Eochaidh Mac Rí 'n-Éirinn

Connradh na Gaedhilge (1922)

Micheál Ó Máille



EOCHAIDH MAC RÍ 'N-ÉIRINN.



Micheál Ó Máille



Connradh na Gaedhilge



IMTHEACHT AS TEAMHAIR.



CÉAD go leith bliadhain thar éis aimsire ar Slánuigh-
theora 'seadh ghlac Cathaoir Mór flaith agus foirleath-
anas ar Éirinn.



"Ní raibh sa domhan go léir," ar seisean, "dlighthe
chomh maith agus bhí ag Féidhlim, an tÁrd-Rí a tháinic
romham-sa.



"Ní fearr duine dhá rádh sin ná thú féin," ars an
t-Árd-ollamh, "mar is tú atá i n-ann na ndlightheadh
sin a chur i n-éifeacht. Ní'l faoi'n ngréin ghil indiu
rí nó árd-fhlaith a bhfuil oiread saidhbhris agus oll-mhaoin'
aige agus tá agad-sa."



"Ní'l," ars an rí.



Is gearr 'na dhiaidh seo go dtánic sgéala chuige go
raibh Conn Céadchathach Mac Féidhlim a' tigheacht dhá
ionnsuighe agus sluagh mór millteach i n-éinfheacht leis, ag
iarraidh an ríoghacht a bhaint de.



Chruinnigh sé chuige sluaighthe na Teamhrach; agus frítheadh
'ch uile rud faoi réir le haghaidh na troda lá ar n-a
mháireach. Chuaidh Cathaoir chun suaimhnis dhó féin, agus
thuit sé i n-a chodladh.



Timcheall uaire an mheádhoin-oidhche bhíodhg sé as a
chodladh agus chuir sé glaodh árd as.



"Céard sin?" ars na daoine a bhí dhá choimheád.


L. 6


"Ó," ars an rí, "abair leis an árd-ollamh agus mo
dheichneabhar mac a thigheacht i láthair go beó." Tháinic-
eadar chuige.



"Aisling a chonnaic mé," ar seisean, "béidh soluis
na gréine ag deallradh ar mo chorp amáireach i measg
na marbh. Acht troidfidh mé, mar ba dual aithreacha
dham, ag ceann mo shluaigh."



"Glac suaimhneas, agus ná cuir suim innti," ars an
t-ollamh.



"Fan thusa liom," ars an rí, "agus imthigheadh an chuid
eile. Céad slán libh, a chlann dhílis."



D'imthigh a dheichneabhar mac uaidh annsin, agus d'fhan an
t-árd-ollamh i n-éinfheacht leis.



"Déanfaidh mé m' ughachta anois," ars an rí, "agus
roinnfidh mé mo chuid saidhbhris ar mo chlainn. Sgríobh
síos an rud a déarfas mé leat."



"Déanfad," ars an t-ollamh.



"D'orduigh an rí roinnt áirithe dá shaidhbhreas mhór
dho 'ch aondhuine dhá chlainn, ag tosaigh leis an mac ba
sine, go dtáinic sé go dtí an t-ochtmhadh mac. D'fhan
sé i n-a shost annsin.



"Céard a thiubharfas tú dho Eochaidh?" ars an
t-ollamh.



"Cia 'n chabhair dham tadaí a thabhairt dó, mar nach
bhfuil sé dhe rath air tadaí a chongbháil?"



"Tuige sin?" ars an t-ollamh.



"'Chuile chuige," ars an rí. "Bhí maoin agus dúithche
cheana aige, acht sgar sé leobhtha. Thug sé gealladh, agus
é ag caint thríd n-a chodladh, go dtiubharfadh sé a


L. 7


dhúithche uaidh, agus níor mhaith leis an gealladh do bhriseadh.
Baistim-se Tréith-fhear feasda air."



"Ní cóir dhuit é fhágáil folamh," ars an t-ollamh.



"Bhéarfaidh mé mo bheannacht dó," ar seisean, "agus
ní bhéarfaidh mé dhó acht sin."



"Go n-éirighidh do bheannacht leis," ars an t-ollamh,
agus sgríobh sé an chuid eile do'n ughachta.



Lá ar n-a mháireach, cuireadh suas gáir chatha, agus
d'ionnsuigh na sluaighte a chéile. B'fhíor do'n aisling.
Marbhuigheadh Cathaoir Mór, agus bhí seilbh na Teamhrach ag
Conn.



Tráthnóna an lá céadna casadh an t-árd-ollamh agus
Eochaidh Tréith-fhear ar a chéile.



"Ní'l ceó maitheasa dhuit fanacht annso," ars an
t-ollamh. "Níor fhág t'athair tadaí agad acht a
bheannacht. Bhéarfaidh mise comhairle dhuit: Glac thusa
leis sin. Ní'l saidhbhreas ar bith ag mac chomh maith le
beannacht deagh-athar."



"Cia rachaidh mé," arsa Eochaidh, "nó cia 'n áit is
fearr dham a dhul?"



"A bhfeiceann tú an áit a bhfuil an ghrian ag dul
faoi?" ar seisean.



"Feicim," arsa Eochaidh.



"Tabhair thusa t'aghaidh annsin," ars an t-ollamh, "agus
ná comhnuigh go deó go bhfeicidh tú amharc níos áilne
ná an ghrian."



D'imthigh Eochaidh go brónach dólásach annsin agus níor
thug leis acht a chláirseach agus a chlaidheamh, agus beirt óglách
dhe chomhluadar leis. D'imthigheadar leobhtha, agus níor


L. 8


stadadar agus níor mhór-chomhnuigheadar go dtáinic siad
go himioll Locha 'Coirb. 1



"Ní bréag ar bith Tréith-fhear a thabhairt orm-sa,"
arsa Eochaidh, "mar tá mé tuirseach traochta, agus ní'l
deór fágtha ionnam."



"Is ar éigin atámuid-ne i n-ann coisidheacht a
chongbháil leat," ars an bheirt eile, "agus feileann sgíth
dhúinn ar fad."



Ní ballach a bhíodar i n-a suidhe síos nuair a thuit
ar bheirt óglách i n-a gcodladh acht d'fhan Eochaidh i n-a
dhúiseacht.



Níor bhfada dhó mar sin, nuair a chualaidh sé an ceól
breágh aoibhinn ag neartughadh chuige, agus go bhfaca sé an
mhaighdean mhná ba deise dar shiubhail féar nó talamh
ariamh, agus dháréag ban-choimhdeachta 2 i n-éinfheacht léithe.



Níor fhan codladh nó tuirse air annsin, agus tháinic
áthas agus misneach an domhain i n-a chroidhe, gur imthigh-
eadar thairis, gur laghduigh an ceól.



D'fhan sé i n-a shuidhe, thosuigh sé ag seinnm ar an
gcláirsigh, gur dhubhairt sé an laoi: -



Ar fhágáíl Theamhrach dhamh-sa
Go huaigneach is go cráidhte,
D'fágfainn í gan chumha
Naoi n-uaire ar do sgáth-sa;
Tú an spéír-bhean is áilne ná an ghrian ar an spéir.
An bláth is gile cumhra,
Is tú a rug an bárr air;
Na fáinní in do dhubh-chúl
I n-a ndualaibh le fánaidh;
Tú an péarla is breághtha sa saoghal so go léir.



1 .i. Loch mhic Oirb. Mac Oirb = Oirb-ren.



2 Dháréag dó, dá fear déag ban-ch. = 12 companions.


L. 9


Níor thúisge bhí an cheathramha sin críochnuighthe aige,
ná chualaidh sé an gáire ceólmhar taobh thiar dhe.



D'éirigh sé dhe phreib, agus cia d'fheicfeadh sé ann acht
an mhaighdean óg agus a dháréag ban-choimhdeachta léithe.
Ní túisge a dhearcadar ar a chéile ná thug an bheirt
aca grádh dhá chéile ar an bpointe boise. 1



"Is binn an t-abhrán atá agad," ar sise, "cia'r
imthigh do chéile uait, go bhfuil tú dhá héagcaoineadh?"



"Bean nó céile ní raibh agam riamh," ar seisean, "agus
ní bhéidh go deó, acht an bhean aoibhinn áluinn atá os mo
chomhair. Is cuma dorcha nó geal, oidhche nó lá, fhad is
bhéas mé ag dearcadh ort, mar is tú mo ghrian, mo
sholus agus mo réaltan."



"Ó seadh, seadh, go dearbhtha," ar sise.



"Ní chreidfidh tú mé!" ar seisean, "acht ní bhfuair
mé sgíth 2 nó suaimhneas le trí oidhche agus trí lá, gur shuidh
mé síos trom tuirseach annso ar ball, go bhfaca mé
thú ag dul tharm, agus níor fhan brón nó tuirse orm níos
mó, agus ní bhéidh choidhche, má bhíonn tusa liom. Is cuma
liom fuacht an gheimhridh, teas an tsamhraidh, gaoth nó
báisteach, sioc nó sneachta, mar is tusa mo ghrian agus mo
dhídean."



"Nach milis a labhruigheas 3 na fir," ar sise, "acht
faraor nach mealltach a bhíos siad go minic?"



"Ní'l sé sa mbith bán," ar seisean, "an té a d'fhéad-
fadh a beith mealltach leat-sa, a ríoghan."



1 Ar an bpointe boise .i. an pointe ama, nó aimsire; bhí ar bois,
nó ar láimh, nó i láthair. Ta gaol ag pointe le point, is dóigh.



2 Is rest annso é.



3 Labhras, labhrann.


L. 10


"Is mithid damh-sa bheith ag imtheacht," ar sise, "tá
an deireannas ann, agus tá an drúcht ag tuitim. Tá
súil agam go bhfeicfidh mé arís thú go gairid. Slán
agus beannacht leat."



Shín sí a lámh mhín gheal chuige, agus d'imthigh sí. Gidh go
raibh dorchadas na hoidhche ag tuitim, bhí oiread
léarguis aige agus go bhfaca sé loinnir 1 i n-a súilibh, do
líon a chroidhe le bród agus le háthas.



Luigh sé síos i n-aice leis an mbeirt óglách, agus is
gearr gur thuit codladh subhach sáimh air. D'fhan mar
sin go dtí lá ar n-a mháireach.



Ag éirghe an lae, bhí leith-chéad marca ag dul an
bealach, eachraidh agus carbaid leóbhtha agus taoiseach ag
marcuigheacht agá n-a gceann.



Dhearc an taoiseach siar thairis.



"Cia 'n mhoill sin oraibh?" ar seisean.



"Tá," ar siad-san, "triúr fear sínte annso i n-a
gcodladh."



"Cia 'n tsamhail dhe fhearaibh iad?" ar seisean.



"Tá," ar siad-san, "ríogh-ghaisgidheach i n-a chuid
arm agus éideadh, agus beirt óglách leis."



Dúisigh an ríogh-ghaisgidheach," ar seisean, "agus abair
leis thigheacht linn go hAlbain, dhe chongnamh dár
muintir, ag troid i n-aghaidh na Rómhánach,"



"Tá se i n-a thoirchim 2 suain," ar siad-san, "agus ní
thig linn a dhúiseacht."



"Tóigidh go deas iad," ars an ceannphuirt, "agus cuiridh
i gceann dhe na carbaid iad, agus tugaidh libh ar an mbealach



1 Loinnir = radiance.



2 A "heap," or "trance," describing the state of the sleeper.


L. 11


sin iad. Má's ríogh-ghaisgidheach Éireannach eisean, ní
bhéidh obadh 1 ar bith aige do dhul linn, agus b'fhéidir gur
géar a bheadh a chongnamh a' teasdáil," Rinne siad
amhlaidh, agus d'imthigheadar leótha.



Ní haithristear sgéala orra, nó go dtáiniceadar
chomh fada le Béal-Átha-Luain, agus chuireadar fútha chois
coille annsin.



Nuair a bhí na laochraidhe ar fad i n-a gcodladh, cé
is muite 2 dho lucht choiméadtha na gcapall agus an ghárda,
sin é an t-am ar mhúsgail Eochadh agus an bheirt óglách.



"Cia 'n t-ádhbhar a tháinic ann le go bhfuilmuid
annso?" ar seisean.



"Ní'l fhios sin agamn," ar siad-san.



Tháinic fear fíor-eolach dhe'n ghárda ghlic ghusmhair
chuca, agus labhair sé:



"Ríogh-ghaisgidheach Éireannach thusa?" ar seisean.



"Seadh," arsa Eochaidh.



"Támuid ag éiliughadh do chonganta," ar seisean,
"ag troid i n-aghaidh na Rómhánach dhe chongnamh dár
muintir i nAlbain. Fuaireamar in do chodladh thú agus
níor mhaith linn thú dhúiseacht."



"Cia hí an óigbhean atá i n-a comhnuidhe sa bpáirt
sin?" arsa Eochaidh. "Chonnaic mé tráthnóna aréir í
acht ní raibh dhe spás nó dhe ionbha 3 agam fiafraighe di
cia hí."



Smaoinigh an fear gárda, "Má imthigheann sé," ar
sé leis féin, "béidh milleán orm-sa, agus má



1 Eiteach, diultadh.



2 Cé is mó de = cé smoite = except.



3 Leisure time; ionbhaidh, of the older literature.


L. 12


thogruieann sé imtheacht, ní mise atá i n-ann a chongbhál'."
Dubhairt sé annsin ós árd:



"Ní feasach mé óigbhean ar bith a bheith ann; atá sé
i gceist go mbíodh sídhe-bhean ó'n mbruighin dá feiceáil
le deireannas na hoidhche ann, ag daoinibh a bhíodh tuir-
seach, cortha, dhe bhárr aistir fhada."



"Fad mo choise ní rachaidh mé libh níos fuide, go
bhfághaidh mé amach i gceart cia hí. Is cuma liom
sídhe-bhean nó bean shaoghalta, acht caithfidh mé í
fheiceáil."



"Is mór atá do chongnamh ag teasdáil uainn," ars
an fear gárda, "agus ní'l ríogh-ghaisgidheach i nÉirinn
a dhiúltóchadh a dhul linn, ag troid ar son ar muintire
féin. Má imthigheann tú ar gcúl, rachaidh sgéala ar
fud an dá oileán gur meathtacht a ghlac tú; agus má
fhanann tusa i gcomhluadar ban ar ócáid de'n tsamhail
seo, is ríogh-bheag an t-ómós a bhéas ag an óg-mhnaoi
ort' nuair a rachas tú ar t'ais chuici. Thug t'athair
féin Tréith-fhear ort, agus seo í an ócáid a chruthóchas má
thug sé as t'ainm tú."



"Ní mar gheall ar mheathtacht nó ar dhonas a thug
m'athair an t-ainm sin orm-sa, acht mar gheall ar
gheanamhlacht agus ar ghéar-chneasdacht. Ní raibh sé ariamh
le rádh go ndeachaidh mise ar gcúl i n-aimsir thagartha
ná teangmhála, nó nach raibh croidhe leomhain in mo
chliabh i n-aimsir chosgartha na fola - a' cosaint mo
mhuintire féin; agus rachaidh mé libh, gidh gur b'é mo bhás
athiucfadh as."


L. 13


AN COGADH I n-ALBAIN.



AN mhaidin chéadna dár tugadh ar siubhal Eochaidh
mac rí 'nÉirinn, d'éirigh an óigbhean, agus tháinic na
mná coimhdeachta chuici. 'Sé an t-ainm a bhí uirrí
Eithne Áluinn inghean Rí Chonnachta.



"Cia hé an fear úd a casadh dhúinn tráthnóna
indé?" ar sise.



"Ní maith atá a fhios sin againn," ar siad-san, "acht
do réir mar thugamar faoi deara, ó'n laoi a chum sé
dhuit."



"Seadh, gur as Teamhair a tháinic sé?" ar sise.



"Go cinnte," ar siad-san, "agus b'fhurusd' aithne ó n-a
dheilbh agus déanamh, a mhéin agus a mhóruaisleacht, gur mac
rí agus árd-fhlaith a bhí ann."



"Céard a chas an bealach so é?" ar sise, "nó cia
ndeachaidh sé aréir?"



"Ní'l fhios sin againn," ar siad-san.



"Rachaidh mé go dtí an áit chéadna indiu," ar sise,
"agus b'fhéidir go bhfuighinn sgéala faoi."



