STAIR-CHEACHTA 1.

Connradh na Gaedhilge (1925)

Eoghan Ó Neachtain



An Brollach.



Is do'n aos óg a ceapadh na sgéalta beaga stardha
so, &, ionnus go mbeidís simplidhe so-thuigthe so-léighte,
b'éigean sgéal a chumadh le cur i n-áit nach raibh acht
an stair lom. Níl isna hannálaibh acht cnámha an
sgéil & níor bh'fhuláir croidhe & anam a chur ionnta nó
ní bheadh aon tolughadh ag daoinibh críonna ionnta ní
hé amháin ag daoinibh óga. Dá bhíthin sin b'éigean
cumadóireacht a dhéanamh a bheadh do réir fírinne
na staire.



Rud eile, chaithfeadh an chaint & an sgéal a bheith
simplidhe, agus ceapaim féin gur beag pataire
Gaedhilgeora 'sa tír nach dtuigfidh an chaint & innsint
an sgéil & go mór-mhór an té a mbeidh maighistir i
dteannta gluaise do chongnamh aige. Agus cuir
i gcás go mbeadh na sgéalta buille deacair, is ag
éirghe suas & ag dul chun tosaigh a chaithfeas daltaí a
bheith — ní bheidh siad i gcomhnaidhe ina bpáisdíbh — & má
fhaghann siad congnamh annso, is maith an rud é.



Ta mé buidheach do mo charaid & do shean-charaid na
Gaedhilge, Domhnall Ó Liatháin, B. A., an sgrúduightheóir
sgol, a thug a lán conganta dham leis an gcaint a
mhíniughadh & a dheanamh simplidhe, &, freisin, do mo
charaid an Laoideach, a chuir go mion is go minic ar an
eolas mé.



E. Ó N.


L. 1


STAIR-CHEACHTA



I. — TIGHEARNMHAS.



TAMALL fada tar éis bháis
Éireamhóin bhí rí i nÉirinn
d'ar bh'ainm Tighearnmhas.
Fear uaibhreach a bhí ann, agus
badh mhaith leis na daoine a
bheith deas glan galánta. Is le n-a linn do rinneadh
cuacha óir ar dtús, agus bioráin brollaigh óir. Bhíodh
rásaí ag na daoinibh an t-am soin, agus cleis eile,
agus bhronnadh Tighearnmhas cuach óir nó biorán óir
ar an té b'fhearr. Bhí na daoine láidir folláin aige,
acht ní raibh a fhios aca go raibh aon Dia ann.



'Sé an cineál céadna éadaigh a bhíodh ar gach uile
dhuine agus ní raibh aon ghléas ag an rígh níos fearr ná
mar bhí ag an bhfear ba bhoichte sa tír. Níor thaithnigh
sin le Tighearnmhas, mar bhí sé uaibhreach, agus cheap sé
cleas a dhéanamh le taisbeáint nach raibh na daoine
móra agus na daoine bochta mar a chéile.


L. 2


Bhí sé amuigh maidin, fá Bhéaltaine, tar éis éirghe
gréine. Bhí an mhaidin roinnt garbh agus ba ghearr
go bhfaca sé tuar
ceatha. Chonnaic sé
ceann cheana roimhe
sin go minic, acht
bhí sé ag cuimhniugh-
adh ar na daoinibh
anois agus tháinig
smaoineadh ina
cheann. Ní fhaca sé
an tuar ceatha ar
fad, mar bhí cuid
de'n choill idir é
féin agus a íochtar.
Chuaidh sé suas ar
chnocán a bhí i ngar
dhó & siúd suas na
fir 'na dhiaidh.
Chonnaic sé annsin
an tuar ceatha go breagh glan iomlán, agus dubhairt sé
le mac ollamhan a bhí i n-éinfheacht leis:



“Caithfidh mé na daoine a roinnt do réir na ndath-
anna soin, & na dathanna go léir a bheith agam féin.”



Nuair a chuaidh an rí a-bhaile chuir sé fios ar an Árd-
ollamh, & d'innis sé an sgéal dó, ag rádh leis na daoine
a roinnt, aon dath amháin a thabhairt do'n dream ba
bhoichte bhí 'san tír, & seacht ndath a thabhairt do'n rígh.


L. 3


Bhí an t-Ollamh sásta leis sin. Chuaidh sé amach agus
roinn sé na daoine mar seo:



I. An Sglábhaidhe, sé sin an fear do b'ísle & ba
bhoichte san tír.
II. An tAitheach — bhí beagán talmhan aige-sean.
III. An Saighdiúr.
IV. An Feilméar a raibh cuid mhaith thalmhan aige.
V. An Duine Uasal.
VI. An t-Ollamh, an fear ba críonna ag an rígh ;
agus,
VII. An Rí agus an Bhainríoghan.



Roinneadh na dathanna orra soin; fuair an chéad
dream dath, an dara dream dhá dhath, an treas dream
trí dhath, an ceathramhadh dream cheithre dhath, an cúig-
eadh dream chúig dhath, an séamhadh dream sé dhath, agus
tugadh seacht ndath do rígh agus do bhainríoghain.



Bhí na daoine ar fad sásta leis an rígh sin, acht ba
phágánaigh iad go léir, & rinneadar déithe bréige dhóibh
féin. Bhí aon dia mór amháin aca i Magh Sléacht.
Thugadar “Crom Cruach” mar ainm air. Chuaidh an Rí
agus an chuid is mó d'á dhaoinibh le moladh & adhradh a
thabhairt do “Crom Cruach” lá, agus fuair gach uile dhuine
aca bás an lá soin i n-éingeacht ag Magh Sléacht. Bhí
Tighearnmhas tar éis a bheith ina rígh sé bliadhna déag &
trí fichid an t-am soin.



A bhí ann = do b'eadh é.
Badh = budh.
Cleis = clis, cleasa.
Ar an té b'fhearr = ar an té do b'fhearr.
Láidir folláin = go láidir agus go folláin.


L. 4


An tuar ceatha ar fad = acht cuid de'n tuar ceatha; an tuar
ceatha go leir; tuar ceatha = boga ceatha, tuagh cheatha, bogha
báistige.



Saighiúr = saighdiúir.
Feilméar = feilméara, feirmeóir.
A raibh cuid mhaith thalman aige = ag a raibh cuid mhaith talaimh.
Críonna = inntlechthtamhla, géar-chúisighe.
Trí dhath, cheithre dhath = trí datha, dathanna, cheithre datha,
dathanna.
Magh Sléacht: an tír ag bun Sléibhe an Iarainn, i gConndae
Liathdruim, agus ag síneadh soir & soir ndeas ó'n sliabh sin.



II. — MEADHBH.



Os cionn céad bliadhain roimh aimsir Chríost 'seadh bhí
Eochaidh ina rígh ar Éirinn. B'inghean dó Meadhbh,
agus, taréis an tír roinnt dó, thug sé Meadhbh le
pósadh do Thinne, an rí bhí ar Chonnachtaibh. Cailleadh
Tinne tamall 'na dhiaidh sin, agus annsin d'fhan Meadhbh
deich mbliadhna eile ina bainríoghain ar Chúige Chonnacht,
agus í ina baintreabhaigh. Phós sí arís flaith Laighneach,
fear dár bh'ainm Oilioll Mór, & bhí móir-sheisear mac
aici leis-sean. Bean phostamhail léitheadach uaibhreach
a bhí innti, & rud ar bith a chuirfeadh sí ina ceann a
dhéanamh, dhéanfadh sí é, ba cuma léithe cé bheadh ag
bagairt uirri.



Rinne a hathair árus breagh dhi ag Ráith Chruachan 'sa
gconndae ar a dtugtar Ros Comáin anois, & is annso
bhí sí ina comhnuidhe ó phós sí Tinne.



Thosuigh Oilioll & í féin ag caint, lá, ar a raibh de
mh aoin ag gach aon duine aca, Meadhbh ag rádh gur mó


L. 5


bhí aici-se, agus Oilioll ag rádh gur mó bhí aige-sean.
D'éirigh an chaint chomh dána soin eatorra fá dheireadh,
nár bh'fhéidir an sgéal a réidhteach gan cuid gach éinneach
a chur i gcomórtas le cuid an duine eile. Tugadh amach
annsin gach a raibh ag Meidhbh, idir ór & airgead, seóid
agus péarlaí, síodaí & sróll, beathadhach ceithre gcos &
gach éinnídh eile d'á raibh aici, & cuireadh fré chéile iad.
Rinneadh an cleas céadna le maoin Oiliolla, & 'sé an
oiread céadna bhí ag duine & bhí ag an duine eile, cé
is moite do tharbh breagh bhí ag Oilioll thar mar bhí ag
Meidhbh. Chuir sin fearg uirri & chuir sí teachtaire
amach ag cuartughadh tairbh a bheadh chomh breagh le ceann
a fir. Bhí an teachtaire ag imtheacht nó go bhfuair sé
sgéala go raibh tarbh ag Dáire, taoiseach a bhí 'na chomh-
uidhe i gCuailnge, níos breaghtha 'ná tarbh Oiliolla. Ar
an bpointe boise, chuir sí an teachtaire ar siubhal go
dtí Dáire ag iarraidh iasachta an tairbh air go ceann
bliadhna, agus ag gealladh go dtiubhradh sí leith-chéad
budóg dhó i gceann na bliadhna mar chúitiughadh. Bhí
naonbhar eile fear i n-éinfheacht leis an teachtaire &
d'iarradar iasacht an tairbh ar Dáire. Dubhairt Dáire
go dtiubhradh sé sin dóibh agus fáilte, agus fuaradar
a ndóthain le n-ithe & le n-ól an oidhche sin ag teach
Dháire. D'ól fear aca an iomarca, &, nuair a bhí sé
leath-shúgach thosuigh sé ag déanamh gaisge, & dubhairt
sé, muna bhfuighidís an tarbh go réidh, go mbainfidís
amach gan bhuidheachas é. Nuair a chuala Dáire sin
bhuail fearg mhór é, & dhíbir sé na teachtairí gan an
tarbh a thabhairt dóibh.



Tháinig siad ar ais go Cruachain agus d'innsigheadar an


L. 6


sgéal do Mheidhbh. I n-áit an teachtaire bhí ar meisge
a chur fá ghlas agus leithsgéal a ghabháil le Dáire, 'sé rud a
rinne an bhainríoghan dhána so teachtairí eile chur amach
ag iarraidh conganta ó rígh na Mumhan & ó rígh Laighean
agus í féin do réidhteach amach le dhul chun troda le
Dáire, le go mbainfeadh sí an tarbh dhe dh'á aindeóin.
Tháinig sin chuici congnamh ó'n dá chúigeadh, & míle go
leith d'fhearaibh Uladh freó. Bhuaileadar soir treasna
na Sionainne agus chuireadar fútha in-aice Cheanannais.



Ní raibh aon arm le feicsint ag teacht ina n-aghaidh,
acht an chéad oidhche chaitheadar ann mharbh Cúchulainn
triúr aca, chuir sé a gcloigne ar bhior, agus sháith sé an
bior ar bhruach átha. Ní raibh laoch beó chomh tréan le


L. 7


Cúchulainn an uair sin. An oidhche dh'ár gcionn sin
mharbh sé chéad fear d'arm Mheidhbhe agus ar feadh i bhfad
'na dhiaidh sin níor leig sé oidhche thairis gan céad laoch
a mharbhughadh uirri. Ní raibh amharc le fagháil air féin
de shiubhal lae. Chuir Meadhbh fios air fá dheireadh, &
nuair a tháinig sé chuici, chonnaic sí nach raibh ann acht
buachaill óg. Thairg sí saidhbhreas dhó, acht a theacht do
chungnamh dhi féin. Ní ghlacfadh sé ór ná airgead uaithi,
ná ní thiocfadh sé chuici, acht rinne sé margadh léithe, .i.
aon laoch amháin a throid gach aon lá agus go leigfeadh sé
dhóibh 'san oidhche. D'fhan sin mar sin, Cúchulainn ag
marbhughadh fir gach lá, go dtí gur chuir Meadhbh seisear
amach n'aghaidh. Nuair a d'imir sí an cleas soin air,
thosuigh sé ag marbhughadh 'san oidhche arís. Bhí sé
sáruighthe siuncaighthe fá dheireadh gan codladh gan
suaimhneas aige, acht tháinig an t-athair a bhí 'sa sluagh
sídhe aige chuige & mhol sé dhó dul a chodladh ar feadh
trí oidhche & trí lá. Chuaidh. An ceathramhadh lá d'éirigh
Cúchulainn agus d'ionnsuigh sé an t-arm ar fad, & ar feadh
an lae sin rinne sé an-ár, ag dul timcheall an airm ina
charbad & agá leagan. Nuair a bhí an lá soin istigh
aige throid sé 'na nduine is 'na nduine arís iad, go
dtí gur chuir Meadhbh Feardiadh, cara do Cúchulainn
féin, ina choinne.



Níor bh'í sin an troid réidh ná an troid ghnáthach; níor
bh'í sin troid na mbó maol. Ba i n-aghaidh a chos a
chuaidh Feardiadh le Cúchulainn ó thús. Chuir Meadhbh na
draoithe chuige & bhagair sí go gcuirfidís chun báis é le
draoidheacht & le beartaidheacht, dá mbeadh i ndán &
nach dtiocfadh sé ag troid. Annsin dubhairt Fear-


L. 8


diadh leis féin go mb'fhearr dhó bás fhagháil ag troid
go fearamhail ná é marbhughadh le gliocas draoithe.
Chaith an bheirt trí lá ag troid. Throid siad ar an
talamh, & ina gcarbaid, rinneadar ciseach de'n talamh,
agus loiteadar a chéile, ionnus go raibh gach aon fhear
aca loitthe gonta, ó mhullach a chinn go trácht a choise.
An ceathramhadh lá ghabh Cúchulainn an Gath Builg chuige,
agus is leis-sean a mharbh sé Feardiadh i ndeireadh
na dála.



Taréis an chatha so thosuigh na hUltaigh ag cruinniughadh
isteach. Bhí aon fhear amháin orra, & bhí Fionnabhair,
inghean Mheidhbhe, an bhean a b'áille bhí le fagháil, i
ngrádh leis. Thairg Meadhbh roimhe sin do gach aon
fhear de dhá fhear dhéag eile í & gheall sí do gach fear,
i ngan-fhios do'n chuid eile, go dtiubhradh sí Fionnabhair
se pósadh dhó féin, mar gheall ar a theacht a chongnamh
dhi. D'innis Fionnabhair d'á máthair, an lá so, go raibh
lí i ngrádh leis an Ultach, & d'iarr an mháthair uirri a
dhul & cur fá ndeara dhó a chuid fear a thabhairt ó'n
gcath — mar ba taoiseach catha é. Chuala an dá fhear
dhéag eile an sgéal sin, & bhuail cuthach iad. Thosuigh-
eadar ag bualadh & ag troid nó go raibh seacht gcéad
fear leagtha ar lár. Nuair a chonnaic Fionnabhair sin
thuit an t-anam aisti le cás & le náire.



Bhí na hUltaigh baileach fá dheireadh agus sin é an
t-am ar thosuigh an cogadh dá ríribh. Bhí Conchubhar,
fear millte clainne Uisnigh, ann, Cathbhadh a árd-dhraoi,
Feirceirtne a árd-ollamh, Finghin a árd-liaigh, Conall
Cearnach, agus na mílte eile de laochraibh láidre.
Throideadar tamall, agus chomh fada is bhíodar ar


L. 9


siubhal bhí tarbh Dháire agus leith-chéad budóg le n-a chois
tugtha chun siubhal ag ochtar de mhuinntir Mheidhbhe.
Bhí Cúchulainn ina luighe ó mharbh sé Feardiadh go dtí
anois; acht anois, nuair a chuala sé an ghárthaighil & an
sgreadach, bhíodhg sé agus siúd amach arís é ag troid.
Tharraing arm Meidhbhe ar ais anois, & chuir sí féin
impidhe ar Chúchulainn éirghe as an ár. D'éirigh, & thar-
raing sise a cuid fear léithe nó go dtángadar ar ais
go Cruachain.



Ba hé deireadh an sgéil gur thosuigh tarbh Dháire
ag troid le Finnbheannach chomh luath & chonnaic
sé é, agus gur chaitheadar an oidhche ag troid. Bhí
mór-chuid na hÉireann siubhalta an oidhche sin aca, &
ar maidin bhí Finnbheannach ina phíosaíbh ag an tarbh
donn & eisean ag imtheacht le buile ar ais go
Cuailnge. Ní raibh duine dh'ár chas leis ar an
mbealach nár mharbh sé, agus nuair a tháinig sé go
Cuailnge chuir sé a chúl le cnoc & thosuigh sé ag
búrthaighil & ag gáir ghéimneach nó gur bhris sé a chroidhe
& gur thuit sé marbh i mbun a chos.



Tar éis a tír a roinnt dó = nuair a bhí an tír roinnte aige.
Cailleadh Tinne = fuair Tinne bás.
Flaith Laighneach = mac do'n rígh bhí ar Chúigeadh Laighean.
a bhí innti = do b'eadh í.
Rud ar bith = aon rud.
Ag bagairt uirri = threatening her,
Chomh dana soin = chom teann soin, so unyielding.
Gach éinneach = gach aon duine.
Seóid, péarlaí, síodaí, sróll = jewels, pearls, silks, satin
Fré chéile = i gceann a chéile, i n-éinfheacht.
An cleas céadna = the same thing, lit. the same trick.
Cé is moite do = i dtaobh amuigh de, except.
Thar mar bhí ag Meidhbh = more than Maedhbh had.


L. 10


Cuailnge, i gConndae Lughbhaidh.
Ar an bpointe boise, ar an nóiméad, immediately
Leath-shúgach = ar leath-mheisge.
Ag déanamh gaisge = ag maoidheadh as, boasting.
Gan buidheachas = d'aindeóin, in spite of.
A chur fá ghlas = a cur i bpríosún.
Le dhul = chun dul.
An tSionainn = the Shannon.
Chuireadar fútha = chuireadar campa suas, bhaineadar fútha
Ceanannas = Kells, baile mór i n-íochtar na Midhe.
An oidche dh'ár gcionn, an oidhche 'na dhiaidh sin, an oidhche
bhí chugainn.
Ní raibh amharc le feicsint air, níor bh'fhéidir é fheicsint.
De shiubhal lae = ins an ló.
Sáruighthe, siuncaighthe, tired, exhausted.
Mol sé dhó = thug sé do chomhairle dhó, mhol sé leis.
Rinne sé an-ár = dhein sé an iomad de mharbhughadh.
Troid na mbó maol = troid na mbó gan adharca, .i. troid
gan dochar.
I n-aghaidh a chos, .i. i n-aghaidh (nó i gcoinne) a tholach (a thoile
a tola).
Le Cúculainn, .i. ag troid le C.
Ó thús = ó thúis.
Draoithe = fir a bhí ábalta ar cheó & bháisdeach & shneachta a
thabairt anuas, & rudaí mar sin a dhéanamh.
Beartaidheacht = bearta glice na ndraoithe, trickery.
Gliocas = cunning.
Ciseach = áit bhog.
Loitthe, gonta, cut and wounded.
Tracht a choise, the instep (of his foot).
I ngan fhios = i gan fhios.
A dhul & cur fa ndeara dhó = dul & a chur d'fhiachaibh air.
Taoiseach catha = ceannphoirt, a leader of a battalion.
Bhuail cúthach iad = tháinic an-fhearg orra.
Le cás & le náire = through confusion and shame.
Baileach = cruinn, cruinnighthe le chéile.


L. 11


Dá ríribh = dá ríre.
Árd-liaigh = árd-dhochtúir.
Laochraibh = heroes.
Gárthaighil & sgreadach = shouting and roaring.
Finnbheannach, .i. tarbh Oiliolla.
Búrthaighil & ag gáir-ghéimneach = angry bellowing and loud
rowing.
I mbun a chos = níor fhan aon neart isna chosaibh, agus thuit sé
'san áit i rabhadar.



III. — FILLEADH OISÍN.
(As “Laoidh Oisín ar Thir na n-Óg.”)



Níor bh'fhada dhom agus níor chian,
Go bhfaca aniar ag teacht fám' dhéin,
Marcshluagh mór idir fhearaibh agus mhnáibh,
Is do thándagar im' láthair féin.



Do bheannuigheadar dhom go caoin séimh.
Is do ghabh iongantas gach n-aon díobh,
Ar fhaicsin méad mo phearsan féin,
Mo dheilbh, mo ghné, agus mo ghnaoi.



D'fhiafruigheas féin annsin díobh súd,
An gcualadar Fionn do bheith beo,
Nó ar mhair aon eile de'n Fhéinn,
Nó goidé an léan do bhain dóibh?



Do chualamair-ne trácht ar Fhionn,
Ar neart, ar lúth, agus ar thréan,
Nach raibh riamh a shamhail siúd,
I bpearsain, i gclú, agus i méin.



Is iomdha leabhar sgríobhtha síos
Ag éigsibh binne milse Gaedheal,
Nach léir linn aithris dhuit go fíor,
Ar éachtaibh Fhinn is ar an bhFéinn.


L. 12


Do chualamar go raibh ag Fionn
Mac ba lonnrach sgéimh is cló,
Go dtáinig óig-bhean faoi n-a dhéin,
Is go ndeachaidh léi go Tír na n-Óg.



Nuair chualas féin an comhrádh úd,
Nár mhair Fionn ná neach de'n Fhéinn,
Do ghlacas tuirse is mór-chumhadh,
Is ba lán-dubhach mé ina ndéid.



