
Iúdaighe cíd an la don tseachtmhuin
ar a mbeith an la sin aca na shaoí-
re, acht go mbeith sé ar an gcea-
thramhadh la déug don cheúd eúsg
dothiocfadh ar an gceúd mhí san-


L. 12


earrach eidir Mharta agus Abraon,
oír is don eúsg dothigiodh a
gcomhrac mharta agus abraon do ghai-
rdís an cinidh Iúdáighe eúsg na ceúd
mhiósa, agus an cheúd mhí don bhliaghuin
don mhísin. b.



Tuig fós, biodh gur órdaigh día ar
tús do Mhaoisi na deich naitheantasa
do sgríobhadh a ndha chlár chloiche,
agus nach feas as an sgrioptúr ca
mheúd no ca líon dióbh dobhí sgrio-
bhtha ann gach clár fa leith, go naith-
risionn an eglois nach raibh sgrío-
bhtha dhíobh san cheúd chlár acht na
trí cheúd aithne bheanas le gradh agus
le honóir de go headhmeadhónach
darab fuindement gradh dé: agas
go rabhadar na seacht naithne eile
labhras ar ghrádh na comharsan san
dara clár.



Tuigh nach dha aithne, acht aon
aithne amháin labhras, agus thormis-
gios iodhaladhradh, agus día bréige do-
nórughadh, agus nach toirmiosgann an
aithne sin reverens nó onóir iom-
chubhaidh da ngoirthior dulia do
thabhairt do na hainglibh, do naomhaibh
agus diómhaghaibh beannaighthe Críost,


L. 13


Mhuire oígh, nó na naómh, Oír
ni hé amháin go nórdaighionn an eg-
lais onóir, agus caoíndúrthacht do dhea-
namh dhoíbh so, acht fós aithrisidh
an sgrioptúr féin aithne dé fa iomh-
aghaibh do dheanamh do bheith ar
bun lé a bhfhaicsin san tabernaicel
agas a dteampoll mhór Shola mheic
Dabhí rígh.



Tuig mar nach ionann an toir-
measg ata orainn ansa seisiodh
aithne labhras anaghuidh na drúisi
agus annsa seachtmhadh aithne dothig
anaghuidh ghaduigheachta, amhuil gurab
aithne ar leit fguagras duin gan
miangas aindlightheach do bheith ag-
ainn do mhnaoí neamhphosta, agas
nach ionann í, agus an aithne bhacas dín
maoín duine eile do shanntughadh
tar cheart.



Tuig fa dheiridh gurab í suim
choimsighthe iomlan na ndeich naith-
nesi dé; grádh deínfhirinneach do
bheith ag duine ar dhía ós cionn agus
tar gach aóin ní. Agus fós gradh do bheith
aige ar son ndé da chomharsain mar
é feín, no mar diarfadh sé ar dhuine
eile gradh do bheith dhó.


L. 14


AITHEANTA NA hEAGLAISI.



1. Féilte saoire na heglaisi do
choimhed. Agus Aifrionn deísteacht
ionta féin, agus annsna domhnadhaibh
go caoinduthrachtach.



2. Troisgídhe fuagartha na eg-
laisi do choimhéud, eadhón an carghas
Trosga na hanma, agus na Vigillídhe:
farré gan feoíl dithidh dia haoíne
na dia sathairn: na fós día ceud-
aoín sanáit a mbí gnas ar sin. Mar
sin don ghnas thoirmeasgas ithe na
nugh dia haoíne.



3. Faóisidin do dhenamh ar do
pheacadhaibh marbhtha lé sagairt dear-
bhtha úair sa mbliaghuin an chuid
is lugha dhe. Agus Sacrameint cuirp
Chríost do ghlacadh gacha bliaghain
fa cháisg ó dhomhnach na pailme
go domhnach mionchasg, agus sin as
láimh shagairt.



4. Gan banais nó sollamain, nó
onóir phósta do dhenamh anaimsir
thoirmeisg, .i. ón gcéud domhnach


L. 15


don Aidbhent go Heipiophan, agus ó
chéudaoín an luaithre go domhnach geal casg.



5. Deachmhuidh do thabhairt uainn
mar as dual agus mar is gnas.
Adnotatio. Tuig farré a bheith
dualach orainn aitheanta spesial-
ta dé do choimhlíona is do chomeúd,
mar do chuir mé agcomharthacht
roimhe, ga bhfuil dfhíachaibh orainn
bheith umhal dar mathair an eglais
agus a haitheanta dlisdionacha do
chongmhail, oír is í sin toil dé feín.



Do thaóbh na ceúd aithne daith-
eantaibh na heglaisi annso tabhair
dot thaire, nach í an tsaoire amháin
dordaigh día féin go headhmhedhonach
do Mhaóisi agus don phobal eabhra do
bhí ar congbhail aca, acht go gclea-
chdaois saoire eile do ghlacadh go
heidirmeadhónach ón Sínangóga, agus
go mbíodh sísin mar gach saoíre eile
ar congbhail aca, cas nach diómo-
lann Críost féin.



Da bhriógh so na denamh neach ion-
gnadh na díchreideamh fana cumhach-
taibh cedhna do bheith ag naoimh
eglais Chríost san reacht núadh san


L. 16


chas anois do bhall do thaobh
saoire dordúghadh, ag ceangal cháich
fa a chongbháil, cás ata ar bun sa
ngnas ó aimsir na nesbal anúas go
suigthi an aimsir do láthair.



Ata an gnas ceadhna, agus dlíghe na
heglaisi ann fa achtughadh agus fa chongbhail
gach aithne eile dona haitheantaibh
réumhraitsi na heglaisi fa seach.
Mar ata fa eisteacht aifrinn día domh-
naigh agus ar laethaibh eile saoire.



1. Fa throsgadh an charghais.
2. throsgadh no hanma.
3. throsgadh na vigilleadh, deir-
ther à Vigilia .i. faire acht gur cuiriodh
na faire feín, nó an taírneadhan ar
gcúl tré cionfatha.
4. Fa throsgadh an tsathairn.
5. Fa throsgadh na haoíne agus na ceudaoíne.
6. Fa throsgadh na Rogatio-
nes agus na liodan ría ndesgabhail.
7. Fa throsgadh ar ughaibh día
haoíne.
8. Fa fhaoísidin do dhenamh mar
cleachtar san eglais.
9. Fa chomaoíneach casg do reír
ghnáis an heglaisi.


L. 17


10. Fa gan sollamain na onóir
phósta do dhenamh anaimsir thoirmisg.
Fa oíbliogáid, is fa ualach cháich
do thaobh na deachmhuidh dióc leis
an eglais.



SEACHT
Sacramainte nuaidhreachta Chriost.



Baiste, dul fa láimh esbuig, corp
críost, faoísidin, ola dheighea-
nach, gradha coisreagtha, agus pósadh.
Adnot. Tuig gurab é is sacra-
maint annso comhartha foirmeal-
lach somhothaighthe chiallaighios agus
oibrighios grsa dofhaicsi. Tuig arís
gurb é líon cinnte sacramainteadh an
reachta núadh dárab ughdar críost
amháin aseacht, mar fhoillsíghios an
eglais Con.Trid. sess.6. Con Florent. in
decret.unionis Jacobit. & Armenorum
Dothig an sgrioptúr go sonn-
radhach ar an seacht sacramaintibhsi
Proverb.9 Agas fós beantar as
go speisialta iad fa seach.
Mar ata sacramaint an bhaiste
Math.28. Mar.16. Io.3


L. 18


Sacramaint dul fa láimh esbuig.
Actor.8.Hebr.9.
Sacramaint na haithríghe, nó na
faoisidne. Math.16.& 18 Ioan.,20
& 21..
Sacramaint cuirp Chríost Mat.
26. Mar.14 Luc.22.1.Cor.11.
Sacramaint na hola deighio-
naidhe. Mar.6.Iac.5.
Sacramaint na ngradha coisre-
aghtha.Ioan.20.I.Tim.4. & 5.2.Tim.
I Tit.I.
Sacramaint an phósta. Math. 18.
Mar. 10. Luc. 16 Heb. 15..



NA TRI SUBHAILCE
DIADHA.
Creidiomh, Dóthchas, agus Grádh.
Adnot. Tuig gurab as goirthear
subháilcidhe díadha don trúir so tar
na subhailcibh eile, mar as í an dia-
dhacht feín go prinsiopalta eadh-
mheadhónach is cosbóir dhaibh.



As é is creidiomh ann, amas sith-
ghreamaighthioch na tuigsiona ar
neithibh fírinneacha fhoillsioghas an
Spiorad naómh don eglais chun go
gcreidmís uáithe iad. Ata an cre-


L. 19


diomhsa comh mór agus sin na ríachta-
nas orainn ar mhodh nach bhfuil sabhail
orainn gan é. Acht cheana bioth a
fhios agad nach bhfuil feidhm air gan
carrthannacht mar aón lais, farré
nach búdh foláir dho bheit iomlán
gan bhéarna. Atáid trí dubhail-
cidh contrardha don chreidiomh .i.
Eiriceacht, Apostasia, agus díchrei-
deamh.



