Grádh & Crádh: Úirsgéilín

Connradh na Gaedhilge (1905)

Úna Ní Fhaircheallaigh



Leabhráin an Irisleabhair. — I.



GRÁDH & CRÁDH:
ÚIRSGÉILÍN.



Úna Ní Fhaircheallaigh
do sgríobh.



baile átha cliath:
CONNRADH NA GAEDHILGE



1905



Pinginn.


L. 2


Falconer, Baile Átha Cliath.


L. 3


Ná measadh éinneach gur fíor-sheanchas
atá 'sna leabhrán so. Is é atá ann ioná
sgéilín; &, d'á bhrígh sin, níor chuireas síos
ar gach ní d'ár bhain leis an gCaiptín & d'ár
thuit amach 'n-a thaoibh díreach mar thárla.
Ní oirfeadh a leithéid do réim an sgéilín



Ú. Ní Fh.


L. 4



L. 5


GRÁDH & CRÁDH.



Suas le céad bliadhan ó shoin
do bhí duine dar bh'ainm an
Caiptín Ua Raghallaigh i
n-a chomhnuidhe i Muinntir
Chonnacht, triocha céad atá
i ngar do Loch Reamhair
i gcondae an Chabháin.
Caiptín Sacsanach do b'eadh
é, gé gur dhuine do threibh Ua Raghallaigh do
bhí ann. B'fhéidir go bhfuil sé chomh maith
dham, sul a rachad níos fuide leis an sgéal,
an ní aisteach soin do mhíniughadh.



Do thuit amach i n-aimsir Shibéala bain-
ríoghan gur iompuigh cuid do threibh Uí
Raghallaigh i n-a Sacsanchaibh. Do thréig-
eadar a muinntear & a gcreideamh & níor
bh'fhada dhóibh mar soin go rabhadar chomh
Sacsanach leis na Sacsanchaibh féin. Do
rinneadar amhlaidh chum a ndúithche d'fhaghbháil
ó bhainríoghain na Sacsan, & ba bheag an meas
do bhíodh ag na fíor-Ghaedhealaibh orra ó shoin
i leith. “Ua Raghallaigh na Bainríoghna”


L. 6


tugadh ar gach duine aca, & do lean an
t-ainm céadna d'á gcloinn ó aois go haois
anuas go dtí an aimsear atá ann indiu.
Ní dhearna, ámh, acht corr-dhuine aca ionntódh
ar an gcuma soin, buidheachas mór le Dia
is na flaitheasaibh ar a shon, & dá laighead
iad an uair úd, is lugha iad anois, óir is tearc
duine d'á sliocht atá ar shlighidh na bréige
le n-ár linn-ne chum na talmhan do sheal-
bhughadh & chum pléisiúir do bhaint as an
saidhbhreas do cheannuigh a sinnsir ar luach a
gcreidimh & a dtír-ghrádha do shéanadh.



Bíodh soin mar atá, bhí an Caiptín ar na
daoinibh ba chumhachtaighe d'á raibh 'sa' gcondae
an uair úd. Do cailleadh a bhean acht
d'fhág sí inghean i n-a diaidh, & b'é Eibhlíse an
t-ainm do bhí uirri-sean. D'fhás sí suas i
n-a cailín bhreagh shlachtmhar nó gur dheise
cruth & déanamh í ioná aon chailín d'á raibh i
mBreifne thoir thiar, thíos thuas. Do bhí
duine do shean-phór Ua Raghallaigh i n-a chomh-
suidhe láimh le Murmaid ar an taoibh eile do
Loch Reamhair & bhí sean-aithne ag Eibhlíse air,
& tárla go dtugadar grádh d'á chéile &
gur bh'amhlaidh do bhí ar feadh tamaill do
bhliadhnaibh. Níor thaitnigh sin le hathair


L. 7


Eibhlíse, chuige ioná ar aon chor, óir do bhí
fuath aige ar gach duine d'á shloinneadh
féin d'ár lean do'n tshean-chreideamh & go
háirithe ar mhuinntir Chonaill Uí Raghallaigh
as ucht gur bh'iad-san do bhéadh i n-a
dtaoiseachaibh os cionn treibhe Ua Raghallaigh,
dá mbéadh a gceart aca. Acht cheana, le
dul ar aghaidh leis an sgéal, bhí Eibhlíse ag
dul isteach i n-a ficheadh bliadhain nuair thárla
an sgéal atá d'á sgríobhadh agam annso.



