Sgéalaidhe Fearnmhuighe

Connradh na Gaedhilge (1901)

Seosamh Laoide



ROIMH - RÁDH



Seo é an chéad leabhar sgéalaidheachta do
cruinnigheadh i n-éan-dúthaigh de Chúige Uladh.
I bhfíor-uachtar na cúige sin atá Fearnmhagh,
mar ar hinnseadh na sgéalta so. Tá an
dúthaigh nó an bharúntacht so ag teórainn-
teacht le Cúige Laighean, .i. le Contae na
Midhe, & ba mhionroinn de'n Mhidhe i n-allód
í. Dá dhruim sin, is féidir a rádh gurab í
sgéalaidheacht na Midhe atá ins an leabhar
so comh maith le sgéalaidheacht Chúige Uladh.
Rud eile, ní mheasaid mór-chuid de mhuintir
Fhearnmhuighe gurab Ultaigh iad, mar is
amhlaidh adeirid gur mó an bhaint atá aca
le Contae na Midhe. Bhíodh sain amhlaidh nó
ná bíodh, is cinnte go bhfuil blas Uladh ar
an gcaint, mar sórt Ultachais is eadh an
chanamhaint atá beó fós, go mór-mhór i
mbéal seandaoine, i n-uachtar Uladh agus i
n-íochtar Laighean.



Ní'l annso acht fíor-bheagán de na sgéal-
taibh do bhí le fághail i bhFearnmhuigh. Dá
laighead a bhfuil 'sa leabhar, dá gcuirfidhe
chum iad do bhailiughadh anois, ní dócha go
bhféadfaidhe iad d'fhághail. An bheirt ó'r


L. viii


cuireadh síos iad, táid siad araon ar shlighe
na fírinne, beannacht Dé le n-a n-anman-
naibh, agus is beag d'á samhail ar fághail ins an
tír sin i leith eoluis ar Ghaedhilg do labhairt
agus sgéalta d'innsin innti. 'Siad anmanna
na beirte sin Tomás Ó Corragáin do chomh-
nuigh 'sa Chaisleán Thoir i n-aice Cairrge
Machaire Rois agus Tomás MagRuadair do bhí
'na chomhnuidhe i gCairgeach Lios na n-Áirne
i ngar do Choll-a-bhile, baile eile i bhFearn-
mhuigh.



'Sé Mac Uí Chorragáin do innis beagnach
gach a bhfuil 'sa' leabhar; ní fríth acht II. agus
IV. ó Thomás Mhag Raudair.



Má's rud é go bhfuil canamhaint mhór ar
na sgéaltaibh seo, is orra féin atá an chuid
is mó de'n locht i n-a thaobh sain de. Ní
dearnadh rud mór de gach éan-chor beag
canamhna d'á bhfuil ionnta, acht ar a aghaidh
sin anonn, do rinneadh dícheall ar gan an
iomarca aire do thabhairt d'á leithéidíbh, agus
gnáth-litriughadh na teangadh d'á leanamhaint
mar is minice no féadadh é.



Le súil go racha sé i dtairbhe do lucht
foghluma Gaedhilge i gCúige Uladh agus i n-íoch-
tar Laighean atá an leabhar so d'á chur amach.



AODH BEAG O LEÓRTHA



Bhí bean ann aon uair amháin, agus ní'l anois,
agus is cuma gá hacú bhí nó nach rabh. Bhí mac
aicí a rabh Aodh Beag O Leórtha air. Thainic
se isteach aon lá amháin chuige n-a mháthair.



"Fagh réidh cearc is bunnóg," ars' eisean;
"go racha me a dh'iarraidh nighne an ríogh."



Dubhairt a mháthair leis, "Ó, a mhic mhoir-
nigh, goidé chuir sin in do chionn? Nach muir-
bheachar thú, má théid tú a chomhair thighe an
ríogh? Chan fhuigheadh aon dhuine nighean an
ríogh acht an té bhainfeadh trí gháire aistí."



Dubhairt se gan ghéilleadh dó sin go rachadh.



D'imthigh Aodh Beag O Leórtha is thug se
sean-bheitheach bán leis. Nuair a bhí se i
bhfogus do gheata an ríogh, chuaidh se a mhar-
caigheacht ar an tsean-bheitheach. Bheir greim
urbaill air is chuir se an beitheach ar ais 'un
an gheata. D'fhiostruigh fear an gheata dhe
goidé bhí a dhíth air. Dubhairt se go rabh se
ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh. Bhí sí


L. 2


thuas i mullach an tighe báirr is rinn sí gáire
mór.



"Tá trian do do nighin bainte agam, a
rí," arsa Aodh Beag.



"Tá, le donas is le doghrainn daoi," ars'
an rí.



D'imthigh Aodh Beag a bhaile. Lá ar(t) n-a
bháireach thug se boc gabhair leis. Chuaidh se
a mharcaigheacht ar an mboc. Bheir se greim
dhá adhairc air. D'fhiostruigh fear an gheata
gá rabh sé ag dul. Dubhairt se go rabh se
ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh. Bhí nighean
an ríogh i mullach an tighe báirr is rinn sí
gáire mór eile.



"Tá dhá thrian do do nighin bainte agam,
a rí."



"Tá, le donas is le doghrainn daoi,"
ars' an rí.



D'imthigh Aodh Beag a bhaile. Lá ar(t) n-a
bháireach thug se cráin mhuice leis. Nuair a
bhí se ag an gheata, chuaidh se a mharcaigheacht
ar an chráin is bheir se greim dhá chluais uirthí.



"Goidé tá a dhíth ort?" arsa fear an
gheata.



"Tá me ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh,"
arsa Aodh Beag.


L. 3


Bhí sí thuas i mullach an tighe báirr is rinn
sí gaire mór eile.



"'Nois, a rí, tá do nighean bainte agam."



"Tá, le donas agus doghrainn daoi," ars'
an rí; "Chan fhaghann tú anois í," adeir an
rí, "go mbeara tú cionn an fhathaigh thall
atá ins an choill chugam."



D'éirigh Aodh Beag ar maidin. Char bh'fhada
gur chas fathach mór air.



"A rógaire 's a chnéamhaire," ars' an fathach,
"goidé rug ag teacht a chomhair m'áite thú?
Is mór liom ionn a ngreim thú, 's is beag liom
ionn i ndá ghreim thú; ní'l acht sgubóg luaith-
readh ar bhárr mo theangadh ionnat."



"Glór Dé os cionn do ghlóir, a bhodaigh
shalaigh," arsa Aodh Beag.



"Gá hacú is fhearr leat, coraidheacht nó
cruadh-chomhrac?" ars' an fathach.



"Is fhearr liom coraidheacht," arsa Aodh
Beag.



Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh
cruaidhe coraidheacht' go ndeanadh siad
creagán de'n mbogán, bogán de'n chreagán;
dhá dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go
huachtar an domhain gur ag amharc ar an dís
seo thiocfadh. Char bh'fhada go dtug Aodh


L. 4


Beag fásgadh dhó; chuir se go dtí n-a ghlúine
is-talamh e, (an) dara fásgadh go dtí bhásta
a bhrístí, (an) treas fásgadh go dtí ubhall a
sgórnaighe.



"Fód geárr glas uaim os do chionn, a
bhodaigh shalaigh."



"A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh, ná
teana (déan) thusa sin; bheara me a bhfeil
amuigh 's astigh agam duid, 's ná teana
sin."



"Is liom fhéin sin ó do lá-sa amach," arsa
Aodh Beag, ag caitheamh a chinn de, naoi
n-iomaire, naoi n-eitrinn, gan tuisleadh,
gan tuirleadh. Bhí an cionn ag teacht
ar an cholainn aríst. Bhuail sé bárr-chos
air.



"Char bh'fhoráil duid," ars' an cionn, "dhá
bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa ná
fir Éirinne nach sgaithfeadh é."



"Bhí fhios agam fhéin sin," arsa Aodh Beag.



Chaith se an cionn trasna a ghualainne.
Bhí se ag teacht a bhaile go tigh an ríogh. Chas
fear ar an mbealach air, ceangailte do
chrann. 'Sé an t-ainm a bhí air an Crochaire
Tárnochttha.



"A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh,"


L. 5


arsa 'n Crochaire Tárnochttha, "sgaoil as
seo me."



"Chan fhuil baint agam duid, is geabhfa
me láimh leat," arsa Aodh Beag.



D'imthigh Aodh Beag go tigh an ríogh. Chaith
se an cionn 'uig an rígh. Bhí an rí lán áthais
go rabh fathach marbh.



Lá ar(t) n-a bháireach d'imthigh Aodh Beag
'un na coilleadh is chonnaic se fathach mór ag
teacht. Thainic an fathach chuige.



"A rógaire 's a chnéamhaire, mharbh tú mo
dhearbhráthair i ndé. Is mór liom ionn i
ngreim thú 's is beag liom ionn i ndá ghreim;
ní'l acht sgubóg luaithreadh ar bhárr mo
theangadh ionnat."



"Glór Dé os cionn do ghlóir, a bhodaigh
shalaigh; muirbhfidh mé thú fhéin i ndiú."



Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh
cruaidhe coraidheacht' go ndeanadh siad
creagán de'n mbogán, bogán de'n chreagán,
tobar fíoruisge i lár na cloiche glaise le
neart, teann agus dochar ar an mball sin; dhá
dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go
huachtar an domhain, gur ag amharc ar an
dís seo thiocfadh. Leis sin thug Aodh Beag
fásgadh dó agus chuir se go dtí n-a ghlúine is-


L. 6


talamh é, (an) dara fásgadh go dtí bhásta a
bhrístí, an treas fásgadh go dtí ubhall a
sgórnaighe.



"Fód gearr glas uaim os do chionn, a
bhodaigh shalaigh."



"A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh, ná teana
thusa sin; bheara me a bhfuil amuigh 's astigh
agam duid."



"Is liom fhéin sin ó do lá-sa amach," arsa
Aodh Beag, ag caitheamh a chinn de, naoi
n-iomaire, naoi n-eitrinn, gan tuisleadh,
gan tuirleadh. Bhí an cionn ag teacht ar an
cholainn aríst. Bhuail se bárr-chos air.



"Char bh'fhoráil duid," ars' an cionn, "dhá
bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa ná
fir Éirinne nach sgaithfeadh é."



Thug Aodh Beag an cionn leis trasna a
ghualainne go rabh se 'san áit i rabh an
Crochaire Tárnochttha.



"A Aodh Bhig Uí Leórtha, sgaoil as seo
me."



"Chan fhuil baint agam duid, is geabhfa
me láimh leat."



D'imthigh leis go tigh an ríogh agus cionn an
fhathaigh leis. Bhí an rí lán áthais go rabh an
dá fhathach marbh. Thug se isteach 'un tighe é,


L. 7


agus thug se taogha gach bídh dó is raogha gach
dighe is fuair leabaidh dó.



Ar maidin d'éirigh Aodh Beag is chuaidh 'un
na coilleadh aríst. Chonnaic se fathach mór
ag teacht.



"A rógaire 's a chnéamhaire," ars' an
fathach, "goidé bheir ag teacht fá mo chúirt,
fá mo chathair thú i ndéidh mo bheirt' dearbhrá-
thar a mharbhadh? Is mór liom ionn i ngreim
thú, is beag liom ionn i ndá ghreim thú, 's ní'l
acht sgubóg luaithreadh ar bhárr mo theangadh
ionnat."



"Glór Dé os cionn do ghlóir," arsa Aodh
Beag, "b'fhéadar go muirbhfinn thú fhéin i
ndiú."



Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh
cruaidhe coraidheacht' go ndeanadh siad
creagán de'n mbogán, bogán de'n chreagán,
is tobar fíoruisge i lár na cloiche glaise le
neart, teann is dochar ar an mball sin; dhá
dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go
huachtar an domhain gur ag amharc ar an
dís seo thiocfadh. Thug Aodh fásgadh dó is
chuir se go dtí n-a ghlúine is-talamh é, (an)
dara fásgadh go dtí bhásta a bhrístí, (an)
treas fásgadh go dtí ubhall a sgórnaighe.


L. 8


"Fód gearr glas uaim os do chionn, a
bhodaigh shalaigh."



"A Aodh Bhig Uí Leórtha, ná teana thusa
sin; bheara me a bhfeil amuigh 's astigh agam
duid."



"'S liom fhéin sin ó do lá-sa amach,"
arsa Aódh Beag, ag caitheamh a chinn de
naoi n-iomaire, naoi n-eitrinn, gan tuis-
leadh, gan tuirleadh. Bhí an cionn ag teacht
ar an cholainn aríst. Bhuail sé bárr-chos air.



"Char bh'fhoráil duid;" ars' an cionn;
"dhá bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa
ná fir Éirinne nach sgaithfeadh é."



"Bhí fhios agam fhéin sin, "arsa Aodh Beag,
ag caitheamh an chinn trasna a ghualainne.
D'imthigh leis go rabh se ag Crochaire an
Tárnochttha.



"A Aodh Bhig Uí Leórtha, sgaoil as seo
me."



Leig Aodh Beag an cionn síos ar an talamh,
sgaoil se an Crochaire Tárnochttha. Bheir
an Crochaire Tárnochttha ar Aodh Bheag, bhain
se a chuid éadaigh de is chuir se a chuid
éadaigh fhéin ar Aodh Bheag. Cheangail se
Aodh Beag do'n chrann. Thug se cionn an
fhathaigh leis go tigh an ríogh. Bhí an rí lán


L. 9


áthais go rabh na fathaigh marbh. Shaoil se
gur'b é Aodh Beag a bhí aige. Bhí oidhche
spóirt is ceoil acú eadra sin is maidin.
Thug an Crocaire Tárnochttha nighean an
ríogh leis. Ar maidin, nuair a d'éirigh an
rí, bhí a nighean ar siubhal. Chuala se gur'b
é an Crochaire Tárnochttha thug a nighean leis.
Chuir se fir amach a chuartughadh Aodha Bhig.
Fuair siad ceangailte do'n chrann e.
Sgaoil siad e. Thug siad a bhaile go tigh
an ríogh e.



Bhí an rí dócrach buaidheartha gur tugadh
an bhean ar siubhal.



"Bheara me áit na bhfathach duid," ars'
eisean le hAodh Beag, "acht fanach agam."



"Chan fhanaim," arsa Aodh, "go racha me
a chuartughadh mo mhná."



Fuair se réidh an chearc 's an bhunnóg.
D'imthigh se leis gur chas abhainn air. Chuaidh
se a nighe a chos. Chonnaic se breac mór
'san abhainn. Dubhairt se leis an bhreac,



"Is maith agam thú le haghaidh mo bhunnóige."



"A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh, ná
teana thusa sin, 's ní'l a(on) chruadh-chás dha
mbeidh tú ionn nach gcuideacha me leat."



D'imthigh leis gur chas cú bheag ghearr ghlas


L. 10


ar thaoibh sléibhe air. Chuaidh sé ag ithe greim.
D'iarr se ar an chú cuidiughadh leis.



Dubhairt an chú, "Chan fhiú duid mo leithid-
se i bhfad a bheith ar aon iúl leat."



Chaith se a sháith de'n arán chuig an chú.



"Ní'l a(on) chruadh-chás," ars' an chú, "dha
mbeidh tú choidhche ionn nach gcuideacha me
leat."



D'imthigh Aodh Beag leis. Char stad se
go rabh se aige tigh an Chrochaire Tárnochttha.
Chonnaic nighean an ríogh ag teacht e.



