Bairbre Ruadh

Connradh na Gaedhilge (1908)

Pádraig Ó Conaire



AN t-OIREACHTAS, 1908.



BAIRBRE RUADH.



PÁDRAIC Ó CONAIRE
do sgríobh.



Ar n-a chur amach
do
CHONNRADH NA GAEDHILGE,
I mBaile Átha Cliath.



1908.


L. 2


NA DAOINE.



Bairbre Ruadh.



Cáit A deirbhshiúr.



Máirtín A dearbhráthair.



An Brúnach.



Cuimín Buachaill aimsire.



DO'N LUCHT LÉIRIGHTHE AN DEALBHÁN SEO:—



AN LUCHT ÉISTE.



A. Doras seómra.



B. An driosúr.



C. An teinteán.



E. Doras an tseómra 'n-a bhfuil
Bairbre i dtosach.



F. Fuinneóg mhór.



G. Doras na sráide.



M. Bórd.


L. 3


BAIRBRE RUADH.



Teach a bhfuil límistéar maith ann cois na fairrge i gConnachtaibh. Tá
doras na sráide ar chúl an árdáin ar an taoibh chlí; fuinneóg mhór
ar an taoibh dheis. An teinteán agus doras seómra ar do dheasóig
agus an doras i n-aice na fuinneóige. Driosúr agus cófra ar an
chiotóig. Doras seómra leapthan ar an taoibh chéadna. Bórd
faoi 'n bhfuinneóig. Cathaoireacha. Stól beag, agus rl.



Cáit léithi féin. Tá sí 20 bl. d'aois. Gúna dubh uirri.
Brat braighde. Práisgín. Tá sí dathamhail. Folt donn.



Cáit (léithi féin ag imtheacht anonn 's anall go mí-fhoighdeach) — Cé'n
mí-ádh atá uirri nach dtagann sí amach? A Bhairbre!
A Bhairbre, adeirim!



Bairbre (ó'n seómra) — 'Seadh.



Cáit — Déan deifir nó beidh an lá caithte orainn.



Bairbre (ó'n seómra; a ceann le feiceál ag an doras) — Glac go
réidh tú fhéin, a Cháit. Is beag an mhoill a chuireas mé
ort feasta … (go cantalach) Marbh-fháisg ort mar
bhiorán! (Imthigheann an ceann).



Cáit — Ar chaill tú é? Seo dhuit ceann eile
(ag dul chuig an doras).



Feictear ceann Bhairbre ag doras an tseómra arís.



Bairbre (ag síneadh a láimhe amach) — Tabhair dom é, a Cháit.



Cáit — Seo — beir air.



Déanann Cáit iarracht ar a dhul isteach. Dúnann Bairbre
an doras uirri.



Bairbre (ó'n taoibh istigh go geal-gháireach) — Bíodh foighid agad
anois, a Cháit! Dheamhan súil a leagfas tú orm go
mbeidh mé réidh!



Cáit — Molaim an fhoighid … (ag briseadh ar a foighid): Acht
cé'n dath é mar ghúna?



Bairbre — Dath dearg.



Cáit (i n-aice an dorais) — Déan deifir nó beidh Mairtín
isteach ar do mhullach.



Bairbre — Ní misde sin liom. Nach é cheannuigh dhom é?



Cáit — Cluinim an stráinséar ag éirghe (cuireann cluas uirri
féin) Deifir, a Bhairbre!



Bairbre — Cé'n dochar? Nach bhfuil a chead sin aige.


L. 4


Cáit — Sháruigh tú a bhfacas ariamh le dánacht.



Tig Bairbre amach as an seómra go beó. Gúna dearg uirri.
Sgathán beag 'n-a deasóig. Na deasaí deasa atá aici
caitheann sí ar chathaoir i leathtaoibh iad. 24 bl. d'aois.
Donn-ruadh. Péacach aerach.



Bairbre — Bhí ceart agam tuilleadh moille a chur ort …
(dá tasbáint féin do Cháit): 'Nois, céard deirtheá le Gaillimh
'gus gan ann acht baile beag?



Cáit (faoi iongantas; go ríméadach). — Óra, a Bhairbre, nach aoi-
bhinn duit! (ag sgrúdughadh an ghúna dhi). A leithéid ní fhacas
le mo dhá súil riamh! Go mairidh tú agus go gcaithidh tú
é, a dheirbhshiúr!



Bairbre — Cé'n chaoi a dtéidheann sé dhom, a Cháit?



Cáit — Dheamhan níos feárr d'fhéadfadh sé bheith, dhá mbadh i
bPáras na Frainnce rinneadh é. Acht céard a tháinic
ar Mhairtín gur cheannuigh sé dhuit é?



Bairbre — Cá bhfios dom?



Cáit — Rud eicínt a bhog a croidhe, is dócha.



Bairbre — B'fhéidir é. Acht seachtmhain 's a' lá indé nuair
bhíomar i nGaillimh — léis a theacht as tigh ósta an
Bhrúnaigh dhó — is ann a bhíos an capall ar stábla aige
anois — thug sé nóta trí phunt dhom …



Cáit — Nóta trí phunt! A' dtug, a Bhairbre?



Bairbre — Thug — “Ghabh isteach 'tighe Riain,” ar seisean,
“agus ceannuigh an gúna is deise leat ann” —



Cáit (faoi iongantas) — Níor dhubhairt!



Bairbre — Mh'anam féin go ndubhairt, a Cháit. “Agus
abair leób,” ar seisean, “é bheith annseo roimh lá an
Phátrúin.” Tráthamhail go leór tháinic sé ar maidin.



Cáit (ag féachaint na n-earraidhe a chaith Bairbre ar an gcathaoir)
— An é cheannuigh iad so freisin?



Bairbre — 'Sé.



Cáit (faoi imnidhe) — Cogair mé leat, a Bhairbre — bhfuil sé ag
ól aon deóir?



Bairbre — Braon ní dheacha thar a bhéal ó cailleadh Dheaid —
go ndéanaidh Dia trócaire air.



Cáit — Ámén.



Bairbre — Nuair a bhí Dheaid a' fagháil bháis bhain sé gealladh
dhe —



Cáit — Cé'n gealladh a bhain sé dhe?


L. 5


Bairbre — Cé nár chuala tú ariamh é. Is dócha go rabhais
ró-óg?



Cáit — Níor chualas acht ráfla faoi. Céard e?



Bairbre — Nach n-ólfadh sé deór go mbeadh na fiacha d' fhág
sé fhéin 'n-a dhiaidh íoctha agus go ndéanfadh sé 'chuile
shórd díreach is dá mb'é ár n-athair é.



Cáit (mar bheadh sí a' machtnamh) — Agus sin é an fáth go ndeir-
tear nach bhfuil athair 'san bparáisde a rinne chomh maith
dá chlainn is rinne Máirtín dá mhuintir féin —



Bairbre — 'Sé, is dhócha — (go haerach). Agus ná bacaimís leis
an sean-sgéalaidheacht. Tá sgéal nuadh agam duit.



Cáit — Céard é, a Bhairbre?



Bairbre (faoi rún) — Ní innseóchaidh tú do Mháirtín é?