Lá samhraidh d'á raibh an ghrian ag lonnradh
ar an dúthaigh do bhí Inghean Uí Raghallaigh
amuigh i n-a haonar i mbáidín bheag ar
Loch Reamhair. Níor bh'iongnadh í bheith ag
pléidhe leis na maidíbh rámha; ba mhinic
di 'gá dhéanamh soin & ag caitheamh an lae
go léir ar an loch.



Do chuireadh sí suas do'n obair anois &
arís, & do thógbhadh sí a ceann le breathnughadh
ar na spéarthaibh — áit nach raibh fiú an néill
le feicsin innte. Do bhí teas an lae thart
nach mór, & bhí sídhe bheag ghaoithe ag séideadh
tarsna an locha. Do bhí solas na gréine ag
súgradh leis an bhfraoch thuas ar mhullach an
tshléibhe éirighe s láimh leis an mbaile mbeag
ó thuaidh.


L. 8


An ghaoth do bhí ag séideadh an tráth soin
d'osgail sí dlaoi ómrach do ghruaig an chailín
nó go raibh sí ag tuitim ar a brághaid, & an
ghrian do bhí ag taitneamh do sgairt a solas
ar a gné & ar na súilibh glasa aici gur
bh'amhlaidh do bhí sí ioná cosamhail le maighdin
mara nó le mnaoi ó Thír na n-óg. D'fhan sí
i bhfad mar sin aon uair amháin & í ag féachain
ar an ngréin & ag síor-mhachtnamh go nár
airigh sí curach d'á chur amach ar an uisge ó
thuaidh. Ní raibh acht aon fhear amháin 'gá
iomramh & do rinne sé ar oileán bheag do
bhí suidhte i ngar do'n áit i n-a raibh Eibhlíse
féin, acht do chuaidh sé i dtír a gan-fhios di.
I gceann tamaill, ámh, do chrom sí arís ar
iomramh do dhéanamh, & ar an am gcéadna do
thosuigh sí ar ghabháil fhuinn. Ba bhinne ná
ceól na héanlaithe fuaim a gotha mar do
b'iad puirt a sean & a sinnsear do ghabh sí.
Amhrán i ndiaidh amhráin thug sí uaithi go
dtárla sí ar an rann so:—



“Suidhfead síos ar chnoc go hárd
Agus geabhad go córach cleite im' láimh,
Má gheibhim toil, go sgríobhad mo sháith
Ar ghníomhartha suilt 's ar mhaith mo ghrádha.”


L. 9


Ní luaithe do bhí críoch leis an méid sin
ná chualathas glór 'san oileán ag déanamh
aithrise ar a glór féin:—



“Ar neóin nuair théidhim ar thaoibh Suidhe Finn
Fa bhrón i gcéin 's gan aon dom' bhuidhin,
Cia sheólfadh aon-mhac Dé im' líon
Acht stór mo chléibh, bé 'nÉirinn í.”



Ar n-a chlos soin di, do sgannruigheadh an
cailín gur thuit na maidí rámha as a lámhaibh.
Tug sí a haghaidh ar an oileán & a súile ar
leathadh le hiongantas. Acht, níor bh'fhada
gur thosuigh sí ar mhiongháire do dhéanamh &
gan chosamhlacht fhaitcheasa ar bith uirri.



“Ó! an tusa atá ann, a Chonaill,”
adubhairt sí; “acht nár bh'iad na focla
céadna do bhí againn, adéarainn gur mac
alla do bhí ann.”



“Is mise atá ann, a chuisle; dar ndóigh,
ní duine eile.” Leis sin, táinig óigfhear
amach ó sgáth na gcrann do bhí ag fás ar an
oileán. Do sheas sé ar bhruach an uisge &
do shín sé a lámh chuici go dtug sé congnamh
dhi fa theacht i dtír. Do léim sí amach go
mear aibéil & do rinne Conall an bád do
cheangailt do chraoibh chrainn do bhí le n' ais.


L. 10


“Gabhaim párdún agat, a Eibhlíse, fa gur
chuireas isteach ar do chuid smuainte, acht
ní raibh aon neart agam air. Bhí an
aimsear ag imtheacht & gan acht cúpla uair
agam le mo stóirín d'fheicsint.”



Do ghabh uathbhás Inghean Uí Raghallaigh an
fhaid do bhí sí ag éisteacht leis, & do bhí
sgeón i n-a súilibh nuair d'fhreagair sí:—



“Nach bhfuil na laetheannta chomh fada
céadna anois, a mh'anam, & do bhí riamh —
& cad chuige go mbéadh imshníomh ar
mo bheathaidh féin fa ghiorracht na haim-
sire?”



