A Pastoral Instruction in the Irish Language

Trá Lí: The Kerry People (1912)

Anaithnid




A Pastoral Instruction in the Irish Language,
from the
Roman Catholic Bishop of Kerry,
to the
Lower Order of his Diocesans in 1794,
with a literal translation for the convenience of those who may have a
difficulty in reading or understanding the original.



Ó bo dheonathach le Dia me chuir mar uachtarán spiriodálta as cionn lucht
leanamhuna an Chreidiomh Chatoilicidhe an so Díósus so, is dualgus é atá
ceangailte orum, agus ann na ccaithfimé géarrchúntas do thabhairt lá eile a
láthair an áirdbhreitheamhnuis, gach teagasg atá riachtanach do thabhairt do
na treudtha atá fé mo chúram, le shin, a Dearbhráithireacha ó is ceart sibh
do chuir air úr ccosuint ann san aimsir bhuartha chúntabhurtha atá nis
aguin, a's air a ttaobh eile nach féidir liom bhieth a láithir gach
aon Phobuil fá leith chum labhuirt limh a bparsin, cuirim mar churam
air Shaguirt na Díósus an comhradh so do léigheamh ón altóir, gach aon aca
dá Phobhul féin, le muinín as mhór-thróc-uire ar Dtiarna go
dabharthuid na daoine géar-aire dho, go riaghalfuigh siad a mbeatha
agus a niomchar da réir.



Is le buaireadh mhór do thuigim, a Dhearbhráithearacha gramhur, go bhfuil a
ndíósusuidhe eile, agus fós an Díósus is adhchumuire dhúin, dalacháin
bhochta mhealta ag eiridhe suas le buile agus dícéille a guine cheart-
dlighe na dúthuighe, a cuir leamhara amach le coimhéagan, a brise síochán na
coimhtiantacht, a tarruinght géarr-smacht a nuachtaráin agus díoltus na
Dlighthe, ní she amháin ortha féin, acht fós ar dhaoine bochta
síochánta na Dúthuidhe. Do bheirim an san aimsir chéanna boadhachus
le Deia, nach cloisin aoin míriaghaltacht don tshortso am Dhiósús, ea
a measg na bpoibliochadh a tá fé mo chúram agus ní le h-amhuras aoin
midhiompar comhuntabhuirteagh don tsamhail seodh do bheith
éaduirthibhse ná ag meas guh bhuil aon droithaigine aguibh féin do
chuirim an teagasg so go digh sibh ach le h-eagla go dtucfadh aon malathóir
didhchéillidhe dhíobh so a triaghal oruimh do dhéanagh aon tiormuisc dhíbh,
ná thaireocagh sibh (a) shlighte maluithe míodh fhoirtiúnacha féin, le
conntabhuirt úr mhille go h-iomlán an sa tsaoghul so, agus ur n-damnudha
síorraidhe an sa tsaoghul eile.



Ní bhfuil neach an úr measg le nach coimhinle créad é an díomháil do dhin
an fhamhulchus so dhíbhsé, agus don Dúthigh eile ar fad, an sa an aimsir
dhimig thoruin. créad é an tamaird, chréad e an tuallagh cíosa
a's cáin do tharaigiodar oruimh a's féachuig ainis créad é accridhe féin.
An éamuis ar marbhuidheach, agus mórán níos mó do chreachag ó am go h-am le
bliadhan, a ccuntaoe Thiobridara, a ccúntaoe Lumuine, a ccúntaoe
Chorcuighe agus mórán tíortha eile; féachuig créad a thuit amach is geadhár
ó shin, an ur ccomharsanacht féin an sa Daingion. Do chuirnigh na mílte
parsa do na Dalacháin seo a bhfuirim buachaillidhe bána a baguirt agus
dearbhugh guh gcuirfhidís a ndlighthe a bhfeidhim; nach díolfaidhís
cáin ná cíos; nár bhfhualáir dhóibh feasda bheith ruimhintpháirtheagh a
seibhioras a's ann ula-mathas na Dúthidhe an ionad bheidh, mar bhíodar, a
mbochtuinneacht agus a nannroe; acht créad a bhidhe dá bhár acu as an
rald (?) Maluithe dícéiliogh so? Do glaomh amach 40 éiccin
saigheadúirdhe bhí ar an mbaile, noch do chuir ruaguirt agus brise air an
chuirniúdh buile, tar (éis) naonúr aco do ládhach air an láithir, agus a
bputóga a sgaoile fé sráid.



