Mac Cárthaigh Mór

Connradh na Gaedhilge (1908)

Pádraig Ó Séaghdha



Mac Cárthaigh Mór



AN FHUIREANN.



Mac Cárthaigh Mór. — Ceann urraidh Chlainne Cárthaigh.



Mac Cárthaigh Dubh. — Gaol dó — cara fallsa.



Dómhnall óg Ó hEidirsceóil. Taoiseach óg.



Eibhlín Nic Cárthaigh. Inghean dearbhráthar an Chárthaigh
Mhóir.



Don Pédró. Cláiríneach ó'n Spáinn, seirbhíseach
don Chárthach Dubh.



Conall — cruitire.
Eoghan Dubh — amadán. Lucht leanamhna an Chárthaigh
Mhóir.



Mac Giolla Eannraoi. — Ceann urraidh na Normánach.



Saighdiúiridhe, & rl.



MAC CÁRTHAIGH MÓR.



Áit — Grianán buailte le Caisleán an Chárthaigh Mhóir i n-Iar-Chairbre —
An caisleán féin le feiscint ar gcúlaibh — crainn ag fás mór-
dtimcheall — Suidheacháin chloiche i measg na gcrann.



An ré — Aimsear an Chárthaigh Mhóir.



Am — An lá t'réis toghtha an Chárthaigh Mhóir mar cheann urraidh ar Chlainn
Chárthaigh.



An Cárthach Mór (i láthair 'na shuidhe i suidheachán ag
machtnamh leis féin) — “Seadh díreach, sin mar is dual
a bheith,” “sliocht sleachta ar shliocht a shleachta,” mar a
dubhairt file éigin. An sean-chrann ar lár — an
dair thréan acmhuinneach go casta feóidhte ag lúbadh
chun go dtuiteann sé agus annsain úir na coille go
bláthmhar ag éirighe suas mar a bheadh árus cosanta, as
an tsean-ithir — sin é mo dháltha-sa féin. Indé do
thuit an sean-taoiseach calma — ceann urraidh Chlainne
Chárthaigh, agus indiu tá a gceannas curtha mar
dhualgas orm féin. Badh cheart dom bheith mórdhálach
as buan-tseasmhacht mo lucht leanamhna fé mar a
cuirtear i n-umhail dom é go soiléir; agus táim leis.
Ach indiu tá adhbhar bróin éigin ag brúghadh ar mo chroidhe
agus is baoghalach gur b'é dúthracht na buadhartha atá
ag bagairt ar ár dtírín dúthchais atá mar aisling os
cómhair m'intinne de shíor.



(Tagann Dómhnall Óg ó hEidirsceóil i láthair).


L. 4


Dómhnall óg — Umhluighim duit, a Chárthaigh chalma. Tagaim
cúghat fé gheasaibh m'athar chun cómhgháirdeachas ár
sleachta do thairisgint duit. Adhbhar misnigh do chlannaibh
Gaedheal thú bheith mar cheann urraidh ar Chlainn Chárthaigh
agus adhbhar bróin é do'n bhfaolchoin doicheallaigh thar
chaladh.



An Cárthach — Mo urraim dod 'athair, a Dhómhnaill thréin, agus
mo mhíle buidheachas mar aon leis. An fhaid agus beidh ár,
gclann agus clann ár gclainne guala ar ghualainn, níl
baoghal go bhfeicfear crúba malluighthe an allmhuraigh
ag sailchiughadh bánta Iar-Chairbre.



Dómhnall óg — Ní misde sain a dhearbhughadh, a uasail áigh, &
má's iad sain do bhriathra i rith do thréimhse, geallaim
duit nách le Clainn Eidirsceóil bheidh briseadh na
nGaedheal le casadh már asmhuchán i n-am an ghábhaidh.



An Cárthach — Is deacair aighneas a chur ar bun gan dhá thaobh
a bheith páirteach ann, a Dhómhnaill, ach is deacra ná
sain é dhéanamh, má thárluigheann gan aon taobh a bheith
ciontach. Guala ar ghualainn mar badh cheart
do'n Ghaedheal, sin mar a bheidh Clann Chárthaigh agus a
lucht conganta feasta; agus sin é an t-aon rud
amháin a choimeádfaidh Banba bhláthmhar ar a bonnaibh.



Dómhnall óg — Bheirim duit flaitheamhnas Chlainne hEidir-
sceóil agus a lucht leanamhna indiu agus go ndeinidh
Dia na nGrást gach aicme do riarughadh chun A Ghlóire
féin do bhuanughadh, agus mar mhaithe le clainn na Fódla.



(Umhluigheann Dómhnall óg arís agus imthigheann sé.)



An Cárthach (leis féin) — Go fial feasamhail a bhí do shliocht riamh,
a Dhómhnaill ghroidhe, agus muna mbeadh an
t-achrann mí-nádúrtha, is amhlaidh a bheadh sgéal ag pór
na nGaedheal ar fad. Mo mhíle beannacht ar an éad
nimhneach atá ag claoidhe ár ndúthaighe ó thúis agus ag á
brúghadh fé chois an eachtrannaigh.



(Tagann Mac Cárthaigh Dubh i láthair — an té a bhí ar lorg ceannais
na fine dhó féin).



An Cárthach (go serabh) — Níor mheasas go raibh onóir chóm mór
sain i ndán dom, agus níor shanntuigheas caradas an
Chárthaigh Dhuibh.



An Cárthach Dubh — Síothcháin! Síothcháin! A fhlaith uasail, tá
an rás rithte agus tá an lá leat-sa. Ní misde do'n
laoch buaidhte fearamhlacht is féile do chleachtadh lá a
bhuadhachtana.


L. 5


An Cárthach — Ní misde sain go fíor, agus deintear é de
ghnáth, ach bheadh sé thiar ar an té chuirfeadh a lámh i mbéal
oillphéiste fíochmhaire, d'fhonn a chur i n-umhail dó go
raibh a sheasamh aige i n-a mhacántacht.



An Cárthach Dubh — Budh mhinic do dhein ceanamhlacht is cimilt
baise peata dílis de'n oillphéist chéadna —



An Cárthach — Seadh, agus is minic do bhris an fiadhantas
amach air t'réis an duadha go léir chómh maith. Dá mhéid
é an léireacht a bhí ag baint leis an bhfaolchoin is é fé
chroiceann na caorach, bhí calaois is nimhneachas is
fallsacht na faolchon cumhdaighthe fé'n mbrat úd, 'na
dhiaidh sain is uile.



An Cárthach Dubh — Ní gádh “an cur sa' mhuileann” so
eadrainn, imás. Nár bh'fhearr sinn ag seasamh le chéile
i gcoinnibh namhad ár dtíre, ná an tuaiplis a bheith
againn coitchionnta 'nár dteaghlach féin?



An Cárthach — Do b'fhearr go fíor; agus tá dúil agam-sa
san tsíothcháin chómh maith le cách, ach b'fhearr liom riamh
an namha dhíreach fhearamhail ná an cara bréige.



An Cárthach Dubh — Gaolta athchomaire 'seadh sinn agus 'sí an
fhuil chéadna atá ag gluaiseacht tré n-ár gcuisleannaibh;
má tá an fhallsacht ag baint liom-sa, ní maoidhte ort-
sa ach chómh beag.



An Cárthach (go feargach) — Ní dual do shíolrach Chlainne
Chárthaigh Mhóir aoide béil do sgaoileadh thársta fé
chiúineas.



An Cárthach Dubh — Muna' dual, níor cuireadh cródhacht
síolraigh an Chárthaigh fé tháir riamh ach cómh beag.



An Cárthach — Nár leigidh Dia gur b'é mise a bhainfeadh uatha.
Tá cáil a ndeagh-ghníomhartha mar sgiath chosanta ortha
súd. Ach ní fhágann sain ná go mbíonn caora dhubh san
tréid is gile.