Is í is Eiriceacht ann: dianainbh-
fhios duine do ghlach baiste ag diul-
tadh do chuid don chreidiomh firinneach.
Is í is Apotasia ann ainbhfhios
toilemhúil duine iar mbaiste contrardha
don chreidiomh frinneach go huilidhe.



Is é is dithchreidiomh ann: ainbhfios
duine nár ghabh baiste contrardha
don chreidiomh firinneach go huil-
ídhe, nó do chuid de. is é is dothchas
ann claondórtadh deghmhianga-
sach na toile chum aoíbhnis na glóire
suthaine dfhaghuil tré chongnamh
dé. A táid trí dubhailce contrar-
dha don dóchas .i. edóchas ag cur
suás do ghrásaibh agus do thrócaire
dé. Agus andhóthchas ag glacadh baoith-
mheisne fá ghrasaibh nó fa throcaire


L. 20


dfhaghail ó dhia gan comhoibrughadh
ar bith maithghniomh uain fein. Ag-
as baoithmheisneach ré grásaibh agus re
trócaire dfhághuil as ucht ar ngníomh
fhein amháin.



Amhuil tar nach bhfhuil sabhail ar
aoin nech gan creidiomh, mar sin arís
ní bhfuil teacht aige ó easbuidh doth-
chais a ndía.



Is í is carrthannacht ann: searc-co-
mann duine ré dia: no leis an gco-
mharsain ar son ndé. Atá fiórríac-
tanas againn leis an subhailce si, óir
ní bhfuil sláinte anma le a fhaghail
againn ar aon chor gan í.



Is iád pecuídhe atá anaghuidh
na carrthannachta: fuath Dé, no
na comharsan, no fannghrádh dháibh,
Schiosma, nó diúltadh easumhal daon-
dacht na heglaisi. Scandail, maille
le siocar pecuidh thabhart nó do thais-
benadh do chach eile. Cogadh nemhcheart.



CEATHRA SUBAILCIDH
Cairdionalta.
Gliocas, Measardhacht, Ceart, agus Neart.
Adnot. Tuig gurab as goirthear


L. 21


subhailcídhe cairdionalta nó prionn-
sapalta don cheathrarsa, do bhrígh
gurab iad is bun agus is bacaín fhulaing
dona subhailcíbh móralta nó beus-
amhla eile go huilidhe.



Tuigh arís go mhbí dhá locht nó
dhó dhubhailc contrardha do gach
subhailc dhíobh so acht an ceart
amháin nach bhfhuil na aghuidh acht
égcoír, oír is eugcoír gach aincheart
amhuil atá leimhe, agus meabhuil ana-
ghuidh an ghliocais; agus iomarca, agus
aineasbha anaghuidh na measardhacht
u.g. diomuil, agus anchruás anagh-
uidh na feíle, meatacht, agus ainbheo-
dhacht anaghuidh an neirt.
Tuig do bharr ar a labhruim ann-
so ar na subhailcib do bhall go bhfuil-
id trí tréighthe eile feidhmeamhla ann
fhoghnas don chreidmheach chum seir-
bhíse diongmhála do dhenamh do dhiá
san mbetha shaóghaltasa, is chum trí
heascarad an anma do chlaoí, edhon
trosgadh do smachtughadh antola na
colna, urnaighthe do thoirmeasg cath-
aighthe an díabhuil, agus deírc do
dhiothsgaoileadh shainnte an tshaóghail.


L. 22


Seacht dtiodh-
laighthe an Spiorad naoimh. Eagna,
Tuigsi, Comhuirle, Neart, Fios,
Buidhecht, agus Eagla dé.
Adnot. Tuig go labhrann Isaias
faigh ar na seacht ttíolaicthibh an
Spioraid naoímh ag déanamh tarrn-
gaire do Chríost an Messias
go mbheith sé lán dona tíodhlaicthibhse.
Más daoíne sinne thairgfios díthchioll
do dhenamh fá ghabháil leis an spio-
rad naomh mar aón le a ghrásaibh
amhuil is dúal, ní hé amháin na seacht
ttíodhlaicthesi do ghnodhudhadh dhuín
a gcomaoín, agus abpáirt Chriost, acht
fásfuidh fos orainn an dá thoradh-
dheug úd an Spioraid naoímh ar a
ttig an teasbol gal.5. edhon, Cartha-
nnacht, gairdeachas, siothcháin, foídhne
búidheacht, maith, faidbhetha, ceann-
saightheacht, creidiomh, macántacht,
egcolnadhacht, agus geanmnuidhecht.



SEACHT NOIBRE COIRPO-
RDHA NA TRÓCUIRE.
Biádh do thabhairt don ocrach,
deoch do thabhairt don iótach, an


L. 23


nocht dedughadh, aoidheacht do thabh-
airt do dheórúighibh, cuairt do
dhenamh ag aós galair, agus ag braighdibh,
bráighde dfhuasgaladh, agus mairbh dadhlacadh.



Adnot. Tuig gurab do thaobh a
mhaithghniomh go prionnsopálta ag-
as fá bheith trócuireach lé lucht riach-
tanuis gheabhuid na dronga fíreanda
beannuighthe úd lé a naibeórthar lá,
an bhráith, venite benedicte, etc. A
leigion asteach don ghloír shuthain, agus
gurab tré bheith faillíghioch fá
dheagh-oibribh do dhenamh, agus mar mach
rabhadar trocuireach ré haós leath-
troim san saóghal cuirfiódhar an
comhlucht mallaighthe an lá úd lé a
naibeorthar, Ite maledicte, etc.,
dfhulang phián siordhuighe go hifronn.



Seacht noibre spio-
radálta na Trócuire.
Lucht an ainbhfhis do theagasg, an
peacach do chionúghadh, deaghchomhuirle
do thabhairt don té atá a gcall
chomhuirle, solás do chur ar lucht
tuirsi, egcoír dfhulang go foighideach,
aindlighe chaích do mhaitheamh dháibh,


L. 24


deagghuidhe do dheánamh ar bheodhaibh
sar mharbhaibh, sar lucht egcora do
dhenamh ort.



Adnot. Tuig nach mó doní dui-
ne a shlíghe lé día fá thrócuire chor-
pordha do dhenamh ar a chomharsain, mar
maille le maith anma do thaisbéanadh
dhó, acht gurab fearr go mór maith
anma do dhenamh iná maith chuirp,
do réir mar sháruighes an tanam an
corp, agus mar sin leas anma leas cor-
pordha.



Na hocht ndionga beannaighthe.
1. Beannaighthi na boicht a spio-
raid, oír is leó feín rioghacht neimhe.



2. Beannaighthie an drong cheann-
saighthe, oír búdh leó feín sealbh na
talmhan.



3. Beannaighthe an lucht brónach, oír
cuirfíodhar solás orra.



4. Beannaighthe an mhuínntear ar a
mbí ocras agus tart ar scáth an cheirt
oír dogheabhaidh síad sasamh.



5. Beannaighthe an drong thróca-
ireach, oír dodheaentar trócaire orra.



6. Beannaighthe lucht an deghchroídhe


L. 25


oír dochithfid siad diá.



7. Bennuighthe an drong shíothach,
óir goirfiodhar clann dé dhiobh.



8. Bennaighthe an drong fhuiling-
ios eingreim agus persecúsion ar son
an cheirt, oír búdh leó rioghacht nimhe.



Adnot. Tuig gurab é ar Slánúigh-
theóir feín ainmnióghas na hocht
ndrongasa san seanmoír oírdheirc
dorinne sé ar an gnoc do láthair a
dheisciobal, ag rádh gurab bennaighthe
iad. Agus bíodh nach labhrann Lucás
acht ar chethra drongaibh, tairis sin
coimsioghthar ionnta na hocht ndron-
ga a ttig Matha. Acht chena cuiridh
an eglais na hocht ndronga siós
chum na huimhre diomlánadh.



Na seacht gceinnphea
cadh marbhtha.



Diómas, Saint, Druís, Tnuth,
Craós, Fearg, agus Leisge.



Adnot. Tuig gurab as goirthear
peacadha marbhtha dióbh so, as mar
mharbhuidh siád go spioradálta an-
am an té chastar ionnta, no anaoin
phecadh dhiobh, ag sgaradh grása dé leis
is beatha dho.


L. 26


Deirthear fós gurab cinn pecadha
iád tre uiliodhacht na bpecadh eile
fhásas asta, oír dothig ón diómas
glóir dhiomhaoín, andánacht, aindreím
ag iárradh onóra, etc.



Dothig ón tshaint, cruás, gor-
táidhe, mioshuáimneas, brathadóracht.



Dothig ón druís, daillintleacht,
saóbhthoiliodhact, droichbhreath-
nughadh, luaithinntinn, ainmhíangas,
fuáth ndé, crícheagla mheata.