Cáit — Ní innseóchad.



Bairbre (go mall) — Táim ag dul a' seoltóireacht le Cuimín
i leabaidh a dhul ar an bPátrún —



Cáit (faoi iongnadh) — Níl! A' seoltóireacht le Cuimín!



Bairbre — 'Seadh, a' seóltóireacht le Cuimín — nach dtuigeann
tú mé?



Cáit — Óra, a Bhairbre, ná téirigh, Marbhóchaidh Máirtín thú —
beidh sé ar buile.



Bairbre — Cuma liom (ag gáiridhe go héadtrom-chroidheach). Agus
raibh tusa a' ceapadh, a Chait, gur chuireas an feisteas
seo orm le dhul ar an bPátrún le Máirtín …
agus leat-sa … agus leis an mBrúnach mór istigh —



Síneann sí méar chuig an doras atá ar an taobh clí.



Cáit (go himnidheach) — An é sin an Brúnach Mór? Fainic a
gcloisfeadh sé thú, a Bhairbre!



Bairbre — Dheamhan baoghal air! Tá codladh ró-throm air.
(ag breith ar an sgathán beag). Droch-rath air mar sgathán!
Níl sé sáthach mór 'chor ar bith, a Cháit — (go ríméadach) Ó, dá
mbeadh ceann mór millteach agam — mar bhíos aca 'sna
siopaíbh i nGaillimh. Fan ort … (ag macthnamh móiméad).
'seadh! Tá liom!



Téidheann Bairbre go dtí an cófra agus baineann cuilt dhorcha
as.



Cáit (agus iongnadh uirri) — Céard tá tú a dhul a dhéanamh, a
Bhairbre?



Bairbre (go geal-gháireach) — Chuimnigheas ar bheart, a Cháit.



Cáit — Cé'n sórt beart?


L. 6


Bairbre (a' dul amach doras na sráide dhi) — Ó, fan go bhfeicidh
tú. Feictear taobh amuigh de'n fhuinneóig í.



Cáit (ag labhairt léithi thríd an bhfuinneóig) — Céard tá fút a
dhéanamh annsin?



Bairbre (ar lic na fuinneoige) — Feárr anois go mbeidh togha
sgatháin agam. Tabhair dhom biorán gruaige. Sin é é.



Crochann sí an chuilt taobh amuigh ar an bhfuinneoig.



Cáit (ag féachaint 'san “sgathán”) — Tá sgathán agad cheana.



Bairbre (taobh amuigh) — Bhfuil sé ceart agam?



Cáit — Ar fheabhas. Ó ní chuímhneó'ainn ar an gcleas sin,
dá mbéinn gan sgathán le mo bheó.



Tig Bairbre isteach go mear. Féachann sí 'san “sgathán.”



Bairbre — Tarraing an bórd seo i leathtaoibh liom, a Cháit.
Sin é é. (ag féachaint 'san sgathán). Á — A — Á! (go brónach)
Nílim satach árd, a Cháit! Bhfuil bosca nó stól
annsin agad?



Cáit (ag cuartughadh) — Níl — a, ndéanfadh cathaoir thú?



Bairbre — Ro-árd (go beo ríméadach) — Cúpla fód móna
(tugann Cáit an mhóin dhi agus déanann dumhachán beag dhi faoi n-a
cosaibh). Tá sé ceart anois. Coinnigh greim orm go
fóill beag, a Cháit. Sin é é (i n-áirde ar an móin ag dearcadh
isteach san sgathán). Dheamhan a bhfuil go gránda dhíom
… Acht a' luigheann sé go deas taobh thiar? 'Seadh
— an sgathán beag — tá sé ar an mbórd annsin —



Cáit (ag gáiridhe; ag síneadh an sgatháin chuici) — Sharuigh tú a
bhfacas ariamh!



Bairbre — Coinnigh thusa taobh thiar díom é.



Déanann Cáit amhlaidh.



Bairbre — Meas tú nach bhfuilím go deas? (ag gáiridhe). Ná
habair nach bhfuilim, mar ní chreidfinn thú … Ó, dá
dtagadh duine ar bith orainn!



Cáit — Beag baoghal. Tá an Brúnach Mór 'n-a chodladh, is
dócha.



Bairbre (ar an dumhachán móna fós) — Téirigh go dtí an doras ar
fhaitchíos go dtagadh Máirtín. (Téidheann Cáit go doras na
shráide). Tuige a dtugtar Bairbre Ruadh orm-sa? Ar
ndóigh, nílim ruadh? Bhfuil anois, a Cháit?



Cáit (ó'n doras) — Mara bhfuil, tá tú péacach.



Bairbre — Fíor dhuit. Ní fiú tráithnín an cailín nach mbeadh
péacach, is gúna nuadh uirri, is í ag dul a' seóltóir-
eacht —


L. 7


Cáit — Níl tú acht a' magadh, a Bhairbre! Níl tú ag dul a'
seóltóireacht 'chor ar bhit.



Bairbre — Agad-sa is feárr é, is dócha — acht tá 'n-a dhiaidh
sin. Sin, má leigeann Cuimín leis mé —



Cáit (go fonóideach) — Má leigeann Cuimín leis í! Má
leigeann an buachaill aimsire san mbád í!



Bairbre — 'Seadh — má leigeann, gabhfaidh mé a' seóltóireacht:
má leigeann Máirtín ar an gcárr thú, gabhfaidh tú ar
an bPátrún.



Cáit — Ní hionann 'sa gcás é.



Bairbre — Tuige?



Cáit — 'Sé Máirtín mo dhearbhráthair.



Bairbre — Marab ionann 'sa gcás féin é, tá mé ag dul a'
seóltóireacht —



Cait — Agus céard déarfas Mairtín?



Bairbre — Ní bheidh 'fhios aige é.



Cáit — Má innsighim dhó é —



Bairbre — An n-innseóchtha?



Cáit — D' innseóchainn — mar ní ceart duit a bheith a' cur
'n-a aghaidh agus é ag iarraidh ár leas agus leas na bpáisdí
a dhéanamh.



Bairbre (go dána) — Tá mé a' dul a seóltóireacht 'n-a dhiaidh
sin — agus má innsigheann tú dó é (ag breith go feargach
uirri), beidh mé a' gabhail de chosaibh ionnad —



Cáit (go réidh) — Glac mo chomhairle, a dheirbhshiúr, agus ná
téirigh.



Bairbre — Comhairle gan iarraidh comhairle gan meas.



Cáit (le n-a mealladh) — Is fearr an spraoi a bheas ar an
bPátrún.



Bairbre — Cuma liom. Beidh mo chomhairle féin agam-sa
feasda.



Sgaoileann sí dhi. Suidheann ar stól íseal os comhair na
teineadh, agus a ceann fúithi.



Cáit (tar eis a bheith ag dearcadh amach sgathamh beag) — Tá Máirtín
a' teacht aníos an boithrín ó gharrdha an tobair.
(ní chuireann Bairbre aon tsuim innti). 'gCluin tú? Ó, támuid
réidh! Bain an chuilt sin de'n fhuinneóig. (ní chuireann
Bairbre aon tsuim innti). Tabhair lámh chonganta dhom
leis an móin seo chur i leathtaobh. (cuireann sí an mhóin
faoi 'n mbord. Tarraingeann sí an chuilt isteach thríd an bhfuinn-
eóig).


