Comhairle Comissarius na Cléire

B.Á.C.: Coláiste Phádraig (1970)

Ó Dufaigh, Seosamh




AN CHOMHAIRLE



Ag so comhairle coinnsias do thug Comissarius na cléire buarthi
nach buan blasda, adhon, Micheal air aon tsuil mac an leibhe
d'ard Phríoir an uird chiréibi, an tAthair Torrdhealbhach bacach Ó
Moráin etc.




Mo bheannacht chugad, athair prioir,
na bi deireóil air margeadh;
dén bruighein, bualadh is batrail,
bi go mordhalach fearrdha.


L. 72


Na tabhair mogh do lag no ladeir,
bi go bráth a ccol;
bi go minic air misge
mas maith riot a beith beo.



Na díol pighinn a tteagh an óil,
na cóir ach go hannamh;
gach teagh a mbíaidh tu san oidhche
déan ciorthuathfill det ar maidein.



Bi meadhrach mearganta,
bi connran re gac nduine;
bi duinntinnach dranntánach
ar urlar gacha fine.



Bi go moch air siubhal
sul a ccoruid aon san teaghlach;
goid gach ni da mbiaidh do leabaidh,
ba moide ort a ccoimhne.



Biodh cos chrainn thaice,
siubhail go tapuid san mónuigh;
ar ndol duit an aice baile
faicar roide fa do tóinse.


L. 73


Bi diomsach diobhalach,
bi ciopalach is te air mire;
gach áit a bhfuighe tu sagart nó brathair
cuir é air lár na teineadh.



Olc an ni do rinne an tailgean
Padruicc do bheannuig Eire,
diombhuaidh d'fhagbhail oruinne
gan run deise aguinn ré céile.



Mo chomhairle dhuit, a chara,
na bi folamh dod a<mh>dheóin;
sgeana, ciora et laimhinne
biodh riot ó gach bórd.



Mise ceann na cleire
bhios gach feile go súgach;
iomdha cuilinn is cnaimhín
chuirid ann a máilín is úsgadh.



Mise Comissarius Cecorum Hiberniae
mar tairnngir gach eoluigh,
na diaidh so go mbiaidh mo ard vicunnt
air cleir crosda na Fodhla.


L. 74


Mise primus Totius Hiberniae,
is me Michael Ardmachanus;
is me ceann na cleire
go Spatium Imaginarium.



Libertatis Contianus
Ata cead feise aig gach druinng,
cead leisge gan suim na ndáil;
cead cearrbachuis go buan,
cead gealmuirlacht gach uair don lá;



Cead codlata gacha húair,
cead béfuidh is buadhart re mnáib;
sa dhol chuca do rúaig
naoi n-úaire gacha lá;



Deich n-uaire gacha hoidhche
mar scriobhus lucht eolais.
Ag sin reachta gacha tíre
ag cioruim fíre na Fodhla.




16 Ag so trachtadh athchumair ar an méid d'orduibh ciosuidh-
ucht et umhluidhucht do vicuinnt clairín do bi os cionn na druinnge
ciréibe an bhliadhain d'aois an Tighearna 1688 et do bhí ag stiúrugha
ortha gus an gcaibideil dheighnuid do bhí aguinn ar Mhoinín na
Madadh, et a cCurrach an Chumuinn a bhfogus do Longphort Ui


L. 75


Fhearghail an bhliadhain d'aois an Tighearna 1689 et ata gus
aniubh a cconngbhail an aghuidh gach uile cheirt acht neart troda,
batrala is cíopala da chonngbhail do Michahelus Splinkeneerus,
Episcopus Magnus Apostolicus et Vicarus, Comissarius Cecorum
Hiberniae et primus Totius Hiberniae et unoculi ne gratis regioni -
amhail mar do fritheadh amach iad leis an Ardeasbucc reimhraidhte
ata n-ardbhreithe ar an ccuirt uasail oirdhearc sin na bhfamuiri etc.



17 Air mbeith aon do laethuibh do ag sdudéar, ag cúardugha, et
ag mionleabharscrudadh leabhra diaghachta et seanchuis et ag
cruinniugha gach craobh chineoil da raibh ar na hoird beannughthe
ata ag umhlugha don Ardvicunnt clarín le neart troda, cuinntinne,
ciopala, plangcala et cnapala, don Ardeasbacc oirdhearc do raidh-
amar romhuinn; et ge gur dheacuir iad do chur an aontshuim, do
chuir an tArdeasbacc réimhraidhte faoi smacht, faoi riaghail, faoi
umhlacht se n-ordan da n-aimhdeoin uile iad. et is iad na hoird sin
lucht taisdil et siubhail criche Banbha etc.



