A Calendar of the Saints of Ireland

B.Á.C.: Celtica (1630)

Michael O'Cleary; eag. John O'Donovan




Ulltan Airde Breacan dochum in himuinn “Brigit be biothmait”, oir asé
dorine a uersa Laidne ata na diaigh, acus ata aroen leis in dan
Laidni ata uaidh le hais na bethadh so scriobh i Laidin .i. Cogitis me
Fratres, acus as cosmail a stil re leabar Cill Connig, acht nach ionann
gidhead.


L. xxvi



L. xxvii


Is ind aimsir sin tug Diarmaid Mac Murchadha, rí Laighen Dearbhorguill,
inghen Murchaid mic Flainn, ben Tigernain ui Ruairc, righ Laighen
acus Midhe, do réir coda do na leabhraibh, ar élódh ar scáth eigin leis.


L. xxviii


... acus do léig a ais a Saxannuib go litreachuibh é, acus go nionnmhas.


L. xxix


tri fichit sguier, acus tri chéd bodha.



dorinneadar longport ann nó go táinic Mac Murchadha chuca cúig céd do
coimhérge.



Do athdhainghnigheadar a cconnradh...


L. xxx



L. xxxi



L. xxxii


Do gabadh comarba Patruig ann, acus do leigeadar na Saxonaigh uatha é da
ndeóin, acus tugadh canóin Patruig, acus ceólán Tigernuigh ar ccúl ó na
Galluibh ar na bfagbháil san ár ar marbhadh a maiccléreach, acus
ataid na huile mhionna ele ag Galluib go se.


L. xxxii



L. xxxiv


Timna Cataoir, mic Feidlimidh, righ Erienn, atbath la Conn
Cédchathach i ccath Muighi hAgha.


L. xxxv


acus atpert fris tuarustol acus tiodhnacail do thabuirt dona macuibh acus
do Laghnibh archéna. Do Bresol Eineachghlas, a dhara mach, cúig longa
luatha luchtmhara, caoga sgiath sgeallbholgach go seamannuibh óir acus
airgid, cúig chloidhimh ordhuirn, acus cuig carpait cetharriata. Do Daire
Barrach, a treas mhac, tri .l. slegh seimhneach go bfeadánaibh
fionnairgit, agus tri .l. cloidhemh coilgshnighthe, acus tri .l. sciath go
ccubhradhuibh óir acus argait; 5 failge óir dergleghtha, tri .l. lenn
lordhatha, acus secht meirgeadha mórchatha. Do rad do Tuathal Tightheach,
mac Maini Mhaoil .x. ccarbait cethar riata, 5 fhichiolla, cuig
branduibh, trioca sgiath go sreathuibh óir acus arguit, acus .l.
claidheamh gérfhaobhair. D'Fiacha Aiceadha, a mac reisin, .l. corn
craoislethan, .l. dabhach ndoinn iobhair, .l. gabhar gormghlas go
srianaib, acus go mbacánaibh créumha. Do Criomhthuinn, a chuigeadh mac,
.l. camán creumha go liathroidibh examhla, 5


L. xxxvi


fhichealla derrsgnaightheacha la xx mbrannamh mbrec fhoirnech, acus
macaemhdacht chert choigidh Laighen. Do rad dna do Nia Corb, mac
Laoghaire Bern-mbuadhaigh, mic Aongasa Osraighe, céd bó brecfhionn,
óidherg acus laogh la gach da bhoin, go nasguibh examhla, céd sgiath mbiligh
mbraoineach, céd craoiseach crannchorcra, céd manaois lethan ghlas; céd
lenn lánchorcra; céd mileachan órdhatha .i. dealg; céd neach
nioldathach; céd corn caoineagair; céd ndabach nderg iobhair; .l. carpat
cumdachta, a x dhíbh cethar riata; .l. ficheall fian imbeartha; .l.
brandubh; .l. bledhe buabhall bélfhairsing; .l. coire creumha; .l. meirge
mór chatha, le cumas comhairle nert chóigidh Gailian.


L. xxxvi



<L xxxvii


L. xxxviii



L. xxxix


Cill Baird i Laignibh, ni agra.


L. xl


Ni dú salann leis an ccorc arán.



nouum testamentum, go ccengal airgid acus gemmuibh.



táinig dionnsoighidh Briain na mBarróg diarraidh caillighe
do togbhail da corp. Ara leic ata isin relig cuirim an leacsa ort a
Gormlaith.


L. xli


Ata a bhacholl mirbuiligh dfionnbhruin .i. prás, go
nairgead buailte ar fagail ag Piotar mac Eochagain.



Dobhach Bercháin dofríoth go nuaidhi in uibh Failgi i
bhferonn o ui Berchain, an maidi fós timchiol an uisge.


L. xlii



L. xliii


Baile Ath in Urchair i cCinel Fiachaidh, ata Tempall Daidhi .i.


L. xliv


bhail ar buaileadh inchinn Meisgeghra ar Conchobhar rig nUlad.



scológ in aice Atha cliath, a ccen a shecht fiched bliadhun lan da
chuimhni dá céill. Doberthi go minic docum fiaghnuise teorann, etc.


L. xlv


Ciar acus Lasar, virgines tutelares, i ttempoll porroste Domnaig
móin, i bporraiste aidbairt dioc. Clocheren.



i ccondae in Rig, in espugoidecht Cluana mic nois.



Saoilim gurab eso Donnchadh patrun na n-iasgaireadh i cCill
Clochair.


L. 4


As é tra an Sguithinsi nothéighedh do Róimh in aon ló gan luing, gan
artrach, agus nothiccedh uaithe doridhise, in aon ló aile. Tárla somh
fecht ann do Bhairre epscop ó Chorcaicch acc imthecht an mhara dia
chossaibh, acus Bairre i luing, go ro fhiarfaidh Bairre desiumh cidh
fo dere dó an mhuir do imtheacht amhlaidh sin. Atbert Scuithín nár bo
muir itir acht magh scothuch sgoithsemrach; acus acc so comhartha aire ag
sínedh a láimhe isin muir, acus tóccbhaidh sccoith do luibhibh corcra este,
acus do chuir go Bairre isin luing. Sínidh imorro, Bairre a láimh isin
muir, acus dobeir bradán este, acus tilgidh go Sguithín é. As ón scoith
sin beos ro hainmnicchedh Sccuithín de.


L. 8


a ccondae acus a nespuccóideacht Luimnigh.


L. 12


dob' áirdfhile do Laoghaire mac Néill d'áirdrigh Erenn...



dorigne onóir, acus airmidin mhór do Phatraicc...



Is é Diarmait dorighne an Cealtair Dicil a ndán, in ro ataigh dronga
dirímhe d'apstalaibh acus do naomhaibh dhomhain, acus do naomhaibh Erenn,
mar chomairce...


L. 16


Así ro fhulaing mar martra ar Dhia; daol do bheith aga diúl gan fhios do
neach, go haimsir imchein, gur bu méidighter orc no banbh co ro chlaoi a
lethtaobh uile, acus maille ris sin a deir Cuimín Coindeire isin dan
dárab tús: “Caras Pátraic puirt Macha,” nar chuir a lecu na a haghaidh
re lár riamh ar gradh an choimdhe. Agso mar adeir.




Carais Mídhe mór altrom,
Umhalóid trén gan toirnemh;
Ni thard a leacain re lár,
Riamh ar gradh an choimdhedh, etc.


