Amhráin Airt Mhic Chubhthaigh I

Dún Dealgan: Preas Dhún Dealgan, 1926 (1773ob 18D)

Art Mac Cubhthaigh




AMHRÁIN AIRT MHIC CHUBHTHAIGH.



Aig úir-chill a' Chreagáin 'sé chodail mé aréir faoi
bhrón,
Is le h-éirghe na maidne thainic an ainnir fá mo dhéin
le póig;
Bhí gríos-ghruaidh ghartha aici, agus loinnear in a ciabh
mar ór,
Is gurbh' é íocshláinte an domhain a bheith 'g amharc ar
an ríoghain óig.



A fhial-fhir charthannaigh, ná caithtear thusa i néaltaibh
bróin,
Acht éirigh go tapaidh agus astruigh liom siar 'sa' ród,
Go tír dheas na ngeallamhain nach bhfuair Galla innti
réim go fóill,
Is gheobhair aoibhneas ar hallaibh do mo mhealladh-sa
le siansa ceóil.



A ríoghain is deise, an tú Helen fá'r tréaghdadh slóigh,
Nó aon de na naoi mná deasa Pharnassus thú bhí déanta
i gclódh?
Cá tír ins a' chruinne i n-ar h-oileadh thú, a réalt gan
cheó,
Le'r mhian leat mo shamhail-sa 'bheith 'cogarnaigh leat
siar 'sa' ród?


L. 2


Ná fiafruigh dhíom-sa an cheist sin, óir cha chodlaim ar
an taoibh seo de'n Bhóinn;
Is síoguidhe beag leinbh mé, a h-oileadh le taoibh
Ghráinne Óig';
I mbruidhin chirt na n-ollamh bím go follus ag dúsgadh
an cheóil,
Is dá mbínn 'san oidhche ag Teamhair bhéinn ar maidin i
lár Thír' Eóghain.



'Sé mo ghéar-ghoin tinnis fá gur theastuigh uainn Gaedhil
Thir' Eóghain,
Agus oighrí an Fheadha gan seaghais faoi liag dár
gcómhair -
Géaga glan-daithte Néill Fhrasaigh nach dtréigfeadh
ceol,
Is chuirfeadh éideadh fá Nodlaig ar na h-ollaimh bhéadh
ag géilleadh dóibh.



Ó tréaghdadh na treabha bhí i nEachdhruim, is faraor
fá'n Bhóinn -
Sliocht Íre na flatha, bhéarfadh fasgadh do gach draoi
gan ghleó,
Nach mb'fhéarr dhuit ins na liosaibh, agus mise le do
thaoibh gach neóin,
Ná saighde Chlann Bhullaigh bheith tolladh fríd do chroidhe
go deóidh?


L. 3


Cha dtréigfinn do chuireadh ar a gcruinnigheann na
ríghte d'ór,
Acht gur cladhartha liom sgaramhaint le mo charaid tá
'sa' tír go fóill:
An chéile úd a mheallas le mo ghealladh tráth bhí sí óg,
Dá dtréiginn anois í nach fiosach damh go mbéadh sí i
mbrón?



'Sé shaoilim nach caraid duit a maireann de do ghaoltaibh
beó,
Táir faobhthaidh, gan earradh, bocht, bearranach, baoth,
gan dóigh:
Nach mb'fhéarr dhuit-se imtheacht le h-ainnir na maoth-
chrobh meór,
Ná na tíortha bheith 'fanomhaid fá gach rabhan dá ndéan
tú 'cheol?



A ríoghain dheas mhilis, má's cinneamhain duit mé mar
stór,
Tabhair léagsa is gealladh damh ar maidin sul má
dtéidhim 'sa' ród;
Má éagaim fá'n t-Seanainn, i gcrích Mhanainn nó 'san
Éiphte mhóir,
Gurab ag Gaedhil chumhra an Chreagáin a leagfar mé i
gcré faoi fhód.


L. 4


1768 18D
FEARTLAOI PHEADAIR UÍ DHOIRNÍN.



Ar Mhullach an Átha Buidhe 'mo luighe teacht ghoirm na
gcuach,
'Sé chonnaic mé naoi mná caoimh' a' frasghul dá ngruaidh;
Parnassus na dtrí sruth íce tirim go bruach,
'S ar chnoc na mban-sídhe gur éirigh tuirse agus gruaim.



Bhí Apollo 'na luighe gan bhrígh, gan mheisnigh, gan stuaim,
Minerbhe ag caoi, 's a croidhe 'stoigh 'basgarnaigh suas,
Eolus le fíoch ag síobadh Neptune ó'n chuan,
Is mac Manair nár mhian leis siansa chanadh nó duan.



Chuir Lúna agus Phéabus éclips ortha tré dlúimh,
Mars agus Bhénus ag téitheadh le Mercurí suas,
Sathurn 'méadughadh léighinn ar chinneamhain a' tsluaigh,
Agus Iúpiter céilldhe 'réabadh a' fhlaithis anuas.



Clann a' Dághda is Orphéas thréig siad cruit agus duan,
Is d'imthigh gach réalt faoi 'n spéir ó'n Artic anuas;
An Sodiac go léir ag séideadh doineann is fuacht,
'S do ghuil na Néiriads ar thaoibh na tuinne le gruaim.



Bhí Obhid i gcéin chum bhéirsigh snóighte 'chur uaidh,
Agus Horas na dtéad ag méadughadh eagna gach uair
Bhirgil na nGaedheal ó thaoibh na Germaine 'nuas
Agus Hóimer na Gréige, fear déanta startha gan
duais.


L. 5


Níorbh' fhada 'na dhiaidh sin gur éirigh chugam ar cuairt
Diana ó'n Ghréig, 's a péarlaí daithte gan snuadh;
d'fhiafruigheas de'n néimh-ghein mhéarlag mhilis na mbuadh
Cia h-aca de shíol Éabha fá'r éigh sí a bosa cómh cruaidh.



d'fhreagair dhamh an ghéag mar thaosgadh tuinne le cuan,
Dá dhearbhadh dhamh fhéin gan bhréig, gan mhagadh, gan
chluain,
Go rabh Oracle Gaedheal ag éag i n-aice an taoibh'
thuaidh -
Ó Doirnín na Séad, fuair léagsa ar chisde na ndruadh.



Mo dhalta, mo spré, mo shamharclan cogair gach uair!
'S le bálach gan chéill nach ndéanfadh caidreamh le
stuaim,
Acht dá dteagmhadh dó fhéin fear céillidhe carthannach
suairc,
Do sgeithfeadh go léir sruth glégeal Helicon uaidh.



Ní rabh curadh nó réics ar mhaolainn Theamhrach na
ndruadh,
Nó i n-Eamhain na n-éacht fá'r éignigheadh teach na
Craobh-ruaidh',
Nó ruathar thug Méadhbh do laochraidh Uladh na sluagh,
Nach dtigeadh 'na chéill tráth shéidfeadh an bheath'-uisge
suas.


L. 6


'Sí Banba fhéin an mhéirdreach mhío-náireach gach uair,
A sgar le gach céile da'r cheangail dí cumainn gan
chluain,
Ó Phartholan na mbéimeann go ré cloinne Chearmada
'nuas,
'S gach flaith de shliocht Ghaedhil dá'r ghléas ó'n Easpáinn
ar cuairt.



Míle, seacht gcéad, seasgad, is ocht mbliadna 'nuas,
Trí mhí in a dhiaidh sin, aois Mhic Mhuire 'san uaigh,
Ar a chúigeadh lá séimh do laethibh an Aibrean gan
chluain,
Chuaidh Ó Doirnín i gcré, fear déanta laoi agus duan.


L. 7


1773ob 18D
TAGRA AN DÁ THEAMPALL.



Eadar Foirceal na cléire is Fochairt na nGaedheal,
'Sé chodail mé aréir ar lóisdin,
Is le fáinne an lae 'sé chuala mé an ghéag
Ag cur ceisteann' i gcéin ó'n róimhchill;
Is d'fhiostruigh de'n téa'pall galanta gléasta
Chonnaic sí réidh do chomhgar,
Cia h-aca sliocht Gaedheal a dheasaigh do thaobh,
Clann Liútair, nó fréamh Strongbownians.



