Annála na Tuatha III

Connradh na Gaedhilge (1907)

Gruagach an Tobair



Sgéalta Nua Dhéanta. — XI



ANNÁLA NA TUATHA



CUID A TRÍ
1. An Tromluighe.



2. Gabhair an Tobac.



3. An Spioraid.



“GRUAGACH AN TOBAIR”
do sgríobh.



Ar na chur amach
do
CHONNRADH NA GAEDHILGE,
I mBaile Átha Cliath.



1907.


L. ii


AN CLÓ-CHUMANN (Teoranta),
Clódóirí Gaedhilge,
Baile Átha Cliath


L. 1


ANNÁLA NA TUATHA



CUID A TRÍ



I. — AN TROMLUIGHE.



I.



Lánamha phósta dob' eadh iad.
Nuair do bhíos-sa im' chomhnaidhe 'na
n-aice do bhíodar i meádhan aoise, &
ní raibh cúram ar domhan ortha acht iad
féin, mar ní raibh clann riamh aca



Is minic do thugamuid fé ndeara
go ndeinid daoine 'na gcás peata de
chat, de ghadhar, nó d'ainmhidhe éigin
eile. Ní hamhlaidh seo do Mháire ná do
Thadhg. Níor bhain baois de'n tsaghas
so leo. Ní hé go rabhadar gan
bréagáin: do bhí Tadhgh mar pheata,
mar leanbh ag Máire; & dob' í Máire
peata, leanbh & bréagán Thaidhg.



Gidh ná raibh puinn le maoidheamh ag
éinne aca as a mhaiseamhalacht féin, ná
as mhaiseamhalacht an duine eile acht
chomh beag, níl amhras ná gur shíleadar
araon ná raibh a macsamhail ag teacht
chun an phobail ar dheagh-chúmthacht & ar
dhathamhlacht. Tuairgín beag mná
cruinnighthe plucach dob' eadh Máire;
& mara mbeadh 'fhios agat déarfá nár
mhisde dhuit na mionna 'thabhairt gur
leath-chúpla dhi Tadhg.


L. 2


Dála dhaoine nách iad a bhíonn 'na
bpeataíbh ag á chéile, níor mhionca
istigh ná amuigh le chéile iad. Do
mheasainn féin ar uairibh leis go
mbeadh Tadhg níos sásta 'na aigne
faid bhíodh Máire ar an margadh is é
féin i bhfeidhil an bhaile dá mbeadh a
fhios aige ná raibh a pluic chomh cruinn
is chomh dearg is do bhíodar. Rud eile
do bhí ag déanamh buadhartha dho, — gidh
gur baile beag a bhí aige, fear
saidhbhir dob' eadh é. Do bhí mórán
airgid aige, & do bhí an bheag 's an
mhór de le fághail ag Máire d'éis a
bháis; acht do thigeadh tocht ar a chroidhe
nuair dho mhachtnuigheadh sé go mbeadh
cos ar a chuid ag sean-duine éigin eile
sa chúinne 'na dhiaidh.



Amuigh le chéile gan amhras do
bhíodar oidhche áirithe gur casadh mise
isteach chúcha chun tamall seanchaidh-
eachta do dhéanamh le Tadhg. Do bhí
an bheirt sa chistin ar mo dhul isteach,
Tadhg ar chathaoir ar thaobh de'n teine
& Máire 'na suidhe ar fhórma (stól)
& a drom leis an “suidheachán” aici
ar an dtaobh eile. Do bhí Máire
ag cnotáil go lúth-mhéarach, & a ceann
fúithi; acht do bhí ceann Taidhg san aer
& é ag machtnamh. Ní raibh gíog as
éinne 'ca.



“Dé do bheatha, a Ghruagaigh,” arsa
Tadhg, “druid aníos. Abair leis an
sórd mná soin tu leogaint tháirsi
suas, & suidh ar cheann an tsuidheacháin


L. 3


i ngaor na teine. Tá an oidhche glas.”



“Míle fáilte romhat, a bhuachaill,”
arsa Máire, “& dá mb'áil leat innsint
do'n ócáid fir sin nách gábhadh dho a
rádh liom slighe do dhéanamh duit, do
bheinn buidheach díot.”



Sul a raibh am agam ar fhreagra
'thabhairt ortha, do rith garsún beag des
na comharsain isteach & saothar air.



“Ó! a Mháire, tá an leanbh ag dul
chun deiridh, & dubhairt mo mháthair leat,
ar son a' tsaoghail, dul síos go fóill.”
Láithreach bonn d'imthigh cuimhne an
eachrainn ó'n mbeirt.



“Raghad, a laogh, dá mbeadh an
t-aistear níos sia,” arsa Máire;
“acht, a Thaidhg a chuid, cad do dhéan-
fair gan do shuipéar?”



“Ná bíodh soin ag déanamh triob-
lóide dhuit, a Mháire,” arsa Tadg;
“acht cuimhnigh ar an bhfuacht &
clothraidh tu féin.”



Siúd anonn 's anall Máire go gnó-
thach.



“Sid é an císte ar an mbórd, a
Thaidhg; seo uisge sa chiotal, — féach,
crochfad os cionn na teine é; & sin
gráinne té, — an mhéid díreach is gábhadh
dhuit a fhliuchadh, & —.”



“Tá go maith, a chiallaigh; bí ag cur
díot & leanfad-sa síos ar ball tu.”



“Ná bain leis: b'fhéidir gurab é
an fuacht do thógfá.”



“Tá baoghal mór orm. Leanfad
go deimhin.”


L. 4


“Slán leat mar sin; & is ceann-
dána an fear thu.”



“Go n-éirighidh do bóthar leat, a
Mháire.”



D'imthigh Máire, acht d'fhill sí arís ó
bhéal an sgabhait & do chuir sí a ceann
isteach thar leath-doras.



“A Thaidhg, má théidheann tú síos,
ná dearmhaid an carabhat gorm a chur
féd' mhuineál. Tá sé ar crochadh taobh
thiar de'n doras sa tseomra.”



II.



“Molaim thu, a Thaidhg,” arsa mise,
“ní iongnadh mórdháil ort i dtaobh na
mná soin agat, & ní hiongnadh na comh-
arsain dá maoidheamh ort.”



“Ní thógfainn sin ortha, a Ghruagaigh;
& dá mbeadh 'fhios ar leath a feabhais
aca do mhaoidheamhfaidís níos mó orm
í. Is fiú ór gach órlach dá corp.”



“Acht, a Thaidhg, & ná tóg orm é,
do mheasas go rabhais duairc go leor
nuair thánag isteach.”



“Ní gan chúis do bhíos duairc léi,”
arsa Tadhg, ag teacht ar atharrach
intinne de phreib, “& dá mbadh ag
fear eile bheadh sí, do thabharfadh sé
maide dhí.”



“Cad do dhein sí as an slighe ort,
airiú?”



Do stad Tadhg ar feadh tamaill
mar bheadh sé ag machtnamh. Fé dheir-


L. 5


eadh do chuir sé sgearta gáire as, &
dubhairt sé:—



“Ag labhairt sa cheart, is dócha nár
dhein sí pioc, & ná raibh chúichi agam
acht an eagcóir dhearg. Is ise ba
thrúig le tromluighe bhí aréir orm, & óir
is í, níor mhór dom mo dhíoghaltas
d'agairt uirthi. Is mar gheall air sin
nár labhras ó shoin chúichi.”



“Níor bhfuláir gur bh'olc an trom-
luighe é?”



“Chuir sé anaithe an bháis orm,
a Ghruagaigh, & fuaras solaoidí
suathantais as chomh maith; acht ó
tharraigeamair chughainn i n-ao' chor é,
tá sé chomh maith agam teacht 'na bhun
& é 'innsint duit.”



III.



“Tá a fhios agat, óir is tú do
sgríbhigh an t-uadhacht, ná fuilim-se
dealbh i gcomhair dheiridh mo shaoghail.
Níor fhág m'athair féin follamh mé;
& gan áireamh ar ar thug Máire mar
spré chugham an chéad lá, is mó do
chuireamair leis ó shoin 'ná do bhainea-
mair de.



“Tá a fhios agat leis go bhfuil an
fhághaltas so ar breis — cuid de thall
& cuid de i bhfus. Is minic do bhíonn
so ag déanamh buadhartha dhom go
ndéanfar calaois ar Mháire 'na
thaoibh, má glaodhtar roimpi orm, & go
mb'fhéidir di bheith beo bocht im' dhiaidh.


L. 6


Cuireadh é seo 'na luighe aréir orm trí
mo chodladh & ní go réidh ná go cneasta é.



“I lár na hoidhche do mhothuigheas ag
dul i laige mé. Ní raibh ceal meabhrach
ná aithne orm, acht níor fhan gog im'
chroidhe. Ní fhéadfainn liúghadh ná
béic do chur asam chun mo chás do chur
i n-iúil do Mháire. Ní raibh pioc dá
mhearathal orm gurab é an bás a bhí ag
siubhal orm. Ní raibh pian ná guais
ag déanamh trioblóide dom, ná éin-
nídh eile acht go raibh mo chroidhe gach
nóimeat ag dul i laige. Ba ghearr
gur ghoill fuacht mo chos orm: suas
mo rightheacha do shnáimh sé, beagán
beag níos sia le gach lag-bhuille dá
dtugadh mo chroidhe. Ba chosmhail rith
an fhuachta so le cumhangaireacht na
sáile ar chiumhais na trágha le héirghe
na taoide. Mo lámha, annsoin mo
chuisleanna, & 'na ndiaidh mo ghuailne,
do chuadar i bhfuaire & i dtroime.
Ós gach taobh timcheall mo chabhalach do
bhailigh an t-ualach, & do lean an fuacht
ar sgéigheadh trí sna féitheannaibh 'na
theannta chun gur shroicheadar an
croidhe, & níor bhuail sé a thuilleadh.
Ní fheadar cionnus do dheighleas óm'
chorp, acht do bhí triúr sa tseomra
láithreach, — mé féin im' sheasamh cois
na leaptha, an conablach cuirp seo
sínte go trom fuar sa leabaidh istigh,
& Máire ag sreantarnaigh suas leis.”



“Do smaoinigheas gur cheart dom
glaodhach uirthi & do dhruideas chun na


L. 7


leaptha chun í 'dhúiseacht. Do ghlaodhas
go hobann & go hárd: níor bh'éan-
chabhair é. Do chimileas mo lámh feadh
a leacan, do thugas stathadh dá cluais,
do rugas ar sgórnaigh uirthi, acht bhí
sé fánach agam. D'aithnigheas annsoin
ná cloisfidhe mo ghlór, go rabhas doi-
fheicseanach, & ná raibh de shubstaint
ionnam acht ar nós an aeir. B'éigin
dom foidhne do bheith agam, & feitheamh
go ndúiseochadh fuaire an chuirp í. Bhí
sé ar nós na leic'-oidhre. “Níor
bhfada an feitheamh agam é. Do chorr-
uigh Máire; annsoin d'únfairt sí. ‘A
Thaidhg, airiú,’ ar sí ‘cad tá ort?’
Acht nuair a fuair sí marbh mé, do chuir
sí liúgh aisti a chuir goláin im' chluas-
aibh; do léim sí as an leabaidh, & siúd
chun siubhail 'na léine í. Do ritheas 'na
diaidh síos an staighre, & amach an do-
ras; acht do cheapas nár bh'éan-mhaith-
eas di mé sa riocht 'n-a rabhas, & gur
thairbhighe dom filleadh isteach agus
súil do bheith i ndiaidh na bpáipéar
mbeag agam go dtigeadh sí.



“I gcionn tamaill do bhí sí féin &
beagán des na comharsain chugham arís.
Do liúighidh sí go géar is í ag teacht fé
dhéin an tighe; do chas sí sgol eile is
í aníos an staighre, acht do chuir duine
aca, an bodach soin thall ar an
leacain, a lámh ar a béal i ndir-dhá-
lín an dorais, & dubhairt sé léi éis-
teacht go mb'fhéidir ná rabhas marbh,
& nár cheart di mé 'sgannrughadh.


L. 8


“Do ritheadar chun na leaptha. Do
shatail an bitheamhnach céadna ar mo
chois fé shlighe dho, acht níor ghortuigh sé
mé. Do stracadar an t-éadach díom.
Faid bhí grabhacaí salacha an bhodaigh
úd taobh istigh dem' léine 'féachaint
an raibh mo chroidhe ag bualadh do bhí
na mná — cuid aca ag bualadh mo
dhá dhéarnainn & tuilleadh aca ag
cimilt mo chos. Do bhíos ar buile i
dtaobh na heasonóra do bhí agam
dhá fhágháil uatha. Dubhart leo leo-
gaint dom, éiriughadh dhíom — go rabhas
marbh — chomh marbh le hArt, acht níor
chuireadar suím ionnam. D'iompuigh-
eadar mé, do shuathadar mé, do
chrothadar mé, do tharraingeadar
aniar ar an urlár mé. B'fhánach é a
ngnó: bheadh sé chomh maith aca 'bheith a
d'iarraidh anam a chur i bhfear muir-
téil. Fé dheire thiar thall, d'éirigh-
eadar uile 'na seasamh acht bodach na
Leacan, & do dhruideadar uaim amach.
Bhí na mná timcheall ar Mháire, is
í ag liúirigh, & do fuaras féin caoi ar
radharc d'fhágháil ar an gcorp.



“Níor bh'é 'n radharc fóghanta é.
Bhí mo bhéal & mo shúile ar leathadh, &
mo chuid féasóige staithte fionnadhach
fém' ghiall. Bhí an bodach im'
thannachadh ar a chroidhe díchill, ag
dúnadh & ag fásgadh mo bhéil & mo
shúl go dúthrachtach.



“‘Éist, a Mháire, a chuid,’ arsa Neill;
‘buidheachas mór le Dia nach ort féin


L. 9


do chuaidh an crann.’”



“‘Ní fheadar, a Mháire, a rúin,’
arsa Cáit, ‘dá dtéidhinn síos, an
bhfaghainn an ciotal i n-éan-bhall?’



“‘Bhfuil an buidéal mar a mbíodh
sé, a chuid?’ arsa Nóra.



“D'imthigheadar go léir síos sa
chistin, acht an bodach & Peig &
Máire —.



“‘A Mháire, a ghrianáin,’ arsa Peig,
‘croth suas tu féin. Beidh na comhar-
sain annso láithreach, & is cóir duit
tu féin do cheartughadh. Cuir umat
an gúna dubh. Nár sheansamhail do
fuarais é?’