Chuadar go dtí an áit. Ní raibh duine ar bith ann
rómpa, i n-amharc nó i n-éisteacht, acht thugadar faoi
deara go raibh an talamh agus an féar buailte, agus lorg
capall agus lorg carbad, gacha taobh dhe'n áit.



"Is cosamhail," arsa Eithne, "go dtáinic a shluagh
i n-a dhiaidh, a ráidhte is go bhfuil an talamh agus an féar
buailte mar so."



"Sin é is cosamhail," ar siad-san.



Is gearr go bhfacadar chuca óglách dá muinntir féin
ar a dtugaidís Giolla Gusmhar an tSléibhe.


L. 14


"Sgéala dhúinn, a óglaigh," ar sise, "a bhfuil fhios
agad cia a chuaidh le goirid an bealach so?"



"Tá," ar seisean, "Catach Cróganta ó Shliabh Luachra,
a bhí ag cruinniughadh na ngaisgidheach le dul chun troda
leis na Rómhánachaibh i nAlbain. Fuair sé ríogh-
ghaisgidheach agus beirt óglách sínte i n-a gcodladh annso,
agus thug sé leis iad."



"Cia hé an ríogh-ghaisgidheach a fuaireadar?" ar sise.



"Níor frítheadh amach cia hé," ar seisean, "bhí an
triúr aca i n-a dtoirchim suain, agus ní thiocfadh leobhtha
ceachtar aca a dhúiseacht. B'éigin dóbhtha iad a chur
isteach i gceann de na carbaid, agus a dtabhairt leobhtha
mar sin."



"A Rí dá bhfóghnaim!" ar sise, "nach móran feall!"
Tháinic na deóra i n-a súilibh annsin, agus níor fhéad sí
labhairt go ceann tamaill, le méid a cumha.



"An gcluin tú, a óglaigh?" ar sí faoi dheireadh.



"Céard sin, a ríoghan?" ar seisean.



"Téirigh," ar sise, "agus fágh óglách eile, agus tugaidh libh
an dá each is fearr dá bhfuil ag m' athair, agus bígidh leobhtha
annso ar a' bpointe."



Tháiniceadar chuici, agus an dá each aca.



"Imthigidh libh go beó i ndiaidh an tslóigh, agus," ar
sí le Giolla Gusmhar an tSléibhe, "tabhair thusa an
bráighsiléad so dho'n Árd-fhlaith le sgéala uaim-se, agus
fan thú féin i n-éinfheacht leis, nó go mbídh an cogadh
réidh le sgéal a thabhairt chugam-sa, má éirigheann tadaí
dhó. Chomh luath agus casfar libh é, cuir an t-óglách eile


L. 15


ar ais chugam-sa le sgéal; acht, ar a bhfaca sibh ariamh,
na hinnsigidh dho aonduine, cia a chuir i dteachtaireacht
sibh."



D'imthigheadar annsin, agus níor tharraingeadar srian
ariamh go dtáiniceadar suas leis an sluagh, ag Sruth
na Maoile Mairbhe.



Bhí Eochaidh Mac Rí 'nÉirinn agus Catach Cróganta ag
siubhal araon 1 ar an mbán rómpa. Nuair a chonnaic-
eadar an bheirt mharcach agus cubhar le béal na n-each,
"Cia a chuir i dteachtaireacht sibh?" arsa Catach.



"Níor chuir duine ar bith," ar siad-san.



"Cia'n chruadhóg sin oraibh mar sin?" arsa Eochaidh.



"Ní'l tadaí," ar siad-san, "acht badh mhaith linn
sgéalta cogaidh a bheith againn dár muinntir féin."



D'imthigheadar annsin i measg na n-óglách eile, agus
is gearr go bhfuair Giolla Gusmhar an tSléibhe deis le
dul chun cainte go cúlráideach le Eochaidh, gur innis
sé dhó 'ch uile rud dár dubhradh leis, agus gur thug sé an
bráighsiléad dó. Bhí an-áthas, agus luthgháir an domhain ar
Eochaidh annsin, gur chuir sé fáil óir le sgéala ar ais
ag Eithne, a' rádh gur beag an mhoill a bheadh air féin,
go dteagadh sé ar ais chuici.



Bhí an cabhlach faoi réir sa gcuan, agus na luingis ar
snámh. Chuaidh na gaisgidhigh isteach ionnta, gur
ghluaiseadar thar ghlas-mhuir, go mhéidhreach mór-
mhuinighneach, anonn go hAlbain. Ní dhearnadar stad
nó comhnuidhe go ndeachadar chomh fada le cúirt Rí
Alban.



1 Pron. airéan.


L. 16


"Bheadh fáilte chóir charthanach," arsa Rí Alban, "agus
míle fáilte agam rómhaibh, mura dteagadh sibh acht ar
cuairt, acht tá dhá oiread eile fáilte ag dul daoibh, ó
thárla gur a' fóirighin orm in mo chruadh-chás a tháinic
sibh."



"Ní lugha ná sin an fháilte a bheas againne roimh na
Rómhánachaibh," ar siad-san, "am ar bith is mian leobhtha
a theacht chugainn."



Chaitheadar an oidhche sin go haoibhinn agus go siamsamhail
le chéile, gur éirigh Eochaidh suas i n-a measg, agus gur
labhair sé:



"Cia hiad so atá a' déanamh aois-dhíoghbháil dho'n
'ileán fré chéile? Tá sé i gceist go bhfuil ceannas
aca anois ar ríoghachtaibh an domhain - ceapann siad
nach bhfuil dream daoine ar bith i n-ann iad a theang-
mháil - badh cheart go mbeadh eólas ní b'fhearr aca ar
Chlannaibh Gaedheal. Is cosamhail go bhfuil Gealta,
athair mór m'athar-sa imthighthe as a meabhair. Má's
mar sin é, is dona an chuimhne atá aca. Acht béidh
cuimhne go deó ar Ghealta, agus ar na fíor-laochraidhe
Éireannach a bhí leis - béidh a gcliú agus a gcáil dá
n-aithris go lá luain an bhráthaich - gur b'iad amháin a
bhí i n-ann rith agus ruaig a chur ortha so, nuair a b'éigin
dho 'ch uile ríoghacht eile géilleadh dhóibh."



"Mo ghrádh thú, a mhic rí;" arsa Rí Alban.
"Nár thigidh lagar ort. Tá dá oiread misnigh againn
ó tháinic tú chugainn. Bhéarfaidh mé dhuit ceannas ar
mo shlóightibh féin."



"Ní éileochaidh mé sin ort," arsa Eochaidh. "Mura


L. 17


bhfuil fíor-laochra Éireann i n-ann sgíth thabhairt dho
do chuid fear, bheadh sé chomh maith aca fanacht sa
mbaile. Cia mhéid gaisgidheach a thug tú leat, a
Chataigh?"



"Gaisgidheach agus trí fichid," arsa Catach. "Is fear
comhlainn céad gach duine aca."



"Tá gaisgidheach le cois agad," arsa Eochaidh, "acht
is fusa go mór na Rómhánaigh a throid, ná laoch as
Éirinn fhághail, a chuireas suas do'n chomhrac."



"Ní bréag!" ar siad-san.



"Tá roinnt eólais agam-sa," arsa Eochaidh, "ar an
mbealach is gnáthach le slóighte na Róimhe troid a
dhéanamh. Caitheann siad, i dtosach, gaoithe gaimhtheacha,
chomh dlúith le cith sneachta, le cur i n-a seasamh i n-ar
sgiathaibh. Tugamuid ruathar fútha, agus ní'l stróbh ar
bith orainn-ne, atá oilte i gcleasaibh lútha na nGaedheal,
cromadh go talamh, agus na gaoithe gaimhtheacha a sgaoileadh
tharainn."



Moladar ar fad an chomhairle sin, agus bhíodar faoi
réir le haghaidh na troda lá ar n-a mháireach.



Bhí sluagh mór millteach ag na Rómhánachaibh i n-a
n-aghaidh, agus iad ina seasamh go dlúith daingean i n-éan
líne amháin.



"Ní'l rud ar bith is mó is cosamhail leis iad ná
uillphéist mhór fhada, sínte ar an talamh," arsa Catach.



"Téigheadh duine againne," arsa Eochaidh, "leis an
gceann a bhaint dho'n uillphéist fhada sin, agus baineadh an
duine eile againn an t-earball di."


L. 18


"Seadh," ar seisean, "agus téigheadh na laochra eile agá
n-a lár le n-a sgoilteadh ó chéile."



Rinneadar amhlaidh, agus thugadar ruathar forránach
sanntach faoi na Rómhánachaibh, gur bhriseadar agus gur
réabadar an sluagh mór fré chéile, agus duine ar bith a
tháinic rómpa i n-a mbuillíbh, ní raibh an dara buille a'
teasdáil uaidh.



'Sé an ceann dhe'n tslógh a d'ionnsuigh Eochaidh an
chéad chuid a thosuigh a' teitheamh, agus lean sé iad i bhfad,
dh'á dtreasgairt, go ndeachaidh sé as amharc na muin-
tire eile. Lean Catach agus na laochra eile an chuid eile
dho'n tslógh, nó gur shíleadar nach raibh duine ar bith
níos mó le leanamhaint. D'fhilleadar ar ais annsin
go lúthgháireach ag Rí Alban.



Thárlaidh go raibh trí mhíle fear dho na Romhánachaibh i
suidheachán i dtom coille, agus nuair nach bhfacadar duine
ar bith le Eochaidh, acht é féin, chruinnigheadar thart air.



An mhuintir a bhí ar a aghaidh amach, bhí sé dhá leagan,
agus ní raibh an mhuintir taobh thiar dhe i n-ann a thigheacht
suas leis. Dhéanfadh sé a bhealach amach asta meireach
gur briseadh a chlaidheamh. Nuair a chonnaiceadar sin
dhruideadar isteach air, le n-a mharbhadh ar áit na mbonn.



"Fóill, fóill!" ars an taoiseach a bhí os a gcionn,
"gabhaidh dhe láimh é - ní'l i ndán dó sin bás fhághail, go
gclaoidhtear é le beithidhigh éigcéill' na bhfásach. Is
iomdha lá siamsa a bainfear fós as i bpríomh-chathair
na Róimhe, agus beithidhigh fhiadhána dhá stialladh."



Ghabhadar annsin dhe láimh é, gidh gur b'iomdha duine
aca a d'fhág sé ar lár le bun a chlaidhimh.


L. 19


AN THÓIR EÓCHADH.



IS gearr go dtug na laochraidhe faoi deara 1 nach
raibh Eochaidh Mac Rí 'nÉirinn i n-a measg.



"Cá bhfuil Mac Cathaoir?" arsa duine aca.



"Is gearr go bhfeicidh sibh é," arsa Catach, "ba
dual 2 aithreacha dhó sin a bheith chun tosaigh 3 a' ruagadh
na námhad, agus ar deireadh a' filleadh ar ais; acht is
gearr go bhfeicidh sibh anois é."



Níor bhfada go bhfacadar chuca Giolla Gusmhar an
tSléibhe, agus é a' rith ar a dhícheall.



"Ó," ar seisean, "tá Eochaidh i láimh 4 ag na
Rómhánachaibh. Bhí sluagh mór aca i suidheachán 5 agus
chruinnigheadar air, acht bhí sé dhá dtreasgairt agus dá
leagan mar sgata éanacha, nó gur briseadh a
chlaidheamh. Dhruideadar isteach ann sin air, gur
ghabhadar é dhe láimh." 6



Nuair a chualaidh na gaisgidhigh an sgéal sin,
leigeadar naoi ngártha cumha agus d'fhreagair na
cnuic agus na gleannta ar ais iad.



"Nár théighmuid slán a bhaile go hÉireann," arsa
Catach, "má fhágamuid duine aca beo sa n-oileán, má
ghníonn siad dochar nó díth dhó, acht é a thabhairt beo
slán dúinn, sul dá dtéighe an ghrian faoi anocht."



1 Ta; bhair faoi deara = notice, observe.



2 Dual = kind, natural; ba dual athar dhó = it was kind (after the
manner of his) father for him.



3 Chun (= chum) tosaigh = i dtosach = in the front (rank).



4 I láimh = taken, captured.



5 I suidheachán = in ambush, in wait.



6 Dhe láimh = by laying hands on him.


L. 20


Ann sin a ghluais na laochraidhe leobhtha go luath tapa,
agus badh uathbhásach an t-amharc 1 le dearcadh air, na
ríogh-ghaisgidhigh sin, i n-a gcultachaibh catha agus cruadh-
chomhraic, agus a gclaidhmhthe claisleathana 2 cruadhaighe, agus
a ngaoithe géara gaimhtheacha, 3 fastuighthe 4 go cruaidh
teann aca; agus iad a' rith go dian dána deágh-thapa, ar
lorg na Rómhánách, agus Giolla Gusmhar an tSléibhe a'
déanamh eolais an bhealaigh dhóibh.



Dá mhéid deifir dá ndeárnadar, bhí na Rómhánaigh
istigh go slán sábháilte sa dún rómpa.



Bhuaileadar a sgiatha go cruaidh teann, agus
d'fhuagair siad cath agus comhrac ortha ar áit na mbonn.



Tháinic an taoiseach amach ar chiumhais an dúna chuca.



"A chladhairí fealltacha fíor-ghránda," ar siad-san,
"agus a spriosáin shuaracha, ní fhágamuid ceann
ar cholainn, nó dún gan dearg-lasadh oraibh, 6
mar' gcuiridh sibh ar ais chugainn gan mhoill an laoch
lán-chalma, ar éirigh libh a thógbháil le feillbheart."



"Tá sé fánach 7 agaibh dún daingean do'n tsamhail seo
a ionnsuighe," ars an taoiseach, "agus má tá an oiread sin
dhe ghealtaigheacht 8 oraibh agus go bhféachfaidh 9 sibh leis -"



1 An t-amharc = an feic = the scene, sight.



2 Claisleathana - hollow, broad-bladed.



3 Gaimhtheacha = deadly, dangeous.



4 Fastuighthe = tightly held.



5 Áit na mbonn = on the spot, where they stood, immediately.



6 Oraibh = to your loss, detriment. Dhóigh sé an teach im' mhullach,
os mo chionn = he burned the house over my head (i.e., while i was
within). Dhóigh sé an teach orm = he burnt my house (leaving me
without one).



7 Fánach = useless, foolish, ignorant, going astray. Tá sé fánach
agaibh = 'Tis an ignorant thing for you to -.



8 Gealtaigheacht = madness.



9 Bhféachaidh = will try, attempt.


L. 21


"Leig dho do chuid cainte," ar siad-san, "acht sgaoil
amach an fear chugainn, acht mura ndéanaidh sibh sin,
gheobhfaidh sibh amach gur beag an mhaith dhaoibh dún nó
daingean."



"Is fearr dhaoibh-se an cúirse a ghlacadh go réidh,"
ars an Rómhánach, "agus an sgéal a leigint chugaibh.
Má bhuaileann duine agaibh-se buille taobh 'muigh ar an
dún, buailfear an dara buille taobh 'stigh, leis 1 an
gceann a bhaint dho'n fhear atá i láimh againn."



Bhí Rí Alban a' teacht chuca an uair sin, agus chualaidh
sé an chuid dheiridh dho'n chaint.



"Tá fhios agam-sa," ar seisean leis an taoiseach,
"an rud atá uait, agus bhéarfaidh mé meádhachan Eochadh
dhaoibh de'n ór bhuidhe, má thugann sibh ar ais é."



"Tá roinnt staidéir 2 annad-sa," ars an taoiseach.
"Acht seo é dlighe na Róimhe: duine ar bhith a cuirtear
i sáinn 3 nó i dteannta ar pháirc an bhuailte, agus go
ngaibhtear 4 é le neart agus le calmacht muintire na
Róimhe, i riocht is go gcaithfidh sé géilleadh dhóbhtha, agus
cara is coimirc 6 fhághail uatha, ní'l i ndán dó sin
saoirse fhághail go mbainidh sé amach í, i bpríomh-chathair
na Róimhe, a' troid le beithidhigh éigcéill' 6 na bhfásach
nó a' troid leis an muintir eile atá againn i
ngéibheann."



1 leis = for, in order to.