L. 22



Adeir Cuimin Condeire isin dán ... nach ccuiredh Féichin édach etir a
thaobh no a asnach, acus an leaba no an charcair ina luigheidh.



Gomadh e so Sarán do bhennaigh i tTig Sáráin i nDealbhna,...


L. 24


tri derbhsethracha, acus tri hógha...



Acus robtar daltadha do Comhgall Bennchair iatt...


L. 26


Atad a thaisi isin mbaile cedna i scrin ata ar na cumhdach go
dersgaighthe le claraibh don leth astigh, acus o umha don leith amuidh
dibhsein, ar na rionnadh go roderscaighthe.



Adeir seinleabhar roaosda meamraim ina bhfrith Martarlaic Tamhlacht
Maoileruain, acus comhanmanna na naomh ...


L. 30


do shiol Colla Uais airdri Erenn. As do ba hainm Eochaidh, mac
Colla,...



Ase dorighne an moladh oirdheirc do Colum Cille d'a ngoirther Amhra
Coluim Cille,...


L. 32


Ba dia cheid fhertaibh an leac for a ruccadh d'a bhaistedh é, nobhítís cach
aga niomlochtadh uirre amach acus isteach, amhail gach n-arthrach aile,
gus an oilen boi ar in loch, for a ruccadh é. Ba dia fhiortaibh fós bacán
siuil bainfighidh boi illaimh Eithne mathair
Maedhócc aga bhreith, baoi ina mhaide feoidhighe chruaidh chuill, do
infhas fo dhuille, acus daghbhlath, acus daghthoradh ina dheghaigh; acus as
marthanach fos an coll sin ina chrann úr gan urchra gan chríonadh
fo ccnoibh gacha bliadhna in n-Inis Brechmhaighe, etc...


L. 34


Brighit, ógh, banabb Cille dara. De shliocht Eochadha Finnfuathairt,
mic Feidhlimidh Reachtmair, mic Tuathail Teachtmair, airdri Erenn dí.
Broiccseach, inghen Dallbhronaigh, mic Aodha Meamair, a mathair, acus
siur do Ulltan Airdebrecain isidhe, acus ise Ulltan do thionoil ferta
acus miorbuile Brighde go haon maighin, acus do aithin da dhiscipul
Broccan a ccuma tre fhilidhecht amail as follas isin Leabhar Iomann,
.i. “Ní char Brighit buadhach,” etc.



An trath dobí Moling ag tionntudh ó righ Eireann, iar bfaghail
maithmidhe na Boramha o Fionnachta ri Erenn, go ghlach aithreachas
muintir an righ, acus ro lensat é dia marbhadh. O doconnairc Moling sin
dochuaidh i muinighin na naomh, acus do ghuidh Brighit ar tús, go
ndubairt: - “A Brighit bennach ar séd,” etc.



Adeir seinleabhar roaosda memraim ina bhfrith Martarlaic Maolruain
Tamhlachta, acus comhanmanna na naomh, acus morán do maithribh na naomh go
raibhe Brighit ag lenmain na mbés, acus na betha dobhi ag naomh Muire
mathair Iosa.



Así an Brighit sin tra na tucc a menmain, na a hinntinn as in ccoimdhe
edh naon uaire riamh, acht a shiorluadh acus a shiorsmuainedh go ghnath
ina menmain amhail as follas ina bethaidh fein, acus fos i mbethaidh naoimh
Brenainn espucc Cluana Ferta. Dobi rofhial rocharthanach re
haoidhedhaibh acus re lucht riachtanais. Dobhi umhal, acus doniodh
aodhaireacht, acus moicheirge amhail derbhas a betha,


L. 36


acus amhail ader Cuimin Coindeire isin dán darab tus, “Carais Patraic
puirt Macha,” etc. Ag so mar adeir: -

Carais Brighid bennachtach
Crabadh buan nar bo benta
Ionghaire, acus moicheirge
Feile re feraibh ferta.




Ro thochaith imorro 74 bliadhan ag foghnamh go diochra don choimdedh ag
denamh fert, acus miorbhal ag slanuccadh gach galair, acus gach tedhma
arcena, amail as follas ina bethaidh fein, go ro fháidh a spirat iar
bforbhadh .lxxiiii. mbliadhan, amhail ro remhraidhsem, A.D.525. Acus
ro hadhnaicedh i nDún in aon tumba lá Patraic mar ar hadhnacht Colam
Cille iaram. Adeir betha Ciarain Cluana, cap. 47, gurab dona hocht
nordaibh dobi in Eirinn ord Brighdi.


L. 40


Adeir Cáin Adamnáin gurab dona naomhaibh fuair sé in urradhas mna do
shaoradh ó gach sglabhaidhecht da raibhe orra Aedh epscop Slebhte.


L. 44


No Glais mór ceall robui i taobh Suird indess, co tangattar Goill
Inbhir Domnann chuicce, co ro marbhsat é, acus a mhuintir uile in aon
oidhche, co na terno éloitheach gan mudhuccadh diob, co ndechsat i martra
amhlaidh sin.



Ethcen, epscop, Cluana foda i Feraibh bile i Midhe, do sliocht
Laoghaire Luirc do Laighnibh dó, acus ase ro forchongair for an damh
nallaidh toidheacht do threabhadh cuicce an tan tucc gradha saccairt for
Choluim Cille an ionadh gradh epscoib, acus atbert an ti Colum Cille na
gebhadh a naitherrach do gradhaibh an ccein bad beo, acus asedh on ro
chomhaill, acus ni tainic nech riamh do gabhail gradha gus an ccill sin osin
alle, A.D.577.


L. 48


ro faidh Daigh eisiumh go araile muilenn i Muigh Muirthemhne, acus bolcc
cruithnechta lais dia mheilt, acus fuair ben acus buachaill daos
tuaithe ara chind isin muilinn, acus bolcc coirce leo dia mheilt; acus ro
iarr Berach orra seal an mhuilinn, acus ni tucsat do, acus ro chuirset ar
gach leith an coirce, acus an cruithneacht isin muilenn, acus ro
heidirdhelicchedh ettorra isin muileann tria miorbhuilibh dé, acus
Beraicch go ro ghabh an cruithnecht daoin leith, acus an coirce don leith
oile gan cumascc mine dibh for araile amhail as follas ina bhethaidh...


L. 50


Ba mór abstainens an tí naomh Fionntain, amhail as follas as an randso: -
...




Fionntain fial, Fionntain fial
Ni ro thomhail re a ré riamh
Acht aran eorna fédha,
Acus uiscce crédha criadh.


L. 54



Colga, mac Ua Duineachda .i. ferleighinn Cluana mic Nois. Ise
dorighne an gné ernaigthe da ngoirther Sguab Crabhaidh. Is cuige tainic
Pol apstol da agallaim, acus da chobhair isin slighidh gur gabh a theigh
liubhar a Móin tíre an áir, acus ase do thagair tar a chenn re sgoil
Cluana mic Nois, acus adeir an prologus, no an remhfocal ata roimh an
urnaigthe sin, gurbo naomh, gurbo saccart, acus gurbo sgribhneoir do
naomhaibh Erenn an Colga so etc. Acus dogeibhther Colga naomh,
acus a gheinealach ar sliocht Dathi, mic Fiachrach mic Eachdhach
Muighmedhoin, acus gomadh é an Colga so é.