“‘Bú — ú — ú,’ arsa Máire. ‘Badh
dhóigh le duine gur fios a bhí agam is
an gúna dubh soin a cheannach, is nár
caitheas lá riamh de. Bú — ú — ú.’



“‘Faire fút, a Mháire,’ ars' an
bodach. ‘Ná cuir ciach ar do ghlór:
ní hé an chéad fhear a fuair bás é,
& ní bheir-se i gcomhnaidhe id' aonar le
cong —.’



“‘Tagaidh anuas anois,’ arsa Nóra
ó bhun an staighre. ‘Tá braon té
ollamh.’



“Do ghlanadar uile leo, & d'fhág-
adar sinne araon sa doircheadas, —
duine againn sínte 'na mhaide mharbh
ar an urlár, & an duine eile i bhfeidhil
na bpáipéar mbeag.



“Ba gheárr go gcuala tuairt &
gleo ó'n gcistin. 'Sé shamhluigheas ar
dtúis gurab amhlaidh a ghlac trosgán


L. 10


beag an tighe — na cathaoireacha, an
bórd & an suidheachán — éirghe 'n-áirde
éigin, & gur thosnuigheadar ar dhamhas,
go raibh an ursal, an ciotal, na cop-
áin bheaga, na báisíní, &rl., ag comh-
chaoilic le chéile ag déanamh ceoil
dóibh, & an bhantracht, — ní chuala gíog ó
bhodach na Leacan, — ag séideadh fútha.



“I gcionn tamaill do chuaidh ciúin-
eas mór ar an bhfothram & ar an gclis-
iam. Ní mór go raibh le clos agam,
acht cnaguigheall na gcopán ar an
mbórd, & plasbuigheall na gcailleach
ag cogaint & ag súbhrac. Acht i measg
na neithe sgalladh-chroidheacha so do
bhí éan-rud amháin is mó do ghaibh
tríom 'ná iad uile: Dob' é sin
an buidéal d'fhágas lán go corc
sa chupúrd is mé ag dul a
chodladh.



“Ar thugais riamh fé ndeara gur
taithneamhach le clos an glór a dhein-
eann buidéal lán nuair buailtear
ar bórd é? Bíonn sé doimhin — badh
dhóbair go ndeirinn fearamhail — dána
briosg. Acht nuair buailtear cnag de
bhuidéal follamh ar chlár, cuireann sé
liacharnach bheag fhada as, tráth is gurab
amhlaidh a bheadh sé ag gabháil a leith-
sgéil i dtaobh bheith sa tslighe.



“Dob 'in é dhálta ag glór mo
bhuidéil-se. Do chloisfeá mar a bheadh
cnag ó thuairgín ar bórd ar dtúis
uaidh; & diaidh ar ndiaidh de réir mar
do bhítheas ag tarrac as, do chloisfeá


L. 11


an chnagarnach ag dul i laige, chun
gur chuir sé liach lag fhada as nuair
leogadh síos an uair dhéidheannach é &
chuala Máire 'ghá rádh —



“‘Caith suas an braoinín sin, a
Sheagháin’ — an bodach — ‘níl a thuilleadh
ann. Ní fiú dhuit é 'fhágaint id'
dhiaidh.’ “Do thosnuigh an trosgán ar
dhamhas arís, & do shíleas gurab iad
na corcáin is mó bhí ag seinm anois,
na corcáin mhóra leis mar d'aithnigheas
as a nglór. Do chuala uisge 'ghá
stealladh ó cheann go ceann aca &
na mná ag fiafrughadh dhá chéile
‘an bhfuil sé ró-the?’ ‘an bog is
fearr é?’ ‘cá bhfuil an ghalúnach!’
‘an bhfuil na héadaighe agat?’ &
ceisteana de'n tsaghas soin. Níor
bhfada go gcuala tuairt éigin ag
teacht aníos an staighre, mar a
bheifidhe ag iomchar ualaigh thruim éigin.
Sin mar a bhí leis mar do tháinig na
mná chugham isteach, corcán uisge
the ag Nóra & ag Cáit eatorra, &
galúnach & ceirteacha éigin ag Neill,
'na ndiaidh.



“Deinidh deabhadh anois,’ arsa Neill,
‘Bíodh sé nighthe ó bhun go barr agaibh i
gcionn leath-uaire.



“‘Mise do nighe! sibh-se ná éinne
eile ag nighe mo chuirp-se! a chaillea-
cha smeartha súghaidh, cuirfead ar
bhior bhur gcinn tríd an bhfuinneoig
amach sibh, má leogann sibh barra méire
orm.’


L. 12


“‘I leath-uair?’ ars' an chailleach ag
freagairt Neill, ‘tarraigimís chughainn
mar sin é. Im bosa, fear maith
leabhair dob' eadh é seo; is olc a bheidh
sé déanta i leath-uair againn.’



“D'fhilleadar a muinchillí suas
thar uillinn & do bhaineadar díobh a
gcúisíní chun go raibh a mbrághaid-
eanna buidhe meirgeacha ruis, & do
chromadar ós mo chionn; acht do tháinig
a leithéid sin de bhuile orm mar gheall
ar an easonóir seo gur fhógruigheas
do'n Fhear Mór an t-airgead, & na
páipéir, & d'fhágas annsoin iad.



“Ar mo dhul síos dom do chonnac
Peig & bodach na Leacan ag cogar-
naigh le chéile ag bun na staighre. Do
dhruideas leo 'féachaint cad bhí ar
siubhal ag an mbodach, mar bhí droch-
iontaoibh agam as. Deirbhshiúr do
dob' eadh Peig.



“‘Dár ndóigh,’ arsa Peig, ‘ní amhlaidh
do chuimhneochthá ar a leithéid. Caith-
fear bliadhain a leogaint thart ar a
laighead.’



“‘Mo choinnséas! ná leogfad, ná
seachtmhain. Ná feiceann tú gur
amadáinín í & ná baileochaidh sí
airgead Thaidhgín bhacaigh choidhche gan
duine éigin chun í 'chómharlach. Chomh
luath is bheidh an tsochraid i leath-taobh,
labhair léi, a Pheig, & maithfead na
fiche púnt úd do bhí ag Taidhgín ort.’



“Do bhíos ana-ghar do is é ag rádh
na cainnte seo, acht do dhruideas


L. 13


níos goire dho. D'árduigheas mo chuisle
& d'aimsigheas le rúisg de dhorn idir
an dá shúil é. Ba rud éigin níosa
shubhstainteamhla 'ná an t-aer mo
rúitín an iarracht soin, mar do chlois-
fidhe an chnag a bhaineas as míle ó
bhaile, acht i n-ionad an bhitheamhnaigh
do thuitim is amhlaidh do chuir Máire
sgréach sa leabaidh aisti, mar is í do
bhuaileas.



“‘A mhuirdréir,’ ar sí, ‘an amhlaidh
a mheasann tú mé mharbhughadh?’



“‘A chaillichín mhío-náirigh,’ arsa mise,
‘badh chóir duit fanamhaint ó dhroch-
chomhluadar.’



“D'éirigh focal ar fhocal eadrainn, &
níor labhramar chun a chéile ó shoin.”



“Is dócha gur ag ceapadh ataoi,
a Thaidhg,” arsa mise.



“Deamhan ceapadh,” ar seisean,
tá a chomhartha ar éadan Mháire, mo
grádh í, acht is mithid dom bheith ag
dul 'na coinnibh feasta.”



“Ná dearmhaid an carabhat,” arsa
mise.


L. 14


2. — GABHAIR AN TOBAC.



I.



Maidean bhreagh, sa tsamhradh 'na
dhiaidh sin, do bhíos cois na habhann ag
faire ar bhradán do mharbhughadh. I
bpáirc ar an dtaobh eile de chlaidhe
do bhí Tadhg ag aodhaireacht a chuid ba.
San am soin ba ghnáthach le muinntir
na háite duine do bheith i gcomhnaidhe i
bhfeidhil na mbó roimh eadarthrath.
Togha aodhaire dob' eadh Tadhg. Bhí
sé chomh ceannsa le buin is do bheadh
duine eile le mnaoi uasail. Is minic
do cloistí ag cainnt le “Réilthínneach”
nó le “Deirgeach” é chomh maith is dá
mbeadh tuigsint aca — & dob' í an
chainnt shéimh bhladartha í.



Bhí sé ag cainnt anois leo leis, acht
ní go séimh ná go bladartha é.



“Sgoithinneach! há, sgeilimis ort!
Is mór an fonn troda atá ort.
Roileach annsoin! 'od' thochas féin
ataoi-se in' ionad bheith ag inbhear. Dá
mbeinn-se id' aice do thabharfainn
trúig thochais duit. Bléin-fhionn, is
dóigh! breith i mball chumhang ort! ag
guidheal is maith leat-sa dul is gan é
an hocht de chlog. Bain uait, nó má
théidhim-se id' dhiaidh bainfead cuid
de'n teasbach díot.”



Níor dhein an fógra soin do Bhléin-
fhionn é, ámhthaig. Ní raibh sí ag fan-


L. 15


amhaint socair. Siúd chúichi Tadhg & a
mhaide ar tarrac aige; acht má's
siúd, siúd chun siubhail an bhó. Trí
bheárnain chlochach amach léi & Tadhg 'na
diaidh. Ag rith tríd an mbearnain do
do bhuail sé a chos i gcoinnibh cloiche,
& do cuireadh ar a bhéal is ar a
fhiaclaibh péirse amach sa lathaigh é.



Nuair d'éirigh sé 'na sheasamh, níor
lean sé a thuilleadh de'n bhuin; acht do
thóg sé cloch mhór idir a dhá láimh, & do
chrom sé ar ghabháil ar an gcarraig a
leag é & leis gach buille a thugadh sé
dhi deireadh sé: “Sheadh, bíodh soin
agat!” nó, “Bhfuil tinneas cinn anois
ort?” nó, “B'fhéidir gur fada arís
go leagfá duine.”



Déarfadh éinne chífeadh é go raibh
an fear as a mheabhair: d'aithnigheas
féin gurabh í “gabhair an tobac” do
bhí ag gabháil do.



An gleann ina rabhamar 'nár
gcomhnaidhe, do bhí sé iar-gcúlach.
Dob' í Neidín an tsráid ba ghiorra
dhúinn, & do bhí sí sin dhá mhíle dhéag
uainn. I rith an méid sin slighe ní
raibh luach pinginne le fágháil le
ceannach, acht pé uair a ghabhadh Peig
na nUbh nó Fear na gCeartach chughainn.
Is uatha-san do faightí bioráin, snáith,
iallacha bróg, tobac & gréithre dá
sórd. Is minic, trí dheasgaidh droch-
aimsire, nó trí thionóisg éigin eile,
ná gabhadh ceachtar aca chughainn ar
feadh i bhfad, & gcás gur iomdha áise


L. 16


do bhíodh i n-easpadh ar na mnáibh-tighe.
Acht thar gach nídh eile 'sé is mó do
cásuighthí — an tobac.



Faid bhí Tadhg ag ceann-bhrúghadh na
cloiche do chonnac bean bheag & cliabhán
aniar uirthi ag gabháil aníos an bóthar.
Bhí sí ag cur di go mall, mar bhí a
dá ceann i dtalamh ó'n ualach. Peig
na nUbh gan amhras dob' í í. Ar
árdughadh a chinn do Thadhg chum buille
eile do bhualadh, do chonnaic sé Peig.
Do chaith sé uaidh an chloch láithreach, &
shiúd fé dhéin na mná é. Bhí an áit
'nar tháinigh sé roimpi ar an mbóthar
ró-fhada uaim-se chun pé comhrádh a bhí
eatorra do chlos, acht do thugas fé
ndeara gur thóg sé an cliabhán dá
drom, & nár le n-a toil é; gur leog
sé ar ghruadh an bhóthair é, & gur thosnuigh
sé ar a raibh ann do spiúnadh. Bhí
Peig ag bualadh a bas, & ag rinnce
'na thimcheall, ar nós éinín bhig go
mbeadh droch-gharsún ag creachadh na
nide uirthi. Cé go raibh breac-eagla
agam roimis ó chonnac ag gabháil ar
an gcloich é, do cheapas gur mhithid dom
dul ag triall ar Pheig, óir nár bh'éan
iontaoibh fhoghanta di é. Chomh maith
do ritheas, & i gcionn nóimeite do
bhíos 'na dteannta; acht do bhíodar
araon chomh tógtha suas le hobair an
chliabháin nar thugadar fé ndeara mé
nó nár chuireadar éan-tsuim ionnam.



“Faire fút, a Thaidhg,” arsa Peig,
“ná cuir mo ghréithre beaga trí n-a


L. 17


chéile mar sin. Ná deirim leat ná
fuil sé ann?”



“Ná bí ag magadh fúm, a chaillichín.
Tá sé fé sna huibhibh agat. Tá a
chomhartha le n-a chois ann: is cumhartha
atá a bholaithe uatha.”



“Dubhart cheana leat go raibh sé
agam, acht ná fuil sé anois agam, —
trí púint de, gearrtha “na únsaíbh &
'na leath-únsaibh; acht gur thóg
Domhnall Dubh so thoir gach éan ghiob
de dá mheithil mhóna. Stad, a rop-
aire! an amhlaidh a mheasann tú mo
chuid ubh a ‘stealladh ar an mbóthar?”



Sin é díreach a bhí ar aigne Thaidhg
a dhéanamh, — acht amháin ná raibh sé
chun iad a ‘stealladh’ ar an mbóthar. Is
i mbéal an chliabháin do bhí na “gréithre
beaga.” Nuair do thóg sé amach iad
so, do tháinig sé ar na huibhibh, — gach
re mbrat díobh féin & de thuighe as
soin síos sa chliabhán. Is ar aghaidh a chos
amach do bhí an cliabhán aige, & nuair do
thóg sé lán a dhá laighre de sna
huibhibh, is thar an gcliabhán amach do
leog sé síos go tuathallach iad.
D'éirigh leis go hádhmharach an chéad
iarracht; acht an dara huair do
shleamhnuigh ceann aca síos le gruadh
an bhóthair. Do thug sé fé bhreith air,
acht leis an súmhanc a thug sé ar
aghaidh dho féin do bhuail a ghlúine i
gcoinnibh an chliabháin, & siúd é féin &
na huibhe le fánaidh.



Do bhéic Peig má bhéic sí riamh.


