An Cruinneolaidhe

Connradh na Gaedhilge (1906)

Seaghán Mac an Bháird



AN CRUINNEOLAIDHE:



LEABHAR LÉIGHTHEOIREACHTA CRUINNEOLAIS.



SEAGHÁN MAC AN BHÁIRD
do sgríobh.



Ar n-a chur amach
do
CHONNRADH NA GAEDHILGE,
Baile Átha Cliath.



1906.


L. 2


AN CLÓ-CHUMANN, Teóranta.


L. 3


AN CHÉAD CHEACHT.



A pháisdí dhílse, is cóir dúinn cómhrádh beag a
dheanamh indiu ar neithibh thart fá dtaobh dínn.



A Phádraic, an dtig leat a innsin, cá hair a bhfuil-
mid ag siubhal?



PÁDRAIC. — Tig liom, a mhaighistir, ar an urlár.



MAIGHISTIR. — Tá tú ceart go leor, a Phádraic,
acht taobh amuigh de thigh na scoile caidé tá agat le
siubhal air?



P. — Tá an tsráid agus an bealach mór agus an
talamh.



M. — Agus an ionann an cineál talaimh atá ins an
uile áit?



P. — Ní hionann; tá talamh comhthrom i n-aice thighe
na scoile annso; tá árdáin agus gleanntáin agus
cnuic agus lagacha taobh amuigh dhe sin.



M. — Chím; tá do shúile fosgailte agat, agus bíodh
do chluasa mar an gcéadna agus mar sin béidh tú i
do scoláire chliste go fóil. An dtig leat innsin
damh cá hainm a bheirtear ar thalamh comhthrom?



P. — Tig liom, a mhaighistir; bheirtear machaire agus
mín agus réidhteach agus comhthromóg air.



M. — Is maith an buachaill thú, a Phádraic, agus is
ceart a d'fhuasgail tú na ceisteanna a chuir mé ort.
Is é do sheal-sa anois, a Róise. An bhfuil ainmneacha
ar bith eile agat-sa?



RÓISE. — Tá, a mhaighistir; tá tír agus dúithche
agus condae agus paráiste.



M. — An bhfuil a fhios agat caidé an tír í seo a
bhfuilmid ár gcomhnuidhe ann?



R. — Tá a fhios agam go maith: Éire. Is minic a
d'innis m'athair dúinn gur'b í Éire ar dtír dhúthchais,
agus gan dearmad a dheanamh a choidhche go bhfuilmid


L. 4


'n-ár nÉireannaighibh, agus gur cóir dúinn grádh a bheith
againn ar ár dtír agus ar ár dteangaidh. Dubhairt
sé linn mar an gcéadna go bhfuil sé d'fhiachaibh orainn
eolas a bheith againn ar stair ár dtíre agus ar an
uile chlúid agus chearn agus cheanntar innti, agus go
háirighthe ar na háitibh cáileamhla.



M. — Is maith agus is fíor-mhaith an chomhairle í sin, a
Róise, a thug d'athair daoibh. An dtig leat tuilleadh
de na comhairleachaibh a thug sé dhíbh a innsint dúinn?



R. — Ní'l cuimhne agam ortha anois, acht béidh ar
ball. Dubhairt sé linn aréir go bhfuil sean-rádh adeir,
“I ndiaidh grádha Dé thig grádh ár dtíre.”



M. — A Róise, is cóir duit cuimhne a chongbháil ar
an uile chomhairle a gheibh tú ó'n chléir, ód' athair agus
do mháthair, agus ó'n uile dhuine atá ós do chionn,
agus is furus aithne ó'n mhéid adeir tú linn gur maith
is fiú dhuit cuimhniughadh go háirighthe ar an uile rud
d'á n-abair d'athair leat. Tá ceist amháin eile agam
le cur ort, agus má fhuasglann tú damh í, cuirfidh mé
cliú mhaith a-bhaile leat Dia hAoine seo chugainn.



R. — Deanfaidh mé mo dhícheall, a mhaighistir.



M. — Cá hainm atá ar an roinn léighinn innsigheas
dúinn fá'n domhan agus fá na tíorthaibh, fá na
sléibhtibh, fá na bailtibh, fá na daoinibh agus fá'n uisge
atá ar éadan an domhain?



R. — Saoilim, a mhaighistir, gur cruinneolas a thug
tusa air i n-uraidh nuair a bhí tú ag tabhairt oidis do'n
rang ós mo chionn-sa, ag an léarsgáil.



M. — Is maith go deimhin an cailín thú, a Róise;
d'fhreagair tú go ceart agus go maith. Anois, a
Dhonnchaidh, 'sé do sheal-sa. An bhfuil cuimhne agat ar
an mhéid a ndeachamar thairis ó thoisigheamar ar an
cheacht seo?



D. — Tá eagla orm, a mhaighistir, nach bhfuil, acht
thrácht Róise fá Éirinn agus dubhairt sí gurab í ár
dtír dhúthchais í. Labhair sí fá chondae agus fá
pharáiste, acht níor innis sí dhúinn ainm na condae


L. 5


seo, nó ainm an pharáiste acht a oiread. Innis dúinn,
a mhaighistir, led' thoil, ainm na condae.



M. — Seo í condae Dhúin na nGall agus paráiste
na gCeall Beag. Anois, a Dhonnchadh, nach bhfuil
cuimhne agat ar dhadaidh d'á ndubhairt Pádraic?



D. — Bhí sé ag trácht fá shléibhtibh, nó fá chnocaibh,
saoilim, agus fá ghleanntánaibh.



M. — Ní shaoilim go bhfuil cuimhne cheart agat ar
an gceacht, mar badh chóir duit. Níor labhair duine
ar bith fá shliabh acht thú féin. An dtig leat a innsint
dúinn cad is sliabh ann?



D. — Ní maith atá fhios agam, acht saoilim gur mó é
'ná cnoc.



M. — Tá'n ceart agat annsin; is mó agus is
airde sliabh 'ná cnoc. Is dóiche go mbéidh ceacht
chruinneolais againn gan mhoill arís, agus badh mhaith
liom dá (go) mbeadh ainmneacha (anmanna) na gcnoc
agus na n-áit go léir thart fá dtaobh dínn agaibh an lá
sin. Foghluimidh iad ó bhur n-athair nó bhur máthair, nó
ó dhuine ar bith.



Gluais.



Thart fá dtaobh dínn = thart gach dtaoibhe dínn, mór-thimcheall
orainn, thort thimcheall orainn = around us, round about us.



Cá hair a bhfuilmid = cad air go bhfuilmíd, cé air a bhfuilmíd,
on what we are.



Tá tú ceart go leor = tá smut de'n cheart agat, tá cuid de'n
cheart agat, you are partially right, you are right to a certain extent.



Caidé = cad, créad, cér'd, goidé, what.



Cineál = saghas, sórt, seort, kind, sort.



Taobh amuigh = i dtaobh amuigh, lasmuigh, without, beyond.



Fosgailte = ar leathadh, ar fosgailt, ar osgailt, open.



A d'fhuasgail tú = do réidhtighis, a réidhtigh tú, you have solved.



Dúithche = dúthaigh, country, district.



Paráiste = paróiste, parish.



An uile = gach uile, 'chuile, gach, gach aon, every.



Cáileamhla = clúiteacha, ainmneamhla, óirdhearca, clúmhaile,
famous, renowned.



Gheibh tú = gheibhir, gheibheann tú, fághair, fághann tú, you get.



D'á n-abair = d'á n-abrann, d'á ndeir, dh'á ndeireann, that
says.


L. 6


Ceist amháin eile = ceist eile, aon cheist amháin eile, one other
question, another question.



Má fhuasglann tú = má réidhtighir, má réidhtigheann tú, if you
solve.



Cliú = clú, name, fame.



Innsigheas = innseas, innseann, which tells.



Fá'n domhan = i dtaobh an domhain, mar ghioll ar an domhan,
about the world, concerning the world.



Saoilim = silim, measaim, ceapaim, is dóigh liom, 'sé mo
mheas, 'sé mo thuairim, 'sé mo bharamhail, tá mé ag ceapadh, I
think, &c.



Léarsgáil = mapa, map.



D'fhreagair tú go ceart = do fhreagrais i gceart, is ceart an
freagra thugais orm, you have answered correctly.



A ndeachamar = go ndeaghamair, go dteacha muid, we went.



Thoisigheamar = thosigheamar, thúsuigheamar, thosnuigheamar, we
began.



Fá Éirinn = ar Éirinn, about (concerning) Ireland.



Fá chondae agus fá pharáiste = ar chontae agus ar pharóiste,
i dtaobh condae agus paróiste, of (about) county and parish.



Acht a oiread = acht an oiread, acht chomh beag, either.



Led' thoil = má's é do thoil é, if you please, please.



Paráiste na gCeall Beag = paróiste na gCeall mBeag, the
parish of Killybegs.



Dadaidh = éan-rud, éin-cheo, anything.



D'á ndubhairt = d'ar 'ubhairt, that … said.



Is dóiche = is dócha, I suppose.



AN DARA CEACHT.



M. — A pháisdí dílse, tá lá deas againn indiu
agus is cóir dúinn dul amach tamall agus sean-
chas a bheith againn fá na háirdibh. Tá an dó-
dhéag de chlog ann anois. Sul a dtéidhmid amach, cia
agaibh innseóchas damh caidé an áird de'n spéir a
mbíonn an ghrian ann ar an dó-dhéag dhe chlog?



EIBHLÍN. — Innseóchaidh mise dhuit, a mhaighistir, bíonn
an ghrian ó dheas ar an dó-dhéag.



M. — Tá tú ceart, a Eibhlín, agus téidhmid amach
anois go bhfeicimid cá bhfuil na háirde eile. Má
amharcamaid an taobh a bhfuil an ghrian ann, beimid
ag amharc ó dheas. An dtig leat innsint dúinn ainm
na háirde atá ar ár gcúl, a Eibhlín?


L. 7


E. — 'Sí an áird ó thuaidh atá ar ár gcúl, agus ní
fhaca mé an ghrian nó an ghealach ins an taobh sin de'n
spéir riamh.



M. — Ní fhacais, a Eibhlín, ná aon duine eile ins an
tír so acht a oiread. Anois, taisbeán dúinn an taobh
i n-a n-éirigheann an ghrian.



E. — Tig liom sin a dheanamh, a mhaighistir, mar bhí mé
im' shuidhe indiu roimh éirghe na gréine, siocair go raibh
m'athair ag dul chum an bhaile mhóir.



M. — Tionntuigh d'aghaidh ar an taobh i n-ar éirigh an
ghrian agus innis dúinn caidé an áird a bhfuil tú ag
amharc uirthi.



E. — Táim ag amharc ar an áird thoir, a mhaighistir.



M. — Agus cá hainm atá ar na háirdibh eile, an
bhfuil a fhios agat?



E. — Ní thig liom a innsint duit, a mhaighistir.



M. — Ní'l iongantas ann sin, a Eibhlín. An bhfuil
duine ar bith eile a dtig leis a innsint dúinn?



PÁDRAIC. — Chuala mise daoine ag trácht ar an
áird ó thuaidh agus ar an áird thiar, acht ní'l a fhios
agam cá bhfuilid.



M. — Má éisteann sibh go cúramach leis an rud
atáim a rádh libh, is furus daoibh eólas a bheith agaibh
ar na háirdibh. Tá sibh ag amharc anois ar an taobh
i n-a n-éirigheann an ghrian; sin an áird thoir; tá bhur
gcúl leis an áird thiar; tá an áird ó dheas ar thaobh
do láimhe deise agus tá an áird ó thuaidh ar thaobh do
láimhe clí. Abair sin dúinn, a Eibhlín.



E. — Nuair a bhíos m'aghaidh ar an taobh i n-a n-éirigh-
eann an ghrian, bím ag amharc soir, bíonn mo chúl leis
an áird thiar; bíonn an áird ó dheas ar thaobh mo láimhe
deise, agus an áird ó thuaidh ar thaobh mo láimhe clí.



Gluais.



Lá deas = Lá breagh, a nice day, a fine day.



Fá = ar, i dtaobh, mar gheall ar, about, concerning.



Tá an dó-dhéag de chlog ann anois = tá sé a dó-dhéag de chlog
anois, it is now twelve o'clock.


L. 8


Innseóchas = inneósas, inneósaidh, 'neósaidh, will tell.



Innseóchaidh mise = inneósad-sa, 'neósad-sa, innseóchad-sa



Tá tú ceart = tá an ceart agat, you are right.



Téidhmíd = téidhmís, gluaisimís, imthighmís, triallam, let us go.



Amharcamaid = fhéachaimíd ar, dhearcamaoid, if we look.



Taobh = treó, áit, direction, place.



Ag amharc = ag féachaint, ag dearcadh (dearcaint) looking.



Ar ar gcúl = ar ár gcúlaibh, behind us, at our back.



Ní fhaca mé = ní fhaca, ní fheaca, ní fhacas, I did not see.



Riamh = ariamh, ever.



Siocair go raibh = toisg go raibh, do bhrígh go raibh, because …
was.



Tionntuigh = ionntuigh, iompuigh, tiompuigh, turn.



D'aghaidh = t'aghaidh, face.



A bhfuil tú = go bhfuilir, 'n-a bhfuilir, dá bhfuilir, which you
are.



Cá hainm = cé an t-ainm, gá hainm, what name?



Ní'l iongantas ann sin = ní héan-iongnadh é sin, ní hiongnadh
dhuit, no wonder, that is not wonderful (on your part).



Duine ar bith = éan-duine, éinne, éinneach, any one.



A dtig leis = go dtiocfadh leis, do fhéadfadh, who could (who
can).



Chuala mise = do chuala-sa, chualas-sa, d'airigheas-sa, I heard.



Go cúramach = go haireach, go grinn, carefully.



Furus = furusda, furaiste, fuiris, easy.



Tá sibh = táthaoi, ye are.



Clí = clé, left.



A bhíos = a bhíonn, a bhíonns, is.



AN TREAS CEACHT.



M. — Ní raibh faill againn an lá deireannach ar go
leor a fhoghluim fá áirdibh na spéire, agus ar an
ádhbhar sin is feárr dúinn cómhrádh beag eile bheith
againn indiu fá dtaobh díobh. Bíodh an uile dhuine
agaibh ag deanamh amach i n-a intinn féin caidé an
taobh de thigh na scoile i bhfuil a theach féin. A
Dhiarmuid, caidé an taobh ó so i bhfuil do theach-sa?



DIARMUID. — A mhaighistir, gan droch-fhreagra a
thabhairt ort-sa, ní'l teach ar bith agam.



M. — Is athchomair an buachaill thú, a Dhiarmuid; tá
tú ceart go leor annsin, acht ar ball, nuair bheas tú


L. 9


mór, tá súil agam go mbéidh teach agat agus teach
maith fós, mar tá ag d'athair. Innis dúinn caidé an
taobh ó so a bhfuil a theach-san.



D. — Do réir mo bharamhla-sa, is soir atá sé.



M. — 'Seadh, agus anois, caidé an taobh i bhfuil teach
na sgoile ó thigh d'athar?



D. — Ar ndóigh, is siar uadh atá sé.



M. — Tá an dó-dhéag de chlog ann anois, agus is
feárr dúinn dul amach tamall. Tá fhios ag an uile
dhuine agaibh, creidim, cá bhfuil an ghrian ar an
dó-dhéag. A Chonaill, innis thusa dhúinn, sul a dtéidh-
mid amach, cá mbíonn an ghrian i gcomhnuidhe ar an
dó-dhéag de chlog.



CONALL. — A mhaighistir, ní'l a fhios agam-sa; ní
raibh mé ar an scoil le seachtmhain agus tá eagla
orm gur chailleas mórán de cheachtaibh deasa ar feadh
an ama sin.



M. — Sin é an dóigh i gcomhnuidhe, a Chonaill. Má's
mian le duine ar bith a bheith 'na scoláire mhaith, is
éigean dó a theacht chum na scoile gach uile lá, agus
gan dadaidh de na ceachtaibh a chailleamhain. Siubhail
amach anois linn, agus tabhair fá deara go bhfuil an
ghrian ins an taobh ó dheas.



A Sheagháin, measaim nach raibh tusa ag tabhairt
éisteachta go ró-mhaith dhúinn ar ball; tar annso anois
agus siubhail soir giota.



Caidé an bealach atá tú ag dul anois?



SEAGHÁN. — Táim ag dul soir, a mhaighistir.



M. — Tionntuigh ar ais chugainn. Caidé an bealach
i bhfuil tú ag siubhal anois?



S. — Táim ag siubhal siar.



M. — Tionntuigh d'aghaidh ar an ghréin anois agus
innis dúinn caidé an taobh i bhfuil tú ag amharc.



S. — Táim ag amharc ar an taobh ó dheas.



M. — Agus caidé an taobh é sin ar do chúl?



S. — Tá mo chúl leis an taobh ó thuaidh, a mhaighistir.



M. — Tionntuigh thart anois agus amharc ar do


L. 10


sgáile. An bhfeiceann tú dadaidh sonnradhach fá
dtaobh di?



S. — Saoilim go bhfuil mo sgáile níos giorra anois
'ná bhí sí ar maidin.



M. — Ceart go leor, a Sheagháin; bíonn sgáile gach
duine againn níos giorra fá mheadhón lae, 'sé sin,
fá'n dó-dhéag de chlog, 'ná i n-am ar bith eile rith an
lae. Agus anois, saoilim nach mbeidh seachrán ar
aon-duine agaibh feasta fá phríomh-áirdibh na spéire,
acht, sul a n-imthighe sibh, is maith liom a innsint daoibh
caidé mar is furus daoibh aithne bheith agaibh ar an
taobh ó thuaidh 'san oidhche chomh maith leis an lá. Tá
réalt ins an áird ó thuaidh a ngoirtear an Réalt
Thuaidh uirri, agus, má bhíonn sibh amuigh oidhche gheal ar
bith gan mhoill, is furus daoibh a fhionnachtain cá bhfuil
sí. Tá seacht réalta eile comhgarach do'n Réalt
Thuaidh agus is dóiche gur shaoil na daoine tá fad ó
shoin go raibh siad cosamhail leis an chineál seisrighe nó
céachta a bhí aca an uair sin, mar is sin an t-ainm a
thug siad ar na seacht réaltaibh so. Tá an bheirt
thosaigh i gcómhnuidhe ar aon líne amháin leis an Réalt
Thuaidh mar so:-



Réalt Thuaidh



Na Réalta Tosaigh



An Mathghamham Mór nó an tSeisreach



Gluais.