"Céad míle fáilte dhuid, a Aodh;" adeir
sí, "shaoil me nach bhfeicinn a choidhche thú.
Ní'l fhios agam goidé ghéanas me leat.
Nuair a thiocfas an fathach seo a bhaile
muirbhfidh se thú."



Bhí lá spóirt acú go rabh an tráth moill
ag teacht. Chuir sí Aodh Bheag i bhfolach.



Thainic an Crochaire Tárnochttha isteach,
sean-bheitheach leis trasna a ghualainne.
Tharraing thríd an teinidh is thríd an luaithridh
e is thríd na fiacla fada fuara is d'fhág
thuas e ar aon ghreim amháin.



"Frú, frá, féasóg, mothuighim boladh an
Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá
mo chúirt is fá mo chathair anocht."


L. 11


"A rúin 's a ghrádh 's a mhic is fearr 'ná
an t-athair, bhí mise i mullach an tighe báirr;
bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm."



"Ó, b'fhéadar soin, b'fhéadar soin," ars'
eisean.



Chuaidh siad a luighe.



"'Nois;" arsa nighean an ríogh, "dhá
bhfuighfeá thusa bás, goidé ghéanainn-se 'sa
tír strainseartha so?"



"Ó! hó!" ars' eisean, "chan fhaghaim-sa
bás a choidhche; chan ionnam fhéin atá mh'anam."



"Ó! is gá bhfeil se?" arsa nighean an ríogh.



"Tá se ins an mbáinseoig ghlas tá os
coinne an doruis."



D'imthigh leis ar maidin. D'éirigh nighean
an ríogh is fuair sí rósaí is pamhsiní agus gach
aon seort dha rabh deas is chuir sí thart ar
an mbáinseoig e.



Ag teacht a bhaile do'n Chrochaire Tár-
nochttha, bhí fiadh mór trasna a ghualainne
leis. Tharraing thríd an teinidh is thríd an
luaithridh e is thríd na fiacla fada fuara is
d'fhág thuas ar aon ghreim amháin e.



"Frú, frá, féasóg, mothuighim boladh an
Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá
mo chúirt is fá mo chathair anocht."


L. 12


"A rúin 's a ghrádh, nach mbeidh sin ann,
fad is bheas mise ann?"



"Tá agus thuilleadh ann," adeir se.



"Ó, bhí mise i mullach an tighe báirr, agus bhí
éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm."



"B'fhéadar soin, b'fhéadar soin," ars'
eisean.



Chuaidh se amach.



"Goidé an sgéal do'n mbáinseoig a bheith
lán rósaí is pamhsiní?"



"Nár 'ubhairt tú," arsa nighean an ríogh,
"gur sin an áit i rabh d'anam? Budh mhaith liom
a bheith moirneach ar an áit i rabh d'anam."



"Óch! Ó!" adeir se, "dhá mbéidheadh
fhios agad gá bhfuil m'anam, is cosmhail go
mbeifeá moirneach air?"



"Bhéidhinn, bhéidhinn," adeir sí, "moirneach
air."



"Tá crann thíos annsin ar bhruach na
fairrge is tá tonnóg astigh 'sa chrann agus tá
uigh i dtóin na tonnóighe agus astigh 'san uigh
atá m'anam, agus chan fhaghaim-sa bás a choidhche
go dtí go dtiocfadh Aodh Beag O Leórtha
atá i n-Éirinn 's go ngeárrfa sé an crann
leis an tuaigh bhriste bhearnach tá faoi'n
leabaidh, agus sin rud nach dtig a choidhche."


L. 13


Ar maidin lá ar(t) na bháireach, nuair a
d'imthigh an Crochaire Tárnochttha, d'imthigh
Aodh Beag is fuair se an tuagh. Thoisigh a
gheárradh an chroinn. Nuair a bhí an crann
i bhfogus do bheith geárrtha, léim tonnóg
amach as ins an fhairrge.



"A chú bheag gheárr ghlas a chas orm 'sa'
tsliabh, rith is gabh an tonnóg damh."



Rith an chú is ghabh se an tonnóg dó. Thuit
an uigh as tóin na tonnóige.



"Ó, a bhreic mhoirnigh chas orm, fagh an uigh
damh."



Rith an breac is fuair se an uigh dó. Bhí
an Crochaire Tárnochttha ag teacht, lán samh-
láis. Bheir Aodh Beag ar an uigh agus bhuail i
gclár an éadain e. Thuit se marbh. D'imthigh
Aodh Beag is bhain se an cionn de.



Chruinnigh siad a rabh a shaidhbhreas amuigh
's astigh aige. Thainic a bhaile go tigh an
ríogh. Bhí an rí lán-lúthghaireach fá Aodh
Bheag is fá n-a nighean a theacht a bhaile. Bhí
bainis lae is bliadhna acú, an lá deireannach
gómh maith leis an chead lá. Sin mo sgéal-
sa agus brobh in do bhéal-sa agus ceapaire fada
buidhe in mo bhéal-sa.


L. 14


RIDIRE LABHRADHA LUIRC



Bhí rí aon uair amháin i Manainn ar ainm
dó Ridire Ruadh mhac Labhradha Luirc. Bhí
arm mór láidir ag géillbheáilt dó, agus gach
aon bhliadhain ionn i n-am de'n bhliadhain
chuirthí fear do na fearaibh agus cha dtiocfaidhe
tuarasgbháil ar bith fhághail uabhtha.



Bhí bean fogus go maith do Mhanainn. Bhí
fleasgach deas óg mic aicí agus cha rabh aon
mhac aicí acht é. Thainic a sheal gur chuir an
rí fios air, agus chuaidh a mháthair chuig an rígh agus
chaith sí í fhéin faoi n-a chuimrighe agus dubhairt
sí leis nach rabh aon mhac aicí acht é agus go rabh
eagla uirthí go gcaillfeadh sí e. Dubhairt
an rí léithe nach gcaillfeadh. Chuaidh an
buachaill chuig an rígh agus chuir an rí rún air
gan a ársuighe do dhuine ar bith beó goidé
chonnaic se.



Chuaidh an buachaill a bhaile chuige n-a
mháthair ar ais agus chuaidh se ar druim nach
n-aitheachadh duine ar bith e agus bhí se ar lígh


L. 15


báis. Dubhairt gach doctúir leis nach dtioc-
fadh leobhtha an dadaidh a dheanamh dó, agus
chuaidh a mháthair chuige sean-dhall a bhí insa'
tír leis, agus dubhairt sé nach rabh rud ar bith
air acht rud amháin, rún mór a bhí ar a intinn,
agus acht mur n-innseachadh sé sin, go ngeobhadh
se bás. Dubhairt an buachaill leis, dhá
ngeobhadh se bás, nach n-innseachadh se an rún
do aon dhuine beó. Dubhairt an sean-dhall
leis a dhul 'un na coilleadh agus a rún a leigint
le crann agus go ndeanadh se cómh maith. Chuaidh
an buachaill 'un na coilleadh agus léig se a rún
leis an chrann.



Seal 'na dhéidh sin bhí an chláirseach a bhí
insa' chaisleán (.i. i gCaisleán Mhanann) le
cur i n-órdughadh agus dubhairt fear dhéanta
na cláirsighe go gcaithfidhe crann úr fhághail
dí. Chuaidh siad 'un na coilleadh agus gheárr
siad an crann ar léig an buachaill a rún
leis.



Nuair a cuireadh an chláirseach i n-órdughadh
agus nuair a sheinn fear na dtéadaibh an chláir-
seach, deireadh sí, "Tá dhá chluais capaill ar
Ridire Labhradha Luirc." D'fhéach gach fear
ollamh ná téadaibh dha rabh insa' chaisleán ar
an chláirsigh agus deireadh sí go "rabh dá chluais


L. 16


capaill ar Ridire Labhradha Luirc." Thainic
an rí é fhéin i láthair agus bhain se de a hata,
sgaoil se síos a dhá chluais capaill agus char
cheangail se suas ariamh 'na dhéidh sin iad.
Char chuir se aon dhuine 'un báis ní mhó.



AN DEARBHRÁTHAIR BOCHT AGUS AN
DEARBHRÁTHAIR SAIDHBHIR



Bhí beirt dearbhráthar aon uair amháin. Bhí
fear acú a rabh an iomad saidhbhris aige, agus
an fear eile, bhí se bocht, bhí a lán tighe a
pháistí aige, bhí droch-dhóigh ortha agus cha rabh an
dadaidh acú le n'ithe.



An fear bocht, bhuail se isteach tráthnóna
lá 'ucú. D'iarr se lóisdin go lá. Thainic
an oidhche. Bhí se ag amharc ar na páistí
bochta.



"Tá an t-ocras ar na páistí bochta,"
adeir se le fear an tighe.



"Chan fhuil neart agam air," arsa fear
an tighe, "tá an aimsir gann."



"Gá hé tá 'na chomhnaidhe 'sa' tigh


L. 17


mór sin thall ná gá leis e?" ars' an fear
bocht.



"Sin mo dhearbhráthair-sa," adeir fear an
tighe.



"Siubhail leat," adeir an fear bocht,
"go mbainimid caora as an stoc."



D'imthigh an bheirt leobhtha. Ghabh an fear
bocht caora maith reamhar is thug se leis í.
Thainic siad a bhaile is bhain siad an croi-
ceann dí. Bhruith siad pota maith feola do
na páistí.



Ar maidin lá ar n-a bháireach, nuair a
d'éirigh an sgológ, chonntais se na caoirigh
is bhí se cionn geárr. Thainic se anall 'uige
n-a dhearbhráthair agus dubhairt se leis gur
goideadh caora aréir uadh:



"Tá se chomh maith agad a theacht d'á
cuartughadh."



"Rachaidh mise libh," ars' an fear bocht.



D'imthigh leobhtha d'á cuartughadh agus an fear
bocht leobhtha. Chuir an fear bocht cos suas
gach aon mhuinchilte. Nuair a bhí siad ag
dul amach ar an gheata, chrom an fear bocht
agus d'fhág se lorg na gcos ins an chlábar.



"'Nois," adeir se leis an duine uasal,
"nach seo lorg caorach 'sa' gheata?"




L. 18


Ní'l aon gheata a deacha siad amach air
nachar fhág an fear bocht lorg na gcos ins
an chlábar. Lean siad do lorg na gcos
annsin go rabh an oidhche ann.



"Tá se chomh maith againn pilleadh a bhaile,"
ars' an fear bocht; "chaill muid lorg na
gcos."



Thainic siad a bhaile. An oidhche chéadna,
d'imthigh siad is thug siad caora eile leobhtha.
Bhain siad an croiceann dí. Fuair siad
réidh pota bréagh dí. Ar maidin lá ar n-a
bháireach, thainic an fear aríst chucú.



"A dhearbhráthair mhoirnigh," adeir se,
"goideadh caora eile aréir uaim."



D'imthigh siad d'á cuartughadh agus an fear
bocht leobhtha. Ní'l aon gheata a rachadh
siad amach air nach bhfuigheadh an fear bocht
lorg na gcos ins an chlábar. Nuair a thainic
an tráthnóna aríst:



"Tá se chomh maith againn pilleadh a bhaile,"
ars' an fear bocht.



Nuair a thainic siad a bhaile 's a shocruigh
gach aon rud, thug siad bológ reamhar
leobhtha. Bhain siad an croiceann dí. Fuair
siad réidh pota bréagh dí. D'ith na páistí a
sáith do'n fheoil. Dubhairt an duine uasal


L. 19


le n-a mháthair nach rabh 'fhios aige goidé ba
sgéal do go rabh siad ag spórt 's ag
pléisiur 's ag sámhas anois.



"Ársachaidh mise duid," ars' an mháthair;
"Fagh réidh cófhra mór. Rachaidh mise isteach
'sa' chófhra," adeir sí; "cuir lón seacht-
mhaine ionn."



Chuir se a mháthair isteach 'sa' chófhra. Thug
se leis an cófhra is d'fhág se i dtigh a dhear-
bhráthar e. Dubhairt se leis an cófhra choin-
neáil, nach rabh farsinneach aige do 'sa'
mbaile.



Thainic an fear bocht isteach:



"Gá bhfuaras an cófhra seo ná goidé
t' ann?"



"Chan fheil 'fhios agam," adeir fear an
tighe; "char amhairc me air."



"Óch! Ó!" adeir an fear bocht; "béidh
'fhios agam-sa goidé t'ann."



D'fhosgail se clár an chófhra agus fuair se
an chailleach istigh ann.



"Ó, a chailleach bhradach, bhí dúil agad
sgéala bheith a bhaile leat."



Fuair se greim feola agus chuir se síos i n-a
béal e, is thacht se í.



I gcionn na seachtmhaine thug an fear


L. 20


saidhbhir an cófhra a bhaile. Nuair a d'fhos-
gail se an cófhra, fuair se a mháthair marbh
astigh 'sa chófhra. Fuair se réidh comhgar agus
d'iolc se a mháthair.



An oidhche chéadna d'iolcadh í, d'imthigh an
fear bocht is thóg se aríst í. Thug se leis
ar a dhruim í agus d'fhág se ag an chruaich
mhónadh í is dhá bhata fúithe. Chuaidh duine
isteach 'uig an sgolóig agus dubhairt se leis go
rabh a mháthair ag an chruaich mhónadh. Thainic
se anuas go tigh a dhearbhráthara.



"Pop! pop!" adeir se le n-a dhearbhrá-
thair, "tá mo mháthair ag an chruaich mhónadh."



"Ársachaidh mise gad ghéanaidh tú léithe,"
ars' an fear bocht; "char chaith tú leith a
sáithe léithe. Chuir mála maith óir faoi n-a
cionn is mála airgid faoi n-a cosa."



Chuaidh se a bhaile is chuir se mála óir faoi
n-a cionn is mála airgid faoi n-a cosa 'sa'
chomhraidh. Chuaidh siad is d'iolc siad í.
D'imthigh an fear bocht is d'osgail se an
chomhraidh is thug se an mála airgid agus an
mála óir leis a bhaile, 's an tsean-bhean,
thug se leis ar a dhruim í. D'fhág se 'na
seasamh ar an dorus í agus dhá bhata fúithe.



Nuair a chuaidh an sgéal isteach 'uig an


L. 21


sgolóig annsin go rabh a mháthair ag an
dorus, rith se anuas an áit i rabh a dhearbhrá-
thair 's an fear bocht:



"Thainic mo mháthair ar ais arís!"



"Ó, má thainic, ársachaidh mise anois goidé
ghéanaidh tú léithe. Tabhair an treas chuid
do do chuid saidhbhreas do'n bhfear bhocht so,
's cha chuireann do mháthair trioblóid níos
mó ort."



Rinn an sgológ sin. Thug se an treas
chuid d'á chuid saidhbhreas d'á dhearbhráthair
do'n bhfear bhocht. Thug. Chuaidh se is d'iolc
se a mháthair. Cha dtainic sí ar ais níos mó.
Sin é mo sgéal-sa.



AN FEAR A CHUIR CLUAIN AR AN
mBÁS



Bhí fear ionn aon uair amháin agus is cuma
gá hacu bhí nó nach rabh. Bhí beirt mhac aige.
Nuair a bhí se ag fághail bháis, shocruigh se:
d'fhág se a roinn fhéin aige gach fear acu.
Thárlaidh fear acu a bheith saidhbhir, agus an
fear eile dócrach bocht agus bhí muirighin mhór
chloinne aige. Bhí mac óg aige n-a mhnaoi agus


L. 22


chuaidh se a chuartughadh cáirdeas' Críosta dó.
Nuair a chuaidh píosa de'n mbóthar, chas fear
in-sa' ród air. D'fhiostruigh se de gá rabh
se ag dul. Dubhairt se go rabh se ag dul a
chuartughadh cáirdeas' Críosta le haghaidh a
churtha faoi n-a mhac.



