An Tobar Draoidheachta

Chonnradh na Gaedhilge (1904)

Athair Pádraig Ua Duinnín



AN TOBAR DRAOIDHEACHTA;



DRÁMA
Leis an



ATHAIR PÁDRAIG UA DUINNÍN.



AN DARA h-EAGAR,



Agus



Míniughadh Fairsing Leis.



Ar n-a chur amach
do



CHONNRADH NA GAEDHILGE,



I mBaile Átha Cliath.



1904.


L. 2


All rights Reserved.


L. 3


PREFACE.



THE “good people,” or fairies — the terms are often in-
discriminately used — are still living realities to not a few
persons in Ireland. A few years ago, in the county of
Waterford, I met a blind man, who was firmly convinced
that his blindness had been brought about by a fairy
woman, robed in white, who rushed past him, and eyed
him with angry looks, in the gloaming. In the county of
Galway, recently, a woman told me she believed that the
“good people” had snatched away her son, who had died
in the flower of youth. Such cases as these are, however,
exceptional. The time is past when tales of the “good
people,” their freaks and revenges, half believed in, half
doubted, formed the staple of fireside conversation. That
much of poetry, of imaginativeness, of the realization of the
unmaterial and the unseen has vanished, as these half-
beliefs faded, there can be little doubt. The Irish language
was their only true exponent, and once they were grafted
on the English tongue, the traditional lore became broken,
and the legends corrupted, and writers in English, who
have endeavoured to describe this native mythology and
its hold on the people, have at best but produced a
ridiculous and revolting travesty. I cannot dwell here on
the relations of such beliefs to Supernatural Faith, but
would refer the reader to some interesting pages in Father
O'Reilly's “Trusty Vehicle of the Faith of the Gael”
(pp. 31–35).



PÁDRAIG UA DUINNÍN.


L. 4



L. 5


AN TOBAR DRAOIDHEACHTA.



DRAMATIS PERSONÆ.



DOMHNALL DALL, Píobaire ar lorg a choda.



EIBHLÍN, Bean Fheirmeóra.



NUALA, Inghean Eibhlín.



TOMÁS BREAC, Bodach saidhbhir.



SEAGHÁN FIADHAIN, File.



NÓRA, Cailín Aimsire.



BROCÁN (Fireann)
CISTE (Baineann)
BÚNSA (Fireann)
MÁINE (Baineann)
Daoine maithe.



Sluagh dos na daoinibh maithe.



ÁIT: Sean-tobar i Sliabh Luachra i ngar do thigh
Eibhlín.


L. 6


AN TOBAR DRAOIDHEACHTA.



(Tamall beag ón dtobar teagmhaid BROCÁN is
CISTE le cheile, agus sluagh do dhaoinibh maithe beaga
na dteannta).



BROCÁN —



Thánga i ndeas ó nead an Iolair,
Tré mhínte réidhe tré shlébhte is corraigh,
Ag troid gan staon le daonnaibh gusmhar,
Glac mo lámh go sámh a Chiste.



CISTE —



Ag seo mo lámh, a Brocáin oinigh,
Thánga ar fán ó Ráth na gCoinne
Mar ar básuigheadh gárda neimhe,
Le cleasaibh fíll is intleacht duine.



(Intrant BÚNSA agus MÁINE agus sluagh do dhaoinibh maithe
beaga 'na bhfochair.)



BÚNSA —



Mise Búnsa fonn gach áruis,
Ó bhéal na Sionann gan moille do thánga,
Ní raibh fear ná bean im' dháil-se,
Glac mo lámh is fáisc a Mháine.



MÁINE —



Dé bheatha chúghainn a Bhúnsa ghrádhmhair,
Thánga féin ó Ghaortha an Chárthainn,
Mar a ngéimid éin go bláthmhar,
Is gaoth dá mbogadh ar chochallaibh árda.


L. 7


(Gluaisid a gceathrar chum an tobair le n-a sluagh cuimhdeachta,
ag canadh mar leanas.)



Ní'l acht sluagh na gcuard 'nar bhfochair,
Ní bhfuil cumha ná cúram orainn,
Gan troid gan bruighean gan díth gan dochma,
Gluaiseam féin fá dhéin an tobair.



(Stadaid a gceathrar timcheall ar an tobar le na sluaighibh
agus canaid mar leanas.)



Uisce geal mar dhath na gréine,
Uisce fuar gach uair don lae ghil,
Uisce fíor gan dríb gan éisling,
Uisce fonnmhar fuinneamhail éascaidh.



Uisce bríoghmhar soillseach aerdha,
Uisce ritheann 'na thuiltibh le chéile,
Uisce glan gan meascadh i n-aon-chor,
Uisce tinn don chladhaire daonna.



Uisce radtar ó mhullachaibh sléibhte,
Uisce fíontach binn-ghuith péarlach,
Uisce neartadh le ceathaibh ó néalaibh,
Uisce caithiseach tathacach séanmhar.



Uisce thógfas brón de chéadtaibh,
Uisce mhillfidh lucht gliogair is éithigh,
Uisce scaipfeas na scamaill a hÉirinn,
Uisce calma abaidh-ghlan éachtach.



(Luighid a gceathrar ar rinnce agus na sluaighte dá bhfaire;
Seinneann ceann dos na daoinibh beaga ceol dóib; taréis pas
rinnce cluintear guth DHOMHNAILL ag amhrán dó fhéin is é ag
déanamh fá dhéin an tobair).


L. 8


BROCÁN — Airighim an guth daonna, tá daoine éigin
chúghainn.



CISTE — Ní hiontaoibh iad an treibh daonna, is minic
do rinneadar feall orm-sa.



BÚNSA — Teichimís uatha go tapaidh.



MÁINE — Ní mise bheidh ar deireadh ar aon-tslighidh.



(Rithid a gceathrar le n-a sluaightibh ó radharc go lán-mhear.)



(Intrat DOMHNALL DALL.)



DOMHNALL DALL — (ag cuardach le n-a mhaide) —
Is dóigh liom gur chuala binn-ghuth na ndaoineadh maithe.
Brathaim gur geárr uaim anois an tobar, siúd iad na
clocha díreach mar a bhíodar fad ó shoin. Is maith an
cuimhne ba cheart dam a bheith agam ortha. Fairíor
cráidhte is annso do dalladh mé. Acht na daoine
maithe — ní ceart milleán do bheith ortha. Is sinn
féin fá deara ar dtoirmeasc. (Suidheann síos is
tosnuigheann ar ceol do sheinm.)



(Taréis tamaill stadann sé agus adeir.)



Cad é an mhaitheas bheith annso ag caitheamh an lae
gan bhrígh. Ní dóigh go dtiocfaidh aoinne annso go lá
an chúnntais. Tá codladh nó draoidheacht éigin ar an
mball so (airighthear coiscéim) 'sheadh táthar chughainn.



(Intrat EIBHLÍN le canna chum uisce go bhreith a bhaile.)



Mhaise dé do bheatha id shláinte agus is moch d'éirghís.
Cionnas atá siad uile 'san mbaile?


L. 9


EIBHLÍN — Airiú, an é seo Domhnall Dall? Mhaise a
Dhomhnaill, cad é an scéal agat-sa é? An bhfuilir i
bhfad annso?



DOMHNALL — Ochón mhaise agus is mise atá! cia hí
seo ag caint liom? Airiú b'fhéidir gur tusa Eibhlín,
bean an fheirmeóra so thuas. Is dóigh liom go n-aithn-
eóchainn do ghuth. An tú anois dá riribh?



EIBHLÍN — Is mise an bhean chéadna; nach maith an
cuimhne atá agat?



DOMHNALL — Tá suas le deich mbliadhna fichead
anois ó chuala do ghuth. Bhís id ghearra-chaile óg an
uair sin agus is iomdha cor do chuir an saoghal de ó
shoin.



EIBHLÍN — Mhaise, mo chráidhteacht, is iomdha! táim
pósta anois le trí bliadhna fichead agus b'fhearra
dham nár snaidhmeadh riamh le fear mé, ochón ó!



DOMHNALL — Nach duine deas macánta é Éamonn,
t'fhear? Sín í an teist do-chuala riamh air ar aon
tslighidh.



EIBHLÍN — Mo léir, mhaise sín é a ainim! Ní raibh
focal eadrainn riamh ó theagmhuigheamar le chéile, is ní
dóigh go mbeidh choidhche. Is é Éamonn rogha na bhfear
a Dhomhnaill, mo ghreidhin chroidhe é.



DOMHNALL — Agus cad é an mío-ágh atá ort mar
sin? Ná fuil treo is slacht ort is gach nídh dá
fheabhas? Sin é mar atá an scéal do réir gach aon
tuairisce.



EIBHLÍN — Mhaise leig dam féinidh a Dhomhnaill led
threo is led shlacht; cad é an mhaitheas an saoghal


L. 10


'nuair atá mo chroidhe briste is mo mheabhair nach mór
scaipthe as mo cheann?



DOMHNALL — Cad mar gheall air, airiú? Innis
damh-sa é, ní baoghal duit?



EIBHLÍN — Mo chreach, mhaise, is ró-bheag an maitheas
dam é d'innsint duit-se na d'aoinne eile, agus is
maith an bhail ort ná fuil clann agat.



DOMHNALL — 'Seadh b'fheárr liom go mbeadh. Acht
b'fhéidir gurab iad an chlann atá ag cur ort?



EIBHLÍN — Ologón, mo bhrón, mhaise, a Dhomhnaill, tá
mo chroidhe cráidhte aca ó mhaidin go hoidhche, acht is
measa dham Nuala ná an chuid eile go léir.



DOMHNALL — An í sin an ceann is sine aca?



ÉIBHLÍN — Is í cheana, mhaise, is dá dtagadh ciall le
cois na haoise dhi —



DOMHNALL — Nach mithid di sin bheith ag pósadh anois
is an teach d'fhághbháil fút féin?