An Cárthach Dubh (go feargach — ag déanamh iarrachta ar a chlaidheamh
a tharraing chuige) — Mise an chaora dhubh, an eadh?



An Cárthach — Má oireann, an teideal duit, níl a bhac ort
claoidhe leis. Béas duit bheith ag tabhairt cúil le cine
ó tháinig do ghrabaidhe chughat.



An Cárthach Dubh (ar buile) — Thugais do mhíle éitheach,
a anchúinse.


L. 6


An Cárthach (ag tarraing chuige a chlaidheamh) — Cosain thú féin.
Cosain thú féin!



(Tarraingigheann an bheirt a gclaidhmhte chúcha agus siúd chun a chéile
iad, síos suas ag sáthadh 's ag gearradh 's ag lúbadh a chéile.
Seo an bualadh ar siubhal. 'Sa deire tagann leis an gCárthach
Mór lámh dheas an duine eile a chur ar sileadh leis le hiarracht
fhíor-ghlic. Tuiteann an claidheamh as a láimh. Árduigheann an
Cárthach Mór a chlaidheamh féin os cionn chinn an duine eile.
Tuiteann an Cárthach Dubh ar a ghlúinibh.)



An Cárthach Dubh — Síothcháin! Síothcháin! I n-ainm Dé táim
leónta. Táim buailte — táim tabhartha.



An Cárthach (ag breith ar chlaidheamh an duine eile agus dhá shíneadh
chuige.) — Éirigh agus tabhair do bhóthar ort. Dubhraighis-se
ó chianaibh nár mhisde do'n laoch buaidhte fearamhlacht is
féile a chur i n-umhail le linn buadhachtana. Tá sé curtha
i n-umhail duit-se anois, agus go dtéidh an sompla
chun do leasa.



(Beireann an Cárthach Dubh ar a chlaidheamh agus iompuigheann
sé ó'n duine eile).



An Cárthach Dubh (ar leathtaoibh ar dul chun siubhail dó) — Casfar
ar a chéile arís sinn agus chom luath agus tuitfidh sain
amach, cloisfear trácht i gcúig cúigíbh na hÉireann ar an
agra bhainfead-sa amach ar son tarcuisne an lae
indiu. Imthigheann sé.



An Cárthach (leis féin) — Ní móide go bhféadfadh rud níos
fearr a thuitim amach. Rachaidh an méid sin chun a
mhaitheasa agus ní fuláir nó go bhfanfaidh sé thar chlaidhe
teórann feasta, dá dheasgaibh. Ní theastuigheann
uaim-se i dtosach mo thréimhse duine cómh neamhsheasmhach
fallsa do bheith ag brúghadh isteach im' theinteán féin.
Is contabharthach an rud aon uair a leithéid a bheith
ró-chómhgarach do bhearnain bhaoghail.



(Imthigheann sé fé dhéin an Chaisleáin).



(Tagann Domhnall óg Ó hEidirsceóil agus Éibhlín Ní Chárthaigh
i láthair.)



Eibhlín — Thugas fé ndeara thú ag teacht, a Dhómhnaill, agus bhí
eagla orm go sleamhnófá uaim gan tú fheicsint.



Dómhnall óg — Imás, níor mheasais go bhféadfainn bogadh
gan radharc mo shúl d'fagháil ort-sa.



Eibhlín (ag gáiridhe) — A dhe, an plámás! Dar ndóigh, bhís
ag bogadh cheana féin, mara mbéadh gur thánag aniar-
a-dtuaidh ort.



Dómhnall óg — Dar mo mhionna, mhaise, ná rabhas, & ní
raibh cuimhneamh agam air ach an oiread. Is fada mé ag
tnúth le n-a leithéid seo d'uain chun rud éigint áirighthe


L. 7


do luadh leat, agus a rádh go sgaoilfinn uaim an
buntáiste do thug turus an lae indiu dom.



Eibhlín — Cad is bun leis an sgéal so atá agat le noctadh
dhom, a Dhómhnaill?



Dómhnall óg — An gábhadh dhom é nochtadh dhuit, a Eibhlín?



Eibhlín — Is gábhadh, dar ndóigh. Ní hamhlaidh a mheasann tú
go ndéanfainn amach é ar aon tslighe eile?



Dómhnall óg — Do chuadhais amach air cheana, ní fuláir, a
Eibhlín. Nár bhraithis, anois, go raibh urraim is cion
mo chroidhe-se id sheilbh le fada?



Eibhlín — Im sheilbh-se, a Dhómhnaill?



Dómhnall — Id sheilbh-se, a mhaise, a ghile mo chroidhe 'stigh. An
gcuireann so iongnadh ort, a Eibhlín?



Eibhlín — Cuireann sé iongnadh orm, a Dhómhnaill ghroidhe, agus
cuireann sé bród orm mar aon leis. Níor mheasas
riamh go raibh onóir chómh mór so i ndán dom.



Dómhnall óg — Má's onóir é, a Eibhlín, is mise atá fé'n
onóir, chun an fhírinne do nochtadh dhuit. Ní raibh sé de
dhánaidheacht ionnam riamh admhughadh dhom féin go
ngéillfeadh Rós geal buadha sleachta Cárthaigh a saoghal
do chur fém' chomairce-se.



Eibhlín — Agus cad chuige ná géillfeadh? Ná fuil do
shliocht-sa ar shleachtaibh ársa na Fódla chómh fada 's tá
cuimhne ag Clannaibh Gaedheal, agus nach laoch thar
laochraidh indiu mo Dhomhnall féin ag cosaint beárnan
baoghail.



Dómhnall óg — Is geal lem' chroidhe, agus is binn lem' chluais
do mholadh-sa, a Eibhlín, agus cuirim rómham do mholadh
do thuilleamh i ndáiríribh feasta. An bhfuilir toilteanach
go ndéanaimís araon crosa an tsaoghail do chomh-
iomchar feasda, a stóirín?



Eibhlín (ag síneadh a dá lámh chuige) — Seo mo lámha air, a
Dhómhnaill, agus tá gach cuisle dem' fhéitheannaibh ag
deimhniughadh dhuit nach bladar é seo, ach croidhe na
fírinne.



Dómhnall óg — Bíodh sé seo 'n-a chómhcheangal eadrainn
(baineann sé fáinne dá mhéir féin agus deineann sé dhá leith dhi.
Síneann sé a leath chun Eibhlín.) — Sin í fáinne mo mháthar,
a Eibhlín, agus is i leabaidh a báis do bhronn sí orm í.
Ní sgarfainn léi ar ór na hÉireann, ach bíodh sí ina
dá leith mar chomhartha charthannachta eadrainne feasda.


L. 8


Cuirfear le chéile arís í an lá cóimhlíonfar ár
ngeallamhaint agus bronnfad-sa ort seód eile an lá
úd. Bronnfad seod luachmhar buanmhar ort. Agus
tá súil le Dia agam nách buaine bheidh seód, dá bhuaine
é, ná an chneastact 's an carthannacht a bheidh de shíor fé
dhíon ár dtighe.



Eibhlín — Glacaim do chómhairle, a Dhómhnaill dhílis, agus an
lá rachad siar ort, go raibh mo chroidhe-se 'na dhá leith
agus gach leath aca cómh deighilte ó n-a chéile 's mar atá
an fháinne seo anois.



(Pógaid siad a céile.)



Dómhnall óg — Is anois, beidh orm gach nídh do nochtadh
láithreach do sgiath chosanta mo stóirín, an Cárthach Mór.



Eibhlín (go himnidheach) — Ní fheadar a' mbeidh sé toilteanach. Tá
a fhios agam gur mór é a mheas oraibh-se agus gur
mór é a ionntaoibh asat féin — ach is deacair a rádh.



