Cormac Ua Conaill

Connradh na Gaedhilge (1901)

An tAthair Pádraig Ua Duinnín



CORMAC UA CONAILL.



An tAthair Pádraig Ua Duinnín



Connradh na Gaedhilge



AN CÉAD ALT.



AN TARNGAIREACHT.



I n-íochtar na seiseadh haoise déag nuair bhí
Gearaltaigh na Mumhan ag síor-bhruighin le Bain-
ríoghain Sagsana, do bhí buachaill óg ag gabháil an
bhóthair idir Chill Áirne is Chaisleán na Mainge 'na
shuaimhneas ó sgoil. Do bhuail fear sgoth-aosda i
gcló bacaigh uime, is do labhair leis. Ba mhinic
cheana do chonnaic sé an fear céadna i dtigh a
athar, is uime sin d'aithin sé a ghnúis is a imtheacht,
acht níor b'eól dó a ainm. “'Seadh, a Chormaic Uí
Chonaill,” ar an fear aosda, “an bhfuilir ag teacht
ó sgoil?” “Táim, ar Cormac. “Tá áthas orm
go bhfuilir ag sgrúdadh léighinn; gheóbhair, geallaim
dhuit, gnó dhi fós, is bhéarad-sa rud éigin duit ar
a bhféadfair do chuid léighinn do chur chum críche.”
Tar éis na bhfocal soin do rádh do'n tseanduine,
d'aithris sé dó nó trí líne do rann le mire i n-áirde
a chinn 's a ghotha, i gcás gur chuir sé iongnadh mór ar
Chormac, is gur infhiúch an buachaill é ó cheann go
talamh ar feadh tamaill.



“Innis dam anois, a bhuachaill léigheannta fháith-
chliste,” ar an seanduine, “an dtuigeann tú na
briathra soin?” D'fhreagair Cormac gur aithin sé


L. 2


beagán focal dár labhair sé acht nár bh'ar fhóghnamh do
thuig sé cia brígh bhí leó. “Tiocfaidh an ní seo go léir
chum cinn le linn do shaoghail-se,” ar an seanduine,
“agus fós coimhlíonfair féin mórán de.” Iar gclos na
bhfocal soin dó, chuir Cormac breis suime 'na bhriathraibh,
is do cheap sé rún na rann soin do chraoibhsgaoileadh
dá mb'fhéidir. Ar an inntinn sin d'athchuir ar an
tseanduine fíor-bhrígh na bhfocal do chur i n-umhail dó.
Ar dtúis d'eitigh an seanóir go dána é, acht tar éis
móráin tafaint d'aontuigh na focail do sgríobhadh i
nduilleóig fholaimh bhí i measg leabhar an bhuachalla
agus an sgríbhinn do thabhairt dó. D'fhair Cormac le
mór-iongnadh, is ní gan faitchíos, an lámh chnámhach, thana,
fhada úd an tseanduine ag sgríobhadh go mall is go
socair an rann so: -



“Gaisgidheach oirdhearc leagtha le feall,
Oighreadh aithiseach taca na nGall,
Curadh ag a cháirdibh ceangailte i bpoll,
Críoch le treibh tar tuinn anall.”



Tar éis a chríochnuighthe dhó do thug sé an páipéar do'n
bhuachaill is do chuir an cnoc amach de mar dhuine ar
ghealtaigh.



Do bhí an sgríbhinn rúnach so anois 'na sheilbh ag
Cormac, is ní sásda bhí a aigneadh go mbeadh fios bríghe
na bhfocal soin aige. Do thuig sé ó chomhrádh an tsean-
duine gur bha tarngaireacht éigin iad is ba mhinic
roimhe sin do chuala sé tarngaireacht ar ionnarbadh na
Sagsan as Éirinn; is anois do chreid sé gur do'n ní
chéadna do thagair na focail:



“Críoch le treibh tar tuinn anall.”



Do réir an chraoibhsgaoilte sin, do bhí sé féin chum bheith
'na fhear chumhachtach ag ruagadh na Sagsan tar tuinn.
Do chuir smuaineadh na neithe sin sgleóndar neamh-


L. 3


chuibheasach air. Do lasadar a shúile le huabhar. Is
dearbh ná raibh aon chaoi aige fios cinnte d'fhagháil ar
an chuid eile do'n tarngaireacht is nár bh'eól do cia arbh'
iad na fir dár thrácht an rann rúnach úd, is go
deimhin ba chuma cia'rbh' é an curadh allmhurach do mill-
fidhe dá dtabharfadh a oidheadh saoirse is síothcháin
chum talmhan Éilge.



Cad iad na smuainte do rith tré n-a aigneadh ag dul
a bhaile dhó an tráthnóna soin? Is uaibhreach árd-aim-
neach do chuimhnigh sé ar an ghlóir do bhí le fagháil aige.
Is tapa croidhe-luaimneach do chuir sé an bóthar dhe.
Is minic do léigh sé an rann úd, is do mhachtnaimh ar
an bhrígh do bhí léi go soilbhir, lán-tsásda leis féin is
leis an domhan uile. Ar uairibh, amhach, do thagadh
trom-thocht cathuighthe ar a chroidhe, is do ritheadh an
fhliche ó n-a rosgaibh i gcaisíbh ag cuimhneamh dhó ar a
athair bhocht ná béadh 'san mbaile roimhe, ná feaca
sé le fada, is do bhí, dar leis, claoidhte le Gallaibh.
“Dá mbeith m'athair anois romham,” ar sé leis féin,
“caidé an t-áthas do chuirfinn ar a chroidhe leis an
sgéal so! acht, fáiríor, ní fheicfidh sé go brath saoirse
ar dtíre ná neamh-spleáchas ar gcreidimh!”



Do chaith sé an chuid eile do'n lá soin go ciúin ag
machtnamh leis féin is níor leig sé air le muinntir a
thighe go raibh aon ní ag déanamh buaidheartha dhó ar
eagla go gcuirfeadh a mháthair cosg air, is go gcoing-
bheóchadh sí 'san mbaile é gan chaoi do bheith aige an
tarngaireacht do choimhlíonadh.



Ní hiongnadh gur chuir an t-óglách an oiread soin
spéise 'san rann chrúna úd; do bhí a inntinn aibidh
le léigheann is le machtnamh; do léigh sé le díoghrais
seanchas na hÉireann is an éagcóir do rinneadh
uirthi le Gallaibh; do léigh sé na bruighne do bhí idir


L. 4


na taoisigh Gaedhealacha is do thuig sé go soilléir cad
do bhí ar siubhal ag na Sagsanaibh an tan soin. Do
thuig sé gur fhuathadar na taoisigh Gaedhealacha a chéile
níos mó ná d'fhuathadar na Sagsanaigh is gur mhian leis
na Sagsanaibh an creideamh Catoiliceach do dhíochur as
Éirinn dá mb'fhéidir. Dá óige é, do bhí súil aige le
fada go bhfeiceadh se a dhúthchas saor ó bhruid na nGall,
is do chuir an tarngaireacht so an oiread soin misnighe
air gur léim a chroidhe le háthas.



An tan sain do bhí ainm Éilíse cumhachtach 'san tír,
is ba dhána an taoiseach do leómhfadh dul 'na haghaidh.
Uime sin, gidh go raibh a lán mion-chogadh idir na
flathaibh Éireannacha féin is annamh d'éirigh aon 'ne aca
amach i gcoinnibh na Bainríoghna nó i gcoinnibh a duine
ionaid. Dá n-éireóchadh taoiseach éigin 'na gcoinnibh
do chaithfeadh sé coimheasgar le muinntir na hÉireann
chomh maith le muinntir na Bainríoghna. Go deimhin is
na neithibh do bhain le cogadh ba bheag le radh Éire
mar dhúthchas coitcheann do chlannaibh Gaedheal is do
na flathaibh Gaedhealacha; is, gan amhras, do lean na
daoine a bhflatha. B'é Iarla na Deasmhumhan an
taoiseach ba mhó misneach is preab chum seasaimh i n-
aghaidh na nGall dá raibh i nÉirinn an tan soin.
B'é do b'fheárr chum sásaimh do bhaint díobh ar na hach-
mhusánaibh do chasaidís go coitcheann leis an gcreid-
eamh Catoiliceach. Do bheartuigh Cormac, ní nach
iongnadh, gurab é an tIarla féin nó duine éigin dá
phór do choimhlíonfadh an tarngaireacht. Acht bhí fhios
aige go raibh an tIarla ró-aosda is nach ar fóghnamh
do bhí a eirghe amach ag dul chum cinn. Do chuimhnigh
sé láithreach ar Sheaghán, dearbhráthair do'n Iarla. Bhí
a fhios aige gur ró-aibidh an inntinn do bhí ag Seaghán
gur bh' fhear coráisteamhail urrudhasach é, gidh ná feacaidh


L. 5


sé riamh é. Ba mhinic cheana do mhianuigh caidreamh
do dhéanamh air, acht anois do shíl sé ná raibh slighe ar
bith eile chum a chuid féin do'n tarngaireacht do choimh-
líonadh acht spionnadh is misneach do chur ar an laoch
oirdhearc úd, is gur tré chabhair is chomhairle Sheagháin is
fá n-a chomairce do basgfaidhe is do ruagfaidhe na
Sagsanaigh ar fad as fódaibh Fáil.



Ar an ádhbhar soin, 'sé comhairle do cheap sé dul
gan maill ag triall ar an nGearaltach cibé áit i n-a
raibh sé agus a rádh leis go raibh sé féin ró-ullamh a
thoil sin do leanmhaint agus a innsint dó chomh cinnte
is d'fhéadfadh, gan fios na tarngaireachta do thabhairt
dó, an t-ádhbhar fá deara gur leath a chroidhe air le
dóchas agus gur bhrath sé go mbuaidhfidh seisean gan
amhras fá dheireadh, agus gur le n-a chabhair is le n-a
chéadfaidh is le cródhacht a chuallachta do cuirfidhe
ionnarbadh is sgaipeadh, gan bailiughadh, gan filleadh,
ar Shagsanachaibh as talamh chráidhte na hÉireann.



Ar eagla go gcuirfeadh a mháthair cosg air, dá n-in-
neósadh se dhi cad do bhí ceapuighthe aige, do leig sé
air go raibh sé ag dul ar cuairt chum duine muinn-
teardha do bhí 'na chomhnaidhe leastiar ag a raibh leabhar
láimhe gur mhór a b'fhiú, is do gheall dó é chum é d' ath-
sgríobhadh. 'Nuair do bhí amhras a mháthar curtha dhe
leis an sgéal soin do ghluais chum siubhail fá dhéin
Chaisleáin na Mainge óir d'airigh go raibh Seaghán an
Ghearaltaigh ag gabháil na sligheadh sin ó'n Daingean le
sluagh mór cumachtach do bailigheadh ins na dúthaighibh
iasachta. Dó nó trí mhíle ón gCaisleán do chonnaic
sé ag teacht fá n-a dhéin beagán marcach. Do shíl sé,
ní nár bh'iongnadh, go bhféadfadh duine éigin díobh
tuairisg Sheagháin an Ghearaltaigh do thabhairt dó, acht
'na thaobh soin bhí eagla air go mbrathfaidís fáth a thurais.


L. 6


Ar an ádhbhar soin ní fheadair sé cad ba cheart dó
dhéanamh is bhí sé ag dian-mhachtnamh leis féin 'nuair
thángadar suas leis.



Do labhair ceann do na marcachaibh go cneasda
leis, is d'fhiafruigh dhe go muinnteardha cá raibh sé ag
dul. “Táim,” ar Cormac, “ag dul tamall beag
siar, acht b'áil liom bualadh um Sheagháin an Ghearal-
taigh sul a n-iompóchainn chum baile.” “Ní deacair
sin duit,” ar an marcach céadna, “óir atá Seaghán
féin i measg na bhfear so; an bhfuil aithne agat air?”
“Tá go deimhin,” ar Cormac, “acht ní tré radharc súl
é. Tá taisg a cháile ar fuaid na hÉireann.” “Tá go
maith,” ar an marcach; “toigh anois é as an mbuidhin
seo má 's féidir leat é.” Tug an t-óglách gan maill
súil mór-dtimcheall na buidhne sin agus ag infhiúchadh
go géar an té bhí ag cainnt leis adubhairt, “Is
fruisde é aithint má tá se láithreach, mar ní fheicim
aon'ne annso ag freagairt dá cháil acht tú féin, a
mharcaigh uasail, is má tá sé 'nar measg, amhail a-
deirir, is tusa an fear.”



Ba ghéarchúiseach é Cormac, acht d'fhéadfadh duine
bheadh maol go leór Seaghán an Ghearaltaigh do thoghadh
as an mbuidhin sin mar cheann urraidh. Fear caol
árd do b'eadh é. Níor chuir na bliadhanta fós cromadh
ann. Do rachadh a shúile glasa, géara, doimhne thríot.
Bhí ughdarthás i n-a fhéachaint. Ba thaitneamhach a ghné is
ba mhilis cneasda a mhín-bhriathra.



Bhí an-áthas air gur thoigh Cormac chomh tapa soin é,
as an bhfuirinn go léir, agus is grianmhar adubhairt,
“Tá an ceart agat, a chara dhílis. Cad tá uait ó'n
nGearaltach?” Is éasgaidh d' fhreagair Cormac go
raibh náire air labhairt le duine chomh huasal, chomh
honóireach soin ós comhair an oirid sin do dhaoinibh


L. 7


iasachta. Ar chloisint sin do'n Ghearaltach d'orduigh
sé do'n gcuid eile imtheacht roimhe, is do lean sé féin
iad ag siubhal go mall is Cormac le n-'ais.



'Nuair do bhíodar as éisteacht na marcach, do sheas
Cormac go hobann ar an mbóthar, agus, ag iompódh
chum an fhir uasail, is déadla adubhairt: “Is mian liom
fiafraighe dhíot, a churaidh chródha, an bhfuil se ceapuighthe
agat ar dtír is ar gcreideamh do chosnamh o Ghallaibh;
an bhfuil se ceapuighthe agat glan-ionnarbadh do
thabhairt ar na Sagsanachaibh as iathaibh Fódla is taoisigh
na Mumhan d'aontughadh is do chruinniughadh i n-aghaidh
a námhad?” Bhí iongnadh mór ar Sheaghán 'nuair
d'airigh se buachaill chomh h-óg soin ag cur ceisteann
gcruaidh air leis an oiread soin dá ríribh. Ba léir dhó
go raibh croidhe agus aigneadh an óig-fhir ar lasadh le
grádh dá thír, is d' fhreagair go mall, “A chara dhílis mo
chroidhe, bhéarad m'anam is anam na ndaoine atá ag
cabhrughadh liom chum mo dhúthchas is mo chreideamh do
chosnamh, is chum ceart is cóir mo charad i dtalamh
Dheasmumhan do shaoradh ó ghéar-airc na nDanar. Acht
mo bhrón! mo thubaist! nach beagh an mhaith sin! Féach
mór-dtimcheall, ná feiceann tu flatha chúige Uladh is
chuige Mumhan gan beinn ar ar ngleóthaibh is gan suim
i n-ar gcúis, ag faire go bhfuighbhidís greim orm-sa.
Fiú ar ndaoine féin, na Róistigh, na Barraigh, is Tighear-
na na Lice, táid go léir dar séanadh, nó le dúthracht 'nar
n-aghaidh. Ní fheicim splannc solais tré sgamall na
daoirse is na ceó-bhruide atá ar leathadh ar iathaibh na
hÉireann.” “'Na dhiaidh sin,” ar an buachaill, “glac
meanma. Beidh iongnadh ort, acht geallaim-se dhuit
go mbeidh an lá leat fá dheireadh, ciodh dubhach doilbh do
sgéal anois. Bhéarthar sgeimhle is lán-ruagadh ar na
Sagsanachaibh as críochaibh Éilge is ní fada go dtí sin.


L. 8


Táim deimhneach ar an méid sin, is creidim gur tusa
nó duine éigin dod' mhuinntir chuirfeas fán orra.
Acht glac mar chomhartha gur dá ríribh atáim, go bhfuil-
im ag athchuirt ort mé a ghlacadh id' bhuidhin i gcás go
bhféadfainn cabhrughadh leat chum an obair sin do chur
chum cinn. Ná fiafruigh dhíom cia an t-ádhbhar ar a
bhfuilim cinnte ar an ní sin.”



Dá mhéid dúil do bhí ag an nGearaltach fios d'fhagháil
ar na smuaintibh do bhí ag rith i n-aigneadh an bhuachalla
ní fhuair sé ann féin é cheistiughadh mar do dhian-choisg
féachaint Chormaic is fuaim a ghotha é; is thosnuigh
láithreach ar thrácht tar neithibh eile. Ba ghearr do bhí
a gcomhrádh ar bun 'nuair ba léir dó gur duine eólach,
fáith-chliste go leór Cormac. Bhí eólas maith aige ar
sheanchas a dhúthchais is ar an gcuma i n-a raibh na flatha
deadhailte ó chéile, nó ag coimheasgar le chéile an tráth
soin. Is lán-áthasach do gabh an Gearaltach leis é; is ní
lugha an t-áthas do bhí ar Chormac féin. An tráthnóna
soin do sgríobh sé chum a mháthar mar leanas: -



“A Mháthair Dhílis, a Chumainn mo Chléibh - Is uaibh-
reach 's is áthasach sgríobhaim chugat sgéala maithe.
Buidheachas le Dia táim fá dheireadh ar tí bheith i
dtreasaibh na n-arm fá bhratach na nGearaltach ag
tabhairt sgeimhle is fíor-ruagtha ar na Sagsanaibh, is
ag cosnamh ar dtíre is ar gcreidimh le turrainn mo
lámh, is lem' anam, má's é toil Dé é. Cuireann
cuimhne m'athar, millte le Gallaib, náire orm ar
bheith chomh mall, chomh aimhleisgeamhail, ag leanmhaint
'na chéimibh. Beidh an lá linn-ne, le congnamh Dé.
Slán leat, a mháthair, a ghrádh ghil, ná gol deór, im' dhiaidh.



“Mise do mhac ró-urraimeamhail ró-umhal,



“Cormac Ua Conaill.”


L. 9


Le hordughadh ó Sheaghán Mac Gearailt do cuireadh
Cormac i bhfochair bhuachalla eile dár bh'ainm Éamonn
Cléireach a chomh-aois. B'éachtach é cúrsa an bhuachalla
soin. Do fágadh go hóg é 'na dhílleacht. Ó Shagsana
do b'eadh a mhuinntir, is i Sagsana do rugadh é féin;
tháinig sé go hÉirinn i bhfochair buidhne do chuir an
Bhainríoghan anall chum na nGearaltach do ghlanadh as
an tír. Acht níor lean sé an sluagh tar éis teacht
anall dó. Do mhair sé le déirc is le hobair fá mar
d'fhéad sé ar feadh trí nó ceathair do bhliadhnaibh. Bhí
sé glic géar-chúiseach, is b'iongantach an t-eólas do
bhí aige ar neithibh na tíre. Bhí an oiread soin eólais
aige ar rúnaibh na dtaoiseach gur bh'fhiú leis é féin do
chur fá chomairce Phresident na Mumhan; is do ghlac
an President a chongnamh 'nuair ba léir dhó go raibh
eólas a ghnótha aige mar bhrathadóir.



Tar éis a ghlactha leis an bPresident bhí sé lá i
gcoimhdeacht buidhne na Bainríoghna bhí ag dul ag creich
's ag réabadh is ag losgadh fearann na nGearaltach.
D'fhágadar 'na ndiaidh é, is theicheadar chomh luath is
fuaradar radharc ar an námhaid Do tógadh Éamonn
gan maill, is do cuireadh i ngéibhinn é. Ar na bhreith
i láthair Sheagháin an Ghearaltaigh do dhearbhuigh sé gur
de nam d'fhan sé i ndiaidh na buidhne, go raibh gráin
aige ar na Sagsanaibh is ar an méid do chabhruigh leó;
is gur b'é bhí uaidh iad do dhíbirt ar fad as Éirinn. Do
léig sé air fós go raibh croidhe-rún muinntire na Bain-
ríoghna aige - fios a gcuid airm, fios nirt a sluaigh,
fios na comhairle do cheapadar le déidheanaighe.
Meallta leis na cleasaibh sin do chongaibh an Gearal-
tach i n-a fhochair féin é i ngéibhinn neamh-dhaingean.



Níor b'iongnadh go ndéanfadha leithéid sin muinntear-
dhas le Cormac; is an chéad lá i n-ar theagmhuigheadar


L. 10


le chéile ba chéileamhail cáirdeamhail a gcomhrádh is
ba mhór aca a chéile roimh sgaradh dhóibh. Do léigh
Éamonn meón Chormaic go soilléir, is cheap sé gan
maill dul i n-achrann ann i gcló charad is thír-grádh-
uightheóra; is uime sin tar éis beannuighthe dhó go
blasda milis dubhairt: “Acht go deimhin, tá cathughadh
orm t' fheicsint annso id' ghéimhleach ag an nGearaltach.”
“Im' ghéimhleach! ní géimhleach mise, nó má 's eadh, tá
mo choimeád orm féin.” “'Seadh, mar sin, ní le taobh
na Bainríoghna thu?” “Taobh na Bainríoghna! cad a
mheasann tu? Ní fada ó bhriseadh na foidhne agam ó
luaidhis a hainm - mise le taobh na Bainríoghna! go
bhfóiridh Dia orainn.” “'Seadh, gabh mo leath-sgéal.
Féadfad-sa mar sin labhairt gan sgáth leat. Bhí
eagla orm romhat acht chím anois go bhfuathann tú an
Bhainríoghain, is teitheann mo chliabh leat 'na thaobh soin.
Fuathaim-se an Bhainríoghain! Tá cathugadh orm nach
rud éigin eile níos treise na fuath atá agam dhi; acht
le congnamh Dé ní fada go n-éirreóchaidh maidhm
eadrainn. Measaim-se a chur i n-umhail di nach féad-
faidh sí masladh do thabhairt dár gcreideamh is léir-
sgrios do dhéanamh ar ar ndaoinibh gan díol go searbh
as.” “Gan amhras, tuilleann sí é; acht tá daoine
chom holc léi ar an dtaobh so fhairrge againn; an
President úd na Mumhan, is tuilleadh aca na hair-
mheóchainn; acht dála an President dá mbeith fios
agat ar na cleasaibh diabhlaidhe atá meabhruighthe
aige chum na Gearaltaigh do mhilleadh!”



Níor bheag soin. Do phreab croidhe Chormaic. Do
mheas se 'na aigneadh gur thosnuigh cheana coimhlíonadh
na tarngaireachta. “Agus an bhfuil aithne agat-sa ar
an bPresident,” ar sé. “Si, si, tá, go ró-chinnte, is tá
tuilleadh le rádh agam, acht uair éigin eile.” Is mar


L. 11


sin do chuir Éamonn deireadh le n-a gcomhrádh an lá
soin is d' fhág Cormac ar buile chum tuilleadh eólais
d'fhagháil ar rún-chomhairle áir is fola an Phresident
uathbhásaigh úd. Ba léir d'Éamonn go raibh Cormac
lán do sgleóndar is nár dheacair é mhealladh. Dála
Chormaic iar sgaradh le n-a charaid do luigh sé ar
dhian-mhachtnamh cionnus do bhí an chúis, do chuir a
chroidhe ag bualadh, is do bhain codladh na hoidhche dhe'
ag dul ar aghaidh. Bhí anois 'na theannta duine ullamh
caoitheamhail ag a raibh aithne ar an bPresident, is dár
bh'eolach mórán dá rúnaibh. Bhí sé cinnte gur ceapadh
Éamonn Cléireach chum an chúis sin do chur chum cinn.