Faill = caoi (caoth), deis, uain, opportunity, leisure.



Go leór = ár ndóthain, ár sáith, enough.



Bheith againn = do dhéanamh, to have (to make).


L. 11


Fá dtaobh díobh = mar ghioll ortha, i n-a dtaobh, ortha, about
(concerning) them.



Ag deanamh amach = ag fionnachtain, ag fionnadh, ascertaining,
finding out, examining, “making out.”



Taobh = treó, treó baill, direction.



Athchomhair = deisbhéalach, quick and neat in answering.



A bheas tú = A bheir, a bheid tú, you will be



Do réir mo bharamhla-sa = do réir mo thuairm-se, do réir mo
mheasta-sa, in my opinion.



Uadh, uaidh, uaidhe, from it.



Innis thusa = innis-se, tell, emph. imptv. 2nd sing.



A dtéidhmid = a rachamaid, a raghaimíd, we go (shall go).



Ar feadh an ama sin = ar feadh na haimsire sin, during that
time.



Dóigh = slighe, bealach, caoi, way = what happens.



A theacht = teacht, come.



A chailleamhain = do chailleadh, do chailleamhaint, to lose.



Tabhair fá deara = tabhair fé ndeara (faoi deara, faoi
ndeara), féach, observe, see, notice.



Ar ball = ó chianaibh, tá tamall beag ó shoin, a while ago.



Ag tabhairt éisteachta = ag éisteacht, listening.



Giota = tamall, píosa, “a bit,” some distance.



Bealach = slighe, treó, way, direction.



Sonnradhach = áirighthe, d'áirighthe, suaitheantach, fá leith, ar
léith, remarkable, particular, apart.



Fá dtaobh di = mar ghioll uirthi, innti, ag baint léi, about it, in
it, in connection with it.



Ceart go leor = tá agat, tá an ceart agat, you are right.



Fá mheadhon lae = um meadhon lae, ag an meadhon lae, 'sa
mheadhon lae, at midday.



Fá'n dó-dhéag = ar a dó-dhéag, um a dó-dhéag, ag a dó-dhéag, at
twelve.



Seachrán ar aonduine agaibh feasta fá = éinne agaibh i n-amhras
feasta le, duine ar bith agaibh amugha, feasta faoi, anyone of you
puzzled (at fault) for the future about.



Tá fad ó shoin = fad ó shoin, i bhfad ó shoin, fad ó, long ago, a
long time ago.



Go raibh siad cosamhail = gur chosamhail iad, that they were like.



Leis an chineál = leis an sórt, leis an saghas, (to) the kind.



An bheirt thosaigh = an dá cheann tosaigh, the first two.



AN CEATHRAMHADH CEACHT.



MÁIRE. — A mhaighistir, bhí aidhneas beag eadrainn
indiu nuair a bhíomar ag teacht chum na scoile. Dubh-
airt Máire Ní Cheallacháin nach dtug tusa ainmneacha


L. 12


na n-áird go hiomlán dúinn, agus bhí tuilleadh againn
ag rádh go dtugais; an raibh an ceart aici?



MAIGHISTIR. — Bhí, a Mháire; níor thráchtas acht ar
ainmneachaibh na bpríomh-áird, acht is fearr dúinn
indiu seanchas a bheith againn ar chuid eile de na
háirdibh. Tugaidh libh amach an dá línteoir fada sin
thall agus giota chailce. Tá an ghrian ag soillsiughadh
go deas agus ní rachamaid níos fuide 'ná an chéad
áit chomhthrom a chasfar orainn. Deanfaidh an áit seo
cúis maith go leór. Tabhair damh ceann de na lín-
teoiríbh. Tá an dó-dhéag de chlog ann anois. Táim
ag cur an línteora so 'na sheasamh suas go díreach.
Chí sibh an scáile tá deanta aige. Deanadh duine
agaibh líne leis an chailc ó'n línteoir go dtí ceann na
scáile. Táim ag cur na litre D ar an cheann de'n
líne a bhfuil an línteóir air agus T ar an cheann eile
de'n líne. Bídhidh ag smuaineadh anois caidé an rud
ionadaid na litreacha so. Seo líne deanta agam
anois trasna go díreach an chéad líne, leath bealaigh
idir a dhá ceann. Táim ag cur I ar cheann di agus
O ar an cheann eile. Smuainigidh caidé ionadas na
litreacha so.



NA SCOLÁIRÍ. — Ní thig linn a innsint duit, a
mhaighistir.



M. — Ionnus nach mbeidh sé ina ainbhfios oraibh níos
fuide, scríobhfad na focla ar fad daoibh agus cuir-
fead an t-ainm ceart ag ceann gach líne.



Tuaidh



Iar



Oir



Deas


L. 13


CONALL. — A mhaighistir, an ionann Tuaidh agus an
áird ó thuaidh?



M. — Is ionann, go deimhin; agus mar an gcéadna
is ionann Deas agus an áird ó dheas, Iar agus an áird
thiar, Oir agus an áird thoir. Mar dubhairt mé libh cheana,
seo iad na ceithre príomh-áirde, agus anois tá súil agam
go bhfuil sibh uile réidh le ceithre háirde eile a fhogh-
luim, agus seo iad a n-ainmneacha: thoir dtuaidh, thoir
ndeas, thiar ndeas agus thiar dtuaidh. Cuirfidh mé síos
daoibh iad mar rinne mé roimhe, ar eagla go ndean-
fadh duine ar bith agaibh dearmad díobhtha. Cong-
bhuighidh cuimhne go bhfuil thoir dtuaidh leath bealaigh
idir an áird thoir agus an áird ó thuaidh; agus thoir
ndeas leath bealaigh idir an áird thoir agus an áird ó
dheas. Mar an gcéadna tá thiar ndeas leath bealaigh
idir an áird thiar agus an áird ó dheas, agus thiar
dtuaidh leath bealaigh idir an áird thiar agus an áird
ó thuaidh.



T.



Thoir dtuaidh



O



Thoir ndeas



D



Thiar ndeas



I



Thiar dtuaidh



Gluais.



Aidhneas = conspóid, díospóireacht, pléidhe, dispute, argument,
debate.



Nach dtug tusa = ná tugais-se, nár thugais-se, that you did not
give.



Línteoir, a ruler.



Giota = blúire, sprúille, a bit.



Soillsiughadh = taitneamh, shining.


L. 14


Cúis = an gnó, an gnáithe. Deanfaidh sé cúis = déanfaidh sé
an gnó (gnáithe), it will do (suit).



Caidé an rud ionadas (also ionadaid) na litreacha so, what do
these letters represent.



Ar eagla go = sul a, lest, for fear that.



Leath bealaigh = leath slighe, half way.



An áird ó thuaidh = an áird thuaidh, the north (point), the North.



An aird ó dheas = an áird theas, the south point, the South.



AN CÚIGEADH CEACHT.



M. — Anois, a pháisdí, ar eagla go mbeadh sibh i
n-amhras fá áirdibh na spéire, téidhmid suas ar an
árdán is cómhgaraighe dhúinn, agus bhíodh cómhrádh beag
eile againn indiu. Tá gaoth bhog the ag séideadh; cá
has a bhfuil sí ag teacht, a Chaitilín?



CAITILÍN. — Is dóigh liom gur aniar ndeas atá sí
ag teacht chugainn. Dubhairt m'athair leis na
buachaillíbh ar maidin nach raibh an lá indiu iontaobhtha,
agus go raibh eagla air go gcuirfeadh sé, mar bhí an
ghaoth aniar ndeas. Cad chuige a ndubhairt sé sin, a
mhaighistir?



M. — Tá, a Chaitilín, mar is minic a bhí a fhéachain
aige. Tá a fhios ag na daoinibh go coitcheann ins an
tír seo gur minice thig fearthainn le gaoith aniar agus
aniar ndeas 'ná le gaoith ar bith eile. 'Sé an chiall a
bheir na seandaoine leis sin, go séideann an ghaoth
thig aniar agus aniar ndeas chugainn trasna na
fairrge móire atá eadrainn féin agus an t-Oileán
Úr, agus go dtógann sí an fhearthainn de'n uisge ar
an bhealach. An gcualaidh tú d'athair ag rádh caidé
mar bheadh an ghaoth nuair a bheadh súil aige le haimsir
thirm?



C. — Ní chualas gur cuimhneach liom, acht 'sé mo
bharamhail féin gur chóir go séidfeadh sé go díreach i
n-aghaidh na gaoithe is minice a mbíonn an fhearthainn
léi.


L. 15


M. — Tá an ceart agat, a Chaitilín, agus tá áthas
orm go ndearcann tú ar neithibh de'n tseórt sin,
agus nach amhlaidh a ghníos tú a léigean isteach ar
chluais amháin agus amach ar an chluais eile, mar is
gnáthach le mórán daoine a dheanamh. Taisbeán dúinn
anois cá has a dtigeann an ghaoth a mbíonn an fhear-
thainn léi agus mar an gcéadna an áird a dtigeann
an ghaoth as a bheir aimsir thirm chugainn.



C. — Aniar agus aniar ndeas a thig sí agus sin é an
bealach; anoir agus anoir dtuaidh a thig an ghaoth a
bheir aimsir thirm chugainn go minic.



M. — An dtug tú fá deara cá has a dtig an ghaoth
is fuaire agus an ghaoth is teó?



C. — Thugas, a mhaighistir, tig an ghaoth a mbíonn an
fuacht léi ó'n áird thuaidh, anoir dtuaidh agus aniar
dtuaidh, agus tig an ghaoth the nádúrtha ó'n áird
a ndeas.



M. — Anois, a Chaitilín, sul a n-imthighmid taisbeán
dúinn arís na háirde a d'fhoghluim tú agus innis a
n-ainmneacha dúinn, ag toisiughadh ar an áird thoir.



C. — Thoir, thoir ndeas, deas, thiar ndeas, thiar, thiar
dtuaidh, thuaidh, thoir dtuaidh.



M. — An bhfuil cuimhne agaibh uile ar na réaltaibh
atá ins an taobh ó thuaidh de'n spéir, a rabhamar ag
trácht ortha an lá fá dheireadh? A Chaitilín, innis thusa
dúinn fá dtaobh díobh.



C. — Thaisbeán m'athair an Réalt Thuaidh damh an
oidhche fá dheireadh, acht thug sé ainm eile uirthi.
Saoilim gur bh'é an Réalt Eólais a thug sé uirthi agus
ní'l a fhios agam cad chuige. Innis dúinn, a mhaighistir,
led' thoil, caidé is ciall do'n ainm sin a bheith uirthi.



M. — Bhéarfaidh mé iarraidh air. Fad ó shoin sul a
raibh gléas comh maith ag na mairnéalaighibh ins na
longaibh (luingis) agus tá anois, is minic a théidheadh
siad ar seachrán amuigh ins an fhairrge mhóir, agus ní
bhíodh a fhios aca ar feadh seachtmhaine nó míosa,
b'fhéidir, cá mbíodh siad ag dul, acht comh luath agus


L. 16


ghlanadh an spéir agus chíodh siad an Réalt Thuaidh,
bhíodh a fhios aca ar aon chaoi cia haca soir nó siar, ó
dheas nó ó thuaidh, bhí siad ag seoladh agus, ar an
ádhbhar sin, bhaist siad an Réalt Eólais ar an Réalt
Thuaidh. Anois tá gléas aca ins an uile luing a théid
ar fairrge a thaisbeánas dóibh caidé an bealach i bhfuil
siad ag dul. Snáthad nó beacht na mairnéalach a
bheirtear ar an ghléas so. Is dóiche go mbéidh ceann
beag aca agam le taisbeáint daoibh an chéad lá eile;
ní'l agam annso indiu acht a dealbh acht amharcaidh
uile go léir air.



Gluais.



Ar eagla go mbeadh sibh i n-amhras = ar eagla go mbeadh
amhras agaibh, sul a mbeadh dearmad (nó mearbhall) oraibh, sul a
mbeadh ceist oraibh, lest you might be in doubt or troubled.



Fá = i dtaobh, mar gheall ar, about, concerning.



Téidhmid = téidhmís, let us go.



Is comhgaraighe dhúinn = is goire dhúinn, which is nearest us.



Nach raibh an lá indiu iontaobhtha = nár b'iontaobhtha an lá indiu,
nár b'fhéidir dúinn beith ar iontaoibh an lae indiu, that we could
not depend on to-day.



Go gcuirfeadh sé = go gcuirfeadh sé fearthainn, go ndéanfadh sé
báisteach, that it would rain.



Aniar ndeas = aniar a ndeas, from the south-west.



'Sé an chiall a bheir na seandaoine leis sin = 'sé an chiall a
bhainid na seandaoine as soin, the sense or meaning the old people
give that is.


L. 17


Caidé mar bheadh = cia mar bheadh, cionnus mar do bheadh, cia an
chaoi a mbeadh, how … would be.



Gur cuimhneach liom = go gcumhain liom (go cumhain liom), to
my recollection, as far as I can recollect.



A ghníos tú = a dheineann tú, a dheinir, you do.



Anoir dtuaidh = anoir a nduaidh, from the north-east.



Aniar dtuaidh = aniar a nduaidh, from the north-west.



A d'fhoghluim tú = do fhoghluimighis, which you have learnt.



Innis thusa = innis-se, tell.



Caidé is ciall = cad is ciall, cad is brígh, cé'r'd is ciall.



Iarraidh = iarracht, effort, attempt.



Ar seachrán = amugha, astray.



Ar aon chaoi = ar aon chuma, ar chuma ar bith, ar chaoi ar bith, at
all events.



A théid = a théidheann (théidheanns), which goes.



Is dóiche = is dócha, I think.



Dealbh = pioctúir, pictiúr, peictúr, picture.



Amharcaidh = féachaidh, dearcaidh, look (ye).



Uile go léir = go léir, uile, ar fad, all (of ye).



AN SEISEADH CEACHT.



Lá ar n-a bhárach thaisbeán an maighistir snáthad na
mairnéalach dóibh, mar gheall sé an lá roimhe, agus bhí
iongantas ar an uile dhuine aca. Mhínigh sé go raibh
luigheachán na snáthaide i gcomhnuidhe tuaidh agus
deas, agus nuair a chuirfidhe ós chionn na litreacha D
agus T í, gur bh'fhurus innsint caidé an taobh i raibh
áit nó nídh ar bith uatha. D'fhiafruigh sé annsin de
leath-dhúisín aca caidé an taobh de thigh na scoile i
raibh siad 'na gcomhnuidhe, go bhfuair sé amach uatha go
raibh eolas aca ar áirdibh na spéire ó shnáthaid na
mairnéalach. Fá dheireadh sheas sé i lár thighe na scoile
agus d'iarr sé ar chuid aca a innsint dó caidé an
luigheachán a bhí ar thigh na scoile.



Chuir mórán aca suas a lámha, agus d'iarr sé ar
Mháire Ní Mhic Taidhg innsint dó. Dubhairt sí go raibh
na taobh-bhallaí deanta ó dheas agus ó thuaidh agus go
raibh na beanna deanta soir agus siar.



D'fhiafruigh sé de dhuine eile cá haca ar maidin nó


L. 18


um thráthnóna nó ins an mheadhón lae a bhíodh an ghrian
ag soillsiughadh isteach ar fhuinneogaibh thighe na scoile,
agus bhí a fhios sin ag an uile dhuine aca. D'innis sé dhóibh
annsin dá mbeadh an teach deanta ar a fhad soir agus
siar gur ins an mheadhón lae a bheadh an ghrian ag
soillsiughadh isteach ar na fuinneogaibh, agus thoisigh
siad uile ag smuaineadh ar caidé an luigheachán a bhí
ar a dtighthibh féin.



Nuair a tháinic an t-am fá choinne ceachta eile
cruinneolais, d'fhiosruigh an maighistir de chuid aca
an raibh a dteach-san níos mó nó níos lugha 'ná teach
na scoile. Dubhairt cúigear nó seisear aca go raibh
a dtighthe-sean níos airde acht nach raibh siad cinnte
an raibh siad comh fada.



D'fhiafruigh sé díobh caidé an dóigh i mbeadh cinn-
teacht aca, agus chuir leath-dhúisín díobh suas a lámha,
agus dubhairt duine aca leis dá dtomhaistí dhá thigh
go mbeadh a fhios aca caidé an teach de'n dá thigh dob'
fhuide.



Tomhaiseadh teach na scoile dóibh annsin agus tugadh
ortha féin é thomhas, agus chuir siad síos i bpáipéar
go raibh sé dhá throigh agus dá fhichid ar fhad agus
ceithre troighthe agus fiche ar leithead.



Dubhairt an uile dhuine go mbeadh a fhios aca lá ar
n-a bhárach cia haca budh mhó teach na scoile nó a
dtighthe-sean.



Tugadh gléas tomhais dóibh annsin a bhí sé troighthe
nó dhá shlait ar fhad, agus thomhais siad teach na scoile
leis. Fuair siad eolas nach raibh acht a seacht d'fhad
i dtaobh-bhalla thighe na scoile agus a ceathair d'fhad
ins an bhinn. Tharraing an maighistir amach dóibh léar-
sgáil nó léaraid urláir thighe na scoile seacht n-ord-
lach ar a fhad agus ceithre hordlaighe ar a leithead,
agus d'innis dóibh go raibh an léaraid deanta ar
mhéid ordlaigh ós coinne an uile shé throigh.



'Na dhiaidh sin thug an maighistir leis iad taobh
amuigh de thigh na scoile agus d'iarr sé ortha an áit


L. 19


imeartais a bhí aca a thomhas. Rinne siad amach go
raibh sé troighthe déag agus ceithre fichid ar a fhad
agus dhá throigh dhéag agus trí fichid ar a leithead.