EIBHLÍN —
Pósadh! Pósadh!
Mo chrádh is mo scólladh!
Is mo chreach bhrónach!
Is olc an nóchar
Tá ar tí í phósadh,
Má fhaghann mo stórach,
Is dealg damh-sa
Tré lár mo dhrólann.



DOMHNALL — Agus an miste fhiafraighe cia hé féin?



EIBHLÍN — Gaige fuar folamh aereach gan ráth, gan
bail; réice reathach, rinnceac, bothánach; snathaire ólach,


L. 11


imirtheach; scraiste díomhaoin, droch-ghnóthach, beag-
mhaitheasach; bomaire bruigheanach, achrannach, achmhu-
sánach, aithiseach; callaire callóideach, cnáimheach;
duanaire droch-labhrach, dithchéillidhe, gan feoirling
'na sparán ná breith aige ar scilling go deó, agus
gan fonn air aon chrích do dhéanamh acht bheith ag ceapadh
rann agus ag déanamh oráide do mhnáibh is dá mealladh
is dá bhfealladh ón tseachtmhain go chéile.



DOMHNALL — Cia hé féin is dóigh?



EIBHLÍN — Seaghán Fiadhain a ghlaodhaid siad air;
gráin mo chléibh is mo scart air, tá ceann m'inghine
iontaighthe ag a dhuanaireacht.



DOMHNALL — Ó 'seadh, d'airigheas trácht ar Sheaghán
Fiadhain; im basa tá an fhilidheacht go blasta aige cibé
scéal é.



EIBHLÍN — Ciach is cnead ar a chuid filidheachta, an
ruidín suarach, anacrach, an folaire tarcaisneach, mí-
chéadfach.



DOMHNALL — Is olc an cháil atá air do réir gach
tuairisce, acht b'fhéidir nach furaiste dhi fear ní b'fheárr
d'fhaghbháil.



EIBHLÍN —
Airiú mo chráidhteacht,
Is aici atá sé
Le faghbháil i mbárach
Fear breágh grádhmhar,
Fuinte sásta,
Is lán an mhála
D'airgead bhreágh aige.


L. 12


DOMHNALL — Agus cia hé an fear sain?



EIBHLÍN — Tomás Breac, mhaise, feirmeóir láidir
bunadhasach, ciallmhar, rathmhar, deagh-mhúinte —



DOMHNALL — O 'seadh go deimhin, bhí aithne mhaith
agam ar a athair, Pilip ná Tórnaighe; agus an bhfuil
Tomás dathamhail?



EIBHLÍN — Tá, mhaise, sé dathamhail a dhóthain. Tá
sé cneas-gheal, cumasach, cliste, céim-mhaordha, acht
ní théitheann Nuala leis, tá a croidhe sladtha ag
ráiméis an rannaire sin, acht tá sí chúghainn anois is
mairbheóchaidh sí mise mar d'fhágas an corcán tirim ar
an dteinidh. Labhair léi, a Dhomhnaill, agus cuir ar a
leas í, agus ní dhéanfad-sa dearmad ort. Caithfead
bheith ag cur díom anois.



(Intrat NUALA.)



NUALA. — Ó, a mháthair tá an corcán scoilte ón
dteinidh, brostuigh ort a bhaile.



(Exit Eibhlín.)



DOMHNALL — An bhfuilir annso agam, a Eibhlín?



NUALA — Tá sí imthighthe. An bhfuil aon ghnó agat
di?



DOMHNALL. — Cia hí seo anois agam a labhrann
chomh deas, subháilceach sain? Cailín óg éigin gabhaim-
se orm? Is milis blasta do ghuth cainte, a chailín mo
chroidhe!



NUALA — An dóigh leat sain, a fhir bhoicht? Tá eagla
orm ná fuil an meas céadna ag mo mháthair orm.



DOMHNALL. — Agus an í sin do mháthair d'fhágh anois
mé?


L. 13


NUALA. — Is í gan amhras, agus ba mhaith an scéal
dá bhfágfadh sí mise leis.



DOMHNALL. — Ná habair é, a inghean ó, cad í an
chúis atá agat ar an mnaoi bhoicht?



NUALA — Ochón, mhaise, ní fheadar, táim cráidhte aici
ó Luan go Sathrann, ní thaithnighim féin léi ná aon nídh
a dhéanaim.



DOMHNALL. — Dá mb'áil leat pósadh agus glanadh
amach ar fad uaithi?



NUALA. — Do b'áil liom é go díreach; acht féach an
leigfeadh sí dhom pósadh ná aon nídh eile do dhéanamh.



DOMHNALL. — Agus an amhlaidh a bheadh sí ag cur
cosca ar phósadh ort?



NUALA. — 'Seadh, mhaise, go cinnte. Tá fear breágh
súgach subháilceach cumasach léigheanta, file bríoghmhar,
buachaill óg greannta, córach, lér thaitnigheann mo
chroidhe is m'aigneadh dom iarraidh le bliadhain, agus
má tá ní leigfeadh mo mháthair ná m'athair dom
snaidhmeadh leis. Agus i n-ionad sain tá siad
síorraidhe ag tafann orm bhúiste briste breoidhte
bascaighthe beag-chiallach darab ainim Tomás Breac
do ghlacadh i leith is go bhfuil caoirigh is ba aige agus
ór buidhe ag tachtadh a sparáinín shalaigh.



DOMHNALL. — Is maith é an t-ór, ní'l aon nídh mar é
an aimsir seo; gabh ar thaobh an óir, a inghean ó mo
chroidhe, is ní bheidh cathughadh 'na thaobh ort.



NUALA. — Dá mbeadh a bhfuil d'ór i Sacsanna ag
Tomás ní dhéanfadh sé fear de — cnútachán gan croidhe
gan anam gan ciall gan cuimhne, sin í a theist.


L. 14


DOMHNALL — Agus b'fheárr leat Seaghán Fiadhain
folamh gan feorling ná Tomás Breác le mála airgid?



NUALA — B'fheárr gan amhras; is ró-bheag an tsuim
a chuirim-se 'na chuid airgid lobhtha.



DOMHNALL — Cailín beag gan chiall is eadh thú, is
eagal liom. Droch-bhuachaill is eadh Seaghán Fiadhain
do réir gach deallraimh, dá mbeadh fios agat-sa mar
atá agam-sa ar dhroch-ghníomharthaibh an bhuachalla sain
is fada uaidh do gheóbhthá.



NUALA — Ná bí ag cur éithigh anois air mar a
chuireann mo mháthair gach aon lá san tseachtmhain.



DOMHNALL — Ní héitheach a mhaoidhim acht fírinne
cheart. Is amhlaidh a bhíonn sé ag magadh fút-sa, agus
ag rádh leis gach aoinne ná pósfadh sé i n-aon-chór thú,
agus ag mealladh cailínidhe na dúithche go léir le
bréagaibh is le cleasaibh. Ní'l a leithéad do réice 'san
dtír seo, bíonn sé ar dearg-mheisce gach aon oidhche
agus ag ragarnáil agus ag déanamh toirmisc.



NUALA — (ag gol). Éist do bhéal, agus ná bí ag
cur éithigh ós mo chomhair amach ar Sheaghán is gan é
annso chum freagra do thabhairt ort, mar is maith is
eol dó é.



DOMHNALL — Is maith is eol dó bhréaga d'innsint
agus amadáin cailínidhe már thusa do mhealladh; acht
creid mise, ní fhuil raith ná bail ar Sheaghán dá mhéid a
chuid fílidheachta, fan uaidh, ná bain leis, nó beidh ceithridhe
ar feadh do shaoghail ort — sin í mo chomhairle-se dhuit.



NUALA — Dá mbeadh aithne agat ar Sheaghán mar
atá agam-sa, do bheadh a mhalairt sin do chomhairle agat


L. 15


le tabhairt dam. Dá mbeadh fios agat ar dhílse a
chroidhe is a aignidh, ar a chneastacht is ar a fhírinne, ní
bheithfeá ag tromuigheacht mar sain air gan chúis, gan
ádhbhar, a shean-chladhaire, ní fhulaingeóchad uait a
thuilleadh don chaint sin.



DOMHNALL — Ciuinigh anois, is agat-sa ná fuil
aithne ar Sheaghán agus má dhéanann tú rud orm-sa
chídhfir féin gur mar sin atá an scéal.



NUALA — Ní chreidim thú; cad tá agat le múnadh
anois dam?



DOMHNALL — An bhfeiceann tú an tobar sain? Tá
draoidheacht air, agus bíd na daoine maithe ag rinnce
is ag pléidhreacht 'na thimcheall ar feadh na hoidhche,
agus fiú ar maidin i ndiu is mé ag teacht annso
d'airigheas an ceol is an rinnce do bhí aca. Do bhí
sean-draoi ann fad ó agus ba mhór é a chumhacht agus
an gradam do bhí aige ó rígh na háite seo, acht tháinig
eascáirdeas eatortha agus do ceangladh an draoi
bocht le hais an tobair seo ar feadh bliadhna; dá
dheascaibh sin do chuir sé draoidheacht ar an dtobar
agus cibé ólfas deoch as, an céad uair, gheóbhaidh sé a
a athchuinge, muna rud é gur athchuinge éigin mío-
nádúrtha agus ar mhaithe leis féin amháin a bheidh uaidh.
Acht má iarrann sé rud éigin mío-nádúrtha nó ar
mhaithe leis féin amháin tiocfaidh iomard éigin air
láithreach, agus dá mba mhaith leat-sa triall do bhaint
as smuaintibh croidhe na beirte seo atá dod thochmairc
gheóbhair caoi éigin chum deoch do thabhairt dóibh as an
dtobar seo.