L. 12


AN DARA hALT.



AG TEICHEADH Ó'N MBÁS



Níor bh'fada do'n bheirt seo i gcaidreamh a chéile nó
gur chuir Éamonn sgéala i ganfhios chum an Phresident
go raibh sé cinnte go raibh rún mór éigin ag Cormac
ná féadfadh a dhícheall mhealladh uaidh; is go n-éalóchadh
sé leis, a leithéid seo do lá, dá gcuirfeadh an Presi-
dent gasradh fear 'na gcoinnibh chum iad do thógáil go
Corcaigh.



'Nuair tháinig an lá bhí ceapuighthe leó dubhairt sé le
Cormac go raibh an-dúil aige sean-fhotharach d'fheicsint
bhí cúig míle uatha. Chuir sin áthas ar Chormac, óir ba
mhinic ag labhairt é ar an tsean-fhotharach soin, is ar an
tseanchas do bhain leis; agus is grianmhar do ghluais-
eadar ar aon chum siubhail an mhaidin soin; is is mór-
thuillteach do sgéith cainnt Chormaic ar feadh an bhóthair
ag trácht tar an naomh lér fóirghneadh ar dtúis an fhoth-
arach, is ar an chaismirt bhi idir Ghaedhealaibh is Danaraibh
'na thimcheall. Ba sgléipeach é ag aithris fearta na
nGaedheal, 'nuair chonnacadar chuca gasradh marcach
ag greadadh an bhóthair go lán-luath. Do léig Éamonn
air go raibh eagla air rómpa is thug sé iarracht ar
theicheadh, acht do sheas Cormac go dána i n-aghaidh
na námhad. 'Nuair do chonnaic Éamonn é ag feitheamh
go fearamhail neamh-eaglach leis na marcachaibh do ghlac
meanma, mar dh'eadh, d'fhill tar n-ais is gan mhaill
do tógadh iad ar aon is do coimeádadh i ngéibhinn an
oidhche sin i gCaisleán na Mainge, nó go gcuirfidhe lá
ar n-a bhárach go Corcaigh iad.


L. 13


Caidé mar ar ghoil Cormac; cad iad na hosnaidhe
do léig se as; caidé an tocht bróin is uabhair do
tháinig air 'nuair do mhothuigh sé é féin fá smacht na
námhad, is d'aithin sé go raibh broid 'na chomhair nó ní
badh mheasa fós. Ní hamhlaidh bhí sé lag-chroidheach ná
eaglach roimh an mbás; acht gur thruagh leis an saoghal
d'fhágáil gan an obair i n-a raibh a mheón go léir do
chríochnughadh. Do luigh sé ar uall, ag cásamh díthe a
dhúthchais chráidhte chéasda is an chreidimh do chongaibh sí
gan teimheal gan spleádhachas dá námhaid.



Le gliocas iongantach do léig Éamonn air go raibh
a shamhail sin do thocht cathuighthe air féin is do thuiteadar
an bheirt ar mhuinéal a chéile, ag caoi-ghol go fuigheach
is go daingean. Tháinig buaidheart Éamuinn 'na mhór-
thrithíbh air. “An bhfuil an sgéal mar sin?” deireadh
sé, tar éis lán-thocht uaill do chur de, “Mo bhrón! is
beag a shíleas go rachadh an lá orainn fá dheireadh, acht
glac misneach, is beidh buaidh againn fós.” “A chara
dhílis,” deireadh sé, is a chainnt ag leathadh air le neart
a osnadh, “bíodh foighne agat. Tá Dia láidir,
cumhachtach, daonnachtach; is eólach dó an chuma i n-a
bhfuilimid. Bíodh ar muinighin as Dia.” Le n-a leithéid
sin do chomhrádh do chiúnuigh sé Cormac is iad ar aon
dá n-ullmhughadh féin chum dul go Corcaigh i dtion-
lacadh ghárda an Phresident. Is buaidheartha cráidhte
doilbh do bhí Cormac cé gur cheil sé ar fhéad dá chumha.
Acht dá aindheóin do sgéitheadar a osnaidhe 's a chuid
uaill ar an dhoilgheas do bhí ag crádh a chroidhe gan
suaimhneas.



Lá breágh fóghmhair do b'eadh é; bhí an ghrian árd
'san spéir, is a lán do dhrúcht na maidne tiormuighthe
'nuair ghluaiseadar ar aon ó Chaisleán na Mainge. Bhí
a slighe le hais sléibhte is coillte is loch áluinn Cille


L. 14


hÁirne; do las an ghrian fhóghmhair go lonnrach leacain
na ngarbh-chnoc is uisgidhe na leathan-loch; bhí breacadh
niamhrach, dathamhail, ag teacht ar dhuilleabhar na gcrann
is na dtor is do líon guth na n-éan an spéir mór-
dtimcheall le binneas ceóil. Bhí árd-sgáil na mór-
shléibhte, badh dóigh leat, ag snámh ar an dtalamh
íochtarach, nó ag leaghadh i measg réidh-thonnta Locha
Léin. D'árduigheadar céad cnoc clúduighthe i bhfraoch
riabhach soillseach a gcinn ríoghdha dána go huaibhreach
mar athaigh ag tógáil comhairle ó n-a chéile is d'fhéach-
adar anuas ar choilltibh, ar aibhnibh, ar fhotharachaibh, ar
bhailtibh, go flaitheamhail is go mórdha. Ós árd, chomh
fada is shroichfeadh do radharc, do sgread an fiolar
ag leathadh a sgiatháin is ag eitill go lán-mhear ó
aill go cumar; ar an loch ba shuanmhar an eala ag
snámh. Bhí céad sruth dá radadh féin gan faosamh tar
ghuailnibh na sléibhte is dá mbriseadh féin 'na gcubhar
ghléigeal i measg cairrgibh 'na slighidh. Do shéid
leóithne fionnfhuar ó oileánaibh boga, úra d'éirigh go
niamhrach, fíor-ghlas, tré hucht an uisge. Annso is
annsúd d'fheicfeá faolchú le hulfairt ocraigh ag déan-
amh ar na coilltibh; do ghéim an fiadh is d' fhreagair
an macalla tré shleasaibh na lán-chnoc.



Ba radharc é do líonfadh an croidhe le háthas is do
ghríosfadh an aigneadh chum dian-mhachtnaimh. Do chleacht
Cormac an radharc soin ó bhí se 'na leanbh; is ní
hannamh do chuir a fhíor-áilne ag tál na ndeór é.
Acht anois do cheap sé ná raibh sé go deó arís chum a
shúile do leathadh ar choilltibh glasa ná ar oileánaibh
úra Cille hÁirne. Ar uairibh d' iarr sé ar a choimeád-
aidhibh cead seasaimh óir bhí an tocht cathuighthe ró-throm
ar a chroidhe. Arís is arís eile do leath sé a shúil ar
an radharc do bhí os a chomhair; is ní le sásamh folamh


L. 15


an té lér thaitneamhach duilleabhar bog, glas, niamhrach
na dtor is fuaim ceólmhar an uisge dá stealladh féin
le dásacht ó thaobh chnuic; acht le croidhe do thuair
buaidheart is donas dó féin is do'n tír do ghrádhuigh
sé. Do bhrath sé go raibh a dhúthchas ar bhruach millte
is daor-bhruide is do chan go fíor-uaigneach an laoidh
seo: -



SLÁN LE CILL ÁIRNE.



Mo ghoin caidé an smúid seo ag dúnadh ar mo chroidhe,
Rinn' mo bhalla neamh-lúthmhar is d'fhúig mé gan brígh,
Do ghríosuigh mo shúile le dúthracht chum caoi,
Is an sruth leachta tiugh guirt dá múchadh síorraidhe?



Caidé an smuaineadh so chlaoidheas mé ó mhaidin go
neón,
Is do shior-shuaitheann m'inntinn le mearbhail bróin?
Ag cuimhneamh ar chlaoin-bheartaibh Danar is gó,
Do sgíordann mo shíth uaim gan casadh go deó.



Is gorm iad na tonna ar bhruach Locha ghil Léin,
'Sis borb iad do thora-sa, a Mhuc-rois na n-éan!
Is soilbh le cloisint é sonnadh na g-craobh;
Acht mo dhochar! is doilbh dubhach dorcha mé!



Tá an t-óg-ghéis go suainmhear ag snámh ar an linn,
Is glór glaisí ag gluaiseacht trí bhántaib ró-bhinn,
Tá leóithne ag luasgadh na ngéag n-úr 'san choill,
Acht is ró-bheag mo shuaimhneas gan áthas a bhím!



Na sáir-fhir do dhoirt a gcuid fola i dtóir,
Is i lán-threas na ngorm-chlaidheamh gortadh tar fóir -
Is sámh é a gcodladh 's is socair fán bhfód,
Is mo chrádh is mo thurrainn ná codlaim-se leó.


L. 16


'Sé do chnead chuir i bpéin mé, a thalaimh mo chroidhe,
Is do bhasgadh gan faosamh le haicme seo an fhill,
Do ghreadadh is do réabadh le lasair is claidheamh,
Is mo chreach is mé i ngéibhinn, 's gan cneasughadh ar
do dhith.



Acht, a chara, glac meanma! - b'fhéidir le Críost
Go bpreabfadh chugainn gasradh 'on Ghréig-fhuil úd fhír,
Le feartaibh a n-arm gan éislinn, gan teimheal,
Ag treasgairt na nDanar, 's dá léir-chur tar tuinn.



Slán, slán leat, a Léin-Loch na bhféith ngorm n-úr,
Leanfaidh áilne do sgéimh' mé go dtéidhead-sa 'san
úir,
Ná raibh cáim ar do shléibhtibh ná béim ar duilleabhar,
Ciodh fánach i gcéin mé im' thraochadh le búir.



A thalaimh na n-éan mbinn, na gcraobh n-úr, gan tlás,
Is fada gan réim duit, gan chéim mar ba ghnáth.
Fá sgamall, i ndaor-bhroid, gan chéile, gan pháirt,
'Sé do chartadh 's do réabadh do léanuigh mo lá.



D'fhanadar an oidhche sin i gCill Áirne; is ar maidin
lá'r na bhárach bhíodar ag siubhal arís chum Corcaighe.
Ar feadh an bhóthair do rinne sé buaidheart do Chormac
is chuir sé mor-iongnadh air, an luighead do mheabhruigh
na daoine an dlúth-thuirse bhí rómpa, is méid a n-áthais
'nuair d'amharcadar gasradh an Phresident, is 'nuair
chualadar an buaidh bhí leó go déidheanach. Do chuaidh
a ngártha 's a sgreadaigh tré n-a chroidhe mar bhior-
ghaoithe. Bhí eolas cinnte ar mhuinntir a dhúthchais féin
aige, is níor chreid go raibh grádh aca ar smacht na
nGall do thugadh masladh laetheamhail dá gcreideamh;
is bheartuigh sé i n-a aigneadh gurab é seo brígh bhí leis an


L. 17


lúthgháir sin: “Ní féidir linn slabhradh na n-eachtrann do
bhriseadh, is uime sin is cóir dhúinn cur suas leis, chomh
maith is d'fhéadfam.”



Bhí milleán aige orra i dtaobh a n-easbaidh mean-
man is misnighe lé'r mheasadar nár bh'fhéidir leó slabh-
radh a ndaoirse do bhriseadh. Ba thruagh leis éisteacht
le muinntir Charrthaigh, le muinntir Chaoimh,le muinntir
Dhonnchadha, ag liúirigh do'n Phresident go guth-árd is go
déadla, cé gur bhrath sé gur fhuathadar 'na gcroidhthe é
féin is an Bhainríoghain do chuir chuca é, is ag labhairt
go nimhneach neamh-thruaighmhéileach i gcoinnibh an Iarla
úd do sheasaimh go fearamhail i n-aghaidh na nGall.



Ag smuaineadh is ag machtnamh mar sin dó, chuir
duine do'n ghasraidh i n-umhail dó go raibh se i gCorcaigh
- mar bhí a mheabhair ag oibriughadh chomh dian soin nár
mhothuigh se an lá ag sleamhnughadh uaidh. Acht is gearr
go dtug radharc na cathrach is fuaim na dtrucal chuige
féin é. Do cuireadh fá ghlasaibh láithreach an bheirt i
gcathair Chorcaighe.



Fad do bhíodar ar aon i bhfochair a chéile fá chomairce
an Ghearaltaigh do bhrath Éamonn ar chomhrádh Chormaic
amhail adubhramair go raibh rud éigin ar bun ag na
Gearaltachaibh, go raibh súil aca go raghadh an lá ar na
Sagsanaibh go athchumair, is go raibh congnamh éigin nár
thuig sé 'na ngaor; acht níor fhéad sé a thuilleadh eólais
d'fhagháil uaidh, dá mhéid a ghliocas. D'innis se do'n
President ar aithin sé, is do rinne seisean mórán do'n
eólas soin. Is é a shíl sé go rabhadar ag feitheamh le
cabhair ó dhúthaigh éigin tar lear, is gur gheárr go
mbeadh neart aca cogadh dian díoghbálach do chur ar
aghaidh. D'orduigh sé Cormac 'na láthair, is cheistigh é
i dtaobh rún-comhairle na nGearaltach, acht níor
fhreagair Cormac focal dár fhiafruigh sé dhe. Do


L. 18


bhagair sé pianta géara aithiseacha air, acht ní raibh brígh
'na ghlór. Níor bhain an trom-bhagairt sin gíog as. Fá
dheireadh bhí briseadh ar an bhfoighne ag an bPresident
go mór-mhor ó tháinig gach lá sgéala níos measa 'ná a
chéile ó Chúigeadh Mumhan; is dhearbuigh sé go gcaithfeadh
an t-óglách sgeitheadh ar rún-chomhairle na bhflaith nó bás
aithiseach d'fhulaing.



I measg na gcoimeádaidhthe bhí fear do mhuinntir
Chaoimh - Diarmaid ba hainm dhó - ag á raibh báidh mhór
le Cormac. 'Nuair d'airigh sé ordughadh an Phresident
do cheap sé a dhícheall do dhéanamh chum é do shaoradh;
fiú a anam do thabhairt ar a shon, dá mbeith gábhadh
leis. 'Nuair do bhí sé ag dul i n-athchumaireacht do'n
lá i n-a raibh Cormac le crochadh do leig sé air gur
bh'fada leis uaidh an lá soin i n-a dtabharfaidhe ar an
gcladhaire ógláigh sin an ídeadh do bhí ró-thuillte aige.
Ar maidin an lae úd do chuaidh sé go moch go beag-
árus an óig-ghéibhligh chum a lámha do cheangal.



Ar feadh na haimsire seo go léir shíl Cormac ná
raibh aon chaoi éalóidh aige is do bhí se lan-shásda bás
d'fhagháil; is 'nuair d'osgail Mac Uí Chaoimh doras a
bheag-áruis, an mhaidin soin, ba thruaighmhéileach an
radharc ar ar luigheadar a shúile. Bhí an géibhleach ar a
ghlúnaibh ag guidhe go ciúin is go socair. 'Nuair d'airigh
sé an doras dá osgailt, is an fear ag teacht isteach,
d'iompuigh se a cheann is adubhairt. “'Seadh, thángais
chum cabhrughadh liom le haghaidh mo bháis. Ní'l cathu-
ghadh orm go bhfuilim ag dul ar an saoghal eile, acht
admhuighim go bhfuil brón is duairceas orm i ngeall
ar anacraibh an tsaoghail seo. Is iomdha obair mhaith
do cheapas a chur chum cinn acht anois, fáiríor géar,
tá deireadh lem' chuid oibre go bráth.”



“Lean mo chomhairle-se,” ar Mac Uí Chaoimh “agus i


L. 19


gcionn uaire do chlog béarad saor ó'n ngéibhinn seo thu;
acht caithfir bheith ullamh is gan léigean do smuaintibh
don tsórt soin teacht 'nar gcoinnibh. Táim-se chum do
lámha do cheangal, acht chidheann tú go bhféadfair an
ceangal so do bhriseadh acht é do bhualadh i gcoinnibh na
talmhan nó earraidh éigin chruaidh; beidh doras na
háite i n-a bhfuil an chroch gan glas. Ar bhagairt
uaim-se, bris do gheit ceangal do lámh, is teich chomh
mear is is féidir leat go dtí an doras. Rachad-sa
ar tóir ad' dhiaidh, gan amhras, agus 'nuair bhéad ar an
dtaobh 'muigh do'n doras dúnfad é i dtreó na beidh
sé réidh le hosgailt im' dhiaidh; is dá réir sin béidh an
fiadhach ar fad eadrainn féin ar dtúis; is 'nuair
bheimid tamaill maith ó'n gcathair béarad tuilleadh
orduighthe dhuit.”



Chuir an chainnt sin mór-iongnadh ar Chormac, acht
d'aithin sé ar imtheacht is ar fhéachaint an fhir eile go raibh
sé dá rírib, go mórmhór 'nuair do chonnaic sé go raibh an
ceangal mar adubhairt sé, is d'fhill a mhór-dhóchas na
thuile ar a aigneadh; do b'éigin dó síneadh ar an
dtalamh le lagachar; bhí gach orlach dá chorp ar ball-
chrith, is do rith caise deór ó n-a rosgaibh. Níor thaise
do'n choimeádaidhe féin; do mhúch a chuid osnadh a ur-
labhra; níor fhan táthadh 'na bhallaibh is do thuit sé ar
nós leinbh bliadhna, le neart a chumhadh.



Bhí crochadh chomh coitcheann soin i gCorcaigh an tan
soin nár bhailigh mórán daoine chum féachaint ar bhás
Chormaic. Níor mhor an t-iongnadh do rinneadh de.
Acht do chuir an President sgéala chuige go bun na
croiche go maithfidhe dhó dá sgéithfeadh sé ar rúnaibh
na nGearaltach. D'fhéach Cormac ar an teachtaire go
tarcaisneach is badh dhóigh leat ar a chainnt is ar a
fhéachaint go raibh rún éigin aige badh mhór a b'fhiu.


L. 20


Acht má bhí ba léir do'n teachtaire go gcoingbheóchadh
sé greim air, is d'imthigh sé air go neamh-shásda. Bhí
gárda mór-dtimcheall ag faire go caoitheamhail a
raibh ag dul ar aghaidh. Bhí a gcroidhthe níos mó leis an
ngéibhleach ná bhraithfeá, acht b'éigin dóibh fanmhaint
socair is gan a gcuid truaighe do thaisbeánadh ós
comhair na ndaoine. Má bhí fear ann agá raibh mac
'san mbaile i ndeallradh Chormaic is dearbh gur ghoill
an radharc soin air, acht b'éigin dó a shúile do thior-
mughadh i ganfhios, is léigean dá chumha brughadh ar a
chroidhe féin.



Thug Mac Uí Chaoimh an géibhleach go bun an sgáláin, is
ba bheag nár mhithid dó bheith ag dul i n-airde mar do bhí
an sgálánach go neamh-fhoighideach ag feitheamh leis. Do
bhagair an coimeádaidhe ar an óglách is d'iompuigh uaidh
chum féachaint an raibh na cláir curtha go daingean i
dtalamh. Do gheit, d'airigheadh fuaim iarainn; bhí an
ceangal sgaoilte, is Cormac ag déanamh ar an doras
'na lán-rith! Mar bhéadh draoidheacht air, do ghéill an
doras dó, is do phreabh se amach is as go bráth leis. Do
lean an coimeádaidhe é, is níor ghábhadh dhó léigean air
go raibh deabhadh air, mar ba mhire Cormac 'ná a
dhícheall. Mar do ceapadh leó do dhún sé an doras
'na dhiaidh i dtreó ná féadfaidhe é d'osgailt gan moill.



'Nuair do bhíodar tuairim le dhá mhíle ó'n gCathair
do ghlaodhaigh an Caomhach chum Cormaic gan rith chomh
mear soin óir bhí sé féin geall le bheith traochta, is a
aghaidh do thabhairt soir ó thuaidh ar feadh tamaill. I
gcionn míle eile dubhairt sé leis stad is ag féachaint
timcheall dóibh chonnacadar, nó shíleadar go bhfeacadar,
foireann mharcach ag teacht ar a lorg go lán-tapa.
Gan maill nóimint do shleamhnuigheadar isteach i
sgioból is le dréimre do phreabadar ar lochta ag


L. 21


tarraing an dréimre 'na ndiaidh. Chuadhadar go daing-
ean i bhfolach i bhféar úr do bhí ar an lochta.



Níor chian mar sin dóibh fá anaithe is bualadh croidhe
'nuair d'airigheadar fuaim na gcapall is láithreach do
stad buidhean marcach os comhair an tighe le n-ar bhain an
sgioból. Chuaidh na marcaigh isteach is do chuarduighea-
dar an teach ó bhun go bárr gan tairbhe ar bith. Ní
raibh istigh an tan soin acht sean-bhean bhodhar na féad-
fadh tuairisg do thabhairt dóibh ar aon' ne. Fá dheireadh
thángadar go dtí an sgioból is bhí deallramh neamh-
dhíoghbhálach ar gach uile ní ann. Bhí gach ní go socair
is go ciúin acht croidhthe na bhfear ar an lochta. “Ní'l
siad ann so ar aon tslighidh,” ar duine do'n ghasraidh ag
géar-infhiúchadh an tseomra dhorcha úd. “Táim cinnte
go bhfuilid ins an tigh sin amuigh,” ar duine eile aca, “nach
dtugabhar fá deara an sgannradh bhí ar an tsean-chailligh
úd ar eagla go mbéarfaidhe orra?” “Is cuma liom-
sa soin,” ar fear eile, “do chuarduigheamar an teach
soin go mion, cheana, is ní aon maith dhuinn dul níos
déine air. Imthighmís orainn, b'fhéidir go bhfuilid
romhainn.” Ar an bhfocal soin do chasadar tar n-ais;
is i g-cionn dó no trí neómantaidhe bhíodar as éis-
teacht.


L. 22


AN TREAS ALT



AN tATHACH.



Tar éis tamaill bhig na dhiaidh sin do chogair an
bheirt aran lochta le chéile, agus is é rún do cheapadar
fanmhaint mar a rabhadar gan corraidhe go tuitim na
hoidhche. Is cortha, cráidhte bhíodar 'nuair do thosnuigh
solas an lae ar sgaipeadh fá dheireadh, is do thuit dor-
chadas ar an tseomra doilbh úd, i gcuma na féadfá
do lámh shínte d'fheicsint. Is socair d'éirigh an bheirt;
chuireadar an dréimre mar a raibh sé, is thángadar
chum talmhan. Is tapa do dhruid an Caomhach go dtí
an doras, is aireach do sháthuigh sé a cheann amach 'is
ró-mhear d'iompuigh sé ar a sháil is dubhairt le Cormac:
“lean mé.”



