Aithghearughadh an Teagaisg Críosdaighe Geinearáilte

B.Á.C.: T. Coldamhell (1839)

Ionaton Furlong




AITHGHEARUGHADH
AN TEAGAISG CRÍOSDAIGHE
GEINEARÁILTE:
Molta le hÁrdeasboig Eireann,
Chum Usáide na mionaosóige,
Aig nach bh-fuil fós Intleacht
Chum níos mó d'fhoghluim.



Aistrighthe a n-Gaoidhilig,
Le Jonatan Furlong,
Sagart Catoilice.



“Leigidhe do na leinbh beaga theacht chugamsa
agus ná toirmisgidhe íad; óir is lena
samhail-sin ríoghacht Dé.” Naomh Marcus c.10.
r.14.



A n-Athclíath:
Clobhuailte le T. Coldamhell.
1839.


L. 2



L. 3


D'Iosa Críosd,
Mac coshubstainteach an Athar shíorruidhe,
Slánuightheóir an Domhain, Teasghrádhthóir
na n-anam dhaona, agus Ceann dofheicsinte
na hEagluise Catoilice toirbhirthear an
beagshaothar so.
Lena Sheirbhíseach Pheacúil
Jonatan Furlong.


L. 4



L. 5


A n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus
an Spioraid Naomhtha. Amen.



Urnaighe an Tíarna.
1. Ar n-Athair atá air neamh, go naomhthar
t'ainim. 2. Go d-tigighe do ríoghacht. 3. Go
n-déantar do thoil air an d-talamh mar déantar
air neamh. 4. Ar n-arán laethúil tabhair
dhúinn aniugh. 5. Agus maith dhúinn ar bh-fiacha
mar mhaitheamaoid d'ar bh-feithamhnaibh féin.
6. Agus ná léig sinn a g-cathughadh. 5. Acht
saor sinn ó olc. Amén.



Fáilte an Aingil.
Go m-beannuighthear dhuit A Mhuire, atá lán
de ghrásta; ta'n Tíarna ad fhochair, is beannuighthe
thu idir mhnáibh, agus is beannuighthe tora
do bhroinn Iosa. A Naomh Mhuire, A Mháthair
Dé, guigh oruinn-e na peacaigh anis, agus air
uair ár m-báis. Amhen.



Cré na n-Apstol.
1. Creidim a n-Dia an t-Athair uilechomhachtach
cruthuightheóir neimhe agus talmhan. 2.
Agus a n-Iosa Críost a aon mhac-son, ar
d-Tíarna do gabhadh ó'n Spiorad Naomhtha, do
rugadh ó Mhuire oigh. 3. D'fhulaing páis fé
Phontuis Phíleat, do céasadh, dofuair bás,


L. 6


agus do hadhlacadh. 4. Dochuaidh síos go
hifrionn, d'éirigh an treas lá ó mharbhibh. 5. Dochuaidh
suas air neamh, agus ata na shuighe air
dheasláimh Dé an t-athair uilechomhachtach. 6. As
sin tiucfhaigh do thabhairt breitheamhnuis air bheobhibh
agus ar mharbhibh. 7. Creidim san Spiorad
Naomhtha. 8. San naomheaglais Catoilice.
9. A g-comaoin na Naomh. 10. Maitheamhnas
na b-peacaidh. 11. Aiseirighe na colainne.
12. Agus san bheatha shíorruighe. Amen.



An Faoisdín gheinearáilte.
Admhuighim do Dhia uilechomhachtach, do Mhuire
Naomhtha ata ríamh na hógh, do Mhícheal Naomhtha
Ardaingeal, d'Eoin Naomhtha Baisde,
do na Naoimhibh apstolaibh Peadar agus Pól,
agus do na naoimhibh uile, gur pheacuigheas go
romhór le smuainte, le bríathar agus le
gníomh, trím choir féin, trím choir féin, trím
romhór choir féin. Air an adhbharson impighim
air Mhuire naomhtha ata ríamh na hógh; air
Mhicheal naomhtha, Ardaingeal; air Eoin naomhtha
Baisde; air na hApstoil naomhtha Peadar
agus Pól; agus air na naoimh uile, guighe chum
ár d-Tíarna Día, air mo shon. Go d-tugaidhe
Día uilechomhachtach trócaire dhom, go maithidhe
se mo pheacaidh dhom, agus go d-treoruighe
se me chum na beatha síorruighe. Amen.
Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don
Spiorad Naomhtha. Mar dobhi air d-tús,
mar ata 'nis, agus mar bheidh go bráth, trí
shaoghal na saoghal. Amen.


L. 7


Gníomhartha Croidhbhruighthe, Creidimh, Dóchais
agus Carthanachta.
Urnaighe roimh na Gníomhartha.
Guigheamaoid.
A Dhía shíorruighe uilechomhachtaigh, tabhair
dhúinn breis Creidimh, Dóchais agus Carthanachta;
agus chum go bh-faighimís toradh do
gheallamhna tabhair dhúinn d'aitheanta do ghradhughadh,
agus do chomhlíonadh tri Iosa Críost ar
d-Tíarna. Amen.



Gníomh Croídhbhruighthe.
A Dhía, ta doilghios Croidhe orm tri fheirg
do chur ort, agus ta fuath rofhírinneach agam
dom pheacaidh de bhrigh go g-cuirid mishásamh
ort-sa, A Dhia, do thuilleas mo ghrádh go
hiomlán a d-taobh do cháiligheachta rogheanúla,
agus do mhaithis neamhchoímsigh, agus ta rún
díongabhálta agam le cúngnamh do ghrásta
gan fearg do chur ort go bráth arís. Amen.