L. 8


Bairbre (ag tógáil a cinn) — An n-innseóchaidh tú céard dubh-
ras faoi Chuimín?



Cáit — Ní innseóchad — acht badh chóir dhuit mo chomhairle a
ghlacadh.



Bairbre — Tá mo chomhairle fhéin agam-sa, deirim.



(Tig Máirtín isteach. Fear caol árd atá ann. Feasóg dhubh.
32 bl. d'aois. Mall roighin ar a chois. Roinnt dorrdha
ann féin go gnáthach. Níl air acht na sean-ghiobail oibre.
Creafóg ar a bhrógaibh. Ní chuireann a bheirt deirbhshiúr
aon chaint air. Téidheann sé go dtí an driosúr agus cromann
ar a lámhaibh a nighe i mbáisín).



Máirtín (le Cáit) — Ar éirigh sé fós?



Cáit — Cé hé? An stráinséar úd a thug tú annseo aréir?



Máirtín — An Brúnach Mór — má's stráinsear é.



Cáit — Níor éirigh, a Mhairtín, agus ní mó ná a fhonn atá
air éirghe. Tuige ar thug tú annseo 'chor ar bith é?



Máirtín (go dorrdha) — Nach cuma dhuit sin? Ar thug Cuimín
a bhricfeasta chuige?



Cáit — Thug.



Máirtín — Agus cá bhfuil Cuimín anois?



Cáit — Ag gléasadh an chapaill le n-ár dtabhairt soir chuig
an bPátrún.



Máirtín (ag bualadh treasna an urláir) — Is agaibh atá an
saoghal, is mise dhom' mharbhadh fhéin ag glanadh fataí.
(le Bairbre) Tabhair dhom an tubháille sin.



(Tógann Bairbre a ceann. Tugann sí dhó an tubháille. Tá a
súile attha ó bheith ag gol).



Máirtín — Céard tá ort-sa?



Bairbre — Dheamhan tada.



Máirtín — Tuige 'raibh tú a' gol?



Bairbre — Ní a' gol a bhíos, a Mháirtín.



Máirtín (le Cáit) — Gabh amach agus abair le Cuimín a bheith
a' cur an chapaill faoi'n gcárr feasda, agus, má fheic-
eann tú na páisdí thoir ar an mbóthar, abair leób a
bheith a' bualadh soir chuig an bPátrún —



Cáit — Nach mbeidh áit dóibh ar an gcárr?



Máirtín — Ní bheidh.



Cáit — An rachad-sa leób?



Máirtín — Na téirigh. Beidh áit agad-sa. (Imthigheann Cáit).



Máirtín (le Bairbre) — Céard a rinne do shúile attha?


L. 9


Bairbre (ag tógáil a cinn) — Níl fhios a'm … (i ndiaidh
tamaill bhig ag leigint uirri) marab é an tinneas fiacal
é. (Ag féachaint idir an dá shúil air). Tá an tinneas
fiacal a' gabháil dom go dona indiu, a Mháirtín.



Máirtín — Is mór an mí-ádh é sin — agus an lá atá ann. An
bhféadfaidh tú a dhul ar an bPátrún mar sin?



Bairbre — Ní fhéadfaidh … ó! … ó! …
an phian seo!



Máirtin (go mealltach) — Agus ní fheicfidh na daoine an gúna
breágh nuadh seo a cheannuigheas duit.



Bairbre (mar bheadh cantal uirri faoi sin) — Ár ndóigh, is measa
liom sin ná an phian fhéin.



Máirtín — B'fheárr liom ná go leór go mbeidhtheá i n-ann a
dhul linn, a Bhairbre —



Bairbre — B'fheárr agus liom-sa — acht cé'n mhaith sin dom agus
… ó … ó … ó … an phian
bhradach seo!



(Leigeann sí uirri go bhfuil pian mhillteach uirri).



Máirtín — Má tá sé chomh dona sin ort, ní fhéadfaidh tú
teacht linn.



Bairbre — Agus céard a dhéanfas mé annseo liom féin
(ag gol mar 'dh eadh). Nach tráthamhail a tháinic sé! Agus
an gúna nuadh agam freisin!



Máirtín — Níl leigheas air — acht ní thuibhrainn le radh dhó —



(Cosgann se é féin).



Bairbre — Cé dhó?



Máirtín — Ó, is cuma.



(Tá an bheirt i n-aice na teineadh le linn na cainte seo. Ise 'n-a
suidhe ós íseal ar an stól agus a haghaidh tugtha air. Eisean
ós a cionn. Anois buaileann se anonn treasna an urláir
chuig cófra atá le hais an driosúir. Baineann léine
gheal, stocaí, bróga agus culaith thabhóide as an gcófra).



Máirtín (ag dul go doras ar an taoibh eile de'n driosúr) — B'fhéidir
go mbeadh an phian imthighthe sul a mbeidhmid
réidh.



Bairbre (a ceann fúithi; go cráidhte) — Ó! Ó! an phian bhradach
seo!



Máirtín (ag bualadh an dorais) — Cé nach bhfuil tú 'do shuidhe
fós (cuireann cluas air féin) Éirigh, a Bhrúnaigh! Éirigh!
Éirigh! (Cloistear glór do-thuigte fir ó'n seómra).


L. 10


Máirtín — Beidh an lá caitthe orainn (ag bualadh isteach) — Nach
tú atá spadánta, a dhuine!



(Leis bualadh isteach dhó, tógann Bairbre a ceann. Féachann
'n-a timcheall go faiteach. Téidheann go doras na sráide
go bog réidh. Fanann móiméidín beag 'n-a sost agus cluas
uirri).



Bairbre (go bog réidh) — A Chuimín! A Chuimín!



(Tig Cuimín isteach ar an doras. Fear toirteamhail atá ann,
acht gan é a bheith ro-árd. Folt fionn cas air. Go beó mear
ar a chois. 26 bl. d'aois. Fuip fhada 'n-a chiotóig aige.
Gruaim air faoi láthair. Níl aon chóta air, acht go bhfuil
báinín taobh istigh dá bheist agus na muinchillí le feiceál os
cionn a léineadh).



Cuimín (ag teannadh isteach ar an urlár i ndiaidh Bhairbre) — Cá
bhfuil an fear mór?



Bairbre — An Brúnach? Níor éirigh sé fós.



Cuimín (go searbh) — Nár éirighidh choidhche.



Bairbre — A Chuimín! ní raibh aon cheart agad sin a rádh.



Cuimín — Ní raibh, is dócha.



Bairbre. — Céard a chuir olc ort, a Chuimín? Céard a rinne
sé ort?



Cuimín — Ní rinne* sé tada orm-sa — fós. (go mí-shásda) —
Acht cé'n mhaith a bheith a' caint. Tabhair mo bhéile dhom
agus sgaoil amach mé.



Bairbre — Nach ort atá an deifir! (go lághach) Chonnaic mise
lá thú, agus ní fonn mór a bhíodh ort imtheacht uaim —



Cuimín — Tá an lá sin imthigthe.