L. 16


NUALA — Tá go maith. Ní headh go bhfuil aon
mhearbhail orm 'na dtaobh, acht chídhfir féin a gcroidhe-
smuainte, sul a fada. Féach, airiú tá an cnútachán
úd, Tomás Breac, chúghainn; cad do dhéanfad?



(Intrat TOMÁS BREAC).



DOMHNALL — 'Seadh cia hé sin chúghainn anois, airigh-
im coiscéim éadtrom uasal éigin?



TOMÁS BREAC. — Dia dhuit, a Nuala, a spéir-bhean
chomh lonnrach leis an ngréin. Tá dólás ar mo chroidhe
ná feaca le seachtmhain thú.



NUALA — Agus cá rabhais le seachtmhain?



TOMÁS — Is deacair an cheist sin do réidhteach, is
fada ó bhaile bhíos a lán do'n aimsir, acht níor shos dom
acht ag cuimhneamh ort-sa do ló is d'oidhche.



NUALA — Ba mhaith sin uait, mhaise, is iomdha rud do
bhí ag rith trím chuimhne-se agus gan tusa do bhac, acht
b'fhéidir go bh'fanfá i gcomhnuidhe anois againn?



DOMHNALL — Cia hé seo, a Nuala, an é seo an
duine uasal Tomás Breac?



TOMÁS — Is mé go deimhin, a dhuine bhoicht, nach
maith aithnigheann tú mé.



DOMHNALL — Cad í an chúis ná haithneóchainn? Is
fada ó bhaile atá do cháil ag rith ar uaisleacht, ar
staidéar, is ar fhairsinge. Ná dearmaid, a Thomáis,
a chara, rud éigin do thabhairt do 'n duine bhocht.



TOMÁS — Tá cathughadh orm, mhaise, gur fhágas cibé
pingnidhe bhí agam im dhiaidh san mbaile.


L. 17


DOMHNALL — Raghaidh Nuala chum do thighe ag
iarraidh déarca dhamh-sa, má's mian leat rud éigin do
thabhairt don dall.



TOMÁS — Ná bac anois é, a dhuine bhoicht, an chéad
uair eile theagmhóchad leat gheóbhair é, geallaim duit.



DOMHNALL (I leath-taoibh). — Gur a fada go dtí sin
a spreallairín an ghorta!



TOMÁS — Cad é sin a deirir, a bhacaigh?



DOMHNALL — Ó is é adeirim go mbeidh súil agam
led chongnamh an tráth sain, a dhuine uasail.



TOMÁS — Tar i leith chúgham, a Nuala, a chara mo
chléibh, agus is ort-sa a bhíos ag léir-chuimhneamh le
seachtmhain, a bhláth na n-óg-bhan, a chuid do'n tsaoghal,
a mhaise an domhain, a réilteann sholasmhar —



NUALA — 'Sheadh comhairimh leat; im basa féin ní
gearánta ort mar chléireach.



TOMÁS — Ó, a Nuala, a sholais mo bheatadh; ná
bris mo chroidhe led neamh-thruaighmhéil, agus gan preab
im anam acht id chomhair-se!



DOMHNALL — Mhaise, a mhúirnínidhe, is maith a thuig-
im-se an scéal eadraibh, agus is beag an scáth is gábhadh
dhaoibh do bheith roimh dhall bhocht dom, shaghas-sa. A
Thomáis, airiú, agus dá ríríbh an bhfuil grádh chomh dian
sain agat do Nuala?



TOMÁS — Ní fhéadfadh fáidh ná saoi dá fheabhas cur
síos ar mo ghrádh dom stórach. Ní'l braon fola ag rith
im fhéithibh nach do Nuala do ghluaiseann, ní'l smuaineamh
im' aigneadh acht léir-mhachtnamh ar a tréithibh. Ní chuir-
feadh fán ná gorta ná géibheann ná peannaid ná éacht


L. 18


ná scannradh íomháigh mo ghrádha ghil as daingean mo
chléibh.



NUALA — (I leath-taoibh) Beidh fios againn i dtráth
ar fhírinne do scéil, a ropaire.



TOMÁS — Féach cia hé seo chúghainn? Dar mo
bhriathar, an file mío-ághmharach úd Seaghán Fiadhain agus
saothar air!



(Intrat SEAGHÁN FIADHAIN)



NUALA — Dé do bheatha, a Sheagháin, is fada anois
nár luigh mo shúil ort. Cionnas atá an saoghal ag
eirghe leat?



SEAGHÁN — Comh maith agus is féidir leis, agus mé
deighilte ó 'm ghrádh gheal is ó 'm réilteann maidne, ó
sholas mo lae, ó anam mo chléibh féin, ó'm Nuala
ghléigil.



NUALA — Go deimhin féin ní géire do chuaidh an
deighilt sin ort ná orm-sa féin; bhí faid lae ins gach
uair do chluig is faid míosa ins gach lá ó scaras leat.
Níor dhún súil liom do ló ná d'oidhche acht ag cuimhneamh
ort agus ag ceapadh cad a dhéarfainn leat ar theag-
mháil leat an chéad uair.



DOMHNALL — Cia hé an duine galánta so atá
'n-ar gcomhluadar anois? Airighim guth cneasta caomh.



NUALA — Is é seo Seaghán Fiadhain an file clúmhail
gur chualais trácht go minic air.



DOMHNALL — Airiú, an é seo Seaghán Fiadhain?
Im basa is minic do-chuala trácht ort, a mhich ó, agus
is ró-mhinic do-chuala do chuid amhrán dá gcanadh agus
is ortha nach miste deagh amhráin do thabhairt leis.


L. 19


SEAGHÁN — Go raibh maith agat, a Dhomhnaill, mar
sin é t'ainim is dóigh liom.



DOMHNALL — Sin é m'ainim mhaise go beacht, acht a
fhile oirdheirc, féach le truaighmhéil ar an ndall bhocht
agus tabhair rud éigin dam.



SEAGHÁN — Seo, mhaise, coróin duit, a Dhomhnaill,
agus tá cathughadh orm ná fuil a thuilleadh agam anois.
Dá mbeadh gheóbhthá é.



DOMHNALL — Maise go mbuanuighidh Dia thú agus
go neartuighidh sé thú gach lá.



NUALA — Ná suidhfeá annso, a Sheagháin, agus amhrán
do chanadh dhúinn ó's agat atá an raidhse dhíobh?



DOMHNALL — Déan, a Sheagháin, mar do dhéanfadh
buachaill maith.



SEAGHÁN — Canadh Tomás, is binne a ghuth béil na
mo ghuth-sa, nach binne, a Nuala?



TOMÁS — Ní dóigh le Nuala sain ar aon tslighidh.



NUALA — Tá Tomás ró-aireach air féin agus ar
gach nídh a bhaineann leis, agus is ró-bheag an mhaitheas
bheith leis. Déan, a Sheagháin.



DOMHNALL — Go deimhin, a Sheagháin, do chuirfeadh
sé áthas ar mo shean-chroidhe dúr anois éisteacht le
ceann dod amhránaibh bríoghmhara. An amhlaidh a
eiteóchair sinn, a chara?



SEAGHÁN — Má chuireann m' amhrán áthas ar Nuala
is ort-sa, bíodh sé agaibh chomh maith agus is féidir liom-
sa é; ar airigheabhar riamh trácht ar na daoinibh maithe?
Tá amhrán beag ceapuighthe agam dóibh.



DOMHNALL — Is maith é sin, a Sheagháin, is cneasta


L. 20


caraideamhail is féidir leis an dtreibh sin a bheith acht
bheith amhlaidh leo.



SEAGHÁN — Seo dhaoibh m' amhrán-sa ar aon chuma.
(canann).



NA DAOINE MAITHE.



Siúd ar na sléibhtibh le héirghe na gréine,
Siúd ar na sléibhtibh árd sinn
Bíonn ceolta is pléidhreacht is aiteas ag éanaibh,
Is fuirse ag gaothaibh fáin ann,
Ní'l ceo-bhruid ná péin ann ná brón-dubh i n-aon-chor,
Ní'l osna, ná déara á dtál ann,
Acht aoibhneas is aerigheacht is mílse gan faoiseamh,
Gan eagla roim chréim ó'n ársacht.



Éirghimíd 'san spéir ghlain i bhfochair a chéile,
Is luigheam síos i n-éinfheacht sásta;
Le cumas le tréine le fuinneamh le déine
Ar gcuisleann, ní baoghal dúinn máchail;
Tré uiscidhe tré réidhte tré mhongaibh is caol-chnuic,
'N ar bhfuirinn dheis aerdha tráchtam
Ó fhairrgidhibh Bhéara go srothaibh na Féile
'S ón Sionainn go béal na Rátha.



Ná beartadh an chlaon-threabh dubh-mhasluightheach daonna
Gur eagal linn géim a n-árd-ghuth,
Is gur leagamar céadta dá mathaibh i n-éinfheacht
Gan arm gan gaethibh lámhaighte;
'Dá bhfanfaidís séanmhar is masladh do shéanadh
Is cabhrughadh le chéile i dtráth chirt
Ní'l easbaidh ná géibheann ná leigheasfaimís féin dóibh
Go caraideamhail béasach grádhmhar.


L. 21


(I ndeireadh an amhráin buailid an triúr eile a mbasa go hárd
agus siúd girrfhiadh amach as a fhialtigh agus as go bráth leis.)



SEAGHÁN — Féach, féach, an girrfhiadh! seo mise
'n-a dhiaidh ar aon tslighidh.



TOMÁS — Ní sos damh-sa é.



(Rithidh SEAGHÁN agus TOMÁS i ndiaidh an ghirrfiaidh.)



NUALA (ag faire ar Thomás ag rith) — Is fada go
mbéarfá ar ghirrfiadh ná ar chapall a chnútacháin bhig.
Ó féach mo mháthair, mairbheóchaidh sí mé.