You silly old dame, I would have you forsake
Your ignorant papist notions,
For all your Sliocht Gaedhil are declining away
From Popery's vain devotion:
My Protestant states are thriving each day,
Since Romans and they divorced;
Your church is decayed and ever shall fade
Since Luther arrayed his forces.



D'fhreagair mé a sgéala 'sa teanga fuair Gaedhil,
Mac Eathoir, ar Mhagh Séanair óirdheirc -
"Tabhair aire dhuit fhéin nach sgapfaidh do shréad,
Mar Nimrod 's a shaorthaí ró-ghlic.
Acht is cosamhail gur éag siad maithe síl Néill,
Is clann Annluain, fuil tréan-ríogh Óirthior,
Mac Aonghusa na stéad, na n-ollamh, 's na dtéad,
Tráth deasughadh do léithid 'san chlodh sin."


L. 8


In spite of your beads my English shall reign,
Whilst Irish grows daily odious;
England and Wales have riches in heaps
To flourish away most glorious;
My flock has estates, with land and demesnes
All riding in state their coaches,
While taxes, arrears, and cesses severe
Upon your Gaedhelian broaches.



A gcuala tú sgéala 'san Scrioptuir dá léigheadh,
Ar phoball na h-Éiphte i mbeo-bhruid,
Gur b'iomdha sin gléas a chonnarcas do récsa,
Le'r sgriosadh go léir na cóige;
Is le cumas na n-éacht gur chruinnigh siad laoch,
I gcarbaid gléasta i n-órdughadh,
'S i dh'aimhdheoin a dtréas go dtainic siad saor
Thríd thonnaibh lán tréan na bóchna?



Your clergy maintains the Scripture contains
But mystical dreams and stories -
False doctrine, that leads your senses away
From heavenly grace and glory;
Inventing such schemes for money to gain,
Of Limbo they treat laborious,
Until Luther the great, and Calvin of late,
Renounced their shameful chorus.


L. 9


Sé mo thuirse gur tréaghdadh maithe na nGaedheal
I nEachdhruim, 's ar thaoibh na Bóinne,
'S nach maireann i gcéim Eoghan an Chogaidh Ua Néill
Chuirfeadh Cromuil i bpéin 's a shlóighte:
Cha lasfadh meabhrughadh Bhelsebub éitheach,
Nó Liútair a bhuaidhreadh Fódla,
New Lights, nó Seceders, Old Presbyterians
Swaddlers, no Quakers leobhtha.



Luther was great in virtue and fame,
And high potentates adored him;
From Germany great to England he came,
Until he would plainly show them
How they might ease King Henry's reign
Concerning Queen Kate's divorcement
By his marrying the fair Anne Boleyn of fame,
In spite of proud Spain's reinforcement.



Bhí an iomad de'n chléir i n-eagna 's i léigheann
Ag teagasg i dtéa'pall Rómha,
Ag Níce, is ag Ephesus, thart timcheall 'san réim
Go Constanti-Ghréagach-nople,
Sul fá dtainic an fear claon sin, Liútair na mbréag,
A mhilleadh an mhaighdean ró-ghlan;
Is má d'imthigh le baos na Hugonets gan chéill,
Char cailleadh mo shréad-sa i gcómhnuidhe.


L. 10


Your whimsical brain, with wrath or disdain,
It never will change my notion:
For you have no more share with us to compare
Than the purling stream to the ocean.
In Hibernia fair, in Scotland we reign,
In England great, and Hanover;
So what need we care for France or for Spain,
Or for Charley, your rakish rover.



Níl gar damh bheith 'dréim le creideamh gan chéill,
Nach nglacann uaim sgéal nó cómhairle,
Nó go dtiocfaidh na méara chonnaic a' tréan-fhear,
Baltassar, ar thaoibh a lóisdín:
Dá nochtadh dhuit fhéin 'réir chomhthrom an sgéil
Gurab atuirseach mé faoi Sheóirse
Is ar fheartaibh Mhic Dé nár mhairidh tú i gcéim
Nó go gcuiridh Rí Séarlus brón ort.


L. 11


AISLING AIRT MHIC CHUBHTHAIGH.



Aige cuan Bhinn' Éadain ar bhruach na hÉireann,
Agus mé ar thaoibh tuinne na bóchna 'mo luighe,
Thainic aisling bhéil-bhinn gan fhios do m'fhéachaint,
Ar aiste Bhénus nó i gcló bean-sidhe:
Agus dubhairt gur éirigh as a' Chreagan céad fear
De mhaithibh Gaedheal as na tuambaibh aníos,
Is go rabh Síol Néill in a mbeathaibh saora,
Is an Feadh a' géilleadh dóibh i n-ór 's i maoin.



Dhruid mé léithe cómh dlúth is d'féadas,
Ar chloistin réim cheart na cóige thíos;
Agus d'fhiafruigheas fhéin dí an rabh mac Éanraoi.
'Cur na gcleatha séimh' úd i n-órdughadh arís?
Nó ar chúrsaí tréas' é i n-aghaidh na dtréan fhear
Coill Dhúin Réimhe 'bheith dóighte i ngrís?
Nó 'r bh'fhios do'n mhaighdin bhí ag innsin sgéil damh
An rabh Eoghan Ó Néill mac Airt Óig 'sa' tír?



Tá fós an Phoénics ró-bheo i n-éifeacht,
Foradh an éabhail nár feochadh 's nár faobhadh,
Caitlín réimheamhail ingéan Eóghain na féile,
A mbíodh ór is éifeacht na Fódhla 'na maoin.
As brollach Néill Fhrasaigh amach gan chlaonadh í,
A rabh na ceatha daonnacht' a' dórtadh 'na chroidhe;
An mileadh tréitheach de mhaithibh Éireann,
Sliocht Cholla an deagh-chroidhe d'ar fhóir an dá chrích.


L. 12


Adubhairt an néamhainn gur tráth damh éirghe,
Is cómhnuidhe a dhéanamh fá'n chóigeadh ud thíos,
Mar a rabh an t-Athair Féidhlim arís i n-éifeacht,
Ag teagasg daonnacht' mar chóir do'n tír,
Mar bhfuighinn-se léagsa ar fhearann saor ann,
Ag cumadh bhéarsaí go ceolmhar caoin,
'S narbh' fhiú damh éalodh i dtír ó chéile
Fá'n chluigin bhuaidheartha bhí i ndórn mhic Naois.



d'fhiafruigheas fhéin de'n bhroinngheal chéadna
"An tú Hélen le'r dóghadh an Traoi;
Nó'n tú bean Orphéas ar lean sé fhéin í,
Go dtug sé as géibhionn le n-a mheor-ghotha í;
Nó an tú an té úd fuair an ubhall sgéimhe,
Le'r lasadh éad-bhruid go mór fá'n Traoi,
Nuair a fuair tú aréir mé i n-uaigneas sléibhe,
'S gan 'fhios ag aon neach cá hárd i mbím?"



"Ní mise aoinneach de na broinngheal' chéadna,
Bhí seal i n-aoinfheacht ós cómhair mhic Phriaim,
Acht bean de'n Ghaedhealtacht is do threibh Mhilésius,
A bhí 'bhfad ag éagcaoin fá bhrón a' chéasnuighth':
Le'r cailleadh céad fear de mhaithibh Ghaedheal leis
I nEachdhruim slaodach agus ins a' Bhóinn le bríb,
Atá anois ag éirighe ó'n Fhrainnc le sgéala
Go bhfuil Art Ó Neill ag teacht i gcómhair arís.


L. 13


"Tá mo chroidhe-se réabtha 'na mhíle céad cuid,
Agus balsam fhéin nach bhfóireann mo phian,
Nuair a chluinim an Ghaedhilig uilig dá tréigbheáil,
Agus caismirt Bhéarla i mbeol gach aoin.
Bhullaigh is Jane ag glacadh léagsaí,
Ar dhúithchíbh Éireann na mór-bhall caoin,
'S nuair a fhiafruighim sgéala 'sé a' freagra ghéibhim-sa
"You're a Papist, I know not thee"".



Clisim fhéin as a' chodladh chéadna,
Mar dhéanfadh clochran Féil' Eóin is gach chrích,
Nó mar Oisin faon-lag a bhí a' taisdeal Éireann,
Tráth cailleadh an Fhéinn ag mór-chath na maoidhm:
I n-áit a bheith ar thaoibh cnuic an Fheadha na féile,
Mar a ndéanfainn céilidh is cómhnuidhe faoi aoibh,
Sé fuair mé an méid sin i nglasaibh daora,
Is Bhullaigh ag méidhligh mar leomhan i bhfíoch.