Bairbre — Ceárd tá ort? Níor innis tú fós dom cé'n chaoi
a dtaithnigheann an gúna nuadh seo leat! Nach áluinn
é?



Cuimín (go feargach) — Dóigh é.



Bairbre (agus iongantas uirri) — Dóigh é?



Cuimín — 'Seadh, dóigh é — acht tabhair mo bhéile dhom agus leig
amach mé.



Bairbre (ag fágáil leite ar an mbórd dhó; go cantalach) — Nach ort
atá an múineadh!



Cuimín (gan bacadh leis an mbiadh; ag tabhairt aghaidh ar an doras) —
Abair le do dhearbhráthair go bhfuil an cárr réidh agam,
má tá sibh ag dul ar an bPátrún.



Bairbre ('ghá chosg air a dhul amach) — Nílim-se ag dul ar an
bPátrún a Chuimín.



Cuimín — Cé nach bhfuil?



*Ní rinne adeirfeadh se. B'fhearr ní dhearna.


L. 11


Bairbre — Níl. Nach bhfuilmid ag dul a' seoltóireacht, nuair
a bheas sé 'n-a lán mhara?



Cuimín (agus fearg air) — A' gceapann tú go ngabhfaidh mise
i n-aon bhád leis an mBrúnach Mór?



Bairbre — Cé tá dho do dh'iarraidh?



Cuimín — Níl seisean i n-ann aon cheó a dhéanamh i mbád.



Bairbre — Cé dubhairt go raibh? Is ar an bPátrún atá
seisean a dhul. (go mealltach) — Agus leigeas féin orm
go raibh tinneas fiacal orm, ionnus go bhféadfainn a
dhul i n-éindigh leat-sa, a Chuimín.



Cuimín — Ar leig?



Bairbre — Leig agus chuireas an gúna nuadh seo orm —



Cuimín (ag cur isteach uirri) — Ná bac leis an ngúna. Nach
bhfuil 'fhios agad tuige ar cheannuigh do dhearbhráthair
dhuit é?



Bairbre — Níl 'fhios.



Cuimín — Agus ní'l 'fhios agad cad chuige ar thug sé an
Brúnach Mór annseo?



Bairbre — Níl 'fhios.



Cuimín — Maise, nílim-se chomh dall sin. Tugadh annseo é le
cleamhnas a dhéanamh leat-sa —



Bairbre (ag cur isteach air) — Níor tugadh!



Cuimín — Tugadh, adeirim, agus ceannuigheadh an gún a sin
ort duit le go mbeidhtheá breágh galánta roimhe.



Bairbre — Cá bhfios duit?



Cuimín — Nach raibh mé ar an gcárr leób aréir isteach ó'n
stáisíun?



Bairbre (ag déanamh a smaointe) — Bhí … acht …
acht …



Cuimín (ag cur isteach uirri) … Agus nár chualas an
chaint a bhí aca. “Dheamhan lá ariamh,” ars' an Brúnach
Mór, “ó cailleadh mo chéad bhean nach raibh mé ag
ceapadh go mbeadh inghean le t' athair le pósadh
agam” …



Bairbre — A' ndubhairt? An sumachán!



Cuimín — Dubhairt. “Agus an lá deireannach a bhí t'athair
i nGaillim,” ar seisean, “gheall sé duine aca dhom.”



Bairbre — Céard dubhairt Máirtín leis sin?


L. 12


Cuimín — “An duine is sine aca a bhéas agad,” ar seisean,
“Ta an gúna 'gus 'ch aon tsórd ceannuighthe — ”



Bairbre (ag machtnamh) — Dheamhan ar chuimhnigheas air sin …
ní raibh 'fhios agam céard a bhog chroidhe Mháirtín —



Cuimín — Bhíos ag déanamh éagcóir ort —



Bairbre — Bhí — ní raibh 'fhios agam é go dtí anois féin; (léithi
féin) go mbéinn-se go breágh galánta roimhe acht
ní bheidh — ní bheidh!



(Téidheann sí anonn go dtí an áit a bhfuil na deasaí deasa
aici agus tosuigheann 'ghá stróiceadh go feargach).



Bairbre — Bhí tú a' dul amudha, a Mhairtín! Bhí tú a' dul
amudha go mór!



Cuimín (ag iarraidh a cosg) — Tá tú ar buile. Ó ná mill
iad!



Bairbre — Nach mé bhí dall! Ó, dá dtuigfinn an sgéal ar
dtús! (ag stróiceadh) … acht mo léan níor thuig! …
níor thuig … níor thuig, a Cuimín! “Bhéidís réidh i
gcomhair an Phátrúin,” ar seisean (ag stróiceadh) …
agus tá, tá siad réidh anois (go magamhail) Dheamhan lá
ariamh nach raibh sé ag ceapadh go mbéadh duine
againn aige le pósadh! Agus ba chuma leis
'sa mí-ádh cé againn! (ag breith ar a gúna). Agus seo é
gúna an phósta! (ag déanamh iarracht ar a stróiceadh) Seo
é é! Seo é é!



Cuimín (le n-a cosg) — Tá sé a' teacht! É féin agus do dhear-
bhráthair. Cluinim iad a' caint.



Bairbre (go dána) — Bíodh aca.



Cuimín (go faiteach) — Feicfidh siad an raic seo.



Bairbre — Is cuma liom.



Cuimín — Ar son Dé, a Bhairbre, is cuir i bhfolach na giobail
seo liom.



(Ní thugann Bairbre aon áird air. Í ag stróiceadh go saotharach
Cuireann Cuimín na giobail 'san gcófra).



Bairbre (go dána) — 'Nois, céard deárthá?



Cuimín — Suidh annsin, adeirim, agus ná leig tada ort.



Bairbre — Ní leigfead.



(Suidheann sí ar an stól os comhair na teineadh. A ceann fúithi.
í tuirseach tnáithte leis an tsaothair. Briseann a gol
uirri).



Cuimín (ag iarraidh í shasughadh) — Na bí a gol anois (Bairbre a'
gol). Seo anois — ná leig tada ort — maith a' cailín.


L. 13


Bairbre (ag gol) — Ní … raibh 'fhios … agam …, a
Chuimín, 'tuige ar … tugadh annseo é … Ní raibh
aon cheart ag Máirtín a dhéanamh —



Cuimín — Ní raibh. Bhí ceart aige labhairt leat-sa i dtosach
… acht triomuigh do shúile anois (déanann Bairbre amhlaidh.)
Sin é é … ná leig tada ort rómpa.



Bairbre (ag cosg na ndeór) — Ní … leig — fead.



Cuimín — Agus beidh tú thíos ar an gcéibh ar ball — Nuair a
bhéas sé 'n-a lán mhara — nuair a bhéas an dream eile
imthighthe, a mbeidh?



Bairbre — B-ei-dh.



Cuimín — Nuair a bhéas sé 'n-a lán mhara.



Bairbre — Beidh — mé — ann.



Cuimín — Maith a' cailín — ná bí a' gol anois.



Bairbre — Beidh mé ann, a Chuimín (go dána): Ní raibh aon
cheart ag Máirtín a dhéanamh. Ní hé m' athair é.



