Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Naomh Pádraig

Title
Naomh Pádraig
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Baile Átha Cliath, Márta 7, 1903



Naomh Pádraig



Nuair a tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn sa
mbliadhain 432; le Críostaidheacht do chraobhsgaoieadh
is ait an chaoi ina raibh na daoine. Bhíodar idir íseal
& uasal ina bpágánachaibh, & is iad na Draoithe an
dream ba cumhachtaighe orra. Is aca-san do bhí cebí
foghluim do bhí sa tír, & an litridheacht do bhí aca
sgríobhadar í i nOgham ar choirnéalaibh cloch. D'adhruigh-
eadar déithe, thugadar do na daoinibh i gcoitchinne
iad d'adhradh, mar is cosmhail go mba dream iad ag
a raibh inntleacht & grinneas ó Dhia & ó nádúr thar
mar bhí ag aon duine eile sa tír. Cé gur admhuigh-
eadar go raibh cumhachta spioradálta ann nar thuig-
eadar (d'admhuigheadar sin nuair a d'adhruigheadar
déithe) & cé go raibh sé 'ghá fheiceál dóibh go dtiocfadh
duine uair éigin le eolas do chraobhsgaoileadh ar an
gcumhachta soin bhí cuid aca ar an namhaid ba déine &
ba dána a sheas amach i naghaidh Naomh Pádraig ar
theacht dó. Bhí éad & eagla & fearg orra nuair a
chuimhnigheadar go ndeanfaidhe a ndéithe féin do
mhilleadh & a strócadh go talamh, acht ní rabhadar
cruinnighthe i n-aon mhathshluagh amháin & níor ghlacadar
aon chomhairle amháin le seasamh i n-aghaidh, & ó dhuine
go duine d'umhluigheadar.



Acht ba gearr ar Naomh Pádraig iad ar fad do chur
i n-íochtar. Ní raibh do mhoill air acht sroitheachtáil
chuca, cé go raibh cuid do na righthibh & do na draoithibh
nár ghéill & a fuair bás ina bpágánachaibh. Mhair sé
trí fichid bliadhain tar éis teacht dó an dara huair, &
chaith sé an chuid is mó do'n am soin ag siubhal na tíre
tríd síos & tríd suas ag baisdeadh & ag athrughadh na
ndaoine le teagasg Dé. Bhí a lán conghantóirí aige
ar a shiubhalóid — easbog, sagart, cantóir-salm,
breitheamh, lucht fritheálta buird, agus Aifrinn — daoine
a bhí feileamhnach dhó le fréimheacha Chreidimh Dé do chur
go daingean i gcroidhtibh na ndaoine, & leis an
bpágántacht do dhíbirt go huile agus go hiomlán. Bhí
sé hocht mbliadhna déag ag teagasg & ag baisdeadh
nuair a chuir sé an chéad sgoil ar bun i nÁrd-Macha &
b'innti-sean a tosuigheadh an t-oideachas a bhí, ní mar
réalt eólais amháin, acht, mar chaoir-theintibh ag
tabhairt sholais, & theagaisg do'n oireachtas a tháinig
i bhfad is i ngearr, & ó Shasana féin, ar a lorg.



Níor b'fhear é do chuir aon tsuim i sgríbhneóireacht
do dhéanamh, cé gur fháguigh sé beagán de sin féin 'na
dhiaidh, mar bhí an iomarca oibre aige le déanamh, agus
rinne sé í go hiongantach & go míorbhuilteach. Bhí a
chroidhe agus a inntinn árduighthe aige ó neithibh
thruaillighthe an tsaoghail seo, ba chuma leis cé
an t-anróth, ná cé an tarcuisne a bhí le fulaing
aige féin, thiocfadh sé thríd & chuaidh sé thríd go sásta ar
son Dé. Má bhí Naomh riamh ar dhruim an domhain a
thuill onóir & moth ó mhuinntir tíre go huile do thuill
Naomh Pádraig é ó mhuinntir na hÉireann, & sé an rud
is lugha is córa dhóibh an onóir sin a thabhairt dó go
toilteanach le Féile a dhéanamh dó feasta i nÉirinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services