Sgeuluidheacht Chúige Mumhan

Connradh na Gaedhilge (1895)

Pádraig Ua Laoghaire



Roimh-Rádh.



Ag clos mórán sgeul dom agus me go han-
óg adubhart féin dá mbaileóchaidhe iad, agus iad
do chlóbhualadh go dtairbheochadh sé d'á lán -
dóibh-seo go háirithe ná cuala iad. B'fhiosach me
go rabhadar luachmhar, óir taisbeánaid dúinn
intinn agus intleacht na nGaodhal níos soléire
solusmhaire, b'fhéidir, ná aonnidh eile atá fágtha
anois againn, agus aonrud soillsigheas ar a
nósaibh-san is cóir dúinn bheith suimeamhuil ann.
Má's blúireacha iad féin, agus blúireacha truail-
lighthe, ar uairibh, is oighreacht saidhbhir iad i n-a
dhiaidh san.



Cionnus nár cuireadh cúram ionnta i bhfad
roimhe seo ní heolach domhsa. Luthgháirim go
ndeárnaidh an "Chraoibhín Aoibhinn" níos mó ná
aonneach eile mo bhrostughadh chun cnuasach na
sgeul so. Ní gur iarr sé orm a dhéanamh, acht
'nuair léighios ar chruinnigh sé féin díobh, tháinig
fonn orm feuchaint le beagán d'á luigheadh,
'nuair nach raibh aonneach eile ag claoidhe chuige.
Bhí a fhios agam go raibh mianach comh saidhbhir
agamsa im' chúige féin agus do bhí aige-sion i
n-a chúige féin. Fágaim faoi'n léightheoir a
ndeárna mo ghnó maith nó olc.



Is le lucht léighte na sgéal-so luighios cló-
bhualadh tuille d'a leithéididhibh, óir díoltar a


L. iv


dian-luigheadh-san de leabhraibh Gaedhilge gur
misde do'n té chaitheas mórán d'á aimsir leó.



Ní fuaras acht síbhialtacht, carthanacht, agus
féile ó'n mhuintir tug na sgéalta dham. Do
Dhomhnall O Néill, thar agus os cionn cách eile
bheirim buidheachas ó chroidhe.

Do gach n-aon do chabhruigh liom i leith sgéil,
airgid, agus uile táim an-bhuidheach. Ámh muna
mbeidheadh an lucht do dhíol as tabhairt-imach an
leabhair-seo ní fheudfainn-se a fhaisnéis go fóil,
nó b'fhéidir eile go deo.



Do léigh Seaghán O hOgáin na fromhtha dom
agus bhí comh maith agus na focail agus na
ráidhte ba dhóigh leis bheith do-thuigthe do'n léigh-
theoir coitchionn do chur i n-iúl dom.



Pádruig a Laoghaire.


L. 1


Na Tri Preacháin.



Do bhí triúr buachaillidh comharsan gan ór gan
airgiod gan talamh gan treó, gan aon tsaidh-
bhreas eile acht saoghal gadhair agus sláinte
an bhradáin. Do chuadar i dtriúr do'n domhan
tsoir, agus deintear fir feadhma díobh i n-armáil
righ áirithe. Fear socair soilbhir teilgioch tar-
raigeach b'eadh ceann aca, acht i dtaoibh na beirte
eile, do raghdaois trí poll trathaire ar bhraon
bíotáille, nó bhainfidís an tsrón do'n áidhbheir-
seoir dá dteangóchadh sé leó i dtroid. D'fhan-
adar le cois an righ-seo go ceann seacht
mbliadhan.

"Imeóchad ibhaile imbáireach," ars an fear
socair leis an mbeirt eile.
"Ragham-na led' chois," ars an beirt eile.
"Cad dob' áil libhse abhaile" ar seision,
"agus gan pingin 'núr bpóca?"
"Ó b'fhéidir ná fuileam cómh dealbh agus is
dóigh leat," arsa ceann de'n bheirt.
An lá ar n-a bháireach d'imtheigheadar i dtriúr
leo, agus do ghaibh orra féin triall d'á mbaile
duthchais. Do bhíodar ag dul ó dhúthaigh go dúthaigh
go dtárluigh coill mhór uaigneach orra thrí n-ar
chaitheachtain dóibh gabháil. Agus iad i n-a coimh-
leathan rug an bheirt ar an bhfear socair agus


L. 2


do cheangal le córdaibh caola cnáibe de chrann
é, agus do bhain na súile as; do phioc a raibh
d'airgead aige uadh, do sgaoileadar annsan é,
thug a mbóthar orra, agus d'fhág seisean mar a
raibh aige i gcosaibh chró.



D'fhan sé mar soin go ceann trí lá. Annsan
do thúirling tri préacháin ar chrann taobh leis. Do
bhí a mheamhair aige fós. Do thosnuigheadar ag
caint le n-a chéile; agus b'fhéidir leis-sion
a gcaint agus caint gach éin 'san domhan do
thuigsint.



"Nár shocair shásta bheidheadh an duine dá
mbeidheadh mo chuid feasa-sa aige," ars an chéad
préachán leis an mbeirt eile.



"Cionnus san?" ar siad-san.



"Mar is eol dómhsa," ar seision. "dá
mb'fhéidir leis an bhfear as ar bhaineadh na súile
iad d'fhághail - agus táid le hais buin crainn
i n-aice leis - a lámha chuimilt do'n drúcht, agus
na súile chur 'n-a n-áit arís do bheidís comh
maith agus do bhíodar riamh."



"Nar shocair shásta do'n duine dá mbeidheadh
mo chuid feasa-sa aige?" ars an tarna
préachán leis an mbeirt eile.



"Cionnos san?" ar siad san.



"Ná fuil sé," ar seision, "ag dul de dhocht-
úiridhibh an domhain inghíon righ na háite-seo


L. 3


leigheas, agus luibh agus fás díreach donn mar a
bhfuil na súile, dhéanfadh í leigheas i leath-
nóimiot, acht í bhaint agus do bheirbheadh, agus
an t-uisge i n-a mbeireobhthaidhe í thabhairt di le
n-ól; annsan do bheidheadh sí chomh maith faoi
shaoghal agus faoi shláinte agus do bhí
riamh roimhe sin."



"Nár shocair shásta do'n duine dá mbeidheadh
mo chuid feasa-sa aige?" ars an tríomhadh
préachán leis an mbeirt eile.



"Mar," ar seision, "atá righ na háite seo
chun árd-chathair a righeachta thréigion, do bhrigh go
bhfuil easbaidh uisge ag cur airri. Dá gcuir-
fidhe poll mór 'san gcarraig chíorduibh atá ag an
gceann toir de'n chathair do sgéithfiodh uisge go
leór do sheacht gcathrachaibh aiste."



Annsan d'imthigh na trí préacháin leó. Do
chuartaigh seision; do fuair sé a shúile, do chuimil
a lámhna de'n drúcht, do chur na súile i n-a n-áit
arís, agus lomláithreach do bhí a radharc aige
cómh maith agus do bhí aon lá riamh, nó b'fhéidir
niachan níos feárr. Do fuair sé an luibh aileis,
do chuir i n-a phóca í, agus thug a bhothar air gur
shroich sé cúirt righ na háite sin. Nuair tháinic
go ruig geata na cúirte, do bhuail agus
d'iarr cead é leagon isteach.



"Cad tá uait?" ars an geatóir.


L. 4


"Inghion an righ d'fheicsint chun a leigheas, " ar
seision.



"Tar isteach," ars an geatóir, "má's maith
leat do cheann do bheith caithte dhíot."

"Do baineadh na súile cheana asam," ar
seision," agus d'á dheasgaibh-sin ní bheidheadh
iongna orm dá mbaintí an ceann anois díom."



"Isteach leat mar sin," ars an geatóir.



Leastigh de'n geata bhí na céadta plaosg.



"Cad é an mí-ádh shaothruigh na plaoisg-seo
'san áit seo," ar seision, "nó cad dob'áil leó
ann i n-aon chor?"



"Sin cinn na ndochtúiridh," ars an fear eile.
"le nár eirigh inghion an righ leigheas; agus is
géarr go mbeidh do cheann-sa i n-a cheann i n-a
measg, má théidheann díot, agus is dócha gur dh'a
chéile sibh."



Níor laguigh sin misneach an dochtúra. Chuaidh
sé os cómhair an rígh, agus dubhairt gur theastuigh
uadh a inghíon d'fheicsint go leigheasadh í.



"Is beag an bhrigh dhuit bheith léi," ars an righ,
"agus go ndeaghaidh san, de ghníomh go deo de
dhochtúiribh cheana; dogheóbhair-se do thoil ámh;
acht mura rithidh leat bainfear an eann ó'n
gcolainn díot mar dogheineadh le cách eile, romhat."



"Atáim sásta," ars an dochtúir agus d'osg-


L. 5


ladh dorus seomra inghine an rígh dho. Dho bhí sí
i n-a luighe i n-a leabaidh, beag nach le béalaibh
báis. D'orduigh sé an áit d'fhágaint faoi féin,
agus d'fhágadh. Do thóg sé imach an luibh annsan,
do bheírbh í, agus thug tarrac na téi airri, agus
annsan thug cuid de'n uisge i n-a mbeirbheadh í
do'n mhnaoi bhreoite. Ní túisge bhí ólta aice 'ná
bhí sí i n-a sán-rith arís, agus do chuaidh go ruig
a hathair, agus go deimhin ní mó an t-áthas do bhí
airri féin 'ná air-sion. Do ghlaoidh sé an
dochtúir chuige láithreach bonn, agus dubhairt -



"Thiubhrainn duit m'inghion anois i gcleamhnas
acht dogheóbhadh sibh bás d'easbaidh uisge 'san
gcathair seo."



An lá ar n-a bháireaé do chuaidh inghion an righ
agus an dochtúir ag aeruidhiocht dóibh féin i
gcairt an righ. Do thiomáineadar leó go ruig
an ceann toir do'n chathair; do chonnaic an
dochtúir carraig chíordhubh an-mhór árd ann.



"Atáim lán-deimhneach," ar seision le hinghin
an righ, "go bhfuil uisge go leor do'n chathair i
gcoimhleathan na carraige sin dá mbrisfí í, nó
poll mór do chur innti, agus do thiocfadh an
t-uisge aisti annsan."



Do fuair inghíon an righ fiche fear de thapa-
goin, agus do thosnuigheadar ag léasadh na car-
raige go lom lúthmhar láidir gur phléasg sí i


L. 6


ndeireadh na dála. Annsan do streall an t-uisge
imach; do sgéith agus do leaith ar fuaid na
háite, ar chuma go ndeaghaidh isteach i dtigh-
thibh na cathrach. Thug an rígh a inghíon annsan
do'n dochtúir, agus do pósadh iad, agus dob'
fhiú é í.



I gcionn bhliadhna d'éis an phósta, do bhí seision,
lá ag siubhal leis féin 'nuair cé bhuailfeadh i n-a
threó acht an bheirt bhitheamhnach do bhain na súile
as. D'aithin seision iadsan, acht níor b'é sin
dála dóibh-san. D'innis seision dóibh, ámhacht,
cia'r bh'é féin. Do bhí iongna orra cionnus do
fuair sé ionghion an righ, agus níos mó ná san
'nuair d'innis sé dhóibh go raibh togha an radhairc
aige. D'aithris sé dhóibh a imtheachta ó thús
deiriodh. Annsan do bhíodar ag crith i n-a
gcroiceann le heagla go gcuirfeadh sé tógaint
orra, agus go gcrochfaidhe iad leis an mbeart
mbréan d'imireadar air, acht dubhairt seision
leó gan aon rud do bheith orra i n-a thaobh san,
mar leis féin de, mar gur mhaitheas agus ní
díoghbháil do tháinic as do féin.



"Atá sé cómh maith dhúinne leis," ar siadsan,
"dul agus sinn féin do cheangal do chrann,
agus b'fhéidir le Dia go n-inneósadh na préacháin
céadna dhúinne, nó préacháin éigin - ba chuma


L. 7


linn mar leis sin de cá bhfaghmaois inghíona righ
le pósadh."



D'imthigheadar orra annsan agus do chuadar
faoi dhéin na háite mar phiocadar na súile as
an bhfear eile agus do cheangladar iad féin
féin do dhá chrann. Ba gheárr dóibh ann gur
thúirling trí préacháin ar chrann taobh leó.



"Bliadhain an taici seo bhíomair i dtriúr annso
cheana," arsa preachán leis an mbeirt eile, "bhí
fear ag éisteacht linn an uair sin, rug leis a
ndubhramar, agus atá sé go lán láidir anois.
Atá beirt eile taghtha arís ámh, le súil go bhfagh-
daois rud éigin do bhárr ár gcainte."



"Seadh, má's eadh; beidh sásamh againne araon
as an mbeirt-seo láithreach, agus bainfeam a
súile asta," agus ar n-a radh sain dóibh do léim-
eadar anuas agus seo ag gobadh súl an dhá bheith-
eamhnach iad gur phiocadar amach asta iad. Do
ghreadadar leó annsan, agus do fuair na
bitheamhnaigh bás 'san choill de ghorta agus de
ghabhatar.


L. 8


Páidín Ó Dálaigh



Do bhí fear de mhuintir Dálaigh ag a raibh beirt
mhac, dar ab ainm Páidín agus Seaghán. Idir
cromadh agus liathadh dho, fuair sé bás, agus níor
bh'aon náire dho é, mar d'fhág an bheirt-seo suas
i n-a dhiaidh.



D'éis bháis a n-athar do chruaidh an saoghal ar
an mbeirt bhioránach agus a máthair, agus do
chuaidh sé chomh dhocht san orra gur glas d'fheud-
adar a bhfiacha dhíol, gan teacht thar an gcíos i
n-aon chor. Do bhí an tighearna talaimh ag
bagairt orra faid gach n-oirid, acht ní móide
tháinig leótha aon ghníomh do dhéanamh leis. l
n-deiriodh thiar thall do chuir an tighearna an sir-
riam agus a lucht leanamhna uaidh chun tigh na
nDálach do leagadh. An lá thar a dtangadar
do chuir Seaghan agus Páidín a gcómhairle faoi
chéile, agus 'san gcaint dóibh dubhradar gur
ceart dóibh cur i n-iúl do na bitheamhnuighibh
go raibh an spréach ionnta. Bhí cáil na macán-
tachta imuigh orra, agus dar ndoigh tháinic na
rapairidhe go deaghmhoch chun éirligh mar ba bhéas
dóibh. Do chuadar go léir isteach, mar do bhí na
dóirse ar deargleathadh, agus gan gog ná gíog ó
aonneach leastigh. Do bhí na Dálaigh i bhfolach


L. 9


istigh ámhacht, agus chómh luath agus do fuaradar
iad ar fad faoi dhíon tighe do léimeadar suas
lomláithreach, agus do tharraingeadar imach a
gcloidhmhte glana géara glasa agus d'imir
beatha na n-éag ar lucht a léirsgris, acht 'san
gcóimheasgar dóibh do cuireadh pléar i gcroidhe
Sheagháin Ui Dálaigh, agus do chaith an fear bocht
bás d'fhagháil d'á dheasgaibh. Do chuarduigh
Páidín i bpócaidhibh an tsirriaim, agus do fuair
se ionnta míle púnt, agus do thóg iad agus thug
d'á mháthair iad. Ba féigion do féin teichiodh ar
eagla a chrochta. I gcionn tréimhse mhaith aim-
sire tháinic sé thar n-ais chun a mháthair, agus
d'innis di go raibh míle púnt geallta d'aon-
neach doghéanadh é bhrath, agus go raibh sé ar
aigne anois go háirithe an bóthar do bhogadh,
agus a aghaidh thabhairt ar áit éigin eile. Thug a
mháthair a sporán chuige, agus adubhairt leis é
chur chuige féin i gcómhar na slighe; acht do
thug seision leath a raibh sa' sporán d'á mháthair,
ag rádh go raibh lúth i n-a lámhaibh féin do saoth-
róchadh biadh agus beatha dho dá ndruidfeadh an
gábhatar leis. Do cheannuigh sé culaith bhreágh
éaduigh, agus níor dhearmhuid dá phiostal ocht
n-uruchar déag do chur chuige, agus annsan do
fuair sé seanbhalcaisidhe ó sheanfhear siubhail,
agus do chuir leasmuigh do'n chulaith eile iad,


L. 10


agus go ghabh maide dealgach droighin i n-a láimh,
deis, agus mála leathan láidir teann tuirt-
eamhuil i n-a láimh chlé, agus d'imthigh air, agus
do bhí ag cur de go ceann seacht lá, gan suidhe
suaimhnis ná fuaradh boinn, acht 'mháin an fhaid
do bheidheadh ag caitheamh a choda, nú ag codladh
tathaimhín do'n oidhche. An t-ochtmhadh lá chonnaic
sé meithioll ag baint arbhair i bpáirc fhada
fhairsiog. Do leig a ucht ar an bpáil, i n-aice
bhuin an iomaire go dtangadar chuige tar éis an
tsreaith chríocnughadh. Ní raibh dream riamh
d'á fheabhas nach raibh droch-dhuine éigin i n-a
measg, agus b'in é a ndála so. Do labhair cuid
aca chuige gan easonóir ná easumhlacht an uair
do chuir seision orra, acht dubhairt geócach éigin
leis go deas-bhéalach -



"Cad dob áil leat annsan? nú an dóigh leat
go bhfuil aonnidh le déanamh againne acht bheith ag
caint leat?"



"Ní fhuil aonnidh uaim" arsa Páidín, "acht ba
mhaith liom bheith ag feuchaint ar na fearaibh
ag baint mar bhíos féin lá, acht d'imthigh san
foraoir."



"Seo, seo," ars an buachaill "na faghmaois
a thuille dhe feasta, acht gread ort go mear,
agus glan as ár líontaibh, mar dá fhaid d'fhan-
thair annso, sin a mbeidh dh'á bhárr agat."


L. 11


Ní gábhadh dhuit an doicheall ná an dobhracht,
a dhailtín," arsa Páidín, "ní fhuilim-se ag iar-
raidh pioc ort, agus b'fhéidir ná fuil puínn fág-
haltais agat i n-aon chor, chun bheith ag chaitheamh
mo bhochtaine 'sa tsúil orm; acht," ar seision, ag
lasadh le feirg, "táimse cómh maith d'fhear leat;
ná cuimhnimh acht go bh-fuilim."



"Is ann díobh i gcomhnuidhe," ar san geócach
arís, slog sglóndair agus gan puinn le cur
leis agaibh - seadh bacach mar tusa cómh maith
d'féar liomsa,- gcloistí ar so a cháirde!"



"Seadh, seadh," arsa Páidin, "agus gach aon
suanne leis, agus 'speánfainn duit é ar nói-
miot, dá mbeidheadh fear déanta cirt agam
mar atá agat-sa tímchioll ort"



Dubhairt an feirmeoir go fearamhail imasa
go ndeanfadh se féin ceart agus cóir do,
agus gan aon eagla bheith air, i n-a thaoibh soin de,
agus do chuir se fear do'n mheithill de steang
reatha ag iarraidh dhá mhaide droighin go ruig a
thigh. Tháinig sé agus na maididhe aige go saoth-
rach agus cúbhar le n-a bhéal le anaithe iomshao-
thair agus easbaidh anáil.



"Seo maide," arsa an feirmeoir le Páidín.



"Tá maitín agam féin" arsa Páidín, "do
dhéanfaidh an gnó, go raibh míle maith agat. Ní
iarfad screatal ort, ach ceart do deanamh dom."


L. 12


Do fuair an fear eile a mhaide agus bhí ag
ceáfráil anonn 's anall chun sgamhramh, maraige,
chur ar Pháidín, i leaith as gur fear mharbhtha céad
é. Annsan thug sé tailm faoi bhuille thabhairt do
Pháidín acht níor eirigh leis é aimsiughadh. Thug
Páidín fogha faoi eision, do sgaoil an mhala chlé
ar sileadh leis agus feadáin fola ag sgéith aisti.
Thuit sé ar faoilphleasg a droma; agus d'imthigh
agus do chuaidh fear eile agus do strac an
maide imach as a láimh agus dubhairt go raghadh
féin leis.



"Atáim sásta," arsa Páidín, "acht b'fheárr
liom go mór go gceapfá do shuaimhnios,"



"Tar annso," ars an fear eile, "ní déarfar
go brách dheilbhe an domhain ná raibh croidhe agam-
sa roimh do leithéid-se de leadhbán bacaigh, seo,
seo, tar annso, no bíodh ort féin."



Seo chun a chéile iad, acht b'ionann sgéal do
féin agus do'n chéad fhear do chuaidh leis. Do
thréaill fear eile é agus ní raibh a mhalairt de
sgéal aige, agus fear eile arís, agus mar soin
doibh siar síos go dtí go raibh cách i n-a mhartrán
mhasluighthe, ag tabhairt a gcod' fola i n-aon chúil
chnámh amháin gan fear fortaigh a chéile aca.



"Is tréan an fear thu," ars an feirmeoir.



"Do bhíos coímheasach uair," arsa Páidín.



Uain agus tráth cé chasfaidhe chúcha acht preab-


L. 13


aire tuíncéarach agus a mhealbhóg ar faoil-árd
a dhroma. Ar dteacht do i n-athchomairiocht dóibh
do chonnaic gach aonnidh mar a bhí agus dubhairt -



"Cad é an t-éirleach-so ar lámhaibh agaibh, nú
cé an mac mí-áidh chuir san anchás-so iad-so?"



Do innis an feirmeoir do rún a sgéil ó thúis
deiriodh. Thug an tuíncéir aghaidh chómhráidh air
agus dá infhiuchadh go géar ó shál rínn dubhairt -



"Cé an diabhal duine se thu?"



