Stair na hÉireann 1

Connradh na Gaedhilge (1908)

Micheál Breathnach



Caibidil 1.



Na Ceiltigh. An socrughadh i nÉirinn, Clanna Míleadh.



Tá na seanchaidhthe ar aon intinn gur tháinig na
Ceiltigh go hÉireann trasna na hEórpa. Ceapann
seanchaidhthe áirithe gur bh' ó'n Ásia a thrialladar, acht
ar chuma ar bith bhíodar seal i n-aice Srotha Danóibí,
agus innseann stair na hEórpa féin dúinn go raibh
na Ceiltigh an-láidir agus an-chumhachtach san Eóraip
roimh na Rómhánaigh féin, trí mhíle bliadhain ó shoin. Is
deacair dhúinn fios cruinn d'fhagháil cé an uair ar tháinig
na Gaedhil — cuid de'n tsliocht mór Ceilteach so — go
hÉirinn nó cé mar thángadar.



Do réir an tseanchais budh iad muinntir Phártholáin,
muinntir Neimhidh, Fir Bholg, agus Tuatha Dé Danann
na chéad dreama a leag cos ar bhántaibh Fáil. Is
cosamhail go raibh draoidheacht mhór ag Tuathaibh Dé
Danann, an dream a tháinig i ndiaidh Fear mBolg, agus
freisin go rabhadar ealadhanta agus fóghlumtha ar go
leór bealach, agus mar sin de gur chuireadar iongantas
mór ar Fhearaibh Bolg le n-a gcuid draoidheachta. Tá
cunntas le fagháil againn 'san stair go mba le n-a
ndraoidheacht a fuaradar buadh agus lámh i n-uachtar
ortha sa deireadh. Budh iad Clanna Míleadh an cúigeadh
dream a tháinig, fuair siad-san buaidh ar gach dream
d'á dtáinig rómpa. Dream tréanmhar agus fir troda
cródha misneamhla dob' eadh iad.


L. 2


Deireann seanchaidhthe linn ar theacht do Chlannaibh
Míleadh trasna na hEórpa gur shocruigheadar 'san
Spáinn agus gur chuireadar an tsean-chathair Brigantia,
.i. Tor Breógain, ar bun annsin. Do réir rádh béil na
nGaedheal do thriall Íoth, dearbhráthair d'athair Mhíleadh,
ó'n Spáinn uair amháin agus d'éirigh leis an stad gur
shroich sé Éire, agus do réir an tseanchais ar theacht
i dtír dó, d'ionnsuigh Tuatha Dé Danann é agus
loiteadar é, sul mar d'éirigh leis a bheith ar ais 'na
luing. Cailleadh ar an bhfairrge é ag teacht ar ais
do'n Spáinn go dtí n-a mhuinntir, agus thug a mhac,
Lughaidh, a bhí leis, a cholann chum Clann Míleadh, agus
chuir faoi ndeara dhóibh gluaiseacht leó fré chéile le
sásamh a bhaint amach ar son a bháis, agus le seilbh agus
ceannas na tíre a ghabháil.



Bhí Míleadh, an sean-taoiseach, básuighthe tráth tháinig
mac Íotha ar ais, acht bhí a chlann mhac agus a mháthair
.i. an bhainríoghan Scota, sásta ar ghluaiseacht le seilbh
d'fhagháil ar an tír a chonnachthas d'á sean-aithreachaibh
a bheith i ndán d'á sliocht a dó nó trí de chéadtaibh
bliadhain roimhe sin.



Ghluais leó ó'n Spáinn i ndeich gcinn fhichead de
longaibh, de réir na tuairisge, agus an bhainríoghan
Scota mar thaoiseach ortha, agus Éibhear Fionn, Aimhirgin,
Éibhear Donn, Colpa, Ír, agus Eireamhón, seisear mac
Mhíleadh, 'na measg. Ceapthar gur tugadh an turas
so go hÉirinn ceithre chéad déag bliadhain roimh aimsir
ár Slánuightheóra, acht is deacair a bheith cinnte dhe.



Níor bh' “Éire” acht “Inis Éalga” a bhí mar ainm
ar an tír an tráth sin. Bhí triúr dearbhráthar de Thuathaibh
Dé Danann 'na ríghthibh ar “Inis Éalga” an uair sin
agus triúr deirbhsheathar, Éire, Banbha, agus Fódla,
pósta aca. Maireann na hainmneacha so i nÉirinn go
dtí an lá indiu, agus bhíodh fonn mór i gcomhnuidhe ar
na filíbh Gaedhealacha ainm éigin díobh so a thabhairt ar
an tír 'na gcuid filidheachta. Tá 'fhios againn mar sin,
cé an fáth go bhfuil “Éire” mar ainm ar an tír anois
— mar gheall ar go raibh an t-ainm ar bhainríoghain 'san
tír trí mhíle bliadhain ó shoin.


L. 3


Mar dubhras, bhí Tuatha Dé Danann 'na ndraoidhea-
dóiríbh móra, agus nuair nár bh'fhéidir le Clannaibh
Míleadh an tír a fheicsin nuair a bhí súil aca, mheasadar
gur bh'iad Tuatha Dé Danann a chuir dorchadas nó
dubh-cheó idir iad féin agus í, acht 'sa deireadh thiar
d'éirigh leó teacht i dtír. Tháinig Tuatha Dé Danann
chuca go casaoideach. Dubhradar go rabhadar gan a
bheith ullmhuighthe le n-a dtroid, agus ó thárla nár
airigheadar ag teacht ortha iad, nár chóir go bhfuighidís
seilbh na tíre chomh héasgaidh. “Mar sin,” ar siad-
san, “téidhidh amach arís in bhur longaibh, agus má's
féidir libh teacht isteach an dara huair d'ár
mbuidheachas-ne, bíodh an tír agaibh.”



Níor mhór a thaitin sin ar dtús le Clannaibh Míleadh.
Bhíodar eaglach roimh dhroidheacht Thuath Dé Danann,
agus cheapadar go mb'amadánta an rud iad féin a
chur i gcontabhairt gan teacht i dtír ar chor ar bith an
dara huair. Acht 'sé rud a shocruigh Aimhirgin, a
n-ollamh agus a dteagasgthóir, gur chóir dóibh an dara
hiarracht a thabhairt, agus, mar sin, amach le Clannaibh
Míleadh ó'n tráigh, acht ní rabhadar acht achar geárr
amach nuair a shéid sé 'na anfadh gaoithe le draoidheacht
Thuath Dé Danann. Ruaigeadh le fánaidh Clanna
Míleadh ar fud na fairrge móire. Sguab an ghaoth
láidir léithi long annso agus long annsúd, go rabhadar
go léir sgaipthe ó chéile. Báidheadh go leór de na
taoisighibh agus a gcuid ban, agus ní raibh fhios cé rud
a thárla do mhór-chuid de na longaibh. Tháinig cuid díobh
i dtír i n-Inbhear Colpa, .i. ag bun na Bóinne, cuid i
gcuantaibh Chiarraighe agus tuilleadh annso agus annsúd
i bhfad ó chéile.



Acht d'éirigh le Clannaibh Míleadh teacht 'na chéile
agus tugadh cath mór fuilteach idir iad féin agus na
Tuatha i ngleann i ngar do Thráigh Lí seal thar a éis sin.
Bhuaidh Clanna Míleadh 'san gcath, acht go marbhadh a
máthair Scota, agus cuireadh í ag Scoithín i gCiarraighe.
San gcath deiridh a tugadh idir Clanna Míleadh agus
na Tuatha bhuaidh Clanna Míleadh arís, agus do marbhadh
ríghthe na dTuath, agus freisin a dtriúr ban, Éire,
Banbha, agus Fódhla, a thuit leó 'san ár céadna.


L. 4


Caibidil II.



Éire faoi Chlannaibh Míleadh. Droch-bheart Thuath Dé
Danann. Socrughadh Feise na Teamhrach. Cumhacht
agus eagla na Rómhánach.



Bhí an tír ar fad beagnach i seilbh Chlann Míleadh
gan mórán moille, agus chuireadar Fir Bholg agus
Tuatha Dé Danann faoi n-a smacht, acht thugadar cead
dóibh aire a thabhairt d'á ngnó féin 'san tír, ach amháin
nár bh'fhéidir leó dadadh a dhéanamh a bhain le gnó an
ríogh ná le riaghlughadh na tíre gan cead ar leith ó
Chlannaibh Míleadh.



Níor bh'fhada gur éirigh troid agus imreas mór idir
an bheirt dearbhráthar, Eireamhón agus Éibhear, mar gur
mhian le gach duine dhíobh é féin a bheith 'na rígh. Do marbhadh
Éibhear 'san troid, agus annsin bhí an tír faoi riaghlughadh
an dearbhráthar. Ar feadh míle bliadhain, beagnach, bhí
rí de shliocht Mhíleadh ar Éirinn agus chuir an tír ar
aghaidh ar go leór bealach. Bhí grádh aca d'fhoghluim agus
do ghaisgidheacht. Ní'l againn acht cuimhniughadh gur
chuir Ollamh Fódla, duine de shliocht Mhíleadh a bhí
'na árd-rígh ar Éirinn, Feis na Teamhrach ar bun míle
bliadhain roimh aimsir ár dTighearna le tuigsint cé an
fonn a bhí ortha deagh-dhlighthe agus deagh-shocruighthe a
dhéanamh. Chum na Feise seo uair gach trí bliadhna nó
mar sin thagadh le ordughadh ó'n rígh na taoisigh, na
flatha, na báird, na breitheamhain, na sgoláirí, agus na
seanchaidhthe le comhairliughadh agus ceadughadh le chéile,
agus le gach rud a d'oireadh a shocrughadh. Mhair
Ollamh Fódla 'na rígh ar Éirinn ar feadh dhá fhichead
bliadhain agus do réir gach tuairisge d'á bhfuil againn
le fagháil 'san stair, b'iongantach an duine é, mar
ní hé amháin gur dhlúthuigh sé agus gur leathnuigh sé
muinnteardhas, cáirdeas, agus sócamhal ar fud na tíre,
acht bhí éirim agus úghdarthás mór ann féin thar aon
duine eile. Muna mbéadh go raibh, níor bh'fhéidir leis
na socruighthe a dhéanamh, agus séan agus suaimhneas a
chur ar fud na tíre mar chuir sé.


L. 5


Thar éis Clanna Míleadh a bheith os cionn na tíre ar
feadh céadta bliadhan d'éirigh míshástuigheacht agus
míshuaimhneas mór imeasg Thuath Dé Danann agus
Fear mBolg a bhí an tráth sin féin go láidir 'san tír
agus gan mórán láimhe isteach nó baint nó páirt aca
le Clannaibh Míleadh ar chor ar bith.



Do neartuigh a míshástuigheacht i n-aghaidh Chlanna
Míleadh chomh mór agus gur shocruigheadar iarracht
láidir a thabhairt ar chríoch a chur leó amach is amach.
Mar sin de, thar éis iad a bheith ag ollmhughadh ar feadh
trí mbliadhan i gcomhair an áir a bhí fútha a dhéanamh,
thugadar cuireadh na féile (mar budh eadh!) do Chlannaibh
Míleadh go dtí cruinniughadh mór ar an mbán i n-aice
Chnuic Meádha i gConndae na Gaillimhe. Bhí bualadh
báire, gníomha gaisgidheacht, imirt fithchille, fleadh
agus féasta le bheith ann ar feadh naoi n-oidhche agus
naoi lá. Acht sul do sgaip an cruinniughadh, do
hionnsuigheadh Clanna Míleadh, agus rinneadh ár
millteach ortha, gur marbhadh iad ó dhuine go duine nó
nár fágadh fear innste sgéil díobh gan deireadh a chur
leis, acht amháin triúr naoidheanán i mbronnaibh a
máthar ag éirigh leó imtheacht. Bhí an triúr ban pósta
ag triúr flath de Chlannaibh Míleadh, agus 'na
n-ingheanachaibh do rígh na hAlban, do rígh na Breataine,
agus do rígh na Sacs. D'éaluigh leis an triúr ban go
hAlbain agus annsin 'seadh rugadh a dtriúr mac.



Deireann an seanchas linn, thar éis an áir a rinneadh
ar Chlannaibh Míleadh, gur tháinig gach mí-ádh agus mí-rath
ar an tír, agus go raibh an donas ag teacht ar gach
bealach. Rinneadh rí de Chairbre thar éis an mharbhtha
so agus níor bh'fhéidir leis an tír a bheith ní ba mheasa
ná mar bhí sí le linn a bheith 'na rígh dhó.



Nuair a cailleadh Cairbre, ceapadh rí a dhéanamh d'á
mhac, Murán, acht d'eitigh sé. Dubhairt sé nár chóir
dhó-san a bheith 'na rígh an lá 'na raibh triúr de'n
tsliocht d'ár chóir an choróin ó cheart beó. Mar sin,
chuir sé fá ndeara an triúr mac a thabhairt ar ais ó
Albain, agus rinneadh, le háthas agus aoibhneas, rí de
dhuine aca dár bh'ainm Fearadhach. Cheap Fearadhach


L. 6


Murán mar árd-bhreitheamhain agus an fhad is mhair sé
'na bhreitheamhain bhí síothcháin, sógh agus sástuigheacht 'sa
tír.



Le linn na haimsire a rugadh ár Slánuightheóir Íosa
Críost, bhí an domhan ar fad beagnach faoi smacht
na Rómhánach. Thángadar agus chuireadar an Bhreatain
faoi n-a smacht go héasgaidh. Throid muinntir na
Gasille (.i. na Frainnce) go calma tréanmhar 'na
n-aghaidh, acht fuair na Rómhánaigh an lámh i n-uachtar
ortha, agus chuireadar faoi smacht iad. Chualaidh na
Rómhánaigh go minic trácht mhór ar dheiseacht agus ar
áilneacht na hÉireann agus ar an saidhbhreas mór a bhí
innti, acht 'na theannta sinn chualadar trácht ar chalmacht
agus ar thréineacht na nGaedheal, agus ar na mór-
ghníomhaibh agus ar an ngaisgidheacht ab' fhéidir leó a
dhéanamh, agus mar sin, dá mhéad an tsainnt a bhí aca
'san tír, cheapadar go mb'fheárr gan aon chur isteach a
dhéanamh ortha. Is féidir linn tuigsint as sin go mba
thréan na laochra agus go mba mhór í cáil gaisge na
nGaedheal an lá nár leig faitchios do'n Rómhánach
sanntach, a bhí ag buadhadh ar fud an domhain, aon chur
isteach a dhéanamh ortha.



Caibidil III.



Éire mar bhí fad ó.