Gníomh Creidimh.
A Dhía, creidim go diongabhálta, gurb'aon
Día amháin tu Cruthuighthóir agus árdtíarna
neimhe agus talmhan. Go bh-fuil do mhórgacht
agus do mhaitheas dochoímseach. Creidim go
diongabhálta go bh-fuil ionot-sa, an t-aon Día
amháin tri pearsana go heidirdheillighthe agus
comhionan ion gach uile nidh, an t-Athair, agus
an Mac agus an Spiorad Naomhtha. Creidim
go diongabhálta gur ghlac Iosa Criost, Día


L. 8


an Mac, colann dhaona, gur gabhadh ó'n Spiorad
Naomhtha é, gu' rugadh e ó'n Maighdean Muire;
gur fhulaing se páis agus go bh-fuair bás air
an g-crois, chum sinn d'fhuasguilt agus do
shábháil; gur aiseirigh se an treas lá ó mharbhibh,
go n-deacha suas air neamh, go d-tiucfhaigh
a n-deire an t-saoghail chum breitheamhnais do
thabhairt air an g-cine dhaona; go d-tabhairfigh
se aoibhneas síorruighe mar luachsaothair do na
deaghdhaoinibh; agus go g-cuirfigh se na drochbheathaigh
go píanta síorruighe ifrinn. Creidim
so agus gach nidh eile do chraobhsgaoileas an
Naomheaglais Catoilice Rómhánach dhúinn; de
bhrigh gur tu-sa, A Dhía, an fhírinne domheallta
d'fhoillsigh íad, agus d'órduigh dhúinn éisteacht
leis an Eaglais, ó sí bun agus píolóir na
fírinne í. Annsa g-creideamh so ta rún
seasamhach agam le cúngnamh do naomhghrásta,
maireachtain agus bás d'fhaghail. Amen.



Gníomh Dóchais.
A Dhía do gheall go grástúil gach tabhartas,
agus fós flathas féin tri Iosa Críost don lucht
do choímheadas d'aitheanta; aig seasamh air
do mhórchomhachta do mhórmhaitheas agus do
mhórthrócaire, agus le muinín as do naomhgheallamhna
do chomhlíonann tu a g-comhnuighe go
fírinneach, ta Dóchas láidir agam go d-tabhairfidh
tu maitheamhnas dhom ion mo pheacaídh uile,
grásta air an saoghal so chum do sheirbhíse do
dheanadh go dúrachdach, aig déanadh na n-deághoibreacha
órduigheas tu agus led chungnamh


L. 9


geallaim a g-cómhlíonadh, agus aoibhneas síorruighe
air an saoghal eile: Tri mo Thíarna
agus mo Shlánuightheóir Iosa Criost. Amen.



Gníomh Carthanachta.
A Dhía, gradhuighim thu lem chroidhe, agus lem
anam go hiomlán, agus os ceann gach uile nidh;
de bhrigh go bh-fuil tu romhaith, agus rocheart,
agus go d-tuillean tu mo ghrádh uile, agus air
do shon-sa gradhuighim mo chomharsa mar me
féin. Tabhair dhom go trócaireach, A Dhía
taréis do ghrádhughadh air talamh go n-gradhóchainn
agus go sealbhóchainn thu go síorruighe a
bh-flathamhnas. Amen.



An Teagasg Críosdaidhe.
An I. Léighean.
Air Dhía, agus air na tri Pearsana díaga.
Ceisd. Ce chruthuigh an Domhan?
Freagra. Día.
C. Cé hé Día?



F. Cruthuightheóir neimhe agus talmhan, agus
árdthíarna os ceann gach uile nidh.



C. Cé mhéad Día ann?



F. Ní'l acht aon Día amháin, do thabhairfigh
luachsaothair do na deaghdhaoinibh, agus pionós
do na drochbheathaibh.



C. Cá mhead pearsa a n-Día?



F. Tri pearsana díaga idirdheillighthe go
fírinneach agus comhionan ion gach uile nidh.



C. Cionas ainimnigheann tu na tri pearsana
díaga?


L. 10


F. An t-Athair, agus an Mac, agus an
Spiorad Naomhtha.



C. An Día an t-athair?



F. Seadh, is Día an t-Athair, agus an chéud
Phearsa de'n Tríonóid Naomhtha.



C. An Día an Mac?



F. Seadh, is Día an Mac, agus an dara
pearsa de'n Tríonóid Naomhtha.
C. An Día an Spiorad Naomhtha?
F. Seadh, is Día an Spiorad Naomhtha agus an treas pearsa
de'n Tríonóid naomhtha.



C. Cad do chíalluigheas an Tríonóid naomhtha?



F. Aon Día amháin a d-tri b-pearsana
díaga.



C. A bh-fuil na tri pearsana díaga na
d-tri Déthe?



F. Ní'lid. Ní'l ionta acht aon Día amháin;
de bhrigh nach bh-fuil aca acht an t-aon nadúir
amháin dhíaga; agus atáid ó'n t-síorruigheacht.



An II. Léigheann
Air an Ioncholannughadh.
C. Ar ghlac aon de na tri pearsanaibh
díaga colann dhaone?



F. Do ghlac Día an Mac an dara pearsa
díaga colann dhaonna.



C. Cionas ghlac Día an Mac colann dhaonna?



F. Do gabhadh ó'n Spiorad Naomhtha e, agus
dorugadh e ó Mhuire óigh.



C. Cad do chíalluigheas tu, ag rádh gur
gabhadh Mac Dé ó'n Spiorad Naomhtha?



F. Tuigim, gur ghlac se air féin nadúir


L. 11


dhaonna, se sin, colann agus anam mar ata
aguinn-e, le cómhachta agus le hoibriughadh an
Spioraid Naomhtha.



