Maon

Connradh na Gaedhilge (1924)

Seosamh Th. Ó Ceit



MAON



Úrchluiche dTrí nGníomh



SEOSAMH Th. Ó CEIT
do scríobh



Connradh na Gaedhilge
Baile Átha Cliath
1924


L. 2


TAIRGSINT



Tairgim an dráma so do Phádraic Mac Piarais, atá
básuighthe, a bhí ina charaid intleachtamhail dam an fhaid
do bhí sé ina eagarthóir ar an “Claidheamh Soluis”;
agus mar dhilchuimhne ar a chineáltas dam.



S. Th. Ó. C.


L. 3


REAMHRÁDH



Nuair a thosnuigh mé ar an ndráma so a scríobhadh
bhí léaramharc agam ar an nós ar thosnuigh Naomh Pádraic
ar an bPágántacht do dhíbirt as Éirinn. Cheap sé
sin, dá mbeadh righthe agus uaisle na hÉireann in a
gCríostaidhthibh aige, go leanfadh an coitchiantacht iad;
agus do thosnuigh, dá bhrigh sin, ar craobhscaoileadh a
Shoiscéil in árd-chathair na tíre .i. i dTeamhair na Ríogh.
Mar an gcéadna cheapas-sa leis dá bhféadfaidhe árd-
chatracha na hÉireann do Ghaedhealughadh go leanfadh an
chuid eile den dúthaigh iad, agus chum iarrachta ar é sin
a dhéanadh do thosnuigheas ar drámannaibh a scríobhadh;
óir, mar gur b'iad na hamharclanna Gallda a bhí ionnta
soin dúnta an Galldachais in Éirinn, sul a mbeadh tír
Ghaedhealach againn, b'é mo thuairim é gur b'éigean dúinn
amharclann Gaedhealach do bheith againn agus drámanna
Gaedhealacha. Seo ceann aca so — ionnsuidhe ar na
dúntaibh úd agus a mbaineann leotha; agus muna ndeinidh
sé iad do leagaint ar lár, ní har fonn an scríobhnóra
a bheidh an locht.



Maidir leis an méadaracht ina bhfuil sé scríobhtha.
níor dheineas acht “bualadh romham,” mar adeir an
Céitinneach, agus tháinig sí chugham.



S. Th. Ó C.


L. 4


MAON



FUIREANN:



COBHTHACH Árdrí na hÉireann.



MAON Mac a ghairmhic sin.



DAOLGHUS Ard-draoi do Chobhthach.



CRAIFTINE Cruitire.



SCOIRIATH Rí Chorca Dhuibhne.



MÓIRIA A inghean soin.



Beirt Thriath nGaedhlach.



Beirt Thriath bhFranncach.



Beirt duine uasal bhFranncach.



Cúigear Triatha eile.



Triatha is draoi i ríbhrog Scoiriatha.



Ridirí i bhfara Scoiriatha.



Triatha, draoithe, is uaisle i gcuideachtain
Chobhthaigh.



Draoi do Chobhthach.



Laochra i bhfara Mhaoin.



Beirt Ghiolla do Mhaon.



Córa.



Áit: I nÉirinn agus sa bhFrainnc.



Am: Le linn Chobhthaigh a bheith in a Árdríg ar Éirinn,
A.M. 3580-3610.


L. 5


GNÍOMH A hAON



AMHARC A hAON — DIONN RÍOGH



Tagas an tárdrí Cobhthach agus Daolghus Árddraoi isteach.



COBHTHACH
Trácht níor chualas le déidheannaighe
Ar Mhaon, a Daolghuis?



DAOLGHUS
Trácht air níor chualas acht fíorbheagán, .i.
Go bhfuil sé fós fé chomairc Scoiriatha.



COBHTHACH
Ná gur úrlabhair a theanga?



DAOLGHUS
Sin níor chualas. Acht b'é do chualas,
Go bhfuil sí fós go balbh in a cheann.



COBHTHACH
Cé haois anois é, a Dhaolghuis?



DAOLGHUS
Ní fuláir nó tá sé a aois a haon is fiche:
Tá aon bhliadhain déag anois ór theich sé ón áit seo, nó
An ceart do rádh, ór thug an mhuinntear, anois gur
leis é
Fá n-a gcúrain, síos go Corca Dhuibhne é.


L. 6


COBHTHACH
'Seadh.
Aon bhliadhain déag, a Dhaolguis, ór éaluigh sé le
heagla uainn,
Ar eagla go n-éagfadh linn mar d'éag a sheanathair is
A athair: Nách gearr é imtheacht na mbliadhanta, a
Dhaolghuis!
Is maith is cuimhin liom roimh an nduibhré sin an chnaoidhe
Ag gabháil dam, agus an chaoile, fá Laoghaire Lorc bheith
In a Rígh, i gcaoi gur díom do lean an fhorainm
‘caol’ ó shoin:
(Caol ón gcnaoidhe 's ón gcaoile sin, is Breágh ón áit
ór thánag):
Acht Cobhthach Caolmbreágh ag formad le n-a dhearbh-
ráthair is
Le n-a mhac soin, is mar a chéile é anois dó ag cnaoidhe
Go bhfuil mac a ghairmhic beó: Ní suan fós dó ná sos
croidhe
An fhaid atá sé sin 'n-a bheathaidh.



DAOLGHUS
A Rí,
Ar na déithibh ná cuir a thuilleadh feirge: Cuimhnigh leat
Gur mar díoghaltas choire Pharthalóin, in a fhionghalaidhe
A bheith, gur chuireadar ar a shliocht soin pláigh, fúithi gur
Éag sé sin is iad.



COBHTHACH
A dhraoi, fét chómhairle-se do dheineas an chéad choir
Nuair thugas rinn mo scéine fá bhroinn Laoghaire, gus
anois
Cá chiall duit é do bheith á choscadh orm a chóimhlíonadh dham
Don leigheas sa dom' fhormad do thugas dam an tráth
soin
Ar an ghas bhog so dá shloinneadh?


L. 7


DAOLGHUS
An lánughadh! a rí: an lánughadh!



Bíonn foidhne ag sna déithibh linn go dtreasnuightar teóra
'Gus an uair sin buailid: Scribheann dá bhfuil mar
chómhartha aca
Ar an nduibhteórainn sin is eadh neamhthrócaire don lag
Don leanbh, don dall, don bhalbh, nó don aois fá
mheathadh cholna.
Scríobhtha tá a rabhadh 'n-a leith sin go mórbhriathrach
treasna
Na haoise, ón gcéad lá ar cruthuigheadh an duine leótha ós
Na dúilibh: Nách leór duit é go bhfuil mac do ghairmhic
balbh?



COBHTHACH
A dhraoi, ní leór:



Geineann an choir an eagla, is geineann an eagla dubh-
smaointe, —
Mar cheó thar fearann dubh i ndorchadas na hoidhche,
A shamhluigheann dúinn ainmhidhthe uathbhásacha i n-ionad na
Gcineál gcoitcheann, a bhíonn ag áitreabh ann: Mar
sin tá ceó
Mo chuid eagla-sa ag ceapadh innti caradas do Mhaon,
Is mo dhubhsmaointe air á cheapadh — nách mbeidh Éire geal
Go mbeidh a clár saorghlan de agus dá cháirdibh.



DAOLGHUS
Creidim é sin: Is ar do ghrádh



I n-aghaidh na ndéithe is na ndúl do fhearfainn cath ar t'shon
Dá mbadh gur gádh dhuit é; — Acht an Maon so, tá sé
balbh, is
Ní call duit de aon eagla; 'gus sé mo chomhairle-se,
dá los,
Gan bacadh leis, nó tuillfidh tú ceart-díoghladh na ndéithe.
Go dtí go mbeidh a úrlabhairt arís aige ní baoghal duit é.
Is sin rud, is dóich liom, go bhfuil síorchosc leis.


L. 8


COBHTHACH
Acht, a Daolghuis, — bfhéidir?



DAOLGHUS
Go dtí go mbeidh, a Rí,
Is fearr a bheith 'n-a ‘bhféidir.’



AMHARC A DÓ
Áit chairgeach le hais srotha sléibhe i gCorca Duibhne.



Tagas Maon agus Móiria isteach.