L. 18


Níl comhachta thuas ná thíos nár iarr sí
ortha sásamh a bhaint de. Do ghearán-
fadh sí leis an sagart é; do thabhar-
fadh sí suas do sna connstáblaidhthibh é;
do chuirfeadh sí an dlighe air. Níl leas-
ainm ó'n spéir anuas nár bhaist sí air.



Leis an spíde 'seadh is mó d'éirigh
an chonach i dTadhg. I n-ionad an
chliabháin do thógaint, is amhlaidh do
luigh sé chuige le n-a bhrógaibh, — síos &
suas do chiceáil sé é, & na huibhe ag
pléasgadh fé bhonnaibh a chos.



“Ha! bíodh soin agat (cic); a
stasagáin bhig shalaigh (cic); beidh
tobac an chéad uair eile ionnat (cic);
níos mó ná dóithin mheitheal Dhomhnaill
an Spirín seo thoir (cic); díolfad
asat, an eadh? (cic); an Sagart?
(cic); an dlighe orm? (cic): na
connstáblaidhthe? (cic, cic).”



Leis an gcic dheireannaigh do thug
sé do'n chliabhán do chuir sé thar claidhe
isteach é, & annsoin d'fhéach sé tim-
cheall air. Bhí Peig 'na suidhe cois
na “ngréithre mbeag” & í ag lógóir-
eacht. Do tháinig truagh aige dhi, &
aithreachas air i dtaobh a raibh déanta
as an slighe aige. Do chuir sé a lámh
ar ghualainn Pheig & adubhairt:—



“Éirigh, a Pheig, a chailín, is ná bí
ag gol. Tabharfad seacht luach na
diomáiste dhuit. Dein is dóigh, is ná
tarraing aghaidh na gcomharsan orm.”



“Tá aghaidh dhuine aca tarraingthe
aici ort cheana féin,” arsa mise, ag


L. 19


druidim anonn chúcha. “Sid í anuas
Máire chughat. Tá sí ag púirthigh ort
le leath-uair an chluig na ba do
thiomáint a bhaile, acht ní thabharfá
cluas di. Tá sí chughainn anois, & is
dócha gur gearr 'na diaidh na comhar-
sain, mar adeirir. Beidh siad ag
teacht chun tú 'cheangal, óir is dóigh
leo gur ar buile ataoi.”



Do sgannruigh an méid seo é.



“Ar ghrádh Dé is ná cuimhnig air, a
Pheig” — mar do bhí sí ag bagairt an
tsagairt arís air, — “seadh mhuise” mé
'ghearán leis an sagart, is náire
dhearg a thabhairt dom os comhair an
phobail mar gheall ar dhosaon ded'
chreacháin ubh do bhriseadh!”



“Dosaon ded' chreacháin ubh! cad
'na thaobh ná sgoiltheann an t-éitheach
ort? Dosaon creachán adeir an
cladhaire lem' thrí chéad & sé lámha de
chnapánaibh úra lachan.”



“Is cuma é sin anois is dóigh: pé
beag mór a bhí ann díobh ní tusa bheidh
siar leo. Agus, a Pheig, déarfam
leis ga' héinne gurab í an Léithinneach
do thug adharc fút. Is cuimhin leat
nách é an chéad uair aici é. Ní baoghal
go sgéithfidh an Ghruagach orainn.
Cogar, a Ghruagaigh: ná fuilir ag dul
ar an bpósadh Dia Sathairn? Tóg
leat mo chapall-sa, & geallaim duit
ná beidh éinne ar an gcóisire ó éan-
taobh a bhainfidh an séipéal díot.”



“Is maith soin uait. Táim ana-


L. 20


bhuidheach díot; acht ná dearmhaid bóiri-
cíní do chur gan mhoill ar an mbuin léith
nó déanfaidh sí tuilleadh díoghbhála.”



Níor fhan sé le freagra 'thabhairt
orm. Do thógas an cliabhán i leith
thar claidhe do Pheig, & d'fhágas ag
bailiughadh a gréithre beaga chun a
chéile í. I dtaobh na n-ubh, do bhíodar
'na bprabhait mbuidhe ar an mbóthar,
is gan ceann slán 'na measg.



II.



D'éis na hoidhche 'thuitim do bhuaileas
suas chun tighe Taidhg 'féachaint cad é
an sgéal a bhí aige. Ní raibh ann
romham acht Máire. Bhí sí 'na suidhe
cois na teine, & í buadhartha go leor.



“Cá bhfuil Tadhg, a Mháire?” arsa
mise, “nó” —



“Mo laogh thu,” arsa Máire, “ní fhea-
dar cionnus tá sé, ná cá bhfuil sé, — acht
ná feicim píopa id' bhéal go deo. Pé
áit go bhfuil sé, ní ar foghnamh atá sé.”



“Cad tá air, airiú?” arsa mise.



“Aicíd ait, mhuise. Tá ‘gabhair an
tobac’ le dhá lá air, & is baoghalach
go ndéinfidh sé droich-íde éigin de
féin. Bhí sé ar leath-stradhain indé,
acht bhí súil aige ó uair go huair le
Peig na nUbh. Nuair d'fhág sé an
baile ar maidin chun na mba d'aodhair-
eacht, bhí uisge fé n-a shúilibh i gcás
gurab olc do chífeadh sé an bóthar a
shiubhal. Nuair tháinig Peig sa deire
is gan an tobac aici, do bhris ar an


L. 21


bhfoidhne ar fad aige, & do dhein sé
cosair asair di féin is dá raibh aici."



“Nách í an Léithinneach do leag í, a
Mháire?”



“Éist, a rógaire. Do chonnac-sa
ó mhullach an ghuirt cé leag í. Acht
ní héan-chabhair bheith dá cheilt anois,
mar chonnaic mórán nách mé é. Tá
an sgéal ar fuid an ghleanna fé'n
dtaca so. Go deimhin ní hé is measa
liom, ná is dócha is measa dhom anois,
acht an fear bocht féin.”



“Agus ar dheinis éin-leigheas do, a
Mháire?”



“Do dheineas, mhuise, seacht leighis,
acht dob' fhánach é mo ghnó.”



“Ar thriallais an té leis?”



“Do thriallas: d'ól * sé trí lán
píopa dhi, acht níor shásaimh sí é.”



“Agus móin?”



“Do dheineas. Do fuaras fód de'n
mhóin ba bháine is ba righne do bhí sa
phort, & do dheineas miníní-seabhac de,
& d'ól sé an fód go léir, acht níor
thug sé maolughadh ar a chíocras chun
an tobac. D'ól sé páipéir ruadha,
cúpóga tiorma, & bran. D'imir an
bran lár na tubaiste air, óir do
bhladhm sé suas & do rith an teine chomh
tréan soin air gur bhain sé an
croiceann dá charabal, i gcás go
bhfuil a bhfuil ó'n sgórnaigh ghairbh aniar
de chomh sgólta soin ná fuil ann acht
an beo dearg.”



“Is olc é sin. Mo thruagh an fear



* Smoked.


L. 22


bocht. Cad 'na thaobh ná fuarais
iasacht bhlúire tobac do?”



“Ó, sin é arís agat é! Níl fear ar
an dá bhaile nár chásuigheas mar gheall
air; acht an oiread is do bhainfeadh
an braon as do shúil ní raibh sé de
thobac ag éan-duine aca.”



“Is mór an iongna Seaghán na
Leacan do bheith in' éaghmais.”



“Fan go fóill. Sin é an sgéal is
mío-ádhmharaighe do chualathas riamh.
Ó'n uair úd a bhí an tromluighe ar
Thadhg, ní lugha air an sugha 'ná
Seaghán, & ní leogfadh sé dhom dul 'na
ghoire. Ní raghainn dá éileamh gan a
chead, ar mo chluais, óir dá gcloisfeadh
sé 'na dhiaidh sin é, — rud a chloisfeadh,
mar cloistear nidhthe is lugha le rádh
'ná é annso, — is amhlaidh do dhéanfadh
sé tuilleadh meidrisge eatorra. Acht
sa deire, nuair do bhí a charabal 's a
chogansach 'na spóla sgólta ó'n
mbran, & é chomh dall soin ó dheatach
na móna go gcuirfeadh sé na clocha
glasa ag gol, d'iarrias ar bhior mo dhá
ghlún air leogaint dom dul ann, & do
leog.



“Badh mhaith an díol ar Sheaghán é:
ní blúire beag a fuaras uaidh, acht
leithead mo bhaise de cháca chruaidh
cheathair-chúinneach, mar iad so a bhíonn
ag máirnéalaigh, nó mar a thugaid na
Ponncáin a bhaile o Mheirice leo.



“Nuair a thánag a bhaile leis, do bhí
Tadhg amuigh sa stábla ag ceartughadh


L. 23


fé'n gcapall, & do ritheas isteach go
saotharach chuige. Níor leog sé air
éin-deabhadh do bheith air chuige; is
dócha gur i dtaobh é 'theacht ó fhear na
Leacan é. Dubhairt sé liom go
neamh-chúramach, — & dá n-abrainn, go
mío-chuibheasach, — é 'chur ar bhárr an
fhalla, & go dtógfadh sé ar ball é.
Do chuireas díreach os cionn chinn an
chapaill: & — nách suathantais an sgéal
é? — ní fhacathas a rian ná a thuairisg
ó shoin.”



“Níl éin-nídh suathantais annsoin, a
Mháire. Do thuit sé san asair fé
chosaibh an chapaill.”



“Níor thuit, ní 'od' bhréagnughadh é.
Ní raibh asair, ná aoileach, ná salachar
ann, acht bualthaighe beaga glana, &
ní baoghal gur fágadh ionnta soin é.
Bhí beirt nó triúr de sna buachaillíbh
ag cuardach de 'nár dteannta, & ní
bheadh biorán buidhe ann a gan-fhios
dóibh.”



“Cad d'imthigh air mar sin? Ná
dubhraís go raibh leithead do bhaise
ann Agus dár ndóigh níor shluig an
talamh é?”



“Is fíor nár shluig; acht marar
dhein, do shluig a mhalairt é. Tá sé
go baileach i mbolg an chapaill anois.”



“Mara mbeadh a fhios agam ná
caitheann tú tobac, a Mháire, déar-
fainn ná fuilir féin saor ó'n
‘ngabhair.’ Nách milis-bhéalach an
capall é, dar leat-sa! Níl éin-nídh


L. 24


is fearr dhuit a dhéanamh 'ná píopa do
cheannach do. A! a Mháire, tá deall-
ramh led' sgéal.”



“Ó mhuise, creid mé nó ná creid,
acht ní chuirfeadh sé éin-iongnadh orm
dá bhfeicinn gleidire píopa féin 'na
bhéal, is é ag baint smúsaigh aisti.
Go deimhin, má saoghluighthear an
capall céadna cloisfear sgéalta
greannmhara air 'na dhiaidh seo.”



“Is mór an náire dhuit bheith ag cur
a leithéid sin de ghníomh mío-nádúrtha i
leith an chapaill. Cionnus aimseochadh
sé giota tobac ar mhullach an fhalla
id' dhiaidh-se?”



“Capall thar chapallaibh é siúd, a
bhuachaill. Tá a fhios agat gur istigh
sa tigh a bhíonn sé gach éan-oidhche — sa
gheimhreadh ó'n bhfuacht, & sa tsamhradh
chun é 'chosg ar bheith ag bitheamhan-
tacht. Do dhein soin peata dhe.
Is minic do shínim féin prátaí brúighte
nó gráinne coisce i sothach chuige.
Níl uair a chíonn sé 'na thimcheall mé
ná gur dóigh leis gur rud éigin a
bhíonn agam do. Níl árus a chíonn sé
agam dá leogaint as mo láimh amach
ná bíonn sé ag faire ar a cheann do
sháthadh ann. Ní hé sin is measa dhe,
acht níl nídh do leogaim ar an
ndrosúr, ar an gcúl-lochta, ná dá
n-abrainn ar an gclabhra ná bíonn i
gcontabhairt aige. Níl amhras ná
gurab amhlaidh d'aimsigh sé an tobac.
Do thug sé fé ndeara mé dá chur ar


L. 25


bhárr an fhalla, & ní túisge bhí mo chúl
iompuighthe agam leis ná d'árduigh sé
a cheann chuige & d'alp sé é.”



“Dob' fhoirtiúnach an bhean tú nár
chuaidh Tadhg amach air, mar do
chuaidhis-se. Dá dtéidheadh ní dóigh
liom go mbeadh dúil i dtobac go
fóill aige, — ná b'fhéidir i n-éin-nídh
eile.”



“Do chuaidh leis. D'éis na mbuach-
aillí & é féin do chuardach, do spiúnadh,
& do chriathairt gach brobh is bualtach
sa stábla, do bhí iongna mhór ortha
cad d'imthigh ar an dtobac.



“‘Fé dhraoidheacht atá sé,’ arsa
duine aca, ‘nó is iad na daoine
maithe do sgiob é.’



“‘Badh dhóighthidhe do na franncaigh
chuige,’ arsa duine eile aca.



“‘Gach éin-nídh chun Joe 'chaochadh,’
arsa Tadhg, ‘agus Joe, go bhfóiridh
Dia air, caoch a dhóithin cheana!’



“‘Níl an capall caoch, mhuise,’ ars'
an tríomhadh duine. ‘Féachaidh, tá
na súile aige dá gcur trínn. Mo
choinnséas, go bhfuil sé ag corruighe a
chabhaí chomh maith is gur ag gáiridhe
fúinn atá sé.’



“‘Do bhainis an ceann i n-aoinfheacht
de, a Sheagháin,’ arsa Tadhg. ‘Is i
mbolg an bhitheamhnaigh chéadna soin
atá sé go díreach, & ní hé an chéad
uair aige 'om' fhágaint-se im' throsgadh
é, — acht sé an uair dhéidheannach aige
é. Cá bhfuil an píce?’”


L. 26


“Acht ba mhaith an mhaise do sna
buachaillíbh é: do lámhuigh duine aca an
píce, duine eile an grafán, & duine
eile an tsluasad. “Do rugas féin
lom bróige ar Thadhg, & eadrainn do
tháinig linn an capall dó chosaint air.



“‘Ní bhead gan sásamh ar a shon
soin,’ arsa Tadhg nuair thugamar cead
a chos do, ‘siúd is nách leis an bpíce
do bhainfead de é.’ Do rug sé ar
cheannrach a bhí ar chrochadh i dtaobh
thiar de'n doras, do chuir sé leis an
gcapall é, & do phreab ar a dhrom.
‘Má fhuaduigh sé mo chuid tobac-sa,
beidh air turas fada do thabhairt ag
soláthrughadh coda eile in' ionad
chugham.’ Níor iarr sé iallaid ná
srian, níor chuir sé hata ná casóg
uimis, níor fhan sé le nighe ná glanadh
do dhéanamh air féin; acht sratharach,
slipéadach, is fronn aoiligh go cluas-
aibh air, do sguab sé leis ar cos-in-
áirde fé dhéin na sráide.