C. Cá'r ghlac Día an Mac, colann dhaonna,
mar ata aguinn-e?



F. A m-broinn gheanamnuighe na Maighdine
Muire; agus dorugadh uaithe na dhuine e.



C. Cionas ainimnigheann tu Día an Mac
ioncholanuighthe?



F. Iosa Críost.



C. Ar fhan Iosa Críost na Dhía taréis
colann dhaonna do ghlacadh?



F. d'fhan: bhi se a g-cómhnuighe na Dhía.



C. Raibh Iosa Críost a g-comhnuighe na dhuine?



F. Ní raibh: acht ó am a ghabhála, no a ioncholanuighthe.



C. Cad do chíalluigheas an ioncholanughadh?



F. Gur ghlac Día an Mac, an dara pearsa
de'n Tríonóid naomhtha colann dhaonna.



C. Cad do chreideann tu Iosa Críost a bheith?



F. Na Dhía go fírinneach, agus na Dhuine go
fírinneach.



C. Cad fáth ar ghlac Iosa Críost colann
dhaonna?



F. Chum sinn d'fhuasgailt, agus do shábháil.



C. Cionas d'fhuasgail agus do shábháil Críost sinn?



F. Lena Pháis, agus lena bhás air an g-crois.



C. Cé an lá, ar ghlac Críost colann dhaonna?



F. An cúigmhadh lá fichead de Mhárta, lá na
teachdaireachda an aingil “do gabhadh ó'n Spiorad
Naomhtha e.”


L. 12


An III. Léigheann.
Air Iosa Críost.



C. Cé an lá air a rugadh Críost ó Mhuire
Oigh?



F. Lá nollag a stábla a m-Betlethem.



C. Cé an fad do mhair Críost air talamh?
Tuairim tri bliaghana déag air fhichead; do
chaith se beatha fhírnaomhtha a m-bochtanachd agus
a n-annró.



C. Cad chuige ar chómhnuigh Críost co fada
son air talamh?



F. Chum na slighe go flathas do thasbáint
dhúinn lena theagasg agus lena shómpla.



C. Cionas chríochnuigh Críost a bheatha?



F. Aoine an chéasda, do céasadh e air chnoc
Calbhari; agus dofuair se bás tarnáilte air
an g-crois.



C. Cad do tharraingeann tu as fulaing agus
as bás Chríst?



F. Tromualach an pheacaidh; méad fuatha
Dé dho; agus an ríachtanas ata sásamh do
dheánadh air a shon.



C. Cé dhaor Críost chum báis có dúisminte-sin?



F. Pontuis Píolat an rioghluightheóir, air athchunuigh
na n-Iudach.



C. Cá n-deachaidh anam Chríst taréis a báis?



F. Dochuaidh se síos go hifrionn.



C. A n-deachaidh anam Chríst síos go hifrionn
na n-damanta?


L. 13


F. Ní dheachaidh, acht go hionad suaimhnis
d'á n-goirthear limbo.



C. Cé híad dobhi a limbo?



F. Anama na Naomh dofuair bás roimh
Chríost.



C. Cá raibh corp Chríst an fad dobhi a
anam a limbo?



F. Ionsan uaigh, no ions an tuama.



C. Cé an lá ar aiséirigh Críost ó mhairibh?



F. Domhnach cáisg an treas lá taréis a
chéasda d'éirigh se le colann agus anam, glórmhar
agus domharbhtha ó mhairbhibh.



C. Cá fad d'fhan Críost air talamh taréis
a aiséirighe?



F. Dá fhichead lá chum a thasbáint gur aiséirigh
se go fírinneach ó mharbhaibh; agus chum a
apstoil do theagasg.



C. Tareis dá fhichead lá chaitheamh do Chríost
air talamh, cá n-deachaidh se?



F. Díardaoin deasgabhála, dochuaidh se
suas ó chnoc Olibhet, lena cholann agus len'anam
go flathas.



C. Cá bh-fuil Críost a bh-flathas?



F. Ta se na shuighe air deasláimh Dé, an
athar uilechomhachtaigh.



An IV. Léigheann.
Air an Spiorad Naomhtha.



C. Cad do gheall Críost d'á apstolaibh sol
dochuaidh se suas air neamh?



F. Go g-cuirfidh se chuca an Spiorad
Naomhtha, Spiorad na fírinne, chum gach uile nidh


L. 14


do mhúnadh dhóibh, agus chum comhnuighe na bh-fochair
go bráth.



C. Cad fáth ar chuir Críost an Spiorad
Naomhtha uaigh?



F. Chum a Eagluise do naomhughadh; chum
sólás do chur air a Apstoil; agus chum cumas
do thabhairt dhóibh chum an t-siosgéil, no an dlighe
nuadh do sheanmóir.



C. Cionas ainimnigheann tu lucht leanamhna
na dlighe nuadh?



F. Críosdaighthe.



C. Cionas aithnighthear gur Críosdaighthe sinn?



F. Tri bheith baisdighthe, tri admháil teagaisg
Chríst, agus tri chómhartha na Cruise.



C. Cionas déantar cómhartha na Cruise?



F. Le cur na láimhe deise ar an éadon,
anson faoí an m-broinn, anson chum na gualann
cle agus deas; aig radh; “a n-ainim an Athar,
agus an Mhic, agus an Spioraid Naomhthá.”



