Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Daingean Uí Chúise

Title
Daingean Uí Chúise
Author(s)
Pádraig na Léime,
Pen Name
Pádraig na Léime
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Daingean Uí Chúise.



Is gnáthach do Ghaedhilgeoiríbh na
tíre ar theacht an tsamhraidh bheith ag
cur trí chéile a d'iarraidh áit oireamh-
nach do thógadh i gcomhair laetheannta
saoire. Is eol dúinn go léir gur 'sna
ceanntaraibh Gaedhealacha b'fhearr le
n-a bhfurmhór cur fútha i rith na haim-
sire úd. Agus is fíor gur féidir
mórán maitheasa a dhéanamh do chúis
na teangan ar an nós so amháin i
mórán slighthe. Do dhein an ghalántacht
bhréige a cion féin de'n droch-obair
chun ceann fé a chur ar mhuinntir na
hÉireann agus droch-mheas a chaitheamh ar
a dteangan dúthchais. Bíodh sé le
rádh anois gur chuir galántacht bhríogh-
mhar an teanga chéadna ar bhealach a
leasa. Is minic d'airigheas go deimhin
go raibh saoghal i nÉirinn, agus ní ró-
fhada ó shoin é, agus nuair a bheadh ar
duine trácht ar aon rud neamh-mhaith-
easach meathta (cuir i gcás beithidheach
lag suarach, agus rl.) gur gnáthach a rádh:
“Mhuise, ruidín Gaedhealach a b'eadh
é riamh.” Bhí sé buailte isteach i
n-aigne na ndaoine mbocht go soiléir
le neart tarcuisne agus droch-mheasa
nár bh'fhéidir beann a bheith ar nídh ar
bith do bhí ag baint le himtheachtaibh ár
sean. Ar an intinn sin “ruidín
Gaedhealach” a b'eadh gach rud suarach,
ba chuma cad é, agus bhí a rian air. Is
mór an meas atá ag daoinibh fá'n
dtuaith ar aon stróinséar thagann
'n-a measc. Agus is mór ar fad an
tsuim cuirtear i n-a chuid cainnte.
Ar an adhbhar so, badh cheart do ghach
Gaedheal 'sna cathrachaibh móra iarr-
acht a thabhairt ar seal beag dá saoir-
seacht, pé scéal é, a chaitheamh imeasc
Gaedhilgeoirí na tuatha agus an meas tá
i n-áiteannaibh eile ar theangan na
hÉireann, do chur i n-iúil i ngach
slighe tá 'n-a gcumas. Ní gan toradh
dóibh féin turas dá leithéid leis.
Badh mhór an nídh do mhacaibh léighinn
Gaedhilg a bheith dá spreagadh tim-
cheall air, fiú amháin i rith aimsire a
saoirseachta.



Is sean-fhocal é gurab é a “scéal
féin scéal gach éinne,” agus 'sé mo scéal-
sa fá láthair nach féidir áit níos oir-
eamhnaighe do thoghadh i gcomhair lae-
theannta saoire 'ná an ceanntar
breagh Gaedhealach tá i n-aice na
fairrge i nDaingean Uí Chúise. Á! is
aoibhinn an ball an Daingean tráth-
nóna áluinn nó maidin cheodhach sa
tsamhradh. Má's mian le héinne tír
aoibhinn d'fheicsint, gluaiseadh sé leis
as an nDaingean ar a rothar amach
Bóthar na Cluaise, agus lámh le Baile 'n
Ghóilín siar. Stadadh sé tamall ag an
nGóilín le hais na fairrge, agus féachadh
sé treasna uaidh. Tá an mhuir mhór
fé thíos ag síneadh amach go breagh
ciúin uaidh, agus úr na coille fé bhrat
glas 'n-a thimcheall. Gluaiseadh sé
leis fé dhéin Mhóin a' Ríogh agus Cionn
Trágha, idir an fhairrge agus na sléibhte
siar. Is iongantach an radharc tá le
feicsint ó Chionn Trágha treasna, agus
siar uaidh tá an tráigh go geal ag
síneadh ar aghaidh amach ceithre míle ar
an gcuid is lugha dhe.



Tá an bóthar go breagh mín réidh
roimis anois siar cois na fairrge.
Leanadh sé air go cruinn díreach go
dtí go raghadh sé timcheall an imill
ag Ceann Sléibhe. Annsoin, maiseadh,
tá radharc iongantach le feicsint.
Siar amach uaidh tá an mhuir mhór ag
síneadh treasna go dtí feorthainn Uibh
Ráthaigh. Tá “Cuan Bhéil Inse” ar
a láthair anonn, agus na sléibhte ag
éiriughadh suas do dána 'n-a thimcheall.
Annso lámh leis tá na Bleascéidí agus
an ghrian ag lonnradh ar na hoileán-
aibh go soillseach. Chífidh sé na car-
raigeacha ag sáthadh a cheann suas go
modhmharach ó bhruach an uisce. Tá gach
aon chnocán ar thaobh a láimhe deise
craorag leis an bhfraoch, agus thabharfaidh
sé fá ndeara na tonntacha beaga ag
gluaiseacht isteach go bog ag luascadh
na builgí chun suain 'dtaobh thíos fé.
Bailigheadh sé leis timcheall an chuais
siar, agus iompuigheadh sé i leith roimh dhul
timcheall na beinne dhó. Gabhaim-se
orm go ndéarfaidh sé tar éis an
méid sin d'fheicsint gur bh'fhiú d'éinne
seal a chaitheamh i gCorca Dhuibhne.



Leanadh sé air go mbuaileann Dún
Chuinn, agus siar leis fós tríd na
gleanntaibh go dtí Baile 'n Fhirtéirigh.
As soin níl a bhac air an bóthar
treasna na Máime a chur de, agus tríd
na sléibhtibh isteach go dtí Daingean
an Ghrinn arís. Má theastuigheann
Gaedhilg uaidh gheobhaidh sé í go flúir-
seach timcheall an bhaill seo, mar ná
labhartar aon nidh eile de ghnáth.
Agus má's mian leis turas a thabhairt
ar scoileannaibh na háite cuirfidh na
leanbhaí iongnadh air de bhárr a gclis-
teachta is a n-intinne.


L. 4


Acht ní hé sin é, acht é siúd. Beidh
Feis an Daingin ar siubhal go luath i
mí an Iúil, agus ní fhéadfadh duine uain
ní b'oireamhnaighe do thoghadh chun
ghnáth-shaoghal na tíre do bhreathnughadh
agus príomh-bhailiughadh Gaedheal Iarthair
na Mumhan d'fheicsint i n-éinfheacht.
Níl feis i nÉirinn níos Gaedhealaighe
'ná Feis an Daingin, agus má's mian le
héinne Feis Gaedhealach fá leith d'fheic-
sint tagadh sé ann. Tá daoine fiala
flaitheamhla groidhe i gCorca Dhuibhne,
agus is féidir saoghal saoráideach scléip-
each Gaedhealach a chaitheamh feadh tam-
aill 'n-a measc. Bíonn “Fáilte Uí
Cheallaigh” aca i gcomhnaidhe roimh
dhaltaibh de Chonnradh na Gaedhilge.



Pádraig na Léime.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services