Do chrom Conall a cheann & d'fhéach sé
go tuirseach truaighmhéileach ar a aon-mhnaoi
féin & 'sé adubhairt sé:—



“Ní fhuil sé i ndán dúinn ár saoghal do
chaitheamh i bhfochair a chéile, & 'sé as dóigh
liom ioná gur fearr dúinn sgaramhaint
anocht. Do chonnacas d'athair indiu & tá
an sgéal go díreach glan mar shaoileas go
mbéadh.”



Do thréig dath an róis a gruadhna ann-
soin & d'ionntuigh sí chomh bán le sneachta
ar gclos na bhfocal soin di, & do b'amhlaidh
d'airigh sí í féin ioná dá mbéadh nasg iarainn


L. 11


ag fásgadh a croidhe & ag luighe go trom
timcheall air.



D'fhanadar i n-a dtost i bhfad & ba
chráidhte dubrónach a n-inntinn & a n-anam
ó sgáil a sgaramhna.



Do thosuigh éinín ar seinm cheóil 'sa' gcoill
fá thuaidh. Acht an fhuaim sin amháin & géim-
neach na mbó mbainne mágcuaird, ní raibh
aon ghleó ag cur isteach ar sholamnacht na
huaire sin.



Nuair bhíos fuineadh na gréine thart, tig
ciúineas i n-aimsir an eadarsholuis, & i
n-éinfheacht le ciúineas an domhain nádúrtha
tig socracht & síothcháin i gcroidhe an duine.
Acht níor bh'amhlaidh do'n bheirt do bhí ag
amharc amach ar an loch & suas ar na spéar-
thaibh leath-as-tiar.



Níor shaoileadar i n-aon chor gur dheas í
an dúthaigh aca-san. Ba chuma leo, an uair
sin, áilne & deise an domhain, óir do bhí
smúid ar a n-inntinn, & a n-anma fa bhrón
aca.



“Tud! tud!” do chuir pléasgadh géar
tapaidh isteach ar a smuaintibh fa dheireadh.



Rug Eibhlíse ar láimh ar Chonall & í ag
criothnughadh.


L. 12


“Goidé sin?”



“Ná bíodh aon eagla ort! Fuaim ghunna
is eadh é. Nach aisteach í an uair seo do'n
lá? Acht, b'fhéidir gur duine é atá ag
iarraidh a shuipéir do bhaint amach 'sa' gcoill
ar slighidh éigin. Béidh maor d'athar-sa ar
lorg an bhochtáin gan mhoill & is deallrathach
go dtiubhra sé seal 'sa' bpríosún mar gheall
ar an éan úd do mharbhadh.”



“Go bhfóiridh Dia ar an duine mbocht,
má's mar soin atá an sgéal,” ar Eibhlíse.
Annsin adubhairt sí:— “Tá néall éigin ag
tuitim orm & gan aon leigheas agam air.”



“'Sé néall ár sgaramhna atá ann.”



“Tud! tud!” arís, & gan aon deireadh leis
an bhfuaim do'n chor so. Ní raibh an gleó
chomh mór & do bhí do'n turus eile. Capall
do bhí ar sodar d'airigheadar gur bh'eadh é.
Do thosuigh sé ar dhul cos i n-áirde i gceann
tamaill. Annsin, do chuaidh an fhuaim i
laige go nár chualadar í, chuige ná ar aon
chor.



Do bhí an iomarca bhróin orra, ámh, chum
suime do chur 'sna neithibh do thuit amach i
n-a dtimcheall & do chromadar ar chomhchaint
do dhéanamh arís. Is iomdha rud ar thrácht-


L. 13


adar air — ar an tír bhoicht seo & ar a
crádh — ar a ngrádh d'á chéile & ar a gcruadh-
chás — ar na laethibh sona do chuaidh thart &
ar an aimsir do bhí le teacht. Do bhí a
fhios ag Eibhlíse go raibh sé curtha roimhe ag
Conall dul tar lear & go bhfanfadh sé ann
go mbéadh éirghe amach i nÉirinn. Níor chuir
sí i n-a aghaidh, óir ba mhisneamhail an cailín
í. Do bhí súil aici go dtiubhradh a hathair
cead dóibh fa dhul i gcleamhnas & níor mhaith
le ceachtar aca gan a bheannacht d'fhaghbháil
uaidh. Rud eile dhe — dd bhí an t-airgead
níos fairsinge tar sáile an tráth soin ioná
atá le n-ár linn-ne, & do bhí Conall ag tnúth
le roinnt óir do chnuasughadh chum aithfhillte
ar an gCaiptín & a rádh leis:— “Táim chomh
saidhbhir leat-sa anois!”



