Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL



Bhuail mé liom ar mo rothar ó Fhionntuin go dtí an
Cheanngharbh mar atá mo dhuine muinnteardha Conall
Mag Aodhcháin 'na chomhnuidhe. Casadh mórán daoine
orm ar an bhealach & bheannuigh siad uilig damh i nGaedhilg.
Go dearbhtha badh dheacair duine d'fhagháil 'sa' dúthaigh
seo nach bhfuil tréan Gaedhilge aige. Ní mheasaim go
gcluintear Béarla ar bith thart fá Fhionntúin acht an
méid labharthar insna tighthibh sgoile & 'sa' tigh pobuil
Dia Domhnaigh. Siúd is gur Gaedhilg labhras na páisdí
uilig san áit sin, is suarach an méid Gaedhilge teasgasg-
thar ins na sgoltaibh. Go dtí an lá indiu cuirtear
maighistrí sgoile ins na sgoltaibh gan focal Gaedhilge
ina bpluic, & ar ndóigh ní féidir leo Gaedhilg do mhúnadh
nuair nach bhfuil an Ghaedhilg aca féin. Suas go dtí an
bhliadhain seo chuaidh tharainn bhí an teach pobuil chomh
dona leis na sgoltaibh, óir ní chluinfidhe focal ó'n
altóir acht an Béarla — taobh amuich de dhórnán Laidne.
Ó tháinig an sagart Mac Pháidín do'n pharáisde tigeann
sé go Fionntúin, cor uair, & labhrann sé as Gaedhilg
i gcomhnuidhe. Tá teach eile i bhFionntúin ina labharthar
Béarla sé sin, barraic na bpíleirs.



Bhí sé i ndiaidh am dinnéire nuair tháinig mé go tigh
Chonaill Mag Aodhcháin, & mar nach raibh muinntir an
tighe ag feitheamh liom cha raibh gréim bidh réidh & bhí
ocras an tsaoghail orm-sa, nídh nar bh'iongnadh & mé
amuich ar marcuidheacht ar dhruim rothair an lá fuar
geimhridh sin. Bhí teine mhaith mhóna ar an teallach, &
chuir mo dheirbhshiúr .i. Bean Chonaill síos braon uisge
gan mhoill fá choinne tae a dhéanamh damh. Anois bhí
samhnas orm féin leis an tae óir i rith m'aisdir i
dTírchonaill b'fhusa tae d'fhagháil déanta go minic nó
béile ar bith eile, & mar gheall ar sin d'ól mé liom ar
an tae go raibh mé éadtrom in mo cheann leis. Dubhairt
mé an méid seo le mo dheirbhshiúr & thóg sí an coire
uisge arís & chuir síos pota beag préataí in a hait.
Dhearg mé féin mo phíopa le linn na hama sin i modh
nach smuaineóchainn ar an bhiadh go mbéadh na préataí
bruithte. Fá'n am céadna bhí gearr-chearc marbh ag
an ghirsigh & buaineadh na cleiteacha dhi go cliste &
i gcionn uaire nó mar sin bhí béile maith bidh ós mo
choinne ar an bhórd; & dar leoga, & ní leoga bréagach
sin, cha dtug mé mo chúl air acht d'ith mé go raibh
maróg orm.



Tá máthair Chonaill beo & í 'na comhnuidhe leisean &
tá seisear cloinne ag Conall. Mar sin tá trí gein-
ealach daoine san tigh sin & imeasg na dtrí ngeinealach
sin is Gaedhilg labharthar beagnach uilig. Ní mheasaim
go bhfuil Béarla ró-mhaith ag sean-Bhríghid, nó má tá
ní'l grádh ar bith aici dó, óir char chualas focal Béarla
uaithe riamh sílim. Tá an dá chuid ag Conall acht is
minice dó a labhairt na Gaedhilge. Bhí a bhean, sé sin
mo dheirbhshiúr, níos cliste ag an Bhéarla (mo dhálta
féin) i n-aimsir a hóige acht is mór a chuaidh a chuid
Gaedhilge i bhfeabhas ó pósadh í. Tá an t-aos óg go
cliste 'sa' dá theangain. A bé an gluaiseacht Gaedhilge
atá ann le roinnt bliadhain anois chá sílim go mbéadh
oiread Gaedhilge ag an dream óg is atá, & is iomdha
teaghlach mar seo i dTír-Chonaill a bhfuil comhartha na
gluaiseachta orra cheana féin. Chá bhfuair clann Mhig
Aodhcháin cuideacht no uchtach ar bith 'sa' sgoil a bhfuil
siad air, leis an Ghaedhilg d'fhoghluim. D'fhoghluim siad
an teanga do léigheadh & do sgríobh as a stuaim fhéin
& gan buidheachas do lucht stiúrtha na sgoile, & tá
mórán páisdí eile ar an sgoil sin, nach bhfuil aca
de theanga acht an Ghaedhilg acht ní'l siad in ann a
léigheadh no a sgríobhadh.



I rith na tráthnóna tháinig cuid de na comhursannaibh
isteach ag áirneáil, & bhí luthgháir orm cluinsint gur as
Gaedhilg labhair siad uilig. Char lámhaigh duine aca
labhairt sa' Bhéarla. Bhí sean duine amháin ann, Niall
Mag Aodhcháin a dtug siad Yankee air, & chá raibh sé
acht i ndiaidh teacht ar ais as an Oileán Úr taréis dá
fhichead bliadhain dá bheatha do chaitheadh annsin. Níor
bh'iongantach an rud é dá mbéadh an Ghaedhilg caillte
go léir aige. Acht do réir cosamhlachta is contrardha
atá an sgéal aige, óir ní labhrann sé focal acht
Gaedhilg & ní'l aige acht meas madaidh ar lucht an
Bhéarla.


L. 62


Bhíos ar tí imtheacht liom an oidhche sin arís mar bhí
mo ghnó féin agam le déanamh acht hinnseadh damh ar
feadh na tráthnóna go raibh an Píobaire Mór, .i.
Toirdhealbhach Mac Suibhne, píobaire an chóisir san
chomhursanacht & go raibh iom-dhamhsa le bheith aige i dtigh
Phaidí Mheadhbha an oidhche sin; & mar nach bhfacas píobaire
le seal, & mar nach raibh coiscéim ringce agam le
fada, acht amháin cúrsa beag san Árd a' Rátha an
oidhche roimhe sin, chinn mé comhairle furacht i dtigh
Chonaill an oidhche sin & cuairt a thabhairt ar an
bpíobaire. Acht b'fhéidir go mbeadh tuairim agat-sa,
a fhir-eagair, go bhfuil an t-alt so fada go leor
cheana féin; & mar gheall ar sin, cuirfidh mé tuairisg
an phíobaire ar ath-lá go dtí an tseachtmhain seo
chugainn.



Cú Uladh



(Is dóigh linn gur mór is ioncháinte an tae. Déan-
faidh sé an tubaiste muna gcuirtear bac éigin air.
Nach é is cionntach le droch-fhiaclaibh, le laigeacht
croidhe, le droch ghoile & le fiche galar eile. Is mór
an t-iongnadh linn nach mbagruigheann na doctúirí ar
dhaoinibh gan a bheith agá shíor-chaitheamh mar ata siad.
An F. E.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services