An gadh dhum fós insint díbh nidh do chualabhuir go léir, gur tógach
suas ladh feigh deiri tiompal 200 an aon lá amháin a Ccorcuigh; gur
lamach aisteach go prísúin iad; agus nach bhfuil duine aco no (? go) mbeig
áireamh na chúis ná déanfar a chrocha nó a dhíobirt har Farrigi? Dá
mhéid scúirsidhe agus anacura dfhuiling lught an tsaoghar so agus atá fós fé
na ccóir, agus dá mhéid a ghutlean orum féin a ccas mío fhortúineach, is
deocuir truaidhmhéil bheith dhóibh, thar éis na mórán sompluidhe
do chonurcaduir le 40 bliadhn ó nar cheart dóibh a thuisguint, ná beoch
go brágh le buadh as midhiompar agus eirighe suas an aghagh na Dlighthe,
ach géarr-dhíoltus air na daoine cionntach, agus méadugh na dtrom ualaighe
air coimhtiantacht na mbocht. Cread bo ghnáthuighe le feisgint an
aimsir na mbuachuilidhe mbána, ná prísúinuidhe agus breigh-dionnuidhe dá
líona, cuid aco dá ládhach le pléaruibh, cuid aco dá ccrocha, a thuile aco
dá sciúrsáil go pubuilidhe thridhe bailte móra agus Catharacha, a Mbná
dá bhfagáil na Mbeintearacha, a cclan na Ndhileaghachtuidhe, a ccuid agus a
n-giongmháltus bheoga dá ndíbhirt agus dá ruagairt as a n-áitribh agus a
n-duthuigh. Agus cé iad bo bhun le seodh, ach daoine díomhaoine, gan strus
gan bhraigil, gan crídh, gan tairbheuraighe, nach roimh aon-nidhe le
caileamhuint agus gan ni eile a naigne ach cuid a ccomhursuin mhacánta do
shlada, agus do fhuadagh. Agus a Dhearbhráitíreacha dá mbeath sibh fós gan
na sollaoidighe seodh as cóir úr súile nach neosach ur ccial nadúrtha dhíbh
nar bhfhéidir leo so dul air a nadhaigh a guine comhachta na Ríoghachta,
air amhar nach é amhain arrumáil na dúthaidhe, lucht seibhris agus
achmhuine, ach fós gach naon aig dhá mbeogh nidhe ar bith an a sheilbh,
amháin a gharruidhe, a bhathán, a mhuc no a mhion-alach eile e chosnamh, do
eiróch suas daon-mhbhaoidhin an aghaidh na ma laghthóiridhe seodh.



Ach bfhéidir golamharfuidís libh ar chogu nó ruathar do theacht go Éirinn,
go natharóidhfidhe críochsmacht na Dúthuighe, go bhfaghach sibh saoirse nó
fuasguilt ó gach amard. Seadh, ghearbhráithearacha, nidhe nach fuil
bun ná deáreamh leis, amhar, baodhachas le Dia atá baoighean agus sluaite
ár roidhe féin comhachtach comusach go leor, air muir agus air tír chum ar
namhaid do chonáil uain; ní bhfuil neach do thuisgint ná d'eolas gan fios
aige gur díomhain aon ionnsuigh do thabhartheach na Francuigh air theacht go
Éirinn, do bhruidhe nach fuil comhachta san Eóraip is treise ar fairrge
ná Sasanna, agus go bhuil a loingeas a ccomhnuidhe amuth ag faire
chum bhreith ar na Francuigh, agus iad a chur go grional, dá leodhfuidís a
ccuan féin dfhágáilt agus a naghuig do thiospáint air ttaoin. A ccás féin
go bhféadthuidís teacht a dtidhir an ár measg agus buadh a
ghfhamháil ar dtúis, créad na mbeoch súil agaibh gur bheárrdigh úr
ccuingíol é? féachuig créad a dheinid siad na ndúthuig féin. A
chéile do mharbhugh, na cinn do sgotha do gach naon nar dóighe leo go
bhuil aoinnidhe aco le fagháil ná bhara, gach nidhe chímhid a seilbh a
ccomharsan dfhuadach le fóirneart agus creach-ruather. Créad a dheinid
siad ann sgach tidhir eile chum na sroisean a cconncuis? A mbailte
agus a Catharacha do leaga, do losga agus do mhille; gach nídhe theagainn na
slidhe do lott agus do réaba, gairim do chur ar gach caithir agus baile,
suighim airgid do dhéanamh suas dóibh gan mhaoil no a ccin do bheith a
ngeabhal leis; an aon fhocul, gach tír tridhe na ngeamuid siad do
léir-sgríos go umlán. Nó an measuin sibh a Dhearbhráithearacha, go mbheidís
níos fabhuiridhe dhimse, ná do locht a ndúthuighe féin, agus dá
go mór-mhor ar theacht ann so, ach sin go léir, seibhir agus bocht, do
ndlughchomharsanuimh? nach mealuig sibh féin; ní bheoch air a naigne,
creacha; ar amhar go bhuil fhios aco na beoch air a ccumas seilbh na
duthuighe dáiteamh agus do chosnamh aguine an neart-armáil do chuirtheach
Sasonna gan mhaoil air dún chum iad do scaipe agus do ruaguirt.