"Tabhair mise leat," ars' an fear.



"Gá hé thusa?"



"Mise Rí an Domhnaigh."



"Cha dtugaim-sa thusa liom."



Shiubhail se leis an ród gur chas fear eile
air, agus d'fhiostruigh se de gá rabh se ag dul,
agus dubhairt se leis go rabh se ag dul a
chuartughadh cáirdeas' Críosta le haghaidh a
churtha faoi n-a mhac.



"Tabhair mise leat."



"Gá he thusa?"



"Mise Mac Dé."



"Cha dtugaim-sa thusa liom," ars' an
fear; "tá tusa ag fágáilt móráin de'n
tsaoghal aige cuid acu, agus an chuid eile ar
ghann-chuid."



Shiubhail se leis an ród gur chas fear eile
air agus d'fhiostruigh se de gá rabh se ag dul.
Dubhairt se go rabh se ag dul a chuartughadh
cáirdeas' Críosta d'á chur faoi n-a mhac.


L. 23


"Tabhair mise leat."



"Gá hé thusa?" ars' an fear.



"Mise an bás."



"Tusa an fear a bhearas me liom. Is tú
is cniosda ar bith. Bhearann tú leat iad
as an éadan ó'n rígh go dtí an bacach. Cha
ghlacann tú duais ó aon dhuine."



Chuaidh se leis an pháisde, le n-a mhic, agus ar a
philleadh, dubhairt se leis go bhfuigfeadh se
dóigh bheathadh air. Dubhairt se leis go
mbéidheadh se 'na dhoctuir, agus duine ar bith a
bhfeiceadh se eisean aige n-a chionn gan
glacaint le n-a léigheas acht a thabhairt suas
le bás, agus duine ar bith a bhfeiceadh se aige n-a
chosaibh é, é ghlacadh le n-a léigheas, agus go
bhfuigheadh se biseach.



Bhí se ag léigheas gach duine as an éadan
ar ghlac se le n-a léigheas. Cha rabh doctuir
ar bith in-san áit ab' fhearr 'na e, go dtainic
se chuige rígh a bhí le bás agus cuireadh fios air
le n-a léigheas.



Nuair a chuaidh se chuige, fuair se an bás
aige n-a chionn. D'órduigh se a ceathrar chuig
an leabaidh, agus an rí a thionntodh, agus a chionn a
chur chuig an áit i rabh a chosa. Léigheas se
an rí annsin, agus nuair a bhí se ar a philleadh


L. 24


a bhaile, chas an bás leis agus dubhairt se leis
fághail réidh go dtiocfadh se leis i n-áit an
ríogh. Dubhairt se leis téarma eile thabhairt
dó go socrachadh se eadra n-a bhean agus a
chlann sol mur n-éagfadh se. Thug se
téarma eile dó. Nuair a bhí an téarma
sin suas, thainic an bás chuige aríst.
Dubhairt se leis fághail réidh go dtiocfadh
se leis. Dubhairt se leis am a thabhairt
dó fá n-a phaidreacha rádh. Dubhairt an bás
leis go mbearfadh agus dubhairt se leis an
mbás nach ndéarfadh se an phaidir go bráth.



Seal 'na dhéidh sin, bhí se ag teacht i n-éis
a bheith aige duine uasal d'á léigheas, agus in-
sna páirceannaibh glasa chas gasúr beag air
agus é buailte brúighte strócthaí lán-treadhach.
Thóg an doctuir suas é agus ghlan se agus nigh se
an fhuil de agus d'fhiostruigh se de goidé rug
annsin e. Dubhairt se leis gur bhuail a
gháid agus a mháthair ar shiubhal e, nuair nach
dtiocfadh leis a phaidreacha rádh, agus gur
bhuail an tarbh mór sin thall e agus gur sheas se
uilig air. Chuaidh an doctuir a fhoghlaimt
a phaidreacha dó, agus d'éirigh an bás agus dubhairt
se go rabh se an t-am dó éirghe agus a theacht
leis anois nuair adubhairt se a phaidreacha.


L. 25


AN BACACH MÓR.



Má bhí an uair sin, ní'l anois. Dhá
mbéidheadh fhéin, badh chríon liath an seanchaidhe
mé 's char bh'fhearr 'na an t-uirsgéalaidhe.
Mála buidhe na seacht sean-leabhar a d'iom-
prachainn ar chír-fhiaclaibh mo dhroma, le
cruime, le críne, le sean-ársaidheacht. Cé
go bhfeil me 'g dul ag ársaighe an sgéil
seo dhuid-se anocht, cha mhóide go bhfeil
'fhios agam. Má's dona tá 'fhios agam-sa
anocht, go rabh sé níos measa agad-sa 'san
oidhche i mbáireach, go mbéidh tú ag teacht
d'á fhoghlaim chugam-sa 'san oidhche anóirthear.



Bhí rí aon uair amháin is bhí mac aige.
Chuaidh mac an ríogh amach ar an tráigh lá.
Thainic buachaill caol ruadh chuige.



"An n-imreocha tú cluiche cárdaidhe, a
mhic an ríogh?" ars' an buachaill caol ruadh.



"Cha misde liom," arsa mac an ríogh.



Chuir mac an ríogh an cluiche air.



"Tabhair do bhreith, a mhic an ríogh," ars'
an buachaill caol ruadh.



"Cuirim fá gheasaibh thú rith na bliadhna,


L. 26


buinne geal caisleáin a bheith tógthaí innseo
ar maidin i mbárach."



Ar maidin lá ar n-a bháireach bhí an cais-
leán tógthaí. Thainic an buachaill caol ruadh
chuige arís.



"An n-imreocha tú cluiche cárdaidhe, a
mhic an ríogh?"



"Cha misde liom," arsa mac an ríogh.



Chuir mac an ríogh an cluiche air.



"Tabhair do bhreith, a mhic an ríogh."



"Cuirim fá gheasaibh 's fá dhíomdha na
bliadhna thú, an chaoin-bhean is deise tá
ar an domhan a bheith innseo faoi chionn
lae 's bliadhna ná ar maidin i mbárach, is
amhlaidh is feárr."



Ar maidin lá ar n-a bhárach thainic an
buachaill ruadh 's an bhean is deise bhí ar an
domhan leis. Thug do mhac an ríogh ar ghreim
láimhe í.



"An n-imreocha tú cluiche cárdaidhe eile,
a mhic an ríogh?" ars' eisean.



"Cha misde liom," arsa mac an ríogh.



Chuir an buachaill caol ruadh an cluiche
air.



"Tabhair do bhreith," arsa mac an ríogh.



"Cuirim fá gheasaibh agus fá dhíomdha na


L. 27


bliadhna thú, an claidheamh soluis t' aige an
mBacach Mór, rígh na Sorcha, agus fios Mhianach
an Anóglaigh bheith innseo agad faoi chionn
lae is bliadhna ná ar maidin i mbáireach, is
amhlaidh is féarr."



Chuaidh mac an ríogh isteach 'un a thighe féin
is shuid se ar chathaoir agus leig se osnadh mór
as.



"Sin osnadh mic ríogh fá gheasaibh," ars'
an bhean leis.



Ar maidin lá ar n-a bháireach d'éirigh mac
an ríogh is chuir sé a chulaith chatha air, is é
sgríobhtha ar chúl a chlaidhimh gur'b é fhéin árd-
ghaisgidheach an domhain.



"Maise, fan anois go Lé Fheil' Brighde;"
ars' an bhean leis, "béidh an lá ag éirghe fada
's is furus duid an t-asdar a dhéanamh."



Nuair a thainic Lá Fheil' Brighde, d'éirigh
mac an ríogh.



"Maise, fan anois go dtiocfaidh Lá
Bealtaine," ars' ise.



Nuair a thainic Lá Bealtaine, d'éirigh mac
an ríogh ar maidin.



"Tá sé comh maith agad anois fanach go
dtiocfaidh Lá Lughnasa," ars' an bhean leis.



Má budh mhoch thainic Lá Lughnasa, d'éirigh


L. 28


mac an ríogh is fuair se réidh le n-a asdar
go rabh sé aige bruach na fairrge. Chan
fhaca se luighe(long) ná báda. Rinn se
luighe(long) de' hata, crann seoil de n-a
bhata, bratacha de n-a léinidh, is téatracha
de n-a gháirtnéil. Théid se amach 'san
fhairrge folcarnaigh falcarnaigh, ag éisdeacht
le muca rónta, sgairteach na bhfaoileannán,
lúbarnach na n-easgann, gur'b é an bradán
ab' fhaide síos bhí ag teanamh(déanamh)
spóirt agus ceóil ar an mball sin, go rabh
neoin is deireadh an lae ag teacht, lucha
ag dul i bpollaibh, éanlaith ag dul i gcrann-
aibh, an gearrán bán ag dul ar sgáth na
copóige is an chopóg ag imtheacht uadh.
Thug se léim árd acfainneach i mullach
dhruim-thaisde na luighe(luinge). Chonnaic
se caisleán a rabh bun cleithe isteach, bun
cleite amach, is bun cleite eile ag coing-
bheáil a láir agus a dhroma suas. Rinn sé ar
an chaisleán agus d'iarr se lóisdin go lá.



"Céad fáilte dhuid, a mhic an rígh;"
arsa fear an tighe, "Tá tú ag dul 'uig an
mBacach Mór i mbáireach, agus cha dtéid tú
ar do chois; bhearaidh me eac duid t' ar
an stábla bhainfeadh ribe as an ghaoith


L. 29


Mhárta agus nach mbainfeadh an ghaoth Mhárta
ribe as."



D'imthigh sé lá ar n-a bháireach go tigh
an Bhacaigh Mhóir. Buail sé buille ar an
chorraigh chomhraic 's char fhág se ghamhan i
mart, ná uan i gcaora, ná searrach i gcapall
nár shéid se le fórsa a bhuille. Amach
leis an Bhacach Mhór. Nuair a bhéidheadh
an Bacach Mór 'sa' ghleann, bhéidheadh mac
an ríogh ar an chnoc. Thiomáin mac an
ríogh an béitheach go rabh sé ag an tigh,
's an Bacach Mór 'na dhéidh. Léim mac
an ríogh de'n mbéitheach isteach ar an fhuinn-
eoig.



"Comraighe dhuid, a mhic an ríogh," arsa
fear an tighe.



Tharraing an Bacach Mór an buille, is
rinn sé dhá leith de'n mbéitheach.



"Bhearaidh me béitheach eile dhuid i
mbárach," arsa fear an tighe.



Lá ar n-a bháireach d'imthigh mac an ríogh
go tigh an Bhacaigh Mhóir. Bhuail sé buille
an dóigh a rinn sé an chead lá. Amach leis
an Bhacach Mór 'na dhéidh. Nuair a bhéidheadh
an Bacach Mór 'sa' ghleann, bhéidheadh mac
an ríogh ar an chnoc. Nuair a bhí se ag an


L. 30


tigh, léim se de'n mbéitheach isteach ar an
fhuinneoig.



"Comraighe dhuid, a mhic an ríogh," arsa
fear an tighe.



Tharraing an Bacach Mór an buille agus rinn
se dhá leith de'n mbéitheach.



"Anois," arsa fear an tighe, "béidh béith-
each eile i mbárach agad."



Lá ar n-a bháireach d'imthigh mac an ríogh
go rabh sé aige tighe an Bhacaigh Mhóir. Bhuail
se buille an dóigh chéadna. Amach leis an
mBacach Mór 'na dhéidh. Nuair a bhí an
Bacach Mór 'sa' ghleann, bhí mac an ríogh
ar an chnoc, go dtí go rabh se ag an tigh.
Léim sé isteach ar an fhuinneoig.



"Comraighe dhuid, a mhic an ríogh," arsa
fear an tighe.



Tharraing an Bacach Mór an buille agus rinn
se dhá leith de'n mbéitheach.



"Anois," arsa fear an tighe, "rachaidh tú
i mbáireach 's cha bhíonn béitheach leat. Bhí an
Bacach Mór gómh buaidheartha, ní'l aon chois-
peán (d')ar shiubhail se nach deachaidh se go
dtí n-a ghlúinibh is-talamh. Gheobhaidh tú lorg
a chos isteach go colbha leaptha. Gheobhaidh
tú an claidheamh soluis ar théastar na


L. 31


leaptha. Tarraing amach an claidheamh as
an sgabart, agus leis an tsoillse léimfidh an
Bacach Mór 'na sheasamh. Tarraing do
chlaidheamh agus abair leis, mur mbeara sé
suas, go mbainfidh tú an cionn de. Ar do
bhás ná teana e: sin mo dhearbhráthair-sa,
oncal do mhná."



D'imthigh mac an ríogh ar maidin. Lean
se lorg na gcos go colbha leaptha. Fuair
se an claidheamh soluis croichte ar téastar
na leaptha. Tharraing se amach as an sgabart
e. Léim an Bacach Mór 'na sheasamh as an
leabaidh. Tharraing mac an ríogh an claidheamh
is dubhairt se leis, "Tabhair suas," ná go
mbainfeadh se an cionn de.



"Ná teana thusa sin;" ars' an Bacach
Mór, "Céad fáilte dhuid,a mhic an ríogh.
Is mise oncal do mhná. Suidh síos innseo
go n-ársacha mo dhuid gómh bocht is fuair
mise mo bhean.:"



"Bhí mise lá amháin innseo," adeir se,
"is chuaidh me amach. Chonnaic me fear
fiadhain. Bhí sé ag ithe biolair. Chaith me
díom mo chroiceann," ars' an Bacach Mór;
"Nuair a d'íosadh an fear fiadhain gas,
d'íosainn-se dhá ghas. Bhí me ag teannadh


L. 32


leis ar gach aon choispeán. Fuair me greim
air, thug me a bhaile e, nigh me is ghlan mé
é, is chuir me culaith mhaith éadaigh air. Char
bh'fhada go mb' fheárr le mo mhnaoi an fear
fiadhain 'na mise. Bhuail sí le slaitin doraca
draoidheachta me agus rinn sí gearrán bán díom.
Ní'l aon ghnaitheach bheidheadh le teanamh
(déanamh) fá'n tigh nach gcaithfinn a dheanamh.
Anois, bhí ciall an duine ionnam i gcomhnaidhe.
Thochaiseachainn mé fhéin ar na geataidhe agus
d'fhuigfinn mo chuid fionnaidh ortha. Chuaidh
fear annsin isteach chuige mo mhnaoi agus
dubhairt sé go rabh me salach agus gach aon rud
fá'n tigh salach agam. Thainic mo bhean amach
agus bhuail sí le slaitín doraca draoidheachta
mé agus rinn sí tarbh mór díom. 'Nois, bhí
ciall an duine ionnam i gcomhnaidhe. Cha
leigfinn cailín a bhleaghan nach leanfainn 's
nach ruaigfinn as an pháirc, agus cha leigfeadh
an eagla do na cailíní dul a bhleaghan le
heagla romham. Chuaidh fear isteach chuige
mo mhnaoi agus dubhairt se go rabh me ag teanamh
(déanamh) a láin dolaidhe. Thainic mo bhean
amach annsin agus bhuail sí mé le slaitín
doraca draoidheachta agus rinn sí mac tíre
díom. Bhí ciall an duine ionnam i gcomh-


