Dán do Shan Prionsias

B.Á.C.: Assisi Press (1650c)

Anaithnid; eag. R.A. Breatnach




AN TÉUX



Cia lé bhfillfidhe fearg ríogh?
Ní ceisd ina cóir neimbríogh;
ré a theacht dobadh fhéagtha d'fhior
gá beart lé bhféadfa a filliodh.



Dá dteagmhadh fala ríogh rinn,
cóir a fhéachuin go hinnill
cia an díon ar a ragh reimhe,
síodh damh nó go ndaingneighe.



Lé comhairle is dulta dhamh
i leith charad dom chosnamh;
tearc cara le cobhair linn:
omhain san fhala im oirchill.



Tarla im chionn - is céim docair -
anois am an anocail,
dá mbeith cara an éigin ann -
fala nách éidir d'fhulang.


L. 192


Raibhthe géara do-gheibh mé,
gach aon lá i gceann a chéile;
cia nách géabhaidh omhan as -
ní robhadh éanair fhuaras.



Cosmhuil go bhfuighthear ar bhfaill;
béas na dtroch atá againn:
níor ghabh an trú riamh robhadh;
atú i ngiall don ghnáthoghadh.



Faríor is deacraide dhamh
mo dhíon ar iomad m'fholtadh;
tearc aonghuth ag labhra linn:
baoghlach 's a dtarla im thimchill.



Saoilim, d'fheabhas a heinigh,
Muire Ógh dom fhóireidhin;
níor dhiúlt tar olc fhear mar mé;
gidh eadh, ní holc a haithne.



Is fiú ar meisneach, a Mhuire,
díon eile nach iarrfuidhe;
dá gaol muna gabhar rum,
m'aghadh gá taobh i dtiobhrum?



Ní badh fuláir d'fhior m'fhaladh
cara naoimh dhá neartaghadh,
giodh don taobh thíos do Mhuire
bhíos gach naomh dhá neartmhuire.


L. 193


Dá nguidhinn gach naomh ar nimh,
a mháthair Íosa, ar uairibh,
tusa is cú díginne dhamh,
dár ndídin-ne is tú tugadh.



Ní d'éirghe dhíot a-deir mé
go sirfinn éindíon eile;
mo shíodh ar naommaor nimhe
bíodh tar aonnaomh dh'áiridhe.



Lorg an naoimh-se, nochtfuidh de,
ní chuala ag naomh riamh roimhe;
dá bhféaghuinn gach gné inar gheabh,
is é a-déaruinn fá dheireadh.



Fada dhamh ar tí a thagha,
San Proinsias ar bpríomhchara;
ar sgáth a mheirge is dú dul;
badh feirrde a chlú mo chosnumh.


L. 194


San Froinsias ré bhfuil mo bháidh,
beag dhá ghrásaibh mo ghabháil;
síodh do-ghéabh as a ghuidhe;
más fíor, ní éar aonduine.



Iomdha dhá n-aithris dá éis,
sgéal sochair ar San Proinséis;
sgéal do líon an uile fhear,
a ríomh uile ní héidear.



Do-chuala sgéal ordhruic air -
córaide a lorg do leanmhain,
go leantair gach fréamh dá bhfuil -
sgéal ar fheartaibh an éarlaimh.



Bráthair 'nar éirigh d'iúl ghlan -
Iacobus ainm an bhráthar -
triall tar moir ar a mheanma,
mian do thoil a Thighearna.


L. 195


I gcuan fá comhfhogus do
tarla long - móide a mheanma -
i n-ucht chalaidh ar a chionn;
fá lucht faraimh a foirionn.



Uain chalaidh níor cuireadh air:
is-teach mar théid an bráthair,
an sgaoth ó chaladh do-cháidh,
gaoth ó thalamh do thiomáin.



An bráthair tar bord a-mach
do thuit uatha as an arthrach;
is é ar dromchla mara a-muigh
fá mana orchra ar fhéachuin.



Gabhais an bráthair ar bhais -
moighéanar dár fhear eólais;
raon acht an grinnioll níor ghabh
an naomh - dob innioll iongnadh.



Grian an mhara - gá mó feart? -
dobhí aca ag imtheacht;
clú an bhráthar do shín ó shin,
i dtír gan bháthadh beiridh.


L. 196


Más fíor ar n-iompódh tar ais
(as) san, géarbh fhada an onfais,
ré a fhliuchadh, dar lat, níor fhan:
níor fliuchadh brat an bhráthar.