“Dá mbéinn im' fhear shaidhbhir,” ar sé le
hEibhlíse, "ní bhéadh an oiread soin gráine
aige orm & atá. Dubhairt sé liom indiu
nár cheart ná oireamhnach do dhuine bhocht
suarach mar mise bheith id' dhiaidh-se — & a rádh
go bhfuil an talamh chéadna do bhí ag mo
shinnsearaibh aige-sean."



Do bhí Conall ag dul i bhfeirg acht do
chuir sé cosg air féin i n-am.


L. 14


“Gabhaim párdún agat, a mhúirnín mo
chroidhe istigh, fa'n méid sin do rádh, acht,
táim corruighthe rud beag im' inntinn indiu,
& gan ar mo chumas srian do chur lem'
theangaidh.”



“Ní nach iongnadh liom, a Chonaill.”



Mar sin dóibh ag déanamh iarrachta ar
shólás do thabhairt d'á chéile gur éirigh an
ghealach go geal fuar os a gcionn.



Dá áilneacht Loch Reamhair & a chomhar-
sanacht 'san ló le solas na gréine, bíonn an
áit úd i bhfad & i bhfad níos deise ist-oidhche
nuair bhíos an ghealach 'sna spéarthaibh & gach
rud go ciúin socair.



Samhluigheann an loch ar a leithéid sin
d'aimsir mar loch gloine & domhan eile faoi
— an ghealach, na réalta, na crainn & uile.



“Goidé sin?” ar Eibhlíse go hobann.
“Och! ochón! och! ó!” D'éirigh caoineadh
ó Mhuinntir Chonnacht taoibh ó dheas, & do
thosuigh sé ar dhul i méid gur bh' amhlaidh do
bhí sé ioná mar chaoineadh os cionn na marbh.



Do ghabh eagla Eibhlíse as ucht go raibh a
fhios aici nach raibh duine 'sa triocha céad i
mbaoghal bháis an tráth soin.



“Caithfead dul a bhaile anois a Chonaill;


L. 15


tá eagla an domhain orm go bhfuil rud
éigin as an mbealach.”



“Ó! tarraing do shuaimhneas ort, a
stóirín. Is í seo ár gcoinne dhéidheanach, &
tá a fhios ag Dia amháin a' bhfeicfimid a chéile
arís a choidhche.”



Do-chluinidís an caoineadh anois & arís i
n-a dhiaidh sin & gach uair d'á gcuala Inghean
Uí Raghallaigh é táinig móir-chrith uirri.



D'fhágbhadar slán & céileabhradh 'gá chéile
'sa' deireadh & do chuir Conall a aon-bhean
féin fa choimirce Dé an uair úd & choidhche.
Do chuaidh sí isteach 'sa' mbád & do ghlac sí
na maidí i n-a lámhaibh & a croidhe go trom
dubhach aici.



D'fhan Conall Ua Raghallaigh ag féachain
uirri go ndeachaidh sí i dtír i ngar d'á
baile féin. D'éirigh fearg i n-a chroidhe ag
smuaineadh dhó ar a gcruadh-chás. “Féach
mise,” adubhairt sé leis féin, “go raibh an
triocha céad so ag mo mhuinntir & nach
bhféadaim dul go dtí a teach féin le n-a
feicsint. Caithfidh mé teacht annso le n-a
aghaidh sin díreach mar bhitheamhnach gan áird,
gan chlú, & b'fhéidir nach bhfeicfead í ar an
gcuma soin féin i n-a dhiaidh seo. Ó! a


L. 16


Dhia, a Dhia! cá fhad a bhéimid d'ár gcrádhadh
& d'ár sgriosadh 'sa tír seo, nó an í do
thoil-se do chlann féin a bheith gan saidhbhreas
an tshaoghail seo!”



Do bhí Eibhlíse ag déanamh ar an tigh nuair
chonnaic sí a sean-bhuime chuici & í ag sníomh
a lámh & ag béiceadh ar a láin-dícheall:



“Ó! a leinbh mo chroidhe is a chailín na
féile! céard do thuit orainn indiu! Ó!
mo mhaighistir bocht! mo mhaighistir féin!
Ochón! ochón indiu!”