Dómhnall óg — Bhí sé báidheamhail riamh liom-sa agus chuir
mo theachtaireacht áthas croidhe air indiu, dar liom. Ní
móide go dtiocfadh uain ní budh oireamhnaighe chun a
mheallta.



Eibhlín — Dar liom gur bh'fhearra dhuit sgaoileadh leis fé
láthair. Tá breis chúraim air indiu; agus bheadh an
sgéal ar fheabhas, dá mbeadh cead t'athar agat, is tú
ag dul fé n-a dhéin.



Dómhnall óg — Bíodh sé d'réir do thola-sa. Tiocfaidh liom
m'athair a chur ag triall air.



Eibhlín — Díreach é! Agus anois, bímís ag sgaramhaint.



Dómhnall óg (dhá pógadh) — Slán beó leat, a ghile mo chroidhe,
agus go rabhair fé chomairce an Aoin-Mhic i gcómhnuidhe.



Eibhlín — Gurab amhlaidh dhuit, a chroidhe na féile (Imthighid siad,
— Dómhnall ar an láimh dheis, Eibhlín ar an láimh chlé).



An Cárthach Dubh (ag teacht i láthair t'réis bheith ag spiaireacht ortha) —
Há! An mar sin atá? Caithfear cosg a chur leis an
obair seo láithreach. Budh bheag an mhaitheas dómh-sa
bheith ag cur chun Creanacht na Coille do réabadh, dá
mb 'amhlaidh a bheadh Úir na Coille snoighte ar a chéile,
t'réis an duadha go léir. Go bráth bráth ní ceangail-
eóchar fiadh bán an Chárthaigh agus leómhan dána an
Eidirsceólaigh, má's eól dómh-sa cur na gcoinnibh.



(Tagann Don Pédró, cláiríneach ó'n Spáinn, seirbhíseach do'n Chárthach Dubh
i láthair.)


L. 9


An Cárthach Dubh — Há! Is tusa bhí uaim díreach, agus má
dhein an t-áidhbhirseóir d' intinn do ghriosughadh riamh,
agus is minic do dhein, dar liom, tá súil agam ná
teipfidh sé ort anois.



Don Pédró — Cad uime, a fhlaith uasail?



An Cárthach Dubh — Tá 'fhios agat gur cuireadh mise fé tháir
agus ceann urraidh ár sleachta dá thoghadh an lá fé
dheire. B'é an Cárthach Mór fé ndeara sain. Dhein sé
féin amhlaidh liom annso ó chianaibh. Tá 'fhios agat-sa
nár dheineas-sa dearmhad ar aon droich-bheart dár
himrigheadh orm riamh. Is amhlaidh dom an taca so.
Agra! Agra! Agra! Craidhreach! An dtuigir?
Tá an Cárthach Mór agus an t-Eidirsceólach i n-a
gcáirdibh cogaidh fé láthair. Ta Dómhnall óg agus
Eibhlín geallta i gcleamhnas le chéile. Má ritheann leó,
déanfaidh sain dlúith-cheangal idir an dá dhream.



Don Pédró — Tuigim, tuigim.



An Cárthach Dubh (go fíochmhar) — Caithfear iad do chur ar
sgórnaigh a chéile. Caithfear Eibhlín agus Dómhnall
Óg a dheighilt —



Don Pédró — Seadh díreach, ach cionnus is féidir é
dhéanamh?



An Cárthach Dubh — Ná beadh foidhne agat? Tá fleadh fé
leith a bheidh ag an Eidirsceólach i n-a chaisleán féin
oidhche an Luain seo chughainn. Tá Sadhbh Ní Dheasmhumhna
ar na daoine a cuirfear chum suidhte ann. Bí aireach
anois chun go gcuirfear an méid seo 'n-a luighe ort
go soiléir. Clann na bheirte iseadh Sadhbh agus Sorcha,
banfhlaith an Chárthaigh Mhóir. Tá siad chómh deallrathach
le chéile is dá mbainfeá an ceann de dhuine aca is é
chur ar an nduine eile. Tá a saoghal go dtí so caithte
ag Saidhbh i gclochar i bhFlóndras agus dá bhrígh sin, níor
tháinig leis an gCárthach Mór aithne do chur riamh uirthi.
Dá dtiocfadh leat-sa Sorcha do sguabadh leat fó
dhubh-bhrat na hoidhche, bheadh ár n-obair i gcóir.



Don Pédró — Seadh! Seadh!



An Cárthach Dubh — Bíodh ceathrar agaibh annso bruachnóna
anocht. Is gnáthach le Sorcha pas siubhlóide do bheith
aici gach tráthnóna 'n-a haonar, dar liom. Gheobhad-
sa fear sgéithe éigin a 'neósfaidh dhom cad é an áit
ar fuaid na faithche' n-ar gnáthach a taisteal do bheith agus
cuirfead i dtuisgint duit-se é i n-am tráth. Ní bhíonn


L. 10


éinne ar fuaid na háite t'réis tuitim oidhche. Má
bhíonn an t-ádh oraibh, tiocfaidh libh í árdughadh libh agus
is féidir libh í chur fé ghlas san árus úd i gClais na
mBitheamhnach thíos cois trágha.



Don Pédró — Fág fúm-sa an méid sin agus déanfar é,
má's féidir. Ach cad is ciall leis an obair seo?



An Cárthach Dubh — 'Neósfad-sa dhuit. D'inniseas duit an
deallramh atá ag Saidhbh agus ag banfhlaith an Chárthaigh
le chéile. Má ritheann libh-se bhur gcuid féin de'n obair
do dhéanamh go cruinn, ní bheidh a bhac orm-sa mé féin
a chur fé chulaith manaigh ó'n Spáinn, agus is eól duit
go bhfuil gach taoiseach i nEírinn fé gheasaibh cead suidhte
do thabhairt d' Ordaibh beannuighthe na Cléire. Tabhair-
fidh an Cárthach “cluas le héisteacht” dom' leithéid-se
agus, ar intinn an t-olc do bhualadh fé chois mar
'dh eadh, cuirfead-sa 'na luighe air gur mheall an
t-Eidirsceólach uaidh a bhean le diablaidheacht.
Cuirfear deagh-chuma ar an sgéal, má ghéilleann
sé teacht im' theannta agus cat-súil d' fhagháil
ó'n dtaobh amuigh ar lucht suidhte an Eidirsceólaigh
oidhche na fleidhe. Beidh Sadhbh 'na measg, agus ní
áiteóchaidh an mac mallachtain féin air ná gur b' í a
bhean féin í. Buailfear an dubh i n-a gheal air go
cruinn. Ní bheidh a thuilleadh ag teastáil chum an sgiath
do bhualadh láithreach.



Don Pédró — Má theipeann an deamhan orm-sa, níl baoghal
go dteipidh sé ort-sa. 'Sé an t-Áirbhirseóir féin do
chuir do chuid oibre i gcóir.



An Cárthach Dubh — Seadh, 'bhfuilir toilteanach? Imás, ní
rachthá siar orm anois!



Don Pédró — Ní rachad. Ní dheachas siar riamh ort chun a
rádh go ndéanfainn anois é. Táim ullamh chun mo
chuid féin do dhéanamh.



An Cárthach Dubh — Go maith! Bhí mo sheasamh agam ionnat-
sa agus bhí a fhios agam ná tréigfeá mé. Cuir i gcóir
chómh luath agus is féidir leat, agus má éirigheann linn,
ní bheidhir síos leis, geallaim duit.



Don Pédró — Tá go maith. (Imthigheann Don Pédró.)



An Cárthach Dubh (go sásta) — Anois, má's eadh! Tá i gcóir.
Cuirfear gliocas is géire i gcoinnibh lámh láidir is
bladhmainn agus chífeam cad a thiocfaidh as. Nuair a
bheidh béilteach ag bladhmann ó thaoibh taoibh Chairbre,


L. 11


agus an Cárthach agus an t-Eidirsceólach ag séideadh
faoi ó gach taoibh, beidh m' obair shaoghalta fé riar. Ní
bheidh go dtí sain. (Imthigheann sé.)



