Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tSochraid

Title
An tSochraid
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 03, 1903.



An tSochraid



Is uasal an rud é do thír, a daoine bheith ag
tabhairt onóra d'uaisleacht, mar a tugadh
do chorp an Athar Eoghain Uí Ghramhnaigh Dia
Domhnaigh. Is fada an lá ó nach raibh sochraid
mar í i sráideannaibh phríomh-chathrach na
hÉireann. Maidir leis na daoinibh bhí ann,
bhí brón agus dólás croidhe agus buaidh na
cúise ag corughadh ina n-aigneadh. Bhí brón
orra fa an laoch láidir a chuir teanga na
nGaedheal ar a bhonnaibh arís a bheith é féin
leagtha ar lár, an fear a fuair Gaedheal na
hÉireann sa lathaigh agus a thug an chéad iarr-
aidh faoi 'n-a chur ina ionad féin arís a bheith
os cionn cláir mo léan is dúbhach, dúbhach, dól-
ásach, is cráidhte an sgéal é fear mar eisean
— an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh bheith ar lár.
Acht ní gan bhláth atá sé indiu. Tá buaidhte
ag an gcúis a chuir sé ar bun, agus b'fhorus
d'aithne ar lucht na sochraide, Dia Domhnaigh,
go raibh buaidhte ag an bhfear a bhí ag dul san
uaigh uatha. Bhí misneach ina n-aghaidhthibh agus
coráisde, dílseacht agus díogras ina gcroidh-
thibh agus ní hé a chosamhlacht go gcuirfear
síos arís go luath iad tar éis a n-éirghe an
turais so.



I bhfad sul bhí an tAifreann thart bhí na
sluaighte cruinnighthe ina rangaibh 'sna sráid-
eannaibh atá ag síneadh amach ar gach taoibh do
Phríomh Eaglais na cathrach. D'fhan siad mar
sin, gach aon chúigear aca treasna an bhóthair
go socair ciúin nó go dtáinig an t-am le
n-imtheacht. Bhí a gcuid bratacha clúdaighthe
dubh aca go léir, ribíní dubha ioldathacha meas-
gaighthe le dubh ar a mbrollaighibh aca. Bhog-
adar amach chun siubhail fa dheireadh, nuair a
bhí an tAifreann thart, agus gach uile fhear ar
a dhícheall agá iomchur féin ar modh go ndéan-
fadh sé onóir do'n té thug onóir ar na teang-
aidh. Chuadar suas Sráid na Breatainne
Móire, anuas Sráid Uí Chonaill agus thar
Choláisde na Trionóide, suas nó gur chasadar
an coirnéal arís ag Halla na Cathrach. Shiubhl-
adar ar aghaidh annsin thar an Life thart go
dtí Sráid na Breatainne Móire arís agus
Cearnóg Rutlaind nó gur shroicheadar an
stad ag an Liag Leathan. As sin síos go
Muigh Nuadhad leó, an áit a raibh na maca
léighinn agus lucht an Choláisde ar an mbóthar
ag an stad rompa. Ag an gColáisde is eadh
do thug an tAthair Seaghán Ó Raghallaigh an
oráid uaidh ar an sagart uasal an tAthair
Eoghan Ua Gramhnaigh. Tar éis na horáide
cuireadh an corp san séipéal go maidin, agus
Dia Luain tugadh ina cille é.



Ba bhreagh agus b'iongantaighe an tsochraid í
sochraid an Domhnaigh, agus is fada fada ó
mhairfeas sé i gcroidhe na nGaedheal gur
ar son na fírinne atá i gcúis an teangadh a chaith
an tAthair Eoghan é féin, agus má's linne an
onóir a thabhairt do, mar a cheapfadh sé féin
amach í (ní cheapfadh sé amach dhó féin í, acht
dá mbeadh gan aon roghain eile bheith aige
cheapfadh sé dhúinn ár míle dícheall a dhéanamh
i gcomhnuidhe agus go síorraidhe do chum
glóire Dé agus onóra na hÉireann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services