An Gioblachán - Finnsgéal Nuadh-Dhéanta

Connradh na Gaedhilge (1903)

Tomás Ó hAodha



An Gioblachán
Finnsgéal Nuadh-Dhéanta.



Tomás O hAodha
do sgríobh.



<Fil.>
"Dam is dleacht a leacht do líonadh,
Dam is eol a sceol do scaoileadh,
Dam is dual a ruaig do ríomhadh,
Ó's dam is cóir a ghlóir do chaoineadh."
- Céitinn



<Prós>
Ar n-a chur amach
do
Chonnradh na Gaedhilge
i mBaile Átha Cliath.



1903.



Rudaí is incheartuighthe.



Cló-dhearmad. Ceartugadh.



L. 7, T. 24. nór, nós
L. 7. T. 28. cor, cos
L. 20, T. 12. leithid, leithead
L. 23, T. 3. b'shéidir, b'fhéidir
L. 27, T. 1. Ní'lis, Ní'lir
L. 28, T. 11. sliseog, tsliseog
L. 31, T. 26. méarecha, méaracha
L. 32, T. t. fhaidh, fhaid
L. 43, T. 22. mar a'dh, mara 'dh
L. 46, T. y. traoghail, tsaoghail
L. 56, T. u. séin, féin
L. 70, T. 5. d'fhéadfad, d'fhéadfadh
L. 87, T. 12. déanfad, déanfadh
L. 89, T. 5. haisgairidhe, hiasgairidhe



Gheobhthar an síneadh fada (´) & an ghoin ('),
amugha uaireanta & uaireanta eile ar lár, mar sh.,
"amách," "docha," "bhith", "d'fagháil" i n-ionad
amach, dócha, bith, d'fhagháil.


L. 2


B'in é an duine do sheol Dia chugam.
(Leathanach 11.)


L. 3


AN GIOBLACHÁN.



AN CHÉAD ROINN.
RÉAMHRÁDH.



Seo tuilleadh do bhí le litir do fuaras ó'n dtaobh
eile de'n domhan an lá fá dheireadh:-



"Tá sé chomh fada soin anois o thuit an sgéal úd amach ná
déanfaid sé díoghbháil ar bith d'éinne é do chur i gcló. Bíodh
cead lán-chroidheamhail agat ó Eibhlín agus uaim féin éan-rud
is maith leat do dhéanamh leis; acht seachain agus ná cuir
amach i mBéarla é agus ná leig an oiread is éan-fhocal amháin
Béarla isteach ann.



"An Gioblachán."



'Seadh, a léightheóirí, ó tá cead agam anois an
sgéal so d' innsint dhíbh, tosnóchadh le fonn air gan
mhoill.



Ins an mbliadhain 18- bhí mise, Conchobhar Ó Brian,
ag caitheamh na Nodlag sa Chathair i gContae an
Chláir.



Bhí an aimsir go han-chruaidh, mar bhí sioc agus
sneachta ann ó sheachtmhain roimh lá Nodlag go ceann
coigthighse nó trí seachtmhaine 'n-a dhiaidh sin.



Bhí an tír ar fad fá sneachta agus ba bhreagh deas
an radharc é gan amhras. Do thaithn sé go mór liom-sa
tar éis teacht a bhaile dham ó Bhaile Átha Cliath, mar
bhíos óg an uair sin agus shaoileas ná beadh sé 'na
Nodlaig i n-éan-chor gan sioc agus sneachta do bheith
ann.



'Seadh, aimsir an-bhreagh do b'eadh í do'n té do
bheadh óg láidir agus ná beadh ceal bídh ná teineadh
ná éadaigh air; acht do'n té ná raibh siad so aige,
agus do bhí ag marachtáil ó'n láimh go dtí an béal, go
bhfóiridh Dia orainn, b'aimsir an-mhíoshólásach agus
an-dhealbh í.



Pé ar domhan é, b'ait an saoghal do bhí ann an fhaid
do bhí an sneachta againn. Gach éan-tráthnóna d'
iompuigheadh na buachaillí go léir amach idir óg agus


L. 4


críonna, agus cuid de na cailíníbh i n-éin-dtigh leo,
ag caitheamh liathróidí sneachta le n-a chéile agus ag
imirt gach cleasa eile a d'éireochadh 'na gceann; agus,
nuair bhíodh siad tuirseach de na gnóthaíbh seo, choinneó'dh
siad an pota ar fhiuchadh ar feadh tamaill eile ag
sleamhnughadh ar an leac-oidhre.



Cuimhnighim go maith ar an sult do bhíodh againn ar
an leac-oidhre - slán iomlán leis an am soin. Nuair
do thuiteadh ceann de na buachaillíbh thagadh an chuid
eile aca anuas de phlap air in éan-charb amháin agus
is annsoin d'éireóchadh an gáire agus an gleo.



Is iomdha carb mar sin a rabhas féin ann agus chím
anois ós cómhair mo shúl na garsúin ar mhullach a chéile
ag únfairt agus ag leapadáil ar an leac-oidhre agus
ag sgartghail go meidhreach gan éan-rud fá'n spéir ag
tabhairt trioblóide dhóibh -



<Fil>
"Caidé an uair a ndéanamaoid sult ná pléisiúr,
Mara ndéanamaoid i dtús ár n-óige é;
Agus ná buaileadh smúit ná galar dubhach sinn,
Go ndéanamaoid súgradh ár ndóthain."



<Prós>
AN CHÉAD CHUID.
Ins an bhfásach.



Bhí fonn spóirt orm-sa an uair sin agus bhí an-dhúil
agam i gcomhnuidhe i lámhach, cé ná raibh taithighe mhór
agam riamh ar armaibh; acht, ar a shon soin féin,
d'fhéadfainn rud níos lúgha ná cruach fhéir do thabhairt
anuas dá mbuailfeadh sé trasna orm.



Lá nó dhó tar éis na Nodlag fuaras iasacht ghunna
ó dhuine mhuinteardha dham agus bhuaileas amach fá'n
dtuaith agus fuadar mór fúm ag féachaint an gcas-
faidhe éin-nídh orm go gcaithfinn urchar leis.



Thugas m'aghaidh soir ar Shliabh Calláin agus d'éirigh
liom go hana-mhaith mar do mharbhuigheas plibín agus
creabhar agus girrfhiadh.


L. 5


Is iomdha carb mar sin a rabhas féin ann.


L. 6


Bhíos ag leanamhaint riain girrfhiaidh eile timcheall
le cúig míle ó bhaile agus an tráthnóna ag teacht orm
nuair thosnuigh sé ag cur sneachta arís.



Tháinig an sneachta anuas i mbrúcht mhóir go hobann
agus go tiugh, agus dubhras liom féin go raibh sé i
n-am dam an tóruigheacht do chaitheamh suas agus m'
aghaidh do thabhairt ar an gCathair agus an bóthar do
chur díom go tapaidh.



B'fhuruisde é sin do rádh acht ba dheacair é dhéanamh.
Níor chuimhnigheas orm féin i n-éan-chor an fhaid do
bhíos ag leanamhaint an ghirrfiaidh agus nuair thosnuigh
an sneachta bhíos istigh i gceart-lár fhásaigh fhiadhain
uaignigh i n-áit ná raibh duine beó le feiscint ann, ná
teach ná bothán i ngaorduigheacht* míle dham.



Ní misde a rádh acht go rabhas cráidhte agus sear-
bhasach go leór nuair do fuaras mé féin 'san gcruaidh-
chás so. Bhí gach uile chomhartha air go mbeadh sneachta
trom ann agus chuireas an gunna ar mo ghualainn
agus ghreadas liom amach tríd an bhfásach go dtí an
bóthar.



Dheineas deabhadh mór agus bhíos ag treasgairt go
dian tríd an sneachta chomh maith is b'fhéidir liom;
acht do baineadh tuisle asam uair no dhó agus b'éigin
dam aire mhaith do thabhairt do gach éan-choiscéim dár
shiubhlas 'na dhiaidh sin.



Bhí an sneachta ag teacht anuas i n-a shreathannaibh
anois ar nós nár fhéadas rud ar bith d'fheiscint taobh
amuigh de chúpla chéad slat uaim. Bhíos nách mór
caoch ó'n sneachta agus lag leis an ocras agus bhí
fuairnimh ag teacht ar mo lámhaibh.



Níor chuadhas ró-fhada gur bhuail sé isteach im'
aigneadh ná béadh sé i gcumus dam dul a bhaile an
oidhche sin i n-éan-chor agus do b'fhearr dham fanacht
ag teach duine mhuinteardha do bhí timcheall míle go
leith uaim. Ar an am chéadna do chuimhnigheas ar na
sgéalta do chualas go minic i dtaobh an "Fhéir
Ghortaigh" agus bhí eagla an domhain im' chroidhe istigh



* i ngoireacht.


L. 7


go mbuailfeadh sé orm agus go bhfuighinn bás ins an
sneachta leis an bhfuacht agus an ocras.



Siar do bhíos ag gabháil nuair d'éirigh sé seo im'
aigneadh, agus lom-láithreach d'iompuigheas, mar do
shaoileas, soir ó dheas go dtí an áit 'na raibh mo
dhuine muinteardha 'na chomhnuidhe.



Níos doimhne 'san gcontabhairt is eadh do bhíos ag
gabháil.



Ní raibh ceathramha mhíle siubhalta agam tríd na
tortógaibh agus na tulánaibh ar an mbealach nuadh do
cheapas amach dham féin nuair do chuadhas síos go dtí
sna crománaibh i sgrath-mhuing. Ní cáll dam a rádh
go rabhas fliuch, báidhte, agus millte leis an salachar
nuair do thángas amach as an slogaire seo agus chun
an sgéil do dhéanamh níos measa do thosnuigheas ar
chritheadh leis an bhfuacht ó bhonn go bathas. Uch, nuair
chuimhnighim air, ritheann crith síos trí lár mo dhroma;
acht do thiomáineas liom go teann dána, cé go raibh
mo chuid fiacal ag cnagadh ar a chéile, ag brath gach
éan-nóimint go bhfeicfinn teach nó bothán gairid dam.



Bhíos ag gabháil síos le fán i n-áit an-gharbh nuair
baineadh tuisle eile asam agus thuiteas arís. D'iom-
puigh mo chos dheis fúm agus leis an gcor do tugadh
dho chuaidh an phian isteach trém' chroidhe ar nór gur
leigeas sgread asam do chloisfeá leath-mhíle ó bhaile.



"Anois nó riamh," arsa mise, "táim caillte ar
fad," mar do bhí 'fhios agam go raibh an chos gortuighthe.



D'éirgheas agus thugas iarracht ar an chor do chur
fúm acht ní raibh éan-mhaith ann. Dá bhfaighinn talamh
na hÉireann gan chíos gan cháin, ní fhéadfainn éan-
choiscéim amháin do shiubhal léi.



D'fhanas ar feadh tamaill im' chrúnca 'san sneachta
ag féachaint timcheall orm agus ag machtnamh cad do
ghéanainn. Bhí mo mheabhair nach mór caillte agam
mar gheall ar an anachain do thuit orm, agus is
iongantach liom anuas go dtí an lá so nár thuiteas
i bhfanntaisne; acht bhí an óige agam agus rud níos
fearr, b'fhéidir, croidhe láidir.


L. 8


Bhí sgailp i dtaobh cnocáinín tamall gearr uaim
agus sgarta mór aitinn ag fás taobh thuas de ag
déanam rud beag fosgtha dho. Dheineas maide croise
de'n ghunna agus le hobair mhóir chuadhas faoi.



Fuaras an áit tirm glan san uamhchais bhig fá'n
sgailp, agus chaitheas amach an luach saothair do bhí
agam im' mhála, ar nós go ndéanfainn suidheachán de;
agus bhuaileas mo dhruim leis an gcarraig taobh thiar
díom.



Bhí an phian ag méadughadh im' chois agus bhíos ag
éirghe níos laige gach uile nóimint, acht do ghlaodhas
chugam mo chuid meisnigh agus dubhras liom féin:-



"Is giorra cabhair Dé ná an doras. Bh'fhéidir go
bhfuil teach éicint an-ghairid dam anois, agus má tá,
tabharfad fógradh do mhuintir an tighe.



'Sé an chéad rud do dheineas acht dó no trí de
urcharaibh do chaitheamh i ndiaidh a chéile as an ngunna,
agus is ar éigin do bhí sé ar mo chumas na piléir do
chur isteach, mar ná raibh éin-bhrígh im' mhéaraibh.
Annsoin chuireas liúgh árd-ghlórach agus liúgh agus liúgh
eile asam agus mar sin de nó go raibh na hanála
caillte agam.



Chuireas cluas orm fhéin ag féachaint an raibh éinne
ag téacht fám' dhéin. Níor tháinig freagra ar bith acht
an méid do chuir an mac-alla ar ais chugam, cé gur
minic do thógfainn an leabhar air gur airigheas cois-
céimeanna ag treabhadh tríd an sneachta agus
guthanna daoine i bhfad uaim.



Líonas an gunna arís agus arís agus chaitheas urchar
i ndiaidh urchair nó go raibh na bairillí te. Stadas
tamall ag éisteacht go haireach acht níor tháinig éin-
fhreagra ná éan-chabhair. Chuireas mo mhéaracha im'
bhéal agus bhíos ag feadghail go géar agus go hárd
go raibh mo cheann éadtrom.



Ní tháinig éinne dom' shaoradh.



Chaitheas dreas eile ag lámhach, ag liúirigh agus ag
feadghail, acht ba bheag an mhaitheas dam é.



Bhí an sneachta ag tuitim i gcomhnuidhe agus an


L. 9


tráthnóna ag dorchughadh agus bhí 'fhios agam go maith,
mara bhfuighinn cabhair sul a dtuitfeadh an oidhche, ná
raibh éan-ghnó agam bheith ag brath air i n-éan-chor.



Bhíos míoshuaimhneach agus míoshólásach; bhíos go han-
uaigneach; bhí mo mhuinighin agus mo mheisneach ag
laghdughadh; bhíos fuar marbh; acht ní bheadh an sgéal
chomh dona soin mara'dh an fliuchadh do fuaras ins an
sgrath-mhuing, agus cad é an díoghbháil dá mbeadh
greim le n-ithe agam?



Is iomdha rud do rith trém' cheann an fhaid do bhíos
im' mhairtíneach fá'n sgailp; acht nuair chuimhnigheas
ar mo mháthair agus ar mo mhuíntir ag baile agus an
chaoi in a mbeidís dá bhfuighinn bás ins an sneachta
gan rian ná tásg ná tuairisg orm, do phreabas suas
agus thugas iarracht mí-éifeachtach eile chun mé féin
do shaoradh; acht do thuiteas siar arís go faon lag.
Ní raibh neart ná brígh im' bhallaibh om' cheathramhnaibh
síos ó'n bhfuacht.



Chuadhas ar aghaidh nach mór céad slat ag lapadáil
ar mo cheithre chrúbaibh acht do chonnacas, dá raghainn
níos sia ar an gcuma soin, go mbeadh deireadh liom ar
fad gan mhoill. Do fhilleas arís go dtí an uamhchais
agus bhíos go han-bhuidheach go raibh sé chomh gairid
sin dam.



Fá dheireadh thiar thall bhíos chomh sáruighthe agus chomh
cráidhthe sin, agus gan éan-tsúil agam go bhfágfainn
an áit beó go bráth, gur chromas ar ghol. Deirthear
nach comhartha fearamhlachta é sin; acht i n-éinfeacht le
gach uile butún agus mí-ádh do bhí orm do rith smut
de shean-amhrán isteach im' cheann agus, dá bhfuighinn
ór na cruinne, ní fhéadfainn na deóra do choinneáil
siar. Shaoilfeá gurb orm féin do cheapadh an
t-amhrán -



<Fil.>
Ní cois leasa ná trínse, claidhe, díge, ná sgarta,
Ná ar thóin a' phuill chíortha ba chuibhe liom bheith caithte;
Acht i bhfochair mo cháirdibh go bhfuighinn árus gach am,
I gCill na gClochán, agus bhát ós mo cheann.


L. 10


Fá'n Sgailp.


L. 11


<Prós>
Do ghoileas dreas maith agus, nuair do thiormuigheas
mo shúile, bhíos rud beag níos fearr agus níos sásta,
mar bhí ualach trom tógtha dem' chroidhe; acht, ar a shon
soin féin, bhíos deimhneach nách bhfágfainn an áit beó.



Bhí mo lámha ag tuitim díom, bhíodar chomh fuar
marbh soin, agus chun iad do chlúdadh ó'n bhfuacht do
sháitheas isteach im' phócaibh iad. Fuaras mo phíopa i
gceann aca; agus is iongantach an rud é, cé go raibh
dúil an-mhór agam i ngail tobac, nár chuimhnigheas air
an fhaid do bhíos fá'n sgailp.



Tharruingeas amach an píopa chun gaile do chaitheamh
agus nuair bhí sé dearg agam, do chaitheas uaim an
mhaiste agus thuit sí ar dhoirnín cúnaigh thirm bhí i
n-aice dham. Ghlac an cúnach teine ar an nóimint
agus lom-láithreach rith smuainte isteach im' aigneadh.



"'Seadh, ar m' anam," arsa mise, "'sé Dia féin do
chuir im' cheann mo phíopa do dheargadh."



Leis sin do bhailigheas suas an méid raithnighe agus
cúnaigh agus brosna b'fhéidir liom a fhagháil timcheall
orm san uamhchais agus ba bheag é. Bhuaileas na
tortha agus na driseóga ag éadain na huamhchaise rud
beag uaim leis an ngunna chun an sneachta do bhaint
díobh. Chuireas an brosna fútha agus thugas teine dho
lé maiste.



Bhí eagla orm ná glacfadh sé teine i n-éan-chor,
acht sul a raibh am agam "Buidheachas mór le Dia"
do rádh bhí gladhrach breagh ag éirghe suas go soillseach.
D' éirigh mo chroidhe i n-éin-dtigh leis agus bhíos i
bhfad níos meisneamhla nuair do chonnacas na lasracha
mar bhí dóchas láidir agam go bhfeicfeadh duine
éicint iad.



Chaitheas a dó nó a trí de urcharaibh agus 'na dhiaidh
sin bhíos ag feadghail agus ag liúirigh gur tháinig
ceóchán im' sgornaigh.



Ní raibh agam anois acht dá philéar eile.



D'éisteas go haireach ar feadh tamaill mhaith acht
níor airgheas giob acht amháin mo chroidhe ag preabadh
im' chliathán.


L. 12


D' éirigh an teine go breagh ar dtús acht thuit sí
mar an bpriompallán agus bhí sí nach mór múchtha agus
gan éan-mhaith dham innti.



Chaitheas urchar eile agus bhíos chomh cortha lag
tnáithte siocaighthe sin gur ar éigin bhí neart mo
dhóchaint agam chun an gunna do chur lem' ghualainn.



Tháinig dúdán im' cheann. D'éirigh ceól im' chluasaibh.
Bhí mó mhuinighin caillte ar fad agam mar do shaoileas
go raibh mo ghnó déanta. Beidh cuimhne agam ar an
dtráthnóna úd an dá lá is an fhaid do mhairfead.
Thosnuigheas ar phaidireóracht acht do chuimhnuigheas go
raibh piléar eile agam. Chaitheas é.



"Mara mbeireann sé sin congnamh dham," arsa
mise, "tá deireadh liom, agus, nuair ná fuil éinne
ag teacht dhom' shaoradh, go bhfuasglaidh Dia ar m'
anam."



AN DARA CUID.
An Gioblachán.



"Cad é an diabhal gleó atá annso agaibh nó cia tá
ann?" arsa guth garbh borb taobh thuas díom.



Phreab mo chroidhe agus is iongantach nár chuadhas i
laige le háthas.



"Is mise Conchobhar O Briain. Tar anuas chugham,
ar son Dé, táim leath-mharbh."



Tháinig an té ar leis an guth garbh anuas ó mhullach
an chnocáin agus do sheas sé amach ós mo chomhair.



"Buidheachas mór le Dia," arsa mise, "do bheinn
marbh mara'dh gur thángais-se. 'Sé Dia féin do sheol
tú ar an mbealach so."



Ní dubhairt sé 'seadh ná ní headh acht d'fhéach sé orm
go géar ar feadh tamaill.



Gioblachán mór fiadhain féasógach do bhí ann
clúduighthe i sean-bhalcaisíbh ó bhathas a chinn go bonn a
choise. D'fhéach sé ós cionn sé troighthe ar aoirde,
agus bhí cuma an-mhillteach air. Ní fhaca éinne riamh


L. 13


éan-duine chomh haisdeach leis agus mara'dh go raibh
mo dhóthaint eagla orm-sa go bhfuighinn bás fá'n sgailp,
ní dhéarfainn ná beidhinn ag critheadh le faitcheas
roimhe.



Bhí liab ar a leath-shúil aige agus sean-cháibín
tarruinghthe anuas ar a éadan; sean-chóta bréide air
deisighthe ar nós nách bhféadfadh éinne an téadach do
bhí ann an chéad lá do dhéanamh amach agus é dúnta
suas go dtí n-a sgórnach; carabhat dearg casta fá
n-a mhuinéal aige; bríste córdailiúir deisighthe mar
an gcóta agus córdaí timcheall ar a luirgnibh fá n-a
ghlúnaibh; crios leathair casta ar a chaol aige agus
sgian sáithte ann agus cúpla máilíní ar crochadh dhe;
mála eile ceangailte ar a dhruim aige; smístín i n-a
láimh a mhairbheóchadh tarbh le h-éan-bhuille amháin; agus
chun aisdeacht na geilte seo do mhéadughadh bhí an
sneachta ceangailte i mámaibh d'á chuid ceirteacha
annso agus annsúd.



B'in é an duine do sheól Dia chugham chun mo thabhairt
as mo ghéar-bhruid.



Tar éis lán a shúl do thógaint díom - agus bhí an
tsúil sin ag dóghadh mar smeachaide dearg fá n'a
cháibín - dúbhairt sé go borb:-



"Cá bhfuil an chuid eile?"



"An raibh daoine eile ag teacht fám' dhéin?" arsa
mise.



"Deamhan a bhfuil d'á fhios agam," ar seisean,
"acht cá bhfuil na daoine do bhí i n-éin-dtigh leatsa
annso?"



"Cad do chuir é sin id' cheann? Ní raibh éinne i
n-éan-chor annso acht mé féin," arsa mise.



"Is éachtach an 'cárábó' do bhí annso go háirithe,
ar seisean; "do shaoileas féin go raibh éirghe amach
imeasg na ndaoine, agus go raibh cath trom d'á bhualadh
aca" - agus leig sé sgairt gháire as mar do leigfeadh
pleidhce bocht díchéillidhe do bheadh leath-éadtrom i
n-a cheann.



"Is amadán é seo, is baoghalach," arsa mise liom


L. 14


féin, "agus tá faitcheas orm ná tiubhraidh sé iomarca
fóirthin dam."



"Cad d' éirigh dhuit," ar seisean, "nó cia'n chiall ar
chuiris an sliabh tré theinidh."



"Táim gortuighthe," arsa mise: "Thuiteas thall
annsoin ó chianaibh; agus tá mo chos briste, is dóigh
liom."



"Ó, go bhfóiridh Dia ort;" ar seisean, agus tháinig
atharrughadh mór 'na ghlór.



"Tá croidhe bog ag an gcúmrachán so," arsa mise
im' aigneadh féin, nuair chonnachas gur ghlac sé truagh
dham.



Chaith sé an mála agus an baitín uaidh agus chuaidh
sé ar a ghlúnaibh.



"Cia aca?" ar seisean agus sguab sé amach an
sgian.



"An chos deas agus seachain agus ná gortuigh í;
tá pian mhillteach innte cheana."



"Nídh nach iongantach! An fada annso tu?"



"Suas le dhá uair an chluig."



"Is miorbhuileach ná fuil tú básuighthe; acht ní
bheidhir ró-fhada annso anois."



Thóg sé an chos tinn go bog agus go réidh agus
ghearr sé an iall. Do bhain sé an bhróg agus an stoca
dhi agus dhein sé mion-sgrúdadh géar uirri.



"Tá sí attha go mór," ar seisean, "acht ní'l sí
briste; tá altán beag curtha amach; sin a bhfuil uirri;
ní'l oiread na frighde ann."



Bhí an chos ar a ghlúnaibh aige, leag sé a dhá órdóig
ar an altán agus chuir sé a mhéaracha timcheall na coise.



"Fan go socair anois go fóill," ar seisean, "agus
ná géill dam," agus d'éirigh sé 'na sheasamh. Tharraing
sé an chos chuige agus do choinnigh mise 'na choinne.



"Leónadh annso," ar sé.



"Ní'l ann acht gortughadh," arsa mise.



"Leónadh annso."



"Ní'l ann acht gortugadh."



"Léónadh annso."


L. 15


"Ní'l ann acht gortughadh."



Ar an bhfocal déidheanach do bhrúigh sé an t-altán
go tréan mear. Mhothuigheas greim im chrodhe agus
d'airigheas cnag ó'n gcois i n-éinfheacht agus leigeas
gráig asam le neart péine.



"Ní hamadán atá ann, pé rud eile é," arsa mise
liom féin.



"Seadh," ar seisean, "is maith an mhaise dham é;
tá an t-altán siar arís."



Sgaoil sé an cheirsiúir ó n-a mhuinéal agus stróic sé
na stiallaibh é. Cheangail sé an chos go docht agus
chuir sé an stoca agus an bhróg uirri go cúramach aris.



"Cad do-ghéanad leis anois?" ar sé, mar do bheadh
sé ag caint leis féin.



"Téighir fá dhéin beirt no triúr eile do thiubhraidh
congnamh dhuit chun mise do thabhairt do'n teach is
giorra dhúinn," arsa mise.



D' éirigh sé 'na sheasamh.



"Ní dhéanfadh sé an gnó i n-éan-chor; fan go
bhféicfead" ar sé, agus ghlac sé greim ar a bhféasóig
mar do bheadh sé ag machtnamh ar rud éicint.



Shiubhail sé anonn agus anall trídh an sneachta agus
d'fhéach sé mar dhuine do bheadh buadhartha i n-a aigneadh.



"Is aisteach an fear é seo," arsa mise liom féin,
"agus do thógfainn an leabhar air go bhfuil rún
éicint ceilte fa n-a shean-bhalcaisíbh; ní'l ionnta soin
acht bréigreacht."



Stad sé go hobann dh'á spáisdeóireacht.



"Féach," ar seisean, "ní fhéadfainn dul fá dhéin éan-
chabhra dhuit-se anocht - is cuma cia 'n chiall - gan
díoghbháil do dhéanamh dham féin; agus ní maith liom
tú d'fhágaint annso mar táir nách mór siocaighthe
cheana."



Chrom sé anuas chugham agus dubhairt sé i gcogar
isteach im' chluais.



"Tabharfad liom dom' áit féin thú, acht ar éan
choingheall amháin. Caithfir cead do thabhairt dam
púicín do chur ar do shúilibh. Mara leigfir dam é


L. 16


sin do dhéanamh, tá deireadh leis an sgéal agus beidh
aithmhéala orm-sa 'na thaobh."



Shaoileas ar dtús ná raibh ann acht amadán nó
bréagaire acht anois bhíos dearg-chinnte go raibh sé
glan as a mheabhair. Ní fhéadfadh an sgéal bheith níos
measa agam ná bhí sé agus dubhras liom féin go
ngéillfinn do.



"Déan do rogha rud liom," arsa mise "acht ná
fág annso mé níos fuide ar son Dé."



"Is maith liom soin," ar seisean, "beidh ualach trom
agam d'á iomchar acht cad é an díoghbháil dá bhféad-
fainn dhá thaoscán do dhéanamh dhe; agus chaithfead an
gunna do thógaínt liom chomh mhaith."