C. Cad fáth a n-deanann tu cómhartha na
Cruise?



F. Chum impighe air Iosa Críost, trina
Chrois, agus trina Pháis sinn-e do bheannughadh,
agus do chosaint.



C. Ar cóir dhúinn cómhartha na Cruise do
dheanadh go minic?



F. Is cóir, go háirighthe ion am gach cathuighthe
agus conntabhairte; agus roimh agus taréis
urnaighe, agus a g-comhnuighe go haireach, agus
le cráibhtheacht.



C. Cá bh-fuilid na fírchríosduighthe?



F. Ions an Eaglais fhírinneach amháin.


L. 15


C. Cionas ainimnígheann tu an Eaglais fírinneach?



F. An Eaglais Naomhtha Catoilice.



C. A bhfuil aon Eaglais eile fhírinneach ann
acht an Eaglais Naomhtha Catoilice?



F. Ní'l; mar nach bh-fuil ann, acht aon Tíarna,
aon Chreideamh, aon Bhaisde, aon Día, agus
Athair gach aoin; ní'l ann acht aon Eaglais
fhírinneach.



C. A bh-fuil se d'fhíachaibh air gach aon a bheith
san Eaglais fhírinneach?



F. Ata; ní féidir aonneach a bheith sabhálta
aisdi.



C. Cad do thuigeann tu le Comaoin na Naomh?



F. Cíalluigheann, go g-cúngnann gach aon do
bhaineas leis an Eaglais fhír le chéile, lena
h-urnaighthe, agus lena n-deaghoibreacha.



C. Cad do chíalluigheas maitheamhnas na
b-peacaidh?



F. Gur fhág Críost aig tréaduighthe a
Eagluise cómhachta peacaídh do mhaitheamh.



An V. Léigheann.
Air Pheacadh agus air Phurgadóir.



C. Cad is Peacadh ann?



F. Aon smuainte, bríathar, gníomh, no
faillighe thoiltineach a n-aghaidh dlighe Dé.



C. Cad é an nidh Peacadh na sínsear?



F. An Peacadh ata d'oighreacht aguinn ó'n ár
g-céud Athair agus ó'n ár g-céud Mháthair;
agus ionar geineadh agus ionar rugadh sinn
ár g-clainn feirge.


L. 16


C. Céarbh'íad ár g-céud Athair, agus ár
g-céud Mháthair?



F. Adhamh agus Eabha, an chéud fhear agus an
chéud bhean.



C. Cad is Peacadh marbhthach ann?



F. Coir throm, no mórchionnta a n-aghaidh
dlighe Dé.



C. Cad fáth a n-goirthear Peacadh marbhthach
air?



F. De bhrigh go marbhuigheann se an t-anam,
aig baint a fhírbheatha, se sin, grásta naomhtha
dhe; agus go d-tugann bás síorruighe agus
damaint air an anam.



C. A m-baineann Peacadh sologhtha grásta
Naomhtha de'n anam, agus a d-tuilleann se
píanós síorruighe?



F. Ní bhaineann; acht gurtuigheann se an
t-anam, aig laghdughadh a ghrádh air Dhía, agus
lena gluaiseacht chum peacaidh marbhthaigh; deir
an scrioptúir, “An te do tharcuisnigheas neithe
beaga tuitfidh se le beagán agus le beagán.”



C. An mifhortún mór tuitim a b-peacadh
marbhthach?



F. Is se is mó de n-uile mhífhortún.



C. Cá rachfaigh an dream dogheibhinn bás a
b-peacadh marbhthach?



F. Go hifrionn air feadh na síorruigheachta.



C. Cá d-téann síad-san dogheibhinn bás a
b-peacadh sologhtha?



F. Go Purgadóir.



C. Cad is Purgadóir ann?



F. Ait pianóis air an t-saoghal eile iona


L. 17


bh-fulaingid anama áirighthe air feadh tamail
sol is féidir leo dul go flathas.



C. An féidir do na hanamaibh a b-Purgadóir
fóirthint d'fhaghail trinár n-urnaighthe
agus ár n-deaghoibreacha eile?



F. Is féidir; air m-beith na g-clainn aig
Día, agus fós na m-baill de'n Eagluis, atáid
roinphártach a g-comaoin na naomh: agus deir
an scríoptúir, gur “naomhtha agus gur folláin
an smuainte, guighe air son na marbh, chum go
sgaoilfidhe óna b-peacaidh íad.”



C. An leor chum slánuighthe a bheith 'nár
m-boill de'n fhíreaglais?



F. Ní leor: caithfidhmíd olc do sheachaint,
agus maith do dheanadh.



C. Cad e an mhaith is éigean dom do dhéanadh,
chum go bh-faighfhinn an bheatha shíorruighe?



F. “Má 's mían leat dul asteach san
m-beatha shíorruighe,” deir Críost, “coímead
na haitheanta.”
C. Cad íad na haitheanta ata agam le coímead?



F. Deich n-aitheanta Dé.



An VI. Léigheann.
Air Aitheanta Dé.



C. Abair deich n-aitheanta Dé?



F. An chéud. Is mi-se an Tíarna do Dhía,
ní bhéidh Déthe bréagacha agat am láthair.
An dara. Ní thabhairfidh tu ainim an
Tíarna do Dhía go díomhaoin.


L. 18


An treas. Cuímhnigh, lá na sabóide do
naomhughadh.
An ceathramhadh. Onoruigh t-athair agus do
mháthair.
An cúigmhadh. Ní dhéanfaidh tu marbhughadh.
An sémhadh. Ní dhéanfaidh tu adhaltrannas.
An seachtmhadh. Ní dhéannfaidh tu goid.
An t-ochdmhadh. Ní bhéarfaidh tu fíadhnuise
bhréige a n-aghaidh do chomharsan.
An naoimheadh. Ní shanntóchaidh tu bean do
chomharsan.
An deichmheadh. Ni shantóchaidh tu maoin do
chomharsan.



