Gaethe Gréine — II

Connradh na Gaedhilge (1920)

Údair éagsúla



GAETHE GRÉINE — II



OIREACHTAS 1920



BAILE ÁTHA CLIATH:



CONNRADH NA GAEDHILGE


L. 2


Dollard
Forbadh Éilim
Tigh an Chló
Baile ata Cliath


L. 3


AN tÁIREAMH



An Fhiann 7



Ógláig Na Bliadhna 1782 31



Scrúdadh Ar Theagasc Dhescartes 45



Platon 65



Filidheacht:



Cúis Chumha Na Mumhan 83



A Phéarla na Féile 88



Toirbheart na Máthar 91


L. 4



L. 5


OIREACHTAS 1920



Sidiad na hughdair do bhuaidh na duaiseanna:



Com. 8. (1) “Tír an Áir”



.i. Pádraig Ó Modhráin, i gCathair
na Mart;



(2) “Dál gCas”



.i. Pádraig Ághas, sa Dún Bheag.



Com. 9. (1) “Sean-Dún na nGall”



.i. An Bráthair Benedict, O.D.C.,
Áth Cliath;



(2) “Moling”



.i. Micheál Ó Murchadha, Brosna;



Com. 15. (1) “Gaol na nGaedheal”



.i. Pádraig Ó Cruadhlaoich, i Magh
Cromtha;



(2) “File Fuar”



.i. Pádraig Ághas, insa Dún Bheag.



Roinnt aistí eile dár bhuaidh duais do sciob
an namhaid leis as an oifig iad.



FIACHRA ÉILGEACH.


L. 6



L. 7


AN FHIANN.



“Eol damh seanchus Féine Finn
Re ré toigheachta in Tailginn
Ó ré Fergusa neartmhoir
Go ré Oissín ilreachtaigh.”



— Duanaire Fhinn.



Ins an tseanaimsir, na céadta bliadhain ó shoin,
sul mar tháinig Pádraig go hÉirinn do mhair san tír
seo an dream gaisceamhail sin ar a dtugthar an Fhiann.
Is iomdha dream gaisceamhail do bhí i nÉirinn ó shoin
anuas, is iomdha laoch a throid go calma agus a fuair
bás go neamhfhaitchíosach ar son saoirse a thírín dúthchais,
is iomdha saoi foghlumtha a chaith a bheatha ag scrúdadh
léighinn go dúthrachtach ar feadh an ama sin, is iomdha
file agus bárd a chum agus a sheinn a dhánta d'uaislibh
agus d'anuaislibh na tíre; acht laoich níos calma, nó
saoithe níos foghlumtha, nó filidhe níos cliste, ní
rabhadar le fagháil san tír seo, ná i dtír ar bith
eile ó bhás Oisin mac Fhinn an duine deireannach dhen
Fhéinn.



O's inár dtír féin do mhair na daoine árdaigeanta
so, séard is lugha is cóir dhúinn fios a dtréithe agus a
n-imtheachta a bheith againn. Agus duine ar bith a léigheas
na scéalta agus na laoithe Fiannaidheachta atá chomh
fairsing sin, ní hé amháin ins na láimhscríbhnibh atá i
dtaisce annso agus annsúd, acht ins gach ball den
tír a bhfuil seanchaidhe le fagháil ann, ní bhéidh sé gan
eólas ar chuid éigin de stair na hÉireann. Beidh adhbhar
smaointe aige, agus adhbhar bróid agus áthais freisin,
nuair a chuimhnigheas sé nach raibh de mhisneach ins an
Rómhánach sanntach, an ríoghacht ba mhó comhacht da
bhfacthas riamh san saoghal, aon chur isteach a dhéanamh
ar an dtír seo le n-a cur fá n-a smacht, agus nuair


L. 8


a thuigfeas sé gur bh'é an Fhiann an t-aon rud amháin
a bhí ag ríoghthaibh Éireann leis an tír a chosaint ar
fhóirneart eachtrann.



Ní furas eólas cruinn dfhagháil ar go leór rudaí
a bhaineas leis an bhFéinn. Cia chuir ar bun iad? Cia
an t-am ar cuireadh ar bun iad? Ní abraim nach bhfuil
fuascailt an dá cheist sin le fagháil insna seanleabhraibh
agus dá n-abrainn, níor bhfhíor dham é. Tá eólas, acht
ní heólas cruinn é, mar is minic leabhar nó scéal ag
bréagnughadh leabhair nó scéil eile. Agus ní i dtaobh na
gceist sin amháin atá an locht sin ar na seanleabhraibh.
Nuair chuimhnigheas tú i gceart air, ní hiongnadh ar bith é.
Tá tíortha eile ann, agus níor crádhadh is níor réabadh iad
mar do crádhadh Éire bhocht, agus níl acht fírbheagán
le n'innsint ag cuid aca ar a dtárla ionnta ón gcéad
aois go dtí an treas aois. Ní mór scrúdughadh dian
agus léirmheas iomlán a dhéanamh ar na téacsannaibh
seo go léir ionnus go bhféadfar an bhréag agus an
fhírinne a dheighilt ó chéile. Sin é an uair bheifar i ndan
an dá cheist seo a réidhteach.



Acht deirthar, nuair nach féidir linn a innsint cia
an t-am a cuireadh ar bun iad, gur féidir nach raibh
a leithéid ann ar chor ar bith. Deirthar a thuilleadh, nach
bhfuil ins na scéaltaibh a bhaineas leo acht seanscéalta
ag trácht ar na déithibh bréige a bhíodh dhá n-adhradh ins
an tír seo roimh theacht Phádraic innti, agus gur b'amhlaidh
a chuir na manaigh an cruth nuadh ortha so leis an sean-
chreideamh a chur as cuimhne na ndaoine. Is féidir go
bhfuil cuid den fhírinne ins an tuairim sin. Is dóigh
go ndéanfadh na manaigh a ndícheall leis an sean-
sheafóideacht a chur ar gcúl. Is dóigh go raibh go leór
seanscéalta den chineál sin thuas i nÉirinn fadó.
Acht an gcruthuigheann an méid sin nach mbéadh cuimhne
ar bith ar shaothar daoine saoghalta? An gcruthuigheann
sé nach n-innseochaidhe scéalta ina dtaobh? An
gcruthuigheann sé nach raibh gaiscidhigh thréanmhara i
nÉirinn le linn Cormac mac Airt a bheith ina Árdrí?


L. 9


Le scéal gearr a dhéanamh den scéal fhada, an
gcruthuigheann sé nár mhair an Fhiann?



Má's mian linn an cheist sin a réidhteach ní mór dhúinn
cuimhniughadh ar an gcaoi a raibh mórhthír na hEórpa i
dtosach an chéad aoise. Béidh a thuilleadh le rádh againn
amach annso ar na déithibh bréige agus ar an mbaint atá
aca leis na scéaltaibh Fiannaidheachta.



I dtosach an chéad aoise bhí impireacht mhór ag an
Rómhánach. Bhí an Iodáil, an Spáinn agus an Ghréig
aige. Bhí cuid mhaith de iarthar na hÁsia fá chois aige.
Bhí tuaisceart na hAifrice fá n-a smacht. Throid
muintir na Gaille go calma ina aghaidh, acht b'éigean
dóibh géilleadh fa dheireadh. Rinne sé amus ar an
mBreatain agus chuir sé faoi n-a smacht í. Annsin
do stad sé. Cad chuige?



An amhlaidh nár bhfhiu leis Alba agus Éire a chur fá
n-a smacht? Nó an amhlaidh do bhí arm ar bun insna
tíorthaibh sin, an Fhiann cuir i gcás, le hiad a chosaint
ar an námhaid, arm a bhí déanta ar throid, arm a raibh
taoisigh chliste air, arm a bhí i ndán an fód a sheasamh
i n-aghaidh an Rómhánaigh chumasaigh féin? Is dóigh go
raibh arm den chineál sin ann; muna mbéadh go raibh,
níor bhfada go mbéadh na tíortha sin go léir fá n-a
smacht, go mórmhór nuair do bhíodh na Picti (Albanaigh)
agus na Scoti (Éireannaigh) dá bhuaidhreadh. Is iomdha
cath fuilteach a tugadh idir na Rómhánaigh ar taobh agus
na Cruithnigh agus na hÉireannaigh ar an dtaobh eile,
agus an duine a léigh stair na haimsire úd, tá a fhios
aige nach ag na Rómhánachaibh do bhíodh an bhuaidh i gcomh-
nuidhe. Rinneadh balla mór idir Alba agus an
Bhreatain ó mhuir go muir, leis na daoine fiadháine a
choinneál amach, agus cuireadh arm mór á fhaire. Ní
raibh aon mhaith ann. Léimeadh thar an gclaidhe, agus do
hairgeadh agus do creachadh an chríoch arís. Is dóigh go
ndearnadh bearna san mballa. Ar chuma ar bith, do
rinneadh balla eile i gceann tamaill agus chruthuigh
sé go díreach chomh úsáideach leis an gcéad cheann.


L. 10


A té a déarfadh nach raibh arm ar an dtaobh eile
den chlaidhe sin, nach raibh cleachtadh maith ar chogadh ag
an arm sin, nach raibh taoisigh chliste, déanta ina bhun,
nach raibh órdughadh maith air agus ar an dtír a dtáinig
sé as, ba duine gan chiall, gan tuigsint é. Tá sé
chom soiléir le bos do láimhe go raibh gach uile nidh dar
áirmigh mé ann, agus munar bh'é an Fhiann an t-ainm
a bhí ar an arm sin cia an t-ainm a bhí air?



Acht nílmíd taobh le buille fa thuairim den chineál
sin. Tá againn, mar dubhradh cheana, go leór sean-
leabhar ag trácht thar an bhFéinn, agus cé nach furas
eólas cruinn a bhaint asta, is féidir a fheicsint ó na
hannálachaibh agus ó leabhraibh eile gur chreid scríbhneóirí
na leabhar sin san bhFéinn. Is fíor nár scríobhadh na
leabhra sin le linn na Féinne. Níor scríobhadh iad go
ceann na gcéadta bliadhain ina dhiaidh sin. Acht an
méid a bhaineas leis an bhFéinn ionnta, tarraingeadh
as leabhraibh níos sine fós é, nó scríobhadh leis na filidhibh
nó leis na hollamhnaibh é, agus bhí sé aca sin, ní ó leabhraibh
acht ó mheabhair a gcinn. Ins an am sin, bfhearr go mór
an mheabhair do bhíodh ag na daoinibh 'ná mar atá anois,
agus an chuid aca a chuaidh le filidheacht nó le stair nó
le dlighe, b'éigean dóibh dhá bhliadhain déag nó níos mó
a chaitheamh ag foghluim agus ag síorfhoghluim, nó go
mbéadh seaneólas na sean de ghlainmheabhair aca.



Atá againn fós scaipthe ar fud na tíre áiteacha a
hainmnigheadh ón bhFéinn nó ó thaoiseachaibh na Féinne.
Do bfhéidir liom a lán aca a chur síos, acht níl slighe
agam annso. Tá siad ann agus is leór liom sin. Muna
an Fhiann ann cia uaidh ar ainmnigheadh na háiteacha
sin?



Maidir leis an litridheacht Fhiannaidheachta: is fíor
go bhfuil go leór innti nach cóir a chreideamhaint. Acht
deir an Dochtúir Céitinn ins an bhForas Feasa “ní
raibh ríoghacht san bhith is nach scríobhthaidhe ré linn na
Págántachta sceoil dá ngairthí fabulae (finnscéalta).”
Is fíor sin, agus is fíor, freisin, cé nach é aimsir na


L. 11


Págántachta atá ann anois, go gcumthar agus go
scríobhthar scéalta ar scáth na fírinne, agus nach bhfuil
san gcuid is mó aca acht finnscéalta. Ar an adhbhar
sin, má léighimid cunntais faoi Fhionn nó Oisín
nó Oscar, ag tracht ar dhraoidheacht nó ar ghníomhraibh
móra nach bhféadfadh duine saoghalta a dhéanamh, ní
gábha dhúinn gach rud dá léighimid a chreideamhaint, agus
ní gábha dhúinn, acht an oiread, a rádh nár mhair Fionn
nó Oisín nó Oscar. Do bfhuras duine a chur ar neimh-
nidh, dá ndéanadh bréag nó áidhbhéil den tsórt sin é.



Tuigimíd uime sin go raibh i nÉirinn fadó dream
a bhí i ndan an fód a sheasam i n-aghaidh an Rómhánaigh,
agus tuigimíd ó na seanleabhraibh gur b'é an t-ainm
do bhí ar an dream sin an Fhiann, go bhfuil go leór
scéalta agus laoithe agus dánta le fagháil ina dtaobh,
go bhfuil cuid de na scéalta fíor, agus an chuid eile
dhíobh bréagach, nó budh chóra a rádh go bhfuil na bréaga
agus an fhírinne chomh measctha sin nach furas iomlán
na fírinne a bhaint amach.



RIAGHLACHA NA FÉINNE.



Is follus ón méad sin, rómham nach daoine gan
mhisneach do bhí san bhFéinn. Agus feicfar ó na
riaghlachaibh seo 'mo dhiaidh, go scrúduighthí a misneach
go dian sul ma nglacthaoi iad san sluagh deaghchliútach
sin. Bhí deich gcoinghill le comhlíonadh ag an iarratóir,
agus go dtí go gcomhlíonadh sé iad ní ghlacfaidhe é.
Seo iad:



1. B'éigean dá athair is dá mháthair is dá threibh
is dá ghaoltaibh slánadh a thabhairt uatha nach n-iarrfadh
siad sásamh ina bhás, dá marbhthaoi é.



2. B'éigean dó bheith ina fhile, agus dhá leabhar
déag na filidheachta a bheith déanta aige.



3. B'éigean dó seasamh go dtí a ghlúna i gclais,
agus sciath agus maide gearr ina lámhaibh aige, agus


L. 12


bhíodh naonbhar fear naoi n-iomaire uaidh agus naoi
sleagha i láimh gach fir aca, agus chaithidís na sleagha
leis i n-éinfheacht, agus b'éigean dó é féin a chosaint
leis an sciath agus an maide.



4. Cuirthí tríd an gcoill é agus a fholt fighte, agus
cuirthí an Fhiann uile ar a thóir, gan acht an t-aon
chrann amháin idir eisean agus iad i dtosach; dá
mbeirthí air ghoinfidhe é agus ní ghlacfaidhe san
bhFéinn é.



5. B'eigean dó a chuid arm a choinneál socair
gan crathadh ina láimh.



6. Ní ghlacfaidhe é dá scaoiltí dlaoi dhá fholt san
gcoill.



7. B'eigean dó rith ar mhaide chríon gan a bhriseadh.



8. B'eigean dó léimneach thar an gcraoibh a bhéadh
chomh hárd le n-a éadan, agus cromadh fá'n gcraoibh a
bhéadh chomh híseal le n-a ghlúin agus é sin a dhéanamh
ar a thréinrith.



9. B'éigean dó, agus é ag rith, dealg a tharraing
as a chois le n-a láimh gan stad a dhéanamh ina rith.



10. B'éigean dó a mhionna a thabhairt go mbéadh sé
díleas do thaoiseach na Féinne.



Ní hiongna ar bith na Fianna a bheith lúthmhar, láidir,
misneamhail, árdaigeanta foghlumtha, cliste, agus
na coinghill sin ortha. Bhí siad saor ó gach rud a bhain
leis an dtreibh ar shíolruigh siad uaithi, agus ar an
adhbhar sin is ortha féin agus ar a gcompánachaibh do
bhíodh a seasamh. Bhí siad foghlumtha, gach fear aca ina
fhile. Bhíodh lámha lúthmhara láidre aca, nuair chois-
neochaidís iad féin ar na sleaghaibh. Bhíodh na cosa
comh lúthmhar leis na lámhaibh, nó ní bhéadh ionnta na
sealgairí a shárughadh. Ní bhéadh scoilteacha ar an bhfear
a chromfadh fá'n gcraoibh, agus ba éadtrom shiubhalfadh
fear an mhaide chrín. Is cosmhail nach nglacfaidhe mórán
de lucht na haimsire seo insan bhFéinn.



Acht tá a thuilleadh ann. Bhí cheithre nósanna dá
gcleachtadh insan bhFéinn, agus b'éigean do gach duine


L. 13


aca geallamhaint a thabhairt uaidh go leanfadh sé de na
nósannaibh sin. Seo iad.



1. Gan aon spré a iarraidh le mnaoi, acht í a thoghadh
ar a deaghbhéasaibh.



2. Gan bhean do shárughadh.



3. Gan duine d'eiteach fá bhiadh ná fá mhaoin.



4. Gan teicheadh ó naonbhar laoch.



Bhíodh nósa ionmholta eile aca. An té a léigh na
scéalta Fiannaidheachta, is eól do a lán aca. Ní haon
dochar iad a chur i gcomórtas le nósannaibh tíre ar bith
eile insan am chéadna. Is fíor go raibh drochnósanna
aca, acht ní raibh an Creideamh aca, agus is fíor, freisin,
gurbh' iongantach an tsibhialtacht a bhí insna deagh-
nósaibh; bhí siad níos goire don críostamhlacht ar go
leór bealach 'ná daoine áirithe a bheireann críostaidhthe
ortha féin.



GEARRCHUNNTAS AS AN STAIR.



Bhí Árdrí i nÉirinn san gcéad aois dárbh ainm
Fearadhach Feachtnach. Bhí beirt mhac aige, agus an
mac do b'óige, bhí sé rud beag fiadháin. Dfhág sé teach
a athar, agus chuaidh sé go dtí an Fhiann agus do glacadh
isteach innti é. Ní raibh cáil mhaith amuigh ar an bhFéinn
an uair sin. Níor bhain siad leis an Árdrígh. Robál-
aidhthe nó ceithearnaigh choille do bhí ionnta. I gceann
tamaill fuair Fearadhach bás. Fuair an mac ba shine
bás tamall ina dhiaidh sin agus toghadh Fiachaidh, an
mac fiadháin, ina Árdrígh. Nuair ríoghadh é níor
dhearmaid sé an Fhiann. Chuimhnigh sé ar a ndearnadar
air agus é ina cheithearnach coille. Thogh sé iad mar
shluagh teallaigh aige féin le stad a chur le gach eagcóir
san tír gus leis an tír a chosaint ar fhóirneart each-
trann. Chuir sé Mórna mar thaoiseach ortha. Ba as
Connacht do Mhórna. Nuair fuair Mórna bás do
mhair an taoiseacht ag a threibh. Bhí ceathrar taoiseach


L. 14


díobh i ndiaidh a chéile ann. Annsin fuair Fiann Uladh
an lámh i n-uachtar, agus bhí cúpla príomhthaoiseach as
Cúige Uladh ortha. Ina dhiaidh sin bhí an taoiseacht ag
beirt nó triur Muimhneach i ndiaidh a chéile.



Fá dheireadh do ghlac Tréanmhór Ó Baoiscne an righ-
féinnidheacht. Ba as Cúige Laighean dó-san: is maith a
thuill sé a ainm, mar bhí sé mór, agus tréan ar gach
bealach. Acht níor thaithnigh seisean ná a threabh le
Clainn Mhórna, agus ón am sin amach ba mhinic easaonta
idir Clann Mhórna agus Clann Bhaoiscne. Tháinig
Cumhall i ndiaidh Threanmhóir, agus bhí an Fhiann uile
fá n-a chúram ar feadh seacht mbliadhna déag. Conn
Céadchathach a bhí ina Árdrígh ag an am sin, agus d'éirigh
imreasán éigin idir é féin agus Cumhall. Thaobhuigh
Clann Mhórna le Conn agus tugadh cath fuilteach ag
Cnucha i gContae Átha Cliath. Do marbhadh Cumhall
san gcath. Do ghabh Goll mac Mórna an ardfhiann-
aidheacht ann sin go ceann deich mbliadhna nuair do
b'éigean dó í a thabhairt suas do Fhionn mac Cumhaill.
Do lean an easaonta idir an dá chlainn sin, agus i
ndeireadh na scríbe, do b'é an easaonta agus an
t-imreasán sin ba chionn tsiocair le Cath Gabhra inar
marbhadh cuid mhaith den Fhéinn agus inar scaipeadh an
chuid eile dhíobh go deó.



Bhíodh an Fhiann mar arm ag an Árdrí leis an tír a
chosaint ar náimhdibh agus ar allmhurachaibh, le cosc a
chur le gach éagcóir, agus le cóir agus cothrom a
sheasamh do gach éinne, agus bhíodh tuarastal maith aca.
Ó Shamhain go Bealltaine do bhídís ar ceathramhain ar
fhearaibh Éireann. Bhídís scaipthe ar fud na tíre, agus é
d'ualach ar mhuinntir an tighe ina mbíodh siad biadh agus
deoch agus gach rud eile dá dteastuigheadh uatha a
sholáthar dóibh. Ó Bhealltaine go Samhain, ní bhídís mar
sin. Do bhídís taobh le toradh a seilge mar pháigh. Bhíodh
an fheóil mar bhiadh aca, agus dhíolaidís na croicne.
Is iomdha scéal greannmhar atá ann i dtaobh na sealg
gcéadna.


L. 15


Maidir le biadh, níor dheacair iad a shásamh, mar ní
ithidís acht an t-aon phroinn amháin i rith an lae, agus
is san tráthnóna d'ithidís í. Nuair a bhídís ag seilg
chuiridís an biadh, feóil na mbeithidheach, le na searbh-
fhoghantaíbh go dtí tulach áirithe, a mbíodh coill agus
uisce agus portach i n-aice léi. Bhíodh ar na giollaibh
an phroinn d'ullmhughadh. Mar seo do dhéanaidís é.



Chuirtí síos teine mhór. Chuirtí go leór cloch isteach
san teinidh. Déantaoi cuid den fheóil a bhruith ar
bhearaibh os comhair na teineadh. Déantaoi dá pholl
mhóra san talamh agus líontaoi le huisce iad. Chuirtí
an chuid eile den fheóil isteach i bpoll aca so. Annsin
do chaithtí isteach na clocha dearga as an teinidh insan
bpoll céadna, agus leantaoi den obair seo go mbíodh
an fheóil bruithte. Ní beag linn mar theist ar na neithibh
sin na puill dubhloiscthe atá le feicsint i n-áiteachaibh
go fóill.



Thigeadh na laochraidh annsin agus bhainidís a gcuid
éadaigh díobh. Do nighdís iad féin ó bhonn go baithis
san dara poll.