Do lean Cormac gan gíog agus is tapa bhíodar
ar aon arís ag síor-rith treasna na tíre. Do líon
trom-sgamall dorchadais an spéir mór-dtimcheall acht
siúd chum siubhail iad le mire iongantach tré fhéar nglas,
tré choirce, tar chorrachaibh, tar ruaidhtibh, tar aibhnibh
meara, láidre, ina raibh uisge go slinneánaibh ortha, gan
sos, gan leisge. Do luigheadar ortha is gan fios aca
cá raibh a n-aghaidh, acht go raibh an Caomhach cinnte go
rabhadar ag druidim ó'n gCathair. Fá dheireadh do
stadadar, agus is tnáithte teirce do chaitheadar iad
féin ar an dtalamh. Ann san d'athruigheadar le chéile
a gcasóga i gcás ná h-aithneóchaidhe iad is cheapadar
gur mhithid dóibh imneamh do dhéanamh ar dhíon éigin
d'fagháil go maidin.



Uime sin, i gcló bacach gan fuithin ó gharbh-shín na


L. 23


hoidhche do bhuaileadar go cneasda doras botháin do
thárla 'na slighidh i n-aice srotha i measg árd-chrann
ngéag-chluthar. Ar dtúis níor freagradh; acht ar
mbualadh arís is arís dóibh níos déine, d'airigheadh guth
uathbhásach leastigh adubhairt: “Cia hé sin? Tar isteach.”
D'osgail an Caomhach an doras, is ní gan faitchíos é,
is isteach leó ar aon go haimh-leisgeamhail.



I bhfíor-lár an tseomra dár osgail an doras soin, bhi
fear 'na sheasamh i n-a raibh aoirde iongantach. Ba dhubh
é a aghaidh; bhí meagal fada feasóige air; bhí a fhorraidhe
bog torach is ba fhiadhain sgeóinteamhail na súile do
leath-fholaigheadh fútha. Bhí an teine ar an dteinteán
nach mór caithte is le n-a hais bean sgoth-aosda ag suidhe
ag fuagháil. D'iompuigh sí a ceann 'nuair a tháinig na
deóraidh isteach is tar éis iad d'infhiúchadh go géar, do
lean sí dá hobair. “Cia hiad sibh-se, nó cad tá
uaibh?” ar an guth mar tóirneach do chuir sgannradh
cheana orra. “Is bacaigh bochta sinn-ne,” ar an
Caomhach, “ar ar thuit an oidhche gharbh so gan díon, gan
fuithin, gan biadh, gan digh, ó chailleamar ar slighe.
Táimíd lag le hocras. I n-ainm Dé tabhair dúinn
fuithin go maidin, is beagán éigin le n-ithe.” “Táthaoi
i n-aghaidh na Bainríoghna,” ar an guth éachtach céadna.
“Ní fhuilimíd ag déanamh dadaimh 'na coinnibh,” ar an
Caomhach. “Tá an chroch ró-mhaith dá námhadaibh,” ar an
ghuth, “is go gcríochnuighthear iad uile uirthi; acht druididh
chum na teineadh; a Cháit, faigh rud éigin le n-ithe.”
Do dírígheadh na focail seo chum na mná; is d'éirigh sí
láithreach 'na seasamh is chuaidh i seomra bheag fá leith.
I gcionn tamaill do chas sí le harán mine coirce, is
beagán éisg, is do chuir ar bhord bheag i láthair na
mbacach le hais na teineadh, is annsoin do chuaidh sí
ag iarraidh bainne dhóibh.


L. 24


Bhí an-dúil ag an mbeirt 'san mbiadh tar éis
a gcuid anró is trosga. Do sheas an t-athach i
leathtaoibh ar feadh na haimsire is gan focal as,
acht mar a chuireadh ceist ortha, cad as iad, nó cad do
b' ainm dóibh, nó mar soin. Ba léir dóibh nár chreid
sé focal adubhradar, is tháinig lán-fhaitchíos orra.
Acht b' éigin dóibh a gcuid faitchís do cheilt chomh maith
is b' fhéidir leó. Bhí a lán do'n oidhche caithte nuair
adubhairt an t-athach leó go garbh-ghothach é féin do
leanmhaint is sháthuigh sé go tapa rompa i seomra
léir-dhorcha; is neamh-chneasda do dheimhnigh sé dhóibh go
raibh aon leabhaidh amháin annsoin 'na gcomhair, is
d'fhág slán aca, do dhún an doras 'na dhiaidh, is do
chuir glas air go daingean.



'Nuair d'airigh Mac Uí Caoimh fuaim na heochrach ag
daingniughadh an dorais do theip a mhisneach, is d'éirigh
osnadh chum a bhéil; acht níor ghéill sé dá chumha, is do
choisg an bhrón-ghlothar 'na sgornaigh. Do chuarduigheadar
mór-dtimcheall 'san dorchadas; is ó bhí an seomra beag
níor deacair a raibh ann do sgrúdadh. Níor labhradar
acht i gcogaraibh ciúine. D' airigheadar guth an athaigh
ag tógáil comhairle, dar leó, ó n-a mhnaoi - acht níor
bh'fhéidir leó na focail do thuigsint. Bhrathadar, amhach,
gur ortha féin do bhí an choiste. Níor fhág an Caomhach
poll ná ball 'san tseomra gan cuardach go raibh sé
cinnte ná raibh duine 'na bheathaidh ann acht iad araon.
Do bhuail sean-chomhra uime nár osgladh le fada is nár
útuigheadh is dócha riamh. Tar éis bheith a bhfad ag
utumáil níor theagmhuigh leis acht cirteacha ar chir-
teachaibh as bhí sé ar tí léigean do 'nuair do mhothuigh
se rud éigin ag priocadh a mhéir is do tharraing sé
amach go socair gearr-chlaidheamh lán-fhaobhrach. Do
shín sé an claidheamh so ar an leabaidh fá'n éadach le


L. 25


hais na háite ina raibh se le luighe. Ann soin do
luigheadar ar aon ar an leabaidh i n-a gcuid éadaigh.
Ní chum codalta, amhach, cé go rabhadar tuirseach
tnáite tar éis an lae. Acht do choisg faitchíos iadhadh
na súl ortha. Do luigh an Caomhach ar an taobh amuigh
is a chlaidheamh ullamh le n-a láimh. Do shín Cormac é
féin leastigh. Níor labhradh gíog eatortha.



Bhí an oidhche ag dul tarsa go mall, is fá dheireadh
do chiúinigh an chainnt 'san tseomra eile, is ní raibh
fuaim le cloisint ar fuaid an tighe. Acht ní raibh
Mac Uí Chaoimh sásda i n-a aigneadh. B' fhada uaidh é.
Bhí eólas maith aige ar rúnaibh carcar is ar chleasaibh
coimeádaidhthe; is ní raibh a dhroch-amhras gan fáth an
tan soin.



Tar éis uair a chlog 'na luighe mar sin dóibh do tháinig
néal beag solais tré ionad na heochrach 'san doras.
Níor cailleadh an comhartha soin ar Mhac Uí Chaoimh
is do ghlac sé a chlaidheam go dlúth 'na láimh. Do gheit
d'iompuigheadh an eochair, d'osgluigheadh an doras, is
láithreach bhí an t-athach 'san tseomra. Bhí solas is
slabhradh iarainn i láimh leis; bhí arm faobhair 'na láimh
eile. B'uaigneach é trom-fhothram an dorais ag
dúnadh 'na dhiaidh. Do thaisbeáin an solas do'n
Chaomhach mí-shlacht an tseomra i n-ar chaith sé an oiread
soin do'n oidhche - a shalachar, a ghránnacht, na bhallaidhe
ag lobhadh le haois is le fliche, an t-urlár dreóighte,
tolluighthe, acht ní ar na neithibh sin do smuainigh sé
anois. Comh luath is chonnaic sé an t-arm faobhair i
láimh an athaigh do phreab sé ar a chosaibh mar phreabfadh
leómhan, is thug fogha dá chlaidheamh ar láimh an athaigh i
n-a raibh an solas. B'éigin dó soin le neart tinnis a
ghreim do bhogadh. Do múchadh an choinneal is do thos-
nuigh a ndlúth-fhuirse is a g-coimheasgar fá dhúr-


L. 26


sgamallaibh na hoidhche. Gan moill noimeint do rug
an Caomhach ar an slabhradh is do cheangail go docht
lámha an athaigh leis; do chrom an t-athach ar oibriughadh
go dian le n-a chosaibh is ins an iomrasgáil do bhuail
buille ar Chormac do leag i gcoinnibh an bhalla é ag
sgreadadh le pian. 'Nuair a tháinig an t-óglách chuige
féin do chuarduigh sé an talamh is fuair sé an
claidheamh do raid an Caomhach uaidh 'san bhfuirse;
is leis an arm soin b'fhéidir leis an t-athach
do coimeád socair fad bhítheas ag ceangailt a
chos.



An tan mhothuigh an t-atach go rabhthas ag ceangailt
a chos is ná raibh aon chaoi éaluighthe aige do sgread
sé go huathbhásac mar do sgreadfadh tarbh do ghéar-
ghoinfidhe. Acht ní raibh maitheas 'na ghlór. Tar éis
é féin do chor le árd-bhéicigh do luigh sé ar athchairt
ortha léigean dó féin, ná raibh sé chum aon díoghbhála
do dhéanamh dóibh, go stiúróchadh sé iad go háit i n-a
mbéidís slán, go raibh a lán eólais aige d'oirfeadh
dóibh go mór. Is beag an toradh thug an Caomhach air
acht fiafruighe go dána dhe cia nós a bhfuighbhidís solas.
Do ghlaodhuigh an t-athach chum na mná solas do tha-
bhairt chuca. Is ró-ghearr go dtáinigh sí go dtí an
doras is coinneal ar lasadh 'na láimh. Do chrith sí le
hanaithe is uamhain 'nuair do chonnaic sí an treó bhí ar
an athach agus is truaighmhéileach d' iarr sí ar Mac Uí
Chaoimh é thabhairt go dtí an teine bhí 'san tseomra eile
go léigfeadh sé a sgíos de. D'aontuigh Mac Uí Chaoimh
is tar éis a lán unfairt do síneadh an tréan-fhear as
comhair na teineadh chomh cneasda le huan.



'Nuair do bhí a namhaid fá dheireadh fá 'na smacht,
d' orduigh an Caomhach do Chormac greas codalta do
thógáil d'fhonn bheith ullamh neartmhar i n-aghaidh an lae


L. 27


bhí rómpa. Tar éis dulchum suain don óglách d'éirigh
réidh-chomhrádh idir an bheirt eile le hais na teineadh.
Do bheartuigh an Caomhach nár mhisde dhó anois a eachtra
féin is eachtra Chormaic d'innsint do'n athach. D'éist
seisean go fíor-ionumhail is anois is arís do chnead se
go truaighmhéileach. Ba huaigneach é fuaim a shlabhraidh
'nuair a thugadh iarracht ar na deóra teógha bhí ag
sileadh le n-a shúilibh do cheilt le n-a gharbh-láimh.
D'fhair an Caomhach gach cor do chuir sé dhe is thuig sé
ó na chomharthaibh buaidheartha soin go raibh sé ag cur
suime 'na sgéal. Dá bhrígh sin tar éis críochnuighthe
dhó d' athchuir sé ar a sgéal féin d'innsint is a chur i
n-umhail dó cad 'na thaobh gur chuir an t-eachtra an
oiread soin bróin air. Tar éis lán-tocht cathuighthe
do chur dá chroidhe do'n athach is na caisí deór do
thaosgadh as a shúilibh adubhairt mar leanas:



“Atá sgéal éachtach agam-sa, leis, acht is mian
liom é do ghiorrughadh. Goirthear orm Domhnall Dubh.
Bhíos tamall i dtreasaibh na nGearaltach; is ba mhinic
mé ag coimheasgar fá n-a mbratach; acht lá is mé ag
déanamh creiche le hais Eochaille do sgiobadh mé óm'
bhuidhin go hobann le gasraidh do mhuinntir na Bain-
ríoghna. Feall-bheart do b'eadh í, is dóigh liom. Do
rugadh mé i láthair an Phresident.



“Bhagair seisean an chroch orm muna n-inneósainn dó
rún éigin do bheartuigh sé bheith agam; is fós, do gheall
sé mórán saidhbhris dam dá ndéanfainn a thoil. Ní
bhfuair se gíog asam is fá dheireadh bhítheas chum
mé do chrochadh acht le congnamh coimeádaidhe éigin
theicheas. B'fhada dham ag siubhal ó áit go háit i gan-
fhios. Fá dheireadh do shocruigheas ins an chúinne uaig-
nigh seo. Do rinne mo bhean amach annso mé is tá sí
im' fhochair ó shoin. Tá roinnt airm agam is leó soin is


L. 28


le neart mo lámh do chosnuigheas mé féin go dtí seo.
Ní headh, ná go bhfuaireadh amach mé. Anois is arís do
bhris isteach orm i meadhón oidhche cladhairí ar thí mo
cheann do bhreith go dtí an President, acht níor fhill
fear innste an sgéil díobh. Is deimhin gur cheapas go
rabhabhar-se ar an teachtach chéadna agus is é do
cheapas sibh do mhilleadh chomh maith leó. Acht bhíobhar-se
ró-luath dham, is tá áthas orm na thaobh, óir do bheadh
cathughadh orm tar éis bhur gcuid fola do dhortadh.”



Do chreid an Caomhach gach focal dár labhair sé. Acht
ba mhaith leis eólas d'fagháil ar aon ní amháin. “Cad 'n-a
thaobh,” ar sé le Domhnall Dubh, “a bhfuilir ag fan-
mhaint i gcontabhairt mar so? Ná feiceann tú ná
béadh maith id' arm 'ná id' neart anocht. Is éigin duit
bheith claoidhte luath nó mall.” “Bh'fhéidir gur baois
atá im' choimeád annso,” ar Domhnall, “acht ní fhuilim
gan dóchas éigin le fanmhaint annso go mbuailfinn
buille tubaisteach ar an namhaid ins an áit seo mar
a bhfuil sé chomh tréan soin. B'fhéidir go bhfuil rún
éigin 'na theannta soin agam, acht ní hé seo an t-am é
léigean amach.”



Ba chian ó chuaidh Cormac do chodhladh, acht do dhúisigh
an chainnt é is do phreabh sé 'n-a shuidhe is ag seasamh ag
doras an tseomra d'airigh se deireadh chomhráidh na
beirte eile, is do chuir ar chlos ag dian-mhachtnamh é.
“Agus an bhfuil duine eile mar mise?” ar sé leis
féin, “árd-aimneach, lán-dóchasach, is gach beart ag
dul 'na choinnibh, is é chomh fada soin ag iomarasgáil
leis an mbás.” Do ghoill a chuid machtnaimh chomh trom
soin air gur léig sé sgread as. Ar chloisint a ghotha is
tapa bhí an Caomhach 'na theannta is do bhraith láithreach
cad do bhí air. Do rug sé ar láimh air, is do rug i
láthair an athaigh é do bhí ceangailte is sínte treasna


L. 29


an teinteáin. Ba ghearr an mhaill eachtra Dhomhnaill do
shlánughadh do Chormac. Is fá dheireadh do thuigeadar
a dtriúr a chéile.



Do sgaoileadh Domhnall is do shuidh sé go sásda le
hais na teineadh 'na bhfochair. 'Sí comhairle do ceapadh
leó annsoin Domhnall do dhul le na gcois. Bhí Domh-
nall féin ullamh chum a chion dá gcuid sóigh agus an-
shóigh do ghlacadh; is níor bh'iongnadh go ndubhairt Cormac
lán do sgleóndar gur ghearr go mbéadh sgéala maithe
aca, is nár bh' fhada ó bhaile an té chabharóchadh go mór le
hobair saoruighthe na hÉireann. B'fhéidir gur shíl
Domhnall gur fáidh do labhair is gur thóg sé an tarn-
-gaireacht soin chuige féin. Is é rún do cheapadar a
dtriúr dul gan moill go dúthaigh na nGearaltach is
buille éigin do bhualadh dá mb'fhéidir i n-aghaidh an
námhad. Do rinne Domhnall socrughadh dá mhnaoi fad
do bheadh sé amuigh, is do ghluaiseadar a dtriúr chum
siubhail ar maidin go deiscréideach go crích na
nGearaltach.


L. 30


AN CEATHRAMHADH hALT.



AN TURAS.



Ar maidin lá'r n-a bhárach do luigheadar ortha a
dtriúr go mall is go seachnamhail tré ghleanntaibh
na hAbhann Móire. Ar uairibh do chongbhadar le
chéile ar eagla roimh namhaid, is ar uairibh do sgar-
adar ó chéile ar feadh tamaill ar eagla go dtabhar-
faidhe fá dheara iad. B' éigin dóibh go minic bheith
gan lón ar eagla dá solátharóchadh siad é go mbéar-
thaidhe go hobann ortha; is b'éigin dóibh codladh ins na
coilltibh do thárla 'na slighidh. Is amhlaidh d'fhaireadh an
bheirt aosda gach re tamall do'n oidhche i gcuma go
mbeadh codladh na hoidhche ar fad ag Cormac.



Bhí an chríoch tré n-ar ghabhadar millte, sgri-
osta tar fóir. Bhí guirt choirce is chruinneachta na
gcosair easair, nó losguighthe gan bhrígh. Bhí na tighthe
ar lár, na dóirse is na taobháin briste, an díon im-
thighthe leis an ngaoith; bhí na daoine bochta lér bhain na
tighthe seo 'na seicidiúraibh ag seasamh ar thaobh bhóthair
is ag crith le fuacht gan balcaisíbh gan bhiadh gan
digh' nó bailighthe fá géagaibh na gcrann, nó, fós, ag
cuardach rud éigin bhainfeadh an t-ocras díobh tré
garradhaibh loitighthe is tré mhóinfhéaraibh dubh-loisgthe
Ba thruaighmhéileach an radharc na páistí beaga bochta
tarlomnochta gan lúth 'na mballaibh, gan sméide ,na
ngnúisibh' gan uaim ghrinn ná cheóil 'na mbéalaibh, gan
sugradh ar bhántaibh mar ba ghnáth, acht 'na síománaigh
fuirighthe fann ag bailiughadh na neanntóg nó ag suidhe
cois bhallaidhe fuar is gan fiú na coisidheachta aca.


L. 31


Bhí an t-arbhar, áit nár loiteadh le teinidh é, ag
aibiughadh is ag breacadh go lán-mhear. I n-áiteannaibh
bhí sé gearrtha is curtha i bhfolach sul a bhfuaideóchadh
muinntear an chogaidh é, is bhí fir ag faire gach lá ar
na mullachaibh mór-dtimcheall. D'fhaireadar na ga-
bháltaidhe a mbólacht ló is oidhche, is níor bheartuigh
aon'ne gur bh'fhiú uair do chloig a bheatha ná a mhaoin.
Bhí na daoine ag fagháil bháis go tiugh le hocras is le
hanró is go minic ní raibh aon ne' chum iad d' adhnacadh.
Níor bh'annamh le feicsint ablacha leath-lobhtha ar
dhruim talmhan stollta as a chéile le gadharaibh.
Níor bh'annamh le feicsint páistí óga bailighthe tim-
cheall na n-ablach sain dá n-ithe go cíocrach is ag síor-
bhruighean le chéile 'na dtaobh. Do leath an bás agus
an t-ocras daol-bhrat bróin ar spéir is ar thalamh. Ní
raibh séis na gotha daonna i dtigh ná gáir na n-éan i
gcoill le cloisint lá grianmhar foghmhair ar feadh mílte
do'n tslighidh.



Tráthnóna áirithe do bhíodar ins an tír idir fhuinse
na hAbhann Móire is an tOileán. Do tháinig mór-
shéideadh gaoithe is fearthainne ortha go hobann do
rinn' oidhche do'n lá. Láithreach baill bhí na bóithre go
léir fá thuile is na sruthair mór-dtimcheall do bhí i
ndísg nach mór ar maidin anois 'na dtuiltibh móra
ag cur a nglór i gcéin. Ar uairibh do las an spéir
le splanncaibh lonnracha, is 'na ndiaidh d'airighthí
fothram uathbhásach tóirnigh ag gluaiseacht, ag fil-
leadh, is ag aith-fhilleadh idir na sléibhtibh mar fhuaim
chogaidh na n-athach. Bhi an triúr anois fliuch isteach
go dtí an croiceann, is a gcuid balcaisí chomh
trom soin le fliuchán gur dheacair dóibh siubhal; 'na
fhochair sin bhíodar lag-bhríoghach ó throsgadh an lae, is
ba mhithid dóibh imshníomh do dhéanamh ar fhuithin éigin


L. 32


d'fhagháil i gcomhair na hoidhche do bhí anois ag tuitim
go dubh-sgamallach ar mhuir is ar thalamh. Ag machtnamh
ar an chruaidh-cheist sin dóibh do chonnacadar os a
gcomhair teach gabháltaidhe ar árd le hais an bhóthair;
bhí na ballaidhe gealta le haol, is bhí díon cluthmhar
seasgair air lasmuigh; acht ní mórán eile bhí le
feiscint 'na thimcheall do chuireadh fonn ar lucht siubhail
dul isteach chum a sgís do léigean díobh. Bhí ba is
capaill i bhfearann le hais an tighe ag baint sgáith na
gcladhthach dá chéile mar chomairce ó'n anfadh.



Do thógadar comhairle a chéile an rachaidís isteach
ag iarraidh dín na hoidhche. Agus is í comhairle do
cheapadar, d'aon mheón amháin, dul fá dhéin an tighe,
gur bh'fheárr bheith i gcontabhairt bháis ó námhaid ná
fanmhaint go fuar, fliuch, fann, fá gharbh-shín na
oidhche. 'Nuair a thángadar go dtí an doras, do
fuaradar leath-osgailte é, is chuadhadar isteach gan
chuireadh, gan iarraidh. Bhíodar chomh fliuch, chomh fuar
soin, chomh teirce le lagachar is le hocras go dtiocfadh
truagh dhóibh i gcroidhe a námhad féin, dá chruaidh-
chroidhighe neamh-thruaighmhéilighe é. Acht cibé eagla bhí
ortha roimh mhuinntir an tighe níor lean sé i bhfad díobh.
Do bhí fear d'aois timcheall an dá fhichead, is a bhean
mórán níos óige is ceathrar leanbh 'na suidhe le hais
teineadh do las ós a gcomhair go soillseach is go
seasgair ar an teinnteán, gan bheann aca ar an anfadh.
do bhí ag réabadh tor is ag tréan-luasgadh coillte
lasmuigh. D'éirigh fear an tighe is a bhean i n-éinfheacht
is chuireadar fáilte rómpa le hurraim is le cneas-
dacht. Do labhair an Caomhach láithreach is dubhairt gur
deoraidhthe iad do bhí ag dul i gcéin is go raibh sé
do dhonas ortha garbh-anfadh do bhreith ortha ins an áit
fhiadhain neamh-dhíonmhair soin, is go mbeidís buidheach


L. 33


go deó dá dtabharfaidís dóibh cead fanamhna fa
dhíon an tighe go maidin. Do bhí sé chum a thuilleadh
d'aithris 'nuair chuir fear an tighe cosg air ag rádh go
raibh céad fáilte rómpa, is gan maill do rinneadh gach
ar bh'fhéidir chum cabhruighthe leó. Do luigh fear an
tighe is a bhean ar bhreis teineadh do chórughadh chum a
gcuid éadaigh do thiormughadh. Níor bh'fada gur shuidh-
eadar na deóraidhthe chum bídh, do hullmhuigheadh le
deithineas, acht bhíodar, 'na dhiaidh sin, milis soghail, tar
éis a gcuid sgís is anró. Bhí Cormac chomh lag soin gur
bh'éigin dó dul do chodladh gan moill. D'fhan an bheirt
eile go ceann i bhfad do'n oidhche ag comhrádh le
muinntir an tighe. Ba mhilis subháilceach a gcomhrádh
le chéile, acht níor tharraing aon'ne aca chuige cúrsa an
chogaidh ná aon rud eile ar a mbeith áiteamh nó dhá
chéadfaidh. Fuair Cormac leabaidh i seómra bheag
i mbarr an tighe, is do chodail an bheirt eile i seómra
fá leith. Tar éis dul do chodladh don bheirt d'airigheadar
muinntir an tighe go gnóthach ag ullmhughadh bídh, dar leó,
do dheoraidhthibh éigin eile do tháinig chuca i lár na hoidhche.