18 Air mbeith do aon do laetheadh mar sin ag stuidéar, ag
cúartugha et ag leabharsc<r>udadh, go bhfuair annsa ochtamha
caibidil deag a leabhar fioreolaigh ughdarasa glansceolach na
bfamuiri, go bhfuair an maile le conngnadh an spioraid mar a deir
an Quaker, go raibhadar se hoird ag umhlacht don Ardvicuinnt
clairín. et ata niso mo na sin díobh acht amháin gur feidir a ttarruinng


L. 76


asteach le haiceara ansna horduibh ceadna do bhrigh gur comh-
cosamhail re ceile iad a measa, a ccreideadh et a staitiudi. et as iad
na hoird sin Ord Scrasteneers, Ord Splinkeneers, Ord Falkarosia,
Ord Mukeltonians, Ord Gresuria et Ord Famareenus etc.



19 Is amhlaidh a bhios na Scrasteneers ar a bprógras féin maile
re batuidh fada buidhe, et maile le fainnidhe et le tairnidhe micumtha
iarainn ar an ccean shíos diobh; bid mar an cceadna tárlom tón-nocht,
lán do bhréinceis et do bhreaca o bhun a magairle súas, maile le
troithínuibh salcha claduighe ar a ccosa a ghnáth, bid criothfhuar
deireoil sinte a tteallach gacha teineadh lomlan do bhród, do
ghorta et do dhrochtheannguidh et do dhrochurruim et do deana air
dhaoine neamhthreórach anbhfann amhail mar a dearbhas an rann
a ttúairascbhail:




Is gnath leis na Scrasteneers
a beith sinte ag cois gach teallaigh,
's a bheith tarlom tón-nocht,
lán do bhród is do bhreaca.




20 An t-ord Splinkeneers et goirid udair athrithe caocaneers diobh.
et as amhlaidh a bhid a bhformad uile go speisialta an meid a bhios
ar siubhal diob maile le caoiche bhreige lán do mhimhogh, d'ampla
et do gortuidhe. et cuinnbhid a suile duinnte acht amain go ttugaid


L. 77


pleasc amharc mor uatha ar chach, et cuid eile da mbeasa gach bean
nach bion go maith leofa uile smisnid go lár et go lán talmhain iad
am<h>laidh mar dearbhas an rann san seiseadha caibidil deag ar
fhichit a leabhar na bhfamuiri:




Is gnath leis na Splinksneers
a bheith fíochmhar 'na gniomh go tapuidh
's a' bhean nach ttugann dhaibh a cisde
smisdid síos í re bata.




21 An t-ord Falkarosia is amhlaidh bhid lan do bhréaga, do
ghreadhan et do chathuis ag cuima gacha nuaidhachta breige 's da
n-aithris don coitiant ainbhiosuidh aimhghlic et ag umchur mar an
cceadna cluig, bachla et ceasuighe breige et ag togbhail ciosa mar
gheall air na hairm chrosda choirre coinniollbhaite sin. Ag so síos
cuid don na horaide bios aca os cionn chaich ag deanamh an bhean-
nuighthe leis na treabhluidh reimhráite:



22 Luminare posseturc cressetirc Jesum yearkum Dominum pestrum
Dominum plestrum Dominum grestum Dominum nostrum Amen.



Do bhuail criosda dorn ar an bhfeargadan gan chuis gan
adhbhar gan arabhan o crochadh Virtillibus gur ceaseadh Mortallibus
chugad súas ar fud a Roda Circus Doda veritatis Liopaird is leogan,
driseoguidh cuaillacha cuillinn bun-pubuail et glasarlena scrios uilc
et ainngcise úait anocht go bliadhain o nocht, a lamh dhiobartha
na gorta, a lam<h> bheag na codacha moire. An te rinne beag thu


L. 78


gurbh e deanthus mor thu. An te deanthus mor thu gurb é deanthus
críon liath (thu). An te dheanthus crion liath thu gurb é berthus uainn
thu.



