Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceist Eile

Title
Ceist Eile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 17, 1903.



Ceist Eile



Dá ndéarfadh duine leat, a léaghthóir, “Tá
rud éigin ag teasdáil uaim, an bhfuil
fhios agat 'dé rud é?” cad do dhéarfá-sa
leis? Is dócha go labhaireófá mar seo: —
“Ach, a dhuine mhuinnteardha, ní féidir domh-sa
a dhéanamh amach cad é rud is mó theasduigh-
eann uait gan fios d'fhagháilt uait ar dtúis
'dé an saghas oibre atá idir lámhaibh agat.”
Sin í an chainnt go siúráilte ceart. Sí an
obair do leagann amach dúinn 'dé an sórt
úirlíse is riachtanach chum í chur ar aghaidh. Agus
anois, a lucht na Gaedhilge, cad é an saghas
oibre atá ar siubhal againn-ne do láthair; nó
an obair ar aon chor í do réir ghnáith-chéille an
fhocail sin? Ní headh, a cháirde, agus tuigidh
go maith in bhur n-aigne nach headh. Go dei-
mhin féineach, ní haon ghnáth-obair shuarach í
acht cogadh — agus cogadh dian dáiríribh leis.
Tá fíor-chogadh ar bun an tain seo i nÉirinn
againn agus ná bíodh aon mhearthall oraibh i n-a
thaobh.



Agus cad é rud é is mó is riachtan-
aighe i n-am na híorghaile — le linn an bhuailte?
Thráchtamair cheana ar an “lón cogaidh”; acht
tá rud eile fós — rud nach féidir déanamh
gan é ar aon chor ar pháirc an imris, agus
'sé sin an Misneach. 'Seadh, misneach agus
calmacht agus fearamhlacht, & tuigidh gurab
iad so spioraid agus anam na hoibre ar
fad. Tá sé mar dhualgas orainn a bheith go
tréan cródha duthrachtach san obair seo. Má
bheimíd i n-ár n-aindeiseóiribh eaglacha ní
féidir dúinn puinn maitheasa do dhéanamh.
Oidhreacht Gaedheal an misneach. Caithfimís
uainn an t-eagla i n-ainm Dé. Téidhmís
imeasg an tsluaigh agus má's acfuinn dúinn
é ná bíodh eagla orainn dul i n-áirde ar
cheann bairille agus an t-eólas do leathnughadh
i mballaibh an ainbhfis nó an solus do leigint
isteach i bpollaibh an dorchadais. Bímís dána,
dian, misneamhail. Tá obair romhainn-ne
amach & is gábhadh dhúinn an misneach — 'seadh
& mór-chuid misnigh — chum í sin chur ar aghaidh.
Is tairbheach agus is mór an nídh é an misneach
i n-a leithéid seo d'obair. An dteipfear
orainn-ne ann? Ní cheapfar, acht bímís féin
fearamhail calma. Tá sé mar shean-fhocal
aca i nDúthaigh Déiseach “nár chaill fear an
mhisnigh riamh é.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services