MÓIRIA
Is caoin mar dhearcann na spéartha ar an dtalamh,
Agus is caoin, a Mhaoin, mar dhearcaid ort is ar do chás:
Cíodh balbh táir labhrann siad leat mar labhraid leis an
gcarraig
Is le sruthán an tsléibhe, ag cur dóibh ar an chaonach.
A fhásann ar ghlasbhruach is leacain cairgigh, a gcómhgháir
Is a luisne fhreagarthach — Tar, súidhmís fén gcarraig seo
Go gcloisimíd a bhfeascar-shuaimhneas agus ar n-anma,
Go mairimíd a maireachtáil.



Suidheas Móiria, Maon dá chaitheamh féin ar an
dtalamh ag n-a cosaibh.


L. 9


MÓIRIA
Is deimhin, a Mhaoin, gur fearr é comairc gheal na hoidhche
'Ná a chóimlíonadh soin ó fheillbhirt Chobhthaigh. Is cinnte
Go bhfuil ar a chríonláimh crith, agus íota ar a ucht
Chum do chuid fola. Acht ort ná bíodh eagla; na réilt úd
A fhéachann ort, is a bhfuil tú ag féachaint ortha, tá a
Neart ruireach soin mar scéith chosanta dhuit ar a
chlaidheamh gharg.



Féachann Maon uirthi, deóir ina shúilibh.



MÓIRIA.
A ghrádh, ná bíodh an oiread soin buaidheartha ort: neart
is toil
Tá ag m'athair do chum do choimhdeachta — agus ag
Móiria dhuit grádh dochoimsighthe!



Éirigheas Maon in a sheasamh, cuma an-chorruighthe air
agus labhras. “Móiria!” adeir, agus tuiteas i
racht fanntaisne.



MÓIRIA
ag caoineadh dhi



Beál linn, a ghrádh!
Ar labhair tú liom? Ó, labhair liom arís! Na beóil
bhí balbh
Uait do scaoileadar m'ainm: Ó, scaoil chugam é arís
Go beódha, gur beó tú féin i gcaoi agam go raibh fhios!
Ó! marbh táir, is baoghal liom!



Glór fiadhaigh istigh. Tagas Scoiriath fé éide fiagaidhe
agus a lucht leanta isteach.



SCOIRIATH,
ag dearcadh dhó ar Mhaon



Cérd é seo? — Marbh? An dúnmharbthóir arís ag obair!
Fuil na ríogh gá doirteadh le n-a chuid úirlisí!



Ag cromadh thairis agus ar ionntódh a cholna is gá
infhiuchadh.


L. 10


SCOIRIATH
(le n-a chuid ridirí)



Níl air rian fola: níl sé marbh.
Bheirídh don ríbhrog é!



Beireas na ridirí Maon amach.



SCOIRIATH
Fós beó atá, — agus fós
bFhéidir dó díoghaltas an fhionghalaidhe a shéanadh. —



Ag tabhairt Mhóiria fé ndeara.



A Mhóiria, a inghean óg! 'Dé an chiall dhuit é, do bheith
annso?
Agatsa tá fhios, bfhéidir, do Mhaon, cad é mar thárlaidh?



MÓIRIA
Níl fhios agam, a athair, acht an méid seo:—
In a sheasamh dó im cómhair, fé mhórámhluadh dá chorruighe
Do glaodhaidh amach m'ainm, agus annsoin do thuit i
bhfanntais.



SCOIRIATH
(ag dearcadh go géar uirthi)



'Seadh! seadh! a Mhóiria: tuigim!
Anois imthigh leat abhaile. —



Téidheas Móiria amach.



SCOIRIATH
Is amhla tá sé aca, mar cheapas siar le tamall:
Gradh tá aca dá chéile; 'gus amhla a gcás do bheith
Caithfar iad do dheighilt. Ó Cheasair Chrothaigh gaol
gairid é
Do rígh na Frainnce: Ón dá chéill — ciall teichthe ó Chobhthach
(A bheidh ar a thóir anois go cúramach, focal leis
Dá labhairt nuair chloisfidh sé) agus ciall a ghrádh do
Mhóiria
Is éigean dúinn a chur ar triall air.



Téigheas amach.


L. 11


AMHARC A TRÍ



Lann i mBruidhin Scoiriatha.



Tagas draoi agus beirt Triath isteach.



AN DRAOI
Nách luath, a thriatha, ina shuidhe, tá Craiftine?
Féach chughainn é.



TRIATH A hAON
Is ar éigean do bhuaidh an ghrian air.



TRIATH A DÓ
Agus is ar éigean a bhuaidheann sí air de ghnáth
Chómh solusmhar a bhíonn sé.



AN DRAOI
Ó sholus a cheóil nó ó sholus a chainnte?



TRIATH A DÓ
Ó sholus a cheóil, dar ndóich, a dhraoi.



TRIATH A hAON
Sin rud ná feacha i gcéol riamh — solus!



TRIATH A DÓ
Chífá é acht do shúile dhúnadh:—
Solus geal an cheóil chítar é ag an ndall.



TRIATH A hAON
Ní fuláir nó gur dall aon sórt soluis é mar sin?



AN DRAOI
Dall don té a bhíonn dall air —
Nó nách gcloiseann é i gceart.


L. 12


TRIATH A hAON
Cloiseann? Cuir bodhar in ionad ‘dall’ annsoin
Is beidh agat an ceart.



AN DRAOI
Bodhar ón dtaobh amuigh agus dall ón dtaobh istigh
Ní mar a chéilé iad.



TRIATH A hAON
Nidh nách iongantach! acht seo Craiftine chugainn,
Agus 'neósfaidh sé dhúinn an deifir.



TRIATH A DÓ
Nách breágh mall a thagann sé!



TRIATH A hAON
Ag éisteacht leis na héanlaithibh, is dócha.



AN DRAOI
Is greann leis an gceólaidhe an céol aicionta! —



Tagas Craiftine i steach



AN DRAOI
Maidin cheólmhar áluinn, a Chraiftine!
Cia aca an gean leat í ó aodh nó ó eóthaibh?



CRAIFTINE
Ó aodh agus ó eó, a dhraoi:
Cabhruigheann an t-aodh leis an eó i ngnáthghnó an duine.



TRIATH A hAON
Cuireann an t-iomrádh soin i gcéill dam
An tromagallamh bhí eadrainn ó chianaibh.



CRAIFTINE
Cérd é sin a thriaith?


L. 13


TRIATH A hAON
Cia aca an raibh solus i gceól nó nách raibh.



CRAIFTINE
Fiafruigh é sin de Chraiftine;
'S muna 'neósfaidh sé sin duit go bhfuil solus is
solus ann
Táimse dall mar cheólaidhe.



TRIATH A DÓ
'Bhfuil tú sásta anois?



TRIATH A hAON
Táim; acht do b'áil liom sompla níos treise fhagháil
'Ná soibhriathar air.



CRAIFTINE
Má tá an sompla soin uait,
Téigh chum an chatha, agus féach mar lasann aghaidh an
Laoich.
Fé cheól bhrostuighthe na troda go dian le námhaid 'n-a
chómhair
Fé mar lasann aghaidh an tsléibhe fé ghai is geal na
gréine;
Nó chum an rinnce, is féach mar lasann aghaidh na hóige
Fé láimh an chruitire, fé mar lasann aghaidh an tsrotha
Fé chómhacht an ghae is grianmhar céadna; 's neósfaid
duit cia 'ca
An bhfuil solus ann nó nách bhfuil.



TRIATH A hAON
Ní chruthuigheann sé sin acht go gcuireann sé solus i
rodaibh;
Ní hí sin an cheist, acht go bhfuil solus — ann.


L. 14


CRAIFTINE
An rud a chuireann solus i rud eile
Ní fuláir ná tá solus ann: féach leat an ghrian.



TRIATH A DÓ
Sin é agat air anois an ceann cinnte.



TRIATH A hAON
Go deimhin féin táim leathshásta dé dá chionn:—
Acht, a Chraiftine, an t-ógfhlaith seo bhí balbh, ar tháinig
Thar n-ais a urlabhairt chuige mar tá ráidhte?



CRAIFTINE
An dream atá 'gá rádh soin,
Budh chóir dóibh bheith in a dtost.



AN DRAOI
Is fíor, a fhir, é sin go deimhin;
Acht is deacair cosc a chur le béal an tsluaigh.



TRIATH A hAON
'Seadh, a dhraoi, agus le béal na huaighe:
Cuireann an dá bhéal soin deire leis an iomad, idir
Chorp is anam!



CRAIFTINE
Gaol gairid tá ag an dá bhéal soin
Le chéile an tráth so!



TRIATH A DÓ
Eatortha gaol anois?
Ní fheicimse é sin.



TRIATH A hAON
Gaol gairid, bfhéidir, ó colghean an bhaoghail!