23 Sirim ar an da naomh deag do tainic o cuan Cille Mainntain
mar ata Cuan et Cearchan, Brighid et Bearchan, Muire bheag,
Muire mhor et Muire Mhagdalena. Ma<r> do ci Dia sin agadsa 'na
phighinn na dha phighinn na sheirsín chaol no na iarnín chasda no
na phiopa tombaca tabhar d'óglach De is Phadruicc é. Pog dom a
laimh a bhean, et maile re conngnamh an Spioruid do chuir na
rainnse sios:




Is gnáth leis na falkarosia
a bheith lan do stro is do chathuis
's a ccur a cceann a cheile
go cinnte gach breag san arthis.



Foluid bachla fanna
do mhaidi cama freimhe
iomchruid iad a nonóir Phadruicc
ag crabha a síol Eva.


L. 79


Cuid eile dha mbreaga
iomcruid ceasa 's ní le crabha
cluig cháorach re mórdhail
a nait cheolain Padruicc.




25 An t-ord Muckeltonians is amhlaidh a bid, maile le guin baice
et truisdale ard ortha. Bid a suinndair et a n-ard ualuidh tiar os
cionn bun a bhfime leithbhreine. Is dóith liom gurab iad sin na
bacuid fire, et gurab air mead a ttóna gortar iad gan am<h>ras mar a
deir an rann a ttuarascbail annsa ochtamha caibidil do leabhar a
n-iomchuir:




Bid a suinndar go sasda
go hard os cionn a ttiar<p>uid
gurab ar mhead a ttona
gortar Muckeltonians diobhtha.




26 An t-ord Gresuria ní hannsa leofa neithe ar bith na trí srotha
do bheit<h> as a mbraghaid mar ata sruth mine, sruth saille et sruth
annra. et cidheith, ni fhacus ariamh iad gan a bheith lan do cicurus,
do ghortuidh et d'ainmheasardhacht ann gach bealac ana ngabhaid,
na suidhe air chul gacha coisreacha ag piocadh gach neach a ttaobh a
chuil ag iarruidh alpain air no go lionuid a mbrutha bréna bruin-
farsinng go neamhordach ag cach ag sceathuidh et ag brentofail o
sin amach, et do be a mian an lioneadh sin do thabhairt urtha trí


L. 80


huaire gacha lá et urad eile gaca hoidhche da dagmadh leofa é mar
do dhearbhas an rannsa:




Sruth ime, saille is feola
bhios lena scornnuid 's gach bealadh
'na suidhe ar cúil gach coisreach
's a mbolgan lionta do greabhadh.



Da saruidh ortha a ndiol bi
chaoidhche do ghnath a ccuil
a gceann da dhinnear no tri
ni bhid aris gan da chuid.




27 An t-ord Famareenus et is iad dronng is neamhliosda aca iad
acht gur gnath leofa glaca le gach ciorruim breige nach bion urtha et a
bheith easurumach neamhumhal don lag et do laideir. et as gnath
leofa cosa crainn breige do bheith futha et an uair a cuireas a
n-easurruim fein an ruaig urtha go currach no go monuigh, et ag
catheadh an chéd leim dhoibh air dainngion, scaoilid a ttacludh et a
mbucludh et ce be is foisge dhoibh don tórudh buailid e a cclar
aigheadh et edain leis an ccois chrainn go leigid an incinn fo leacacha
troma talmuin et malluid go gruama et go tallglorach don cuid ele
air gles, go gcuirid rian meadhma et mórdheithfe ortha mar dhearbhas
an rann a ttuarascbhail annsa 16 caibidil a leabhar na batrala ag
radha an rainn so:




Cuirid cosa crannda
go teannta faoina n-ede;
ce be as toisge dhoibh sin
buailfid e a cclar a n-éduin.


L. 81



28 Ag so sios craobhscaoileadh air na hathracha oirdhearc
onóracha aig a bhfuil stiuradh et ríaghludha bar ccaibidlachach aca,
adhón, an tAthair Sinecin Maothshulach o Seanphleisde, an tAthair
Reabadoruis o Seanchruinntille, an tAthair Maoilin Blaosclom o
Sedóige, an tAthair Cathal Cnáimhínach o Maolghualann, an
tAthair Deorín Déircach o Fideoige, et an Doctúir Procheo, an
tAthair Serun Buidhe o Polltuta et an Matair Abb, Deirebhorguil ni
Chointear Phitairfáil. Do riaghail bhar ccaibidleacha mar a d'orduibh
na hathreacha reimhraidhte. Is coir dhuinn is dar barr, riaghail gan
rún deise re cheile do bheith aguinn eideir uachtaran et iachtaran da
madh mac et an t-athair do bheadh ann.