C. An ríachtanach na deich n-aitheanta uile
agus gach aon dhíobh fá leith do choímead?



F. Is ríachtanach deir an scrioptúir; “gidhbé
bhriseas aon aithne dhíobh, ta se cionntach
ions' a n-iomlán,” se sin, ní thairbheóchaidh se
dho chum slánuighthe na haitheanta eile do choímead.



C. Cé mhéad aithne chum ar féidir na deich
n-aitheanta d'aithghearrughadh?



F. Chum an dá phriomhaithne seo; siad sin;
“grádhfaidh tu an Tíarna do Dhia led chroidhe
go hiomlán, agus le hiomlán do neirt agus
le hiomlán d'íntine; agus do chómharsa mar
tu féin, dean so agus mairfir.”



C. Agus cé hé mo chómharsa?



F. An cine daona de gach uile chineal gan
easbadh duine air bith, íad-sa fós dodheanas
dochar dhúinn, no nach bh-fuil d'ar g-creideamh.



C. Cionas is cóir dhom mo chómharsa do
ghrádhughadh mar mé féin.



F. “Mar ba mhaith libh,” deir Criost, “go


L. 19


n-deanfadh daoine libh, deanaidh-se leo mar
an g-céadna.”



C. Cad íad na dualgais fé leith chuireann
an ríaghail so orm.



F. Gan díobháil do dheanadh choidhche dod chómharsa
le bríathar, ná le gníomh, iona phearsa
iona mhaoin, ná iona chlú; deaghaigine do bheith
dho, guighe air a shon, agus cúngnadh leis a g-cómhnuighe
do réir do chumais iona riachtanasaibh
spioradálta agus corportha.



C. A bh-fuil se d'fhíachaibh orm fós mo namhaid
do ghrádhughadh?



F. Gan amharas; “grádhuigidhe bhúr naimhde,”
deir Críost, “deanaidhe maith dhóibh-se aig a
bh-fuil fuath dhaoibh; beannuigidhe an dream do mhalluigheas
sibh, agus guigidhe air an lucht doghnidheas
géarleanúint agus ithiomradh oruibh.”



C. A bh-fuil aon aitheanta eile ann, acht deich
n-aitheanta Dé?



F. Atáid; aitheanta, no órduighthe na hEagluise,
ata go prúnsabálta an sé dhíobh.



C. Abair sé haitheanta na hEagluise.



F. An chéud. Aifrionn d'eisdeacht gach
domhnach agus lá saoire.
An dara. Trosga agus Tréanas do dheanadh
air na laetheibh órduighthe.
An Treas. Faoisdín ár b-peacaidh do
dheanadh an chuid is lugha dhe uair san m-bliaghain.
An Ceathramhadh. Corp naomhtha an Tíarna
do ghlacadh go fiúntach am Cháisg, no taobh
astigh de'n aimsir ceapuighthe.


L. 20


An cúigmhadh. Cúngnamh do thabhairt chum
ár d-tréadaighthe do chothughadh.
An sémhadh. Gan pósadh do dheanadh san
aimsir coisgighthe, ná daoine phósadh taobh
astigh de na glúinibh toirimisgthe ó'n Eaglais;
ná go foluigheach.



C. A g-ceangalaid aitheanta na hEagluise
fe Phéin pheacaidh mharbhthaigh?



F. Ceangalaid; “an te nách néisteann leis
an Eaglais,” deir Críost, “biadh ion do
thuairim mar phágánach agus mar phublacánach.”



C. Cad ta ríachtanach chum aitheanta Dé, agus
a Eagluis do choímead?



F. Grásta Dé, do geobhfar go prúnsabáilte
le hurnaighe agus leis na sacramuínte.



An VII. Léigheann.
Air Urnaighe agus air na Sacramuinte.



C. Cad is Urnaighe ann?



F. Tógbháil an anama suas chum Dé, chum
é d'adhrughadh, chum a naomh ainim do bheannughadh,
chum a mhaithis do mholadh, agus chum buidheachais
do thabhairt dho á d-taobh a thiodhlacaidh.



C. An-aon nidh eile an Urnaighe?



F. Seadh; is athchunuigh umhal chum Dé í,
aig íarradh gach nidh ríachtanach a d-taobh anama
agus fuirmcolinne.



C. Cionas is cóir dhúinn Urnaighe do dheanadh?



F. Có haireach agus có cráibhtheach 's is
féidir linn, agus air mhodh omósach, agus air
ghlúine feacuighthe.


L. 21


C. Cá ham áirighthe ar cóir dhúinn urnaighe do
dheanadh?



F. Air laethe saoire agus domhnaigh; gach maidean
agus tráthnóna; agus ion gach contabhairt,
cathuighthe agus buaireamh.



C. Cad íad na coinghiail ata ríachtanach
chum ár n-urnaighthe do dheanadh taithnemheach?



F. Ní foláir íad do thairgsint a g-cómhnuighe
le croidhe umhal doilghiosach, le teasghrádh agus
buanseasamhacht, le muinín a maitheas Dé, le
bheith sásta lena thoil agus ion ainim Iosa Chríst.



C. Cad íad na hurnuighthe is mó moltar linn?



F. Urnaighe an Tíarna, Fáilte an aingil,
Cré na n-Apstol, agus an Fhaoisdín gheinearáilte.



C. An molann an Eaglais, mar an g-ceadna,
na gníomhartha Creidimh Dóchais agus Cárthanachta?



F. Molann go dúrachdach; is fuirm anmhaith
urnaighe íad; agus cuireann siad ár b-príamh-dhualgais
a d-taobh Dé ag-cuimhne dhúinn.