L. 64


As dirime ina nderna Dia dfertaibh, acus miorbhuilibh trid is na
talmannaibh. Ase no fhurailedh for na clochaib lasadh la tinfedh dia
anail. Ise fos dorighne iasg, mil, acus ola, don begán feola in aimsir
in troisgthe an tan tainic Brenainn Birrae, acus Ciaran Cluana da
ionnsaigheadh is ar cuairt, amhail as follas ina bethaidh, maille re hiomat
miorbuile eile. Dobiodh i ndabhaigh fuaruisge go minic ar serc an
Coimdhe dia bfoghnad. Ase noteighedh gus in carraic mara robui edh cian
for muir ait a mboi a bhuime .i. Coca, gan luing gan ethar, acus
noticcedh tar a ais doridhise, amhail as follas ina bethaidh fein...



Do athain Ciarán a coimtionol do Dia acus do Carthach.



Adeir betha Bairre, cap. 18, go raibe Muadan ó Aill Nuaitin ar sgoil ag
Bairre i cCorcaigh maille re hiomat ele naomh, acus gur eadbairsiod uile
iad féin, acus a ccealla do Dia acus do Barra; acus mesaim gurab é so no an
Muadan ata 30 Aug. adeir, óir ní faghaim acht iad da nanmannaib is in
Martarlaic.


L. 66


Cairpre Crom,... epscop Cluana mic Nois, cend crabaidh ermoir Erenn
ina ré. As do ro taisbenadh spirat Maoilsechlainn mic Maelruanaddh ri
Erenn. Aon do lo dia mboí acc ernaighte a aenar ina reccles ier
nespartain, conaca in ndeilbh ciorduibh ina dochom go ro shesaimh ina
fhiadhnaisi. Ro fhiarfaidh an tepscop cuich é. Acus asbertsomh gur bo he
féin Maoilsechlainn mac Maolruanaidh, acus ro innis gach earnail péine
fogeibedh i Purgattóir, acus an fochann ar ro pianta é fein, acus a
anmchara i Purgatoir, acus a sceala arcena. Dála an epscoip dno, ro gab ag
gabail éccnairce an righ. Acus ro fhoráil for na saccartaibh guidhe ar in
saccart dia thabhairt a pianaibh, acus go nguídhfedh féin for an righ.
Doronsat amhlaidh ar gach leith go ceann leith bliadhna. Dia mboí Cairpre
ina ernaighthe, i cend na rée sin, conaca in ri chuicce, acus é leithbhrec,
acus tucc a bhuídh fris an epscop ina nderna ara son, acus ro guidhe é
condernaid an ccétna co cend leithbliadhna oile. Doronsat din,
tredhan acus ernaighthi díocra, acus almsana mionca co cend leithbliadhna
aile; acus táinic in rig i ndelbh sholusta ina dochom, acus rug a bhuidhe
fris an epscop naomhtha an doroine, acus ro innis do go rachadh dochum
nimhe an lá sin, acus an saccart arna márach; acus ro fhiarfaidh Coirpre
cidh fodera eisiumh roimhe. Atbert an ri gurbo he uaisle a ernaighthe
siumh, acus treise a ataich seach na sacartaibh .i. da shaccart dheg
bháttar i cCluain mic Nois an ionbaidh sin, etc.


L. 68


Senán, epscop, Insi Cathaigh, mac Gerrginn. Do sliocht Conaire mic
Modha Lamha do. Asé an Senan sin ro thairrngir Patraicc ria na ghein,
an tan tangattar Corca Baiscinn tar Luimneach atuaidh dia shaighidh dia
mbaistteadh. Acus atbert Patraicc friu co raibh gein amhra aca, i mbroinn
mna an tan sin, no baistfedh iatt iarttain .i. Senán. Acus ro tarrngir go
ngebhad Senán in inis, amhail ro comhailledh iarttain. Ar asé Senán ro
bendaigh Inis Cathaigh, acus ro dhiochuir eiste an péistt ó ro
hainmnigedh an inis .i. Cáthach, acus no erchoidighedh an péist do
dhaoinibh acus cethraibh, conar laimhedh a haitreabhadh na a haitiuccad
co ttáinic Senán, amhail atá ina bhethaidh.
Adeir Cuimin Coindeire gur grádhaigh Senán easláinte do beith air, ionnas
go rabhatar 30 tinnes ara chorp.


L. 82


Enda, abb Arann. Conall Dercc, mac Daimhine, mic Coirpri
Doimhairgitt a athair. Do shiol Colla da Críoch ro sonnradh.
Aebhfhinn, inghen Ainmirech, mic Ronáin, rí na nArd, a mathair, acus
mathair Libae; acus do threiccsiumh oighreacht righe, acus rochonách a
atharda ar Dhia; gur cumdaigh ecclas in Arainn, acus ro ghabh a habdhaine
iaramh. Tri chaoga líon a choimhtionoil. Ba he fromadh, acus derbadh
dobeireadh forra gacha nóna dia saoradh ar peacthoib .i. gach fer dibh ar
nuair do chur i ccurach gan croicenn iter uime for an muir amach, acus no
thiccedh an saile isin curach diambeith coir no peacadh ar in ti nobiodh
ann; ní thiccedh diamadh glan o pheactoibh; acus ase Enda an tab as
dédhencha notheighedh isin curach. Ni frith aoinfher don tri caoga sin
nach táinicc gan flechadh as an ccurach, achtmadh Gigníat cóicc no cócaire
Enda a aonar. Cidh doronais a Gigniat ar Enda. Atbertsomh nach
dernaidh acht tuilledh becc dia chuid fein do thabhairt iccuid Ciarain
mhic an tsaóir. Forcongraidh Enda fairsiumh ant oilén dfagbháil.
Acus atbert ni thalla gataidhe sunn, ni ro dheonaigheasa sin cenae.


L. 84


Domhanghort, mac Eachach, epscop, ó Raith Muirbuilg i nDalriada,
A.D.506.
Do shliocht Fiatach Finn, airdri Erenn, ata do shíol Eiremhóin dó.
Derinill chethirchicheach a mháthair.


L. 92


Ceallach, comharba Patraicc. Ata Ceallach deochain o Gleann da
Locha alLaighnibh, .uii. October, acus gibe diobh ara ttugtar
Ceallach, mac Connmaigh, tuigter as an rann so, ata isin dán “carais
Patraicc puirt Macha”, dorinn Cuimin Condeire, go bfuair sé ó Dhia
beith dall, bodhar, bacach. Agso mar adeir:




Carais Ceallach mac Connmaigh,
Crabhadh do chráid a cholann
Daille, buidhre, bacaighe,
Tugadh dó fa dál dodhaing.


L. 94



is amhlaidh fuarattar e ag togbháil chaisil, acus brat fliuch ime, acus
é ag ernaighthe go madh aire sin a dubhradh: -




Gníomh caisil crios fighill,
Slechtain irnaighthe iodhan,
A dera uadh gan etail,
Buaidh Becain gan cuid cionadh.
Lamh a cloich, lamh anáirde,
Glun fillte fri coir cairrge,
Suil ag siledh, dércaidh ale,
Acus bél ag ernaighthe.




Ro féch Becan tairis, acus odconnairc Diarmait. Fon talmain a
fionghalaigh, arsé, acus dochuaidh go nuicce a glune fon
talmain. Ar mo comairce tainicc cugat, ar Colum


L. 96


Cille, do thofhiuscadh a mic do. Ro todhuisig Becan Bresal
mac an righ o marbhaibh.