(Tagann Conall, cruitire agus Eoghan Dubh, amadán lucht leanamhna
an Chárthaigh Mhóir, i láthair.)



Conall — Ar éirigh leat a ndiablaidheacht do nochtadh, a
Eoghain.



Eoghan — Níor éirigh, cé gur dheineas mo dhícheall.



Conall — Ní fuláir nó go bhfuil uisge fé thalamh éigin ar
siubhal.



Eoghan — Ní misde soin a dhearbhughadh, a Chonaill. Níor chuir
an t-áidhbhirseóir beirt dhúblálaidhe dhá leithéid siúd
i dteannta 'chéile riamh gan obair fé leith a bheith ceaptha
aige dhóibh.



Conall — Is olc an earra iad gan dearmad, ach dá olcas é
an Cárthach Dubh, is measa féin an Mairtíneach Gallda
atá ag cuiduighadh leis. Is éigin dúinn bheith aireach.



Eoghan — Ní misde é. Fanfad-sa ar fuaid na háite agus
beidh mo shúil i n-áirde agam. Má casfar orm féin
iad, ní thabharfad-sa mo chúl leó.



Conall — Ní gábhadh dhuit é, mar is beag an t-suim a cuirtear
id' leithéid de ghnáth. Dá ndéanfá cur isteach ortha,
b'fhéidir go dtiocfadh leat eólas éigin do phriocadh
uatha, gan aon nídh do leigint ort.



Eoghan — Fág fúm-sa é. Ní leigfead faic orm & cá bhfios
duit cionnus a thárlóchadh!



Conall — Díreach é! Bí aireach. Rachad-sa fé dhéin Eibhlín
agus tabharfad cómhairle dhi. (Imthigheann Conall.)



(Tagann an Cárthach Dubh i láthair.)



An Cárthach Dubh (ag tabhairt Eoghain Duibh fé ndeara ar leathtaoibh)
— Bheirim párán gur b'é mo choileach do ghlaodhaigh.
Inneósaidh Eóghan dom gach nídh dá dteasduigheann uaim.
(le hEoghan ós árd) Seadh, a Eóghain, taoi ag aeridheacht
duit féin.



Eóghan — Táim, a dhuine uasail.



An Cárthach Dubh — Cheapas, a Eóghain, gur fear freasdail
ar do mhaighistreás tusa, an uair a théidheann sí ag
siubhlóid.



Eóghan — Ceapann daoine a lán rudaí ná bíonn i gcóir.



An Cárthach Dubh (ar leamh-gháiridhe) — Fágaim le húdhacht go
bhfuil an ceart agat. Ní dócha, go deimhin, go mbíonn
aon treóraidhe ag teastáil uaithi.


L. 12


Eóghan — Ní dócha go mbíonn.



An Cárthach Dubh (ag cur a láimhe 'na phóca agus ag baint amach bonn
airgid) — Is fada ó thugas aon nídh dhuit, a Eóghain.



Eóghan — Tá an fhírinne 'san méid sin agat, dá mbeifeá
ag rith le bréagaibh i rith do shaoghail.



An Cárthach Dubh (ag síneadh chuige an bonn airgid) — Seo anois
má's eadh, a Eóghain. Ní dhéanfad dearmhad ort feasta.
Bímís i n-ár ndaoinibh muinteardha.



Eóghan (ag glacadh an airgid) — Go raibh maith agat, a dhuine
uasail. Tabharfad uaim d' réir mar thuilltear
uaim.



An Cárthach Dubh — Ní locht sain ort, a Eóghain. Agus anois
thánag fé dhéin an chaisleáin fé láthair ar intinn an
Cárthach Mór d' fheiscint. Tá sgéala fé leith agam dá
chluais féin agus níor mhaith liom an Mhaighistreás a
bheith láithreach. An bhfuil fhios agat, a bhfuil sí 'sa'
chaisleán?



Eóghan — Ní fhéadfainn a innsint duit.



An Cárthach Dubh — Cionnus a chaitheann sí a cuid aimsire i rith
an tráthnóna?



Eóghan — Ar a lán slighthe.



An Cárthach Dubh — Bheadh an t-ádh orm dá mbeadh sí ag
aeridheacht fé láthair. Ca chuin a thógann sí aeridheacht
gach tráthnóna?



Eóghan — Ó 'seadh, seo rud atá ag cur buaidheartha orm le
tamall agus b'fhéidir go dtiocfadh leat-sa é do
mhíniughadh dhom.



An Cárthach Dubh — Cad é féin ar chor ar bith, a Eóghain?



Eóghan — Ar chúl an Chaisleáin tá trí cinn de chrannaibh
fuinnseóige ag fás i n-aon árdáinín amháin —



An Cárthach Dubh — Tá 'fhios agam. Thugas fé ndeara go
minic iad.



Eóghan — Tá go maith. Anois, dá mbadh rud é go dtiocfadh
trí préacháin an tslighe agus dá rachadh ceann aca
i n-áirde ar gach crann aca súd —



An Cárthach Dubh — Seadh! Seadh.



Eóghan — Agus dá dtabharfadh ceann aca ar na cleitíbh roimh
an gcuid eile, cad é an méid a bheadh fágtha?


L. 13


An Cárthach Dubh (ar leathtaoibh) — Go bhfóiridh Dia ar an
amadán bocht — (ós árd) — Ní deacair é sin a réidhteach
a Eóghain. Féach i leith orm. Sin trí méara árduighthe
agam (ag árdughad méar a láimhe clé). Seadh, táim ag
déanamh craptha ar cheann aca anois (ag cromadh cinn aca).
Ná cíonn tú féin anois an méid atá fágtha?



Eóghan — Ach 'siad na préacháin atá uaim-se, an dtuigir?
Ní dhéanfadh na méara mo ghnó 'chor ar bith.



An Cárthach Dubh (ag leamh-gháiridhe) — Arú, nách é an dá mhar a
chéile iad, a labhaís! Seadh, bheadh dhá cheann fágtha.



Eóghan — Go raibh maith agat. Bhí an cheist sin ag cur
buaidheartha orm le tamall.



An Cárthach Dubh — Seadh, ó tá do cheist-se réidhtighthe agam-
sa anois, a Eóghain, déin-se mo cheann-sa do réidh-
teach mar aon leis.



Eóghan — Caidé an cheist?



An Cárthach Dubh — Níor innsis fós dam ca chuin a théidheann
an banfhlaith ag aeiridheacht gach tráthnóna.



Eóghan (go neamhshuimeamhail) — Dá dtárlóchadh go mbeadh
gearrcach ag gach préacán aca súd agus dá dtiocfadh
leó an bóthar so do thabhairt ortha féin lá éigin agus
dá n-aimseóidís na crainn fuinnseóige agus dá rachadh
ceann aca chum siubhail roimh an gcuid eile ar nós na
bpréachán, cad é an méid a bheadh fágtha?



An Cárthach Dubh — Ciaca amadán nó rógaire thú? Dar
ndóigh, bheadh dhá cheann fágtha, dáltha na bpréachán.



Eóghan (is iongnadh air, mar 'dh eadh) — An ndeireann tú liom é!
Dar na mionna! Is ait an rud é sin, má's é an sgéal
céadna ag na préacháin agus ag na gearrcaigh é. Ní
thiocfaidh liom an t-áireamh so a chur i gcéill dom féin
go bráth.



