Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-Scéalaidheacht

Title
Sean-Scéalaidheacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Bealtaine 27, 1905.



Sean-Scéalaidheacht.



Tuilleadh i dtaobh Chláir cheisteann
an Oireachtais. Badh mhaith linn a chur
i n-umhail dóibh seo atá ina gcomhnaidhe
i measc na ndaoine go bhfuil an
Ghaedhilg aca, is go raibh sí aca féin
is ag a sinnsearaibh rómpa, gur
ceart na scéalta is na hamhráin, na
drachtíní is na sean-laoithe atá i
mbaoghal imtheachta a scríobhadh gan
moill. Ní hamháin gur chóir na rudaí
luachmhara so a scríobhadh; badh bheag
iongnadh linn dá dtagadh an t-aos óg
agus cuid de'n tsean-oighreacht so na
nGaedheal d'fhoghluim ó bhéalaibh na
ndaoine féin.



Acht is é an cúram is mó atá orainn
anois dar linne ná go ndíreochtaidhe i
ndáiríribh ar an obair fhiúntaigh seo.
Tá a trí nó a ceathair d'iomaidheacht-
aibh san Oireachtas 'na chomhair.
Tamall ó shoin do-gheibhtí a lán daoine
chun dul isteach ar na hiomaidheacht-
aibh seo, acht le déidheannaighe pé cúis
atá leis ní bhítear ró-fhonnmhar ag
teacht. Ní hamlaidh go mbíonn scáth
ar dhaoinibh. B'fhéidir go mbíonn
leisce ar chuid dár scríbhneoiríbh.
Má's mar sin atá an scéal is mór an
náire dhóibh é.



Ba chóir dhúinn gan a dhearmhad
choidhche go bfuil d'fhiachaibh orainn san
obair seo na Gaedhilge na scéalta
is an caitheamh aimsire a bhíodh ag na
daoinibh a tháinig romhainn a shábháil.
Nuair a bheidh na scéalta thíos againn
féadfar iad a dheisiughadh is féadfar
cur leo annsoin. Ar na sean-
scéaltaibh seo is eadh chaithfear nuadh-
litridheacht na Gaedhilge a cheapadh is
a thógáil. Ar an adhbhar soin tá súil
againn ná déanfar dearmhad ar Shean-
Scéalaidheacht an Oireachtais. Ní
gábhadh do dhuine bheith 'na scríbhneoir
ró-chliste chun na hoibre seo a
dhéanamh. Agus obair náisiúnta is
eadh í gan aon mhearathall.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services