L. 14


AGALLAMH EADAR ART MHAC CUBHTHAIGH AGUS
CAISLEAN AN GHLASDROMAIN.



A aol-chloch dhaithte bhí seal ag síol Néill ar dtús,
Nó gur básadh i nEachdhruim gach aicme do na Gaedhil,
mo chúmha,
Le séideadh na mara thug Eolus aréir do lúib,
Gur réabadh fá thalamh do bhallaí 'na mbladhaibh dubha.



Cha léir damh do fhreagra, gé go gcanann tú an Ghaedhilig
nua,
Cha léigheastar mé feasta, 'sé measaim go mbéidh ar
siubhal
Le gach fíor-chlann bhorramhail dá mbíodh agam a'
méadughadh cliú,
Táid faoi liagaibh 'sa' Chreagán is nach bhfeicim iad go
héag annsiúd.



A shaor-dhúin caisil is deise ná na céadtaí cúirt,
Nach féidir leat seasamh go dtreiseóchaidh na Gaedhil
'do lúb?
Féidhlim an gleacaidhe de aicme shíl Néill na rúin,
A chuirfidh Séarlas i mbratach ar imtheacht do lucht
pléid' i gcúirt.


L. 15


Nach deacair damh-sa seasamh 's gan fasgadh nó díon
'mo chúl,
Agus fíor-sgoith na coilleadh 'ndiaidh a milleadh, is a
géaga dlúth',
Na h-éanlaith is binne 's a gceileabhar go léir faoi
smúid,
Ag ceithearnaighibh na matóg a' cascairt Dúin-Réimhe
ar siubhal.



A Ghrianain an Fhíona a dtig friothamh na gréine 'do chúl,
An dtréigfá an t-iorghail go n-aithriseochá sgéala
dhúinn.
Fá Ereamon daithte d'aicme Milésius úir,
Ó shíolraigh an macnaoi a d'fhág do bhallaí faoi léan
mar siúd.



Is é fágail Thoirdhealbhaigh a d'fhág arraing in mo thaoibh
ar dtús,
Sgiath-dídean do threabhaibh Néill Fhrasaigh nár thréig
an chúirt:
Tá géimneach allmhurach 'n-áit psailm ag cléir mar
siúd,
Aige Jane is aige Bhullaigh do mo chreathnughadh le n-a
méidhligh nua.



A áruis na seirce 'á mbíodh gaisgidhigh agus iarlaí fút,
Ná facaidh dhuit ceasnamh le caismirt a méidhligh nua:
Tá an Spáinneach i dtoiseach le treise chum sgaoileadh
dhúinn,
Agus carnóchaidh sé Bhullaigh is a bhunadh go Sléibhte
Mhughdhorn'.


L. 16


Fá'n lá sin Manchester sé mheasaim go mbéad ar
siubhal,
d'fhág Cathal is a bhunadh gan urraim fá na sléibhtibh
gúil,
Muna bhfuasglaidh Paris, Bhearsailes, no Bhénice dhúinn
Ag árdughad na mbratach leis a' fleur ghlan tséimh de lúce.



A áille na flaithe a fuair tathaigh ó na céadtaí ar dtús,
Nuair a bhánuigh Rí Babilon cathair ghlan tséimh na Jews,
Básadh Baltassar agus ceangladh é 'mbraigheacht
cúil,
Tiocfaidh 'n lá sin ar Bhullaigh a mbéidh cumhaidh air
agus Jane faoi smúid.


L. 17


1769 18D
MARBHNA AIRT ÓIG UÍ NÉILL.



Tar éis mo shiubhail fríd chúigidhibh Éireann,
'S ar mhullach Dhruimbidh a shuigheas m'aonfhear,
An áit ar mhian liom sgíth do dhéanamh;
'Sé bhí dlúimh ar shnuadh na spéire,
An pól Artic 's na planets i ndeabhaidh le chéile,
'S an chathair dúil uile gan solus faoi éclips.



Bhí mise mar Oisin ag iarraidh na Féinne,
Tráth chualas an ainnir budh bhinne ná téada,
A dlaoith-fholt famuinneach sgabtha go féar léithe,
A rosga budh ghlaine ná criostal na Gréige,
Na linntí gheala, is na srotha dá dtréigbheáil,
Is sgéimh na cruinne gur cruinnigheadh 'na h-éadan.



"Mo cheist ort, a lile fuair gile na géise,
Cé h-aca de threabhaibh glan daithte síl Éabha thú?
Nó an as na flaithis a thainic tú, a néamhainn,
Chum laochraidh an domhain go h-uile do bhréagnadh?
An tú Angelica mhilis, nó Déirdre,
Nó a'n do na naoi mná deasa Pharnassus ó'n Ghréig
thú?"



"Och, a dhuine, cár h-oileadh thú i n-ionadaibh Éireann,
Nó an ar na hAlpaibh a chaith tú an féadh sin,
Ar Shliabh Árarat árd, nó Suédland,
Aige Bermúdas, nó aige Cúébec,
In san Arábia nó i lár na hArménia,
Nach dtuigeann tú mo chás nó ádhbhar m'éagnaoi?"


L. 18


"Nach mise an Feadh gan cheann, gan chéile,
Bhí lá go haoibhinn faoi Mhac Éanraoi,
Do goirtheadh na h-úghdair Dúthaigh Uí Néill díom;
'Mo gháirdin cumhra lúb shliocht' Fénius'
Iarlaí, is prionnsaí, is cionn na cléire,
In mo chaislean árd le taobh Dhúin Réimhe."



"Ó thainic ar sáile ó'n Spáinn go hÉirinn,
Trí mhic áluinn árd Mhilésius,
Ní rabh mise uain nó uair le féile,
Nach rabh leomhan dá bpór dom' bhréagnadh,
Nó go dteachaidh faoi fhód Art Óg Ó Néill uaim,
Sgathan na Fódhla, is lóchran Ghaedhilibh."



"An mac sin Dhómhnaill fuair ór is éadail,
Eachraidh óg ar ród a' léimnigh,
Imirt is ól is ceol 'na dhéidh sin,
Seilg is meidhir is seinm ar théadaibh;
Dá maireadh sé beo go cródha in éideadh,
Níor bhaoghal do'n chóigeadh brón nó buaidhreadh."



"Dalta Bhrighde, croidhe na féile.
Balsam íce sgaoileadh léan dhinn,
Grádh ná n-óg, is stór na h-éigse,
Annsacht Fódhla de phór Mhilésius,
Nó go dtainic an ló le'r dóghadh an Phoénics
Chuaidh an drithle faoi cheo 's ní fhuil beo 'san éabhal."


L. 19


"Chuaidh an iomad de Ghaedhilibh, faraor, as Éirinn,
Chum na Spáinne ag árdughadh a gcéime,
Toirdhealbhach mac Aodha Buidhe, croidhe na féile,
Féidhlimidh Óg, is Eoghan 'na dhéidh sin,
Mar i ndúil is go dtóigfeadh brón de Ghaedhilibh,
'Snach bhfuighfeadh clann Liútair sugh mo chléibh-se."



"Chuaidh Art mac Eoghan, an leomhan ba tréitheach,
An marcach seolta na bóchna baoghalaigh',
Conn, is Niall Óg, dhá sheabhac chum féadhma,
Agus Toirdhealbhach a pósadh in órd na cléire;
Is i ndiaidh gach bróin da'r bhreóidh mo chéadfaidh,
'Sé Caiptin na gcórn thug póg is céad damh."



"A Chreagáin na h-úire, lubhr' is léan ort,
Is faoi do choim tá na prionnsaí tréitheach';
Tugadh mac Éanraoi is inghéan Uí Néill dhuit,
Caitrín, inghéan Aodha Buidhe, 's croidhe an Athar' Féidhlimidh;
Tugadh dhuit Eoghan mac Airt Óig, 's a chéile,
Is nár leor do do lóisdin an méid sin?"