"Mise me féin," arsa Páidín, "acht cé so
thusa?"



"Is cuma dhuit," arsa an tuíncéir, "acht is dóigh
liom go gcurfead do mhailidhe ar crochadh leat."

"Mise is beag bínn ort" arsa Páidín.



Go ghaibh an rapaire tuincéarach an maide
droighin i n-a láimh agus thug fogha faoi mhala le
Páidín acht do chuaidh de í aimsiughadh. Bhí gach
re mbuille aca araon go raibh buille agus fiche
buailte ag cách díobh, acht níor liuireadar féin a
chéile. An tarna buille ar fhichid do chuir Páidín
a mhaide ag luighe go neamh-chlé i mhala deis
an tuíncéarach agus leis an mbuille i n-a dhiaidh
d'imir an cleas céadna ar an mala eile agus
thug na cheithre croibh anáirde air.

"A bhfuil do dhóithin fághaltha fós agat?"
arsa Páidín.



"Gréidh, gréidh, orú," ars an tuíncéar," agus


L. 14


ná marbh ar fad mé, ní beag liom díot."



D'éirigh an tuíncéar faoi cheann tamaill an-
mhaith, agus dubhairt le Páidín nár bhuaidh
aonneach riamh air acht aon duine amháin.



"Is é sin Páidín O Dálaigh," ar seision
"agus déarfainn gur tusa é acht ná feaca
riamh i n-a bhacach é."



"Is mé atá ann ámh," arsa Páidín, "agus anois
ó thugas an aoide-seo ort, seo chúig phúint
duit do cheannóchaidh do dhóithin stáin duit do
chuirfidh ceol id' chluasaibh fad do bheidh na
mailidhe-sin agat ag cneasughadh."



Thug na cúig phúint do, agus do ghread air,
agus do bhí ag cur de go luath léir gur ghlan as
radharc na háite sin, agus annsan go righin réidh
ar a shuaimhnios. Agus an andoirchiocht ann
do rug sgológ air agus capall agus turcail
aige. D'iarr Páidín lift air agus do fuair.
'Nuair thangadar go tigh áirithe, adubhairt
sé leis teacht imach as an dtrucail, agus dul
isteach sa tigh agus go bhfaghadh lóistín na
hoidhche ó'n té bhí ann.



"Agus an leat féin an tigh?" arsa Páidín.



"Ní liom," ar seision, "acht le fear oibre
bhíonn agam. Do thiubhrainn chun mo thighe féin
thu, acht do bheidheadh miteachas orm roim mo
mhnaoi, ar eagla go mbeidheadh sí 'sa druim ruaig


L. 15


orm i n-a thaoibh."



Ná bac leis," arsa Páidín, "ní bheidhead-sa ag
deunamh aon bhárthain díobh."



Do ghreasáil sé an capall leis agus d'fhág
Páidín ag baint teineadh chreasa as dorus tighe
an fhir oibre. D'osgladh an dorus do agus
leigiodh isteach é, agus d'iarr sé teacht-síos go
lá, agus do fuair. Dubhairt an fear siubhail,
.i. Páidín, dá mbu mhaith le fear an tighe é go
raghadh sé féin le n-a chois gruig an sgioból ag
súisteáil rith an lae, 'sé sin dá mbu aon luigh-
eadughadh gnótha ná lagachar alluis do-san soin.
Dar ndóigh ní raibh ó'n sclábhuidhe bhocht acht an
focal. Is é ghlac an tarraingsint go macnais-
each buidheach. Do chuadar go dtí an sgioból, agus
seo Paidín ag bualadh, agus cómh mear agus
d'fheud an sclábhuidhe punanacha chaitheamh chuige
bhíodar sgoth-bhuailte agus glan-bhuailte aige.



"Is tu an buailteoir tuighe is luaithe agus is
léire d'á bhfeaca riamh," ar seision le Páidín.



Do chaitheadar an lá ar an nós san, agus
ist oidhche chuadar ibhaile, agus má dheaghdar ní
raibh aonnidh maith ná foghanta le n-ithe rómpa.



"Ní bheidheam 'san aisti-seo," ars Páidín,
"fad atá airgiod agamsa; seo chúig phúint,"
ar seision leis an sclábhuidhe bhocht, "agus
ceannuigh lón dúinn; ní ceart dúinn sinn féin


L. 16


do leogon ar leirg an fhaid atá dlús chaithte
agus choimeádta againn."



An lá ar n-a bháireach do chuaidh an bheirt arís
faoi dhéin an sgiobóil agus adubhairt Páidín
leis an sclábhuidhe gan innsint do'n sgológ cé'r
bh'é féin, agus go dtiubhradh sé dho a bheag nó a
mhór airgid do thuillfeadh. Ní mór ná fada dóibh
ag súisteáil 'nuair tháinic an feirmeoir orra,
agus dob' iongna agus ollsacht leis súisteoir
mar Pháidín d'fheicsint. "Is mó ab' fhiú é sin,"
ar seision, "ná triúr fear."



"Tabhair pádh triuir fear domhsa agus fanfad
agat," arsa Páidín.



"Tiubhradh," ars an feirmeoir.



Do chuaidh Páidín ar aimsir chun an fheoirmeora,
agus thug a phádh do'n sclábhuidhe bhocht. Do bhí
aon inghíon amháin ag an bhfeirmeoir, agus ba
han-bhreágh an cailín í. Níor bh'fhada do Pháidín
san tigh imasa nuair thuit sise i ngrádh leis mar
do bhí seision cómh deallrathach d'fhear agus do
shiubhal riamh ar féar ná ar faithche. Thug sé
máilín beag di; is ann do bhí a dhá phiostal;
dubhairt léi é chongbháil go n-iarrfadh sé arís
airri é, acht air a bás gan é osgailt. Lá dá
ndeaghaidh an sgológ chun na sráide, chonnaic sé
páipéiridhe postálta thall 's abhus i ngach treó
d'ár chaith catsúl; do léigh. Is amhlaidh bhí 'ná míle


L. 17


púnt geallta d'aonneach bhéarfadh sgéal nú
tuairisg ar Pháidín O Dálaigh, agus do bhí a
chuma, a chrut, agus a cheartughadh ann síos go
cruinn. Nuair tháinic an feirmeoir ibhaile
d'infhiuch sé Páidín ó sál rínn, acht níor leog
faic ar domhan air. Ar leabaidh ist oidhche, chuir
sé i gcead d'á mhnaoi a mbraithfeadh sé Páidín
chun an airgiod d'fhagháil.



"Ar do bhás ná déin," ars an bhean, "is seirbh-
íseach maith é, is deacair a leithéid d'fhagháil."



"Tá a fhios agam é sin," ars an feirmeoir
"ar a shon soin féin is deacaire ná san
croiceann do chur ar míle púnt."



"Ar soin Dé," ar sise, "agus ná déin a
leithéid sin; do bheidheadh sé i n-a bhraon-anuas
ort an dá lá saoghail as do mhairfeá, agus ní
gheobhadh do chuid chloinne id dhiaidh aon bhárra
fóghanta go brách."



Acht níor bh'aon bhrigh dhi bheith leis. Ar maidin
i mbáireach do ghléas agus go ghaibh a chapall,
agus do chuaidh go dtí barraic na soighdiuiridh,
agus d'innis go raibh Páidín O Dálaigh go lán
láidir i n-a thigh féin, agus go dtáinic chun é
bhreith suas dóibh idir fuith feadh, agus gan aon
milleán do bheith ar féin ó as sin suas. Nuair
do bhí inghíon an fheirmeora ag crúth ar maidin,
súilfheuchaint éigin d'á dtug Páidín do chonnaic


L. 18


í ag sileadh na ndeor; agus d'imthigh agus do
chuaidh faoi n-a déin, agus d'fhiarfuigh cad ba bhun
le n-a cuid goil. "Ní fhuil aonnidh," ar sise.



"Sin é an chéad uair riamh do chonnac bean
ag gol gan fáth; acht ní mar soin atá," ar
seision. "Innis dom an fáth, a chogair, má tá
aon bhaint aige liom."



Acht níor innis sí pioc do. Do ghlan sé uaithe
annsan, agus faoi cheann tamaill tháinig thar
n-ais arís chúiche agus do cheistigh í go cruaidh. I
ndeiriodh na dála do bhris ar an tocht aici;
do innis do an feall do bhí 'ghá hathair le himirt
air, agus do chuir na dromanta dubha chuir Fionn
leis na bárnaighibh gan leogan air le haon-
neach go dtug sí féin aon bhrághadaoil do air,
le heagla go mbeithtí ar n-a marbhthaibh maola
léithi dá dheasgaibh.



"Ní gabhadh dhuit aon eagla bheith ort," ar
seision, "agus dar mo bhriadar, ní leogfad
mun mo chluasaibh ort, me chur ar mh'iongain.
Beidh anns inocht go háirithe, nuair bheidh na ba
crúithte agat beir chúgam mo mhealbhóg."



Do rug. I dteinnidh an lae tháinig an feirmeoir
go saothrach, agus níor leog aonnidh air. Ar
teacht na hoidhche dubhairt sé le Páidín dul agus
feuchaint i ndiaidh an chapaill.



"Ní raghadh," arsa Páidín, "teirigh féin. Do-


L. 19


gheobhainn le n-ais bheith nídh b'fheárr 'ná taim
inocht."



D'imthigh an feirmeoir imach annsan, agus do
théalluigh Páidín imach le n-a shalaibh, agus do
chuaidh i n-aice an gheataidh le hais chrainn mhóir,
agus d'fhan ann go ceann tamaill. Ba ró-gheárr
do gur ghread sgread sgréachóige siar agus
aniar thrí n-a innchinn, agus do léim ceithre saigh-
diuir isteach an geatadh. Bhí na piostail i lámhaibh
Pháidín agus iad lán. Ar iontáil thart doghein
ceithre pleisteanna marbha do na saighdiuraibh.
Seo isteach i dtig an fheirmeora é, seo imach an
feirmeoir le súil go raibh Páidín ag tabhairt an
fhásaigh, acht rug Páidín suas ar ghiúlthaoigh air,
agus d'fhiafruigh de cad é an aoide nó crích ab
fheárr leis. Níor labhair sé gíog ar dtúis,
mar do baineadh as a mheamhair é, acht i gcionn
tamaill tháinig sé chuige féin, agus seo ag
truaigínteacht ar Páidín é gan é chur chun báis,
agus do gheall na huirc agus na heairc do, acht
níor ghein Páidín acht an solus do sgaoileadh
thríd. Tháinic a bhean orra díreach donn agus
d'iarr air ar son Dé í féin d'fhagaint suas,
agus d'fhág acht adubhairt ar bhiorán bhuidhe go
ndéanfadh an rud céadna léithi-si, mar dá
mbeidheadh aon spaing innti ní leogfadh do'n
diabhal spriúnlóige bhí ceangailt dhi é dhíol mar


L. 20


ghiúll ar lathairt beag airgid. 'Acht," ar seision,
"bíodh aige anois, ní bheinn-si ag manaois leis,"



Do chuir Páidín uime a chulaith bacaigh, d'fhág
a chuid airgid idir fuith feadh ag inghin an fheirm-
eora go dtí aon trí saoil amháin do chongaibh sé
aige féin, agus do sgaoil chun siubhal. Níor
bh'fada do ar bóthar 'nuair casadh bocach air. Do
bheannuig do agus do bheannuigheadar féin d'á
chéile.



"Ar soin an Aoin Mhic," ar seision le Páidín,
"agus tabhairt rud éigin dam- pingin éinig
airgid. Táim ag cur alluis díom de cheal seaich
tobac agus screatal na ngrás ní fhuil agam do
cheannóchadh blas de. Thug Páidín raol do, agus
do sgaradar araon le n-a chéile. Ba dian-
gheárr ámh gur bhuail bacach eile uime, dubhairt
go raibh a bholg ceangailte do chnámh a dhroma
le gortadh agus le gábhatar. "Ní fhuil faic ar
domhan agam, agus an oiread agus do chuirfeadh
fearg ae do shúil ní bhfaghainn ó aonneach
annso. Táim seighte glan imach!"



"Ní fhuil agam féin," arsa Páidín leis "acht
scillinn, agus tiubhrad a leath soin duit-se."
Agus do thug, agus do bhog sé an bóthar arís,
agus do casadh bocach eile air, agus dubhairt
go raibh sé ag dul as a chroiceann le híotain,
agus go raibh a ionathar agus a raibh uile istigh
<L 21
ann chomh tirm tur san go raibh eagla air gur
geárr go raghdaois thrí theinidh.



D'imthigheadar araon ó chéile, annsan, gach
n-aon aca ar a raon féin; ba gheárr an scríb
do shiubhal Páidín 'nuair casadh duine uasal an-
bhréagh thar bárr air, agus do labhair chun Páidín,
agus adubhairt le Páidín gur b'é féin ár
Slánuightheoir, agus gur bh'é bhuail leis na trí
huaire, gach aon uair i bhfoirb bacaigh. "Anois,"
ar seision, "ó bhís cómh fairsiog liom, "tiubh-
rad duit aon trí athchuinge is maith leat, acht ar
dtúis," ar seision le Páidín "cuimhnimh ar a
bhfuil déanta as an tslighe agat, agus ar do
bhás ná dearmhad t'anam, an cheud athchuinge
anois."



"Mo phócaidhe bheith lán d'airgiod gach aon
uair do chuirfead mo lámha ionta," arsa Páidín.
"A Pháidín," arsa ár Slanuightheoir, "níor
chuimhnighis ar t'anam, acht anois atá súil agam
go mbeir níos mó i n-a saothar an athuair. An
tarna athchuinge anois - acht ar do bhás, cuimhnigh ar t'anam."



"Cuimhneóchadh," arsa Páidín, "an tarna ath-
chuinge iarraim ort - gan aonnídh théidheas isteach
im mhála theacht amach as gan mo chead."



"Faire! a Pháidín," arsa ár Slánuightheoir,
"níor chuimhníghis ar t'anam bocht, acht ar do


L. 22


bhás, Ó! a Pháidín, ar do bhás, cuimhnigh ar
t'anam anois nú riamh, nú beidh i n-a shéala ort."

"Cuimhneochad go deimhin," arsa Páidín, "an
triomhadh athchuinge - buaidh imiortha i ngach cleas."



"Ó mo náire é, a Pháidín," arsa ár Slánuigh-
theoir, "me díoltha leatm go brách arís."



"Faire! faire! a Shlánuightheoir, ná habair
sin," arsa Páidín, "atáim óg láidir fós, agus
tá breith leighis ar mh'anam - cuimhneochadh air
n-a dhiaidh-so 'ar mo bhás,' mar adubhraois féin,
a Shlánuightheoir."



D'imthigh ár Slánuightheoir air annsan, agus
d'fhág Páidín mar a bhí. Do ghluais Páidín air
aileis, acht ba gheárr do ghluais ámh, gur bhuail
fear mór leis, agus culaith bhreágh uime ná raibh
smúit ná smáit i n-a chodladh innte. Do labhair
chuige, agus do labhair seision leis agus
adubhairt -



"Nach tu Páidín O Dálaigh?"



"Is mé díreach," arsa Páidín, "acht cé thu
féin ámh?"



"Mise an Fear Mór!" ar seision.



"Seadh go díreach," arsa Páidín, "ní mór
duit."



"Táim ag teacht chun thusa thabhairt liom,"
arsa an diabhal, "mar is liom thu anois ó taoi
díoltha le Dia."


L. 23


"Thangaois an eadh?" arsa Páidín, "acht ní
raghad-sa led' chois ámh. B'shaith liom san, go
bhfaghad bás ar dtús go háirithe!"



"Imasa mhaise caithfir," arsa an Fear Mór,
"cuirfead-sa d'fhiachaint ort é; d'fheudfainn-
se aonnidh is maith liom do dheánamh."



"Ní fheudfá, is dóigh," arsa Páidín.



"D'fheudfainn go deimhin" ars an Fear Mór.



"A ndéanfá siubhal ar do dhá láimh?" arsa
Páidín.



"Dóghéanfainn i nóimiot," ar seision, dh'a
chaitheamh féin ar a dhá dheárnain, agus seo ag
siubhal é gan mhairg."



Orú a amadáin," arsa Páidín, "ná feudfainn
féin san do dhéanamh; acht a raghthá thrí chró na
snáthaide-sin?" ar seision.



"Do raghainn," ars an Fear Mór. "agus do
thiocfainn thar n-ais comh maith céadna." Agus do
chuaidh agus tháinic thar n-ais arís iompáil na
baise.



"Is diabhaltha an fear thu," arsa Páidín, "do
bhuaidhis ar a bhfeaca riamh; acht cogar, a raghthá
isteach im mhála go fóil?"



"Is me raghaidh," ars an Fear Mór, "agus
tiocfad imach as arís go mear."



"Ní raghthá is doigh," arsa Páidín.



"Ní raghainn imás!" ars an Fear Mór, ag
rádh le Páidín béal a mhála d'osgailt do,


L. 24


agus d'osgail agus do léim isteach ann i n-a
streille-bheathaidh, acht má chuaidh is ar Pháidín
ba ghiorra mhoíll dúnadh air agus ní leogfadh
imach é.



"Seadh! seadh!" arsa Páidín leis an bhFear
Mór, "do bhí lán mór fút le fada, acht atá
beortha ort i ndeiriodh na dála, mo bhuachaill,
agus geallaim-se dhuit go n-agaróchad-sa mo
dhioghalthas ort sula gheóbhair cead do chos arís."
Do chaith sé a mhála ar a dhrom, agus níor stad
go dtáinic go ceárdchainn, agus do chuaidh isteach,
agus d'fhiarfhuigh do na goibhnibh a léasuidís an
mála agus a raibh ann, agus go ndíolfadh sé iad
go dian-mhaith as a saothar. Do leig sé de a
mhála agus do chuir a lámha i n-a phócaidhibh agus
do bhí ag strealladh airgid ar an úrlár chúcha go
raibh sé tuirseach tnáithte. Seo iad-san leaithte
anuas air i nóimiot, acht dubhairt seision leo i
ndomhnach congbháil glan de go dtuillfidís é.
Dar ndóigh beirid ar a n-órdaibh agus ar a
gceapórdaibh go mear agus tosnuighidh ag liuradh
agus ag leadhbhadh an mhála go raibh allus ag
tuitim leó anuas ar an dtalamh.



"Atá a dhóithin fághaltha feasta aige," ars an
árdghobha, "dá mb'é an Fear Mór féin do
bheidheadh ann!"



"Agus a bhfuil a fhios agaibh i n-aon chor gur


L. 25


b'é, a greinn?" arsa Páidín.



"Ní fhuil orú," ar siad san.



'Sé go deimhin," arsa Páidín. Agus do ruga-
dar ar a n-órdaibh agus ar a gceapórdaibh arís,
agus thugadar tamall eile d'á léasadh go raibh
sé ag buirfheach agus ag béicigh mar leanbh lom-
nochtuighthe go mbeidhfidhe as a riastáil le slait.



"Seadh, bailigh an t-airgiod anois," arsa
Páidín, "ní beag dhíobh de," agus do chaith an
mála agus a raibh ann ar a dhrom, agus thug a
bhóthar air go dtáinic go muilionn reamhruighthe.



"A reamhróchtha an mála-so agus a bhfuil
ann?" arsa Páidín leis an muilneoir.



"A bhfuileann tú as do mheabhair, orú?" ars
an muilneoir," nú cad é an diabhal atá ort?"



"Ní fhuilim as aon mheabhair," arsa Páidín,
"de rogha agam diabhal do bheith orm nú dhíom.
Díolfad-sa thu go dian-áluinn as do shaothar,'
ag caitheamh a mhála ar an úrlár, agus ag cur
a dhá láimh i n-a phócaidhibh, agus ag breacadh an
talaimh muardtímchioll air, i n-iontáil na baise
le píosaidhib óir. Do chrom an muilneoir air
láithreach, agus do bhí ag piocadh ar lán a dhíchill,
mar is dócha gur fada roimhe sin do chonnaic sé
an oiread, má chonnaic riamh.

"Fan go fóil," arsa Páidín, "go mbeidh mo
mhála agus a bhfuil ann reamhruighthe agat."


L. 26


Is ar an muilneoir ba ghiorra an mála chur
'dir na blocaibh, agus do sgaoil leis an muilionn
ar siubhal annsan. Plub plab anonn 'sanall
ag an mála agus a raibh ann go raibh sé ana-
thamall ag a reamhrughadh. Annsan do thóg an
muilneoir imach é, agus do chaith an mála ar an
dtalamh, a' rádh. "Tá sé reamhruighthe a dhóithin,
dá mb'é an diabhal féin do bheidheadh ann."



"Orú, a ghreinn, agus a bhfuil a fhios agat i
n-aonchor gur b'é?"



"A gcreidfead thu?" ars an muilneoir.



"Creid nú ná creid," ar seision, "acht
adeirim-se leat gur b'é an seanbhuachaill
céadna atá ann.

"Mhuise," ar seision, "ó rug sé orm do shólás
shaoghail an rógaire bheith faoi mo smacht agam,
cuirfead isteach arís é, agus tiubhrad greas
eile reamhruighthe dho uaim féin - ní fhéidir go
bhfuil aon bhruid ort!"



"A dhuine na n-árann," arsa Páidín, "an
diabhal bruid orm-sa - agair do dhíoghalthus air
'n fhaid so bheith sé agat."

Do chuir sé a dhá oiread uisge le roth an
mhuilinn agus do bhí an chéad uair, ar shlighe nár
bh'aonnidh a bhfuair sé ar dtús i gcómhnáird do'n
tarna huair. Do chaith Páidín a mhála ar a
dhrom arís, 'nuair do chuaidh sé tamall


L. 27


do'n tslighe d'fhiafruigh do'n Fhear Mór a raibh
sé cortha de fós?