Ins an tsean-aimsir na céadta bliadhain sul tháinig
Naomh Pádraig níor bh'ionann ar chor ar bith an tír
agus anois. An t-am sin bhí Éire faoi choilltibh móra
tiugha, 'na mbíodh na mílte beithidheach fiadhain, an
madadh allta, an cullach fiadhain nó an torc, an fiadh,
an sionnach, agus an madadh fiadhain, an cat fiadhain,
&rl. B'é sin an t-am 'na mbíodh an eilit mhór le
fagháil agus le fiadhach, atá anois caillte glan 'san
tír go deó. Bhíodh na mílte éanlath 'sa tír freisin,
an t-iolar, an chorr éisg, an eala, an seabhac, &rl.,


L. 7


agus éanlaith go leór nach bhfuil a leitheid le fagháil
'san tír anois ar chor ar bith. Bhí na beacha 'sa tír go
han-fhlúirseach, agus maidir le togha meala budh i n-Inis
Fódla a bhí a tabhairt amach do réir gach tuairisge. Ní
raibh an luasgán laithighe le fagháil 'san tír go dtí tuairim
na haimsire ar thosuigh an Normánach ag iarraidh Éire
a bhaint amach.



Bhí iasg an-fhairsing 'san tír freisin, agus bhí an
madadh uisge ann an t-am sin mar tá indiu. Bhíodh na
madraidhe allta agus imtheacht 'na bplódaibh ar fud na
tíre agus ag sgriosadh na ndaoine go minic leis an
slad a ghnídís ar dhuine agus ar bheithidheach. Bhí
madraidhe áirithe ag na daoinibh le n-a dtroid nach
bhfuil a leitheidí le fagháil anois le fada, agus bhí siad
faoi chlú ar fud na hEórpa le n-a gclisteacht, le n-a
ndánacht, le n-a spreacadh, agus le n-a ndílseacht d'á
máighistir. Go dtí le dhá chéad bliadhain nó mar sin
bhí na madraidhe allta go fairsing 'san tír.



Bhí an tír faoi mhianach an t-am úd. Bhí mianach óir,
iarainn, agus umha go fairsing le fagháil. I gConndae
Chille Mantáin 'seadh ba mhó a bhíodh ór le fagháil.



Is aisteach an rud go bhfuil Éire chomh fágtha gan
coillte, agus a fhairsingeacht is bhí sí fútha 'san am
fad ó. Acht tá 'fhios againn go mbíodh na coillte go
síorraidhe d'á ngearradh, agus an talamh d'a réidhtiughadh
le haghaidh cuir. Bhíodh an t-adhmad freisin d'á ídiughadh
go tiugh le haghaidh teineadh, nuair a bhíodh iarainn d'á
oibriughadh 'san tír, agus freisin bhí ceannach mór ar
dhair na hÉireann. Tá 'fhios againn gur as Éirinn
a tugadh an dair d'á ndearnadh na rataí agus na
taobháin atá ar halla mór Bhestminster Lonndain
le tuairim a hocht gcéad bliadhain. Mar sin de, i
leabaidh a chéile bhí na coillte d'á ngearradh, an
t-adhmad d'á ídiughadh, nó gur fágadh an tír go lom
de cheal crann mar tá sí indiu.



Bhí grádh an tsaoghail ag na sean-Ghaedhlibh do
léigheann, go háirithe do stair na tíre, d'fhilidheacht
agus do shean-sgéaltaibh. Faraor! go leór de na
leabhraibh 'na raibh a gcuid sean-sgéalta agus a gcuid


L. 8


filidheachta sgríobhtha, dhóigh an Lochlannach iad ar theacht
dó, agus tá siad anois caillte go deó ag Éirinn,
acht tá mór-chuid lámhsgríbhinn againn i dtaisgidh fós
i gColáiste na Tríonóide, 'san Acadaimh, i Leabharlainn
na mBreatnach i Londain agus i nOxanfort. Ní
raibh aon rud ab' fhearr leis na manaighibh i nÉirinn
fad ó ná bheith ag sgríobhadh leabhar, agus bhí na leabhra
so an-luachmhar ar fad. Bhéarfaidh caibidil atá
sgríobhtha ar Cholm Chille tuairim dúinn 'na thaobh so.
Seo iad na sean-leabhra is sine agus is feárr d'á
bhfuil le fagháil : Leabhar na hUidhre atá 'san Acadaimh
i mBaile Átha Cliath, Leabhar Laighean i gColáiste na
Tríonóide, Leabhar Leacan, Leabhar Buidhe Leacan,
an Leabhar Breac, Leabhar Cheanannuis, Leabhar Mhic
Durnáin, Leabhar Árda Maca, agus Leabhar Bhaile an
Mhóta. Tá cuid d'á bhfuil 'sna leabhraibh seo aistrighthe
agus clóbhuailte, acht tá an chuid is mó go mór gan
baint leis fós tar éis a ghéire is theasduigheas eólas
uainn 'na thaobh. Leabhar iongantach eile is eadh
“Annála na gCeithre Máighistrí,” a sgríobh oidí
stardha Mhuinntire Dhómhnaill Thíre Conaill ó'n
mbliadhain 1632 go 1636. Triúr dearbhráthar de
Mhuinntir Chléirigh agus oide eile de Mhuinntir
Mhaoilchonaire dob' eadh an ceathrar do sgríobh an
leabhar tairbheach iongantach so. Do chuir Seaghán
Ó Donnabháin an leabhar so i mBéarla sa mbliadhain
1851 agus tá le fagháil anois.



Tá go leór de na sean-leabhraibh sgríobhtha i Laidin
agus ar ndóigh 'sa tsean-Ghaedhilg a bhfuil furmhór na
ndaoine ar bheagán eólais uirthi anois. Is iongantach
de'n tsaoghal an slacht agus an mhaise a chuireadar ar
na sean-leabhraibh so.



Bhí na sean-Ghaedhil an-tsuimeamhail i gcomhnuidhe i
gceól, agus ba mhinic oide ceóil as Éirinn ag dul
anonn ag múnadh ar fud na hEórpa, agus cé go raibh
lucht ceóil na Breataine agus na hAlban go maith, ní
ceaptaoi dhóibh a bheith 'na ndeagh-cheóltóiríbh amach is
amach, muna gcaithidís sealadh ag foghluim cheóil i
nÉirinn. Tá sean-fhuinn na gceóltóirí againn le


L. 9


cloisint fós ar fud na tíre agus béidh le congnamh
Dé, cé nach bhfuil amháin eólas againn ar ainm aon
duine d'ár chum iad acht amháin fíor-chorr-dhuine. B'í
an chláirseach agus an phíob agus dá ghléas ceóil is mó
a gcuiridís suim ionnta, agus ba ghnáthach leis na
píobairíbh a bheith i dtosach an airm agus ag seinm
cheóil do na saighdiúiribh ar bheith ag dul chun catha dhóibh.



Níor bh'ionann a dtighthe agus na tighthe tá ann anois.
Do-ghníthí d'adhmad iad agus cruinn i gcuma — ní
hionann is anois. Le haghaidh na mban óg uasal bhíodh
áit áirithe 'san tigh ar a dtugtaoi “grianán.” Bhíodh
fál mór, nó balla, timcheall gach tighe mar chosaint ó
na beithidhighibh fiadhaine agus ó na cneamhairíbh. “Dún”
a thugtaoi mar ainm ar áit chómhnuidhthe an ríogh.



Nuair a cailltí rí nó laoch mór, ba mhinic a dóightí
an cholainn, agus chuirtí i dtaisgidh an luaithreamhán,
agus ba mhinic a cuirtí lia mhór agus leacht nó cloch
thógbhála os cionn na colna nó an tsoithigh 'na mbíodh an
luaithreamhán curtha. Ba mhinic budh é cur an laoich 'na
sheasamh suas 'san uaigh do-ghníthí, faoi n-a chulaith chatha,
a chlaidheamh agus a aghaidh ar a námhaid. B'amhlaidh a
cuireadh Laoghaire ag Teamhair agus Eóghan Béal Rí
Chonnacht a marbhadh 'san troid i n-aghaidh na n-Ultach
i n-aice Shligigh sa mbliadhain 537. Chreid na
hÉireannaigh, an fhad is bhéadh a dtaoiseach feistighthe
curtha ar an gcuma sin, nár bhaoghal go mb'fhéidir leis
an námhaid a mbualadh.



Budh í an bheatha ba mhó a raibh tóir ag na sean-
Ghaedhlibh uirthi í feóil agus arán cruithneachta. Bhíodh
bainne, cáise, im, iasg tortha, muicfheóil, leite mine
coirce agus mil i n-úsáid freisin mar bheatha 'san tír.
Mar deir mé, bhí na beacha go fairsing 'san tír, agus
bhíodh corcóga in gach áit. Bhí tóir mhór ag na daoinibh
ar mhil. Budh í an deoch a bhíodh aca, bainne, fíoruisge,
lionn, fíon, agus cineál díghe do-ghníthí de'n mhil.



D'ólaidís as an gcorn nó as an meidir agus bhruithtí
an bheatha i gcoire mhór a mbíodh beatha ann go síorruidhe
i gcómhair an fhir siubhail. Bhíodh tighthe áirithe annso is
annsúd ar fud na tíre 'na mbíodh biadh agus lóistín i


L. 10


n-aisgidh le fagháil. “Biadhtach” a thugtaoi ar fhear
an tighe, agus bhíodh a chuid talmhan ag dul dó i
n-aisgidh.



'Sé an solas a bhíodh aca bruibh a thomtaoi i ngeir
agus a lastaoi annsin, acht bhíodh coinnle geire ag
tuilleadh aca, agus bhíodh coinnle céarach ag na daoinibh
saidhbhre amháin roimh an gcúigeadh aois. Ghníthí teine
de'n adhmad agus de'n mhóin mar déantar anois agus
bhí gual aca freisin.



Ní raibh, 'ar ndóigh, acht duine sé nó seachráin
i n-innmhe léighte, agus mar sin ní bhíodh ag na daoinibh
acht eólas ar bith a theastuigheadh uatha a fhagháil ó na
seanchaidhthibh agus ó na filíbh a raibh cuimse sean-sgéalta
agus dánta agus eólas stardha aca. Ag fleidh nó
féasta bhíodh i gcómhnuidhe seanchaidhthe i láthair le
sgéalta innsint, agus ba mhinic cláirseóir nó píobaire
'sa láthair le ceól a sheinm dhóibh.



Chuireadh gach duine a chlann le n-a n-oileamhaint agus
a múineadh i dtigh duine eile d'á threibh féin. Bhíodh na
daoine 'na “gclannaibh” agus 'na “dtreabhaibh.” Ar
gach treibh bhíodh taoiseach nó rí de réir méid na talmhan
a bhíodh 'na seilbh. Bhí an tír an uair sin roinnte 'na
cúig cúigí, Ulaidh, Laighin, Mumha, Connachta, agus
Midhe. Bhíodh sí ar gach cúige, agus os cionn na
hÉireann go léir bhíodh árd-rí. Bhíodh cáin ag dul
do'n árd-rí ó rígh gach chúige, agus ar an mbealach
céadna bhíodh cáin ag dul go gach rígh ó thaoisighibh na
gclann. Bhíodh réimse talmhan ag gach taoiseach agus
ar fagháil bháis do rígh nó do thaoiseach chuirtí an talamh
i seilbh an té a ndéantaoi rí nó taoiseach dhe i n-ionad
an fhir mhairbh. Ghníthí rí de'n té ab' fheárr a mheastaoi
a bheith i n-innmhe an cúige a riaghlughadh. Bhíodh ar an
rígh i gcómhnuidhe an treabh a cheadughadh i dtaoibh aon
tsocruighthe budh mhian leis a dhéanamh agus gan a gcead
níor bh'fhéidir leis a dhéanamh.



Ní bhíodh aon arm ar leith aca le haghaidh troda.
Bhíodh ar an treibh an troid a dhéanamh dá dteastuigheadh.
Ba mhinic na clanna agus na treabha i n-éadan a chéile,
agus mí-dhílis d'á chéile. Sin é a d'fhág faoi smacht a
námhad iad féin 'sa deireadh.


L. 11


B'iongantach é dlighe na sean-Ghaedheal. Níor mhór
do dhuine a bheith i bhfad is i bhfad ag foghluim sul
d'fhéadfadh sé a bheith 'na bhreitheamhain. Bhí dlighe na
mbreitheamhan i bhfeidhm i nÉirinn go dtí tús na
seachtmhadh haoise déag nuair a chuir Sasana a dlighe
féin i n-a ionad.



Caibidil IV.



Na Fianna : Sgéalta na bhFiann agus na mbárd :
tuilleadh i dtaoibh na sean-Éireann; áiteacha
cómhnuidhthe na ríogh.



Sul mar tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn 'seadh
do mhair Fianna Éireann, an dream gaisgeamhail
tréanmhar a bhfuil sgéalta agus laoithe móra
Fiannaidheachta le fagháil 'na dtaobh ó gach sean-
Ghaedhilgeóir. Ní'l aon duine againn nár chualaidh cur
síos ar Fhionn mac Cumhaill, taoiseach na Féinne, ar
Gholl mac Móirne an mhóir-spreacaidh agus an bhrígh,
ar Chaoilte lúthmhar luath mac Rónáin, ar Dhiarmaid Ó
Duibhne an bhaill seirce agus an deagh-ruisg, ar Chonán
Maol, “fear caithte na gcloch,” ar Osgar tréanmhar
glan-osgardha mac Oisín, agus ar Oisín binn-bhriathrach
fileadhta mac Fhinn, an duine deireannach de na
Fiannaibh, agus an té a mhol agus a chan a dtréithe, a
gcáil agus a ngníomha gaisgidheachta 'sna laoithibh
Fiannaidheachta atá le cloisint againn go dtí an lá
tá indiu ann.



B'iongantach do'n tsaoghal na gníomha ab' fhéidir leó
a dhéanamh de réir na sean-sgéalta, acht is follusach go
bhfuil áidhbhéil mhór curtha leis na sgéaltaibh leis na
céadtaibh bliadhain, agus tá sé le tuigsint nach mbéadh
sé i gcumas aon fhir d'ár mhair riamh gníomha mar
chuid aca a dhéanamh. Tá sé ceaptha ag cuid de na
hughdaraibh léigheannta gurab áidhbhéil agus bréaga
móra gach a bhfuil de chur síos ortha ar fad ; acht ní


L. 12


dóigh sin. Creideann an Gaedhil go raibh an dream
iongantach so i nÉirinn — ceithre mhíle dhéag dhíobh —
agus go dtí an lá indiu taisbeáinfear dhuit “Bealach
Oisín,” agus na háiteacha 'nar imthigh Diarmuid agus
Gráinne ar a dteicheadh ó Fhionn mhac Cumhaill, agus ó
ghlúin go glúin, ó bhéal go béal, agus ó gheinealach go
geinealach, tá sgéalta móra na bhFiann d'á n-innsint
agus dá n-aithris. Ná creidthear go raibh siad 'na
laochraidhibh móra cumasacha amach is amach, nó go
ndeárnadar cuid de na gníomhaibh iongantacha atá
curtha 'na leith ; acht cé nár chóir go gcreidfidhe gach
rud 'na dtaobh, ba cheart go mbéadh mór-mheas againn
go léir ar na sgéaltaibh breágha bríoghmhara so, mar
tugann siad léargus mór dúinn cé an éirim agus cé
an inntleacht agus smaoineadh a bhí ag na sean-
Ghaedhlibh a chum agus a chuir le chéile iad. Tá Gaedhilg
bhinn chumasach againn ionnta le fagháil, agus badh
cheart do gach Gaedheal gan a bheith gan eólas a sgéal
“Chéadtaigh Mhic Fhinn,” ar “Thóruidheacht Dhiarmada
agus Ghráinne,” agus freisin gan a bheith mí-eólasach ar
na laoithibh breágha fuinneamhla Fiannaidheachta atá le
cloisint, mar dubhras cheana, ó chuid de na sean-
Ghaedhilgeóiribh, mar “Eachtra an Amadáin Mhóir,”
“Laoidh na Mná Móire,” “Seilgí na Féinne,”
“Turas na Féinne go Crích Lochlainne,” “Argúinteacht
Oisín is Pádraig,” “Cath Bhinne Tráighe,” &rl.