Thomhais siad an áit chéadna le miosúr a bhí dhá
throigh ar a fhad agus fuair siad amach go raibh ocht
miosúir agus dá fhichead ins an fhad agus sé miosúir
dhéag agus fiche ar a leithead.



Tarraingeadh amach dóibh annsin ar an talamh léar-
aid na háite agus teach na scoile agus na ballaí
agus an geata 'na n-áit féin innti. Rinneadh an
léaraid ar mhéid ordlaigh ós coinne an uile dhá throigh,
agus mhínigh an maighistir dóibh gur ar an nós sin a
bhí na léarsgáile deanta.



Thaisbeán sé léarsgáil bheag na hÉireann dóibh
agus dubhairt sé leo go raibh sí deanta ar mhéid
troighe ós coinne an uile chéad míle. Chuir sé léar-
sgáil mhór na hÉireann rompa annsin agus d'innis sé
dóibh go raibh sí deanta ar mhéid troighe ós coinne
dheich míle agus dá fhichead.



Gluais.



Iongantas = iongnadh, wonder.



An uile = gach uile, 'ch uile, every.



Um thráthnóna = tráthnóna, in the evening.



Ar fhuinneogaibh = tré (trí) fhuinneogaibh, through the windows.



Thoisigh siad uile (uilig) ag smuaineadh = do chromadar go léir
ar mhachtnamh = they all began to think (ponder).



Fá choinne = faoi chomhair, i gcomhair, do (a) choinne, le haghaidh,
fá, for.



Cinnteacht = deimhne, deimhnightheacht, dearbhthacht, certainty, as-
surance.



Dob' fhuide = ba shia, the longer.



Ar leithead = ar leathad, in breadth.



Cia haca = cá haca, gá haca, cia aca, ciaca (ceoca), c'aca,
which, which of them.



Leársgáil, léaraid, a map.



Ar mhéid ordlaigh ós coinne an uile shé throigh, to the scale of an
inch to every six feet. Ós coinne = i n-aghaidh, to, for = correspond-
ing to.



Taobh amuigh = lasmuigh, leasmuigh, outside, without.



Áit imeartais = áit súgraidheachta, ball cluichidheachta, ionad
na gcluichí, playground.


L. 20


AN SEACHTMHADH CEACHT.



An dara lá 'na dhiaidh sin chuir an maighistir léaraid
thighe na sgoile roimh na páisdíbh agus furradh an tighe
i n-a áit féin, agus áit na teineadh agus áit an
doruis leagtha amach innti. Tomhaiseadh í agus bhí sí
ordlach agus fiche ar a fad agus dhá ordlach dhéag ar
a leithead.



Cuireadh ceisteanna ortha le haghaidh fromhadh a
bhaint asta fá'n cheacht deireannach, ar thuigeadar go
beacht é, agus bhí cuid mhór aca nár thuig. Tugadh
miosúr dhá throigh do bheirt aca agus hiarradh ortha
teach na scoile do thomhas leis, agus fuair siad eolus
go raibh sé miosúr agus fiche ar a fhad agus dhá mhiosúr
déag ar a leithead. Thug an maighistir línteoir a
raibh na hordlaigh air do bheirt eile agus d'iarr sé ortha
an léaraid do thomhas, agus is goirid gur innis siad
dó go raibh sí ordlach agus fiche ar fhad agus dhá
ordlach dhéag ar leithead.



Chuimhnigh cuid aca go raibh teach na scoile, leis an
tomhas deireannach, miosúr agus fiche ar fhad agus dhá
mhiosúr dhéag ar leithead, agus mar sin de go raibh
an léaraid deanta ar mhéid ordlaigh ós coinne an uile
mhiosúir, 'sé sin, ós coinne an uile dhá throigh. Cuireadh
mórán eile ceisteanna ortha, le haghaidh go dtuig-
feadh siad an ceacht so agus an ceacht deireannach
go cruinn balach.



Chuir an maighistir annsin dealbh de thigh na scoile
rompa agus dubhairt sé leo amharc go grinn air agus
innsin dó caidé an deithbhir a bhí idir é féin agus an
léaraid.



I ndiaidh móráin freagra dubhairt duine aca leis
gur thaisbheán an léaraid cuma agus méid urláir thighe
na scoile, go díreach mar bheadh duine ag amharc anuas
air, agus d'admhuigh sé gur thaitin an freagra sin go
maith leis. Mhínigh sé dhóibh annsin gur sin mar bhí na
léarsgáile, gur thaisbeán siad an chuma bhí ar an


L. 21


talamh go díreach mar bheadh duine ag amharc anuas
ó'n spéir air.



I dtaobh na deilbhe dubhradh gur thaisbeán sé cosamh-
lacht agus áirde agus fad an tighe; ar dhóigh go raibh
sé ní b'fhearr ná léaraid, acht ar dhóigh eile nach raibh,
mar nár thaisbeán sé leithead an tighe. Dubhairt an
maighistir gur chóir do'n uile dhuine aca léaraid a
thighe féin a bheith leis lá ar n-a bhárach, deanta ar
mhéid ordlaigh ós coinne an uile chúig throigh, agus
gheall siad dó go mbeadh.



Gluais.



Furradh an tighe = iolar an tighe, trusgán an tighe, turusgar
(trusgar) an tighe, the furniture of the house.



Línteoir, a ruler.



Is goirid = is gearr, is gairid (gearraid), soon.



Mar sin de = d'á réir sin, accordingly.



Le haghaidh go = ar mhodh go, ar chuma go, ar chor go, ar dhóigh go,
i gcaoi go, 'sa gcaoi go, ar slighe go, so that.



Go cruinn balach = go cruinn baileach, thoroughly well, per-
fectly, accurately.



Dealbh, a plan, a drawing (also, a map).



Dithbhir (deifir) = dithbhir, deifridheacht, difference.



Thaitin = thaitin, thaithnigh, pleased.



Ar dhóigh = ar chuma, ar mhodh, ar slighe, in a way, in a manner, to
an extent.



A bheith leis = do bhreith leis, do thabhairt leis, a bheith aige agus
é thabhairt leis, to bring with him.



AN t-OCHTMHADH CEACHT.



An lá 'na dhiaidh sin chaith an maighistir agus na
páisdí tamall fada ag amharc ar na léaraidibh, ag
moladh ceann agus ag fághail lochta ar cheannaibh eile
agus ag deanamh amach cia haca a b'fhearr. Fa dheir-
eadh tharraing an maighistir amach léarsgáil thighe na
scoile agus na mbailte thart fá dtaobh de agus
spréidh sé ar chlár í. Bhí na litreaca T agus D, O
agus I, deanta uirthi go deas, agus chuir sé an T i


L. 22


n-aice an taoibh ó thuaidh agus an D i n-aice an taoibh
ó dheas.



D'aithin an t-aos óg na háiteacha thart timcheall
comh luath agus d'amhairc siad ortha, agus thoisigh cuid
aca ag taisbeáint a n-áit féin. Thug an maighistir
ortha a innsin dó caidé an taobh ó thigh na scoile i n-a
raibh siad 'na gcomhnuidhe, agus níor stad sé acht ag
cur cheist ortha go raibh sé sásta i n-a intinn féin go
raibh na háirde go maith aca ar an léarsgáil agus ar
an uile dhóigh eile.



'Na dhiaidh sin chuir sé an léarsgáil ar crochadh ar
an bhalla agus thug sé ortha tabhairt fá deara go raibh
an T anois ag bárr na léarsgáile, D ag a bun, O ar
thaobh na láimhe deise, agus I ar thaobh na láimhe clí,
agus dubhairt sé leo cuimhne mhaith a chongbháil air seo:
nuair a bheadh siad ag léarsgáil ar bith gurab é bárr
na léarsgáile an tuaidh, agus bun na léarsgáile an
taobh ó dheas; go bhfuil thoir ar thaobh na láimhe deise,
agus thiar ar thaobh na láimhe clí, nuair a bheir tú
d'aghaidh ar an léarsgáil.



Congbhuigheadh na scoláirí ag an léarsgáil ag tais-
beáint na n-áird do réir duine agus duine, go bhfac-
thas do'n mhaighistir go raibh siad aca go cliste, agus
nach raibh earráid ná seachrán ar aon duine aca. Mhol
sé iad annsin, agus gheall se dhóibh go mbeadh léar-
sgáil eile aige dóibh lá ar na bhárach.



Rith an bhealaigh a-bhaile an lá sin níor stad siad
acht ag caint fá léarsgáilibh agus fá na háirdibh ortha
agus ag tomhas caidé an ceann úr a bheadh aca ag an
chéad cheacht eile. Dubhairt ógánach amháin gur mhaith
leis féin léarsgáil na hÉireann do bheith aca, mar bhí
ceann ar crochadh i seomra a athar ins an bhaile agus
bhí eolas beag aige ar chuid de na háitibh innti.



Gluais.



Léaraidibh = léarsgáilibh, mapannaibh, mapaíbh, maps.



Ag moladh ceann, praising some.


L. 23


Thart fa dtaobh de = thort thimcheall air, mór-thimcheall air, 'na
mhór-thimcheall, thart gach dtaoibhe de, round about it.



Ar an uile dhóigh = ar an uile chuma, ar gach aon chuma (tslighe,
chaoi), in every way.



Ar crochadh = crochta, hung, a hanging; chuir sé an léarsgáil ar
crochadh = chuir sé an léarsgáil crochta, he hung (suspended) the
map.



Ar an bhalla = leis an bhfalla, leis an mballa, on the wall.



Thug sé ortha = chuir sé d'fhiachaibh (iallach) ortha, do chuir sé fá
ndeara dhóibh, he made them, he compelled them.



Cuimhne mhaith a chongbháil air seo = an méid seo choimeád 'na
gcuimhne go maith, to always remember this (this much) well.



Do réir duine agus duine = 'na nduine agus 'na nduine, diaidh
ar ndiadh, one after another.



Go bhfacthas do'n mhaighistir = go bhfeacathas (gur samhluigheadh),
tógbhadh, toimhdeadh) do'n mhaighistir, until it appeared to the
master.



Ógánach amháin = aon bhuachaill amháin, duine aca, one youth, one
boy, one of them.



AN NAOMHADH CEACHT.



Nuair a tháinic an maighistir isteach roimh an cheacht
chruinneolais, agus cuachán mór páipéir faoi n-a
ascaill, an lá 'na dhiaidh sin, bhí amharc gach súla air.
D'fhosgail sé amach an cuachán gan mhoill, agus
spréidh sé ar bhórd rompa é, go díreach mar rinne sé
an lá roimhe, an T i n-aice an taoibh ó thuaidh agus D
i n-aice an taoibh ó dheas.



Munab é go raibh an t-ainm ar an léarsgáil, bhí
mórán de na páistíbh nach n-aithneóchadh í, acht ní raibh
sé i bhfad go raibh sé i mbéal gach duine, “Seo í
léarsgáil an pharáiste,” agus thoisigh siad uile ag
cuartughadh a n-áit féin uirthi. Bhí líne dhearg
tarraingthe thart fá áit, mar bheadh páirc bheag, i lár
na léarsgáile, agus budh mhaith leo uile fios d'fhághail
caidé fá n-a choinne a raibh sí.



Dubhairt an maighistir leo nach n-innseóchadh sé dhóibh
caidé fá n-a choinne a raibh sí go sáruigheadh sé ortha
féin an cheist d'fhuasgailt, agus gur mhaith leis iad do
dheanamh a ndíchill i gcomhnuidhe.


L. 24


Fá dheireadh shonnruigh cailín beag gasda glic go
raibh teach na scoile i lár na h-áite so bhí, mar
déarfá, gearrtha amach as croidhe na léarsgáile. 'Na
dhiaidh sin is amhlaidh mar d'fhuasgail siad an cheist,
na bailte talaimh a bhí aca ins an léarsgáil an lá
roimhe gur bh'iad a bhí timchiolluighthe thart leis an líne
dhearg.



Caith siad an lá sin go sultmhar pléisiúrdha ag
cuartughadh agus ag fághail eolais ar na háitibh ins
an pharáiste. Bhí aithne aca ar an mhór-chuid de na
bailtibh talaimh cheana, agus chualaidh siad iomrádh ar
mhórán eile aca, agus shaoilfeadh duine a bheadh ag
éisteacht leo, agus an gleo a bhí aca, go raibh greann
an-bhreagh aca, agus níor mhothuigh siad go raibh am an
cheachta thart.



Gheall an maighistir dóibh go rachadh sé leo go
mullach chnuic áird an chéad lá maith eile, agus go
dtaisbeánfadh sé dhóibh an chuid budh mhó de na háitibh
a bhí ainmnighthe ar an léarsgáil.



Gheall sé dhóibh mar an gcéadna go dtiubhradh sé leis
iad go bhfeiceadh siad abhainn agus sruthán, loch agus
currach, árdán agus comhthromóg, sliabh agus cnoc.



Bhí lúthgháir an-mhór ar na páisdíbh fá chluinsin go
mbeadh lá saoire aca, nó sin mar d'amhairc siad-san
ar na gnoithibh, acht bhí a fhios ag an mhaighistir go
bhfoghluimeóchadh siad i bhfad níos mó amuigh lá mar
sin 'ná d'fhoghluimeóchadh siad i dtigh na scoile.



Gluais.



Cuachán = corn, rolla, ladhar, stuadh, cín, a roll, a sheet;
cuachán páipéir, a roll of paper, but corn éadaigh, a roll of cloth;
cín meamraim, a roll (or codex) of parchment; stuadh nó ladhar
páipéir, a sheet of paper.



Rompa = os a gcomhair, before them, in their presence.



Go díreach mar = díreach mar, dálta mar, just as, exactly as.



Munab é = muna mbeadh, only, were it not, if it were not the case.



Seo í léarsgáil an pharáiste = sidí léarsgáil na paróiste, this
is a map of the parish.


L. 25


Thoisigh siad uile ag cuartughadh a n-áit féin uirthi = do chrom-
adar (dhírigheadar) go léir ar a n-áiteannaibh féin do chuardach
innti, they all began to search for their own places in it (on it).



Thart fá = timcheall, mór-thimcheall, round, around.



Caidé fá n-a choinne a raibh sí = cad chuige go raibh sí ann, for
what purpose (why) it was.



Go sáruigheadh sé ortha féin = go dteibfeadh (dtiobfadh, dteip-
feadh) sé ortha féin, go gcinnfeadh sé ortha féin, go rachadh (raghadh)
sé dhíobh féin, until they themselves would fail (lit., until it would
beat or surpass themselves).



Iad do dhéanamh a ndíchill = iad a ndícheall do dhéanamh, go
ndéanfaidís a ndícheall, that they would do their best.



Shonnruigh = thug fá ndeara (fá deara), chrothnuigh, chonnsuigh, do
mhothuigh, d'airigh, chuir … crothnughadh 'sa (ar an) méid seo,
noticed, perceived, remarked.



Croidhe = croidheachán, heart, core; here = lár, ceart-lár, middle,
very middle.



D'fhuasgail siad = do réidhtigheadar, they solved.



Iomrádh = trácht, luadh, luadhthairt, talk, mention, “tell”.



Fá chluinsin = fá chloistin, i dtaobh is gur chualadar, faoi rádh
's gur chualadar (chuala siad), because they heard, at hearing.



Gnoithibh = gnóthaíbh, business.



Níos mó = ní budh mhó, more.



AN DEICHMHEADH CEACHT.



Nuair a tháinic an lá ar chóir do na scoláiríbh dul
amach thríd an tír mar gealladh dhóibh, bhí sé ag cur
fearthanna, agus b'éigean dóibh fanacht i dtigh na
scoile, gé gur bhrónach an sgéal aca é, acht níor chuir
siad a n-am amudha, mar bhí seanchas aca fá'n aimsir
agus fá mhórán eile a bhain léi.



Dubhairt ógánach amháin nach raibh fuath ar bith aige-
sean ar an fhearthainn, go háirighthe nuair a thigeadh sí
tráthnóna Dia hAoine, mar gheibheadh sé cead a bheith
ag iasgaireacht breac rith an lae Dia Sathairn, agus
b'fheárr leis sin 'ná bheith ag bainis.



Dubhairt duine eile go gcualaidh sé gur bh'é méad
na fearthanna a bhíodh againn ins an tír seo a thug ar
an fhéar fás chomh maith agus ar na machairíbh a bheith
chomh glas.


L. 26


Labhair buachaill amach agus dubhairt sé go gcualaidh
sé a athair ag rádh go mbíodh an iomad cuileóg aca
ins na tíorthaibh a bhíodh tamall fada gan fearthainn,
agus gur ar éigean a thiocfadh le duine siubhal ionnta
le plúchadh ó'n chré agus le luaithre a d'éirigheadh ó'n
talamh ar uairibh, agus a bhíodh d'á síobadh leis an
ghaoith anois agus arís.



D'iarr duine aca ar dhuine eile a thomhas cá mhéad
lá tirm a bhí againn rith na bliadhna i n-uraidh ins na
Ceallaibh Beaga.



Níor éirigh le haonduine an rud ceart a thomhas,
agus fá dheireadh do hinnseadh dhóibh gur céad agus
seacht lá dhéag de laethibh tirme bhí aca ins na
Ceallaibh Beaga agus thart fá'n cheanntar sin ar feadh
na bliadhna 1902.



D'fhiafruigh siad de'n mhaighistir an raibh baint ar
bith ag cruinneolas leis an aimsir, agus le neithibh
mar sin.



D'innis sé dóibh go raibh go cinnte, go raibh baint ag
cruinneolas le beagnach gach nídh ar dhruim na talmhan
agus gach nídh d'ar thárlaidh air agus ins an aer atá
fá dtaobh de.



Thoisigh siad ag cainnt eatorra féin ar na neithibh a
bhí ag fás as an talamh agus ag rádh go raibh baint ag
cruinneolas leo uile, agus do lean cuid aca de'n
chómhrádh go raibh siad ins an bhaile an tráthnóna sin.



Bhí cuid eile aca ag rádh nach raibh an fhearthainn
agus an fuacht, an sioc agus an sneachta gan maith
éigin nuair a chongbhuigh siad na mílte agus milliúna
cuileóg ar siubhal uainn.



Gluais.



Ag cur fearthainn = ag fearthainn, ag cur, ag báistigh, raining.



