Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seachtmhain na gCrann

Title
Seachtmhain na gCrann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 28, 1905.



Seachtmhain na gCrann



Badh é AN CLAIDHEAMH SOLUIS
an chéad pháipéar do ghríosuigh muinntir
na Gaedhilge chum spéis do chur i gceist
na gcrann. Tar éis dúinne an cheist
do phléidhe ar feadh tamaill thosuigh ár
gcara, The United Irishman, agus níor
staon sé acht ag gabháil di ó shoin.
Tá Seachtmhain na gCrann ag druidim
linn anois, agus ní orainne ná ar an
United Irishman bhéas an locht muna
ndéantar gníomh.



Cuirtear na crainn, a cháirde!
Is ró-fhada Éire 'n-a machaire mhaol
lom gan fosgadh ó dhoininn, gan
coilltibh a shúghfadh aníos an
fliuchán, gan mianach ádhmaid i
gcomhair déantús. Cuirtear na
crainn! Má cuirtear, béidh slacht ar
an tír agus obair ag na daoinibh. Tior-
móchar an talamh íseal, agus clúdóchar
na cnuic le coilltibh glasa a dhéanfas
créafóg nuair a chríonfar a nduill-
eabhar. I gceann tamaill béidh na
monga agus na cnuic sin i n-ann daoine
agus beithidhigh do chothughadh an áit nach
bhfuil siad i n-ann coinín do bheath-
ughadh anois. Míneochar an t-aer, agus
cuirfear ruaig ar an eitinne agus
ar ghalraibh millteacha eile atá ag
sgiobadh na mílte de Ghaedhealaibh óga
uainn gach seachtmhain fá láthair. Cuir-
tear na crainn, agus fá cheann leath-chéad
bliadhain is iomdha taobh tíre atá anois
chomh uaigneach le roilig sa meadhon
oidhche bhéas fá bhláth agus fá shlacht, na
céadta duine 'n-a gcomhnaidhe ionnta,
oibreacha ar siubhal ionnta, tighthe agus
bailte agus beithidhigh, fir agus mná agus páistí go
líonmhar ionnta, “toradh ar chrannaibh
agus éisg ar linntibh” ionnta, ceol dá
spreagadh ionnta, agus bail Dé orra.



Go dtugaidh Dia sin!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services