'Na dteannta so badh cheart na sgéalta breágha
eile : “Clanna Uisnigh,” “Clann Lir,” agus “Clann
Tuireann” a bheith ag gach Gaedhilgeóir óg. Chuir na
sean-bháird le chéile na sgéalta so, agus is deacair
sgéalta is mó a chorróchadh an croidhe a fhagháil. Tá
áilneacht agus filidheacht aoibhinn ionnta nach furas a
shárughadh. Tá cunntas againn ionnta le fagháil mar
dob' éigean do Naoise mhac Uisnigh agus d'á bheirt
dearbhráthar teicheadh go hAlbain nuair a thug sé féin
agus Déirdre searc agus grádh d'á chéile, mar
mhaireadar i nAlbain, mar ba mhian le rígh na hAlban
Déirdre a bhaint amach, mar d'iarr Conchubhar mac
Neasa, árd-rí Uladh, Naoise agus Déirdre agus an


L. 13


bheirt dearbhráthar eile ar ais, agus mar marbhuigheadh
iad go fealltach míthrócaireach ar fhilleadh dhóibh.



Agus is brónach dólásach an sgéal “Clann Lir”
freisin — an chlann a mb'éigean dóibh a bheith ar fán
“ó thuinn go tuinn thar sáile” 'na n-ealaíbh geala
bána ar Shruth na Maoile ar feadh míle bliadhain.



Tá na sgéalta so le fagháil ag gach duine anois
agus mar sin ní chuirfeadh síos ortha annso, acht molaim
do gach Gaedhilgeóir óg a bhfagháil agus a léigheadh, é
féin.



Bhí Conchubhar mac Neasa ann trí chéad bliadhain nó
mar sin roimh aimsir na bhFiann, agus ba le n-a linn
a mhair an laoch mór-spreacamhail iongantach Cú Chulainn.
Tá gníomha curtha 'na leith-sean níos iongantaighe go
mór 'ná tá curtha i leith na bhFiann féin. Creidim gur
mhair sé acht nach raibh sé gar d'á bheith chomh hiongantach
nó chomh cumasach is tá curtha síos 'sna sean-sgéaltaibh.
Le linn na haimsire sin freisin — tuairim an ama a
rugadh ár Slánuightheóir — 'seadh mhair Meadhbh, bain-
ríoghan Chonnacht a chómhnuigh i Ráith Chruachan i gConndae
Roscomáin agus ar a bhfuil freisin trácht mór 'sna
sean-sgéaltaibh.



Ní gábhadh dhom a rádh nár bh'é an creideamh
Caitliocach a bhí aca i sean-Éirinn an t-am sin. Bhí na
daoine 'na bpágánaighibh. Bhídís ag tabhairt adhruighthe
do dhéithibh bréige, do'n ghréin, agus do'n ghealaigh.
Oidhche áirithe 'san mbliadhain i gcómhnuidhe do lastaoi
teine mhór ag Teamhair i n-onóir Dia bréige Beal.
Is í oidhche Bhealtaine comhthrom na hoidhche sin anois,
agus is é sin an fáth an t-ainm a bheith ar an mí ó shoin.



Is cóir dúinn a bheith measamhail ar go leór rudaí a
bhain le sean-Éirinn an t-am sin, agus ar go leór d'á
ndearnadh i n-Éirinn sul tháinig Pádraig naomhtha leis
an gcreideamh a mhúineadh agus na daoine a athrughadh.



Bhí cineál sgríbhneóireachta ag na sean-Ghaedhlibh, an
t-ogham. Bhíodar i n-innmhe a ngléis catha féin a
dhéanamh, an gath, an claidheamh, &rl. Bhíodar oilte ar
shaothrughadh na talmhan. Bhíodar i n-innmhe a dtighthe
féin a dhéanamh. Bhí cineál curaigh aca le seóladh ar


L. 14


fairrge. Bhí filidheacht agus ceól agus sgéalaidheacht
aca. Bhíodar cleachtach ar chleasaidheacht agus ar
shealgaireacht. Bhí dlighe agus ealadha aca, agus 'na
dteannta so uile bhí aca i gcómhnuidhe mór-laochras
agus deagh-fhearamhlacht.



Théidís go minic trasna go Breatain, go hAlbain
agus go dtí an Ghaill (.i. an Fhrainnc), agus cuireadh
faoi n-a smacht muinntir na dtíortha sin. Le linn
Néill aoi-ghiallaigh a bheith 'na rígh, tuairim leath-chéad
bliadhain sul tháinig Pádraig, bhí an-fhaitchios ar fad ag
muinntir na hÉireann an t-am sin. Do chreachaidís
an Bhreatain ó am go ham. Thugadh turas anois is
arís anonn go dtí an Ghaill, agus thugadh leó ar ais
daoine mar sglábhaidhthibh ó'n tír sin. Is amhlaidh a
d'éirigh leó Pádraig agus a bheirt deirbhsheathar
Darearca agus Lupaid a chrochadh leó as an nGaill,
nuair a bhí sé i n-aois a shé mbliadhan déag. Ba
bheannuighthe an lá do na Gaedhlibh é nuair a tugadh go
hÉirinn an t-ógánach naomhtha a bhí le solus agus
lóchrann an chreidimh fhíre a lasadh i nÉirinn — an lóchrann
soillseach lonnrach nach múchfar, le congnamh Dé, i
nÉirinn na naomh go deó !



Níor chóir go mbeadh dearmad orainn i dtaobh na
n-áiteacha 'na gcómhnuigheadh na ríghthe agus na huaisle
i nÉirinn fad ó. I dTeamhair i gConndae na Midhe
'seadh bhíodh an fheis ar bun agus a chómhnuidheadh an
tÁrd-rí. Ag Eamhain Mhacha 'seadh bhíodh áit chómhnuidhthe
na n-uasal Ultach le linn Chon Culainn. I Ráith
Chruachan 'seadh bhíodh uaisle Chonnacht le linn Mheidhbhe.
Ag Caiseal a bhí áit chómhnuidhthe árd-ríogh na Mumhan,
agus ag Binn Éadair 'seadh bhíodh cruinnighthe go minic
ag Fiannaibh Éireann.



Tá fhios gur fhág Diarmaid, an tÁrd-rí, Teamhair
'san seiseadh haois ó tharla gur chuir Ruadhán naomhtha
mallacht ar an áit, mar nach raibh sé sásta le socrughadh
áirighthe do rinne an tÁrd-rí Diarmaid Ó Cearbhaill i
n-a aghaidh. Ó shoin amach níor chómhnuigh an tArd-rí
i dTeamhair. Ba bhocht an sgéal tréigean na Teamhrach


L. 15


agus gan bhréig budh mhór an dochar a rinne sé do'n tír.
Thar a éis sin chómhnuidheadh na hÁird-ríghthe ag Tailtin,
agus ag Tlachtgha na Midhe, agus ag Uisneach na
hIarmhidhe.



I dteannta na háite cómhnuidhthe bhí ag ríghthibh Uladh
ag Eamhain Mhacha, bhídis freisin ó am go ham ag Oileach
Néid nó Grianán Oiligh, agus ag Dún Cealtair i
gConndae an Dúin. Bhí dúnta ag ríghthibh Laighean ag
an Nás, ag Liamhain, agus ag Dionn Ríogh i gConndae
Cheatharlach, agus ag Ailinn nó Dún Ailinne i
gCill Dara, agus, i dteannta an dúna a bhí ag ríghthibh
na Mumhan ag Caiseal, bhídís freisin anois is arís ag
Brugh na nDéise i gConndae Luimnigh, ag Cathair i
gConndae Thiobrad Árann, ag Tradraighe i gConndae
an Chláir agus ag Ceann Coradh.



Tá lorg agus cosmhalacht na ndúnta sa talamh fós
féin.



Caibidil V.

Pádraig Naomhtha.



Is dóigh le furmhór na seanchaidhthe go rugadh Naomh
Pádraig ag Ail Chluaidhe nó Dún Breatan i nAlbain
tuairim na bliadhna 373. Bhí go leór d'á ghaoltaibh 'na
gcómhnuidhe 'san bhFrainnc agus 'san tír sin 'seadh fuair
sé a chuid foghluma ar dtús. Do hoileadh é i ngrádh
agus i bhfaitchios Dé, agus d'éirigh sé suas 'na bhuachaill
chiuin shocair, umhal d'á athair agus d'á mháthair,
cráibhtheach i seirbhís Dé, agus carthannach lághach leis na
cómhursanaibh.



Ar a bheith i n-aois a shé mbliadhan déag dó, tháinig na
Scuit go hobann, agus sgriosadar an tír, mharbhuigh-
eadar a athair agus a mháthair, agus chrochadar leó é
'na sglábhaidhe go hÉirinn. B'éigean dó a bheith ag
buachailleacht mhuc d'fhear saidhbhair darbh'ainm Miolchú
i gCúigeadh Uladh. An fear na haimsire chaith sé amuigh


L. 16


ar an sliabh ag buachailleacht d'oibrigh air go dúthrachtach
agus fuair eólas ar an nGaedhilg a bhí d'á labhairt ag
gach duine ar fud an oileáin. Bhí an t-uaigneas, an
t-ocras agus an fuacht ag gabháil do'n sglábhaidhe bocht,
acht bhí aon rud amháin ag congbháil an mheisnigh ann —
a chreideamh, agus an t-eólas a bhí aige ar Dhia. Bhíodh
sé ag guidhe i gcómhnuidhe. Dubhairt sé le n-a bhéal
féin :



“Céad uair sa ló agus tuairim céad uair gach oidhche
guidhim chum an Tighearna, agus 'sna coilltibh, ar na
sléibhtibh, faoi shioc agus faoi shneachta, ní sguirim de
mo chuid urnuidhthe.”



Aon oidhche amháin agus é ar Shliabh Mis chulaidh an
ghlaodhach chuige ag rádh, dar leis :



“A Phádraig, is an-mhaith ag trosgadh thú, agus is ag
trosgadh rachas tú chum do thíre dúthchais féin.”



Go haibéil thar a éis sin chualaidh sé an glór an dara
huair ag rádh : “Féach ! tá do long réidh.”



D'imthigh sé ó Mhiolchoin annsin, agus siubhail dhá chéad
míle sul shroich sé an fhairrge. Bhí long go díreach ag
dul ag seóladh agus d'iarr sé cead a leigean innti
acht ní fhuair. Thosuigh sé ag guidhe, agus ba ghairid gur
glaodhadh air agus gur leigeadh 'san luing é. D'imthigh
leó agus níor stad gur stríocadar talamh i dtír
choimhighthigh. D'fhágadar an long agus bhain ocras dóibh.
Ghlaoidh siad annsin ar Phádraig agus d'iarradar air a
athchuinghe ar Dhia cuidiughadh leó mar go rabhadar leath-
chaillte leis an ocras. Rinne sé amhlaidh, agus ba
ghairid gur casadh plód mór muc ortha. Mharbhadar
cuid de na mucaibh, agus d'imthigh a n-ocras.



'Sa deireadh tháinig Pádraig do'n Fhrainnc agus bhí
Naomh Máirtín ina easbog i dToirinis an t-am sin.
Bhí Pádraig agus é féin i ngaol gar d'á chéile agus
rinne sé manach de Phádraig. D'oibrigh Pádraig annso
d'oidhche is de ló go dúthrachtach ag foghluim le bheith
'na shagart. Thar éis sgathaimh bhig thug sé cuairt ar
an easbog naomhtha léigheannta Gearmán. Ní raibh rud
ar bith 'sa domhan ba mhó a bhí faoi'n mbeirt aca ná
a ndícheall a dhéanamh ar an gcreideamh fhíre a chraobh-
sgaoileadh imeasg na bpágánach.


L. 17


Bhí sé anois gar d'á bheith 'na shagart agus thug
cuairt ar a mhuinntir ag baile. Ba mhian leó a
chongbháil, acht níor bh'é sin toil Dé. Aon oidhche ámháin
bhí brionglóid aige agus do chonnacthas dó gur tháinig
fear as Éirinn chuige agus do thug litir dó. Do
chonnacthas do Phádraig go bhfaca sé na focla “Guth
na hÉireannach” i dtús na litre, agus go gcualaidh
sé na páistí ag glaodhach air ó Choill Fhochluth i
ngar do'n Iar-Mhuir, agus ag á impidhe air a theacht
chuca.



D'innis sé dá charaid naomhtha Gearmán cé rud a
bhí faoi a dhéanamh agus chuir seisean mar chómhairle
air a dhul do'n Róimh go dtí an Pápa, Celestín, le
cead d'fhagháil uaidh an Soisgéal Naomhtha a chraobh-
sgaoileadh agus a theagasg i nÉirinn. Thug an Pápa
cead agus a bheannacht dó agus chuir é go hÉirinn le
hobair Dé a dhéanamh. Bhí Pádraig 'na shagart an
t-am so.



Níor bh'é Pádraig acht naomh dar bh'ainm Palláid an
chéad duine a cuireadh leis an gcreideamh a mhúnadh
i n-Éirinn, acht níor éirigh leis-sean ar chor ar bith.



Tháinig Pádraig go hÉirinn 'san mbliadhain 432 nuair
a bhí sé trí fichid bliadhain d'aois. Ceithre bliadhna
is dá fhichead roimhe sin bhí sé 'na sglábhaidhe bhocht
'san tír, acht anois bhí sé 'na theachtaire ó Dhia.
B'éigean dó glanadh as an áit agus gan acht aon
duine amháin baistighthe aige, mar nach raibh aon ghlacadh
ag ceannphuirt an cheanntair leis.

D'imthigh leis annsin agus níor stad go dtáinig
isteach i nInbhear Colpa ag Droichead Átha. Bhaist sé
fear uasal dar bh'ainm Seiscneán annsin. Bhí mac an
fhir seo 'na árd-easbog ar Árd Mhacha i bhfad 'na dhiaidh
sin. Budh é a sgríobh “Leabhar na gCeart,” agus
Beinén a b'ainm dó.