2 Staidéir = steadiness, sense, coolness, calculation.



3 I sáinn - "cornered."



4 Pron. here ngoitear.



5 Cara agus coimirc = friendship and protection.



6 Beithidhigh éigcéill' = wild beasts.


L. 22


"Bhéarfhaidh mé a mheádhachan faoi dhó 1 dhaoibh do'n ór
bhuidhe as ucht é a leigean amach," arsa Rí Alban.



Bhí Eochaidh ag éisteacht leis an gcaint sin, agus labhair
sé: -



"Ní bhéidh sé le trácht orm-sa, go gceannóchadh ór
na ríoghachtaidhe mo cheann ná mo choiméad beatha.
Gidh gur lag tláith atá mé de bhárr mo chréachtaidhe a
bheith fuaruighthe, bainfidh mé mo shaoirse amach le
comhrac éin-fhir, leis an ngaisgidheach is fearr d'á bhfuil
aca; agus mara 2 bhfuil siad sásta sin a thabhairt dom,
tá mé toileamhail chun mo bháis, agus déarfaidh mé libh-se,
fhíor-laochraidhe na hÉireann, mo bhás a dhíol go maith
ar na cladhairíbh seo."



"A' bhfuil sibh sásta comhrac éin-fhir a thabhairt dó?"
arsa Catach.



"Déanfamuid an rud a bhéas feileamhnach," 3 ars
an Romhánach, agus labhair sé go réidh socair, i riocht is
nach gcloisfeadh Eochaidh é, mar nár mhaith leis an t-ór
a chailleadh. "Ní'l sé i n-aghaidh dlighe na Róimhe éiric
a ghlacadh ar son duine atá i ngéibheann, agus ní'l
aimhreas ar bith agam nach mbéidh mé i n-ann socrughadh
a dhéanamh le Rí Alban. Ní gnáthach linne comhrac i
ndiaidh comhraic a chur ar éinneach, nó duine atá i
ngéibheann againn a throid ath-uair, 4 gidh go bhfuil
saoirse le fághail ag daoinibh i mbraighdeanas, as ucht
troda le chéile. Cuireann sinn beirt aca a' troid



1 Faoi dhó = twice.



2 Mara b. = muna b. = muna bh. -



3 Feileamhnach = oireamhnach, fit, right, suitable, proper.



4 Ath-uair = a second time.


L. 23


sa Róimh, agus an té a mharbhuigheas a chéile comhraic, tá
saoirse le fághail aige. Acht tá baramhail agam go
socróchaidh mé féin agus Rí Alban an cúrsa le chéile, i
riocht is nach mbéidh cáll air a dhul dho'n Róimh.



"Ná raibh bail oraibh, a chladhairí cama," arsa
Catach. "Sibh-se a bheith ag iarraidh ceannas an domhain
a bheith agaibh! Cuireann sibh daoine atá i ngéibheann
a' comhrac le chéile, agus faitcheas oraibh féin duine aca
a theangmháil 1 le gníomh gaisge. Ní shásann sé sin
sibh go gcuiridh sibh isteach iad i measg beithidheach
éigcéill' na bhfásach, agus gan ainmhidhe ar bith chomh dona
libh féin - acht ní'l aon bhaoghal orainn-ne go leigfea-
muid dhaoibh feall a dhéanamh ar fhíor-laoch Éireannach.
Mura bhfuil sibh sásta comhrac éin-fhir a thabhairt dó,
ní fhágfamuid duine agaibh beo ar dhruim na talmhana."



"Fuirigh 2 ort mar sin," ars an taoiseach, "go
nglacaidh mé comhairle le mo mhuintir. Ná bíodh
imnidhe oraibh nach ndéanfamuid-ne gach nídh go
feileamhnach cneasda, mar is dual do mhuintir na
Róimhe."



D'imthigh sé annsin, agus ghlaoidh sé chuige sean-draoi,
a bhíodh a' baint mheabhrach as éanachaibh.



"Céard is fearr dhúinn a dhéanamh sa gcúis seo?"
ars an taoiseach.



"Níor mhór dhuit," ars an draoi, "ceann aon ghais-
gidhigh amháin i n-éiric do mhuintire a thuit leis-sean agus
le n-a cháirdibh, agus tabhair comhrac éin-fhir dhó agus béidh a



1 Theangmháil = to face, meet, touch.



2 Fuirigh = fan.


L. 24


cheann agad. Ní gníomh gaisge, nó cruas 1 claidhimh a
chlaoidhfeas é, acht tuirse throm agus soilsiughadh soluis."



"Cialluigh sin dom," ars an taoiseach.



"Ciallóchad," ar seisean. "Bhí sgata éanacha agam
indé, agus chuir mé a' troid iad. Bhí ceann aca - éan
mór meargánta 2 - agus gob géar air, nach bhfágfadh
fuigheall buille nó béime, de'n chéad iarraidh, agus
mharbhuigh sé suas le céad dhe na héanachaibh eile. Ar
maidin indiu las mé solas fó n-a cheann, nó go raibh a
shúile beagnach dallta agam. Chuir mé éan mór
eile annsin a' troid leis, agus nuair nach raibh radharc
maith aige, ní raibh sé i n-ann sáthadh ar bith a chur i
gcion. 3 Bhí sé tuirseach sáruighthe dhe bhárr troda ar
feadh dhá lá agus 'ch uile ghob a bhuailfeadh an t-éan i n-a
aghaidh, bhí sé dh'á chur i gcion, agus a' breith buaidh air i
leabhaidh a chéile, 4 gur mharbhuigh sé faoi dheireadh é."



"Cialluigh brígh an sgéil sin dom," ars an taoiseach.



"Ciallóchad," ars an draoi. Thosuigh an bheirt aca
a' cogarnuighil le chéile. Thar éis tamaill, d'imthigh
an taoiseach, go lán-tsásta i n-a aigneadh, go dtí na
laochraidhe Éireannacha, agus dubhairt leobhtha go bhfágfadh
sé Eochaidh mac Rí 'nÉirinn i bhfiadhnaise an dá shlógh i
n-imtheacht 5 na hoidhche, agus go raibh duine fáighte aige
féin, le comhrac éin-fhir a thabhairt dó, lá ar na
mháireach.



1 Cruas = valour, fighting.



2 Meargánta = spirited.



3 Chur i gcion = "to drive home," to cause to be felt.



4 I leabaidh a chéile = gradually.



5 I n-imtheacht = throughout, during


L. 25


AN COMHRAC ÉIN-FIR.



BHÍ go maith. Nuair a tháinic an mhaidin, agus gur shoill-
sigh an ghrian amach le solas an lae ghil bhreágh,
d'éirigh amach óglách de mhunintir na Róimhe, agus sheas sé
ar fhaithche an dúna.



Thóig sé an bheann-bhuabhaill, agus sheinn sé í ós íseal agus
ós árd, i bhfiadhnaise an dá shlógh.



D'éirigh Eochaidh amach, agus sheas sé ar fhaithche an dúna,
agus badh mhaiseach mear-lúthmhar a dhearc sé i n-a chulaidh
chatha, ag feitheamh le n-a chéile comhraic.



D'éirigh gaisgidheach na Róimhe amach, agus é gléasta i
lúireach lán-shoillseach Lochlannach, agus cathbharr lonnrach
líomhtha ar a cheann, agus ní raibh ordlach dhá chorp nach raibh
clúduighthe le héideadh pláta a bhí ag deallradh sa
ngréin.



D'ionnsuigh 1 na fir a chéile annsin, go fíochmhar
feargach, agus go te teann; agus ní raibh aon iarraidh 2 dh'á
dtugadh Eochaidh faoi'n Rómhánach nach síleadh laoch-
raidhe na hÉireann go bhfágfadh sé sínte é. Acht
thugadar faoi deara nach raibh na buillidhe ag dul i
gcion, 3 agus rinneadar iongantas mór de.



Is amhlaidh a thárluigh: bhí solas ag deallradh i n-a
shúilibh gach uile mhóiméad, agus chaillfeadh sé amharc ar an
Rómhánach, agus ní fhéadfadh sé sáthadh nó buille ar bith a
chur i gcion.



1 D'ionnsuigh = attacked.



2 Iarraidh = attempt.



3 Ag dul i gcion = being felt, chuir sé i gcion é féin, he made
himself felt.


L. 26


D'fhan mar sin go dtí meadhón lae. "Ó," arsa Rí
Alban, "is cosamhail go bhfuil tuirse agus díth suain ag
goilleadh ar mhac Chathaoir, agus tá dul ag an Rómhánach
air." 1



Bhí Giolla Gusmhar an tSléibhe ag faire go grinn,
agus d'aithin sé ar aghaidh agus éadan na Rómhánach go raibh
feall d'á imirt aca. Faoi dheireadh thug sé faoi deara
céard a bhí ar bun. 2



Rith sé anonn ag an duine ba goire dhó dhe laochraibh
na hÉireann, fear a dtugaidís Liagán Láimh-éachtach air.



"Ó," adeir sé, "tá feall d'á imirt aca - tá
dháréag aca i bhfalach, agus sgáthán ag gach duine aca,
agus iad a' stealladh 3 solais na gréine i súilibh mhic an
ríogh."



"Tabhair thusa chugam beart 4 de ghathannaibh géara,"
arsa Liagán, "agus is gearr go múchaidh mise an solas."



Thug sé sin chuige, agus chaith Liagán na gathanna go
fíor-ghlic deágh-thapa, go ndearna sé cunuas 5 de na
sgáthánaibh i lámhaibh na Rómhánach, agus gur chuir sé gath
treasna thrí gach duine aca, agus d'fhág sé greamuighthe
do'n talamh iad.



Ar an móiméad céadna, thug Eochaidh buille feargach
tobann i gcomhair 6 an Rómhánaigh agus sgiob sé an ceann
de.



1 Tá dul ag an Rómhánach air = the Roman is overcoming him;
chuaidh agat orm an uair sin = you overcame me that time.



2 Ar bun = ar siubhal = being done, going on.



3 Stealladh = pouring, spilling forcefully.



4 Beart = a bundle, parcel.



5 Cunuas = cunús = refuse, waste.



6 I gcomhair = fá chomhair = for, aimed at, at.


L. 27


Nuair a chonnaic na nÉireannaigh sin, chuireadar
suas gáir mhaoidhte, 1 agus shéideadar a ndois. 2



D'éirigh Liagán de chrannaibh a chraoisighe, go ndeach-
aidh sé isteach dhe léim thar sonnach an dúna, agus rug sé
ar láimh go croidheamhail carthannach ar Eochaidh.



"A laochraidhe na hÉireann," ar seisean annsin,
"má's mian libh sásadh feille a bhaint amach leanaidh
mise, agus ní fhágfamuid duine aca beó ar dhruim na
talmhana." 3



D'ionnsuigh Liagán agus Eochaidh na Rómhánaigh annsin,
agus is gearr go raibh na gaisgidhigh eile isteach chuca tar
shonnach an dúna agus thosuigh na Rómhanaigh ag rith amach
an taobh eile do'n dún. Lean na hÉireannaigh iad, agus
bhí Eochaidh leobhtha chomh maith le duine, go rug Liagán
ar ghualainn air. 4



"Ní fheileann 6 sé seo dhuit-se," ar seisean, "tá
tú a' tabhairt fola 6 as do chneadhachaibh."



Badh mhaith le Eochaidh dul ar aghaidh, acht ní ghlacfadh
Liagán sin uaidh, acht chuir sé ialach 7 air suidhe síos
gur cheangail sé a chréachtaidhe. D'fhan siad mar sin
go dtáinic na gaisgidhigh eile suas chuca.



Filleadh dhoibh 8 go cúirt rí Alban; is beag nach
ndeachaidh Eochaidh ó shiubhal, le a raibh d'fhuil caillte
aige.



1 Gáir mhaoidhte = a shout of congratulation.



2 A ndois = their war-horns.



3 Na talmhana = na talmhan = an talaimh.



4 Rug L. ar g. air = L. caught him by the shoulder.



5 Ní fheileann = ní oireann = does not suit, fit.



6 Ag tabhairt fola = bleeding.



7 Ialach = d'fhiachaibh = he compelled him.



8 Filleadh dhóibh = ag filleadh dhóibh = on their return


L. 28


Chuir Rí Alban coróin ríoghdha ar a cheann as ucht
buaidh fhagháil i gcomhrac éin-fhir, mar ba ghnáthach 'san
aimsir sin.



Bhí siad ar fad le dhul a bhaile go hÉirinn gan mhoill,
acht chuireadar comhairle ar Eochaidh fanacht bfhuil 1
rí Alban go mbéadh a chréachtaidhe cneasuighthe. 2



Nuair a chualaidh Giolla Gusmhar an tSléibhe sin,
dubhairt sé leis féin: "Rachaidh mise a bhaile chun
tosaigh 3 orra, ar fhaitcheas go gcloisfeadh Eithne
Áluinn sgéala go raibh sé loitthe, agus go nglacfadh sí
cumha agus imnidhe."



D'imthigh sé leis annsin, agus ní dearna sé stad nó
comhnuidhe go ndeachaidh sé go cúirt Rí Chonnachta. 4



Nuair a chonnaic Eithne a' tigheacht é, sgannruigh sí.
"A bhfuil Eochaidh a' teacht a bhaile beó slán?" ar sise.



"Tá," ar seisean, "acht go mbéidh beagán beag 5
moille air." D'aithris sé iomlán an sgéil di annsin.



Bhí Eithne go brónach dólásach nuair a chualaidh sí an
riocht ina raibh sé, agus do chaoi sí na frasa diana deór
anuas le méid a cumha.



"Ní'l ádhbhar imnidhe nó cumha agat," ars an giolla,
"acht ughdar luthgháire agus ríméid faoi go dtáinic sé slán
ó'n nguais 6 ina raibh sé."



1 Bfhuil = i bfhuil = in company with, i bfhuil sé = in company
with him; i bfhuil or i buil = mar a bhfuil = in the place, in
which place, i buil or i bfhuil?



2 Cneasuighthe = healed, cured.



3 Chun (= chum) tosaigh = i dtosach = before, in front of, "first
of."



4 The common gen. form in Connacht.



5 Beagán beag = just a little, a very little.



6 danger.


L. 29


"Ó éist liom," ar sise, "imthigh uaim go fóill go
sásuighidh mé mo chroidhe, agus go gcaoinidh mé mo sháith."



Fágadh í i n-a haonar annsin, agus dubhairt sí an laoi:



Ní haoibhinn maidin níos mó,
Le ceól is le ceileabhar na n-éan,
Agus béidh mé faoi bhrón
Ag neóin 's ag deiread an lae,
Ó himrigheadh ar mo stór
Le fóirneart 's le falsacht ro-ghéar,
An té a bhí calmach sa ngleó,
Go cóir is go teachtmhar liom féin. 1



Tá an saoghal ar fad uaigneach
Nuair a ghluaiseas an solas gach lá;
Nuair a shéideas gaoth 'dtuaidh
Go cruaidh mar thagann sí tráth,
le neartughadh an fhuaicht
Bíonn dubhachan is meathadh ar an mbláth
Is béídh neartughadh na cumha
Dho mo bhuaidhreadh feasta go bráthach.



Má tá brígh is an ngréin
Le Céachta a's le fásaibh an Choll,
Íocshláinte sa saogal,
Nó éifeacht i leághaibh na bhFionn,
Rachaidh mé féin,
Go ndéanad, gan chuideachtain liom,
A mhín-chneas gheal tréimh
Slán ó chréachtaibh, gan chlom dhá gcionn.



Thar éis ráidhte na laoi sin di, chuir sí fios ar an
nGiolla Gusmhar, go bhfághadh sí tuilleadh tuairisge
uaidh.



Thug seisean sin di, gan easnadh 2 gan áidhbhéil.



1 Féin, pron. péin.



2 Sa tsean-aimsir bhíodh se i gceist go raibh buaidh áirithe ag
Coll, Céachta agus Gréin (Coll, m. indecl.).



3 Easnadh = deficiency.


L. 30


"Cia'n tsamhail 1 de dhaoinibh atá i dteaghlach Rí
Alban?" ar sise.



"Fir aigeanta agus mná mánla," ar seisean, "agus inghean
a rug bárr áilne 2 ar mhnáibh na ríoghachta, agus 'sé an t-ainm
atá uirri Maighne na Mín-ghile, Aoileann na hAlban."