“Goidé atá ort? Innis damh é, i n-ainm
Dé.” Níor fhéad an inghean, ámh, aon
fhreagra d'fhaghbháil uaithi acht caint bhriste
& a leithéid sin do chaoineadh. D'fhág sí a
buime mar a raibh sí, & do rith sí suas go
dtí an teach, a cosa ag cromadh fúithi le
méid a faitcheasa.



Do bhí sgata daoine bailighthe thart tim-
cheall an dorais. Do rinneadh bealach di, &
isteach an dorus léithi, a súile ar leathadh
le méid an uathbháis & na himeagla do bhí
uirri. Do stad sí go hobann 'sa' halla.
Ar a haghaidh go díreach do chonnaic sí rud
eigin i n-a luighe ar an urlár. Duine marbh
do bhí ann, & é sínte amach fa bhrat.


L. 17


Do chrom si síos & thóg sí an brat gan,
focal do rádh.



An Caiptín Ua Raghallaigh do bhí faoi, —
poll i n-a chliabh & an fhuil ag sileadh uaidh.



“A athair! a athair!” do sgread sí, & ar
an bhfocal do thuit sí síos 'n-a pleist le
n-a ais.



Cúpla lá i n-a dhiaidh sin, do bhí coisde
crónaire os cionn an Chaiptín, & as ucht na
fiadhnaise tugadh ann, do b'é an breitheamhnas
thug na coisdeóirí uatha ioná go raibh Conall
Ua Raghallaigh cionntach le bás an Chaiptín.
Oidhche an dúnmharbhtha do ghabh buachaillí an
ríogh leó é. Do chuireadar 'sa' bpríosún é
óir do bhí gach rud i n-a aghaidh. Do bhí a
fhios ag an domhan go léir nach dtiubhradh
an Caiptín cead pósta le n-a inghin dó.
Do chuala na searbhfhoghantaidhthe imreasán
eatorra an lá céadna & — rud níos measa
fós i n-a aghaidh — fuarathas a ghunna i ngar
do'n tigh & é folamh. Rud eile dhe — as
gunna do'n tsórt soin tháinig an piléar do
mharbh an Caiptín. Ní raibh amhras ar bith
acht i dtaoibh aon neith amháin. Do goideadh
as an tigh, an oidhche chéadna, suim mhór


L. 18


airgid, & páipéirí do bhain le feirm tháinig
isteach ar lámhaibh an Chaiptín féin cúpla
bliadhan roimhe sin. Do chuir sé feirmeóir
amach as a thigh & as a chuid talmhan — é féin
& a chlann — & shin gan mhórán cíosa aige
air.



Tug an fear soin mionna go mbéadh a
dhíoghaltas aige fós as ucht a ndearna an
tighearna talmhan air. Do chuaidh a chlann
go hAimeiriocá & do chuaidh sé féin go
Condae na Midhe ag iarraidh oibre le
déanamh, & tásg ná tuairisg air ní fhuair
éinneach i Muinntir Chonnacht ó shoin i leith.



Níor fríth airgead ioná páipéirí ar
Chonall, acht, mar sin féin, ba chosmhail go
gcrochfaidhe é i ndeireadh na dála, mar
gheall ar an gCaiptín do mharbhadh.



Do bhí Eibhlíse beagnach as a meabhair le
méid a bróin i ndiaidh a hathar & le hiomad
a himshníomha i dtaoibh Chonaill. Do thuit
brais tinnis uirri ionnus nach raibh sí i n-innmhe
fiadhnaise do thabhairt os comhair an choisde
chrónaire. Do bhí cúirt an dlighidh le bheith
ar siubhal i gcionn mhíosa & Conall le bheith
d'á fhromhadh ann ag an mbreitheamhain & an
gcoisde, & ar n-éirghe d'Eibhlíse ó n-a leabaidh


L. 19


thinnis, do chrom sí ar chuartughadh amach
comharthaí neimhchionntachta a grádha. Níor
bh'fhuruisde sin do dhéanamh & gach ní ag
dul i n-a coinne. Fuair sí cúntas ar an
bhfeirmeóir úd, acht ní raibh aon mhaithe dhi
ann. Chonnacathas é 'san Mhuilionn Chearr
uair an chluig i ndiaidh an dúnmharbhtha do
dhéanamh, & do bhí a lán daoine réidh le n-a
dhearbhadh soin.