As so ghluais le Pádraig go Cúige Uladh. Tháinig
sé go Loch Cuan, agus thar éis míorbhailte mór d'áthruigh
agus bhaist ceannphuirt na háite. Is ar a chuid talmhan
a rinne Pádraig an chill ar a dtug sé an t-ainm
Sabhall.


L. 18


Tug sé annsin cuairt ar a shean-mháighistir Miolchú,
acht bhí sé caillte roimhe, agus deirtear gurab é féin
a chuir chun báis é féin. D'athruig sé a bheirt inghean, ámh.



D'imthigh leis annnsin go Teamhair na Ríogh — agus
annsin 'seadh is mó a rinne sé le págántacht a chur
i n-íochtar i nÉirinn. Bhí an-argúinteacht aige féin
agus ag na draoithibh, acht le cumhacht Dé fuair sé buaidh
ortha, agus bhaist sé an tÁrd-rí, Laoghaire, agus na
mílte de na daoinibh ag Teamhair.



Chuaidh leis annsin go Cruachain Chonnacht agus d'athruigh
daoine annsin. Budh iad an chéad bheirt a fuair bás ar
an gCreideamh Caitliocach i gConnachtaibh, Eithne agus
Féidhlim, beirt inghean Laoghaire, a bhí ag fagháil
oideachais agus ag cómhnuidhe i gCruachain.



Ó Chruachain chuaidh sé go hAilfionn, as sin go
Conndae Mhuigheó agus Conndae Shligigh. Chaith sé dá
fhichid lá ag guidhe agus ag trosgadh ar bhárr Chruaiche
Pádraig. Chaith sé seacht mbliadhna ar fud an chúigidh,
bhí sé 'sa Mám, i nUarán, agus i nGleann na Madadh.



Do chuaidh sé go Tír Aodha as Cúigeadh Chonnacht agus
do chaith tamall fada ar oileán i Loch Dearg ag síor-
ghuidhe Dé, ag trosgadh, agus ag tabhairt spídeamhlachta
d'á cholainn. Tugtar turais ar Loch Dearg gach uile
bhliadhain 'gá chuimhniughadh sin.



As Loch Dearg chuaidh leis go Doire agus go dtí
Grianán Ailigh Ríogh Uladh, dhá mhíle ó chathair Dhoire.
Baisteadh an rí, Eóghan, agus a chlann mhac agus gach
duine d'ar bhain leis. Ó chlainn mhac an ríogh so 'seadh
shíolruigh Colm Cille naomhtha, Aodh Ruadh, Eóghan Ruadh
Ó Néill, Aodh Ruadh Ó Dómhnaill, agus na céadta
laochradh cródha eile d'oibrigh go tréan ar son creidimh
agus saoirseachta na tíre.



As Dún na nGall chuaidh sé go Conndae Thíre Eóghain,
tré Chonndae Mhuineacháin, agus tré Chonndae Lughbhaidh,
ag teagasg na ndaoine 'san gcreideamh fíre, 'gá
mbaisteadh, agus ag tógáil teampall.



'Sa deireadh tháinig sé go Baile Átha Cliath, agus
deirtear le míorbhuilte Dé gur thóg sé ó'n mbás mac
agus inghean le rígh Bhaile Átha Cliath, agus, thar éis sin


L. 19


a dhéanamh, gur iompuigh an rí a theaghlach agus gach ar
bhain leis ar an gcreideamh fíre. Baisteadh iad i n-áit
a ngoirthear “Tobar Phádraig” de go dtí an lá indiu.



Ó Bhaile Átha Cliath chuaidh leis tré Chúigeadh Laighean.
Bhaist sé beirt mhac, Oileall agus Iollann, leis an rígh
a bhí ar an mbaile a ngoirthear an Nás de anois. Chuaidh
leis tré Chill Mhanntáin, tré Chill Dara, agus tré
Chonndae Chille Dara, d'imthigh leis agus thug aghaidh ar
Chaiseal na Ríogh agus d'fhág a bheannacht ag Cúigeadh
Laighean.



Baisteadh an rí, Aonghus, agus go leór eile. D'fhan
Pádraig sgathamh fada ag Caiseal, áit chómhnuidhthe
ríogh Mumhan agus an áit is mó a mbíodh déithe
bréige d'á n-adhradh. Deirtear gur thuit na déithe
bréige anuas ar a bheith ag teacht do Phádraig.



Chuaidh leis annsin go Port Láirge. Thug cuairt ar
Naomh Deaglán ag Árd Mór, agus thar a éis sin ghluais
leis go Luimneach. Chuir sé Teampall ar bun ag Cill
Mocheallóg. Bhíodh sé go minic ar bhárr cnuic darab
ainm Árd Pádraig ag guidhe agus ag trosgadh, ag
léigheadh an aifrinn, ag altughadh Dé, agus ag teagasg
na ndaoine ar a bhárr.



Ní'l aon chunntas go raibh sé i gConndae an Chláir
ná i gConndae Chiarraighe, acht ceapthar go raibh sé in
gach conndae beagnach, mar bhíodh sé i gcómhnuidhe ag
siubhal ar fud na hÉireann. Bhí beirt naomh i gConndae
an Chláir, Breandán agus Seanán, a d'athruigh na
daoine i gConndae an Chláir agus i gCiarraighe thar éis
aimsire Pádraig.



D'fhág a sheacht mbeannacht ag Cúigeadh Mumhan agus
d'imthigh go hUltaibh. Ag Tír Ghlais i ngar do Loch
Dearg bhaist sé Eochaidh Ball-dearg agus go leór
d'á chuid daoine.



Thar a éis sin tháinig sé go dtí an áit ar a dtugtar
Conndae an Ríogh anois. Deirthear gur casadh cuid
de mhuinntir na Mumhan air ann a bhí ag iarraidh a
thabhairt ar ais. 'Sé an t-ainm atá ar an áit anois
Brosnacha Bladhma.


L. 20


Bhí bunadhas na ndaoine athruighthe aige agus ní raibh
uaidh anois acht riaghlughadh na hEaglaise a shocrughadh
ionnus go mbeadh sí buan-sheasmhach 'san tír. Budh é
Árd Mhacha an áit a thogh sé leis an teampall a dhéanamh
ann le ordughadh ó aingeal Dé. Thug an rí, Dáire, cead
uaidh an teampall a dhéanamh, agus ó'n lá sin go dtí
an lá indiu tá príomh-theampall na hEaglaise i nÉirinn
i nÁrd Mhacha.



Rinne Pádraig deagh-obair, d'athruigh sé na daoine
agus chuir deireadh leis an bpágántacht. Cailleadh é
timcheall 493. Badh mhian leis go bhfuigheadh sé bás ag
Árd Mhacha, acht shéalthuigh sé i gConndae an Dúin ar an
mbealach go hÁrd Macha. Bhí Brighid, Etembria agus
Tasach i láthair ar fhagháil bháis dó. Deirthear nár
cuireadh é go cionn dhá lá déag, agus ar feadh na
haimsire go raibh lóchrann soillseach thart thimcheall air
agus ceól binn na n-aingeal le cloisint i ngar dó.
Tá sé féin agus Brighid agus Colm Cille curtha i n-aon
uaigh amháin ag Dún Phádruig i gConndae an Dúin.
Thar éis a bháis bhí Éire faoi árd-mheas agus onóir ar fud
an domhain. Bhí léigheann agus foghluim innnti. Bhíodh
sgoláirí ó mhór-thír na hEórpa ag teacht ag fagháil
oideachais ó naomhaibh beannuighthe agus ó oidíbh naomhtha
léigheannta na tíre. B'in é an t-am ar thuill ár
n-oileáinín dúthchais an t-ainm uasal “oileán na naomh
agus na mbárd.”



Caibidil VI.

Colm Cille.



Ní raibh aon duine de na naomhaibh go léir a mhair
nÉirinnn ar feadh cúig chéad bliadhain thar éis aimsire
Phádraig agus a chraobhsgaoil an creideamh ar fud na
hEórpa ar bh'iongantaighe a ghrádh do Dhia agus d'á
thír 'ná Colm Cille. Ní féidir cur síos i gceart ar an
ngrádh mór a bhí aige ar Éirinn agus ar gach ar bhain


L. 21


léithi. Dubhairt sé féin uair amháin agus é go dubhach
deórach i ndíbirteacht ó Éirinn gur chosamhail leis an
ghaoith ghlé fhionn-fhuair a bhíodh ag séideadh ar chnocaibh
deasa Oileáin na Naomh gaoth ó Fhlaitheas féin.



Shíolruigh Colm Cille ó theaghlach Uí Néill, agus bhí
na haithreacha a tháinig roimhe 'na dtaoisighibh cródha agus
'na bhflathaibh móra i gCúigeadh Uladh. Rugadh Colm
Cille ag Gartán i dTír Chonaill, 'san mbliadhain 521.



Deirthear go bhfacthas d'á mháthair roimh ré go mbeadh
an mac beannuighthe so aici, agus go dtáinig aingeal ó
Fhlaitheas le n'innsint di. Deirthear freisin gur innis
Pádraig i dtaoibh na naoimh iongantaigh a bhí le bheith
'sa tír seal thar éis a bháis féin.



Thug a aingeal coimhdigh é féin le taisbeánadh dó go
minic agus d'iarr air aon uair amháin na tiodhlactha
ab' fhearr leis aige a thoghaidh. Thogh Colm Cille
geanamnaidheacht agus eagna, agus ar an bpoinnte
tháinig triúr ban óg chuige.



Níor chuir an naomh aon tsuim ionnta, nó gur innnis
siad dó gur ó Dhia a cuireadh iad le fanamhaint i
gcómhnuidhe i n-éinfheacht leis. “Cé na hainmneacha
atá oraibh,” arsa'n naomh.

“‘Geanamnaidheacht,’ ‘Eagna,’ agus ‘Fáidheacht,’
atá orainn,” ar siad-san, “agus thángamar le gan
sgaradh leat go deóidh agus le thú a ghrádhughadh go
síor.”



Fuair sé a chéad mhúineadh ó'n sagart a bhaist é agus
ó sgoil an tsagairt seo chuaidh sé ag foghluim i sgoltaibh
na mainistrí mór 'na mbíodh daoine saidhbhre agus bochta
d'á dteagasg. Chaith sé seal ag foghluim ag Cluain
Ioraird ag Finnén naomhtha agus ag an sean-bhárd,
Gearmán. Thug sé le taisbeánadh, agus é san
mainistir seo, go raibh tiodhlacadh na fáidheachta aige
ó Dhia.



D'oibrigh sé go dúthrachtach ag cur ceall ar bun agus
ní raibh sé acht i n-aois a chúig bhliadhan déag nuair a bhí
chomh maith le seacht gcinn déag is fiche curtha ar bun
aige. Bhí sé i ngaol gar d'fhurmhór na bhflath, agus


L. 22


mar sin bhí árd-mheas air agus mór-urraim dó ag
muinntir na tíre.



Bhí grádh an-mhór ar fad aige do léigheann agus
d'fhilidheacht. Bhí sé féin 'na fhile agus ba mhinic ar
feadh a shaoghail a chum sé dán agus rann binn fileadhta.
Budh é a ghrádh mór do léigheann ba chionn-tsiocair le
n-a dhíbirt go cráidhte dubhach as Éirinn ar dtús, agus
a chuir é ag teagasg an chreidimh ar fud oileáin na
hAlban. Théidheadh Colm Cille go minic ar thóir leabhar
ar fud na tíre, agus, ó bhí leabhra an-ghann 'san tír an
t-am sin — mar go mba láimhsgríbhinn gach leabhar — ba
mhinic é ag fagháil eitigh a ghoilleadh air go mór.



Thárla dhó a bheith ar cuairt aon uair amháin ag Finnéin,
agus i rith na n-oidhcheannta bhíodh sé ó dhubh go dubh ag
aithsgríobhadh Saltrach Fhinnéin a bhí i dtaisgidh 'san gcill.
Bhí sé 'gá dhéanamh so i ngan-fhios d'Fhinnéin, agus bhí
sé gan aon fhios a bheith aige go raibh Colm Cille ag
aithsgríobhadh a leabhair nó go raibh sé críochnuighthe.



Nuair a chualaidh sé an sgéal bhí fearg mór air, agus
dubhairt sé go gcaithfeadh Colm Cille a chóib d'á leabhar
a thabhairt dó, acht ní raibh an naomh sásta ar a dhéanamh.
'Sa deireadh shocruigh Diarmaid, an rí, a bhí i ngaol gar
do Cholm Cille, an sgéal eatorra, agus b'éigean an
leabhar a thabhairt d'Fhinnén. Chuir seo buile agus
fearg mhór ar Cholm Cille, agus d'imthigh leis agus
ghríosuigh Clanna Néill i nUltaibh i n-aghaidh Dhiarmada.
Tháinig an dá arm 'na chéile ag Cúl Dreimhne ar an
teórainn idir Connachtaibh is Ultaibh. Tugadh cath
millteach. Buaidheadh ar Dhiarmaid agus rinneadh ár
mór agus sladadh ar a mhuinntir.



Budh é Colm Cille ba chionn-tsiocair leis seo go léir
agus cuireadh d'fhiachaibh air imtheacht leis as Éirinn
mar gheall air, agus an oiread págánach a ghnóthughadh
do Dhia agus thuit de Chríostaidhthibh 'san gcath a mbudh é
ba chionntach leis.



Bhí a chroidhe beag nach briste faoi go raibh air
imtheacht go deóidh ó n-a thírín dúthchais a ghráduigh sé ó
dhoimhneacht a chroidhe, acht d'imthigh leis agus chuaidh go
hÍ i n-iarthar na hAlban.


L. 23


Ní raibh teóra ar bith leis na deagh-oibreachaibh a
rinne sé annsin, na teampaill, na sgolta, agus na
coláistí a chuir sé ar bun ; an méid daoine a d'athruigh
sé, agus an méid daoine naomththa a chuir sé amach ar
fud na mór-thíre leis an gcreideamh a sgaipeadh.



Thug sé aon chuairt amháin ar Éirinn ar feadh na
haimsire a chaith sé i ndeóraidheacht — am ar theastuigh sé
go géar le n-a bhreitheamhnas a thabhairt ag díosbóireacht
mhóir i nÉirinn 'san mbliadhain 573 i dtaoibh Chlann
Gaedheal na hAlban agus bárd na hÉireann. Mar
gheall ar an mbreitheamhnas aithrighe a cuireadh air tháinig
sé go hÉirinn agus púicín ar a shúilibh. Ghnóthuigh sé
an toisg 'na dtáinig sé anall, .i. saoirseacht na
nGaedheal i nAlbain agus gan deireadh a chur le
cumann na mbárd.



Bhí 'fhios aige i bhfad roimh ré go bhfuigheadh sé bás
gan pian gan tinneas ar maidin Dómhnaigh agus fuair.
Bhí sé ag oibriughadh ag sgríobhadh nó go raibh sé ag
saothrughadh an bháis.



Tá tobar beannuighthe i n-aice na fairrge ar an
taobh thoir de Chuan Chasla i gConmhaicne Mara a
dtagann go leór leór daoine chuige ag tabhairt turas
Lá Chuilm Cille gach bliadhain. Deirthear gurab ann a
tháinig an naomh i dtír uair ar tháinig sé trasna an
chuain as Árainn.