Dothig ón tnúth, míorún, biódán,
ithiomrádh gairdeahchas tré dhochar
ccomharsan, brón tré dheagfhor-
tún dúine eile.



Dothig ón gcraós, maoltuigsi,
saóbhlúthghaír, anchaint aithis,
truailleighneas,



Dothig ón bhfheirg, míghnaoidhe,
racht inntinne, garrbhúaic, masla, imdh-
earga, mallughadh, aimreidhteach.



Dothig ón leisge, edóthchas, beag-
mhisneach, spadántacht, cantlamh
claónaigne.



Tuig fós leath amuich dona pec-
adhaibh marbhtha go bhfhuilid gné eile
phechadh ann, dá ngoirthear pecaidhe
solaghtha, nó somhaite, nach sgarann


L. 27


grasa, na grádh de linn go hiomlán
substaintech, bíodh go maoluighid sgo
nislidhid siád bríogh, agus teas grádh
dé ionnainn.



Na seacht subhailcidhe
lé a gclaoidhtear no seacht gceinn-
phecadh marbhtha.
Umhlacht, lé a gclaoídhtear dió-
mas. Feíle lé a gclaoídhtear saint.
Geanmnaighecht, lé a gclaoídhtear
drúis. Searc-chomann, lé a gclaoídhtear
tnúth. Measardhacht, lé a gclaoídh-
tear craós. Caondúthracht lé a
gclaoídhtear leisge. Foighide, lé
a gclaoídhtear fearg.



Ceathra Peacadh bhios ag
sgreadagh ar dhía ag iarradh
díoghaltais.



Dúnmharbha fealltach. Peacadh
Sodomdha, nó coimhreáchtanas míona-
dúrtha. egcoír do dhenamh ar bhain-
treabhthachuibh, ar dhílechtaibh, nó ar
fhannbhochtaibh, agus a dtuarasdal
do chonghbhail ó lucht saóthair.



Adnot. Tuig go bhfuilid pecadha
ann is neimhnighe agus is baóghlaídhe inaidh


L. 28


pecaidhe eile, agus is diobh so na ceathra
phecadh so do bhall, óir farré damaint
anma do bheith a gcinniodh do lucht a
ndenta iárruigh meíd a mailísi díoghal-
tas do theacht ina ndiaigh san
saoghal abhus feín.



Se pheacadh ata ana-
ghuidh an Spioraid naoimh.
Andóthchas, edóthchas, cur anaghuidh
na fírinne as a riocht, doilghios
fá ghrasaibh dhuine eile, calcughad a
staid pheacuidh, agus neamhaithríghe a
naimsir an bháis.



Adont. Tuig bíodh nách bhfhuil peca
ar bith ann dá thruime nó dhá mheasa é
nách bhfhuil sé somhaite ag diá, dá
ndiongnadh an pecach aithríghe fhírinnech
ann, tairis sin nach furas nó nach
gnathach pardún dfhaghail annsna
coirthibh doniothar anaguidh an Spior-
aid naoímh, ar anadhbhar go ttairgid
lucht a ndéanta, seach phecach eile,
cur suás don spiorad naómh ag
diúltadh dhó feín agus da ghrasaibh,
farré doras trócuire ndé do dhúnadh
na naghuidh feín.


L. 29


Na cuig ceadfadh corpardha.
Radharc, Eísdeacht, Boltanas,
Blas agus Glacadh.



Adnotatio. Tuig go bhfuil aithne
sbeisialta ón esbol againn coimheúd
gér do dhenamh ar ar gceadfadhaibh
foiriomlacha corpardha dhfaithíoghíos
go tteagóchadh dhaibh bheith na nion-
stramaintibh pecadh againn, nó
na ndoirsibh báis ar a ttiocfadh an
pecadh asteach orainn ann ar nanm.



Na ceathra criocha deighionacha.
Bas, Breitheamhnas déighionnach,
Píanta ifrinn, agus glóir fhlaithemhnuis.



Adnot. Tuig nach furas leighios
ar bith is fearr dfhaghail anaghuidh an
phecadh na barradh is eífiochtuidhe lé
a chongbhaíl amuich uainn na smuai
niodh siothbhuan ar gcríoch ndeighionach
do bheith againn ann ar meabhuir do shíor.



An confiteor nó an
fhaoisidin gheinearailte.



Admhuighim do dhia uilechumhachtach,


L. 30


do naómh Mhuire an tsíoroígh, do
naómh Mhichél archaingiol, do naómh
Eoín baiste, dona naomhabstalaibh
Pedar agus Pól, dar naómh Phatarrún
Pattraic, agus dona huile naomh agus
daoibhsi a athair gur phecuigheas go
trom tré smuainiodh, tré bhreithir, agus
tré ghníomh, och mo choir, och mo choir,
och mo rochoir. Ar na hadhbharaibhsi
gúidhim naómh Mhuire an tshióróigh,
naómh Mhichel archaingeal, naomh
Eoín Baiste, na naómhabstail Ped
ar agus Pól, a naómh Phatarrún Padraig,
na huile naómh agus sibhsi a athair
fa ghuidhe ar mo shon chum ar ttigh-
earna Día Amen.



Adnot. Tuig gurab fada atá an
fhuirm si a ngnas ag an eglais ..


L. 31


SUIM BHUNADHASACH
an teagaisg chriosdaíghe a ndán,
do réir an athar Bonaventúra Ó
Heoghusa dórd san Phroinsias.


L. 32



L. 33



L. 34



L. 35



L. 36



L. 37



L. 38



L. 39



L. 40



L. 41


OIFIGE SPIORADALTA AN CHRIOSDAIGHE GACH LAOI.



ar néirghe don criosdáighe as a leab-
uidh ar maidin coisreagadh é féin ag
rádh Anainm an athar, agus an mhic, etc.
iar sin cuireadh a dhá láimh le á ceile, agas
abradh.



Beannacht ar an tríonoíd ró
naomhtha, aónda anois, go bráth, agus tré
saóghal na saóghal. Amen.



Abradh annsin, a phaidior. Ar nathair
ata ar neamh. An beannachadh Muire,
Dia do bhetha a Mhuire. An chré.


L. 42


Creidim a ndiá athair uilechumhachtach,
An fhaoisidin gheiniorálta,
admhuighim do dhiá uilechumhachtach, etc.
Da eis sin abradh.
Go ndeana diá uilechumhachtach
trocuire orainn, agas iár maithiomh
ar bpecadh dhuin go ttreóraíghe sé
sinn chum na beatha suthaine. Amen.
Go ttugadh fós, tíghearna
trócuireach na nuilechumhacht absoloíd,
réighteach, agus maithemhnas ar bpecadh
dhuin. Amen.



Fearsa. A thigherna deónuigh ar gcaó-
mhnadh san lá aniogh.
Freagra. A thigherna dena trócuire
oruinn, a thíghearna denuig sin.



Fearsa. A thíghearna bíodh do thrócuire
ós ar gcionn.
Freagra. Do réir mar do chuireamar
ar ndóthchas ionnat.



Fearsa. A thigherna eist rém
úrnaighthe.
Freagra. Agas go sroighthigh mhárdghlór
dod láthair.



ORTHA
A thígherna a dhé uilechumhachtaigh
dothug go tús maidhne an laosi
sinn, saór inn aniogh le do thréanchumh-


L. 43


achtaibh, ionas nach chlaonmaois san
lá sa chum pecaidh ar bith do dhenamh:
acht déonaigh tra ar smuáintighthe,
ar mbriathra, agus ar ngniómhartha do
bheith arna ndiórughadh chum do cheirt,
agas chum do thola do choimhlionadh.
Amen.



A thigherna, a dhé, a rígh neimhe, agas
talmhan aóntaigh ar gcroídhe, ar
gcorp, agus ar ngniómhartha do riághlughadh,
agus do bhennughadh do réir do
dhlíghe, agus oibredh do rechta, ionnas
maille lé do choghnadh go sabhalfúighe
agas go saórfuighe sinn anois do
bhall, agus tré shaóghal na saoghal. Amen.



Guidheadh annsin an Taingeal coimhdeachta
ag rádh.



A aingeil dé ar a bhfhuil mo chumhdach
tré orbhaire ar ttighearna, dídin,
agus riághlaigh mé san ló aniogh, agas
do shiór. Amen.



ORTHA



A thigherna, a dhé do dhéonuigh
tréd thorbhaire doidhinstena oruinn,
haingil naómhtha feín do chur chugainn
dár gcumhdach: tabhair dhúin, atá go
húmhal ad ghúidhe, bheith ar nar gcaomh-
nach annso abhus tré a niomchosaint


L. 44


súd dár ttaóbh, agas a gcomhluádar
dfhághal arís san ngloír shiórdhuidhe
ad fhochuir féin a saóghal na saoghal.
Amen.



Ar bhfhaghbháil an tighe amach, no lé
linn dul ar turas, abradh.



A tigherna taisbeáin do shlighthe
féin damh, agas múin damh do chosáin,
dirghidh mo choisceimidhe do reír
hagallamha chum nách beith aindlíghe ar
bith a ttreisi oram: iomlánaigh a
thighearna mo shiobhal ar do shlighthibh
chum nách beith mhaistior corrach.