"Slán an sgéal," 3 ar sise, "acht cia'n tsamhail de
chruth agus déanamh atá uirri agus"



TEACHT A-BHAILE GO hÉIRINN.



"BÉARFAINN duit, a ríoghain," ars an Giolla Gus-
mhar, "tuarisg iomlán ar chruth agus déanamh Mhaighne
na Mín-ghile, dhá mbadh thoil leat é a chloisteáil."



"Tuairisg iomlán atá mé iarraidh," adubhairt sise,
"agus aithris dom é."



"Aithreósad sin duit, a ríoghan," ars an Giolla.
"Ní gan fáth a baisdeadh Mín-ghile uirri, mar is gile a
cneas ná an eala ar an gcuan, tá a leacaidhe mar an
lile, a gruaidh níos deirge ná an rós, rosg a súl chomh
gorm leis na spéarthaibh lá foghmhair, agus chomh lonnrach
leis na réaltaibh oidhche ghlan gheimhridh, agus chomh macánta
le maidin chiúin cheómhair sa samhradh, agus tá gruag
ombra órdha a cinn ina dualaibh go féar léithe agus níor
moladh óigbhean ariamh i ndántaibh na nGaedheal a
mb'fhearr an aghaidh uirthí moladh a fhagháil ná í, agus
chualaidh mé na laochraidhe dhá moladh go mór."



1 Cia'n (= cia an) tsamhail = what sort of, "what like."



2 Rug bárr áilne = surpassed in beauty, rug sí bárr (i.e., buadh)
áilne.



3 Slán an sgéal, also slán an sgéalaidhe, for go mba slán an
sgéalaidhe, said to a person who brings good news.


L. 31


"Na laochraidhe?" ar sise, "cia haca?"



"Chualas," ar seisean, "agus go háirithe Catach
Cróganta, mar ghlac sé féin agus í féin spéis mhór d'á
chéile; bhí seisean a' cur a dhúthrachta i n-umhal di agus ise
a' tabhairt a gnaoi dhó mar an gcéadna."



"Tá mé buidheach dhíot; is maith a rinne tú do
theachtaireacht, agus ní dhéanfaidh mé dearmad luach-
saothair mhaith a thabhairt duit."



Nuair a d'imthigh an Giolla Gusmhar, "Is gearr," ar
sise, "ó bhí Catach a' cur a dhúthrachta i n-umhal damh-
sa; ní'l fhios agam a' gcualaidh sé tada a d' athróchadh
é. Badh mhaith lem' athair cleamhnas a shocrughadh
eadrainn freisin, acht ní fearr liom anois bealach dhá
mbéadh an sgéal ná tá th'réis cloiste agam."



D'fhan na laochraidhe Éireannach nídh b'fhuide ná bhí
leagtha amach aca i dtosach - d'fhanadar i bfhuil Rí
Alban, óir dubhairt seisean leóbhtha:



"Is cuairt ghearr anróiteach gan tsásamh atá
déanta agaibh go dtí seo, agus is fairsing flaitheamhail
an fháilte atá agam-sa romhaibh le fanacht liom go
ceann lae agus bliadhna, agus má théigheann sibh a-bhaile chomh
luath seo, déarfaidh feara Fáil gur dona an aoidheacht
a thug mé dhaoibh, th'réis a ndearna sibh dhom."



"Fanfamuid," ar siad-san, "go mbídhmuid a' dul
a-bhaile i gcuideacht, agus go mbídh Eochaidh mac Cathaoir
i n-ann a dhul linn. Gidh gur tinn treáinneach a bhí sé
aréir is mór a tháinic sé chuige féin ó shoin."



"Ní'l ann," arsa Liagán, "acht go mbéidh sé i n-ann
a dhul abhaile i gcomhair Féise na Teamhrach faoi


L. 32


Lughnas, agus tá súil againn go dtiocfaidh tú féin agus do
chomhluadar linn go hÉirinn ar an ócáid sin."



Chaitheadar an aimsir annsin go haoibhinn le chéile
a' seilg imeasg cnoc agus gleannta na hAlban. Bhíodar
lá a' teacht abhaile ó'n tseilg agus casadh Catach agus
Liagán agus uimhir eile dhe na laochraibh ar a chéile.



"Is aoibhinn áluinn an tír í seo," ars Liagán, "leis
an loinnir atá ar chnoc agus ar ghleann, agus badh mhór an
díthcéille dhúinn gan tamall a chaitheamh ann."



"Is áluinn an tír í go cinnte," arsa Catach, "acht
is fada liom-sa go dtéidhidh mé abhaile."



"Is fada mar dhóigh-dhe," arsa Liagán:" Ba chórtha
go mór dhamh-sa deifir a bheith orm a-bhaile, óir d'fhág
mé bean agus clann i mo dhiaidh, seach's tusa atá annseo
i bfhuil do chéile agus do chliamhain."



"I bfhuil mo chéile agus mo chliamhain!" arsa Catach,
"cia hiad mo chéile agus mo chliamhain?"



"Anois, a Chataigh," arsa Liagán, "is dona a
thagann sé dhuit-se a bheith a' leigean ort féin nach
dtuigeann tú mé, agus fios maith agam-sa agus ag 'ach aon
duine annseo chomh mór agus tá tú féin agus inghean Rí
Alban le chéile.



"Is mór atá sibh a' dul amudha, d'oile," arsa
Catach, "támuid carthannach le chéile dearbhtha, acht
ní'l aon dúil agam an brat pósta a chur uirthi - ní dha
lochtughadh atá mé, óir is deacair a samhail a fhághail -
acht b'fhearr liom inghean atá ag Rí Chonnachta;
casadh liom í nuair a bhí mé thiar ann ag cruinniughadh
na ngaisgidheach, sul dá dtáiniceamar i leith annseo.


L. 33


Nuair atá bean in mo thír féin a thaithnigheas liom, a
Liagáin, ní go hAlbain badh chóir dom a theacht a
thóraigheacht mná."



"Ní dhéanfainn dealughadh ar bith idir Éirinn agus
Albain," arsa Liagán, "mar nach bhfuilmuid-ne agus
iad-san beagnach ar aon chineadh le chéile, seachas
daoine eile nach bhfuil gaol ná dáimh againn leóbhtha, agus
dá mbéadh dúil agam-sa dealughadh a dhéanamh idir an
dá thír, ní mar sin a dhéanfainn é, acht bhéarfainn na
mná is áilne uatha anonn go h-Éirinn, i riocht as go
mbéadh sgoith na nGaedheal i n-ar dtír féin, agus a Chataigh,
ó thárla a' caitheamh an oiread sin dúthrachta léithe
thú, ní móide gur fearr a dhéanfá do leas ná cleamh-
nas a cheangal léithe."



"Dar mo bhriathair," a Liagáin, "tugadh as t'ainm
thú nuair a baisdeadh "Lámh-éachtach" ort, óir feicthear
dhom féin, dá mbéadh fhios go raibh teanga chomh slea-
mhain sgafánta sin agat, nach as gníomh do láimhe a
bheitheá ainmnighthe."



"Nár théighidh me slán abhaile go hÉirinn," arsa
Liagán, "mar' dtugaidh mé féin cuireadh 'un Féise na
Teamhrach dho inghean an Rí, mar ndéanaidh tusa é, agus
tá mé a' dul amudha go mór nó is beag a ghoillfeas
easbaidh do choimirce uirthi imeasg laochraidhe na
hÉireann."



"Tig leat cuireadh agus fiche a thabhairt, má is maith
leat é, acht ní'l cáll agat leis, óir tá sé geallta aici
cheana dhamh-sa a thigheacht 'un na Féise."


L. 34


Is gearr go raibh Eochaidh Mac Rí 'nÉirinn i n-ann
a dhul amach sa tseilg agus níor bh'fhada go raibh sé chomh
maith is bhí sé riamh.



Ba mhór leis fanacht i gcómhair Féise na Teamhrach
mar ba mhaith leis dhul a bhaile go hÉirinn ar fhaitcheas
nach dtiocfadh Eithne go dtí an Féis. Dubhairt sé le
Rí Alban go raibh cruadhóg mhór air le dul go hÉirinn
agus nach bhféadfadh sé fanacht nídh b'fhuide.



"Tá maithe agus mór-uaisle mo ríoghacht-sa ag dul
ag an bhFéis," ars an rí, "agus ní'l nídh ar bith is mó a
chuireas fonn orm a dhul ann ná mac t'athar-sa bheith
linn, agus is mór orm nach bhfanfá leis na laochraidhe eile
go mbéadhmuist ar fad i gcuideacht."



"Dá bhféadainn sin a dhéanamh," arsa Eochaidh, "badh
mhaith liom é. Acht ní thig liom; ní móide go bhféad-
ainn-se fanacht ag an bhFéis mar' dtéighidh mé abhaile
anois."



"Is mór é mo bhuidheachas duit-se," ars an rí, "agus
rud ar bith a iarras tú orm bhéarfaidh mé dhuit é."



"Ní éileóchaidh mé tada ort," arsa Eochaidh, "acht
thú féin agus do chlann feiceáil ag an bhFéis, agus nach
ndéanfaidh sibh faillighe a dhul ann."



D'íodhlaic an rí agus mór-uaisle a chúirte agus na
laochraidhe Éireannach go dtí an cuan é, agus bhí Rí Alban
ag tabhairt bronntanais óir agus airgid dó.



"Ní ghlacfaidh mé ór ná airgead uait, a rí," ar
seisean, "ní maoin ná saidhbhreas a shanntuigh mise
ariamh, acht a' foghluim gníomhartha gaisge agus dho m'oil-
eamhaint fhéin i gcleasaibh lútha na nGaedheal. Bhí


L. 35


maoin agus dúthaigh agam ó m'athair, acht d'fhág mé ar
choimhéad duine eile iad, agus ní'l mé ina ndiaidh air,
cíbé buntáiste fhéadfas sé a bhaint asta, go mbídh
mé féin faoi réir le aire a thabhairt dóibh."



Dubhairt Liagán lámh-éachtach go rachadh sé féin dhe
chomhluadar leis, "óir is mór liom," ar seisean, "tú
a bheith ag imtheacht leat féin gan duine ná deóraidhe
in do chuideachtain, acht do bheirt óglách, agus ó thárla
cruadhóg ort le himtheacht, ní dochar dhuit mise a bheith
leat, agus bhéadh cumha orm uair a' chluig a chaitheamh annso
i do dhiaidh."



"Ná raibh an oiread sin dhe thinneas bliadhna ort,"
ars Eochaidh, "badh mhaith é do chomhluadar níos fuide ó
bhaile.



D'fhág an dís deágh-laoch sin céad slán agus beannacht
ag rí agus mór-uaisle Alban agus agá n-a muinntir féin, agus
ní dheárnadar stad ná mór-chomhnuidhe go dtáinic-
eadar go cúirt Rí Chonnachta.



Bhí fearadh na fíor-fháilte rompa annsin agus má's
tuirseach traochta a bhíodar, is meidhreach mear lúthmhar
a rinneadh iad.



Le nuadh gach biadh, le sean gach óil
I maisaibh criostail, i gcuachaibh óír,
Le caoineas comhráídh, saighneas sáimh,
Suaimhneas codlata go lá.



Agus ní lúgha an lúthgháir agus ullghárdas a bhí ar Eithne
roimh Mhac Rí 'nÉirinn ná bhí air-sean í a fheiceáil
aríst, gur chaitheadar ag congbháil comhráidh le chéile
an oidhche sin an fhad is bhí Liagán ag aithris do'n rí
imtheachta na laochraidhe i n-Albain.


L. 36


TÓRUIGHEACHT ÉIN NA
GCÚIG NDATH.



CHAITHEADAR seacht n-oidhche agus seacht lá ag fleidh
agus féasta i gcúirt Rí Chonnachta; agus thuig
gach uile dhuine sa gcúirt cia'n t-ádhbhar a bhí ag
Eochaidh Mac Rí 'nÉirinn ag teacht go dtí iad; agus
bhí baramhail ag an rí gur ag iarraidh a inghine mar
mhnaoi phósta a tháinic sé, acht níor chuir sé chuige nó
uaidh, acht fanacht go labhruigheadh sé fhéin.



Fá dheireadh, nuair a cheap Eochaidh go raibh 'ch uile
nídh córach feileamhnach, chuaidh sé chun cainnte leis an
rí, agus dubhairt sé: -



"Ní cabhair dhom fanacht níos fuide gan innseacht
duit, a rí," ar seisean, "fios ádhbhar mo thurais; agus
gurb-éard a thug annseo mé, go bhfághainn t'inghean
mar mhnaoi, óir ní'l sa ríoghacht bean is annsa liom
ná í."



"Dá bhfantá níos fuide ag mo chúirt," ars an rí,
"ní chuirfinn féin ceist ort, agus ní fhiafróchainn díot
céard a thug an bealach thú. Ní fhéadfainn aon locht
a bheith agam ar mhac t'athar mar chliamhain, acht ní thig
liom, 'na dhiaidh sin, aon chléamhnas a shocrughadh leat
fá láthair, agus innseócha mé dhuit cia'n t-ádhbhar:



"An oidhche a rugadh Eithne tháinic árd-ollamh ar
cuairt chugam. Bhí sé i n-a sheanfhear chríon liath -
agus tháinic sé chugam an oidhche sin; agus nuair a
hinnsigheadh dó gur inghean a bhí ann, chuir sé geasa
orm, dhá maireadh sí go haois a pósta, gan í a thabhairt


L. 37


le pósadh dho dhuine ar bith acht dho'n té a bhéarfadh
chuici Éan na gCúig nDath. Má tá tusa i n-ann sin a
déanamh gheobhfa tú í, acht mura bhfuil, ní thig liom-sa
sgaradh léithe."



"Ní'l aon rud sa domhan nach bhféachfainn le n-a
dhéanamh ar a son," arsa Eochaidh, "acht an bhfuil
tuairisg nó cunntas agad cia gcomhnaidheann an
t-éan sin, nó cábhfuil sé le fagháil?"



"Ní'l cunntas nó tuairisg agam acht an méid a
dubhairt mé leat," ars an rí. "Chuaidh mac Rí
Mhanann ar thóir an éin lá agus bliadhain ó shoin, acht níor
frítheadh sgéal nó sguan beó nó marbh ó shoin air. Bhí
Catach Cróganta as Sliabh Luachra annseo romhat-
sa; agus nuair a d'innis mé dhó na geasa a bhí ann,
dubhairt sé gur b'é a bharamhail nach raibh ins go leor
de na geasaibh sin acht "seafóid sean-nósa," agus
nachar chóir aon tsuim a chuir ionnta. Níor chuir mé
féin leath-suim i dtosach ins na geasaibh, mar cheap
mé go mbeidhinn luath go leor ag cuimhniughadh ortha;
acht gach uile bhliadhain imthigheas tharm tá mé níos
cinnte gur le hughdar maith a tháinic an t-ollamh
chugam, mar ba gearr 'na dhiaidh sin gur cailleadh é.
agus tá sé ag goilleadh orm go mór nár iarr mé
comharthaidheacht nídh b'fhearr fá Éan na gCúig nDath,
acht thuig mé uaidh nach raibh sé i n-a chumas an tuairisg
sin a thabhairt dom."



"Geasa ar bith a cuireadh in do chionn i ngeall ar
Eithne," arsa Eochaidh, "is geis do fhear a pósta thú a


L. 38


fhuasgailt uatha; agus féachfa mise le Éan na gCúig
nDath a chur ar fagháil nó cinnfidh sé orm."



Tar éis slán agus beannacht fhágáil ag an rí, d'imthigh
sé go dtí Eithne, agus d'innis sé dhi an freagradh a fuair
sé. Níor chuala sí tadaí roimhe sin fá na geasaibh, agus
ghlac brón agus cumha mhór í, nuair a bhí fhios aici go
rabhadar ag sgaradh le chéile.



"Ná bíodh brón nó cumha ort, a ríoghan," ar
seisean. "Ní'l ag an té is fearr sa saoghal so acht
roinnt d'á shásamh; acht tá súil agam go bhfeicfidh mé
thú ag Oireachtas na Teamhrach, agus beidh mé ann ar
m'ais, má fhéadaim é."