Caibidil VII.



Sean-sgolta agus cuid de naomhaibh na hÉireann tráth
ar bh'í “Inis na Naomh agus na mBárd” í.



Mar dubhradh cheana, ar feadh céadta bliadhain tar
éis aimsire Phádraig, bhí clú agus cáil na hÉireann
leathnuighthe ar fud an domhain mhóir le léigheann agus
le foghluim, le síothcháin, le sógh, agus le naomhthacht.
Ag Árd Macha 'seadh cuireadh teampall na hEaglaise
ar bun i nÉirinn ar dtús, agus annsin 'seadh mhúintí go


L. 24


leór a bhíodh ag ollmhughadh i gcómhair oibre Dé. Bhíodh
go leór Sasanach ag cómhnuidhe agus ag foghluim 'san
scoil seo, an áit a raibh múinteachas agus fialtas na
nGaedheal le fagháil ag gach duine. Nach maith mar
chaith an Sasanach leis an nGaedheal go minic ó shoin,
agus nach iongantach mar chaith sé a bhuidheachas leis!
Dhóigh na Lochlannaigh an chathair go han-mhinic ar feadh
na gceithre chéad bliadhain roimh Chath Chluana Tarbh,
agus is iongantach mar sábháileadh an scoil ar chor
ar bith.



Bhí árdscoil eile i gCill Dara. Budh í Bríghid a chuir
na scolta agus na mainistrí ar bun i gCill Dara.
Bhí sí 'na mnaoi riaghalta chráibhthigh dhéirceamhail, agus
ní raibh ban-naomh eile i nÉirinn mar í. Mhair sí i
n-aimsir Phádraig.



Bhí scoil i gConndae Lughbhaidh a chuir Naomh Mochta
ar bun; scoil ag Cill Bheineoin i n-aice Thuama Dhá
Ghualann a chuir Beinén ar bun. Ar Oileánaibh Árann
bhí scolta agus naoimh go leór. Budh é Éanna a chuir
an chéad mhainistir ar bun ag Cill Éanna i nÁrainn.
Níor bh'fhada ann é go dtáinig chuige Breandán nó
Bréanainn, agus Finnén. Bhí Colm Cille i nÁrainn
sgathamh freisin. Ba bheag naomh i nÉirinn nár chaith
tamall beag nó mór i nÁrainn. Bhí Ciarán Iarfhlaith
as Tuaim, Caoimhghein ag Gleann Dá Locha, Mac Creiche,
Líbeus, Papeus, Neachan, Breacán, Colmán mac Duach,
&rl., i nÁrainn.



Mhaireadh na naoimh go gnóthach cráibhtheach ag urnuidhe,
ag trosgadh, ag staidéar agus ag sgríobhadh. Bhí go
leór teampall i nÁrainn. Bhí ceann ag Cill Éanna
dar bh'ainm Teampall Éanna, Teampall Mhic Longa,
Teampall Mhic Ceannáin, Teampall Bheanáin, an
Mhainistir Chonnachtach, Cill na Manach, Teampall an
Cheathrair Áluinn, &rl. Tá na céadta naomh curtha i
gcréafóig naomhtha na hÁrann, agus má bhí 'san
am fad ó ar an áit budh bheannuighthe i nÉirinn, tá sí
amhlaidh fós, mar tá cráibhtheacht, spioraid, teanga
agus creideamh Phádraig agus na naomh 'sna hoileánaibh
anois go lonnrach agus beidh go bráth le congnamh Dé.


L. 25


Chuir Ascius naomhtha scoil ar bun ag Ailfionn. Bhí
scoil chlúthamhail eile ag Cluain Ioraird a chuir Finnén
ar bun, agus scoil ag Cluain Fhearta a chuir Breandán
nó Bréanainn ar bun agus scoil ag Cluain Fosa a
chuir Iarfhlaith ar bun i n-aice Thuama.



Bhí árdscoil an-chlúthamhail ag Cluain Mhic Nóis ar
bhruach na Sionna tuairim deich míle ó Bhéal Átha
Luain. Budh é Naomh Ciarán mac an tSaoir a chuir
an scoil iongantach so ar bun. Ar feadh sé chéad
bliadhain bhíodh árd-scoláirí ag múineadh agus ag
teagasg innti. Do sgríobhadh ag Cluain Mhic Nóis cuid
d'Annálaibh na hÉireann, do cumadh go leór de shean-
dántaibh filidheachta na nGaedheal ann, agus do
múineadh go leór Franncach agus Sasanach léigheannta
ann. Do cailleadh Ciarán féin tuairim na bliadhna
549, agus gan an scoil acht ceithre mhí curtha ar bun
aige. Ní'l anois le feicsint ag Cluain Mhic Nóis acht
na fothracha. Tá ballaí leagtha, an t-uaigneas agus
an ciuineas ar gach taobh, agus cnámha na naomh naomhtha a
bhí ann fad ó go doimhin leagtha faoi'n bhfód. Acht tá
fós féin lorg na dteampall againn ann le feiscint.
Seo cuid aca : an Daimhliag a chuir Flann, rí
Éireann, agus Colm, ab Chluana Mhic Nóis, ar bun 'sa
mbliadhain 909; Teampall Fhinnéin, an té a mhúin
Ciarán naomhtha ; Teampall Ua gConchubhair a chuir
Cathal, rí Chonnacht, a cailleadh 'sa mbliadhain 1010,
ar bun. Bhí teampall eile ann a chuir Conchubhar Ó
Ceallaigh as Connachtaibh ar bun 'sa mbliadhain 1167,
agus teampall eile darbh' ainm Teampall an Ríogh nó
Teampall Uí Mhaoilsheachlainn. Tá 'fhios gur chuidigh
Diarmaid, rí Éireann, le Ciarán ar dtús, agus níor
bh'iongnadh mar sin Teampall Ríogh a bheith ann. Bhí ann
freisin Túr Uí Ruairc a chuir Fearghal Ó Ruairc, rí
Chonnacht, ar bun 'san deichmhadh aois. Tá leacracha go
leór le feicsint ann a cuireadh os cionn na ndaoine
curtha. Tá gar do chéad go leith de na leacrachaibh le
fagháil ann fós.



Ar fhaitchios go ndóightí leabhra an tseanchais i
gCluain Mhic Nóis bhíodh ar chuid de na seanchaidhthibh an


L. 26


seanchas agus na dánta a bheith aca de ghlan-mheabhair.
Níor bhaoghal go gcaillfidhe iad annsin.



Bhí scoil mhór eile i nGleann Dá Loch a chuir Caoimhghein
ar bun. Budh naomhtha an duine é Caoimhghein. Rugadh
é 'sa mbliadhain 498 agus mhair go raibh sé céad is fiche
bliadhain d'aois. Tá na fothracha le fagháil fós ag
Gleann Dá Loch. B'iomdha duine léigheannta naomhtha
a mhair 'sna scoltaibh agus 'sna mainistríbh ann ó
aimsir Chaoimhghein go haimsir Lorcain Uí Thuathail, Árd-
Easbog Bhaile Átha Cliath 'san dara haois déag.
Naomh agus fear an-léigheannta do b'eadh Lorcán
Ó Tuathail freisin.



Bhí scoil mhór eile ag Lios Mór a chuir Carthach
naomhtha ar bun timcheall na bliadhna 636. Bhí an scoil
seo ar an gceann ab' fhearr i n-uachtar na hÉireann.



Bhí scolta móra i nDeasmhumhain freisin. Bhí Barra
ar dhuine de na chéad daoinibh a chuir scoil ar bun i
gCúigeadh Mumhan. Bhí scoil 'san Ros a chuir Fachtna
ar bun, agus scoil ar Inis Faithleann a chuir Finnén
ar bun ann.



Bhí scoil eile ar Inis Cealtra 'san ochtmhadh aois
idir Gaillimh is Conndae an Chláir a chuir Colm ar
bun.



Bhí scolta i dTuathmhumhain freisin, go háirithe ag
Biorra agus Ros Cré.



Bhí scoil ar Inis Bó Finne i lár na fairrge móire a
chuir Colm ar bun, agus scoil mhór eile i Muigh-Eó. Bhí
scoil mhór eile i dTuaim Dhá Ghualann a chuir Iarfhlaith
ar bun, agus bhí scoil mhór i nDoire freisin ar a bhfuil
trácht mór 'sna sean-leabhraibh. Ní raibh na Gaedhil
taobh leis na scolta so, acht ní'l goir againn acht
gearr-chunntas beag a thabhairt i dtaobh sean-scolta
na nGaedheal annso. Bhí grádh agus meas ag na
naomhaibh agus ag na sean-scoláiríbh ar léigheann
agus foghluim. Bhí teanga na nGaedheal d'á múineadh
agus d'á labhairt aca, agus bhí cuid díobh 'na bhfilíbh
freisin. Bhídís an-tsuimeamhail 'san Laidin, agus
d'á síor-chleachtadh. Bhíodar an-eólasach freisin ar an
nGréigis, agus budh dheacair cur chuca le feabhas an


L. 27


eólais a bhí aca ar Laidin is Gréigis. Bhíodh na hoidí
foghluma 'na seacht mdreamaibh do réir a n-eólais ar
léigheann, stair, filidheacht, &rl. 'Sé an t-ainm a bhíodh
ar an árd-oide “ró-shaoi.” “Saoi” an chéad chéim eile
ab' ísle 'ná sin. Bhíodh duine 'na “shruith,” agus
duine ní b'fhearr ná é 'na “an-shruith”. Thugtaoi
freisin “ollamh” nó “saoi litridheachta” ar árd-
ollamh, agus bhíodh sé de chead aige suidhe agus biadh
a chaitheamh ar aon bhórd leis an rígh féin, bhí an oiread
sin measa air mar gheall ar a chuid eólais i dtaoibh
filidheachta, léigheann, stair na dligheadh. Níor bh'
ionann an “bárd” agus “file” 'san tsean-
aimsir. Ní fhaghadh an “bárd” aon mhúinteachas 'san
bhfilidheacht, mar gheibheadh a “file”. Ní bhíodh aige
acht a bheith ag cumadh as féin agus ag nochtadh a
smaointe 'san bhfilidheacht go nádúrtha gan eólas mór
an fhile i dtaoibh méadarachta agus filidheachta. Acht
níor bh'amhlaidh é ag an bhfuilidh. Bhíodh eólas aige-sean
ar gach cineál méadarachta filidheachta 'sa nGaedhilg.
B'fhéidir leis cumadh ar an bpointe boise i dtaoibh roda
ar bith. Bhíodh cuimse dánta agus laoithe aige de
ghlan-mheabhair, agus b'fhéidir leis a n-aithris os comhair
an ríogh, agus na laochradh uair ar bith d'oirfeadh sé
dhó. B'fhéidir leis gan aon deacracht ná duadh dán
moltach nó cáinteach a chumadh i dtaoibh roda ar bith
budh túisge aige, agus bhíodh an oiread so airgid ag
dul dó ar son a chuid eólais. Chaithfeadh sé dhá
bhliadhain déag a chaitheamh ag foghluim na seacht gcineál
filidheachta — do réir méadarachta — agus bhíodh air freisin
trí chéad go leith sgéalta mór fada bríoghmhar a bheith
aige de ghlan-mheabhair le haithris. Bhíodh na breitheamhain
mar an gcéadna 'na seacht rannaibh do réir a n-eólais
ar dhlighe agus ar shean-reachtaibh na nGaedheal. Bhíodh
a bhreitheamh féin ag gach rígh, agus budh é a socruigheadh
cúis dlighidh ar bith a bhíodh ag déanamh easaontais 'sa
teaghlach. Breitheamhain dob' eadh cuid de Mhuinntir
Aodhagáin fad ó, i gConndae na Gaillimhe agus ag
muinntir Urmhumhan i gConndae Thiobrad Árann. Bhíodh
filí stardha ag na ríghthibh freisin, agus bhíodh ar na filíbh


L. 28


nó starthuightheóiríbh seo cunntas a sgríobhadh i dtaoibh
gach catha, gach cogaidh, agus gach buadha d'á ndéanadh an
rí agus na taoisigh. Bhíodh ortha freisin eólas a bheith
aca i dtaoibh na dteaghlach le fada fada an lá, agus gan
aon dearmad a bheith ortha i dtaoibh na ngeinealach, agus
'na dteannta so bhí sé de dhualgas ortha fios cruinn
a bheith aca cé mhéad talman a bhíodh ag gach teaghlach,
agus gach socrughadh a ghníthí i dtaoibh teórainneacha
agus eile. Go dtí an t-aonmhadh aois déag sgríobhtaoi
i bhfilidheacht go coitchionn, acht ó shoin i le (an fhad is
ba ghnáthach a dhéanamh) i gcaint sgurtha ba mhinicí a
sgríobhtaoi.



Ní'l aon ghoir annso acht fíor-gheárr-aithris a dhéanamh
i dtaoibh léighinn agus scoláireachta na hÉireann.
D'fhéadfaidhe leabhar mór a sgríobhadh 'na thaoibh, acht
dá laighead dá ndubhradh 'san ngeárr-aithris seo,
bhéarfaidh sé tuairim do'n léightheóir cé an tsuim agus
an phráidhinn agus an mór-mheas a bhí ar léigheann
agus foghluim i sean-Inis Éilge, agus is féidir leis a
rádh go mbudh mhaith an aghaidh ar ár dtírín dúthchais an
ghairm uasal Inis na Naomh agus na mBárd a tugadh
uirre an t-am sin, agus ar chóir go mbeadh Clanna
Gaedheal go héag bródamhail as a ucht.



Caibidil VIII.



Na Lochlannaigh, Maoilsheachlainn Mór, Brian Bórumha
i n-a Árd-rígh. Creachach na Lochlannach ; ullmhughadh Catha
Cluana Tarbh.



Faraor cráidhte! Caithfear anois leigeann de'n chur
síos agus de'n aithris ar an aoibhneas, ar an sólás agus
ar an sócamhal a bhí i nÉirinn ar feadh a ceathair nó
cúig de chéadtaibh bliadhain tar éis aimsire Phádraig
agus trácht ar an gcaoi ar chuir na Lochlannaigh deireadh
le suaimhneas agus le síothcháin 'san tír.


L. 29


Thángadar ar dtús i ndeireadh na hochtmhadh aoise.
Bhí cabhlach láidir ag na Lochlannaighibh an t-am sin,
agus budh mhinic iad ag teacht ag goid agus ag
cneamhaireacht 'sna cathrachaibh, agus as na mainistríbh
agus ag scuabadh leó ar ais go Crích Lochlann.



'Sa deireadh, le súil is go n-éireóchadh leó an tír ar
fad a chur 'na seilbh i gcionn tamaill, tháinig go leór
dhíobh agus chuir Baile Átha Cliath, Droichead Átha,
Portláirge, Luimneach, Loch Garman agus tuilleadh
caladhphort ar bun.