L. 33


naidhe. Chuaidh me isteach 'un na coilleadh
is leig me trí uaille asam. Ní'l aon mhac
tíre 'sa' choill nár chruinnigh thart orm. Mar
rabh ciall an duine i gcomhnaidhe ionnam, thug
mé liom iad. Thoisigh muid ag marbhadh na
gcaorach. Chuala siad annsin go rabh gach aon
chaora insa' tír d'á marbhadh. Thainic seilg
mhór gadhar 'nar ndéidh. Mar rabh ciall an
duine ionnam, chonnaic me an rí ag teacht ag
marcaigheacht. Bhí ciall an duine ionnam;
chaith me me fhéin ar mo ghlúinibh roimh an rígh.
"Bheirim párdun duid, a choileáin uasail,"
ars' an rí. Thug an rí a bhaile me. Thárla
go rabh páisde óg ionn i dtigh an ríogh. Gach
aon pháisde dh'a rabh roimhe sin, thiocfadh lámh
mhór isteach agus bhearadh se an páisde leis as
an chliabhán. B'é sin Mian an Anóglaigh.
Ars' an rí, "Fuigfidh me an coileán uasal
ag cumhdach an pháisde anocht." D' fhág se
me fhéin aige cumhdach an pháisde. Char
bh'fhada bhí me ann go dtainic lámh mhór.
Fuair me fhéin greim ar an láimh. Bhí me
ag fághail aith-ghreim suas i gcomhnaidhe.
Gheárr me an lámh thuas ag an ghualainn.
Thug me an lámh liom agus leig me aige taobh
an chliabháin í. Chuir an rí annsin beirt fhear


L. 34


ar lorg na fola. Lean siad lorg na fola
go deachaidh siad isteach ionn i dtigh bhí 'sa'
choill. Fuair siad an fathach mór marbh.
Bhí triúr páistí annsin de chuid an ríogh.
Thug siad a bhaile an triúr páistí go tigh an
ríogh. (An) gasur 'a mhó acu, bheidheadh se
ag marcaigheacht orm fhéin gach aon lá.
Chonnaic me slaitín doraca draoidheachta
i láimh an ghasuir. Chuir me mo shoc siar;
fuair me greim coise air. Bhuail se me leis
an tslaitin doraca draoidheachta; d'éirigh
me suas mar bhí me riamh. Thainic me a
bhaile, bheir me ar an bhfear fiadhain, chaith
me amach ar an dorus e. Sin an dóigh a
fuair mise le mo mhnaoi. Seo dhuid an
claidheamh soluis is gabh a bhaile, is go rabh
an t-ádh ort fhéin agus ar do mhnaoi."



Sin mo sgéal-sa agus broth in do bhéal-sa agus
ceapaire fada buidhe in mo bhéal-sa.


L. 35


FATHACH MÓR AN REIBHLEÁIN



Bhí rí aon uair amháin. Bhí nighean aige.
Pósadh í. Thainic aon lá amháin 's cha rabh a
fear 'sa' mbaile. Thainic Fatach Mór an
Reibhleáin 's thug se leis í.



Bliadhain o'n lá sin d'éirigh a fear:



"Bliadhain 's an lá indiú 'sé d'imthigh mo
bhean, 's rachaidh me d'á cuartughadh indiú."



D'imthigh leis gur chas páirc mhór chaorach
air. Chas an buachaill bó air.



"Gá leis na caoirigh seo?" ars' eisean.



"Le Fathach Mór an Reibhleáin íochtar
uachtar Éireann, breacóg bhréagh, nighean
ríogh i n-Éirinn, 'bhfuil reimhre do mhéir i
sileadh gach deoir le n-a malaidh ghléigil, ag
caoineadh a fir, ag caoineadh a fuir, ag
caoineadh a triúir dearbhráthar, gur mheasa
léithe giolla beag na dtrí gceathramha no'n
( = 'ná an) ceathrar fear d'fhág sí i n-Éirinn
thall."



D'imthigh leis gur chas fear air 'na sheasamh
ionn i ngeata.


L. 36


"Leig thart me," ars' eisean.



"Cha leigim thart thú," arsa fear an gheata,
"go ndíolfaidh tú custom."



Chuir se lámh i n-a phóca is shín se an
t-airgead dó.



Char stad se go rabh se aige tigh Fathaigh
Mhóir an Reibhleáin. Chonnaic an bhean ag
teacht e.



"Mo thruaighe!" adeir sí, "nár fhan tú
'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear seo
a bhaile anocht, muirbhfidh se thú."



Bhí lá spóirt acú go dtainic an oidhche.



"Tá sé gómh maith agad a dhul i bhfolach
anois," adeir sí, "sol a bhfeicfidh an fear
seo thú."



Chuir sí siar faoi leabaidh e.



Char bh'fhada go dtainic Fathach Mór an
Reibhleáin, fiadh mór trasna a ghualainne
leis. Tharraing se thríd an teinidh e, thríd
an luaithridh, 's d'fhág thuas i n-a bhéal e.



"Frú, frá, féasóg!" adeir se, "mothuighim
boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag
teacht fá mo chúirt is fá mo chathair anocht."



"A rúin 's a ghrádh!" ars' an bhean, "Nach
mbéidh sin ann, fad is bheas mise ann?"



"Tá agus thuilleadh ionn," arsa 'n Fathach Mór.


L. 37


"Bhí mise i mullach an tighe báirr, 's bhí
éanlaith beaga na hÉirinne ag dul thart.
Bhí siad ag luighe orm. Sin an boladh
mhothuigheann tú."



"Tá agus thuilleadh ann," adeir se.



D'éirigh se is chuairtigh se síos is suas go
bhfuair se an fear faoi'n leabaidh. Tharraing
se aniar e. Thug se amach e. Fuair se
slaitin doraca draoidheachta is rinn se
cártha cloiche de.



Bliadhain o'n lá sin d'éirigh a dearbhráthair:



"Dhá bhliadhain 's an lá indiú d'imthigh a
leithid seo, is blaidhain 's an lá indiú d'imthigh
a fear d'á cuartughadh, 's imeachaidh me
féin indiú d'á gcuartughadh."



D'imthigh leis. Char stad se go rabh se aige
tigh Fathaigh Mhóir an Reibhleáin. Chonnaic
an bhean ag teacht e.



"Mo thruaighe!" adeir sí, "nár fhan tú
'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear so a
bhaile, muirbhfidh se thú."



Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an
oidhche.



"Tá sé gómh maith agad a dhul i bhfolach
anois;" adeir sí, "is goirid go dtiocfaidh
an fear so a bhaile."


L. 38


Char bh'fhada go dtainic Fathach Mór an
Reibhleáin isteach, sean-bhéitheach bán ar
astrach a ghuailneach. Tarraing thríd an
teinidh is thríd an luaithribh e, is d'fhág
thuas e.



"Frú, frá, féasóg!" adeir se, "mothuighim
boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag
teacht fá mo chúirt agus fá mo chathair anocht."



"A rúin is a ghrádh!" ars' ise, "Nach mbéidh
sin ann, fad is tá mise ann?"



"Tá agus thuilleadh ann."



"Bhí mise i mullach an tighe báirr, 's bhí
éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm.
Sin an boladh mhothuigheann tú."



"Tá agus thuilleadh ann."



Chuartuigh se síos is suas go bhfuair se an
fear. Thug se amach e. Fuair se slaitin
doraca draoidheachta is rinn se cártha cloiche
de.



Bliadhain o'n lá sin d'éirigh an dearbhráthair
eile d'á cuid:



"Trí bliadhna 's an lá indiú d'imthigh a
leithid seo. Dhá bhliadhain 's an lá indiú
d'imthigh a fear d'á cuartughadh. Bliadhain
's an lá indiú d'imthigh mo dhearbhráthair, is
imeachaidh mé fhéin indiú."


L. 39


D'imthigh leis, 's char stad se go rabh se
aige tigh an Fhathaigh Mhóir.



"Ó! mo thruaighe!" adeir sí, "nár fhan tú
'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear seo
a bhaile, muirbhfidh se thú. Tá m'fhear-sa 'na
luighe amuigh annsin, 's do dhearbhráthair-sa."



Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an
oidhche.



"Tá se gómh maith agad a dhul i bhfolach
anois," adeir sí, "is goirid go mbéidh an
fear so ag teacht."



Chuir sí i bhfolach e. Char bh'fhada go dtainic
an Fathach Mór isteach, fiadh mór trasna
a ghualainne leis. Tharraing se thríd an
teinidh is thríd an luaithridh e, is d'fhág thuas
i n-a bhéal e.



"Frú, frá, féasóg!" ars' eisean, "mo-
thuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh
bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo
chathair anocht."



"A rúin 's a ghrádh!" ars' ise, "Nach
mbéidh sin ann, fad is bheas mise ann."



"Tá agus thuilleadh ann."



"Bhí mise i mullach an tighe báirr. Bhí
éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm.
Sin an boladh mhothuigheann tú."


L. 40


"Tá agus thuilleadh ann."



Chuairtigh se síos is suas go bhfuair se an
fear. Thug se amach e. Fuair se slaitin
doraca draoidheachta is rinn se cártha cloiche
de.



Bliadhain o'n lá sin d'éirigh an dearbhrá-
thair eile dí:



"Ceithre bliadhna 's an lá indiú d'imthigh
a leithid seo. Trí bliadhna 's an lá indiú
d'imthigh a fear d'á cuartughadh. Dhá bhliadh-
ain 's an lá indiú d'imthigh mo dhearbhráthair
d'á gcuartughadh. Bliadhain 's an lá indiú
d'imthigh an dearbhráthair eile damh. Mo
dhonas is mo dhothairne orm mar' racha me
a chuartughadh mo chuid dearbhráthar indiú."



D'imthigh leis. Char stad se go rabh se
aige tigh an Fhathaigh Mhóir. Chas an bhean
air:



"Ó! mo thruaighe nár fhan tú 'sa' mbaile.
Nuair a thiocfas an fear seo a bhaile, muirbh-
fidh se thú. Tá do bheirt dearbhráthar 'na
luighe amuigh annsin agus m'fhear-sa, 's béidh
tusa acú anocht."



Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an
oidhche.



"Tá se gómh maith agad," ars' ise, "a dhul


L. 41


i bhfolach anois. Is goirid go mbéidh an
fear seo 'sa' mbaile." Chuaidh se i
bhfolach.



Char bh'fhada go dtainic an Fathach Mór
isteach, sean-bhéitheach mór trasna a ghual-
ainne leis. Tharraing se thríd an teinidh e,
is thríd an luaithridh, is d'fhág thuas e.



"Frú, frá, féasóg!" ars' an Fathach,
"mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh
bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo
chathair anocht."



"A rúin agus a ghrádh, nach mbéidh sin ann,
fad is tá mise ann."



"Tá agus thuilleadh ann."



"Bhí mise i mullach an tighe báirr. Bhí
éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm.
Sin an boladh mhothuigheann tú."



"Tá agus thuilleadh ann."



Chuairtigh se síos is suas go bhfuair se an
fear. Thug se amach e. Bhuail se le slaitin
doraca draoidheachta e, agus rinn cártha cloiche
de.



Bliadhain o'n lá sin d'éirigh giolla beag
na dtrí gceathramha:



"Is fada o d'imthigh mo mháthair;" adeir
se, "Is fada o d'imthigh mo thriúr oncal, 's


L. 42


mo dhonas is mo dhothairne orm, mar' racha
me féin d'á gcuartughadh."



Fuair re réidh a chearc 's a bhunnóg.
D'imthigh leis gur chas buachaill na gcaorach
air.



"Gá leis na caoirigh seo?"



"Le Fathach Mór an Reibhleáin íochtar
uachtar Éireann, an bhreacóg bhréagh, nighean
ríogh i nÉirinn, 'bhfuil reimhre go mhéir i
sileadh gach deoir le n-a malaidh ghléigil, ag
caoineadh a fir, ag caoineadh a fuir, ag caoin-
eadh a triúir dearbhráthar, 's gur mheasa léithe
giolla beag na dtrí gceathramha no'n ( = 'ná
an) ceathrar fear d'fhág sí i nÉirinn thall."



"Leig thart me."



"Cha leigim," arsa buachaill na gcaorach,
"go ndíolaidh tú custom."



Chaith giolla beag na dtrí gceathramha an
cionn de is bhog leis. Char stad se go rabh
se aige tigh an Fhathaigh Mhóir. Chonnaic an
mháthair ag teacht e.



"Ó" a mhic mhoirnigh!" adeir sí, "Truagh
nár fhan tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas
an fear so a bhaile anocht, muirbhfidh se thú.
Tá do gháid is do thriúr oncal 'na luighe
amuigh annsin."


L. 43


Múch sí le póig é, is bháidh sí le deór e;
thriomuigh sí le brat síoda agus sróil e, is chuir
sí a chodladh ar liobaidh ( = leabaidh) chlumhaigh
éin (eóin?) e.



Nuair a bhí an oidhche ag teacht, chuaidh sí
síos an áit i rabh giolla beag na dtrí
gceathramha.



"Ó! a mhic mhoirnigh! Ó! a mhic mhoirnigh!"
adeir sí, "a mhic mhoirnigh! Is goirid go
dtiocfaidh an fear so a bhaile, is tá se gómh
maith agad a dhul i bhfolach, sol a muirbhfidh
se thú."



Char bh'fhada go dtainic an Fathach Mór
isteach, sean-bhéitheach mór trasna a ghual-
ainne leis. Tharraing thríd an teinidh, thríd
an luaithridh, d'fhág thusa i n-a bhéal e.



"Frú, frá, féasóg! mothuighim boladh an
Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá
mo chúirt agus fá mo chathair anocht."



"Ó, a rúin 's a ghrádh, nach mbéidh sin ann
an fad is bheas mise ann?"



"Tá 'gus thuilleadh ann."



"Tá agus mise ann," arsa giolla beag na
dtrí gceathramha.



Thainic giolla beag na dtrí gceathramha
aníos.


L. 44


"Gá hacú is feárr leat," ars' an Fathach
Mór, "coraidheacht no cruadh-chomhrac?"



"Is feárr liom coraidheacht," arsa giolla
beag na dtrí gceathramha, "'sé chleacht me
i mbailtibh beaga, i mbailtibh móra, i mbail-
tibh m'athara agus mo mháthara féin."



Bheir siad ar a chéile insa snaidhmeannaibh
cruaidhe coraidheacht', go ndeanfadh siad
bogán de'n chreagán, creagán de'n mbogán,
tobar fíoruisge i lár na cloiche glaise; dhá
dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go
huachtar an domhain, is dh'amharc ar an dís
seo thiocfadh, go rabh tráthnóna is deireadh
an lae ag teacht. Thug giolla beag na
dtrí gceathramha, thug se fásgadh dó, is chuir
se go dtí n-a ghlúinibh is-talamh e, (an) dara
fásgadh go dtí ubhall a scórnaighe.



"Fód geárr glas os do chionn, a bhodaigh
shalaigh," arsa giolla beag na dtrí gceath-
ramha.



"Ná teana thusa sin;" ars' an Fathach,
"Bheara(idh) me léath a bhfeil amuigh 's astigh
agam."



"'S liom fhéin sin o do lá-sa amach," arsa
giolla beag na dtrí gceathramha, ag caitheamh
a chinn de naoi n-iomaire naoi n-eitrin.


L. 45


Bhí an cionn ag teacht ar an cholainn aríst.
Bhuail se bárr-chos ar an chionn.



"Char bh'fhoráil duid;" ars' an cionn, "dhá
bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa 'ná
fir Éireann nach sgaithfeadh é."