L. 98


Adeir Cáin Adamnáin gurab dona naomhaibh dochuaidh in urradhus mna do
shaoradh o sluagh, o dhaoirsi, acus ó gach sglaubhaidheacht eile
Cennfaoladh ab Bennchair.



Adeir betha Bhairre, cap. 10, go raibhe Brogan, mac Senain, na dhalta ag
Bairre, acus go ndeinedh tri haicechta gach laoi aige go ttugadh gradha
air, acus gur edhbair é féin cona chill .i. Cluain Carna, do Bhairre; acus
mesaim gurab é so no Broccan ata 27 Iun da labhrann, óir atá gach aon eile
da ainmniughadh ó chill no ona athair acht iad so amhain.


L. 102


Aon eisein dona naomhaibh fuair Adamhnán in urradhus, na mna do shaoradh o
gach daorobair...



dogebhdis a sasadh do ghrés gan saothar ndaonna aga niomfhulang, acht a
mbeith do ghnath ag ernaighthe,...


L. 104


Acus tangattar dibergaigh na fairge tan ann gus an oilen, acus eissiumh ag
celebhradh offrind. Ro chuindigh forra gan a marbhadh acht co tairsedh
lais an taifrenn do radha, acus tuccsat do an cairde hisin, acus ro
dicendadh é iaramh, acus dias ar chaogait dia mhanchaibh imaille fris.


L. 112


Coiningean, acus roba dalta iside do Mac Tail Cille cuilinn, acus is
trithe ro eccnaighsiot cléir Laighen mac Tail.


L. 114


Forannan, mac Ronáin... priomhaidh Ardmacha.


L. 116


Adeir Cáin Adamnáin gurab dona hurradhaibh naomhtha fuair Adamnán na
mná do shaoradh o gach broid, acus o gach lethtrom da raibhe orra Oisin,
mac Glais, abb Cluana ferta Molua, acus ni fhaghaim Oissene ar bith
ele gan beith arna ainmniughadh ó cill eigin acht é so...


L. 118


Conlaedh, epscop Chille dara, acus ba heside cerd Brighde,...


L. 122


Fer ro oil, acus ro lesaigh iliomat do naomhaibh oile, inar adhain, acus
inar las teine domhuchta gradha Dé ina ccridhe,...


L. 128


Oen do ló dia mboi Brenainn i cCluain Ferta ina eclais iar proicept,
acus oiffrend, ceithre bliana décc ria écc conacca an nén ningnathach dar
san seinistir gur suidh forsan altóir, acus ní caomhnacair Brenainn
silleadh fair las na ruithnibh griandaibh bai ina thimchioll. Bennach
dhúinn a cleirigh ar an tén. Rot bennacha Dia ar Brénainn. Cia tu ar
in cléreach. Mese Michel ro fhaidh Dia cuccatsa dot accallaimh, acus
dot airfitedh. Atlochar do, ol Brénainn as focen duitsi liomsa. Ro gabh
an tén a gulbain iar cliathaigh a eite, acus ba binne ina ceola in domain
an ceól doroinne. Doboi Brenainn dan ag eistecht fris ón tráth go
roile, acus celebraidh an tén do iarsin. On uair sin imorro co a bhás, ni
ro éist Brenainn fri ceól saoghalla itir, acht aon la cascc itir ro
chedaigh do mhaicclereach dia muintir a cruit do seinm dó, acus dobhert a
bhennacht don maicclereach iaram. Asedh do gníodhsomh an tan do cluinedh
ceol saoghalla idir, no cuiredh da ubhall ciara


L. 130


nobiodh ar iomchar aicce ina cluasaibh coná cluinedh ceol tre bithe acht
ceol muintire nimhe. Ase an Brenainn sin ro tréicc a athardha, a
cháirde, acus a chomhfuilidhe acus docuaidh dia ailithre for muir siar go
mboi seacht mbliadhna for muir amhail innises a mhuiridhecht, acus a bheatha
fein, A.D.576, an tan tesda.



Fiodhmuine, .i. Ua Suanaigh, angcoire Raithne,...


L. 134


Colman, mac Daire, epscop, dfolaibh riograidhe Muman, o Doire mor, i
ccoiccrich Muman acus Laighen, hisin ccrich re nabarthar tir Eile.



Began acus én mhile amhain ata etir Doire mor acus Leth mor Mocaomóg.


L. 144


Adeirid nar thuit, gerbhiongnadh, ann acht aoinbhen dofrith arna
maireach ar bruach an locha gan fios di féin... nar thuit no ca raibhe.
Tuillid triur ina leabaidh, ata i spingc anabaidh. Ideirid go
ttraghaighenn an loch ina lar, acus go bhfaicther uilphéist
uathbhásach ann, acus tre na huamhain sidhe nach lémh aon snámh coídche for
an loch. Atá a bhetha i nGaoidhelg ag Domhnall Carrach, mac Ferghail mic
Eochadha isin Eanaigh mhor i cCinnsileach. Atá da loch ann idir
slebhtibh duaibhseacha, tuairim .xx. míle ó Ath cliath i ccondae
Chille Manntáin. Adeir Cuimin Condoire isin dán, “Carais Patraicc
Puirt Macha”, go mbiodh Caoimhghin ina shesamh do ghnáth a ccro
cumhang aga diden féin ar dhemhan.



Glúnsalach, .i. dibergach oirdeirc roboí for slighidh Miodhluachra
fri re cian ag dénamh gach uilc, acus ro scrúd ina mhenmain tionntúdh ona
ulc condeachaidh dochum Caoimhghen acus do rad a coibhsena dó, acus ro
an immaille fris iaramh go a écc, go ro naomhadh, acus ro hadhnacht ag
Caoimhgein ina chill é condeachaidh dochum nimhe ar méad a fhoghnamha
do Dhia, acus asi so a fhel. Gomadh é so Glunsalach, mac Costamhail,
o Shliabh Fuaid, acus atá do shíol Ireil, mic Conuill Cernaigh.


L. 150


Colum cille mac Felim, abb manach ndubh a ndoire Choluim chille, acus
in hI in Albain. Criomtann a céd ainm, acus do radadh Coluim fair ar a
chosmhaile fris an én da ngoirther an coluim ar chendsa acus ar ailgine.
As aire ainmnighther é ó chill, .i. ar a oilemahain i cCill mic Nénáin i
cCenel Conuill ina athardha fein. An seachtmhadh la do mi December ruccadh
é i nGartan isin cCenel Conuill remhraite, A.D.520. Ro thochaith,
umorro, da bliadhain, acus da fhichit dia aois in Eirind acc sioladh
creidme, acus irse crabhaidh acus caoingniomha; ag senmoir, acus acc
proicept bréithre Dé; ag slánúghadh gach galair, acus gach tedhma... ag
cumhdach mainistrech acus cheall niomdha seachnon Erenn, amhail ata
Doire, Rathboth, Senglend, Toraidh, Cill mic Nénáin, Druim tuama,
Gartán, Tullaigh dubhglaisi, Baile meg Robhartaigh a cCenel Conaill,
acus Druim cliabh a cCairbre Droma cliabh, acus Scrin a cConnachtaibh;
an Scrin i Midhe, Cenandas, Dermagh, Surd, Maein, acus aroile
ilcealla sechnon Erenn arcena. Dochuaidh iaromh in Albain dia oilithre
acus ro aitreabh isin oilen dan hainm hI Choluim chille acus ro hedbradh
an baile sin do, acus araile cealla iomdha. Acus as mo inderna do foghnamh
in nAlbain ar grádh an coimdedh ina a nderna i nErinn gér bo mór
dorighne do maith innte. Ar ise tug ó dhorcha geinntlighechta, acus
peacadh iat co soillsi creidimh acus caoinghniomha. Ro thochaith imorro
ceithre bliadhna dég ar fhichit dia aois isin crich sin ag foghnamh do
Dhia co ndeachaidh dochum nimhe aidhche domhnaigh do sunnradh iar
bhforbha .ui. mbliadhan .lxx. Tuccadh dana a chorp iarna écc in
hÍ dochom nErenn co ro hadhnacht co n-onóir, acus co nairmittin
móir in aon tumba la naomh Patraicc, acus la naomh Brighit i nDun da
Lethglas in Ultoibh. Ar is iadsin ina ttriur tri hardpatruin na
hÉrenn, .i. Patraicc,