"Chuaidh Brian mac Airt 'un na Frainnce le Séamus,
Tar éis cath' na Bóinne mar leonadh an Gaedheal-thréibh,
Tá a mhac agus ua in do lóistin mar an gcéadna,
Art agus Eoghan, a bhí cródha i n-am féadhma;
Dá sgaoilfidhe do thuambaí bhéadh subhailce ag Gaedhilibh
Is bhéadh Art mac Domhnaill go cródha i néifeacht."


L. 20


"A shlugaire chealgaigh, 's a mhealltóir na gcéadtaí,
Nach ar shanntuigh tú plannda na féile,
A fuair annsacht bantracht, is maighdean,
A rabh reabhradh is deallradh na gréine ann,
Is a chaoimh-chneas mar ladhg ar na sléibhtibh,
An tóirse de'n phór sin Ghaedhelus."



"Lá na daire ba mhilis a thréartha,
Faoi n-a bhrataighibh gur chruinnigh na céadta,
Géaga glasa dá ndeasughadh ar Ghaedhilibh,
Is prionnsa an Fheadha le seaghais dá ngléasadh;
An t-oighre d'ar chuibhe dó loinnir na hÉiphte,
Diamond soluis as brollach an Ghaedhil Ghlais."



"Nuair a chruinneadar cách go h-Árdmhach na cléire,
Is goireadh de caiptin i dtoiseach ar chéadtaibh,
Dá mbíodh an urraim mar chuibhe ag Gaedhilibh
Sé gheabhadh an septer gan freasáireamh buaidhridh;
Bhéadh Tailtionn ar lasadh is Teamhair go Gréagach,
Is ó liag na righte go gcluinfamois béicfeach."



"Bhí a chroidhe 'sa' neart mar Hector éachtach,
Nó mar Hercules cródha na n-órlann Gréagach,
Mar Phirrus na maidhm fá'n Traoi do raonadh,
Mar Shamson mongach eolach tréitheach,
Mar Chú na hEamhna ag ran-chur géaga,
Nó an laoch Leánder a fuair annsacht Héro."


L. 21


"Bhí a sgéimh arís mar Naoise déad-gheal,
Nó mar Absolom mac Dháibhidh i mbláth 's i ndéanamh,
Mar Pháris ar thaoibh Shliabh Ída i mbréag-riocht;
Áille Narcissus gur chruinnigheadh 'na éadan,
A rosga ba ghlaine nó loinnir na gréine,
Is cnúis-mhil na mbeach ar gach focal dá ndéaradh."



"Bhí srotha glan árd, as lár Castília,
Dúsgadh gráidh gac lá fá'n righ-mhac,
Ciall Apollo, is carthannacht Mhaoise,
Binneas chlann a' Dághda ag rádh gach siansa;
A chroidhe mar Ghuaire luasgadh an fhíona,
Pronntóir na seod 's an t-ór dá sgaoileadh."



"Tá Conndae an Dúin faoi chumhaidh 'na dhiaidh sin,
Conndae Thír' Eoghain, d'ar ndóigh is ní h-íongnadh,
Conndae Árdmhach go cráidhte buaidheartha,
Dúthaigh an Fheadha da easbhaidh gan oighre;
Gruaim is tuirse ar a maireann de Ghaedhilibh,
O thaobh Shliabh Gallain go Cabhan Uí Raghallaigh."



"Bás Féidhlimidh Ruaidh, monuar, do bhuadhair mé,
Mo bhuabhall milis chum teagasg sliocht Fénius',
Fuair ó'n Phápa grádh na cléire,
Shoir 'san Róimh ar ór-chnoc Céphas;
Mar Dháibhidh, an rí, bhí a chroidhe 's a chéadfaidh,
Dibirt diabhal 's ag riaghladh cléire."


L. 22


"Ghuileas go cruaidh ar uaigh Sir Féidhlimidh,
Bile na mbuadh chum tuargain éirceach,
Ag an Abhainn-dubh a bhain urraim ós céadtaí,
Ó mhullach Árd Uladh go himeall na hÉirne;
'Sé bás an ghaisgidhigh bheir ceasna ar Ghaedhilibh,
Is d'fhág Ceannárd gan dáimh Uí Néill ann."



"Bhí Iarla mór Thír Eoghain i n-éifeacht,
Rí na leomhan ó Bhóinn go hAontruim,
Is dá bhfaghadh cuidiughadh mar chóir ar chóigidhibh Éireann
Essecs 's a shlóighte go leonfadh an tréanfhear,
Elisabet mhór 's a throne go mbuaidhrfeadh,
Is gheobhadh clann Mhártín bás go héasgaidh."



"Bhí Eoghan a' Chogaidh dá mhagadh i nÉirinn,
Rí-chrann fasgaidh bhris easna na nÉirceach,
Chuir Cromuil 'un sodair, 's gach bodach da'r ghéill dó,
Sgiúirse thug greadadh do chreideamh Liútérians,
Scotaí is Sacsain gur chreathnuigh sé i n-éinfheacht,
Nó gur chlaoidh 's gur chreapall 's gur thrasgar an
t-éag é."



"Ní fhuil seanchus uadh mo Ghuaire mhac Bhrighde
Acht gur d'fhuil na huaisle 'nuas ó'n dílinn é;
Tá an leabhar Eoghna fós dá mhíniughadh,
Is Saltair Chaisil ag Cuileannan caoimh-ghlan,
Is Doctuir Céitinn 'na ndéidh dá sgríobhadh,
Gurab iad Síol Néill thug a' céim 's a' chraobh leo."


L. 23


"Tá an Glasdroman buaidheartha 's a ghéaga ag
críonadh,
Is ualaighe an éisg ag éag le h-íongnadh,
An caislean árd bheith 'r lár 'na phíosaibh;
An choill gan bhláth nó fásach tríthe,
Fá bhás gach bile de shíol na ríghte,
Sliocht Féidhlimidh Ruaidh na gcruaidh-lann líomhtha."



Tráth chualaidh Teamhair an Feadh ag éagcaoin,
Do leig sí uaill ba truagh le héisteacht,
Is dubhairt gur ab aici budh chuibhe do'n tréan fhear,
A Lámh Dhearg a dheasughadh in a bhrataibh le héifeacht,
An mionn comh-dhath, 'sa' tsleagh da druim-théiste na
léige,
Is righte gan tiobadh ar thulaigh na récsa.



"Bhí Niall Frasach agam mar chéile,
Niall Glún-dubh, 's Niall Caille, 's Niall na Naoi
nGialla,
Cairbre a cailleadh i gcogadh na Féinne,
Cormac Ulchfada an mac sin Airt Aoinfhir,
Conn a bhí ar each i ndeabhaidh Mhagh-léana,
Féidhlimidh Reachtmhar, is Tuathal Teachtmhar na
mbéimeann."



"Plúr Shliocht Eoghain cródha, céillidhe,
Is Eochaidh Muigh-mheadhóin na n-órlann gléasta,
Fiacha Sraibh-thine, rí a bhí i nÉirinn,
Is Muircheartach shíolraigh d'fhíor-shliocht Fénius':
Ní rabh prionnsa díobhtha nach bhfuair mé mar chéile,
Go Cobhthaigh Caol mBreagh - ceap na fréimhe."


L. 24


"Bhí céad is tríochad do ríghthibh tréana
I gceannus na Fódhla de phór a' deigh-mhic,
Síol Ereamhoin áird dár fhás Uí Néill uaidh -
An chead fhear cumhra do b'úire géaga -
A fuair an stiúir i nInnis Éalga,
Is bhearadh na frasa do Bhreatainigh mhaola."



"Bhí naoi ríghte déag de fhréimh sliocht Íre,
I dTeamhair na ríogh de ríghthibh líomhtha,
Gan teacht ar ghluais ó chuain na críche,
Go hAlbain áird 'san státa céadna:
Tá Saltair Árdmhach is cách dá mhíniughadh
Go dtainic Art Ó Néill do léim cheart tríotha."



Moch, och, ó! is ar ndóigh níor bh'íongnadh,
Deasughadh dó i sról 's i síoda,
Bhí fíor-fhuil Chonaill fa'n churaidh' dá ghríosadh,
Samhail Chuchulainn ag fras-imirt rígh-chleas,
Fuil clanna ríogh 'na srotha gaol ann,
'S i gcroidhe Airt Óig bhí stór mhic Naoise.