C. Cad íad ár b-príamhdhualgais a d-taobh
Dé?



F. Creideamh ann, Dóchas do chur ann, agus e
do ghradhughadh.



C. Cad fáth a n-deanair gníomh Croidhbhruighthe
roimh na Gníomhartha Creidimh Dóchais agus
Carthanachta?



F. Chum maitheamhnais d'fhaghail ion mo pheacaidh
agus d'á bhár son go m-béidh m'urnaighthe
níos taithneamhaighe a láthair Dé, agus níos
tairbhighe dhom féin.


L. 22


C. Cad íad na meodhain eile a g-ceann urnaighe
le'r féidir linn grásta Dé fhaghail?



F. Leis na sacramuinte na meodhain is
treise airbith.



C. Cad is sácramuint ann?



F. Comhartha, no gníomh sofheicsinte, se sin,
fóiriomlach, do thionsganuigh Críosd chum grásta
do bhronnadh.



C. Cad as a bh-fuil brigh ions na sácramuintibh
chum grásta do bhronnadh?



F. As mórluaidheacht Chríst, do chuirid a
d-tairbhe d'ar n-anamaibh.



C. Cad fáth a n-déantar usáid de'n urad-san
fuirmráite aig freasdal na sácramuinte?



F. Chum cráibhtheachta agus omóis do spreagadh
dhóibh; agus chum a m-brigh do chur a d-tuigsint,
agus do mhíonughadh.



C. Cá mhead sácramuint ann?



F. Seacht. Baisde, Cóneartughadh, Corp
Críst, Aithrighe, Ola dheaghanach, Ord beannuighthe,
agus Pósadh.



An VIII. Léigheann.
Air Bhaisde air Chóneartughadh, agus air Churp
Chríst.




C. Cad is Baisde ann?



F. Sácramuint do ghlanas sinn ó pheacadh na
sínsear, do dheanas Críosdaighthe agus clann Dé
dhínn, agus oighrigh air ríoghacht na bh-flathas.



C. A bh-fuil Baisde ríachtanach chum slánuighthe?


L. 23


F. Atá: gan é ní féidir linn dul asteach a
ríoghacht Dé.



C. Cé híad do cheap Críost chum Baisde
d'fhriothólughadh?



F. Tréaduighthe a Eagluise; acht a g-cás ríachtanais
is féidir le fear no bean tuata airbith a fhriothólughadh.



C. Cionas tugthar Baisde?



F. Le huisge dhórtadh air cheann an té ata
le baisdeadh; aig radh 'san am chéadna;
“baisdighim thu, a n-ainim an Athar, agus an
Mhic, agus an Spioraid Naomhtha.”



C. Cad do gheallamar san m-baisde?



F. Diultughadh de'n Díabhal, agus d'a oibreachaibh
agus d'a uabhair uile.



C. Cad is Cóneartughadh ann?



F. Sácramuint doghnidheas Críosdaighthe
neartmhara iomlána dhínn.



C. Cad é an t-ollmhughadh fé leith, is cóir do
dheanadh chum Cóneartuighthe do ghlacadh?



F. Faoisdin mhaith do dheanadh, agus le hurnaigh
caoindúrachdach an t-athair síorruighe do
ghuighe go g-cuirfeadh se an Spiorad naomhtha
chughat.



C. Cad is dógh leat dhoibh-se do ghlacas Cóneartughadh
air staid pheacaidh mharbhthaigh?



F. Ní bh-faighid tairbhe airbith tríd; acht
méaduighid a b-peacaidh le cur tromualach
pheacaidh na diamhasla os ceann a seanchortha
eile.



C. Cad íad na grásta faightear le Cóneartughadh?


L. 24


F. Seacht d-tiodhlacaidh an Spioraid naomhtha.



C. Abair seacht d-tiodhlacaidh an Spioraid
naomhtha.



F. Eagna, Tuigsint, Cómhairle, Fulang,
Eolas, Cráibhtheacht, agus Eagla an Tíarna.



C. An peacadh mór failligh a dheanadh Cóneartughadh
do ghlacadh?



F. Seadh Go háirighthe ions na drochlaethibh
seo ion a bh-fuilid Creideamh agus deighbhéasa
dá g-cur a g-cuntabhairt le cathuighthe roiomadamhla
agus roghéara.



C. Cad íad na dualgais do chuireas Cóneartughadh
oruinn?



F. Ar g-creideamh d'admháil go fosguilte;
gan ár g-creideamh do shéanadh air ócáid airbith;
agus mar shaigheadúirigh cróga Críst a bheith
dílis dho go bás.



C. Cad is corp naomhtha an Tíarna, no an
Eucaruist ann?



F. Feoil agus Fuil, anam agus díadhacht
Iosa Chríst fe ghnéthe aráin agus fíona.



C. Cad do chíalluigheas an focal Eucarist?



F. Grásta, no tabhartas spesíalta Dé;
agus cíalluigheann fós gníomh solomanta buidheachais
le Día air son a thrócairidh go huile.



C. Cionas is féidir leis an arán agus leis an
bh-fíon a bheith aisdrighthe chum feola agus fola
Chríst?



F. Le maitheas agus cómhachta Dé, aig nách
bh-fuil aon fhocal dodhéanta.


L. 25


AN IX. Léigheann.
Air an aifrionn agus air an g-Comaoin.



C. Cad is aifrionn ann?



F. Iobairt feóla agus fola Críst, ata go
fírinneach a láthair, fé ghnéthe aráin agus fíona
agus ofráiltear do Dhía tri an t-sagart, air
son na m-beo agus na marbh.



