Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Am Faigh a' Ghaidhlig Bas?

Title
Am Faigh a' Ghaidhlig Bas?
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 23, 1905.



“AM FAIGH A' GHAIDHLIG
BAS?”



“Am faigh a' Ghaidhlig bas?”
adeir an t-amhrán Albanach. Bhfuil
an bás i ndán don Ghaedhilg? Sin
ceist nach dtig linne a fuasgailt.
Níl a fhios againn ná ag éinne acht
ag Dia na Glóire cad tá i ndán do'n
Ghaedhilg nó do'n Ghaedheal.



Acht tá a fhios againn aon nídh
amháin. Tá a fhios againn, má fhághann
an Ghaedhilg bás, cia bhéas thíos leis.
Cia hiad féin? An mhuinntir a bhfuil
sí aca. Na haithreacha agus na máithreacha
a bhfuil sí aca agus nach labhrann le n-a
gclainn í. Na maighistirí agus na máigh-
istreása sgoile a bhfuil sí aca agus nach
múineann í. Na sagairt agus an heas-
puig a bhfuil sí aca agus nach labhrann
ó'n altóir í. Na feisirí a bhfuil
sí aca agus nach labhrann ó'n árdán
í. Na Gaedhilgeoirí, idir cléir agus
tuath, idir saidhbhir agus daidhbhir, idir
óg agus críona, ar fearr leo Béarla
an tSasanaigh do chleachtadh 'ná teanga
na hÉireann.



A cháirde, má fhághann an Ghaedhilg
bás, ní hiad na Béarlóirí bhéas cionn-
tach. D'fhéadfadh na Gaedhilgeoirí an
Ghaedhilg do labhairt i n-aimhdheoin a
bhfuil de Bhéarlóiríbh i nÉirinn nó i
Sasana. Má cailltear an Ghaedhilg,
is ar na Gaedhilgeoirí bhéas an locht.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services