L. 152


Coluim cille, acus Brighit. Acus ba do shaorclannaibh Erenn din, do
Choluim .i. do Chenel Conail Gulban, mic Neill naoighiallaigh a athair.
Eithne, inghen Dioma, mic Noe, do Laighnibh, do shiol Cathaoir móir
.i. ri Erenn a mháthair, acus ni fír mar adeirid daoine gurab inghen do
mac Contsnámha a mháthair, óir dobí suim airidhe do chédaibh bliadhain ó
ghein Coluim cille gus an aimsir inar goireadh O Ruairc ó bfuil Mac
Contsamha. Adeir Cuimín Coindeire isin dan darab tus, “Carais Patraicc
puirt Macha”, nach caithedh Coluim cill do bhiadh ar fedh na seachtmaine
ni doberadh sásadh bidh én uair amháin do dhuine bhocht.


L. 154


Do thairngir Patraic é ar Sith Aodha an tan dobí ag bennachadh
Conuill Gulban acus Fergus a meic, an tan do chuir a láimh ndeis ar cenn
Fergasa tar Chonall. Fiarfaighis Conull de cidh imo nderna. Asbert
Patraicc: Biaidh mac meic ag Ferghas ar sé, acus budh Coluim cille a
ainm, acus is na onóir do beirimsi mo láimh ndeis ar cenn Ferghasa do
bhrigh gurab foigsi fa ghlún an mac sin do iná duitsi, acus budh
taithneamhach la Dia acus la daoinibh an mac sin. Geinfidher mac dia fhine,
etc. Betha Coluim cille, cap. 2. Do thairngir Patraicc a nionadh
ele Coluim cille ria na gheinemhain iar mbeith a nDomhnach mór Muigh
hIthe, a cCenel cConuill, go ndechaidh arna mhárach gus an sruth ris
anabar Daol ina carpat do bennugadh na tire, acus ar ndul go hur an atha
brisitt feirsti an carpait dobí faoi, acus gach uair da ndaingnighthi iad
an tan doteigheadh Pátraicc isin carpat do bristís doridhisi. Acus
iongantaighid cach an ni sin. Na bíodh iongnadh oraibh ar Pátraicc tre
spioraid faidhedorachta óir ni rigenn an talamh úd on tsruth anonn ales
meisi da bennughadh, óir berthar mac ann, acus budh Coluim a ainm, acus
asé benneochas an talamh budh thuaidh, acus as na onóir do thoirmisg Dia
gan mo léigensa do bennughadh an talaimh. Ath an carpait ar Daol ainm
an atha sin. Adeir betha Coluim cille, cap. 2, gur tairrngir Patraicc
Coluim cill an tan dobi ag Búill an tan do bennaigh an abann acus a
hiasg, acus adubhairt go ttiucfadh mac na bethaidh suthaine.i. Coluim
cille, acus go ccumdaighfeadh ecclais onorach ag Eas mic nEirc. Do
tairngir Patraicc gein Coluim cille aimsir dá ttainic go hEs Ruaidh,
acus do bennaigh an taobh budh des don eas, acus a dubairt gurab fo comair
Coluim cille do


L. 156


fháguibh uiresbaidh bennaighthe ar an taobh budh tuaidh amhail do
comhailledh.



Adeir betha Coluim cille, cap. 3, gur tairrngir Martan naomhtha
a naimsir a bháis, gein Coluim cille, óir do iarr a leabhar sein
do cur ar a ucht isin tumba, acus go tiuccfadh mac naomhtha bennaighthe as
Eirinn a ccionn aimsire, acus as on én isa fioghuir doconnairc Eoin ag
luigh ar Iosa ag sruth Iorthannain ainmneochar leth a anma, acus as an
eacclais ainmneochar leath ele a anma tiucfaidh annso a ccionn, 100
bliadhan, acus oisgeolaidh mo tumba, acus coimédfaidh Dia mo leabarsa fa na
chomair gan sal gan dorcadas, acus béraidh go hErinn, acus budh soiscél
Martain a ainm i nErinn iar sin. Ata betha Coluim cille, cap. 62,
ag techt leis sin .i. gur gabh gus in ionadh araibhe Martan, acus go rucastair
an soiscél Martain leis. Do thairrngir Bríghit naomhtha Coluim cille,
cap. 4, do bhethaidh Coluim cille an tan dorighne faistine go ngeinfighe
slat og isin taobh tuaidh, acus gomadh crann mor iarsin, acus go lethfadh a
bharr tar Erinn acus Albain gona (i so) an rann: -




Macan Ethne taobhfhoda,
Seach as bol is blathughadh,
Coluim cille caidh gan on,
Nir bó romh a rathughadh.


L. 158



... gur tairrngir Fionn mac Cumhaill an tairrngertaidh oirdeirc é an tan do
léig an cu oirdeirc Bran andiaidh an daimh allaidh, acus do len gus an
abainn ag Seinglenn Coluim cille, acus nir len tar abainn anonn é, gurab
annsin do tairngir Fionn gein Coluim cille o nainmneochthaoi an glenn
sin, acus go mbeinneochadh a morán d'ionadaibh i nErinn acus in
Albain, acus Bealach damáin ainm an ionaid sin o sin ale.



go ffacaidh Ethne máthair Coluim cille aisling .i. go dtugadh brat mór
di, acus gur lethnaigh os Erinn...



Adeir an 15 cap. do bethaidh Coluim cille co bhfuil Adamnan naomhtha
aga meabrughadh gur foillsigh aingel Dé e fein uair eile d'Eithne, acus
gur thaisbein tubhaille di ina raibhe egsamhlacht acus iolradh gach dath,
acus deaghbhaladh gach neithi deghbhalaidh air, etc.



Doconnairc ben formaid acus iomtnuith dEithne aisling, .i. énach acus
ethaide an aieoir do breith ionathair Ethne fo


L. 160


chríochaibh Erenn acus Alban, acus ruc Eithne fein breath fire, na
haislinge sin.



go bhfacaidh Finnén naomh aisling eile .i. dar leis da esga d'eirghe
isin aier, .i. esga oir acus esga airgid, acus an t'esga oir d'eirge don
taobh budh tuaidh d'Erinn, acus gur las Ere, Alba, acus iarthar
domhain da dheallradh da soillsi, etc., acus an tesga airgid d'eirghe
os cenn Cluana mic Nois, acus gur las medhon Erenn da deallradh acus da
soillsi.



go rachadh clú a chrabaidh eisiomlair, acus dealradh a bheathaidh
ainglecda, a gloine, a eacna, a eolais, a bréithre, acus a senmóra fo
iarthar domhain uile, agus gomadh é Ciarán mac an tsaoir an teasga airgid
cona subhailcibh acas cona deighgniomhaibh, etc.
Amail do tairrngireadh acus do fioghradh gein Coluim cille is amhlaidh
tárla...



amhail dogeibter isin aonmadh cap. fichid do bethaidh Coluim cille...