L. 15


AN DRAOI
An rud céadna, maiseadh.



CRAIFTINE
An rud ceannan céadna.



TRIATH A DÓ
Ní fheicimse rinn ná gob an gheanbhaoghail sin.



CRAIFTINE
Ní fuláir no gur dall nó óigeanta an sórt duine thú
I ngnáthnós an tsaoghail: nó i gcineáltas chaomh an
airdríogh!
Acht bhféidir go bhfuil an iomarca cheana agam ráidhte.
Ca bhfios dam?



AN DRAOI
Ní baoghal duit, a Chraiftine
Dílis annso atáimid uile.



TRIATH A DÓ
Dílis do Mhaon is baoghal ón árdrígh Cobhthach
Cad ar a shon?



TRIATH A hAON
Gur dílis do Mhaon é an baoghal in a athlabhradh soin
Ó dhíoghaltas an airdríogh Cobhthach, an dtuigeann tú?



TRIATH A DÓ
Ó, tuigim anois.



AN DRAOI
Is mithid é, a thriaith.



TRIATH A hAON
Má's eadh féin, is féarr é in 'am 'ná i n-antráth.


L. 16


CRAIFTINE
A thriaith!



Labhrann tú annsoin níos ciallmhaire 'ná mar cheapann tú:
Muna dtuigidh sé é an scéal acht go scéithfidh sé air sin,
Budh ghruamdha an t-antráth annsoin do Mhaon bhocht é,
is dóich liom.



TRIATH A DÓ
Ní baoghal, a Chraiftine, go scéithfead air go deó:
Táim chomh dílis dó is táim dom shaoghalsa féin!



TRIATH A hAON
Amhail sin táimse leis.



CRAIFTINE
Ní boaghal dó, a thriatha, mar sin: Is anois
A cháirde, ó tá focal an draoi agus bhur bhfocalsa
Agam, inneósad rún daoibh:— Tá eagla ar Scoiriath
Roimh Chobhthach, árdrí, ón dtráth ar úrlabhair Maon, go dtí so
A bhí balbh: Ni hionntaobh é an fionnghalaidhe ródhaor so
Tráth chloiseann sé é sin — an t-ógadhbhar ríogh so bheith
ionann
(Mar tá i n-inmhe) dó suidhe ar chathaoir ríoghdha na Teamhrach
Agus, dá brígh sin, tá fé Scoiriath, ar mhéid a ghrádha dho,
'Gus a cheana ar Mhaon, a chuir anonn go tír na Frainnce
Áit in a bfaghfaidh sé aoidheacht is fuithin ó n-a cholsheisear
Rí na críche sin.



TRIATH A hAON
'S má leigtar dom é leanfad ar a thriall.



TRIATH A DÓ
'S muna gcoisctar orm é, béadsa leat id líon.



AN DRAOI
Molaim adhbhar bhur mianta, a ógthriatha.


L. 17


CRAIFTINE
Mian na hóige mian na glóire, — agus, a cháirde
Ní go fileadta a labhraim acht go fáidheamhail, nuair déarfad
Go mbeidh grian na glóire ag soillsiughadh ar bhur raon amuigh
Fén ógfhlaith, Mhaon; atá mar shruth go gcoistar air go
dílinn;
Agus, annsoin, a tholcas roimhe thar bruach is coinne,
thar gort
'S fearann go dtí an mórmhuir; óir, mar sin, ar anam
Mhaoin
Cosc do bhí le bliadhantaibh fada is geimhle ar a mhiantaibh;
Agus anois nuair scaoilte gluaiseas gluaisfidh sé le
fuinneamh,
Acfuinn in a thréó fá bhrígh na mbliadhnta do bhí fá chosc,
Agus fá chuibhreach, i gcaoi go n-áirdeóghfaidh é thar uaisleacht
Go tréan go nglóir ngil.



TRIATH A hAON
Fé dhó anois is mian liom é a leanamhaint.



TRIATH A DÓ
An tslíghe ba bheagtnúth liom ó chianaibh
Is mórtnuth liom í anois.



AN DRAOI
I ndeaghbhriathar Chraiftine chím líth na fírinne.



Tagas Teachtaire isteach.



AN TEACHTAIRE
Gnó ag Scoiriath, Ri, dhaoibhse, a thriatha, a dhraoi, agus a
Chraiftine.



AN DRAOI
Mar gheall ar Mhaon, is dócha?



CRAIFTINE
Is dócha é.



Téidhid Uile amach


L. 18


AMHARC A CEATHAIR



Lann Cómhdhála i mBruidhin Scoiriatha.



Tagas Scoiriath, Triatha, Craiftine, agus draoi isteach.



SCOIRIATH
Glaodhaim, a uaisle, i leith oraibh dochum mo chómhairle:
A úrlabhradh tá ag Maon thar n-ais, is tá fhios agaibh,
Nó muna bhfuil a fhios, budh chóir go mbeadh a fhios, go mbeidh
An tÁrdrí Cobhthach ar a thóir, nuair chloisfidh sé é sin;
Agus nách gcloisfidh go baoth é cia déarfaidh? Óir, iomrádh
Ná ráfla cainnte ní dhéidir léarmhuir dá imigcéin
Imleithne; ná talamh, dá aoirde é, sliabh árd is cnoc
Gá thímchealladh; ná teóra, dá ghairbhe í fá loch is abhainn,
A raon sorathmhar do sceinn' ó scéaltaibh. Ar an adhbhar
soin
Tá eagla orm do Mhaon ón Árdrígh Cobhthach; Acht ní headh
Ó cheal mhisnigh d'innisim é, acht ó tharadh ghlinn mórdlois
Na gaoise gléghlaise is aibidh, ibheas ciall le tart.



TRIATH
Ní mór linn í an ghaois-nách mbíonn an misneach ann.



SCOIRIATH
A thriaith,
Bhí a fhios agam do leithéid go mbeadh san chómhdháil seo,
Agus tóghas i leith go hinneallta 'gus go prasaibreach
M'fhreagra ort:— Ná dubhras-sa, nár bh'é é de cheol mhisnigh —
Acht de ghealghaois, a chuireas orainn d'éolas is de chéill
Bheith eaglach.



CRAIFTINE
Sin creidimíd a rí.


L. 19


NA TRIATHA UILE
Soin tá inchreidthe.



SCOIRIATH
A Chraiftine, a dhraoi, agus a thriatha,
Is maith liom sin do chloisint: Is áil le righ an moladh
Ó n-a uaislibh aon uair, acht an tráth ag bagairt baoghal dó
Agus gae an díoghaltais, tráth thar bárr é dá ghrádh mholadh:
An tan so tá gádh géar agam d'bhur moladh is d'bhur ngrádh:—
A úrlabhairt, dubhras, tá ag Maon (dam conus ní fios an
mhíorbhail,
'S míorbhail do chách é, is dóich liom) nídh tá dom
bhuaidhreadh:—
Cia 'ca an fearr é choinneáilth gan spleádhchas d'éinne annso,
Nó é chur go dtí an bhFrainnc, go tír a shean-sheanmháthar.
Ceist í sin gur bh'áil liom bhar bhfreagairt uirthi.



NA TRIATH UILE
Coinnigh annso gan spleádhchas é;
Tá cumair fá chrainn mórtímcheall agus doimhinuaimh sléibhe
Gur féidir ionnta a cheilt.



SCOIRIATH
A dhraoi, cad deirirse?



AN DRAOI
A rí, 'sé deirimse, —
Gur fearr a chur i gcéin go dtí n-a ghaoltaibh: Is fada
Teannbhríogmhar í lámh láidir an tíoránaigh, go háirighthe
Nuair nách cómhláidir í an lámh ina coinne.



SCOIRIATH
Cad deirir leis sin, a Chraiftine, a chara?


L. 20


CRAIFTINE
Deirim —
Cíodh gur searbh an dighe í an fhirinne gur fearr a slogadh;
Óir aontuighim leis an ndraoi.



SCOIRIATH
Is cruaidh gídh gaosmhar í bhur gcómhairle;
Óir, dar na déithe, dá mbudh gur neartmhar dham é, deirim,
Nach scaoilfinn uaim go bráth é: Is cóir sa bhFrainnc mar sin
A dhul, — agus, mar shochar dam féin is daoibhse ar a
scaramhaint,
Ar tréantriath ná taoiseach ollamh, go dúr ní choiscfeadsa
Gur fearr leis triall 'n-a fhochair.