Níor chuir siad a n-am amugha = níor sgaipeadar (chaitheadar)
a n-aimsir gan tairbhe, they did not waste their time.



Seanchas fá = caint ar, cur síos ar, trácht ar (fá), talk about,
discussion about.



Tráthnóna = um thráthnóna, in the evening.


L. 27


A thug ar an fhéar = a thug do'n fhéar, fá ndeara do'n bhféar,
that caused the grass.



Plúchadh = múchadh, tachtadh, smothering, choking.



Síobadh = séideadh, driving, blowing; d'á síobadh, being driven or
drifted, blown about.



A thómhas = tomhas, buille fá thuairim do thabhairt ar, to guess.



Ar siubhal uainn = i bhfad uainn, ar shiubhal uainn, uainn, (far)
away from us.



AN t-AONMHADH CEACHT DÉAG.



Tháinic lá fliuch eile, cosamhail leis an lá a chuaidh
thart, agus b'éigean do na páisdíbh fanacht ins an tigh,
acht níor chaill siad dadaidh d'á shiocair sin, mar
congbhuigheadh iad gnoitheach, acht b'fhearr leis an chuid
budh mhó aca bheith amuigh.



D'fhiafruigh an maighistir an bhfacaidh siad loch
ariamh, agus dubhairt cuid aca go bhfacaidh, agus do
hiarradh ar dhuine aca a innsin do'n chuid eile caidé
an rud loch.



I ndiaidh smuainte air féin tamall, d'fhreagair sé
gur poll mór uisge é, agus talamh thart timcheall air, agus
gur gnáthach le habhainn a bheith ag teacht isteach ann
agus a fhágáil, go raibh currach bog ar thaobh amháin
de'n loch a raibh seisean aige, agus go raibh mar bheadh
féar fada ag fás ar imeall an locha, agus gur innis
a dhearbhráthair dó gur cuisgreach no cuilc a bheireadh
na daoine air agus go raibh sé ocht nó naoi dtroighthe
ar a fhad.



Budh mhaith le duine nó beirt fios d'fhághail an raibh
beathadhaigh ar bith beo ins na lochannaibh. Dubhradh leo
go raibh madaidh uisge coitcheann go leór ins an uile
loch, agus go raibh cineál eile de mhadadh uisge a raibh
dobharchú mar ainm air, ar dheanamh con agus gob
caol fada air, i gcuid eile aca. Sgairt ógánach
amach go gcualaidh sé féin sgéal fá dhobharchoin a lean
fear uair amháin agus gur fhobair go mbéarfadh sé
air, acht chaith an fear a chasóg ar charraig agus nuair


L. 28


a tháinic an dobharchú comh fada leis, bhris sé a ghob i
n-aghaidh na carraige, mar shaoil sé gur bh'é an fear a
bhí i n-áit na casóige.



Dubhairt buachaill eile go raibh sé féin 'na chomh-
nuidhe ar bhruach locha agus nach bhfacaidh sé beathadhach
ar bith ann riamh, acht go raibh bric agus eascona go
leor ann agus gur mhinic a mharbh sé cuid aca ag
iasgaireacht le boighte.



D'fhiosruigh siad de an bhfacaidh sé each uisge riamh
ins an loch, agus d'fhreagair sé nach bhfacaidh agus nár
chreid sé go raibh a leithéid ann, nó dá mbeadh, go
bhfeicfeadh sé i n-am éigin é. Dubhairt cuid eile go
raibh nó go bhfacaidh daoine cuid aca agus go gcual-
aidh siad féin na daoine seo ag rádh go bhfacaidh siad
each uisge agus nach n-innseóchadh siad bréag.



D'éirigh aidhneas agus callán eatorra fá'n each
uisge agus d'iarr an maighistir ortha deireadh a chur
leis go dtí lá eile, agus go mbeadh sgéal aige féin
le hinnsin fá dtaobh de.



Gluais.



D'á shiocair sin = d'á dheasgaibh sin, d'á dhruim sin, d'á bhárr
sin, on that account, because of that.



Gnoitheac = gnóthach, busy.



I ndiaidh smuainte air fhéin tamall = tar éis tamall do thabh-
airt ag machtnamh, after thinking (pondering) awhile.



Cuisgreach nó cuilc = giolcach, reeds.



A bheireadh na daoine air = do glaoidhtí air, (the) people used to
call it.



Beathadhaigh = beithidhigh, beasts.



Madaidh uisge = madraí uisge, dobharchoin, otters, but the latter
formerly = otters, in general, is now applied in Co. Donegal to a
peculiar kind of otter with a long narrow beak, as the lesson states.



Dobharchú, peculiar kind of otter, as above.



Ar dheanamh chon = i bhfuirm con, ar chuma con, i riocht con, in
the shape (form) of a greyhound.



Sgairt = ghlaoidh, ghlaodhuigh, called.



Boighte = biata, béata, bait.



Each uisge, a water-horse, a kind of animal said to exist in the
lakes of Connacht and Co. Donegal.



Callán = gleó, geoin, the noise of talk, especially of a confused
and loud kind.


L. 29


AN DÓMHADH CEACHT DÉAG.



D'fhiafruigh an maighistir díobh cia aca a dtioc-
fadh leis a innsin dó caidé an dealughadh nó an
deithbhir atá idir sliabh agus cnoc. Chuir fear óg
suas a lámh agus dubhairt sé go raibh sliabh níos áirde
agus níos fuide ná cnoc, agus d'aontuigh siad uile
go raibh so ceart. Thoisigh siad annsin ag ainmniughadh
na gcnoc a bhí chómhgarach dóibh.



Shaoil cuid aca gur bh'iongantach mar fuair bunadh
na sean-aimsire ainmneacha do'n uile áit go fiú na
gcairrgeach agus na bpoll ins na haibhneachaibh agus
na sgréigeachaibh a chois na fairrge.



D'innis an maighistir dóibh go raibh ciall le hiomlán
na n-ainm seo agus nach féidir do aonduine stair na
hÉireann a scríobhadh nó a léigheadh nó a thuigsin muna
raibh Gaedhilg aige agus muna raibh ciall agus brígh
na n-ainm aige a tharlaidheas innti, agus ar an ádhbhar
sin, má budh mhian leo eolas a bheith aca fá n-a dtír
féin mar budh chóir, go raibh sé d'fhiachaibh ortha an
Gaedhilg d'fhogluim.



Budh mhaith leo annsin míniughadh d'fhághail ar ainm-
neachaibh a mbaile féin agus fuair siad sin agus
gheall an maighistir go míneóchadh sé dhóibh an uile
ainm a chasfaidhe ortha nuair a bheadh siad ag léigheadh
staire na hÉireann agus ag foghluim cruinneolais,
agus bhí siad sásta.



Thoisigh siad annsin ag cuimhniughadh ar shléibhtibh agus
ag innsin fá nídh éigin a tharlaidh ortha. D'ainmnigh
duine amháin Sliabh Chalbhaire, agus dubhairt sé gur ar
an sliabh sin a céasadh ár Slánuightheoir.



D'ainmigh duine eile Sliabh Shinái ar ar tugadh na
deich n-aitheanta do Mhaoise.



Leag an maighistir anuas léarsgáil an domhain
agus thaisbeán sé na sléibhthe seo dhóibh uirthi, agus
thaisbeán sé Éire, a n-oileán dílis féin, dóibh 'san am
chéadna. Mhínigh sé dhóibh gur talamh a bhí ins an chuid


L. 30


de'n léarsgáil a bhí dathuighthe agus gur uisge bhí ins
an chuid a bhí bán.



D'fhiafruigh sé an raibh cuimhne aca ar shléibhtibh ar
bith eile, agus dubhairt duine aca gur léigh sé i
mBeatha Phádraic Naomhtha gur chaith sé sé bliadhna ar
Shliabh Mis i nUltaibh ag buachailleacht muc agus
caorach, agus tamall fada 'na dhiaidh sin gur chaith sé
ó thoiseach an Chorgais go dtí n-a dheireadh ar Chruach
Phádraic, sliabh i gConnachtaibh.



D'fhosgail an maighistir amach léarsgáil na hÉireann
agus thaisbeán sé na háiteacha so uirthi, agus dubhairt
sé leo gur chóir dóibh an uile áit a thaisbeánfaidhe
dhóibh a chongbháil i gcuimhne.



Gluais.



Bunadh = muinntir, daoine, people.



Aibhneachaibh = aibhnníbh, rivers.



Sgréigeachaibh = creagachaibh, creagrachaibh, rough craggy ground
near the sea.



A chasfaidhe ortha = do bhuailfeadh umpa (leo), a dtiocfadh siad
trasna air, go dtiocfaidís crosta air, that they would meet or
come across.



Ag innsin fá = ag innsint ar, telling about.



A céasadh = a páiseadh, was crucified.



Leag = do leig, do leog, let.



AN TRÍOMHADH CEACHT DÉAG.



Fá dheireadh agus fá dhéidheanach tháinic lá breagh
soillseach grianmhar, agus níor leig na scoláirí do'n
mhaighistir dearmad a dheanamh d'á gheallamhain.



Go goirid i ndiaidh an dó-dhéag d'fhág sé na naoidh-
eanáin agus an chuid ab' óige de na páisdíbh faoi
chúram na maighistreása, agus thug sé an chuid eile
leis go bárr chnuic áird a bhí fá thuairim míle ó thigh
na scoile.



Shiubhail siad go socair suaimhneach agus nuair a
chasfaidhe crann nó tom, srúthán nó tobar, nó dadaidh


L. 31


iongantach, ortha, ní léigeadh an maighistir thairis iad
gan a ainm d'fhághail uatha nó innsin dóibh. Mar an
gcéadna leis na héanachaibh a chuireadh siad 'na suidhe,
b'éigean do a n-ainmneacha d'innsin dóibh agus cá
mbíodh a neadracha deanta aca.



Ar an dóigh seo níor mhothuigh siad go raibh siad ag
bárr an chnuic.



Thoisigh siad annsin ag amharc ar na háiteachaibh a
raibh eólas aca ortha ar dtús agus ar a dtighthibh féin.
'Na dhiaidh sin, d'innis an maighistir ainmneacha na
n-áit cómhgarach aca. Bhí sléibhte agus cnuic, árdáin
agus gleanntáin, mínte agus machairí, lochanna,
aibhne agus srutháin, bealaighe móra agus casáin,
cloidhtheacha teórann agus sgonnsaí agus mórán de
neithibh eile, le feicsin ó'n chnoc so agus b'éigean do'n
mhaighistir an iomad ceist a chur agus a fhreagra.



Cuid de'n aos óg nach bhfacaidh loch riamh roimhe,
dubhairt siad nár bh'iongantach leo dá mbeadh beath-
adhaigh allta ann, agus chuir siad i gcuimhne do'n
mhaighistir gur gheall sé dhóibh sgéal a innsin fá each
uisge.



“Ní fiú sgéal a thabhairt ar a bhfuil agam-sa le
hinnsin daoibh,” ars' an maighistir, “acht an lá fá
dheireadh, nuair a bhí imreasán eadraibh agus am an
cheachta caithte, tháinic rud in mo chuimhne a chonnairc
mé níos mó 'ná dhá fhichead bliadhan ó shoin. Maidin
bhreagh samhraidh bhí mé féin agus duine muinteardha
damh ag dul chum na scoile. Bhí loch ar thaoibh an
bhealaigh mhóir, agus chonncamar araon beathadhach
amuigh i n-a lár. Bhí a cheann agus a ghuala agus a dhá
chois tosaigh ós cionn an uisge, agus bhí amharc maith
fada againn air. Do réir ár mbaramhla-sa, bhí sé
comh mór le searrach bliadhna agus é chomh dubh le
háirne. Ní thig liom cinnteacht a thabhairt daoibh gur
each uisge bhí ann, acht ní'lim féin i n-amhras ar bith
nár bh'eadh, & bíodh bhur mbreathnughadh féin agaibh-se.”



Chaith siad suas le dhá uair ar mhullach an chnuic,


L. 32


agus d'fhoghluim siad mórán fá'n tír thart timcheall,
acht ní raibh siad sásta gur gheall an maighistir go
léigfeadh sé suas iad lá eile. D'iarr sé ortha ainm-
neacha na gcnoc agus gach uile áit d'ár bh'fhéidir leo
d'fhoghluim roimh an lá sin, agus dubhairt sé, an té is
mó a mbeadh ainmneacha aige, go dtiubhradh sé leabhar
deas dó.



Do bheartuigh gach duine aca dó féin gur bh'aige
féin a bheadh an leabhar.



Gluais.



Fá dhéidheanach = fá dheoidh, at length, at last, finally.



Fá thuairim míle = tuairim le míle, timcheall is míle, fá mhíle,
about a mile.



A chuireadh siad 'na suidhe, which they would start.



Neadracha = neada, nests.



Ar an dóigh seo = ar an gcuma so, in this way.



Mínte (pl. of mín), “misks,” i.e. green level places in the moun-
tains (not green always).



Sgéal fá = sgéal ar, a story about.



An lá fá dheireadh = an lá cheana, the other day.



Tháinic rud in mo chuimhne = tháinig rud éigin im' chuimhne, thugais
rud éigin chun mo chuimhinte, I recollected something.



Níos mó 'ná = thar, os cionn, over, more than.



Ní'lim féin i n-amhras ar bith = ní'l amhras ar bith agam féin, is
beag d'á mhearbhal (dhearmad) orm féin, I have not the slightest
doubt, I know right well, right well I know.



Breathnughadh = breitheamhantas, breitheamhnas, meas, tuairim,
judgement, opinion.



Do bheartuigh gach duine aca dó féin = bhí sé socair i n-a aig-
neadh ag gach duine díobh, do bheartuigh gach duine aca i n-a aig-
neadh, each one of them made up his mind. Lit. each person of
them “deeded” for himself; bheartuigh from beart, a deed.



AN CEATHRAMHADH CEACHT DÉAG.



Nuair a tháinic an t-am fá choinne an cheachta
chruinneólais an lá 'na dhiaidh sin, thug an maighistir
na páisdí ós coinne chláir dhuibh agus tharraing samhail
cnuic agus sléibhe air. D'innis sé dhóibh go raibh na


L. 33


sléibhte agus na cnuic níos duibhe ar na léarsgáilibh
'ná an talamh thart timcheall.



Comh luath agus bhí eólas aca air sin, tharraing sé
samhail aibhne (abhann) agus srutháin ar an chlár dóibh,
ag dul isteach i loch agus ag imtheacht amach as an
cheann eile dhe. D'fhiafruigh duine aca de caidé an
chaoi a n-aithneóchadh siad idir abhainn agus sruthán ar
an léarsgáil. D'innis an maighistir dóibh go raibh na
haibhneacha rud beag níos leithne 'ná na srutháin agus
mar an gcéadna go bhfuil bun na habhna beagán níos
leithne ar na léarsgáilibh 'ná a bárr.



D'fhiosruigh sé dhíobh caidé mar ritheann na haibh-
neacha, cia haca leis an chnoc nó i n-aghaidh an chnuic?
Bhí a fhios aca uile go ritheann uisge i gcómhnuidhe le
fánaidh.



Chuir sé mórán eile dhe cheisteannaibh ortha le
haghaidh go dtuigfeadh siad go ritheann na haibhneacha
i gcómhnuidhe thríd an talamh is ísle agus go bhfuil
bun na habhna níos ísle 'ná a bárr, agus mar sin,
nuair a bheadh léarsgáil rompa, go bhféadfadh siad
aithne uirthi caidé an taobh i raibh an talamh ag
claonadh.



Thrácht siad annsin fá lochannaibh, agus caidé
b'adhbhar dóibh. Dubhairt duine aca gur mhinic a rinne
sé loch beag lá tuile i sruthán a bhí cómhgarach dó.



Chonnairc ogánach eile a athair ag deanamh tobair
lá amháin, agus shaoil sé go raibh na lochanna cosamhail le
toibreachaibh móra. D'iarr siad air a innsin dóibh
caidé mar rinneadh an tobar. Dubhairt sé gur thochail
sé poll mór domhain i dtoiseach agus annsin gur chuir
sé balla thart air agus cré le n-a chúl sin. D'fhiaf-
ruigh duine aca caidé fá n-a choinne a raibh an chréaf-
óg. Dubhradh leis gur chongbhuigh an chréafóg an
t-uisge gan a dhul thríd.



Dubhairt an maighistir nár neamhchosamhail ar bith
deanamh an tobair leis an dóigh ar thoisigh na lochanna
ar dtús. Bhí log ins an talamh agus líon an t-uisge


L. 34


suas é go bhfuair sé bealach amach i n-áit éigin fá
dheireadh. Chómhnuigh an t-uisge ins an log agus rinne
sé loch.



D'éirigh ceist eile idir na páisdíbh, 'sé sin, caidé an
mhaith atá ins na lochannaibh? Dubhradh go raibh iasg
ionnta, acht d'fhreagair duine eile gur bh'fheárr an
talamh a bhí fútha. D'innis an maighistir go gcong-
bhuigheadh na lochanna mórán uisge lá tuile, agus ar
an adhbhar sin nach mbíodh an tuile comh mór nó comh
láidir agus nach ndeanadh sí oiread dochair do'n
talamh nó do'n bhárr ar dhá thaobh na habhna.



Gluais.



Ós coinne = os comhair, opposite to, before.



Samhail = cosamhlacht, likeness.



Caidé an chaoi = cia an chaoi, cia an nós, caidé mar, cia mar,
cionnus, how.



Idir abhainn agus sruthán = abhainn thar sruthán, a river from a
stream, the difference between a river and a stream.



Bun na habhna = bun na habhann, bun na haibhne, the mouth of
the river.



A bhárr, it's source.



Leis an chnoc = le fánaidh an chnuic, down the hill.



I n-aghaidh an chnuic = i gcoinne (gcoinnibh) an chnuic, up (against)
the hill.



Aithne uirthi = aithniughadh uirthi, aithint uirthi, know by it.



Trácht siad annsin fá lochannaibh = do thráchtadar annsoin ar
lochaibh, they talked then about lakes.



Caidé b'adhbhar dóibh = cad ba thrúig (chúis) dóibh, cad ba bhun
leo (dóibh), what was the cause of them.