C. Cad is íobairt ann?



F. An chéud ghníomh is ríachtanaighe de'n
Chreideamh trí n-admhuigheamaoid árdchómhachta
Dé os ár g-ceann, agus ár seasamh go hiomlán air.



C. Cad íad na críocha chum a n-deirthear
an t-aifrionn?



F. Chum onóire agus glóire a thabhairt do
Dhía, chum buidheachais do bhreith leis a d-taobh
a thíodhlacaidh, chum maitheamhnuis d'fhaghail ion
ár b-peacaidh, agus gach uile ghrásta, agus
beannughadh eile tri Iosa Críost.



C. Cad í an chrích eile chum a n-deirthear an
t-aifrionn.



F. Chum íobairt Críst air an g-crois do
bhuanughadh agus chur a g-céill: “deanaidhe seo,”
deir Críost, “a g-cuimhne orm-sa.”



C. Cionas is cóir dhúinn sinn féin d'iomchar
a láthair an aifrinn?



F. Le hiomad cuímhne, agus cráibhtheacht
inmheónach: agus le gach uile chomhartha omóis
agus caoindúthrachta sofheicsinte.



C. Cad e an modh is fearr chum aifrinn
d'éisteacht?



F. E do thoirbhirt do Dhía, air aon íntin
leis an t-sagart chum na críche céadna le a


L. 26


ráitear é; machtnughadh air pháis Críst, agus
dul chum comaoine.



C. Cionas is ríachtanach dhúinn a bheith ollmhuighthe
chum comaoine?



F. Is ríachtanach dhúinn a bheith air staid
na n-grás, foillsighthe le Creideamh beo, misnighthe
le Dóchas diongabhálta, agus lasta le
teasghrádh Dé.



C. Cad do chíalluigheas a bheith air staid na
n-grás?



F. A bheith saor an chuid is lugha dhe ó choir
pheacaidh mharbhthaigh.



C. An-íarrthar aon nidh eile roimh chomaoin?



F. Iarrthar, a bheith air ceudlocan ó mheodhanoidhche;
agus is cóir dhúinn bheith anmhodhamhuil
fíríseal agus glan an-éadach; aig teasbánadh ion
ár n-iomchar fóiriomlach uile, an chráibhtheacht
agus an t-omós is mó do shácramuint co naomhtha
sa.



C. Cad is cóir dhúinn do dheanadh taréis comaoine?



F. Ba cóir dhúinn seal do chaitheadh a machtnughadh
agus air urnaighe; agus go háirighthe
a n-gníomhartha buidheachais.



C. An peacadh mór comaoin do ghlacadh go
mifhiúntach?



F. Seadh; “an te do ghlacas é air dhrochstaid
beigh cionntach a bh-feoil agus a bh-fuil an Tíarna:
agus itheann breitheamhnas, se sin, damaint dho
féin, gan corp an Tíarna do bhreithneughadh.”



C. Cad do chíalluighir le comaoin mhifhiúntach
do ghlacadh?


L. 27


F. An Eucairist, se sin, corp naomhtha an
Tíarna do ghlacadh air staid pheacaidh mharbhthaigh.



C. Cad is ríachtanach do dhuine a dheanadh má
bhín a b-peacadh mharbhthach roimh chomaoin?



F. Is ríachtanach dho maitheamhnuis d'fhaghail
ion sácramuint na haithrighe.



AN X. LÉIGHEANN.
Air Aithrighe agus air Fhaoisdin.



C. Cad is Aithrighe ann?



F. Sácramuint lena maitear dhúinn na peacaidh
iona d-tuiteamaoid tar éis ár m-baisde.



C. Cad is ríachtanach do dheanadh chum maitheamhnais
d'fhaghail ionár b-peacaidh tri sácramuint
na hAithríghe?



F. Is ríachtanach dhúinn, Faoisdín mhaith do
dheanadh.



C. Cad e an modh is fearr chum sinn féin
d'ollmhughadh chum Faoisdine maithe do dheanadh.
F. Air d-tús; grásta ó Dhía d'íarradh go
dúrachdach, chum Faoidine maithe do dheanafh.
An dara nidh; sinn féin do mhionscrudughadh
go haireach air aitheanta Dé agus a Eagluise,
air na seacht b-peacaidh marbhthacha, agus go
háirighthe air ár n-anmhíanta is mó da bh-fuilimíd
claon, agus air dhualgaisibh ár slighe
bheatha; ionas go m-beadh fhios aguinn, cad ann,
agus cá mhéad uair do pheacuigheamar le smuainte,
le bríathar le gníomh, no le failligh;
an treas nidh, gníomhartha Creidimh, Dóchais
agus Carthanachta do dheanadh. Agus an ceathramhadh


L. 28


nidh; sinn féin do spreagadh chum Croidhbhruighthe
fírinighe air son ár b-peacaidh.



C. Cad is Croidhbhrughadh ann?



F. Doilghios croidhe agus fuath don pheacadh,
tri fheirg do chur air Dhia, le rún diongabhálta
gan peacughadh níos mó.



C. Cad is cóir dhúinn a dheanadh aig faoisdín.



F. Is cóir dhúinn beannacht an t-sagairt
d'íarradh, an fhaoisdín gheinearáilte do radh, sinn
féin do chionntughadh ionár b-peacaidh, éisteacht
le n'a oideas; agus ár n-doilghios d'athnuadhchaint
'nuair bheireas absolóid dhúinn.



C. Cad is dogh leat de'n dream-sa do
cheileas peacadh marbhthach san bh-faoisdín?



F. Deanaid peacadh anthrom tri bhréig
d'ínsint don Spiorad naomhtha; agus ion áit
maitheamhnais d'fhaghail, tarraingid ortha féin
iríre Dé níos troime.