TRIATH
Raghadsa leis;
Óir is fearr liom raon an mhisnigh agus an eachtra
'Ná fanacht san áit gur claon di lagréim daorghean 'an
fhiongaluidhe.



TRIATH EILE
Agus raghadsa, leis, 'n-a fhochair;
Óir is eól dam,
Go mbeidh an t-éacht geal agus an teachtra dá dteagmháil
'San áit i mbeidh ríoghdhamhna Óg na nÉireann.



SCOIRIATH
An gealraon don Gaedheal is cóir a bheith,
Cá áit a triallann; acht go cródha é is cinneamhain dó
Sán áit i mbéidh gas gealóg de ríoghraidh áigh na hÉireann:
An triath nó an duine gur togha leis tír chian na Frainnce
Seachas críoch na Banban (a bhfanacht linn ann ní mholainn,
Ná fós a n-imtheachth ní choiscim ortha; acht is meabhar dam
Go bhfuil a chómhmhaith de dhual ag triath a fhanacht 'san áit


L. 21


Atá fá réim an bhaoghail, 's tá 'ge imthigheann fá dhéin an
bhaoghail
Agus an eachtra a cóimhmhéad de réim ghil 's de ghlóire) —
Bíodh a fhios aca soin, adeirim, gur maith liom, gan moill,
A dtógha bheith réidh le cathtreallamh is éide a bpearsan
Amáireach; óir amáireach, dár méala, beidh Maon fá sheol
'Na eachtrannach ón dtír seo go tír a shár-sheanghaolta:
Ní mór dúinn luas; bíonn rinn na daoirscéine luath
's dian go leór,
Nidh do b'eól (nó do cuireadh go géar i n-eól) d'athair
Mhaoin
Agus dá sheanathair.



Téighid amach.



AMHARC A CÚIG



Bruach srotha le hais ríoghbhroig Scoiriatha.



Tagas Móiria isteach.



MÓIRIA
Maon imthighthe! is imthighthe leis mo shíothcháin anma:
Indé do shiubhail sé liomsa annso, in a dhaorghrádh dham;
Agus é sin fé dhó gur coisceadh a úrlabhrad air:
Aon fhocal dian amháin adubhras, dh'á chur i n-éol mo
ghrádh':
B'é a aiteas soin do scaoil é nach éachtach é mar ghrádh!
A bhriseann cuing na teangan a chírchliseann ar an
gcroidhe.
'Bhfuil croidhe Mhaoin indiu, ní fheadar, cómh dubhach lem
chroidhese?
Má thá, is brónach dó a chás; agus is truagh liom é.



Tagas Craiftine isteach.


L. 22


CRAIFTINE
Chonncas an chéithleann chrothach ó chrólann an Ríoghbhroig
Agus thánag fá n-a déin ag tnúth gur sídhbhean a bheadh
ann;
Óir, ní cuimhin liom gur chuala fós gur cóir d'ingin ríogh
Bheith ag eilit mar seo in a haonar.



MÓIRIA
Ná tóg orm é, a chara, má bhrisim riaghail na ríoghradh:
Tá mo chroidhe céasta ag mo smaointibh.



CRAIFTINE
Cad ar a son, a Mhóiria mhánla?
Nocht, a inghean do smaointe dubhacha dham, agus b'fhéidir
Go gcuirfinn duit dath níos gile ortha.



MÓIRIA
Maon a chaoin — chara agus a athair:—
Nác fuil sé imthighthe?



CRAIFTINE
Á! tuigim do chás, a inghean ógh!
An grádh, is dócha?



MÓIRIA
An grádh, a athair; — óir athair táir it chómhairleoir dham.
Óir dheighil m'athair aicionta mé óm ghrádh, ní féidir dham
Acht ar éigean mo dhualathair d'fheicsint.



CRAIFTINE
Ó, ná habair sin.
Níor dhein t'athair acht a chóirdualgas do Mhaon is duitse;
Ba bhaoghal do Mhaon ón árdrígh, 's ba bhaoghal tú ón
bhiadán.


L. 23


MÓIRIA
Biadán agus mise, a Chraiftine!



CRAIFTINE
'Seadh, a inghean.
Nách dtuigeann tú gur ríoghdhamna óg na hÉireann,
Maon is
Gur bhfiú d'inghin Foríogh Chorca Duibhne, ar a los soin,
É mar chéile?



MÓIRIA
Tnúth agus éad, a chara,
A labhrann mar sin.



CRAIFTINE
'Seadh, a Mhóiria, nídh nách iongantach:
Bíd soin agus an grádh de ghnáth i gcuibhreann is caithfidh
An t-é a mbíonn an grádh air a gcathughadh a d'fhulang.



MÓIRIA
Ní fuláir soin;
Agus an nídh a bheith amhla ní fheicim go bhfuil ciall
Le díbirt Mhaoin im leithse.



CRAIFTINE
Ní fheicir, a inghean; oir táir dall ón ghrádh.
Cuimhnigh ar onóir t'athar, a Mhóiria: Cad adéarfaidhe
Muna gcuirfeadh sé teóra idir tú 'gus Mhaon, 'ná gur
Dfhonn áirdríoghna dhéanadh dhíotsa do thóg sé chuige é
An chéad lá, agus do thug dá aoidheacht fhéil do.



MÓIRIA
Is géar, a chara, a chuireann do theanga i gcéill dam
An chiall atá led' géarrádh: Sin nídh nar léar dam fós;
Do meabhail dubhéalaing agus dúrchás Mhaoin mo
léargas air.


L. 24


CRAIFTINE
Díreach, a inghean óg: díreach.



MÓIRIA
Acht, a chara, nídh eile atá dom buaidhreadh:—
Cad ar a shon nár fhág Maon slán agam le linn a dhul
uainn?



CRAIFTINE
A inghean, ná tóg sin air,
Acht mar thógaim bhár ndeighiltse ar t'athair. Bhí
fáth leis:
Cuimhnigh, bfhéidir, nár léar dó an grádh do bhí agatsa dhó
Mar do ba léar damsa é.



MÓIRIA
A chara, do ba léar;
Óir léaruig mise dó é — agus do b'é an léarughadh soin,
Im thuairim, do scaoil ar chuing a theangan.



CRAIFTINE
Conus ar rinnis?
An 'neósfa dham é?



MÓIRIA
Cois srotha annso ag siubhal dúinn,
Do shuidheamar tráth taobh leis an gcarraig ud anáirde.
Fán feascar shuaimhneas, agus draoidheacht na huaine
ag gabháil dúinn
Croidhe ag foillsiughadh do chroidhe, is dócha, fá dhian
cómhacht grádha,
Do bhruacht mo theanga truagh dhó ós árd is cion-
fhaoisidin;
Is ar an admháil sin do bhrúcht ó teangain Mhaoin m'ainm,
Cinneamhain ba thús dá eathasc.


L. 25


CRAIFTINE
Ba leór soin:
Dian chómhacht grádha mar deir thú! Ba leór é dá
úrlabhairt;
Is ba leór, ó úirdheirc an uabhair is caomhaodh ceana
É choinnéailt ó dháil a shlána fhágaint agat, óir
Ag mothughadh dhó gur léar duit é gur scaoilis chuige
Ar mhothuigh tú de ghrádh dhó, do mhothuig sé nár chóir dó,
Ná nár chaomh, do chuid uabhairse do ghortughadh le nar
shaorais,
A úmhlughadh soin — a theanga: Óir, ní chloisfeá sin,
is cinnte
Gan chuimhneamh ar d'admháil dó is ar do niamhmhánlacht
féin,
Dot náire.



MÓIRIA
Is fíor soin:— Acht, a chara
Nách geal an tuigsint atá agat ar nidhthibh ceana!
Chím, dom iongnadh, cion liath ceanamhail ar do smaointibh.



CRAIFTINE
Seadh, a Mhóiria;
Cídheas mo liathdhearc dianghrádh Mhaoin duit, agus a
chuid uabhair
Agus a thréananam; linneáin dó ó n-a sheacht sinsir,
(Is ó nar fhulaing sé go dtí so táid soin neartuighthe
fé dhó fé urláimh is anfhlathas an Áirdríogh Cobhthach).
Agus chídheas sé ardréim dó thall sa bhFrainnc agus onoir,
Dá mbarrsan; — Oir, nuair biorrann in ucht an ghrádha
an t-uabhar
'S an tréanneart le chéile, bí ag brait ar ádéacht uatha,—
Go háirighthe nuair coisceadh ortha go dtí so ó dhúir-
éalaing,
Agus í sin ó dúracfuinn an tíoránaigh.