Do bhí lá na cúirte ag teacht timcheall &
do bhí inghean Uí Raghallaigh, aon lá amháin,
ag siubhal le hais Locha Reamhair. Do bhí sí
ag smuaineadh & ag síor-smuaineadh ar gach
ní d'á dtárla &, fa dheireadh, do bhreathnuigh
sí ar an oileán mar ar sgar sí le Conall.
D'éirigh gach ní d'ár thuit amach an oidhche
dhubrónach úd os comhair a hinntne — fuaim
an ghunna, caoineadh na mban, &, rud eile —
do chuimhnigh sí go hobann ar an bhfuaim
eile do chuala sí an oidhche chéadna — fuaim
chapaill ag dul cos i n-áirde.



“Buidheachas & mór-bhuidheachas leat, a
Thighearna, is tusa do chuir an tuitim amach
úd i gcuimhne dhamh arís. Do chuaidh an ní
sin as mo mheabhair ar fad go nuige seo.”


L. 20


D'fhill sí ar a hais chum na stáblaí do
bhí ar chúlaibh an tighe, & d'iarr sí ar shean-
searbhfhoghantaidhe do bhí ann ag déanamh
fhritheóilte ar na capallaibh gabháil i leith
chuici gan mhoill.



“Tá na capaill go léir ar foghnamh agat,
a Phádruig!”



“Tá, do láthair, a bhean-uasal, buidheachas
le Dia, acht, is beag nár cailleadh Bran i
ndiaidh an mhaighistir bhoicht. 'Sé an capall
do b'fhearr leis d'á raibh aige. Cha dtiubhradh
sé ar trí céad púnt é, ar mh'anam! & moladh
do Dhia, d'airigh an chréatúir bhocht go raibh
tiubaiste orainn an oidhche dhubh úd, go
sábháilidh Dia sinn!”



Do phreab croidhe Eibhlíse ar n-a chlos soin
di.



“Ar airigh tú aon rud aisteach i n-a thaoibh
an oidhche sin?”



Do bhain an sean-fhear a hata dhe & do
ghearr sé an chroch chéasta air fein roimh
fhreagra do thabhairt ar an gceist dó.



“Ní maith liom bheith ag caint fa n-a
leithéidibh sin. Croch Chríost d'ár gcoimeád
ó gach uile olc, acht d'airigh mé go ró-mhaith
rud éigin as bealach leis an gcapall
gcéadna ar an aimsir sin”


L. 21


“Badh mhaith liom a chloisint gach d'ár thuit
amach. Ná bíodh aon fhaitcheas ort fa'n
sgéal d'innsint domh ó thús go deireadh!”



Do ghearr Pádruig comhartha na croiche
air féin an dara huair & do chrom sé ar an
sgéal d'innsin mar leanas:—



“Bhí mé féin i mBeirdsine (.i. i
mBaile Locha Reamhair) ag déanamh teach-
taireachta le haghaidh an mhaighisdir —
beannacht Dé le n-a anam — uair thuit
an tiubaiste air. Cha rabhas 'sa' mbaile
go raibh sé go han-déidheanach 'san oidhche
& mar sin, leis an sgannradh & uile,
thárla nach deachaidh me go dtí na stáblaí
mar ba ghnáthach dhamh a dhéanamh cibé uair
thiocfainn a bhaile. Bhí sé an-dorcha roimh
fháinneadh an lae ar maidin lá ar n-a bhárach,
& bhí tórradh an Chaiptín bhoicht — go dtuga
Dia trócaire d'á anam — ar siubhal againn
'sa tigh mhór. Chuala mé annsin, & chuala
daoine nach mé, freisin, fuaim mar dá
mbéadh capall ar sodar. Stop sí go
tapaidh mar sin, & char chuireamar aon
tshuim ann go deachaidh mé chomh fada leis
na stáblaíbh, & céard do bhí ann acht Bran &
é ag crith & ag cur alluis & a chuid súl, mar


L. 22


adéarthá, ag preabadh amach as a cheann le
huathbhás. Ba bheag nár thuit mé féin le
faitcheas, óir bhíos cinnte go bhfaca an capall
bocht taidhbhse nó taise feadh na hoidhche.”



Do chuir Pádruig comhartha na croiche air
féin arís & do bhreathnuigh sé go héasgaidh
i n-a thimcheall sul mar lean sé ar an
sgéal:—



“Féach! a bhean uasal! Is dearbhtha atáim
go dtáinig d'athair-se ar a ais ó shluagh
na marbh le gnó éigin do dhéanamh & go
deachaidh sé ar dhruim a chapaill féin le
n-a aghaidh sin. Is dóigh liom go raibh sé ag
teacht ar a ais le crích do chur ar obair
éigin bhí fa lámhaibh aige sul a deachaidh sé
as an saoghal so. Bhí grádh ag an gCaiptín
riamh do'n chapall úd & grádh aige-sean dó.
Do thaisbeán an beathach bocht a ghrádh, ar
aon chuma, mar thug sé congnamh d'á
mhaighistir san ghnó soin — cibé ar domhan é!
Sin é a bhfuil agam le rádh i n-a thaoibh, &
gabhaim párdún agat, a leinbh, fa nach dubhras
an mhéid sin leat go nuige seo. Níor
mhaith liom imshníomh do chur ort-sa, & sin
gan aon tairbhe dhuit.”