Tar éis tamaill do chiúinigh an teach ar fad acht níor
fhág soin an Caomhach gan eagla go n-imtheóchadh rud
éigin ar Chormac. Níor dhún súil leis, cé gur sámh do
chodail an t-athach le n'ais. Le neart a neamh-shuaimhnis
d'éirigh sé 'na shuidhe go socair, is d'éaluigh go ciúin
'san dorchadas go doras an tseómra i n-a raibh Cormac.
D'éist sé ar feadh tamaill ag an doras is d'airigh go
soilléir osnaidhe is gearán an óglaigh. D'osgail sé an
doras. Ní raibh splannc solais 'san tseómra. Do
tháinig crith-eagla air ag déanamh ar an leabaidh dó.
Is geárr gur lámhuigh sé duine éigin ag tabhairt
iarracht ar fhear na leapadh do thachtadh. Do sgread
an t-óglách le pian. Do rug an Caomhach ar an té bhí


L. 34


dhá thachtadh. Níor labhradar gíog le chéile acht dul i
n-achrann i n-a chéile i ndian-fhuirse. 'Nuair do thosnuigh
Cormac ar sgreadadh do bhog an rábaire dá ghreim,
do strac sé é féin as lámhaibh an Chaomhaigh, is amach an
doras leis 'san dorchadas is níor fhill ó shoin. Ar
maidin ní raibh a thuairisg le fagháil. Do thuit
Cormac i lagachar is d'imthigh cuimhne na hoidhche sin
ar fad as a mheabhair, is b'éigin do'n bheirt eile
gluaiseacht chum siubhail is é d'fhágáil 'na ndiaidh sínte
ar leabaidh i bhfiabhras, tinn te trioblóideach.


L. 35


AN CÚIGEADH hALT.



AN DÚNMHARBHADH.



Ba chiúin chumhra an mhaidean í - mar is gnáth i ndiaidh
anfaidh - i n-ar ghluais an Caomhach agus Domhnall chum
siubhail. D'airigheadar gur theich an tIarla go Sliabh
Mis, agus is é cheapadar dul ag triall air is dá
mb'fhéidir congnamh éigin do thabhairt dó. Bhí a slighe
i dtosach tré réidhibh sléibhe, is tré ruadhtaibh úra, boga
acht i gceann tamaill d'imthigheadar le fánaidh tré
thalamh saidhbhir 'na raibh an féar rinn-árd, is gan duine
chum a ghearrtha, ná bó ná capall chum a chraptha. Mór-
dtimcheall bhí an fraoch loisgthe is na tighthe briste
isteach is comharthaidhe áir is ghorta i gach aon bhall. Do
thángadar go mbaile beag bhí go taisgithe i gclúid fá
ghualainn sléibhe, acht ní raibh do dhaoinibh le feicsint
lasmuigh acht fíor-bheagán, is ortha soin bhí drioch chomh
dubhach, chomh doilbh sin gur dhóigh leat ná raibh focal 'na
bpluic. Uatha soin d'airigh an bheirt go raibh an sgéal
go dona tar barr ag an Iarla, gur thréig a cháirde é.
is go raibh a bhuidhean go léir nach mór sgaipthe, gur
bh'éigin dó dul i bhfolach, is nár bh'fhios cá raibh sé an tan
soin. Dubhradh leó i n-'fhochair sin go raibh mór-chuid
airgid tarraingthe ar a cheann, nár bh'fhéidir leis lean-
mhaint do'n chogadh feasda, is go raibh muinntir na
Bainríoghna ag déanamh a gcroidhe-dhíchill chum greim
do bhreith air beó nó marbh.



Níor bh'ionann an chuma inar thógadar araon an sgéal
so. Do'n Chaomhach ba gheall le fógairt bháis é. Níor fhan
preab misnighe 'na chroidhe. Bhí deireadh leis an muinighin


L. 36


sin as cúis a dhúthchais do mhúin Cormac dó. Do chuimhnigh
sé láithreach ar Chormac, ar a fhéachaint fhearamhail i gcló
leinbh, ar a dhian-mhachtnamh, ar a sholas-aigneadh - ar gach
ar smuainigh sé, gach ar cheap sé - feasda gan tapa,
gan bhrígh; ar Chormac anois go tréith le héagcruas, is
slabhra na daoirse níos daingne ag brughadh is ag mil-
leadh a dhúthchais dílis. Och! dá mbeith fios anois aige
an treó bhí ar an Iarla bhocht, caidé mar a thuitfeadh sé
i mbrón' cad iad na spioraid do thiocfadh air, cad
iad na hosnaidhe do bainfidhe ó chroidhe as!



Dála Dhomhnaill níor bh'iad soin na smuainte do rith
na aigneadh ar chloisint an sgéil sin dó. Is deimhin go
raibh súil aige go mbuaidhfeadh cúis an Iarla fá
dheireadh. B'fhada ag teicheadh ó'n dligheadh é, is dá
mbuaidhfeadh an tIarla ní bhéadh baoghal air. Acht
anois ó chuaidh an lá ar an Iarla ní raibh díon na tear-
mann aige roimh mhuinntir na Bainríoghna. 'Na theann-
ta soin, do cruadhadh a chroidhe leis an fhuil do dhoirt sé
i meadhón oidhche fhuar, dhorcha, le hais na srotha uaignighe
úd i gConndae Chorcaigh. Ní raibh anois aon leisge
air roimh ghniomharthaibh fola, is dá mbeith féin do
chneasóchaidhe a chogubhas leis an airgead do bhí gealltha
don té mharbhóchadh an tIarla, is níor bh'fhada an mhoill
air ceapadh in a aigneadh ionad comhnaidhthe an Iarla
d'fhagháil amach, is, dá mb'fhéidir, an ceann do bhaint
de, is an mhór-chuid airgid sin do thuilleamh. Ar an
ádhbhar soin d'oir sé dhó chomh maith is d'oir sé do'n
Chaomhach fios do bheith aige ar áit fholuighthe an Iarla
is dá mb'féidir bheith 'na rún.



Do bhí an Caomhach géar-chúiseach go leór is bhí eólas
maith aige ar cúrsaidhibh an tsaoghail, is cé nár aithin
sé go cinnte na smuainte bhí i n-aigneadh an fhir eile, do
mhothuigh sé go raibh rud éigin ag déanamh buaidheartha


L. 37


dhó. Ó chomharthaibh beaga ná haireóchadh duine eile do
bhrath sé go raibh rud éigin neamh-fhoghanta ar bun aige.
Dála Dhomhnaill do bheartuigh sé gur léigh an Caomhach
a mheón mar do léaghfá paipéar; agus is mar soin, gan
iontaoibh aca as a chéile, do ghluaiseadar ortha. Níor
bh'iongnadh gur theip a gcuid comhráidh ortha. Do than-
gadar i ndeireadh an tráthnóna soin go tigh ósda is do
chuadhadar isteach i gcomhair na hoidhche, mar ní raibh anois
eagla ortha roimh na daoinibh. Do shuidheadhar le hais
na teineadh mar ba ghnáth do lucht siubhail; bhí a lán
eile do dheóraidhthibh ann rómpa is do shuidheadar 'na
measg.



Ní raibh focal as an athach; do thuit a chion do'n chainnt
chum an Chaomhaigh; acht níor bhríoghmar ná aibigh do labhair
mar ba ghnáth leis. Bhí trácht eatortha ar an gcogadh do
bhí anois geall le bheith críochnuighthe, is ar ráfla éigin
d'airigheadh go déidheanach - go raibh na Spáinnigh ag
teacht go cuantaibh an Daingin chum cabharuighthe leis
an Iarla. Do labhair duine éigin ar ionad foluighthe
an Iarla. “Ó mhaise, go gcabhruighidh Dia leis,” ar
fear smutach teann 'san gcúinne, “cibé ball i n-a
bhfuil sé. Ní bhéarthar go deó air, sin é mo thuairim.
Táim deimhneach ná fuil fear 'san Mhumhain indiu do
chealgfadh i lámhaibh a námhad é dá bhfaghadh sé na mílte
púnt ar an mbeirt soin. Cionnos d'fhéadfadh aon'ne
cuimhne ar an gcuradh aosda onórach soin do leagadh
ar lár? Táim cinnte, dá mbeith fhios agam go raibh
aon'ne chomh holc san 'san dúthaigh seo, go mallachtóch-
ainn an phréamh as ar fhásamar go léir.” “Maith an
buachaill,” ar fear caol dubh do shuidh ar an dtaobh
thall do'n teinidh, “caidí an chainnt sin ort mar sin?
Ná hinnis damh-sa é. Tá aithne mhaith agam-sa ort, a
mhic mo chroidhe. Ní chealgfá-sa an tIarla, ní dhéanfá


L. 38


leis, a ropaire bhitheamhnaigh, ní dhéanfá! Tá a fhios
agam. Do dhéanfá mhaise! Táim cinnte go ndíolfá an
tIarla i mbárach ar luach na dighe!” “Do dhíolfainn?
an ndíolfainn, mhaise? Cá' bhfhios duit-se sin? Tugais
do dhearg-éitheach; ní ceart ná cóir duit a léithéid sin
d' asmhuchán do chasadh liom.” “Is dóigh liom gur cirte
dhuit éisteacht is a shár-fhios atá againn go léir cad
do dhéanfá ar airgead.” “Tá a fhios agaibh, an bhfuil
fhios?” ar an fear eile, dá bhualadh le buille dá dhorn.
do leag siar ar an urlár é, is do chuir a shrón ag
tabhairt fola i gcaisibh.



As an ghníomh soin d'éirigh gleó eatortha i gcoit-
cheann, gach duine ag cabhrughadh le n-a mhuinntir féin.
Dála an Chaomhaigh níor chabhruigh sé le haon taobh, acht
ag iarraidh síothchána do dhéanamh eatortha. Acht níor
mar soin do'n athach, do luigh sé ar bhriseadh is ar
bhualadh is ar réabhadh mór-dtimcheall, is ag cabhrughadh
gan sgáth leis an bhfear teann do bhuail an chéad
bhuille, is ag ná raibh acht beagán chum a chosanta.
Acht bhuaidh neart is lúth an athaigh ar a raibh 'na aghaidh;
is 'nuair bhíodar go léir smachtuighthe aige rinneadh
síothcháin eatortha is ní gan fuil do bheith dortuighthe is
cnámha leóinte, ar gach taobh.



Chuir gníomhartha an athaigh an oidhche sin buaidheart
mhór ar a chompánach. B'fhollus gur namhaid do'n Iarla
do chosnaimh sé, is b'olc an comhartha air é; acht d'fhan
sé go ciúin is do léig sé a chuid amhrais brughadh ar a
chroidhe féin.



Níor chosg an bhruighean a gcuid muinntearais ar
fad is tar éis síothcháin do dhéanamh luigheadar ar
chainnt arís i gcuma gur dhóigh leat ná raibh focal
eatortha riamh.



Bhí a lán do'n oidhche caithte 'nuair do thaisbeáin an


L. 39


fear ósda an suainlios dóibh. Do bhí seomra beag
chum codalta ag gach duine. 'Nuair do taisbeáineadh
a sheómra do Mhac Uí Chaoimh do bheartuigh sé go raibh
an t-athach ag géar-infhiúchadh a ionaid suain is na
háiteanna bhí le n'ais, acht níor léig sé air go
bhfacaidh sé é, is do sgaradar go ciúin is go cneasda le
chéile i gcomhair na hoidhche. Acht d'aithin Mac Uí Chaoimh
ná raibh áit chodalta do na deóraidhthibh ar fad is gur
bh'éigin do chuid aca suidhe cois na teineadh go maidin.
Ar an ádhbhar soin tar éis tamaill, cad do rinne sé
acht sleamhnughadh amach as a sheomra féin, is a rádh le
duine dhíobh so bhí ag fanmhaint suas go mb'fheárr leis
féin i bhfad suidhe cois na teineadh is go bhféadfadh
seisean codladh 'na sheómra 'na ionad. D'aontuigh an
fear eile go háthasach, agus is ciúin socair do rinne
sé an seomra amach, is ó bhí tuirse ó'n mbruighin air is
sámh an codladh do thuit 'na throm-néalaibh air gan
maill.



Do luigh Domhnall Dubh ar a leabaidh, acht ní chum
codalta é. Do mhachtnaimh is do chuimhnigh sé ar chéad
ní do bhain leis an rud ba mheasa leis - cionnos do
mharbhóchadh sé nó bhéarfadh sé 'na bheathaidh ar an Iarla?
Níor bh'fuirisde an gníomh soin ar aon slighidh, acht anois
bhí contabhairt roimhe nár mheabhruigh sé go dtí seo. Do
bhrath sé go raibh droch-amhras cheana ag Mac Uí Chaoimh
air, agus tar éis beart na hoidhche seo b'follus gur léig
sé a mheón. Dá n-éireochadh an Caomhach as a leabaidh
ar maidin do ghnáth ní fheadair sé ná go n-iompóchadh
sé air is mharbhóchadh sé é, nó go gcuirfeadh suas duine
éigin eile chum a dhéanta. An n-éireóchadh sé ar
maidin? Ba chontabharthach an gnó é, bhí an oiread
soin daoine 'na thimcheall is do thuit sé amach leis an
oiread soin an oidhche sin. Acht caithfear tabhair fá'n


L. 40


obair sin. Do sheas an Caomhach 'na shlighidh; ba dubh-
sgamall ar a sholas é; ba nimh a bheathadh é; caithfear
cos do luighe air; dá n-imtheochadh sé slán as an dtigh
sin is dá sroichfeadh sé ionad foluighthe an Iarla bhéadh
deireadh le n-a ghnó. 'Na theannta soin do theastuigh
airgead uaidh is do chonnaic sé an oidhche sin mórán
airgid ag an gCaomhach 'nuair a ghlan sé leis an bhfear
ósda. Níor bh'fhéidir dó a chomhairle a chur chum cinn
gan airgead is caithfear airgead do sholáthar.



Ag dian-mhachtnamh mar soin dó, bhris amach a raibh
fiadhain neamh-thruaighmhéileach i n-a aigneadh, is níor
bh'fhada go raibh sé ceapuighthe aige an gníomh do dhéanamh.
Do rug sé ar an sgian do bhí taisgthe i bhfolach 'na
chuid éadaigh is lér dhoirt sé reachtaidhe fola go minic
cheana i meadhón dubh dorcha na hoidhche le hais na
srotha úd, mar nár bh'annamh do bhain sé a námhaid dá
threóir. Bhí an sgian úd géar-fhaobhrach is lán-ullamh
chum léirsgrios do dhéanamh. Ní tháinig léic 'na mhean-
main 'nuair a thug sé fobha léi mar a bheadh sé ag
sáthadh an Chaoimigh. Bhí ciúineas mór-dtimcheall; ní
raibh splannc solais ar fuaid an tighe, do shleamhnuigh
sé go socair 'san dubh-dhorchadas go dtáinig sé chum
an tseomra bhí uaidh. Ní raibh baoghal dul amugha air,
mar is cruinn do thug sé fa deara an doras is a
raibh le n- ais an oidhche sin. 'Nuair fuair sé amach
an doras d'éist sé ar feadh tamaill gur airigh sé an
té bhí istigh ag dian-shranntarnaigh. D'osgail sé an
doras go ciúin is do chuaidh láithreach baill go dtí an
leabaidh inar airigh sé an tsranntarnach; is le n-a thréan-
neart, le fuinneamh, le dásacht, do sháthuigh sé an sgian
tré chroidhe an té bhí ann, chomh tapa soin ná raibh uain
aige músgailt, ná gearán ná ulfairt do chur as.
Tar éis a sháithte do chorruigh fear na leapadh. Do


L. 41


thug sé cnead múchta truaighmhéileach is do chiúinigh a
ghlór go deó.



D' fhan an t-athach nóimeant nó dhó 'na dhiaidh sin ag
taobh na leapan ag machtnamh leis féin. Do bhear-
tuigh sé gur bh'fheárr an sgian fhuilmhear ghráineamhail
sin d'fhágbháil 'san leabaidh 'na dhiaidh ar eagla go
mbéadh sí mar fhiadhnaise 'na choinnibh lá éigin. Ann
soin do chuarduigh sé éadach an mhairbh chum a chuid
airgid d'fhagháil, acht, má chuarduigh, sin a raibh dhá
bharr aige. Ní raibh réal 'na sparán. Is iomdhaeas
gaine trom do leag sé ar cheann an mhairbh 'nuair a
fuair sé a phóca folamh. 'Nuair bhí sé sásda go raibh
sé marbh is ná raibh aon ní le fagháil dá bharr aige,
d'fhill sé tar n-ais ag dúnadh an dorais 'na dhiaidh go
haireach, is bhí láithreach 'na sheomra féin.



Do luigh sé ar an leabaidh, acht níor dhún súil leis.
Cionnos d'fhéadfadh codladh a theacht ar dhuine láith-
reach tar éis a leithéid sin do sgrios do dhéanamh?
Cionnos d' fhéadfadh an inchinn do mheabhruigh bás gan
trócaire d' fhear do bhí 'na chodladh socrughadh i gcod-
ladh sámh an oidhche chéadna? Ag luighe ann soin dó
'san dorchadas, do shíl sé gur airigh sé an chnead bháis
sin do thugh an marbh tar éis na sgéine do dhul tríd. Bhí
an chnead uaigneach úd 'na chluasaibh, is níor fhéad sé
teicheadh uaidh. Fear dortuighthe fola do b'eadh é; bhí
a chroidhe cruaidh, neamh-fhaitcheasach; acht níor bh' ion-
ann an treó bhí an oidhche sin air is roimhe seo. Bhí
anois 'na thimcheall buidhean d'fhuathaigh é, is cé go
rabhadar 'na gcodladh an tan soin, ba ghearr go
mbéadh siad go ró-aibidh ag baint sásaimh dhe. Do
mharbh sé a chompánach is ba léir dó go mbéarfaidhe
air chomh luath is d' aireóchaidhe an gníomh soin, is ní
raibh caoi dul as aige. Bhí bás ar chroich i ndan dó.


L. 42


Cad do dhéanfadh sé? Níor bh' fhéidir teicheadh 'san
oidhche, óir bhí na dóirse fíor-iadhta is gan dul ar an
eochair aige; is dá dtiubhradh sé iarracht ar dhoras
éigin do bhriseadh le cumas a lámh, do dhúiseóchadh sé
an teach ar fad.



Ar na hádhbharaibh sin, cé cráidhte bhí sé 'na aigneadh
le feitheamh, 'sí comhairle do cheap sé fanamhaint 'na
leabaidh go maidin, is chomh luath is bhéadh aon'ne ag
corraighe is doras éigin osgailte, dul amach go ciúin
is go socair is teicheadh. Ba chontabharthach an iar-
racht í, acht ní raibh a mhalairt le déanamh aige. Bhí sé
cinnte go gcreidfidhe gur bh'é do mhairbh a chompánach, is
ná béadh an oiread is amhras an ghníomha soin ar aon
eile. D'éaluigh se ó'n mbás go minic cheana, b'fhéidir
go n-éalóchadh arís. Do mhéadhuigh sé an chontabhairt
ar gach taobh ag luighe dhó gan suan gan suaimhneas
'na leabaidh.



Ag machtnamh mar sin dó is ag iarraidh na cruaidh-
cheisteann do bheartuigh se 'na chomhair do réidhteach,
do chrith sé le hanaithe is uamhain nuair d'osgladh
an doras go socair, is tháinig duine éigin isteach go
mall is go ciúin is ar éigin ag tarraing na hanála.
Do shiubhail sé anonn go dtí an leaba. Dá mbeith
an sgian áir úd anois ag Domhnall, is dóigh go bpreab-
fadh sé i gcoinnibh na námhad mar do preabadh 'na
choinnibh féin cheana, acht ní raibh arm ar bith aige, bhí
a lámha dearg tar éis an dúnmharbhtha is ní fheadair
sé ná go bhfuaradh amach é is do chrith a chnámha le
hanaithe an bháis, is do shéid fuar-allas ó n-a bhallaibh
go léir. Do labhair an té tháinig isteach go cneasda
is dubhairt: “A Dhomhnaill, an bhfuilir id' chodladh?”
Ní raibh dar ndóigh. Do shíl sé gur aithin sé an guth
úd is tháinig tuilleadh anaithe air - b'é an guth céadna


L. 43


soin do chiúinigh sé uair do chlog ó shoin go bráth - an
guth ná féadfadh sé cloisint go deó arís acht amháin i
bhfíor-smuaineadh - is anois gan fíor-smuaineadh ar
bith air. Níor fhreagair sé - ní fhéadfadh sé freagra
le huamhain. Do glaodhadh arís air; is b'é an guth
céadna do ghlaodhuigh is arís ar baill-chrith le heagla
níor fhéad sé freagra.



Dála an fhir eile bhí iong nadh air gur chodail fear na
leapadh chomh sámh soin. Is ó nár mhaith leis fothram do
dhéanamh do las sé coinneal bhí na láimh is d'fhéach
Domhnall ar ghnúis an té bheartuigh sé marbh gan lúth,
mar is é an Caomhach do bhí ann.



Tá innsint sgéil go leór ar an anaithe is ar na
crithibh báis do chuireann radharc spioraid ar dhuine, cé
gur spiorad éigin do thiocfadh ar theachdas neamh-
dhíoghbhálach ó'n saoghal eile. Acht cia fheadfadh trácht
ar an gcrith-eagla, ar an uamhain do bhéadh ar dhuine do
chífeadh ós a chomhair gan mearbhall an fear do mhairbh
sé féin uair do chlog ó shoin beó, lán-aibigh, ag labhairt
leis is ag glaodhach ar a ainm? Is iomdha duine do
bhain Domhnall dá threóir i meadhón dubh dhorcha na
hoidhche; acht níor fhill aon'ne dhíobh riamh chum sásaimh
do bhaint de ina thaobh soin. Níor fhan lúth 'na chnámhaibh
le heagla. Do chruaidheadar is do chrapadar a bhaill,
do séideadh an fuar-allas 'na thuile ó n-a chorp go
léir. Do shuidh sé aniar 'san leabaidh is do bhéic sé
go fiadhain cráidhte, “Glan as mo radharc! Imthigh, a
shíobhra! Ní'l leigheas agam-sa ort - míle mío-choth-
rom ort! Imthigh! féach air - nach dúr dána é! Im-
thigh, clúdúigh thu féin i gcré! cad tá uait annso?”
Ag sgreadadh mar sin dó tháinig sgeón 'na shuilíbh is
fiadhantas neamh-ghnáthac 'na ghnúis.