Téidhid amach.


L. 26


GNÍOMH A DÓ



Tagas córa isteach.



CÓRA



Na báid atáid fé sheól ón chuan,
Na sáile ag trácht, ar bórd deaghscuan:
Is ann atá Maon is laoch iomdha groidhe
Ag déanadh ar ghlébhrog a ghaolríogh sa bhFrainnc.
Is cainnteach crann le cabhrughadh ghaoth;
Is siosmach tonn le cabhailrith maoth.
An Mhuir nIocht atá go sámh is ciuin,
An tsleachta cháidh do thárrtháil anonn;
Grianbhuadh atá ar spéir is tuinn,
'Fáiltiughadh dá ndáil chum aobdhúin ríogh.
Annsoin ar tír dóibh, ós a gcómhair,
Palás atá is slógh uasal leór,
Ag beannughadh dóibh le slánughadh chaoin,
I dteannta mórtais, chum láthar Ríogh.
A thréanucht soin is fáilteamhail é
Roimh Mhaon, laoch léidmheach áluinn séimh.
Na bliadhanta ag teacht is ag imtheacht is glinn
Do théarnaidh dá réim is dá shaoghal soin dian;
Oir, is geárr gur gháirigh cathlann is cluan
Dá cháil soin áird — dá neart méinbhuadhach:
A tréineacht soin thar caraid is triath
Is éachtach flaitheach ruireach í.
Is séad agus ómós, dá aoirde léar,
O gaol-cheann coróineach dligheas dó, dá réir,
I gcaoi gur dhearmad dhó a ghrádh
Ag cnaoidhe i mBanbain dó a dfhág, —
Na bliadhanta fada di sin ag tnúth
Ag caoineadh, ag faireadh ar scéala uaidh.
Do mheil a foidhne sa deire thiar
Agus Craiftine Cruitire do chuir air ag triall.


L. 27


Ó n-a annsacht soin d'aos an cheoil
Is greann leis féith agus gnaoi an ghnó;
Cíodh aosmhar é agus róliath a ghruaig
Is éadtrom leis ag triall na slighe is cruaidh;
Agus mar ógán ar son a ghrádha,
Ar druim do thóg a chaoinchrut cháidh;
Agus tar tuinn, tar chnoc is gleann,
Do sheól, do shiubhail go dtí 'n ríoghbhrog mheann
I raibh Maon anois n-a shuidhe,
Fé léan agus buadhairt agus géarchrádh dian; —
Agus san áit sin cuireas dó i neól
A ghrádh de bhithin chómhacht a cheoil.



AMHARC A hAON



Ríoghbhrog Mhaoin sa bhFrainnc. Maon i n-a shuidhe i
mbláthghort os cómhair a Ríoghbhroig agus cuma
úrléanach air.
Tagas beirt duine uasal bhFranncach isteach abhfad uaidh.



DUINE-UASAL A hAON
Nách lag úríseal í an cháil!
Cad ar a shon an bhfuil an mórléan so ar ár ndeaghlaoch?



DUINE UASAL A DÓ
Ní fheadar: a thuigsint dam ní féidir.
Duine a bhfuil deaghcháil ó chách, is meas ag an righ, air;
Is urraim ón bhaintracht go léir ó Ríoghain go bandaor;
Is iongantach liom a mhéin bheith mar seo craptha cnaoidhte,
Mar fuarnimh a bheadh ar mhéir leat, díreach, i lár an
tsamhraidh.
Is eagal liom go raibh drochshíon amach roimh an ndeighspéir seo,
Do shoillsigh air le fada, agus gur fhág sí a rian
Ar cláraghaidh a anma.


L. 28


DUINE UASAL A hAON
Buaileas an táirnge ar an cheann:
Soin, nó dubhscáil an deanmaid dó ógghrádh' n-a dhiaidh
dfhan
I nÉirinn.



DUINE UASAL A DÓ
An grádh? Ní dual dó:
Féachann sé ródhúr doirbh dó. Ní file ná fós fáidh mé;
Ar a shon soin, ó n-a ghaol don Rígh, 's ó annso a láthair,
Is dearc dom aodh ainimhdhe reacht ríoghdha ar a thóir bheith,
Nó a theicheadh ón eagcóir ar éigean. Í sin mar dhóich
Leathfhocal air chualas ó n-a cháirdibh churata; —
Is soin, má's fíor, is truagh liom an ceann an dlighe do
cheap, nó
An croidhe do smaoin an dleacht; oir, an t-iolar tréan-
chrobach thall
Cuirfidh sé a chrú-ionga go hinchinn ann nó scaoilfidh sé
A chreatfhuil as, nó éagfaidh sé san eachtra.



DUINE UASAL A hAON
Sin creidim:
Siolladh air do luadhais do lonnuigh ar mo thuigsint
Ó ráfla diamhar is cara-iomrádh: An t-imshíomh eile,
Leis, i leith an ghrádha, ní gan deirbhe ná éagcosc toisce
Cuirim é i n-eól duit.



DUINE UASAL A DÓ
Dhá adhbhar, atá annsoin dá stát;
Dá ádhbhar, dá chrádh, is láidire, dhá adhbhar is bríoghmhaire
brón;
Act 'bé aca so nó súd é, nó do rud nó drochnídh eile,
Is mór an feall é go bhfuil sé mar atá sé gan
Iarracht ar a leasadh.


L. 29


DUINE UASAL A hAON
Is fíor sin, óir is ríoghdha an duine é:
Cad é dhéarfá, dá mb'áil liom a cháirde Gaedhil do ghlacadh
Mar chómhairleóraibh?



DUINE UASAL A DÓ
Déarfainn gur maith an cuimhneamh agat é:
Téighmís fá n-a ndéin d'iarradh ortha comhairle in a leith.



Téighid amach.



Tagas Craiftine agus beirt ghiolla isteach.



GIOLLA A hAON
Is minic do chualas gur b'é an tráth is milse ceól
An tráth bheannuigheann gile an lae do teacht nó dubh na
hoidhche:
An fhaid atá an feascar ann, a chruitire ghealchaoin,
Buail méar ar théid do chláirsighe is scaoil an fonn is
fearr let chroidhe,
Is blasta grádh dod dhúthaigh, nó is dílse gean d'fhírseirc.



GIOLLA A DÓ
Cuimhnigh ar Mhaon, ríoghdhamhna óg na hÉireann;
Gur ab é atá fé léan; gur ab thú atá ag iarradh
Dochum a fhuascailte: An siamhar ann, atá ag obair
Go diamhar air, bíodh sé fét láimh; — draoineart an
deamhain seo
Iarr ar t'leanán é dhíbirt as: cuirim mar dhualgas ort é
Go dual dom thighearna.



CRAIFTINE
Go caoin, a chara:
An ceól ní bhiorrann sé de bhrígh gur dual — acht gur dúil —
dó:
Ní thagann sé chum cinn ná ní bheireann sé a láncómhacht leis
Nó go ngeintear ón Ghrádh.


L. 30


GIOLLA A hAON
Sin nídh chreidfinn:
An fhuarghaoth seargann sí an t-anam an fhaid leathann sé
Fén leoithne: an tonn lán labhrann sí go fuaimneach árd
Ceól iomlán sámh na sáile, nuair bhogtar í go haoibhinn;
Acht nuair chreachtar í ag spéirlinn, dualteachtaire an
dúrtráith,
Is créimeach é a guth.



CRAIFTINE
It chainnt tá líth na tuigsinte:—
An tsámhuain bogann sí an croidhe agus leathann ann bláth
bog
An ghrádha, — 'gus ar a dhuilleógaibh sin annsoin le héifeacht
Cnagann grianghotha an cheoil, nuair bhogtar iad.



GIOLLA A hAON
Cnagsa, mar sin, ar chroidhe ár dtighearna,
Grianghotha do bhláthchruite, féachaint an mborrfaidís ann
An grádh in ionad léin, atá ag tromuigheacht air; óir
agat tá



Caoinam an fheascarshuaimhnís.



CRAIFTINE
A cháirde, thrátht sibh ar ghlinn áit dam —
Roschrainn ná dúbhairt sibh? Annsoin im aonar fág mé:
mo roisc
Ní géar iad:— Is féach gur suanmhar é teaghlach bhur
dtighearna
Ar neamhshuim an fonn go n-éistidh.



GIOLLA A DÓ
Na rós-chrainn duit tiospáinfaimíd:
Is eagal linn go mbeir achar rófhada uaidh ann.