Níor stadas-sa annsin de'n réim,
Go luath éasgaidh gan aon mhoill,
Go dtugas m'aghaidh go glan réidh,
Ar Almhain éachtaigh leathain Laighean.



Ba mhór é m'iongantas annsúd
Nach bhfaca cúirt Fhinn na slógh ;
Ní raibh 'na hionad ann go fíor,
Acht fiadhaile, flith agus neanntóg.



Uch! A Phádruig, is uch! mo nuar!
Ba dealbh an chuairt agam-sa é,
Gan tuairisg Fhinn ná na bhFiann,
D'fhág faoi phian mé le mo ré.



Níor bh'fhada dhom, my delay was not long ; I had not long
to wait.
Do ghabh iongantas iad = tháinig iongantas orra.
Do bhain dóibh = do tháinig orra.
Ar neart, ar lúth, & ar thréan = go raibh sé láidir, lúthmhar
tréan.
Mac ba lonnrach sgeimh, a son whose beauty was bright.
Ina ndéidh = ina ndiaidh.


L. 13


IV. — CONCHUBHAR MAC NEASA.



INS an am inar rugadh Críost i mBethlem 'seadh bhí Con-
chubhar Mac Neasa ina rígh i gcúigeadh Uladh. Rinn-
eadh rí dhe ar dtús ar feadh bliadhna, agus gan é acht óg,
acht chonnaic na daoine gur fear maith a bhí ann, fear
fear glic aibidh cneasta, agus d'iarradar air fanacht
os a gcionn i gcomhnuidhe, mar rí.



Ní raibh aon aithmhéala orra faoi sin. Bhí ceart &
cóir le fagháil uaidh ag gach aon duine d'iarr iad, &
choinnigh sé smacht ar na droch-dhaoinibh. Chuir sé arm
ar bun ar a dtug sé mar ainm an Chraobh Ruadh. Bhí
an t-arm so aige leis an gcúigeadh a chosaint, dá
dtagadh aon arm eile isteach ag fuagairt chogaidh.
B'iad na fir a b'fhearr i nÉirinn a bhí aige ann — bhí
Conall Cearnach, Cúchulainn, Eoghan Mac Dúrthacht,
Fearghus mac Róigh
Cornac Conloingeas,
Laoghaire Buadhach, &
mórán de thaoiseachaibh
tréana orra — & rinne
siad gníomhartha móra gaisge
nuair a bhíodar ag troid i
n-aghaidh daoine eile.



Acht má bhí Concubhar tréan
díleas díreach i gceisteannaibh
idir dhaoinibh eile, bhí sé go
holc agus go fealltach nuair nach
ndéanfaidhe a chomhairle féin.



Bhí sé fleidh & ag féasta,
uair, ag tigh Fheidhlimidh, a
árd-sgéalaidhe féin. B'in í


L. 14


an oidhche a rugadh Déirdre inghean Fheidhlimidh. Nuair
a rugadh an leanabh chuaidh Cathbhadh, an draoi, amach go
bhféachfadh sé ar na réaltaibh, agus go n-innsigheadh sé cé an
saoghal a bhí i ndán do Dhéirdre. Tháinig sé isteach,
agus dubhairt sé go mbeadh an leanbh soin ar na mnáibh
ba bhreaghtha bheadh sa domhan, & go dtiocfadh buaidhreadh
& clampar mór ar chuigeadh Uladh dh'á barr. D'orduigh
an rí í chur d'á hoileamhaint ar leith, & cheap sé mar
mhnaoi dhó féin í nuair bheadh sí ionphósta. Acht níor
thaithnigh sin léi féin agus d'éaluigh sí le Naoise, mac
Uisnigh, go hAlbain. Chuaidh Ainle & Árdán, beirt
dearbhráthar Naoise, & céad go leith laoch i n-éinsheacht
leó, & mhair siad tamall annsin go sonsach & go haoibhinn.
Acht sgathadh 'na dhiaidh sin, chuir Conchubhar fios orra,
& gheall sé nach mbainfeadh sé leo dá dtigidís ar ais.
Níor chreid Déirdre é, & dubhairt sí le Naoise go n-
imreóchadh Conchubhar feill-bheart orra nuair a gheobhadh
sé i n-Éirinn iad. Níor thug Naoise aon áird uirri.
Dubhairt sí annsin go raibh sí ag brionnglóidigh aréir go
dtáinig trí éin agus trí dheóir meala ina ngobaibh aca.



“D'fhág siad,” adeir sí, an mil againn agus thug
siad trí bhraon d'ár gcuid fola leó, i n-a n-áit. 'Si
an mhil sin teachtaireacht Chonchubhair chugainn, mar
ní milse mil ná teachtaireacht síothchána an fhealltóra.”
Ní raibh aon mhaith dhi ann. Ghluais Naoise, Ainle &
Árdán le Fearghus agus le n-a bheirt mhac, na teachtairí,
& thug siad Déirdre leó ar air go cúigeadh Uladh.



Nuair a tháinig siad go hÉirinn cuireadh Fearghus
uatha, ionnus nach mbeadh sé mar chosantóir aca, mar
b'fhear dílleas é nach leigfeadh dadadh a dhéanamh orra,


L. 15


agus tháinig siad go hEamhain. Cuireadh isteach i dtigh
na Craoibhe Ruaidhe iad: ní raibh aon áit dóibh i dtigh
Chonchubhair, adubhairt sé, mar bhí sé do rún aige iad
do choingbheáil i ngéibheann le iad do mharbhughadh.
Nuair a bhí an rí ag ól, an oidhche sin, i n-éinfheacht leis
na huaislibh eile, d'iarr sé duine éigin a dhul amach
& sgéala a thabhairt chuige an raibh Déirdre chomh háluinn
& bhí sí riamh. Chuaidh Leabharcham amach : ba bhí an
bhanaltra í a d'oil Déirdre & í 'na naoidheanán, &
do bharr cion mór a beith aici ar Dhéirdre, d'innis sí
dhi an beart a bhí an rí ar tí imirt orra. Tháinig sí ar
ais, & dubhairt nach raibh a sgéimh féin ar Déirdre ar chor
ar bith. Chaith sé tamall eile ag ól leis na huaislibh,
agus chuir sé teachtaire eile amach. Thug seisean sgéala
isteach go mb' í an bhean ba bhreaghtha 'sa domhan í.
Tháinig cuthach éada ar Chonchubhar, & siúd amach é féin
& a chuid fear, nó go dtógfadh sé Déirdre. Bhí na
doirse & na fuinneóga dúinte daingnighthe ag Naoise
& ag a mhuinntir rompa, & d'fhanadar annsin ag troid
go héirghe lae. Fá dheireadh chuir Cathbhadh draoidheacht
ar Chloinn Uisnigh, chuaidh siad amach as tigh na Craoibhe
Ruaidhe & Déirdre eatorra, & chonnaic siad, mar shíl
siad, muir mhór rompa. Chaith siad na hairm uatha nó
go snámhfaidís thríd an muir, acht gabhadh iad & mharbh
Conchubhar agus a chuid fear iad ar an toit.



Chuir Déirdre na gártha caointe aistí, bhuail sí í
féin fá'n talamh, agus stróic sí an ghruaig d'á ceann
le rabharta dubróin, sgoilt a croidhe i n-a lár, nó
go bhfuair sí bás ar an mball ar ucht Naoise.



Rinne an draoi easgaindhe ar Chonchobhar & ar Eamhain


L. 16


airt nachan t-ádh ar an gcúigeadh, agus nach mbeadh
sliocht Chonchubhair i n-a ríghtibh i nEamhain arís go bráth.



Agus gan é acht óg = nuair a bhí sé óg.
Gaisge, valour.
Go n-innseóchadh sé is often used instead of go n-innsigheadh sé
Dh'á hoileamhaint = d'á tógáil, d'á beathughadh.
Ar leith, fá leith, separately.
Níor thug N. aon áird uirri, N. paid no attention to her
Dadadh = tada, dadamh, dadaidh, easnamh.
Choingbheáil = chongbháil.
Duine a dhul amach, that a person should go out.
Ar tí imirt = ag dul ag imirt.
Dúinte = dúnta.
Ag a mhuinntir = agá n-a mhuinntir.
Gabhadh iad = gabhthas iad.
Stróic = strac.
Bhuail sí í féin fá'n talamh, she struck (threw) herself against
the ground.
Ar an mball = ar an am gcéadna.



V. — NA DRAOITHE.



IS i gCiarraighe a chuir Clanna Míleadh i dtír nuair a
thángadar go hÉirinn ar dtús. Shiubhail siad leó
as sin go dtí an áit ina gcuala siad ríghte na hÉireann
a bheith. Níor bh'fhada dhóibh nó gur shroich siad Cathair
Crófinn. Teamhair atá mar ainm indiu ar Chathair
Crófinn. Bhí triúr dearbhráthar ina ríghtibh os cionn na
tíre an uair sin, mar bhí Mac Cuill, MacCéacht agus
Mac Gréine, & ba hiad na ríghte seo na Tuatha Dé
Danann. Chuir Clanna Míleadh cosamhlacht dhána orra
féin, agus d'iarr siad an tír a thabhairt suas go beódha


L. 17


dhóibh, nó go mbeadh ar a shon ag na ríghribh. Bhí na Tuatha
Dé Danann sean-chríonna gasda, agus dubhairt siad nár
cheart a theacht orra chomh hobann soin & ingan-fhios, &
go bhfágfaidís ar bhreitheamhnas Aimhirgin é, má bhí sé
ceart. Ba draoi cumasach é Aimhirgin, chomh maith le
bheith ina bhreitheamh & ina fhile dhó, & fágadh an sgéal ar
a bhreitheamhnas. Bhí go maith.



Chuaidh Aimhirgin i leathtaoibh, taréis cáirde lae is
oidhche fhagháil dó, bhain sé fás daraigh & chuaidh sé i ndorcha-
das go maidin ar
n-a bháireach ag baint
feasa as an bhfás.
Annsin tháinig sé as
a bhothán dorcha ar
maidin, shiubhail sé
leis go dtí go raibh
sé os comhair na
ríghte arís, & labhair
sé le Tuathaibh Dé
Danann mar so;



“Téigheadh Clanna Míleadh
ar ais arís fad naoi dtonn
ó'n tráigh,” a deir sé, “&,
má tá siad i n-ann a theacht
i dtír annsin arís gan bhuidheachas daoibh-se, bíodh an
tír seo aca.”



Bhíodar go léis sásta leis sin, & isteach le fad na naoi
dtonn ó'n tráigh d'eirigh stoirm láidir nach bhfacadar
riamh roimhe sin a leithéid. Sgaipeadh anonn is anall


L. 18


na loingis, & díbrigheadh ó dheas fuireann aca, cuireadh
amach ar an doimhin mhóir an chuid eile, & iad dh'á
dtreasgairt agus dh'á gcaitheamh síos is suas nó go
rabhadar tuirseach sáruighthe. Annsin chuimhnigheadar
gur stoirm draoidheachta í sin a chuir draoithe Thuath
Dé Danann orra, & d'iarr Donn — an mac ba sine bhí
ag Míleadh — duine dhul suas go barr croinn na luinge
go bhfeicfeadh sé an raibh an stoirm annsin. Cuaidh
fear i n-áirde go barr an chroinn, & d'fhuagair sé
anuas nach raibh an stoirm chomh hárd sin. Nuair a
chuala Donn sin:



“Is feall atá déanta ag ár ndraoithibh orainn,”
adeir sé, “nach gcuireann an stoirm seo ar
gcúl.”



“Ní headh, ná chor ar bidh,” ar Aimhirgin, & thosuigh sé
ar laoidh draoidheachta, nó gur chiúinigh sé an fhairrge &
an gála. Chuadar i dtír arís, agus dubhairt Aimhirgin
laoidh draoidheachta eile ag iarraidh toradh céadtach a
chur ar an talamh.



Bhí na draoithe i n-ann go leór rudaí a dhéanamh nár
thuig daoine go coitcheannta, & nach dtuigeann daoine
fós, acht an oiread.



'Sé Eochaidh Áirimh do bhí 'na rígh ar Éirinn timcheall
an ama a rugadh Críost. Bhí sé, lá, imeasg na
ndaoine uaisle eile, nuair a sheas fear beag deas
ar lár an urláir os a chomhair go hobann, agus gan a fhios
cá as a dtáinig sé.



“Cé hé an fear so nach n-aithnighmid,” arsa Eochaidh,
“agus cé an ghnó tá annso aige?”



“Ní fear é a bhfuil aon cháil air,” ars an fear beag


L. 19


coimhightheach, “acht tháinig sé le cluiche fithchille imirt
leat-sa.”



“Bhfuil tú go maith ag imirt fithchille?” ars an rí.



“Innseóchaidh m'imirt sin,” ar an fear beag.



“Tá ár gclár fithchille i seomra na bainríoghna, &
ní fhéadfamaid í chorrughadh fá láthair.”



“Níl dochar annsin,” ars an fear beag, “tá clár
annso agam-sa nach bhfuil ioncháinte.”



“Céard imreóchas sinn?” ars an rí.



“Cibé rud iarras an té ghnóthóchas,” adeir an fear
eile.



D'imir siad cluiche, agus chaill an rí.



“Céard tá uait anois?” adeir Eochaidh.



“Atá Éadain, do bhainríoghan,” ars an fear coimhigh-
theach “acht ní thiubhraidh mé liom í go dtí bliadhain ó
'nocht.”



Níor fhan focal ag an rígh le brón agus briseadh croidhe,
mar ba hí Éadain an bhean ba bhreaghtha i n-Éirinn ar
fad, & bhí cion an domhain ag Eochaidh uirri.



D'fhan mar sin go dtí bliadhain ó'n oidhche sin, &
bhíodar go léir ag déanamh go siubhach sáthach ar fleadh
ag Eochaidh. Bhí Éadain le n-a thaoibh, bhí uaisle na
tíre ina dtimcheall, &, dar leo, ní thiocfadh éinneach le
Éadain a thabhairt leis i ngan-fhios dóibh, ná ní gheobhadh
sé í gan troid. I dtaca an mheadhoin oidhche, nuair
a bhí an comhluadar go sásta so-mheanmnach gan
cuimhniughadh aca ar rud ar bidh as bealach, sheas an fear
beag coimhightheach arís i láthair an ríogh, gan duine ar
domhan eile dh'á fheiscint. Shiubhail sé go dtí an
bhainríoghan, rinne sé dán molta dhi, agus annsin, taréis


L. 20


an rí bheith ag breathnughadh air, & gan meabhair ná
mothughadh ann ná neart aige focal a labhairt, chuir
an fear coimhightheach a lámh timcheall na bainríoghna &
sguab sé leis amach í.



Tháinig an rí chuige féin fá dheireadh, agus annsin bhí a fhios
aige gur draoidheacht éigin a himrigheadh ar an mbain-
ríoghain & air féin chomh maith. Ar maidin an lae ar
n-a bháireach chuir sé fios ar a árd-dhraoi Dallán, &
d'fhuagair sé air imtheacht ar lorg na bainrioghna, & gan
filleadh go deo go bhfuigheadh sé fios nó fáirnéis uirri.



D'imthigh Dallán leis, & chaith sé bliadhain ag triall
timcheall na hÉireann ar a lorg, acht tásg ná tuairisg
ní fhuair sé uirri. Bhí an bhliadhain i bhfeidhil a bheith
caithte nuair a casadh ar chnoc é idir an Mhidhe &
Longphort, lá. Sliabh Dalláin atá ar an gcnoc ó shoin
a leith. Ghearr sé cheithre shlaitín iubhair agus ghearr sé
focla i n-ogham ionnta. Tháinig an fios chuige annsin
go raibh an bhainríoghan i bhfolach i mbruidhin na sídhe
faoi Chnoc Brí Léith.



D'fhill Dallán ar ais & sodar faoi & d'innis sé an
sgéal d'Eochaidh. Bhailigh seisean a chuid fear, thug sé
go Cnoc Brí Léith iad nó go bhfuair sé Éadain
áluinn ar ais, gan bhuidheachas don draoitheadóirín
beag. Mhair siad go sonaidhe i n-éinfheacht ar feadh
i bhfad 'na dhiaidh sin.



Bheadh ar a shon aca = cúiteófaidhe leó é, they would be paid
back for it.
Fás daraigh = slat daraigh, an oak plant.
Fad naoi dtonn, the length of nine waves.
Teacht i dtír, to land.


L. 21


Gan bhuidheachas, in spite of.
Duine dhul suas = duine do chur suas ; go gcoirfidhe duine
suas.
Toradh céadtach, a crop, fruit a hundred fold.
Cé an ghnó = cad é an gnó ; goidé an gnó.
Fear coimhightheach = coigcrigheach ; duine iasachta.
Cluiche imirt = cluiche d'imirt.
Ag imirt fithchille = chum fithchille d'imirt.
An té ghnóthochas = an té a bhéarfaidh.
D'fhan mar sin, matters remained so.
Ag déanamh go subhach, enjoying themselves.
Rud as bealach = rud as an tslighe, something wrong.
Meabhair ná mothughadh, presence of mind or feeling.
Gan neart aige = gan é ábalta air.
Sguab sé leis í, he whisked her away.
Thámig sé chuige féin, he improved, got back to his normal
condition.
D'imthigh Dallán leis = d'imthigh Dallán.
I bhfeidhil a bheith = geall le bheith.
Brí léith cnoc atá siar ó Árdachadh, i gconndae Longphuirt.
I bhfeidhil, on the point of.
Go sonaidhe = faoi shonas.



VI. — NAOMH PÁDRAIG.



NUAIR a bhí Niall Naoi-ngiallach in a rígh ar Éirinn,
bhíodh sé ag imtheacht amach agus a arm aige go
Breatain agus go tíorthaibh na hEorpa, ag cur na ndaoine
fá smacht, & ag baint chíosa dhíobh. Bheireadh sé ar
bhuachaillibh óga ag filleadh dhó, agus thugadh sé leis go
hÉirinn iad le buachailleacht bó & caorach a dhéanamh
do mhuinntir na hÉireann. Bhí Niall ar thuras díobh so,
uair, 'sa bhFrainc, nó i nAlbain, do réir mar adeir


L. 22


ughdair eile, agus tháinig sé ar stócach a thaithnigh go
mór leis. Bhí an sgurach sé bliadhna déag d'aois an
uair sin, agus 'sé an t-ainm a bhí air — Pádraig mac
Chalpruinn. Ba hé Calpruinn athair Phádraig, & bhí
sé i n-airm na Rómhánach.



Thug Niall Pádraig óg go hÉirinn leis, agus thug sé
do Mhíolchú é le caoirigh a bhuachailleacht. Ba taoiseach
é Míolchú a bhí ina chomhnaidhe fá bhun Sléibhe Mis i
gConndae Aontruim. B'fhéidir go raibh sé i n-éinfheacht
le Niall, agus gurab é rug ar Phádraig & annsin gur
fhágaibh Niall aige é. Acht, ar chuma ar bith, d'fhan
Pádraig chúig bhliadhna aige, cé gur págánach dorrdha
dúr-chroidheach a bhí 'sa taoiseach soin.



Thug Phádraig aire do na caoirigh, & thug sé aire do
Dhia. Ba mhinic a dhúisigh an sioc nó an sneachta as a
chodladh é, agus d'éirigheadh sé, le n-a phaidreacha a rádh.
Duine naomhtha bhí ann an uair seo.



Fá dheireadh, tháinig sé ina chroidhe imtheacht ar ais a
bhaile, & d'éaluigh sé ó n-a mhaighistir, Míolchú. Thug sé
aghaidh ar an bhfairrge ; bhí long roimhe san gcalaith, acht,
nuair a d'iarr sé cead a dhul ar bord, ní leigfeadh
caiptín na lunige dhó é. Chrom Pádraig a cheann, d'fhill
sé ar a sháil & d'imthigh sé ar ais. Ní i bhfad a bhí sé,
nuair a tháinig duine ina dhiaidh ag glaodhach air, & ag
rádh leis; a theacht go beódha, go raibh muinntir an tsoithigh
ag fanacht leis. Chuaidh sé ar bord annsin & b'ar
righin ar éigin a shroich siad an Fhrainc.



Bhí col ceathar ag Phádraig san bhFrainc an uair sin,
agus uair seisean ina naomh freisin. Máirtín do b'ainm
dó, agus d'fhan Pádraig cheithre bliadhna i n-éinfheacht leis.


L. 23


Chaith Pádraig chúig bhliadhna déag is fiche, 'na dhiaidh
sin, sul tháinig sé go hÉirinn arís. Acht níor leig sé
riamh as a cheann go raibh air dul ar ais & an Creideamh
do chur ar bun ann. Chonnaic sé, i mbrionnglóidíbh,
páisdí na hÉireann ag glaodhach air, agus ag iarraidh air
a theacht agus siubhal ina measg arís. Níor mhaith le n-a
mhuinntir é imtheacht uatha, acht ní ghéillfeadh sé dhóibh,
& fá dheireadh chuaidh sé do'n Róimh, rinneadh Easbog
dhe ann, & thug an Pápa cead dó dhul go hÉirinn,
an Creideamh a chraobhsgaoileadh. Bhí sé trí fichid
bliadhain d'aois an t-am so.



Nuair a tháinig sé go hÉirinn, 'san mbliadhain 342,
ghlac sé rún Críostaidhthe a dhéanamh de na ríghthibh & de
na huaislibh, & de na draoidhthibh i dtosach, mar bhí a
fhios aige, dá nglacfaidís-sean an Creideamh, nár
mhoill ar na daoinibh go léir a ghlacadh ina ndiaidh.
I dtaca na Cásga chuaidh sé go Teamhraigh, an áit a raibh
Laoghaire, an rí, & mór-uaisle na hÉireann cruinnighthe.
Bhí féile phágánach ar bun aca an uair sin i dTeamhraigh,
agus ba chuid de ghníomharthaibh na féile sin gach uile
theine i nÉirinn a mhúchadh an oidhche sin, acht teine na
Teamhrach amháin. Lasadh na daoine na teinte eile
ó'n teinidh sin.



