Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Chonndae na Ríoghna

Title
Feis Chonndae na Ríoghna
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Lughnasa 23, 1902.



Feis Chonndae na Ríoghna.



Ní móide go raibh éan-fheis againn fós níos
iongantaighe ná an ceann so do bhí istigh i gceart lár
an Bhéarla. Tá daoine as gach uile cheárd do'n tír i
mBaile Átha Cliath, & tá neart Gaedhilgeóirí ina
measg, tá an sgéal céadna ag Béal Feirsde, & tá
neart Gaedhilge agá labhairt i gCorcaigh, i gCiarraidhe,
i nGaillimh, i nÓ Méith, agus 'sí an Ghaedhilg an teanga
nádúrdha insna fó-cheanntaraibh fá'n tuaith ina mbíonn
na feiseanna beaga. Acht muna mbeadh Gaedhilgeóir
ar strae ann, níor cloiseadh focal do'n teangaidh i
nOsraidhe lena ciantaibh. An misde dhúinn mar sin
muinighin a bheith againn as an nGaedhilg, nuair
fheicimid iad so atá leath bhealaigh idir an Ghaedheal-
tacht thiar, & an Ghaedhealtacht thoir ag corughadh & ag
teasbáint gur mian leó-san teanga na tíre do bheith
aca?



Is fíor nach mórán Gaedhilge mar sin do bhí ann, &
cé nach gcualamar focal fá dtaoibh de acht mar bhí
insan bpáipéar nuaidheacht, níl amhras nár bhforusta
an méid sin féin do shárughadh, acht ní hé sin is fiú
do thabhairt fá deara ar fad, ní móide do mb'fhiú
trácht i n-éan chor air muna mbeadh ann acht sin, acht
'sí an ghluaiseacht féin is ion-mholta, an fonn atá orra
rud éigin do dhéanamh ar son na Gaedhilge, agus an
iarracht do rinneadar. Labhair an “Craoibhín Aoibhinn”
ann, & dubhairt sé go mba bailiughadh Gaedheal a bhí
ann, sé sin, dar linne, bailiughadh daoine ar mhaith leó
bheith ina nGaedhilgeóiribh, muna bhfuilid amhlaidh cheana.
Is dóigh linn gur cruinniughadh mar sin do bhí ag an
gcéad Oireachtas — daoine nach bhféadfadh “Go
mbeannuighidh Dia duit” a rádh, acht cuir i gcás nach
bhféadfadh, nach mór an gleó atá déanta aca ó shoin?



Chífear ó'n gcunntas so 'san bpáipéar gurab iad na
huaisle is cionntach leis an bhfeis seo do chur ar bun.
An amhlaidh gur cheapadar nach dtiubhradhmaoid éan-áird
orra, dhá gcuirfidís sgéala na feise chugainn? Is
cosmhail é. Chítear dhúinn gur glic an riaghal do
rinneadh ar dtúis nuair a ceapadh gan ceisteanna
poiliteacha ná ceisteanna creidimh do leigeann isteach
i gcúis na Gaedhilge. B'éidir nar mhisde fosda
riaghal eile do chur ina gceann soin ag deimhniughadh
nach raibh an teanga le bheith fá leith ag uasal ná ag
iseall thar a chéile. Tá daoine ann, agus síleann siad
má tá fear ann atá ina námhaid aca ar bhealaighibh, nár
cheart do bhaint ar bith a bheith aige leis an teangaidh, &
ní'l cás ná náire orra a rádh acht an oiread. Do
réir mar chítear dúinne an sgéal ní dhearmadh an
teanga Ghaedhilge le haghaidh Éireannach áirithe seachas
Éireannach eile. Bíodh an t-iseall is an t-uasal, an
saidhbhir is an daidhbhir an Críosdaighe agus an
t-eiriticeach, an cara agus an námha ag labhairt na
Gaedhilge & réidhtighdís eatorra féin i nGaedhilg &
tá an sgéal go maith ag an teangaidh. Bhí na cineáil
sin daoine insa' saoghal riamh & béidh a leithéidí eile
ann nuair a bhéas sinne go léir “ag tabhairt an fhéir.”



Má luigheann na daoine leis an gcúis anois ó thaobh
ga taobh do'n tír béidh athrughadh iongantach ar Éirinn fá
cheann ceathair nó cúig do bhliadhantaibh eile, béidh an
taobh thoir ag cuidiughadh leis an lár, & bhéarfar ar ais níos
mó 'ná an teanga.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services