Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Músclaidh a Sgríbhneoirí!

Title
Músclaidh a Sgríbhneoirí!
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Iúl 16, 1904.



Músclaidh a Sgríbh-
neoirí!



B'éigin do Choiste an Oireachtais a
thuilleadh cáirde a thabhairt i mbliadhna
ina na comórtasaibh i litridheachta. Ní
maith an comhartha é sin. Cialluigheann
sé ná fuil ár scríbhneoirí ag cabhrughadh
leis an Oireachtas fé mar badh dhual
dóibh. Ní héin-leath-scéal dóibh a rádh
ná fuaradar aimsir a ndóthain, mar
tá an clár amuigh le trí ráithe. Badh
mhaith linn breith ar mhullach cinn ar
chuid dár scríbhneoiríbh díomhaoine &
crathadh maith a thabhairt dóibh. Tá an
díomhaointeas go smior i mórán
díobh & trom-shuan na faillighe ar a
thuilleadh aca.



Nílmíd ag tagairt annso do'n
mhuinntir d'fhoghluim an Ghaedhilg. Ní
gheibhmíd locht ortha-san. Deinid a
ndícheall. Acht is iad na daoine go
bhfuil milleán againn ortha ná an
mhuinntir go raibh an Ghaedhilg aca ó
thúis; an dream so go bhfuil an
teanga ar áilneacht aca, agus
atá ró-leisceamhail chun suidhe síos &
taithighe a dhéanamh ar an gcainnt féin
a scríobhadh. Tá daoine de'n tsórd
so i gConnradh na Gaedhilge le bliadh-
antaibh. Tá léigheamh na Gaedhilge ar
chumas a n-urmhóir, acht do theipfeadh
ar Árísteatl féin iad a chur á scríobhadh.
Tá an dream so ró-leisceamhail chun
éin-nidh a dhéanamh. Má chuirimíd i
bhfochair dream an díomhaointis iad,
féadfam a thuigsint annsoin cad 'na
thaobh go fuil sé d'fhiachaibh ar lucht
stiúruighthe an Oireachtais breis cháirde
a thabhairt uatha.



Fé mar adubhramair thuas tá an
clár amuigh le trí ráithe & badh chóir
ar an adhbhar soin, go raibh a dhóthain
aimsire ag gach éinne chun aistí
fóghanta a scríobhadh. Do b'fhearr go
mór do dhuine aimsir a thógaint & rud
maith a dhéanamh 'ná bheith ag obair fé
bhruid ag iarraidh leath-dhosaon rudaí
a dhéanamh. Téidheann slacht & deis-
eacht i bhfad. Níor mhór do dhuine
féachaint 'na dhiaidh. Dearg-namhaidh
dóibh is eadh an bhruid.



Is dóigh linn go bhfuil na feiseanna
fé'n dtuaith ag déanamh cumhangtais i
mbliadhna ar an Oireachtas san litridh-
eacht so. Níl an iomarca scríbhneoirí
ann fós, & an méid atá ann díobh & go
háirithe iad so ná fuil acht tar éis
tosnughadh ar scríobhadh, is fearr leo
comórtas cois baile ná dul chomh fada
leis an Oireachtas. Acht má leanaid
ortha ní bheidh baoghal ar an Oireachtas.
Tiocfaidh go léir ag triall air i
ndiaidh a chéile. Do dtí soin, ámh,
níor mhór féachaint chuige & Oireachtas
Gaedheal na hÉireann uile a choimeád
ar tosach mar ar cheart dó bheith.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services