Do thiormuighdís agus chuimlídís iad féin i gcaoi
nach maireadh pioc de thuirse na seilge ortha. Do
shuidhidís annsin agus chaithidís an béile. Nuair bhídís
réidh do thógadh siad fianbhotha doibh féin agus chóruighdís
a leabthacha. B'iongantach iad na leabthacha céadna,
sraith de bharraghlach crann ar an dtalamh, caonach
os a chionn sin, agus úrluachair i n-uachtar. I ndomhnach,
má fuair siad sámhchodladh annsin, bhí sé saothruighthe
aca.



Nuair do bhíodh gach rud go suaimhneasach, ní bhíodh acht
trí catha san bhFeinn, agus trí míle fear san gcath.
Acht, nuair bhíodh cogadh ar siubhal, nó rud ar bith eile
ag cur as don Árdrígh nó do mhuinntir na hÉireann,
do bhíodh seacht gcatha ag an ríghfhéinnidh, agus ní bhíodh
aon teóra leis an uimhir do bhíodh san gcath.


L. 16


NA TAOISEACHA BA MHÓ CÁIL.



Is iomdha taoiseach agus oifigeach do bhíodh fa'n rígh-
fhéinnidh ón gcaithmhíleadh do bhíodh os cionn catha go dtí an
taoiseach naonbhair. Agus nuair a chítar insna scéal-
taibh é dá luadh le duine go mba fear comhlainn céad
nó naonbhair é, ní hé is iontuigthe as sin gur le n-a
láimh féin a mharbhóchadh sé céad nó naonbhar, acht is é is
iontuigthe as go raibh céad nó naonbhar faoi.



Do b'e Fionn mac Cumhaill an taoiseach ba mhó cliú
dá raibh riamh os cionn na Féinne. Ní raibh sé acht ina
bhuachaill óg nuair marbhuigheadh a athair, agus b'éigean
dá mháthair na coillte a thabhairt uirthi féin d'eagla go
marbhóchthaoi an gasúr beag. Is iomdha sin gábha a
ndeachaidh sé thríd agus é ar a choimhéad ameasc na
gcoilleadh. Na beithidhigh fiadháine thart timcheall air,
easbhaidh bídh agus dighe air go minic, agus a náimhde
i gcomhnuidhe ar a lorg. Acht bean ghlic a bhí ina mháthair.
Chuir sí d'ualach ar shiúinéir árus a dhéanamh dhí féin
agus dá mac i lár crainn mhóir. Rinne seisean an
obair go cliste dhí. Rinne sé é chomh mhaith sin is nach
n-aithneochadh an tsúil ba ghéire rud ar bith ar cearr
leis an gcrann sin thar aon chrann eile dá raibh san
gcoill. Annsin nuair a bhí gach uile rud réidh aige,
d'iarr an bhean an tuagh air, gur theastuigh uaithi buille
beag eile do bhualadh. Ba mhó é a mhuinighin sin aiste
'ná a muinighin sin as an siúinéir, mar fheicfar. Thug
sé an tuagh dhi, agus nuair a thug, do bhuail sí an buille
beag air-sean, agus bhain sí an ceann de. “Ba hin
é an tuagh as láimh an tsaoir, agus is mairg a thaobhuigheas
leis na mná.”



Fá dheireadh fuair an mháthair bás. Deirthar gur
b'amhlaidh do bhí na náimhde ar a lorg. Bhí an bheirt
bhocht ag déanamh rómpa ar a ndícheall. I gceann
tamaill bhí sé ag teacht go róchruaidh ar an mnaoi bhoicht
agus chuir Fionn ar a dhruim í. As go bráth leis, thar


L. 17


cnocaibh agus gleanntaibh agus tríd na coilltibh, agus
má fuair an tseanmháthair drochúsáid ó na dealgaibh
agus ó na sceachaibh agus ó rudaíbh neimhneacha eile níor
mhothuigh Fionn é. Bhí rud eile ag cur as dó. Acht i
ndeireadh na scríbe nuair a bhí sé imthighthe glan as
amharc a námhad, d'éirigh sé tuirseach agus do stad sé.
Agus nuair a shíl sé an mháthair a chur ar an dtalamh
arís ní raibh acht a dhá lorgain le fagháil aige, agus do
chaith sé isteach i loch iad. Tá loch den ainm sin ann
agus bfhéidir gur mar siúd fuair sé an t-ainm.



Rinne mé dearmad beag. Ní Fionn a bhí air i dtosach,
acht Deimhne. Bhíodh buachaillí eile ina chuideachta agus
chuir siad Fionn air de bhrigh é bheith fionn.



Chaith sé tamall maith ina dhiaidh sin ina ghiolla ag file
a bhí ina chomhnuidhe ar bhruach na Bóinne. Bhí bradán
san abhainn sin, Bradán an Fheasa, agus bhí Finnéigeas
— b'é sin ainm an fhile, — ag iarraidh é do ghabháil.
An chéad fhear d'íosadh greim den bhradán seo, bhéadh
an fios aige, agus bhí sé i dtairngireacht gur fear a
mbéadh Fionn mar ainm air a d'íosadh é, agus a mbéadh
an fios aige. Shíl an file seo gur dó féin do bhí an
fios i dtairngireacht.



Sa deireadh thiar thall do gabhadh an bradán, agus
do horduigheadh do Dheimhne é a bhruith, acht gan greim
dhe a ithe. Rinne Deimhne mar dubhradh leis, acht nuair
bhí sé ag tógáil an bhradáin do dhóigh sé a mhéar agus,
ar ndóigh, chuir sé ina bhéal í. Dfhiafruigh Finnéigeas
dhe ar ith sé aon ghreim dhe agus mhínigh Fionn an scéal
uile go léir dó. Thuig Finnéigeas ar an móiméad
gur bh'é an Fionn ceart a bhí aige annsin, agus thug sé
an bradán uile dhó. Ina dhiaidh sin chuaidh sé go Teamhair
agus thug an tÁrdrí an ríghféinnidheacht dó, agus bhí
sé ar sheol na bracha go ceann abhfad.



Do réir na seanleabhar, níor chaith Fionn a bheatha
uile i nÉirinn. Chuaidh sé go tíorthaibh eile. Rinne sé
príosúnach de Righ na Sacsan, throid sé i n-aghaidh Ríogh
na Gréige, chuaidh sé chomh fada leis na hIndiachaibh


L. 18


san Domhan Toir agus chuir sé an Dania fá chíos. Is
furas a aithniughadh nach bhfuil san méid seo acht
cumadóireacht.



Is deacair tuairim chruinn a bhaint amach i dtaobh
meanman Fhinn. Gan amhras do bhí deaghthréithe ann.
Bhí sé fial flaitheamhail. Bhí teach breagh ornáideach
aige agus bhíodh fáilte roimh an deóraidhe ann. Bhí sé
misneamhail cródha, deaghbhéasach. Ba mhaith an sealgaire
é. Bhí fios agus foghluim aige. Bhí gliocas agus
críonnacht ann. Acht ina dhéidh sin is uile bhí tréithe
eile ann. Bí sé díoghaltach. Bhí sé gangaideach. Bhí sé
gan truagh. Ní dhéanadh sé an cothrom i gcomhnuidhe.
Dá mhéad a fhéile is a fhlaitheamhlacht, a chródhacht agus a
dheaghbhéasa, ní féidir linn gan cuimhniughadh ar bhás
Dhiarmuda, agus caithfimíd a admháil gur cladhaire
críochnuighthe an duine a dhéanfadh an cleas a rinne
Fionn an oidhche roimh Cath Cruinnmhóna.



Seisear mac a bhí aige. Bhí Oisín agus Fearghus
Fírbhéil ar bheirt den seisear. Ba file Oisín agus
deirthar nó deirthí gurbh'é a chum urmhór na laoithe
Fiannaidheachta. Ní féidir sin bheith amhlaidh, ámhthach.
Dá ndéantaoi an uair sin iad, ní thuigfidhe anois iad.
Seo cúpla líne as dán atá curtha i leith Fhinn:



Cettemain cain ree ro sair and cucht
Canait lum laid lain dia mbeith laigaig ann.



Tá dánta againn a cumadh suas le míle bliadhain
ó shoin, agus is deacra go mór cuid aca a thuigsint 'ná
an dán sin tuas. Is é an fear léighinn a thuigeas leath-
fhocal an t-aon fhear amháin atá i ndán ciall a bhaint
asta, agus ní annamh a sháruigheas siad an fear léighinn
féin. Acht na laoithe Fiannaidheachta, thuigfeadh
Gaedhilgeóir ar bith iad acht amháin fíorchorrfhocal.
Is follus as an méid sin nach é Oisín a scríobh na laoithe.
Gan amhras, bhí sé ina fhile, acht nach raibh gach Fiannaidhe
eile ina fhile chomh maith?



Bhí sé ina fhear mhór, láidir, thréan. Ba mhaith an


L. 19


reathaidhe é. Bheireadh sé ar an bhfiadh allta, agus is
uime sin a fuair sé a ainm, óir is ionann “os” agus
“laogh fiaidh.”



Tá laoi dheas ann i dtaobh a thurais go Tír na nÓg.
Bhí an Fhiann, lá, ag seilg ar bhruach Locha Léin, nuair
casadh óigbhean ortha. Bhí sí ag marcaidheacht ar each
bhán. Niamh Chinnóir a bhí mar ainm uirthi, agus ba mhaith
dfheil an t-ainm sin dí.



“Ba dheirge a gruadh 'ná an rós
Ba ghile a snódh 'ná eala ar tuinn.”



Do fiafruigheadh di fáth a turais. Dfhreagair sí go
dtug sí searc is grádh a croidhe d'Oisín agus gur fá
n-a dhéin do tháinic sí.



Leis an scéal a ghiorrughadh d'imthigh Oisín léi go
Tír na nÓg. Chaith sé cúpla céad bliadhain ann sin,
acht i-ndeireadh na dála, tháinic cathughadh air. Ba mhaith
leis an Fhiann a fheicsint arís agus d'iarr sé ar Niamh
é leigeann abhaile. Thug sí an cead sin dó. Gléasadh
an t-each bán dó, agus dubhradh leis gan a chos a chur ar
thalamh na hÉireann. Dá ndéanadh sé sin chaithfeadh
sé fanacht innti agus ní thiocfadh leis teacht ar ais go
Tír na nÓg go bráth.



Tháinic Oisín abhaile go hÉirinn, acht, da mhéad a
chuartughadh, ní raibh trácht ná tuairisc na Féinne le
fagháil aige. Casadh leis gasra fear i n-áit éigin agus
iad ag iarraidh leac mhór a thógáil. Bhí sí róthromh dóibh,
agus nuair a chonnaic Oisín an dream gan mhaith, do
ghlac truagh dhóibh é, agus chrom sé anuas ón diallaidh
leis an leic a thógáil. Ba bheag uaidh an leac mhór sin
a chaitheamh “seacht bpéirse ón áit,” acht monuar! do
bhris an giorta, do thuit Oisín ó mhuin an eich bháin, agus
do fágadh ar an talamh é ina sheanóir “go lag tláith.”
Is mar sin do réir na n-ughdar, do casadh le Pádraic
é, agus d'innis sé don Naomh na scéalta agus na dánta,


L. 20


agus chuir Brógán, an scríobhuidhe do bhí ag Pádraic
síos i leabhraibh iad.



Ní gábha dhuinn a chreideamhaint gur mhair Oisín dhá
chéad bliadhain i dTír na nÓg ná i dtír ar bith eile,
chum brigh an scéil seo a bhaint amach. Tá sé cinnte
go raibh críostaidhthe i nÉirinn roimh theacht Phádraig
innti, cé nach raibh mórán díobh ann. Is dóigh go raibh
manaigh agus sagairt ann nuair a bhí críostaidhthe ann.
Is dóigh gurb amhlaidh do casadh Oisín nó Caoilte nó
duine éigin eile de iarmhar na Féinne le sagart nó
manach díobh so, agus gur scríobhadh na scéalta
mar sin.



Maidir le Fearghus Fírbhéil nó Fínnbhéalach, níl an
oiread céadna le rádh ina thaobh agus do bhí i dtaobh
Oisín agus Fhinn. Acht ba file maith é. Deirthar go
raibh sé níos fearr 'ná Fionn agus ná Oisín féin.
Nuair a bhí Fionn ar tí Goll mac Mórna a mharbhadh
go fealltach agus Goll ina chodladh, dubhairt Fearghus
nar cheart agus narbh fheileamhnach dó sin a dhéanamh,
agus chuir sé i gcuimhne dhó gur “buaine bladh ná
saoghal.”



Bhí mac ag Oisín darbh ainm Oscar. Do b'in é an
laoch gan áidhbéil ná bréag. Ní raibh aon mhaith i bhFionn
féin i gcomórtas leis. Chuaidh Oscar go hAlbain, go
Sacsain, don Fhraingc agus do go leór tíortha eile,
agus chuir sé smacht ortha uile go léir. Is cosmhail
nach fíor an méid sin. Gan amhras ba chródha an laoch
é, agus is iomdha gníomh gaiscidh do rinne sé i nÉirinn.
Is minic do sáruighthí laoich thréanmhara eile acht níor
sáruigheadh ar Oscar ariamh. Marbhuigheadh é fá dheireadh
i gCath Gabhra agus is annsin rinne Oisín an laoi
bhrónach sin “mór anocht mo chumha féin,” mar a
n-innseann sé dhúinn nár chuir sé féin suim san saoghal
ón lá sin amach.



Ba de Chlainn Bhaoiscne do na taoiseachaibh seo rómham.
Acht bhí clann chliútach eile ann, Clann Mhórna, agus
ba den chlainn sin do bheirt taoiseach eile .i. Goll glan-


L. 21


bhéimeannach mac Mórna agus Conán maol mallachtach
mac Mórna.



Níl sárughadh Ghoill le fagháil. Teasbáineann an
leasainm sin nár chladhaire é san gcath. Déanann sé
rud eile freisin. Cuireann sé i n-iúl dúinn go raibh
sé glan ins gach bealach. Ní raibh aon fheall ann. An
oidhche úd a tháinic Fionn chuige le n-a mharbhadh agus é
na chodladh, nuair dhúisigh sé dfhuagair Fionn comhrac
air. Acht nuair dfhéach sé thart, chonnaic sé go raibh
sé i sáinn ag sluagh Ghoill. B'éigean dó coimirce
Ghoill a iarraidh agus céard do rinne an laoch árd-
mheanmnach sin acht é a thiodhlacadh go dtí ceartlár
sluaigh Fhéinne Laighean, i n-áit a mharbhtha, rud a thuill
sé go maith.



Ní hé Goll an t-ainm do bhí air i dtosach acht Aodh.
Goineadh san tsúil i gcath Cnucha é, agus bhí sé ar leath-
shúil as sin amach. Ar an adhbhar sin, cuireadh Goll
(ionann goll agus caoch) mar leasainm air.



Is dubhach dobrónach an rud é cuimhniughadh ar scéal
a bháis. Bhí Fionn agus Clann Baoiscne i gcomhnuidhe
ar a lorg, agus fá dheireadh, do fágadh é gan sluagh,
gan bhuidhin ar taobh cairrge cruaidhe. Ní raibh greim
le n'ithe aige, agus maidir le deoch ní raibh aige acht
uisce guirt. Bhí a bhean i gcuideacht leis, agus mhol
sé dhí imtheacht. Ní imtheochadh. Dubhairt sí nach scarfadh
sí leis go deo. Bhí a naimhde ag teannadh isteach air,
acht ní raibh maith dhóibh ann, cé go raibh sé gan bhiadh gan
deoch ar feadh tríochad lá. Chomh fada agus mhair a neart,
thug sé an mhallacht agus an buille uaidh i n-éinfheacht
acht monuar, “téigheann caitheamh ann gach nídh,” agus
sáruigheadh air fá dheireadh. Bfhearr liom é 'ná Oscar
féin. Dfhulaing sé pianta, cruadhtan agus díth cháirde,
acht níor ghéill sé ariamh d'aon rud.



Maidir le Conán ní raibh ann acht amadán agus
cladhaire do réir scéalta áirithe. Acht ní mar sin do
bhíodh na scéalta i gcomhnuidhe, agus tá cruth eile le
fagháil ar thuairisc Chonáin san gcuid is sine aca. Bhí


L. 22


sé maol gan bhréag, do réir maoile chinn agus maoile
aigne, acht ní raibh sé gan mhisneach, agus leis an
fhírinne a rádh, is follus ó na nuascéaltaibh féin go
raibh tréithe ann nár réidhtigh le bollscaireacht nó le
leibideacht.



CATH CNUCHA.



Conn Céadchathach a bhí ina Árdrígh nuair tugadh
cath Chnucha. Budh mhaith le Cumhall, Muirn Munchaomh,
inghean Thaidhg mac Nuadhat, a phósadh agus d'iarr
sé ar a hathair í acht do heitigheadh é. Dfhuadaigh
sé leis annsin í i n-aimhdheóin a gaolta. D'orduigh an
[an] tÁrdrí a tabhairt suas, agus nuair nach ndéanfad
Cumhall an rud sin air do chruinnigh sé a shluaighte ina
aghaidh. Tugadh an cath annsin, agus marbhuigheadh
Cumhall. Tráchtann an chuid eile den scéal ar
imtheachta Dheimhne óig.



CATH GABHRA.



Is i n-aimsir Chairbre mac Cormaic mac Airt
do tugadh cath Gabhra. Bhí inghean áluinn ag Cairbre
dárbh ainm Sciamhsholuis, agus bhí sí le pósadh le
Righ na Déise. Acht níor thaithnigh sin leis an bhFéinn;
bfhearr leó go mór í a bheith ina mnaoi ag duine aca
féin, agus bhí de dhánacht ionnta go dtug siad a rogha
don rígh, Sciamhsholuis a thabhairt dhóibh féin, nó fiche
uinge d'ór bhuidhe a thabhairt ina héiric. Do ghlac fearg
mhór Cairbre, agus chruinnigh sé sluagh mór leis an
Fhiann a mhilleadh go deó. Casadh an dá shluagh ar a
chéile ag Gabhair i n-aice le Baile Átha Cliath. Is
annsúd do bhí an leadradh agus an leónadh. Do
marbhuigheadh Cairbre agus Oscar, an bheirt cheannphort,
agus a lán eile maille leó, agus an beagán den Fhéinn
do mhair i ndiaidh an chatha sin, ní raibh cumhacht ar bith aca
san tír ón lá sin amach.


L. 23


AGALLAMH NA SEANÓRACH.



Ní scéal é acht cnuasach scéalta agus dánta, a d'innis
Oisin nó Caoilte do Phádraic Naomhtha agus dá chom-
pánachaibh.



CATH FIONNTRÁGHA.



Finnscéal é seo. Bhí rí ann uair dárbh' ainm
Dáire Donn agus bhí an domhan uile fá smacht
aige acht Éire amháin. Rinne Fionn mac Chumhaill
rud éigin as bealach ar Bholcán, Rí na Fraingce, agus
tháinic Dáire Donn go hÉirinn le sásamh a bhaint amach
as Fionn. Mhair an troid go ceann lae agus bliadhna
agus do b'iongantach an troid í. Gach arm faobhair
níos iongantaighe agus níos nimhnighe 'ná a chéile, bhí
sé ag na hallmhuraighibh, agus cé gur chuidigh an sluagh
sidhe leis an bhFéinn, agus go dtug Tuatha De Danann
a gcongnamh comhachtach dóibh, do fágadh ina gcosair
chró iad.



TÓRAIDHEACHT DHIARMUDA AGUS GRÁINNE.



Tá an scéal so ar na scéaltaibh is faide agus is
breaghtha dá bhfuil le fagháil i dtaobh na Féinne. Thárla
go bhfuair bean Fhinn bás. Budh mhaith leis posadh arís
agus budh mhaith leis Gráinne inghean Chormaic a bheith ina
mnaoi aige. Níor mhaith le Gráinne eisean, ámhthach,
agus chuir sé geasa ar Dhiarmuid í dfhuadach leis. Rinne
Diarmuid sin. An cuid eile den scéal tráchtann sé
ar an seachrán a rinneadar ar fud na tíre agus Fionn
i gcomhnuidhe ar a lorg.



Níor mhór le rádh í Gráinne. Is iomdha dócamhal a
ndeachaidh Diarmuid tríd ar a son. Cibé rud suarach
a gcuireadh sí suim ann níor mhór a fhagháil dí. Gheall
sí i dtosach go bpósfadh sí Fionn. Ní fhaca sí roimhe


L. 24


sin é. Acht nuair a chonnaic sí é níor thaitnigh sé léi
agus ba bheag léi a focal a briseadh. Annsin chuir sí
Diarmuid fá gheasaibh go bpósfadh sé í. Níor thug sí
grádh a croidhe dhó is dóigh; ní raibh uaithi acht Fionn a
sheachaint. Agus i ndeireadh na scríbe nuair marbhuigheadh
Diarmuid go cealgach níor bhris sí a croidhe ag gol
is ag caoidh, acht do phós sí an cealgaire.



TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA DHEACAIR:
EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN tSLÉIBHE RIFFE.



Scéalta greannmhara iad so. Mealladh cuid dhen
Fhéinn ar dhruim seaneich nó i luing Lomnochtháin agus
a mbreith go tír choigchríochaigh agus a gcur faoi
dhraoidheacht annsin.



Is duine gruamdha é an té nach ndéanfadh gáire fá
Chonán agus a chaipín, nó fá na “cúig fir déag” ar
mhuin eich an Ghiolla Dheacair.



BODACH AN CHÓTA LACHTNA.



Scéal gearr é seo, acht má tá sé gearr féin, tá sé
deas agus is fiú é a léigheamh. Caol an Iarainn, mac
Ríogh na Teasáille a tháinic go hÉirinn le n-a cur fá
chíos. Chaithfeadh Fionn géilleadh dhó, nó bheadh ár sluagh
ann. Acht dá bhfághthaoi aon laoch amháin a bhainfeadh
an bhuaidh dhe le luas reatha, bhéadh sé sásta agus
dfhillfeadh sé ar ais dá thír féin gan aon trioblóid
eile do chur ortha.



Mar chonnacthas, bhí rith maith ins na Fiannaibh. Acht
bhí cuid aca níos fearr 'ná chéile. Tá a fhios againn go
raibh Oisín ina reathaidhe mhaith, acht do b'é Caoilte mac
Rónáin an reathaidhe do bfhearr dá raibh ins an bhFéinn.
Ní raibh Caoilte san mbaile an lá sin agus d'iarr
Fionn cáirde ar Chaol an Iarainn go dtagadh sé. Tugadh
sin dó agus d'imthigh Fionn ag iarraidh Chaoilte.