"Is me atá," ar seision.



"Seadh, is maith liom san do chlos," ars an
fear eile, "sin mar is mó leanfad díot ámh, go
mbainfead cuid do'n teasbach díot."



Do chuaidh Páidín go tig i n-a raibh an t-éacht de
ghréasuithibh. "Caith bhur gcip uaibh agus faigh
bhur meannaithídhe go bhfuaithfidh sibh an mála-so
dhom," arsa Páidín. D'fheuchadar suas air, agus
dogheiniodar gáirídh agus magadh go leór faoi
féin agus faoi n-a mhála.



"Cad é an galar míoráin-sin sa' cheann
agat?" ar siad san, "nár chirtisí go mór duit
na leadbhacha-san ar do chosaibh do dheisiughadh.
Feuchuid, a cháirde, atá a órdóga ag briseadh
imach thríotha." Acht do chaith seision a mhála d'á
dhrom, do chuir a lámha i n-a phócaidhibh, agus seo
ag strealladh airgid é, gur las súile na
ngréasuithe le sgiumhadh croidhe chuige, agus is
dócha go léimfidís d'á bhailiughadh, acht ní leog-
fadh an sgamhramh dóibh é; ní acht go raibh
sgamhramh go leór aca chun an airgid, nidh nach
locht orra. Dá mbeinn féin ann doghéanfainn
fear i n-a measg.



B'fhéidir anois," arsa Páidín, "go bhfuaith-
feadh sibh mo mhála 'nuair chuaidh balaithe 'n airgid


L. 28


faoi n'úr srónaibh.



"Orú," ar siad san, "an amhlaidh measann tú
a rádh go bhfagham an t-airgiod - agus dar ndóigh
ní airgiod é féin acht ór breágh buidhe - acht
'mhian do mhála d'fhuath dhuit?"



"Cad eile, a dhuine?" arsa Páidín.



"A laoigh faid a n-uruchair chaitheadar a gcip;
seo cuid aca ag cuardach do mheannuithíbh, cuid
aca do shnáth, cuid aca do chéir agus do ghuair-
eachaibh, agus an chuid eile ag fuath go mear
daingion le dúthracht, ar chuma nár fhágadar
guaire gan úsáid, blúire céireach gan ídeach,
croidheachán snátha gan caitheamh, ná tuínte gan
a chur i bhfeidhm fuaithte, agus i dtaoibh na mean-
nuithe níor fhágadh ceann beag ná mór faoi
dhíon tighe gan briseadh agus a bhfágaint i n-a
gcodladh san mála agus a raibh ann.



Ní fheudfaidís a thuille dhéanamh annsan. Rug
an t-árd-ghréasuidhe ar an mála, agus do chaith
faoi dhéin Pháidín é, ag radh, "Is dóigh liom-sa
go bhfuil sé fuaithte go leór, dá mb'é an mac
mallachtan féin do bheidheadh ann."



"Agus nach é aileis, orú?" arsa Páidín.



"Dáríríbh?" ar seision.



"Dáiríribh cruinn," ars an fear eile.



"Ar t'fhocal?" ar seision.

"Ar mh'fhocal go deimhin," ars an fear eile.


L. 29


"Ar t'anam?" ar seision.



"Ar mh'anam agus ar mo chorp," ars an fear
eile.



"Ar soin Dé?" ar seision.



"Ar soin Dé agus Mhuire agus ar a bhfuil
thíos agus anáirde; agus ná bíodh a thuille
ann anois," arsa Páidín.



"Orú," ar seision, "nach truagh mar atáim
rithte imach as gach aon nidh; mura bheidheadh san,
ní bheidheadh deiriodh agam-sa leis go fóil. Atá
daod agus dímhéid agam chuige le fada ó chuir
sé i gceann mó mhná téallughadh léi lá agus
imtheacht i n-ainm an diabhail di, i bhfochair fhir
eile; acht is dócha thar éis an méid do fuair sé
i gcaitheamh an lae indiumh ná beidh sé comh
siubhlóideach callphléathach agus do bhí le fada.
Ní fheadar an tagtha as do, ó'n dtuireann-so a
thuille? Acht tiocfaidh dar ndóigh, mar atá
an diabhal déanta air le righineas. A Mhuire,
dá bhfeudfaidhe é thachtadh istigh 'sa' mhála, nár
bhreágh an saoghal do bheidheadh againn annsan;
'sé an buachaill - agus milleadh agus míle
milleadh féin air i dteannta a bhfuil fághaltha
aige - 'sé an buachaill seo tá ag déanamh
builcín ainglis do'n domhan."



"Ní fheadar mhaise, cé heile," arsa Páidín.



Do chaith sé a mhála ar a dhrom, agus doleog


L. 30


dos na gréasuithibh bheith ag bailiughadh an airgid,
agus bheith ag dul ar scórnaigh a chéile mar
ghiúll air. Do labhair chun an fhir do bhí ar a mhuin
dá uair, agus d'fhiarfhuigh cionnus do bhíothars
aige, acht ní fuair aon freagra. "Labhair," ar
seision, "mura bhfuileann tú marbh imuigh
's amach." Do labhair agus adubhairt, "Is geárr
uaim." "Gur ab giorra ná san é," arsa Páidín.



Do bhí an Fear Mór ag truaigínteacht air
é leogan imach, acht níor chuimhnimh ar a leithéid
do dhéanamh go n-oirfeadh dho féin. Do chuaidh
Páidín go barra cnuic do bhí an-árd lán de
splínceacaibh geura garbha, agus do leog a
mhála agus a raibh ann síos le fanaidh. Bhí gach
aon bhuille i gcoinnibh na gcloch agus na gcar-
raigeach aige, agus ni túisge bhíodh sé sgartha
le ceann aca ná bhíodh sé buailte i gcoinnibh chínn
eile faoi fuinneamh, céad uair níos mó, agus
do bhí ar an gcuma san go dtáinic go dtí an
bun. Annsan ní raibh aon chuma i n-aon chor air,
do bhí sé an oiread san scríobtha screaibhte,
agus an diabhal cnámh ann ná raibh comh briste
brúighte comh tabhartha-san d'á chéile ná raibh faic
deifiríochta idir feoil agus cnámh ann, acht é
istigh i n-aon sgeaithre frog amháin.



"Seadh," arsa Paíidín, ag teacht anuas do'n
chnoc, agus ag dul faoi n-a dhéin, "ciannos


L. 31


táthars agat?" acht ní raibh gíog as-san. Do
cheistigh sé an athuair é, acht níor labhair focal.
"Seadh!" ar seision, "mura labhrair chugam-
sa, mo bhuachaill maith, míneóchad-sa a thuille tu,
sula sgarfad leat." "A Pháidín, a Pháidín,"
ar seision, "sgaoil ar siubhal mé." "Leogfad,"
arsa Páidín, "mar táim tuirseach teínn ó bheith
ag gabháil díot, acht caithfir geallamhain do
thabhairt dom ná tiocfair taobh liom go deó
arís." "Geallaim-se duit," arsa an Fhear Mór,
"dá bhfaghainn me féin glan díot aon uair
amháin go gcoimeádfainn faid géime na bó uait
a thuille, mar do leithéid d'áidhbheirseoir ní'l san
aer thuas ná i n-Ifrionn thíos." D'osgail Páidín
a mhála. "Imach leat," ar seision, agus ní gabhadh
dhom a rádh gur air nár thóg i bhfad glanadh as
a radharc; níor bhac le feuchaint thar a chúlaibh
acht comh beag.



I gcaitheamh na haimsire chaith mo Pháidín bás
d'fhagháil, agus d'imthigh agus do chuaidh go flaith-
eamhnas, agus do bhuail ag an ndorus; tháinic
an geatóir imach agus d'fhiarfhuig cé'r bh'é sin.
Dubhairt seision gur rith sé leis gur b'é féin do
bhí ann.



"Agus cad atá uait?" ar seision.



"An fear go rabhas ag caint fad ó leis," ar
Páidín.


L. 32


"Agus cá fios dómhsa cé féin?" ar seision,
"nú nár thugais a chomharthaidhe níos feárr dom?"



"Agus nach cuma dhuit orú?" arsa Páidín,
"acht gread ort, agus abair go bhfuilim-se ag
feithiomh annso leis." Do dhún sé an dorus, agus
má ghein ba gheárr gur osgladh arís, agus tháinic
ár Slánaightheoir imach.



"Nach tú Páidín O Dálaigh?" ar seision.



"Smot de," arsa Páidín.

"Cá bhfuil an smot eile?" ar seision.



"Cá mbeidheadh sé acht 'sa bhaile im dhiaidh,"
arsa Páidín.



"Cad atá ag teastabháil bhuait?" ar seision.

"Me leogan isteach," arsa Páidín.



"Cá ionad isteach?" ar seision.



"Go flaitheamhnas orú!" arsa Páidín.



"Is soth liom go bhfuileann tú díoltha bhuaim,
imthigh ort go hifrionn anois," agus d'imthigh.
'Nuair chonnaic an Fear Mór ag teacht é, d'ór-
duigh na dóirse go léir do dhúnadh agus do dhaing-
niughadh, agus gan poll 'ná porrán d'fhágaint
ar osgailt, ar eagla thrí aon mhí-ádh go seolfaidhe
chúcha isteach é, "Mar," ar seision, "dá aoirde de
dhiabhal mise, ní fiú faic me i gcomhnáird do súd."
Do bhuail Páidín ag an ndorus le na línn sin,
acht má bhuail ba bheag an bhrigh do san; ní leog-
faidís orra amháin go gcualadar é. "Comhfhaid


L. 33


an t-slighe ag dul agus ag teacht," arsa Páidín,
ag imtheacht air arís, agus níor lag cos ná lámh
go dtáinic go geata na bhflaitheas. Do bhuail
buille; bhí an dorus iadhta, agus ba gheárr gur
osgladh.



"Cad do thug arís thu?" ars an geatóir.



"Cad do thiubhradh me," arsa Páidín, "acht mo
chosa."



"Agus cad tá bhuait máseadh?" ar seision.



"An fear le n-a rabhas ag caint cheana," ars
an fear eile.



"Tá a fhios go maith agam anois cé theas-
tuigheann bhuait," ars an geatóir.



"Seadh, má tá," arsa Páidín, "teirigh chuige,
agus abair go bhfuilim-se annso arís."



"Agus ca fios domhsa cé thu féin, a dhuine," ar
seision.



"Nach cuma duit 'sa diabhal," arsa Páidín,
"acht déin rud orm." Agus imbasa féin do ghein;
d'iaidh an dorus i n-a dhiaidh agus ba dhian-geárr
gur osgladh é arís, agus tháinic ár Slánuightheoir
imach.



"Orú," ar seision, "nach tu san; cad atá
bhuait?"



"Shíleas," arsa Páidín, "go gcuala agus me
im bheathaidh - 'sé thugas im chluasaibh liom,
pé ar domhan é - go mbíodh ifrionn ar osgailt i
gcómhnuidhe."


L. 34


"Bíonn aileis orú," arsa ár Slánuightheoir.



"Mhaise, go deimhin féin, ní id' shárughadh-sa
é, ní mar sin do bhí sé an uair do ghabhas-sa an
bóthar," arsa Páidín, "acht dúnta go daingion;
agus ní bhfaghainn dul isteach; dar ndóigh níor
bhfeárr liom-sa sgéul de, 'ná bheith imuigh as, an
fhaid as fheudfad, ar deirtios ná fuilthios ró-
mhaith ag an gcuid is feárr aca annsúd."



"Raghad féin," ars ár Slánuightheoir," i n-éin-
fheacht leat anois, agus go deimhin caithfear thu
leogaint isteach, de chois nú d'each;" agus do
chuaidh; agus dá mb'át a rádh gur b'éigion
osgailt do annsan. Nuair chuaidh sé isteach do
theich gach aon diabhal agus deamhan d'á raibh ann
roimis, agus do bhídís ag briseadh a gcos d'fheuch-
aint cia'ca ba shia ó Pháidín bheidheadh, agus ar an
tsaoghalacht ní thiocfaidís i n-a ghoire. Nuair bhí
sé tuirseach do bheith i n-a aonar do chuaidh sé go
dtí an Fear Mór agus adubhairt leis gur ghein-
eadar féin mórán as an tslighidh ar a chéile riamh,
agus gur chóir dóibh a chaitheamh as a gceann fad ó.



"Faghaim blas ar do chaint," ars an Fear
Mór; " a mbeidheadh tamall ar cártaidhibh agat?"
ar seision.



"Ní feárr liom rud eile," arsa Páidín, "acht
cad é an margadh bheidheas eadrainn?"



"Fan go mbeidh deiriodh imiortha againn," ars


L. 35


an Fear Mór, "annsan iarradh an té is mó
cluichidh bheith aon nidh is toil leis ar an bhfear
eile agus caithfear a thabhairt do; a bhfuilir
sásta?" ar seision. "Táim," arsa Páidín.



Do thosnuigheadar ar imirt annsan, agus níor
stadadar lá ná oidhche go raibh seacht lá na
seachtmhuine caithte aca ar an nós-san, agus do
rug Páidín gach aon chluiche, mar do bhí buaidh
imiortha i ngeach cleas aige. "Cad d'iarrfair?"
ars an Fear Mór, ag crith i n-a chroiceann, le
Páidín. 'Sé an fáth gur ghein sé an margadh ar
dtúis mar shíl sé gur aige féin do bheidheadh gach
cluiche.



"Gach aon duine riamh," arsa Páidín, "atá i
n-Ifrionn do sgaoileadh imach, acht mháin an té
thóg an bhreab thar mo cheann-sa agus má tá aon
áit níos measa 'ná an ball i n-a bhfuil seision,
cuir ann é, agus sin go tapaidh leis."



Imach leo go léir i n-a ndraodamaibh, agus
Páidín ar a bhog stróc i n-a ndiaidh, agus níor
stadadar go ndeaghadar go flaitheamhnas agus
do ghlaoidh ár Slánuightheoir eision isteach comh
maith le cách. An uair dhéidhionach do chonnac-sa
é, bhí sé taoibh-istigh do dhorus flaitheamhnuis, agus
inghíon an fheirmeora pósta aige, agus iad araon
ar a dtoil. Ní fuaras-sa d'á mbárr go léir, pé
sgéal é, acht bróga páipéir agus gáirtéiridhe
bainne ruimhir.


L. 36


Rí na mBréag.

Do bhí baintreabhach ann, agus do bhí mór-
sheisior mac aici. Bhí an cead mac comh ísiol
san ná feudfadh capall Lá Márta breith ar
mhullach a chod' gruaige, agus bheith ag inbhír
'san pháirc is loime d'á bhfeacaidh súil riamh; an
tarna mac i n-ionannas leis an bhféar; an
tríomhadh mac comh beag san ná raibh sé d'aoirde ann
tar-ghad úghaime asailín a mháthar do dhúnadh
gan suidhistín do chur faoi n-a chosaibh féin; an
ceathramhadh mac mar aon fhear; an cúigeadh mac
comh árd leis an rae; an ré-amhadh mac comh mór
san nár leomhaidh riamh caipín do chaitheamh sula
pléasgadh sé an spéir, agus an seachtmhadh mac
níor sheasaimh riamh acht ag lamhacán i gcomh-
nuidhe, agus árd a thóna ag cuimilt leis an
spéir.



Do bhí rí 'san Domhan Toir, agus do bhí aon
inghíon amháin aige, an bhean ba bhreághtha d'fheuch
ar aer 'ná ar thalamh. Do bhí sé féin ag tuitim
chun aoise, agus do gheall go dtiubhradh a inghíon
i gcleamhnas do'n chéad fhear do chuirfeadh d'iaf-
acht air "Thugais d'éitheach," nú "Thugais do chéad
éitheach" do rádh. 'Sé an ainm do bhíodh ag lucht
magaidh air acht Rí na mBréag, i dtaoibh ná


L. 37


raibh sé do ghliocas ann an oiread as aon bhréag
amháin d'innsint riamh.



Do chuaidh mac na baintreáibhche chuige agus
d'innis do cad thug é. An chéad lá thug an rí
imach leis é, agus do thaisbeán a chuid ba dho.
"Cuirfidh mé geall," ar seision, "ná facaois an
oiread-sa ba i bhfocair a chéile riamh." "Ní
fhaca imás," ar san fear eile. "Ca'n a thaobh ná
feicfinn orú," ar seision, "Tá an oiread-san ba
gom mháthair im dhiaidh-se 'sa bhaile, go gcuir-
eann an bhláthach do bhíonn againn thar éis na
cuiginne dhéanamh seacht gcéad muilionn ar
siubhal." Níor chuir an rí huf ná haf as acht
éistiocht leis ar a shuaimhnios.



An tarna lá, thug an rí ag feuchaint ar a
chuid chruiceóg é. "Cuirfead geall leat, indiumh
go háirithe,," ar seision, "nár leogais do shúil
riamh ar an oiread-sa cruiceóg." "Orú," ars
an fear eile, "is geárr go raghaidís ar a bhfuil
'sa bhaile gom mháthair díobh." "Acht má's eadh
féin," ars an rí, "ní bhíonn an oiread toraidh ar
sathaibh do mháthar agus do bhíonn ar mo chuid-se."
"Orú, a dhuine," ar seision, "dún suas do bhéal
dom, agus inneosad-sa duit ná fuil id' chaint
acht bolgan-béic. Is mise bhíonn ag tabhairt aire
do chruiceógaibh mo mháthar; agus atá seacht
gcéad míle cruiceóg aici. Caithim na beacha go


L. 38


léir do chomhairiomh, ar dtúis ar maidin, ar eagla
go bhfanfadh aon bheach aca istigh rith an lae thrí
leisge agus leiceacht, agus ist oidhche arís le
heagla go bhfanfadh aon cheann aca imuigh uainn.
Tráthnóna, bhíos beach geárr; mar as go raibh an
chuid eile suidhte sochair ar a suaimhnios, istigh
i n-a gcruiceógaibh d'imthigheas sa' chuaird. Do
bhaineas imach an cnoc agus do bhuail gearrán
liom, do lámhuighios é agus do phreabas ar a
mhuin, agus do bhíos ag cur díom go dtánag chun
coille. Istigh i gcrann mhór do bhí mo bheach go
breágh ar a socairiocht di féin; do ghearras cuid
do chaillitínidhibh na coille agus dogheinios dá
chiseán; do chaitheas mo dhá chiseán trasna an
ghearráin agus do líonas suas go barraibh na
sáithte iad lem' mhil - soláthar aon lae amháin.
Bheirios ar an mbeach agus do leogas anuas
ar dhrom an ghearráin í 'dir an dhá chiseán. Le
hiomarca ualaigh do bhris cnámh-droma an ghear-
ráin. Rugas ar maide mór daraighe, sháthas
isteach i n-a bhéal é, agus thríd siar imach, agus
annsan thiománas ibhaile é féin agus a raibh air."
Níor labhair an rí gíog acht éisteacht leis i
gcomhnuidhe, cé gur dheacair leis sin.

An tríomhadh lá chuadar araon arís ag
feuchaint ar phónaire an rígh. "Nách breágh árd
an pónaire é sin?" ars an rí. 'Seadh, árd,"


L. 39


ars an fear eile, "mar ná facaois pónaire mo
mháthar. Fásann gach aon léas de anáirde 'san
aer, agus as san go dtí an spéir. Nach suas thrí
ghéagán chínn aca do théidhim-se gach aon mhaidion
Domhnaigh ag éisteacht aifrinn ins na flaitheas-
aibh! Domhnach d'á rabhas thuas, d'eirigh sé chun
gaoithe agus gála, agus threasgarthar gach aon
léas riamh acaa. Thógas féin mo lóistín mar a
raibh agam an oidhche-sin. Um maidin an lae ar
n-a bháireach do chuireas rómham triall ibhaile.
Do casadh triúr ban orm ag cáthadh choirce i
dtáirsigh dhoruis do na flaithis. "A dtiubhradh
sibh adhbhar súgáin dom?" arsa mise. "Tiubhram
orú," ar siad-san, agus thugadar. Chasas mo
shúgán, chrochas leis an spéir é, agus leogas
anuas mé féinig leis. Bhí go maith go dtána
i n-athchomairiocht do'n bhun, as ar imthigh pé luid
bheag chasta bhí ann; 'nuair thánag go dtí san
bhris sé agus seo anuas liom ar bhior mo chínn.
Díreach agus mé treó trí slat ó'n dtalamh do
léim mada-ruadh suas im' choinnibh agus do sgiob
an ceann díom do'n sgiob sin. Do ritheas i n-a
dhiaidh, rugas ar earball air agus do bhíos ag
gabháil air go dtugas seacht gcéad cic do; i
ndiaidh gach aon chic do leog sé seacht gcéad
breim, agus gach aon bhreim aca san seacht gcéad
uair níos mó d'fhear 'ná bhis-se do rígh riamh!"


L. 40


"Thugais do chéad éitheach," ars an rí, "agus
ní do chéad éitheach thugais, acht na mílte marbhtha
aca."



"Tar slán! Tar slán!" arsa mac na bain-
treáibhche, "tá t'inghíon agam anois."



"Tá," ar seision, "agus nár fhághad 'úr
dtairbhe araon, agus nár leogaidh Dia d'á chéile
sibh i bhfad!"



Do pósadh iad, agus ní doigh liom go bhfuair
an sean-duine a ghuidhe orra, mar do mhaireadar
ag a chéile go rabhadar comh liath le luich.



OILEÁN NA gCÚIG mBEANN.