An Cárthach Dubh (go neamhfhoidhneach) — Ach mar gheall ar an
mbanfhlaith —



Eóghan (gan suim) — Ní móide rud a thuitfeadh amach ná go
mbeadh uibhe ag na gearrcaigh úd i n-am tráth, agus ní
fheadar, dá mbeadh ubh ag gach gearrcach aca agus da
dtiocfadh le garsún ceann aca do ghoid, cad é an
méid a bheadh fágtha?



An Cárthach Dubh (go feargach, ag bagairt droch-úsáide ar Eóghan) —
Nár chuirimíd bréag ort-sa mar chléireach againn, pé
sgéal é.


L. 14


Eóghan (ag glanadh leis féin) — Bhí 'fhios agam go dteipfeadh air
ceist na n-ubh do réidhteach (ag leamh-gháiridhe). Is
crosda an cheist í ceist na bpréachán ar leithligh, dar
liom.



An Cárthach Dubh (leis féin) — Is mó ciall agat-sa, a Eóghain, ná
ag a lán go bhfuil ainm mhór chéille ortha, 'sé mo thuairim.
Ní fheadar an amhlaidh do chuaidh sé amach air cad a bhí
ar bun agam. Is cuma ciaca ar a shon-san. Is dócha
go bhfuil Don Pédró ag faire i mball éigin ar fuaid
na háite cheana féin. (Imthigheann sé.)



(Tagann Sorcha, banfhlaith an cárthaigh i láthair. Tá leabhar 'na
láimh aici agus í ag siubhal síos suas di féin. T'réis tamaill
tugtar Don Pédró fé ndeara is é ag spiaireacht uirthi. Deineann
sé cómhartha chun triúir eile atá i bhfolach i gcomhgar dó. Preabaid
siad a gceathrar amach uirthi. Castar bréid timcheall a haghaidh
's a béal is déantar a lámha do ghreamughadh. Bíonn tamall ag
imreasgáil aca, 's í ag iarraidh dul uatha. Árduighid siad leó í.)



Don Pédró (is iad ag dul chun siubhail) — Seadh, tá mo chuid féin
déanta agam-sa anois. Má theipeann air, is é féin a
bheidh ciontach leis. Pé 'sa domhan de, tá adhbhar chogaidh
fé sheól agus, dar ndóigh, “Is fearr an t-imreas ná an
t-uaigneas” aon uair.



(Imthigheann sé agus tagann an Cárthach Dubh agus Mac Giolla
Eannraoi, ceann urraidh na Normánach, i láthair).



Mac Giolla Eannraoi — Is baoghlach liom go bhfuil dearmad
ort. Tá an Cárthach Mór ró-bhorb ró-uaibhreach chum
sinne do ghlacadh mar cháirdibh cogaidh.



An Cárthach Dubh — Tá 'fhios agam go bhfuil sain amhlaidh fé
láthair, ach beidh fonn air bhur gcongnamh do ghlacadh
sula fada, 'sé mo thuairim.



Mac Giolla Eannraoi — Bh'fheidir an ceart a bheith agat. B'fhiú
iarracht a dhéanamh ar é mhealladh ar son na bruinnille
maordha, pé 'sa doman de. Beidh Eibhlín agam-sa, má's
éigin dom m'anam do mhalartughadh ar a son.



An Cárthach Dubh — Is féidir domh-sa cabhair fé leith do
thabhairt duit. Ach cad is tabhartas ann domh-sa, má
ritheann leat-sa?



M.G. Eannraoi — Beidh toradh do shaothair le fághail agat-
sa, geallaim duit. Má éirigheann liom-sa mé féin a
dhéanamh páirteach i n-obair an Chárthaigh Mhóir, ní
fada go rithfidh liom Clann Chárthaigh do smachtughadh
d'réir mo thola. Ní déanfar dearmhad ort-sa an uair
úd.



An Cárthach D. — B'fhearr liom an tabhartas do chur i gcéill
dom nídh budh shoiléire.


L. 15


M.G. Eannraoi — Bronnfar ceannas Chlainne Chárthaigh
mar dhualgas ort-sa, má ritheann linn. An bhfuilir
sásta?



An Cárthach D. (go lúthgháireach) — Tabhair dom do lámh agus
bíodh sé 'n-a mhargadh eadrainn. Tá an obair i gcóir
agam-sa cheana agus ní fada bheidh le fuireach agat.



M.G. Eannraoi — Bead-sa ullamh nuair a bheidhir-se, agus
anois slán agat. (Imthigheann M.G. Eannraoi).



An Cárthach Dubh (leis féin) — Seadh! Tá an roth ag casadh
agus b'fhéidir nach fada go mbeinn-se i n-uachtar arís.
Anois, má's eadh! Beidh orm mé féin a chur fé éide an
mhanaigh Ghallda. Tá Don Pédró ag fuireach liom, is
dócha. Nuair a bhead fé cheilt, beidh orm turus a
thabhairt ar mo dhuine muinteardha bith-dhílis, an
Cárthach Mór, arís. Ní fheadar cionnus a thaithnfidh an
manach ón Spáinn leis (ag gáiridhe). (Imthigheann sé).



An Cárthach Mór (ag teacht i láthair) — Is ait liom Sorcha a
bheith as baile mar seo gan tuairisg do chur a'triall
orm. Má's amhlaidh chuaidh sí chun a col-cheathrair Sadhbh
d'fheiscint féin, ní fuláir nó go dtiocfadh léi sgéala
a chur chugham-sa. Ach beidh foidhne agam; b'fhéidir
sgéal a bheith ag Eibhlín uaithi cheana.



(Tagann an Cárthach Dubh i láthair fé cheilt i gculaith manaigh ó'n
Spáinn. Tá féasóg dhonn air agus malairt chrota nach é ar a
aghaidh).



An Manach (an Cárthach Dubh) — Umhluighim duit, a sháir-fhir de'n
síolrach calma. Beannacht is buadh go raibh ag clannaibh
Fódla. An misde do'n mhanach deórata é féin a chur
fé choimirce na gCárthach?



An Cárthach Mór — Ní misde — Tá cead suidhte ag teachtaire
Dé i n-ár measg coitchionnta. Cuirim rómhat na mílte
fáilte.



An Manach — Go raibh toradh do chuid féile agat i n-am
tráth. Ó thír na Spáinne a bhí m'aistear agus thánag go
hÉirinn d'fhonn luibheólais d'fhoghlaim. Is fada ó
bhaile atá trácht ar fhlaitheamhlacht an Chárthaigh Mhóir
agus ar áilneacht a chéile caoine Gaedhealaighe.



An Cárthach Mór — Is oth liom gan an banfhlaith annso chun
fáiltighthe rómhat, ach tá sí as baile fé láthair.



An Manach — B'adhbhar aithmhéala dhom dul thar bhrághaid gan í
fheiscint, mara mbeadh go raibh sé d'ádh orm aithne do
chur uirthi i gCaisleán an Eidirsceólaigh 's mé ag
teacht annso indiu.


L. 16


An Cárthach M. (agus iongnadh iar) — Ar mo mhnaoi-se —



An Manach — Seadh. Do chuir an 'Drisceólach i n-aithne a chéile
sinn.



An Cárthach M. — Ní féidir go mbeadh dearmhad ort!



An Manach — Ní raibh, táim cinnte. Dubhairt an 'Drisceólach
liom 's é ag leamh-gháiridhe gur dheinis-se do bhean do
bhronnadh mar thabhartas air, d'fhonn é féin 's a lucht
leanamhna a bheith mar cháirdibh cogaidh agat feasta.
Ach d'aon-ghnó bhí sé, nídh nach iongnadh.



An Cárthach M. (go feargach) Thugais t'éitheach!



An Manach — Ní ghnáthach dom' leithéid-se an t-éitheach do
thabhairt. Is oth liom má chuireas fearg ort, 's gan
coinne agam leis.