"Ní'l as so go Lughnas acht mí," ar sise; "agus
ní móide go mbeitheá-sa ar t'ais."



"Féachfa mé le bheith ag an Oireachtas, má's beó nó
marbh a bhéas mé," ar seisean.



D'fhág sé slán agus beannacht aici annsin, agus ghluais sé
féin agus Liagán Láimh-éachtach leóbhtha, agus, nuair a bhí míle
bealaigh déanta aca, shuidheadar síos ar árdán, ag
glacadh comhairle le chéile, cia ngabhfaidís ag tóruigh-
eacht an éin.



"Dar mo bhriathair, a Eochaidh," arsa Liagán,
"b'fhusa dhuit an bhainríoghan óg a thabhairt ar éalódh
leat 'ná an t-éan éagsamhail sin fhagháil gan fhios
agad cia'n áit do na seacht ríoghachta a gcuirfidh tú
fáirnéis cá bhfuil sé."



"Nach fearr dhúinn," arsa Eochaidh, "Éire a chuart-
ughadh go maith i dtosach sul dá gcuireamuid fáirnéis
air i ríoghacht ar bith eile?"


L. 39


"Sin é an rud is fearr dhúinn a dhéanamh go
dearbhtha," arsa Liagán; "agus má fhághaim-se amharc
air, bí cinnte nach n-imtheócha sé uainn go réidh."



Leis an gcainnt sin chonnaiceadar sgaoth éanacha
ag imtheacht ins an spéir os a gcionn.



"An bhfeiceann tú an t-éan sin atá os cionn na
codach eile?" arsa Liagán.



"Feicim," arsa Eochaidh.



"Dá mbadh é sin "Éan na gCúig nDath," badh gearr
é t'aistear dhá thóruigheacht," arsa Liagán.



Leis sin sgaoil sé saighead suas 'san aer, agus bhuail
sé an t-éan agus tháinic an saighead agus an t-éan anuas
chuca i gcuideacht.



"Dar mo bhriathair," arsa Eochaidh, "nach é gníomh
do láimhe a chlisfeas orainn."



Ghluaiseadar leóbhtha annsin, agus ní'l éan-áit mór-
thimcheall na hÉireann a raibh trácht nó tuairisg go
mbíodh éanacha ag cothuighe ann nár chuartuigheadar agus
nár thóruigheadar, acht chinn ortha an t-éan fhagháil i
n-áit ar bith.



"Séard tá againn le déanamh," arsa Liagán, "ár
n-aghaidh a thabhairt glan díreach ó dheas as so, go
dtéigheamuid chomh fhada le Seanachaidhe Sléibhe
Bladhma; agus, má tá éan tuairisg le fagháil ar an
éan, cuirfidh seisean 'san eólas sinn."



Thugadar a n-aghaidh annsin ar Shliabh Bladhma, agus ní
dhearnadar stad nó comhnaidhe go dtáiniceadar go
gabhail éadain tighe an tseanachaidhe.


L. 40


Bhí an seanachaidhe i n-a sheasamh 'sa' doras, agus
d'fháiltigh sé rómpa go carthannach, agus dubhairt sé:



"Má b'fhíor dho na sgéaltaibh a chualamar - má
b'fhíor sin - ní bheitheá-sa go fóill abhaile ó'n gcogadh,
a Eochaidh, mar chualamar go raibh tú tinn treáinneach
- chuala sin; acht feicthear dhom nach bhfaca mé ariamh
tú ag dearcadh chomh maith agus tá tú."



"Ní'l ádhbhar casaoide ar bith agam, go deimhin,"
arsa Eochaidh. "Cia'n chaoi a bhfuil an saogal ag
eirghe leat féin, mar is fada nach bhfacamar beó nó
marbh thú?"



"Ní'l aon chabhair a bheith ag casaoid - ní'l sin," ars
an seanachaidhe. "'Ar ndóigh, is beag an mhaith fhéadfas
mo leithéide a dhéanamh feasta - is beag sin - acht ag
dearcadh ar dhaoinibh eile go maith, ag féachaint ar an
saoghal, agus dá leigean tharm. Chualamar gur
éifeachtach saoghail na gníomhartha a rinne sibh araon
i n-Albain - chuala sin - agus go mbadh bheag libh gach a
ndeárnabhar de shléacht agus de mharbhughadh ann, agus
go raibh sibh i nÉirinn le mí, ag fáiteall ar fud na
tíre agus ag caitheamh le éanachaibh."



D'innsigheadar dhó gur ag tóruigheacht Éin na gCúig
nDath a bhíodar, agus go raibh sé cinnte ortha é fhagháil,
agus gur ag súil le tuairisg uaidh-san a tháiniceadar
chuige.



"Tá a leithéide de éan ann," ar seisean, "acht ní
bhfuighe sibh-se é, mura bhfágha sibh a thuairisg. Ní'l mise
i n-ann an tuairisg a thabhairt daoibh - ní'l sin - acht tá
fhios agam go gcomhnuigheann an t-éan i n-áit eicín


L. 41


de Éirinn; agus tá baramhail agam cá bhfuighe sibh an
treórughadh. Dá dtéightheá-sa, a Liagáin, abhaile go
loch gCarmain, coidhcís ó shoin, gheobhfá in do theach féin
an té a bhéarfadh an tuairisg duit - 'sé sin Árd-ollamh
na Teamhrach, athair do mhná. Béarfaidh sibh go fóill
air sa mbaile; agiis ní'l aon tuairisg le fághail agaibh
mura dtugaidh seisean daoibh í."



Thug an seanachaidhe aoidheacht mhaith dóibh an oidhche
sin: -



Beoir is bainne,
Bairíní geala,
Blas na meala ar gach éan ghreim.



Agus d'éirigheadar go moch ar maidin lá ar na
mháireach, gur fhágadar slán agus beannacht ag an
seanachaidhe, agus thugadar a n-aghaidh soir díreach, go
dtángadar chomh fada le áitreabh Liagáin.



Nuair a bhíodar ag tarraingt chun an tighe, "Ní'l
muid i bhfad as láthair anois," arsa Liagán, "acht
caithfidh tusa mo leithsgéal a ghabháil le mo mhnaoi fá
nach dtáinic mé abhaile roimhe seo."



"Ná bíodh imnidhe ort," arsa Eochaidh, "ní bhéarfaidh
mise aon droch-cháil ort, agus ní bheidh sí 'na dhiaidh ort
an t-achar a chaith tú liom-sa; mar bhí a hathair, an
t-Árd-ollamh, go han-cheanamhail orm nuair a bhí mé i
dTeamhair."



Leis sin chuadar isteach chun an tighe, agus bhí fearadh
na fíor-fháilte rómpa, agus má's tuirseach traochta
a bhíodar, is méidhreach mear-luthmhar a rinneadh iad: -



Le nuadh gach bídh, le sean gach óil,
Ar mhiasaibh criostail, i gcuachaibh óír,
Le caoineas comhráidh, saighneas sáimh,
Is suaimhneas codlata go lá.


L. 42


Lá ar n-a mháireach bhí Eochaidh agus an t-árd-ollamh
ag siubhal araon ar an mbán os comhair an
tighe, agus ag cur sriachain ar chúrsaibh an tsaoghail le
chéile, nuair a dubhairt an t-árd-ollamh: -



"Bhí tú féin agus Liagán ag cainnt aréir go raibh sibh
ag tóruigheacht "Éin na gCúig nDath" ar fud na
tíre."



"Bhíomar," arsa Eochaidh, "agus sin é an méid a bhí
dhá bharr againn; acht tá mé cinnte, má ta aon
fhághail air, gur agad-sa atá a thuairisg."



"Ní'l a thuairisg ag éanduine eile ar druim na
talmhana acht agam-sa, ó cuireadh t'athair faoi'n
gcréafóig; agus is amhlaidh a fuair mise an tuairisg
sgríobhtha i n-ogham chraobh ar chlár beithe, a fuair mé ó
t'athair le cumhdach. Is maith liom go bhfuil ionbha
agam anois le seanachas "Éin na gCúig nDath" a
innseacht faoi rún duit, mar is duit-se atá i ndán
an t-éan a chur ar fagháil:



"An t-am i ndeárna Gealta, athair-mhóir t'athar,
an tsléacht ba mhó i n-aghaidh na Romhánach, bhí t'athair
i n-éinfheacht leis ins gach gábh' dhár ghabh sé thríd. Ní
raibh t'athair acht dhá bhliadhain déag d'aois an t-am sin, agus
chuir na gníomhartha gaisge a rinne sé ríméad ar na
Gaedhil. Nuair a phós sé tamall maith 'na dhiaidh sin,
tháinic ríghte na gcúigí le bronntanais chuige. Is
é m'athair a bhí ina ollamh aige an uair sin. Tugadh
chuige bronntanas de'n ór fá thrí as Cúige Mumhan;
bronntanas de'n ór ghreannta as Cúige Chonnacht;
bronntanas d'ór agus d'airgead as Cúige Uladh;


L. 43


bronntanas de chlochaibh criostail agus carrmhogail as
laighnibh; agus corn óir lán de néamhnachaibh agus de chloch-
aibh iolbhuadhacha as Croimlinn na Séad.



"Ba mhór an lúthgháir a chuir sé ar t'athair na
bronntanais sin fhághail; agus shiubhail sé féin agus m'athair
amach ar an mbán ar aghaidh a chaisleáin le chéile, ag
glacadh comhairle céard ab' fheárr a dhéanadh leóbhtha.



""Tá oiread saidhbhris agam cheana agus nach gcaithfidh
mé a leath choidhche," arsa Cathaoir, "agus meas tú
cia'n úsáid ab' fhearr dhom a dhéanamh díobh so, ó thárla
nach dteasduigheann siad uaim?"



"Dubhairt m'athair nach raibh aimhreas aige nach bhfogh-
nóchaidís dó i n-am eicín; agus go mb'fhearr dhó iad a
chumhdach go maith nó go dteasduighdís uaidh, "mar,"
ar seisean, "ní'l fhios agad céard a thiucfas trasna
ort féin nó ar do chlainn go fóill."



"Dubhairt Cathaoir go mb'fhíor sin, agus go mba mhaith
an chomhairle iad a chur i dtaisge.



""Sin é atá agad le déanamh," arsa m'athair; "acht
ní fheileann sé duit-se nó d'éinne eile a chuid saidh-
bhris ar fad a bheith aige i n-áit amháin, agus cuir iad so
do leithridh i n-áit nach mbéidh fhios ag duine ar bith
cia mbéidh siad."



""Ní fhéadfaidh mé a gcur i n-áit ar bith," arsa
Cathaoir, "nach dteasdóchaidh gárda le n-a gcumhdach."



""Ná bíodh éin-imnidhe ort faoi sin," arsa m'athair
- agus go díreach nuair a bhí an focal as a bhéal
sginn dreóillín amach tharta. "An bhfeiceann tú an
dreóillín sin?" arsa m'athair. "Is beag é a neart,


L. 44


acht tá sé i n-ann a bhfuil aige sa domhan a chumhdach
gan gárda. Cuir thusa na bronntanais i n-uaimh
thalamhna i n-áit iargcúil, agus ní baoghal dhóibh."



"" Bíodh an dreóillín féin mar chomhartha agad-sa le
sgríobh" síos i n-ogham chraobh tuairisge na háite a
mbéidh siad le fagháil,' arsa Cathaoir, "agus bíodh an
samhaltán céadna ar eochair na gcomhran i n-a gcuir-
fear iad - 'sé sin dealbh an dreóillín - agus bíodh an
comhartha agus an samhaltán agad sgríobhtha i n-ogham
chraobh le dualadh diamhair do-smaointe ar chlár
beithe; agus, má fhághaim-se bás gan malraid chomhairle,
bíodh an eochair le fághail ag an té a mbéarfaidh mise
mo bheannacht dó."



" Sgríobh m'athair síos an t-ordughadh sin ar chlár
beithe, agus fuair sé chúig chomhra umha, déanta ó
lámhaibh suadh agus saor-cheárda, leis na bronntanais
a chur annta, agus eochair airgid le n-a n-aghaidh a raibh
dealbh an draoi-éin ar a cois; agus is í an eochair sin
atá tusa a thóruigheacht. Cibé cé gheobhfas an eochair,
is dó-san atá na bronntanais luachmhara sin dlighte,
agus is duit-se is dual í, mar is agad a d'fhág t'athair
a bheannacht."



"Agus cá bhfuil an eochair le fagháil?" arsa Eochaidh.



"Tá sí agam-sa annso le tabhairt duit - seo dhuit
í, agus mo bheannacht féin léithe."



"Buadh agus beannacht ar do láimh ar feadh do
shaoghail," arsa Eochaidh, "acht ní fheicim uirthi seo acht
aon dath amháin, sé sin dath an airgid."


L. 45


"Fosglóchaidh sí sin gach éan-chomhra de na cúig cinn
- agus béidh na cúig dath le fagháil agat istigh annta,
'sé sin na cúig bronntanais; mar is ionann "dath" agus
"bronntanas" sa tsean-Ghaedhilg."



"An lá ar chuir tú comhairle orm imtheacht as
Teamhair, is cosamhail nach raibh an t-eólas sin agad,
nó d'innseochá dhom é."



"Bí fáth agam leis," ars an t-ollamh. "Bhí an tír
thrí n-a chéile san am sin; agus b'fhearr an chomhairle
fanacht go suaimhnigheadh sí; agus bhí fhios agam gur
b'é an treórughadh ceart a bhí mé a thabhairt duit,
agus thú a chur go Connachtaibh san áit ar casadh dhuit
inghean an rí; agus is é m'athair a chuir na geasa ar
Rí Chonnachta, mar ba mhaith leis cáirdeas agus cleamh-
nas a cheangal idir t'athair agus Rí Chonnachta."



"Go mba buan a bhéas tú beó - ba mhaith í do chomh-
airle i gcomhnaidhe. Béidh Rí Chonnachta agus a inghean
ag an Oireachtas, agus níor bhfuláir dhom na geasa a
chomhlíonadh sul dá dtéighidh mé féin go dtí an tOireach-
tas; agus badh mhaith liom dá n-innsightheá dhom cá
bhfuil an uaimh thalmhana a bhfuil na comhraí umha i
dtaisge innte."



D'innis an t-árd-ollamh sin dó, "acht," adeir sé,
"beidh tú sgathadh maith dá dtóruigheacht, 'aindeóin go
bhfuil an tuairisg agad, mar tá ort dul thrí choilltibh
agus bealaighibh aisdreánacha, agus tá cuartughadh mór le
déanamh agad, sul dá bhfágha tú amach an uaimh
thalmhana."


L. 46


Bhíodar chúig oidhche agus cúig lá i dtigh Liagáin, ag
caitheamh fleidhe agus féasta; agus annsin d'imthigh
Eochaidh agus Liagán ag tóruigheacht na huaimhe
talmhana do réir mar fuaireadar an tuairisg. Thuga-
dar ordughadh dá ngiollaíbh iad a leanamhaint, agus
capaill agus carbaid a bheith aca le go dtiubharfaidís
leóbhtha an t-ór agus na seoide.



- FÉIS NA TEAMHRACH.



TAR éis imtheachta d'Eóchaidh agus do liagán, bhí mór-
uaisle as gach ceárd d'Éirinn ag cruinniughadh
ag Oireachtas na Teamhrach. Tháinic ann clanna ríghte
agus árd-fhlaithe as na chúig cúigíbh, agus maithe agus
mór-uaisle na tíre; agus bhí ann, maraon leóbhtha, Rí
Chonnachta agus a chomhlucht, agus Eithne áluinn agus
mná uaisle na cúige, agus iad gléasta i síoda agus
maoth-shról do réir na haimsire a bhí ann. Tháinic ann,
abhaile as Albain, rí-árd-ghaisgidhigh na hÉireann;
agus bhí leóbhtha Rí Alban agus a inghean, Maighne na
Mín-ghile.



Bhí bunáite na ndaoine cruinn, agus iad thrí n-a
chéile, 'dul anonn agus anall ar fhaithche na Teamhrach.
Bhí comhrádh agus ciúin-aighneas ar siubhal ag gach aicme
dhíobhtha, agus iad ag fáiltiughadh roimh a gcáirdíbh, nó
gur éirigh le Catach dul anonn san áit a bhfaca sé
Eithne agus cuideachtain léithe ar leath-taobh an aonaigh.