Gur thochail sé = gur ghearr sé, that he dug (cut).



Domhain = doimhin, deep.



Thart air = timcheall air, around it.



Bealach = slighe, way.



Dochair = díoghbhála, (of) damage, harm.



AN CÚIGEADH CEACHT DÉAG.



An lá so thug an maighistir na páisdí amach leis
agus thaisbeán sé ghabháltas talaimh dhóibh i n-aice thighe
na scoile agus cloidhe teorann ar gach taobh dhe,


L. 35


agus d'fhiafruigh sé dhíobh caidé fá n-a choinne a
ndearnadh an cloidhe ar gach taobh mar sin.



Shaoil duine amháin gur le dealughadh nó teorainn a
dheanamh idir na gabháltasaibh a rinneadh na cloidh-
eacha. Shaoil an dara duine gur leis an eallach a
chongbháil ó ghabháil anonn agus anall ar thalamh
dhaoine eile. Dubhairt duine eile go raibh fasgadh
ins na cloidheachaibh lá gaoithe móire. Dubhairt an
ceathramhadh duine gur mhór a chuidigh na díogacha a bhí
ar gach taobh de'n chloidhe leis an talamh a thiormughadh.



Dubhairt an maighistir go raibh lúthgháir air fá a
fhios a bheith aige go raibh siad ag smuaineadh ortha
féin agus gan freagra mar bheadh píoróid ann.
D'fhiafruigh sé caidé mar bhí an gabháltas a raibh siad
ag amharc air teoranta ar an taobh ó dheas, agus do
hinnseadh dó; annsin ar an taobh thiar, agus do hinn-
seadh dó, agus mar an gcéadna leis na taobhaibh eile.
Ní raibh sé sásta go dtug sé ortha a innsin dó caidé
mar bhí dhá ghabáltas eile teoranta.



Chuaidh siad isteach go tigh na scoile annsin agus
d'fhosgail sé amach léarsgáil an pharáiste agus
d'iarr sé ortha a fhuasgailt dó caidé mar bhí a mbaile
féin teoranta, agus 'na dhiaidh sin na bailte cómh-
garach dó.



Nuair a bhí sin deanta aca, thoisigh siad ag cuart-
ughadh na n-áit a chonnairc siad uatha ó'n chnoc árd a
raibh siad air an lá fá dheireadh, agus shaoil siad go
raibh greann an-mhór aca. Thoisigh cuid aca ag
taisbeáint na mbailte a bhí níos áirde agus níos ísle
'ná a chéile do réir cúrsa na sruthán agus na haibhne.



Fá dheireadh dubhairt bean bheag bheodhanta leis an
mhaighistir gur bh'iomdha ceist chruaidh a chuir sé ortha-
san, agus anois go mheadh sí an-bhuidheach dhe dá
bhfuasglóchadh sé ceist di-se.



Dubhairt sé go ndeanfadh agus fáilte, dá mbeadh
sé i n-a chumas.



D'fhiafruigh sí dhe cá has a n-éirigheadh na haibhneacha.


L. 36


Dubhairt sé nach mbíodh ins an chuid budh mhó de na
haibhneachaibh ó thús acht srutháin bheaga, acht go
dtigeadh srutháin eile isteach ionnta, go dtí fá
dheireadh go mbíodh siad mór go leór le habhainn a
thabhairt ortha; gur as tobar mhór atá an tSionainn,
an abhainn is mó i nÉirinn, ag éirighe, agus mar an
gcéadna gur as tobar atá an abhainn is mó 'san
Eóraip, Sruth Danóibí, ag éirighe. Taisbeánadh an dá
abhainn seo ar léarsgáil na hEórpa agus 'na dhiaidh
sin taisbeánadh an tSionainn ar léarsgáil na
hÉireann.



Gluais.



Gabháltas = feirm, feilm, baile talaimh, a holding, a farm.



Fasgadh = foithin, shelter.



Chuidigh = Chongnuigh, chabhruigh, helped.



Fá = i dtaobh, at, about.



Píoróid = a parrot.



Teoranta = críochanta, tóranta, bounded.



A fhuasgailt dó = a réidhteach dó, to solve (it) for him.



Beódhanta = beo, beodha, lively, smart.



I n-a chumas = ar a chumas, ar chumas dó, in his power.



Go mbíodh siad mór go leor le habhainn a thabhairt ortha = go
mbíodh dóthain abhann ionnta, they would be big enough to be called
(for) a river.



AN SEISEADH CEACHT DÉAG.



Ag an cheacht an lá 'na dhiaidh sin, dubhairt an maigh-
istir nár fhuasgail sé an cheist go hiomlán a chuir an
cailín beag air an lá roimhe; agus gur minic a bhí
barr nó bun-shruth aibhne i loch nó i gcurrach nó i n-áit
bhog éigin.



“A mhaighistir, led' thoil,” arsa gasúr beag, “cá
dtéidheann na haibhneacha?”



“Téidheann an chuid is mó aca isteach 'san fhairrge
mhóir agus beagán aca isteach i bhfairrgíbh atá i lár
na talmhan,” ars' an maighistir.


L. 37


Sgaoileadh anuas léarsgáil an domhain, agus tais-
beánadh aibhneacha ag dul isteach 'san fhairrge mhóir
agus mar an gcéadna aibhneacha ag dul isteach i
bhfairrgíbh i lár na talmhan.



Nuair a bhí so deanta, chuach an maighistir suas
léarsgáil an domhain, agus sgaoil sé anuas léar-
sgáil na condae. Bhí líne dhearg tarraingthe idir í
féin agus na condaethe eile. Bhí an fhairrge ar
thaobh amháin di agus ní raibh líne dhearg ar bith ar an
taobh sin.



Mar an gcéadna bhí líne dhearg tarraingthe thart
fá'n pharáiste. Ní raibh sé i bhfad gur thuig na páisdí
caidé fá n-a choinne a raibh na línte dearga, agus
thoisigh cuid aca 'gá fhuasgailt caidé mar bhí an chon-
dae teoranta ar an uile thaobh.



Bhí beagán de bhailtibh móra na condae taisbeánta
thall agus i bhfus, agus bhí lúthgháir mhór ar an aos óg
nuair a casadh ortha ar an léarsgáil baile mór ar bith
a gcualaidh siad iomrádh fá dtaobh de.



Chonnairc siad bealaighe móra ar na léarsgáilibh
eile acht anois dhearc siad níos géire ortha, agus
thoisigh siad ag fiafruighe d'á chéile caidé an bealach a
bhéarfadh iad as a n-áit féin go dtí na bailte móra
thart cómhgarach aca.



D'iarr an maighistir ortha bheith cinnte agus na con-
daethe d'fhoghluim a bhí ag críochantacht le n-a gcon-
dae féin, agus gheall siad go ndeanfadh.



D'fhiafruigh duine aca de'n mhaighistir caidé an
cineál bealaigh é sin a bhí neamhchosamhail leis an chuid
eile. Dubhairt sé go raibh mar bheadh fiacla ann.
D'innis an maighistir dóibh gur bh'é sin an bóthar
iarainn, agus chaith siad tamall ag dearcadh ar na
bailtibh ins an chondae a ndeachaidh sé thríotha.



Ní leathshásta bhí na scoláirí an lá so nuair a bhí
am an cheachta istigh, acht gealladh dhóibh go léigfidhe
dhóibh a bheith níos mó 'ná lá amháin ag an léarsgáil so
agus shásuigh sin iad.


L. 38


Chuir ógánach beag i gcuimhne do'n mhaighistir gur
gheall sé a dtabhairt suas chum an chnuic áird úd lá
eile agus nach ndearna sé go fóil é. Dubhairt an
maighistir go rachadh siad comh luath agus bheadh ainm-
neacha na sliabh agus na gcnoc a bheadh ar a n-amharc
aca, agus thug siad air iad so a thaisbeáint dóibh,
agus d'foghluim siad go dian dícheallach go raibh
siad aca.



Dubhairt cuid aca gur mhaith leo dul a chois na
fairrge lá nó dhó, agus d'innis an maighistir dóibh go
raibh dúil aige a dtabhairt annsin nuair a bheidheadh
cruinneolas na condae foghluimthe aca agus 'sé an
smuaineadh bhreathnuigh siad nach gcoingbheóchadh sin i
bhfad ar gcúl iad.



Dubhairt sé, an leabhar a gheall sé do'n té ab' fhearr
a chuimhneochadh ar ainmneachaibh na n-áit, go raibh dúil
aige an comórtas fá n-a choinne a bheith aige gan
mhoill, cuid de, b'fhéidir, an lá a rachadh siad suas an
cnoc agus an chuid eile an lá 'na dhiaidh. Bhrostuigh so
iad a bheith níos dícheallaighe ar feadh na haimsire
a tháinic go dtí go ndeachaidh siad suas an cnoc.



“Is dóiche,” ars' an maighistir, “nach bhfuil mórán
eolais agaibh ar ainmneachaibh a bhaineas leis an
fhairrge, acht is cóir daoibh a bheith d'á bhfoghluim comh
maith agus is féidir daoibh go dtí an lá a rachamaid
annsin. Féadann sibh fiafruighe de bhur n-aithreachaibh
agus de bhur máithreachaibh, de bhur ndeirbhsheathrachaibh
agus de bhur ndearbhráithreachaibh, nó de dhuine ar bith
eile, má tá easbhaidh eólais oraibh fá aon nídh, agus
mar so tiocfaidh eólas agus tuigse agus críonnacht
chugaibh gan mhothughadh.



Gluais.



Bun-shruth, source, lit. original stream.



Sgaoileadh anuas = leigeadh anuas, was let down.



Chuach = d'fhill, rolled, folded.



Condae = contae (cúntae), county.



Thart fá'n pharáiste = timcheall na paróiste, round the parish.


L. 39


Ní raibh sé i bhfad gur = níor bhfada gur, it was not long until,
soon.



Ar an aos óg = ar an haosógaibh, ar an aois óig, (on) the young
people.



Iomradh fá dtaoibh de = trácht air, luadh nó luadhthairt air, talk
about, “tell of.”



Ag críochantacht le = ag teorantacht le, “marching with,” “bor-
dering on, bounding. Also ag tórainnteacht (tórantacht) le.



Cineál bealaigh = sadhas slighe, sórt bóthair, kind of way (road).



Istigh = caithte, thort, spent, “up,” over.



A bheadh ar an n-amharc aca = go raibh radharc (amharc) aca ortha,
which were in their view or sight.



A chois = cois, beside, down to.



'Sé an smaoineadh bhreathnuigh siad = 'sé shaoileadar, this is what
they thought.



Is dóiche = is dócha, I imagine, I think, it is likely.



Gan mhothughadh = gan chrothnughadh, gan chonnsughadh, gan aireacht-
aint, gan aireachtáil, without its being perceived, unperceived, un-
observed, without noticing or perceiving it.



AN SEACHTMHADH CEACHT DÉAG.



Bhí lá mór ag na scoláiríbh lá an chomórtais, agus
bhí an oiread sin eolais aca ar na háiteachaibh gur
bh'éigean do'n mhaighistir leath-dhúisín leabhar do
thabhairt uadh i n-áit leabhair amháin, acht mar sin féin
níor shaoil sé breis ar bith dhe, acht tairbhe mhór, siocair
gur spreag sé na páisdí chum foghluma, agus gheall
sé dhóibh go mbeadh comórtas aca ag ceann an uile
dhá mhí feasta, ar na ceachtaibh a ndeachaidh siad
thársta, agus go mbeadh duaiseanna le fághail ag an
bheirt ab' fheárr.



Sgaoil sé amach léarsgáil na hÉireann rompa,
agus thoisigh siad ag taisbeáint na gcondae a bhí ar
imeall a gcondae féin. Shonnruigh cuid aca go raibh
líne ghorm tarraingthe ar an léarsgáil agus thoisigh
siad ag smuaineadh caidé b'adhbhar di.



Fá dheireadh d'innis an maighistir dóibh gur bh'é sin
an teórainn idir Cúige Uladh agus an chuid eile
d'Éirinn, agus mhínigh sé dhóibh go raibh an tír tá fad ó


L. 40


shoin roinnte i n-a cúig codchaibh, Ulaidh, Laighin, an dá
Mhumhain, agus Connachta; gur bh'é sin an t-adhbhar a
bhfuil cúige mar ainm ar chuid aca ins an Ghaedhilg go
dtí an lá indiu, siúd agus nach bhfuil againn anois
acht ceathrar de na cúigíbh, mar rinneadh aon chúige
amháin de'n dá Mhumhain le linn na Sasanaigh a theacht
go hÉirinn.



Rinneadh dhá chuid d'Éirinn fá thuairim céad go leith
bliadhain i ndiaidh aimsire ár Slánuightheora, idir Conn
Chéad-chathaigh agus Mogh Nuadhat nó Eoghan Mór.
Leath Chuinn a bhí mar ainm ar an leith thuaidh agus
Leath Mhogha ar an leith eile, agus budh é an teóra bhí
eatorra, ó'n áit i bhfuil Caisleán Bhaile Átha Cliath
agus leanamhaint d'Eisgir Riada go Droichead an
Chláirín taobh ó dheas de Loch Lurgáin. Tá Leath Chuinn
agus Leath Mhogha i mbéal na ndaoine go dtí an lá
indiu.



Ins an tsean-aimsir bhí Cúige Uladh ó'n Bhóinn go
dtí an Drobhaois, acht baineadh a bhfuil ó'n Bhóinn go
Snámh Aighneach de, i n-aimsir Sheoin, Rí na Sagsan,
agus rinnead condae dhe.



Ní'l cinnteacht againn caidé an fáth ar tugadh
Ulaidh mar ainm ar an chúige so, acht deir cuid de na
daoinibh gur ó Ollamh Fódla, rí do bhí i nÉirinn trí
chéad déag bliadhain roimh aimsir ár Slánuightheora.
Deir cuid eile gur ó oll-sháith, 'sé sin, ó oll, .i. mór
agus sáith, .i. go leór, líonmhaireacht, mar bhí an chúige
seo chomh líonmhar sin i n-iasg agus i n-eallach. Bhí a
rí féin i ngach cúige tá fad ó shoin agus ríogh-áruis
aca. Budh iad ríogh-áruis nó ríogh-phuirt Uladh Eamhain
Mhacha, cómhgarach d'Árd-Macha, agus Aileach Néid d'á
ngoirtear Grianán Ailigh anois, cómhgarach do Dhoire
Choluim Chille.



Bhí Cúige Laighean ó thráigh Innbhir Cholpa, 'sé sin, ó'n
Bhóinn, go Cumar na dTrí nUisge. Deirtear linn gur
ó na laighnibh nó sleaghaibh a bhí leis na Gallaibh a thug
Labhraidh Loingseach go hÉirinn a fuair an chúige a


L. 41


hainm. Marbhadh an rí seo cúig céad agus trí
bliadhna ar fhichead roimh aois ár Slánuightheora. Bhí dhá
ríogh-áruis i Laighnibh, ceann aca i nDionn Ríogh agus
an ceann eile i Nás. Bhí Dionn Ríogh cómhgarach do
Leithghlinn i gCondae Cheatharlach, agus maireann Nás
i gCondae Chille Dara mar ainm ar an áit eile go
dtí an lá indiu.



Bhí an Mhumha fad ó shoin ó Chumar na dTrí nUisge
go bun na Sionainne, acht baineadh Condae an Chláir
de Chonnachtaibh agus cuireadh isteach leo é, agus is
de a ghoirimid Tuadh-Mhumha. Fuair an Mhumha a
hainm, do réir an Dochtúra Diadhachta Seathrún Céitinn,
mar tá sí níos mó 'ná aon chúige eile. Bhí cúig
príomh-áruis ins na Mumhnaibh ag a ríghthibh, .i. Caiseal,
Brugh Ríogh, Tradraighe, Cathair Dúin Iasga, agus
Ceann Coradh.



Bhí Cúige Chonnacht ó Luimneach ar thaoibh na Sion-
ainne go Drobhaois, abhainn bheag idir Loch Meilghe
agus an fhairrge. Deirtear go bhfuair an chúige seo
a hainm ó chlannaibh Chuinn, 'sé sin, Conn-iochta, nó
clann Chuinn, mar is ionann iochta agus clann. Bhí a
phríomh-árus ag Rígh Chonnacht i gCruachain, 'san áit a
dtugthar Ráth Chruachan air anois, ins an taobh ó thuaidh
de Chondae Rosa Comáin.



'Siad sin cúig cúigí na hÉireann, acht má's iad,
rinneadh cúige eile de'n Mhidhe 'na ndiaidh. Bhí Cúige
na Midhe ó'n tSionainn ar an thaobh thiar go dtí'n
fhairrge ar an taobh thoir, agus ó imeallaibh Chondae
na Bainríoghna agus Chondae Chille Dara ar an taobh ó
dheas go himeallaibh Chondae Árda Mhacha agus Chondae
Fhear Monach ar an taobh ó thuaidh. Budh é Tuathal
Teachtmhar, rí a mhair i nÉirinn fá thuairim céad agus
deich mbliadhna ar fhichead de aois ár Slánuightheora, a
rinne an Mhidhe chomh mór so, agus is é an dóigh a
ndearna sé é, bhain sé méidhe nó muineál de gach
cúige eile agus chuir sé isteach leis an Mhidhe iad.
Deirtear gur ó mhéidhe (.i. muineál) a fuair sí a


L. 42


hainm, acht deirtear mar an gcéadna gur ó Mhidhe
mac Bhratha a fuair sí a hainm, agus is dóiche gur
uadh. Budh í an Mhidhe seo a las an chéad teine i
nÉirinn i ndiaidh theachta Chloinne Neimheadh chum na
tíre. Budh í an Mhidhe a bhí mar thalamh buird ag árd-
ríghthibh na hÉireann agus bhí ceithre phríomh-áruis aca,
.i. Teamhair, Taillte, Tlachtgha, agus Uisneach.



Gluais.



Níor shaoil sé breis ar bith de = níor shaoil sé gur chaill sé
dadamh d'á dhruim, he did not think he had lost anything thereby;
breis (= cailleamhaint, caill, loss, detriment) is often pronounced
bris in Leath Chuinn.