Cuimín — Ní hé … (ag féachaint go gear uirri). Acht
b'fhéidir nach ngabhainn a' seóltóireacht 'chor ar bith —



Bairbre — 'Tuige?



Cuimín — Cheapas a dhul go Gaillimh ar an “Dubhros,” dá
mbeadh tusa sásta theacht?



Bairbre — Tá an Dubhros ag imtheacht ar a haon-dhéag —



Cuimín — Ar a' lán mhara — A' dtiocfaidh tú?



Bairbre (go mall) — Tiocfad. (Déanann Cuimín iarracht ar a
pógadh). Táid ag teacht cloistear torann san seómra).



Cuimín — Ar a haon-dhéag.



Bairbre — Ar a haon-dhéag — nuair a bhéas sé 'n-a lán-mhara.



Cuimín — Ná leig tada ort anois — ar a bhfaca tú ariamh!



Bairbre — Ní leigfead.



(Cloistear glórtha fear ó'n seómra ar an taobh chlí. Leig-
eann Cuimín air go bhfuil sé ag ithe a bhéile. Bairbre
agus a ceann fúithi ar an stól beag os comhair na teineadh.
Feictear An Brúnach mór agus Máirtín ag doras an tseomra
ag caint agus ag gáiridhe ós árd. An chulaith thabhóide ar
mháirtín. Fear mór reamhar atá san mBrúnach. Culaith
dhubh air. Bóna. Carabhat. Greannmhar. 40 bl. d'aois).



An Brúnach (agus lámh leis ar ghualainn mháirtín) — Mo chraiceann
ag an riabhach, mara bhfuilim ag innseacht na fírinne
dhuit — nach raibh mé ann, a dhuine? Nach bhfacas le mo
dhá shúil é?



Máirtín — Is dócha nach raibh ann acht magadh, a Bhrúnaigh.


L. 14


An Brúnach — Magadh! Fágim le húdhacht nach raibh aon
mhagadh ann. Bhí 'ch uile shórd socruighthe aca nuair a
d'éirigh mo dhuine agus gloine fíona 'n-a láimh aige —



Máirtín (ag caochadh súil' leis) — B'fhéidir gur éirigh, acht fág
mar sin é.



An Brúnach — B'fhéidir gur éirigh! Nach bhfuil mé a' rádh
leat go bhfacas é — d'éirigh sé, a Mháirtín, agus an
gloine 'n-a láimh aige —



Máirtín — B'fhéidir go mbeadh gloine agad féin anois —



An Brúnach — Ní ólaim fíon.



Máirtín — An braon cruaidh?



An Brúnach — 'Sé is feárr liom.



(Feictear Bairbre a' sgríobhadh ar sgláta).



Máirtín (le Bairbre) — Caith uait an sgláta sin is tabhair
chugainn an buidéal fheicfeas tú ar an mbórd istigh
san seomra. (leis an mBrúnach) — Níl againn acht an
poitín. (Téidheann Bairbre siar san seómra).



An Brúnach — 'Sé is féarr liom — an rud is annamh is iongan-
tach … acht nuair a d'innis mé an sgéal aréir duit
dubhairt tú go b'fhéidir go ndéanfainn féin an cleas
céadna. Nár dhubhairt anois?



Máirtín — Dubhairt — ní raibh mé acht ag magadh.



An Brúnach — Ní magadh ar bith. Ag ceapadh nach n-aith-
neóchainn deirbhshiúr aca thar an deirbhshiúr eile! Agus
mé a' teacht annseo le cleamhnas a dhéanamh le duine
aca! Nár fhágaidh mé seo, mara gcuiridh mé geall
leat!



Máirtín — Nach bhfuil 'fhios a'm go bhfuil aithne mhaith a'd ar
an mbeirt aca.



An Brúnach — Acht cheap tú aréir nach raibh, ceapann tú fós
é, acht go bhfuil leisge ort a rádh. (cuireann sé a lámh 'n-a
phóca agus leagann sgilling ar an mbord). Cá bhfuil do
sgilling-se?



Máirtín — Leig thart an ealadhain seo, a Bhrúnaigh. (le Cuimín)
Bhfuil an capall réidh agad? Má tá —



An Brúnach (ag cur isteach air) — Fan ort anois, a Mháirtín.
Tá sgilling liom-sa annsin ar an mbord. Dheamhan a
teach fhágfas mé go bhfeicfead ceann eile le n-a
taobh.



Máirtín (go cantalach) — Ní mise chuirfeas ann í.


L. 15


An Brúnach — Caitfidh mé cruthughadh dhuit go raibh tú a' dul
amudha aréir — go bhfuil aithne agam ar dhuine aca thar
an duine eile. Mh' anam féin go gcaithfead.



Máirtín — Bíodh ciall agad.



An Brúnach — Is agam atá an chiall.



Máirtín — Má's agad, glacfaidh tú mo chomhairle is cuirfidh
tú an sgilling sin i dtaisge.



An Brúnach — Tá an sgilling sin ann le cruthughadh go bhfuil
aithne agam orra. Leag do cheann-sa ann.



Máirtín (agus olc air) — Ní leagfad.



An Brúnach (le Cuimín) — Bhfuil sgilling agad-sa?



Cuimín — Tá.



An Brúnach — Leag annsin í.



(Leágann Cuimín sgilling eile ar an mbord).



An Brúnach — Tá sgilling ag Cuimín ort, a Mháirtín. Fan
anois agus feicfidh tú cé againn a mbeidh an geall.
(le Cuimín) Coinnigh thusa an t-airgead. Mara dtiubhraidh
mé an t-ainm ceart uirri, tabhair do Mháirtín é.



(Fanaid sgathamh bheag ag féachaint ar an doras. Tig Bairbre
amach agus buidéal ar iomchur aici).



Máirtín (le Bairbre) — Líon amach gloine dhó. (Déanann sí amhlaidh).



An Brúnach (ag glacadh na dighe uaithi) — Muise, nár leagaidh Dia
do lámh, a Cháit!



Bairbre — Ní Cáit atá orm-sa.



(Tig iongnadh ar an mBrúnach. Tuiteann an ghloine ó n-a láimh.
Bristear é).



An Brúnach — Mo chraiceann ag an riabhach, marar sháruigh
sé sin a bhfacas fós ariamh.



Bairbre (ag ceapadh gur i ngeall ar an ngloine a bhí sé) — Níl
dochar ann. Tá gloine eile ar an driosúr.



(Líonann sí gloine eile dhó. Tosuigheann Cuimín a' gáiridhe.
Suidheann Bairbre ar an stól cois teineadh).



Máirtín (le Cuimín) — Nárbh' fheárr dhuit bualadh amach agus an
capall a chur faoi'n gcárr, má tá do bhéile ithte agad?



(Éirigheann Cuimín ó'n mbord).



An Brúnach — Nach bhfuil sé sáthach luath?



Máirtín — Tá an lá caithte orainn.



An Brúnach (ag baint uaireadóra as a phóca) — Níl sé acht a
haon-dhéag fós — acht cuir i dtaisge do chuid airgid.



Máirtín (go feargach) — Ní hé mo chuid airgid-se é.