A nam chraite an uisge choisreagtha, abradh.



Iomchraithfigh tu iósoíp oram a
thigherna, agas beidh mé ar mo ghlanadh,
ionnólfuigh tú mé, agas búdh gile
me ina sneachta.



Ar mbeith do neach ag aifrionn abradh
se. A athair róbhuidh na trócuire,
agas a thigherna a dhé anuile
sholáis, nach é amhain , do thoirbhir do
mhac féin san gcroich chum sinne do
shaoradh ó phecadh, agus dathnughadh
chum gras, acht fós do dheónaigh iodhbuirt
ar a bhfuil róghean agad do
bheith arna denamh air saneagluis


L. 45


gach lae ag cuinne toraidh cheidiódhbartha
a paisi daithgheineamhuin ionnuin,
tabhair dhúin dathchuinge ort,
bheith annso do láthair a ndiamhair,
ruin, sláinte, agas caóimhseirce, atá
ann, go haireach modhamhuil deagradhach,
ionnas go ngnódhadhmaóis a chomaóin,
agas a bhriógh go láneifechtach
tré ar ttigherna remhráighte haónmhac
Iósa crióst ata bithbheódh a
gcomhfhlaithios farrat anaondacht
an spioraid naoímh a saóghal na
saoghal. Amen.



Lé linn togbhála an chuirp naomhtha,
abradh.



Fáilte dhuit a fíorchuirp chriost
ar ttigherna, do geiniodh ó Mhuire
oigh, dfulaing daórpháis dearbhtha,
agas ar a ndearnadh iódhbuirt san
gcroich tar chenn an duine, is as do
thaóbh, agas é arna tholladh do shil
fuil, agas uisge, tabhair dhúin thfaghuil
lé blaisiodh a bpongc bháis. A iósa
mhilis bhúidh, a mhic Muire deana
trócuire orain Amen.



Ar mbeith don chailis choisrioctha
arna togbhail, abradh.



Fáilte dhuit a fhiórfhuil uasal ar


L. 46


ttighearna Iósa críost do shil as a
thaóbh naómhha a gcrann na páisi
maraón lé huisge ar son choirrthibh
an chine dhaónna: ionnuil, agas glan sinn or
nuile phecadh, agas aindlighe. Amen.



Ag beannughadh na proinne do neach
abradh sé.



Fearsa. Bennuighidh.
Freagra. Bennuighidh.



ORTHA.
Beannaigh inn a thígherna maraon
leis an tiodhlaicthibhsi do láthair do
ghnodhamair ar thfialmhaitheas,
agas aga bhfuilmíd ar tí a gcaithemh
anois annsó. Amen.



Ar ndul don chriostuídhe do loighe,
leigeadh é fein ar a ghluinibh ag colbha
a leaptha, no anáit iomchubhuigh eile
agas agá choisreagadh fein, abradh.



A nainm anathar, agas an mhic etc.



Iár sin ag cur a lámh teannta lé a cheile,
sag feachain suás ar dhiá, abradh.



Bennacht ar an dtrionoíd ronaómhtha,
aonda anois, agus go brath, agas
tré shaóghal na saóghal. Amen



Abradh sé iár sin go caoinduthrachtach,
an Phaidior, ar nathair ata ar neamh.
An beannachadh Muire, Dia do bheatha
a Mhuire. An chré. Creidim andia,


L. 47


athar. An fhaoisidin gheinearalta.
Admhuighim do dhia uilechumhachtach.



Deanadh annsin examen coinsiais ag
smuaineadh ar pheacadhaibh an lae sin
maille le contrision. Abradh ina dhiaidh sin
an chuid eile durnaighthibh na maidhne
thuas go sroigh an orrtho ta annsin darab
tosach. A thighearna a dhé, uilechumhachtaigh,
Agas nach abartbar annso.



HIOMAIN NA LOIGHE
A dhé do dhealbhuidh gach ní
sdarb curam fós dídean cháich:
ar ndhul dúin chum suáin anocht,
gabh ar gcumhdach ort do láimh.



Taidhbhsi aoidhce nách bi saith,
scealg satain, nach maith lé a luagh:
Sgach siabhra fhasas da ttaóbh súd
cuir iad ar gcúl a bhfhad uain.



Ardathair na nuile bhuagh,
Iósa mhilis uaidh do ghin:
san spiorad sherc shnadhmas iad,
a niarrmuid sonn deanuid sin.



Saór inn a thighearna mar ndhúsacht,
cumhdaigh inn inar gcodhladh, chum go
diongnadhmaoís comhfhaire farré
criost, agas go bhfhaghmaoís
biothshuaimhneas a siothchainn.


L. 48


Caomhnuigh inn a thighearna mar
mhac imreasa do súl, agas gabh chugad ar
gcoimeirce fad sgiathanuibh, deonuigh
a thighearna ar ttarrthail anocht ar
pheacadh.



A thigherna dena trocuire orainn,
agas dena sin, gabhadh do throcuire
a thigherna os ar gcenn, doréir mar
do chuireamuir ar ndothchas ionnat.



Fears. Eist a thigherna lé mo ghuidhe.
Freag. Agas go sroighthidh mhárdghlor
chughad.



ORTHA
Tarraidh a thigherna ar cuairt
chum an araissi, agas díbir acceín uaidh
uilchealga na namhad, deanaidh do
naomhaingil biothchomhnúidhe ann, da
ttiocfadh sinne do shaorchomhed a sioth-
cháin, agas tuirlingiodh do dheghbhennacht
orainn trí chriost ar ttíghearna,
Amen.



Coisreagadh annsin e féin ag radh.
Bennuighedh, agus caomhnadh ar ttigherna
dia uilechumhachtach inn, an tAthair, an
mac agas an spiorad naomh. Amen.



Ansin tra budh eidir leis loighe a
bhfheiste codalta anainm de.


L. 49


URNAIGHTHE CHAOINDUTHRACHTACHA
ROIMH FHAOISIDIN.
AN TSAILM MISERERE
MEI DEUS



Deín trócaire orm a dhé:
do réir do mhórthrocuire féin.



Agus do réir iomadamhlachta do
thrócaire: cairt uáim mhanlochta.



Ionnail mé fós óm aindlimhe: agas
glan mé óm pheacadh.



Ar anadhbhar go bhfuilim admhálach
ann meagcoír: agas go bhfuil mo
phecadh le a chur um aghuidh do shiór.



Ad haghaidh amháin do chionntuigh mé
agas ad láthair dorinne mé olc, ionnas
go bhfoillsighthidhe thfhírcheart anndo
ráidhtibh: agas gurab agat do
bheith búadh ar ndul duit fa breithemhnas.



Or feúch gurab a ccoirrthibh do coimpeired
mé: agus i bpecadhaibh do ghein
mo mhathair mé.



Or fech gur ghradhuidh tú an fhirinne
do thaisben tú dhamh égcinnteacht,
agas rún heagna.



Iomchraithfigh tú iosoíp orm a


L. 50


thigherna, agus bia mé ar mo ghlanadh:
ionnolfadh tú mé, agas búdh gile mé ina sneachta.



Dobheúra tú gairdechas agus solás lé
a neistiocht dhamh: agas gheabhuid mo
chnámha ar na nulmhugha luthghair
lé a nais.



Feill do ghnúis óm phecadhaibh: agas
glan uáim muile mhailís.



Cruthaigh croidh glan ionnam a dhé,
agas athnughaidh sbioraid dírech
in méinidhibh.



Na teilg mé ód haghaidh: agas na
beir do naoimhspioraid uaím.



Tabhair meadhar do shláinte dhamh:
agas foirtilligh mé lé spioraid
phrionnsapalta.



Múinfeidh me do shlighthe do dhrongaibh
eccóracha: agas aithfillfidh
daoine lochtacha chugat.



A dhé, a dhé mo sláinte, saór ó
dhórta fola mé: agas ardmholfaigh
mo theanga tfhircheart.



Foisceólfuidh tú mo phuisinidhe a
thighearna: agas aithreochasaidh
mo bheúl do dheghmhola.



Ar an adhbhar go ndiongnainn iodhbairt
da ttugarrthasa: ní bhfhuighe tú


L. 51


gean ar láiniódhbairt bhethadhach.
Iodhbairt do dhiá spioraid bhrónach:
a dhia na bíodh tharcuisne agat ar
chroidhe chombruíte arna humhlughadh



Bí a thiarna go búidh ann do dheghthoil
lé Sión, chum go mbeidís ballagha
Iarusalém ar na ttógbhail.



Glacfaigh tú go fonnmhar iodhbairt
an cheirt, ofrail, agus lainiodhbairt:
annsin legfaidh siád laoidhiodhbairt ar haltoír.



Gloir don athair, agas don mhac, agas
don spioraid naomh: mar dobhí ar
tús, mar atá anois, agas mar dobhiás do
shiór. Amen.