L. 31


CRAIFTINE
Ná habair sin:
I gceól ní chuireann cóirfhaid acht imshníomh gotha is cóir
gheanamhail.



GIOLLA A DÓ
Annsoin féach ar t' láimh deis iad.



Téigheas craiftine isteach in sna róschrainn; Téigid
na giollaí amach. Céol ó Chraiftine agus annsoin
amhrán.



AMHRÁN



I.
Is caoin í an tír seo, acht is caoine í i gcéin
An tír sin tar tuinn tú it dhiaidh thar a dfhág:
An mian leat, a rí óig, an ríoghacht úd is caomh
Gan cuimhneamh, gan smaoineamh, do dhíbirt ót bhrághaid?
Tá gleann ann is maoileann, tá sliabh ann is caoth;
Tá an crann ann ag díonughadh míntshrot is báin:
Ba ghreann leat an oidhche ag triall ann go maoth, —
'S bfhonnmhar an chlaoine do bhí agat di, lá!



II.
Ag téarnamh liom le chéile do shiubhail sinn ann ré,
Na héanlaith go héadtrom ag seinneamhaint go binn;
Ba ghlé iad na spéartha is an chruinnmhuir ba séimh —
Dfhéach dúinn go gléineach ón chluan úd sa tsliabh!
In a dtost bhí na gaotha, na leóithní go h-aobh
Ag cogarnaigh le craobhaibh go caomhnach go húr:—
Na focail óm bhéalsa do sheól leat go hae:
A dtorradh do b'éachtach: ar bh'éól leat an uair?


L. 32


III.
Cuimhneóghfadsa go bráth uirthi: dearmad go deó
Ní chlaoidhfidh ar a tábhacht soin, is dearbh, lem shaoghal.
Táid na bliadhnta dá lánughadh ór theagmhuigh igcómhair,
Fós is glinn agus is gnádhmhar dham an feacht úd 's
a réim; —
Oir, is dóich liom mo rún bheith ag triall chugam thráth,
An chraobh aige buaidhte, an Brat Glas ós a chionn,
Ag treórughadh leis díorma, chum a thíre is cáidh:—
An cuimhin leat, a rí óg, a mhúirnín, an uair?



MAON



Ag biorradh suas



Ceól cruite! Glór binn na Gaedhilge!



An ó sna déitibh dóibh, nó ó ainspirid dúr an duine
Ag teacht dochum mo chiaptha? A Mhóiria 's a Chraiftine
Is maith uaibh an diamharchabhair: An smaoineamh bhí
agam oraibh
Is do chlaoidh le gruaim ar m'anam ó fhaillighe 's ó dhearmad
Do bhorr bhur ndánchiall, é. An é seo a rian sin chloisim?
Munab' é siamharneart bhur dtnútha é ag fuaimniughadh ar
Mo thaidhbhreamh? — Acht cheapas gur de lá-eó chualas:—
thagh! thagh!



An gcloiseann sibh, a uaisle?



Tagas giolla isteach.



MAON
Cá bhfuil na huaisle do chonnacsa annsúd ó chianaibh?



AN GIOLLA
Táid imthighthe, is dócha, a thighearna;
Ní fheacasa le huair iad.


L. 33


MAON
Is dócha é: mo ghruaim, mo ghruaim, mo lom é!



Im aonar ní hiongantach mé: tréigeann an caradas
an ghruaim;
Óir is fíorbhocht mar charaid é an fear gruamdha; fuarann
An mionbhleacht cairdeamhail fé úroighear an duibhleanna:
A chara, ar chuala tú aon cheól?



AN GIOLLA
Chualas, a thighearna, agus amhrán.



MAON
Agus cia'r bh'é é an ceólaidhe? 'S cia'r bh'é é an
t-amhránaidhe?



AN GIOLLA
Is ionann mar dhuine iad, an t-amhránaidhe 's an ceólaidhe.



MAON
Ní fuláir nó gur ab ealadhanta dánach an duine é:
Cad as é, an dóich leat?



AN GIOLLA
Dubhairt liom gur ab ó Éirinn é.



MAON
Fear liath, b'fhéidir?



AN GIOLLA
Fear aosta cromtha liath.



MAON
Craiftine Cruitire:—
An fear duit cá háit do anois?


L. 34


AN GIOLLA
I bhfíodhbhadh na róschrann:
D'iarr sé orainn é chur i bhfolach ann. 'S, a thighearna,
Bhíomar ciontach (mise 's mo chómhghiolla) má chorruigh sé thú.
Óir bhíomar ciontach i gcead dá neart ghotha gur dá cheól;
D'iarr ar dtriatha orainn é.



MAON
A chara, do chorruigh sé mé, —
Acht ba chorruighe na maitheasa dam é. Ciontach an eadh?
Ciontach, go deimhin, má's ceart ciontach ghlaodhach ar
ghnaoi an deaghruid;
Acht an chroidheamhlacht ghlaodhaimse air. Uaim abair
leis 'san ghreannlios
Fanacht orm.



AN GIOLLA
Déanfad, a thighearna.



Téidheas amach.



MAON
Inniseann neart mo ghrádha dom chéadseirc 'is dom dhúthaigh,
Gur ab é Craiftine atá ann; is cuireann leis an fhios
soin
An ealadha is soiléar ó n-a cheól, is an meabhrughadh
mhothuighim
'N-a fhocal: a Mhóiria, má's amhla a thuras chugam, —
Cíodh gur dom náire féin é, — ní raghaidh sé duit in aisce:
Nó bé aca é nó nách eadh, ní bheidh sé gan a thoradh.



Téigheas amach slighe. Tagas beirt Triath bhFranncach
isteach slíghe eile.



TRIATH A hAON
Go cinnte déanfa sé maitheas dó:
Dubhairt Gaedhaltriath liom gur ab é a dhoirbchuimhne ar
Éirinn
Do bhí ag goilleamhaint air.


L. 35


TRIATH A DÓ
Bfhéidir; acht ní dóich liomsa é:
Ní dhéanfadh grádh do dhúthaigh, dá mhéid a neart, dá
dhlúithe
Aon chroidhe a chromadh fé ghruaimchómhacht comh trom
soin, gan chuibhreann
Ó ghean do chéadsheirc: cíodh gur ab ionann iad de
shíolradh,
An crann a fhásann a fhásann as an síol so tagann sé
fé bhláth
Ar dhath agus líth is treise an ghrádha inscne!



TRIATH A hAON
Má's amhla é gur grádh dó ainnear tá san nglasinis
Óir, gur disi é, 'sé rud é bheinn ag tnúth leis ná gur
Teachtaire uaithi chuige an cláirseóir seo.



TRIATH A DÓ
'Seadh, díreach, dochum a spreagtha chuichi abhaile
Do eachtra ríoghdha éigin ar son a threise — agus
Ar los a ghrádha tar éis an eachtra sin agus dá bhithin.



Tagas Maon isteach athuair, Craiftine in a fhochair,
gan na Triatha do thabhairt fé ndeara.



MAON
Cionnas tá Móiria? Is cionnas tá Scoiriath, a hathair
uasal?



CRAIFTINE
Tá Móiria go háluinn (níos áilne abhfad 'ná mar riamh
Do bhí sí,) — agus deineann a searc duit féin níos
áilne í
Seacht n-uaire; óir, cuireann sí uirthi líth a tnútha.


L. 36


MAON
Dar na dúile, a Chraiftine, níos sia ní bheidh sé amhla;



Ní fhéadfainn a sheasamh a thuilleadh mo chuid uabhair,
Gan iarracht do dhéanadh go calméacht ar Cobhthach Caol
mBreágh
An fionghaluidhe uathbhásach: a Chraiftine, fiafraighim
díot
An measfadh dam do theanga, 'bé aca an cumas dam
Nó nách eadh an chómhacht gaisce, agus an tréine d'oirfeadh
dam
'San iarracht.



CRAIFTINE
Soin, cheana, ón a n-iomrádh-san,
Tá a fhios agam.



MAON
Agus an ndeir tú liom,
Gur maith le ríoghraidh na hÉireann chómh maith le
Móiria é?



CRAIFTINE
Is ionann é mar thnúth dhóibh,
Acht tá tnúth eile ag Móiria níos beódha taobh thiar dé.



MAON
'S nách sin é, a Chraiftine, an préamh cheart don tnúth eile?
Ní raibh croidhe fíorgrádhmhar riamh nách raibh fíorghrádh
tíre ann;
An tnúth tá ag an ríoghraidh linn ní'l ann acht maothfhás
ruireach
Gur binn dó an glinnteaghlach agus an gean comairce
dó soin
Is bruth do chroidhthibh uile.