L. 25


Ní dheachaidh sé abhfad gur casadh air an fathach ba
ghráinne dá bhfaca sé ariamh. Dfhiafruigh an fathach
dFhionn fáth a thurais. Leis an scéal a ghiorrughadh thairg
an fathach é féin i n-áit Chaoilte agus glacadh é; agus
nuair tháinic lá an reatha fuair sé buaidh go réidh ar
Chaol an Iarainn.



FILIDHEACHT NA FÉINNE.



Tá go leór laoithe agus dánta le fagháil i dtaobh
na Féinne, cuid aca i nGaedhilg na haimsire seo,
agus cuid aca i nGaedhilg na n-aois meadhónach.
Ortha sin atá sealga, eachtraí catha, caointe agus
a lán eile, agus is deacair a sárughadh a fhagháil
i litridheacht ar bith ar bhinneas nó ar fhuinneamh.
Feileann an focal don smaoineadh i gcomhnuidhe. Tá
caint chruinn ionnta. Ar a léigheadh dhúinn feicimíd
nach mbíodh a shúile nó a chluasa dúnta ag an bhfile
ar fhuamannaibh ceólmhara nó ar radharcaibh aoibhne áilne
na tíre. Feách an rann deas seo:—



“Do ghluaiseamair chum tulcha ós cionn gleanna
Mar ar bh'aoibhinn duilleabhar na gcrann ag fás
Bhí éanlaith ann ag ceileabhar linn
'S an chuach go ceóilbhinn i ngach árd.”



nó na ceathramhna seo eile ag trácht ar mhéinn Fhinn:—



“Scaltarnach loin Leitreach Laoi
Tonn Rughraidhe ag buain re tráigh
Dordán an daimh ó Mhaigh Mhaoin
Búithre an laoigh o Ghleann dá Mháil.



“Foghar seilge Sléibhe gCrot
Fuaim na n-os um Shliabh gCua
Mongar faoileann Iorruis tall
Gáir na mbadhbh ós ceann na sluagh.”


L. 26


Ba bhreagh uaidh an Fhiann a mholadh:—



“Ní chanaimísne, an Fhiann, gó;
Bréag leó níor samhladh riamh,
Acht le fíre is neart ár lámh
Thigmís slán as gach gliaidh.”



Nach breagh an saoghal do bhíodh aca fadó:—



“Do fáiltigheadh romhainn ag bantracht Ghréag
Suidhtar búird is gléastar biadh.
Cuireadh ortha fíon is beóir
Mar budh chóir do righ is do thriath.”



Acht ní ar rudaibh deasa den chineál sin do bhíodh
cuimhne an fhile i gcomhnuidhe. Do b'iomdha dólás agus
amhgar a ndeachaidh sé tríd, agus ar ndóigh tá lomchlár
na fírinne aige nuair adeir sé



“… croidhe cloiche
Nach glacann doladh trém chrích.”



Ba díol truaighe é gan bhréag. Canann sé:—



“O'n ló sin catha Gabhra
Ní dhearnamair teannlabhradh
Ní rabhamair oidhche nó ló
Nach leigmís osna lánmhór.”



Acht cé gur chaoin sé na Fianna mar sin, bhí rud eile
ag cur as do chomh maith. Bhí goile maith aige. Ní
chleachtadh sé “íota, tart, is troscadh fada” nuair
do mhair an Fhiann. Níor mhaith leis biadh na manach.
Chuir sé i gcuimhne dó gurbh é Fionn



“… do choiscfeadh a thart
Ní hionann is prais na cléire.”



Agus cé gur bhocht an biadh agus an deoch, níor bh'é


L. 27


sin an chuid ba mheasa de. Níor mhaith leis bheith, mar
deir sé:—



“Gan fonn gan ghnaoi ag cóimhreamh cloch
Gibé uair do-gheibhinn an greim
Is fada arís go bhfághainn an deoch.”



Táthar á rádh anois nach bhfuil acht cumadóireacht
ins an méid a bhaineas leis an aighneas idir Phádraig
agus Oisín, agus dar liom, is ceart é. Níl aon tagairt
dó insna dántaibh is sine, an chuid is lugha dhe.



Mar dubhradh cheana, tá daoine ann nach creideann
go mba daoine saoghalta an Fhiann, ar chor ar bith.
Déithe bréige do bhí ionnta, dar leis an dream so, agus
d'éirigh na scéalta so na céadta bliadhain roimh theacht
Phádraic i nÉirinn. Ní i nÉirinn amháin d'éirigh scéalta
den chineáíl so. Níl le déanamh agat acht cuimhniughadh
ar sheanscéaltaibh na Rómha is na Gréige, ar scrios na
Traoi, agus ar scéaltaibh Ódin agus a chompánach i
dTuaisceart na hEórpa. Feicfidh tú go bhfuil an
déanamh céadna ar na scéaltaibh seo uile — daoine
a bhfuil comhacht neamhshaoghalta aca — draoidheacht dhá
imirt go síor — pisreoga agus geasa chomh tiugh
flúirseach agus do bhéadh sméara dubha ar na driseógaibh
lá breagh gréine san bhFoghmhar — an neamhchoitcheanntacht
ag baint le gach duine aca agus le gach gníomh dá
ndearnadar.



Is fíor an méid seo. Is fíor go bhfuil cosmhalacht
idir litridheacht na Féinne agus litridheacht na Rómha
agus na Gréige. Is fíor go bhfuil trácht ar dhéithibh
san Ilias agus san Aenéis go díreach mar atá ins an
litridheacht Fhiannaidheachta, acht an gcruthuigheann sin
dhúinn nár mhair Acail nó Aeneas nó Hector nó Priam?
Ba ghnás le hollamhnaibh agus le saoithibh gan taobh do
thabhairt do churaidhibh catha na Traoi. Ní raibh aon Traoi
ann riamh, dar leo; nó má bhí, ní raibh sí saidhbhir
nó comhachtach. Acht dfhág saothar an Ghearmánaigh


L. 28


fhoghlumtha sin, an Dochtúir Schliemann, a mhalairt de
scéal aca.



Ar an gcuma céadna, an laoi bhreagh Ghearmánach
sin, an Nibelungenlied, a bhfuil go leór rudaí innti
chomh hiongantach le rud ar bith dá bhfuil i litridheacht
na Féinne, ní chruthuigheann sí dhúinn nár mhair Dietrich
(Theodoric) nó Hildebrand, mar innseann stair na
hEórpa dhúinn go raibh Theodoric ina righ ar an
Iodáil.



Léighimíd i seanscéal go ndeachaidh Cormac mac
Airt, Árdrí Éireann, go Tír na nÓg, acht má léighimíd
féin ní gábha dhúinn a chreideamhaint nár mhair Cormac.



Is iomdha cur síos atá le fagháil i dtaobh na sidheóg
insna seanleabhraibh. I gCogadh Gaedheal le Gaill
mar shompla, léighimíd go raibh taithighe ag Murchadh
agus ag Brian ar an sidhe. Acht ní cruthughadh é sin
nár mhair Brian nó Murchadh.



Seo é a bhfuil mé chuige. Má's fíor gur mhair Brian
agus Murchadh thar cheann go gcuirthar cáirdeas na
sidheóg ina leith, má's fíor gur mhair Cormac thar cheann
a n-abruighthar ar a imtheacht go Tír na nÓg, má mhair
Theodoric thar cheann go n-abruighthar go raibh airm
iongantacha aige, agus go dtroideadh sé le habhacaibh
agus le fathachaibh, cionnus is féidir a rádh nár mhair
Fionn nó an Fhiann, cé go gcuirthar iongantais mhóra ina
leith?



“A chómhairle féin do gach aon.” Béidh a dtuairim
féin ag lucht na naomhshamhluigheachta agus na ndéithe
bréige. Tá rudaí ar neimh agus ar talamh nach
dtaidhbhrighthar dóibh. Agus béidh ár gcomhairle féin
againn-ne. Chítar dhúinn gur críonna agus gur
ciallmhaire an duine a chreideas do sheanchas na ndaoine
agus do stair na tíre.



“An scéal seo do innsim daoibh
Iomdha duine do chualaidh.”



TÍR AN ÁIR.


L. 29


ÓGLÁIG NA BLIADHNA 1782


L. 30



L. 31


ÓGLÁIG NA BLIADHNA 1782.



I — STÁID NA TÍRE RÓMPA.



Níl ré eile i stair na hÉireann, ó chéadchuir an Sasanach
a chrúb mhillteach ar mhuinéal Bhanban chómh gléineach
glórmhar le ré Óglách na Bliadhna 1782. Ní airmhighim
ná go ndeineadh go minic gníomhra móra cródha a chuaidh
i ngoireacht dubh iongan dÉirinn do shaoradh ó dhaor-
smacht gall. Muna mbeadh an míádh do bhain do Bhrúce
is cosmhail go gcuirfeadh sé féin is Gaedhil Éireann
ruaig ar na Sasanaigh. Agus an Niallach leis, muna
mbeadh an botún a bhain do i gCionn tSáile d'athchuirfeadh
sé ar bun an náisiún Gaedhlach in Éirinn arís. Maidir
le gníomhra gaile is gaisce an tSáirséalaigh, cuirid at
le bród fós ar chroidhe gach Gaedhil. Do bhí “muna
mbeadh” i ré an tSáirséalaigh leis, fóiríor.



Acht do thóg na hógláig Éire as umar na haimléise,
agus do dheineadar náisiún uasal eólgaiseach, saidhbhir,
bródmhar, bríghmhar, cródha dhi. Chum méid oibre na
n-óglach do mheas i gceart ámh, ní leór féachain ar thoradh
na hoibre. Budh cheart an t-adhbhar as ar cumadh an
náisiún do bhreithniughadh.



Do bhí Éire briste brúighte ar lár fe fhóirnibh is cham-
dhlighthibh Shasana. Do chuir Poyning's Law Éire i spleádh-
chas le Riaghaltas Shasana. Ní raibh de chead ag
Parlaiméid na hÉireann nuadhdhlighe do dhéanamh gan
cead ón Riaghaltas san. Do rinn Seóirse I na
greamanna níos cruadha. Do dhein sé dlighe do chrap
ar fad cómhacht Feise na hÉireann.



Do bhí a gcúis féin ag na Sasanaigh le sna dlighthibh
seo. Do bhíodh ceannuidhthe is lucht tionnscal na hÉireann
ag dul i gcomórtas le ceannuidhthibh Shasana. Ní raibh


L. 32


bac ar Shasanaigh annsan gach constaice do chur roimh
na hÉireannaigh i bhfuirm dlighthe, agus a n-earraidhe
féin do chosaint. Ní raibh neart ag Éire cur ina
gcoinnibh. Dfhág so Éire go bocht, a ceannuidhthe go
lagbheartach agus a cearduidhthe go díomhaoin. Ní raibh
de thrádáil ag Éirinn le tíorthaibh iasachta acht an méid
do cheaduig Sasana, agus ba bheag san.



I dtaobh oideachais, ní raibh ag an gnáthÉireannach
acht an méid a fuair sé cois teine nó cois scairte ó
sna scoláirí bochta. Filidheacht is stair is litridheacht
na hadhbhair go raibh suim aca ionnta. Ní raibh puinn
tuigsiona aca i mionchúrsaíbh náisiúnta is tionnscail.



Do bhí na Caitliocaigh fós fé bhráca phiandlighthe
gan cead aca lámhistig a bheith aca in aon ghnó phoiblidhe,
agus ba mhór an cur chum deiridh san ar an náisiún.



Do bhí spioraid an tsaighdiurachta i gcroidhthibh Gaedhal
is Gallghaedhal i gcomhnuidhe ámh, agus do sheas san don
náisiún. Do bhí na Gallghaedhil tuirseach de thromualach
na Sasanach, na ceannuidhthe ciapaithe ag á ndlighthibh,
agus an tuath Caitliocach ar sciobaidh chum buile do
bhualadh ar a seannamhaidh, cé go raibh na cléir á gcomhair-
liughadh a bheith dílis don rí agus umhal don riaghaltas.



Níor bh'iongnadh mar sin go raibh gach Éireannach ina
choilgsheasamh ag faire ar an gcomhrac nuair a phleangc
na Méarcánaigh na Sasanaigh insna Státaibh. Troid
an tsaoirfhir in aghaidh an tíoránaigh a b'eadh an troid
agus ba leór san do chroidhthibh na nGaedhal aon tráth.



Do chuir an cogadh thall corruighe ar anam na hÉireann.
Do cromadh abhfus ar bheith ag trácht ar shaoirse is
ar neamhspleadhchas. Do tosnuigheadh annso is annsúd
ar chleachtadh do dhéanamh ar arm is ar armáil. Acht
níor deineadh aon nidh dhen tréan nó gur bhagair na
Frangcaigh Éire do ghabháil.



Do chuir an bhagairt na Sasanaigh ar crith agus i
gcruadhchás. Dá gcuireadh an Fhraingc roimpi Éire
do ghabháil ní raibh sé do neart i Sasana cosc do chur léi,


L. 33


mar do bhí cómhachtaí Shasana scaipithe ar fuaid an
domhain.



Do thug san caoi is leathscéal do mhuinntir na
hÉireann na hóglaig do chur ar bun agus arm dfhághail
chum iad féin do chosaint. Ní raibh acht gaoth an fhocail
ó ógánachaibh na hÉireann. Do chuir a ndíogras crith-
eagla ar Shasana, acht ní raibh leigheas aici ar an scéal
acht a bheith cráidhte, agus scaoileadh leó, nó go mbeadh
an gad a bhí á tachtadh reidhtighthe.



Fé cheann míosa do bhí sé scór míle fear i gcumannaibh
na n-óglach ag cleachtadh saighdiúrachta agus ag cur
eólais ar ghnóthaíbh chogaidh. Níor dhóigh le haoinne indiu
gurbh aon chúis maoidhmhte an nidh sin, nó go bhféachtaí
isteach sa scéal. Chum méid is éifeacht na hoibre do
mheas i gceart nior mhór “aigne” an náisiúin do thuigsint
agus éirim is comhacht is líon gach dreama do mheadhadh.



Ní raibh cead ag na Caitliocaigh a bheith insna cumannaibh
ar dtúis, agus Caitliocaigh a b'eadh triúr as an gceathrar
de mhuinntir na hÉireann. Do chuir Caitliocaigh shaidhbhre
cumainn ar ban ina dhiaidh san do na Caitliocaigh agus
do ghlac Protastúnaigh leó annso is annsúd ina
gcumannaibh féin. Acht má bhí dlíghe ag cosc na
gCaitliocach ar arm do ghlacadh ní raibh aon dlighe á gcosc
ar arm do cheannach dá gcomhursanaibh agus gach cabhair
eile do thabhairt do sna Protastúnaigh. Ní raibh sé de
chomhacht acht chomh beag ag aon dlighe phianamhail grádh
dá dtír a ruagadh as a gcroidhthibh. Do bhí trí chéad
míle duine dhíobh ullamh lánfhonnmhar ar sheasamh i
mbearnain an bhaoghail, nuair a thiocfadh lá an chruadhtain
— lá go mbeadh fáilte rómpa.



Do b'í Éire cliabhán na chródhachta riamh agus b'í Banba
banaltra na ngaiscidheach ó thúis aimsire. Níor réidhe
nádúraighe lacha ar uisce 'ná an tÉireannach ag
saighdiúracht. Ina theannta san, grádh fé ndear dhóibh
an fuadar fuinneamhail a tháinig fútha .i. grádh dá
dtír, agus is treise de chomhacht grádh ná smacht, amhail
is mire ar an mbóthar coirce 'ná spuir.


L. 34


Na Protastúnaigh shaidhbhre i ngach áit a thóg ortha
féin na cumanin a chur ar bun agus a gcur i bhfearas.
Dream soilbhir suaimhneach sámh a b'eadh an dream san,
gan puinn caitheamh aca i ndiaidh ollmhaitheas an tsaoghail.
Ní gnáth le n-a leithéidí bheith drochmhaitheasach ná leithleach,
agus nuair a cuirid rómpa iad féin is a gcuid do
thoirbhirt ar son a dtíre ní dheinid aon dá leith dá
ndícheall.



Do thug na hóglaig omós dóibh nár bh'omós fallsa,
acht omós nádúrtha nár bhorr ó smacht acht ó shéimhe is ó
charadas na n-oifigeach agus ó n-a gcáil is ó n-a gclú.
Bfhearr an t-omós san mar úirlis troda 'ná gunnaí
móra, agus níor ghábha timthirí.



Níor bh'iongnadh mar sin gur scuab an nuaghluaiseacht
ar fuaid an oileáin nós sidh gaoithe, agus gur bhailig
sé na ceart imeall uaisleacht agus inntleacht an
náisiúin agus gur thairrig sé isteach ina chuilithe neart
is cródhacht na tíre, agus gur ag dul i dtreise is i
mboirbe do bhí méid na stoirmeach san.



II — AN tATHARRUGHADH.



Do cuireadh na hógláig ar bun agus do chuir Éire
eólas ar a neart féin. An fathach ciapaithe a thugann
fé ndeara de phreib a fhéithleóga láidre teanna, is a
ghéaga troma cnámhacha, agus a bhraitheann an chruadhfheóil
thoirteamhail ar na géagaibh sin, agus a chuireann a
mhuinghín as a stuaim féin, ba bhaoghal dá namhaid é.
B'shin é mar bhí ag Éirinn agus is mairg a rachadh i ngleic
léi feasta. Do tháinig atharrughadh mór uirthi i suim
ghairid aimsire, agus ní hamháin atharrughadh corpordha
acht atharrughadh intinne agus atharrughadh spioraide
chomh maith.



D'imthigh an tromshuan is an neamhshuim de inntleacht
na coitchiantachta. Scoil a b'eadh gach cumann dá


L. 35


gcómhdhaltaibh. Do pléidheadh insna scoileannaibh sin
gach ceist a bhain le poilitidheacht is le tionnscal an
náisiúin agus le n-a saoirse. Do múscladh inchinn an
ghnáthdhuine agus do méaduigheadh a chuid eólais. Tháinig
muinghín ag na daoinibh asta féin. Do chuireadar
rómpa nídh áirighthe do dhéanamh .i. a dtír dhúthchais do
shaoradh ó dhaorsmacht gall. Bhíodar beartuighthe ar é
dhéanamh. Do bhraitheadar an neart ionnta féin, agus
bás amháin a choiscfeadh iad.



Níor bh'iongantaighe an t-atharrughadh aigne 'ná an
t-atharrughadh corpordha. Tháinig breis fearamhlacht
do sna hóglaigh ó bheith ag laimhsiughadh arm. Do dhírig
an cleachtadh iad. Tháinig módhmhaireacht ina ngluaiseacht.
An misneach a bhí ina gcroidhthibh do las sé solas ina
súilibh is ina ngnúisibh. Seadh, agus ina mbalcaisí —
do ghléasadar iad féin go triopalach is go feistighthe
is go fáiscithe. Do dhein náisiún beó cródha dÉirinn
in aon bhliadhain amháin.



Thug an ghluaiseacht na Protastúnaigh is na Caitliocaigh
i gcomhluadar a chéile. Ba mhóide a meas ar a chéile
an caidreabh. Do nochtadh deaghthréighthibh na gCaitliocach.
In inead éad is formad a bheith aca le Protastúnaigh
is amhlaidh a bhíodar ar sciobaidh chum cabhrughadh leó i
ngach slighe, cé go raibh coiscithe ortha féin dul isna
cumannaibh ar dtúis. D'imthigh an fuacht is an
t-eascáirdeas creidimh. Do leaghaidh teas an charadais
is an chaidribh é. Do bhí muinntir na hÉireann ar aon
intinn, agus do chuir san tromluighe ar Riaghaltas
Shasana, nidh nárbh iongna.



Ní puinn mhaith neart dothreóruighthe — neart marbh.
Ní puinn maith neart an fhathaig muna bhfuil sé oilte
ar feidhm a baint as. Ina choinne sin, ní mór é comhacht
abhaic gan neart cuirp, dá mhéid a inntleacht. I dteannta
a chéile is fearr iad, neart cuirp is neart inntleachta.
B'amhlaidh dÉirinn é. Do bhí go leór daoine sár-
léigheanta in Éirinn le linn na n-óglach. Ba bheag
an chabhair dóibh an léigheann go dtí san, mar bhata


L. 36


bagartha ar Shasana. Thug Sasana cluas bhodhar dá
n-óráidí iomadshiollacha binnbhriatharacha. Do bhí sí
beagbheann ar léirintinn feisirí na hÉireann.



Tháinig neart corpordha don inchinn a bhí i gcloigeann
na tíre, ámh, mar géaga ag borradh chuichi a b'eadh cumainn
na n-óglach.



Agus do bhí dlúthcheangal idir an neart corpordha
is an neart inntleachta, agus iad araon fé smacht
na toile céadna — toil na tíre. An cumann so a
bhí idir an dá chomhacht in Éirinn is eadh a thug an neart
tar mheadhon don náisiún.



Do bhí tíortha san Eóraip ba líonmhaire fé dhaoine
'ná Éire — 5,000,000 pearsa líon a daoine an uair sin,
acht ní raibh tír díobh ba líonmhaire sluagh fé arm 'ná
í. Ní raibh náisiún ann ba threise i gcomhrac 'ná í.
Do bhí cuisle croidhe na tíre ag preabadh le neart, a
géaga ag teannadh le faghairt, a hintinn aibidh
eólghaiseach, ar mire le díogras, agus aon smaoine
amháin mar réalt eólais dá muinntir uile .i. saoirse
a dtíre dhúthchais. Agus nuair is mian le náisiún beódha
láidir a bheith saor agus nuair is eól di cionnas feidhm
a bhaint as a neart is deacair í do stop, agus mairg
don dream a chuirfeadh isteach ar Éirinn um an dtaca
san.



B'iad na Feisirí inchinn aibidh léir an náisiúin, agus
b'iad na hógláig a géaga corpordha. Níorbh aon neart
aindeis neart na gcumann. Dó bhí comhcheangal idir
na cumannaibh i ngach cúige, agus gach cúige fé riagh-
lughadh chinn airm, agus an ceathrar san freagrach d'aon
cheann airm choitcheann amháin.



Ní raibh san aondacht acht an ceart. Do chuir sé deise
is fuinneamh isna hóglaig mar ghléas cogaidh. Do chuir
sé ina gcumas comhghníomh do dhéanamh go hobann ar
fuaid an oileáin go léir pé aca ag cosaint nó ag cur
catha é.


L. 37


III — NA hÓGLÁIG AG OBAIR.



Do chuir an náisiún nuadhbhiortha aithne ar a neart
agus ba a ghearr gur chuir sí in úil an t-atharrughadh
a bhí tar éis teacht ar a hanam is ar a haigne.