"Ná bach leis an ngunna," arsá mise, "nach féidir
leat é chur i bhfolach annso go maidin leis an
ngirrfhiadh."



"Ó tá girrfhiadh agat," ar seisean, "sin aguisín eile
leis an ualach. Ní'l ionnat acht pleidhce! Dá gcuir-
finn an gunna i bhfolach annso agus go leanfadh an
sneachta, b'fhéidir nach bhfuightheá do ghunna go bráth,
mar ní fhéadfadh éinne an áit seo do dhéanamh amach
ar maidín."



"Má's mar sin é," arsa mise, "beir leat an
gunna, mar ní liom féin é; acht fág an girrfhiadh id'
dhiaidh."



"B'fhéidir go dteastóchadh braon á'bhruithe uait i
mbárach."



Níor bh'aon mhaith bheith ag caint leis, agus b'éigin
dam a thoil féin do thabhairt do.



Tharraing sé amach ceirsiúir as a phóca agus do
cheangal sé mar phúicín ar mo shuilibh í. Annsoin do
thóg sé suas mé in a ghabháil mar do thógfadh sé leinbhín
agus chuir sé in mo shuidhe mé ar charraig taobh leis an
sgailp ar nós go raghainn ar a mhuin.



"Féach anois," ar seisean, "tá éan-chómhairle amháin
agam le tabhairt duit agus is í sin: ná hosgail do
bhéal go dtiubhraidh mise cead duit. Seo, tóg an
girrfhiadh tusa agus tógfaidh mise an gunna."


L. 17


D' árduigh sé ar a dhruim mé agus súd chun siubhail
é chomh mear fuinneamhail is gur dhoigh leat ná beadh
acht beart féir ar a mhuin aige i n-ionad ualaigh dhá
chloch déag ar meádhchaint.



Ní raib fhios agam fá péir na cruinne cá rabhmair
ag gabháil agus ba chuma liom ar dtús, chomh fada is
do saoradh mé ó bhás uathbhásach ins an sneachta, agus
cé gur shaoileas go rabhas ar mhuin fir do bhí glan as a
mheabhair.



Anois bhíomar ag gabháil síos le fánaidh, agus arís
suas i n-agaidh an chnuic. Síos agus suas; síos agus
suas; agus annsoin suas suas linn mar do bhéimís ag
dul suas go mullach an tsléibhe.



Bhíos ag éirghe go han-amhrasach. Cá rabhamar ag
gabháil? Cia'r bhé an "Gioblachán"? Cia'n chiall ar
chuir sé an púicín orm? Cad 'na thaobh nar thug sé
mé go teach éicint 'san chómharsanacht. Cá raibh a áit
féin? Cia'n chiall a raibh sé ag dul fá'n méid sin
trioblóide mar gheall ar dhuine nár leag sé súil air
riamh roimhe sin? Sin iad na ceisteanna do chuireas
orm féin, agus ceisteanna nach iad an fhaid do
bhíomar ag triall tríd an sliabh; agus is minic bhí sé
ar bharr mo theangan agam a rádh leis ná raghainn níos
sia mara n-innseadh sé dham cá rabhmar ag gabháil.



Bhíomar ag imtheacht mar so ar feadh leath-uaire
an chluig agus níor labhramar focal lé chéile, ná níor
leig sé anuas mé acht éan-uair amháin. Fear teann
láidir féitheannach do bhí ann agus, mar'adh gur bh'eadh,
ní fhéadfadh sé mise d'iomchur chomh fada soin,



Fá dheireadh d'airigheas uisge 'ghá stealladh i bhfad
fúinn agus síos linn go hobann le fánaidh agus fuaim
an uisge ag árdughadh i gcomhnuidhe.



Bhí an "Gioblachán" sáruigthe, mar bhí sé ag
tarraingt na hanála go trom agus ba bheag an
t-iongantas é sin; act do thiomáin sé leis agus
truaighe an domhain agam dhó.



Stad sé go hobann.



"Ní'l mo theaghlach i bhfad uainn anois," ar seisean,


L. 18


"acht tá áit an-chontabhartach annso agus caithfir
greim daingean do choinneáil, mar dá mba rud é go
dtuitfimis, do bhéadh spruadar déanta dhínn ar
leagadh do shúl.



Leig sé anuas mé. Bhí fhios agam go rabhamar anois
ar bhruach faille nó gleanna doimhin mar d'airigheas
ní hamháin fuaim an easa acht uisge ag glugarnaigh
mar do bheadh sé ag briseadh tríd na cairrgeachaibh go
díreach fúinn, agus an-fhada síos.



Chuaidh sé taobh thíos díom agus d'ísligh sé mé go
haireach. Áit garbh sgairteach deilgneach bhí ann agus
go deimhin agus go dearbhtha fuair an "Gioblachán" a
dhóthaínt díom-sa sul bhíomar thíos.



Chaitheas dreas in a ghabháil, dreas ar a dhruim,
dreas ag sleamhnughadh agus dreas eile ag strap-
adóireacht ar mo mhuin. B'in í an chaoi in ar chuadhas
síos.



Nuair shroicheamar bun na haille d'árduigh sé ar a
dhruim arís mé agus ghread sé leis go trioblóideach.
Ar bhruach srotháin nó abhann bhí sé ag gabháil anois mar
d'airigheas an leac-oighre ag cnagadh fá n-a chosaibh
agus mhothuigheas na tortha ag cuimilt dam.



Shiubhail sé, bfhéidir, cead slat mar so sul ar stad
sé arís agus annsoin dubhairt sé liom mo cheann do
chromadh ar a ghualainn. Do dheineas amhlaidh agus do
bhris sé isteach tríd na torthaib. Bhí fosgadh anois
againn ó'n sneachta agus léig se anuas mé.



AN TRÍOMHADH CUID.
Fá Thalamh.



"Téighir ar do cheithre chrúbaibh anois," ars'an
"Gioblachán," "agus lean mise."



Is mór an smacht do bhí aige orm. Dheineas mar
dubhairt sé liom go humhal agus leanas é. Chuadhmar
isteach i n-uamhchais chúmhaing ísil. Suas do threoruigh


L. 19


sí agus bhí mo ghlúna nach mór gearrthá dhíom sul ar
stad an "Gioblachán."



"Ná corruig anois go fóill," ar seisean, agus d'
airigheas é ag rúsgáil le n-a chosaibh mar do bhéadh sé
ag strapadóireacht suas uaim, agus annsoin do bhí
suaimhneas againn.



"Nach deas an cás in a bhfuilim anois," arsa mise,
liom féin, agus tháinig aithmhéala mór orm i dtaobh
gur ghéilleas do i n-éan-chor ácht ní raibh leigheas air
anois. Chaithfinn chur suas leis an méid do bhí romham.



Níor bh'fhada gur tháinig sé ar ais agus do phreab
mo chroidhe le áthás mar do bhí faitchios orm ná
fillfeadh sé chomh tapaidh sin. Labhair sé taobh thuas
díom agus tháinig a ghuth chugham mar do bhead sé ag
teacht anuas tré shimné.



"Druid isteach ruidín beag eile," ar seisean,
"agus éirigh id' sheasamh."



Dheineas mar sin.



"Cuartuigh anois ar an gcarraig ar d'aghaidh amach
mar do thánghais isteach, agus gheobhaidh tú poll ann
in a gcuirfidh tú an chos mhaith. An bhfuarais é?"



"Tá sé agam."



"'Seadh, cuir do chos ann anois agus tabhair dham do
dhá láimh."



Chuireas suas iad, agus ghlac sé greim orra.



"Éirigh anois," ar sé, "Sin é é."



Chomh tapaidh is do dhéarfá "Dia lem' anam" bhíos
thuas aige. Thóg sé me 'na ghabháil agus chuaidh sé ar
aghaidh, mar déarfá, fiche coiscéim agus mar do bhéadh
sé ag dul suas casán garbh. Stad sé nóimint agus
bhí fhios agam gur osgail sé doras, cé nár airigheas
fuaim ar bith uaidh, mar fuaras boladh teineadh móna.
Leigh sé anuas mé go réidh socair agus thóg sé an
púicín díom.



D'fhéachas timcheall orm féin acht bhí an áit an-
dhorcha agus ní fhéadfainn éan-rud d'fheiscint ar dtús
acht amháin an teine. Do lasan "Gioblachán" trillseán
beag agus deamhan a leithéide d'iongantas tháinig ar


L. 20


éinne riamh roimhe sin is do tháinig orm-sa 'nuair do
chonnacas an áit 'na rabhas.



Árus beag cluthmhar do b'eadh é, acht árus beag
aisdeach ar an am chéadna. Ní raibh doras ná
fuinneóg le feiscint ann agus b'é seo an chéad rud
do thugas fá ndeara. Ní rabhas cinnte i dtaobh na
fuinneóige, acht bhí doras ann go háirighthe, mar do
thángas isteach air, acht dá bhfuighinn ór na cruinne, ní
fhéadfainn a dhéanamh amach cá raibh sé.



Bhí an seómra beag timcheall le dhá throigh deag ó
éadan go héadan agus bh'fhéidir deich dtroighthe nó
níos mó ar leithid agus ocht nó naoi dtroighthe ar
aoirde. Badh dhóigh leat thar a bhfaca tú riamh gurab
cliabh mór iompuighthe ar a bhéal do bhí ann, acht in'
ionad bheith déanta de shlataibh is amhlaidh bhí sé déanta
ar fad de shúgánaibh casta isteach agus amach ar
chleitheachaibh ar an gcaoi chéadna. Bhí an teallach
déanta de chlochaibh míne curtha go fíor-dheas le chéile
le dóib bhuidhe agus teine bhreagh mhóna ar lasadh ann.



Chaith an "Gioblachán" a shean-chóta dhe agus chrom sé
anuas agus do thóg sé dhíom mo bhróga agus mo
stocaí. Do bhain sé dhíom mo chuid éadaigh agus nigh
sé mo bhaill agus chuimil sé go cruaidh iad le tubháille
gur tháinig rud beag beodhachta ionnta arís.



Bhí leaba bheag 'san chúinne le hais na teineadh, agus,
nuair bhí sé réidh liom, dubhairt sé liom dul isteach
ann, agus do chuadhas gan mhoill. Bhíos go sámh
seasgair anois, acht, ar a shon soin féin, b'fhearr liom
bheith i n-áit éicint eile.



Chuir sé gloine mhór biotáille teith i gcóir dam agus
nuair ólas é, bhíos chomh caitthe cárnuigthe sin gur
thuiteas im' chodladh lom-láithreach, agus is é an
smuaíneadh déidheanach do bhí in mo cheann - "Cia ar
bh'é an "Gioblachán"?" Ní fhéadfadh mo dhearbhráthair
féin a bheith níos cúramaighe orm, agus is iongantach
an rud é go raibh gach éin-nídh do theastuigh uaidh fá
n-a láimh aige.


L. 21


AN CEATHRAMHADH CUID.



An t-Athrughadh.



Dhúisigheas amach 'san oidhche agus bhí solas ins an
mbotán. Ní raibh fhios agam fá'n spéir cá rabhas.
Shaoileas ar dtús ná raibh ins an méid do thuit amach
ar feadh an trathnóna acht tromluighe gránda.



D'iompuigheas amach ar an solas agus cad do
chifinn ann acht fear breagh, dathamhail, maiseach,
gléasta amach i gculaidh dheis éadaigh agus é i n-a
shuidhe ag clár beag ag sgríbhneóireacht ós cómhair
na teineadh. Má bhí iongantas an tsaoghail orm nuair
chonnacas an Gioblachán an chéad uair san sneachta,
bhí a dheich n-oiread orm anois.



"Cá bhfuilim?" arsa mise ag preabadh suas.



"Ó, ar dhúisighis?" ar se, "cionnus atá an chos
agat anois?"



Do leath mo bhéal agus níor fhéadas freagra do
thabairt air. Bhíos fá draoidheacht gan amhras. 'Sé
guth an "Ghioblacháin" do bhí ann, acht níor bh'é an fear
céadna do bhí ann i n-éan-chor.



Bhí atharrugadh mór air. I n-ionad sgodalaigh bhoct
bhrodhaigh is amhlaidh bhí duine uasal galánta cáiréiseach
ann. Bhí an liab agus an cáibín imthighthe agus an
salachar do bhí ar a ghnúis imthighthe leó. Bhí éadan
árd leathan mín air; gruag chas chiardubh agus féasóg
de'n dath cheádhna; srón díreach fhada; súile dubha ag
cur soillse asta ar nós gur dhóigh leat go raibh sé ag
féachaint isteach tréd' chroidhe; ceann mar cheann
ríogh ar a ghuailnibh aige agus cuma agus déanamh
gaisgidhigh air. Níor leagas súil riamh ar éin-fhear
chomh breagh leis roimhe sin no ó shoin i leith.



"Ar ndóigh ní tusa an "Gioblachán"?" arsa mise.



"Gioblachán!" ar seisean, agus leig se sgairt chomh
croidheamhail fonnmhar as gur bh'iongantach nár sgoilt
sé a dhá thaobh ag gáiridhe; "Gioblachán! Nach deas
an ainm do chuiris orm? Is mise an 'Gioblachan' dá


L. 22


Cad do chífinn ann acht fear breagh dathamhail, maiseach.


L. 23


ríribh. 'Seadh, déanfaidh sé sin an gnó go hálainn,"
agus leig sé sgairt eile as.



"Acht cá bhfuilim?" arsa mise. "B'shéidir go
dtiubharthá freagra ar an gceist sin anois."



"Ná feiceann tú go bhfuilir i n-áit bhig dheis chom-
pórdaigh," agus bhí smigeadh gáire 'na shúilibh mar is
dócha gur thug sé fá ndeara go raibh sgannradh éicint
orm-sa.



"Chím, acht cá bhfuil an áit sin?"



"Inneósaidh mise dhuit é sin. Bhfuil 'fhios agat cá
bhfuil Tulach na Féinne?"



"Tá go maith; is minic bhíos i n-áirde air,"



"'Seadh, tá sé sin anois go díreach glan ós do
cheann agus táir timcheall le trí chéad troigh nó
b'fhéidir níos mó fá'n Tulach."



"Is dóigh liom go bhfuil fonn ort magadh do
dhéanamh fúm," arsa mise.



"Ní'l, ar m'anam," ar seisean, "'sí an fhirinne ghlan
atáim a innsint duit. Nách cuimhin leat an obair do
bhí againn ag teacht isteach."



"Is cuimhin go maith," arsa mise, "agus tá a rian
ar mo ghlúinibh. Is dócha go bhfuilmíd istigh i n-uaimh
fá'n sliabh mar sin," agus annsoin im' aigneadh féin
dúbhart, "Táim istigh acht cionnus fá'n spéir a'
raghaidh mé amach? Sin í an cheist."



"Do thomhais tú go ceart," ar sé.



"Seadh," arsa mise, "is minic do chualas na sean-
daoine 'gha rádh, nuair bhíodh siad bailighthe thart
thimcheall an teallaigh, ag cur síos dóibh féin agus ag
innsint sean-sgéalta, go raibh uaimh ag rith isteach ó'n
bhfairrge fá Shliabh Calláin. Cheapas féin i gcomhnuidhe
ná raibh 'san sgéal úd acht ráiméis; acht chím anois go
raibh úghdarthás éicint leis."



"Táir ag teacht chugat féin arís," ar sé, nuair
chuireas an reacht cainte seo tharm, "act caithfir aire
do thabhairt duit féin go fóill tar éis an méid ar
chuadhais tríd an trathnóna so. Seo, tóg braon
anbhruithe agus déanfaidh sé maitheas dhuit."


L. 24


Thógas uaidh é agus mhothuigheas é ag gabháil timcheall
mo chroidhe agus an teas ag rith trém' bhallaibh.



"Tá sé sin go breagh," arsa mise, "Ní fhéadfadh
mo mháthair féin é dhéanamh níos slachtmhaire no níos
blasda; go bhfágaidh Dia do shaoghal agus do shláinte
agat agus ná raibh an oiread sin de luigheachán
bliadhna ort."



"Tá do mháthair beó mar sin," ar seisean, agus
leig se osna as. B'fhéidir go raibh sé ag cuimhneamh
ar a mháthair féin.



"Tá, buidheachas le Dia, agus tá sí 'na mnaoi óig
láidir fós."



"Cad as tú?"



"Ó'n gCathair."



"Ó'n gCathair, an eadh," ar seisean, fé mar do
bhéadh iongantas air, "agus cia'r díobh thú annsoin?"



"De Mhuintir Bhriain.



"Agus an bhfuil éan-ghaol agat le Diarmuid Ua
Briain?"



"Tá, gaol an-ghairid ar fad."



"An dá ríribh atá tú?"



"'Seadh, 'sé m'athair é."



"Diarmuid O Briain t'athair-se!" ar sé, agus ní
chreidfeadh éinne go dtiucfadh a leithéid de sgannradh
air is do tháinig. Do leath a bhéal agus níor labhair
sé gíog ar feadh cúig nóiminte acht ag cur na súl
tríom-sa.



"Diarmuid Ua Briain a athair," arsé, mar do bhéadh
sé ag caint leis féin. "Is aisteach an saoghal é" -
"Tagann na daoine le chéile acht ní thagann na cnuic
ná na sléibhte," agus annsoin, ag iompódh i leith
chugam-sa, "is maith do frigheas anocht go háirithe
agus táim am-bhuidheach 'na taobh. Cuir do lámh
annsoin," ar sé, ag síneadh a lámh féin chugam, "agus
cur do lámh eile annsoin. Thugas mo dhá láimh dhó
agus do chroith sé iad go cineálta: "tá mo chroidhe
an-gheal leat agus beidh áthas orm go deó agus go
bráth gur bhuaileas trasna ort um thrathnóna. Dá


L. 25


mba madra led' athair do bhéadh ins an chaoi 'na raíbh
tusa nuair do thángas ort fá 'n sgailp, do raghainn
fá'n trioblóid chéadna. Tá an croidhe 'san áit cheart
ag t'athair agus, rud níos fearr, tá sé 'ar shlighe na
fírinne' - 'san saoghal so go háirithe - agus tá súil
agam leis go mbeidh sé ar shlighe na fírinne ins an
saoghal eile, le congnamh Dé. Agus má's tusa an
mac atá aige i mBaile-Átha-Cliath, tá tú ar an
mbealach ceart freisin, do réir mar chluinim anois
agus arís. Ní fheadar an dtuigeann tú me."



"Tuigim go deimhin," arsa mise," agus táim go han-
bhuidheach ar fad; acht cia hé tú fhéin anois? B'ait
liom aithne do bheith agam ort, mar b'fhéidir go ndíol-
fainn an chomhair lá éicint."



"Na habair focal mar gheall air sin anois," ar sé,
"agus déanfaidh an ainm do chuiris orm ó chianaibh an
gnó go han-mhaith - mise an Gioblachán"- agus leig
sé sgairt bhreagh spleódrach as do chuirfeadh fonn
gáire ar éinne do bheadh ag éisteacht leis.



"Taisbeán an chos anois," ar sé, "go bhfeicfidh mé
an bhfuil sí ag dul i bhfeabhas."



Shíneas chuige í agus, tar éis breathnuighthe uirri,
dubhairt sé:



"Tá sí go breagh agat anois agus i gceann lae no
dhó beidh sí go maith arís. Féach, tá do chuid éadaigh
tiormuighthe; éirigh id' shuidhe agus buail ort iad. Tá
sé luath san oidhche fós agus, ó's annamh bhíonn éinne im'
fhochair annso, beidh seanchus againn."



AN CÚIGEADH CUID.
An Uaimh.



Bhíos ag féachaint timcheall orm an fhaid do bí sé
ag caint, ag breathnughadh ar an seomra agus an chaoi
'n-a raibh sé curtha le chéile agus 'ghá fhiafruighe im'
aigneadh féin cá bhfuair sé na súgáin ar fad nuair
dubhairt sé:


L. 26


"Tá tú ag déanamh iongantais dem' theaghlach agus
dem' aicillidheacht. Nách deas-lámhach an duine me?"



"'Seadh, ar m'fhocal; acht cá bhfuarais na súgáin
go léir? Agus má's uaimh atá annso, ar ndóigh ní
raibh éin-cheal leis an mbothán so i n-éan-chor."



"Inneosaidh mise dhuit ar ball; acht an mb'ait leat
an uaimh ar fad d' fheiscint?"



"B'ait liom," arsa mise, "acht tá sé ró-luath fós
an chos do chur fúm."



"Ní'l, pioc," ar seisean, "chomh fada is tá sé seo
agat," agus thóg sé maide croise ó'n gcúinne agus
shín sé chugam é.



"Raghamaoid amach go fóill go bhfeicfidh tú mo
ríoghacht-sa ar fad," ar sé.



"Acht cá bhfuarais an maide croise?" arsa mise leis.



"Chuireas le chéile í an fhaid do bhí tú id' chodladh.
Gabh i leith annso anois agus tabhair aire do'n chois."



Thóg sé an trillseán o'n mbórd agus d'osgail sé
doras beag taobh leis an teallach agus chuadhmar
araon isteach. Ní fhaca mé a leithéid de radharc ó'n lá
rugadh me go dtí sin agus ní fhaca mé radharc mar é ó
shoin. Bhí an seómra beag déanta go díreach glan ar an
gcaoi chéadna i raibh an ceann eile, acht do bhí sé líonta
suas go dtí an doras le harmaibh de gach cineál agus
bhíodar go léir chomh glan agus chomh soillseach soin is
gur bhaineadar an radharc díom nach mór nuair do
chuadhas isteach ar dtús. Bhíodar ar crochadh aige ós
cionn a chéile ar na ballaíbh thart thimcheall an
tseómra chomh fada is b'fhéidir leis slighe d'fhághail
dóibh - gunnaí gearra agus piostail go leór, agus a
lán de chlaidhmhtibh agus de bhaigneitíbh - agus bhí cuid
eile aca cruachta i ngrógánaíbh ar an úrlar. Bhí
úirnéis bheag, inneóin agus uirlisí gabhann i gcúinne,
agus binnse agus úirlisí siúinéara i gcúinne eile.
Bhí an fear agus an áit ag éirighe níos aistighe gach
éan-nóimint.



"Is dóigh liom go bhfuilim fá dhraoidheacht," arsa
mise, nuair do thógas lán mo shúl dé'n tseómra.


L. 27


"Ní'lis, mhaise, i n-éan-chor," arsa an "Gioblachán."



Do thóg sé suas ceann de na gunnaíbh agus do
chuimil sé é go cineálta le n-a láimh.



"Féach," ar seisean, "nach deas an úirlis í sin. Tháinig
sí ó Ameriocá agus do chuirfeadh sí piléar tré dhuine
nách mór míle ó bhaile; acht chífimíd an chuid eile aca
arís. Gabh i leith annso."



D'fhosgail sé doras eile agus bhagair sé amach orm.
Níor fhéadas mo lámh d'fheiscint bhí sé chomh dorcha
soin. Níor chuimhnigheas go rabhamar ins an uaimh
agus nuair d'fhéachas amach dubhras.



"Uch, nach dorcha í an oidhche!"



Leig an "Gioblachán" smut gáire as.



"Nach dorcha í an oidhche," arsa guth taobh amuigh
dhíom. "Há! há!" arsa guth eile. Annsoin do
labhair beirt nó triúr eile i n-éinfheacht níos fuide
amach, "Uch! nach dorcha" - "há! há" - "an oidhche" -
"há! há! há!" - "Nach" - "Nach dorcha" - "há!
há!" - "an oidhche" - "há! há! há!" - agus mar sin
leó ag sgigireachd agus ag déanamh magaidh fúm go
raibh an áit lan suas de ghuthannaibh. Bhíodar thíos
fúm, thuas os mo chionn, ar m'aghaidh amach agus ar
gach taobh díom, D'imthigheadar uaim i ndiaidh a chéile
agus d'ísligheadar fá dheireadh ar nós na raibh ionnta
acht siosarnach ag creathadh i gcúinníbh na huamha.



Deir mise gur bhain sé preab asam. Tháinig sgann-
radh orm ar dtús agus 'na dhiaidh sin tháinig iongantas
agus uathbhás an tsaoghail orm, ar nós nár fhéadas cor-
ruighe as an áit 'n-a rabhas im sheasamh ar feadh cúig
nóiminte. Do bhagair an "Giobhlachán" isteach orm.



"Mac-alla," arsa mise, nuair bhí an doras dúnta
aige.



"'Seadh," ar sé, "nach breagh é?"



"Níor airigheas riamh roimhe seo éan-rud mar é acht
éan-uair amháin; acht ní raibh teacht suas ar bith leis
seo aige. Tá an uaimh go han-mhór is dócha."



"Bí cinnte dhe sin. Táir id' sheasamh anois ar
bhruach gága uathbhásaighe agus má tá éan-órdlach amháin


L. 28


ann, tá sé ós cionn míle troigh i ndoimhneacht. Ná
téighir ró-fhada amach nuair a bhead ag taisbeánt na
huamha dhuit, nó b'fhéidir go bhfuightheá dúdán id'
cheann; coinnigh taobh thiar díom-sa agus ní bheidh baoghal
ar bith ort."



Thóg sé sliseóg giumhaise agus chuir sé sgoilt bheag
'na héadan le tuaigh. Annsoin fuair sé sop barraigh
agus shocruigh sé isteach 'san sgoilt é agus chas sé an
barrach i mbachall mar bhéadh méaróg ar bharr na
sliseóige. Nuair bhí sé socruighthe go daingean aige,
thúm sé an sliseóg agus an barrach i bpota ola agus
d'fág sé ann iad go raibh an ola súighte isteach go
maith ionnta. Thugas fá ndeara lom-láithreach go raibh
sé ag déanamh tóirse chun na huamha do thaisbeánt
dam.



"Tiubhraidh sé seo solas ár ndóthaint dúinn anois,"
ar sé, agus chuir sé teine leis. Chuadhmar amach go
bruach na gága arís. Gach cor do chuireamar dhínn
do chuir an mac-alla freagra thar ais chughainn. D'
árduigh an "Gioblachán" an tóirse ós a chionn ar nós
go bhfuighinn radharc maith ar an uaimh, agus do sheas sé
go dána amach ar bhruach an phuill. Ní dhéanfainn féin
é dá bhfuighinn míle púnt; acht, ar ndóigh, mar adeir
an sean-fhocal - "Neart na taithighe méaduigheann sé
an tarcuisne."



Cé go dtug an tóirse solus breagh uaidh níor fhéadas
rud ar bith d'fheiscint acht amháin roinnt bheag de'n
charraig ós mo chionn agus ar gach taobh dhíom. Amach
uainn ní raibh ann acht dorchadhas trom tiugh agus is
dóigh liom féin nár dhein an tóirse acht é do mhéad-
ughadh. Bhí sé chomh tiugh soin gur shaoileas go mb'fhéidir
liom é ghearradh le sgin, no mám de thógaint im'
láim. Bhíos ag fiafruighe dhíom féin, an fhaid do bhíos ag
féachaint amach, cad do bhí foluighthe taobh thiar de'n
dorchadas, agus do bhí sé chomh diamhair gráineamhail
sin gur chuir sé uathbhás im chroidhe.



"Ní'l iomarca le feiscint amach uainn no taobh
thuas dínn," ars' an "Gioblachán," "acht taisbeánfaidh


L. 29


D'árduigh an "Gioblachán" an tóirse ós a chionn.


L. 30


mé dhuit anois doimhneacht an phuill." Chuaidh sé ar a
ghlúinibh.



"Luigh síos agus tarraing amach go bruach na
cairrge," ar seisean, "táim chun an tóirse do
chaitheamh síos."



