Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Teallach nó an Sgoil

Title
An Teallach nó an Sgoil
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí Nodlag 13, 1902



AN TEALLACH NÓ AN SGOIL



Tugtar an oiread aire anois do'n Ghaedhilg san
sgoil, gur baoghalach go ndeanfar faillighe ar thaoibh
eile do'n cheist .i. céard a déantar ar an teallach
ar son na teangadh. Dar linn nach bhfuil comórtas
ar bith idir an sgoil & an teallach, nó an baile, leis an
nGaedhilg do mhúnadh. Is iomdha duine nár chuir cos
taobh istigh do dhoras sgoile fós riamh acht níor fháguigh
sin gan teangaidh é. Agus más linn an Ghaedhilg do
choimhéad beo i dteach ar bith ina bhfuil sí fá láthair tá
sé air againn an cheist sin d'ionnsuidhe gan mhoill.



Seo sgéal a chruthóchas — má tá cruthughadh ag teas-
táil — nach mór dhúinn deabhadh a dhéanamh nó ní bheidh
againn ar ball acht caonach. I sráid-bhaile thíos i gconn-
dae Mhuigheó bhí Gaedhilgeóir ag teasdeal le goirid,
& tháinig sé isteach i dteach le cumhan-tráth an hoidhche.
Chonnaic sé gur labhair an t-athair & an mháthair, agus
an chlann ba sine — sé sin an chuid aca a bhí ó fhichid
bliadhain suas — Gaedhilg. Thuig an clann eile í, iad-
san a bhí idir deich mbliadhna & fiche bliadhain, acht ní
raibh focal ná smid amháin ag na páisdibh do b'óige .i.
iad-san do bhí ó dheich mbliadhna anuas.



Sin sgéal náireach, dá mbeadh maith 'ghá chásughadh.
Is scanall tar barr é tar éis naoi mbliadhna ag obair.



Cé'n mhaith dhúinn bunáilte chúig céad craobh do'n
Chonnradh bheith againn, cé'n mhaith dhúinn a bheith ag cur
leabhra & páipéir amach, cé 'n mhaith dúinn méitheal
timthirí bheith ar an mbóthar againn, cé an chabhair dhúinn
a bheith ag déanamh rí-rá & gleó & torann má tá na
Gaedhilgeóirí seo ag déanamh Béarlóirí dá gclainn chomh
tiugh nó i bhfad níos tiughtha ná mar tá na Gaedhilgeóirí
ag teacht chugainn. Ní dhéanfaidh an sgoil Gaedhilge-
óirí dhúinn, acht ní bheidh an teallach (an baile) mar sin,
má thosuigheann na tuismidhe é. Níor mhisde dhúinn
a dhul i mbannaidhe go gcoimhirfeá ar mhéarachaibh láimhe
leat gach a bhfuil do Ghaedhilgeóirí do bharr sgol againn,
& má chéileann an t-athair & an mháthair — mór-mhór an
mháthair — an teanga ar a gclainn mar tá siad a
dhéanamh san tsráid-bhaile sin i gConndae Mhuigheo, &
ar bhailtibh & sráid-bhailtibh nach hé, tógfaidh sé gar
d'fhichid bliadhain d'fhear-is-barr orainn i nGaedhilg a
chur ar bun thar mar thógfadh sé dá mbeidís linn. Is
ceist ar leith í an sgoil. Téigheadh páisdí ar sgoil nó
ná téigheadh ní bhéidh siad gan cainnt. Tá na tuismidhe
ag tabhairt cluas bhodhar dhúinn, agus dá mb'éigin a
dhul dóibh as éadan, ó dhuine go duine, caithfear a
dhéanamh & an teanga a choinneál beó.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services