An Cárthach M. — Gabh mo leathsgéal. Chuir do chuid feasa
tré n-a cheile mé. Tá feall imeartha ag an Eidir-
sceólach orm agus doirtfear na tuilte fola ar iathaibh
Chairbre sula mbeidh agra déanta ar an eagcóir sin.



An Manach (go síothchánta mar 'dh eadh) — Foidhne, foidhne a fhlaith
uasail. B'fhéidir an dearmhad a bheith orm-sa. Is
féidir leat deimhniughadh do dhéanamh le radharc do shúl
anocht, má's maith leat é.



An Cárthach M. (agus imshníomh air) — Cionnus?



An Manach — Tá fleadh fé leith le bheith i gCaisleán an
Eidirsceólaigh anocht. Dá nglacfá mise mar chuid-
eachtain, do thiocfadh linn dul fé dhéin na háite. Tá
'fhios agam cionnus is féidir radharc d'fhághail ó'n áit
amuigh ar an gCaisleán gan sinn féin do chur i n-umhail
i n-ao' chor. An bhfuilir toilteanach?



An Cárthach M. — Bíodh d'réir do chómhairle. Fágfad fút
ar fad é. Má tá Sorcha t'réis mé thréigean, go ndéan-
aidh Dia í féin do threigean an lá is mó bheidh gábhadh aici
leis. (Imthigheann siad fé dhéin an Chaisleáin).



(Tagann Conall agus Eoghan dubh i láthair.)



Conall — Seadh' a Eoghain, do chuir an Cárthach Dubh aighneas
ort!



Eóghan — Do dhein. Bhí sainnt eólais air, ach ní móide gur
adhbhar bróid dó a bhfuair sé de fhios. Do theastaigh
uaidh deimhniughadh dhó féin ca chuin is gnáthach do'n bhan-
fhlaith dul ag aeridheacht gach tráthnóna.



Conall — Á, is do chuaidh sí as baile go hobann aréir, d'réir
deallraimh! Cuirim geall go bhfuil miosgais éigin ar
bun. Ní rabhais chómh haireach is budh cheart duit, a
Eóghain.


L. 17


Eoghan — Cad uime?



Conall — Is baoghlach go bhfuil toirmeasg déanta. Ní rachadh
sí chómh hobann as baile, muna mbeadh fáth éigin a bheith
leis. Is é an Cárthach Dubh is bun leis, cómh deimhin
is mhairim.



Eóghan — Cia hé an manach so, an bhfuil fhios agat?



Conall — Ní fheadar. Ní thaithneann a chrot liom. Bíonn diab-
laidheacht is gliocas fé gach brat le déidheanaighe.



Eóghan — Do chuir sé féin 's an Cárthach ar na cosaibh
ó chianaibh pé áit go bhfuil a n-aistear.



Conall — Bíodh geall go bhfuil uisge fé thalamh éigin ar
siubhal. Ná bí-se id' chodladh aimsear na gcluas
feasta, a Eóghain. (Imtigheann an bheirt).



(Tagann Eibhlín Nic Cárthaig i láthair).



Eibhlín (ag machtnamh léi féin) — Nach ait gan Dómhnall ag cur
sgéala chugham. Is iongnadh liom nár tháinig a athair
féin. Tá buaidhirt éigin ag brúghadh ar mo chroidhe.
Cad is ciall le Sorcha bheith ag dul as baile agus gan
a fáth do chur i n-umhail dúinn? Agus féach, m'úncail
bailighthe leis fé riar an mhanaigh Ghallda so anois.
Tá droich-ionntaoibh agam as an mhanach soin ar slighe
éigin, ach is dócha gur b'é an t-imshníomh atá dhom' chur
tré chéile, 's a rádh go bhfuil droch-amhras agam ar gach
éinne.



(Tagann an Cárthach Mór thar n-ais.)



An Cárthach Mór (go fústarach) — Cá bhfuil Conall? Abair
leis teacht annso agus an Rosg Catha do shéideadh láith-
reach (Séideann sé féin adharc). Caithfid na tréin-fhir bheith
i gcóir láithreach.



Eibhlín (is imshníomh uirthi) — Ó, a úncail, cad is ciall leis an
obair seo?



An Cárthach Mór — Beidh a fhios agat i n-am tráth.



Eibhlín — Ar tháinig m' aintín led' chois, a úncail?



An Cárthach Mór (go feargach) — Dein an bhean sain a shéanadh
feasda, a Eibhlín. Ní gaol duit-se ná dómh-sa feasta
an straoille míonáireach.



Eibhlín (ag gol) — A úncail, ar son Dé ná cuir fé tháir do
bhean féin.



An Cárthach Mór (go searbh) — Ní gábhadh dhómh-sa é dhéanamh.
Tá sain déanta ag an Eidirsceólach dom cheana.



(Tagann Conall i láthair ag seinm “Máirseála Bhriain Bhóroimhe.”
Bailigheann na saighdiúiridhe ó gach áird 'na dhiaidh.)


L. 18


An Cárthach Mór (ag cómhairliughadh a lucht leanamhna) — Tá obair
rómhainn, a cháirde. Do mheall an tEidirsceólach bhur
Maighistreás uaim le diablaidheacht fallsa. Beidh mo
sheasamh ionnaibh chum an bheart náireach d'agairt. An
bhfuil sibh ullamh?



Na Saighdiúiridhe (d'aon-ghuth) — Támaoid!



An Cárthach M. — Níor cuireadh ár n-aicme riamh fé tharcuisne
gan aithmhéala a bheith ar an té do dhein. Bíodh an sgéal
amhlaidh fé láthair. Tabhair bhur mbóthar oraibh.



(Imthighid siad).



(Tagann an Cárthach Dubh (an Manach) agus Mac Giolla Eannraoi
i láthair.)



M.G. Eannraoi (go lúthgháireach) — Ní misde tusa a chur i
bhfeidhil na hoibre. Tá ag éirghe leat go seóidh.



An Cárthach Dubh (i gculaith an mhanaigh) — Creid é. Tá siad
i sgórnaigh a chéile 'sa deireadh agam. Ní fada bheidh le
fuireach againn anois.



M.G. Eannraoi (go tarcuisneach) — Is ionmholta an dream
sibh-se gan dearmad. Dáltha na madraí lathaighe a bhíonn
d'bhur bhfaire gach neómaid féachaint ca chuin a thiocfaidh
libh sibh féin a stracadh. Is mithid sibh do chur fé threóir,
dar liom.



An Cárthach Dubh — “I ndiaidh a chéile deintear na cais-
leáin,” agus is amhlaidh d'ár gcaisleán-ne. Nuair a
bheidh an dúthaigh fé n-ár dtreóir-ne, beidh a mhalairt de
sgéal ann.



Mac G. Eannraoi — Is ait an sgéal, mara mbeidh. Cogar,
an bhfuil aon dul as ar an ogmhnaoi do mhealladh roimh ré?



An Cárthach Dubh — Is baoghlach liom ná fuil, an fhaid is tá
Dómhnall óg Ó hEidirsceóil i láthair.



Mac G.E. — Dar an leabhar, mhaise, ná beidh sé sin i bhfad
ag cur isteach orainn, má gheibhim an chaoi air.



An Cárthach Dubh — Gheobhair an chaoi sin sara fada, 'sé mo
thuairim.



Mac G.E. — Dá luaithe anois a gheobhainn é sin 'seadh do
b'fhearra liom é. Bead-sa ag gluaiseacht. B'fhéidir
an Cárthach a bheith thar n-ais orm. Ded' bhárr-sa tá
cead suidhte ag an manach beannuighthe gach tráth, is
dócha (ag gáiridhe). (Imthigheann Mac G. Eannraoi).



An Cárthach Dubh (leis féin) — Is dócha nách fada go mbeidh an
Cárthach chugham anois. Is oireamhnach an tráth chun
congnamh na Normánach a chur mar thabhartas air.
Muna mbeidh an sean-bhuachaill féin ag cuidiughadh leis,
caithfidh sé géilleadh dhom.