Siocair gur = toisg gur, do bhrigh gur, because that.



Ar cheann = i gceann, at the end (of).



A ndeachaidh siad thársta = go ndeaghadar thórsta = do chuir-
eadar i meabhair, do fhoghluimeadar, they had gone through, they
had learned.



Tá fad ó shoin = fad ó, fad ó shoin, long ago.



Siúd agus nach = cé nach, although not.



Ceathrar = ceithre cinn, four.



Snámh Aighneach = Loch Cairlinn', Carlingford Lough.



Loch Lurgáin = Galway Bay.



Cumar na dTrí nUisge, the confluence of the three waters, i.e.,
the Suir, Nore and Barrow.



Dionn Ríogh, now the Moat of Ballynockan, beside Leighlinbridge.



Tradraighe, Tradry, in Co. Clare.



Cathair Dúin Iasga, Cahir, in Tipperary.



Loch Meilge, Lough Melvin, in Co. Leitrim.



A ndearna = go ndearna, gur dhein, a dtearn, in which he
made.



Midhe, Meath. The true etymology is Midhe = *Midia = middle
land or kingdom.



AN t-OCHTMHADH CEACHT DÉAG.



“Anois, a pháisdí dílse, mar tá an lá indiu maith
agus fóirstineach againn le dul amach, is fearr dúinn
tamall aimsire a chaitheam le hais na fairrge. Is
minic a bheirtear an sáile ar an fhairrge, mar tá
salann ins an uisge atá ann, agus má ólann sibh
beagán de chífidh sibh go bhfuil a bhlas air.”


L. 43


Bhí athas mór ar na páisdíbh fá n-a leigean amach as
tigh na sgoile, agus d'iarr an maighistir ortha siubhal
leo go socair suaimhneach, agus rinne siad sin go
dtáinic go himeall cuain. 'Sé an chéad rud a rinne
cuid aca dul agus bolgam de'n uisge a ghlacadh, acht
níor thaitin sé leo agus chaith siad amach ar ais é.
Thoisigh cuid eile ag cruinniughadh sligeán agus slat
mara, acht ní raibh siad i bhfad ar an obair sin gur
sgairt an maighistir ortha agus tháinic siad chuige go
tapaidh, agus d'iarr sé ortha amharc go grinn ar an
uile rud a shaoil siad a bheith iongantach nó éagsamhail
agus iad do thabhairt fá deara agus ceisteanna a
chur air-sean fá dtaoibh díobh, agus go dtiubhradh sé
iarraidh ar a míniughadh dhóibh anois, nó i n-am éigin
eile.



D'fhiafruigh duine aca dhe caidé budh chiall de'n
fhéar gan a bheith ag fás síos níos fuide ar an talamh
tirm taobh istigh de'n uisge.



D'innis an maighistir dóibh go dtigeadh an sáile
isteach dhá uair an uile lá ar an talamh sin agus go
gcongbhuigheadh an t-uisge agus an salann atá ann an
féar gan fás. Dubhairt duine aca go raibh sin fíor
go leór nó go bhfacaidh sé a mháthair féin ag cur
salainn ar fhéar ghlas le n-a chongbháil ar gcúl, agus
'na dhiaidh sin gur chríonuigh sé go ceann tamaill.



D'fhiafruigh duine eile ainm na roinne talaimh a bhí
amuigh i lár na fairrge agus uisge thart fá dtaobh
de, agus do hinnseadh dó gur oileán nó inis a bhí
air.



Thaisbeán an maighistir annsin ceann tíre, muineál
talmhan, gobán, ros, caladh, port, cuan, bun abhna,
agus éalódh dhóibh, agus mhínigh sé dhóibh an chiall atá le
gach ainm aca.



Chaith siad suas le huair go leith a chois na fairrge,
agus, sul ar imthigh siad, shonnruigh cuid aca go raibh
an t-uisge i bhfad ní budh neise dhóibh 'ná bhí sé nuair a
tháinic siad, agus budh mhaith le cuid aca fios d'fhághail


L. 44


ar caidé thug ar an uisge a bheith ag teacht chuca mar
sin.



Dubhairt an maighistir leo go raibh an cheist sin
lán-chruaidh aca go fóil agus, dá n-innseóchadh sé dhóibh
an míniughadh tá léi, nach dtuigfeadh siad é, acht lá
eile, nuair a bheadh siad ní b'fhuide chum tosaigh ins na
leabhraibh agus cúpla bliadhan ní budh sine, go dtuig-
feadh siad neithe mar sin agus mórán de neithibh eile
mar an gcéadna, agus gur leór dóibh anois a fhios a
bheith aca go ndeirtear, nuair atá uisge na fairrge
ag teacht isteach, go bhfuil sé “ag líonadh,” go bhfuil
“an lán ag teacht isteach,” nó go bhfuil “an lán
mara ag teacht isteach,” agus nuair atá an t-uisge
ag imtheacht amach, go bhfuil sé “ag trághadh.” Nuair
is áirde an t-uisge, deirtear go bhfuil sé “'na
róbharta,” nó “'na bhárr láin.”



Taisbeánadh carraig mhór íseal dóibh ar imeall na
fairrge, an taobh eile de'n chuan, agus do hiarradh
ortha dul agus cromadh síos go mbeadh a súile i
gcomhthrom leis an fhairrge. Do hiarradh ortha annsin
amharc ar an charraig taobh thall de'n uisge agus
dubhairt siad nár b'fhéidir leo a feicsin. Bhí bád
amuigh ag iasgaireacht agus do hiarradh ortha amharc
air, acht dubhairt siad nár bh'fhéidir leo é d'fheicsin
agus chuir so iongantas mór ortha.



D'iarr an maighistir ar na páisdíbh dul chum na
sgoile ar a suaimhneas agus a bheith ag smuaineadh
agus ag meabhrughadh go dian ar a bhfacaidh siad a
chois na fairrge.



Gluais.



Fóirstineach = oireamhnach, feileamhnach, suitable, fitting; from
fóirstin, v.n. of fóirim, a form of oirim, feilim, I suit or fit.



Bolgam = blogam, bolmac, a sup, a mouthful.



Ar ais = arís, again.



Ní raibh siad i bhfad = níor bh'fhada dhóibh, they were not long at.



Ar an obair sin = ag an obair sin, at that work, doing that.


L. 45


Go dtiubhradh sé iarraidh ar = go dtabharfadh sé iarracht ar
(fá) go dtabharfadh sé fá, go gcuirfeadh sé chun, that he would
endeavour.



Agus go gcongbhuigheadh an t-uisge agus an salann atá ann an
féar gan fás = agus an t-uisge agus an salann atá ann go
gcoisgidís an féar ó bheith ag fás, and that the water and salt that
are in it kept (stopped) the grass from growing.



Go raibh sin fíor go leor = gur bh'fhíor soin dó ar fad, that that
was quite true (for him).



Le n-a chongbháil ar gcúl = chun é cosg (ó bheith ag fás), to check
its growth.



Bun abhna = bun abhann, bun aibhne, a river mouth.



Ealódh, a narrow passage between rocks, especially at the sea-side.



Ní budh neise = ní budh deise, ní budh chomhgaraige, ní budh goire,
nearer.



Thug ar = fá ndear, thug do, caused.



Lán-chruaidh aca = ró-dheacair dóibh, too difficult for them.



An lán, an lán mara, an barr láin = an tuile, an robharta, the
full tide.



Ag trághadh = ag trághchaint, ebbing. An trághadh = an mhall-
mhuir, the neap or ebb tide.



I gcomhthrom leis = comhthrom leis, level with, on a level with
Ar aon leibhéal leis is also used, especially in an ethical sense.



AN NAOMHADH CEACHT DÉAG.



Go ceann dhá lá níor stad na páisdí acht ag caint
agus ag deanamh iongantais fá na neithibh a chonnairc
siad ag an fhairrge, acht budh é an rud budh mhó a
chuir iongantas ortha, nach bhfacaidh siad an charraig nó
an bád nuair a bhí a súile i gcomhthrom leis an
fhairrge. Fá dheireadh dubhairt duine aca gur
chosamhail go raibh an fhairrge níos áirde i lár an
chuain 'ná bhí sí ar an taobh a raibh siad-san air.



Bhí cuid eile aca nach gcreidfeadh go raibh so
amhlaidh, agus fá dheireadh shocruigh siad eatorra féin
go bhfiafróchadh siad de'n mhaighistir cia haca taobh a
raibh an ceart aige.



Dubhairt an maighistir go raibh sé fíor go leór go
bhfuil an t-uisge i lár an chuain níos áirde 'ná tá sé
ar imeallaibh an chuain, agus mhínigh sé dhóibh gurab é
an t-adhbhar atá leis seo, go bhfuil an domhan ar


L. 46


dheanamh liathróide agus thaisbheán sé liathróid dóibh a
bhí aige i dtigh na scoile agus léarsgáil tarraingthe
air.



Budh mhaith leo fios d'fhághail uadh an raibh dóigh ar
bith eile aige le cruthughadh dhóibh go bhfuil an domhan
cruinn, dálta liathróide. Dubhairt sé go raibh mórán
de dhóigheannaibh acht nár mhóide go dtuigfeadh siad
cuid aca, acht, mar sin féin, gur mhian leo iad a
chluinsin.



D'fhiafruigh sé dhíobh an bhfacaidh siad riamh urdhubhadh
na gealaighe, agus dubhairt beagán aca go bhfacaidh.
“Sin,” ar seisean, “cruthughadh eile gur cruinn atá
an domhan. Ní bhíonn urdhubhadh ar an ghealaigh acht le
linn í bheith lán, agus is amhlaidh atá an uair sin, bíonn
an ghealach ar thaobh amháin de'n domhan agus an ghrian
ós a coinne ar an taobh eile agus an domhan go
díreach eatorra. Ní thugann an ghealach solus ar bith
uaithe féin acht bíonn an taobh di a bhíos i n-aice na
gréine soillsighthe leis an solus a thig ó'n ghréin. Nuair
a thig an domhan go díreach idir an ghréin agus an
ghealaigh, congbhuigheann sé solus na gréine ó thuitim
ar an ghealaigh, nó mar deirtear, caitheann an domhan
a scáile ar an ghealaigh, d'á deanamh uile nó cuid dí
dorcha, agus sin agaibh urdhubhadh na gealaighe. Mar
tá an scáile seo cruinn, dálta scáile liathróide, i
gcómhnuidhe, is soiléir dúinn gurab éigean do'n
domhan a bheith cruinn.”



Bud mhian le cuid de na scoláiríbh fios d'fhághail ar
caidé b'adhbhar d'urdhubhadh na gréine acht do hinnseadh
dhóibh go gcaithfeadh siad fanacht le lá eile níos fuide
anonn sul a bhfuigheadh siad míniughadh na ceiste seo.



Gluais.



Ag deanamh iongantais fá = ag deanamh iongantais de, lit.,
making wonder of, wondering of.



Gur chosamhail = gur dheallráthach, that it was likely.


L. 47


An t-ádhbhar atá leis seo = an trúig atá leis seo, budh cinn-
tsiocair leis seo, budh bhun leis seo (dó so), the cause of this is
(was).



Le cruthughadh dhóibh = 'na gcuirfeadh sé ar a súilibh dóibh, d'á
dhearbhughadh dhóibh, to prove to them.



Dálta liathróide = fearacht liathróide, cosamhail le liathróid,
like, or after the manner of a ball.



Chluinsin = chloistin, chlos, to hear.



Urdhubhadh = éicliops, eclipse. Tá urdhubhadh (or éicliops) ar an
ngealaigh, there is an eclipse of the moon. Both words are common,
the former being pure Irish, and the latter from Latin.



Fanacht = fanamhaint, fanamhain, fanach, (to) wait.



Lá eile níos fuide anonn = lá ní b'fhuide 'ná an lá sin, another
day farther on = another day in the future, some future day.



AN FICHEADH CEACHT.



RÓISE. — A mhaighistir, bhí díosbóireacht againn ag
dul a-bhaile dhúinn tráthnóna indé, fá cheist nach
dtáinic linn a shocrughadh, agus dubhairt mise go
bhfiafróchainn díot-sa indiu fá dtaobh di, agus le do
thoil innis dúinn caidé an t-adhbhar a bhfuil lá agus
oidhche againn.



MAIGHISTIR. — Innseóchaidh mé sin daoibh, a Róise,
comh maith agus is féidir damh. Tá cuimhne agaibh go
ndubhairt mé libh ins an cheacht a bhí againn, i ló fá
dheireadh, go bhfuil an domhan so a bhfuilmid ar gcómh-
nuidhe ann deanta ar chuma liathróide. Saoileann
sibh, b'fhéidir, nach bhfuil sé ag corrughadh ar chor ar
bith, acht ní hamhlaidh atá. Tá sé ag tionntódh thart
i gcómhnuidhe ar dhóigh amháin, ó thiar go soir. Tá an
lá i dtóláimh ag an taobh de'n domhan atá le haghaidh
na gréine agus an oidhche ag an taobh eile de'n
domhan. Má amharcann tú ar liathróid, ní fheicfidh tú
acht a leath, agus ar an adhbhar chéadna ní shoillsigheann
an ghrian acht ar leith an domhain i n-aon iarraidh. Tá
an lá ceithre huaire fichead ar fhad, mar bhaineann sé
ceithre huaire fichead as an domhan tionntódh thart
uair amháin.


L. 48


Bíonn an lá ag na tíorthaibh atá soir uainn níos
luaithe 'ná mar bhíonn sé againne agus bíonn an lá
níos moille ag na tíorthaibh atá siar uainn 'ná mar
bhíonn sé againne. Tá sé i ndiaidh an dó-dhéag dhe
chlog againne anois, acht i Nua-Eabhrach, 'san Oileán
Úr, taobh thiar dínn, ní'l an t-aos óg acht ag éirighe
agus 'gá n-ullmhughadh féin le dul chum na sgoile.
Mar an gcéadna ins an Róimh, ar an taobh thoir dínn,
i n-a bhfuil an Pápa 'na chómhnuidhe, nuair atá sé an
dó-dhéag 'sa ló againne, bíonn sé a haon ag bunadh
na háite sin, agus nuair atá an dó-dhéag 'sa ló
againne, tá an dó-dhéag 'san oidhche ag na daoinibh
atá 'na gcómhnuidhe ar an taobh is fuide uainn de'n
domhan, agus, rud i bhfad níos iongantaighe 'ná sin, tá
an samhradh aca-san nuair atá an geimhreadh againne,
agus tá an samhradh againne nuair atá an geimhreadh
aca-san.



DOMHNALL. — A mhaighistir, níor thuig mé go dtí
anois an rud adubhairt fear, i ló fá dheireadh, i
ndiaidh a theacht a-bhaile as tír choimhthighigh.



MAIGHISTIR. — Caidé dubhairt sé, a Dhomhnaill?



DOMHNALL. — Tá, dubhairt sé go mbeadh dhá shamh-
radh aige i mbliadhna, agus shaoil mise nach dtiocfadh
leis sin a bheith amhlaidh, acht chím anois go dtig agus
go raibh an fear ceart go leór.



Fuair an maighistir ubhall mór cruinn, agus chuir sé
snáthad fhada thríd a lár agus tháisbeán sé do na
páisdíbh mar thionntuigheas an domhan. D'iarr sé ortha,
nuair a bheadh an oidhche ann, coinneal ghoirid d'fhághail
agus dul isteach i seomra dhorcha agus an choinneal a
chur 'na suidhe ar bhórd agus é lasta, agus ubhall a
mbeadh snáthad thríd a chur thart, mar rinne seisean,
fá thuairim slaite ó'n choinnil, agus go dtaisbeán-
fadh sin dóibh níos feárr 'ná mar bhí sé i n-a chumas-
san a dheanamh 'sa ló, an chaoi i bhfuil an lá agus an
oidhche againn. Dubhairt sé leo go raibh an choinneal
i n-áit na gréine agus an t-ubhall i n-áit an domhain


L. 49


aige; go raibh an leath de'n ubhall bhí i n-aice na
coinnle geal le linn solus na coinnle a bheith ag
tuitim air agus go raibh an leath eile i ndorchadas,
ag tabhairt sompla dhóibh ar an mhódh i bhfuil an lá
agus an oidhche againn.



Gluais.



Fá = i dtaobh mar gheall ar, about.



Nach dtainic linn = nár fhéadamar, ná féadfamaís, that we could
not.



Go ndubhairt mé = gur 'ubhairt mé, go ndubhairt, that I said.



Saoileann = síleann, think.



I dtóláimh = i gcomhnaidhe, always.



Iarraidh = turus, iarracht, effort, time.



Mar bhaineann sé ceithre huaire fichead as an domhan = mar
baineann sé ceithre huaire fichead de'n domhan, for it takes the
world twenty-four hours.



Tionntódh thart = iompódh (iompáil) timcheall, to turn round.



Uair amháin = aon uair, amháin, once.



Is fuide = is sia, farthest.



I ló fá dheireadh = an lá fá dheire, an lá cheana, the other day.



Coinneal ghoirid = coinneal ghearr, a short candle.



Fá thuairim slaite = tuairim le slait, thimcheall is slat, about a
yard.



I n-áit = i n-ionad, i leabaidh, instead of, for.



I ndorchadas = i ndoircheacht, in darkness.



AN tAONMHADH CEACHT AR FHICHID.



NAOIS. — A mhaighistir, bhí mórán fhearthanna againn
rith an tsamhraidh so. Cá has a dtig sí, le do thoil?



MAIGHISTIR. — Má éisteann sibh liom go dúth-
rachtach, a pháisdí dílse, bhéarfaidh mé iarraidh ar an
cheist seo a mhíniughadh dhaoibh.