ORRTHA ROIMHE FAOISEDIN.



A thigherna róbhuídh, roichennsaigh,
a Iosa Chríost, a aoindóchais slainte
manma, glac mfhaoisedin; agas tabhair
dhamh doilghes croidhe, agas déora
súl chum go ccaoininn doidhche, agas do
ló malle lé humhlacht agas le gloine choinsiáis
mo mhainneachtna, agus mfhaillidhe.
Go sroighthigh a thighearna múrnaighthe
ad choír ma bhión tú feargach liom cé
an cabharrthach iarfasmé? nó cé
dhiongas trócaire oram ann mo mhailís


L. 52


coimhnigh ormsa a thigherna do
ghoir ar an mnaói ó chanaan, agas ar an
bpuibliocanach chum aithridhe, agas fós
do ghabh lé Pedar deís do shenta tre
bheith dhó ag caoídh go haithriodhach.
A thighearna maisedh, agas a dhé sa
shlánaighthéoir an domhain gabh liomsa, agas
athghabh. A Iosa shármhaith do
thoirbheir thú feín a mbás croiche
chum na bpecach do shlánughadh, amharc
ormsa an pecach bocht, agas mé
ag gairm ar hainm, agas na tabhuir
aire comh mór agas sin dom olcsa ionnas
go ndhearmódtha do mhaith feín. Agas
bioth go ndernadh meisi cionnta tré a
mo fheidir leat ó cheart mo
dhamnughadh, tairis sin niór chaill tusa
do thrócaire as a cclechtann tú cach
do shaóradh ó dhamaint. Da bhrigh
sin gabh agam go trócuireach, or is
is tú feín mo slanaighteóir, agas tabhair
pardún damh gidh pecach mé. A Iosa
sgaóil manm ó choibhreach a locht, agas
leighis é ó chréachtaibh a ainmhian,
iarraim, agus aithiarruim ort do ghnuis
do thaisbenadh dhamh, agas bia mé slán.
Cuir a thigherna, agas seíd, tré
mhaithghniomharthuibh deghluáidhe na hoighe


L. 53


rodhiaga Muire do mhathair, sna
naomh uile, do sólas, agas thfirinne astech
ann manam foillseóchas, agus
mhúinfios damh muile aindlidhe, agas peca
budh coír damh dadmháil agus do chur
a bhfhaoisedin, agus fós neartochas mé
chum aithrisiodh schum nochtaighthe dhaoibh
maille lé contrisíon, smaille lé
lórdhoilghios, tusa atá bithbheodh a bhflaithios
neimhe a saoghal na saoghal.
Amen.



ORRTHA DEIS FAOISEDNE.



Sirim, agas athchuingim ort a thigherna,
a dhé na trócuire tré mhaithghniomharrthaibh
deghluaidh do mhathar roibhennaighthe Muire oígh, sna
naomh uile mfaoisedin anois do bhall
do bheith soghlacthaighthe genamhuil
agat, agus iarraim fós ar do mhórdhacht
gach easbadh doilghis, gach
díth iomláine, sgach dearmod dá
ttarlaigh san bhfaoisedinsi nó a
bhfaoisedin air bith eile dá ndernaidh
me roimhe so, do leasughadh lé foirlióna
do thrócaire, agas do bhuidheachta;
agas da reir sin a thigherna
déonaigh meisi do bheith fa dheóigh


L. 54


agas mé reígh lántsaor ón uile
chaigh, agus shal phecaidh, agus aindlighe ar
mó leígean astech go roigheacht neimhe,
mar a bhfhuil tú feín anairdtresi
a saoghal na saoghal. Amen.



ORRTHA RIA CCOMAOINEACH.



A thigherna bhúidh, a Iósa Crióst ata
omhan, agas crithegla ormsa an
pecach bocht aindlighthech gan mhuinghin
agam as maithghniomharthaibh ar bith
dom thaobh feín, acht go bhfuil mo
dhóchas ann do throcuirese, agas ann
do dheghmhaitheas techt dionsaighe do
chuirmhe, agas, fhesta roímhilis doinsteana
do chuirp naomhtha agus thfhola daórluaigh:
óir atá colann, agas anm agam ar na
ttruailliodh lé hiomad coirrthech,
fairé mintinn sfairré mo thenguidhe do bheith
drochumhdaighche ar lochtuibh, ar
an adhbharsa, ó adhiadhacht bhuídh agas
a mhorrdhacht aguathmhar ataimsi an
truághan aindeas ag teangbháil san
ccruadhoraing chumhaingsi ag triall
ortsa a thobair na trócaire ag deanadh
luáis chugat diairiuigh leighis ort.
Atáim ag teighthiodh fá dhídean do


L. 55


choimirce agas ós derbh leam go bhfuil
tú doiomchair agam mar bhrethiomh
tairgfidh me mo dhoigh do chur ionnat
mar shlánaightheóir. A thighearna
nochtaim dhuit cneadh manma, agus leígim
let fáth naire mo choinsiáis is
fesach mé ar mo pheca do bheith mór
liónmhar tré a bhfhuil faitchíos
adhbhal domh ghlacadh, acht chena anaghuidh sin
loighim fad mhorthrocuire égcinnte, agus
muinighim aiste. Dercaidh dá bhríogh
so orm a thighearna Iósa Crióst lé
rosguibh failidhe do thrócaire. A righ
shiordhuidhe bhiothbhuain, a dhé, agas
a dhuine dhfhuiling crochadh agus páis
tar chionn an chine dhaónadh, eist liom
agá bhfuil mo dhóchas ionnat, foír go
trócairech orm atá lán damhghar,
agas do pheca, óir is tú tobar an
mhaothghraidh le nach eidir dul a niosg.



Fáilte dhuit a iodhbairt na
sláinte dó hofráladh ar mo shonsa,
sar son an chine dhaóndha a ccrann
na páisi. Fáilte dhuit a fhuil daór-
uásal do shil ascreachtaibh mo
thigherna Iósa Criost, agas é ar na
chesadh, lé ar glanadh peca an tsaoghuil
coimhnigh a thigherna ormsa do chreatúir


L. 56


dfuasgail tú ar thfhuil feín.
Goilligh ormsa a thigherna peaca
do dhenadh ad thaghuidh, atá rún
intinne agam mé fein le lesughadh ann
a ndhernaigh mé go haindlighthech.
Toig uáim a thigherna roicheannsaighthe
muile mhaillís, agas pheca, ionnas ar
mbheith lánghlan damh a ccorp, agas a
nanm go mo fiú mé naomhproinn na
huile naomhthachta do chaithiomh. Agas
déonaigh fos on mblaisféachuin
mbennaighthesi ata romham do dhenamh
ar do chorp, sar thfuil gcion go bhfuilim
glaindiongbhala, sin doibriughadh
maithfiochus mo phecadh ionnam
iomcharthaighthe iomlan mo locht,
cianrúagtha uaim ar mo dhrochsmuainteithibh
salcha, aithghinemhna ar mo
dhéighchedfadhaibh brighefeachta do mo
mhaithghníomharrthaibh, agas uimdhiden
iomláin le siothchaomhnadh mo
chuirp, agas manama anaghuidh uilchealg
mo namhad. Amen.



ORRTHA IAR CCAITHIOMH COMAOINEACH.



Buidhechas duit a thigherna naomhtha
a athuir uilechumhachtaigh, agus a


L. 57


dhé bhiothmharthanaigh do dhéonaigh
meisi thfhoghantaighe mífhiudhantach
agus an pecach gan feídhm deghlúaghaidh
ar bith orm dom thaobh feín acht
tré dhiongbhala do throcairesi do shasughadh
le corp daoirmhesta, agus le
fuil rouasail do mheic ghradhuigh
Iosa Criost. Athchuingim ort gan an
chomaoínech bhennaighthesi do bheith na
siocair chionnta lé peín shiordhuidhe
do thuilledh dhamh, acht na hedarghuidhech
chobharrthach ar mo shon a gcuinne
maithfechuis dfaghail damh in maindlighe.
Bíodh si agam na díneíde
chreidimh, agus na caoimhsgéith deghthola,
biódh si agam na diansgaoíle ar mo lochtáibh
aga na lerairghthióch ar mo mhímhéin,
agus ar mantoil. Biodh si agam mar
bhairrbhiseach carthannachta, foidne, umhlachta,
agus na ndheghshubhailce eile. Bíodh si
na siothchosnamh dom dhíden ar chealgaibh
meascarad sofhaicsionna, agus dofhaicseana
go huilidhe, agus fós na suaibhneas
agam anahguidh muile anshogh
cuirp, agas anma, dom shabháil ionnat
feín a aoíndé an firinne darab
coír bheith ad choimhlíona shenamhuil
ar chrích dheghanuigh mo bheatha


L. 58


agas as so guidhim thú a bheith
deóntach fa meisi an cionntach bocht
do thréorughadh chum fleidhe do
fhaisneisi úd na gloíre suthaine ar a
bhfhuil tú feín mar aon lé do mhac, agas
lais an spiorad naómh, ad sholás
firinneach, ad shásamh iomlán, ad
luthghaire mharrthannuigh, ad sholas doigh-
chriochnaighthe, agus ad shen lánfhorfe. Amen.