(Re-intrat EIBHLÍN.)



EIBLÍN — A chailín bhig neamh-mhaitheasaigh cad do
chongaibh annso ó mhaidin tú? Tá mo chroidhe briste
ó obair agus gan aoinne chum cabhruighthe liom acht
tusa. Go deimhin féin, is mór an náire dhuit é, agus
is é shíleas gur b'é an réice sin Seaghán Fiadhain do
chongaibh streo ort.



DOMHNALL — Bhí sé annso againn go díreach, mhaise,
a Eibhlín.



EIBHLÍN — Ó mhaise, gráin mo chléibh ar an nduanaire
mío-ághmharach is maith a bhí a fhios agam cad do
chongaibh í.



DOMHNALL — Bhí Tomás leis againn, agus beidh siad
araon annso arís i gceann tamaill. Is é mo thuairim-
se go bhfuilir ró-dhian ar Sheaghán bhocht agus gur feárr
an mianach atá ann ná 'san bhfear bhreac airgeadamhail
atá agat dá mholadh gan faoiseamh.



EIBHLÍN — A Dhomhnaill, cad d'imthigh ort? 'Sin é,
ghabh Seaghán an treo agus do bhuaidh a chuid bhladair
ar do chéill. Is measa anois thú ná an cailín crádh-


L. 22


chroidheach so atá ar gealtaigh i ndiaidh an scaothaire
mhío-ághmharaigh úd ná fuil cion ag Dia ná ag daoinibh
air, ruidín suarach salach sleamhain-shálach, fúnachtaidhe
fochmach, folamh, folaire an ghorta, bochán beadaidhe,
beag-chiallach, amhus achrannach achmhusánach —



NUALA (ag gol) — Sin í an chaint a bhíonn agat i
gcomhnuidhe. Do bhrisfeá croidhe aingil a bheadh ag
pléidhe leat. Nach iongantach ná feicfeá locht éigin ar
an ndunaire eile úd atá ag cur éiclips ar do shúilibh
le n-a chuid airgid — agus gan an t-airgead féin aige
b'fhéidir! Ó, a Dhomhnaill, cad do dhéanfad i n-aon-
chor? Cad é an mhaitheas an saoghal i n-aon-chor is
gan uair do chluig do shuaimhneas agam? Ó, a
Dhomhnaill, cad do dhéanfad i n-aon-chor, i n-aon-chor?



EIBHLÍN — Éist annsain, a spideóigín bheag mhas-
laitheach, mí-iomchair, ná faghaim focal eile as do phluic.
Acht pós Tomás Breac is beidh saoghal breágh socair
oll-mhaitheasach agat.



NUALA — Ní phósfainn an folaire áir sin dá mbeadh
an domhan ar fad ag tabhairt taoibh leis is gan fear
eile le faghbháil idir mhuir is grian.



EIBHLÍN — Ó, mo sceimhle,



Is mo chreach nimhneach,
Mar gur b'í m'inghean tú,
Cé gur bean gan bhrígh tú,
Gan seóladh slighidh ionnat
Do ló ná d'oidhche.



DÓMHNALL — Ciúnuigh anois, a Eibhlín, is ná cráidh
an cailín bocht.


L. 23


EIBHLÍN — Ó mhaise crádh croidhe chuichi, mar is mise
atá cráidhte i gceart aici sin.



DOMHNALL — Bíodh foighde agat, a Eibhlín, agus
leig damh-sa an cheist do réidhteach eadraibh.



EIBHLÍN — Níor chás duit, is amhlaidh a chuirfir sinn
níos géire i n-achrann i n-a chéile.



DOMHNALL — Fan go bhfeicfir. Beidh an bheirt óig-
fhear sain annso láithreach agus beidh tart ortha.
Déarfad-sa leo ag ól an uisce dhóibh athchuinge éigin
do dhéanamh agus go bhfaghaid a dtoil. Acht má iarr-
faid nídh ar mhaithe leo féin amháin tiocfaidh iomard
éigin ortha 'na thaobh mar ar tháinig orm-sa féin
fairíor, nuair do buaileadh le daille mé tá fiche
bliadhain ó shoin is mé ag iarraidh saidhbhreas Risteáird
Uí Fhoghladha do sheóladh chúgham féin.



EIBHLÍN — Níor airigheas riamh a leithéid sin do cháil
ar an dtobar seo, ciodh go ndeirid daoine go bhfuil
draoidheacht air.



DOMHNALL — Sin é atá air go díreac mhaise agus
is agam-sa atá a fhios sain go cruinn.



EIBHLIN — 'Seadh tiomáin leat mar sin, agus feiceam
cionnas a bheidh an scéal.



DOMHNALL — Is geárr anois go mbeidh siad chúghainn
agus bailigh-si leat agus ná bí dár gcur tré chéile.



(Exit EIBHLÍN.)



Chídhfir anois, a Nuala, cia aca is ceanamhla ort, agus
cia aca do b'fhearra dhuit pósadh.



NUALA — Mhaise is beag dá mhearbhail orm agus dá
bhfeicfeadh mo mháthair é chomh soiliéir is chím-se bheinn
an-shásta im aigneadh.


L. 24


DOMHNALL — Fág-se fúm-sa, is fá na daoinibh maithe
é, a chailín mo chroidhe.



NUALA — Éist, airighim fuaim a ngotha ag troid le
chéile, tá siad chúghainn agus an girrfhiadh ag Seaghán.



(Re-intrant SEAGHÁN agus TOMÁS.)



NUALA — Mhaise, mo ghreidhin go deo thú, a Sheagháin,
is minic roimhe seo do rinnis éacht, cuir annsain í —
(ag sínead amach a láimhe chuige).



(Ritheann Seaghán na coinnibh agus crothann a lámh go ceanamhail.)



NUALA — Muna mbeadh go rabhas-sa tuirseach ó 'm
thuras i ndé ní leigfinn an girrfhiadh sain leat.



SEAGHÁN — Níor chás duit breith ar asal bhachach, ní
airighim girrfhiadh. Airiú, a Nuala, a chara, táimíd
marbh tnáidhte, fagh árthrach agus tabhair deoch dúinn.



DOMHNALL — Dé bhar mbeatha, a cháirde, ba the an
turas sain do thugabhair agus ní hiongnadh go mbeadh
tart oraibh. Acht tógaidh bhar suaimhneas. Tobar
draoidheachta is eadh é seo agus cibé ólfas as an céad
uair gheobhaidh sé a athchuinge da mhéid í. Seo libh anois,
agus ná bhíodh gainneacht ar bhar n-athchuinge.



TOMÁS — An dá ríribh a taoi, a Dhomhnaill, an amhail
a deirir go bhféadfainn-se anois ar ól an uisce seo
dham mo sháith d'airgead is d'oll-mhaitheas d' fhaghbháil,
dá gcuirfinn rómham é.



DOMHNALL — Sin é adeirim gan amhras, agus is
beag dá mhearbhail orm mar ní haon uair amháin do
tharla a leithéad sain d'éacht annso.



SEAGHÁN — Is maith an scéal é muna bréag é. Acht
an bhfuil aon tsaghas athchuinge eile le faghbháil acht
airgead nó saidhbhreas?


L. 25


DOMHNALL — Gach saghas athchuinge ar a smuainfeadh
an croidhe daonna atá sé le faghbháil ós na daoinibh
maithe atá i bhfeighil an uisce seo.



TOMÁS — An eadh, a Dhomhnaill, an dá ríribh a taoi?



DOMHNALL — Ní headh is dócha acht ag magadh; chídhfir
féin ar ball.



TOMÁS — Bead-sa ar tosac ar aon-tslighidh is má
bhíonn airgead im dhiaidh, bíodh sé ag Seaghán Fiadhain.
Tabhair dom copán lán don uisce bhríoghmhar so na
ndaoineadh maithe. Óm chroidhe amach toilim is
athchuingim:



Go mbeidh sé feasta agam
Sparán buidhe ceangailte,
Fuaighte ceartuighthe,
'S a scórnach tachtaighthe
Le hór buidhe is airgead,
Go raibh saoghal fada agam,
Scléipeach aiteasach,
Gan brón ná atuirse.



(Re-intrat BROCÁN.)



(Ólann TOMÁS as copán uisce go fuidheach agus láithreach
tagann BROCÁN ar an dtaobh thiar de i ganfhios agus cuireann
slaitín suas le n-a bhéal dá bhualadh le balbhacht.)



(Exit BROCÁN)



NUALA (i leath-taoibh) — Is beag an cuimhne atá
ar Nuala i gcroidhe an fhonnachtaidhe seo; mo chreach is
droch-mhaitheasach an nuachar a dhéanfadh sé.



DOMHNALL (i leath-taoibh) — Maith an buachaill!
Beidh na gréithre seo chúghat, ná bíodh eagla ort, is mór


L. 26


oireann siad duit. (Ós árd.) 'Seadh im basa do
chuiris a lán ins na bréithribh sin, ní fhéadfadh file níos
mó d'fhuineadh ionnta. Tá eagla orm nár fhágais
aon nídh ag Seaghán Fiadhain bhocht gan sciobadh leat.
'Seadh, a Sheagháin, is é t'iarracht-sa anois, feiceam cad
a thabharfaidh na daoine maithe dhuit-se.



SEAGHÁN — Tabhair dom copán do'n uisce sin, a
Nuala, mar is mór é mo thart is ní tart chum óir ná
airgid atá orm-sa. Glaodhaim ar na daoinibh maithe
is ó 'm chroidhe amach toilim is athchuingim!:



Ór is suairceas
Is saoghal maith buanmhar
Gan brón, gan buaidhreamh,
Ní headh tá uaim-se,
Acht go mbeadh mo Nuala,
Cneasta uaibhreach,
Sásta suainmhear,
Suas lem ghualainn,
Gan scaradh uaim-se
Le bruid ná cruadhtan.