Tá a fhios agaibh, nuair atá aimsir bhreágh the againn
ar feadh tamaill mhaith, go dtiormuigheann an talamh
agus go laghduigheann an t-uisge ins na lochannaibh
agus ins na haibhneachaibh. Caidé éirigheas dó? Tá,


L. 50


ghní teas na gréine gal nó deatach de agus éirigheann
sé suas ins an aer. Is riachtanach damh anois innsin
daoibh go bhfuil meadhachan mór ins an aer so atá ós
ár gcionn agus thart fá dtaobh dínn, agus lá éigin
gan mhoill cruthóchaidh mé sin daoibh, má's, beó mé.
Tá an t-aer so níos truime cómhgarach do'n talamh
'ná mar tá sé suas uadh sin agus dá áirde é is
amhlaidh is éadtruime é. Tá an gal nó an deatach so,
ar ar thrácht mé cheana, níos éadtruime 'ná an aer
atá chois an talaimh agus éirigheann sé suas go dtéidh
sé comh fada le sraith aeir atá ar aon mheadhachan leis
féin. Is feasach dhíbh anois gur bh'é teas na gréine a
rinne gal de'n uisge, agus is dóiche liom go dtig libh
innsin damh caidé dheanfadh uisge de'n ghail ar ais.
Innis-se damh, a Dhonnchaidh.



DONNCHADH. — Fuacht, a mhaighistir.



MAIGHISTIR. — 'Seadh go cinnte, a Dhonnchaidh.
Dubhairt mé libh roimh ré go ndeachaidh an ghal suas go
dtáinic sé comh fada le sraith aeir a bhí ar aon
mheadhachan leis féin. Fanann sé annsin go dtigidh
smid de ghaoith fhuair air agus ghní so braoin bheaga
uisge de ar ais. Comh fada agus d'fhan sé 'na ghail
níor léir dúinn é, acht comh luath agus ghní braoin
bheaga uisge dhe, chímid é mar smúid nó néal. Má
thig fuacht mór thuas ins an spéir ghní sé sneachta nó
slinnshneachta de'n ghail, agus is minic a bhíos so
amhlaidh ins an gheimhreadh.



Ní fhéadaim a rádh libh acht go bhfuil sé i bhfad níos
fuaire thuas go hárd ins na spéarthaibh 'ná mar tá sé
ar an talamh nó cómhgarach dó, agus mar chruthughadh
air so, is minic sneachta ar bharraibh na gcnoc agus
ar na sléibhtibh agus gan dadaidh dhe ar na tailtibh
ísle.



Mar an gcéadna is minic sneachta isteach i lár na
tíre nuair nach mbíonn dadaidh dhe a chois na fairrge,
ag taisbeáint go bfuil sé níos teó 'san gheimhreadh
cómhgarach do'n fhairrge 'ná mar tá sé istigh 'san tír.


L. 51


Gluais.



Iarraidh = iarracht, effort.



Go dtiormuigheann = go dtriomuigheann, that … dries up.



Thart fá dtaobh dínn = 'n-ár mór-thimcheall, thart gach dtaoibhe
dínn, all round about us.



Is amhlaidh is éadtruime é = is eadh is éadtruime é, the lighter
it is.



Go ndeachaidh = go dteachaidh, go ndeaghaidh, gur chuaidh, that …
went.



Ghní braoin bheaga uisge de = ghníthear braonta beaga uisge de,
it becomes little drops of water.



Slinnshneachta = flichshneachta, sleet.



Cruthughadh = deimhniughadh, dearbhughadh, deimhne, proof.



AN DÓMHADH CEACHT AR FHICHID.



A CHOIS NA FAIRRGE.



MAIGHISTIR. — A pháisdí dílse, ní mór go raibh sibh
leath-shásta an lá deireannach a bhíomar ag an fhairrge,
mar tugadh ar siubhal comh luath sibh, agus is cóir
dúinn cuairt eile a thabhairt annsin indiu ar ais, acht
téidhidh go dtí an taobh eile de'n chuan anois.



Níor bh'fhada go ndeachaidh siad chum na háite a bhí
leagtha amach aca agus 'sé an chéad rud a rinne cuid
aca dul síos agus amharc trasna an chuain go bhfeic-
eadh siad ar bh'fhíor go bhfuil an t-uisge ins an lár
níos áirde 'ná an t-uisge ar thaobhannaibh an chuain.



Nuair budh léir dóibh go raibh so amhlaidh tháinic siad
ar ais agus d'fhiafruigh duine aca caidé mar bheadh
an chúis dá mbeadh siad amuigh i lár na fairrge
móire.



“Dá mbeadh fear,” ars' an maighistir, “sé troighthe
ar airde 'na sheasamh i mbád i lár na fairrge móire,
gan talamh ar bhith i ngar dó, ní fheicfeadh sé níos
fuide uadh ar gach taobh ná trí mhíle.”



Leis sin chonnairc siad long ag teacht isteach faoi
n-a seóltaibh. Ní fhacas dóibh ar dtús go raibh ann acht
na crainn seóil agus na seólta. I ndiaidh tamaill


L. 52


bhig budh léir dóibh an mhéid de'n luing a bhí le feic-
sint ós cionn uisge. D'innis an maighistir dóibh nach
bhfacaidh siad corp nó sgannán na luinge ar dtús,
mar bhí sé foluighthe ag airde an uisge idir iad féin
agus an luing, agus gur sin cruthughadh eile aca go
bhfuil an domhan so cruinn.



Thug an maighistir suas ar árdán iad agus d'iarr
sé ortha é do cheistiughadh fá nídh ar bith budh mhian leó
ag baint leis an fhairrge nó an talamh timcheall uirthi.



D'fiafruigh duine aca cá hainm a ghoirtear de'n
roinn bhig talmhan seo a bhfuil uisge thart go léir fá
dtaobh de. D'fhreagair an maighistir gur oileán nó
inis ab ainm dó, acht muna mbeadh an tuisge thart go
hiomlán air acht a bheith ar thrí thaobha dhe, is ros nó
ceann tíre a ghoirtear de. Má tá an roinn atá ag
dul amach 'san fhairrge fada caol, is rinn is ainm do,
acht má tá sé níos giorra 'ná sin, bheirtear ceann nó
gob nó gobán nó srón mar ainm air, do réir a chuma
nó a chosamhlachta.



Mar an gcéadna le ronnaibh an uisge; goirtear
cuan nó caladh nó port de roinn uisge cosamhail
léi seo a bhfuil fasgadh aici ó'n talamh a thig idir í
agus láidreacht na dtonn ó'n fhairrge mhóir taobh
amuigh. Tá báighe níos mó agus níos fosgailte 'ná
cuan. Má tá áit chumhang idir oileán agus talamh
ar bith eile, nó idir charraig agus an talamh, agus
go dtig le bádaibh dul thríd, éalódh nó caolas is
ainm di.



Thaisbeán an maighistir an uile roinn díobh so go
díreach do réir mar d'ainmnigh sé iad.



(Is cóir léarsgáil a bheith annso agus na ranna so uile innti.)



Gluais.



Deireannach = déidheanach, last.



Mar tugadh ar siubhal comh luath sibh = le comh luath agus tugadh
ar siubhal sibh, agus a luaithe (luathacht, mhire) rugadh chun siubhal
sibh, as you were brought away so soon, considering how soon you
were brought away.


L. 53


'Sé an chéad rud = 'sé céad rud, the first thing that, &c.



Ar ais = thar n-ais, thar ais, back.



Caidé mar bheadh an chúis = cionnus a bheadh an sgéal, how mat-
ters would be.



Ar airde = dh'airde, in height, high.



Chonnairc siad = do chonncadar, chonnaic siad, they saw.



Faoi n-a seoltaibh = faoi n-a cuid seol, faoi sheol, under sail,
sailing.



Ní fhacas dóibh = ní facthas (feacathas) dóibh, it did not seem to
them.



I ndiaidh tamaill bhig = d'éis (tar éis) tamaillín, i gcionn tam-
aillín, after (in) a little while.



Feicsint = feiceáil, seeing; le f., to be seen.



Idir = eidir, eadar, between.



Gur sin cruthughadh eile aca = gur dhearbhughadh eile aca é sin,
gur'b 'in dearbhughadh eile aca, that that was another proof for
them.



A ghoirtear de = a ghlaodhtar air, a tugtar air, is given to, is
called.



Thart go léir fá dtaoibh de = 'na mhór-thimcheall go léir, thart
(thort) thimcheall air ar fad, all round about it.



Rinn = puinnte, cois, point.



Taobh amuigh = lasmuigh, leasmuigh, without, outside.



Éalódh, strait, narrow.



AN TREAS CEACHT AR FICHID.



LÉARSGÁIL AN DOMHAIN.



A pháisdí dílse, seo léarsgáil an domhain ós bhur
gcomhair anois. Dearcaidh ar Éirinn ar dtús, an ball
de'n domhan is dílse ag Éireannachaibh ar aghaidh na
cruinne. Chí sibh gurab é an t-Oileán Úr an tír is
neasa dhúinn ar an taoibh thiar, agus cé gur fada ar
siubhal uainn é, tá ár ndaoine go mío-fhortúnach ag
dul ann gach lá agus ag tréigean a dtíre dílse dúth-
chasaighe féin mar bheadh pláigh inntí, i n-aghaidh chomh-
airle gach duine atá le n-a leas, acht ná bídhidh-se ag
imtheacht ar nós na druinge amaidighe seo nuair bheas
sibh fásta.



Amharcaidh anois ar an taoibh thoir agus chífidh sibh
gurab é Oileán na Breataine Móire is neasa
dhúinn ar an taoibh sin, 'sé sin Alba ar an taoibh ó


L. 54


thuaidh, Sasana ar an taoibh ó dheas, agus an Bhreatain
Thiar nó an Choimbre ar an taoibh is neasa dhúinn
de'n oileán.



Chí sibh móirthír na hEórpa cómhgarach d'Oileán na
Breataine Móire. Is í an Fhrainnc an tír is neasa
do Shasana, agus seo í an Spáinn ó dheas ó'n Fhrainnc,
agus innistear dúinn i stair na hÉireann gur chaith
Clann Mhíleadh scal fada ins an tír seo ar a dturus
go hÉirinn.



Is leór daoibh anois eólas d'fhághail ar thír amháin
eile 'san Eóraip; is í sin í tír na hIodáile. Tá an
Pápa 'na chomhnuidhe 'san Róimh, príomh-chathair na tíre
sin.



Coimhcheangailte de roinn na hEórpa chí sibh móir-
thír na hÁisia. Is ins an roinn so bhí Ádhamh agus Éabha
agus mór-chuid de na daoinibh atá ainmnighthe ins an
Bhíobla 'na gcomhnuidhe, agus is innti a rugadh agus a
céasadh ár Slánuightheoir.



Chí sibh muinéal caol talmhan ag ceangal móirthíre
na hAfraice de mhóirthír na hÁisia. Má chualaidh sibh
iomrádh ariamh ar na daoinibh gorma agus dubha, is ins
an roinn so a chomhnuidheas siad. Tá tír amháin de'n
roinn seo ainmnighthe go minic 'sa Bhíobla, sin í tír na
hÉigipte. Is go dtí an tír seo a theich an Mhaighdean
Mhuire agus Ióseph le n-ár Slánuightheoir nuair a thug
Ioruaith iarraidh ar É do chur chum báis. Léighmid i
Stair na hÉireann go ndearna Clann Mhíleadh comh-
nuidhe 'san Éigipt tamall ar a dtriall go hÉirinn.



'Sé an t-Oileán Úr an mhóirthír is deireannaighe do
fionnadh, agus seo an t-adhbhar ar tugadh an t-ainm
sin air ins an Ghaedhilg. Tá mórán Éireannach ann
go háirighthe ins na Státaibh Aontuighthe, agus deir
daoine a bhfuil eólas aca ar an tír go mbeadh an
mhór-chuid aca níos feárr i nÉirinn.



Má amharcann sibh go géar ar an léarsgáil, cífidh
sibh go bhfuil fá thuairim a thrí oiread uisge ar éadan
an domhain agus tá dhe thalamh.


L. 55


Gluais.



Ós bhur gcomhair = romhaibh, before you.



Dearcaidh = féachaidh, amharcaidh (amhaircidh), look (ye).



Is neasa = is neise, is deise, is foigse (foisge), is goire, is
comhgaraighe, nearest.



Ar nós na druinge amaidighe seo = dálta na druinge amaidighe
seo, cosamhail leis an druing amaidigh seo, like this foolish set
(of people).



Nuair a bhéas sibh fásta = nuair aosóchaidh sibh suas, nuair a fhás-
ann sibh suas, when you shall be grown up, when you grow up.



Móirthír na hEórpa = an Roinn Eorpa (tír mhór na hIúróipe),
the Continent of Europe.



Eoraip (= Iúróip), Europe.



Tír na hIodáile = tír na hEadáinne, the land of Italy.



Tír na hÉigipte = tír na hÉigipte, the land of Egypt.



Go ndearna = go dtearn, gur dhein, that … made.



Do fionnadh = a fuaras amach, that was discovered, ascertained
to exist.



An mhór-chuid aca = an cion trom aca, an chuid is mó aca, a
bhfurmhór, a n-urmhór, the majority of them.



AN CEATHRAMHADH CEACHT AR FHICHID.



NA MÓIRTHÍORTHA.



Is cóir daoibh, a pháisdí, beagán eile d'fhóghluim fá
na móirthíorthaibh. Is léir daoibh ó'n léarsgáil gurab
í an Eóraip an ceann is lugha agus an Áisia an ceann
is mó díobh, agus féadaim a rádh libh go bhfuil an
Áisia fá thuairim cúig huaire níos mó 'ná an Eóraip
Mar an gcéadna tá an Afraic trí huaire agus an
t-Oileán Úr ceithre huaire comh mór leis an Eóraip.



Chí sibh go bhfuil an t-Oileán Úr i bhfad níos fuide
'ná aon cheann eile de na móirthíorthaibh agus go
bhfuil sé rannta i n-a dhá chuid, an t-Oileán Úr ó thuaidh
agus an t-Oileán Úr ó dheas, agus go bhfuil siad
ceangailte d'á chéile le muinéal cumhang talmhan.
Tá an abhainn is fuide 'sa domhan, an Mhississippí,
agus an loch uisge is mó, an Loch Mór, ins an leith ó
thuaidh de'n mhóirthír seo, agus tá an abhainn is mó 'sa


L. 56


domhan, an tAmasón, ar fághail ins an leith ó dheas
dí. Is ins an roinn seo atá an sliabh is fuide ar fágh-
ail ag rioth ó dheas go tuaidh ins an taobh thiar de'n
thír. Tá an t-eas is mó ar fághail, mar an gcéadna, ar
Abhainn Shan Labhrás 'san Oileán Úr. Tá an t-eas so
os cionn trí cheathramha de mhíle ar fhad, trasna na
habhann.



'Sé an nídh is iongantaighe 'san Eóraip, b'fhéidir, an
cnoc lasrach Bheasúibh, atá 'san Iodáil.



Tá an sliabh is áirde ins an domhan, an Hímaláighe,
i móirthír na hÁisia. Is beag nach bhfuil sé cúig míle
go leith ar áirde. Tá fairrge mhór de uisge sáile i
lár an talaimh, idir an Áisia agus an Eóraip, agus
aibhneacha móra ag dul isteach innti, acht ní'l abhainn
ar bhith ag imtheacht aisti. Is í seo an fhairrge is mó
de'n chinéal sin atá le fághail. Chualaidh sibh uile go
léir iomrádh go minic ar Mhaoise a fuair na deich
n-aitheanta ó Dhia. Ar Shliabh Shína a chois na Mara
Ruaidhe, ins an mhóirthír so, is ann a thug Sé dhó iad.
Is ar shliabh eile 'san Áisia, an t-Ararat, do chómhnuigh
áirc Naoi i ndiaidh na Díleann.



Tá an fásach is mó ins an domhan 'san Afraic, sin
é an Fásach Mór nó an Sahára. Ní'l ann acht gainimh
agus ní'l acht fíor-bheagán d'aon chinéal ag fás ann,
mar nach dtig fearthainn nó fliuchlach ar bith ins an
fhásach so. Is í abhainn na Níle ins an Afraic an
abhainn is fuide ins an leith thoir de'n domhain.



(Is cóir na háiteacha so uile a thaisbeáint de na páisdíbh.)



Gluais.



Móirthíortha = tíortha móra, ranna, continents.



Díobh = díobhtha, of them.



Níos mó 'ná, bigger than = (in this phrase) comh mór le, as big
as.



D'aon chineál = d'aon tsórt, d'aon tsadhas, of any kind.



Fliuchlach = boglach, fliuchar, fliuchra, fliuchán, wet weather,
moisture.


L. 57


AN CÚIGEADH CEACHT AR FHICHID.



Go dtí le goirid ní raibh easbhaidh bídh nó dighe ar
bhunadh na hÉireann. D'fhás gach barr agus gach toradh
go líonmhar ar fud na tíre, acht i n-aimsir na ndroch-
dhligheadh agus na géirleanamhna díbhreadh na daoine
agus leagadh agus scriosadh a dtighthe agus cuireadh
ar gcúl oibriughadh na talmhan ar mhodh go bhfuil
luachair agus fraoch ag fás anois ins na háiteachaibh a
raibh cruithneacht agus coirce ag fás roimh ré. Bhí
muileann nó dhó, b'fhéidir, ins an uile pharóiste, agus
anois ní mór go bhfuil ceann againn i n-aghaidh an-uile
dhúisín a bhí againn roimhe seo. An uair sin bhí na
daoine beo ar phlúr agus ar mhin choirce na tíre seo,
agus b'fholláine iad i bhfad ná an plúr agus an mhin
bhuidhe a thig chugainn as áiteachaibh eile. Mar an
gcéadna tá na putóga sgallta ionnainn taobh istigh
agus na fiacla ag tuitim asainn ag ól tae theith a
thig chugainn ó'n tSín agus ó na hIndiachaibh Thoir.
Gheibhmid an siúcra as na hIndiachaibh Thoir agus as na
hIndiachaibh Thiar agus ó'n Fhrainnc.