Tháinig an-chuimse dhíobh leis an taoiseach Turgéis
tuairim na bliadhna 840 tráth bhí an tríomhadh Niall
'na rígh. Rinneadar gach ár, sladadh, creachadh agus
gadaidheacht ab' fhéidir leó. Rinneadar a ndícheall ar
deireadh a chur le creideamh na nGaedheal. Ghoideadar
an t-ór agus na seóda luachmhara as na teampaill.
Bhriseadar na dealbha, agus na híomháighthe, dhóigheadar
gach leabhar ab' fhéidir leó a fhagháil, dhúnadar sgolta
an léighinn agus an teagaisg. “Teach Dé” ag
Cluain Mhic Nóis, rinne an creachadóir Turgéis an áit
chómhnuidhthe féin dhe; gabhadh árd-easbog Árda Macha
agus tugadh é gabhtha go dtí ceannphuirt na sgriosa-
dóirí.



Níor bh'féidir leis na Gaedhlibh fulaing ní b'fhuide
leis an gcreachadh. Ba ghairid go rabhadar 'na
seasamh go docht i n-aghaidh na Lochlannach. Ghabh
Maoilsheachlainn a bhí 'na fhlaith 'san Iarmhidhe Turgéis
agus chuir chum báis é. Bhailigh an tÁrd-rí Niall arm
láidir i dteannta a chéile. Phléasg ó'n dtuaidh ar na
Lochlannaighibh agus ruaig roimhe iad go creachta leónta.



Budh cródha tréanmhar an taoiseach fear an tríomhadh
Niall, agus budh bhocht an chaoi ar cuireadh deireadh
leis, faraor, tar éis buadhadh dhó! Báidheadh é i
n-abhainn Challainn ag iarraidh giolla leis a shábháil ar
bhain tuisle dhó ag dul trasna na habhann.



Ní raibh aon chumhacht ag na Lochlannaighibh 'san tír
acht amháin taobh leis an bhfairrge. Chuireadar, mar
dubhras cheana, cathracha ar bun, agus budh mhinic, mar
gheall ar an tráchtáil a bhíodh ar siubhal aca, go


L. 30


mbíodh lámh-isteach aca féin agus ag na hÉireannaighibh
le chéile.



'Sé rud a bhasg agus a chreach na hÉireannaigh agus
budh chiontach le gan é a bheith 'na gcumas buadh a
fhagháil amach is amach ar an námhaid agus glan-ruagadh
as an tír a thabhairt dó an t-am so — gan aontuigheacht
a bheith eatorra. Faraor, sin é a chreach iad go minic
ó shoin freisin! Bhí flatha agus taoisigh na nGaedheal
ag troid agus ag imreas ag iarraidh buadh a fhagháil
ar a chéile nuair budh cheart dóibh seasamh le chéile go
teann agus námhaid bhradach mhí-thrócaireach a dtíre a
ruaigeadh. Budh mhinic Árd-rí na hÉireann ag déanamh
a dhíchill báis agus beathadh ag iarraidh an Lochlannach
a bhualadh, agus nuair a bhíodh an bhuadh beagnach aige
'seadh thosuigheadh duine d'á chuid flath, b'fhéidir, ag
iarraidh árd-tighearnas na tíre a fhagháil dó féin, agus
d'éirigheadh sé mí-dhílis do'n Ard-rí. Ar feadh trí chéad
bliadhain b'éigean do gach Árd-rí troid chomh minic ag
iarraidh smacht a chur ar a chuid flath is b'éigean dó
troid i n-aghaidh na Lochlannach. Faoi chuing na
daoirseachta níor bh'fhéidir le Clannaibh Gaedhil a bheith
ag na Lochlannaighibh, dá seasadh taoisigh na nGaedheal
go daingean láidir le chéile agus dlúth-mhuinnteardhas
a bheith eatorra an t-am úd.



Tuairim agus i lár na deichmhadh aoise bhí rí ar
Chúigeadh Mumhan dar bh'ainm Mathghamhain mac
Chinnéide, agus bhí dearbhráthar óg aige dar bh'ainm
Brian. Bhí an bheirt dearbhráthar an-cheanamhail ar a
chéile. Bhíodar 'na gcómhnuidhe ag Ceann Coradh.
Marbhuigheadh Mathghamhain go fealltach ag féasta chum
a bhfuair sé cuireadh ó Mhaolmhuaidh, tighearna
Deasmhumhan, agus ba mhór é cathughadh agus briseadh
croidhe Bhriain 'na dhiaidh, go háirithe ó thárla dhó a bhás
a fhagháil go fealltach gan a bheith i n-innmhe é féin a
chosaint.



Níor bh'fhéidir le Brian suidhe nó seasamh go mbaineadh
sásamh amach ar son báis a dhearbhráthar, agus ní bréag
a rádh gur bhain sé sin amach. Rinne sé ár ar dtús
ar Lochlannaighibh Luimnigh a chuidigh le Maolmhuaidh agus


L. 31


bhí ag gabháil do gach duine d'ár chionn-tsiocair le bás
a dhearbhráthar nó nár fhág sé duine aca beó acht
Maolmhuaidh féin. Thug sé cuireadh chum troda dó-san
freisin. Bhailigh Maolmhuaidh Lochlannaigh agus Gaedhil
Deasmhumhan le chéile le troid i n-aghaidh Bhriain.
Tugadh cath mór eatorra, agus rinne Brian agus a
chuid laochradh sléacht mór agus ár ortha. Do mharbh a
mhac óg Murchadh le n-a láimh féin Maolmhuaidh. Thar
éis na buaidhe seo rinneadh rí ar Chúigeadh Mumhan de
Bhrian, agus ó'n am sin amach chruthuigh sé go
mb'iongantach an duine é ag riaghlughadh a chúigidh.



Budh é Maoilsheachlainn Mór a bhí 'na Árd-rígh an
t-am sin, agus níor fhéad sé féin agus Brian
réidhtiughadh le chéile ar chor ar bith. Is cosamhail nár
mhaith leis an Árd-rí an chumhacht mhór a bhí ag Brian,
agus go raibh sé ceaptha ag Brian é féin a bheith 'na
Árd-rígh, agus a mhac 'na dhiaidh. Níor bh'iongnadh mar
sin gur éirigh an cogadh mór eatorra a chaith ar siubhal
ar feadh fiche bliadhain. Budh é deireadh an sgéil gur
bhuaidh Brian agus go mb'éigean do Mhaoilsheachlainn
tabhairt suas d'á bheith 'na Árd-rígh, agus an choróin a
thabhairt do Bhrian.



Ar feadh na haimsire a chaith sé 'na Árd-rígh thug sé
séan agus rath agus sócamhal 'san tír. Bhí muinntir na
tíre an-dílis do na deagh-dhlighthibh a chuir sé i bhfeidhm.
Deirtear gur le n-a linn nár mhisde d'óg-mhnaoi uasail
triall 'na haonar ar fud na tíre agus í córuighthe le
seódaibh luachmhara agus nár bhaoghal go mbacfaidhe
léithe.



Dá mhéad urraim d'á dtiubhramaid do Bhrian, agus
dá mhéad moladh d'ár thuill sé, ní féidir folach a chur
ar an ngníomh mícheart a rinne sé nuair a bhain sé
amach a bheith i n-a Árd-rígh le láimh láidir, agus bhain
an chumhacht de Mhaoilsheachlainn Mór d'ár chóir an
choróin ó cheart. Tar éis a aimsire budh bheag Árd-rí
a bhí i nÉirinn nár bh'éigin dó troid sul fuair sé an
choróin. Nó gur bhain Brian amach í le láimh láidir
gheibheadh an té í a mbíodh sí ag gabháil dó ó cheart do
réir na ndlighthe, acht ó aimsir Bhriain ní bhíodh ann go
minic acht troid ar a son.


L. 32


Bhí na Lochlannaigh an-chumhachtach 'san tír le linn
Bhriain Bhórumha a bheith 'na Árd-rígh. Bhí cuid de'n
Fhrainnc faoi smacht aca, agus bhí seilbh aca ar Shasanaibh,
agus duine d'á bhflathaibh 'na rígh ar an tír. Go deimhin
bhí Sasana faoi riaghlughadh triúr ríghthe Lochlannach
i ndiaidh a chéile. Mar sin bhí mí-shuaimhneas agus
mí-shástuigheacht mhór ag gabháil dóibh gan Éire a bheith 'na
seilbh freisin. D'fhéachadar go minic acht do chinn ortha.
'Sa deireadh cheap na Lochlannaigh a bhí socruighthe síos i
nÉirinn iarracht láidir a thabhairt ar an tír a chur faoi n-a
smacht. Tháinig cabhlaigh Lochlannacha isteach go Corcaigh
agus tuilleadh i Loch Feabhail i gCúigeadh Uladh ; acht bhí
an tÁrd-rí agus a chuid flatha ullmhuighthe 'na gcómhair
agus chuir ruaig ortha. Acht níor bh'fhiú dadadh é seo i
gcomórtas leis an méid a bhí le teacht agus leis an
gcogadh iongantach a bhí le críoch a chur go deó le
cumhacht na Lochlannach i nÉirinn. Budh é sin catha
Chluana Tarbh, mar atá fhios ag gach Gaedheal, a tugadh
'san mbliadhain 1014.



Deirthear, muna mbeadh rud suarach a thárla ag
Ceann Coradh, nach mbeadh an cath millteach so chomh
luath idir na hÉireannaigh agus na Lochlannaigh. Bhí na
flatha ag imirt fithchille agus thug Maolmórdha, flaith
Laighean, comhairle uaidh, cé mar b'fhearr, de réir a
bharamhla, le n-imirt. Chaill a chomhairle an cluiche. Bhí
láimh-isteach ag Maolmórdha leis na Lochlannaighibh, agus
muna mbeadh iad, ní éireóchadh leis a bheith 'na fhlaith mar
bhí sé. Nuair a chonnaic Murchadh mac Bhriain gur chaill
Maolmórdha an cluiche, dubhairt sé nár bh'iongnadh gur
buaileadh na Lochlannaigh ag Gleann Máma, má thug
sé droch-chomhairle dhóibh mar thug sé uaidh anois. Chuir
sin an-fhearg ar Mhaolmórdha agus d'imthigh leis ar a
chapall, agus ó shin amach ní raibh uaidh acht gach a
mb'fhéidir leis a dhéanamh leis na Lochlannaighibh fré chéile
a thabhairt anall go hÉirinn, rud a d'éirigh leis go
maith, mar thángadar agus a lucht conganta as gach
cearn, as Crích Lochlann féin, as Insibh Gall, as Insibh
Orc, agus as Insibh Cad, na hoileáin atá timcheall na
hAlban, ó thír na hAlban féin, as Inis Mhanann, agus


L. 33


as go leór áiteacha eile. Bhí ceathrar taoiseach ar arm
na nDanar agus na Lochlannach, Suibhne, iarla Inse
Manann, Siugraidh, iarla Inse nOrc, Bruadar, agus
Sítriuc Átha Cliath. Chuidigh Maolmórdha leis na
Lochlannaighibh ar gach caoi ab' fhéidir leis.



Anois thar riamh a bhí ar Éirinn seasamh go teann.
Anois a bhí uirthi cruthughadh cé an bhrígh agus spreacadh
a bhí 'na géagaibh. Anois a bhí uirthi a dícheall a dhéanamh
leis an namhaid a sguabadh uaithi go bráth agus críoch
a chur le gadaidheacht agus bradghail na nDanar! Ar
fud na hEórpa bhí cabhlaigh láidre d'á n-ullmhughadh féin
i gcomhair an chogaidh le hÉirinn. Acht níor chuir sin
faitchios ar Bhrian. Dubhairt go raibh sé féin ullmhuighthe
'na gcomhair agus go dtiubhradh le taisbeánadh do'n
tsaoghal mór cé rud ab' fhéidir le Clannaibh Gaedhil a
dhéanamh. Agus bhí an meisneach agus an mhuinighin
chéadna ag a chuid flath go léir beagnach, acht níor
chuidigh ceachtar aca leis ní b'fheárr 'na Maoilsheachlainn
d'ár bhain sé an choróin.



CAIBIDIL IX.



Cath Chluana Tarbh.



Ar feadh an fhóghmhair 'sa mbliadhain 1013 agus i rith
an earraigh 'sa mbliadhain a bhí chugat d'oibrigh Clanna
Gaedhil agus na Lochlannaigh go díograsach i gcomhair
an chatha. I ndeireadh an Mhárta bhí gach rud ullmhuighthe
amach ag Brian agus thug ordughadh d'á arm gluaiseacht
leó go Cill Mhaighneann, an áit i gcruinnigheadh arm na
hÉireann le fada. Bhí a chuid fear go léir tuairim
fiche míle i dteannta a chéile aige i lár an Aibreáin.
Chuidigh flatha Deasmhumhan agus Thuadhmhumhan leis
go léir. Tháinig buidhean chuige trasna ó Chonmhaicne
Mara le cuidiughadh leis 'san gcath, acht congnamh ná
cabhair ar bith ní fhuair sé ó uaislibh Uladh.


L. 34


Sheól cabhlach láidir na Lochlannach isteach Cuan Bhaile
Átha Cliath Domhnach an Iubhair an t-ochtmhadh lá déag
d'Aibreán 'sa mbliadhain 1014. Bhí cuid de na
soithighibh feistighthe ag Binn Éadair, tuilleadh aca i
nInbhear Life, agus an chuid eile annso is annsúd amach
ar aghaidh thrágha Chluana Tarbh.



Níor fhan duine d'ár bhain leis an mbrathadóir, Maol-
mórdha, rí Laighean, gan a dhul le troid i n-éinfheacht
leis na Lochlannaighibh. Níor thúisge fuair Brian fios
air sin ná chuir sé buidhean de shliocht Dáil gCais le
smíochadh a dhéanamh ar fud Chúigidh Laighean. Acht bhí
brathadóir ag Maolmórdha féin, agus d'innis fear
d'arm Bhriain dó go raibh an dream cródha neartmhar
so imthighthe go Cúigeadh Laighean, agus ar an bpointe is
a bhfuair Maolmórdha sgéala air so thug sé comhairle
do na Lochlannaighibh gan fanacht níb' fhuidhe acht
tosughadh ar an troid an fhad is bhí an dream ab' fheárr
ar fad ag Brian gan a bheith 'sa láthair.



Mar sin, d'orduigh na Lochlannaigh do Bhrian a bheith
faoi réir le troid an lá 'na dhiaidh sin, Aoine an
Chéasta. Níor mhaith le Brian tosughadh ar an troid
agus ag dortadh fola comhthrom an lae ar céasadh Mac
Dé ar son an tsaoghail, agus d'impigh ortha fanacht go
dtí lá ar n-a mhárach. Acht ní raibh maith dhó ann.
Deirthear go raibh neach ag Bruadar a d'innis dó, dá
dtosóchadh an troid Aoine an Chéasta, go marbhóchadh
sé Brian go cinnte.