“Sin agat mar atá Tadhg bocht, pé
áit ina bhfuil sé anois. Táim buadh-
artha 'na thaobh, mar tá eagla orm go
mbrisfidh sé féin & an capall cnámha
a chéile sul a dtiocfaidh siad.”



III.



Ar mo ghabháil suas chun tighe Thaidhg an
oidhche bhí chughainn do casadh an triúr a
bhí ag cuardach an aoiligh le n-a chois
orm; & ó's chuige do bhí a dtriall-san
leis, do bhuaileamar isteach i
n-aoinfheacht.


L. 27


“De bhur mbeatha, a bhuachaillí,”
arsa Máire.



“Go mairir i bhfad,” arsa sinne.
Cionnus tá Tadhg?”



“Go trochaill, mhuise, — slán a bheidh
sibh. Tá sé sínte 'na liarne thíos sa
leabaidh.”



“Airiú, cad tá air? Ní hé gurab
é an capall a ghortuigh é? Ná fuair
sé an tobac sa tsráid?”



“Do fuair, mhuise; tá rolla mór
de ar an ndrosúir, & leath-dosaon
píopaí cailce; acht cad é an chabhair
sin? Tá a bhéal ró-thinn & ní fhéadfadh
sé gal a tharrac.”



Faid bhí sí ag cainnt do phreab
Tadhg aníos chughainn. Sínte ar a
leabaidh 'na chuid éadaigh do bhí sé.



“Is fíor di, mo choinnséas,” arsa
Tadhg. “Nuair do shroicheas an tsráid
níor mhór dom braon biotáille, — &
b'fhéidir dá bhraon, trí bhraona, — d'ól;
acht, droch-chrích go mbeiridh ar lucht a
déanta, is dócha gurab í an chloch-
ghorm a bhí uirthi, & do sgrios sí an
croiceann go léir dem' bhéal. Tá
eagla orm go bhfuil sé ag caitheamh.
Féach air, a Sheagháin.”



“Iompuigh i leith chun an tsoluis,”
arsa Seaghán, “go bhfeicead i gceart
é.”



Do thug Tadhg casadh dho féin, go
raibh an lampa ag taithneamh idir
an dá shúil air; d'osgail sé na
corráin ó chéile i gcás go raibh


L. 28


cothrom againn go léir ar é 'fheicsint.
'Sé rud do chonnac féin — uaithis
fhairsing chraorag, is fáibre de
stúmpaíbh dubha 'na thimcheall thíos &
thuas.



“Tá'n tú manntach, a Thaidhg,” arsa
mise. “Is olc an comhartha ort bheith
ag cailleamhaint na bhfiacal chomh hóg.”



“Níl, ní 'od' shárughadh é,” arsa
Maire, & colg ag teacht uirthi.
“Séanas beag é sin a bhí riamh ann.”



Níor labhair Tadhg gíog, mar bhí lámh
dheas Sheagháin 'na chorrán íochtair, & a
lámh chlé 'na chorrán uachtair, & é ag
infhiúchadh na huaithise ar a chroidhe
díchill.



“Tiocfaidh sé chun craos-galair
gan mhoill ort,” ar seisean, “muna
bhféachfair chuige.”



“Seadh, mhuise, chun craos-galair!”
arsa Máire. “Nár ait an rud go
dtiocfadh sé chuige.”



“Féach féin air, is dóigh. Sin é ag
caitheamh i mbun na bhfiacal é, & atá
poll mór suas 'na chogansaigh cheana
féin.”



“Go bhféachaidh Dia orm,” arsa
Máire, “& a leithéid de shruimile
ceangailte dhíom, — nó cad a déanfar
anois do? Gheobhad náire dhearg 'na
thaobh. Is measa é ná seana-Dhiarmuid
Dubh do chuir an triuch de i n-aois a
cheithre fichead.”



“Is beag dá mhearathal ort cad a
déanfar do,” arsa Seaghán. “Cuir


L. 29


teachtaire chun sean-Eilín seo thall,
& abair léi a ganndal do chur isteach.”



“Cad 'na thaobh an ganndal?” arsa
mise.



“Chun leigheas an chraos-galair do
dhéanamh do. Má fhaghann sí ganndal
'na throsgadh & a anál do chur fé Thadhg
trí maidneacha as a chéile, ní bheidh
pioc air.”



“Is maith an cuimhneamh agat é, a
Sheagháin, & tá an ganndal go háiseach
ag sean-Eilín,” arsa Máire.



“Leigheas is eadh é,” arsa Seaghán,
“gur furaiste é 'dhéanamh, & leigheas
nár theip riamh.”



“Go mbuanaighidh Dia ag bhur
muinntir sibh,” arsa Tadhg; “acht ar
son an tsaoghail & le hanaman ar
chuaidh romhaibh, & ná leogadh éinne
agaibh focal as a bhéal amach mar
gheall ar sgéal so an ghanndail.”



“Ná bíodh eagla ort, a mhic ó,” arsa
Seaghán. “Ní béal gan sgoth sinne
agat. Is dócha ná fuil éan-chaitheamh
i ndiaidh an tobac anois agat, tráth
is ná cloisim ag cainnt air tú?”



“Is dóigh leat soin, an eadh? Mar
is maith liom bheith im' bheathaidh do
raghainn trí chasadh sa chroich ar an
'nóimeat-so chun seach de'n phíopa
d'fhágháil.”



“Dá mb'áil leat píopa do thabhairt
domh-sa,” arsa duine eile aca,
“d'fhéadfainn í 'tharrac & an deatach
do shéideadh chughat-sa.”


L. 30


“Seadh,” arsa mise, “& do chuirfinn
geall go raghadh sé chomh maith dho is
do raghaidh anál an ghanndail.”



“Ní cúis magaidh é, a Ghruagaigh.
Dar fiadh, a Dhiarmaid, gur aingeal
do labhair. Brostuigh ort, a Mháire,
& beir aníos an tobac & ceann de
sna píopaíbh nuadha.”



“Cad é an tairbhe dhuit an fághal-
tas a bhainfidh Diarmaid as ceann
aca?” arsa Máire, ag teacht aníos &
an tobac & trí cinn de sna píopaíbh
aici. “Óladh an triúr i n-aoinfheacht
& geobhair sásamh éigin ann.”



“Ná fuil píopa eile ann?” arsa
Tadhg. “Cad 'na thaobh ná tugann
tú do'n Ghruagach í?”



“Go seinidh tobac ar an nGruagach,”
arsa Máire. “Nach deas an radharc
a thabharfadh a mháthair i mbáireach orm
dá dtéidheadh sé a bhaile breoidhte
chúichi.”



“Níor thug sí riamh rud is sláint-
eamhla dho,” arsa Tadhg. “Ní bheadh
na fiacla chomh maith agam-sa is táid
siad, mara mbeadh é.”



“Ní bheadh, ná gábhadh le ganndal
sean-Eibhlín agat,” arsa Maire, go
sprideamhail.



“Cad a dheineann an tobac do sna
fiaclaibh, a Taidhg?” arsa mise, chun
a aghaidh do thógaint de Mháire.



“Tarraingeann sé an t-uisge uatha,
a bhuachaill. Is é an t-uisge do
bhailigheann ag bun a préimhe do


L. 31


lobhann an fhiacail go deo; — díreach
ar do lobhann sé an plannda sa
gháirdín.”



“Támaoid ullamh anois,” arsa
Seaghán. “Suidh annso ar an gcathaoir.”



Do shuidh go tapaidh. Do tháinig an
triúr, & na píopaí dearg aca, ar a
nglúinibh ar a aghaidh amach, & do
luigheadar ar tharrac go dian dúthrach-
tach. D'árduigh Tadhg a cheann le
haiteas; do dhún sé a shúile, & do
sgaoil sé a lámha siar síos leis
Tugamaoid go léir fé ndeara, i
dtiormacht an tsamhraidh, nuair a
thagann cith báistighe, go seasuighid na
lachain 'na gceann is 'na gceann ar
thúrtógaibh beaga san otrainn — a
súile dúnta, a gcinn san aer, & an
bhog-bháisteach ag sileadh síos leo.
Seo mar do bhí Tadhg, acht amháin gur
aníos do bhí an deatach ag teacht —
'na brataibh boga liatha, fé n-a ghiall,
ag dul isteach 'na bhéal, ag casadh
timcheall istigh ann, ag teacht amach
arís, ag a cimilt féin dá phlucaibh,
ag pógadh na malaidhe aige, & ag
éiriughadh go mall módhmharach suas go
frathacha an tighe.



Do bhíos-sa & Máire ag féachaint
ar an obair. Do bhí formad agam le
lucht an tarraic, & uisge ag teacht
óm' fhiaclaibh le cíocras chun na píopa.
I dtaobh Mháire, mar go raibh Tadhg
sásta, do bhí sise lán-tsásta; mar
go raibh Tadhg ciúin le bárr aitis, do


L. 32


bhí sise ciúin trí chomhbháidh leis; mar
go raibh a chlab mór osgailte aige-
sean, d'osgail Máire a béal chomh
maith. Ba ghearr gur dhíol as, ámhthaigh.
Do chuaidh an deatach le n-a hanál, &
do chaith sí teicheadh.



Nuair do bhí sí imthighthe ní raibh éinne
chun teora do chur liom-sa. Do
fuaras píopa láithreach, do líonas í,
do dheargas, & do leogas ar mo
ghlúinibh mé féin i measg na coda eile,
& do chromas ar chnáthairt chomh dian
le héinne aca.



Bhí an phíopa nuadh, & fad d'fhan sí
fuar do réidhtigh an obair go maith
liom: acht nuair do théidhigh sí idir mo
mhéireanna, & nuair do shroich íle an
tobac mo ghoile do tháinig fonn
úrlaice orm, & do thosnuigh an tigh 's a
raibh ann ar chasadh timcheall. Dob'
éigin dom bóthar Mháire do thabhairt
orm, & ní bréag a rádh go raibh deire le
spórt na hoidhche agam.



Do shéalthuigheas liom ar chuma
éigin, mo lámh ar an gclaidhe agam,
chun gur shroicheas bun an sgabhait.
Do bhí glaise bheag fe'n mbóthar
annsoin. Do chaitheas ar mo ghlúinibh
mé féin 'na haice, & do sháitheas mo
lámha go huilnibh innti. I gcionn ceath-
reamhadh uaire do bhí sé ionnam siubhal
a bhaile ghan teannta.



Níor bh'éan-ghuidhe fhóganta thugas do
Thadhg an oidhche sin.


L. 33


IV.



Chomh luath is do chrothas codladh na
hoidhche as mo shúilibh ar maidin, do
phreabas im' shuidhe, & do chuadhas
fé dhéin tighe Thaidhg go bhfeicinn
leigheas an ghanndail dhá dhéanamh dá
chraos-galar: acht dá mhoiche sa ló é
nuair shroicheas an tig, do bhí an triúr
eile ann romham & ganndal shean-Eibhlín
i mála ag duine aca.



Ní túisge do fuaradar radharc
orm ná gur thosnuigh na bitheamhnaigh
ar mhagadh fúm i dtaobh na píopa do
luighe aréir orm.



“Slán éirighthe chughat!” arsa duine
aca; “do shíleas ná feicimís go ceann
seachtmhaine thú.”



“Ag cuardach tuilleadh tobac a
tháinig sé,” arsa duine eile. “Is
gearr go gcloisfir a' big-iarraidh ar a
mháthair é chun píopa do cheannach do.”



“Is oireamhnaighe do'n bhograchán
buidéal an leinbh go fóill, pé sgéal
é,” arsa Diarmuid.



“Ní éan-náire é sin do, a Dhiarmuid,”
arsa Mháire, ag cur a cinn aníos thar
táirsigh an rúma, mar a raibh sí ag
friotháil ar Thadhg, “& níor lugha de
mo mheas ort-sa féin, a Dhiarmuid, dá
mbadh é stropa an bhuidéil chéadna do
bheadh le feicsint ar sileadh a póca do
bheiste i n-ionad choise na dúidíne
duibhe sin do chím anois ann.”



“Níorbh' é buidéal an leinbh do chuir
an biorán suain i gcluais Thaidhg aréir.


L. 34


ar a shon soin, a Mháire,” arsa
Diarmuid.



“Ná bac na dailtiní magaidh sin, a
Mháire,” arsa mise, “acht cionnus tá
Tadhg bocht d'éis na hoidhche?”



“Braon beag biotáille dóighte do
bhí agam dá thabhairt anois do. Tá a
bhéal ana-thinn go deo, & tá eagla
orm go bhfuil sé ag caitheamh i gcomh-
naidhe; acht do chodail sé go sámh
feadh na hoidhche — ó chuaidh sé sa
leabaidh aréir go dtí ó chianaibh.”



“Seadh,” arsa Diarmuid,” “& sul
ar chuaidh sé sa leabaidh. D'fhanamar
annso ag teannadh tobac leis go
meadhan oidhche chun gur thuit sé 'na
mheaig sa chathaoir againn, & do chuir-
eamair eadrainn sa leabaidh é.
D'imthigheamar annsoin & do ghoidea-
mar ganndal shean-Eibhlín as an
gcrúitín, & do chuireamair i dtaisge
i gcomhair na maidne é, & tá sé
annso sa mhála againn.”



“Bhfuil sé ar céadlacan?” arsa
mise.



“Tá sé 'na throsgadh,” arsa
Diarmuid. “Dar ndóigh, ní Críos-
taidhe é chun bheith ar céadlacan.”



“An mbeadh éin-leigheas ann mara
mbeadh sé 'na throsgadh?” arsa
Máire.



“Ní bheadh. Caithfidh an ganndal
bheith 'na throsgadh ó 'réir; & is dóigh
liom nár mhisde do Thadhg bheith ag
corruighe feasta, óir is gearr go


L. 35


mothóchaidh sean-Eibhlín easnamh an
ghanndail & go mbeidh sí dá chuardach.”



“Bead-sa suas chughaibh gan mhoill,”
arsa Tadhg ó'n rúm.



