Stair na hÉireann II

Connradh na Gaedhilge (1908)

Micheál Breathnach



Stair na hÉireann



Mícheál Breathnach
do sgríobh



Baile Átha Cliath
Connradh na Gaedhilge


L. ii


Maunsel agus Roberts, Teo., Clódóirí, Baile Átha Cliath.


L. 1


Stair na hÉireann

Caibidil I.



Na Normánaigh i n-Éirinn. Teacht Strangbó agus an
sléacht a rinne sé. Mar chuidigh Mac Murchadha
leis.



Tháinig cuid de na Normánaighibh anall 'san mBealtaine
a bhí chugat. Tháinig i dtír i Loch Garman faoi stiúradh
an Normánaigh Riobárd Mac Stiopháin, agus fear
misneamhail eile dar bh'ainm Muiris De Piondaghrás
ó'n mBreatain. Chuireadar sgéala gan mhoill chum
Mic Mhurchadha agus d'innis dó go rabhadar ar talamh
agus go raibh arm láidir le teacht 'n-a ndiaidh. Ghluais
leis-sean chuca gan mhoill agus gach ar bh'fhéidir leis a
bhailiughadh d'fhearaibh 'n-a theannta. Do ghluaiseadar
go dtí baile Locha Garman agus bhain amach é thar éis
catha fuiltigh a thabhairt. Ghluais le Diarmuid Mac
Murchadha annsin go hOsraighibh leis an dúthaigh sin a
bhaint amach. Bhí Mac Giolla Phádruig .i. flaith na
dúithche, roimhe annsin le n-a chuid fear. Tugadh cath
fíochmhar eatorra, acht ní raibh gar d'oiread fear troda
ag Mac Giolla Phádruig is bhí ag Mac Murchadha agus
cuireadh ruaigeadh air féin agus ar a chuid saighdiúir
'sa deireadh thar éis seasamh láidir a dhéanamh.



Ní raibh aon cheapadh ag Ruaidhrí, .i. an t-Árd-rí, ar
feadh na haimsire seo go raibh rud ar bith faoi Mhac
Murchadha acht a chuid talmhan a fhagháil ar ais agus
cheap sé gur bh'é sin a fáth go dtáinig na saighdiúir


L. 2


ó Shasanaibh le cuidiughadh leis. Acht budh mhian leis
cosg a chur leis an gcreachadh a bhí ar bun ag Mac
Murchadha, agus mar sin bhailigh a chuid fear le chéile
ag Teamhair agus ghluais leó le smacht a chur air.
Loic flaith Uladh agus a mhuinntir cuidiughadh leis an
Árd-rígh an iarraidh seo.



Casadh Ruaidhrí agus Mac Murchadha ar a chéile.
Dhearbhuigh an gleacaidhe Mac Murchadha dhó go raibh sé
sásta le haon tsocrughadh a dhéanfadh an t-Árd-rí agus
nach n-iarrfadh sé an níos mó de na Sasanaighibh teacht
anall. Mar sin tugadh a chuid talmhan ar ais dó.
Acht b'fhada uaidh a bheith dílis d'á ghealladh. Ní raibh
uaidh acht siothcháin nó go mbéadh Strangbó agus a chuid
fear cabhrach ar an talamh, agus bhí fhios aige anois gur
ghairid go mbéadh deagh-dheis aige leis an sásamh a bhí
uaidh le fada a fhagháil.



Níor thúisge an tÁrd-rí immthighthe ar ais ná ghluais le
Diarmuid go Baile Átha Cliath, ar a chloisint dó go
dtáinig dream Normánach eile i dtír i Loch Garman.
Bhí Baile Átha Cliath i seilbh na Lochlannach an t-am sin,
acht go rabhadar umhal agus dílis do'n Árd-rígh. Leig
Mac Murchadha amach anois nach rud ar bith a bhí uaidh
acht a bheith na árd-rígh ar Éirinn.



Anois 'seadh bhí cosamhlacht an chogaidh le feicsint
agus tuar an áir agus an réabadh le tabhairt faoi
deara. Níor hairigheadh go dtáinig dream láidir eile
Normánach i dtír i ngar do Phortláirge, agus gur
shocruigheadar síos ann ag fanamhaint go dtagadh
Strangbó agus an t-arm le n-a raibh súil gan mórán
eile moille.



Anois tráth a raibh Mac Murchadha ag ullmhughadh i
gcomhair na Normánach agus saorsacht na hÉireann i
gcontabhairt chruaidh, tráth ar chóir do gach Gaedheal
seasamh go láidir ag cuidiughadh leis an Árd-rígh i
n-aghaidh na Normánach a tháinig agus a bhí ag teacht,
'seadh d'éirigh Donnchadh Ó Briain, .i. flaith Thuath-
Mhumhan, mí-dhílis don Árd-rígh agus d'fhéach le imreas
a tharraing.



D'ullmhuigh Strangbó amach gach rud i gcómhair an
chogaidh, agus bhí sé go díreach ar tí seoladh leis ó


L. 3


Mhilford 'san mBreatain le arm an-iongantach nuair
a fuair ordughadh ó Hannraoi gan imtheacht. Acht budh
bheag í áird Strangbó air. D'imthigh leis agus “stríoc
tír agus talamh” i bPortláirge agus tríomhadh lá fichead
de Lughnasa, 1171. Tháinig an dream Normánach a bhí
ann roimhe 'n-a theannta, agus le chéile thug iarracht
láidir ar chathair Phortláirge an uair úd faoi
riaghlughadh flath Lochlannach a bhí faoi smacht agus
ceannas an Áird-ríogh. Bhailigh Ua Faoláin, .i. flaith na
nDéiseach, a chuid fear le chéile agus ghread go tapaidh
le cuidiuguadh le muinntir an bhaile i n-aghaidh a námhad.
Throideadar go hiongantach i n-aghaidh Strangbó, agus
níor throid Gaedhil riamh le níos mó calmachta ná
rinneadar i bPortláirge an lá úd. Acht, mo bhrón!
ní raibh ionnta 'sa deireadh na creachadóirí a chongbháil
amach agus isteach ar fud an bhaile le Strangbó agus
a chuid fear, agus rinne ár agus marbhughadh ar gach
duine a mb'fhéidir leó a theacht suas leis 'san gcathair.
Ní raibh acht go raibh an chathair i seilbh Strangbó, agus
é seo go léir déanta, nuair a tháinig Mac Murchadha
agus a inghean Éabha agus pósadh le chéile í féin agus
Strangbó an mhaidin sin.



Ghluais le Strangbó agus le Diarmuid annsin go
Baile Átha Cliath. Budh é an fear cráibhtheach naomhtha
Lorcán Ó Tuathail a bhí na árd-easbog ar an gcathair
an t-am sin, agus chuir muinntir an bhaile go dtí an
námhaid é le súil is go bhféadfadh sé socrughadh a
dhéanamh eatorra is nach ndéanfaidhe ár mar rinneadh i
bPortláirge. Ní raibh duine eile ní b'fhearr ná ní
b'oireamhnaighe le fagháil, mar bhí sé, ní hé amháin 'n-a
dhearbhráthair do mhnaoi Dhiarmada, acht budh í seo
máthair Éabha.



Chuaidh sé chum Mic Mhurchadha agus Strangbó, acht
tráth bhíodar ag déanamh an tsocruighthe, agus muinntir
na cathrach ag feitheeamh le n-a theacht ar ais, phléasg
beirt taoiseach Normánach isteach le n-a mbuidhin troda
ar rud an bhaile ag dícheannadh gach duine d'á dtagaidís
suas leis. Budh ghairid go raibh an t-arm fré chéile
'n-a ndiaidh ag déanamh aithrise orra. Rinne an tÁrd-


L. 4


easbog gach a raibh ar a chumas le cosg a chur leis an
ár, acht ní raibh maith dhó ann.



Sguab le hAsculbh, .i. taoiseach Lochlannach a bhí ar
an mbaile mhór, agus go leór d'á chuid daoine le n-a
chois, go dtí a longa, agus d'imthigh leó le n-a
n-anamnachaibh a shaoradh. B'éigean do Ruaidhrí
imtheacht go Connachtaibh. Bhí Baile Átha Cliath gabhtha
ag an námhaid anois. Le sásamh a bhaint de Mhac
Murchadha faoi gur bhris sé a ghealladh dhícheann Ruaidhrí
a mhac. Budh ghairid thar a éis seo gur cailleadh an
brathadóir Mac Murchadha féin agus deirtear gur bh'
uathbhásach an bás a fuair sé.



CAIBIDIL II.



Gleacaidheacht agus beartaidheacht Ríogh Hannraoi; a
theacht agus a imtheacht as Éirinn. Cé rud a thárla
le n-a linn. Ruaidhrí Ó Conchubhair. Socrughadh
idir na Gaedhil agus na Normánaigh. Briseadh an
tsocruighthe. Bás an Áird-ríogh.

Bhí faitchíos anois ar Rí Hannraoi nuair a d'éirigh le
Strangbó go mbéadh an tír caillte ar fad aige féin
muna n-oibrigheadh air gan mhoill. Mar sin, chuir sé
fios ar ais go Sasanaibh ar Strangbó go beó tapaidh.
Níor ghéill Strangbó dhó, acht chuir sé teachtairí chuige
le n-a dhílseacht a chur i gcéill dó. Ní raibh an rí
sásta. Tháinig Strangbó féin ar ais go Sasanaibh 'sa
deireadh go díreach glan agus an Rí ar tí seóladh go
hÉirinn. Bhí Strangbó chomh cliste agus chomh gleacaidhe
sin is gur éirigh leis maitheamhnas an ríogh d'fhagháil in
gach a ndeárna sé, agus bhí an rí sásta na tailte a
bhain sé amach i Loch Garman a fhágháil 'n-a sheilbh.



I dtús Mí Dheiridh an Fhoghmhair 'sa mbliadhain 1171
sheól Hannraoi agus a chuid fear i gceithre chéad long
le arm iongantach go hÉirinn agus tháinig i dtír i Loch
Dá Chaoch. Bhí sgoth na Normánach 'n-a theannta anois,


L. 5


agus an lá budh dlúth-mhuinntearaighe agus go b'fheárr
Clanna Gaedheal badh dheacair dhóibh an ceann a b'fheárr
a fhagháil ortha.



Do leig Hannraoi go gleacaidhe air féin nach raibh
uaidh acht síothcháin agus suaimhneas a thabhairt ar ais
'sa tír. Ní bhéadh glacadh ar bith aige le troid nó
achrann. D'fhuagair sé do Strangbó agus d'á lucht
conganta glanadh leó as an tír agus gan a bheith níos
fuide ag creachadh na tíre, agus chuir sé i dtuigsint
do na Gaedhlibh gur le n-a saoradh ó na creachadóiribh
seo a tháinig sé féin. Creideadh é agus fáiltigheadh
roimhe in gach cearn. Bhí sé chomh sleamhain, chomh réidh
agus chomh cáirdeamhail leis na Gaedhil is gur cheapadar
go mb'fheárr dóibh go mór é a bheith aca mar fhear
cómhairle, mar chosantóir agus mar stiúrthóir.



Dá mbéadh fhios ag na Gaedhlibh cé rud a b'áil
leis a dhéanamh, agus cé an rún a bhí aige i bhfolach
'n-a intinn, b'fhada uatha an saoghal a leigean chomh
réidh leis ar theacht dó ar dtús. Acht mealladh iad
le plámás agus gleacaidheacht.



Ghluais leis ó Phortláirge go Caiseal agus ó Chaiseal
go Baile Átha Cliath agus in gach áit bhí na flatha
Gaedheal ag bailiughadh 'na theannta agus ag fáiltiughadh
roimhe. Ar feadh an gheimhridh i mBaile Átha Cliath bhí
fleadh agus féasta le fagháil uaidh ag flathaibh na
nGaedheal agus leig sé air féin suim a bhfaca tú riamh
a bheith aige ionnta féin agus gach ar bhain leó.



Bhí an t-Árd-rí ar feadh na haimsire seo go trom-
chroidheach buaidheartha i gConnachtaibh, agus, cé go bhfuair
sé cuireadh ó Hannraoi, ní rachadh chuige agus ar chloisint
dó go raibh an rí ag teacht go Connachtaibh, bhailigh sé
a chuid fear agus dubhairt, an fhad is beó é, nach
leigfeadh sé rí Sasanach isteach ar a chuid talmhan.
Thar éis na Nodlag rinne Hannraoi socrughadh áirithe
le taisbeánadh cé an tsuim mhór a bhí aige 'san
gcreideamh i nÉirinn, acht tráth a raibh gach rud ag
éirighe leis go geal, agus é i leabaidh a chéile ag cur
a chuid uaisle féin i n-árd-réim 'san tír, 'seadh b'éigin
dó filleadh gan mhoill ar ais go Sasanaibh, mar bhí
cruadhóg leis ag teachtaire 'o'n bPápa a cuireadh anall


L. 6


i n-aon turas le fios d'fhagháil cé an fáth ar
marbhuigheadh San Tomás Beicit i Sasanaibh.



Níor thúisge imthighthe ar ais é 'ná thosuigh na
Normánaigh arís ar an gcreachadh agus ar an
ngadaidheacht, acht ní thug na Gaedhil cead a gcinn
dhóibh, agus níor bh'fhada go raibh an tsíothcháin a chuir
Hannraoi ar fud na tíre briste agus gach a raibh
gnóthuighthe aige caillte ar ais ag Strangbó agus na
Normánaigh a d'fhan 'n-a dhiaidh. Bhí an shíor-imreas
ar bun eidir flatha na nGaedheal agus na Normánaigh,
agus ní raibh dadamh a d'fhéadfadh críoch a chur leis
acht socrughadh a dhéanamh idir an t-Árd-rí agus
Hannraoi.



Le iarracht a thabhairt fá sin a dhéanamh cuireadh 'san
mbliadhain 1175 anonn go Sasanaibh Ó Dubhthaigh, Árd-
easbog Thuama, Ab Chluana Fearta, agus Árd-easbog
Bhaile Átha Cliath, Lorcán Ó Tuathail. Bhí coiste i
dteannta a chéile aca ag Windsor i dtaca na Féile
Míchíl agus socruigheadh Ruaidhrí Ó Conchubhair a bheith
'na rígh ar Éirinn, acht umhal do Rígh Hannraoi; go
mbéadh Cúige Chonnacht 'n-a sheilbh go díreach mar bhí
sul tháinig Hannraoi anall; go mbéadh smacht agus
cumhacht aige os cionn flath eile na tíre, agus go
mbéadh d'fhiachaibh air cáin a bhaint dhíobh le haghaidh
Ríogh Shasana, go bhfágfaidhe a dtailte i seilbh na
bhflath so chomh fada is bhéidís dílis do Rígh Shasana
agus a d'íocaidís an cháin leis; agus dá dtárlóchadh
go n-éireóchaidís mí-dhílis go mbéadh air breitheamhnas
a thabhairt agus an chumhacht a bhaint dhíobh le n-a chumas
féin nó le congnamh na Normánach. Acht socruigheadh
gan aon chur isteach ná baint a bheith aige ar chor ar bith
leis na conndaethibh 'n-a raibh na Sasanaigh socruighthe
síos le fada, mar bhí, Conndae na Midhe, Conndaethe
Laighean, Baile Átha Cliath, agus ó Phortláirge thart
go Dún Garbháin.



Acht mar rinneadh go minic ó shoin, níor bh'fhada gur
briseadh an socrughadh. Ní raibh na flatha Normánacha
sásta gan cead gadaidheachta a bheith aca, agus cead
ar thuilleadh talmhan a bhaint amach. Mar sin, 'sa
deireadh bhí Hannraoi sásta an socrughadh a bhriseadh


L. 7


agus cead a gcinn a thabhairt d'á chuid flath agus
saighdiúir. Tá fhios againn gur éirigh Murchadh mac
Ruaidhrí mí-dhílis d'á athair agus go dtug iarracht ar
an gcoróin a bhaint de agus gur chuidigh na Normánaigh
le Murchadh 'san iarracht sin, acht nár éirigh leo, agus
freisin, tar éis an gheallta agus an tsocruighthe a rinne
an rí go ndubhairt sé go gcaithfeadh a mhac féin,
Seaghán, a bheith 'na rígh ar Éirinn, agus ní hé sin amháin,
acht gur thosuigh air ag roinnt amach talamh na hÉireann
idir a mhuinntir féin. Mheall sé na Gaedhil le n-a
chuid gleacaidheachta agus plámáis. Leig sé air féin
a bheith cumannach cáirdeamhail leó. Rinne sé
socruighthe a bhris sé agus thug geallta nár chóimhlíon
sé agus 'sa deireadh thiar thall rinne ár agus sladadh
agus chaith go suarach leis na Gaedhlibh ar leig sé air
féin a bheith chomh práidhinneach ionnta.



Briseadh croidhe Ruaidhrí, agus chaith an dá bhliadhain
deireannach d'á shaoghal i mainistir Chunga ar bhruach
Locha Oirbsean agus annsin 'seadh fuair sé bás an naomhadh
lá fichead de Mhí na Samhna 'san mbliadhain
1198. Sin é an áit a bhfuil Ruaidhrí Ó Conchubhair
curtha, agus t-Árd-rí deiridh a bhí ar Éirinn do réir
dlighthe agus socruighthe Chlann nGaedheal.



Caibidil III.



Easaontas na nGaedheal. Sompla! mar b'éigean do
Shéarfaidh O Dómhnaill troid i n-aghaidh Uí Néill: a
chómhairle d'á mhuinntir lá na troda.



Mar dubhairt mé cheana agus mar déarafs mé
arís, 'sé rud a chaill do na Gaedhlibh é i gcómhnnuidhe
gan an dlúth-mhuinnteardhas a bheith eatorra. Ní'l aon
Ghaedheal a léigheas agus a dhearcas tré stair ar dtíre
nach gcaithfidh admháil gur mór a mhill na “Clanna”
go minic i leabaidh rud a leasughadh. Bhí gach flaith
mór ann féin, gaisgeamhail as féin, agus b'áil leis
go minic cur isteach a dhéanamh ar a chomharsain


L. 8


agus a smachtughadh. Mar sin budh mhinic cogadh idir
muinntir na tíre féin. Bhí an námhaid le troid aca go
léir, acht faríor ! nár mhinic iad ag déanamh faillighe i
mbuille, a chur i gcion i n-aghaidh an tSasanaigh le troid
eatorra féin.