Bhí arm na Lochlannach 'na dtrí rannaibh agus Sítriuc,
Maolmórdha agus Bruadar mar árd-thaoisighibh ortha.
Rinne Brian amhlaidh freisin le n-a arm féin. 'San
gcéad roinn chuir sé an méid fear a bhí aige de shliocht
Dáil gCais agus bhí aige 'na dtaoisighibh ortha a mhac
Murchadh agus ceathrar dearbhráthar Mhurchadha, Tadhg,
Domhnall, Conchubhar, agus Flann, agus mac le Murchadh,
Toirdhealbhach, nach raibh acht cúig bliadhna déag d'aois.
'Na dteannta bhí aige freisin Maoilsheachlainn agus
Clanna na Midhe. 'San dara roinn chuir sé Clanna
Deasmhumhan agus bhí Cian mac Mhaoilmhuaidh agus
Domhnall mac Duibhdábhoireann 'na dtaoisighibh ortha.


L. 35


Agus 'san tríomhadh roinn chuir sé Clanna Chonnacht
agus an Ceallach flaith Ua Maine, ó hÉidhin flaith Ua
bhFiachrach Aidhne agus Eachthighearn rí Dháil Áraidhe 'na
dtaoisighibh ortha.



Nuair a bhí gach rud réidh amach i gcomhair na troda,
chuaidh Brian thart ar a each, a chlaidheamh i láimh leis,
agus comhartha na croise 'san láimh eile, ag gríosadh na
bhfear i n-aghaidh na námhad agus ag impidhe ortha
seasamh go daingean docht agus críoch a chur go deóidh
le creachadh na Lochlannach i nÉirinn. Chuir sé i
gcuimhne dóibh an fhoghail, an sladadh agus an droch-
bheartaidheacht a rinne na Lochlannaigh ó thángadar ar
dtús, na teampaill a leagadar, an dóghadh, an
creachadh agus an ghadaidheacht a rinneadar, an mhí-onóir
agus an dí-mheas a thugadar do'n chreideamh, agus mar
d'fhéachadar le Éire a sgriosadh ar gach caoi a mb'
fhéidir leó é. D'impigh sé ar Dhia buadh agus treise,
neart agus meisneach, dílseacht agus laochras a
thabhairt d'á chuid saighdiúir. Bhí sé ullmmhuighthe le gach
ar bhain leis beó a chailleadh ar son a thíre, agus chuir
a chlann féin, agus amháin clann a chloinne, le troid
'san gcath.



Níor bh'iongnadh thar éis na hóráide seo go raibh an
fhuil ag coipeadh 'sna fearaibh le fonn dul do throid
leis na námhaid ar áit na mbonn.



Bhí Brian féin ag iarraidh a bheith mar árd-thaoiseach
ar arm na nGaedheal, acht ní raibh a chlann mhac ná na
flatha sásta ar cead a thabhairt dó, mar bhí sé ró-aosta
le n-a bheith i gceart-lár na troda. Mar sin 'sa
deireadh chuireadar faoi ndeara dhó dul 'na bhoith, achar
geárr ó áit na troda, agus tugadh cead d'á mhac budh
shine, Murchadh, a bheith 'na árd-thaoiseach ar arm na
nGaedheal.



Annsin thosuigh an cath. Thuit laochradh 'na míltibh
ar gach taobh. Throid na taoisigh go hiongantach — fear
i n-aghaidh an fhir. Rinne na Gaedhil gníomha gaisgidheachta
agus laochrais an lá úd nár sáruigheadh riamh. Níor
fhág Dál gCais mac máthar de dheich gcéad de'n
námhaid gan marbhughadh. Rinne Murchadh ár agus


L. 36


smíochadh ar gach taobh dhe agus bhí ag leagan na
Lochlannach chomh tiugh i nÉirinn is thagadh suas leó.
Rith beirt taoiseach Lochlannach, Carlus agus Conmhaol,
chuige go fíochmhar buileach nuair a thugadar fá deara
an sléacht a bhí dh'á déanamh aige, acht níor thúisge go
dtí é iad ná bhíodar sínte mín marbh go deó le buillíbh
móra ó n-a thuaigh chatha. Bhí an cath ar siubhal go dian
ó mhoch maidne go hárd tráthnóna gan fhios cé ag a
mbeadh an bhuaidh, acht tuairim a trí tráthnóna d'ionnsuigh
na hÉireannaigh na Lochlannaigh go teann agus bhí ag
gabháil dóibh nó nár fhágadar mórán taoiseach aca gan
deireadh a chur leó. Bhí Murchadh chomh tugtha sin le
lagar o'n gcaoi mhóir a raibh sé 'gá oibriughadh féin
ar feadh an lae is gur ar éigean a bhí ann a lámh a
thógáil an tráth sin, agus budh é sin an t-am go díreach
ar ionnsuigh Anradh, flaith Lochlannach, é. Acht dá laige
dá raibh sé, beireann leis an gciotóig ar an Lochlannach
agus tugann chun na talmhan é. Beireann leis an
láimh dheis ar an gclaidheamh, agus ar chromadh dhó leis
an mbuille marbhthach a thabhairt uaidh, d'éirigh leis an
Lochlannach a ghath a chur thríd, acht níor thúisge an buille
marbhthach de'n chlaidheamh buailte ar an Lochlannach ná
bhí Murchadh mac Bhriain, an taoiseach tréanmhar, tuitthe
marbh sáithte leis an gcath!



Cuireadh ruaig is sgaipeadh ar na Lochlannaighibh.
Ritheadar ag déanamh ar an gcuid long, an méid a
d'fhan beó díobh, agus bhí an abhainn, an Tulca, líonta
go bruach le tuile na mara rómpa. B'éigean dóibh iad
féin a chaitheamh isteach 'san uisge ag iarraidh glanadh
leó, agus báidheadh a bhfurmhór 'san abhainn. Thar éis
na troda fríoth Toirdhealbhach mac Murchadha báidhte
agus é i ngreim gruaige i Lochlannach a dtáinig sé
suas leis.



Acht níor thárla aon rud i rith an lae iongantaigh
uathbhásaigh úd budh dólásaighe 'ná an chaoi ar marbhuigheadh
Brian Bórumha féin. Thar éis bunáite an chatha a bheith
thart tháinig Bruadar trasna ar an áit 'na raibh Brian,
a bhí ar an bpointe sin fágtha gan fear coimhdigh. Rith
an Lochlannach isteach 'san mboith, agus fuair Brian


L. 37


roimhe annsin ag guidhe go dúthrachtach os cómhair na
croise a thaisbeáin sé do'n arm maidin an lae sin,
agus gan 'na theannta acht a shearbhfhóghantaidhe.
Deireann seanchas na hÉireann go rug Brian ar a
chlaidheamh, agus gur mharbhuigh an Lochlannach, agus
annsin gur marbhuigheadh é féin, acht deireann seanchas
na Lochlannach gurbh' é Brian a marbhuigheadh le buille
ó Bhruadar.



Tá Brian agus a mhac Murchadh curtha i nÁrd Macha
agus Toirdhealbhach i gCill Maighneann.



Is beag taoiseach Éireannach nó Lochlannach d'á
ndeachaidh 'san gcath a tháinig as beó. Thuit gach duine
beagnach. Thuit Brian a mhac agus mac a mhic ar son
na hÉireann an lá iongantach úd. Bhí trácht ar fud
an hEórpa ar an gcath millteach a tugadh, agus tá
aithris 'na thaobh le fagháil i seanchas a láin tíortha.

Sin mar cuireadh críoch leis na Lochlannaighibh ag
Cluain Tarbh. Ó'n lá sin go dtí an lá indiu níor
thugadar iarracht eile ar Éire a bhaint amach. Bhí cath
Chluana Tarbh ar cheann de na cathaibh ab' uathbhásaighe
d'ár tugadh riamh.



CAIBIDIL X.



Teacht na Normánach; Cé rud budh chiontach leis.
Feall Dhiarmada Mhic Mhurchadha.



Thar éis báis Bhriain rinneadh Árd-rí ar ais arís
de Mhaoilsheachlainn Mór, agus chaith 'na rígh ar feadh
ocht mbliadhna go bhfuair sé bás. Thar éis a bháis bhí
mac Bhriain, Donnchadh óg, ar iarraidh a bheith 'na rígh,
acht ní raibh aon mhaith dhó ann. Ó sin amach ní raibh
síothcháin na suaimhneas 'san tír. Budh mhinic beirt
nó triúr ag iarraidh na corónach i n-éinfheacht. Budh
é Brian budh chionn-tsiocair leis seo, mar budh é a
bhain amach an choróin le láimh láidir ar dtús, mar


L. 38


dubhras cheana. Mar sin bhí na daoine gan a bheith ar
aon intinn le chéile; agus ní raibh aon aontuigheacht
eatorra ar feadh bliadhanta móra fada.



Mar dubhras, bhí triúr ríghthe Lochlannach ag riaghlughadh
Shasana i ndiaidh a chéile. Tuairim cúig bliadhna
fichead thar éis catha Chluana Tarbh chuir na Sasanaigh
cogadh ortha is fuair lámh i n-uachtar ortha. Ruaigeadar
an rí Lochlannach agus chuireadar rí Sasanach, Éamoinn,
'na áit. Acht ní raibh sé acht tuairim cúig bliadhna
fichead eile 'na dhiaidh seo nuair a phléasg na Nor-
mánaigh isteach agus chuir an tír 'na seilbh féin. Bhí
gaol agus muinnteardhas idir na Normánaigh agus na
Lochlannaigh, agus ní móide gur bh'iongnadh mar sin
gur chuidigh na hÉireannaigh leis na Sasanaighibh i n-aghaidh
na Normánach agus a rí, Uilliam. Ó thárla gur throid
na hÉireannaigh 'na n-aghaidh, bhí faoi na Normánaigh
sásamh a bhaint díobh agus Éire a bhaint amach, dá
mb'fhéidir é. Daoine tréana i gcath, cliste ar arm,
agus ughdarthásach is ealadhanta a bhí ionnta, agus i
n-aon bhliadhain amháin bhaineadar Sasana amach.



Ar feadh céad go leith bliadhain thar éis catha
Cluana Tarbh bhí na Normánaigh ag dul ar aghaidh go
láidir i Sasanaibh agus ag neartughadh na tíre ar gach
bealach. I rith na haimsire sin bhí Éire bhocht ciapuighthe
cráidhte ag a cuid tighearnaí á bheith ag imreas le
chéile. Bhí na clanna 'san tír i n-aghaidh a chéile agus
ag iarraidh cumhacht agus smacht fhagháil ar a chéile.
Rinne na heasbuig a ndícheall ar chosg a chur leis an
achrann a bhí ag creachadh na tíre, acht níor éirigh leó
de cheal gan riaghaltas na tíre a bheith socruighthe go
daingean, agus gan na flatha agus na clanna a bheith
umhal do'n Árd-rígh. Rinne Maoilsheachlainn gach a
mb'fhéidir leis le feabhsughadh a chur ar an gcaoi i raibh
an tír, acht sul mar d'éirigh leis, bhí an Normánach
pléasgtha isteach agus gan mí-shuaimhneas agus donas
na tíre acht ag tosughadh.



Bhí an stáid 'na raibh Éire d'á thabhairt fá ndeara le
fada ag an Dara Hannraoi, mac mic Ríogh Uilliam,
agus bhí mór-shainnt aige i nÉirinn, agus bhí faoi


L. 39


a mhíle dhícheall a dhéanamh le n-a cur faoi n-a
smacht féin. Bhí Sasanach, Adrian, 'na Phápa
'san Róimh an tráth so agus bhí Hannraoi cinnte go
raibh a fhios go maith ag an bPápa cé an stáid 'na
raibh an creideamh i nÉirinn, mar bhíodh na Sasanaigh i
gcómhnuidhe ag cur sgéala do'n Róimh ag innsint go
raibh flatha na nGaedheal ag creachadh gach roda i
nÉirinn agus ag tabhairt mí-mheasa do'n chreideamh féin.
Sgríobh Hannraoi féin go dtí an Pápa ag leigean
air féin cé an dólás mór ag imnidhe a bhí Éire a
dhéanamh dó. Is fíor nach dadadh a bhí uaidh acht leithsgéal
le cogadh a thosughadh i n-aghaidh na nGaedheal, acht
b'fhada uaidh sin a leigean air féin leis an bPápa.
'Sé an rud a bhí 'gá chiapadh (mar budh eadh!) an stáid
'na raibh an tír, agus mar sin d'iarr sé cead ar an
bPápa a leigean go hÉirinn le ciuineas, síothcháin
agus muinnteardhas a thabhairt ar ais 'san tír arís,
agus le seasamh go láidir ar son an chreidimh d'á raibh
na Gaedhil ag tabhairt dí-mheasa! Deirid na Sasanaigh
go bhfuair sé an cead uaidh, acht má fuair, ní'l a dhuth
ná a dhath ná a thuairisg le fagháil anois; agus dá
bhfaghadh féin, níor bh'é sin an fáth go mbeadh cead
aige an cogadh a chur ar bun 'na n-aghaidh mar rinne
sé. Agus má bhí an cead faighte aige, nach iongantach
nár thaisbeáin sé riamh ná go deó é nó go raibh an
Pápa básuighthe! Acht níor bh'fada gur thárla rud i
nÉirinn a thug an deis dhó a bhí uaidh, agus mar thárla
go minic roimhe agus 'na dhiaidh, flaith Éireannach budh
chiontach leis.



Timcheall na bliadhna 1152 d'éirigh cogadh mór idir
Tighearnán Ó Ruairc, flaith Bhreifne, agus Diarmaid
Mac Murchadha, flaith Laighean. Thaobhuigh an tÁrd-rí
le Mac Murchadha agus baineadh a chuid talmhan d'Ua
Ruairc. I dteannta gach donais cé rud a dhéanfadh
Dearbhfhorgail, bean Uí Ruairc, acht greadadh léithi ó
n-a fear féin le Mac Murchadha, acht chuir an rí,
Toirdhealbhach Ó Conchubhair, fá ndeara do Mhac
Murchadha an bhean a thabhairt ar ais. Chuir sé ar ais í,
agus chaith sí an chuid eile d'á saoghal go cráibhtheach ag
déanamh a hanama.


L. 40


Trí bliadhna déag thar a éis so d'fhéach Ruaidhrí
Ó Conchubhair leis an gcoróin d'fhagháil. Budh mhac é
do Thoirdhealbhach Ó Conchubhair a chuir d'fhiachaibh ar
Mhac Mhurchadha an bhean a chur ar ais. Bhí cáirdeas
mór idir Ruaidhrí agus Ó Ruairc, agus fuath mór
idir é féin agus Mhac Murchadha. Ní ghéilleadh
Mac Murchadha dhó, acht dhóigh a bhaile chómhnuidhthe
agus amach leis ar shléibhtibh Chille Manntáin sul
mar ghéilleadh sé dhó. Phléasg Mac Uí Ruairc 'na
dhiaidh ó'n dtuaidh, mar bhí mór-fhonn air le fada fá
dheis d'fhagháil le sásamh a bhaint de, agus seo chuige
Ruaidhrí ó'n taobh eile. Chonnaic sé annsin nach raibh
goir aige le seasamh 'na n-aghaidh, agus ghluais leis go
dtí an baile cuain budh ghoire dhó. Anonn leis go
Sasana agus é socruighthe aige 'na intinn sásamh
dearg a bhaint de'n druing seo i nÉirinn a bhí 'na
aghaidh.