"Mo sheacht gcéad míle fáilte romhat, a ríoghan
óg," ar seisean, "is fada san aireachas mé, ag


L. 47


féachaint an bhfeicfinn uaim thú i n-áit ar bith. Do
réir chosamlachta, níor chuir an t-aisdear tadaí as
duit, mar is deas sgiamhach so-mheanmnach a bhreath-
nuigheas tú; agus is mór an cliú do'n áit seo go
dtáinic tú ann. Ní'l aonduine eile a mb'fhearr liom
fheiceáil annso ná thú, agus b'fhada liom go dtagainn
ar ais go bhfeicinn aríst thú, mar ní'l do shamhail imeasg
ban óg na hÉireann,"



"Is maith a dubhairt tú sin, a Chataigh," arsa Eithne,
"go dearbhtha, tá Éire leathan go maith, acht is leithne
Éire agus Albain; agus ó thárla go bhfuil eolas agad
ar an dá thír, is maith a rinne tú gan labhairt acht ar
Éirinn; agus má b'fhada leat go dteagtá ar t'ais,
b'fhada go dtáinic tú. Ní thóigim sin ort, agus ní
chóir go dtóigfinn, agus is rí-mhaith liom thú fheiceáil ar
ais ó'n gcogadh in do sgéimh agus in do chruth féin
agus feicthear dom nach bhfaca mé ariamh thú chomh
croidheamhail aigeanta agus tá tú."



"Tá mé maith go leór ar an mbealach sin," ar
seisean, "agus níos fearr aríst as ucht thusa a chlois-
teáil dá rádh. Níor mhisde dam go deimhin Éire agus
Albain a chur i gcuideacht agus an chraobh a thabhairt
duit-se; acht ní'l aon cheó ag dul idir mé agus suaimh-
neas na hoidhche acht éan-rud amháin, agus d'innseo-
chainn duit é, dá mbadh áil leat é a chloisteáil."



"Ní'l mórán cosamhlacht díth-suain ná easbaidh
codlata ort go deimhin," arsa Eithne, "níor cheap mé
ariamh gur duine imnidheach a bhí annat; agus ní'l fhios
agam céard a chuirfeadh athrughadh ort, nó a thiubharfadh


L. 48


ádhbhar buadhartha dhuit, murab é go dtáinic
easaontas ar bith idir thú féin agus Maighne na Mín-ghile -
chuala mé go raibh tú go h-an-mhór léithe."



"Cia'n chaoi a bfuair tú tuairisg uirthi, nó cia an
nós ar éirigh leat a chloisteáil go raibh carthannas ar
bith eadrainn?"



"Cia'n chaoi a gcloisfinn é, acht mar chluinim 'ch uile
rud a bhíos ag dul tharm?" ar sise, "ní fhaca mé go
fóill í, acht chuala mé go raibh sí annseo. An fíor go
bhfuil sí chomh maith agus tá a cáil?"



"Dá fheabhas is tá a cliú, ní'l sé blas níos fearr ná
í féin," arsa Catach, "agus dheamhan mórán bean, cé
is muite dhuit féin, dá bhfaca mé go fóill, ab' fhearr
maise agus méin ná í."



"Slán an sgéal!" arsa Eithne, "acht ná tóig orm é,
a Chataigh, má chuirim ceist eile ort. An bhfuil mean-
amain agus inntinn aici do réir a háilleachta? Badh
mhaith liom aithne agus eolas a chur uirthi, agus ó thárla
gur chuala mé an oiread sin dá cáil, badh mhaith liom
fios a tréarthaí a bheith agam freisin."



"Ar casadh dhuit Eochaidh mac Cathaoir Mhóir ó
tháinic sé as Albain? D'fhéadfadh seisean fios a
tréarthaí a thabhairt duit chomh maith liom-sa; mar,
nuair a bhí sé tinn treáinneach de bhárr a ndeacha sé
thríd sa gcogadh, ní raibh liaigh i gcúirt a h-athar ba
dúthrachtaighe ag cur íocshláinte le n-a chneadhachaibh ná
ise."



"Bhí?" arsa Eithne. "Téanam ort go bhfeicea-
muid í."


L. 49


D'imthigheadar anonn annsin go dtí an áit a raibh
mná uaisle Alban; agus is gearr go raibh Eithne
áluinn agus Maighne na Mín-ghile chomh carthannach le
chéile agus dá mbeadh aithne aca ar a chéile ariamh.



Níor bh'fhada dóibh ag cainnt, nuair a tháinic naon-
bhar de óglaighibh an rí amach i lár an aonaigh, agus a
bheann-bhuabhaill ina láimh ag gach duine aca. Shéidea-
dar iad go híseal, agus go hárd i bhfiadhnaise an
chruinnighthe, agus d'fhuagair siad go raibh fleadh agus
féasta ullamh, agus go raibh cuireadh fairsing foir-
leathan ó'n rí a dhul d'á gcaitheamh.



Tháinic 'ch uile dhuine aca annsin, i ndiaidh a chéile, do
láthair Chuinn Chéad-chathaigh, agus chuir seisean céad
míle fáilte rómpa go Teach Meidhreach Míodhchuarta
an Rí; agus bhí annsin rómpa buird agus binnsí
déanta de ghallchnó ó lámhaibh suadh agus saor-cheárda,
agus níor léar do'n tsúil ba géire sgaracha nó siún-
taí an ádhmuid; gur faluigheadh gach bord aca le
sgáraoid de thogha an lín-éadaigh, deágh-mhaisighthe le
druin agus óir-ghréas, do réir na h-aimsire a bhí ann;
gur leagadh anuas chuca annsin.



Nuadh gach bídh agus sean gach óil
Ar mhiasaibh criostail, i gcuachaibh óir,



nó go mba subhach sáthach so-mheanmnach iad.



Bhí an rí ina shuidhe go hárd ar chathaoir
deághmhaisighthe leis an ór fá thrí, agus an bhainríoghan ar
chathaoir eile le n-a thaobh. Tháinic fileadha agus báird
an rí sa láthair annsin - duine agus fiche aca - agus
bí ag gach duine aca cláirseach déanta de'n dair agus


L. 50


de'n tsaileóig dheirg, cóirighthe suas le cnaipíbh de'n
ór ghreanta agus le criostal; gur sheinneadar suas
ceol ba bhinne ná na ceolta sídhe; agus as sin
tosuigheadh siamsa na hoidhche - ag seinnm cheoil, ag
gabháil amhrán, ag aithris duanta, ag imirt fithchille, ag
bronnadh séad, agus ag innseacht sgéalta greannmhar
go raibh sé i bhfad 'san oidhche - nó go ndeachaidh na
mná anonn go ráith na bantrachta chun suain agus
codlata, agus go ndeachaidh na fir anonn ag an bhforrach.



Lá ar n-a mháireach bhí cleasa lútha agus lúth-chleasa
ar siubhal ar fhaithche na Teamhrach. Bhí árdán ag ceann
na faithche le haghaidh an rí, agus cathaoireacha thart timcheall
ar an árdán le haghaidh na n-ollamhan agus na ndraoidhte
agus aos seanmna na Teamhrach. Bhí mór-uaisle na
gcúigí ar ghach aon taobh do'n rí - na fir ar thaobh a
láimhe deise agus na mná ar thaoibh a láimhe clí, do réir
mar bhí orduighthe ó aimsir Thuathail Rí Éireann.



Bhí mar sin ar feadh sheacht lá, agus an t-ochtmhadh lá
bhí an rí le breitheamhnas a thabhairt ar na cleasaibh
lútha. Thárla go raibh Eithne agus Maighne an lá sin i
n-éinfheacht le chéile, mar ba gnáthach ó'n gcéad
lá ar chuireadar aithne ar a chéile - agus bhíodar i n-a
suidhe i n-áit a raibh amharc maith aca ar 'ach uile nídh.



"Is maith liom," arsa Maighne, "go dtáinic mé
annso, mar ní fhaca mé tadaí ariamh in mó thír féin a
bhféadfainn a chur i gcomórtas le Oireachtas na
Teamhrach. Feicthear dhom nach mbeidhinn tuirseach go
deo annso, agus is ag dul i bhfeabhas atá na cleasa
lútha 'ch uile lá."


L. 51


"Is rí-mhaith liom go dtaithnigheann Éire chomh maith
sin leat," arsa Eithne, "agus tá súil agam go
dtaithneocha sí chomh maith leat agus go bhfanfa tú
choidhche innte. B'fhearr liom ná siamsa na féise dá
bhfantá, agus b'fhearr le daoinibh eile freisin é.



"Cia hiad a daoine eile?" arsa Maighne.



"Ó, is cuma cia hiad," arsa Eithne, "acht tá siad
ann; agus sílim go bhfuil baramhail agad féin go
mbeadh Catach Cróganta ar dhuine aca."



"Ó, éist liom," arsa Maighne, "ná labhair liom ar
an gcleasaidhe sin. Tá oiread cluainidheachta ag
Catach agus nach ngéillfeadh duine ar bith dó. Tá sé
chomh milis le mil, agus glórtha aige chomh binn leis an
gcéirsigh, acht tá sé chomh haedhearach leis an gcaislín
cloch, agus ní túisge agad ná uait é. Leag mise súil
sáthach luath air, agus tá mé i n-ann imirt leis agus ní
mór dhom é."



"Dá ríribh?" arsa Eithne, "acht is mór an t-iongnadh
liom - le súgradh nó le greann - go gcuirfeá suim i
nduine ar bith a gceapfá go mbeadh an dá chroidhe
aige. 'Sé an bealach atá liom-sa, ba chuma agam nó
uaim duine de'n tsórt sin."



"Maidir leis sin," arsa Maighne, "dheamhan fhios
cia mhéad croidhe atá ag Catach bocht. An gcuala tú
ariamh "ní lia tír ná gnás?" - ní lia duine ná inntinn -
agus ní'l éin-fhear i nÉirinn a b'fhearr a thaithneóchadh
liom ná é."



"B'fhéidir go bhfuil an ceart agad," arsa Eithne
"acht feicthear dhamh-sa gur fearr an té a sheasfadh go


L. 52


buan ná an té a bhéadh ag athrughadh. Ní'l mórán
neithe sa saoghal a sheasas go buan agus, i ngeall ar a
ngainne, tá fearr is barr urrama ag dul dóibh. Cuir
i gcás an ghrian agus an ghealach - is í an ghrian is
seasta agus is buaine a ghealas ins na spéarthaibh,
agus fóghnann feara fáil di os cionn gach nídh."



"Seadh," arsa Maighne, "agus fóghnann sí dóibh-
san mar an gcéadna - ní do dhuine nó do ríoghacht atá
sí ag deallradh ins na spéarthaibh, acht do'n domhan go
léir - agus má chuireann sí loinnir agus bláth ar
ríoghachtaibh eile chomh maith le Éirinn, ní lughaide is
grian í go ndéanann sí é, agus ní chailleann sí an ur-
raim atá ag muinntir na hÉireann di acht a oiread."



"Tá fhios agam sin," arsa Eithne, "agus go bhfógh-
nann an ghealach do 'ch uile ríoghacht go díreach ar nós na
gréine. Acht ní hionann buanas dóibh. Is é an deall-
radh céadna a thagas i gcomhnaidhe ó'n ngréin, acht tig-
eann dul do'n ghealaigh comh luath agus bhíos sí lán."



"D'oile, a Eithne," arsa Maighne, "is cuma, sa gcás
sin, céard a dhéanfas an ghealach nó an ghrian, acht an
duine a bhfuil an mhaith agus an gheanamhlacht ann is
furasda aithne air é - agus ní fhaca mé samhail Chataigh
imeasg feara fáil acht éin-fhear amháin, agus is mór
an t-iongnadh liom nach bhfuil sé annso. Rinne sé
gníomhartha móra ag cosaint ríoghachta m'athar. Loiteadh
é sa gcath, agus chaith sé tamall thall sa gcúirt
againn, agus a chréachta dá gcneasughadh - fear breág
iomlán déanta, agus ceann-aghaidh gheanamhail theacht-
mhar air, a raibh soineanntacht agus subháilce, cródhacht


L. 53


agus calmacht ann - is é an t-ainm a bhí air Eochaidh,
agus ba mhac do Chathaoir Mhór, Rí na hÉireann, é."



"Creidim nár mhisde dó an méid aire a thug tusa
dó - go méaduighthear an mhaith d'á cionn duit."



"Ní féidir go bhfuil muinntreas agad-sa leis?"
arsa Maighne.



"Tá," arsa Eithne, agus d'aithris sí di iomlán an
sgéil, agus an fáth nach raibh sé ag an Oireachtas.



"'Conách sin oraibh le chéile," arsa Maighne, "is
minic a thug mé faoi deara nach raibh tú ag glacadh
mórán spéise ins na cleasaibh lútha - anois tuigim cia'n
fáth - agus ba mhinic an fiodán ar do shúil, agus tú ag
dearcadh uait faoi rún. An bhfuil aon bharamhail agad
cia'n uair a thiucfas sé?"



"Tá mé i gcomhnaidhe ag súil leis," arsa Eithne.
"Gheall sé go dtiucfadh sé." Chuir sí an fiodán ar
a súil agus d'fhan sí i n-a sost tamall ag breath-
nughadh uaithi. "Seo, a Mhaighne," adeir sí, "féach an
bhfeicfeá tadaí ag bun na spéire."



Chuir Maighne an fiodánar a súil. "Feicthear
dhom," ar sise, "go bhfuil toirt bheag ag bun na
spéire, acht is beag le gur léar dhom í - "Ó, ní'l," ar
sise aríst, "ní'l sí ag corruighe."



"Ní'l annsin," arsa Eithne, "acht tom beag coill-
eadh - is fada é sin dho mo chur-sa amudha."



"Badh mhaith liom dá bhfeicinn annso é," arsa
Maighne, "is iongantach an treasgairt a rinne seisean
ar namhaidibh ar dtíre."



"Truagh sin," arsa Eithne, "mar is obair í sin nachar


L. 54


chóir, dá mbéadh neart air. Bhí Eochaidh ag aithris dom
fá na Romhánaighibh - go mba daoine teachtmara go
maith a bhí annta le dearcadh ortha. Acht, ar ndóigh,
ciar bh'iongnadh go mbeadh fuil dá dortadh imeasg
daoine nachar bh'ionann dóibh cineadh agus teanga
nuair a bhíos oiread imris idir Ghaedhil iad féin."



Ag críochnughadh na cainnte seo thugadar fa deara
go raibh an rí ag brath ar bhreitheamhnas a thabhairt ar
na cleasaibh lútha. D'éirigh sé ina sheasamh i bhfiadhnaise
na ndaoine gach aon taobh de agus labhair sé:



"A ríghte, a mhór-uaisle na gcúige, agus a chomh-
Ghaedheala - gidh gurab 'eo í an chéad bhliadhain agam-
sa i n-árd-riaghaltas na tíre - ní hí an chéad bhliadhain
agam í ag an Árd-fheis seo; agus ní fhaca mé go
fóill aon tasbánadh nídh b'fearr de ghníomhartha gaisge,
de luathad agus spreacadh na nGaedheal ná bhí le feic-
eáil i mbliadhna. Chuir Cúchulainn na cleasa lútha seo
ar bun le go ngabhfaidís chun tairbhe do'n tír, agus go
ngabhfadh Gaedhil ar aghaidh agus chun treise; agus ba
mhaith leis go bhfásfadh fearamhlacht agus meanmain a
n-intinne comhthrom le luathad agus spreacadh a
ngéaga. Is maith liom-sa go ndeachaidh cródhacht agus
calmacht na hÉireann chun tairbhe d'ár gcáirdíbh i
nAlbain. Agus tugaim ordughadh indiu do na hollamh-
naibh agus do na draoidhtibh cunntas cruinn a chur síos i
leabhar meabhránaigh na Teamhrach ar ainmneachaibh na
ngaisgidheach a thóig lámh sa gcogadh sin, agus ar na
gníomharthaibh ba mhó dá ndeárnadh ann. Ó thárla go
bhfuil na gaisgidhigh iad féin annso, badh mhaith liom iad


L. 55


a theacht chun láithreach, agus teasdas agus tuairisg a
thabhairt dúinn os comhair feara Fáil ar gach a ndeárna
siad sa gcogadh."