Do bhí rí agus do cailleadh a bhean. Do phós sé
arís i gcionn sgathaimh, agus má phós ní raibh breis
áthais air i dtaoibh a ghnótha, mar d'iontuigh a
bhean imach go holc, agus do bhí i n-a droichcheann
dá leaschloínn - mac agus inghíon. Do chuireadar
suas léi i bhfad, acht i ndeiriodh na dála chaith an
rí iad do chur ar deílt uaithi. Bhí oileáinín
deas tamall maith ó n-a chaisleán, agus ann do-
ghein sé dhóibh araon cúirt áluinn aolda, gan
bun cleite imach ná bárr cleite isteach buailte
le slataibh bruin, a táirseach de sgeanaibh


L. 41


beárrtha agus fárdorus do snáthadaibh cruaidhe:
cleite péacóige ag tabhairt an tsoluis is
breághtha do'n chúirt go léir. Annsan do chuir
sé a bheirt chloinne isteach ann chun comhnuidhthe,
agus d'fhógair fada agus geárr ar fuaid a
righeacht gan aon domhan duine do dhul chúcha,
nó dá dtéidheadh go mbeadh a shéala air. Do
snámh buachaill imach faoi dhéin an oileáin, agus
do fuair an t-éalag ar an gcailín, ar slighe gur
gheárr go raibh sí ag dul i mbreis. 'Nuair tháinig
an t-am rug sí - préacháinín! Go ceann lae agus
lán-bhliadhna níor chorruigh sé imach, acht ar a shon
san agus uile bhí ag teacht ann. Lá do chroith sé
a sgiatháin, agus thug an dorus imach air. "Cá
raghair anois?" ars a mháthair leis. "Go dtí an
Túirín Tuathaidh", ar seision, "ag feuchaint cion-
us atáthars god' leas-mháthar. "Fan sa' bhaile
orú a mhío-fhortúin," ars a mháthair leis an
bpréacháinín, "agus ná bíodh aon bac agat léi-
sin. Ní beag linn a bhfeacamair di cheana gan
tusa bheith ag griobairt airri arís." Acht níor
leig an préacháinín air go gcualaidh sé í, ag
eirighe 'san aer agus imtheacht air chomh mear i
n-Éirinn agus d'fheud sé, agus níor stad go
dtáinic go ruig an Túirín Tuathaidh, agus do
thúirling ar chrann leastmuigh do'n dorus.
D'airigh an tsean-bhean é, agus do tháinic ar an


L. 42


dtáirsigh agus adubhairt -



"Cad as duit a phréachainín?" ar sise; nó
bhí a fhios aici comh maith agus do bhí aige féin.



Ó Oileán na gCúig mBeann," ars an préach-
áinín, "mar a bhfuil Fiadh mar a bhfuil Fiolar,
inghíon an righ agus mac an righ, agus iad go
léir go lán láidir."



"Orú, a phréacháinín, a gcreidthead thu?" ars
an tseanbhean.



"Creid nú ná creid," ars an préacháinín, "acht
táim-se ag ínnsint na fírinne duit."



"Seadh más's eadh," ar sise, "cuirim-se de cheist
agus de bhreith agus de mhór-ualach ar mhac an
righ gan an tarna béile d'ithe as aon bhord, gan
an tarna deoch dighe d'ól as aon chupán, ná an
tarna oidhche chodladh i n-aon leabaidh go bhfagaidh
sé domhsa laogh na bó béildeirge." D'imthigh an
préacháinín leis annsan, 'nuair chualaidh sé an
chaint-seo, agus áthas a chroidhe air mar shí sé
gur b'é an sgéal ba bhreághtha ar domhan do bhí
aige. Nuair chuaidh sé ibhaile, d'fhiarfhuigh a mháthair
de a raibh aon thuairisg aige do bhárr an lae,
agus dubhairt seision go mustarach go raibh,
agus nár sgéal beag leis é, agu d'innis dóibh
araon focal ar fhocal do réir mar a bhí agus
mar a dhubhras leis. Rug a mháthair air, agus do
bhí ag gabháil air mi an úrlár, go raibh fuil ag


L. 43


sileadh i n-a braonaibh as, pé beag mór di bhí ann,
agus is deallrathach ná raibh aon an-reise ar
fad di ann. Acht pé scéal é, do rug a mháthair
ar an bpréacháinin arís, agus dubhairt leis, "O!
orú, milleadh ort agus maidhm mharbh ort, cad
aige nár gheinis rud orm?" agus do chaith suas
ar an lochta é.



Ar maidin, an lá ar n-a bháireach, d'eirigh mac
an righ, do nigh a aghaidh agus a lámha, d'fheuch soir
ó dheas, agus d'iarr trócaire agus cabhair ar
Dhia, nú mar ar iarr do leog do. Do ghléas sé
air a léine shíoda shíthplis shliosach chúinneach
choiléarach íochtarach uachtarach bhéicleach bhean-
nachtach, faoi chnapaíbh na hÓróipe, d'á hiadhadh
agus d'á hosgailt, faoi chúba agus faoi sgreata
gaisgidhigh; a bhróga tíorma teó do leathair na
hogbó ná rug gamhain agus ná béarfaidh, nár
luigh agus ná luighfidh, mura luighfeadh ar chaolaibh
a droma nú ar bharraibh a hadharc; a mheadóg
sgeine sgoth-ghéire 'n-a béal do chear iaran,
d'á mhaoidheamh agus d'á rádh gur b'é féin fear
cosgartha na coróineach agus fear na córach do
thagairt, agus ná tiubhradh ceart ná cóir d'aon-
neach acht do'n té ar mhaith leis féin. D'imthigh
sé annsan agus thugadh léim truslóige thar móin-
teánaibh fada fiadhaile, agus thar dá dtrian an
domhain mhóir, agus bhí ag cur de riamh agus


L. 44


coidhche go raibh drúcht deirionnaighe agus meirg
ceoidh an, an lár bhán ag dul faoi sgáth na
cupóige agus an chupóg ag teichiodh roimpi, aghaidh
na mbó ar an mbaile, aghaidh na gcoileach ar an
t-eudach orra anuas. Tháinic sé go caisleán mar
a raibh bean uasal agus í i n-a suidhe ar chathaoir
airgid ag cíoradh a cinn le círín óir; do mhúch
sí le pógaibh é d'fhliuch sí le deoraibh é agus
do thíormuigh le éadaighibh síoda agus sróil é.



D'innis sé di cad thug é agus adubhairt sise
leis nár bh'é an ceud duine é chuaidh ar tór-
uidheacht laoigh na bó béildeirge, agus gach aon
domhan duine d'á ndeaghaidh gur b'in a raibh d'á
bhárr aige, é féin do chur i n-umar na ham-
ailéise, agus gan teacht as go deó. "Agus,"
ar sise, "is amhlaidh bhíonn an laogh-san ag seinm
an cheoil is binne d'á gcualthas riamh i n-Oileán
an Uaignis do'n bhó bhéildeirg, agus mura
mbeadh an ceól-san do shlugfadh sí an domhan.
Codlann an bhó uain áirithe agus dá bhfeudfaidhe
an t-éalag d'fhagháil ar an laogh annsan b'fhur-
aiste é ghoid, acht dá nduiseóchadh a mháthair le
línn na huaire-sin do mharóbhadh sí an tsaogh-
lacht dá mbéarfadh orra." Thug sise slaitín do
agus dubhairt leis an ceud smotán daraighe
bhuailfeadh leis ar imioll na trágha do bhualadh


L. 45


léi, agus go mbeadh i n-a churachán breágh láith-
reach. Do ghein sé díreach mar dubhradh leis,
agus d'iarracht do bhí an curachán ba bhreághtha
d'á bhfeacathas riamh ag luasgadh ar an muir os
a chómhair. Do léim sé isteach innti agus
d'árduigh a seólta bogóideacha ban-dearga, a
mbun a gcrann árd, a mbárr i gcrann íseal
agus do ghluais air go ndeaghaidh as gaoith is
gála dho. Annsan do chuir sé imach a mhaidídhe
bínne bána buana bosleathna, do bhun na fuin-
seoige nú do bhárr an chaorthain, do chuireadh
cubhar na fairge i n-íochtar agus grean na
fairge i n-uachtar, míola móra éisgínidhe agus
péistínidhe ar bhosaibh agus ar bhasaibh, agus ar
shleasaibh a mhaididh bínne bána buana bos-
leathna; gur seoladh é 'san áit ná raibh tonn
d'á bhualadh, tonn d'á luasgadh, acht tonnta dubha
cubhráin d'á chur ar chuantaibh na sábhála. Do
léim sé imach, do chuaidh i dtír, agus do ghread
air go dtáinic go dtí an áit mar a raibh laogh
na bó béildeirge. Bhí an bhó 'n-a suan agus an
laogh ag rith i n-a thimchioll ag déanamh an cheoil
is binne d'á gcualathas riamh. Do bhuail sé an
laogh le n-a shlaitín draoidheachta, agus do lean
é, agus do rith seision chomh mear ar domhan agus
dó bhí i n-a chosaibh, do léim isteach i n-a churachán
agus do léim an laogh i n-a dhiaidh go preab-


L. 46


amhail. D'árduigh sé a sheólta bogóideacha bán-
dearga, a mbun i gcrann árd, a mbárr i gcrann
íseal, agus do ghluais air go ndeaghaidh as gaoith
is gála do; agus é tamall maith imach do dhúisigh
an bhó, agus nuair mhothuigh sí a laogh uaithe, do rith
anonn 's anall agus do chuir géim aisti do chuir
an domhan toir agus an domhan tiar ar son-chrith,
agus do bhain imach an tráigh agus do chonnaic an
curachán ag gabháil béal an chuain imach. Do
léim sí lomláithreach isteach san mhuir mhóir, agus
do shnámh i n-a dhiaidh, agus do bhí ag breith suas
leis gur chuir seision imach a mhaididhe binne bána
buana bosleathna, do bhun na fuinseoige nú do
bhárr an chaorthain, do chuireadh cubhar na fairge
i n-íochtar, agus grean na fairge i n-uachtar,
míola móra, éisgínidhe agus péistínidhe ar bhos-
aibh, agus ar bhasaibh agus ar shleasaibh a mhaididh
bínne bána buana bosleathna. Do báthadh an bhó.
Do léim seision ar an talamh tirim. Do léim an
laogh 'n-a dhiaidh. Do bhuail sé buille d'á shlaitín
ar an gcurachán agus bhí i n-a smotán daraighe
arís. Tháinic sé go caisleán na mná uaisle
agus d'innis di cionnus do chuaidh dho, agus thug
an tslaitín draoidheachta ar ais di. Do ghléas sí
biadh agus deoch do, agus d'ith agus d'ól sé a
dhóthain agus do ghluais air annsan arís, agus
níor stad agus níor staon go dtáinig go Cais-


L. 47


léan Oileáin na gCúig mBeann. Do bhí a dheirbh-
shiur 'san dorus roimis, agus do rith sí 'n-a
choinnibh agus do bheir barróg air agus do phóg
agus do dheoch é, agus annsan do thuit i néall
áthais agus d'fhan ann logonoidhche. Do bhíodar
anois ar a suaimhnios, agus cíos cás ná cathughadh
orra, an laogh ag déanamh ceoil dóibh ná beitheá
tuirseach go deo de, go dtí lá 'na ar mhúsgail an
préacháinín, do chroith a chuid sgiathán, agus thug
béal an doruis imach air.



"Cá bhfuileann tú ag dul anois arís?" arsa
a mháthair leis. "Ní fhéid gur do'n Túirín Tua-
taidh bheitheá ag dul."

"Cá ionad eile?" ar seision.



"Míochothrom teinn ort," arsa a mháthair,
"fan istigh 'sa bhaile, agus ná bí ag cur tuille
galair míreáin im cheann, i bhfochair a bhfuil ann
cheana.



Acht ba bheag an bhrigh di bheith leis. D'imthigh
air agus níor stad do'n scríb-sin go dtúirlig
ar chrann do bhí ag fás leastmuigh do dhorus an
Túirín Tuataidh. D'airigh an bhean do bhí istigh é,
geallaim-se dhuit, agus tháinig ar an dtáirsigh
agus adubhairt -



"Cad as duit a phréacháinín orú?" ar sise.



"Ó oileán na gCúig mBeann," ars an simp-
leoir eile, "mar a bhfuil fiad, mar a bhfuil fiolar,


L. 48


inghíon an righ, mac an righ, laogh na bó béil-
deirge, agus iad go léir lán láidir?"



"Ní chreidfead thu stoigh," ars an bhean mhaith
leastigh, ag leogan airri.



"Creid go deimhin," ars an simpleoir beag
arís, "mar is fíor a n-abraim."



"Seadh má's eadh," ar sise. "cuirim-se do cheist
agus do bhreith agus do mhór-ualach ar mhac an
righ, gan an tarna béile bidh d'ithe ar aon
bhórd, an tarna deoch dighe d'ól as aon chupán,
ná an tarna oidhche chodladh i n-aon leabaidh go
saothróchaidh sé dómh-sa banbh na cránach breac-
duibhe." Níor labhair focal eile, acht d'iompugh
isteach di féin, agus d'imthigh an préacháinín leis,
leis an sgéal do bhí aige, agus do bhí d'á bhualadh
féin mi gach aon túrtan agus túrtóg d'ár
casadh air sa' tslighe, faoi dhéin an bhaile le
bárr áthais agus nú níór ghábhadh dho dul chun na
trioblóide mar fuair sé a dhóithin agus breis
agus a dhá dhóithin déag 'nuair shroich sé an chúirt,
agus mo ghreinn é is dócha gur beag de ghéanfadh
é. Ar ndul isteach do, seo ag brácaoil é.
D'fhiarfuigh a mháthair de, cad é an mí-ádh san do
bhí ag gabháil do, nú cad aige go raibh sé ar an
nós-san. D'innis seision rún a sgéil di go
háthasach, réir mar do bhí, gan focal faoi ná
tharais. Rugadh air ar mhullach cínn agus bhí sí


L. 49


dhá ghabháil de ar lic an teinteáin gur mhúch sé
an teine le dóibireacha fola, agus do caitheadh ar an
lochta siar annsan i n-ainm an diabhal 'san
deamhain do.



Maidion an lae ar n-a bháireach d'eirigh
mac an rígh, 7c.



D'innis sé di cad do thug é, an athuair, agus
dubhairt sise leis gan aon easbhaidh cráiste bheith
air, agus bh'fhéid go dtiocfadh leis banbh na
cránach breacbuidhe ghoid comh maith le laogh na
bó béildeirge. Annsan d'innis sí do gur ab
amhlaidh bhíonn an banbh-san ag gabháil tímchioll
na cránach-san i gcómhnuidhe gan aon stad, ag
seinm an cheoil is breághtha ar domhan di, ag
iarraidh í chur chun suain le heagla go n-íosadh
sí an saoghal go léir. Do chodladh an chráin
am áirithe, agus dá bhfeudfaidhe teacht ar an mbanbh
annsan, b'fhuraiste é ghoid. Thug sí slaitín
draoidheachta dho, agus dubhairt leis déanamh
nós mar ghein sé cheana. D'imthigh sé annsan
agus tháinig go bruach na trágha, agus do bhuail
buille d'á shlaitín ar an gceud smotán daraighe
le n-ar bhuail sé, agus do bhí i n-a churachán
áluinn ar nóimiot, ag luasgadh os a chómhair imach.
Do léim isteach innti, agus d'árduigh a seolta
bogóideacha, 7c.

Do léim sé ar an dtráigh, agus níor fhan acht


L. 50


bualadh air go mear go dtáinic go ruig an áit
mar a raibh banbh na cránach breacduibhe. Bhí an
chráin féin i n-a codladh, agus gach aon srann do
chuireadh aisti, do sheasadh gach aon ribe gruaige
ar mhac an righ, agus do chritheadh trí huaire.
Bhuail sé an banbh agus do lean é, agus níor
lag cos go dtáinic go dtí an tráigh. Do léim
sé isteach sa' churachán, do léim an banbh isteach
i n-a dhiaidh gan mhairg, agus d'árduigh sé a
seolta bogóideacha bándearga, a mbun i gcrann
árd, a mhbárr i gcrann íseal, agus do bhí ag
gluaisiocht go mear, 'nuair do dhúisigh an chráin
agus ní fheacaidh sí a banbh i n-aon treó. Chuir
sí grutháil aisti do leag na cnoic muardtím-
chioll airri, agus do rith anonn 's anall, agus
do léim le buile agus le deargbhuile, agus do
chuaidh ar bhalaithe an bhainbh go ruig an tráigh, ag
déanamh tonntsrothaigh do'n talamh 'n-a diaidh, agus
do chonnaic an curachán ag gabháil béal an chuain
imach, agus do shnáimh chúiche agus a craos ar
deargleathadh, agus do tháinic suas léi i nóimiot
agus do shluig an curachán siar síos i n-a bolg
go dtí an crann láir, acht do chuir seision imach
a maididhe bínne bána buana bosleathna, 7c.
Do ghearr an chráin a scórnach leis an snámh,
agus do bog d'á greim, agus do báthadh í. Do
léim mac an righ imach ar an dtráigh, do léim


L. 51


banbh na cránach breacduibhe i n-a dhiaidh. Thug
buille d'á shlaitín do'n churachán agus do bhí i n-a
smotán daraige arís. D'imthigh agus do tháinic
go caisleán na mná uaisle, agus d'innis di cion-
nus do chuaidh do, agus thug an tslaitín di arís.
Do ghleus sí biadh agus deoch do; d'ith agus d'ól
seision a dhóithin, nó marar ghein ba mhór an
t-amadán é. Annsan do thug sé na cosa do'n
bhóthar agus níor stad do'n stáir-sin gur shroich
sé a chúirt féin. Do bhí a dheirbhshiur ar an dtáir-
sigh ag faire imach; níor fhág sí an áit-sin fad
a bhí seision imuigh, ag gul 'sag gollán thar a
n-imtheóchadh aonní air. Do rith sí chuige agus
do rug barróg air, agus i n-a dhiaidh do thuit i
néall áthais agus níor tháinig chúiche féin go
ceann lae agus oidhche. Bhíodar ar a socairiocht
annsan, gan cíos cás ná cathughadh; an laogh
agus an banbh ag déanamh ceoil do scaipfeadh
brón an tsaoghail do chloisfeadh é. Acht ní raibh
an préacháinín sásta. Ba gheárr gur chroith sé
a chuid sgiathán arís. Do rith a mháthair chun an
doruis roimis, acht do bhí an taobh imuigh aige-san
sul ar shroich léi lic na táirsighe bhaint imach.

"Na teirigh i n-aonbhall as ár radharc anois,"
ar sise leis, nuair ná raibh aon leighis eile aici
air, "agus ar do bhás ná cuimhnigh ar dul go dtí
an Túirín Tuathaidh."


L. 52


"Ca n-a thaobh ná raghainn orú?" ar seision.



"Deirim leat fanamhaint sa' bhaile," ar sise."



"Mhaise táim fada go leor sa' bhaile," ar
seision, "agus ní móide mo bhuidheachas 'n-a thaobh,
acht indiu go háirithe beidh aeríocht agam."



"Do bhí a mháthair chun díriughadh air arís nuair
leaith seision a sgiathána agus d'éirigh go hárd
'san aer, agus d'imthigh go ndeaghaidh go ruig an
Túirín Tuathaidh, agus do thúirlig ar an gcrann
gur thúirlig sé cheana air. Dá mb'át rádh gur ar
an mnaoi mhaith leastigh nár thóg sé i bhfad
teacht ar an ndorus, do chuir a dá huillinn ar
dá ursain an dorus agus dubhairt -



"Cad as duit a phréacháinín a ghreinn?" ar
sise.



"Ó oileán na gCúig mBeann," ar seision,
"mar a bhfuil fiadh, mar a bhfuil fiolar, inghíon
an righ, mac an righ, laogh na bó béildeirge, agus
banbh na cránach breacduibhe, agus iad go léir
go lán láidir."



"Orú a gcreidfead thu?" ar sise.



"Creid imasa," ars an mac mí-áidh eile.



"Seadh má's eadh," ar sise, "cuirim-se de cheist
agus de bhreith agus de mhórualach ar mhac an
righ gan an tarna béile bidh d'ithe ar aon
bhórd, an tharna deoch dighe d'ól as aon chupán,
ná an tarna oidhche chodladh i n-aon leabaidh go


L. 53


bhfaghaidh sé dhómh-sa an Teampán Uaine."



D'iontuigh sí isteach annsan agus clab airri
ag gáirídh i dtaoibh a ndubhairt sí, mar bhí súil
aici go gcaillfidhe mac an righ gan aon agó, an
tríomhadh huair. D'imthigh an préacháinín leis,
agus dá ghiorra bhí sé sa' tslighe b'fhada leis é,
bhí an oiread-san deithnis air chun a sgéal do chur
d'á chroidhe, mar shíl sé gur b'é ba bhreághtha
'ná a chéile; níor ghein an bhatráil ruainne
maithis do. Nuair chuaidh sé isteach domhothuigh a
mháthair an t-áthas air fad air, agus níor bhain
sí aon fáth foghanta as.



"Ní fhláir," ar sise, "nú tá eachtraidhe móra
agat th'réis an lae?" "Tá," ar seision.