29 Is coir do gach aon don chleir mile do shórt póir do chuir,
mar ata por neanntoige caoiche, por drisóg, siolastear, glasar-
leana et pubuail, chum go bfasudh siad go hard ar gach taobh do
theagh bhar ccaibidlach chum go ndeanfeadh fasga mar an cceadna,
et gach fear aig air mian leis bean do phósadh, is cóir dho a tabhairt
tri la roimh a posadh, a tíarpaibh, a geulachus, et a calcadh annsna
póruibh; et ma hathnid fein rena cheile an bhean do thabhairt leis
ar barr glaice chum teagh na ccaibidleacha et a pósadh a lathair na
cleire. Acht mar daithnid rena cheile is coir do ghabhail do chici,
do chroisíni et do clairíni uirthidh et a rádh ris an madradh imtheacht
a nainm an deamhain et an diabhail et gan theacht da chóir.


L. 82


30 Is coir do gach aon uachtaran don (chléir) theaireas dha fichid
bliadhan d'aois, bolasdér neanntoige caoiche, drisóg et glasarlena
arna cheangal le gadrach drisóg <do bheith aige>, et an uair shilfeas,
et ne reliones et multiplicationibus, an cineadh daonna dho mhea-
dughadh is coir dho an bolas<dér> do chur eidir a tiarpa et an talamh
chum go tteannfeadh ris ma thugair féin.



31 Is cóir mar an cceadna do gach uachtaran dhiobh ortha
gradha do bheith aca, et gach teach a mbiadh san oidhche inghean
fuir a tighe do bheith leofa ag imtheacht dhoibh. et ag so an órtha
is coir dhoibh do bheith aca da ngorthar san Laidain oratio .i.
amatoris etc.




Luidhe le Dia an luidhe so
aig cois taobh an tighe so.
Inghean fuir an tighe so
eiridh re fear an luidhe so.
Cleuín ime fo theallach arrbha an bhean
go dearfeadh go roibh aig fear an luidhe so.




Bain an luibh leathan ghlas dar bo comhainm an biolar barrliath,
bain e de haoíneis no dé dóineis; cumail é da mainngneis taobh thiar
dha cnap ar toirnéis; biaid sí agad re hairnneis no gan airnneis.
Amen Domneis.



32 Anois cuirmuid síos trachtadh athchumair air leabhradh
oirdhearc bhar ccaibidlacha, da ngorthar Librarus, mar ata leabhar
na batrala, leabhar na cnapala, leabhar na cuinntinne, leabhar na


L. 83


mbréag, leabhar na calcuiracht, leabhar na pleistiracht, leabhar na
tiarpala, leabhar na dranntaine, leabhar na bruighne, et leabhar an
dilín, leabhar na casaoide, leabhar na gealmuiracht, et an meall as
mo air deireadh, adhon, leabhar oirdheir<c> fíorghlic fioreolgach
udarasach na bfamuiri etc.



Statutum Capitula



33 Ata d'fiachuibh ar gach fear et ar gach bean don chléir torus
tobair na cuinntinne et thobair na casaoide uair san mbliadhain,
mar an cceadna ata d'fhiachuibh ort<h>a gan ceulechus no calchuir-
acht do dheanadh re na mnaibh faoi dhion tighe ó Bhealtuine go
Sam<h>uin, acht a ndíogach cladhacha, a bfasach goirt no sratana.
Ata cead o Sam<h>uin go Bealtuine a cceulechus do dheanadh is
gach ait a bhfuighe comhgar.



34 Ata d'fiacha ar gach mnaoi don chleir fear posda do beith aca
an gach coigeadh d'Eirinn et clann do bheith aca le gach fear diobh,
ma bhainionn buareadh no riachtanus doibh, go mbiadh munntiorus
et díodion aca gach áit a rachuid a nEirin; posadh et dealbha gacha
mísa do dheanadh do gach uachtaran aig a bhfuil cumhachta aige.
Is coir do speiceir na caibidleacha speice ramhar, cnapach droigean
do bheith aige air iomchar, et ma gheibh imreasan eidir aon chuid don
chléir, a ghabhail don speice ortha.