Luigheas síos mar d'órduigh sé agus dhruideas
amach go haireach go raibh mo cheann thar bhruach na
gága. Do dhein sé féin an rud céadna. Chaith sé an
tóirse amach uaidh agus síos agus síos leis tríd an
dorchadas. Bhíos ag brath gach éan-nóimint go
mbuailfeadh sé an tóin acht níor bhuail; agus níor
thaisbeán sé éan-rud dúinn. Bhíos ag faire air go
dtí ná raibh ann acht spréach. Tháinig pian im' shúilibh
agus dúdán im' cheann ó bheith ag féachaint air, agus
do chritheas go smior. Fá dheireadh do chailleamar
radharc air ar fad.



"Anois, cad deir tú," ars' an "Gioblachán" isteach
im' chluais nuair bhí an tóirse imthighthe as radharc.



"Leig dam go fóill," arsa mise, "go gcuirfidh mé
leithead na cairrge idir mé féin agus an poll uath-
bhásach úd." Agus do chuadhas ag lapadáil isteach
san mbothán. Ní leigfeadh an eagla dhám éirge im'
sheasamh go rabhas istigh, agus bhíos mar dhuine do bheadh
i n-áirde ar luasgán. Tháinig an "Gioblachán" isteach
im' dhiaidh agus dhún sé an doras.



"Is aisdeach agus is millteach an áit í seo," arsa
mise, "agus tá greim im' chroidhe le huathbhás."



"Bhíos féin mar sin ar dtús," ars' an "Gioblachán,"
"agus i bhfad níos measa ná tá tusa anois, mar is
beag nár thuiteas isteach ar mhullach mo chinn san gág
an tarna huair do thángas annso; acht tá taithighe
agam air anois agus ní chuirim suim ar bith ann."



Thóg sé anuas bógha agus saighead do bhí aige san
mbothán ag rádh.



"Taisbeánfaidh mé leithead na gága dhuit anois."



Fuair sé mám barraigh agus chas sé ar bhior na
saighde é agus dhein sé tóirse dhe mar do dhein sé
de'n tsliseóig roimhe sin. Nuair bhí a dhóthaint ola


L. 31


súighte ag an mbarrach, do chuir sé teine leis agus
d'osgail sé an doras. "Féach amach anois," ar sé
agus sgaoil sé uaidh é tríd an dorchadas leis an
mbógha. Chuaidh an tsaighead agus an sop barraigh ar
lasadh go soillseach amach, b'féidir céad slat, gan an
taobh thall do bhualadh; agus annsoin do chlaonuigh sé
síos i ndiaidh a chéile agus thuit sé mar do thuit an
tóirse agus i gceann tamaill do sluigeadh i ndoimh-
neacht na gága é gan éan-rud do thaisbeánt dúinn.
Ní misde a rád gur mhéaduigh sé seo an méad
ionghantais do bhí im' chroidhe cheana.



Chuir sé stól taobh amuigh de'n doras. "Suidh sios
annso go fóil," ar seisean, "go gcuirfidh tú aithne
ar an gcuideachtain a bhíonn annso agam go minic."



AN SEISEADH CUID.
An mac alla.



Rug sé ar cheann de na gunnaibh agus chuir sé
piléir ann. Sul a raibh a fhios agam cad do bhí ghá
dhéanamh aige d'árduigh sé an gunna agus chaith sé
urchar as.



"Comraighe Dé chughainn," arsa mise agus do
phreabas im sheasamh leis an ngeit do bhain sé asam.
Shaoileas go raibh an sliabh ag tuitim isteach orainn.
D'éirigh an mac alla mar bhladhm tóirnighe, agus bhí an
fuaim chomh huathbhásach soin gur mhothuigheas an charraig
ag critheadh fúm. D'imthigh sé uainn agus tháinig sé
ar ais arís agus arís eile ar nós gur bh'éigin dam mo
mhéarecha do chur im' chluasaibh chun an "ruaille
buaille" do chongbháilt amach. Ar dtús bhí sé chomh
borb bagarthach leis an tóirnigh; annsoin bhí sé
go garbh glugarach fa mar bheadh fuaim na fairrge
ag briseadh go trom ar chlochar trágha; agus n-a
dhiaidh sin bhí sé an-chosamhail leis an bhfuaim do thiucfadh
ó chlaidhe ag tuitim, no ó thriucaillíbh do bheadh ag


L. 32


gabháil thar bhóthar garbh; agus tríd an bhfothrom agus
an trustar go léir tháinig chughainn fuaim mar phléas-
gadh gunnaí mór i bhfad uainn. Chaith an "Gioblachán" a
dó nó a trí d'urcharaibh eile agus bhí fonn air leana-
maint do'n ghnó, acht d'iarras air a thabairt suas.
Bhí an mac alla go han-bhreagh ar fad acht bhí mo
dhóthaint agam dhe an uair sin go háirithe. Acht ní raibh
an "Gioblachán" sásta fós. Thóg sé anuas fidil bhí ar
crochadh de'n bhalla agus chuir sé i gcóir í.



"An dtaithneann ceól leath?" ar seisean.



"Taithneann go maith," arsa mise, "tá spéis mhór
agam ann i gcomhnuidhe."



"Má's mar sin atá an sgéal," ar sé, "gheobhaidh
tú ceól anois nó riamh."



"Má tá sé mar an cheol do thug an mac alla uaidh
ó chianaibh ná bac leis."



"Éist," ar seisean, ag leigint gáire as, "agus
tabhair do bhreith nuair táim críochnuighthe."



Thosnuigh sé ag seinm, agus dá mbéinn ag caint go
ceann seachtmhaine ní fhéadfainn tuarasgbháil cheart
do thabhairt ar an gcóimhsheinm d'éirigh san uaimh.
B'áluinn an bheidhleadóir an "Gioblachán" agus bhí sé
'n-a chumas, "ó neart na taithighe," is dócha, ceól do
bhuaint as an mac alla chomh maith leis an bhfidil. Dá
mbeadh gach éin-ghléas ceól i n-Éirinn bailighthe isteach
i n-éan-halla amháin agus iad go léir ar siubhal i
n-éinfheacht, ní fhéadfadh siad ceól níos binne ná níos
áilne ná nios taithneamhaighe do thabhairt uatha ná an
ceól do thug an fhidil agus an mach alla dhúinn an
oidhche úd. Thóg sé an croidhe agus an t-anam asam.
Níor mhothuigheas pian ná tuirse ná eagla ná éinnídh
eile acht amháin aoibhneas agus sásamh aignidh an fhaidh
do bhí an "Gioblachán" ag seinm agus d'fhanfainn ann-
soin ag éisteacht leis ar feadh lae agus oidhche gan
bheith tuirseach dhe.



Nuair bhí sé sásta chuir sé uaidh an fhidil agus
thosnuigh sé ag caint ar cheól na hÉireann agus bhí cur
síos mór againn mar gheall air. Cainteóir áluinn


L. 33


dob' eadh an "Gioblachán" agus b'ait leat bheith ag éis-
teacht leis, Ba líomhtha agus ba léigheannta na
smaointe do bhí aige agus do thuit an Ghaedhilg ó n-a
bheal chomh blasda le cheól. Ní raibh sé dall ar
éinníd. Do bhíos ag smaoineamh, anois agus arís, an
fhaid do bhí sé ag caínt, ar an gcaoi 'na raibh se
ag caitheamh a choda aimsire agus ag fiafruighe
díom féin cad é an fath bhí leis. Bhíos deimhneach go
raibh sé leath-éadtrom agus gur bh'in é an chiall go
raibh sé ag imtheacht, mar a déarfá, le haer an tsaoghail
agus ag cur a mhuinéil i gcontabhairt; acht ní raibh
fios agam an uair sin ar an méid ar chuaidh sé tríd.



Nior leig sé dham dul ro-fhada leis na smaointibh
seo mar tharraing sé chuige feadóg agus tosnuigh sé
ag seinm uirri, Dá fheabhas an ceól do bhuain sé as
an bhfidil, b'fearr ná sin seacht n-uaire an ceól do
bhuain sé as an bhfeadóig. Do sháruigh sé ar gach uile
nidh d'airigheas suas go dtí sin. Ní thiubhradh éanlaith
na cruinne dá mbeidhís go léir 'san uaimh ag cantain
le chéile ceól níos neamhdha ná níos aoibhne uatha. Do
thug an fheadóg an mac alla amach i bhfad níos fearr
agus níos binne ná éan-rud eile.



"Cad deir tú leis sin?" ars' an "Gioblachán" nuair
sguir sé dá seinneamhaint.



"Ní fheadar fós," arsa mise, "ná fuilim fá dhraoi-
dheacht. Dá mbeinn ag caint ar feadh lae agus
bliadhna, ní fhéadfainn a innsint duit an méadh aoibhnis
agus taithnimh agus sásaimh chroidhe do thug an ceól úd
dam. Ní'l éin-teacht suas leat."



"Ná bac leis an bplámás anois," ars' an "Giobla-
chán."



"Ní'lim ag plámás i n-éan-chor," arsa mise, acht
b'fhéidir gur chirte dham a rádh ná fuil éin teacht suas
le deaslámhacht an "Fhir i nÁirde."



"Tá tú ag caint go ciallmhar anois," ar seisean,
ag cur sgairte as.



"B'fhéidir é," arsa mise, "acht bhíos chun a rádh
nuair bhíos ag éisteacht leat-"


L. 34


"Agus leis an mac alla," ar seisean.



"Agus leis an mac alla, ar eagla an phlámáis -
do chuir sé i n-umhail dam an tuarasgbháil do léigheas
agus do chualas go minich i dtaobh ceóil na n-Aingeal
is na Flaithis."



"Ní'lim criochnuighthe i n-éan-chor fós," ar seisean,
agus d'éirigh sé 'n-a sheasamh.



Thosnuigh sé ag amhrán. Bhí guth breagh fonnmhar
ceólmhar ag an "nGioblachán" agus níor chaill se éan-
rud i dtaobh bheith istigh san uaimh. Ní fheadar féin cia
aca do b'fhearr chun an mac alla do thabhairt amach -
an fhidil, an fheadógh nó guth an "Ghioblacháin" - nó cia
aca a raibh an barr aige i gcóimhsheinm; acht is dóigh
liom gur sháruigh an guth orra go léir. Chualas trí
chéad daoine ag gabháil amhráin i n-éinfeacht éan-uair
amháin i halla mór i mBaile-Átha-Cliath; acht cé go
raibh an ceól agus an choimhsheinm go han-bhreagh ar
fad, ní raibh éin-teacht suas aige le ceól an "Ghiobla-
cháin" nuair thug sé uaidh "An Raibh tú ag an gCarraig,"
agus nuair do bhí an mac alla agus an dórd do chuir
sé suas 'san uaimh ag cuideachtain leis. Bhí lán mala
d'amhránaibh aige agus do ghabh sé seacht gcinn aca
sul ar stad sé. Bhí ceann aca - "An Feirmeóir
Gaedhealach" go hálainn agus táim dá cur sios
annso.



<Fil.>
AN FEIRMEÓIR GAEDHEALACH.



Treabhfaidh mé s romharfaidh mé,
Is cuirfidh mé an eórna,
Agus bainfidh mé an Foghmhar go héasgaidh;
Beidh mo shoiléar ar comhgar
Is mo bharaille beórach
Is beathuisge dhóthaint na gcéadta;
Beidh an londubh 'san smólach
Ag síor sheinm ceóil dam
Ar mhaidin is mé ag seóladh mo chaorach;
Is ní'l éin-teach ósda
Ná hólfaidh mé coróin ann,
Nuair dhíolfaidh mé bó ar an aonach.


L. 35


A comhars'na mo chroidhe 'stig,
Druidídh aníos liom,
Agus geallaim-se dhíbh-se nach bréag é,
Mara mbeadh síol-chur
Go mbeidhmís-ne claoidhte
Gan blasadh na dighe ná béile;
Lucht peribhig cíortha
Is na gcnotaí dubha síoda
Is caile beag buidhe go mbíonn tae aici.
Go mbeidh lóistín na hoidhche
Le fághail ag mo thigh-se
Ag stróinsíbh 's ag maorthaibh gan éileamh.



Tar sáile mar théidheas siad,
Ní rachfad lem' ré ann;
Leanfad mo chéachtá 's mo bhráca;
Beidh olann mo chaorach
Dá chaitheamh mar éadach,
'S nach geal bheidh mo léine ag mo ghrádh geal?
Bím sealad ag aodhaireacht
Ar chnuic is ar shléibhtibh,
Is ag caitheamh mo raol i dtigh an tábhairne,
Is gach Feirmeóir Gaedhealach
Ar thalamh na hÉireann
Fa thuairim fad saoghail chum ár sláinte.



Gach sgafaire súgach
Chum punainn do rúsgadh
Agus bruinnill deas múinte do bhréagadh,,
Druididís liomsa
Go ndéanfamaoid cúnntas,
Mar is duine gan amhras de'n tréibh mé;
Bím sealad im' ughdar
Im rígh 'gus im' phrionnsa,
Agus timcheall an bhúird seo ní staonfainn,
Agus an cóbach gan múnadh
Ná- hólann an lionn linn
Cuirfear ar gcúl é agus féar leis.


L. 36


<Prós>
B'éigin dam féin amhrán no dhó thabhairt uaim nuair
bhí an "Gioblachán" críochnuighthe. Nuair bhíos ag gabháil
an tsean-amhráin bhreagh úd "An Páisdín Fionn" do
sheinn sé an fonn ar an bhfidil liom, agus d'árduigh
an t-amhrán a chroidhe chomh mór soin is gur dhóigh le
duine gur ar mire bhí sé.



"Nach mór an feall é," ar seisean, mar do bheadh sé
ag caint leis féin, "go bhfuil na daoine ag caitheamh
suas na sean-amhrán agus a gceóil ghrinn dhúthchais
féin. Is comhartha é go bhfuil an sglábhuidheacht
dóighthe isteach go doimhin i n-a gcroidhthibh. Ní'l toradh
an mhadra ag an aos óg atá ag éirghe suas anois ar
theangaidh na tíre, ar fhilidheacht na tíre, ná ar cheol
na tíre; acht b'fhéidir le congnamh dé go dtiocfadh
an lá nuair do bhéadh níos mó meas aca ar na neithibh
bhaineas le náisiúntacht. Ní bheidhmíd choidhche 'ar
shlige na fírinne' go dtí go dtiocfaidh an lá soin."



"Is ait an duine thú," arsa mise leis.



"An dóigh leat soin?" ar seisean, ag teacht chuige
féin, agus bhí smigeadh i n-a shuilibh. Ná habair éan-
rud go fóill go bhfeicfidh tú cuid eile de'n draoidh-
eacht."



AN SEACHTMADH CUID.
An droichead.



Chuaidh sé i leathtaoibh ar an gcarraig agus d' airi-
gheas sgréachailt éicint mar do bheadh rópa ag rith ar
roithleán. Bhí pian im' shúilibh ó bheith ag féachaint 'n-a
dhiaidh tríd an dorchadas, agus mo chroidhe agus mo
cheann ag preabadh le faitchios ag éisteacht go haireach
le gach éan-fhuaim d'éirig 'san uaimh. Bhí an sgréa-
chailt ar siubhal ar feadh chúig nóiminte agus annsoin
stad sí go hobann.



"Ní fheadar cad é an diablaidheacht atá idir láimh
aige anois," arsa mise liom féin, agus is ar éigin do
bhí an focal as mo bhéal nuair cad do chífinn ós mo


L. 37


chomhair amach acht splanc beag teineadh agus annsoin
tóirse mhór ar lasadh suas go soillseach i láimh an
"Ghioblacháin" ar an dtaobh thall de'n uaimh.



Leig sé liúgh ard-ghlórach as nuair d' árduigh sé an
tóirse, agus deir mise libh-se go raibh gleó 'san uaimh
go ceann tamaill n-a dhiaidh sin. Ní raibh 'fhios agam
fá spéir na cruinne cionnus ar chuaidh sé anonn acht
ní rabhas ró-fhada mar sin. D'fhéach sé mar do bhéadh
sé leath-mhíle uaim, mar gheall ar an dorchadas, is
dócha, acht ní raibh sé an fhaíd sin uaim i n-éan-chor.
Is í mo thuairim go raibh sé cúpla céad slat uaim go
háirithe agus do thaisbeán an solas ó'n dtaobh eile go
raibh an uaimh fada farsaing agus go raibh an sliabh ós
ar gcionn go díreach, mar adéarfá, mar sliogán
báirnigh iompuighthe ar a bhéal. Bhí an dorchadas chomh
tiugh soin 'san gháig gur dhóig leat go bhféadfá siubhal
air. Thugas fá ndeara go raibh na cairrgeacha i bhfad
níos gairbhe ar an dtaobh thall. Bhíos ag féachaint an
bhféadfainn a dhéanamh amach cionnus do chuaidh sé
anonn nuair d'imthigh sé suas go dtí rud éicint a bhí
an-chosamhail le cliabh nó ciseán ar bhruach na gága.
Shocruigh sé an tóirse ar thaoibh an chiseáin agus léim
sé isteach ann. D'airigheas an roithleán lem' thaobh
ag imtheacht arís agus so chughamh anall an "Gioblachán"
'san chiseán mar bheadh sé i mbád ag snámh tar dorcha-
das na gága. Do thiubharthá an leabhar go raibh
sgiatháin ar an gciseán, do shleamhnaigh sé i leith chúgham
chomh socair sin. B'é seo an sgeimhle ba mhó do thug
sé dham fós, agus is dócha go raibh sé leagtha amach
aige roimh ré mar bhí gach éan-rud eile. Bhí mo chroidhe
im bhéal an fhaid do bhí sé ag teacht i leith; mar, dá
mbrisfeadh an rópa, do bhéadh spruadar déanta dhe
agus do chaillfinn féin mo chiall. Nuair shroich sé an
strapa arís bhí sé ag gáiridhe leis féin. Ní raibh ribe
dá ghruaig casta, agus maidir le faitchios ná éin-nídh
mar sin do bheith air tar éis na contabhartha 'n-a
raibh sé, ní raibh acht an oiread is do bhí ar bhonn mo
bhróige.


L. 38


Connaich sé go raibh sgannradh an tsaoghail orm
agus thosnuigh sé ag magadh fúm. "Raghmaoid isteach
anois," ar sé, "mar is dócha go bhfuilir tuirseach
díom. Cionnus tá an chos agat anois?"



"Deamhan ar chuimhnuigheas uirri i n-éan-chor an
fhaid do bhíos annso. Ní raibh 'fhios agam acht an
oiread leis an naoidhean do rugadh aréir go raibh sí
gortuighthe ag éisteacht leat agus ag féachaint ort.
Ní raibh aga agam lé cuimhneamh uirri leis an méid
iongantais, agus uathbháis agus áibhéise croidhe agus
sgannraidh agus gach uile rud eile atá tabhartha fá
ndeara agam ó thángas isteach annso anocht; acht tá
an chos go breagh agam anois, buidheacás le Dia."



"Ar a shon soin féin, tá faitchios orm go bhfuilir
tuirseach diom, agus, dar go deimhin, is mithid é,"
ar seisean.



"Ní'lim," arsa mhise, "acht má leanann tú ded'
chleasuigheacht beidh mo cheann liath roimh maidin. Féach,
táim ag meabhrughadh ar an ndroichead aisdeach so
agat. Cionnus ar chuir tú an rópa trasna na gága
go dtí an taobh eile?



"'Neósad soin duit anois," ar sé. Bhíos annso
éan-oidhche amháin agus níor fhéadas néal do chodladh.
Bhíos buaidheartha im' aigneadh, mar do thuit rud
éicint amach i gcaitheamh an lae do chuir trí n-a chéile go
mór mé. Bhíos ag únfairt agus ag cnagadh san
leabthain go dtí go rabhas tuirseach de agus fá
dheireadh thiar thall b'éigin dam éirighe agus mo chuid
éadaigh do chur orm. Thangas amach annso leis an
bhfidil. Sin é an t-éan-tsólás amháin bhíonn agam
nuair bhíonn éan-rud ameasa liom. Bhí sé an buille
'chlog an uair seo agus chaitheas seal fada ag seinm
dham féin annso go rabhas nách mór ag tuitim im'
chodladh, Gan bheith ag cuimhneamh ar éan-rud i n-éan-
chor bhios ag féachaint tríd an dorchadas agus cad
do chífinn ós mo chomhair amach ar an dtaobh thall de'n
gháig acht splanc beag soluis. Maidin bhreagh shamhraidh
dob' eadh í agus bhí fhios agham go raibh an ghrian ag


L. 39


éirighe ar an dtaobh soin de'n tsliabh. D'éirigh mo
chroidhe le háibhéis mar do rith sé isteach im' cheann go
mb'fhéidir go bhfuighinn slighe níos comhgaraighe isteach
go dtí an uaimh; acht do thuit sí arís go hobann nuair
chuimhnuigheas ar an ngáig. 'San am chéadna tháinig
eagla orm go mb'fhéidir go bhfuigheadh duine éicint
amach an poll agus go mbéadh an cat as an mála ar
fad. Acht chomh fada is do bhí an gháig eadrainn ba
chuma liom.



Chuireas an solas taobh istigh de'n dorus ar eagla
gur ar mo shúilibh do bhí an splanc do chonnacas, acht
ar ndóigh ní headh. Bhí sé ann gan amhras. Bhí solas
an lae ag teacht isteach ar chuma éicint chomh cinnte
is do bhíos féin im' sheasamh annso.



An fhaid do bhíos ag féachaint air agus ag machtnamh
cad do dhéanfainn do rith smaointe isteach im' cheann
agus do chuireas i bhfeidhm iad gan mhoill.



'Sé an chéad rud do dheineas, snáthad mairnéalaigh
d'fagháil - agus bhí ceann beag agam go tráthamhail -
ar chaoi go bhfuighinn amach go beacht luighe na háite
'n-a raibh an solas ag teacht isteach. Annsoin do
chuadhas amach agus chuartuigheas suas agus anuas
agus anonn agus anall; acht do theip orm an áit
d'fagháil amach.



Bhíos ag leigint mo sgíthe go tuirseach gruamach go
leór nuair do thugas fá ndeara go raibh fadhb chairr-
geach ag éirige amach ar thaobh an chnuic taobh thuas
díom agus dubhras liom féin go mb'fhéidir go bhfuighinn
amach an poll ann. Bhí an fhadhb so nach mór ceathramha
mhíle ar fad agus é briste manntach mar na cairr-
geachaibh do chífeá ar bhruach na fairrge.



Suas liom agus níor bh'fhada dham ag cuartach go
bhfuaras an áit, agus ní misde rádh go raibh áthas
croidhe orm cé ná raibh fhios agam cad d'éireóchadh as
an uair sin. Istigh i gcúinne beag garbh iargcúlach
'seadh do fuaras an poll agus sgairt aitinn agus
driseóg ag fás go tiugh taobh amuigh dhe. Poll an-
bheag dob' eadh é acht do chonnacas go raibh an sgoilt


L. 40


ag leathnughadh síos agus ná raibh uaim acht na clocha
beaga agus an chré do ghlanadh amach agus go mbeadh
an poll chom mór is badh mhaith liom é.



Ní bhéinn sásta go bhfeicfinn an raibh an poll ceart
agam, agus má bhí, an bhféadfainn bealach do dhéanamh
isteach go dtí an uaimh. Tháinig mé isteach fá dhéin
greim le n-ithe mar do theastuigh sé uaim tar éis na
maidne, agus, nuair bhíos ag gabháil amach arís,
d'fhágas solas ar an streapa annso. Thugas cró
liom agus ba bheag an mhoill orm an poll do leathnug-
adh agus i gceann leathuaire bhíos im' sheasamh istigh
'san uaimh thall annsoin mar do bhíos o chianaibh.



Bhíos ag brath go mbeadh an taobh eile níos oireamh-
naighe dom' ghnó-sa ná an taobh so nó b'fhéidir go
bhfuighinn slighe trasna na gága. Acht b'fhearr liom
bheith ar an dtaobh so cé ná fuil slighe ró-chomhgarach
isteach chuige; mar fuaras amach go raibh an gháig chomh
doimhin thall is bhí sé i bhfus. Do dhúnas suas an poll
arís tar éis an méid trioblóide do bhí agam leis agus
d'fhágas mar sin é go ceann coigthighse 'n-a dhiaidh sin.



Éan-oidhche amháin do bhíos annso tuirseach tnáidhte
tar éis bheith ag stracadh rudaidhe do theastuigh uaim
isteach tríd an bpoll soin thíos agus ag rádh liom féin
gur bhreagh an rud dá mbeadh bealach níos comhgaraighe
isteach annso nuair do rith sé de phlap isteach im'
cheann go gcuirfinn droichead trasna na bearnan.
Chuireas bógha agus saighead i gcóir gan mhoill agus
thugas iarracht ar sreing do chur go dtí an taobh eile.
Theip sé orm fé dhó acht an tríomadh urchar do chaitheas
chuaidh an tsaighead anonn agus d'fhan sé thall.



Bhíos ag imtheacht as mo chroiceann le háibhéis, mar
bhí an droichead geall le bheith déanta anois, agus dá
mbéadh rópa láidir fada agam, ní bheadh iomarca
moille air. Acht b'éigin dam rud beag foighne do
bheith agam, mar ní raibh rópa de'n chineál do theastuigh
uaim le fagháil níos giorra dhúinn ná Inis. Pé ar
domhan é, fuaras an rópa fá dheireadh agus 'sé t'athair
do thug chugam ó Luimneach é.


L. 41


Tá sé greamuighthe go daingean agam ins an gcar-
raig ar gach taobh de'n gháig agus tá an ciseach atá
agam mar charáisde crochta dhe ar nós go gcuinneochadh
sé suas leath-thonna ar meadhchaint. Is iomdha ualach
trom do thugas liom thar an ngáig ó chuireas suas an
droichead cé go rabhas eaglach agus imnidheach go leór
an chéad uair do chuadhas anonn; acht mar gach éan-
rud eile, ní chuirim suim ar bith ann anois "le neart
na taithighe."



Tá an poll thall foluighthe agam anois ar nós nach
bhfuigheadh éinne amach é dá mbéadh sé d'á lorg go
ceann bliadhna. Ba mhór an bonntáiste dham an
bealach nuadh mar ní fhéadfainn cuid des na rudaíbh
atá istigh annso agam do thabhairt isteach go bráth
mar 'adh go bhfuaras amach é. Agus má thagann éan-
tóir orm éan-uair, is féidir liom an droichead do chur
as usáid le casadh mo láimhe.



"Acht cuir i gcás," arsa mise, "go dtagadh éinne
isteach a gan fhios duit ná bheadh sé i gcumas dóibh
teacht anall annso ins an gciseach."



"Is maith an chuimhne í ambasa," ar seisean, "acht
d'éirigh an rud céadna im cheann féin nuair do bhíos
ag socrughadh an droichid. Bíonn duine an-ghasda
nuair tá a mhuineál 'sa lúib. Gabh i leith annso go
fóil go bhfeicfidh tú an chaoi atá agam ar an rópa ar
gach taobh."



Chuadhmar anonn go dtí an ciseach. Tharraing an
"Gioblachán" chuige an rópa agus d'imthigh an ciseach
amach uaidh ós cionn na gága. Annsoin do thugas fá
ndeara go raibh fáinne teann iarainn greamuighthe
le luaidh go doimhin 'sa charraig agus go raibh roithleán
ar crochadh dhe le dubhán mór. Bhí an rópa ag rith
tríd an roithleán so. Thóg sé an dubhán as an
bhfáinne agus léig sé síos ins an ngáig é le sreing
do bhí ceangailte dhe.



"Cé raghadh ar an ndroichead anois?" ar sé, "tá
an chaoi chéadna air thall, agus fágaim mar sin é im'
dhiaidh i gcomhnuidhe. Anois cad deir tú?"


L. 42


"Nuair do chonnacas fé ghné bacaigh anocht thú, bhí
'fhios agam im' chroidhe istigh nár bh'amadán do bhí ann;
acht chun an fhírinne d'innsint duit do shaoileas éan-
uair amháin go raibh tú leath-éadtrom.