Dála an Chaomhaigh is amhlaidh tháinig sé chum labhartha


L. 44


le n-a chompánach ar neithibh éigin do theasduigh uatha
roimh imtheacht dóibh ar maidin; is bhí iongnadh a chroidhe
air i dtaobh a bhfacaidh sé; mar níor thuig sé cúis an
fhiadhantais sin do bhí ar Dhomhnall. Do rinne sé a
dhícheall chum a chiúinighthe, acht ní raibh maitheas 'na
glór, is amhlaidh bhí sé ag dul i n-olcas; is ó nár
mian leis an teach do tharraing 'na thimcheall, do mhúch
sé an choinneal is d'fhág an seómra ag dúnadh an
dorais 'na dhiaidh.



'Nuair bhi an Caomhach imthighthe, do bheartuigh Domhnall
go raibh sé saor anois ó'n spiorad do tháinig chum
sgannraidh do chur air, is chuir sin misneach éigin air, is
cé ná raibh aon dul ar chodladh aige bhí breis suaimhnis
air. Do shín sé é féin arís ag unfairt 's ag dian-
mhachtnamh. Dála an Chaomhaigh do shuidh sé lastíos cois
na teineadh ag smuaineadh ar éachtaibh na hoidhche sin.
Agus is mar sin bhí an bheirt chompánach ag faire
tré íochtar mall na hoidhche is ag feitheamh go neamh-
suaimhneasach le breacadh an lae.


L. 45


AN SEISEADH hALT.



AN tATHACH AR FÁN



Do tháinig splannc beag solais fá dheireadh tré
fhuinneóig an tseómra bhuaidheartha soin, is do thuit go
taitneamhach ar shúilibh aibighe an mhillteóra mhí-
adhbharaigh úd do bhí ag feitheamh leis go croidhe-chráidhte.
D'fhair sé le bualadh croidhe an solas ag gealadh. Da
dhona an sgéal do bhí aige do chuir solas an lae mis-
neach air, is i gcionn tamaill d'éirigh sé is do chuir
uime a chuid éadaigh, is chuaidh sé amach is síos an
staighre i léir-chrithibh eagla. Bhí deoraidhthe eile 'na
suidhe roimhe ag an teinidh is ag cainnt eatortha féin
ar dhálaibh na hoidhche.



'Nuair tháinig Domhnall 'na ngoire do bheannuigh sé
dhóibh go cneasda, acht ní raibh fonn ortha puinn a
labhairt leis; bhí an oiread soin smachta curtha aige
orra gur bh'fheárr leó go mór bheith réidh leis ná bheith
'na chuideachtain. Is mall socair do shiubhail sé go dtí
an doras gan léigean aon ní air; is neamh-iongantach
do bhuail an doras amach is dhún 'na dhiaidh é. Tar éis dul
amach dhó, do shiubhail ar a shuaimhneas ar feadh beagáin
aimsire. Agus 'na dhiaidh sin, do bhrígh ná raibh aon'ne
ag féachaint air, bhí sé chomh moch soin, do luigh sé ar
rith chomh mear is d'fhéad sé.



Do rith sé le n-a léir-neart tré ghortaibh, tar chladh-
thachaibh is féithibh. Do léim sé tar thoraibh is aibhnibh,
d'fhorgaibh cnuic, is do raid é féin mar thóirneach le
fánaidh; do bhris sé tré choilltibh, ar uairibh ag dul i
n-achrann i dtoraibh, ar uairibh ag réabadh is ag stracadh


L. 46


ó'n bpréimh is ag tarraing 'na dhiaidh géaga móra crann
do thárla 'na shlighidh. Do rith sé le hanaithe an té
bheadh ag teicheadh ó ghread-theinidh, le buile an té
cheapfadh go raibh na mairbh ar a lorg chomh maith leis ar
raibh beó, le dásacht an té bhéadh claon chum toirmisg
is cíocrach chum tuilleadh fola do dhortadh. Do bhrath
sé go raibh fear ar tí beirthe air i bhfolach i gach tor bhí
'na shlighidh. Bhí amhras aige go rabhadar na haodhairí
eallaigh do bhí go haimhleisgeamhail ag siubhal tré bhán-
taibh úr le drúcht na maidne ag tógáil comhairle ó
chéile chum a thógtha. Ní raibh leóithne fionnfhuar ag
séideadh ar dhruim chnuic, ní raibh caol-shruth ag cuaird
tré mho gaibh go glórach éasgaidh, ní raibh é ag can-
tain fá chlúid duilleabhair, ní raibh búir ag boin ná fead
i mbéal buanaidhe nár labhair leis le guth an té do
mhill sé, is nár nocht an léirsgrios do rinne sé do'n
domhan go léir.



Ar uairibh do stadadh sé. Ba dhóigh leis go n-airigh-
eadh sé an guth caoin cneasda úd do chiúinigh sé go
deó. Ní raibh ann acht an ghaoth ag cromadh na dtor
chum talmhan. Do thiormuigheadh sé an lán-allus dá
leac in, is sgíordadh chum reatha arís gan sost, gan
suaimhneas. Do bhí sé anois i bhfad o'n áit i n-a ndearna
sé an fheall-bheart, is b'éigin dó é féin do chaitheamh ar
an talamh le tuirse fá ghéagaibh crainn giumhaise i lár
coille. Níor chian gur thuit a chodladh air, is fágfamuid
annsoin é, óir is mithid dúinn filleadh chum an tighe i
n-ar rinneadh an dúnmharbhadh.



Bhí iongnadh ar an muinntir do shuidh le hais na
teineadh nár fhill Domhnall i dtráth, acht is gearr gur
iompuigheadh a gcomhrádh ar neithibh eile, is d'imthigh sé
as a gcuimhne. Níor mar sin do'n Caomhach do bhí 'na
measg, is do bhí ag cainnt leó go cneasd. Do chuimh


L. 47


nigh sé ar an mbuile bhí ar Dhomhnall 'san oidhche agus is
buaidheartha bhí sé i n-'aigneadh na thaobh, is do theasduigh
uaidh go mór é d'fheicsint is gach nídh chur i dtreó le
haghaidh gluaiseachta dhóibh. Acht anois bhí a lán do'n
mhaidin caithte is gan tuairisg air.



Do friotháladh bord chum bídh is bhíodar na deóraidhthe
'na suidhe go céileamhail grianmhar ag caitheamh lóin
na maidne, 'nuair d'airigheadh an sgread uaigneach,
truaighmhéileach ar fuaid an tighe, “Milleadh! Léir-
sgrios! A Mhuire, cad é mar fheall-bheirt! Tá sé
marbh, marbh gan bhrígh, gan phreab! Dia linn, Dia
linn!” Do thosnuigh an liúir chráidhte sin 'san suan-lios
is do leath sé ó sheomra go seomra, ag dul i neart
is i mbrónaighe. “Tá fear treasgartha, marbh i ndiaidh
millteóra éigin!” B'shin é an sgéal do leath ó bhéal
go béal. Níor fhan focal i mbéal na ndeoraidhthe le
hiongnadh is le huamhain. Chuir an sgéal soin an oiread
soin mearbhaill ortha nár iarr aon'ne cia hé do marbhadh
ná ca'nad do marbhadh é. Acht i gcionn tamaill
b'fhollus gur i seomra Mhic Uí Chaoimh do rinneadh an
léir-sgrios, agus, fós, gur bh'é an fear do bhuail an chéad
bhuille an oidhche roimhe soin do marbhadh. Do thuit
amhras na feall-bheirte sin láithreach ar an gCaomhach, ní
nár bh'iongnadh, óir ní raibh caidreamh ag na daoinibh eile
air. Ar órdughadh fir an tighe do cuireadh go dain-
gean i ngéibhinn é go bhfaghfaidhe tuilleadh eólais ar
an ghníomh soin; is níor labhair sé gíog 'na gcoinnibh
acht fanmhaint go socair fá 'na ghéimhealaibh. Ba mhian
leó breith ar Dhomhnall leis is an ceangal céadna do
chur air, acht ní raibh Domhnall le fagháil.



B'é an céadfadh coitcheann eatortha gur cheapadar
ar aon an dúnmharbhadh is gur ar an ádhbhar soin do thug
an Caomhach a sheómra féin do'n bhfear do milleadh i


L. 48


gcomhair na hoidhche. Agus, fós, adubhairt duine aca
gur airigh sé féin an Caomhach ag dul suas an staighre
i lár na hoidhche is ag osgailt dorais éigin, ní fheadair
sé cia aca, 'san suan-lios. Do shíl mórán go raibh sé
daor ar an bhfiadhnaise sin. Acht an fear eile cá
raibh sé? Ba léir dóibh anois gur theich sé is da mbeith
fios ag an gCaomhach go raibh an gníomh le déanamh no
déanta, níor deallramhach go bhfanfadh sé chomh socair
sin 'san tigh is a chompánach ag rith leis féin. 'Nuair
bhí caoi aige air, d'innis an Caomhach ar aithin sé do
bheathaidh Dhomhnaill Duibh, is níor cheil go raibh droch-
amhras aige féin air le déidheanaighe, ná cionnos do
chuaidh sé féin chum a sheomra i lár na hoidhche is an
buile bhí air. D'éisteadar go haireach le n-a chomhrádh;
do bhí deallramh ar a sgéal, is do rinn' a chneasdacht is
a mhándacht a lán chum a shaoruighthe. Tar éis urlabh-
ra an Chaomhaigh b'é an céadfadh coitcheann eatortha
gur bh'é Domhnall do rinne an gníomh. Chreideadar go
raibh sé chomh fiadhain, chomh dásachtach soin nár chóir aon
iontaoibh do bheith as, is nár bhfios cia mharbhóchadh sé
dá n-éireóchadh an buile dho. Níor leanadh Domhnall,
mar is maith a bhí a fhios aca ná raibh aon chaoi beirthe
air, bhí na daoine chomh mór soin i n-achrann i n-a chéile
ins gach aon bhall. Do sgaoileadh géibheann an Chaomhaigh
is d' fhan sé 'na bhfochair an oidhche sin, is ar maidin
do ghluais chum siubhail agus is é do chuir sé roimhe
Domhnall do chosg ar chealgadh an Iarla dá mb'fhéidir.


L. 49


AN SEACHTMHADH hALT.



COILL TRÉ THEINIDH.



Bhí a lán do'n lá caithte 'nuair do dhúisigh Domhnall
Dubh as a shuan fá'n gcrann. Do shuidh sé aniar, is bhí
mearbhall air mar a bheith ar fhear mheisge. Do chuimil
sé a shúile is d'fhéach mor-dtimcheall. Ar dtúis ní
fhacaidh sé aon ní. An raibh an oidhche ann cheana?
Nó cad do leath an dubh-sgamall deataighe úd ar
an spéir? D'fhéach sé arís is chonnaic sé soillse ar
gach taobh. D'airigh sé fothram amhail le gaoith móir; do
phreab sé 'na sheasamh, agus is amhlaidh bhí an choill mhór
ina raibh sé, ar feadh a radhairc, tré theinidh!



Bhí teine ar gach taobh de; bhí na crainn mhóra mór-
dtimcheall ar léir-lasadh, is a ngéaga dóighte, dubh-
loisgthe ag síor-shileadh leó. Bhí an tréin-teine úd
ag rith le mire tré an bhfásach do bhí cruinnighthe ar an
dtalamh is tré dhrisleach do bhí chomh tirim le smólaibh.
Ba thruaighmhéileach é béic na mbeathaidheach n-allta dá
ngreadadh le lán-teas. Do ritheadar go fiadhain annso
is annsúd ag troid le n-a chéile nó dá radadh féin ar
léir-bhuile i lár na lasrach. B'uaigneach é sgread
na n-éan 'nuair do dhruid an bhrothal leó, ag eitill
ar mearbhall tré néaltaibh deataighe nó dá loisgeadh
féin tar fóir i measg na ndearg-chraobh. D'éirigh
lonnradh na lasrach go hárd 'san spéir. Bhí craobha
solas-lagharacha ag tuitim 'na gceathaibh is dá bhfuadach
le gaoith, is dá sgaipeadh mór-dtimcheall. Ba chosmhail
fothram na lasrach le glór na hAbhann Móire fá
dhearg-thuile.


L. 50


Ar amharc lán a shúl don radharc soin, níor bh'iongnadh
go dtáinig gníomh na hoidhche aréir chum cuimhne
Dhomhnaill, is gur chrith se le fíor-anaithe. Do ghluais
sé chum siubhail, ní fheadair sé cia an tslighe fuair sé,
tré fhásach dhearg-the, tré dhrisleach chas lán-achrannach,
fá chrannaibh loisgthe is ar lasadh. Do dóigheadh a
chasóg ar a dhrom. Ar uairibh do thuiteadh géag do
chrann ar mhullach cinn airdá dhóghadh is dá lán-bhasgadh.
Do shéideadh cipíní dearga luath-ghríosach is smóil fad-
soillseach 'na aghaidh le garbh-ghaoith. Acht níor shos dó
'na thaobh soin. Do luigh sé air gan seasamh, gan féach-
aint timcheall, gan fiú na hanála do tharraing, go
breóighte brúighte cneas-loisgthe, go raibh sé glan
as an gcoill.



Tar éis fágbháil na coille dhó, chaith sé é féin ar an
dtalamh chum a chuid sgís do léigean de. Bhí sé go
lag-bhríoghach le hanró is le hocras. Bhí sé leath-nocht-
uighthe, óir do loisgeadh a lán dá chuid éadaigh 'san
choill. 'Nuair d'éirigh sé 'na sheasamh arís is d'fhéach sé
timcheall do chonnaich sé sliabh árd as a chomhair - Sliabh
Mis do b'eadh é - ar dhearg-lasadh. Do rith an lasair
mór-dtimcheall leacan an tsléibhe, is ba thréan is ba
lonnrach an bladhm d'éirigh suas 'san spéir ag cur a
ghlóir i gcéin mar ghlór fiadhain-thonn na mara fá anfadh
earraigh. Do ghabh sé an bóthar fá bhun an tsléibhe, is
chonnaic sé na daoine, óg is aosda, ag teicheadh leó
féin is ag caoi-ghul go hochlánach. D'fhágadar 'na ndiaidh
a dtighthe, a gcuid arbhair, is a raibh aca 'san tsaoghal,
dubh-dhóighte, is bhíodar féin is lucht a leanamhna gan
biadh, gan fuithin, i gcomhair na hoidhche.



Níor bhog é croidhe Dhomhnaill, acht, dá chruadhacht é,
chuir an radharc soin gruaim air. Do shiubhail sé tamall
eile do'n bhóthar is chuaidh sé isteach i dtigh mhór fhairsing


L. 51


ag iarraidh ruda éigin le n-ithe. Do bhí beirt nó triúr
fear istigh ar leath-mheisge is óglach 'na bhfochair ag
tabhairt aire dhóibh. Bhíodar 'na suidhe timcheall chláir,
is ag cantain go súgach.



Níor b'iongnadh go raibh sgannradh ortha ar fheicsint
an ídeadh bhí ar Dhomhnall, a chuid éadaigh dóighte, is dath
an ghuail ar a chneis. “Ní mise do rinne é,” ar fear
díobh. “Ní mise do dhóigh an choill,” ar fear eile, is
thugadar iarracht ar shleamhnughadh go dtí an doras;
acht do chongaibh Domhnall le n-a dhá gharbh-láimh go dain-
gean iad. “Is cia hé, mar sin,” ar Domhnall, “do
rinne an lán-sgrios úd?” “An t-óglách soin do rinne
é,” ar fear eile. B'fhearr leis an óglách go sloig-
feadh an talamh é an uair sin. Acht ní raibh caoi
éaluighthe aighe. Gan moill nóimeint do dhruid an
t-athach chum an dorais. Do dhún an doras; do raid
sé uaidh i gcoinnibh na mballaidhe an bheirt bhí greamuighthe
'na ghlacaibh, mar do radfadh fóid móna. Do rug sé
ar sgórnaigh ar an óglách is d'árduigh sé 'san aer é,
mar d'árdóchadh buachaill coileáinín, is do leag chum
talmhan é ar fhleasg a dhroma. 'Nuair tháinig sé chuige
féin is cneasda d'fhiafruigh sé do'n athach cad do rinne
sé féin as an slighidh nó caidé an chúis go dtug sé an
ídeadh sin air. “A raispín!” ar Domhnall, “do dhóighis an
choill is ba dhóbair duit mise a dhóghadh i n-a fochair.”
“Tá cathughadh orm id' thaobh-sa,” ar an t-óglach, “acht
tá súil agam go bhfuil an duine ceart dóighte ann.”
“Cia hé an duine sin,” ar an t-athach? “Ná fuil a
fhios agat?” ar an t-óglách, “de nam do rinneas an
sgrios sin chum é a dhóghadh 'na bheathaidh nó é chluicheadh
amach as an gcoill tiugh dhaingean úd, áit i n-ar dheacair
é a thógbháil.” “Acht cia hé féin?” ar Domhnall arís.
D'aithin an t-óglach ar fhéachaint an athaigh cad a bhí


L. 52


uaidh' is dubhairt go neamh-eaglach, “An tIarla.” “Is
cia hé thusa go bhfuilir chomh dian soin ar an Iarla?”
“Is fada mise ag faire air féin is ar a mhuinntir; is
fada anois ó chealgas dearbhráthair dó.” “An abrair
gurab é thusa bhain Seaghán an Ghearaltaigh dá threóir?”
“Is mé gan amhras.” “Agus cionnos a rinnis é?”



“'Seadh,” ar Éamonn, ag baint searra as féin, “ní
thig liom mé féin do mholadh, acht is mar so do thuit an
ní sin amach. Do bhíos-sa i gCorcaigh is bhí aithne mhaith
agam ar Sheaghán an Ghearaltaigh. Do bhí sean-dhí-
threabhach ró-dhiadha ró-chúramach, dár bh'ainm Tomás
Scrabhadhta 'na bhuan-chomhnaidhe i lúibín coille i n-aice
le príomh-áitreabh an Ghearaltaigh. Do chuireas ag
faire an taoisigh é d'fhonn é shaoradh, mar dheadh, ó
amhasaibh na Bainríoghna. Ar m'ordughadh-sa do thug
Tomás sgéala chum Seagháin gur cóir dó dul ar cuairt
lá áirithe chum fir mhuinnteardha dhó bhí 'na chomhnaidhe le
hais Eóchaill, cois na hAbhann Móire. Lem' ordughadh-
sa, leis, an lá céadna tháinig gasradh ó Chorcaigh lán-
ullamh chum beirthe air. Do tháinig sé is gan acht duine
amháin 'na theannta, agus 'nuair fuair sé ró-dhéidheanach
gur mealladh é, do sheas sé go dána i gcoinnibh an
námhad. Do bhíos-sa féin le cois an tsluaigh. Do las
mo chuid fola chum gníomha do dhéanamh. Ní raibh uaim
acht an Gearaltach do bhualadh ar lár. Is lán-thapa do
chuadhas fá n-a dhéin, is cruinn díreach d'aimsigheas é le
buille marbhthach, is do threasgair an dheas-lámh so árd-
taoiseach na nGearaltach.”



“Tugais do ghuais is do dhearg-éitheach, a fhollaire
áir, ná marbhóchadh cat,” ar fear do bhí ag éisteacht
leis an óráid seo. “Níor bhuailis buille acht teicheadh
leat féin is dul i bhfolach chomh mear is b'fhéidir leat é,
'nuair do bhí an Gearaltach go lán-acfainneach ag


L. 53


treasgairt námhad ar gach taobh de. Bhíos-sa féin ann.
Is mise an díthreabhach diadha úd agus is mise do bhí le
cois an Ghearaltaigh an lá úd. Acht, a ropaire na
cnáibe, do mheallais sinn ar aon, is muna mbeith gur
theichis leat féin ní bheith neart do ghníomhradh
mhaoidheamh anois ionnat.” Leis sin do thug sé fobha
fá Éamonn le lán-dásacht mar a thabharfadh duine ar
ghealtaigh, is muna mbeith gur chuir Domhnall cosg ar
an mbuille do threasgarfaidhe an t-óglách go talamh.
Acht níor thaise do Tomás; do thug sé iarracht fá
Dhomhnall féin. Do rugadar ar a chéile go cíocrach is
do luigheadar ar stracadh a chéile le fraoch is feirg
nimhe, is Éamonn ag féachaint ortha go sultmhar. Níor
bh'fhuirisde Tomás do leagadh; bhí sé láidir, luath, agus
ar buile chum sásaimh do bhaint d'Éamonn is dá fhear
chosnamha; acht ní raibh caoi aige dul ó Dhomhnall, is
treasgaradh chum talmhan fá dheireadh é.



Chomh luath is thuit Tomás do phreab Éamonn is do
sáthaigh sé bior tré lár a chroidhe. Bhí a chuid fola ag
spréachadh ar fuaid an úrláir is ar éadaigh an athaigh.
Ba ghránna, uathbhásach é féachaint an athaigh, a chuid bal-
caisí chomh dubh le gual ar sileadh leis, is an fhuil
chródhearg 'na linntreachaibh ar fad air. D'iompuigh an
t-athach láithreach ar Éamonn, is dubhairt, “Caidé an
chúis gur mharbhais an fear soin is nár fhágais fúm-sa
é?” “An cladhaire bréagach,” ar Éamonn, “is maith
do thuill sé bheith treasgartha lem láimh-se. Is iomdha
bréag do chuir sé orm.” “Do chuir, dar ndóigh,” ar
Domhnall, ag cur gáire doíghte as. “Ní'l acht ar thuill
sé faghálta aige, acht cá bhfuil an tIarla mar so?”
“Muna bhfuil sé loisgthe 'san choill, tá sé fá
chomairce tighe áirithe, áit ionar dhóbair damh-sa tamall
ó shin cladhaire fleasgaighe do baint dá threóir. Acht


L. 54


do-bhéarad iarracht faoi arís, is bíodh geall ná héalóch-
aidh sé uaim chomh réidh sin.”



Cia'ca 'r thuig Domhnall nó nar thuig gur do Chormac
do thagair sé, ba mhian leis Éamonn do bhréagadh chum
na hoibre do bhí ceapuighthe aige do thabhairt chum cinn.
Ar an ádhbhar soin do rinne sé muinnteardhas leis, is
do cheapadar ar aon cionnus do gheobhaidís an tIarla
muna raibh sé loisgthe cheana 'san choill.


L. 55


AN tOCHTMHADH hALT



AN tIARLA.



D'fhágamar Cormac ar a leabaidh go tréith le fiabh-
ras. Do rinneadar muinntear an tighe gach ar bh'fhéidir
leó chum a leighiste is a thabhartha chum cinn, Do bhí
eagcruas trom air, do ghoill fliuchán is trosgadh an
lae úd air, is go mór-mhór an t-anaithe do cuireadh air
i lár na hoidhche amhail adubhramar cé gur imthigh
cuimhne an ghníomha soin ar fad as a mheabhair. Ar feadh
roinnt laethe do bhí spiriodaidhe air, is bhí sé do ghnáth
ag unfairt 'san leabaidh. Bhí a chomhrádh do ghréis ar
chúis a thíre, ar fheall na n-eachtrann, is ar mhilleadh na
Mumhan. Do labhair sé go minic ar an Iarla is ar na
Gearaltachaibh i gcoitcheann. D'éisteadar muinntear
an tighe go haireach le gach ar chuir sé mar sin tré
chéile 'na mhearbhall, is b'fhollas dóibh go raibh sé go
sealbhuighthe ar thaobh na nGearaltach. Ba mhinic do rith
a aigneadh ar a athair is ar a mháthair, is ar bhreághthacht
na háite i n-ar chaith sé bliadhanta na hóige, is maidean
áirighthe tar éis oidhche trioblóidighe d'aithris sé d'fhear
an tighe an aisling seo: -



AISLING CHORMAIC UÍ CHONAILL.