"Agus cad é so mar sgéal agat anois?" ar
sise. D'innis sé dhi gach ní mar a bhí. Is beag
nár thuit an t-anam aisti nuair innis seision di
go raibh air ag a dearbhráthair imtheacht agus an
Teampán Uaine d'fhagháil do chois nú d'each.
Nuair tháinic sí cúichi féin níor maoidhthe ar an
bpréacháinín é; níor fhág sí cleite air ó'n
gcnámh imach agus leastigh do'n chnámh, má theighe-
ann préamhacha na gcleitidh cómh fada-san, gan
stathadh, agus do chaith iad annsan i gcoimhleathan
na teineadh, agus d'fhaduigh anuas orra go rabha-
dar cómh dóithte ná raibh fagháil ná feicsin
amhán ar a luath. Caitheamh an loimirceach bocht


L. 54


siar ar an lochta, agus do leogadh dho bheith ag
cur chleitídh thríd imach arís nó leogaint dóibh
féin cia 'ca a chéile b'fheárr leis.



Maidin lae ar n-a bháireach d'eirigh mac an
righ, 7c.



D'innis sé di cad do thug é an tríomhadh huair,
agus adubhairt go raibh eagla air ná eireóchadh
leis an uair seo, "Acht ar a shon-sain agus uile,"
ar seision, "beidh mo shúil suas." "Bíodh," ar
sise. Thug sí an tslaitín draoidheachta do agus
adubhairt leis gach aonní dhéanamh nós mar
ghein sé an dá uair cheana. "Anois," ar sise,
"nuair raghair isteach san oileán, imthigh go dtí
an chúirt do chífir ar mhullach an chnoic, agus bhí
ar t'sheachaint féin, mar," ar sise, "dá ndúis-
eochthá na machtínidhe bhíonn ag feighil an Team-
páin Uaine, stracfaidís ó chéile thu, agus ní
fheicfeadh duine ná beithidheach leadhb ná ribín
díot go brách. Do gheall seision go ndéan-
fadh rud airri, agus dubhairt sise mura ndéan-
fadh gur b'é féin do bheadh thíos leis agus a
bheith air féin. Agus imbasa d'imthigh air, agus
nuair tháinig sé go bruach na trágha, bhuail sé
buille d'á shlaitín ar smotán daraighe bhí ar
imioll na sáile, agus láithreach do bhí curachán
breágh ag luasgadh roimis ar an dtaoide. Do
léim sé isteach innte agus d'árduigh a seolta
bogóideacha, 7c.


L. 55


Do léim sé imach, thug a aghaidh ar an gcnoc,
agus tháinig gruig an caisleán, agus do chonnaic
agus do chómhairigh ceithre mactínidhe fichead 'n-a
ndubhchodladh taobh imuigh de. Bhí eagla air go
ndúiseo'daois, agus do ghaibh thársa agus do
chuaidh isteach sa' chaisleán, agus do chonnaic an
Teampán Uaine ar cróchadh agus do bhuail d'á
shlaitín draoidheachta é agus do sgiob leis é,
agus do chuaidh thar n-ais gréidh, thura ndúiseóchadh
sé an sgeimhiol machtínidh, agus do ghaibh thársa
agus níor chuireadar cor ná coirín díobh. Nuair
fuair sé a shála glan uatha, agus ní glan do
bhíodar acht salach - tá an ceart agat, bhí a chuid
bróg uime, agus is dócha nár leogadar aon
ghuta isteach ní' láir. Acht pé sgéal é, do bhain
sé an churachán imach - b'é bu dheas air - agus do
phreab isteach innti agus d'árduigh a seolta
bogóideacha bándearga, a mbun i gcrann árd,
a mbárr i gcránn ísiol. Agus é ag gearradh
roimis gan mhairg, cad do chífeadh anuas le
fánaidh an chnoic act na machtínídhe go léir
agus iad ag caitheamh rúspóg scalpacha agus molla-
chloch faid do radhairc sa' spéir le bárr na
tiomána. D'airigheadar é ag gabháil béal an
chuain imach; nuair thángadar i dtreó na trágha
do sgaoileadar leó féin imach agus do bhíodar
ag teacht suas leis go mear gur chur sé imach a


L. 56


mhaidhidhe bínne, 7c.



Éire bheith air do shéirseáil na maichtínidhe iad
féin, agus ní raibh pioc d'a bhárr aca, acht amháin
gur bháthadar iad féin, agus tuille do'n tubaisde
chúcha. Táinig sé go caisleán na mná uaisle,
agus d'innis a sgéal di go mustrach, agus thug
a slaitín di. Do ghléas sisi biadh agus deoch do,
agus d'ith agus d'ól a dhóthain, agus thug a chosa
do'n bhóthar arís. Nuair bhí sé ag teacht chun a'
tighe, bhí a dheirbhshiúr sa' táirsigh roimis, agus
gan innti acht snamh na beatha, ó bheith ag gol
's ag gollán fad do bhí seision imuigh. Nuair chon-
naic sí é agus an Teampán Uaine aige, bhí a
fhios aici go maith gur eirigh leis, agus do thuit i
laige le aiteall, agus níor tháinig chúici féin go
ceann lae agus oidhche. Annsan do bhíodar ar a
sácrántacht; acht níor bh'fhada bhíodar mar sin,
nuair chroith an préacháinín a sgiathána - is dócha
gur eirigh fás go maith le n-a chuid chleitidh. Thug
sé an dorus imac air sul ar fheudadh é stop.
Tháinig a mháthair agus do lean imach é ag iarraidh
air ar son a raibh thíos agus anáirde fanamhaint
sa' bhaile. Acht ní raibh beann broibh aige-sion
ar a raibh thíos agus anáirde. Bhí a fhios aige, is
dócha, go mbeithí 'n-a chómhair nuair raghadh sé
thar n-ais, acht osgais leis stríocadh do sgaoil
sé chun cínn go dtáinic go dtí an Túirín Tua-


L. 57


thaidh. Geallaim-se dhuit ná raibh aon réim i
súilibh na seanbhainrioghna. Tháinig sí ar an
dtáirsigh agus do ghein an-iongna mairge do'n
phréacháinín, agus dubhairt -



"Cad as duit a phréacháinín orú?"



"Ó Oileán na gCúig mBeann mar a bhfuil
fiadh, mar a bhfuil fiolar, inghíon an righ, mac an
righ, laogh na bó béildeirge, banbh na cránach
breacduibhe, agus Teampán Uaine Oileáin an
Uaignis agus iad go léir go lán láidir."



"Orú a gcreidfead thu?" ar sise.



"Cad fá ná creidfeá," ar seision, "agus corp
agus anam na fírinne agam?"
"Seadh má's eadh, ar sise arís, "curim-se de
cheist agus de bhreith agus de mhórualach ar mhac
an righ gan an tarna béíle bidh d'ithe ar aon
bhórd, an tarna deoch dighe d'ól as aon chupán,
ná an tarna oidhche chodladh i n-aon leabaidh go
bhfaghaidh sé dhomh sa an Áluinn Innmheach."



D'iontuigh sí ar sálaibh a bróg annsan, agus
d'imthigh isteach, agus an t-anam ag dul aisti le
bárr áthais, mar shíl sí gan aon cradhasgal go
raibh sé thiar ar mhac an righ, mar atá a léine ar
an mbeitheamhnach, a ceist do réiteach. Acht mar
leis an bpréacháinín de, do ghread sé air, cómh
mear i n-Éirinn agus do bhí sé 'n-a sgiathánaibh;
faoi'n am gur bhain sé imach an chúirt, bhí a anál


L. 58


i n-uachtar an uchta aige le iomshaothar, bhí an
oiread-san deithnis air chun a eachtra innsint.
Nuair chuaidh sé isteach d'infhiuch a mháthair é, agus
má infhiuch a mháthair é, ní raibh aon tsúil aici le sgéal maith;
bhraith sí an t-áthas ar fad air; acht do chisigh sí
airri féin agus níor leog aonní airri. Níor
cheistigh sí é lag ná láidir; is dócha nár beag léi
a luaithi bheadh an droichsgéal ar láimh aici.



"A mháthair," ars an preacháinín, nuair bhris ar
an bhfoighne aige, "nach iongna ná fuileann tú
ag cur aon tuairisgidh orm orú."



"Mhaise," ar sise, "'sé is mór cráidhte liom a
dtugann tú chughainn isteach nuair ghabhann tú
imach."



D'innis sé di annsan a sgéal áthais; ní
dheaghaidh sé fíos léithi-si 'n-a áthair. Thuit sí i
laige i bhfiadhnaise na teineadh. Mura mbeadh
a dearbhráthair do bheith istigh do dhóithfidhe í, mar
ní raibh sé de neart san phréacháinín í tharrag
imach, dá mbeadh fonn a dhéanta air féin, agus
atáim deimhneach ná raibh. Nuair tháinic sí chúichi
féin fuair an préacháinín é ar a dhá thaobh agus
ar a bholg. Tugadh an oireadsan murchadh dho,
ná rabh húm ná ham as. Acht níor chuir san ar
a mháthair. Níor ghein sí acht é chaitheamh siar sa'
lochta, agus bheith dh'á chaoineadh féin ar a
shuaimhnios.


L. 59


Maidin an lae ar n-a bháireach d'éirigh mac an
righ, 7c.



D'innis sé dhi cad do thug é arís, agus do bhí
an-bhrón air. Do dhírigh sí air agus dubhairt leis
a chráiste chongbháil suas. Nuair bhí sé ag im-
theacht ní bhfuair sé aon tslaitín. Nuair ghlan
sé as an digh tháinic sí ar an ndorus agus seo
ag sgeartaoidh í. D'fhiarfhuigh sé di cad do bhí
airri. Agus dubhairt sise go raibh cúis gáiridh
aici. "Cad é an chúis é sin?" ar seision.



"Fear," ar sise, "ag cuardach do'n rud atá
os cómhair a dhá súil imach."

"Cá bhfuil an rud," ar seision, "nú cad é an
rud atá ar siubhal agat?"



"Is cuma liom im shiubhal nó im stad me,"
ar sise, "acht adeirim-se leat gur mise an
Áluinn Innmhioch."

Do rith rí chuige, agus do phóg sí é, agus
b'fhéidir ná raibh aici acht a cuid de. Do phóg
seision ise, ní nár locht air, agus do phógadar
féin a chéile. Réir mar a chuala, is beag nár
phógadar na béil as a chéile le pógaibh. Ní
dheaghaidh sé níos sia acht d'iontuigh isteach agus
do ghléas sise biadh agus deoch do, agus d'ith-
eadar agus d'óladar araon a ndóithin, nú
marar gheiniodar b'anghabhadh dhóibh é, 'sé sin
má bhí aon ocrus ná tart orra. Do ghluais sé


L. 60


air ibhaile annsan agus sise i n-éinfheacht leis.
Bhí lán a chroidhe d'athas air. Níor miste dho, agus
an bhean ba bhreághtha ar an dtalamh aige, cois ar
chois, go dtáinig go dtí an chúirt. Bhí a dheirbh-
shiúr ar an ndorus, agus gan innti acht na
ceithre uaithne ó bheith ag gul 'n-a dhiaidh, agus
nuair chonnaic sí an bhean bhreágh thar bárr le n-a
chois, d'imthigh sí imach agus do leaith a dá láimh,
agus b'é ba bheag léi a raibh aici dhíobh; an méid
fáilte rúmpa araon. Do bhíodar ar a dtoil
annsan, agus gliadar go leór ar mhac an righ
ag cur síos d'á dheirbhshír ar a chuid siúbhloide
agus ag moladh na mná uaisle, agus nó toíll
sí é. San gcaint dóibh, do théalluigh an préach-
áinín imach i nganfhios dóibh, agus níor stad
go ndeaghaidh gruig an Túirín Thuathaidh. Ní raibh
aon mhanna-leathar ar súilibh na bainrioghna;
tháinic sí imach agus dubhairt -



"Cad as duit, a phréacháinín?"



"Ó Oileán na gCúig mBeann," ar seision,
"mar a bhfuil fiadh, mar a bhfuil fiolar, inghíon
an rígh, mac an righ, laogh na bó béildeirge, banbh
na cránach breacduibhe, Teampán Uaine Oileáin
an Uaignis, agus an Áluinn Innmhioch, an bhean is
breághtha ar an dtalamh dromóideach, agus iad
go léir go lán láidir."


L. 61


"An gcreidfhead thu?" ar sise.



"Mhuise imasa," ar seision, "ní fheadar-sa
cad do ghéanfair i dtaoibh do chod' chreideamhna
acht creidim-se féin é, mar chonnac gach aon
cheann aca."



Nuair chuala sí an chaint-sin, do thuit sí 'n-a
pleist mharbh mar a raibh sí. D'imthigh an préach-
áinín air agus do tháinig ibhaile agus d'innis a
sgéal - sgéal is dócha nár bhain deór asta. Phós
mac an righ agus an Áluinn Innmhioch agus bhí
saoghal breágh aca ó san suas. An uair
dhéidhionach do bhíos-sa 'san chúirt, bhí an t-oileán
lán de chloinn aca.


L. 62


AN CHROCH GHEAL



Ní mise cheap. Ní fhuil agam-sa acht mar a
chuala. Ní chuala acht mar adubhradh, agus ní
dubhradh acht bréaga nú éitheach ar fad. Seadh,
bhí dearbhráthair ag Áraoisteatoil d'ar ab ainm
an Bárd-sgológ. Bhí triúr mac aige. Ní raibh
san domhan toir ná thiar beirt ba mhó fóghluim
ná an Bárd-sgológ agus a dhearbhráthair. Agus
i dtaobh triúr mac na Bárd-sgolóige ní raibh
aonní faoi fhlaitheas Dé (agus páirt de sin leis
b'fhéidir) ná raibh eolas aca air; acht imasa bhí
aon trí ceistionna amháin agus do chuaidh díobh
iad san do réitioch. Sgéaluidhe b'eadh an céad
mac agus ní fhéadfadh sé déanamh imach cia' ca
ar féin nú ar fear an tighe ba cheart do'n cheud
sgéal dul. Buachaill bó b'eadh an tarna mac,
agus do chuaidh de fios d'fhagháil cia' ca bu
ghiorra i ngaol do a athair nú a mháthair; agus
fear adhmaid do ghearradh an tríomhadh fear.
D'fheuch sé sin gach aon chúinse ní bun ghéire ná a
chéile ag iarraidh 'fhagháil imach ar shia uadh an


L. 63


domhan thíos ná an domhan tuas, acht chaith sé é
thabhairt suas mar ní raibh aon mhaith dho bheith
leis.



Dubhradar go raghaidís go dtí an Domhan Toir
chun fios d'fhagháil ar na trí neithibh-seo, agus go
raghadaois go ruig Áraoisteatoil ar dtús, acht
ná cuirfidís síos a ngaol do. Nuair bhíodar
tamall o'n dtigh, d'imthigh an té bu shine aca agus
do chuaidh fá dhéin Áraoisteatoil agus d'fhiarfuigh
de a bhfaghadh sé aimsir uaidh.



"Cad d'fheudfá dhéanamh dom?" ar seision.



"D'inneósainn sgéaltha breághtha duit," ars an
fear eile.



"Coingheóbhad go ceann rátha thu," ar seision.



I gcionn tamaill eile tháinig an tarna mac,
agus d'fhiarfuigh a dtógfaidhe é féin i n-aimsir.

"Cad é an tslighe maireamhna tá agat?" ar
seision.



"D'fheighilfinn ba nú do chrúthfainn," ars an
fear eile.



"Ní gábhataraighe fear eile," ar seision,
"fan go ceann rátha go háirithe."

I gcionn tamaillín eile tháinig an duine
domhan déidhionac, agus d'fhiarfuigh a raibh
buachaill ag teastbháil uaidh?



"Cad is féidir leat déanamh?" ar seision.



"Do gheárrfainn adhmad go maith, agus dá


L. 64


mbu ghábhadh ghéanfainn céad aicillídheacht nach
é," ar seision gan cuimhniomh d'á dhruim, mar bhí
gach aonní aige i rínn éin mhéire.



Thuit an oidhche agus dubhradh leis an sgéaluidhe
sgéal d'innsint.



"Ní fheadar," ar seision, "an orm féin nú
ar fear an tighe théigheann an ceud sgéal."



"Atá an ceart agat," arsa Áraoisteatoil. "Is
ar fear an tighe féin gan amhrios."

D'innis Áraoisteatoil an ceud sgéal, annsan
do thosnuigh an fear eile, agus do lean de go
raibh sé am leapachais.



Ar maidin do ghlaoidh Áraoisteatoil ar bhuachaill
na mba d'fheighil; níor fhreagair aonneach é ámh;
do ghlaoidh arís agus arís eile acht b'in a raibh d'á
bhárr aige. Chuaidh sé go ruig an leabaidh mar
a raibh sé. "Cad atá agat dhá dhéanamh annsan?"
ar seision. Is amhlaidh bhí sé acht dhá léine aige,
chuireadh ceann aca uimis, bhaineadh de í arís;
chuireadh an ceann eile uime annsan, do bhaineadh
sé de í agus chuireadh sé an céad ceann uime
arís eile.



"Cad é sin ar siubhal agat?" ars Áraois-
teatoil leis.



"Mh'athair agus mo mháthair d'fhág a léinteacha
agam; ní fheadar cia 'ca díobh is athchomaire i


L. 65


ngaol dam, agus mar sin ní fiosach dom cia'ca
léine is ceart dom cur lem' chneas."



"Is furaiste an cheist sin do réitioch," arsa
Áraoisteatoil; "is athchomire t'athair go mór
duit."



Ní raibh an lá ró-shean-chríona ar fad nuair
doghein Áraoisteatoil aghaidh ar an gcoíll; 'sé
an cuma i n-a bhfuair sé fear gearrata an
adhmaid acht a thuagh greamuighthe go docht aige
i n-a dhá dhóid, thugadh tailm faoi'n spéir uair
agus tailm faoi bhuille thabhairt do'n talamh
uair eile. Uain agus trath cé thiocfadh air acht
Araoisteatoil.



"Cad é an mí-ádh-san ort," ar seision, "nú a
bhfuil splannc meamhrach i n-aonchor id phlaosg?"



"Ní fhuil imás, ars an fear eile, "acht id
cheann-sa.



"Cad é sin ar siubhal agat?" ar seision
"shíleas gur cuireadh tu ag baint adhmaid."



"Cuireadh leis dhia," ars an fear eile, "feuch
annso me; acht b'an-mhaith liom fios d'fhagháil an
athchomaire dhom an domhan tíos ná an domhan
tuas."



"A amadáin óinsighe," arsa Áraoisteatoil,
"ataoi i lár an domhain, agus ná faghmaois a
thuille dod' gháitsidhibh uait."


L. 66


D'imthigh sé air annsan, agus d'fhág an fear eile
ag baint an adhmai ar lán a dhíchill, agus b'é
bu bhreagh chuige, geallaim-se dhuit; dob air bu
ghiorra mhoíll an oired do ghearradh agus
doghein Áraoisteatoil go ceann seachtmhaine agus
breis. Ar tuitimín na hoidhche bhíodar i dtriúr
i bhfochair a chéile i dtigh Áraoisteatoil, agus thar
éis tamaill do'n oidhche chaitheamh ar sgéaluidheacht,
chuadar a chodladh. Acht ní chun codalta é ámhacht.
I n-uaigneas na hoidhche, chuireadar umpa a
gcuid éadaigh - ní fheadar go deimhin a ndeagh-
adar chun an oiread-san trioblóide agus é
bhaint díobh féin nú ná deaghadar, agus is ró-
chuma liom leis mar leis sin de. Acht pé ar
domhan é, ghlanadar leó san doircheacht, agus
bhíodar ag cur díobh go dtángadar go coíll
mhór. Bhí a fhios aca go maith gur geárr go mbeití
i n-a dtóir, agus chuige sin, cheapadar go raibh
sé comh maith aca fanamhaint socair, agus a
gcuid tuirse chur díobh, 'sé sin má bhí a leithéid
orra. Nuair d'eirigh Áraoisteatoil ar maidin
do ghlaoidh sé go hairthinneach ar fear na mba
d'fheighil, acht dá mbeadh sé ag callaireacht air
go lá an luain ba bheag an bhrigh do é.

"An diabhal," ar seision, "ní bhead-sa ag
tabhairt bidh, dighe, gus díl duit-se atá ag


L. 67


codladh mar so, imach go headarshuth!"



Chuaidh sé go dtí an leabaidh mar bu cheart
dóibh, dar leis féin, go mbeidís; acht nuair
d'osgail sé an dorus do leaith a shúile air, mar ní
raibh duine do'n triúr le fagháil ann, ná i n-aon
treo acht comh beag. Do chuaidh sé láthaireach chun
athach do bhí aige, agus dubhairt leis imtheacht air
go mear agus a gcínn do thabhairt chuige, nú
mara dtiubhradh bheith air féin, agus d'imthigh an
t-athach leis go humhal éasgaidh.



An uair chonnacadar é ag triall ar an áit i
n-a rabhadar do rugadar ar uan; do marbh-
uidear é agus do chuimilidear a chuid fola d'á
gcionnaighthibh agus d'á lámhaibh, agus do ghear-
radar trí trom-ghéagáin agus seo iad ag gabháil
ar a chéile. Chonnaic seision iad, acht ní raibh a fhios
aige cé ar bh'iad ámh. Do chaith sé é féin eatorra
ag déanamh eadargabhála, acht sin mar is mó do
lúireadar a chéile mairge. Faoi dheiriodh fuair
sé a scaramhaint.



"Cad is fáth leis an dtroid-seo?" ar seision.



"Mar ghiúll ar an gcoíll seo," ars an té ba
shine dhíobh, acht is liomsa í."



"Ní leat," ars an tarna mac," acht liom-sa."



"Ní le haonne' 'gaibh í anois," ars an trío-
mhadh mac, "ó táthaoi ag dul chuige sin, acht is
liom-sa í."


L. 68


"Cionnus is leat-sa í?" ar seision leis an té
ba shine aca.



"Mar," ar seision, "d'fhág mh'athair a bhfuil
críon agus glas do'n choíll agam.