Dá sgaoileadh Tulach Lis cumhra a liaga,
Nó Croimghlinn uachtrach a dtuambaí saidhbhre,
Is tar éis na Banna thiocfadh an iomad de Ghaedhilibh,
De mhaithibh clanna Aonghusa as tír Uibh Éathach
Is ghuilfeadh go cruaidh fá d'uaigh, a thréin-fhir,
Gur leagadh an choill chaoimh is gur chríon a géaga.


L. 25


Ní rabh rí nó diúc ó Niall mhac Fénius'
Iarla, prionnsa, nó ceannphort cléire,
Nó curadh cródha ar foghnamh i nÉirinn,
Nach rabh a bhfuil cumhra ag dúsgadh tréithe,
Mar sgríobhas ughdair sgrúdaighth' na Gaedhilig',
In Art mac Domhnaill, is mo bhrón gur éag sé.



Samhuil mo ghaisgidhigh nach bhfeicthear i nÉirinn,
Le luath, le treise, le taise, 's le daonnacht,
Laoch liathbhán an chinidh le h-oineach 's le féile,
Radharc an Fheadha agus seaghas na héigse,
An ubhall ghlan mhilis do mhaithibh na réaguin,
A rabh sliocht Íre ar lasadh le fuil na seacht Niall ann.



Tá'n Chros faoi ghruaim 's gan cúirt Uí Néill ann,
Nó tathaigh na h-uaisle gach uair chum féarta:
Dís ó Lúgh, is triúr ó'n Éirne,
An iomad ó'n Mhidhe is ó íochtar Éireann,
Ag imirt 's ag ól as córnaibh gléigeal',
Is mar Ollamh Fódhla go mbíodh an t-óg dá réidhteach.



Croidhe gan mheang, gan cham, gan chlaonadh,
Sgiath dídin na mbocht, is stoc na héigse,
Nach léigfeadh do Ghaill bheith 'cainnt ar Ghaedhilibh,
'S nár fhulaing clann Liútair 'bheith sgrúdadh mar
mbéidh siad
Ar chúrsaibh, ar rásaibh, nó ar phátrun gléasta,
Go dtainic an bás 'na dháil, 's gur éag sé.


L. 26


Níor bh'íongnadh liom na cnuic dá n-éigheamh,
Ó Inbhear Sláinge go lár Mhaigh Léana,
Ó Dhoire na Long go tonn Bhinn' Éadain,
Is ó Dhún Phádraig go h-árd-rath Mhéidhbhe,
Fá bhás an ríogh gheobhadh cíos na hÉireann,
Dá mbíodh an dúthaigh ag plúr Mhilésius.



Tá clann d'athara faoi ghruaim ó d'fhuaraigh tú i gcré
uatha,
Mailsigh ar uaigneas, 's í 'cruaidh-ghreadadh méar-lag,
Brighid i dtír Dhúin 'sgan dúil aici i bpléisiur,
Neillidh, inghéan Naois Óig, a thug ró-shearc a cléibh duit,
Éanraoi gan chuallaidhe 'n-am suairceis na dtréanfhear,
Is inghéan Féidhlimidh Ruaidh, naoi n-uaire níos buaidheartha.



Dá maireadh na báird bhí i stát ins a' chrích seo,
Bhéadh Séamus Mhac Cuarta go stuamdha 'cur síos duit,
Pádraig Mhac Alionduin ag rannsughadh gach líne,
Randall Dall Mhac Domhnaill le heolas gá míniughadh;
Ó chuaidh faoi fhód ní fhuil beo le do chaoineadh,
Acht mise, mo bhraon sgartha 'dréim leis a' dílionn.



Go cúirt Airt a choidhch, faraoir, cha dtéidhim-sa,
Dúsgadh ceol fá bhórdaibh glégeal'
Aige Baccus mar mbínn seal míosa i ngéibheann,
Ó mheisge gach fíon 's gan íota ar aon ann;
'Sé bás an Ghuaire bheir gruaim ar éigsibh,
Agus ualach mar ghual dubh fá bhruach mo chléibh-se.


L. 27


Beannacht na naomh is guidhe na cléire,
Beannacht ó'n Phápa 'sgach cháirdinal naomhtha,
Beannacht is míle arís uaim féin leis,
Go cathair na naomh chum aoibh a mhéadughadh:
In aois a sé mbliadhain fichead go fíor a d'éag sé,
Is d'fhág sé an tír seo go claoidhte buaidheartha.



A liag na mbuadh is buan do shaidhbhreas,
Is iomdha cloch atá anocht ag éad leat,
Mar chuir tú glas ar chaiptin na laochraidh,
An chroidhe le'r thuit fuil cheart Uí Néill ann;
Deireadh na Féinne chum maithis a dhéanamh,
Art mhac Domhnaill, is leon a' t-éag é.



Dhá choll is dair fá thrí,
Naoi mbliadhna, seasgadh, is seacht mí,
Aois an Ríogh dá ngéilleann cách.
Go ndeachaidh Art Ó Néill i gcré i gcomhraidh chláir.


L. 28


1773ob 18D
MAIRGNEACH FÁ CHAISLEAN AN GHLASDROMAIN.



Aige bruach Dhúin Réimhe ar uaigneas lae,
Ba shnuadhmhar géaga bláth-gheal,
Chualas géimneach chuantaí Éireann,
Agus fuaim ins an spéir i n-áirde;
Bhí na dúile tséimh 's a gcúl le chéile,
Is gnúis na gréine báithte,
Agus sluagh na n-éan ag fógradh sgéil,
Le gruaim gur éag na cága.



Nachar claoidhte mé 'mo luighe i bpéin,
Go bhfuighinn-sé sgéal an ádhbhair,
No 'n é críochnughadh an t-saoghail mar mhínigheas cléir,
A bhí 'triall ar Ghaedhil an lá sin?
Bhí uathbhas gaoithe is fuaim 'san aer,
Le síor-chur laidhg is táirneach,
Agus na h-ualaighe éisg le gruaim gur éag
'Na gcual ar thaoibh na trágha.



Tráth chonnaic mé 'n spéar s gach ní faoi'n ghréin,
Is an saoghal faoi éclips áidhbhéil,
'Sé smuaineas fhéin gur mithid damh teitheadh
Go dún na gcraobh 's na fáilte.
d'éirigh an smaolach cumhra béil-bhinn,
Aníos ar ghéagan láimh liom,
Is ba bhinne ná téada milse Orpheus
Ceileabhar an éin dob' áille.


L. 29


"A smaolaigh chléibh, ó tchidh tú fhéin
Gur claoidheadh Sliocht Gaedhil 'san áit seo,
Tabhair éirghe léim i lúib an aeir,
Is beir suidheamh i gcéin thar sáile;
Mar bhfuighidh tú fréamh do ghaol Uí Néill
I dtíorthaibh tréan' na Spáinne,
Agus aithris do'n mhéid sin mhairfeas ó'n éag
Gur sgaoil a n-aol-chloch áluinn."



Tráth chualaidh an t-éan mé a luadh Síol Néill,
Le gruaim gur éirigh i n-áirde,
Bhí a sgiathanna sgaoilte síos go féar leis,
Is bhuail sé a thaobha go cráidhte,
Is dubhairt gur buaidheartha baoth mo sgéala
Ó chuaidh faoi liagaibh sparrtha,
Is má chuartuighir féin na tuamba céadna
Gurab ualach cré 'gus cnámh iad.



D'fhiafruigheas fhéin de phlúr na n-éan
Do b'úire do éanlaith phárrthais,
Nár fhuagair sé an dún budh saidhbhre -
Creagán na gcraobh le gárthaibh,
Nó an gcualaidh na tréan-fhir do b'uaisle Shíl Néill
Gur tuairgneadh saor ar lámhaibh,
Is iad a ruaigfeadh an méid seo uainn as Éirinn
Slóighte Shéaghain is Mháirtín.



Eoghain Ruaidh, mo léan thú bheith fuar i gcré,
Is tú ruaigfeadh an ceithearnach gallta,


L. 30


Is gur fuaduigheadh Féidhlim uasal tréitheach,
Go cúigeadh Laighean dá bhásughadh:
Tighearna Uibh Éathach bhí ar uaislibh Gaedheal,
Nó gur chríonuigh an t-eág a chnámha,
Is cá bhfuighthear a léithid arís chum féadhma,
Ó shíneadh 'n méid seo 'gclárthaibh.