Thainic se isteach. Fuair se an slaitin
doraca draoidheachta. Bhuail se buille ar
a gháid, 's ar a thriúr oncal. D'éirigh siad
suas 'na seasamh mar bhí siad ariamh.
Chruinnigh siad a rabh 'shaidhbhreas amuigh 's
astigh, 's thug siad leobhtha e. Thainic se fhéin
's a mháthair 's a gháid 's a thriúr oncal, thainic
siad a bhaile, 's bhí dóigh mhaith orthú go bhfuair
siad bás.



PARRACH MHAC GHIOLLA RIABHAIGH.



Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh as Contae
Dhúin na nGall, chuaidh se 'un an fhoghmhair go
Condae na Midhe, agus na fir a bhí leis, chuaidh
siad a bhaile, nuair a bhí an foghmhar réidh
acu.



"Cha dtéidhim-sa a bhaile," arsa Parrach
Mhac Ghiolla Riabhaigh, "go dtí go mbeidh an
cíos liom."




L. 46


Bhuail sé isteach go tigh sgolóige móire agus
d'fhiostruigh sé a' bhfuigheadh sé obair.
Dubhairt fear an tighe go bhfuigheadh.
D'ársuigh se dó go rabh dúil aige nach rachadh
se a bhaile go dtuillfeadh sé an cíos.



"Bhearfaidh mise cúig phonta duid,"
ars' an sgológ, "má fhanann tú 'sa' tigh
mór sin thall go maidin."



"Fanachad," arsa Paidí.



"Gheobhaidh tú teinidh," ars' an sgológ;
"gheobhaidh tú solus."



Fuaras réidh teinidh 'sa' tigh dó agus solus agus
greideal aráin agus h-ubhradh ( = dubhradh) aire
thabhairt do'n arán bhí ar a' ghreideil.



Cha rabh se i bhfad ann go gcuala sé an
torann agus iongantais mhóra. Chonnaic se
seanduine mór ag teacht anuas ar na
staighrí. Shuidh se taobh thall de is chuaidh se
a theannach ( = thionntodh) na bunnóige.



"Ná teana sin an dara bomhta 'ná cha
dtéid sé leat. Dar an leabhar," arsa
Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh, "is gránna
do cháirr."



"Ó, céad fáilte is sláinte dhuid, a Pharrach
Mhac Ghiolla Riabhaigh as Contae Dhúin na
nGall! Ársachaidh tú do mo mhac ar maidin


L. 47


go rabh tú ag caint liom, is an feirm talaimh
a thabhairt do'n bhean bocht ar bhain mise dí
é, is gheanaidh me gar duid," adeir se:
"bheirim éadach buird duit, agus seort ar bith
a sgairtfidh tú air, tiocfaidh sé ar an éadach
buird chugad."



Thainic an mhaidin is d'ársuigh Parrach Mhac
Ghiolla Riabhaigh do'n sgolóig gach aon rud a
chonnaic se. Thug an sgológ buidheachas dó,
is thug se cúig phonta dó. D'imthigh leis a
bhaile is a chúig phonta agus a éadach buird leis.
Bhí se ag siubhal gur chas píobaire ar bhruach
an bhóthair air.



"Tá mé áthasach," arsa Parrach Mhac
Ghiolla Riabhaigh, "gur chas cuideachta orm."



Chuir an píobaire na píopacha air agus sgairt
se ar chuideachta shaighdiuir. D'imthigh an
bheirt agus bhí siad ag siubhal an bóthar.



"B'fheárr liom go rabh greim le hithe
againn," ars' an píobaire.



Spréidh Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh an
t-éadach buird is thainic togha gach bídh agus
rogha gach dighe chucú.



"'S fheárr duid malairt a dheanamh liom,"
ars' an píobaire.



"Is cuma liom," arsa Paidí.


L. 48


Thug se an t-éadach buird do'n phíobaire agus bhí
na píopacha ag Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh.



Char bh'fhada shiubhail se gur ghlac se aithreach
fá'n éadach buird a thabhairt ar siubhal.
Chuir Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh na píop-
acha air agus sgairt se ar chuideachta shaighdiuir.
D'iarr se orthú a dhul agus an t-éadach buird a
thabhairt ar ais 'uige. D'imthigh na saigh-
diuirí agus char bh'fhada go dtainic siad ar
ais agus an t-éadach buird leobhtha. D'imthigh
Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh go rabh se thíos
i gCondae Dhúin na nGall agus na píopacha agus
an t-éadach buird leis. Nuair a chuaidh se
a bhaile, spréidh se an t-éadach buird dó
féin agus do n-a mhnaoi agus do'n mhuirighin. Thainic
togha gach bídh is rogha gach dighe 'ucú. Bhí
siad lán áthais mar d'éirigh dóbhtha go dearn
Paidí foghmhar maith.



Char bh'fhada go gcualaidh an tighearna go
dtainic se a bhaile. Chuir se fear d'á chuid
báillidheannaibh 'na choinne, go rabh gnaithe
aige leis. Chuaidh Paidí ar aghaidh go tigh an
tighearna.



"An é nach bhfuil tú 'g dul a dhíol an
chíosa," ars' an tighearna, "i ndiaidh a bheith
ag an fhoghmhar?"


L. 49


"Chan fhuil se agam," arsa Paidí, "go
seadh."



"Chan fhuil se i bhfad go gcuiridh me amach
thú," arsa an tighearna, "óir nach fheil tú 'g
dul a dhíol an chíosa."



Char bh'fhada go dtainic se fhéin 's a chuid
báillidheannaibh. Nuair a chonnaic Parrach
Mhac Ghiolla Riabhaigh ag teacht iad, chuir se
na píopacha air agus sgairt se ar chuideachta
shaighdiuir is dubhairt leobhtha na fir seo
dhíbirt as aice an tighe. Lean na saighdiuirí
a bhaile an tighearna 'un a thighe fhéin.



Lá ar n-a bhárach chuir an tighearna fios
ar Pharrach Mhac Ghiolla Riabhaigh. Dubhairt
an tighearna leis go maithfeadh sé a rabh
'chíos air agus nach n-iarraidh sé ní 'mhó a chíos
air acht a chuid saighiuir choingbheáil socair.
Bhí dóigh mhaith ar Pharrach Mhac Ghiolla
Riabhaigh go bhfuair sé bás agus nár iarr sé ní
'mhó 'chíos air.


L. 50


TOIRDHEALBHACH



Bhí sgológ ionn aon uair amháin agus bhí mac
aige a rabh Toirdhealbhach air. Cha deanfadh
se an dadaidh ar a chomhairle. Thainic se a
bhaile aon oidhche amháin go mall, is thoisigh a
gháid a throid leis:



"A ráca bhradaigh, gá rabh tú ó oidhche?"



"Théam cungnamh cosdais is chan fhaiceann
tú choidhche arís me."



Chuir se a lámh i n-a phóca is shín se cúig
phonta dó.



D'imthigh leis agus bhí se ag siubhal go rabh se
láimh le reilic. Bhí troid mhór istigh 'sa'
reilic fá chorp 'iolcad ( = adhlacadh). Chuaidh
Toirdhealbhach isteach 'un na reilice.



"Gá fáth a bhfeil sibh 'troid?" arsa Toir-
dhealbhach.



"Tá airgead i n-aghaidh a' chuirp nach leig-
feadh se a iolcadh go bhfuigheadh se a chuid
airgid."



"Gá 'mhéad atá i n-aghaidh a' chuirp?"



"Tá sé sgilling déag," ars' an fear.


L. 51


Chuir Toirdhealbhach lámh i n-a phóca is shín
se sé sgilling déag dó. Hiolcadh an corp.



D'imthigh Toirdhealbhach leis an bóthar. Char
bh'fhada gur ghabh buachaill caol ruadh e.



"Goidé mar tá tú, a Thoirdhealbhaigh?"
ars' an buachaill caol ruadh; "Gá bhfuil tú
'g dull gómh mall so?"



"Chuir mo gháid ar siubhal me, agus chan fhuil
me 'g dul ar ais níos mó 'uige."



"Fosdaigh mise go cionn lae is bliadhna,"
ars' an buachaill caol ruadh.



"Ó, chan fhuil dóigh agam mé fhéin a choing-
bheáil, cha amháin thusa," adeir se.



"Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill
caol ruadh, "rachaidh me leat."



D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh
a chos ceangailte d'á thóin.



"Goidé an seort thusa?" ars' an buachaill
caol ruadh.



"Mise Fear na Leathchoise tá gómh lúthmhar
go bhfuil mo chos ceangailte, (ó) nach gcionn-
eachadh seort ar bith siubhal liom," adeir se.



"Tá se gómh maith agad fosdach le Toir-
dhealbhach innseo."



Dubhairt Toirdhealbhach nach rabh gnaitheach
aige leis, go rabh a sháith ionn fhéin.


L. 52


"Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill
caol ruadh, "tabhair leat e."



D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh
botán cochain i n-a ghaosán.



"Goidé an seort thusa?" ars' an buachaill
caol ruadh.



"Mise fear shéidfeadh gach aon rud
'mbéidheadh romhamh, (acht) gur'b é go bhfuil
botán cochain in mo ghaosán."



"Tá se gómh maith agad a theacht le
Toirdhealbhach."



Dubhairt Toirdhealbhach nach rabh dóigh air é
fhéin a choingbheáil suas, cha amháin an fear
soin.



"Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill
caol ruadh, "bhéaramuid linn e."



D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh
bogha eara aige.



"Goidé an seort thusa?" ars' an buachaill
caol ruadh.



"Mise fear nár thiob an dadaidh riamh
orm a dtug me iarraidh air."



"Tá se gómh maith agad fosdach le Toir-
dhealbhach innseo."



"Chan fhuil dóigh againn inn fhéin a choing-
bheáil suas, cha amháin eisean a bheith linn,"
arsa Toirdhealbhach.


L. 53


"Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill
caol ruadh, "bhéaramuid linn é."



D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh
eochair mhór i n-a láimh.



"Goidé sin in do láimh?" ars' an buachaill
caol ruadh.



"Seo Eochair Gáid Mhóir an Fhathaigh. Char
cuireadh aon ghlas ariamh nach sgaoilfeadh an
eochair seo."



"Tá se gómh maith agad fosdach le Toir-
dhealbhach innseo," ars' an buachaill caol
ruadh.



"Ó, tá nar sáith ionnainn fhéin," arsa
Toirdhealbhach, "cha amháin a' fear soin."



"Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill
caol ruadh, "bhearamuid linn e.



D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú 'na
sheasamh le cloidhe, 's a chluas cocthaidh.



"Goidé an seort thusa?" ars' an buachaill
caol ruadh.



"Mise Cluas le hÉisdeacht tá 'g éisdeacht
leis a' bhféar a' fás in-sa' Domhan Thoir."



"Tá se gomh maith agad fosdach le Toir-
dhealbhach innseo," ars' an buachaill caol ruadh.



"Tá nar sáith ionnainn fhéin," arsa Toir-
dhealbhach, "cha amháin a' fear soin."




L. 54


"Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill
ruadh, "bhearamuid linn e."



D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú, 's é i
n-a shuidhe ar chairgeach, ag bogadh aníos is
síos le n-a thóin.



"Goidé an seort thusa?" ars' an buachaill
caol ruadh.



"Mise Tóin Iarainn," adeir se, "is shoc-
rachainn gach aon rud le mo thóin."



"Tá se gomh maith agad fosdach le Toir-
dhealbhach innseo," ars' an buachaill caol ruadh.



"Tá nar sáith ionnainn fhéin," arsa Toir-
dhealbhach, "cha amháin a' fear soin."



"Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill
ruadh, "bhearamuid linn e."



D'imthigh leobhtha go rabh siad aige tigh an
ríogh.



"'Nois," ars' an buachaill caol ruadh le
Toirdhealbhach, "tá se gómh maith agad a dhul
a dh'iárraidh nighne an ríogh."



"An mise dhul a dh'iárraidh nighne an ríogh?
Chuala me nach deachaidh aon fhear ariamh d'á
hiárraidh nach mbéidheadh a chionn ar a' spíce."



"Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill
ruadh, "rachamuid a dh'iárraidh nighne an
ríogh," adeir se.


L. 55


Char stad siad go rabh siad aige tigh an
ríogh. Fiostruigheadh goidé bhí a dhíth orthú.
Dubhairt an buachaill caol ruadh gur seo
fear a bhí ag teacht a dh'iárraidh nighne an
ríogh. Tugadh isteach iad. Fuair siad togha
gach bídh agus rogha gach dighe go dtainic an
oidhche. Thainic nighean an ríogh is thug sí
fáinne óir léithe.



"Seo dhuid fáinne óir," adeir sí, "'s mur
mbéidh se agad ar maidin, béidh do chionn ar
a' spíce."



Nuair a chuaidh siad a chodladh, thainic
nighean an ríogh is thug sí an fáinne óir léithe
as póca Thoirdhealbhaigh. Ars' ise,



"Is truagh gan mé taobh 'muigh de gheat-
aidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa',
truagh gan mé i n-áit i bhfuil mo ró-ghrádh
féin anois."



D'éirigh an buachaill caol ruadh is thug se
Eochair Gáid Mhóir an Fhathaigh a sgaoileadh
gach uile ghlas.



Ars' an buachaill caol ruadh, "Truagh
gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, 's truagh
gan mé s' áit i bhfuil a ró-ghrádh siud
anois."


L. 56


Lean an buachaill ruadh í go rabh sí aige
tigh an fhir.



"Fuasgail, fuasgail," ars' an cailin, "tá
fear i dtaoibh 'muigh anocht, is é dom' iárraidh-
sa. Seo dhuid a' fáinne, is cuir a' glas air,
is béidh a chionn ar a' spíce ar maidin."



Chuaidh siad a chodladh. D'imthigh an
buachaill ruadh is bhain sé an glas de'n
chófhra is thug se an fáinne leis. Nuair a
dhúisgigh nighean an ríogh i lár na hoidhche:



"Truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa',
truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé aige cúirt m'athara 'is mo
mháthara féin anois."



D'éirigh an buachaill ruadh:



"Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfuil mo mhaighistir féin
anois."



D'imthigh leobhta go rabh siad 'sa' mbaile.
Chuaidh nighean an ríogh a luighe. D'imthigh an
buachaill ruadh is d'fhág se an fáinne i bpóca
Thoirdhealbhaigh. Ag éirghe ar maidin dóbhtha,
thainic nighean an ríogh:



"Théam a' fáinne a thug me aréir dhuid."



Chuir Toirdhealbhach lámh i n-a phóca is shín


L. 57


se an fáinne dí. Leag sí osnadh mór aistí.
Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an
oidhche. Thainic sí aríst:



"Seo dhuid a' fáinne. Mur mbéidh se
agad ar maidin, béidh do chionn ar a' spíce."



Chuaidh siad a luighe. D'éirigh nighean an
ríogh is thug sí an fáinne léithe as a phóca:



"Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfuil mo ró-ghrádh féin
anois."



D'éirigh an buachaill ruadh:



"Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfuil a ró-ghrádh suid anois."



Amach leobhtha agus char stad siad go rabh
siad aige tigh an fhir.



"Fuasgail, fuasgail," arsa nighean an
ríogh.



D'fhosgail se an dorus dí.



"'Nois," arsa nighean an ríogh, "caithfidh
tú a thaisgidh go maith, is glais a chur air."



Thoisigh an bheirt a chur glais air. Chuaidh
siad a luighe. I lár na hoidhche d'éirigh nighean
an ríogh:



"Truagh gan mé thaobh 'muigh de gheataidhe,


L. 58


truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé aige cúirt m'athara agus mo mháthara
féin anois."