A San Proinséis na ngníomh nglan,
rug an bráthair ó bháthadh,
beir ó bháthadh sinn mar sin,
a chinn na mbráthar, beiridh!



Sirim ort anamhuin rum,
ó tá díoth eóluis orom;
an t-iúl id dheóidh déana dhamh,
a réalla eóil na n-éarlamh.



Oirbheire Dé, dho dhealbh sinn,
gibé turbhaidh fá dtuillim:
a chroinn chubhra naomh nimhe,
claon let umhla ar n-oirbhire.



Atá i ndiaigh ceó na cruinne
bagar ceatha chuguinne:
ar do sgáth is dolta dhúnn,
a bhláth corcra, dá chlaochlúdh.


L. 197


Dá dtogra Dia diúlta rinn,
a San Proinsias, ná fuiling;
féach oruinn, a chnú chroidhe,
tú thoghuim mar theachtoire.



A San Proinsias, freagair mé,
ó's tú m'aighne is m'fhear coinne;
fagh mo fhreagra ó rígh nimhe,
do bhrígh th'eagna, dh'impidhe.



Do mealladh sinne mar soin,
gan ghrás an Athar dh'iarroidh;
dhá dtí dhom ulc mh'éara féin,
do-bhéara a hucht an fhíréin.



Do-chí féin nárbh fiú mheise
sgéal mh'anacail d'inneise;
ó's é do sgéal aingheas inn,
mh'aighneas id bhéal do-bheirim.



Goin bhonn is bhas is ochta
fuarais i n-íoc t'umhlochta:
íoc nach uighthe (acht) san umhla,
dhíot nach cuirfe a chomhurdha.


L. 198


Cóig créachta do cuireadh ort,
a San Phroinsias, dár bhfortocht;
ar dhá naomh ní chuala a gcur,
a chaor bhuadha na mbráthur.



As mh'ucht féin ó nách fiú mé
síodh d'fhagháil, a Mheic Mhuire,
a hucht na naomh réidhigh ruinn
gach sgaol dár éirigh eadruinn.



Mó is fada gur iarras air,
San Froinsias, fréamh an chrábhaidh,
gan teacht d'fholaidh an ríogh rinn;
mo dhíon 'na chomhair cuirim.



Uachtarán na mbráthar mbocht,
atá ar ndóigh as a dhúthrocht
go ndiongna feasda díon damh:
teasda díon muna dhearnadh.



Ag an mbochtacht, dá dtug toil,
tarla i mbraighdionas bhunoidh;
ní dhá neimhdheóin dobhí bocht:
is seibhleóir í don umhlocht.


L. 199


Ar mhéid umhla fhuair soin
oighriocht aingil an uabhoir;
dorinne mé daingion de,
don aingiol ó's é is oighre.



Tionnlaicthe, nach tug acht do,
San Froinsias fuair ó Íoso:
is fiú fagháil na gcóig gcneadh
a mhóid 'na anáir d'fhilleadh.



d'éis chumainn do cheangal dáibh,
créachta Dé - díochra an éadáil -
síoth ní doshnadhmtha ar a druim -
fríoth i gcomhartha an chumuinn.



A ord ós a gcionn do chuir,
gidh iomdha na huird chrábhuidh;
do na hordaibh cia ar nár chinn?
Dia dho ordaigh an uirrim.



Na tiodhlaicthe tugadh dóibh,
San Froinsias fuair a n-onóir;
a gcion soin ar ord ní fhuil,
a bhfoil ar a lorg do leanmhuin.



Rém chiontaibh dá gcuirinn druim,
San Froinsias, is air iarruim
na cionta do chongbháil uaim,
's gan m'fhoghbháil ionnta an athuair.


L. 200


Tuigeadh féin nách foláir dhamh
drud im choinne ré congnamh;
as is mó ar ndóigh go ndruidfe,
ó's dó is cóir ar gcomuirce.



Aithnidh di dochar na mban;
bean í ar ar imthigh amhghar;
bídh báidh gach mná ré Muire;
'na láimh a-tá an trócuire.



Níor dhligh éinbhean - is iúl grinn -
gan dóigh a hinghin Iaichim;
mar so is cóir don uile fhear
a ndóigh a Muire Mhaighdean.



An lá nách iontaoibh dhon óigh,
cneadh an chroidhe, is cúis dobróin;
cia eile badh ionchuir dhi
ar ionchuibh chneidhe a cíchi?
Cia lé.