Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth na mBárd - Beannacht Léi

Title
Guth na mBárd - Beannacht Léi
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth na mBárd.



Beannacht Léi.



Dia leis an mbliadhain atá gabhtha
tharainn,
Dia le gach riaghail dár gcosnamh
ceapadh,
Dia leis an iarsma do thogair seasamh,
Dia le n-a liacht díobh gan comhall
againn.



Dia le n-a ar chiap sinn de'n donas gharbh,
Dia le n-ar thriall chughainn de'n
tsonas fairis,
Dia le gach siamsa i bhfochair carad,
Dia le gach iarracht ar chomhaid chaitheas.



Dia le sna gliadhthaibh anuraidh sheasas,
Dia le gach iarmhar de shos ó chathaibh
Dia le sna briathraibh go crosta
spalpas,
Dia leis an gciallach 's ar thug de
thaise.



Dia leis an spriata ró-dhona hata,
Dia leis an niamh bhí sa chulaidh chaithte,
Dia le sna hiallacha a bhog ó'n
snaidhmeadh,
Dia le n-ár stialladh dem' fholtaibh
bathais,



Dia leis an bhfiadhach is le gunna an
aitis,
Dia leis an ngliadar i mbun na
faithche,
Dia leis an riasc mar a mbogtaoi an
leathar,
Dia le n-ar rianas ar rothar reatha.



Sin bliadhain eile stialltha as an
dtuile gasa,
Is bliadhain eile ar dian-ruith ar
sodar tharainn,
Ár dtriall-na gach bliadhain díobh ar
bhreith an Athar,
Is Dia linn 'n-a dhiaidh-san nach fios
cá racham.



A chiallaigh i mbliadhna dein toradh
deabhaidh,
An fial-mhaith do iarraidh 's an t-olc a
sheachaint,
Bí riaghalta, bí grianda, bí i lorg do
leasa,
'S ar niamh-bhrogh an Tiagharna gan ob
go gcasam.



Tórna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services