L. 16


An Brúnach — Deirim leat gurab é.



Máirtín — Agus deirim-se nárab é.



An Brúnach (le Cuimín) Seo dhuit-se é, mar sin.



Cuimín — Ní ghlacfaidh mise é.



An Brúnac — Glac. a dhuine.



Máirtín — Glac é.



Cuimín — Ní theastuigheann sé uaim — (leis an mBrúnach) — Agus
ní leat-sa é acht an oiread le sgéal.



An Brúnach — Ó, is liom. (le Máirtín) Tá dhá sgilling agad
orm, a Mháirtín.



(Éirigheann Bairbre agus déanann comhartha le Cuimín an
t-airgead a ghlacadh. Tá a súile tirm. Tá cosamhlacht uirri
go bhfuil fonn grinn uirri).



Cuimín (ag glacadh an airgid) — Go raibh míle maith agad.



(Tosuigheann se ar phort a ghabháil ag dul amach dó. Déanann
Bairbre comharthaí leis go bhfuil fúithi greann a bheith aicí).



Cuimín — Nuair bhéas sé 'na lán mhara, árdóchad seól;
'Gus ní stríocfaidh mé choidhche, má mhaireann an chóir.



(Téidheann se amach).



An Brúnach — Nach aerach an duine é.



Máirtín — Ní fhacas riamh é nach mbíonn sé ag gabháil fhuinn
ar an mbealach sin.



An Brúnach — Is breágh í an óige (ag déanamh aithris ar Chuimín)



“Nuair a bhéas sé na lán mhara, árdóchad seól;”
'Gus ní stríocfaidh mé choidhche, má mhaireann an chóir.
Níl aon ghuth agam — acht tá dhá sgilling agad orm, a
Mháirtín.



Máirtín — Bhfuil?



An Brúnach — Tá. Is leat an dá sgilling thugas do Chuimín.
Agus ní fhéadfadh aon fhear eile ar thalamh ghlas na
hÉireann a rádh liom go raibh airgead aige orm. Ní
fhéadfadh.



Máirtín — Is maith an chaoi ort é.



An Brúnach — Dheamhan smid bhréige agad 'san méid sin;
acht mara bhfuil airgead orm, tá airgead amuigh orm
féin. Tá — na céadta.



Bairbre (ag leigint uirri go bhfuil suim mhór aici i ngnó an
bhrúnaigh) — Acht is dócha go dtagann sé isteach chugad —



An Brúnach — Ó tagann — uair eicínt. Acht is rí-dheacair
é bhaint amach.



Bairbre — Is dócha é.


L. 17


An Brúnach — Rí-dheacair, acht nuair nach mbíonn an
t-airgead le fagháil, bím sásta le n-a luach — (baineann se
graf gréine as a phóca) — féach air sin —.



(Féachann Bairbre agus Máirtín air).



Bairbre (agus iongnadh uirri) — Uaigh!



An Brúnach — Go díreach — agus leac bhreágh mhór ghreanta
os a cionn.



Bairbre — Ainm do chéad mhná ar an lic?



An Brúnach — Tá an ceart agad — acht, a Mháirtín, is deacair
agus is rí-dheacair airgead a bhaint as cuid aca —



Máirtín — Níl aimhreas agam ort.



An Brúnach — Ná bíodh. Saor cloiche a raibh roinnt airgid agam
air a gheárr an leac sin dom — pighinn ruadh ní gheobhainn
go deó uaidh, marach gur chuimhnigheas air sin. Sin é
an bealach le gnó a dhéanamh, a Mháirtín.



Máirtín — Mh' anam gurb é.



An Brúnach — 'Sé — agus is minic adubhras le t' athair é — go
ndéanaidh Dia trócaire air — acht bhí na sean-nósa aige.



Máirtín (go searbh; gan cuimhneamh air féin) — bhí — agus na droch-
nósa —



An Brúnach — A Mháirtín! Ná habair é!



Bairbre (leis an mBrúnach) — Ní minic do Mháirtín gearán a
dhéanamh.



An Brúnach — Ní minic — (ag cur de go beó): 'Sé an dearbh-
ráthair is feárr dá raibh ag duine ariamh é. 'Sé.
Rinne sé go toghtha. Tá tú féin sáthach sean le eólas
a bheith agad ar an mbail a bhí oraibh nuair fuair
t' athair bocht bás — lán a' tighe do pháistíbh agus na
céadta punt oraibh — agus féach an bhail atá oraibh
anois. Féach ar an gcaoi a bhfuil an talamh saothruighthe.
Féach an chaoi atá agaibh ar an teach. Agus na
heallaighe atá agaibh! Agus an t-airgead atá i
dtaisge agaibh! Leag annseo í, a Mháirtín — is tú an
fear.



Máirtín (go cúthalach) — Tá sé chomh maith dhúinn bheith a'
bogadh — (ag breith ar an mbuidéal) mara n-ólfaidh tú
ceann eile.



An Brúnach — Seadh — ólfad.



(Líonann Mairtín an gloine dhó).



Máirtín — Acht cá bhfuil an t-uisge?



An Brúnach (ag féachaint 'san gcrúisg) — Dheamhan deór ann.


L. 18


Bairbre (ag breith ar an gcanna) — Gabhfaidh mise i gcoinne
canna.



Máirtín — Tá sé chomh maith dhuit.



(Cuireann Bairbre an fhalluing atá ar cúl an dorais os a
cionn agus téidheann amach go beó).



An Brúnach — Shíltheá go raibh 'fhios aici 'tuige a dtáinic mé.



Máirtín — 'Tuige a' síleann tú sin? Níor innis mise dhi é.



An Brúnach — Nár thug tú faoi deara an chaoi a raibh sí dhom'
cheistniughadh i dtaobh mo chuid airgid.



Máirtín — Thugas — b'fhéidir go raibh ceart agam a innseacht
di sul a dtáinic tú 'chor ar bith.



An Brúnach — Bhí. Nuair a thiocfas sí isteach leis an uisge,
rachaidh mise siar 'san seómra agus beidh faill agad
an sgéal a nochtadh dhi.



Máirtín — Déanfaidh mé sin i n-ainm Dé.



(Tagann Cáit isteach agus an canna uisge aici).



Cáit (leis an mBrúnach) — Fáilte romhat ar maidin. Tá súil
agam gur chodail tú go sámh.



An Brúnach (agus iongantas air) — Ó 'sí Cáit atá againn!. Nách í
a mhéaduigh! Ní raibh ionnad acht geárr-chaile nuair a
bhí tú i nGaillimh anuraidh. (déanann Cáit gáire)



Máirtín (le Cáit) — Cé ndeacha Bairbre?



Cáit — Thug sí an canna dhomh, mar dubhairt sí go raibh uirri
a dhul soir sgathamh de'n bhóthar.



Máirtín — Níl fhios a'm ce'n gnótha bhí aicí soir (le Cáit). An
ndeacha na paisdí soir chuig an bPátrún?



Cáit — Chuaidh. Chuaidh Marcus agus Nóirín ar an gcárr le
Muintir Mháille — chuaidh an triúr eile a' coisidheacht.