Do cheartuigh Diarmuid cathaoir ar
aghaidh an dorais isteach; annsoin
do tharraig sé chuige an mála, & do
thóg sé amach ganndal bán shean-
Eibhlín. Do chuir macántacht an
ghanndail iongna orm; níor chuir sé
sgread ná béic as nuair tógadh amach
é, ná níor chuir sé cor de & é idir a
dhá láimh ag Diarmuid. Do thuigeas
'na dhiaidh sin gur bh'amhlaidh do dhein
an múchadh do fuair sé sa mhála
amadán de, & go mbeadh a mhalairt
de sgéal le hinnsint air nuair do
thiocfadh sé chuige féin.



“Suidh annso sa chathaoir, a Taidhg”
arsa Diarmuid, “& tar-sa ar a aghaidh
amach, a Mháire, & seo dhuit an gann-
dal. Ná bíodh eagla agat roimis,
a Mháire, tá sé chomh macánta le
huan.”



Do shocruigh an bheirt iad féin mar
adubhairt sé leo, & do thug sé an
ganndal do Mháire.



“Mo ghraidhin a' créatúir; mo
ghraidhin beadaidhe bocht,” arsa Máire.



“Druid i leith liom é, i n-ainm Dé,”
arsa Tadhg, & d'osgail sé an craos
mór craorac.



Do shín Máire chuige an ganndal;
acht an nóimeat soin badh dhóigh le
duine gur dhúisigh sé ó pé slamadh


L. 36


amadántachta do chuir a ghéibheann
san mhála air. Do dhírigh sé a cheann,
d'fhéach sé idir an dá shúil ar Thadhg,
& dubhairt sé go dána “pé — é — ach!”
Fógairt-chatha gan amhras do b'eadh é;
acht nuair nár fhreagair fear-an-bhéil-
ar-leathadh é, d'iompuigh sé siar uaidh
le tarcuisne & d'fhéach sé ar Mháire.



Is tuathalach an greim do bhí ag
Máire ar an nganndal; mar, siúd is
go raibh a chorp fáisgthe go dlúth idir
a dá láimh aici, toisg fhaid a mhuiníl
dob' fhéidir leis a cheann do chur
anonn nó anall ar a thoil.



Is cuimhin liom bheith ar dhuine de
gharsúnaibh mí-riaghalta sgoile lá.
Do rugamair ar lachain do bhí cois an
bhóthair, & do bhí geall eadrainn ciaca
againn — & an greim céadna ar an
lachain aige & do bhí ag Máire ar an
nganndal — do sgríobhfadh a ainm ar
an mbóthar le n-a gob.



Seadh, do thug Máire dó nó trí
iarrachta ar cheann an ghanndail do
chasadh chun béil Thaidhg, acht do theip
uirthi. Nuair do dhruideadh sí chuige
cabhail an ghanndail, do shíneadh sé a
mhuinéal fada suas nó síos, & ní
leogadh sé air go bhfeiceadh sé Tadhg.



Nuair d'iompuigh an ganndal suas
an tríomhadh uair, d'iompuigh Tadhg a
cheann féin suas leis, i gcás gur chaith
an ganndal féachaint air.



“Druid leis anois é, a Mháire,” arsa
Diarmuid, “is ró-bheag ná fuil sé agat.”


L. 37


“Pé — é — each!” ars' an ganndal, & do
chas sé síos go hobann, acht má chas,
do bhí clab mór Thaidhg roimis ann.



“Lean air, lean air!” arsa
Diarmuid.



“Pé — é — each, pé — ach,” ars' an gann-
dal arís, & ar iompáil do lámha do
dhírigh a mhuinéal chun go raibh sé ar
nós slat-mhaide iarainn, & do chuir sé
a ghob i n-achrann i mbun na súile ag
Tadhg.



Níl puinn eile le n-innsint agam
mar gheall ortha. I gcionn leath-
nóimit 'na dhiaidh sin, do bhí Máire ar
fleasg a droma ar an urlár, an
ganndal 'na haice & a chos briste, &
mise dá dtógaint; an triúr buachaillí
ag baint na spearach dá chéile ag
teicheadh; & Tadhg sa rúm ar leath
bhuile & a lámh ar a shúil aige.



Do sgéith na buachaillí ar Tadhg,
& do deineadh béithé de féin & de'n
chraos-galar, acht ba mheasa do shean-
Eibhlín 'ná iad uile. Do bhí an ganndal
bacach as soin amach; & níl duine do
castaoi san tslighe ná taisbeánadh sí
do é, ag rádh —.



“Mhuise, ba bhreágh an ganndal é
sin, chun gur bhris Taidhgín na buile, —
míochrom air, — a chos.”


L. 38


AN SPIORAID.



I.



Dia Sathairn a bhí ceaptha chun an
phósaidh. “Féasta trom,” adubhairt
Sean-Eibhlín do bhí dhá ullamhughadh
ann; & go deimhin is sin mar nár mhór
dó bheith, má b'fhíor leath a raibh le bheith
ar an gcóisire. Fiche lánamha ó gach
taobh do bhí iarrtha, gan áireamh ar an
gcosamar a leanann a leithéid go
deo.



“Cas leis an gClainn mBáin é,”
arsa Máire ar maidin lae an pósaidh,
& mé i dtigh Thaidhg ag iarraidh an
chapaill, “níl a máighistirí sa
pharóiste chun pósadh nó sochraid
d'fhritheáil. Ní baoghal go mbeidh
easpadh gaolta ar an ógánach,
Diarmaid Bán, anocht.”



“Má leogann muinntir Néill an
buadh leo, mhuiseadh,” arsa sean-
Eibhlín, a bhí ann ag fógairt an
ghanndail do Tadhg, “ní lá fós é.
'Sé ‘pós bean ó Bhéara, pós Béara go
léir’ ag Diarmaid é.”



“Is cuma dhóibh mara mbeidh achrann
anocht aca,” arsa Máire. “Tá
mórán dighe rómpa, cloisim.”



“Pé deoch atá ann,” arsa Tadhg
ó'n leabaidh, “ní bheidh achrann ann.
Tá a mhalairt de chéill ag daoinibh
anois 'ná bheith ag briseadh plaosg a
chéile.”


L. 39


“Sin í an chiall mheathte,” arsa
sean-Eibhlín go searbh. “Níl sé
d'anam sa chuid is fearr aca anois
éin-nídh is cruadha do bhriseadh 'ná
plaosg uibh nó cos ganndail. Is
minic do bhíos-sa ar phósaidheachaibh, —
& b'iúd iad na pósaidheacha gur bh'fhiú
pósaidheacha do thabhairt ortha, — ná
feadair duine de sna fearaibh ar
maidin cé'ca ba mhó d'fhuil ná de
bhiotáille do bhíodh óltha i rith na
hoidhche aige.”



“Agus na mná, a shean-Eibhlín?”
arsa mise.



“Dá mbeadh a mac nó a fear i
dteannta,” arsa sean-Eibhlín, “an
dóigh leat an a' seanchaidheacht badh
cheart do'n mhnaoi bheith?”



“Chím gur dóigh leat-sa gur
chirtisidhe dhi cloch a bheith i mbuímpéis
a stoca aici, — mar a bhí go minic
agat féin, a shean-Eibhlín,” arsa mise,
“má's fíor bréag.”



Níor ghábhadh dhom a bheith,” ar sí
ag fát-gháiridhe. “Do leagfadh gal
de'n phíopa na fir an uair sin, mar a
leag sí bograchán áirithe an oidhche fé
dheire. Seo mo mhéaracán, a
ghruagaigh, chun an bhraoinín a thomhas
chughat féin; do ghoíllfeadh an leath-
ghloine ort. Nó b'fhéidir go dtabhar-
fadh Máire annso iasacht spiúnóige
na n-ubh duit, mar cloisim gur mór
aici thú.”


L. 40


“Tá sí ag tabhairt iasacht an
chapaill dó,” arsa Tadhg go fearamhail,
“rud nár thug éinne riamh duit se, a
chaillichín dhroch-aigeantach. Cuir féin
an iallait uirthi, a ghruagaigh. Is oth
liom ná féadfainn éiriughadh & congnamh
do thabhairt duit.”



“Dar ndóigh, ní 'na trosgadh do
thabharfadh sé leis í,” arsa Máire.
“Ní bhfuaras caodh ar ghráinne coirce
do thabhairt indiu di.”



“Go raibh maith agat, a Mháire,”
arsa mise; “dubhairt Diarmaid liom
go gcaithfeadh sé dul go moch indiu
go tigh na mná óige, gur mise do
raghadh i n-éinfeacht leis. Níl sé
leath-mhíle as so, & geallaim duit go
bhfaghaidh sí coirce a dóithin ann.”



“Agus b'fhéidir gal tobac,” arsa
sean-Eibhlín, ag priocadh léi síos an
sgabhat.



II.



Ní raibh puinn de'n mhaidin caithte
nuair shroicheas féin & Diarmaid Bán
tigh na mná óige. Dá ghroide sa ló bhí
sé, ní ina gcodladh do rugamar ar
lín-tighe Mhic Uí Néill. Bhí cúpla bórd
as a chéile sa chistin, cruacha aráin &
feola ortha, &, gan dearmad, gléas
té. Bhí lathairt biotáille ann chomh
maith.



Ní ann do bhí an féasta le bheith;


L. 41


acht is é gnás na háite an t-ógánach &
furmhór na cóisire a dhul go tigh na
mná óige ar maidin, & iad do bheith mar
ghárda aici ag dul chun an tséipéil. Is
dócha gur ghábhadh gárda de'n tsaghas
tamall ó shoin nuair a deintí cailíní
bochta a d'fhuadach. Níl eagla a leith-
éid ar dhaoinibh anois, acht leantar
de'n ghnás ar a son soin.



Do bhí beirt dhearbhráthar na mná
óige tamall síos ó'n dtigh in ár
gcoinnibh. D'éis fáiltiughadh romhainn
go meidhreach, do thógadar ár gcap-
aill uainn, & chuireadar ar stábla
iad. Do chuireas i n-iúl dóibh go raibh
capall Thaidhg 'na trosgadh, acht dubh-
radar liom gur ghearr a bheadh, go
raibh a dóithin coirce le fágháil aici —
“& tobac, má's maith léi é,” arsa
duine aca, ag imtheacht leis ag gáir-
idhe. Níor bh'éin-sgéal nuadh annso,
go háirithe sgéal an tobac.



III.



I mbéal an sgabhait do bhí Mac Uí
Néill féin romhainn. Do bhain fásgadh
dian as ár lámhaibh, & do sheol sé chun
an tighe sinn. Do bhí bean an tighe
taobh istigh de'n doras romhainn.
D'fháiltigh sí romham-sa ar dtúis, i
dtaobh nár léi féin mé, & annsoin do
rug sí lom bróige ar Dhiarmaid, &


L. 42


dubhairt sí go raibh Dia ag tabhairt
mhic eile dhi, & go raibh sí buidheach De.
I gcionn tamaill bhig dubhairt sí leis
gur dhearmhaid sé rud éigin sa “rúm”
aréir, & go raibh sé roimis ann. Do
chuaidh Diarmaid síos sa “rúm,” &
pé rud a bhí ann, ní raibh éin-deabhadh
air a fhágaint. Fé dheire, nuair tháinig
sé aníos, do bhí a cheannacha chomh
solusmhar le n-a charabhat nuadh, & ní
fhéadfainn dul thairis sin.



Ba ghearr gur thosnuigh lucht na
cóisire ar bheith ag teacht — 'na nduine
is 'na nduine ar dtúis, annsoin 'na
mbeirt is 'na mbeirt; 'na dtriúraibh
& 'na gceathraraibh as soin amach chun
go raibh furmhór na ndaoine a bhí chun dul
go dtí an séipéal bailighthe ann. Acht
pé'ca 'na n-aonar nó i gcuideachtain
a chéile do thángadar, do fáiltigheadh
rómpa mar a fáiltigheadh romhainne.
Do bhí na fir óga 'na gcoinnibh ar
dtúis; an t-athair dá dtionnlach ó
bhéal an sgabhait go dtí an tigh; bean
an tighe annsoin chun iad do thógaint
de láimh; dearbhráthair fhir an tighe
'na sheasamh ag ceann an bhóird ag
tairisgint biotáille dos gach éinne
de réir mar a thángadar air; fear
eile muinnteardha dá gcur chun bóird,
& beirt nó triúr de mhnáibh na gcomh-
arsan ag fritheál ortha.



Ba mheidhreach croidheamhail a bhí
gach éinne timcheall an tighe an mhaid-


L. 43


in bhreagh fhoghmhair úd; Cuid de sna
daoinibh, d'éis bídh, amuigh san otrainn
ag magadh 's ag cur trí n-a chéile;
lucht na mbórd ag ithe 's ag gáiridhe
i n-éinfheacht; cogarnach is clisiam ag
braisile chailíní timcheall na mná óige
thuas ar an lochta; urchar ag sgeinnt
tríd an bhfuinneoig amach anois & arís
uatha, & ag aimsiughadh dhuine de sna
buachaillíbh óga sa cheann nó sa mhuineál
san otrainn; beirt nó triúr ag árdach
an bhuachalla suas chun na fuinneoige, is
é ar buile chun sásamh a bhaint amach
mar dh'eadh; sgréachaigh istigh annsoin, &
glaodhach ar mhnaoi an tighe; bean an
tighe ag teacht is gan puinn idir an gol
's an gáire aici; comhangaireacht
cainnte & tagaireacht béil thall 's i
bhfus a chuirfeadh áthas ó chroidhe ort;
iongnadh ar gach éinne nuair a thúirling
caidhreán móna sa chúl ar Sheaghán na
Leacan nár dhein sé spórt de; an
t-ógánach, chun spiur-speir a dhéanamh
de, ag iarraidh comhairle Sheagháin chun
rud éigin a bhí idir lámhaibh aige, & dhá
thabhairt isteach chun braon an dorais a
bheith aca; fear an tighe ag brostughadh
gach éinne chun bóthair capaill dá
dtarrac amach; giortaí dá bhfásgadh;
mná dá dtrosáil féin 's ag taispeáint
a gcótaí craoraca chun dul ar cúlaibh;
annsoin síos an sgabhat & amach ar an
mbóthar. Go deimhin ní misde a rádh
gur mheidhreach mhustarach an ghasra an
lá soin sinn!


L. 44


IV.



Bhí séipéal an Bhonáin, i n-a rabhathas
chun an lánamha do phósadh, ocht míle
ó bhaile. Is i gcóistíbh is gnáthaighe le
cóisiríbh dul ann anois; acht is ar
chapallaibh a téidhthí ann an uair úd.
Gach capall a bhíodh briste isteach
chun cúlóige d'iomchar do bhíodh cúlóg
air, acht amháin ar chapall an ógánaigh.
Ní thabharfadh capall Thaidhg cúlóg léi,
& ar an adhbhar soin do bhíos-sa
éasgaidh go leor.