Do bhí coiscithe ag dlighthib ar cheannuidhthibh na
hÉireann earraidhe do chur go thíorthaibh iasachta. Ní
raibh cead ag Éirinn margadh trádála do dhéanamh le
haon tír san Eóraip acht mar thoiltheóchadh Sasana é,
agus b'í Sasana an leasmháthair i gceart.



“Díng den leamhán a scoilteann í féin,” agus do
thuig na hógláig san. Do ghlacadar chucha focail Swift
agus do dheineadar rún daingean láidir díobh .i. gach
earradh ó Shasana do dhóghadh acht an gual. Do cuireadh
an rún i bhfeidhm i ngach cumann in Éirinn agus do dhein
an náisiún beart dá réir.



Do ghéill Sasana. Do cheaduig sí dÉirinn cáirdeas
ceannuidheachta do déanamh le náisiúin eile agus gnó
do dhéanamh leó. Ní raibh sa méid sin acht plámás ámh,
mar do dhein sí uisce fé thalamh chum cosc do chur
aganfhios le gnó na hÉireann amuigh. Do chuir ceann-
uidhthe na hÉireann earraidhe go dtí an Phóirtingéil.
Do bhí an tír sin cáirdeamhail le Sasana agus do dhein
sí foghail ar na hearraíbh. Do cheantáil sí le lámh láidir
iad, agus níor chuir reachtaire Shasana ina gcoinnibh,
cé go raibh sé ceart aige san do dhéanamh. D'iarr na
hÉireannaigh ar Rí Shasana cogadh dfhógairt ar an
bPóirtingéil, acht ní dhéanfadh. Annsan d'iarradh
air cogadh dfhógairt ar son na hÉireann agus do chuir
san cosc leis an gcalaois.



Do theasbáin san nárbh ionann cúis na hÉireann is
cúis Shasana, agus do cuireadh na daoine ag machtnamh
is ag caint. Bheadh ar Éireannaigh feasta seasamh ar a
mbonnaibh féin dá mbudh mhaith leó dul chum cinn. Do
bheartuigheadar cur in úil do Shasana ná cuirfidís suas
le tuille sraoileála uaithi, agus do chuireadar chuige
sin gan rómhoill. Na hógláig a dhein é.


L. 38


Is minic a thagadh teachtairí o chomplachtaí na n-óglach
le chéile chum ceisteanna náisiúnta do pléidh dfhonn is
go gcuirfidís dus is tathac ina gcuid oibre. Comhairlí
ceanntair is comhairlí conndaethe ba mhó bhíodh aca,
acht tar éis tamaill do commórthaí comhdháileanna cúigí
is comhdáileanna náisiúnta. Comhdháil Dhún Geanainn
i mí Feabhra 1782, an chomhdháil ba thábhachtaighe dár
commóradh le sna hógláig. Do bhí trí chéad duine ag
an gcomhdháil mar theachtairí ó 25,000 óglach. Iad gléasta
go huasal, agus gluaiseacht nósmhar, shocair, stuamdha
fútha. Do dheineadar gach ceist do phléidh go heólgaiseach
is go fadaradhnach is go léir, sa tslighe go raibh fuaimeant
is stuaim le gach comhairle ar ar chinneadar.



Do cuireadh rún áirithe i bhfeidhm ag an dáil éachtach
san .i. go raibh sé mídhleaghthach d'aon dream acht amháin,
do'n Rí, do thighearnaibh is do ghnáthfheis na hÉireann
dlighthe do dhéanamh dÉireannaigh. Do glacadh leis an
rún d'aonghuth ar fuaid na tíre. Ní raibh aon ‘má's
é do thoil é’ ag baint le héileamh na hÉireann annsan.
Nior chall dí é. Ag éileamh a cirt a bhí sí, agus bhí a clann
ullamh láncheapaithe ar troid agus ar bhás dfhagháil dá
mbudh ghábha é ag baint amach a cirt dí.



Do bhraith na feisirí go raibh cabhair le na n-ais, agus
do chuir Parliméid na hÉireann sraoth mhisnig as.
Mar adubhradh thuas, do bhí dream sároilte árdléigheanta
sa Pharliméid um an dtaca san. Do bhí dream díobh
chomh dílis glanchroidheach is dfhéadfaidhe dhfhagháil.



Grattan an chainteóir ba líomhtha binnbhriathraighe
ortha. Fear séimh uasal a b'eadh é, go raibh meas ag
cách air. B'é an fear ba mhó cháil ann é, agus ba threise
lucht leanamhna. Fear macánta simplidhe gan cham gan
chlaon do b'eadh é, agus gan uaidh acht saoirse a thíre.



Nuair do nochtadh aigne an náisiúin ag Dún Geanainn
níor bh'é dearmhad Grattan faillighe do dhéanamh. Do
cheap sé gur mhithid don Pharliméid a chomhmhaith de ghníomh
a dhéanamh. Dá bhrígh sin do thairg sé malairt ar
dhíleagra don rí agus b'é rún comhdhála Dhun Geanainn


L. 39


croidhe is cnámha na malairte. Do mhúscail sé spleódar
is mórtas is comhmholadh comhmhaoidheamh ar fuaid
Éireann uile. Ní raibh cumann óglach sa tír nár
ghaibh a bhuidheachas le Grattan.



B'éigean don Rí is dá riaghaltas géilleadh arís,
agus ‘Bille na gCeart’ .i. Bill of Rights a thairrig
Grattan, d'admháil.



Nuair d'admhuigh fear inid an Ríogh an Bille do bhí
áthas ar gach aoinne. Is baoghlach go raibh an iomarca
áthais ar chuid aca. Bhí Grattan go sásta is go buidheach,
agus adubhairt gur chuir san deire le clampar idir
Éirinn is Sasana.



Do bhí Flood is a cháirde go míshásta le caint
Ghrattan agus adubhradar nár leór san, go gcaithfeadh
Sasana a claonghabháil ar Éirinn d'admháil is do
thréigint.



Dfhreagair Grattan agus adubhairt gur bh'aimideach
is gur leanbhaidhe an gnó a chur dfhiachaib ar aon náisiún
admháil aithiseach mar sin do dhéanamh, agus gur leór
an admháil bhí déanta.



Ba mhaith an scéalaidhe an aimsir, agus do bhí an ceart
ag Flood. Ní raibh fear ar an dáil sároilte sin chomh
géarchúiseach ná chomhfhadaradhnach leis.



Bá ghairid ina dhiaidh san gur theastuig ó Shasana feidhm
a dlighe i dtaobh ceannuidheachta siúicre do chur ar Éirinn,
agus ba bheag an mhaith do Ghrattan “Bille na gCeart”
muna mbeadh na hógláig. Do séideadh adharca is do
buaileadh drumanna, is do láimhseáladh arm ar fuaid
na hÉireann. D'éirig a gcochall ar na hógláig agus
do bhaineadar searradh asta féin a chuir scannradh ar
an bhfear inid. Ba mhaith an mhaise do Shasana é do
ghéill sí arís. Do chuir a riaghaltas rún i bhfeidhm ag
adhmháil nách raibh aon cháll aici chum aon dlighe léi do
chur i bhfeidhm i nÉirinn. Ní raibh riamh, ná níl fós, aon
mheas ag Sasana ar aon chaint acht amháin ar triostram
binn na gclaidheamh agus ar torann tréan na ngunnaí.


L. 40


IV — MEATH NA nÓGLÁCH.



B'shin céim eile ar aghaidh agus ar na hógláig a
bhuidheachas. Ba mhór an teacht aniar ag an dtír é i
gcúpla bliadhain. Ní i gcúrsaibh poilitidheachta ná i
gcúrsaíbh saoirse amháin do tháinig feabhas ar an náisiún.
Do cuireadh déantúisí is monarclainn ar bun. Do bhí
neart ag muinntir na hÉireann cosaint ó dhlighe do chur
ar a n-earraíbh. Níorbh eagal dóibh a gcuid airgid do chur
ag obair agus do chuireadar. Do bhí strus gnótha agus
cuma na hoibre ar an náisiún ag baile agus meas is
cáil ar Éirinn amuigh. Na hógláig ba bhun leis an
obair.



Ní raibh acht aon chonthabhairt amháin sa scéal annsan
.i. go scaipfeadh na hógláig agus go mbreabfadh Sasana
na feisirí. Teachtairí priomháideacha a b'eadh triúr
as gach ceathrar. Ní raibh smacht acht ar an méid do
thoigh na daoine .i. an cheathramha aonair.



Do thuig Flood agus daoine eile go raibh dlúthbhaint
aca le na hógláig chomh contabhartach is bhí an scéal agus
do cheapadar é chur o bhaoghal.



Do commóradh comhdháil náisiúnta na n-óglach insa
Rótunda i bpríomhchathair na hÉireann. Do bhí trí chéad
teachtaire i láthair agus bhí cuid aca ina bhfeisirí chomh
maith. Ba breágh is ba mhór an radharc gan amhras
Baile Átha Cliath le linn na comhdhála. Bhí an chathair
lán d'ógláig, iad ag gluaiseacht go huasal is go
bródhmhar, a gcéimeanna ag freagairt do bhéimeannaibh
ceóil na bhfóirní ceóil, ag tionnlacan a dtaoiseach. Do
bhí bratacha is ribíní is dathanna gléineacha mar órnáid
ar gach tig. Do bhí an chathair go léir ag preabadh le
hanam is le dúiseacht. Ba mhór an radharc Baile Átha
Cliath, an chathair áluinn uasal, na laethanta san.



Do bhí beirt ag an gcomhdháil san sa Rótunda agus
is ortha do bhí bás nó beatha a dtíre ag braith, Iarla
Charlemont, is Easpog Protastúnach Dhoire Cholm


L. 41


Cille. Do bhíodar araon istig ar uachtránacht na
n-óglach. Do toghadh Charlemont agus bhí an lá caillte.



Pleidhce léigheanta, galánta, uasal séimh, bog, socair
leanbaidhe do b'eadh Charlemont. Do bhí iomchar uasal
fé, agus anamheas air, agus a lán cáirde aige. Ní
raibh aon taithneamh aige do chogadh ná do throid. Árd-
fhear a b'eadh é i gcomhair na síothchána. Ba dheacair a
sharughadh dfhagháil i gceannas mórshiúbhail scrúdaighthe.
Ní raibh ann aon ghníomh dána misneamhail do dhéanamh.



A mhalairt san ar fad a b'eadh easpog Dhoire. Fear
géarchúiseach dána uaibhreach a b'eadh é. Fear misnig
is gnímh a b'eadh é, nách raibh puinn meas aige ar comharthaí
sóirt ná ar bhualadh sciath. Sasanach do b'eadh é a tháinig
in Éirinn, acht do bhí sé ar thaobh na hÉireann go díreach
is go macánta, agus nách greannmhar an scéal é gur
dóichighe ná beadh Éire fé smacht ag Sasana indiu dá
dtoghtaí é in inead Charlemont? Do bhí Flood ar
buile. Do thuig sé féin is a cháirde dá mbudh ghábha
troid go mbeadh an troid gan déanamh, agus do chuireadar
in iúl do chách go rabhadar go míshásta le Charlemont.
Ní raibh le déanamh annsan acht an Parliméid do
leasughadh is do cheartughadh. Do cuireadh rún chum
a dhéanta ón dáil suas go dtí an feis, acht do buadhadh
ar an rún ag an bhfeis, cé gur adhmhuig Grattan go
raibh gábha le deisiughadh, acht gur do lucht na feise
féin budh cheart an deisiughadh do dhéanamh.



Do bhí na hógláig i bpongc. Do bhéadh ortha scur,
nó an Parliméid do throid, agus do bhí a fhios ag na
feisirí gur b'shin rud ná déanfadh Charlemont go deó.
B'shin é fé ndeár dhóibh bheith chomh dána.



Bhí Flood is an t-easpog ag fógairt chogaidh, ag an
gcomhdháil. Do bhí diospóireacht is argóin is teasaidheacht
i dtaobh na ceiste. Tháinig eagla ar Charlemont,
agus do chuir sé an chómhdháil ar athlá go maidin lae
ar n-a bháirigh.



Do tionóladh an chomhdháil arís maidin lae ar n-a
bháirigh roimh an am ceart. Ní raibh thar cúpla duine i


L. 42


lathair far Charlemont is a cháirde. Níor cheaduig
sé aon ghnó do dhéanamh, acht do scaip sé is do scur sé
an chómhdháil go bráth na breithe. Nuair a tháinig na
teachtairí eile bhí na doirse dúnta agus b'éigean dóibh
dul abhaile.



Ón lá san amach do tháinig meath ar na hógláig. Ní
raibh a fhios aca cad budh cheart dóibh a dhéanamh. Do
thuit a lug ar a lag aca. Do chleachtaidís arm anois
is arís, acht ní raibh aon tsuim aca sa ghnó. Do thángadar
cúpla uair i mórshiubhal scrúduighthe os comhair
Charlemont. Do ghlacadh sé umhladh uatha agus do
chomhairligheadh dhóibh bheith ina mbuachaillíbh maithe agus
fanamhaint ciúin macánta. Do scaipeadh sé annsan
iad agus é go lántsásta leis féin.



Dá ndéintí comhairle Flood is an easpoig agus cóir-
thoghtha na bhfeisirí do leasughadh ní bheadh an scéal mar
do bhí ina dhiaidh san. Dá ndéintí an gniómh misneamhail,
agus smacht do chur ar na feisiribh le faobhar claidhimh
dá mbudh ghábha san ní bhéadh feisirí i bParliméid
achth teachtairí a bhéad ann le toil na ndaoine,
toghtha le guthanna na ndaoine. Do chaithfidís san bheith
freagarthach don náisiún. Ní bhéadh sé i gcumas do
riaghaltas Shasana a leithéidí a bhreabadh ná do cheannach
agus ní sciobfaí a bParliméid ó mhuinntir na hÉireann
mar deineadh, mar is iad na feisirí “ainmnighthe” do
dhíol an náisiún. Dá leasuightí an modh toghtha, ámh,
agus dá gcoimeádtaí le chéile na hógláig ní leigfeadh
eagla do Shasana cur isteach ar Éirinn.



DÁL gCAS.


L. 43


SCRÚDADH AR THEAGASC DHESCARTES.


L. 44



L. 45


SCRÚDADH AR THEAGASC DHESCARTES.



Má ghníthar smaointe is teagasc na Seanscol
feallsa, a bhí ann anallód, do léigheamh agus do
scrúdadh go cruinn beacht, agus an teagasc sin do
chur i gcómhmheas le teagasc agus le smaointe na
Nuadhscol a bhí ann le trí chéad bliadhain anuas, tabharfar
faoi ndeara agus tuigfar go bhfuil deifir agus eidir-
dhealughadh rómhór eatortha. Agus cad fé ndeára an
t-eidirdhealughadh san? “Ins na neithe a bhaineann le
feallsa, an bhfuil aigne an duine ag brath ar an
Ughdarás, nó nach bhfuil?” Sin ceist, agus an freagra
a tugadh ar an gceist sin ba é fé ndeara an t-eidirdheal-
ughadh úd a bheith ann — daoine á rádh go bhfuil aigne
an duine ag brath ar an Ughdarás ins na neithibh sin,
agus daoine eile á radh nach bhfuil. Is é San Tomás
Acuin is fearr a thuig is a mhínigh teagasc na Seanscol
úd, agus deir seisean go bhfuil gábha ag an aigne leis
an Ughdarás le linn eólais na feallsa do lorg is do
sholáthar di; mar go bhfuil aigne an duine lag agus
gur rofhurusta di dul amugha go mór agus ar seachrán
ar bhóithribh fada achrannacha aimhréidhe na Metaphysics,
agus, ó tá sí chómh lag sin, nach mór di treóruidhe a
bheith aici, agus gurab é treóruidhe a tugtar di ná
“An tUghdarás.” B'shin é tuairim is teagasc na
sean. Acht ina choinnibh sin thall, deir “athair na
nuadh fheallsa” .i. Descartes go bhfuil aigne an duine
in-ann imtheacht aisti féin, is é sin, mar adéarfaí,
go bhfuil ar chumas na haigne as a gustal féin, agus
as a neart féin, agus as méid a tuigsiona féin, gan
cabhair gan congnamh ón dtaobh amuigh, feallsa a cheapadh
is a chumadh is a chur i n-eagar i dtaobh Dé agus i
dtaobh gach a mbaineann le Dia agus le moráltacht.
Ní hamhlaidh ba mhian leis a rádh go bhfuil an t-eólas
a gheibheann an aigne ar an gcuma sin di féin, bunos-
cionn leis an eólas a thugann an tUghdarás di: ní


L. 46


lugha 'ná mar ba mhian leis an fheallsa is an tUghdarás
a dheighilt óna chéile ar fad .i. go mbéadh an dá chineál
eólais ann, an t-eólas a gheibhtar ón bhfeallsa
agus an t-eólas a gheibhtar ón Ughdarás, acht gan aon
cheangal nó baint a bheith aca le n-a chéile. Ní headh,
níor bh'sin é an rud a bhí uaidh, acht a mhalairt. Is é
rud a theastuigh uaidh ná a thaisbeáint go raibh an t-eólas,
a bhí fáighte aige féin leis an bhfeallsa, ag teacht isteach
go díreach leis an eólas a thugann an tUghdarás dúinn,
agush freisin, go dtugann an fheallsa deimhne dhúinn
ar na neithibh a bhaineann leis an Ughdarás, ag cruthughadh
eólais an Ughdaráis níos soiléire dhúinn.



Bhí an deaghrún sin aige, acht má bhí féin, níor fhág
sin é gan díoghbháil agus dochar mór a dhéanamh don
fheallsa leis an dteagasc a thug sé uaidh. Na daoine
a ghlac leis an dteagasc sin, ní móide gur thuigeadar
i gceart é, agus bfhéidir, leis, nach raibh uatha acht
deis a fhagháil ar an Ughdarás a chaitheamh i leathtaoibh
agus a chur uatha ar fad, dá mb'fhéidir é. Ar aon nós,
is é rud a tháinic as go ndearnadar an fheallsa a dheighilt
ón Ughdarás agus ón bhfoillsiughadh * amhail is dá
mbeidís gan aon bhaint aca le n-a chéile ar aon chor.
Dar le dream áirithe de lucht na fheallsa is é an deighilt
sin an rud ba mhó le rádh dá ndearna Descartes i
gcaitheamh a shaoghail, agus dá bhárr sin, freisin, is eadh
do thug Cousin “athair na nuadh fheallsa” air.



Acht táthar ag cromadh ar cheist na Dearbhthachta†
do scrúdadh arís fá láthair, agus táthar ag meas nach
teagasc fóghanta tairbheach an teagasc úd Descartes,
.i. go bhfuil ar chumas na haigne í féin a threórughadh
i gceart ar bhóthar na fírinne ag tóruidheacht eólais,
agus í féin a choimeád gan imtheacht ar fuaidreamh
insna ceisteannaibh dubha dorcha atá ins an bhfeallsa.
Is deacair le daoine an teagasc sin a chreideamhaint
nó a ghlacadh chucha, agus ar ndóigh, an iongna ar bith
é sin?



* Revelatio. † Certitudo.


L. 47


Ag La Haye, sráidbhaile atá i n-aice le Tours na
Frainnce do Rugadh René Descartes i mbliadhain ar
dTighearna 1596. I mbliadhain 1650 a fuair sé bás.
Ní raibh sé acht ocht mbliadhna d'aois nuair a cuireadh
go Coláiste a bhí ag Cumann Íosa ag La Fiche é.
Do gheall Dia éirim aigne, gastacht, agus meabhair
thar bárr dhó, agus bhí a rian air, chuaidh sé ar aghaidh go
tréan i n-eólas, go mórmhór, insna teangthachaibh, i
n-Áirimheacht, * agus i Réalteólas. Acht, mar sin féin,
ní raibh sé sásta leis, mar eólas. An léigheann agus
an fhoghluim a bhí le fágháil le n-a linn féin, ní raibh
ionnta, dar leis, acht an oiread sin argóintí, tuairimí,
ceisteanna agus freagraí do bhailiughadh le chéile agus
iad a bheith de ghlanmheabhair ag duine, agus nach dtuig-
feadh an duine sin i gceart iad ar chor ar bith, agus
nach mbeadh ar a chumas aon cheist aca a scrúdadh ná
a fhuascailt dó féin: foghluim gan bhrígh gan éifeacht
a bhí ann, shíl sé. Níor thaitn Modh Oideachais na Scol
leis, mar bhí sé daingean ina aigne gurbh'é an Modh
Oideachais ba chionn tsiocair leis an donas go léir.
Ar an adhbhar sin, buaileadh isteach ina aigne gur cheart
dó féin a dhícheall do dhéanamh ar an modh sin do dhíbirt
glan amach as na scoileannaibh, agus modh nuadh do chur
ina ionad. Ní raibh Descartes acht ina stócach an uair
sin, agus é ag fógairt do chách aigne an duine do bheith
in-ann gach uile chineál eólais a bhaint amach di féin,
agus gach uile cheist mhór chruaidh dá bhfuil ann a réidhteach,
gan congnamh gan solus ón dtaobh amuigh. Agus mórán
bliadhnta ina dhiaidh sin b'é an teagasc a bhí aige dá
thabhairt uaidh: — “Ní fíoreolus go tuigsint,” arsa
eisean, is é sin nach leór do dhuine mórán rudaí do bheith
ar eólas aige, dar leis féin, muna bhfuil greim láidir
daingean ag an aigne ar na rudaí sin agus a bheith ar
a chumas iad a thuigsint go cruinn beacht, i dtreó go
dtig leis iad a mhíniughadh go soiléir uaidh féin: agus
deir sé freisin “Is é is foghluim fhírinneach dáríribh



* Mathematica.


L. 48


ann, an aigne a bheith in-ann baramhail cheart chiallmhar
a thabhairt i dtaobh gach uile nídh dá gcuirtar ós a
cómhair.” * Ní ó Phláto ná ó Aristotle ná ó dhuine
ar bith eile, dá mhéid a chlú, is ceart dúinn an fhoghluim
sin a fhagháil: ní headh, acht as ár stuaim agus as ár
dtuigsin féin. Ar an adhbhar sin, do thuig Descartes
go gcaithfeadh sé féin modh nuadh oideachais a cheapadh
chun a thaisbeáint ce'n chaoi a dtiocfadh le daoine an
fíoreólas sin a fhagháil.