Tá deich mbliadhna agus dá fhichid ó shoin, ní raibh ar
caitheamh againn acht éadach tíre, deanta d'olainn ár
gcaorach féin, agus línéadach caol agus línéadach
garbh, deanta de lín, a d'fhás againn féin. Anois is
fearr le bunadh galánta na hÉireann éadach a thig as
Sasain nó as Albain. Is maith leis na mnáibh uaisle
síoda d'fhághail, agus tig seo ó'n tSín, ó'n Fhrainnc,
ó'n Iodáil agus ó na hIndiachaibh Thoir. Ó thoisigh na
daoine ag foghluim Gaedhilge tháinic atharrughadh mór
ar aigneadh agus ar intinn na n-Éireannach, go
háirighthe ar chomhaltaíbh Chonnartha na Gaedhilge,
agus anois ní mór go bhfuil aonduine aca nach bhfuil
cóirighthe i n-éadach deanta 'sa tír seo. Ní'l leith-
sgéal ar bith againn anois, muna mbainimid úsáid as
neithibh do rinneadh 'sa tír seo, mar tá'n uile rud a
bhfuil feidhm againn leis le fághail againn de dhéantús-


L. 58


aíbh na hÉireann. Ar an adhbhar sin is iongantach go
mbeadh duine ar bith comh neamhshuimeamhail agus comh
neamhghrádhach ar a thír féin agus go gcaithfeadh sé
neithe as tíorthaibh eile, nuair atá na neithe céadna le
fághail aige comh saor agus chomh maith i n-a thír féin.



Tig plúr chugainn ó'n Oileán Úr, ó'n Rúise, ó'n
bPriuis, o'n Éigipt, agus is ó'n Oileán Úr a gheibhmid
an chuid is mó de'n mhin bhuidhe.



Is iad na hearraidhe is mó fhágbhas an tír seo,
eallach, caoirighe, muca, coirce, im agus uibheacha.



Is iongantach coirce a bheith ag imtheacht as an tír
agus easbhaidh bídh orainn féin, acht is iongantaighe 'ná
sin i bhfad go bhfuilmid ag cur muicfheola ar siubhal
agus ag ceannach muicfheola an Oileáin Úir i n-a háit.



Gluais.



Go dtí le goirid = go dtí le déidheanaighe, until lately.



Go líonmhar = go fairsing, go flúirseach, abundantly.



Bhí na daoine beo = tháinig na daoine i dtír, do chothuigh na
daoine iad féin, do beathuigheadh na daoine, people lived, people
were fed.



Sgallta = sgólta, tortured, tormented, scalded.



Ó'n tSín (ó chrích na Sorcha), from China.



Galánta = beadaidhe, ró-uasal, onórach, proud, conceited.



Comhaltaíbh = daltaíbh, members.



Muna mbainimid úsáid as = muna ndeanaimid úsáid (feidhm)
de, if we don't make use of.



A bhfuil feidhm againn leis = go bhfuil glaodhach againn air, go
bhfuilimíd 'na ghábhadh, go bhfuil gábhadh againn leis, which we need,
(demand).



Déantús = déantas, make, manufacture.



Ar siubhal = thar lear, thar sáile, over-sea, ag cur muicfheola
ar siubhal (thar lear, thar sáile), exporting bacon.



AN SEISEADH CEACHT AR FHICHID.



Anois is chóir dúinn triall a thabhairt ar chuid de na
háiteachaibh i nÉirinn, agus is feárr dúinn tús a chur
ar ár n-astar ag Baile Átha Cliath, príomh-chathair na
hÉireann. I n-aice na cathrach so tá Cluain Tarbh, an


L. 59


áit i n-ar troideadh an cath budh mhó a bhí i n-Éirinn
riamh. Is idir na hÉireannaighibh faoi Bhrian Bhórumha
agus na Lochlannaighibh do buaileadh é, agus bhuadhuigh
na hÉireannaigh, acht do marbhadh Brian i ndeireadh
an chatha.



Tá Condae na Midhe ar an taobh ó thuaidh de
Chondae Bhaile Átha Cliath, agus i gceart-lár na
condae seo tá an áit i n-a raibh Teamhair nó
“Teamhair na Ríogh,” mar budh ghnáthach ainm dó tá
fad ó shoin. Is annso a bhí áit chomhnuidhe Árd-ríogh
na hÉireann go dtí an bhliadhain 563 d'aois ár
dTighearna.



Cómhgarach do Dhroicheadh Átha do troideadh
“Briseadh na Bóinne,” 'san bhliadhain 1690, idir na
hÉireannaighibh faoi Rígh Séamus agus na Sasanaighibh
faoi n-a chliamhain Rígh Uilliam. Ní raibh i Séamus acht
cladhaire agus theich sé i dtosach an chatha, ag fágbháil
na buaidhe ag a chliamhain.



Cómhgarach do Dhroichead Átha tá Nainge. Is annso
a tháinic Pádraic fá thír nuair nach leigfidhe dó fanacht
i gCill Mantáin, an chéad áit i dtáinic sé fá thír.



Ó thuaidh go díreach ó Dhroichead Átha tá Dún
Dealgan, an áit i n-ar chomhnuigh Cú Chulainn a bhfuil
na sgéalta fá dtaobh de.



I ngar do'n bhaile seo atá Fachairt, an áit i n-a
rugadh Brighid, an bhan-naomh is mó cáil d'á raibh riamh
i nÉirinn.



Giota beag ó thuaidh ó'n áit so tá Maghrath. Troid-
eadh cath mór annso ins an bhliadhain 637, a mhair
seacht lá, idir Clann Uí Néill ar thaobh amháin agus
sluagh mór as Albain agus bunadh Uladh (sin sean-
Ulaidh) ar an taobh eile. Chuaidh ag Clainn Uí Néill
ortha fá deireadh.



Tá Loch Cuan ar an taobh thoir de Chondae an Dúin,
agus ag an taoibh ó dheas de'n loch tá Dún Phádraic,
agus tá Pádraic, Brighid agus Colum Cille curtha i
n-aon uaigh amháin annso.


L. 60


Chuir Naomh Cumhal scoil mhór ar bun ins an taobh ó
thuaidh de Chondae an Dúin, ag Beannchar i n-imeall
na fairrge, i mbíodh trí mhíle manach ann.



Naoi míle ó'n áit seo tá Béalfeirste, an dara
cathair is mó i nÉirinn.



I gceart-lár Chondae Aontroma tá Sliabh Mis, an
áit i n-ar chaith Pádraic, Easbal na hÉireann, sé
bliadhna ag buachailleacht muc agus caorach, nuair
a tugadh é 'na sclábhuidhe chum na tíre seo.



Siar ndeas ó Loch Néachach tá Béal an Átha Buidhe.
Ins an bhliadhain 1598 fuair Aodh Ruadh Ó Néill agus
Aodh Ruadh Ó Domhnaill buaidh annso ar shlóightibh na
Sasan.



Ó dheas ó Bhéal an Átha Buidhe agus fá thuairim sé
mhíle uadh atá Árd Mhacha. Is annso a chuir Pádraic
a ionad Áird-easbuic ar bun.



Dhá mhíle siar uadh sin atá Eamhain Mhacha, príomh-
árus slógh chogaidh na nUltach fad ó shoin.



Ó thuaidh ó Eamhain agus cómhgarach do Bhéal an Átha
Buidhe tá Beann Bhorb. Fuair Eoghan Ruadh Ó Néill
lámh an uachtair ar na Sasanaibh annso 'san bhliadhain
1649.



Tá Dún Gheanainn, príomh-árus Shíl Néill, fá thuairim
sé mhíle ó thuaidh ó'n Bheinn Bhuirb.



Ag ceann Locha Feabhail thigmid go Doire Choluim
Cille, an dara baile is mó i nUltaibh, agus fiche míle
siar uadh sin, i gCondae Dhúin na nGall, atá Gartán,
an áit i n-a rugadh Colm Cille.



Tá Aileach sé mhíle ó thuaidh ó Dhoire i nInis Eoghain.



Ag Creadrán Cille i gCondae Shligigh, agus cómh-
garach do bhaile Shligigh, bhuail Ufraidh Ó Domhnaill
sluagh mór de na Sasanaighibh ins an bhliadain 1257.



Fá thuairim cúig mhíle dhéagh ó dheas uadh sin tá Mágh
Tuireadh agus tugadh cath mór annso idir Tuathaibh Dé
Danann agus na Fómhóraighibh, agus chuaidh ag Tuathaibh
Dé Danann ar na Fómhóraighibh.



Seacht mbliadhna ar fhichead roimhe sin bhí cath eile


L. 61


idir Tuatha Dé Danann agus na Fir Bholg ag Máigh
Tuireadh i gCondae na Gaillimhe.



Fuair Aodh Ruadh Ó Domhnaill huaidh ar Sir Coinius
Cliofort agus sluagh mór Sasanach ins an bhliadhain
1599 ag Corrshliabh nó an Bealach Buidhe.



Mágh Shléacht, an áit i n-a raibh an t-íodhal Crom
Cruach, gur scrios Pádraic é; i gCondae Liathdroma
agus i gCondae an Chabháin do bhí sé.



Tá Béal Átha Luain ar an tSionainn agus siar uadh
fá thuairim cúig mhíle dhéag atá Eachdruim. Fuair na
Sasanaigh buaidh ins na háiteachaibh seo ar na
hÉireannaighibh 'san bhliadhain 1691.



Ag dul síos an tSionainn dúinn castar orainn
Cluain Mhic Nóis, Carraig Liath agus Ceann Coradh,
áit chómhnuidhe Bhriain Bhórumha, sul a dtigmid go
Luimneach na long. Cuireadh dhá fhoslongphort leis an
gcathair so faoi Rígh Uilliam, ceann aca 'san bhliadhain
1690, agus an dara ceann 'san bhliadhain 1691, acht
sháruigh sé air é do ghabháil.



Soir deas ó Luimneach, fá thuairim ceithre mhíle
dhéag, atá Baile an Fhaoitigh, an áit i n-ar chuir
Sáirséal teine le gunnaíbh móra agus púdar Ríogh
Uilliaim a bhí ag teacht chuige fá choinne foslong-
phuirt Luimnigh.



I gCondae Chiarraidhe, cómhgarach do Thraigh Lí, thig-
mid go Sliabh Mis. Is annso a troideadh an chéad chath
idir Clann Mhílidh agus Tuatha Dé Danann. Bhí cath
eile eatorra ag Tailtin i gCondae na Midhe, i n-ar
marbhadh trí rígh Thuath Dé Danann.



Fá thuairim ocht míle déag ó dheas ó Chorcaigh tá
baile Chinn tSáile. Fuair na Sasanaigh buaidh annso
in san bhliadhain 1601 ar na hÉireannaighibh faoi Aodh
Ruadh Ó Néill agus Aodh Ruadh Ó Domhnaill.



Tá Caiseal na Ríogh (nó Caiseal Mumhan) i gCondae
Thiobrad Árann. Budh é seo an príomh-árus a bhí ag
ríghthibh na Mumhan gur phronn Muircheartach Ó Briain
ar an Eaglais é 'san bhliadhain 1101.


L. 62


Gluais.



Príomh-chathair = árd-chathair, capital, metropolis.



Troideadh = buaileadh, tugadh, was fought.



Bhuadhuigh na hÉireannaigh = chuaidh ag na hÉireannachaibh ortha,
bhí an bhuaidh leis na hÉireannachaibh, the Irishmen were victorious.



A tháinic Pádraig fá thír = a tháinig Pádraig i dtír, a bhuail
Pádraig talamh, St. Patrick, landed.



Giota = tamall, distance.



Loch Cuan, Strangford Lough.



Curtha = faoi leic, adhlaicthe, buried.



Ag buachailleacht = ag aodhaireacht, herding.



Sclábhaidhe = daor, a slave; 'na sclábhaidhe = 'na dhaor, as a
slave.



Foslongphort = campa, camtha, camp.



Sháruigh sé air = theip (chlis, chinn) sé air, he failed.



Ar chuir Sáirséal teine le = ar thug Sáirséal teine do, ar chuir
Sáirséal tré theinidh, where Sarsfield set on fire.



Fá choinne = fá chomhair, le haghaidh, i gcomhair, i gcóir, for.


L. 63


AGUISÍN



Beacht na Mairnéalach nó an Cairtiúl.



(Féach L. 16).



PRÍOMHÁIRDEANNA NÓ FRÉAMHFHOCAIL.



T. = tuaidh, north (N.); ó thuaidh (“budh Thuaidh” sa litridheacht),
northwards; a dtuaidh (a nd(T)uaidh), from the north; Thuaidh,
sometimes ó Thuaidh, in the north, north-; an áird Thuaidh or an
áird ó Thuaidh, the north point, the north.



D. = deas, south (S.); ó dheas (“budh Dheas” sa litridheacht),
southwards; a nDeas, from the south; Theas (for Dheas), some-
times ó Dheas, in the south, south-; an áird Theas (for — Dheas),
or an áird ó Dheas, the south point, the south.



O. = oir, east (E.); sOir, eastwards; anOir, from the east; thOir,
in the east; an áird thOir, the east point, the east.



I. = iar, west (W.); sIar, westwards; anIar, from the west; thIar,
in the west; an áird thIar, the west point, the west.



EADARÁIRDEANNA (IDIRCHEIRN).



O.T. = *oir-thuaidh, north-east (N.E.): sOir dTuaidh (sOir ó Thuaidh),
north-eastwards anOir a dTuaidh (anOir a nd(T)uaidh), from
the north-east; thOir Thuaidh (thOir dTuaidh), in the north-east;
an áird thOir Thuaidh, the north-east point, the north-east.



O.D. = *oir-deas, south-east (S.E.): sOir nDeas (sOir ó Dheas),
south-eastwards; anOir a nDeas, from the south-east; thOir
theas (for thOir Dheas), in the south-east; an
áird thOir theas (for — Dheas), the south-east point, the south-
east.



I.D. = *iar-dheas, south-west (S.W.); sIar nDeas (sIar ó Dheas),
south-westwards; anIar a nDeas, from the south-west; thIar
theas (for thIar Dheas) or thIar nDeas, in the south-west; an
áird thIar theas, the south-west point, the south-west.



I.T. = *iar-thuaidh, north-west (N.W.); sIar dTuaidh (sIar ó
Thuaidh), north-westwards; anIar a dTuaidh (anIar a nd(T)uaidh,
from the north-west; thIar Thuaidh (thIar dTuaidh), in the north-
west; an áird thIar Thuaidh, the north-west point, the north-
west.



FÓ-ÁIRDEANNA (FÓ-CHEIRN).



(a) Lámh-roinn (L.Ch.)



T.O.T. = *tuaidh-oir-tuaidh = lámh ó Thuaidh thOir dTuaidh, north-
north-east (N.N.E.), e.g. tá an ghaoth ar an láimh ó thuaidh thoir
dtuaidh, the wind is in the N.N.E.



D.O.D. = *deas-oir-deas = lámh ó Dheas thOir nDeas, south-south
east (S.S.E.)



D.I.D. = *deas-iar-deas = lámh ó Dheas thIar nDeas, south-south
west (S.S.W.)



T.I.T. = *tuaidh-iar-tuaidh = lámh ó Thuaidh thIar dTuaidh, north-
north-west (N.N.W.)


L. 64


(b) S-roinn.



O.O.T. = *oir-oir-tuaidh east-north-east (E.N.E); sOir sOir
dTuaidh (sOir sOir ó Thuaidh), east-north-eastwards; anOir
anOir a dTuaidh (anOir anOir nd(T)uaidh), from the north-
east; thOir thOir Thuaidh or thOir thOir dTuaidh, in the east-north-
east; an áird thOir thOir Thuaidh (also — dTuaidh), the east-
north-east point.



O.O.D. = *oir-oir-deas east-south-east (E.S.E); sOir sOir nDeas
(sOir sOir ó Dheas), east-south-eastwards; anOir anOir a nDeas,
from the east-south-east; thOir thOir nDeas or thOir thOir theas,
(for — Dheas), in the east-south-east; an áird thOir thOir theas
(also — nDeas), the east-south-east point.



I.I.D. = *iar-iar-deas, west-south-west (W.S.W); sIar sIar
nDeas (sIar sIar ó Dheas), west-south-westwards; anIar anIar
a nDeas, from the west-south-west; thIar thIar nDeas or thIar
thIar theas (for — Dheas), in the west-south-west; an áird thIar
thIar theas (also — nDeas), the west-south-west point.



I.I.T. = *iar-iar-tuaidh, west-north-west (W.N.W); sIar sIar
dtuaidh (sIar sIar ó Thuaidh), west-north-westwards; thIar thIar
dTuaidh, or thIar thIar Thuaidh in the west-north-west; an áird
thIar thIar Thuaidh, the west-north-west point (also an áird Thiar
Thiar dTuaidh).



NOTES.



The usage both of Leath Chuinn and Leath Mhogha show irreg-
ularities. Thus in ó thuaidh, ó dheas (L.C.) for thuaidh, theas (L.M.),
the latter is the correct thing from the literary standpoint. On the
other hand the double eclipsis in a nd(t)uaidh (L.M.) = a dtuaidh
(L.C.) does not rest on literary authority. As to soir dtuaidh, &c.
(L.C.) = soir ó thuaidh, &c. (L.M.), the older language shows sair
tuaidh, &c., which agrees better with the former. Everywhere the
literary budh thuaidh, budh theas, have been changed to ó thuaidh, ó
dheas, through the operation of phonetic decay — this is unfortunate,
as budh = “to” has thus been levelled with ó, from. The change
of dheas to theas, in the south, has the authority of the literature —
it is the only from known therein. In thoir thuaidh (L.M.), thoir
dtuaidh (L.C.), the former is the literary form.



The root-forms tuaidh, deas, oir, iar now occur only as prefixes,
thus: Tuadh-Mhumha, Thomond; Deas-Mhumha, Desmond; Or-Mhumha
(also Ur-Mhumha, i.e. Oir-Mhumha), Ormond; Iar-Mhumha, West
Munster. Compare tuaisceart (for tuaidh-sceart), ndeisceart
(for deas-sceart), oirthear, iarthar, in which they also occur.



Lámh-roinn: prefix go dtí an to express motion to, ó'n = motion
from, ar an = rest.



In forms like aniar a ndeas the a before ndeas is usually
omitted in Leath Chuinn.



Aniar a dtuaidh is used idiomatically = suddenly and against
one's wishes, of a calamity coming on one, &c.



Note that east and west have precedence of north and south, e.g.,
soir ó thuaidh, north-eastwards; an áird thiar theas, the south-west
point.



S. L.