RADHARC AR CHILL ÁIRNE.



Do shuidheas ar shliabh, fó ghrian ro-ghléineach,
Bhí lóithne giar aniar ag séideadh,
An fraoch bhí úr ó dhrúcht na spéire,
Do líon go dlúth gach cuas dá bhraonaibh;


L. 56


I gcian im' chluais bhí fuaim gan faoiseamh;
Ó sgata uan go buan ag béicigh,
Ó shluaightibh bán-mhionnán ag pléireacht
Ar feadh mo radhairc i n-adharc a chéile;
Bhí glór ba bhinn lem' chroidhe ag éanaibh,
Do bhainfeadh a sgíos do'n inntinn chéasda.
Guth na bfiadh go dian ag léir-sgread,
Is céad macalla dá bhfreagairt gan aon tsost.
Do chuala i n'fhochair sin fothram céad sruth
Gá stealladh go tuínn tar dhruim gach sléibhe,
Go neartmhar phreab gach eas i n-éinfheacht,
Ag sgaipeadh fras i bhfad 's ag spréachadh;
Chím im' thimcheall míle maol-chnoc,
Ag sáthadh a gceann go teann 'san spéir ghlain;
I gcian uaim thíos bhí coillte aerigh,
Stothadh ar a gcinn síorraidhe le gaothaibh;
A gcroinn 's a gcochaill ag cogar le chéile,
A nduilleabhar borb gan fochall i n-aonchor.



Do leath mo shúil anonn tar Léan-loch
Do bhí neamh-chiúin i gclúid an tsléibhe,
A thonna ar mire go crithneach ag taosgadh,
Mar a bheith coire ar theinidh ag sgéitheadh amach,
Ag fiuchadh 's ag bruighin ag rinnceadh is léimrigh
Ar bhruach gach inse míne géar-ghlais'.
Do luigh 'na bhrollach neamh-shocair go néamhrach,
Mar chodlóchadh leinbh go miochair fó éadach;
Ba mhinic na ndáil tig sgáil na néalta,
Ag fás 's ag feachadh 's ag sgaipeadh gan traochadh.
Ba gheal le solas an mothar ar thaobh Thuirc
Ar chaisleán Rosa bhí lonnradh na gréine,
Do las an talamh le taitneamh gan éislinn;
Ní raibh ceó ná brón ar aon rud,
Ó Mhuc-ros úr go Com na gcraobh gcas.


L. 57


Do gheit do rith an chith ó néalaibh,
Bhí fothram tóirneach foirneart éachtach,
Do chrith an talamh, do lasadar spéartha,
Do rith an lasair thré shleasabh na sléibhte,
Do thuit an fhearthainn 'na freasaibh ar Léan-loch,
Do luigheadar sgamaill 'na srathaibh ar thaobh Tuirc,
Do cheil i bpian an ghrian a héadan,
Bhí coimheasgar catha le hanaithe ag éanaibh,
Do leath an ceó dubhrónach daol-dubh
Ar tuinn ar talamh 's ar leacain na maol-chnoc.



Do bhíodhgas suas óm' shuan gan faoiseamh
Le doilbh-chroidhe brúighte, múchta i ndéaraibh;
A bhfeaca im' shuan ba thuar ar Éirinn
Is ar a milleadh 'sa sgriosadh le faolchoin.



Tar éis coicthighise tháinig sé chuige féin, is ar dul
i bhfeabhas dó tháinig cainnt is greann chuige. Bhíodh
muinntear an tighe ag aithris dó éachta an chogaidh, is
an t-éirleach do rinneadh le neart faobhair is teineadh
ar thighthibh is ar ghortaibh arbhair. D'éist sé go fonnmhar
leis na sgéalaibh sin. Ar dtúis d'fhair sé air féin, thug
sé iarracht ar bheith deiscréideach ar eagla go ndéar-
fadh sé aon ní do sgéithfeadh air, mar ní fheadair sé
fós go cinnte ciaca taobh lér bhain muinntear an tighe
sin. Acht nuair aithristí dhó bruighne, coimheasgair, tóir,
réabadh, briseadh, gníomhartha faobhair is feill, do
thagadh baill-chrith neamh chuibheasach air, i gcás gur dhóigh
leat go raibh sé i lár an chogaidh is muinntear na Bain-
ríoghna 'na dtreasaibh ós a chomhair i ngiorracht iar-
rachta dhó. Tar éis foillsighthe mar sin dó an taoibhe
do thógfadh sé 'san gcogadh ní raibh amhras feasda ag


L. 58


muinntir an tighe air, is cheapadar ó shoin amach gan
sgáth a bheith roimhe aca, acht fá mar a bhaineadh sé le
n-a gcomplacht féin.



Do stiúruigheadh isteach 'na 'sheomra, lá, fear aosda,
duine muinnteardha d'fhear an tighe adubhradh leis, lér
bh'áil é d'fheicsint is caidreamh do bheith aige air. Do
sheas sé go hárd. Níor mhórán do lúb na bliadhan-
ta é; bhí a chuid féasóige liath go leór, is bathas a chinn
nochtuighthe ar fad. Bhí ughdarthás is mandacht 'na
ghnúis. Níor bhain aois ná buaidhirt ná anró a lán-
sholas lonnrach dá ríogh-rosgaibh. Do lasadar tré
ghruadhnaibh fuirighthe, feóidhte, liath, mar réilteanna
tré sgamallaibh na hoidhche. Bhí a chuid éadaigh go
neamh-fhuinte, neamh-fháisgighthe air; is ní raibh comhartha
lasmuigh ar a mbrathfaidhe go raibh caidreamh aige ar
threasaibh na n-arm. Ba bhlasda, binn, milis-bhriathrach
a úrlabhra.



Do bheannuigh sé go céileamhail do'n óglách; do shuidh
go muinnteardha le n-a ais, is do luigh sé ar sheanchaidh-
eacht leis go lán-chneasda. Ar dtúis do thrácht sé ar
an dtir i gcoitcheann, is 'na dhiaidh sin do tharraing-
eadar chuca dála an chogaidh. D'innis an seanduine
sgéal an choimheasgair do bhí go déidheanach ann leis
an oiread soin feidhme gur las súile an ógánaigh le
díoghrais, is go ndubhairt: “Agus an bhfeacais féin
na bearta soin?” “Do chonnac, go deimhin,” ar an
seanduine. “Agus cionnus d'fhéadfá iad d'fheicsint
gan bheith i dtreasaibh na n-arm tú féin?” “Acht bhíos
féin ann.” “Ní dóigh go raibh fear chomh haosda leat-
sa i ndálaibh bruighne.” “Is iomdha bliadhain damh-sa
anois ag deargadh mo lámh i mbruighin.”



Do rinne dian-mhachtnamh chomh géar-chúiseach soin
Cormac ná raibh a thuilleadh uaidh agus is tapa d'fhios-


L. 59


ruigh: “An tu Iarla na Deas-mhumhan?” Gan moill
d'fhreagair an seanduine, “Is mé an tIarla.”



Ba dheacair le foillsiughadh na smuainte do rith tré
mheabhair an óglaigh ar chloisint an t-admhughadh soin dó.
Do bhí anois ós a chomhair an té le n-a raibh súil aige chum
ceasnaimh a dhúthchais do réidhteach. Do bhí os a chomhair
polla do'n phríomh-fhuil ó'n nGréig, fear calma cródha,
fear do rug ar a chuid airm go neartmhar fad do bhí na
bliadhanta ag fuaradh a chuid fola, is do sheas i n-aghaidh
a námhad i gach muing is sliabh i g-Cúigeadh Mumhan, fear
do lean do'n chogadh tar éis chealgtha a bhráthar is a mhil-
leadh le beartaibh feill, fear nár chlódhadh riamh fós
is b'fhéidir ná clódhfaidhe. Is fuar neamh-bhríoghmhar
shamhluigheann na focail seo anois dá sgríobhadh. Acht
caidé mar ar theitheadar na smuainte chialluigheann siad
croidhe Chormaic an uair sin. Ba uair bhuaidhe é - uair
bhuaidhe i measg buaidheartha dá mbeith fios aige - acht
uair bhuaidhe mar an gcéadna. An grádh tíre is creid-
imh do rinne teampall dó féin ins an gcorp chríonna
chaithte onórach úd, b'fhéidir go gcuirfidhe fá chois é ar
feadh tamaill, acht ní fuláir dó éirghe.



Is deimhin nár aithin Cormac an tan soin an treó bhí
ar an tsean-ghaisgidheach soin, acht thuig sé mar thuigfeadh
fáidh cúis na tíre ar fad. Mar caidé an bhrígh saoghal
nó dhó i mbeathaidh tíre? Gheóbhaidh an curadh soin bás
agus curadh eile 'na dhiaidh, acht luath nó mall éireó-
chaid meanma na ndaoine chum neamh-spleádhachais is
chum saoirse. D'aithriseadh do Chormac go minic cheana
conntabhairt is cródhacht an Iarla agus an rath do lean
é i gcoimheasgair; acht anois ba mhian leis tuilleadh
eólais d'fhagháil ó n-a bhéal féin; is dá réir sin d'fhiaf-
ruigh de go cneasda caidé an sgéal ag a bhuidhin é?
An rabhadar cruinnighthe le chéile aige? An raibh an


L. 60


námhaid i ngiorracht dó? An raibh coinne aige le cong-
namh ó'n Spáinn? ar dhóigh leis go mbuaidhfeadh sé
fa dheireadh? Do chuir sé na ceisteanna so leis
an oiread soin dúthrachta go raibh iongnadh ar an Iarla
Ar dtúis thug sé iarracht ar dhul uatha, is do labhair ar
an mbruighin i gcoitcheann, acht níor shásuigh sin an
t-óglách. Do theasduigh uaidh eólas cinnte d'fhagháil ar
an dtreó 'na raibh a chuid airm is gárda. Do b'áil
leis fios do bheith aige an raibh aon súil ag an sean-
duine go saorfaidhe Éire ó dhubh-smacht na n-eachtrann.
Do ghéill fá dheireadh dá athchuirt an seanóir is dubhairt:



“Ma chaithfear an fhírinne do rádh admhuighim go bhfuil
ar gcúis caillte is go bhfuil ar dtír ag dul fá smacht
is an-bhruid níos déine, níos géire, ná raibh riamh i
nImpireacht na Rómha. Atá éadáil mór tarraingthe
ar mo cheann-sa. Do thréig mo bhuidhean mé acht uathadh
beag gan bhrígh. Ní fada uaim-se an uaigh is ní'l
aon'ne dom' chinéal ullamh chum m'ionad do thógbháil.
Ní bhrathaim go bhfuil aon chongnamh le faghbháil tar lear.
Tá an Deas-mhumha go léir creachta millte. Ní'l fear
as fiche ná fuil curtha chum báis le gorta nó le
faobhar, is ní'l brígh ná meanma 'n-a bhfuil beó aca. Ní
árd-taoiseach sluaigh mise feasda acht méirleach i
n-aghaidh Bhainríoghna na Sagsan. Seanduine is eadh mé
gan sluagh, gan buidhin, gan muinntir, gan caisleán, gan
tigh, gan treabh. Ní'l agam chum mé do chosnamh ó náimh-
dibh acht Dia amháin,agus an lámh dheas chríonda fuirighthe fann
so. Acht in gach cruadhtain i n-a bhfuilim is é neartuigh-
eann m'aigneadh go ndearnas mo dhícheall. Bhuaileas
buille do chúis Dé is mo thíre fad do bhí lúth im' bhal-
laibh. Do rinneas ar fhéadas chum síothcána do chongbháil
acht ní síth do bhí ó na Sagsanaibh. Ba mhian leó mo
chuid talmhan is mo chaisleáin do bhradughadh, is níor


L. 61


bh'fhulair dom dul 'n-a n-aghaidh, is dá chríondacht mé tar
éis glacadh claidhimh dam níor sguir sé riamh lem' ghlaic
is ní sgarfaidh fad a bheidh neart im' ghéagaibh.”



Amhail adubhramar bhí inntleacht géarchúiseach ag
Cormac. Do thuig sé cúis le mire fáidhe. Is deimhin
go raibh buaidhirt air i dtaobh an treó bhí ar an Iarla,
acht ag éisteacht dó leis an sgéal dona deacrach úd
ó bhéal an té ar ar luigh an toirmeasg go daingean,
do samhaluigheadh dó go raibh alt do sheanchus a thíre ag
críochnughadh i ndonas is i ndorchadas. B'áil leis
machtnamh ar an chríochnughadh mhí-ádhbhrach soin, b'áil leis
machtnamh ar an seanóir onórach soin os a chomhair ag
teicheadh mar mhac tíre na coille ó n-a námhaid, is
tré gach cruadhtan is anacra ag seasamh go dána
d'fhírinne agus do shaoirse.



Ag machtnamh mar sin dó - ní raibh ann acht obair
nóimeint - do tháinig tocht cathuighthe ar a chroidhe, is
tím-chrith neamh-ghnáthach 'na bhallaibh i gcuma nár fhéad
sé labhairt ar feadh tamaill. Is maith do thuig an
tIarla cad do bhí 'n-a aigneadh, agus is fonnmhar do rinne
sé ar bh'fhéidir chum a thabhartha chuige féin. 'Nuair do
bhí a thocht curtha de ag an óglách, dubhairt an tIarla:
“Caithfead-sa an áit seo d'fhágáil tar éis tuitme na
hoidhche. Tá buidhean do mhuinntir na Bainríoghna ar
mo lorg. Is dóigh liom go gcuardóchaid an teach so.
Ní fuláir dom imtheacht. Tá roinnt fear liom i
bhfad as so. Raghad ag triall ortha, is leanfad a
gcomhairle. Beannacht leat, a pholla do'n fhíor-fhuil.”



Agá rádh soin dó bhí sé ar tí é phógadh, gur léim
Cormac go luath-thapa is i n-ionad léigin dó é do phógadh
do chaith sé é féin ar an dtalamh ag a chosaibh is d'ath-
chuir air le tuilltibh deór nguirt é féin do thógáil i
n-éinfheacht leis. “Táim láidir neartmhar anois,” ar sé,


L. 62


“cabhróchad leat ag dul trasna na sléibhte. Fanfad
id' fhochair, fairfead id' fhochair, fulaingeóchad id'
fhochair, éagfad id' fhochair.”



Do labhair sé na focail seo chomh dian, chomh dúthrach-
tach soin ná fuair an tIarla ann féin é d'eiteach.
Socruigheadh eatortha ar an láthair sin go ngluaisfidís
ar aon chum siubhail i dtosach na hoidhche trasna na
sléibhte chum muinntire an Iarla.


L. 63


AN NAOMHADH hALT.



PRIOMH-IONAD COMHNAIDHTHE AN ÁRD-THAOISIGH.



Do thuit an oidhche, is, amhail a socruigheadh eatortha,
do ghluais an bheirt chum siubhail, Ba neamh-chosmhail iad
i n-aois, acht ba chosmhail i gcródhacht is i meanmain.
Do bhí a slighe tré réidh sléibhe do bhí fliuch is garb fá
n-a gcosaibh is ar feadh leacan chnuic is síos isteach
i ngleann fhada, chaol, lán do charraigeachaibh. Cé go
raibh an oidhche dorcha go leór is an tslighe deacair, b'
éasgadh, lúthmhar é an seanduine ag gabháil tré
imeallaibh corrach tré fraoch is fionnán is ag rith le
fánaidh go lán-tapa. 'Nuair a sroicheadar an gleann
do chonnaic Cormac léas beag solais tamall maith
uatha. Bhí sgleóndar air ag taisbeánadh an solais sin
do'n Iarla, agus dubhairt seisean, “Tá go maith - sin
iad mo champánaigh-se. Tá siad leathta le fuacht ag
feitheamh liom ar feadh na hoidhche.” Do chuaidh na
focail sin tré chroidhe Chormaic mar do rachadh bior
ghaoithe. “Mo champánaigh, gó bhfóiridh Dia orainn!
an bhfuil acht soin? Ní sluagh, ní buidhean, ní gasradh
atá romhainn acht campánaigh.” Do chnead sé le
buaidheart, is d'éirigh osna i ndiaidh chum a bhéil, acht
ar eagla go dtiubhradh an tIarla fá deara go raibh sé
dubh-bhrónach do choisg sé dá chumha, is dubhairt go raibh
áthas air go rabhadar chomh athchumair dóibh.



Taréis dul tamall níos sia dhóibh do léig an tIarla
fead as. Do freagradh é, is ba ghearr go dtáinig
beirt fhear 'na gcoinnibh. Do phógadar a lámha go
urraimeamhail, is do chuireadar fáilte roimhe go ró-


L. 64


chneasda. “Seo óig-fhear, cara damh-sa,” ar an tIarla,
“do tháinig im' fhochair chum a chion dom' ádh nó dom' mhí-
ádh do ghlacadh.” Ba ghairid uatha anois príomh-ionad
comhnaiththe an árd-taoisigh. Ar mheas óglaigh árd-aimnigh
mar Chormac ba shuarach an rud é. Bhí cábán mór
leathta fá thaoibh árd-chairrige, is fá na chomairce sin
do bhí fiche fear 'na suidhe ag comhrádh eatortha féin
go sultmhar. Bhí áit fá leith 'san chábán mar a raibh an
tIarla le codladh, is anois b'éigin dóibh a shamhail a
dhéanamh don óglách, agus is fonnmhar tapa do thugadar
fé is ba gheárr an mhaill ortha é do chríochnughadh is do
shlachtughadh.



Taréis a chuid chomhráidh le Cormac do tháinig árd-
mheanma i sean-chroidhe dhúr an Iarla. Ba gheall le
hóglách é féin an oidhche sin. Níor fhan gruaim ná
duairceas na haoise ann. Do sgaip an dubhcheó ó n-a
chroidhe is bhí a ghnúis dá chrion-feóighte é ag léir-thaith-
neamh le sult is le lán-sgléip. Do bheannuigh sé do
gach n-aon dá champánachaibh fá leith. Is b'árd é guth
an tsluaigh sin ag fáiltiughadh roimhe. Do bhí ar fad
'san ghasradh soin ceathrar is fiche. Do bhíodar ar feadh
an lae soin go dícheallach ag soláthar bó is neithe eile
bhí riachtanach dóibh agus ag dian-fhaire ar an námhaid
'na theannta soin. Acht anois fá chomairce dhubh-
sgamaill na hoidhche do bhíodar go neamh-eaglach ag
caitheamh aimsire dóibh fein is ag léigean a sgís díobh.
Do bhíodar go léir nach mór i mbláth ná hóige. Do bhi
taithighe ar anró is ar sgíos aca. Do bhíodar tuitighthe
ar fad as muingín, agus - mar a ndeinid a leithéidí
riamh - do bhíodar ag iarraidh a n-anacradh do cheilt fá
shult ghlórach.



An oidhche seo bhí meidhir neamh-chuibheasach ortha, mar
do roinn an tIarla ádhbhar leanna eatortha. Do shéid


L. 65


an leann fútha, do las sé na féitheacha aca, is do sgaip
sé an ghruaim as a gcroidhthibh le na lán-thuile. Dá
réir sin d'fhanadar 'na suidhe go cionn tamaill mhaith
do'n oidhche. Bhíodar cainnteach is meidhireach is bh'iomdha
sgéal ghrinn d'aithriseadh eatortha. Ba bheag an taithighe
do bhí ag Cormac ar an leitéid sin do chuideacht, is ar
dtúis do thug sé fá deara go haireach gach a ndearna
siad, is ní gan fuath 'na chroidhe dhóibh. Acht i gcionn
tamaill do bhí sé ag teitheadh leó, cé nach mór do
labhair sé. Bhí amhráin bruighin is grádh ag dul tim-
cheall is 'nuair do glaodhadh ar Chormac ba mhall aimh-
leisgeamhail é chum freagartha. Fá dheireadh, taréis
moráin tathaint ó'n Iarla, dubhairt sé go raibh dán beag
aige do mhúsgail sé féin, is gur chóir dóibh a leath-
sgéal a ghabháil dá thaobh óir do bhí árd-mhuingín aige
go saorfaidhe a thír 'nuair a cumadh an dán so. Tas-
éis an méid sin a rádh 'na leath-sgéal do chan sé mar
leanas: -



ÉIRE



'Éire, a shearc-bhuime, a bhanaltra shéim,
Inis na ngeal-chnoc, na nglaisidhe, 's na gcraobh,
Do bhasgadh 'seadh d'aibig gach peannaid im' thaobh;
'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!



'Éire, do ghéimhleachaibh céasda ag fuasgailt,
'Éire, na leasg, na tamáilte ag músgailt,
Do'n deóraidhe dubhach, doilbheach, do dhoras ag osgailt;
'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!



'Éire, ó Ghallaibh fuair basgadh 'gus milleadh,
'San braon brónach, bog, riamh led' rosgaibh ag sileadh,
Do chuid cumhachta imthighthe gan tuairisg, gan filleadh;
'Éire, 'sé do ghear-ghoin do chéas mo chroidhe.


L. 66


'Éire, ní cuimhin leat-sa síothcáin do bhlaiseadh,
Is fada fá thár-bhruid, is fánach fá mhaise,
Le sealad ag léir-ghol, gan faoiseamh, gan taise;
'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!



Ba mhinic do shléibhte le caor-theinidh ar lasadh,
Ba mhinic do leómhain i ndeóraidheacht gan chasadh,
Ba mhinic do bhuailis go huaigneach do bhasa;
'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!



'Éire, do shaoirse is d'fhírinne sheasaibh,
Led' shluagh láidir chalma neartmhar i dtreasaibh,
Gan eagla roimh námhaid is gan beann ar a gcleasaibh;
'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!



Ba mhinic í d'fhíor-fhuil 'na caoin-sruith dá dortadh,
Ba mhinic go tláth thú le gábhtar is gorta,
Cathughadh id' cheóltaibh, ir bróndubh id' phortaibh;
'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!



'Éire, is tú d'fhulaing an milleadh ro-shearbh,
Is leat-sa do castaoi an t-asmhuchán garbh,
Is an t-éitheach do sgeitheadh ar do bheó is ar do mharbh;
'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhé!



'Éire, is mithid duit misneach do ghlacadh,
Tá do sgamaill ag sgapaidh, do shamhradh ag breacadh,
Ná mothuigheann tú an léir-theas taréis éirlaighe an
tseaca?
'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!



Tá bláth ar gach craobh úir, tá sgéimh ar an dtalamh,
Tá ceól agus aoibhneas i gcoilltibh bhí balbh;
Go deó, deó arís, ní bheir íseal ná dealbh;
'Éire, sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe,


L. 67


Ba thréan glan an guth do bhí ag Cormac i nós go
n-aireochaidhe gach sioladh dár chan go cruinn ar fuaid
an chábáin, is síos go bun an ghleanna uaignigh úd.
Tháinig lán-iongnadh ar na fearaibh. Bhí deireadh le
n-a gchuid racaireachta an oidhche sin, is do thuit ciúin-
eas doilghíosach dubh-bhrónach ortha go léir. Do lean
freangaidhe an ghotha uaignigh sin iad, is chuir dá n-aimh-
dheóin ag dían-machtnamh iad ar an tuirse bhí rómpa.