An Brúnach (a' dul chuig an teinidh le n-a phíopa a dheargadh) —
Dheamhan cailín 'a bhfaca mé riamh mhéaduigh mar thú.



(Beir sé ar splannc leis a tlú).



Máirtín (ar éirghe) — Coinneó' mise dhuit é.



An Brúnach — Seo.



(Ta Mairtín ar tí breith ar an tlú uaidh, nuair fheiceann sé an
sgláta bhí ag Bairbre. Fágann sé uaidh an tlú agus tógann an
sgláta).



An Brúnach (agus iongnadh air) — Céard tá agad annsin?



Máirtín (go mí-mhúinte agus a shúile 'san sgláta aige) — Nach cuma
dhuit?



An Brúnach (go feargach) — Tuige a' labhrann tú mar sin
liom — marach go bhfuil leisge orm —


L. 19


Máirtín (ag cur isteach air — Cé'n mí-ádh a bhí uirri)?



(Tá na bheirt aca — duine ar gach taoibh dhe — ag iarraidh an rud
atá ar an sgláta a léigheadh. Iompuigheann Máirtín an taobh
a bhfuil an sgríbhenóireacht air faoi ar an mbórd.
Cosamhlacht go bhfuil buaidhreadh aignidh air).



Cáit — Cé uirri, a Mhairtín?



An Brúnach — Céard atá sgríobhtha annsin?



Máirtín — Ná bacaidh liom, adeirim.



Cáit — 'Tuige nach n-innsigheann tú dhom é, a dhearbhráthair?



Máirtín — Níl dochar ann … (ag leamh-gháiridhe). Ná leagaidh
lámh ar an sgláta sin. Nach sibh atá fiosrach?



(Líonann sé gloine mhór).



An Brúnach — Óra, a dhiabhail, ní fhéadfainn an méid sin ól —
tá sé ró-chruaidh gan uisge.



Máirtín ('ghá slugadh) — Ní duit a líonadh é.



Cáit (agus uathbhás uirri; ag breith greim air) — A Mháirtín!
A Mháirtín!



Máirtín (go feargach) — Fág seo. (leis an mBrúnach) … Is feárr
gan uisge é, a Bhrúnaigh. Féach gloine dhe.



An Brúnach — Agus sin é an fear nár ól gloine ó cailleadh
a athair!



Máirtín (ag maoidheamh) — Ní bheidh sin le rádh fúm feasta, a
Bhrúnaigh!



(Téidheann Cáit agus An Brúnach ar leathtaoibh uaidh. Fanaid
ag féachaint air le iongnadh, agus iad 'n-a seasamh le taoibh a
chéile cois teineadh).



An Brúnach (le Cáit) — An ar buile atá sé?



Máirtín — Sin rud nach mbeidh le caitheamh liom feasta —
nár ól mé gloine le seacht mbliadhna — (ag líonadh gloine
eile).



Cáit — Ar son Dé agus na Maighdine is ná hól é (a' dul chuige
de léim agus ag breith láimhe air). Nach gcuimhnigheann tú ar
ngealladh thug tú do Dheaid, a dhearbhráthair?



(An Brúnach ar leathtaoibh uatha. Iad-san a beirt i n-aice na
fuinneóige).



Máirtín (ag machtnamh; ag cur láimhe ar a bhaithis). An gealladh
thugas do Dheaid)!



Cáit — 'Seadh. An gealladh thug tú dhó agus é a' fagháil bháis.
Nach cuimhneach leat é ('gha chrathadh). A Mháirtín, adeirim!
Céard tá ort, a dhuine?



Máirtín (ag féachaint amach roimhe gan áird aige uirri) — An
gealladh thugas do Dheaid! (go bríoghmhar) Ní raibh aon
cheart agam é thabhairt dó —


L. 20


Cáit — Ó bhí! Bhí! Bhí a Mhairtín agus 'ch uile cheart!



Máirtín — Ní raibh aon cheart agam a thabhairt dó. Ní raibh
aon cheart aige-san a bhaint díom.



Cáit — A Mháirtín! na habair é!



Máirtín — Ní raibh aon cheart aige-san a bhaint díom agus eólas
aige nach raibh sé ionnam a chóimhlíonadh.



An Brúnach — Mh'anam gur tú a chóimhlíon — go dtí anois
féin.



Máirtín — 'Seadh, go dtí anois féin — acht feasta — (go searbh)
baineadh gealladh dhíom gan aon bhraon ól go mbeadh a
raibh d' fhiachaibh ar mh'athair íoctha; baineadh gealladh
dhíom gach uile shórt a dhéanamh do na páisdíbh díreach
is dá mb'iad mo chlann fhéin iad.



Cáit — Agus rinne tú é — ní fhéadfadh aon duine a mhalairt
a rádh leat.



Máirtín (gan aon áird a thabhairt) — “Bíodh súil agad i ndiaidh
Bhairbre,” ar seisean, “Tá sí roinnt aerach innti féin
acht 'sí is measa liom.” Sin é an fócal deireannach
adubhairt sé liom.



Cáit — Ná bí a' cuimhniughadh air sin anois, a Mhairtín. Céard
a chuir as duit?



An Brúnach (le Cáit) — Cé'n mí-ádh atá air? Céard tá sé a
rádh faoi Bhairbre?



Máirtín — Seacht mbliadhna móra fada dhom a' sglábhaidheacht
agus a' cur mo chroidhe amach le áit m'athar a thógáil —



An Brúnach (ag cur isteach air) — Agus nach ndeárna tú an
obair níos féarr ná rinne seisean riamh é.



Máirtín — B' fhéidir é. Acht theip orm ar bhealach nach
dteipfeadh ar aon athair dá dhonacht é. Ó! a Thighearna,
nach mé bhí dall!



An Brúnach — Theip ort? Cé'n chaoi?



Máirtín — Téirigh go dtí an cófra úd thall agus féach céard
tá ann. (Déanann Cáit amhlaidh. Baineann sí na giobail as).



Cáit — Éadaigh Bhairbre! Nach é an truagh shaoghalta é!



An Brúnach (ag féachaint orra) — Éadaigh Bhairbre agus iad
stróicthe! Acht cá bhfuil sí fhéin?



Máirtín (go sgigeamhail) — Cá bhfuil sí fhéin? Léigh é sin
agus beidh fhios agad é. (Síneann sé an sgláta chuige).


L. 21


An Brúnach agus Cáit (ag léigheadh) — “Tá 'fhios agam anois, a
Mháirtín, cé'n fáth gur cheannuigh tú an gúna nuadh
dhom — acht tá a mhalairt de chleamhnas déanta agam
féin. Tá fúm a dhul go Gaillimh ar an soitheach beag
le Cuimín. Féach 'san gcófra.”



An Brúnach — Cé cheapfadh go ndéanfadh bean a leithéid de
chleas!



Máirtín (go magamhail) — Cé cheapfadh é! Agus tusa dhá
hiarraidh!



An Brúnach — Níl an soitheach imthighthe fós — nárbh' fheárr dhúinn
a leanamhaint?



Máirtín — Bíodh an diabhal aca — acht téirigh thusa 'n-a
ndiaidh, má thogruighir.



An Brúnach — Cé'n mhaith dhomh-sa a dhul 'n-a ndiaidh? Ní
mise a hathair.