"Agus cionnus is leat-sa í mar sin?" ar
seision leis an tarna mac.



"Mar," ar seision, "d'fhág mh'athair a bhfuil
cam agus díireach do'n choíll agam-sa."



"Acht cionnus is leat-sa í ámh?" ar seision
leis an té ab óige aca.



"Mara," ar seision, "d'fhág mh'athair a bhfuil
faoi thalamh di agus os a chionn agam-sa!" ag
feuchaint suas go neamh-fuiseach ar an athach.
D'infhiúch an t-athach iad i dtriúr i ndiaidh éin chínn,
d'fheuchaint a rabhadar dáríribh leis, acht níor
chuireadar oiread agus smiota gáire asta, acht
iad comh mánla le seanchat 'n-a shuidhe i bhfiadh-
naise an ghríosuigh.



"Ní féidir liom-sa réitioch eadraibh," ars an
t-athach, "bíodh an diabhal agaibh féin gus ag 'úr
n-athair." Agus d'iontuigh sé ar a chúlaibh agus
d'imthigh sé uatha. Chuaidh sé thar n-ais chun Áraoi-
steatoil agus d'innis sé a sgéal do.



"Míochothrom chugat," ar seision leis an
athach, "b'in iad iad; ca 'n-a thaobh nár bhainis
na cínn díobh, A! ba chaillthe an mhaise agat é."


L. 69


"Eist, eist, agus ná habhair sin go fóil," ars
an t-athach, agus le n-a línn sin do léim. "Níor
ith na cait an lá agam fós," ar seision arís, agus
seo chun siubhal leis le trí huaire an oiread
fuadair agus do bhí ar dtúis. D'airigh na
buachaillidhe chúca é, agus d'airigh seision iad
san. Chuadar i dtriúr isteach i sgioból mar a
raibh triúr súisteoiridh ag bualadh choirce.



"Bhuail greas," ar siad-san leis an dtriúr
do tháinig isteach; agus do rug an triúr do
tháinig isteach ar na súistidhibh uatha, agus seo ag
bualadh iad go mear lúthmhar léir, agus b'iad bu
bhreághtha chuige. Chaith an triúr eile iad féin ar
an tuighe bhí buailte. Ba ghairid dóibh go dtáinic
an t-athach isteach, agus gan fiu focal do labhairt
chun aonne, do sgaoil suas ar na créatúiribh do
bhí ag tógaint a suaimhnis dóibh féin, agus do
bhain na cínn díobh; do rug ar stutha orra, agus
thug a bhóthar air go saigiléartha, agus níor stad
do'n stair-sin go dtáinic chun Araoisteatoil. Do
chaith sé 'n-a fiadhnaise iad. "Seo iad anois,"
ar seision, "ní fuláir nú taoi sásta."



Rug Araoisteatoil orra, i ndiaidh éin chinn
d'infhiuch iad go géar agus adubhairt- "Ní hiad-
so iad; innis dom cá bhfuairis iad-so," ar
seision. Agus d'innis an t-athach do gach aonní
mar do bhí.


L. 70


"Míochothrom ort," ar seision, "agus ná raibh
sé ort de; sin iad do bhí ag bualadh an choirce
mic mo dhearbhráthair."



Do léim an t-athach agus do léim sé comh
hárd-san gur beag nár léim sé imach as a
chroiceann, agus seo ag glamhaisgín é.



"Beidh agam-sa," ar seision, "roimh oidhche."



"Léir ort, agus stad, a bhreallsúin!" arsa
Áraoisteatoil, "leig leó, ar eagla go ndéanfá
a thuille as an tslighe; agus ní beag a bhfuil
déanta cheana agat."



Ní raibh an t-athach suaimhniosach 'n-a aigne
nú nár sgaoileadh leis.



D'fhág triúr mac na Bárdsgolóige an
sgioból agus do chuadar go ruig tigh tabhairne,
do cheannuigheadar trí buidéil fuisgí, agus
dubhradar go raghadaois ag toighead feasa ar
Dall Bán an Churraigh, chun a fháil imach uaidh
cad do bhí gealltha dhóibh. "Agus", ar siad-san
le n-a chéile, "ní fhuil aon tslighe níos géar-
chúisighe chuige sin ná leogaint orainn bheith ar
meisge agus sinn féin do chur i n-aice an chosáin
mar is gnáth leis siubhal gac aon lá i n-éinfeacht
le giolla."



Chaith an té ba shine aca é fein i lár an chosáin.
"Tá fear marbh annso," ars an giolla leis an
nDall.


L. 71


"Leog mo lámh air go fóil," ars an Dall.



Rug an giolla ar láimh leis an nDall agus
do chuir sé í ar an bhfear do bhí treasgartha.



"Ní fhuil sé marbh i n-aonchor," ar seision;
'sé ná fuil mar sin; beidh sé sin i n-a chaptaen
loinge fós."



D'fhágadar annsan é. Ba gheárr go dtáng-
adar ar an tarna fear; bhí sé sínte i ndíg do
bhí i ngar do'n chosán.



"Tá fear ámh marbh annso," ars an giolla
leis na nDall.



"Leog mo lámh air," ar seision.



Rug sé ar láimh an Daill, agus do leog í ar
an bhfear bhí sínte siar san ndígh.



"Ní fhuil baoghal air," ar seision, "rithfidh
leis sin go maith fós, agus beidh sé 'n-a cheann
ar armáil san Domhan Toir lá d'á dtiocfaidh."



D'fhágadar é mar do bhí aige, agus do bhuail-
eadar orra go dtángadar chun srutha bhí toabh
leis an gcosán. Is amhlaidh bhí ná té b'óige
do mhacaibh na Bárdsgolóige sínte sa tsruith, a
cheann os cionn uisge i dteannta leis an mbanc,
agus an t-uisge 'n-a thulcaibh ag dul thar an
gcuid eile de, idir corp anam, agus buidéal
fuisgí faoi n-a chorc ag nochtadh a sgrugail aníos as
póca a chasóige.


L. 72


"Tá fear annso," ars an giolla, "agus mara
bhfuil sé marbh imuigh 's imach tá seamróg na
gceithre gcluas ar iomchar aige."



"Leog mo lámh air go fóil," ars an Dall.
Do leog.



"Saoghal duit," ar seision, "is fada uaidh é,
gheobhaidh sé sin an Chroch Gheal."



"Ní gan í thuilleamh é má's eadh," ars an
fear do bhí ar a tháranáirde sa tsruth, agus do
léim suas comh mear agus do bhí ann agus do
ghlan leis. Tháinic sé chun seanduine bhíodh
ag déanamh pigínidh, porrainséiridh agus a leithéidi
sin. Do chuaidh sé le céird chuige. I gcionn
tréimhse chuaidh an ráfal imach go raibh an banbh
ba bhreaghtha bhí ag aonneach riamh ag méire na
cathrach-so mar a raibh an bheirt chun comhnuidhthe,
agus gur mhór ab fhiu dul agus é fheicsint. Is
dócha go ndeaghaidh a lán ann, acht do chuaidh
príntíseach fear na pigínidh dhéanamh ann go
háirithe, pé duine eile chuaidh nú ná deaghaidh.
Nuair tháinig sé ibhaile ó bheith ag feuchaint air
mar cách, d'fhiarfuigh a mháighistir de cionnus do
thaithin an banbh leis. Dubhairt sé gur thaithin sé
go maith leis, acht go dtaithneochadh sé níos feárr
leis dá mbeadh smot de aige faoi n-a chuid
fiacal, "Acht mara bhfuil," ar seision, "is geárr


L. 73


le congnamh Dé go mbeidh."



"Cad é sin adeirí orú?" ars an maighistir leis.



"Deirim é siúd," ar seision, "ná cualaois
mé?"



"Chuala is dóigh," ar an seanduine, acht -"



"Acht!" ars an príntíseach, "cad é an eagla-
san ort a dhuine? ca 'n-a thaobh ná cuireann tú
ceann ar do sgéal, ná bheith mar sin ag smot-
aoil ar an nós-san?"



"Tá an ceart agat," ar seision, ag cur
smota gáire as.



"Cad é an chúis gáire sin ort anois?" ars an
buachaill, d'á infhiuchadh go geur.



"Ní fheadar," ar seision, "tá sé ag rith thríom
rádhmhuillidhibh, acht ní thugaim chun mo chuimhnte
anois é."



"Ní fheadaraois imás!" ars an buacaill, "acht
mara bhfeadaraois féin is cuma san de. Tá a
fhios agam-sa go maith cad air do bhís ag macht-
namh nuair chuiris an smota gáire úd asat."



"Sgaoil chughainn é," ars an seanduine.



"Tá," ars an buachaill, "gur tu bheadh
sásta dá mbeadh alp do'n bhanbh úd faoid'
chúlfhiaclaibh agat, agus is tu chogaineóchadh go
gramhasach é dá mhantaighe taoi.



Ní dubhairt an fear eile faic; do fhátgháirigh


L. 74


sé ámh. Acht chun sgéal geárr do dhéanamh de,
chuadar araon faoi dhéin na muice san oidhche,
agus bhailigheadar leó go baileach í. Mar as go
rabhadar sa bhaile níor fhágbhadar an fhuacht air.
Do chrochadar corcán uisge ar an dteinidh, agus
do marbhadh é láithreach, agus comh luath agus bhí
an t-uisge ar fiuchaidh, thógadar de'n teinidh é;
do nigheadar, do ghlanadar, agus do ghearradar
i miotaidhibh beaga an banbh bocht, agus chuireadar
é ar salann, agus rapadar síos san tobán é,
nach mór i n-a streille-bheathaidh. An lá ar n-a
bháireach fuarthas go raibh an banbh imthighthe gan
fios a thuairisg. Níor leog an méire pioc air,
acht do chuir lorg ar Dall Bán an Churragh.
D'innis sé do focal ar fhocal, agus d'iarr comh-
airle air. 'Sí an chomhairle fuair sé acht baraille
lán d'airgiod do chur san áit mar a mbíodh an
banbh aige d'á thaisbeáint, poll do chur least-
muigh de, agus pic leachta agus tarradh measgtha
ar fuaid a chéile 'dir an barraille agus an pháil
i slighe éigin ná tiubhradh an bitheamhnach fá
ndeara é, treó as go dtiocfadh arís agus go
mbéarfaoi air. Thug an méire toradh ar chaint
an Daill, agus doghein gach ní mar adubhradh leis.
Níor dhóbhair ná go ngeóbhadh an buachaill
an bóthar arís. Chuaidh sé ibhaile agus d'innis


L. 75


gach aonní mar bhí d'á mháighistir. B'fhuraiste
an droich-sheóladh chur air. Geallaim-se dhuit, dá
liathacht do bhí se, mar bíonn an dúil i ndiaidh na
tathuighthe d'imthigheadar araon arís, i lár na
hoidhce nuair thangadar go dtí an pháil,
adubhairt an buachaill go raghadh sé féin isteach,
mar bu luaithe agus bu léire, acht ní fuair an
seanduine aon bhlas air.



"Fan," ar seision, "agus raghad féin; tá an
radharc níos géire agat-sa ná tá agam-sa, agus
déanfair-se níos feárr chun faire."



Nó bhí an oidhche a dhuibheacht-san ná feicfeá an
té chuirfeadh méar id shúil.



"Sé is feárr ná a chéile," ars an buachaill.



"Lean do shrón;" agus do lean. "Is amhlaidh bhí
eagla ar an seanduine go gcuirfeadh an buach-
aill cuid de'n airgiod i bhfolach air féin dá
dtéigheadh sé isteach, agus annsan go mbeadh
breis aige air féin. Isteach lem' sheanduine mar
sin, agus nuair léim fá dhéin an bharraille cá
raghadh acht go cromán i nduibheaigeán an tar-
raidh agus na pice, agus nuair thug sé iarracht
faoi féin do tharrac as, is amhlaidh chuaidh sé níos
doimhne agus níos doimhne, ar shlighe gur geárr
ná raibh aníos de acht a rabh ó n-a smigín suas.



"Dia linn," ar seision, "atáim caillte!"


L. 76


Bhí an buachaill imuigh ag feitheamh ar airgead
do chlos d'á chárnáil imach chuige. Bu gheárr go
gcualaidh sé an seanduine ag rádh -



"Tuille do'n diabhal chugham, dá mb'áil liom
fanamhaint ar mo shuimhnios sa bhaile."



Do ghlaoidh ar an mbuachaill, acht ní raibh
seision an oiread d'amadán le n-a mháighistir,
ní nach locht air. Leog sé a uchd ar an bpáil
agus do chrom isteach. Bí an fear istigh ag
úrsnámh ag iarraidh an ruda bhí thiar air do
dhéanamh. Níor bh'fhada go ndeaghaidh an tarradh
agus an pic isteach i n-a bhéal agus siar síos
a sgórnach, agus do shgluig sé i gcionn tamaill
agus an buachaill ag feuchaint air agus ná
feudfadh cobhair choise ná láimhe thabhairt do.
Chualaidh an bhuachaill tuairt, agus shíl cóir-
máireach go rabhthars i n-a chomhair féin leis,
acht ní tháinig aonneach air ámh. Dubhairt sé
leis féin annsan go bhfuighthí imach ché bhí ann
nuair thiocfadh an mhaidion. "Acht tá a fhios
agam-sa cad do ghéanfad," ar seision, ag baint
an chínn d'á mhaighistir, agus do sgiob leis é, agus
níor leog d'aon fhéar fás fá n-a chosaibh go
dtáinig sé go dtí an gáirdín do bhí i n-aice an
tighe agus do chuir annsan é. Nuair chuaidh isteach
ibhaile d'fhiarfuigh an tseanbhean de cá raibh an


L. 77


seanduine. Níor labhair sé gíog acht do gháirigh.
Thosnuigh sise ag gol 's ag gollán. "Cá bhfuil
sé?" ar sise, "innis dam amháin cá bhfuil sé?"



"Cá cuma duit sa diabhal cá bhfuil sé?" ar
seision, "mara bhfeicfir choidhche é. Ná fuilim
féin i n-a mhalairt níos feárr agat!" Agus
imbasa do stad sí annsan d'á dusaracht, agus
is í bhí go sásta i gcionn tréimhse.



An lá ar n-a bháireach fuarthas an fear fuar
marbh, acht ní fheadair aonneach cia ro díobh nó
cad as é, nú ná raibh fios, fagháil, ná feic-
sint ar a cheann, agus bhí gach aonneach ag
déanamh iongnaidh do'n mbitheamhnach ná tug a
cheann leis ag déanamh na gaduidheachta. Chua-
thars ag triall ar Dall Bán an Churraigh. 'Sí
an chómhairle thug sé uaidh acht an cholann do
cheangal idir caplaibh agus í tharrac ar fuaid
na cathrach i lár an lae, go dtiocfaidhe ar an
táirsigh maras do bheithí ag gabháil thar an
ndorus aca, agus go ndéanfadh an té ar leis é
olagon, agus d'fheudfaidhe méar do chur ar a mhuintir
láithreach bonn. Dogheineadh mar dubh-
arthas. Nuair bhíothars ag gabháil thar an mboth-
áinín 'nar mhair sé, tháinig a bhean imach agus
do chas sí olagón go fada fíoch, agus annsan
chuaidh isteach chun an príntíseach do bhí istigh ag
déanamh pigínidh dho féin. Do lean an gárda


L. 78


isteach í. Nuair fuair seision ag teacht iad, do
leog sé lúidín a láimhe chlé ar an gceap-sníomh-
gair agus do gheárr de í leis an dtuaigh; ann-
san do léim sé 'n-a fhear buile ar fuaid an
tighe. Dhírigh sé faoi an ngárda, agus d'fhiarfuigh
díobh cad do bhí d'á dtabhairt isteach, agus cad é
an iongna bhí orra i dtaoibh an bhean do bheith ag
gol nuair bhí dé féin geárrtha cómh dona sin, agus
gan aice do'n tsaoghal acht é. Agus thugadar an
dorus imach orra ag gabháil párdúin aige. Bhíodar
ag imtheacht ó cheann ceann na sráide go dtí
dar ndóigh, fá dheiriodh ná raíbh na cnámha féin
fágtha ann de. D'innseadh do'n méire ná fuar-
thas aonneach do'n chorpán. Chuir sé iarraidh
ar an nDall, arís, agus d'innis do ná raibh
aon mhaitheas 'n-a chomhairle.



"Má's eadh," ars an Dall, "ní fada bheidh san
le rádh agat, acht déin rud orm. Cuir gairm
scoile imach agus tabhair cuireach dh'á bhfuil d'óg
agus d'aosda muardtíompall ort; annsan cuir
t'inghíon i rúm fé ghlas, tabhair buidéilín di,
agus má théigheann aonneach ag triall airri - ní
raghaidh aonneach acht 'mháin an té ghoid do
bhanbh - cuireadh sí cuid dh'á mbeidh ann i gclár
a eudain mar chómhartha."



"An ag magadh fúm taoi?" ars an méire.


L. 79


"Seadh ag magadh!" ars an Dall, "b'shaith liom
san!"



"Dá mbu dhóigh liom gur b'eadh," ars an méire,
"do phiocfainn na súile imach asat; ní bheadh
sé níos lugha agat."



Seadh, cuireadh an gairm scoile imach, tháinig
gach n-aon; nó ní raibh uatha acht an focal. Fuair
cuid d'á dtáinig fios go rabh inghíon an mhéire
fé ghlas, acht má fuair féin ní raibh an spaing
ionta tabhairt fúithe. Bhí ite agus ól go leór
aca, rinceadh agus abhráin, agus gan aimhrios
beagán bruighne comh maith céadna. Sula raibh
leath na hoidhche caithte, bhí gach neach ar dearg-
mheisge, gan aithne a mbeart aca, acht 'mháin prín-
tíseach fear na bpigínidh dhéanamh. Do chuaidh sé
anáirde agus ar chuma éigin chúinseamhail fuair
sé an glas do bhaint anuas do dhorus an rúim
mar a raibh aon-inghíon an mhéire, agus seo isteach
leis go hughdarthásach. Chuir sí cuid do'n stuif
do bhí san mbuidéilín ar chlár a eudain, acht do
ghoid seision an buidéilín uaithi, agus do chuaidh
síos agus do chomharthuigh gach aon domhan duine
d'á raibh fé iadha 'n tighe an oidhche sin, agus ann-
san do luigh síos agus doghein fear meisgidh 'n-a
measg. Tháinic an méire go mocheoirighe ar
maidin agus d'osgail an dorus do bhí dúnta
go daingion ó'n dtaoibh-imuigh. Seo imach le fear.


L. 80


Lámhuigheadh é go mear.



"Tá beortha ort, mo bhuachaill maith," ars an
méire.



"Cad í an choir seo déanta agam?" ar seision.



"Coir do chrochta! ars an méire.



Le n-a linn sin tagann fear eile imach. Chon-
naic an méire a chomhartha air go deas. Rugadh
air go tapaidh.



"Tá beirt bitheamhnach agaibh ann," ars an
méire.



Imach le beirt eile agus a gcroisín dubh ar
chlár a n-eudain aca, agus beirt eile 'n-a ndiaidh
sin; agus bu dhian-ghairid go raibh an dorus pul-
caighthe le daoinibh ag teacht imach, agus gan an
oiread agus geil gan a chómhartha ar a n-eudan.
Do leaith a shúile ar mo méire agus tháinig
uathbhás air.



"Mo inghíon, ó mh'inghíon, mo inghíon," ar seision,
"nú cá bhfuil Dall Bán an Churraigh? Cuiridh
lorg air go mear go mbainfead na súile as an
dallacán diabhail. Is lag an t-áthas dom bheith
mar seo aige!" ar seision arís.



Cuireadh. D'órduigh an méire, lá áirithe, béil-
thigheach do dhéanamh, agus na cosa agus na lámha
cheangal ag an nDall, agus é chaitheamh idir
corp anam isteach innti. Tháinig an lá.
Bhailigh muintear na cathrach ar fad - an méid ná


L. 81


raibh puínn eile le déanamh aca. Nuair cean-
gladh an Dall bocht agus bhíothars ar bhruach é
chaitheamh i gcoimhleathan na teineadh deirge, cé
léimfeadh imach acht mac na Bárdsgolóige, agus
adubhairt ná raibh san ceart -



"Is mise ghoid an banbh," ar seision; "is me
bhain a cheann do'n mbitheamhnach; is me chuaidh ag
triall ar inghín an mhéire nuair bhí sé fé ghlas
i n-a rúm féin; is mé ghein ceud rud nach iad,"
ar seision, "agus má tá an teine-seo tuillte
ag aonneach is liom-sa tá."



"Tr'um do lámh," ars an méire; thug. "Tuil-
leann tú m'inghíon-sa," ar seision, "agus bíodh
sí agat!"



'Sé an t-ainm bhí airri acht An Chroch Gheal, ar
shlighe gur bh'fhíor do'n Dall go ngeobhadh sé í.
Pósadh iad araon annsan, agus bhí saoghal breágh
aca i gcaitheamh na coda eile d'á n-aimsir, agus
ba dhóibh nár mhisde.
Sin é mo sgéal-sa, agus má's bréag é ní fhuil
leighios agamsa anois air!


L. 82


AN FIOLAR FEALLTACH.



Bhí rí ar Éirinn agus bhí aon mhac amháin aige.
Maidin tar éis eirighthe do na buachaillibh aim-
sire fuaradar an t-iothla lán d'éanlaithibh éag-
samhla, agus thugadar sgéal do'n righ go
rabhadar ann. Dubhairt an rí gan bac leo go
n-eireóchadh féin, agus níor bhacadar.