L. 68


AN DEACHMHADH hALT.



I dTREASAIBH NA nARM.



I lár an tsos bhrónaigh úd do sgread go dian dána
an aon fhear amháin faire do bhí leasmuigh. Cad do bhí
air? Bhí buidhean armtha ag teacht go lán-thapa fá n-a
ndéin! Bhí an ghealach 'na suidhe i dtreó ná féadfadh
aon dearmad a bheith air. Láithreach bhí muinntear an
Iarla go léir ar a mbunaibh, is le mire splainnc do
luigheadar ar an cábán do leagadh ar fad is do
sgaipeadh ó chéile, is na hearraidhe go léir a cheart-
ughadh. I gcionn tamaill bhig ní raibh aon chábán le
feicsint; leapacha, suidheacháin, áthraigh, cuireadh iad go
léir i leath-taoibh, is 'na n-ionad bhí arm faobhair. Ba
léir dóibh anois ná raibh 'san mbuidhin sin acht tim-
cheall caogad fear. Ba mhinic ag sleamhanughadh idir
na clocha iad, acht 'na dhiaidh sin bhíodar ag cur díobh
gan ró-mhaill.



Ní ortha féin do bhí na fir ag cuimhne, acht ar an
Iarla is ar an óglách. Ba bhreágh an rud le Cormac
bás d'fagháil i dtreasaibh na n-arm ag breacadh fód a
thíre le na chuid fola, acht anois b'éigin dó dul i bhfolach
i bhfochair an Iarla i gcumar do bhí ag dul isteach fá'n
gcarraig, fad do bhí an námhaid 'na dtimcheall. Dá
aimhdheóin bhais do cuireadh d'fhiacaibh ar an Iarla dul i
bhfolach; b'fhearr leis go mór seasamh go dána i
n-aghaidh an námhad, acht dubhairt a champánaigh leis gur
shuarach an ghlóir do bhí le fagháil ag seanóir ó bhás ar
thaobh chnuich i meadhón oidhche i measg uathadh beag fear.
Do chuireadar muinntear an Iarla i dtreó cosanta


L. 69


iad féin, is ba shocair dána a seasamh ag feitheamh leis
an námhaid.



Dála mhuinntire na Bainríoghna, is é do cheapadar
teacht i gan-fhios ar an mbuidhin eile, is dá bhrígh sin is
beag an t-áthas do bhí ortha 'nuair a chonnacadar iad
ullamh gléasda chum comhraic; acht anois ní raibh
leigheas air, caithfid dul 'na n-aghaidh. Is deimhin gur
bh'fhusa ádhbhar fear 'na gcodladh gan sgáth, gan
cosaint, do chlaoidheadh i lár na hoidhche, ná dul chum
coimheasgair le buidhin aibidh, clisde, armtha, lán do
mheanmain; acht bhí sé anois ró-dhéidheanach dóibh
teicheamh. 'Nuair a bhíodar i ngearracht lámhaighe dá
chéile chuir muinntear an Iarla maidhm do mhuscaitíbh
'na measg, do rinne manntach a dtreasa, acht do
luigheadar ortha - an méid nár thuit diobh - go dána
neamh-eaglach, agus is gearr go raibh an dá bhuidhin go
daingean i n-achrann 'na chéile. Do líon fuaim a
bhfuirse, a ngreadadh, a gcartadh is a sgreadaigh an
gleann; d'aith-fhreagradar na cnuic i gach taobh i dtreó
gur dhóigh leat go raibh mór-chogadh ar siubhal idir na
sléibhte. Is ró-shoilléir d'airighead fothram an chogaidh
'san uaimh ina raibh an bheirt, is ní raibh Cormac sásda
'na aigneadh gan bheith i measg na gcuradh, is 'nuair bhí
na turraingidhe ag dul i dtréine is na geóinte ag dul
i n-aoirde bhí briseadh ar an bhfoidhne aige, is do sgíord
amach fá'n ngleann. Do rug sé ar shleagh is do chaith sé
é féin i measg na ngaisgidheach go lán-dásachtach is ní
gan fuil do dhortadh é.



Is tapa do rinne sé amach óglách clúdaighthe le
héadach pláta, ar nár dhóigh leat go raibh fonn comhraich,
is do thug fogha dá sleagh fé. Do theip an céad urchar
air. Do dhruid an fear eile leath taoibh is do rug ar an
sleigh is do tharraingeadar ó chéile é go dian dásachtach.


L. 70


Taréis tamaill níor thaitn an cleas soin leó is fá mar
d'aontuighidís do raideadar araon uatha an shleagh is
do ghreamadar a chéile i n-iomarsgáil chruaidh chas-ach-
rannach. Taréis géar-chatha do síneadh Cormac ar an
dtalamh le mór-thuairt, is 'nuair a bhí fear an éididh
chum imshneamh do dhéanamh dá thurrainn do rug Cor-
mac ar chois air, is do tharraing leis go talamh é.



Do bhíodar araon annsoin ar an dtalamh go daingean
n-achrann 'na chéile mar dhá nathair nimhe, ag gearradh
is ag stracadh a chéile, gan sost, gan suaimhneas, gan
aoin'ne aca ag léigean do'n duine eile éirghe ná caoi
éirghthe aige féin, ag féachaint ar a chéile le fuath is
le dian-fheirg, ag unfairt is ag fuirseadh is ag fásgadh a
chéile. Doirteadh fuil eatortha go lán-tiugh. Bíodar
araon i léir-chrithibh báis le tachtadh is le múchadh is le
géar-bhrughadh. Do snaidhmeadh Cormac cum talmhan
le barróig fhir an éididh, is do snaidhmeadh eisean le
barróig Chormaic gan caoi ar sgaoileadh ná ar bhfuas-
gailt ag ceachtar díobh, go ráinig gur shatail fear do
bhuidhin na Bainríoghna 'na dhlúth-choimheasgar le námhaid
ar troigh fhir an éididh dá bhasgadh go daingean i dtreó
gur b'éigin dó a ghreim a bhogadh. 'Nuair mhothuigh Cor-
mac é féin sgaoilte do phreab sé ar a bhunaibh, do rug
ar an shleigh do bhí ina aice ar an dtalamh is do dhian-
sháthaigh an fear sínte tríd an muineál áit ná raibh
díon an éididh aige. Níor chorruigh sé ó shoin amach.



Is beag ná raibh deireadh leis an mbruighin. Do
claoidheadh muinntear na Bainríoghna, is ní morán
díobh do chuaidh slán as an ngleó. Acht do rug an
ceann urraid do bhí ortha a chnámha leis gan brughadh,
gan basgadh. Fear mór groidhe do b'eadh é, agus is beag
an tuirse bhí air ag cur an chnuic amach de taréis an
iomaidh sin. Acht ní raibh fonn mór cogaidh air an


L. 71


oidhche sin, óir ná feacaidh sé an tIarla i measg an
námhad. Níor thuit acht cúigear ar fad do bhuidhin an
Iarla. Ag gabháil timcheall do Chormac ag infhiúchadh
na mharbh do baineadh geit as 'nuair tháinig sé chum an
óglaigh do threasgair sé féin; mar cad a chífeadh sé
fá'n éideadh acht corp Éamuinn! Go dtí an uair sin
ní raibh aon fhios aige air fheall-bheartaibh Éamuinn. Ní
raibh sé gan droch-amhras air le déidheanaighe, acht anois
b'fhollas dó cad do bhí uaidh ó thúis. Cad iad na
smaointe do rith i n-aigneadh Chormaic 'nuair do mhacht-
naimh sé ar ghniomharthaibh an óglaigh úd, ar a ghliocais,
ar a shleamhanacht, ar a urradhas aithiseach, ar a bhladair-
eacht béil agus a chroidhe lán d'fheall. D'aithris sé
do'n Iarla ciannos do theagmhuigheadar le chéile ar
dtúis is ciannos do mealladh é féin leis.



Dála muinntire an Iarla do bheartuigheadar gur
fáidh éigin Cormac do tháinig cum iad do shaoradh ó
mhillead na nGall; mar b'ar a shon d'fhanadar suas
chomh déidheanach an oidhche sin, fá mar a mbeith siad ag
feitheamh de n-am ar an námhaid, agus nár mhairbh sé
len' uillin féin an t-óglach úd an fheill. Do chuar-
duigheadar balcasaidhe an óglaigh; is ó litreachaibh do
fuaradar ionnta b'fhollas dóibh gurbh' cladhaire é, go
raibh sé ag iarraidh ceann an Iarla d'fhagháil dó féin,
is go raibh sé fá mhionna Cormac do mharbhadh, is gur
bh'é Domhnall Dubh ceann urraid do bhí an oidhche sin
ortha. Ní raibh aon trácht ar an gCaomhach, is cé gur
mhór é a iontaoibh as, do chuir claon-bhearta na beirte
eile droch-amhras in'aigne i dtaobh an Chaomhaigh. Bí
eagla air go raibh seisean leis iompuighthe i gcoinnibh
an Iarla.


L. 72


AN tAONMHADH hALT DÉAG.



AN GLEANN.



Do chuir an gradam do fuair sé i measg na bhfear
so lán-áthas ar Chormac; acht ní gan brón do mhacht-
naimh sé ar éachtaibh na hoidhche sin; ba léir anois dó
go raibh nathar nimhe dá oileadh le fada aige 'na bhrollach
is gur dhóbair dó bhéith cnaoidhte leis. An raibh na
campánaigh do tháinig leis ó Chorcaigh go léir 'na
gclaidhiridhe? Ba shearbh an rud leis fiú droch-amhras
do bheith aige ortha. Acht níor bh'aon am machtnaimh é,
is an oidhche geall le caithte. B'fhollas dóibh anois go
bhfillfeadh an t-athach do bhí mar cheann ar an mbuidhin
sin do ruaigeadh, le gasradh eile níos tréine is ná bheith
neart aca iad féin a chosnamh ortha dá bhfanfaidís
annsoin. Is í comhairle do cheapadar fanamhain mar
a rabhadar go maidin is aistiriughadh lá'r na bhárach go
gleann eile i gcéin. Dá bhrígh sin ar bhreacadh an lae
do chuireadar beirt fhear rómpa chum ionad comhnuigh-
the do shocrughadh dhóibh i gcomhair na hoidhche. D'fhil-
leadar na fir tar n-ais, ag rádh ná raibh an námhaid le
feicsint i n-aon bhall, go raibh bóthán beag déanta
amach aca ina bhféadfadh an tIarla codladh, is gur chóir
dóibh a n-aistir a dhéanamh i bhfíor-thosach na hoidhche.



Acht do faireadh an bheirt fhear so, is do cuireadh
cúntas a dturais go dtí an athaigh. Do bhailigh Domhnall
buidhean eile is do chuir sé féin is fear do mhuinntir
Muircheartaigh a gcuid curadh le chéile. Bhí an Muir-
cheartach ar lasadh chum díoghaltas a bhaint do'n Iarla
ar mhasladh éigin a dubhradh gur chuir a mhuinntear sin


L. 73


air. Do rinneadh dhá chuid do'n bhuidhin nua soin; do
cuireadh roinnt aca chum faire, is d'orduigheadh do'n
roinnt eile bheith ullamh chum siubhail go tapa i n-aghaidh
an námhad.



Cé go raibh sé chomh mór aindeas soin, do toghadh an
t-athach mar cheann ar an mbuidhin a bhí le faire, i ngeall
ar an eólas a bhí aige ar na sléibhtibh is ar fheabhas
a choisídheachta. Chuaidh an Muircheartach féin leis an
chuid eile. Ar aistiriúghadh do mhuinntir an Iarla, um
thráthnóna, do bhí an t-athach le n-a bhuidhin i bhfolach san
bhfraoch ag tabhairt fá deara gach cor do chuireadar
díobh. D'fhaireadar iad ag dul treasna na gcnoc ar
thuitim na hoidhche is ag sleamhnughadh síos le fánaid
gur cheil an mór-sgamall dorchadais do leath mór-
dtimcheall ar fad iad. Acht ní raibh dearmad ortha i
dtaoibh an tsligheadh do thógadar; bhí eólas cinnte ag
Domhnall ar an ngleann ina bhfeacadar an bheirt fhear
ar maidin. Is chomh luath is chonnaic sé an bhuidhean
ag tabhairt a n-aghaidh ar an áit chéadna do cheap sé
i n-a aigneadh an ball i n-ar dheallramhach go bhfanfaidis
an oidhche sin; is 'nuair a bhíodar imthighthe as radharc do
chuaidh sé le n-a bhuidhin fá dhéin muinntire an
Muircheartaigh.



Ar chloisint an chúntais sin dóibh do tháinig
lán-áthas 'na gcroidhe, agus is tapa d'ullmhuigheadar iad féin
chum bheith i n-athchumaireact do'n ghleann soin ar theacht
an lae. Bhí, go deimhin, cuid do'n bhuidhin sin is níor
thaitn an obair a bhí rómpa leó, níor shanntuigheadar
airgead na Bainríoghina, is níor mhian leó fuil an Iarla
a dhortadh; acht b'éigin dóibh géilleadh do thoil a dtaoi-
seach. Bhí tuilleadh aca ag brath ar airgead d'fhagháil,
is ba chuma leó cia an nós, acht ní raibh 'san ghasradh
soin aon fhear chomh sanntamhail chum airgid ná chomh


L. 74


cíocrach chum fuil an Iarla do tharraing le Domhnall
Dubh féin, ceann urraid na buidhne. Is fíor go dtug
sé iarracht ar an bhfeall do bhí 'na chroidhe a cheilt; acht
bhí an droch-fuadar do bhí fé ró-shoilléir, is níor bh'féidir
sgáth a chur air. Bhí fuath ag a lán do'n bhuidhin dó,
agus is mór gur bhfearr le cuid aca a sgórnach a
ghearradh ná sgórnach an Iarla.



Dála mhuinntire an Iarla, is mall socair do ghluais-
eadar le fánaidh, is cé go raibh dorchadas ró-mhór ann,
níor theip ortha an cabán air ar cheapadar an bheirt ar
maidin d'aimsiughadh. Cró follamh do b'eadh é, ceithre
troighthe déag ar fhaid is deich troighthé ar leithead.
Níor bh'fada ó cuireadh nuadh-dhíon air, is chuirtí caoirigh
is gabhair ann i ngarbh-shíon. Níor shuarach an obair do
na fearaibh slacht a chur ar do'n Iarla; acht is fonn-
mhar do luigheadar ar an ngnó soin agus is gearr ná
aithneochá an cabán soin do chóirigheadar chomh háluinn
sin é. D'aduigheadh béithleach teineadh gan maill is
d'ullmhuigheadh biadh. Do shuidh an tIarla chum bídh, lán
do sgléip. Do sgéidh a chomhrádh uaidh 'na tréan-
thuile ag cur meanma is muinighín i gcroidhthibh na
bhfear.



“Cad é an brígh mo bheatha-sa,” adeireadh sé, “táim-
se anois ag druidim leis an uaigh; acht fanfaidh cúis
mo chreidimh is mo thíre im' dhiaidh. Tógfar suas an
chúis sin le daoinibh eile - daoine níos treise ná mise -
Ná smuainigh, a mhic mo chroidhe,” ar sé, ag deimhniughadh
do Chormac, “go bhfaghaidh an chuis atáim a chosnamh bás
liom féin. Ná smuainigh gur ag brath orm-sa bhéidh sí
chum í chur ar aghaidh. Táim-se ag déanamh mo dhíchill
chum í thabhairt suas dóibh seo thiocfas im' dhiaidh gan
teimheal. Tá mo charaid go léir imthighthe. Do thuit-
eadar 'san mbruighin seo ar son a saoirse is a gcreid-


L. 75


imh. Do b'fhearr liom” - agus ag rádh soin dó d'eirigh
an sean-duine is shiubhail sé go dtí an taobh thall do'n
tseomra chomh acfuinneach is dá mbeith lúth na hóige
'na chnámhaibh fós - “do b'fheárr liom tuitim i ngleó do
thír is do chreideamh 'ná bheith beó taréis buaidh onóraigh.
A Chormaic,” ar sé arís, ag deimhniughadh chum an
óglaigh, “taoi-se léigheannta go leór. An gcualais riamh
trácht tar fhear chríonna dár b'ainim Murchadh Liath? Do
mhair sé tamall im' thigh, is ba mhór aige mo shean is mo
shinsir. Fear do b'eadh é do shiubhail a lán is ní beagán
léighinn a bhí 'na cheann. Bhí sé lán d'eachtraidhibh ar mo
charaid - ar na sean-ghaisgidheachaibh a tháinig romham.
Gan amhras do bhí beagán mhearbhaill air, agus taréis
mo teach-sa d'fhágbháil do chomhnuigh sé, fá mar dubhradh
liom, 'san ghleann so, ag déanamh rann is tarngair-
eachta ar nós na sean-shuadh. Do chualas féin tarn-
gaireacht éigin do rinne sé ar mo mhuinntir, acht níor
thuigeas riamh í.”



Do labhair fhear dhá bhuidhin do bhí ag éisteacht leis an
sgéal soin, is dubhairt go raibh an fáidh úd go déidhean-
ach 'san ghleann soin agus gurab ins an teach chéadna
soin do chomhnuigheadh sé, go dtéidheadh sé i measg na
gcomharsan ag iarraidh déirce is ag déanamh suilt
dóibh le n-a chuid rann is tarngaireachta. “Agus cad
d'imthigh air?” ar an tIarla, go neamh-shuaimhneasach.
“Fuair sé bás ins an ghleann so, tá dó nó trí seacht-
mhainidhe ó shin,” ar an fear eile; “do bhí sé ag siubhal ó
thigh go tigh, lá, go dtáinig dorchadas na hoidhche air, is
'nuair a thug sé iarracht ar a bhothán a dhéanamh amach
chuaidh sé amugha, is lá'r na bhárach fuaradh sínte marbh
é le hais mór-chairrige, is rann éigin rúnach tarngair-
eachta fásgtha go daingean 'na dhorn.”



Níor fhan dath - acht dath gránna an bháis - i leacain


L. 76


an Iarla, tháinig mór-thocht dóláis air - ní fheadair sé
cad é a chúis. Níor fhan focal ann, cé go raibh sé nóim-
eint ó shoin go meanmach meidhireach ag comhrádh is
ag caitheamh aimsire le n-a champánachaibh. Do thug sé
iarracht ar ghreann a dhéanamh is níor bh'fhéidir leis é.
Do tháinig baill-chrith air is thuith sé siar ar an urlár
go tréith is go lag-bhríoghach. Cad do dhoilbhigh é? An
amhail an bhfeacaidh sé tuar a bháis féin ins an sgéal so?
An fear a bhí chomh fada soin 'na thigh, do rinne an
oiread soin tarngaireachta ar a charaid, do chomhnuigh
tamall 'san mbothán chéadna soin, d'fhagháil bháis 'san
gleann soin! Is ró-deallramhach gur b'é a smuaineadh
ar na neithibh sin do chuir crith-eagla air, do bhain a
chainnt de, is d'fhuadaigh a chuid fola as a leacain.



Dála Chormaic, do rinne sé níos mó do'n chomhrádh
soin ná do léig sé air. B'fhollas dó anois gurab é
faidh an ghleanna an fear céadna d'árduigh a mheanma
féin le n-a chuid tarngaireachta an lá úd is é ag teacht
ó sgoil, is do chuir cochal air chum ceasna a thíre do
léigheas dá mb'fhéidir, is b'iongantach leis go raib sé
san teach chéadna i n-ar mhair an sean-shuadh úd ins an
ghleann i n-ar cailleadh é, is go raibh sé i bhfochair an
taoisigh do seasaibh in' aonar i n-aghaidh námhad a thíre
is a chreidimh. An sgéal céadna do chuir crith-eagla
báis ar an Iarla do líon sé croidhe Chormaic le dóchas
is le meanmain. Níor thagair sé riamh roimhe sin do,n
fháidh sin 'na chomhrádh leis an Iarla, i ngeall ar an treó
'na bhfeaca sé é, is anois cé go raibh sé féin lán do
meanmain níor lámhaigh sé trácht thairis ar eagla go
gcuirfeadh sé tuilleadh buaidheartha ar an tseanduine.



Do caithead a lán do'n oidhche mar so eatortha, is fá
dheireadh dubhairt duine éigin gur mhithid dul i chodladh.
D'aontuigh an tIarla, acht ní le subhachas mar ba ghnáth


L. 77


leis, agus ag breith ar láimh ar an óglách le muinn-
teardhas dubhairt - “Do chuadhas-sa chum comhraic
d'fonn mo dhuthchas is mo chreideamh do chosnamh ó Ghal-
laibh; ní'lim tuirseach do'n ghleó, acht i dtaobh bhuaidh -
tá sé ag brath ar thoil Dé. B'fhéidir ná tiocfaidh sé go
fóill, acht fágaim le hudhacht agat-sa an chúis sin gan
teimheal, gan éisling is ag gach n-aon ghrádhas fírinne
is saoirse.”



Is dubhach, lán-chumhach do labhair an tIarla, is níor
bh'féidir le Cormac freagradh le lán-tocht bróin. An
tIarla do bheith doilbh is eadh chuir gruaim air; níor
chuimhnigh sé i n-aonchor ar a cheasna féin; agus is mar
sin do sgaradar ó chéile i gcomhair na hoidhche. Do
chodladar araon 'san mbothán i leapachaibh deighilte
ón-a chéile. Do chodail cuid do na fearaibh i gcabán
leasmuigh; is b'éigin do chuid eile aca dul treasna an
chnuic ag féachaint i ndiaidh bó. Do chodail an tIarla
go sámh, agus ag dúiseacht dó roimh lá d'éirigh is do
chuir a chuid éadaigh uime, is do luigh sé go lán-dícheal-
lach ar theinidh d'adughadh. Bhí iongnadh a chroidhe ar
Chormac é d'fheicsint ag éirghe chomh moch soin, is, ar
eagla gur taom éigin a bhí air, d'eirigh sé féin go tapa
'na dhiaidh. Do chaith an seanduine é féin ar a ghlúnaibh
is do ghuidh sé go durachtach ar feadh tamaill. Bhí an
teine d'adaigh sé 'na lán-lasadh is ag leathadh a chuid
solais 'na thuile tríd an mothán bheag úd dá théitheadh
is dá sheasgarughadh i gcúntas nár chleachth sé riamh.


L. 78


AN DARA hALT DÉAG.



AN LÉIR-SGRIOS.



Bhí an lá ag breacadh. Bhí spíce beag solais le
feicsint leastoir ag dathughadh barr na sléibhte. Bhí
lóithne fionn-fhuar garbh-ghéar ag séideadh is ag cronán
go brónach, doilbheach tríd an ghleann. Ba dhiamhair
uaigneach é radharc an ghleanna soin is an solas ag
dul i neart, na tora muthallacha bána ag crothadh a
gcochall coisne díobh féin le gach séidóig gaoithe, is
dá lán-luasgadh fá chomairce na mor-chrann, is an
talamh cruaidh-shleamhain ó'n sioc.