"Go Tír Eoghain má théidhir gheabhair póg is céad ann,
Is treórughadh 'n sgéil go dathamhail,
Mar a bhfuil na laochraidh is dísle méin,
Tá líomhtha, tréitheach, láidir:
Tá'n cháin seo réidh chum sásadh an té
Bheir smál ar Ghaedhilibh an lá seo,
Is a phlúir na n-éan na h-umhluigh do'n éag,
Nó go dtiocfaidh Sliocht Néill do do thárthail.



Ó bhreóidh tú mé le glór do bhéil,
Agus nach bhfoghthar le léigheas ó'n bhás mé,
Go cóigeadh Laighean is cóir dhúinn gléas,
Go Dún Uí Néill ar mársail;
Ór na Gréige is stór na h-Éiphte,
Agus ceol na dtéad ar chlársaigh,
'Sní bhfóirfeadh an méid sin, is foghaim go léir é,
A stóir muna n-éagfainn láimh leat."


L. 31


AN T-ATHAIR SÉAMUS MHAC SÉAGHAIN.



I ndún i chois trágha 'chómhnuigheas a' sár-mhac,
Is deise faoi rásaibh na gealaighe go léir,
Char bh'iongantas dá ngáirfeadh na cnuic ud ó d'fhás sé
Fá cheannphort a' náisiún imtheacht i gcéin:
Croidhe spéiseamhail na fáilte, barr-sgéimhe na sráide,
Sgiath dídin' ar náisiún a thóigfeadh dhíonn léan,
Chuirfeadh bang ar chlann Mháirtín le tréan-neart a
láimhe,
Go dtugaidh sé buaidh ar a námhaid gach bealach a dtéid.



Tá lúthghair is pléisiúr ar a maireann de Ghaedhilibh,
Ó chaladh Bhinn' Éadair thart síos go Loch Gall,
Agus lúthghair ar na réaltaibh a shiubhlas na spéirthí,
Agus ar sholas na gréine dheallruigheas gach lá,
Fá d'fheicsin 'san éideadh a cheangail do'n chléir thú,
Chum fuasgailt as géibhionn d'ar gcreideamh gan
smál,
Ó gach daor-bhruid dá ngéillinn thart timcheall na
réagun,
Le binn-ghotha réimeamhail a dteagasg na dtráth.



Sé an tAthair Séamus mhac Séaghain thógadh gruaim
agus léan
De'n bhaile úd 'ndéan sé cómhnuidhe nó sgíth;
Bhí an teampall faoi dhaoirse, mar Mhaoise 'san Éiphte,
Le tonnghabhail Éiricigh timcheall na crích':
Dá dtainic do'n réim sin gur fhás triatha
Rinne dídean mar chéile de áird-treibh na ríogh,
Plannda na féile fuair annsacht chúig céad ann,
Agus buaidh ar fhearaibh Éireann le maise go fíor,


L. 32


Tá'n bhuaidh 'sa bháire le clann Chailbhin is Mháirtín
I bhFoirceal ó d'fhág tú é i n-onóir 's i gcéim;
Agus fíor-sgoith ar náisiún dá ndíbirt as a n-áitíbh,
Mar ladhg ar na hárdan le teas a' mheadhon lae.
A chléir-mharcaigh thaisdeálaigh bheir cliú as gach áird
leat,
Glac truaighe le gártha do thír dhúthchais fhéin,
Agus till chum na háiteadh a d'fhág tú faoi cháinigh,
Agus bhearfar fuasgailt ó'n bhás dhóibh le focal do
bhéil.



Tá'n Glasdroman buaidheartha cruaidh-ghul 's ag
éagcaoin,
Agus coillidh Dhúin Réimhe gan mheidhir gan spórt;
Ó d'imthigh an tAthair Séamus tá gruaim ar a méid sin,
Mar thig smúid ar na réaltaibh ar chruinneadh do'n
cheo.
Is le cúrsa na cléire thabhairt dósan go réimeamhail,
Sé is gaolmhar do chéadfaidh bheith cosnamh na n-órd,
Is go n-árdóchaidh céim leis mar phríomhfhaidh na hÉireann
Agus 'na easbóg ar a mhéad atá ó Dhoire go Bóinn.



Níl prionnsa d'ar hórdughadh 'na cheannphort ar
shlóighibh
Ó thionsgan sliocht Bhreogáin i bhflaithis le céim,
Nó eaglais d'ar h-ornughadh ó iarthar na hEórpa
Go clár Innis Fódhla chum cosnamh na cléir',
Nach bhfuil a bhféile 'sa' gcródhacht ag gríosadh mar
thóirse,
I gcaoimh-dhreacht an óig-fhir le feabhas a léighinn:
Fear céillidhe gan bhródamhail a sháruigh lucht eolais,
Le feallsamhnacht ró-ghlic, le maise 's le méin.


L. 33


AN T-ATHAIR SEAGHAN Ó h-ANNLUAIN



A mhic Éamoinn Ruaidh, a shamharclain a' tsluaigh,
Go mbeiridh tú buaidh in gach áit le céim,
Mar Mhaoise thug sluaighte thríd an Mhuir Ruaidh,
Chum a sgaoileadh ó ghuasachtaibh 's ó ghalraibh léin;
Bhí an tír seo faoi ghruaim, is gan dúil le n-ar bhfuasgailt,
Ó cuireadh 'san tuamba mac Aodha Buidhe Uí Néill,
Go dtainic ar n-uachtarán céillidhe, stuamdha,
De threabhaibh na h-uaisle is phríomh-shliocht Gaedhil.



Ní rabh rí fá bhuaidhe 'san chrích-seo, mar luaidhtear,
Ó Éireamhon suallach nó árd-fhlaith séimh,
Nach tríotha do ghluais sé, mar dhearbhthear le suadhaibh,
An feallsamhnach suaimhneach fuair grádh ó'n chléir.
Tá'n phríomh-fhuil seo a' luaimnigh 's a' gríosadh gan
uaill ann,
Mar thonna de'n mhuir uaithne, a dheallruighthear le
gréin,
Is gan braon dí ghá truailleadh, acht ag reabhradh go
h-uaiseach,
Fá bhraoithibh caoimhe luaith-ghil óirdheirce Shéaghain.



Mar mhac Cholpuirn bhuadhaigh thainic sé d'ar bhfuasgailt,
An pátriarc suairc a dtráchtar Séaghan;
Is gur milse gach fuaim de'n ghrinn eagna uaidh-sean
Ná an mhil a' teacht le duillibh ó bharraibh na gcraobh.
An prionnsa gan truailleadh, Ó h-Annluain b'uachtraighe,
De'n aicme úd ar dhual dóibh críoch Oirthear i gcéim;
Na treabha bheireadh buaidhe as gach conair a ngluaisfeadh,
Is osadh do lucht guasacht', is cabhair dóibh i bpéin.


L. 34


Bhí teimheal is dlúimh ar a' teampall, monuar,
Nó go dtainic da'r bhfuasgailt ar ngáirdín, Séaghan;
Na caora dá ruagadh faoi dhídean na nua-Ghall,
A' tréigbheáil a n-uan, is gan fál fá'n tsréad:
Gamhain órdha go snuadhmhar is go ceardamhail suaithnigh'
Dá adhradh, mar dhúileamh, i bhFáil-chrích go léir,
Nó go bhfuair Séaghan na cumhachta, mar Elias suallach,
A bheith 'teagasg na sluagh 'na cheannphort Gaedheal.



A shamhail ní luadhtair i gcathair nó i dtuathtaibh,
Ó theastuigh uainn Guaire na mbán-ghlac réidh;
Cuirm agus cuacha is cannaí dá ruagadh,
'Sé is mian leis an uachtarán grádhach Séaghan
Na bochta do fhuasgailt as teirce 'n-am cruadhtain,
Mar Ióseph le sluaightibh Canann go léir;
'S do-ghnídheann sé taise le truaighe, mar thuile ghlas
uaithne,
Teacht goirm na gcuach nuair fhásas an féar.



Tá lerico seo thuas ag tréigbheáil a chumhacht,
Is le jubilee go bhfuair sinn fíor-act of grace;
'Sí is measa bheireadh fuasgailt ar chreapall ar bith
uaithe,
Ná na treabha tugadh suas go Babilon faoi thréas.
Ninebheh gé gurbh uaibhreach an chathair sin, 's a sluaighte,
d'umhluigh siad le fógra mhic Réachel go léir,
'S mar sin dí-se ó'n uair seo béidh a ballaí uile buadhach,
Tráth chromfas sí ó'n uabhar le crábhadh an Athar
Séaghan.