"Ní tú an chéad duine do mheallas lem' chleasaidh-
eacht," ar seisean, ag gáiridhe.



"Is dócha é," arsa mise, "acht do bhuaidhfeá i
ngastacht, i n-aicillidheacht agus i ngliocas ar an
nGobán Saor féin, dá mbeadh sé beo indiu."



"Ó, go bhfóiridh Dia orainn!" ar sé, "plámás arís.
Seo isteach leat go bhfeicfidh tú seomra n-a n-arm."



AN T-OCHTMHADH CUID.
Sgeimhleadh eile.



Chuadhmar isteach annsoin agus do thaisbeán an
"Gioblachán" dam gach éin-ghléas do bhí aige. 'Sé mo
thuairim go raibh suas le céad gunna gearr san áit
gan trácht ar phiostalaibh ná ar ghléasaibh eile, agus
bhí gach ceann aca mar bhiorán nuadh agus iad go léir
i gcóir chun usáid do dhéanamh dhíobh dá mbeadh aga
chuige. Dubhairt sé liom go raibh sé 'ghá mbailiughadh
le chéile le cúig bliadhna agus go ndearnadh an-urmhór
i n-Ameriocá.



Ó'n méid cainnte bhí agam leis i seomra na n-arm
agus i gcaitheamh na hoidhche, bhí sé ag éirighe níos
láidre im' aigneadh gach éan-nóimint nár casadh riamh
liom éin-fhear do sháruigh i n-inntleacht agus i ngéar-
chúiseacht air agus dubhras leis:



"Nach aisteach an gnó do leag tú amach dhuit féin."



"Beatha dhuine a thoil, a dhuine chroidhe," ar sé.



"'Seadh, gan amhras," arsa mise, "acht dar ndóigh,
ní gábhadh dhuit-se an gnó so thógaint ar do ghuailnibh.
Tá sé id' chumas slighe marachtála d'fagháil i gcuma
éicint eile."


L. 43


"Tá an ceart agat annsoin," ar sé, "is féidir
liom mo dhóthaint airgid do shaothrughadh i slighthibh eile,
acht ní thiubhradh sé an oiread sásaimh dam is táim a
fhagháil as an obair seo agus b'fhéidir ná beinn i mbun
an ghnótha so mar a'dh go raibh ciall mhaith leis. An
dtuigeann tú?"



"Tuigim," arsa mise, agus tháinig aithmhéala orm
annsoin go ndubhras éan-rud i n-éan-chor leis i dtaobh
na hoibre ar eagla go gceapfadh sé go rabhas ag
piocadh a rún as.



"Agus ó thárla go ndearnamar trácht air seo," ar
sé, "innseochad mo sgéal dhuit ó thús go deireadh
nuair raghamaoid isteach agus mo lámh dhuit go gcuir-
fidh sé iongantas ort."



"Má tá rún ann," arsa mise, "ní'l fonn ar bith
orm an sgéal do chloisint. D'fhéadfadh duine bheith
'n-a fhear mhaith agus gan a rún do sgeith; agus is ait
an rud go bhfuilir ag cur do mhuinighne i nduine nach
bhfacais riamh roimhe seo."



"Ba dhual athar duit bheith díreach macánta," ar
sé, "acht níor casadh liom éinne riamh fós d'fhéad-
fadh méar do chur fám' shúil-se agus, mara 'dh go
bhfuilim lán-chinnte dhe im' chroidhe istigh go bhfuil tusa
id' fhear sheasmhach, ní sgeithfinn mo rún chugat chomh bog
soin. Rud eile, do thugas do lúidín fá ndeara mar do
thaisbeán t'athair an comhartha dham éan-uair amháin."



Bhí cor beag i lúidín mo dheas-láimhe do tháinig
anuas chugam ó ghlún go glún agus b'é sin an comhartha
ar thrácht sé air.



"Seo isteach leat," ar sé, "agus tiubhrad an sgéal
duit, bíodh rún ann nó ná bíodh."



Chuadhmar isteach i bhfochair a chéile annsoin, acht ní
rabhmar taobh istigh de'n dorus nuair do bhaineadh
sgeimhleadh eile asam. Ag gabháil amach dúinn ní raibh
pioc ar an mbórd acht amháin na páipéir do bhí d'á
léigheamh ag an "nGioblachán," acht anois bhí sé gléasta
amach le haghaidh suipéir. Do dhearcas timcheall orm
ag féachaint an raibh éinne 'sa seómra beag acht ní raibh.


L. 44


"Fá dhraoidheacht fós," ars' an "Gioblachán."



"Is cosamhail go bhfuilim," arsa mise.



Leig sé sgairt gháire as, mar ba ghnáthach, agus ann-
soin do ghlaoidh sé amach:



"A Shadhbh, gabh i leith annso go fóil, má's é do
thoil é."



Is ar éigin do bhí an focal as a bhéal nuair do
hosgladh doras beag ins an mballa ós mo chomhair
thall agus tháinig bean óg álainn amach chughainn.
D'fhéach sí go géar orm-sa ar feadh nóiminte agus
annsoin do phreab sí i leith im choinne ag síneadh
amach a lámh chugham agus a rádh i nGaedhilg ceólmhair:



"Agus a Mhic Uí Bhriain, an tusa atá ann? Céad
fáilte romhat annso. Is beag do shaoileas an uair
dhéidheanach do casadh ar a chéile sinn gur istigh 'san
áit aisteach so do bhuailfinn trasna ort arís."



D'aithnigheas an guth láithreach agus do chroitheas
lámh léi go cáirdeamhail.



"Ní bheidh deireadh le miorbhailtíbh na háite seo go
bráth," arsa mise ag féachaint ar an "nGioblachán." Bhí
sé ag cur a dhá shúil trínn; agus ní chreidfinn go
mbeadh a leithéid de sgannradh ar dhuine chomh géar-
chúiseach leis, mara'dh go raibh sé 'n-a sheasamh annsoin
lem' thaobh agus gan é i n-a chumas an oiread is éan
fhocal amháin do labhairt.



"Agus tá aithne agat-sa ar mo dheirbhshiúir," ar sé,
nuair do tháinig sé chuige féin.



"Ó tá," arsa mise, ag gáiridhe, "má's deirbhshiúr
duit Sadhbh Ní Chonchobhair."



"Ar mo bhriathar," ar sé, "do bhuaidh sé seo amuigh
's amach ar gach éan-rud do thárla dhomh-sa ó rugadh
mé. Tá sé díreach mar bheadh rud éicint do léighfeá
i bhfinnsgéal; agus a Mhic Uí Bhriain, cé gur mór
agus gur uathbhásach an sgannradh agus an t-iongantas
do chuir mise ort-sa anocht, is míle mó an t-iongantas
atá orm-sa anois. Acht suidhidh síos agus innis dam
cá huin nó cá h-áit ar chuir sibh aithne ar a chéile ar
dtús."


L. 45


"I Lios Dúin Bheárnaigh, má theastuigheann fios
uait," arsa Sadhbh.



"Ó, tuigim anois." ars' an "Gioblachán," "áit an-
aereach is eadh Lios Dúin Bhearnaigh, is dóigh liom."



Do ghléas Sadhbh an suipéar dúinn agus do chaithea-
mar suas le huair a' chluig ag seanchus go sultmhar
agus go spleódrach, ag cur síos ar an gcaoi 'n-ar
chuir Sadhbh agus mé féin aithne ar a chéile. Acht bhí
Sadhbh an-thuirseach mar ní tháinig sí go dtí an áit acht
an oidhche roimhe sin agus chuir sí turas fada dhi ag
teacht. Chuaidh sí a chodladh agus d' fhág sí an
"Gioblachán" agus mé féin i bhfochair a chéile.



"'Seadh anois," ar sé, "do gheallas duit go n-inn-
seóchainn mo sgéal duit agus seo dhuit é go díreach,
fé mar do thuit sé amach."



Thosnuigh an "Gioblachán" mar so:-



AN DARA ROINN.



Sgéal an Ghioblacháin.



An Chéad Chuid.
An Ridire.



"Féach, a dhuine chroidhe, nuair a chuimhnuighim ar an
méad do thuit amach ins an sgéal so atá mé chun
innsint duit anois, éirigheann fearg agus buile im'
chroidhe istigh agus cuireann sé tré n-a chéile go mór
mé; mar tagann an crádh croidhe agus an t-annró
d'fhulaing mise agus mo mhuintir ós mo chomhair go
soiléir arís. Acht, buidheachas mór le Dia, táim ag
éirghe níos suaimhneasaighe im' aigne le leath-bhliadhain
no mar sin; mar nuair bhuaileann éin-nídh bhaineann
leis an aimsir atá imthighthe isteach im' cheann cuirim i
leathtaoibh é gan mhoill. Acht seo dhuit an sgéal.



Bhí m'athair i n-a fheirmeóir socair sóghach, go láidir
agus go compórdamhail, is cuma cá háit, go dtí


L. 46


seacht mbliadhna ó shoin. Bhí stiall mór talmhan aige
agus i n-éinfheacht leis sin do bhí muileann aige ag
obair gach éan-lá sa' bhliadhain nach mór. Ba mhianach
óir dó an muileann so. Ba leis féin é agus an
innse bheag 'n-ar sheas sé. Ní raibh glaodhach ar bith ag
duine 'san domhan leis agus níor dhíol m'athair no
éinne a tháinig roimhe pinginn cíosa as riamh.



Ní raibh de chloinn ag m'athair acht beirt, mise agus
éan-dheirbhshiúr amháin, agus bhí sé leagtha amach ag an
bhfear bocht, go ndeinidh Dia trócaire ar a anam
anocht, go dtiubhradh sé slighe mhaith maireachtála dhúinn
araon. Sul a raibh mise cúig bliadhna déag d'aois
bhí sparán fada trom curtha i dtaisge aige le n-ar
n-aghaidh-ne, agus do chuir sé mise go dtí coláisde
mór an-fhada ó bhaile ar nós go bhfuighinn beathughadh
ceart ann.



Bhí m'athair go rathamhail agus go síothamhail, agus
an saoghal ag éirghe go breagh leis an fhaid do mhair
an tighearna talmhan do bhí ós a chionn. Duine uasal
cóir croidheamhail galánta do b'eadh é nár dhein droch-
bheart riamh agus bhí sé chomh ceanamhail ar na tionón-
tuidhthibh 's do bhí sé ar a mhuintir féin. Bhí cáirdeas
agus báidh aige le gach éinne bocht agus saidhbhir, agus bhí
meas an-mhór air féin i gcomhnuidhe. Bhí cion agus grádh
aige ar a thír dhúthchais agus ar an áit 'n-a rugadh é -
ní mar chuid eile d'á shórt - agus d'fhan sé ag baile ó
fuair sé seilbh Caisleáin na Cairrge agus do chaith sé
an méad airgid do bhí le caitheamh aige i measg na
ndaoine ag déanamh leasuighthe ar an talamh, ag tior-
mughadh bogaigh no portaigh annso agus annsúd, ag
cur suas teórann, agus go minic ag cabhrughadh leis
an dream do bheadh i dtrioblóid mar gheall ar butún
éicínt, nó a mbeadh easbaidh eallaigh no síl ortha. Ní
raibh mór-chúis no mórdháil ag gabháil do i n-éan
tslighe, agus bhí na daoine go léir thart thimcheall na
háite go han-shásta ar fad agus ní gábhadh dham a
rádh go rabhadar gan uireasbhaidh an traoghail ortha an
fhaid do mhair sé. Acht fa dheireadh tháinig lá trom


L. 47


dorcha dubhrónach nuair do thuit néal cumha ar chroidh-
thibh na ndaoine agus do fágadh iad go fánach agus go
faon fá bhuaidhirt, fá chrádh agus fá mhí-shuaimhneas o
shoin amach. B'in é an lá'n-a bhfuair an sean-tighearna
bás. Ní misde a rádh ná raibh súil tirim ná croidhe
éadtrom ag éinne 'sa cheanntar acht go rabhadar go
léir óg agus críonna claoidhte le aithmhéal mar bhí "An
faraire cabhartach bronntach fearamhail" imthighthe uatha
agus bheidís ó'n lá soin amách fá smacht an Ridire óig.



Bhí eagla an domhain aca roimh an oidhre agus ní gan
fáth. Ní raibh dailtín chomh mór leis i nÉirinn nuair bhí
sé ag éirghe suas agus bhí croidhe an tsean-fhir briste
aige. "Dul i n-aois, dul i nolcas do," agus nuair
thuit seilbh na háite isteach chuige ba bhitheamhnach droich-
bheathadh agus droich-bhéas é agus bhí fuath agus
doicheall agus searbhas ag gach éinne roimhe. Bhí sé
an-thabhartha do'n ól agus ní fhéadfadh bean ná cailín
teacht 'n-a ghaobhar i n-éan-chor bhí sé chomh droich-
intinneamhail agus chomh drochlabharthach soin.



Ní raib an sean-tighearna 'san úir ós cionn míosa
nuair do chrom an tíoránach cealgach ar dhroc-úsáid
do thabhairt do na tionóntuidhthibh agus iad do chéasadh -
d'árduigh sé an cíos ortha gan mhoill agus ní raibh aige
fá n-a gcómhair acht tarcuisne agus masladh. Bhí i
bhfad níos mó meas aige ar a mhadra féin ná bhí aige
ar an bhfeirmeóir ba shuimeamhla 'sa pharóisde agus is
minic do chuir sé 'fhiachaibh ar dhuine dul ar a ghlúinibh
'sa laithigh agus fanacht ann go mbeadh sé féin
imthighthe as radharc. Faraoir géar! ní h-é sin an
oileamhain fuair sé ó n-a athair. Acht is iongantach
an rud nár bhain sé lem' athair-se i n-éan-tslighe mar
níor chuir sé an oiread is éin-chianóg amháin de bhreis
ar a chíos.



Bhí mo dheirbhshiúr ag éirghe suas an uair sin 'n-a
cailín óg dathamhail timcheall ocht mbliadhain déag
d'aois. Cailín ciuin ceannsa módhamhail socair do
b'eadh Sadhbh i gcomhnuidhe agus níor bh'fhada gur chuir
an bitheamhnach súil uirri.


L. 48


Thosnuigh sé ar cuaird do thabhairt anois agus arís
go dtí an teach. Thagadh sé isteach ag maoidheamh go
hárd-ghlórach agus go mór-chúiseach go raibh meas an-
mhór ag an sean-tighearna ar m'athair agus mar gheall
air sin go mbeadh an meas céadna aige féin air.
Rud eile: leigeadh sé air go raibh báidh mhór aige le
Sadhbh agus bhíodh sé ag bladar léi an fhaid do bhíodh
sé ar cuaird. Bhí m'athair séimhbhéalta go leór leis,
cé go raibh amhras aige ar cia an chiall a mbíodh an
rábaire ag teacht, mar is deacair do dhuine déanamh
mar ba mhaith leis, agus mar ba chóir, nuair tá a lámh
i mbéal an mhadra. Acht níor ró-fhada go dtáinig an
sgéal chun chinn.



Éan-lá amháin bhí m'athair 'san mhuileann mar ba
ghnáthach. Bhí mo mháthair imthighthe ar cuaird go teach
dhuine mhuinteardha. Bhí an buachaill aimsire agus an
cailín aimsire amuigh i bhfeighil a ngnótha féin. Ní
raibh duine ar bhith istigh acht Sadhbh agus cia bhuailfeadh
isteach agus gan an luráinín bocht do bheith ag cuimhneamh
ar éan-rud, acht an Ridire óg agus goic air. Thosnuigh
sé gan mhoill ar an bpáisde do mhealladh le bladar
agus plámás agus caint bhreagh. Ní fhaca sé riamh i
n-ean-áit 'n-a ndeachaidh sé a leithéid do chailín; bhí sí
chomh soillseach leis an ngréin; do ghoid sí a chroidhe
uaidh, agus céad rud nach é, agus fá dheireadh thiar
thall thug sé iarracht ar ghreim do bhreith uirri. Suas
go dtí sin do shaoil sí ná raibh sé acht ag magadh, acht
nuair do dhein sé uirri leig sí sgread aiste agus
sgeinn sí uaidh isteach sa tseómra agus dhún sí an
doras. Acht níor mhaith leis bheith buailte; bhí an
diabhaltacht ró-laidir 'n-a chroidhe. Lean an bitheamh-
nach í, mar is dócha go raibh sé ag faire ar an teach
agus ag líseáil timcheall na háite sul ar tháinig sé
isteach agus bhí fhios aige go maith ná raibh éinne istigh
acht í féin. Á! nár bh'é an feall é. Is maith an sgéal
nár tháinig mise air an uair sin. Do thiubhrainn luach a
chluainireachta dhó. Ní fhágfainn greim de le chéile agus
do dhéanfainn spruadar d'á cheann ar leic na teineadh.


L. 49


Nuair chonnaic Sadhbh é 'ghá leanamhaint is beag nar
chuaidh sí i laige, acht do rug sí ar chuigeal do bhí sa
chúinne chun í féin do chosaint agus dubhairt sí leis go
mbrisfeadh sí a cheann dá dtagadh sé na gaobhar agus
annsoin thosnuigh sí ag sgreadghail chomh hárd is bhí n-a
cumas ag iarraidh cabhra.



Nuair d' airigh an Ridire an liúraigh chuaidh sé ar
dearg-bhuile ar fad. Thosnuigh sé ar easgaine agus
ar liogóireacht agus mara'dh go dtáinig m'athair
isteach go tráthamhail ar an nóimeid sin is doigh liom
féin go mbeadh a mhalairt de sgéal le h-innsint
agam-sa anocht. Acht buidheachas le Dia ná fuil. Dá
mbeadh éin-díoghbháil déanta ní bhéidhinn annso i n-éan-
chor.



Chun dailtíneacht an fhealltóra do thaisbeánt duit,
nuair do sheas m'athair 'sa ndoras d'iompuigh sé air
go dána drochmhúinte agus smulc air, cé go rugadh
air go glan i ndroichbheart náireach, agus dubhairt sé
leis:



"Nach deas an sgéal é seo! d'éirigh d'inghean-sa
suas im' choinne nuair do labhras léi go ciúin séimh-
bhéalta agus ní raibh aici dham acht tarcuisne agus
doicheall. Ní'l innti acht soirtheóir ceanndána droch-
mhúinte agus caithfidh tú smacht do chur uirri."



"Go réidh, go réidh, a mhic ó," arsa m'athair leis go
socair, cé go raibh a chochall ag éirghe, "ní soirtheóir
m'inghean-sa i n-éin-tslighe acht is dailtín an té
adubhairt gur bh'eadh. Níor thuill sí smacht do chur
uirri riamh, acht tá smacht tuillte agat-sa, a smulca-
cháin bhréin, agus mara'dh go bhfuilir fá dhíon mo thighe-
se anois, agus go raibh meas an-mhór agam ar t'athair,
do chuirfinn smacht ort-sa, cé go bhfuilim i bhfad nios
sine ná tusa. An airigheann tú mé, a chladhaire?"



"Há! há! agus an mar sin atá an sgéal?" ars
an Ridire agus do chrom sé ar gháiridhe, "Ar m'anam
acht tá tú neamh-spleadhach; acht fan go fóil, a shean-
cheithearnaigh, agus bainfidh mise cuid de'n sgóip
dhíot."


L. 50


"Go réidh, go réidh, a mhic ó," arsa m'athair.


L. 51


"Teighir i n-ainm an diabhail as mo radharc," arsa
m'athair, "agus ná tar taobh istigh de'n tairsigh sin
arís, pé fhaid atá mise annso, bíodh sé acht seachtmhain,
nó bíodh sé céad bliadhain."



"Geallaim-se dhuit, a shean-bhrealláin, ná béidh sé
ró-fhada, má's féidir liom-sa. Cuirfidh mise an ruaig
ort-sa agus ar chuid eile de'n chuimrisg bhréin atá
timcheall na háite seo," agus do leig sé sgairt árd
tarcuisneach as do chloisfeá leithead páirce ó'n teach.



"Lámh láidir i n-uachtar, is dócha;" arsa m' athair,
"acht seachain tú féin, tá lámh De níos láidre ná do
lámh-sa agus cuirim-se mo mhuinighin ann. Déin do
dhícheall, a bhitheamhnaigh. B'fhearr liom míle uair an
mála do chur ar mo dhruim agus déirc do bhailiughadh
ó dhoras go doras ná fanacht annso agus cead do
thabhairt duit-se do lámh shalach do chur ar mo pháisde.
An n-airigheann tú mé?" Agus do bhuail sé a mhaide
go millteach ar an urlár ar nós gur bhain se geit as
an Ridire agus fuaim as an urlár.



"B'fhéidir é, b'fhéidir é," ar sé, agus amach leis ag
dranntadh mar mhadra fiadhain.



"Nár bh'é an peacadh é an buaileam-sgiath do sgaoil-
eadh an bóthar chomh bog soin. Dá mbeinn-se ann, do
chuimhneóchadh sé orm go lá a bháis mar do thiubhrainn
a chuid fola dhó le n-ól, an crochaire bradach," agus
do thug an "Gioblachán" leang d'á ghlúin do chuir ar
solus ag léimrigh ar an gclár agus d'fhéach sé go
han-chrosda.



Stad sé de'n sgéal agus do chuir sé a lámh suas le
n-a éadan leathan mín fá mar do bheadh sé ag cuimh-
neamh ar rud éicint. Níor labhair sé focal go ceann
cúpla nóiminte, Annsoin do thosnuigh se arís.



"Is dócha," ar seisean, "go saoileann tusa gur
fear an-mhillteach mise; acht ní headh. Ní ghoirteóchainn
crumh gan trácht ar dhuine, acht ní fhéadfainn cur suas
riamh le dailtín dá bhfuighinn coróin Shacsana air. Agus
an iongnadh ar bith é dá mbéadh fuath im' chroidhe istigh
do stalcaire do thug iarracht ar inntinn mo


L. 52


dheirbhsheathar féin do árdughadh agus an leanbh bocht
do mhealladh?"



Ní gábhadh dham a rádh gur chuir beart fhealltach an
Ridire na seandaoine tré n-a chéile go mór; acht do
bheadh an sgéal i bhfad níos measa mara'dh go rabhadar
rud beag neamhspleádhach. Ar a shon soin féin, ní raibh
lá suaimhneasach ag éinne aca 'na dhiaidh sin go
bhfuaradar bás.



Do cuireadh Sadhbh go hárd-sgoil fá chúram Ban
Riaghalta timcheall le fiche míle ó bhaile ar nós go
mbeadh sí as an tslighe ar fad. Bhí sé seo ceaptha ag
m'athair le fada, acht bhí leisge air i dtaobh
sgaramhaint léi, mar bhí sé an-cheanamhail uirri agus
do chongbhuigh sé ar sgoil í ag baile; acht fá dheireadh
b' éigin dó í sgaoileadh uaidh, agus bhí aithmhéala air
ná raibh sí imthighthe sul ar tháinig an Ridire a-bhaile.



AN DARA CUID.
An léirsgrios.



Dhein an bitheamhnach d'réir a fhocail, agus taobh
istigh de leath-bhliadhain 'n-a dhiaidh sin chaith m'athair
seilbh an tighe agus na talmhan do thabhairt suas gan
aisioc gan sásamh. Is iomdha lá cruaidh do chuir sé
isteach, agus is iomdha braon alluis do chaill sé leis
an bhfeirm, agus bhí a rian air. Ní raibh éan-áit eile
'sa dúthaigh sin níos deise ná í. Acht cad do bhí aige
anois d'á bhárr? A chuid saothair ar fad caillte agus
an Ridire ag déanamh magaidh faoi.



Bhí croidhthe na seandaoine brúighte briste nuair
d'fhágadar an teach fada fairsing compórdach 'n-ar
chaith siad urmhór a saoghail go sonasach agus go
síothamhail le chéile. Chualas go raibh mo mháthair bhocht
nach mór glan as a meabhair le cráidhteacht agus le
brón. Bhí sí ag gol agus ag caoineadh ar feadh uaire
a' chluig sul ar fhág sí an teach agus do bhainfeadh sí


L. 53


na deora as éinne do bheadh ag éisteacht léi; agus
ba bheag an iongnadh é, mar ba thruagh Mhuire í féin
agus m'athair an lá úd, gan amhras.



Is iongantach nár chailleas féin mo mheabhair nuair
do fuaras sgéal lá i dtaobh an léirsgris bhí déanta
ag baile. Ní fhéadfainn an litir do léigheadh. Tháinig
sgamall ar mo shúilibh agus d' éirigh cnap im' sgórnach.
Acht do léigheas í fá dheireadh ar chuma éicint agus bhí
an sgéal ar fad agam; agus mo chreach ghéar agus
mo lón dóighthe, bá thruaighmhéalach an sgéal é. Bhí
m'athair agus mo mháthair i ndeireadh a laetheanta
ruagtha as a n-áit féin agus caitthe, mar adéarfá, ar
thaobh an bhóthair gan chiall ar bith fá'n spéir acht amháin
gur sheas an sean-fhear suas go fearamhail leis an
Ridire agus gur chosain sé a inghean féin ó sgraiste
bladarach droch-intinneamhail. Agus ní bhéadh cead
agam-sa mo chos do chur go bráth arís ins an teach
'n-a rugadh agus a tógadh mise agus na seacht sinnsir
a tháinig romham. Do ghoill sé seo go trom orm agus
ní raibh sé im' chumas pioc do dhéanamh ar feadh seacht-
mhaine acht ag cuimhneamh air.



Níor thuit éan-rud amach le linn m' óige nár rith
trém' cheann. Do chuimhnigheas ar an gcaoi a dtagadh
na comharsain isteach ar cuaird chughainn 'san oidhche
agus an t-áthas do bhíodh orm-sa ag éisteacht leó ag
cur síos ar an bhFéinn, ar an gCóiste Bodhar, ar an
bPúca, ar na Daoine Maithe agus ar rudaíbh nach iad.
Do chuimhnigheas ar éan-oidhche áirithe nuair do bhíos im'
gharsún óg. Oidhche fhiadhain gharbh do bhí ann agus bhí
na comharsain bailighthe isteach mar ba ghnáthach. Bhí
crampán mór giumhaise ar an teallach ag lasadh suas
i ngliadhrach breagh soillseach. Bhí mise im' shuidhe ar
shuidistín agus mo cheann leagtha ar ghlúinibh mo
mháthar ag éisteacht go critheaglach le sgéal i dtaobh
rud uathbhásach éicint do chonnaic an seanchaidhe ag
teacht a-bhaile dhó tar éis bheith ag imirt cártaidhe.
Bhí an ghaoth ag búithreamh sa tsimné agus na sgáile
agus an solas ó'n teinidh ag léimrigh anonn is anall


L. 54


i measg na bhfreitheacha no ag teacht is ag imtheacht
ar aighthibh na ndaoine thart thimcheall an teallaigh.



Nach ait an rud é nár chailleas cuimhne ar an oidhche
úd riamh, siúd is go rabhas an-óg an uair sin? agus
gach éan-uair airighim an ghaoth ag séideadh go trom ó
shoin i leith ritheann sí isteach im' cheann arís, agus chím
na comharsain bailighthe isteach, an gliadhrach ar an
teallach agus na sgáile i measg na bfreitheacha; agus
airighim an seanchaidhe ag innsint an sgéil agus an
ghaoth ag búithreamh 'sa tsimné agus mothuighim lámh mo
mháthar ar m'éadan nó ag rith a méaracha trém'
ghruaig mar do dhein sí an oidhche úd. Slán iomlán
leis an aimsir atá thart!



Do chuimhnigheas ar an rinnce agus ar na cleasan-
naibh sultmhara do bhíodh againn agus nuair do thuigeas
go ceart go raibh deireadh leó ar fad agus ná beadh
cead agam seanchas do bheith agam go bráth arís ar
mo theallach féin i bhfocair na comharsan nuair do
raghainn a-bhaile, is iongantach nár tachtadh mé leis
an reacht bhróin d'éirigh im' chroidhe agus b'éigin dam
bualadh amach 'sa pháirc leastiar de'n choláisde gur
shocruigh m'aigne rud beag.