Acht d'fhadaidh ádraig teine an oidhche sin ar Chnoc
Sláinge, & chonnaic na daoine i dTeamhraighan teine.
Tháinig fearg mhór ar an rígh, agus d'fhiafruigh sé cé
d'fhadaidh an teine sin. Dobhairt draoi leis, muna
múchtaoi an teine sin anocht, nach múchfaidhe go bráth
i nÉirinn í, agus nach gcuirfidhe fá chois go deó an
fear a d'fhadaidh í.


L. 24


Thug Laoghaire leis an draoi & sluagh daoine, & chuaidh
sé ar lorg an té las an teine, nó go mairbheóchadh sé
é. Acht d'éirigh Earc mac Deagha, duine de mhuinntir
Laoghaire suas os comhair a raibh ann, agus d'umhluigh sé do
Phádraig. Bheannuigh Pádraig é, & chreid sé i nDia.



Chuir sin tuilleadh feirge ar an rígh, agus dubhairt sé,
“Marbhaidh an cléireach,” .i. an naomh. Acht ghlaodh
Pádraig go hárd ar Dhia, & ar an toirt tháinig dorcha-
das ar an ngréin, chraith an talamh & an t-aer, & thosuigh
muinntir Laoghaire ag troid & ag marbhughadh a chéile.
Ba gearr go raibh chúig céad aca marbh ag a chéile, & níor
fágadh beó acht Laoghaire & a bhainríoghan, & beirt eile.


L. 25


Tháinig an bhainríoghan go dtí Pádraig, agus dubhairt
sí: “A dhuine fhíréin, agus a dhuine chumhachtaigh, ná marbh
an rí, rachaidh sé chugat, déanfaidh sé do chomhairle,
umhlóchaidh sé dhuit agus creidfidh sé i nDia.” Chuaidh an rí
go dtí Pádraig, agus leig sé air féin gur chreid sé i nDia.
Acht níor chreid sé ann go dtí tamall ina dhiaidh sin.



Le buachailleacht bó a dhéanamh dhó = chum sglábhuidhthe dhéanamh
dhíobh dhó.
Le caoirigh a bhuachailleacht = mar aodhaire caorach.
Ba taoiseach é Míolchú = taoiseach do b'eadh Míolchú.
Gur fhágaibh = gur fhág.
Ar chuma ar bith = pé sgéal é.
Thug sé aire do na caoirigh, he minded, cared the sheep.
A bhí ann = do b'eadh é.
Ní i bhfad a bhí sé = ní raibh sé imthighthe i bhfad.
Go beódha = go tapaidh, go mear.
B'ar righin ar éigin a shroich siad, they had great trouble to reach
Chúig bhliadhna déag is fiche = cúig bhliadhna déag ar fhichid.
Nár mhoill air = gur ghearr an mhoill air.
Ar an toirt = láithreach bonn.



VII. — TÍR NA NÓG.



Níor bh'fhada gur dhorchuigh an spéir,
Is gur éirigh gaoth ins gach áird,
Do las an mhór-mhuir go tréan,
'S ní raibh amharc gréine le fagháil.



Sealad dúinn ag amharc na néall,
'S ar na réaltaibh bhí fá smúid;
D'ísligh an t-anfadh agus an ghaoth,
'S do shoillsigh Phoebus os an gcionn


L. 26


Do chonncamar le n-ar dtaoibh
Tír ró-aoibhinn fá lán-bhláth,
Is magha maiseacha réidhte míne,
Is dún ríoghdha ba ro-bhreágh.



Ní raibh dath d'á bhfaca súil,
De ghorm úr, d'uaine 's bhán,
De chorcur dhearg is de bhuidhe,
Nach raibh san rí-bhrugh táim do rádh.



Do bhí ar an dtaoibh eile de'n dún,
Grianáin lonnracha 's páláis,
Déanta uile de chlochaibh buadh,
Le lamhaibh suadh 'gus saor-cheárd.



Níor bh'fhada go bhfacamar chughainn,
Ag triall ó'n ndún i n-ár gcomhdháil,
Trí chaogad laoch do b'fhearr lúth,
Sgéimh, cliú, is do b'áirde cáil.



“Cia an tír áluinn í siúd,
A inghean chinn na dtriopall óir,
Is breaghtha dreach dá bhfaca súil,
Nó an í siúd Tír na nÓg.”



“Is í go deimhin, a Oisín fhéil,
Níor innseas bréag dhuit dh'á taoibh
Níl nídh d'ár gheallas-sa dhuit féin,
Nach bhfuil soiléir agat do shíor.”



Muir .i. fairrge.
Sealad .i. tamall, sgathadh.
Smúid .i. smúit, dorchughadh ar sholus.
Anfadh .i. gála, stoirm.


L. 27


Phoebus .i. dia bréige na gréine.
Magh .i. píosa mór talmhan & é comhthrom.
Maiseach .i. deas.
Dún ríoghdha .i. árus, nó áit chomhnuidhthe ríogh nó bainríoghna.
Corcur .i. dearg, lonnrach.
Rí-bhrugh .i. árus áluinn.
Grianán .i. árus beag ar a mbíonn an ghrian ag sgairteadh.
Clocha buadh .i. clocha luachmhara saidhbhre.
Lámha suadh .i. lámha fear cliste ceirde.
I n-ár gcomhdháil .i. ag déanamh orainn, ag teacht chugainn.
Caogad .i. 50.
Triopall óir .i. folt, dlaoithe gruaige, ar dhath an óir
Dreach .i. cuma, ceann-aghaidh.
Do shíor .i. gcomhnaidhe.



VIII. — COLM CILLE.



NUAIR bhí Colm Cille ina pháisde thug buachaill beag
éigin breac dhó a bhí sé tar éis a mharbhughadh. Thug
Colm Cille an breac a-bhaile leis, agus chuir sé i
dtobar uisge é. D'éirigh an breac beó arís, agus mhair
sé míle bliadhain. Is minic do rugadh air, nuair a
bhíodh daoine ag tabhairt uisge as an tobar. Níor
mhaith le éinneach dochar a dhéanamh dhó, acht nuair a
thugaidís a-bhaile é, agus go gcuirtí i gcoire ar theinidh é
i n-éinfheacht le feóil nó le iasg eile, ní théidhfeadh a raibh
de theinidh 'san tír an t-uisge sin, nó go dtógfaidhe
an breac aníos as arís, agus annsin bhruithfeadh na
neithe eile bhíodh 'san gcoire.



Chuaidh Colm Cille ar thórramh bhí ina chomhursanacht,
uair, & bhí a oide, Cruithneachán, i n-éinfheacht leis. Ar


L. 28


filleamhaint a-bhaile dhóibh baineadh leagan mór trom
as an oide. Thuit sé — n-aghaidh na talmhan, agus fuair
sé bás ar an toirt. Ní raibh a fhios ag Colm Cille gur
bás a fuair sé, agus choir sé beinn a bhruith fá n-a cheann,
mar cheap sé go raibh an t-oide ina chodladh. Thosuigh
sé féin ag foghluim a cheachta, agus bhí a ghlór chomh
hárd sin, agus é ag foghluim an cheachta, go gcuala
tionól ban riaghalta, do bhí míle go leith uaidh, fuaim a
ghotha. Tháinig triúr aca fá dhéin an ghotha. Chonnaic
siad an bheirt, agus d'iarradar ar Cholm Cille a oide
dhúiseacht, cé go bhfacadar go raibh sé caillte. Ghlaodh
an naomh ar Chruithneachán, agus d'éirigh sé suas mar
d'éireóchadh sé as a chodladh.



Bhí Colm Cille lá eile cois na fairrge, & Baoithín,
fear naomhtha eile, in' fhochair. Tháinig gála mór, agus
chonnaic siad long dh'á báthadh.



“Cé an fáth,” adeir Baoithín le Colm Cille, “a
leigeann Dia an long sin a bháthadh?”



“Mar gheall ar aon pheacach amháin a bhí innti do
leig Dia í bháthadh,” adeir an naomh.



“Sílim,” ar Baoithín, “go ndearna Dia éagcóir ar
lucht na luinge.”



Níor thug Colm Cille freagra an uair sin ar Bhaoitín,
agus do leig sé thairis é. Acht chruinnigh sé lán gloice do
bheachain, chuir sé i láimhín iad, agus thug an láimhín do
Bhaoithín, & dubairt leis iad a choingbheáil. Ba ghearr gur
éaluigh beach as an láimhín, agus chuir sí gath i mBaoithín,
agus gur ghortuigh sí go han-mhór é. Bhí an phian go
géar air, tháinig fearg air & bhuail sé beachain & láimhín
fá'n gcloich, & níor fhan beach beo 'sa láimhín aige.


L. 29


“Cé an fáth — ar mharbh tú na beachain?” arsa Colm
Cille leis.



“Beach díobh a ghortuigh go géar mé,” ar Baoithín.



“Bíodh a fhios agat,” ars an naomh, “do réir mar
ghortuigh gath na beiche thusa, gurab amhlaidh ghortuigheas
an duine Dia ina pheacadh, & amhail do mharbh tusa lán
na láimhíne do bheachain i ngioll le héin-bheach amháin,
gurab amhlaidh sin do leigeas Dia do mhórán daoine
bás d'fhagháil nar gheall ar aon pheacach amháin.”



Chuaidh Colm Cille 'na dhiaidh sin go tuathaibh Toraighe,
& tháinig an t-aingeal chuige, & diubhairt leis dul go
hOileán Toraighe, & a bheannughadh & eaglais onórach a
dhéanamh ann. Na naoimh eile bhí le Colm Cille, níor


L. 30


mhaith leo féin gan dul ann, & an t-oileán a bheith aca.
D'iarr Colm orra a dtrosdáin a chaiteamh go dtí an
t-oileán, agus eilé duine a duocfadh a throsdán ar an
oileán, eisean a dhul ann agus an t-oileán a bheith aige, &
é ainmniughadh uaidh.



Rinneadar amhlaidh. Chaith Colm a throsdán, & nuair
d'fhágaibh sé a lámh rinneadh gath dhe, d'imthigh sé 'san
aer, & tháinig sé anuas go díreach ar an oileán. Bhí
Torach feadh radhairc uaidh, & níor tháinig trosdáin na
naomh eile thar na hoileánaibh atá idir Torach & an tír
mhór.



Chuaidh an naomh ina dhiaidh sin ar an oileán, & shíl sé
áitughadh dheanamh ann, acht ní leigfeadh an té ar leis
an aít, i. Oilioll mac Baodháin dó é. D'iarr Colm
air leithead a bhruit de'n oileán a thabhairt dó. Thug.
Annsin do sgar Colm Cille a bhrat amach, & chlúduigh
sé an t-oileán go léir leis. Nuair a chonnaic Oilioll
sin tháinig an-fhearg air, & thug sé amach cú nimhe bhí
aige, & sgaoil sé 'san naomhí, artheacht don choin chomh
fada leis an naomh, chuir seisean comhartha an Croiche
idir é féin agus í. Níor tháinig sí níos goire dhó & fuair
sí bás ar an ngiodán sin.



Nuair chonnaic Oilioll sin, chaith sé é féin ar a ghlúinibh,
agus chreid sé i nDia & i gColm Cille. Bhronn sé an t-oileán
air, agus rinne án naomh eaglais onórach ann.



Bhruithfeadh = bheirbheóchadh.
Ar thórramh = go dtí tórramh.
Baineadh leagan as, he got a fall. Leagan = leagad, tuisle,
barr-thuisle, a stumble.
Go gcuala = gur chuala.
Tionól ban riaghalta, a band, community, of nuns.
In' fhochair = ina chuidheachta, ina chomhluadar, i n-éinfheacht leis.
Lán gloice = lán glaice.


L. 31


Do bheachain = do bheachaibh.
Bhuail sé beachain & láimhín fá'n gcloich = bhuail sé na beacha
& an láimhín i n-aghaidh na cloiche.
Beach díobh, one of them (the bees).
I ngioll le = mar gheall ar, i ngeall ar.
Tuathaibh Toraighe, críoch nó tír ina raibh muinntir Thoraighe
ina gcomhnuidhe.
Cibé = pé.
Feadh radhairc uaidh = chomh fada uaidh agus d'fhéad sé breathnughadh.
Shíl sé áitiughadh dhéanamh, he tried to settle, make a settlement.
An té ar leis, the owner.
Cú nimhe, a venemous hound.
Sgaoil sé 'san naomh í = he set her to attack the saint.
Sgaoil sé leis an naomh í = he let her go and accompany
the saint.
Sgaoil sé i gColm Cille í = dhreasuigh i gColm Cille í, he set
her at Columcille.



BRIGHID.



NUAIR a bhí Brighid óg, timcheall na mbliadhanta 450
agus 460, bhíodh sí ág tabhairt aire do thíg a hathar.
Le grádh do Dhia thugadh sí déirce go leor do na bochtaibh
agus cé go mba taoiseach saidhbhir é Dubhthach, a hathair,
is beag nár thug sí a mhaoin ar fad uaithi mar dhéirc.



Chuir sin fearg ar Dhubhthach, agus thug sé a inghean
leis nó go ndíolfadh sé í le Dúnlaing, rí Laighean.
Ar theacht dó go dún an ríogh, d'fhág sé a chlaidheamh
'san gcarbad, an áit a raibh Brighid, chuaodh sé isteach
ag fiafruighe de'n rígh an gcethnnócadh sé a inghean
uaidh mar sheárbhfhóghantaidhe.



“Cad chuige a bhfuil tú ag díol t'inghine?” ars an rí.


L. 32


“Gach nídh d'á mbeireann sí air,” adeir Dubhthach,
“tugann sí do na bochatibh é.”



“Tabhair chugainn í,” arsa Dúnlaing.



Chuaidh Dubhthach amach, agus ní fhaca sé a chlaidheamh
'san gcarbad.



“Cá bhfuil mo chlaidheamh?” adeir sé, le n'inghin.



“Thugas do dhuine bhocht é,” ar sise.



Tháinig fearg an domhain ar Dhubhthach.



“Cé an chiall duit a thabhairt do dhuine bhocht?”
adeir sé.



“Dá mbadh liom-sa thusa & gach a bhfuil agat, &
iarradh an Tighearna mo Dhia orm sibh, bhéarfainn sibh
uile go léir Dhó,” arsa Bhrighid.



“Ní fiú thú go ndíolfá an inghean soin,” adeir Dún-
laing, “ná ní fiú mise go gceannóchainn í, mar is
uaisle í os comhair Dé ná sinne,” agus thug sé claidheamh
eile do Dhubhthach i n-ionad a chinn féin.



Fuair Brighid cead ó n-a hathair, 'na dhiaidh sin, í
féin a thabhairt suas do Dhia agus do'n eaglais ar
fad. Chuaidh sí go hEasbog MacAille a bhí 'na
chomhnaidhe ar thórainn na hIar-Mhidhe le go nglacfadh
sé í féin & triúr ban eile isteach mar mhnáibh
riaghalta.



Bhí sí, lá, ar aoidheacht i dtigh & d'éirigh le muinntir
an tighe go ndeachadar go léir amach, acht aon mhach
amháin a bhí balbh & ina chláiríneach. Ní raibh a fhios ag
Brighid go raibh sé amhlaidh. Annsin tháinig daoine
isteach ag iarraidh bídh. D'fhiafruigh Brighid do'n ghasúr
cá raibh eochair na cuilne. D'fhreagair an garsúr í,
agus dubhairt sé: “Tá a fhios agam cá bhfuil sí.”


L. 33


“Éirigh,” arsa Brighid, “agus tabhair chugam í,” agus
d'éirigh sé ina sheasamh taréis a bheith ina chláiríneach dhó
roimhe sin, & rinne sé freastal ar na daoinibh.



D'iarr a hathair uirri, lá eile, dhul go Dúnlaing, rí
Laighean, agus an claidheamh do thug seisean do Dhubhthach
roimhe sin a fhágáil aige go bráth. Chuaidh Brighid go
Dúnlaing, & ag doras an tighe tháinig fear chuici do
bhí ina mhogh ag an rígh.



“Dá saorfá mé ó'n rígh,” adeir sé, “bheinn imo
Chríostaidhe, & dhéanfainn seirbhís dhuit-se.”



Dubhairt Brighid: “Labhróchad ar do shon leis an
rígh.” Chuaidh sí isteach, d'iarr sí ar an rígh an claidheamh
d'á hathair, agus saorsacht do'n mhogh.



“Cé air a dtiubhrainn sin duit?” adeir Dúnlaing.



“Má's áil leat é,” adeir Brighid, “gheobhair féin
na Flaithis tar éis do bháis, & beidh do chlann mhac ina
ríghtibh 'do dhiaidh go bráth.”



“Ó thárla nach bhfeicim na Flaithis,” adeir an rí,
“níl mé ag á iarraidh. Maidir le mo chlainn mhac,
an té thiocfas imo dhiaidh, saothruigheadh sé dhó
féin. Acht tabhair dham fad saoghail, & buaidh i
gcogadh ar Mhuinntir Néill, mar is minic cogadh
eadrainn.”



“Geobhaidh tú sin,” ar Brighid, agus fuair. Leig sé
an mogh amach saor, & d'fhágaibh an claidheamh ag
Dubhthach.



Bhí deich gcath ar fhichid idir Dhúnlaing & Muinntir
Néill i n-Éirinn 'na dhiaidh sin, agus naoi gcath eile do
throid sé i n-Albain, agus bhuadhuigh sé iad go léir. Tar
éis a bháis tháinig cogadh idir na Laighnigh & Muinntir


L. 34


Néill arís; tigadh corp Dhúnlaing amach agus do
hiomchruigheadh é i n-aghaidh Chlainne Néill, & bhuadhuigh
na Laighnigh arís.



Uair eile, bhí buachaill ag foghluim i gcoláisde i
n-aice le Cill Dara an áit a raibh cealla Bhrighde.
Rith sé, lá, go deifreach thar Bhrighid.



“Cá rachair chomh luath soin?” adeir an naomh leis.



“Go Flaitheas,” ars an sgoláire go haereach.



“Badh mhaith liom-sa dhul leat,” adeir Brighid go
diadhanta,“ & déan urnaighthe ar mo shon ionnus go
dtiocfainn leat.” Tháinig aithmhéala ar an sgoláire
mar gheall ar an bhfreagra gearr a thug sé uirri, &
dubhairt sé, “Guidh thusa ar mo shon-sa, ionnus go
rachainn-se ar neamh, agus guidhfead-sa ar do shon-sa


L. 35


ionnus go dtiubhrá na mílte go flaitheas Dé leat.”



D'innis Brighid dó annsin go mbeadh sé ina shagart
fós, & go dtiubhradh sé cumaoineach dhi ar uair a báis.
Nuair a chuala sé sin, chuir sé láimhín ar a dheis-láimh le
í choingbheáil glan i gcomhnuidhe, & 'sé an t-ainm a bhí
air uaidh sin amach, Nainnidh Lámh-ghlan.



Tháinig dhá lobhar go dtí Brighid, lá, nó go leigheasadh
sí iad. Dubhairt sí leo a chéile a nigheachán. Nigh an
dara duine an chéad duine, & leigheas an nigheachán é.
Dubhairt sí annsin leis an gcéad duine an fear eile
a nigheachán, acht ní nighfeadh, & nigh sí féin an lobhar
eile, agus leigheasadh é. “Airighim,” ars an chéad fhear
“teas imo chroiceann mar bheadh aithinneacha teineadh
ann,” agus do bhuail an galar arís é, ó mhullach a
chinn go bonn a chos, mar gheall ar a easumhlaidheacht.



Bhí Nainnidh Lámh-ghlan 'sa Róimh, nuair a tháinig
teachtaireacht ó neamh chuige go raibh Brighid ar
leabaidh an bháis, & go mba mhithid dó dhul ar ais le
cumaoineach a thabhairt di. D'imthigh leis bog te, go
dtáinig sé go dtí an naomh i gCill Dara, & tar éis
cumaoineach a ghlacadh dhi ó Nainnidh, fuair sí bás ar
an gcéad lá de mhí na Féile Brighde 'sa mbliadhain 525.



Iarradh = let (him) ask.
Bheinn = bheidhinn.
Cé air, for what (return)?
Más áil leat, más mian leat, más toil leat.
Do hiomchruigheadh = d'iomchruigheadh, do rugadh = was
carried or borne.
Chomh luath soin, chomh sgiobtha sin = so quickly.
Go haereach, lightly.
Go diadhanta, piously.
Bog te, láithreach bonn, at once.


L. 36


X. — CLUAIN TAIRBH



'SÉ an congnamh bhí ag Brian Bórumha ar a thaoibh i
gCluain Tairbh : — fir Mhumhan agus fir Chonnacht &
fir Mhidhe. Ní raibh aon mhuinighin aige as muinntir na
Midhe, mar bhíodar féin & na Gaill carthannach le n-a
chéile. Mar sin féin, bhí togha na bhfear aige, fir áilne
uaisle lán de neart agus de ghaisge, chomh láidir le leomhain,
chomh beodha le beachain, chomh sgiobhtha le seabhac i
ndiaidh smólaigh. Níor thug siad druim d'aon duine
riamh i dtroid, agus bhíodar i n-arm Bhriain, an treas fhear
a b'fhearr a rugadh i nÉirinn, do réir mar deir an sean-
chaidhe. Bhí fonn orra troid faoi-sean, bhí sé chomh
huasal, chomh láidir, chomh glic, chomh fírinneach, chomh
diadhanta sin.