Bhí an tIarla tré n-a chéile i dtaobh na bhfear do
chuaidh chum na beitheidhigh do sholáthar, is níor bh'annamh
ag rádh é gurab iongantach ná rabhadar ag filleadh
“Tá sé ró-luath fós,” a deireadh Cormac; “is ar
éigin atá breacadh an lae ann. Ní dhéanaim amhras
ná go mbéid siad annso láithreach.” Ag comhrádh mar
sin dóibh do briseadh isteach doras an bhotháin le
tréan-bhuille, is gan maill nóimenite bhí gasradh fear
lán-armtha 'na seasamh ar an urlár. Ar dtúis do
shíl an tIarla gur bh'iad a mhuinntear féin iad is bhí
iongnadh air iad a theacht isteac chomh fiadhain sin.
Acht níor fág a n-imtheacht aon amhras air 'na dtaobh
agus is gearr gur bh'fhollas dó go raibh sé imeasg a
námhad.



Ní raibh 'san mbothán an taca soin acht an tIarla
féin is Cormac is seanóir eile. Ar thaobh an námhad
b'shin é Domhnall Dub - níor b'fhéidir dearmad a
dhéanámh ann - fíochmhar, feargach, garbh-fhiadhain, is go


L. 79


léighfeá íota fola is óir 'na gharg-ghnúis dhroch-
fhuadrach. Do labhair Cormac leis i nguth árd is dána,
is dubhairt: “A Dhomhnaill, cad tá uait? Sáthaigh mise
tré lár mo chroidhe is léig do'n taoiseach aosda
onórach so,” - is ag rádh na bhfocal soin dó, chaith sé é
féin idir an t-athach is an tIarla. Do dhruid Domhnall
uaidh i leath-taoibh é, is dubhairt: “Bíodh foidhne agat,
fan go mbéimid réidh leis an gcuradh ar dtúis, tá
breith agat air, ní dhearmaidfear thu, ná bíodh eagla
ort.” Is gan maill d'aimrigh sé buille ar cheann an
Iarla. Do mharbhóchadh an buille sin é acht gur chosain
sé é féin le n-a láimh. Do géar-ghoineadh a uilleann dá
chur i sior-phiantaibh, acht ní thug sé braon fola. Cé
gur mhór a chuid pianta níor liúigh is níor sgread an
seanduine, agus is cródhach fearamhail adubhairt:
“Suas ar do láimh! Is mise Iarla na Deasmhumhan!
An im' mharbhadh ataoi, a chladhaire?” Cé gur léir do
Dhomhnall gur bh'é an tIarla do bhuail sé, do chuir an
t-adamhughadh soin breis mhisnighe air, is thug sé iarracht
eile fé, dá ghearradh 'san mhuineál i gcuma gur rith an
fhuil 'na caise go talamh ó'n gcneadh,



Tar éis an bhuille sin, cé nár thuit sé níor fhan lúth
'na bhallaibh, acht is soiléir d'airigheadh é ag rádh:
“Éagaim d'onóir Chriosd is do shaoirse mo thíre.”
Ba shaidhbhreas do Chormac na focail sin. Dá mhéid é
a chuid cumhadh do chuireadar ag dian-mhachtnamh é ar an
tuirse bhí roimh mhuinntir na hÉireann, is an dubh-cheó
d'éirigh 'na shlighidh féin is chuir deireadh le n-a cuid
dóchais go deó.



Ar feadh na haimsire seo do chongbhadar beirt
fhear Cormac is ní gan duadh é. Do tharraingeadar
an t-athach mór is beirt eile an tIarla amach tar
dhoras is é ag tabhairt a chuid fola i dtréan-thuile.


L. 80


Do shíneadar é ar an dtalamh amuigh tamall beag ó'n
mbothán, is annsoin do buaileadh arís is arís eile é.
Bhí cnead a mhuinéil anois chomh leathan soin, is bhí an
fhuil ag gluaiseacht as chomh tiugh soin go raibh eagla ar
an athach go gcaillfidhe é idir a dhá lámhaibh. Ar an
adhbhar soin bhuail sé buille thuaigh air chum an ceann a
bhaint de. Acht tháinig crith 'na láimh is níor fhéad sé a
chuid nirt ar fad a chur 'san mbuille. Do thug sé iarracht
eile, agus leis an treas iarracht do bhí ceann Iarla na
Deasmhumhan sgartha leis an gcorp go deó na ndeór.



An fhaid a bhí an léir-sgrios so dá dhéanamh bhí
Cormac go neamh-shuaimhneasach fá ghreim ag an
mbeirt úd is gan uaidh acht tuitim dá mb'fhéidir i
dteannta an Iarla, is óir do theip sin air ba dhoilbh
iad na hosnaidhe i n-ar labhair brón a chroidhe. Is ar
cheann an Iarla do bhí Domhnall ag brath go bfaghadh sé
an t-airgead. Is uime sin is aireach do ghlan sé an fhuil
de, is do chas go ceanamhail i linn-éadaigh é, is do
cheartuigh an cheartlinn sin i dtreó go bféadfadh sé é
bhreith leis go háiseamhail go Caisleán na Mainge. Do
sgaoil an bheirt Cormac uatha annsoin. Do rith an
t-óglách go dian-chráidhte chum an choirp gan ceann do
bhí smeartha le fuil agus d'fhan sé le n-ais ag síor-
faire is ag dian-mhachtnamh ar a ghlúnaibh go brónach,
lán-uaigneach, gan féachaint anonn ná anall, gan focal
do labhart, gan deor do shileadh, gan na neithe do bhí
ar siubhail timcheall air do thabhairt fá deara. Acht
bhí sé ceapuighthe ag an athach é thógáil leis, is óir ba
mhithid dóibh filleadh tar n-ais do chuir sé beirt fhear
chum é a bhreith leó. Do liúigh Cormac chomh truaigh-
mhéileach soin 'nuair thugadar iarracht ar é tharraing
leó ó'n gcorp go léighfeadh sé garbh-chlocha an tsléibhe
chum truaigh is taise dhó.


L. 81


Is cruaidh an námhaid ná bogfadh chum truaigh ar
fheicsint an óglaigh dubhaigh chráidhté úd dá chaitheamh
féin ar an gcarnán cré is fola úd dá snaidhmeadh féin
leis go dian-daingead, is ag rádh, “Fág, ó fág mé i
bhfochair mo charad! - marbhaidh mise leis!” Ní fhuair na
fir ionnta féin é a thabhairt leó. Acht níor mar sin
do Dhomhnall - ní raibh an croidhe chomh bog soin aige.
Bhí deithneas air. Bhí ceann an Iarla greamnighthe 'na
láimh chle aige, agus is mar sin do tháinig sé chum na
háite ina raibh Cormac ag fuirseadh leis na fearaibh.
Do rug sé ar ghualainn air is d'árduigh leis é. Anois
cá raibh an mhaitheas 'na chuid fuirse is únfairt is
liuithrigh?



Acht féach! tá gasradh fear ag cur an ghleanna dhíobh
go lán-mhear, ullamh, gléasda, chum comhraic, agus is
deallramhach go bhfuilid ar thí an tIarla a sgiobadh leó
beó nó marbh. Do chóirigh Domhnall a mhuinntir féin
'na n-aghaidh, is é féin ag congbháil greim ar Chormac,
is dian-ghreim ar cheann an Iarla 'na dhá láimh. 'Nuair
a thángadar na fir eile i ngearracht dóibh b'fhollas go
raibh fonn comhraic ortha. Do bhí fear lúthmhar, tapa
mar cheann urraid ortha. Ba mhear, dian, dána, do
chuir sé an gleann de; is ní raibh dearmad ná him-
theochadh sé gan droch-obair. 'Nuair bhí an dá bhuidhin
os comhair a chéile do bhog an t-athach do gheit do Chor-
mac, is do sgread sé mar tharbh allta. Dobhúir sé
arís is arís eile, is, cé gur ró-dheacair leis é, do raid
sé ceann an Iarla uaidh is do theich sé i lán-ghealtaigh,
mar dob'é an Caomhach - an fear do mhairbh sé, mar
ba dhóigh leis - do bhí 'na cheann ar an námhaid! Ní raibh
eólas ag aoin'ne ar chúis a bhuile, is tháinig briseadh is
mí-órdughadh ar a ghasradh, is do shleamhnuigh Cormac
anonn go taobh an Chaomhaigh gan duine dá mhothughadh.


L. 82


Is beag an dúil i ngleó bhí ag gasradh an Chaomhaigh
'nuair fuaradar an tIarla marbh rómpa, is bhí gach
taobh ullam chum siothcháin a dhéanamh go mór-mhór óir
ná raibh an t-athach le fagháil - mar d'imthigh sé ar buile
as a radharc ag béiceadh is ag dian-sgreadadh go
fiadhain fraochmhar fíor-eaglach. Ar an ádhbhar soin, do
rinneadh siothcháin láithreach eatortha is do ghluais
muinntear na Bainríoghna ortha go Caisleán na
Mainge ag breith cinn an Iarla leó is d'fhan gasradh an
Chaomhaigh annsoin chum an corp d'anachadh is do fágadh
Cormac i n-aenfheacht leó.



'Nuair a bhí a sháith caointe déanta ag an óglách os
cionn chuirp an Iarla do chuir sé fáilte lán-chairde-
amhail roimh an gCaomhach is do bheir sé buidheachas go
taitneamhach leis an té do sgiob é an dara huair ó
lámhaibh na n-eachtrann, is do luigheadar ar chainnt go
céileamhail ar an gcuma i n-ar theagmhuigheadar le chéile
arís. Ó d'fhág sé Cormac go tréith na leabaidh do bhí
an Caomhach ar a dhícheall ag bailiughadh fear chum an
tIarla a chosnamh, mar bhí a shár-fhios aige go raibh
Domhnall ag faire air chum a thógtha nó a mharbhuighthe.
Ar feadh a bhfad ní raibh fios aige ar ionad comhnaidhthe
an Iarla, is ba dheacair fir d'fhagáil do chuirfeadh iad
féin i gcontabhairt ar a shon. Do bhí beirt fhear leis
ag faire ar an athach agus is uatha soin do fuair sé
eolas ar a raibh ar bun an oidhche sin aige; is dá
n-aontuigheadh Dia go dtiocfadh sé i n-am ar maidin
bheith an tIarla slán beó 'na measg an tráth soin.



D'iompuigh a gcomhrádh ar Dhomhnall is ar an bhfeall a
bhí 'na chroidhe, ar an Iarla is ar a mhuinntir. Ó theag-
mhuigheadar ar dtúis le chéile ní raibh caoi aca ar thrácht
ar a muinntir féin, is uime sin ní raibh eolas ag aoin'ne
do'n bheirt ar ionad comhnaidhthe an fhir eile; acht anois


L. 83


óir ba mhithid dóibh cuimhne ar dhul a bhaile b'éigin dóibh
labhairt tar na neithibh seo. D'fhiafruigh an Caomhach
do Chormac cár chomhnuigheadar a thúismightheóiridhe.
“Maireann mo mháthair,” ar Cormac, “i gClais
Doimhin acht tá m'athair le fada as baile. 'Nuair a
bhris an bhuaidheart so amach ar dtúis, is iomdha
bliadhain ó shoin, d'fhág m'athair an baile is as soin
amach ní bhfuaramar aon tuairisg air. Is é mheas-
aimíd go bhfuil sé marbh le fada riamh. A Dhia na
ngrás, dá bhfeicinn m'athair arís is ró-shásda bhéidh
m'intinn!” “Tá t'athchuinige fagháltha agat cheana,”
ar an Caomhach, ag snaighmeadh a lámh timcheall air,
“is mise an t-athair sin dob' áil leat fheicsint!”



Bhí Cormac, amhail adubharamar, géar-chúiseach, is
anois is tapa do rith in' aigneadh na bearta cruadha
ina raibh sé go déidheanach is cia an nós do shaoruigh
Dia é ó gach ceasna, is do chuir a athair féin chuige
chum a lán-bhruid a sgaoileadh is bheir sé buidheachas le
Dia le saor-chroidhe. Acht cé gur mhor an t-áthas a
chuir radharc a athar air níor thaise do'n tocht cumha do
chuir a chroidhe fá smúid i ngeall ar íde an Iarla -
do bhí riamh go daingean 'na chuimhne. Ba dhubhach
an obair a bhí rómpa. Do sgaoil an Caomhach -
Conallach do b'eadh é - na fir a tháinig leis a bhaile acht
amháin ádhbhar beag do chongaibh sé chum cabhruighthe leó
i gcomhair anachaidh an Iarla.



D'fhaireadar an oidhche sin an corp úd gan ceann
do bhí sínte go cóirighthe fá ghéagaibh árd-chrainn. Ba
doilbh an tórramh é, ní raibh coinnealla ná soillse ann,
acht réilte na spéire ag dian-thaitneamh as ag tuar
cuisne i gcomhair na maidne; ní raibh uaill-ghol ban le
cloisint acht doilbh-chronán na garbh-ghaoithe ag sios-
mharnach go huaigneach tré ghéagaibh nochtuighthe na mór-


L. 84


chrann, is ag réabadh drislighe is dá sgaipeadh i gcéin.
Acht níor chuir sioc ná fuar-ghaoth Cormac ná athair
Chormaic ó'n a ndian-fhairead le hais an chuirp tré
íochtar mhall na hoidhche, ní mór a labharadar acht air
uairibh ba thréan a ngéar-osnaidhe. Anois is arís do
thagadh tocht cathuighthe ar Chormac i dtreó go gcluin-
fidhe gach cnead doilbh-dhubhach uaidh ar fuaid an ghleanna
is b'iongnadh nár éag sé le garbh-ghuais bróin.



Tar éis an tórraimh fhíor-uaignigh úd do rugadar
an corp gan cheann go Cill na Manach, roilig do bhí
tímcheall cheithre mhíle uatha, agus annsoin do cuireadh
ar fhan i n-Éirinn d'Iarla na Deasmhumhan. An fhaidh
a bhíothas dá chur síos 'san uaigh is dá chlúdach le cré
dubhradh urnaighthe dá anam is 'nuair bhí an obair
críochnuighthe do chan Cormac le hárdh-ghuth go doilbheach
buaidheartha an marbhnadh so.


L. 85


AN TREAS hALT DÉAG.



MARBHNADH IARLA NA DEASMUMHAN.



CORMAC UA CONAILL



DO CHAN.



Dubh-chiac is pian mo chliabh do bhreóghann,
Tá gliag im' ghiagaibh dian le brón.
Ó ciapadh m'Iarla, a Dhia, tar fóir,
Groidhe-thriach, ró-fhial, ba thrian i ngleó.



An fhíor-fhuil chaoin do shíol ó'n nGréig,
Dlút-shnaidhm ar dtíre siorraidhe réidh,
Is fuígheach i bhfíor-lár chuimheasgair sgéidh,
Mo sgíos mar sgaoileadh síos faoi'n gcré.



Ná ceartaidh leac do raghadh i mughadh,
Ná beartaidh feart-laoidh leamh, gan chumha,
Ná fairidh leasg, gan phreabh, gan lúth -
Glacaidh bhur n-arm neartmhar dlúth.



Béidh fuaim a thuairisg uaibhrigh chaoin,
I nduantaibh suaidhte i n-uaim chirt mhín,
Beidh suadha suairc ar chruaidh-chruit bhinn,
Dá luadhadh go buan 'measg uaisle is buidhin.



Ní mian liom sian ar grian 'san spéir,
Ní mian liom giar-ghuth trian na n-éan,
Tá ciach ag iadhadh ar mo chliabh go léir,
Is m'aois is sia seacht mbliadhain ó 'réir.


L. 86


Acht ní croidhe-bhrughadh, ná cumha, ná deóir,
Dá chaoineadh súd 'san úir is cóir,
Acht dibhfhearg dlúth le lúth is tóir,
Is sgeimhle dubhach ar bhúir i ngleó.



A fhir-fhuil dhílis, chaoin, Dheasmhumhan,
Ná dísg i gcroidhe na tíre úir,
Go síolfaidh buidhean bheas fíochmar dlúth,
Ag díbirt námhaid tar tuinn anonn.



Beidh bláth an earraigh cluthmhar, ciúin,
Ag fás, 's ag gealadh, os do chionn,
Beidh sgáth ar maidin ag an ndrúcht,
As sgáil ó chrannaibh thart anonn.



Beidh cuach gan bhuaidheart, gan ghruaim, annsúd,
Beidh cuaird ag uanaibh buan 'san gclúid,
Beidh luasgadh luath, le fuaim duilleabhair,
'San suairc-fhear snuadh-gheal fuar 'san úir.



Do b'áil leis stair 'na cheart, is dréacht,
Do b'áil leis greas go deas ar chéis,
Do b'áil leis fras na n-eas ar shléibh,
As cantain greannta deas na gcraobh.



Ní'l aoibhneas ghrinn 'san tír, acht cumha,
An taoiseach groidhe ó shín 'san úir,
Tá a chuimhne sgríbhthe síos go dlúth
I mongaibh mín 's i gcríochaibh Mumhan.



Ba mhear a ghasradh óig-fhear groidhe,
Ar fhaithche ghlas 'sar chóir-chnuic mhín,
Ag basgadh Danar crón le claidheamh,
Ó Dhaingean theas go hEóchaill chaoin.


L. 87


Acht chím go cruinn mo díth 'na éag,
Is cinnte sinn gan bhrígh 'na dhéidh,
Is fúidheach bhead síorraidhe ag caoi na n-déar,
Go sínfead síos 'ga thaoibh i gcré!


L. 88


AN CEATHRAMHADH hALT DÉAG.



DEIREADH



Ba dhoilbh é fuaim gotha Chormaich ag cantain an
dáin sin go huaigneach i lár an roilige 'nuair a thagadh
sé chum na bhfocal i n-ar fhógair sé ruagairt is lán-
threasgairt ar na Gallaibh do sheasuigheadh sé, 'na lán-
aoirde is do lasadh a ghnúis le dásacht is le neamh-
spleáchas. Ní minic do casadh caoineadh le guth chomh
dian, chom huaigneach soin.



Acht bhí an léir-fhaire is an dian-mhachtnamh soin
ró-throm do Chormac agus tar éis an mharbhnaidh do
chríochnughadh do tháinig garbh-ghuais neamh-chuibheasach air
is do thuith sé i bhfantais ar an dtalamh. Do thóg a
athair a bhaile é breóighte lag-bhríoghach, is do chuir i
leabaidh é, is as an leabaidh sin níor éirigh sé riamh arís
Ba mhinic ag labhairt é 'na mhearbhall tinnis ar na
neithibh tré n-ar ghabh sé, is níor b'fhéidir leis an rann
rúnach úd thug Murchadh Liath dhó a chur as a cheann. Bhíodh
sé i gcomhnaidhe ag iarraidh é do chraoibhsgaoileadh, is i
gcomhnaidhe ag casamh daor-bhruide na hÉireann. Acht
níor b'fhada uaidh an deireadh anois. Do leath an
tinneas tré n-a chnámhaibh, is tré n-a bhallaibh go léir.
Do tháinig gluthar an báis 'na bhrághaid is d'árduigh sé é
féin ar a ghlúnaibh le garbh-ghuais. 'San dtreó soin do
leath sé a lámha is dubhairt: “A Dhia, beir m'anam
leat go flaitheas is saoruigh mo thír ó throm-bhruid. Ní
raibh uaim acht an lá d'feicsint i n-a gcuirfidhe lán-
ruagadh ar Ghallaibh tar tuinn; acht ó 'sé do naomh-
thoil glaodhach orm roimh an aimsir sin, atáim sásda an


L. 89


saoghal d'fágáil. A Dhia, glac mé id' chúirt go deó!”
Iar rád na bhfocal soin dó do tháinig lagachar air, is
thuit sé siar is d'éag gan mhaill. Do chuireadh le hais
an Iarla é, agus is sámh é a gcodladh i gCill na
Manach le trí chéad bliadhan.



Roinnt bliadhanta i ndiaidh na neithe seo do bhí
mathshluagh cruinnighthe le hais carchair i Sagsana. Bhí
fear le crochadh agus ba léir go raibh grain ag an
ngraisg sin air. Is iomdha fhear do mhairbh an méirleach
soin agus anois b'éigin do díol as aon mharbhadh
amháin. Do tógadh an groidhe-fhear soin amach idir a
choimeadaidhe is ba dhuairc, ba dhoirbh a dhreach. D'féachadh
sé mór-dtimcheall le crith-eagla mar a mbeith na
mairbh dá taisbéanadh féin dó nó guth ó'n saoghal eile
ag fógradh a chionnta dhó. B'fhiadhain, neamh-thruaigh-
mhéileach é sgread an mhathshluaigh sin 'nuair a thuit sé
marbh os a g-comhair.



Ní féidir linn acht sgéal gairid do dhéanamh do
shaoghal athar Chormaic 'na dhiaidh sin. Do chuir an
blaiseadh soin fuair sé do chleasaibh na n-arm, is an
muiníghin do bhí aige a cúis a thíre, misneach air chum
dul tar lear óir ná raibh glaodhach 'san mbaile air. Do
chuaidh sé go dtí an Sbáinn, is níor bhfada gur éirigh
sé go hárd 'san arm le n-a chródhacht is le n-a chalmacht.
Acht bhí a chroidhe 'na dhiaidh i nÉirinn, agus is iomdha
iarracht do thug sé ar theacht tar n-ais le buidhin
neartmhar Sbáinneach chum na n-eachtrainn do ruagadh
as fearannaibh na Mumhan. Bhí buidhean ullamh chum
teacht leis i bhfochair an tsluaigh do ceapadh d' Aodh
Ruadh Ua Domhnaill 'nuair do milleadh an curadh
óirdhearc soin i mor-thuile a bheathadh le feall-
bheart na nGall.



Do léigheadh sé go cíocrach na héachta do rinneadh


L. 90


'san mbaile na dhiaidh sin is go mór-mhór na neithe do
bhain leis na Gearaltachaibh. Ar uairibh do ritheadh 'na
aigneadh an rann rúnach úd do thug Murchadh Liath an
fáidh buile do Chormac fad ó shoin, is, lá, 'nuair chuala
sé bás Iarla an tSúgáin is an chumha i n-ar rugadh air
do luigh sé ar mhachtnamh ar an gcrích do bhí le muinntir
an tsean-Iarla. Cionnus do hoileadh a mhac 'na
Shagsanach is tugadh go hÉirinn é chum na daoine do
chur i gcoinnibh Iarla an tSúgáin, cionnus do bhailigh-
eadar na daoine timcheall air go bhfuaradar amach
gurbh Sagsanach é, is gur iompuigheadar uaidh annsoin
le fuath is le feirg, is cionnus do milleadh i Londain
é, le claon-bheart na n-eachtrann 'nuair ná raibh maith
le baint as a bheathaidh aca, do bheartuigh sé leis féin
go raibh deallramh éigin ar an rann úd Mhurchadha Léith:



“Gaisgídheach óirdhearc leagtha le feall.”
B'é sin an sean-Iarla é féin
“Oighreadh aithiseach taca na nGall.”
B'é sin a mhac do hoileadh na Shagsanach.
“Curadh ag a charaid ceangailte i bpoll.”
B'é sin Iarla an tSúgain ceangailte leis an gCuradh
Bhán i n-uaimh i n-a bhfuair se é.
“Críoch le treibh tar tuinn anall.”