CLAR SONNRADHACH NA
bpeacadh do reír imtheachta na
naithneadh, agus na cceinnphecadh
marbhtha fhoghnas do neartughadh
meabhra na naithrioghach roimh fhaoísedin.



Don chead Aithne.



Iodhaladhradh .i. dia bréige donóradh.
Gan gradh do bheith ar dhia ós
ceann gach aóin ní. An ghradh iomarcach
do chreatúiribh. Contabhairt no
aimhrios a bpongcaibh creideimh.



Ainbhfhios fá airtioglaibh an
chreideimh, fá aithentaibh dé nó na
heglaisi, easbha dóthchuis a ndía, no edóthchas
in a thrócuire. Andóthchas maille
le súil do bheith agat grasa na trocuire


L. 59


dé do theacht ort gan comhoibriugha
maithghniomh dod thaóbh fein.



Demhnoracht, asarlaghacht, piséoga,
géillemh daislingthíbh, do dhearnadóracht,
do chinnemhain, do shaobhfhaistine
domheanmnadhuibh, etc.



Cumann do dheanadh le deamhnóiribh,
lé fearaibh, nó lé mnáibh garma, nó
le lucht saoibhfeasa, leighios, nó fios
do ghlacaddh uátha.



Eirceacht, sciosma, asumhlacht don
Phapa, no don eglais, cuidiogha le
heircibh, nó fabhair do dheanadh dháibh
cumann no coinbhersaid do dhenadh léo
gan riachtanas.



Leiththeoracht a leabhraibh eircech
gan ched, diosporacht léo, acht lé cead.



Toirmesg do chur ar nech fa fhilledh
ó eirceacht nó ó sciosma.



Gan duine dá chur fein go laethamhuil
ar chomairce de, naomhuire oígh,
na naingiol, nó na naómh: gan duine
do cheapadh a thola lé toil ndhé.



DON DARA hAITHNE.



Ainm dé fein, nó aoinní bhenas
do dhía do thabhairt go diomhaoinech,
nó go míomhodhuil.


L. 60


Mionna eíghthe do thabhairt.
Críost nó a fhuil nó a chorp, nó a
pháis a chreachta, ball dá bhallaibh, nó
aon ní bhenas dó, do thabhairt mar mhionna
go hasonórach, nó go hegceart.



Muire oígh, na haingil, na naóimh,
taise na naómh, nó neithe beannaighthe
ar bith, nó fós creatuiridhe dé do
ghlacadh go heaccórach mar mhionna.



Eascaine, mallugha, nó fuagra
duine ar feín, nó ar neach oile don diabhal,
nó fós ar chretuíribh eile ar bith.



Mionna, nó móid dhistionach do bhrisiodh.
Eígen do dhenadh ar dhuine
eile, no siocair do thabhairt dó chum
mionn eccóirach do thabhairt, no chum
imdhearghtha do dhenadh ar dhia, nó
ar neithibh naomhtha bhenas dó.



DON TREAS AITHNE.



Gan an domhnach, na féilte oile
saoíre na heglaisi do chongbhail.



Daórobair d dhenadh, nó do chur
da deanadh san saoíre.



Neithe do cheannach, no do dhíol san
saoíre, gan riachtanas sgan ched na
heglaisi, gan día donórugha, na do
ghuidhe san saoire, sgan seirbhís


L. 61


sbioradalta do dhéanadh innte. Gan
seanmoír chatoilce na teagasg diadha
eile deísteacht san saoíre.



An domhnach, nó an lá saoire do
chaithemh le fothghnodhaibhibh, lé súgra,
le cluthadhaibh, lé raingce, lé
deochadoracht, lé himirt, nó le diomhaoines.



Gan oifeige dhíadha, tratha Muire
trátha an Spioraid naoímh, trátha
na Croiche, na a neasborta san,
na Sailm aithridhe, na salmadoracht eile,
na Paidrín, na caóndúthracht ar bith do
rádh na do dhenadh, san saoire.



DON CHEATHRAMHADH AITHNE
Gan onóir do thabhairt dod hathair,
no dod mhathair gan gradh do bheith
agad doibh, gan foirthín orra
ann a riachtanas, tarcaisne nó asumhlacht
do thabhairt daibh, ferg, anshogh
no brón do chur orra, gan a nadmhail
tré uábhar, nó tré lemhnáire, a
mbualadh, nó a mallughadh, iothomrádh,
nó murmur do dhenadh orra, fochmhaide,
no maga do dhenamh fútha.
Tarcaisne, easumhlacht, no míomhodh
do thabhairt duachtaranaibh cille, nó tuaithe,
do mhaighestiribh, no doidídhibh


L. 62


foghlamtha, no fós do dhaoínibh
aosta.



Bang éaglaisi do tharrang ort
feín tré choir, nó tré easumhlacht.



DON CHUIGEADH AITHNE



Bas duine do thabhairt, diarradh, no
shantughadh go heaccórach, nó go
mailíseach, fúath, nó nemhghradh do bheith
agat do dhuine ar bith.



Tiorantacht, ainéiliugha, nó cruádhail
do dhenadh ar fheighthemhnaibh, ar
iócadhthaibh, no fós ar dhaoinibh ar bith eile.



Eaccoír dimeirt ar bhaintreabhthachaibh,
ar dhithlechtaibh no ar fhannbhochtuibh.



Diodhaltas prióbhaidech do dhenadh
nó diárradh do thabhairt fa der a dhenamh.



Gan maithemhnas do thabhairt do
chach eile sanegcoír dorinnedar ort.



Gan caint, nó coinbhearsaid do dhenadh
le comharsain, tré fhuath,
nó tre fhaltanas.



Daoine do bhualadh, do mhaslughadh,
no daithisíughádh, agas gan iad fád smacht.


L. 63



DON TSHEISIODH AITHNE.
Adhaltrannas, stríapachas, sodomdhacht
idir fhearaibh ar oile, no idir fer
agas mhnaói.
Brúidemhlacht idir dhuine, agus bhethadhach,
no peca ar bith eile san taóbhsa
anaghuidh naduire.
Comasg colna idir fhear, agas
mhnaoí phosta fhir oile, mnaoí riaghalta,
mnaoí ghaoil, mhaighdin, no
mnaoi ar bith oile sech posta. Mar so
don mhnaoí ar leth eile, ma chumhasgann lé fer mná eile, lé
pearsain egluisi fa ghrádaibh, no fa mhoíd
ghenamnadhachta, lé fer gaoíl, no lé
fear ar bith eile sgan é posta aice.



Poluision do dorta síl, glacaireacht
truailighthe, smuintithe neamh-
ghlana colnaidhthe.



Comhráidh, sgríbhne, no ádhmhaille
dhrúisemhuil, fechuin no anchorugha
mailisech, nochta chricinn tré antoil.



Leabhair, rainn, duanta, no adhbhráin
shuirioghacha do leighedh, no daithris.



Biadh ainmhear, no deoch do chaithemh
chum mímhéine do ghríosadh.



..re chuíríalta do thabhairt do dhaoinibh


L. 64


no deallach ag coimhriocht ar oile.



DON TSHEACDMHODH AITHNE.



Gadaghacht, creacha, farrachas éigean,
mealltoracht cleasaghacht, no
cluaineiriocht a raic, no gceannadhacht
a cconnra, no a neimeirt.



Cartadha, no dislidhe mealta sui:
dheachan dislidhe, cur cataghadh, mioch-
omhtrom imeartha, no bréug.



Fallsacht no meabhuil a miosúracht
no medheachan.



Mealtoracht fa airnéis anar-
adhaibh, no ina luach.



Neithe do chennach no do ghlacadh
a-naisge ó dhaoínibh dofúair go bradach,
no go lochtach iad, dochar do dheanamh
deallach no do mhaoín duine eile
Airnéis, nó maoín duine eile dfagh-
ail amuigh, no ar nemhaird, agas gan
agcur ar chaoi abhfhaghala, no ar aird
da nduine féin.



Faillidhe do dhenadh a seirbhís, no
fa neithibh do bheith ar haontaobh.



Airgiot fallsa do bhúaladh, no
airgiot do chiorrabhadh.



Gan na fiacha dlisteanacha atá


L. 65


ort díoc. Gan firinne do dhenadh
dod tfhocal, no dod ghealla dlis-
tionach.



Síomontacht fa neithibh coisrectha
no sbioradalta do raic no do chennach.
Usúireacht ag baint chennaigh
as iasacht, no as airlectha neith ar bith
neamhmheasaighthe.



DON OCHTMHADH AITHNE.
Fiaghnaise bhréige do dhenadh. Gan
an fhirinne dadbháil go ndochar do
dhuine eile.



Anmanna spídemhla do ghairm do neach
eile, labhairt go holc air, droichtheist do
ghlacadh go hesga ina aghuidh, aimhreas
lochtach do dhenadh air gan fath,
gan a chlú do chosnadh.