Nuair chuamair síos ar an mbóthar
do ghread an t-ógánach leis amach i
dtosach droch-bhéas d'éinne do b'eadh
bheith ag iarraidh dul roimis. Le n-a
shálaibh do bhí ógánach eile, comráda
dhó. 'N-a ndiaidh sin do tháinig gach
éinne mar fhéad sé é, acht amháin an
bhean óg. Do bhí sí sin tamall maith
siar sa chóisire ar chúlaibh a dearbhráth-
ar, ar chapall shocair. I dtaobh gan
do bheith ionnam féin an uair rin acht
garsún do bhíos ó cheann ceann na
cóisire, tamall annso & tamall ann-
súd.



Do shroicheamair an séipéal i n-am
tráthamhail, & níor choinnigheamair féin
ná an sagart éan-mhoill mhór ar a
chéile. D'fhág an lánamha nua-phósta
an séipéal gualainn le gualainn mar
is ceart dá leithéid. Níor ró-


L. 45


fhoraiste é sin a dhéanamh, mar bhí
doras an tséipéil cumhang, acht do
bhrúghadar iad féin amach go cean-
amhail, gan duine aca órlach i ndiaidh
'ná roimhe an duine eile. Beidh a
rian air, — ní bheidh a' ceachtar aca
choidhche 'n-a bhaintreabhaigh; acht nuair
a thiocfaidh a lá éalóchaidh an bheirt
leo as an saoghal i n-éinfheacht.



Dearbhráthair athar Dhiarmada is é
thóg an bhean óg ar a chúlaibh ag teacht,
& do dhein an “buachaill óg” marcaidh-
eacht i n-a n-aice. Ní raibh éan-chosg
anois le héinne dul i dtosach dá
bhféadfadh sé é; & chomh maith do thos-
nuigh gach éinne go raibh anam na
hóige ann, nó go raibh éan-mhuinighin
as a chapall aige ar bhóthar a
ghreadadh.



“Leath-ghalún leat,” arsa Seaghán
na Leacan le Donnchadh Ua Néill,
“go mbainfead an tigh díot, — & an
bhean 'n-a teannta.”



Bhí an bheirt go mór i ndiaidh Nóra
Bháin, & do bhí Nóra sa bhaile i bhfeidhil
na gcócairí.



“Seachain ná gur mó soin 'ná do
dhícheall,” arsa Donnchadh, “acht
tiomáin leat.”



Is olc d'fhan Seaghán leis an gcuir-
eadh: d'imthigh sé ar nós an philéir.



“Preab i n-áirde uirthi seo, a
Dhonnchadh,” arsa mise, 'om' chaitheamh
féin anuas dem' chapall. “Tá an


L. 46


ceamalach lárach soin agat-sa ró-
throm chun reatha, & tá sí séidhte d'éis
na cúlóige. Dubhairt Tadhg ná béadh
capall sa chóisire a bhainfeadh an tigh
di seo.”



“Go mbuanuighidh Dia thú,” arsa
Donnchadh, & do bhí sé san iallait, & ag
baint teine chreasa as an mbóthar i
ndiaidh Sheagháin i gcionn nóimit.



Chuadhas féin ar marcaidheacht ar an
gceamalach & thug sí a bhaile gan suathadh
mé.



Do bhuaidh Donnchadh an geall. Bhain
sé an tigh amach i bhfad roimhe Seaghán.
Bhí Nóra ar an gcnocán 'féachaint an
bhfeicfeadh sí an chóisire ag teacht; &
nuair do chonnaic sí chúichi Donnchadh &
an íde a bhí air féin & ar an gcapall,
do rith sí síos go béal an sgabhait 'n-a
choinnibh; acht do chaith sé a hata san
aer & do chuir sé púir as, chun misneach
do chur uirthi. Do stop sé an capall
ag cloich na marcaidheachta, & do
bhí Nóra 'n-a seasamh ar an gcloich chomh
hárd le n-a bhróig. Pé comhrádh bhí
eatorra dubhairt Donnchadh nuair
tháinig Seaghán i n-a radharc ag bun
an sgabhait:



“Dein, a Nóra.”



“Á! ní leogfadh náire dhom é,”
arsa Nóra.



“Dein, a chailín, mar olc air:
deirim leat go n-inneosad gach éan-
fhocal de do Dhiarmaid anocht.”


L. 47


“Éin-cheann amháin, máiseadh,” arsa
Nóra.



“Sin a n-iarrfad: dein deabhadh.”



Do shín sí a lámh chun Donnchadha, do
chuir sí barr a coise ar a bhróig, & mar
a chítear gearrcach éin dá dhéanamh le
n-a mháthair ar chraoibh, d'éirigh sí go
héadtrom suas, & do thug sí fáiméad
póige do Dhonnchadh. Annsoin, & a
haghaidh ar dearg-lasadh, do léim sí
anuas & ní dheachaidh coinnín i dtalamh
riamh níos mire 'ná mar a bhain sí an
tigh amach.



D'árduigh Donnchadh an capall leis
taobh thiar de'n tigh. Do chaith sé
tamall dá siubhal síos & suas & é ag
cluas-fheadghail dó féin, chun gur
imthig an teas aisti; annsoin do
sgrios sé & do ghlan sé, & do thiormuigh
sé í, & má bhí fear ná bean ar an
bpósadh an oidhche sin do fuair aire ní
b'fhearr 'ná fuair sí ba mhaoidhte air é.



Bhí an dinnéar ar na bórdaibh nuair
do shroicheamair an tigh. Do ceangladh
na capaill de sna sgeathachaibh ar dhá
thaobh an sgabhait, do fuaradar féar,
& annsoin do bhrúghaidh na daoine
isteach. Bhí na bóird as a chéile ar dhá
thaobh na cistean, acht slighe do sna
daoinibh idir iad 's an falla. Do bhí
bóird do'n chosumar amuigh sa sgioból
freisin. Is dócha go raibh an dinnéar
go maith: do chuala mórán dá mholadh,
pé i nÉirinn é; acht do bhí an chócair-


L. 48


eacht chomh dona is do b'fhéidir í 'bheith.
Níl amhras 'ná go raibh an raidhse ann.
Prátaí do'n dá bhaile — cuid aca
loitthe & an gealach go glas i dtuill-
eadh aca; muicfheoil chomh hárd le
píce; mairtfheoil righin, & caoir-
fheoil barra-dhóighte; trí nó ceathair
de bharailíbh pórtair, & biotáille le
cur id' bhrógaibh. Do b'fhíor do shean-
Eibhlín gur “féasta trom” é, acht
ba bheag é m'fhodhail-se air.



Tá sé de mhí-ádh riamh 'om' lean-
amhaint go ndeinid na mná an iomad
muinnteardhais liom. Níl lá ó chosain
mo bhróg tuistiún ná go mbíonn siad
'om' bhodhradh ag innsint sgéalta dhom
— na máithreacha ar a gclainn, na mná
ar a bhfearaibh, & iad go léir ar a
chéile. Badh dhóigh le duine dá mbeadh
an cócaire, ná duine de sna cócairíbh,
báidheamhail ar phósadh leis gur bh'é a
bhuaic é. Bheadh dearmhad air, ámhthaigh.
Sin mar do thárla dhomh-sa an tráth-
nóna úd, & 'sí an bháidheamhlacht chéadna
do loit mo dhinéar orm.



Nuair do cuireadh an t-anbhruithe ar
an mbórd, & faid bhí dá fhichid duine
dá shéideadh is dá fhuaradh ar a
ndícheall, do dhruid duine de sna
cócairíbh seo liom-sa & dubhairt i
gcogar:



“Blais é, a Ghruagaigh; blais é, —
féach cionnos a thaithneann sé leat.”



Do bhlaiseas. “Tá sé go deagh-


L. 49


bhlasta, a Neill,” arsa mise; & go
deimhin ní bhfuaras éan-locht air.



“Anois, a Pheig!” ar sí le Peig na
Leacan, “cad dubhart leat?”



Do dhruid Peig linn. “Do bhlais
an Gruagach é,” arsa Neill, “& ní
bhfaghann sé éan-locht air.”



“Cad do bheadh air?” arsa mise.



“Peig,” arsa Neill, “Peig
adubhairt gur thuit an sugh ann, &
dubhart-sa nár thuit, & féach anois gur
bh'fhíor dom é.”



“Do thuit, mhuise,” arsa Peig,
“& do thuit lán báisín de ann, acht
tá blas na biotáille i mbéal an
Ghruagaigh anois, & is cuma dhó sugh
ann nó as.”



Ar ball, is mé ag leogaint orm go
rabhas ag ithe muicfheola, dubhairt
Neill arís i gcogar:



“Ná bac an tseana-chráin sin; tá
rud éigin fóghanta id' cóir agam-sa.
Is í Nóra féin adubhairt liom í
'choimeád duit.”



Do thug sí chugham blúire deas
caoirfheola.



“Uan é seo,” arsa Neill, “& do
thógamair de'n teine roimis an chuid
eile é mar bhí sé óg. Nách deas
briosg é?”



“Sin díreach mar atá sé,” arsa
mise, “sonuachar chun Nóra: badh
mhaith uaithi cuimhneamh orm-sa.”


L. 50


“As an dteine dá ríribh thugais é,
ar a shon soin,” arsa Neill.



“Cad 'n-a thaobh?” arsa mise; “an
é Bodach na Leacan a bhí ar a thí?”



“Éist!” arsa Neill ag gáiridhe:
“ná cloiseadh Peig tu. Ní hé, acht
alpaire chomh holc leis. Nuair a
thógamair é, do leogamair ar an
sgiathóig cois an drosúra ag fuaradh
é. Cad deire leis an gconartaigh
muice atá annsoin, — & go deimhin badh
chora dóibh í 'mharbhughadh nuair ná
tabharfaidís rud éigin le n-ithe di, —
cad deire léi nár árduig léithi 'n-a
béal amach é, acht do bhaineamair di
thíos ag bun an sgabhait é. Féach, níl
rian bualthaigh ná lathaighe anois air.
Níor innseamair do Nóra i n-éan-chor
é. Acht an íosfair a thuilleadh?”



Sul ar fhéadas freagra do thabhairt
uirthi, do glaodhadh i mball éigin eile
uirthi, & d'éaluigheas liom amach ag
brúchtghail.



V.



Ní póstar daoine ins an áit seo d'éis
an dó a chlog sa ló; & ar an adhbhar soin
bhí an dinnéar caithte againne sul ar
thuit an oidhche. Bhí am go leor ag
éinne gur mhaith leis é féachaint i
ndiaidh a chapaill, & crích do chur air
sul a luightí chun óil. Do chuaidh cuid
de sna comharsain a bhaile le n-a


L. 51


gcapallaibh, & do tháinig teachtairí chun
na gcapall a thabhairt ó thuilleadh aca.
D'árduigheas féin liom capall Thaidhg
& do thugas go dtí an tigh í.



“Tabhair isteach sa chistin í,” arsa
Máire is í ag crúthadh na mbó san
otrainn. “Táim chun na mba d'fhágaint
istigh anocht ó ná fuil sa chréatúir féin
(Tadhg) aire 'thabhairt ar maidin dóibh,
& ní mór dóibh an stábla fútha féin.”



Do tharraigeas isteach an capall, &
do shuidheas cois na leaptha ag cainnt
le Tadhg, & ag innsint cúrsaí an lae
dó. Ar ball do tháinig Máire & do
dhein sí an suipéar d'ullamhughadh.
Níor fhéad Tadhg acht bainne fuar d'ól
mar bhí a bhéal ró-thinn fós; & ó ná
raibh chun na té acht Máire is mise
dubhairt sí nár bh'fhiú dhi an bórd a
leogaint amach. Ar chathaoir ar aghaidh
na teine do shocruigh sí í. Ní raibh trí
shaghas feola ag Máire, acht níor thuit
an sugh 'n-a ciotal, ná níor leag sí a
cuid aráin leis an muic. Bhí an
glanachar aici, an fháilte romham ag
an mbeirt, & ní bréag dom a rádh gur
mhó de shásamh a fuaras as an sgála
té úd ar thaobh na teine, is Tadhg ag
draidireacht chainnte ó'n leabaidh, 'ná
do bhaineas as “féasta trom” Diar-
maid Bháin.



D'éis tamall a chaitheamh i dteann-
ta Thaidhg, do bhuaileas ó dheas arís
go tigh an fhéasta. Bhí an deoch ag dul


L. 52


thart go mear fé'n dtaca soin, mar
chuala clisiam na bhfear, is iad ar
bog-mheisge, chomh luath is do thánag i
ngoireacht páirce de'n tígh.



Nuair shroicheas doras an tighe, bhí
fear ar a bhonnaibh ag moladh na
beirte óige, is ag iarraidh ar gach
éinne a sláinte d'ól ó chroidhe.



“Bhí áthas orainn uile,” ar sé,
“nuair chualamair go raibh cleamhnas
réidh eatortha; bhí áthas orainn ag dul
dá dtionnlac sa Bhonán indiu, mar ar
cuireadh i gcuíng cléire le chéile iad;
tá áthas orainn bheith ag ithe & ag ól
'n-a gcuideachtain annso anocht; & is le
barr áthais a bheam annso ar an
mbliadhain seo chughainn ar baiste 'ca.”
Bhí gáiridhe is lúirigh annsoin ann, &
glaodhadh ar Dhiarmaid & ar a mnaoi.
Do tháinig Diarmaid & a bhean ag
gabháil buidheachais leo. Do bhí ceann
na mná óige fúithi, & í ag dul i
bhfolach ar sgáth Dhiarmada; acht do
labhair Diarmaid go fearamhail & go
neamh-náireach. Do mhol sé an chuid-
eachta, 'ghá rádh go rabhadar sultmhar
grádhmhar le n-a chéile; go raibh an
chuid is mó de'n oidhche rómpa fós, &
go raibh súil aige go leanfaidís amh-
laidh; go raibh an sgioból ullamh chun
rinnce anois, & go mb'fhéidir go
raghadh na daoine óga amach ann ar
feadh tamaill, & annsoin go mbeadh
níosa mhó slighe sa chistin ag na sean-


L. 53


daoinibh chun a gcaitheamh-aimsire féin
do bheith aca.