An modh nuadh sin do chumadh agus do ríomhadh go
cruinn b'shin í an fhadhb. Chrom sé ar mhachtnamh, agus
ar rudaí a thabhairt faoi ndeara dhó féin. An fhaid a
bhí sé ag foghluim na hÁirimheachta agus na Céimseatan,
is iomdha rud a fuair sé amach, a thug congnamh dó ina
dhiaidh sin. Do scrúduigh sé modh mhúinte lucht na
hÁirimheachta anallód, agus ba léir dó go raibh an
modh sin go rímhaith ann féin, bíodh nár tuigeadh i
n-iomlán ar dtús é. Ba é rud a deintí an tráth úd
ná gach uile cheist fá leith a bhain leis an Áirimheacht do
scrúdadh is do chur tré chéile, agus do réidhteach léithi
féin, chomh maith agus nach raibh aon dlúthbhaint ag gach
ceist le ceist eile. Níor tuigeadh an tráth sin go bhfuil
bunfhírinní áithride sofheicse ann, agus gur féidir na
bunfhírinní sin a bhaint amach agus úsáid a dhéanamh díobh
am ar bith a mbíonn gábha leobhtha. Acht do thuig
Descartes an méid sin go háluinn, agus mar sin de, do
chuir sé roimhe na riaghlacha go léir a bhaineann leis an
Áirimheacht do thiomsughadh is do chur i dtoll a chéile agus
bunriaghlacha móra coitcheanna a bhaint asta. Ní thrácht-
faimíd ar Áirimheacht Dhescartes annso, acht sa mhéid
go bhfuil baint ag an ealadhain sin le n-a chuid feallsa.
An tairbhe mhór a tháinic don Áirimheacht de bhárr a shaothair,
ní thig linn cur síos anois air. Is eól dúinn, ámhthach,
gurbh'é an modh (la méthode) do chuir ar a chumas feabhas
chomh mór a chur ar ealadhain na hÁirimheachta; agus
is eól dúinn freisin gurbh'é an modh céadna úd a bhí



* Regulæ, Œuvres, xi. 202.


L. 49


mar thaca agus mar threóruidhe aige, ag cumadh a choda
feallsa dhó. Má's áil linn feallsa Dhescartes do
thuigsint i gceart, ní mór dúinn an ‘modh’ úd do
thuigsint go maith freisin.



AN MODH (LA MÉTHODE).



“Níl cruaidhcheist dhorcha dhoscaoilte ar bith, dá
dheacracht nó da dhiamhaireacht í, nach bhfuil ar chumas
na haigne í do nochtadh, agus do réidhteach, agus do
mhíniughadh.” * Tá an smaoine céadna sin le fagháil
i ngach uile rud dár scríobh sé, agus ní raibh aon aimhreas
ariamh air nach dtiocfadh leis an nídh sin do chruthughadh.
Dfhéach sé isteach ina aigne féin, agus do thug sé an
méid sin faoi ndeara. Ag breathnughadh uaidh amach
ar an domhan mór lasmuigh agus ar gach a mbaineann
le heólaidheacht is le feallsa, dubhairt sé annsin:—
“Níl rud ar bith, dá dhearbhthacht agus dá shoiléire é,
nach féidir a bhréagnughadh.” Is fiú dhúinn smaoineadh
go dlúth is go doimhinn ar an dá abairt sin Dhescartes,
féachaint an bhféadfaimís iad a thabhairt le chéile agus
a thaisbeáint nach bhfuilid bunoscionn le n-a chéile.
Óir deir sé:—



(1) Go bhfuil an aigne in-ann gach uile eólas a
shóláthar uaithi féin, agus



(2) Nach bhfuil aon chuid den eólas sin nach féidir a
bhréagnughadh.



Acht cionnus is féidir an dá nídh sin a bheith
fíor i n-éinfheacht? Tugann Descartes freagra
ar an gceist sin dúinn: “Cad fé ndeara é,” arsa
eisean, “gur féidir gach uile rud dá bhfuil ar eólas
againn (nó gur dóigh linn go bhfuil sé ar eólas againn)
a bhréagnughadh? Tá, nach ndéanaimíd aon rud de na
rudaí sin go léir d'infhiúchadh go cruinn agus go
hiomlán mar badh ceart.”



* Disc. de la Méthode: 2 partie: 4ième Règle.


L. 50


Siúd é, dá bhrígh sin, an teagasc budh mhian leis a
chraobhscaoileadh agus a chur ós comhair daoine:— ‘go
bhfuil aigne an duine in-ann gach uile rud do mhion-
scrúdadh agus do thuigsint; acht nach ndéarna an duine
úsáid cheart dá aigne, agus mar gheall air sin, gur
laghduigheadh ar neart, agus ar ghastacht, agus ar
chomhacht na haigne.’ Bhí an modh nuadh ag teastáil go
géar, mar sin, chun na haigne do threórughadh go díreach
ar bhóthar na fírinne ag lorg eólais, agus do cheap
Descartes go gcaithfeadh sé an modh do chumadh agus do
chur i ngníomh gan pioc moille. Acht cad é an modh é?
“Is é is modh ceart díreach ann,” arsa eisean, “gan
an aigne do ghlacadh le fírinne ar bith go mbídh an fhírinne
sin nochtuighthe go soiléir sofheicse os a comhair amach;
agus ní féidir an fhírinne do nochtadh ar an dóigh sin,
muna ndéantar gach uile nídh do chruthughadh do réir
riaghlacha na hÁirimheachta” (.i. i dtreó go mbeidh an
fhírinne chomh sofheicse le 2+2=4, nó a leithéid eile
atá le fagháil ins an Áirimheacht). “Soiléire na
hÁirimheachta” a thug sé air sin.



Ar an adhbhar sin, níl baoghal ar bith ná go mbeidh
an aigne in-ann gach uile chineál eólais a bhaint amach,
acht an dá nídh atá luaidhte thuas againn a dhéanamh,
(1) gan glacadh le fírinne ar bith go nochtuighthar go
lom díreach don aigne í; (2) ‘Soiléire na hÁirimheachta’
do lorg le haghaidh gach rud, mar ní dearbhthacht go
dearbhthacht na hÁirimheachta, dar le Descartes. Acht
má's linn teach an eólais do thógáil ar chloich bhuinn
láidir dhoghluaiste, tá dhá nídh a chaithfimíd a sheachaint,
agus gan aon iontaoibh a bheith againn asta. Is iad dhá
nídh iad sin ná “fiadhnaise na gcéadfadh” agus an
“Chómhargain.” * Is é rud a tuigtar le “fiadhnaise
na gcéadfadh” an méid eólais a gheibhmíd ón dtaobh
amuigh le radharc na súl, le héisteacht na gcluas
&rl. Is minic a mealltar sinn leis na céadfadha
agus go gcuirid an dubh ina gheal orainn, agus ar an




* Syllogismus.


L. 51


adhbhar sin, ní hiontaoibh an fhiadhnaise ná an t-eólas
a bheir siad dúinn, de bhrígh go bhfuil gábha aca le solus
agus le treóruidhe nach bhfuil aca ionnta féin. * Ní
ceart dúinn aon úsáid a bhaint as an gCómhargain. †
Do mheas Descartes nach dtugann an Chomhargain aon
eólas nuadh dhúinn thar mar a bhí againn cheana féin,
agus mar sin dé nach bhfuil aon mhaith léithi



Acht i n-aindeóin gach a ndubhairt Descartes, baintar
úsáid as an gCómhargain ag baile agus i gcéin ins na
scoileannaibh feallsa, agus ins na leabhraibh feallsa.
Ar an adhbhar sin, is fiú dhúinn an méid sin atá ráidhte
ag Descartes i n-aghaidh na Cómhargaine do scrúdadh go
haireach: óir, má tá an ceart aige-sin, tá dul amugha
ar na scoluidhthibh leis na ciantaibh. Do mhínigh J. S.
Mill dúinn cad a thuig Descartes leis an gCómhargain.
Is mar seo a ghníthar úsáid di, dar le Descartes:—
“Tá gach uile dhuine somharbhtha; is duine Socrates;
agus dá bhrígh sin, tá Socrates somharbhtha.” Acht,
níl aon eólas nuadh ins an abairt dheireannach úd ‘tá
Socrates somharbhtha’: níl innti acht ‘glacadh-roimh-ré.’
An fíor é nach mór dúinn a fhios a bheith againn ‘go
bhfuil Socrates somharbhtha,’ sul dá bhféadaimíd a rádh
go bhfuil “gach uile dhuine somharbhthach”? Deir
Descartes agus Mill nach mór dúinn a fhios sin a bheith
againn roimh ré, acht cé'n fáth a n-abrann siad é?



“Is é an dul-amugha mór a bhí ar Dhescartes, agus ar
Mill agus ar a lucht leanamhna,” arsa an Dochtúir
Ó Cobhthaigh, “gur mheasadar nach dtig linn a rádh le
dearbhthacht go bhfuil an “rádh coitcheann” fíor, gan
a bheith cinnte ar dtús gur fíor gach uile rádh fá leith
dá dtagann as an rádh coitcheann: mar shómpla, ní
féidir linn a dhearbhadh go bhfuil ‘an uile dhuine so-
mharbhthach’ (rádh coitcheann é sin), mura bhfuil a fhios


L. 52


againn roimh-ré go bhfuil Socrates somharbhtha, go bhfuil
Seán is Séamus, is Tomás somharbhtha, agus mar sin
do gach uile dhuine den chine daona ar fad. Agus do
cheapadar mar sin go gcaithfidhe an uile dhuine den
chine daona do thabhairt fá ndeara agus d'infhiúchadh,
sul dá bhféadfaidhe a rádh ‘tá gach uile dhuine somharbhtha.’
Acht bhí dearmhad mór ortha insan méid sin. Níor
thuigeadar an rádh coitcheann i gceart. * Dá dtuigidís,
ár ndóigh, chífidís nach ar an gcuma sin a gheibhtar an
rádh coitcheann ar aon chor, agus nach bhfuil call ar bith
dhúinn an scrúdadh sin atá i gceist aca do dhéanamh,
le n-a fhagháil. Deirimídne gur féidir linn an rádh
coitcheann do cheapadh is do dhearbhadh, gan a fhios a bheith
againn roimh-ré gur fíor an rádh sonnrach: † agus
dá bhrígh sin, go dtugann an Chómhargain eólas nuadh
dhúinn, nach raibh againn cheana.



Dubhramar thuas gurab é teagasc Dhescartes go
bhfuil ar chumas na haigne gach uile eólas a shóláthar
dí féin, má chuireann an duine roimhe gan glacadh
le fírinne ar bith go nochtuighthar an fhírinne sin
go soiléir don aigne, fé mar a ghníthar fírinní
do chur ós comhair na haigne ins an Áirimheacht
(.i. go mbídh ‘Soiléire na hÁirimheachta’ ag an aigne
i ngach rud). Acht, ce'n chaoi a dtiocfaimíd suas
leis an Soiléire úd atá i gceist aige? Tugann
Descartes freagra ar an gceist sin, mar a leanas:—
na rudaí atá le scrúdadh againn chun eólais a fhagháil
ina dtaobh, iad do chur ós comhair súl na haigne, iad
d'infhiúchadh go cruinn is go hiomlán — má ghníthar an
scrúdadh sin i gceart, bhéarfhar fá ndeara an chosmhalacht
atá idir na rudaí sin, agus nochtfar don aigne go bhfuil
cáilidheacht éigin bhunúsach ann, atá le feiceál ionnta
uile go léir, agus i ngach aon rud fá leith aca. Sin é
‘modh díreach’ na haigne chun eólais do bhaint amach. ‡
Ba é tuairim Dhescartes gurab amhliadh a ghníonn an



* Coffey, “The Science of Logic,” I.



† Particulare. ‡ 14ième Règle.


L. 53


aigne gach uile smaoine dá mbíonn innti do mhion-
scrúdadh agus roinnt eólais do bhaint as gach aon
smaoine. Acht déarfaidh duine, bfhéidir, ‘cé'n bhaint
nó an ceangal atá idir na rudaí éagsamhla a cuirtar
ós comhair na haigne, a rádh gur féidir leis an aigne
dul ó smaoine go smaoine á n-infhiúchadh go beacht, agus
eólas iomlán a fhagháil ar an dóigh sin?’ Freagra na
ceiste sin, is é atá mar bhunphréimh ag modh Dhescartes.
Seo é an freagra a bheir sé féin ar an gceist:— Na
rudaí go léir gur féidir eólas do chur ortha, is féidir
iad do roinnt ina sreathannaibh, agus tá dlúthbhaint
agus cosmhalacht bhunúsach idir na rudaí i ngach aon
tsreith fá leith: agus ó thárla go bhfuil, má gheibhimíd
eólas cruinn ar rud amháin ins an tsreith, nochtann
an rud sin an chéad rud eile dhúinn, agus mar sin do
gach uile rud dá bhfuil ins an tsreith sin. Rud eile
fós, tá cáilidheacht éigin bhunúsach i ngach aon tsreith,
agus tá gach uile rud ins an tsreith ag brath agus
suidhte ar an gcáilidheacht sin: i dtreó, má ghníthar aon
cheann de na rudaí d'infhiúchadh go hiomlán, go nochtfar
an cháilidheacht choitcheann sin. Is é gnó na haigne
annsin a dhéanamh amach cad í an bhaint nó an ceangal
atá ag gach aon rud dá bhfuil insan tsreith leis an
gcáilidheacht sin, agus a thaisbeáint ar an gcuma sin
cad í an bhaint agus an chosmhalacht atá ag gach aon
rud aca le n-a chéile. Acht cuirimíd i gcás anois, go
dteastuigheann uainn rud atá abhfad anonn sa tsreith
do chur i gcomhmheas leis an gcéad rud atá innti, cé'n
chaoi a ndéanfar sin? Seo é an bealach a ndéantar
é:— Cuireann an aigne an chéad rud i gcomhmheas leis
an dara rud, agus chíonn sí an chosmhalacht atá eatortha;
annsin, cuireann sí an dara rud i gcomhmheas leis an
treas rud, agus chíonn sí an chosmhalacht atá eatortha
siúd freisin: féadann sí an chéad rud do chur i gcomh-
mheas leis an treas rud, annsin, agus nochtann an
comhmheas sin go díreach don aigne an chosmhalacht agus
an cóibhneas atá idir an chéad rud agus an treas rud.
Mar sin do gach uile rud aca i ndhiaidh a chéile: an aigne


L. 54


ag obair ar an gcuma sin, go dtí go nochtthar di an
chosmhalacht atá idir an chéad rud sa tsreith, agus rud
ar bith eile níos sia anonn gur mian léithi eólas cruinn
a chur air. Féadtar a rádh, mar sin, gurab iad na
ceithre neithe seo a leanas, bun agus bárr, lár agus
leithimeall an Mhodha úd Dhescartes.



(1.) Le go mbéadh fírinne cheart ag an aigne, ní
mór di an fhírinne a fheiceál go lom díreach chomh soiléir
sin nach féidir aon dul amugha ná mearbhall a bheith
uirthi ina taobh.



(2.) Na rudaí go léir go dtig linn eólas a chur ortha,
is féidir iad do roinnt ina sreathannaibh.



(3.) Nuair a chromann an aigne ar na rudaí atá i ngach
sreith do scrúdadh, is í an cháilidheacht choitcheann úd
is ceart di do lorg i dtosach.



(4.) Is é is eólas iomlán ann, an aigne do thabhairt
fá ndeara agus do thuigsint an ceangal agus an
chosmhalacht atá idir na rudaí i ngach aon ‘tsreith
eólais,’ agus dá éaghmuis sin, gach a mbaineann le brígh
is le nádúir gach uile rud aca. *



2.



Tá scrúdadh déanta againn ar an modh úd, a cheap
is a chum Descartes, agus tá sé chomh maith againn
iarracht a dhéanamh anois ar an gcéad mhír eile dá
theagasc do chur tré chéile agus do nochtadh. “Níl ceist
ar bith eile is mó is fiú dhúinn a réidhteach 'ná an cheist
seo:— cad é an rud é ‘eólas an duine’ (.i. an t-eólas a
bhíonn ag an nduine), agus cad iad na neithe go dtig
leis eólas a chur ortha?” Do mhínigh Descartes dúinn
ins an modh cad is fíoreólas ann, agus cuireann sé an
cheist mhór thábhachtach eile seo chugainn, annsin:— ‘An
fíoreólas é eólas an duine, agus ma's eadh, cad iad na
neithe gur féidir leis an aigne eólas a fhagháil ortha?’



Tá dhá chineál breitheamhnais dhírigh insan aigne,



* Disc. de la Méthode, Part ii.


L. 55


agus is iad na fréamhacha iad as a bhfásann gach uile
bhreitheamhnas agus gach aon eólas eile dá dtig linn a
bheith againn. Is iad dhá bhreitheamhnas iad ná:



(1). Breitheamhnas díreach na haigne ar rudaí nach
bhfuil ar bith acht ins an aigne amháin (m. sh. 2 + 2 = 4).



(2). Breitheamhnas díreach na haigne ar rudaí atá
lasmuigh di (m. sh. is leabhar é sin).



Ó's rud é go bhfásann gach uile shaghas eólais as na
breitheamhnaisibh sin, agus nach bhféadfaimíd eólas dfhagháil
ar bhealach ar bith eile; má chailleann siad a mbrígh agus
a mbunús, is é sin le rádh muna nochtaid rudaí dhúinn go
fíor mar atá na rudaí ionnta féin, is follus nach
féidir fíoreólas ar bith, dá laighead, a bheith againn.
Tá, ámhthach, aon chnuasach amháin fírinní nach mbainfeadh
Descartes leobhtha, a bheag nó a mhór, eadhon, na fírinní
atá riachtanach chun dlighe Dé do choimhlíonadh: mar do
cheap sé nach dtiocfadh leis an aigne, gan grásta Dé,
aon scrúdadh ealadhanta do dhéanamh ortha.



Cromann Descartes ar an dá bhreitheamhnas úd na
haigne do scrúdadh, agus is é rud adeir sé nach bhfuil
maitheas ná tairbhe ar bith ionnta chun cólais do thabhairt
dúinn, agus ar an adhbhar sin, gur ceart iad a chaitheamh
i leathtaoibh.



(1.) “Is leabhar é sin”: ‘fiadhnaise na gcéadfadh’
a nochtann an fhírinne sin don aigne, acht is minic do
mheall na céadfadha céadna sin me, agus a chuireadar
an dubh ina gheal orm; agus dá bhrígh sin, ní hiontaoibh
a bhfiadhnaise, “óir, an rud do mheall duine uair amháin,
ní ceart dó aon iontaoibh a bheith aige as an rud go bráth
aríst.” * Dá mbadh í an fhírinne is simplidhe agus
is soiléire í, ní féidir linn a bheith cinnte ina taobh.
“Ca bhfios dam nach gceaduigheann Dia go mbéadh
mearbhall intinne agus dul amugha orm, nuair adeirim
2+2=4, nó, nuair áirmhim sleasanna cearnóige, nó rud
ar bith eile dá shórd.” † Acht céard atá fágtha agam



* ire Med. † 3ième Med.


L. 56


anois, mar sin? tá teach an eólais leagtha ar lár agus
ina smidiríní. An mbéidh orm anois mo shaoghal do chur
dhíom gan aon fírinne a bheith agam faoi rud ar bith 'sa
domhan? nó, an gcaithfidh mé glacadh le gach uile fhírinne,
dá dheacracht liom a chreideamhaint, agus gan a fhios
agam cad chuige go gcreidim í? Fan ort go fóill!
“Cogito, ergo sum” (smaoinim, agus dá bhrígh sin,
táim), tá an fhírinne sin chomh soiléir sofheicse nach
féidir a bhréagnughadh. Féach! sin é an chloch bhuinn go
dtógfar teach nuadh an eólais uirthi.



Sul dá n-abraimíd a thuille, ámhthach, i dtaobh an
“eólais” sin, ní mór beagán a rádh i dtosach ar dhá nídh
go bhfuil dlúthbhaint aca leis an gceist sin.



(1.) An tAimhreas.



(2.) An “Cogito, ergo sum.”



Déanfaimíd iarracht ar an gcéad nídh aca, do
mhíniughadh ar dtús. Is eól do chách cad is ‘aimhreas’ ann,
óir deirimíd aríst agus aríst eile ‘níl aon aimhreas
orm nach dtiocfaidh sé’ &rl. Bíonn aimhreas ar dhuine am
ar bith nach dtig leis a rádh le dearbhthacht an fíor an rud
atá os comhair a aigne nó nach fíor. Do réir na bhfeallsamh
is é is aimhreas ann, “an chuma ina mbíonn an aigne nuair
a bhíonn breitheamhnas aici dhá dhéanamh, agus nach bhféadann
sí a rádh an fíor é nó nach fíor.” * Bíonn an aigne i
gcás idir dhá chomhairle, nuair a bhíonn fíoraimhreas
uirthi. Dá bhfiafruigheadh duine dhíot cé aca badh dheise
leat an hata a bhíodh ag ár gcéadathair Ádhamh nó an
hata a bhíodh ag Fionn mac Cumhaill, dhéarfá nach raibh
a fhios agat, nach dtiocfadh leat rogha a dhéanamh, mar
nach raibh cúiseanna ná eólas agat chun t'aigne do
shocrughadh ar aon taobh: Bhéadh “aimhreas” ort, agus
‘Fíoraimhreas Diúltach’ † a thugtar ar an aimhreas sin.
Acht dá bhfiafruigheadh duine díot an mbeidh an Ghaedhilg
dá labhairt ag muinntir na hÉireann go léir fós, céard
adéarfá? Bhéadh cúiseanna láidre tábhachtacha chun a



* Coffey, Epist. I., l. 32. † Dubium Reale Negativum.