Agus anois, a dhuine chroidhe, nach cruaidh an cás é
go bhfuil cead ag éin-tighearna talmhan, má's maith
leis é, duine bocht agus a mhuirighin do chaitheamh amach
ar thaobh an bhóthair gan éin-chiall ar bith, agus an teach
do leagadh anuas 'n-a dhiaidh, nó b'fhéidir do losgadh
ós a chionn, cé nar chaill sé cianóg ruadh riamh leis,
acht le congnamh Dé beidh atharrughadh sgéil againn
go gairid, mar tá na daoine céasta sgriosta agus ní
féidir leó cur suas níos fuide leis an ndroch-usáid
atá d'á fhághail aca gach lá agus éireóchaidh siad am
éicint agus réabfaidh siad na cuibhreacha atá d'á
gceangailt i mbraighdeanas fá buaidhreadh aignidh agus
annró leis na ciantaibh.



Mar a dubhras ó chianaibh do bheadh an sgéal i bhfad
níos measa ag m'athair mara'dh go raibh teach beag
deas leis féin aige i n-aice an mhuilinn ná raibh baint


L. 55


ar bith ag an Ridire leis agus nuair bhí sé socruighthe
aige agus gach éan-rud i gcóir aige chuaidh sé 'n-a chomh-
nuidhe ann.



AN TRÍOMHADH CUID.
An clampar.



Shaoil an fear bocht anois go raibh se réidh leis an
mbutún agus go mbeadh rud beag suaimhnis aige;
acht ní raibh an Ridire sásta fós. Thóg an rábaire
'n-a cheann go raibh glaodhach nó ceart éicint aige ar
an gcúinne beag talmhan 'n-a raibh an muileann 'n-a
sheasamh. Mar adubhras leat cheana ní raibh ann acht
innse bheag idir dhá abhann ar theórainn ceanntair an
Ridire. Níor bhfada gur chuir sé an dlighe ar m'athair
ag éileamh seilbhe na háite agus chuadar ós comhair
an bhreithimh. Do bhuaidh an sean-fhear an lá, mar ba
dhlightheóir díreach foghlumhtha an breitheamh, agus ní
raibh sé sásta i n-éan-chor leis an tagairt do chuir an
Ridire isteach.



Nuair do tháinig m'athair amach as Teach na Cúirte
do bhailigh gach éinne san áit 'n-a thimcheall ag crothadh
láimhe leis agus ag déanamh chomhgháirdeachais leis mar
gheall ar an mbualadh do thug sé do'n Ridire, agus
cia thiucfadh suas chuige acht an glamaire féin.



"Tá buaidhte agat orm," ar seisean ag gáiridhe mar
is ná béadh eatorra acht neimhnídh. "Cogair i leith
chugham go fóill, tá rud éicint agam le rádh leat."



"Táim réidh leat anois, a dhailtín," arsa m' athair,
"Dhein tú do dhícheall orm, acht buidheachas mór le Dia,
táim gan spleádhchas duit anois."



"Féach," ars an Ridire go síothamhail agus go
humhal, "bíodh deireadh leis an gclampar feasda,"
agus annsoin dubhairt sé lem' athair ná raghadh sé
níos sia leis an dlighe agus go dtiubhradh sé seilbh a


L. 56


chuid talmhan dó arís dá ndéanfadh sé rud éicnt ná
fuil sé im' chumas innsint duit; acht dá n-innseóchainn,
is baoghalach ná creidfeá mé.



Deamhan pioc a dhein m'athair sul a raibh an focal
deidheannach as béal an Ridire, acht smailc do thabhairt
do fá'n ngiall. Fear groidhe árd-aigeantach dob'
eadh é an uair sin, cé go raibh sé trí fichid bliadhain
d'aois agus do cuireadh an Ridire bun ós cionn
agus buaileadh é fá'n mbothar n-a mhart.



D' fhan sé annsoin gan cor as, fé mar do bheadh sé
marbh. Do gabhadh m'athair lom-láithreach agus do
cuireadh i bpríosún é go ceann míosa mar gheall ar
an bpoc do thug sé do'n Ridire.



Ní raibh sé riamh i gcúirt ná i bpríosún go dtí an
lá soin, agus do ghoill sé go huathbhásach air. Nuair
do leigeadh amach é bhí atharrughadh mór air agus do
thug gach éinne fá ndeara é. Bhí sé caitthe críonna
agus bhí a spriod, a mhisneach agus a chroidhe nach mór
briste, nídh nach iongantach, agus cad é an díoghbháil,
dá mbéadh sé réidh leis an gclampar agus leis an
mbutún anois féin, acht ar ndóigh ní raibh.



Ní bheadh an Ridire sásta go mbeadh sé ruagtha as
an áit ar fad mar gheall ar an smachtughadh do thug
an sean-fhear dhó ós comhair an phobail. Do chuir an
céasadóir an dlighe ar siubhal arís chun seilbe na
hinnse d'fagháil acht do theip air an dara huair.



Tugadh an cás go Baile-Átha-Cliath agus bhí obair
mhór mar gheall air. Bhí na dlightheóirí ag díosbóireacht
ar feadh seachtmhaine, acht bhí an lá ag m'athair arís.
Bhí sé geall le bheith buailte gur chuaidh éin-fhínné
amháin do bhí aige ós comhair na cúirte. B'é sin an
tighearna talmhan do bhí ar an taobh eile de'n teorainn.
Dhearbhuigh sé seo go dtug a shean-athair séin an innse
i n-aisge do shean-athair m'athar-sa chun an mhuilinn
do thógbháil ann agus dubhairt sé go raibh sgríbhneóir-
eacht aige féin do fuair sé go tráthamhail tamall
gearr roimhe sin, agus gan bheith dá lorg i n-éan-chor,
do thaisbeánfadh go dtugadh an innse dhó ar lá áirithe


L. 57


agus gur leis féin í agus leis an dream a thiucfadh
'n-a dhiaidh gan cíos gan cáin chomh fada is do bheadh
féar ag fás no uisge ag rith le fánaidh.



Bhí eachtra beag deas ins an sgríbhneóireacht freisin.
Bhí an sean-tighearna - an té ar leis an innse ar
dtús - nuair bhí sé 'n-a fhear óg ag snámh i loch 'sa
chomhursanacht éan-lá amháin nuair do buaileadh le
greim é agus é an-fhada amach. Bhí sé i riocht bheith
báithte nuair do thug Diarmuid Óg - b'é sin sean-
athair m'athar-sa - fá ndeara é. Níor dhein sé pioc
acht a bhróga do bhaint de agus dul amach fa n-a
dhéin. Ba chontabhartach an gnó é acht le hobair mhór
do shaoruigh sé é. Lá no dho 'n-a dhiaidh sin do chuir
an tighearna fios ar Dhiarmuid Óg agus dubhairt sé
leis, dá mbeadh sé n-a chumas, go dtiubhradh sé éan-
rud ba mhaith leis dó mar gheall ar an ngníomh fearamh-
lachta do dhein sé nuair do chabhruigh sé leis sa loch.
Bhí sé i gceann Diarmuda le fada go gcuirfeadh sé
suas muileann ar an innse, dá mbeadh cead aige,
mar bhí an áit an-oireamhnach dó agus, ó fuair sé an
tairgsint anois, dubhairt sé leis an tighearna go
mbeadh sé sásta dá bfuigheadh sé an innse bheag le
hais an átha. Chuir sé séo iongantas an domhain ar
an dtighearna mar nior bh'fhiú leath-phingne an áit, óir
ní raibh cothughadh gabhair ann, agus do shaoil sé gur
thuill sé rud éicint níos fearr 'ná soin. Acht ní
ghlacfadh Diarmuid rud ar bith eile uaidh agus b'éigin
do'n tighearna géilleadh dó fá dheireadh. Nuair do
innis Diarmuid dó cad é an gnó do bhí aige de'n
innse, thug sé cead dó na clocha do theastuigh uaidh
do bhaint i gcoiléar leis do bhí i n-aice na háite agus
thug sé gach congnamh ba féidir leis an muileann do
chuir suas. B'in í an chaoi 'n-a bhfuair mo mhuintir-se
seilbh na hinnse.



Nuair do chuaidh an sgríbhneóireacht so ós comhair an
bhreithimh, ní raibh an dara focal ins an gcás agus do
caitheadh amach an Ridire agus do chuireadh fá chostas
na cúise ar fad é. Acht ar a shon soin féin, bhí a lán


L. 58


airgid caillte ag m'athair, agus rud níos measa,
nuair do tháinig sé a bhaile do thuit sé i ndroch-shláinte
mar gheall ar an trioblóid agus an mío-shuaimhneas
do fuair sé an fhaid do bhí an clampar ar siubhal.
Thosnuigh sé ag meathadh agus níor thug sé lá foghanta
go bhfuair sé bás.



Cheileadar gach éan-rud uaim-se ag baile mar bhíos
ins an gcoláisde an uair seo, agus bhí eagla ortha go
n-áirdeóchadh sé m'inntinn dá gcuiridis sgéal chugham,
agus bhíodar ag brath ó ló go ló go mbeadh an lá ba
mheasa caitthe aca agus go bhfuigheadh an sean-fhear
biseach. Mar gheall air seo ní raibh pioc eolais agam
ar an gcaoi 'n-a raibh siad ag baile agus mo lámh
dhuit gur baineadh geit asam nuair do fuaras litir
lá 'ghá radh liom go raibh m'athair i riocht bháis agus
'ghá iarraidh orm teacht a bhaile gan moill. B'éigin
dam mo ghnó sa choláisde do chaitheamh suas agus
imtheacht a bhaile le croidhe trom agus gan súil go
bhfillfinn go bráth.



AN CEATHRAMHADH CUID.
An Gioblachán ag baile.



Ní chreidfinn ó éinne sul ar thángas a bhaile go
raibh léirsgrios chomh mór soin déanta ag an Ridire
acht nuair do chonnacas lem shúil féin é, is iongantach
nár chailleas mo chiall. Deir mise leat-sa go raibh
sé an-chruaidh orm foidhne do bheith agam.



Níor mhair an sean-fhear bocht acht seachtmhain, agus
nuair bhí sé curtha, dubhairt mo mhathair liom ná raibh
éan-airgead ann chun mo théarma do chríochnughadh sa
choláisde. B'é seo an buille ba thruime do fuaras
fós mar bhíos geall le bheith criochnuighthe ann; agus,
rud eile, bhí spéis mhór agam im' ghnó, mar bhíos ag
foghluim inniltheóireachta. B'éigin dam an coláisde
agus an inniltheóireacht do chaitheamh as mo cheann


L. 59


agus muilteóireacht do thógaint idir lámhaibh ar nós
go mbeadh mo mháthair agus Sadhbh gan spleádhchas
d'éinne.



Bhíos go dubhach diachrach brónach go ceann tamaill
fhada ag cuimhneamh ar an atharrughadh mór do bhí tar
éis teacht ar mo shaoghal; agus go deimhin féin agus
go dearbhtha, dá mbuailfeadh an Ridire trasna orm,
is dóigh liom féin go gcuirfinn rian mo dhá lámh air.
Acht ar ndóigh, ní bheadh éan-mhaitheas ann, mar bhí an
dlighe 'n-a thaobh-san agus bhí súil agam go dtiucfadh
an lá agus go mbeinn-se ar barr arís. Agus tháinig
an lá soin. 'Seadh, tháinig an lá soin.



Ní raibh m'athair curtha acht coigthighis nuair do tháinig
litir chugam ó dhearbráthair dó do bhí i nAmeiriocá.
Dubhairt sé sa litir go raibh sé ag brath ar theacht a
bhaile chun cuairt do dhéanamh ar an sean-áit. Sgríobhas
litir fhada ar ais chuige agus is sgéal truaighmhéalach
do bhí agam dó. Thángas anuas go géar agus go
trom ar na sgriosadóiríbh do bhí ag satailt ar na
daoinibh, nídh nach iongantach, agus chuireas i n-umhail
dó go raibh an Ghalldacht ag báthadh na tíre.



Fuaras freagra uaidh i gceann cúpla mí agus chuir
sé roinnt airgid go dtí mo mháthair. Is cuma cad
do bhí sa litir anois, acht dubhairt sé liom go raibh
duine muinteardha dhó ag teacht go hÉirinn chun
cuairt do dhéanámh timcheall na tíre agus go raibh sé
leagtha amach aige go ndéanfadh sé cuairt chugam-sa,
dá mbadh féidir leis.



Sealad 'n-a dhiaidh sin tháinig taisdealaidhe an
bóthar lá agus bhí seanchas fada agam leis. Ní raibh
'fhios ag éinne cia ar bh'é féin agus d' imthigh sé mar
tháinig sé.



Tar éis tamaill chuireas spéis mhór san obair do bhí
agam sa mhuileann. Do chuireas isteach innioll nuadh
i ndiaidh a chéile, ar nós gur sháruigh sé ar gach muileann
sa cheanntar soin, agus bhíodh goradh mór oibre orm i
gcomhnuidhe. Níor chorruigheas amach i n-éan-chor ar
feadh ráithe tar éis teacht a bhaile dham; acht annsoin


L. 60


do thosnuigheas ar chuaird do dhéanamh annso agus
annsúd sa tráthnóna nuair do bhíodh obair an lae
críochnuighthe agam sa mhuileann.



Bhíos ag brath ar rud beag caitheamh aimsire do
bheith agam anois agus arís, acht bhí an sult ar fad
marbh. Bhí atharrughadh mór ar gach éinne, óg agus
críonna, agus ní hiad na daoine céadna do bhí ann
is do bhí ann nuair do bhí mise ag éirghe im' gharsún.
Is beag an caitheamh aimsire do bhí ann anois seachas
do bhíodh ann nuair do mhair an sean-tighearna. Ní
raibh trácht i n-éan-áit 'n-ar ghabhas acht ar an Ridire
agus bhí eagla an domhain suidhte go daingean i
gcroidhe gach éinne roimhe.



Do shaoileas go mbeadh roinnt fearamhlachta ins na
buachaillíbh óga acht ní raibh. Bhí cuid aca géar-chúiseach
go leór acht do chuireadar suas go ró-chneasta ar fad
le géir-leanamhaint an tíoránaigh. Is dóigh liom féin
anois gur chreid na sglábhaidhthe bochta ná raibh sé
ceart dóib éin-ghearán do dhéanamh, no éan-locht
d'fhagháil ar an Ridire, pé olc nó éagcóir ba mhait
leis do dhéanamh ortha.



Níor thaithn sé seo liom i n-éan-chor, agus éan-oidhche
amháin bhíos ag smaoineamh cois na teineadh ar an
gcaoi 'n-a raibh na daoine buailte fá chois ag an
mbitheamhnach agus ag na tighearnaíbh talmhan ar fuaid
na tíre, nuair do bhuail sé isteach im cheann gur chóir
dam féin, chomh fada is do bheinn rud beag neamh-
spleádhach, taisbeánt dóibh nár bh'é toil Dé é go
mbeadh daoine ar bith fá smacht chomh mór soin ag éinne,
agus 'iachaibh do chur ortha a misneach agus a spriod
do ghlaodhach chúcha arís.



Acht cionnus do dhéanfainn é sin? B'in í an cheist!


L. 61


AN CÚIGEADH CUID.
An Sgoil.



Cé bhuailfeadh isteach chugam agus mé ag smaoineadh
mar seo, agus ag féachaint cionnus do réidhteóchainn
an cheist, acht oide sgoile na háite. Thagadh sé ar
cuaird chugam go minic, agus bhíodh fáilte agam
roimhe i gcomhnuidhe, mar b'fhear breagh foghlamtha é
agus Éireannach fír-cheart freisin. Is iomdha díos-
bóireacht fhada bhíodh eadrainn ar gach éin-nidh fá'n
spéir nach mór, agus mara'dh go raibh sé san áit nuair
do chuadhas a bhaile, do gheobhainn bás leis an "nGalar
Dubhach," mar ní raibh an inntleacht chéadna ag éinne
eile ann agus do bheinn uaigneach go leór gan sean-
chas go minic, mara'dh é.



Ní raibh sé taobh istigh de'n tairsigh nuair bhí an
cheist socruighthe agam. D'inniseas dó cad do bhí
im' cheann agus dubhras leis gur éirigh sé im' aigne
nuair tháinigh sé isteach go n-iarrfainn air congnamh do
thabhairt dam le sgoil oidhche do chur ar bun. Ní raibh
éan-chaoi eile againn ar na buachaillí do thabhairt i
gceann a chéile agus ní fhéadfadh an Ridire éin-díogh-
bháil do bhaint as obair mar súd.



Bhí an t-oide lán-toileamhail agus do gheall sé
dham, le fonn, go dtiubhradh sé gach congnamh do
b'fhéidir leis chun an gnó do chur ar aghaidh, pé duadh
nó dochar do bheadh ann; agus chaitheamar an chuid
eile de'n oidhche ag socrughadh gach éan-rud 'n-a thaobh
agus luigh an t-oide isteach go háibhéiseach leis an
obair.



Mar gheall ar an ndroch-úsáid do fuair m'athair
agus mo mháthair, bhíos féin réidh le héan-rud ar bith
do dhéanamh chun deireadh do chur gan mhoill leis an
mbasgadh agus an sglábhaidheacht agus an ngéar-bhruid
'n-a raibh na daoine bochta fá na sgriosadóiribh fíoch-
mhara.



'Sé an chéad rud do leagamar amach eadrainn féin


L. 62


acht leabharlainn do chur ar bun sa sgoil. Do bhronnas
féin an méid leabhar do bí agam ar an leabharlainn
ar choinghioll go mbeadh siad le fágháil agam éan-uair
ba mhaith liom é. Do dhein an t-oide amhlaidh; agus
nuair do chuadhmar go dtí an sagart paróisde ag
iarraidh ceada ar úsáid do dhéanamh de'n sgoil cúpla
oidhche sa tseachtmhain, agus nuair do chuala sé cad
do bhí ar siubhal againn, ní hamháin gur thug sé an
sgoil dúinn agus fáilte, acht thug sé roinnt leabhar
dúinn nár theastuigh uaidh féin agus púnt le haghaidh
cuid eile do cheannach.



Do bhain na leabhair ar fad le hÉirinn acht amháin
cor-cheann ná déanfadh díoghbháil ar bith d'éinne, agus
bhí cuid aca i nGaedhilig, mar bhí spéis mhór agam-sa i
gcomhnuidhe i dteangaidh na hÉireann. Ba ghaedhil-
geóir álainn agus sgoláire cliste sa tsean-theanga
an t-oide, agus nuair bhí an sgoil ar bun againn,
thosnuigh sinn ar an nGaedhilig do mhúnadh.



Nuair bhí gach éan-rud i gcóir againn, thug an
sagart fógradh ag an Aifrionn go mbeadh an sgoil
osgailte ar oidhche áirighthe agus go gcaithfeadh éinne a
raibh fonn air dul ann teacht chuige féin chun a ainm
do chur síos agus geallamhaint do thabhairt dó go
raghadh sé ann gach éan-oidhche. Dubhairt sé freisin
nár cuireadh an sgoil ar bun le haghaidh caitheamh
aimsire agus ná beadh cead ag éinne fá bhun ocht
mbliadhna déag d'aois dul ann.



Tháinig deichneabhar is fiche de bhuachaillíbh ciallmhara
i gceann a chéile an chéad oidhche, agus cé gur thuit
triúr no ceathrar aca siar tar éis tamaill, chuaidh an
chuid eile aca ar aghaidh go hálainn, agus níor bh'fada
go dtug gach éinne fá ndeara go raibh atharrughadh
mór ionnta go léir agus nár bh'iad na buachaillí
céadna do bhí ann i n-éan-chor. Bhí fearamhlacht agus
neamhspleádhacht agus inntleacht le feicsint i ngnúis
gach duine aca anois.



Do chaitheamar ráithe ag múnadh leightheóireachta
agus sgríbhneórachta agus litrighthe dhóibh; agus do


L. 63


chuir an chaoi 'n-a ndeachadar ar aghaidh iongantas agus
áibhéis i n-éin-fheacht orainn araon. Annsoin thos-
nuigheamar ar eólas do thabhairt dóibh ar stair agus
seanchus na hÉireann agus ar an gcaoi 'n-a gcuir-
fidís a smaointe le chéile go ceart agus go soiléir i
sgríbhneóireacht. B'álainn agus ba chliste an teagasg-
thóir an t-oide; agus caithfidh mé cunntas do thabhairt
duit anois ar an tslighe bhreagh acfainnigh do cheap sé
amach dhó féin chun na hoibre seo do dhéanamh.



Do léigheadh sé amach alt as stair na hÉireann do
na sgoláiríbh anocht, cuir i gcás. Do chuireadh sé
'fhiachaibh orm-sa an t-alt céadna do léigheamh go réidh
agus go socair. 'N-a dhiaidh sin do mhínigheadh sé an
t-alt ó thús go deireadh agus do cheistigheadh sé na
sgoláirí ar gach nídh do bhí ann. Annsoin do chuireadh
sé na focail cruadha ar an gclár dubh agus chuireadh
sé 'fhiachaibh ortha focail níos simplidhe do chur 'n-a
n-ionad. Agus i ndeireadh thiar d'innsigheadh sé an
sgéal ar a nós féin, agus do dhéanainn-se an rud
céadna. Téigheadh na buachaillí a bhaile annsoin agus
sgríobhadh siad amach an t-alt chomh maith as d'fhéadai-
dís agus an chéad oidhche eile do cheartuigheadh an
t-oide agus mé féin gach dearmhad do bheadh déanta
aca. Ní móide ná go raibh stair na h-Éireann nó an
chuid ba mhó dhe sgríobhtha aca i gceann bliadhna agus
ba bhreagh le héinne bheith ag éisteacht leo ag díosbói-
reacht eatorra féin ar cheist éicint do bhain le n-a
dtír dúthchais i n-allód.



Do chuir an feabhas do tháinig ortha i ngach éan-chuma
i n-umhail dam, dá mbeadh leabharlainn agus sgoil
mar an sgoil seo ar bun i ngach baile beag ar fuaid
na tíre agus go ndéanfadh gach oide sgoile mar do
dhein an t-oide seo againne go mbeadh adhbhar náisiúin
níos fearr againn go gairid.



Thug sé an-shásamh dhamh-sa nuair do chonnacas an
méad maitheasa do dhein an sgoil, acht i gceann
tamaill bhíos ar tí an gnó do chaitheamh suas ar fad
nuair do thóg beirt nó triúr de na buachaillíbh 'n-a


L. 64


gceann go raghadh siad go dtí Amerioca. Ní fheadar
fá spéir na cruinne cia an chiall a bhfuil dúil chomh
mór soin i measg daoine óg na hÉireann an sean-
dúthchas do thréigint. Acht ní'l baint ar bith ag an
gceist seo lem' sgéal.



Níor bhuail an Ridire trasna orm olc no maith ó
thángas a bhaile. Tá 'fhios agam go maith go raibh
eagla a chroidhe air romham mar ba chladhaire lobhtha é
cé go raibh sé 'na bhuaileam-sgiath mór láidir.



Bhíomar go léir ag dul ar aghaidh go breagh sonasach
go ceann bliadhna agus annsoin fuair mo mháthair
bás - go ndeinidh Dia trócaire uirri. Níor thug sí lá
fóghanta ó'n lá d'fhág sí amach a teallach féin.
Tháinig Sadhbh a bhaile agus d'fhan sí im' fhochair-se go
ceann míosa tar éis na sochraide. Éan-tráthnóna
amháin chuaidh sí ar cuaird go teach duine mhuinteardha
timcheall le dhá míle ó bhaile, agus nuair bhí sí ag
imtheacht, dubhras leí go raghainn féin 'na coinne,
nuair do bheadh sí ag teacht ar ais, agus go bhfanfainn
léi ag an gcrosaire.



Nuair bhí an lá istigh agam, agus mo ghnó san
muileann críochnuighthe, chuadhas i gcoinne Saidhbhe mar
do gheallas di. D'fhágas an bóthar mór agus do
bhriseas isteach tríd an talamh ar nós go raghainn tré
ghleann an-dheas do bhí sa tslighe, agus bhíos ag déanamh
amach ar an gcrosaire, nuair d' airigheas guth Saidhbhe
ar an mbóthar. Bhí fál mór tortha eadrainn agus
níor fhéadas éan-rud d'fheicsint tríd.



"Leig dam dul a bhaile, má's é do thoil é," arsa
Sadhbh, "ní éistfidh mise leat."



"Ná bíodh deabhadh chomh mór soin ort agus fan go
fóill, a stóirín," arsa guth eile.


L. 65


AN SEISEADH CUID.
Smachtughadh an Ridire.



An Ridire do bhí ann! Ní rabhamar réidh leis an
mbitheamhnach fós. Do rith cuimhne gach éan-rud do
thuit amach le dhá bhliadhain isteach im' cheann agus
d'éirigh fearg uathbhásach im' chroidhe. Dá bhfuighinn an
chroch mar gheall air, do bhainfinn sásamh dhe anois ó
chuir sé é féin im' shlighe. Do léimeas de phreab amach
ar an mbóthar, acht níor airigh an Ridire mé. Bhí
Sadhbh bhocht i lár an bhóthair ag critheadh le heagla
agus i riocht tuitim i laige. Bhí an Ridire ag déanamh
suas uirthe nuair do tháinigh mise taobh thiar de.



"Stad, a chladhaire!" arsa mise i nguth árd-ghlórach
feargach.



Léim sé as a chorp mar do sgannruigheas an t-anam
as. Ar a shon soin féin d'iompuigh sé orm go
gruamach agus smulc air. Is docha gur shaoil sé go
raibh mise ar tí é do smachtughadh mar do tharraing sé
buille orm le maide do bhí 'n-a láimh aige; acht do
léimeas i leathtaoibh uaidh agus annsoin thugas pall-
tóg mhillteach dhó fá'n ngiall agus do chuireas ar lár a
dhroma é ar an mbóthar. Nuair d'éirigh sé dhein sé
orm arís leis an maide, acht do bhaineas an maide dhe
agus do thugas leanng nó dhó eile dhó, ar nós gur
chuireas an ruaig air, agus nuair bhí sé ag rith uaim le
n-a anam thugas barr na bróige dhó.



"Beidh mise suas leat mar do bhíos led' athair,
agus beidh sásamh agam mar gheall air seo," ar sé
nuair bhí sé ag imtheacht.



"Seachain tú féin," arsa mise, "má bhaineann tú
liom-sa, ní leigfead-sa leat é chomh bog is do leig
m'áthair bocht; cuimhnigh air sin anois."



D'imthigh sé leis go brúighte leadartha agus an
diabhal féin 'n-a theannta.



"Nách tráthamhail do thángas oraibh," arsa mise le
Sadhbh.


L. 66


Thugas palltóg mhillteach dhó fá'n ngiall.


L. 67


"Seadh," ar sise, "'Sé Dia féin do chuir tú
chugam. Bhí an bitheamhnach im' dhiaidh agus do rug sé
orm annso go díreach nuair do thángais féin orainn.
Acht cuirfidh sé an dlighe ort anois, mar do dhein sé
ar m'athair, agus cad do dhéanfaidh mise annsoin?
Nach orainn atá an mí-ádh agus an butún. Go
bhfóiridh Dia orainn anocht!" agus chrom sí ar ghol.



"Ná bíodh eagla ar bith ort mar gheall air sin," arsa
mise; "Deirtear go bhfuil súil aige i ndiaidh inghine
Ghearaltaigh an Ghleanna le déidheanaighe, agus do
bheadh eagla air go n-aireóghadh sí éan-rud 'n-a thaobh.
Ní bheadh baint nó páirt aici leis, dá mbeadh fhios aici
cad é an sórt é. Seadh, tiormuigh do shúil agus seo
leat a bhaile."