(Tagann an Cárthach Mór i láthair.)


L. 19


An Manach (an Cárthach Dubh) — An misde dhom mo chómhgháird-
eachas a ghabháil leat?



An Cárthach Mór — Ní misde. Creid mé leis gur fada arís
go gcuirfidh an sean-mhadadh ruadh isteach ar mo chuid
éanlaithe-se. Tá an sean-Eidirsceólach ar lár. Ach
tá Dómhnall óg i láthair fós. Do chuaidh díom é siúd
do sguabadh, ach tá roimis. Ní sos dom go dtí
go mbeidh gach dalta de'n droch-chine réabtha as na
préamhachaibh.



An Manach (go humhal mar 'dh eadh) — Tugtar mar theagasg dúinn
gur fearr an droich-nídh do mhaitheamh ná é agairt
i gcoinnibh tola Dé. Ach bíonn droich-nídh is droich-nídh
ann.



An Cárthach Mór — Díreach é. Níl aon aithreachas orm-sa
i dtaobh an méid atá déanta go háirighthe.



An Manach — Ní gábhadh dhuit é. Mar mhaithe leis an gcine
daonna 'seadh réabthar droch-earraidhe mar iad súd.



An Cárthach Mór — Réabfar iad, má's buan dómh-sa, ach tá
Dómhnall óg i n-a threóraidhe chliste agus tá a lucht
conganta go líonmhar dílis fós.



An Manach — Nách féidir leat-sa dream ní budh threise fós
do thabhairt i gceann a chéile.



An Cárthach M. — Ní féidir fé láthair, ach cuirfear i gcóir iad
i ndiaidh ar ndiaidh. Annsain, má 'seadh —



An Manach — Is mór fé chumaoin mise agat-sa ó bhuaileas
talamh na hÉireann, agus b'olc an díol orm, muna
gcuirfinn leat i n-am do ghábhaidh. Má's toil leat
anois é, cuirfead féd' réir treasa conganta a
ghlanfaidh do namha as iathaibh Chairbre dhuit ar maidin.



An Cárthach M. (agus iongnadh air) — Tusa! Cia hiad féin?



An Manach — Na Normánaigh! Dil-chara dómh-sa agus gaol
athchomair Mac Giolla Eannraoi agus déanfaidh sé
rud orm, má's mian leat-sa é.



An Cárthach Mór (go searbh) — Ní bheadh annsain ach ag dul ó thigh
an diabhail go tigh an deamhain. Is beag é m'ionntaoibh-
se as an allmhurach fallsa.



An Manach — Dein do rogha roda. Dar ndóigh, mar mhaithe
leat-sa atáim-se. Má's mian leat feall-bheart a
sgaoileadh thart fé chiúineas, bíodh agat.



An Cárthach Mór — Ní fé chiuineas atáim-se dhá sgaoileadh
tharm. Cad is mian leat go ndéanfainn?


L. 20


An Manach — D'fhéadfá cáil do shleachta do chosaint; d'fhéad-
fá masla do chéile d'agairt.



An Cárthach Mór (go fíochmhar) — Déin treóraidhe na Normánach
do sheóladh im' threó agus cuirfeam le chéile.



An Manach — Déanfar d'réir do thola.



(Imthigheann an Manach (an Cárthach Dubh).)



An Cárthach Mór (ag machtnamh leis féin go dubhach) — Mo léan
géar! Is aisteach an cás é & Cárthach a bheith ag cur a
sheasaimh 'san eachtrannach mhalluighthe. Is náireach an
bheart é, ach cuireadh orm é dhéanamh. Ó! a Shorcha, a
Shorcha, go maithidh Dia dhuit é! Nách aindeis an sgéal é ná
raibh achrann riamh i nÉirinn gan bean i n-a bhun nó 'na
bhárr.



(Tagann an Manach (an Cárthach Dubh) thar n-ais).



An Manach — Tá Mac Giolla Eannraoi ag feitheamh leat 'sa
Chaisleán fé láthair, a Chárthaigh! (Imthigheann an bheirt i
dteannta a chéile.)



(Tagann Eibhlín i láthair).



Eibhlín (ag caoineadh) — Mo mhíle bhrón, an duibh-sgéal! An
'Drisceólach calma ar lár agus a shliocht agus ár sliocht-
ne deighilte ó chéile go bráth. Agus mo Dhómhnall
groidhe i lár na miosgaise! Mo chreach, 's mo chumha
ar fad! Ní hiongnadh na dubh-sgamaill ag brúghadh
im' chroidhe agus na deóra ag sileadh go líonmhar liom.
Tá na Normánaigh tagtha cheana agus ní fada go
mbeidh a gcrúba ag salchadh ár dteinteáin.



(Tagann an Cárthach Mór thar n-ais.)



An Cárthach Mór (go fuastarach) — Is tú a bhí uaim-se, a Eibhlín.
Beidh Mac Giolla Eannraoi agus a lucht leanamhna
fém' choimrighe anocht, agus teastuigheann uaim go
gcuirfeá an Caisleán i gcóir dóibh láithreach.



Eibhlín — Ní dhéanfá beart chómh náireach sain go bráth, a
úncail, is snaidhm-cheangal a dhéanamh le n-ár naimhdibh
mínádúrtha.



An C. Mór (go himshníomhach) — Seo! Seo! Éist do bhéal! Ach
déin rud orm. Agus fós cuirim de gheasaibh ort a
bheith caoin cneasta le treóraidhe na Normánach.



Eibhlín — Níor dheineas d'eiteach riamh, a úncail. Ach b'fhearr
liom bheith fé'n gcré ná an rud so do dhéanamh ort.



An Cárthach Mór (go feargach) — Déanfaidh tusa mé a thréigint
ar nós Sorcha, is dócha; ach tá greim agam ort-sa fós.
Táid na Normánaigh 'n-a gcáirdibh cogaidh agam-sa fé
láthair agus tá m'fhocal tabhartha agam go mbeidh tusa
mar chéile ag Mac Giolla Eannraoi; dhá dheasgaibh
déanfar an gheallamhaint sin do chóimhlíonadh, má's beó
dhómh-sa.


L. 21


Eibhlín (go sprideamhail) — Má chóimhlíontar, is os cionn
m'uaighe-se a déanfar é. (Imthigheann sí).



An Manach (ag teacht i láthair) — Tá gach nídh ag dul chun cinn
go breágh. Beidh do ghreim-se greamuighthe go daingean
agus do namha go fánach an lá thabharfaidh an sagart
a bheannacht d'Eibhlín agus do Mhac Giolla Eannraoi.



An Cárthach Mh (go himshníomhach) — Ach ní aontóchaidh sí leis, is
eagal liom. Thug sí an t-eiteach dom ar an láthair
seo ó chianaibh.



An Manach — Dhé, dhé, ní ró-fhada an mhoill ar an gCárthach
calma iachall do chur ar thoice cailín géilleadh dhó,
imás. Tá a fhios agam go bhfuil sí féin agus Dómhnall
óg Ó hEidirsceóil go mór le chéile —



An Cárthach Mór (go fíochmhar) — Dar an Leabhar, a mhaise, má
táid, go gcuirfead-sa a mhalairt de chúram uirthi, sula
fada. Ach cá bhfios duit-se sain?



An Manach — Tá radharc mo shúl agam ar rud a théidheann 'sa
mhuileann ar dhaoinibh eile go minic. Ní hannamh
i dteannta a chéile iad. (Preabann Dómhnall óg agus
Conall i láthair).



Domhnall óg (ag déanamh ar an gCárthach) — Tabhair cead cainte
dhom ar son Dé, a Chárthaigh chalma.



An Cárthach Mór (ag tarraing chuige a chlaidheamh) — Tabharfad
slighe fé'n bhfód so dhuit. Cosain tu féin.