L. 57


rádh go mbeidh, le congnamh Dé; acht ina gcoinnibh sin
thall, bhéadh cúiseanna eile agat chun gan é do rádh
(faríor go bhfuil!). Bhéadh cúiseanna láidre ó gach
taobh — bhéadh aimhreas ort — is é ainm a tugtar ar an
aimhreas sin ná ‘Fíoraimhreas Deimhnightheach.’ * Acht
tá aimhreas eile ann freisin, ar a dtugtar ‘Aimhreas
Órduighthe.’ Déarfadh duine leis féin, b'fhéidir, mar
seo:— Tá an méid sin fírinne ar eólas agam anois, agus
creidim go láidir é, acht mar sin féin budh mhaith liom
eólas níos fearr is níos cruinne a fhagháil air, ionnos
go mbead in-ann a mhíniughadh agus a dheimhniughadh go
soiléir do dhuine ar bith a chuirfeas ceist chugam ina
thaobh.” Agus leis sin, cromann sé ar an bhfírinne úd
do scrúdadh agus do chur tré cheile, mar a dhéanfadh
duine eile nach mbéadh fios ná eólas aige ina taobh.
Creideann sé an fhírinne go fíor, acht ghníonn sé an
scrúdadh, amhail is dá mbéadh amhreas air. Tugtar
‘Aimhreas Órduighthe’ † ar an aimhreas sin (mar
adéarfá, gurab é an duine féin a chuireann an
t-aimhreas ar an aigne, chun a chur dfhiachaibh uirthi tuille
eólais do shóláthar. Is fearrde eólas an duine an
t-aimhreas sin, má ghníthar úsáid cheart de. Cé aca fíor-
aimhreas nó aimhreas órduighthe a bhí ar Dhescartes?
Deir Mercier agus an Dochtúir Ó Cobhthaigh gur fíor-
aimhreas deimhnightheach a bhí air: “Tá aimhreas orm,”
arsa eisean,



“Pour des raisons très fortes et murement réfléchies.” ‡



Shíl Descartes, mar sin, go raibh an fíoraimhreas
úd riachtanach chun eólais a fhagháil, agus ar an adhbhar
sin, go raibh sé ceaduighthe aige an t-aimhreas sin do
bheith air. Dá bhrígh sin, má tá an ceart ag
Descartes, tá deire le heólas an duine agus níl brígh
ná éifeacht i n-aon chuid den eólas atá againn.



* Dubium Reale Positivum. † Dubium Methodicum.



‡ ire Med. ix


L. 58


3.



Is iad na céadfadha mar aon leis an aigne a thugann
gach eólas dúinn, agus má ghníonn siad-san a ngnó
sa cheart is fíoreólas é an t-eólas a bhíonn againn.
Acht, sul dá ndéanann an duine aon scrúdadh ar ghnó
na haigne ina gcéadfadh, féachaint an ndéanann siad
i gceart é, tá iontaoibh iomlán aige asta roimh ré.
Tuigtar dó, freisin, nach bhféadfaidh sé an scrúdadh
sin do dhéanamh ar a ngnó ar aon bhealach eile acht leis
an aigne amháin (is é sin le rádh, go gcaithfidh an aigne
faire a dhéanamh uirthi féin agus ar na céadfadha, an
fhaid atáid ag obair, agus go bhfeiceann sí annsin an
bhfuilid ag obair i gceart nó nach bhfuilid). Acht, muna
bhfágtar ar chumas na haigne an scrúdadh is an shaire
sin do dhéanamh, níl aon fhághail againn ar eólas cruinn
ealadhanta. An fíoraimhreas úd Dhescartes do chuir-
feadh sé as cumas an duine aon scrúdadh ealadhanta
do dhéanamh ar a chuid eólais (mar, do réir Dhescartes,
caithfar a chreideamhaint roimh-ré nach ndéanann an
aigne ná na céadfadha a gcuid oibre i gceart, agus
nach féidir aon iontaoibh a bheith ag duine asta). Má
tá an ceart ins an méid sin ag Descartes, níl fíor-
eólas le fagháil ag aoinne; acht níl an ceart aige, mar,
níl gnó ar bith aige den bhfíoraimhreas úd, agus mar
sin de níl sé ceaduighthe aige úsáid do bhaint as.



Deir sé féin, ámhthach, go bhfuil cúiseanna láidre
tábhachtacha aige chun úsáid a dhéanamh den bhfíoraimhreas:—
‘eagla na heagla, go mb'fhéidir go bhfuil drochspiorad
éigin do mo mhealladh, is do mo chur amugha — gur
mealladh go minic cheana mé, agus go mealltar go minic
fós mé — &rl.’ Acht, ar chuala aoinne ariamh a leithéid
de scéal i mbarr bhata! an bhfuil duine ar bith sa
domhan mór a bhéadh chomh díthchéillidhe sin, is go dtabharfadh
aon áird ar na cúiseanna amaideacha seafóideacha sin,
nó a chaithfeadh aimhreas is drochmheas ar an aigne, ar an
meabhair cinn, agus ar na céadfadha do gheall Dia dhó,


L. 59


mar gheall ortha — b'fhéidir go gcuirfidís dfhiachaibh air
a chuid eólais do scrúdadh níos fearr, acht sin a
dtiocfadh leobhtha a dhéanamh. Dá bhrígh sin, níl an fíor-
aimhreas atá i gceist ag Descartes, ceaduighthe ná
dleaghthach, óir ní fhágann sé ar chumas an duine ceist
an eólais do fhuascailt ná do réidhteach ar bhealach ar
bith. Is é an fáth a ndéantar úsáid de Mhodh, ná chun
na haigne do chur i dtreó agus i n-eagar ionnas go
bhféadfaidh sí breitheamhnas cothrom cóir do thabhairt,
ar gach rud. Acht, cuireann an fíoraimhreas a bhí beart-
uighthe ag Descartes, dfhiachaibh ar an aigne a súile do
dhúnadh i n-aghaidh na fírinne roimh-ré, gan gábha gan
riachtanas. An amhlaidh nár fhéad sé úsáid a dhéanamh
den Aimhreas Órduighthe? Óir tig leis an nduine an
tAimhreas sin a bheith air, agus iontaoibh do bheith aige
as a aigne agus as a chéadfadha ins an am gcéadna:
cuireann an tAimhreas Órduighthe gach claonadh amach
as an aigne, i dtreó go mbéidh ar a cumas breitheamhnas
cothrom a thabhairt ar gach uile nídh dá gcuirtar os a
cómhair. Chímid, mar sin, nach raibh aon chall leis an
bhfíoraimhreas chun eólais do bhaint amach.



Maidir leis an “Cogito, ergo sum,” deirimíd go
ndéanann Descartes é féin do bhréagnughadh ag
déanamh an bhreitheamhnais sin dó. “Smaoinim,” arsa
eisean, “agus dá bhrígh sin, táim.” Nuair adeir sé
‘smaoinim’ is fíor dhó é, gan aimhreas. Acht cé'n
chaoi a dtig leis a bhaint amach as sin go bhfuil sé féin
ann ar bith? Caithfar a rádh nach féidir a bhaint amach
as go bhfuil sé féin ar bith, muna bhfuil an breitheamhnas
eile seo na haigne aige roimh-ré, “An té go dtig leis
smaoineadh, tá sé ar bith.” * Acht, nach dtug Deseartes
féin le tuigsint dúinn cheana, nach bhfuil brígh ná éifeacht
le n-a leithéid sin de bhreitheamhnas? Agus, mar sin
de, chímid go soiléir nach bhfuil insan mbunphréimh úd
‘Cogito, ergo sum,’ ná i n-aon chuid eile dá theagasc
acht ‘glacadh roimh-ré,’ ó bhun go barr agus ó thús deire.



* Balmes, Filosofia Fund. i. c. 6. §68.


L. 60


Is é céad rud a chruthuigheann Descartes dúinn leis
an mbunfhírinne sin ‘Cogito, &rl,’ ná go bhfuil Dia ann.
Is é brígh a bhí ag Descartes le Dia ná ‘spiorad ró-
mhaith, ró-iomlán, síorruidhe.’ Seo é an bealach ina
gcruthuigheann sé go bhfuil a leithéid ann:



I. “Tá smaoine agamsa im aigne,” deir sé, “ar rud
éigin sármhaith, iomlán ann féin, dar dual bheith ar
bith (existere); * agus dá bhrígh sin, tá a leithéid .i. Dia
ann.”



II. “Ní fhéadfadh an smaoine sin teacht ó rud nach
bhfuil iomlán gan teóra, ní lugha ná mar a dfhéadfainn
féin é a chur isteach im aigne féin; mar sin de, ní fuláir
nó tá an rud sármhaith iomlán úd ar bith ann, agus
gur bh'é do chuir an smaoine sin isteach im aigne: agus
is é Dia an rud sin.” †



III. “Agus, rud eile fós, is eól dam nach bhfuilim
iomlán ná gan teora ionnam féin, agus ó's rud é nach
bhfuilim, ní thiocfadh liom mé féin do chruthughadh ná do
chur ar bith. Ar an adhbhar sin, caithfar a rádh go bhfuil
Dia ann, agus gur bh'é do chruthuigh is do chuir ar an
saoghal me.” ‡



Dearbhuigheann Descartes annsin go bhfuil an domhan
ann i ndáríribh. Tá Dia rómhaith ann féin, agus ní
féidir leis aoinne do mhealladh. Do chruthuigh Dia an
duine agus gach nídh dá bhfuil sa duine — an aigne,
tuigsin, meabhair, radharc na súl, éisteacht na gcluas,
mothughadh, &rl. Acht, cuireann na céadfadha céadna
sin ina luighe ar aigne an duine go bhfuil an domhan ann
lasmuigh den aigne. Ar an adhbhar sin, tá an domhan
agus neithe an domhain ann i ndáríribh, óir, dá mbudh
nach mbéadh, bhéadh Dia ag mealladh an duine. Mar
sin do gach uile fhírinne go raibh aimhreas ar an aigne
ina taobh ó chianaibh; cruthuigheann Descartes ar a
bhealach féin go bhfuil brígh is bunús leobhtha go léir,



* Cf. Discours, 4e p.; Med. 3; Princp. 14.



† Cf. Discours. ibi.; Princp. 18.



‡ Med. 3; Princp. 20-21.


L. 61


agus sin é an chaoi a dtógann sé ‘teach an eólais’
an athuair ar an gcloich bhuinn dhoghluaisle dhaingin úd
dar leis “Cogito, ergo sum.” Acht má ghníthar scrúdadh
ar an gcruthughadh sin a bheir Descartes uaidh go bhfuil
Dia, is an domhan is eile ann, chífar go bhfuil “glacadh-
roimh-ré” (petitio principii) ann ó thús deire. Mar,
baineann sé úsáid as an mbunfhírinne “ní bhíonn aon
rud ann, gan a chúis a bheith leis.” * Acht, níl aon cheart
aige é sin do dhéanamh, mar ní thig leis an bhunfhírinne
sin do dheimhniughadh go dtí go gcruthuigheann sé go
bhfuil sé féin, Dia, is an domhan ann i dtosach. Ar an
adhbhar sin, tá an teagasc ar fad gan éifeacht.



Do thug Descartes bunáite a shaoghail ag féachaint
le slacht agus bail do chur ar an dteagasc sin. Rinne
sé iarracht freisin ar tráchtadh i dtaobh bhéaseólais, †
acht ní mó 'ná go maith d'éirigh leis san iarracht sin. Is
deacair an chuid sin dá theagasc do thuigsint, agus
mar sin de, ní bhacfaimíd leis annso.



Ag féachaint siar dúinn ar bheatha Dhescartes, tig
iongna orainn. Fear do b'eadh é, a raibh éirim aigne
agus gastacht is meabhair thar barr ann, agus dúil
rómhór i n-eólas agus i léigheann aige. D'éirigh leis
obair chomh mór chomh tairbheach sin do dhéanamh ar son
ealadhan na hÁirimheachta go bhfuil a cháil leathta ar
fud an domhain dá bhárr, agus a ainm i mbéalaibh lucht
léighinn agus foghluma ó shoin aleith. Buaileann sé
bóthar na feallsa annsin ar lorg eólais, — misneach
is meanma ann, borradh is fuinneamh na hóige ina
chuisleannaibh, agus iontaoibh iomlán aige as neart a
thuigsiona agus a aigne féin! — é ag ceapadh go
n-éireóchadh leis gach uile chinéal eólais do bhaint amach,
agus gach uile chruaidhcheist do réidhteach as a ghustal,
agus as a stuaim féin. Acht, féach! annsúd atá sé
anois i n-umar na haimiléise, agus gan ar a chumas an
fhírinne is simplidhe ar bith do dhearbhadh ná do dheimh-
niughadh, acht á chur féin i bpongc, agus i dteannta,



* Principium Causalitatis. † Ethica.


L. 62


agus ‘petitio principii’ mar bhunphréimh aige leis an
gcruthughadh a thugann sé dhúinn. Céard do bhain dá threóir
é? tá, gur cheap sé an modh úd do chur i ngníomh insan
bhfeallsa, díreach mar do chuir sé i ngníomh 'san
Áirimheacht é. Sin é an tuathal mór atá déanta aige.
Tá a fhios againn, dá ghéire an scrúdadh a ghníthar
ar fhírinní na hÁirimheachta, agus dá mhéid a cuirtar
ina gcoinnibh, gurab amhlaidh is fearr agus is soiléire
a nochtfar iad i ndeire na dála, toisc go bhfuil na bun-
fhírinní móra fágtha, ar a bhfuil gach uile rud eile ag
braith. Acht, ní mar sin don fheallsa, óir, má cuirtar na
bunfhírinní féin i leathtaoibh, agus má deirtar nach
bhfuil brígh ná bunús leóbhtha, níl clochbhuinn fágtha
annsin ar a dtógfar teach an eólais. Níor thuig
Descartes an méid sin. “Le dúil insan iomarca,
cailltar go minic an t-iomlán,” agus b'é a fhearacht
sin aige siúd é. Bhí dúil san iomarca aige; chuaidh
sé thar a dhícheall agus thar dícheall a aigne; agus do
loic a aigne air. Siné an botún mór a rinne sé, agus
níl léigheamh ná innsint scéil ar an méid díoghbhála a
rinne an teagasc úd Dhescartes don fheallsa ó shoin
aleith. Fear iongantach do b'eadh Descartes, gan
amhras, acht ní móide gur chuimhnigh sé ariamh ar an sean-
rádh: ‘In medio tutissimus ibis.’



SEAN-DÚN NA nGALL.


L. 63


PLATON



Tairgim an Aiste seo
do sna Fearaibh dfhuiling an t-ocras
ar son na hÉireann,
Abrán, 1920.


L. 64


FOCAIL AG A BHFUIL CIALL FÉ LEITH 'SAN AISTE SEO.



Aigne chumasach = intellectus possibilis.



Aigne fheadhmach = intellectus agens.



Áirdríomhaireacht = Mathematics.



Anameólaidheacht = Psychology.



Anam lasánta = irascible.



Anam mianach = appetitive soul.



Anam réasúnta = rational soul.



Barruightheach = transcendent.



Béaseólaidheacht = Ethics.



Céadfadha = senses.



Cealgráidhteóir = sophist.



Céimseata = Geometry.



Cíoraidhe = a critic (philosophical sense).



Comhpháirtiughadh le = participation in.



Cumannóirí = communists.



Cuspóiridhe = objects.



Feallsamh ughdarásach = dogmatic philosopher.



Fírinne aonarach = particular truth.



Fírinne iomlánach = universal truth.



Nósmhaireacht = civilization.



Rudaí reatha = phenomena.



Seilbh aonarach = private property.



Síltin = imagination.



Teóir an fheasa = theory of knowledge.


L. 65


PLATON.



Ó's rud é gur fhág feallsa na Gréige a rian go
daingean ar fheallsa na Scol is na hEaglaise, is
tábhachtaighe do dhuine í a léigheamh is a scrúdadh 'ná
aon fheallsa eile den tseanaimsir. Is ag an nGréig
a bhí an nósmhaireacht is ársa, agus is uaithi a craobh-
scaoileadh léigheann, idir ealadha is eólaidheacht ar fuid
roinn na hEórpa. Pé nósmhaireacht a chleachtuigh Impire
na Róimhe, is ó shaoithe na Gréige a fuair sé a cheachta.
Is mó feallsamhain a bhí sa Ghréig ó Eraclítus go
hAristotles roimh aimsir ár dTighearna. Saoithe iad-
san go bhfuil a gclú is a gcáil i stair an domhain. Acht
amháin Aristotles, níor leig aoinne aca rian chomh mór
le Platon ar chúrsaí na feallsa. Do dhein Aristotles
obair anathábhachtach, acht mara mbeadh Platon a bheith
ann roimh ré, ní bheadh leithéid Aristotles againn.
Thaisbeáin Platon don sliocht a tháinig ina dhiaidh an
tslighe is fearr chun cathrach na fírinne agus deirtar
mara mbeadh an t-eólas san a fuair Aristotles ó
theagasc Platoin, gur beag de thairbhe a thiocfadh as a
shaothar féin.



CÚNNTAS AR A BHEATHAIDH.



Sar a scrúdóchaimíd an obair a rinne Platon ar
son léighinn an domhain, is ceart dúinn cúpla focal
a rádh i dtaoibh a bheathadh. I gcathair na hAithne do
rugadh é sa bhliadhain 428 roimh theacht ar dTighearna. Le
linn é bheith ag éirighe suas chuir sé anashuim i bhfilidheacht,
agus nuair a thosnuigh sé ar stuidéar na feallsa, bhí
rian na filidheachta ar a scríbhinní. Do chlúduigh sé a
smaointe i dteanga bhreágh, agus mara mbeadh gur leig
sé don bhféith filidheachta a bhí aige féin cur isteach ar
a chuid feallsa, b'fhéidir go bhfaighmís teagasc níos


L. 66


buaine uaidh. Is beag dá shaoghal a bhí caithte aige nuair
a bhí feallsa a thíre dúthchais foghlumtha aige, agus obair
Eraclítus is mó a léigheadh sé. Dubhairt an saoi sin
nárbh fhéidir dhúinn aon “fhios” dfhághail, mar bhí gach aon
rud saoghalta, ceadfádhach “ag rith ar nós srutháin.”
D'aontuigh Platon leis an dtuairim sin, acht nuair a
chrom Socratés ar teagasc ar fuid na cathrach, do lean
Platon é.



Is é an tslighe a bhí ag Socratés ná, na daoine a
cheistiughadh chun a theasbáint dóibh ná raibh ag aoinne
acht tuairimí, ná raibh aon “fhios” ceart aige. Ní
maith le fear aoinne a bheith ghá léiriughadh dhó go bhfuil
sé aineólach, agus d'éirigh lucht na cathrach chun Socratés
is chuireadar chun báis é. Do b'é tuairim Shocratés
gurb é an t-aon rud amháin a bhí deimhinightheach aca
smaointe a bhaineann le béasa is subháilcí agus ná
raibh acht dath na fírinne ar gach aon saghas feasa eile.
Do chomhairligh sé do gach aoinne “aithne a chur air féin.”
Mar adubhramair cheana, do lean Platon Socratés is
dfhoghluim sé mórán ceachta uaidh. Tar éis bháis a
mháighistir do chuaidh sé i gcéin ar lorg eólais is oideachais.
In a thaistil i dtíorthaibh thar lear do casadh Euclid air,
agus chuireadar aithne ar a chéile. D'éirigh caradas
eatortha, agus dfhág an muinteardhas sin rian ar
scríbhinní Phlatoin. Do chuir sé Aifric, Éigipt, Asia
de, agus is mó léigheann a bhailigh sé ó shaoithibh an Oirthir.
Choimeád sé gach teasgasc aca, ag machtnamh ortha ina
chroidhe.



Tháinig sé abhaile sa bhliadhain 387 agus chuir sé scoil
fheallsa ar bun i nGáirdín an Acadaimh insan Aithin.
Bhailigh na micléighinn chuige ó gach áird. D'éirigh a cháil
is a chlú, ní hamháin ar fuid na Gréige féin acht ar fuid
na hEórpa, agus ba mhór an chreideamhaint don Aithin
a leithéid de shaoi a bheith ann. Nós neamhchoitchianta
chun teagaisc a bhí aige. Is é nós é sin ná siubhal i
measc na macléighinn ag cur is ag freagairt ceisteanna
sa chómhrádh leó. Ón nós sin do thugadh Peripateticí


L. 67


(.i. daoine a bhíodh ag siubhal mórthimcheall ar scoil
fheallsa an Acadaimh).



Fuair sé cuireadh ó chara dhó, darbh ainm Díon, dul
go Síracús chun an rí óg a thabhairt suas. Do chuaidh.
Is é céad nídh a dhein sé ná cúrsa céimseata a mhúineadh
do Dhíonísíus, don rígh óg. Chuir an stuidéar cruaidh
tuirse is fearg ar Dhíonísíus, mar buachaill leisceamhail,
cnámhdhíomhaoin a bhí ann. Do thug sé druim a lámha dá
mháighistir agus níorbh fholáir do Phlaton imtheacht abhaile.
Do lean sé ar an múineadh le dúthracht san Acadamh go
cionn scathaimh eile. Do thug sé turas eile go Síracús
d'iarraidh Díonísíus a chur ar a leas acht do theip air
glan. Ina dhiaidh sin níor chuir sé suim i n-aon rud
acht sa bhFeallsa. Fuair sé bás sa bhliadhain 346 roimh
aimsir ár dTighearna.



A SCRÍBHINNÍ.



Is mó leabhar a scríobh Platon, agus tá nós an fhile
le feicsint i ngach ceann aca. Mar sin féin, níor
chum sé aon fhilidheacht. Is iad na hainmneacha a tugadh
ar a chuid leabhar ná — Apologia, Crito, Gorgias,
Simpósium, Phaedó, Poblacht, Critias, Na Dlighthe agus
morán eile aca budh liosta le háireamh.



FEALLSA PHLATOIN.



I — TEÓIR AN FHEASA.



Grádh don eagna a chialluigheann an focal feallsa
sa Ghréigis. Deireann Platon go bhfuil an t-anam
daonna sa dhoircheacht, agus go ndeineann sí a dhícheall
ar an bhfírinne a dhéanamh amach, agus na ceisteanna
móra a bhaineann leis an saoghal so is leis an


L. 68


saoghal atá le teacht a réidhteach. Acht de réir
an “Símposium,” ní foláir don anam eólas éigin
a bheith aici ar dtúis mar nách eólaidheacht daoi
an fheallsa. Caithfimíd bheith ullamh chun na fírinne
a ghlacadh mar ní fhoghluimeóchaidh an fear san dada
gur cuma leis aige nó uaidh í. Ní heólaidheacht daoine
go bhfuil eagna iomlán aca í acht an oiread, mar is é an
feallsamh an té a loirgean eagna, níl sí aige cheana.
Is ionann an méid sin thuas is a rádh nách é eólaidheacht
Dé an fheallsa, mar taobh amuigh de Dhia níl aoinne eile
a bhfuil eagna iomlán aige.



Tosnuighean an t-anam ag déanamh iongnaidh de
gach rud. Is mó ceist a bhíonn ag dul sa mhuileann
uirthi go dtí go bhfaghann an fheallsa an scéal a réidhteach.
Rugadh an fheallsa ar iarraidh don anam cráidhte teacht
ón gcruadhchás. An iarracht so a dheineann an fheallsa
ar na hamhrasaibh a shocarughadh cuireann sé feabhas ar
ár saoghal is ar ár mbéasa go léir. De réir Phlatoin,
sin toradh eile a gheibhtar as an bhfeallsa. Dhein
Socratés a dhícheall chun a thaisbeánt do ghach ar casadh
sa tsráid air ná raibh aon rud deimhneach aige, ná raibh
aige acht tuairimíd. Ar an gcuma gcéadna deireann
Platon go bhfuilimíd go léir aineólach acht nuair a
chuirimíd chun doircheacht ár dtuigsiona a scaipeadh,
gurb é sin tosach na feallsa.