“Nár bh'é an truagh nár innsis an sgéal


L. 23


soin damh roimhe seo, acht, ‘is fearr mall
ná ró-mhall.’”



Annsin do mhínigh sí do'n tshean-fhear nár
thaidhbhse nó thaise do bhí ann, do réir a
baramhla-sa, acht duine 'ga raibh baint aige
leis an gCaiptín do mharbhadh. Do chroith
seisean a cheann & do dhún sé a bhéal gan
focal do rádh i n-a haghaidh, acht d'airigh sí
go maith nár chreid sé a ndubhairt sí leis.



“Níor bh'fhéidir gur thaidhbhse do bhí ann,”
ars' ise arís, “óir chualas féin fuaim an
chapaill & é ag dul ar chroidhe a dhíchill; bhí
sé ag déanamh ar an Mhuilionn Chearr
leis.”



“B'fhéidir sin, b'fhéidir sin,” ar Pádruig,
&, leis sin, do chuaidh Eibhlíse ag triall ar a
buime chum comhairle do chur i n-a hucht.



Táinig lá na cúirte timcheall & do
dearbhadh gach ní d'ár cuireadh i leith
Mhic Uí Raghallaigh. Annsin d'fhiafruigh
duine éigin, “Cá bhfuil Inghean Uí Raghallaigh;
bhí sí le fiadhnaise do thabhairt annso indiu.
Cá bhfuil sí?”



Ní raibh sí i láthair, trá, acht d'éirigh a
buime & í ag sileadh deór, & adubhairt:—


L. 24


“Tá mo leanbh uasal, a thighearna, as a
meabhair ó'n trioblóid & ó'n trom-ualach do
bhí uirri.”



Ní raibh duine do bhí ag éisteacht léithi nach
raibh truagh aige do'n chailín óg áluinn do
bhí fa bhrón gan chomhartha sóláis aici ó dhuine
ioná ó dhaonnacht.



“Ó! a Dhia, a Dhia!” adubhairt Conall
Ua Raghallaigh, ag féachain ar na spéarthaibh:
“Cad do rinneamar chum an díoghaltais seo
do thuilleamh?”



“Acht cheana, thánag-sa,” ars' an tshean-
bhean, “le fiadhnaise do thabhairt i n-a háit;
d'innis sí an sgéal damh ó thús go deireadh
sul mar d'imthigh sí le craobhacha.”



Níor leigeadh dhi an ní sin do dhéanamh,
ámh, & do b'é críoch an sgéil ioná go dtug
an coisde a bharamail go raibh Conall Ua
Raghallaigh cionntach le bás an Chaiptín, &
m'fhocal daoibh nach raibh súil tirim 'sa'
gcúirt an lá soin.



Do bhí an breitheamh le breitheamhnas bháis
do thabhairt air, acht go díreach glan mar
do bhí sé ag cur an bhairéidín duibh ar a
cheann do rith fear isteach 'sa' seomra & é
ag cur alluis. Tug sé sméideadh do'n


L. 25


bhreitheamh & do stad seisean do'n obair do
bhí idir lámhaibh aige. Sean-fhear do b'eadh
é. Do b'fhurus an oiread soin do thabhairt
fa deara, mar do bhí na ruic le feicsin i
n-a éadan & an ghruag bhán ag tuitim anuas
ar a mhuineál, ar ndul suas ar bhord na
mionna dhó.