C. Cad is riachtanach dhóibh so do dheanadh
nach scruduigh a g-cónsias go haireach, aig
nach raibh doilghios fírinneach a d-taobh a b-peacaidh,
no do cheil go toiltineach peacadh marbhthach
a b-faoisdin?



F. Is éigean dhóibh aithrighe fhírinneach do
dheanadh a d-taobh gach drochfhaoisdín díamháslathach
de'n t-sórt son, agus íad go léir d'aithdheanadh.



C. Cad e an comhartha is fearr go raibh ár
bh-faoisdín go maith; agus go raibh doilghios
fírinneach oruinn tri n'ár b-peacaidh?



F. Leasughadh ár m-beatha.



C. Cad is cóir dhúinn do dheanadh taréis
faoisdine?


L. 29


F. Buidheachais do thabhairt le Día, agus an
breitheamhnas aithrighe do chuir ár n-oidea-faoisdine oruinn,
do chomhlíonadh go dúrachdach.



AN XI. LÉIGHEANN.
Air na Sácramuinte eile.



C. Cad is Ola dheaghanach ann?



F. Sácramuint dobheireas grásta chum
deaghbháis d'fághail; agus do tionsganuigheadh
go mórmhór chum neirt agus compóird spioradálta
do thabhairt do dhaoine a n-guais bháis.



C. Cionas ba cóir dhúinn sinn féin d'ollmhughadh
don Ola dheaghanach?



F. Le faoisdín mhaith, agus ba cóir dhúinn
doilghios fírinneach a bheith oruinn a d-taobh ár
b-peacaidh, agus bheith sásta le toil Dé, an-uair
do ghlacamaoid an t-sácramuint dheaghanach
so.



C. Cad is Ord beannuighthe ann?



F. Sacramuint dobheireas Easboig, Sagairt
agus Cléir ísle don Eagluis; agus do
neartuigheas leo chum a n-dualgais fá leith do
chomhlíonadh ínti.



C. Cad is pósadh ann?



F. Sácramuint dobheireas grásta don
lánamhuin phósta maireachtain go séanmhar
a bh-fochair a chéile, agus a g-clann do thabhairt
suas a n-grádh agus a n-eagla Dé.



C. A bh-faighid seo grásta Sácramuint an
phósta, do phósas a staid pheacaidh mharbhthaigh?



F. Ní bh-faighid. Ta síad ciontach a n-díamhasla


L. 30


romhór tri mimheas do thabhairt do
shácramuint có mór-sa; agus an-ionad beannachta,
gheibhid a n-damanughadh.



C. Cad is cóir do dhaoinibh do dheanadh chum
sácramuint an phósta do ghlacadh go fiúntach?



F. Ba cóir dhóibh faoisdín mhaith do dheanadh,
agus ímpighe air Dhia go dúrachdach, íntin ghlan
do thabhairt dhóibh, agus íad do stiurughadh ions
an togha atáid air ti do dheanadh.



C. An cóir do chlainn cómhairle a n-aithreacha
agus a maithreacha d'iarradh a d-taobh an phósta is
íntin leo do dheanadh?



F. Is cóir, agus a g-cómhairle do ghlacadh do
réir céille agus creidimh: ba cóir dhóibh mar an
g-ceadna sgéala tráthúil do thabhairt d'a sagartaibh.



C. An féidir snaidhm, no ceangal an phósta
bheith sgaoilte go bráth?



F. Ni féidir, acht le bás an fhir, no na mna.



C. Cad fath ar chuir Críost na sácramuinte
air bun?



F. Chum ár n-anama do naomhughadh; agus
sinn d'ollmhughadh chum aiséirighe séanmhaire glórmhaire.



AN XII. LÉIGHEANN.
Air an m-Breitheamhas geinearáilte.



C. Cad do chíalluigheas aiséirighe na colainne?



F. Go g-caithfidhmíd uile éirighe arís air
an lá deaghanach.



C. Cad thuigean tu leis an lá deaghanach?



F. Lá an bhreitheamhnais gheinearáilte 'n-uair


L. 31


is éigean dhúinn uile teacht a láthair cathaoire
bhreitheamhnais Chríst; agus annsin roinfigh se
le gach aon do réir a ghníomhartha.



C. Cionas thiucfaigh Críost chum breitheamhnais
do thabhairt oruinn?



F. A néulta neimhe le mórchómhachd agus mórgachd,
agus na haingil na chuideachda.



C. Cad déarfaigh Críost leis na fíréinibh
air an lá deaghanach?



F. “Tagaidhe A lucht beannuighthe m'athar,
glacaidhe seilbh air an ríoghacht ata ollmhuighthe
dhaoibh.”



C. Cad déarfaigh Críost leis na drochbheathaigh
air an lá deaghanach?



F. Teilgfear idir chorp agus anam íad go
píanta síorruighe.



C. Cá reachfaid na fíréin air an lá deaghanach?
F. Rachfaid na fíréin asteach le colannaibh
glórmhara domharbhtha san m-beatha shíorruighe.



C. Cad do chíalluigheas an bheatha shíorruighe?



F. Cíalluigheann, ma dhéanamaoid réir Dé
go dílis air an t-saoghal so, go m-beidhmíd go
séanmhar an fhochair ions na flathais go síorruighe.



C. Cad do chíalluigheas séan na bh-flathas?



F. Día d'fheicsint, do ghrádhughadh agus do


L. 32


shealbhughadh ion ríoghacht a ghlóire, tri shaoghal
na saoghal. Amen.



C. Cad do chíalluigheas Amen?



F. Bíadh mar sin.
Críoch.