Peca no locht secrédeach duine
eile dfhoillsioghadh. Leitreacha
dhuine eile dfhosgladh gan a chead.
Bheith ag eisteacht go miorunach
le caint phríobhaide no lé gnodhaithibh
secrediocha dhuine eile.



DON NAOMHADH AITHNE
Miangas do bheith ag fear dho
mhnaoí fhir eile, no do mhnaoí ar bith


L. 66


nach lais féin: mar sin don mhnaoi da
raibh andúil aice dfior mná eile, nó
daoinfhear acht da fear pósta.



DON DEACHMHADH AITHNE.
Teach no ferann, óglach no
banóglach, bó, nó capoll, eallach, airgiot,
do maoín chomharsan do shantugha
tar cheart.



AITHEANTA NA hEAGLOISI.
DON CHEAD AITHNE.



Gan féilte saoíre na heglaisi
do chonghbháil mar is dúal. Gan aifreann
déistecht gacha domhnaidh sgacha lá
saoíre go caonduthrachtach. Bheith
lé sgéulaidheacht, lé biodan, lé súgra,
lé gáire, nó le hanmhailís ag an aifrionn,
toirmeasg no buaidhreagh do
chur ar neach eile fa aiffrionn dheisteacht
mar búdh dúal.



DON DARADH hAITHNE.



Gan troisgidhe na heagluisi do
dhenadh mar is cóir, feóil deithiodh


L. 67


chorghas, annsna cataoiribh timpeir,
annsna Vigillidhibh, dia hAoíne
nó dia satharin: uighe dithidh san chorghas,
eim, caise nobainne do chaithemh
san chorghas acht do réir ordaighthe
na heaglaisi.



DON TREAS AITHNE:



Gan faoisidhne do dheánadh úair
sa mbliaghuin ar do phechadhaibh marbhtha,
an chuid is lugha dhe. An fhaoisedin sin do
dheanadh le sagarta edearbhtha
ag nach bhfuil cead ón phápa
nó ó ordionair na háite: no a
denadh lé sagart toirmeisg ar a bhfuil
bang eagloisi.



Gan sacrimint chuirp chriost do
ghlacadh an chuid is lugha dhe ó
dhomhnach na pailme go domhnach mioncháisg.
Comaoineach do ghlachadh fá
cháisg as laimh dhuine eglaise sgan ced aige
ón bpápa na do thaobh eile
mar budh dúal comaoinech cásg do thabhairt
amach.


L. 68


DON CHEATHRAMHADH AITHNE.
Sollumain nó onóir phósta do
dhenamh ó thús Aidbheint go hepipháin,
nó ó chedaoín an luaithre go mion-
cháisg.



DON CHUIGEADH AITHNE.



Deachmhadh prímh, nó ofráil
do chongbháil ón gcléir ndeíghchreid-
mhig anaghuidh dlighe, nó deghnáis na
heglaise. A nduithe, a bhfearann, ciós
a nduithidhe, no a gcert do chongháil
ó dhaoinibh eglaisi go haindlioghthach.



Usurpasion, nó sealbh earraidech do
dhenadh ar iurisdicsíon, ar cheallaibh, ar
dheachmhaidh, ar fhearann, chíos, nó ar cheart
na cleire. Egcoír, nó leatrom do
dhenadh ar dhaoínibh eaglaisi, ar pears-
naibh, nó ar neithibh bhenas dáibh.



Gan foirthin, na congbháil súas
do thabhairt do phersanaibh eglaisi ar
a bhfhuil cúram hanma, agas iád a
riachtnas, sar easbhuidh gléis eile lé
teacht a ttír.


L. 69


NA SEACHT CCEINNPHEACA MARBHTHA.



Don díomas. Glóir dhiomhaoin,
aindréim lé honóir, presumpsion,
anndanacht, umarca, anmhaoidheamh,
lanmhairecht, scléip, blaghmonn, raoi-
bhed, straisiún, tarcuisne ar chach
eile, magadh orra, hipocrisis, nó
saobhchrabha fallsa.



DON TSHAINT.
Saint. Saláthar Egcórach, faghal-
tas miochoinsíasach, gradh anumarcach
ar neithibh saoghalta, anphraghain
ionnta, crúas, gortuidhe, ettrócuire,
nemhcharrthannacht, gan iásacht, nó airlioca
do thabhairt daos riáchtanais,
bheith édeontach nemhfhuilingthech fad
staid fein.



DON DRUIS.
Do labhramar ar an drúis ag
tracht dúinn ar an sisedh aithne.



DON TNUTH.
Tnúth. Doilghios fa shaibhrios,
fa fhaghaltas, fa shéan, nó fa dhegh-
fhortún dhuine eile, dolás tré dheigh-
theist dhuine eile, brón tré a ghrasaibh


L. 70


lúthghair tré dhochar do chomharsan,
mitheist do bheith ar féin, nó ar a
chennadhacht, ar a mhargálaibh, nó ar a
ghnodhathaibh, doighchiall ar a holc
do bhaint as a ghniomharrthaibh, as a
raidhtibh, nó as a lúaghaill.



DON CHRAOS.
Craos, anchócaireacht, biadh dithidh
gan ocras, anchaitheamh tar acfainn.
diomail, betha na mbocht do thabhairt
do mhadradhaibh, meisge, carrús, slaintidhe
iomarcacha, deoch dól gan tart
no riachtanas.



DON FHEIRG
Fearg, miofhoidne, diorraisgtheacht,
eccennsacht, miomhodh do dhuine eile,
doiriartacht, mioumchar, escairdeas,
bruighneachas, trodán, iomadh,
ansmachtugha, lethedrasgan.



DON LEISGE.
Leisge, míghen ar neithibh diadha
neamhdhúthracht, spadantacht i ccásaibh
sbioradalta, andúil a sastacht, nó a
socúl corpardha, neamhfhonn a neirmheirghe,
nó anurnaighthibh an mheodhan
aoidhche, nó anurnaighthibh eile. Aintshearc
do chodla, sdo dhiomhaoineas,
roghain do bhreith bheith a riachtanas


L. 71


chorpardha, seach do bhetha do shaothrughadh
lé hobair, neamhbúanughas a
ndeighintinn, faillidhe a ccásaibh fa
nar chóir bheith faillioghach, mainneachtna
fa bhuidhechas do bhreith lé día tré a
mhórthiolaicthibh dhuit, nó fa bhuidhecas
do bhreith led aoís comaoine, faillidhe
do thaobh guidhe do dhenadh ar
bheodhaibh, agus ar mharbhaidh.



Do bharr ar ar chomharthaigh mé ann-
so go foill dó ghnédhibh eugsamhla
pecadh fa sech tabhair dod aire
go bhfuil da shórt pecuidh ann
coirioghthar go géar ar neach,
biodh dar leat nach beith sé cionntach
ionnta. Is iad soin peaca ainbhfis,
agas peca comhaghuidhthech
dhuine eile, coirioghtar
mar sin ar dhuine esbha eólais do bheith
ar a ccéird no a nealaghain ghabhas
sé lé a ais madh dothig dochar dhaoinibh
eile, no do féin as bheith ainbhfhiosach
dó san taobhsan. Mar sin is
peca dainséurach do sagart bheith ar
esbha foghlamtha nó eóluis annsna
casaibh bhenas da shagartacht, agas
da oifegi, agus ní shaorann a ainbhfios
é. Mar sin don liaigh aineólach, don
adhbhacóid neimhfhesach, don notáir


L. 72


mhíchleiste, agus do dhrongaibh eile
aineolacha da samhail, thairgeas
lamh do chur go handána a ccéird
nó anealadhain sgan iad seólta, na
feasach innte, óir ní shaorann a nainbhfios
iad, do bhriogh go ma ríochtanas
daibh bheith foghlamtha, cleisde
san chéird, no san ealadhain ghabhaid
siad ré ais níos túisgeina do
thairgfedís úsáid, nó gnas do dhenadh
oirre.



Tuig arís go ttairriong ann peca,
agus cáinpheacaidh duine air féin
ma deir sé, ma chomhairliodhan sé, nó
ma aontaghann sé adhenadh, ma ghabhann
sé pairt no cumann fir a dhenta.
Ma cheilionn sé é, no ma doní
rún air, amhuil sin ma mholann sé é, agus
é denta, agus mona ttug sé tóirmeasg
fa a dhenadh roimh a dhenadh, etc.