"Ar a shon soin féin," arsa Sadhbh, "tá rud éicint
d'á chur i n-umhail damh-sa go ndéanfaidh sé díoghbháil
dúinn mar gheall ar an trathnóna so sul a mbeidh sé
sásta. An bhfeacaís an ghnúis do bhí air ag imteacht
dó? Comraighe Dé chughainn!"



"Ná trácht air níos mó anois. Tá tú sgannruighthe
agus trí n-a chéile, acht beidh sé imthighthe as do cheann
ar fad i mbárach. Seo leat a bhaile anois."



Chuadhmar araon a bhaile, agus lá no dhó 'n-a dhiaidh
sin chuaidh Sadhbh ar ais go dtí an árd-sgoil. Bhíos go
han-uaigneach ar feadh tamaill acht do luigheas isteach
go cineálta le mo ghnó 'san mhuileann agus ins an
sgoil, ar nós gur chongbhuigheas an t-uaigneas agus
an brón uaim ar fad.



Chuaidh an gháir amach i dtaobh an smachtuighthe do
thugas do'n Ridire agus bhí na daoine go léir íosal
agus uasal ag sgoilteadh le gáiridhe agus ag magadh
faoi. Bhí a shrón agus a ghiall loitthe ar fad, agus
b'éigin dó fanacht istigh go rabhadar cneasuighthe
aige.



Bhí sé ar dearg-bhuile ar feadh seachtmhaine, agus is
ar éigin d'fhéadfadh éinne teacht 'n-a ghaobhar i n-éan-
chor; agus dá ndéanfaidhe trácht ar m'ainm-se ós a
chomhair do sgoiltfeadh sé na clocha ag easgaine orm.


L. 68


Tháinig bean uasal álainn óg chun pictiúir an mhuilinn do
tharraint amach.


L. 69


Fuaras féin an-mholadh ó gach éinne mar gheall ar an
gcaoi 'n-ar sheasas suas chuige; acht dubhradar go
léir go raibh eagla ortha go mbeadh sásamh ag an
Ridire i gcuma éicint, mar bhí sé chomh nimhneach leis
an Mac Mallachtan féin.



AN SEACHTMHADH CUID.
Eibhlín Nic Gearailt.



Éan-tráthnóna amháin, nuair bhí Sadhbh timcheall coig-
thighis imthighthe uaim, tháinig bean uasal álainn óg chun
pictiúir an mhuilinn do tharraint amach. Bhí an áit
thart timcheall go han-dheas agus is minic do thagadh
duine ann chun an rud céadna do dhéanamh. Ní fhaca
mise an bhean uasal ná an bhean fhreasdail do bhí i
n-éindigh léi i n-éan-chor, mar bhíos go gnóthach san
muileann.



Thosnuigh sé ag báistigh an fhaid do bhí sí ag obair ar
an bpictiúr agus b'éigin dóibh rith fa dhéin fosgaidh
isteach go dtí an teach beag i n-aice an mhuilinn - an
teach 'n-a rabhas féin im' chomhnuidhe ann - mar bhí an
doras osgailte agus ní raibh éan-áit eile níos giorra
dhóibh. Thagadh sean-bhean isteach gach éan-lá chun an
tighe do chur i gcóir agus an áit do ghlanadh suas,
agus bhí sí istigh go tráthamhail nuair do rith an bheirt
isteach chuichi.



Do tharla gur thógas féin im' cheann lá no dhó roimhe
sin go dtarraingeóghainn pictiúr an mhuilinn agus an
easa taobh thiar de, mar bhí spéis mhór agam i n-obair
de'n tsórt soin. Bhí taithighe mhór agam sa choláisde
i dtarraingtheóireacht agus ba bhreagh an caitheamh
aimsire do-gheibhinn as go minic nuair ná bheadh éan-
rud eile le déanamh agam. Bhí an pictiúr géall le
bheith críochnuighthe agam agus é leagtha ar bhórd fá'n
bhfuinneóig sa chistean. Bhí m'adhbhar tarraingthe agus


L. 70


cuid dem' leabhraibh ar an mbórd leis, agus ní raibh
an bhean uasal i bhfad istigh nuair thug sí fá ndeara iad.



Do chuir an pictiúr iongantas an domhain uirri
agus thug sí árd-mholadh dhó. Ní raibh fhios aici cionnus
ar éirigh sé go raibh éinne san áit a d'fhéadfad pictiúr
mar sin do tharraingt amach; nó a d'fhéadfadh úsáid
do dhéanamh de sna leabhraibh do chonnaic sí ar an
mbórd agus d'fhiafruigh sí de'n t-seanmhnaoi ciar
leis iad.



D'innis Úna dhi gur liom-sa iad, agus thosnuigh sí
annsoin agus thug sí cunntas orm-sa ó lá mo bhreithe
anuas go dtí an lá soin, agus is dóigh liom nár airigh
éinne riamh a leithéid de mhasladh agus tarcuisne agus
droch-aoide 's do steall sí ar mhullach an Ridire nuair
do dhein sí trácht air, agus níor chuir sí fiacail ar éin-
nídh ar a raibh eolas aici 'n-a thaobh.



Bhí an sgéal críochnuighthe nuair do bhuaileas féín
isteach fa dhéin blúire tobac, agus admhuighim duit
gur baineadh sgeimhleadh asam nuair do sheasas san
ndoras, mar ní raibh fhios agam an raibh duine beo
istigh. Bhí na mná uaisle 'n-a suidhe nuair do chuadhas
isteach. Bhí duine aca ag féachaint ar an bpictiúr
agus duine eile ag léigheamh leabhair. D'éirigheadar
araon nuair do chonnac siad mise agus is beag nár
baineadh an radharc díom mar níor leagas súil riamh
ar bhéith níos ailne ná í siúd do bhí ag sgrúdughadh an
phictiúir.



Do bhaineas mo hata dhíom agus do chuireas fáilte
rómpa. Do chuir an bhean uasal óg an pictiúr uaithi
agus d'iompuigh sí i leith chugham-sa.



"Do rug an bháisteach orainn," ar sise, "agus b'éigin
dúinn seilbh do thógaint d'aimhdheoin gach éinne," agus
léig sí gáire bheag cheólmhar aisti.



"Is soith liom," arsa mise, "ná fuil áit níos fearr
agam chun fosgaidh do thabhairt díbh."



"Bhíos ag féachaint ar an bpictiúr so," ar sise.
"agus tá sé go han-bhreagh. An tú do tharraing é?
Má's eadh, is maith an mhaise dhuit é."


L. 71


"Is mé do tharraing é," arsa mise, "acht ní fiu
trácht air; ní'l ann acht práisg, agus ní'l sé críoch-
nuighthe agam fós."



"Thángas féin annso indiu chun deilbh an mhuilinn
do chur síos acht do chuir an chioth cosg liom. Tiocfaidh
mé lá éicint eile chun é do chríochnughadh, agus má
tá do cheann-sa réidh agat annsoin, b'ait liom é
d'fheicsint."



"Taisbeánfa mé dhuit é agus fáilte éan uair is
maith leath," arsa mise, agus bhí áibhéis im' chroidhe
istigh gur iarr sí orm é do thaisbeánt di.



"Go raibh maith agat," ar sise; "chim go bhfuil an
lá ag spalpadh suas arís, agus caithfimíd bheith ag
gluaiseacht anois."



"Do chroith sí lámh liom ag gabháil amach di, agus ní
náir liom admháil gur thug sí mo chroidhe léi an
tráthnóna úd nuair d'fhág sí féin agus an bhean freas-
dail an teach.



Ní fheadar an raibh tusa riamh ins an gcaoi 'n-a
rabhas féin an tráthnóna úd. D'fhiafruigheas díom
féin míle uair cionnus ar éirigh sé go rabhamar chomh
nádúrtha le chéile. Do shaoileas éan-nóimint amáin go
bhfacas í i n-áit éicint cheana; agus 'n-a dhiaidh sin go
raibh aithne agam uirri le fada. Acht go háirithe níor
fhág sí mo chuimhne i gcaitheamh na hoidhche.



An dara lá 'n-a dhiaidh sin tháinig sí arís agus do
chríochnuigh sí an pictiúr. Bhí mo cheann-sa ullamh
agam-sa mar d'oibrigheas go dúthrachtach air, agus
nuair do thaisbeánas di é, do chaith sí féin agus an
bhean-freasdail leathuair, ar a laighead, dá sgrúdughadh
agus ag caint mar gheall air. Acht níor fhág sé sin a
saothar féin siar. Níor bh'é an radharc céadna ar an
muileann do bhí curtha síos againn, agus dá fheabhas
an pictiúr do tharraing mise, bhí an ceann eile i bhfad
níos fearr.



Bhí seanchas fada againn ar tharraingtheóireacht
agus ar neithibh eile. Thugas fá ndeara go raibh spéis
mhór aici ins na healadnaibh agus go rabhamar ar éin-


L. 72


intinn amháin ar gach éan-rud ar dheineamar trácht
air. Acht 'sé bun agus barr an sgéil go dtáinigh sé
amach i rith na cainte gur bh' í inghean Ghearaltaigh an
Ghleanna í, agus thug sí cuireadh dham chun dul go dtí
Caisleán an Ghleanna chun na pictiúirí do bhí ann
d'fheicsint.



Do rith sé im' cheann an chéad uair do leagas súil
uirri gur bh'í Eibhlín Nic Gearailt í acht ní rabhas
deimhneach dhe; agus dubhras liom féin gur mhór an
feall é dá bhfuigheadh an Ridire í mar mhnaoi, mar ní
fhaca mé riamh im' shaoghal éin-bhean uasal ní b'áilne
'ná í agus bhí sí chomh maith 'n-a croidhe agus 'n-a
hintinn is do bhí 'n-a deallramh.



Níor bh'fhada go raibh cáirdeas agus báidh mhór
eadrainn cé nár chasamar ar a chéile go minic. Éan-
la amháin tháinig trácht éicint anuas i dtaobh an Ridire
agus d'inniseas di gach éin-éagcóir agus droich-
bheart do dhein sé orainn.



"Deirtear," ar sise, "go bhfuil súil aige go
bpósfaidh mise é; acht dá mbeadh coróin Shacsana ar
a cheann aige, ní thiubhrainn-se cead dó fáinne do chur
ar mo mhéir go bráth."



Nuair d'airigh an Ridire go raibh aithne agam-sa ar
Eibhlín agus go rabhamar go han-mhór le n-a chéile bhí
sé i riocht bheith tachta le neart buile agus éada, agus
do dhéanfadh sé éin-nídh dá olcas chun mise do chur as
an tslighe. Acht níor chuir biadán an tnúthóra ná a
chuid bagartha spólla bróin orm-sa. Ní rabhas chomh
soilbhir ná chomh sásta im' aigne ó'n lá do fuaras an
litir dhiachrach úd sa choláiste is do bhíos timcheall an
taca so.



Chuaidh an Ridire go dtí Eibhlín tamall 'n-a dhiaidh
seo agus d'iarr sé uirri é do phósadh acht do dhiúltuigh
sí é. D'fhág sé an áit ar fad go ceann cúpla mí
agus nuair tháinig sé a bhaile, dubhairt gach éinne go
raibh atharrughadh mór le feicsint air. Is cosamhail
gur ghoill an diúltadh air.



Bhí an sgéal mar so go ceann míosa agus fuaras


L. 73


cunntas lá go raibh duine muinteardha dham marbh
timcheall le sé míle ó bhaile. Tar éis béile bídh do
chaitheamh agus mé féin do ghléasadh d'ollmhuigheas an
capall agus chuadhas ar an tórramh. Bhí sé leagtha
amach agam go bhfanfainn an oidhche ann ar nós go
raghainn sa t-sochraid lá ar n-a bháireach.



An fhaid do bhíos ar an mbóthar bhíos go h-an-
mhíoshuaimhneach agus go han-ghruamach. Bhí réimh-eólas
éicint im' chroidhe go raibh butún agus mí-ádh romham;
acht is ait an rud é nár chuimhnigheas ar an Ridire
olc nó maith. Dubhras liom féin gur'b é sgéal an
bháis do chuir na smaointe dubha so im' cheann. Do
chuireas an capall ar sodar agus do chuimhigheas ar
rud éicint eile níos soilbhire ar nós go rabhadhar
ruaigthe ar fad as mo chuimhne nuair do shroicheas tigh
an chuirp.



Bhí an oidhche go han-bhreagh agus go han-chiúin agus
timcheall an bhuille 'clog go chuadhas amach go héadan
an tighe le beirt nó triúr eile chun gal de'n phíopa do
chaitheamh. Bhí duine aca ag rádh rud éicint agus do
stad sé go hobann.



"Éistidh," ar seisean, "a' n-airigheann sibh an capall.
Tá duine éicint ag teacht chughainn ag marcuigheacht.
Dar ndóigh, ní ar an tórramh atá sé ag teacht
anois."



Chuireamar go léir cluas orainn féin agus b'fhuirist
an capall do chloisint i gciúineas na hoidhche cé go
raibh sé an-fhada uainn.



"Tá sé ag teacht i mbasa agus fuadar mór faoi,
agus tá sé ar chosanáirde leis," arsa fear eile.



"Ní fheadar cad do thug amach é chomh déidheanach
soin!" arsa mise, acht níor bhfada go raibh fios agam.


L. 74


AN T-OCHTMHADH CUID.
Dóghadh an mhuilinn.



Bhí gach éinne ag tabhairt a bhreithe féin ar an bhfáth
do chuir éinne amach chomh práidhinneach soin ag an
mbuille 'chlog nuair do shroich an marcach an tsráid.
Do stad sé an capall go hobann agus do thúirling
sé go tapaidh. Bhí an capall fá mar do bheadh sé
foluighthe i sneachta, bán le cubhar - comhartha go raibh
sé tar éis reatha dhéin mhilltigh do dhéanamh. Dhruid-
eamar amach chuige agus nuair do chonnac an marcach
sinn do ghlaoidh sé amach -



"An bhfuil Diarmuid Ó Conchobhair annsoin?"



Do phreab mo chroidhe im' lár agus do bhris an
t-allus amach ar m'éadan, mar do chuimhnigheas ar
an ngruaim do bhí orm an tráthnóna roimhe sin.



"Tá, a Mhichíl," arsa mise, mar d'aithnigheas é,



"Cad tá ort?"



"Is truaighmhéalach an sgéal atá agam duit,.'
arsa Micheál, "congbhuigh suas do mhisneach."



"Bhfuil éan-rud i measa le Saidhbh?" arsa mise,
mar do rith sé im' cheann go mb'fhéidir go dtáinig
sgéal éicint uaithi.



"Ní'l," ar sé, "acht tá an muileann tré theinidh,
agus is dócha go bhfuil sé dóighte go talamh anois,
agus ná fuil ann acht an chabhail cé na fuilim-se ró-
fhada ar an mbóthar."



Níor labhras gíog ar feadh cúig nóiminte agus dá
sáithfidhe sgian im' chroidhe is ar éigin do thiubhradh sí
braon fola.



"A Dhia mór na bhfeart," arsa mise fá dheireadh.
"Tabhair dham foighne! Tabhair dham foighne. Cad
do dhéanfaidh Sadhbh bhocht anois? 'Sé an Ridire feall-
tach atá cionntach leis seo."



"Tá sé thíos leis go háirithe," ars an teachtaire.



"Agus beidh sé thíos leis chomh cinnte is go bhfuil
Dia féin i n-áirde," arsa mise acht níor thuig sé mé
an uair sin.


L. 75


Chuireas an diallaid ar mo chapall féin agus léimeas
ar a mhuin agus mo lámh duit ná rabhas ró-fhada ar an
mbóthar. Níor tharraingeas srian gur shroicheas an
muileann, agus bhí splancracha teineadh ag léimrigh
as na clochaibh fá chrúbaibh an chapaill. Do chonnacas
na lasracha ó'n muileann cheithre mile ó bhaile agus bhí
an spéir ós cionn na teineadh ar lasadh suas mar do
bheadh an ghealach ag éirghe.



B'fhíor do'n teachtaire. Ní raibh de'n mhuileann
ann acht an chabhail. Bhí na comharsain go léir bailighthe
timcheall na háite agus do dheineadar a ndícheall ar
cosg do chur leis an tóiteán acht ní raibh éan-mhaith
ann. Bhí an teine ró-fhada ar siubhal sul ar tugadh
fá ndeara é. Acht do shábháileadar an teach beag
mar do chuireadar braithliní fliucha ar an tuighe ar
nós ná cuirfeadh na smólacha ó'n muileann tré
theinidh é.



Bhí truagh an domhain ag gach éinne dham agus do
thug sé roinnt sásaimh dam an muinteardhas agus an
bháidh do thaisbeán siad d'fheicsint. "Dia bheatha
grásta Dé," arsa mise, nuair do bhailigheadar tim-
cheall orm, "agus bíodh an milleán orm féin, mar
d'fhágas teine im' dhiaidh 'san muileann indé."



Ba bhréag é seo, mar ní raibh teine ar bith ann, acht
theastuigh uaim iad do mhealladh, mar bhí fhios agam go
n-aireóghadh an Ridire ná raibh éan-amhras agam air
féin. Labhras leo go ciúin socair, acht dubhradar
eatorra féin go mba dhroch-chomhartha é sin, agus go
raibh eagla ortha go gcaillfinn mo mheabhair. Bhí níos
mó baoghail go gcaillfinn mo cheann i dtosach.



Níor leigeas orm i n-éan-chor gur ghoill sé orm:
acht do ghoill, agus bhí díoghaltas uathbhásach ceaptha
amach agam im' aigne féin. Ba chuma liom cad do
dhéanfainn anois. Chuaidh an Ridire ró-fhada leis an
sgéal an uair seo, agus bhí an saoghal ró-bheag dúinn
araon tar éis an mhéid do dhein sé orm. Chaithfeadh
duine againn imtheacht as an tslighe agus bhíos deimh-
neach de, dá mbeadh leigheas agam-sa air, nach mise
an duine úd.


L. 76


"Bhí splancracha teineadh ag léimrigh as na clochaibh fá
crúbaibh an chapaill."


L. 77


Chonnaic fear óg - Séamas Ó Maoláin dob' ainm
dó - duine éicint an-chosamhail leis an Ridire le hais
an mhuilinn an oidhche roimhe sin, acht ní fhéadfadh sé é
do dhearbhughadh, mar bhí an oidhche ag tuitim agus bhí
an duine tamall maith uaidh. Rud eile, nuair do
bhíos féin ag dul ar an tórramh, chonnaic maor an
Ridire mé, agus d'fhiafruigh sé de Shéamas cá raibh
mise ag dul agus an raibh an áit fada ó bhaile.



Acht cé nach bhfaca éinne an Ridire ag tabhairt
teineadh do'n mhuileann, bhí sé thíos leis agus bhí gach
éinne cinnte gur bh'é do dhein an díoghbháil; agus
marar chuir sé féin an sop leis fuair sé duine éicint
eile do dhein an obair dó go maith.



Tháinig na píléirí acht do bheadh sé comh maith dhóibh
fanacht ag baile. Níor thugas féin iomarca eólais
dóibh agus dubhras leo gur fhágas teine ins an
muileann nuair do bhíos ag imtheacht agus ná raibh
milleán ar éinne agam acht orm féin.



Leigeas orm go rabhas chun an mhuilinn do chur i
gcóir arís, agus do bhailigheas meitheal i gceann
seachtmhaine agus do ghlanamar amach an chabhail. Do
dheineas mo ghnó go maith. Bhí an chaint i dtaobh na
teineadh ag laghdughadh gach lá, agus nuair dubhairt
Séamas Ó Maoláin leis an maor go raibh sé buailte
isteach go daingean im' aigne gur fhágas teine im'
dhiaidh san muileann an trathnóna do chuadhas ar an
tórramh, do chuir sé an Ridire 'n-a chodladh ar fad,
agus bhí sé cinnte ná raibh éan-amhras agam air féin.



AN NAOMHADH CUID.
Marbhughadh an Ridire.



Trí seachtmhaine go díreach glan tar éis an tóiteáin
do chuaidh an Ridire go dtí an baile mór seacht míle
ó bhaile. Ba ghiúistís é anois agus théigheadh sé go
dtí an chúirt gach mí. Bhí fhios agam nach dtiucfadh sé


L. 78


ar ais go mbeadh sé déidheanach 'san tráthnóna mar ba
ghnáthach. D'fhanadh sé ag ól leis na buicíníbh eile
nuair bhíodh gnó na cúirte críochnuighthe aca, agus bhíodh
sé leath ar méisge nó b'fhéidir ar dearg-mheisge ag
teacht a bhaile i gcómhnuidhe.



Lá trom brothalach dob' eadh é agus bhí cosamhlacht
bháistighe ann. Dá mbeinn ag fanacht leis go ceann
bliadhna ní thiocfadh éan-tráthnóna níos oireamhnaighe
chun na hoibre do bhí ceaptha amach agam do dhéanamh.
Nár agraidh Dia orm é, bhíos chun an Ridire do
mharbhughadh mar do bhris sé croidhthe m'athar agus mo
mháthar, do bhain sé mo shlighe maireachtála díom-sa.
'Seadh agus do bhain sé na flaithis díom chomh maith.



"A Thighearna Dhia," arsa mise, "agus ar mharbhuighis
é?" Agus is dócha gur thaisbeánas ar m'aghaidh an
fuath do bhí im' chroidhe.



"Ní misde fuath do bheith ort," ar seisean, acht
biodh foighne agat agus éist lem' sgéal."



Bhí cinne ar an mbóthar timcheall dhá míle ó
Chaislean na Cairrge agus d'éirigh an bóthar suas go
dtí an cúinne seo ar nós go gcaithfeadh capall siubhal
'na coinne. Bhí an áit go han-uaigneach agus go han-
dhorcha mar bhí coill ar gach taobh de'n bhóthar agus bhí
na crainn go han-tiugh agus na géaga d'á síneadh féin
ó thaobh go taobh. Ní raibh teach ná bothán i ngiorracht
leath-mhíle do'n gcúinne agus is annamh do bhíodh éinne
ag gabháil an bhóthair go déidheanach san tráthnóna.
B'in í an áit do cheapas chun deireadh do chur leis an
Ridire.



Chuireas mo phiostal i gcóir - gléas álainn do
fuaras nuair do bhíos sa choláiste. Do thógas amach
mo shlat iasgaigh ag cur i gcéill gur ag iasgaireacht
do bhíos ag gabháil. Síos liom ar thaobh na habhann
agus, nuair bhíos leath-mhíle nó mar sin ó'n muileann,
do bhaineas mo bhróga agus mo stocaí dhíom. Do
chuireas an tslat iasgaigh i bhfolach, agus do ghreadas
liom ar gach comhgar treasna go dtí an áit do bhí
ceaptha agam.


L. 79


Níor casadh duine beó orm agus níor leag éinne súil
orm acht amháin Dia féin, moladh go deó leis anocht.
Chuadhas i bhfolach fá sgartaibh tiugha taobh thiar de'n
chlaidhe i n-áit 'n-a raibh radharc maith agam ar an
mbóthar agus caoi bhreagh ann chun aimsighthe an Ridire.



Bhíos tuirseach agus cráidhte o bheith ag feitheamh
leis acht "buadhann an fhoighne ar an gcinneamhaint,"
agus fá dheireadh thiar d'airigheas sodar an chapaill
chugam ar an mbóthar. 'Sé an Ridire do bhí ann gan
dobhat ar bith. Bhí sé ar leath-mheisge agus é ag
gabháil amhráin do féin. Sguabas amach an piostal.
Bhí an tiománaidhe taobh thiar de ar an gcárr agus a
chúl chugam. Ar an nóimint sin thosnuigh sé ag
báistigh agus tháinig dorchughadh trom ar an spéir.
Ba mhaith an rud damh-sa é sin agus, má's ceart dam
é do radh, bhí an t-ádh orm mar d' éirigh gach éan-rud
liom suas go dtí sin.



Ag teacht aníos dó i gcoinne an chnuic, bhí an capall
ag gabháil anonn 's anall ó thaob go taobh agus tháinig
sé isteach an-ghairid do'n áit 'n-a raibh mise i bhfolach.
Nuair do tháinig sé taobh amuigh díom, stad sé go
hobann agus do chroith sé a cheann mar, is dócha, ar nós
capaill, do mhothuigh sé an chontabhairt 'n-a raibh a
mháighistir.



"Anois nó riamh," arsa mise liom féin.



D'árduigheas an piostal. Ní raibh an Ridire acht
cúpla slat uaim. Sul a raibh am aige ar "Dia lem'
anam" do rádh do chaitheas an t-urchur. Chonnacas
splanc an philéir. Thuit an Ridire gan focal agus go
díreach glan nuair do thuit sé do bhris bladhm tóir-
nighe chomh uathbhásach is d'airigheas riamh ós mo chionn
ar nós gur shaoileas go raibh na spéartha dh'á réabadh
agus na cnuic ag tuitim ó chéile. Tháinig an bháisteach
anuas ag clagarnaigh mar do leigfidhe tré chriathar é.
Do ghlac an capall sgeón agus as go bráth leis ag
rith go fiadhain agus an tiománaidhe ar an taobh thiar
de'n chárr agus an t-anam ag tuitim as le faitchios
agus le sgannradh.


L. 80


Sul a raibh am aige ar "Dia lem' anam" a rádh do chaitheas an
t-urchur.


L. 81


Bhí mo ghnó déanta, agus déanta go maith agam,
agus ní raibh pioc eagla ná aithmhéala orm 'n-a thaobh.
Do bheadh i bhfad níos mó orm dá mbadh coinín do bhí
marbhtha agam. An dóigh leat an raibh náire orm?
Ní raibh giob, acht bhí áibhéis orm go rabhamar sgartha
go bráth leis an tíoránach. Dubhras liom féin go
mbeadh rud beag suaimhnis ag na daoinibh bochta do bhí
fá n-a smacht le fada. Do bheadh deireadh anois leis
an mbraighdeanas agus an crádh croidhe d'fulaing-
eadar ó fuair an céasadóir seilbh na háite.



D'fhilleas go dtí an áit 'n-ar fhágas mo shlat
iasgaigh. Chuireas mo bhróga orm agus do chorruigheas
liom a bhaile. Níor casadh einne orm sa tslighe mar
bhí an tráthnóna an-fhliuch. Bhí sé ag clagarnaigh go
trom agus an tóirneach ag búithreamh i gcomhnuidhe
agus na splancracha ag léimrigh ins an spéir. Dob'
oidhche uathbhásach í go deimhin; agus nuair thagann
oidhche mar í anois, deirtear ag baile "Tá sé chomh
holc leis an oidhche do marbhuigheadh an Ridire."



Ba chuma liom anois cad d'eireóghadh dam féin.
B'fhéidir go bhfuighinn an chroch. Bhíos sásta. Do
chuimhnigheas air sin féin nuair do shocruigheas im'
aigne go mairbheóchainn an Ridire. Ní raibh éan-rud
ag tabhairt trioblóide dham acht Sadhbh; agus is maith
an rud nár éirigh éin-díoghbháil dam mar do chaillfeadh
sí a meabhair.



"Creid mé nó ná creid, is cuma liom, acht do
chodaluigheas go sámh an oidhche sin" - Stad an "Giob-
lachán," mar is dócha gur shaoil sé ná rabhas ag tabhairt
éin-chreideamhaint d'á sgéal agus dubhairt sé go
géar:



"Ná bíodh iongantas ar bith ort, sí an fhirinne ghlan
atáim 'innsint duit."



Maidin lá ar n-a bhárach tháinig na píléirí agus do
gabhadh mise. Bhí súil agam go mbeadh an sgéal mar
seo, agus ní raibh sgannradh ar bith orm ná níor chuir
sé spolla bróin orm, mar deirthear. Chuartuigheadar
an tigh ó bhun go bathas acht is beag do bhí d'á bhárr aca.