Tar éis ar chuireas andhúil díbh, má tá an úr measc aoinne chó éagantach
agus go mbeoch taobhuidheacht ná leaga ar bith aige le na Francuig air son a
cCreidimh, bíoch a fhios nach fuil ionnta anis ach drong díchreideamhach
ann chríosdamhail, do tharcuisnios Dia féin, do mhasluidheas gac nidhe da
naomhtha agus dá bheanuighthe, do loisgios Teampuil a's Mainistridhe, do
chuirios chum báis Sagairt agus bráithire, do raobus Altóiridhe, . . . go dí
naomhshacrimint corp Criost féin, nach leigion thórsa gan brúdh sa chois.



Ach air a shon gur toil le Dia leigion leodh sealudh an na mídh-ghníomhartha
so, bíoch fios agaibh (go) ttarecuig (luath) nó mbabhul cloimh an
trom-dhíoltus na guine (mar a) dhin aguine Antíochus, Baltasar agus mórán
tíoránuigh bhorbadh neimhdhiaguidhe eile, nar leig sé srian air feag
tamuil, nó gur tháinig aimsir féin chum iad do ghearradh amach.



Nach truadhmhéileach an nidhe a cháirde grádhach, na daoine feodh, bhídh,
bhídh na bhfír/-chríostuidhe thómósagh do rialacha chreidiomh Íoasa
Críosd, géileamhúil dá nuachtaráin agus don Eaglais, díogruiseach dá Righ,
síochánta le céile, daonnachtach, solabhartha, muinteartha (?) le
deoruidhe, múinte béasach thar daoine eile an domhuin, iompogh amach inis na
namhuid folas aguine Dé agus daoine, na nannsprirdigh a cclodh (daoine) gan
col le h-aon chuir da thruime ná dá thruaillidhthe. Seódh searbh-thora
dídhfheirg Dé, noch tarring an críoch malluithe seodh ortha féin, ag
tosnughadhle mídhthómós agus neamhubhalaoidheacht dá nuachtaráin
dlisdineach, le brise trídh síocháin agus deaórdúgh an chomhluaduir, agus le
toil buile, a naigne féin a chuir suas an ionad cheart-dlighe na Ríochta.
Nach (cuireadh) so iongna oraibh a dhearbhr, air amhar nach
fuil nidhe air bith is modh a tá nadhagh orduin (?) na Flthuuis do
tarruingeas oruin scúirsidhe ó Dhia ní amháin an sa tsaoghul so ach fós an
sa tshiaraigheacht, ná midhriaghaltacht don tshamhuil seodh. Mar mhúineas
Dia féin dún as beul an Aspuil Pól a mbhreithre soilléithre an sa 13 C.
dá leitir chum na Rómhánuigh "Bíoch," airsé "gach naon úmhal tumósach do
dhaoine an árd-chomhachta, amar ní fuil aon chomhachta ach ó Dhia. Na
comhachtuidhe atá ar bun, sé Dia dórduig iad; dá bhrídh sin an té chuireas
a naghadh na ccomhachta cuirean sé anaghadh ordúgh Dé agus tairringean damuin
shíorruidhe (air) féin," arís airsé "díoluig a cheart féin le gach aon
duine, áird-chíos le an té do nar ceart eagla bheith roimhe, ómós do an té
nar ceart ómós. Nach bídheach aoin nidh umodh aige neach oruimh." Chímíd
Íoasa Críosd ár Dtiagharna ag aithne áird-chíos do dhíol le Caesar, gé
gur Allumharthach Págánach é, do gheirrlean le gach cinéal sgúirsidhe agus
pionaigh," Íosa Críosd féin agus gach aon do admhuigh a Chreidíomh.
"Díoluig" ar sé, "le Caesar na nidhthe bhuineas le Caesar, agus le
Dia na nidhthe bhuineas le Di."



