Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann & Oideachas

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann & Oideachas
Author(s)
Fearghus Finnbhéil,
Pen Name
Fearghus Finnbhéil
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Léigheann & Oideachas



LES GENS DU SIGNE



Tá neithe taréis tuiteam amach sa
bhFrainnc le déidheannaighe gur chóir
dúinn féachaint isteach go cruinn
ionnta. Is minic rudaidhe iongantacha
ag tuiteam amach a bhfad ó bhaile
& ná tagannn linn bhrígh cheart a
bhíonn leo do thuisgint nó go
bhfeicimíd na rudaidhe céadna ag
tuiteam amach os comhair ár súl sa
bhaile. Is minic, thall arís, a chímíd
cleasuidheacht ar siubhal os comhair ar
súl sa bhaile, & ná tuigimíd i gceart
cad é bun ná brígh na cleasuidheachta
soin, nó go dteasbáintear dúinn
cad é an toradh a tháinig as an
gcleasuidheacht chéadna i ndúthaibh
imigéine. Ní haon nuadhacht dúinn
cleasuidheacht dá imirt sa dúthaigh seo.
Acht tá cleasuidheacht áirithe ar bun
le tamall ann, & tá toradh na cleas-
uidheachta céadna le feicsint sa
bhFrainnc an aimsir seo. Leis sin
adeirim gur chóir dúinn féachaint go
cruinn ar thoradh na cleasuidheachta
soin sa bhFrainnc.



Tá dream sa bhFrainnc go dtugaid
siad ortha Les Gens du Signe, sé sin,
lucht comharthaí sóirt a dhéanamh.
Dream iseadh iad soin go bhfuil fuath
thar meon do'n chreideamh acu, & dos
gach nídh a bhaineas leis an gcreideamh.
Fuaireadar an lámh uachdair i riaghal-
tas na Frainnce suim aimsire ó shoin,
le lúbaireacht, & ghá leigint ortha go
raibh an grádh go léir dá dtír dhúthchais
acu, acht do réir gach aon sgéil is
cuma leo cad é an díoghbháil a dhéan-
fadís dhá dtír dhúthchais, acht amháin go
mbeidís ag déanamh díoghbhála do'n
chreideamh. Tá an aigne chomh cam,
chomh claon, chomh cuirpeach soin acu
nár bhféidir linn leath na dtuairisgí a
thagann chúghainn a chreideamhaint
muna mbeadh go bhfeacathas na soluidí
céadna annso i nÉirinn os cionn
céad bliadhain ó shoin. An dream go
raibh riaghaltas na hÉireann fé n-a
láimh an uair sin, bhí an aigne chéadna
soin acu. Taréis a gclaon-bhearta
go léir, & nuair a bhí sé ag teip ortha
a thuilleadh díogbhála a dhéanamh,
dhíoladar a dtír dhúthchais ar an
bpingin a b'aoirde.



Chomh luath is fuair Les Gens du
Signe a lámh uachdair i riaghaltas na
Frainnce chromadar ar riaghalacha a
dhéanamh a chuirfeadh cuibhreach ar an
Eaglais. Ceann des na riaghalachaibh
soin iseadh ná leomhfidhe an creideamh
a mhúineadh ins na sgoileannaibh
puiblidhe, ná aon bhaint a bheith ag an
gcléir leis na sgoileannaibh sin. Is
cuma cad a bheadh ins na leabharthaibh
atá i n-úsáid ins na sgoileannaibh
sin, acht ná beadh aon thrácht ar Dhia
ná ar an Eaglais ionnta. Níl aon
bheart chomh spriúnlaithe le héagcóir
a dhéanamh ar anam an leinbh. Siné
díreach atá uatha súd, go mbeadh na
leanbhaidhe fuar faillightheach 'na
gcreideamh, & tá ag eirghe leo go
háluinn sa méid sin. Cuid mhór des
na leanbhaidhibh sin, nuair eirghid suas
'na bhfearaibh & 'na mnáibh ní bhíonn
creideamh na coinnsias ionnta. Bhí
aithne mhaith agam ar chuid díobh.
Bhíos tamall maith i n-aon-thigheas le
cuid díobh. Deiridís gur Chaitilicighe
iad, acht ní théidís go dtí an Aifrean
ó cheann ceann de'n bhliadhain.



Bhí sgoileanna eile sa bhFrainnc i
gcomhnuidhe fé chúram na sagart, &
na mbráthar, & na mban riaghalta,
mar atá is gach aon dúthaigh eile,
& ó ba leo féin na sgoileanna
soin, mhúintidhe an creideamh ionnta,
nídh nach iongna. Nuair a chonnaic na
sagairt & na bráithre & na mná
riaghalta soin an droch-obair a bhí ar
siubhal timcheall ortha ní baoghal gur'b
amhlaidh thugadar faillighe 'na n-obair
féin. Chuireadar rómpa an creideamh
a choimeád suas, & bhí ana-obair thar na
beartaibh dhá dhéanamh acu. Sin rud
ná féadfadh Les Gens du Signe cur
suas leis. Chuireadar a leithéid sin
de dhaor-smacht ar lucht na sgoileanna
soin a mhúineadh go mb'éigean dá
bhfurmhór teitheadh as an bhFrainnc ar
fad. Tháinig cuid mhaith acu anall go
Sasana chun slighe bheathadh a bhaint
amach dóibh féin.



Fearghus Finnbhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services