D'éirigh an buachaill ruadh. Thug se Eochair
Gáid Mhóir an Fhathaigh leis. Sgaoil se na
glais is thug se an fáinne leis.



"Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfeil mo mháighistir féin
anois."



D'imthigh leobhtha go rabh siad 'sa' mbaile.
Chuaidh nighean an ríogh a luighe. D'imthigh an
buachaill ruadh is d'fhág se an fáinne i bpóca
Thoirdhealbhaigh. Ag éirigh ar maidin do
nighin an ríogh,



"Théam a' fáinne sin thug me 'réir dhuid."



Chuir Toirdhealbhach lámh i n-a phóca is shín
se an fáinne dí. Leig sí dhá osnadh mór
aistí. Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic
an oidhche aríst. Thainic nighean an ríogh.



"Seo dhuid a' fáinne. Mur mbéidh se
agad ar maidin, béidh do chionn ar a' spíce."



Chuaidh siad a luighe. D'éirigh nighean an
ríogh agus thug an fáinne léithe:



"Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh


L. 59


gan mé 'san áit i bhfuil mo ró-ghrádh féin
anois."



D'éirigh an buachaill ruadh:



"Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfuil a ró-ghrádh siud
anois."



D'imthigh leobhtha go rabh siad aige tigh an
fhir.



"Fosgail, fosgail," arsa nighean an ríogh.



D'fhosgail se an dorus dí.



Ar sise, "Cuir síos pota na ndeich gcárta
fo n-a lán storabúit."



Rinn siad a suipeár.



"Anois," adeir nighean an ríogh, "char
chuir tú leath ghlais aréir air. Mur dtais-
geacha tú go maith anocht, chan fhaic tú mise
choidhche aríst."



Chuaidh se a chur glais air. Nuair a bhí na
glais air, chuaidh siad a luighe. I lár na
hoidhche d'éirigh nighean an ríogh:



"Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé aige cúirt m'athara agus mo mháthara
féin anois."



D'éirigh an buachaill ruadh. Thug se Eochair


L. 60


Gáid Mhóir an Fhathaigh leis. Sgaoil se na
glais is thug se an fáinne leis.



"Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfuil mo mhaighistir féin
anois."



D'imthigh leobhtha go rabh siad in-sa' mbaile.
Chuaidh nighean an ríogh a luighe. D'imthigh an
buachaill ruadh. D'fhág se an fáinne i bpóca
Thoirdhealbhaigh. Ag éirigh ar maidin do
nighin an ríogh, thainic sí is d'fhiostruigh sí an
rabh an fáinne sin aige. Chuir se lámh i n-a
phóca, is shín se an fáinne dí. Leig sí trí
osnadh mhór aistí.



"Tá do nighean bainte aige, a rí," ars'
an buachaill caol ruadh.



"Tá le donas is le doghrainn daoi," ars'
an rí.



"Cha ghlacaim-sa anois e," arsa nighean
an ríogh, go bhféachaidh se rása liom fá dhá
bhuideál uisge as Tobar na hÍocshláinte tá
in-san Domhan Thoir. Mur mbéidh sé innseo
gómh gasda liom-sa, béidh a chionn ar a'
spíce."



"'Nois," ars' an buachaill ruadh, "Gá le
haghaidh a bhfeil a' theannchair ag an ghobha ach'


L. 61


a lámha shábháil? Gá le haghaidh a bhfuil
buachaill seirbhise aige Toirdhealbhach ach' é
dhul amach i n-' áit?"



Sgairt an buachaill ruadh ar Fhear na
Leathchoise.



"'Nois," ars' an buachaill ruadh, "rachaidh
tusa i n-áit do mhaighistir."



D'imthigh an fear agus nighean an ríogh. Char
stad siad go rabh siad aige Tobar na
hIocshláinte bhí 'sa' Domhan Thoir. Líon siad
a' dhá bhuideál uisge. D'imthigh leobhtha. Bhí
Fear an Leathchoise ag teacht i dtoiseach.



"'Nois," arsa nighean an ríogh, "béimid
am go leor 'sa' mbaile. Suidhmid síos
innseo is teanamuid ar sgíste."



Shuidh an bheirt síos.



"Leag do chionn ar mo ghlúin," adeir sí
leis an mbuachaill.



Fuair sí cloigeann capaill is chuir sí
faoi n-a chionn e. Thuit se 'na chodladh.
D'éirigh nighean an ríogh is dhóirt sí an bui-
deál uisge a bhí leis. D'imthigh léithe ag
teanamh ar an mbaile is d'fhág sí an fear
'na chodladh.



"'Nois," ars' an buachaill caol ruadh le
Cluas le hÉisdeacht, "gabh amach is féach


L. 62


goidé mar tá gach aon rud ag dul ar
aghaidh."



"'Tchím," arsa Cluas le hÉisdeacht, "go
bhfuil an oilbheart d'á imirt ar a' mbuachaill.
Chuir sí cloigeann capaill faoi n-a chionn
is dhóirt sí an buideál uisge."



"Gá bhfuil (an) fear a rabh an bogha eara
aige?" ars' an buachaill ruadh.



Thainic an fear a rabh an bogha eara aige.



"'Nois," ars' an buachaill ruadh, "lámhach
an cloigeann capaill tá faoi n-a chionn."



D'imthigh an fear a rabh an bogha eara aige.
Lámhach sé cloigeann an chapaill bhí faoi n-a
chionn.



Léim Fear na Leathchoise suas 'na sheasamh.
Nuair a chonnaic se a bhuideál dóirtthidh,
bhain se amach aríst 'un an tobair. Bhí
nighean an ríogh ag teacht i dtoiseach.



"Gá bhfuil," ars' an buachaill caol ruadh,
"gá bhfuil (an) fear a rabh an botán i n-a
ghaosán?"



Thainic an fear a rabh an botán i n-a
ghaosán. Tharraing se an botán as a ghaosán.
Shéid se nighean an ríogh ar ais. Nuair a
thiocfadh sí iomaire ar aghaidh, chuirfeadh se
naoi n-iomaire ar ais í go dtí go bhfaca


L. 63


siad an fear eile ag teacht. Choinnigh se
ar ais í go dtainic an fear eile i dtoiseach.



"Anois," ars' an buachaill caol ruadh,
"tá an fear eile i dtoiseach. Tá do nighean
bainte aige Toirdhealbhach, a rí."



"Tá, le donas is le doghrainn daoi," ars'
an rí.



Fuaras reidh an bhanais. Fuair nighean an
ríogh réidh caithir ( = cathaoir) do'n mbait-
leár, a rabh spíceacha móra inntí.



"'Nois," ars' an buachaill caol ruadh le
Tóin Iarainn, "rachaidh tusa isteach is
suidhfidh tú ar a' chaithir a' chead uair."



Rith Tóin Iarainn isteach. Shuidh se ar an
chaithir. Thainic nighean an ríogh.



"Goidé bheir 'do shuidhe ar a' chaithir thú?
Nach sin caithir do mhaighistir?" adeir rí.



D'éirigh Tóin Iarainn. Thuit se síos aríst
ar an chaithir gur bhrúigh se na spíceacha uilig.
D'éirigh se annsin agus thainic an maighistir
isteach. Shuidh se ar an chaithir is thainic
nighean an ríogh isteach. D'iarr sí air éirghe
go mbeidheadh torn damhsadh acú. D'éirigh
se 'na sheasamh. Nuair a d'éirigh se thuit an
cailin 'un laige. Nuair a fuair sí biseach,
pósadh iad. Bhí banais lae is bliadhna orthú,


L. 64


's an lá deireannach gómh maith leis an
chead lá.



Thainic an buachaill caol ruadh chuige
Toirdhealbhach agus dubhairt se leis go rabh se
an t-am dó imtheacht. Bhí Toirdhealbhach ag
tabhairt airgid dó ar son a thrioblóide.
Dubhairt an buachaill caol ruadh nach nglac-
fadh se an dadaidh uadh, nach rabh dadaidh a
dhíth air ar son aimsire, gur'b eisean an
fear ar dhíol Toirdhealbhach an t-airgead ar
a shon go dtí gur hiolcadh an corp.



Sin mo sgéal-sa, 's is fada an sgéal e.



FIONN MAC CUMHAILL AGUS A MHÁTHAIR



Bhí Fionn mac Cumhaill 's a mháthair ag
dul thart aon uair amháin. Bhí Fionn ar a
druim léithe. Chonnaic se an iomáin ar
léanaidh.



"Leig le casaidh me, a mháthair," ars'
eisean, "go racha me 'un na hiomána."



"Ó, a mhic mhoirnigh!" adeir sí, "mhuirbh-
feadh na fir mhóra sin thú."


L. 65


"Gan ghéilleadh dó sin, a mháthair," adeir
se, "rachaidh me 'na measg."



Leig sí anuas Fionn, is chuaidh 'un na
hiomána, is cha rabh aon fhear a chas air
nach rabh se ar son a leagain. Nuair a
stad an iomáin thainic Fionn chuige n-a
mháthair.



Chuir sí Fionn ar a druim arís, 's amach
léithe is char stad sí go rabh sí aige Móta
Dhealgain. Chaill sí pionna a brollaigh is
d'fhág sí marc ionn go bhfuigheadh a pionna
aríst. Rinn sí móta ionn. Sin Móta
Dhealgain (.i. Dealg Fhinn) ó'n lá sin go dtí
an lá so.



Chaith Fionn a mháthair ar a dhruim annsin
is d'imthigh leobhtha. Char stad siad go rabh
siad i mullaigh Shléibhe gCuilinn. Cha rabh
aige acht dhá chois a mháthara annsin is chaith
se amach i Loch na Caillighe Biorra iad.
Chuaidh se isteach 'un tighe is d'iarr se
lóisdin. Dubhairt bean an tighe go bhfuigh-
eadh, ach é dhá bhreac a ghabháil. D'imthigh se
is ghabh se dhá bhreac i Loch na Caillighe
Biorra.



"'Nois," adeir bean an tighe, nuair a
chuir sí ar an teinidh na bric, "'Nois," adeir


L. 66


sí le Fionn, "ná leig ball dubh 'ná dorcha
air 'ná spuaic 'ná spliúcán a dhóighte."



Thainic spliúcán aníos ar chionn acú, is
leag Fionn a órdóg air, is dhóigh se an
órdóg. Chuir se an órdóg i n-a bhéal. Ó'n
lá sin go dtí lá a bháis bhain se fios as
a órdóig nuair a chuireadh se i n-a bhéal í agus
nuair a chognachadh se í ó fhéith go smuais.



TIGH NA GANN-CHODA.



Buachaill a bhí ann aon uair amháin agus is
cuma gá hacú bhí nó nach rabh. Bhí sé ag
suirghe le cailín a rachadh se go tigh a gáid
ar a chéilidh go minic. Bhí rás an mhuilinn
ar a bhealach, 's gach aon tráthnóna dha
mbéidheadh se ag dul ann léimeadh se rás an
mhuilinn. Ar maidin nuair a bheidheadh sé 'g
dul a bhaile, rachadh se thart go dtí an droi-
chead. Chas an muilteoir air tráthnóna
amháin.



"Maiseadh," ars' an muilteoir, "an
n-ársacha tú goidé an t-ádhbhar, nuair a
bhíonn tú ag dul 'un a' tighe sin, a léimeann


L. 67


tá rás an mhuilinn, 's nuair a bheidh tú ag
dul a bhaile ar maidin, a racha tú thart go
dtí an droichead."



"Ársacha me sin dhuid," ars' an buachaill;
"Nuair a théidhim-se 'un a' tighe sin, leagfar
nar sáith árain agus ime fúinn. Chan itheann
fear a' tighe dhá ghreim go n-éireacha se.
Caithfidh mise éirghe annsin, 's cha bhím ábalta
dhul a bhaile leis an oscras."



"An chead uair eile bheidh tú 'g dul," ars'
an muilteoir, "tabhair mise leat."



"Bhéarad," ars' an buachaill.



An chead uair eile bhí se ag dul thug se
an muilteoir leis agus chuaidh siad isteach 'sa'
tigh. Leagadh arán agus im acú. Nuair a bhí
siad 'na suidhe, d'éirigh fear an tighe sul ar
ith siad dhá ghreim.



"'Nois," ars' an muilteoir leis an mbua-
chaill, "ná corruigh."



Char chorruigh an muilteoir leis an buachaill
gur ith siad a rabh ar an mbórd. Bhí sin go
maith go dtainic an oidhche. Cuireadh an
buachaill 'na chodladh ionn i rúm.



"Fanacha mise innseo insa' chóirneál ar
shop cochain," ars' an muilteoir.



Chuaidh fear an tighe agus bean an tighe a luighe.


L. 68


"'Nois," adeir fear an tighe, "caillfhear
leis an ocras mé, ó d'ith an bheirt seo a rabh
ar an mbórd."



D'fhéad tú do sháith 'ithe," ars' an bhean,
"nuair a bhí se agat."



"Éirigh," ars' an fear, "agus teana tuirtin.
Tarraing anall a' teinidh, agus leag ar chloich
a' teinnteáin e."



D'eirigh an bhean is rinn sí an tuirtin.
Thainic sí aníos agus tharraing sí anall an teinidh,
is leag sí ar an teinnteán e. Chuir sí an
teinidh 'sa' mhullach air.



Thóg an muilteoir a cheann agus tharraing se
píopa air.



"Tá me áthasach gur éirigh tú," ars' an
muilteoir; "Goidé an seort tighearna atá
agaibh insa' tír seo?" adeir se leis an mnaoi.



"Ó, tighearna maith," adeir sí.



"Tá tighearna againne," adeir se, "agus
chuaidh se a dheanamh teórainnteach díreach agus
thug se stróc aniar mar seo agus aniar mar
siud" - thug se an bata thríd an tuirtin gur
mhill se thríd an luaithridh an tuirtin - ;
"b'éigin damh an áit 'fhágáil ar fad."



D'éirigh bean an tighe agus chuaidh sí síos a
luighe.


L. 69


"Bhfuil sin leat?" adeir an fear.



"Chan fhuil," adeir sí; "D'éirigh an fear
udaidh 'g ársaighe ar a chuid teorainnteach
gur mhill se an tuirtin thríd an luaithridh."



"Ó, cha bhím beó ar maidin leis an ocras,"
ars' an fear. "Goidé gheana mé? Gabh
'mach," adeir se, "agus bligh noigin bainne
do'n mairt."



D'éirigh an bhean is chuaidh sí amach. Nuair
a bhí sí ag teacht ar ais, chas an muilteoir
'sa' dorus uirthí.



"Bhuil sin leat?" adeir an muilteoir.



"Tá," ar sise.



Bheir se ar an noigin, 's char fhág deór nár
ól se.



Chuaidh sí síos chuige fear an tighe.



"Bhfuil sin leat?" adeir se.



"Chan fhuil," adeir sí; "chas an fear ud
orm ag an dorus is d'ól sé e."



"Goidé gheana me anois?" adeir an fear;
"Gabh 'mach 'un a' ghárrdha is tarraing gas
ghabáisde."



"Cha dtéidhim anocht," adeir an bhean;
"éirigh thú fhéin is téidh amach."



D'éirigh an fear is chuaidh amach 'un a'
ghárrdha a bhaint gais ghabáisde.




L. 70


D'éirigh an muilteoir is lean sé e. Bhí
bata maith leis an muilteoir.



"Ara, a shean-rógaire," ars' an muilteoir,
"Goidé bheir ag goid gabáisde an fhir mha-
cánta thú?"