Farré a nabraim annso go foill
comhnioghadh an taithrioghach
roimh a fhaoisedin gné, cailiodhacht,
agus uimhir a pheacadh do bheith
aige mheabhuir lé a naithris sle
a ccur síos don tsagart faoisedne
ann a fhaoisedin da lathair: no an
chuid is lugha dhé, ní budh fulair


L. 73


dhó sárthuairim do bheith aige orra
lé a ninnisin go huirmisneach agas dá
bhriogh so is dúal sas cóir do gach
aithrioghach ar bith roimh dhol dá
fhaoisedin aimsear iomchubhaidh do
chaithemh lé a phecdhaibh gon a ngné,
a ccáiliodhacht, sa nuimheir do
thabhairt chum coimhne, do réir na haga
ó dorinne sé faoisedin roimhe, agas
annsin trá ata dfheidhm air contrision,
nó doilghios dearbhtha croidhe
da ghabháil fa a pheca, an mhéid gorb
aindlighe é anaghuidh dé. Agus na
budh lor leis ma fhedann bheith ttaoibh
lé Attrision, nó lé lagthuirsi do thaobh
a phecadh, san mhéid gorb dochrach é
don anm amháin. Fá dheirigh umarró
tairgedh sé sásamh do thabhairt do dhia
sdon tshaoghal annsna pecadhaibh do
reinn sé, do réir bhreithe, agus aithne a
noide faoisesdin.
.....


L. 86


MIONGHRAIMER LE
na ccuidighthear lais an aós óg teacht
chum Gaoidheilge le leughadh,
agas do sgriobhadh.



Gach duine lear mian Gaoidhealg do
leághadh tugadh a aire go dithchiollach
dona riaghlachaibh beagasa,
óir ní héidir dhó gaoidhealg do leaghadh
gan a bhfios do bheith aige.



Tar gach ní as cóir dhó an foghar
dílios bhíos ag na guthaighibh
ghreamaighes dá chéile do bheth aige
do mheabhair ionnas go ttugadh a mbrígh, agus
a bhfoghar féin dóibh in gach áit a
tteigedhmhadh air iad. Gach modh ar a
ngreamaighid na guthaighe da cheile
do sgríobhamar annso iad, agus a sompla
féin os a ccomhair.
A.a. B.b.


L. 87


Ciallaighidh an sdríoc sin ós cionn
a. gurab cóir gach guthaighe ar a mbía
a leithéide do rádh go fada: sál,
trén, brígh, glór, múr srl.



An tan bhíos guthaighe sgríobhtha
os cionn connsoine, brígh .r. agus a brígh
féin bhios acu, mar ata. t. trí. .t.
trú. brígh. ra, bhíos ag .n. ós cionn
chonnsoine .gdh. grádh. brat, srl. b. c.
chiallaighid na puingcsin .h. os cionn
gach litir ar a mbíd.



Trachda aithghearr ar ghuthaighibh,
agus ar chonnsainibh na teangadh
Gaoidhilge.



AN CHEAD CHAIBIDIL.



Do nuimhir na litrech.



Asé as líon do litreibh na gaoidhilge
a seachtdeg, a.b.c.d.e.f.g.i.l.m.
n.o.p.r.s.t.u. Ní litir .h. achd comhartha
na hanála, x.y.z. ní bhfhuil achd
oilithrigh ó ghréchaibh ionnta, q.k. ní
bhfhoil feidhm orra, ar an a ádhbhar gurab


L. 88


ionann foghar dóibh agus do .c. arna chengal
dailm nó dúr, eadhón .a. nó .u. Roinnter
na litre an dá ccotchaibh eadhón
a nguthaighibh, agus a cconnsoinibh.



AN DARA CAIBIDIL
do na guthuighibh
Asedh as guthaighe ann, litir do
ní guth gan congnamh connsoine, agus a
cúig a líon: a trí lethan .a.o.u agus
aa dó caól .e.i. agus tiaghaid aniomad
náirimh lé na ccoimhchengal. An tan
greamaighes dá ghuthaighe dá chéile,
deafhoghrach goirther dhíobh, agus dódheg a
líon .ae.ao.ai.oi.ua.ui.ea.eo.eu.ia.io
iu. Tréafhoghrach goirthear do thrí
guthaighe chenglas dá chéile, agus a cúig
a líon: aoi.uai.eoi.iai.iui.



Ainmnighid, agus roinnid na filidhe na
déafhoghraigh, agus na tréafhoghraigh a
ccúig aicmedhuibh mar as léir annso.



Ceithri hamharchuill riomhtar ann,
Ceithri héubha fós go coitcheann
Cúig ifíne muin ar mhuin,
trí huillenda, oír, na haonar.
Ceithri hamharchuill:
ao. amharchollaó: saór, daor, srl.
aoi. amharchollaoi: saóir, maoin.
ái. amharchollai: saimh, sail
ae. amharchollae: laethemhuil, go nae..
....


L. 91


...Th. foghar .h. amháin bhíos
aca ar uairibh, foghar díleas .t. ar
uairibh oile, marbhthar, buailtear. Leigthear
na focailsi ar an modhsa mar
nach bíadh .f. na .s. na .t. na ttús .faíon.
fha húil -marbh-har. srl. Gh no
dh. as annamh bhíos bríg ag ceachtar
dhíobh a lár, nó a ndeiredh focail. acht
muna ttegmhaid a ccorp comhfocail,
nó greama comhfhocail, fághail
cneadh, breadha, mar so cantar iád,
fáail, cnea, breaa, Brígh .f. bhíos ag
ph. do ghnath, an phían, an fian.



An brígh bhíos ag a.u. a Laidin
ré nguthaighe, nó na ndhiaigh: an brígh
chedna bhíos ag .bh. san ngaoidhilg
roimhe guthaighe, nó na dhiaigh, vale:
san bhaile. An bhrígh atá ag .u. san
siolla Laidnesi, arva, an bhrigh chedna
bhíos ag .bh. a ndiaigh chonnsoine
san ngaoidhilg, balbh, arbhar, srl.



An bhrígh chedna, bhíos ag .mh.
acht gurab troime dhorcha a fogharsa,
amháin, lamh, ní bhí bhrígh san chanamhuin
ar úairibh ag .m. cuimhne doimhne, domhnach
cantar iad mar de bheidís sgríobhtha ar an
modhsa: cúine, doíne, dónach.


L. 92


Ionann brígh bhíos ag .ch. san Laidin,
agas san nGaoidhilg, mar as léir
annso: Chorus Enoch, an chora enach.



An tan teagmhaid, mb. ar gualainn
a chéile neíntsiolla tosaigh
focail, ní bhí brígh ag .b. san chanamhain
anuair sin, ar mbrathair, ar
mbél, ar mbúachaill.



Bp. mar an ccedna, an tan teagmhaid
a ttús siolla, nó focail, ní
tugthar brígh acht don .b. amháin ar bpian
ar bprionnsa. An tan tegmhaid .cc. no
gc. aneintsiolla thosaigh focail, brígh,
g. amháin bhíos aca: ar cceann, ar
gcoige an gcuala, srl.



An tan teagmhaid .nd. a ttús focail,
ag .n. amháin bhíos brígh, ar
ndithcheall, ar ndearbhadh. Anúair
theagmhas .bf. a ttús focoil, ag .b. amhaín
bhíos brígh, ar bhfeart, ar bhfalaing.
Dt. nó .tt. brígh eán .d. amháin
bhíos aca a ttus focail, ar ttáobh,
ar dtechd. Ng. aon fhoghar amháin gan
roinn bhíos aca, ar ngeall, seng.



rr.ll.nn. foghar Laidin bhíos aca do
ghnath, barr, fearr, mall, crann, tenn. An
tan tegmhaid .nd. nó .dn. a bhfochair a
chéile a medhon, nó a ndeiredh focail


L. 93


brígh .nn. bhios acu, cend, pend, cedna, etc.
Ln. nó .dl. an tan thegmhaid a bhfochair a
chéile, brígh .ll. bhíos aca, codladh, nó
colna, colladh, colla.



Ng. an tan thegmhaid aneanfhocal
cengailte dha chéile anéin tsiolla, ní
bhí brígh ar leith ag gach liter dhíobh, acht bí
én foghar amhain gnáthach aca, ar
ngealla, ar ttenga. An connsoine bhíos
ar lár focail, ris an tsiolla bhíos
roimhe as cóir a chengal: ghidhedh más
comhfocal é, as don tshiolla a thig na
dhiaigh as coir a chengal.



An tan bhíos níos a lía ina aonchonnsoine
ann, leanaid don tsiolla théid rompa
an tan as féidir é go hoiremhnach,
agus an tan nach féidir, roinntear
idir dhá shiolla iad, marcach: sanntach
siubhlach, súaimhnech. Greamaighid na
connsoine tennda.i. rr.ll.nn.ng. don tsiolla
bhíos rompa; barrshlim, mallghlór
ceainnliaith. Roinntear na connsoine a sé
haicmedhaibh ar nach laibheoram annso,
óir as anealadhain an dána atá
riachtanas riú. Dá bhfiarfighthear cred
bhenas dona litribh gan a bhfhoghar díles do
bheith aca do ghnath: adeirim gurab iad.
bádhodh guthaighe, agus consoine cumhachta


L. 94


h. agus. connsoine, cadad, agus uirrdhiughadh
as coinntach riú.



Gibé lérab mían a bhfios so
dfhaghail, gofoírlethan leaghadh an
gramadach Gaoidhilge in a ttrachtar orra
fá seach.