DOMHNALL — Maith an fear, a Sheagháin, is feárr an
athchuinge sin ná ór is ná fad saoghail.



NUALA — Fad saoghail chúghat leis, agus ór do
dhóthain, sin í mo ghuidhe dhuit, a Sheagháin, a chara.



SEAGHÁN — 'Seadh, ariú, a Thomáis, ar tháinig an
t-airgead sain fós?



TOMÁS — Ní — ní — ní — ní — ní — ní —



SEAGHÁN — 'Seadh anois, ná bí ag tabhairt tar-


L. 27


caisne dhamh-sa, ní fhuiligeóchad uait í, bíodh a fhios sain
agat.



TOMÁS — Má — má — má — má — má —



SEAGHÁN — Dún do chlab, adeirim leat, nó chomh
dearbhuighthe is tá Seaghán Fiadhain mar ainim orm,
fágfad scriosta na cnámha agat.



TOMÁS — Go — go — go — go — go —



SEAGHÁN — Féach air, is dóigh. Féach an scaimh sin a
chuireann sé ar féin d'fhonn masladh do thabhairt dam.
Cuir uait an bhriotaireacht sain, is labhair go cóir i
bpéin do ghortuighthe.



TOMÁS — Le — le — le — le — le — le —



SEAGHÁN — Féach ar airiú, le — le — le — ag an
mío-ágh ort, a raispín áir.



TOMÁS — Seá — seá — seá —



SEAGHÁN — Seá — seá — seá. Ní seá — seá — seá —
mise agat a chníopaire ghránna, nach masluightheach an
ruidín súigh é? Éist nó labhair go ceart (ag ardughadh
a láimhe chum a bhuailte.)



TOMÁS — Fiadh — fiadh — fiadh —



SEAGHÁNH — Fiadh agus fiolar, bíodh sain agat mar
sain (dá bhualadh le basóg ar feadh na cluaise) —
fiadh, fiadh.



(Buaileann SEAGHÁN arís agus arís é agus ag gabháil dá chéile
dóibh leagtar Tomás agus annsain re-intrat EIBHLÍN.)



EIBHLÍN — Ochón ó! cad tá oraibh mar sin? airiú,
féach mar a bhfuil an spadalach so anuas ar mo laogh
gheal! Á, a raispín na croiche bog dom bhuidheanach.


L. 28


(Eirghid an bheirt, tnáidhte suaidhte ó n-a chéile. Dírigheann EIBH-
LÍN ar SHEAGHÁN.)



A ablaigh ghránna,
Gan meas gan náire,
Suas ar do láimh-se,
Ná baisc mo ghrádh geal.



NUALA (Ag gol) — A mháthair, éist liom-sa.



EIBHLÍN — Dún do bhéal, a thoice, is tú fá deara
an ghnótha so ar fad. Féach anois an íde atá ar do
leannán, Tomás Breac bocht.



NUALA — Éist liom, a mháthair, —



EIBHLÍN — Ciuinigh adeirim leat, nó is duit is
measa. Tar i leith chúgham a Thomáis, a chara, go
dtirimeóchad an fhuil atá ar t'aghaidh; mo ghrádh thú, is
cad do bhain duit is dul chum clampair leis an
gconnartach sain?



TOMÁS — Leath — leath — leath — leath — leath —



EIBHLÍN — Cad é sin adeirir a laogh mo chroidhe,
tá sé i riochtaibh an bháis, tá a chaint ag leathadh air.



DOMHNALL (I leath-taoibh) — Leathadh leitheóige air
féin is ar a chaint.



TOMÁS — Mé — mé — mé — mé — mé —



EIBHLÍN — A Dhia mo thruagh go deo mé ag pléidhe
libh; a Sheagháin, airiú, cad do rinnis leis seo?



SEAGHÁN — Fiafraidh de féin cad d'imthigh air.



EIBHLÍN — Cad d'imthigh ort airiú, a chiallaigh?



TOMÁS — Tá — tá — tá — tá — tá — tá



EIBHLÍN — Óchón ó, mo chroidhe! a Dhomhnaill, is tusa
do rinn an toirmeasc ar fad. Cad chuige go bhfuil
sé seo gan urlabhra agam?


L. 29


DOMHNALL — Is é féin fá deara sain. Ná dubhart-
sa leat cionnas do bheadh an scéal? Is é an droich-
mhianach atá 'n-a chroidhe do bhris amach ann. Dubhart
go dtiocfadh iomard éigin ar an té do dhéanfadh
athchuinge ar mhaithe leis féin amháin ag ól an uisce
dhó agus is mar sin do thárla an t-éacht so. D'ól
Tomás an t-uisce is d'iarr sé ór is airgead is fad
saoghail.



EIBHLÍN — Is nár mhaith an rud sain?



DOMHNALL — Acht níor chuimhnigh sé ar Nuala ná ar
aoinne eile, is do féin amhain d'iarr sé an t-ór. D'ól
Seaghán Fiadháin bocht an t-uisce is d'iarr sé Nuala
do bheith aige go bás agus ná beadh beann aige ar ór
ná ar airgead. Dá réir sin do buaileadh Tomás le
balbhacht. D'airigheas féin na daoine maithe 'na thim-
cheall ag baint fóghnaimh a chluas de. Dála Sheagháin
ní'l dearmad ná go bhfaghaidh sé a athchuinge is go
bpósfaidh sé Nuala.



EIBHLÍN — Ochón mo scólladh,
'Sé sin an pósadh.
Gan bhail gan fóghnamh,
An straoile bróin seo
Aici mar nóchar,
'S gan treabh ná treo aige
Acht dronn is comhartha air
Ag siubhal an bhóthair.


L. 30


NUALA — B'fheárr liom Seaghán gan feoirling ná
Tomás agus an domhan uile aige.



SEAGHÁN — Mo ghreidhin chroidhe mo chailín, cuir
annsan í (ag síneadh amach a láimhe) an dtógfair mé
mar chéile is gan scilling 'san tsaoghal agam?



EIBHLÍN — (le Nuala) ná bain leis, adeirim leat.



DOMHNALL — Leig di fein, a Eibhlín, leig di a rogha
féin do thógbháil.



NUALA —



Is tú mó chéile
Ar feadh mo shaoghail-si
Gan ór na spré-chnuic
Gan biadh gan éadach,
Acht ag iarraidh déarca,
'S is feárr sain féinidh
Ná claoidheadh le sméirle
Gan bhail gan éirim.



SEAGHÁN —



Mo ghreidhin go bráth tú
Mo chailín álainn
Atá ullamh sásta
Le gabháil le Seaghán bhocht
'S gan rud 'na mhála
Acht rud gan áireamh
Gan tigh gan áitreabh
Acht ruagadh is fán air
Ó choill go lán-chnoc.



EIBHLÍN — Mo thruagh im chroidhe sibh mar is mise atá
cráidhte im chliabh le nbhar nduainreacht gan bhrígh gan


L. 31


tairbhe. Féach, anois, cia thabharfaidh lón an lae
dhaoibh?



DOMHNALL — Na daoine maithe.



EIBHLÍN —



Ochón mo mhasladh,
Is mo chumha an fhaid mhairfead,
Na daoine maithe!



Is mór a bheid 'na gcúram.



(Intrat NÓRA).



NÓRA — An bhfeacaidh aoinne annso fear dár ainim
Seaghán Fiadhain? agus ir cóir an t-ainim do tugadh
air, mar is é mo chroidhe-si atá briste dá lorg.



NUALA — Ná bí ag tarcaisniughadh Sheagháin nó is
duit is measa, ní beag dó mo mháthair chuige, bíodh
teanga chiúin id cheann, a Nóra.



SEAGHÁN — Cia hí seo ag casadh asmhucháin liom?



NÓRA — Ó hó, féach mar a bhfuil sé: maise crádh
croidhe chúghat-sa, a Sheaghain, mar an tusa do chuir an
tuiras orm: féach, níor fhágas páirc ná póirse ón Ráith
go Cúil na hAbhann gan cuardach duit.



SEAGHÁN — Agus cad é an gnó atá agat díom?



NÓRA — Féach, tá mo chroidhe bocht ag bualadh is ag
dhian-phreabadh le neart reatha.



SEAGHÁN — Innis dam, cad é do ghnó dhíom?



NÓRA — Maise, crádh croidhe chúghat, shíleas ar
dtúis go rabhais i bpáirc na giolcaighe, agus ar ndóigh
siúd ann mé ar saothar.


L. 32


SEAGHÁN — Cad tá uirthe sin? Cad tá uait, ná
labharfá?



NÓRA — O mhaise, greadadh chúghat, nuair a bhíos ag
páirc na giolcaighe ní raibh do rian ná do thuairisc ann
agus as sain liom ar sodar go dtí an Garaidhe Dearg
agus —



SEAGHÁN (Ag déanamh uirthi) — Cuirfead-sa deith-
neas ort nó is greannmhar an scéal é, cad tá uait?



NÓRA — Tá mo chuid anála imighthe is ní féidir liom
labhairt.



SEAGHÁN — Cad tá uait, abair é laithreach nó
cuirfead-sa máchail ort?



NÓRA — Dá gcuirfeá fiche máchail orm ní fhéad-
fainn innsint; níor tugadh an tabhairt suas orm chuige,
acht b'fhéidir go dtabharfadh an páipéar seo — ologón
do chailleas é — (ag cuardach a cuid éadaigh) — ó — níor
chailleas — bh'fhéidir go dtabharfadh an páipéar so
cúnntas duit is muna dtabharfaidh ná bíodh a mhilleán
orm-sa (síneann sí litir chum SEAGHÁIN).



SEAGHÁN — Muna mithid duit sin.



(Osclann an litir agus léigheann).