"Nach mé fhéin atá ann?" adeir fear an
tighe.



"Is tú fhéin atá ann?" adeir an mhuil-
teoir, "ach goidé 'fhios agam-sa gá thú
fhéin?"



Tharraing se buille a bhata air, agus leag se
leis an mbuille e agus bhuail a sháith air.



D'imthigh a muilteoir ag sgairteach ar an
mbuachaill. D'imthigh an bheirt a bhaile 's cha
dtainic ar ais ní 'mhó.



GOBHA AN TSOIC



Bhí se lá amháin 'na sheasamh 'sa' chéardcha.
Chuaidh se 'un doruis is chonnaic se gasur ag
teacht ag marcaigheacht an shean-bhéitheach.



Thiomáin se (.i. an marcach) aníos 'un
doruis chuige. D'fhiostruigh se de'n Ghobha


L. 71


an gcuirfeadh se cruidhtheacha ar an mbéitheach
so dó.



Dubhairt an Gobha go ndeanfadh is fáilte,
"acht nach dearn me an dadaidh riamh acht
iarannacha maide seistrighe."



"A' mbearthá iasacht na ceárdcha damh is
gheana me fhéin e?"



"Bhearad is fáilte," ars' an Gobha.



Thug an gasur an béitheach isteach 'un na
céardcha is bhain se ne ceithre cosa de.
Chuir se na ceithre cosa 'sa' teallach. Shéid
se na builg is thug se na ceithre cosa amach
is úr-chruidhtheacha orthú. Chuir se na ceithre
cosa ar an mbéitheach is léim an béitheach
suas 'na sheasamh. Léim an gasur ar a
dhruim is bhain se amach.



"Má's é sin dóigh chruidhtheach a chur ar
bhéitheach," arsa Gobha an troic, "tá sean-
bhéitheach agam-sa bhíonns ag iomchar guail.
Tá se comh maith agam úr-chruidhtheacha chur
air."



Thug se a shean-bhéitheach isteach 'un na
céardcha. Fuair se tuagh is bhain se na
ceithre cosa de'n mbéitheach. Chuir se isteach
'sa' teallach iad. Shéid se na builg. Dhóigh
se na ceithre cosa is bhí an béitheach marbh.




L. 72


Ionn i gcúpla lá 'na dhéidh sin chonnaic se
an gasur ag teacht 's é ag marcaigheacht,
bean ar a chúlaibh is bean ar a bhéalaibh.
Thainic se (.i. an gasur) aníos do dorus na
céardcha. D'fhiostruigh se de'n Ghobha an
ndeanfadh se cailin úr óg de'n dá shean-
bhean so.



"Ó, cha dearn mise dadaidh ariamh acht
iarannacha maide seistrighe," ars' an Gobha.



"A' mbearthá iasacht na ceardcha damh
fhéin?" ars' an gasur.



"Bhearad is fáilte," ars' an Gobha.



Thug an gasur isteach an dá shean-bhean,
leag se 'sa' teallach iad is shéid se na builg
leobhtha. Char bh'fhada gur léim cailin úr óg
amach as an teinidh is léim sí suas ar a
chúlaibh ar an mbéitheach is amach leobhtha.



"Ma's é sin an dóigh," arsa Gobha an
tsoic, "tá mo mháthair is máthair mo mhná
agam-sa. Bíonn siad ag troid 's ag argáil
gach aon lá, is gheana me cailin óg de'n
mbeirt."



Thug sé a mháthair fhéin is máthair a mhná
isteach. Bheir se orthú is chuir se 'sa' teallach
iad. Shéid se na builg leobhtha is dhóigh se
an bheirt.


L. 73


Cha rabh a fhios aige goidé gheanadh se.
Bhí eagla air go gcrochfaidhe e. Dubhairt
se go n-imtheachadh se brághaid a éadain.
D'imthigh leis go rabh se ag dul trasna cnoc
is chuala se fead. Shaoil se go rabh an tóir
'na dhéidh.



"Mise tá ann," ars' an gasur: "Gá
bhfuil tú ag dul?"



D'ársaigh Gobha an tsoic dó goidé sinn se,
gur bhain se na cosa de'n mbéitheach go bhfuair
se bás, is gur dhóigh se an dá shean-bhean.



"Tá se comh maith agat mise thabhairt
leat," adeir an gasur; "tá gobha i mBaile
Átha Cliath a bhfuil céad pont aige go
gcuirfeadh se céad pont a gheall le gobha
ar bith. Nuair adéara se leat a' dadaidh
dheanamh, abair go ndéanfaidh do ghasur e."



D'imthigh leobhtha go rabh siad i mBaile
Átha Cliath aige tigh an Ghobha. D'fhiostruigh
an Gobha goidé bhí a dhíth orthú. Dubhairt
Gobha an tsoic go rabh se ag teacht d'á
fhéacháint. Chuaidh Gobha Bhaile Átha Cliath
isteach is shéid se na builg. Chaith se cíth
mór cruithneachta as an teallach.



"Teana thusa rud anois," adeir se le
Gobha an tsoic.


L. 74


"Gheanaidh mo ghasur é," ars' an Gobha.



Chuaidh an gasur is shéid se na builg.
Chaith se sgafta mór columna amach as an
teallach is d'ith siad suas an chruithneachta
is d'imthigh leobhtha.



Chuaidh Gobha Bhaile Átha Cliath 'un na
mbolg aríst. Shéid se na builg. Chaith se
breac mór amach as an teallach. Léim an
breach ionn i n-abhainn bhí os cionne na
céardcha.



Chuaidh gasur Ghobha an tsoic 'un na mbolg
annsin. Shéid se na builg, is chaith se
madadh uisge amach as an teallach. Léim
se isteach in-san abhainn is ghabh se an breac.
Bhí an geall bainte aige Gobha an tsoic.
Bhí se lán áthais fá'n chéad pont a bheith
bainte aige.



"'Nois," ars' an gasur, "tá rí i Sasanaibh.
Tá se dócrach tinn. Tá sac óir agus béitheach
le n-a iomchar do dhoctuir ar bith léigheasfas
e. Nuair a racha tusa go caisleán an ríogh,
fiostracha siad goidé tá a dhíth ort. Déarfa
tú gur doctuir atá ionnat, is abair "Má tá
mo chulaith íochtrach, go bhfuil mo sgéal árd.""



D'imthigh leobhtha go rabh siad aige cais-
leán an ríogh. D'fhiostruigh fear an gheata


L. 75


goidé bhí a dhíth air, agus dubhairt se gur doc-
tuir a bhí ionn, go rabh ag teacht a dh'amharc
ar an rígh, "is má tá mo chulaith íochtrach, tá
mo sgéal árd," ar seisean.



Leigeadh isteach e. Nuair a d'amhairc se
ar an rígh, d'órduigh se gach aon dhuine amach
as an phárlus, is d'órduigh se pota uisge
chur síos. Nuair a bhí an pota bréagh teith,
thainic an gasur is bhain se an cionn de'n
rígh, is chuir se síos in-sa' phota e. Fuair
se sponóg is bhí se ag áthrach an chinn 'sa'
phota. Char bh'fhada gur thóg se an cionn, is
chuir se ar an cholainn e. D'éirigh an rí
suas comh maith is bhí se riamh. Fuaras réidh
sac óir agus béitheach le n-a iomchar do Ghobha
an tsoic. D'imthigh se fhéin 's an gasur.



"'Nois," ars' an gasur, "tá se comh maith
agat luach bróg a thabhairt damh."



"Cha dtugaim," ars' an Gobha, "a bhas-
taird," adeir se, ag tabhairt iarraidhe boise
air. Nuair a d'amhairc se thart, cha rabh sac
nó béitheach nó ór aige. Bhí se comh folamh
agus bhí se riamh.



Chualaidh Gobha an tsoic annsin go rabh rí
na hAlbaine tinn 's go rabh an rud ciadna
geallta do'n té léigheasfadh e, sac óir is


L. 76


béitheach d'iomchrachadh e. D'imthigh leis go
rabh se aige caisleán an ríogh. D'fhiostruigh
fear an gheata goidé bhí a dhíth air. Dubhairt
se gur doctuir a bh'ionn, go rabh se ag
teacht dh'amharc ar an rígh, agus "má tá mo
chulaith íochtrach, tá mo sgéal árd," adeir se.



Chuaidh se isteach an áit i rabh an rí.
D'fhógair se gach aon dhuine amach as an
phárlus. D'iarr se orthú pota uisge chur
síos. Nuair a bhí an pota bréagh teith, bhain
se an cionn de'n rígh is chuir se síos in-sa'
phota e. Nuair a thóg se an cionn, leag se
ar an cholainn e. Thuit an cionn taobh 's an
cholann taobh eile. Bhí se buaidheartha ann-
sin fá'n rígh, ar eagla go gcrochfaidhe e.
Chuala se torann ag an dorus annsin.



"Ó, fan go se!" adeir se, "chan fhuil
mo ghnaithe réidh go se."



"An é nach leigfe tú do ghasur bocht
cosnochtthaí isteach?" ars' an gasur ag an
dorus.



D'fhosgail se an dorus do'n ghasur, is bhí
se lán áthais nuair a chonnaic se e. Bheir
an gasur ar an chionn, chóirigh se ar an
cholainn e, agus d'éirigh an rí suas 'na sheasamh
comh maith 's a bhí se riamh. Fuaras réidh


L. 77


annsin an sac óir is béitheach d'iomchair e.
D'imthigh leobhtha, e fhéin 's an gasur.



"'Nois," ars' an gasur, "tá se comh
maith agat luach na mbróg a thabhairt damh."



"Bhéara me an t-iomlán duit," arsa
Gobha an tsoic; "Is tú fhéin a thuill e!"



"Chan iarraim aon leithphighinn ort," ars'
an gasur, "acht gur mhaith liom do shúile
'fhosgailt. Tabhair an t-iomlán a bhaile
leat anois, is gheobha tú do dhá shean-bhean
beó agus do shean-bhéitheach, nuair a racha tú a
bhaile. Shaoil tú gur mharbh tú iad."



D'imthigh Gobha an tsoic a bhaile, is bhí
dóigh mhaith air go dtí lá a bháis.



MANNABHÁR MÓR MAC RÍOGH
LOCHLANN



Nuair a bhí Fionn mac Cumhaill 'na
chomhnaidhe i bhfogus do chnoc an Fhionnchairn,
fuair sé sgéala ar Mhannabhár Mór, mac
Ríogh Lochlann, go rabh sé ag teacht go
hÉirinn, go bhféachadh sé na Fianna go
bhfeiceadh sé an rabh sé comh maith leó.



Cha rabh Osgar nó Goll nó na fir ab' fhearr


L. 78


acú 'sa' mbaile. Cheasnuigh Fionn mac
Cumhaill nuair a chonnaic sé an gaisgidheach
ag teacht, bhí sé comh mór sin, agus cha rabh
'fhios aige goidé dheanfadh se. Smaoinigh
bean Fhinn ar dhóigh a shábháilfeadh é. Dubhairt
sise leis luighe 'sa' chliabhán agus go ndéarfadh
sí gur páisde bhí ionn, agus Oisin a chur ag
buachailleacht an eallaigh. Rinn sí sin ar
dhóigh go rachadh Mannabhár Mór ar ais go
críochaibh Lochlann le heagla roimhe fearaibh
móra na Féinne.



Thainic an fear mór isteach chuige bean
Fhinn.



"Tá an ghaoth ar an dorus," adeir se.



"M'fhíor go bhfuil," arsa bean Fhinn; "dhá
mbéidheadh na laoich 'sa' mbaile," ars' ise,
"cha bhéidheadh an ghaoth ar an dorus."



"Goidé dhéanfadh siad?" arsa Mannabhár
Mór.



"Bheireadh fear acú ar an tigh," ars' í, "is
thionntachadh siad a chúla leis an ghaoith."
(Shaoil sise go gcuirfeadh sin iongantas air,
agus nach mbéidheadh sé ar son a dhéanta.)



"Gheanaidh mise sin," arsa Mannabhár
Mór.



Bheir sé ar an tigh is thionntuigh a chúla


L. 79


leis an ghaoith. Tighthe ádhmaid a bhí ionn an
uair sin agus char bh'fhada dhó d'á dheanamh.
Thainic se isteach agus thug sé fó ndear an duine
bhí ins an chliabhán.



"Goidé tá ins an chliabhán innseo?" arsa
Mannabhár Mór.



"Tá páisde," arsa bean an tighe.



Shaoil sé innsin gur páisde de chuid Fhinn
a bhí ionn.



"A' bhfuil fiacla aige?" adeir sé.



Dubhairt sí go rabh sé ag fághail na
bhfiacla.



Chuir sé a mhéar i mbéal an pháisde is
bhain an páisde cionn a mhéir de.



"Má tá na fir mhóra comh crosda leis na
páisdíbh," adeir sé, "chan fhuil gnaithe ag aon
fhear ag teacht chuca."



Bhfuil aon ghreim feola agat?" adeir
sé le bean an tighe.



"Chan fhuil," adeir sí, "acht téidh amach is
tabhair bológ isteach as an stoc."



D'imthigh Mannabhár Mór amach 'un na
páirce agus chuaidh sé a thiomáin na bolóige.
Thainic Oisin is chuir se tiobadh ar an
mbolóig. Bheir Mannabhár Mór greim
adhairce ar an mbolóig is bheir Oisin


L. 80


greim ar an adhairc eile. Tharraing siad
an bhológ eatorra go dearn siad dhá leith
dí. Thainic Mannabhár Mór a bhaile is leith
na bolóige leis.



"Fagh réidh sin," adeir sé leis an mnaoi;
"bhí bhuachaill bó amuigh, is char leig sé
liom acht leith na bolóige."



Fuaras réidh an fheoil. Fuair sí greidiol,
is chuir sí folach taois ar gach aon taoibh dí
'cos ísiol, is chuir sí leis an teinidh é gur
thriomuigh sí é. Bhí cuma bunnóige aráin
air innsin. D'ith Mannabhár Mór a sháith
de'n fheoil, agus d'ith sé an greidiol.



"Chan iongantas do fhearaibh na hÉireann
a bheith láidir," adeir se, "ag ithe an aráin
chruaidh."



Thainic tart mór air innsin, is chuaidh sé
síos go Bealach Mannabháir is chuir sé a
bhéal roimh an fhalc. Chaith bean Fhinn nimh
(no sleagh) 'san abhainn ar an uisge is chuaidh
sé isteach i n-a bhéal go bhfuair sé bás.
H-iolcadh é i mullach Fhionnchairn.


L. 81


BRÉAGÓIR ÉIREANN



Bhí bean aon uair amháin, agus ní'l anois agus is
cuma gá hacú bhí nó nach rabh, is bhí mac aicí.
Thainic sé isteach aon lá amháin.



"Mo dhonas is mo dhothairne orm, a
mháthair," adeir se, "mur racha me a
d'iarraidh nighne an ríogh."



Chan fhuigheadh aon dhuine nighean an ríogh
acht an té bhainfeadh trí "thug tú h'éitheach"
as.



D'éirigh an buachaill agus fuair se réidh a
chearc 's a bhunnóg, is chuaidh se go tigh an
ríogh. D'fhiostruigh fear an gheata gá rabh
se ag dul ná goidé bhí a dhíth air. Dubhairt
se gur mhaith leis a bheith ag caint leis an
rígh, go rabh se ag dul a dh'iárraidh a ninine
(inghine). Chuaidh fear an gheata isteach agus
d'ársaigh se do'n rígh go rabh fear amuigh a
rabh gnaithe aige leis. Sgairt an rí isteach
air.