Múinean so dhúin, a Dhearbr, créad é an fáth le nar ceart
áird-chíos agus cáin do dhíol le nár Nuachtaráin dlisdionacha; chimhin sibh
nach é a Ccredomh ach a nughdasrás is bun leis, mar gur b' iad do
chosnamhuid ar ccuid agus ar ccóir, gur biad do thugaid didhean agus
taramuin dúin ó nár namhuid agus ar naiscáirde. Is leis sin a
Dhearbr, a dheir Príomhughdar gach deadhornuigh (?)
Dia féin a leabhar na seanráite, "Triah darása riaghalthuidh Righthe, agus
eachtamhuin Dlightheóirithe cóir agus ceart" (? Tré m'ughdarás-sa
riaghluighid Righthe agus eachtiigheann Dlightheóirithe cóir agus
ceart.) Agus go dearbhtha, a cháirde grádhach, mar a mbeoch na h-uachtaráin
seo as ar ccionn, cionnasa bheidhmís a suibhneas ná síochán fad a bheoch an
uile nidhe dá fuadach aige an té bo threise, gan cóir le fághuil aige an
lag, gan srian gan teora le an Creachadóir ná le an marbhthóir.



Agus an é seo an sort saoghuil nó aimsir bo mhian libh? táim
deimhneatheach, a dhearbhr, gur le critheaghla féin do
smuineamhuin sibh air. Leis sin, a cháirde mo chroidhe, ní féidir go mbeoch
aoine aguibh chó dídhchéilidhe ná chó maluithe sin as lámh a bheith a mbuart
ná an araid do tharoiceagh oruimh na scúirsidhe shaoghalta so dáireamhus
suas díbh, agus, nidhe is míle measa fós, do thuilteach damuint síorruide
dúr nanamnacha, fé mar chualabhuir as beul an Naomh Aspuil Pól. Agus tar
eis ar fhuilingheamhuir féin agus úr síonsar ar feadh 200 bliadhan eir
son úr ccreidomh, nuair u bhí mórán aguibh le buagh dtaobh a threigion; ar
nódh ní féidir gur mian libh sgaramhuint leis anois; nidhe thuaiteach amach
dá dthabhuirtheach sibh cruas do na cóimhirligh mhaluithe atá go déigheanach
ag rioth trí an dúthigh, ag corruighe suas agus ag gríosúdh na ndaoine chum
sompla diabluidhe Fraince do leanamhuint. Ní féidir, a cháirde mo chroidhe,
ní chuirin fé núr gcóir é; go mórmhór ainis tar eis an saoirse agus an
fuasguilt do thug ár Righ ceansa daonachtach a ccoimhcheangal le na
dhlidhtheoirithe dhúin go léir ó an ngéassmacht agus ó an pionois
bhídh as ár ccionn.



An ionad aon araid ná brise síocháin, a tá muinín agam as trócuire gan
teorádh ár Dtiarna, go ndéanfa sibh díchiol an chomhairle leanamhuint
do bheir sé dhíbh airis as beul an Aspuil. "Diúltugh do neamhdhiaghacht agus
do chlaonta an tsaoighil seodh, úr mbeatha a chathamh go measartha, go
ceart, agus go cráibhtheach air a dtalamh, ag feithiomh le dóchus na beatha
naomhtha, agus teacht glóire De, agus ár Slánuidhtheoir Íosa Críosd, noch
do gheallus dá sheirbhísigh díliosuidhe íobhnus síorruidhe a bhflathamhnus;
nídh do ghuidhim díbh go léir.