Litir ó hAmerica í seo. Ó hó! tá dearbhráthair
máthar dom marbh agus d'fhág sé míle púnt le hudhacht
agam — beannacht Dé le n-a anam. Is uaigneach an
rud an bás!



NUALA — An dá ríribh a taoi, a Sheagháin.


L. 33


EIBHLÍN. — Ní headh mhaise, acht ag magadh fút-sa
agus is é atá tuillte agat.



SEAGHÁN — Má's magadh é, sin í an litir agus
léigh féin í.



NUALA (ag féachaint ar an litir) — Im basa ní haon
mhagadh í seo. Tá sé go ceart cruinn annso gach
fhocal dá ndubhrais.



DOMHNALL — Mhaise, mo ghreidhin chroidhe iad na
daoine maithe! An t-airgead d'iarr Tomás is ná
fuair, sin é ag Seaghán é agus gan é d'iarraidh i
n-aon-chor!



TOMÁS (go neamh-fhoighdeach) — B'í — b'í — b'í —



DOMHNALL — Tá do bh'í — b'í — tuillte go maith agat,
a bhochtáin an ghorta, mar is tú do bhí bocht, gann, an-
acrach leis an ndall mbocht ná tabhairfeá scilling ná
pinginn dó.



TOMÁS — Ó — ó — ó — ó —



DOMHNALL — Na bodhar sinn anois led ó — ó — ó —



EIBHLÍN — Is greannmhar an saoghal é. Is ar éigin a
tá á fhios agam cá bhfuilim. Gabhaim do phárdún, a
Sheagháin, a dhuine chirt dhaonnachtaigh agus go bráth arís
ní cháinfead thú; bíodh m'inghean agat agus is í m'ath-
chuinge ó chroidhe dhaoibh, go mairidh sibh a chéile fá
shuaimhneas is sonas. Tabhair dom do lámh.



SEAGHÁN (ag síneadh amach a láimhe chuichi) —
Maithim ó chroidhe dhuit, a mháthair mo chéile, agus ná
bíodh fuacht ná ocras ort, an fhaid a bheidh slinn ós mo
chionn-sa.


L. 34


NÓRA — Agus cad do dhéanfaidh Tomás bocht? Ná
raibh sé chum Nuala do phósadh?



TOMÁS — Ní — ní — ní — ní-



NÓRA — A Dhia, cad tá air sin?



NUALA — Do chaill sé a úrlabhra ar chuma éigin
iongantach.



NÓRA — Ochón! ochón! mo chathughadh é, agus an
oireadh sain saidhbhris aige!



EIBHLÍN. — Tá an saidhbhreas aige mhaise ar aon
tslighidh. Ní'l amhras ná go bhfuil.



NÓRA — Rud ná dubhart riamh fós déarfad anois.
Táim-se i ngrádh le fada le Tomás Breac, acht go
dtí seo shíleas ná raibh aon mhaitheas dam é d'adhmháil
bhí an oiread sain saidhbhris aige agus mise lom dealbh,
acht anois bh'fhéidir ó tá Nuala scartha leis agus gan
caint 'n-a theangain go ngeóbhadh sé liom. Má
aontuigheann sé, is mé féin bheidh ró-shásta.



TOMÁS — Nó — nó — nó —



(ag rádh sain dó téidheann anonn chuichi is beireann ar láimh uirthe
is pógann a lámh agus tabharann iarracht ar labhairt.)



NÓRA — Mo ghreidhin thú, a Thomáis bhoicht; táim-se
sásta anois ar aon chuma.



EIBHLÍN — Má taoi, a Nóra, táimíd go léir sásta
Dála Thomáis —



TOMÁS — Co — co — co —


L. 35


DOMHNALL — Tá Nóra leis te i ndiaidh a turais
agus b'fhéidir go mbeadh deoch uaithi.



NÓRA — Is maith an áit go rabhais. Is mé atá te
tartmhar agus tabhraidh dom copán don uisce sin.



DOMHNALL — Ag ól an uisce seo dhuit don chead
uair, bíodh a fhios agat go b'fhaghair cibe rud iarrfair,
mar tá draoidheacht ar an dtobar so.



NÓRA — Mhaise, leig dom fhéinidh, a dhuine, is beag an
cuimhneamh atá agam orm féin. Is ar Thomás bhocht
atá mo chásamh.



DOMHNALL — Tabhair di copán don uisce.



NÓRA — Is í m' athchuinge gó dtiocfaidh a chaint arís
do Thomás Breac (ólann deoch).



(re-intrat BROCHÁN ar an dtaobh thiar do THOMÁS agus buaileann
le slaitín é i ganfhios agus exit.)



NUALA — Is maith sin uait, a Nóra, is tusa atá go
daonnachtach agus taoi ro-mhaith do Thomás.



DOMHNALL — Maith an cailín, a Nóra, is beag ar
chuimhinigh Tomás ar aoinne acht air féin, agus cuireadh
sé milleán a iomaird air féin.



TOMÁS — Tá an ceart agat, a Dhomhnaill, is mise
do rinn an t-olc agus tá cathughadh 'na thaobh orm agus
is ar Nóra atá mo bhuidheachas i dtaobh m'urlabhra do
chasadh arís orm agus is mise do chlaoidhfidh léi go lá
mo bháis.



NÓRA — mo ghreidhin thú, a Thomáis, agus is mise
atá ró-shásta tú a bhéith slán arís.


L. 36


DOMHNALL — Mo chara iad na daoine maithe is
cneasta truaighmhéileach iad acht bhéith cneasta leo,
agus ní cóir daoibh an tobar so d'fhágbháil gan pas
rinnce do bhéith agaibh an eagla go ndéanfadh siad
tnúth libh.



SEAGHÁN is NUALA (i n-éinfheacht) — Is fíor duit-se
sin, a Dhomhnaill, seinn suas an ceol.



TOMÁS — Gluais ort, a Nóra, ní bheam-na leis-
ceamhail chum iad do leanmhaint.



EIBHLÍN — Is agam-sa atá an tnúth libh go léir —



(Rinncid a gceathrar agus DOMHNALL ag seinm dóibh. Taréis pais
rinnce exeunt, agus laithreach re-intrant BROCÁN, CÍSTE, BÚNSA
agus MÁINE le n-a sluaghtaibh agus cromaid an ceathrar
ar rinnce, agus duine do'n tsluagh ag seinm dóibh.)



BRAT


L. 37


EXPLANATORY NOTES



M. = Munster; gs. = genitive singular; adj. = adjective; prop. =
properly; cf. = compare.



Page 6. — Teagmhaid Brocán is Ciste le chéile, Brocán and Ciste
meet; sluagh do dhaoinibh maithe beaga 'na dteannta, a host of
little “good people” with them; daoine maithe is taken through-
out as one subs.; 'na dteannta, lit. propping them up, hence, along
with them = 'na bhfochair. Thánga i ndeas, I came from the south.
Nead an Iolair, the Eagle's Nest, a high rock on the shores of the
Killarney Lakes. Mínte réidhe, level moorland plains; here réidhe
is pl. of adj. réidh, smooth, level. Corraigh, marshes, d. pl. poet. of
corrach. Gan staon = gan staonadh, without flinching. Le daonn-
aibh gusmhar, (fighting) with angry mortals; gusmhar, poet, for gus-
mhara. A Bhrocáin oinigh, O hospitable Brocán; oinigh, gs. of oineach,
used as adj. Ráth na gCoinne is a purely imaginary place. Mar
ar b. garda neimhe, where the aërial guard (of the “good people”)
were put to death. Le cleasaibh fíll, by treacherous practice.
Intleacht duine, human trickery. Fonn gach áruis, the delight of
every dwelling. Moille, poet. for moill; im' dháil-se, to meet me
(in a hostile sense). Dé bheatha chúghainn, welcome to us; 'Sé do
bheatha is also used. Gaortha an Chárthainn — there is a place called
Gort an Chárthainn at the foot of the Paps, in Kerry. Géimid, the
“good people” speak here somewhat satirically of birds' singing,
calling it a Géim, a crying or lowing. Is gaoth dá mbogadh, while
the wind is rocking them.



Page 7. — Gluaisid a gceathrar, all four march. Sluagh na
gcuard, the host accustomed to go on circuit. Gluaiseam féin, &c.,
we ourselves set out for the well. Dath na gréine, the colour of the
sunshine. Dríbh, sediment. Éisling, flaw, defect. Fonnmhar,
willing, eager. 'Na thuiltibh, in floods; le chéile, together. Gan
meascadh i n-aonchor, without any mixture. Uisce tinn, &c., water
pain-causing or dearly bought to a human scoundrel; tinn is pron.
teinn in M. Radtar ó, which is hurled from. Fíontach, wine-like;
binn-ghuith = binn-ghotha, of sweet voice. Neartadh = neartuigheadh,
which was re-enforced. Néalaibh = néaltaib caithiseach, lovely;


L. 38


tathacach (also tathaiceach), substantial. Uisce mhillfidh lucht, &c.,
water that will destroy boasters and liars; a hÉirinn, from Ire-
land; a = as, out of. Abaidh-ghlan, pure and ripe. Luighid a gceath-
rar ar rinnce, the four begin to dance. Pas rinnce, a bout of
dancing. Cluintear guth Dhomhnaill ag amhrán, the voice of Domh-
nall singing is heard; ag déanamh fé dhéin, &c., approaching the
well.



Page 8. — Tá daoine éigin chúghainn, some mortals are coming
towards us. Ní hiontaoibh, &c., the human race are not to be trusted.
Teichimís uatha, let us flee from them. Ag cuardach le n-a mhaide,
feeling his way with his stick. Brathaim, I think, fancy. Díreach,
just, exactly. Is maith an cuimhne, &c., I have good reason to remem-
ber them. Fairíor cráidhte, Oh, woe! alas! Is sinn féin fá deara,
&c., we are the cause of our own misfortune; colloq. is sinn féin fé
ndeár, &c. Gan bhrígh, uselessly. Lá an chúnntais, the Day of
Judgment. Draoidheacht, magic or sorcery. Táthar chúghainn, some-
body is coming.