D'ársaigh an buachaill a ghnaithe, go rabh se
ag dul a dh'iárraidh a ninine (inghine). Thug
an rí amach e an áit i rabh páirc chruithneacha.



"Nach maith a' chruithneacht í sin?" adeir
an rí.




L. 82


"Is maith 's is ró-mhaith," arsa Bréagóir
Éireann; "Goidé is brígh é seachas a'
chruithneachta atá in-sa' mbaile aige mo
gháid-se?"



Char dhubhairt an rí an dadaidh. Thug se
amach e an áit i rabh páirc mhór phise.



"Nach maith a' phis í sin?" adeir a' rí.



"Is maith 's is ró-mhaith," arsa Bréagóir
Éireann, "acht goidé is brígh e seachas a'
phis atá aige mo gháid-se?"



Char dhubhairt an rí an dadaidh. Thug se
amach e an áit i rabh gárrdhaidh mór gobáisde.



"Nach sin a' ghobáisde mhaith?" ars' an rí.



"'Seadh, 's maith 's is ró-mhaith. Goidé is
brígh e seachas a' gobáisde tá in-sa' mbaile
aige mo gháid-se?"



"Goidé an maitheas at' ar ghobáisde do
gháid-se?" adeir an rí.



"Tá," arsa Bréagóir Éireann; "Bhí
málthraigh ag dul thart a rabh deich marcaigh
is dá fhichid ionn. Thainic cíth mór fearthainne
orthú. Chuaidh me fhéin," arsa Bréagóir
Éireann, "is fuair me duilleog ghobáisde
is chuir me folach ar na deich marcaigh is
dá fhichid."


L. 83


Char dhubhairt an rí an dadaidh. Thug se
amach e an áit i rabh páirc phónair.



"Nach maith a' pónar sin?" ars' an rí.



"Is maith 's is ró-mhaith," arsa Bréagóir
Éireann, "ach goidé is brígh e seachas pónar
mo gháid-se?"



"Goidé an maitheas at' ar phónar do
ghaid-se?" ars' an rí.



"Tá," arsa Bréagóir Éireann; "bhí mise
is mo gháid aon lá amhain ag cur pónair.
Thuit gráinne de'n phónar ar a' chasán is
d'fhás se suas go rabh se suas as m' amharc.
Nuair a bhí an pónar apaidh," arsa Bréagóir
Éireann, "smaoinigh me fhéin go rabh a lán
pónair air agus gur mhór a' truaighe a leigean
amogha. Fuair me réidh málaidhe is shiubhail
me suas ó bhrainse go brainse. Nuair a
bhíodh an mála líonta, chaithinn le casaidh e.
Bhí me 'g dul suas ó bhrainse go brainse
go rabh me thuas aige na béacáin, go
deacha me isteach ionn i dtigh. Bhí me
geárr as mhálaidhe" (.i. go rabh se gann
ionntú); "chonnaic me deárnait ar thaobh
a' bhalla. Bheir me greim ar a' deárnaid
is thug me feann ar phocán air is rinn me
naoi mála de'n chroiceannn. Nuair a chaith


L. 84


me a ndeireadh le casaidh, cha rabh fhios agam
goidé mar gheobhainn anuas. Bhris na
brainsí faoi mo chosa is thuit me síos 'un na
gcairgeach. Chuaidh me síos eadar dhá chloich
is cha dtiocfadh liom a fhágáil. Cha rabh fhios
agam goidé gheanainn. Bhí sgian in mo
phóca. Bheir me ar a' sgian agus bhain me an
cionn díom fhéin is chuir me a bhaile le
sgéala e. Chas an madadh ruadh ar mo
chionn is bheir se ar mo chionn," adeir se:
"Thug me spriseadh as a' chairgeach is lean
me an madadh ruadh gur bhain me mo chionn
de. Chuir me mo chionn orm aríst," adeir
se, "is bheir me ar a' madadh ruadh. Thug
me trí chic dó, is ní'l aon chic dha dtug me
dó nár chuir me rí maith amach as, 's a rí 'a
mheasa acu, b'fheárr e 'ná thusa, a rí!"



"Thug tú h'éitheach! Thug tú h'éitheach!
Thug tú h'éitheach!" ars' an rí.



"Tá do nighean bainte agam," arsa
Bréagóir Éireann.



"Tá le donas is doghrainn daoi," ars' an
rí.



Pósadh Bréagóir Éireann. Bhí banais lae
is bliadhna orthú, 's an lá deireannach gomh
maith leis an chead lá.


L. 85


ATHBHAISTEADH CHAOILTE



Nuair a chuaidh Fionn mac Cumhaill agus
mór-ochtar de fhearaibh toighte na Féinne
go críocha Lochlann dh'fhoglaim goile gais-
gidh, char bh'fhada gur chas dóbhtha ar an
bhfódán bhán fear mór árd, 's é ag féach-
aint soir, léinidh dhubh-shacannáin is croiceann
fiadh ar a uachtar. Bheannuigh Fionn mhac
Cumhaill dó.



"Gárb áird duid?" arsa Fionn, "ná gá
hainm duid?"



"Méadhbh Ní Lorcáin bhí ar mo mháthair.
Bhí mise aici agus mo leithid fhéin eile."



"Truagh nach dtannic ceó nimhe is acaise
ar an talamh," arsa Fionn, "a mhuirbhfeadh í,
sol a rabh do leithid-se 'bhodach aici."



"Mise gobha mor ríogh Lochlainn, ag
teanamh airm do rígh Lochlann."



"Gá bhfuil do cheardcha?" arsa Fionn
mhac Cumhaill, "nó an féigion dúinne a
feiscint?"



"'Tchifir, má's éigion," ars' eision, "má
tá, má fhéadaim-sa, cha n-fhaicir."



D'imthigh an gobha mór, is bhearadh se cnoc


L. 86


dhe léim is gleann dhe choispeán (bhí se gomh
lúthmhar sin), is dhul anonn ar Cheise Chorainn
dó, léim Caoilte thiar 'sna sála air.



"Gá hé an gaisgidheach sheas insa' tsáil
orm?"



"Mise," arsa Caoilte, "beir as duid."



D'imthigh an gobha mór go rabh se aige
dorus na ceardcha.



"Fuasgail, fuasgail ( = fosgail)," ars'
an gobha mór. Nuair a chuaidh se isteach,
"Druid, druid," ars' eisean.



"Ná druid," arsa Caoilte, "go mbéidh
cuideachta leat."



Caitheadh an dorus isteach. Thainic Caoilte
's an Fhéinn isteach. Bhí naoi naonbhair de
ghoibhnibh gruamdha ar an taobh thuaidh de'n
cheardcha ag obair.



"Toisighgidh," ars' an gobha mór, "go
mbearamuid luach a n-astair do fhearaibh
Éirinne, go ndeanamuid arm fíochrach troda
dóbhtha, sleagh dhíreach, sleagh ró-dhíreach,
sleagh a mbéidh naoi n-órlaigh de bhuinne gheal
chruaidhe inntí."



Thoisigh builg ar lúth (.i. go gasda) d'á
séideadh is uird ag éirghe i n-áirde.



Bheir Caoilte ar an órd, is bhí se ag


L. 87


teanamh leideog do'n iarann do'n ghaisgidh-
each.



"Gá hainm duid?" ars' an gobha mór,
"nuair atá tú ag teach comh cruaidh orainn
(leis an buillidhe)."



Labhair Conán ag an dorus: "Delgus bhí
riamh air, is baistiomus Caoilte feasda air."



Labhair Conán: "Mur gcoinneachaidh siad
an t-iarann ar dóigh duid, téidh de'n órd 'sa'
chloigeann orthú."



Fuair feara na hÉirinne a gcuid airm,
s thainic siad a bhaile, 's cha deacha siad go
críocha Lochlainn ní 'mhó.



AN t-IARLA RUADH MHAGMHATHGHAMHNA



An t-Iarla Ruadh MhagMhathghamhna, chuir
se fios ar a lán daoine uaisle. Chuir se
fios ag Ghearlánach Bhaile na Ruaidhe.



Rinn an t-Iarla Ruadh an poll aige
dorus a' phárluis le haghaidh an Ghearlánaigh
leigint síos ann.



Bhí an cailin ag gabháil cheoil ar fud an
tighe: "Grádh mo chroidhe an sgadán," adeir
sí, "nár gabhadh ariamh ar a chuid."




L. 88


D'imthigh an Gearlánach a bháile, agus sgríobh
an t-Iarla Ruadh 'uige Rígh Sasanaigh fá'n
Ghearlánach agus tugadh go Sasanaigh e.



Bhí se ionn i bpríosun. Cha rabh se i bhfad
ann go gcuala se Turcach ag gabháil thríd an
tsráid gach aon maidin, ag cur dubhshláin
ar fhear ar bith. Chuala an Gearlánach an
fear ag caint. D'fhiostruigh se de'n fhear
a bhí ag tabhairt aire do'n phríosun goidé bhí
se 'rádh. D'ársuigh an fear dó goidé bhí se
'rádh, go rabh se ag gabháil suas agus anuas
an tsráid an bhfuigheadh se aon dhuine a
d'fhéachfadh e.



Dubhairt an Gearlánach, dhá mbéadh se ar
bhiadh na hÉirinne aon mhí amháin, go bhféachfadh
se aon Turcach ar an domhan. Thainic an
Rí chuige.



"Goidé an biadh 'a mhaith leat a fhagháil?"
ars' an Rí.



"Arán coirce a bhruithfidhe le teinidh
mhónadh is bainne gamhnaigh bhlighfidhe 'san
oidhche 'ól ar maidin."



"Geobha tú sin," ars' an Rí. Fuair an
Rí dó e.



Cha rabh se acht coicthighis go dtí gur
dhubhairt se go bhféachfadh se an Turcach.


L. 89


Dubhairt an Rí dhul 'un a' steóir is cloidheamh
a thoghadh. Chuaidh an Gearlánach 'un an
steóir agus bheir se ar an chloidheamh. Bheir se
air agus chroith se e agus bhris se e. Ní'l aon
chloidheamh ar bheir se air nár bhris se e.



"Dhá mbéadh mo shean-chloidheamh atá insa'
mbaile agam, dheanfainn leis."



Chuir an Rí fear i gcoinne an chloidhimh.
Chuaidh an Rí anonn agus thug se an cloidheamh
anonn 'uig an Ghearlánach. Thoisigh an troid
is chaith se an cionn de'n Turcach.



Dubhairt an Rí leis, dhá ngearrfadh se
sac olna le aon bhuille amháin, go mbearfadh
se a phárdun dó. D'imthigh an t-Iarla Ruadh
is chuir se barra iarainn istigh 'sa' tsac.
Chuaidh an Gearlánach isteach agus bhí an sac
olna i mullach ar bhinnse. D'amhairc an
Gearlánach ar an Rígh agus ar gach aon dhuine
dh'a rabh istigh. Tharraing se an buille is
thiomáin se thríd an tsac e gur ghreimigh se
insa' mbloc e.



"'Nois," adeir an Rí, "tá do phárdun
agat. Ársuigh damh god chuige ar amhair'
tú orm sol a dtug tú an buille?"



"Dhá dtiobfadh an buille orm-sa," ars' an


L. 90


Gearlánach, "chaithfinn an cionn díot-sa agus
d'á rabh istigh."



"Ó, má tá," ars' an Rí, "an fear a chuir
mo chionn-sa i gcontabhairt, bainfear an
cionn de ar an mbimide!"



Baineadh an cionn de'n Iarla Ruadh ar an
mbimide.



TIONNTODH PHÁDHRAIC



Bhíodh Pádraig ag taithighe go tigh Phádhraic
('un Críostaidhe a dheanamh de). Chuaidh bean
Phaidí 'un doruis lá amháin.



"A Phaidí," ars' í, "tá Pádraig ag teacht
arís."



"Má tá," adeir Pádhraic, "racha me dho
luighe, agus abair leis go deacha me'mo chodladh."



Thainic Pádraig isteach.



"Ga bhfuil Paidí?" adeir se.



"Tá se 'na chodladh," adeir an bhean.




"Má tá se 'na chodladh," arsa Pádraig,
"go n-éirghidh se slán;



'S mur bhfuil se 'ná chodladh, go gcodlaidh
se a sháith!"


L. 91



D'imthigh Pádraig leis is cha dtainic ar
ais go bliadhain ó'n lá sin. Thainic Pádraig
isteach aríst.



"Ga bhfuil Paidí?" adeir se.



"Char chóruigh siad an liobaidh ó bhí tú
innseo roimhe," ars' an bhean.



"Gabh síos," adeir se, "is abair leis
éirghe."



Chuaidh an bhean síos is d'iarr sí air éirghe.
D'éirigh Pádhraic suas gomh maith is bhí se
riamh (agus ghlac se an baisteadh annsin].




L. 92


AGUISÍN



ATHBHAISTEADH CHAOILTE




Lá dá rabh Fianna Finn
Ag coimeád cuain agus talaimh,
Go bhfaca muid chugainn ins a' ród
An fear mór agus é ag leath-chois.



Aon chos amháin a bhí as a thóin
Agus é ag tomhas na móna chugainn;
Aon súil amháin i gclár a éadain
Agus é ag féachaint ar mhac Cumhaill.



Go mbeannuighe an Rí agus na geáidh
Do do dheáidh-se, a Fhinn mhic Cumhaill.
Go mbeannuighear duid-se mar 'gciadna,
A shúil fhiata nach n-aithighim.



Lon Mhac a' Líomhtha m'ainm baisdthe;
Bheirim buaidh freasdail as gach ceardcha;
Is mé lúth ghoibhne an domhain
Ag Rígh Lochlainn ins a' mBeirbhe.


L. 93


Cábha mhór Ní Mhorcáin -
Budh mhaith an mháthair chloinne í -
Rug sí mé i n-éinfheacht,
Mé fhéin agus mo leitheid eile.



Cuirim sibh fa gheasaibh,
Mur rabh síbh agam i mbuidhin ochtair
Ag naoi ndorsa mo cheardcha.



Cá bhfuil do cheardcha, a ghobha,
A ghiolla mhóir na gcochall croicinn?
Gluais liom d'á fhéachaint,
Agus má fhéadaim, cha ngeabhair.



D'imthigh sé uainn in-a reatha
Fríd ghleanntaibh fada fásaigh,
Agus ní fheiciomuist do Éirinn,
Acht mur Binn Éadain a mhásaidhe.



Ní thiocfadh linn a shamhailt a dhá chluais,
Acht mur rabh dhá theá'pall ar chabláisge.



Leigimid uili-g i n-ar reatha;
Go crích na Lochlann budh linn buaidh,
Agus ag árdughadh dúinn ag Ceis Corainn,
Druid romham, arsa Delgus,
Dar an láimh sin ort, a ádhbhar goibhne,
Ní rachaidh tú i gceardcha ad' aonar.


L. 94


Annsin a fuair muid builg d'á séideadh
Agus fuair muid cré i gceardcha,
Fuair muid buidhean thógtha
De fhearaibh móra nachar mhaith deilbh;
Bhí ocht lámha ag bualadh
Agus budh luaithe le Delgus.



Annsin a d'fhiafruigh ná goibhne fríd ghruam-
dhacht,
Gach duine d'á chéile,
Cé an caol-fhear cruaidh láidir
A bhuaileas an barra cruach?



Annsin a labhair Conán mac Baoisgne,
Fear sgaoilte gach ceisdeach,
Cé feárr ainm a mbeidh feasda air
'Ná Caoilte gasda a bheith ar Dhelgus.