Dá bhrígh sin is é Teóir na nIdea agus teóir fheasa
meadhon a fheallsa go léir. Ar an mbun so atá a
sheasamh ná, go bhfuil ann a leithéid de rud mar eól-
aidheacht nó Sár-fhios. * Is fíor an fios so i gcomhnuidhe
don té a smaoineann. Chímíd go bhfuil eólaidheacht
ann, cuir i gcás, árdríomhaireacht. Tá an eólaidheacht
sin “tógtha ar bhanráidhte áirithe simplidhe atá chomh
soiléir sin agus go nglactar le n-a bhfírinne gan aon
chruthughadh.” Is féidir eólaidheacht a bheith ann acht
cionnas? Sin í an cheist atá roimhe agus sa réidhteach
a dheineann sé dhe is eadh geibhmíd a fheallsa.



* Scientia.


L. 69


Dála Cant, do thug Platon fé ndeara go raibh
difridheacht mhór idir rudaí reatha, an gnátheólas atá
ag an duine choitchianta, agus eólaidheacht. Is mó
baramhail a chnuasaigheann “fear sa tsráid” ó mhaidin
go hoidhche, acht bíonn a n-urmhór tré n-a chéile. Fiafruigh
de (ar nós Shocratés) cad chuige gur dóigh leis go bhfuilid
fíor agus ní féidir leis aon dheimhniughadh a thabhairt
duit. Is minic a thagann plámásaidhe, agus imireann
sé ar mhiana an duine choitchianta, agus leis an mbladar
cuireann sé an dubh ina gheal air. An taobh eile dhe,
san eólaidheacht chímíd beart fírinne atá fíor “i
gcomhnuidhe is go deó,” cuir i gcás i nÁrdríomhaireacht.
“Neithe atá comhionann leis an nídh céadna tá siad
comhionann le chéile” — soiléirse í seo a bheidh fíor
go bráth. Is cuma cad a deintar leis an soiléirse sin
nó cad a deirtar ina taobh, beidh sí fíor. Acht insna
rudaibh reatha má chuirtar atharrughadh ar na rudaí mór-
thimcheall, ní bheidh siad san fíor, sé sin le rádh, go
bhfuilid fíor fé choingheallaibh. Cuirimíd i gcás an
abairt seo “tá ‘Cloch na síothcána’ i gcathair Luimnigh.”
Le linn na Lochlannach, ní bheadh an abairt sin fíor, agus
dá mbudh rud é nár ghéill Sarsfield do Ghincel, ní bheadh
sé fíor. Annsan tá sé fíor fé choingheallaibh. Acht
sa soiléirse thuas, bhí sí fíor, tá sí fíor, agus beidh sí
fíor go deó.



An bhfuil aon cheangal idir an dá thaoibh, idir rudaí
reatha agus Eólaidheacht? Cad iad na cuspóiridhe a
bhaineann leis na céadfadhaibh, agus cad iad a bhaineann
le hEólaidheacht? Thug Platon iarracht ar fhreagradh a
thabhairt dúinn 'san aiste tháscamhail úd “Teóir na
nÍdea.” Seo an argóint a rinne sé:—



1. Mar adubhairt Eraclítus leanann atharrughadh
ar atharrughadh ar gach eólas a bhreathnuigheann ár
gceadfadha, agus dá bhrígh sin ní fhéadfaimís fírinní
iomlána dfhagháil ina dtaobh. Táid ag síoratharrughadh,
“ag rith ar nós srutháin.”



2. Ó Shocratés (cé ná raibh acht cur síos ar bhéasa


L. 70


aige-sean) dfhoghluim sé, freisin, nách féidir Eólaidheacht
a bheith ann gan fhírinní iomlána (cuir i gcás soiléirsí).



3. Is léir go bhfuil Eólaidheacht ann, acht mar sin
féin ní fheicimíd a cuspóiridhe i saoghal na gcéadfadh,
mar ní féidir dúinn fírinní iomlán a chur le chéile ó
eólas céadfadhach. Annsan, nuair nách féidir iad
dfhagháil ó shaoghal na gcéadfadh, agus ó's rud é go
bhfuil cuspóiridhe iomlána, seasamhacha i nEólaidheacht,
ní fuláir nó go bhfuil saoghal eile ann, saoghal ina
mbíonn fíorrudaí “ná ritheann.” Is ar an saoghal so
a thugann Platon “Saoghal na nÍdea.”



Sin é adubhairt Platon. Ba léir dó go dtugann ár
gcéadfadha eólas dúinn ar na cuspóiríbh aonaracha,
agus go bhfaighmíd fios iomlánach as an “smaoineadh”
i n-ár n-aigne. Do thairg sé an tslighe ina bhfuair ár
n-aigne an fios iomlánach a mhíniughadh dhúinn, acht chun
an cruadhchás sin a bhogadh, do chruthuigh sé Saoghal na
nÍdea. Caithfimíd sómpla a thabhairt chun a theagasc
a fhoillsiughadh. Do thuig Platon (agus Socrates, leis)
go raibh i n-aigne an duine smaointe dála Maitheas,
Áilneacht, Daonnacht, &rl. Cionnas a beartóchaidhe
smaointe mar sin san aigne? Ní fheicfidhe sa
domhan so, sa saoghal amuigh iad. Do tuigfidhe go raibh
fear “maith,” is capall “maith,” is cailín “áluinn”
acht an Mhaitheas is an Áilneacht, ní raibh siad sin le
feiscint ag imtheacht mórthimcheall. Istigh i n-aigne an
duine do bhí na smaointe sin, ámhthach. Ní fuaireadh
tríd na gcéadfadhaibh iad mar ní rabhadar sa
tsaoghal amuigh. Níor chruthuigh an aigne iad. (Dubairt
Locke, Bearclaí, Hume le n-ár linn gur chruthuigh).
Annsan, ní foláir nó go raibh tharshaoghal, ina raibh
an aigne uair éigin, agus ina bhfuair sí solus glan
chun na cuspóiridhe úd a thuigsint. Saoghal na nÍdea
an áit sin.



Aríst, is minic a chailleann duine nó rud a áilneacht,
stadann siad de “chomhpháirtiughadh” leis an “Áilneacht”
(an Ídea). Acht ní thosnuigheann ná ní imthigheann an


L. 71


Áilneacht féin, fanann sí mar a gcéadna innti fhéin
choidhche. I dtosach is dóigh linn go minic gur mar a
chéile dhá rud go beacht acht nuair a bhreathnuighmíd
níos géire iad is follus ná fuilid acht ag féachaint
mar a chéile. Cuirtar figiúir ar an gclár dubh agus
tugtar triantán air, acht sa bhfigiúir níl gach aon rud
a deirtar sa tairgsint atá ann. Deirtar, cuir i
gcás, go bhfuil fad gan leithead ina chuid línte, acht i
ngach líne den triantán atá ar an gclár tá leithead,
gan amhras. Níl ar an gclár acht samhail, pictiúir
den triantán ceart ar a dtráchtar i gCéimseata. Acht
cá bhfuil an fíorthriantán? Tá sé i Saoghal na nÍdea.
Cuireann an figiúir atá ar an gclár an triantán
(Ídea) “i gcuimhne” dhúinn. Is mó figiúir dhe is féidir
linn a dhealbhughadh ar pháipéar nó ar an gclár agus tá
“comhpháirtiughadh” aca le “triantánacht” acht ní
ceart a rádh gur triantáin iad.



Cad é an ceangal atá idir rudaí reatha agus na
hÍdeai? Sa “Phaedo” léighimíd go bhfuil “comaoin”
eatortha, nó gur “láithreach dóibh” an Ídea. Cóibeanna
de sna hÍdeaibh, nó aithris ortha, is eadh rudaí. “Is fear
Socratés.” Is ionann san is a rádh go bhfuil
“daonnacht” ag Socratés. Tá “daonnacht” ag
Aristidés is ag Achillés is ag gach fear eile, mar tá
“comhpháirtiughadh” aca go léir leis an Ídea, —
daonnacht. Ní fear capall, ámhthach, mar níl “comh-
pháirtiughadh” ag an gcapall le “daonnacht” acht le
hÍdea eile ná, le “capallacht.”



Ón méid sin tuigimíd cionnas a cheap Platon a
theagasc go léir. Ar dtúis, bhí fhios aige go raibh
Eólaidheacht ann is ná fachtar a cuspóiridhe sa tsaoghal
céadfadhach; annsan nách foláir dóibh bheith i n-áit éigin,
gurb é áit é sin ná, Saoghal na nÍdea, go raibh ceangal
idir an dá shaoghal. Ina dhiaidh san do mhínigh sé dhúinn
cad é an sórt ceangail a bhí eatortha. Chun feallsa
Phlatoin a thuigsint i gceart, ní foláir dúinn scéal
an duine idir chorp agus anam dfhagháilt. Is í an tslighe


L. 72


is fearr chun an stair sin dfhoillsiughadh ná duine
áirighte dfhagháilt agus a iarraidh air a scéal go léir
(fé mar a mhúin Platon dhó é) d'innsint dúinn. Tabhar-
faimíd Aristidés air — is cuma cad is ainm dó mar
ní theastuigheann acht a stair uainn. Seo chugainn
anois é:—



Aristeidés:— “Féach orm, anois, agus chífir corp.
Ní fhéadfá m'anam dfheiscint acht tá sí ionnam gan
dabht. Uair amháin, ní raibh acht anam ar fad agam,
agus do chomhnuigheas — m'anam atáim do rádh —
ameasc na ndéithe i Sliabh Olimpus. Is breágh sóghach
lághac an saoghal a chaitheas san áit sin. Do fuaireas,
chomh maith leis na mílte anam eile, carbad is dá chapall
fé. Do thiomáin gach anam againn a charbad féin.
Acht anois is aríst, theip ar anam bocht each bríoghmhar
a smachtughadh agus do thuit an carbad comhgarach do
thalamh, don chré. Shailigh an chré an t-anam agus dfhás
corp daonna nó ainmhidheach uirthi. Maidir liom féin,
d'éirigh liom go hiongantach go cionn tamaill, acht do
bhíos im chomhnuidhe i Saoghal na nÍdea go sonasach. Sa
tsaoghal sin is féidir don anam gach rud a thuigsint
díreach. Is ann atá Maitheas, Áilneacht, Daonnacht,
Triantánacht, gach Ídea ná fuil acht a bhfíoghracha is a
samhalta sa domhan so. I Saoghal na nÍdea, freisin,
do thuig cuid de sna hanmanaibh na hÍdeaí níos soiléire
'ná cuid eile aca. Agus nuair a theip ar na hanmanaibh
a bfhearr tuigsint, an carbad a thiomáint, nuair a
thúirlingeadar chun an domhain seo agus do clúduigheadh
i gcorpaibh daonna iad, do deineadh feallsamhain díobh.
Nuair a thúirling anmain eile go raibh an tuigsint
níos lugha aca beagán 'ná mar a bhí ag anamanaibh na
bhfeallsamh, deineadh ríghthe díobh sa tsaoghal so. Mar
sin do ghach saghas anma de réir a tuigsiona i Saoghal
na nÍdea agus geallaimse gur deineadh cealg-ráidh-
teóridhe sa domhan so de sna hanmanaibh is aineólaighe
a bhí i Saoghal na nÍdea nuair a cuireadh corpa daonna
ortha. Is minic a tháinig anam ar ais chugainn tar éis


L. 73


tréimhse dona míbhéasach a chaitheamh an fhaid is a bhí sí i
gcorp daonna agus cuireadh ar ais aríst chun an domhain
seo í i bhfuirm gadhair, capaill, nó ainmhidhe éigin do
réir olcais an tsaoghail a chaith sí ar dtúis.



“Tháinigh an lá gur theip orm féin an carbad a thiomáint
go slán agus do deineadh fear díom, nó bfhéidir gurbh
fhearra dham a rádh gur cuireadh clúdach corpordha
umam. Bhí céadfadha sa chorp, agus is tríotha san a
fuaireas eólas ar an sórt domhain a bhí lasmuigh dhíomh
agus na rudaí a bhí ann, cé nár éirigh sé liom iad a
thuigsint go maith. Bhí an corp ag coiméad m'anma
i n-aineólas mar a bheadh príosún im thimcheall agus
b'é an t-aon bheart amháin a rinne na céadfadha ná,
m'anam a ghríosadh chun ‘cuimhnighthe’ ar na hÍdeaíbh.
Dá bhrígh sin bhain m'anam úsáid as an gcorp chun na
hÍdeaí a chur i gcuimhne dhi. Dá bhfeicinn (le céadfadh
féachainte) mórán daoine, cuir i gcás Socratés,
Euripidés, Aristophanés, chuirfeadh an radharc san
i gcuimhne dham Ídea ‘na Daonnachta’ a thuig m'anam
go soiléir i Saoghal na nÍdea. Mar sin de, do ghach
rud eile agus sin mo scéal agat go nuige seo.”



CIONNAS A CHUAIDH PLATON AMUGHA.



Do scrúduigh Aristotles feallsa Phlatoin agus san
léirmheas thaisbeán sé cionnas a chuaidh Platon amugha.
Ó mhaidin go hoidhche, mar adéarfá, do bhí Platon ag
cur síos ar na tréithibh “bharruightheacha” a bhí ag na
hÍdeaíbh. Mar seo a fuaireadh ar na tréithe sin go
rabhadar “scartha leis” na rudaíbh a raibh “comh-
pháirtiughadh” aca leó. Do réir Aristotles, do theagaisc
Platon go raibh na hÍdeaí, cuir i gcás Daonnacht,
Calmacht, Eaganacht, lasmuigh de ghach duine áirighthe,
de Socratés, de Fhionn Mac Cumhaill, d'Éamonn
de Bhaléra. Acht má's fíor an scéal sin, ní féidir
aon cheangal a bheith idir Saoghal na nÍdea agus an
saoghal céadfadhach. Dubhairt Platon gur i Saoghal na


L. 74


nÍdea a fuair ár n-aigne smaointe mar “Daonnacht,”
Maitheas, &rl., mar bhí beatha ag na cuspóiridhe iomlána
san ann. Acht tugann ár gcéadfadha tuairisc dhúinn
ar Socratés, capall maith, cailín áluinn. Tá nádúir
daonna ag Socratés, mar is fear é do réir ár gcéadfadha.
Acht má tá an nádúir daonna féin i saoghal eile, cionnas
is féidir é bheith ag Socratés? Má tá sé lasmuigh dhe
i saoghal eile is léir nách féidir é bheith ann sa tsaoghal
so. Annsan, ón léirmheas so a dhein Aristotles, is
follus go ndeaghaidh Platon amugha agus nách féidir
ceangal a bheith idir an dá shaoghal.



Thosnuigh sé ar eólaidheacht áirighthe — árdríomhaireacht
is béaseóluigheacht, agus ní deachair a thuigsint cionnas
a chuaidh sé amugha ionnta san. Sa dá eólaidheacht sin,
is mar a chéile an Ídea agus an “Ídeal” — sé sin an
rud budh cheart a bheith ann, Machtnuighmís ar an sómpla
as árdríomhaireacht — an triantán ar an gclár dubh.
Ní féidir linn triantán “ídealach” a tharrac — sé sin
triantán is línte gan leithead ann. I ngach figiúir a
chuirimíd ar an gclár beidh leithead ina líntibh. Dubhairt
Platon annsan, ná raibh triantán ar an gclár dubh
agus bhí an ceart aige, ní raibh triantán “ídealach”
air. Ar an gcuma gcéadna i mbéaseólaidheacht, ní
féidir le duine bheith maith ar fad gan aon locht ann —
sé sin nách féidir leis bheith maith go hídealach. Tá go
maith. Acht dubhairt Platon annsan go bhfuil gach aon
eólaidheacht mar an gcéadna, cuir i gcás, ná raibh
daonnacht i bhfear, capallacht i gcapall agus mar sin
de. Sin é an tslighe ina ndeaghaidh sé amugha. Do shíl
sé go raibh gach rud eile “ídealach” mar fírinní árd-
ríomhaireachta is bhéaseóluidheachta, agus do thug sé
“Ídeaí” ortha go léir. Ar nós file do chruthuigh sé
Saoghal eile.



Is tábhachtach an feallsamh Aristotles, mar thaisbeáin
sé go raibh an fhírinne iomlánach, cuir i gcás, daonnacht,
istigh i ngach duine, agus ná raibh sé i Saoghal fé leith.
Actio sequitur esse, ar an dtoradh aithnightar an crann,


L. 75


agus chuir Aristotles an cheist, an féidir leis an rud
so “déanamh” (agere) mar fhear, mar chapall, mar
pheann? Má's féidir leó, annsan tá daonnacht nó
“capallacht” nó “peannacht” ionnta (esse). Níl
an daonnacht &rl., i saoghal eile. Tugann na céadfadha
fir dúinn, Socratés, Euripidés, Aristeidés — chíonn
ár súile iad. Déantar pictiúir annsan ar an síltin.
Go dtí so níl acht fírinne aonarach ann. Soillsigheann
an aigne fheadhmach (intellectus agens) an “t-iomlánoch”
(cuir i gcás annso, daonnacht) atá i bpictiúir an tsíltin
i gcomhair an aigne chumasaigh (intellectus possibilis)
agus sa “solus” tuigeann an aigne cumasach a chuspóir
féin (an t-iomlánach). Sin é an tslighe ina ndeintar an
obair (modus operandi) i gcúrsa an fheasa. Tairgeann
na céadfadha na cuspóiridhe aonaracha — fir áirithe
sa sómpla. Annsan tagann an síltin i bhfeidhm agus
ina dhiaidh an aigne fheadhmach (ar nós lampa de réir
Tomáis Naomhtha). I ndeireadh na scríbe do-gheibheann
an aigne cumasach fírinní iomlánacha; is iad san is
eólaidheacht ann. Sin é teagasc Aristotles féin.



Ní raibh na cuspóiridhe iomlánacha i saoghal fé leith,
ní rabhadar i saoghal na gcéadfadh mar (quâ) iomlánaigh
ó's rud é nárbh féidir do sna céadfadhaibh acht cuspóiridhe
aonaracha a thuigsint. Acht bhíodar i saoghal na gcéadfadh
clúduighthe 'sna “aonarachaibh”; níor bh'féidir leis na
céadfadhaibh iad a thuigsint mar gheall ar an gclúdach
acht do thuig an aigne iad agus é ag obair, mar a
chonnacamar roimhe seo. Ní féidir leis an súil
“daonnacht” dfheiscint, ní féidir leis an gcluas é
do chloisint, ní féidir leis an srón é a bholadh, ní féidir
leis an dteanga é a bhlaiseadh, ní féidir leis an méir
baint leis. Is féidir leó go léir tuairisc a thabhairt
ar Shocratés féin, acht ní thuigid siad an daonnacht
atá ann. Tuigeann an aigne é, ámhthach, mar tógann
an aigne feadhmach an clúdach de. Sín é an léirmheas
a rinne Aristotles ar Theóir na nÍdeas ar Theóir an
Fheasa agus leis an ngearrchúntas so caithfimíd bheith
sásta anois.


L. 76


II — ANAMEÓLAIDHEACHT PHLATOIN.



Dubhairt Platon go gcomhnuidheann anam an duine
istigh ina chorp dála carbadaidhe ina charbad. Dá réir
sin, is tríd an gcorp a fhágann an t-anam a rian ar
an saoghal so — (anima utens corpore). Is é seo an
t-anam réasúnta (rationalis) acht ina fhochair seo tá
dhá anam eile a bhaineann leis an gcorp féin agus a
gheibheann bás i n-aoinfheacht leis, — an t-anam mianach
(anima appetitiva) agus an t-anam lasánta (irascibilis).
Ar an dtoradh aithnightar an crann, agus is é toradh
an anma réasúnta, eólaidheacht is a leithéid. Nuair
a bhíonn fear canncarach, feargach, nó ar bhuile is é an
t-anam lasánta atá ag obair, agus nuair a bhíonn
dúil aige i n-aon rud, cuir i gcás, airgead nó biadh,
is é an t-anam mianach fé ndeara é. Do réir Phlatoin,
freisin, comhnuidheann an t-anam réasúnta sa cheann,
an t-anam lasánta sa chléibh agus an t-anam mianach
sa ghoile. Is deocair a thuigsint as scríbhinnibh Phlatoin
an trí taobha den anam chéadna iad so nó an anam
ann féin gach ceann aca. Deireann an tOllamh Mac
Aonghusa, Coláiste na hOllscoile, i mBaile Átha Cliath,
gur anam ann féin gach ceann aca: is mór an t-eólas
atá aige-sean ar theagasc Phlatoin, agus réidhtighim
leis.



NEAMHMHARBHACHT AN ANAMA.



Bhí beatha ag an anam sar a dtáinig sé isteach sa
chorp, agus tar éis bháis an chuirp, ní éagann an t-anam.
Dá mbudh rud é gur chaith sé tréimhse bhéasach, shubháilceach
sa tsaoghal so do-gheobhadh sé a áit cheart sna flaithis
ameasc na ndéithe aríst. Acht dá raibh sé olc, mí-
bhéasach, chaithfeadh sé teacht ar ais i gcorp ainmhidhe
éigin, i gcorp gadhair, cuir i gcás, nó i gcorp péiste.



Ní bhfaighidh an t-anam bás i n-aon chor, pé scéal é.


L. 77


Is é an deimhiniughadh a thugann Platon dúinn ná:—
féach ar rudaí an tsaoghail seo agus chífir go mbaineann
le gach rud galar speisialta a mharbhuigheann é, uair
éigin, breóiteacht le corp an duine, meirg le hiarann
agus mar sin. Cad é an galar speisialta a bhaineann
leis an anam? Peacadh. Acht ní mharbhuigheann peacadh
an t-anam. Tá sé beó tar éis peacadh a dhéanamh. Nuair
ná marbhuigheann peacadh í, ní féidir í a mharbhughadh. Is
ceart dúinn a thabhairt fé ndeara go raibh Platon níos
tuigsionaighe 'ná Aristotles ar neamhmharbhacht an
anma.



III — BÉASEÓLAIDHEACHT PHLATOIN.