Bhí an mac i n-a chodladh aileis, acht má bhí do
dhúisigh an chaint é, agus do chualadh an cómhradh
do bhí aca. D'eirigh sé níos luaithe ná a athair;
chuir a chuid éadaigh uime, d'fheuch amach thríd an
bhfuineoig agus do chonnaic na héanlaithe go
léir; do rith chun a ghuna; do chaith urchar agus
do leónuigh fiolar san chois.



Ar n-eirighe do'n athair chonnaic an fiolar bacach
agus d'fhiarfuigh de cad d'imthigh air, agus ar
bhféidir a leigheas?



"Do mhac-sa do león me," ar sé, "agus ní
leigheasfaidh aonní me acht seacht mart na seacht
mbliadhan."



"Ní puínm san," ars an rí, "agus do gheóbhair
iad pé tráth is mian leat."



Annsan dubhairt an fiolar le gach a raibh sa'
chúirt dul imach go fóil acht mac an rígh amháin.


L. 83


Do chuadar, agus nuair bhíodar go léir amuigh
dubhairt an fiolar le mac an righ dul ar a
dhruim. Do chuaidh acht má chuaidh níor bhféidir leis
teacht anuas arís go dtug an fiolar chun an
Domhan Toir é do'n scríb-sin. Mac sean-
chaillighe b'eadh an fiolar so.



Nuair shroich sé ceann a riain d'innis d'á
mháthair go raibh a chos leointe acht go raibh an
bitheamhnach do leoin í aige.



Bhí an rí agus lucht a chúirte ar an bhfeadh-so
ag feitheamh le h-iad do ghlaodhach isteach. Nuair
b'fhada leo bhíodar ag siocadúireacht chuadar
isteach, acht mioth ná maith fiolair agus mac an
righ ní raibh le fagháil.



Thug an sean-chailleach órdughadh do'n chailín
aimsire mac righ Éireann do chur i chodladh,
agus deoch caol-leanna thabhairt do. Do chuir
an cailín i chodladh é, acht ní ar an leabaidh
d'órduigh an sean-cailleach di. Do chóirigh sí a
leabaidh féin do, agus annsan d'innis do go raibh
trí cruaidh-ghníomhartha ag an gcailligh le cur
roimhe, nár bhféidir le neart duine a ndéanamh,
acht go dtiubhradh sí féin cobhair agus congnamh
do, agus gan ceann-faoi ná mitheachas bheith air.



Air maidin imbáireach th'réis eirighthe do,
dubhairt an tsean-chailleach leis, an loch do bhí
faoi bhun na cúirte do thaosgadh, agus fáinne óir


L. 84


do chaill a sion seanmháthair ann seacht gceud
bliadhain roimhe sin do bheith aige sula raghadh an
ghrian i bhfairrge um thráthnóna. Thug cupán chun
taosgtha do annsan.



D'imthigh agus do chuaidh chun oibre ag taosgadh,
acht b'fhánach do a ghnó i n-aghaidh an aon chupáin
do thaosgach imach thagadh seacht gcupáin isteach.
Shuidh sé síos i gcionn tamaill mar bhí sé comh
maith aige, agus d'fhan mar sin go dtáinic an
cailín chuige le rud le n-ithe. Sul ar shroich leis-
sion bheith ithte aige bhí an loch taosgtha aici agus
an fáinne ar fagháil.



"Seo," ar sise, "an fáinne agus coiméad é;
b'fhéid go dteastóchadh sé bhuait ar ball."



D'imthigh an cailín airri annsan, agus d'fhan
seision mar bhí aige go tráthnóna déidhionach;
nuair do chuaidh abhaile agus d'innis do'n chailligh
go bhfuair an fáinne. Níor iarr an chailleach an
fáinne air ámh, agus do mhéaduigh san go han-
mhór a chuid áthais.



Le linn dul i chodlach do, dubhairt an tsean-
chailleach leis an gcailín an caol-leann do
tabhairt mar doghein an oidhche roimhe sin, acht
b'fhada-san ó n-a cuimhne. Do ollmhuigh suipéar
de shóghnidhibh do, agus d'éis a chaithte thug a
leabaidh féin do.



I mbáireach thug an chailleach píce tri-ladhrach


L. 85


do agus dubhairt leis aoileach do ghlanadh as
eachlann i raibh seacht gcéad capall do rith
seacht gceud bliadhan, agus snáthad do chaill a
sion sean-mháthair ann do bheith ar fagháil di.



Thug a bhóthar air agus thosnuigh ag caitheamh an
aoiligh imach go luath léir, acht b'fhánach do a ghnó
nú go dtáinic an cailín chuige, thug rud le n-ithe
dho agus fad a bhí dhá chaitheamh do ghlan sí féin
an t-eachlann, agus do fuair an tsnáthad bhí
ar seochad rith seacht gcéad bliadhan. Dubhairt
sí leis an tsnáthad-san do chongbháil, agus gan
í thabhairt do'n sean-chailligh.



D'imthigh an cailín abhaile annsan agus níor
leig aonní airri. Um thráthnóna deirionnach
tháinic Mac Righ Éireann isteach, agus dubhairt
go raibh an tsnáthad aige. Bhí an tsean-chailleach
i n-a suidhe ar a coragiob le h-ais na teineadh,
agus ní dubhairt huf ná haf, agus nó níor
bhfeárr le Mac Righ Éireann mar bhí aci.



Nuair bhí sé am codalta aca, do ghlaoidh ar
an gcailín, agus d'órduigh di go hairthinneach an
caol-liúnn do thabhairt do Mhac Righ Eireann, agus
dul i chodladh go mear. Bhí suipéar breágh ollamh
aici i n-a chomhair, acht dalla ná diuir do'n caol-
liúnn ní dheachaidh i n-a bheul, agus ní thug sise
do aileis acht comh beag. Do chuir i n-a leabaidh


L. 86


féin é d'éise sin, agus do chodail sí féin i réidh-
leabaidh.



Maidin an tríomhadh lae thug an tsean-chail-
leach tuagh do Mhac Rígh Éireann, thug go dtí an
dorus é, do thaisbeáin crann mór árd téagartha
do. Dubhairt leis an crann-san do ghearradh,
go raibh bocsa i n-a bhárr agus lacha ann ar
gor ar aon ubh amháin, agus an t-ubh-san do bheith
aige di faoi an tráthnóna.



Do ghread air go dtáinic go ruig an crann,
d'infhiuch é ó mhullach talamh, do thóg a thuagh go
neartmhar neamhchlé go hárd san aer, agus do
chuir í go cúl i mbun an chrann. Ar dtarrac na
tuaighe do, do sgéith sgaoin fola imach as i
slighe gur gheárr go raibh loch fola timcheall buin
an chrainn, agus do chaith mac Righ Éireann
teichiodh, agus do bhí an loch ag dul i leithe agus
i leathad go dtáinic an cailín, thug rud le n-ithe
dho, agus do gheárr an crann í féin fad do bhí
sé ag caitheamh a chod' bidh. As go brách leis an
lacha, thuit an t-ubh sa' loch fola, agus thuit
croidhe Mhic Righ Éireann comh maith leis, mar
shíl go raibh a ghnó déanta, acht ní raibh; doghein
an cailín madruisge di féin, agus ar iontáil
na boise do bhí an t-ubh aici ó íochtar an locha,
agus dubhairt leissean a chur chuige agus do
choimeád i bhfochair an fháinne agus na snáthaide,


L. 87


agus ar a bhás nú ar a bheatha gan iad do thabhairt
do'n chailligh go n-iarrfadh iad.



D'imthigh an cailín annsan agus d'fhág seision
mar a bhí aige. Um tráthnóna tháinic Mac Righ
Éireann agus dubhairt leis an gcailligh go raibh
an t-ubh aige, acht níor leig sise airri go
gcualaidh é, aghus ní dubhairt seision gog ná
gíog eile, acht d'fhág í ag smaoineadh agus ag
smúráil gan bac gan buaint léi go dtí faoi
dheiriodh gur thuit sí i n-aon chúil-chnámh isteach sa'
teinidh, agus dóbhair go ndéantaoi gréisg agus
gríosach di féin agus d'á smuaintibh - pé saghas
smaointe b'eadh iad, agus is baoghal ná rabhadar
blasta.



Nuair bhí sé am suain dubhradh leis an gcailín
an caol liúnn do thabhairt do Mhac Rígh Éireann
agus dul i chodladh láithreach, acht ní dheachaidh aon-
neach aca i chodladh agus d'fhan ag áirneán, ag
beirbhiughadh agus ag bácáil lóin dóibh féin i
gcomhair an bhóthair bhí rómpa mar bhíodar chun
teichiodh an oidhche sin. Trí huaire an oidhche sin
d'fhiarfuigh an chailleach díobh a ndeachadar i
chodladh fós. Dubhradh do'n chéad fhreagara ná
deaghadar; do'n dara freagra go rabhadar
ollamh; agus an tríomhadh freagra ní fuaradh
fós mar bhí an cailín agus Mac Righ Éireann ag
teichiodh rómpa i n-a dha sheabhac.


L. 88


Bhíodar ag imtheacht agus ag síor-imtheacht
go ndubhairt an cailín le Mac Righ Éireann feuch-
aint ar a chúlaibh sul a mbeadh aonneach ar a
dtóir. D'fheuch sé agus ní fheacaidh dubhaidh ná
dadaidh. "Feuch arís," ar sise i gcionn tamaill
mhaith eile; d'fheuch, agus dubhairt léi gur léir do
dhá dhúradán acht go rabhadar i bhfad uatha fós.



"Sin iad an chailleach agus a mac," ar sise,
"agus tráth bheid ag teacht i ngar dúinn caith an
fáinne chúca; faid bheid ag cuardach de beam-
ne i bhfad chun tosaigh orra. Doghein seision mar
d'órduigheadh do.
I gcionn an-thamaill eile dubhairt an cailín
le Mac Righ Éireann feuchaint ar a chúlaibh;
d'fheuch agus ní fheacaidh aonní. "Feuch arís," ar
sise. D'fheuch. "Chím dhá dhúradán ag teacht
suas linn go tréan tapaidh."



"Sin iad an chailleach agus a mac," ar sise,
"caith an tsnáthad chúca anois."



Do chaith, agus faid do bhíodar ag cromadh agus
ag cuardach di bhí an bheirt eile i bhfad 's i
bhfad chun tosaigh orra.



"Feuch arís eile," ar an cailín le Mac Righ
Éireann. D'fheuch agus ní fheacaidh sé aonni.
"Feuch anois arís," ar sise i gcionn tamaillín
eile, agus d'fheuch. "Ní fheicim," ar sé, "acht
aon dúradán amháin an uair seo."


L. 89


"Sin í an chailleach féin," ars an cailín," "tá
a mac cortha. Tóg amach an t-ubh go mear agus
má bhís deagh-uruchair riamh anois an t-am, agus
má's féidir leat aimsigh í san adhbhar atá i n-a
hucht; mara n-aimseochair támaoid araon i
gcosaibh cró."



Nuair bhí sí ag teacht i n-a ngar chaith sé an
t-ubh i n-a coinnibh, d'aimsigh í san ucht, do chuaidh
an ceann caol de'n ubh ar bhior a chínn i bhfolach
san adhbhar, agus an ceann seamhar go lán-
tapaidh i n-a dhiaidh. Do sgread agus do sgréach
an chailleach le pian agus peannaid. Do sgéith
an t-anagarr as an adhbhar agus thuit i n-a
thulcadh go dtí an talamh; thuit sise i n-a dhiaidh,
agus thuit an t-anam aiste.



Chuaidh an cailín agus Mac Righ Éireann go
dtí an Domhan Tiar d'éise-seo. Thángadar go
ruig cúirt Righ Éireann, dubhairt an cailín le
Mac Righ Éireann dul isteach.



"Raghad," ar seision "Má raghair-se lem'
chois."



"Ní raghad anois," as sise, "acht geall dom
ná leigfir do'n choin chiair atá ag t'athair tu
shlíobadh."



Chuaidh sé isteach annsan go h-aimhleisgeamhuil
mar shíl sé go bhfanfadh sí i n-a fhochair, agus go
mbeadh mar mhnaoi aige. Bhí fáilte agus fiche


L. 90


gan aimhrios aca go léir roimhe. Tamall thar éis
dul isteach do, do léim an cú ciar suas air agus
é i n-a shuidhe le hais na teineadh, agus do shlíob
a aghaidh. Ó san suas ní raibh cuimhne aige ar
an gcailín.



Thug an cailín a bóthar airri, agus bhí ag
siúbhal agus ag síor-siubhal go raibh drúcht agus
deirionnaighe ann. Do chuaidh suas ar chrann,
agus do bhí d'fhonn airri fanamhain ann rith na
hoidhche. Do bhí abha le hais an chrainn agus
ceárdcha seal uaidh. Do bhí tart ar an ngabhain.
Dubhairt le hinghin leis dul agus braon uisge
thabhairt chuige. Fuair sí an crúsca, agus do
chuaidh go bruach na habhan, agus do chonnaic an
scáil bhreágh thar bárr; shíl sí nó gurab í a
scáil féin í. Do chaith an crúsca uaithe, ag rádh
ná beadh bean comh breágh léi féin ag tarrac
uisge do ghabha grána. Cuir sé inghíon eile amach
acht b'é an sgéal céadna é. An triomhadh uair
chuir sé a bhean amach, acht bhí sí sin seacht n-uair
níos measa ná an d'á hinghíonaibh.



Bhí tart maith ar an ngabhain faoi dheireadh.
Chaith sé féin an bóthar do bhogadh annsan. Nuair
tháinic go bruach na habhan do chonnaic scáil na
mná, do fheuch suas ar an gcrann; do chuir an
bhean do bhí thuas sa' chrann smota gáire aiste.


L. 91


"Bhí beagán magaidh agat fuinn go léir," ars
an gobha.



"Bhí aileis," ar sise.



Tháinig sí anuas agus do chuaidh i bhfochair an
ghabhain, agus d'fhan aca go ceann an-thamaill
an-fhada, agus is airri ba mhaith an díol mar is i
ba thogha agus rogha na mban chun gach aon
tsaghas gnótha, mín agus garbh.



Aon oidhche amháin chuaidh sí go cúirt an righ;
níor aithin aonneach í. Do leig coilleach óir
agus cearc airgid ar bhórd an righ. Do chaith sí
gráine coirce chúca; rug an coilleach air, agus
do shluig de thapagoin é.

"Is olc an ceart san duit," ars an cailín,
"an cuimhin leat an t-am do shaor sí t'anam
duit?"



Bhí Mac Righ Éireann láithaireach, agus ag
éisteacht. Thug sé chun cuimhnte a imtheacht san
Domhan Toir. Do dhruid sé taobh léi agus
d'infhiuch í go maith, rug barróg airri, agus do
theann le n-a ucht í. Pósadh iad araon. Ní
fheadar-sa cionnus mar atáthar aca anois agus
is ró-chuma liom.


L. 92


MÁIRE NÍ RÓGÁIN.



Do bhí bean i gCiarruidhe dar bh'ainm Máire
Ní Rógáin. Bean bhreágh thar bárr b'eadh í, acht
mar mhórán d'á saghas bhí a lochta féin airri. Le
feabhus a breághacht shíl gach rí agus rudaire gur
aige féin bheadh sí; ní beag de sheó ar chail-
leadar d'ór agus d'áirgead faghaint a bhfeud-
faidís teacht i n-a treo ar aon chuma. Nó ní
nár bh'iongnadh rith sé leo go bhfeudfadh saidh-
bhreas an tsaoghlacht do mhealladh. Ba gheárr
ámh go bhfuaradar imach go rabhadar féin
meallta; níor fheudadar aon bhogadh bhaint aisti.
Go deimhin féin ní fheadar an amhlaidh bhí sí air-
giodamhuil a dóthain nú cad é bhí ag eirighe di,
acht go háirithe ní raibh aon chaitheamh mór aice i
ndiaidh aonneach díobh-seo do bhí go mór ar a
tuairisc. B'fhéidir nár bheag léi a luatha do
phósfadh; cé gur dóigh liom gur b'in galar ná
fuil gnáthach i measg ban. Pé fáth ba bhun do,
dubhairt sí ná pósfadh sí aon duine choidhche acht
an té do raghadh d'aistear aonlae ó Chiarruidhe go
Baile-atha-Cliath agus do thiocfadh thar n-ais
ag iarraidh fáinne an phósta. Do bhí a fhios ag
gach aonduine ná raibh aon dul air sin, agus


L. 93


d'fhágadh mo Mháire Ní Rógáin ar a máithreachaibh
fada go leor i ndeiriodh na dála.



Do rith an sgéal agus do leath sé mar is béas
ó bheul go beul agus ó dhuine go duine go raibh
sé i ngach aonbhall fae cheann tamaill. Do
chuala Donnchadh Daoi é. Do léim sé agus do
phreab agus do gheit a chroidhe le háthas. "Ca
fios," ar seision, "nach domh-sa táthas d'á
fágaint!" An riabhach de nár bheirbh lón agus
nár ghleus é féin is na balcaisidhibh ab fheárr do
bhí aige, agus do ghluais air go sásta róghach ar
a phógrás. Níor bh'fada do sa tsiubhal gur
casadh é ar fear fada lúthmhar. Do bhí sgeoin i
n-a shúilibh más eadh, agus cos leis fae n-a chrios.
Nuair chonnaic mo Dhonnchadh é, tháinic fonn gáiridh
air, acht nuair chuimhnigh sé air féin i gceart
dubhairt sé leis féin nár bh'aon chúis gháiridh a
lethéid. Ní abraim ná go raibh leath eagla air
leis, acht bhí sé comh cráisteamhail sin ná raibh aon
neart ag aon tsaghas eagla fanamhaint i n-a
chuibhrionn i bhfad, agus imbasa cad deiri leis,
acht go ndeaghaidh sé chuige agus do chuir caint
air, agus dubhairt -



"An misde dam labhairt leat?"



"Ní misde," ars an fear eile, "muran misde
leat féin."



"Ní fhuil uaim acht caint," arsa Donnchadh.


L. 94


"Seadh máseadh," ars an fear eile, "ná bíodh
eagla ort go mbeidh aon easbaidh cainte ort fad
do bheir i n-éinfheacht liom-sa maran tu féin is
ciontach leis."



"Is furaiste réitioch liom-sa," arsa Donn-
chadh, "acht cogar, caidé t'ainm?"



"Cos-fae-Chrios," ar seision."



Chuala teacht tharat go minic," arsa Donnchadh;
dian gur tu bhí uaim díreach, ámh shíleas go rabhais
marbh, agus go raibh deiriodh do mhaithis fagháltha
fad ó."



"Atá breith agam ar an mbás," arsa an fear
eile," is feárr lá as an uaigh ná lá inte."



"A, abair é," ars Donnchadh, "agus rud eile,
má tá aonní foghanta le fagháil thall tá an
tSíorruidheacht fada ár ndóthain chuige."



"Díreach," ars an fear eile, "bhainis as mo
bheul é; acht caide seo is ainm duit?"



"Donnchadh Daoi," ar seision.



Is beag nár phléasg gáiridh an Chos-fae-Chrios
nuair chualaidh sé cia bhí aige, mar san am-san
ní raibh fiú brónc ná raibh a fhios aige go dian-
mhaith gur bhé mo Dhonnchadh Daoi an leath-amadán
ba mhó bhí i nÉirinn. Do chisigh sé air féin máseadh
agus do bhrúigh chuige comh maith agus d'fheud, acht
do bhreathnuigh agus d'infhiuch sé é go géar. Nó
do shíl an fear eile gur breágh an rud an fheuch-
<L95>
aint-seo, agus do labhair sé arís agus d'fhiarfuigh
sé de cad aige cos leis bheith faoi n-a chrios, nú
cad do bhí ar siubhal aige 'n aonchor?"



"Gnó ait atá ar láimh agam-sa," arsa Cos-fae-
Chrios; "Tá feirm annso i n-a bhfuil seacht gceud
páirc; i ngach páirc aca-san atá seacht gceud
n-acra, seacht gceud beárna in gach páirc, agus
seacht gceud gearrfhiadh i n-aghaidh gach beárnan.
Caithfead-sa gach aon cheann riamh díobh do
choimeád isteach."



"Caithfir?" arsa Donnchadh.



"Caithfead go deimhin," arsa an fear eile.



"Diabhal go bhfuil feidhm ort," arsa Donnchadh,
"níor mhaith liom bheith id bhrógaibh, acht caidé an
fáth go bhfuil cos leat feistighthe suas fádh chrios
agat?"



"A dhuine," arsa mo Bhos-fae-Chrios, "rithim-se
comh mear-san nach gábhadh dhom acht cos, dá
mbeadh siad araon fúm mar tá fút-sa is dócha
ná feudfainn stad nuair ba mhaith liom."

"Ní fuláir nú go mbionn pádh an-árd duit as-
san?" arsa mo Dhonnchadh.



"Riabhach ruainne mhaise acht aon chúig phúintín
amháin gortaidh.



"Tut, tut, agus ná bí ag magadh fúm," arsa
Donnchadh.



"An ann measann tú go mbeinn ag streal-


L. 96


ladh éithigh?" arsa Cos-fae-Chrios.



"Ní headh, faire, ní headh, acht gur lag an
díol ar chleasaidhe fir mart-sa chúig phúint sa
mbliadhain," arsa Donnchadh," acht cogar aleith
go fóil. Tiubhrad-sa deich bpúint agus culaith
éadaigh duit acht teacht liom chois."