Tháinic na gaisgidhigh chun láithreach annsin, agus
fuaireadar comhmholadh croidheamhail cáirdeamhail ó'n
gcruinniughadh ar fad ar theacht i láthair dóibh.



"Creidim," arsa Conn, "gurab é Catach Cróganta
as Sliabh Luachra a chuaidh mar thaoiseach ar an laoch-
raidhe, agus, dá bhrígh sin, is dó is cóir cunntas a thabhairt
dúinn ar a ngníomharthaibh."



"Déanfa mé sin duit, a rí," arsa Catach, "acht
badh mhaith liom dá gcuirtheá an teasdas agus tuairisg
seo go h-ath-lá, mar tá beirt de na laochraidhe uireas-
bhach orainn."



"Cia hiad féin?" arsa Conn.



"Tá," arsa Catach, "Eochaidh mac Cathaoir agus Liagán
Láimh-éachtach."



"Tá an lá indiu leagtha amach agam le haghaidh na
ngnótha seo," arsa Conn, "agus ní go maith a fhéadfas mé
an obair a chur go hath-lá."



Is annsin a d'éirigh Catach suas go hárd i measg
na bhfear, agus d'aithris sé iomlán an sgéil ó thús go
deireadh, mar d'éirigh leóbhtha i n-Albain.



Nuair a bhí sé réidh d'éirigh an t-árd-ollamh i n-a
sheasamh, agus an leabhar meabhránaigh i n-a lámhaibh agus léigh
sé amach an cunntas a bhí sgríobhtha síos aige. Annsin
d'éirigh Conn i n-a sheasamh aríst agus labhair sé:



"Ní hé amháin gur cheart dúinn ar fad buidheachas a
ghabhail leis na laochraidhe a thóig lámh ins an gcogadh


L. 56


sin, agus comhmholadh croidheamhail a thabhairt dóbhtha, acht
badh cheart duais áirithe a thabhairt ag an bhféis seo
dho'n muinntir is mó a rinne gníomh ann. Ní chuirfidh
sé tadaí as do'n tír seo go bhfuair na Rómhánaigh an
mhéid sin de thasbánadh ar chródhacht Chlainne Gaedheal;
agus ní córtha do na h-ollamhnaibh cunntas a choinneáil
ar gach teimheal a thigeas ar an ngréin agus ar an
ngealaigh, agus ar na dreigíbh a thuiteas as spéartha
neimhe - ná ar ghníomharthaibh laochradh na tíre seo. Is
do Eochaidh mac Cathaoir atá an choróin ríoghdha ag dul
as ucht go ndeárna sé an gníomh ba mhó. Tiubharfar
claidheamh dorn-chúil óir dho Chatach; agus gath-bolg
dhe shíoda na hEadáinne deágh-mhaisighthe le óir-ghréas
Gaedhealach do Liagán. Acht ó thárla go bhfuil an dís
úd uireasbhach orainn, a Chataigh, is fearr dúinn
bronnadh na nduaiseanna a chur go hath-lá agus do
chlaidheamh a thabhairt duit-se an uair sin."



Go díreach mar bhí Conn ag brath ar suidhe síos,
d'éirigh tormán cainnte i measg na mban mar
siobhrán a dhéanfadh éanlaith ag imtheacht i n-a sgaoith
san aedhear, agus bhí an sgéal le cloisteáil i measg cách
"Tá siad ag teacht!"



D'éirigh gach a raibh sa láthair i n-a seasamh agus
chonnaiceadar chuca thríd an leirg Eochaidh agus Liagán ar
dhá each bhána, agus giollaí i n-a ndiaidh agus eachraidh agus car-
baid leobhtha. Chomh luath agus tháiniceadar chun láithreach,
fearadh fíorchaoin fáilte rómpa; agus chuadar anonn agus
d'umhluigheadar do'n rí. Chraith seisean lámh leóbhtha
go croidheamail suairc agus dubhairt sé:


L. 57


"Is maith an tráth a dtáinic sibh, mar is éard a bhí
ar bun annso ó mhaidin trácht agus tuairisg ar 'ur
ngníomharthaibh, agus tá mé le duaiseannaibh a thabhairt
daoibh ar a son."



"Is mór an gar dhúinn, a Árd-rí," arsa Eochaidh,
"má b'olc maith ar ngníomhartha, nach droch-cháil a
tugadh orainn. Ba chóir dhúinn a bheith annso níos
luaithe, dá mbeadh neart air; acht ní beag linn an
mhoill a chongbhamar ar obair an lae seo, gan a bheith
ag coinneáil tuilleadh moille oraibh ag gabháil ar
leithsgéil, acht amháin a rádh - ó fuaireamar ionbha ar
a theacht, go dtáiniceamar láimh le luaith."



"Is maith ann anois féin sibh," arsa Conn, "tá an
chéad duais ag dul duit-se, a Eochaidh, 'sé sin coróin
ríoghdha, agus cuirfidh mé féin ar do cheann í. Is maith
an lá a tháinic sé sa saoghal go gcuirfinn coróin ort-
sa, thar éis gur mé a bhain an choróin dhe t'athair. Is
truagh liom anois gur thóig mé a leacht, acht is mór an
sásamh go bhfuil a mhac i n-ann a chliú a sheasamh annso
indiu."



Chuir sé coróin óir ar cheann Eochadh annsin, agus thug
sé na duaiseanna eile do Chatach agus do Liagán; agus ba
mhór é an comhmholadh a fuaireadar ó árd-uaislibh na
hÉireann.



Chaitheadar an oidhche sin i dTeamhair shéimh, ag
caitheamh fleidhe agus féasta; agus ba mhór an lúthgháir a bhí
ar Eithne agus ar a hathair nuair a d'aithris Eochaidh dhóibh
gach ar éirigh leis ó d'fhág sé iad, agus nuair a thasbáin sé
gach ar chuir "Éan na gCúig nDath" dhe fhághaltas chuige.


L. 58


Nuair a bhí sé ag tarraingt ar dheireadh an Lughnais
bhí Eithne agus Eochaidh le bheith pósta, agus bhí na h-árd
draoidhte faoi réir leis an gceangal a dhaingniughadh
eatorra, i láthair na féise.



Nuair a chonnaic Catach sin, dubhairt sé leis féin:
"Is olc a dhéanfainn-se mo leas an chraobh a leigean ar
fad le Eochaidh, gan bean a bheith agam féin ag dul
abhaile ó'n Oireachtas chomh maith leis."



D'imthigh sé anonn go dtí an áit a raibh Maighne, agus
dubhairt sé léithe, an rud a bheadh ag duine do
déanamh, go mbadh cheart dó é a dhéanamh agus gan a bheith
ag cainnt air.



Thosuigh sí ag fonóid faoi i dtosach, acht tháinic sí
leis fá dheireadh, gur pósadh an dá lánamhain os comhair
draoidhte agus ollamhna na Teamhrach.



D'imthigheadar thar éis na Féise abhaile chun a
ndúithchí féin; agus ba mhinic 'na dhiaidh sin a théighdís féin
agus Liagán ar cuairt agá n-a chéile agus ag Rí Alban, agus bhí
saoghal breágh aoibhinn aca, gan tadaí ag cur imnidhe
ortha, acht fearr is barr siamsa a bheith aca.



AN CHRÍOCH.


L. 59


FOCLÓIR.



A



aicme, often aicne in spoken 1. = a class, a sect.



áidhbhéil, -e, f., exaggeration, gan easnamh gan áidhbhéil, without
defect without exaggeration.



aigeanta, a., spirited, vigorous.



aigneadh, f., the mind (somet. aigne).



aighneas, -is, m., conversation.



aindeoin = aimhdheoin, in phrase "d'á aindeoin," in spite of him;
"aindeoin go bhfuil an tuairisg agat," even though you
have the tidings.



ainmhidhe, gen. id., -idhthe, m., a wild beast.



ainmnighim, -ighthe, v., I name.



aireachas, -ais, m., watching,'san aireachas, on the watch.



aisdir, gen. id., m., a journey, nom. often written aisdear



aisdreánach, -aigh, a., lonely, unfrequented.



aislinn, -inne, f., a dream, a vision.



aithrisighim,v. tr., to tell, to relate, ag aithris air, imitating him.



áluinn, -inne, a., beautiful; is áilne (áille), most beautiful.



amhlaidh, adv., so, how; rinneadar amhlaidh, they did so; is amhlaidh
a tarluigh, it happened in this way.



annsa, comp. of ionmhuin, dearer, more beloved; is annsa liom,
dearest to me.



anróidhteach, -ighe, a., troublesome.



aoibhinn, -inne, a., delightful, happy.



aoidheacht, -a, f., lodging, hospitality.



aoileann, -inne, f., a handsome girl.



aois-díoghbháil, disorder.



araon, adv., together.



árd-fhlaith, -atha, m. and f., a mighty prince.



áthas, -is, m., great pleasure.



ath-lá, m., another day; cur go hath-lá, to adjourn.



ath-uair, f., a second time.



B



baileach, adv., altogether, fully.



bairín, gen. id., pl. -í, m., a cake.



ban choimhdeachta, gen. pl. of bean choimhdeachta, a lady's maid.



baramhail, -mhla, f., an opinion.



béim, e, f., a cut.



beann-bhuabhaill, f., a trumpet.



beit., -e, gen. pl. -ead., f., a birch tree.



beoir, -órach, f., beer.


L. 60


binnse, gen. id., pl. -sí, m., a bench.



bíodhgaim, v. intr., I start.



bith, -eatha, m., the world; ar bith, in the world, at all; 'sa mbith
bán, anywhere (lit., in the white world).



Bladhma (Sliabh), the Slieve Bloom mountains.



bonn, -uinn, m., the sole, the foundation; áit na mbonn, on the spot.



braighdeanas, -ais, m., imprisonment.



bráighsiléad, m., a bracelet.



bráthach, -aich, m., judgment; go lá luain an bhr., to the very last day.



briathair, dat. of briathar, f., a word.



breith buaidh air, gaining advantage over him.



breitheamhnas, -ais, m., judgment.



bronntanas, -ais, m., a present.



bruigean, -ighne, f., a fairy palace.



buadh, -idh, m., victory (somet. f.).



buaidhreadh, -adhartha, m., trouble.



buanas, -ais, m., permanence.



bunáite, the greater part, nearly all.



buntáisde, gen. id., f., an advantage.



C



cabhlach, -aigh, m., a fleet.



cách, indecl., all (the people), i measg chách, in the presence of all,
các is aspirated in the gen.



caoineas, -is, m., gentleness; caoineas comhráidh, a pleasant chat.



cáirdeamhail, adj., in a friendly manner.



cáirdeas, -is, m., friendship.



caislín cloch, m., a stone-chatterer.



calmacht, -ta, f., bravery, also bragging.



cara, -ad, -aid, f., a friend.



carbad, -aid, m., a carriage.



carr-mhogal, -ail, m., a precious stone.



carthannach, adj …, friendly.



carthannas, -ais, m., friendship.



casaoid, -ide, f., a complaint.



cathbharr, -airr, m., a head-gear.



céachta, gen. id., m., a plough.



ceanamhail, adj., fond, affectionate.



ceann-aghaidh, gen. -aighthe, f., the face.



ceathramha, -an, -ain, f., a quarter, a stanza.



ceileabhar, -air, m., warbling, also conversation.



céile, gen. id., m., a companion, céile comhraic, an antagonist.



céirseac, -ighe, f., a species of thrush.



ceo draoidheachta, m., a cloud of enchantment.



cialluighim, v., tr. and intr., I explain, I mean.



cinnim, v. intr., I fail; cinnfidh sé orm, it will fail me; tá mé
cinnte, I am sure.


L. 61


cion, gen. ceana, m., affection, love.



ciúin-aigneas, -is, m., gentle conversation.



ciumhais, f., a border.



cladhaire,gen. id., m., a coward, pl. = -aidhe.



claidheamh, imh., m., a sword.



cláirseach, -ighe, f., a harp.



clais-leathan, adj., hollow, broad-bladed.



claoidhim, v. tr., I subdue.



cleamhnas, -ais, m., a match.



cleasaidhe, gen. id., pl. -aidhthí, m., a trickster.



cliabh, -éibh, m., the bosom.



cliamhain, m., gen. id., a son-in-law, a connection by marriage.



cluainidheacht, -ta, f., guile.



clúduighim, v. tr., I cover.



cneadh, -a, a wound; pl. cneadhacha.



cneas, gen. cnis, cneasa, m., the skin.



cneasda, adj., honest.



cneasdacht, -ta, f., honesty; géar-chneasdacht, scrupulous honesty.



cneasuighim, v. intr., I heal.



cogarnaighil, -ighle, f., whispering.



coigcrígh,-ighe, f., a remote place.



coigcrígheach, -igh, m., a stranger, a foreigner, pl. coigcrighthe.



coimhdeacht, -ta, f., a verbal noun, the act of waiting on, taking
care of.



coiméad, -ta, m., guarding, protecting.



coiméad beatha, m., a life protector, a defence, hence the right hand.



coimirce, f., protection, quarter.



cóirighim, v., intr., I dress, I adorn.



coisidheacht, -ta, f., walking.



coll, m. indec., hazel.



cómhair, f., presence; os a chómhair, in his presence.



comharaidheacht, -a, f., form, appearance.



comharthaidheacht, -a, f., a token.



comhlainn, gen. of comhlann, m., a match in fighting.



comhlíonaim, v. tr., I fulfil.



comhluadar, -air, m., company, companionship.



comhlucht, -a, m., a party, a household.



comh-mholadh, -lta, m., congratulation.



comhnuighim, v. intr., I dwell, I stay, I rest.



comórtas, -ais, m., competition, comparing.



comhrac, aic, m., a combat.



conách, prosperity; a chonách sin ort, I congratulate you on it.



córach, adj., just, suitable,



corta, part. adj., tired, done.



corn, -uirn, m., a cup a goblet.



cosgartha, part. adj., destroying; aimsir chos. na fola, time of
blood spilling; lá chosgartha an tsneachta, the day the snow is
melting.



cothuighim, v. intr., and tr., I dwell, I inhabit, I support.


L. 62


craoiseach, -ighe, f., a javelin.



créacht, -a, f., a wound.



criostal, -ail, m., crystal.



cródhacht, -ta, f., bravery.



cróganta, adj., valorous.



Croimlinn, a place oftened mentioned in fiannaidheacht, where
Fionn had twelve houses and twelve fires in each house,
round each of which 104 persons could sit. Cr. na séad is
spoken of as the place Oisin was reared.



cromaim, v., I bend, I stoop.



cruadhach, -aigh, m., steel.



cruadhas, -ais, m., hardihood, bravery.



cruadhóg, -óige, f., urgency.



cruth, -otha, m., appearance, form.



cruthuighim, v., I prove.



cuartuighim, v. tr., I search.



cuideacht, company; in phrase i gcuideacht, together.



cuideachtain, dat. of cuideachta, f., company.



culaidh, gen. id. f., suit, attire.



cúlráideach, adj., private.



cumha, also cumhaidh, gen. cumhaidhc, f., grief.



cumhacht -ta, f., power.



cumhartha, adj., fragrant.



cumas, -ais, m., power.



cunús, -úis, m., small pieces, refuse.



D



dáimh, -e, f., relationship, connection.



daingnighim, v., I fasten, I make firm.



dair, gen. darach, f., the oak.



dána, adj., bold.



dháréag, twelve (persons).



deagh, adj. (always prefixed to noun, etc.), good, well.



deagh-maisighim, v., I adorn or beautify.



dealbh agus déanamh, in spoken usage deilbh agus déanamh, figure and
general appearance.



deallruighim, v., I shine.



deallradh, m., radiance.



dealuighim, v., I separate, I distinguish.



dealughadh, -uighthe, m., separation, distinction.



déidheanach, adj., the very last.



deireannach, adj., late, last.



deireannas, -ais, m., lateness, nightfall.



deis, -e, f., an advantage.



deoraidhe, m., a sympathiser, an exile.



diamhair, adj., mysterious.



dian, adj., exact, severe, persevering.