Conall (ar a ghlúinibh eadortha) — Impidhim ort, ar son na
Maighdine, cead aighnis do thabhairt dó, a uasail áigh.



An Cárthach Mór (ag ísliughadh a chlaidhimh) — Seadh, má's seadh.
Labhair agus labhair go tapaidh.



Dómhnall óg — Do cuireadh i n-a luighe ort fé bhréig gur
thug m'athair adhbhar fuatha 's tarcuisne dhuit. Dear-
bhuighim-se 'san láthair seo gur b'iad lucht an fheasa
sain do chuir thú féin agus do chéile mhánla fé tháir.



An Cárthach Mór (go fíochmhar) — An amhlaidh a mheasann tú
radharc mo shúl a bhaint dióm, a dhuine? Ná feaca
lem' dhá súil í taobh led' athair?



Dómhnall óg — Ní fheacuighis, mar ná raibh sí ann chuige.
Tháinig duit a col-ceathrair Sadhbh Ní Dheasmhumhna
d'fheiscint, agus is ar éigint dhéanfaidhe amach ceann
aca thar an gceann eile. Do deineadh an banfhlaith do
chur i bhfolach i gan fhios di ar intinn a chur n-a luighe
ort-sa go raibh sí t'réis do thréigint agus gur b'é
m'athair budh chiontach. B'é do shean-namha an Cárthach
Dubh bun is bárr na droch-oibre.


L. 22


An Cárthach Mór — Ní chreidim focal de.



Dómhnall óg — Is í an fhírinne í ar a shon sain. Do cuireadh
do bhean i bhfolach i gClais na mBitheamhnach thíos cois
na trágha, agus bheadh sí ann go dtí so, muna mbéadh
gur b'é toil Dé céad moladh 's buidheachas Leis! gur
ráinig liom-sa a guth do chloisint ag glaodhach 's mé
ag teacht anall ó'n nGóilín ó chianaibh.



An Cárthach Mór — Tá go breágh, ach cá bhfuil do fhínné?



Dómhnall óg (ag preabadh fé dhéin an Chárthaigh Dhuibh agus ag stracadh
na féasóige bréige dhe) — Sin agat m' fhínné, an Cárthach
Dubh, an té atá ciontach leis an droch-obair seo, an
té do bhuail an dubh 'n-a gheal ort-sa!



An Cárthach Mór (agus iongnadh air) — Dar Dia! An manach!
Is soiléir so-thuigthe dhom an diablaidheacht ar fad
anois (ag tarraing a chlaidhimh agus ag déanamh ar an gCárthach
Dubh). Ach tá a rás rithte aige, dá fhaid is rith leis.



(beireann Dómhnall óg greim ar an gCárthach Mór.)



Dómhnall óg — Foidhne! Foidhne, a Chárthaigh. Is é an
claidheamh sgáth cosanta an tréinfhir de ghnáth. Ná
cuir chómh mór fé tháir cómhartha ár saoirseachta is fuil
an chníopaire chealgaigh do dhortadh leis.



An Cárthach Mór — Tá an ceart agat, a Dhómhnaill.
Tabharfar an chroch dó. (Sguabtar chun siubhail an Cárthach
Dubh.)



An Cárthach Mór (le Dómhnall) — An féidir leat maitheamh
dom, a Dhómhnaill? Má dheineas an éagcóir, is i gan-
fhios do dheineas é. A bhuidhe le Dia gan a thuilleadh
im' leith!



Dómhnall óg — Maithim duit é, óir tá 'fhios agam nách tú is
ciontach.



An Cárthach Mór — Go raibh maith agat, a Dhómhnaill fhéil, is
anois caithfidh na Normánaigh a mbóthar do chur ortha
láithreach.



Dómhnall óg — Ní móide go dtiocfaidh leat é sin a dhéanamh
gan bhruighean i n-a thaobh. An bhfuil do shluagh i gcóir?



An Cárthach Mór — Beid láithreach. Cuirfear i dtreó iad
de phreib.



Dómhnall óg — Déanfad-sa cuidiughadh libh. Tá mo lucht
conganta cómhgarach.


L. 23


An Cárthach Mór (le Conall) — A Chonaill, cuir i n-a luighe
ar Mhac Giolla Eannraoi go dteastuigheann uaim
roinnt cainte do bheith agam leis, & annsain cuir na
saighdiúiridhe i gcóir. (imtigheann Conall is Dómhnall óg 'n-a
theannta).



(Tagann Mac Giolla Eannraoi).



Mac Giolla E. — Teastuigheann uait aighneas a chur orm, a
Chárthaigh.



An Cárthach M. — Teastuigheann — Ní bheidh do chongnamh ag
teastbháil uaim a thuilleadh.



Mac G. Eannraoi — An eadh, mhaise! Ach déanfaidh tú do
gheallamhaint do chóimhlíonadh mar gheall ar Eibhlín Nic
Cárthaigh, ní fuláir.



An Cárthach M. — Ní féidir é, mar ná fuil sí féin toilteanach,
agus dá mb'eadh féin, ní taithnfeadh sé liom-sa.



Mac G. Eannraoi (go searbh) — Duine uasal seasmhach is eadh
thú, d'réir deallraimh; an amhlaidh do Chlannaibh Gaedheal
ar leithligh?



An Cárthach M. (go tarcuisneamhail) — Níor ghnáthach riamh dod
shliocht-sa bheith ró-sheasmhach.



Mac. G. Eannraoi (go feargach) — Beid seasmhach id' choinnibh-
se go háirighthe, agus ar an láthair seo déanfaidh siad
tarcuisne an lae indiu d'agairt.



An Cárthach M. (go dána) — Agus ar an láthair seo bainfear
na cleitidhe dhíobh agus díot-sa (Séideann Mac Giolla
Eannraoi adharc agus deineann an Cárthach amhlaidh). Preabann na
Normánaigh ar an ardán clé agus na hÉireannaigh ar an dtaoibh
dheis. Cuirtear na hÉireannaigh fe réir Dhómhnaill óig agus an
Chárthaigh Mhóir agus na Normánaigh fé Mhac Giolla Eannraoi. Siúd
claidhmhte go cithréibeach ag cnagadh ar a chéile: bíonn an cogadh ar
siubhal go tiugh fíochmhar aicillidhe ar feadh sgathaimh. 'Sa deireadh
cuirtear an ruaig ar na Normánaigh. Leanann na hÉireannaigh
iad. Fanann an Cárthach Mór is Dómhnall óg agus Conall ar
an árdán.



An Chárthach Mór — Téidhir fé dhéin an Chaisleáin, a Chonaill,
agus abair le hEibhlín go bhfuil gnó agam di.



(Imtigheann Conall.)



An Cárthach M. (ag crothadh láimhe le Dómhnall) — Is maith an rud
cara i gcruadh-chás, a Dhómhnaill. I dteannta a chéile is
treise sinn. An fhaid is beidh Clanna Gaedheal guala
ar ghualainn ní baoghal dúinn. Seadh, a Dhómhnaill,
bíodh sé 'na i n-a dhlúth-cheangal eadrainn.



(Tagann Eibhlín agus Conall i láthair.)


L. 24


An Cárthach M. — Tar i leith, a Eibhlín (beireann sé ar laímh uirthi
& cuireann sé a lámh i láimh Dhomhnaill agus deireann sé leó):—
Tuigeann sibh fáth na hoibre seo cheana féin, dar liom!
Mo bheannacht oraibh, a clann óigh, agus go raibh sonas
oraibh gach lá d'bhur saoghal.



Dómhnall óg — Go raibh míle maith agat, a Chárthaigh ghroidhe,
agus gura 'fada ó shleasaibh Banban an tuaiplis feasta.



(Seineann Conall port oireamhnach).



Brat anuas.