Do cuireadh an leabhar i n-a láimh. Níor
fhéad sé fiú an fhocail do rádh go ceann
tamaill. Annsin do thosuigh sé ar an sgéal
chéadna d'innis Pádruig d' Eibhlíse, óir b'é
Pádruig féin do bhí ann. Nuair do bhí
críoch leis, d'ionntuigh sé ar na neithibh do
thuit amach ó shoin anuas d'innsin:—



“Nuair bhreathnuigh mé go cruinn ar gach
taoibh do'n cheist, dubhras liom féin gur
bh'fhéidir i ndiaidh gach uile neith an ceart a
bheith ag mo mhaighistreás i n-a ndubhairt sí
liom i dtaoibh an chapaill. Bhí m' aigneadh
socair agam gan mhoill, & leis sin chuadhas
go dtí an Muileann Cearr a gan-fhios
d'éinneach. Fuaras sgéala i gcomhar-
sanacht an bhaile sin ar an bhfeilmeóir do
cuireadh amach as a thigh cúpla bliadhan ó
shoin. Bhi sé imthighthe go hAimeiriocá, acht
fuair mé an páipéar so i n-a sheomra.


L. 26


Féach! Is páipéar bhaineas leis an bhfeirm
úd é. Rinne sé dearmad air, is dócha.
Chuala mé ó roinnt mhaith dhaoine go bhfacathas
'san Mhuilionn Chearr é faoi chionn uaire
i ndiaidh aimsire marbhtha mo mhaighisdir.
'Sé sin le rádh gur bh'fhéidir dó ‘alibí’ do
dhearbhadh dá ngeabhthaoi é. Fear clisde
b'eadh é; ní hiongnadh go dtáinig leis gunna
Chonaill óig Uí Raghallaigh do ghoid. Is
maith a bhí a fhios aige goidé mar bhéadh an
sgéal i n-a thaoibh sin. Táinig mé ar
m'ais a bhaile & dubhras im' aigneadh féin &
mé ag smuaineadh ar gach d'á dtárla:—
‘Má tá capall ar dhruim na talmhan a dtig
leis a dhéanamh soin, 'sé Bran é.’ Chuaidh
mé, leis sin, ar a mhuin & as go bráth linn.
Bhíomar 'san Mhuilionn Chearr cúig nóim-
int roimh an uair, & mo lámh dhaoibh nach bhfuil
capall eile 'sa' gcruinne do dhéanfadh é
taoibh istigh do'n aimsir chéadna.”



Ar n-a chlos soin dóibh, d'éirigh “hurrú”
'sa' gcúirt & do chromadar ar bhualadh bos
& ar dhéanamh chomhgháirdeachais le chéile as
ucht na sgéala soin.



Níor bh'fhada, i n-a dhiaidh sin, gur saoradh
Conall & an oidhche d'fhill sé ar a ais chum


L. 27


a dhúithche féin do lasadh teinnte cnámh ag na
daoinibh ar gach cnoc 'sa' gcondae le n-a
mbród & a lúthgháir do thaisbeánt d'á dtaois-
each ionmhuin féin — acht, ba chuma le Conall
bhocht an gáirdeachas soin & a chroidhe go
trom aithmhéileach aige. Níor chuir sé aon
tshuim i rud ar bith do'n tshaghas soin.



“Ag so an gleó 's an brón is baoithe;
Ag so an tuirse 's an doilghe is daoire.”



Badh mhian liom críoch mhaith do chur ar an
sgéal so. Dob' áil liom a rádh gur phós
Conall & Eibhlíse a chéile & gur chaitheadar
a laethe go deireadh a saoghail i n-éinfheacht
gan doilgheas, gan chrádh — acht, mo léan &
mo mhairg nach mar shaoiltear cinntear i
gcomhnuidhe, ar an ngleann dubrónach so.



Do chuaidh Conall d'fheicsin a ghrádha, acht
níor aithin sí é. Do chaitheadh sí an lá ag
imtheacht thall & i bhfus & í ag baint phamhsaer
& ag gabháil fhuinn. D'éirigheadh na deóra
i súilibh Chonaill gach tráth d'á gcloiseadh
sé na sean-amhráin d'á ngabháil. Níor fhéad
sé an t-amharc so d'fhulang fa dheireadh.
D'fhág sé slán & céileabhradh ag a aon-mhnaoi


L. 28


le dul 'san arm le haghaidh troda do
dhéanamh ar son Éireann.



Do thuit sé i gcath Bhaile na hInse suas
le céad bliadhan ó shoin, & níor fhan a ghrádh i
bhfad i n-a dhiaidh.



Do cuireadh í 'san oileán áluinn úd i
gceart-lár an locha & 'sé mar adeir siad
ioná go mbíonn óig-bhean ag bualadh anonn
& anall trasna an locha le solas na
gealaighe & í ag gabháil fhuinn:—



“Dam is dleacht a leacht do líonadh,
Dam is eól a sgeól do sgaoileadh,
Dam is dual a ruaig do ríomhadh,
Ó's dam is cóir a ghlóir do chaoineadh.”