L. 35


Tá srotha de'n fhuil uachtraigh ag lasadh thríd, an uair
seo,
De threibh na righte buadhach', árd-fhlaith, is cléir';
Ó Donnghaile bhí subhailceach ar faithche 'measg na
sluaightibh,
De'n t-síol a sgabadh uadh-san siúd gráine de'n
déis.
Ná saoiltear libh gur cluainteóir nó braighdeach bocht
a fuair sibh,
A líonadh cisde i n-uallachaibh, gan faoiseamh do aoin,
Acht rí rathmhar stuamdha, gan bhaos, gan chraos, gan
uabhar,
'S go rabh liag i dTeamhair uachtraigh go gháirfeadh
leis fhéin.



Ghnidhtear eaglaisighe, monuar, de threabhaibh nach dual
Bheith 'na gceannphort sluaigh nó árduighthe i gcéim,
Is, ag pilleadh dóibh anuas ó na colaistibh is uachtraighe,
Tuiteann siad 'sa chruas d'ar fhás siad fhéin.
Ní h-ionann ar nGuaire flaitheamhail, stumdha,
A sgabfadh ar na sluaightibh na máma séad;
Sliocht Colla ghnídheadh tuargain i gcathaibh na gcruaidh
lann,
Mar Eochaidh na Ruaig ag árd-chur béim.


L. 36


MOLADH SHÉAMUIS PLUINCÉAD.



In Ionnascaoin tá an t-óigfhear de fhíor-sgoith na
Fódhla,
Chum sgaoileadh sliocht Bhreógain anois as gach léan,
Is le faobhar na n-órlann faoi ghríosadh go cródha,
Go sraonfaidh sé an comhrac ar aisde na n-éacht;
Béidh clann Chalbhin dá leonadh, is gach dream eile
leo-san,
Mar sgall coinín scóithte nó mar Lochlannaigh
scéin,
Ag an Phluinceadach óg a bheirfeas campaidh go fóill
duinn,
Ó cheannphuirt na hEorpa chum cuidiughadh le Gaedhil.



A Shéamuis mhic Ióseph, a ríogh-mharcaigh chródha,
Nach mithid duit-se fóirthint ar threabhaibh na gcréacht,
'S do bharcaibh bheith i n-órdughadh ar bharr gheal na bóchna,
Le mairnealaighibh seolta as Madrid i gcéin;
Is do ghárdaí chum comhraic fá chlár Innis Fódhla
Leis an chrábhadh thug Eóin agus Peadar do'n chléir?
Is béidh ar náimhde dá leonadh mar eorna i ngort
foghmhair
Ar bharr-lann na n-óigfhear le cuidiughadh síl Néill.



'Sé Tighearna Lugh' nach rabh claoidhte 's fuair cliú na
seacht dtíortha,
'S is úr-shlat de'n chaomh-choill sin Séamus ó fhréimh;
Do dhuthchas na ndaoine a mbéadh dúithcheacha 's tíortha,
Ag umhluighadh faoi chíos dóibh gan díombuadh go léir.


L. 37


'S iad na Pluinceadaigh sgaoilfeadh gach céim-dhochar
dínne,
Go fonnmhar ag éirighe 's ag dreasughadh na n-éacht,
Acht siúd planda de'n fhíor-fhuil tá ceannsa gan aon
locht,
Mar Chonchulainn líomhtha ag biodhgadh na stéad.



I gceardchan na Cyclops a ghéaraigh sé faobhar,
Chum éiricigh a dhianchur insa deabhaidh le féidhm,
Ó'n Major gan díombuadh a fuair éifeacht na maoine,
Le béim frasaigh fíochmhar a treiseadh na laoich.
Níor tréighthighe mac Priaim leis na Gréigighibh fa'n
Traoi ann
A chréachtadh gach righ-mhac dár astruigh ó'n Ghréig,
Ná Séamus le faobhar le gach réidh-chleas ríogh-glan,
Dá ndéarnadh ag Aoife le linn Cú na n-Éacht.



Beir an ruaig go greannmhar mar chuairt Chon na
h-Eamhna,
Le cruaidh ghaethe rannmhar ag teasgadh na gcéad,
Is gheobhair buaidh ar an dream sin a chuir dlúimh ar ar
gceannphuirt,
Tráth buaileadh ar gcampaidh i n-Eachdhruim go léir;
Cluinfear uaisle dá mheabhrughadh fa'n bhruach sin Magh
Thailtean,
Is béidh cuaillidh na Teamhrach dhá ndeisighadh le h-aol,
Tiocfaidh buaibh in gach aimsir fá uaigneas na gcoillte,
'S béidh nua-thobair líonta do lacht in a ndiaidh.


L. 38


Béidh gruagach na fáilte-sa ag fuasgladh dár náisiún,
Le subhailce mar dheallruigheas gach loinnir do'n
ghréin,
'S go ndeachaidh a thuairisg gach áit fá chuantaibh 'gus
trágha,
Mar Ghuaire na mbán-ghlac ag sgabadh na séad.
Béidh fíontaí na Spáinne dhá sgaoileadh in árus,
Mar phríomh-thonnaibh láidir ag imtheacht le réim,
Mar dhual leis an náisiún a bheith i dteampall na
ngrása,
'S go n-éireóchaidh an sguainne seo ar chosgartha
chréacht.



Ó'n Ghaedheal glas a shíolruigh an fear céillidhe gan
díombuadh,
Stoc Fénius' ó'n Scythia le'r míniughadh gach léigheann;
'S tá coróin Ghréigeach shliocht Mílidh an deabhtha gan
iongnadh,
In Edinburg sínte is gan neach faoi n-a chéim;
Téada na buidhne thug Séarlus i dtír ann,
'S nach léigheasann na Stíobhartaigh caoineadh na
nGaedheal.
Gheobhair récsa gan sgíste ó fhréimh cheirt na dtaoiseach,
Mar is gaolmhar do'n ríogh-mhac so a shaotharadh uadh
féin.



Níl iarla nó ríogh-fhlaith i dtighearnas na críche,
Ó'n dian-chur na díleann le'r básgadh síol Éabha,
Nach dtriallaidh i bhfuil ríoghdha gan shiabhran chuig
Séamus,
Ó Chiarraighe na gcríochaibh go Sgeach leabhar méar.


L. 39


An fial-mhac a d'éirigh ó Shliabh na mban sidhe ann,
A bhí riaradh 'sa' dídean Pharnassus san ghéig,
Leis an sgéimh a fuair Naoise thug Déirdre ó'n rígh sin,
'S a d'fág daor-cheatha dísligh ar Eamhain na diaidh.



A chéile na daonnacht' is féile dár shíolruigh,
Nach léar duit na tíortha ag osnaigh faoi léan,
Ar léagsaí 's ar n-aoibhneas ag géilleadh do chlainn
díomuis,
Is gur Papist is mian leo a goirm dár gcléir.
Ó d'éag siad na taoisigh d'fhág Éire go claoidhte,
'S gan oighre Ríogh Séamuis i mBreatain 'na dhiaidh,
Is tú 'n Phoénics a shíolruigh ó éabhall na gríse,
Chum sgaoileadh as daorbhruid do chreideamh na
nGaedheal.



A Ghuaire na crodhacht', nach truagh leat an chomhursain,
In uaigneas faoi dhochar ag ceasnaidh gan réim,
Má ghnidh siad árus nó lóisdin go sásta chum comhnuidhe,
Siúd Sánuidh dá gcórughadh go seasgar dó fhéin;
Muna dtiubhrair fuasgailt nó fóirthint do uaislibh
shliocht Bhreógain,
Tá na h-uain bhocht' dá strócadh ag eachtrann claon,
Ó úir-chioll na Bóinne bheith fá ghaolaibh na fóghla
Dá ruagadh gan sócamhail ag Gallaibh faoi léan.


L. 40


EASBÓG CHILL EALAIDH.