As soin amach do bhí an spórt ar
siubhal gan sos. Rinnce amuigh, &
amhráin is sgéalta istigh, & gáire is
greann ins gach éan-bhall. Do bhí sé
ag tarrac ar ghlaodh an choiligh san
oidhche, & solus na gealaighe ag taith-
neamh go gléineach nuair do bhí Diar-
muid & a bhean & Nóra, Donnchadh, &
mé féin i n-ár seasamh ag ceann an
tighe, Donnchadh ag innsint dúinn
cionnus mar do bhuaidh sé sa rás ar
Sheaghán na Leacan. Faid bhíomair
mar sin ag cogarnaigh, mar bhí mórán
daoine dá bhfuaradh féin san otrainn
san am chéadna, & ag bog-gháiridhe
eadrainn féin, do chualamair tuairt
chapaill ar cos i n-áirde ag gabháil
anoir an bóthar, &, cé ná feacamair é
toisg na gcrann a bheith idir sinn &
an áit, ag iompáil aníos an sgabhat.



Sul a raibh uain againn ar fhocal a rádh
do bhéic fiche duine san otrainn in-éin-
feacht, is iad i riochtaibh an anama do
chailleamhaint le heagla is le huath-
bhás: “An Spioraid! An Spioraid!
A Dhia na bhFeart; an Spioraid!”



Do fuaras féin éan-chat-súil amháin
ar chapall dhonn ag gabháil thar dhoras
an tighe síos, & caogairle bán 'n-a
dhrom.



“Capall Thaidhg,” arsa mise:
“dailtín éigin do ghoid í.”


L. 54


Ní raibh an focal as mo bhéal nuair
do bhí Diarmaid & Donnchadh thar
chlaidhe & ag rith chun an stábla.



Do leanas féin & an bheirt bhan óga
iad chomh tapaidh is do b'fhéidir linn é,
óir cheapamair go mbeadh droch-obair
ar siubhal sa stábla gan mhoill.



Do bhí an stábla pas maith slighe ó
chúil an tighe, & nuair thánag i n-ath-
chomhaireacht dó, do chonnac Donnchadh
ag tarrac na Spioraide de'n chapall
a bhí 'n-a seasamh ag doras an stábla,
& do chualadh ag rádh é, & é dhá thachtadh
le feirg:



“A árd-bhleagáird, mara mbeadh
le hurraim dá bhfuil ar láimh anocht
againn do stracfainn as a chéile thu. A
rí na n-aingeal,” ar sé, nuair do
tharraing sé de'n sgathamh an
caogairle bán anuas, — “a rí na
naomh, bean atá ann, — bean & gan
uimpi acht a léine.”



Bhíomar go léir 'na thimcheall
láithreach.



“Máire!” arsa mise. “Níl sé dhá
uair a' chluig ó fhágas sa bhaile í.”



“Tá an creatúir i laige,” arsa
Nóra. “Cad a dhéanfam léi?”



“Cuiridh suas ar lochta an stábla í
go dtigidh sí chúichi féin,” arsa mise,
“&, a Dhonnchadh, rith-se chomh maith is
tá sé id' chosaibh chun tighe Thaidhg.
Lean an bóthar ar eagla go mbeadh sé
ag teacht, & má bhuaileann sé umat,


L. 55


tabhair annso thar na páirceannaibh é.
Níl amhras ná gur rud éigin d'éirigh i
gceann na mná boichte seo, go bhfuil
sí as a meabhair.”



“Cad a dhéanfam má thagann na
daoine ó'n dtigh chughainn?” arsa
Diarmaid.



“Raghad-sa isteach,” arsa mise,
“& déanfad neamh-nídh de'n sgéal.”



Do tháinig duine de sna mnáibh liom,
& do thug sí fíon, éadaighe & solus i
gan-fhios léi chun an stábla.



Bhí geit i gcroidhe na ndaoine
romham. Do chonnaic duine aca teine
ag teacht amach as béal an chapaill, &
as cúl na spioraide. Thar bhuaic an
tighe, adubhairt duine eile, d'imthigh-
eadar. Dubhairt an tríomhadh duine
go bhfacaidh sé ag imtheacht san aer
thar an gcnoc iad, & gur fhás sgeití
móra dearga ar an gcapall. Níor
shíl éinne aca gur bhí bean Taidhg a bhí
ann, 'na céill nó ar buile, & go raibh
sí anois ar lochta an stábla.



Do thugas cogar d'fhear an tighe, &
do theann sé biotáille leis na daoinibh.
Ba ghearr go raibh fiche duine aca ag
innsint sgéalta ar spioraidíbh i n-éin-
fheacht.



VI.



Níor chuireas aon tsuim ins na
sgéaltaibh: Bhíos ar bhearaibh nimhe ag
feitheamh le tuairisg éigin ó lucht an


L. 56


stábla. Bhí fear an tighe buadhartha
leis siúd is nár leog sé air é. Fé
dheire bhuail Donnchadh isteach is é go
meidhreach. D'iarr sé ar an gcuid-
eachtain leath-sgéal Dhiarmada do
ghabháil, — “Níor mhór,” ar seisean,
“do sna cailíníbh somhaltaisí beaga do
thabhairt chun mná bhreoidhte ar an
mbaile, & níor mhaith le Diarmaid iad
do dhul 'n-a n-aonar ann. Is gearr
go mbeidh siad chughainn arís.”



Do thug sé cogar domh-sa & do
shleamhnuigheas amach. Ní rabhas
nóimeat amuigh nuair do lean fear
an tighe mé & do chuadhamar gan mhoill
sa stábla. Bhí lochta cláir air, i n-a
gcoimeádtí coirce & féar. Nuair
chuadhamar ann bhí Tadhg féin go beo-
ghlórach 'na shuidhe & buidéal biotáille
ar cheann seana-bhosca aige, &
Diarmuid 'n-a aice; Máire & na
cailíní 'n-a suidhe ar mhálaibh ann &
scálaí té aca. Bhíodar ag gáiridhe &
siúd is go raibh ceann Mháire fúithi, bhí
sí ag gáiridhe chomh maith leo.



“Airiú, a Thaidhg,” arsa mise, nuair
do chonnac é féin & fear an tighe ag
ól sláinte a chéile an tríomhadh huair.
“Cad a dhéanfaidh an béal? Bainfir
an croiceann arís de.”



“Bíodh an d--l aige, a bhuachaill, ní
ag tabhairt éan-ghearra-chainnt duit-se
é. Mairfead-sa chomh fada leis an
mbéal soin féin.”


L. 57


“Mairfir go díreach, a Thaidhg,”
arsa fear an tighe, “& is iomdha
bliadhain le congnamh Dé go sgar-
faidh sibh féin le chéile.”



“Tá súil agam gur iomdha,” arsa
Tadhg, “acht mo choinnséas gur dhóibir
go sgarfainn le rud badh mheasa liom
anocht 'ná é: 'sé sin, an créatúir mná
soin ar an mála … Féach, a Ghruagaigh,”
ar sé, “cé'ca is deise a thagann gúna
Nóra dhi ná an éide bhán úd a bhí uimpi
ó chianaibh?”



“Ná bac an éide,” arsa mise, “acht
ar ghrádh Dé & innis dom cad éirigh díbh
sa bhaile, nó cad do thug annso mar
seo sibh?”



“O, déanfaidh an capall tuilleadh
dho” arsa Máire, “thar a sgaraidh sé
léi.”



“Tá eagla orm go ndéanfaidh,”
arsa Tadhg. “Níor bh'éin-nídh í 'bheith
ag ithe tobac sa bhaile, acht níor mhór
di teacht annso ar bholaithe biotáille,
& tabhairt fé bhaintreabhaigh a dhéanamh
díom 'n-a theannta soin.”



“Agus imtheacht ins na daoinibh
maithe le Máire,” arsa Diarmaid.



“Níl éan-truaigh agat dúinn, a
Thaidhg,” arsa mise; “lean ar an
sgéal nó tuitfead amach leat.”



“I lár na hoidhche,” arsa Tadhg,
“d'éis tusa dár bhfágaint do tháinig
tart orm; & nuair do chuireas sain i
n-iúil do Máire do phreab sí 'n-a suidhe


L. 58


chun deoch d'fhághail dom. Nuair
d'osgail sí doras an “rúma” do
chonnaic sí go raibh an capall sínte sa
tslighe uirthe. Do mhachtnaimh sí go
raibh an capall d'éis turas fada do chur
isteach an lá soin, & go raibh sí tuir-
seach dá dheasgaibh. Dá bhrígh sin níor
mhaith lei í dhúiseacht, & 'sé rud do dhein
sí ná a cos do chur tháirse chun gabháil
ós a cionn suas chun na teine. Acht
díreach chomh luath is do bhí Máire & cos
léi ar gach taobh de'n chapall do léim
an capall 'n-a suidhe, & d'árduigh
sí Máire ar a drom léi, & gan uimpe
acht a léine codlata.”



“Do rug sí greim an duine bháidhthe
ar mhuing uirthe, & do chuir sí béic
aisti do dhúiseochadh na mairbh. Do
léimeas im shuidhe & siúd suas mé.



“A Mháire, Mháire,” arsa mise,
“cad d'imthigh ort, nó cá bhfuil tú?”



“Táim annso,” arsa Máire, mar a
bheadh sí thuas ag na madaíbh trasna.



Siúd ag cuardach di ar fuid na
cistean mé.



“Annso, annso,” arsa Máire.



“Cá' n-ad? Ca' n-ad?” arsa
mise. Lean Máire ar bhéiceach agus
mise ar chuardach sa doircheadas.
An deamhan nídh do gheobhainn le
lasadh ann. Fé dheire d'osgalas
isteach an doras, mar bhí a fhios agam
go raibh an ré ag taithneamh. Do bhí
an capall ag casadh tíompal istigh,


L. 59


mar bhí iongna uirthe cad iad na
speabhraídidhe a bhí ag gabháil do
Mháire; agus b'é toil an tsaoghail
nuair osgalas an doras gur siúd
amach an capall. Do chuimhnigh sí ar
an bpeataireacht do fuair sí annso
ar maidin agus um thráthnóna, agus
do dhein sí fé n-a dhéin. “Tabhair
rud do'n pháisde is tiocfaidh sé
mbáireach.” B'in é dhálta ag an
gcapall. Níor leogas uaim chomh bog
soin í ámhthaigh. D'aithnigheas annsoin
cá raibh Máire, mar chonnac i
n-achrann sa mhuing í; acht bhí an doras
chumhang agus ní fhéadfainn dul ar
cheann an chapaill. Ní raibh éan bhac
orm breith ar iarball uirthe ámhthaigh.
Agus do rugas go dlúth, docht. Amach
an doras, & tríd an otrainn linn, —
“reobhais, reobhais!” ag Máire, faid a
bhí innte labhairt; agus “mhaoi, mhaoi!”
agam-sa. Acht níor thaithn an port
soin leis an gcapall go háirighthe;
mar badh ghearr gur chuir sí ins na
cosaibh go dian, agus gur chaitheas-sa
sgaoileadh léi. Do bhí easpadh na
mbróg ag goilleamh orm leis. D'fill-
eas isteach agus do chuireas umam
mo bhalcaisidhe, agus do leanas an
marcach chomh dian is dob fhéidir liom
é. Do bhíos i riochtaibh an anama do
chailleamhaint le barr saothair nuair a
bhuail Donnchadh ionnam ar an mbóthar
agus d'innis sé dhom go raibh Máire


L. 60


ar lámh na sábhála. Do ghabhamair
trasna na páirce a leith, & támaoid
annso ó shoin.”



“Támaoid ró-fhada ann,” arsa
Maire, “ag coimeád ár gcomhursan
ó'n a gcuideachtain.”



“Na habair é,” arsa fear an tighe.
“'Sé an sgéal is iongantaighe do
chualadh riamh é; agus, a Mháire, is
mór an sgannradh do fuarais.”



“Ní bhfuaireas, ní ad bhréagnughadh
é,” arsa Máire, “mar ní cuimhin liom
pioc de ó fhágas an doras. Beidhmid
ag imtheacht anois. Tabharfidh an
Gruagach an mí-ádh capaill sin roimis
ar maidin, agus geobham féin an
comhangar soir. Fágfam sgéal na
spioraide mar atá sé, óir ná feacaidh
éinne eile sinn.



“Go dtugaidh Dia saoghal soghmhach
díbh-se, a lánamha nuadh-phósda; go
mairidh sibh ag á chéile, & go seachnaidh
Sé ar dhroch-spioraidíbh an tsaoghail
seo agus an tsaoghail eile sibh.”



(Críoch),


L. 61


TAGRA.



P. 1: Deagh-chúmthacht, the property of being
well shaped or formed. Leath-chúpla, one of a
pair of twins.



P. 2: An bheag 's an mhór de (= a bheag 's a
mhór de?), the big and the little of it, i.e. the
whole of it.



P. 3: I ngaor = i ngaobhar, near; i ngaor na
teine, within the influence of the fire; gar do'n
teine, near the fire. Eachrainn = achrann, strife
dispute, contention. Clothraidh = cluthruigh, shel-
ter, wrap up (imper. of verb). Císte, cake. A
chiallaigh, my darling, my sweetheart.



P. 4: Sgabhait, gen. of sgabhat, a very nar-
row lane-way. Do mhaoidheamhfaidís = do mhaoidh-
fidís, they would grudge.



P. 5: Sgeart = sgairt, a loud laugh or
guffaw. Solaoidí suathantais (lit. examples of
wonder or show), dread examples. Calaois,
fraud, cheating.



P. 6: Do mhothuigheas ag dul i laige mé, I
felt myself getting weak or fainting; cp. leig
mé 'mach mé ar dhorus na gaoithe, I let myself
out through the windy door (Don. song); the
English me is also so used still in poetry. Gog,
energy. Ní raibh pioc de mhearathal (mhearbhal)
orm, right well I knew. Cumhangaireacht =
cumhangaracht, pressure, noise. Sgéigheadh =
sgéith, gushing. Do dheighleas, I parted. Sreas-
tarnaigh = sranntarnaigh, dat. of sranntarnach,
snoring.



P. 7: Do chimileas = do chuimleas. I rubbed.
Bhí sé fánach agam, I did it in vain. Doi-fheic-
seanach, invisible. Dir-dhá-lín = idir-dhá-lighe,
between the two jambs, i.e. in the door-way.



P. 8: Do shatail = do shaltair, trampled. Fé
shlighe dho, on his way, in his course. Grabhacaí,
claws, ugly hands. Cimilt = cuimilt, rubbing:


L. 62


Éiriughadh = éirighe, to rise, get up. Tannachadh
decently composing the body, e.g. closing the
eyelids, the mouth, &c.