L. 63


dís, -e, f., two persons or things.



díth ceille, m., folly,; díth mór céille, great folly.



dít suain, m., want of sleep.



diúltuighim, v., tr. and intr., I refuse.



dlighe, m., pl. dlighthe, a law.



dóigh, -e, f., a. probability, a certainty; mar dhóigh dhe mar
dh'eadh, as it were.



dólásach, adj., sorrowful.



donas, -is, m., ineffectiveness, misfortune.



dorcadas, -ais, m., darkness.



dorn-chúl, m., the hilt of a sword.



dos,-uis, m., a trumpet.



do-smaointe, adj., inexplicable.



draoidheacht, -ta, f., enchantment, sorcery.



dreige, f., a meteor.



dreóillín, m., a wren.



druidim, v., I close, to move close to.



druin, f., ornamentation, also druine.



dual, -ail, m., a lock of hair.



dualaim, v., I engrave.



dubhachan, -ain, m., a blackening, darkening.



dúiseact, -ta, f., awakening; i n-a dhúiseacht, awake.



dúisigim, v., I awaken.



dúthracht, -ta, f., attention.



E



each, gen. eich, m., a steed, pl. eich, collective pl. eachraidh.



Eadáinn, -nne, f., Italy. (Local form of Eadáil, Iodáil.)



éagcaoinim, v., I lament.



éagsamhail, adj., variegated, wonderful, peculiar.



éalódh, m., eloping, "to steal on," to go away unobserved.



éaluighim, v., I come, or go away unobserved.



earball, -aill, m., a tail.



easaontas, -ais, m., disagreement.



easnadh (or easnamh), m., a want.



éide pláta, m., a coat of mail.



éifeacht, -ta, f., power, effectiveness.



éifeachtach, -aighe, a., powerful; éifeachtach saoghail, remarkably
powerful. This usage, the gen. of saoghal after an adj., is
common.



éigcéill, adj., wild; beithidhigh éigcéill, wild beasts.



éilighim, v., I ask, I demand.



éin-fhir, gen. of éin-fhear, one man; comhrac éin-fhir, single combat.



éiric, -e, f., recompense, old gen. éarca.



éirighim, v. intr., I rise; go n-éirighidh do bheannacht leis, may your
blessing "thrive with him."


L. 64


F



fághaltas, -is, m., a possession.



fáil, f. = fáinne, a ring.



Fáil, Críoch Fáil, Ireland; feara Fáil, the people of Ireland, the
public. (The latter is frequent in Don. also.)



faillighe, f., neglect.



fáirnéis, gen. id., tidings, account, history.



fáirnéis, -e, f., a history.



faithche, f., a plain.



fáiteall, -ill, m., providing, pursuing game.



falsacht, -ta, f., treachery.



faluighim, v., I cover.



fasduighim, v., I seize.



fá thrí, adv., thrice; de'n ór fá thrí, of the purest gold, i.e., gold
which has been thrice smelted.



féachaint, f., a look, looking.



feall, gen. feille,m. in nom., f., in gen., deceit, treachery; cf.
talamh which is m. in nom., f. and m. in gen.



fealltach, adj., treacherous.



fearadh, showering; fearadh na fíor-fháilte, a hearty welcome.



feasach, a., aware of; ní feasach dom, I do not know; ní feasach
mé air, I am not aware of it.



feilim, v. intr., I suit, I fit.



feillbheart, -eirt, m., treachery.



feithim, v. intr., I wait (used with le and ar).



féitheamh, m., waiting.



fiadhnais, -se, f. in phrase; i bhfiadhnais, in the presence of.



fiafruighim, v. intr., I ask, I inquire.



fillim, v., I return; filleadh abhaile dóibh, on their return home.



fíochmhar, adj., fierce.



fiodán, -áin, m., a telescope.



fíor-laochra, m., warriors.



flaith, -atha, m., and f., a prince, dominion, see foirleathanas.



fleadh, -idhe, f., a feast.



fóirighim, v., I give relief to.



fóirighin, -ghne, f., relief.



foirleathan, adj., general; cuireadh foirleathan, a general invitation.



foirleathanas, -ais, m., general dominion.



fóirneart, -irt, m., oppression.



fóghnaim, v. intr., I give service to, I render homage to, I prove
serviceable to.



fóghnamh, in the phrase, ar fóghnamh, worthy.



fonn, -uinn, m., inclination, willingness.



fonóid, -óide, f., jesting, quizzing.



forránach, -aig., m., a young strong man; sidhe forránach sanntach,
a headlong dash.



fó thrí, vid. fá thrí.



fuagruighim, v. tr., I notify.


L. 65


fuaruighim, v. intr., I cool.



fuasgluighim, v., tr., I redeem.



fuasgailt, part. n., release.



fras, -sa, m., a shower.



fréamh, -éimhe, f., a root.



frítheadh, past auton. (pass.) form of fáighim, I get.



fuigheall, -ill, m., a remnant.



fuireasbuidh, in phrase dá fhuireasbuidh, without him; dá fuireas-
buidh, without her.



fuirigh, wait; fuirigh ort, wait a while.



G



gabhaim, v. intr., I go; v. tr., I seize.



gábhadh (gábh), m., danger.



gaimhtheach, adj., biting, venomous.



gainne, f., scarcity.



gáir, -e, f., a shout, pl. gárta; gáir mhaoidhte, a shout of victory.



gall-chnó, m., walnut.



gaol, -il, m., relationship.



gárda, f., a guard, also m.



gath, m., a lance, sting; pl. gaethe, gathanna.



gealaim, v. intr., I shine.



geallaim, v. tr., I promise.



gealltuigheacht, -ta, f., infatuation.



geanamhlacht, -ta, f., amiability, integrity.



géar-chneasdacht, -ta, f., scrupulous honesty.



geasa, pl. of geis, f., an obligation, principles.



geibeann, -inn, m., prison; i ngéibheann, in captivity.



géillim, v. intr., I submit, I give in.



géilleadh, part n., m., submission.



glaoidh, -e, f., a shout, a call.



glas-mhuir, -ara, f., the sea.



gluaisim, v. intr., I go, I march.



gnaoi, m., countenance, affection.



gnáthach, adj., customary.



goillim, v. intr., I "prey" on, I affect.



greamuighim, v. tr. and intr., I join on to, I stick.



greamuighthe, p., stuck.



greanaim, v. tr., I carve.



greanta, p. part., carved.



guais, -e, f,. danger; i nguais, in danger; as guais, out of danger.



gusmhar, adj., clever, smart.



I



iallach a chur air, to compel.



iargcúl, adj., retired, desert.



imioll, -ill, m., the border.


L. 66


imnidhe, f., trouble of mind, uneasiness.



imtheacht, -ta, m., going, departure.



íocsláinte, f., a balsam, a panacea.



íodhlacaim, v. tr., I escort, I accompany.



iolbhuadhach, adj., having many powers.



ionbha,m., time, leisure, pron. onamh.



ionnsuighim, v. tr. I face, I attack, I turn towards.



L



laghduighim, v. tr., I lessen.



lámh, -imhe, f., a hand; i láimh, captured; dhe láimh, with (their)
hands; i láimh le luaith, as quick as possible (lit., hand in
hand, with quickness.)



láimh-éachtach, adj., mighty-handed.



lánamhain, -mhna, f., a married couple.



lán-shoillseach, adj., shining brightly; also lán-tsoillseach.



laoi or laoidh, -idhe, f., a lay.



láthair, -threach; f., place, presence; nílmuid i bhfad as láthair, we
are not far off.



leabar meabhránaigh, a register.



leaca, gen. id., pl., -idhe, f., the lower part of the cheek.



leacht, -a, f., a tomb, a monument, a pile of stones; is truagh
liom gur thóig mé a leacht, an euphemistic way of saying
"I am sorry to have killed him."



leanamhaint, -amhna, f., following.



léargus, -is, m., view, sight.



leath-suim, I heed, half-heed.



leigim, I give forth, leigeadar naoi ngártha cumha, they uttered
nine shouts of sorrow; leig do, desist from it.



leirg, -e, pl. learga, gen. also leargan, a slope, a mountain, side.



leithridh, dho leithridh, aside.



leith-sgéal, -éil, m., an excuse.



liaigh, m., a physician.



líomhtha, adj., polished.



Loch gCarmain, Wexford.



Loch 'c Oirb, Lake of the son of Orb (Orbsen), L. Corrib.



loinnir, -e, f., radiance, brightness.



lonnrach, adj., shining.



luach saothair, m., a reward.



luan, -in., m, the end, the day of judgment; lá an luain, the last
day.



luathad, -id, m., vigour, strength.



Lughnas, -ais, m., August, Lammas



luingis, a coll. n., ships, pl. luingseacha,



lúireach, -ighe, f., armour.



lúth, a., strong, vigorous.



luthgháir, -e, f., gladness, rejoicing.



lúthmhar, a., strong, powerful.


L. 67


macánta, a., mild, meek.



maidir le, prep., as regards, as to.



maighdean, -ine, f., a maiden.



maise, f., beauty.



maiseach, adj., beautiful.



maithe, coll. n., chieftains.



malraid, f., an exchange, another (when preceded by poss. pron.)
= malairt.



Maol, -e, Sruth na Maoile Mairbe, the sea between Ireland and
Scotland.



maoth-shról, -óil, m., soft satin.



mar dhóigh dhe, adv., as it were, forsooth.



meabhair, -bhrach, f., perception, intelligence.



meabhránach, -aigh, m., a memorandum.



meadhachan, -ain, m., a weight.



meallaim, v. tr., I deceive.



mealltach, adj., deceptive, deceitful.



meanmain, -mna, f., the mind.



meanmnach, adj., spirited.



mearganta, adj., fierce, angry, cross.



mear-lúthmhar, adj., quick and sprightly.



meath, f., -a, decay.



meathtacht, -a, f., cowardice, weakness.



meidhreach, adj., merry.



méin, -e., f., mien, deportment.



meireach = muna mbeadh, adv., but for, were it not for.



milleán, -áin, m., blame.



millteach, adj., destructive, terrible.



mithid, indec., time, high time, late enough.



móide, f., a vow.



mór-mhuinighneach, adj., having high hopes.



mór-uaisle, pl., the nobility.



mór-uaisleacht, f., nobility.



múchaim, v. tr., I quench.



músglaighim, v. intr., I awaken.



N



námhaid, -ad, m. and f., an enemy.



néamhainn, -nach, f., a pearl. (Also néamhann, m., gen. -ainn.)



neartuighim, v. tr. and intr., I strengthen.



neartughadh, -uighthe, m. par t., accompanying.



neóin, -óna, f., evening, a late hour.



O



obadh, m., a refusal; also verb obaim, I refuse.



ócáid, -de, f., an occasion.


L. 68


ogham-chraobh, a kind of cryptic writing used by the ancient Irish,
Ogham.



óglách, -aigh, m., a young man, a hero.



oileamhain,-na, f., nurture, bringing up.



oilim, v. tr., I nourish, I rear.



óirghréas, -éis, m., gold embroidery.



ollmhaoin, -e, also -each, great riches.



ómbra, m., amber; also eombra.



orduighim, v. tr., I order.



ordughadh, -uighthe, m., an order.



P



preab, -eibe, f., a start, a throb.



príomh-chathair, -athrach, f., a chief city.



pósadh, -sta, m., act of marrying.



R



radharc, -airc, m., sight of the eyes.



ráidhte, the phrase "i ráidhte is" is another way of saying
"faoi rádh is" = since, because.



réabaim, v. tr., I rend, I tear.



réim, -e, f., progress.



riaghaltas, -ais, m., government.



ríoghacht, -ta, f., a kingdom.



ríoghan, -aine, -ghna, f., a queen, a princess.



ríoghdha, adj., kingly.



ríogh-ghaisgidheach, -igh, m., a princely hero,



rosg, -uisg, m., sight.



ruathar, -air, m., a rush, a dash.



S



saighead, -id, m., an arrow, also an arrow-head.



saighneas, -is, m., discourse.



saileog, -óige, f., a willow.



sáimh, adj., calm, mild.



sáinn, -e, f., a corner, a fix.



samhail, -mhla, f., a match for, a parallel.



samhaltán, -áin, m., an emblem.



sanntach, adj., eager, covetous.



sanntuighim, v. tr., I desire, I covet.



saoghalta, adj., earthly.



saor-chearda, m., a craftsman.



sáruighim, v. tr., I outdo, I weary.



sáruighthe, adj., exhausted, done up.



sáthadh, -áidhte, m., a thrust.


L. 69


seafóid, -óide, f., nonsense.



seanchaidhe, m., a story-teller, a genealogist.



sean-nósa, pl., antiquated customs, ancient customs.



seilg, -e, f., a chase, an excursion.



séimh, adj., mild.



seinnim, v. tr., I play (a musical instrument); ag seinm cheóil,
playing music.



siamsamhail, -mhla, adj., mirthful.



sídhe-bhean, -mhna, f., a fairy woman.



siobhrán, -áin, m., a rushing noise.



siúnta, m., a split, a joint; pl. -taí.



sgafánta, a., active, quick.



sgannruighim, v. tr., I frighten, v. noun sgannradh. gen. sgan-
nartha, fright.



sgaracha, pl., joints.



sgáraoid, -e, f., a table-cloth.



sgaoith, -e, f., a swarm.



sgáth, -tha, m., a shadow; ar sgáth, for the sake of.



sgéala, pl., tidings, greetings.



sgéalaidhe, m., a story-teller.



sgéalaidheacht, -ta, f., story-telling.



sgiath, -eithe, f., a shield.



sgíth, -e, f., rest.



sgoiltim, v. tr., I split.



sguan, m., a tale; sgéal nó sguan, "tale or tidings."



sléacht, -ta, m. and f., destruction, slaughter.



sleamhain, adj., slippery, "slim."



soillse, f., brightness.



soillsiughadh, -igthe, m., shining.



soineanntacht, -ta, f., good-heartedness, cheerfulness.



so-mheanmnach, adj., cheerful, good-humoured.



spéartha, the heavens; pl. of spéir.



spéir-bhean, -mhna, f., a beautiful woman.



sriachan, "cur s. ar an saoghal" (recte suidheachan), discussing
current topics.



srian, -ain, m., a bridle,; also fem.



staidéar, -éir, m., steadiness.



steallaim, v. tr., I dash.



stiallaim, v. tr., I tear into strips.



suadh, -aidh, m., a learned man. (Properly gen. pl.of saoi.)



suaimhneas, -is, m., quietness, tranquillity.



suaimhnighim, v. intr., I become quiet.



subhach, adj., cheerful.



subháilce, f., virtue, comfort, cheeriness.



súgradh, -úgartha, m., fun.



suidheachan, -ain, m., sitting; i suidheachan, in ambush. (It occurs
also in the form sriachan, i.e., sruidheachan, with adventitious
r, as is frequent in the spoken tongue in many words; see
sriachan.)


L. 70


tagraim, v. tr., I draw down, I dispute.



tagartha, part., disputing, initiating.



taithnighim, v. intr., I please, I am agreeable to.



taoiseach, -igh, m., a leader.



tasbánadh, -ainte, m., an exhibition.



teachtaire, m., a messenger.



teachtaireacht, -ta, f., a message.



teaghlach, -aigh, m., a hearth, a household.



teangmháil, -ála, f., an encounter.



teasdas, -is, m., character.



teimheal, m., a darkening, an eclipse.



tláith, adj., weak, pliant, smooth.



togruighim, v. intr., I like, I wish.



toileamhail, -mhla, adj. willing.



toirchim suain, a deep sleep; toirchim pron. toirthim,



toirt, -e, f., a bulk.



tormán, -áin, m., noise, murmur.



traochaim, v. tr., I exhaust, I dry up.



traochta, exhausted, shrunken.



treáinneach, adj., feeble, delicate.



treasgairt, -artha, f., part., overthrowing.



tréartha, m., qualifications, accomplishments.



treise, f., victory, success, power.



treorughadh, -uighthe, m., direction, guidance.



tuairisg, m. and f., tidings, account.



U



uathbhásach, adj., terrible.



ughachta, gen. of ughacht, f., a will; also ughachta in nom.



ughdar, -air, m., an author.



uaimh, -e, f., a cave, often pron uainn.



uireasbhach, adj., wanting, short.



ullghárdas, -ais, m., great joy.



umha, m., copper, also umhaidhe.



umhluighim, v. intr., I make obeisance to.



urraim, -an a, f., homage, respect.