Page 9. — Airiú! Ah! an exclamation of surprise. An bhfuilir i
bhfad annso, are you long here? (more correctly an fada annso
dhuit). Is mise atá (i bhfad annso). B'fhéidir gur tusa Eibhlín,
perhaps you are Eileen; an tú anois, dá ríribh? are you, now, really?
Suas le deich mbliadhna, nearly ten years. Gearra-chaile, a little
girl. Is iomdha cor a chuir an saoghal de ó shoin, many changes
have taken place in the world since; cor, a twist, a bend; b'fhearra
dham = b'fheárr dham, it were better for me. Sin é a ainm, that is
just what he is, lit. that is his name. Rogha na bhfear, the best of
men; rogha = choice; mío-ágh (mío-ádh), misfortune; na fuil treó
is slacht ort? are you not well off and comfortable? Understand,
agat after fheabhas. Leig dam fhéinidh led threo is led shlacht, speak
not of being well off or of comfort to me, lit. leave me alone with
your “being well off and comfort.”



Page 10. — Nach mór, almost. Cad mar gheall air? for what
reason, on account of what? geall. lit. = pledge. Is maith an bhail
ort, ná fuil clann agat, you are blessed in being childless. Ag cur
ort, causing you trouble. Is measa dham Nuala ná, &c., Nuala
causes me more trouble than, etc. Is measa dham, causes me more
trouble; is measa liom, I prefer. Is í cheana, It is indeed. An
teach d'fhaghbháil fút féin, to leave the house entirely to you. Nóchar,
poet. for nuachar, a spouse; ar tí í phósadh, on the point of marrying
her; má fhaghann, &c., if he get my darling it will be a thorn through
the middle of my heart to me. An miste fhiafraighe? is it any harm
to ask? Bothánach, fond of visiting neighbours' cottages.



Page 11. — Snathaire, a contemptuous expression for a man; s.ólac,
a drunken wretch; scraiste, a lazy person; bomaire, a conceited


L. 39


fellow; achrannach, quarrelsome; achmhusánach, abusive; callaire,
a crier; duanaire, a reciter of songs; ná breith aige ar scilling,
and with no means of getting a shilling; gan fonn air aon chrích do
déanamh, with no desire to do profitable work (ag déanamh críche,
doing useful work). Dá mealladh is dá bhfealladh, decoying and
deceiving them; ón tseachtmhain go chéile, from week to week. Cia
hé féin, is dóigh? But who is he? Iontaighthe, turned; duanaireacht,
singing, poetry; d'airigheas trácht ar, I heard of. Folaire, a small
creature, a wretch; mi-chéadfach, vexatious. Do réir gach tuairisce
by all accounts. I mbárach, to-morrow, that is, without delay, on
the spot; fuinte, neat, tidy. Sásta, skilled, accomplished (from
sás, a trap, an engine).



Page 12. — Bhunadhasach, substantial; dathamhail, handsome; cneas-
gheal, fair-complexioned; cumasach, powerful, strong; céim-mhaordha,
of majestic step. Ní théitheann Nuala leis, Nuala does not care
for him, lit. does not warm with him; sladtha, stolen; ráiméis,
rhapsody; rannaire, a rhymer. Cuir ar a leas í, direct her as to
what is best for her to do. Caithfead bheith ag cur díom, I must
depart (understand an bhóthair after cur). Brostuigh ort, hasten;
subháilceac, pleasing. Gabhaim-se orm, I undertake to say (I'll lay
a wager it is some young maiden). Do ghuth cainte, your speech,
voice = do chaint.



Page 13. — Ba mhaith an scéal, it were a good thing, it were well.
Cúis, cause of complaint. Ní thaithnighim lei, I do not please her.
Glanadh amach uaithi, to go away from her, clear out. Ag cur chosca
ar phósadh ort, preventing you from marrying. Greannta, elegant;
córach, well-built, accomplished; agus má tá, but, lit. and if there
is. Síorruidhe = go síorruidhe, perpetually. Ag tafann orm búiste,
&c., do ghlachadh, pressing me to accept a broken, sickly, battered,
senseless wretch whose name is Thomás Breac; ag tafann, lit. bark-
ing; i leith is go, on the ground that. Gabh ar thaobh an óir, side
with the gold. Cnútachán, a miserable fellow.



Page 14. — Is ró-bheag an tsuim a chuirim-se 'na chuid airgid
lobhtha, very little store do I set on his wretched money; suim, heed
regard; lobhtha, lit. rotten. Deallramh, appearance; is fada uaidh
do gheobhtha, you would keep far away from him. Ag cur éithig air,
belying him. Ní héitheach a mhaoidhim, it is not lies I tell; maoidhim,
I tell, relate, also, I boast. Ar deirg-mheisce, mad drunk; ag
ragarnáil, keeping late hours; toirmeasc, mischief. Mar is maith
is eol dó é, as he knows well how (to answer you). Dá mhéid a
chuid filidheachta, notwithstanding all his poetry. Ná bain leis,
have nothing to do with him. Ceithridhe, a wound, a stigma. A
mhalairt sin do chomhairle, quite another advice.



Page 15. — Dá mbeadh fios agat ar, &c., the usual phr. is dá


L. 40


mbeadh (a) fhios agat (governing accus.); dílse, loyalty. Ag
tromuigheacht air, speaking evil of him; gan chúis, gan adhbhar,
without cause or reason. Ní fhulaingeóchad uait a thuilleadh don
chaint sin, I will not tolerate any more of that talk from you.
Chiuinigh, hold your peace. Ag pléidhreacht, disporting themselves.
Cumhacht, power. Eascáirdeas, enmity. Dá dheascaibh sin, on that
account; deascadh, lit. lees, remnant. Gheobhaidh sé a athchuinge, he
will get his request; muna rud é gur, unless; athchuinge ar maithe
leis féin amháin, a selfish request; mío-nádúrtha ill-natured;
iomard, affliction, calamity; láithreach, on the spot. Triall, a trial
(prop. triail, Eng. trial); triall a bhaint as smuaintibh croidhe na
beirte seo atá dod thochmairc, to make trial of the inner thoughts
of this pair of suitors. Caoi, an opportunity.



Page 16. — Ní'l aon mhearbhail (mhearbhall) orm 'na dtaobh, I
am in no doubt as regards them. A gcroidhe-smuainte, their inner
thoughts. Lonnrach, bright, replendent; dólás, affliction. Le
seachtmhain, for the past week; do réidhteach, to solve. Níor shos
dam acht ag cuimhneamh, &c., I did not the less continue to think, etc.
Ba mhaith sin uait, thou didst well, lit. that was good of you; gan
tusa a bhach, besides you. I gcomnuidhe, always. Is fada ó bhaile
atá do cháil ag rith ar uaisleacht, &c., thy fame for nobleness, etc.,
has travelled far (from home). Staidéar, sobriety. Cibé pingnidhe
bhí agam, whatever pennies I had.



Page 17. — Ná bac anois é, never mind it now. Gur a fada, agus c.
= gur bha fada, &c., be it a long time; spreallairín an ghorta, a
miserly wretch. Léir-chuimhneamh, act of thinking intensely. Bhíos …
le seachtmhain, more strictly, táim … le s.; a chuid do'n tsaoghal, my
share of the world's goods, a term of endearment. 'Seadh, comhairimh
leat, very good, count on, i.e., continue to enumerate my good
qualities; ní gearánta ort mar chléireach, you'd make a tolerably
good clerk; ní gearánta ort, lit. one need not complain of you;
gearánta is a participle of necessity, from gearánaim, I complain of.
Neamh-thruaghmhéil, want of pity. Agus gan preab im anam acht id
chomhair-se, seeing that there is no throb in my soul but for thee;
note the use of agus; a mhúirnínidhe, my darlings, a term of endear-
ment; dá ríribh really, truly; fáidh ná saoi dá fheabhas, a philo-
sopher or seer however good; cur síos ar, to describe. Do Nuala
do ghluaiseann, for Nuala it (my blood) flows. Léir-mhachtnamh, con-
templation. Éacht, a great deed, a wonder, a portent.



Page 18. — Íomhaigh, an image. I leath-taobh, aside. I dtráth, in
time. Mío-ághmharach (mío-adhmharach) luckless: agus saothar air,
panting from exertion; saothar means labour, exertion, hence, the
panting or rapid breathing caused by exertion. Luigh mo shúil ort,
my eye rested on you, I beheld you. Agus mé deighilte, &c., seeing
that I am separated, etc. Ó scaras leat, since I parted from you;


L. 41


Níor dhún súil liom, I did not close an eye, lit. an eye of mine did
not close; acht ag cuimhneamh; understand mé after acht. 'N-ar
gcomhluadar, in our company. Á mhic ó, my good friend. Is ortha
nach miste deagh-amhráin do thabhairt, they may well be called good
songs, lit. it is they that it is no harm to give the name of good songs
to; leis, moreover.



Page 19. — Go beacht, accurately; go mbuanuighidh Dia thú, may
God give you long life. Ná suidhfeá? will you not sit down?
Raidhse, abundance. Déan, mar a dhéanfadh buachaill maith, in
Anglo-Irish, do, like a good boy; ar aon tslighidh, anyhow. Tá
Tomás ró-aireach ar féin (the phrase is pronounced with the em-
phasis on aireach), Thomas is too careful of himself. Gach nídh a
bhaineann leis, everything belonging to him. Bheith leis, to urge him;
ceapuighthe, planned, composed.