"Ca bhfuil an t-airgead, stóigh, ar dtúis?"
arsa Cos-fae-Chrios, mar tháinig iongnadh air an
oiread-san airgid do bheith ag leadhbán mar é;
nó shíl sé, ní nár locht air, gur ag líminiughadh
bhréagh do bhí sé, agus ná raibh fiú cianóige aige.
Imbasa do chuir mo Dhonnchadh a lámh i n-a phóca,
agus thug an t-airgead do ar an láthair sin. Do
bhí Cos-fae-Chrios comh sásta-san gur beag nár
leag an tarna chos faoi. Níor bhac sé leis an
eudach, acht d'imthigheadar araon leo go mear.
Mar le Donnchadh bocht, do thaosgfá allus de,
acht Cos-fae-Chrios comh tirm le spríos gan tais-
riughadh air.



I gcionn lae nó mar sin, thángadar ar fear
i n-a sheasainh i bpáirc an-mhór. Bhí bas leis ar
a leath-chluais aige. Do chuadar faoi n-a dhéin,
agus do labhradar chuige. D'fhiarfuigheadar de
caidé an t-ainm do bhí air, agus cad aige do bheith
ar an nós-san. Dubhairt seision leo gur b'é
féin Cluas-le-hEisteacht, ná raibh aon adhal-
laoire air, go gcloiseadh an féar ag fás san


L. 97


Domhan Toir, agus gur leor do aon chluais
amháin chuige-sin.



"Cloisim," ar seision," gach aonní; "agus nach
bocht an díol dam chúig púintín san mbliadhain?"

"Bocht, an eadh?" arsa Donnchadh, "ní headh
mhaise acht spriúnlaithe; cad adéarfá dá bhfuigh-
theá deich púint uaim-se anois?



"Déarfainn ná heiteochainn," arsa Cluais-le-
hEisteacht.



Do chuir sé lámh i n-a phóca agus do thairg na
deich púint do. Do ghlac sé iad go ceanamhail,
agus do ghluaisiodar a dtriúr orra annsan go
tiugh teasaid. Faoi cheann lae nú mar sin do
casadhi adan ar fear eile, ait go leor, dála
beirte eile. Bhí a lámh chlé ar súil leis, agus
guna i n-a láimh eile, agus é mar bheadh sé ag
tabhairt faoi éun nó ainmhidhe éigin mar sin. Do
chuadar chuige agus d'fhiarfuigheadar an as a
mheamhair do nó ag magadh fútha féin do bhí sé.
Nó ba mhór an iongna nár mhairbh sé iad, bu
dhiabhail an chráiste bhí ag piaca aca do labhair
leis, agus an guna ar léigh aige-sean, agus dá
rithfeadh leis go bhfeudfadh iad d'fhágaint tréith.



"Ní fuilim as mo mheamhair," ar seision, "agus
ní oraibh-se a bhuidheachas. Tá gnó mór ar láimh
agam - páirc chruithneachhta atá annso le béal
bainte. Tá seacht n-éin san spéir anáirde i


L. 98


n-aghaidh gach léis dá bhfuil ann, agus dá bhfeud-
faidís teacht anuas ní fhágfaidís roiléith de le
chéile."



"Agus cad tá dhuit as?" arsa mo Dhonnchadh
breágh.



"Cúig phúint," ar seision.



"Lag go leor agus ró-lag," arsa Donnchadh, ag
crothadh a chínn le truagh dho, mairge."



"Ní fhuil leighios air," ars an fear eile, "toisg
gan aon phreis bheith ar shócainidh, tá airgiod
tearc."



"Tearc nú reiseamhuil," arsa Donnchadh," seo
deich púint agus tar liom-sa; má bhíonn tú id
bhuachaill mhaith gheóbhair ball éadaigh nú b'fhéidir
culaith ó mhullach talamh i gciunn do bhliadhna
dhuit."



"Biodh i n-a mhargadh," arsa Súil-le-Feuchaint
- b'in é a ainm.



Do ghluais an triúr i n-éinfheacht le mo Dhonn-
chadh annsan, agus níor staonadar do'n stáir-
sin gur shroicheadar cúirt Mháire Ní Rógáin. Do
bhuail mo leath-amhadán go húghdarthásach ag an
ngeata; leis an bplab thug se shíltheas gur
tighearna éigin anmhór do bhí imuigh. D'osgladh do
go mear, agus d'fhiarfuigheadh cad do thug é.
D'innis sé do'n gheatóir gur b'í an chailín óg do
bhí uaidh.




L. 99


"Agat féin atá a fagháil nó a cailleamh-
aint," ars an fear eile.



Tugadh Donnchadh i láthair na mná óige. Dubh-
radh leis bheith ollamh go moch air maidin. Fuair
sé féin agus a chuid fear rud le n-ithe agus le
n-ól, an méid ba mheon leó agus leapachas. Le
deargadh an dá neull bhí Donnchadh i n-a shuidhe,
agus ithte agus ólta aige féin agus ag á chuid
fear. Do chuadar imach ar an macha; bhí mo
Mháire imuich rómpa, réidh rianta chun aisdir.



"Bhfuil tu ollamh?" ar sise le Donnchadh.



"Duin-uasal seadh mise," ar seision léi,
"agus fad atá buachaill agam ní fhuil sé ceart
agam dul leat; raghaidh sé seo leat," ar seision,
ag póinteáil ar Chos-fae-Chrios. Bhí sí sásta.
Ar léi féin agus Cos-fae-Chrios annsan. D'imthigh-
eadar agus d'imthigheadar gur cailleadh radharc
orra. Máseadh sé Cos-fae-Chrios bhí ar tosach.
Ní fheudfadh an ghaoth congbháil suas leó, comh
géar-san a ngreadadh agus a ngluaiseacht. Ba
gheárr gur séirseáladh Máire Ní Rógáin. Do
bhí Cos-fae-Chrios i nglínntibh chun cínn airri.
D'fhan sé léi ar mhullach cnuic.



"Táim traochta," ar sise, "leig do cheann im
ucht go fóilín."



Do leig. I nóimitín do chuir sí an biorán
suain i n-a chúl, agus do thuit sé i n-a chodladh go


L. 100


sámh. D'éirigh sise, agus do ghread sí léithi agus
d'fhág seision annsan. Do bhí an triúr eile ag
tigh Mháire Ní Rógáin, agus saoghal breágh
aca mar ná raibh riamh roimhe-sin. I lár an tsuilt
agus an spóirt do léim Cluas-le-hÉisteacht
suas. "Go réidh go fóil," ar seision, "cloisim
mar bheadh srann." Do chiuinigh an chuid eile,
agus creidim gur dheacair leo é. Do chuir cluas
ar féin arís. Is ann bhí ná Cos-fae-Chrios ag
sranntarnaigh ar lán a dhíchill.



"Bí imuigh, bí imuigh," arsa Donnchadh Daoi,
"agus feuch."



D'éirigh Súl-le-Feuchaint agus do rith imach an
dorus; is beag nár bhris sé ceann d'á chosaibh
leis an bhfuadar do bhí faoi. Do rith sé isteach
tar éis feuchaint go maith géar do le n-a leath-
shúil. "Tá Cos-fae-Chrios i n-a dhubhchodladh, agus
sean-chloigeann sean-chapaill fá n-a cheann
aige."



"Tá an eadh?" arsa Donnchadh, agus do thuit a
chroidhe ar an leadhb bocht, agus d'athrugh a líthe.



"Sin é díreach an tsrantarnach do chuala-sa,"
arsa Cluas-le-hÉisteacht.



Do chuadar imach i bhfochair a chéile annsan. Ní
raibh smog as mo Dhonnchadh Daoi, mar shíl sé cóir-
máireach go raibh an bhean-uasal caillte aige.
Do chuir Súil-le-feuchaint a ghuna le n-a leath-


L. 101


ghualainn agus do thug iarracht faoi Chos-fae-
Chrios, agus do chuir an sean-chloigeann do bhí fá
n-a cheann, na seacht léig chun seachráin. Do
phreab sé suas agus do chuimil a shúile d'fheuch-
aint cá raibh sé 'n-aonchor, agus nuair tháinig sé
chuige féin, agus d'aibigh an radharc aige do
sgaoil sé sa tsiubhal. Rug sé ag Baile-átha-
Cliath ar Mháire Ní Rógáin, agus i istigh i siopa
ag ceannach fáinne. Do cheannaigh mo Chos-fae-
Chrios fáinne eile. Nuair thug sé an t-airgiod
chun díol as, níor fhan sé leis an mbriseadh
d'fhagháil, acht comh luath as do fuair greim ar
an bhfáinne do ghlan leis, mar as go gcuirfeá
na gadhair leis, agus níor stad ar chnoc ná
sliabh, ar bhóthar ná i n-aon áit eile gur shroich
sé mar a raibh mháighistir agus an bheirt eile.
Do bhí an lá buaidhte aige, agus mo leadhbán
leath-óinsighe buaidhte leis go deo. Pósadh mo
Dhonnchadh Daoi agus Máire Ní Rógáin nó láith-
reach bonn. Do chongaibh sé an triúr-so rith a
saoghail, agus níor leig sé síos orra a fheabhas
d'imreadar do nuair bhí sé i n-an-chás.
(Deiriodh.)


L. 103


Gluaiseanna



teilgioch: spárálach, coigilteach. Tarraigeach nó tar-
raingeach; gan an-chaitheamh do thabhairt ar ní.



Tráthar: tarráthar, tollachán, gleus nó áis le n-a
dtolltar adhmad.


L. 104


Cró; bás. I gcosaibh cró, le béal báis, ar bruachaibh
báis.



tríomhadh: treas. Ní dóigh liom go bhfuil treas san
gcanamhaint.



chun: Is "chun" agus ní "chum" adeirthior san
deasceart. Sgríobhaim chun i gcomhnudhe, mar meas-
aim nach truailliughadh ó chum é, acht foirm eile. Ar
uairibh riaghluighidh an geineamhnach, ar uairibh eile an
tabhartach.



lomláithreach: ar an dtoirt, gan aon mhoill, gan
fuireach.



Niachan: beagáinín, blúirín, giota beag. Aileis,
leis, comh maith céadna. Deirtior Aileis.



leagon. Sontar ea san focal-so mar ea i mbeag.


L. 105


má théigheann díot: má theipeann, chliseann, chin-
neann, mheathluigheann ort.


L. 106


gan aon rud: gan aon bhrón. Rud: brón, aith-
reachas. Tá rud orm i dtaoibh a dhéanta. Rudaim,
doighním. Rudaithe, soilbhir, síbhialta. Rud, maoin,
airgiod. Infhiuch rud san rádh-so: Ní rabh sé aonní
caillte leis, rud d'innseas-sa dho = Ní raibh sé aonní
caillte leis, agus d'innseas an rud san do.



bioránach: buachaill ag fás suas, timchioll cúig
bliadhna deug nó tharais d'aois.


L. 107


spréach: spionnadh, spioraid. Macántacht: neamh-
urchóid. gan bheith crosda, bheith sítheach.



dearg-leathadh: fosguilte go leathan; cm. dearg-
lobhtha. dearg-mheisge, deargár, dearg fhiuchadh, 7c.
beatha na n-eug: bás



seanbhalcaisidhe; balcais, éadach críona a caithte nó
leath-chaithte. Fear siubhail: déirceóir, duine bocht.



táthaimhín: neul, splannc.


L. 108


dobhracht: dorchacht, neamh-fháilte, dobhar .i. dubh
nó dorcha.



sglog: sgórnach. Sglóndar: mustar, baothas,
baois.



screatal: blúire, miota.



faoil-phleasg a dhroma: ar a thár anáirde.



faoil-árd: fíor-mhullach; faoil - b'fhéidir faíll, .i.
aill, iomaire: feic taobh 12, líne 8.



mise is beag bínn ort: is beag é mo bheann ort,
táim-se neamh-spleádhach leat.


L. 109


Ní beag liom díot: tá mo dhóthain díot agam.
feaca: feacas (níos coitchinne anois). aoide: droch-
aiste, eagar aindeis. agus an andoirchiocht: le línn
do'n an-tráth bheith ann, nó do'n tráthnóna déidhionach.



Tá an Ghaedhealg cean-
amhail ar an diultach, go ro-áirithe nuair méintior rádh
daingnighthe do neartughadh. ollsacht: míorbhuil. cat-súl: mear-fheuchaint,
feuchaint tapaidh.


L. 110


na dromanta dubha.
truaigínteacht: athchuinge go bocht truagh.
orc, slat rioghdha, muc, samhaisg, bradán.
sprúnlóg: bochtán, truaghán.


L. 111


teasbach: teasbhach- i gCúige Mhumhan cialluigheann teas, toisg breis
chothuighthe no deaghshaoghail.


L. 112


ní bheidheadh deiriodh agam-sa leis: ní leigfinn uaim
é, ní sgaoilfinn uaim é. daod: fuathmhairiocht. Di-
mhéid: dúil díoghaltais. téallughadh: eulódh.
Indiumh: indiu. siúbhlóideach: síor-siubhal. Call-
pléathach: crosta, ag déanamh achrain nó argail.
an tagtha: an féidir go dtiocfadh sé as. Tuireann:
taom. I dteannta: i bhfochair. builcín ainglis:
builcín, an oiread snátha as théigheas ar fearsaid: ainglis:
aimhleasa. Builcín ainglis .i. cúis achrain nó urchóide; cm
miosgán mearuidhe.



sgeaithre frog: síol frog.



faid géime na bó uait.


L. 113


draodam: drong. ar a bhog stróc: ag siubhal
go mall righin réidh.



aon domhan duine: duine ar bith. Feuch: an dune
domhan déidhionach; díreach donn (no díreach domhan) comh
mear ar domhan.


L. 114


Is eagal go bhfuilid seo truaillighthe.
ceart-iaran: cruaidh nó deagiaran.



grutháil: uth: srann mhuice. tonntsrothaigh:
tonn i mbogach.


L. 115


agamh, aimhrios.



Molla-chloch: moll-chloch, .i. chloch reamhar chruinn.



sácrántacht: sástacht; sacránta, sacrálta: sásta.



cradhasgal: gráin chroidhe nó blais nó goile, aithreachas.


L. 116


dromóideach: dtromfhódach



aicillidheacht: deas-lámhacht.
airthinneach nó airinneach: feargach.



mh'athair, .i. m'athair. Análuighthior M roimh guthaidhibh
go minic.


L. 117


saigiléartha: sámh, seasgair.



I dteannta leis an mbanc: i gcoinne an bhainc nó an
bhruaich.


L. 118


ceap sniomhgair: ceap nó bloc ar an ngeárrathar 7 sgoiltear adhmad.



cúnseamhail: anghlic.



siocadúireacht: ag fanamhaint san bhfuacht.



anagar: angarr, .i. gar, fochall, nó braon
thagas as adhbhar.


L. 119


Usáidthior an geineamhnach
do mhórán ainmeann mar feartshocal.


L. 120


Glínn .i. spéir, cm. i bhfeirmitibh.



NOTAIDHE.



Cé beag an leabhrán-so tá mórán neithe ann ná glacfar
agus nach glactha le n-a lán. Dom dóigh, ní fhuil aonní b'fhéidir
ar a mbeithior níos fuathmhaire 'ná "ná" roimh briathraibh gan
análughadh gan urdhubhadh i n-áit "nach" ag urdhubhadh. Ní
scríobhfainn "ná" acht go bhfuil cleachtuithe ar fud Chúige
Mhumhan. agus go bhfaghthar é go mion minic i sgríbhinnibh
bhaineas le haimsiribh sárfhada siar. Ní fhuilim d'á rádh gur
ceart a aithbheochan, nó le ceart a choitchionnughadh, óir tá sé
beo go leor fós, acht nach fuil coitchionn leastmuigh do
Mhumhain, go bhfios domh-sa. Ní léir dam aon fháth nach
déanta é, má tá indéanta ó tá. Go bhfuil urdhubhadh iomad-
amhail san nGaedhilg indiu is follus d'aonneach; tá gleus
annso le n-a bhfeudfar a laghdughadh beagán, agus ní ghlacfar


L. 121


do láimh é, do bhrigh nach fuil an gnás i gConnachtaibh ná i
nUlltaibh. Ní'l aon agamh ná go bhfuil neithe i ngach uile
Chóige nach inleata do sgríbhneoir, achtannso go háirithe atá
litridheacht líonmhar ag neartughadh leis an ngnás Muimhneach,
bíodh go bhfuil an gnás eile sogfhaghala comh maith ceudna. Do
bheadh aonduine ainchneasda adéaradh gur ceart aon díobh-so
do chaitheamh i leathtaoibh, ar lorg bheagáin graiméarach do
cheap agus do chur ar bun mórán dlighthe atá araon mícheart
mío-dhual. Ar righ-scoláiridhibh ní labhraim, acht orra-so do shaoth-
ruigh eolus éigin ar an teanga láithrigh as leabhraibh, agus do bhí
ainbhfiosach ar fad ar an teangaidh seanda, agus aineolach go
mór ar Ghaedhilg mar labharthar i n-a líomthacht í, ó Phort-
Láirge siar suas go Doire. Mar adubhart cheana ní fhuilim
d' rádh go bhfuil "nach" aincheart, acht adeirim go bhfuil
"ná" comh ceart leis, agus b'fhéidir níos cirte. Le
heagla ná creidfeadh a lán so uaim, dobheirim beagán somplaidh as
"Passions and Homilies," atcinsoin, ag taisbeánadh an nóis
díreach mar cleachtathar indiu i gCúige Mhumhan.



Nó : Nú



I n-áit "nó" deirthior "nú" i Mumhain. Fós níor casadh aon
eisiompláir de liom 'san litridheacht. B'fhéidir ó sontar
"nua", .i. úr, mar "nó," go ndeárnadh an t-athrughadh so, chor
go bhfeudfaidhe an dá fhocal do dheifirughadh go soilléir.


L. 122


F AGUS EÓ SAN OIRTHEARACH.



Is na briathraibh aimhriaghalta ní ceart F acht ionnta-
so amháin "dochím", "cluinim," "tigim," ámh tá sé ag sleamh-
nughadh isteach, nó tá istigh cheana féin, agus comh fada sin
anois go bhfuilim eaglach nach féidir a dhíbirt, dá mbu mhaith é
féin. I gcuid aca tá sé ionadtha comh daingion gur cinnte mé
ná dífhreumhochar anois é; i gcuid eile díobh tá sé comh mío-
thairbheach mícheart-san gur cóir a sgrios láithreach. m.s. … 'íos-
fad," "rachfad." Ionnta-so tá sé so-sgriosta go leor; acht -
i mórán eile díobh is doleighiste, dosgriosta anois é; feuch ar
"adeirim," agus "doghnímh." D'fheudfaidhe iad-so d'athcheart-
ughadh go heusgaidh, dom dhoigh ámh ní dingéantar choidhche, agus ní
déanta b'fhéidir, dá ndingeantaoi. Caithfear a admháil ná fuil
aon bhriathar comh truaillighthe i gcaint, ná comh ilghnéitheach i
litriughadh le "doghnímh." San deisceart ní abarthar "dorinne"
(dorighne, doringhne, nó dorinn, mar castar orainn iad uile),
acht "doghein" nó "ghein" ("dhein," ar uairibh). Ní déarad-
sa a thuille i n-a dtaoibh-so, acht seolaim an macléighinn go
"Trí Bior-Ghaoithe an Bháis." Taobhimuigh do "táim," cuir-
thior an F isteach i n-oirthioracht bréithre aimhriaghalta. Is
na briathraibh riaghalta, ar an leith eile, sonntar é mar "th" -
is dóigh gur fuighioll an "t" oirthioraigh i Sean-Ghaedhilg an T so
- muna gcríochnuighidh le guth nó le fuaim ghutha, m.s. cnaoim,
cnaoifead; réidhim, réifead, 7c. San bhfoirm fulangtha ní
laguighthior F go th choidhche; ní abeórthaoi "casthar," "chas-
thaoidhe," i n-ionad "casfar," "chasfaidhe.'c.



San dara comhcheangal briathar, .i. iad-so i n-uighim.
Athruighthior I go EO, agus Gh go Ch chum an oirthioraigh do
dhéanamh. I gCúige Mumhan ní malartuighthior an Gh ar aonchor.
Eirigheann so, dom thuairim, as fuathmhaireacht do gharbh-fhoghar
Ch. Mar sin do sgríobhtar; árdóchadh, -air, -aidh, 7c., mar
árdoghadh, -air, -aidh; nó árdód, -óir, -óidh, 7c., go minic, agus
sontar amhlaidh sin i gcomhnuidhe iad. Achr is ceart an dá


L. 123


fhuirm so do chosg, agus aon aca do thoghadh agus araile do
dhíoghadh, acht i bhfilidheacht,cé gur feárrde aon fhuirm annso
leis, chor go mbeadh aontomhas coitchionn.



ADH, IDH I NDEIRIODH FOCAL.



Go minic fágaim imuigh "adh" a mórán focal do nach
ceart. Is fiosach dom go maith gur cirte "cúigeadh" ná
"cúige," "tuilleadh" ná "tuille," agus mar sin de. Ní
fheicim caidé an tairbhe iad so do sgríobhadh, acht amháin do
bheagán scoláir lorgas focal-eolais. Chítear d'aonneach go
bhfuil an iomad litreach balbh cheana i n-ár measg, agus cuid
aca san gan úghdarthás mar atá "teith," "béith," "uaithne,"
"Nidh," 7c., i n-áit "te," "bé," "uaine," "ní," 7c. Sgríobhaim
"fagháil," cé gur cirte "faghbháil"; atá "fagháil" comh
seanda-san ná feicim caidé an maitheas "balbhán" do chur
mar ualach ann anois. Ní cóir dham a dhearmad gur leigeas
imach litreacha i "slighe", "teine," agus a léithéid sin. I
ndeireadh mbriathar sontar "dh" i gCúige Mhumhan mar "ig,"
agus comh maith céadna i ngeineamhnach ainmeann.