Ionann imorro Criomtann isin nGaoideilg cruaidh acus sionnach...


L. 162


doconncas do Dia nár biomchubhaidh an tainm sin do beith air, ionnas gur
chuir se a ccroidheadhaibh, acus a menmannaibh na macaomh dobíodh ag
cluithe, acus ag sugradh ris Coluim do ghairm dhe.



As don Baoithinsin ro foillsiccheadh na trí cathaoire oirdearca dfhaicsin
do i nimh folamh fo chomhair druinge do naomhaibh Eireann, .i. cathaoir
óir acus cathaír airccit, acus cathaír ghlaine, acus ro innis do Coluim
cille in hI in reladh ro taidhbhredh do; ár as araon re Coluim cille
nobiodh do ghnáth, ár ba foccas a fialas, acus a carratradh iad, .i. mic
deise dérbhráthar iad na ndís. Is annsin rucc Coluim cille breth do somh
for an ní atconairc, ár ba fáidh amra é. Conidh ann asbert. An cathaoir
óir atconnarcais cathaoir Ciaráin mic an tsaoir ar a naoimhe, acus
einech, acus aidhedhcaire...



An chathaír ghlaine, mo chathairsi féin sin, ár gérsam glan solus is am
aibrisc soibriste tres na


L. 164


cathaib do cuiredh tríom. Conidh iarsin ro chinnsium (.i. Coluim cille)
an apstainent noirdeirc .i. braisech nennta mar bethaidh tria bithe gan
ionmar gan methradh itir, combo léir lorcc a asnaigh tria na ionar cilic
isin traigh gainmighe boí la taobh hIae, an tan no luighedh isin oídhche
fuirre. Baoithin imorro, bai ceithre bliadhna in abdhaine in hI iar mbás
Colaim cille, ár ba do fheraibh Erenn no toghta abb co hI, acus ba o
Chenel Conaill ba meince no toghta itir. An trath dobíodh ag ithe bídh
adeiredh, Deus in adiutorium meum intende, etir gach én da greim. An tráth
dobhíodh ag tionól arbha araon las na manchaibh dobhíodh lámh anairde aige
ag guidhe De, acus lámh ag tionól an árbha. Ro fhaidh Baoithín a ainm
iarsna ceithre bliadhnaibh remhráite dochum nimhe iccomhainm an laoi do
deachaidh Colum cille dochum nimhe, A.D.600.



gur bennaigh Coluim cille an baile, acus gur fháguib cléireach dá muintir
ann a ccomarbus an bhaile,...


L. 172


Ise do ling Luachair Deadhaidh do thri léimendaibh, an tan dobattar na
fuatha ina dhiaidh conidh aire sin adubradh Moling Luachra ris, gér bo
Taircheall a céd ainm. As lionmhar a miorbuile re a ninnisin.
Daircheall din a chéd ainm. Aidche naon ro chuir Moling a iasccairedha do
gabháil éiscc, acus ro gabhsat bradán mór is na líona, acus an tan do
scoiltedh air fríth tinne óir ina medhon, acus ro rann Moling an tór a
trí rannaibh, .i. trian do bhochtaibh, acus trian fri cumdach mind,
acus an trian naile fri dénamh lubhra acus oibre...


L. 176


Mochaoi, abb Naon dromma i nUltoibh. Caolán a chéd ainm. Bronach,
inghean Miliuc, mic Buain, aga raibhe Patraicc a n-daoire a mháthair.
Dochuaidh secht fichit ócclach do buain caolaigh chum ecclaisi do dénamh.
Roboi siumh féin ag dénamh na hoibre, acus ag buain fiodhaigh amhail gach
naon. Ba hurlamh laissiomh a mharclach ria cach, acus contuargaibh fria
ais. Dia mbai amhlaidh go ccualaidh an tén ettrocht ag ceileabhradh for
san droighen ina fochair. Ba háille imorro, ináit énlaith in domhain.
Atbert, imorro, an tén “díocra an obair sin a chlérigh,” ar sé. “Asedh
dlegor dinn ag dénamh ecclaisi De,” ar Mochaoi. “Cia fil gum accallaim,”
ar Mochaoi. “Fer do muinntir mo thigherna sunn,” ar sé, .i. aingel Dé do
nimh. Fochen duit ar Mochaoi, acus cidh Dia ttángadhais alle? Do
taccallaimhse ót tigherna, acus do tairfittedh co léicc.” As maith
liom ar Mochaoi. Glésaiss iaramh a ghulbain a ccliathaib a eite. Tri
caeccait bliadhain do Mochaoi acc éistecht friss, acus a grinne fria ais
ar lár na coilleadh, acus nírbo críne acac an fiodhach, acus nirbo sia
laisiumh ina aon uair do ló. Ceilebhrais an t-aingel do iar sin. Téidsiumh
iar sin don chill cona fhiodhach lais. Go bhfaca an duirteach san chill
iarna dhénamh ara anmainsiumh dia mhuintir. Ba hiongnadh, umorro, lais an
ecclas atconnairc. Dochuaidhsiumh din don bhaile, acus ní ro aithin
neach díbh aroile gur innis féin a sccéla dóibh, acus amhail tárla dó ón én.
Amhail rochualatar somh sin ro shlechtsat do uile, co ndernsat cretar don
fiadhach, acus ro fothaigset an cheall isin ionad sin iartain, .i. áit i
mboísiumh oc estecht fris an aingel.


L. 178



Tri hadbainn do chaoin ceoil,
Ro chan aingel a riocht eoin,
Ar lar chaille i mbun an chroinn,
Caocca bliadhain cach adhboinn.

Asé Mochaoí an céidfher do naomhaibh na hErenn da ttuc Patraicc
soiscél acus bachall, .i. an Eiteach Mochaoí táinic ó nimh...


L. 182


Do fháguibh Pátraicc reilge naomhtha i lLecain Midhe...


L. 188


.. nar ith si a saith riamh, acus nachar ith dinnér.



Tainic Mainnsena, máthair Brénainn Biorra go Saighir, acus dob áil lé
dol go hoilén Doimhle. Ná heirg, ar Ciarán Saighre, acht is a
tTamhlachta bias teiseirge féin, acus eiseirge do mheic...


L. 190


Dochuador sidhe na ttriur i martra isin Almain i nUairseburg.


L. 200


Decclan.. epscop acus confessor.



Robaísiumh in aroile aimsir ag toidhecht ón Róimh, acus ro dhermait clocc
tuccadh dó do nimh for carraicc robaí isin purt, acus ro sna an charracc
ina ndiaidh go raibhe riasan luing go hErinn; acus atbert Declan gibe háit
i ngebhadh an charracc comhnaighe gurab ann do dheonaidh Dia dosomh ecclas do
chumhdach, acus isedh sin ro comhailledh iartain.



.. go ngnathaíghedh a chenn do shíorchur a ccuithe no a bpoll uisge.