Níl orainn acht sompla a thabhairt le taisbeánadh cé
an síor-imreas a bhíodh eatorra. Ar feadh i bhfad chinn
amach is amach ar na Normánaighibh seilbh Thíre Chonaill
a fhagháil. D'fhéachadar go minic acht theip ortha i
gcómhnuidhe. Budh é Séafraidh Ó Dómhnaill a bhí 'na fhlaith
ar Thír Chonaill an t-am úd agus fear tréan dána
fearamhail a bhí ann. 'Sa deireadh thug na Normánaigh
mór-iarracht láidir ar bhuaidh a fhagháil air. Tháinig
siad fré chéile ar gach cearn de'n tír, acht níor chaill
Séafraidh an misneach. Thangadar 'n-a chéile ag
Créadán Cille i gConndae Shligigh, agus tugadh cath
fuilteach fíochmhar eatorra. Chaith an cath i bhfad ar
siubhal gan a fhios cé ag a mbéadh an bhuaidh. Rinne
Séafraidh gníomha iongantacha ag brostughadh a chuid
fear i gceart-lár na troda, agus ag leagadh gach
Normánaigh dá dtagadh suas leis. Bhí na Gaedhil ag
fagháil na buaidhe agus bhí fhios ag an tighearna Muiris
Mac Gearailt, a bhí 'na thaoiseach ar na Normánaighibh,
muna n-éireóchadh leis Séafaidh Ó Dómhnaill a chur ar
lár, nach bhfágfadh Normánach d'á raibh 'san gcath beó.
Rinne sé ar Shéafraidh agus rinneadar féin ar a chéile.
Thug sé buille marbhthach do Shéafraidh, acht ní raibh aige
acht malairt, mar fuair sé féin buille de'n truaigh chatha
ó Shéafraidh nár fhág mothughadh ná arann ann, agus
b'éigean a chrochadh chum bealaigh agus é donaighthe ó
pháirc an áir. Cuireadh rith agus ruaig ar na Normánaighibh
agus rinneadh sléacht mór ortha, ag imtheacht dóibh.
Chaith Mac Gearailt ag déanamh a anama i mainistir
na Manach i nEóchaill nó gur cailleadh é go gairid thar
éis an chatha.



Bhí Séafaidh loitthe go mór, acht ní thug sé cead d'á
arm sgaipeadh nó filleadh a bhaile nó gur ruaigeadh
as Tír Chonaill gach duine de na Normánaighibh agus
gur leagadh gach caisleán d'ár thógadar ann. Nuair
a bhí sin déanta, thug sé ordughadh d'á chuid laochradh


L. 9


filleadh, agus tugadh a bhaile é féin go lag tnáithte le
bás a fhagháil i measg a mhuinntire dúthchais.



Budh é sin an t-am go díreach ar chuir Ó Néill as Tír
Eóghain cogadh ar mhuinntir Thíre Conaill agus ar mhian
leis a gcur faoi n-a smacht! Chualaidh sé go raibh
Séafraidh loitthe, agus chuir teachtairí chuige dh'á iarraidh
air géilleadh. Chuir Séafraidh fios go difreach ar
mhuinntir Thíre Conaill le troid i n-aghaidh an Niallaigh.
Bhailigheadar chuige gan mhoill. Acht, mo bhrón! Ar
maidin lae na troda ní raibh ann acht go raibh Séafraidh
beó ar éigin, agus bhí fhios aige féin agus ag gach
duine go mbudh ghearr an bás uaidh. D'ullmhuigh sé ar
dtús é féin i gcómhair an bháis; annsin thug sé chómhairle
d'á chuid fear troda cé mar b'fheárr dóibh oibriughadh
'san gcath, agus annsin d'orduigh sé a iomchur amach
i gceart-lár na troda agus ar fhagháil bháis dó gan a
cholann a chur i dtalamh go deó go mbéadh muinntir
amhlaidh. Tugadh amach é ar ghuailnibh a chuid fear mar
d'orduigh sé agus thar éis catha fuiltigh glanadh amach
muinntir Néill as Tír Chonaill agus rinneadh sléacht
anuas d'á nguailnibh le cur i gcéill dó go raibh an
lá gnóthuighthe aca, acht bhí dath an bháis ar ghnúis an
laoich thréanmhair agus an tséideóg imthighthe as.



Taisbeánann an sompla so dhúinn cé an stáid 'n-a
raibh Éire an tráth sin - gach flaith ag iarraidh cumhachta
agus riaghlughadh a bheith aige féin. Maidir le
tréineacht, agus dánacht, misneach agus fearamhlacht,
bhí siad aca, acht, mar dubhras cheana, chailleadar de
cheal gan seasamh le chéile go dlúith, de cheal gan a bheith
umhal do'n Árd-rígh; agus de cheal gan a dtréineacht
agus a spreacadh, lúd a ngéag agus brígh a gcnámh a
oibriughadh i n-aghaidh námhaid a dtíre i leabaidh i n-aghaidh
a chéile.


L. 10


Caibidil IV.



Mar chuidigh na Gaedhil le Riobárd De Braos i nAlbain.
Aisioc na nAlbanach. Mar rinneadh rí ar Éirinn
de'n Bhraosach, dearbhráthair Riobáird. Mar
d'oibrigh sé i n-aghaidh na Sasanach. Mar chaill an
gorta dhóibh é, agus mar marbhuigheadh an Braosach.



'San gcath mór a tugadh idir Sasana agus Alba ag
Bannockburn 'san mbliadhain 1315 chuidigh na Gaedhil
as Éirinn le Riobárd De Braos, an tAlbanach, agus
bhuaidh go breágh ar na Sasanaighibh. Tráth bhain na
hAlbanaigh an tuisle seo as an Sasanach i nAlbain,
shocruigh na Gaedhil iarracht a thabhairt ar chuairt a
bhaint as i nÉirinn agus gheall na hAlbanaigh a
gcongnamh dóibh. Mar sin d'aontuigh na Gaedhil le
chéile ní b'fheárr ná rinneadar go dtí sin, agus, ionnus
nach bhféadfadh éad ná imreas a bheith idir na flatha
budh cheannusaighe, shocruigheadar rí ar Éirinn a dhéanamh
de Éamonn De Braos, dearbhráthair Riobáird a throid ag
Bannockburn. Tháinig sé anall le sé mhíle fear
an cúigeadh lá fichead de Bhealtaine 'san mbliadhain
1315. Tháinig na Gaedhil chuige as gach cearn.
D'ullmhuigh na Normánaigh iad féin 'n-a aghaidh acht budh
gheárr a sheasadar i n-aghaidh na nAlbanach agus na
nGaedheal i gceachtar de na cathaibh a tugadh eatorra.
Ní raibh goir seasamh 'n-a n-aghaidh. Bhí an bhuaidh leó
in gach cath. Tháinig na flatha Gaedheal go léir i
dteannta a chéile ar bhárr Chnuic Maoláin i gConndae
Lughbhaidh, agus rinneadh rí ar Éirinn d'Éamonn De
Braos. Chuir Dómhnall Ó Néill, a raibh an choróin ag
gabháil dó ó cheart, suas di, le fonn an tAlbanach a
bheith 'na rígh.



Chuir sin corrughadh agus imnidhe ar na Sasanaighibh,
agus socruigheadh arm Sasanach a chur go hÉirinn nár
cuireadh a leitheid ann roimhe sin riamh. Acht bhí mór-
dhóchas agus muinighin ag an mBraosach go n-éireóchadh
leis 'n-a n-aghaidh. Ba ghairid go dtáinig a dhearbhráthair


L. 11


agus a chomhlucht anall le cuidiughadh le Clannaibh
Gaedhil. Ghluais leis, 36,000 fear, idir Gaedhil agus
Albanaigh, agus rinne ar Bhaile Átha Cliath, acht cuireadh
thré lasadh ciumhais an bhaile ar gach taobh agus níor
fhéad siad a ghabháil. Ghluais leó as sin go Luimneach
agus ghabhadar an baile. Ní raibh troid d'á dtugadh
eatorra nár bhuaidh na Gaedhil.



Acht mo bhrón ! Nuair a bhí ag éirighe leó go geal
'seadh d'éirigh go hobann donas mór 'san tír .i. an
gorta. Loic an cur; níor bh'fhéidir beatha a fhagháil le
haghaidh an airm, chailleadar brígh agus spreacadh agus
'sa deireadh níor bh'fhéidir leó fulaing leis an ocras.
Phléasg na hAlbanaigh amach ar fud na tíre ag
cuartughadh roda le n-ithe nó le goid. Phléasgadar
isteach 'sna teamplaibh féin agus ghoid asta gach a
mb'fhéidir leó. Mar sin níor bh'iongnadh gur éirigh
fuath idir na Gaedhil agus na hAlbanaigh. 'Sa deireadh
níor bh'fhéidir le harm an Bhraosaigh ná le harm na
Sasanach seasamh ní b'fhuide, agus ní raibh ag an
mBraosach acht gluaiseacht leis ar ais go hAlbain.



Níor thúisge an fóghmhar baint 'san mbliadhain a bhí
chugat (1318) ná thosuigheadh ar an troid arís. Bhí
Éadbhárd de Braos geallta ar a theacht ar ais le
cuidiughadh leó. Mar sin d'oibrigh ar na Sasanaighibh le
troid i n-aghaidh na nGaedheal sul mar thiocfadh sé.
Ní raibh na Gaedhil ag bailiughadh chum an Bhraosaigh acht
go righin, acht mar sin féin, cé nach raibh aige acht
tuairim trí mhíle fear, sheas sé go dána le toid 'n-a
n-aghaidh. B'fhurus do fhlathaibh na nGaedheal a thuigsint
nach mbéadh goir aige ar an bhuaidh a fhagháil. Mar sin
chómhairligheadar é gan tosughadh ar an troid leis an
námhaid, ná aon chath mór a thabhairt nó go mbéadh a
dhearbhráthair 'sa láthair. Acht ní raibh claonadh 'n-a
chionn, agus ní raibh maith dhóibh leis. Shaoil sé nach
raibh bualadh i ndán dó. D'imthigh cuid de na flathaibh
Gaedhealacha uaidh nuair a chonncadar nach raibh maith
dhóibh ag cur chómhairle air. Tugadh an cath eatorra,
acht marbhuigheadh an Braosach. Ghléas fear dar bh'ainm
de Mápas é féin i gculaith amadáin, agus chuaidh ar
a thóir i bpáirc an chatha. Tháinig sé air, agus mharbhuigh


L. 12


Éadbhárd De Braos, acht níor fágadh deór ann féin
acht an oiread, mar fríoth an bheirt i mullach a chéile
marbh tar éis an chatha. Cuireadh an Braosach ag
Fochaird, acht tugadh a cheann go Lonndain.



Ní raibh ann acht go raibh an cath caithte agus caillte
nuair a tháinig a dhearbhráthair. Ní dhearnadar acht
filleadh ar ais arís gan dadamh a dhéanamh. Bhí críoch
leis an gcéad iarracht a thug Éire ar a haghaidh féin —
faoi riaghlughadh ríogh a thogh a muinntir féin go
lán-toilteanach leis an Normánach a dhíbirt. Muna
mbéadh an gorta, cá bhfios cé rud a thárlóchadh?



CAIBIDIL V.



Mar bhí na Normánaigh ag éirghe Gaedhealach. An
socrughadh láidir a cuireadh ar bun i n-a aghaidh.
Cé rud a rinne na Normánaigh agus na Gaedhil.



Bhí aon rud amháin ag cur síor-imnidhe ar na
Sasanaighibh i Sasanaibh féin an tráth so. Bhí na
Normánaigh i nÉirinn ag éirghe Gaedhealach; bhí teanga
na nGaedheal d'á labhairt aca; bhí béasa agus gnása
na nGaedheal d'á gcleachtughadh aca; budh mhinic pósadh
d'á dhéanamh idir Normánach ag cur suas d'á shloinneadh
féin agus ag glacadh anma Ghaedhealaigh i n-a ionad.
Bhí 'fhios go maith ag na Sasanaighibh cé rud a chaithfeadh
tárlughadh as so. Agus i gcionn sgathaimh cuireadh
fógra amach, 'sa mbliadhain 1341, go gcaithfeadh gach
Normánach a raibh tailte aige i nÉirinn glanadh
leis as an tír agus a chuid talmhan a thabhairt do
Shasanach a thiocfadh anall as Sasanaibh, dá measadh
breitheamhain an Tríomhadh Ríogh Éadhmonn go mbudh é
a b'fheárr le déanamh. Chuir an fógra so fearg mhór
agus corrughadh ar na Normánaighibh, agus dhiúltuigheadar
a theacht go dtí coiste an ríogh ag a raibh díospóireacht
le bheith i dtaoibh an tsocruighthe. Chuireadar féin
coiste ar bun, agus cuireadh clamhsán agus casaoid


L. 13


chruaidh uatha chum an ríogh, mar gheall ar an socrughadh
a rinneadh, agus ag lochtughadh na ndaoine a cuireadh
anall leis an tír a riaghlughadh. Cuireadh anall mac
an ríogh, Líonel, 'san mbliadhain 1360, agus thar éis
a bheith seacht mbliadhna 'san tír d'éirigh leis an dlighe,
a chuir an oiread sin taoide agus feirge ar na
Normánaighibh ar dtús, a shocrughadh. Budh é sin an
dlighe a socruigheadh i gCill Chainnigh 'san mbliadhain
1367. Seo é an socrughadh a rinneadh:



“Mar gheall ar gur chuir go leór Sasanach i nÉirinn
suas d'á dteangaidh féin, d'á nósaibh, d'á mbéasaibh,
agus d'á ndlighthibh féin agus go bhfuil aca 'na n-ionad
teanga agus béasa, nósa agus dlighthe na námhad
Gaedhealaighe; agus fós, ó thárla gur minic Sasanach
ag pósadh duine de'n námhaid, tá sé socruighthe nach
bhfuil Sasanach d'á mbéidh baint nó lámh isteach ar bith
aige feasta le hÉireannach i bpósadh nó i rud ar bith
eile, nó a dhíolfas leis nó a cheannóchas uaidh, nach mbéidh
cionntach i n-aghaidh an ríogh. Tá sé socruighthe go
gcaithfidh gach duine nach nglacfaidh le hainm Sasanach
agus nach gcleachtóchaidh béasa agus nósa na Sasanach
a chuid talmhan a leigean uaidh. Caithfear críoch a chur
le sean-dlighthibh na mbreitheamhan nGaedhealach agus ní
bheidh feasta aon ghlacadh acht leis an dlighe Sasanach;
ní bhéidh a chead feasta ag Éireannach eallach a chur ar
féarach ar thalamh Shasanaigh; ní bhéidh a chead ag aon
tSasanach lóistín a thabhairt d'aon cheóltóir nó file
Gaedhealach nó aon bhaint a bheith aige leis; agus, 'na
theannta sin, ní bheidh a chead ag aon Éireannach a
leigean isteach i dtigh pobail, nó i dtigh ar bith a
bhaineas leis an eaglais ar thalamh na Sasanach i
nÉirinn.”

Níor thúisge socruighthe é ná d'éirigh na Gaedhil amach
agus a gcuid fola ag coipeadh le neart feirge. Bhí
tuairim mhaith aca anois ó'n socrughadh cé rud a bhí na
Sasanaigh a dhéanamh, agus phléasgadar isteach ortha in
gach cearn. Chuidigh Ó Conchubhair, agus Ó Briain as
Tuath-Mhumhain le chéile i n-aghaidh na námhad anois, cé
go rabhadar i n-aghaidh a chéile go dtí sin. Rinne
Ó Fearghail sléacht ar an námhaid 'san Midhe. Phléasg


L. 14


Ó Mórdha, an Caomhánach agus Ó Broin ar fud Chúigidh
Laighean agus sheas Ó Néill amach go daingean docht
i n-aghaidh an tSasanaigh i nUltaibh. Bhuaidh na Gaedhil
ortha ar gach taoibh, agus bhí deis aca thar ariamh le
críoch a chur le cumhacht agus smacht na námhad 'na dtír
dhúthchais, acht chaill an t-easaontas agus an mhí-dhílseacht
dóibh 'sa deireadh é, agus níor glanadh chum bealaigh
an Sasanach as an tír 'na dhiaidh sin.



CAIBIDIL VI.



Art Mac Murchadha.



Tá 'fhios againn anois gur bh' é Diarmaid Mac
Murchadha budh chiontach le go leór de'n chreachadh a
rinneadh i nÉirinn. Acht má bhí duine de'n treibh go
holc dá thír, bhí go leór eile de Mhuinntir Mhurchadha go
Gaedhealach tréanmhar, agus ba mhinic a bhain leagadh
agus tuairt as an Sasanach agus a chuid buille i gcionn
ar son a dtíre. Thar gach duine eile budh é Art
Mac Murchadha an Gaedheal agus an gaisgidheach a
b'iongantaighe agus budh chumasaighe de'n treibh. Bhí a
athair 'na fhear iongantach freisin, agus budh mhinic a
chuir rith agus ruaig ar námhaid a thíre.



Rugadh Art Mac Murchadha 'san mbliadhain 1357,
agus ó aois a shé bliadhan déag bhí a chlú agus a cháil
leathnuighthe ar fud na tíre le n-a shubháilceas agus a
chuid eólais agus a ghníomha gaisgidheachta. Ní raibh sé
acht tuairim ocht mbliadhain déag d'aois nuair a toghadh
é le bheith 'na fhlaith i ndiaidh a athar a chaith dhá bhliadhain
is dá fhichead ag riaghlughadh Chúigidh Laighean. Ní raibh
uatha so a bhí faoi stiúradh Airt acht deagh-fhear cródha
a bheith aca mar thaoiseach, agus bhí sin aca anois go
cinnte. Phós sé cailín óg uasal de shliocht na nGall
dár bh'ainm Éilís a bhí 'na hoidhre ar bharúntas na
Forraighe i gConndae Chille Dara, agus, ar phósadh dhó,
labhair sé go dána agus dubhairt go gcaithfeadh sé an
talamh a bhí ag dul d'á mhnaoi a fhagháil nó go mbeadh


L. 15


sé i n-achrann - do réir an tsocruighthe a rinneadh 'sa
mbliadhain 1367, chaithfeadh sí an talamh a chailleadh ó
thárla gur phós sí Éireannach.



San am so bhí brat na nGaedheal go buach i n-áirde
agus d'á sguabadh le gaoith de bhárr gach caisleáin in
go leór ceanntar i gCúigeadh Laighean. Bhí an cúige
go léir beag nach faoi smacht Airt agus a chuid fear.
Bhí troid idir é féin agus Iarla Urmhumhan 'san
mbliadhain 1392, agus chaill Mac Murchadha sé chéad d'á
chuid fear 'san troid sin, acht budh ghairid thar a éis sin
go raibh Ros Mhic Treóin gabhtha aige; na ballaí agus
na túir leagtha go talamh; an t-ór agus an t-airgead
agus cuid de na daoinibh sguabtha chum bealaigh aige.