Máirtín — Ní mise a hathair acht oiread leat. (go searbh) Ó,
a Dhia! Nach mé bhí dall! Agus a cheapadh go
bhféadfainn 'ch uile shórt a dhéanamh díreach is dá mb'é
a n-athair mé! Ó nach mé an pleidhce! (ag ól).



An Brúnach — Seo, a Mhairtín, teanam ar a lorg i n-éindigh
liom-sa — b' fhéidir go bhfuil aithmhéala uirri cheana féin.



Máirtín — Bíodh.



An Brúnach — Cé nach dtiocfaidh tú? Is dócha gur olc a
tháinic uirri nuair nár hinnsigheadh dhi fáth mo thurais i
dtosach.



Máirtín (gan áird ar a ghlór) — Tá 'ch uile shórt millte anois
aici thar éis an tsaothair go léir. Och! Ní raibh
ionnam acht amadán! Pleidche! (ag breith ar ghloine)
Beidh a mhalairt de sgéal ann feasta.



(Téidheann Cáit, a bhí ar leathtaoibh feadh an achair seo, chuige go
tapaidh agus beireann greim láimhe air).



Cáit (go borb) — Ní ólfaidh tú é.



Máirtín — Sgaoil amach mé.



Cáit — Ní sgaoilfead — go n-abróchaidh tú nach n-ólfaidh
tú é.



Máirtín — Fág seo, adeirim.



Cáit — A Mháirtín, a dhearbhráthair! Cuimhnigh ar na páistibh!
Cuimhnigh ar Nóirín agus ar Mharcus bocht!


L. 22


Máirtín — Táim ró-fhada a' cuimhniughadh orra. Is mac le m'
athair feasta mé.



Cáit — Agus céard a dhéanfas muid-e má imthigheann tú ar
an mbealach sin.



Máirtín — Beag áird a bhí ag t'athair air sin i ndeireadh a
shaoghail; beag áird a bhí ag do dheirbhshiúr air ar ball;
beag áird a bheadh agad-sa air — dá bhfuightheá faill.



Cáit — Táir a' dul amudha. Dhéanfainn do chomhairle-se i
gcomhnuidhe.



Máirtín (go sgigeamhail) — Ar nós do dheirbhshíre!



Cáit — Ní headh — acht ar mo nós féin.



An Brúnach (ag brath ar imtheacht) — Tá sé chomh maith dhom-sa
bheith a bogadh.



Máirtín — Fan nóiméad. Beidh mise i n-éindigh leat;
(ag dul go dtí an driosúr) tá roinnt airgid agam annseo.
Rachamuid isteach go Gaillimh agus mara mbeidh spraoi
ann —



An Brúnach — Cuir an t-airgead sin i dtaisge.



Cáit — Cuir, a Mháirtín. Tá 'fhios agad féin go ndéanfainn-
se nídh ar bith dhuit.



Máirtín — A' ndéanfá?



Cáit — Dhéanfainn go cinnte.



Máirtín — Ní dhéanfá an rud a bhíos a dh'iarraidh ar do
dheirbhshiúr a dhéanamh.



Cáit — (go mall; ag cuir na súl thríd). Cá bhfios duit?



An Brúnach (trí n-a chéile) — A Mháirtín! Ná hiarr tada
uirri, a Mháirtín! Ná hiarr aon rud mar sin uirri …
acht tá 'fhios agad fhéin … tá 'fhios agad nár bh'fheárr
liom duine aca ná an duine eile —.



Cáit (go cúthalach) — Munar feárr —



An Brúnach (ag féachaint idir an dá shúil uirri) … Munar
feárr —



Cáit — Munar feárr … is dócha … is dócha
nach turas i n-aisge a bhéas ort …



An Brúnach (le Máirtín) — Seo, a chliamhain, téidhmís ar an
bPátrún —


L. 23


Cáit (le Máirtín). — Teanam, a Mháirtín.



(Tá Máirtín mar bheadh sé idir dhá chomhairle i n-aice an
chófra).



An Bhrúnach — Bhfuil tú a' teacht ar an bPátrún liom-sa agus
le mo chéile, a Mháirtín?



Cáit — Teanam. Tá an cárr annsin amuigh. Acht beir air
sin i dtosach. (Síneann sí an buidéal chuige). Sin é é.
Caith i n-aghaidh an bhalla é.



An Brúnach — Bheadh sé náireach a dhóirteadh. Ní ólfaidh sé
a thuilleadh dhe.



Cáit (corruighthe) — Mara n-ólfaidh féin … caith.
Cáit, a Mhairtín! Caith!



Máirtín (ag caitheadh an bhuidéil i n-aghaidh an bhalla) — 'Nois!



Cáit ('á phógadh) — Mo ghrádh thú, a dhearbhráthair.



Máirtín — Ní bheidh aon ól ann feasda — ó tá socruighthe
agad mo chomhairle a ghlacadh — glacfad-sa do chomhairle-
se …



(Cloistear fead an tsoithigh bhig. Téidheann an Brúnach chuig
an bhfuinneóig agus féachann amach).



An Brúnach — Tá an soitheach imthighthe. Gabhaidh i leith go
bhfeicfidh sibh í. (Téidheann an bheirt eile chuig an bhfuinneóig).



Cáit — A' bhfeiceann sibh iad ar an soitheach! A' bhfeiceann
sibh a gúna nuadh? A' bhfeiceann sibh Cuimín? A'
gcluin sibh na fir ag sgreadaoil?



Máirtín — Bíodh aca anois.



Cáit — Táid ag dul amach idir na hoileáin cheana féin.



Máirtín — Nach bhfuil tú a' teacht ar an bPátrún linne —
liom-sa agus le mo chliamhain an Brúnach.



Cáit (ag an bhfuinneóig fós) — Geárr go mbéidh sí as amharc
anois.



An Brúnach (le n-a taoibh) — Ní fada é. Níl le feiceál anois
acht an deatach os cionn an oileáin.



Máirtín — Seo, bímis a' bogadh. Tá an lá caithte.



An Brúnach (ar tí imtheacht) — Tá sé chomh maith dhúinn i n-ainm
Dé. Bhfuil tú réidh, a Cháit?



Cáit — Ní chuirfidh mise aon mhoill oraibh.


L. 24


Máirtín — Déan deifir, mar sin. Fanfamuid ag an gcárr
leat.



(Beireann Cáit ar chlóca, agus rl. agus tosuigheann 'á gleásadh féin go
deifreach).



An Brúnach (go héadtrom-chroifeach) — M'anam féin, a Mháirtín,
gur annseo fhanfas mise léithi chuma ar bith, agus is
fiú í go bhfanfainn léithi. Is iomdha bliadhain a d'fhanas
léithi. Is iomdha uair gheall a hathair (ar láimh dheis Dé
go raibh dé) dom í. (Beireann sé greim láimhe uirri). Seo, a
Cháit, beidhmíd a' bogadh.



(Téidhid amach go mall roighin. Máirtín buille beag i dtosach.
Cosamhlacht ar an mBrúnach go bhfuil sé ag cur de go beó
Cáit ag éisteacht go haireach).



Brat anuas.