Carais Mobeócc buadhach,
Do réir senadh na sruithe,
An trath do thoirnedh a cheann,
Toichredh a chenn sa chuithe.


L. 202



Nessan, deochain...



An tan dobí Patraicc ag bennughadh Mumhan do bhennaigh
deochain Nessan, amhail as follas i mbethaidh Pátraicc. As fair tucc
Cuimin Coindeire an teistsi aga foillsiughadh nach dubhairt brécc tar a
bhel.




Carais Neasan naomh deochain,
Crabhadh ainglidhe iodhan;
Nocha ttáinicc tar a dhéd,
Ni budh brég ná budh brefal.


L. 210



Asé Molua dob anmcara do Dabid Cille muine...


L. 220


...ase ba tréinfher do Pátraicc, acus dobhíodh agá iomchar tar gach ionad
aimhréidh.


L. 222


Daigh, mac Cairill... Ceard oirdeirc ésein. Asé dorighne ced go leith
clocc, céd bachall, acus do chuir cumhdach no folach ar trí fichitt
soisccel (.i. leabar ina mbí oirbreacha an cethrair soisccel,)...




Tri caogad clocc, buadhach bann,
La chéd mbalc mbuidhneach mbachall,
La seasca soisccéla slán,
Do láimh Dheagha a aonarán.




Mochta, epscop Lughmaigh. Tri ced bliadhain a aois an tan docuaidh
docum nimhe... Acus ní dhubhairt briathar bréicce no aineólach, acus nír
ith én greim méith, no ina mbeith súgh sesúir an fad sin. Gonadh aire sin
tuccadh an tuarasccbháilsi air, acus fós agá fhoillsiughadh go rabhatar tri
fichid senóir ina thegh, no nach dénadh saothar ar bith acht ag rádh psalm
acus ernaighthe...


L. 224



Fiacail Mochta fa maith bés,
Tri chéd bliadhain buan an cís,
Gan guth niomruil seiche suas,
Gar mir nionmhuir seiche sís.
Tri fichid senoir psalmach,
A theghlach rioghda remend,
Gan ar, gan buain gan tíoradh,
Gan gniomhradh acht madh léighend.
Fer trí fichit, fer trí céd,
Arca fuin as sein an dét,
Ni mo cin ogan foghail,
I faithfithe an seinfiacail.




Adeir Cuimin Coindeire ... gurab céd bliadhain dobhí Mochta gan greim do
annlann no do ní méith do ithe.


L. 234


Isedh aderar gur tuitettar tiagha liubhar Erenn, acus a soisccela, acus a
leabhair foghlama da naidhlennaibh an oidhche écca Luingaradh, amhail do
tuiccfidis nach tiucfadh go brath neach mar Longaradh.



Ba do bhésaibh Ultáin gach lenabh ar ná bíodh leasuccadh in nErinn é
féin da mbiathadh lena lámhaibh féin, gurbo minic caoga no trí caogait in
aoinfhecht aige, gerbo dodhaing dó.



Adeir fos Cuimin Coindeire go mbíodh carcair cloiche nó mhaide fo na thaobh,
acus go ndeinedh fothraccadh i n-uisge fuar isin gaoith rocruaidh.


L. 238


Adeir betha Ciarain Cluana,.. gurabe Mac Cuilin acus Odhrán, ó
Letrechaibh do innis do Ciarán a shaoghal do thimhdibhe...


L. 240


Bai imorro Ciaran in araile la in Iseal Ciaráin ag cur shil, acus táinic
duine bocht dia shaighidh do chuinghidh almsaine fair. Dobeir Ciarán
mám don ghrán ina ucht, acus ro soadh in ór fo cettóir. Do chuir an rí
an tan sin, .i. Aenghus, mac Criomhtainn, da each acus carpat go
Ciarán, acus tucc Ciarán na heich don bocht ar an ór, acus ro soadh in
tór ingran focettoir, acus ro síoladh an gort de iaramh, coná raibh isin
crích uile árbhar rob ferr inás.



Samhailter Ciarán fri Crist amhlaidh sin óir as trí bliadhna triochat ba
haois do Críost amhail ba headh do Ciaráin. Beoaidh saor ba hainm
dhathair Ciaráin, amhail as Ioseph saor ba hainm do cele Muire...


L. 242


As adhbhal a fherta acus a miorbhúile, amhail as follas ina bhethaidh..


L. 246


Ailbe, airdeaspucc ó Imleach Iobhair isin Mumhain, A.D. 541, an tan
ro faidh a spirat.



Carais Ailbhe aoidhedhcaire..


L. 248


Corbmacc, mac Culennáin, rí Mumhan, epscop, acus mairtir.



(Dob óigh hé riamh; acus i nionar ro inigh no chodladh; fa hiairmeirgidh
fós, acus in uisci do ghabhadh a shailm go minic. Gormlaith umorro
inghen Flainn.. a bhensidhe, acus nir chionaidh ria acht aon phóg iar
niairmeirghe; acus trí caogait salm i ttiobrad Locha Tarbh d'aithrighe.)


L. 250


Criotan Certronnach, ceallóir Comhgaill Bennchuir.


L. 254


Asé an tAdhamnansa robhuí .ui. bliadhna fiched in abdhaine i nI
Cholaim cille. Robai sidhe dno, aon do ló i n-hI, acus asedh ro scrúd
ina mhenmain anmain co cenn trí lá acus trí noidhce, ina recclas aaonar ag
atach an coimdedh, acus ro airis din co ceand na ré é sin gan toidheacht
don mhainistir itir. Lotar uathadh daoine foirbhthe don recles dia fhios
cionnas roboí an cléireach, ár ba cianfhoda leo dobhuí ina neccmais. Ro
dhéchsat for poll na heochrach, acus atconncatar an mac mbecc co
ndealradh, acus ruithnedh éttrocht in ucht Adhamnáin. Robhuí dna
Adhamhnán ag buidhe, acus ionmaille fris an naoidhin, acus ni
caomhnachtor a fégadh ní budh síre las na ruithnibh diadha bátar imon
mac. Ba derbh leo ba hé Iosa baí indeilb naeidhen ag urgháirdiuchcadh
Adhamhnáin amhlaidh sin, acus gur bo hé fós fa sásadh, acus airer do ar
fedh na ttri la sin cona naidhcibh. Leastor n-eccna é, acus fer lán do
rath De, acus do eolas an naoimhscriptuir, acus gach eccna archena.
Lochrann lasamhail é ro shoillsigh, acus ro ionshorchaidh iarthar Eorpa
do shoillsi soalach acus soibhés, reachta acus riaghla, eccna acus
eolais, úmhla, acus inísle.



Ro hadhnacht imorra a chorp go nonóir, acus co nairmitin móir i n-hI,
acus tuccadh a chorp in nErinn iar ttrioll..


L. 256


..as cosmail gurab é so é, óir ní faghaim a aithearrach isin Martarlaic.


L. 258


Bairre, epscop acus confessor, ó Chorcaigh Mumhan. Criost fadeisin do
rad grádha eapscoip fair, amhail as follas ina bhethaidh. Do sliocht
Briain, mic Eachdach Moighmedhoin dó.



Do labhair Bairre i mbroinn a mháthar, acus fós iarna bhreith tresar
saoradh a athair acus a mháthair, amhail innises a bhetha ...