'San anam tá trí taobha, agus ní mar a chéile gach
taobh aca. Is tábhachtaighe an t-anam réasúnta 'ná an
dá cheann eile. Bíonn an dá cheann eile míréasúnta
go minic, agus chun an duine go léir a chur ar a leas
is éigean do sna trí cinn aca comhoibriughadh le n-a
chéile. Ní dhéanfaí an bheart so mura mbeadh go mbíonn
an t-anam réasúnta i gceannas agus an dá cheann
eile umhal dó. Dá brígh sin ní ceart d'aoinne bheith
“mianach” ná “lasánta” thar réasún. Ní ceaduighthe
dhó, leis, eólas a lorg is machtnamh a dhéanamh ar an
bhfírinne is ar an Áilneacht is ar an Maitheas agus gan
aon bhiadh a chaitheamh — ní dhéanfaidh sé sin an gnó i
n-aon chor. Tagann “béasa” isteach annsan chun an
“comhoibriughadh” a riaghlughadh. Beidh fear cóir an
fhaid is a choimhoibrigheann na trí taobha den anam go
cneasta le n-a chéile, acht nuair a thógfadh ceann aca
air féin obair aon chinn eile a lot annsan do déanfaí
éagcóir.



IV — POLITIDHEACHT PHLATOIN.



Léighimid sa “Phoblacht” cúntas ar an Stát is fearr
agus feallsamh mar uachtarán innti! Acht is léir nách
féidir na ceaptha a thairgeann Platon san leabhar sin


L. 78


a chur i bhfeidhm choidhche. Thug sé féin an méid sin fé
ndeara agus cuireann sé síos ar “an dara stát is
fearr.” Uirthi-sean déanfaimíd scrúdadh anois. Do
bhí an duine mar shompla aige agus mar is léir dúinn
ón Anameólaidheacht tá trí taobha den anam sa duine.
Ar an gcuma gcéadna, tá trí pháirt sa Stát — na
huachtaráin (ar nós an anma réasúnta), na
saighdiúirí (ar nós an anma lasánta), na ceannuidhthe
is na scológa (ar nós an anma mhianaigh). Déanann
na huachtaráin obair an Stáit le n-a gcríonacht is le
n-a ngaois, na saighdiúirí le n-a ngaisce is le n-a neart.
Cothuigheann na ceannuidhthe is na scológa na daoine
le biadh, le héadaighe, le lóistín, agus déanann siad
a gcuid oibre don Stáit sa tslighe sin. Beidh an Stát
go maith cóir, agus ar a leas, nuair a dhéanann ná
huachtaráin na dlighthe le críonacht, agus tugtar
“cothrom na féinne” don pheacach. Acht caithfid na
saighdiúirí a dtír dúthcais a chosaint go calma ar an
namhad amuigh is ar mhéirleachaibh istigh. Ní foláir do
lucht tionnscail a gcuid oibre féin a dhéanamh, na dlighthe
a choimeád, agus cabhrughadh le n-a saighdiúiríbh. Ní
ceart d'aon dream aca cur isteac ar an ndream eile.
Beidh an Stát go breágh láidir nuair a tabharfaidh gach
taobh aca aire dá chuid féin den obair — sí seo ár
gcara, “an cóimhpháirtiughadh” den Anameólaidheacht.



Is iongantach an scéal é le hinnsint, acht go deimhin
is fíor é, gur cheap Platon na seifteanna céadna a
leigeann cumannóirí ortha gur ab iad féin a cheap iad
le n-ár linn. Do b'é tuairm Phlaton gur ceart earraidhe,
airgead, biadh an Stáit a chur le n-a chéile chun leasuighthe
na ndaoine go léir, mar ná tiocfadh aon mhaitheas dóibh
as “seilbh aonarach.” Rud eile dhe, dubhairt sé gur
fearr an abairt “gach a bhfuil agat is liomsa é freisin”
a chur mar dhlighe ar an Stát go léir ionnas gur le n-a
chomharsain chomh maith leis féin a thigh, a chuid bídh, a chuid
airgid, 'seadh agus go fiú a mhná. Ní gábha dhúinn
scrúdadh a dhéanamh ar na tuairimíbh caithte sin. Is


L. 79


follus go bhfuilid beagáinín seanda. Sin cúntas ar
phoilitidheacht Phlatoin.



Níorbh fhéidir linn acht na rudaí móra i bhfeallsa
Phlatoin a scrúdadh 'san aiste seo. Dá scríbhtí a
fheallsa go léir i nGaedhilg, budh bhreagh an rud é i
gcomhair litridheachta is léighinn Éireann Óige. Acht
“tá an lá geal ag teacht,” buidheachas le Dia, an lá a
dhéanfar an obair sin agus obair eile nach é. Má
thaisbeánann an aiste seo i n-aon chuma gur féidir
an Ghaedhilg a chur i bhfeidhm i gcúrsaíbh fheallsa, ní
saothar i n-aistear é.



Is doimhinn na smaointe a chuir Platon ós comhair an
domhain agus dfhoillsigh sé do sna feallsamhanaibh a
tháinigh ina dhiaidh an tslighe a bfhearr chun na fírinne a
bhaint amach. Dubhairt Cant gur feallsamh úgdharásach
Platon, acht is dóigh linn ón nós a chleacht sé gur
cíoraidhe é, an chéad chíoraidhe sa dhomhan, acht Parmenidés
amháin, bfhéidir. Do scrúduigh sé gach feallsa a tháinig
roimh a linn, feallsa Shocratés is teagasc Pharmenidés
go speisialta. Do thaisbeáin sé cad ab fhírinne ionnta
agus cionnus a chuadhdar amugha. Annsan do chuir sé a
fheallsa féin le chéile.



Is mó fear tábhachtach a lean feallsa Phlatoin. Is
féidir linn í dfheiscint i litreacha Phóil Naomhtha agus
scríbhinní na nAithreacha. Tá a smaointe le fagháil
i ngach litridheacht sa domhan acht ní chuirfimíd síos
den turus so acht cúpla ceann ar an “Aithris ar
Chríost:” —



“Baois is eadh mian ár gcroidhe do chur insna
neithibh atá ag imtheacht uainn ar cosanáirde agus
gan brostughadh chun na háite ina mbeidh Aoibhneas
Síorruidhe againn, agus go bhfanfaidh sé againn.”



“Agus ní hi gcroidhe an duine cholnaidhe atá an
suaimhneas le fagháil, ná i gcroidhe an duine go bhfuil


L. 80


a mhian insna neithibh atá lasmuigh dhe, acht sa chroidhe
go bhfuil a mhian i neithibh spioradálta.”



Ní cháinfimíd na lochta atá i bhfeallsa Phlatoin, acht
molfaimíd an méid a rinne sé ar son léighinn an domhain,
agus dá gcaithfí asachán ar an tslighe ina ndeaghaidh
sé ag bhálcaereacht i Saoghal na nÍdea is ceart dúinn
cuimhneamh ar chómhairle na bárdscolóige dá mhach:—



“Mar ní bhíonn saoi gan locht,
Agus bíonn dhá locht i n-aon saoi.”



MOLING.


L. 81


FILIDHEACHT


L. 82



L. 83


CÚIS CHUMHA NA MUMHAN



Marbhna Thomáis Mhic Curtáin, — Méara agus Céad-
fhear Chorcaighe, agus ceann feadhna dheóinlaochradh
Chorcaighe, — dfhulaing dúnmharbhadh le feallbheart
Sacsanach, ar an bhfichmhadh lá dFheabhra, 1920.



Cúis chumha na Mumhan 's a dúinlis aosta,
Ó Shliabh geal gCú go dubhachnoic Bhéarra,
Ó Abha na Siúire go ciumhaisibh Léanloch,
Ó Dhaingean Uí Chúise go Cúm na nÉaga.



Fáth a gceasna 's a n-angaid ó's léir dam,
Táid sin seargtha, cealgtha, céasta,
Ón bhfárdal leathan do thaisteal indé chughainn,
Ag trácht ar eachtra mairbh an Mhéara.



Bláthghas, beachanta, barramhail, béasach,
Áluinn, acmhuinneach, amhra, aobhtha,
Cáilmhear, ceannasach, carthannach, caomhnach,
Dáilteach, dearbhtha, i mbeartaibh le daonnacht.



A lámh níor chraptha ó thabhairt na déirce,
Don fhánach dealbh bhí i dtearcamas béile,
Éadach aice le taise don taobh nocht,
Is an méid do ghlacfad do scaipeadh gan spéis



Níor chás dam aithint ar dhealbh na spéartha,
Is ar ráil na hanfadh, do rachas ar néallaibh,
Gur ghearr uainn amar, is atharrach scéala,
Nó bás fir feardha de mhaithibh na Féinne.


L. 84


Gáir ag easaibh na habhann le chéile,
Is fán ar cheathraibh gach machaire, ag géimrigh,
Gan bláth ar chrannaibh ná cantan mhionéanlaith,
Acht cáthlach gharg ag seabhaic i ngéagaibh.



Is gránda an mhairg seo ar maidin ar Phoébus,
Is fásann earcra ar thaithneamh na gréine,
Ní sámh don ghealaigh, do dalladh a laomadh,
Nuair fágadh cathair gheal Bharra gan Mhéara.



Mac Curtáin folláin féithghlan,
Mac is mál den árdfhuil Ghaedhlaig,
Níor bhfeas do bhárdaibh i n-áitreabh Féidhlim,
Mac do bfhearr i gcáilibh saora.



Bhí sé teann le namhaid dá thréine.
Is bhí sé ceannsa i n-am an réidhtig,
Bhí sé freagrach, feallsamhach, léigheanta,
Ar slighe gach leasa chun teagaisc na Féinne.



Och mo nuar, is nuar na gcéadta,
Nuar tar fóir, na n-óg, na n-aosta,
Ár gcriostal lóghmhar, ár lóchrann laomach,
Do dhul ar feóchadh i bhflós a shaoghail.



Mac nár mheabhruigh cam ná claontas,
Mac ba leabhaire meabhair is éifeacht,
Mac mar Shollamh, go follus i gcéill ghlain,
Is mac mar Ghollamh, ar chosnamh na hÉireann.



Is iomdha fáidh is dámh le héifeacht,
Do bhí ar an dtáin ór fhás an Méara,
Dul dá n-áireamh ba bheárna réidh liom,
Mar fuaras stáir ar a lán dá dtréithibh.



Curaidhe cáilmhar, láidir, léadmhach,
Ruiridhe dána i mbearna an bhaoghail,
Tighearnaí stáit nár tháir a dtréithe,
Is do riar ar bhárdaibh lánchuid séada.


L. 85


Saoithe sochma le foras a mbréithre,
Laoich ba lonna is do b'oirdhirc tréithe,
De shíolradh bhorb na Scotach do b'aosta,
Is gur trí n-a bhfolaibh do folcadh ó phréimh é.



Gaol na ríoghmhac ríoghdha raonmhar
De shaorchlann Míleadh ar dtigheacht tar tréanmhuir,
Le laochas líonmhar claidheamh is géaga,
D'aimhdheóin draoidheacht ghaibh ríoghacht na hÉireann.



Gaol Éibhir Fhinn, an sínsear craobhach,
Is Éibhear mac Ír, is ar líon dá phréamhaibh,
Éibhear Scot ba ghrod ar éachtaibh,
Agus Éibhear glúnfhionn úrchlúmhail éachtach.



Ar shliocht Ughaine Mhóir ba chóir é chéadchur,
Is Laoghaire Luirc, do thuit le Caol mBreágh,
Is Labhraidh Loingseach thug suim a hÉirinn,
Is d'éis casadh dho arís fuair ríoghacht na hÉilge.



Oilioll Áine, bhí táithte i ngaol leis,
Is Oilioll Molt, go bloscoch laochta,
Is Oilioll Mór, fear pósta Mhéidhbhe,
Is Oilioll Óluim na n-óirbheart n-éachtach.



Is a mhac Eóghan Mór na mbéimeann,
I Mágh Mucruime do goineadh le Béinne,
Gaol Uí Dhomhnaill, ba chóisreach tréimhse,
Is Chinil Eóghain nár chóir a dtréigean.



Gaol Shuibhne, ba rí ar Éirinn,
Is gaol Uí Chaoimh, do shíolradh Éibhir,
Gaol Fáilbhe Floinn, nár thím sa spéirling,
Is thug Ceallachán Chaisil a ceangalaibh daora.



Sleachta Chuinn do bhí i ngaol leis,
Is sliocht Eochaidh Fhinn den tsíolradh chéadna,
Gaol Mhic Guidhir, is mhuinntir Raoghallaigh,
Is Thighearnáin suairc Ó Ruairc ón mBréifin.


L. 86


Gaol Aonghuis Chaisil, is Chathail is Féidhlim,
Is Clann Chon Mara na bhfalarthach n-éasca,
Gaol Mhaolsheachlain a threascair Tuirgésius,
Is laochradh gaisce Bhun Raite na mbéimeann.



Uí Bhriain Ara, Uí Cheallaigh is Uí Chléirigh
Is Bhriain ón Eatharla, taca na tréine,
Brian Chinn Coradh, mac borb Chinnéide,
Fuair riar is cothrom is cosnamh na hÉireann.



Gaol Thaidhg na Mainistreach, is gach Carrathach fé sin,
Clann Charrtha Ealla, is Chois Mainge ar gach taobh di,
Clann Charrtha Riabhach na bhfialbhrog n-aolmhar,
Is Dhomhnaill gliadhaire aniar ó Bhéarra.



An tan do bhí an saoi geal traochta,
Ag lucht an fhill do scaoil na pléir leis,
Ba chlos le fíoch le foinse an lae theacht
Gol bansidhe on dtír go chéile.



An gol adtuaidh de bhruach na maolchnoc,
Is an gol andeas ag teacht don chéadna,
An gol anoir do frith go fraochmhar,
Is an gol aniar go dian sa mhéala.



Do ghoil Clíodna chríonna ón Léithchraig,
Is do ghoil Aoibhill le díogras léi-se,
Do ghoil Áine 'n-a hárus féin air,
Agus sidhmhná ársa árdchnoc Gréine.



Do ghoil an Laoi ó chroidhe gan traochadh,
Is Abha na Bríde ag dul síos dá héileamh,
Abha na Buidhe tar coimse ar caolthaibh
An Argaidín as taoibh Baile Aodh theas.



Do ghoil an Bhannda leabhair, na méithbhreac,
Agus ghoil Fionnabha, agus Abha na gClaodach,
Ghoil an Leamhain, agus Abha na Féile,
Is ghoil an Ruachtach le duartan déarach.


L. 87


Ghoil Dún Uisce, Dún Citill, Dún Cléire,
Is gol Dhúna Builg do cluine' i nDún Laoghaire,
Durlas Ghuaire agus Tuath na Néallach,
Is do ghoil Dún Subhairce i dtuaisceart Éireann.



Tá Áth na nÓg le brón ag géarghol,
Is Áth na mBrón dá phórtaibh scéidhte,
Áth na gCloch gan cloch le chéile air,
Is ghoil Áth na nOs go gclos don Chlaedig.



Loch Cuiteáin do bádhadh a héigne,
Is chlois Gleann Cártha gáir on Léanloch,
Níl loch le fagháil nár árduig géimghoil,
Ó Chuan Fionntrágha go bán Bhinn Éadair.



Níl cluain na cúil na triúcha céada,
Ar fuaid gach cúig de chúigibh Éireann,
Dar Duach, nách dubhach go súighte i ndéaraibh,
Go buadhartha i bpongc 's a ngnúis mar dhaol
dubh.



An gol tar chách ba chráidhte d'éisteacht,
Gol a mhánla mhná 's a chéile,
Gol na leanbh i n'aice, is bhí ag glaodhach air
Is mo chreach tinn daingean, níor fhreagair sé
i n-aonchor.



Is cráidhte an osna ler thosaig mo scéal-sa,
Is dfhág me dorcha doilbhir déarach
Ón dtásc do chloiseas níl sonas im bhréithribh,
Táimse cortha, agus stopfad ó's éigean.



Mo chás an phudhair seo ar thriúchaibh Éibhir,
Bheir táinte drong i ndúire cléibhe
Ár mbláthghas úr, i n-úir gan téarnamh,
Cúis chumha na Mumhan 's a dúinlis aosta.


L. 88


An Ceangal:



Sin ochlán go diombádhach agus golartha cruaidh,
Ar gach sráid is corrlána tá i gCorcaig na gcuan,
An fear áluinn bheith táithte fé chlochaibh i n-uaigh,
Tomás geal forránta Mac Curtáin uais.



“GAOL NA nGAEDHEAL.”



A PHÉARLA A FÉILE



Ag iarraidh mo leabhair — “Dánta Aodhagáin Uí
Rathaille” — a bhí ar iasacht uaim tamall farais
an ceart.



A phéarla na féile, as a thaisce na n-óg,
A réiltean is réilteannach taithneamh is cló,
Is é éifeacht an méid seo do chanaim it chomhair,
Tu théacht chugham go séanmhar 's mo leabhar it dhóid.



Ó's léir duit gan bhaosradh gan bhladaireacht bheóil
Gur tu an t-aonfhear sa taobh so go raidfinn do an
tseóid,
An saothar úd Aodhagáin, is é eagartha nódh,
Fuaras féinidh le géill dam ó shagart gheal óg.



Mar déarfadsa an méid sin de agallamh chóir,
Ag déanamh an éilimh ná bacfainn go fóill
Acht gur léir dam an téarma bheith fada go leór
Chun bheith léighte fá shé agat ó bharra go tóin.


L. 89


Ar ar léighis-se de thécs is de sheanchus mhór,
Ar thréanrighthibh aosta do sheasaimh i gcoróinn,
Gach récschuradh céimeach is a n-eachtraí leó,
Ní ghéillfinn don méid sin gan mo leabhar breagh
nódh.



Mac Féanasa a ghléas scoil Mhágh Seanair na slógh,
Is Gaol Glas do théarnamh ón naithir nimh beo,
Éachta Mhilésius, Mhic Bile, Mhic Breoghain,
Níor bh'éiric an méid sin im leabhar breagh nódh.



Is Laoghaire Lorc laochta mac Ughaine mhóir
Is Caol mBreagh dá éis sin an Flaitheas do thóg,
Chun go n-éagsad gan tréanas le Labhar i ngleo,
Tar éis teacht tar tréanmhuir ó Frangcaibh ar bórd.



Dá léighfá ar Hélen ba thaithneamhaighe snó,
Is mar shéan sise an chéad fhear do cheangail léi ar
dtóis,
Le fraoch chuthach Ghréagach dá deascadh gur dóghadh
An Trae thoir na caorthaibh is na cladar críon smól.



Nó Déirdre chuir éad ar Mhac Neasa tar fóir,
Is dá caomhnadh mar éagadar fearachoin chródha,
Le déistin an scéil sin téigheann calmmhac Róigh,
Fá dhéin choimirc Mhéidhbhe is a gasraí slogh.



Scéala Ríogh Bhréifin is a argain beó,
Is claonadh a chéile le Mac Mhaeil na mBó,
Chuir léan dubh ar Ghaedhlaibh is brata dubhbhróin,
Is créachtghoin ar Éirinn nár chneasuig di fós.



Conn Chéadchathach tréantreasach acmhuinneach mór
Is dá mhéid a chuid laochais mar barradh a scóp,
Tar éis na ndeich dtréangcath de sparainníbh teó
Leath Éireann gur bh'éigean do thabhairt do Eóghan.


L. 90


Dáil Réada na hÉireann is cuid Alban leó,
Is na Néallaig do théarnamh ó Eachach Mhuighe Mheodhain,
A dtréithe go léir chur ar mheamram rómham
Níor scéal liom an méid sin seach mo leabhar breagh
nódh.



Ar an méid do dhein Séicspiar de chantaireacht chóir,
Bóicéiteas is Céitinn is dá n-abrainn Póp,
Scéala ar Mhac Iasoin is lomra an Óir
Leabhar Aodhagáin ní bhéarfainnse ar mhalartughadh
leó.



An tréanfhile tréantuigseach tagartha i nglór,
Saorcheap na héigse i ngradam 's i scóp —
Éigeas Chláir Éilge an fhaid sheasaimh sé beo —
Is Éireannach gach taobh de go barraíbh a bhróg.



Éist-se lem bréithribh agus freagairse dhóibh,
Is ná héimig ar aonchor a nascaim ort fós,
Mar ba bhaoghlach dá séideadh an fhearg im ghlór,
Go n-aorainn an té sin chuir gangaid im mheón.



Acht ar shaoghaltacht ná déarfainn níor bheartas a shórt,
Le méinn mhaith dot thréithibh is dot shanas gan smól,
Le léigheantacht níl céim ort ag fearaibh sa chóig,
A phéarla na féile is a thaisce na n-óg.



“GAOL NA nGAEDHEAL.”


L. 91


TOIRBHEART NA MÁTHAR



Maidin mheala Chásca 's eadh tháinig Séamus chugham,
An macaomh aitis áluinn ba bhréaghtha scéimh is gnúis,
Gas is smior mo chnámh é,
Lacht mo mama air thál mé,
'S is fairsing rad mé grádh ar mo shárfhear ceana ciúin.



Agus tháinig m'oidhre gléasta in éide chatha 's áir,
'N-a chrios fé chlaidheamh is réalta go péarlach ar a
bhrághaid.
Ba shoillseach doimhinn a réidhrosc,
Bhí meidhir 'n-a aghaidh go gléineach.
Agus faghairt i bhfeidhm 'n-a léirchorp pras néata mear
gan cháim.



A lámh im láimh, 's lem bhéal chuir a bhéal ba mhilse póg,
Do ráidh go mánla béasach, gan spéis i gcaoidh ná i mbrón
“A mháthair, slán go héag leat,
Ó tá mo ghrádh dhom éileamh,
'S í tnáidhthe ar lár ag méirlig go tréithlag tinn fí cheó.”



Ní scarfairse chómh hóg liom, a stór sa rúin mo cléibh
Tá Banba 'n-a nóchar ag slóighte groidhfhear tréan.
Scaipfid siúd san fóirne
Na ngallaphoc thar Bóchna,
Is fan lem ais go seólfair i gcómhrainn me sa chré.



Do thaidhbhsig dúinn an Dé-bhean gheal mhaordha mhilis bhán.
Do shoillsig gaethe gréine ina héadan lileach lán,
Radharc a súl truaghbhéileach,
Gan aighneas ciúin na héisteacht,
Go deimhin bhorr truagh im ae ionnam dom Éirinn ainnir
áin.


L. 92


Scaoileas uaim mo bhuachaill, mo stuaire léi chum áir.
Do dhírig sé ar a dhualgas go huasal réidh gan scáth.
Do shíneadh é sa tuargain,
Acht shíolruig laochra ón mbualadh,
Is dá ngnídheadh a réiltean dfhuascailt níor bh'fhuath
liom féin a bhás.



AN FILE FUAR.