Page 20. — Caraideamhail, friendly; acht bheith amhlaidh leo, pro-
vided we are the same (i.e., friendly, etc.), towards them. Siúd ar
na sléibhtibh sinn, off we go on the mountains. Aiteas, pleasure.
Ag gaothaibh fáin, by wandering winds. Fuirse, rustling. Ceo-
bhruid, dark trouble; péin, poet. for pian, pain. Á dtál = dá dtál,
being poured out, said of déara, and only by attraction applicable to
osna. I bhfochair a chéile, altogether = i n-éinfheacht, of next line.
Le cumas, &c., le, here = having regard to, on account of. Máchail,
a hurt, an injury (Lat. macula, a stain). Tré réidhte, tré mhongaibh
is caol-chnuic, through level moors, through coarse plains and grace-
ful hills. 'N ar bhfuirinn, &c., we proceed, formed into a pretty
aërial band. Ná beartadh, &c., let not the dire-insulting sinister
human tribe imagine, etc. Is gur leagamar,, seeing that we knocked
down. Gan gaethibh lámhaighthe, without shooting arrows.



Page 21. — Girrfhiadh, a hare. Fial-teach, a couch (as of a hare).
Ní sos damh-sa é, I will go after him as well, lit. that is not a rest
for me. Cad do chongaibh ó mhaidin thú? what kept you all day (lit.
since morning)? Cad do chongaibh streo ort? what caused you to
loiter? I gceann tamaill, alter a while; go bhfuilir ró-dhian ar
Sheaghán, that you are too severe on John. Mianach, stuff, character.
Cad d'imthigh ort? what has befallen you? 'Sin é, ghabh, &c., now that
is it, John passed by and his flattery overcame your sense. Crádh-
chroidheach, heart-teasing.



Page 22. — Atá ar gealtaigh i ndiaidh an scaothaire mhío-ághmharaigh
úd, who is “madly in love with that unfortunate boasting fellow,
Anglo-Irish, who is mad after that fellow,” etc. Sleamhain-shálach,
of slippery heels. Fúnachtaidhe, a mean fellow; fochmach, scornful;
beaduidhe, fond of dainties; amhus, a wild, ungovernable fellow; ag
pléidhe leat, dealing with you. Ag cur éiclips ar do shúilibh (who
is) blindfolding your eyes; maslaitheach, insulting, mío-iomchair (gs.


L. 42


as adj.), ill-mannered; it sometimes has a much stronger meaning:
oll-mhaitheasach, prosperous. Ag tabhairt taoibh leis, depending
solely on him, as if there were none but he in the whole world: for
ag tabhairt taoibh, i dtor-taoibh is also used, trusting to, having
but; taobh = confidence, trust. Idir mhuir is grian, in all the uni-
verse, lit. between sea and sun. Gan seoladh slighe ionnat, without
your being able even to direct one on his journey. Ná cráidh, do
not tease.



Page 23. — I gceart, thoroughly. An cheist do réidhteach eadraibh,
to settle the matter between you. Níor chás duit, you could, I am
sure! (ironically, meaning you could not; this use of cás is not
universal in M. Is amhlaidh, &c., you will only entangle us all the
more. Achrann, dispute, entanglement, contest. Do buaileadh le
daille mé, I was struck blind. Is agam-sa atá a fhios sain go
cruinn, it is I know that well. Tomáin leat, go on with your
undertaking. Bailigh-si leat, get thee gone; bailigh, imper. 2nd per.
of bailighim, lit. I collect, I gather (myself away). Is beag dá mhear-
bhail orm, I have little doubt on the point. An-shásta, very pleased.



Page 24. — Fág-se fúm-sa é, do you leave the matter in my hands.
Ag troid le chéile, understand is iad before ag troid. Ní airighim
girrfhiadh, not to speak of a hare (perhaps the word should be ní
áirmhighim, I do not mention). Marbh tnáidhte, (we are) dead tired;
tnáidhte, exhausted, spent out. Seo libh anois, begin at it now,
set about it. Gainneacht, scarcity, i.e., make a generous request.
An dá ríribh a taoi? are you serious? Dá gcuirfinn romham é, if I
were to resolve to do it, if I were to put it before me. Ní haon uair
amháin do thárla, &c., it is not once alone a prodigy like that took
place here; saghas, kind or sort.



Page 25. — I bhfeighil an uisce seo, guarding this water. Ar ball,
by and bye; athchuingim, I make request; to mbeidh sé feasta agam;
sé here refers to sparán, in next line; fuaighte, ceartuighthe, sewn
and adjusted. Go fuidheach, greedily. Dá bhualadh le balbhacht,
striking him dumb. Fonnachtuidhe = fúnachtaidhe. Gréithre, gifts,
toys; beidh na greithre seo chughath, you will get these gifts, of
course! (ironically).



Page 26. — Ós árd, aloud. Ní fhéadfadh file níos mo d'fhuineadh
ionnta, a poet could not work more into them (i.e., into the words);
fuineadh = to knead, hence, to work up matter as into a poem.
Sciobadh, snatching. Iarracht, an attempt; it is your turn now to
try; suairceas, pleasure; suas le m' ghualainn, at my side, lit.
close up to my shoulder.



Page 27. — Clab, a month. Fágfad scriosta na cnámha agat,
I will peel the flesh off your bones; more lit. I will leave your bones
robbed or peeled. Scaimh, a wry mouth; féach an scaimh sin, &c., see


L. 43


the face he makes. D'fhonn, in order to, for the sake of. Briot-
aireacht, stammering; i bpéin do ghortuighthe, or, if not, I will hurt
you, more lit., under the penalty of your being hurt. Raispín áir,
a miserable wretch; áir, gs. of ár, slaughter, used as adj.; cníopaire,
a mean fellow; ruidín súigh, a sooty little creature. Ag gabháil dá
chéile dhóibh, while they are beating one another. Spadalach, a
heavy, inert person. Raispín na croiche, a gallows wretch; buidh-
eanach, darling; properly maoineach.



Page 28. — Dírigheann Eibhlín ar Sheaghán, Eileen begins to scold
John. A ablaigh ghránna, thou ugly carcass; suas ar do láimh-se,
stay your hand, do not strike. Íde, fate, hence, state, condition, esp.
bad state or condition; leannán, a darling; go dtirimeóchad an
fhuil, that I may wipe away the blood. Cad do bhain duit agus,
&c., what came over you that you, etc.; connartach, a rawbones.
Dul chum clampair, to quarrel. A laogh mo chroidhe, child of my
heart. Laogh = a calf. I riochtaibh an bháis, in the throes of death.
Ag leathadh air, failing him. Leathadh leitheoige air, &c., may he
and his speech become famished with cold like a flounder (a kind
of fish); táim leathta leis an bhfuacht, I am famished with cold, is
a common phrase in M. Cad chuige? why? Gan urlabhra, speech-
less.



Page 29. — Ná beadh beann aige ar ór, and that he would not set
store on gold. Fóghnamh a chluas should read fóghnamh a theangan, the
use of his tongue. Straoile bróin, sad vagrant; gan treabh ná
treo aige, while he is without home or means of livelihood (under-
stand bheathadh after treo); dronn is comhartha air, his back stooped
and a stigma upon him; dronn is a bending of the back, a stoop.



Page 30. — Spré-chnuic, dowry; ag iarraid déarca, begging; is
feárr sain féinidh, &c., even that is better than to put up with a
churl without grace or understanding; rud gan áireamh, something
not worth mentioning; lán-chnoc, a great hill.



Page 31. — Nó is duit is measa, or, if you do, you will suffer for
it, more lit., or it will be worse for you; ní beag dó mo mháthair
chuige, it is enough for him that my mother scolds him. Ag casadh
asmhucháin liom, calling me abusive names; 'ón Ráth go Cúil na
hAbhann, these are general names, and do not refer to any particular
places. Ag dian-phreabadh, beating violently. Páirc na giolcaighe,
the field of the broom: there is a field in Sliabh Luachra actually so
named.



Page 32. — Ní raibh do rian ná do thuairisc ann, there was no
track or trace of you there; ar sodar, in a trot; an Garaidhe
Dearg, the red (potato) garden, an actual name of a field in
Sliabh Luachra; muna mithid duit sin, indeed it was high time for
you (to give it), more lit., if it was not time for you (with a phrase


L. 44


understood, like I don't know what to say). D'fhág sé míle púnt le
huadhacht agam, he left me a thousand pounds in his will, cf., fágaim
le huadhacht, I declare solemnly (I bequeath by will).



Page 33. — Anacrach means niggardly here, it generally means
awkward; greannmhar, strange. Ní cháinfead thú, I will not run
you down. Go mairidh sibh a chéile, may each of you live as long as
the other.



Page 34. — B'fhéidir … go ngeobhadh sé liom, perhaps he would
take up with me. Tabhrann iarracht ar labhairt, endeavours to
speak.



Page 35. — Is maith an áit go rabhas, you have just hit it off, well
said. Cásamh, regret, fretting. Is maith sin uait, you have acted
well in this. Buidheachas, thanks. Is mise a chlaoidhfidh léi, I will
indeed be content to abide with her.



Page 36. — Is cneasta truaighmhéileach iad acht bheith cneasta leo,
they are gentle and merciful, provided one is gentle towards them;
tnúth envy.



CORRIGENDA.



Page 8, line 7 — For ó read as.



Page 9, line 2 — For an bhfuilir i bhfad annso, better read, an fada
annso dhuit, to which the reply would be, Ochón, ó, mhaise, is
fada.



Page 10, line 6 — For na read ná.



Page 18, line 20 — For cad a dhéarfainn read cad a déarfainn.



Page 20, line 10 — For bhrón-dubh read brón dubh.



Page 24, line 10 — For ó 'm read ó m'.



Page 24, line 10 — For NUALA read TOMÁS.



Page 29, line 16 — For cluas read theangan.



Page 34, line 15 — For bh'fhéidir read b'fhéidir.



PRINTED BY SEALY, BRYERS AND WALKER, DUBLIN.