Tugadh a chuid talmhan d'á chol ceathrair. Stad níor
bhain do Mhac Murchadha go dtáinig i láthair Ríogh
Hannraoi, agus gur innis dó so is súd i dtaoibh gach
a ndearnadh as bealach air i nÉirinn. Gheall sé do'n
rígh rud ar bith a b'fhéidir leis a dhéanamh ar a shon agus
faoi n-a chúram, dá dtugadh sé congnamh dó le sásamh
a fhagháil agus le n-a chuid talmhan a bhaint amach arís.



Ní raibh ó Hannraoi acht é, mar b'fhada ag faire é le
deis a fhagháil le tosughadh ar an gcogadh i nÉirinn.
Thug an rí cead dó congnamh a iarraidh ar mhuinntir
Shasana. B'fhada gur éirigh leis aon duine a fhagháil,
acht 'sa deireadh shocruigh Muiris Mac Gearailt,
Maodhlair Mac Énrí, agus mórán daoine dána eile
a bhí i n-easbhaidh foghlach, cuidiughadh leis. Sgaoil
Mac Murchadha duine muinnteardha do fhlaith na
Breataine Thuaidh as géibheann le cuidiughadh leis féin.
'Sa deireadh thiar thall tháinig an té ar a gcualamar go
léir trácht — Strangbó, a d'éirigh 'na thaoiseach ortha
go léir. Gheall Strangbó go gcruinneóchadh sé arm
láidir i Sasanaibh le dul go hÉirinn le n-a chuid talmhan
a thabhairt ar ais do Mhac Murchadha. Ar son an
chonganta agus an chuidighthe seo bhí inghean Mhic


L. 41


Murchadha, Éabha, le fhagháil le pósadh ag Strangbó,
agus é féin le bheith 'na rígh ar Chúigeadh Laighean. Bhí
a lucht conganta freisin geallta ar go leór talmhan
a fhagháil i nÉirinn.



Seo rud níor bh'fhéidir do Mhac Murchadha a ghealladh
go dlisteanach do réir an dlighidh i nÉirinn. Ní raibh
cumhacht ag aon rígh i nÉirinn, gan trácht ar fhlaith, rí
a dhéanamh d'aon fhear eile, agus ar an mbealach
céadna budh mhaith a bhí 'fhios ag Mac Murchadha nach raibh
sé ceart ná dlisteanach aige tailte a ghealladh gan
cead ná cumhacht aige ó na Gaedhlibh ar a dtabhairt
uaidh. Do réir an tsocruighthe a bhí i bhfeidhm le míle
bliadhain budh leis an gclainn nó an teaghlach an talamh,
agus ní raibh sé i gcumhacht an ríogh féin baint leis gan
cead ó na clannaibh a mbudh leó é.



Bhí a fhios sin go maith ag Mac Murchadha, acht ní raibh
uaidh acht an mí-ádh agus an donas a chur ar an tír.
Ní raibh fhios ar bith i nÉirinn go raibh an stócáil d'á
déanamh i Sasanaibh.



Níor bh'fhada go dtáinig sé ar ais agus leig air
féin cé an crádh croidhe agus cathughadh a bhí air. Níor
leig air go raibh uaidh acht cuid d'á chuid talmhan a
fhagháil ar ais. Mar sin níor brathadh cé rud a bhí dá
dhéanamh aige, agus d'oibrigh air go dícheallach i gcómhir
na Normánach a raibh sé cinnte go mbeidís pléasgtha
isteach 'san tír gan mórán moille.



(Ní Críoch.)


L. 42



L. 43


Foclóir.



A chrochadh leo, to carry off with
them, 14.



A fhairsingeacht is, considering
how abundant, 7.



Ag saothrughadh an bháis, expir-
ing, 23.



Aibéil, quick, fast; go haibéil,
soon, very soon, 16.



Áidhbhéil, f., exaggeration, II.



Aingeal coimhdigh, guardian
angel, 21.



Amháin, even; cé nach bhfuil
amháin eólas againn ar,
though we do not even
know, 9.



An-argúinteacht, f., a great
argumentation or disputa-
tion, 18.



An-fhlúirseach, very plentiful,
7.



An-tsuimeamhail, very regard-
ful (of, i), 8.



Aontuigheacht, f., union, unity,
30.



Ar bhántaibh Fáil (a poetic
expression) = ar mhachairíbh
na hÉireann, ar thalamh na
hÉireann; I.



Ar bheagán eólais uirthi, pos-
sessed of little knowledge
of it, 8.



Árd-thaoiseach, chief comman-
der, general, 35.



Árd-tighearnas, m., chief lord-
ship, 30.



Bhain ocras dóibh, hunger
affected them, they suffered
from hunger, 16.



Baint amach, to subdue, to
conquer, 7.



Básuighthe = tar éis bháis, marbh
(in some districts).



Binn-bhriathrach, sweet-worded,
of pleasant utterances, II.



Bradghail, f., thieving, rob-
bing, 33.



Brathadóir, m., traitor, 34.



Brathaim, I perceive, notice;
pft. pass., 41.



Breitheamhnas aithrighe, pen-
ance, 23.



Brionglóid, f., a dream, 17.



Bródamhail, proud (of, as);
b. as a ucht, proud of it, 28.



Bruibh, pl. of brobh = broth, m.,
a straw; 9.



Buachailleacht, f., acht of herd-
ing, 15.



Buan-sheasmhach, firmly estab-
lished, 20.



Buidheachas, m., thanks, grati-
tude; de (do) bh., in spite
of (lit. off thanks?); d'ár
mbuidheachas-ne, in our des-
pite, in spite of us, 3 (cp.
chuaidh sé ann de (pron. go)
mo bhuidheachas, he went there
in spite of me, Tuam).



Buileach, fierce, raging, 36.



Bunáite, the greater part, 36.
(For bunadhas.)



Cailleadh é = d'éag sé, fuair
sé bás, 2.



Casaoideach, “complainful,"
complaining; go c., com-
plainingly, 3.



Cathughadh, m., regret, sorrow,
41.



Ceadughadh, m., act of asking
the leave of; an treabh a ch.,


L. 44


to ask the tribe's permis-
sion, 10.



Céarach, gen. of céir, f., wax, 9.



Ciapadh, m., act of troubling,
39.



Ciapuighthe, troubled, per-
turbed, tormented, 38.



Cionn-tsiocair, f., cause,
reason, 22.



Clúthamhail, famous, renowned,
25.



Creamhaireacht, f., thieving,
robbing, 29.



Coill Fhochluth, the Wood of
Fochluth, a name now
changed into Fó-choill or
Faoi-choill, by means of folk-
etymology; it is in North
Connacht, and is Anglicised
Foghill, which may be found
on the map of Co. Mayo, to
the north of Killala; the
ancient wood, however, ex-
tended far to the west of
the present Foghill; 17.



Coipeadh, m., acht of boiling,
coursing (of the feelings), 35.



Col ceathrair, first cousin, 40.



Craobhsgaoileadh, m., act of
disseminating, 16.



Creachadóir, m., plunderer, 29.



Chrochadar leo é, they carried
him off with them, 15.



Chuaidh leis = do chuaidh, he
went; 19.



Cuimse, f., great quantity, 10.



Chuir faoi ndeara dhóibh, made
them, compelled them, 2.



Chuir sé fá ndeara, he caused,
he made, 5.



Cúl Dreimhne, now probably
represented by Kiltycooly
(Coillte Chúile?), in the
parish of Drumcliff, Co.
Sligo, perhaps also by the
townlands of Drum East
and West, to the north of
and adjoining Kiltycooly,
Drum = Druim, being in that
case a late substitution for
Dreimhne, through folk-
etymology.



Cur isteach, interference; gan
aon ch. i. a dhéanamh ortha,
not to interfere with them
in any way, 6.



Daoirseacht, f., slavery, bond-
age; gen. -a, 30.



Deagh-fhearamhlacht, f., good or
fine manliness, 14.



Deagh-rosg = súíl mhaith; gen.
deagh-ruisg, II.



Dearmad, m., mistake; go
mbeadh d. orainn, that we
should make a mistake, 14.



D'éaluigh leis = d'éaluigh,
eloped, 5.



Déirceamhail, charitable, 24.



Deis, f., chance, opportunity,
39.



Deoraidheacht, f., exile, 23.



Díbirteacht, f., exile, 21.



Dí-mheas, m., disesteem, dis-
credit; gen. -a, 39.



Dlisteanach, legitimate; adv.,
41.



Dlúth-mhuinnteardhas, m., close
friendship or alliance, 30.



Doimhneacht, f., depth, 22.



Draoidheadóir, m., a magician,
necromancer, dpl., 3.



Droch-bheartaidheacht, f., evil
deeds, 35.



Duth na dath, anything; ní'l
a dhuth ná a dhath, there is
nothing whatever of it, 39.



Ealadhanta, skilled, I.



Eilit mhór, Irish elk (lit. great
doe), 6.



Éirim, f., capability, mental
capacity, 12.



Eiteach, m., refusal; gen. in ag
fagháil eitigh, being refused,
22.



Fá, under, about, etc.; a bhí


L. 45


fútha, of which they had an
intention, which was on
their mind, 5; bhí faoi, he
intended, 38.



Fáidheacht, f., phoropecy, 21.



Faoi réir, ready, prepared, 34.



Feabhsughadh, m., improvement,
38.



Fear coimhdigh, a guard, a pro-
tector, 36.



Feistighthe, equipped, 9.



Fialtas, m., generosity, 24.



Fileadhta = fileamhail, poetic,
II.



Fíor-ghearr-aithris, a very short
description, 28.



Fíor-chorr-dhuine, a very odd
(= occasional) person, 9.



Foghlach, gen. of foghail, f.,
plundering, 40.



Fré chéile = le chéile, le n-a
chéile, 2; fré is pronounced
frae.



Gaisgeamhail, exploitful, cap-
abale at feats, II.



Gaisgidheacht, f., feats of
valour, 4.



Gar d'á bheith chomh , near (nearly
as), 13.



Geanmnaidheacht, f., chastity,
21.



Glan-mheabhair, f., rote; de gh.,
by rote, 27.



Glan-osgartha, cleanly or ex-
cellently agile, extremely
nimble, II.



Gluaiseacht, f., act of starting;
g. leo, to start off (3 pers.
pl. use), 2.



Gluais le = gluais, go, start,
proceed; ghluais leo = do
ghluaiseadar, they started,
proceeded, 2.



Ghluais le = do ghluais sé, he
went, he proceeded, 19.



Gnóthughadh, m., act of gaining
or winning, 22.



Gnóthuighim, I win or gain;
3s. pft., 23.



Greadadh léithi, to go off (with
herself), to elope, 39.



Greim, m., hold, grip; i ng.
gruaige i, holding a grip of
the hair of, 36.



Iar-Mhuir, An, the Atlantic
Ocean, the Western Sea, 17.



Ídiughadh, m., act of using up,
comsuming, 7.



I leabaidh a chéile, gradually,
time after time, 7.



I leabaidh a chéile, closely
related to one another, 16.



Lámh-isteach, dealings, lit. hand
in, 30.



Léargus, m., sight, view, 12.



Loch Cuan, Strangford Lough,
18.



Luaithreamhán, m., ashes, 9.



Luasgán laithighe, frog, 7
(luasgán apparently for
loisgionn).



Madraidhe allta, wolves, 7.



Méadaracht, f., metre; gen.,
27.



Measamhail, having esteem
(for, ar), 13.



Mí-eólasach, ignorant (of, ar),
12.



Míshastuigheacht, f., dissatis-
factin, discontent, 5.



Míshuaimhneas, m., unrest, tur-
bulence, 5.



Mí-thrócaireach, merciless,
ruthless, 13.



Móir-spreacadh, m., great
vigour; gen., II.



Mór-laochras, m., great hero-
ism, great valour, 14.



Mór-shainnt, f., great greed or
desire; bhí m. aige i nÉirinn,
he was very desirous to
possess Ireland, 38.



Mór-spreacamhail, of great
vigour, very vigorous and
powerful, 13.


L. 46


Muinnteardhas, m., friendship,
friendliness, 4.



Múinteachas, m., instruction,
education, 24.



Muna mbeadh iad, only for
them, if it were not for
them, 32. (Beadh is a part
of the verb is in this.)



'Na chéile = i gceann a chéile,
le chéile, i dteannta a chéile,
3.



Naoidheanán, m., an infant, 5.



Ó dhubh go dubh, from before the
dawn to the dark night, 22.



Palláid, Palladius, 17.



Pléasgtha, burst, crowding in
with a rush, 41.



Plód, m., crowd, drove; 'na
bplódaibh, in (their) crowds
or droves, 7.



Pointe, point, moment; ar
an bp. is, a the moment
that, 34.



Práidhinn, f., regard, heed, 28.



Príomh-theampall, cathedral,
20.



Púicín, m., a mask, a blind-
folding, 23.



Réidtuighadh, acht of preparing,
making ready, 7.



Réimse (= reimhirse, Wat.,
reise, S. Muns.), f., plenty,
abundance, 10, the Wat.
from apparently showing
that it is a derivative from
reamhar (cp. use of tiugh =
thick, abundant).



Sainnt, ., covetousness; an
ts. a bhí aca 'san tír, the
covetous desire thay had for
the country, 6.



Sásamh dearg, complete satis-
faction, 40.



Sástuigheacht, f., satisfaction,
ease, pleasantness, 6.



Sé = séad (dat. séid), straying,
10.



Sean-reacht, m., ancient law;
dpl. 27.



Searbhfhoghantaidhe, m., servant,
37.



Sladadh, m., robbery, depre-
dation, 22.



Smíochadh, m., chastisement,
smiting, 34.



Spídeamhlacht, f., austerity;
ag tabhairt spídeamhlachta
d'á cholainn, practising
bodily austerities, 18.



Spreachadh, m., vigour, 7.



Sruth Danóibí, the river Da-
nube, I.



Stad, stay, stop; stad níor
bhain do Mhac Murchadha,
M.M. did not stop or
cease, 40.



Starthuightheoir, m., historian,
dpl., 28.



Stócáil, f., “stoking”, pre-
parations, 41.



Stríocadar, they struck; only
used of “striking land”, 16.



Teagasgthóir, instructor, 3.



Tiodhlacadh, m., gift, 21.



Tóir, f., pursuit; desire,
habitual appetite and use
(ar, for), 9.



Toirinis, Tours, in France, 16.



Tráth = nuair, an tan.



Tugtha, wearied out, fatigued,
36.



Tuisle, f., slip; ar bhaint t. dó,
who slipped (lit., whom a
slip touched or affected), 29.



Ughdarthásach, authoritative, 38.