P. 9: Crann, misfortune, evil lot. A ghrian-
áin, my beloved darling, &c. Croth suas thu
féin, pull yourself together. Nár sheansamhail,
how lucky! Faire fút, fie! fie!



P. 10: Ursal = ursul, tongs; ursal, the fire
tongs; tlúth, the flax tongs. Comh-chaoilic, vying
in emulation. Clisiam, confused noise. Cnag-
uigheall = cnagghail, making a knocking; noise.
Plasbuigheall = plaspghail, also flaspghail,
making a noise as of lips meeting, &c., in chew-
ing or sucking. Súbhrac, sucking. Sgalladh-
chroidheacha, pl. adj., heart-scalding, causing
anguish. Cupúrd, cupboard. Liacharnach, sigh-
ing.



P. 11: Liach, f., sigh. Galúnach = gallaoileach,
soap. Ar bhior bhur gcinn, headlong, when
knocked forward. Leogan = leigean, let, leave
(leagan used in Leath Chuinn).



P. 12: Cúisíní, neckerchiefs. Ruis-ris,
leis (ros also in Berehaven), exposed, bare.
Gur fhógruigheas do'n Fhear Mór, that I sent
(wished by swearing, &c.) to the devil. Chun í
'chomharlach (chomhairliughadh), to advise her.



P. 13: Rúisg. a violent blow, a puck. An
chnag a bhaineas as, the crack (sound of the im-
pact) I produced. A mhuirdréir, you murderer.



P. 14: Ag guidheal = (elsewhere) ag géibheal,
ag géabhal, ag gíobhal, ag gíbheal, gadding (of
cow). Ámhthaig = ámh, however.



P. 15: Iargcúlach = iargcúlta, remote, back-
ward.



P. 16: Do cásuighthí, that used to be com-
plained about with a view to get a favour. Ag
ceann-bhrughadh, pounding the surface of. Ar
ghruadh an bhóthair, on the edge or side of the
road. Do spiúnadh, to ransack. Breac-eagla,
half-fear. Óir nár bh'éan-iontaoibh fhoghanta di
é, because he was not one in whose actions she
could have thorough trust.


L. 63


P. 17: Lán a dhá laighre, the full of his two
hands (i.e. inner side). Súmhanc = sungc,
sungca, a shove, a push, &c., such as a beast
gives with its head.



P. 18: A staragáin bhig shalaigh, you dirty
little article; a staragán is any article of furni-
ture badly jointed — a shabby thing; beag is
contemptuous here. Ag lógóireacht, bewailing,
lamenting aloud. Diomáiste = damáiste,
damage.



P. 19: Ag púirthigh, calling loudly. Ní tusa
bheidh siar leo, it is not you who will be at a
loss through them. A bhainfidh an séipéal díot,
who will be at the chapel before you.



P. 20: Bóiricíni, gutta-percha balls put on
the points of the horns of vicious cows; buarach,
pl. buarca, spancels; the buaircín is the cross
bit of wood in the buarach. Prabhait, soft mass.
Ar leath-stradhain, half-mad; stradhain, a fit of
irritable temper, &c. Do bhris ar an bhfoidhne
ar fad aige, his patience became entirely ex-
hausted.



P. 21: Cosair asair (= easair), the tram-
pling under foot of litter, an utterly confused
mass (lit. a confused mass of layers). Miníní
seabhac, hawks' tit-bits, very small bits. Maol-
ughadh, an appeasing, a lessening, lit. blunting.
Do bhladhm sé suas, he flared (or flamed) up.
An beo dearg, the red quick.



P. 22: Nár chásuigheas, that I did not inquire
of; nár chásuigheas = nár chuireas mo chás i
n-iúil. Meidrisg, confusion, discord. Cogan-
sach, the back part of the palate.



P. 23: Bualthaighe, pl. of bualthach = bualtach,
cow-dung. Ag cuardach de, searching for it.



P. 24: Tá deallramh led' sgéal, your's is a
likely story. Bitheamhantacht, thievishness,
thievery, thieving (also bitheamhnacht, bitheamh-
antas, bitheamhnas). Sothach = soitheach, a vessel.
Drosúr, f. (also dreisiúr, m.), dresser (house-
hold article).



P. 25: Foirtiúnach = fortúnach, fortunate. Do


L. 64


chriathairt = do chriathradh, to examine minutely
(lit. to filter, to sift). Bualtach, dropping of
cow-dung. Cabaí, lips (of a beast).



P. 26: Iallaid = diallaid, saddle. Uimis =
uime, about him, on him. Srathrach, with a
straddle. Slipéadach, with only slippers on.
Fronn, “a garland,” “a chaplet,” i.e., as popu-
larly used in the story, a “decoration” or spat-
tering, &c., of stuff (dung) up to the ears; the
word is evidently from Lat. frons (gen. frondis),
whence Eng frond.



P. 27: Go trochaill, wretched, worn out; cp.
go tanaidhe triuchalda and trochailte. Liarne,
a lazy fellow stretched prone; cp. the prov. ní
bhíonn iasg aige liarníbh díomhaoine.



P. 28: Cothrom, an advantageous position.
Uaithis, a cave, a chasm. Craorag = cróidhearg,
blood-red, bright-red. Fáibre, a welt (see
under bhiarsuil in Ir. Texts Soc.'s Dic.).



P. 29: Go háiseach, conveniently, usefully.
Béal gan sgoth, people that blab. Éan-chaitheamh
i ndiaidh, any hankering after, any regret for.
Tráth is ná, when (as) I (do) not.



P. 30: Óladh an triúr i n-aoinfheacht, let the
three smoke (draw) together. Go seinidh (seinn-
idh?) tobac ar, may tobacco affect.



P. 31: San otrainn, in the farm-yard. Frath-
acha, rafters.



P. 32: Trí chomhbháidh leis, through sympathy
for him, on account of being in sympathy with
him. Cnáthairt = cnámhthairt, suckling, hence
pulling (at the pipe). Íle, oil. Fonn úrlaice, a
desire to vomit. Do shéalthuigheas = do théal-
thuigheas, do théaltuigheas, I stole away.



P. 33: A' big-iarraidh, also beag-iarraidh,
begging to iteration with, of course, the view to
persuade. Bograchán, soft fellow. Ag friotháil
= ag fritheoladh, attending, ministering. 'Na
mheaig, in a faint, in a state of insensibility.
Crúitín, a small cow-house.



P. 35: Mo ghraidhin, my darling. Slamadh
amadántachta, stupor of silliness.


L. 65


P. 36: Gur chaith an ganndal, so that the
gander had to.



P. 37: Ar fleasg a droma, on the flat (or
broad) of her back. Ag baint na spearach dá
chéile (lit. taking the hough from one another),
each doing his best to outstrip the other,
“galling one another's kibes”; spearach is gen.
of speir. Do sgéith, let out, told the secret
about (ar). Míochrom (mío-chomhthrom) air, con-
found him!



P. 38: Cosamar, rabble, rubbish (of people).



P. 39: Pósaidheachaibh, dat. pl. of pósadh, a
marriage; pósaidheacha, nom. pl. Gur chirtisidhe
= gur chirte-sidhe, that it would be more right,
that rather (she should, &c.); cirte-sidhe =
cirte, comptv. + sidhe, the old anaphoric pro-
noun now used in exactly an opposite manner,
i.e. proleptically or in anticipation, like the sin
of Leath Chuinn in “níor bh'fhada go dtainic
sin Art 'un a' toighe,” “is iomdha sin léan a
thainic ar Ghaedhil,” &c. — see sidhe in vocab. to
Páidín Ó Dálaigh, and sin in vocab. to Amhráin
Chuilm De Bhailís. Buimpéis, vamp.



P. 40: Caodh = caoth (caoi), opportunity.
Dá ghroide, no matter how early; groide from
grod, early (in the day). Lathairt, a great quan-
tity.



P. 41: Do rug sí lom bróige ar Dhiarmaid,
she embraced Dermot vehemently; bróige =
barróige, gen. of barróg, a close embrace.



P. 42: Tairisgint = tairgsin, act of offering.



P. 43: Braisile, a band, a flock, a bevy; cp.
Brasaile in Irish Texts Soc.'s Dict. Sgeinnt =
sgeinneamhaint, sgeinneadh, bursting, bouncing;
cp. seinnt (W. Cork) for seinneamhaint, seinm
Comhangaireacht, fluency, quickness of reply.
Tagaireacht, allusion, debating. Caidhreán,
caorthán, caorán, a clod, a small bit. Spiur-
speir, nothing, a trifle, a bagatelle. Braon an
dorais = deoch an dorais, the parting drink,
stirrup-cup. Trosáil, trussing, girding.



P. 44: Rabhathas = rabhthas, rabhadh, people


L. 66


were, impers. pass. dep. form, pft. Téidhthí, people
used to go, impers. pass., imperf. Ró-fhoraiste =
ró-fhurus, too easy, at all easy.



P. 45: Chomh maith, accordingly, so.



P. 46: Ceamalach, m., big awkward animal,
ungainly beast; also applied to people = a lub-
berly fellow, a rustic, a clown. Púir, a shout,
a roar, a yell; no doubt another form of búir.



P. 47: Fáiméad, a smack; fáiméad póige,
a sounding kiss. Do bhrúghaidh = do bhrúghuigh, do
bhrúigh, pressed, crowded. Cosumar = cosamar,
rabble.



P. 48: Raidhse = reidhse, reimhse, reise,
abundance. M'fhodhail-se, my share, what I
consumed; fodhail is a very old word = division.
Gur bh'é a bhuaic, that it was his interest, his
best line of action, &c.; elsewhere buac for
buaic in the phrase.



P. 49: Sonuachar, happy spouse, a good hus-
band (as the wish is to a woman).



P. 50: As an teine, with supreme effort, lit.
out of the fire. An drosúra, of the dresser, gen.
m. here. Conartaigh = connartaigh, dat. of
connartach, a coarse, rough animal; here f.,
whilst Irish Texts Soc.'s Dict. says m. Sul a
luightí chun óil, before the drinking would com-
mence.



P. 51: Crúthadh = crúdh, act of milking.
Glanachar, cleanliness; bhí an g. aici, she had
been cleanly (in her preparations for the meal).
Draidireacht = dradaireacht, uttering talk
without much sense.



P. 52: Ar bog-mheisge, tipsy, slightly drunk.
I ngoireacht, within, i.e., a little less or shorter
distance than. Lúirigh = liuirigh, shouting.
Go neamh-náireach, boldly, without feeling
abashed.



P. 53: Bog-gháiridhe, laughing softly, titter-
ing. Caogairle, a person or thing uncertainly
seen at dusk or night; from caogaim, I wink,
and cp. caog-shúileach, squint-eyed.



P. 54: I n-athchomhaireacht dó, near it. A árd-


L. 67


bhleagáird, you prime blackguard; the latter
part from the English word, which also assumes
the form of bligeárd. Sgeití, bursts of flame,
pl. of sgeit.



P. 56: Somhaltaisí = soghaltaisí, pl. of
soghaltas, luxury, delicacy, from soghail; cp.
sádhail, sádhaile, soghmhlas (Ir. Texts Soc.'s Dict.,
probably another form of somhaltas). Beo
ghlórach, alive and talking. Éan-ghearra-chaint,
any short answers, any impertinence.



P. 57: Gur dhóibir (gur dhóbair) = gur
dh'fhóbair, that almost (had like, came near,
&c.). I n-iúil = i n-iúl, i n-umhail, in know-
ledge, made known, informed.



P. 58: Madaíbh (= maidíbh) trasna, cross-
beams. Ag cuardach di, searching for her. Cá
n-ad = ca 'nad = cá ionad, what place, where.
Doircheadas = dorchadas, darkness. Ré (rae),
moon. Tíompal = timcheall, around, about.



P. 59: Speabhraídidhe, ravings; perhaps the
correct spelling is speallraoidí; the sound be-
fore r denot s the former presence of ll or nn.
Peataireacht, petting. Reobhais! and mhaoi!
exclamations expressing a desire to soothe or
make quiet. Le barr saothair, through excess
of breathlessness.



P. 60: Ar lámh na sábhála, saved. Comhangar
= comhgar, short cut. Soghmhach, glad, easy,
prosperous.



AGUISÍN ÓN “nGRUAGACH.”



Cásamh: Ní bhfuaras éinnidh ó Dh. cé go rabhas
ag cásamh go cruaidh leis.



Cásuig: (The local word is really cáisigh).
Do chásuigheas (pron. do cháisigheas) leis é, I
more than hinted I was in need of it.



P. 26: Fronn (pron. frún). You have the
meaning right, though I never heard it to signify
“a garland.”



P. 28: Fáibre, a welt, a wheal, the wrinkles


L. 68


in the forehead, the bands under the eyes when
one is ill. “Tá fáibrí fé bhun a shúl.”



P. 29: Tráth is ná. I have noticed this
written before. Example: “Ní thiocfaidh Máire
anocht, tráth is ná fuil sí annso cheana.



P. 30: Go seinidh. I am utterly unable to
write an equivalent in English. No word is
commoner in the household. “Tabhair braon
té dhom, a Mham.” “Go seinidh té ort, a
dhailthín,” &c. To a young fellow smoking they
say, Go seinidh tobach ort, — and the Anglo-
Irish that comes closest to it is “That it may
spake to you”; though they use this phrase by
itself: Go labhraidh sé leat.



P. 33: Big-iarraig is the tormenting repeti-
tion of the request. Dein, mhuise dein, a Mam,
a mhuise dein, &c. Big, of course, is but beag
attenuated. 'Na mheaig: Meaig has been used
by many Munster writers. It means one un-
conscious, one in a deep sleep. Do thuit sí 'na
meaig, she fell in a faint. Bhfuil sí na codladh?
'Na codladh! tá mhuise, 'na meaig.



P. 37: Ag baint na spearach dá chéile.
When, as hurrying into a place, people are too
eager — especially to a place where perhaps it
would be more honourable to keep out.



P. 41: Lom bróige, a close embrace. Rug
sé bróg orm, he embraced me closely. Beir
bróg orm, a mother says to her child. Lom
is often prefixed intensively: Lom díreach,
straight on, &c.



P. 48: Fodhail, the portion consumed, robbed,
or taken away. Ní chuiris éan-fhodhail mór ar
an mbiadh, a host would say to his guest. Níor
mór é m'fhodhail-se ar a gcuid fíona.