Budh é seo an t-am ar thug an rí Risteárd cuairt ar
Éirinn le os cionn deich míle fhichead fear. Shaoil
Risteárd nach mbéadh air acht teacht, agus go
bhféadfadh sé na flatha Gaedhealacha a mhealladh le
bladaireacht béil agus le cosamhlacht cáirdis agus
muinnteardhais. Acht níor éirigh leis, mar bhí súil aige,
cé gur ghlac cuid de na flathaibh le n-a chuid bladhair
agus gur chuireadar suas de'n imreas ar a chómhairle.
Acht chinn sé air amach is amach Art Mac Murchadha
a mhealladh, mar rinne sé le cuid de na flathaibh eile.
Ní thiocfadh flaith cródha Chúigidh Laighean i n-a aice
agus ní chuirfeadh aon tsuim 'na ghlórthaibh béil. Cé an
bheann a bhí aige ar Rígh Shasana? Cé an faitchios a bhí
aige roimh a chumhacht? Dar fiadh! Dá mhéad a ghaisge
agus a chumhacht, dá bhladaraighe é agus dá shleamhaine
agus dá charthannaighe d'á raibh a chuid cainte, ní raibh
aon bheann ag Art Mac Murchadha air ná aon fhaitchios
aige roimhe! Chuir an rí duine d'á chuid iarlaí,
Móibreídh, chuige le féachaint le socrughadh a dhéanamh
leis; acht ní raibh aon mhaith ann. Ní bhéadh cainnt ná
cómhrádh aige le haon duine acht leis an rígh féin!
Dubhairt sé leis go dána tuairisg a thabhairt uaidh féin
chum an ríogh, muna bhfaghadh sé na tailte a bhí ag dul
d'á mhnaoi, go mbainfidhe amach iad gan bhuidheachas.
B'éigean do'n teachtaire an sgéal nuadh seo a thabhairt
ar ais chum an ríogh. Chuir dánacht Airt fearg agus
buile ar an rígh, agus dubhairt sé leis féin go rachadh


L. 16


sé cruaidh leis nó go mbainfeadh sé féin ceart de'n
fhlaith dána so. Thosuigh an troid, acht cé an ghoir a bhí
ag saighdiúir Shasana ar ceart a bhaint de fhlaith Chúigidh
Laighean imeasg sléibhte mór n-uaigneach agus gleannta
a chuigidh féin? Bhí sé ag cinneamhaint ortha aon chúis a
dhéanamh ag portachaibh, ag bograchaibh, agus ag coilltibh
nár bh'fhéidir a siubhal. Bhí eólas na háite ag Art
agus nuair nach mbíodh súil ar bith leis 'seadh thagadh sé
ortha, agus ghníodh mísg. Bhí sé ag fagháil an ceann
ab'fheárr ar an rígh agus ag donughadh an airm air i
leabaidh a chéile. I n-áit nach mbíodh súil leis, b'ann
a bhíodh sé, agus an áit 'na gceaptaoi a bheith, ní bhíodh
a thásg ná a thuairisg le fagháil ann. Ní raibh goir aca
'sa deireadh ar sheasamh i n-a aghaidh ní b'fhuide. Do réir
mar bhíodar-san ag tabhairt uatha, agus ag cailleadh
nirt agus misnigh, b'amhlaidh a bhí Art Murchadha agus
muinntir Chúigidh Laighean ag éirghe ní budh dána agus
ní budh dóchasaighe 'ná riamh.



Sguir an rí, mar sin, de'n achrann 'sa deireadh.
Thug sé cuireadh d'Art fá theacht ar cuairt chuige go
Baile Átha Cliath le cómhairle a bheith aca cé rud a
b'fheárr a dhéanamh, agus go dtaisbeáinfeadh dhó cé an
meas a bhí ag an rígh air as ucht a mhisnigh agus a
laochrais. Ghlac Art an cuireadh, acht budh gheárr i
mBaile Átha Cliath é go dtug sé faoi deara go raibh sé
i gcontabhairt ó bheith i nead na heasóige. Rugadh air
agus cuireadh isteach 'sa bpríosún é fá gur throid sé
agus go raibh sé ag gríosadh mhuinntire Laighean i
n-aghaidh an ríogh. Acht níor leig faitchios do'n rígh a
chur d'á chois mar bhí faoi ar dtús. B'fheárr leis go
mór fada féachaint le hÉire a bhaint amach le
gleacaidheacht agus le cleasaidheacht ná troid i n-aghaidh
na nGaedheal, d'á mb'fhéidir ar chor ar bith é. Fuair sé
a chómhairliughadh 'san troid dheiridh, agus níor chómhairle
i n-aisge í acht an oiread. Mar sin leigeadh amach
Art, ach coingbhigheadh triúr d'á chuid taoiseach le bheith
i mbannaíbh air.



Níor bh'fhada tar a éis go ndearnadh iarracht eile
ar a mharbhadh go fealltach ag fleidh a bhfuair sé cuireadh
chuici ó dhuine de na Normánaighibh. Budh é a cheóltóir a


L. 17


thárrthuigh é an iarraidh seo. Thug an bárd nó an
ceóltóir faoi deara cosamhlacht lucht airm a bheith 'gá
gcur féin faoi réir taobh amuigh de'n chaisleán agus bhí
'fhios aige ar an bpointe cé rud a bhí fútha a dhéanamh.
Ní dhearnaidh sé acht tosughadh air ag seinm sean-fhuinn
Ghaedhealaigh ar a chláirsigh, agus 'na theannta sin thosuigh
sé ag gabháil cheóil i nGaedhilg. 'Sé rud a bhí dh'á ghabháil
aige rann ag á innsint d'Art cé an chontabhairt 'na
raibh sé, 'gá chómhairliughadh glanadh leis chomh luath is
bhéadh deis aige, acht a bheith aireach faireach, mar go
raibh sé i gceart-lár a námhad. Thuig Art é láithreach.
Níor leig sé dadamh air féin go bhfuair sé deis ar
dhul amach, léimeann ar a chapall, agus, i ngreim go
dlúith i n-a chlaidheamh, amach leis. Ní raibh sé in gach
ar sheas i n-a aghaidh a bhacadh, agus sguab leis ó'n
gcaisleán d'á mbuidheachas go léir.



Thuig sé anois thar riamh go mbudh fealltóir é an
námhaid, agus ní raibh síothcháin ná ciúineas uaidh i ndán
dó uaidh sin amach. Throid sé an Sasanach ar feadh fiche
bliadhain 'na dhiaidh seo. Cuireadh na taoisigh airm a
b'fheárr d'á raibh i Sasanaibh i n-a aghaidh, acht ní raibh
goir aca air. Throid sé 'na n-aghaidh i gCeanannus
Osnaighe an fichead lá de'n Iúl 'sa mbliadhain 1398
agus mharbh ann an té a raibh an choróin le dul dó i
Sasanaibh thar éis bháis an ríogh. “Cuirfead-sa críoch
leis,” arsa rí Shasana go feargach agus anall leis
go hÉirinn arís le harm iongantach eile leis an mbail
chéadna a chur air a cuireadh air an chead uair a tháinig
sé. Ar theacht i dtír dó i bPortláirge, chuir sé
teachtaireacht go dtí Art 'gá iarraidh air sgur de'n
achrann i n-a aghaidh, acht 'sé an freagra a fuair sé ó
Art .i. “nach n-umhlóchadh sé dhó, nach ndéanfadh a
chómhairle agus nach sguirfeadh de'n troid i n-a aghaidh
ar son a thíre an fhad is beó é.”



Bhí trí mhíle fear troda aige a bhí oilte ar an gcath
ó n-a n-óige, agus a bhí i gcómhnuidhe ullmhuighthe le
seasamh go dána i n-aghaidh an tSasanaigh. Chuir Art
na mná, na páistí, na sean-daoine, an t-eallach agus
gach cineál bídh as bealach i bhfad ó áit na troda agus
sheas sé féin agus a chuid fear ag Uíbh Dróna i n-aghaidh


L. 18


na námhad. D'éirigh le Risteárd go díreach mar
d'éirigh an uair cheana. Bhí sé ag cinnt air an
bealach a dhéanamh, agus bhí Art ag déanamh sléachta
agus áir air i ngan-fhios nuair nach mbíodh súil ar bith
leis. Gealladh maitheamhnas dó agus tailte agus
caisleáin go leór acht claonadh do'n rígh. Acht budh é
an freagra a fríoth ó Art “nach gclaonfadh sé ar ór
an domhain, acht go leanfadh air ag basgadh na Sasanach
ar gach bealach chomh maith is d'fhéadfadh.”



'Sa deireadh tháinig sgéala ó Art go raibh sé sásta
le cómhrádh a dhéanamh le teachtaire an ríogh i dtaoibh
na troda. Chuir seo aoibhneas mór ar na Sasanaighibh.
Cheapadar go raibh sé le sgur de'n achrann. Cuireadh
an t-Iarla Gloster chuige. Bhí fear uasal Franncach i
láthair a sgríobh cunntas 'na thaobh, agus deir sé “gur
bhreágh mór leathan sgolbánta an duine é Art Mac
Murchadha.” “Tháinig sé ar marcaigheacht gan aon
diallaid ar each,” adeir sé, “nach bhfaca sé a leitheid
riamh le deiseacht agus le luas, agus níor mharcach go
dtí é.” Níor bh'fhéidir leis féin agus leis an iarla
réidhtiughadh le chéile. Bhí fearg mhór ar an rígh agus
mhionnuigh nach bhfágfadh Éire go mbéadh sé faoi n-a
smacht aige beó nó marbh. Gheall sé céad píosa óir
d'aon duine a bhéarfadh chuige é beó nó marbh go
Baile Átha Cliath.



Rinneadh trí ranna de'n arm le dul ar a thóir agus
a cheannsughadh. Acht budh gheárr gur cuireadh críoch
leis an obair go hobann. Tháinig sgéala ó Shasanaibh
go raibh sé i n-a achrann ann agus go raibh Risteárd i
gcontabhairt an choróin a chailleadh. Sguab leis anonn
ó Phortláirge, acht bhí sé ró-mhall. Bhí an choróin bainte
amach ag Lancaster, agus i gcionn cúpla lá marbhadh
Risteárd go fealltach i gcaisleán Phontefract. Chaill
a chogadh i n-aghaidh Airt Mhic Mhurchadha a cheann agus
a choróin dó. Ar feadh ocht mbliadhan déag 'na dhiaidh.
seo bhuaidh Art ar gach duine a cuireadh i n-a aghaidh.
Cibé áit eile i n-Éirinn i n-a raibh na Gaedhil d'á
mbualadh, bhí taoiseach tréanmhar Chúigidh Laighean go
síor ag gnóthughadh ar son a thíre. Tamall geárr sul
fuair sé bás thug sé an cath deireannach agus an cath


L. 19


budh dhéine d'á dtug sé riamh i n-aghaidh na Sasanach ag
Baile Átha Cliath. Throid chomh maith le deich míle ar gach
taobh. Budh í seo iarracht dheiridh na Sasanach i n-a
aghaidh agus chailleadar. Uaidh sin amach nó gur
cailleadh é níor chuireadar chuige ná uaidh. Cailleadh
é an 12adh de'n Ghionbhair 'sa mbliadhain 1417, agus
measann go leór seanchaidhthe gur nimh a cuireadh tré
dhigh uisge dhó budh chiontach le n-a bás. Fuair sé féin
agus a bhreitheamh, Ó Deóráin, deoch uisge ar an
mbealach ó mhnaoi, agus cailleadh an bheirt go haibéil
'na dhiaidh sin.



Chaith sé ar feadh dá fhichid bliadhain ag troid ar son
a thíre.



Is iomdha laoch cródha agus gaisgidheach tréanmhar a
bhí 'n-ar dtír dhúthchais acht ní móide go raibh duine eile
budh chródha, budh dhána, budh thír-ghrádhaighe agus budh
chumasaighe 'ná Art Mac Murchadha.



CAIBIDIL VII.



Mar d'athruigh na Sasanaigh a gcreideamh; mar d'oibrigh
na Gearaltraigh ar son na hÉireann; geárr-aithris
ar “Thomás an tSíoda” Mac Gearailt.



Ar feadh céad bliadhain tar éis na haimsire seo bhí
sé i n-a achrann dearg i Sasanaibh, agus bhí easaontas
idir na Sasanaigh i n-Éirinn féin. Bhí deis ag na
Gaedhil nach bhfuaradar a leitheid riamh le críoch a chur
le smacht an tSasanaigh i n-Éirinn. Acht rinneadh an
fhaillighe. Throideadar go tréan agus go dúthrachtach ar
son saorsachta na tíre le céadtaibh bliadhain roimhe sin
nuair a bhí an námhaid go láidir 'na n-aghaidh, acht anois
nuair a bhí na Sasanaigh i n-éadan a chéile agus gan ar
na hÉireannaighibh acht aon iarracht amháin a thabhairt le
cumhacht na námhad a bhriseadh, leigeadar tharsta an
fhaill. Mhair na flatha mar budh mhian leó féin, go


L. 20


minic ag troid i n-aghaidh a chéile agus gan smaoineadh
ar bith aca ar an tír go léir a shaoradh ó shlabhraíbh na
daorsachta.



Budh é seo an t-am a dtáinig an t-athrughadh mór ar
mhuinntir Shasana i dtaoibh an chreidimh, agus ar
chuireadar suas de chreideamh na Rómha. Budh mhian leis
an ochtmhadh Hannraoi cuing a phósta a bhriseadh agus
bean eile a fhagháil. D'iarr cead ar an bPápa, acht do
heitigheadh sin a thabhairt dó. Chuir sin Hannraoi ar
buile. D'fhógair sé é féin mí-dhílis do'n Phápa agus
nach mbéadh glacadh aige le aon smachtughadh uaidh
feasta. Chuir sé suas de'n Phápa agus annsin bhí a
chead féin aige fá chuing an phósta a bhriseadh chomh
minic is budh mhaith leis, a rogha mná a bheith aige agus
a rogha roda a dhéanamh gan a bheith d'á smachtughadh
agus d'á chiapadh ag an bPápa. Níor theastuigh uaidh
anois le Sasana d'athrughadh 'san gcreideamh acht na
huaisle a bheith leis. Bhí fios maith aige go mbéadh na
daoine leis na huaislibh. Thosuigh sé ag creachadh na
gCaitliocach i Sasanaibh agus ag goid as na team-
pallaibh agus ag roinnt na foghlach idir na huaisle.
Duine ar bith nach dtaobhóchadh leis bhí an ceann le
cailleadh aige. Sheas go leór de shagartaibh agus
d'easbogaibh amach i n-a aghaidh go misneamhail láidir, acht
budh gheárr air críoch a chur ortha.



Bhí leis anois i Sasanaibh agus ní raibh ag cur imnidhe
air acht cé rud ab' fheárr dhó a dhéanamh leis an athrughadh
céadna a dhéanamh i n-Éirinn. Bhí a fhios aige go raibh
go leór de na huaislibh Normánacha an-Ghaedhealach le
fada, agus bhí sé i n'fhaitchios air go seasfaidís i n-a
aghaidh. Sin é go díreach a thárla, acht níor sheas aon
teaghlach eile i n-a aghaidh ní budh dhéine agus ní b'fhear-
amhla ná na Gearaltaigh ag a raibh le fada béasa, nósa,
dlighthe agus teanga na nGaedheal. B'iomdha tuisle agus
tuairt a baineadh as na Gearaltaighibh ó thángadar go
hÉirinn ar dtús. Budh mhinic iad i seilbh go leór tailte
agus budh mhinic iad caillte aca. Budh mhinic duine
aca i ngreim, gach a raibh aige baint dhe, agus é caithte
isteach i bpríosún leis an gceann a chailleadh. Budh
mhinic a shaoil na Sasanaigh go raibh deireadh leis an


L. 21


teaghlach go deó acht i gcómhnuidhe bhíodh duine dhíobh beó,
agus níor bh'fhada go mbíodh an teaghlach neartmhar
cumhachtach arís. Bhí an teaghlach aon uair amháin taobh
le naoidheanán bliadhna.



Bhí dhá theaghlach de na Gearaltaighibh ann i n-aimsir
an ochtmhadh Hannraoi agus le seal fada roimhe sin,
agus bhí taoiseach ar leith ar gach teaghlach, mar bhí, Iarla
na Deasmhumhan, agus Iarla Chille Dara. Ar fhagháil
bháis d'Iarla Chille Dara cuireadh a mhac Gearailt óg
i n-a áit. Bhí Gearalt óg so an-mhuinntearach le flathaibh
Gaedheal Chúigidh Uladh agus mar gheall air sin bhí go
leór de na Sasanaighibh i nÉirinn go mór i n-a aghaidh,
agus ní raibh uatha acht a chur d'á chois, dá mb'fhéidir é,
mar gheall ar a cháirdeas le clannaibh Gaedheal.



Níor bh'fhada gur thárla mar budh mhaith leo. Sgríobh
Iarla na Deasmhumhan go dtí Rí na Spáinne agus Rí
na Fraince le súil go dtiocfadh duine aca le hÉire a
bhaint de'n tSasanach. Chuir sin taod agus fearg
an-mhór ar Rígh Hannraoi. Bhí an Cáirdinéal Wolsey
an tráth so an-chumhachtach i riaghaltas Shasana. Bhí an
dearg-ghráin aige ar na Gearaltaighibh, agus chuir sé
fios go Sasanaibh ar Iarla na Deasmhumhan, acht ní
tháinig sé. Nuair nach dtáinig d'orduigh an rí d'Iarla
Chille Dara é a ghabháil agus a chur anonn go Sasanaibh.
Chuaidh Iarla Chille Dara amach ar a thóir le n-a chuid
fear troda acht, má budh mhian leis a ghabháil, nó nár
mhian, níor ghabh sé é ar chuma ar bith. Nuair nach
ndeárnaidh, bhí fearg an tsaoghail ar Wolsey leis agus
chuir sé i dtuigsint do'n rígh go mb'fhéidir leis a
ghabháil, acht nach raibh uaidh a dhéanamh. Chuir seo an
rí i n-aghaidh Iarla Chille Dara go mór agus cuireadh
sgéala chuige fá theacht go Sasanaibh gan mhoill.
D'fhág Iarla Chille Dara a mhac óg, Tomás, 'na dhiaidh,
agus d'imthigh leis go Sasanaibh. Tugadh i láthair
Choiste Cómhairle an ríogh é agus cuireadh 'na leith a
bheith mí-dhílis do Hannraoi. Bhí Wolsey 'ghá iarraidh a
chur d'á chois, acht níor éirigh leis. Chuireadh i dTúr
Lonndan é, mar nach raibh an rí sásta fá n-a dhícheannadh
mar budh mhian le Wolsey. Acht ní raibh Wolsey sásta
leis an socrughadh sin, agus i ngan-fhios do'n rígh chuir


L. 22


sé mar ordughadh chum duine de na constáblaíbh 'san
Túr an t-Iarla a mharbhadh. Ritheann leis an
gconstábla, ar fhagháil orduighthe dhó, agus inseann do'n
rígh é. Bhí an rí an buile le Wolsey, nuair a chualaidh
sé an sgéal, agus dubhairt sé go feargach, gan a chead
féin, nach raibh baint ar bith ag Wolsey leis an
ordughadh a thabhairt uaidh, acht cé nár cuireadh d'á chois
an t-Iarla, níor leigeadh as géibheann 'san Túr é 'na
dhiaidh sin.