Ní raibh aon éadach catha aca le iad féin a chosaint
ar na buillíbh borba tháinig orra. Bhí tuagh throm
ghéar ina láimh ag gach aon fhear aca, le lúireach an
Lochlannaigh a ghearradh, & claidheamh cruaidh le n-a
thaoibh. Bhí freisin aige sleagh shleamhain, & cos chuill
innti, & beara bradacha nimhneacha le caitheamh. Ní
raibh cóir chosanta ar bith aca, acht sgiath a bhí ar a
chiotóig ag gach aon fhear.



Is mór an congnamh bhí cruinn ag na Lochlannaighibh
an lá soin i gCluain Tairbh. Tháinig sluagh mór chuca
ó oileánaibh na hAlban, Siograith as Insibh Orc, agus
sluagh leis, agus daoine í Insibh Cad, ó Mhanainn, ó Scí,
as Cinn Tíre Airir Gaedheal; tháinig Carlus & Eibric,
beirt mhac ríogh na Fraince, & Plat, laoch Lochlannach,


L. 37


chuca. Agus bhí Gaedhil leó, chomh maith céadna. Bhí
Maolmórdha mac Mhurchadha, Rí Láighean, orra, agus
Baodán mac Dhúnlaing, Rí Iar-Laighean, Dúnlaing mac
Thuathail, Rí Life, agus tuilleadh d'uaislibh Laighean &
d'uaislibh Ó gCinnsealaigh leó. 'Siad na hairm a bhí
aca-san saighde le caitheamh as an láimh & as na
boghaibh mar a chéile, gaethe géara garbha, & claidhmhte
móra troma. Bhí lúireacha orra a d'fholuigh iad ó cheann
go troigh. Bhí an lóireach soin déanta d'iarann, nó
d'umha, agus í deas luighte orra, mar bheadh culaith éadaigh.
Ní thiocfadh tada thríthe-se, muna dtéigheadh buille
de thuaigh.



Bhí an dá shluagh annsin os comhair a chéile, ar pháirc
Chluana Tairbh, maidin Aoine an Chéasta, 'san mbliadhain
1014. Bhí an rí féin, Brian, ina chábán, mar bhí sé ró-
aosta le dhul chun troda. Bhí na Lochlannaigh agus a
gcól le fairrge aca, agus coillte go fairsing timcheall
ins gach uile áit. Tá tighthe agus sráideanna indiu ann.



Thosuigh an cath. Rinne sluagh na nGaedheal ar a
n-aghaidh go dtí na Danair, agus bhí an dá bhuidhin ag
bualadh, ag treasgairt, ag leagan, & ag sáthadh a chéile
chomh tiugh & d'fhéad siad é. Ní gunnaí ná piléir a bhí
ann mar tá anois, & b'éigean do gach fear seasamh ar
aghaidh a námhad. Chaith siad an lá sin ar fad i n-éadan
a chéile. Bhí sé ina thuile nuair a thosuigheadar, & ní
raibh deireadh leis an ár go raibh sé ina thuile arís tráth-
nóna. Ghabh na Gaedhil de thuaightibh ina námhaid, agus
de ghaethibh agus de shleaghannaibh; ghabh na Lochlannaigh
de chlaidhmhtibh & d'airm eile ionnta-san, agus bhrúcht
an fhuil amach ó gach aon taoibh ar gach aon duine tim-


L. 38


cheall; chas an ghruag ar na tuaightibh, agus ba mhór an
obair iad a réidhteach arís. Fá dheireadh, is beag duine
aca a d'aithin an duine eile. Ní aithneóchadh an t-athair
an mac ná an dearbhráthair an dearbhráthair eile, muna
n-aithnigheadh sé a ghlór, bhíodar féin agus a gcuid éadaigh
chomh smeartha, chomh salach sin, le fuil agus le allus.
Acht 'siad na Gaedhil a bhí i n-uachtar tráthnóna. Theich
na Danair, agus ní raibh aon áit aca le teicheadh acht
ar ais 'san bhfairrge. Báitheadh a lán aca innti, &
bhíodar ina sraith marbh ar an talamh tirm, chomh maith.



Ní raibh le Brian ina chábán acht aon ghiolla amháin
le freastal air. I dtús an lae d'ísligh sé ar a ghlúinibh,
& thosuigh sé ag guidhe Dé. An tráth a raibh céad go
leith paidir ráidhte aige, d'fhiafruigh sé de'n ghiolla
cé an chaoi a rabhadar ar gach taoibh.



“Tá siad measgtha go dlúith ina chéile,” ars an
giolla, “agus iad ag gabháil de bhuillíbh i gcloignibh,
i gcnámhaibh, & i mblaosgrachaibh a chéile.”



“Cionnus tá meirg Mhurchaidh?” adeir Brian.



D'fhreagair an giolla go raibh sí ina seasamh, agus
mórán meirgí eile ina timcheall. Shásuigh sin é. D'ísligh
sé arís ar a ghlúinibh, & dubhairt sé céad go leith eile
paidir, & d'éirigh arís, & d'fhiafruigh cionnus do bhí an
cath. D'innis an giolla dhó. Chuaidh Brian ar a ghlúinibh
an tríomhadh huair, & chuir sé céad go leith eile paidir
chun Dé. D'éirigh sé annsin, agus cheistnigh sé an giolla
an tríomhadh huair, cionnus do bhí an cath. D'innis an
giolla dhó go raibh bratach Mhurchaidh ar lár, agus na
Danair buailte, & go mb'fhearr dhó féin éalódh agus a
dhul imeasg na ngiollaí.


L. 39


“A dhe, a ghiolla,” arsa Brian, “ní deas é an
teicheadh, & is feasach mé nach as an áit seo a rachas mé
beó, mar tháinig Aoibheall na Craige Léithe chugam
aréir, & d'innis sí dham go mairbheóchaidhe indiu mé.”
Agus rinne sé a udhacht ar an láthair sin.



Níor bh'fada bhíodar ag comhrádh go bhfaca an giolla
triúr fear ag déanamh orra. D'innis sé do Bhrian é.



“Cé an saghas daoine iad?” ar an rí.



“Daoine glasa lomnochta,” ar an giolla.



“Is truagh sin,” ar an rí, “sin iad lucht na lúireach,”
& d'éirigh sé, & tharraing sé chuige a chlaidheamh. 'Sé
Bruadar an Lochlannach tréan, a bhí ann, agus beirt
eile freis. Tháinig siad isteach.



“Cing, Cing,” arsa duine aca, “is é seo an rí.”



“Ní hé,” ar Bruadar, “acht sagart uasal é.”



“Ach!” adeir an fear eile, “an rí mór, Brian, atá
ann.”



D'iompuigh Bruadar ar Bhrian annsin, a thuagh ina
láimh aige, & bhuail Brian é le n-a chlaidheamh. Bhain sé an
chos chlé ón nglúin de leis an iarraidh sin, agus an chos
dheas ó'n trácht. Mharbh Brianan dara fear a bhí le
Bruadar, acht sgothadh an ceann de féin le buille
de'n tuaigh. Ba hí sin críoch Briain Bhorumha.



Muinighin as muinntir na Midhe = confidence in the people
of Meath.
Níor thug siad druim do dhuine = they did not turn their
backs on one, i.e., run away from any one.
Éadach catha = battle armour.
Le lúireach = chun luirigh.
Cos chuill, a handle of hazel.
Beara bradacha nimhneacha, vile venomous darts.


L. 40


Bhí cruinn = bhí baileach, bhí cruinnighthe.
Inse hOrc, the Orkneys. Inse Cad, the Shetlands.
Manainn, the Isle of Man; Scí, the Isle of Sky; Cinn Tíre,
Cantyre; Airir geadheal, of Argyle. Áiteacha i nAlbain
iad so, cé is moite do Mhanainn.
Iar-Laighin, West Leinster.
Chomh maith céadna, as well, also.
Mar a chéile, both, as well.
Ó cheann go troigh, from head to foot.
D'umha, of brass.
Deas luighte, neat and (close-)fitting.
Bhí na Lochlannaigh & a gcúl le fairrge aca, the Northmen
had their backs towards the sea.
Danair, Danes.
Ag treasgairt .i. ag cur fá chois, & ag bualadh.
Chomh tiugh .i. chomh mear, as quickly.
I n-éadan a chéile, facing (and fighting) one another.
Bhí sé ina thuile, the tide was up.
Leis an ár, with the slaughter.
Ghabh siad de thuaighaibh ina námhaid = d'ionnsuigheadar an
námhaid le tuaightibh, they attacked the enemy with axes.
Bhrúcht an fhuil, the blood burst, belched.
Chas an ghruag, the hair twisted, became entangled.
Is beag duine aca, very few of them.
D'aithnn = d'aithnigh.
Theich na danair, the Danes fled.
Báitheadh a lán aca, many of them were drowned.
Ina sraith, in heaps (lit. in their swath).
Le freastal air, to serve him, to attend to him.
D'ísligh sé ar a ghlúinibh = he knelt down.
Measgtha go dlúith = closely mixed together.
Gabháil de bhuillíbh, beating.
Ar lár = anuas, caithte síos.
A dhe, well indeed.
Is feasach mé = tá a fhios agam, is fiosach dam.


L. 41


Aoibheall na craige léithe = an bhainríoghan do bhí ar shluagh
sídhe na Mumhnan, & do bhíodh mar thaise ag cumhdach tighe an ríogh.
Ag déanamh orra = ag teacht chuca.
Glasa lomnochta = an dath glas a bhí ar an iarann a bhí mar
éadach orra, agus cheap an giolla go rabhadar lomnochtaighthe,
.i. gan aon éadach.
Cing (focal Lochlannach), .i. rí, king.
Sgothadh an ceann de féin, his own head was lopped off.



XI. — CATH CHNUIC AN ÁIR.



Is gearr go bhfacamar ag teacht,
An taiseach Tailc ba chruaidh lámh;
Níor umhluigh, is níor bheannuigh d'Fhionn,
Acht iarras cath tar chionn a mhná.



Cuirimid deich gcéad 'na dháil,
Do b'fhearr lámh i n-aimsir gleó;
Duine díobh níor fhill tar 'ais,
Gan tuitim re Tailc mac Treóin.



Do chuireamar ann is ba chóir a mhaoidheamh,
Gan amhras Caoiltemac Rónáin;
Deich gcéad sgiath gorm glas,
Go n-a bhfearaibh cródha b'fheárr.



Deich gcéad taoiseach, naoi gcéad laoch,
Bhí taobh ar thaoibh d'ar muinntir féin,
Is, a Phádraic an chreidimh chruaidh,
Sin ar theastuigh uainn de'n bhFéinn,


L. 42


Iarras Oscar cead ar hionn,
Gidh doiligh liom é do luadh,
Dul do chomhrac an laoich,
An t-am do chonnaic díth na sluagh.



“Do geobair cead uaim,” ar Fhionn,
“Gidh eagal liom do thuitim thríd;
Éirigh is beir mo bheannacht leat,
Cuimhnigh do ghail, is do ghnímh.”



Gluaiseas Oscar, an fear áigh,
Ar a láimh níor cuireadh béim,
An laoch calma do b'fearr lámh,
Go ráinig sé Tailc nac Tréin.



“Tabhair aghaidh dhamh-sa féin,
A Thailc mhic Tréin,” ar Oscar áigh,
“Óir bainfead-sa dhíot do cheann,
I ndíoghal na ndream so ghoin do lámh.”



“Dar do láimh-se, a Oscair áigh,
Gidh buidheach dhíot bárd is bean,
Beidh tú agam-sa 'nocht gan cheann,
Is beidh an fear Fionn go leamh,”



Ar feadh chúig n-oidhche is chúig lá,
Bhí an dís nar thláith ag gcleic,
Gan biadh gan deoch, ar díth suain,
Gur thuit Tailc le buaidh mo mheic.



Iarras cath .i. d'iarr sé duine do dhul chun troda leis féin.
Tar chionn .i. mar gheall ar.
'N-a dháil .i. ina choinnibh, in' aghaidh.
Aimsir gleó .i. aimsir troda.


L. 43


Re .i. le.
Go n-a bhfearaibh cródha .i. leis ná fearaibh tréasna bhí fútha
Iarras Oscar .i. d'iarr Oscar.
Díth ná sluagh .i. cailleadh ná bhfeár .i. an méid aca a cailleadh
(nó á marbhadh).
Gidh eagal liom .i. cé go bhfuil eagla (.i. faitchíos) orm.
Gail .i. gaisge, misneach.
Gluaiseas .i. d'imthigh.
Áigh .i. uasal.
Béim .i. lorg buille.
Go ráinig sé .i. go dtáinig sé go dtí.
I ndíoghal .i. mar shásamh ar.
Ghoin .i. wounded.
Go leamh .i. go brónach.
Dís nar thláith ag gleic, .i. beirt a bhí láidir tréan ag troid
Le buaidh mo mheic .i. mar gheall ar fheabhas mo mhic.



WII. — DIARMUID MAC MURCHADHA.



BHÍ sean-fhear i seomra i gcaisleán i bhFearna, agus é
ina shuidhe go brónach ar aghaidh teineadh breagh. Bhí
a uillinn leagtha ar bhord aige, bos fá n-a leacain
agus é ag breathnughadh síos 'san teine. Bhí gruag
fhada liath air, í ag tuitim síos ar a ghuaillibh. Bhí an
fear ina mhaoil.



D'árduigh sé a cheann i gcionn tamaill, & ghlaodh sé
ar ghiolla. Tháinig an giolla isteach, & sheas sé i n-aice
leis.



“Cá bhfuil Murchadh? ars an sean-fhear.



“Tá sé ag fiadhach an tuirc ó mhaidin, a Rí Laighean,”
ars an giolla.



“Cuir chugam Mac Lochlainn, d'éile,” ar an rí. Leis


L. 44


sin, d'imthigh an giolla amach, go ndeireadh sé le Mac
Lochlainn, cisdeóir an ríogh, dul isteach chuighe. Nuair
d'imthigh an giolla amach, thosuigh an rí, Diarmud mac
Murcada, ag caint leis féin:



“Ní leigfidh mise do na cléirchibh seo,” ar seisean.
“éirghe imo mhullach ar fad. Tá siad ag éirghe teann
anois ó thárla go raibh mé géilleamhnach dhóibh féin agus
do'n Mhordhach le fada, acht cuirfidh mise fá ndeara
doibh nac mbeidh siad leat comh dána ná chomh teann &
tá siad le leith-bhliadhain anuas. Nach adhbhar báis is
lae dhom é, i ndeireadh mo shaoghail thall, go bhfuil — ”



Ritheann an giolla isteach go hobann, agus deir sé :



“Tá Cathal mac Taidhg annso ag an doras, a Rí
Laighean, agus uathbhás an domhain air; tá sgéala mór
éigin aige dhuit.”



Cuireadh Cathal isteach & láib & guta go bun a chluaise
air. D'innis sé do'n rígh mar bhí an sluagh daoine ag
teacht aniar dtuaidh ar an mbaile mór. Ní rabhadar
an tráth soin acht trí mhíle uatha, agus iad curtha fútha
fá chomhair ná hoidhche. D'fhiafruigh an rí go mí-fhoighdeach
cé hiad a bhí ann, agus cé mhéad duine, tuairim.
D'fhreagair Cathal go raibh feara Bhreifne, feara Mhidhe,
Gaill Átha Cliath, agus iad go léir fó cheannas Thighear-
náin Uí Ruairc.



“Cá bhfuil Murchadh, nó an freis a bhí tú?” ar Diarmuid



“'Sead, a rí,” arsa Cathal, “d'fan sé im o dhiaidh nó go
bhfuigheadh sé fios go fírinnrach ar a líon agus a ngnó.”



“An raibh sé le aon mhoill a dhéanamh?”



“Uair nó dhó a cheap sé dhó féin, a rí.”


L. 45


“Déanfaidh sin an gnó,” ars an rí, nuair a chonnaic
sé Mac Lochlainn chuige isteach.



“Tá na brútaighthe seo orainn arís, is cosmhail, &
foireann láidir acá,” ars an rí.



“Cia hiad so, a rí?” ars an Lochlannach.



“An Ruarcach & a shluagh, feara Mhidhe agus Gaill Átha
Cliath, cluinim,” arsa Diarmuid. “Bhí mé len' fhiaf-
ruighe dhíot fá mhuinntir Laoighse, acht fanaidís mar sin
anois go mbeidh an ráigh seo thart, iad féin is a gcléir.
Faoidh leat go beó, tapuigh an lá, agus bíodh gach uile
nídh i gcóir i gcoinne na maidine. Beidh Murchadh annso
ar báillín beag, agus an cunntas go hiomlán aige
fútha.”



Acht taréis neithe do chur i gcóir do Mhurchadh fá
chomhair shluaigh an Ruárcaigh sin a raibh dh'á bharr aige.
Tháinig siad-san anuas ar an mbaile i ndorchadas na
maidne, & mharbhuigheadar gach uile fhear d'ar fhéach le
bacainn a chur orra. Fá dheireadh, rugadar ar an
rígh, Diarmuid mac Murchadha, & thugadar os comhair
Thighearnáin Uí Ruairc é. Thug an Ruarcach mar bhreith
air é dhíbirt as an tír amach, agus a mhac, Murchadh. chur
mar rígh ina ionad.



Cuireadh Diarmuid mac Murchadha tar sáile an
bhliadhain sin — 1166 — taréis aríoghacht a bhaint de, &
a thabhairt d'á mhac. D'imthigh seisean ar lorg ríogh
Shasana, nó go bhfuigheadh sé congnamh uaidh-sean le n-a
ríoghacht féin fhagháil ar ais arís. Bhí rí Shasana 'san
bhFrainc an uair sin, agus a dhóthain ar a aire, seachas
congnamh a thabhairt d'fhear eile. Acht dubháirt sé le
Diarmuid labhairt le cuid d'á mhuinntir i Sasana, & má


L. 46


thogair siad-san a dhul leis, nach gcuirfeadh sé féin aon
bhacainn orra. Tháinig Rí Laighean ar ais go Sasana ann-
sin, & fuair sé eolas ar Iarla Strongbó, & ar cheathrar
nó cúigear eile de thaoiseachaibh na Breataine Bige.
Gheall sé dhóibh, dá dtiocaidís leis, agus é dul ar ais
ina ríoghacht, go dtiubhradh sé talamh gan chíos dóibh
an dá lá is mhairfidís, & go dtiubhradh sé a inghean mar
mhnaoi & mar bhain-chéile do Strongbó féin, agus oighr-
eacht a ríoghachta .i. ceart a bheith ina rígh taréis a bháis.



Bhí an margadh déanta ainnsin eatorra, & fá Bheal-
taine, tháinig chomh maith le chúig céad fear anall go
Conndae Locha gCarmain. Bhí Diarmuid i bhfus rompa
agus 500 fear bailighthe aige féin. Bhuaileadar fó


L. 47


bhaile Locha gCarmain, & ghabhadar é; chuadar as sin go
Fearna, & ghabhadar é sin. Fó'n am so bhí 3,000 fear ag
Diarmuid, & d'éirigh sé teann postamhail mar gheall
ar a bheith ina shean-áit féin aris. Chuaidh sé go hOsraighe
go gairid 'na dhiaidh sin le 3,000 fear & bhain sé sásamh
de Mhac Giolla Pádraic, taoiseach na háite sin, fá
rud éigin a rinne sé air, bliadhanta roimhe sin.



Fuair an t-Ard-rí — Ruaidhrí Ua Conchubhair — sgéala
ar na neithibh seo, agus ghlaodh sé chuige ar a chuid comh-
airleóiríbh go bhfeicidís céard do b'fhearr a dhéanamh.
Chuaidh Ruaidhrí, & árm ina fhochair go Fearna, agus
rinne sé socrughadh le Diarmuid mac Murchadha.
Gheall Diarmuid dó nach dtiubhradh sé isteach níos mó
do na Sasanaighibh, go ndíbreóchadh sé uaidh gach a raibh
aige dhíobh, agus go n-admhóchadh sé Ruaidhrí bheith ina
árd-rígh. Acht ní raibh sé ag iarraidh acht am d'fhagháil
le cur faoi go daingean. An bhliadhain a bhí chugat chuir
sé fios ar na Sasanaighibh arís & tháinig Strongbó
& suas le míle go leith fear leis. Tháinig sé i dtír i
bPortláirge; chuir sé an haile sin fá n-a smacht i
gceann trí la. Chuaidh sé féin agus Diarmuid as sin
go Baile Át Cliath, mar bhí seilbh ag Diarmuid cheana
ar an mbaile sin. “Diarmuid na nGall,” a thug
na daoine air mar leasainm, mar is é an chéadfhear
é a thug Sasanaigh anall go hÉirinn. Fuair sé bás
fá Bhealtaine an bhliadhain cheadna, “gan ola gan
aithrige,” i mbaile Fearna.



Ina mhaoil, ceann lomnochta, bareheaded.
Ars an giolla = adeir an giolla.
D'eile, then in that case.
Cuirfead fá ndeara dhóibh = cuirfidh mise i n-iul dóibh.
I will compel them.


L. 48


Le leith-bhliadhain anuas = leis an leath-bhliadhain atá caithte
againn.
Adhbhar báis is lae, cause of death and end of life, cause of
anguish; tá a lá déanta = “his day is done,” i.e., the day
of his death has come.
I ndeireadh mo shaoghail thall, at the end (at this stage) of
my life.
Aniar dtuaidh, from the north-west.
Iad curtha fútha, having encamped.
Fá chomhair = i gcomhair, in preparation for.
Duine, tuairim = duine, do réir do thuairime.
An freis a bhí tú = an n-éinfheacht leis a bhí tú.
Nó go bhfuigheadh = chun go bhfuigheadh.
Ar a líon = ar a n-uimhir, ar cé mhéad aca bhí ann.
Chuige isteach, .i. ag teacht chuige isteach.
Faoidh leat = imthigh leat.
Tapuigh an lá = ná leig an lá thart gan do ghnó a dhéanamh.
Ar báillín beag = i gcionn tamaillín bhig, in a short time.
A dhóthain ar a aire = a dhóthain aige le déanamh, having
plenty to do.
An dá lá is, as long as.
Chomh maith le, about, as many as.
Loch gCarmain, Wexford.
Fearna, Ferns,
Osraighe, Ossory.
Portláirge, Waterford.



XIII. — TOMÁS MAC GEARAILT.



BA hé Gearóid óg Mac Gearailt do bhí i n-árdchean-
nas na hÉireann 'san mbliadhain 1534. Bhí a
náimhde agá chur amach air go raibh sé ag déanamh éag-
córa ar na daoinibh, agus ag braith ar leigean d'á
ghaoltaibh glaodhach ar Rígh na Fraince le congnamh thabhairt
dóibh fá'n tír a bhaint amach dóibh féin. Cuireadh fios
go hÉirinn air, agus, tar éis a mhac, Tomás, d'fhag-
áil ina áit, d'imthigh lais go Lunndain.



Ba deacair an rud sgéala d'fhagháil i nÉirinn ó
Lunndain an t-am soin. Ní raibh litreacha chomh tiugh


L. 49


ná dh'á n-iomchur chomh sgiobtha agus tá siad indiu.
Chuir náimhde na nGearaltach tásg amach gur cuireadh
chun báis Gearóid óg Mac Gearailt i Lunndain. Nuair
a chuala Tomás an sgéala tháinig cuthach feirge air.
Ní raibh sé acht bliadhain if fiche an tráth so. Dubh-
radh go raibh na Gearaltaigh go léir le cur i leathtaoibh,
chomh maith le Gearóid. Chuir sin buile thar cionn
ar Thomás. Thug sé leis a chuid fear go dtí seomra
na comhairle, agus d'innis sé so na comhairleóiribh na
sgéala bhí aige.



Bhí sé gléasta i bhfalluing agus i n-éadach na Comhairle;
bhí a ghiollaí amach roimhe agus ar gach taobh dhe, giollaí
eile ina dhiaidh, agus claidheamh na Comhairle ag fear an
chlaidim. Bhí uaisle & mór-uaisle le n-a chúl, & iad
reid liomhtha le n-a chomhairle dhéanamh.



Labhair sé go teann fearamhail feargach — “Níor
tháinig mise annso indiu,” ar sé, nuair a bhíodar ag
déanamh áite dhó le suidhe ag ceann an bhuird, “le
suidhe froibh-sé, ag glacadh comhairle libh, acht tháinig
mé le hinnsint daoibh fá'n dúnmharbhadh do rinneadh
thall i Lunndain, & céard tá fúm-sa a déanamh mar
gheall air.”



D'éirigh Alan, Árdeasbog Bhaile Átha Cliáth, ina
sheasamh agá cheistniughadh, agus ag déanamh iongantais
de'n chosamhlacht a bhí ar Thomás.



“Tá tú ag leigean ort féin,” ar Tomás, “nach
bhfuil a fhios agat go ndearnadh dúnmharbhadh ar m'athair
— ”



“Dúnmharbhadh!” adeir siad go léir, & iongantas an
an domhain orra.


L. 50


“Seadh,” ar seisean, ag labhairt leis an árd-easbog
“go ndearnadh dúnmharbhadh go héagcórach & go feall-
tach ar m'athair, & gur tusa an fealltóir, tú féin &
foireann eile atá leat.”



Chomh luath & chuala fir an Ghearaltaigh gur cuireadh
Gearóid chun báis, táinig fearg & olc orra, & ritheadar
isteach, a gclaidhmhte ina lámhaibh aca, ag easgainidhe &
ag luadh na mionn go mbainfidís sásamh amach de'n
té ba cionntach le bás Ghearóid. Sheas Alan suas le
labhairt, agus d'éirigh Crómair, Árd-easbog Árda Mhacha,
le labhairt ar son an Ghearaltaigh. Labhair Alan, &
bhí sé ag rádh nach raibh Gearóid díleas d'á rígh, acht bhí
dearbhráthair do Ghearóid, Oilibhéar, i láthair, & bhréag-
nuigh seisean Alan. Leis sin d'iompuigh Tomás ar a
sháil, rug sé greim ar chlaidheamh na Comhairle ó'n bhfear
a raibh sé aige, agus shiubhail sé suas go dtí an bord.



“Seo,” ar seisean, “cuireadh m'athair chun báis mar
gheall ar bhréagaibh éigin a cuireadh air, agus tháinig mé
annso le rádh go bhfuilim ar tí sásamh do bhaint amach
mar gheall air. Acht, mar sin féin, ní bheidh sé go deo
le rádh go ndearnamar an troid seo do thosughadh gan
í fhuagairt mar dhéanfadh laochraidh & daoine uaisle.
Ní'l aon ghnó de'n chlaidhechmh seo agam feasta, acht
gheobhad gnó de mo chlaidheamh féin. Ní cara do rígh
Shasana anois mé, acht námha, agus is gearr go mbeidh
a fhios ag an saoghal láimhe gur tíoránach bréagach
bradach mí-chríostamhail é an fear soin. Glacaidh an
claidheamh so.”



Bhí Niall Ruadh Ua Cinnéide, bárd an Ghearaltaigh,
i láthair, & “Crom a bú!” ar seisean. Annsin chan sé


L. 51


rann nó dhó ag moladh Thomáis na Falluinge Síoda,
Árd-rí Éireann. Sin é an leasainm do bhí ar Thomás, &
tugadh air é, mar gheall ar gur éadaigh síoda is mó
do chaitheadh sé. Acht níor thaithnigh sé le n-a cháirdibh go
raibh an Gearaltach chomh ceann-dána soin, cé go ndar
leo go raibh siocair a dhóthain aige. Cheap siad go
mb'fhearr dhó an réidhteach a ghlacadh, & bhí Crómair, an
t-Árd-easbog, ag iarraidh foighid a chur ann. Chinn sé
air. Bhí Tomás splanncuighthe.



“Go raibh maith agat,” adeir sé, “acht ní comhairle
atá uaim. Má's ceart dom cuimhniughadh ar mo rígh,
is cirte ná soin dom cuimhniughadh ar m'athair. Go
raibh míle maith agat ar son do chomhairle; tá mise
gabhtha le cibé céard tá ag Dia fá mo chomhair, & muna'
leat an claidheamh so do ghlacadh uaim, seo agaibh
dhaoibh é féin agus an meas do bhí agam ar bhur máigh-
istir.”



Leis sin chaith sé an claidheamh de thuairt le n-a dhá
láimh ar an mbord aca, & strachaill sé dhe anuas
éadaigh na Comhairle. Craitheadh an bord, léim an
claidheamh i n-áirde agus chuir an torann & an gníomh sin
sgannradh & eagla ar a raibh do láthair. Bhí uathbhás
ar lucht na Comhairle nuair a chonnacadar é, & a mhuin-
ntir féin ag gáir-mhaoidheamh leis.



Nuair a bhí sin déanta aige & dubhshlán an ríogh
tugtha os áird, bhí a náimhde sáata. Bhíodar ag súil go
ndéanfadh sé an cleas céadna soin, nó cleas mar é, &
is uime do chuireadar na bréaga ar bun ó thús, mar ba
bhréaga iad. Bhí Gearóid Mac Gearailt beó beathadhach,


L. 52


cé go raibh sé fá ghlas i Luinndan i n-imtheacht an ama
so.



Cuireadh fios air, he was sent for.
Ba deacair = budh dheacair.
Buile thar cionn, an-bhuile amach is amach, great anger.
Níor tháinig mé le suidhe = níor thánag chun suidhe.
Froibh-se = in bhur bhfochair, i n-éinfheacht libh-se
Cheistniughadh = cheistiughadh, cheasnughadh.
Ag leigean ort, pretending.
Chomh luath, chomh túisge = as soon as.
Luadh na mionn, swearing.
Bhréagnuigh sé, thaisbeán sé gur bréag a bhí sé dhéanamh.
An saoghal láimhe = an saoghal go léir, the whole world.
Cé go ndar leo go raibh siocair = cé gur shaoil siad go raibh
cúis.
A chur ann = a chur air.
Chinn sé air, theip sé air, sháruigh sé air, chlis sé air, it failed him.
Tá mé gabhtha le, I am satisfied with.
Muna leat a ghlacadh, muna mian leat a ghlacadh.
Seo agaibh dhaoibh é, here it is for you.
Dubhshlán an ríogh tugtha os áird, the king defied openly.
Beó beathadhach, alive.



XIV. — RUAGADH NA NGAEDHEAL.



BA bhrónach an sgéal do bhí le n-aithris ag Clainn na
nGaedheal i gCúige Mumhan 'san mbliadhain 1585.
Bhí an tír sgriosta ag na Sasanaighibh. Mharbh siad fir,
mná, agus páisdí, go dtí na sean-daoine féin, ionnus
go ndíbreóchaidís iad, & go gcuirfidís as an mbealach
iad. Bhíodar ag iarraidh an talamh bheith aca féin. Ní
raibh íseal ná uasal, bocht ná saidhbhir le fágáil ann
gan díbirt.


L. 53


Sheas na Gearaltaigh ar thaobh na nGaedheal; fuair
duine aca congnamh ó'n bPápa, agus tar éis troid
thréan do dhéanamh i gCiarraighe, an áit a dtáinig an
congnamh i dtír ó'n Róimh, buaileadh iad. Ghlaodh an
t-uachtarán do bhí ar Chúigeadh Mumhan chuige gach a raibh
umhal do'n tSasanach le dul i n-arm, agus tháinig an-
bhuidhean fear chuige. Bhí fhios aige go gcaithfeadh
Iarla na nGearaltach — an Gaedheal ba mhó le rádh 'san
gcúigeadh, dul leis nó i n'aghaidh. Bhí a bheirt dear-
bhráthar ar thaobh na nGaedheal, agus chuaidh seisean ar an
taobh chéadna.



I ndeireadh foghmhair tháinig foireann Spáinneach &
Eadáileach isteach 'san áit chéadna a dtainig an dream
eile roimhe sin. Chuireadar fútha i ndún annsin, mar
bhí airgead & gunnaí de chabhair aca, agus bhí tuilleadh
le teacht. Tháinig na
Sasanaigh orra, agus
bhí sé ina throid, gan
mhoill. D'iarr lucht
an dúna cáirde, tar
éis a bheith trí lá ag
troid. Gheall na Sasanaigh go sgaoilfidís bóthar leó


L. 54


gan aon dochar a dhéanamh dhóibh, act a ngunnaí a lea-
gan uatha. Leag, agus mharbh na Sasanaigh gach uile
dhuine aca, agus sagart do bhí ina measg. Chrochadar
na mná.



Bhíodhg na Gaedhil arís as an nua, taréise sin. Thuig
na Gaill anois nach dtiocfadh aon mhaitheas as an ár
so, agus d'fhuagradar síothcháin agus maitheamhnas do
gach uile dhuine acht d'Iarla na nGearaltach amháin. Bhí
bunáilte a chuid fear marbh; bhíodar ina dhiaidh féin,
mar bheidís i ndiaidh bheithidheach éigcéill, agus eisean ag
dul i bhfolach orra. Tháinig siad air, fá dheireádh, i
n-aice Thráighlí, agus mharbh siad é; chuireadar a
chloigeann anonn go Lunndain, agus cuireadh ar spíle
ar Dhroichead Lunndain é.



Bhí an bealach réidh anois le foireann nua do chur
isteach ar thalamh na Mumhan. Rinne na Gaill dlighe
go raibh a gcuid talmhan caillte ag na Gearaltaigh, &
ag seacht bhfichid fear d'á gcongantóiribh. Roinneadh
an talamh soin ar na Gallaibh. Chaithidís dhá phinginn nó
trí pinginne an t-acra d'íoc air, & tunóntaí thabhairt
as Sasana agus as Albain a chuirfeadh fútha ann, acht
ní raibh cead aca aon Ghaedheal amháin do ghlacadh isteach,
ar fhaitchíos go ndéanfaidís áitreabh ann arís.



Acht ní raibh aon mhaith ann. Chuir siad féin an-droch-
cháil ar an tír, agus ní thiocfadh na Sasanaigh anall, le
heagla nach ndéanfaidís aon tsocrughadh ann. Tháinig
mathshluagh aca, acht chuaidh cuid aca ar ais arís. I n-áit
20,000 Sasanach do bheith aca, mar cheapadar, b'éigean
dóibh an chuid ba mhó de'n talamh d'fhágáil bán, nó na
Gaedhil do leigean ar ais. Bhí siad-san — an méid


L. 55


díobh a d'fhan beó — ar fud na gcnoc agus na gcoillte
fós, sáidhte i sgailpreachaibh agus i n-áiteachaibh a
bhfuighidís fosgadh ó'n doininn agus ó'n ngairbhthean.
Ruaigeadh as a gcuid talta féin iad, agus luath nó
mall, bhuailfidís buille eile ar a son. Ghlac na Gaill
leo, ó thárla nár fhéadadar a malairt d'fhagháil, agus
sin é an bealach a dtáinig cuid de na hÉireannaighibh
ar ais ina mbailtibh féin arís.



Mar sin féin, ní raibh cead aca, do réir an dlighe,
filleadh. Bhí cead ag na Gallaibh iad do marbhughadh
mar mharbhócháidís sionnaigh nó bruic. Ní fhéadfaidís
díol ná ceannach a dhéanamh, oideachas do thabhairt d'á
gcloinn, a gcreideamh féin ná sórt luach airgid de
mhaoin ar bith do bheith aca. Rinneadh an dlighe na
n-aghaidh ar gach uile chor, agus ba bheag an dochar
dhóibh, dá mbeidís gan an droch-shaoghal úd do shárughádh.



Gach a raibh umhal, all who were obedient.
Ba mhó le rádh, is mó ar a raibh meas.
De chabair, mar chabhair, as help.
Bhí sé ina throid, fight had begun.
Go sgaoilfidís bóthar leo, that they would let them go.
Taréise sin = 'na dhiaidh sin.
Beithidheach éigcéill, a wild beast.
I bhfolach, hiding.
Ar fhaitchíos, lest.
Áitreabh, a home.
Fhágháil bán, to leave untilled.
Ghlac na gaill leo, the Galls consented to accept them.
Ar gach uile chor, in every respect.


L. 56


XV. — AN CAT GLAS.



Ní raibh cat chomh breagh leis i gClár Luirc aoibhinn.
Ná a shamhail le fagháil ó thráth na díleann;
Bhí croidheamail laidir áluinn gníomhach,
Is monuar go bráth mo pháinteach claoidhte.



Níor dhíon do'n ghall-luich poll ná áirse
Ar teact na Samhna ná i n-am an cháithte;
Da maireadh Mathghamhain, budh rogha léi bás d'fhagháil,
Is anois ó's fann é, foghailfidh m'árus.



Ní raibh go feasach a shamhail i gClár Luirc;
Do sheinneadh crónán comh binn le cláirsigh;
Do bréagad leinbh is daoine ársa;
Is do thugad cearc uisge go minic chum Máire.



Do thugadh an treadhnach isteach ó'n móin leis;
Do thugadh ó'n sgairt an lon 's an smólach;
Do thugadh an creabar is an gabhairín reóidh leis,
Is breac ó'n linn, nídh nár dhóigh libh.



Do thugadh an míol muighe isteach ar nóin leis,
Is an páinteach coinín as goirtín Dhomhnaill.
Na gealbhain tighe as díon an tseomra,
Is an chuaichín binn a chlaoidh níor mheón leis.



Do thugadh ó'n móin an mionnán aeir leis.
An pilibín míog 's an shaoileann ghléigeal,
Na cearca fraoich, de dhruim an tsléibhe.
Is de'n cheirsig reimhir do ghníodh a bhéile.


L. 57


Do bhréagadh go minic an leanbh dob' óige,
Le crónán milis do seinneadh mar cheol chrot,
Ba chlisde bheireadh ar imeall a chótha,
D'á tharraing ó'n teinidh, ar eagla a dhóighte.



Is lúthmar tapaidh do preabadh i n-áirde,
Ar bharr crainn ubhaill & thugadh siocán as,
Do thugadh go minic leis lacha nó bárdal,
Feadóigín mhilis is pitrisg áluinn.



Ba dheas é a cheann 's a chealltar gleóite,
Ba dheas í a gheannc 's a ghreann féasóige,
Ba dheas a dhrom 's a chom ba chórach,
'S a mhása teann chomh sleamhain le hómra.



SÉAMUS Ó CAOINDEALBHÁIN.
DO CHAN.



(San mbliadhain 1813 do chum Séamus an dán ar “Eachtra
an Chait.” Bhí sé 'na chomhnuidhe an uair sin i n-Eatharlach i
gConndae Thiobrad Árann. I n-Irisleabhar an Gaedhilge
do bhí an méid seo thuas de'n dán.)



Monuar .i. fairíor.
Páinteach nó páin .i. cat a bheadh beódha beathaighthe.
Áirse .i. “arch”; “stuagh” i nglan-Ghaedhilg.
Foghailfidh .i. déanfaidh foghail nó milleadh.
Daoine ársa .i. sean-daoine; daoine aosta.
Treadhnach .i. éan féir, traona, spide tradhain, the corncrake.
Sgairt .i. mothar driseóg, fál, nó balla, le gort.
Creabhar .i. wood-cock.
Gabhairín reóidh .i. jack-snipe.
Míol muighe .i. an girrfhiadh.
Mionnán aeir .i. an naosg.
Pilibín míog .i. cinéal feadóige.
Siocán .i. redwing, fieldfare.
Pitrisg .i. partridge.
Cealltar .i. an bhaithis & cúl an chinn & a bhfuil ag fás orra
& 'ghá gcumhdach.
Geannc .i. srón ghearr & a bharr casta suas.


L. 58


XIV. — BÉAL AN ÁTHA BUIDHE.



SÉ Aodh Ó Néill, flaith Thíre Eoghain, an fear is mó a
chuir imnidhe ar mhuinntir Shasana i n-Éirinn 'san
mbliadhain 1589. Níor bh' iongnadh dhóibh sin, mar bhí
rún aige a ghreim a choingbheáil ar a chuid maoine féin
i gcúigeadh Uladh, agus bhí rún ag na Sasanaighibh an
mhaoin sin a bhaint de.



Bhí port nó daingean láidir déanta aca ar an
Abhainn Mhóir, chúig mhíle ó thuaidh d'Árd Mhacha. Is le
iad féin a chosaint a bhí an teach láidir seo déanta
aca, agus bhí 300 fear aca ann, an t-am so. Níor
thaithnigh le Ó Néill iad-san a bheith chomh gar sin dó,
agus d' ionnsuigh sé iad le hiad a chur as. Acht bhí
siad ar sgáth na mballaí agus chinn sé air iad a dhíbirt.
Acht d' fhágaibh sé fir ag faire an phuirt, agus dubhairt
sé leo gan duine ná blas bídh a leigean isteach, ná
duine leigean amach uatha.



Chaitheadar tamall mar sin, acht fá dheireadh, bhí a
gcuid bídh caithe ag lucht an phuirt, & theann an
t-ocras leo. Ní fhuair siad dadadh isteach, agus,
nuair a bhí an bheatha ithte aca, b'éigin dóibh na capaill
a mharbhughadh agus a n-ithe.



Chuala na Gaill i mBaile Atha Cliath go raibh na fir
seo ag fagháil bháis leis an ocras, agus chuir siad
amach 5,000 saighdiúr, agus Énrí Beging mar thaoiseach
orra, le beatha thabhairt isteach go dtí na saighdiúir a
bhí 'san bport. Tháinig na 5,000 fear so chomh fada
le Árd Mhacha, agus, nuair a bhí a sgíth leigthe aca,


L. 59


thug Beging amach iad agus roinn sé iad. Chuir sé
dhá fhoirinn i dtosach, dhá fhoirinn eile sgathadh ina
ndiaidh, & foireann eile ar deireadh. D'innis sé dhóibh
cé an bóthar a dtiocfaidís agus céard a dhéanfadh
siad.



Chomh luath is chuala Aodh Ó Neill go raibh na Gaill
ag teacht air chomh láidir sin, chruinnigh sé féin cong-
namh. Tháinig Aodh Ruadh Ó Domhnaill agus laochraidh
Thíre Chonaill go dtí é, Mag Uidhir agus a mhathshluagh
féin, & Mac Domhnaill na hAlban Ó Ghleanntaibh
Aontruim. Bhí sgata áluinn fear aige, agus maidin
an lae a dtáinig Beging amach ó Árd Mhacha, bhailigh an
Niallach a arm féin & labhair sé féin & Aodh Ruadh
leo.



“A dheagh-mhuinntir,” adeir Aodh O Néill, “ná bíodh
eagla ná faitchios oraibh indiu mar gheall ar na
hairm aisteacha, ná na héadaigh iongantacha atá ar na
Gallaibh, mar gheall ar a ngleó ná a bhfothrom, ná an
méid díobh atá ann. Is sár-chinnte gurab iad-san a
bheas buailte indiu. Is ar thaoibh na fírinne atá sibh-
se, acht tá siad-san ar thaoibh na bréige. Tá siad ag
iarraidh breith oraibh, sibh a chur i bpríosón agus sibh a
chrochadh, agus bhur n-éadáil dílis féin a ghoid uaibh.
An leígfidh sibh dhóibh sin a dhéanamh?”



Iad-san. — “Ní leigfidh, ní leigfidh, go héag!”



Ó Néill. — “Tá arm mór aca indiu agus ní mór
dhaoibh bacainn a chur orra.”



Gháir na Gaedhil, dá mbeadh an oiread agus an
oiread eile aca ann, nach bhfágfaidís féin an áit beo
nó go mbeadh na Gaill buailte.


L. 60


Ba cumhang eachrannach an bealach ina ndeacha na
Gaill ó Árd Mhacha go dtí an Abhainn Mhór. Bhí sgeacha
ar gach aon taoibh de'n tslighe agus tomacha & coillte
agus ghearr na Gaedhil clais mhór leathan dhoiain
treasna an bhóthair. Rinneadar an chlais an gach aon
taoibh de'n bhóthar freisin, ionnus go raibh sí míle ar
fad 'sa deireadh, & a lár treasna an bhóthair .i. leath
mhíle dhi ar taoibh & leath mhíle dhi ar an taoibh eile de'n
bhóthar. Ní raibh sí i bhfad ó'n Abhainn Mhóir aca, agus
chuir Ó Néill cuid d'á arm i gcoill ar bhruach an
bhóthair, roimh na Sasanaighibh. Chuir sé foireann eile
fear i gcoill ar an taoibh eile de'n bhóthar, níos goire
arís do'n chlaise. Bhí mathshluaigh eile le taoibh na
clasach aige, & an clais idir iad féin agus na Sasanaighibh
a bhí ag déanamh orra.



Rinne na Gaill ar aghaidh go dtí an chlais nó go
dtéighdís go dtí an abhainn, má b'fhíor dhóibh féin.
Nuair a tháinig siad chomh fada leis an áit a raibh fir
Uí Néill 'san gcoill, phléasg cith piléir amach orra &
thuit cuid aca agus iad marbh. Chuaidh an chuid eile aca
ar aghaidh, ag déanamh ar an gclais. Tháinig an dara
foireann Sasanach, agus d'ionnsuigh na Gaedhil a bhí 'san
gcoill an taobh eile de'n bhóthar iad, agus iad ag gabháil
thré áit bhog. Bhí gunna mór aca, agus chuaidh sé 'gá
bháthadh orra nuair a bhí na Gaedhil ag caitheamh leo.
Ar feadh an ama so chuaidh an fhoireann Gall a bhí i
dtosách thar an gclais mhóir, & léim na Gaedhil a bhí
ag fanacht leo annsin amach orra & chuir siad an
ruaig ar ais orra. An mathshluagh Gall a bhí ar deir-
eadh, léim na Gaedil a bhí i leathtaoibh an bhóthair amach


L. 61


orra-san, agus bhí an troid ar siubhal ins gach uile áit
fá'n am so. Acht an áit a raibh an gunna mór, ba
ghearr a bhí an troid ar siubhal ann, nuair a thuit
aithinne, as maisde bhí ag Sasanach, isteach i mbairille
púdair. Phléasg an bairille púdair 'san aer, sgaip
sé ar gach taoibh dhe, mharbh sé an mhuinntir ba goire
dhó, & dóigheadh & loisgeadh a lán eile. Dhruid na
Gaedhil níos goire isteach ar a námhaid anois & bhíodar
ionann & a bheith ina mullach nuair a theich muinntir an
ghunna mhóir.



Anois, bhí an dream a chuaidh thar an gclais mhóir
buailte, & b'éigin dóibh teicheadh, an méid díobh a
d'fhéad é; bhí an fhoireann a bhí timcheall an ghunna
mhóir buailte agus a gceannphuirt marbh; agus an
sluagh a bhí ar deireadh, bhíodar-san buailte ag an méid
d'arm Uí Néill a léim amach orra ó'n gcoill. Bhí
an ruaig orra anois go léir, agus nuair a chonnacadar sin
theicheadar ar ais go hÁrd Mhacha. Rith na Gaedhil
ina ndiaidh. Nuair a tháinig siad-san go dtí an chathair,
ní dheachadar isteach innti, acht d'fhanadar taobh amuigh
ina timcheall. Ní leigfidís duine isteach ná amach as
an gcathair, & taréis trí lá mar sin dóibh, thug na
Gaill suas & d'admhuigh siad go rabhadar buailte.
D'iarr siad cead imtheachta. Fuair siad sin, & d'imthigh
siad ar ais go hÁth Cliath.



Bhí os cionn 2,500 d'á gcuid feár marbh orra de
bharr an chatha soin, ag Béal an Átha Buide. An
10º lá de Lughnasa 'san mbliadhain 1598 a tugadh é.



Níor bh'fhada go gcuala an t-arm a bhí 'san dún ar


L. 62


an Abhainn Mhóir sgéala an chatha. Ní raibh cabhair ná
congnamh le n-a n-aghaidh anois, agus dá bhfanaidís
níos fuide ins an dún, caillfidhe leis an ngorta iad.
Thairg siad annsin géilleadh. Tugadh cead dóibh
imtheacht slán & chuadar ar ais go Baile Átha Cliath,
mar chuaidh an chuid eile d'á muinntir.



Is le iad a chosaint = is chun iad a chosaint.
Ar sgáth (sgátha) na mballaí = behind the shelter of the walls.
Chinn sé air = theip sé air.
D'fhágaibh = d'fhág.
Nuair a bhí a sgíth leigthe aca = when they had rested.
Ag caitheamh leó = firing at them.
Loisgeadh iad = they were burned.
Go dtí na saighdiúir = go dtí na saighdiúirí.



XVII. — FEIDHLIM Ó CEALLAIGH.



BÍ beirt fhear ag dul siar an gleann atá i ndeas de
Shliabh na Caillighe, i gConntae na Midhe, & iad ag
caint ls chéile i mBéarla. Bhí gunnaí caithte siar ar
a nguaillibh aca, agus iad ag imtheacht fá bhog-dheifir mhaith.
Ní raibh an ghrian acht taréis éirghe, & maidin áluinn
fhoghmhair a bhí innti. Ní hé an déanamh céadna bhí orra,
mar bhí duine aca árd tanaidhe caithte, agus an fear
eile ina bhlucán d'fhear bhuidhe íseal agus bolg mór air.



“Céard dubhairt Basbhul, nuair a d'innis tú dhó é?”
adeir an fear árd.



“An é an caiptín?”



“'Sé.”



“'An agá innseacht domh-sa atá tú,” ar sé, 'a


L. 63


Choltoir, a bhitheamhnaigh! Imthigh leat go beodha & tabhair
a gcloigne isteach annso chugam-sa & beidh do chúig
phunt le fagháil agat.'”



“'An dtiubhrad Liam lom Lopoll liom?'” arsa mise



“'Déan, agus nár fhillidh sibh,'” adeir sé.



“Nach é an t-áidhbhirseóir é?” adeir an fear árd,
Liam Lopoll. (Bí sgead ina bhlaoisg, & i n-áit a rádh
go raibh plait ann, dubhradar gur lom a bhí sé).



“Meas tú an insa ngleann atá siad indiu?” adeir sé



“An é Feidhlim a bheadh chomh dall soin?” ar Coltor.



“Seo é mar tá sé; ghoid duine éigin deich gcinn de
bha bainne uaim; munab é Feidhlim Ó Ceallaigh é, is
duine éigin eile dh'á dhream é. Támaid ag dul ar a
lorg anois, nach bhfuil?”



“Támuid,” arsa Liam.



“Tá agus beidh a chloigeann ar bhior ag dul a-baile
agam-sa ,nó is cruaidh an cás é,” ar Coltor.



“Má thagann Bulmur & an chuid eile suas linn, tá
againn,” ar Liam. Leis sin chonnaic siad toirt
éigin ag dul treasna an chasáin tamall rompa. Bhí
sé tuairim chomh mór le madadh, nó le laogh, b'fheidir.
Bhí dath donn air & sgeinn sé treasna go mear tar-
éis breathnughadh go fíochmhar fiadháin ar na fearaibh.
'Séard do bhí ann faolchú mór. 'Sé mharbh ceann de
na ba bainne, & a chuir an chuid eile i bhfiadhántas. Bhí
sé d'éis ceann eile aca do mharbhughadh an lá roimhe
sin. Bhreathnuigh an bheirt ár a chéile gan focal a rádh,
agus leis sin léim fear mór árd láidir lúthmhar amach
ó bhun sgeiche & a chlaidheamh nochtuighthe ina láimh.



“Leagaidh uaibh na gunnaí sin,” ar seisean. acht bhí


L. 64


sé chomh gar dhóibh nach raibh uain aca le haghaidh na ngunnaí
thabhairt air le heagla, tháinig sé orra chomh hobann
soin. Léim Liam Lom i leathtaoibh ó'n mbuille
tharraing an fear mór air, agus buaileadh i n-aghaidh an
fhir eile é. Baineadh tuisle as, nuair a shaoil sé a chosa
chur faoi, agus siar leis ar chúl a chinn. Buaileadh a
ghunna i gcoinne cloiche & d'imthigh an t-urchar as. Bhí
Coltor go díreach ar a chosaibh taréis an tuairt do
baineadh as, chuaidh an t-urchar tré n-a chroidhe, agus
thuit sé ina chnap i mbun a chos, marbh.



Ní raibh an nóiméad féin caithte ó léim an fear
amach ó'n tom nó go taibh Coltor sínte ar an mbán.
“Cuir uait do ghunna anois,” adeir sé, “is mise
Feidhlim Ó Ceallaigh, agus tar liom go n-innsighe tú dhom
an sgéal atá agat.” Rug sé ar an ngunna, mar shín
Liam chuige é, chrom sé ar an ngunna eile do bhí ag
Coltor, & thug sé an péire leis. Thaisbeán sé an
casán do Liam agus d'imthigh Liam roimhe & é ar creathadh.
Suas leo taobh an chnuic tré choilltibh, sgeachaibh &
dhriseachaibh nó go dtáinig siad gi dtí talamh comhthrom
a bhí gan croinn ná eile. Tháinig fear sgoth-aosta
amach as sgailp a bhí i n-éadan na haille — mar bhí aill
ar éirghe suas díreach ó'n ngiodáinín lom talmhan soin
& í chomh maith le dhá fhichid troigh ar áirde.



“Tá sé agat, a Fheidhlim,” ars an fear so.



“Tá, a Athair,” adeir Feidhlim, “an nglaodhfá amach
ar Aodh, le do thoil, má tá sé istigh.”



'Sé an sagart do bhí ánn, agus sean-chiomacha
d'éadaíghibh air, acht é ag siubhal go lúthmhar neamh-
eaglach. Shiubhail Aodh féin, mac Fheidhlim, amach.


L. 65


“Seo, ceangail é seo do'n chrann nó go bhfuaruighe
sé, a mhic. Ceangail dlúith docht anois é, leis an
gcrios, & ná sgaoileadh sé é féin.”



“Fág fúm-sa é,” adeir Aodh, & thug Aodh ceangal air
go mba dheacair a sgaoileadh.



Chuaidh sé isteach arís 'san sgailp. Ní raibh do thigh
aca féin ná ag an sagart le dhá bhliadhai acht
uachaiseacha mar sin. Gaedhil
a bhí ionnta, & dhibír na
Sasanaigh as a dtighthibh féin
iad. Thug na Gaedhil na
cnuic orra féin, & bhíodh na
faolchoin ag teacht anuas ar an tréad & agá mar-
bhughadh.



Ba saighdiúir Sasanacha iad Liam Lom agus Coltor.
Chuaidh siad amach an mhaidin sin an aithghiorra, & chuaidh
mathshluagh eile fear capall amach thart timcheall taoibh
eile le breith ar Fheidhlim. Is orra-san do bhí Bulmur
mar cheannurraidh. Bhí chúig phunt le fagháil aca,


L. 66


dá dtugaidís a chloigeann isteach. Bhí an tásg ina
measg freisin, go raibh sagart i n-áit éigin i ngar
dhóibh, & gheobhaidís deich bpuint ar cheann an tsagairt.



Bhíodar ag caint, nuair a tháinig Aodh isteach, céard
do b'fearr dhóibh a dhéanamh le n-a muinntir féin do
chruinniughadh agus dearg-ruathar eile a thabhairt fá'n
námhaid. Ní rabhadar i bhfad ag caint nuair a chuala
siad uaill gháibhtheach ó'n taobh amuigh. Léim siad a
dtriúr ina seasamh, amach leo, agus cé bheadh ann acht fear
& píce ina láimh aige, agus Liam lom marbh le sáthadh
de'n phíce. Cuireadh athair & máthair an fhir seo amach
as a n-áitreabh féin leith-bliadhain roimhe sin, marbhuigh-
eadh an mháthair, fuair a athair bás leis an bhfiabhras &
bhí sé féin le fán & le seachrán an tsaoghail. Nuair a
chonnaic sé an triúr fear chuige, “Sin é,” adeir sé,
“an diabhal a chroch mo mháthair fá Bhealtaine, acht ní
chrochfaidh sé aon mháthair eile, an urchóid!” Ba hin í
an bhliadhain 1655.



I ndeas = i dtaobh theas.
Bog-dheifir mhaith, with moderate haste.
Meás tú = an measann tú, an dóigh leat.
I n-áit = i n-ionad.
Nach bhfuil = nach bhfuilimíd.
Tá againn, .i. tá an lá againn, we are suceessful.
Sgeinn sé go mear, .i. d'imthigh sé go luath, he glided quickly.
Séard = 'sé rud.
Chuir i bhfiadhántas iad, set them wild.
Baineadh tuisle as, he stumbled.
Siar leis, back he went.
I mbun a chos, d'imthigh lúd na gcos uaidh, & thuit sé.
Ar creathádh, shaking, quaking.
Talamh comhthrom, level ground.
Gaedhil a bhí ionnta = Gaedhil a b'eadh iad.
Thug siad na cnuic orra féin, they took to the hills
Uaill gháibhtheach, a terrible scream.


L. 67


XVIII — SEAFRAIDH Ó DOMHNAILL.



Céad fairíor cruaidh deacrach ar bheith dhó lag traochta
Gan lúd ina ghéagaibh 's é ag saothrughadh an bháis,
'Seadh tháinig an teachtaire chuige le sgéalaibh,
Ó thighearna Uí Néill, ag cur chogaidh air is áir.



“Céad fairíor!” arsa Seafraidh, “nach mairg nach
bhféadaim
Ullmhughadh 'gus gleasadh 'gus breith ar mo lann?
Mo bhrón, táim gan spreacadh, is níl ionnam a dhéanaa
Acht, a chlanna 's a ghaolta, 'na dhiaidh sin bead ann.



“Bailigidh Clann Domhnaill i dteannta a chéile,
'S tugtar dóibh sgéala ó leabaidh mo bháis,
Go bhfuil orra seasamh gan stríocadh gan staonadh.
'Gus a theacht ina gcéadtaibh 'sa gclaidhmhthe na láimh.



“Tugtar amach mé 'sa gcath i n-aghaidh an Néilligh,
'S ná curtar i gcré mé is ná dúntar na cláir,
Ar an gcomhairín caol fada 'mbead sínte go héag ann
Go ruaigtear an Néilleach 's go gcuirfear, ar lár.”



Tosuigheadh an sgeanadh, an smíochadh 's an réabadh,
Tráth tháinig 'na chéile na clanna go teánn,
Is Seafraidh Ó Domhnaill ar ghuaillibh a thréan-fhear,
'Sa gcath leó i n-éinfheacht 's 'gá maoidheamh san ár.


L. 68


Do throid gaisidhigh Sheafraidh go dána is go faobhrach,
'S Tír Chonaill 's a laochradh do basgadh is do crádhadh;
Gidh buadhach Clann Domhnaill, ba dubhach iad is ba
léanmhar
Mar Sheafraidh an laochrais gan dé bhí go bráth.



MÍCHEÁL BREATHNACH.



Deacrach .i. doilgheasach, deacair.
Traochta .i. curtha, caithte, ó thuirse.
Lúd .i. lúth, neart, láidreacht.
Spreacadh .i. brígh neart.
Níl ionnam .i. níl mé ábalta ar.
Stríocadh .i. géilleadh, tabhairt suas.
Staonadh .i. éirghe as, géilleadh.
Comhairín .i. a little coffin.
Sgeanadh .i. mion-ghearra, troid dhian.
Smíochadh .i. ag troid go mear agus go dian.
Réabadh i. strócadh, tearing.



XIX. — PÁDRAIG SÁIRSÉAL.



BHÍ rí Shasana, Liam, ag iarraidh seilbh d'fhagháil ar
Luimneach 'san mbliadhain 1690. I Mí na Lughnasa an
bhliadhain sin, bhí ocht míle dhéag ar fhichid fear ag
Liam i n-aice na cathrach, & ní raibh i n-arm na nGaedheal
acht tuairim le deich míle fear. Bhí cuid de na ceann-
phoirteachaibh a bhí ar na Gaedhealaibh ag iarraidh an
chathair a thabhairt suas do'n rígh, acht dubhairt tuilleadh
aca nach dtiubhrad go deo nó go gcinnfeadh sé orra.


L. 69


Nuair nach dtiubhradh, d'imthigh an muinntir eile ás an
mbealach, thugadar leo gach ar fhéad siad d'fhearaibh,
de bhiadh, de ghunnaíbh & de gach aon tsórt gléas troda
& ghlanadar amach as an gcathair ar fad.



B'amhlaidh b'fearr é. Bhí an dríodar imthighthe leo.
Chuir na Gaedhil a bhí dílis misneamhail cóir orra féin
fá sheasamh i n-aghaidh na Sasanach. Rinneadar mótaí,
trínsí, claidheacha, ballaí le n-a gcoingbheáil amach, &
sheas siad féin ar a gcúlaibh go dílis díocsach.



Theann na Gaill leo ó'n taobh anoir ndeas. Chuir
eadar na gunnaí móra ar na cnocaibh thart timcheall,
& phléasgadar isteach ar an gcathair. D'fhreagair
gunnaí móra na nGaedheal iad ar ais, & chaitheadar
leo chomh tréan & chomh teann soin & go ndeachaidh aca
ar na Gaillaibh an dara lá. Dhruid siad-san ar ais
uatha as an mbealach, agus ghlacadar a suaimhneas nó go
dtiocfadh neart gunnaí móra, púdar, báid bheaga, &
eile chuca. Bhí na rudaí seo ar an mbóthar chuca ó
Phortláirge, agus i gceann seachtmhaine bheadh congnamh
a ndóthain aca.



Theastuigh na báid bheaga uatha le dul treasna na
Sionainne, mar bhí Pádraig Sáirséal & a chuid marcach
ar an taobh ó thuaidh de'n abhainn sin ag á cosaint ar
faitchios na Gaill a dhul thairste & go mbeidís annsin
ar dhá thaobh de'n chathair. Nuair a thiocfadh na báid
bheaga so, d'fhéadfadh na Gaill a dhul treasna na
haibhne i n-áit ar bit a dtogróchaidís é.



Chuala na Gaedhil go raibh an chabhair ag teacht ó
Phortláirge, acht bhí 38,000 fear d'arm insa mbealach


L. 70


orra agus goidé an chaoi a bhféadfaidís stad a chuir
leis an gcabhair! Mar seo. Thug an Sáirséalach
chúig céad fear leis oidhche Domhnaigh, & thugadar
aghaidh ar Chill Dálua. Bhí an baile sin ó thuaidh dhíobh,
& is soir ndeas uatha a bhí congnamh na nGall, Chuaidh
na 500 fear soir tar an abhainn tamall, suas ó'n
mbaile, agus, mar bhí dorchadas na hoidhche aca,
chasadar soir ndeas. Laoch d'ar bh'ainm Ó hÓgháin do
bhí ar a theicheadh an tráth soin a chuir ar an eolas iad.
Ní raibh casán ná sgailp ná cúinne nach raibh a fhios
aige. Roimh éirghe gréine ar maidin bhí mathshluagh an
tSáirséalaigh i ngleann imeasg na gcnoc, soir dtuaidh
ó Luimneach, agus chuir siad fútha annsin go dtáinig an
trathnóna.



Chualadar go raibh an lón cogaidh taréis a theacht ó
Chaiseal an Luan soin, & go raibh sé suidhte, an oidhche
sin, i mBaile an Fhaoitigh, timcheall le naoi nó deich
'mhíltibh ó arm na Sasanach. Ní raibh aon chuimhniughadh
ag an dream a bhí i mbun an lóin go raibh aon bhaoghal
orra, agus níor chuir siad ag faire acht duine fánach
i n-aice leo. Chuadar féin a chodladh. I dtaca na
maidne chuala fear an fhaire torann cos capall ag
déanamh air, i gcos i n-áirdé. Cheap sé go mba Gaill
iad, agus chuir sé forán orra — cé an focal faire do
bhí aca.



“'Sé Sáirséal' an focal & 'sé Sáirséal an fear,”
arsa Pádraig, ag sgeinneadh thairis le n-a chuid fear
mar chith teineadh ghealthin agus ar an toirt boise
sé ina dhearg-raic. Tháinig na Gaedhil chomh hobann
soin nach raibh ann acht go raibh na Gaill ar a gcosaibh


L. 71


nuair a leagadh & marbhuigheadh iad. Theich cuid aca
sheas cuid eile aca, nó go bhfeicfidís céard do bhí ar
siubhal; chonnacthas do thuilleadh aca go raibh na mílte
Gaedheal ina mullach & ní dhearnadar acht iad féin a
thabhairt suas. Ní raibh ag na 500 acht buille an duine
ar lucht an lóin, ní raibh an buille féin ag cuid aca, nó
go raibh an lón aca.



Níor fhéad na Gaedhil an lón a thabhairt leó, mar
bhí na Sasanaigh ró-ghar dhóibh, acht líonadar na gunnaí
móra le púdar, & chuireadar a mbéil i dtalamh.
Rinneadar cárnán ina mullach de'n chuid eile de'n
phúdar, chuir siad na báid bheaga, an biadh, na gunnaí
beaga, an t-éadach agus gach a raibh eile de thrucálachaibh
ann i mullach a chéile os cionn an phúdáir. Nuair a
bhí an méid sin críochnuighthe aca, rinne siad claisín
phúdair a tharraingeóchadh an teine isteach go dtí an
cárnán; thug siad teine dhó, agus fá cheann cúpla
nóiméad phléasg cith teineadh & lasracha suas na mílte
troigh san spéir. Thug sé solus nóiméide do'n tríocha
céad soin. Chraith an fhuaim a tháinig as an bpléasg
soin na spéartha, agus an talamh ar feadh mílte ar
gach taobh dhi. Cloiseadh í fiche míle bealaigh. Chuala
saighdiúir Luimnigh í, & chuir sí eagla ar chlainn na
nGall thart timcheall.



Bhí an gníomh soin déanta. Nuair a bhí, thíomáin an
Sáirséalach & a chuid fear ar ais go Luimneach. Chuir
na Gaill dhá fhoirinn marcach amach a thiocfadh idir é &
an tSionainn acht bhí seisean imthighthe tharsta bealach
eile, & trathnóna Dia Máirt chuaidh sé féin agus a chúig


L. 72


céad fear isteach go cathair Luimnigh, agus na míllte
& na múrtha fáilte rompa ag muinntir na cathrach.
Ba bheag an dochar dhóibh sin. Thuig siad gur thárr-
thuigh sé féin & a 500 laoch an chathair ó Liam an uaír
sin & bhí áthas d'á réir orra.



Nuair nach dtiubhradh, because they would not give.
Ghlanadar amach, they cleared out.
Teann leis, move towards him.
Go ndeachaidh aca ar na gallaibh = go ndeaghaidh an cath aca
i gcoinnibh na nGall, that they defeated the Galls.
Dhruid siad ar ais, they moved back.
Áit ar bith a dtogróchaidís é, wherever they wished.
Chasadar soir ndeas, they turned south-east.
Lón cogaidh, commissariat, war provisions.
Baile an Fhaoitigh, Ballyneety.
Go raibh aon baoghal orra, that they were in any danger.
Duine fánach, an old straggling number of people.
I dtaca na maidne, towards morning.
Ag déanamh air, i gcos i n-áirde, galloping towards him
Ar an toirt boise = láithreach bonn, in a moment.
Imthighthe tharsta = imthighthe tharta.
Ba bheag an dochar dóibh sin, that was small wonder.



XX. — AN FAOLCHÚ.



BHÍ na páisdí tar éis a theacht amach ó sgoil lá, &
bhíodar ag rith a-bhaile. Trathnóna foghmhair a bhí ann,
& bhí cuid aca ag caint ar a dhul ag baint chnó
& áirní; tuilleadh ag cuimhniughadh ar na hubhlaibh


L. 73


fiadháine & cia na craobhacha de'n chrann a bheadh láidir
go leór le seasamh orra nuair a bheithí ag dul suas an
crann chuca; tuilleadh ag caint ar na mugóiribh
dearga, & iad ar fad ag siosgadh cainte, & ag
ceapadh gur breagh an sásamh bheadh aca ar thorthaibh na
coille an trathnóna soin. Na gasúir a bhí i dtosach
bhíodar ag rith nó go dtángadar go dtí Gleann na
Coille. Bhí bóithrín annsin ag casadh isteach ó'n
mbóthar mór, & nuair a chuaidh na páisdí suas tamall
beag de'n bhóithrín sin, ar an mbealach go dtí an áit
ina raibh na cnótha b'fearr sa gcoill, céard d'fheic-
fidís ar an mbóithrín rompa acht dhá bhuachaill eile
ag troid. Bhíodar annsin, na cótaí caithte dhíobh, fuil
ar bhéal duine aca & séideán ionnta.



“An maighistir! an maighistir! seo é a-leith é,”
arsa duine de'n chuid a bhí ag teacht aníos.



Bhreathnuigh an bheirt síos an bóithrín & thuit na lámha
síos leó agus iad trom tuirseach. Nuair nach bhfaca siad
ag teacht acht na buachaillí eile, d'fhéachadar ar a
chéile, & cheap gach aon duine aca go raibh a dhóthain
troda aige féin an lá soin. Rug siad ar na cótaíbh
& chuireadar orra iad. D'fhiafruigh duine éigin cé
faoi a rabhadar ag troid.



“Ghlaodh sé leasainm orm,” adubhairt duine aca,
“& thug mé dorn dó ar ais, agus sin í an chaoi ar thosuigh
sé.”



Ba mhian leis na páisdíbh eile fios fátha an sgéil ar
fad fhagháil, acht ní bhfuighidís aon tsásamh an uair sin,
& d'imthigheadar leó ag baint na gcnó, na n-áirní, &
na n-ubhall.


L. 74


Lá ar n-a bháireach bhí an sgéal amuigh go bhfaca dhá
bhuachaill bheaga faolchú, agus iad ag teacht ó sgoil,
an lá roimhe sin. Is mar so a bhí an sgéal: chomh luath
& chuaidh na gasúir amach ó'n sgoil, rith an bheirt seo,
& bhíodar ag déanamh treasna na coille — bealach aith-
ghiorra ar a raibh eolas maith aca féin — nuair a
chonnaic duine aca madadh mór millteach donn uaidh
'sa ngleann. Dubhairt buachaill aca go mba madadh
bhí ann & go mbadh cheart dóibh a dhul agus a ruagadh,
nó go bhfeicfidís an n-aithneóchaidís é. Dubhairt an
buachaill eile nár mhadadh é, acht faolchú, & gur
minic a dubhradh leis féin é féin a seachaint, nuair do
bheadh sé ag dul thar an gcoill. Dubhairt an chéad
bhuachaill nach raibh ann acht madadh, agus gur faitchios
a bhí ar an bhfear eile roimhe. Thosuigheadhar féin ag
sárughadh ar a chéile, nó gur ghlaodh duine aca “mant”
mar leas ainm ar an duine eile. Ní raibh ann acht
séanas idir an dá chláir-fhiacail uachtair aige. Is faoi
sin a bhídís ag magadh &, nuair nach raibh do láthair
acht an bheirt, chaitheadar dhíobh, & bhíodar ag gabháil ar
a chéile nuair a tháinig na malraighe eile orra.



Chuala an maighistir go rabhadar so ag troid, &
nuair a fuair sé ar sgoil iad, dubhairt sé leó go
mba dí-chéillidhe an rud dóibh dul ag troid le n-a
chéile, & dhá bhfuigheadh an faolchú boladh fola urra, go
raibh baoghal mór go dtiucfadh sé orra agus go marbh-
bhóchac sé iad. Dubhairt sé fós, go mba droch-mhúinte
an rud dóibh leasainmneacha a ghlaodhach ar aon duine
&, dhá gcloisfeadh seisean ceachtar aca 'ghá dhéanamh
arís, go mbeith an fhearg air leo.


L. 75


D'innis sé annsoin dóibh fá 'n bhfaolchoin.



“Ní raibh tuairisg ar aon cheann eile bheith 'san tír
ar fad,” adeir sé, “acht an t-aon cheann soin. Bhí
seisean an-fhiadháin amach 's amach, mar nach raibh aon
cheann eile le comhluadar a choingbheáil leis & mhothuigh
sé go raibh dúil ag na daoinibh é do mharbhadh. Caitheadh
urchair leis go minic, acht níor éirigh faice dhó go dtí
gur briseadh a leath-chois deiridh le hurchar, uair. Bhí
sé bacach ó'n uair sin & bhíodh sé 'na chodladh i sgailp
i n-aill insa gcoill úd, ina bhfaca buachaillí na sgoile
é. Thugadh sé uain leis 'san earrach, acht, nuair a
briseadh a chos, b'éigin dó cur faoi 'san gcoill seo.
Ní raibh bean tighe timcheall na háite nár thug sé
cearca & eireóga, lachain is géanna, uaithi. Fá


L. 76


dheireadh, bhí a fhios ag na daoinibh go mbíodh sé 'na
chodladh i ngar dhóibh, agus cheap siad, eatorra féin,
a theacht air i ngan-fhios, féachaint an marbhóchaidís é.
Níor éirigh leó. Ní fhacadar an lá soin é, chor ar bith,
agus chuadar treasna ó cheann go dtí ceann eile
na coille. Ní raibh sé innti. D'fhanadar na daoine
go socair annsin go ceann míosa, & níor facthas arís
é, nó go bhfaca síbh-se indé é. Chonnaic Árt Ó Conchubhair
é nuair a rith sé uaibh-se. D'imthigh Art agus thug sé
leis a ghunna. Tháinig sé ar ais & chuaidh sé isteach
thar chlaidhe i bpáircín beag leis féin, agus cad do
chífeadh sé ann roimhe acht an faolchú, agus é ag ithe
caorach a bhí marbh aige. Ní fhaca sé Art i dtosach,
mar is ar chúl an fhaolchon a tháinig sé. D'éaluigh Art
ar bharrachaibh a chos nó go raibh sé ar aghaidh taoibh an
fhaolchon. Ní baileach a bhí sé ann nuair a bhreathnuigh
an faolchú thairis, agus chonnaic sé an fear. Chrom
Art & sgaoil sé urchar faoi. Nuair a sgaoil, leig an
faolchú uaill uathbhásach as; thug sé aghaidh ar a námhaid,
& é ag sgréachaighil, agus rith sé chuige. Chaith Art an
t-urchar eile bhí 'sa ngunna leis an bhfaolchoin, & é
i bhfoigseacht seacht slata dhó. Do thuit an faolchú
i ndiaidh a chinn roimhe, & d'imthigh an tséideóg as annsin
ar an bhféar. Ba hé sin an faolchú deiridh bhí ag
imtheacht fiadháin i nÉirinn; marbhuigheadh ar shliabh i
gCiarraidhe é sa mbliadhain 1725; “agus,” adeir an
maighistir, “ná bídhidh-se ag troid ná ag eachrann le
chéile mar gheall ar namhaid ar bith. Is olc í an troid
i gcomhnuidhe, acht, is measa go mór í, nuair atá an
faolchú, ná aon namha eile in bhur n-aice. Craithidh-se


L. 77


anois lámh le chéile, agus ná cluinim go mbeidh focal
eile, eachrainn eadraibh fá rud chomh fánach le ‘mant’
ná ‘séanas.’”



Chraitheadar lámh le chéile annsin, & bhíodar go han-
bhuidheach de'n mhaighistir fá innsint dóibh mar marbhadh
an faolchú.



Mugóire, mugóirí, pl., caora dearga a fhásas ar chrann
deilgneach, mar an gcránn spíonáin. Ní'l ionnta acht croiceann
bog taobh amuigh, & cnaipíní beaga cruadha istigh ionnta. Tugthar
“Johnny Mugory” ortha i mBéarla.



Siosgadh .i. an gleó bhíos ag caint íseal.
Séideán ionnta, .i. an anál a bheith ag teacht & ag imtheacht
go mear aca.
Bhreathnuigh, .i. d'fhéach.
Thug mé dorn dó, .i. bhuail mé buille de mo dhorn air.
Fios fátha, .i. fios & fáth.
Madadh, .i. madra.
Millteath, .i. an-mhór.
A fheachaint, .i. a chosaint; aire thabhairt dó féin.
Ag sárughadh ar a chéile, .i. ag teacht i n-aghaidh a chéile i gcaint.
Chaitheadar dhíobh .i. na cótaí.
Ag gabháil ar a chéile = ag bualadh a chéile.
Go raibh baoghal mór, .i. go raibh contabhairt mhór.
Dubhairt sé fós, .i. dubhairt sé freisin.
Mothuigh sé, .i. thug sé ina chroidhe.
Chor ar bith, .i. i n-aon chor.
Ar bharrachaibh a chos = ar a bharraicíníbh, on tip-toes.
Ní baileach a bhí sé ann, .i. bhí sé ionann agus a bheith ann, acht
ní raibh sé ann ar fad.
Sgaoil sé urchar faoi, .i. chaith sé urchar leis, loisg sé leis.
Ag sgréachaighil = ag sgreadaighil.
I ndiaidh a chinn roimhe, .i. a cheann roimhe agus gan a fhios aige
cá raibh sé ag dul, béal a chinn roimhe, i mbéal a chinn, lorg a chinn.
An tréideóg = an anál.


L. 78


XXI. — SEAGHÁN MAC SUIBHNE.



NUAIR a tháinig na buachaillí céadna os comhair an
mhaighistir lá ar n-a bháireach, bhí an bheirt a bhí ag troid
cheana go rí-mhór le chéile, agus gach aon tsúil aca ar
an maighistir. Chonnaic seisean fá dheireadh iad.



“Céard tá anois oraibh-se?” adubhairt sé.



“D'fhéachadar arís ar a chéile, agus iad ag mion-
gháiridhe, acht níor labhair ceachtar aca. Bhreathnuigh an
maighistir go géar orra, agus cheap sé gur theastuigh
uatha rud éigin a rádh leis féin, acht go raibh náire nó
leigse orra labhairt.



“Seadh, anois, a Sheagháin,” ar seisean, “innis dom
cad ina thaoibh sibh a bheith ag gáiridhe.”



“Dubhairt Peadar liom a iarraidh ort sgéal innsint,
a mhaighistir,” adubhairt Seaghán.



“Sgéal, an eadh?” ars an maighistir. “'Sé do thráth
sgéalta é, go deimhin, i gceart-lár mo chruadhóige!”
Acht nuair a chonnaic sé go rabhadar go mí-shásta,
dubhairt sé go n-innseóchadh sé sgéal dóibh Dia Sathairn.



D'fhan mar sin go dtáinig an Satharn, agus nuair a
bhí dearmad déanta ag ao maighistir ar an sgéal,
tháinic an bheirt chuige go gcloisfidís uaidh é. Thosuigh
sé air mar so;



“Tá aithne agaibh ar Sheaghán Mac Suibhne, an fear
úd a tháinig a-bhaile as Ameriócá le goirid. Tá sé
'na chomhnuidhe ar an mBuailidh,” ars an maighistir.
“D'innis sé sgéalta go leór dhom fá Ameiriocá ó


L. 79


tháinig sé a-bhaile, agus innseóchaidh mé anois díbh goidhe
mar d'éirigh leis.



“Bhí sé lá i Nua-Eabhrach, adeir sé liom, agus gan
buille le déanamh aige, ná fios cá bhfuigheadh sé é. Ní
raibh ór ná airgead aige, agus é i gcontabhairt a
chaillte le hocras. Níor ghábhadh dhó imtheacht ó bhaile,
ó thus, mar is maith an deis a bhí aige mar bhí sé. Nuair
nach dtug sé aire do'n deis a bhí aige, níor thug a athair
(sin a raibh beó d'á mhuinntir) aon chongnamh dhó, acht
amháin fiche punt, ag imtheacht dó. An lá úd a raibh
sé ar lorg oibhre i Nua-Eabhrach, chinn sé dubh is dubh
air í fhagháil. Bhí sé ag siubhal ó mhaidin go moch, agus
é tar éis codladh i bpáirc puiblidhe an oidhche roimhe
sin fá fhosgadh crainn. D'imthigh leis le fáinne an lae;
d'iarr sé obair ar na saoraibh brící a chonnaic sé ag
obair annso is annsúd. Rachadh sé ag iomchar muir-
téil dóibh, ó thárla nár bh'fhéidir leis dadadh eile do
dhéanamh. Bhí sé ag obair cheana is na clascannaibh a
rinneadh fá bhóithribh na cathrach leis an salachar a thar-
raing ó'n gcathair, agus chaill sé a shláinte ionnta,
bhíodar chomh mí-fholláin sin. B'éigean dó, i ndéireadh
an lae úd, dul go doras cuchtair, agus greim aráin
iarraidh, ar son Dé, ar an gcócaire. Fuair sé greim
aráin agus ruainne feóla, agus annsin d'fhiafruigh sé
de'n chócaire an leigfeadh sé dhó codladh 'sa gcuchtair
go maidin. ‘Leigfead,’ ars an cócaire, ‘nuair a
bheas an séire thart.’ Chodail sé ar an teallach an oidhche
sin, & lá ar n-a bháireach bhí sé chomh dona is bhí sé riamh.
B'éigean dó éirghe de'n teallach as an mbealach, leath-
uair tar éis a ceathair. Amach leis, nuair d'ith sé


L. 80


greim bídh; agus fuair sé obair an lá sin ag sguabadh
na sráide. D'athruigh an aimsir annsin air, agus tháinig
sé 'na fhlich-shneachta agus ina bháistigh. Ní raibh air
anois acht fíor-dhroch-éadach, a bhí caithte aige, agus
bhíodh sé fuar dallruighthe ar feadh an lae. 'San oidhche
ní bhíodh faoi acht droch-leabadh, agus is iomdha sin
uair fhada a chaith sé ag cuimhniughadh ar an saoghal
breágh folláin sláinteamhail a bhí aige i nÉirinn, agus
ag casaoid air féin fá gur thug sé an mí-fhortún mór
soin air féin a bhí anois air. Bhí an sgéal bocht go
leór aige, nó gur buaileadh síos tinn é; is annsin
a bhí sé bocht dá ríribh. Luigh sé ar an leabaidh, agus bhí
sé ar feadh seachtmhaine gan cor gan car, agus gan a
fhios aige cad do bhí air. Bhí fear an chíosa ag dul thart
lá, ag iarraidh an chíosa 'san tigh sin, agus chonnaic sé
an fear tinn.



“‘Goidé an chiall thusa bheith do luighe annsin?’
ar seisean leis.



“‘Ní fheadair mé,’ adubhairt Seaghán, ‘muna
tinneas atá orm.’



“‘An bhfeacha an dochtúit thú?’ ars an fear.



“‘Ní fhaca mé é, má chonnaic,’ adubhairt Seághán.



“‘Cuirfead-sa chugat é; dubhairt bean an tighe
liom go raibh tinneas trom ort,’ ars an fear.



“Ba chuma le Seaghán a chur nó gan a chur. Bhí sé
marbhánta trom, gan chroidhe, gan misneach, & gan suim
aige i rud ar bith. Acht tháinig an dochtúir &, nuair a
chonnaic sé é, dubhairt sé gur fiabhras a bhí air & go
mbadh chóir a chur isteach 'san osbuidéal. Cuireadh.
Thiubhradh Seaghán a bhfaca sé riamh ar a bheith i nÉirinn


L. 81


arís, go bhfuigheadh sé bás 'sa mbaile, mar cheap sé nach
n-éireóchadh sé go deó. ‘Ó nach mise an truagh
Mhuire,’ a deireadh sé, ‘& a bheith annso ar leabhaidh mo
bháis, gan duine aitheantais agam a labhróchadh focal
liom. Caithfear síos i bpoll talmhan i gcoirnéal
eigin de'n reilig uaignigh annso mo chorp imeasg
daoine comhightheach i bhfad ó thir na hÉireann. Dia go
bhfóiridh Sé orm-sa, nach é an mí-ádh mór féin a dhíbir
as Éirinn mé, & go mb'fhearr liom bheith anois 'sa
mbaile ná a dtiocfaidh is a dtáinig.’



“Ba mhór an truaigh Seaghán bocht, bhí sé chomh cráidhte
sin, acht dá-dhonacht dá raibh sé, ní fhuair sé aon bhás
an uair sin. Chuir sé chúig sheachtmhainí tinnis de, an
turas soin, & gan fhios, ar feadh i bhfad, an teacht nó
imtheacht dó. Nuair d'éirigh sé & bhí sé i n-ann siubhal,
thug sé aghaidh ar an tuaith amach. Cheap sé go dtioc-
fadh leis obair fhagháil i n-áit fholláin éigin. D'fhaghadh
sé greim le n-ithe, mar dhéirce, annso is annsúd, acht
i n-áiteachaibh eile ní thugaidís aon áird air acht rádh
nach raibh éinnidh aca dhó. Bhíodh daoine eile níos can-
talaighe ná soin leis, & deiridís: “Níl faice agam
dhuit anois. Ní féidir linn rud a bheith againn i gcomh-
nuidhe do do leithéid,’ agus nuair a d'imthigheadh sé & a
cheann faoi aige, chloiseadh sé an glór 'na dhiaidh: —
‘Soraidh oraibh, a leóistigh! sibh-se féin na sgraistí
díomhaoineacha nach leigeann an leisge dhaoibh obair
lae a dhéanamh & tuarastal cneasta a shaothrughadh dhíbh
féin. Is fearr libh go mór ag ruarthamhach ó áit go
háit, ag goid an ruda, muna dtugtar dhaoibh go toil-
teanach é.’ Bíodh a chroidhe chomh dubh le háirne, nuair


L. 82


a caithtí an chaint sin 'na dhiaidh, & bhíodh faitchios & náire
air rud iarraidh nó go mbíodh an t-ocras go géar air.



“Acht tháinig cabhair chuige fá dheireadh. Bhí sé ag
déanamh isteach ar shráid-bhaile tráthnóna, agus é lag le
droch-mhisneach & le hocras & casadh sean-pháipéar nuaidh-
eachta ina bhealach. Thóg sé é agus thosuigh sé 'ghá léigheadh
ar shúil & go mbeadh tuairisg éigin oibre ann. Bhí sé
'gá chaitheamh uaidh arís nuair a chonnaic sé focal mar
a shloinneadh féin air. Dhearc sé arís air. Ba hé a
shloinneadh féin é & a ainm, freisin, agus d'fhóbair dhó
dul i ngealtaibh le háthas nuair a léigh sé é. Seo é
an sgéala bhí ann: ‘D'fhágaibh Sorcha Ní Chonghaile i
mBaile an Ghleanna i gConndae an Dúin, i nÉirinn, a


L. 83


cuid airgid ar fad le hudhacht ag Seaghán Mac Suibhne,
mac a deirbhshiúra. Níor fríoth aon tuairisg air-sean
le dhá bhliadhain agus tá le rádh go bhfuair sé bás i
nAmeiriocá. Má fuair, is iad clann a col-cúigear a
gheobhas an t-airgead’.



‘Sgríobh sé a-bhaile ar an toirt, & sé seachtmhainí ó'n
lá soin bhí sé féin 'sa mbaile, & an saidhbhreas aige.
Bhí a athair caillte & curtha an uair seo.



“Acht ní hé gach aon fhear a bhíos chomh hádhamhail & bhí
an Suibhneach. Bíonn na mílte agus na mílte ann, &
téigheann drochbhail orra mar chuaidh air-sean. Is
duine 'sa gcéad a n-éirigheann; an saoghal leis níos
fearr thall ná mar d'éireóchadh leis, dá bhfanadh sé
i nÉirinn & aire thabhairt d'á ghnó, mar chaithfeas sé
thabhairt dhi annsúd. Tá sé iontuigthe agaibh-se as sin
gur ceart daoibh aire thabhairt do'n bhaile & do'n obair
atá oraibh, & má thugann, is fearr go mór dhaoibh é ná
imtheacht ar fán go tíorthaibh coimhightheacha.”



Gach aon tsúil aca ar an maighistir, .i. iad ag féachaint go
minic ar an maighistir.
Céard tá oraibh, .i. cad tá oraibh.
Ag mion-ghairdhe = smigeadh gáiridhe, ag meangadh gáiridhe,
smiling.
Cad ina thaobh, goidé an chúis, cad chuige (gat'uige, t'uige).
Cruadhóg, deithneas, bruid oibre.
Le goirid, le déidheanaighe, tamall beag ó shoin.
Goidé, .i. cionnus.
Nua-Eabhrach, .i. New York.
Chinn sé dubh is dubh air, .i. níor fhéad sé a dhéanamh chor ar bith,
chinn, theip.
Saora brící, bricklayers.


L. 84


Clascanna .i. camraidhe, sewers.
Flich-shneachta, .i. sneachta & báisteach trí n-a chéile.
Dallruighthe, go han-dona le fuacht.
Buaileadh síos tinn, .i. buaileadh breóidhte.
Gan cor gan car, .i. gan cor ar bith.
Marbhánta, .i. a bheith gan croidhe ná misneach.
Nach n-éireochadh sé, i. go bhfuigheadh sé bás.
Duine aitheantais, .i. duine ar a mbeadh aithne aige.
Shoraidh oraibh, .i. an donas go raibh oraibh.
Leóiste, .i. duine leisgeamhail, duine gan mórán maitheasa.
Sgraiste, .i. duine mór leisgeamhail, nach mbeadh fonn
maitheasa air.
Ruarthamhach, .i. ag imtheacht go mí-shuaimhneach ó áit go háit.
Casadh ina bhealach, .i. thárla go dtáinig ina shlighe.
Dul i ngealtaibh, .i. éadtruime céille a theacht air.
Tá le rádh = tá sé ráidhthe.
Col-cúigear, .i. second cousin; col-ceathar, .i. first cousin.



XXII. — SQUIRE GEAL FREEMAN.



Fáilte, a phréimh de bhláth na gcraobh, i dtráth go hÉirinn
aoibhinn;
Fáilte, a scéimh atá gan bhéim, mar ghnáth-ghnaoi, déithe
chítear;
Fáilte, a chléirigh dáimhe is éigse — fuair ó bhéithibh fíor-
ghean;
Fáilte is céad, lé páirt uaim féin, do'n tsáir fhear
Squire Geal Freeman,
Flaith gan ghruaim do b'fhearra cáil
Fuair barr is buaidh i measc gach dáil
I ngradam uasal) sona sámh
Is i bhfás do chruadhuigh mo laoch mear.


L. 85


An t-am do baisteadh é 'n-a leanbh, radadh gaisce
claidhimh dhó.
Bronnadh maise, truagh is taise, is crusdhas i n-aghaidh
a naimhead dó;
Thug Bacchus fíon do, is fleadh, is scaoil é, go fial
i measc na saoithe,
'S Neptiún éachrach, thug do caol-bharc ar thonnaibh
tréana taoide.



Do fuair ó Bhénus féin níos mó
Áilneacht tréithe, méinn is cló;
Dá bhreaghthacht bé i nÉirinn mhóir
Go ngrádhfadh é le díogras.



Is cásmhar sinn gan spás fé chíos, go cráidhte claoidhthe
ciúin bocht,
Gan dán, gan píb, gan trághadh na dighe, go ndéarnais
tír go súgach:
Ó thárla arís thar sáile an saoi, ráib d'fhuil ghroidhe
na n-úr-fhlaith,
Sin gártha 's teinte cnámh, is fíonta 'á dtál feadh mí
'san dúthaigh.



An curadh le sealad de shíor atá,
Óg is sean ag guidhe de ghnáth.
Le cómhachtaibh éachtach' Dé 's A ghrádh
É chosnamh saor ó'n aimhleas



(Is sliocht é an dán so as Dantaibh Phiarais Mhic Gearailt
atá i n-eagár ag Riseárd ó Foghludha do'n Chonnradh)



Scéimh, .i. maise, deise.
Gnáth-ghnaoi déithe, .i. cionn-
aghaidh dé (.i. neamhdha).
Dáimhe is éigse, .i. báird &
filí.
Gradam, esteem.
Radadh, tugadh.



Naimhead = namhad
Tréithe personal qualities
Bé i óig-bhean mhaiseach.
Díogras, dílseacht.
Trághadh na dighe, ól na dighe.
Ráib, a scion.
Aimhleas, mí-ádh.


L. i


Foclóirín



Admhuighim, I confess, admit.
Áidhbhirseoir, diabhal.
Áirne, sloe; pl. áirní (áirnne, -nní).
Aithghiorra (aiciorra), sin é an bealach gearr.
Aithinne, -nneacha, pl. lasair nó dearga beag de theine.
Aithris, innis; sgéal nó tuairisg ruda a thabhairt.
Amhail, mar, do (ar) réir mar.
Aoidheacht, cuairt charthannais, ar cuairt i dteach carad.
Ár, marbhú.
Árd-cheannas, an chumhachta is áirde.
Árus, áit nó teach comhnuidhthe.



Bacainn, bac, bacadh, stopadh, gan leigean rud a dhéanamh.
Bain-chéile, bean phósta.
Baintreabhach, bean a (go) bhfuair a fear bás.
Beachain, na hainmhíthe beaga a chruinnigheas an mhil.
Beinn, píosa de chiumhais nó d'íochtar brait.
Bheithí, bheifidhe, bheadh daoine.
Beodha, mear, sgiobtha.
Bhíodhg, do las go hobann; do phreab de gheith.
Bior, beara; maide (nó slat nó slat iarainn) a mbeadh a
cheann géaruighthe.
Bitheamhnach, rascail; duine atá go holc.
Blaosg, blaosgracha, an falach crua bhíos an uibh; cnáimh iomlán
an chloiginn.
Blucán, teann, toirteamhail, giortach, téagarach.
Bogha, bow.
Bothán, both, teach beag comhnuidhthe.
Bradach, éagcórach, mí-chneasta.
Breathnú, féachaint.


L. ii


Breith, breitheamhnas.
Bríonglóidigh, aisling, taidhbhreamh.
Bruic, badgers.
Brútaighe, brute.
Buaidh, an lámh i n-uachtar; an ceann is fearr.
Buaidhreadh, brón, éagcaoine.
Bhuaileadar = chuadar, II.
Budóg, a heifer.
Bunáilte, urmhór, furmhór, an chuid is mó.



Cábán, teachín beag canbháis.
Caiptín, oifigeach a bhfuil an teidiol sin air.
Cáirde, an fhad seo ama le rud a dhéanamh.
Caithte, tanaí, gan a bheith reamhar.
Caoin, múinte, béasach, soineanta.
Carbad, cóisde.
Cárnán, carn, meall nó toirt mhór de neithe a baileofaí
i gceann a chéile.
Casán (cosán), bealach siubhal; slí ar a siubhailfí.
Cath, troid idir dhá shluagh daoine.
Ceacht, a lesson.
Ceannas, cumhacht nó ughdarás.
Ceann-dána, headstrong.
Cian, fada.
Ciomacha, ceirtacha, éadaigh stróicthe.
Ciotóg, an lámh chlé.
Cith, múr báistighe, tamall beag a' báistigh.
Claidhe, -eacha, fál.
Claidheamh (claibhe), claimhdhte, arm géar a bhféadfaí troid leis.
Cláiríneach, duine nach mbeadh aon tsiubhal aige.
Claise, clais, díg, trínse.
Claisín, claise bheag.
Clampar, troid, eachrann.
Cleas, a trick
Cléireac, duine a bheadh i ngrádh eagluise.


L. iii


Cló, deilbh, déanamh, an déanamh & an snú bheadh ar eadan duine
Cloigeann, cloigne, an ceann.
Cnó, cnóta (cru, cronaí) an tora bhíos ar an gcrann coll.
Cócaire, duine a ghníos b'a a ullmhú le teine nó go mbeidh
an bia ionithte.
Coill, coillte, áit a mbíonn crainn go leor a' fás.
Coimhightheach, strainséara; duine nó rud strainséartha.
Coirc, pota.
Col ceathar, an gaol atá idir an chlann a bheadh ag beirt dreáthar
nó ag beirt dreabhthar, nó ag dreabhthar is dreáthair.
Comhairleoir, coinsiléara.
Comhursanacht, áiteacha atá gar dhá chéile.
Congantóir, duine a thugas congnamh.
Connachtaibh, cúige Chonnacht.
Connacthas, facthas, tógadh, samhluigheadh.
Cosain (coisinn), defend.
Cosamhlacht, deallradh, cuma.
Chraith, chroith, shook.
Craobhsgoile, sgaipeadh, sgaradh, proclaiming.
Crios, beilt.
Cruadhóg, bruid oibre, deabhadh chun oibre.
Cuach, cupán a n-ólfaí as.
Cuchtair, cisteanach.
Cuilne, cisteanach, cuchtair.
Cúinne, corner.
Cúitíú, íoc nó díol ar ais.
Cumhachtach, powerful.
Cumaoineach, communion.
Cumhang, gan a bheith fairsing nó leathan.
Cumasach, cumhachtach.



Daingnighthe, fastened.
Dearg-raic, troid mhór thréan.
Dearg-ruathar, díbhirt ar fad, díbirt amach 's amach.
Deilbh, cruth, foirm & déanamh.
Déirce, déirc, rud a thabhairt do dhuine ar son Dé.


L. iv


Déithe bréige, ghníodh na págánaigh dia as adhmad nó as cloich
nó as miotal & is déithe bréige a tugtaí ar na déithe sin,
Diadhanta, tugtha dá bheith ag cóimhlíonadh dlíthe Dé.
Díocarach, an-dílis, an-fhonn a bheith ar dhuine rud a dhéanamh.
Doineann, droch-aimsir.
Dorrdha, garbh, gruamdha, harsh.
Dríodar, an chuid is measa de rud.
Dris, -seacha, briar.
Druid, move.
Dúil, fonn, tóir mhór.
Dúnmharbhadh, duine a mharbhú i n-aon turas.
Dúr, cruaidh , docht.



Eachrannach (achrannach), tugtha dá bheith a' troid.
Éacht, gníomh mór.
Éad, jealousy.
Éadáil, maoin, rud tarbheach.
Eadáileach, duine ón Eadáil.
Éagcóir, rud nach ceart.
Eagla, faitchíos.
Eaglais, séipéal, teach pobail.
Easgainidhe, cursing.
Easumhlaidheacht, gan déanamh do réir tola dhuine eile.
Éigeas, duine foghlumta.
Eireóg, cearc óg.



Fá, faoi, fé, ar feadh, i rith aimsire (áithrid).
Faduigh, cuir ar lasadh, dearg, déan a dheargadh.
Faisnéis, tuairisg, sgéala, cúnntas.
Falluing, brat fada fairsing a bhíos dhá chaitheamh ag duine
taobh amuigh dhá chuid eile éadaigh.
Faolchú, wolf.
Fás, slat.
Fealltach, droch-bheart a dhéanamh & súil ag an duine eile le
deagh-bheart uait.
Feillbheart, gníomh fealltach.
Fiadhaile, a weed.


L. v


Filleadh, teacht ar ais.
Filleamhaint, teacht ar ais.
Fíréan, cóir, ceart, cneasta.
Fithchille, chess.
Fleadh, féasta.
Flith, click-weed.
Foighid, foighne, patience.
Foireann, mathshluagh, roinnt daoine i gceann a chéile le rud
áithrid a dhéanamh.
Forán, caint a chur ar dhuine.
Fosgadh, sgáth, rud a shábháilfeadh duine ar bháistigh nó ar ghaoith
nó ar rud mar sin.
Fothrom, torann nó gleó, glór, fuaim.
Fraochmhar, a bheith go feargach & fonn troda air.
Freastal, riar, serving.
Freis, i n-éineacht le.
Freó, i n-éineacht leo; ina bhfochair.



Gáir, uaill, glaodh.
Gairbhthean, aimsir gharbh.
Gáir-mhaoidheamh, ag moladh ruda le gártha & le torann.
Gaisge tréine, bravery.
Gála gaoithe, an ghaoth a' séideadh.
Galar, tinneas.
Gaolta, cousins.
Gasda, clisde.
Gasúr, gasúir, gasiún, buachaill.
Gath, a sting, dart.
Géanna, géabha, géacha, géadha.
Géibheann, i ngreim, i gceangal.
Géilleamhnach, considerate.
Giodán, áit, ionad.
Giolla, gillie, searbhánta.
Gnaoi, countenance.
Gné, dath, snú.
Gníomh, ghníomhartha, a deed, deeds.


L. vi


Goire (níos), nearer.
Guta, salachar (an bhóthair).



Iasacht, rud a gheobhthaí le úsáid a bhaint as & é do thabhairt
ar ais taréise sin.
Imnidhe, an-shocracht intinne, mí-shuimneas.
Innsint, innseacht, innsin, aithris.
Ionnus, i gcruth &, ar nós.
Iubhair, an crann den ainm sin, yew.



Láib, créafóg bhuidhe bhealaidh a fáightear go doimhinn i dtalamh.
Láimhín, miotóg, falach a déantar le haghaidh na lámh.
Laoch, laochraidh, fear láidir misneamhail tréan.
Laoidh, dán, sgéal a d'innseofaí i bhfilidheacht.
Lasair, lasracha, an teine dhearg a éirgheas nuair a dóightear
gual nó ádhbhar teine ar bith eile.
Leasainm, ainm eile thar an ainm ceart.
Leithead, an fhad atá ó thaobh go taobh treasna an fhaid.
Léitheadhach, duine a mbeadh leithead mór faoi, duine postamhail.
Leomhan, a lion.
Líomhtha, díocasach, díograsach.
Lobhar, leprosy.
Lúireach, casóg iarainn a bhíodh ar dhaoine i gcath.
Lúthmhar, láidir, tréan.



Maisde, tóirse, a torch.
Maitheamhnas, maiteanas, forgiveness.
Malrach, paisde fir, buachaill.
Mant, an bheárna atá sa gcarbad taréis fiacail a chailleadh.
Maoin, saidhbhreas, éadáil, means.
Marcach, duine bhíos ar marcuigheacht ar chapall (nó ar asal).
Méin, cailidheacht aignidh.
Meirg, bratach, flag.
Mogh, sglábhaidhe, duine a chaithfeas obair a dheánamh do dhuine
eile gan aon tuarastal fhagháil as.


L. vii


Mótaí, fálta & iad déanta de sgrathacha nó de fhóide talmhan.
Muirtéal, mortar.
Mullach, bárr, buaic, an pháirt is áirde de rud.
Múrtha, citheanna, showers.



Nigheachán, rud a chuimilt le uisge & le gallaoireach & an salachar
a bhaint as.



Obann, sudden.
Oide, múinteoir, máistir sgoile.
Oideachas, an t-eolus a tugtar do duine & é a foghluim, nuair
bhíos sé le sgoluidheacht go mór-mhór.
Oighreacht, maoin nó saidhbhreas a fágtar ag duine le hudhacht.
Oileamhaint, slí tógála ar dhuine.



Péire (peidhre), dhá cheann.
Piléar, piléir, bullet, bullets.
Plait, an áit ar an gcloigeann nach mbíonn an ghruaig a' fás.
Port, caisleán nó daingean. Dún-árus i mbeadh cosaint
maith ag lucht troda ortha féin.
Postamhail, léitheadhach, uaibhreach, duine a bheith go mór ann féin.



Rabharta, an taoille nuair is áirde a éirgheas sí.
Ráig, cith nó múr gearr báistighe nó fearthainne.
Ráth Cruachan, áit chomhnuidhthe Mheidhbhe i n-aice le Tulsc i
gCo. Roscomáin.
Réim, cursa, aistear.



Saghas, sórt, cinéal.
Saighead, saighde, bior (beara) géar a caithtí as bogha.
Saighdiúr, a soldier.
Sárú (sárthú), a theacht slán, beo as.
Seachas, thar, gan trácht ar.
Séanas, an t-osglú atá idir dhá fhiacail nár fás go dlúth le chéile.
Seilbh, an rud atá agat atá seilbh agat air.


L. viii


Séimh, caoin, gan a bheith borb ná garbh.
Séire, béilí an tráthnóna.
Sgailp, poll nó osgailt faoi charraig nó idir dhá charraig mhóra
Sgata, a lán daoine i dteannta, i bhfochair a chéile.
Sgathadh, tamall aimsire, nó tamallachair.
Sgeacha, bushes.
Sgead, spota bán i gclár éadain capaill mó bó.
Sgiath, gléas cosanta i dtriod & é crochta ar an láimh chlé.
Sgiobtha, mear, tapaidh.
Sglábhaidhe, duine a mbíonn obair chruaidh air & gan tada dhó
aiste.
Sgoilt, osgailt bheag chumang a bheadh i n-adhmad nó i mballa
nó i rud mar sin.
Sgriosta, millte, Fágtha gan mhaoin gan éadáil.
Sgurach (sgurthach), buachaill téagartha & é suas insna déaga
d'aois.
Siocair, an t-adhbhar nó an t-ughdar bunaidh atá le rud.
Sionnaigh, madraí ruadha.
Síothcháin réiteach, socruidheacht, easba troda.
Slat, trí throighthe, sé horlaí déag ar fhichid.
Sleagh, arm faobhair atá fada leathan.
Smeartha, saluighthe, salchar ar rud.
Smólach, a thrush.
Socrú, réiteach ar chúis nó ar cheist.
Soitheach, árthach, long.
Spáinneach, a' baint le daoine na Spáinne.
Spéartha, an spéir uachtair & an spéir íochtair.
Spíle, slat iarainn (& a barr géaruighthe go minic).
Splanncuighthe, lasta i bhfeirg; ar buile.
Stócach, buachaill insna déaga d'aois.
Strachaill, strac, stróic.
Stróic, strac, tore.



Tada, aon rud, rud ar bith.
Thairg sí, she offered.
Talta, níos mó ná aon talamh amháin.


L. ix


Tanaidhe, gan a bheith reamhar ná i bhfeoil.
Taoiseach, fear cinn os cionn sluagh daoine.
Tásg, tuairisg, cúnntas, sgéala.
Teann, druid, move.
Teicheadh, imeacht i bhfolach sa gcaoi nach bhfuigheadh námhaid thú.
Tíoránach, duine bheadh os cionn daoine eile & a dhéanfadh
éagcóir ortha.
Thogair, do réir mar bu toil le.
Toirt, méad, méad ruda.
Tomacha, roinnt sgeach no lus & iad a' fás go dlúth i ugar
dhá chéile.
Tórainn, teorainn, an líne roinne atá idir dhá roinn talmhan.
Tórramh, a' faireadh leis an gcorp sul curtar é.
Trácht, an chuid is áirde den choir san áit a dtagann íochtar
na lorgan & an chos ina chéile.
Tréad, a lan beathadhac i n-éineacht.
Tréan, láidir, misneamhail.
Treasgairt, dhá gcur i n-íochtar (ag an stoirm).
Tríocha, céad, roinn talmhan.
Trínsí, clasganna, díoganna.
Trosdán, cleith nó maide fada le congnamh a thabhairt do
dhuine ag siubhal.
Trucálacha, a mixed lot of articles.
Thuaidh, ó, sa taobh thuaidh, north.
Tuairt, tuitim trom i n-aghaidh na talmhan.
Tuar ceatha, bogha báistighe.
Tuathaibh, daoine atá na gcomhnuidhe faoi'n tuath i gcomhursanacht
a chéile.
Turas, aistear, a journey.



Uachaiseacha, uamhanna, puill idir carraigreacha.
Uachtarán, an té tá i n-uachtar os cionn daoine.
Uaibhreach, mór ann féin.
Uathbhás, an-eagla, faithchíos mór.
Ubhall fiadháin a crab apple
Udhachta, udhacht, an socrú a ghníos duine ar a mhaoin le linn
bás fhagháil dó.
Uillinn an elbow
Umhluigh, submit, bend.
Urchar, a shot.
Urchóid, bitheamhnach, droch-duine.