L. 82


Tugadh ós comhair ghiúistís mé. Ní raibh éin-nídh im'
choinne acht amháin go ndubhairt an tiománaidhe go
bhfaca sé fear árd ins an gcoill acht ní dhéarfadh sé
gur mise do bhí ann. Is dóigh liom féin ná faca sé
mé i n-éan-chor. Acht bhí rud eile ann: Bhí fhios aca
ná rabhas ag baile timcheall an ama do marbhuigheadh
an Ridire.



Cuireadh an cheist siar go dtí an lá 'n-a dhiaidh sin
le súil go bhfuigheadh siad fiadhnuise níos láidre le
thabhairt im choinne acht is ar éigin do bhíos istigh sa
phríosún nuair do sgaoileadh amach mé arís go saor
glan agus gan smál ar m'ainm.



An lá do gabhadh mise bhí coiste cróinéara ar an
Ridire. Bhí beirt dochtúirí ann agus do dheineadar
mion-sgrúdadh géar ar an gcorp, acht ní raibh rian
piléir ná púdair le fagháil air ó bhathas a chinn go
bonn a choise, cé go raibh sé losgtha ar fad agus chomh
dubh le préachán. Bhí a chuid éadaigh dóighte agus
ceann d'á bhrógaibh réabtha ó'n gcois. Do marbhuigh-
eadh é le splanc ó'n spéir. Do bhain an caor an
tslighe dhíom agus bhí lámh Dé níos tapaidhe ná an
piléar. Moladh go deo leis anocht, bhí mo lámh glan!"



Nuair do chualas an méad so leigeas osnadh óm'
chroidhe amach.



"'Seadh," arsa mise, "buidheachas mór le Dia!"



"Is dócha," ars an "Gioblachán," "go bhfuil ualach
tógtha ded' chroidhe anois, ó tá fhios agat ná fuilir i
bhfochair marbhthóra."



"Tá áthas an domhain orm," arsa mise, "ní amháin
i dtaobh ná fuilim i bhfochair marbhthóra acht ná fuilir
féin cionntach. B' uathbhásach an rud é, dá mbeadh an
choir fhuilteach úd ar d'anam, mar is baoghalach go
mbeadh sé ar d'aigne mar thromluighe go bráth, cé nár
ghoill sé go mór ort an uair sin. Acht pé 'r domhan
é, níor airigheas riamh éin-sgéal chomh haisteach leis."



"Tá an ceart agat annsoin," ar seisean. "Ní'l na
heachtraí ar fad le fagháil ins na leabhraibh. Acht
leanfad ar an sgéal:"


L. 83


"Nuair do sgaoileadh amach mé bhí áthas ar gach
éinne, agus b'í Eibhlín Níc Gearailt an chéad duine
do tháinig chun chomhgháirdeachais do dhéanamh liom.
Suas go dtí sin ní raibh pioc aithmhéala orm gur thugas
iarracht ar an Ridire do mharbhughadh; acht nuair do
shín Eibhlín a lámh gheal mhín chugam agus nuair d'fhéach
sí orm le n-a rosga gorma, do mhothuigheas náire im'
chroidhe agus bhíos go han-bhuidheach ná rabhas cionntach.
Deir mise leat go bhfuil aithrighe déanta agam ó
shoin.



Bhí teinte cnámha ar lasadh an oidhche sin ar na
cnocaibh thart timcheall Átha an Mhuilinn agus mara'dh
ná tiubhradh siad le rádh é, do bheadh rinnce go maidin
ag na daoinibh óga ag an gcrosaire. Daoine deagh-
chroidheacha grádhmhara dob' eadh iad agus cé gur mhill
an Ridire fá n-a sháil iad, ní dhéanfadh siad éin-éirghe
i n-áirde mar gheall ar a bhás, nó éin-nídh cruadhálach
do thiubhradh náire dhóibh féin.



AN DEACHMHADH CUID.
An connradh.



Tamall gearr n-a dhiaidh sin tháinig an taisdealaidhe
chun na háite arís agus do chaitheas an tráthnóna ag
caint leis. D'imthigh sé an bóthar mar do dhein sé an
chéad uair agus i gceann lae no dhó do chuireas i
gcéill do mhuintir Átha an Mhuilinn go rabhas chun dul
ar ais go dtí an coláiste arís mar ba mhaith le mo
dhuine muinteardha i nAmeriocá go gcriochnóghainn
mo théarma ann. Ní raibh éan-rud i n-éan-chor mar
seo im' cheann. Do cheapas an sgéal chun iad do
mhealladh agus inneosaidh mise dhuit ar ball cia an
chiall.



An lá sul ar fhágas an áit do casadh Éibhlín Níc
Ghearailt orm agus gan bheith ag brath uirri olc nó
maith. Bhíomar ag seanchus le chéile ar feadh tamaill


L. 84


agus annsoin d' inniseas di go rabhas ag fágaint na
háite agus is ar éigin do thiocfainn ar ais arís go
bráth.



Nior fhan focal aici, cé go raibh sí ag caint agus
ag gáiridhe go spleódrach suas go dtí sin. Thugas
fá ndeara freisin gur tháinig dath na lile ar a gné
gleóidte i n-ionad dath an róisín do bhí ann an
nóimint roimhe sin. Ba chosamhail go raibh aithmhéala
uirri go rabhas ag imtheacht. Thug sé seo misneach
dham agus cé go raibh beárna mhór eadrainn, do
labhras léi i dtaobh an rúin do bhí im' chroidhe agam
a gan fhios do'n tsaoghal mór ó'n lá do tháinig sí go
dtí an muileann ar dtús.



Ní raghaidh mé níos sia anois leis an taobh so de'n
sgéal agus ná tóg orm é.



Do dheineas trácht ó chianaibh ar thaisdealaidhe do
tháinig ar cuaird chugam fé dhó go dtí Áth an Mhuilinn.
Ba thimthire é siúd do cuireadh ó Ameriocá chun
connartha rúnaigh do chur ar bun i n-aghaidh an riaghal-
tais i n-Éirinn agus chun na fir óga do thabhairt
isteach ann agus iad do spreagadh suas ar nós go
mbeidís i gcóir chun éirghe amach nuair do bheadh aga
chuige, chun saoirseachta na h-Éireann do shaothrughadh
agus deireadh do chur go bráth le braighdeanas agus
géirleanamhaint na namhad.



Duine de mhuintir Clann-na-nGaedheal do b'eadh mo
dhuine muinteardha i nAmeriocá agus ba chara dhó agus
fíor-chara an taisdealaidhe. Nuair do fuair sé mo
litir agus cúntas ar an léirsgrios do bhí déanta
orainn ag an Ridire do sgríobh sé ar ais chugham gan
mhoill 'á rádh liom go raibh an connradh so d'á chur ar
bun agus go raibh an timthire ag teacht go h-Éirinn
agus go raibh litir chugam-sa uaidh féin aige. D'ath-
chuingigh sé orm gach congnamh agus comhairle do
b'fhéidir liom do thabhairt dó im' cheanntar féin.



Tháinig an timthire i gceann tamaill agus is ann-
soin do bhailigheas na buachaillí le chéile cun teagaisg
do thabhairt dóibh agus iad do chur ar an mbealach


L. 85


ceart - ar "shlighe na fírinne" mar adeirthí. D'fhágas
an síol im' dhiaidh agus do réir mar chluinim anois
agus arís tá sé ag fás suas go breagh láidir.



Is dóigh liom féin ná fágfainn Áth an Muilinn go
bráth nó ní bheadh baint ar bith agam leis an ngnó so
mara'dh gur thug an Ridire teine do'n mhuileann -
do sgéithigh an maor an rún uaidh gur'b é an Ridire
do chuir an sop leis. Is annsoin do chuireas mé féin
fá gheasaibh go ndéanfainn gach éan-rud im' chumas
chun an connradh do leathnughadh agus nuair do tháinig
an timthire chugam arís do thairgeas mo sheirbhís dó
agus ní raibh an dara focal eadrainn mar gheall air.



Do ghlac sé mo chongnamh le fonn mar do theastuigh
timthire eile uaidh sa cheanntar so agus b'í a thuairim
féin ná raibh éin-fhear eile le fagháil chomh oireamhnach
nó chomh acfainneach liom-sa. Do réidhtigheamar le
chéile annsoin go dtosnóchainn ar an obair i gceann
coigthighse.



'Sé an chéad rud do dheineas acht bréigriocht do
cheapadh amach dam féin. Bhí gioblachán de bhacach im'
áit-se nuair do bhíos ag baile agus dubhras go ngléas-
fainn mé féin mar é i sean-bhalcaisíbh. D'éirigh liom
go han-mhaith mar bhí an bréigriocht chomh beacht soin is
gur mheall sé an timthire féin; agus b'iongantach an
rud é sin, mar do sháruigh sé ar gach éinne do casadh
orm riamh i ngéir-inntleacht. Ní dubhairt sé dadadh
acht bhí fhios agam gur thaithn an deallramh do bhí orm
go mór leis.



Nuair bhíos ins an gcoláiste thugadh na mic léighinn
taisbeánadh uatha go minic ar an sgalán. Bhí ollamh
ó'n bhFrainc ann agus bhí sé go han-aicillidhe ar fad i
gcleasaidheacht de gach éin-chineál. 'Sé do bhíodh
againn i gcomhnuidhe mar stiúrthóir agus 'sé do
ghléasfadh na buachaillí san riocht cheart, mar ba
chleasaidhe é féin ar an sgalán tamall d'á shaoghal;
agus d'fhéadfadh sé atharrughadh chomh mór soin do
dhéanamh ar dhuine is ná haithneó'dh a mháthair féin é.
D'fhoghluimeas an cheárd uaidh agus tháinig sé isteach


L. 86


go han-úsáideach anois. Nuair bhí gach éin-nídh soc-
ruighthe agam d'fhágas slán agus beannacht ag muinn-
tir Ath' an Mhuilinn, thángas i leith annso agus táim
ann ó shoin.



AN T-AONMHADH CUID DÉAG.



Míniughadh.



"Agus an raibh éin-eolas agat ar an áit seo roimhe
sin?" arsa mise.



"Ní raibh pioc," ar sé, "acht amháin go raibh litreacha
agam do chorr-dhuine annso agus annsúd."



"Agus an uaimh seo, cionnus a' bhfuairís amach é?"



Innéosaidh mise dhuit é sin anois. Fuaras go
tráthamhail é agus gan bheith d'á lorg i n-éan-chor.
Bhíos ins an ngleann amuigh ag féachaint a' bhfuighinn
nead smólaigh do bhí ann nuair do thuit cioth trom agus
do dhruideas isteach tríd na torthaibh fá sgailp ar
thaobh an ghleanna chun fosgaidh d'fhagháil, agus cad do
chífinn thaobh istigh díom acht an poll atá ag rith isteach
annso fúinn - 'sé sin an poll ar thángaís féin tríd
anocht. Lom-láithreach d'éirigh sé im' cheann go mbeadh
an áit an-oireamhnach dom' ghnó-sa, dá mbeadh slighe
mo dhóthaint ann. Isteach liom ag lámhachás agus ní
ghábha dham a rádh go raibh athas agus iongantas agus
uathbhás i n-éindigh le chéile orm nuair do chonnacas
an tslighe do bhí ann agus an t-ionad gnótha agus an
taisgeadán breagh do bhí cúmtha ag Dia Féin i mbroinn
na sléibhte le haghaidh na hoibre do bhí idir lámhaibh
agam."



"Bhí an rath ort i gcomhnuidhe," arsa mise. "Acht
tá céad ceist agam le cur chugat."



"Bhíos ag brath orra," ars' an "Gioblachán" ag
gáiridhe, "tiomáin leat."



"Cia an chiall ar chuiris suas an bothán so? Ar
ndóigh, ní raibh braon anuas ort."



Ní raibh go deimhin; acht bhí fáth leis. Nuair do


L. 87


thugas na gunnaí annso ar dtús, ní rabhadar ró-fhada
ann gur éirigh meirg ortha. Do chuir sé seo iongan-
tas orm agus i gceann tamaill thugas fá ndeara go
n-éirigheann ceó san uaimh anois agus arís, comhartha
go bhfuil uisge thíos ins an mbearna soin amuigh.
Éirigheann an ceó i gcomhnuidhe nuair shéideann an
ghaoth go dian aniar, agus taisbeánann sé sin go
bhfuil bunudhas éicint leis an sgéal a deirtear go
bhfuil uaimh ag rith isteach ó'n bhfairrge annso. B'in í
an chiall gur chuireas suas an bothán.



"Agus na súgáin go léir! Cia an chiall ar chuaidh
tú fá'n méid sin trioblóide? Ná déanfad cláracha
an gnó?"



Ó 'seadh! na súgáin. Ní miste dhuit iongantas do
bheith ort. Acht ní chuimhnigheann tú gur inniltheóir
mise. Do dheineas gach éan-órlach de na súgánaibh
mé féin istigh annso. Do chuireas innil le cheile
amuigh ar bhruach na gága chun iad do chasadh. 'Sé an
rud do chongbhuigh an innil ar siubhal acht sreang ag
rith thar roith beag agus meadhachaint crochta dhe. An
fhaid do bhí an mheadhachaint ag íoslughadh san gháig,
bhíos féin ag casadh an tsúgáin. Ní fhéadfainn
cláracha no éan-rud eile do thabhairt isteach an uair
sin le haghaidh an bhotháin acht amháin beart féir anois
agus arís, mar ní raibh an bealach eile isteach agam.
Acht is deas cluthmhar an bothán do dheineas as na
súgánaibh agus na cleiteachaibh. Congbhuigheann sé
amach an ceó agus an torann d'éirigheann san uaimh
'nuair bhím ag obair annso. Tá na súgáin fighte chomh
docht soin le chéile gur ar éigin do chuirfeá cipín
eatorra. An chéad cheist eile anois, má 'sé do
thoil é.



"Na hairm! Cionnus ar bhailighis iad go léir?"



'Seadh! Mar dubhras leat cheana tháinig an chuid is
mó aca ó Ameriocá. Cuireadh go dtí an bhFrainc
iad i dtosach go ceannuightheóir gunnaí atá ann -
Éireannach is eadh é agus tá sé ceangailte leis an
gconnradh so againn-ne. Éan-uair atá gunnaí aige


L. 88


Cuireann siad a gcurraigh amach ag leigint ortha gur ag iasgaireacht atá siad ag gabháil.


L. 89


le cur chugainn faghann sé bád iasgaigh ar thuarastal
agus cuireann sé na gunnaí ar bórd. Tagann an
bád taobh amuigh de Oileán Caorach agus cuirtear
suas comhartha atá socruighthe roimh ré againn. Tá
cuid de na haisgairidhe páirteach linn agus cuireann
siad a gcurraigh amach ag leigint ortha gur ag
iasgaireacht nó ag tógaint líonta atá siad ag
gabháil.



Tógann na hiasgairidhe na hairm as an mbád agus
nuair bhíd siad ar tráigh aca cuireann siad i bhfolach
iad go bhfuighidh siad aga chun iad do chur i leith annso
chugam-sa. Nuair bhíd siad ag tiomáint an mhúraigh
thirm go hInis cuireann siad na hairm i lár ualaigh,
agus ag gabháil thart annso thíos dóibh fágann siad na
gunnaí i n-áit áirithe 'san Réidh Chaoil. Ní deacair iad
do thabhairt isteach annso 'n-a dhiaidh sin.



"Tá ceist nó dhó eile agam le cur ort agus beidh
mé réidh leat annsoin. Cia an chiall nár thug tú
mise do'n tigh ba ghiorra dhúinn anocht agus gan dul
fá thríoblóid chomh mór soin chun mé do thabhairt isteach
annso?"



"Is maith an cheist í sin. Seo dhuit an freagra. Gach
éan-uair do bhím-se ag teacht isteach annso leigim
orm ar fuaid na háite go bhfuilim chun aisdir do
dhéanam go háit éicint eile. An tráthnóna so
dubhras go rabhas ag dul go Cill Mháille. Ní'l an
áit 'n-ar thuit tusa le hais an bhóthair i n-éan-chor agus
dá dtiubhrainn liom thú go dtí an tigh ba ghiorra dhúinn,
do leigfinn amach orm féin. Rud eile, bhíos ag
cuimhneamh ar Shaidhbh istigh léi féin annso i gcaitheamh
an lae agus mara' dh gur thugas liom thú annso, ní
fhéadfainn féin teacht isteach anocht bhí an sneachta
chomh trom soin."



"Ní dhéanfainn poll go maidin ná cuirfeá táirnge
ann," arsa mise, "acht cionnus ar éirigh sé go raibh
tú chomh deas-lámhach leis an gcois anocht."



"Dochtúir cnámha do b'eadh m'athair agus thagadh na
daoine chuige ó gach éan-áit san ndúthaigh thart thim-


L. 90


cheall. D'fhoghluimeas an chéard uaidh nuair bhíos ag
baile. Acht cionnus tá an chos agat anois?"



"Tá sí go breagh; ní'l pioc uirri anois, go raibh
maith agat."



"Is maith é sin," ar sé, "is dóigh liom go bhfuil sé
i n-am codalta dhúinn anois agus táim cinnte go
bhfuilir tuirseach díom. Tá sé an dó a chlog."



"Míle moladh le Dia," arsa mise, "agus níor
mhothuigheas an t-am ag imtheacht. Cheapas ná raibh sé
acht timcheall an t-éan-uair déag."



Sgaramar le chéile agus chodlas go sámh go maidin.
B'fhuirist leabaidh do chóiriughadh dham, pé ar bith é,
agus do chodluigheas go raibh sé an-fhada san lá; acht
ní raibh fhios agam an oidhche no lá do bhí ann. Chaitheas
an lá soin agus an lá n-a dhiaidh ins an uaimh ag
léigheamh nó ag seanchus le Saidhbh an fhaid do bhí an
"Gioblachán" amuigh nó ag obair. Nuair do tháinig an
tríomhadh oidhche do sheol sé anonn mé, thar an ngáig,
ins an gciseach. D'fhágas slán agus beannacht ag
Saidhbh agus thángamar araon amach tríd an mbealach
nuadh. Bhí sórt luasgáin déanta ag an "nGioblachán"
ar nós báid bhig, lem' aghaidh-se. Shuidheas isteach ann -
mar ní leigfeadh sé dham an chos do chur fúm fós -
agus do tharraing sé mé 'n-a dhiaidh thar an sneachtadh
anuas go dtí an bóthar mór. Ní raibh sé chomh cruaidh
air is do bhí an oidhche do thug sé mé ar a mhuin, acht,
sul ar shroicheamar an bóthar, bhí sé tuirseach go leór
díom.



Bhí duine muinteardha ag feitheamh liom le capall.
D'fhágas slán ag an "nGioblachán" agus do gheallas do
ná déanfainn trácht air féin ná ar an uaimh le héinne
go bráth go dtiubhradh sé cead dam. Sgaramar ó
cheile annsoin agus cúpla lá 'n-a dhiaidh sin thángas ar
ais go Baile-Átha-Cliath.


L. 91


AN TRÍOMHADH ROINN.
An chéad chuid.
Éalódh an Ghioblacháin.



Níor chualas éin-nídh i dtaobh an "Ghioblacháin" ar
feadh bliadhna, cé go rabhas ag baile fé dhó ó'n am do
chuireas aithne ar dtús air san bhfásach; acht is minic
do rith cuimhneamh air isteach im' cheann. Do chaitheas
an Nodlaig 'n-a dhiaidh sin ag baile mar ba ghnáthach,
acht ní raibh trácht ná tuairisg ar an "nGioblachán."
Ar a shon soin féin bhí amhras éicint im' cheann agam
go raibh sé timcheall na háite fós.



Bhíos ag teacht ar ais go Baile-Átha-Cliath nuair bhí
mo laetheanta saoire caithte agam; acht do chailleas
an traen i nInis mar ní raibh éan-bhóthar iarainn idir
Inis agus an Chathair an uair sin. Is ar chárr do
dheineas an turus agus ní raibh 'sa chapall do bhí
agam acht staigín gan mhaith. B'éigin dam fanacht
i nInis go raibh traen eile ag gabháil amach timcheall
a hocht a chlog 'san oidhche.



Do chaitheas an lá tuirseach cráidhte ag siubhal annso
agus annsúd ar fuaid na sráide; acht ar eagla go
gcaillfinn an traen arís bhíos ag an bport ar a seacht
a chlog. Oidhche fhuar fhiadhain dhorcha do bhí ann gan
acht corr-dhuine amuigh; agus ní raibh duine beo i
n-éan-chor le feicsint i bport na traeneach nuair do
chuadhas ann. Bhíos ag siubhal suas agus anuas ar nós
go gcoimeádfainn an teas im' chosaibh, agus ag
caitheamh gaile de'n phíopa dam féin nuair do tháinig
duine éicint taobh thiar díom agus do chualas guth
isteach im' chluais:



"Tá an 'Gioblachán' annso, acht ná leig éin-nidh
ort," ar sé.



D'aithnigheas an guth lom-láithreach acht níor
iompuigheas mo cheann agus níor stadas de'n tsiubhal
cé gur bhain sé preab asam.


L. 92


"Tar anuas annso im' dhiaidh," ar sé, nuair bhí sé
ag gabháil amach thorm, "tá gnó agam díot go fóill."



Chuaidh sé síos go héadan an phuirt go háit dhorcha
agus lean mise é. Thugas fá ndeara go raibh mála
dubh 'n-a láimh aige agus cóta mór liath agus hata
bog leathan d'á chaitheamh aige. Nuair do thángas suas
chuige do chroith sé lámh liom go cáirdeamhail.



"Tá sé ag gabháil go cruaidh orm anocht," ar sé,
"acht tá súil agam go dtiucfaidh mé as mar do
dheineas go minic cheana. Ní'l siad so atá ar mo
thóir ró-ghasda," agus thosnuigh sé ag gáiridhe go bog
leis féin - comhartha ná raibh sé ró-eaglach.



"Seas annsoin go fóill," ar sé, "agus bíodh súil
amach agat ar eagla go dtiucfadh éinne orm a gan
fhios. Caithfidh mé atharrughadh beag do dhéanamh orm
fhéin ar nós go meallaidh mé ná bleachtairí; agus má
chíonn tú éinne ag teacht id' ghaor tosnuigh ar 'An Lon
Dubh' d'fheadaighil."



D'imthigh sé leis agus chuaidh sé i bhfolach taobh thiar
de bhalla árd do bhí gairid dúinn agus d'fhág sé mise
im' fharaire sa dorchadas. Is ar éigin do bhí sé
imthighthe cúig nóiminte nuair do chonnacas fear mór
árd ag teacht anall trasna chugam ó'n dtaobh eile
de'n bhóthar iarainn. Thosnuigheas féin ar feadaighil
agus do dhein an fear i leith chugam. Do rith sé im'
cheann de phlap go raibh sé i ndiaidh an "Ghioblacháin,"
Chrom sé anuas agus d'fhéach sé go géar orm.



"Cá bhfuil an té do bhí leat annso ó chianaibh?"
ar sé, i mBéarla.



"Cad deir tú?" arsa mise ag leigint orm nár
thuigeas é.



"Cá bhfuil an fear eile do bhí leat annso, ní'l cúig
noiminte ó shoin?"



D'aithnigheas nuair d'osgail sé a bhéal gur choigcrí-
gheach é, agus chuir an cheist i n-umhail dam go raibh sé
ag faire orainn. Ar a shon soin féin d'iompuigheas
air go dána, cé go raibh mo chroidhe im' bhéal agam
agus dubhras leis:


L. 93


"Cé hé tusa no cad tá uait?"



"Tá eolas uaim i dtaobh an fhir do bhí leat annso ó
chianaibh," ar seisean.



Leigeas gáire asam agus dubhras leis:



"An bhfuil tú as do mheabhair? Tá tú as an tslighe
as fad, a dhuine chroidhe, má creideann tú go raibh
éinne annso acht mé fhéin."



"Bhíos taobh thiar de chnap adhmaid thall annsoin,"
ar sé, "agus do thógfainn an leabhar air go bhfeacas
beirt agaibh annso."



"Is ar do shúilibh do bhí sé," arsa mise, "nó
b'fhéidir gur sgáil do chonnaic tú. Agus rud eile,
tá an oidhche chomh dorcha soin nách bhféadfadh duine ar
bith éan-rud d'fheicsint annso ó'n taobh eile."



"B'fhéidir gur dheineas dearmhad," ar sé, ag casadh
ar a sháil agus ag imtheacht leis féin suas an port.
Ní gábhadh dham a rádh go raibh áthas orm nuair nár
chuaidh sé níos sia leis an gceistiughadh; acht 'n-a
choinne sin bhí aithmhéala an domhain orm, mar bhí eagla
orm go raibh gach bearna dúnta ar an "nGioblachán"
bocht.



An fhaid do bhíos ag caint leis an mbrathadóir do
thógas lán mo shúl de, chomh maith is do bhí sé i gcumas
dam, ar nós go bhféadfainn tuairisg bheacht do
thabhairt do'n "Ghioblachán" air. Fear dubh bearrtha
do b'eadh é, agus b'é mo thuairim go raibh sé suas le
dachad bliadhain d'aois. Bhí péire spéaclaí air, cóta
mór fada dubh, agus caipín tarraingthe anuas go dtí
an dá chluais aige. Mheasas ó n-a chaint agus an blas
do bhí air gur Sacsanach do bhí ann agus fear géar-
chúiseach leis. Bhí an fhírinne ag an "nGioblachán;" bhí
sé ag gabháil go cruaidh air agus bhíos féin ag critheadh
le faitchios mar gheall air.



Nuair bhí "fear na spéaclái" imthighthe chuireas mo
cheann thar an mballa agus d'fhiafruigheas go ciúin an
raibh an "Gioblachán" annsoin. Ní fhuaras éan-fhreagra
ná níor airgheas pioc acht amháin búithreamh na gaoithe.
Dubhras liom féin go mb'fhéidir gur airigh sé an


L. 94


brathadóir ag caint liom-sa agus gur thug sé na sála
leis chomh tapaidh is b'fhéidir leis as an áit ar fad.
Bhíos ag brath go raibh an sgéal mar seo, mar níor
mhaith liom é bheith gabhtha fam' shuilibh; acht, ar eagla
go bhfillfeadh sé, bhíos ag feitheamh leis go rabhas im'
chnap leis an bhfuacht.



Fá dheireadh thiar thall do bhuaileas suas an port
arís agus cé bheadh ann romham acht "fear na
spéaclaí" agus é ag faire go géar ar na daoinibh do
bhí ag teacht go dtí an traen, le súil, is dócha, go
bhfeicfeadh sé an "Gioblachán" 'n-a measg. Chuadhas
amach thairis agus isteach liom go Seomra na hAoi-
dheachta fá dhéin gloine biotáille mar do bhíos caillte
glan leis an bhfuacht. Ní raibh éinne istigh acht amháin
an friotháilidhe agus bhíos ag ól an dram nuair do
chualas guth im' chluais an dara huair:



"Caith suas é sin agus bíodh ceann eile agat; is
dócha go dteastuigheann sé uait."



An "Gioblachán" arís! Ní fhéadfainn an t-iongantas
do tháinig orm do bhrughadh fá chois an uair seo agus
d'iompuigheas air de phreib; agus a Dhia mór na
bhfeart cia bhí ann acht "fear na spéaclaí" agus a bhéal
leathta ó chluais go cluais ag gáiridhe fúm. Ní fhaca
mé riamh a leithéid d'atharrughadh. Bhí sé chomh dubh le
Spáinneach agus do cheapfadh éinne go raibh an dath
air ó nádúir agus gur chaith sé a shaoghal fá'n ngréin
agus fá'n ngaoith. Rud eile bhí a ghnúis croptha fá
mar do bheadh sé suas le deich mbliadhain is dachadh
d'aois.