Atá Dealgan árd fá'n tráth seo coinsgleodhach,
Le fáilte i gcoinne déigh-mhic
A cheangail a pháirt le bainríoghan neimhe,
Is gardaí aingeal léithe;
An Beilleógach áluinn, cráibhtheach, tuigseach,
Atá lán de gach oide'as is léighinn mhaith,
Noch fuair ó'n Phápa na grása ud Pheadair,
Mar Phádraig in Inis Éireann.



Is sochar dhuinn cuairt an cuaine díl
De shíol tréan-ríghthe Éireann,
Ó Iarla Lughmhaigh 's na dtriucha timchioll,
Siar go Cruachan Mhéidhbhe;
Clann Diarmada ó thuaidh, 's a ngruadha ar lasadh
Gach uair, mar an ghath gréine;
Is Brannaigh na gcuach thug buaidh le fortún,
Ar cuartughadh thart na réaguin.



Níl tír nó cuan, cúirt nó caiseal,
Nár shiubhail a ghaolta i n-éifeacht;
Go Páris i gcuairt gan gruaim, 's go Madrid,
Is teann iad fós i Bhénice;
'S in Róimh le buaidh ar stuaim is éagna,
Tá táin na gcuaradh tréitheach,
Is chugat anuas mo chuairt i dtaisdeal,
Is siar go doirsibh Préague.


L. 41


Bí an dúithche seo 's ba láidir an cine
Go dtainic an smóltach léidmheach,
Faoi na tighearnaibh árda nár athruigh a gcreideamh,
Agus d'fhág an caislean déanta;
Nach claoidhte an cás do'n sgáinne-shíl
Ó lár na srotha céadna,
Búr na tráill a rádh anois
Gur cháin do theacht na ndiaidh ann.



Níl rí nó triath de chlannaibh Mhílidh againn,
'S ní áirmhim Galla Gaodhalach,
Nó Danair uaisle, nach gaol do'n churadh,
Dá rabh i gcóigibh Éireann.
Is draoi 's is suadh é i gcruas gach eagna,
Is fós i dteagasg naomhthacht',
'S nar chlaoidhte an ghuais dubh-shluagh cloinne Bhulcain,
Cuisne a chur da éalodh.



Dá mbíodh clanna Mhílidh arís i dtreise,
Ar mhaolainn Theamhrach féar-ghlais',
Bhéadh brata aoibhinn ag Aoife roimhe,
Plúr is mil dá sgaoileadh.


L. 42


NANSAIDH NÍ DHUILLEACHAIN.



'S i mBaile an Talainn tá an naoidhe is deise fá thrí
Ná Angelica, le'r claoidheadh céadta;
Is gurab aici tá an chraobh ó chnoc na mban sidhe -
Parnassus na naoi maighdean.
Inghean Thoirdhealbhaigh fuair maoin, méidhir, agus cíos,
Le h-urraim ins a' tír Ghaedhealaigh:
Ó Duilleachain a bhíos i bhflaitheas na crích'
Go h-acmhuinneach i saothar déise.



Dá mbéadh Nansaidh 'na suidhe i gcathair na Traoi
Nochtuighth' ar dhíth léine,
Is teagbháil 'san tslighe do Pháris mhac Phriaim,
Chuaidh i n-aisdir fá'n tír Gréagaigh,
Chuirfeadh deallradh a gnaoi chum dearmaid arís
Gach tairngire da'r sgríobh Helénus.
Bhéadh Agamemnon 's a inghéan le marthain go ríoghdha,
Gan chontabhairt nó baoghal buaidheartha.



Tá'n rósa fá chaor ag lasadh go fíor,
'San lile fá n-a caoin-bhéilin;
A mama agus a píob, 's a cneas uile síos,
Mar shneachta gan mhaothadh gréine,
De shearc tá na mílte i ndochar dá gclaoidh,
Ag Cupid i ndaor-ghéibhionn,
Ó shanntuigh siad an ní úd aici-si 'ná gnaoi,
d'fhág Menelaus go fíor gan chéile.


L. 43


Na h-Ultaigh a bhíos tuirseach gan bhrígh -
Ag filleadh ó'n Mhidhe go tréith-lag,
Théid siad go bruidhin Uí Dhuilleachain 'san oidhch'
Mar gcómhnuigheann sí an chaoimh-maighdean:
Sgabann sí an íoc ortha gan sgíth,
Mar bhalsam in a nua-chréachtaibh,
Is níorbh' eagal dhóibh íota, easbhaidh, nó íneadh
Go scaraid arís léithe.



Dá bhfághmaois anuas í i n-aice an taoibh thuaidh,
Scáthan an chuain Gaedhealaigh,
'Sí Nansaidh dheas shuairc Ní Dhuilleacháin na gcuach,
Is gur binne í na fuaim téada;
Níor chumasaighe an ruaig bheireadh Hector na mbuadh
Le n-a armaibh ar shluaighibh Gréige,
Ná tréaghdfaidhe iad buachaillí i n-éaga gach uair
Sul fa sgarfadh siad go buan léithe.



Tá oineach agus aoibh ar chóiriughadh i n-a chroidhe,
Mar thonnaibh dian-mhuir bhraonaigh;
Is go mbreacann sí aríst ollaimh na crích'
I mbrataibh le n-a mín-mhéaraibh.
Níl leabhar nó laoi d'ar chumadh le draoi
Nach sgrúdthar go caoin léithe,
An Phoénics a fuair mír ar bhain-déithibh an tsaoghail,
Mar ghealaigh le taoibh réalta.


L. 44


Cluinim-sa go luath ag an mhacraidh teacht anuas,
Pilleadh ó n-a gcuairt fhóghmhair,
Nach bhfuil tallan dá bhfuair gach aon ríoghan do n-a
mbuaidhibh
Nach maireann ag an tsuairc-mhnaoi mhódhmhair.
Sliocht Chaithir ó'n taoibh thuaidh de Laighnibh a thug buaidh,
'Threibh Mhílidh na gcuachan órdha,
Is Brannaigh bheirfeadh duais dá ollaimh gach uair,
Cruitirí', is lucht ceoltaí.



A bhreas-fhaoilean chaoin bheir solus ins an oidhch',
Mar charbuncle nó mar liag shaidhbhir,
'Snach bhfuil péarla a mbíonn i sruth Ganges na luighe,
Criostal, nó daor-néamhainn,
Nach n-ullmóchadh gan sgíth do'n loinnear atá go fíor
Ag deallrughadh mar ghnídh éasga;
Is go mb'fhéarr le gach saoi ná flaitheas i n-a chrích
A chaitheamh a shaoghal léithe.


L. 45


MÁIRE CHAOCH.



Tá ribíní daithte ar gach pháisde istír,
Tá na mairbh dá n-adlacadh gan cháin gan chíos,
Níl aon nduisin, nó cuta le fágháil, nó síol,
Níl aon mheasgan dá dheisiughadh acht do Mháire Chaoich.



Níl aon síogaidhe beag díblighe fuair árdughadh ó léan,
Ó íochtar Lag Maolain go Clár Uí Néill,
Acht an líon a bheith snímhte 's na na preátaí réidh,
Nach bhfuigheadh buideal fíona aige Máire Chaoich.



Chan óganach dóigheamhail a b'áin léithe fhéin,
A phógfadh go ró-dheas nó d'fhaisgfeadh léithe,
Acht fear a chróinin chruinn cornuighthe as lár na créadh,
'Se d'ólfadh 'n punch ró-dheas le Máire Chaoich.



Char bh'fhiú léithe Mac Cubhthaigh 'chur ag bórd 'na shuidhe
Acht ins an chlúid is é ag diúl na bláithche síos.



Dá maireadh sliocht Cholla an dá gheal-chrích,
'Sé nach léigfeadh an dán dá chlaoidh;
'Sé nach léigfeadh lucht déanta na mbarrdóg daor
Bheith ar féasta i dtoigh cléire aige Máire Chaoich.


L. 46


'Sé mo dhíomdha mac Aodha Buidhe bheith sparrtha i gcré,
'S gan aon ar bith diongmháil le fágháil 'na dhéidh;
'Sé a shíneadh faoi liag a d'fhág cách faoi léan,
'S d'fhág aoibhneas istír aige Máire Chaoich.



Go rabh buaidh 'gus treise i ngach árd de'n tír,
Do n-ar n-Uachdarán eaglaise, an Blácach caoin;
'Sé 'smachtfadh 'n droch-stát a bhíos gnáthach istír,
Agus shócairfeadh an góic ag Máire Chaoich.