L. 37


TRIATH A DÓ
Sin macalla ar
Mo smaointibhse.



TRIATH A hAON
Agaibh tá nách mór
An abairt chéadna agus an t-agall.



CRAIFTINE
Is fadó riamh, a ríoghdhamhna, é sin
Do sheinninn go glinngheal ar mo chláirsigh nuair rómham
do bhíodh
Na curadha, dá séide chum gníomhra catha.



TRIATH A hAON
Cláirseóir gaosmhar adeirimse leat.



TRIATH A DÓ
Seanfhear is bríoghmhar ciall.



MAON
Acht ní bheidh



Móiria ag tnúth níos sia ioná ríoghra tréan na hÉireann:
Cuirim gairmscoile leat anois, a Chraiftine, timcheall,
Chum gach triaith is taoisigh, chum gach ridire is ceann-
feadhna,
Do lean mise ó Inis Fáil, is do bhuaidh i gcath liom:
Téighir is faigh iad is innis dóibh mo chlaoine; neosfaidh
a gcáil
Do raon duit: 'S muna mbainfidh tú na deóra asta
Mar bhain tú asamsa let sheanchas is do shean
chuimhneamh
Ní Maon is ainm damhsa: Raghadsa fá dhéin mo
ghaoilríogh
D'iarradh conganta air dom thuras.



Téighid amach fé seach.


L. 38


TRIATH A DÓ
Is gearr in ár measc anois
Maon taoiseach.



TRIATH A hAON
Sin nídh d'oirfeadh do chuid againn.



TRIATH A DÓ
Cuid aca, abair:— maidir liomsa
Níor bh'éad liom riamh é: aon onóir do bhronnadh air
aige
Do bhí sí tuillte go macánta. Níor lochtmhar liom é
Acht amháin go raibh sé beagán uaibhreach is úrléanach
De mhéin ann féin.



TRIATH A hAON
Sin a raibh de locht air.
Cad déarfá dá mbadh mhian linn dul in a líon go
hÉirinn.



TRIATH A DÓ
Déarfainn nár bh'olc an mian linn soin.



TRIATH A hAON
Beidh ceól agus eachtra ann
Nuair shroichfidh sé an tír úd: Tar um an rígh, leis sin
Go bhféachaimíd go fiafraightheach agus go humhalchroidheach



Téighid amach.


L. 39


GNÍOMH A TRÍ
Tagas Córa isteach.



CÓRA
I ndionnríogh tá in a suidhe d'éis bídh
An tárdrí lághach 'n-a líon glébhuidhean:
An céol ar siubhal ó chruit go buadhach,
An t-ól dá dhiúl ó ghloine shúghach;
An cómhrádh doimhin, an t-amhrán árd,
An t-iomrádh grinn, an luathgháir shámh;
An chainnt shoghaosmhar ghlé is ghlinn
Ó rígh is laochraidh tréin na mbruighean;
An draoi go mórdha, géar, is dúr,
Na gaoise is leór ag léarughadh 'níul;
Nuair buaileadh cnag ar cómhla an tighe
'S do shiubhail isteach go diamhrach draoi:
Cia'r b'é é féin ní mian linn luadhadh, —
Chífar é sin le linn an amhairc.



Do lean ar theacht do Mhaon dá thír
Ocht gcatha laothradh in a líon,
Ón bhFrainnc aleith idir Ghaedhal is Gall
Sleighthe glasleithne go faobhrach meann
Ar ghualainn aca, chum troidthe déin
Dá dhúthaigh anois ag Cobhthach Caol.


L. 40


AMHARC A hAON
Dionnríogh. Fleadh ar bórd. An t-árdrí Cobhthach in a
shuidhe ar Cathaoir Ríoghdha Triatha, draoithe, is uaisle
in a suidhe in a n-ionad chóir mór-tímcheall. Ceól
ar siubhal



COBHTHACH
Mothuighim géarbhroid an gheimhridh ag goilleamhaint orm,
Ón ndúrsmaoineamh tá im' aigne, ón ndomblas go
dobrónach
Ag tromuigheacht orm, muna mbeadh gur ab é an tráth é
A chuireann sa tsaoghlacht an fhuarnimh liath fá ghradam, is
An dubhnéal ar spéir glasghoirm na híslghréine, 'sé
Do bheinn ag braith air — ná rian is toradh an tuair
uamhnaigh
I n-aghaidh a dteagascann dam mo chluas is aodh.



DRAOI
Cineál de cholainn atá annsoin, a áirdrí, —
Agus dá chómtha i gcaoinmheas, d'anam, — nách leigfeadh
dóibh
Acht bheith freagarthach don Nádúir. Deaghcómhartha is
eadh é
Ar an bhfhilidheacht bheith i nduine, agus deighthréith í sin
Ag rígh nó draoi, ag saor nó daor, ógfhéinnidhe nó aos
seinm';
Óir adhbhar árduighthe dá n-inntinn í, is so-adhbhar a
n-umhluighthe
Do chómhacht na ndéithe, a chuireann a neart i n-eól fé
ghlóir na ndúl,
Nídh nách féidir don fhilidheacht gan air beith ag trácht.


L. 41


COBHTHACH
Is mór agus is iomarcach í an fhilidheacht:



Inniseann sí dhúinn scéala ar an tsaoghal so agus
scéala
Ar an tsaoghal atá le teacht; agus fios dúinn tugann sí
Ar nídhthibh eile:— fulanghtha dubhailceacha an chroidhe, agus
Préamh an cheana. Dathuigheann sí dhúinn na spéartha
ar phár, is
Spreagann sí chum catha an spadánta. Chítar léithi
An réim atá le teacht, agus fáth na réime ar meath; —
'S 'sí an tréith seo chinnte aici (tréith fírnirt an fháidhe),
Ó's ag trácht uirthi dúinn, is baoghal liom, mothuighimse
anois,
In aindeóin mo thuairme ar brigh na ndúl, is i gcoinne
Do bhriatharsa i ngeall uirthi, bhagras orm baoghal



cnag ar an ndoras.



AN DRAOI
Ní gádh, a áirdrí,
Líathbhán an bháis ar t'ghiollaibh: is féidir don té amuigh
Bheith in a charaid duit chómh maith le namhaid.



COBHTHACH
Cara nó námha



Bhuaileas an cnag soin go cinneamhnach ar mo chroidhe.
Téighir agus
Fiafraigh cia hé an bualaidhe, sul a leigtar leat isteach é.



AN DRAOI



Ag an ndoras.



Cia tusa amuigh?



GUTH ISTIGH
Loingseach.


L. 42


AN DRAOI
An labharadh an loingseach.



GUTH ISTIGH
Is labharadh.



COBHTHACH
Leis an ndraoi.



Cia hé atá ann?
Cad deir sé leat?



AN DRAOI
Deir sé gur loingseach é agus gur labharadh.



Féachaid an chuideachta ar a chéile go fothuigseannach.



COBHTHACH
Leig chugainn isteach é!



Tagas Seandraoi isteach.



COBHTHACH
A shiubhalaidhe óin,
Cad fáth dot bhriseadh isteach go neamhshiansach míthráthamhail
Theacht duit ar uain ar bhfleidhe?



AN SEANDRAOI
Ó thonntaibh na sáile ag siubhal mé:
Draoiloinghseach mé fé ghaoith agus tuinn na sáile.



TRIATH A hAON
Má's loingseach thú ní fuláir dhuit brígh na gála!



TRIATH A DÓ
Má's loingseach é is liath a dhlaoi ón tsáile.



TRIATH A TRÍ
Acht féach air seo, dubhdlaoi ar chúl a chinn
Dúinn ag cur i n-eól a shlánughadh!


L. 43


TRIATH EILE
'S liathaghaidh air! —
Níor bhféidir gur dubh é sin sa gcéadna fé n-a liath-
bhánughadh?



AN SEANDRAOI
Ag cur dé a fhallaing agus a bhréagreachta.
'Seadh, bfhéidir:
Bfhéidir go bhfuil neart ionnam in ionad táimhe.



Chíd an chuideachta laoch lúirighthe ós a gcómhair, tuagh
chatha in a láimh aige. Féachann sé ar an gcuideachtain,
is féachann an chuideachta le iongantas air.



COBHTHACH
Beir air! Beir ar an méirleach!
Ní chorruigheann duine den gcuideachtain.



COBHTHACH
Le triath.