"Dearg-náire chugat," arsa mise, "agus nách tú do
dhein an t-amadán díom anocht!"



"Gabhaim párdún agat," ar seisean, "acht bhíos ag
féachaint an raibh éan-mhaith 'san mbréigriocht so agus
táim sásta leis; do mheall sé tusa go glan."



"Do mheall, ambasa, agus tá súil agam go meall-
faidh sé na brathadóirí."



"Buail amach go fóill." ar sé, nuair bhí an dram
ólta aige, "agus ná dein dearmhad gur Shacsanach


L. 95


mise. Raighmíd fá dhéin an mhála anois; d'fhágas i
bhfolach thíos é."



"An amhlaidh do bhearr tú d'fhéasóg an fhaid do bhí
tú imthighthe?" arsa mise leis"



"Ní headh," ar seisean, "tá sé sa mhála."



"Agus cá bhfuair tú an cóta mór atá ort?"



"Féach," ar sé, agus d'osgail sé an cóta. Bhí sé
liath ar an dtaobh istigh agus dubh ar an dtaobh amuigh.



"Nuair theastuigheann atharrughadh uaim," ar seisean,
"ní'l le déanamh agam acht an cóta d'iompódh; a'
dtuigeann tú?"



"Tuigim, acht is fuide an cóta dubh ná an cóta
liath."



"Agus nach fusa, nuair tá an taobh liath amuigh, an
méid atá thíos de'n gcóta eile d'iompódh suas ar an
dtaobh istigh, a phleidhce!"



"Agus an dath ar do ghnúis."



"Súgh luibhe."



"Tá caoi ann le haghaidh gach éan-rud do dhéanamh
dá gcuimhneóchadh duine air is dócha," arsa mise.



Fuair sé an mála gan mhoill agus bhí atharrughadh
air sin féin. Mála dubh do bhí ann an chéad uair do
chonnaic mise é; mála buidhe do bhí ann anois.



Nuair do shroicheamar an port arís bhí an áit ar
fad lán suas le píléiríbh -"bhí an port dubh leo" mar
dubhairt an "Gioblachán." Bhí aithne ag ceann aca orm-
sa agus nuair do chonnaic sé mé tháinig sé i leith
chugham agus d'fhiafruigh sé dhíom an rabhas i bhfad ar
an bport. Dubhras leis go rabhas leath-uair nach mór,
mar bhí fhios agam go maith cad do bhí uaidh. Dubhairt
sé liom annsoin go rabhadar ar thóir fir agus thug sé
tuairisg an "Ghioblacháin" dam - cóta mór liath, féasóg
fhada, hata bog leathan, mála dubh, agus mar sin.



"A' bhfeacaís éinne mar sin annso," ar seisean,
"ó thángais isteach."



"Chonnac," arsa mise, "agus chuaidh sé síos go
héadan an phuirt; acht ní fhaca mé ó shoin é."



"Is maith é sin," ars' an píléir, "go raibh maith agat."


L. 96


Chuadhmar araon suas chuige agus an "Gioblachán" ag stealladh
a chuid Béarla uaidh.


L. 97


"Acht cad do dhein an fear so as an tslighe."



"Deamhan a' bhfuil d'á fhios agam acht an oiread
leis an bPáistín Fionn; acht deirthear go bhfuil sé i
mbun gnó éicint neimhdhlighthigh. Fear sleamhain gasda
'seadh é acht cuirfimíd laincide air anois," agus chuaidh
sé anonn go dtí an oifigeach leis an sgéal do thug
mise dhó, is dócha.



"Tá breall ort, is baoghal liom," arsa mise fám'
fhiaclaibh nuair d'imthigh sé.



"Sgian mhaide mo sgian; níor mhairbh sé éinne
riamh," ars' an "Gioblachán."



Tháinig an traen isteach láithreach. Rith na tais-
dealaidhthe anonn 's anall ag lorg a gcuid bagáisde.
Chuaidh píléir go doras gach caráisde agus d'fhan sé
ann ag faire ar gach éinne a chuaidh isteach. Bhí an
píléir do labhair liom-sa 'n-a sheasamh le hais caráisde
fholaimh. Chuadhmar araon suas chuige agus an "Giob-
lachán" ag stealladh a chuid Béarla uaidh go hárd-
ghlórach. Bhíos féin go han-imnidheach acht níor leigeas
éin-nídh orm.



"Má tá ciall ag an bhfear úd," arsa mise leis an
bpíléir, "fanfaidh sé i bhfolach go fóill."



"Ní dóigh liom go bhfuil sé ag dul ar an dtraen
seo i n-éan-chor; acht is cuma é. Béarfamaoid air
gan mhoill anois," ar sé.



Chuadhmar isteach agus do dhún an "Gioblachán" an
doras 'n-ár ndiaidh. Leig an innil sgread aiste agus
amach linn.



"Buidheachas mór le Dia!" arsa mise ag tuitim
siar go faon lag.



"Amén," ars an "Gioblachán," agus tar éis an méid
ar chuaidh sé tríd, ní raibh ruibe d'á ghruaig casta air.



"Chuaidh sé dian ort anocht," arsa mise.



"Chuaidh," ar sé, "acht thángas go bog as."



"Ní misde timthire do dhéanamh díot go háirithe."



"Ar a shon soin féin, ní raibh sé riamh níos déine
orm agus is baoghal liom go bhfuil eolas éicint ag na
píléiríbh im' thaobh-sa."


L. 98


"Dá mbeinn-se id' bhrógaibh anocht, bhí beirthe orm
gan mhoill, mar do leigfinn amach orm féin."



"Tá faitchios orm go bhfuil duine éicint annso ag
déanamh 'uisge fá thalamh' agus ní fheadar fá'n spéir
cionnus do fuair sé amach éan-rud mar gheall orm-sa.
Tá na píléirí go han-ghnóthach le déidheanaighe; agus
nach beacht cruinn do thug an fear úd tuairisg orm-
sa san bport ó chianaibh."



"Agus an bhfuil amhras agat ar éinne?"



"Tá, ar fhear le hais na Cathrach, acht ní'lim cinnte
dhe fós. Beidh seanchas agam led' athair mar gheall
air lá éicint go gairid. Agus ó dheineas trácht ar
d'athair, cuireann sé i gcuimhne dham go bhfuaras
d'ionad comhnuighthe-se i mBaile-Átha-Cliath uaidh an lá
fá dheireadh, mar do theastuigh uaim sgríobhadh chugat.
Tá cléireach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath do bhí sa
choláisde an fhaid do bhí mise ann. Bhíomar chomh
cheanamhail ar a chéile agus a bheadh beirt dearbhráthar.
Tá cuimhne mhaith agam ar an oidhche do fuaras an
sgéal i dtaobh an léirsgris do bhí déanta ag baile.
Do ghoill sé chomh mór air-sean is do ghoill orm féin
agus bhí truagh an domhain aige dham. Do casadh orm
é i mBaile-Átha-Cliath an uair dhéidheanach do bhíos ann,
'sé sin, tar éis Átha an Mhuilinn d'fhágaint, agus sul
ar thángas i leith annso cúig bliadhna ó shoin. D'innis
sé dham a ionad chomhnuighthe an uair sin acht tá sé
imthighthe as mo cheann anois. Badh mhaith liom go
gcuirfeá-sa tuairisg air agus a fhághail amach dam cá
bhfuil sé 'n-a chomhnuidhe anois nó bhfuil sé 'sa chaisleán
fós."



"Déanfad é sin agus fáilte," arsa mise, "mar
tá aithne agam ar chléireach eile ann agus gheobhaidh
mé cunntas uaidh n-a thaobh."



"Badh mhaith liom go mbeadh aithne agat féin air mar
do bheadh aithne agat ar fhear agus ar Éireannach fíor-
cheart cé go bhfuil sé ins an gCaisleán. Nuair
stadfaidh an traen arís, sgríobhfad litir do thabhairfidh
tú dhó. Ní'l ann acht duine beag suarach le féachaint


L. 99


air - cruiteachán prab-shúileach gan iomarca le rádh
aige - acht tá croidhe leoghain aige agus do raghadh sé
go dtí a mhuinéal ins an bhfairrge chun cabhrughadh le
caraid nó chun cor maith do dhéanamh dó."



Stad an traen agus thóg an "Gioblachán" blúire
páipéir as an mála agus sgríobh sé an litir agus thug
se dham é le tabhairt d'á charaid, an cléireach - Eóin
O Ceallaigh b'ainm dó - i mBaile-Átha-Cliath.



Nuair do shroicheamar an Chreatlaigh do chroith sé
lámh liom agus gan focal acht amháin "Go n-éirighe an
bóthar leat," léim sé amach agus d'imthigh sé uaim
mar do shluigfead an talamh é, agus ní fhaca mé an
duine aisdeamhail seo i gConntae an Chláir ó shoin.



Bhíos go han-ghnóthach ar feadh seachtmhaine tar éis
teacht a bhaile go Baile-Átha-Cliath agus ní raibh aga
agam chun féachaint i ndiaidh an chléirigh; acht níor
dheineas dearmhad air agus ba mhaith an rud nár
dheineas.



AN DARA CUID.
Uisge fa thalamh.



Bhí beirt fhear ag caint le n-a chéile éan-lá amháin
timcheall an taca so i seómra i gCaisleán Bhaile-Átha-
Cliath. Oifigeach ós cionn na bpíléirí do b'eadh duine
aca agus bhí an fear eile, an Frínnseach, go han-árd
'sa Chaisleán agus ós cionn an oifigigh féin.



"Seadh," ars an Frínnseach, "agus ní'l beirthe
agaibh ar an mbitheamhnach úd fós."



"Ní féidir linn breith ar sgáil," ars' an t-oifigeach -
Seóirse Mac Gabhann do b' ainm dó.



"Ó, ní'l annsoin acht leithsgéal," ars' an Frínnseach
go canncrach.



"Is baoghal liom go raibh duine éicint ag déanamh
magaidh fút; dá mbeadh a leithéid i gConntae an
Chláir, do bheadh tuairisg agam air, agus do bheadh sé
gabhtha agam fad ó, acht ní'l sé ann."


L. 100


"Cuirfidh mé geall leat go bhfuil. Táim chomh
cinnte dhe is go bhfuilim im' sheasamh annso go bhfuil
sé i n-áit éicint sa Chonntae; agus rud eile, tá an
gnó so atá fá n-a chúram ag leathnughadh go mór."



"Má tá, is iongantach an fear é. Is féidir leis
sprid do dhéanamh de féin, agus is fiú dul fá roinnt
trioblóide chun beartha air."



"Sin í an chaint. Ní duine é mar chách, fear géar-
chúiseach acfuinneach is eadh é do réir an chaoi atá
buaidhte aige oraibh-se. Má's féidir linn é do chur
fá ghlas, deir mise leat-sa go ndéanfaidh sé maitheas
dúinn araon. Badh chóir dúinn gach éan-rud is féidir
linn do dhéanamh chun breith air," ars' an Frínnseach.



"Do dhein mise agus gach éinne fúm ár ndícheall
acht do theip orainn."



"Tá a fhios sin agam go maith, acht caithfimíd slighe
eile do cheapadh amach anois chun teacht timcheall air."



"Bhfuil éan-rud socruighthe agat?"



"Ní'l, acht measaim ná fuil bhur ndóthain d'fhearaibh
agaibh i gConntae an Chláir. Tá fhios agam gur chuiris
tagairt annso nuair dubhras leat é, ag iarraidh ortha
cúpla céad eile de phíléiríbh do sgaipeadh ar fuaid na
Contae acht ní raibh toradh an mhadra aca ort.
Dubhradar go raibh na daoine ró-shíothamhail agus ró-
mhacánta. Acht dá mbeadh urchur caitthe isteach i
dtigh annso, cruach féir dóighte annsúd, iorball bó
gearrtha dhi thall, agus geata leagtha ar lár i bhfus,
níor bhfada go mbeadh an áit ar fiuchaidh, agus ní
iomarca de mhoill do bheadh ortha annsoin do chumplacht
do mhéidiughadh. An dtuigeann tú?"



"Ní thuigim. Cad tá id' cheann agat?"



"Ó tuigeann Tadhg Taidhgín - seanfhocal é sin."



"Agus seanfhocal eile is eadh "bíonn gach dúbhán
alla ag casadh ar a cheirtlín féin" - b'fhéidir go
dtuigim anois tú, acht an dóigh leat go dtiubhraidh
mise congnamh dhuit san ghnó salach so. Dheineas
mo ghnó féin díreach macánta i gcomhnuidhe agus lean-
faidh mé ar an mbealach soin."


L. 101


"Ní iarrfar ort éin-nídh do dhéanamh, acht do shúile
agus do bhéal do chongbháil dúnta."



"Do bheadh sé ar m'anam, agus, dá bhfuigheadh an
t-Árd-Rúnaidhe nó Ceannfeadhna na bpíléar éin-
eólas ar an ngnó bhfealltach so atá tú a chur orm-sa,
do bheinn caillte."



"Cogair i leith chugam go fóill. Ar ndóigh, ní'l
mise chómh mór soin d'amadán is go gcuirfinn tusa
'ná mé féin i gcontabhairt. Ní bheidh fhios ag éinne
cad do bhí eadrainn annso indiu. Ní gábhadh dhuit-se
éan-rud i n-éan-chor do dhéanamh acht mar dubhras leat
ó chianaibh. Tá na sreanga im' láimh-se annso agus
tairngeóchaidh mise iad. Cuir fógra isteach chugainn
go minic, go mór-mhór nuair thuiteann éin-nídh amach,
agus abair leo annso go bhfuil na daoine ag éirghe
míoshuaimhneach agus crosta, go bhfuil gnó aindleagh-
thach ar siubhal agus go bhfuil duine éicint ag gabháil
timcheall ag spreagadh na ndaoine suas agus ag cur
chomhrún ar bun. Abair annsoin nach féidir leat pioc
do dhéanamh gan tuilleadh fear d'fhághail."



"Ní'l éan-rud ceanglach orm," ars' an t-oifigeach.



"Ní'l pioc, má's maith leat é."



"Is olc an gnó é," ar sé go truaighmhéileach.



Bhí an fear bocht ag déanamh a dhíchill gan ghéilleadh
do'n bhfealltóir eile, acht bhí sé ag bogadh.



"Tá gnó níos measa ar siubhal i gConntae an Chláir,
agus is cóir dúinn cosg do chur leis. Tá sé ceanglach
orainn an méad sin do dhéanamh go háirithe."



"Tá, acht ar chaoi mhacánta."



"Déanfaidh sé fear saidhbhir díot."



"Is glas iad na cnuic i bhfad uainn."



"Tá muirighin mhór ort."



"Acht ní'l baint ar bith aige sin leis an sgéal."



"Ó tá; mar dá mbeadh an dá oiread airgid agat
agus tá anois, do bheadh sé i bhfad níos fusa do chlann
do bheathughadh mar is cóir; agus rud eile ní'lir ró-óg
anois."



B'fhíor do'n bhFrínnseach; ní raibh sé ró-óg, agus bhi


L. 102


muirighin throm lag air. Níor phós sé go raibh aois
mhaith aige agus annsoin do phós sé bean óg sgaiptheach.
Bhí lán an tighe de pháistíbh aige agus gan éan-rud i
dtaisge aige dhóibh. Chuimhnigh sé air seo; agus bhí fhios
ag an bhFrínnseach go raibh sé ag machtnamh air agus
dubhairt sé leis:



"Cuimhnigh ar do pháistíbh agus dein rud éicint dóibh
chomh fada is tá sé i gcumas duit."



Ní fhéadfadh an fear bocht dul níos sia leis an
díospóireacht agus dubhairt sé leis an bhFrínnseach go
ndéanfadh sé mar adubhairt sé leis.



"Tá rud eile socruighthe agam anois," ars' an
Frínnseach. D'fhéach sé suas ar chlog do bhí ar an
mballa; "Ní'l agam acht cúpla nóiminte eile agus
badh mhaith liom go dtiubharthá aire dham. Tá lán
cófra de ghunnaíbh agam d'á chur síos go Cill Ruis an
tseachtmhain seo chughainn. Beidh siad annsoin ar an
gcéibh seachtmhain ó'n lá indiu go díreach. Tá sgéal
curtha síos agam go mbeid siad ann. Cuirfear an
sgéal so ar siubhal go haireach agus beidh blas na
fírinne air. B'fhéidir go n-aireóchadh an té seo tá
uainn an sgéal agus go dtiocfadh sé ag féachaint i
ndiaidh na n-arm. Fágaim an gnó ar fad fút féin
anois. Má ghlacann sé an biadhta tá deireadh leis,
agus beidh tusa níos fearr as. Mara nglacann sé é,
caithfimíd rud éicint eile do dhéanamh acht socróchai-
míd é sin ar ball."



"Déanfaidh mé mo dhícheall," ars' an t-oifigeach
agus bhuaileadar araon amach.


L. 103


AN TRÍOMHADH CUID.
"Seachain an cófra ar an gcéibh."



Fuaras amach ionad comhnuighthe Eóin Uí Cheallaigh
agus chuadhas d'á lorg leis an litir do thug an
"Gioblachán" dam. Bhí sé istigh rómham. Duine beag
dúr doicheallach do b'eadh é, acht do bhog sé go mór
sul ar fhágas é. Thugas an litir dhó agus léigh sé í
seacht n-uaire ar a laighead agus níor tháinig focal as.



"Cionnus ar chuir tusa aithne ar an bhfear so?" ar
sé fá dheireadh ag féachaint go hamhrasach orm.



"Chaithfinn sgéal fada d'innsint duit chun freagra
do thabhairt ar an gceist sin," arsa mise.



"Bíodh sé fada nó gearr," ar sé go canncrach,
"caithfidh tú freagra do thabhairt ar an gceist."



Mar gheall ar an méad adubhairt an "Gioblachán"
'n-a thaobh dheineas mo dícheall chun é do chongbháil ar
mo lámhaibh agus thugas cunntas dó ar ar thuit amach
idir an "Gioblachán" agus mé féin.



Nuair bhí críochnuighthe agam d'iarr sé orm lúidín
mo dheas-láimhe do thaisbeánt do. D'fhéach sé air.



"Táim sásta," ar seisean, "agus is maith liom gur
thángaís, mar tá Domhnall i gcontabhairt. Bhfuil
'fhios agat cá bhfuil sé anois?"



"Ní'l," arsa mise.



"Tá sé caillte mar sin," ar seisean, "go bhfóiridh
Dia orainn! nach cruaidh an cás é!" agus leag sé a
cheann ar a láimh; "Do thiubhrainn an lámh óm' ghualainn
anuas chun tuairisg d'fhagháil air anois. Níor chodlas
néal le dhá oidhche acht ag cuimhneamh air."



"Tá 'fhios agam cá fuil a dheirbshiúr," arsa mise;
"A' ndéanfadh sé sin an gnó?"



Do phreab sé suas go háibhéiseach.



"Déanfaidh, má tá 'fhios aici cá bhfuil sé agus má
tá sí seasmhach," ar seisean.



"Ná bíodh faithchios ar bith ort mar gheall air sin,"
arsa mise: "Tá sí chomh seasmhach leis féin agus is
mór an focal é sin."


L. 104


"Ó, buidheachas mór le Dia go bhfuil sé i gcumas
dam beart mhaith do dhéanamh ar a shon - mo Dhomhnall
bocht, togha na bhfear."



Thug sé cunntas dam annsoin ar an gcomhrún úd
do bhí ceaptha i gCaisleán Bhaile Átha Cliath idir an
Frínnseach agus an t-oifigeach agus gur thráchtamar
cheana air. Bhí sé féin i seomra bheag le hais an
tseomra 'n-a rabhadar ag caint agus do chualaidh sé
an seanchas ar fad mar bhí an doras rud beag
osgailte. Bhí fhios aige go maith gur ar Dhomhnall do
bhíodar ag trácht agus bhí sé nach mór as a mheabhair
nuair ná raibh fhios aige cá raibh sé.



Sul ar fhágas an tigh sgríobhas litir fhada agus
chuireas ag triall ar Shaidhbh í. Seachtmhain nó mar
sin 'n-a dhiaidh sin fuaras freagra uaithi agus, go
deimhin duit, bhí greann agus spórt agam féin agus
ag Eóin mar gheall ar an litir úd.



Nuair fuair Sadhbh an litir uaim-se sgannruigheadh
an t-anam aisti; acht chuir sí í féin i gcóir, cé go raibh
bóthar fada roimpi, agus chuaidh sí go Cill Ruis. Bhí
sí ann ar feadh dhá lá ag feitheamh go critheaglach leis
an "nGioblachán." Bhí súil aici ná tiocfadh sé i n-éan-
chor; acht tháinig sé fá dheireadh, agus ní túisge do bhí
sé ann ná bhailigh na dailtíní óga timcheall air ag
déanamh magaidh faoi féin agus fá n-a shean-bhalcaisíbh.
Bhíodar go han-drochmhúinte ar fad, acht do thaithn sé
sin leis, mar bhí rud éicint 'n-a cheann aige, Bhíodar
ag sgreadghail 'n-a dhiaidh agus ag caitheamh sgrath-
anna leis agus gach éan-rud eile bhíodh fá láimh aca;
agus fá dheireadh thiar rith sé uatha isteach i mbarraic
na bpíléirí chun gearáin do dhéanamh ortha.



Cia bheadh istigh roimhe acht an t-oifigeach Seoirse
Mac Gabhann agus an fear ó'n gCathair a raibh amhras
aige féin air - Máirtín O Riagáin - agus iad ag
caint go dlúith le n-a chéile. Nuair do chonnaic
Máirtín é fuair sé sgeimhle.



"Agus a Chínn-tíre" - b'é sin leasainm do cuireadh
ar an "nGioblachán" nuair do tháinig sé go Contae an


L. 105


Chláir ar dtús - "cad do thug annso thú?" arsa
Máirtín.



Leigeadh an Gioblachán air i gcomhnuidhe ná raibh ann
acht leath-amadáin agus 'sé an freagra do thug sé
air:



"Cad do thug annso thú féin?"



Níor fhág an cheist gíog ag an bhfear eile. Dhein
an "Gioblachán" a ghearán agus bhuail sé amach. Lean
Máirtín é agus d'iarr sé air gan trácht go bhfaca sé
san mbarraic é. "Cia an díoghbháil tusa do bheith san
mbarraic?" ars' an "Gioblachán," "Ná raibh mise
ann?" agus amach leis.



Chongbhuigh na dailtíní uaidh agus níor bh'fhada go
bhfaca sé Sadhbh ag déanamh air, agus nuair tháinig sé
aníos chúichi, shín sé a lámh amach ag iarraidh déirce
uirre. Thug sí leath-phinginn dhó agur dubhairt sí leis
fá n-a fiaclaibh:



"Seachain an cófra ar an gCéibh."



"Ní baoghal dam; tá breall ortha," ar sé agus
d'imthigh sé leis.



D'airigh sé trácht ar an gcófra agus gur as bád ó'n
bhFrainc do tháinig sé. Níor chreid sé focal de, acht
dubhairt sé go raghadh sé go Cill Ruis a' féachaint an
bhfuigheadh sé amach an fealltóir, agus fuair.



AN CEATHRAMHADH CUID.
Deireadh - "ag feitheamh le breacadh an lae."



Leath-bhliadhain nó mar sin tar éis aithne do chur
ar Eóin Ó Ceallaigh bhíos ag siubhal suas tré Shráid
Uí Chonaill éan-tráthnóna amháin, agus chonnacas duine
uasal ag teacht anuas im' choinne agus bean uasal
'n-a theannta. Bhí gach éinne ag féachaint ortha agus
'n-a ndiaidh, mar ní raibh beirt eile mar iad ar an
tsráid, bhiodar chomh breagh snasta maiseach soin.



Bhíos féin ag gabháil amach tharsta, nuair do dhein


L. 106


an duine uasal i leith chugham agus do leag sé lámh ar
mo ghualainn.



"Ní aithnigheann tú an 'Gioblachán,'" ar seisean.



Is é do bhí ann gan amhras agus cia bheadh leis acht
Eibhlín Nic Ghearailt. B'fhíor do'n "Ghioblachán" nuair
dubhairt sé nach bhfaca sé éin-bhéith ní b'áilne riamh.
Bhíodar ag teacht go díreach glan óm thig-se, mar do
chuadar ann chun innsint dam go raibh siad féin agus
Sadhbh i mBaile-Átha-Cliath.



Thugadar cuireadh dham go dtí an tigh-ósda 'n-a
rabhadar féin agus Sadhbh 'n-a gcomhnuidhe. Chuadhas
leo agus do chaitheamar oidhche shultmhar i gceann a
chéile.



"Tá ceist agam ort," arsa mise leis an
"nGioblachán" i rith na hoidhche.



"Éin-cheann amháin," ar sé ag gáiridhe.



"Ní'l níos mó anocht," arsa mise.



"Seo leat mar sin," ar seisean.



"Cionnus a bhfuair an Frínnseach éin-eólas ort-sa?"



"Fuair sé ó Sheamus Ruadh é; acht ní fhéadfadh
ceachtar aca teacht suas liom-sa. Ní raibh amhras ar
bith ag éinne riamh ar an bpléice do chuaidh timcheall
fá ghné bhacaigh; acht do bhí ar fhear do chuaidh timcheall
i riocht shagairt. B'in é an buachaill do thug an
trioblóid dóibh. Ní gábhadh dham a rádh nár thángadar
suas leis riamh."



Bhí Domhnall agus Eibhlín le bheith pósta i gceann
seachtmhaine agus bhí socruighthe aca ná fanfadh siad i
nÉirinn nuair do bheadh siad pósta. Níor éirigh a ghnó
leis an "nGioblachán" mar bhí clampar éicint 'san
gConnradh i n-Ameriocá agus b'éigin dó cur suas de.



Do phléasg sé na bealaigh isteach go dtí an uaimh
le púdar, ar nós nach bhfuigheadh éinne amach í agus
d'fhág sé gach éan-rud dá raibh innti 'n-a dhiaidh.



Do pósadh an "Giobhlachán" agus Eibhlín gan éin-
éirghe i n-áirde agus d'fhágadar slán agus beannacht
againn agus d' imthigheadar leó. Bhí Eóin O Ceallaigh
'n-a dteannta - nior thaithn Caisleán Bhaile-Átha-Cliath
riamh leis.


L. 107


Do dhein an duine uasal i leith chugam agus leag sé
lámh ar mo ghualainn.


L. 108


Bhí Sadhbh go han-uaigneach go ceann tamaill. Bhí
sé leagtha amach aici go raghadh sí go hAmeriocá.
Acht ní leigfinn féin di imtheacht, agus ní raibh sé ró-
fhada go rabhamar pósta. Tá sí ag féachaint orm ag
cur críche leis an sgéal so, agus táim bodhar aici -
ní chreideann sí go bhfuil sé ós cionn fiche bliadhain ó
thuit an sgéal amach.



Agus anois, a léightheóirí, is dócha gur maith libh rud
éicint do chloisint i dtaobh an "Ghioblacháin," ó d'fhág
sé a thír dhúthchais féin. Tá éan-rud amháin cinnte - ní'l
éin-tighearna talmhan ós a chionn. Tá sé 'n-a innil-
teoir ós cionn bhóthair mhóir iarainn, agus tá an
saoghal ag éirghe go breagh leis féin agus le hEibhlín.



Tá sé ag feitheamh i gcomhnuidhe le "breacadh an
lae" i n-Éirinn. Nár leigidh Dia go bhfuighidh sé féin ná
Eibhlín bás go bráth go bhfeicfid siad é.



A Chríoch.



Ar n-a chur i gcló d' Ua Chathail agus d'á bhuidhin,
35, 36 agus 37 Sráid Mhór an Trágha,
Baile-Átha-Cliath.