Dogeibther ag seinleabhar roaosda ina bhfuil Martarlaic Tamhlachta acus
bainseanchas na naomh, go rabhatar seacht naoimheaspuicc décc, acus seacht
ccéd manach rathmar amalle le Bairre..


L. 270


Adeir seinleabhar ro aosda memraim go raibh Cainneach cosmhail a mbésaibh
acus a mbethaidh re Pilib apstol. Acus ní faghaim suaithniughadh ar bith
ar an cCainneach ar a ttugadh an tuarasgabail sin acus munab é so é iarraim
pardún ar an naomh ara ttugadh, ma a tu ag dénamh ainbhfis an aimhriocht.


L. 274


Mar do ghlac Colum cille an crios as ann adubhairt. Maith an fer aga
raibhe an crios so, ar sé, óir nír hoslaigedh dochum craois riamh, acus nír
hiadhadh fa bhréig.


L. 280


Acus as é Mochua, mhac Lonáin ro íc é ón lubhra baí fair ó thossaigh.




Mac Tulchain dia deóin,
Ni ro sháith ionga ina fheoil,
Gomadh móide a phian abhus,
Ni derna riamh thochus.


L. 284


Ag so an Cruaidh do ghuidh Moling do theacht dá chobhair maille re
drongaibh ele do naomhaibh Erenn, an tan dobí teglach Fionnachta rígh
Erenn ina dhiaigh dia mharbhadh, óir dob aithreach leo mar do mhaith
Fionnachta an boromha do Laighnibh ar impidhe Moling, go ndubairt
Moling...


L. 290


Adubairt Art .. iar bfhaicsin na físe an lá ria ccath muigh Mucraimhe,
gurab Dumha Dergluachra ba hainm don aitsin ó thús, acus gomadh
Trefhod dobhiadh air ó sin amach óna trí fódaibh do bhenfadh sé an uair
sin, .i. fód fona chenn acus fód ceachtar a dhá thaobh, acus gurab ann
do hadhnaicfidhe é in ainm an athar, an mic, acus an spirat naoimh.


L. 292


Do shliocht Cuirb Uluim .. mic Rughraidhe, ó n-abarthar Clanna
Rugraidhe dó.


L. 294


Malachias .. áirdespucc chathaíre Páttraicc, acus airchend iarthair
Eorpa, acus legait chomharba Pettair, acus aoinchend ro riaraighsiot
Gaoidhil acus Goill, ardshaoi inn-eccna acus i ccrábhadh, lochrand solasta no
fhoillshighedh tuatha acus eccalsa tria foircetal acus caoinghníomha.
Aoghaire tairise na hecclaisi co coitcenn. Iar n-oirdnedh dó espucc acus
saccart, acus aésa gacha gráidh arcena, acus iar coisreaccadh tempal acus
reilccedh niomdha, acus iar ndénamh gach lubhra ecclastaccda co hiomdha;
iar ttiodhnacal seott acus bíd do thrénaibh acus do thruaghaibh; iar
bhfothuccadh ceall acus mainistrec, ar as leissiumh ro hathnuadhaighthi i
nErind iar na bhfailliucchadh ó céin máir gach necclais ro léiccthi a
ffaill acus in eislis. Iar bfágbhail gach riaghla, acus gach soibhésa in
ecclais na hErenn arcena. Isin dara fecht a légáidechta ro fhaidh a
spirat


L. 296


dochum nimhe iar mbeith ceithre bliadhna decc ina priomhaidh in
nArdmacha...


L. 302


As é ro athbheóaigh Eoghan Sriabh, mac Duach Galaigh a bás an tan ro ba
naoidh é, conidh óna sriabhaibh dia bhachaill tucc for a chorp agá
aithbheóughadh ro hainmnighedh Eoghan Sriabh dhe.


L. 304


Leastar n-eccna a aimsire an fersa. Proiceptaidh eargna bréithre Dé.


L. 306


Caillin, mac Niatach .. Adeir betha Maedhoig .. gurab dalta foircedail
do Caillín Maodhog. As é an Caillín si tra dorighne an fiort namhra
ar na draoidhibh ro fhaid Fergna, mac Ferghasa, ri Breifne .. ina
acchaidh an tan ro triall fothuccadh Fiodhnacha go ro soadh i cclochaibh
na draoidhe fo chéttóir, acus marait beos ina ccoirtibh cloch,


L. 308


amhail aisneídhes a bhetha acus ro shluicc an talamh an ri Fergna feisin.
Ba caol craibdheach an tí naomh Chaillin. Ba hógh, ba hionnraic. Ba
he an teine lasamhail fri losccadh ingrinntidh Dé, acus na heccailsi; ba
hé an muir gan traghadh i fertaibh, acus a miorbailibh.


L. 316


Asé an Fionnchusa nobhíodh go meinic i carcair cloiche


L. 318


robadh airde ina a fhad féin, acus cloch uasa chionn, acus cloch fo a
chosaibh, acus dá bhacán iarainn ceachtar dhá thaobh na carcrach; acus
no léiccedh a dhi osccaill ar na corránaib sin, cona benadh a chenn fris
an ccloich suas iná a chossa fris an leic síos.



Tárla Comghall Bennchuir cuicce in aroile aimsir, go ro fhuráil
fair toidhecht as, in carcair sin, gér bo lescc lais, etc. As é no
luighedh in aon adhnacal la gach marbh no hadhnaicthe ina chill in
chédoídche, etc.


L. 320


.. fo chrann dhuilligh ag urnaighthe ina aonar, acus go bhfuil dealbh na
croiche isin inadh sin...



..gur thairngir Brenainn Colum cille do geinemhain athaid ria na gein.


L. 328


..ar ba caoin an tormach do samh retlu ag foillsiughadh a comperta
amhail robhaí ag foillsiughadh coimperta Críost.


L. 338


As aicce robai reithe caorach no iomchuiredh a psaltair acus a leabhair
urnaighthe. Tainicc aroile méirlech acus gadaighe go ro goid an reithe.
Teid iaramh Maighnenn cona tri nonbhoraibh cléireach in diaidh an mheirligh
go a thech. Ro shén an méirlech goid an reithe fo mhionnaibh, acus fo
láimh Maighnenn féissin. Dobí an reithe ina cethramhnaibh cosccartha i
bpoll talman, iar nithe irraibhe ina bhroinn. Ro labhair an reithe faoi
isin poll. Féchais Maighnenn acus a thrí nonbhar uasta for nemh, acus
tuccsat altuchcad buidhe do Dhia immon bfiort sin. An méirleach imorro ro
benadh a ruscca dhe, acus dochuaidh a lúth asa chosaibh, acus assa
lámhaibh, acus atbert ó ghuth mhór ar Dhia frit, a Mhaighneann, ar se, ná
ben nemh díom budhdesta. Mar dochualaigh Maigh-nend


L. 340


aithrechus an phecthaigh, ro ghuidh Dia co díochra ara shon, acus doroine
ernaighthe, acus fuair a shúile do doridhisi acus ba saoi i ccrabhaidh cein
boi imbiu, acus ro móradh ainm De acus Maighnenn tre san bfirt sin.


L. 346


... ní fhuil eaglas ann anosa, gidhedh as gnath lenbain oga d'adhnacal ann.


L. 348


Tri ched slectain gach noidhche, acus tri ched slechtain
gach laoi doníodh amhail adeir Cuimin Coinneire.



Acus do thairngir go ttiucfad Mael andiaidh na ttri n-easpucc
n-eithriccedh dobhí ina chathraigh, etc.