Cad ar a shon, a dhaoir, nách bheirir air?



Buaileas é.



AN TRIATH
Dofhómos is an mheathtacht chugam!
Buille ón bhfiongaluidhe dtíoránach, Chobhthach!



Nochtas an Triath a chlaidheamh is deineas ar an árdrígh
coisceas cuid den gcuideachtain air é, cabhruigeann cuid
eile aca leis, is an fhaid atá an t-achrann ar siubhal
éaluigheann an t-Árdrí ó n-a measc; acht caitheann
an Laoch Lúirighthe é féin roimhe. Ionntuigheann an
t-Árdrí uaidh, acht caitheann an laoch é féin roimhe arís.
Fé dheire tarraingeann an t-Árdrí a chlaidheamh is
deineas go meisneamhail air, cuireas an laoch dé é —
marbhuigheas é. Tugaid an chuideachta é sin fé ndeara;
— ós árd le hiongantas:— “Marbh! Cobhthach marbh!”


L. 44


AN LAOCH LÚIRIGHTHE
Díoghaltas tighe m'athar ar rinn mo chlaidhimh!
Cíodh nách é an ball so an áit in ar mharbhuigh Cobhthach
Laoghaire mo sheanathair is mo athair Oilíoll Áine,
Tá ar a bhfeallbhás soin agamsa, Maon, cóirdíoghaltas
déanta
Fé sheanchleith a dtighe!



Gáireas cuid den gcuideachtain: “Go Mairidh Ua
Laoghaire!” is gaireas cuid eile: “Díoghaltas ar
dhúnmharbhthóir Chobhthaigh”; acht séideann Maon ar
chorn, is mar fhreagairt tagas mór-buidhean de
laochraidh lúirighthe isteach, sleaghtha ar ghualainn aca,
is teicheas muinntear Chobhthaigh rómpa le scannradh.



MAON
Táim buidheach díobh, a churadha:— agus ón lá so anonn
Goirfeam Cóige Laighean den Cóige seo na nGailian
i n-onóir
Do bhur laighmibh leathanghlasa.



AN LAOCHRA
Go mairidh an t-árdrí Maon ár mbuidheachas!



Tagas Craiftine isteach.



CRAIFTINE
Labharadh loingseach a ainm feasta: Sin
Glaodhann an choitchianntacht láithreach air. 'Dé an
chiall dó soin
Ní thuigim féin.



MAON
Má tha ciall leis, níl ciall acht so:—
M'fhreagairt ar dhraoi an Áirdríogh ag an ndoras sul
ar leigh
Sé sin isteach don ríoghbhrog mé. Dfhiafraigh sé dhíom
m'ainm.
Dubhras gur loingseach mé; is annsoin amhail 's go
raibh árdacfuinn


L. 45


Insa bh'focal, dfhiafraigh sé — “an labhradh an loingseach?”
M'fhreagairt air gur labhradh. Ba sin é a phréamh:
is dóich
Gur bh'é an dóirseóir d'ainmnigh amhla mé, óir bhí sé sin
Ag éisteacht.



CRAIFTINE
'Bé duine do chuir ort an t-ainm coinnigh go dlúth leis:
I mbéal na ndaoine tá sé go daingean cheana, — agus
Im thuairim, go céadfadhach. Nách rabhais-se, tráth,
it ógfhlaith bhalbh?



MAON
Thá! Maon, balbh, in a loingseach agus labhradh:
Dar na déithibh tá fachuin agus ardbhrígh leis feasta;
Labhradh Loingseach beidh mar ainm orm.



AN CHUIDEACHTA UILE
Gura buan é saoghal an áirdríogh, Labhradh Loingseach!



MAON
Táim buidheach díbh, a chuideachta: acht
Muna bhfuil an choitcheanntacht ar mo thaobh, —



CRAIFTINE
De thruaghghrádh it thaobhsa go dian atáid, a áirdrí
chóirmhaith;
Tá a fhios agam é sin ó uasal is ó íseal.
Rud eile, leis:— focal dá ndúbhradh liom adubhairt go
raibh
Scoiriath, rí Chorca Dhuibhne, do chara anallóid, ag teacht
Chum cabhra leat — agus foireann fhoirbhthe in a thí.



MAON
Acht, cionnas, a Chraiftine, ar fhios ár dteachta
A fuair sé tuaraisc?


L. 46


CRAIFTINE
Is áidhbhéil é caradas an chéana, a áirdrí;
Tá ollbrígh ann; scagtha a chluas chum éisteachta, ar
an ghlór
Is lugha, — is mar each an chatha sheitrigheas don chómhrac
cloiseann sé
Uaidh abhfad. — Atht nách seo chugainn é isteach?



Taghas Scoiriath isteach.



MAON
A dhilchara, a rí
Ní fearr an fháilte fhearfainn rómhat 'ná umhlughadh dhuit,
ort ag guidhe
Do chómhairle is do aitheasca, mar athair dham.



SCOIRIATH
Agus sin ghéobhair, a Uí Laoghaire:—
Neartuigh ar an bprímhcéim seo bhuaidhe agat — cuir
leis sin;
Táid na déithe leat; táid na daoine leat: níl ann
acht is
Cóir dhuit:— Sin í mo chómhairle is mo thuairim dhuit.



MAON
Is le chabair, is cabhair mo charad, is le leórghiníomh mo
laochradh
Sin déanfad — acht innis dom fós, a chara ríoghdha,
Cionnas a mhaireann mo chómhtha, Móiria?



SCOIRIATH
Ó, go mairidh tú, á áirdrí! go maith:
Bhí mórdhuadh agam a hobadh ó theacht lem shálaibh; ar
Eagla nách beadh síoth i láthair dheineas: ba bhaoghal
dúinn í
Nó dhuit.



MAON
An ógbhean thréan — acht féach aleith.
Nách ise atá ag teacht?



Tagas Móiria isteach


L. 47


MAON
Ag dul fá n-a déin.



Mo ghrádh! mo Mhóiria áluinn!
Nác ceanamhail duit do theacht mar seo 'ár dteagmháil!



MÓIRIA
Mo mhaitheamhnas ort, a athair! —
Cíodh nách banamhail an obair damh é m'aistear chugaibh,



Creidim go maitfar dham é nuair thuigfar méid mo
eagla:
Ní fhéadfainn mo smaointe a dfhulang ó chuimneamh ar
bhaoghal
Daoibhse araon — Maon dílis agus tusa.



SCOIRIATH
Maon dílis?



MAON
'Seadh, a athair (óir it athair beir i ndáiriribh dam
Anois, nuair bhronnfa tú mo Mhóiria orm mar dhuais
glóire):
Tá sise dílis dam mar' neosfáidh Craiftine.



SCOIRIATH
Le Craiftine.



A liathchluanaire,
Cad deirirse leis sin?



CRAIFTINE
Deirim gur cómh maith dhuit é



Gan deighilt do chur idir dá chroidhthe ceangailte le
cuing
An ghrádha. Maithfir iad níos túisce, is dócha, nuair
deirim
Nach mbeadh Maon annso muna mbeadh Móiria mise do
chur
Ag triall air, is do tharraing aleith chum troda dá
chóircheart é.


L. 48


SCOIRIATH
Dar na déithibh, a chladhaire,



Muna mbeadh an scéal so agat, is dianghádh Éireann
d'Árdrígh,
Díoghailfead ort do chluanaireacht is a dofhomós do
Mhóiria;
Acht an nídh beith amhla ní fhéadaim gan m'foidhne ghlacadh
'S mo bheannacht do bhronnadh ar Mhaon is uirthi.



MAON
'S buidheach táim díot; a chóirrí.



MÓIRIA
Agus amhla táimse, a athair.



CRAIFTINE
Agus, a rí, is amhla táimse.



SCOIRIATH
Bhur mbuidheachas coinnigídh agaibh:



Dá mbeadh gné eile ar an nídh seo, ar mo mhaitheamhnas
Is ar mo bheannacht do bheadh gné eile; cíodh nár mhaith
liom,
Acht amháin ar son deaghmhúinte agus smachta anma
M'úghdarás do chur i ndualgas i gcoinne raoin an cheana.
Acht bíodh so mar athá sé: níor bhfeárr, b'fhéidir, a
mhalairt:—
Is bímís ag cur i gcéin anois i gcoinne an ghnó
Tíreamhla ag teacht.



AN LAOCHRA AGUS AN CHUIDEACHTA UILE
Sin cainnt cheart.



Téighid amach.



CRÍOCH



Cló Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath.