Caoimhghin Ó Cearnaigh

Connradh na Gaedhilge (1913)

Uilliam Ó Riain



CAOIMHGHIN Ó CEARNAIGH



SGÉAL ÚRNUA.



UILLIAM Ó RIAIN
do sgríobh.



“A' ndearna tú dearmad ar rud éigin?” ar sise go sámh.



“Rinne,” ar seisean. “Rud beag deas — tusa féin.”



L. 56.



CLÓDHANNA TEO.:



Ar n-a chur amach
do
CHONNRADH NA GAEDHILGE
I mBaile Átha Cliath.



1913.


L. ii


Muintir Chathail, Teo.,
Baile Átha Cliath.


L. 1


CAOIMHGHIN Ó CEARNAIGH



CAIB. a I. — PORT DRAOIDHEACHTA I mBAILE ÁTHA
CLIATH.



D'éirigh Caoimhghín Ó Cearnaigh as an mhúinteoireacht sa
“Sgoil Náisiúnta” i gCluaintobair san mbliadhain 190--.
Tháinig iongnadh mór ar an mbainisteoir, ar an sean-oide,
agus ar na daoinibh go léir mar gheall air sin. Tháinig
uaigneas ar a gcroidhe leis ar n-a chloisint dóibh go raibh
sé ar tí imtheacht go Baile Átha Cliath, áit chómh fada i
gcéin, dar leo, agus do bhí Tír na nÓg. Cad a bhí air ar
aon chor, de chionn a bheith ag imtheacht agus é go sona,
mar a raibh sé, 'na bhaile dhúthchais imeasg a mhuintire féin?
Dubhairt sé leo gurbh amhlaidh do chuala sé port draoidheachta
ar nós daoine ins na sean-sgéalta agus gurbh éigin dó
triall 'na dhiaidh.



Bhí sé 'na chongantóir sa sgoil le breis a's dhá bhliadhain,
agus do réir cosamhlacht' bhí gach rud ag éirghe leis go geal.
Ba ghnaoi leis an áit agus gach ar bhain léi. Agus ba mhór
le rádh iad súd.



Tá Cluaintobair i bhfad ó bhaile agus ó shráid-bhaile. Bhí
tréithe agus nósa na nGaedheal le fághail innte an uair
sin chómh bríoghmhar agus a bhíodar riamh, giodh go raibh an
tsean-shíbhialtacht ag dul i n-éag ins an tír thart timcheall.
Bhí seanchuidhthe innte go raibh nídh ba mhó eolais aca ar
Fhionn agus ar an nGobán Saor 'ná ar fheisirí agus
poilitidheacht. Bhí sean-sgéalta, sean-fhilidheacht, sean-
phaidreacha, agus sean-ráidhte go flúirseach innte. Bhíodh an
“chuairdidheacht” ar siubhal ist-oidhche. Bhí corr-dhuine i
n-ann amhráin do chumadh. Chuir na sean-daoine suim in a
lán míorbhaile agus a lán piseoga. Bhíodar cinnte glan
go bhfacadar taidhbhsídhe go minic, agus chreid a lán, idir
óg agus sean, go raibh na Daoine Maithe 'na gcómhnuidhe
sa lios, mar a bhíodar leis na ciantaibh.


L. 2


Bhí sár-mheas ag na daoinibh — na sean-daoine go háirithe —
ar leabhra agus ar léigheann Shaoileadar go raibh Caoimhghín
Óg an-léigheannta. Bhí dúil mhór aige i léigheann ó bhí sé
'na pháisde. Do mhúin an sean-oide a chuid Laidne, a chuid
Gréigise, agus saghas Frainncise dó, chómh maith le n-a lán
neithe eile nár thuig na sean-daoine a mbrígh ar chor ar bith.
Leabhra nár chualadar trácht ortha riamh bhíodar léighte aige.
Fuair sé leabhar nua gach seachtmhain, nach mór, ó Bhaile
Átha Cliath nó áit éigin eile. Cheapadar go mbéadh sé 'na
chigire lá éigin. Acht — d' éirigh sé as an mhúinteoireacht.



Bhí dúil thar meodhan aige i litridheacht. Cuireadh i gclódh
go minic cheana sgéilíní agus aistidhe liteardha dár sgríobh
sé, chómh maith le píosaí filidheachta. Thuig na cómharsana
na sgéilíní agus na haistidhe ar dtús, agus ba bhreagh leo
iad, óir do bhí baint aca le n-a saoghal agus le n-a nósa
féin. Acht diaidh ar ndiaidh do tháinigh rudaí isteach isna
sgéilíní a bhí chómh haoibhinn agus chómh hiongantach le ceol
draoidheachta, dar leo. Do chualadar 'na dhiaidh sin go raibh
finnsgéal fada sgríobhtha aige. Bhí go deimhin, acht níor
cuireadh i gclódh é. Dubhairt fir eagair Átha Cliath go raibh an
iomarca feallsamhnacht' agus diamhaireacht' ann agus nár
thuigeadar é. Dubhairt ceann aca nár chuir Baile Átha Cliath
morán suime i Neamh agus nár chuir sí suim ar bith i dTír
na nÓg, agus dá bhrígh sin bhéadh sé fánach aige an sgéal a
chur isteach 'na pháipéar. Mar sin féin do shaoil Caoimhghín
gur annsin a bhí iongnadh agus ollsacht dáríribh. Cheap sé
go raibh Baile Átha Cliath chómh hiongantach agus do bhí
Teamhair i n-aimsir Chormaic Mhic Airt, nó Eamhain Mhaca
ar dul do Chuchulainn Óg ar a triall.



Bhí cara do Chaoimhghín, Sean Ó Murchadha a b' ainm dó, i
n-oifig pháipéir laetheamhail i n-Áth Cliath — “An tSean-Bhean
Liath” thug daoine ar an bpáipéar chéadna. Sgríobh
Caoimhghín go minic chuige, agus níl cur síos ná innsint
sgéil ar an méid a bhí le rádh aige i dtaoibh litridheachta
agus i dtaoibh an fhuinn a bhí air i n-obair a bhain léi. 'Sé
an rud a bhí ag teasdáil uaidh 'ná post éigin sa bpríomh-
chathair. Ní raibh aon mhaith dhó ann ar dtús. Fear ciallmhar
a b' eadh Seán, giodh go raibh sé aereach greannmhar féin,
agus is minic adubhairt sé le Caoimhghín go raibh an donas
ar Bhaile Átha Cliath agus nár cheart do fhear liteardha
teacht i ngiorracht céad míle do'n Life — acht bhéadh sé chómh
maith dhó bheith ag caint leis an ngealaigh. Fá dheireadh thiar


L. 3


thall fuair sé post do Chaoimhghín mar thuairisgeoir, 'na
oifig féin. B'in é an fáth faoi gur éirigh Caoimhghín as an
mhúinteoireacht.



“Ní fheadar cad tá ort,” dubhairt Seán sa litir a chuir
sé ag triall air an t-am sin. “Ceapann tú gur feall-
samhain agus daoine léigheannta smaointeamhla atá 'na
gcomhnuidhe ar fud Bhaile Átha Cliath. Go dtugaidh Dia ciall
duit. Rud eile. Tá d' intinn ró-Ghaedhealach, agus níl an
chathair dheireoil seo leath-Ghaedhealach, giodh go mbíonn mo
chara An Craoibhín go han-phlámásach 'na taoibh ar uairibh.
… Beatha dhuine a thoil, acht is aisteach í do thoil-se,
agus tá eagla orm go gcuirfidh litridheacht an chinneamhain
chughat, a Chaoimhghín na n-aislingthe! Badh chóir duit bheith go
brónach indiu.”



In' ionad sin is amhlaidh do tháinig árd-áthas ar Chaoimhghín.
Mheas sé go raibh sé ar tí dul ag triall ar “a Thír na
nÓg” féin. Chuimhnigh sé ar sgéalta Gaedhealacha, ar
sgéalta Gréagacha, agus ar sgéalta eile nach iad a bhain
le macaoimh agus iad ag dul ar lorg eachtraí sa tsean-
aimsir, agus shaoil sé gur chóir dó bheith chómh aereach, áthasach
agus do bhíodar-san. An “port draoidheachta” a bhí 'gá
mhealladh bhí sé ag éirighe go ceolmhar a's go binn an t-am sin.



Fear caol árd dathamhail il-dhealbhach a bhí ann. Ba léir
do dhuine tuigsionach gur file é, file agus ádhbhar feall-
samhan. Mar sin féin, bhí sé an-aereach lághach croidheamhail
agus é imeasg a charad agus a dhaoine muinnteardha. Bhí
sé nidh ba aerighe 'ná mar bhí sé riamh agus é dhá ghléasadh
féin i gcóir Bhaile Átha Cliath agus an tsaoghail nua.



Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Acht nuair d'fhág sé
slán ag Cluaintobair agus ag a dhaoinibh muinnteardha tháinig
uaigneas uathbhásach ar a chroidhe. Chuaidh an t-uaigneas i
dtreise le gach míle de'n bhóthar iarainn a chuir an cóiste
dhe. Bhí iongnadh air i dtús an turais faoi an chrádh chroidhe
agus an dólás. Thuig sé an sgéal i gceart i ndeireadh na
tréimhse. Thuig sé gur chuid de féin a bhaile dhúthchais agus
gur chuid dá bhaile dhúthchais é féin, ar shlighidh iongantaigh
spriodálta.



Bhí Seán Ó Murchadha ag fanamhaint leis ag an traen-phort
nuair roich sé Baile Átha Cliath um thráthnóna.



“I n-ainm Dé cad tá ort?” ar Seán. “Badh dhóigh le
duine go bhfuilir tar éis taidhbhse d' fheicsint.”


L. 4


An oidhche chéadna bhailigh an-chuid do na comharsana isteach
i dtigh a athar. Faoi Chaoimhghín a bhí an chaint ar fad.
Mholadar a thréithe a's a bhéasa, chuireadar síos ar an dúil
mhór a bhí aige i léigheann agus i litridheacht, agus bhíodar
ar aon intinn go mbéadh clú a's cáil air fós, le congnamh
Dé. 'Na dhiaidh sin a's uile bhíodar brónach go leor.
Shaoileadar nach mbéadh an sprid agus an chroidheamhlacht
chéadna i gCluaintobair choidhche arís. Maidir le n-a mháthair
bhí tocht ar a croidhe agus bhí a hintinn trí n-a chéile. Shaoil
sí go raibh Caoimhghín imthighthe uaithi go deo. Le bliadhanta
fada — ó aimsir a óige — bhí eagla uirthe go n-imtheochadh sé
lá éigin. Budh é an mac ba shine bhí aici é agus rachadh sé
thar dhíchioll aoinne beo cur síos ar mhéid a grádha dhó. Acht
diaidh ar ndiaidh do fuair sí amach nach raibh sé ag dul le
n-a mhuintir féin, agus i gan fhios d'aoinne bhí imnidhe uirthe.
An dúil mhór a bhí aige i léigheann agus i litridheacht chuir sé
sgannradh uirthe. Níor dhual dó bheith i n-ann litridheacht do
chumadh; ní raibh a leithéid de sgéal ag aoinne dá shliocht
ariamh, dar léi. Bean chráibhtheach dhílis a b' eadh í, acht chuir
sí suim i mórán piseóg agus i n-a lán béaloidis aistigh.
Chreid sí gur thóg na sídheoga leanbh leo anois agus arís
agus gur fhágadar leanbh eile 'na ionad. Smaoinigh sí
ar an sgéal go minic, agus í ag feachaint go géar ar
Chaoimhghín, nuair a bhí sé 'na pháisde, acht ba dheacair di
chreideamhaint nárbh é a mac féin a bhí ann. Acht an
difrigheacht a bhí idir Caoimhghín agus an chuid eile dá cloinn,
chuir sin amhrus agus iongnadh uirthe.



Bíodh sin mar a bhí sé bhí sé imthighthe uaithi, agus bhí
síor-dhubhadh ar a croidhe. Ba chosamhail le tórramh an
chuairdidheacht, dar léi …



Maidin lá ar n-a bhárach chuaidh athair Chaoimhghín amach chun
oibre ar an bhfeilm bhig. Shaoil sé nárbh é an domhan céadna
a bhí ann ar aon chor.



Fear ciúin, nádúrtha a b' eadh Lorcán Ó Cearnaigh. Bhí a
shaoghal an-chruaidh, acht bhí sé foighdeach agus réidh roimh gach
trioblóid. Nuair bhí seisean 'na pháisde cuireadh a athair as
an talamh agus an tigh te, teolmhar a bhí aige, sa gcomhar-
sanacht chéadna, agus bhí an mhuirighean i gcruadh-chás ar feadh
i bhfad. Fá dheire fuair an sean-fhear an fheilm bheag úd i
gCluaintobair. Chuaidh dearbhráithreacha agus deirbhshiúracha
Lorcáin do'n Oilean Úr, 'na nduine, a's 'na nduine, agus
d' éirigh leo go maith, acht b' fhearr le Lorcán fanamhaint


L. 5


ag baile, ag obair go moch, mall, agus ag cuidiughadh le
n-a athair agus le n-a mháthair no gur imthigheadar ar shlighidh
na fírinne. Dá mb'áil leis dul go Minnesóta, áit a raibh
a dhearbhráithreacha, bhéadh saoghal compórdach roimhe. Acht
b'fhearr leis bochtaineas i ndúthchas a athar.



Níorbh' eol d' aoinne beo an oiread sin grádha agus a
bhí aige do Chaoimhghín. Do b' aoibhinn leis clisteacht agus
intleacht a mhic, giodh nár labhair sé focal fútha le h-aoinne
beó ariamh. Is minic do thug sé buidheachas ó chroidhe do
Dhia ar a son; is minic do smaoinigh sé ortha, le h-iongnadh
agus le háthas, agus é ag obair go ciúin, díthcheallach ar an
bhfeilm bhig.



Ba dheacair dó oibriú an lá sin. Ba hí an chéad uair i
rith a shaoghail go raibh an sgéal mar sin aige.



CAIB. a II. — UAIGNEAS AGUS ÁTHAS.



Níor chuir croidhe Chaoimhghín an t-uaigneas de ar feadh
tamaill tar éis teacht go Baile Átha Cliath dó. Chuir sé faoi
i dtigh Sheáin Uí Mhurchadha i nDumhach Trágha Mhuirbhthean,
cois Chuain Átha Cliath. Ba mhór an sásamh é sin dó, óir bhí
an teach te teolmhar, bhí croidhe na féile ann, agus bhí gach
rud ar a chomhairle féin aige. 'Na dhiaidh sin a's uile bhí
brón ar a chroidhe.



“Is ait an feallsamhnach thú,” ar Seán, uair amháin a bhí
Caoimhghín ag féachaint go huaigneach. “Badh dhóigh le duine
ort go bhfuilir imeasg daoine bhfiadháine, i dtír iasachta
éigin, agus gan oiread agus cara i d' fhochair. Nach bhfuil
Baile Átha Cliath i n-Éirinn?”



“Tuigim anois rud nár thuigeas ariamh roimhe seo,” ar
Caoimhghín. “Is iongantach an cómh-cheangal atá idir duine
agus gach rud a bhaineas le n-a bhaile dhúthchais. A chorp, a
anam, a intleacht, an teanga a bhíos 'gá labhairt aige, an
talamh, na blátha, na srotha, an solus, an drúcht, agus an
chuid eile — tá ceangal agus cáirdeas eatortha go léir.”



“Cuir uait le do chuid filidheachta,” ar Seán. “Tá
baint agat le páipéar nuaidheachta anois agus badh chóir
duit ciall a bheith agat. Ní fheicim ceangal ná cosamhlacht
idir teanga bhinn agus talamh fhóghanta, ná idir intinn dhuine
agus blátha na ngleann acht an oiread. Bhéadh sé chómh maith


L. 6


agat bheith ag ceapadh go bhfuil ceangal agus cosamhlacht
idir fiacla chait agus ceol, nó idir tobac agus solus na
gealaighe. Acht má's fíor do sgéal níl cúis gearáin agat.
Tá an oiread sin carad agat annso i mBaile Átha Cliath
agus atá i gCluaintobair. Tá blátha, srotha, talamh, cnoca,
agus solus le feicsint annso, agus tá an fhairrge i n-aice
leat, rud nach bhfuil le fághail i n-ár mbaile dhúthchais.”



“Tá a fhios agam,” ar Caoimhghín, “acht níl fíor-aithne
agam ortha-san fós. Do hoileadh agus do tógadh mé imeasg
na gcarad eile — iad súd atá i gCluaintobair, agus is
eadrainne atá an fíor-cheangal.”



Tar éis oibre an lae do thosnuigh sé ar sgéalta do
sgríobhadh. Bhaineadar le Cluaintobair ó thús deire. Bhí
go maith — chómh fada agus do bhí sé 'gá sgríobhadh ist-oidhche.
Rinne sé dearmad ar Bhaile Átha Cliath; cheap sé go raibh
sé ar ais arís cois na teineadh i dtigh a athar ar an bhfeilm
bhig. Nuair tháinig an mhaidin, ámhthach, tháinig an t-uaigneas
chómh maith chéadna.



Acht níor bhfada go bhfuair sé fios ar an Leabharlann
Náisiúnta, agus bhí a mhalairt de sgéal aige as sin amach.
“Is eol dam anois an áit 'nar éirigh an port draoidheachta
úd,” ar seisean le Seán. “Bhí tighthe na féile i n-Éirinn
san aimsir i n-allód. Buaidheann an Leabharlann Náisiúnta
ar a raibh de thighthe féile i n-Éirinn riamh. Níl a shárughadh
le fághail.”



Gach uair nach raibh gnó áirithe le déanamh aige is ann a
bhí sé agus sár-aoibhneas air imeasg na leabhar. Diaidh ar
ndiaidh, agus sul do mhothuigh sé é, tháinig athrú mór ar a
intinn. Bhí dúil mhór aige i litridheacht le bliadhanta; bhí
sé an-doimhin ar fheallsamhnacht ó shoin i leith. Ar feadh
cúpla bliadhan rinne sé stuidéar mór ar anam-eolas, ar
diadhaireacht, ar stair na gcreideamh, agus ar a lán neithe
a bhain le stáid agus sgéal an anama. Chuir sé iongnadh
ar Sheán Ó Murchadha nuair thosnuigh sé ag trácht ar
Fheallsamhna agus ar Mhúinteoirí Móra nár chuala Seán
trácht ortha riamh. Ní raibh Seán i n-ann a dteagasg a
thuigsint ar chor ar bith. Níor bh'fhéidir leis cuimhniú ar an
difrigheacht a bhí idir Hermes agus Hégel nó idir Congfútsa
(Confúsius) agus Comte acht chómh beag.



“Táir ag cailleamhaint aimsire, a Chaoimhghín,” ar seisean.
“Ní lugha orainn an súgha 'na iad súd indiu. Is suarach an


L. 7


clú atá ortha i mBaile Átha Cliath — mar dubhradh faoi an
bPápa i bPort an Dúnáin.”



Chuir Caoimhghín suim mhór i saothar na bhfeallsamhnach
nÉireannach — Erigena, agus &l. — agus is minic adubhairt sé le
Seán gur mhór an chailleamhain gan a sgéal a bheith i gcuimhne
na ndaoine agus a gcuid smaointe ag biadhtú intinne
Éireann an lae indiu. Acht ní mó 'ná go maith do
thaithnigheadar le Seán.



I gan fhios d'aoinne bhí Caoimhghín ag fás 'na fhile agus 'na
fheallsamhnach.



Bhí sé air dul ó áit go háit ar fud na cathrach ar lorg
tuairisge. Tar eis tamaill do chonnaic sé na Gaedhil ag
obair ar an iomad slighe, agus chuir sé aithne ar na
hoibrightheoirí ba mhó clú a's cáil. Bhí athrúghadh shaoghail aige
dá bhárr. Chuaidh sé fá'n dtuaith go minic, mar is gnáth le
tuairisgeoir, agus do thuit sé amach go raibh a thriall ar
fheiseanna ó am go h-am. Chuireadar iongnadh agus áthas
air gach uair. “Mothuigheann duine sprid na Teamhrach 'na
thimcheall le linn gach feise dhíobh,” adubhairt sé le Seán.
Do thrácht feallsamhna ar árd-bheathaidh fá leith atá i ngach
duine gan fhios dó féin. B' fhéidir, adubhairt Caoimhghín, go
bhfuil árd-intinn nó árd-bheatha fá leith i gcás náisiúin chómh
maith céadna — árd-bheatha cheilte, dhoimhin, a thigeas chun cinn
i n-aoisibh áirithe. Shaoil sé go raibh sí ag teacht chun cinn i
n-Éirinn.



Bhí an rud céadna le rádh aige ó am go h-am ag
cruinnighthe Gaedhealacha i mBaile Átha Cliath. Ní mó 'ná
go maith do thuig an lucht éisteachta an méid sin. “Tráchtann
sé ar rudaí nár chuir ár sinsir suim ionta riamh,” dubhairt
Gaedhil óga go minic. “Tá an iomarca eolais iasachta
aige. Tá an iomarca feallsamhnachta léighte aige. Sin é
an donas. Milleann rudaí de'n tsórd sin an aigne
Ghaedhealach.”



Bhí meas mór aca ar Chaoimhghín, agus bhí brón ortha
faoi nach raibh sé sásta go leor le “sean-sgéalta agus
béaloidis na nGaedheal” agus faoi gur thug sé smaointe
“iasachta” — smaointe Erigena cuir i gcás! — isteach sa
nGaedhealtacht.



Ar shlighidh bhí sé 'na chaogaidhe aonair i mBaile Átha
Cliath ar feadh i bhfad. Mar sin féin bhí áthas agus árd-
aoibhneas ar a chroidhe de ghnáth um an am sin.


L. 8


Acht anois agus arís tháinig dólás agus uaigneas
uathbásach air gan fios cé'n fáth — agus é ag cruinnighthe
móra nó céilidhthe aereacha féin. Shaoil sé annsin go raibh
seisean, agus an cineadh daonna, 'na ndeoraidhthe — díbeartha
mar gheall ar choir mhilltigh éigin, ó dhúthchas a n-anamann,
agus gan eolas aca ar bhealach a bhfillte.



“Níl aon rud gur fiú tracht air acht cuma spriodálta,”
dubhairt sé leis féin go minic. “Is cuma spriodálta Neamh
féin. Dá mba rud é go mbéadh cuma áthasach spriodálta
orainn annso, agus é a bheith seasmach — gan sinne a bheith
ag géilleadh do rudaí suaracha, corpordha — bheadh Neamh
againn. Acht tá ár n-anamanna 'na gcodladh, nach mór, le
linn ár saoghail. Cia'n chaoi is fearr chun iad a choiméad
'na ndúiseacht? Sin í an mhór-cheist.”



Nuair nach raibh aon rud ar siubhal i gcraobhacha Chonnradh
na Gaedhilge d' éirigh sé mí-shásta le saoghal Átha Cliath.



“Níl saoghal intleachtach againn ar chor ar bith,” adubhairt
sé le Seán Ó Murchadha. “Fásach is eadh Baile Átha Cliath,
agus níl acht gaineamh le fághail ins na tobarlaigh féin — na
craobhacha — anois.”



“Is deacair thú do shásamh,” ar Seán. “Tá saoghal Átha
Cliath ag éirghe ró-intleachtach ar fad, do réir mo thuairme.
Cuireann na Gaedhil óga suim i gceisteanna nár bhacadar
leo ariamh roimhe seo. Tá ‘An Stad’ níos aerighe ist-oidhche
'ná bhí ‘Tabhairne na Maighdine Mara’ fad ó. An oiread
sin gleo-intinne sa gcathair níor chualas ariamh.”



“Is beag í,” ar Caoimhghín. “Ar shlighthibh tá muintir
Átha Cliath agus muintir na h-Éireann cosamhail leis na
mairbh. Ní dhéanaid a gcuid oibre le fuinneamh, le h-áthas,
le háird-intinn. Ní dhéanaid — feilmeoirí, lucht ealadhan,
ceardaidhthe, ughdair, ná aoinne eile. Is féidir linn saoghal
glórmhar a chumadh agus a shaothrú dhúinn féin, acht támuid
lag-bhríoghach agus lag-chroidheach. Déanaid na réalta, na
blátha, na srotha, na h-éanacha, na sléibhte a gcuid oibre
go hoireamhnach agus go héifeachtamhail, giodh nach bhfuil intinn
ná anam ionta, nó ceapaimid nach bhfuil. Acht sinne, an
cineadh daonna —”



“Cuireadh Ádhamh as Éden,” ar Seán, “agus tá an
donas orainn go léir ó shoin.”



“Ní cóir dúinn an milleán a chur ar Ádhamh,” ar
Caoimhghín. “Samhlughadh atá 'na sgéal. Ádhamh gach fear,
gach fear Ádhamh. Tréigeann gach duine againn a árd-bheatha.


L. 9


Triallann gach duine againn as Éden ar a thoil féin. Acht
is féidir linn filleadh ar Éden.”



“Thar ar chualas riamh,” ar Seán …



Chuir sé litreacha cun a athar agus a mháthar go minic.
Chuir sé airgead cuca, leis, agus ba mhaith an congnamh
dóibh é sin, óir bhí an t-athair ag éirghe aosta, agus ní raibh
sé i n-ann oibriú chómh dian agus do bhí sé roimhe sin. Ní
raibh dúil i bhfeilmeoireacht ag an mbeirt mhac eile, agus
gan fhios do chách bhí fonn ortha dul go h-Aimeirioca. Bhí an
bheirt inghean ar an aigneadh chéadna. Níor mhinic a fuair
Caoimhghín tuairisg ó aoinne sa mbaile. Bhí na buachaillí i
bhfad nídh ba chliste ag an gcamán 'ná do bhíodar ag an
bpeann, agus bhíodar an-chúthail. Sgríobh na cailíní litir
corr-uair, acht ní rabhadar i n-ann a bhfíor-smaointe do
nochtadh. Badh dheacair do'n athair agus do'n mháthair oiread
agus nóta do sgríobhadh, dhá mhéid é a ngrádh agus a
nádúrthacht. Is minic do bhíodh deora i súilibh an athar agus
é ag obair ar an bhfeilm bhig, is minic do bhíodh an mháthair
ag gol agus an teach fúithe féin aici, faoi nach raibh sé ar a
gcumas a n-intinn agus grádh a gcroidhe a chur i n-úil do
Chaoimhghín.



Bhí Caoimhghín chómh h-uaigneach ar uairibh agus do bhíodar-
san, nach mór. Acht níor bhfada go dtáinig athrú ar a
shaoghal.



CAIB. a III. — CUMAN ERIGENA.



Fuair Caoimhghín amach ó charaid go raibh cumann fá leith
i mBaile Átha Cliath do rinne stuidéar an-doimhin ar anam-
eolas. Thángadar le chéile dá uair sa tseachtmhain. Bhí a
n-árus i sráidín i n-aice le Coláisde na Trionóide. Bhí
cuid aca an-fhóghlumtha, agus bhí cáil a's clú ar an chuid ba
mhó aca ar shlighthe eile. File a b'eadh a n-uachdarán.
Rinneadar stuidéar ar gach creideamh a bhí is an tsean-
shaoghal, ar dhiamhaireacht, ar shean-fheallsamhnacht, ar na
sean-déithe, ar shean-ealadhain, ar shean-sgéalacht ar fad,
agus ar dhiamhair-chéill shean-teagaisg — ar lorg eolais ar
bheathaidh anmann chómh fada siar agus do bhí ann. Níor
bhacadar leis an gcreideamh a bhí ag aoinne, níor bhacadar le
teagasg an lae indiu ar aon chuma. Ar lorg eolais anama


L. 10


a bhíodar i gcómhnuidhe; ag déanamh stuidéir ar ar chreid
an cineadh daonna fá shíor-bheatha ó thosach an tsaoghail.



Tháinig an-áthas ar Chaoimhghín ar chloisint dó go raibh a
leithéid de chumann ann.



Toghadh é mar bhall de'n chumann — Cumann Erigena a b'
ainm dó. B' é tosach a shaoghail nua é.



Do b' aoibhinn leis oidhche do chaitheamh i gcuideachtain nár
bhac le haon rud nach raibh baint aige le hintinn nó le
hanam nó le h-árd-bheathaidh. B'aoibhinn an saoghal leis 'na
dhiaidh sin. Ar sgaipeadh do chruinniughadh chuaidh sé a bhaile
go riméadach, shuidh sé síos 'na sheomra féin agus ar feadh
uaireacha d' ath-smaoinigh sé ar an gcaint ó thús go deireadh.
Ba léir dó iongnadh agus ollsacht na cruinne agus a anama
féin annsin. Ba léir dó gur bhféidir beatha agus saoghal
na ndaoine a bheith lán de ghlóire dá mb' áil leo é. Acht
cionnus d'fhéadfaidhe é thaisbeánt dóibh?



Ní raibh sé i bhfad sa gcumann nuair thosnuigheadar ag
caint ar aith-ioncholnughadh agus ar aith-bhreith. Rinneadh
morán stuidéir agus tráchta ar an gceist le linn na
gcruinniughadh 'na dhiaidh sin. Bhí a fhios ag Caoimhghín cheana
gur chreid sean-Ghaedhil agus sean-Ghréagaigh i n-aith-
ioncholnughadh acht níor chuir sé morán suime sa teagasg
roimhe sin. Fuair sé amach gan mhoill gur chreid go leor
leor daoine ann fadó, idir Phágánaigh agus Chríostaidhthe —
e.g. an Críostaidhe mór, léigheannta úd, Origenes — agus,
fós, gur chreid morán Éireannach an lae indiu ann. Níor
bhfada go bhfuair sé amach nár thuig sé an cheist i gceart
go dtí sin. Tháinig iongnadh agus amhrus agus imnidhe air
'na taoibh.



Chuir sé cluas le h-éisteacht air féin gach oidhche dá raibh
an trácht ar siubhal. I leabharlann an Chumainn bhí leabhra go
leor faoi an gceist, agus do léigh sé le h-an-dúil iad-san,
chómh maith le mór-leabhra eile fá shean-chreideamh agus fá
shean-ealadhain. Sgrúdaigh sé cuid mhaith d' fheallsamhnacht
an Oirthir, sgrúdaigh sé teagasg na Nua-Phlátóineach,
teagasg Origenes, feallsamhnacht Erigena, agus a lán
feallsamhnacht' agus diamhaireacht' eile. I ndeireadh na
tréimhse bhí an imnidhe imthighthe glan. Sár-iongnadh a bhí air
'na h-ionad.



Do réir mar léigh sé an fheallsamhnacht agus an teagasg
ba shine — do réir cosamhlachta — agus do réir mar smaoinigh
sé ortha, cuireadh i n-úil dó rudaí nár thuig sé go h-iomlán


L. 11


go dtí sin. Ag so cionn aca: Go raibh daoine fóghlumtha,
ealadhanta sa domhan i bhfad 's i bhfad — na mílte bliadhain
b' fhéidir — sul a tháinig síbhialtacht na nGréagach chun cinn.
Go raibh Múinteoirí Móra ar an tsaoghal, agus gur
threoruigheadar — ceann i ndiaidh a chéile — an cineadh daonna
ó thús an tsaoghail go h-aois ár dTighearna. Go raibh brígh
a ngnáth-theagaisg cosamhail le brígh Chríostaidheachta. Go
raibh sár-dhiamhaireacht i mbun-teagasg Chríost. Gur thaisbeán
sé go bhfuil chómh-cheangal iongantach idir ár n-anmanna
go léir, pé tír nó stáid no rang 'na bhfuilmíd, agus
chómh-cheangal níos ghlórmhaire 'ná sain idir anmainn an
chinidh dhaonna agus A Athair — Anam na Cruinne; agus go
bhfuil Ríoghacht Neimhe ionainn féin i gan fhios dúinn.



Dubhairt na Múinteoirí Móra go bhfuil Criostos i ngach
duine; gurab é slighe a chroise nádúir phearsanta nó nádúir
íochtarach an duine féin; gur féidir leis an Chriostos éirghe
go glórmhar as an nádúir íochtaraigh sin, agus a bheith i
Ríoghacht Neimhe — cuma árd-áthasach, spriodálta — le linn an
tsaoghail so féin. Do thrácht na Múinteoirí Móra go
bríoghmhar, sollamhanta ar chéasadh na nádúire íochtaraighe,
céasadh an “ghnáth-dhuine.” Annsin, adubhradar, éirigheann
an t-anam, tigeann an “fíor-dhuine” chun cinn.



Ba mhór an t-athrú a bhí tagaithe ar intinn Chaoimhghín um
an am sin. Samhluigheadh dó go raibh sé leath-chéad bliadhain
nídh ba aosta 'ná do bhí sé ar dteacht go Baile Átha Cliath dó.



Annsin chuir sé leabhra feallsamhnachta ar leathtaobh ar
feadh tamaill. Do thosnuigh sé ar sgéilíní do sgríobhadh i
gcóir an Oireachtais dár gcionn. Bhain na sgéilíní le
nósa, le smaointe, le brionglóidí, agus le h-anmainn
a shean-chomharsan. Bhí áthas air le linn na h-oibre sin.
Shaoil sé go raibh saoghal agus brigh a bhaile dhúthchais nídh ba
shoilléire dó annsin 'ná bhíodar agus é 'na chomhnuidhe ann.
Bhí aereacht 'na intinn. Acht an mhór-cheist úd ar a
ndearna sé stuidéar le déanaighe — níor bh' fhéidir leis í
sheachaint …



Sgríobh sé chun a athar agus a mháthar go minic. Acht níor
tháinig leis cur síos ar an athrughadh shaoghail a bhí tagaithe
dó, ná ar na ceisteanna móra a bhí ag cur buaidheartha air.
Ní bhéadh aon mhaitheas ann. Bhéadh iongnadh, bhéadh sgannradh,
ar an athair agus ar an mháthair mar gheall ar cheisteanna dá
leithéid. Ba fhada é an bóthar a bhí cuirthe de aige ó d'


L. 12


fhág sé a shlán aca. Ní raibh leigheas air sin. Acht do rinne
sé buaidhirt dó.



CAIB. a IV. — GRÁDH AGUS GREANN.



“Cá bhfuilir ag dul anois?” ar Seán Ó Murchadha le
Caoimhghín oidhche nuair bhí obair Chaoimhghín críochnuighthe agus
é ag fágáil na h-oifige. Bhí Seán 'na fhó-eagarthóir, agus
b' éigin dó fanamhuint nídh ba dhéanaighe.



“Bhíos ag ceapadh go raghainn go dtí an Stad,” ar
Caoimhghín. “Admhuigheann tú go bhfuil sé níos aerighe 'ná
do bhí ‘Tábhairne na Maighdine Mara.’”



“Is greannmhar an feallsamhnach thú,” ar Seán. “Bhíos
ag ceapadh nach stadfá go rachfá chun na sléibhe. Níl An
Stad oireamhnach d' fheallsamhnach. Níl acht greann agus
tobac le fághail ann. A' gcaitheann tú tobac fós? Nach
gcuimhnigheann tú ar a ndeireann na feallsamhain mhóra fá'n
‘dúil-chorp,’ — an nádúir íochtarach?”



“Cuireann tobac an dúil-chorp ar a shuaimhneas,” ar
Caoimhghín. “Leis an fhírinne d' innsint triallaim ar An
Stad go minic mar tá sé cosamhail le ceardchain nó
le tigh ghréasaidhe fá'n dtuaith. Sgaipeann an greann an
t-uaigneas.”



“An mbíonn uaigneas ort?” ar Seán. “Nach bhfuil
Úna Ní Chuilleannáin i mBaile Átha Cliath anois?”



“Táir d' aon-chorp mhagaidh anocht, a Sheáin,” ar Caoimhghín.



“Tá an sgéal céadna ag Úna go minic,” ar Seán.
“Cailín nídh ba aerighe ná í níor leagas súil riamh uirthe.
Acht is áluinn, gleoite, módhamhail an cailín í mar an
gcéadna. Agus tá géar-intinn chómh maith le mín-áilneacht
aici. Ní féidir le filidhe na Mumhan cur síos uirthe. Go
n-éirghidh ádh leat — is fearr pósadh 'ná feallsamhnacht.”



Do chaith Caoimhghín leabhar le Seán agus d' imthigh leis.



D' admhuigh sé dó féin agus é ag déanamh ar an Stad
gurbh iongantach an cailín í Úna. Níor ghéill sé do chailíní
ariamh, acht an oiread le sídheoga; acht ní mar sin a bhí an
sgéal aige i dtaoibh Úna. Ní raibh sé acht leath-bhliadhain ó
chasadar ar a chéile an chéad uair san Árd-Chraoibh de Chonnradh
na Gaedhilge, acht dá mba rud é go raibh aithne aige uirthe
le bliadhanta níor bh' fhéidir le n-a tréithe agus a h-intinn


L. 13


bheith nídh ba shoilléire dó 'ná mar bhíodar cheana féin. Chuir
sin iongnadh mór air. Bhíodh sé ciúin, cúthal imeasg na
mban i gcomhnuídhe, acht nuair a bhí Úna le n-a chois badh dhóigh
le duine gur dheirbhshiúr dó í — deirbhshiúr dheas, bheo, gheal-
gháireach — chómh aereach, sonasach agus a bhí sé.



Cé an fáth go raibh an sgéal mar sin? Is minic do chuir
sé an cheist seo air féin, acht níor bh' féidir leis í fhreagairt.
“Bhfuil aith-ioncholnú ann dáríribh, agus an raibh ár n-anmanna
ceangailte le chéile saoghal éigin i n-allód?” adubhairt sé
leis féin go minic.



Bhí trioblóid ar Úna an oidhche úd, agus dá bhrígh sin bhí
trioblóid ar Chaoimhghín. Bhí sí imthighthe a bhaile go Fine Gall
mar gheall ar a máthair a bheith breoite. Ní raibh a fhios aige
cionnus mar bhí an sgéal sa mbaile; níorbh eol dó uair a
fillte acht an oiread, agus bhí brón agus uaigneas air.



Do roich sé An Stad. Siopa tobac a bhí ann, agus teach
cuairdidheachta do Ghaedheala mar an gcéadna. Is beag
file agus fear grinn i mBaile Átha Cliath nár thug cuaird
air ist-oidhche.



Ní raibh an “sluagh” bailighthe fós. Bhí sgata buachaillí
ann agus iad ag caitheamh tobac agus ag déanamh grinn.
Bhí fear óg ag sgríobhadh filidheachta greannmhaire i “Leabhar
an Staid.” Do bheannuigh Caoimhghín dóibh; do cheannuigh sé
tobac; agus annsin do chuaidh sé isteach i seomra beag ar
chúl an tsiopa.



Bhí Pilib na gCleas agus Taidhgín Éigis ann. Bhíodar ag
caitheamh tobac agus ag argóint. Bhí Pilib 'gá rádh nach
raibh sean-fhilidheacht na nGaedheal go h-aereach, beodhamhail
ariamh toisg a's nár chaith na sean-fhilidhe tobac. Bhí Taidhgín
deimhnighthe go raibh tobac sa tír fad ó. Dhá mba rud é go
raibh bhí Pilib cinnte glan nár chaith na sean-fhilidhe é.



“Acht caitheann Taidhgín tobac,” ar Caoimhghín, “acht
mar sin féin níl aereacht ina chuid fhilidheachta, acht corr-
uair. Tá sí cosamhail le filidheacht Eochaidh Uí Fhloinn — a bhí
'na bheathaidh tá míle bliadhain ó shoin. Sean-draoi is eadh
Taidhgín.”



“A chladhaire!” ar Taidhgín, “taoi ag magadh i gcomh-
nuidhe fá mo chuid fhilidheachta. Sgríobhfad aor ort i Leabhar
an Staid.”



“Níl an ceart agat ar fad, a Chaoimhghín,” ar Pilib.
“Nuair bhíonn Taidhgín 'na dhúiseacht agus é ag caitheamh
tobac canann sé agus sgríobhann sé aerach go leor. Acht


L. 14


téidheann sé a codladh go minic, agus déanann sé taidhbhreadh
agus saoileann sé go bhfuil sé ar ais sa tsean-aimsir
agus an tsean-chanamhain 'gá labhairt na thimcheall. Annsin
is eadh ceapann sé an chuid is mó dá fhilidheacht: sa
tsean-shaoghal agus gan blúire tobac dá chaitheamh aige.
Cuimhnigheann sé ar an bhfilidheacht ar mhúsgailt dó. Sin é
an fáth faoi go bhfuil sí i nGaedhilg na sean.”



“Sin é an míniughadh do chodail amuigh, a Philib,” ar
Taidhgín.



“Tá míniughadh eile ann,” ar Caoimhghín. “Do léigheas
morán faoi aith-ioncholnú agus aith-bhreith le déanaighe. Is
iongantach a bhfuil le fághail agus le léigheadh 'na dtaoibh.
Taisbeánann Taidhgín 'na shlighidh fhéin gur fíor é. Comhartha
aith-ioncholnuighthe é féin. Spiorad shean-fhileadh é — Eochaidh
Ó Floinn nó Mac Liag — atá tagaithe ar ais go h-Éirinn fá
cholainn nua. Ceapann daoine gur cóir dó filidheacht do
chumadh ar nós nua. Ní féidir leis. Briseann an dúthchas
tré focla fileadh.”



“Cuir uait le d' aith-ioncholnú,” ar Taidhgín. “Bíonn
tú ag taidhbhreadh i lár an lae ghréine, agus ní hiongnadh go
bhfuilir ag déanamh amhlaidh san oidhche. An dóigh leat go
bhfillfeadh fear ciallmhar nó spiorad ciallmhar ar an domhan
suarach so ó Neamh?”



“B'fhéidir go mb' éigin dó, b' fhéidir go mbadh mhaith
leis, teacht ar ais,” ar Caoimhghín. “Cibé an Dlighe caithfidh
fear agus spiorad é cóimhlíonadh tré shaoghal na saoghal.
Ceapaim féin go mbadh ghnaoi le spiorad mór teacht ar ais
ó Neamh féin is cuidiú leis na daoine atá ag géar-ghol a's i
gcruadh-chás. Agus ceapaim fós nárbh olc an nídh do spiorad
shean-fhileadh bheith ar ais imeasg na nGaedheal.”



“Sin í an chaint,” ar Pilib. “Cad deirir leis sin, a
Thaidhgín?”



“Deirim gur féidir le spiorad teacht ar ais gan bac le
colainn nua.”



“Ní bhéadh sé ar an ‘bplána chorpordha’ annsin, agus
ní bhéadh sé i n-ann chuidiú nó fulang go fíor leis an
gcineadh dhaonna,” ar Caoimhghín.



“Go bhfóiridh Dia orainn anocht!” ar Taidhgín. “Tusa
agus do phlána corpordha! A leithéid de chaint níor chualas
riamh sa Stad.”



Tháinig “Fear an Oireachtais” — Séamus na Súl Súgrach —
isteach. Tháinig Art Aonair 'na dhiaidh. Mhínigh Taidhgín


L. 15


brígh na díospóireachta dóibh. Tháinig tuilleadh súgracht' i
súilibh Fhir an Oireachtais. Dubhairt sé nár mhór dó féin
colann nua a bheith aige féin i gcóir an Oireachtais. Bhí
gábhadh mór léi.



Níor labhair Art Aonair oiread agus focal. Do las
sé siogáirín; do chaith sé go réidh, ciúin é; d' éist sé go
sámh leis an díospóireacht, acht níor tháinig gíog as. Bhí sé
'na eagarthóir ar pháipéirín seachtmhaine, agus badh dhóigh leat
ar an bpáipéirín gur ghliadhaire agus gleo-fhear a bhí ann;
acht ag céilidh nó cuairdidheacht níor labhair sé drud nó
drabhdam.



“Cé an fáth nach labhrann sé?” ar Caoimhghín ós íseal le
Taidhgín.



“Nár chualais an sgéal?” ar Taidhgín ós íseal leis. “Is
mór an sgéal é. Tá sé fá gheasaibh. Níl cead labhartha
aige. Tá sé ag déanamh píonóis ar son gach béil gan scoth
atá i n-Éirinn indiu — ar son na bhfeisirí go h-áirithe.”



D' éirigh sgal-gháire sa tsiopa.



“An gcloistí?” ar Taidhgín. “Tá fear a' tighe —
Gruagach an Ghrinn — tar éis teacht a bhaile. Anois béidh
spóirt dáríribh againn.”



Do léigh Gruagach an Ghrinn an nua-fhilidheacht a fuair
sé i Leabhar an Staid. Pé olc maith an fhilidheacht bhí
sgalfairt an Ghruagaigh go h-iongantach le linn a léighte.



“A Ghruagaigh,” ar Séamus na Súl Súgrach, nuair tháinig
fear a' tighe isteach chuca, “is mór an truagh nac mbéidh
comórtas gháire ag an Oireachtas. Bhéadh greann an domain
againn dá bhárr, agus bhéadh an bhuaidh agat-sa go cinnte.”



“Badh h-aoibhinn liom comórtas dá shórt,” arsan
Gruagach, “agus ár gcara Art annso a bheith 'na mholtóir.
Annsin bhéadh gach aon rud thar bárr.”



Do rinne gach aoinne gáire acht amháin Art. Níor chuir sé
cor de, agus níor labhair sé drud.



D'éirigh na buachaillí nídh ba ghliadraighe sa tseomra eile.
Chuaidh an Gruagach amach. I gceann tamaillín tháinig sé ar
ais agus Dubhghlas an Iarthair le n-a chois.



“Tigeann gach saoi, gach draoi, gach file, agus gach fear
ar a bhfuil clú ar fud na hÉireann go dtí An Stad uair
éigin,” arsan Gruagach. “Anois tá laoch an Iarthair nar
measg. Is truagh nar chuir sé sreang-sgéal chugam, a's
bhéadh fleadh roimhe.”


L. 16


Cuireadh fáilte a's fiche roimh an laoch agus d' éirigh árd-
ghreann.



“Tá brón orm faoi nach féidir liom fanamhaint,” ar
seisean tar eis tamaill. “Tá mé ar lorg hata: sean-
hata, agus sean-hata chómh gránda agus is féidir le
sean-hata a bheith. Táim ar a lorg ó luighe na gréine, agus
sgrúduigh mé timcheall le céad ceann. Bhíodar gránda
agus giobalach, gan aon ghó, acht ní dhéanadh ceann aca an
gnó.”



“Ar chuairdighis Coláisde na Trionóide?” ar Pilib.



“Á, ná bí ag déanamh grinn, a bhitheamhnaigh,” ar Dubhghlas
agus é ag gáire, “ní cúis gháire é acht cúis bhróin.”



“Badh dhóigh le duine go bhfuil sean-hataí chómh flúirseach in
Áth Cliath agus atá sean-fhilidheacht féin,” ar Caoimhghín, agus
d'fhéach sé ar Thaidhgín.



“Agus i n-ainm An Staid cad tá le déanamh agat le
sean-hata, a chara na nGaedheal?” arsan Gruaghach.



“Béidh ‘An Tinncéir agus an tSidheog’ 'gá léiriú i
gceann cúpla lá” —



“Tá fhios againn go léir go bhfuil, acht —”



“Mise a bhéas mar thinncéir,” ar Dubhghlas. “Sin é an
fáth go bhfuil an sean-hata gránda ag teastáil uaim. Acht
do réir cosamhlachta níl le fághail i mBaile Átha Cliath ar
fad sean-hata atá oireamhnach do thinncéir. Is modhmhar an
áit í.”



“Mo chreach chráidhte! Mo ghaoth adtuaidh!” ar Taidhgín.
“File agus fear léighinn agus treoruidhe na nGaedheal ag
dul ar ardán mar thinncéir! Mó léan géar! Táimíd
caillte anois nó riamh. Fágfaidh na daoine faisiúnta slán
ag an gConnradh.”



“Is cuma cé'n hata a bhéas ort, a Thaoisigh,” ar Caoimhghín,
“chídhfidh na Gaedhil cinn-bheirt a's cathbharr iongantach,
spriodálta ar do cheann i gcomhnuidhe.”



“Nó chídhfidh siad fáinne sholuis —” arsan Gruagach.



“Is mithid dom gluaiseacht,” ar Dubhghlas, “nuair atá
sibh ag éirghe plámásach.”



Chuimhnigh Pilib ar shean-hata fíor-ghránda a bhí 'na thigh
ósta féin. Fuair sé é, agus do thaithnigh sé go mór le
Dubhghlas. Badh dhóigh leat air gur seoid a bhí ann.



“Thar a bhfacas riamh!” ar Taidhgín, nuair bhí Dubhghlas
imthighthe.


L. 17


“Cuireann sé áthas mor orm,” ar Caoimhghín. “Tá a
‘spiorad’ — mar déarfá — go simplidhe agus go h-iongantach
san am céadna. Is aoibhinn an rud go bhfuil fir i n-Éirinn
atá toilteannach a leithéid d'obair do dhéanamh.”



Bhí sé deirionnach san oidhche nuair do sgar an cómhluadar
ó chéile. Ag dul a bhaile do Chaoimhghín smaoinigh sé ar an
méid mór aoibhnis a bhí le fagháil i saoghal Átha Cliath. Acht
'na chroidhe féin bhí bród agus brón measctha le chéile. Níor
léir dó cúis an bhróin ar fad, acht bhain cuid de le brón
Úna Ní Chuilleannáin.



Nuair tháinig sé a bhaile bhí litir ann ó Úna féin roimhe.



CAIB. a V. — AN TAIDHBHREADH IONGANTACH.



Chuir an litir an-iongnadh ar Chaoimhghín. Dubhairt Úna go
mbadh mhaith le n-a máthair é fheicsint, dá mb'fhéidir é. Bhí an
bhean bhocht breoidhte go leor, acht do rinne sí tagairt dó
féin go minic. Ní fhaca sí riamh é, acht do thug sí tuairisg
iomlán air an oidhche roimhe sin. Ba hiongantach an sgéal é,
acht níor bh'fhéidir léi é innsint dó ó thús deire annsin. Bhí
deifir agus brón uirthe.



Lá ar n-a bhárach chuaidh Caoimhghín chómh luath agus do
b'fhéidir leis go dtí an baile beag i n-aice na fairrge i
bhFine Gall. Bhí Úna buidheach ó chroidhe dó faoi rádh a's go
dtáinig sé. Bhí athrú' mór uirthe, dar leis. Gach uair dá
bhfaca sé riamh í bhí sí aereach, beoda, sultmhar. Uair bhíodh
sí beagán magamhail, i modh caoin, sámh-ghasta; uair eile
beagán aerach i módh intleachtach, binn-fhoclach. Acht an t-am
so agus í séimh, smuainteach, agus rian an bhróin uirthe, do
shaoil sé go raibh sí nidh ba áilne 'ná riamh.



Bhí an mháthair an-lag, acht bhí a h-intinn slán agus géar-
thuigseach go leor. Ba léir dhó go raibh áthas uirthe nuair do
leag sí súile air.



Do shuidh sé síos cois na leabtha agus bhí seanchus eatortha.
Bhí iongnadh ar Chaoimhghín faoi láidreacht a h-intinne agus í
chómh breoidhte agus do bhí sí.



Tar éis tamaill d' innis sí dó an sgéal go raibh tagairt
dó i litir Úna.



“Arbhú aréir,” ar sise, “thuit mo chodladh orm timceall
an mheadhoin oidhche. Tar éis tamaillín (mar cheapas) do


L. 18


dhúisigh mé, agus bhí iongnadh an domhain orm faoi rádh a's
go raibh sé 'na lá gheal ghréine. Ní raibh tinneas ar bith orm.
Dubhairt mé liom féin go mbéadh an-áthas ar Úna faoi sin.
Ní raibh sí i n-aice liom, nó le feicsint ar chor ar bith, agus
cheapas go raibh sí i seomra eile. Do ghlaoidheas uirthe, acht
níor thug sí freagra orm. Tamall 'na dhiaidh sin d' oscladh
an doras agus tháinig sí isteach. Chómh luath agus d' fhéach sí
orm do sgread sí agus do rith sí amach ag gol go
truaighmhéileach. Do ritheas amach 'na diaidh. ‘A Úna! a
Úna!’ arsa mise, ‘cad tá ort in ao' chor?’ Acht níor chuir
sí suim ar bith ionam, acht lean sí de'n ghol-gháire. Annsin
tháinig tusa — 'seadh, tusa féin — suas na staighrí. ‘Ó, a
Chaoimhghín a Chaoimhghín!’ ar Úna, ‘tá mo mháthair tar éis
bháis.’ ‘Táir ag taidhbhreadh, a Úna, a chuisle,’ dubhairt mise
léi, ‘táim chómh slán agus do bhí mé riamh.’ Acht níor éist
sí liom. ‘Abair léi, a Chaoimhghín,’ dubhras leat-sa, ‘abair
léi go bhfuil sí ag dul amugha go mór. Ag siabhránacht atá
sí, an cailín bocht.’ Acht níor chuiris suim ionam acht an
oiread. Chuaidh sibh araon go dtí an seomra — an seomra so.
Tháinig mise in bhur ndiaidh. Do thosnuigh Úna ag gol arís
nuair d' fhéach sí ar an leabaidh. Annsin do chonnaiceas go
raibh mo cholann sa leabaidh agus é marbh dáríribh. Acht bhíos
cinnte go raibh mo ghnáth-cholann orm, agus go rabhas
fíor-bheo, agus dubairt mé libh go rabhas. Acht níor éist
sibh liom, agus do réir cosamhlachta níor shaoil sibh go rabhas
láithreach ar aon chor. Do chuireas mo lámh le muinéal Úna,
acht fuaras amach annsin nach raibh mothughadh ar bith sa láimh.
Níor bh'fhéidir liom aon rud, beag ná mór, a chur i n-iúl díbh.
Rinne tú do dhíthchioll le Úna a sholású, ag rádh a's ag
síor-rádh léi go rabhas ar shlighidh na fírinne agus nach raibh
pian nó trioblóid orm. Tar éis tamaill chuaidh sibh amach.
Chuaidh mise fós. Is iongantach mar a bhíos i n-ann dul ó
áit go h-áit; níor luaithe smaoiniughadh 'ná triall. Bhí
iongnadh agus ollsacht im' thimhcheall. Chonnaiceas morán
daoine a fuair bás le linn mo shaoghail. Níor chuireadar
suim ionam. Do réir cosamhlachta bhí cuid aca an-ghnóthach,
cuid eile aca ag taidhbhreadh, agus an chuid ba mhó aca
gan chúram ar aon rud acht ortha féin. Labhras le n-a lán,
acht freagra ní fhuaras uatha. Fá dheire casadh sean-chara
orm, acht ba dheacair dó féin mé thuigsint. Acht annsin
tháinig chugam duine a bhí cosamhail le fíor-spiorad, agus
mhínigh sé an sgéal dam. ‘A bhfuil annso anois,’ ar sé,


L. 19


‘caithfidh siad a gcinneamhain do chríocnú, sul a rachaidh
siad níos aoirde: go dtí an stáid 'na mbéidh tuigsin glan
soilléir spriodálta aca. Nuair bhíodar ins an tsaoghal ní
raibh chómh-mhothughadh dáríribh aca le n-a chéile. Chuireadar
an iomarca suime ionta féin. Anois giodh nach bhfuilid ar
an tsaoghal tá cuid dá sean-nádúir measchtha le n-a
n-anmainn, agus caithfidh siad an dara cholann a chailleadh,
an tarna bás d'fhághail, sul a rachaidh a n-anmanna chun
síothchána agus suaimhnis. Thriallas féin an bealach ar fad
go minic.’ Annsin d' imthigh sé. Tháinig mé ar ais chun an
tseomra. Bhí an tsean-cholann annso sa leabaidh. Cheapas
nach raibh sí socruighthe i modh ceart sa leabaidh, agus do
rinne mé iarracht cun í réidhtiú. Annsin tháinig tuirse agus
fonn codlata orm. Ní chuimhnighim ar aon rud eile.
Dhúisigh mé roimh maidin. Bhíos annso mar atáim, lag agus
breoidhte go leor.”



“Is iongantach an sgéal, é,” ar Caoimhghín. “Is iongantach
ar fad é. Is furas a rádh gur taidhbhreadh a bhí ann, acht
ní lughaide is iongnadh é.”



“'Sé an rud is mó a chuireann iongnadh orm, go bhfaca
mé thusa, a Chaoimhghín,” arsan mháthair. “Bhí Úna ag trácht
ort go minic, acht ní fhacas le m' shúilibh thú go dtí anois.
Acht chonnaiceas thú sa taidhbhreadh — nó pé rud a bhí ann —
chómh cruinn, chómh soilléir agus do-chidhim anois thú.”



Chuimhnigh Caoimhghín ar na sgéalta faoi an dara stáid
do chuala sé i gCumann Erigena.



Chuir sí ceisteanna air i dtaoibh a chuid oibre, a bhaile
dhúthchais, agus a dhaoine mhuinnteardha, agus ba léir dó gur
éirigh sí socair, sásta 'na h-aigneadh.



“A Chaoimhghín,” ar sise go h-obann, “bhí eagla orm roimh
an mbás go dtí le déanaighe. Bhí eagla orm roimhe mar
gheall ar Úna, agus í a bheith uaigneach, aonarach im' dhiaidh.
Níl eagla orm anois. Béidh tú mar chara agus cabharthóir
agus cosantóir dom' inghin ghrádhmhair.”



Do shín sí amach a lámha agus do thóg sí lámha Chaoimhghín
eatortha.



“Go dtugaidh Dia séan agus sonas daoibh.” ar sise,
“go n-adhnaidh Sé ionaibh teine a ghrádha, go raibh an
Tighearna libh go deireadh bhur mbeathadh, agus le n-a Thoil
naomhtha, casfaimíd ar a chéile arís i ríoghacht na glóire.”



Do tháinig deora i súilibh Chaoimhghín, acht níor bhféidir leis
focal do rádh.


L. 20


Tamall 'na dhiaidh sin tháinig Úna isteach agus sagart léi.
An Canónach Ó Maoilbheanna a bhí ann, fear cráibhtheach,
cineálta, caoin, go raibh ard-mheas ag Úna agus ag a
máthair air, agus maidir leis féin badh dhóigh leat air gurbh
iad a dheirbhshiúracha féin iad. Tháinig sé dá bhféachaint go
minic, go mór-mhór ó bhuail an mháthair breoite.



Chuaidh Caoimhghín agus Úna amach, agus d'fhan an Canónach
ag an mháthair. Thug Caoimhghín fá deara go raibh cosamhlacht
sóláis agus bróid uirthe.



“An Canónach bocht!” ar Úna, “bhí sé annso ar maidin
indiu, agus is dócha go mbéidh sé ar ais arís um thráthnóna.
Ní stadann sé de'n obair ó mhaidin go hoidhche. Naomh is
eadh é. Agus bíonn na daoine — na sean-mhná go háirithe —
'gá bhodhradh i gcomhnuidhe, ag iarraidh comhairle air faoi gach
uile rud beagnach. Tá cuid aca agus má's rud é nach
bhfuil na cearca ag breith téidheann siad chun an Chanónaigh
le n-a sgéal brónach. Agus bíonn fáilte rómpa i gcomh-
nuidhe.”



“Chualas trácht air go minic,” ar Caoimhghín. “Sóisgéal-
aidhe na mBocht is eadh é.”



Bhíodar ag caint air nuair tháinig sé amach as seomra
na máthar. Bhí aoibhneas air fá'n méid síothchána agus
soilbhéiseachta a bhí 'na h-intinn annsin.



Chuaidh Úna chuice, agus d' fhan an Canónach ag caint le
Caoimhghín.



CAIB. a VI. — AN CANÓNACH.



Bhí guth an Chanónaigh chómh binn beagnach le guth Úna fhéin.
Bhí an guth go caoin sollamhanta leis. Ba mhaith le Caoimhghín
bheith ag éisteacht leis an nguth, gan trácht ar na smaointe.
Fuair sé amach gan mhoill gur smaointe fá leith a bhí
ionta-san.



“Tá áthas orm, agus tá brón orm faoi go mbaineann do
chuid oibre le páipéar laetheamhail,” adeir sé le Caoimhghín.
“Is mór an chúmhacht atá ag na páipéirí anois, na páipéirí
laetheamhla go h-áirithe. B' fhearr liom a bheith orm aistí a
sgríobhadh i bpáipéar laetheamhail ná bheith in-ann seanmóirí
móra a thabhairt uaim. Acht tá eagla orm nach gcuireann na
páipéirí Éire ar shlighidh a leasa.”


L. 21


“Dubhras an rud céadna liom féin go minic,” ar
Caoimhghín. “Tráchtann siad ró-mhinic ar na rudaí is
suaraighe sa tír. Ní chuireann siad morán suime ins na
rudaí móra, grádhmhara, beannuighthe.”



Do las na súile ag an gCanónach.



“Tá spiorad ceart agus glan-thuigsin agat,” ar seisean.
“Táim ag smaoineadh le fada i dtaoibh na bpáipéar, agus
do réir mo thuairme táid ag dul i n-olcas ó bhliadhain go
bliadhain. Agus tá tréithe ár sean ag imtheacht san am
céadna. Ní deirim gur ar na páipéirí atá an locht ar
fad, acht deirim go bhfuil siad 'gá mhéadú. Tá an
nádúrthacht agus an chroidheamhlacht agus an naomhthacht ag
imtheacht as Éirinn. Is cuimhin liom Éire mar a bhí sí breis
a's dachad bliadhain ó shoin. Bhí croidhe na féile innte. Bhí
grádh aici do fhilidheacht agus sgéaluidheacht agus ceol.
Bhíodh an chuairdidheacht i ngach áit ins na h-oidhcheanna. Bhí
dúil i n-obair, chómh maith le dúil i ngreann, ag na daoinibh.
Bhí fáilte roimh aos siubhail. Fuair na boicht cabhair a's
carthannacht. Bhí na pátrúin agus na toibreacha beannuighthe
faoi mheas. Bhí síbhialtacht againn. Bhí Éire beo fós.”



“Buidheachas le Dia tá sí ag aithbheodhughadh arís,” ar
Caoimhghín.



“Tá — anois agus arís, annso agus annsúd,” arsan
Canónach. “Acht is mall an t-aithbheodhadh é. Agus nuair
sgrúduighim na páipéirí deirim liom féin gur ab iad guth na
hÉireann iad. Má's eadh tá Éire caillte.”



“Ní bhéidh sí caillte go deo, le congnamh Dé,” ar
Caoimhghín, “acht teasduigheann —”



“Teasduigheann sóisgéalaidhthe agus sóisgéalaidheacht
uainn,” arsan Canónach. “Tá an iomad sóisgéalaidhe
ag teastáil i ngach tír thar sóisgéalaidhthe diadhachta.
Sóisgéalaidhthe is eadh an file, an sgríbhneoir, an stairidhe
náisiúnta, an múinteoir, an dathadóir, an ceoltóir, an
feilmeoir, agus a lán eile nach iad. Sóisgéalaidhthe is eadh
iad, má tá an spiorad ceart ionta. Níl morán aca i
n-Éirinn indiu, agus iad so atá le fághail tá a spiorad gan
éifeacht. Anois agus arís ceapaim annso i bhFine Gall nach
bhfuil sóisgéalaidheacht eile i n-Éirinn chómh maith le
sóisgéalaidheacht sholuis na maidne, sóisgéalaidheacht na
n-éan, agus sóisgéalaidheacht na fairrge móire.”



“Is file thú, a Chanónaigh,” ar Caoimhghín.


L. 22


“Sa gceanntar 'na rugadh mé bhí ádhbhar fileadh i ngach
aoinne,” arsan Canónach. “I n-Éirinn indiu ní fheicim aon
fhilidheacht gur fiú trácht uirthe acht amháin i gcroidhthe na
mbocht.”



Do thosnuigheadar ag caint ar thaidhbhreadh mháthar Úna.



“B' an-iongantach é,” arsan Canónach. “Acht tá an
oiread sin iongnaidh ionainn féin, agus i gach rud ó bhláthanna
na ngleann go dtí an spéir 's nach féidir linn a rádh cá
bhfuil teora leis na hiongantasaibh. Is mór an rud a
dubhairt an spiorad san aisling: ‘Nuair bhíodar ins an
tsaoghal ní raíbh chómh-mhothughadh dáríribh aca le n-a chéile;
chuireadar an iomarca suime ionta féin.’ Tá corp na
fírinne ins an méid sin. 'Sé donas an domhain é.”



“Dubhairt an spiorad rud iongantach eile.” ar Caoimhghín.
“Dubhairt sé ‘Thriallas féin an bealach ar fad go minic’:
'sé sin le rádh, go dtáinig sé ar ais ó Neamh agus gur
oibrigh sé arís mar dhuine —”



“Ní fheadar an í sin an bhrígh,” arsan Canónach. “Saoilim
ar uairibh, ámhthach, go mbadh mhaith le spiorada móra teacht
ar ais agus oibriú imeasg na mbocht, acht is smuaineadh
saoghalta é sin. Sinne atá 'nár gcomhnuidhe ar feadh
tamaillín ar an bpláinéid bheag seo is beag de Dhlighe na
Cruinne atámuid i n-ann a thuigsint. Is cóir dúinn bheith
sásta leis an méid iongantais atá ionainn agus ós ár
gcomhair, agus a bheith fíor-bhuidheach do Dhia ar a shon.”



Bhí Caoimhghín ar tí ceist eile a chur ar an gCanónach, acht
tháinig Úna amach as an tseomra eile. Dhubhairt sí go mbudh
mhaith le n-a máthair Caoimhghín d' fheicsint arís. D'fhág an
Canónach slán aca agus d' imthigh. Chuaidh Caoimhghín agus
Úna isteach i seomra a máthar.



D' éirigh sí sa leabaidh. Chuadar chuice. Do chuir sí lámh
dheas Úna i láimh dheis Chaoimhghín.



“Dia 'bhur mbeannachadh!” ar sise. “Béidh an bás 'na
bheathaidh anois. Beatha na n-éag a bhéas agam. Táim
sásta le toil an Tighearna.”



'Na dhiaidh sin do thuit a codladh go sámh uirthe.



CAIB. a VII. — FEALLSAMHNACHT AGUS FEILMEOIR-
EACHT.



Bhí máthair Úna imthighthe ar shlighe na fírinne. Bhí Úna le
fanamhaint ar feadh tamaillín i dtigh an Chanónaigh. Tháinig


L. 23


an-iongnadh ar Chaoimhghín faoi chomh calma, croidheach agus a
bhí sí agus a máthair ar lár ag an éag. Do réir cosamhlachta
bhí a h-intinn nídh ba socaire 'ná mar bhí sí le linn na
breoidhteachta. D' éirigh sí láin-bheo. Bhí a máthair ar a
suaimhneas síorruidhe, agus bhí an tsean-réim caithte, an
sean-teach dúnta go deo. Bhí sí féin le tosnughadh ar réim
agus ar shaoghal nua. Ba toil le Dia é, agus bhí sí sásta.



Ní raibh intinn Chaoimhghín leath chómh socair. Chuir an bás
ag géar-smaoineadh é. Caint an Chanónaigh i dtaoibh Éireann
agus na sóisgéalaidhthe a bhí ag teastáil, chuir sin ag géar-
mhachtnamh é mar an gcéadna. An chaint a chuala sé i
gCumann Erigena chuir sin corruighe mhór 'na anam. Uair
amháin bhíodh aoibhneas air fá shaoghal an chinidh dhaonna, uair
eile bhíodh iongnadh air i n-áit aoibhneasa, uair eile arís bhíodh
sgannradh air 'na thaoibh, agus uaireannta bhíodh iongnadh
agus sgannradh measctha le chéile 'na aigneadh. Chuimhnigh sé
ar na laetheannta 'nuair cheap sé go raibh Neamh mar ríoghacht
mhór os cionn na spéire, Naomh Pádraig agus a cháirde ag
féachaint anuas go grádhmhar ar Éirinn, aingil ag teacht anuas
chun ruaig a chur ar an diabhal … Fáiríor! Ba fhada
an lá ó smuainigh sé amhlaidh. Cheap a sheacht sinnsear gur
mar sin a bhí an sgéal; chreid a dhaoine muinnteardha an
rud céadna fós. I bhfad uatha bhí seisean ag dul agus bhí
uaigneas air d'á bhárr.



B'éigin dó dul go hIar-Chonnachtaibh, Domhnach, ar obair
thuairisgeora. Ar teacht air ais dó chonnaic sé an t-Athair
Muiris Mac Cathmhaoil sa traen-phort i nGaillimh. Bhí an
t-Athair Muiris ag teacht cun an Oireachtais, dubhairt sé,
agus bhí áthas ar Chaoimhghín faoi sin. Bhí aithne aige air le
leath-bhliadhain, agus b'aoibhinn le Caoimhghín a bheith ag caint
leis.



Bhí an t-Athair Muiris óg fós. Níorbh fhada ó tháinig sé
as Magh Nuadhad, agus bhí sé ag obair mar shéiplíneach i
n-áit fhiadháin i gCúige Chonnacht. Fear breagh caol dathamhail
a bhí ann. Bhí sé árd-intleachtach léigheannta neamh-
spleádhach. “Sagart na h-Aoise For-órdha,” thug Caoimhghín
air.



“Ar sgríobhais aon rud i gcóir an Oireachtais?” ar
Caoimhghín leis, agus an traen ag dul amach as Gaillimh.
“Dubhras go minic gur mór an truagh nach gcuireann tú do
smaointe i n-úil do'n náisiún. Níl amhras ná go ndéan-
faidís maitheas mór do mhuinntir na h-Éireann.”


L. 24


“Táir ag dul amugha go mór i dtaoibh smaointe,” arsan
t-Athair Muiris. “Ní chuireann muinntir na h-Éireann aon
tsuim gur fiú trácht uirthe i smaointe fós. Cuir i gcás
muinntir Bhaile Átha Cliath féin. Ní chuireann siad suim
ins an bhfairrge áluinn atá i n-aice na cathrach, ná ins na
sléibhtibh atá thart timcheall uirthe, ná ins na réaltaibh os a
cionn acht chómh beag. Agus ó's rud é nach gcuireann ní
chuirfidís suim i smaointe acht an oiread.”



“Agus nach uathbhásach an rud é sin — na mílte duine gan
suim aca i n-áilneacht ná i n-intleacht?”



“B' fhéidir gurb eadh,” arsan t-Athair Muiris. “Tamaillín
ó shoin bhíos cinnte gurbh eadh. Nílim leath chómh cinnte anois
— i dtaoibh intleachta. Tá an iomarca léighinn sa domhan.
Tá sé go maith ar shlighthibh, díreach mar tá bóithre agus
bóithre iarainn go maith. Acht nuair atá bóithre agus bóithre
iarainn ag daoinibh éirigheann siad ró-shásta agus leis-
geamhail. Téidheann siad — cuir i gcás — ó Ghaillimh go Baile
Átha Cliath agus ó Bhaile Átha Cliach go Gaillimh gan duadh
gan deacracht, chómh minic agus is mian leo. Feiceann siad
na rudaí céadna gach uair, nó ní fheiceann siad aon rud.
Nach mór an méid a chailleann siad i rith bliadhna! Ní
fheiceann siad, ní mhothuigheann siad, ní dhéineann siad, ní
fhaghann siad amach dóibh féin aon rud gur fiú a chur i
gcomórtas leis na mílte rud a thárla d' ár sinnsir romhainn
— nuair nach raibh na bóithre réidhe le fághail. San módh
céadna éirigheann ár n-aigne ró-shásta agus leisgeamhail de
bhrígh go bhfuil bóthar-iarainn Thomáis Acuínas, bóthar-iarainn
Hégel, bóthar-iarainn Göte, bóthar-iarainn Dairbhen, agus a
lán eile nach iad againn.”



“Is fíor é sin,” ar Caoimhghín, “acht nach dtig linn an
dá thráigh do fhreastal? Is féidir linn foghluim na
bhfeallsamh agus spiorad na ndaoine a bheith faoi mheas
againn agus ár n-intinní féin a shaothrughadh san am céadna.
Dhá mhéid mo mheas ar Ghöte agus ar Hégel ní hamhlaidh is
lugha mo mheas ar sheanchus Chluaintobair, agus fásann mo
intleacht féin 'na slighidh féin.”



“B' fhéidir é,” arsan t-Athair Muiris, “acht saoileann
tú, is dócha, gur rud mór feallsamhnacht Hégel agus
fóghluim na bhfeallsamh eile, agus gur rud simplidhe seanchus.
Chluaintobair agus seanchus na tuaithe ar fad. Ní bheinn ar
aon intinn leat faoi sin. Tá an oiread sin iongnaidh orm


L. 25


anois faoi intleacht na ndaoine fá'n dtuaith agus atá orm
faoi intleacht Ghöte agus intleacht Hégel.”



Cheap Caoimhghín nár cheart an dá rud a chur i gcóimh-
mheas le chéile. Dubhairt sé go raibh an oiread sin
difrigheachta eatortha agus a bhí idir blátha na ngleann agus
réalt-bhuidhean.



“Éist liom anois,” arsan t-Athair Muiris. “Dhá
bhliadhain ó shoin sul ar tháinig mé go Gortrua mar
sheiplíneach chuireas suim mhór i bhfóghluim agus smaointe na
bhfeallsamh. Cheapas go mbadh mhór an rud é iad a chur i
n-úil dár bpobal. Ceapaim fós go mbadh mhaith an rud é,
ar shlighthibh. Acht diaidh ar ndiaidh do fuaras amach go bhfuil
mianach smaointe, mar adéarfá, le fághail fá'n dtuaith.
Acht ní furus é fheicsint ar dtús, agus tá na mílte daoine
ann agus ní fheiceann siad go deo é. Tá sé buailte isteach
im' aigneadh, ámhthach, go bhfuil Tír na nÓg, saoghal intinne
fá leith, ag muintir na tuaithe. Acht ní bhéadh an t-eolas sin
agam muna mbéadh gur chromas ar obair fheilmeoireachta do
dhéanamh.”



“Obair fheilmeoireacht'!” ar Caoimhghín. “Tá fhios agam
go bhfuil gardha agat, acht ní feilmeoir thú.”



“Is feilmeoir mé,” arsan t-Athair Muiris. “An riasc
mór atá i n-aice mo shean-tighe i nGortrua, fuaras ó'n
tighearna talmhan é, ar bheagán cíosa. Tá fir bhochta na
h-áite 'gá shaothrú im fhochair agus tá sé réidhtighthe agam an
sochar do roinnt leo. Oibrigheann siad go fonnmhar, agus
tá gach rud ag éirghe go geal linn. Chómh minic agus is
féidir liom cuirim sean-chóta orm, glacaim mo rán, agus
oibrighim 'na measg. Innisim sgéalta, abraim abhráin,
déanaim greann, chómh maith leo féin, le linn na h-oibre.
Déineann sin an gnó. Téidhim cun na dtighthe ist-oidhche ar
cuairdidheacht. Bím chómh h-aereach le cách. Mar gheall ar
na rudaí seo faghaim amach rudaí ná fuair sagart amach
ariamh roimhe seo. Tá iongnadh agus áthas orm faoi intleacht
na dtuathaidhe.”



“Is iongantach an sgéal é,” ar Caoimhghín. “Badh mhaith
liom aiste do sgríobhadh air i gcóir an pháipéir. Dhéanfadh
an deagh-shompla maitheas mór —”



“Ó, ná sgríobh dada 'na thaoibh. Ná déan tagairt dó
ar chor ar bith. Dá mbadh rud é go mbéadh trácht air sna
páipéirí chuirfeadh an t-easbog cosg air. Ceapann sé go
bhfuil obair mar í mí-oireamhnach do shagart. Deir an


L. 26


t-Athair Ó Domhnalláin, an sagart paráiste, gur chóir dam
bheith cúramach. Ceapann sé go n-éireóchaidh mé tuirseach di.
Ní éireóchad.”



“Tuigim go maith an grádh atá agat do dhaoinibh agus do
shaoghal mar iad,” ar Caoimhghín. “Acht tá rudaí eile i d'
intleacht, agus béidh siad-san ag fás i n-aimhdheoin do
dhíthchill. Tá dúil agat i litridheacht mhóir, agus do léigh tú
a lán feallsamhnachta i Magh Nuadhad —”



“An iomarca feallsamhnachta badh cheart duit a rádh,”
arsan t-Athair Muiris. “Tá a lán dá múnadh i Magh
Nuadhad nach mbaineann le saoghal an chinidh dhaonna. Tá
siad chómh cruaidh, neamh-thairbheach le téarmaí luibheolais.
Tá simplidheacht ag teastáil uainn go léir. Bun na beathadh
móire í. Is iongantach an méid simplidheacht atá i múnadh
agus i mbriathra ár dTighearna — giodh go bhfuilid chómh
glórmhar sin.”



“Bhí an smaoineadh céadna im' aigneadh go minic le
déannaighe,” ar Caoimhghín. “Agus seo rud a chuirfeas
iongnadh ort, b'fhéidir. Nuair a bhím ar céilidhe, nó ar
cuairdidheacht, cois na teineadh, nó i mbuidhin Gaedhilge ar
bith, ceapaim go mbíonn Críost i n-aice linn. Nuair a bhím
ins na bailtibh móra i rith an lae ní mar sin a bhíos an
sgéal.”



“Ní chuireann sin iongnadh orm,” adeir an t-Athair
Muiris. “Nuair a bhímíd ins na buidhnibh Gaedhilge éirigheann
an cáirdeas, an charthannacht, agus an chroidheamhlacht atá
ionainn — sin é spiorad Chríost.”



“Acht anois agus arís ceapaim go mbíonn sé cosamhail
leis an spiorad a bhí in-Éirinn i n-aimsir Chúchulainn agus
i n-aimsir na bhFiann — nuair nach raibh eolas ar Chríost i
n-Éirinn ar chor ar bith,” dubhairt Caoimhghín.



“'Seadh,” arsan t-Athair Muiris. “Tá spiorad Gaedheal
an lae indiu fíor-chosamhuil le spiorad na nGaedheal a bhí
'na mbeathaidh i n-aimsir Chúchulainn agus i n-aimsir na
bhFiann. Tá spiorad Chríost ionnta seo anois; agus bhí
spiorad Chríost ionnta súd annsin, chómh cinnte agus bhí
físeanna ann sul ar rugadh Dante. Bhí spiorad Chríost sa
gcineadh daonna chómh fada siar agus do bhí ann. Bhí
diadhaireacht agus cráibhtheacht imeasg na ‘bPágánach.’ Bhí
an saoghal i n-allód i bhfad 's i bhfad nídh ba ghlórmháire 'ná
mar cheapann na sluaighte indiu. Is deacair é mhíniú,
acht —”


L. 27


“Ceapaim go dtuigim é go rí-mhaith,” ar Caoimhghín.
“Táim ag déanamh stuidéir ar na ceisteanna seo le fada,
cuid aca ag cur áthais orm, cuid eile aca ag déanamh
buaidheartha dham. Léigheas a lán i dtaoibh na sibhialtacht'
a bhí sa doman na mílte aois ó shoin; i dtaoibh na Múinteoirí
Mór a bhí ann i bhfad roimh aois ár dTighearna — brígh a
dteagasc cosmhail le brígh Chríostaidheachta — agus i dtaoibh
sean-ealadhan agus sean-fheallsamhnachta ar fad.”



“Léigheas féin a lán do na rudaí céadna,” arsan t-Athair
Muiris. “Chuireadar iongnadh agus áthas orm. Chuireadar
ag machtnamh fós mé, agus tá aon nídh dá bhárr agam — an
obair úd i nGortrua.”



“Is aisteach é sin,” ar Caoimhghín. “Tar eis na rudaí
mór seo do léigheadh agus do sgrúdú dhuit badh dhóigh liom
go mbéadh dúil-anama ghlórmhar agat agus nach mbéitheá
sásta le h-áit iargcúlta mar Ghortrua.”



“Cúpla bliadhain ó shoin ní bhéinn sásta,” arsan t-Athair
Muiris, “acht tá mé lán-tsásta anois. Ní furus é mhíniú,
acht tá sé soilléir dam féin. Smaoinigh go cúramach fá'n
gceist ar fad agus b' fhéidir go mbéadh gach rud chómh
soilléir duit-se agus tá damh-sa i ndeire na dála.”



Shaoil Caoimhghín gur mhór an truagh é. Chómh intleachtach,
chomh léigheanta agus do bhí an t-Athair Muiris — b'
fhéidir leis litridheacht mhór do chumadh dá mb' áil leis é.
B' fhéidir leis bheith chómh mór mar threoraidhe intleachtach
i n-Éirinn agus do bhí an t-Athair Tiobóid 'na shlighidh féin
breis a's trí fichid bliadhain roimhe sin. Acht fáiríor! Bhí
sé sásta a bheith 'na chomhnuidhe san iargcúil, ag tochailt na
talmhan sa ló, ag innsint sean-sgéalta cois na teineadh
ist-oidhche, i n-ionad a bheith ag sgríobhadh leabhar nua, agus ag
cur a smaointe mór os comhair an tsaoghail Fhódlaigh.



Ar feadh uaire bhí Caoimhghín ag iarraidh air éirighe as an
bhfeilmeoireacht, agus obair intleachtach a chur chun cinn.
Do labhair an tAthair Muiris go deas, réidh, aereach 'na
choinne.



“Dúiligheann sinn an iomarca rudaí nach bhfuil gábhadh
againn leo,” ar seisean fá dheire. “Tá an smólach sásta
leis an gceol chéadna leis na ciantaibh Éireann. Tá an
sgéal céadna ag an bhfuiseog agus an londubh.”


L. 28


CAIB. a VIII. — FÉILE TOBAC.



Tháinig an t-Oireachtas. Shaoil Caoimhghín go raibh sé an-
chosamhuil le “cuairdidheacht” mhór, chómh lághach, croidheamhuil,
aereach agus a bhí gach aoinne dá raibh bailighthe le chéile ann.
Tháinig na céadta go Baile Átha Cliath cun tobac a
chaitheamh agus le seanchus a bheith aca i seomraí an Rotunda,
agus ins na tighthe ósda, agus ins An Stad, agus ins na
sráideanna. Gan amhrus thángadar le h-aghaidh an cheoil,
agus le h-aghaidh an rinnce, agus le h-aghaidh na gcomórtas
go léir, agus ba ghnaoi leo iad súd, díreach mar ba ghnaoi
leo sgéaluidheacht nuair chuadar ar cuairdidheacht ins na
h-oidhcheanna agus iad fá'n dtuaith. Acht an chaint agus an
tobac — b' iad-san a b' fhearr leo. Féile tobac agus féile
chainte an t-Oireachtas!



Shaoil Caoimhghín tar éis cúpla lá do chaitheamh ag an
Oireachtas dó gur b' amhlaidh go raibh sé ag dul amugha go
mór le déannaighe. Lithridheacht, anam-eolas, diadhaireacht,
aith-ioncholnú, na “plánaí” corpordha, intinneach, agus
spriodálta — níor dhual do Ghaedheala suim a chur ionnta-san.
B' é gnó na nGaedheal ar feadh na n-aoiseann a bpíopaí
tobac do chaitheamh agus caint chroidheamhail a bheith eatortha!



Dubhairt sé amhlaidh sa Stad, oidhche. Bhí imtheachta
puiblidhe an lae críochnuighthe, acht mar sin féin bhí an
t-Oireachtas ar siubhal go bríoghmhar, beo. Bhí sé ar siubhal
sa Stad, agus ins na tighthe-ósda, agus ins na tighthe agus
na tigíní annso agus annsúd, agus ins na sráideanna. Bhí
sé ar siubhal go gliadrach sa Stad. Bhí an siopa lán de
bhuachaillí. Bhí ceo an tobac — ceo draoidheachta an Oireach-
tais — 'na dtimcheall. An seomra beag ar chúl an tsiopa,
bhí sé lán go dorus. Bhí Gruagach an Ghrinn agus Fear an
Oireachtais — Séamus na Súl Súgrach — agus Taidhgín Éigse,
agus Pilib na gCleas ann. Bhí an t-Athair Muiris
Mac Cathmhaoil ann, agus é ag caitheamh tobac chómh maith
le cách.



“Admhuighim anois nár thuigeas brígh agus cinneamhain
na nGaedheal i gceart,” dubhairt Caoimhghín. “Thugas caint
fhileadhta uaim ar spriodáltacht na nGaedheal. Níl siad
spriodálta acht ar shlighidh mheasardha. Níl anam-eolas ná
anam-fhéachaint 'na litridheacht. Tuigeann sinn a ndúthchas
dáríribh nuair a bhíonn píopaí tobac 'na mbéal aca. 'Sé
fear aereach an domhain an Gaedheal.”


L. 29


“Taoi ag déanamh grinn,” ar Taidhgín Éigse. “Ní
fheadar cad tá ort le déannaighe. Tá gliadar is siamsa
an Oireachtais ag baint na feallsamhnachta asat. Fear
aereach an domhain an Gaedheal, an eadh! An fear go bhfuil
trácht aige fá ‘duartan deor’ 'na fhilidheacht gach ré! An
fear go bhfuil ‘mo mhíle truagh, mo bhuaidhirt, mo bhrón’ 'gá
rádh 's 'gá shíor-rádh! An fear go bhfuil díombáidh thar
meodhon 'na cheol aige!”



“Ní raibh na filidhe dáríribh,” ar Pilib na gCleas.
“Dubhradar go raibh na sléibhte ag gol go truaighmhéileach
uair, agus na h-aibhne ag síleadh na ndeor uair eile.
Leig an spéir osna daor, doiligh aiste uair eile arís. Ba
mhinic iad ag déanamh gul-gháire i n-aoinfheacht. Ní fíor-bhrón
é sin.”



“Agus tá a lán de ann,” ar Caoimhghín. “Ba líonta
gruadh an domhan le duartan deor go minic, do réir na
bhfileadh.



‘Créad é an tlacht so air cheannaibh Éirionn?
Créad do bheo-ghnuigh snódh na gréine?’



Agus —



‘Atá smúit san spéir is fraoch is fearg nimhneach,
Is dúthchas Néill go léir fá bhrataibh caointe,
An Mhumhain le chéile traochta marbh claoidhte.’



Agus arís —



‘Do raobadar spéartha 'gus tíortha,
Do thréan-tsloig an t-íseal an t-árd.
'Na chaomh-chodladh séimh do bhí Typhon
Gur léim d' easbaidh taoide ar an tráigh;
Péiste na mbeul ngorm cíor-dhubh
Gur léigeadar díobh uile an t-snámh,
Go n-éisdeadh na déithe cé an ríogh-fhlaith
Do shaor-chlannaibh Míleadh fuair bás.’”



“Is aisteach é sin,” arsan t-Athair Muiris. “Tá sé
cosamhail le rann ó Sbhinburne, rann as ‘Atalanta in
Calydon’ cuir i gcás. ‘Do thréan-tsloig an t-íseal an
t-árd’ — tá an líne sin fíor-chosamhail le líne ó Sbhinburne
Níl morán céille ann, acht tá ceol breagh ann.”


L. 30


“Badh chóir an rud céadna a rádh fá morán dár bhfilidheacht
bhróin,” ar Caoimhghín. “Saghas cluiche a bhí ann. Ní dual
do Ghaedheal a bheith fíor-bhrónach.”



“Magadh, a Chaoimhghín,” ar Taidhgín. “Agus tá rud
amháin dearmadtha agat. Dubhairt mé go bhfuil díombáidh
thar meodhon i gceol na nGaedheal. Taisbeánann sin chómh
nádúrtha agus tá a gcroidhe, agus nach ndúiligheann siad
saoghal spóirteamhuil, aereach i gcomhnuidhe mar a cheapann
tú.”



“Tá fíor-cheol na nGaedheal go h-aereach, gliadrach,” ar
Caoimhghín. “Ní thaisbeánann an ceol brónach fíor-intinn na
nGaedheal; ní thaisbeánann sé acht néalta aigeanta.”



“Táim ar aon intinn le Caoimhghín,” ar Pilib na gCleas.
“Ar chloisint ceoil bhrónaigh na nGaedheal dam 'sé deirim
liom féin ná ‘An fear do chum an fonn sin bhí píopa tobac
d' easnamh air. Ní fíor-bhrón a bhí ag cur buaidheartha air
acht easbaidh tobac.’”



“Má tá an ceart agaibh,” ar Gruagach an Ghrinn, “tá
mé féin níos tuigsionaighe agus níos dílse do spiorad na
h-Éireann 'ná do shaoil mé cheana. Má's dual do na
Gaedheala tobac a chaitheamh agus caint ghreannmhar a
spreagadh, agus rudaí móra intleachtamhla a sheachaint —
mar tá siad-san i n-aghaidh a nádúire — bhíos ag cabhrú le
spiorad na h-Éireann nuair do chuireas An Stad ar bun.
Bhíos ag cuidiughadh leis an Zeit-Geist.”



“Bhís, a Ghruagaigh, ag cuidiú go mór,” ar Caoimhghín.
“Príomh-teach an Zeit-Geist i n-Éirinn an Stad. Túis an
Zeit-Geist i n-Éirinn deatach tobac.”



“Tá sibh ag éirghe beodhamhail,” arsan t-Athair Muiris.
“Tá an t-ádhbhar díospóireachta deas go leor. Is fiú
géar-sgrúdughadh do dhéanamh air. Ceapaim féin — agus is
dócha go gceapann Caoimhghín leis — gur féidir leis na
Gaedheala obair mhór a dhéanamh agus a bheith go h-aereach,
sonasach ins an am céadna. Ní gábhadh dhóibh tobac do
chaitheamh —”



“Ó! Ó! Ó!” ar gach aoinne.



“Ar leathtaoibh,” arsan t-Athair Muiris. “Tá brigh
tobac chómh tairbheach do'n domhan intinneach agus tá an
drúcht do'n domhan saoghalta. Tá saghas spioraid i dtobac,
agus oibrigheann deagh-shídheog i ngach píopa atá líonta agus
lasta.”


L. 31


“Ní féidir an nua-fhocal sin do shárú,” ar Caoimhghín.
“Is deas agus is doimhin é. Agus nach áluinn dúinn
smaoiniú ar na mílte sídheog ag séideadh agus ag
seinnm ins na mílte píopaí, agus ag cur bríghe agus sóigh
agus sóláis isteach tríd na mílte píopaí chun na mílte
intinn. Agus nach deas an rud na mílte Gaedheala gan
gruaim gan buaidhirt ortha, acht ag caitheamh tobac agus — faoi
cheo draoidheachta an tobac — ag caint go gliadrach; ag
gáiridhe ó bhliadhain go bhliadhain agus ó aois go h-aois.”



“Ní cóir do Ghaedheala bheith chómh leisgeamhail sin,” ar
Taidhgín.



“Ní leisgeamhlacht é,” ar Caoimhghín. “Bhéadh sé chómh
maith dhuit bheith ag rádh go bhfuil drúcht agus solus leisg-
eamhail. Tá fuadar éigin faoi gach náisiún ar fud na
h-Eorpa. Badh h-aoibhinn an rud oileáinín sóigh agus
síothchána, oileáinín gáirthe agus gail tobac a bheith againn
annso i mbóchna an iarthair. Bhéadh áthas orainne agus
iongnadh ar an domhan dá bhárr.”



D'fhanadar mar sin, ag díospóireacht agus ag déanamh
grinn dóibh féin no go raibh an meadhón oidhche thart. Annsin
chuaidh cuid aca go dtí teach ósda a bhí i n-aice an Staid —
teach ósda 'na raibh an t-Athair Muiris agus Gaedhil eile ag
cur fútha. Bhí greann agus aoibhneas aca annsin no go raibh
an mhaidin ag breacadh.



CAIB. a IX. — AISTEOIREACHT AN TSAOGHAIL.



Casadh Caoimhghín agus an t-Athair Muiris ar a chéile lá
ar n-a bhárach i Seomra Cruinn an Rotunda le linn na
comórtais bheith ar siubhal. Rinnce a bhí ann an taca sin.
Bhí morán daoine ag féachaint ar na rinnceoirí. Bhí daoine
eile ag caint annso agus annsúd. Curfá an Oireachtais
caint, mar dubhairt Gruagach an Ghrinn.



“Bhíos tuirseach le teann gáire aréir,” dubhairt
Caoimhghín leis an Athair Muiris.



“Bhí an sgéal céadna agam-sa,” arsan t-Athair Muiris.
“Ní dóigh liom go raibh an oiread sin grinn imeasg Fileadh
na Máighe fad ó agus atá againn-ne le linn oidhcheannta an
Oireachtais.”



“Bhí sé go h-aoibhinn,” ar Caoimhghín. “Acht bhí sé go
h-an-aisteach ar shlighthibh. Ní rabhamar ag caint ar son


L. 32


cainte, mar adéarfá, agus ní rabhamar ag innsint bréag,
agus ní rabhamar dáríribh; bhí morán de'n díospoireacht
cosamhail le cluiche. Aisteoirí a bhí ionainn. Nach aisteach
an rud é daoine intleachtacha — mar sinne go léir! — a bheith
ag déanamh aisteoireachta i n-aimsir an Oireachtais!”



“Ní haisteach,” arsan t-Athair Muiris. “Tá an cineadh
daonna go léir, nach mór, ag déanamh aisteoireachta. Is
beag fear nach bhfuil ag déanamh aisteoireachta, gan fhios
dó féin, ar feadh a shaoghail. Is suarach an aisteoireacht í
go minic. Acht an aisteoireacht atá 'gá déanamh againn le
linn an Oireachtais tá sí go deas beodhamhail.”



“Ní léir dam, ámhthach, go bhfuil an cineadh daonna ag
déanamh aisteoireachta,” ar Caoimhghín.



“Is amhlaidh atá an sgéal,” arsan t-Athair Muiris. “Níl
aon rud fíor-bhuan ann acht amháin anmanna — atá i n-aondacht
le Dia: Anam na Cruinne. Crot nó cruth nó néall atá i
ngach aon rud eile: corpordha, saoghalta, intleachtach, agus &l,
giodh go bhfuil cuid aca sain maith go leor, ceart go leor,
tairbheach go leor 'na slighthibh féin. Acht tá siad sealadach,
tamallach. Deireann feallsamhain áirithe nach bhfuil an
intleacht féin fíor nó fíor-bhuan, acht amháin chómh fada agus
téidheann beagán bríghe agus soluis ón anam isteach innte.
Bíodh sin mar atá sé, ins na mílte daoine, an chuid is mó
de'n chineadh daonna, tá an t-anam beagnach fá cheilt ar
fad. Ag gabháil le rudaí saoghalta — roinnt bheag aca le
rudaí intleachtacha — a bhíonn siad ar feadh a saoghail; agus
is aisteoireacht í sin, giodh go bhfuil sí go breagh, b' fhéidir,
agus go h-áluinn féin, go minic. Nuair a bhíonn fear ar
ardán, mar Naoise nó mar Fhionn, nó mar Hamlet, nó mar
Edipus, ceapann sé gurab é féin Naoise, Fionn, Hamlet,
nó Edipus. Nuair a bhíonn an cluiche críochnuighthe bhíonn sé
'na phearsain féin arís. Nuair baineann sé culaidh na
h-aisteoireacht' de, imthigheann ‘Naoise,’ nó ‘Fionn,’ nó
‘Hamlet,’ nó ‘Edipus.’ Seadh, agus nuair atá ‘duine’
ag fághail bháis tá ‘culaidh aisteoireacht'’ dá bhaint de.
Tá rudaí saoghalta, rudaí intleachtacha, ag sleamhnughadh
uaidh. Agus nuair atá siad imthighthe is léir do'n anam — an
t-aon rud atá fíor agus fíor-bhuan — nach raibh i mbeathaidh
an ‘duine’ ar an tsaoghal acht saghas aisteoireachta.”



“Tuigim anois,” ar Caoimhghín. “Mínigheann tú ar do
shlighidh féin a lán dár chualas i gCumann Erigena. Acht ní
léir dam cé'n fáth go gcuireann tú an oiread sin suime ins


L. 33


an Oireachtas agus i rudaí a bhaineas leis an gConnradh.
Creideann tú nach bhfuil i rudaí intleachtacha féin acht saghas
aisteoireachta. Dá bhrígh sin —”



“Dubhras leat,” arsan t-Athair Muiris, agus é ag
mion-gháiridhe, “dubhras leat go mbíonn aisteoireacht go
deas, aoibhinn 'na shlighidh féin go minic. Agus tá mé chómh
‘daonna’ le daoinibh eile, agus d'á bhrígh sin cuirim spéis
i n-aisteoireacht. Agus ná dubhras leat gur féidir leis an
anam cuid d'á bhrígh agus d'á sholus a nochtadh agus a
thaisbeánt tré neithe saoghalta agus tré neithe intleachtacha?
Rud de'n tsaghas sin atá ag tuitim amach i n-Éirinn
iath-ghlas Gaedheal indiu. Tá beagán bhríghe anama le mothú
tríd na rudaí intleachtacha, agus tríd na rudaí greannmhara
féin. Béidh a lán de le mothú lá éigin, le congnamh Dé.”



B' éigin do Chaoimhghín dul go dtí an oifig annsin, le
heolus fhághail ar a mbéadh le déanamh aige ar feadh an
tráthnóna …



“A Mhic Uí Chearnaigh,” arsan t-árd-thuairisgeoir leis,
“do sgríobh tú an iomarca indé fá an ‘swóij’ úd, an
t-Oireachtas; féile na ngealt ba cheart dam a rádh.”



Do rinne Caoimhghín gáire. Gaedheal a b'eadh an t-árd-
thuairisgeoir, acht sgigire chómh maith leis.



“Bhí Mac Uí Dhonnabháin” — fear eagair na nuaidheachta —
“ag casaoid go mór,” ar seisean. “Thug sé a sheacht
mallacht ar an Oireachtas, agus ar ar bhain leis. Ní raibh
morán ‘sligheadh’ aige aréir. B' éigín dó dhá cholumhan a
riaradh ar an óráid a thug an Tighearna Bombast uaidh thall
i Lunndain; caitheadh dhá cholumhan eile faoi an trioblóid i
dTiombuctú; columhan faoi athrú riaghaltais i dTír an
Airgid; columhan go leith faoi an bpláigh ins na h-Indiachaibh
Thiar; leath-leathnach faoi an óráid a thug Fear-ionaid an
Ríogh uaidh ag an Taisbeántas. Timcheall an mheadhoin oidhche
tháinig sgéal an dúnmharbhtha i bPáiris. Fá dheire bhí sé
beagnach as a mheabhair faoi an iomarca nuaidheachta agus
easbaidh sligheadh sa bpáipéar. Ba dheacair dó trian
columhain a thabhairt do nuaidheacht an Oireachtais — agus
sgríobh tú ádhbhar columhain!”



“Badh chóir dó ceithre columhain ar a laighead a thabhairt
do nuaidheacht an Oireachtais,” ar Caoimhghín.



“Má tá páipéar ag Fear na Gealaighe is cóir dó fiche
columhan a thabhairt di,” arsan t-árd-thuairisgeoir. “Acht
craobhsgaoiltear ‘An t-Sean-bhean Liath’ i n-Éirinn.”


L. 34


“Agus cuireann sí níos mó suime i dTír an Airgid agus
i dTiombuctú 'ná i n-Éirinn.”



“Cuireann sí suim ins an domhan mór,” arsan t-árd-
thuairisgeoir. “Agus 'sí nuaidheacht an domhain mhóir atá
ag teastáil ó dhaoinibh ciallmhara. Tá eolas go leor againn
ar an oileán bheag seo. Nuaidheacht na h-Éireann i bpáipéar
Éireannach! Bhéadh sé cosamhail le duine ag sgríobhadh litre
chuige féin.”



“Táir ag magadh, mar a bhíonn tú i gcómhnuidhe,” ar
Caoimhghín.



“Táim ag cur i n-úil duit smaointe fear riartha na
h-oifige seo,” arsan t-árd-thuairisgeoir. “Acht níl maitheas
i gcaint, agus tá gnó le déanamh againn anois. Ná sgríobh
an iomarca i dtaoibh an Oireachtais anocht, agus bíodh ciall
sa gcúntas — dubhairt Mac Uí Dhonnabháin go raibh sé lán
d' fhilidheacht i bhfuirm próis aréir. Ní cóir dúinn taisbeánt
do dhaoinibh go bhfuil ‘An tSean-bhean Liath’ ag cailleadh
an bheagáin céille a bhí aici cheana. Tá rud eile le déanamh
agat. Tionólfar Mná Freastail na gCat Fánach le chéile i
dTigh an Árd-Mhaoir ar a trí a chlog. Sgríobh cúntas fán
gcruinniú agus fá óráideacha na mban uasal. Agus féach!
Ná bíodh oiread agus focal grinn sa gcúntas. Ní réidh-
tigheann greann agus ‘An t-Sean-bhean Liath’ le chéile.”



“Cia an cath marbh a thug annso mé?” ar Caoimhghín.
“An duine céadna ag sgríobhadh tuairisce an Oireachtais
agus cúntas chruinnighthe Ban Freastail na gCat Fánach! Is
aisteach an oifig í seo.”



“Badh mhaith leat bheith thuas sa Rotunda ar feadh an lae
ag éisteacht le píobaireacht agus abhránuidheacht, agus ag
caint le filidhe agus le tinncéirí ó'n dtuaith! Ní obair é
sin, a mhic ó. ‘Seirbhís agus saothar! Sin a bhfuil uaim-se’
ars ‘An t-Sean-bhean Liath.’”



Ag dul amach do Chaoimhghín smaoinigh sé ar an obair
aistigh, shuaraigh a bhí aige le déanamh, mar thuairisgeoir, go
minic: rudaí i bhfad 's i bhfad nídh ba mheasa 'ná cúntas
fá chruinniú ar son na gcat fánach. Ba mhinic dó a bheith
tuirseach di, ba mhinic dó a bheith ag gáiridhe fúithe. Fairíor!
Na laetheannta i gCluaintobair nuair shaoil sé gurbh' ionann
tuairisgeoireacht agus litridheacht!



Chuimhnigh sé um an am so ar an Athair Muiris agus an
chaint úd fá aisteoireacht. ‘Is beag fear nach bhfuil ag
déanamh aisteoireachta, a gan fhios dó féin, ar feadh a shaoghail.’


L. 35


'Seadh, go deimhin. Agus an aisteoireacht a bhí 'ga déanamh
ag fir riartha pháipéir bhí sí nidh ba h-amaidighe 'ná aon
aisteoireact eile fá'n ghréin. Shaoil Caoimhghín anois agus
arís gur geilteanna neamh-chúinsighe a bhí i muinntir na
gcathrach go coitcheann, agus gur geilteanna amach 's amach
a bhí i lucht riartha na bpáipéar.



An cruinniú i dtaoibh na gCat Fánach bhí sé maith go leor.
Thug na cainnteoirí beagán ráiméise uatha, agus maidir leis
an dtruaighmhéileacht ar son na gcat fánach bhí sí rud beag
díchéillidhe, acht do thaithnigh an chuid ba mhó di le Caoimhghín.
Ba bhocht é cás na gcat fánach, badh cheart do dhaoinibh
freastal ar a son. Acht bhadh mhór an truagh nár chuir na
freastalaidhthe an oiread sin suime i gcás na mbocht
ndaonna. Agus gan truaigh chóir do dhaoinibh ní bhéadh truaigh
fheileamhnach d' aon nídh beo ann …



Bhí árd-oidhche aca ag cuirm cheoil an Oireachtais. Do
nochtuigh an cathaoirleach ainmneacha na ndaoine a fuair
duaiseanna ins na comórtais liteardha. Bhí an cathaoirleach
go glionndarach, greannmhar, agus léigh sé amach le h-áthas
agus le fuinneamh gach a ndubhairt na moltóirí fá na
sgéalta agus fá na h-aistidhe agus fá'n fhilidheacht. Dubhairt
sé go raibh Éire ar bhealach a leasa arís. Ba léir di anois
an saidhbhreas mór a bhí innte féin. Do réir mar chuir sí
suim 'na tigh féin, do réir mar shaothruigh sí a síbhialtacht
féin bhí a meabhair chinn agus a h-inntleacht ag dul i dtreise,
agus brígh agus áilneacht a h-intinne ag méadughadh. Bhí
sí ag fághail a saoirseachta intleachtaighe arís. Bhéadh sí fós
ag Cáit Ní Dhuibhir.



Bhí gáir mhór mholta is mhaoidhte ann annsin. Bhí croidhe
na ndaoine go meidhreach. Badh dhóigh leat ortha go raibh an
Aois Forórdha tagaithe.



Fuair Caoimhghín an chéad duais i gcomórtas na n-uir-
sgéal. Bhí iongnadh air nuair chuala sé breith na moltóirí.
Dubhairt sé leis féin go mbéadh áthas ar Úna Ní Chuilleannáin
ar chloisint an sgéil di. Is air ba ghearr an mhoill éalú
amach agus nóta a chur chuice tríd an bpost. Dubhairt
sé go rachadh sé go Fine Gall maidin lá ar n-a bhárach, dá
mb'fhéidir é, cun í fhéachaint. Bhí sluaighte na nGaedheal ag
éirghe nídh ba bhródamhla gach oidhche, adubhairt sé, acht budh
h-aoibhinn le n-a chroidhe féin a bheith i bhFine Gall i n-aice na
fairrge léi.


L. 36


Cuireadh críoch ar an gcuirm cheoil, agus annsin d' éirigh
an chaint agus an seanchus. Bhí greann agus gáirdeachas
ins An Stad i dtaoibh duaise Chaoimhghín. Chum Taidhgín
Éigse dán i Sean-Ghaedhilg fá “an ghlóir-réim liteardha” a
bhí roimhe. Do sheinn an Gruagach é le port meidhreach, agus
'na dhiaidh sin le port brónach.



Ag dul a bhaile go Dumhach Trágha Muirbhthean do Chaoimhghín
san oidhche ghil, ghlórmhair bhí iongnadh air faoi nach raibh a
thuilleadh áthais air mar gheall ar an nduais. Go deimhin is
beag áthas a bhí air annsin. Dubhairt sé leis féin go raibh
na sgéalta úd ró-shimplidhe ar fad. Bhaineadar le saoghal
simplidhe, saoghal coitcheann a bhaile dúthchais féin. “Ní
fíor-bheatha í sin,” dubhairt sé. Bhí beatha nídh ba dhoimhne
go mór i ngach fear a ghlac rán 'na láimh i gCluaintobair.
Badh cheart do sgríbhneoir fíor-bheatha a nochtadh 'na sgéalta,
nó a bheith 'na thost go deo. Ba léir an saoghal coitcheann
do gach aoinne; bhí saoghal mór eile ins an domhan so féin,
agus do b'é gnó an sgríbhneora brígh an tsaoghail sin do
thaisbeánt. Ní litridheacht, ní sóisgéaluidheacht, gan í.



Na ceisteanna móra bhíodh os cómhair an Chumainn Erigena,
na ceisteanna a bhíodh faoi thrácht aca nuair casadh an
t-Athair Muiris agus é féin ar a chéile, do bhaineadar-san
le fíor-bheathaidh, beatha an anama. Na sgéilíní a fuair an
duais! — bhaineadar le bóithríní, agus le píopaí tobac, agus
le piseoga. Duais a thabhairt dó mar gheall ortha-san i
n-aimsir an Oireachtais! B' in é an magadh amach 's amach.



CAIB. a X. — COIS NA FAIRRGE I bhFINE GALL.



D' éirigh Caoimhghín go moch ar maidin lá ar n-a bhárach.
Ba ghnáth leis moich-éirghe ó aimsir a óige, acht an lá sin
bhí sé ag corrughadh um an moch-thráth. Bhí cosamhlacht lae
ghil bhreágha ann. Tháinig sé anuas an staighre sul ar éirigh
aoinne eile, agus ag gabháil abhráin dó féin do ghléas sé a
rothar i gcóir an turais go Fine Gall.



“Marbhóchaidh an mhochóirighe thú,” ar Cáit, an cailín
aimsire, nuair tháinig sí anuas. “Dheamhan i bhfad a bhís i
do leabaidh aréir i n-ao' chor. Sin sgéal gach aoinne i
n-aimsir an Oireachtais. Níl teora libh.”



“Ní fheicim go bhfuil gábhadh le oidhche ar bith le linn an
Oireachtais,” ar Caoimhghín. “Níl gábhadh ag Gaedheala léi,
pé sgéal é.”


L. 37


Níorbh' fhada go raibh Caoimhghín ar an mbóthar, agus é chómh
sona le fuiseóig. Bhí a mhalairt de thuairim aige annsin i
dtaoibh na duaise agus na sgéalta. An saoghal ar a raibh
trácht ionta súd bhí nadúrthacht agus croidheamhlacht agus
cráibhtheacht ann; bhí carthannacht agus croidhe na féile ann;
bhí grása Dé ann. “A Thighearna do b' ionmhum liom sgéimh
do thighe agus ionad cómhnaidhthe do ghlóire.” Bhí cuid sgéimhe
thighe Dé agus lonnradh a ghlóire le feicsint agus le fághail
i gCluaintobair féin. Ba mhaith an mhaise dhó a greann agus
a grádhmhaireacht a nochtadh thríd sgéilíní.



Acht cé an fáth go raibh an oiread sin difrigheacht' idir an
tuairim a bhí aige annsin agus an tuairim a bhí aige an
oidhche roimhe sin? Sin ceist a bhí ag Caoimhghín air féin agus
é ag dul tré Bhaile Átha Cliath. Níor tháinig athrú ar na
sgéalta. Bhí an intinn chéadna aige féin. Ba léir gur thuit
rud éigin amach san “mhór-intinn,” san “bheathaidh fá
cheilt,” nuair bhí “sé” 'na chodladh. Agus nárbh' ion-
gantach an rud a chorp agus a intinn a bheith i n-a gcodladh,
agus an mhór-intinn fá cheilt a bheith ag obair san am céadna!
Is minic a bhíodar ag trácht i gCumann Erigena i dtaoibh a
raibh 'gá dhéanamh ag an mhór-intinn nuair a bhí an gnáth-dhuine
'na chodladh. Ní gábhadh a rádh nach mbéadh eolas ná cuimhne
ar an obair sin ag an ngnáth-dhuine ar dhúiseacht dó. Dá
mba rud é go mbéadh is air a bhéadh an-iongantas.



Bhí Úna ag fanamhaint le Caoimhghín i dtigh an Chanónaigh.
Tar éis seal do chaitheamh dóibh ag caint le n-a chéile chuadar
amach, agus d' imtigheadar leo trasna na mbánta go bruach
na fairrge.



Gach uair a bhí Úna le n-a thaoibh tháinig athrú i n-intinn
Chaoimhghín nár bh'fhéidir leis thuigsint. Tháinig árd-shuaimhneas
'na anam, agus do samhluigheadh dó go raibh fios iongantach,
áirithe aige ar chúrsaidhe an anama agus ar bhrígh an tsaoghail.
Is minic do bhí Úna ag magadh faoi, go sámh, caoin, deis-
bhéalach, acht do bhí a magadh chómh aoibhinn leis agus do bhí
a moladh.



“Níor cheapas go dtiocfá dom' fhéachaint ar chor ar bith,”
ar Úna, ar suidhe síos cois na fairrge dóibh. “Ughdar
mór atá ionnat anois, agus ní gnáthach le h-ughdair mhóra
suim a chur i n-daoine coitcheannta.”



Do phóg sé a béal agus dubhairt sé:


L. 38


“Is iongantach an cailín thú. Táir chómh h-aereach, chómh
deis-bhéalach sin a's nách gceapfadh duine go bhfuil fíor-chroidhe
ionnat ar aon chor.”



“Agus b' fhéidir nach bhfuil,” ar Úna. “Abair gur cailín
ceann-éadtrom, sgigeamhail mé, cailín nach fiú smaoineadh
ó ughdar mór an Oireachtais.”



“Cailín nach féidir le hughdair an Oireachtais go léir
cur síos ar a háilneacht, a míne, agus a grádhmhaireacht,”
ar Caoimhghín.



“Is deas an sgéal é,” ar Úna, “rí-ughdar ag leigint
air gur mór aige cailín simplidhe ó'n dtuaith. Nó, b' fhéidir,
a ughdair mhóir, go bhfuilir faoi dhraoidheacht na maidne, nó
faoi dhraoidheacht an Oireachtais fós. Acht ná bhí ró-phlámásach
ar fad —”



“Táir ag éirighe níos deis-bhéalaighe 'ná mar bhís riamh,”
ar Caoimhghín. “Ní fiú ‘ughdar’ a thabhairt orm fós. Ní
fhuaras acht duais ar son sgéilíní simplidhe a bhaineas le
mo dhúthchas féin —”



“Ó!” ar Úna. “Níl ionnat acht sgéalaidhe na tuaithe!
Agus mé dá rádh liom féin ó mhoch-thráth na maidne ‘béidh
ughdar mór ag teacht dom' fhéachaint’! Agus an mhórdháil
a bhí orm 'na thaobh! A Chaoimhghín Uí Chearnaigh, is mealltóir
thú, mealltóir críochnuighthe. Tar éis an méid feallsamhnacht'
atá cruinnighthe i do cheann níor shaoileas go ndéanfá sgéalta
ar rudaí suaracha, áiteamhla —”



“Fan go fóill!” ar Caoimhghín. “Tá lá eile ag teacht.
Nuair a bhím i d' fhocair bhíonn sár-áthas orm. Ní ionann
an ‘duine’ a bhíos ionam annsin agus an ‘duine’ a bhíos
ionam agus mé im' aonar. Nuair a bhéas tú liom i gcomh-
nuidhe béidh mé i n-ann litridheacht do chumadh a chuirfeas
iongnadh ar Éirinn.”



“Agus táir cinnte glan go mbéidh mé leat,” ar Úna,
ag mion-gháire.



“Admhuighim go mbíonn eagla orm — anois agus arís — nach
féidir é,” ar Caoimhghín. “Saoilim annsin go mbéadh sé
ró-iongantach, ró-aoibhinn. Acht tá na mílte fear agus na
mílte ban pósta le chéile, 'na gcomhnuidhe le chéile, agus
sonas thar meodhan ortha. Cé'n fáth nach mbéadh an sgéal
céadna againne? Agus nuair a chuimhnighim ar a raibh le rádh
ag do mháthair dhil 'nár dtaoibh níl amhrus ar bith orm.”



Níor labhair Úna ar feadh tamaillín. D'fhéach sí i dtreó
na fairrge, agus clódh smuainteorachta uirthe.


L. 39


Nuair bhí sí ag cainnt do h-aereach, deis-bhéalach badh dhóigh
le duine gur gearr-chaile beodha, leanbhach a bhí innte.
Nuair d' éirigh sí smuainteach, mar d'éirigh sí annsin, ba
mhór an t-athrú 'na cruth agus 'na gnúis. Ba léir gur
óig-bhean ghleoidhte, snódh-bhinn, snoidhte, míonla í. Ba léir
go raibh sár-intinn aici.



D' fhéach sí arís ar Chaoimhghín, agus scáil ar a gnaoi.



“Do b' aisteach an taidhbhreadh é siúd,” ar sise. “Is
minic do bhíos ag smaoineadh air ó shoin. Anois agus arís
bíonn imnidhe orm i dtaoibh mo mháthar. Saoilim ar uairibh go
bhfuil sí in-aice liom go fóill, agus gur mhian léi rud éigin
do chur in-iúl dam. Arbhú indé bhíos annso cois na fairrge
timcheall an mheadhoin lae. Bíos ag léigheadh leabhair ar feadh
tamaill. 'Na dhiaidh sin bhíos ag smaoineadh ar an obair atá
rómham. D' éirigheas beagán tuirseach, agus tháinig néall
codalta orm. Níor fhan sé acht cúpla nóimead, acht bhí
taidhbhreadh an-iongantach agam le n-a linn. Shaoileas go
rabhas annso i bhFine Gall, acht go raibh daoine agus neidhthe
im' thimhcheall nach bhfacas ariamh. Chonnaiceas mo mháthair
'na measg. Níor labhair sí acht chuaidh sí i n-aoinfheacht liom
cois na fairrge go Dumhach Trágha Mhuirbhthean. Chuadhmar
tré shráidín a bhí i n-aice na fairrge. Chonnaiceas solus i
dtigh áirithe. Annsin thugas fá ndeara go raibh tusa i do
sheasamh os cómhair an dorais amach. Bhí tú ag féachaint go
brónach. Do ritheas chugat. Annsin — do dhúisigh mé de
phreab.”



“Is an-aisteach é,” ar Caoimhghín. “Tá sráidín deas i
n-aice na fairrge i nDumhach Mhuirbhthean, agus bhíos ag
ceapadh le déannaighe chómh aoibhinn agus a béadh tigín fúinn
féin ann. Maidir leis an dtaidhbhreadh déarfadh mo cháirde
i gCumann Erigena go rabhais ar an ‘bPlána Soillseach’ úd
go rabhmar ag trácht faoi go minic.”



“Giodh go raibh morán trácht againn 'na thaoibh,” ar Úna,
“tá eagla orm go bhfuil an sgéal trí n-a chéile fós agam.
Dubhradh liom agus mé im' leanbh go raibh Neamh thar na
spéartha, agus is deacair dom míniughadh eile a thuigsint.”



“Ná bac le míniú,” ar Caoimhghín, agus phóg sé arís í.
“Ar shlighthibh táir ar Neamh cheana féin. Anam chómh glan,
dílis, dúthrachtach agus atá agat-sa, is cuid de Neamh é
agus tá Neamh 'na thimcheall.”



“Má's fíor an sgéal sin,” ar Úna agus í ag gáire,
“béad in-ann an-obair a dhéanamh i mBaile Átha Cliath.


L. 40


Tá an Canónach ag fághail ‘paráiste’ annsin — béidh sé ag
fágaint na h-áite seo i gceann tamaill. Tá an paráiste
nua go h-an-bhocht, agus tá áthas air dá bhárr. Bhíos ag
ceapadh go mb' fhearr dom éirighe as an gcléircheas a bhí
'gá dhéanamh agam agus oibriughadh i n-aoinfheacht leis i
measg na mbocht i n-Áth Chliath. Tá dúil mhór agam i
n-obair de'n tsaghas sin, agus tá sí ag teastáil go géar
sa gcathair.”



Cheap Caoimhghín ar dtús nach raibh Úna dáríribh, acht chuir
sí 'na luighe air go raibh.



“Bhéitheá leath-mharbh i gceann tamaillín,” ar seisean.
“Rud eile. Ní bhéadh aon mhaitheas i n-obair céad ban ar
son na mbocht i mBaile Átha Cliath. Teasduigheann
claochlódh, mór-atharrach shaoghail, annsin.”



“Ní fuláir dúinn tosnughadh, a Chaoimhghín.”



“Ní h-í sin an obair atá rómhat, a Úna. Acht nuair a
bhéas sinn pósta —”



“A Chaoimhghín Uí Chearnaigh, cuireann tú mórán spéise i
bhfeallsamhnacht, agus tá míniú fá leith agat i gcóir a lán
rudaí. Cia an bhrígh a bhaineann tú as sgéal Ádhaimh agus
Éabha?”



Bhí míniú agam tamaillín ó shoin, acht fuaras amach nárbh'
é an míniú ceart nó an míniú iomlán é. Tá an sgéal
loitighthe ar shlighthibh. Tá morán sgéalta eile de'n tsaghas
céadna ann —”



“Míneóchad an sgéal ar mo shlighidh féin,” ar Úna. “Bhí
fear óg agus bean óg ann. Bhíodar ar stáid shonasaigh,
ghlan, fhial, fhileadhta. Tháinigh an ‘nathair nimhe,’ agus —”



“Ní maith liom an t-ainm sin ‘nathair nimhe,’ a Úna
dhil. Ins na sgéalta ba shine bhí dhá shaghas nathrach, uasal
agus íseal. Thug an ‘nathair’ uasal tuigsin naomhtha,
árd-eolus ó Neamh, do'n fhear agus do'n mhnaoi, nó má's
maith leat, do'n chineadh daonna. 'San tslighidh chéadna thug
Prometeus —”



“Fágaimís an ‘nathair’ mar atá sí,” ar Úna, ag gáire
dhi. “Ní theasduigheann nathair le h-aghaidh an mhínighthe.
Tosnóchaidh mé arís. Bhí fear óg agus bean óg ann. Stáid
ghlan, shonasach a bhí ortha. Bhí árd-nádúir ins an mbeirt.
Bhí obair mhór le déanamh aca, dá mb' áil leo í dhéanamh,
acht chómh maith leis an árd-nádúir bhí nádúir íseal, shaoghalta,
mhío-charthannach ins an mbeirt. Faríor! do thréigeadar, do
rinneadar dearmad ar an árd-nádúir. Do chuireadar


L. 41


spéis i ngrádh, i bpléisiúr, i ndíomhaoineas, gan suim i
n-aoinne 'ná i n-aon rud acht amháin iad féin. Níor chuireadar
a n-árd-nádúir chun críche, agus tar éis tamaill níor
shaoileadar go raibh sí ann ar chor ar bith. D'éirigheadar mío-
shonasach, tuirseach, dubhailceach, cráidhte. Cuireadh a
mbeatha ó rath.



“Is mór an míniughadh é sin,” ar Caoimhghín, “acht níl aon
bhaint aige linne.”



“Fan go fóilín! Tá obair le déanamh agam-sa imeasg
na mbocht agus ar son na mbocht i mBaile Átha Cliath. Tá
sé buailte isteac im' aigneadh gur cóir dom í dhéanamh.
Tá go mhaith. Maidir leat-sa, tá árd-smaointe agat,
agus táir i n-ann sgríobhadh go bríoghmhar. Tá sonas agus
síothcháin id' aigneadh agat, agus níl aon rud ag cur
cosga ort. Teasduigheann sgríbhneoirí i n-Éirinn indiu,
sgríbhneoirí go bhfuil glan-intinn agus árd-smaointe aca.
Sóisgéaluidhthe móra, iongantacha a bhéadh ionta mar deir
an Canónach. 'Seadh anois. Tá saoghal breagh fíor-acrach
romhat, má's maith leat. Is furus duit d' árd-nádúir a
chur chun críche.”



“Ceapann tú gur gaisgidheach ar fad atá ionam, a Úna.
Acht nach cosamhail go mbéinn i n-ann sgríobhadh nidh badh
áilne agus nidh badh bhrioghmhaire agus tusa agus mise a bheith
pósta le chéile?”



“Tá amhrus agus imnidhe orm faoi sin, a Chaoimhghín. Is
eagal liom an pósadh, ar do shon-sa go h-áirithe. Tréigeint
d' árd-nádúire a bhéadh ann, b'fhéidir. Sgéal Ádhaimh agus
Éabha arís, a chara! Agus bíonn tú ag taidhbhreadh i lár
an lae ghréine. B'fhéidir go mbéadh droch-dhúiseacht romhat
annsin. Ní thuigeann tú an saoghal fós, ní thuigeann tú
chómh cruaidh agus atá sé. Dá n-éireochadh sé cruaidh ort
badh dheacair duit do chuid smaointe móra a nochtadh, agus
budh mhór an chailleamhain í sin. Agus an briseadh croidhe a
bhéadh orm-sa!”



“Is fíor-iongantach an cailín thú, a Úna. Go deimhin a's
go dearbhtha is rí-bhean thú,” ar Caoimhghín, agus phóg sé arís
í. “Badh dóigh le duine ar uairibh nach bhfuil ionnat acht
páisde aereach greannmhar, acht i n-ionad sin is amhlaidh
gur ban-fheallsamh atá ionnat. Acht ná bíodh ceist ort.
Muna mbéadh tusa bhéadh an donas orm. Acht nuair a bhím
le do chois nó ag smaoineadh ort — i gcomhnuidhe beagnach —
ní mhothuighim gur duine a bhíos ionam acht anam iomlán.”


L. 42


“Mar sin, tá sé chómh maith dúinn fanamhaint mar
atámuid,” ar Úna. “Oibreochaidh mé imeasg na mbocht i
n-Áth Cliath. Cuirfidh tú do chuid aistí fileadhta agus do
chuid sgéalta móra chun cinn go réidh, breagh, slachtmar,
agus déanfaidh tú árd-mhaitheas i n-Éirinn —”



“Filidheacht, a Úna! Caithfidh sinn bheith i n-aoinfheacht le
chéile i gcomhnuidhe. Nuair bhéidhmíd pósta —”



“Níl maitheas i gcainnt, a Chaoimhghín. Támuid an-óg fós,
pé sgéal é. Déanaimís ár ndíthcheall i mBaile Átha Cliath,
mise imeasg na mbocht, tusa mar ughdar, ag cur síos ar
shaoghal agus ar spiorad na h-Éireann nua. Déanfamuid
athsmaoineadh ar cheist an phósta i gceann deich mbliadhna.”



Mheas Caoimhghín nach raibh sí dáríribh ar fad, acht mheas
sé san am céadna nach raibh sí ag déanamh grinn. Bhí sé
san gcás céadna go minic agus é ag caint léi. Acht ba
chuma leis, bhí sí chómh aoibhinn sin. Agus nuair d' éirigh sí
ro-dheisbhéalach do phóg sé a béal.



D' fhanadar mar a rabhadar cois na fairrge áilne ar
feadh uaire eile, ag caint fá'n tsaoghal, agus fá Thír na
n-Óg, agus fá phósadh. Acht i ndeire na dála níor léir do
Chaoimhghín cia'n tuairim i dtaoibh pósta bhí i n-aigneadh Úna.
Bhéadh sé chómh maith dhó a bheith ag cur ceisteanna ar shidheoig.



CAIB. a XI. — FÁGTAR INTLEACHT I gCEILT I
n-ÉIRINN.



Ar dteacht ar ais go tigh an Chanónaigh do Chaoimhghín agus
d' Úna bhí an Canónach ann rómpa. Chuir sé fáilte a's fiche
roimh Caoimhghín agus d' fhan sé ag caint leis ar feadh
tamaill.



“Is aoibhinn liom a chloisint, a Chanónaigh, go mbéidh tú i
mBaile Átha Cliath súl i bhfad,” ar Caoimhghín. “Teas-
duigheann fir mar thusa go géar ann chun a spiorad do
bhrostú.”



“Tá súil le Dia agam beagán a dhéanamh imeasg na
mbocht,” arsan Canónach.



“Tá daoine i mBaile Átha Cliath agus ar shlighthibh táid
níos boichte 'ná na ‘boicht,’” ar Caoimhghín. “Níl
smaoineadh, ná chómh-mhothughadh, ná dúil anama ionta. Tá
morán daoine sa gcathair agus ní shaothruigheann siad an


L. 43


intleacht agus an chúmhacht intinne atá aca. Tá sóis-
géaluidhthe ag teastáil uatha, mar dubhrais tamall ó shoin.
Tá súil agam go mbéidh tú d'á mbrostughadh.”



“Ar shlighthibh, ní mór do gach fear a bheith 'na shóisgéaluidhe
dó féin,” adeir an Canónach. “Déintear an obair is mó
ann féin, agus ní féidir linn go léir acht congnamh a thabhairt
dó. Maidir le sagart mar mise ní cóir dam bacadh le
h-obair phuiblidhe. Ag cuidiú leis na bochtaibh, ag cur 'na
luighe ar dhaoinibh chómh breagh, aoibhinn, éifeachtach agus atá
carthannacht, cómh-oibriú, umhluigheacht croidhe — 'sí sin an
fhíor-obair atá agam le déanamh.”



Rinne Caoimhghín tagairt do eaglaisighe móra a raibh baint
aca le poilitidheacht, le litridheacht, agus le h-ealadhain,
acht dubhairt an Canónach nár mhaith leis iad, nár thuigeadar
fíor-spiorad na Críostaidheachta, agus go ndearnadar mórán
díoghbhála do'n Eaglais. Níor chóir do shagart bheith fá chlú
san tsaoghal coithcheann dubhairt sé. Beatha sagairt toil an
Athar; níor mhór dó a nádúir choithcheann a chéasadh.



D' imthigh an Canónach annsin; bhí air cuaird a thabhairt ar
shean-mhnaoi bhocht a bhí 'na cómhnuidhe cúpla míle ó'n áit.
D' fhan Caoimhghín ag caint le h-Úna, ag casaoid faoi nach
raibh an Canónach toilteannach teacht amach os comhair an
phobail agus iad a bhrostú — faoi rudaí intleachtacha agus
rudaí cumannacha. “Fágtar an iomarca intleachta agus
an iomarca bhríghe fá cheilt i n-Éirinn,” ar seisean.



Do rinne Úna gáire.



“A Chaoimhghín, a chroidhe,” ar sise, “budh mhaith leat gach
spideog a bheith 'na fiolar agus gach mullán 'na mhullach.
Béidh ciall agat lá éigin.”



Nuair do b' éigin dó imtheacht chuaidh sí leis ar feadh
tamaill de'n bhealach. Labhair sí go h-aereach, magamhail,
acht ba chuma leis é sin.



“Nach léir duit gur cailín sgigeamhail, ceann-éadtrom
mé!” ar sise. “Níl aon chroidhe ionam.”



“Is dual dam a bheith creidmheach,” ar seisean.



“Dá mba rud é go bpósfainn duine eile, cad a dhéanfá,
a Chaoimhghín?”



Chuimhnigh Caoimhghín ar a raibh le rádh ag na feallsamhnaibh
móra faoi “chéasadh an ghnáth-dhuine.” Tháinig sgáil ar a
ghnaoi. Ní dubhairt sé aon rud.



Chuir Úna a lámh dheas ar a ghualainn.


L. 44


“Níl ciall ar bith agat,” ar sise. “Ag déanam grinn
a bhíos.”



Do phóg sé í, acht ní dubhairt sé aon rud ar feadh
tamaill.



Nuair d' fhág sé slán aici sa deireadh chuaidh sí anonn
go mall go bruach na fairrge, agus do shuidh sí síos arís.
D' fhan sí i bhfad annsin, ag féachaint thar an bhfairrge, agus
ag smaoineadh ar chúrsaidhe a beathadh agus ar an difrigheacht
a bhí innte ó casadh Caoimhghín agus ise ar a chéile an chéad
uair.



“Budh h-aoibhinn liom bheith pósta leis,” ar sise léi féin,
“acht, fáiríor, ní bhéadh sé ceart.”



CAIB. a XII. — COGADH IDIR CROIDHE AGUS ANAM.



Ar riochtain Bhaile Átha Cliath do Chaoimhghín chuaidh sé
isteach sa Rotunda. Bhí na Gaedhil go gliadrach ann, acht
bhí brón 'na gcroidhe faoi rádh a's go raibh deire an
Oireachtais ag druideamhaint leo. Ba thruagh leo gan an
t-Oireachtas a bheith ann i gcómhnuidhe díreach mar bhí cathair
na Teamhrach agus aoibhneas na Teamhrach ann ó thús deire
na bliadhna i n-allód. Nárbh aoibhinn go Ghaedheala an lae
indiu bheith i n-ann teacht o'n dtuaith cómh minic agus a
b' áil leo agus an t-Oireachtas fhághail i mBaile Átha Cliath
faoi lán-tseol rómpa!



An tráthnóna céadna bhí seanchus idir Caoimhghín agus an
t-Athair Muiris sa tigh ósda. Bhí an t-Athair Muiris le dul
a bhaile go Gortrua ar n-a bhárach.



“Tá gach aoinne ag casaoid faoi nach bhfuil an t-Oireachtas
aca ar feadh na bliadhna,” arsan t-Athair Muiris. “Tá
dearmad mór déanta aca. Tá an t-Oireachtas ann i
gcomhnuidhe. Is ionainn féin atá an t-Oireachtas.”



“Tá fhios agam,” ar Caoimhghín, “agus tá neithe i bhfad
níos glórmhaire 'ná an t-Oireachtas ionainn leis, acht nílimíd
foighdeach go leor agus meisneamhail go leor chun iad
fhághail.”



“Níl acht aon chaoi amháin chun iad fhághail,” arsan t-Athair
Muiris. “Caíthfidh sinn béith ullamh chun gach rud is maith
le n-ár gcroidhthe san tsaoghal so do chailleamhaint. Ní
faghtar go gcailltear. Imthigheann dúil shaogalta, tigeann


L. 45


dúil anama. Mar deireann na saoithe naomhtha tá Críostos
i ngach duine agus 'sí slighe a chroise nádúir phearsanta an
duine féin. Is féidir leis an gCríostos éirghe go glórmhar
as an nádúir phearsanta, agus a bheith i Ríoghacht Neimhe — 'sé
sin, árd-chuma áluinn, sár-aoibhinn, spriodálta — sar a
bhfaghann sé bás corpordha féin. Acht is fada an bealach
sin, agus is mall an t-éirghe úd.”



Chuir sé iongnadh ar Chaoimhghín go minic chómh mór agus
do nochtuigh an t-Athair Muiris a chroidhe dó agus chómh
furus agus a bhí sé dó féin a chroidhe do nochtadh do'n
Athair Muiris. “B' fhéidir go rabhamar ar an tsaoghal go
minic roimhe seo agus go raibh ár n-anmanna muinnteardha
le chéile ann,” ar seisean leis féin.



Um an am so mar bhíodar ag trácht ar árd-nádúir agus
nádúir phearsanta choitcheann, chuimhnigh sé ar a raibh le rádh
ag Úna nuair a bhíodar 'na suidhe cois na fairrge agus ar
an leagan eile a chuir sí ar sgéal Ádhaimh agus Éabha. Chuir
sé a bhrígh i n-iúl do'n Athair Muiris.



“Ní rabhas ag caint le h-Inghean Uí Chuilleannáin acht
uair amháin,” arsan t-Athair Muiris, “acht cheapas an uair
sin go raibh tuigsin fá leith aici. Na neithe adubhairt sí
leat-sa i dtaoibh an ghrádha, bhíodar géar-chúiseach go leor.
Is beag sagart a bhéadh chómh feallsamhnda léi fán gceist
chéadna. Ní furus í fhreagradh. Acht deirtear go bhfuil trí
chinéal grádha ann — an cinéal corpordha nó saoghalta, an
cinéal psíchic nó íogmhar agus an cinéal spriodálta. An
chéad chinéal, tá sé ainmhianach ar fad beagnach. Tá an
dara cinéal maith go leor; tá sé áluinn 'na shlighidh féin
go minic. Is annamh a bhíos grádh spriodálta — an tríomhadh
cinéal — idir fear agus bean; acht ó am go h-am bíonn
grádh ann 'na bhfuil an cinéal psíchic agus an cinéal
spriodálta measgtha le chéile. Duine go bhfuil grádh
spriodálta aige do mhnaoi níl fonn pósta air bith air; acht
má athruigheann a intinn, má thigeann grádh psíchic i n-ionad
grádha spriodálta, agus annsin má phósann sé í tréigeann
sé a árd-Nádúir gan amhras.”



“Is deacair é sin do chreideamh,” ar Caoimhghín, “an
deacair ar fad. Má tá an grádh oireamhnach, glan — bíodh
sé psíchic nó a mhalairt — tá an pósadh nádúrtha annsin,
agus ní léir dham cá bhfuil an locht.”



“Ar shlighidh níl locht ann,” arsan t-Athair Muiris. “Acht
tá tuitim ann, agus tá trághchaint ann.”


L. 46


Do leanadar ar an díospóireacht ar feadh i bhfad. Chuir
an t-Athair Muiris i gcuimhne do Chaoimhghín cad dubhairt
Erigena agus feallsamhain eile fá ‘la tempérament
sensuelle’ agus rudaí a bhaineas léi. Dubhairt Erigena
go raibh colann spriodálta ag gach aoinne ar dtús. Nuair
tháinig peacamhlacht isteach san tsaoghal — cibé caoi tháinig
sí — chailleadar an cholann spriodálta, agus d'éirigh an
nádúir ainmhianach agus eidirdhealbhadh innscine. Nuair a
bhéas an cineadh daonna i n-aoinfheacht leis an Aondacht
Dhiadha arís ní bhéid “fear” nó “bean” ann; béidh colann
spriodálta ag gach aoinne, ag gach anam, arís.



“Ní gábhadh dham a rádh nach bhfuil ins an méid sin acht
tuairim — tuairim fheallsamhan mhóir, ámhthach,” arsan t-Athair
Muiris. “Mór-shompla de smaoineadh na saoithe fá'n
gceist is eadh é.”



“Feallsamh mór a b' eadh Erigena,” ar Caoimhghín,
“acht ní raibh eolas aige ar a lán teagaisg rúnda agus
diamhaireacht' an t-sean-shaoghail — ar fheallsamhnacht rúnda
an Oirthir go h-áirithe. Ba mhór é a mhíniughadh, acht níorbh
é an míniughadh iomlán é. Bhí Erigena ró-chruaidh ar fad
ar na mnáibh, sé sin, má thuigim i gceart an trácht fá'n
bhantracht san ‘De Divisione Naturæ.’ 'Sé mo thuairim
féin go bhfuil an bhantracht níos spriodálta go mór 'ná
atámuid-ne. Agus mar dubhras cheana, má tá an grádh
glan, oireamhnach, ní chreidim go bhfuil tuitim ná trághchaint
i bpósadh — ann féin.”



I n-a dhiaidh sin a's uile, bhí intinn Chaoimhghín ag éirghe
neamh-shuaimhneach. Bhí eagla air go raibh sé 'gá mhealladh
féin, agus go raibh an ceart, nó cuid de'n cheart, ag Úna
agus ag an Athair Muiris. Bhí cogadh ag bagairt ar a
intinn, cogadh idir a chroidhe agus a anam — an cogadh is mó
agus is measa atá i gcinneamhain do dhuine fá'n ngréin.



CAIB. a XIII. — AN LEABHAR MÓR.



Nuair a bhí an t-Oireachtas thart do thosnuigh Caoimhghín ag
smaoineadh ar an obair go mbadh chóir dó a dhéanamh. Bhí sé
cinnte go raibh neithe 'na intinn ba cheart dó chur chun
críche ar son na h-Éireann. Bhí spiorad nua sa tír, acht
bhí smaointe ag teasdáil. Bhí na Gaedhil ag corrughadh, acht


L. 47


ní rabhadar acht i mbéal a maitheasa fós; níor thuigeadar
a mbealach ná a dtír ná an aois nua i gceart; agus na
treoruidhthe intleachtacha a bhí aca, ní raibh dúil i dtreorú
ag a bhfurmhór. Cheap cuid aca gur leor dóibh tobac a
chaitheamh ins An Stad agus abhráin do chumadh ar an sean-
nós; shaoil cuid eile aca gurbh iad “fuaimeanna” a
chuirfeadh spiorad na h-Éireann i n-aondacht le ceol treor-
uighthe na cruinne … Budh chóir do gach sgríbhneoir
go h-áirithe smaoiniughadh agus oibriughadh i mbárr a anama.



D' éirigh Caoimhghín go moch gach maidin, agus amach leis
ar a rothar thar na bóithre idir na sléibhthe agus an
fhairrge. Bhí “draoidheacht na maidne” 'na chroidhe agus
'na thimcheall, agus diaidh ar ndiaidh do shocruigh sé ar
leabhar mór, tábhachtach, intleachtach do sgríobhadh.



Diamhaireacht agus síbhialtacht bun a's bárr an leabhair
— diamhaireacht agus síbhialtacht na nGaedheal. B' eol dó
go raibh síbhialtacht i n-Éirinn, agus ar fud an domhain,
na mílte bliadhain roimh Aois ár dTighearna. An chaint
do chuala sé agus na leabhra do fuair sé i gCumann
Erigena chuireadar crot nua, iongantach ar sgéal an
chinidh dhaonna. Agus maidir leis an rud ar a nglaodhtar
“stair,” bhí sé chómh cosamhail le fíor-stair agus do bhí
“nuaidheacht” na bpáipéar laetheamhail le beathaidh spriod-
álta agus le beathaidh intleachtaigh na h-Éireann. Bhí sé
cinnte go raibh diamhaireacht áluinn i n-Éirinn i n-allód,
agus gan eolus a bheith againn faoi an ndiamhaireacht sin ní
féidir linn síbhialtacht agus saothar agus sgéal ár sean do
thuigsint. Cailleadh an diamhaireacht agus milleadh an
saoghal i n-Éirinn i bhfad sul ar tháinig na Lochlannaigh.
D'éirigh an-chuid daoine go h-achrannach, d'éirigh cuid eile
aca go foirmeach. Bhí morán eolais fá leith ag Caoimhghín
i dtaoibh an tsean-shaoghail agus na sean-fheallsamhnachta
agus na sean-ealadhan agus na sean-shíbhialtachta; agus chuir
sé leagan nua ar an iomad rud a bhain leis na sean-déithe,
leis na sean-nósa, agus leis na sean-sgéalta. Ba léir
dó gur thuig an sean-sean-Ghaedheal, chómh maith leis an
nGréagach, &l, an diadhaireacht a bhí ann féin; ba fheasach
dó-san go raibh ríoghacht Neimhe ann féin. Acht ba shuarach
é smuaineadh na n-Éireannach i dtaoibh an tsaoghail agus
an chinidh dhaonna le fada. Ní raibh fios aca — mar a bhí
ag a sinnsir — ar an ndiadhaireacht agus ar an nglóire
a bhí le fághail ionta féin. Acht do thaisbeán spiorad an


L. 48


Oireachtais go raibh athrú ag teacht ortha. Dubhradar go
mba mhaith leo a bheith chómh Gaedhealach le n-a sinnsir, agus
a bheith cosamhail leo do réir spioraid agus do réir smaointe.
Bhí go maith. De bhrígh go raibh an sgéal mar sin badh cheart
a lán eolais ar spiorad agus smaointe na sean-Ghaedheal
a thabhairt dóibh, dubhairt Caoimhghín leis féin. Cheap sé mar
theideal an leabhair: “Creideamh agus Saothar ár Sinnsir,”
agus mar fhó-theideal: “An Ceangal atá idir Diamhaireacht
agus Fíor-shíbhialtacht.” Do thosnuigh sé ar clár do riaradh.



Do sgríobh sé chuig Úna gach lá. Bhí an-trácht ins na
litreacha fá “An Leabhar Mór.” Uair amháin bhí sé go
h-aereach, fileadhta, uair eile bhí sé go fuinneamhail, uair
eile arís bhí sé go brónach.



Sgríobh sé maidin:



“Is iongantach iad na h-imtheachta a bhíos ar siubhal san
‘mhór-intinn’ agus an ‘duine’ 'na chodladh. Oidhche aréir
bhíos an-thuirseach tar éis teacht a bhaile ón oifig dom.
Rinne mé iarracht ar leanamhaint ar an gcaibidil úd i
dtaoibh ban-déithe na sean-Ghaedheal, acht do theip orm glan.
Bhí na smaointe trí n-a chéile, agus níor bh'fhéidir liom brígh
an sgéil do nochtadh ar aon chor. Do chailleas an oidhche
agus chuaidh mé do chodladh ar a dó a chlog chómh tnáidhte,
agus chómh mí-shásta liom féin a's do bhí mé riamh. Acht ar
ndúiseacht dom ar maidin shaoileas ar feadh nóimid go
rabhas cois trágha áilne agus go raibh mná sár-bhinne ag
caint i n-aice liom. Samhluigheadh dhom gur bhan-déithe a bhí
ionta, nó go rabhadar ag cainnt i dtaoibh na mban-déithe.
An chéad nóimead eile bhíos im' lán-dhúiseacht, agus bhí an
‘tráigh’ agus na ‘mná’ imthighthe. Acht na neithe nár
bh'fhéidir liom socrughadh aréir bhíodar go soilléir agam
annsin. Táim tar eis cuid mhaith de'n chaibidil a sgríobhadh.
Acht fáiríor, is éigin dom stad anois. Caithfidh mé dul go
dtí an oifig — agus ní fheadar cia'n obair shuarach, neamh-
thairbheach atá rómham. Óch, a bhan-déithe mo chroidhe, ní
féidir liom freastal oraibh no go dtiocfaidh an oidhche arís.
Tá ‘An t-Sean-bhean Liath’ ag glaodhach orm.”



Sgríobh Úna ar ais chuige:



“An é sin an saghas ‘staire’ atá d'á sgríobhadh agat? —
rudaí a chualais mná sidhe ag rádh cois trágha draoidheachta
ar osgailt dó shúl dhuit ar maidin! Sin é an Forus Feasa
dáríribh! Bhfuil an réamhrádh sgríobhtha ag Clíodhna fós? An
mbéidh nótaí agat ón nGobán Saor?”


L. 49


Sgríobh sé chuice oidche:



“Tá amadán an domhán 'na chomhnuidhe i nDumhach
Trágha Mhuirbhthean. Caoimhghín Ó Cearnaigh is ainm dó.
Do chrom sé ar leabhar mór do sgríobhadh, chun ceist
mhór do nochtadh. Acht fiche duine foghlumtha ag obair
go dian ar feadh fichead bliadhna — ní bhéidís i n-ann an
t-eolas go léir — ádhbhar an leabhair — a bhailiughadh. Bhéadh
ortha a lán leabhra agus a lán sgéalta agus a lán lámh-
sgríbhinne sean-Ghaedhilge a sgrúdú, agus annsin a lán
leabhra Frainncise, agus a lán leabhra Gearmáinse, &rl, a
sgrúdú. Annsin bhéadh tús maith déanta aca. Acht ní
bhéadh ann acht tús. Cheap an gogaille gó úd, an Caoimhghín
réamhráidhte, go mb'fhéidir leis féin an obair go léir a
dhéanamh i n-aon bhliadhain amháin! … Is éigin dam
athrú chláir a dhéanamh. Sgríobhfhaidh mé ar dtús ar dhiadhacht
agus ar dhiamhaireacht an chinidh Airian agus ar dhiamhaireacht
an tsean-shaoghail i gcoithcheann. Annsin sgríobhfaidh mé ar
na príomh-Cheiltigh ag a raibh an t-eolas céadna agus an
diamhaireacht chéadna — nó ag a múinteoirí agus a n-ollamhain
pé sgéal é. Annsin feicfidh Éireannaigh an lae indiu an
bheatha mhór spriodálta a bhí ag na príomh-shleachta. Feicfidh
siad rud mór eile: an tslighe is fearr chun an bheatha mhór
spriodálta chéadna a shaothrughadh ionta féin.”



Dubhairt Úna gur deas an taidhbhreadh é, acht nach raibh
ann acht taidhbhreadh. B' fhurus a cheapadh agus a rádh go
raibh Aois Fhorórdha ann ar dtús, agus go mbéadh sí ann
arís. Fáiríor, ní raibh ins an méid sin acht finnsgéal,
agus ní raibh ins an méid seo acht dóchas agus dúil anama.
Bhéadh sé chómh maith dhó bheith ag rádh go raibh fathaigh ann i
n-allód.



Agus b' fhéidir go raibh, dubhairt Caoimhghín san chéad litir
eile. “Deirtear gurab é an cúigeadh cineadh daonna atá
ins an domhan anois. Glaodhtar an cineadh ‘Atlantean’ ar
an gceathramhadh cineadh. Deirtear gur cineadh fathachamhail
a bhí ann nó i gcuid de. Deirtear fós go raibh fuigheall
an chinidh sin ar an domhan nuair tháinig ár gcineadh féin,
agus dá bhrígh sin bhí corp na fírinne sna céad sgéalta i
dtaoibh na bhfathach. Nílim ag rádh go bhfuil sé fíor
nó nach bhfuil. Acht táim cinnte i dtaoibh síbhialtacht'
an tsean-shaoghail. Taisbeánann sean-sgéalacht, nó ealadha
shean-chomharthaidhe, an tsíbhialtacht mhór a bhí ag na daoine
a mhair i bhfad roimh ár n-aimsear féin, na mílte bliadhain


L. 50


roimh Aois ár dTighearna. Bhí cathracha chómh mór le
n-ár gcathracha féin aca. Bhí foghluim mhór, dhoimhin aca;
coimhéadadh ó aois go haois i dteangain rúin-diamhraigh
shamhlachtaigh í. Bhí i bhfad nídh ba mhó eolais aca i dtaoibh
an anama 'ná atá againne. Cuimhnigh ar na Gréagaigh féin
agus an stuidéir a rinneadar faoi Ethos. Deir Platon
go bhfuil an t-anam tríonóideach, go bhfuil trí neithe ann —
an nous, atá diadhaireach agus síorruidhe, an anoia, atá
éigcialldha, agus an psyche. Is mithid do na h-Éireannaigh
fíor-stuidéir a dhéanamh fá'n anam arís, agus fá bhrígh na
cruinne.”



Bhí go maith, dubhairt Úna, acht nach rinne sé dearmad
mór? Ó éirghe na Críostaidheachta nach raibh gach rud i
dtaoibh an anama go soilléir?



Ní raibh, dubhairt Caoimhghín. “Do thaisbeán Críost, agus
do mhínigh Sé, bun-riaghlacha spriodálta. Tá siad simplidhe,
tá siad an-iongantach. Ní mór dúinn iad a choimhéad agus
a chóimhlíonadh. Dá ndéanfaimís sin amuigh 's amach do
gheobhaimís tús Ríoghachta Neimhe san tsaoghal so agus
ionainn féin. Acht tá beagnach dhá mhíle bliadhain caithte,
agus níl acht tosnughadh déanta fós. Tá na bun-riaghlacha
dearmadtha ag a lán agus tá a gCríostaidheacht go foirmeach.
Tá diamhaireacht Chríost agus diamhaireacht na saoithe naomhtha
dearmadtha. Agus dá bhrígh sin tá dlighthe agus iongnadh an
anama gan nochtadh; táimíd neamh-eolgasach 'na dtaoibh.
Ceapaim féin anois nach mbéidh a mhalairt de sgéal againn
no go dtuigimíd an diamhaireacht atá i dteagasg Chríost,
agus fós — no go dtuigimíd go bhfuil aith-bhreith nó aith-
ioncholnughadh ann. Chreid ár sinnsir go raibh sé ann; agus
ní gábhadh dham a radh go réidhtigheann sí le teagasg agus le
diamhaireacht Chríost.”



Dubhairt Úna gur chuir an smaoineadh sin sgannradh
uirthe. Budh uathbhásach an rud sinne a bheith ag teacht ar ais
arís agus arís eile ar an domhan dolásach so. Badh cheart go
mbéad suaimhneas agus síothcháin ag duine bocht tar éis aon
turais amháin.



Ní dubhairt aoinne, ar Caoimhghín, go dtiocfadh “duine”
— an “gnáth-dhuine” — ar ais arís. Níl sa ngnáth-dhuine
acht saghas aisteora, gan fhios dó féin. 'Sé an t-anam an
fíor-duine, agus is é an t-anam a thigeas ar ais arís — an
t-anam agus ‘an cholann chúiseach,’ do réir saoithe áirithe —
i gcolainn chorpordha nua. Agus is maith leis an anam féin


L. 51


é sin do dhéanamh, agus iarracht nua agus cleachtughadh nua
a bheith aige sa domhan. Is léir do'n anam, sul má
nglacann sé colainn nua, nach mbéidh 'na “bheathaidh” nua ar
an tsaoghal acht seal beag i gcóimhmheas le saoghal na saoghal
agus leis an aoibhneas síorruidhe atá roimhe — nó atá aige,
badh cheart a rádh. Acht saoileann sinne — “gnáth-dhaoine,”
“aisteoirí” i gcruaidh-chluiche, mar atáimíd — go bhfuil an
saoghal an-fhada, an-tuirseach ar fad. Tá fhios ag ár
n-anamainn — ár bhfíor-dhaoine fá cheilt — nach amhlaidh atá an
sgéal.”



Bhí an sgéal mar sin ag Caoimhghín agus Úna ar feadh i
bhfad. Sgríobhadar ádhbhar leabhair mhóir i bhfuirm litreacha.
Acht bhí Caoimhghín ag éirghe go mío-fhoighdeach, mí-shásta,
cráidhte. Uaireannta ní raibh sé i n-ann focal de'n leabhar
a sgríobhadh. Chaill sé an oidhche ar fad go minic. Ba
dheas a bheith ag sgríobhadh chun Úna, ba dheacair rud eile
do sgríobhadh, nuair a bhí sé tuirseach, agus fonn air a bheith
ag caint le h-Úna nó ag sgríobhadh chuiche. Uaireannta eile
bhí sé tnáidhte tar éis na h-oibre i gcóir an pháipéir, agus
na smaointe bríoghmhara a bhí 'na intinn ar maidin bhíodar
imthighthe glan. Bhíodh sé ag á iarraidh ar Úna a h-intinn a
shocrughadh chun an phósta. Dá mbéadh sí aige mar mhnaoi
bhéadh an saoghal go h-áluinn, agus bhéadh seisean i n-ann an
leabhar do chur chun cinn go breagh, réidh, bríoghmhar, dubhairt
sé. Bhéadh sé i n-ann fíor-litridheacht do chumadh ar a
shuaimhneas. Fuair sé freagartha sultmhara magamhla ó Úna.
Acht bhí imnidhe uirthe.



CAIB. a XIV. — NA SEANDAOINE I gCRUADH-CHÁS.



Do chruaidh an saoghal ar Lorcán Ó Cearnaigh agus ar
a mhnaoi ar an bhfeilm bhig i gCluaintobair. Bhíodh Lorcán ag
obair go moch mall, acht bhí sé ag éirghe aosta agus ní raibh
an sean-fhuinneamh ann ná an tsean-chlisteacht aige, agus
dá bhrígh sin níor éirigh leis leath chomh maith agus d' éirigh
roimhe sin. Diaidh ar ndiaidh do chruaidh an saoghal ortha
go mór.



Cheap an bheirt mhac go mb'fhearr dóibh dul go h-Aimeir-
ioca, agus chuadhar. Tamall 'na dhiaidh sin chuaidh an bheirt
inghean ann mar an gcéadna. Dubhradar ar imtheacht dóibh


L. 52


go mbéadh an-chongnamh le fághail ag an athair agus an
mháthair uatha. Acht is doiligh go leor a bhí a saoghal san
Oileán Úr ar feadh cúpla bliadhan.



Níor chuireadar i n-úil do Chaoimhghín go rabhadar ag
imtheacht. Bhí fhios aca go maith go mbéadh fearg agus brón
air faoi a n-imtheacht, giodh nach raibh — nó cheapadar nach
raibh — slighe beathadh le fághail sa mbaile aca. Agus cheap
an t-athair agus an mháthair go mb'fhearr an sgéal a shéanadh
air chómh fada agus do b'fhéidir leo é.



Tháinig iongnadh ortha faoi nár sgríobh Caoimhghín chucha acht
corr-uair tar éis an Oireachtais. Annsin d' imthigh na míosa
agus níor tháinig cúntas ar bith uaidh. Dubhairt sé rud
éigin fá an “leabhar” ar dtús, agus shaoileadar ar uairibh
gurbh é siúd an fáth faoi nár sgríobh sé. Mheasadar gur
obair mhillteach mhór í, leabhar do chumadh agus do chur le
chéile. Nuair tháinig na comharsana isteach san oidhche bhí
an-trácht i dtaoibh an leabhair aca.



“Béidh teine cnámh againn chómh luath i n-Éirinn agus a
thiocfas an leabhar amach,” ar Máirtín Gréasaidhe. “Béidh
Cluaintobair faoi chlú ar fud na h-Éireann feasta. A
leithéid de ghníomh ní dhearna fear as Cluaintobair ó bhí
Ádhamh 'na bhaitsiléar. Ag baint phrátaí agus ag déanamh
bróg agus ag innsint sgéal — sin é bhí Cluaintobair a
dhéanamh le sinnsearaibh. Anois is féidir le Cluaintobair
a rádh — nó béidh, i gceann tamaillín — ‘tá leabhar déanta
agam.’”



“Cé an saghas leabhair é, a Lorcáin?” ar Seán Gabha.
“'Mbéidh aon rud fá phiseoga nó fá thaidhbhsí nó fá na
sídheoga ann?”



“Ní fheadar 'an tsaoghal, a Sheáin,” ar Lorcán. “Ní
dubhairt Caoimhghín aon rud 'na thaoibh acht amháin go raibh sé
d'á sgríobhadh. Is fada ó dubhairt sé an méid sin, agus tá
súil agam go bhfuil an leabhar críochnuighthe anois.”



“Ná bí ag trácht ar phiseoga ná ar thaidhbhsí,” ar Máirtín.
“Ní ar rudaí de'n tsórd sin a bhéadh fear óg, léigheannta
ag trácht 'na leabhar. Ní chuireann muinntir Bhaile Átha
Cliath aon tsuim i bpiseoga, agus ní fhacadar taidhbhse
ariamh.”



“Cá bhfios duit nách bhfacadar?” ar Seán.



“Tá fhios ag an saoghal nach féidir le taidhbhse dul thar
uisge atá 'na rith,” ar Máirtín. “Tá uisge ag rith idir
Cluaintobair agus Baile Átha Cliath.”


L. 53


“Acht bhfhéidir go bhfuil taidhbhsí ar an taobh thall de'n
uisge,” ar Seán.



“B'fhéidir go bhfuil agus b'fhéidir nach bhfuil,” ar Máirtín.
“Níor chualas ariamh go raibh taidhbhsí le feicsint ins na
bailte móra. Acht bhíodh siad ann nó bhíodh siad as ní ortha-
san a bhéas Caoimhghín ag cur síos.”



“Agus cé'n rud a mbéidh sé ag cur síos air?” ar duine.



“Ní fheadar,” ar Máirtín. “Ní léir dam cé an saghas
áite í Tír na nÓg. Ní léir dam cad tá ceilte i n-intinn
duine mar Chaoimhghín acht chómh beag. Acht tá fhios agam go
maith go bhfuil rud mór dá dhéanamh aige. Is iongantach an
saoghal é. Támuid annso cois na teineadh, daoine simplidhe
mar atáimid, ag smaoineadh ar phrátaí agus ar phiseoga,
agus tá obair dá déanamh i mBaile Átha Cliath a chuirfeas
clú orainn go léir. Béidh gach aoinne sa gcathair mhór dár
moladh.”



“'Seadh,” ar Seán, “béidh éileamh mór i mBaile Átha
Cliath annsin ar bhróga é láimh Mháirtín. Béidh siad ag
teastáil ó gach fear uasal. Ní béidh tú i n-ann teacht ar
chuairdidheacht annsin, a Mháirtín, béidh tú chómh gnóthach sin.”



“Och is furus do dhuine a bheith ag déanamh grinn,” ar
Máirtín, “acht ní greann atá sa sgéal acht glóire. Gan
fhios dúinn féin tá clú ár bparáisde bige ag fás do ló as
d' oidhche, díreach mar a bhíonn na bláthanna ag fás faoi
thalamh sa ngeimhreadh, nuair nach dóigh le n-a lán againn go
bhfuil siad ann ar chor ar bith. Is cóir dúinn bheith áthasach
faoi an leabhar mór —”



“Mhuise, a Mháirtín a chroidhe,” ar Máire, máthair
Chaoimhghín, “is beag áthas atá orm-sa faoi an leabhar céadna,
cibé rud atá ann nó as, agus is truagh liom go bhfuil
Caoimhghín i n-ann é sgríobhadh, nó i n-ann aon leabhar a
sgríobhadh. B'fhearr liom gan dúil a bheith aige i n-aon
rud de'n tsórd sin, óir annsin bhéadh sé annso i n-ár measg
againn.” Agus do chrom sí ar gol.



“Óch, ná bíodh ceist ort, a Mháire,” ar Máirtín. “Tá
Caoimhghín ag déanamh go breágh, agus níl Baile Átha Cliath
i bhfad uainn. Acht dar ndóigh is deacair na mná do shásamh
i gcomhnuidhe. Dá mbéadh mac agam-sa agus é i n-ann leabhar
do sgríobhadh bhéinn ag léimneach as mo chorp.”



“Is suarach leabhar do chroidhe mháthar i gcóimhmheas le
mac,” ar Máire. “Óch is orm a bhí eagla i gcomhnuidhe fá


L. 54


na leabhra céadna. Agus anois tá mo mhac dil imthighthe
uaim go deo mar gheall ortha.”



“Ná h-abair é sin, a Mháire,” ar Seán. “Níl Caoimhghín
imthighthe go deo, na imthighthe uait i n-aon chor, acht anonn go
Baile Átha Cliath. Agus tá obair mhór dá déanamh aige.
Gan amhras béidh Cluaintobair fá chlú mar gheall ar an obair
chéadna.”



Do chrom Máire a ceann agus níor labhair sí a thuilleadh.



Tar éis imtheacht do na comharsana d' fhan Lorcán agus
Máire 'na suidhe cois na teineadh ar feadh i bhfad, ag cur
a's ag cúiteamh fá na cruaidh-cheisteanna a bhí ag déanamh
buaidheartha dóibh. Bhí fiacha ortha le fada agus bhí imnidhe
ortha i dtaoibh an chíosa. An beagán airgid a bhí bailighthe
aca b'éigin dóibh í thabhairt do'n bheirt inghean i gcóir costais
a dtriallta go h-Aimeirioca. Níor mhaith leo a gcruadh-chás
a chur i n-úil do na comharsana, agus budh dheacair dóibh a
chur i n-úil do Chaoimhghín — níor sgríobh ceachtar aca oiread
agus nóta le dachad bliadhain. Agus budh olc leo a bheith
ag casaoid.



“Is cóir dúinn beith foighdeach,” ar Máire sa deire. “Is
giorra cabhair Dé 'ná an dorus.”



CAIB. a XV. — AN SOCRUGHADH.



Bhí an leabhar agus ceisteanna a bhain leis an leabhar,
agus ceisteanna eile nach iad, ag déanamh buaidheartha do
Chaoimhghín. Acht chuir sé roimhe go minic i rith na bliadhna
litir a chur ag triall ar a athair agus a mháthair. Thóg sé
peann agus páipéar ar uairibh agus dubhairt leis féin gur
mhithid dó tosnughadh. Acht chuir sé ar ath-lá é. Níor mhaith
leis sgríobhadh chucha gan trácht fá Úna a bheith sa litir, acht
níor fhéad sé a leithéid do déanamh go fóill. Níor mhian
leis chur i n-úil dóibh go raibh fonn pósta air. Bhí saghas
náire air faoi sin. Dubhairt sé leis féin gurbh aisteach an
rud é náire ar bith a bheith air faoi an sgéal d' innsint dóibh,
acht 'na dhiaidh sin a's uile bhí náire air agus ní raibh leigheas
aige air.



Bhí fhios aige gurbh aisteach ar fad iad baramhla sean-
daoine i gCluaintobair i dtaoibh an ghrádha agus i dtaoibh
pósta — pósadh na n-ógán go h-áirithe. Cheapadar nár cheart


L. 55


ná Críostamhail é, buachaillí agus cailíní a bheith mór le
n-a chéile, ná fonn pósta bheith ortha. Dá bhrígh sin bhí
náire ar na daoine óga i dtaoibh grádha agus pósta. Ba
mhór an t-athrú a bhí tagaithe ar intinn Chaoimhghín ó d'fhág
sé slán ag Cluaintobair, acht níor fhág sé slán ag a
dhúthcas.



Bhí troid ar siubhal 'na intinn i dtaoibh an ghrádha.
D' admhuigh a intleacht nárbh uasal, tairbheach an rud an
grádh céadna. D' aontuigh sé le n-a raibh le rádh ag na
múinteoirí móra agus na saoithe naomhtha 'na thaoibh. Ba
h-aoibhinn agus ba h-acrach do chuid mhór de'n chineadh
daonna é, acht bhí daoine ann agus b' fhearr go mór dóibh
bheith gan é. Bhí obair mhór, neamh-choitcheann le déanamh
aca; bhí sé riachtanach ortha an grádh do sheachaint, agus
leanamhaint go meisneamhail ar an mbealach mór, uaigneach
gur dhual dóibh a leanamhaint air. Is minic i gciúineas na
h-oidhche d' éirigh árd-aoibhneas agus sár-shonas i n-intinn
Chaoimhghín; d' éirigheadar chómh mór sin a's nár mhothuigh sé
go raibh an “gnáth-dhuine” ná an gnáth-shaoghal ann i n-aon
chor. Ba léir dó annsin an árd-bheatha a bhí le fághail aige,
dá mb' áil leis í; ba léir dó gur bheatha gan grádh í. Bhí
a intinn socruighthe ar feadh tamaill. Acht annsin do
thiocfadh smaointe ar áilneacht agus ar ghrádhmhaireacht Úna,
do thiocfadh na smaointe sin mar thuinn agus mar thuile na
fairrge. Ba léir dó annsin nach raibh uaidh acht í.



Tar éis morán litreacha do chur chuiche agus morán litreacha
a fhághail uaithe chuaidh sé ar cuaird chuiche go Fine Gall lá.
Ní raibh aon rud socruighthe aca fós, agus bhí obair Chaoimhghín
trí n-a chéile. Anois agus arís do chrom sé le fuinneamh ar
chumadh agus sgríbhneoireacht an leabhair, agus d' éirigh leis
go breagh ar feadh tamaill. 'Ná dhiaidh sin ní raibh sé 'na
chumas leathanach a sgríobhadh i rith seachtmhaine, mar gheall ar
an tuirse do chuir obair an pháipéir air agus an draoidheacht
do chuir Úna air.



Chuadar go bruach na fairrge arís, agus do b' fhada
an seanchus a bhí eatortha annsin. Bhí Úna nídh ba dheis-
bhéalaighe 'ná riamh, acht ar tagairt do'n phósadh do Chaoimhghín
d' éirigh sí sgáthmhar. Chuir sí i n-úil dó an imnidhe agus
an eagla a bhí uirthe roimh an bpósadh. I ndeireadh na dála
d' admhuigh Caoimhghín 'na intinn féin go raibh an ceart aici.



“Béidhmid go grádhmhar dá chéile i gcomhnuidhe, a
Chaoimhghín,” ar sise. “Béad-sa ag obair imeasg na


L. 56


mbocht, béidh tusa ag obair go bríoghmhar ar son na
h-Éireann agus ar son do mhuinntire féin, agus go lá ár
mbáis —”



Do stad sí. Níor bh'fhéidir léi a thuilleadh do rádh.



“Ar son do mhuinntire féin.” Ar gclos na bhfocal sin
do Chaoimhghín chuimhnigh sé ar a athair agus ar a mháthair
i gCluaintobair. Ba bheag an méid oibre a rinne sé ar a
son le déanaighe. Ba mhór an náire dó é sin, ar seisean
leis féin. Chuimhnigh sé ar a ndearnadar i n-aimsir a óige
ar a shon-san, an t-ualach agus an méid fhulaing a bhí ortha,
agus chómh foighdeach agus chómh sásta agus do bhíodar chómh
fada agus do bhí seisean ag fághail an oideachais. Acht an
t-am so, agus iad ag éirghe aosta, rinne sé dearmad ortha!
'Seadh. Bhí an ceart ag Úna. Milleadh carthannachta a b'eadh
an grádh. Chuir sé an t-anam ó rath. Do dhíbir sé chómh-
mhothú.



Chuimhnigh Caoimhghín ar an méid mór feallsamhnachta a bhí
léighthe agus sgrúduighthe aige ó theacht go Baile Átha Cliath
dó. Dá mhéid é ba bheag an maitheas dó é, óir ba léir dó
go raibh sé ag cur an iomarca suime ann féin.



D'éirigh sé 'na sheasamh. Do chrom sé a cheann agus do
phóg sé Úna.



“Tá an ceart agat, a Úna, agus bíonn an ceart agat
i gcomhnuidhe,” ar seisean. “Rinne mé dearmad ar Éirinn
agus ar mo mhuinntir féin, agus ar gach rud acht amháin mé
féin.”



Chuaidh sé go dtí an áit i raibh a rothar. Do léim sé air,
agus súd amach é.



Chuir sé dá mhíle de'n bhóthar de. Annsin do stad sé
chomh h-obann sin gur bheag nár thuit sé ar an talamh.
Léim sé anuas, agus d' iompuigh sé an rothar. I gceann
cúpla nóimead bhí sé ag rith ar ais go Fine Gall i mbárr
an anama.



Bhí Úna 'na suidhe ins an áit chéadna ar bhruach na fairrge.
Níor mhothuigh sí ag teacht é no go raibh sé le n-a cois. Bhí
rian na ndeor 'na súilibh, acht nuair chonnaic sí Caoimhghín
do rinne sí mion-gháire.



“A ndearna tú dearmad ar rud éigin?” ar sise go
sámh.



“Rinne,” ar seisean. “Rud beag deas — tusa féin.”
Agus do shuidh sé síos le n-a taoibh agus do chuir sé a lámh
le n-a muinéal.


L. 57


“'Seadh,” ar seisean. “Rinne mé dearmad ort-sa.
Agus is beag nár imthigh an t-anam asam.”



“Is dócha go gcaithfidh mé bheith leat,” ar sise. “Níl
leigheas air. Is beag nár bhris mo chroidhe ó shoin.”



Bhí gach rud socruighthe aca i gcóir an phósta sul ar
thángadar ar ais go tigh an Chanónaigh.



CAIB. a XVI. — TÍR NA n-ÓG.



Chuir Caoimhghín obair an leabhair ar leath-taobh. D'fhág
an Canónach slán ag Fine Gall. Tháinig Úna go Baile Átha
Cliath san am céadna. D'aontuigh sise agus Caoimhghín a
bheith 'na gcomhnuidhe i n-aice Chuain Átha Cliath tar éis an
phósta. Fuaradar tigín deas i nDumhach Mhuirbhthean, i ngar
do thigh Sheáin Uí Mhurchadha, 'na raibh Caoimhghín ag cur faoi
cheana. Bhí Seán ag fágáil na háite, óir bhí sé tar éis
posta fhághail mar eagarthóir cabhruighthe i mBéilfeirsde.
Ba thruagh le Caoimhghín é a bheith ag imtheacht. Acht bhí go
leor le déanamh aige, agus shaoil sé go raibh sé ina chomh-
nuidhe i dTír na nÓg cheana féin. Socruigheadh go mbéadh
an pósadh ann i dtús a laetheannta saoire i gceann míosa.



Tar éis a bpósta chaitheadar seal i bhFine Gall cois na
fairrge, agus 'na dhiaidh sin bhíodar i ngleann na Bóinne
agus i gceanntar na Teamhrach ar feadh tamaill, agus sa
deire chuadar go dtí an tIarthar. Tar éis seachtmhaine ba
dheacair do Chaoimhghín a chreideamhain nach rabhadar pósta
le bliadhanta. An saoghal a bhí aige roimhe sin samhluigheadh
dó nach raibh ann acht rud éigin do léigh sé i bhfad ó shoin i
sean-sgéal — ní raibh fíor-bheatha aige go dtí seo. Chreid sé
go raibh dearmad mór déanta ag feallsamhna i dtaoibh
pósta. Iad so adubhairt gur tréigeant árd-nádúire a bhí
ann, bhíodar ag dul amugha go mór. Ní raibh a anam chómh
beodha ariamh agus do bhí sé annsin. Bhí an-trácht ag na
feallsamhna agus na saoithe naomhtha faoi “an bhantracht”;
finn-sgéalaidheacht spriodálta í sin. Fá dhubhailceas do
chruthuigh an cineadh daonna féin do chuireadar an milleán
ar “Bhean,” díreach mar do chuireadar milleán eile ar
an “Diabhal.” An cineadh daonna a bhí cionntach ó thús go
deire.


L. 58


Lá da rabhadar 'na suidhe i ngleanntán áluinn, uaigneach
cois na Bóinne chuir sé i gcuimhne do Úna an eagla agus
an imnidhe a bhí uirthe roimh pósadh.



“Ní thuigim anois cad a bhí orm annsin,” ar sise. “Acht
tá sé imthighthe ar nós taidhbhridh. Saoilim go bhfuilim im'
bheathaidh dáríribh fá dheoidh. Níor shaoileas gur bh'fhéidir an
oiread sin sonais a bheith fá'n ngréin agus atá orm-sa.”



“Tá an sgéal céadna agam-sa,” adeir Caoimhghín.



“Agus seo rud iongantach eile,” ar Úna. “Nuair bhí
sonas orm roimhe seo bhí eagla orm go n-imtheochadh sé. Níl
aon eagla orm anois.”



“Ní dóigh liom go bhfuil ár sgéal-ne cosamhail le sgéal
aon bheirte eile dár chualas trácht air ariamh,” ar Caoimhghín.
“An chéad uair do chasamar ar a chéile shaoileas go raibh
sean-aithne againn ar a chéile, agus go raibh cáirdeas croidhe
eadrainn i bhfad roimhe sin.”



“Admhuighim anois, rud nár admhuigheas dom féin ar
dtús, gur thugas grádh dhuit an chéad uair,” ar Úna.



“Rinne mé amhlaidh i do thaoibh-se,” ar Caoimhghín. “Bhí
mo dhúil ort o'n gcéad uair. Acht ariamh roimhe sin níor
chuireas an oiread sin suime i gcailíní agus do chuireas i
dtaidhbhsí.”



“Níor thuigeas cé an saghas rud an grádh sul ar chasamar
ar a chéile,” ar Úna. “Thuigeas go maith é 'na dhiaidh sin.”



“D'aithin ár n-anamanna a chéile,” ar Caoimhghín. “Táim
fíor-chinnte anois go bhfuil aith-bhreith ann.”



“Is iongantach an smaoineadh sin,” ar Úna. “Chuir sé
sgannradh orm ar dtús. Níor thuigeas i gceart é. Níor
bh'eol dam gur mhínighis dom í, an difrígheacht atá idir an
‘gnáth-dhuine’ agus an ‘fíor-dhuine.’ Ní fheadar go bhfuil
sé fíor, acht tá sé an-iongantach. Is truagh nach gcuireann
sinn go léir níos mó spéis ins an bh-‘fíor-dhuine.’ Ba mhinic
nuair bhí árd-áthas orm dubhairt mé liom féin ‘cé'n fáth
nach bhfuilim mar so i gcómhnuidhe, óir is é an “mé”
céadna atá ionam i gcomhnuidhe? Agus má tá árd-áthas
orm aon uair amháin is féidir árd-áthas a bheith orm i
gcomhnuidhe, agus annsin bhéinn ar Neamh i gcomhnuidhe, ar
shlighidh pé sgéal é.’”



“Feallsamh atá ionnat,” ar Caoimhghín, agus phóg sé í.



“Má's feallsamhna atá ionainn, a Chaoimhghín, is aisteach
an dúil atá againn i bpóga. Níl teora linn.”


L. 59


“Is féidir le feallsamh morán d'fhóghluim as póga,” ar
seisean.



“Bhíomar ag trácht,” ar sise, “ar an bhfíor-dhuine’ atá
fá cheilt i ngach aoinne, agus ar an árd-áthas a bhíos air ó
am go h-am —”



“I gcomhnuidhe,” ar Caoimhghín. “Bíonn áthas ar an
bh-‘fíor-dhuine’ i gcomhnuidhe. 'Sé an fáth nach mbíonn áthas
‘orainn’ i gcomhnuidhe: an ‘fíor-dhuine’ atá i ngach aon
againn a bheith thíos, ceilte, dearmadtha, i n-ionad a bheith
thuas, beodha, faoi réim, treorach.”



“'Seadh,” ar Úna. “Sin a bhí im' aigneadh. Agus nach
féidir le gach aoinne an ‘fíor-dhuine’ a shaothrughadh, mar
adéarfá, agus é a dhéanamh síth-bheo i ndeireadh na dála?
Agus annsin nach mbéadh gach aoinne chómh sásta, sonasach
'na shlighidh féin agus támuid-ne anois? Annsin nach mbéadh
an Aois Fhor-órdha tagaithe?”



“Bhéadh,” ar seisean. “Acht giodh go ndubhairt ár
dTighearna go bhfuil Ríoghacht Neimhe ionainn féin, agus
giodh go dtuigeann an ‘fíor dhuine’ an fhírinne ghlórmhar
sin, ní thuigeann agus ní chreideann an ‘gnáth-dhuine í;
agus riaghluigheann an ‘gnáth-dhuine’ an domhan fós. Cad
a bhí i ngach ‘gluaiseacht’ mhór ó aois go h-aois? Cad atá
i ngluaiseacht seo na Gaedhilge? Éirghe-amach na bh-‘fíor-
dhaoine’ i n-aghaidh na ‘ngnáth-dhaoine.’ Diadhaireacht,
diamhaireacht, fíor-ghrádh, fíor-fhilidheacht, fíor-cheol, carthan-
nacht, chómh-mhothughadh — 'siad sain go léir beatha agus obair
an ‘fhíor-dhuine.’”



Uair eile bhíodar 'na suidhe ar Chnoc na Teamhrach. Iarnóin
aoibhinn a bhí ann. Bhíodar ag trácht ar an tsean-shaoghal a
bhí ann.



“Is uathbhásach an rud é an oiread sin aoibhneasa a bheith
caillte,” ar Úna.



“Ní chreidim go bhfuil sé caillte,” ar Caoimhghín. “Na
h-anamanna a bhí annso i dTeamhair fad ó tá siad i n-áit
éigin nó ar stáid éigin sa gcruinne. B'fhéidir go bhfuil
cuid aca tagaithe ar ais arís agus go bhfuilid ag obair fá
cholna eile i n-áiteacha eile ar fud na h-Éireann. B'fhéidir
go mbéadh cathair ní badh bhreaghtha agus nídh badh bheathamhla
'ná an tsean-Theamhair annso lá éigin.”



“Is deacair é sin do chreideamh” ar Úna, “chómh
uaigneach agus tá an áit indiu. Dá mbéadh fuinneamh agus


L. 60


áthas i n-anam na h-Éireann bhéadh a mhalairt de sgéal
againn.”



“Níor shaoileamar féin an oiread sin áthais a bheith ionainn
agus atá,” ar Caoimhghín. “Béidh eolus ar a cúmhacht mhór
ag Éirinn lá éigin, agus annsin cuirfidh sí Teamhair agus
neithe níos iongantaighe 'ná Teamhair ar bun arís.”



“Béidhmid tar éis bháis annsin,” ar Úna, “ní fheicfimid-
ne Cathair na Teamhrach go deo,”



“Nílim cinnte nach bhfeicfimid,” ar Caoimhghín. “Níl
fios ná fáirnis againn ar na turais atá i gcinneamhain d'ár
n-anamainn. Ní bhéidhmid marbh ar aon chuma. Níl bás
dáríribh ann acht athrú clódha agus athrú stáide. Níl
Teamhair caillte acht athruighthe.”



“Is iongantach an duine thú, a Chaoimhghín,” ar Úna.
“Annso fá uaigneas na Teamhrach níl brón ná neimh-
mheisneach ar bith ort. Ní chuimhnigheann tú ar a bhfuil
caillte.”



“Bhí mór-thaoide bheathadh annso uair amháin,” ar Caoimhghín.
“D'imthigh an taoide agus anois tá an tráigh go h-uaigneach.
Acht tiocfaidh an taoide ar ais i n-am 's i dtráth. Tá ádhbhar
na taoide síth-bheo.”



CAIB. a XVII. — INS AN IARTHAR.



Bhí Caoimhghín agus Úna i n-áit uaigneach san Iarthar, agus
bhí deire na laetheannta saoire ag druideamhaint leo.
Sgríobh Caoimhghín do'n árd-thuairisgeoir, 'na oifig, ag rádh
go mbadh mhaith leis cúpla lá eile a bheith aige i dtreo go
mbéadh sé in-ann dul go dtí Feis Mhór an Iarthair, agus
aiste speisialta a sgríobhadh 'na taoibh. Badh thruagh leis,
dubhairt sé, gan an fheis mhór úd d'fheicsint.



Fuair sé freagra gan mhoill. Chuir an t-árd-thuairisgeoir
chuige fós an uimhir liteardha, “uimhir áirithe an tsamhraidh,”
a tháinig amach breis a's seachtmhain roimhe sin. Bhí sgéal i
nGaedhilg innte ó lámh Chaoimhghín féin.



“Teasduigheann a thuilleadh laetheannta saoire uait, an
eadh?” dubhairt an t-árd-thuairisgeoir. “Dubhairt bean
liom go ndubhairt bean léi go bhfuil bean phósta agat anois.
Má's fíor é sin ní iongnadh go bhfuil a thuilleadh laetheannta
saoire ag teasdáil uait. Ní dóigh liom gur fíor an sgéal


L. 61


ámhthach — ní chuireann feallsamh mar thusa suim ar bhith i neithe
saoghalta mar mhnáibh. Acht is aisteach an rud nár chuiris i
n-úil dom cá rabhais ag dul ar do laetheannta saoire.
Maidir le laetheannta saoire eile béidh siad agat, ar shlighidh
— mí ar a laighead. Cloisim go bhfuil na prátaí millte in
áiteacha ó Iorrus go Cois Fhairrge — tháinig an dubhachán i
dtús na seachtmhaine — agus ceapann ‘An tSean-bhean Liath’
gur chóir dúinn aistí áirithe a bheith againn ar an sgrios.
Crom ar an obair chómh luath i n-Éirinn agus is féidir leat.”



Mhínigh sé an saghas aistí a bhí ag teasdáil, agus rudaí eile
a bhain leis an obair, agus annsin dubhairt sé:



“Tá sé chómh maith dhuit gan a bheith le feicsint annso go
ceann tamaill. Agus déan do sheacht ndithcheall leis na
h-aistí. Saoileann ‘An tSean-bhean Liath’ anois gur
cladhaire agus ‘fear baoghalach’ atá ionnat. Bhí ‘fits’
aici le déanaighe mar gheall ort, agus mar gheall ar do
sgéal atá san uimhir áirithe. De bhrígh go raibh sé i nGaedhilg
ní raibh Ó D. (an tEagarthóir) ró-chúramach. Acht anois!
Ceapann ‘An tSean-bhean Liath’ agus daoine móra go
bhfuil an donas déanta. Deireann tú sa sgéal, nó
deireann ‘characters’ éigin, go dtéidheann Protastúnaigh
ar Neamh chómh maith le daoine eile; nach bhfuil i n-Ifreann
acht stáid, gan teine dá ríribh ar bith; nach bhfuil adharca
ar an Diabhal; go raibh creideamh na bPágánach go breagh,
uasal; agus a lán rudaí eile nár chuala duine i n-Éirinn
ariamh. Is maith an rud nach rabhais annso timcheall le
seachtmhain ó shoin, no chuirfidhe an ruaig ort. Tá súil agam
go mbéidh an trioblóid thart sul a bhéas tú ar ais. Acht
bíodh a fhios agat — agus cuimnigh air as so amach — go bhfuil
‘An tSean-bhean Liath’ ‘sensitif.’ Ná déan ‘coup’ eile
de'n tsaghas céadna arís go bráth.”



Cheap Caoimhghín gur amaideach an rud é aoinne a bheith
ag casaoid faoi neithe adubhairt daoine i sgéal, nuair bhí
corp na fírinne ionta go h-áirithe. Bhí mórán daoine ag
trácht faoi litridheacht na nGaedheal le déanaighe. Gan
cead ag na sgríbhneoirí a bhfíor-smaointe a nochtadh badh
shuarach an litridheacht í! Ní raibh sé sásta no gur sgríobh
sé litir mhór chuig an Athair Muiris faoi an gceist ar fad.
Dubhairt Úna gur alt, apologia, ádhbhar leabhair a bhí inte.



Is iomdha turas a bhí ag an mbeirt nuair do luigh Caoimhghín
isteach ar na h-aistí i dtaoibh an dubhacháin. Do sháraigh
bochtaineas an Iarthair ar a bhfacadar riamh. Dubhairt


L. 62


Caoimhghín sna h-aistí go raibh bochtaineas na nGaedheal thar
meodhon, agus nárbh olc agus nárbh uathbhásach an rud é na
daoine ag a raibh iarsma na sean-shíbhialtachta a bheith i n-a
leithéid de stáid? Nárbh uathbhásach an rud é fós intinní
agus anamanna a bheith d'á milleadh annsin ó bhliadhain go
bliadhain agus ó aois go h-aois. Tháinig dubhachán na
h-intleachta ann — go deimhin bhí sé ann i gcomhnuidhe —
chómh maith leis an ndubhachán eile. Dubhairt sé a lán faoi
na neithe seo. Sgríobh an t-árd-thuairisgeoir chuige:



“Tá na h-aistí go breagh ar shlighthibh, acht táthar ag
casaoid go mór annso faoi an méid a sgríobhann tú ar
Ghaedheala agus ar shean-shíbhialtacht agus ar anamainn. Ná
bac leo feasta. Is beag an tsuim a chuireann ‘An tSean-
bhean Liath’ ionta súd. Ní bhaineann siad le ‘nuaidheacht.’
Sgríobh ar phrátaí, a bhuachaill! — ar phrátaí atá loitighthe,
millte. Tuigeann ‘An tSean-bhean Liath’ phrátaí lobhtha;
ní thuigeann sí anamanna agus ní maith léi síbhialtacht, nua
ná sean. Tá an sgéal céadna ag a léighteoirí.”



Dubhairt Caoimhghín le hÚna go raibh sé ag éirighe tuirseach
de pháipéirí nuaidheachta, ‘An tSean-bhean Liath’ go h-áirithe.
Níor chuireadar suim acht i rudaí suaracha, aimseardha.
Mheas sé go minic, adubhairt sé, gur chóir dó éirighe as
obair de'n tsaghas úd, agus gan acht obair liteardha a
bheith idir lámhaibh aige. Annsin bhéadh sé ag leanamhaint
ar a fhíor-obair. Mar bhí sé pósta, agus saoghal aoibhinn,
áthasach aige, badh chóir dó bheith i n-ann fíor-litridheacht do
chumadh.



Tráthnóna amháin nuair bhí a chuid oibre san Iarthar beagnach
críochnuighthe bhíodar ag trácht faoi an gceist seo agus iad
ag siubhal cois locha áluinn.



“A Chaoimhghín,” ar Úna, “bíonn tú ag taidhbhreadh i
gcomhnuidhe. Bíonn saghas draoidheachta ar do mheabhair
agus ar do shúile agus ní fheiceann tú an saoghal coitcheann
ar chor ar bith. Is maith an rud é sin ar shlighthibh; go deimhin
is áluinn é; acht tá eagla orm 'na thaoibh. Chídhfidh tú lá
éigin nach bhfuil an saoghal mar a cheapann tú é a bheith.
Béidh a shuarachas agus a chruaidheas soiléir duit. Annsin
fairíor! Béidh tú —”



Do stad sé agus do phóg sé í.



“Ní chuirim suim ar bith sa tsaoghal coitcheann,” ar
seisean. “Tá tusa agam. Agus ó's rud é go bhfuil tá an
saoghal go h-áluinn agam. Agus o's rud é go bhfuil sé chómh


L. 63


h-áluinn sin badh chóir go mbéinn ag cumadh litridheachta.
Fan go mbéad ar ais i mBaile Átha Cliath.”



Do b'fhada an fhanamhaint í. Acht is beag a shaoileadar
go mbéadh an sgéal mar sin.



CAIB. a XVIII. — AN LITIR Ó N-A MHÁTHAIR.



Maidin lá ar n-a bhárach fuair Caoimhghín beart litreacha
a tháinig chun na h-oifige dó. Chuir an t-árd-thuairisgeoir
chuige iad fá chlúdach mór. Acht ó bhí Caoimhghín ag triall
go tapaidh ó áit go h-áit ní bhfuair sé i dtráth iad. Nuair
d' osgail sé an clúdach fuair sé imeasg na litreach ceann
a bhí ar an mbealach le fada. Cuireadh ar dtús go
Dumhach Trágha Mhuirbhthean í — fá chúram Sheáin Uí Mhurchadha.
Annsin cuireadh go teach Sheáin i mBéilfeirsde í. 'Na
dhiaidh sin chuir Seán go dtí oifig Chaoimhghín i mBaile Átha
Cliath í, agus chuir an t-árd-thuairisgeoir go Caoimhghín i
gCúige Chonnacht í, i n-aoinfheacht leis na litreacha eile.



“Go deimhin, is fada go dtáinig tú, a litir bhoicht,” ar
seisean. “Agus gan bréag a rádh tá rian an turais ort.”



Annsin do chonnaic sé, do réir mairc phosta, gur as a
bhaile dúthchais féin a tháinig sí ar dtús. D' osgail sé go
tapaidh í.



Ba dheacair an rud í léigheadh. Ba léir dó nach raibh
cleachtú ag an sgríbhneoir. Acht tháinig tocht ar a chroidhe
nuair fuair sé amach gurbh í a mháthair féin do sgríobh í …



“Cad tá ort, a Chaoimhghín a chroidhe?” ar Úna agus
imnidhe uirthe. “An bhfuair tú droch-sgéal?”



“Fuaras, fairíor!” ar seisean, “acht níl sé soiléir
dam i n-aon chor. Tá trioblóid éigin ar mo mháthair.”



Do sgrúdaigh sé an litir ar feadh tamaill eile. Annsin
d' fhéach sé ar Úna, acht níor fhéad sé focal a rádh.



Chuir an mháthair i n-úil dó — nó rinne sí iarracht chun é chur
i n-úil dó — go rabhadar i gcruadh-chás, acht go raibh “ticéidí
an turais” tar éis teacht ó na cailíní. Badh thruagh leo
imtheacht as Cluaintobair, adubhairt sí, acht bhí eagla ortha
nach raibh leigheas aca air. Do ghuidh sí air litrín a chur chuca
chómh luath i n-Éirinn agus a b'fhéidir leis.



Níor thuig Caoimhghín an trácht i dtaoibh na gcailíní, acht
tháinig imnidhe agus eagla ar a chroidhe. A athair agus a


L. 64


mháthair i gcruadh-chás! Agus a lán ama caillte cheana!
Agus iad ag ceapadh, b'fhéidir, go rabhadar dearmadtha ar
fad aige! Tháinig uaigneas agus sgannradh agus crádh
croidhe air.



Bhí a intinn trí n-a chéile, acht mhínigh sé an sgéal do Úna
chómh maith agus do b'fhéidir leis. Tháinig brón agus eagla
uirthe.



D'aontuigh sí leis gur chóir dó dul go Cluaintobair
láithreach bonn. Bí gábhad mór leis sin. D' aontuigheadar
go rachadh sise go Baile Átha Cliath agus go bhfanfadh sí ar
feadh na h-oidhche i dtigh an Chanónaigh. Cheap Caoimhghín go
mbéad sé féin i mBaile Átha Cliath ar n-a bhárach — b'é
tuairim an árd-thuairisgeora nár ghábhadh dhó fanamhaint nídh
badh fhuide i gCúige Chonnacht.



D' éirigh an lá fliuch, dorcha. Ba mhór an t-athrú é.
Shaoil Caoimhghín go raibh sé cosamhail le n-a intinn féin.
Do mhéaduigh an imnidhe agus an eagla a bhí ar chroidhe Úna.



CAIB. a XIX. — BÁRR DONAIS I gCLUAINTOBAIR.



Bhí an oidhche ann nuair shroich Caoimhghín an traen-phort ag
Baile an t-Síoda Móna. Bhí turas fada roimhe fós, óir
tá Cluaintobair i bhfad ó'n mbóthar iarainn. Is air ba
ghearr an mhoill an rothar d' fhághail, agus i gceann cúig
nóiméad bhí sé ag dul síos amach, ar bhóthar na móna i mbárr
an anama. Bhí an oidhche maith go leor ar dtús, acht tar éis
leath-uaire do thuit sé ag báisdigh, agus ba dheacair agus
ba bhaoghalach é rothaireacht do dhéanamh. Níor mhó ná gur
mhothuigh Caoimhghín cé an saghas oidhche a bhí ann. Bhí fiabhras
'na aigneadh ó mhaidin, chuir litir a mháthair an oiread sin
buaidheartha air. Ba dhoilig leis an méid trioblóidhe agus
duaidh a bhí uirthe agus ar a athair le déanaighe — agus é féin
chómh athásach, chómh neamh-chuimhneach a's do bhéadh duine i
dTír na nÓg! Ba mhór an náire dó é sin, dubhairt sé leis
féin. Níor léir dó an fáth faoi nár sgríobh sé go minic
chuca; níor léir dó an fáth faoi nár chuidigh sé leo acht chómh
beag. Samhluigheadh dó nárbh é an duine céadna a bhí ann
um an am so bhí ann seachtmhain nó mí roimhe sin. Acht
b'fhearr a bheith mall 'ná ró-mhall, agus, le congnamh Dé
do réidhteochadh sé gach rud láithreach baill, agus bhéadh
teolaidheacht aca ar an bhfeilm bhig go lá a mbáis.


L. 65


Nuair shroich sé Cluaintobair d'éirigh a chroidhe. Do
mhothuigh sé arís chómh-cheangal iongantach idir a chroidhe agus
gach rud a bhain le n-a bhaile dhúthchais. An tsean-áit! — bhí
sí beo, croidheamhuil, ní raibh an spiorad céadna i n-aon
áit eile.



Bhí sé beagán déidheannach, agus níor casadh duine air i
gCluaintobair féin. Ba mhaith an rud é sin, do shaoil sé.
Níor mhaith leis labhairt le duine ar bhith no go mbéadh
seanchus le n-a athair agus a mháthair aige.



Ar teacht do'n bhóitrín dó bhí deireadh leis an rothaireacht;
b'éigin dó shiubhal go dtí an teach.



Ní raibh solus le feicsint sa tigh. Cheap sé go rabhadar
'na gcodladh. Do bhuail sé ar an doras. Ciúineas!
Tost! Do bhuail sé arís. Do bhuail sé arís eile. Ní raibh
freagra ná fuaim le cloisint.



Do bhuail sé arís, do bhuail sé go raibh tuirse 'na láimh.
Níorbh aon mhaitheas dó é. Níor tháinig freagra chuige, níor
airigh sé fuaim acht fuaim an bhuailte.



Tháinig eagla mhór ar a chroidhe. Do shiubhail sé thart
timcheall an tighe. D'féach sé ar na fuinneogaibh. Do
bhuail sé ar an ndoras arís.



Mhothuigh sé duine ag teacht ó'n mbóithrín.



“Cé thú féin, nó cad tá uait?” arsan duine — Máirtín
Gréasaidhe a bhí ann. “Nach bhfuil fhios agat —”



“An tusa atá ann, a Mháirtín,” ar Caoimhghín. “Táim
ag bualadh an dorais le deich nóimid. Ní fheadar cad tá
ortha istigh.”



“Go bhfóiridh Dia orainn an oidhche bheannuighthe seo,”
ar Máirtín. “Bhfuilim ag taidhbhreadh, nó an é Caoimhghín
Ó Cearnaigh féin atá ann?”



“Tá cuid de ann go cinnte,” ar Caoimhghín, “acht
saoileann sé go bhfuil cuid dá anam imthighthe.”



“Agus i n-ainm Dé, a Chaoimhghín, cé'n fáth faoi go
dtáinig tú annso an uair seo?”



“Níor bh'fhéidir liom teacht nídh ba luaithe,” ar Caoimhghín.
“Bhí sé 'na oidhche nuair shroicheamar Baile an t-Síoda
Móna —”



“Acht cé'n fáth go dtáinig tú i n-aon chor?” ar Máirtín.



“Cé'n fáth faoi do dtáinig mé i n-aon chor? Is aisteach
an cheist í sin, a Mháirtín. Ar maidin indiu fuair mé litir
ó mo mháthair —”



“Ar maidin indiu?”


L. 66


“Sgríobh sí an litir tamall maith ó shoin, acht bhíos ag
dul ó áit go háit, agus ní bhfuaras í go dtí maidin indiu.
Dubhairt sí go raibh trioblóid mhór ortha —”



“Mo léan-chreach géar!” ar Máirtín. “Trioblóid nídh
ba thruime ní raibh ar chroidhe máthar i gCluaintobair riamh.”



“I n-ainm Dé, a Mháirtín, cad tá dá rádh agat? Ná
h-abair go bhfuil aoinne aca marbh.” Agus do bhuail sé ar
an doras.



“Níl aoinne aca marbh, buidheachas mór le Dia,” ar
Máirtín, “acht is iongnadh liom nach bhfuil an sgéal ar fad
agat-sa, a Chaoimhghín.”



“Is annamh a fuair mé tuairisg ó Chluaintobair,” ar
Caoimhghín. “Sgríobh na cailíní chugam corr-uair ar dtús,
acht is fada ó chuireadar oiread agus líne chugam.”



“B'fhéidir go raibh fáth faoi sin, a Chaoimhghín. Bhí crádh
croidhe orra, agus is bocht a bhí an saoghal aca san Oileán
Úr go dtí le déanaighe.”



“'San Oileán Úr!” ar Caoimhghín, agus iongnadh an
domhain air. “Níor chualas go rabhadar san Oileán Úr.
Ná cailíní bochta! —”



“Chualas do mháthair ag rádh uair amháin nár cheart an
sgéal a chur i n-úil duit fós. Bhéadh sé ag déanamh
buaidheartha duit, adeir sí. Acht cheapas go raibh sé agat —
agus sgéal na mbuachaillí leis — i bhfad roimhe seo.”



“Sgéal na mbuachaillí!” ar Caoimhghín. “Bhfuil Art
agus Donnchadh imthighthe mar an gcéadna?”



“Chuadar leath-bhliadhain roimh na cailíní,” ar Máirtín.
“Táid go léir i mBoston. Agus is dócha go bhfuil d'athair
agus do mháthair bhocht ann anois —”



Do phreab Caoimhghín. Is beag nár stad a chroidhe.



“M'athair agus mo mháthair imthighthe! I n-ainm Dé bhfuil
tú dáríribh, a Mháirtín?”



“Fairíor, a Chaoimhghín, táim lom dáríribh, agus tá mo
chroidhe cráidhte faoi rádh a's go bhfuilim. D' imthigheadar
coicthigheas ó shoin beagnach. B'in é an bárr donais orainn
go léir.”



Níor labhair Caoimhghín ar feadh tamaill. Agus annsin
nuair labhair sé shaoil Máirtín gur “taidhbhse gotha” a bhí
aige.



“Tuigim anois rudaí nár thuigeas cheana i litir mo
mháthar,” ar seisean. “Is náireach, is uathbhásach an sgéal
é. Is orm atá an locht ar mórán slighte, acht, ní raibh


L. 67


eolas agam ar a stáid, agus níor chuireadar i n-úil
dam é —”



“Níor chuireadar i n-úil d'aoinne é go dtí le déanaighe,”
ar Máirtín. “Shaoileamar go rabhadar compórdach go
leór. Cheapadar, mar dubhradar liom sa deire, go mbéadh
athrú ar an sgéal ó mhí go mí. Acht bhí fiacha ortha, agus ní
rabhadar ábalta ar an cíos do chur le chéile. Dubhradar
liom go raibh De Faoite (an tighearna talmhan) foighdeach go
leór; acht ba léir dóibh nach mbéidís i n-ann slighe beathadh
d' fhághail annso, agus nuair tháinig na ‘ticéidí’ ó na
cailíní —”



“Go bhfóiridh Dia ortha,” ar Caoimhghín de ghuth brónach.
“Tá eagla orm go bhfuil a gcroidhe briste. Bhí grádh an
domhain aca do'n bhfeilm bhig. 'Sé an mí-ádh cráidhte é nár
sgríobhadar chugam i bfad ó shoin. Sin rud nach dtuigim
i n-aon chor.”



“Tháinig an sgéal go Cluaintobair leath-bhliadhain ó shoin
go raibh tú ar tí pósadh, agus —”



“Ní fheadar cé chuir an sgéal sin go Cluaintobair,”
dubhairt Caoimhghín leis féin. “Seán Ó Murchada, b'fhéidir.
… Bhí an ceart sa sgéal,” ar seisean ós áird, “agus
tá bean óg, áluinn agam.”



Bhíodar ag cainnt i dtaoibh Úna ar feadh tamaill.



“Tá bród orm faoi an sgéal,” ar Máirtín. “Acht níl
maitheas dúinn a bheith ag fanamhaint annso, a Chaoimhghín.
Táim cinnte go bhfuil tuirse agus ocras ort chómh maith le
brón. Tar liom anois, mar fear maith —”



“A Mháirtín, bhfuil fhios agat cé'n áit 'na mbéidh
m'athair agus mo mháthair ag fanamhaint i n-Aimeirioca, nó
cá bhfuil na cailíní nó ná buachaillí?”



“Mhuise, go deimhin, tá,” ar Máirtín. “Is minic do
chualas an seoladh céadna. Seo é —”



“Fan nóimid, a Mháirtín.”



Thóg sé leabhrán cuimhne agus peann luaidhe as a phóca,
agus annsin chuaidh sé fa dhéin lóchrainn an rothair.



“Anois, a Mháirtín.”



Chuir Máirtín an seoladh i n-úil dó, agus sgríobh sé síos
sa leabhrán chuimhne é.



“Go raibh míle maith agat, a Mháirtín,” ar seisean.
“Táim buidheach ó chroidhe dhuit mar gheall ar do chinéaltas.
Acht ní rachaidh mé leat anocht. Ní rachaidh mé isteach i do
thigh, ní rachaidh mé trasna táirsighe i gCluaintobair sul a


L. 68


rachaidh mé trasna táirsighe an tighe seo, tigh m' athar féin,
agus é féin agus mo mháthair bhocht istigh rómham. Agus
déanfaidh mé sin, le congnamh Dé, sul a bhéas an bhliadhain
seo caithte. Tá sé orm anois gach rud do shochrughadh agus
a chur i gcóir, agus iad a tharraing ar ais ar an bhfeilm bhig.”



“Acht anocht, a Chaoimhghín —”



“Táim ag dul ar ais go Baile Átha Cliath. Béidh traen
na litreach ag Baile an t-Síoda Móna ar a —”



“Go bhfóiridh Dia orainn,” ar Máirtín. “Bhéidhtheá marbh
amach 's amach. Agus bhéadh na comharsana ar buile —”



“Abair leo i mbárach, a Mháirtín, agus cuir i n-úil
dóibh nár bh'fhéidir liom fanamhaint, agus nár mhaith liom
fanamhaint, mar gheall ar an náire atá orm faoi sgéal
agus stáid m'athar agus mo mháthar. Acht nuair a bhéas
siad-san ar ais arís ní náire acht bród a bhéas orm agus
mé i gCluaintobair.”



Chuaidh Máirtín go mór agus go fuinneamhail i n-aghaidh
imtheachta Chaoimhghín. Rud chómh díthchéillidhe níor chuala sé
ariamh. Bhí Caoimhghín tuirseach tnáidhte cheana féin, agus
bhéadh sé leath-mharbh sar a mbéadh leath an bhealaigh siubhalta
aige.



“Ní fhanfaidh mé i gCluaintobair, ní labhróchaidh mé leis
na comharsana, ní rachaidh mé trasna táirsighe sa bparáisde
nó go mbéidh m'athair agus mo mháthair ar ais arís. Sin é a
fhaid 's a leithead agat, a Mháirtín,” ar Caoimhghín.



“Acht teasduigheann rud le n-ithe uait, pé'r domhan é.
Caithfidh tú bheith ciallmhar —”



“Dá mbéadh fleadh na bhFiann féin ar siubhal, a Mháirtín,
níor bh'fhéidir liom fanamhaint. Ní féidir liom aon rud a
bhlaiseadh.”



B'éigin do Mháirtín cead a chinn a thabhairt dó. Shiubhla-
dar le chéile suas an bóithrín, agus ar sroichint an bhóthair
mhóir dóibh d'fhág Caoimhghín a shlán ag Máirtín, do léim sé
ar a rothar, agus as go bráth leis.



Do stad Máirtín ar an mbóthar ar feadh tamaill, agus
buaidhirt ar a chroidhe. D'éirigh an ghaoth, agus do thosnuigh
sé ag báisdigh. Do chrom Máirtín a cheann agus do chuaidh
sé a bhaile go brónach.


L. 69


CAIB. a XX. — CAOIMHGHÍN AR IARRAIDH.



Cailín an-aereach a b'eadh Úna do réir a carad. Bhí
an tuairim chéadna ag Caoimhghín féin ar dtús. Níorbh
eol do mórán aca chómh smuainteach, chómh intleachtach, chómh
grádhmhar agus a bhí sí. Thuig Caoimhghín an sgéal i bhfad
roimhe seo.



Ag dul ar ais go Baile Átha Cliath di badh dhóigh le duine
nach raibh sí aereach ná sonasach ariamh. Bhí uaigneas thar
meodhan uirthe. Bhí brón uirthe um an am so faoi nach
ndeachaidh sí i n-éinfheacht le Caoimhghín go Cluaintobair. Bhí
a croidhe ag cur thar maoil le grádh dó, agus ba dhoiligh léi
iad a bheith i bhfad ó chéile ar feadh aon lae amháin.



Níor tháinig Caoimhghín ar ais ar n-a bhárach. Bhí sí cinnte
go mbéadh sé ar ais um tráthnóna, mar dubhairt sé nach
bhfanfadh sé i dtigh a athar acht ar feadh oidhche amháin agus
go bhfágfadh sé Cluaintobair roimh an nóin. Acht tháinig an
oidhche agus ní raibh sé le feicsint. Shaoil sí annsin gur
mhian leis fanamhaint sa tsean-áit ar feadh oidhche eile.
B'fhéidir go raibh sé tuirseach, nó b'fhéidir go raibh an
trioblóid nídh ba mheasa 'ná do shaoil sé. Acht bhí iongnadh
uirthe faoi nár chuir sé sreang-sgéal chuiche. Annsin chuimhnigh
sí go ndubhairt sé léi go minic go raibh Cluaintobair i bhfad
ó bhaile agus ó shráid-bhaile féin. Bhí sí cinnte, ámhthach, go
bhfaighfeadh sí litir uaidh ar maidín lá ar n-a bhárach.



Tháinig an lá, acht níor tháinig litir agus níor tháinig
Caoimhghín. D'éirigh sí uaigneach, buaidheartha; acht cheap sí
go raibh sé ar a bhealach agus go mbéadh sé i mBaile Átha
Cliath roimh tuitim na h-oidhche. Acht ní raibh.



Tháinig an tríomhadh lá, acht ní raibh tásg ná tuairisg air.
Tháinig imnidhe mhór uirthe annsin. Chuaidh sí chun oifige an
phosta agus chuir sí sreang-sgéal chuige, ag fiafruighe de
cionnus mar bhí an sgéal aige agus cé'n uair a bhéadh sé
ar ais.



Bhí sí ag fanamhaint go mí-fhoighdeach le freagra ar feadh
i bhfad. Fá dheireadh tháinig sgéal chuice ó oifig an phosta —
ní raibh an “t-addressee” le fághail: deirtear go ndeachaidh
sé go Baile Átha Cliath cúpla lá roimhe sin!



Tháinig iongnadh agus eagla uirthe. Acht tar éis tamaill
di ag smaoineadh d'éirigh sí go h-obann. “An páipéar,
bh'fhéidir,” ar sise. Cuireadh ar ghnó éigin áirithe go minic é.
B'fhéidir go bhfuair sé sreang-sgéal ón árd-thuairisgeoir,


L. 70


agus go raibh sé ag obair i n-áit éigin fá'n dtuaith. Acht
cé'n fáth faoi nár sgríobh sé chuice féin?



Chuaidh sí fá dhéin na h-oifige. Dubhairt cléireach léi
nách bhfaca sé Caoimhghín Ó Cearnaigh le fada, acht b'fhéidir
go mbéadh sgéal le fághail i Roinn na Tuairisge. Chuaidh
sé go seomra áirithe. Tháinig sé ar ais tar éis cúpla
nóimid. Ní raibh Mac Uí Chearnaigh tagaithe fós, dubhairt
sé, agus níor tháinig sgéal uaidh. Bhí iongnadh ortha faoi sin,
óir badh cheart dó bheith ar ais cúpla lá roimhe sin.



Bhí eagla mhór ar chroidhe Úna annsin. Chuaidh sí ar ais
go tigh an Chanónaigh. Bhí an Canónach as baile. Cheap
sí gur cheart di dul go Cluaintobair gan mhoill ar lorg
eolais: shaoil sí nár bh'fhéidir léi fanamhaint i mBaile Átha
Cliath ar aon chuma. Dubhairt bean a' tighe nach mbéadh sí
i gCluaintobair roimh tuitim na h-oidhche agus go mbéadh sé
chómh maith di fanamhaint go maidin. Dubhairt Úna go raibh
morán ama caillte cheana, go raibh eagla uathbhásach uirthe,
agus nár mhór di brostú …



Bhí tuitim na h-oidhche ann nuair shroich sí Baile an tSíoda
Móna féin. Ní raibh an “baile” le feicsint, oir bhí sé
leath-mhíle ón traen-phort, acht bhí teach ósda i n-aice leis
an mbóthar iarainn. Chuaidh Úna fá dhéin an tighe ósda chun
cupán tae fhághail agus réidhteacht do dhéanamh i dtaoibh
carra go Cluaintobair.



Thug bean an tighe ósda fá deara go raibh deifir agus
imnidhe uirthe.



“Is fada an bealach é,” ar sise go cinéalta, nuair chuir
sí an cupán os comhair Úna, “agus is léir go bhfuilir
tuirseach go leór cheana féin —”



“Bhfuil eolas agat ar Chluaintobair?” ar Úna.



“Níl,” arsan bhean, “acht chualas go minic go bhfuil an
bóthar an-fhada agus an-uaigneach. Agus is iomdha duine a
chonnaic taidhbhsí ar an mbóthar céadna ist-oidhche.”



Do thrácht sí ar na taidhbhsí go ceann tamaillín.



“Is fada agus is contabharthach an bealach é,” ar sise.
“Acht b'fhéidir go bhfuil rudaí níos measa 'ná taidhbhsí
ann. An fear óg bocht a tháinig annso ó Chluaintobair
i dtús na seachtmhaine, ní fhaca sé thaidhbhse, acht fuair
sé —”



“Cé an fear?” ar Úna, ag preabadh. D'fhéach bean an
tighe ósda uirthe go géar acht go cinéalta.


L. 71


“Tháinig fear óg annso oidhche Dé Luain, nó maidin
Dé Mairt ba cheart dam a rádh,” ar sise. “Ní fheadar
cé h-é féin. Bhí sé ag féachaint go lag, tuirseach, brónach.
Dubhairt sé go dtáinig sé ar a rothar ó Chluaintobair i
gcóir traen na litreach go Baile Átha Cliath, acht bhí sé
ró-dhéidheannach — deich nóimid nó mar sin; bhí an donas ar an
oidhche, agus ní raibh sé i n-ann siubhal go mear. Dubhairt sé
go mbéadh sé amuigh i gcóir an chéad traen eile ar maidin
lá ar n-a bhárach, acht nuair tháinig an mhaidin bhí an fear bocht
i gcruadh-chás, agus tá sé i gcruadh-chás ó shoin — fiabhras
inchinne air.”



Bhain na focla deireannacha geit mhór as Úna.



“Cé an saghas fir é féin?” ar sise.



Thug an bhean gearr-thuairisg di.



Do phreab Úna 'na seasamh.



“Chuaidh m'fhear-chéile féin go Cluaintobair maidin
Dé Luain,” ar sise. “Níor tháinig sé ar ais go Baile
Átha Cliath, agus tásg ná tuairisg ní fhuaras air ó shoin.
Tá mo chroidhe beagnach briste. Is cosamhail gurab é an
fear —”



“Go bhfóiridh Dia orainn! Is aisteach an sgéal é,” arsa
bean an tighe ósda, ag preabadh …



Chuadar suas na staighrí. Chuadar isteach i seomra mór.
Bhí banaltra 'na suidhe cois leabtha. Bhí Caoimhghín 'na luighe
sa leabaidh.



CAIB. a XXI. — AN FIABHRAS.



An stáid 'na raibh Caoimhghín bhí sé go dona. Is beag
nár bhris croidhe Úna an oidhche sin agus í ag freastail
agus ag faire. Is iomdha oidhche freastail de'n tsaghas
céadna a bhí roimpe.



Nuair d'fhág Caoimhghín slán aici i gCúige Chonnacht ní raibh
rian ná cosamhlacht teinnis air giodh go raibh sé buaidheartha
brónach. Bhí sé láidir go leor i gcómhnuidhe. Dá bhrígh
sin do b' iongnadh léi mar thuit sé chómh breoidhte sin go
h-obann. Chuir sí nóta chun an Chanónaigh le cur i n-iúl dó
cá raibh sí agus 'ghá rádh go raibh fiabhras mór ar Chaoimhghín.
Cheap sí fós gur cheart an sgéal a chur chun a athar agus
a mháthar. Mhínigh sí an cheist do mhuinntir an tighe ósda,
agus is ortha ba ghearr an mhoill teachtaire a chur go Cluain-


L. 72


tobair. Tháinig an teachtaire ar ais agus dubhairt sé le
h-Úna go raibh an t-athair agus an mháthair imthighthe go
h-Aimeírioca le breis agus coicthigheas. Do chrom Úna a
ceann agus tháinig deora 'na shúilibh. Thuig sí go maith
annsin cad do thuit amach do Chaoimhghín.



Dubhairt an teachtaire fós go raibh brón ar na sean-
chomharsana fá'n sgéal go raibh Caoimhghín ar an leabaidh
breoidhte. Bhí gac aoinne ag trácht ar a chuaird go
Cluaintobair san oidhche agus ar an seanchus le Máirtín
Gréasaidhe. Bhí Máirtín ag innsint an sgéil do ló a's
d'oidhche. D'innis sé ó thús go deireadh do'n teachtaire é.
D'innis an teachtaire ó thús go deireadh do Úna é. Bhí gach
rud soiléir annsin.



Tháinig Máirtín féin agus a lán eile do na sean-
chomharsana go Baile an t-Síoda Móna ar lorg eolais faoi
an stáid 'na raibh Caoimhghín. Tháinig cuid aca go minic.
Ba mhór an cheist a bhí ortha 'na thaoibh ar dtús. D'fhan
Máirtín agus cuid eile aca san áit ar feadh na h-oidhche
ar tháinig iompódh an fhiabhrais, agus níor imthigheadar a
bhaile no go bhfuaireadar amach ó Úna go raibh rian bisigh le
feicsint. Is ortha a bhí an t-áthas annsin. Níorbh fhada go
dtáinig an lá nuair adubhairt Úna go raibh an “baoghal”
thart do réir an dochtúra. Bhí éadtromú croidhe i gCluain-
tobair an oidhche sin.



Annsin chuimhnigh Úna ar rudaí nár b'fhéidir léi bacadh
leo roimhe sin. Chuir sí nóta chun an árd-thuairisgeora
dá chur i n-úil dó cad a thuit amach do Chaoimhghín agus
an feabhas a bhí ag teacht air. Chuir sí litir mhór chun an
Chanónaigh, litir 'na raibh bród agus mór-gháirdheachas agus
buidheachas ó chroidhe mar gheall ar an bhfeabhas chéadna.



Nuair tháinig Caoimhghín chuige féin níor ghábhadh dó
míniughadh a thabhairt dá mhnaoi. Bhí bród an tsaoghail láimhe
air faoi go bhfuair sí amach an áit 'na raibh sé, agus faoi go
raibh sí ag freastal air i rith an fhiabhrais. Ba dhóigh leis ar
dtús gur aingeal a bhí cois na leabtha.



Maidin amháin bhíodar ag caint faoi an oidhche ar ar thuit
sé breoidhte.



“Bhí an donas ar an aimsir sa deireadh,” ar seisean,
“agus bhí an donas orm-sa fós. Acht dubhairt mé liom
féin gur thuilleas é, agus a dhá oiread leis. Bhíomar ag
caint go minic faoi ‘chéasadh an ghnáth-dhuine.’ Thuigeas é
go maith annsin, agus céasadh an anama chómh maith leis.


L. 73


Do chuimhnigheas ar a lán adubhrais an lá úd a bhíomar cois
na fairrge i bhFine Gall. Bhí trácht agat ar fhear óg agus
ar mhnaoi óig a thréig a n-árd-nádúir, a chuir spéis i ngrádh,
i n-aoibhneas, i ndiomhaointeas, gan suim i n-aon rud acht
amháin iad féin —”



“Ná bac leo,” ar Úna. “Ní bhaineann siad linne.
Tuigim a lán rudaí anois nár thuigeas i gceart an uair sin.
Táim i bhfad níos ciallmhaire indiu. Bean atá ionam anois.
Tréigean na h-árd-nádúire, an eadh! A' gceapann tú gur
thréig sinne ár n-árd-nádúir — an méid atá againn — nuair
phósamar le chéile. Má cheapann tú amhlaidh béidh troid
eadrainn, a Chaoimhghín Uí Chearnaigh.



“Ní cheapaim,” ar Caoimhghín ag gáire, “acht sar a phós
mé thú badh cheart dam a bheith cinnte go raibh teolaidheacht
ag m'athair agus ag mo mháthair, go rabhadar compórdach ar
an bhfeilm bhig. Rinne mé dearmad mór, agus is beag
nár chaill mé mo mheabhair nuair fuair mé amach an chaoi 'na
rabhadar.”



Do phóg Úna é.



“Déanfaidh sin anois,” ar sise. “Ná bíodh ceist ort as
so amach. Béidh gach rud socruighthe i gceann tamaillín.
'Sí an fhírinne ghlan a rádh go bhfuil do chroidhe ró-dhoimhin
agus ró-ghrádhmar, agus ní mór duit bheith cúramach nó béidh
sé dá chéasadh i gcomhnuidhe.”



Maidir leis an imirc do shaoil sí go raibh an oiread lochta
ar an athair agus an mháthair agus a bhí ar Chaoimhghín acht ní
dubhairt sí ós áird é.



Chómh luath agus bhí Caoimhghín i n-ann sgríobhadh arís chuir
sé litreacha chun an athar agus na máthar, agus chun na
mbuachaillí agus na gcailíní agus chun an tighearna talmhan.
Chuir sé airgead chun an athar i gcóir an turais ar ais go
hÉirinn. Do chuir sé rudaí eile chun cinn. Ní raibh a lán
airgid fágtha aige féin sa deireadh, acht bhí a chroidhe agus a
aigne sásta.



Sgríobh sé chun an árd-thuairisgeora, agus fuair sé
freagra go luath.



“Tá buaidhirt an domhain orm i do thaoibh,” arsan
t-árd-thuairisgeoir, “acht tá áthas mór orm faoi go bhfuilir
ag éirghe láidir. Ná tig ar ais i n-aon chor no go mbéidh
tú chómh slán agus do bhí tú riamh. Tá ‘An t-Sean-bhean
Liath’ níos díthchéillidhe 'ná do bhí sí riamh. Dar ndóigh tá
mé liath aici.”


L. 74


Tamall 'na dhiaidh sin chuaidh Caoimhghín agus Úna go dtí
gleanntán deas, deic míle ó Bhaile an tSíoda Móna.
Bhíodar annsin ar feadh trí seachtmhaine, agus bhí an oiread
eile áthais ortha a's mar bhí ins na laetheannta a chaitheadar
cois na fairrge i bhFine Gall tar éis an phósta.



CAIB. a XXII. — AN DROCH-SGÉAL A FUAIR CAOIMHGHÍN.



D'fhág Caoimhghín agus Úna a d”Tír na nÓg” fán
dtuaith, agus chuadar ar ais go Baile Átha Cluiath. Acht
bhí Tír na nÓg 'na gcroidhthe agus 'na n-anamainn féin,
agus nuair chuireadar fútha sa dtigín i nDumhach Muirbhthean
do sháruigh a sógh agus a n-aoibhneas agus a n-áthas ar a
raibh ortha riamh. Shaoil Caoimhghín gur spiorad a bhí i n-Úna,
agus do chrom sé arís an chéad lá ar an “leabhar mór”
do sgríobhadh. Mheas sé go mbéadh an leabhar go h-áluinn,
agus go mbéadh saoghal aoibhinn i gcinneamhain dó féin agus
dá mhnaoi ghleoidhte, ghrádhmhair. Fuair sé litir ó n-a mháthair
a chuir bród agus suaimhneas ar a chroidhe. Dubhairt sí go
rabhadar slán, croidheamhail tar éis na trioblóide, agus go
mbéidís ar ais ar an bhfeilm bhig i gceann ráithe, le congnamh
Dé. Chuir Aimeirioca sgáth agus sgannradh ortha, agus
shaoil sí ar uairibh go raibh sí ag siabhránacht.



Ar maidin Dé Sathairn 'seadh tháinig Caoimhghín agus Úna
ar ais go Baile Átha Cliath. Dia Luain 'na dhiaidh sin chuaidh
Caoimhghín chun na h-oifige.



Tháinig iongnadh air nuair a chonnaic sé an t-árd-
thuairisgeoir. Ba chosamhail go raibh rud éigin ag déanamh
buaidheartha dó.



“Bhfuil tú chómh láidir a's do bhí tú riamh,” arsan
t-árd-thuairisgeoir.



“Táim,” ar Caoimhghín, “agus i bhfad níos láidire,
buidheachas mór le Dia.”



“Is aoibhinn liom é sin,” arsan t-árd-thuairisgeoir.
“Dubhairt mé leat sa litir gan teacht ar ais no go mbéitheá
chómh láidir agus do bhí tú riamh.”



Bhí sé ag smaoineadh ar feadh tamaillín.



“Tá tú óg, a Mhic Uí Chearnaigh,” ar seisean fá dheoidh,
“agus tá tú láidir, agus tá misneach agat. Tá go maith.”



Do smaoinigh sé ar feadh tamaillín eile.


L. 75


“Tigeann fearg luinne orm anois agus arís faoi an
oifig seo,” ar seisean. “Bím ar tí imtheacht aisti agus
as Éirinn ar fad. Saoilim ar uairibh gur ionann an Diabhal
agus ‘An t-Sean-bhean Liath’! Tá sí amaideach, tá sí
neamh-mhisneamhail, tá sí tíoránta.”



“Cad tá ort i n-aon chor?” ar Caoimhghín.



“Fearg,” arsan t-árd-thuairisgeoir. “Tá sé orm droch-
sgéal a chur i n-úil duit. Níl leigheas agam air.”



“Ní gábhadh dhuit an méid sin a chur i n-úil dam,” ar
Caoimhghín. “Tuigim go maith é.”



“Dubhairt me leat i litir a chuireas ag triall ort tamall
ó shoin go dtáinig sgannradh ortha annso faoi an sgéal úd
san uimhir áirithe. Cheapadar gur ‘fear contabharthach’ a
bhí ionnat agus go raibh an donas déanta. Bhíodar ag
fanamhaint le h-uain no ‘seans’ chun an ruaig a chur ort.
'Seadh. Níor tháinig tú ar ais nuair bhí an obair críochnuighthe
agat i gCúige Chonnacht agus ní fhuair mé tásg ná tuairisg
ort no go raibh cúpla seachtmhain caithte.”



“Bhí fiabhras inchinne orm,” ar Caoimhghín.



“Tá fhios agam go raibh,” arsan t-árd-thuairisgeoir,
“acht ní raibh a fhios agam ar dtús, agus bhí iongnadh an
domhain orm faoi nár tháinig míniughadh nó teachtaireacht
éigin chugam. Tar éis seachtmhaine fuaras ordughadh
chun duine eile a chur i do phost, agus b'éigin dom é
dhéanamh —”



“Acht nuair tháinig eolus ar an stáid 'na rabhas —”



“Bhí an duine eile san bpost,” arsan t-árd-thuairisgeoir
go brónach. “Níor mhaith liom an sgéal a chur i n-úil duit
chómh fada agus do bhí tú lag. Anois —”



“Níl post le fághail agam,” ar Caoimhghín.



“B'fhéidir go mbéadh post le fághail i gceann tamaill,”
arsan t-árd-thuairisgeoir. “Déanfaidh mé mo dhíthcheall ar
do shon. Acht tá eagla orm go bhfuil ár ‘ndaoine móra’
go mór i d'aghaidh mar gheall ar an sgéal úd agus mar
gheall ar do bharamhla agus do smaointe faoi go leor rudaí.
Is fearr do dhuine — fear páipéir nuaidheachta go h-áirithe —
gan a smaointe a nochtadh i n-Éirinn. Tá náimhde an
smaoinighthe ró-láidir.”



“Tá athrú ag teacht ar Éirinn,” ar Caoimhghín.



“Go mall,” arsan t-árd-thuairisgeoir. “Agus tá an
chuid is mó d' Éirinn feochta ag an aineolas agus an


L. 76


mí-mheisneach. Teasduigheann Cúchulainn nua, Cúchulainn
intleachtach, uainn, agus níl sé le fághail.”



“Tá an spiorad ins na daoine, acht tá sé fá cheilt
fós,” ar Caoimhghín. “'Sé an rud atá rómhainn 'ná an
‘gnáth-dhuine’ atá i ngach aoinne a bhualadh fá chos, agus
an ‘fíor-dhuine’ a chur i n-uachdar. 'Na dhiaidh sin béidh
Ríoghacht Neimhe againn — nó ionainn.”



“Ní bhéidh sí san oifig seo go dtoghfar Cúchulainn mar
eagarthóir agus Prometeus mar ‘thuairisgeoir iasachta’”
arsan t-árd-thuairisgeoir.



CAIB. a XXIII. — LAETHEANNTA AN DÓLÁIS.



Níor shaoil Caoimhghín ar dtús go raibh an sgéal leath chómh
dona aige agus do cheap an t-árd-thuairisgeoir é a bheith.
Go deimhin níor shaoil sé go raibh sé go dona ar chor ar bith.
Bhí sé tuirseach de thuairisgeoireacht — an saghas di a bhí ag
teasdáil ón ‘tSean-bhean Liath’ pé sgéal é. An dúil mhór
a bhí aige i litridheacht, bhí sí ag éirghe nidh ba dhéine agus
nídh ba láidire le déanaighe 'ná mar bhí sí cheana. Cheap sé
gur mhithid dó fíor-iarracht a dhéanamh i gcóir saoghail
sásamhail, liteardha.



Bhí go maith. Do chuir sé snas agus slacht ar an gcéad
chuid de'n leabhar fá “Chreideamh agus Saothar ár Sinnsir,”
an leabhar 'nar thrácht sé faoi “an chóimh-cheangal atá idir
diamhaireacht agus fíor-shíbhialtacht.” Do chuir sé chun carad
í — duine mór de Chonnradh na Gaedhilge.



Níorbh fhada gur chasadar ar a chéile.



“Tá an leabhar léighte agam,” arsan duine mór.
“Do thaithnigh sé go mór liom féin. Acht ní féidir leis
an gConnradh é fhoillsiughadh. Tá rudaí ann agus níor
mhaith le daoine áirithe a n-innsint ná a gcraobhsgaoileadh.
Sgaipfeadh an leabhar an iomarca eolais imeasg an
tsluaigh.”



“Ní féidir é sin a dhéanamh,” ar Caoimhghín; “ní féidir
an iomarca eolais a spaipeadh i n-aon tír.”



“Is féidir — i n-Éirinn,” arsan duine mór. “Is contabh-
arthach an rud an t-eolas. Ní fuláir do'n Chonnradh a bheith
an-chúramach. Caitfidh sé bheith chómh glic le sean-shionnach.”



“Ní fheicim aon chóimh-cheangal idir fírinne staire agus
sean-shionnach,” ar Caoimhghín.


L. 77


Do ghabh gáire an duine mór.



“Tá sin go maith,” ar seisean. “Acht is fearr gliocas
an tsionnaigh 'ná fírinne staire i n-Éirinn go fóill. Rud
eile. Ní thaithneochadh an leabhar leis na Gaedheala féin.
Na daoine a bhíos ag innsint sgéal cois na teineadh insa
nGaedhealtacht, ní bhéadh baint aca leis. Is rud fá leith an
aigne Ghaedhealach, agus ní dóigh liom go bhfuil an diamhaireacht
agus an fheallsamhnacht úd oireamhnach di ar aon chor.”



“Acht tráchtann sé ar aigneadh ár sinnsir rómhann,” ar
Caoimhghín. “Aigne Ghaedhealach a bhí aca súd! Tá daoine
ag trácht faoi an nGaedhealtacht le déanaighe agus níl eolus
aca acht ar iarsma beag de'n Ghaedhealtacht — an t-iarsma
beag atá le fághail indiu: aon lá as milliún beo-laetheannta
na Gaedhealtachta. Is beag an tsuim a chuireann siad ins
an mhór-Ghaedhealtacht dho-fheicsionaigh.”



“B'fhéidir é,” arsan duine mór. “Acht níl an t-am
tagaithe fós. Tá aigne na n-Gaedheal indiu chómh simplidhe,
creidmheach le h-aigneadh leinbh. 'Seadh, go díreach. Leanbh
na hEorpa an Gaedheal. Ní sgéala na Saoi acht sgéala na
sidhe atá ag teasdáil uaidh.”



Bhí an rud céadna le rádh ag daoine móra eile agus
ag daoine beaga chómh maith leo. Ní raibh foillsightheoir
i n-Áth Cliath toilteannach an leabhar do chraobhsgaoileadh.
Tháinig iongnadh ortha na thaoibh. Bhéadh sé chómh maith do
Chaoimhghín iarraidh ar Fhear na Gealaighe é fhoillsiú.



Dubhairt a lán nach raibh smaointe ná litridheacht ag
teasdáil ó na Gaedheala. Dubhradh fós nach raibh smaointe
ná litridheacht ag teasdáil ó na h-Éireannaigh nach raibh
teanga a sinnsir aca. Ní rabhadar ag teasdáil i n-aon
áit sa tír acht amháin ó chorr-dhuine. Do b'aisteach an
rud é, adubhairt Caoimhghín leis féin. Níor chreid sé é, ar
dtús. Acht na neithe liteardha a sgríobh sé, i nGaedhilg
nó i Sacs-Bhéarla: neithe a bhain le feallsamhnacht, le
h-árd-smaointe, le h-anam, le h-intleacht, ní chuirfeadh
aoinne i gclódh iad i bhfuirm leabhair, agus is beag eagarthóir
páipéir a léighfeadh iad ar fad. Dubhradh leis i gcomhnuidhe
ná tuigfeadh an sluagh iad.



“An rabhas ag taidhbhreadh?” ar seisean i litir do'n
Athair Muiris. “An rabhamar go léir ag taidhbhreadh le
linn an Oireachtais úd — fadó, mar shamhluigheann sé dhom
féin anois. Cá bhfuil an ‘Éire nua’? Cá bhfuil an
‘spiorad nua’? Cá bhfuil an intleacht mhór a bhí ag éirghe,


L. 78


dar linn? B'fhéidir go bhfuilid go léir ann, acht ní léir
dom go bhfuil. Tá an donas ar mo shaoghal-sa, agus ní
fheadar 'on domhan cad is cóir dom a dhéanamh. Litridheacht
i mBaile Átha Cliath — Fairíor! Chím anois go mbéadh sé
chómh maith dhom bheith ag gabháil abhráin don Life. Ní féidir
liom post fhághail i n-oifig aon pháipéir eile. Rinne mé go
leor iarrachta. Bhíonn mo chroidhe cráidhte go minic. Sa
maidin, ámhthach, bíonn aoibhneas agus draoidheacht ar mo
chroidhe, agus bíonn dóchas an domhain agam. Um thráthnóna,
tar éis mé a bheith ar lorg oibre ó áit go h-áit, agus i
n-oifigí do gach uile chineál — mo chreach cráidhte!



“Tá saghas scannradh ar an mhnaoi, acht ní leigeann sí
uirthe go bhfuil. Tá mo chroidhe céasta 'na taoibh ó ló go
ló. Deireann sí ó am go h-am go gcaithfidh sinn imtheacht
as Éirinn. Agus an t-athair agus an mháthair ar tí teacht
ar ais, agus dóchas 'na gcroidhe! — ní heol dóibh an stáid
'na bhfuilmid. Dubhras go minic go dtigeann anam duine
ar an domhan i dtreo go mbéadh cath agus cleachtadh aige.
Cath agus cleachtadh! Cath agus cleachtadh i gcomhnuidhe,
gcomhnuidhe! 'Seadh, dubhras é roimhe seo; tuigim agus
mothuighim anois é.”



Dubhairt an t-Athair Muiris go mb' fhearr do Chaoimhghín
agus Úna Baile Átha Cliath d'fhágáil agus dul go Cluain-
tobair. Bhéadh saoghal sonasach aca ar an bhfeilm bhig, dar
leis, agus tar éis oibre an lae bhéadh sé ar a chumas
litridheacht a dhóthain do chumadh. “Dubhras leat i bhfad ó
shoin go bhfuil ‘mianach smaointe’ le fághail fá'n dtuaith,
agus go bhfuil domhan intinne fá leith ag muintir na tuaithe.
Tiocfaidh nua-litridheacht na h-Éireann ó'n dtuaith. Na
bailte móra atá againn tá siad feochta, loitighthe. Níl
spiorad Chríost ná spiorad Chúchulainn ionta. Fill ar an
bhfeilmeoireacht, a Chaoimhghín, agus béidh ádhbhar fhilidheachta
agus ádhbhar litridheachta i do chroidhe gach lá. 'Seadh, agus
béidh rud atá i bhfad níos fearr ionat — béidh Ríoghacht Neimhe
le mothughadh ionat. Táim chómh sona le naomh agus mé ag
obair ar an riasc mór annso i nGortruadh. An fheil-
meoireacht go bráth!”



“Anois agus arís,” ar Caoimhghín 'na fhreagra, “saoilim
go bhfuil an ceart agat, agus gur chóir dom dul ar ais go
Cluaintobair. Acht is sgríbhneoir mé gan aon ghó, agus tá
sé buailte isteach im' aigneadh go bhfuil neithe im' intinn
gur cóir dom a gcraobhsgaoileadh. Acht níl slighe ná uain


L. 79


agam chun é sin do dhéanamh. Tá an fhírinne agat mar
gheall ar na bailte móra. Tá siad feochta, loitighthe. Acht
níl. Tá anam i ngach duine atá 'na chomhnuidhe ionta. 'Sé
an donas é go bhfuil na ‘gnáth-dhaoine’ i n-uachdar. Ní
fuláir dúinn bheith foighdeach agus ár ndithchioll do dhéanamh
gach lá dá maireann sinn chun an ‘fhíor-dhuine’ atá fá cheilt
i ngach cathruightheoir a mhúsgailt.



“Thug an Canónach Ó Maoilbheanna seanmóirí iongantacha
uaidh le déanaighe. Chuir sé sgannradh ar a lán, óir bhí
brígh a theagaisg fíor-chosamhail le cumannacht. Béidh
éirghe amach imeasg na mbocht lá éigin, dubhairt sé, agus
badh mhaith leis é. Tá mé féin bocht go leor anois, agus
támuid i gcruadhchás. Tá imnidhe mhór orm faoi an mhnaoi.
Is dócha go rachaidh sinn go Cluaintobair i ndeire na
tréimhse …”



Tamall 'na dhiaidh sin tháinig sgannrad mór ar Chaoimhghín.
Do bhuail Úna breoite. D'éirigh sí nídh ba laige ó ló go
ló. Tháinig an dochtúir chuice, tháinig an Canónach gac lá
dá féachaint. I gceann coicthighise cheap gach aoinne acht
amháin Caoimhghín go raibh an bás i ngar di, agus maidir le
Caoimhghín féin giodh go raibh dóchas aige fós bhí sé beagnach
as a mheabhair.



“A Chaoimhghín,” ar sise tráthnóna, “is minic a bhíomar
ag trácht ar an mbeathaidh agus ar an mbás; is minic
adubhrais nach bhfuil sa mbás acht athrú clódha; is minic
adubhrais go raibh chóimh-cheangal agus cáirdeas idir ár
n-anmanna fad ó, agus go mbéidh chóimh-cheangal agus
cáirdeas eatortha go deo na ndeor. Anois, a Chaoimhghín,
éirigheadh do chroidhe, agus bíodh meisneach agat, agus bíodh
dóchas ionat. Agus béidh m'anam i ngar duit i gcomhnuidhe,
agus béidhmid i n-aoinfheacht le chéile arís, agus —”



Acht ní féidir leis creidheamh go raibh sí ag imtheacht. Do
phóg sé í, agus dubhairt sé go mbéadh saoghal fada sonasach
roimpi. Maidir leis an bhfeallsamhnacht níor chuimhnigh sé
uirthe.



CAIB. a XXIV. — TRÁGHAIDHEACHT.



“Go dtugaidh Dia solus na bhflaitheas dá h-anam! Tá
sí imthighthe uainn,” arsan Canónach.



Chuaidh Caoimhghín amach as an tseomra. Níor léir dó cad
a bhí dá dhéanamh aige. Bhí a chroidhe céasta, bhí a intinn trí
n-a chéile.


L. 80


Chuaidh sé ar an tsráid. Chuaidh sé síos chun na trágha.
Bhuail sé síos 'na dhiaidh sin ar bhóthar na fairrge, agus
fiabhras 'na mheabhair.



Bhí an oidhche go geal, glórmhar, acht níor chuir sé suim
i n-aon rud a bhí le feicsint nó le mothughadh. Do shiubhail
sé chómh luath agus do fhéad sé; do rith sé ar uairibh.
D'iompuigh sé ar bhóthar sléibhe, agus do shiubhail sé nídh ba
luaithe 'ná riamh. Anois agus arís do rith sé i mbárr an
anama. Do shiubhail sé agus do rith sé, do rith sé agus do
shiubhail sé i n-uaigneas na h-oidhche. Fá dheireadh thiar ní
raibh sé i n-ann rith ná siubhal. Do chaith sé é féin ar an
dtalamh faoi sgáth an chlaidhe, agus do ghuidh sé chun Dé go
mbéadh deireadh leis.



Ba h-uathbhásach iad a dhólás, a chéasadh croidhe, a bhuaidhirt
anama. Ba léir dó fá dheireadh an dearmad mór do rinne
sé. Níor ghlach sé le comhairle Úna, níor lean sé ar a
fhíor-obair, níor chuimhnigh sé ar a athair agus ar a mháthair.
Chuir sé an iomarca suime ann féin, agus sa ngrádh, agus
i n-aoibhneas. Agus tháinig tubaiste air, tháinig mí-ádh air,
dá bhárr. Dá mbéadh ciall aige i n-am bhéadh sé ag obair
i gcóir an pháipéir fós, agus am agus suaimhneas aige i
gcóir litridheachta; bhéadh a athair agus a mháthair go com-
pórdach sa mbaile; bhéadh Úna 'na beathaidh. Acht ní raibh
ciall ná cogubhas aige, agus dá bhrígh sin do thuit dólás
agus donas agus bárr donais air. Ní raibh dúil aige i
n-aon rud acht amháin an bás.



Do luigh sé annsin ar feadh uaire, agus do mheas sé
gur chosamhail le h-Ifreann stáid a chroidhe agus a intinne.
… Fá dheireadh d'éirigh sé sár-thuirseach, agus do thuit
a chodladh air …



Shaoil sé ar ndúiseacht dó go raibh sé i n-áit áluinn,
aoibhinn, agus go raibh Úna le n-a chois, agus í ag féachaint
air go grádhmhar. Tháinig áthas thar meodhon ar a chroidhe.
Bhí sé cinnte gur chuala sé a guth agus go bhfaca sé glóire
a súl. An chéad nóimid eile bhí sé 'na lán-dúiseacht.
Fairíor, bhí Úna imthighthe, acht do b'iongantach an méid
síothchána agus sonais a bhí 'na aigneadh fós.



D'éirigh sé 'na sheasamh. Bhí an moch-thráth ann.



Bhí sé fíor-chinnte go raibh anam Úna i n-aice leis.
Dubhairt sé leis féin go mbéadh sé foighdeach, calma, deagh-
chroidheach as sin amach, agus go leanfadh sé go dian,
díthcheallach ar obair a shaoghail. Níl i mbeathaidh dhuine sa
réim chorpordha acht seal, agus bhéadh a anam agus anam


L. 81


Úna i n-aoinfheact le chéile ar stáid naomhtha, shíorruidhe.
Sa réim seo féin ba ghlan, beannuighthe an grádh a bhí eatortha.



Chuaidh sé ar ais go Dúmhach Trágha Mhuirbhthean.



CAIB. a XXV. — AITH-BHEO.



Ar teacht isteach do'n tigín do Chaoimhghín tháinig an
Canónach síos na staidhrí.



“I n-ainm an Tighearna cá rabhais, a Chaoimhghín?” ar
seisean. “Bhí imnidhe mhór orm i do thaoibh, agus bhí
Úna —”



“Shaoileas ar dtús go raibh mo chroidhe briste,” ar
Caoimhghín, “acht buidheachas mór le Dia táim i bhfad níos
láidire anois.”



“Is mór an truagh faoi go ndeachaidh tú amach,” arsan
Canónach — “Is mór an dearmad do rinneamar go léir.
Nuair tháinig Úna chuice féin arís —”



“I n-ainm Dé, a Chanónaigh, an bhfuilir dáríribh —”



“Tháinig sí chuice féin,” arsan Canónach, “agus
buidheachas mór le Dia bhí sí nídh ba láidire 'ná mar bhí
sí le tamall maith. Tá sí 'n-a codladh go sámh anois. Tá
an dochtúir imthighthe. Tá sé sásta 'na aigneadh. Deir sé
go bhfuil biseach mór uirthe.”



Do shuidh Caoimhghín síos i gcathaoir. Idir iongnadh agus
mór-gháirdeachas níor fhéad sé oiread agus focal a rádh.



“Caithfidh mé imtheacht anois,” arsan Canónach. Is orm
atá an t-áthas. Acht fan — tá sgéal again le h-innsint duit.
Bhí an oiread sin buaidheartha orainn nuair tháinig mé isteach
ar tuitim na h-oidhche gur imthigh sé glan as mo chuimhne.
Bhíos i n-oifig na ‘Sean-mhná’ indiu. Bhíos ag cainnt leis
an eagarthóir i dtaoibh na seanmóirí úd. Rinne mé tagairt
duit-se agus do'n trioblóid mhór a bhí ort. Dubhairt sé
nár thuig sé cionnus mar bhí an sgéal ar aon chor agus go
raibh brón mór air mar gheall ar do chás. Tabhairfidh sé post
áirithe dhuit láithreach bonn má's maith leat é.”



D'imthigh an Canónach annsin. Chuaidh Caoimhghín suas na
staighrí. Shaoil sé gur bealach go Neamh a bhí ann.



Chuaidh sé isteach go ciúin, socair sa tseomra. Bhí Úna
'na codladh, agus í go sámh. Do shuidh sé síos cois na
leabtha.


L. 82


D'osgail sí a súile i gceann tamaillín. D'fhéach sí ar
Chaoimhghín go grádhmhar. Do phóg sé í.



“Is iongantach an sgéal a bhéas agam le h-innsint duit
ar ball,” ar sise. “Bhí tú cinnte go rabhas imthighthe uait.”



“Bhí cosamhlacht an bháis ort, a ghrádh,” ar Caoimhghín,
“agus is beag nár bhris mo chroidhe.”



“Tá cuimhne agat ar fhís nó taidhbhreadh mo mháthar boichte
i bhFine Gall,” ar Úna. “Bhíos san stáid chéadna.
Samhluigheadh dham go raibh mé as mo chorp do réir mar bhí
mo mháthair. Ba thruagh liom an stáid 'na rabhais, agus rinne
mé iarracht agus síor-iarracht le cur i n-iúl duit go rabhas
i n-aoinfheacht leat. Acht ní fhacais mé agus níor labhrais
liom ar chor ar bith. Do shiubhaileas leat agus do ritheas
leat cois na trágha, agus ar bhóthar na fairrge, agus ar
bhothar sléibhe, agus do luigheas le do chois faoi sgáth
chlaidhe —”



“Thar ar chualas riamh!” ar Caoimhghín. “Bhíos ar
na bóithre go cinnte, agus do chaitheas mé féin faoi sgáth
an chlaidhe. Cuireann sé i gcuimhne dhom na sgéala
diamhaireachta —”



“Acht níor chuiris aon tsuim ionam, a Chaoimhghín. Níor
shaoilis go raibh mé ann in aon chor. Mhothuigheas a lán rudaí
iongantacha im' thimcheall, acht bhí neart mo ghrádha dhom'
choimhéad i n-aoinfheacht leat-sa. Bhí saghas troda nach léir
dam anois ar siubhal ionam. Fá dheire tháinig tuirse mhór
orm, agus do thuiteas im' chodladh. Nuair dhúisigh mé arís
is annso a bhíos, agus an Canónach bocht ag féachaint orm
go brónach. Do b'iongantach an taidhbhreadh é, dá mba rud
é gur taidhbhreadh a bhí ann.”



Do thuit sí 'n-a codladh go sámh arís. Bhí an ghrian
ag taithneamh ar an dtigín nuair dhúisigh sí. As sin amach
bhí sí ag éirghe slán láidir aereach ó ló go ló.



CAIB. a XXVI. — SLÁN AGUS BEANNACHT!



“Is aisteach an fear thú,” arsan t-árd-thuairisgeoir nuair
a chuaidh Caoimhghín isteach 'na sheomra. “Cé an dearmad
agus cé an donas a bhí ort a's nár chuiris i n-úil dúinn go
raibh cáirdeas idir thú féin agus an Canónach Ó Maoil-
bheanna?”


L. 83


“Cé an maitheas a bhéadh san méid sin?” ar Caoimhghín.



“Táir ró-shimplidhe le bhéith i do bheathaidh ar phláinéid
mar seo,” arsan t-árd-thuairisgeoir. “Tá eagla an
domhain ag ‘An tSean-bhean Liath’ roimh árd-chléireach.
Dá mbéadh an Pápa 'na chomhnuidhe i mBaile Átha Cliath ní
fheadar cad a dhéanadh sí. Nuair a fuair an fear eagair
amach go bhfuil tusa agus an Canónach chómh mór sin le chéile
tháinig sé chugam agus dubhairt sé gur mhór an náire dhom
gan sgríbhneoir breagh, cliste mar thusa a choimhéad san oifig.
Chuir sé milleán thar meodhan orm. Orm-sa! 'Seadh go
díreach. Anois tá post áirithe le fághail agat, a mhic ó!
Ní bhéidh baint agat le tuairisgeoireacht choitchinn — acht aistí
speisialta ar imtheachta áirithe: tuairisgeoireacht liteardha
ealadhanta. Béidh sé ort fós príomh-aistí liteardha a
sgríobhadh cúpla uair sa tseachtmhain. Agus béidh an oiread
eile tuarasdail le fághail agat a's mar bhí cheana. Acht
tá an t-árd-eagarthóir ag fanamhaint leat 'na sheomra.
Réidhteochaidh sé an cheist ar fad.”



Agus do réidhtigh.



Ar teacht a bhaile do Chaoimhghín bhí Úna 'na suidhe agus í
ag léigheadh láimh-sgríbhinne an “Leabhair Mhóir.”



“Is iongantach a bhfuil ráidhthe agat annso i dtaoibh
ban-déithe na nGaedheal, a Chaoimhghín,” ar sise. “Is áluinn
an sgéal é. Badh dhóigh le duine go raibh aithne agat ar na
ban-déithe céadna.”



“Tá ceann aca i dtigín i nDumhach Trágha Mhuirbhthean
cois Chuain Átha Cliath,” ar seisean. “Is uirthe a bhíos ag
smaoineadh agus mé ag sgríobhadh.”



“Is mithid duit a bheith ag éirghe ciallmhar anois,” ar sise.
“Marach go dtáinig mé, agus an mí-ádh i n-aoinfheacht liom,
bhéitheá go réidh, sonasach —”



“Níor thuigeas sonas dáríribh sul ar tháinig tú,” ar
seisean.



“Acht an trioblóid mhór a bhí ort le déanaighe, nó le fada
badh cheart dam a rádh —”



“Do chéas sí an ‘gnáth-dhuine’ a bhí ionam,” ar seisean,
“agus tá an ‘fíor-dhuine’ ag teacht chun cinn dá bhárr.
Mothuighim ‘Ríoghacht Neimhe’ im' thimcheall agus ionam cheana
féin. Bhí an ceart ag na saoithe naomhtha.”



“Mothuighim-se aoibhneas sa tsaoghal nach raibh le mothughadh
ariamh roimhe seo,” ar sise.


L. 84


“Táir ag éirghe slán, aereach, deisbhéalach arís; tá an
t-athair agus an mháthair ag teacht ar ais do'n fheilm bhig;
agus tá mór-phost nua fághalta agam — nach sonasach an
sgéal ar fad é,” ar Caoimhghín.



Cuir sé i n-úil di a raibh le rádh ag an árd-thuairisgeoir
agus ag an eagarthóir.



“Deirtear gur i bhfad ó bhaile bhíonn na h-iongantais.
Ní fíor an sean-fhocal. Taisbeánann ár sgéal-ne gur ag
baile a bhíonn na sár-iongantais,” ar Úna.



“Agus ionainn féin,” ar Caoimhghín. “Ní raibh ins an
trioblóid acht néalta. Tá na néalta imthighthe. Tá an
solus ann. Mothuigheann ár n-anamanna a stáid dhúthchais.
Aith-fhilleadh ar Neamh é.”



“A bheith mar atámuid anois, chómh áthasach ionainn féin,
an oiread sin aoibhneasa 'nár dtimcheall agus atá annso
cois Chuain Átha Cliath, agus an oiread sin oibre le déanamh
againn ar son na mbocht agus ar son ár dtíre — nach
mbeimís sásta go deo, a Chaoimhghín?”



“Bhéimís,” ar seisean, agus dho phóg sé í. “Cuimh-
nigheann tú i gcomhnuidhe ar na bochtáin agus na daoine nár
mhothuigh Ríoghacht Neimhe ionta féin fós.”



“Is truagh liom iad go léir,” ar Úna. “Cé an fáth go
bhfuilmid-ne chómh sona agus na mílte i gcruadhchás?”



“Is fada an sgéal é, a ghile,” ar Caoimhghín. “Grádh
glan, beannuighthe a threoruigh sinne go Ríoghacht Neimhe.
Ní mór dúinn oibriughadh ar son na mílte nach bhfuil i ngar
di fós.” …



Inneosfar sgéal na h-oibre sin lá éigin, le congnamh Dé.
Anois fágamuid slán ag Úna agus ag Caoimhghín, go
grádhmhar, sonasach mar atá siad 'na dtigín aoibhinn cois
Chuain Átha Cliath.



(A CHRÍOCH.)