Ní raibh a mhac óg, Tomás an tSíoda, a d'fhág sé 'na
dhiaidh 'sa mbaile, acht bliadhain is fiche d'aois an t-am
so, agus buachaill dána tréan fearamhail a bhí ann.
Budh gheárr gur luathadh ar fud na tíre gur marbhadh
a athair i Lonndain - mar nach raibh rud ar bith ó'n
dream a bhí i n-aghaidh na nGearaltach acht an mac óg a
chur i mbealach a bhasgtha. Bhí a chroidhe beagnach briste
nuair a chualaidh sé an sgéal, acht dubhairt sé go mbeadh
sásaimh aige, agus dubhairt go dána é freisin. Bhailigh
sé a chuid fear agus clanna na nGearalt i dteannta a
chéile agus ghluais leis go dtí an áit 'n-a raibh coiste
lucht' riaghluighthe na hÉireann i dteannta a chéile ag
feitheamh le n-a theacht, mar go mbudh é a bhí i n-a
uachtarán ortha i n-áit a athar. Bhí iongantas ar na
tighearnaíbh agus ar na huaislibh go léir nuair a
chonncadar ag teacht é agus an chosamhlacht fheargach a
bhí air féin agus ar a chuid fear.



“Níor tháinig mé,” ar seisean, ar theacht i láthair
dhó, “le bheith mar uachtarán ar an gcoiste seo, acht
thángas le n-a innsint díbh gur marbhadh m'athair go
fealltach i Lonndain agus cé rud atá fúm a dhéanamh
mar gheall air.”



Beireann sé ar a chlaidheamh, agus caitheann ar an
mbórd é. “Ní liom-sa é seo níos mó,” ar seisean,
“acht libh-se atá freisin ciontach i mbás m'athar. Ní
bhéadh feasta dílis acht námhadach do rígh Sasana agus
do gach duine, íseal is uasal, d'á gcuideóchaidh leis !”



Bhíodar ag gabháil dó 'ghá iarraidh foighid a chur ann
agus 'ghá iarraidh air gan socrughadh ar chur suas de
dhílseacht do'n rígh, acht ní raibh maith dhóibh ann. Chuir
sé dhe gach a raibh air d'éadach uachdaráin an choiste


L. 23


agus chaith faoi n-a chosaibh iad. Bhí sé anois go
daingean 'na námhaid do Shasanaibh agus d'á riaghaltas,
agus bhí sin go soiléir taisbeánta aige. I gceann
tamaill bhí fhios nár marbhadh an t-athair ar chor ar bith,
agus annsin 'seadh thuig sé cé an bhail a bhí aige curtha
air féin. Ní raibh 'fhios aige anois nach gcuirfidhe d'á
chois an t-athair mar gheall ar an rud a bhí déanta aige,
acht bhí sé ró-mhall anois aige sgur nó dul ar gcúl.
Mar sin shocruigh sé dul ar aghaidh leis an achrann chomh
tréan is b'fhéidir leis é.



Thug sé iarracht ar Bhaile Átha Cliath a ghabháil agus
chuir sé tuilleadh d'á chuid fear le creachadh a dhéanamh
ar fud thalmhan Thighearna Urmhumhan. Bhí Árd-easbog
Bhaile Átha Cliath, Alan, go mór i n-aghaidh na nGearaltach
agus theith sé leis i luing ar theacht do'n Ghearaltach,
acht ruaigeadh i dtír an long ag Cluain Tarbh agus
fuair an t-Árd-easbog dídean i mbaile an Ártáin.
Ar a chloisint seo do na Gearaltaighibh thángadar i
ndeireadh na hoidhche agus mharbhadar é go fealltach
míthrócaireach 'na leabaidh. Chuir an gníomh cosgrach so
uathbhás ar gach duine, agus uaidh sin amach, aon duine
a mbéadh aon bhaint ar chor ar bith aige leis na
Gearaltaighibh socruigheadh gan aon ghlacadh bheith leis
'san eaglais. Chualaidh an t-athair é seo i Lonndain,
agus níor bh'fhada gur cailleadh le briseadh croidhe é.



Acht ní thug Tomás an tSíoda óg Mac Gearailt
suas de'n chogadh. Lean sé ar a aghaidh. Chuir sé
teachtaireacht go dtí rí na Spáinne agus go dtí an
Pápa ag iarraidh cabhrach, acht ní fhuair sin uatha, mar
nach raibh aon cheapadh aca go bhféadfadh éirghe leis.
Bhí ag cliseadh air 'san troid sa deireadh. Bhí an
námhaid ag neartughadh i n-a aghaidh, agus ní raibh aige
le déanamh acht cead ar iarraidh cómhráidh a bheith aige
le taoiseach an airm Shasanaigh le súil is go bhféadfaidhe
socrughadh a dhéanamh. Gealladh go maithfidhe dhó féin
agus do na Gearaltaighibh eile, acht ar nós go leór
geallta eile briseadh é. Rugadh air féin agus ar
chúigear d'á mhuinntir ag féasta. Tugadh go Lonndain
iad agus baineadh a gcinn díobh ag Tyburn i Lonndain
an tríomhadh lá de Ghionbhair, 1537. Ceapadh anois go


L. 24


raibh críoch ortha go deoidh, acht mhair aon duine amháin
de'n treibh a bhí i n-aois a dhá bhliadhain déag, agus
uaidh-sean do shíolruigh sliocht na nGearaltach a
neartuigh agus a leathnuigh ar fud na tíre go láidir
cumhachtach arís.



Caibidil VIII.



Mar d'fhéach Hannraoi le hÉire a athrughadh. Mar glacadh
le Hannraoi. Mar d'oibrigh na Clanna, agus go
háirithe na Gearaltaigh. “Seaghán an Díomais.”



Tá 'fhios againn anois mar d'athruigh muinntir Shasana
a gcreideamh leis an rígh agus na huaisle, agus tá sé
le tuigsint againn cé an mí-shuaimhneas a bhí ar
Hannraoi i dtaoibh na hÉireann agus cé an fonn a bhí
air an cleas céadna a dhéanamh innti a rinne sé i
Sasanaibh. Ní raibh uaidh acht cead a chinn agus a
chomhairle féin a bheith aige le n-a thoghadh féin a dhéanamh,
le gadaidheacht a dhéanamh as na teampallaibh dhó féin
agus dá chuid uaisle. Ní hé rud a bhí uaidh ar dtús
creideamh na Rómha a sgriosadh amach ar fad, acht an
creideamh a athrughadh leis féin ar a bhealach féin, acht,
nuair a chonnaic sé chomh dóna is sheas an creideamh i n-a
aghaidh agus nach raibh na Caitliocaigh sásta le claonadh
ordlach dó, gan tráth ar aontughadh leis, dubhairt sé
leis féin nár mhór an creideamh a sgriosadh amach ar
fad le dul ar aghaidh mar bhí faoi. Budh mhí-thaithneamhach
agus budh ghránda an chaoi ar chuidigh na huaisle leis.
Rud ar bith budh mhian leis an rígh, dhéanfaidís é, acht
a gcuid féin de shochar na foghlach d'fhagháil. D'aon-
tuighdís leis an aimsir do réir mar d'oiread dóibh féin.
Nuair a bhí Máire 'n-a bainríoghain, bhíodar 'n-a
gCaitliocachaibh dílse, mar budh eadh, ó thárla dhi-se a
bheith amhlaidh. 'Na dhiaidh-se tháinig Éilís agus tháinig
an t-athrughadh orth-san arís.



Mhothuigh an Pápa na hÉireannaigh ag seasamh go
dána d'á gcreideamh agus gan tabhairt uatha do'n


L. 25


sgriosadóir Hannraoi. Go dtí seo bhíodh an Pápa ag
cómhairliughadh Clanna Gaedhil fá ghlacadh le riaghlughadh
Shasana. An tír ar a raibh mór-mheas ag an bPápa
go dtí seo anois d'éirigh sí mí-dhílis agus fíor-
námhadach dhó, agus an tírín bhocht a bhí dh'á sladadh ag
an Sasanach le fada sheas sí go dílis agus go láidir
do chreideamh na Rómha, agus 'ó'n lá sin go dtí an lá
indiu, ní hionann is tír a creachta.



An dara lá déag de Mhí Mheádhoin an tSamhraidh 1541
tugadh feis i dteannta a chéile i mBaile Átha Cliath —
feis de thaoisighibh Gaedheal agus de thaoisighibh Nor-
mánach. Budh é a bhí le socrughadh aca Hannraoi a
cheapadh mar rígh ar Éirinn. Ní raibh aon chead ar chor
ar bith ag na taoisighibh aon tsocrughadh a dhéanamh acht
le cead agus le cómhairle na dtreabh agus na
dteaghlach. Ní raibh roimhe sin riamh cheana an greim
ag an droch-mhisneach agus ag an mí-mhuinghin ar na
flathaibh a bhí anois. Bhí go leór de'n tsean-spioraid
caillte aca. Bhíodar tuirseach de'n achrann; le fada
an lá bhí an t-imreas agus an t-achrann eatorra féin.
Níor chosamhail go raibh faoi thír ar bith eile cuidiughadh
leó i n-aghaidh na Sasanach, agus mar sin bhí go leór
dhíobh sásta le cur suas de'n troid agus glacadh leis
an rud a chonnacthas dóibh a bhí i n-dán dóibh — smachtughadh
agus riaghlughadh ó Shasanaibh. Bhí fhios ag Hannraoi go
raibh an mí-mhuinghin seo ag neartughadh a ghreama ortha
agus chuir sé fear glic darbh' ainm San Leger anonn le
hÉire a riaghlughadh. Budh é seo a thug ar an bhfeis a
teacht i dteannta a chéile. I measg na dtaoiseach
Normánach bhí Donnchadh Ó Briain as Tuathmhumhain,
Ó Raghallaigh, Ó Mórdha, Mac Uilliam, Mac Giolla
Phádruig, agus an Caomhánach. Shocruigheadar d'aon
intinn glacadh le Hannraoi mar rígh ar Éirinn. Go
deimhin bhí na flatha so buailte tnáithte cheana agus
bhíodar ullmhuighthe le glacadh smacht an tSasanaigh.
Ar dtús d'eitigh an Niallach agus an Dálach (.i.
Ó Domhnaill) a theacht, acht i gcionn bliadhna thugadar
uatha. Annsin chuir cuid de thaoisighibh na nGaedheal
suas dá sean-tiodlaibh Gaedhealacha agus ghlacadar le
tiodlaibh Sasanacha 'na n-ionad.


L. 26


B'olc an bhail a chuir na treabha ortha ar son a mí-
dhílseachta. D'éirigheadar 'na n-aghaidh go dána.
Baineadh an chumhacht ar fad de chuid díobh agus cuireadh
flatha Gaedhealacha dílis dá dtír 'n-a n-ionad. Bhí
Muinntir Dhómhnaill i n-aghaidh an Dálaigh agus cuireadh
an Niallach as cumhacht mar gheall ar a mí-dhílseacht d'á
thír, agus cuireadh a mhac Seaghán an Díomais 'na ionad.
Uaidh seo amach chuireadh na Sasanaigh go minic flaith
Gaedhealach i n-árd-réim 'san tír acht go gcaithfeadh sé
gan aon chur isteach a bheith aige ar an gcoróin i nÉirinn.
Ní raibh ó na Sasanaigh acht na treabha a athrughadh, sin,
nó a gcur i n-éadan a chéile agus a sgriosadh ar fad.
Budh mhinic an flaith Gaedhealach ag éirghe mí-dhílis
do Shasanaibh. Nuair a ghníthí seo chuireadh an riaghaltas
fear eile i n-a áit agus cuirtí arm le cuidiughadh leis
'san achrann a bhíodh idir é féin agus an teaghlach nach
mbeadh sásta leis. Le gleacaidheacht mar seo bhí an
t-imreas ag sgriosadh na dteaghlach agus 'ghá gcongbháil
go lag - an rud a bhí ó na Sasanaighibh. Mhair an creachadh
agus an sladadh i nÉirinn le linn Hannraoi, le linn a
mhic, Éamonn, agus a bheirt inghean, Máire agus Eilís.
Acht ní raibh an troid ná an t-éirghe amach ní budh dhéine
le a bhfad roimhe sin ná bhí le linn Eilís a bheith 'n-a
bainríoghain. Budh é seo an t-am ar throid Seaghán an
Díomais go borb i n-Ultaibh, an t-am a raibh an t-éirghe
amach i nDeasmhumhain, agus ar throid an laoch cumhachtach
agus an Gaedheal iongantach, Aodh Ruadh Ó Néill,
go fearamhail teann, agus a ndeárnaidh gníomha
iongantacha laochrais ar son a thíre dúthchais.



Mar d'innis mé cheana, rinneadh uachtarán nó
taoiseach de Sheaghán an Díomais i n-ionad a athar ar
ghlacadh tiodail ó'n Sasanach dhó. B'iongantach an
duine é. Throid sé agus bhuail na hairm Shasanacha a
b'fhearr a cuireadh i n-a aghaidh. Chuir sé Cúigeadh Uladh
go léir faoi n-a smacht féin agus ruaig sé amach an
Sasanach. Throid sé féin agus an tÁrd-taoiseach
Sasanach le chéile agus fuair sé an ceann a b'fheárr air.
D'fhéach na Sasanaigh le n-a chur dá chois go fealltach
aon uair amháin acht níor éirigh leó. Ní raibh Seaghán


L. 27


an Díomais gan a lochta, ámh. Budh bheag a shuim i
gcuing an phósta agus budh bheag aige a briseadh.
D'fhág sin smál ar a ainm nach sgarfaidh leis. B'olc
an chríoch a cuireadh air 'sa deireadh, buaileadh é i gcath
mór a tugadh eidir é féin agus an Dálach san
mbliadhain 1567. Deirtear gur éirigh saobhachán céille
dhó thar a éis sin. Ghlan leis agus an méid dá mhuinntir
dár fhan beó go Conndae Aontroma. Fuair sé cuireadh
chum fleidhe ó Albanaighibh annsin agus ghlac sé an
cuireadh. Níorbh' fhada roimhe sin ó thug sé bualadh
mór do'n dream céadna. Tar éis an fhéasta, nuair
a bhí sé súgach nó b'fhéidir ar meisge, cuireadh troid
ar bun i n-aon-turas, agus marbhadh go hobann agus
go fealltach é ag bord an fhéasta agus gan é i riocht
é féin a chosaint.



Chaith cogadh na nGearaltach ar bun i nDeasmhumhain
sgathamh fada. 'Sé an t-aon rud a bhí uatha críoch a chur
leis an gcreachadh a bhí an bhainríoghan Eilís a dhéanamh
ar an gcreideamh i nÉirinn. Bhí fhios aici nár mhór
muinntir Ghearailt a sgriosadh amach as an tír, dá
mbadh léithi an creideamh a sgriosadh i nÉirinn, agus
bhí fútha críoch a chur leis an teaghlach d'aon phlimp amháin,
dá mb'fhéidir é, agus gan duine dhíobh a fhágáil beó.
Cuireadh fios ar uaislibh na hÉireann go Baile Átha Cliath,
agus i measg na ndaoine a tháinig le ordughadh
fhir ionaid na bainríoghna bhí Iarla Dheasmhumhan agus a
dhearbhráthair Seaghán. Níor thúisge a bhíodar i mBaile
Átha Cliath, ná rugadh ortha agus caitheadh isteach i
bpríosún iad, agus budh geárr gur cuireadh chum bealaigh
go Lonndain iad. Acht níor mhian le hEilís a gcur dá
gcois de cheal gan a bheith aici i ngreim de'n teaghlach
acht an bheirt. Budh é Séamus mac Muiris Mhic
Gearailt a bhí 'na thaoiseach ar an teaghlach 'na ndiaidh,
agus budh é seo a chuir “Connradh na nGearaltach” ar
bun 'sa mbliadhain 1579 le troid ar son creidimh na
Rómha, agus i n-aghaidh na bainríoghna Eilís. Fuair sé
beannacht an Phápa, an tríomhadh Griogóir déag, agus
chuidigh an Pápa leis 'na iarracht.



Chaith sé féin agus buidhean bheag dhílis i nGleann
Eatharlaighe i n-aghaidh na nGall ar feadh bliadhna.


L. 28


Annsin d'imthigh leis do'n Róimh 'n-a raibh onóir agus
meas a fágháil aige. Gealladh dhó fir, airgead, agus
airm le haghaidh na troda i nÉirinn le cead an Phápa,
agus gheall flatha go leór ar fud na hEórpa
cuidiughadh leis. Acht tráth bhí seisean ag oibriughadh
go dian, bhí a theaghlach féin 'sa mbaile neamhshuimeamhail
i n-a iarracht agus go leór dhíobh amháin i n-a aghaidh ar
fad. Shaoil sé go mbeadh Éire fáilteach roimhe, mis-
neamhail 'na chúis agus go háirithe go bhfuigheadh sé
congnamh is cabhair ó n-a theaghlach féin, acht níorbh'
amhlaidh a bhí. Bhí Sasanach darbh'ainm Sturkely mar
thaoiseach ag Mac Gearailt ar an arm a bhailigh sé san
Róimh, acht b'olc a chlis sé air. I leabaidh gluaiseacht
go hÉirinn dó céard a dhéanfadh sé acht seóladh leis
le troid i n-aghaidh na Múrach san Afraic Thuaidh!



Gan fios ar an mbail a d'fhág an fealltóir Sturkely
air ghluais le Séamus Mac Gearailt ó'n Spáinn go
hÉirinn. Ní raibh aige acht trí cinn de longaibh agus
sheól leó isteach i gCuan Dhaingin Uí Chúise an 17adh
de'n Iúl, 1579. Bhí súil aige go dtiocfadh Iarla Deas-
mhumhan le fáiltiughadh roimhe agus cuidiughadh leis acht
ní tháinig. Bhí súil aige, ámh, ar theacht do Strukely
agus do'n arm go nglacfadh an tIarla misneach agus
go gcuideóchadh sé leis. Ní raibh ceapadh aige go raibh
Strukely imthighthe gan teacht i ndán dó! D'fhan na
longa i ngar d'Oileán an Óir i gCuan Árda na caithne
thiar dtuaidh i gConndae Chiarraighe. Chuir sé a chuid
fear i dtír annsin. Bhí an tsúil chráidhte aca le
Sturkely acht ní tháinig sé. Tháinig long chogaidh
Shasanach a ghabh a chuid long os cómhair a chuid fear
troda a bhí i dtír aige i nDún an Óir. Chuidigh a bheirt
dearbhráthar leis, acht bhí 'fhios aca nach mbéadh aon ghoir
aca ar buadhughadh. Bhí an riaghaltas ag socrughadh 'na
gcómhair go tapaidh, agus ní raibh socrughadh ar bith dá
dhéanamh le cuidiughadh leis na Gearaltaighibh. Mar sin
cheapadar go mb'fheárr an dún a fhágáil agus imtheacht
amach ar fud na nGailte.



Ar an mbealach dhóibh tré thalamh le duine muinn-
teardha do'n Ghearaltach darbh' ainm Uilliam De Búrca
chroch an Gearaltach leis cuid dá chuid capall. Sgaoil


L. 29


sé a ainm chum an Bhúrcaigh le súil is go mbéadh sé
lán-tsásta a leigean leis, acht níor bh'amhlaidh a bhí.
Bhailigh an Búrcach a chuid fear le chéile. Lean é, agus
tháinig suas leis i gConndae Luimnigh ag Mul Cairn.
Loiteadh an Gearaltach go mór 'san troid, acht mharbh
sé an Búrcach agus a dhearbhráthair, cé go raibh a dheich
n-oiread aca d'fhearaibh troda ann leis an nGearaltach,
agus rith leó le sgannradh. Fuair an Gearaltach,
Mac Muiris, buille marbhthach agus d'imthigh an tseideóg
dheiridh as go luath.



Mhair an cogadh sealadh 'na dhiaidh seo. Throid an
sean-Iarla féin 'sa deireadh nuair a b'éigean dó é.
Tháinig cabhair ó'n Spáinn go Dún an Óir agus airm le
haghaidh cúig mhíle fear agus airgead go leór. Bhailigh
na Sasanaigh air timcheall an dúna, agus mharbh go
míthrócaireach ocht gcéad fear a bhí ann.



Mhair an cogadh ar feadh cheithre mbliadhan 'na dhiaidh
seo, acht ní raibh ag an nGearaltach acht fíor-bheagán
fear, agus ní raibh aon bhrígh i n-aon iarracht d'á dtug
sé. Tháinigtheas air i ngan-fhios i lár na hoidhche i
ngleann uaigneach tuairim is chúig mhíle ó Thráigh Lí
i gCiarraighe agus gan 'na theannta acht beirt istigh i
mbotháinín beag suarach an t-aonmhadh lá déag de
Shamhradh, 1584, agus marbhadh é go fealltach. Sin mar
cuireadh críoch le Mac Gearailt. Ní raibh uaidh acht a
chur d'fhiachaibh air Eilís sgur de'n droch-úsáid a bhí sí
a thabhairt do na Caitliocaighibh i nDeasmhumhain.



Níor oibrigh sé ar son Uladh nó na hÉireann go léir
ar chor ar bith agus mar sin níor chuidigh go leór de
fhlathaibh Uladh agus Chonnacht leis, mar gur mheasadar
nach ar an mbealach a bhí leagtha amach aige a b'fheárr
oibriughadh i n-aghaidh an tSasanaigh.


L. 30


IX.



Feall na Sasanach. An sléacht ag Mullach Mairtean.
Mar caitheadh leis na Sasanaigh ar a shon. Fiacha
Ó Broin agus Ruaidhrí óg Ó Mórdha.



Is iomdha gníomh fealltach rosgchach a rinne na
Sasanaigh i nÉirinn riamh. Is iomdha gealladh dá
ndeárnadar a bhriseadar agus is iomdha gealladh
freisin a thugadar is nár chóimhlíonadar. Seo sompla
dá bhfealltacht. 'Sa mbliadhain 1577 thug an ridire
Proinnsias Crósbaigh a bhí 'na thaoiseach ar arm na
Bainríoghna i Laoighis agu i nUíbh Fáilghe cuireadh do
gach teaghlach Gaedhealach 'sa gceanntar chum féasda a
d'ollmhuigh sé 'na gcómhair i ndún Mhullaigh Mhaistean
i gConndae Chille Dara.



Gan cuimhniughadh go mbeadh dadadh bun os cionn
tháinig na Gaedhil - go leór dhíobh - agus chuaidh isteach
'san dún acht duine níor tháinig amach. 'Sa deireadh
thug fear dar bh'ainm Ó Leathlobhair a bhí ag teacht fá
deara nach raibh aon duine ag corrughadh amach agus do
ghoin a aire é, agus tháinig sé go haireach agus d'fhéach
isteach 'san dún. B'uathbhásach an radharc a bhí os
cómhair a shúl. Bhí os cionn ceithre chéad fear sínte
mín marbh istigh. Níor fágadh fear dár ghabh isteach
beó. Marbhuigheadh céad agus ceithre fichid fear de
mhuinntir Mhórdha!



Sin mar d'oibrigh Crósbaigh le críoch a chur leis na
Gaedhealaibh 'na cheanntar féin ar eagla go n-éireó-
chaidís i n-a aghaidh am ar bith.



D'fhan aon fhear amháin de mhuinntir Mhórdha beó dar
bh' ainm Ruaidhrí Óg, agus b'iongantach an sladadh
agus an creachadh a rinne sé ar an dream a chuir a
theaghlach go fealltach dá gcois. An fhad is mhair sé
níor chodail Crósbaigh ná duine dár bhain leis oidhche
shuaimhneach. Nuair a mheastaoi é a bheith i bhfad as an
áit 'seadh thagadh sé do chuairt, agus dhóghadh a dtighthe
go talamh, agus do-ghníodh creachadh agus ár orra.
Deirtear nár fhan duine de shliocht Chrósbaigh gan


L. 31


deireadh a chur leis 'san gcath i n-aghaidh na nGaedheal.
Marbhuigheadh Crósbaigh fealltach féin i gcath Ghleanna
Mhaoilughra an cúigeadh lá fichead de Lughnasa 'san
mbliadhain 1580. Budh é Fiacha mac Aodha Uí Bhroin an
taoiseach a bhí ar na Gaedhealaibh 'san gcath, agus go
cinnte b'iongantach an fear troda agus budh thréan
an gaisgidheach é. Cuireadh anall an ridire Grey as
Shasana mar fhear ionaid i lár na Lughnasa. Ní raibh aon
fhoighid le cur ann, agus gluaiseann leis féin agus a
chuid fear go Gleann Mhaoilughra. Mheasadar go raibh
Fiacha 'san ngleann doimhin achrannach úd agus go
mb'fhurus a threasgairt.



Chuartuigheadar an gleann, acht ní raibh Fiacha le
fagháil. 'Sa deireadh nuair a bhíodar tuirseach sáruighthe
ó bheith ag iarraidh a mbealach a dhéanamh thré na
clocharaibh 'seadh sgaoileadh na hurchair orra 'na gcith
ó thaobh na gcnoc, agus sguab Fiacha agus a chuid
laochra Gaedheal anuas 'na mullach, ag sgaoileadh fútha
agus 'ghá leagadh go tiugh. Do rith na Sasanaigh le n-a
n-anamnachaibh agus ba bheag aca a bhí beó thar éis an
lae leis an sgéal a innsint.



X.



Aodh Ruadh Ó Néill agus Aodh Ó Dómhnaill, mar
d'oibrigheadar go tréan ar son a dtíre.



Tá orainn anois geárr-chunntas a thabhairt ar dhuine
de na Gaedhealaibh a b'iongantaighe agus budh laochda
dár mhair i nÉirinn riamh, duine a mairfidh a ainm agus
a chlú fad 's beó Clanna Gaedheal, .i., Aodh Ruadh
Ó Néill.



Tugadh go hóg anonn go Lonndain é faoi chúram na
bainríoghna Eilís le súil 's go múchfaidhe an fhíor-
spioraid Ghaedhealach ann agus go ndéanfaidhe fear de
a bheadh ullmhuighthe ar gach a mb'fhéidir leis a dhéanamh


L. 32


le Cúigeadh Uladh a chur faoi smacht na Sasanach.
Fuair sé gach aire agus gach múnadh a b'fhéidir a thabhairt
dó i Lonndain. Bhí sé faoi árd-mheas ag an mbain-
ríoghain, agus bhí na huaisle go léir an-chumannach leis.
Mheasadar gur bh'é a bhí le deireadh a chur leis an
mí-shuaimhneas i gCúigeadh Uladh agus le n-a chur
d'fhiachaibh ar Mhuinntir Néill deireadh a chur leis an
achrann agus glacadh leis an daorsacht. Níor bh'in é
a bhí i ndán dó ag Dia. Bhí fuil uasal the na Niallach
ró-láidir ann le go ndéanadh sé a leitheid. Ní mar
ceapadh dó i Lonndain a rinne sé. Bh'fhada uaidh é.
Chuir sé críoch ar a chuid oideachais i Lonndain agus
tar éis eólais airm agus troda a bheith fáighte i gceart
aige, d'fhág sé Lonndain agus shocruigh i nDún Gheanainn,
an áit ar mhair a shinnsear. Mhair sé sealadh annso
mar fhear idir dhá intinn gan fios ar cé aca de dhá
rud a b'fheárr le déanamh - a chroidhe agus a anam a
thabhairt suas dá thír dúthchais nó gan a thabhairt.



Mhair Aodh Ruadh Ó Domhnaill an t-am so freisin
ar a raibh mór-cháil ar fud na tíre le n-a cháilidheacht,
a ghaisgidheacht agus a dhílseacht dá thír, dá óige dá raibh
sé.



Ní raibh aon rud budh mhó a bhí ag cur imnidhe orra i
Sasanaibh ná go n-éireóchadh dlúth-cháirdeas idir an
mbeirt ghaisgidheach. Bhí deirbhshiúr Aodha Uí Dhómhnaill
pósta ag Aodh Ruadh Ó Néill agus mar sin níor bh'iongnadh
cáirdeas croidhe a bheith eatorra.



Thárla d'Aodh Ruadh agus do charaid dílis dó dar
bh'ainm Mac Suibhne a bheith 'sa samhradh i ngar do
Loch Súilighe ag tabhairt altuighthe do Dhia agus ag
déanamh a n-anama i mainistir na manach — mar ba
ghnáthach le treabhaibh Uladh am áirithe de'n bhliadhain.



Ar a bheith ann dóibh tugadh fá deara soitheach Sasanach
amuigh ar an gcuan. Fríoth sgéala gur lucht fíona a bhí
le díol ag fuirinn an tsoithigh. Cuireadh cuireadh chum
muinntíre an cheanntair a theacht amach ar bórd, agus
gealladh go bhfearfaidhe fíor-chaoin fáilte rómpa go
léir. Thar éis sgathaimh, ar a chloisint seo d'Aodh Ruadh
agus dá cháirdibh, chuadar amach go dtí an soitheach, acht
mo léan! Ní raibh fios aca ar cé an cleas a bhí 'ghá


L. 33


imirt orra. Cuireadh fáilte rómpa go haoibhneach
áthasach, acht ba ghairid go rabhadar ceangailte faoi
ghlasaibh chruadha agus an soitheach seólta léithi, iad
gabhtha aici, agus gach a raibh uaithi gnóthuighthe aici !
Tugadh go Baile Átha Cliath iad. Caitheadh isteach i
gcarcair dhuibh dhorcha Aodh Ruadh — áit ar fágadh é ar
feadh trí bliadhna móra fada. Acht d'éirigh leis éalódh
oidhche dhubh dhorcha le n-a charaid Art Caomhánach.
D'imthigh leis go Conndae Chille Mantáin, acht thar éis
tamaill bhí sé tugtha sáruighthe. Níor bh'fhéidir leis
corrughadh. Bhí an bhrígh agus an spreacadh bainte as
ag na trí bliadhnaibh a chaith sé 'san gcarcair i mBaile
Átha Cliath. Chuir sé faoi deara dá cháirdibh imtheacht le
iad féin a shábháil. Tugadh isteach é go dtí teach carad,
.i., Féidhlim Ó Tuathail, acht níor bh'fhada go raibh sé i
ngreim arís ag na saighdiúiríbh Sasanacha a d'imthigh ar
a thóir ó Bhaile Átha Cliath. Cuireadh i bpríosún an
dara huair é i mBaile Átha Cliath. Acht bhí sé le
n-aghaidh éalódh an dara huair, agus 'na theannta
Art Ó Néill agus Hanrí Ó Néill a bhí i ngéibheann
freisin i n-éinfheacht leis. D'imthigh Hanrí ar ais go
Tír Chonaill acht ghluais le Art agus le Aodh Ruadh go
Gabhail Rághnaill go dtí Fiacha Ó Broin a bhí an tráth so
ag oibriughadh go dian i n-aghaidh na Sasanach. Budh
mhaith a shaothruigheadar an bealach ó'n bhfuacht agus ó'n
sneachta a bhí ag tuitim go tiugh. Chuireadar teachtaire
go dtí Fiacha Ó Broin, agus chuir sé fear fóirthine
chuca acht faríor! Bhí Art básuigte roimhe, agus ar
éigin do thugadar Aodh Ruadh chuige féin, bhí sé chomh
tugtha uaidh sin. Do chuir Ó Broin sgéala go dtí Aodh
Ruadh Ó Néill go raibh Aodh Ó Dhomhnaill éaluighthe agus
'na theannta féin. Do chuir Ó Néill duine dar bh'ainm
Toirdhealbhach Buidhe Mac Aodhagáin 'na choinne le n-a
thrórughadh ar ais go Tír Chonaill. Bhí fáilte is fiche
roimhe ag Aodh Ruadh agus ag muinntir Thíre Chonaill.
Budh mhór a bhfearg, ar a choisint dóibh gach spídeamh-
lacht dá bhfuair sé ó na Sasanaighibh agus shocruigh sé
féin agus Aodh Ruadh dlúthughadh go daingean agus
seasamh go docht le chéile ó sin amach i n-aghaidh a
námhad.


L. 34


Budh é an chéad ghníomh a rinne sé na Sasanaigh a
bhí tar éis mainistir na manach i nDún na nGall a
ghabháil, a nglanadh amach as an gcúigeadh agus a
mainistir a chur ar ais arís i seilbh na manach.



Ar feadh na haimsire seo bhí Ó Néill ag éirghe níos
Gaedhealaighe gach lá. Shocruigh sé béasa agus nósa na
nGaedheal a choimeád beó. Thug sé dídean agus aire
do na Spáinnighibh a ruaigeadh isteach an chóstaibh Thíre
Chonaill an t-am a raibh an cogadh mór idir Sasana
agus an Spáin. B'éigean dó turas a thabhairt go
Lonndain le dearbhughadh do'n bhainrioghain (mar bhudh
eadh!) go raibh sé i gcómhnuidhe dílis di. Bhí fios a
bhealaigh go maith aige agus anois 'seadh sheas dó an
múnadh a fuair sé uatha i Lonndain. Sgaoileadh ar
ais é. Thug sé grádh do dheirbhshiair do'n ridire
Bagnal, óig-bhean an-áluinn ar fad. Bhí an dearg-
ghráin ag an ridire ar Mhuinntir Néill. Ní bheadh aon
ghlacadh aige le n-a bpósadh acht 'sa deireadh d'éirigh
le Aodh Ruadh agus a ghrádh bán glanadh leo i ngan
fhios agus pósadh le chéile iad an 3adh lá de Lughnasa,
1591. Níor bh'iongnadh Bagnal a bheith go dian i
n-'aghaidh.



Ní raibh Aodh Ruadh Ó Domhnaill acht naoi mbliadhna
déag d'aois nuair a rinneadh taoiseach dhe os cionn a
fhine ag Carraig an Dúna ag Cill Mhic nÉanáinn (an
áit ar hoileadh Colm Cille) an 3adh lá de Bhealtaine,
1593. Bhí sé socruighthe le fada aige oibriughadh go
dian ar son na hÉireann, acht anois ní raibh rud ar bith
uaidh acht saorsacht na hÉireann a ghnóthughadh agus ní
raibh foighid ná suaimhneas i ndán dó go mbeadh na
Gaill ruaigthe. D'imthigh leis ar fud Thíre Conaill ag
cur deiridh le Sasanaighibh chomh tréan is b'fhéidir leis
é agus ag leagadh caisleán na nGall. Mheas Aodh
Ruadh Ó Néill go raibh sé beagán ró-mhí-fhoighdeach agus
budh é a mheas nach raibh sé i n-innmhe seasamh go dána
i n-aghaidh na Sasanach, acht ní raibh maith dhó leis. Ní
raibh foighid le cur ann ná bacadh le baint as. 'Sa
deireadh chuidigh Aodh Ó Néill leis, cé gur leig sé air
féin leis na Sasanaighibh gur i n-'aghaidh a bhí sé. Tráth
ar cloiseadh seo i Lonndain budh mhór í a bhfearg leis.


L. 35


Cuireadh fios aige go Baile Átha Cliath agus gealladh dó
gan aon dochas a dhéanamh dó. Tháinig sé, acht fuair
sé leide go raibh fútha a mharbhadh agus sguab leis tráth
a rabhadar ag socrughadh é a ghabháil. Bhí an cogadh mór
ag teannadh leó anois agus bhí a fhios sin ag Aodh
Ó Néill.



Chuir sé connradh láidir ar bun le haghaidh na
dtaoiseach agus na dtighearnaí i gCúigeadh Uladh.
Rinneadh taoiseach orra go léir dhe féin. Ghluais le
Aodh Ruadh annsin ar fud Chúigidh Uladh, ag ruaigeadh
na Sasanach roimhe in gach áit. D'imthigh le Ó Dómhnaill
agus a chuid fear féin go Connachtaibh. Sguab leis ar
fud an chúigidh ag cur chum báis gach mac máthar nár
bh'fhéidir leis Gaedhilge a labhairt. (Sin mar d'aithnighthí
an Gall trí chéad bliadhain ó shoin — nach mór an
t-athrughadh a tháinig ó shoin!). Rinne sé creachadh ar
na Sasanaighibh agus chuir an fhoghail go Tír Chonaill.
Chonnaic na Sasanaigh cé'n réabadh agus sléachtadh a
bhí dhá dhéanamh ag an mbeirt ghaisgidheach agus d'fheach-
adar le n-a sguireadh de'n achrann agus le n-a
sásughadh.



Acht ní raibh sásughadh 'na gcionn, mara sguirfidhe
de mhí-shuaimhneas a chur ar na Caitliocaighibh i n-Éirinn
mar a socróchaidhe ceannas agus riaghlughadh na tíre a
thabhairt suas do na taoisighibh Gaedhealacha, agus mara
dtugadh Bagnal míle púnt mar spré dá dheirbhshiair a bhí
pósta le Aodh Ruadh. D'iarr na Sasanaigh orra na
hairm a thabhairt suas, acht bhí baoghal orra do deimhin!



Tugadh cath millteach eatorra ag Cluain Tiobraide
tráth ar ghabhadar Caisleán Mhuineacháin. Budh é seo
an cath 'n-ar throid Segrave agus Ó Néill i n-aghaidh
a chéile os cómhair na bhfear troda ar gach taobh.
Tugadh cath iongantach eatorra, acht d'éirigh le Ó Néill
le sáthadh agus deireadh a chur leis. Tráth ar mar-
bhuigheadh é cuireadh uathbhás ar na Sasanaighibh agus
rinneadh ár mór orra. B'éigean dóibh teicheadh agus
an caisleán agus an brath Sasanach a fhágáil i seilbh
na nGaedheal. D'fhéach na Sasanaigh socrughadh a
dhéanamh le Ó Néill go minic, acht níor éirigh leó aon
uair. B'iomdha caoi ar thasbáin sé nach raibh aon ghoir


L. 36


aca air. B'iongantach ar fad mar ghabh sé caisleán
Árda Mhacha a bhí i seilbh na námhad. Chuir an Taoiseach
Norresy neart bídh le trí buidhnibh Shasana go hÁrd
Mhacha le haghaidh lucht coimeádta an chaisleáin. Ghabh
na Gaedhil iad de shiubhal oidhche agus níor fágadh blas
aca gan baint dhíobh ná duine aca féin gan a ghabháil.
Chuir Ó Néill faoi ndeara éadaigh na saighdiúr Sasanach
a chur ar chuid dá shaighdiúiribh féin. Annsin d'orduigh
sé dhóibh gluaiseacht faoi dhéin caisleáin Árda Mhacha
le héirghe an lae. D'orduigh sé do bhuidhin eile dá
chuid fear a bheith ar an mbealach i bhfolach rompa agus a
n-ionnsuighe ar theacht dóibh chomh fada leo. Rinneadh
amhlaidh, le héirghe an lae chonnaic lucht coimeádta an
chaisleáin a lucht fóirthine (mar budh eadh) ag teacht.
Is geárr go bhfacadar na Gaedhil ag teacht rompa go
tobann agus 'ghá n-ionnsuighe. Pléasgann siad amach
as an gcaisleán le cuidiughadh le n-a lucht cabhrach,
acht ar theacht dóibh 'seadh thuigeadar cé an mearbhall
a bhí orra nuair a bhí sé mall aca, mar d'ionnsuigh an
bhuidhean iad i n-éinfheacht agus tar éis sladtha mhóir
ghabh na Gaedhil caisleán Árda Macha.



Chuaidh an cogadh ar aghaidh mar so - Aodh Ó Néill ag
gnóthughadh i gCúigeadh Uladh agus Ó Dómhnaill i gCon-
nachtaibh. Bhí 'fhios ag na Sasanaighibh anois go mbeadh
orra oibhriughadh i n-am, má budh leó Cúigeadh Uladh a
chongbháil 'na seilbh. Cuireadh arm láidir ó Shasanaibh
faoi'n Taoiseach Bagnal. I n-Iubhar Chinn Trágha 'seadh
chuireadar fútha. D'éirigh leó Árd Mhacha an dara
huair, agus annsin ghluais leó go Port Mór, áit a
raibh na Sasanaigh sáinnighthe ag Ó Mórdha agus cúig
chéad déag d'fhearaibh Uí Néill - le fóirthin a dhéanamh
orra. Bhí sé leagtha amach ag Ó Néill gan leigean do
Bhagnal an baile a shroichint go gcinnfeadh air, agus
mar sin chuir sé fios ar Ó Dómhnaill go tapaidh.
D'imthigh leis go deifreach agus tháinig sé le treabhaibh
Chonnacht agus Thíre Conaill. Chuireadar a gcuid fear
faoi réir tuairim míle amach 'ó'n bPort Mór gar
d'Árd Mhacha, coill thiugh dhorcha ar thaobh dhíobh agus
an portach ar an taobh eile. Le n-a theacht orra ó
Árd Mhaca chaithfheadh an námhaid a dhul thré Bhéal an


L. 37


Átha Buidhe, gleann mór fada imeasg na gcnoc. Chaith
arm na nGaedheal an oidhche 'sna coilltibh agus Aodh
Ó Néill go mí-shuaimhneach ag feitheamh leis an maidin
'na raibh an cath mór le bheith aca, an cath 'na mbeadh air
cruthughadh cé an brígh agus spreacadh a bhí i n-a arm agus
seasadh i n-aghaidh a dhearg-námhad Bagnal, agus a airm
láidir. Le héirghe an lae ar maidin d'imthigh leis an arm
Sasanach 'n-a dtrí rannaibh ó Árd Mhacha. Ar theacht
dóibh sgaoileadh fútha ó gach taobh as na coilltibh, mar
bhí cúig chéad fear i bhfolach rompa ag Aodh Ruadh.
Thosuigh sin an t-achrannn. D'oibrigh Bagnal le tréineacht
mhóir. Chuir sé ruaig ar chuid de na Gaedhealaibh, acht
bhí clasganna gearrtha roimhe ag Aodh Ruadh agus
treasgruigheadh agus basgadh go leór dá chuid fear
ionnta. Acht mar sin féin bhí sé ag gnóthughadh agus ag
cur na nGaedheal i ndiaidh a gcúil nó gur ionnsuigh
Aodh Ruadh agus a chuid fear féin é, Aodh Ruadh féin i
dtús a chuid fear. Ní raibh rud ar bith uaidh acht
cómhrac a bheith idir é féin agus Bagnal 'na mbeirt.
Acht níor thárla sin, mar caitheadh Bagnal go tobann
agus ní raibh 'fhios cé mharbhuigh é.



Tráth a raibh deireadh leis-sean budh gheárr ar na
Gaedhealaibh buaidh 'fhagháil agus glan-ruaigeadh a
thabhairt do na Sasanaighibh. Ghabhadar dhá mhíle déag
píosa óir, trí cinn déag agus fiche de bhratachaibh agus
gunnaí móra na Sasanach go léir. D'fhág na Sasanaigh
marbh 'na ndiaidh an lá sin tuairim trí mhíle fear.



Sin mar bhuaidh Aodh Ruadh Ó Néill ag Béal an Átha
Buidhe, ceann de na cathaibh a b'iongantaighe dár tugadh
riamh idir Gaedhil is Gaill. Sgaip an bhuaidh mhór so clú
agus cail Aodha Ruaidh ar fud na hEorpa. Budh mhór
a mheas tar éis an lae úd agus budh mhaith an aghaidh
air é.


L. 38


XI.



Mar d'oibrigh Ó Néill i n-aghaidh Mountjoy, Carew, agus
Essex. Cliseadh na Spáinneach. Sgaipeadh na
dtaoiseach. Mar sheas Ó Súilliobháin Bhéarra.
Bás Uí Dhómhnaill. Sladadh Thíre Eóghain.



Bhí gnóthuighthe ag Clannaibh Gaedhil i n-Ultaibh anois,
acht bhí Cúigeadh Mumhan gan a bheith 'na seilbh fós. Bhí
furmhór na dtighearnaí annsin 'na Sasanaighibh nó 'na
n-Éireannaighibh nach raibh dílis dá dtír, acht mar sin
féin, nuair a facthas dóibh mar do hoibrigheadh i
gCúigeadh Uladh cuireadh sgéala chum Uí Néill a theacht
agus iarracht a thabhairt ar Chúigeadh Múmhan a
ghnóthughadh freisin. Chuir sé chuca Riostárd Tirial agus
Ruaidhrí óg Ó Mórdha agus buidhean láidir agus budh
ghairid go raibh na tailte agus na caisleáin ar ais arís
i seilbh na nGaedheal. Is féidir a rádh le fírinne go
raibh Éire go léir i seilbh na nGaedheal i dtús 1599.
Bhí na Gaedhil go léir dílis d'Aodh Ruadh agus mór-
mheasamhail air. Neartuigh sé an t-arm ar gach caoi a
b'fhéidir leis agus d'ollmhuigh gach rud amach le bheith
faoi réir i gcómhnuidhe i n-aghaidh a námhad.



Bhí Sasana an t-am so an-chumhachtach. Ní raibh sí i
n-achrann le aon tír eile, agus ní móide go raibh riamh
roimhe sin os cionn na tíre duine b'fhad-bhreathnuighthe,
budh chliste agus budh dhána ná Eilís a bhí 'na bainríoghain
an t-am so agus a raibh fúithi gach a raibh 'na cumas a
dhéanamh le hÉire a bhaint amach le láimh láidir.



Mar sin cuireadh anall go hÉireann fiche míle Sasanach
agus Essex 'na thaoiseach orra, fear a raibh an
bhainríoghan an-mhór leis. Bhí na Sasanaigh ullmhuighthe
i gcómhair an chatha le gach ar theasduigh acht níor bh'
amhlaidh ag na Gaedhealaibh é. Acht mar sin féin leis
an inntleacht iongantach a bhí ag Aodh Ruadh bhí sé ag
fagháil bhuaidhe orra 'na dhiaidh sin. Ní raibh ag éirghe
le Essex agus bhí an bhainríoghan ar buile leis. Chuir
sí fios air go Lonndain agus ní raibh de luach saothair
aige le fagháil acht an ceann a bhaint de. Ar feadh na


L. 39


bliadhna 1600 chaith Ó Néill a aimsir ag imtheacht ar
fud na tíre ag neartughadh an airm agus ag gríosadh
na ndaoine. Chaith sé trí seachtmhainí i gCúigeadh
Mumhan. Shocruigh Ó Donnchadha, Ó Donnabháin, Ó Math-
ghamhna, Mac Cártha as Cairbre agus Ó Súilliobháin
Bhéarra cuidiughadh leis.



Cuireadh anall annsin Mountjoy mar fhear ionaid
na bainríoghna agus an Carrúnach dá ndearnadh
Uachtarán ar Chúige Mumhan. D'oibrigh an bheirt ag
creachadh agus ag milleadh ar gach caoi a mb'fhéidir leó
é le beartuigheacht, gleacaidheacht, feall, brathadh agus
eile. Bhíodar ag gabháil do chuid de na taoisighibh nó
gur chuireadar faoi ndeara dhóibh éirghe as an gcogadh
ar son Uí Néill. Budh mhór a chuid de na taoisighibh nó
gur chuireadar faoi ndeara dhóibh éirghe as an gcogadh
ar son Uí Néill. Budh mhór a chuaidh seo ar an mbeirt
iarlaí, acht ní raibh aon ghlacadh aca leis an droch-
mhisneach agus d'oibrigh orra go dúthrachtach, acht cé
nach raibh aon ghnóthughadh dá dhéanamh ag an Sasanach,
bhí Clanna Gaedhil ag tabhairt uatha ó'n síor-imreas.



Seo é an t-am ar tháinig na Spáinnigh acht faríor!
ní leas acht dochar a rinneadar. Níor tháinig acht trí
mhíle fear. Ar a laighead níor mhór a dhá oiread, acht,
níos measa ná sin is uile, ní raibh an taoiseach
Spáinneach a tháinig oireamhnach ar chor ar bith.
Thángadar i dtír i gCionn tSáile. Bhí Ó Néill an t-am
so i gCúigeadh Uladh, ag coimeád a dhúithche ar na
Gallaibh, agus bhí Ó Dómhnaill mar an gcéadna agus a
sheacht sáith le déanamh aige féin. Acht chuir an
Spáinneach Don Juan fios orra le cuidiughadh leis
agus gheall sé tabhairt uaidh, mara gcuirtí congnamh
chuige. B'éigean do na hiarlaíbh gluaiseacht ó dheas
mí-thoilteannach go leór go Cúige Mumhan. Do
chonnaic Ó Néill ar a theacht dó cé rud do b'fheárr le
déanamh. Bhí na Spáinnigh sáinnighthe ag na Sasanaighibh
agus cheap sé go mb'fheárr do na Gaedhealaibh féachaint
le na Sasanaigh féin a sháinniughadh agus cosg a chur le
beatha na bhfear troda. Bhí na Spáinneach go síorruidhe
ag brostughadh ar na Gaedhealaibh troid a thabhairt uatha,
acht ní raibh Ó Néill sásta, acht bhí Aodh Ó Dómhnaill.



'Sa deireadh socruigheadh go dtroidfidhe lá'r n-a
mhárach. Tugadh an cath. Buaileadh na Gaedhil. Mar-


L. 40


bhuigheadh 1200 fear orra agus ní raibh Gaedheal dár
rugthas air nár dícheannadh láithreach bonn.



An oidhche tar éis a mbuailte chuir na taoisigh Gaedheal
chómhairle i dteannta a chéile. 'Sé an socrughadh a
rinneadar Aodh Ó Dómhnaill a dhul do'n Spáinn go dtí an rí,
Ó Súilliobháin Bhéarra a fhágáil ag cosaint a
chaisleáin ag Dún Baoi: Ruaidhrí Ó Dómhnaill, dearbh-
ráthair d'Aodh Ruadh, a bheith 'na thaoiseach i dTír Chonaill,
agus Aodh Ruadh Ó Néill a fágáil 'na Árd-thaoiseach i
gCúigeadh Uladh. Mar sin ar maidin lá'r mhárach
sgaradar ó chéile. D'fhágadar slán agus beannacht
ag a chéile agus d'imthigh leó, gach duine ar a bhealach
féin.



B'olc a chlis an Spáinneach ar na Gaedhealaibh. Bhí an
Carrúnach 'na ghleacaidhe mhór agus bhí ag gabháil do na
Spáinnighibh gur shocruigheadar gach caisleán a bhí i seilbh
na Spáinneach a thabhairt suas do'n námhaid, sin nó a
gcur ar ais do'n Spáinn. D'imthigh leis féin a bhaile
ainnsin acht ba gheárr a shaoghal. Cailleadh é le briseadh
croidhe. Tháinig an Súilliobhánach thar éis an tsocruighthe,
agus cé'r bh íongnadh taod agus fearg a bheith air agus
an cleas a bhí déanta air? Bhain sé an caisleán amach
de na Spáinnighibh. D'fhan cuid dhíobh le cuidiughadh leis
le n-a chosaint agus d'imthigh an chuid eile a bhaile do'n
Spáinn.



D'ollmhuigh Ó Súilliobháin é féin annsin le Caisleán
Dhúin Baoi a chosaint agus ar eagla Dún Baoi a
chailleadh chuir sé caisleán eile faoi réir i mBaoi
Bhéarra. Anois 'seadh bhí faoi an sladthóir mhí-thrócaireach
an Carrúnach an sladadh a dhéanamh. Sgaoil sé a chuid
saighdiúr ar fud na tíre ag marbhadh na bhfear, na mban
's na bpáistí gan coimirce ná trócaire uaidh le fagháil
ag aon duine. Ní raibh uaidh acht críoch amach 's amach
a chur leis na daoinibh; an cur a mhilleadh agus an
t-eallach a ghoid ionnus go gcaillfidhe iad leis an
ocras, agus ag déanamh gach gnímh ní ba mheasa ná a
chéile ar Chlannaibh Gaedheal. Ná dearmadtar an
treasgairt a tugadh do na Gaedhealaibh an tráth úd.
Níor chogadh é ar chor ar bith acht dúnmharbhadh, agus


L. 41


admuigtear sin i leabhraibh an tsaraidhe Shasanaigh
Froude.



Chuir an Carrúnach roimhe Dún Baoi a bhaint amach.
Bhí an Súilliobhánach tréan socruighthe ar throid le n-a
chosaint. Cuireadh 4,000 Sasanaigh i n-a aghaidh, gan
trácht ar chabhlach ar fairrge le cuidiughadh leó. Ní
raibh 'san gcaisleán ag Ó Súilliobháin acht tuairim
140, agus tuairim cúig chéad eile a bhí ullmhuighthe le
cuidiughadh leis. Caithfear admhughadh — agus is mairg
é a bheith le rádh - go ndeárnaidh dearbhráthair athar
an tSúilliobhánaigh, an ridre Eogán Ó Súilliobháin,
spíodóireacht air agus gur chuidigh sé leis na
Sasanaighibh an t-am so. An oidhche sul thosaigh an troid
ag iarraidh an chaisleáin a ghabháil 'seadh tháinig long
ó'n Spáinn le airgead, airm agus eadaighe ó rígh na
Spáinne le haghaidh an tSúilliobhánaigh, agus feisin
sgéala go raibh cúig mhíle déag fear le theacht
ó'n Spáinn i gcionn tamaill le cuidiughadh leis. Ar
fhagháil na deagh-thuairisge do'n tSúilliobhánach d'imthigh
leis faoi dhéin na luinge, agus d'fhág sé 'na dhiaidh
Mac Eochagáin, deagh-Ghaedheal fíor-dhílis le bheith 'na
thaoiseach 'san gcaisleán 'na leabaidh.



Throid Mac Eochagáin ar feadh aon lá déag i n-aghaidh
an Charrúnaigh. 'Sa deireadh bhí an caisleán briste
réabtha ag urcharaibh na ngunnaí mór, agus do
ghealladar tabhairt suas dá bhfágthaoi a gcuid arm aca,
acht crochadh an teachtaire a cuireadh leis an sgéalaibh.
D'fhéach deich bhfeara fichead imtheacht 'san snámh, acht
bhí saighdiúir 'sna bádaibh a mharbhuigh iad 'san uisge.
Do loiteadh go mór Mac Eochagáin, agus cuireadh i
n-a áit fear dar bh'ainm Tomás Táilliuir. Bhí bairillí
púdair 'san gcaisleán agus do gheall na Gaedhil go
gcuirfidís an caisleán trí lasadh agus iad féin de'n
tsaoghal mara ngeallfaidhe nach marbhóchthaoi iad — acht
ní gheallfaidhe. B'éigean do'n Táilliúrach tabhairt
uaidh 'sa deireadh, agus tar éis a dhul síos do na
Sasanaighibh 'san seiléar - an áit a raibh an púdar — cé
bheadh ann acht an Gaedheal loitthe Mac Eochagáin agus
é go díréach ag braith ar troillseán fada lasta do
chaitheamh isteach 'sa bpúdar. Rugthas air agus do


L. 42


marbhuigheadh é. Crochadh ocht bhfeara déag is dá fhichead
an lá céadna. Crochadh tuilleadh go luath 'na dhiaidh,
acht le sgéal geárr a dhéanamh de níor fhan mac máthar
beó de'n chéad triúr agus dá fhichid a bhí ag cosaint an
chaisleáin.



Do chuir an Carrúnach annsin buidhean anonn go Dún
Baoi agus do bhain amach an caisleán. Bhí Ó Súilliobháin
Bhéarra annsin gan teach gan lóisdín 'na chúige
dúthchais féin. Chaith sé seal geárr 'sa nGleann Garbh
ag feitheamh le deagh-sgéalaibh ó'n Spáinn, acht do
cliseadh air mar tá le tasbánadh.



Mar dubhras cheana d'imthigh le Ó Dómhnall do'n
Spáinn. Níor stad sé gur shroich sé caisleán an ríogh.
Gheall an rí congnamh dó, acht nuair ba mhó a dhóchas
'seadh tháinig an droch-sgéal nuaidhe chuige go raibh Dún
Baoi i seilbh na Sasanach agus Cuan Bhéarra faoi
longaibh cogaidh na námhad. Do chuir sin droch-mhisneach
ar an rígh agus níor tugadh cead do na congantóiríbh
imtheacht. Briseadh croidhe Aodha Uí Dhómhnaill agus
d'éag sé ag Simancas 'san Spáinn an deichmheadh lá
de Mheadhon Fóghmhair, 1602. Sin mar d'imthigh le
duine de na gaisgidheachaibh a b'iongantaighe dár mhair
i n-Éirinn riamh — i dtús a óige nuair a bhí a intinn
socruighthe go daingean ar oibriughadh ar son a thíre.



Mheas an Carrúnach nach bhfuair sé deis riamh go dtí
anois nuair a bhí Ó Néill buadhartha droch-mhisneamhail,
agus mar sin cuireadh Sasanaigh amach ar fud Thíre
Chonaill agus Thíre Eóghain le deireadh a chur le n-a
chumhacht. Chuaidh Mountjoy féin le troid i n-a aghaidh
agus ghluais leis le n-a chaisleán a bhaint amach ag
Dún Gheanainn, acht ní raibh roimhe acht tóiteán nuair a
tháinig sé. B'fheárr le Ó Néill 'na ghríosaighibh é ná a
bheith i seilbh na námhad. Mhilleadar an cur le
corránaibh, le spealtaibh agus le gach gléas millte
eile a b'fhéidir ló fhagháil nó nár fhágadar blas ag na
daoinibh bochta agus cailleadh i dTír Eoghain amháin trí
mhíle duine leis an ocras ar feadh cúpla míosa.
Rinneadar gach creachadh a b'fhéidir leo, acht ní
rabhadar sásta gan Ó Néill a ghabháil — rud a theip orra
gach tráth.


L. 43


Ní mór anois aithris gheárr a dhéanamh ar an gcaoi
ar sheas an Súilliobhánach i n-aghaidh na námhad 'sa
nGleann Garbh, mar d'imthigh sé agus mar threóruigh sé
a bhuidhean lag lúbach ó uachtar na Mumhan go Caisleán
Uí Ruairc i gConndae Liathdroma. Bhí sé seal
socruighthe le n-a bhuidhin 'san ngleann go haoibhneach ag
súil le deagh-sgéala ó'n Spáinn acht faríor ! níor bh'
amhlaidh a bhí le tárlughadh. Fuair sé sgéala báis Aodha
Uí Dhomhnaill agus nach raibh aon chabhair le fagháil.



'Sa deireadh ní raibh a fhios aige cé rud a b'fheárr
dó a dhéanamh agus é i dtús an gheimhridh 'na shioc agus
'na shneachta, deireadh curtha aige le n-a chuid bídh agus
an námhaid ag faire air ar gach taobh agus gan cara
a d'fhéadfádh cuidiughadh leis ní ba ghoire ná uachtar
Uladh, agus an tír idir é féin agus an áit sin i seilbh
na Sasanach. Cé rud a dhéanfadh sé? B'in í an cheist
a chuir sé air féin agus a d'fhreagair sé go dána mar
so: “Rachad thríd an námhaid agus ní sguirfead go
sroichfead Cúigeadh Uladh, mé féin agus gach a mbeidh
beó de mo bhuidhin le n-a shroichint liom!”



Beidh meas ar a ainm go deó mar gheall ar an
socrughadh sin.



D'fhág sé a bhean agus a pháisdí a b'óige 'na dhiaidh
faoi chúram carad dar bh'ainm Mac Suibhne agus
gluaiseann leis an lá deireannach de'n bhliadhain 1602,
'na theannta ceithre chéad fear troda, agus sé chéad
eile idir shean-daoine, páisdí agus searbhfhoghantaí.
Chuir na Sasanaigh sgéala amach gan aon duine — ar
mhaithe leis féin - a dhíol aon roda leis, acht a ionnsuighe
ar an mbealach agus an t-eallach a dhíbirt uaidh nó go
gcaithfeadh a bhuidhean bás d'fagháil 'o'n ocras. Duine
ar bith a leigfeadh tré n-a chuid talmhan é gan féachaint
le n-a bhacadh, bhí an talamh le cailleadh aige. D'imthigh
leis. Chuaidh thré Bhaile Mhúirne agus b'éigean dó
troid ar an mbealach in gach áit, go leór ag fagháil
bháis leis an ocras gach lá, agus é d'fhiachaibh orra troid
a thabhairt uatha ar an mbealach i gcómhnuidhe gur
shroicheadar an tSionainn go tugtha sáruighthe 'sa
deireadh.


L. 44


Ní féidir a thuigsint i gceart chomh maith is saothruigh-
eadar an turas fada sin, gan biadh, gan deoch, gan
bolgam, faoi fhuacht agus faoi dhéartan, faoi shioc agus
faoi shneachta, gan cara ná fear fóirthine, acht i gcómh-
nuidhe é air aca a bheith faoi réir le n-a námhaid gan
truagh gan trócaire a throid. Deirtear gur theoruigh
duine iad a tháinig orra go tobann aon oidhche amháin
a bhí faoi éadach geal agus cos-lomnochta agus gur thug
sé leis iad chúig mhíle déag nó go rabhadar i ngar do
Chaisleán Uí Ruairc.



Nár mhór a n-aoibhneas agus a sólás croidhe ar
fheicsint an chaisleáin dóibh agus nuair a bhí a fhios aca
go raibh deireadh le n-a n-annró agus le n-a n-aisdear!
Chaitheadar iad féin ar a nglúinibh agus thugadar míle
altughadh do Dhia a threóruigh agus a thug slán gach ar
tháinig dhíobh, acht nár bheag a tháinig faríor! As an
míle duine a d'fhág an Gleann Garbh níor tháinig céad
féin slán isteach go Caisleán Uí Ruairc. Cailleadh
ar an mbealach nó marbhuigheadh ag teacht an chuid eile
dhíobh.



XII.



Imtheacht na n-iarlaí as Ultaibh, mar cailleadh iad i
gcéin ó dhuine go duine. Bás Uí Néill. Mar
cuireadh deireadh le Ó Súilliobháin Bhéarra i gcéin.



Cé go raibh go leór de'n mhisneach caillte ag cuid
de na flathaibh, cheap na Sasanaigh go mb'fheárr iarracht
eile a thabhairt ar shocrughadh a dhéanamh le Ó Néill, mar
go raibh an t-an-shocrughadh a dhéanamh le Ó Néill, mar
go raibh an t-an-fhaitchíos aca roimhe. Mar sin de
cuireadh Mountjoy chuige agus rinneadh socrughadh
eatorra an 30adh de Mhárta, 1603. Gealladh go
gcuirfidhe ar ais é mar bhí sé roimh an gcogadh, i n-a
iarla ar Thír Eoghain, go mbeadh na Caitliocaigh gan
sgiúirse acht go gcaithfeadh sé glacadh le dlighe Sasanach
san gcúigeadh agus leis an ainm Sasanach “Iarla” i
n-ionad “Ó Néill.”



Budh é seo an t-am ar cailleadh Eilís, agus ar
cuireadh an Seiseadh Séamus Rí na hAlban 'na rígh ar
Shasanaibh freisin. Budh é seo an chéad uair riamh a
raibh Sasana agus Alba faoi aon rígh amháin. Ó thárla
go mbudh Albanach é agus fear freisin 'na raibh beagán
d'fhuil na nGaedheal, agus mac do'n bhainríoghain
Máire a bhí cáirdeamhail leis na Caithliocaighibh
agus a chuir Eilís chum báis. Bhí na Gaedhil an-
tsuimheamhail i Séamas agus dóchas láidir aca as.
Acht níor chóir go mbeadh. Ghlac sé le cómhairle uaisle
Shasana a raibh an dúil nimhe aca 'sa mbradghail agus
'san gcneámhaireacht. Bhíodar ag gabháil dó ag cur
'na luighe air cé an mhí-shástuigheacht a bhí orra mar gheall
ar an deagh-shocrughadh a rinneadh le Ó Néill, agus ag
dul le buile agus báine faoi go raibh na tailte le
tabhairt ar ais do na flathaibh Gaedhealacha nó 'sa
deireadh go raibh sé ar aon intinn aca leó féin agus
sásta ar a dhícheall a dhéanamh le n-a sásughadh agus
leis an socrughadh a bhriseadh. Budh gheárr go raibh sé
socruighthe aca Ó Néill a chur dá chois dá mb'fhéidir é.
Sgríobhadh litir i n-a ainm 'n-ar comharluigheadh do na
Gaedhealaibh caisleán Bhaile Átha Cliath a ghabháil, fear
ionaid an ríogh a mharbhughadh, agus an cogadh a chur ar
bun arís. Budh mhaith a bhí a fhios ag Ó Néill cé rud
budh bhun úghdair leis an sgéal tobann so. Budh gheárr
go bhfuair sé sgéala a theacht, é féin agus taoisigh na
nGaedheal, go Baile Átha Cliath le freagra a thabhairt
i dtaoibh na ngníomh a bhí curtha 'na leith. Acht ní raibh
na Sasanaigh ullmhuighthe 'na gcómhair agus mar sin do
horduigheadh dhó a dhul go Lonndain faoi Fhéile Míchíl a
bhí chugat le n-a cheistniughadh.



Acht ní dheachaidh sé go Lonndain agus níor sheas os
cómhair a námhad go deó 'na dhiaidh seo. Bhí a fhios
aige go raibh fútha deireadh a chur leis. Bhí a fhios aige
nach raibh sé sáthach cúmhachtach le n-a dtroid ní b'fhuide.
Bhí a fhios aige nach raibh suaimhneas i ndán dó 'na thír
dhúthchais féin feasda, agus mar sin ní raibh aige le
déanamh acht imtheacht i gcéin ó “Bhan-chnuic Éireann Ó”
le n-a mhuinntir agus a ghaolta.


L. 46


Is beag sgéal i stair ar dtíre is dólásaighe agus is
buaidheartha ná “sgéal imtheachta na n-Iarlaí as Cúige
Uladh.” D'imthigh os cionn leath-chéad dhíobh ar fad.
'San gcuideacht bhí Ó Néill, a bhean, a thriúr mac, Aodh,
Seaghán agus Brian, Art, mac a dhearbhráthar, Ruaidhrí
Ó Domhnaill, iarla Thíre Chonaill, Cathbharra dhearbh-
ráthair, Nuala a dheirbhshiúr, Aodh Ó Dómhnaill mac an
iarla, Mag Uidhir, agus Eoghan Ruadh Mac an Bháird,
príomh-bhárd Thíre Chonaill.



Mo bhrón! Nár bhocht an sgéal an bhuidhean laochra
dílse Gaedheal so ag fágáil “slán is beannacht” go
deó ag a dtír dhúthchais ar oibrigheadar le fada chomh
dúthrachtach ar a son! Le croidhthibh cráidhte d'imthigh
leó ar bhórd na luinge i Loch Súilighe. Thug aghaidh ar
an bhFrainc agus casadh ar ais ar a dtírín dúthchais ní
dheárnadar go deó!



Cuireadar míle fáilte rómpa in gach tír dá ndeachadar
acht go háirithe 'san Róimh. Shocruigh an Pápa agus rí
na Spáinne an oiread so airgid a thabhairt dóibh gach
bliadhain d'oirfeadh do dhaoinibh uaisle mar iad. Acht
budh gheárr a mhaireadar. Cailleadh iad ó dhuine go
duine. Ní rabhadar imthighthe acht dhá bhliadhain nuair a
bhí Aodh Ó Néill taobh leis féin beagnach agus gach
duine dá cháirdibh dílse ag déanamh créafóige i
dtíorthaibh coimhightheacha. Mhair sé le croidhe briste
cráidhte ocht mbliadhna tar a éis seo.



Chaill sé radharc a shúl 'sa deireadh, agus cailleadh
é 'san Róimh an 20adh lá de mhí Iúil san mbliadhain 1616.
Tá sé féin agus a mhac curtha i n-aon uaigh amháin 'san
Róimh. Is beag Gaedheal dá dteidheann do'n Róimh,
atá dílis dá thír, nach dtugann cuairt ar uaigh Aodha
Ruaidh agus cé an t-iongnadh má shileann an deóraidhe
Gaedhealach na deóra agus má ghuileann sé go fuidheach
os cionn an laoich a d'oibrigh go hiongantach ar son a
thíre agus ar briseadh a chroidhe mar gheall ar an stáid
'na raibh sí?



D'fhág Ó Súilliobháin Bhéarra an tír agus chuaidh le n-a
mhuinntir agus a ghaolta do'n Spáinn 'sa mbliadhain 1604.
Marbhuigheadh go tobann é agus é ag teacht a-bhaile
tar éis cumaoinigh ó'n Aifreann. Bhí achrann idir a


L. 47


mhac agus fear eile, agus tar éis iad a sgaradh ó
chéile, casadh Ó Súilliobháin féin ar an bhfear so, agus,
le n-a chuid feirge a ídiughadh air, sháith sé é, agus an
paidrín 'na lámhaibh aige. Bhí mac a dhearbhráthar i n-a
oifigeach i n-arm na Spáinne agus marbhuigheadh a mhac
ag Belgrád ag troid i n-aghaidh na dTurcach.


L. 48



L. 49


Foclóir.



[Words explained in Part I. are not included.]



Ab, m., abbot, 6.



Acht, but; ní raibh acht go raibh,
scarcely was, 3; ní raibh ann
acht go raibh, ib., 9, 12.



Admhughadh = admháil, act of
acknowledging, 41.



Agus a chuir Eilís chum báis,
45, 8 = and whom Elizabeth
put to death. It could,
through an amphibology in-
herent in Irish construction
also convey “and who put
Elizabeth to death.” This
just shows how necessary
is the passive construction,
often employed by Keating
and many other good wri-
ters (an chloch le'r turnadh í;
saoiltear leó; d'ar beanadh
a cheann le mnaoi, etc.), in
which way it would have
run: “agus do cuireadh chum
báis le hEilís (or ag Eilís).”
In South Galway there is
an attempt to avoid the
amphibology thus: an fear
a phós Nóra = the man who
married Nora; an fear úd
a phós Nóra, the man whom
Nora married; but the úd
is found also in an fear úd a
gceannógha mé a chuid caora,
the man whose sheep I'll
buy, as contrasted with an
fear do (or a) cheannóghas mo
chuid caora, the man who
will buy my sheep, úd being
apparently applied to the
objective person.



Aghaidh, f., face, budh mhaith an
a. air é, he well deserved
or merited it, 35.



Aibéil, quick; go ha., soon,
19.



Áird, f., heed (ar, for); acht
budh bheag í áird Sh. air but
S.'s heed for him was small,
3.



Aire, f., care; do ghoin a a.
é, he became suspicious or
wary (lit. his care wounded
him), 30.



Airighim, I perceive; níor hair-
igheadh, no one noticed or felt,
2.



Aithris, f., imitation; ag déan-
amh aithrise orra, following
their example, doing the
same thing, 3.



Altughadh, m., act of giving
thanks (to God); ag tabhairt
altuighthe, rendering thanks
(to God), 32.



An-chumannach, very friendly or
social (le, with, towards), 31.



An-tsuimeamhail, having great
regard (i., in = for), 45.



Arann, perception; gan mo-
thughadh ná arann, insensible
and unconscious, 8.



Árd-réim, f., high estate or
condition (lit. high sway);
i n-á., in high estate, exalted,
5.



Arm, m., army, 2.



Art Caomhánach, Art Kavanagh,
33. [There is no such sur-
name as “Ó Caomhánaigh.” In


L. 50


Co. Louth, however, the fol-
lowing distinction exists, An
Caomhánach = Mr. Kavanagh,
Kavanagh; Art Caomhán,
Arthur Kavanagh, but this
has been effected through
the tendency to regard -ach
as belonging only to the
former usage.]



Asculbh, Hasculf, a Norse name
of the king of Dublin in
1171, 4. [Sometimes he is
mentioned as Asgadal, which
is quite another name, N.
asketill(?)].



Bacadh, m., check, stop, im-
peding; ní raibh b. le baint
as, he could not be checked
or restrained, 34.



Bail, f., state, condition; leis
an mbail chéadna a chur air,
to give him the same treat-
ment, 17; cé an bhail a bhí
aige curtha air féin, what
condition he had reduced
himself to, 23; b'olc an bh.
a chuir na treabha ortha, bad
was the state the tribes re-
duced themselves to, 26.



Báine (also spelt báinidh), f.,
fury, rage, 45.



Baint amach, to arrive at after
an effort, hence (of a city)
to storm, 3; (of conquest)
to carve out [a territory], to
conquer, 6, 38.



Baoi Bhéarra, Dursey Island in
Bereheaven, 40.



Barúntas, m., barony, 14.
[more usually barúntacht.]



Básuighthe, dead, 33.



Beann, f., regard, heed, (for,
ar), 15.



Beartaidheacht, f., chicanery,
knavery, 4, 39.



Bladaireacht, f., cajolery, soft
speeches, 15.



Bladaraighe, f., of cajoling dis-
position; dá bh. é, however
cajoling, 15.



Blas, m., (a taste); anything, 42.



Bogracha, pl., bogs, soft swampy
places, 16.



Braith, f., (suspecting); ag b.
ar, about to, 41.



Brathadh, m., treachery, 39.



Brathadóir, traitor, 4.



Breatain, An, Britain, 1.



Buidheachas, m., thanks; gan bh.,
in despite, 15; d'á mb., in
spite of them, 17.



Bun os cionn, wrong, not as
things ought to be, 30. [The
usual sense in spoken Irish.
Though like “upside down,”
it does not seem to be so
used.]



Bun úghdair, cause, source, lit.
foundation of author or
authority (le, of), 45.



Cáirdeamhail, friendly, 5.



Caithim, I consume, spend; chaith
go suarach leis na Gaedhlibh,
acted meanly towards the
Irish, 7; mar caitheadh leis
na Sasanaighibh, how the Eng-
lish were treated, 30.



Carrúnach, an, Carew, 39.



Carthannaighe, f., friendliness;
dá ch., however friendly, 15.
Castar ar, meets; casadh …
ar a chéile … met one
another, chanced on one
another, 2.



Cead, m., leave (ar, to), 6;
cead a gcinn a thabhairt, to
grant free permission (to), 7.
Ceal, want; de cheal, for want
of, 9.



Ceanannus Osraighe, Kells, in
Co. Kilkenny, 17.



Ceann ab'fhearr, an, the better,
the upper hand (lit. the
better head), 5; uninflected
in gen. usage, 16.



Ceannsughadh, m., act of sub-
duing, 18. [Also = act of
binding (Meath).]



Ceapadh, m., act of appointing;
H. a ch. mar rígh, to appoint
H. king, 25.


L. 51


Ceapadh, m., thought, notion;
ní raibh aon ch. ag Ruaidhrí.
R. had no idea (notion, &c.),
1.



Cearn, m., corner, direction, 5.
[In Con. this word is cor-
rupted into ceárd.]



Ceistniughadh, m., act of inter-
rogating, examining, 45.



Cinn ar, surpass; chinn amach is
amach ar na Normánaighibh,
the Normans failed entirely,
8; see also 15 and 36.



Cinneamhaint, f., act of surpas-
sing (c. ar); bhí sé ag c.
ortha, they failed to, 16.



Cinnt ar = cinneamhaint ar, 18.



Cion, m., portion; a chur i
gcion, to make feel the effect
of, 8 (a chur i bhfeidhm, Muns.);
see 14 also.



Claonadh, m., yielding, consent-
ing, 11.



Clasganna = clasanna, clais-
eanna, trenches, pits, 34; pl.
of clas, clais, a pit, &c.



Cliseadh ar, failing; bhí ag c.
air 'san troid, he was fail-
ing in the fight, 23; failure,
38.



Clisim ar, I fail; do cliseadh
air, impers. pass., he was
disappointed in what he ex-
pected would be done for
him, 42.



Clochar, m., stony or rocky
place; dpl., 31.



Coimirce, f., protection, mercy,
40. [Cp. mo chomairce ort,
be merciful to me.]



Comharluighim, I advise; pft.
pass., 45.



Corrughadh, m., wrath, anger,
10, 12. [In Uls., corruighe.]



Cos, f., leg, foot; a chur dá
chois, to do away with him,
to kill him, 16, 21; a chuir
… dá gcois, who killed
off …, 30.



Cosamhlacht, f., appearance, 15,
17.



Cosantóir, m., defender, 5.



Cosgrach, fond of carnage or
assassination, 23, 30. [In
each of these cases the MS.
had cosgradh.]



Cos-lomnochta = coslomnocht,
barefoot, 44.



Creachadóir, plunderer; pl., 3;
dpl., 5.



Crochadh, m., (act of hanging);
carrying off; a ch. chum beal-
aigh, to carry him away, 8.



Crochaim liom, I carry off with
me; chroch an Gearaltacht leis,
Fitzgerald carried off with
him, 28.



Cruadhóg, f., strait, difficulty;
mar bhí c. leis, for he was in
a strait, 5.



Cuan Árda na Caithne, Smer-
wick Harbour, 28.



Cuan Dhaingin Uí Chúise, Dingle
Harbour, 28.



Cuan Bhéarra, Bere Haven, 42.
[Berehaven is now used =
Béarra, Bere, i.e. the whole
territory.]



Chugat, to you; 'san mbliadhain
a bhí chugat, in the following
year (of the past), 11. [In
Muns. chughainn; cp. use of
thart = tharainn, &c.]



Chuige, to him; níor chuireadar
chuige na uaidh, they did not
interfere with him in any
way, 19.



Cuirim, I put; chuir suas di,
declined it, relinquished his
right to it, 10; gur chuir-
eadar suas de'n imreas, that
they gave up strife, 15; chuir
sé suas de'n Phápa, he repu-
diated the Pope, 20.



Cúl, m., back; ag cur na
nGaedheal i ndiaidh a gcúil,
pressing the Irish back
(causing them to retreat,
forcing them back), 35, [Cp.
dul i ndiaidh a gcúil, [they]
to retreat.]



Cummanach, loving, very friendly,
7.



Cunga, Cong, in Co. Mayo.


L. 52


Cur, m., setting, planting; loic
an cur, the setting (of seed)
failed = the grain perished
as it began to grow, 11; an
cur a mhilleadh, to destroy
what was set (i.e., the com-
ing crops), 40; see also 42 =
crops.



Cur isteach, interference, 6.



Dálta, like, as was the case
with, 3.



Daorsacht, f., = daoirse, f.,
bondage, slavery, 32.



Deagh-dheis, a good opportunity,
2.



Deagh-shocrughadh, good or equi-
table settlement, 45.



Deagh-thuairisg, f., good tidings;
gen., -e, 41.



Dearg-námha, f., deadly or bit-
ter enemy; gen. -ad, 35.



Dearg-ghráin, f., violent hatred
(ar, for), 34.



Déartan, m., (?) bad or unlucky
weather (?), storm and rain (?),
44. [Probably for duartan,
as in d. deór, a sorrowful
flood (?) of tears, P. & P. of
M., 36, y. If so, déarthan
has been influenced in form
by déar, 'a tear, a drop.'
Atkinson equates duartan
with dobarthu, 'ill-luck,'
Pass. & Hom., and contrasts
sobharthan, 'prosperity,' T.
B. an Bh.; sobharthu, F.M.,



1568.]
Deis, f., chance, means oppor-
tunity; bhí d. aca thar ariamh,
they now had a chance more
than ever, 14.



Dícheannadh, m., act of behead-
ing, 3.



Dícheannaim, I behead; 3 s.
pft. dícheann, 4.



Dílseacht, f., loyalty, 23.



Dlúth-cháirdeas, m., close friend-
ship, 32.



Dlúth-mhuinntearach, closely or
very friendly; sup. -aighe;
an lá budh d. agus do b'fhearr
Clanna Gaedheal, the days
the Gaels were most united
and at their best, 5.



Dlúth-mhuinnteardhas, m., close
friendship, unity amity, 7.



Dlúthughadh, m., act of drawing
together closely, closing up
ranks, becoming united, 33.



Docht, close, hard; go docht,
closely, firmly, 33.



Dólásach, sad, sorrowful; sup.,
46.



Donaighthe, injured; do. ó pháirc
an áir, hors de combat, 8.



Donughadh, m., act of injuring,
disabling; ag. d. an airm
air, disabling his army (he
being the loser thereby), 16.



Dún Baoi, Dunboy, in Bere-
haven, 40.



Dúnmharbhadh, m., murder, 40.



Easaontas, m., disunion, 7.



Facthas = do chonncas, pft. pass.
of do-chím, atchím, I see; 38.
Fada, long; b'fh. uatha, they
would be far from, it would
be far from their intention,
5.



Fad-bhreathnuighthe, far-seeing,
prudent; sup., 83.



Fáighte (fágháltha, Muns.), got
obtained, 32.



Faill, f., opportunity; leig-
eadar tharsta an fhaill, they
let the opportunity slip, 19.
Fáiltighim, I welcome, (roimh,
before); fáiltigheadh roimhe,
he was welcomed, 5.



Fealltacht, f., treacherousness,
30.



Fearaim, (I pour); I give, ac-
cord; pft.pass., 32.



Fiadh = O.Ir.Fiadu, God; dar
fiadh, “by the deer,” as ig-
norantly Englished, properly
'by God,' 15. [Cp. the oath,
dar a páis fiadh = dar páis
Fiadhat, by God's passion.]



Fíor-chaoin fáilte. A truly
gently [thing of a] welcome,


L. 53


32. [This phrase shows how
easily an Irish adj. can be
used independently as a
noun.]



Foghlach, gen. of foghail, f.,
plunder, plundering, 20, 24.



Foighid, f., patience; ag iar-
raidh f., a chur ann, striving
to make him have patience,
22; ní raibh aon Fh. le cur
ann, his impatience could
not be restrained, 31.



Fhorrach, an, Narragh, in Co.
Kildare, now found com-
bined with another barony
as Narragh and Reban; gen.
na Forraighe, 14.



Fuidheach, “bitter,” copious; go
f., “bitterly,” copiously, 46.
Fulaing, f., act of enduring, 11.



Gabhail Rághnaill, lit. Ragh-
nall's branch or family;
hence often applied to their
territory, i.e., that of the
O'Byrnes of Ranelagh = the
baronies of Ballinacor North
and South, Co. Wicklow; 33.



Gadaidheacht, f., thieving;
thievery, 6; gen., -a, 6.



Gailte, na, Galtee Mts., 28.



Gaisgeamhail, having a good
opinion of one's exploits;
followed by as: g. as féin, 7.



Gaisgidheacht, f., deeds of
valour; gen. -a, 14.



Gar do, near to, 1.



Geárr, short, soon; budh gheárr
air (for budh gheárr a mhoill
air?), he soon, 20.



Géibheann, m., captivity; i ng.,
in prison, in captivity, 33.



Glacadh, m., act of accepting,
taking; ní bheadh g. ar bith
aige le, he would have noth-
ing to do with, 5.



Glan, clean, clear; go díreach
glan agus an Rí, just exactly
when the King was, 4.



Glanadh m., act of cleaning or
clearing; g. leó as an tír,
to clear (that they should
clear) out of the country, 5.



Glan-ruaigthe, completely
driven (as, out of), 9.



Gleacaidhe, m., trickster, 2.



Gleacaidhe, tricky, astute,
clever, 4.; adv., 5.



Gleacaidheacht, f., trickery, 4,
5; gen., -a, 7.



Gleann Eatharlaighe, the Glen
of Aherlow, in Co. Tipperary,
27.



Gnóthughadh, m., act of winning
or gaining, 34.



Gnóthuighthe, won, gained, 6.



Goir, f., chance, 10, where, in
strict grammar, it should be
followed by ar before
seasamh; correct in nach
mbeadh goir aige ar an
bhuaidh a fhagháil, that he
would have no chance of
winning the victory, 11; cé
an ghoir a bhí ag saighdhiúir
Shasana ar, what chance had
the soldiers of England to,
16; also again at 16, &c.;
ní raibh goir aca air, they
had no chance against him, 17.



Greim, m., grip, grasp; i
ngreim, caught, captive, 20,
33.



I, in; ní raibh ionnta, they
could not, 3.



Iarraidh, f., effort, attempt; an
i. seo, on this occasion, 2.



Iarracht, f., effort; go dtug i.,
that he made an effort, 7;
'san i. sin, in that attempt, 7.
Ídiughadh, m., act of using up,
expending, wreaking, 47.



Imreas, m., strife, i. a tharraing,
to raise strife, to start a
quarrel, 2.



Innmhe, means, affluence; i n-i.,
able to, 34.



Ionnsuighe, f., act of attacking;
a n., to attack them, 34.



Ionnsuighim, I attack; 3 s. pft.,
34.


L. 54


Lán-toilteanach, fully or very
willing, adv., 12.



Laochras, m., heroism, bravery;
gen. -ais, 26.



Leaba, f., bed; dat. in i lea-
baidh, instead of, 9; i l. a
chéile, gradually, time after
time, 16; 'na leabaidh, in-
stead of him, 41.



Leagtha amach, (laid out), plan-
ned, settled beforehand, 34.



Leide, a whisper, a secret hint,
34. [Cp. leide de'n chóir, a
slight putt of favourable
wind.]



Leigim orm (or orm féin), I
pretend (as regards myself);
cé gur leig sé air fein,
though he pretended (about
himself), 34.



Leó, with them; má budh leó
(lit. if it was theirs), if they
desired, 34.



Loch Dá Chaoch, Waterford Har-
bour, 4.



Loch Garman, Wexford Har-
bour, also the town of Wex-
ford, 2. [It is not necessary
to write Baile Locha Garman.]
Loch Oirbsean (now Loch Coirib
corruptly), Lough Corrib, 7.



Loicim, I baulk, I fail; 3s.pft., 2.
Luathaim, (I hasten); I spread
news; pft. pass., 22.



Lúbach, debilitated; lag lúbach,
weak and debilitated, 43.
[Contrast the Muns. sense
(sinewy?) in lúbach láidir,
and that of Or. (tricky) in
duine bocht lúbach.]



Lúd, nimbleness, activity,
energy; lúd a ngéag (= lúth
a ngéag, Muns.), 9.



Mall, late; nuair a bhí sé
mall aca, when they were
late, 34.



Marbhthach, deadly; buille m,
mortal stroke or wound, 29.



Mí-dhílis, disloyal, (do, to), 2, 20.



Mí-dhílseacht, f., disloyalty, 14
gen., 26.



Mí-mhuinghin, f., despair (lit. un-
confidence), 25.



Mín, mild, quiet; mín marbh,
killed and quieted, 30.



Mísg (= míothoisg, mí+toisg);
f., harm, damage, 16.



Misneamhail, courageous, 20.



Mí-thaitneamhach, ugly, unpleas-
ing, 24.



Mí-thoilteanach, unwilling; as
adv., m. go leor, unwillingly
enough, 39 (go is commonly
omitted before long words,
and always when go leor
follows, e.g., maith go leor,
evidently so as to avoid re-
petition of go).



Mí-thrócaireach, unmerciful,
merciless, 40; adv., 29.



Mór-mheasamhail, having great
esteem (for, ar), 38.



Mothughadh, m., feeling; gan m.,
insensible, 8.



Muinnteardhas, m., friendship,
amity; gen. -ais, 15.



Muinntir Néill, the O'Neills,
34.



Muiris De Piondaghrás, Mau-
rice de Predergast, 1.



Mul Cairn, Mulkear, in (o.
Limerick (?), 29.



Mullach, m., summit, top; 'na
m., on the top of them, upon
them, 31.



Mullach Maistin, Mullagh-
mast, in Co. Kildare, 30.



Múrach, m., a Moor; gpl., 28.



Neamhshuimeamhail, heedless (i,
of), 28.



Nuaidhe, f., news; an droch-
sgéal nuaidhe, the bad news,
42. [Also nuaidheacht (Con.,
U.), nuadhaigheacht, nódhuigh-
eacht (Muns.)]



Ó, from; nach raibh uaidh acht,
that all he wanted was, 5.
Oibrighim, I work; muna n-oib-
righeadh air, if he did not
work away (lit. on him), 4.


L. 55


Oiread, equal quantity, as
much; a dhá o., twice as
many, 39.



Oireamhnach (feileamhnach, Con.,
oileamhnach 'leamhnach, Ker.,
fóirstineach, Don.), suitable,
39.



Osraighe, pl., Ossory; dat.
-igibh, 1.



Plámás, m., cajolery, “plossy-
ing” 5; gen. -áis , 7.



Plimp, f., (?), sudden flop;
d'aon ph. amhain, at one dash
or effort, 27.



Portláirge, Waterford, 2.



Práidhinneach, full of regard
(for, i, also as), 7. [Peculiar
to Con. in this sense. Cp.
tá práidhinn mhór agat as
(or ann), you have great
heed or regard for it, Con.]



Príomh-bhárd, chieft bard or
poet, 46. [Árd-fhile also ex-
presses the idea.]



Réidh, ready, easy, smooth, ur-
bane, 5; an saoghal a leigean
chomh réidh leis, allowing mat-
ters to be so much in his
hands (lit. to let the world
so easily with him), 5.



Riaghlughadh, m., act of ruling,
34.



Riar, f., rule, obedience; faoi
réir, disposed, in order and
ready for battle, 34; ready
or prepared to stand a siege,
40.



Riobárd Mac Stiopháin, Robert
FitzStephen, 1.



Riostárd Tirial, Richard Tyr-
rel, a great guerilla captain
of Aodh O'Neill's, 38.



Roinnt, f., act of dividing;
ag roinnt amach talamh na
hÉireann idir a mhuinntir
féin, dividing the land of
Ireland amongst his own
people, 7 (one should pre-
fer here the literary Irish:
talamh na hÉireann do roinn
ar a mhuintir féin, as the
dialect form fails in concise-
ness when a comparison is
made).



Ró-mhall, too late; bhí sé r.
anois aige, it was now too
late for him, 23.



Ruaigeadh = ruagadh, m., act of
driving, 34.



Ruaigeadh = ruaig, rout, defeat;
cuireadh r. air féin, he him-
self was routed, 1.



Rugthas = rugadh, pft. pass. of
beirim; r. air, he was
seized, 41.



Sáinnighthe, cornered, driven into
a corner, beset, besieged, 34.



Sáinniughadh, m., act of corner-
ing, i.e. driving into or be-
setting in a corner or in
one place, 39. [Cur i sáinn
conveys the same thing.]



San Tomás Beicit, St. Thomas
à Becket. 6. [San is used
before the names of foreign
saints. For naomh before the
name of any saint, foreign or
native, there is no authority
except Anglicism found in
dialects.]



Saobhachán, m., silliness; s.
céille, softening of the brain,
madness, mania, 27.



Saorsacht = saoirseacht, saoir-
se, f., freedom, 2, 34.



Séideog, f. (puff, blast); breath
of life, 9; an ts. dheiridh, last
breath of life, 29.



Seiléar, m., cellar, 41. [Also
soiléar.]



Sgaoileadh, m., act of loosen-
ing; ag s. fútha, firing at
them, 31.



Sgaoilim fá, I fire at; pft.
pass., 35.



Sgolbánta, lithe, tall and
wiry, up-standing, 18.



Sgoth, f., flower, choice, best, 4.
Sguireadh = sgur, act of ceasing
or causing to cease (de,
from), 34.


L. 56


Sin nó, either that or, 40. [Cp.
sin agus, that and = and in
addition to that; sin or sin
e, that is, namely, viz.]



Sladadh, m., act of robbing and
murdering, 40.



Sladthóir, robber, brigand, one
who robs and murders, 40.



Sléacht, destruction, slaughter,
1; gen. -a, 18.



Sléachtadh, m., destruction,
slaughter, 34.



Sleamhain, (smooth), crafty, sly,
plausible, 5.



Sleamhaine, f., plausibility,
craftiness; dá sh., however
plausible, 15.



Snámh, m., act of floating, swim-
ming; 'san snámh, swimming,
by swimming, 41. [The use
of different prepositions and
the article makes a great
change in the sense of this
work; contrast ar snámh,
afloat, floating, but ar an
snámh (ar an tsnámh, U.), on
the sea, i.e. in a boat on the
sea.]



Spáinneach, an, the Spaniard,
40 (= Don Juan de Aguila);
this occurring five lines be-
fore at the beginning of the
paragraph, is referred back
to by “D'imthigh leis féin a
bhaile annsin acht ba ghearr
a shaoghal. Cailleadh é le
briseadh croidhe.”



Spídeamhlacht, f., ill-usage, 33.



Spíodóireacht, f., spying, 41.



Spreacadh, m., vigour, 33.



Sroichint, f., act of reaching,
34.



Subháilceas, m, pleasantness,
cheeriness, 14.



Súil, f., expectation; an t-arm
le n-a raibh súil, the army
which was expected, 2.



Suim, f., regard; s. a bhfaca
tú riamh, lit. regard of what
you ever saw (a is to be con-
strued as gen., as in dá
dtrian a raibh aca, two-thirds
of what they had) = all the
regard that was ever seen
(in the world. &c.), 5.



Tabhairt ó neach, one giving up,
surrendering; ag tabhairt
uatha, giving up, giving away,
16.



Taca, f. (?), time, precise time;
i dtaca na Féile Míchíl, at
the time of Michaelmas, at
Michaelmas, 6. [Tráth is an
exact synonym, especially in
Uls.; i dtráth an mheadhoin
oidhche, &c., though taca is
used there also; fá'n taca
seo dh'oidhche.]



Tháinigtheas, pft. impers. pass.
of tigim, I come; th. air i
nganfhios, he was come upon
(surprised) unexpectedly, 29.



Taobh le, dependent on, having
only; taobh le naoidheanán
bliadhna, having only an in-
fant a year old to keep up
the family stock, 21; taobh
leis féin, left by himself or
to his own resources, left
alone, 46. [The same usage
as is found in Muns. in i
dtaobh leis, i dtúrtaoibh
leis.]



Taobhuighim le, I “side with”;
3 s.cond., 20.



Tárlóchadh, 3., cond. of a verb
in -uigh form from tárla,
happened, dá dt. go, if it
should happen that, 6.



Tárlughadh, m., act of happen-
ing, 12.



Tárrthuighim, I save; 3s. pft.,
17.



Thart, adv., round, 6.



Tasbánadh = tasbeánadh, act of
showing; mar tá le t., as
will be made clear, 42.



Teannadh, m., act of pressing;
ag t. leo, approaching them,
34.



Tnáithte, wearied out, weak
and faint, 9, 25.


L. 57


Tobann = obann, sudden; adv.,
46, &c.



Tosuighim, I begin; acht gur
thosuigh air, but that he be-
gan (air, on him, otiose in
English), 7.



Treasgairt, f., act of felling,
31.



Troillseán = Trillseán, m., a
torch, 41.



Trom-chroidheach, heavy-hearted ,
of sad heart, 5.



Tuairt, f., fall; t. a bhaint as,
to overthrow him (lit. to
take a fall out of him), 10;
see also 20; de thuairt (with
a heavy fall), fiercely and
suddenly, 30.



Tuar, m., presage, omen; tuar
an áir, the indications of
war, 2.



Tuisle, f., slip, tumble; tráth
bhain na hAlbanaigh an t. seo
as an Sasanach, when the
Scotch gave the Englishman
this overthrow, 10; see also
20.



Turas, m., journey; i n-aon t.,
on purpose, purposely, 6, 27.



Uachtar, m., (upper part); south
43 (twice). [The MS. here
had “Iochtar,” which could
only mean “north.” As
O'Sullivan Beare started
from his own territory in
the far south and reached
the south of Ulster, the
reading had to be altered.]



Uí Dhróna, Idrone, a barony of
Co. Carlow; dat., 17.