Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cia Aca?

Title
Cia Aca?
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Aibreán 02, 1904.



Cia Aca?



Nuair a dheinimíd machtnamh ar an
scéal so i dtaobh an Taisbeántais
Eadar-Náisiúnta is greannmhar mar a
thagann chun ár gcuimhne an cuma 'na
ndeintear is 'nar dhineadh riamh go dtí
seo rudaí i nÉirinn. Is é bun is
barr an scéil go léir ná curtar éan-
tsuim i dtuairim mhuinntire na
hÉireann féin. Ní loirgthear an
tuairim sin, is dá loirgtí féin is
gearr a raghadh ar rud a shocrughadh ar
chuma ina dtaithnfeadh leis an sluagh
nó 'na mbeadh ar mhaithe leis an dtír.



Do tháinig roinnt daoine uaisle i
bhfochair a chéile tamall ó shoin & dhine-
adar mórán cainnte i dtaobh leasa
na hÉireann. Do cheapadar gur
bhreagh & gur thairbheach an rud é dá
gcurtaí taisbeánadh eadar-náisiúnta
ar bun i mBaile Átha Cliath. Do
chuirfeadh soin críoch le gach gabhtar is
broid dá bhfuil anuas ar mhuinntir
bhoicht na hÉireann. Do shaorfadh sinn
go léir. Do chuirfeadh ar ár mbonnaibh
sinn. Do bheadh stad láithreach leis an
imirce seo thar sáile. Agus go cur-
faidhe déantúisí nua ar bun gan moill
ar fuid na hÉireann. Agus má's é
bhur dtoil é, soin go léir tré leogaint
do scata daoine iasachta teacht & a
gcuid earraidhe a thaisbeáint dúinn
go léir, is an chaothamhlacht a bheith aca
ar pé earraidhibh a dheintear annso a
mhúchadh.



Tá milliún punt bailighthe ag muinn-
tir San Louis i Sasana Nua i gcomh-
air an taisbeantais mhóir eadar-náisi-
únta a bheidh aca, & tá sé áirimhthe aca
go gcosnóchaidh sé ocht milliún punt.



Nach suarach is fiú do mhuinntir Bhaile
Átha Cliath nó do mhuinntir na hÉireann
go léir taisbeánadh dá shaghas soin a
chur ar bun is gan bailighthe 'na chomhair
aca acht chúig céad éigin punt? Badh
dhá chirte do sna daoinibh uaisle seo
leogaint do'n bhrille-bhreaille, & má
tá éan-fhonn ortha a mhaitheas a dhéanamh
d'Éirinn taisbeánadh clúthmhar taidhbh-
seach de dhéantúisíbh na hÉireann a
chur ar bun. Sin é an rud a dhéanfadh
maitheas is a choimeádfadh na buachaillí
óga is na cailíní óga i nÉirinn. Go
dtí seo d'fhéadfadh daoine áirithe an
dubh a chur 'na gheall ar mhuinntir na
hÉireann. Bhí an saoghal ar a dtoil
ag an ndream úd. Acht tá atharrach
saoghail ann anois. Bíd daoine ag
smaoineamh is ag machtnamh is ag cur
trí chéile 'na n-aigne féin. Má theas-
tuigheann ó dhuine rud a chur ar bun
anois, ní fhuláir dó sa chéad áit, pas
d'fhágháil ó mhuinntir na hÉireann.
Níl an pas soin ag muinntir an thais-
beántais Eadar-Náisiúnta, ná ní
dócha go mbeidh go fóill.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services